European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/162

25.1.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 155/2021

an 23 Aibreán 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/162]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2009 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2020 lena mbunaítear conclúidí na dteicnící is fearr atá ar fáil (TIFAF), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh cóireáil dromchla ina n-úsáidtear tuaslagóirí orgánacha, lena n-áirítear caomhnú adhmaid agus táirgí adhmaid le ceimiceáin (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1fv (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2010 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘1fw.

32020 D 2009: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2009 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2020 lena mbunaítear conclúidí na dteicnící is fearr atá ar fáil (TIFAF), faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh cóireáil dromchla ina n-úsáidtear tuaslagóirí orgánacha, lena n-áirítear caomhnú adhmaid agus táirgí adhmaid le ceimiceáin (IO L 414, 9.12.2020, lch. 19).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2009 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Aibreán 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2021.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Clara GANSLANDT


(1)   IO L 414, 9.12.2020, lch. 19.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/162/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)