![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2877 |
19.12.2023 |
RIALACHÁN (AE) 2023/2877 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Nollaig 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1) agus an 18 Eanáir 2012, ghlac sí Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 (2) de bhun ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle inar cháin sí an foréigean agus na sáruithe tromchúiseacha forleathana córasacha chearta an duine sa tSiria a tharla sé sin. |
(2) |
De dheasca chrith talún tragóideach an 6 Feabhra 2023, ghéaraigh ar na dálaí uafásacha a bhí sa tír cheana, agus mhéadaigh fulaingt phobal na Siria. |
(3) |
Sna conclúidí ón uaithi an 9 Feabhra 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas réidh le cúnamh breise a sholáthar chun an fhulaingt a mhaolú sna réigiúin uile atá buailte. D’iarr sí ar na páirtithe uile sa choinbhleacht rochtain dhaonnúil ar íospartaigh an chreatha talún sa tSiria a áirithiú gan beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe agus d’iarr sí ar an bpobal daonnúil, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, seachadadh tapa an chúnaimh a áirithiú. |
(4) |
Bearta sriantacha an Aontais, lena n-áirítear na bearta sin arna nglacadh i bhfianaise na staide sa tSiria, níl siad ceaptha bac a chur ar an cúnamh daonnúil a sholáthar do dhaoine a bhfuil gá acu leis. Níl srian ar an trádáil i bhformhór na n-earnálacha idir an tAontas agus an tSiria — lena n-áirítear i mbia agus i gcógas — leis na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle i bhfianaise na staide sa tSiria. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le bearta aonair, tá eisceachtaí i bhfeidhm chun gur féidir cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine ainmnithe agus d’eintitis ainmnithe, i gcás ina bhfuil gá leis na cistí nó leis na hacmhainní eacnamaíocha sin chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil sa tSiria nó cúnamh a thabhairt don daonra sibhialta sa tSiria agus chun na críche sin amháin. I gcásanna áirithe, is gá réamhúdarú a fháil ón údarás náisiúnta inniúil ábhartha. |
(5) |
An 23 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/408 (3) agus Rialachán (AE) Uimh. 2023/407 (4), lenar tugadh isteach díolúine maidir le sócmhainní daoine nádúrtha nó dlítheanacha ainmnithe agus sócmhainní eintiteas ainmnithe a reo, agus maidir leis na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag an díolúine chun dul chun tairbhe d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla agus gur cheart feidhm a bheith aici ar feadh tréimhse thosaigh 6 mhí, go dtí an 24 Lúnasa 2023. An 14 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1467 (5) agus Rialachán (AE) 2023/1462 (6), lenar cuireadh síneadh leis an díolúine sin go dtí an 24 Feabhra 2024. |
(6) |
Chun freagairt do phráinn leanúnach na géarchéime daonnúla sa tSiria atá níos measa mar gheall ar an gcrith talún, agus d’fhonn seachadadh tapa an chunaimh a éascú agus intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do chatagóirí sainithe áirithe gníomhaithe a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí daonnúla sa tSiria, gníomhaíochtaí a bhaineann leas as an díolúine arna glacadh i gCinneadh (CBES) 2023/408 agus i Rialachán (AE) 2023/407, is iomchuí síneadh a chur leis an díolúine sin go dtí an 1 Meitheamh 2024, i gcomhréir leis an dáta reatha deiridh chur i bhfeidhm Chinneadh 2013/255/CBES. |
(7) |
Tagann na leasuithe a áirítear sa Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. |
(8) |
Ba cheart, da bhrí sin, Rialachán (AE) 36/2012 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 16a(1), de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, cuirtear an dáta ‘an 1 Meitheamh 2024’ in ionad an dáta ‘an 24 Feabhra 2024’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
T. RIBERA RODRÍGUEZ
(1) Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (IO L 16, 19.1.2012, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2023/408 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56I, 23.2.2023, lch. 4).
(4) Rialachán (AE) 2023/407 ón gComhairle an 23 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 56I, 23.2.2023, lch. 1).
(5) Cinneadh (CBES) 2023/1467 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 180, 17.7.2023, lch. 41).
(6) Rialachán (AE) 2023/1462 ón gComhairle an 14 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO L 180, 17.7.2023, lch. 8).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2877/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)