|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2865 |
21.12.2023 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2865 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Nollaig 2023
lena mbunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach INFRAFRONTIER (INFRAFRONTIER ERIC)
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023) 8865)
(Is iad na téacsanna Fionlainnise, Fraincise, Gearmáinise, Gréigise, Seicise agus Sualainnise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail le haghaidh Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chuir an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Fhionlainn agus an tSualainn iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 chun INFRAFRONTIER ERIC a bhunú (‘an t-iarratas’). |
|
(2) |
Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Ghearmáin Stát óstach INFRAFRONTIER ERIC. |
|
(3) |
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 (2) ó Chomhchoiste LEE. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse an taighde ar fheidhm géine sa tsláinte agus i ngalair, agus giniúint, feinitíopáil, cartlannú agus dáileadh córas samhla in vivo/in vitro agus sonraí gaolmhara. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Bunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach INFRAFRONTIER (INFRAFRONTIER ERIC).
2. Leagtar amach san Iarscríbhinn gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Seice, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
Iliana IVANOVA
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 206, 8.8.2009, lch. 1,(arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1261/2013 ón gComhairle, IO L 326, 6.12.2013, lch. 1.)
(2) Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2016/755] (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85).
IARSCRÍBHINN
NA BUNGHNÉITHE DE REACHTANNA INFRAFRONTIER ERIC
1. Foirm dhlíthiúil agus ainm dlíthiúil
(Airteagal 1 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
Bunófar Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach. Beidh an Cuibhreannas sin i bhfoirm dhlíthiúil Cuibhreannais don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) arna ionchorprú faoi fhoráil Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1261/2013 (dá ngairtear ‘Rialachán ERIC’ anseo feasta) agus tabharfar ‘INFRAFRONTIER ERIC’ air.
2. Oifig agus suíomh reachtúil
(Airteagal 2 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
Beidh suíomh reachtúil INFRAFRONTIER ERIC suite in München na Gearmáine; dá ngairtear ‘an Stát Óstach’ anseo feasta.
3. Cúraimí agus gníomhaíochtaí
(Airteagal 3 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Is é príomhchúram INFRAFRONTIER ERIC bonneagar taighde dáilte, ar a dtabharfar ‘Bonneagar Taighde INFRAFRONTIER’, dá ngairtear ‘INFRAFRONTIER RI’ anseo feasta, a bhunú agus a oibriú. Is é a bheidh in INFRAFRONTIER RI an Bonneagar Taighde Eorpach chun córais samhla in vivo/in vitro agus sonraí gaolmhara a ghiniúint, a fheinitíopáil, a chartlannú agus a dháileadh. Comhordóidh INFRAFRONTIER ERIC oibriú an INFRAFRONTIER RI dáilte. |
|
(2) |
Comhordóidh INFRAFRONTIER ERIC rochtain ar sheirbhísí agus ar acmhainní chun taighde a dhéanamh ar fheidhm na géine sa tsláinte agus i ngalair, agus úsáid á baint as córais samhla in vivo/in vitro agus sonraí gaolmhara. Déanfaidh INFRAFRONTIER ERIC taighde, oiliúint agus cur i bhfeidhm a chur chun cinn i ngach réimse de ghiniúint, feinitíopáil, cartlannú agus dáileadh samhlacha galair. |
|
(3) |
Chuige sin, déanfaidh INFRAFRONTIER ERIC an méid seo a leanas:
|
|
(4) |
Saothróidh INFRAFRONTIER ERIC a phríomhchúram go heisiach agus go díreach ar bhonn neamhbhrabúis agus gníomhóidh sé go haltrúíoch agus go príomha ar bhonn neamheacnamaíoch. Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh INFRAFRONTIER ERIC gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena phríomhchúram agus nach gcuireann siad baint amach na ngníomhaíochtaí sin i mbaol. |
4. Fad tréimhse agus an nós imeachta maidir leis an bhfoirceannadh
(Airteagal 4 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Beidh INFRAFRONTIER ERIC ann go ceann tréimhse ama éiginnte. |
|
(2) |
Is é Tionól na gComhaltaí a chinnfidh foirceannadh INFRAFRONTIER ERIC trí vótáil d’aon toil. Má chinneann Tionól na gComhaltaí foirceannadh a dhéanamh ar INFRAFRONTIER ERIC, tionscnóidh sé, trí vótáil trí thromlach simplí, an nós imeachta um fhoirceannadh. |
|
(3) |
Tabharfar fógra don Choimisiún Eorpach gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 (deich) lá féilire tar éis ghlacadh an chinnidh INFRAFRONTIER ERIC a fhoirceannadh. |
|
(4) |
Ar INFRAFRONTIER ERIC a dhíscaoileadh, nó i gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na críocha faoi phribhléid cánach a leagtar amach sna Reachtanna seo, déanfar sócmhainní INFRAFRONTIER ERIC a sháraíonn na ranníocaíochtaí airgid thirim agus luach iarbhír na ranníocaíochtaí comhchineáil a aistriú chuig eintiteas dlíthiúil poiblí eile nó chuig corparáid eile atá faoi phribhléid cánach, nó chuig eintiteas dlíthiúil eile a shaothraíonn cuspóirí atá comhchosúil le cuspóirí INFRAFRONTIER ERIC chun eolaíocht agus taighde a chur chun cinn. |
|
(5) |
I gcás foirceanta, áiritheoidh INFRAFRONTIER ERIC, a mhéid is féidir, go ndéanfar na sonraí atá faoi úinéireacht INFRAFRONTIER ERIC a thaisceadh go sábháilte ionas go bhfanfaidh na sonraí sin inrochtana agus inúsáidte i gcomhréir le hAirteagal 6 de na Reachtanna seo agus i gcomhréir leis an mBeartas Sonraí agus/nó leis an mBeartas Rochtana chomh maith, de réir mar is infheidhme. |
|
(6) |
Tabharfar fógra don Choimisiún Eorpach laistigh de 10 (deich) lá féilire ó dhúnadh an nós imeachta um fhoirceannadh. Tiocfaidh deireadh le INFRAFRONTIER ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
5. Córas dliteanais agus árachas
(Airteagal 5 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Beidh INFRAFRONTIER ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach. |
|
(2) |
Níl na Comhaltaí faoi dhliteanas comhpháirteach ná leithleach i leith fhiacha INFRAFRONTIER ERIC. |
|
(3) |
Beidh dliteanas airgeadais na gComhaltaí i leith fhiacha INFRAFRONTIER ERIC teoranta dá ranníocaíocht bhliantúil shonrach arna ríomh de réir na bprionsabal airgeadais a shainítear in Airteagal 25 (2) de na Reachtanna agus de réir an mhodha ríofa a shainítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis na Reachtanna sin. |
|
(4) |
Beidh árachas iomchuí ag INFRAFRONTIER ERIC chun na rioscaí atá sonrach do bhunú agus d’oibriú INFRAFRONTIER ERIC a chumhdach. |
6. Beartas Rochtana d’úsáideoirí
(Airteagal 6 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Is í an rochtain oscailte an treoirphrionsabal maidir le hacmhainní agus seirbhísí a sholáthar. |
|
(2) |
Tabharfar rochtain de réir Bheartas Rochtana INFRAFRONTIER ERIC. Urramófar coinníollacha arna leagan síos ag soláthraithe samplacha agus sonraí do INFRAFRONTIER ERIC agus prionsabail Eorpacha aitheanta maidir le rochtain ar bhonneagair thaighde. Ní thuigfear as aon fhoráil sna Reachtanna sin go bhfuiltear ag iarraidh srian a chur ar cheart úinéirí acmhainní INFRAFRONTIER cinneadh a dhéanamh maidir le rochtain a thabhairt ar aon sampla nó ar aon sonraí. |
|
(3) |
Féachfaidh INFRAFRONTIER ERIC lena áirithiú go n-aithneofar foinse na samplaí agus na sonraí go hiomchuí agus iarrfaidh sé go gcoinneofar an sannadh sin ar bun in úsáid na samplaí agus na sonraí ina dhiaidh sin. |
7. Beartas um Meastóireacht Eolaíoch
(Airteagal 7 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Beidh an mheastóireacht straitéiseach rialta ar INFRAFRONTIER ERIC, lena n-áirítear gnéithe eolaíocha agus eiticiúla, mar chúram ar choiste seachtrach neamhspleách ad hoc. |
|
(2) |
Tionscnóidh Tionól na gComhaltaí na meastóireachtaí sin uair amháin gach 5 bliana ar a laghad. Ainmneoidh Tionól na gComhaltaí comhaltaí an choiste sheachtraigh neamhspleách sin agus, más iomchuí, tabharfaidh sé treoracha sonracha. Sonrófar sonraí maidir leis an ainmniúchán agus leis an oibríocht sna Rialacha Nós Imeachta. |
|
(3) |
Gníomhaíonn comhaltaí an choiste sheachtraigh neamhspleách faoi theideal pearsanta. |
8. Beartas um Scaipeadh
(Airteagal 8 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Cuirfidh INFRAFRONTIER ERIC úsáid INFRAFRONTIER RI chun cinn sa taighde agus san oideachas. |
|
(2) |
Cuirfidh INFRAFRONTIER ERIC taighde ar ardchaighdeán chun cinn agus tacóidh sé le cultúr ‘dea-chleachtais’ trí ghníomhaíochtaí scaipthe. |
|
(3) |
Spreagfaidh INFRAFRONTIER ERIC taighdeoirí go ginearálta chun torthaí a dtaighde a chur ar fáil go poiblí agus iarrfaidh sé ar úsáideoirí acmhainní agus sheirbhísí INFRAFRONTIER RI na torthaí a chur ar fáil trí INFRAFRONTIER ERIC. |
|
(4) |
Sainaithneoidh INFRAFRONTIER ERIC na spriocghrúpaí éagsúla agus úsáidfidh sé roinnt bealaí chun teagmháil a dhéanamh leis an spriocphobal, amhail tairseacha gréasáin, nuachtlitreacha, ceardlanna, a bheith i láthair ag comhdhálacha agus ailt in irisí agus nuachtáin laethúla. |
9. Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla
(Airteagal 9 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
De réir chuspóirí na Reachtanna reatha tuigfear an téarma ‘Maoin Intleachtúil’ de réir Airteagal 2 den Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil a síníodh an 14 Iúil 1967. |
|
(2) |
Is le INFRAFRONTIER ERIC cearta maoine intleachtúla na dtorthaí arna gcruthú ag fostaithe INFRAFRONTIER ERIC agus déanfaidh na Stiúrthóirí Bainistíochta iad a bhainistiú. |
|
(3) |
Beidh úsáid agus bailiú shonraí INFRAFRONTIER ERIC faoi réir na ndlíthe Eorpacha agus náisiúnta maidir le príobháideacht sonraí. |
|
(4) |
Déanfar idirbheartaíocht maidir leis na cearta maoine intleachtúla a ghineann úsáideoirí mar thoradh ar rochtain ar acmhainní INFRAFRONTIER ERIC, lena ndíreofar ar úsáid chothrom ag an úsáideoir agus chomh maith leis sin ag INFRAFRONTIER ERIC agus/nó ag an Nód Náisiúnta lena mbaineann, agus a n-ionchur féin á chur san áireamh. |
|
(5) |
Glacfar Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla i gcomhréir le hAirteagal 20 (11)(i) de na Reachtanna sin agus beidh rialacháin bhreise ann maidir le cearta maoine intleachtúla. |
10. An Beartas Fostaíochta
(Airteagal 10 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Tá INFRAFRONTIER ERIC tiomanta do thrédhearcacht agus do chomhionannas deiseanna agus ní dhéanfaidh sé idirdhealú in aghaidh aon duine ar fhoras an chine, an bhunaidh eitnigh, na hinscne, an chreidimh, an mhíchumais, an treoshuímh ghnéasaigh nó ar aon fhoras eile a mheastar mar idirdhealú faoi dhlí an Aontais Eorpaigh. |
|
(2) |
Tá earcú foirne go hiomlán oscailte agus idirnáisiúnta. |
11. Beartas um Sholáthar
(Airteagal 11 de Reachtanna INFRAFRONTIER ERIC)
|
(1) |
Caithfidh INFRAFRONTIER ERIC le hiarrthóirí agus le tairiscintí ar bhonn cothrom agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, neamhspleách ar cé acu atá siad bunaithe san Aontas nó nach bhfuil. |
|
(2) |
Le beartas INFRAFRONTIER ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2865/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)