European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2853

19.12.2023

CINNEADH (AE) 2023/2853 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2023

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Meitheamh 2002, d’údaraigh an Chomhairle an Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht, thar ceann an Aontais, i leith Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche le Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht idir an tAontas agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir (Poblacht na Burúine, Poblacht na Céinia, Poblacht Ruanda, Poblacht Aontaithe na Tansáine, agus Poblacht Uganda) maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir i gcrích an 14 Deireadh Fómhair 2014 agus cuireadh inisealacha leis an 16 Deireadh Fómhair 2014.

(3)

Shínigh agus dhaingnigh Poblacht na Céinia (‘an Chéinia’) Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir an 1 agus an 28 Meán Fómhair 2016, faoi seach. Ionas go dtiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir i bhfeidhm, ní mór do gach comhalta de Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir é a shíniú agus a dhaingniú. Go dtí seo, tá síniú agus daingniú an chomhaontuithe ag na comhaltaí eile de Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir fós ar feitheamh, rud a chuireann cosc ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir teacht i bhfeidhm.

(4)

An 19 Nollaig 2019, thug an Chomhairle treoracha caibidlíochta 2002 ón gCoimisiún cothrom le dáta trí chaibidil maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a thabhairt i gcrích a áireamh i gcomhaontaithe comhpháirtíochta eacnamaíche.

(5)

An 27 Feabhra 2021, i gCruinniú Mullaigh Chomhphobal na hAfraice Thoir tugadh cead do chomhaltaí aonair de Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir dul ar aghaidh le cur chun feidhme déthaobhach an Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus Stáit Comhpháirtíochta Chomhphobal na hAfraice Thoir faoi phrionsabal na ‘geoiméadrachta athraitheacha’. An 4 Bealtaine 2021, thug an Chéinia fógra don Choimisiún maidir lena hiarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa chiall sin.

(6)

An 17 Feabhra 2022, shínigh an tAontas agus an Chéinia Ráiteas Comhpháirteach ar imeall an Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach inar comhaontaíodh an chaibidlíocht a chur chun cinn maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an Chéinia (‘an Comhaontú’), atá le bheith fós ar oscailt le go n-aontóidh Stáit Comhpháirtithe eile de chuid Chomhphobal na hAfraice Thoir dó.

(7)

An 24 Bealtaine 2023, tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Céinia, Comhalta de Chomhphobal na hAfraice Thoir, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) a shíniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir an Comhaontú a thabhairt i gcrích (1).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

Ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú mar ní lena dtugtar cearta nó lena bhforchuirtear oibleagáidí is féidir a agairt go díreach os comhair chúirteanna nó bhinsí an Aontais Eorpaigh nó na mBallstát.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2853/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)