Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2792 |
11.12.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2792 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532. |
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, an 15 Nollaig 2022, an 23 Márta 2023, an 29 agus an 30 Meitheamh 2023, agus an 26 agus an 27 Deireadh Fómhair 2023, cháin an Chomhairle Eorpach go láidir an tacaíocht mhíleata atá á tabhairt ag údaráis na hIaráine do chogadh foghach na Rúise, nach mór deireadh a chur léi. |
(3) |
Sna conclúidí uaithi an 12 Nollaig 2022, cháin an Chomhairle go láidir aon chineál tacaíochta míleata ón Iaráin do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá neamhdhleathach, agus gan chúis gan údar, lena n-áirítear seachadadh na n-aerárthach gan foireann (UAVanna), agus mheas sí an tacaíocht sin a bheith do-ghlactha, ar sárú mór í ar an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Tá na harmáin sin a chuir an Iaráin ar fáil á n-úsáid go neamh-idirdhealaitheach ag an Rúis i gcoinne phobal sibhialtach na hÚcráine agus ar an mbonneagair agus tá scrios uafásach á dhéanamh agus fulaingt dhaonna uafásach á cothú leo. |
(4) |
Tá UAVanna a tháirgtear san Iaráin á n-úsáid ag an Rúis chun tacú lena cogadh foghach, rud a sháraíonn ceannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear i gcoinne sibhialtach agus in aghaidh an bhonneagair shibhialtaigh. Dá bhrí sin, trí chlár Státurraithe na hIaráine chun UAVanna a fhorbairt agus a tháirgeadh, rannchuidítear le sáruithe ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar bhunphrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Tá an clár á reáchtáil ag an Aireacht Cosanta agus Lóistíocht Fhórsaí Armtha na hIaráine agus ag Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí, atá curtha araon faoi smachtbhannaí ag an Aontas, agus áirítear soláthar, forbairt, táirgeadh agus aistriú UAVanna sa mhéid sin, go háirithe chuig an Rúis. Tá sé bunaithe ar chuideachtaí atá faoi úinéireacht Stáit chomh maith le cuideachtaí príobháideacha agus baineann sé tairbhe as cumais taighde intíre. |
(5) |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart seisear agus cúig eintiteas a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2023/1532 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Nollaig 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2023/1532, cuirtear an fo-cheannteideal seo a leanas agus na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3’:
‘A. |
Daoine nádúrtha
|
B. |
Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2792/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)