European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2777

15.12.2023

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2777 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí cruach áirithe a aistrítear go Tuaisceart Éireann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2170 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí (1) a chur i bhfeidhm, agus go háirithe Airteagal 1a, agus Airteagal 1b de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá liosta earraí san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170, earraí de thionscnamh na Ríochta Aontaithe atá faoi réir bearta coimirce faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 (2) ón gCoimisiún a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann le hiompar díreach as codanna eile den Ríocht Aontaithe agus beifear in ann caitheamh leo de bhun chuótaí rátaí taraife an Aontais ar allmhairí má scaoiltear na hearraí sin chun saorchúrsaíochta i gcríoch Thuaisceart Éireann.

(2)

Mar a leagtar amach in aithris (4) de Rialachán (AE) 2023/1321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), chuir an Ríocht Aontaithe fianaise ar fáil lena léirítear, i gcás táirgí áirithe cruach de thionscnamh na Ríochta Aontaithe atá faoi réir bearta coimirce faoi láthair faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (‘na táirgí lena mbaineann’), gur aistríodh méideanna suntasacha de na táirgí cruach sin chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-aistrithe sin a áirithiú, agus i bhfianaise na n-imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, measadh gurbh iomchuí a chur san áireamh go dtairbheoidh na táirgí lena mbaineann de chuótaí rátaí taraife ábhartha an Aontais freisin nuair a scaoilfear chun saorchúrsaíochta iad i dTuaisceart Éireann.

(3)

Tar éis Rialachán (AE) 2023/1321 a ghlacadh, chuir an Ríocht Aontaithe fianaise ar fáil atá cosúil leis an bhfianaise a luaitear faoi aithris (2) thuas, lena léirítear gur aistríodh méideanna suntasacha den chúig chatagóir bhreise de na táirgí lena mbaineann freisin chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, d’iarr an Ríocht Aontaithe go mbeifí in ann, chomh maith leis sin, caitheamh leis na cúig chatagóir sin de na táirgí lena mbaineann de bhun chuótaí rátaí taraife an

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an iomchuí, chun inmharthanacht eacnamaíoch na n-aistrithe sin a áirithiú, agus i bhfianaise na n-imthosca sonracha i dTuaisceart Éireann, ligean do na cúig chatagóir bhreise sin de na táirgí lena mbaineann tairbhiú de chuótaí rátaí taraife ábhartha an Aontais nuair a scaoilfear chun saorchúrsaíochta iad i dTuaisceart Éireann.

(5)

Tá an Coimisiún sásta go léirítear leis an bhfianaise a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil go bhfuil gá leis na cúig chatagóir sin de na táirgí cruach a scaoileadh chun saorchúrsaíochta i dTuaisceart Éireann,

(6)

Ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2170.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 432, 21.12.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha i gcoinne allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(3)  Rialachán (AE) 2023/1321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023, lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2170 a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm (IO L 166, 30.6.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN

Tuairisc ar Chuótaí Rátaí Taraife (TRQ)

Cóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC)  (1)

Cruach — catagóir 7

7208 51 20 , 7208 51 91 , 7208 51 98 , 7208 52 91 , 7208 90 20 , 7208 90 80 , 7210 90 30 , 7225 40 12 , 7225 40 40 , 7225 40 60 , 7225 99 00

Cruach — catagóir 8

7219 11 00 , 7219 12 10 , 7219 12 90 , 7219 13 10 , 7219 13 90 , 7219 14 10 , 7219 14 90 , 7219 22 10 , 7219 22 90 , 7219 23 00 , 7219 24 00 , 7220 11 00 , 7220 12 00

Cruach — catagóir 9

7219 31 00 , 7219 32 10 , 7219 32 90 , 7219 33 10 , 7219 33 90 , 7219 34 10 , 7219 34 90 , 7219 35 10 , 7219 35 90 , 7219 90 20 , 7219 90 80 , 7220 20 21 , 7220 20 29 , 7220 20 41 , 7220 20 49 , 7220 20 81 , 7220 20 89 , 7220 90 20 , 7220 90 80

Cruach — catagóir 13

7214 20 00 , 7214 99 10

Cruach — catagóir 17

7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90

Cruach — catagóir 25A

7305 11 00 , 7305 12 00

Cruach — catagóir 28

7217 10 10 , 7217 10 31 , 7217 10 39 , 7217 10 50 , 7217 10 90 , 7217 20 10 , 7217 20 30 , 7217 20 50 , 7217 20 90 , 7217 30 41 , 7217 30 49 , 7217 30 50 , 7217 30 90 , 7217 90 20 , 7217 90 50 , 7217 90 90


(1)  Mar a shainítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1)


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2777/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)