European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2682

28.11.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2682 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2023

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le gníomhaithe míleata agus cabhlaigh na stát cósta atá páirteach in oibríochtaí slándála muirí i Murascaill na Guine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána (an tSaoráid) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú, mar shampla, gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí maidir le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tráth chomóradh 10 mbliana Chód Iompair Yaoundé, d’athdhearbhaigh an tAontas agus a Bhallstáit go dtacaíonn siad le réigiún Mhurascaill na Guine, agus d’athdhearbhaigh siad a dtiomantas an tslándáil mhuirí a fheabhsú sa réimse.

(3)

An 4 Bealtaine 2022, d’fhormheas an Chomhairle an Coincheap maidir le beart cúnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann a rachadh chun tairbhe stáit chósta Mhurascaill na Guine, agus é mar chuspóir uileghabhálach aige tacú le gníomhaíochtaí slándála muirí agus gníomhaíochtaí frithphíoráideachta arna ndéanamh ag gníomhaithe míleata faoi stiúir na hAfraice i Murascaill na Guine chun minicíocht, fad agus déine an fhoréigin agus na coiriúlachta a laghdú, ar deireadh, agus chun soithí cabhlaigh agus pobail chósta agus a slite beatha a chosaint.

(4)

Mar chuid den Choincheap sin, d’fhormheas an Chomhairle beart ullmhúcháin a bheadh mar bhonn do thogra amach anseo ón Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) i ndáil le beart cúnaimh chun feabhas a chur ar an tslándáil mhuirí i Murascaill na Guine. Rinneadh an beart ullmhúcháin idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag 2022 agus dhá chuspóir leis: ar an gcéad dul síos, sonraíochtaí teicniúla a shainaithint agus a fhorbairt do chóras Faisnéise, Faireachais agus Taiscéalaíochta (ISR) agus critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha a sholáthar le go bhféadfar a shuíomh a roghnú, agus, ar an dara dul síos, chun measúnú a dhéanamh ar chabhlaigh stát cósta Mhurascaill na Guine chun na cuspóirí is oiriúnaí, go teicniúil agus go polaitiúil, a shainaithint eatarthu chun cuspóirí an bhirt chúnaimh a bhaint amach. Sainaithníodh i dtorthaí an bhirt ullmhúcháin gurbh é aerfheithicil le foireann an réiteach is fearr do chóras ISR, agus sainaithníodh gurbh iad Camarún, Gána, Congó agus Beinin stáit chósta Mhurascaill na Guine is iomchuí a bhfuil acmhainneacht leordhóthanach muirí, rialála agus polaitiúil acu le bheith in ann páirt a ghlacadh sa bheart chúnaimh.

(5)

Le linn mhí Eanáir agus mhí an Mheithimh 2023, cuireadh sraith imeachtaí ullmhúcháin agus for-rochtana i gcrích, lena n-áirítear misin ar an láthair, chun torthaí an bhirt ullmhúcháin a chuíchóiriú agus a bheachtú a thuilleadh, agus chun comhordú agus comhoibriú iomlán a áirithiú le stáit chósta Mhurascaill na Guine a réamh-shainaithníodh agus leis na heagraíochtaí réigiúnacha atá mar chuid d’Ollstruchtúr Yaoundé, go háirithe an Lárionad Réigiúnach don tSlándáil Mhuirí san Afraic Láir, an Lárionad Réigiúnach don tSlándáil Mhuirí san Afraic Thiar, an Lárionad Comhordúcháin Idir-réigiúnach agus Lárionaid Chomhordúcháin Mhuirí Ilnáisiúnta Douala, Accra agus Pointe Noire. Mar thoradh ar an bhfor-rochtain sin agus ar bhonn na hullmhachta atá curtha in iúl ag stáit chósta Mhurascaill na Guine réamh-shainaitheanta, roghnaíodh Camarún agus Gána mar thairbhithe an bhirt cúnaimh.

(6)

I bhfianaise chastacht an bhirt cúnaimh agus chun aon riosca polaitiúil nó teicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann a theorannú, is cur chuige céim ar chéim a leanfar leis an gcúnamh a thabharfar do stáit chósta Mhurascaill na Guine maidir le slándáil mhuirí. Ar bhonn an mheasúnaithe leathbhliantúil ar an mbeart chúnaimh, d’fhéadfaí cinneadh a dhéanamh leanúint leis an tacaíocht agus í a leathnú chun stáit chósta Mhurascaill na Guine eile a chumhdach, in 2024, b’fhéidir.

(7)

An 16 Meitheamh 2023, fuair an tArdionadaí iarraidh ó Ghána go dtabharfadh an tAontas cúnamh do Chabhlach Ghána maidir le príomhthrealamh a sholáthar chun a chumas oibríochtúil maidir le patróil a dhéanamh ar an mórmhuir a neartú.

(8)

An 19 Meán Fómhair 2023, fuair an tArdionadaí iarraidh ó Chamarún go dtabharfadh an tAontas cúnamh do Chabhlach Chamarún maidir le príomhthrealamh a sholáthar chun a chumais oibríochtúla a neartú maidir le patról a dhéanamh ar an mórmhuir, chomh maith le cabhrú le hOllstruchtúr Yaoundé maidir le seirbhísí ISR a sholáthar trí shócmhainn aeir le foireann, chun feabhas a chur ar chumais oibríochtúla bhallstáit Ollstruchtúir Yaoundé faireachas a dhéanamh i Murascaill na Guine, agus é mar aidhm dheiridh slándáil mhuirí a fheabhsú sa réigiún.

(9)

Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, go háirithe go ndéantar Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2) a chomhlíonadh, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(10)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Ollstruchtúr Yaoundé, Chamarún agus Ghána (‘na tairbhithe’) agus atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (an tSaoráid) (‘an beart cúnaimh’).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh oibríochtaí frithphíoráideachta agus slándála muirí agus gníomhaíochtaí díspreagtha i Murascaill na Guine a neartú trí acmhainneachtaí Ollstruchtúr Yaoundé agus a bhallstát a neartú, go háirithe trína bhfeasacht staide muirí a fheabhsú, agus trí acmhainneacht cabhlach cósta roghnaithe a mhéadú chun patról a dhéanamh ar an mórmhuir, chun minicíocht na coiriúlachta a laghdú, agus chun soithí agus acmhainní muirí, pobail chósta agus a slite beatha a chosaint.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh agus seirbhísí seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt:

(a)

seirbhísí ISR a sholáthar trí shócmhainn aeir le foireann, ar feadh tréimhse bliana; beidh Lárionad Náisiúnta Oibríochtaí Muirí Chabhlach Chamarún Douala freagrach as eolas a bhaineann le ISR a fháil, a phróiseáil a thuilleadh, agus a chomhroinnt le lárionaid réigiúnacha eile agus le lárionaid chomhordúcháin mhuirí Ollstruchtúr Yaoundé tríd an gCóras Faisnéise Réigiúnach Ollstruchtúr Yaoundé;

(b)

tacaíocht a tabhairt do shoithí patróil mar a leanas:

(i)

i gcás Chamarún, trí bháid luais idirghabhála a sholáthar;

(ii)

i gcás Ghána, trí chórais aeir chabhlaigh gan foireann le haghaidh faireachais ar muir, ábhar innealtóireachta le haghaidh seirbhísí bád agus trealamh tumadóireachta scúba a sholáthar;

(c)

cúntóir teicniúil chun cabhrú le gach ceann de chabhlaigh Chamarún agus Ghána;

(d)

cúntóir cabhlaigh amháin chun idirchaidreamh a dhéanamh le struchtúir Ollstruchtúr Yaoundé, eadhon an Lárionad Comhordúcháin Idir-réigiúnach, an Lárionad Réigiúnach don tSlándáil Mhuirí san Afraic Láir, an Lárionad Réigiúnach don tSlándáil Mhuirí san Afraic Thiar, agus Lárionaid Chomhordúcháin Mhuirí Ilnáisiúnta Douala, Chamarún agus Accra, Ghána.

4.   Mairfidh an beart cúnaimh ar feadh tréimhse 48 mí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 21 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis na tairbhithe

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis na tairbhithe chun a áirithiú go gcomhlíonann siad a gceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh na haonaid sin d’Fhórsaí Armtha Chamarún agus Ghána dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbaintear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéantar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil nó a choinneofar faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina suífear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas faoin tSaoráid a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é Fundación Internacional y para Iberoamérica de Administración y Políticas Públicas (FIIAPP) – Cooperación Española a dhéanfaidh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3 ag na tairbhithe. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar leis na sáruithe sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag na haonaid dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta na Saoráide a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú a dhéanamh, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh leis an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí arna soláthar faoin mbeart cúnaimh agus ar fhardal na n-earraí ainmnithe go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach bhfuil gá leis an tuairisciú sin a thuilleadh;

(c)

cuairteanna ar an láthair, trína ndeonóidh an tairbhí rochtain don Ardionadaí agus d’iniúchóirí na Saoráide chun rialuithe ar an láthair agus iniúchtaí na Saoráide a dhéanamh, arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht deiridh nuair a bheidh an beart cúnaimh déanta chun a mheas ar rannchuidigh an beart cúnaimh leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthraithe agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfadh sí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Y. DÍAZ PÉREZ


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 an 22 Márta 2021 ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialáiltear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2682/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)