European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2677

29.11.2023

CINNEADH (CBES) 2023/2677 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Samhain 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/231 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine ar ar chuir Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh oiliúint mar thaca leis an Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 2 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/231 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh chun tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na hÚcráine arna dhéanamh trí Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) chun iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus chun an pobal sibhialtach a chosaint ar an bhfogha míleata atá ar siúl faoi láthair.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 29 Meitheamh 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go bhfuil an tAontas réidh le leanúint de thacaíocht mhíleata inbhuanaithe a chur ar fáil don Úcráin a fhad is gá, go háirithe trí EUMAM Ukraine agus tríd an tSaoráid Eorpach Síochána.

(3)

Sa litir dar dáta an 23 Lúnasa 2023, d’admhaigh údaráis na hÚcráine an rannchuidiú a chuir EUMAM Ukraine ar fáil agus d’iarr siad oiliúint EUMAM Ukraine a leathnú chuig an nGarda Náisiúnta, chuig an tSeirbhís Teorann Stáit, chuig na Póilíní Náisiúnta agus chuig Seirbhís Slándála na hÚcráine, le haghaidh na n-aonad sin atá faoi rialú oibríochtúil Fhórsaí Armtha na hÚcráine.

(4)

Sa chomhthéacs sin, ba cheart don bheart cúnaimh arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2023/231 leanúint de thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí oiliúna EUMAM Ukraine agus, dá bhrí sin, ba cheart EUR 10 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais agus ba cheart síneadh a chur le fad an bhirt cúnaimh go dtí 60 mhí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/231 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Mairfidh an beart cúnaimh 60 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.’

;

(2)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   EUR 55 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um oibríochtaí glao ar ranníocaíochtaí tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 55 000 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir um oibríochtaí ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 sa bhuiséad gaolmhar a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh.’

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Y. DÍAZ PÉREZ


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/231 ón gComhairle an 2 Feabhra 2023 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine ar ar chuir Misean um Chúnamh Míleata an Aontais Eorpaigh oiliúint mar thaca leis an Úcráin (IO L 32, 3.2.2023, lch. 64).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2677/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)