European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2503

10.11.2023

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2023/2503 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2023

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

Ag eascairt as an mbreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-413/21 P (2), ba cheart iontráil a bhaineann le duine amháin atá liostaithe a scriosadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

N. CALVIÑO SANTAMARÍA


(1)   IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 20 Aibreán 2023, Comhairle an Aontais Eorpaigh v. Aisha Muammer Mohamed El-Qaddafi, Cás C-413/21 P, ECLI:AE:C:2023:306.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinní I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 (Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 8(1)) agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh sin (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(1)), Cuid A (Daoine aonair), scriostar an iontráil seo a leanas:

‘9.

Ainm: 1: AISHA 2: MUAMMAR MUHAMMED 3: ABU MINYAR 4: QADHAFI

Teideal: n/b Ainmniú: n/b Dáta breithe: 1 Eanáir 1978 Áit bhreithe: Tripilí, an Libia Comhainm ar ardcháilíocht: Aisha Muhammed Abdul Salam (Uimhir phas na Libia: 215215) Comhainm ar cháilíocht íseal: n/b Náisiúntacht: n/b Uimhir phas: a) Uimhir Oman 03824970; a eisíodh an 4 Bealtaine 2014, a eisíodh in Muscat, Oman (Dáta éaga: an 3 Bealtaine 2024) b) An Libia 428720 c) B/011641 Uimhir aitheantais náisiúnta: 98606612 Seoladh: Sultanate of Oman (Stádas/suíomh measta: Sultanate of Oman) Liostaithe: an 26 Feabhra 2011 (arna leasú an 11 Samhain 2016, an 26 Meán Fómhair 2014, an 21 Márta 2013, an 2 Aibreán 2012, an 25 Feabhra 2020) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhíreanna 15 agus 17 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil, Reo Sócmhainní). Nasc gréasáin chuig Fógra Speisialta INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe: https://www.interpol.int/ga/notice/search/un/5525815’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2503/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)