|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2184 |
17.10.2023 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2184 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 a mhéid a bhaineann le sonraí staidrimh atá le cur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 49(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 ón gCoimisiún (2) leagtar amach liosta na sonraí staidrimh atá le cur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle (3) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 chun roinnt uirlisí comhair riaracháin nua a thabhairt isteach. Leis na rialacha nua cumasaítear, i measc nithe eile, na fiosrúcháin riaracháin de chuid 2 Bhallstát ar a laghad, an comhar idir comhordaitheoirí réimse oibre Eurofisc, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (‘Europol’) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (‘OLAF’), rochtain ar fhaisnéis i ndáil le clárúcháin náisiúnta feithiclí agus fiosrúcháin riaracháin a dhéantar go comhpháirteach. Dá bhrí sin is gá oiriúnú a dhéanamh ar na forálacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 a mhéid a bhaineann le sonraí staidrimh is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. |
|
(3) |
I dTeideal XII, Caibidil 6, de Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (4) déantar foráil maidir le scéimeanna speisialta le haghaidh daoine inchánach a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine neamh-inchánach nó a dhéanann ciandíolacháin earraí nó soláthairtí intíre áirithe earraí. Chun go mbeifear in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú na scéimeanna speisialta sin, ba cheart staidreamh a sholáthar i gcomhréir le Caibidil XI de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Chun é sin a chumasú, ba cheart leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 chun sonraí staidrimh i ndáil leis na scéimeanna sin a áireamh. |
|
(4) |
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le haisíoc CBL le daoine inchánach nach bhfuil bunaithe i Ballstát an aisíoca ach atá bunaithe i mBallstát eile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir 2008/9/CE ón gComhairle (5) agus i gCaibidil XII de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, cruthaíodh go mba chleachtas fónta é go soláthródh na Ballstáit don Choimisiún sonraí staidrimh bliantúla maidir le stádas aisíocaíochtaí CBL. Dá bhrí sin, ionas go bhféadfar na sonraí sin a sholáthar ar bhealach struchtúrtha agus aonfhoirmeach ar fud na mBallstát agus, ar an gcaoi sin, faireachán ar dhea-fheidhmiú an nós imeachta aisíocaíochta CBL a áirithiú, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 a chomhlánú le sonraí staidrimh maidir le haisíocaíochtaí CBL. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá feidhm le bheith ag an Rialachán seo maidir le tuairisciú na mBallstát ó 2024 ar aghaidh. Mar sin féin, chun níos mó ama a thabhairt do na Ballstáit oiriúnú i leith na rialacha nua, níor cheart faisnéis áirithe a chur in iúl don Choimisiún den chéad uair go dtí 2025. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Chomhar Riaracháin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2012 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de chuid Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 29, 1.2.2012, lch. 13).
(3) Rialachán (AE) 2018/1541 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 904/2010 agus (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin i réimse na cánach breisluacha a neartú (IO L 259, 16.10.2018, lch. 1).
(4) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(5) Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le haisíocaíocht cánach breisluacha, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, le daoine inchánach nach bhfuil bunaithe i mBallstát an aisíoca ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO L 44, 20.2.2008, lch. 23).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN IV
Samhail don teachtaireacht ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 49(3) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.
Ballstát:
Bliain:
Cuid A: — Staidreamh in aghaidh an Bhallstáit:
|
|
Airteagail 7-12 |
||||||||||||
|
Bosca |
1 |
1a |
2 |
2a |
2b |
2c |
2d |
2e |
2f |
2g |
3 |
4 |
5 |
|
|
Iarrataí ar fhaisnéis a fuarthas1 |
Iarrataí ar fhaisnéis a fuarthas agus dár diúltaíodh2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a seoladh3 |
Iarrataí ar fhaisnéis a seoladh agus dár diúltaíodh2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a fuarthas le haghaidh scéim Aontais (C24 nó C38) 2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a fuarthas le haghaidh scéim allmhairiúcháin (C24 nó C38) 2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a fuarthas le haghaidh scéim nach scéim Aontais í (C38) 2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a seoladh le haghaidh scéim Aontais (C24 nó C38) 2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a seoladh le haghaidh scéim allmhairiúcháin (C24) 2 |
Iarrataí ar fhaisnéis a seoladh le haghaidh scéim nach scéim Aontais í (C38) 2 |
Freagraí déanacha + gan seoladh |
Freagraí a fuarthas laistigh de 1 mhí |
Fógraí a fuarthas faoi Airteagal 12 |
|
AT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
BE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
BG |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CY |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CZ |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
DE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
DK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
ES |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
FI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
FR |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
HR |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
GB |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
HU |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LU |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LV |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
MT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
NL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
RO |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
SE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
SI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
SK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Airteagal 15 |
Airteagal 16 |
Airteagal 25 |
|||||
|
Bosca |
6 |
7 |
8 |
9 |
10 |
11 |
12 |
13 |
|
|
Faisnéis spontáineach a fuarthas |
Faisnéis spontáineach a seoladh |
Iarrataí ar aiseolas a tháinig isteach |
Aiseolas a seoladh |
Iarrataí ar aiseolas a seoladh amach |
Aiseolas a fuarthas |
Iarraidh ar fhógra riaracháin a fuarthas |
Iarraidh ar fhógra riaracháin a seoladh |
|
AT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
BE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
BG |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CY |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CZ |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
DE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
DK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
ES |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
FI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
FR |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
HR |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
GB |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
HU |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LU |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
LV |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
MT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
NL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
RO |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
SE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
SI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
SK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Airteagal 47i |
||||||||||||||
|
Bosca |
13a |
13b |
13c |
13d |
13e |
13f |
13g |
13h |
13i |
||||||
|
|
Iarrataí ar thaifid a fuarthas 2 |
Iarrataí ar thaifid a seoladh 2 |
Freagraí déanacha + gan seoladh 2 |
Iarrataí ar thaifid a fuarthas le haghaidh scéim Aontais (C24 nó C38) 2 |
Iarrataí ar thaifid a fuarthas le haghaidh scéim allmhairiúcháin (C24) 2 |
Iarrataí ar thaifid a fuarthas le haghaidh scéim nach scéim Aontais í (C38) 2 |
Iarrataí ar thaifid a seoladh le haghaidh scéim aontais (C24 nó C38) 2 |
Iarrataí ar thaifid a seoladh le haghaidh scéim allmhairiúcháin (C24) 2 |
Iarrataí ar thaifid a seoladh le haghaidh scéim nach scéim Aontais í (C38) 2 |
||||||
|
AT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
BE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
BG |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
CY |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
CZ |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
DE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
DK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
EE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
EL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
ES |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
FI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
FR |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
HR |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
GB |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
HU |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
IE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
IT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
LT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
LU |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
LV |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
MT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
NL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
PL |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
PT |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
RO |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
SE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
SI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
SK |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
XI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
Iomlán |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
||||||
|
|||||||||||||||
Cuid B: — Staidreamh domhanda eile:
|
Staidreamh maidir le trádálaithe |
|
|
14 |
Líon na dtrádálaithe atá tar éis éadálacha laistigh den Chomhphobal a dhearbhú le linn na bliana féilire |
|
15 |
Líon na dtrádálaithe atá tar éis díolacháin earraí agus/nó seirbhísí laistigh den Chomhphobal a dhearbhú le linn na bliana féilire |
|
15a |
Méideanna iomlána, in airgeadra náisiúnta, na ndíolachán earraí agus/nó seirbhísí laistigh den Chomhphobal le linn na bliana féilire |
|
Staidreamh maidir le rialuithe agus fiosrúcháin |
|
|
16 |
An méid uaireanta a baineadh úsáid as Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin i mBallstáit eile) mar Bhallstát iarrtha |
|
16a |
An méid uaireanta a baineadh úsáid as Airteagal 28(2a) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (fiosrúcháin riaracháin a rinneadh go comhpháirteach) mar Bhallstát iarrtha |
|
16b |
An méid uaireanta a baineadh úsáid as Airteagal 28(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin i mBallstáit eile) mar Bhallstát iarrthach |
|
16c |
An méid uaireanta a baineadh úsáid as Airteagal 28(2a) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 (fiosrúcháin riaracháin a rinneadh go comhpháirteach) mar Bhallstát iarrthach |
|
16d |
An méid uaireanta a baineadh úsáid as Airteagal 7(4a) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar Bhallstát iarrtha |
|
16e |
An méid uaireanta a baineadh úsáid as Airteagal 7(4a) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 mar Bhallstát iarrthach |
|
16f |
Líon na bhfreagraí déanacha a fuarthas le haghaidh fiosrúcháin riaracháin faoi Airteagal 7(4a) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 agus a d’iarr an Ballstát |
|
17 |
An líon rialuithe comhuaineacha a thionscain an Ballstát/Tuaisceart Éireann (Airteagail 29 agus 30 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010) |
|
18 |
An líon rialuithe comhuaineacha ina raibh an Ballstát/Tuaisceart Éireann rannpháirteach (Airteagail 29 agus 30 de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010) |
|
18a |
An méid uaireanta a chuir an Ballstát Ballstáit eile ar an eolas faoi fhiosrúchán de bhun Airteagal 47j(1) nó (2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 |
|
18b |
An méid uaireanta a chuaigh an Ballstát i gcomhairle le Ballstáit eile maidir leis an ngá a bhí ann le fiosrúchán de bhun Airteagal 47j(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 |
|
Staidreamh maidir le malartú faisnéise uathoibríoch gan iarraidh (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 ón gCoimisiún arna athmhúnlú) |
|
|
19 |
Cainníocht na n-uimhreacha aitheantais CBL arna sannadh do dhaoine inchánach nach bhfuil bunaithe i do Bhallstát/i dTuaisceart Éireann (Airteagal 3(1), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012) |
|
20 |
Imleabhair faisnéise maidir le modhanna nua iompair (Airteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012) a cuireadh ar aghaidh chuig Ballstáit eile/Tuaisceart Éireann |
|
Boscaí roghnacha (saorthéacs) |
|
|
21 |
Aon mhalartú faisnéise (uathoibríoch) eile nach gcumhdaítear leis na boscaí roimhe seo. |
|
22 |
Buntáistí agus/nó torthaí an chomhair riaracháin. |
|
Faisnéis faoi chlárú feithiclí a mhalartú (Airteagal 5b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 ón gCoimisiún) |
|
|
23 |
Líon na gcuardach uathoibrithe a rinneadh in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na seirbhíse (1) |
|
24 |
Líon na bhfreagraí a fuarthas in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh na seirbhíse (1) |
|
25 |
Líon na bhfreagraí a soláthraíodh/nár soláthraíodh in aghaidh an Bhallstáit (1) |
|
Eurofisc |
|
|
26 |
Comhar idir Eurofisc agus Europol. Líon na n-iarrataí ar fhaisnéis ó Eurofisc. |
|
27 |
Comhar idir Eurofisc agus OLAF. Líon na n-iarrataí ar fhaisnéis ó Eurofisc. |
|
28 |
Líon na gcalaoiseoirí a sainaithníodh |
|
29 |
Líon na gcásanna calaoise ag trádálaí atá ar iarraidh |
|
30 |
Méid na n-idirbheart calaoiseach nó amhrasach a nochtadh (in EUR) |
|
31 |
Líon na gcalaoiseoirí amhrasacha a díchláraíodh i gcomhar CBL |
|
32 |
Líon na líonraí cuideachtaí trádála a mheastar a bheith i mbaol mór de bharr calaoise |
|
33 |
Líon na gcuideachtaí atá nasctha le gníomhaíochtaí calaoiseacha san Aontas |
Cuid C: — Staidreamh aisíocaíocht CBL:
|
Staidreamh in aghaidh an Bhallstáit aisíoca: |
||||||||||||
|
|
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
8 |
9 |
10 |
11 |
12 |
|
Éilimh ag feitheamh le cinneadh ag tús na bliana |
Éilimh aisíocaíochta a fuarthas |
Éilimh a íocadh laistigh de sprioc-amanna |
Luach na n-éileamh (in EUR) a íocadh laistigh de sprioc-amanna |
Éilimh a fiosraíodh |
Luach na n-éileamh (in EUR) a ceistíodh |
Éilimh a íocadh lasmuigh de sprioc-amanna |
Luach na n-éileamh (in EUR) a íocadh lasmuigh de sprioc-amanna |
Éilimh dár diúltaíodh |
Luach na n-éileamh (in EUR) dár diúltaíodh |
Éilimh ag feitheamh le cinneadh i ndeireadh na bliana |
Luach na n-éileamh (in EUR) ag feitheamh le cinneadh i ndeireadh na bliana |
|
|
Iomlán AE |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
XI |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Nótaí:
|
BOSCA 1: |
Is é seo an figiúr ó bhosca 11 den bhliain roimhe. |
|
BOSCA 2: |
Líon iomlán na n-éileamh a fuarthas i rith na bliana. |
|
BOSCA 3: |
Líon iomlán na n-éileamh nár ceistíodh agus nár íocadh laistigh de 4 mhí tar éis iad a fháil (Airteagal 19 de Threoir 2008/9/CE). |
|
BOSCA 4: |
Luach iomlán na n-éileamh a luaitear faoi bhosca 3. |
|
BOSCA 5: |
Líon iomlán na n-éileamh a ceistíodh agus a íocadh laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 21 de Threoir 2008/9/CE). Áirítear leis sin éilimh atá dícheadaithe go pointe áirithe. |
|
BOSCA 6: |
Luach iomlán na n-éileamh a luaitear faoi bhosca 5. |
|
BOSCA 7: |
Líon iomlán na n-éileamh a íocadh nó a íocadh go páirteach lasmuigh de na sprioc-amanna dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 21 de Threoir 2008/9/CE. |
|
BOSCA 8: |
Luach iomlán na n-éileamh a ceistíodh agus a luaitear faoi bhosca 7. |
|
BOSCA 9: |
Líon iomlán na n-éileamh dár diúltaíodh ina n-iomláine (i mBoscaí 5 agus 7 áirítear éilimh a aisíocadh go páirteach). |
|
BOSCA 10: |
Luach iomlán na n-éileamh a luaitear faoi bhosca 9. |
|
BOSCA 11: |
Líon iomlán na n-éileamh ag feitheamh le cinneadh i ndeireadh na bliana féilire. Áirítear leis sin éilimh atá á mbreithniú agus éilimh a fuarthas ach nach bhfuil á mbreithniú go fóill. |
|
BOSCA 12: |
Luach iomlán na n-éileamh a luaitear faoi bhosca 11. |
Cuid D: — Staidreamh Ionaid Ilfhreastail:
1. An modúl clárúcháin
|
(a) |
Sonraí clárúcháin atá le soláthar mar Bhallstát aitheantais:
|
|
(b) |
Cód eisiaimh: I gcás gach scéime speisialta, mar aon le hidirghabhálaithe (i gcás inarb ábhartha), tabhair sonraí maidir leis an méid uaireanta a úsáideadh cód eisiaimh mar Bhallstát aitheantais don bhliain féilire ábhartha bunaithe ar an dáta eisiaimh éifeachtach (sonraí i bhformáid uimhriúil, gan deachúil, gan deighilteoirí, e.g. 12345; i gcás luachanna nialais bain úsáid as 0).
|
2. An modúl Tuairisceáin CBL
|
(a) |
Méid CBL a dearbhaíodh i dtuairisceán CBL Ionaid Ilfhreastail/Ionaid Ilfhreastail Allmhairiúcháin
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(b) |
Tabhair sonraí maidir leis an méid iomlán inchánach mar Bhallstát aitheantais atá dearbhaithe i tuairisceán CBL Ionaid Ilfhreastail Allmhairiúcháin don bhliain féilire ábhartha:
|
|
(c) |
Úsáid an tsásra ceartúcháin: I gcás na bliana féilire ábhartha tabhair líon na dtuairisceán CBL ina raibh ceartúchán.
|
3. An modúl Íocaíochtaí CBL
|
(a) |
Méid CBL a íocadh i scéimeanna Ionaid Ilfhreastail/Ionaid Ilfhreastail Allmhairiúcháin
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(b) |
Líon iomlán na n-aisíocaíochtaí don bhliain féilire ábhartha.
|
|
(c) |
Líon na meabhrúchán maidir le tuairisceán/íocaíocht CBL don bhliain féilire ábhartha mar Bhallstát aitheantais agus líon na meabhrúchán íocaíochta mar Bhallstát tomhaltais. Tabhair sonraí maidir leis na meabhrúcháin íocaíochta CBL agus na meabhrúcháin tuairisceáin CBL a bhaineann le mí Eanáir go mí na Nollag don bhliain ábhartha.
|
(1) Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl don Choimisiún den chéad uair ó 2025.
(*1) Tá sonraí a bhaineann le Tuaisceart Éireann le soláthar le haghaidh na scéime Aontais agus na scéime Allmhairiúcháin amháin, agus ní don scéim nach scéim Aontais í
(*2) Ní mór sonraí a bhaineann le Tuaisceart Éireann a sholáthar le haghaidh na scéime Aontais agus na scéime Allmhairiúcháin amháin, agus ní don scéim nach scéim Aontais í.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2184/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)