|
1.
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I:
‘IARSCRÍBHINN I
CRITÉIR FHÍOR-RIACHTANACHA
A. Critéir fhíor-riachtanacha le haghaidh suiteálacha do-aistrithe
|
|
Critéir fhíor-riachtanacha
|
In CTA an Aontais
|
In CTA na hEilvéise
|
|
1.
|
Cineál sainordaitheach na rannpháirtíochta in CTA
|
Beidh rannpháirtíocht in CTA sainordaitheach i gcás na suiteálacha a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a astaíonn na gáis cheaptha teasa (‘GCT’) a liostaítear thíos.
|
Beidh rannpháirtíocht in CTA sainordaitheach i gcás na suiteálacha a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a astaíonn GCT a liostaítear thíos.
|
|
2.
|
Le CTA, cumhdófar ar a laghad na gníomhaíochtaí a leagtar amach sna nithe seo a leanas:
|
|
—
|
Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
|
—
|
Airteagal 40(1) agus Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an Reacht maidir le CO2,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
3.
|
Le CTA, cumhdófar ar a laghad GCTanna a leagtar amach sna nithe seo a leanas:
|
|
—
|
Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
|
—
|
Airteagal 1(1) den Reacht maidir le CO2,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
4.
|
Socrófar caidhp do CTA, caidhp a bheidh ar a laghad chomh dian céanna leis an gcaidhp a leagtar amach sna nithe seo a leanas:
|
|
—
|
Airteagal 9 agus Airteagal 9a de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Méadóidh an fachtóir laghdaithe línigh 1,74 % in aghaidh na bliana go 2,2 % in aghaidh na bliana ó 2021 ar aghaidh agus beidh feidhm aige maidir le gach earnáil i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/410, mar a bhí sí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
|
—
|
Airteagal 18(1) agus Airteagal (2) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 45(1) den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 8, pointe 1 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
Is é 2,2 % in aghaidh na bliana an fachtóir laghdaithe línigh ó 2021 ar aghaidh.
|
|
|
5.
|
Sásra cobhsaíochta an mhargaidh
|
In 2015, thug an tAontas isteach Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh (Cinneadh (AE) 2015/1814), ar treisíodh a fheidhmiú le Treoir (AE) 2018/410.
Foráiltear le reachtaíocht an Aontais go bhfuil an Coimisiún le líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht (TNAC) a fhoilsiú faoin 15 Bealtaine gach bliain dar tús 2017. Cinntear leis an bhfigiúr sin cé acu ba cheart nó níor cheart roinnt de na lamháltais a bheartaítear a chur ar ceant a chur sa chúlchiste nó a scaoileadh ón gcúlchiste.
|
|
—
|
Airteagal 19(5) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 48(1a) agus (5) den Reacht maidir le CO2, agus Iarscríbhinn 8, pointe 2, a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
Foráiltear le reachtaíocht na hEilvéise maidir le laghdú ar an líon ceantanna ag brath ar líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht. Ina theannta sin, na lamháltais astaíochtaí nach sanntar do cheant, déantar iad a chur ar ceal i ndeireadh na tréimhse trádála.
|
|
|
6.
|
Beidh leibhéal na formhaoirseachta margaidh ar CTA ar a laghad chomh dian céanna leis na leibhéil a leagtar amach sa mhéid seo a leanas:
|
|
—
|
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (MIFID II)
|
|
—
|
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (MIFIR)
|
|
—
|
Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (MAR)
|
|
—
|
Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla as drochúsáid margaidh (an treoir maidir le drochúsáid margaidh) (CS-MAD)
|
|
—
|
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (AMLD),
mar atá i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
|
—
|
Acht Cónaidhme um Údarás Maoirseachta Mhargaí Airgeadais na hEilvéise an 22 Meitheamh 2007
|
|
—
|
Acht Cónaidhme um Bonneagar Margaí Airgeadais agus Iompar Margaidh i dTrádáil Urrús agus Díorthach an 19 Meitheamh 2015
|
|
—
|
Acht Cónaidhme um Institiúidí Airgeadais an 15 Meitheamh 2018
|
|
—
|
Acht Cónaidhme um Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac an 10 Deireadh Fómhair 1997,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Ní shainmhínítear cineál dlíthiúil na lamháltas astaíochtaí le rialáil mhargaí airgeadais na hEilvéise. Go háirithe, níl lamháltais astaíochtaí cáilithe mar urrúis san Acht um Bonneagar Margaí Airgeadais agus, dá bhrí sin, níl siad intrádála ar ionaid trádála rialáilte. Mar gheall nach gcáilíonn lamháltais astaíochtaí mar urrúis, níl feidhm ag rialáil urrúis na hEilvéise maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí thar an gcuntar ar mhargaí tánaisteacha.
Cáilíonn conarthaí díorthach mar urrúis de réir an Achta um Bonneagar Margaí Airgeadais. Áirítear leis sin freisin díorthaigh a bhfuil lamháltais astaíochtaí mar ionstraim fhorluiteach acu. Díorthaigh a thrádáiltear thar an gcuntar ar lamháltais astaíochtaí idir contrapháirtithe neamhairgeadais agus contrapháirtithe airgeadais, cumhdaítear iad leis na forálacha san Acht um Bonneagar Margaí Airgeadais.
|
|
|
7.
|
Comhar maidir le formhaoirseacht margaidh
|
Bunóidh na Páirtithe socruithe comhair iomchuí maidir le formhaoirseacht margaidh. Bainfidh na socruithe comhair sin le malartú faisnéise agus le forfheidhmiú na n-oibleagáidí a eascraíonn as a gcóras formhaoirseachta margaidh faoi seach. Cuirfidh na Páirtithe an Comhchoiste ar an eolas faoi aon socrú den sórt sin.
|
|
8.
|
Beidh na teorainneacha cáilíochtúla le haghaidh creidmheasanna idirnáisiúnta chomh dian céanna leis na teorainneacha a leagtar amach sna nithe seo a leanas ar a laghad:
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí an Aontais.
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí na hEilvéise.
|
|
9.
|
Beidh na teorainneacha cainníochtúla le haghaidh creidmheasanna idirnáisiúnta chomh dian céanna leis na teorainneacha a leagtar amach sna nithe seo a leanas ar a laghad :
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí an Aontais.
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí na hEilvéise.
|
|
10.
|
Déanfar leithdháileadh saor in aisce a ríomh ar bhonn tagarmharcanna agus fachtóirí coigeartaithe. Lamháltais nach ndéantar a leithdháileadh saor in aisce, déanfar iad a chur ar ceant nó a neamhbhailíochtú. Chuige sin, comhlíonfaidh CTA na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
|
—
|
Airteagail 10, 10a, 10b agus 10c de Threoir 2003/87/CE
|
|
—
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe maidir le lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme sa thréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2025
|
|
—
|
Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 a fheabhsú
|
|
—
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe lamháltais astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
|
|
—
|
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na hearnálacha agus na fo-earnálacha a chinneadh a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo sa tréimhse 2021 go 2030
|
|
—
|
aon fhachtóir ceartúcháin trasearnála in CTA an Aontais in 2021-2025 nó 2026-2030,
|
|
—
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
|
|
|
—
|
Airteagal 18(3) agus Airteagal 19 den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 45(2) go (6) agus Airteagail 46, 46a, 46b agus 48 den Reacht maidir le CO2, agus Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
Sa tréimhse ó 2021 go 2025, ní sháróidh leithdháiltí saor in aisce leibhéil na leithdháiltí saor in aisce a thugtar do shuiteálacha in CTA an Aontais.
|
|
|
11.
|
Forálfar le CTA maidir le pionóis sna himthosca céanna agus den mhéid céanna leis na pionóis a leagtar amach sa mhéid seo a leanas:
|
|
—
|
Airteagal 16 de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
|
—
|
Airteagal 21 den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 56 den Reacht maidir le CO2,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
12.
|
Beidh faireachán agus tuairisciú in CTA chomh dian céanna leis an bhfaireachán agus tuairisciú a leagtar amach sna nithe seo a leanas ar a laghad:
|
|
—
|
Airteagal 14 de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn IV a ghabhann léi
|
|
—
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
|
|
|
—
|
Airteagal 20 den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagail 50 go 53 den Reacht maidir le CO2, agus Iarscríbhinn 16, pointe 1, agus Iarscríbhinn 17, pointe 1, a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
13.
|
Beidh fíorú agus creidiúnú in CTA ar a laghad chomh dian céanna leis an bhfíorú agus creidiúnú a leagtar amach sa mhéid seo a leanas:
|
|
—
|
Airteagal 15 de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi
|
|
—
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
|
—
|
Airteagail 51 go 54 den Reacht maidir le CO2,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
B. Critéir fhíor-riachtanacha don eitlíocht
|
|
Critéir fhíor-riachtanacha
|
Le haghaidh an Aontais Eorpaigh
|
Le haghaidh na hEilvéise
|
|
1.
|
Cineál sainordaitheach na rannpháirtíochta in CTA
|
Beidh rannpháirtíocht in CTA sainordaitheach le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta i gcomhréir leis na critéir a liostaítear thíos.
|
Beidh rannpháirtíocht in CTA sainordaitheach le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta i gcomhréir leis na critéir a liostaítear thíos.
|
|
2.
|
Cumhdach gníomhaíochtaí eitlíochta agus GCT agus sannadh eitiltí agus a n-astaíochtaí faoi seach de réir phrionsabal na heitilte imeachta mar a leagtar amach sa mhéid seo a leanas:
|
|
—
|
Treoir 2003/87/CE, arna leasú le Rialachán (AE) 2017/2392 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 maidir le maolú sealadach ar fhorfheidhmiú i leith eitiltí chuig tíortha agus ó thíortha nár thángthas ar chomhaontú leo de bhun Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE
|
|
—
|
Cinneadh Tarmligthe (AE) 2020/1071 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le heitiltí isteach ón Eilvéis a eisiamh ó chóras trádála astaíochtaí an Aontais
|
|
—
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
Ón 1 Eanáir 2020, eitiltí ó aeradróm atá lonnaithe ar chríoch an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (‘LEE’) chuig aeradróim atá lonnaithe ar chríoch na hEilvéise, beidh siad cumhdaithe ag CTA an Aontais, agus eitiltí ó aeradróim atá lonnaithe ar chríoch na hEilvéise chuig aeradróim atá lonnaithe ar chríoch LEE, beidh siad eisiata ó CTA an Aontais, de bhun Airteagal 25a de Threoir 2003/87/CE.
|
|
|
1.
|
Raon feidhme an chumhdaigh
Eitiltí a shroicheann aeradróm atá lonnaithe ar chríoch na hEilvéise, nó a imíonn uathu, cé is moite d’eitiltí a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe ar chríoch LEE.
Aon mhaolú sealadach a mhéid a bhaineann le raon feidhme CTA, amhail maoluithe de réir bhrí Airteagal 28a de Threoir 2003/87/CE, féadfaidh feidhm a bheith aige maidir le CTA na hEilvéise i gcomhréir leis na maoluithe sin a tugadh isteach in CTA an Aontais. Ní chumhdófar ach astaíochtaí CO2 le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta.
|
|
2.
|
Teorainneacha an chumhdaigh
Ní áireofar an méid seo a leanas sa chumhdach ginearálta a luaitear i bpointe 1:
|
1.
|
Eitiltí a dhéantar go heisiach chun ríthe agus banríonacha atá i gcoróin agus a neasteaghlaigh, cinn Stáit, cinn Rialtais agus airí Rialtais a iompar ar mhisean oifigiúil, i gcás ina bhfuil táscaire stádais iomchuí sa phlean eitilte mar bhunús leis sin.
|
|
2.
|
Eitiltí míleata, custaim agus póilíní.
|
|
3.
|
Eitiltí a bhaineann le cuardach agus tarrtháil, eitiltí comhraic dóiteáin, eitiltí daonnúla agus eitiltí éigeandála seirbhísí leighis.
|
|
4.
|
Eitiltí a dhéantar go heisiach faoi rialacha amharceitilte mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta an 7 Nollaig 1944.
|
|
5.
|
Eitiltí a chríochnaíonn ag an aeradróm ónar éirigh an t-aerárthach de thalamh agus nach ndearnadh aon tuirlingt idirmheánach pleanáilte lena linn.
|
|
6.
|
Eitiltí oiliúna a dhéantar go heisiach chun ceadúnas a fháil nó a choimeád, nó rátáil i gcás fhoireann eitilte chró an phíolóta i gcás ina bhfuil ráiteas iomchuí sa phlean eitilte mar bhunús leis sin, ar choinníoll nach bhfónann an eitilt chun paisinéirí agus/nó lasta a iompar nó chun an t-aerárthach a shuíomh nó a iompar.
|
|
7.
|
Eitiltí a dhéantar chun críche taighde eolaíoch amháin.
|
|
8.
|
Eitiltí a dhéantar go heisiach chun aerárthaí nó trealamh san aer nó ar talamh a sheiceáil, a thástáil nó a dheimhniú.
|
|
9.
|
Eitiltí a dhéanann aerárthaí ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh deimhnithe is lú ná 5 700 cileagram.
|
|
10.
|
Eitiltí oibreoirí aerárthaí tráchtála ag a bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 10 000 tona ar eitiltí a chumhdaítear le CTA na hEilvéise nó ag a bhfuil níos lú ná 243 eitilt in aghaidh na tréimhse ar feadh trí thréimhse ceithre-mhí as a chéile laistigh de raon feidhme CTA na hEilvéise, mura gcumhdaítear na hoibreoirí le CTA an Aontais.
|
|
11.
|
Eitiltí oibreoirí aerárthaí neamhthráchtála a chumhdaítear le CTA na hEilvéise ag a bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána is lú ná 1 000 tona i gcomhréir leis an maolú ábhartha a chuirtear i bhfeidhm in CTA an Aontais, mura gcumhdaítear na hoibreoirí le CTA an Aontais.
|
|
Déantar foráil maidir le teorainneacha an chumhdaigh sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 16a den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 46d agus Airteagal 55(2) den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 13 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
3.
|
Malartú sonraí ábhartha maidir le cur i bhfeidhm theorainneacha cumhdaigh gníomhaíochtaí eitlíochta
|
Oibreoidh an dá pháirtí i gcomhar lena chéile maidir le cur i bhfeidhm na dteorainneacha cumhdaigh in CTA na hEilvéise agus in CTA an Aontais le haghaidh oibreoirí tráchtála agus neamhthráchtála i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Go háirithe, áiritheoidh an dá pháirtí go ndéanfar na sonraí ábhartha uile a aistriú go tráthúil chun gur féidir na heitiltí agus na hoibreoirí aerárthaí a chumhdaítear le CTA na hEilvéise agus CTA an Aontais a shainaithint i gceart.
|
|
4.
|
Caidhp (an líon iomlán lamháltas atá le leithdháileadh ar oibreoirí aerárthaí)
|
|
—
|
Airteagal 3c de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
—
|
Le hAirteagal 3c de Threoir 2003/87/CE, leithdháileadh lamháltais ar dtús mar a leanas:
|
—
|
cuireadh 3 % i leataobh i gcúlchiste speisialta
|
|
—
|
leithdháileadh 82 % saor in aisce.
|
|
Leasaíodh leithdháiltí le Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 lenar laghdaíodh leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir leis an laghdú ar an oibleagáid tabhairt suas (Airteagal 28a(2) de Threoir 2003/87/CE). Le Rialachán (AE) 2017/2392, mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cuireadh síneadh leis an gcur chuige sin go dtí 2023, agus cuirtear i bhfeidhm an fachtóir laghdaithe línigh 2,2 % ón 1 Eanáir 2021.
|
Léireoidh an chaidhp leibhéal déine atá cosúil leis an leibhéal in CTA an Aontais, maidir leis an ráta céatadáin laghdaithe idir blianta agus tréimhsí trádála go háirithe. Leithdháilfear na lamháltais sa chaidhp mar seo a leanas:
|
—
|
Cuirfear 3 % i leataobh i gcúlchiste speisialta
|
|
—
|
Leithdháilfear 82 % saor in aisce.
|
Féadfar an leithdháileadh sin a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 den Chomhaontú seo.
Go dtí 2020, déanfar an líon lamháltas laistigh den chaidhp a ríomh ón mbun aníos ar bhonn na lamháltas a bheidh le leithdháileadh saor in aisce i gcomhréir leis an dáileadh caidhpe mar a luaitear thuas. Le haon mhaolú sealadach a mhéid a bhaineann le raon feidhme CTA ceanglófar coigeartú comhréireach comhfhreagrach a dhéanamh ar na méideanna atá le leithdháileadh.
Ó 2021, déanfar an líon lamháltas laistigh den chaidhp a chinneadh leis an gcaidhp in 2020, agus ráta céatadáin laghdaithe féideartha i gcomhréir le CTA an Aontais á chur san áireamh.
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 18 den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 46e den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
5.
|
Lamháltais a leithdháileadh don eitlíocht trí lamháltais a chur ar ceant
|
|
—
|
Airteagail 3d agus 28a(3) de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
Maidir le lamháltais astaíochtaí na hEilvéise atá le cur ar ceant, is é údarás inniúil na hEilvéise a chuirfidh ar ceant iad. Tá an Eilvéis i dteideal na n-ioncam a ghintear ó lamháltais na hEilvéise a chur ar ceant.
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 19a(2) agus (4) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 48 den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
6.
|
Cúlchiste speisialta d’oibreoirí aerárthaí áirithe
|
|
—
|
Airteagal 3f de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
Cuirfear lamháltais i leataobh i gcúlchiste speisialta le haghaidh iontrálaithe nua agus fásóirí tapa, cé nach mbeidh cúlchiste speisialta ag an Eilvéis suas go dtí 2020, ós rud é gurb í 2018 an bhliain tagartha chun sonraí a fháil le haghaidh ghníomhaíochtaí eitlíochta na hEilvéise.
Déantar foráil maidir leis an gcúlchiste speisialta sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 18(3) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 46e den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
7.
|
Tagarmharc le haghaidh leithdháileadh lamháltas saor in aisce ar oibreoirí aerárthaí
|
|
—
|
Airteagal 3e de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Is é 0,000642186914222035 lamháltas in aghaidh an tona-ciliméadair an tagarmharc bliantúil.
|
|
Ní bheidh an tagarmharc níos airde ná an tagarmharc in CTA an Aontais.
Is é 0,000642186914222035 lamháltas in aghaidh an tona-ciliméadair an tagarmharc bliantúil.
Déantar foráil maidir leis an tagarmharc seo sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 46f(1) den Reacht maidir le CO2, agus Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
8.
|
Lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce d’oibreoirí aerárthaí
|
|
—
|
Airteagal 3e de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
Déanfar coigeartuithe de bhun Airteagal 25a de Threoir 2003/87/CE, ar eisiúint lamháltas i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe agus tabhairt suas comhfhreagracha a eascraíonn as cumhdach iarbhír eitiltí idir LEE agus an Eilvéis faoi CTA an Aontais.
|
|
Déantar líon na lamháltas astaíochtaí a leithdháiltear saor in aisce ar oibreoirí aerárthaí a ríomh trína shonraí tuairiscithe tona-ciliméadair a dhéantar sa bhliain tagartha a iolrú faoin tagarmharc is infheidhme.
Déantar foráil maidir leis an leithdháileadh saor in aisce seo sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 19a(3) agus (4) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 46f(1) agus (3) den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
9.
|
Beidh na teorainneacha cáilíochtúla le haghaidh creidmheasanna idirnáisiúnta chomh dian céanna leis na teorainneacha a leagtar amach sna nithe seo a leanas ar a laghad:
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí an Aontais.
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí na hEilvéise.
|
|
10.
|
Teorainneacha cainníochtúla maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí an Aontais.
|
Ó 2021 ar aghaidh, ní fhoráiltear maidir le teidlíochtaí ar bith chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i ndlí na hEilvéise.
|
|
11.
|
Sonraí tona-ciliméadair a fháil le haghaidh na bliana tagartha
|
|
—
|
Airteagal 3e de Threoir 2003/87/CE,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
Gan dochar don fhoráil thíos, gheofar sonraí nua tona-ciliméadair an tráth céanna agus bainfear úsáid as an gcur chuige céanna a úsáidtear le sonraí tona-ciliméadair a fháil le haghaidh CTA an Aontais.
Go dtí go bhfaighfear sonraí nua tona2018ciliméadair, agus i gcomhréir leis an Reacht maidir le Sonraí Tona-Ciliméadair a Fháil agus le Pleananna Faireacháin a Ullmhú i ndáil le hAchair a chumhdaíonn Aerárthaí, mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, is é 2018 an bhliain tagartha chun sonraí a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta na hEilvéise.
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 19a(3) agus (4) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 46f(1) den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 15 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
12.
|
Faireachán agus tuairisciú
|
|
—
|
Airteagal 14 de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn IV a ghabhann léi
|
|
—
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún
|
|
—
|
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021.
|
|
Léireoidh forálacha faireacháin agus tuairiscithe an leibhéal déine céanna agus atá in CTA an Aontais.
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 20 den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagail 50 go 52 den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinní 16 agus 17 a ghabhann leis,
|
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
13.
|
Fíorú agus creidiúnú
|
|
—
|
Airteagal 15 de Threoir 2003/87/CE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi
|
|
—
|
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,
mar a bhí i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.
|
|
Léireoidh na forálacha fíorúcháin agus creidiúnaithe an leibhéal déine céanna agus atá in CTA an Aontais.
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 52(4) agus (5) den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 18 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
14.
|
Riar
|
Beidh feidhm ag na critéir a leagtar síos in Airteagal 18a de Threoir 2003/87/CE. Chuige sin agus de bhun Airteagal 25a de Threoir 2003/87/CE, measfar gur Ballstát Riaracháin í an Eilvéis a mhéid a bhaineann le riar oibreoirí aerárthaí a shannadh don Eilvéis agus do Bhallstáit AE (LEE).
De bhun Airteagal 25a de Threoir 2003/87/CE, beidh údaráis inniúla Bhallstáit AE (LEE) freagrach as na cúraimí go léir a bhaineann le riar oibreoirí aerárthaí a shanntar dóibh, lena n-áirítear na cúraimí a bhaineann le CTA na hEilvéise (e.g. tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe a fháil lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí eitlíochta an Aontais agus na hEilvéise araon, riar oibreoirí aerárthaí agus cuntais, comhlíontacht agus forfheidhmiú).
Comhaontóidh an Coimisiún Eorpach go déthaobhach le húdaráis inniúla na hEilvéise maidir leis an doiciméadacht agus an fhaisnéis ábhartha a thabhairt ar láimh.
Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún Eorpach go ndéanfar méid leithdháileadh saor in aisce lamháltas an Aontais a aistriú chuig oibreoirí aerárthaí atá á riar ag an Eilvéis.
I gcás comhaontú déthaobhach maidir le riar eitiltí a oibríonn i ndáil le EuroAirport Basel-Mulhouse-Freiburg nach bhfuil aon leasú ar Threoir 2003/87/CE i gceist leis, déanfaidh an Coimisiún Eorpach, de réir mar is iomchuí, cur chun feidhme an chomhaontaithe sin a éascú, ar choinníoll nach mbeidh comhaireamh dúbailte mar thoradh air sin.
|
Beidh an Eilvéis freagrach as na hoibreoirí aerárthaí seo a leanas a riar:
|
—
|
oibreoirí aerárthaí a bhfuil ceadúnas oibríochta bailí arna dheonú ag an Eilvéis acu, nó
|
|
—
|
oibreoirí aerárthaí a meastar a bhfuil na hastaíochtaí eitlíochta is mó san Eilvéis acu faoi CTA nasctha.
|
Beidh údaráis inniúla na hEilvéise freagrach as na cúraimí uile a bhaineann le riar oibreoirí aerárthaí a shanntar don Eilvéis, lena n-áirítear na cúraimí a bhaineann le CTA an Aontais (e.g. tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe a fháil lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí eitlíochta an Aontais agus na hEilvéise araon, riar oibreoirí aerárthaí agus cuntais, comhlíonadh agus forfheidhmiú).
Comhaontóidh údaráis inniúla na hEilvéise go déthaobhach leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an doiciméadacht agus an fhaisnéis ábhartha a thabhairt ar láimh.
Go háirithe, déanfaidh údaráis inniúla na hEilvéise méid leithdháileadh saor in aisce lamháltais na hEilvéise a aistriú chuig oibreoirí aerárthaí atá á riar ag Ballstáit AE (LEE).
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 39(1a) den Acht maidir le CO2
|
|
—
|
Airteagal 46d den Reacht maidir le CO2 agus Iarscríbhinn 14 a ghabhann leis,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
15.
|
Tabhairt suas
|
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht oibreoirí aerárthaí ar bhonn mhéid na lamháltas a tugadh suas, tabharfaidh údaráis inniúla Bhallstáit AE (LEE) cuntas ar dtús ar astaíochtaí a chumhdaítear le CTA na hEilvéise agus bainfidh siad úsáid as an méid atá fágtha de lamháltais a tugadh suas chun cuntas a thabhairt ar astaíochtaí a chumhdaítear le CTA an Aontais.
|
Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht oibreoirí aerárthaí ar bhonn mhéid na lamháltas a tugadh suas, tabharfaidh údaráis inniúla na hEilvéise cuntas ar dtús ar astaíochtaí a chumhdaítear le CTA an Aontais agus bainfidh siad úsáid as an méid atá fágtha de lamháltais a tugadh suas chun cuntas a thabhairt ar astaíochtaí a chumhdaítear le CTA na hEilvéise.
Déantar foráil maidir leis sin sa mhéid seo a leanas:
|
—
|
Airteagal 55(2a) den Reacht maidir le CO2,
mar a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.
|
|
|
16.
|
Forfheidhmiú dlíthiúil
|
Déanfaidh páirtithe forálacha a CTA féin a fhorfheidhmiú maidir le hoibreoirí aerárthaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí ina CTA féin, gan beann ar cé acu is údarás inniúil de chuid an Aontais (LEE) nó údarás inniúil de chuid na hEilvéise a riarann an t-oibreoir nó nach ea, i gcás ina n-éilítear gníomhaíocht bhreise de bharr an fhorfheidhmithe a rinne an t-údarás a riarann an t-oibreoir.
|
|
17.
|
Sannadh riaracháin oibreoirí aerárthaí
|
De bhun Airteagal 25a de Threoir 2003/87/CE, sa liosta d’oibreoirí aerárthaí arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 18a(3) de Threoir 2003/87/CE, sonrófar an Stát riaracháin, lena n-áirítear an Eilvéis, i gcás gach oibreoir aerárthaí.
Oibreoirí aerárthaí ar oibreoirí iad a sannadh don Eilvéis den chéad uair tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, déanfaidh an Eilvéis iad a riar tar éis an 30 Aibreán den bhliain a sannadh agus a luaithe a bheidh an nasc clárlainne sealadach oibríochtúil.
Oibreoidh an dá pháirtí i gcomhar lena chéile chun doiciméadacht agus faisnéis ábhartha a roinnt.
Ní dhéanfaidh sannadh oibreora aerárthaigh difear do chumhdach an oibreora aerárthaigh sin faoi CTA faoi seach (i.e. beidh an leibhéal céanna oibleagáidí faoi CTA an Aontais ag oibreoir a chumhdaítear le CTA an Aontais agus atá á riar ag údarás inniúil na hEilvéise chomh maith lena chumhdach faoi CTA na hEilvéise, agus vice versa).
|
|
18.
|
Módúlachtaí maidir le cur chun feidhme
|
Aon mhódúlacht breise is gá chun an obair agus an comhar a eagrú laistigh den ionad uileghnó do shealbhóirí cuntas eitlíochta, déanfaidh an Comhchoiste é a fhorbairt agus a ghlacadh tar éis shíniú an Chomhaontaithe seo, i gcomhréir le hAirteagail 12, 13 agus 22 den Chomhaontú seo. Beidh feidhm ag na módúlachtaí sin ón dáta a mbeidh feidhm ag an gComhaontú seo.
|
|
19.
|
Cúnamh ó Eurocontrol
|
Maidir leis an gcuid eitlíochta den Chomhaontú seo, cuirfidh an Coimisiún Eorpach an Eilvéis sa sainordú a thugtar do Eurocontrol i ndáil le CTA an Aontais.
|
C. Critéir fhíor-riachtanacha do Chlárlanna
Áireofar in CTA gach Páirtí clárlann agus loga idirbheart, lena gcomhlíonfar na critéir fhíor-riachtanacha seo a leanas i ndáil le sásraí agus nósanna imeachta slándála agus i ndáil le cuntais a oscailt agus a bhainistiú:
Critéir fhíor-riachtanacha i ndáil le Sásraí agus Nósanna Imeachta Slándála
Leis na clárlanna agus na logaí idirbheart, cosnófar rúndacht, sláine, infhaighteacht agus barántúlacht na sonraí atá stóráilte sa chóras. Chuige sin, cuirfidh na Páirtithe na sásraí slándála seo a leanas chun feidhme:
|
Critéir Fhíor-Riachtanacha
|
|
Chun rochtain a fháil ar chuntais, éilítear sásra fíordheimhnithe dhá-fhachtóir le haghaidh gach úsáideora ag a bhfuil rochtain ar an gcuntas.
|
|
Éilítear sásra sínithe idirbhirt chun idirbhearta a thionscnamh agus a fhormheas araon. Seolfar an cód deimhniúcháin chuig na húsáideoirí ar bhealach as banda.
|
|
Déanfaidh duine amháin aon cheann de na hoibríochtaí seo a leanas a thionscnamh agus ceadóidh duine eile iad (prionsabal 4-shúil):
|
—
|
gach oibríocht a dhéanann riarthóir, ach amháin má tá feidhm ag eisceachtaí a bhfuil údar cuí leo mar atá sainithe in LTS
|
|
—
|
gach aistriú aonad ach amháin má thugtar údar cuí le beart malartach lena soláthraítear an leibhéal céanna slándála.
|
|
|
Beidh córas fógraí i bhfeidhm lena gcuirtear na húsáideoirí ar an airdeall nuair a dhéantar oibríochtaí a bhaineann lena gcuntais agus lena sealúchais.
|
|
Beidh feidhm ag moill 24 uair an chloig ar a laghad idir aistriú a thionscnamh agus a fhorghníomhú chuig na húsáideoirí uile chun faisnéis a fháil agus stop a chur le haon aistriú neamhdhlisteanach amhrasta, ach amháin má dhéantar foráil i gcóras cuntas iontaofa maidir leis an leibhéal céanna slándála.
|
|
Déanfaidh riarthóir na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais bearta chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoina bhfreagrachtaí maidir le slándáil a gcóras (e.g. ríomhaire pearsanta, líonra) agus maidir le sonraí a láimhseáil/nascleanúint a dhéanamh ar an idirlíon.
|
|
A mhéid a bhaineann le comhlíontacht, agus faoi réir na dhlíthe agus na rialacháin na bPáirtithe faoi seach, ní fhéadfar astaíochtaí a chumhdach ach amháin le lamháltais a eisítear sa tréimhse chéanna nó roimhe sin.
|
Critéir Fhíor-Riachtanacha maidir le Cuntais a Oscailt agus a Bhainistiú
|
Critéir Fhíor-Riachtanacha
|
|
Cuntas Oibreora/Cuntas Coinneála Oibreora a Oscailt
Seolfar an t-iarratas ón oibreoir nó ón údarás inniúil chun a iarraidh go n-osclófar cuntas oibreora/cuntas coinneála oibreora chuig an riarthóir náisiúnta (An Oifig Cónaidhme um an gComhshaol, FOEN, i gcás na hEilvéise). Beidh dóthain faisnéise san iarratas chun suiteáil CTA agus uimhir aitheantais suiteála iomchuí a shainaithint.
|
|
Cuntas Oibreora Aerárthaigh/Cuntas Coinneála Oibreora Aerárthaigh a Oscailt
Beidh cuntas oibreora aerárthaigh/cuntas coinneála oibreora aerárthaigh amháin ag gach oibreoir aerárthaigh a chumhdaítear le CTA na hEilvéise agus/nó CTA an Aontais. I gcás oibreoirí aerárthaí atá á riar ag údarás inniúil na hEilvéise, coinneofar an cuntas sin i gclárlann na hEilvéise. Déanfar an t-iarratas ón oibreoir aerárthaigh nó ó ionadaí údaraithe an oibreora aerárthaigh a dhíriú chuig an riarthóir náisiúnta (FOEN i gcás na hEilvéise) laistigh de 30 lá oibre ó fhormheas phlean faireacháin an oibreora aerárthaigh nó óna aistriú ó Bhallstát AE (LEE) chuig údaráis na hEilvéise. San iarratas beidh cóid uathúla aerárthaí an aerárthaigh atá á oibriú ag an iarratasóir a thagann faoi CTA na hEilvéise agus/nó faoi CTA an Aontais.
|
|
Cuntas Cuntas Trádála/Taisce Pearsanta a Oscailt
Déanfar an t-iarratas chun a iarraidh go n-osclófar cuntas trádála/cuntas taisce pearsanta a dhíriú chuig an riarthóir náisiúnta (FOEN i gcás na hEilvéise). Beidh dóthain faisnéise ann chun sealbhóir an chuntais/an t-iarratasóir a shainaithint, agus áireofar ann an méid seo a leanas ar a laghad:
|
—
|
i gcás duine nádúrtha: cruthúnas aitheantais agus sonraí teagmhála
|
|
—
|
i gcás duine dhlítheanaigh:
|
—
|
cóip den chlár tráchtála, nó
|
|
—
|
doiciméad lena gcruthaítear clárú an eintitis dhlíthiúil agus, más iomchuí, an ionstraim lena mbunaítear an t-eintiteas dlíthiúil
|
|
|
—
|
taifid choiriúla an duine nádúrtha nó, más iomchuí, i gcás duine dlítheanach taifid coiriúla a stiúrthóirí
|
|
|
Ionadaithe údaraithe/cuntais
Beidh ionadaí údaraithe/cuntais amháin ar a laghad ag gach cuntas, ionadaí a dhéanann an sealbhóir cuntais ionchasach a ainmniú. Tionscnóidh na hionadaithe údaraithe/cuntais idirbhearta agus próisis eile thar ceann shealbhóir an chuntais. Nuair a bheidh ionadaí údaraithe/cuntais á ainmniú, tarchuirfear an fhaisnéis seo a leanas faoin ionadaí údaraithe/cuntais:
|
—
|
ainm agus sonraí teagmhála
|
|
—
|
doiciméid lena gcruthaítear aitheantas
|
|
|
Doiciméid a sheiceáil
Aon chóip de dhoiciméad a chuirtear isteach mar fhianaise d’oscailt cuntais trádala/cuntais taisce pearsanta nó d’ainmniú ionadaí údaraithe/cuntais, ní mór í a dheimhniú mar chóip dhílis. Maidir le doiciméid a eisítear lasmuigh den Stát a bhfuil cóip á hiarraidh aige, ní mór an chóip a dhlisteanú, mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí náisiúnta. Ní ceadmhach dáta an deimhnithe ná, i gcás inarb ábhartha, dáta an dlisteanaithe a bheith níos mó ná trí mhí roimh dháta an iarratais.
|
|
Diúltú cuntas a oscailt nó a nuashonrú nó ionadaí údaraithe/cuntais a ainmniú
Féadfaidh riarthóir náisiúnta (FOEN i gcás na hEilvéise) diúltú cuntas a oscailt nó a nuashonrú nó ionadaí údaraithe/cuntas a ainmniú, ar choinníoll go bhfuil an diúltú réasúnach agus inchosanta. Beidh údar leis an diúltú ar bhonn ceann amháin ar a laghad de na forais seo a leanas:
|
—
|
tá an fhaisnéis agus na doiciméid a sholáthraítear neamhiomlán, as dáta nó míchruinn ar bhealach eile, nó bréagach
|
|
—
|
tá an t-ionadaí ionchasach faoi imscrúdú nó ciontaíodh é sna 5 bliana roimhe sin i ndáil le calaois a bhaineann le lamháltais nó aonaid Kyoto, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta nó coireanna tromchúiseacha eile a bhféadfadh an cuntas a bheith ina ionstraim ina leith
|
|
—
|
forais a leagtar amach sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais.
|
|
|
Athbhreithniú rialta ar fhaisnéis faoi chuntais
Déanfaidh na sealbhóirí cuntais aon athrú ar an gcuntas nó ar na sonraí úsáideora a thuairisciú don riarthóir náisiúnta (FOEN i gcás na hEilvéise) laistigh de 10 lá oibre, le tacaíocht ó fhaisnéis de réir mar a éilíonn an riarthóir náisiúnta atá freagrach as an nuashonrú ar an bhfaisnéis a fhormheas go tráthúil.
|
|
Gach 3 bliana ar a laghad, déanfaidh an riarthóir náisiúnta athbhreithniú cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a bhaineann le cuntas fós iomlán, cothrom le dáta, cruinn agus fíor, agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an sealbhóir cuntais fógra faoi aon athrú de réir mar is iomchuí. Maidir le Cuntais Oibreora/Cuntais Choinneála Oibreora, Cuntais Oibreora Aerárthaigh/Cuntais Choinneála Oibreora Aerárthaigh agus fíoraitheoirí, déanfar an t-athbhreithniú uair amháin ar a laghad gach 5 bliana.
|
|
Rochtain ar Chuntas a Fhionraí
I gcás ina sáraítear aon fhoráil faoi Airteagal 3 den Chomhaontú seo a bhaineann le clárlanna nó ina bhfuil imscrúdú a bhaineann le sárú féideartha ar na forálacha sin ar feitheamh, féadfar rochtain ar chuntais a fhionraí.
|
|
Rúndacht agus nochtadh faisnéise
Measfar gur faisnéis rúnda í an fhaisnéis arna sealbhú in EUTL nó SSTL, i gClárlann an Aontais, i gclárlann na hEilvéise agus in aon chlárlann eile Phrótacal Kyoto, ar faisnéis í lena n-áirítear sealúchais na gcuntas uile, na hidirbhearta go léir a rinneadh, cód uathúil aitheantais aonaid na lamháltas agus luach uimhriúil uathúil shraithuimhir aonaid Kyoto atá i seilbh nó a ndéanann idirbheart difear dó.
|
|
Féadfar faisnéis rúnda den sórt sin a sholáthar d’eintitis phoiblí ábhartha arna iarraidh sin dóibh má shaothraíonn na hiarrataí sin cuspóir dlisteanach agus má tá údar cuí leo, má tá siad riachtanach agus comhréireach chun críocha imscrúdaithe, braith, ionchúisimh, riaracháin cánach, forfheidhmithe, iniúchóireachta agus maoirseachta airgeadais chun calaois, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, coireacht thromchúiseach eile, drochúsáid mhargaidh nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais nó ar dhlí náisiúnta Bhallstát LEE nó ar dhlí náisiúnta na hEilvéise a chosc agus a chomhrac, chun dea-fheidhmiú CTA an Aontais agus CTA na hEilvéise a áirithiú.
|
D. Critéir Fhíor-Riachtanacha maidir le hArdáin Cheantála agus Gníomhaíochtaí Ceantála
Na heintitis a dhéanann ceantanna lamháltas in CTA na bPáirtithe, comhlíonfaidh siad na critéir fhíor-riachtanacha seo a leanas agus déanfaidh siad na ceantanna dá réir sin:
|
|
Critéir Fhíor-Riachtanacha
|
|
1.
|
Roghnófar an t-eintiteas a dhéanfaidh an ceant trí phróiseas lena n-áiritheofar trédhearcacht, comhréireacht, cóir chomhionann, neamh-idirdhealú agus iomaíocht idir ardáin ionchasacha ceantála éagsúla ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le soláthar.
|
|
2.
|
Beidh an t-eintiteas a dhéanfaidh an ceant údaraithe le haghaidh na gníomhaíochta sin agus soláthróidh sé na coimircí is gá agus a n-oibríochtaí á ndéanamh aige; áirítear ar na coimircí sin, i measc nithe eile, socruithe chun na hiarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag aon choinbhleacht leasa a shainaithint agus a bhainistiú, rioscaí a bhfuil an margadh neamhchosanta orthu, rialacha agus nósanna imeachta trédhearcacha agus neamhroghnacha a bheith ann maidir le ceantáil chóir ordúil agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais a bheith ann chun feidhmiú ordúil a éascú.
|
|
3.
|
Beidh rochtain ar na ceantanna faoi réir íoscheanglais a mhéid a bhaineann le seiceálacha leormhaithe díchill custaiméara chun a áirithiú nach mbainfidh rannpháirtithe an bonn d’fheidhmiú na gceantanna.
|
|
4.
|
Beidh an próiseas ceantála intuartha, maidir le huainiú agus seicheamhú na ndíolachán agus na méideanna measta atá le cur ar fáil go háirithe. Foilseofar príomhghnéithe an mhodha ceantála, lena n-áirítear an sceideal, na dátaí agus na méideanna measta díolachán, ar shuíomh gréasáin an eintitis a dhéanfaidh an ceant mí amháin ar a laghad roimh thús an cheant. Fógrófar aon choigeartú mór a luaithe is féidir roimh ré freisin.
|
|
5.
|
Déanfar ceantáil lamháltas leis an gcuspóir aon tionchar ar CTA na Páirtithe a íoslaghdú. Áiritheoidh an t-eintiteas a bheidh i gceannas ar cheantáil nach n-imeoidh na praghsanna imréitigh ceant go suntasach ón bpraghas ábhartha le haghaidh lamháltas sa mhargadh tánaisteach thar an tréimhse cheantála, rud a léireodh easnamh sna ceantanna. Ba cheart fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla a fheidhmíonn feidhmeanna formhaoirseachta margaidh maidir leis an modheolaíocht lena gcinntear an imeacht dá dtagraítear san abairt roimhe seo.
|
|
6.
|
An fhaisnéis neamhrúnda uile a bhaineann leis na ceantanna, lena n-áirítear an reachtaíocht, an treoraíocht agus na foirmeacha uile, déanfar í a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Foilseofar torthaí gach ceant a dhéanfar a luaithe is féidir le réasún agus áireofar iontu an fhaisnéis ábhartha neamhrúnda. Foilseofar tuarascálacha ar thorthaí na gceantanna uair sa bhliain ar a laghad.
|
|
7.
|
Beidh ceantáil lamháltas faoi réir rialacha agus nósanna imeachta leormhaithe chun maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hiompraíocht fhrithiomaíoch, drochúsáid mhargaidh, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i gceantanna. Beidh na rialacha agus na nósanna imeachta sin chomh dian, a mhéid is féidir, leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin is infheidhme maidir le margaí airgeadais i gcórais dlí na bPáirtithe faoi seach. Go háirithe, beidh an t-eintiteas a dhéanfaidh an ceant freagrach as bearta, nósanna imeachta agus próisis a chur i bhfeidhm lena n-áiritheofar sláine na gceantanna. Déanfaidh sé faireachán freisin ar iompraíocht rannpháirtithe sa mhargadh agus tabharfaidh sé fógra do na húdaráis phoiblí inniúla i gcás iompraíocht fhrithiomaíoch, drochúsáid mhargaidh, sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta.
|
|
8.
|
Beidh an t-eintiteas a dhéanfaidh na ceantanna agus ceantáil na lamháltas faoi réir maoirseachta leormhaithe ag na húdaráis inniúla. Beidh na hinniúlachtaí dlíthiúla agus na socruithe teicniúla is gá ag údaráis inniúla ainmnithe chun maoirseacht a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
|
—
|
eagrú agus iompar oibreoirí ardán ceantála
|
|
—
|
eagrú agus iompar idirghabhálaithe gairmiúla a ghníomhaíonn thar ceann cliant
|
|
—
|
iompraíocht agus idirbhearta rannpháirtithe sa mhargadh, chun déileáil cos istigh agus cúbláil mhargaidh a chosc
|
|
—
|
idirbhearta rannpháirtithe sa mhargadh, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
|
A mhéid is féidir, ní lú an déine a bheidh i gceist leis an maoirseacht i gcomparáid leis an maoirseacht ar mhargaí airgeadais i gcórais dlí na bPáirtithe faoi seach.
|
Féachfaidh an Eilvéis le heintiteas príobháideach a úsáid chun a lamháltais a chur ar ceant, i gcomhréir le rialacha soláthair phoiblí.
Go dtí go mbeidh eintiteas den sórt sin ar chonradh, agus ar choinníoll gur faoi bhun tairseach sheasta a bheidh an líon lamháltas a bheidh le cur ar ceant i mbliain , féadfaidh an Eilvéis leanúint de bheith ag úsáid na socruithe reatha le haghaidh ceantála, is iad sin na ceantanna a dhéanann FOEN, faoi na coinníollacha seo a leanas:
|
1.
|
Is é 1 000 000 lamháltas a bheidh sa tairseach, lena n-áirítear lamháltais a chuirfear ar ceant le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta.
|
|
2.
|
Beidh feidhm ag critéir fhíor-riachtanacha 1 go 8, cé is moite de chritéir 1 agus 2, agus ní bheidh feidhm ag an abairt dheireanach de chritéar 5, ná ag critéir 7 agus 8 ach amháin maidir le FOEN a mhéid is féidir.
|
Beidh feidhm ag critéar fíor-riachtanach 3, mar aon leis an bhforáil seo a leanas: gach eintiteas in LEE a ligtear isteach chun tairiscint a dhéanamh i gceantanna san Aontas, ráthófar a ligean isteach chun tairiscint a dhéanamh i gceantanna lamháltais na hEilvéise faoi na socruithe maidir le ceantáil a bhí i bhfeidhm tráth a síníodh an Comhaontú seo.
Féadfaidh an Eilvéis sainordú a thabhairt d’eintitis a dhéanann an ceant atá lonnaithe in LEE.
’. |