![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2165 |
18.10.2023 |
CINNEADH (AE) 2023/2165 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2023
maidir le tabhairt i gcrích an tSocraithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus Airteagal 78(1) agus (2) de, i gcomhar le pointe (a) d’Airteagal 218(6) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh 2014/194/AE ón gComhairle (2) , síníodh an Socrú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (an ‘Socrú’) an 19 Nollaig 2022 , faoi réir a thabhairt i gcrích. |
(2) |
Ba cheart an Socrú a fhormheas. |
(3) |
Mar a shonraítear in aithris 21 de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach sa Rialachán sin agus tá sé ina cheangal orthu. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh éifeacht a thabhairt d’Airteagal 49 (1) de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 trína bheith rannpháirteach sa Chinneadh seo. Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach sa Chinneadh seo. |
(4) |
Mar a shonraítear in aithris 22 de Rialachán (AE) Uimh. 439/2010, níl an Danmhairg rannpháirteach sa Rialachán sin agus níl sé ina cheangal uirthi. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach sa Chinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an Socrú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn a fhormheas, leis seo, thar ceann an Aontais (4).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) den Socrú (5).
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. NAVARRO RÍOS
(1) Toiliú tugtha an 1 Meitheamh 2023.
(2) Cinneadh 2014/194/AE ón gComhairle an 11 Feabhra 2014 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an tSocraithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne maidir le módúlachtaí a rannpháirtíochta san Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (IO L 106, 9.4.2014, lch. 2), tá an leagan Gaeilge den Chinneadh foilsithe in IO L 333, 27.12.2022, lch. 199.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 lena mbunaítear an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (IO L 132, 29.5.2010, lch. 11).
(4) Foilsíodh téacs an tSocraithe in IO L, 2023/2166, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2166/oj.
(5) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a thiocfaidh an Socrú i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2165/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)