![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2023/2129 |
10.10.2023 |
CINNEADH (CBES) 2023/2129 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Deireadh Fómhair 2023
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1544 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Deireadh Fómhair 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1544 (1), a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach. |
(2) |
Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2018/1544 go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2023. Ar bhonn athbhreithniú ar an gCinneadh sin, ba cheart síneadh a chur le bailíocht an Chinnidh sin go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026 agus ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2024. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2018/1544 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2018/1544:
‘Airteagal 8
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2026. Leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an gCinneadh seo. Beidh feidhm ag na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 a mhéid a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a liostaítear san Iarscríbhinn, go dtí an 16 Deireadh Fómhair 2024.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 9 Deireadh Fómhair 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Y. DÍAZ PÉREZ
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2018 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach, (IO L 259, 16.10.2018, lch. 25).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2129/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)