ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 234

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
22 Meán Fómhair 2023


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE ( 1 )

48

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1806 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

101

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1807 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

103

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1808 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2023 lena leagtar amach an teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

105

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1809 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear critéir Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6024)  ( 1 )

142

 

*

Cinneadh (AE) 2023/1810 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2023 maidir le hiarraidh ar charnadh sínte idir an Chambóid agus Vítneam, i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, a mhéid a bhaineann leis na rialacha tionscnaimh a úsáidtear chun críocha scéim na bhfabhar ginearálaithe taraife de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 le haghaidh ábhair nó páirteanna áirithe a úsáidtear i dtáirgeadh rothar

190

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1811 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 trí clár rialuithe an Choimisiún le haghaidh 2024 sna Ballstáit a bhunú chun cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú

196

 

 

RIALACHA NÓS IMEACHTA

 

*

Cinneadh Uimh. 37-2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa i dtaca le rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Cúirte Iniúchóirí

200

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin ( IO L 100, 13.4.2023 )

206

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/429 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin ( IO L 100, 13.4.2023 )

207

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1804 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) leagadh síos creat le haghaidh imscaradh bonneagair breoslaí malartacha. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal ‘Sustainable and Smart Mobility Strategy — putting European transport on track for the future’ [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste — iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (‘Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste’), cuirtear béim ar fhorbairt mhíchothrom an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar fud an Aontais agus ar an easpa idir-inoibritheachta agus soláimhsitheachta don úsáideoir. Luaitear ann gurb é is toradh ar an easpa modheolaíocht choiteann shoiléir chun spriocanna a shocrú agus bearta a ghlacadh faoi na creataí beartais náisiúnta a cheanglaítear le Treoir 2014/94/AE go bhfuil éagsúlacht mhór ann i measc na mBallstát sa leibhéal uaillmhéine maidir le spriocanna a shocrú agus tacaíocht a thabhairt do bheartais. Chuir na difríochtaí sin bac ar líonra cuimsitheach iomlán de bhonneagar breoslaí malartacha a bhunú ar fud an Aontais.

(2)

Socraíodh spriocanna cheana le haghaidh breoslaí in-athnuaite i ndlí an Aontais. Mar shampla, le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) socraítear an sprioc go mbeidh sciar 14 % den mhargadh breoslaí iompair ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite.

(3)

Le Rialacháin (AE) 2019/631 (6) agus (AE) 2019/1242 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, socraítear caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua mar aon le caighdeáin le haghaidh feithiclí tromshaothair nua áirithe. Leis na Rialacháin sin, ba cheart dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha go háirithe agus ar an gcaoi sin chruthófaí éileamh ar bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe. Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí le Rialacháin (AE) 2019/631 agus (AE) 2019/1242 agus leis an Rialachán seo creat comhleanúnach maidir le húsáid agus imscaradh breoslaí malartacha san iompar de bhóthar.

(4)

Ba cheart do Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothrom iomaíochta a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe agus Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) borradh a chur faoi tháirgeadh agus faoi ghlacadh breoslaí malartacha inbhuanaithe san eitlíocht agus sa mhuiriompar. Cé gur féidir le riachtanais úsáide breoslaí le haghaidh breoslaí inbhuanaithe eitlíochta brath go mór ar an mbonneagar athbhreoslaithe atá ann cheana, tá gá le hinfheistíochtaí le haghaidh an leictreachais a sholáthraítear d’aerárthaí ar stad. Leagtar síos ceanglais i Rialachán (AE) 2023/1805 go háirithe maidir le cumhacht ar tír a úsáid, ceanglais nach féidir a chomhlíonadh ach amháin má úsáidtear leibhéal leordhóthanach soláthair leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T). Níl aon cheanglais sna Rialacháin sin, áfach, maidir le bonneagar breosla, cé gur réamhriachtanas iad na ceanglais sin chun na spriocanna a bhaint amach.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na modhanna iompair ar fad in ionstraim aonair dhlíthiúil, ar ionstraim í inar cheart cineálacha éagsúla breoslaí malartacha a chur san áireamh. Maidir leis an úsáid a bhaintear as teicneolaíochtaí gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha, tá an úsáid sin ag céimeanna éagsula aibíochta i gcás na modhanna dhifriúla iompair agus sna Ballstáit éagsúla. Tá an líon feithiclí ceallra-leictreacha agus an líon feithiclí hibrideacha inluchtaithe ag méadú go tapa san earnáil bóithre go háirithe. Tá feithiclí faoi thiomáint hidrigine ar fáil ar an margadh freisin. Ina theannta sin, tá soithí faoi thiomáint hidrigine agus soithí ceallra-leictreacha níos lú agus traenacha faoi thiomáint hidrigine á n-imscaradh i dtionscadail dhifriúla agus sna chéad oibríochtaí tráchtála faoi láthair, agus tá coinne lena gcur i bhfeidhm tráchtála iomlán sna blianta atá amach romhainn. I gcodarsnacht leis sin, tá na hearnálacha eitlíochta agus uisce-iompair fós ag brath ar bhreoslaí leachtacha agus gásacha, ós rud é go meastar nach dtiocfaidh réitigh gléasraí cumhachta astaíochtaí nialasacha agus réitigh gléasraí cumhachta astaíochtaí ísle isteach sa mhargadh go dtí thart ar 2030 nó fiú níos déanaí, go háirithe i gcás earnáil na heitlíochta, toisc go dtógfaidh sé am tráchtálú iomlán a dhéanamh. Ní féidir breoslaí iontaise gásacha nó leachtacha a úsáid ach amháin má leabaítear go soiléir ar chonair dhícharbónaithe iad atá i gcomhréir le cuspóir fadtéarmach aeráidneodrachta an Aontais, cuspóir lena n-éilítear go méadófar an cumasc le breoslaí in-athnuaite nó go gcuirfear breoslaí in-athnuaite in ionad breoslaí iontaise, mar shampla, bithmheatán, bithbhreoslaí forbartha nó breoslaí sintéiseacha gásacha nó leachtacha atá pairifíneach, in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de.

(6)

Is féidir bithbhreoslaí, breoslaí sintéiseacha agus pairifíneacha den sórt sin, a chuirtear in ionad díosail, peitril agus breoslaí eitlíochta, a tháirgeadh ó amhábhair dhifriúla agus is féidir iad a chumasc le breoslaí iontaise ag cóimheasa cumaisc an-ard. Tá tábhacht ar leith ag baint leis na breoslaí sin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha na heitlíochta agus an iompair mhuirí, ar earnálacha ina bhfuiltear ag súil leis go mbeidh moill i leith an leictrithe. Tá na breoslaí sin comhréireach go teicniúil le teicneolaíocht feithicle atá ann faoi láthair ach roinnt mionathruithe a dhéanamh. Thairis sin, is féidir meatánól in-athnuaite a úsáid, i measc nithe eile, le haghaidh loingseoireacht intíre agus loingseoireacht ghearrthurais. D’fhéadfadh breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha úsáid foinsí breosla iontaise san earnáil iompair a laghdú. Is féidir na breoslaí sin ar fad a dháileadh, a stóráil agus a úsáid leis an mbonneagar atá ann cheana nó i gcás inar gá le bonneagar den chineál céanna.

(7)

Is dócha go leanfaidh meatán leachtaithe de ról a bheith aige in iompar muirí, i gcás nach bhfuil aon teicneolaíocht gléasra cumhachta astaíochtaí nialasacha atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de ar fáil faoi láthair. Mar sin féin, ba cheart meatán leachtaithe ó fhoinsí iontaise a chéimniú amach sa mhuiriompar a luaithe is féidir agus roghanna malartacha níos inbhuanaithe a chur ina ionad. Luaitear sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste go mbeidh soithí farraige astaíochtaí nialasacha réidh don mhargadh faoi 2030 agus tá na tionscadail sin ar siúl cheana féin. Tá sé beartaithe go ndéanfar cabhlaigh a thiontú de réir a chéile mar gheall ar shaolré fhada long farraige. I gcodarsnacht leis an staid mar atá san iompar muirí, tá iompar d’uiscebhealaí intíre, a mbíonn soithí beaga de ghnáth iontu agus achair níos giorra, teicneolaíochtaí gléasraí cumhachta nialasacha amhail hidrigin agus leictreachas, ag teacht chun bheith ina dteicneolaíochtaí aibí agus táthar ag súil go rachaidh siad isteach sna margaí níos tapa. Mar sin féin, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag na teicneolaíochtaí gléasraí cumhachta astaíochtaí nialasacha sin san iompar muirí ó thaobh scála a chruthú maidir le réitigh tiomána astaíochtaí nialasacha. Meastar nach mbeidh ról tábhachtach ag meatán leachtaithe san earnáil sin a thuilleadh. Is gá breoslaí iompair amhail meatán leachtaithe a dhícharbónú níos mó agus níos mó trí chumasc a dhéanamh ar, mar shampla, bhithmheatán leachtaithe nó ríomhbhreoslaí gásacha sintéiseacha in-athnuaite agus ísealcharbóin (r-ghás) nó bithmheatán leachtaithe nó ríomhbhreoslaí gásacha sintéiseacha in-athnuaite agus ísealcharbóin (r-ghás) chur ina n-ionad. Is féidir an bonneagar céanna ina n-úsáidtear breoslaí iontaise a úsáid i gcás na mbreoslaí dícharbónaithe, rud a fhágann gur féidir aistriú de réir a chéile i dtreo breoslaí dícharbónaithe.

(8)

In earnáil an iompair tromshaothair de bhóthar, tá teicneolaíochtaí le haghaidh trucailí meatáin leachtaithe aibí go hiomlán. Leis na cásanna coiteanna atá mar bhonn agus mar thaca ag an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste agus leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Stepping up Europe’s 2030 climate ambition — Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people’ [Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid — Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár ndaoine] (an ‘Plean um Sprioc Aeráide’) chomh maith leis na cásanna samhaltaithe pacáiste athbhreithnithe ‘Oiriúnach do 55’, tugtar le fios go bhfuil ról teoranta ag breoslaí gásacha, a dhícharbónófar níos mó agus níos mó in iompar tromshaothair de bhóthar agus go háirithe sa deighleog cianaistir. Thairis sin, táthar ag súil go ndéanfar gléasraí cumhachta astaíochtaí nialasacha a chur in ionad feithiclí gáis peitriliam leachtaithe (GPL) agus gáis nádúrtha chomhbhrúite, a bhfuil líonra leordhóthanach bonneagair ann dóibh cheana ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, meastar nach bhfuil gá ach le beartas teoranta spriocdhírithe maidir le bonneagar meatáin leachtaithe a chur in úsáid ar féidir breoslaí dícharbónaithe a sholáthar chomh maith chun na bearnaí atá fágtha sna príomhghréasáin a dhúnadh.

(9)

Leis an Rialachán seo, ba cheart spriocanna íosta éigeantacha a leagan síos maidir le himscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana go poiblí d’fheithiclí bóthair.

(10)

Is éard is stáisiún athluchtaithe ann suiteáil fhisiceach chun feithiclí leictreacha a athluchtú. Tá aschur cumhachta uasta teoiriciúil ag gach stáisiún athluchtaithe, arna shloinneadh in kW agus tá pointe athluchtaithe amháin ar a laghad aige nach féidir freastal ach ar fheithicil amháin sa turas. Is ar bonn líon na bpointí athluchtaithe atá ag stáisiún athluchtaithe a chinntear líon na bhfeithiclí is féidir a athluchtú ag an stáisiún sin ag aon am ar leith. I gcás ina n-athluchtaítear níos mó ná feithicil amháin ag an stáisiún athluchtaithe ag aon am ar leith, dáiltear an t-aschur uasta cumhachta ar na pointí difriúla athluchtaithe ar bhealach go bhfuil an chumhacht a sholáthraítear ag gach pointe aonair athluchtaithe níos lú ná aschur cumhachta an stáisiúin athluchtaithe sin. Is éard atá i gceist le comhthiomsú athluchtaithe ná stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó ag suíomh ar leith, lena n-áirítear, de réir mar a bheidh, na spásanna páirceála tiomnaithe atá cóngarach dóibh. Maidir leis na spriocanna a leagtar síos sa Rialachán seo le haghaidh comhthiomsuithe athluchtaithe, d’fhéadfadh stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó an t-aschur íosta cumhachta is gá a sholáthar le haghaidh na gcomhthiomsuithe athluchtaithe.

(11)

Mar shampla, áirítear le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe príobháideacha atá inrochtana don phobal agus atá suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, amhail limistéir pháirceála phoiblí nó limistéir pháirceála ollmhargaí. Maidir le pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach atá inrochtana don phobal i gcoitinne ba cheart é a mheas mar phointe atá inrochtana don phobal freisin i gcásanna ina dteorannaítear rochtain do ghrúpa ginearálta áirithe úsáideoirí, mar shampla, do chliaint. Níor cheart pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe le haghaidh scéimeanna roinnte gluaisteán a mheas mar phointí atá inrochtana don phobal ach amháin má cheadaítear go sainráite rochtain le haghaidh úsáideoirí tríú páirtí. Maidir le pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá suite ar mhaoin phríobháideach, a dteorannaítear rochtain orthu do ghrúpa teoranta cinnte daoine, mar shampla spásanna páirceála i bhfoirgneamh oifige nach bhfuil inrochtana ach d’fhostaithe nó do dhaoine údaraithe, níor cheart iad a mheas mar phointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal.

(12)

D’fhonn áisiúlacht a mhéadú le haghaidh tomhaltóirí, tá sé tábhachtach go n-áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal go bhfreastalóidh uaireanta oscailte agus aga fónaimh a gcuid seirbhísí go hiomlán ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh.

(13)

Imscaradh go míchothrom ar fud an Aontais bonneagar athluchtaithe, atá inrochtana don phobal, le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim. Chuirfeadh dáileadh míchothrom leanúnach an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim i mbaol, rud a chuirfeadh teorainn leis an nascacht ar fud an Aontais. Ní chuirtear isteach ar aistriú inbhuanaithe na hearnála iompair a bhfuil géarghá leis ná ní rannchuidítear leis an gcinnteacht fhadtéarmach is gá le haghaidh infheistíocht shubstainteach sa mhargadh a chruthú má leantar den éagsúlacht sna huaillmhianta agus sna cuir chuige beartais ar an leibhéal náisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart do spriocanna íosta sainordaitheacha le haghaidh na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta treoshuíomhanna beartais a sholáthar agus creataí beartais náisiúnta a chomhlánú. Leis an gcur chuige sin ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a thabhairt le chéile le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh TEN-T. Le spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta ba cheart a áirithiú go ndéantar glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim i ngach Ballstát a chomhoiriúnú le himscaradh bonneagair athluchtaithe leordhóthanaigh atá inrochtana don phobal. Le spriocanna acharbhunaithe le haghaidh an ghréasáin TEN-T ba cheart a áirithiú go gcumhdaítear go hiomlán na pointí athluchtaithe feadh phríomhghréasáin bóithre an Aontais agus ar an gcaoi sin, taisteal éasca rianúil ar fud an Aontais a áirithiú.

(14)

Ba cheart spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta a bhunú ar bhonn líon iomlán na bhfeithiclí leictreacha atá cláraithe sa Bhallstát lena mbaineann. Ba cheart na spriocanna sin a bhunú ar bhonn modheolaíocht chomhchoiteann arb é is cúis léi forbairtí teicneolaíocha amhail raon méadaithe tiomána feithiclí leictreacha nó méadú ar líon na bpointí athluchtaithe tapa, ag a bhféadfar líon níos mó feithiclí leictreacha a athluchtú ná ag pointe athluchtaithe gnáthchumhachta ag tréimhse ar leith. Leis an modheolaíocht choiteann sin freisin, ní mór na patrúin dhifriúla athluchtaithe a bhaineann le feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí hibride inluchtaithe a chur san áireamh freisin. Maidir le modheolaíocht lena leagtar amach spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta maidir le haschur uasta cumhachta an bhonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ba cheart solúbthacht a bheith sa mhodheolaíocht sin chun teicneolaíochtaí athluchtaithe difriúla a chur chun feidhme sna Ballstáit.

(15)

Ba cheart go n-áiritheofaí le cur chun feidhme na spriocanna atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta ag na Ballstáit go ndéanfar líon leordhóthanach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal a shuiteáil ar bhealach lena ráthaítear inrochtaineacht pointí athluchtaithe ina gcríoch iomlán freisin, go háirithe ag stáisiúin iompair phoiblí, amhail críochfoirt phaisinéirí calafoirt, aerfoirt nó stáisiúin iarnróid. Tá tábhacht ar leith ag baint le himscaradh na bpointí athluchtaithe sin atá inrochtana don phobal i limistéir chónaithe ina bhfuil páirceáil lasmuigh den tsráid gann agus i limistéir ina mbíonn, de ghnáth, feithiclí páirceáilte ar feadh tréimhsí fada ama. Ba cheart líon leordhóthanach pointí mearluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim agus atá inrochtana don phobal a imscaradh chun áisiúlacht a mhéadú le haghaidh tomhaltóirí go háirithe ar fud an ghréasáin TEN-T chun nascacht iomlán trasteorann a áirithiú agus chun go mbeidh feithiclí leictreacha in ann gluaiseacht ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach gur toradh ar infheistíocht sa mhargadh príobháideach go príomha é bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a imscaradh. Mar sin féin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann, faoi réir rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe is gá atá inrochtana go poiblí i gcásanna ina bhfuil gá le tacaíocht phoiblí, de bharr dhálaí an mhargaidh, go dtí go mbeidh margadh lániomaíoch bunaithe.

(16)

Ag brath ar na himthosca sonracha i mBallstát, d’fhéadfadh sé nach mbeadh údar a thuilleadh leis na ceanglais maidir le leibhéal an aschuir chumhachta iomláin sheasta atá le soláthar trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh gach feithicle ceallra-leictreacha saothair éadroim arna clárú sa Bhallstát sin i gcásanna ina bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith ag na ceanglais sin trí infheistíochtaí príobháideacha a dhíspreagadh nó, go háirithe, trí rósholáthar a bheith mar thoradh orthu sa mheántéarma. D’fhéadfadh an riosca go mbeadh éifeachtaí dochracha den sórt sin ann mar gheall ar líon ard pointí athluchtaithe príobháideacha a shuiteáil. D’fhéadfadh riachtanais na n-úsáideoirí nó ráta úsáide na stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal a bheith níos ísle i gcomparáid le toimhdí tosaigh, agus is é an toradh air sin go sroicheann an t-aschur iomlán cumhachta atá ar fáil trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal leibhéal díréireach ard i gcomparáid le húsáid iarbhír na stáisiún sin. Sna cásanna sin, ba cheart an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann údarú a iarraidh chun ceanglais atá níos ísle ná na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ó thaobh leibhéal an aschuir cumhachta iomláin de nó scor de cheanglais den sórt sin a chur i bhfeidhm. Chun go mbeidh an Ballstát in ann iarraidh den sórt sin a dhéanamh, ba cheart 15 % ar a laghad a bheith sroichte ag sciar na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim i gcomparáid le flít iomlán na bhfeithiclí saothair éadroim atá cláraithe sa Bhallstát agus ba cheart don Bhallstát údar cuí a thabhairt lena iarraidh.

(17)

Mar chuid den athbhreithniú ar an Rialachán seo, tá sé tábhachtach go ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le ceanglais a chur san áireamh maidir le bonneagar athluchtaithe chun freastal ar rothair chumhachtchúnta leictreacha agus feithiclí de chatagóir L amhail rothair leictreacha chumhachtaithe agus móipéidí leictreacha, agus go háirithe an deis chun bonneagar athluchtaithe a fheistiú le soicéad cumhachta teaghlaigh a fhágann gur féidir feithiclí den sórt sin a luchtú go héasca, ós rud é gur modh iompair iad lenar féidir astaíochtaí CO2 agus truailliú aeir a laghdú tuilleadh.

(18)

Is fada óna chéile go sainiúil an bonneagar athluchtaithe a theastaíonn ó fheithiclí leictreacha tromshaothair an bonneagar athluchtaithe a theastaíonn ó fheithiclí leictreacha saothair éadroim. Faoi láthair, áfach, níl aon bhonneagar ar fáil, nach mór, a bhfuil rochtain ag an bpobal air le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair san Aontas agus ní mór dlús a chur le himscaradh an bhonneagair sin. Le cur chuige comhcheangailte maidir le spriocanna acharbhunaithe feadh an ghréasáin TEN-T, agus idirdhealú iomchuí á dhéanamh idir an croíghréasán TEN-T agus an gréasán cuimsitheach TEN-T, ba cheart go n-áiritheofaí le spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe thar oíche agus spriocanna ag nóid uirbeacha go mbunófar cumhdach leordhóthanach bonneagair athluchtaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair ar fud an Aontais chun tacú leis an méadú a mheastar a thiocfaidh ar an sciar den mhargadh ar fheithiclí ceallra-leictreacha tromshaothair.

(19)

Ba cheart líon leordhóthanach pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair agus atá inrochtana don phobal a imscaradh feadh an ghréasáin TEN-T chun nascacht iomlán ar fud an Aontais a áirithiú. Ba cheart go mbeadh aschur cumhachta leordhóthanach ag an mbonneagar sin le haghaidh feithiclí tromshaothair a athluchtú laistigh d’am sosa dlíthiúil an tiománaí. Chun go n-áireofar an t-am is gá chun bonneagar athluchtaithe a phleanáil, a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena bhféadfaí a áireamh leis sin an eangach leictreachais a leathnú nó a uasghrádú i limistéir áirithe, talamh a fháil, údaruithe comhshaoil, agus, más gá, conarthaí poiblí a dhámhachtain, agus chun oiriúnú do ghlacadh forchéimnitheach na bhfeithiclí leictreacha tromshaothair, ba cheart bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a imscaradh de réir a chéile ó 2025 ar aghaidh d’fhonn an gréasán TEN-T ina iomláine a chumhdach faoi 2030.

(20)

Chun bonneagar athluchtaithe a imscaradh feadh an ghréasáin bóithre TEN-T, ba cheart na stáisiúin athluchtaithe uile atá le himscaradh feadh an ghréasáin bóithre TEN-T a bheith suite ar an ngréasán bóithre TEN-T nó laistigh den fhad tiomána 3 km ón mbealach amach is gaire do bhóthar TEN-T.

(21)

Tá codanna den ghréasán TEN-T á n-uasghrádú ag roinnt Ballstát chun na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh (9). Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na ceanglais maidir le himscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe feadh an ghréasáin TEN-T a leagtar amach sa Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach cuimsitheach chun sócmhainní tréigthe a sheachaint agus ar bhealach lena n-áirithítear cur chun feidhme comhordaithe Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 agus an Rialacháin seo.

(22)

Tá caighdeáin nua maidir le bonneagar athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair á bhforbairt faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar aschur cumhachta aonair na stáisiún luchtaithe ag comhthiomsuithe athluchtaithe a mhéadú a luaithe a bheidh na sonraíochtaí teicniúla coiteanna ar fáil.

(23)

Ba cheart bonneagar athluchtaithe feadh an ghréasáin TEN-T a chomhlánú le bonneagar mearluchtaithe atá inrochtana don phobal ag nóid uirbeacha. Tá gá leis an mbonneagar sin go háirithe chun deiseanna luchtaithe a chur ar fáil do thrucailí seachadta agus do mhuirearú cinn scríbe le haghaidh trucailí cianaistir. Ba cheart pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim i limistéir uirbeacha, áfach, a bheith faoi chuimsiú na sprice atá bunaithe ar an bhflít náisiúnta. I dteannta na bpointí mearluchtaithe feadh an ghréasáin TEN-T agus i nóid uirbeacha, ba cheart feithiclí tromshaothair a bheith in ann bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a úsáid chun luchtú thar oíche feadh an phríomhghréasáin iompair chun tacú go sonrach le leictriú na hearnála cianaistir.

(24)

Chun infheistíochtaí a sheachaint a bheadh díréireach i gcomparáid leis na méideanna tráchta ar roinnt bóithre den ghréasán TEN-T agus i gcásanna nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair athluchtaithe i dtéarmaí costais is tairbhe socheacnamaíocha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a fhoráil go bhfreastalóidh comhthiomsú athluchtaithe amháin atá inrochtana don phobal ar an dá threo taistil, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais eile is infheidhme, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur iomlán cumhachta an chomhthiomsaithe athluchtaithe agus líon na bpointí athluchtaithe ag na comhthiomsuithe athluchtaithe is infheidhme maidir le treo aonair taistil. De rogha air sin, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann laghdú a dhéanamh ar chumhacht aschurtha iomlán na gcomhthiomsuithe athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim nó d’fheithiclí leictreacha tromshaothair atá suite feadh an ghréasáin bóithre TEN-T ina bhfuil méideanna ísle tráchta d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim nó d’fheithiclí leictreacha tromshaothair faoi seach. Chun na críche céanna, ba cheart freisin go mbeadh na Ballstáit in ann achar uasta níos airde a cheadú freisin idir comhthiomsuithe athluchtaithe a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim nó feithiclí leictreacha tromshaothair feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T atá ar bheagán tráchta.

(25)

I bhfianaise nádúr oileánach na Cipire, agus ós rud é nach bhfuil aon nasc talaimh inti le Ballstáit eile, ná leis an mórthír agus an méid teoranta de ghréasán bóithre TEN-T atá inti, tá teorainn leis an trácht fad-achair tromshaothair atá ag gluaiseacht sa Bhallstát sin. Ina theannta sin, i bhfianaise an mhíleáiste laethúil theoranta d’fheithiclí leictreacha tromshaothair sa Chipir, cumhdófar a riachtanais athluchtaithe den chuid is mó le hacmhainneachtaí athluchtaithe thar oíche i suíomhanna príobháideacha, amhail iostaí. Dá bhrí sin, bheadh an Chipir faoi oibleagáid dhíréireach agus neamhriachtanach dá mbeadh uirthi na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh maidir le cumhdach íosta comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair ina críoch i dtéarmaí leibhéal an aschuir cumhachta iomláin de chomhthiomsuithe athluchtaithe den sórt sin atá suite feadh an ghréasáin TEN-T agus an t-achar uasta idir na comhthiomsuithe athluchtaithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart an Chipir a bheith in ann iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais níos ísle a chur i bhfeidhm ina leith sin, ar choinníoll nach gcuirfeadh na ceanglais níos ísle sin bac ar chúrsaíocht feithiclí leictreacha tromshaothair sa Bhallstát sin.

(26)

Táthar ag súil go mbainfidh úinéirí feithiclí leictreacha úsáid den chuid is mó as pointí athluchtaithe ag a n-áitreabh féin nó in áiteanna páirceála comhchoiteanna i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe. Cé go rialaítear imscaradh bonneagair duchtála agus pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh den sórt sin le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit infhaighteacht bonneagair phríobháidigh den sórt sin a chur san áireamh agus imscaradh pointí athluchtaithe a bheidh inrochtana don phobal á phleanáil acu.

(27)

Tá imscaradh bonneagair athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair chomh tábhachtach céanna i suíomhanna príobháideacha nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, amhail in iostaí príobháideacha agus in ionaid lóistíochta chun luchtú thar oíche agus muirearú ceann scríbe a áirithiú. Ba cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh ar bhearta a ghlacadh i gcomhthéacs bhunú a gcreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe chun a áirithiú go soláthraítear an bonneagar iomchuí le haghaidh an luchtaithe thar oíche agus an luchtaithe cinn scríbe sin d’fheithiclí leictreacha tromshaothair.

(28)

I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 dar teideal ‘European Interoperability Framework – Implementation Strategy’ [An Creat Eorpach Idir-inoibritheachta — Straitéis Cur Chun Feidhme], tá an fhéidearthacht chun ardseirbhísí digiteacha a fhorbairt, lena n-áirítear réitigh íocaíochta chonradh-bhunaithe, agus chun a áirithiú go mbeidh faisnéis thrédhearcach d’úsáideoirí trí mhodhanna digiteacha ag brath ar phointí athluchtaithe cliste atá nasctha go digiteach a chur in úsáid lena dtacaítear le bonneagar atá nasctha go digiteach agus idir-inoibritheach a chruthú. Ba cheart tacar saintréithe fisiceacha agus sonraíochtaí teicniúla (crua-earraí agus bogearraí) is gá chun sonraí a sheoladh agus a fháil i bhfíor-am a bheith sna pointí athluchtaithe cliste sin, lena gcumasófar sreabhadh faisnéise idir na gníomhaithe margaidh atá spleách ar na sonraí sin chun an t-eispéireas athluchtaithe a fhorbairt ina iomláine, lena n-áirítear oibreoirí pointí athluchtaithe, soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, ardáin ríomhfhánaíochta, oibreoirí córais dáileacháin, agus, sa deireadh, úsáideoirí deiridh.

(29)

Is le córais mhéadraithe chliste, de réir mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chumasaítear sonraí fíor-ama a tháirgeadh, rud a mbeidh gá leis chun cobhsaíocht na heangaí a áirithiú agus chun úsáid réasúnach na seirbhísí athluchtaithe a spreagadh. Trí mhéadrú fuinnimh a sholáthar i bhfíor-am agus faisnéis chruinn thrédhearcach faoi chostas, spreagann na córais méadraithe chliste, in éineacht le pointí athluchtaithe cliste, an t-athluchtú tráth a mbíonn éileamh ginearálta íseal ar leictreachas agus praghsanna ísle fuinnimh. Is féidir leis an úsáid a bhaintear as córais mhéadraithe chliste i gcomhar le pointí athluchtaithe cliste an t-athluchtú a bharrfheabhsú, agus bíonn buntáistí ann don chóras leictreachais agus don úsáideoir deiridh. Maidir le córais mhéadraithe chliste a úsáid chun feithiclí leictreacha a athluchtú ag stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus réasúnach ó thaobh na heacnamaíochta de, ba cheart do na Ballstáit an úsáid sin a spreagadh agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh na córais sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 20 de Threoir (AE) 2019/944.

(30)

Mar gheall go bhfuil an líon feithiclí leictreacha ar bóthar, ar iarnród, ar muir agus i modhanna eile iompair ag méadú, beidh gá le hoibríochtaí athluchtaithe a bharrfheabhsú agus a bhainistiú ar bhealach nach gcruthaíonn plódú agus lena mbaintear an leas is mó is féidir as infhaighteacht leictreachais in-athnuaite agus praghsanna ísle leictreachais sa chóras. Is féidir le hathluchtú cliste, go háirithe, comhtháthú breise feithiclí leictreacha sa chóras leictreachais a éascú toisc go gcumasaíonn sé freagairt don éileamh trí chomhiomlánú. Is féidir comhtháthú an chórais a éascú tuilleadh trí athluchtú déthreoch (ó fheithicil go heangach), agus is féidir le hathluchtú cliste agus déthreoch costais athluchtaithe don tomhaltóir a laghdú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do gach pointe athluchtaithe, arna thógáil nó arna athchóiriú tar éis an 13 Aibreán 2024 a bheith comhoiriúnach don athluchtú cliste. Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin chumarsáide a thacaíonn le hathluchtú cliste agus déthreoch a ghlacadh chun idir-inoibritheacht a áirithiú.

(31)

Maidir leis an bhforbairt a dhéantar ar bhonneagar ar an eangach agus lasmuigh den eangach le haghaidh feithiclí leictreacha, idirghníomhú an bhonneagair sin leis an gcóras leictreachais, agus na cearta agus na freagrachtaí a shanntar do na gníomhaithe difriúla sa mhargadh soghluaisteachta leictrí, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear faoi Threoir (AE) 2019/944. Sa comhthéacs sin, ba cheart d’oibreoirí córais dáileacháin comhoibriú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon duine a bhunaíonn nó a oibríonn pointí athluchtaithe atá inrochtana go poiblí. Maidir leis an rochtain atá ag soláthróirí leictreachais an Aontais ar phointí athluchtaithe, ba cheart go mbeadh an rochtain sin gan dochar do na maoluithe faoi Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/944.

(32)

Ba cheart bunú agus oibriú na bpointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha a fhorbairt mar mhargadh iomaíoch ina mbeidh rochtain oscailte do na páirtithe uile ar spéis leo bonneagar athluchtaithe a fheidhmiú go céimneach nó a oibriú. I bhfianaise a theoranta atá an líon suíomhanna malartacha do phointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha ar mhótarbhealaí, is ábhar imní ar leith iad na lamháltais atá ar mhótarbhealaí cheana, amhail gnáthstáisiúin athbhreoslaithe nó limistéir scíthe, toisc go mbíonn tréimhsí fada i gceist leo agus nach luaitear dáta deiridh sonraithe leo ar chor ar bith in amanna fiú. A mhéid is féidir agus i gcomhréir le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), ba cheart do na Ballstáit féachaint le lamháltais nua a dhámhachtain ar bhonn iomaíoch go sonrach le haghaidh stáisiúin athluchtaithe nua i limistéir scíthe ar mhótarbhealaí nó in áit atá cóngarach dóibh chun cosc a chur ar ionradh ar spásanna glasa, chomh maith leis na costas a bhaineann le himscaradh a theorannú agus chun iontrálaithe nua sa mhargadh a chumasú.

(33)

Is rud ríthábhachtach í an trédhearcacht ó thaobh praghsanna de chun an t-athluchtú agus an t-athbhreoslú éasca rianúil a áirithiú. Ba cheart faisnéis chruinn faoi phraghsanna a sholáthar d’úsáideoirí breosla mhalartaigh sula dtosaítear ar sheisiún athluchtaithe nó athbhreoslaithe. Ba cheart an praghas a chur in iúl ar bhealach soiléir struchtúrtha chun a chur ar chumas na n-úsáideoirí deiridh na comhpháirteanna praghsanna éagsúla a ghearrann an t-oibreoir a shainaithint chun praghas seisiúin athluchtaithe nó athbhreoslaithe a ríomh agus chun an costas iomlán a réamh-mheas. Ba cheart cead a bheith ag oibreoir na stáisiún athluchtaithe táillí breise a ghearradh freisin, d’fhonn, inter alia, nach n-úsáidfidh úsáideoirí eile an pointe athluchtaithe, ar choinníoll go léirítear na táillí sin go soiléir agus go gcuirtear in iúl iad roimh thús an tseisiúin athluchtaithe. Má chuirtear an praghas ar athluchtú ar bhonn ad hoc ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe, ba cheart é a chur ar fáil go soiléir ar an leathanach gréasáin céanna a úsáidtear chun an seisiún a íoc. Trí cheanglais a leagan síos d’oibreoirí agus do sholáthraithe seirbhíse soghluaisteachta, sholáthrófaí ráthaíochtaí agus intuarthacht do thomhaltóirí agus, ar an gcaoi sin, chuideofaí le muinín a áirithiú le linn na gcéimeanna tosaigh de ghlacadh na soghluaisteachta leictrí. Spreagfadh sé freisin glacadh tapa feithiclí ceallra-leictreacha agus feithiclí faoi thiomáint hidrigine, rud atá riachtanach chun uaillmhianta méadaithe aeráide an Aontais agus na tosaíochtaí a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘The European Green Deal’ [An Comhaontú Glas don Eoraip] a bhaint amach. Ba cheart praghsanna a bheith réasúnach agus níor cheart dóibh dul thar na costais arna dtabhú móide corrlach brabúis réasúnta. Tá na ceanglais sin maidir le praghsanna gan dochar do cheart na mBallstát praghas aonaid infheidhme an leictreachais a ghearrtar ó stáisiún athluchtaithe a chinneadh i gcomhréir le Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(34)

Tagann seirbhísí nua chun cinn le himeacht ama chun tacú le húsáid feithiclí leictreacha. Bhí ról suntasach ag dreasachtaí a sholáthraíonn na Ballstáit, chomh maith le bearta ceangailteacha arna nglacadh acu, amhail cumas fánaíochta éigeantach maidir le pointí athluchtaithe ainmnithe, i bhforbairt na seirbhísí nua sin. Ba cheart d'eintitis a thairgeann na seirbhísí nua sin, amhail soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, a bheith in ann oibriú faoi dhálaí córa margaidh. Níor cheart d’oibreoirí pointí athluchtaithe cóir fhabhrach mhíchuí a thabhairt do roinnt soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta, mar shampla, trí bhíthin difreáil phraghais nach bhfuil údar maith léi a d’fhéadfadh bac a chur ar iomaíocht, agus a mbeadh praghsanna níos airde le haghaidh tomhaltóirí mar thoradh uirthi. Chun an t-aistriú chuig na seirbhísí nua sin a áirithiú agus chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí na bhfeithiclí sin bonneagar athluchtaithe a úsáid go héasca agus gan bhac ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an mhargaidh athluchtaithe. Agus an Rialachán seo á athbhreithniú, ba cheart don Choimisiún gníomhaíocht a dhéanamh nuair is gá de bharr forbairtí sa mhargadh amhail teorainneacha le seirbhísí d’úsáideoirí deiridh, seirbhísí a chuireann míthreoir ar thomhaltóirí agus a chuireann isteach ar thrédhearcacht praghsanna, nó cleachtais ghnó a d’fhéadfadh teorainn a chur leis an iomaíocht.

(35)

I dtaca le feithiclí faoi thiomáint hidrigine de tá ráta dul i bhfód an-íseal sa mhargadh acu. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach bonneagar leordhóthanach athbhreoslaithe hidrigine a imscaradh chun gur féidir feithiclí faoi thiomáint hidrigine a imscaradh ar mhórscála mar a bheartaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal ‘A hydrogen strategy for a climate-neutral Europe’ [Straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach]. Faoi láthair, ní imscartar pointí athbhreoslaithe hidrigine ach i roinnt Ballstát agus níl siad oiriúnach don chuid is mó d’fheithiclí tromshaothair. Dá bhrí sin, ní féidir le feithiclí faoi thiomáint hidrigine ar fud an Aontais. Ba cheart go n-áiritheofaí le spriocanna sainordaitheacha imscartha le haghaidh pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal gréasán dlúth pointí athbhreoslaithe hidrigine ar fud an chroíghréasáin TEN-T chun gur féidir le feithiclí saothair éadroim agus tromshaothair faoi thiomáint hidrigine taisteal ar fud an Aontais go rianúil. Chun imscaradh an bhonneagair athbhreoslaithe hidrigine feadh an ghréasáin bóithre TEN-T, ba cheart na stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine uile a bheidh le húsáid feadh an ghréasáin bóithre TEN-T a bheith lonnaithe ar bhóthar TEN-T nó faoi fhad 10 km tiomána ón tslí amach is gaire de bhóthar TEN-T.

(36)

Ba cheart d'úsáideoirí feithiclí breosla mhalartaigh a bheith in ann athluchtú nó athbhreoslú ar bhonn ad hoc a íoc go héasca agus go saoráideach ag gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, gan gá a bheith ann conradh a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe nó le soláthraí seirbhíse soghluaisteachta. Dá bhrí sin, le haghaidh an athluchtaithe agus an athbhreoslaithe ar bhonn ad hoc, ba cheart do gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ionstraimí íocaíochta a úsáidtear go forleathan ar fud an Aontais a ghlacadh, agus go háirithe íocaíochtaí leictreonacha trí bhíthin teirminéil agus gléasanna a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta. Maidir le bonneagar arna imscaradh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart cur i bhfeidhm na gceanglas sin a chur siar. Ba cheart an modh íocaíochta ad hoc sin a bheith ar fáil do thomhaltóirí i gcónaí, fiú amháin nuair a thairgtear íocaíochtaí conradh-bhunaithe ag an bpointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe.

(37)

Beag beann ar bhranda a bhfeithiclí, ba cheart go mbeadh úsáideoirí deiridh in ann rochtain a fháil ar stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus iad a úsáid ar bhealach soláimhsithe agus neamh-idirdhealaitheach.

(38)

Leis an mbonneagar iompair, ba cheart soghluaisteacht rianúil agus inrochtaineacht gan uaim a cheadú do gach úsáideoir, lena n-áirítear daoine scothaosta, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus daoine faoi mhíchumas. I bprionsabal, ba cheart suíomh gach stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus na stáisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe féin a dhearadh ar bhealach atá inrochtana agus áisiúil don líon is mó daoine is féidir, go háirithe daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas luaineachta agus daoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart a áireamh leis sin, mar shampla, spás leordhóthanach sna háiteanna páirceála a sholáthar, a áirithiú nach suiteáiltear an stáisiún athluchtaithe ar dhromchla faoi cholbhaí, a áirithiú go bhfuil cnaipí nó scáileán an stáisiúin athluchtaithe ag airde iomchuí agus go bhfuil na cáblaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe éadrom go leor ionas gur féidir le daoine atá ar bheagán brí iad a úsáid gan dua. Ina theannta sin, ba cheart do chomhéadan úsáideora na stáisiún athluchtaithe lena mbaineann a bheith inrochtana. Dá réir sin, ba cheart na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) a bheith infheidhme maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

(39)

D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht agus slándáil úsáideoirí, go háirithe ag stáisiúin athluchtaithe gan choinne, trí chnaipí éigeandála a fheistiú ar na stáisiúin athluchtaithe, trí fhaisnéis teagmhála seirbhísí éigeandála a thaispeáint, trí shoilsiú leordhóthanach a áirithiú nó trí aon bhearta iomchuí eile.

(40)

Ba cheart a bheith in ann feithiclí faoi thiomáint hidrigine a athbhreoslú ag an gceann scríbe nó gar dó, ar gnách gur ceantar uirbeach é. Chun a áirithiú gur féidir athbhreoslú cinn scríbe atá inrochtana don phobal a dhéanamh sna príomhlimistéir uirbeacha ar a laghad, ba cheart foráil a dhéanamh do na stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine sin i ngach nód uirbeach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013. Laistigh de na nóid uirbeacha, ba cheart d’údaráis phoiblí breithniú a dhéanamh ar na stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine a imscaradh laistigh de mhoil ilmhódacha, ós rud é gur gnáthcheann scríbe d’fheithiclí tromshaothair iad moil den sórt sin agus toisc go bhféadfaidís hidrigin a sholáthar do mhodhanna iompair eile freisin, amhail iompar d’iarnród agus loingseoireacht intíre. Ba cheart go bhféadfaí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine amháin atá inrochtana don phobal agus atá lonnaithe laistigh de nód uirbeach a chur san áireamh chun ceanglas TEN-T a chomhlíonadh, ar choinníoll go mbainfear an sprioc acmhainneachta amach.

(41)

Ag an gcéim luath seo den imscaradh sa mhargadh, bíonn leibhéal áirithe éiginnteachta ann maidir leis an gcineál feithiclí a thiocfaidh isteach ar an margadh agus an cineál teicneolaíochtaí a úsáidfear go forleathan. Sa straitéis hidrigine um Eoraip aeráidneodrach, sainaithníodh an deighleog thromshaothair mar an deighleog is dóichí ina n-imscarfar feithiclí faoi thiomáint hidrigine go fairsing ar dtús. Dá bhrí sin, leis an mbonneagar athbhreoslaithe hidrigine ba cheart díriú ar an deighleog sin agus ligean d’fheithiclí saothair éadroim athbhreoslú ag stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal freisin. Chun idir-inoibritheacht a áirithiú, ba cheart do gach stáisiún hidrigine atá inrochtana don phobal freastal ar hidrigin ghásach ag 700 bar ar a laghad. Agus an bonneagar á chur i bhfeidhm, ba cheart teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chur san áireamh, mar shampla, teicneolaíocht hidrigine leachtaí, lena dtugtar raon níos mó d’fheithiclí tromshaothair agus teicneolaíochtaí arb iad an rogha teicneolaíochta a bheartaítear is fearr le monaróirí áirithe feithiclí.

(42)

Beidh gá le comhordú i measc na ngeallsealbhóirí uile chun teicneolaíochtaí nua a fhorbairt. Ba cheart an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan, arna gcur ar bun le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (15), a úsáid freisin d’fhonn cistiú príobháideach a éascú agus a ghiaráil ionas go sroichfidh sé na spriocanna ábhartha a shainaithnítear sa Rialachán seo.

(43)

Bunaíodh roinnt pointí athbhreoslaithe meatáin leachtaithe san Aontas, arb iad cnámh droma gluaiseacht feithiclí tromshaothair atá faoi thiomáint meatáin leachtaithe ar fud an Aontais cheana iad. Ba cheart don chroíghréasán TEN-T leanúint de bheith ina bhonn le haghaidh bonneagar meatáin leachtaithe a imscaradh toisc go gcumhdaítear na príomhshruthanna tráchta leis agus go gcumasaítear leis nascacht trasteorann ar fud an Aontais. Moladh i dTreoir 2014/94/AE go ndéanfaí na pointí athbhreoslaithe sin a imscaradh gach 400 km feadh an chroíghréasáin TEN-T. Mar gheall ar líon teoranta bearnaí a bheith feadh an ghréasáin, áfach, níor baineadh amach an sprioc sin. Ba cheart do na Ballstáit an sprioc sin a bhaint amach agus na bearnaí atá fós ann a líonadh faoi 2025, agus ina dhiaidh sin ba cheart go scoirfeadh an sprioc d’fheidhm a bheith aici.

(44)

Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtuigfí leis an téarma ‘meatán leachtaithe’‘GNL, bithghás leachtaithe nó meatán leachtaithe sintéiseach, lena n-áirítear cumaisc de na breoslaí sin’. Ní athraíonn úsáid an téarma shainithe ‘meatán leachtaithe’ sainmhíniú ná comhdhéanamh na mbreoslaí ar leithligh (GNL, bithghás leachtaithe nó meatán leachtaithe sintéiseach), mar a shainmhínítear i ngníomhartha dlí eile de chuid an Aontais.

(45)

Is féidir le saoráidí leictreachais cois cladaigh, bíodh siad fosaithe nó soghluaiste, fónamh don iompar muirí agus don loingseoireacht intíre chun soláthar cumhachta glaine a sholáthar agus is féidir leo rannchuidiú le laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag longa farraige agus ag soithí uiscebhealaí intíre ar an gcomhshaol, ar an aeráid agus ar an tsláinte, go háirithe ó thaobh cháilíocht an aeir de do limistéir uirbeacha mórthimpeall na gcalafort. Faoi Rialachán (AE) 2023/1805 tá oibreoirí long longa coimeádán farraige agus longa paisinéirí farraige le forálacha a chomhlíonadh chun laghdú a dhéanamh ar an méid astaíochtaí a tháirgeann a longa agus iad ar múráil le taobh na cé. Le spriocanna sainordaitheacha imscartha ba cheart go n-áiritheofaí go bhfaighidh an earnáil soláthar leictreachais cois cladaigh leordhóthanach do longa atá ar múráil le taobh na cé i gcalafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus i gcalafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach spriocanna soiléire a leagan síos maidir le bonneagar leictreachais cois cladaigh a imscaradh i gcalafoirt TEN-T. Ós rud é go bhfuil samhlacha éagsúla rialachais ag na Ballstáit do chalafoirt, chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun bonneagar a imscaradh laistigh dá gcalafoirt agus sna críochfoirt éagsúla de réir a gcuid riachtanas. Tá sé tábhachtach laistigh de chalafoirt, agus i gcás inarb ábhartha idir críochfoirt, go n-úsáidtear bonneagar san áit a dtiocfadh na sochair chomhshaoil is airde i gcomhthéacs laghduithe ar gháis cheaptha teasa agus ar thruailliú aeir de bharr uasfháltas na hinfheistíochta agus an uasráta áitíochta.

(46)

Chun soláthar leictreachais cois cladaigh a phleanáil, a fhorbairt agus a úsáid le haghaidh longa farraige, tá gá le cur chuige comhordaithe chun an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil. Dá bhrí sin, ba cheart do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach ar thaobh na loinge agus ar thaobh an chalafoirt araon, chomh maith le haon ghníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh, comhordú a dhéanamh chun oibriú rianúil a cheadú ar bhonn laethúil.

(47)

Tá sé tábhachtach sócmhainní tréigthe a sheachaint agus a áirithiú go mbeidh na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a dhéantar inniu slán i bhfad na haimsire agus go rannchuideoidh siad leis an aistriú chuig an aeráidneodracht mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Ní mór féachaint ar imscaradh soláthair leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí in éineacht leis na teicneolaíochtaí coibhéiseacha malartacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin nialasacha atá ann faoi láthair, agus na teicneolaíochtaí a bheidh le himscaradh amach anseo, go háirithe na teicneolaíochtaí sin lena soláthraítear laghduithe ar astaíochtaí agus ar thruailliú i mbeart agus le linn loingseoireachta araon.

(48)

Mar thosaíocht, ba cheart soláthar leictreachais cois cladaigh a chur ar fáil do longa coimeádáin farraige agus do longa paisinéirí farraige, arb iad na catagóirí long a tháirgeann an méid is airde astaíochtaí in aghaidh na loinge agus iad ar múráil cois cé. Chun saintréithe an éilimh ar chumhacht a chur san áireamh le linn do longa paisinéirí farraige éagsúla a mhúráil cois cé, chomh maith le saintréithe oibríochtúla an chalafoirt, is gá idirdhealú a dhéanamh idir na ceanglais maidir le longa paisinéirí farraige le haghaidh longa paisinéirí róró agus árthaí paisinéirí ardluais ar thaobh amháin, agus na ceanglais do longa paisinéirí farraige eile, ar an taobh eile.

(49)

Ba cheart na cineálacha soithí a bhfreastalaítear orthu agus méid tráchta na gcalafort muirí a chur san áireamh sna spriocanna éigeantacha maidir le himscaradh. Chun suiteáil acmhainne a bheidh tearcúsáidte a sheachaint, maidir le calafoirt mhuirí ina bhfuil méideanna ísle tráchta i gcatagóirí áirithe long bunaithe ar mheánlíon bliantúil na stadanna ar chalafoirt, níor cheart iad a bheith faoi réir na spriocanna éigeantacha imlonnaithe do na catagóirí long comhfhreagracha. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart é a bheith d’aidhm ag na spriocanna sainordaitheacha an t-éileamh uasta a bhaint amach ach méid atá ard a dhóthain, chun acmhainn tearcúsáidte a sheachaint agus chun tréithe oibrithe calafoirt a chur san áireamh.

(50)

Agus líon na gcuairteanna ar chalafort á chinneadh, maidir le cuairteanna gearra ar chalafort, cuairteanna longa ar chalafort, ar long iad a úsáideann teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha, cuairteanna neamhsceidealta ar chalafort mar gheall ar shábháilteacht nó tarrtháil ar muir, cuairteanna ar chalafort in imthosca eisceachtúla a éilíonn giniúint fuinnimh ar bord, cuairteanna ar chalafort i gcúinsí éigeandála a bhfuil riosca láithreach do beatha, don long nó don chomhshaol ag baint leo, nó cuairteanna ar chalafoirt ar chúiseanna eile force majeure, níor cheart iad a chur san áireamh.

(51)

Is gné thábhachtach é an t-iompar muirí i gcomhtháthú agus i bhforbairt eacnamaíoch na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí den Aontas, agus in Ceuta agus Melilla chomh maith. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an acmhainn táirgthe fuinnimh leictreachais ar na hoileáin, na réigiúin nó na críocha sin leordhóthanach i gcónaí chun freastal ar an éileamh cumhachta is gá chun tacú le soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar. I gcásanna den sórt sin, beidh na hoileáin, na réigiúin agus na críocha sin le díolmhú ón gceanglas soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, an nasc leictreach sin leis an mórthír nó leis na tíortha comharsanachta, de réir mar a bheidh, tugtha chun críche nó go dtí go mbeidh dóthain acmhainneachta a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh neamh-iontaise.

(52)

Ba cheart líon iomchuí pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe i gcalafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T a bheith ar fáil faoi 2025. Ba cheart imscaradh an bhonneagair sin a bheith á thiomáint ag éileamh an mhargaidh. Ar na pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatáin leachtaithe, áirítear críochfoirt meatáin leachtaithe, umair, leantóirí tancaer, tancaeir, coimeádáin shoghluaiste, soithí buncair agus báirsí.

(53)

Suiteálacha lena soláthraítear soláthar leictreachais cois cladaigh, ba cheart iad a imlonnú freisin i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den ghréasán TEN-T.

(54)

Ba cheart úsáid soláthair leictreachais sheachtraigh a chur in ionad úsáid na n-inneall nuair a bhíonn aerárthaí ina stad ag aerfoirt. Ba cheart go ndéanfadh sin astaíochtaí truailleán agus astaíochtaí torainn a laghdú, caighdeán an aeir a fheabhsú agus tionchar na n-aerárthaí ar an athrú aeráide a laghdú. Dá bhrí sin, i gcás gach oibríochta iompair tráchtála, ba cheart soláthar leictreachais seachtrach a sholáthair nuair a bhíonn aerárthaí páirceáilte ag láithreacha teagmhála aerárthaigh nó cianláithreacha aerárthaigh ag aerfoirt den ghréasán TEN-T. D’fhéadfaí an soláthar leictreachais seachtrach d’aerárthaí a áirithiú le talamhaonaid cumhachta dhoghluaiste nó shoghluaiste ag láithreacha teagmhála aerárthaigh agus ag cianláithreacha aerárthaigh. Cé gur cheart aerárthaí a bheith in ann úsáid a bhaint as an soláthar leictreachais seachtrach ag na láithreacha teagmhála aerárthaigh agus na cianláithreacha aerárthaigh uile a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála, níl sé riachtanach gach láthair a bheith feistithe le talamhaonaid cumhachta dhoghluaiste nó shoghluaiste, ós rud é gur féidir le talamhaonaid aonair cumhachta, bíodh sí doghluaiste nó soghluaiste, freastal ar iliomad láithreacha agus a imscaradh chun riachtanais oibríochtúla a chomhlíonadh.

(55)

Agus rochtain ar sholáthar leictreachais in aerfoirt d’aerárthaí agus iad ina stad á háirithiú acu, ba cheart do na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, comhar idir an comhlacht bainistithe aerfoirt agus soláthróirí seirbhísí láimhseála ar an talamh a chur chun cinn, agus, i gcás inarb ábhartha, comhar idir an comhlacht sin agus úsáideoirí féinseirbhíse láimhseála na n-aerfort. Ba cheart do na Ballstáit déanamh amhlaidh go háirithe trí Choiste na nÚsáideoirí Aerfoirt arna bhunú de bhun Threoir 96/67/CE ón gComhairle (16).

(56)

Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann aerfoirt den ghréasán TEN-T, a bhfuil níos lú ná 10 000 gluaiseacht eitilte tráchtála in aghaidh na bliana acu, arna ríomh mar mheán thar na trí bliana roimhe sin, a dhíolmhú ón oibleagáid leictreachas a sholáthar d’aerárthaí ina stad, ag gach cianláthair. I bhfianaise líon na n-eitiltí a bheadh i gceist agus na gcostas infheistíochta agus cothabhála a bhainfeadh le leictreachas a sholáthar do na cianláithreacha aerárthaigh sna haerfoirt sin den ghréasán TEN-T, d’fhéadfadh sé a bheith díréireach leis an tairbhe don chomhshaol, go háirithe i gcomparáid le hinfheistíochtaí níos éifeachtúla chun dul i ngleic le hastaíochtaí CO2 na n-aerfort.

(57)

I gcomhréir le Treoir 2014/94/AE, tá creataí beartais náisiúnta bunaithe ag na Ballstáit ina leagtar amach a gcuid cuspóirí agus pleananna chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin. Cuireadh i dtábhacht leis an measúnú a rinneadh ar an gcreat beartais náisiúnta agus leis an meastóireacht a rinneadh ar Threoir 2014/94/AE go bhfuil gá le huaillmhian níos mó agus cur chuige a chomhordaítear ar bhealach níos fearr ar fud na mBallstát i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar ghlacadh feithiclí breosla mhalartaigh, go háirithe feithiclí leictreacha. Thairis sin, beidh gá le roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise i ngach modh iompair chun uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóirí aeráide an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart na Creataí Beartais Náisiúnta atá ann faoi láthair a athbhreithniú chun tuairisc shoiléir a thabhairt ar an gcaoi a bhfreastalóidh na Ballstáit ar an ngá an-mhór a bheidh le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal, faoi mar a chuirtear in iúl sna spriocanna sainordaitheacha. D’fhéadfadh na creataí athbhreithnithe aghaidh a thabhairt freisin ar mhodhanna iompair nach bhfuil aon spriocanna sainordaitheacha imscartha ann lena n-aghaidh. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc rialta a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gcreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe sin.

(58)

Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit measúnú rialta a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe a chur ar chumas feithiclí leictreacha rannchuidiú tuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh agus le hionsú breise an leictreachais in-athnuaite. Ba cheart na bearta iomchuí a shainaithint sa mheasúnú sin atá le cur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh an phleanáil bonneagair comhsheasmhach leis an bpleanáil eangaí faoi seach chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Gan dochar do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus do Threoir (AE) 2019/944, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfreastalóidh an eangach leictreachais ar éileamh cumhachta an bhonneagair athluchtaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit an eangach leictreachais a uasghrádú agus a chothabháil ionas go mbeidh sí in ann déileáil leis an éileamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo ón earnáil iompair don leictreachas.

(59)

Ba cheart bearta tacaíochta a áireamh sna creataí beartais náisiúnta athbhreithnithe chun an margadh a fhorbairt a mhéid a bhaineann le breoslaí malartacha, lena n-áirítear imscaradh an bhonneagair breoslaí malartacha is gá a chur i bhfeidhm, i ndlúthchomhar le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis an tionscal lena mbaineann, agus riachtanais na bhfiontar beag, agus meánmhéide á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart do na creataí beartais náisiúnta athbhreithnithe tuairisc a thabhairt ar an gcreat náisiúnta foriomlán chun bonneagar den sórt sin a phleanáil, a cheadú agus a sholáthar, aon bhacainní atá ann a aithint agus na gníomhaíochtaí a aithint a dhéanfar chun iad sin a bhaint ionas go mbeidh an t-am idir imscaradh an bhonneagair agus úsáid an bhonneagair réasúnta agus ionas gur féidir rolladh amach níos tapúla an bhonneagair a bhaint amach. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar na creataí beartais náisiúnta, tá sé tábhachtach prionsabal ginearálta na neodrachta teicneolaíche agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a urramú. Ba cheart do na Ballstáit na bearta uile a glacadh nó iad atá beartaithe a liostú.

(60)

Ba cheart don Choimisiún forbairt agus cur chun feidhme chreataí beartais náisiúnta athbhreithnithe na mBallstát a éascú trí bhíthin malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas i measc na mBallstát. Ba cheart go mbeadh gach Ballstát in ann cinneadh a dhéanamh comhordaitheoir náisiúnta a cheapadh chun bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh agus é de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar chomhordú agus ar chur chun feidhme náisiúnta an chreata beartais náisiúnta.

(61)

Chun breoslaí malartacha a chur chun cinn agus an bonneagar ábhartha a fhorbairt, ba cheart forléargas a thabhairt ar staid na himeartha, ar pheirspictíochtaí agus ar thionscnaimh atá beartaithe a bheith sna creataí beartais náisiúnta chun breoslaí malartacha a chur chun cinn in earnálacha atá deacair a dhícharbónú, amhail earnáil na heitlíochta, an t-iompar muirí, loingseoireacht intíre, mar aon leis an iompar iarnród ar chodanna d’iarnród nach féidir a leictriú. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit forléargas a thabhairt ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na tionscnaimh atá beartaithe chun loingseoireacht intíre a dhícharbónú feadh an ghréasáin TEN-T i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann. D’fhéadfaí straitéisí fadtéarmacha dícharbónaithe a fhorbairt le haghaidh na gcalafort den ghréasán TEN-T agus na n-aerfort den ghréasán TEN-T, agus béim á leagan go háirithe ar bhonneagar a imscaradh le haghaidh soithí agus aerárthaí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha agus le haghaidh línte iarnróid nach ndéanfar a leictriú. Ar bhonn na straitéisí sin, agus na sonraí maidir le sciar an mhargaidh agus an tráchta náisiúnta agus na réamh-mheastacháin margaidh á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún an Rialachán seo a athbhreithniú d’fhonn níos mó spriocanna sainordaitheacha breise a shocrú do na hearnálacha sin.

(62)

Tá forbairt teicneolaíochtaí breosla mhalartaigh tábhachtach freisin d’iarnróid, i gcás ina bhfuil seans ann nach bhféadfaí cuid den iarnróid a leictriú ar chúiseanna amhail cost-éifeachtúlacht na seirbhíse. Tá teicneolaíochtaí éagsúla ar fáil don earnáil iarnróid lenar féidir léi aistriú ó thraenacha díosail, lena n-áirítear leictriú díreach, traenacha faoi thiomáint ceallraí agus feidhmeanna hidrigine. Chun na teicneolaíochtaí sin a fhorbairt, is gá bonneagar oiriúnach athluchtaithe agus athbhreoslaithe a imscaradh sna Ballstáit.

(63)

Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as réimse leathan dreasachtaí agus beart rialála agus neamhrialála chun na spriocanna sainordaitheacha a bhaint amach agus chun na creataí beartais náisiúnta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar le gníomhaithe na hearnála príobháidí, ar cheart dóibh príomhról a ghlacadh chun tacú le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt.

(64)

De bhun Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), forchoimeádtar íosmhéid scaireanna náisiúnta den soláthar poiblí le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha, i gcás ina n-úsáideann bus glas breoslaí malartacha mar a shainmhínítear sa Rialachán seo. Agus méadú ag teacht ar an líon údarás iompair phoiblí agus ar an líon oibreoirí atá ag athrú chuig busanna glana agus chuig busanna astaíochtaí nialasacha chun na spriocanna sainordaitheacha sin a bhaint amach, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit cur chun cinn agus forbairt spriocdhírithe an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe busanna is gá a áireamh mar phríomhghné ina gcreataí beartais náisiúnta. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfadh na Ballstáit ionstraimí iomchuí a bhunú agus a choinneáil ar bun chun imscaradh bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh busanna agus le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn freisin, go háirithe le haghaidh busanna glana agus busanna astaíochtaí nialasacha ar an leibhéal áitiúil.

(65)

I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar an éagsúlacht ó thaobh chineál na mbreoslaí atá ar fáil le haghaidh mótarfheithiclí mar aon leis an bhfás leanúnach ar shoghluaisteacht saoránach de bhóthar ar fud an Aontais, is gá faisnéis chruinn shothuigthe a sholáthar do thomhaltóirí faoi na breoslaí atá ar fáil ag stáisiúin athbhreoslaithe agus faoi chomhoiriúnacht a bhfeithiclí le breoslaí éagsúla nó pointí athluchtaithe ar mhargadh an Aontais.

(66)

Faisnéis shimplí faoi phraghsanna na mbreoslaí éagsúla, faisnéis trínar féidir praghsanna a chur i gcomparáid le chéile go héasca, d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an bhfaisnéis sin chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí meastóireacht a dhéanamh ar chostas coibhneasta na mbreoslaí aonair atá ar fáil ar an margadh. Dá bhrí sin, comparáid praghsanna aonaid le haghaidh breoslaí malartacha áirithe agus gnáthbhreoslaí áirithe, arna sloinneadh mar ‘phraghas breosla in aghaidh 100 km’ ba cheart an chomparáid sin a thaispeáint chun críoch faisnéise ag na stáisiúin athbhreoslaithe ábhartha ar fad. Ba cheart soiléiriú a thabhairt do thomhaltóirí ar an mbaint atá ag comparáidí den sórt seo leis na meánphraghsanna breosla sa Bhallstát, praghsanna a d’fhéadfadh a bheith éagsúil leis na fíorphraghsanna a ghearrtar ag an stáisiún breosla lena mbaineann. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, más iomchuí, athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) chun a áirithiú, maidir leis an bhfaisnéis do thomhaltóirí faoi bharainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin nua paisinéirí a mhargú, dá bhforáiltear sa Treoir sin, go gcuirfear san áireamh agus go léireofar inti na forbairtí a bhaineann leis an aistriú chuig breoslaí malartacha.

(67)

Is gá faisnéis leordhóthanach a sholáthar do thomhaltóirí maidir le suíomh geografach na bpointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh na mbreoslaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar aon le tréithe na bpointí sin agus na seirbhísí a thairgtear iontu. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann oibreoirí nó úinéirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal na sonraí statacha agus sonraí dinimiciúla ábhartha a chur ar fáil. Ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le cineálacha sonraí i ndáil le hinfhaighteacht agus inrochtaineacht na sonraí ábhartha a bhaineann leis an athluchtú agus leis an athbhreoslú, beart a bheadh ag cur le torthaí na Gníomhaíochta Tacaíochta Cláir maidir le ‘Bailiú sonraí a bhaineann le pointí athluchtaithe/athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha agus na cóid uathúla aitheantais a bhaineann le gníomhaithe leictrea-shoghluaisteachta’ (‘IDACS’), a tugadh i gcrích in 2022.

(68)

Tugtar aghaidh sa Rialachán seo ar chineálacha sonraí atá riachtanach d’fheidhmiú margaidh iomaíoch agus oscailte, agus atá bunriachtanach d’úsáideoirí deiridh chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir lena seisiúin athluchtaithe agus athbhreoslaithe lena n-áirítear trí sheirbhísí faisnéise ardcháilíochta arna bhforbairt ag gníomhaire margaidh ábhartha. Níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le cineálacha sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin maidir leis na sonraí atá ar fáil i bhformáid dhigiteach atá inléite ag meaisín.

(69)

Ba cheart ról bunúsach a bheith ag sonraí i bhfeidhmiú leormhaith an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe. An fhormáid, an mhinicíocht agus an cháilíocht inar cheart na sonraí sin a chur ar fáil agus a bheith inrochtana, is orthu sin a bhraitheann cáilíocht fhoriomlán an bhonneagair breoslaí mhalartacha a chomhlíonann riachtanais na n-úsáideoirí. Thairis sin, ba cheart na sonraí sin a bheith inrochtana ar bhealach comhleanúnach sna Ballstáit ar fad. Ba cheart do na Ballstáit na sonraí maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur ar fáil mar shonraí oscailte trína bpointe rochtana náisiúnta i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún (20) agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí breise atá comhlántach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán Tarmligthe sin. Ba cheart freisin go bhféadfaí na sonraí sin a sholáthar do phointe rochtana coiteann Eorpach ar cheart don Choimisiún é a bhunú agus ba cheart dó feidhmiú mar thairseach aonair sonraí de chuid an Aontais le haghaidh na sonraí a chuireann oibreoirí ar fáil sna pointí rochtana náisiúnta. Ba cheart don phointe rochtana coiteann Eorpach, i gcás inar féidir, cur le struchtúir agus le feidhmeanna na Faireachlainne Eorpaí um Breoslaí Malartacha (EAFO) atá ann cheana i gcomhar leis an gCóras Faisnéise TENtec nó, mar shampla, ba cheart rochtain a thabhairt air trí thairseach gréasáin thiomnaithe. Ba cheart go gcuirfeadh an pointe rochtana coiteann Eorpach ar chumas úsáideoirí sonraí rochtain éasca a fháil ar shonraí, comparáid a dhéanamh ar fhaisnéis faoi phraghsanna agus faisnéis ábhartha a fháil maidir le saintréithe an bhonneagair breoslaí malartacha, amhail inrochtaineacht, infhaighteacht nó toilleadh cumhachta.

(70)

Tá sé ríthábhachtach gur féidir leis na gníomhaithe ar fad san earnáil soghluaisteachta leictrí idirghníomhú go héasca trí mheáin dhigiteacha chun an tseirbhís ar an gcáilíocht is fearr a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. Chun idirghníomhú den sórt sin a dhéanamh tá gá le haitheantóirí uathúla do na gníomhaithe sa luachslabhra. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit uile Eagraíocht um Chlárú Aitheantais (‘IDRO’) a bhunú chun cóid aitheantais uathúla a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta a shainaithint ar a laghad. Ba cheart do gach IDRO faisnéis faoi na cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta atá in úsáid cheana sa Bhallstát féin a bhailiú; cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta nua a eisiúint, i gcás inar gá, d’oibreoirí pointí athluchtaithe agus do sholáthraithe seirbhísí soghluaisteachta faoi loighic choiteann arna comhaontú ar fud an Aontais lena ndéantar cóid aitheantais leictrea-shoghluaisteachta a fhormáidiú, agus ba cheart dó malartú na gcód leictrea-shoghluaisteachta sin a chumasú agus a n-uathúlacht a fhíorú trí Stóras Clárúcháin Aitheantais coiteann (‘IDRR’) a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ba cheart don Choimisiún treoir theicniúil a eisiúint maidir leis na heagraíochtaí sin a bhunú, agus leas á bhaint as toradh IDACS.

(71)

Ba cheart na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir-inoibritheacht pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe a shonrú i gcaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta. Ba cheart do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú na caighdeáin Eorpacha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Tá sé tábhachtach go ndéanfaí na caighdeáin sin a bhunú ar chaighdeáin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair nó ar obair idirnáisiúnta leanúnach caighdeánaithe, i gcás inarb infheidhme. Chuige sin, tá sé tábhachtach leanúint ar aghaidh go tapa leis na próisis chaighdeánaithe Eorpacha don bhonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe, rud lena dtabharfaí tacaíocht chun cloí leis an amlíne is gá chun an bonneagar a cheanglaítear faoin Rialachán seo a phleanáil, tairiscintí a lorg ina leith agus é a thógáil. Tá sé tábhachtach freisin tús a chur leis na próisis chaighdeánaithe, nó dlús a chur leo, chun bonneagar athluchtaithe comhchuibhithe ar fud an Aontais a bhaint amach le haghaidh athluchtú seasta agus athluchtú dinimiciúil.

(72)

Tá gá le caighdeáin nua le haghaidh an iompair mhuirí agus na loingseoireachta intíre chun iontráil breoslaí malartacha isteach sa mhargadh a éascú agus a chomhdhlúthú, ar caighdeáin iad a bhaineann le soláthar leictreachais agus hidrigine, buncaeireacht meatánóil agus amóinia, agus tá gá le caighdeáin maidir le malartú cumarsáide idir soithí agus an bonneagar freisin.

(73)

Forbraíonn an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) caighdeáin sábháilteachta agus chomhshaoil aonfhoirmeacha, a aithnítear go hidirnáisiúnta, le haghaidh iompar muirí. Ba cheart coinbhleachtaí le caighdeáin idirnáisiúnta a sheachaint i bhfianaise chineál domhanda an iompair mhuirí. Dá bhrí sin, i dtaca le haon sonraíocht theicniúil maidir le hiompar muirí arna glacadh de bhun an Rialacháin seo ba cheart don Aontas a áirithiú go bhfuil na sonraíochtaí sin comhsheasmhach leis na rialacha idirnáisiúnta arna nglacadh ag IMO.

(74)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na grúpaí saineolaithe ábhartha, go háirithe an Fóram Iompair Inbhuanaithe (‘STF’) agus Fóram Eorpach na Loingseoireachta Inbhuanaithe (‘ESSF’). Is rud tábhachtach é comhairliúchán den sórt sin le saineolaithe go háirithe nuair atá sé beartaithe ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo.

(75)

Is réimse é réimse na mbreoslaí malartacha atá ag forbairt go tapa. An easpa sonraíocht choiteann theicniúil, is bacainn í ar mhargadh aonair a chruthú le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha. Dá bhrí sin, is gá sonraíochtaí teicniúla a leagan síos do réimsí ina bhfuil gá le sonraíochtaí teicniúla coiteanna iontu ach nach ann dóibh go fóill. Ba cheart go n-áireofaí leis na sonraíochtaí teicniúla sin go háirithe an chumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe, an chumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an bhogearra athluchtaithe (cúil), an teachtaireacht a bhaineann leis an tseirbhís fánaíochta feithiclí leictreacha agus an chumarsáid leis an eangach leictreachais, agus an leibhéal is airde cosanta cibearshlándála agus cosanta sonraí pearsanta na gcustaiméirí deiridh á áirithiú ag an am céanna. Is gá freisin creat rialachais oiriúnach a bhunú, agus róil na ngníomhaithe difriúla a bhfuil baint acu leis an éiceachóras cumarsáide ó fheithicil go heangach a bhunú. Thairis sin, ní mór forbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, amhail córais bóithre leictreacha a chur san áireamh, go háirithe soláthar cumhachta dinimiciúil lastuas trí phantagraf, soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí ráillí seoltacha agus soláthar cumhachta ionduchtach trí chornaí sa bhóthar. Maidir le soláthar sonraí, is gá cineálacha sonraí breise, amhail na sonraí a bhaineann le saoráidí a thairgeann seirbhísí gaolmhara d’úsáideoirí deiridh, na sonraí a bhaineann leis na modhanna íocaíochta a nglactar leo, na sonraí a bhaineann leis na teangacha atá ar fáil maidir leis an mbonneagar agus na sonraí a bhaineann le seirbhísí athluchtaithe cliste agus déthreocha a sholáthar, a chur leis na sonraí faoin athluchtú atá inrochtana don phobal.

(76)

Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonraíochtaí teicniúla breise a bhunú agus chun an Rialachán seo a leasú trí chineálacha sonraí breise a chur leis, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le ceanglais theicniúla choiteanna do chomhéadan feidhmchláir coiteann chun malartú sonraí uathoibrithe agus aonfhoirmeach a chumasú idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus úsáideoirí sonraí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(77)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le forbairt forálacha lipéadaithe, formáid, minicíocht agus cáilíocht sonraí atá inrochtana go poiblí ag pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe agus atá le cur ar fáil agus le bheith inrochtana faoin Rialachán seo agus maidir leis an nós imeachta lena gcumasaítear an infhaighteacht agus an inrochtaineacht sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(78)

Tá an margadh le haghaidh breoslaí malartacha agus breoslaí astaíochtaí nialasacha go háirithe i gcéimeanna luatha na forbartha agus tá an teicneolaíocht ag athrú go tapa. Is dócha go ndéanfaidh an fhorbairt sin difear don éileamh ar bhreoslaí malartacha agus, dá bhrí sin, ar bhonneagar breoslaí malartacha thar gach modh iompair. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2024, tuarascáil maidir le hullmhacht teicneolaíochta agus margaidh a thíolacadh atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair. Ba cheart na chéad chomharthaí ar roghanna an mhargaidh a chur san áireamh sa tuarascáil sin agus ba cheart forbairt theicneolaíoch agus forbairt na sonraíochtaí teicniúla a bhreathnú inti. Faoin 31 Nollaig 2026 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo.

(79)

Ós rud é go mbeidh costais bhreise choigeartaithe agus riaracháin mar thoradh ar an Rialachán seo, ba cheart athbhreithniú grinn a dhéanamh ar an ualach rialála foriomlán ar na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Sa chomhthéacs sin, sa tuarascáil uaidh ina ndéanfar meastóireacht ar fheidhmiú an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo agus ar a mhéid a bhí tionchar aige ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha. Ba cheart don athbhreithniú sin idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chumhdach freisin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus bearta féideartha a rinneadh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar na hearnálacha ábhartha a laghdú.

(80)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon imscaradh bonneagair leordhóthanaigh breoslaí malartacha san Aontas a áirithiú, go háirithe le haghaidh feithiclí bóthair, soithí agus aerárthaí ina stad, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr an ghá atá le soghluaisteacht feithiclí breoslaí malartacha ar fud an Aontais a chumasú, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(81)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/94/AE a aisghairm. Leagtar amach i Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/1745 (24) agus (AE) 2021/1444 (25) ón gCoimisiún sonraíochtaí teicniúla gan dáta le haghaidh cineálacha áirithe bonneagair breoslaí malartacha agus déantar na sonraíochtaí sin a dhátú agus a liostáil anois in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart na Rialacháin Tharmligthe sin a aisghairm freisin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo spriocanna náisiúnta éigeantacha maidir le bonneagar leordhóthanach breoslaí malartacha a imscaradh san Aontas d’fheithiclí bóthair, traenacha, soithí agus aerárthaí ina stad. Leagtar síos ann sonraíochtaí teicniúla coiteanna agus ceanglais maidir le faisnéis úsáideora, soláthar sonraí agus ceanglais íocaíochta le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha.

2.   Bunaítear leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir leis na creataí beartais náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14 atá le glacadh ag na Ballstáit, lena n-áirítear imscaradh bonneagair breoslaí malartacha i limistéir agus réimsí nach bhfuil spriocanna éigeantacha uile-Aontais socraithe iontu agus maidir leis an tuairisciú ar imscaradh bonneagair den sórt sin.

3.   Bunaítear leis an Rialachán seo sásra tuairiscithe chun comhar a spreagadh agus áirithítear leis go ndéanfar dul chun cinn a rianú go géar. Beidh an sásra tuairiscithe i bhfoirm próiseas struchtúrtha, trédhearcach agus atriallach a bheidh ar siúl idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun bailchríoch a chur ar na creataí beartais náisiúnta, agus straitéisí áitiúla agus réigiúnacha atá ann cheana le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha a úsáid á gcur san áireamh, mar aon lena gcur chun feidhme ina dhiaidh sin agus gníomhaíocht chomhfhreagrach an Choimisiúin chun tacú le bonneagar breoslaí malartacha a imscaradh sna Ballstáit ar bhealach comhleanúnach agus níos tapa.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘inrochtaineacht sonraí’ féidearthacht sonraí a iarraidh agus a fháil tráth ar bith i bhformáid atá inléite ag meaisín;

(2)

ciallaíonn ‘praghas ad hoc’ an praghas a ghearrann oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe ar an úsáideoir deiridh as athluchtú nó athbhreoslú ar bhonn ad hoc;

(3)

ciallaíonn ‘feadh an ghréasáin bóithre TEN-T’:

(a)

maidir le stáisiúin athluchtaithe leictreacha: go bhfuil siad lonnaithe ar an ngréasán bóithre TEN-T nó laistigh d’fhad tiomána 3 km ón mbealach amach is gaire do bhóthar TEN-T; agus

(b)

maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: go bhfuil siad lonnaithe ar an ngréasán bóithre TEN-T nó laistigh d’fhad tiomána 10 km ón mbealach amach is gaire do bhóthar TEN-T;

(4)

ciallaíonn ‘breoslaí malartacha’ breoslaí nó foinsí cumhachta is féidir a úsáid, ar a laghad go páirteach, in ionad foinsí breosla ola iontaise san fhuinneamh le haghaidh an iompair, agus a d’fhéadfadh cur leis an méid carbóin atá ann a ísliú, agus le feidhmiú comhshaoil na hearnála iompair a fheabhsú, lena n áirítear:

(a)

‘breoslaí malartacha le haghaidh feithiclí, traenacha, soithí nó aerárthaí astaíochtaí nialasacha’:

leictreachas,

hidrigin,

amóinia,

(b)

‘breoslaí in-athnuaite’:

breoslaí bithmhaise, lena n-áirítear bithghás, agus bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointí (27), (28) agus (33), faoi seach, de Threoir (AE) 2018/2001,

breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha, lena n-áirítear amóinia, a tháirgtear le fuinneamh in-athnuaite,

(c)

‘breoslaí malartacha neamh-inathnuaite agus breoslaí iontaise idirthréimhseacha’

gás nádúrtha i bhfoirm ghásach (gás nádúrtha comhbhrúite (GNC) agus i bhfoirm leachtaithe (gás nádúrtha leachtaithe) (GNL)),

gás peitriliam leachtaithe (GPL),

breoslaí sintéiseacha agus breoslaí pairifíneacha a tháirgtear le fuinneamh neamh-inathnuaite;

(5)

ciallaíonn ‘láthair teagmhála aerárthaigh’ láthair i limistéar ainmnithe de naprún an aerfoirt a bhfuil droichead bordála paisinéirí ann;

(6)

ciallaíonn ‘cianláthair aerárthaigh’ láthair i limistéar ainmnithe de naprún an aerfoirt nach bhfuil droichead bordála paisinéirí ann;

(7)

ciallaíonn ‘aerfort den chroíghréasán TEN-T nó aerfort den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ aerfort mar a liostaítear agus mar a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(8)

ciallaíonn ‘fíordheimhniú uathoibríoch’ fíordheimhniú feithicle ag pointe athluchtaithe tríd an nascóir athluchtaithe nó trí theileamaitic;

(9)

ciallaíonn ‘infhaighteacht sonraí’ sonraí a bheith ar fáil i bhformáid dhigiteach atá inléite ag meaisín;

(10)

ciallaíonn ‘feithicil cheallra-leictreach’ feithicil leictreach arb é an mótar leictreach an t-aon chumhacht inti, gan an dara foinse tiomána inti;

(11)

ciallaíonn ‘athluchtú déthreoch’ oibríocht athluchtaithe chliste inar féidir an sreabhadh leictreachais a iompú, ionas go sreabhann an leictreachas ón gceallra chuig an bpointe athluchtaithe lena bhfuil sé nasctha;

(12)

ciallaíonn ‘nascóir’ an comhéadan fisiceach idir an pointe athluchtaithe nó an pointe athbhreoslaithe agus an fheithicil, trína ndéantar an breosla nó an fuinneamh leictreach a mhalartú;

(13)

ciallaíonn ‘aeriompar tráchtála’ aeriompar tráchtála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (24), de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26);

(14)

ciallaíonn ‘long coimeádán’ long a cheaptar go heisiach chun coimeádáin a iompar i mbroinnte agus ar deic;

(15)

ciallaíonn ‘íocaíocht chonradh-bhunaithe’ íocaíocht as seirbhís athluchtaithe nó athbhreoslaithe ón úsáideoir deiridh le soláthraí seirbhísí soghluaisteachta ar bhonn conartha arna thabhairt i gcrích idir an t-úsáideoir deiridh sin agus an soláthraí seirbhísí soghluaisteachta sin;

(16)

ciallaíonn ‘úsáideoir sonraí’ aon údarás poiblí, údarás bóithre, oibreoir bóithre, oibreoir pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe, eagraíocht taighde nó neamhrialtasach, soláthraí seirbhíse soghluaisteachta, ardán ríomhfhánaíochta, soláthraí léarscáile digití nó aon eintiteas eile ar spéis leis sonraí a úsáid chun faisnéis a sholáthar, seirbhísí a chruthú nó taighde nó anailís a dhéanamh ar bhonneagar breoslaí malartacha;

(17)

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach’ pointe athluchtaithe ar féidir leis faisnéis a sheoladh agus a fháil i bhfíor-am, cumarsáid dhéthreoch a dhéanamh leis an eangach leictreachais agus an fheithicil leictreach, agus ar féidir faireachán agus rialú cianda a dhéanamh air, lena n-áirítear chun an seisiún athluchtaithe a thosú agus a stopadh agus sreafaí leictreachais a thomhas;

(18)

ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (29), de Threoir (AE) 2019/944;

(19)

ciallaíonn ‘dáileoir’‘dáileoir’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (43), de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);

(20)

ciallaíonn ‘sonraí dinimiciúla’ sonraí a athraíonn go minic nó go tráthrialta;

(21)

ciallaíonn ‘córas bóithre leictreacha’ suiteáil fhisiceach feadh bóthair chun leictreachas a aistriú chuig an bhfeithicil leictreach a fhad is atá an fheithicil faoi shiúl;

(22)

ciallaíonn ‘feithicil leictreach’ mótarfheithicil atá feistithe le gléasra cumhachta ina bhfuil meaisín leictreach neamh-imeallach amháin ar a laghad mar thiontaire fuinnimh ag a bhfuil córas stórála fuinnimh in-athluchtaithe leictreach, is féidir a athluchtú go seachtrach;

(23)

ciallaíonn ‘soláthar leictreachais d’aerárthach ina stad’ leictreachas a sholáthar trí chomhéadan doghluaiste nó soghluaiste caighdeánaithe d’aerárthach nuair a bhíonn sé ar láthair teagmhála aerárthaigh nó ar chianláthair teagmhála aerárthaigh;

(24)

ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn breosla malartach lena úsáid go díreach i bhfeithicil;

(25)

ciallaíonn ‘ríomhfhánaíocht’ malartú sonraí agus íocaíochtaí idir oibreoir pointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe agus soláthraí seirbhísí soghluaisteachta óna gceannaíonn úsáideoir deiridh seirbhís athluchtaithe nó athbhreoslaithe;

(26)

ciallaíonn ‘ardán ríomhfhánaíochta’ ardán lena nasctar gníomhaithe margaidh, go háirithe soláthraithe seirbhísí soghluaisteachta agus oibreoirí pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe, chun soláthar seirbhísí eatarthu a chumasú, lena n-áirítear an ríomhfhánaíocht;

(27)

ciallaíonn ‘caighdeán Eorpach’ caighdeán Eorpach de réir bhrí Airteagal 2, pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(28)

ciallaíonn ‘eitlíocht ghinearálta’ gach oibríocht eitlíochta sibhialta seachas aersheirbhísí sceidealta agus oibríochtaí aeriompair neamhsceidealta ar luach saothair nó ar cíos;

(29)

ciallaíonn ‘olltonnáiste’ (GT) ‘olltonnáiste’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e), de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28);

(30)

ciallaíonn ‘feithicil tromshaothair’ mótarfheithicil de Chatagóir M2 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(ii), mótarfheithicil de Chatagóir M3 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(iii), mótarfheithicil de Chatagóir N2 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) nó mótarfheithicil de Chatagóir N3 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) 2018/858;

(31)

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe ardchumhachta’ pointe athluchtaithe ag a bhfuil aschur cumhachta is mó ná 22 kW chun leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach;

(32)

ciallaíonn ‘árthach paisinéirí ardluais’‘árthach ardluais’ mar a shainmhínítear i Rialachán 1 de Chaibidil X den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974 (SOLAS 74), a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir;

(33)

ciallaíonn ‘feithicil saothair éadroim’ mótarfheithicil de Chatagóir M1 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i) nó mótarfheithicil de Chatagóir N1 mar a thuairiscítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) 2018/858;

(34)

ciallaíonn ‘meatán leachtaithe’ GNL, bithghás leachtaithe nó meatán leachtaithe sintéiseach, lena n-áirítear cumaisc de na breoslaí sin;

(35)

ciallaíonn ‘monaróir’ monaróir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (40), de Rialachán (AE) 2018/858;

(36)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse soghluaisteachta’ duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí d’úsáideoir deiridh ar luach saothair, lena n-áirítear seirbhísí athluchtaithe a dhíol;

(37)

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe gnáthchumhachta’ pointe athluchtaithe ag a bhfuil a aschur cumhachta faoi bhun nó cothrom le 22 kW chun leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach;

(38)

ciallaíonn ‘Pointe Rochtana Náisiúnta’ comhéadan digiteach arna chur ar bun ag Ballstát ar pointe aonair rochtana ar shonraí é;

(39)

ciallaíonn ‘oibreoir pointe athluchtaithe’ an t-eintiteas atá freagrach as pointe athluchtaithe a bhainistiú agus a oibriú agus a sholáthraíonn seirbhís athluchtaithe d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraí seirbhíse soghluaisteachta;

(40)

ciallaíonn ‘oibreoir pointe athbhreoslaithe’ an t-eintiteas atá freagrach as pointe athbhreoslaithe a bhainistiú agus a oibriú agus a sholáthraíonn seirbhís athbhreoslaithe d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraí seirbhíse soghluaisteachta;

(41)

ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir, lena n-áirítear longa cúrsála, árthaí paisinéirí ardluais agus longa paisinéirí róró;

(42)

ciallaíonn ‘seirbhís íocaíochta’‘seirbhís íocaíochta’ mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(43)

ciallaíonn ‘feithicil hibrideach inluchtaithe’ feithicil leictreach ina bhfuil gnáthinneall dócháin in éineacht le córas tiomána leictreach, is féidir a athluchtú ó fhoinse cumhachta leictrí seachtraí;

(44)

ciallaíonn ‘aschur cumhachta’ an uaschumhacht theoiriciúil, arna sloinneadh ina kW, is féidir le pointe, stáisiún, nó comhthiomsú athluchtaithe, nó suiteáil soláthair leictreachais cois cladaigh a sholáthar d’fheithiclí nó do shoithí atá nasctha leis an bpointe, an stáisiún, an comhthiomsú nó an tsuiteáil athluchtaithe sin;

(45)

ciallaíonn ‘bonneagar breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal’ bonneagar breoslaí malartacha atá suite ag suíomh nó ag áitreabh atá oscailte don phobal i gcoitinne, gan beann ar an mbonneagar breoslaí malartacha a bheith suite ar mhaoin phoiblí nó ar mhaoin phríobháideach, cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag teorainneacha nó coinníollacha i dtéarmaí rochtana ar an suíomh nó ar an áitreabh agus gan beann ar choinníollacha úsáide infheidhme an bhonneagair breoslaí malartacha;

(46)

ciallaíonn ‘Cód Mearfhreagartha’ (cód QR) ionchódú agus amharcléiriú sonraí atá comhlíontach de réir ISO/IEC 18004:2015;

(47)

ciallaíonn ‘athluchtú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athluchtaithe as a n-íocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích nó caidreamh tráchtála a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe a bhfuil níos mó i gceist leis ná an tseirbhís athbhreoslaithe a cheannach;

(48)

ciallaíonn ‘pointe athluchtaithe’ comhéadan doghluaiste nó soghluaiste, ar an eangach nó lasmuigh di, le haghaidh leictreachas a aistriú chuig feithicil leictreach, ar comhéadan é, bíodh go bhféadfadh nascóir amháin nó níos mó a bheith aige chun freastal ar chineálacha éagsúla nascóirí, nach bhfuil in ann ach feithicil leictreach amháin a athluchtú ag aon tráth amháin agus a n-eisiatar leis gairis a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 3.7 kW nó cothrom leis sin acu agus nach bhfuil mar phríomhchuspóir acu feithiclí leictreacha a athluchtú;

(49)

ciallaíonn ‘pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim’ pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe i gcomhair feithiclí saothair éadroim a athluchtú, mar gheall ar dhearadh sonrach na nascóirí nó na bplocóidí nó mar gheall ar dhearadh an spáis páirceála in aice leis an bpointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe, nó mar gheall ar an dá dhearadh sin;

(50)

ciallaíonn ‘pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair’ pointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe i gcomhair feithiclí tromshaothair a athluchtú, mar gheall ar dhearadh sonrach na nascóirí nó na bplocóidí nó mar gheall ar dhearadh an spáis páirceála in aice leis an bpointe, stáisiún nó comhthiomsú athluchtaithe, nó mar gheall ar an dá dhearadh sin;

(51)

ciallaíonn ‘comhthiomsú athluchtaithe’ stáisiún athluchtaithe amháin nó níos mó ag suíomh sonrach;

(52)

ciallaíonn ‘stáisiún athluchtaithe’ suiteáil fhisiceach ag suíomh sonrach, ina bhfuil pointe athluchtaithe amháin nó níos mó;

(53)

ciallaíonn ‘seirbhís athluchtaithe’ leictreachas a dhíol nó a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí gaolmhara, trí phointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal;

(54)

ciallaíonn ‘seisiún athluchtaithe’ an próiseas iomlán athluchtaithe feithicle ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal ón uair a nasctar an fheithicil go dtí an uair a dhínasctar an fheithicil;

(55)

ciallaíonn ‘athbhreoslú ar bhonn ad hoc’ seirbhís athbhreoslaithe as a n-íocann úsáideoir deiridh gan gá don úsáideoir deiridh sin clárú, comhaontú i scríbhinn a thabhairt i gcrích, nó caidreamh tráchtála a dhéanamh le hoibreoir an phointe athluchtaithe a bhfuil níos mó i gceist leis ná an tseirbhís athbhreoslaithe a cheannach;

(56)

ciallaíonn ‘pointe athbhreoslaithe’ saoráid athbhreoslaithe lena soláthraítear aon bhreosla leachtach nó gásach trí shuiteáil dhoghluaiste nó shoghluaiste, nach bhfuil in ann ach feithicil amháin, traein amháin, soitheach amháin nó aerárthaí amháin a athbhreoslú ag aon tráth amháin;

(57)

ciallaíonn ‘seirbhís athbhreoslaithe’ aon bhreosla leachtach nó gásach a dhíol nó a sholáthar trí phointe athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal;

(58)

ciallaíonn ‘seisiún athbhreoslaithe’ an próiseas iomlán athbhreoslaithe feithicle ag pointe athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal ón uair a nasctar an fheithicil go dtí an uair a dhínasctar an fheithicil;

(59)

ciallaíonn ‘stáisiún athbhreoslaithe’ suiteáil fhisiceach aonair ag suíomh sonrach, ina bhfuil pointe athbhreoslaithe amháin nó níos mó;

(60)

ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála arna ainmniú ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944;

(61)

ciallaíonn ‘fuinneamh in-athnuaite’‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (1), de Threoir (AE) 2018/2001;

(62)

ciallaíonn ‘long paisinéirí róró’ long ina bhfuil saoráidí chun a chur ar chumas feithiclí bóthair nó iarnróid rolladh ar an soitheach agus rolladh as, agus a ina n-iompraítear breis agus 12 phaisinéir;

(63)

ciallaíonn ‘limistéar páirceála sábháilte slán’ limistéar páirceála atá inrochtana do thiománaithe atá i mbun earraí nó paisinéirí a iompar agus atá deimhnithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún (30);

(64)

ciallaíonn ‘soláthar leictreachais cois cladaigh’ cumhacht leictreach cois cladaigh a sholáthar trí chomhéadan caighdeánaithe doghluaiste nó soghluaiste do longa farraige nó do shoithí uiscebhealaí intíre, agus iad ar múráil le taobh na cé;

(65)

ciallaíonn ‘athluchtú cliste’ oibríocht athluchtaithe ina ndéantar déine an leictreachais a sheachadtar chuig an gceallra a choigeartú i bhfíor-am, ar bhonn faisnéis a fhaightear trí chumarsáid leictreonach;

(66)

ciallaíonn ‘sonraí statacha’ sonraí nach n-athraíonn go minic ná go tráthrialta;

(67)

ciallaíonn ‘gréasán cuimsitheach TEN-T’ gréasán cuimsitheach de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(68)

ciallaíonn ‘croíghréasán TEN-T’ croíghréasán de réir bhrí Airteagal 38 de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(69)

ciallaíonn ‘calafort uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus calafort uiscebhealaigh intíre den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ calafort uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T nó den ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a liostaítear agus a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(70)

ciallaíonn ‘calafort muirí den chroíghréasán TEN-T nó calafort muirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T’ calafort muirí den chroíghréasán TEN-T nó den ghréasán cuimsitheach TEN-T, mar a liostaítear agus a aicmítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

(71)

ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchurtha’ oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2019/944;

(72)

ciallaíonn ‘nód uirbeach’ nód uirbeach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (p), de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013;

Airteagal 3

Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe leictreach atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, ina gcríoch, stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a imscaradh ar bhealach atá i gcomhréir le glacadh feithiclí leictreacha saothair éadroim agus go soláthróidh siad aschur cumhachta leordhóthanach do na feithiclí sin.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, ag deireadh gach bliana, ag tosú ó 2024, go gcomhlíonfar na spriocanna don aschur cumhachta seo a leanas go carnach:

(a)

le haghaidh gach feithicle ceallra saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch, go soláthrófar aschur cumhachta iomlán 1,3 kW ar a laghad trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal; agus

(b)

le haghaidh gach feithicle hibridí inluchtaithe saothair éadroim atá cláraithe ina gcríoch, go soláthrófar aschur cumhachta iomlán 0,80 kW ar a laghad trí stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal.

2.   Nuair a shroicheann sciar na bhfeithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim i gcomparáid leis an bhflít iomlán feithiclí saothair éadroim arna gclárú i gcríoch Ballstáit 15 % ar a laghad agus má léiríonn an Ballstát go bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag baint le cur chun feidhme na gceanglas a leagtar amach i mír 1, an dara fomhír, sa Bhallstát sin, is é sin go bhfuil infheistíochtaí príobháideacha á ndíspreagadh dá thoradh, agus nach bhfuil bonn cirt leis sin a thuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le leibhéal an aschuir cumhachta iomláin de nó chun scor de cheanglais den sórt sin a chur i bhfeidhm.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí tar éis dó iarraidh réasúnaithe arna tíolacadh de bhun mhír 2 a fháil, cinneadh a ghlacadh de réir mar a bheidh bonn cirt leis i ngach cás.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim ar an ngréasán bóithre ina gcríoch.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus fad uasta 60 km eatarthu feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i)

faoin 31 Nollaig 2025, 400 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe amháin athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;

(ii)

faoin 31 Nollaig 2027, 600 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad.

(b)

go n-imscarfar i ngach treo taistil, agus fad uasta 60 km eatarthu feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim lena gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(i)

faoin 31 Nollaig 2027, feadh 50 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, 300 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aon phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad.

(ii)

faoin 31 Nollaig 2030, 300 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;

(iii)

faoin 31 Nollaig 2035, 600 kW d'’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad.

5.   Bunófar ríomh an chéatadáin d’fhad ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T dá dtagraítear i mír 4, pointe (b)(i), bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

chun an t-ainmneoir a ríomh: fad iomlán an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T laistigh de chríoch an Bhallstáit;

(b)

chun an t-uimhreoir a ríomh: fad carntha na gcodanna den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T idir dhá chomhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 4, pointe (b)(i), cé is moite d’aon chuid den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T idir dhá cheann de na comhthiomsuithe athluchtaithe sin atá níos faide ná 60 km ó chéile.

6.   Féadfar comhthiomsú athluchtaithe aonair atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim a imscaradh feadh bóithre den ghréasán TEN-T don dá threo taistil ar choinníoll:

(a)

go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe inrochtana go héasca ón dá threo taistil;

(b)

go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an gcomhthiomsú athluchtaithe; agus

(c)

go ndéanfar na ceanglais a leagtar amach i mír 4 maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le treo taistil aonair, a chomhlíonadh i gcás an dá threo taistil.

7.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, feadh bóithre den ghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 8 500 feithicil saothair éadroim agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfreastalóidh comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim ar an dá threo taistil ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme maidir le treo taistil aonair a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair, agus go bhfuil an comhthiomsú athluchtaithe sin inrochtana go héasca ón dá threo taistil agus go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

8.   De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, feadh bóithre de chuid an ghréasáin TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 8 500 feithicil saothair éadroim agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit laghdú suas le 50 % a dhéanamh ar an aschur cumhachta iomlán a bheidh ag comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus a éilítear de bhun mhír 4 den Airteagal seo, ar choinníoll nach bhfreastalaíonn an comhthiomsú athluchtaithe ach ar threo taistil amháin agus go gcomhlíonfar na ceanglais eile a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

9.   De mhaolú ar an gceanglas a bhaineann le hachar uasta 60 km idir comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit achar níos faide suas le 100 km a cheadú i gcás comhthiomsuithe athluchtaithe den sórt sin feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil is lú ná 3 000 feithicil saothair éadroim, ar choinníoll go mbíonn comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an achar idir comhthiomsuithe athluchtaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

10.   I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Ballstát don Choimisiún faoi chás inar bhain sé úsáid as maolú dá dtagraítear i mír 7, measfar gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b), maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe.

11.   Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b), maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán bóithre TEN-T agus den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T.

Airteagal 4

Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ina gcríoch.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

faoin 31 Nollaig 2025, feadh 15 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus beidh aschur cumhachta 1 400 kW ar a laghad ag gach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a bhfuil aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad aige;

(b)

faoin 31 Nollaig 2027, feadh 50 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus beidh an méid seo a leanas fíor i gcás gach comhthiomsaithe athluchtaithe:

(i)

feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, tairgfear 2 800 kW d’aschur cumhachta ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(ii)

feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, 1 400 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad ann ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(c)

faoin 31 Nollaig 2030, feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus achar uasta 60 km eatarthu agus 3 600 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(d)

faoin 31 Nollaig 2030, feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus achar uasta 100 km eatarthu agus aschur cumhachta 1 500 kW ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(e)

faoin 31 Nollaig 2027, i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, imscarfar dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 100 kW ar a laghad;

(f)

faoin 31 Nollaig 2030, i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, imscarfar ceithre stáisiún athluchtaithe ar a laghad atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 100 kW ar a laghad;

(g)

faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh 900 kW d’aschur cumhachta comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;

(h)

faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh 1 800 kW d’aschur cumhachta comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;

2.   Bunófar ríomh an chéatadáin d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

(a)

chun an t-ainmneoir a ríomh: fad iomlán an ghréasáin bóithre TEN-T laistigh de chríoch an Bhallstáit;

(b)

chun an t-uimhreoir a ríomh: fad carntha na gcodanna den ghréasán bóithre TEN-T idir dhá chomhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a) nó (b) faoi seach, cé is moite d’aon chuid den ghréasán bóithre TEN-T idir dhá cheann de na comhthiomsuithe athluchtaithe sin atá níos faide ná 120 km ó chéile.

3.   Féadfar comhthiomsú athluchtaithe aonair atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair a imscaradh feadh bóithre den ghréasán bóithre TEN-T don dá threo taistil ar choinníoll:

(a)

go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe inrochtana go héasca ón dá threo taistil;

(b)

go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an gcomhthiomsú athluchtaithe; agus

(c)

go ndéanfar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí aonair, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le treo taistil aonair, a chomhlíonadh i gcás an dá threo taistil.

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, feadh bóithre den ghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 2 000 feithicil tromshaothair agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfreastalóidh comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ar an dá threo taistil ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme maidir le treo taistil aonair a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair, agus go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe sin inrochtana go héasca ón dá threo taistil, agus go bhfuil comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

5.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, feadh bóithre den ghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 2 000 feithicil tromshaothair agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit laghdú suas le 50 % a dhéanamh ar an aschur cumhachta iomlán a bheidh ag comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair agus a éilítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll nach bhfreastalaíonn an comhthiomsú athluchtaithe ach ar threo taistil amháin agus go gcomhlíonfar na ceanglais eile a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

6.   De mhaolú ar an gceanglas a bhaineann le hachar uasta 60 km idir comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair a leagtar amach i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit achar níos faide suas le 100 km a cheadú i gcás comhthiomsuithe athluchtaithe den sórt sin feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil is lú ná 800 feithicil tromshaothair, ar choinníoll go mbíonn comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an achar idir comhthiomsuithe athluchtaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as na maoluithe dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

7.   I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Ballstát don Choimisiún faoi chás inar bhain sé úsáid as maolú dá dtagraítear i mír 6, measfar gur comhlíonadh an ceanglas a leagtar amach i mír 1, pointe (c), maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe.

8.   De mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (b), (c) agus (d), a bhaineann le haschur cumhachta iomlán comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair agus ar an gceanglas a leagtar amach i mír 1, pointe (c), a bhaineann leis an achar uasta idir na comhthiomsuithe athluchtaithe sin, féadfaidh an Chipir iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le leibhéal an aschuir cumhachta iomláin de chomhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair nó chun achar uasta níos faide, suas le 100 km, a chur i bhfeidhm idir na comhthiomsuithe athluchtaithe sin, nó an dá rud, ar choinníoll nach gcuirfeadh an iarraidh sin, dá n-údarófaí í, bac ar ghluaiseacht feithiclí leictreacha tromshaothair sa Bhallstát sin.

Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí tar éis dó iarraidh réasúnaithe arna tíolacadh de bhun na chéad fhomhíre a fháil, cinneadh a ghlacadh de réir mar a bheidh bonn cirt leis i ngach cás. Aon údarú a dheonaítear don Chipir de bhun cinneadh den sórt sin, beidh sé bailí ar feadh uastréimhse 4 bliana. I gcás ina bhféachann an Chipir le bailíocht an údaraithe a fhadú, féadfaidh sí iarraidh réasúnaithe bhreise a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula rachaidh an t-údarú in éag.

9.   Faoin 31 Nollaig 2030, áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (d), maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán bóithre TEN-T agus den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T. Roimh an dáta sin, tabharfar aird ar leith ar chodanna trasteorann agus déanfaidh na Ballstáit chomharsanachta a lándícheall chun na hachair uasta sin a urramú a luaithe a imscarfaidh siad an bonneagar athluchtaithe feadh na gcodanna trasteorann den ghréasán bóithre TEN-T.

Airteagal 5

Bonneagar athluchtaithe

1.   Maidir le hoibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal, tabharfaidh siad deis d’úsáideoirí deiridh a bhfeithicil leictreach a athluchtú ar bhonn ad hoc ag na pointí athluchtaithe arna n-oibriú acu.

Ag pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal arna n-imscaradh ón 13 Aibreán 2024, féadfar athluchtú ar bhonn ad hoc a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, glacfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe le híocaíochtaí leictreonacha ag na pointí sin trí theirminéil agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a)

léitheoirí cártaí íocaíochta;

(b)

gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad;

(c)

le haghaidh pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta faoi bhun 50 kW, gairis a úsáideann nasc idirlín agus lena gceadaítear idirbhearta slána íocaíochta amhail iad siúd a ghineann cód sonrach Mearfhreagartha.

Ón 1 Eanáir 2027, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí (a) nó (b) i ngach stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, arna imscaradh feadh an ghréasáin bóithre TEN-T nó arna imscaradh ar limistéar páirceála sábháilte slán, lena n-áirítear pointí athluchtaithe arna n-imscaradh roimh an 13 Aibreán 2024.

Féadfaidh teirminéal nó gaireas íocaíochta aonair dá dtagraítear sa dara fomhír freastal ar roinnt pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal i gcomhthiomsú athluchtaithe.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach ngearrtar táille leo as an tseirbhís athluchtaithe.

2.   Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe, nuair a thairgfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ag pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu, go mbeidh an ceart i gcónaí ag úsáideoirí deiridh gan úsáid a bhaint as an bhfíordheimhniú uathoibríoch agus go bhféadfaidh siad, ina ionad sin, a bhfeithicil a athluchtú ar bhonn ad hoc, dá bhforáiltear i mír 1, nó úsáid a bhaint as réiteach athluchtaithe conradh-bhunaithe eile a thairgtear ag an bpointe athluchtaithe sin. Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe an rogha sin go soiléir d’úsáideoirí deiridh agus cuirfidh siad ar fáil ar bhealach áisiúil dóibh í ag gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu, ag a gcuirfidh siad fíordheimhniú uathoibríoch ar fáil.

3.   Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal idirdhealú, trí na praghsanna a ghearrtar, idir úsáideoirí deiridh agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta ná idir soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta éagsúla. Mar sin féin, is ar bhealach comhréireach agus más ann do bhonn cirt oibiachtúil, agus ar an mbealach sin amháin, a fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil.

4.   Ag pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, beidh an praghas ad hoc a ghearrann an t-oibreoir bunaithe ar an bpraghas in aghaidh an kWh don leictreachas a sheachadtar. Ina theannta sin, is féidir le hoibreoirí na bpointí athluchtaithe sin táille áitíochta a ghearradh mar phraghas in aghaidh an nóiméid chun áitíocht fhada an phointe athluchtaithe a dhíspreagadh.

Taispeánfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta atá cothrom le 50 kW nó níos mó ná sin, ag na stáisiúin athluchtaithe, an praghas ad hoc in aghaidh an kWh agus aon táille áitíochta a d’fhéadfadh a bheith ann arna sloinneadh mar phraghas in aghaidh an nóiméid ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna.

Déanfaidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus ag a bhfuil aschur cumhachta níos lú ná 50 kW, ag na stáisiún athluchtaithe arna n-oibriú acu, an fhaisnéis maidir leis an bpraghas ad hoc a chur ar fáil go soiléir agus go héasca, leis na comhpháirteanna praghais go léir a ghabhann leis, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athluchtaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna. Cuirfear na comhpháirteanna praghais is infheidhme i láthair san ord seo a leanas:

praghas in aghaidh an kWh;

praghas in aghaidh an nóiméid;

praghas in aghaidh an tseisiúin; agus

aon chomhpháirt praghais eile ag a bhfuil feidhm.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír maidir leis na pointí athluchtaithe uile arna n-imscaradh ón 13 Aibreán 2024.

5.   Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh praghsanna a ghearrfaidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athluchtaithe, cuirfidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta an fhaisnéis uile faoi phraghsanna a bhaineann go sonrach leis an seisiún athluchtaithe sin ar fáil d’úsáideoirí deiridh trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ina ndéanfar idirdhealú soiléir idir na comhpháirteanna uile, lena n-áirítear na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann an soláthraí seirbhíse soghluaisteachta. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na táillí. Ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta aon mhuirir bhreise ar ríomhfhánaíocht trasteorann.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis faireachán rialta ar an margadh bonneagair athluchtaithe, agus go háirithe, go ndéanfaidh siad faireachán ar mhíreanna 3 agus 5 a bheith á gcomhlíonadh ag oibreoirí pointí athluchtaithe agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta. Féachfaidh na Ballstáit freisin lena áirithiú go ndéanfaidh a n-údaráis faireachán rialta ar chleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus a dhéanann difear do thomhaltóirí.

7.   Faoin 14 Deireadh Fómhair 2024, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe maidir le gach pointe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu gur pointe athluchtaithe atá nasctha go digiteach é.

8.   Áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe go mbeidh na pointí athluchtaithe uile atá inrochtana don phobal agus arna n-oibriú acu agus arna dtógáil tar éis an 13 Aibreán 2024 nó arna n-athchóiriú tar éis an 14 Deireadh Fómhair 2024 in ann athluchtú cliste a dhéanamh.

9.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, laistigh de limistéir pháirceála agus scíthe feadh an ghréasáin bóithre TEN-T ina n-imscartar bonneagar breoslaí malartacha, go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir le suíomh beacht an bhonneagair breoslaí malartacha.

10.   Faoin 14 Aibreán 2025, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal maidir le gach pointe athluchtaithe srutha dhírigh (DC) atá inrochtana don phobal agus arna oibriú acu, go mbeidh cábla athluchtaithe doghluaiste suiteáilte ann.

11.   I gcás nach é oibreoir pointe athluchtaithe úinéir an phointe athluchtaithe sin, déanfaidh an t-úinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointe athluchtaithe a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun a chur ar a chumas don oibreoir na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 2, 7, 8 agus 10 a chomhlíonadh.

Airteagal 6

Spriocanna maidir le bonneagar athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh feithiclí bóthair

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go n-imscarfar líon íosta pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal ina gcríoch faoin 31 Nollaig 2030.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal, a dearadh ar bhealach a mbeidh toilleadh carnach íosta de thona amháin in aghaidh an lae acu agus atá feistithe le rannóir 700 bar ar a laghad, go n-imscarfar na stáisiúin sin agus achar uasta 200 km eatarthu feadh an chroíghréasáin TEN-T.

Áiritheoidh na Ballstáit faoin 31 Nollaig 2030 go ndéanfar stáisiún athbhreoslaithe hidrigine amháin ar a laghad atá inrochtana don phobal a imscaradh i ngach nód uirbeach. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar anailís chun an suíomh is fearr do stáisiúin athbhreoslaithe den sórt sin a chinneadh agus go ndéanfar scrúdú san anailís go háirithe ar imscaradh stáisiún athbhreoslaithe den sórt sin i moil ilmhódacha ina bhféadfaí modhanna iompair eile a sholáthar freisin.

Leagfaidh na Ballstáit amach ina gcreataí beartais náisiúnta conair líneach shoiléir i dtreo spriocanna 2030 a bhaint amach, mar aon le sprioc tháscach shoiléir do 2027 lena soláthrófar cumhdach leordhóthanach ar an gcroíghréasán TEN-T d’fhonn éilimh shíorathraitheacha an mhargaidh a chomhlíonadh.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar an t-achar uasta dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán TEN-T.

3.   Áiritheoidh oibreoir stáisiúin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal nó, i gcás nach é an t-oibreoir an t-úinéir, áiritheoidh úinéir an stáisiúin sin i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, go bhfuil an stáisiún ceaptha chun freastal ar fheithiclí saothair éadroim agus tromshaothair.

4.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 2 000 feithicil tromshaothair agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit acmhainneacht stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus a éilítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo a laghdú suas le 50 %, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin maidir leis an achar uasta idir stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine agus an brú rannóra. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.

5.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, má bhíonn na costais a bhaineann le himscaradh an bhonneagair díréireach leis na tairbhí, lena n-áirítear na tairbhí comhshaoil, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan mír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin seo a leanas:

(a)

na réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE; nó

(b)

oileáin a thagann faoin sainmhíniú ar chórais bheaga nasctha nó ar chórais bheaga scoite de réir Threoir (AE) 2019/944.

I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh na Ballstáit údar lena gcinntí don Choimisiún agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil ina gcreataí beartais náisiúnta.

Airteagal 7

Bonneagar athbhreoslaithe hidrigine

1.   Tabharfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus arna n-oibriú acu deis d’úsáideoirí deiridh athbhreoslú a dhéanamh ar bhonn ad hoc.

Féadfar athbhreoslú ad hoc a dhéanamh i ngach pointe athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal trí úsáid a bhaint as ionstraim íocaíochta a úsáidtear go forleathan san Aontas. Chuige sin, glacfaidh oibreoirí na bpointí sin le híocaíochtaí leictreonacha trí theirminéil agus gairis a úsáidtear le haghaidh seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)

léitheoirí cártaí íocaíochta;

(b)

gairis a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil acu atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad.

I gcás pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus arna n-imscaradh tar éis an 13 Aibreán 2024, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo ón uair a imscarfar iad. I gcás pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus arna n-imscaradh roimh an 13 Aibreán 2024, beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa mhír seo ón 14 Deireadh Fómhair 2024.

I gcás nach é oibreoir an phointe athbhreoslaithe hidrigine úinéir an phointe sin, déanfaidh an t-úinéir, i gcomhréir leis na socruithe eatarthu, pointí athbhreoslaithe hidrigine a chur ar fáil don oibreoir ina mbeidh na saintréithe teicniúla chun a chur ar a chumas don oibreoir na hoibleagáidí a leagtar amach sa mhír seo a chomhlíonadh.

2.   Is réasúnta, inchomparáide go héasca agus go soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal. Ní dhéanfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal idirdhealú, trí na praghsanna a ghearrtar, idir úsáideoirí deiridh agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, ná idir soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta éagsúla. Mar sin féin, ní fhéadfar leibhéal na bpraghsanna a dhifreáil, ach amháin más ann do bhonn cirt oibiachtúil.

3.   Déanfaidh oibreoirí pointí athbhreoslaithe hidrigine faisnéis a thaispeáint go soiléir faoin bpraghas ad hoc in aghaidh an kg ag na stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal agus arna n-oibriú acu, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar eolas ag na húsáideoirí deiridh sula dtionscnóidh siad seisiún athbhreoslaithe agus go n-éascófar comparáid praghsanna.

4.   Maidir le hoibreoirí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine, féadfaidh siad seirbhísí athbhreoslaithe hidrigine a sholáthar do chustaiméirí ar bhonn conarthach, lena n-áirítear in ainm agus thar ceann soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta eile. Is réasúnta, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bheidh na praghsanna a ghearrfaidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta ar úsáideoirí deiridh. Roimh thús an tseisiúin athbhreoslaithe, cuirfidh soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta an fhaisnéis uile faoi phraghsanna ar fáil d’úsáideoirí deiridh, ar faisnéis í a bhaineann go sonrach leis an seisiún athbhreoslaithe atá beartaithe acu, trí mhodhanna leictreonacha atá ar fáil gan srian agus a bhfuil tacaíocht fhorleathan leo, ina ndéanfar idirdhealú soiléir idir na comhpháirteanna praghais uile a ghearrann oibreoir an phointe athbhreoslaithe hidrigine, lena n-áirítear na costais ríomhfhánaíochta is infheidhme agus táillí nó muirir eile a ghearrann siad.

Airteagal 8

Bonneagar le haghaidh meatán leachtaithe i gcomhair feithiclí iompair de bhóthar

Go dtí an 31 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar líon iomchuí pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe, a bheidh inrochtana don phobal, a imscaradh feadh an chroíghréasáin TEN-T ar a laghad, chun a chur ar a gcumas do mhótarfheithiclí tromshaothair a úsáideann meatán leachtaithe gluaiseacht ar fud an Aontais, má bhíonn éileamh ar a leithéid, ach amháin i gcás ina mbeidh na costais a bhaineann leis sin díréireach leis na tairbhí, lena n-áirítear na tairbhí don chomhshaol.

Airteagal 9

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar íosta leictreachais cois cladaigh a sholáthar do longa coimeádán farraige agus longa paisinéirí farraige i gcalafoirt mhuirí den ghréasán TEN-T.

Chuige sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú faoin 31 Nollaig 2029:

(a)

Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil líon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa coimeádán farraige atá os cionn 5 000 olltonna os cionn 100, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa coimeádán farraige os cionn 5 000 olltonna atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;

(b)

Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil meánlíon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa paisinéirí róró farraige atá os cionn 5 000 olltonna agus ag árthaí paisinéirí ardluais atá os cionn 5 000 olltonna os cionn 40, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa paisinéirí róró farraige atá os cionn 5 000 olltonna gus ag árthaí paisinéirí ardluais atá os cionn 5 000 olltonna atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;

(c)

Calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus calafoirt mhuirí den ghréasán cuimsitheach TEN-T, dá bhfuil meánlíon bliantúil na gcuairteanna ar chalafort ag longa atá ar múráil le taobh na cé le 3 bliana anuas ag longa paisinéirí farraige atá os cionn 5 000 olltonna seachas ag longa paisinéirí róró farraige agus ag árthaí paisinéirí ardluais farraige os cionn 25, tá siad feistithe chun soláthar leictreachais cois cladaigh a sholáthar gach bliain le haghaidh 90 % ar a laghad de líon iomlán na gcuairteanna ar chalafort ag longa paisinéirí farraige atá os cionn 5 000 olltonna seachas ag longa paisinéirí róró farraige agus ag árthaí paisinéirí farraige ardluais atá ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann;

2.   Ní chuirfear san áireamh na cuairteanna ar chalafoirt ag longa dá dtagraítear in Airteagal 6(5), pointí (a), (b), (c), (e) agus (g), de Rialachán (AE) 2023/1805 chun líon iomlán na gcuairteanna ar chalafoirt a chinneadh i gcás longa ar múráil le taobh na cé ag an gcalafort muirí lena mbaineann faoi mhír 1 den Airteagal seo.

3.   I gcás ina bhfuil an croíchalafort muirí TEN-T nó an calafort muirí cuimsitheach TEN-T suite ar oileán, nó i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE nó ar chríoch Ceuta agus Melilla, nach bhfuil nasctha go díreach le heangach leictreachais na mórthíre, nó más réigiún is forimeallaí nó más Ceuta agus Melilla atá i gceist, nach bhfuil nasctha le heangach leictreachais de chuid tír chomharsanachta, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo go dtí go dtabharfar i gcrích nasc den sórt sin nó go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach leictreachais ann a ghintear go háitiúil ó fhoinsí fuinnimh neamhiontaise chun riachtanais an oileáin, an réigiúin is forimeallaí, nó Ceuta agus Melilla a chumhdach, cibé acu is ábhartha.

Airteagal 10

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaí intíre

Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go n-imscarfar suiteáil amháin ar a laghad lena soláthrófar soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre ag gach calafort uiscebhealaí intíre den chroíghréasán TEN-T faoin 31 Nollaig 2024;

(b)

go n-imscarfar suiteáil amháin ar a laghad lena soláthrófar soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre ag gach calafort uiscebhealaí intíre den ghréasán cuimsitheach TEN-T faoin 31 Nollaig 2029;

Airteagal 11

Spriocanna maidir le soláthar meatáin leachtaithe a sholáthar i gcalafoirt mhuirí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, go n-imscarfar líon iomchuí pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T dá dtagraítear i mír 2, chun a chur ar a gcumas do longa farraige gluaiseacht ar fud an chroíghréasáin TEN-T faoin 31 Nollaig 2024. Rachaidh na Ballstáit i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, i gcás inar gá sin, chun cumhdach leormhaith ar an gcroíghréasán TEN-T a áirithiú.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit ina gcreataí beartais náisiúnta calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T a sholáthraíonn rochtain ar na pointí athbhreoslaithe do mheatán leachtaithe dá dtagraítear i mír 1, agus forbairt calafort, pointí athbhreoslaithe meatáin leachtaithe atá ann cheana, éileamh iarbhír an mhargaidh, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon, chomh maith le forbairtí eile, á gcur san áireamh.

Airteagal 12

Spriocanna maidir le soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar soláthar leictreachais a áirithiú d’aerárthaí ina stad i ngach aerfort den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T mar a leanas:

(a)

faoin 31 Nollaig 2024, ag gach láthair teagmhála aerárthaigh a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil nó chun earraí a luchtú nó a dhíluchtú;

(b)

faoin 31 Nollaig 2029, ag gach cianláthair aerárthaigh a úsáidtear le haghaidh oibríochtaí aeriompair tráchtála chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil nó chun earraí a luchtú nó a dhíluchtú.

2.   Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann aerfoirt den ghréasán TEN-T a mbíonn níos lú ná 10 000 gluaiseacht eitilte tráchtála in aghaidh na bliana acu, arna ríomh mar mheán thar na 3 bliana roimhe sin, a dhíolmhú ón oibleagáid leictreachas a sholáthar d’aerárthaí ina stad ag gach cianláthair aerárthaigh.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le láithreacha dí-oighrithe atá tiomnaithe go speisialta, láithreacha atá laistigh de limistéir mhíleata ainmnithe ná láithreacha atá tiomnaithe go speisialta d’aerárthaí eitlíochta ginearálta faoi bhun 5,7 tona d’uasmheáchan in éirí de thalamh.

4.   Ón 1 Eanáir 2030 ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur ón eangach leictreachais a thiocfaidh an leictreachas arna sholáthar de bhun mhír 1 nó go nginfear ar an láthair é gan dul i dtuilleamaí breoslaí iontaise.

Airteagal 13

Bonneagar iarnróid

A mhéid a bhaineann le bonneagar iarnróid nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar fhorbairt teicneolaíochtaí breoslaí malartacha agus córas tiomána maidir le codanna d’iarnród nach féidir a leictriú go hiomlán ar chúiseanna teicniúla nó costéifeachtúlachta, amhail traenacha faoi thiomáint hidrigine nó traenacha faoi thiomáint ceallraí, agus, más ábhartha, ar aon riachtanais bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe.

Airteagal 14

Creataí beartais náisiúnta

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, ullmhóidh agus tarchuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún dréachtchreat beartais náisiúnta le haghaidh fhorbairt an mhargaidh maidir le breoslaí malartacha in earnáil an iompair agus imscaradh an bhonneagair ábhartha.

2.   Beidh na gnéithe a leanas, ar a laghad, san áireamh sa chreat beartais náisiúnta:

(a)

measúnú ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh san am atá le teacht maidir le breoslaí malartacha in earnáil an iompair, agus maidir le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt, agus rochtain idirmhódúil ar bhonneagar breoslaí malartacha agus, i gcás inarb ábhartha, an leanúnachas trasteorann agus forbairt bonneagair breoslaí malartacha ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí á gcur san áireamh;

(b)

spriocanna agus cuspóirí náisiúnta de bhun Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a leagtar spriocanna náisiúnta éigeantacha amach ina leith sa Rialachán seo;

(c)

na beartais agus na bearta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí éigeantacha dá dtagraítear i bpointe (b);

(d)

bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun imscaradh bonneagair breoslaí malartacha le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí agus stáisiúin athluchtaithe le haghaidh comhroinnt carranna;

(e)

bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun imscaradh stáisiún athluchtaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair a spreagadh agus a éascú in ionaid phríobháideacha nach bhfuil inrochtana don phobal;

(f)

bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun cinn i nóid uirbeacha, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;

(g)

bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun líon leordhóthanach pointí athluchtaithe ardchumhachta atá inrochtana don phobal a chur chun cinn;

(h)

bearta, bídís beartaithe nó glactha, is gá chun a áirithiú go mbeidh imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe, lena n-áirítear dáileadh geografach pointí athluchtaithe déthreocha, ag rannchuidiú le solúbthacht an chórais fuinnimh agus le sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas in-athnuaite;

(i)

bearta chun a áirithiú, maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882;

(j)

bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhonneagar breoslaí malartacha a phleanáil, a cheadú, a sholáthar agus a oibriú;

(k)

forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha i gcalafoirt mhuirí seachas le haghaidh meatán leachtaithe agus soláthar leictreachais cois cladaigh lena n-úsáid ag soithí farraige, amhail hidrigin, amóinia, meatánól agus leictreachas;

(l)

forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, lena n-áirítear spriocanna, príomh-gharspriocanna agus maoiniú atá de dhíth, le haghaidh traenacha atá faoi tiomáint hidrigine nó traenacha faoi thiomáint ceallraí ar chodanna d’iarnród TEN-T nach féidir a leictriú;

(m)

forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha in aerfoirt seachas le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad, amhail le haghaidh athluchtú leictreach agus athbhreoslú hidrigine le haghaidh aerárthaí;

(n)

forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí, agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha in loingseoireacht intíre, amhail le haghaidh leictreachais agus hidrigine.

3.   Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh sa chreat beartais náisiúnta:

(a)

forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha i gcalafoirt mhuirí, amhail le haghaidh leictreachais agus hidrigine, le haghaidh seirbhísí calafoirt mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle iad (31);

(b)

spriocanna agus bearta náisiúnta chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun cinn feadh na ngréasán bóithre nach n-áirítear sa chroíghréasán TEN-T ná sa ghréasán cuimsitheach TEN-T, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;

(c)

bearta chun inrochtaineacht bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe ar chríoch iomlán an Bhallstáit a ráthú, agus aird ar leith á tabhairt ar cheantair thuaithe chun a n-inrochtaineacht agus a gcomhtháthú críochach a áirithiú;

(d)

bearta chun a áirithiú go gcuirfear dlús an daonra san áireamh i ndlús bonneagair breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta;

(e)

spriocanna agus cuspóirí náisiúnta maidir le bonneagar breoslaí malartacha a bhaineann le pointí (a), (b), (c) agus (d) a imscaradh, ar spriocanna agus cuspóirí náisiúnta iad nach leagtar síos aon sprioc éigeantach ina leith sa Rialachán seo.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta riachtanais na modhanna éagsúla iompair atá ar a gcríoch.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear san áireamh sna creataí beartais náisiúnta, de réir mar is iomchuí, leasanna na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, go háirithe nuair a bheidh bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe don iompar poiblí i gceist, chomh maith le leasanna na ngeallsealbhóirí lena mbaineann.

6.   I gcás inar gá, rachaidh Ballstáit i gcomhar le chéile, trí bhíthin comhairliúchán nó comhchreataí beartais, chun a áirithiú go mbeidh na bearta is gá chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach ina mbearta comhleanúnacha, comhordaithe. Go háirithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhar le chéile chun straitéisí a bhunú maidir le húsáid breoslaí malartacha agus imscaradh bonneagair chomhfhreagraigh san iompar d’uisce. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas comhair.

7.   Comhlíonfaidh bearta tacaíochta le haghaidh bonneagar breoslaí malartacha rialacha ábhartha an Aontais maidir le státchabhair.

8.   Cuirfidh gach Ballstát a dhréachtchreat beartais náisiúnta ar fáil go poiblí agus áiritheoidh sé go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú an dréachtchreata beartais náisiúnta.

9.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtchreataí beartais náisiúnta agus féadfaidh sé moltaí a eisiúint chuig na Ballstáit. Eiseofar na moltaí sin tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thíolacadh na ndréachtchreataí beartais náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Féadfar go dtabharfar aghaidh, go háirithe, ar na nithe seo a leanas iontu:

(a)

leibhéal uaillmhéine na spriocanna agus na gcuspóirí d’fhonn na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11, 12 agus 13 a chomhlíonadh;

(b)

beartais agus bearta a bhaineann le spriocanna agus cuspóirí náisiúnta.

10.   Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholadh ón gCoimisiún ina chreat beartais náisiúnta críochnaitheach. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar mholadh nó ar chuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin míniú i scríbhinn don Choimisiún.

11.   Faoin 31 Nollaig 2025, dréachtóidh gach Ballstát a chreat beartais náisiúnta críochnaitheach i bhfoirm sholéite intuigthe agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún ina leith. Cuirfidh an Coimisiún na creataí beartais náisiúnta críochnaitheacha sin ar fáil go poiblí.

Airteagal 15

Tuairisciú náisiúnta

1.   Faoin 31 Nollaig 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil neamhspleách náisiúnta ar dhul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme a chreata beartais náisiúnta. Déanfar an tuarascáil a dhréachtú i bhfoirm sholéite intuigthe agus cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí í.

2.   Cumhdófar sa tuarascáil náisiúnta ar dhul chun cinn an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I agus áireofar inti, i gcás inarb iomchuí, bonn cirt ábhartha maidir le leibhéal bainte amach na spriocanna agus na gcuspóirí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(2), chomh maith le léiriú ar na bearta atá le déanamh chun na spriocanna agus na cuspóirí sin a bhaint amach sa todhchaí.

3.   Faoin 30 Meitheamh 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an gcaoi a bhféadfaí a chur ar a gcumas d’fheithiclí leictreacha rannchuidiú a thuilleadh le solúbthacht an chórais fuinnimh, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa mhargadh cothromúcháin, agus le hionsú breise an leictreachais in-athnuaite de thairbhe imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin gach cineál pointe athluchtaithe, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil athluchtú cliste déthreoch, agus gach cineál aschuir cumhachta, bídís poiblí nó príobháideach, agus soláthrófar moltaí maidir leis an gcineál pointe athluchtaithe, an teicneolaíocht tacaíochta agus an dáileadh geografach chun cumas úsáideoirí a bhfeithiclí leictreacha a chomhtháthú sa chóras a éascú. Sainaithneofar leis an measúnú sin bearta iomchuí a bheidh le cur chun feidhme chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear na bearta sin chun comhsheasmhacht pleanála bonneagair leis an bpleanáil chomhfhreagrach eangaí a áirithiú. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin ionchur ó na geallsealbhóirí ábhartha uile agus cuirfear ar fáil go poiblí é. Féadfaidh gach Ballstát iarraidh ar a údarás rialála an measúnú sin a dhéanamh. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, bearta iomchuí chun pointí athluchtaithe breise a imscaradh agus cuirfidh siad na bearta sin san áireamh sna tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh na hoibreoirí córais aird ar an measúnú agus ar na bearta sna pleananna forbartha gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 32(3) agus in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

4.   Ar bhonn an ionchuir ó oibreoirí córas tarchurtha agus ó oibreoirí córas dáileacháin, déanfaidh údarás rialála gach Ballstáit measúnú, faoin 30 Meitheamh 2024 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ar rannchuidiú ionchasach an athluchtaithe dhéthreoch le laghdú a dhéanamh ar chostais úsáideoirí agus córais agus le sciar an leictreachais in-athnuaite sa chóras leictreachais a mhéadú. Cuirfear an measúnú sin ar fáil go poiblí. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe, déanfaidh na Ballstáit, más gá, na bearta iomchuí chun infhaighteacht agus dáileadh geografach na bpointí athluchtaithe déthreocha a choigeartú, i limistéir phríobháideacha agus cuirfidh siad san áireamh iad ina dtuarascáil ar dhul chun cinn dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 16

Inneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta agus na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn

Faoin 14 Deireadh Fómhair 2024, glacfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na gcreataí beartais náisiúnta atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14 agus inneachar na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1). Féadfaidh an Coimisiún treoir agus teimpléid a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach aon fhorálacha eile den Rialachán seo a éascú ar fud an Aontais.

Airteagal 17

Athbhreithniú ar chreataí beartais náisiúnta agus ar thuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn

1.   Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcreat beartais náisiúnta ar thug na Ballstáit fógra ina leith de bhun Airteagal 14(11) agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an measúnú ar na creataí beartais náisiúnta sin agus maidir lena gcomhleanúnachas ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear measúnú tosaigh ar an leibhéal a mheasfar a bhainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 15(1) agus eiseoidh sé, de réir mar is iomchuí, moltaí do na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.

3.   Laistigh de 6 mhí tar éis dó na moltaí dá dtagraítear i mír 2 a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin gcaoi a mbeartaíonn sé na moltaí a chur chun feidhme. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan na moltaí nó cuid shuntasach díobh a chur chun feidhme, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis sin a chur in iúl don Choimisiún.

4.   Tar éis don Bhallstát an fógra nó an réasúnú dá dtagraítear i mír 3 a thíolacadh, leagfaidh an Ballstát lena mbaineann amach ina chéad tuarascáil náisiúnta eile ar dhul chun cinn an chaoi a bhfuil na moltaí curtha chun feidhme aige.

5.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a mheasúnú ar na tuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn bliain amháin tar éis do Bhallstáit na tuarascálacha sin ar dhul chun cinn a thíolacadh de bhun Airteagal 15(1). Beidh meastóireacht ar na nithe seo a leanas sa mheasúnú sin:

(a)

an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir leis na spriocanna agus na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 14(2) a bhaint amach, lena n-áirítear freagairtí na mBallstát ar na moltaí ón gCoimisiún de bhun mhír 2 den Airteagal seo;

(b)

comhleanúnachas na forbartha ar bhonneagar breoslaí malartacha ar leibhéal an Aontais.

6.   Ar bhonn na gcreataí beartais náisiúnta críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 14(11), na dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15(1) agus na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1), déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na spriocanna náisiúnta agus na cuspóirí arna dtíolacadh ag gach Ballstát a chur ar fáil go poiblí agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an líon pointí agus stáisiún athluchtaithe atá inrochtana don phobal, ar leithligh i gcás pointí athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus pointí athluchtaithe agus stáisiúin athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair, agus i gcomhréir leis an gcatagóiriú dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III;

(b)

an líon pointí athbhreoslaithe hidrigine atá inrochtana don phobal;

(c)

an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(d)

an bonneagar le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad in aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(e)

an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(f)

an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;

(g)

an líon pointí athbhreoslaithe le haghaidh GNC atá inrochtana don phobal le haghaidh mótarfheithiclí;

(h)

pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha eile i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(i)

pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha ag aerfoirt den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

(j)

pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe maidir le breoslaí malartacha i gcás iompar d’iarnród.

Airteagal 18

Dul chun cinn a rianú

1.   Faoin 31 Márta 2025 agus faoin 31 Márta gach bliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún an t-iomlán comhiomlánaithe den aschur cumhachta athluchtaithe agus líon na bpointí athluchtaithe atá curtha in úsáid agus a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu agus líon na bhfeithiclí ceallra-leictreacha agus na bhfeithiclí hibrideacha inluchtaithe atá cláraithe ar a gcríoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.   Gan dochar don nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 258 CFAE, i gcás inar léir ón tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó ó aon fhaisnéis atá ar fáil ag an gCoimisiún go bhfuil baol ann nach ndéanfaidh Ballstát a spriocanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a eisiúint chuige sin agus moladh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh chun na spriocanna náisiúnta a bhaint amach. Laistigh de 3 mhí tar éis fhionnachtana an Choimisiúin a fháil, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na bearta ceartaitheacha atá beartaithe aige a chur chun feidhme chun na spriocanna náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 3(1) den Rialachán seo a bhaint amach, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí breise atá beartaithe ag an mBallstát a chur chun feidhme chun na spriocanna sin a bhaint amach; agus

(b)

tráthchlár soiléir le haghaidh gníomhaíochtaí lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn bliantúil i dtreo na spriocanna sin a bhaint amach.

I gcás ina bhfionnann an Coimisiún go bhfuil na bearta ceartaitheacha sásúil, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an tuarascáil náisiúnta is déanaí ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15 a thabhairt cothrom le dáta leis na bearta ceartaitheacha sin agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin í.

Déanfaidh an Coimisiún a mholtaí, agus na bearta ceartaitheacha agus na gníomhaíochtaí breise a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann a chur ar fáil go poiblí.

Airteagal 19

Faisnéis don úsáideoir

1.   Cuirfear faisnéis ábhartha, chomhsheasmhach agus shoiléir ar fáil a mhéid a bhaineann le mótarfheithiclí a chuirtear ar an margadh ar féidir iad a athluchtú nó a athbhreoslú go rialta.

Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil mar a leanas:

(a)

i lámhleabhair mótarfheithiclí agus ar mhótarfheithiclí, ag na monaróirí, nuair a chuirtear na feithiclí sin ar an margadh;

(b)

ag pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe, ag oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe; agus

(c)

i gceadanna díoltóireachta mótarfheithiclí, ag na dáileoirí.

2.   Cinnfear an bhfuil feithiclí agus bonneagair nó breoslaí agus feithiclí atá cumhdaithe ag mír 1 den Airteagal seo comhoiriúnach i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe 10.1 agus i bpointe 10.2 d’Iarscríbhinn II.

I gcás ina dtagraíonn sonraíochtaí teicniúla den sórt sin do léiriú grafach, lena n-áirítear scéim dathchódaithe, beidh an léiriú grafach simplí agus sothuigthe.

Beidh an léiriú grafach sin socraithe ar bhealach a bheidh infheicthe go soiléir:

(a)

ag na hoibreoirí pointe athbhreoslaithe, ar chaidéil chomhfhreagracha agus ar a mbuinní ag na pointí athbhreoslaithe go léir arna oibriú acu, ón dáta a chuirtear breoslaí ar an margadh;

(b)

ag an monaróir, i ngaireacht dhíreach do chaipíní umair bhreosla uile na mótarfheithiclí a bhfuil an breosla sin molta lena n-aghaidh agus comhoiriúnach ina gcomhair agus i lámhleabhair mótarfheithiclí, nuair a chuirtear na mótarfheithiclí sin ar an margadh.

3.   Nuair a léirítear praghsanna breosla ag stáisiún athbhreoslaithe, áiritheoidh na Ballstáit go léireofar comparáid idir na praghsanna aonaid ábhartha, i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe le haghaidh hidrigine, chun críoch faisnéise de réir na modheolaíochta comhchoitinne chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí malartacha dá dtagraítear i bpointe 10.3 d’Iarscríbhinn II.

4.   I gcásanna nach n-áirítear sna caighdeáin Eorpacha lena socraítear sonraíochtaí teicniúla breosla, ceanglais lipéadaithe chun comhlíonadh na gcaighdeán lena mbaineann a léiriú, i gcás nach dtagraíonn na ceanglais lipéadaithe do léiriú grafach, lena n-áirítear scéimeanna dathchódaithe, nó i gcás nach bhfuil na ceanglais lipéadaithe oiriúnach chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfaidh an Coimisiún, chun críocha cur chun feidhme aonfhoirmeach mhíreanna 1 agus 2, sainordú a thabhairt do na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú sonraíochtaí lipéadaithe comhoiriúnachta a fhorbairt.

Ar bhonn na sonraíochtaí um lipéadú comhoiriúnachta arna bhforbairt ag na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú de bhun an tsainordaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gcinnfear an léiriú grafach, lena n-áirítear scéim dathchódaithe, maidir le comhoiriúnacht i gcás breoslaí a thugtar isteach ar mhargadh an Aontais agus a shroicheann leibhéal 1 % de mhéid iomlán na ndíolachán, sa mheasúnú ón gCoimisiún, i níos mó ná aon Bhallstát amháin.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

5.   I gcás ina ndéantar forálacha maidir le lipéadú na gcaighdeán Eorpach faoi seach a thabhairt cothrom le dáta, nó ina bhforbraítear caighdeáin Eorpacha nua le haghaidh breoslaí malartacha, beidh feidhm ag na ceanglais chomhfhreagracha maidir le lipéadú i leith gach pointe athluchtaithe agus athbhreoslaithe tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis an gníomh cur chun feidhme comhfhreagrach a ghlacadh agus maidir le gach mótarfheithicil a chuirtear ar an margadh ón dáta a thiocfaidh an gníomh comhfhreagrach cur chun feidhme i bhfeidhm.

Airteagal 20

Forálacha maidir le sonraí

1.   Ceapfaidh na Ballstáit Eagraíocht Cláraithe Sainaitheantais (‘IDRO’). Déanfaidh IDRO cóid sainaitheantais uathúla (‘ID’) a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, ar a laghad a shainaithint, faoin 14 Aibreán 2025.

2.   Faoin 14 Aibreán 2025, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéirí na bpointí sin, go mbeidh an infhaighteacht ar shonraí statacha agus sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar breoslaí malartacha atá á n-oibriú acu, nó seirbhísí atá nasctha go dlúth leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn siad nó a sheachfhoinsíonn siad, saor in aisce. Cuirfear na cineálacha sonraí seo a leanas ar fáil:

(a)

sonraí statacha i gcás pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á n-oibriú acu:

(i)

suíomh geografach na bpointí athluchtaithe agus na bpointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha,

(ii)

an líon nascóirí,

(iii)

an líon spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas,

(iv)

faisnéis teagmhála úinéir agus oibreoir an stáisiúin athluchtaithe agus an stáisiúin athbhreoslaithe,

(v)

uaireanta oscailte;

(b)

sonraí statacha breise maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á n-oibriú acu:

(i)

cóid sainaitheantais, oibreoir an phointe athluchtaithe ar a laghad,

(ii)

an cineál nascóra,

(iii)

an cineál srutha (AC/DC),

(iv)

aschur uasta cumhachta (kW) an stáisiúin athluchtaithe,

(v)

aschur uasta cumhachta (kW) an phointe athluchtaithe,

(vi)

comhoiriúnacht an chineáil feithicle;

(c)

sonraí dinimiciúla maidir le pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á n-oibriú acu:

(i)

stádas oibríochtúil (i seirbhís/as feidhm),

(ii)

infhaighteacht (in úsáid/gan bheith in úsáid),

(iii)

an praghas ad hoc,

(iv)

tá an leictreachas a sholáthraítear 100 % in-athnuaite (tá/níl).

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointe (c) maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal nach n-éilítear íocaíocht leo as an tseirbhís athluchtaithe.

3.   Déanfaidh gach oibreoir pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal i gcás breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéir na bpointí sin, Comhéadan Feidhmchláir (API) a chur ar bun lena dtabharfar rochtain saor in aisce agus neamhshrianta ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2, agus déanfaidh sé an fhaisnéis faoin API sin a thíolacadh chuig na pointí rochtana náisiúnta.

Comhlíonfaidh API gach oibreora pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, API úinéir na bpointí sin, ceanglais theicniúla choiteanna arna leagan síos ag an gCoimisiún sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6 chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus úsáideoirí sonraí.

4.   Faoin 31 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar bhonn oscailte agus neamh-idirdhealaitheach, ag gach úsáideoir sonraí trína bpointí rochtana náisiúnta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann leis na sonraí sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí comhlántacha breise a fhéadfar a ghlacadh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo. I gcás ina ndéanann na Ballstáit sonraí a chomhiomlánú faoina bpointí rochtana náisiúnta, féadfaidh siad na sonraí sin a sholáthar do phointe rochtana comhchoiteann Eorpach trí bhíthin API.

5.   Faoin 31 Nollaig 2026, bunóidh an Coimisiún pointe rochtana coiteann Eorpach chun feidhmiú mar thairseach sonraí lena n-éascófar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 ó na pointí rochtana náisiúnta éagsúla. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar an bpointe rochtana coiteann Eorpach agus gur féidir le gach úsáideoir sonraí é a úsáid, mar shampla trí thairseach gréasáin thiomnaithe a chruthú.

6.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

mír 2 den Airteagal seo a leasú chun cineálacha sonraí breise a chur san áireamh a bhaineann le pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha, ar pointí iad atá inrochtana don phobal, nó a bhaineann le seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn nó a sheachfhoinsíonn oibreoirí an bhonneagair sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha nó seirbhísí nua a chuirtear ar fáil ar an margadh; agus

(b)

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais theicniúla choiteanna a leagan síos le haghaidh comhéadan coiteann feidhmchláir chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir úsáideoirí sonraí agus oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha, ar pointí iad atá inrochtana don phobal.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid a leanas:

(a)

sonraíochtaí atá comhlántach leis na sonraíochtaí sin a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670, a bhaineann le formáid, minicíocht agus cáilíocht na sonraí ina ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn mhír 6 den Airteagal seo a chur ar fáil;

(b)

nósanna imeachta mionsonraithe lena gcumasaítear infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin gan dochar do Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) agus do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

8.   Déanfar foráil sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 maidir le hidirthréimhsí réasúnta sula mbeidh na forálacha atá iontu, nó leasuithe a dhéanfar orthu, ina gceangal ar oibreoirí nó ar úinéirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe i gcás breoslaí malartacha.

Airteagal 21

Sonraíochtaí teicniúla coiteanna

1.   Beidh feidhm ag na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin Eorpacha a dhréachtú ina leagfar síos sonraíochtaí teicniúla do réimsí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus nach bhfuil aon sonraíochtaí teicniúla coiteanna glactha ag an gCoimisiún ina leith.

3.   Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an méid seo a leanas a chur i gcrích:

(a)

Iarscríbhinn II a leasú trí shonraíochtaí teicniúla a thabhairt isteach le haghaidh na réimsí a liostaítear san Iarscríbhinn sin chun idir-inoibritheacht theicniúil iomlán an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe a chumasú ó thaobh naisc fhisiciúla, malartuithe cumarsáide agus rochtain do dhaoine de a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ó thaobh na réimsí sin de; agus

(b)

gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí 12 mhí tar éis ghlacadh na gcaighdeán ábhartha, Iarscríbhinn II a leasú trí na tagairtí do na caighdeáin dá dtagraítear sna sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta.

4.   I gcás ina bhfuil feidhm le bheith ag gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 i leith na mbonneagar atá ann cheana, beidh na gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar anailís costais is tairbhe a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle in éineacht leis na gníomhartha tarmligthe sin.

5.   I gcás ina bhforbraítear caighdeáin Eorpacha lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla breosla tar éis don Choimisiún gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 19(4), an dara fomhír, a ghlacadh, agus go bhfuil forálacha san áireamh leo lena gceanglaítear lipéadú chun léiriú a thabhairt ar chomhlíonadh leis na caighdeáin lena mbaineann agus go dtagraítear iontu do léiriú grafach, lena n-áirítear scéimeanna dathchódaithe, áireofar sna leasuithe ar Iarscríbhinn II arna nglacadh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo léiriú ar cé na caighdeáin nó ar cé na gníomhartha cur chun feidhme sin a mbeidh feidhm acu agus, i gcás inarb iomchuí, a dhéanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha a aisghairm.

6.   Áireofar sna leasuithe ar Iarscríbhinn II arna nglacadh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3 idirthréimhsí réasúnta maidir le haon sonraíochtaí teicniúla a thugtar isteach nó a leasaítear leis na gníomhartha tarmligthe sin, agus ní bheidh siad ceangailteach i leith an bhonneagair lena mbaineann.

Airteagal 22

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 12 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 13 Aibreán 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 19 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 20 agus 21 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 23

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 24

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil teicneolaíochta agus ullmhachta margaidh atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin na tásca tosaigh maidir le fabhair an mhargaidh. Déanfar inti freisin forbairtí teicneolaíocha agus forbairt na sonraíochtaí teicniúla atá bainte amach faoin dáta sin agus forbairtí a bhfuiltear ag dréim leo sa ghearrthéarma a mheas, go háirithe maidir le caighdeáin agus teicneolaíochtaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe, amhail caighdeáin athluchtaithe ardchumhachta agus córais bóithre leictreacha, agus úsáid hidrigine leachtaí.

Maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, déanfaidh an Coimisiún measúnú sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6 i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus margaidh, an gá atá le toilleadh níos airde a shonrú do na stáisiúin sin, an gá atá le spriocanna a shonrú do bhonneagar athbhreoslaithe hidrigine leachtaí, chomh maith leis an dáta chun na ceanglais maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine a imscaradh chuig an ngréasán cuimsitheach TEN-T a fhadú.

2.   Faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo.

Ina athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

i dtaobh an bhfuil na tairseacha tráchta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), in Airteagal 4(4) agus (5) agus in Airteagal 6(4) fós ábhartha i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar sciar na bhfeithiclí faoi thiomáint hidrigine nó feithiclí ceallra-leictreacha i gcomparáid leis an bhflít iomlán feithiclí atá i gcúrsaíocht san Aontas;

(b)

i dtaobh an bhfuil na modhanna leictreonacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) fós iomchuí;

(c)

feidhmiú an tsásra praghsála le haghaidh stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus i dtaobh an soláthraíonn na comhpháirteanna praghsála a leagtar síos in Airteagal 5(4), faisnéis shoiléir leordhóthanach do thomhaltóirí;

(d)

laghdú féideartha ar an tairseach olltonnáiste, a leagtar síos in Airteagal 9, chomh maith leis an bhféidearthacht raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig cineálacha eile long tar éis coigeartuithe ábhartha a dhéanamh ar ghníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;

(e)

an staid reatha agus an fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar an margadh i gcás na heitlíochta hidrigine agus tiomána leictrigh;

(f)

éifeachtaí an Rialacháin seo maidir le hacmhainneacht agus méid an sceite carbóin.

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar a mhéid atá bainte amach ó thaobh cuspóirí de ag cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar a mhéid atá imeartha aige ó thaobh tionchair de ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha a chumhdaítear leis. Cumhdófar leis an athbhreithniú sin freisin idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais agus sainaithneofar ann aon fhorálacha a d’fhéadfaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú, chomh maith le gníomhaíochtaí agus bearta atá déanta nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar earnálacha ábhartha a laghdú. Mar chuid d’anailís an Choimisiúin ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, áireofar san athbhreithniú freisin measúnú ar an ualach a fhorchuirtear ar ghnólachtaí leis an Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún a mheas, más iomchuí, an mbeidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin, ag féachaint don toradh a bheidh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 25

Aisghairm

1.   Déantar Treoir 2014/94/AE agus Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/1745 agus (AE) 2021/1444 a aisghairm le héifeacht ón 13 Aibreán 2024.

2.   Déanfar na tagairtí do Threoir 2014/94/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Aibreán 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 138.

(2)   IO C 270, 13.7.2022, lch. 38.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 2023.

(4)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(6)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(7)  Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 202).

(8)  Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Féach leathanach 48 den Iris Oifigiúil).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

(10)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(11)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(12)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(13)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a chur in iúl do thomhaltóirí (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(14)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(15)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).

(16)  Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh seirbhísí láimhseála ar an talamh in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 272, 25.10.1996, lch. 36).

(17)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54).

(18)  Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(19)  Treoir 1999/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle na 13 Nollaig 1999 a bhaineann le hinfhaighteacht faisnéise do thomhaltóirí maidir le barainneacht bhreosla agus astaíochtaí CO2 i dtaca le gluaisteáin phaisinéirí nua a mhargú (IO L 12, 18.1.2000, lch. 16).

(20)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama uile-AE a sholáthar (IO L 122, 25.4.2022, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(22)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1745 ón gCoimisiún an 13 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar agus lena leasaítear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pointí athluchtaithe do mhótarfheithiclí de chatagóir L, soláthar leictreachais cois cladaigh do shoithí uiscebhealaí intíre, soláthar hidrigine d’iompar de bhóthar agus soláthar gáis nádúrtha d’iompar de bhóthar agus d’iompar d’uisce agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/674 ón gCoimisiún (IO L 268, 22.10.2019, lch. 1).

(25)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1444 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le pointí athluchtaithe le haghaidh busanna leictreacha (IO L 313, 6.9.2021, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

(29)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/EC (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(30)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin a bhunú lena sonraítear leibhéal seirbhíse agus slándála na limistéar páirceála sábháilte slán agus leis na nósanna imeachta chun iad a dheimhniú (IO L 170, 28.6.2022, lch. 27).

(31)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(32)  Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadain le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Tuairisciú

Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15(1) den Rialachán:

1.

socrú spriocanna

(a)

réamh-mheastacháin maidir le glacadh feithiclí an 31 Nollaig sna blianta 2025, 2030 agus 2035 i gcás:

feithiclí saothair éadroim, ar leithligh i gcás feithiclí ceallra-leictreacha saothair éadroim, feithiclí hibride inluchtaithe saothair éadroim agus feithiclí faoi thiomáint hidrigine saothair éadroim;

feithiclí tromshaothair, ar leithligh i gcás feithiclí ceallra-leictreacha tromshaothair agus feithiclí tromshaothair faoi thiomáint hidrigine;

(b)

spriocanna le haghaidh an 31 Nollaig sna blianta 2025, 2027, 2030, agus 2035 i gcás:

bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha saothair éadroim: an líon stáisiún athluchtaithe agus an aschur cumhachta (aicmiú na stáisiún athluchtaithe de réir Iarscríbhinn III);

stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí leictreacha saothair éadroim nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, más infheidhme;

bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair: an líon stáisiún athluchtaithe agus an t-aschur cumhachta;

stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair nach bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, más infheidhme;

stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine: líon na stáisiún athbhreoslaithe, toilleadh na stáisiún athbhreoslaithe agus an nascóir a sholáthraítear;

stáisiúin athbhreoslaithe ar bhóithre le haghaidh meatáin leachtaithe: líon na stáisiún athbhreoslaithe agus toilleadh na stáisiún;

pointí athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear an suíomh (calafort) agus an toilleadh in aghaidh an chalafoirt;

soláthar leictreachais cois cladaigh ag calafoirt mhuirí den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh beacht (calafort) agus toilleadh gach suiteála laistigh den chalafort;

soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre den chroíghréasán TEN-T agus den ghréasán cuimsitheach TEN-T, lena n-áirítear suíomh (calafort) agus toilleadh;

soláthar leictreachais le haghaidh aerárthaí ina stad, líon na suiteálacha in aghaidh an aerfoirt den chroíghréasán TEN-T nó an aerfoirt den ghréasán cuimsitheach TEN-T;

spriocanna agus cuspóirí náisiúnta eile nach ann do spriocanna náisiúnta éigeantacha ar fud an Aontais ina dtaobh, más iomchuí. I gcás bonneagar breoslaí malartacha i gcalafoirt, in aerfoirt agus i gcás iarnróid, ní mór suíomh agus toilleadh/méid na suiteála a thuairisciú;

2.

rátaí úsáide: i gcás na gcatagóirí faoi phointe 1(b), úsáid an bhonneagair sin a thuairisciú;

3.

leibhéal bainte amach na spriocanna náisiúnta arna dtuairisciú chun breoslaí malartacha a chur in úsáid sna modhanna éagsúla iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer):

leibhéal bainte amach na spriocanna maidir le himscaradh bonneagair dá dtagraítear i bpointe 1(b) i gcás na modhanna iompair uile is infheidhme, go háirithe maidir le stáisiúin athluchtaithe, córas bóithre leictreacha (más infheidhme), stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, soláthar leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus i gcalafoirt uiscebhealaigh intíre, buncaeireacht meatáin leachtaithe sna príomhchalafoirt mhuirí TEN-T, bonneagar breoslaí malartacha eile i gcalafoirt, soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad;

i gcás pointí athluchtaithe, lena sonraítear an cóimheas idir bonneagar poiblí agus bonneagar príobháideach;

bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid laistigh de nóid uirbeacha;

4.

an t-athbhreithniú ar na cásanna ina bhfuil úsáid bainte ag na Ballstáit as na maoluithe a leagtar síos in Airteagal 3, míreanna (6), (7) agus (8), Airteagal 4, míreanna (6), (7) agus (8) agus Airteagal 6, mír (4);

5.

bearta dlíthiúla: faisnéis faoi bhearta dlíthiúla, a bhféadfadh bearta reachtacha, rialála nó riaracháin a bheith i gceist leo chun tacú le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt, amhail ceadanna tógála, ceadanna áiteanna páirceála, deimhniú ar fheidhmíocht chomhshaoil gnólachtaí agus lamháltais maidir le stáisiún athluchtaithe agus athbhreoslaithe;

6.

faisnéis faoi na bearta beartais lena dtacaítear le cur chun feidhme an chreata beartais náisiúnta, lena n-áirítear:

dreasachtaí díreacha chun modhanna iompair a úsáideann breoslaí malartacha a cheannach nó chun an bonneagar a fhorbairt;

infhaighteacht dreasachtaí cánach chun modhanna iompair a úsáideann breoslaí malartacha agus an bonneagar ábhartha a chur chun cinn;

úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun tacú le breoslaí malartacha, lena n-áirítear comhsholáthar;

dreasachtaí neamhairgeadais de réir an éilimh, mar shampla rochtain fhabhrach ar limistéir theoranta, beartas páirceála agus lánaí tiomnaithe;

7.

tacaíocht na hearnála poiblí i dtaca le cur in úsáid agus monarú, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid, arna mhiondealú de réir an bhreosla mhalartaigh agus de réir an mhodha iompair (bóthar, iarnród, uisce agus aer);

an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le gléasraí monaraíochta le haghaidh teicneolaíochtaí breosla mhalartaigh, arna mhiondealú de réir breosla malartach;

aon riachtanais ar leith a chur san áireamh le linn na chéad chéime d’imscaradh bonneagair breoslaí malartacha;

8.

taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (RTD&D): an buiséad poiblí bliantúil arna leithdháileadh chun tacú le RTD&D ar bhreoslaí malartacha.


IARSCRÍBHINN II

Sonraíochtaí teicniúla

1.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar de bhóthar

1.1.   

Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta le haghaidh mótarfheithiclí:

maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le hasraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017.

1.2.   

Pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh mótarfheithiclí:

maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí an chomhchórais luchtaithe ‘Combo 2’, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-3:2014

maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh feithiclí leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017;

maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh busanna leictreacha, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le nascóirí an chomhchórais luchtaithe ‘Combo 2’, ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-3:2014.

1.3.   

Pointí athluchtaithe le haghaidh mótarfheithiclí de chatagóir L:

Na pointí athluchtaithe ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA), atá inrochtana don phobal agus atá curtha in áirithe d’fheithiclí de chatagóir L suas le 3,7 kW, beidh siad feistithe, chun críoch idir-inoibritheachta, le ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a)

asraonta soicéid nó le nascóirí feithicle de Chineál 3A ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017 (le haghaidh luchtú i Mód 3);

(b)

asraonta soicéid atá i gcomhréir le IEC 60884-1:2002+A1:2006+A2:2013 (le haghaidh luchtú i Mód 1 nó Mód 2);

1.4.   

Pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus pointí athluchtaithe ardchumhachta le haghaidh busanna leictreacha:

maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus ardchumhachta ag a bhfuil sruth ailtéarnach (SA) le haghaidh busanna leictreacha, beidh siad feistithe le nascóirí feithicle de Chineál 2 ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-2:2017.

maidir le pointí athluchtaithe gnáthchumhachta agus pointí athluchtaithe ardchumhachta ag a bhfuil sruth díreach (SD) le haghaidh busanna leictreacha, beidh siad feistithe le nascóirí an chomhchórais luchtaithe ‘Combo 2’ ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 62196-3:2014.

1.5.   

Maidir le gaireas uathoibrithe comhéadain teagmhála le haghaidh busanna leictreacha a athluchtaítear gan sreang i mód 4, i gcomhréir le caighdeán EN 61851-23-1:2020, beidh sé feistithe le comhéadain mheicniúla agus leictreacha ar a laghad, mar a shainmhínítear i gcaighdeán EN 50696:2021, maidir leis an méid seo a leanas:

gaireas uathnasctha (ACD) atá suite ar an mbonneagar (pantagraf);

gaireas uathnasctha (ACD) atá suite ar dhíon na feithicle;

gaireas uathnasctha (ACD) atá suite faoin bhfeithicil;

gaireas uathnasctha atá suite ar an mbonneagar agus a nascann le taobh na feithicle nó atá suite ar dhíon na feithicle.

1.6.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an nascóir chun feithiclí leictreacha tromshaothair a athluchtú (luchtú SD).

1.7.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim.

1.8.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.9.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim.

1.10.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.11.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach statach gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.12.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le hathluchtú ionduchtach dinimiciúil gan sreang le haghaidh busanna leictreacha.

1.13.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil lastuas trí phantagraf le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.14.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le córas bóithre leictreacha le haghaidh soláthar cumhachta dinimiciúil ar leibhéal na talún trí ráillí seoltacha le haghaidh gluaisteáin leictreacha paisinéirí, feithiclí leictreacha saothair éadroim agus feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.15.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha de chatagóir L.

1.16.   

Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh gluaisteáin leictreacha paisinéirí agus feithiclí leictreacha saothair éadroim.

1.17.   

Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú ceallraí le haghaidh feithiclí leictreacha tromshaothair.

1.18.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe chun rochtain d’úsáideoirí faoi mhíchumas a áirithiú.

2.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú cumarsáide in earnáil athluchtaithe na bhfeithiclí leictreacha

2.1.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an fheithicil leictreach agus an pointe athluchtaithe (cumarsáid ó fheithicil go heangach).

2.2.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir an pointe athluchtaithe agus córas bainistíochta an phointe athluchtaithe (cumarsáid chúil).

2.3.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe, na soláthraithe seirbhíse leictrea-shoghluaisteachta agus na hardáin ríomhfhánaíochta.

2.4.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir leis an gcumarsáid idir oibreoir an phointe athluchtaithe agus na hoibreoirí córais dáilte.

3.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar hidrigine le haghaidh feithiclí iompair de bhóthar

3.1.   

Maidir le pointí athbhreoslaithe hidrigine lasmuigh lena ndáiltear hidrigin ghásach a úsáidtear mar bhreosla ar bord mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, na ceanglais idir-inoibritheachta ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 17127:2020.

3.2.   

Na saintréithe cáilíochta hidrigine a dháiltear le pointí athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad na ceanglais ar a bhfuil tuairisc i gcaighdeán EN 17124:2022. Tugtar tuairisc sa chaighdeán freisin ar na modhanna chun a áirithiú go gcomhlíonfar cáilíocht na hidrigine.

3.3.   

Comhlíonfaidh an t-algartam breoslaithe ceanglais chaighdeán EN 17127:2020.

3.4.   

A luaithe a thabharfar próiseas deimhnithe chaighdeán EN ISO 17268:2020 i gcrích, comhlíonfaidh na nascóirí mótarfheithiclí le haghaidh athbhreoslú hidrigine gásaí an caighdeán sin ar a laghad.

3.5.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh feithiclí tromshaothair.

3.6.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le nascóirí le haghaidh pointí athbhreoslaithe lena ndáiltear hidrigin leachtaithe le haghaidh feithiclí tromshaothair.

4.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le meatán le haghaidh iompar de bhóthar

4.1.   

Maidir le pointí athbhreoslaithe gáis nádúrtha chomhbhrúite (CNG) le haghaidh mótarfheithiclí, comhlíonfaidh siad brú breoslaithe (brú seirbhíse) de leithead 20,0 MPa (200 bar) ag 15 °C. Ceadaítear uasbhrú breoslaithe 26,0 MPa ag a bhfuil ‘cúiteamh teochta’ i gcomhréir le caighdeán EN ISO 16923:2018.

4.2.   

Comhlíonfaidh próifíl an nascóra Rialachán Uimh. 110 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip lena dtagraítear do chodanna I agus II i gcaighdeán EN ISO 14469:2017.

4.3.   

Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcás meatán leachtaithe le haghaidh mótarfheithiclí beidh siad i gcomhréir le brú breoslaithe atá níos ísle ná uasbhrú oibre incheadaithe umar na feithicle mar a luaitear i gcaighdeán EN ISO 16924:2018, ‘Stáisiúin breoslaithe gáis nádúrtha – stáisiúin GNL le haghaidh feithiclí breoslaithe’. Ina theannta sin, comhlíonfaidh próifíl an nascóra caighdeán EN ISO 12617:2017 ‘Feithiclí bóthair – nascóir athbhreoslaithe gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) – nascóir 3,1 MPa’.

5.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le soláthar leictreachais le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

5.1.   

Maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh longa farraige, lena n-áirítear dearadh, suiteáil agus tástáil na gcóras, comhlíonfaidh sé, ar a laghad, sonraíochtaí teicniúla chaighdeán EC/IEEE 80005-1:2019/AMD1:2022, a mhéid a bhaineann le naisc ardvoltais cois cladaigh.

5.2.   

Maidir le plocóidí, asraonta soicéid agus cúplairí loinge le haghaidh nasc ardvoltais cois cladaigh, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, sonraíocht theicniúil caighdeán IEC 62613-1:2019

5.3.   

Maidir le soláthar leictreachais cois cladaigh le haghaidh soithí uiscebhealaigh intíre, comhlíonfaidh sé, ar a laghad, caighdeán EN 15869-2:2019 nó caighdeán EN 16840:2017 ag brath ar na riachtanais fuinnimh.

5.4.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí muirí, lena n-áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí muirí.

5.5.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athluchtaithe ceallraí cois cladaigh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, lena n-áirítear idirnascacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

5.6.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadain chumarsáide ó shoitheach go calafort i gcórais uathoibríocha soláthair cumhachta ar tír (OPS) agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí muirí.

5.7.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le comhéadain chumarsáide ó shoitheach go calafort i gcórais uathoibríocha soláthair cumhachta ar tír (OPS) agus i gcórais athluchtaithe ceallraí le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

5.8.   

Más indéanta go teicniúil, sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú agus athluchtú ceallraí ag stáisiúin ar tír le haghaidh soithí loingseoireachta intíre.

6.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht hidrigine le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

6.1.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine.

6.2.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin ghásach (chomhbhrúite) le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine.

6.3.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin leachtach le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint hidrigine.

6.4.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair hidrigin leachtach le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint hidrigine.

7.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

7.1.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint meatánóil.

7.2.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair meatánól le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint meatánóil.

8.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

8.1.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh soithí muirí faoi thiomáint amóinia.

8.2.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe agus buncaeireacht i gcomhair amóinia le haghaidh soithí loingseoireachta intíre faoi thiomáint amóinia.

9.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le pointí athbhreoslaithe meatáin leachtaithe le haghaidh iompar muirí agus loingseoireacht intíre

9.1.   

Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcomhair meatán leachtaithe le haghaidh longa farraige, nach gcumhdaítear leis an gCód Idirnáisiúnta um Thógáil agus Trealamh Long a Iompraíonn Gáis Leachtaithe i mBulc (Cód IGC), comhlíonfaidh siad, ar a laghad, caighdeán EN ISO 20519:2017.

9.2.   

Maidir le pointí athbhreoslaithe i gcomhair meatán leachtaithe le haghaidh soithí uiscebhealaigh intíre, comhlíonfaidh siad, ar a laghad, caighdeán EN ISO 20519:2017 (codanna 5.3 go 5.7) chun críoch idir-inoibritheachta amháin.

10.   

Sonraíochtaí teicniúla a bhaineann le lipéadú breoslaí

10.1.   

Maidir leis an lipéad ‘Breoslaí - Sainaithint comhoiriúnachta feithicle - Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí’ comhlíonfaidh sé caighdeán EN 16942:2016+A1:2021.

10.2.   

Maidir leis an lipéad ‘Sainaithint comhoiriúnachta feithiclí agus bonneagar - Léiriú grafach le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí maidir le soláthar cumhachta EV’ comhlíonfaidh sé, ar a laghad, caighdeán EN 17186:2019.

10.3.   

An mhodheolaíocht choiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí malartacha a leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/732 ón gCoimisiún (1).

10.4.   

Sonraíochtaí teicniúla maidir le stáisiúin athluchtaithe leictreacha agus saoráidí athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh iompar d’iarnród.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/732 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2018 maidir le modheolaíocht coiteann chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna aonaid breoslaí malartacha i gcomhréir le Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 123, 18.5.2018, lch. 85).


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais tuairiscithe maidir le feithiclí leictreacha agus bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal a imscaradh

1.   

Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú ar imscaradh feithiclí leictreacha a chatagóiriú mar seo a leanas:

feithiclí ceallra-leictreacha, ar leithligh i gcás chatagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

feithiclí hibride inluchtaithe, ar leithligh i gcás chatagóirí M1, N1, M2/3 agus N2/3

2.   

Ní mór do na Ballstáit a dtuairisciú maidir le himscaradh pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal a aicmiú mar seo a leanas:

Catagóir

Fochatagóir

Aschur uasta cumhachta

Sainmhíniú de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo

Catagóir 1 (SA)

Pointe athluchtaithe mall,

SA, aonchéim

P < 7,4 kW

Pointe athluchtaithe gnáthchumhachta

Pointe athluchtaithe faoi mheánluas,

SA, tríchéim

7,4 kW ≤ P ≤ 22 kW

Pointe athluchtaithe tapa,

SA, tríchéim

P > 22 kW

Pointe athluchtaithe ardchumhachta

Catagóir 2 (SD)

Pointe athluchtaithe mall, SD

P < 50 kW

Pointe athluchtaithe tapa, SD

50 kW ≤ P < 150 kW

Leibhéal 1 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD

150 kW ≤ P < 350 kW

Leibhéal 2 - Pointe athluchtaithe sárthapa, SD

P ≥ 350 kW

3.   

Ní mór na sonraí seo a leanas a sholáthar ar leithligh le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d‘fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair:

líon na bpointí athluchtaithe, atá le tuairisciú le haghaidh gach ceann de na catagóirí faoi phointe 2;

líon na stáisiún athluchtaithe, atá le tuairisciú le haghaidh gach ceann de na catagóirí faoi phointe 2;

iomlán comhiomlánaithe aschuir cumhachta na stáisiún athluchtaithe.


IARSCRÍBHINN IV

Tábla comhghaoil

Treoir 2014/94/AE

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 14

Airteagal 4

Airteagail 3, 4, 5, 9 agus 10

Airteagal 5

Airteagal 6

-

Airteagal 7

Airteagal 6

Airteagail 8 agus 11

-

Airteagal 12

-

Airteagal 13

Airteagal 7

Airteagal 19

Airteagal 8

Airteagal 22

Airteagal 9

Airteagal 23

Airteagal 10

Airteagail 15, 16 agus 24

-

Airteagal 17

-

Airteagal 18

-

Airteagal 20

-

Airteagal 21

-

Airteagal 25

Airteagal 11

-

Airteagal 12

Airteagal 26

Airteagal 13

-

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

-

Iarscríbhinn III


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/48


RIALACHÁN (AE) 2023/1805 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

San earnáil muiriompair atá thart ar 75 % de thrádáil sheachtrach an Aontais agus 31 % dá thrádáil inmheánach i dtéarmaí méideanna. Téann 400 milliún paisinéir ar bord nó i dtír i gcalafoirt de chuid na mBallstát go bliantúil, tuairim agus 14 mhilliún ar longa paisinéirí cúrsála san áireamh. Dá bhrí sin, is cuid riachtanach de chóras iompair an Aontais é an muiriompar agus tá ról ríthábhachtach aige maidir le geilleagar an Aontais. Tá an margadh muiriompair faoi réir iomaíochas láidir idir gníomhaithe eacnamaíocha laistigh den Aontas agus lasmuigh de, iomaíochas a bhfuil cothrom iomaíochta fíor-riachtanach lena aghaidh. Maidir le cobhsaíocht agus rathúnas an mhargaidh muiriompair agus ghníomhaithe eacnamaíocha an mhargaidh sin, braitheann sin ar chreat beartais atá soiléir agus comhchuibhithe inar féidir le hoibreoirí muiriompair, calafoirt agus gníomhaithe eile san earnáil feidhmiú ar bhonn comhionannas deiseanna. I gcás ina dtarlaíonn saobhadh margaidh, bíonn an riosca ann go gcuirfí oibreoirí muiriompair nó calafoirt faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena n-iomaitheoirí laistigh den earnáil muiriompair nó in earnálacha iompair eile. D’fhéadfadh caillteanas a bheith ann mar thoradh ar an míbhuntáiste sin in iomaíochas an tionscail muiriompair, mar aon le níos lú post agus caillteanas nascachta le haghaidh saoránach agus gnólachtaí.

(2)

De réir Thuarascáil Gheilleagar Gorm an Aontais, 2022, cruthaíodh thart ar 5,7 milliún post in 2014 san iomlán le Geilleagar Gorm an Aontais, ar cruthaíodh 3,2 milliún díobh trí fhostaíocht dhíreach sna hearnálacha seanbhunaithe agus 2,5 milliún breise a gineadh trí na slabhraí soláthair faoi seach. Luaitear sa tuarascáil sin freisin go gcruthaíonn calafoirt mhuirí an Aontais amháin tuairim is 2,5 milliún post (díreach agus indíreach) in 2014. As an méid sin post, ní dhéantar ach thart ar 0,5 milliún post a léiriú le staidreamh earnálach, toisc go ngineann calafoirt mhuirí tairbhí fostaíochta agus eacnamaíocha in earnálacha eile, mar shampla lóistíocht agus seirbhísí loingseoireachta muirí. Ghin na seacht n-earnáil bhunaithe de Gheilleagar Gorm an Aontais oll-bhreisluach EUR 183,9 billiún in 2019 (3).

(3)

De réir an doiciméid inmheánaigh oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [An Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], i gcomparáid le modhanna eile iompair, is é an muiriompar fós an modh iompair is éifeachtúla ó thaobh carbóin de in aghaidh an tona km. Ag an am céanna, is é trácht loinge go calafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó ó na calafoirt sin a ghineann 11 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) uile an Aontais ó iompar agus 3 go 4 % d’astaíochtaí CO2 uile an Aontais. Meastar go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar, mura ndéanfar gníomhaíocht bhreise. Rannchuideoidh gach earnáil de gheilleagar an Aontais le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú go tapa go glan-nialas faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go leagfadh an tAontas bealach iomchuí amach chun aistriú gasta éiceolaíoch na hearnála muiriompair a bhaint amach, rud a chuideodh freisin le ceannaireacht dhomhanda an Aontais i ndáil leis na teicneolaíochtaí glasa, na seirbhísí glasa agus na réitigh ghlasa a choinneáil agus a chur chun cinn a thuilleadh, agus chun cruthú post a spreagadh sna slabhraí luacha lena mbaineann, agus an t-iomaíochas á choinneáil.

(4)

Chun gealltanas aeráide an Aontais a fheabhsú faoi Chomhaontú Pháras (5), arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’), is é is aidhm do Rialachán (AE) 2021/1119 astaíochtaí GCT (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus cuireann sé an tAontas ar an mbealach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Ina theannta sin, tá gá le hionstraimí beartais comhlántacha éagsúla chun úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgtear go hinbhuanaithe a chur chun cinn agus a bhrostú, lena n-áirítear a n-úsáid san earnáil muiriompair, agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú ag an am céanna. Ní mór an fhorbairt teicneolaíochta agus imscaradh na teicneolaíochta is gá a bheith faoi lánseol faoi 2030 chun ullmhú d’athrú i bhfad níos gasta ina dhiaidh sin. Tá sé ríthábhachtach freisin an nuálaíocht a chothú agus tacú le taighde don nuálaíocht atá ag teacht chun cinn agus don nuálaíocht a bheidh ann amach anseo mar shampla, breoslaí malartacha atá ag teacht chun cinn, éicidhearthóireacht, ábhair bhithbhunaithe, tiomáint ghaoithe agus tiomáint ghaothchuidithe.

(5)

I gcomhthéacs breosla a aistriú chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, tá sé riachtanach feidhmiú ceart mhargadh muiriompair an Aontais maidir le breoslaí muirí a áirithiú, breoslaí ar sciar substaintiúil de chostais na n-oibreoirí loinge iad, chomh maith le hiomaíochas cothrom sa mhargadh a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, do bhearta a bheith costéifeachtach. Is féidir tionchar mór a bheith ag difríochtaí i riachtanais bhreosla ar fud na mBallstát ar fheidhmiú eacnamaíoch oibreoirí loinge agus is féidir tionchar diúltach a bheith ag na difríochtaí sin ar iomaíochas sa mhargadh. De thoradh nádúr idirnáisiúnta na loingseoireachta, féadfaidh oibreoirí loinge méideanna móra breosla a lastáil i dtríú tíortha agus méideanna móra breosla a iompar go furasta, rud a d’fhéadfadh cur leis an mbaol go gcaillfeadh calafoirt an Aontais a n-iomaíochas i gcomparáid le calafoirt nach calafoirt de chuid an Aontais iad. D’fhéadfadh sceitheadh carbóin agus éifeachtaí díobhálacha ar iomaíochas na hearnála a bheith mar thoradh ar an staid sin, más rud é go bhfuil breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ar fáil ag calafoirt mhuirí faoi dhlínse Ballstáit ach mura bhfuil ceanglais ann maidir lena n-úsáid a bhfuil feidhm acu maidir le gach long a thagann isteach nó a imíonn amach as calafoirt mhuirí faoi dhlínse na mBallstát. Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo, ba cheart bearta a leagan síos chun a áirithiú go rachaidh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i bhfód ar mhargadh na mbreoslaí muirí faoi dhálaí cóiriomaíochta i margadh muiriompair an Aontais.

(6)

Tá an earnáil muiriompair faoi réir iomaíocht láidir idirnáisiúnta. Mar gheall ar dhifríochtaí móra idir ualaí rialála ar fud na mbratstát is minic go mbíonn cleachtais nach bhfuil ag teastáil ann, mar shampla athrú brataí long. Le sainghné dhomhanda na hearnála, leagtar béim ar a thábhachtaí atá cur chuige atá neodrach ó thaobh na brataí de agus timpeallacht rialála fhabhrach, a chuideodh chun infheistíocht nua a mhealladh agus iomaíochas chalafoirt, longúinéirí agus oibreoirí long an Aontais a choimirciú.

(7)

Chun tionchar a bheith aige ar ghníomhaíochtaí uile na hearnála muiriompair, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir le leath den fhuinneamh a úsáideann long atá ag tabhairt faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, maidir leis an bhfuinneamh iomlán a úsáideann long atá ag tabhairt faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear laistigh de chalafort faoi dhlínse Ballstáit. D’áiritheofaí leis an gcreat cur i bhfeidhm sin éifeachtacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí thionchar dearfach an chreata sin ar an gcomhshaol a mhéadú. Leis an gcreat sin ba cheart teorainn a chur leis an riosca maidir le cuairteanna seachanta ar chalafoirt agus leis an riosca maidir le dí-chomhchruinniú gníomhaíochtaí athródaithe lasmuigh den Aontas. Chun oibriú rianúil tráchta muirompair a áirithiú agus chun saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint, ba cheart cothrom na Féinne a áirithiú le rialacha comhsheasmhacha a leagtar amach sa Rialachán seo i measc oibreoirí muiriompair agus i measc calafort a áirithiú maidir leis na turais uile a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse na mBallstát nó a imíonn astu, chomh maith le fanacht na long sna calafoirt sin.

(8)

Tá sé ríthábhachtach don Choimisiún agus d’údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú go leanúnach go léiríonn a nósanna imeachta riaracháin dea-chleachtais agus bearta a dhéanamh chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbláil a sheachaint i reachtaíocht earnálach agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a shimpliú, agus ar an gcaoi sin an t-ualach riaracháin ar longúinéirí, ar oibreoirí long, ar chalafoirt agus ar fhíoraitheoirí a choinneáil chomh híseal agus is féidir.

(9)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), le Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (11), agus Treoir ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Aontais maidir le cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (athmhúnlú) chun an méid deimhneachta dlíthiúla agus infheistíochta is gá a áirithiú. Leis an gcomhsheasmhacht sin, d’áiritheofaí creat reachtach comhleanúnach don earnáil muiriompair, lena rannchuidítear le táirgeadh breoslaí malartacha inbhuanaithe a mhéadú go suntasach, lena n-áirithítear imscaradh an bhonneagair is gá agus lena ndreasaítear úsáid na mbreoslaí sin i sciar long atá ag fás go seasta.

(10)

Ba cheart comhairliúcháin a dhéanamh idir comhlacht bainistíochta an chalafoirt agus úsáideoirí an chalafoirt agus geallsealbhóirí ábhartha eile, dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), chun comhordú a dhéanamh ar infhaighteacht seirbhísí calafoirt a chomhordú maidir leis an soláthar breosla malartaigh atá beartaithe agus a imscartar i gcalafoirt, agus maidir leis an éileamh a bhfuiltear ag súil leis ó longa a stadann ag na calafoirt sin.

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le longa ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar a mbratach. Ar mhaithe le comhleanúnachas le rialacha an Aontais agus le rialacha idirnáisiúnta i réimse an mhuiriompair, agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le longa a bhfuil olltonnáiste (GT) os cionn 5 000 acu ach níor cheart feidhm a bheith aige maidir le longa cogaidh, cúntaigh cabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear go meicniúil ná longa rialtais arna n-úsáid chun críoch neamhthráchtála. D’ainneoin nach bhfuil sna longa os cionn OT 5 000 ach thart ar 55 % de na longa uile a thagann isteach i gcalafoirt faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), is iadsan is cúis le thart ar 90 % d’astaíochtaí CO2 ón earnáil muiriompair. Ba cheart don Choimisiún an staid a athmheasúnú go tráthrialta, d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a shíneadh chun longa faoi bhun OT 5 000 a chumhdach.

(12)

Maidir le Ballstáit nach bhfuil aon chalafoirt mhuirí ar a gcríoch acu, aon fhíoraitheoir creidiúnaithe, aon long a bhfuil a mbratach ar foluain orthu agus a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus nach stát riaracháin iad de réir bhrí an Rialacháin seo, ní gá dóibh aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir leis na ceanglais faoi seach faoin Rialachán seo fad atá na himthosca sin ann.

(13)

I bhfianaise na gcostas méadaithe le haghaidh longa a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo, cuireann an easpa beart domhanda leis an mbaol go dtarlódh imchéimniú. Má thugtar cuairteanna seachanta ar chalafoirt lasmuigh den Aontas agus má dhéantar gníomhaíochtaí trasloingsithe a athlonnú chuig calafoirt lasmuigh den Aontas, ní hé hamháin go laghdófar na tairbhí comhshaoil a bhaineann le costais na n-astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a inmheánú, ach d’fhéadfadh astaíochtaí breise a bheith mar thoradh air mar gheall ar an bhfad breise a thaistealaíonn longa chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a imghabháil. Is iomchuí, dá bhrí sin, stadanna áirithe ag calafoirt nach de chuid an Aontais iad a eisiamh ó choincheap an chalafoirt cuarda. Ba cheart an t-eisiamh sin a bheith dírithe ar chalafoirt i gcomharsanacht an Aontais ina bhfuil an baol imghabhála is suntasaí ann. Is ionann teorainn 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus freagairt chomhréireach ar iompar imghabhála, agus cothromaíocht á déanamh idir an t-ualach breise agus an riosca imghabhála. Thairis sin, níor cheart go spriocdhíreofaí leis an eisiamh ó choincheap an chalafoirt cuarda ach ar stadanna a dhéanann longa coimeádán ag calafoirt áirithe nach de chuid an Aontais iad, i gcás inarb ionann trasloingsiú coimeádán agus an chuid is mó den trácht coimeádán. I gcás na loingsithe sin gabhann riosca imghabhála freisin, in éagmais bearta maolaitheacha, le mol calafoirt a aistriú chuig calafoirt lasmuigh den Aontas agus éifeachtaí na himghabhála a ghéarú. Chun comhréireacht agus cóir chomhionann an bhirt dhomhanda a áirithiú, ba cheart aird a thabhairt ar bhearta i dtríú tíortha atá coibhéiseach leis an Rialachán seo.

(14)

Chun cás sonrach na réigiún oileánach a chur san áireamh, mar a chuirtear i dtreis le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar aon leis an ngá le nascacht a chaomhnú idir oileáin agus réigiúin is forimeallaí an Aontais le réigiúin láir an Aontais, ba cheart díolúintí sealadacha a cheadú i gcás muiraistir a dhéanann longa paisinéirí seachas longa cúrsála paisinéirí idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort cuarda atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna atá suite ar oileán ina bhfuil níos lú ná 200 000 buanchónaitheoirí.

(15)

Agus saintréithe agus srianta speisialta na réigiún is forimeallaí den Aontas á gcur san áireamh, go háirithe a n-iargúltacht agus a n-oileánachas, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar inrochtaineacht na réigiún sin agus a nascacht éifeachtúil a chaomhnú trí mhuiriompar. Dá bhrí sin, le haghaidh longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, níor cheart ach leath den fhuinneamh a úsáidtear i gcás muiraistir a imíonn as nó a thagann isteach i gcalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí a áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart díolúintí sealadacha a cheadú i gcás muiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún is forimeallaí, agus i ndáil leis an bhfuinneamh arna úsáid ag longa le linn a bhfanachta laistigh de chalafoirt cuarda na réigiún is forimeallaí comhfhreagrach.

(16)

Na Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile, tá siad ag brath go háirithe ar a nasc muirí leis an gcuid eile den Aontas, go háirithe chun an nascacht is gá a choinneáil dá saoránaigh. Ní mór do na Ballstáit sin brath ar chonarthaí seirbhíse poiblí nó ar oibleagáidí seirbhíse poiblí chun an sprioc maidir le nascacht a chothabháil trí longa paisinéirí a bhaint amach. Ba cheart díolúine shealadach a cheadú chun a chur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá le seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne a sholáthar agus nascacht chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a áirithiú.

(17)

Sa bhreis ar fhéidearthacht ghinearálta do Bhallstáit muiraistir a dhéanann longa paisinéirí, seachas longa paisinéirí cúrsála, chuig oileáin ina bhfuil níos lú ná 200 000 cónaitheoir buan, a dhíolmhú, ba cheart díolúine chomhchosúil a cheadú maidir le muiraistir intíre chuig oileáin a dhéantar faoi chuimsiú conradh seirbhíse poiblí nó atá faoi réir oibleagáid seirbhíse poiblí. Tá na conarthaí agus na hoibleagáidí sin bunaithe ag na Ballstáit chun leibhéal iomchuí nascachta a áirithiú le réigiúin oileánacha ar phraghsanna inacmhainne, ar leibhéal nascachta é nach mbeadh bainte amach ag fórsaí an mhargaidh murach sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteideal na muiraistir sin a dhéanann longa paisinéirí idir a mórthír agus oileán an Bhallstáit chéanna a dhíolmhú go sealadach, chun na coinníollacha faoinar bunaíodh na conarthaí seirbhíse poiblí nó na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a choinneáil ar bun agus chun nascacht inbhuanaithe an oileáin lena mbaineann, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, a áirithiú.

(18)

Bunaítear le hAirteagal 2, pointe 1, de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (14) go gcaithfear leis na calafoirt atá in Ceuta agus Melilla mar an gcéanna le calafoirt oileánacha. Cé nach calafoirt oileánacha iad ó nádúr, ciallaíonn a suíomh geografach ar mhórthír na hAfraice agus easpa nasc talún leis an Spáinn, i ndáil le mórthír na hEorpa agus go háirithe leis an Spáinn, go bhfuil na calafoirt sin inchomparáide le calafoirt oileánacha. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur calafoirt oileánacha iad Ceuta agus Melilla i ndáil leis an díolúine shealadach don chabatáiste muirí idir mórthír Ballstáit agus na hoileáin atá faoina dhlínse.

(19)

Bíonn costais bhreise ar iompar muirí mar thoradh ar an seoltóireacht faoi dhálaí oighir, go háirithe sna codanna thuaidh de Mhuir Bhailt, agus airíonna teicniúla long a aicmítear mar longa oighir, agus d’fhéadfaí na costais sin a mhéadú a thuilleadh leis an Rialachán seo. Na costais bhreise sin le haghaidh longa a aicmítear mar longa oighir a thagann mar thoradh ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir agus ar a n-airíonna teicniúla, ba cheart iad a mhaolú chun cothrom na Féinne a choinneáil. Ba cheart a cheadú do chuideachtaí, dá bhrí sin, go gcuirfí i bhfeidhm, i gcás na long a aicmítear mar longa oighir, méid teoranta coigeartaithe maidir leis an bhfuinneamh arna úsáid ar bord. Ina theannta sin, ar feadh tréimhse theoranta ama, ba cheart go bhféadfaí leis an Rialachán seo sciar den fhuinneamh breise a úsáidtear le linn na seoltóireachta faoi dhálaí oighir a dhíolmhú ar feadh na dtréimhsí sonracha ina mbíonn ar longa a aicmítear mar longa oighir aghaidh a thabhairt ar dhálaí loingseoireachta oighir. Chuige sin, ba cheart modheolaíocht infhíoraithe a bhunú chun comhghaolú a chumasú idir sciar díolmhaithe fuinnimh agus dálaí iarbhír loingseoireachta oighir. Ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht sin, go háirithe i bhfianaise a stóinsí atá an faireachán a dhéantar ar na sonraí is gá chun fad agus fuinneamh breise na loingseoireachta faoi dhálaí oighir a thuairisciú, d’fhonn síneadh féideartha a chur leis an mbeart sin.

(20)

Ba cheart gurbh í an chuideachta an t-eintiteas a bheadh freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, cuideachta a shainmhínítear mar úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile, mar shampla an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a bhfuil an fhreagracht glactha aige, ó úinéir na loinge, an long a oibriú, agus a bhfuil aontaithe aige, trí bhíthin an fhreagracht sin a ghlacadh, na dualgais agus na freagrachtaí uile a fhorchuirtear leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta Long agus um Chosc ar Thruailliú, mar a chuirtear chun feidhme laistigh den Aontas trí Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), a ghlacadh ar láimh. Tá an sainmhíniú ar chuideachta faoin Rialachán seo i gcomhréir leis an gcóras domhanda bailithe sonraí a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) in 2016.

(21)

Chun breoslaí nua agus réitigh fuinnimh nua a fhorbairt agus a imscaradh, ní mór cur chuige comhordaithe a bheith ann chun freastal ar sholáthar, éileamh agus cur ar fáil bonneagar dáilte iomchuí. Cé go dtugann creat rialála reatha an Aontais aghaidh, i bpáirt, ar tháirgeadh breosla trí bhíthin Threoir (AE) 2018/2001 agus ar dháileadh breosla trí bhíthin Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), tá gá freisin le huirlis lena mbunaítear leibhéil mhéadaitheacha éilimh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin.

(22)

Cé go gcuirtear feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn le hionstraimí ar nós praghsáil carbóin nó spriocanna i ndáil le déine carbóin gníomhaíochta, níl siad oiriúnach chun athrú mór a spreagadh i dtreo breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Dá bhrí sin, tá gá le cur chuige rialála sonrach atá tiomnaithe d’imscaradh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh, mar shampla an ghaoth nó leictreachas.

(23)

Maidir le hidirghabháil bheartais chun éileamh ar bhreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a spreagadh, ba cheart í a bheith sprioc-bhunaithe agus ba cheart go ndéanfaí prionsabal na neodrachta teicneolaíche a urramú léi. Dá réir sin, ba cheart teorainneacha a leagan amach ar dhéine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord gan úsáid aon bhreosla nó teicneolaíochta ar leith a fhorordú. Ba cheart teorainneacha den chineál sin a leagan síos i ndáil le luach tagartha, luach a chomhfhreagraíonn do mheándéine GCT an fhlít ón bhfuinneamh arna úsáid ag long ar bord in 2020, meándéine a cinneadh ar bhonn na sonraí a ndearnadh faireachán orthu agus a tuairiscíodh i gcreat Rialachán (AE) 2015/757, ar bhonn na modheolaíochta agus ar bhonn na luachanna réamhshocraithe a leagtar síos in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(24)

Maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil ardacmhainneacht inbhuanaitheachta, aibíocht tráchtála agus ardacmhainneacht nuálaíochta agus fáis chun freastal ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo ag gabháil leo, ba cheart forbairt agus imscaradh na mbreoslaí sin a chur chun cinn. Leis sin, tacófar le margaí breosla nuálacha agus iomaíocha a chruthú agus le soláthar leordhóthanach breoslaí muirí inbhuanaithe a áirithiú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun rannchuidiú le huaillmhianta dícharbónaithe iompair an Aontais, agus san am céanna iarrachtaí an Aontais i leith ardleibhéal cosanta comhshaoil a neartú. Chun na críche sin, ba cheart breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, chomh maith le breoslaí muirí sintéiseacha, a bheith incháilithe. Go háirithe, tá na breoslaí muirí inbhuanaithe arna dtáirgeadh ó na bunábhair a liostaítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 fíor-riachtanach, toisc go mbeidh an teicneolaíocht is aibí ó thaobh na tráchtála de ar fáil cheana féin sa ghearrthéarma chun na breoslaí muirí sin a tháirgeadh d’fhonn muiriompar a dhícharbónú.

(25)

Tarlaíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid nuair a ghlacann saothrú barra le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ról traidisiúnta a dtáirgthe le haghaidh bia agus beatha. Cuireann an t-éileamh breise sin brú breise ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go gcuirfí síneadh le talamh talmhaíochta le go gcumhdófaí limistéir a bhfuil stoc ard carbóin orthu, mar shampla, foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh, rud as a n-eascródh astaíochtaí GCT breise agus cailliúint bhreise bithéagsúlachta. Léiríonn taighde a rinneadh go mbraitheann méid na héifeachta sin ar thosca éagsúla, lena n-áirítear an cineál bunábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, leibhéal an éilimh breise ar bhunábhar i ngeall ar úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, agus a mhéid a thugtar cosaint do thalamh a bhfuil stoc ard carbóin air ar fud an domhain. Ní féidir leibhéal na n-astaíochtaí GCT a eascraíonn as athrú indíreach ar an talamhúsáid a ríomh go haonchiallach a bheaichte agus is gá chun na fachtóirí astaíochta a bhunú a bhfuil gá leo chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, tá fianaise ann go n-eascraíonn athrú indíreach ar an talamhúsáid, ar leibhéil éagsúla, as gach breosla arna tháirgeadh ó bhunábhar. Anuas ar astaíochtaí GCT a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid, a d’fhéadfadh an laghdú ar astaíochtaí GCT a thiocfadh as bithbhreoslaí aonair, as bithleachtanna aonair nó as breoslaí bithmhaise aonair, nó cuid den laghdú sin, a chur ar neamhní – tá rioscaí maidir leis an mbithéagsúlacht ag baint le hathrú indíreach ar an talamhúsáid. Tá na rioscaí sin fíor-thromchúiseach i ndáil leis an leathnú mór táirgthe a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh méadú mór ar an éileamh. Dá réir sin, níor cheart úsáid breoslaí barrbhunaithe bia agus beatha a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise mar sin, i bhfianaise a dtairbhí comhshaoil atá níos ísle, a leibhéil feidhmíochta atá níos ísle i dtéarmaí cumas laghdaithe astaíochtaí GCT agus ábhair imní inbhuanaitheachta níos leithne, le Treoir (AE) 2018/2001 cuirtear teorainn cheana lena n-ionchur, agus cuirtear caidhp air, maidir leis na spriocanna coigiltis i dtaobh astaíochtaí GCT san earnáil iompair de bhóthar agus d’iarnród.

(26)

Chun creat dlíthiúil soiléir intuartha a chruthú agus ar an dóigh sin spreagadh a thabhairt d’fhorbairt luath an mhargaidh agus úsáid na dteicneolaíochtaí breosla is inbhuanaithe agus is nuálaí lena mbaineann acmhainneacht fáis chun freastal ar riachtanais a bheidh ann amach anseo, ní mór dreasacht thiomnaithe a bheith ann do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBO). Tá údar leis an dreasacht sin toisc go bhfuil acmhainneacht mhór ag na cineálacha breosla sin fuinneamh in-athnuaite a thabhairt isteach i meascán an bhreosla umair mhuirí, lena n-acmhainneacht shuntasach dícharbónaithe, chomh maith le costas measta a dtáirgthe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Nuair a tháirgtear iad ó leictreachas agus carbón inbhuanaithe a ghabhtar go díreach ón aer, tá ar chumas breoslaí sintéiseacha laghduithe suas le 100 % a bhaint amach ar astaíochtaí i gcomparáid le breoslaí iontaise. Tá buntáistí suntasacha acu freisin i gcomparáid le cineálacha eile breoslaí inbhuanaithe maidir le héifeachtúlacht acmhainne an phróisis táirgeachta, go háirithe ó thaobh tomhaltas uisce de. Mar sin féin, tá costais táirgthe RFNBO i bhfad níos airde faoi láthair ná praghas margaidh an bhreosla traidisiúnta agus meastar go leanfaidh na hardchostais sin sa mheántéarma. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le meascán beart chun tacaíocht a áirithiú le haghaidh ghlacadh RFNBO inbhuanaithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht ‘iolraitheoir’ a úsáid go dtí deireadh 2033, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an fuinneamh ó RFNBO a chomhaireamh faoi dhó. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag fo-sprioc 2 % RFNBO ó 2034 i leith más rud é, tar éis faireachán a dhéanamh ar an margadh, go dtuairiscíonn an Coimisiún go bhfuil sciar RFNBO sna breoslaí umair muirí arna n-úsáid ag longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo níos lú ná 1 % faoi 2031. Tá sé i gceist leis an meascán sin de bhearta tacú le RFNBO comhartha a thabhairt d’oibreoirí long agus do sholáthraithe breosla maidir le hinfheistíocht a dhéanamh chun an cineál sin breosla in-athnuaite, inscálaithe agus inbhuanaithe a ghlacadh, ós rud é go soláthraítear sprioc deiridh leis lena dtugtar cinnteacht do sholáthraithe breosla maidir le híoséileamh amach anseo chomh maith leis an deis don mhargadh teacht ar an mbealach is éifeachtúla chun coigeartú a dhéanamh dá réir sin. Ós rud é go bhfuil margadh le haghaidh RFNBO muirí le forbairt go fóill, áirítear coimircí agus solúbthacht sa Rialachán seo i dtreo cásanna éagsúla maidir le glacadh margaidh a d’fhéadfadh a bheith ann.

(27)

Cé go bhfuil acmhainneacht ard ag RFNBO freastal ar riachtanais dícharbónaithe san earnáil mhuirí, d’fhéadfadh breoslaí eile acmhainneacht inchomparáide dícharbónaithe a bheith ann freisin. D’fhéadfadh fachtóirí ar nós aibíocht teicneolaíochta nó infhaighteacht don earnáil mhuirí difear a dhéanamh do ghlacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin i gcalafoirt éagsúla. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach neodracht theicneolaíoch a áirithiú agus idirdhealú míchuí a sheachaint in aghaidh breoslaí eile a bhaineann amach laghduithe déine GCT atá comhchosúil le RFNBO, chomh maith le pionós a ghearradh ar longa a úsáideann na breoslaí sin a sheachaint. Chuige sin, tá sé tábhachtach an tairseach 70 % maidir le laghdú ar GCT a cheanglaítear i gcás RFNBO, mar a leagtar amach le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle a thabhairt faoi deara. Is féidir tairseach den sórt sin a shroicheadh freisin le breoslaí seachas RFNBO, de thionscnamh bitheolaíoch nó sintéiseach.

(28)

Faoi láthair, tá leibhéil neamhshuntasacha éilimh ar bhithbhreoslaí, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha san earnáil muiriompair toisc gur de bhunadh iontaise níos mó ná 99 % de na breoslaí muirí atá á n-úsáid faoi láthair. Le neamh-incháilitheacht na mbreoslaí a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha chun rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo, íoslaghdaítear freisin aon riosca maidir le moill a chur le dícharbónú na hearnála iompair, rud a d’fhéadfadh eascairt, murach sin, as aistriú bithbhreoslaí a dhíorthaítear ó bharra ó iompar de bhóthar chuig an muiriompar. Ós rud é go leanann an t-iompar de bhóthar go fóill de bheith ar an earnáil iompair is mó truaillithe ar fad agus go n-úsáidtear breoslaí de bhunadh iontaise den chuid is mó sa mhuiriompar faoi láthair, tá sé fíor-riachtanach aistriú mar sin a íoslaghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí cruthú éilimh ar bhithbhreoslaí ó bharra bia agus beatha, ar bhithleachtanna agus ar bhreoslaí bithmhaise a sheachaint, éileamh a d’fhéadfadh a bheith mór, trína n-úsáid a chur chun cinn faoin Rialachán seo. Dá réir sin, leis na hastaíochtaí GCT breise agus le cailliúint na bithéagsúlachta arb é gach cineál bithbhreosla a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha is cúis leo, ní mór a mheas gur breoslaí iad sin lena mbaineann na fachtóirí astaíochta céanna leis an gconair is lú fabhar.

(29)

De thoradh na n-agaí fada tionscanta a bhaineann le forbairt agus le himscaradh breoslaí agus réiteach fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair, chomh maith le meántréimhse idir 25 agus 30 bliain a bheith i saolré fhadthréimseach long go hiondúil, tá gá le gníomhaíocht ghasta agus le creat rialála fadtéarmach atá soiléir agus intuartha a bhunú lena n-éascófaí pleanáil agus infheistíocht ó na páirtithe leasmhara uile lena mbaineann. Le creat rialála mar sin, éascófar forbairt agus úsáid breoslaí agus réitigh fuinnimh nua le haghaidh an mhuiriompair agus spreagfar infheistíocht ó pháirtithe leasmhara. Le creat rialála mar sin, ba cheart teorainneacha a shainiú le haghaidh déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord go dtí 2050. Ba cheart na teorainneacha sin éirí níos uaillmhianaí le himeacht ama chun an fhorbairt theicneolaíoch agus an méadú ar tháirgeadh breoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhfuil coinne leo a léiriú.

(30)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an mhodheolaíocht agus an fhoirmle a bhunú chun meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh. Ba cheart an fhoirmle sin a bheith bunaithe ar an tomhaltas breosla arna thuairisciú ag longa agus ba cheart fachtóirí astaíochta ábhartha na mbreoslaí arna dtomhailt a mheas léi. Ba cheart úsáid foinsí ionadacha fuinnimh, mar shampla, an ghaoth nó leictreachas, a léiriú sa mhodheolaíocht freisin.

(31)

Chun léargas níos iomláine a thabhairt ar fheidhmíocht chomhshaoil na bhfoinsí fuinnimh éagsúla, ba cheart feidhmíocht GCT breoslaí a mheas ar bhonn tobar-go-marbhshruth, agus tionchair an táirgthe fuinnimh, an iompair, an dáilte agus na húsáide ar bord á gcur san áireamh. Dhéanfaí sin chun dreasachtaí a sholáthar maidir le conairí teicneolaíochta agus táirgthe lena soláthrófaí lorg GCT níos ísle agus fíorthairbhí ag baint leo i gcomparáid leis na breoslaí traidisiúnta atá ann faoi láthair.

(32)

Ba cheart feidhmíocht tobar-go-marbhshruth na mbreoslaí muirí in-athnuaite agus ísealcharbóin a bhunú agus úsáid á baint as fachtóirí astaíochta réamhshocraithe nó fachtóirí astaíochta iarbhír deimhnithe lena gcumhdaítear astaíochtaí tobar-go-humar agus astaíochtaí umar-go-marbhshruth. Chun críoch an Rialacháin seo, níor cheart ach fachtóirí astaíochtaí tobar-go-humar réamhshocraithe agus na fachtóirí astaíochtaí CO2 umar-go-marbhshruth réamhshocraithe le haghaidh breoslaí iontaise a úsáid.

(33)

I gcás dul chun cinn teicneolaíoch maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe GCT nua, mar shampla gabháil carbóin ar bord, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht rannchuidiú na dteicneolaíochtaí sin le laghdú astaíochtaí díreacha GCT ar bord long a léiriú sna foirmlí i dtaca le déine GCT agus cothromaíocht chomhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus IV, faoi seach.

(34)

Ní mór cur chuige cuimsitheach a bheith ann maidir leis na hastaíochtaí GCT is ábhartha (CO2, CH4 agus N2O) chun úsáid foinsí fuinnimh a chur chun cinn a bhfuil lorg iomlán GCT níos ísle acu. Chun acmhainneacht téite domhanda an mheatáin agus ocsaídí nítriúla a léiriú, ba cheart an teorainn a leagtar síos leis an Rialachán seo a shloinneadh i dtéarmaí ‘CO2 coibhéiseach’.

(35)

Le húsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite agus foinse mhalartaigh tiomána, mar shampla an ghaoth agus grianfhuinneamh, laghdaítear go mór an déine GCT maidir le húsáid fhuinneamh foriomlán na loinge. Maidir leis an deacracht na foinsí fuinnimh sin a thomhais agus a chainníochtú go beacht (eadrannacht na húsáide fuinnimh, aistriú díreach chun tiomána, etc.), níor cheart dó sin bac a chur ar a n-aitheantas in úsáid fhuinneamh foriomlán na loinge trí bhíthin meastacháin ar a rannchuidiú le cothromaíocht fuinnimh na loinge.

(36)

Is ábhar imní suntasach ag limistéir chósta agus ag cathracha calafoirt an truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa i gcalafoirt (ocsaídí sulfair, ocsaídí nítrigine agus ábhar cáithníneach). Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí sonracha diana a fhorchur chun astaíochtaí a laghdú ó longa ar múráil le taobh cé.

(37)

Maidir leis an oibleagáid atá ar chalafoirt soláthar cumhachta ar tír (OPS) a chur ar fáil, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1804, ba cheart í a mheaitseáil le hoibleagáid chomhfhreagrach a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le longa chun nascadh le bonneagar OPS agus iad ar múráil le taobh cé, chun éifeachtacht an bhonneagair sin a áirithiú agus an riosca a bhaineann le sócmhainní tréigthe a sheachaint.

(38)

Le húsáid OPS, maolaítear truailliú aeir arna tháirgeadh ag longa agus laghdaítear an méid astaíochtaí GCT arna ghineadh ag an muiriompar. Is éard atá in OPS soláthar cumhachta atá ar fáil do longa, cumhacht atá ag éirí níos glaine, i bhfianaise na sciartha méadaitheacha d’fhuinneamh in-athnuaite agus d’fhoinsí fuinnimh saor ó iontaisí i meascán leictreachais an Aontais. Cé nach gcumhdaítear le Treoir 2014/94/AE ach an fhoráil maidir le pointí nasctha OPS, lean an t-éileamh ar an teicneolaíocht sin agus, dá thoradh sin, imscaradh na teicneolaíochta sin de bheith teoranta riamh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha sonracha a bhunú chun sainordú a thabhairt do longa coimeádán agus longa paisinéirí OPS a úsáid, ós iad na catagóirí long a tháirgeann an méid is mó astaíochtaí in aghaidh na loinge agus iad ar múráil le taobh cé, de réir na sonraí a bailíodh faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2015/757 in 2018.

(39)

Anuas ar OPS, le teicneolaíochtaí eile d’fhéadfaí a bheith ábalta tairbhí comhshaoil coibhéiseacha a chur ar fáil i gcalafoirt. Nuair a léirítear go bhfuil úsáid teicneolaíochta malartaí coibhéiseach le húsáid OPS, ba cheart an long sin a bheith díolmhaithe ón oibleagáid OPS a úsáid.

(40)

Rinneadh tionscadail agus réitigh éagsúla OPS a thástáil le haghaidh longa ar ancaire, ach níl aon réiteach teicniúil aibí inscálaithe ar fáil faoi láthair. Ar an gcúis sin, ba cheart an oibleagáid chun úsáid a bhaint as OPS a theorannú, i bprionsabal, do longa ar mhúráil le taobh cé. Mar sin féin, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú rialta a dhéanamh ar an staid, d’fhonn an oibleagáid sin a leathnú chuig longa ar ancaire, nuair a bheidh na teicneolaíochtaí riachtanacha aibí a ndóthain. Idir an dá linn, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit an oibleagáid OPS a úsáid a fhorchur, i gcásanna áirithe, ar longa atá ar ancaire, mar shampla i gcalafoirt atá feistithe leis an teicneolaíocht sin cheana féin nó atá lonnaithe i limistéir inar cheart aon truailliú a sheachaint.

(41)

Ba cheart eisceachtaí ón oibleagáid OPS a úsáid a chur ar fáil freisin ar roinnt cúiseanna oibiachtúla, a dhéanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintiteas cuí-údaraithe a fhíorú, tar éis dó dul i gcomhairle le heintitis ábhartha i gcás inarb iomchuí. Ba cheart na heisceachtaí sin a theorannú do stadanna neamhsceidealta i gcalafoirt, nach ndéantar ar bhonn córasach, ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, do ghearrfhanachtaí long ar múráil le taobh cé de níos lú ná dhá uair an chloig toisc gurb é sin an t-am íosta is gá chun nascadh a dhéanamh, do chásanna nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, le húsáid giniúna fuinnimh ar bord faoi staideanna éigeandála agus do thástálacha cothabhála agus feidhmiúla.

(42)

I gcalafoirt a thagann faoi réir cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, i gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach, ba cheart eisceachtaí a bheith teoranta go dtí go mbeadh dóthain ama ag longúinéirí agus oibreoirí calafoirt na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, chun na dreasachtaí is gá a chur ar fáil le haghaidh na n-infheistíochtaí sin agus chun iomaíochas éagórach a sheachaint. Ba cheart d’oibreoirí loinge a gcuairteanna ar chalafoirt a phleanáil go cúramach chun a áirithiú go mbeidh siad in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh agus iad ar múráil le taobh cé gan truailleáin aeir ná GCT a astú chun an comhshaol i limistéir chósta agus i gcathracha calafoirt a chosaint. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le líon teoranta eisceachtaí is infheidhme i gcás nach bhfuil OPS ar fáil nó ina bhfuil sé neamh-chomhoiriúnach chun freastal ar chásanna nár soláthraíodh OPS, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag oibreoir na loinge orthu. Chun an riosca a bhaineann le sócmhainní tréigthe a mhaolú, mar aon le neamh-chomhoiriúnacht bhonneagar OPS ar bord agus i mbeart agus éileamh ar bhreoslaí malartacha agus míchothromaíochtaí soláthair, ba cheart cruinnithe comhairliúcháin rialta idir geallsealbhóirí ábhartha a eagrú chun ceanglais agus pleananna a bheidh ann amach anseo a phlé agus cinntí a dhéanamh ina leith.

(43)

Leis an gceanglas ar chalafoirt OPS a sholáthar, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/1804, cuirtear san áireamh na cineálacha long a bhfreastalaítear orthu agus na méideanna tráchta faoi seach de chalafoirt mhuirí. Maidir leis an gceanglas i dtaca le longa a nascadh le OPS, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le longa agus iad ag dul isteach i gcalafoirt nach gcumhdaítear leis an gceanglas OPS a leagtar amach sa Rialachán sin, seachas má tá OPS suiteáilte ag an gcalafort agus má tá sé ar fáil ag an gcé a bhfuil cuairt á tabhairt air, agus sa chás sin, ba cheart ceangal a chur ar an long nascadh le OPS ón 1 Eanáir 2035.

(44)

I bhfianaise na n-éifeachtaí dearfacha ar thruailliú aeir áitiúil a bhaineann le húsáid OPS agus an gá le húsáid na teicneolaíochta sin a dhreasú sa ghearrthéarma, ba cheart déine charbóin tháirgeadh an leictreachais arna soláthar ag beart a áireamh ag nialas. Ba cheart don Choimisiún a bheartú go bhféadfaí na hastaíochtaí GCT iarbhír a bhaineann leis an leictreachas a sheachadtar trí OPS a chur san áireamh ag céim níos déanaí.

(45)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na samhlacha rialachais éagsúla do chalafoirt ar fud an Aontais, go háirithe maidir leis an bhfreagracht as deimhniú a eisiúint lena ndíolmhaítear long ón oibleagáid nascadh le OPS.

(46)

Tá comhordú idir calafoirt agus oibreoirí long ríthábhachtach chun nósanna imeachta nasctha réidhe le OPS i gcalafoirt a áirithiú. Ba cheart d’oibreoirí long na calafoirt ar a bhfuil siad ag tabhairt cuairt a chur ar an eolas faoin rún atá acu nascadh le OPS agus méid na cumhachta is gá le linn na cuairte ar leith, go háirithe nuair is mó é ná na riachtanais a mheastar a bheith ann don chatagóir loinge sin.

(47)

Ó 2035 ar aghaidh, ba cheart líon na n-eisceachtaí a dheonaítear faoin Rialachán seo ón oibleagáid nascadh le OPS, a bhfuil feidhm acu maidir le cásanna áirithe nach féidir leis an long nascadh le OPS, a theorannú in aghaidh na loinge le linn tréimhse tuairiscithe. Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le longa agus chun na difríochtaí idir a bpróifílí oibriúcháin a léiriú, ba cheart a léiriú le líon na n-eisceachtaí minicíocht chuairteanna na long ar chalafoirt ach níor cheart níos mó ná deich gcuairt ar chalafort a bheith i gceist riamh in aghaidh na tréimhse tuairiscithe. Mar sin féin, níor cheart pionós a ghearradh ar long agus níor cheart cuairteanna ar chalafort a chomhaireamh i gcoinne uaslíon na n-eisceachtaí i gcás inar iarr an long, roimh theacht isteach i gcalafort, nascadh le OPS agus inar ghlac an calafort nó an t-eintiteas cuí-údaraithe leis an iarraidh sin, ach nach bhfuil an long in ann nascadh le OPS, agus ina bhfuil sí in ann a léiriú nach bhféadfadh sí a bheith ar an eolas go réasúnta nach mbeadh sí in ann nascadh le OPS.

(48)

Leis an Rialachán seo, ba cheart córas láidir trédhearcach faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh a fhorálacha a rianú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras sin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach maidir le gach long agus ba cheart gá a bheith le fíorúchán tríú páirtí chun cruinneas na sonraí a chuirtear isteach sa chóras sin a áirithiú. Chun gur fusa cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, ba cheart aon sonraí a tuairiscíodh cheana chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid, i gcás inar gá, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a dheimhniú chun an t-ualach riaracháin a fhorchuirtear ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar údaráis inniúla a theorannú.

(49)

Ba cheart do chuideachtaí a bheith freagrach as faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh agus ar an gcineál fuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus iad i mbun loingseoireachta agus i mbeart, chomh maith le faisnéis ábhartha eile, mar shampla, faisnéis faoin gcineál innill atá ar bord nó faoi theicneolaíochtaí tiomána gaothchuidithe a bheith ann, d’fhonn comhlíontacht a léiriú leis an teorainn le déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun gur fusa do na fíoraitheoirí na hoibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe sin a chomhlíonadh agus na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, cosúil lena dhéantar le Rialachán (AE) 2015/757, ba cheart do chuideachtaí an modh faireacháin atá beartaithe a dhoiciméadú agus tuilleadh sonraí a chur ar fáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i bplean faireacháin. Ba cheart an plean faireacháin, chomh maith le haon mhodhnú air ina dhiaidh sin, más infheidhme, a chur faoi bhráid an fhíoraitheora agus ba cheart don fhíoraitheoir meastóireacht a dhéanamh air.

(50)

Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin, ba cheart córas uathúil faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú i gcomhair cuideachtaí, chun gníomhartha dlí an Aontais maidir le laghdú astaíochtaí GCT ón muiriompar a chur chun feidhme. Chun na críche sin, go gairid tar éis fhoilsiú an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht an Rialacháin seo le Rialachán (AE) 2015/757 a scrúdú mar aon le haon dúbailt a d’fhéadfadh a bheith eatarthu agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a ullmhú chun an Rialachán seo nó Rialachán (AE) 2015/757 a leasú.

(51)

Tá deimhniúchán láidir breoslaí agus faireachán láidir ar bhreoslaí fíor-riachtanach chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus chun sláine comhshaoil na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a ráthú, breoslaí a meastar go ndéanfar iad a imscaradh san earnáil mhuirí. Ba cheart tabhairt faoin deimhniúchán sin trí bhíthin próiseas trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. D’fhonn deimhniúchán a éascú agus an t-ualach riaracháin a theorannú, ba cheart do dheimhniú breoslaí a shainítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, le forálacha ábhartha gnímh dlí de chuid an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus in hidrigin, a bheith ag brath ar na rialacha arna mbunú leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais maidir le deimhniúchán. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige deimhniúcháin sin maidir le breoslaí a stóráiltear lasmuigh den Aontas freisin, ar cheart iad a mheas mar bhreoslaí allmhairithe, ar an gcaoi chéanna a ndéantar sin le Treoir (AE) 2018/2001. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag cuideachtaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe dá bhforáiltear leis na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais nó leis an gcreat nua sin, níor cheart sin a dhéanamh ach amháin nuair is féidir na luachanna a dheimhniú le ceann de na scéimeanna deonacha a aithnítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, faoi ghníomh dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus in hidrigin, agus lena mbunaítear tairseacha áirithe maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT chomh maith leis na modheolaíochtaí chun iad a ríomh (i gcás luachanna tobair-go-humar).

(52)

Ba cheart an deis imthosca astaíochta iarbhír umar-go-marbhshruth a ríomh, ar fachtóirí iad a imíonn ó na fachtóirí sin a shainítear in Iarscríbhinn II, a chur ar fáil do chuideachtaí, ar choinníoll go gcinnfear an ríomh sin i gcomhréir le caighdeáin aitheanta idirnáisiúnta atá ábhartha don ábhar agus go dtacaíonn na caighdeáin sin leo. Ba cheart an ríomh sin ar fhachtóirí astaíochta umar-go-marbhshruth a leathnú go príomha chun tástáil saotharlainne a dhéanamh nó chun astaíochtaí a thomhas go díreach i gcás astaíochtaí gan chuntas ó thiontairí fuinnimh, lena n-áirítear innill dócháin inmheánaigh, cealla breosla agus aonaid ghaolmhara athchóirithe, gástuirbíní nó coirí. Ós rud é go mbaineann fachtóirí astaíochta iarbhír CO2 umar-go-marbhshruth le comhdhéanamh an bhreosla seachas leis an tiontaire fuinnimh, níor cheart iad a bheith éagsúil leis na luachanna réamhshocraithe atá in Iarscríbhinn II. Níor cheart na fachtóirí astaíochta umar-go-marbhshruth sin a athríomh, go háirithe i gcás breoslaí sintéiseacha nó bithbhreoslaí, ach amháin i gcás ina bhforbraítear aon chaighdeán idirnáisiúnta ábhartha chuige sin. Níor cheart go bhféadfaí imeacht ó na luachanna réamhshocraithe a chuirtear i láthair le haghaidh na bhfachtóirí astaíochta dócháin CO2 i gcás breoslaí iontaise.

(53)

Is iad fíoraitheoirí a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin. Chun neamhchlaontacht agus éifeachtacht a áirithiú, ba cheart na fíoraitheoirí a bheith ina n-eintitis dlí inniúla neamhspleácha agus ba cheart iad a bheith creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Ba cheart na hacmhainní agus an fhoireann atá i gcomhréir le méid an chabhlaigh a ndéanann siad gníomhaíochtaí fíorúcháin ina leith faoin Rialachán seo a bheith ag fíoraitheoirí. Le fíorú, ba cheart cruinneas agus iomláine an fhaireacháin agus an tuairiscithe arna ndéanamh ag cuideachtaí agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

(54)

Agus úsáid á baint as na sonraí agus as an bhfaisnéis a ndéanann cuideachtaí faireachán orthu agus a thuairiscíonn siad, ba cheart do na fíoraitheoirí meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus iarmhéid comhlíontachta na loinge maidir leis an teorainn a ríomh agus a bhunú, lena n-áirítear aon bharrachas nó easnamh comhlíontachta, chomh maith lena chinneadh cé acu ar chloígh nó nár chloígh an long leis an oibleagáid maidir le OPS a úsáid. Ba cheart don fhíoraitheoir fógra a thabhairt don chuideachta lena mbaineann faoin bhfaisnéis sin. I gcás inarb é an fíoraitheoir an t-eintiteas céanna leis an bhfíoraitheoir chun críocha Rialachán (AE) 2015/757, d’fhéadfaí an fógra sin a thabhairt i dteannta leis an tuarascáil fíorúcháin faoin Rialachán sin.

(55)

Ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí leictreonach a bhunú agus feidhmiú an bhunachair sonraí sin a áirithiú, bunachar sonraí ina gclárófaí feidhmíocht gach loinge agus lena n-áiritheofaí comhlíontacht gach loinge leis an Rialachán seo (‘bunachar sonraí FuelEU’). Ba cheart bunachar sonraí FuelEU a úsáid i gcás na ngníomhaíochtaí is tábhachtaí uile is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Chun tuairisciú a éascú agus chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí, ar fhíoraitheoirí agus ar úsáideoirí eile a theorannú, le bunachar sonraí FuelEU ba cheart tógáil ar mhodúl THETIS-MRV atá ann faoi láthair nó, a mhéid agus is féidir, ba cheart an bunachar sonraí a fhorbairt mar leagan nuashonraithe de. Le bunachar sonraí FuelEU, ba cheart go mbeifí in ann an fhaisnéis agus na sonraí arna mbailiú chun críocha Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid.

(56)

Braithfidh comhlíonadh an Rialacháin seo ar ghnéithe a bhféadfadh sé nach mbeadh smacht ag an gcuideachta orthu, mar shampla, saincheisteanna a bhaineann le hinfhaighteacht an bhreosla nó le cáilíocht an bhreosla. Dá bhrí sin, ba cheart solúbthacht a thabhairt do chuideachtaí barrachas comhlíontachta a thar-rolladh ó bhliain go bliain nó barrachas comhlíontachta a fháil ar réamhiasacht, laistigh de theorainneacha áirithe, ón mbliain dár gcionn. Maidir le húsáid OPS i mbeart, rud a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis maidir leis an gcáilíocht aeir áitiúil i gcathracha calafoirt agus i limistéir chósta, níor cheart an úsáid sin a bheith incháilithe le haghaidh forálacha solúbthachta comhchosúla.

(57)

Chun gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint agus chun leanúint de thacú leis na réitigh is feidhmiúla a chur in úsáid, ba cheart cead a bheith ag cuideachtaí feidhmíochtaí long éagsúil a chomhthiomsú. Chuige sin, ba cheart go bhféadfaí ró-fheidhmíocht loinge amháin a úsáid chun tearcfheidhmíocht long eile a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil an chomhlíontacht chomhthiomsaithe iomlán dearfach. Leis sin, cruthaítear féidearthacht maidir le cúiteamh a dhéanamh ar an ró-chomhlíontacht agus dreasaítear an infheistíocht i dteicneolaíochtaí ardfhorbartha. An fhéidearthacht maidir le comhlíontacht chomhthiomsaithe a roghnú, ba cheart di leanúint de bheith deonach agus ba cheart di a bheith faoi réir comhaontú ag na cuideachtaí lena mbaineann.

(58)

Maidir le doiciméad comhlíontachta (‘doiciméad comhlíontachta FuelEU’) a eisíonn fíoraitheoir, nó i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil an Stáit riaracháin, de réir na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart sin a bheith á choimeád ag longa mar fhianaise gur comhlíonadh na teorainneacha maidir le déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus gur comhlíonadh an oibleagáid maidir le OPS a úsáid. Ba cheart d’fhíoraitheoirí, nó i gcás inarb iomchuí, d’údarás inniúil an Stáit riaracháin, taifead a dhéanamh i mbunachar sonraí FuelEU d’eisiúint dhoiciméad comhlíontachta FuelEU.

(59)

Ba cheart d’fhíoraitheoirí líon na gcuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh i gcomhréir le sraith critéar atá soiléir agus oibiachtúil, agus an fhaisnéis ábhartha uile á cur san áireamh, lena n-áirítear fad an fhanachta, méid agus cineál an fhuinnimh a ídítear, agus cur i bhfeidhm aon eisceachta, le haghaidh gach aon chuairt ar chalafort a thagann faoi réim feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart do na cuideachtaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil d’fhíoraitheoirí chun comhlíontacht a chinneadh.

(60)

Gan dochar don fhéidearthacht maidir le comhlíonadh tríd na forálacha solúbthachta agus comhthiomsaithe, longa nach gcomhlíonann na teorainneacha maidir le meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord, ba cheart iad a bheith faoi réir pionóis a mbeidh tionchar athchomhairleach aige, atá comhréireach le méid na neamhchomhlíontachta agus a chuirfidh deireadh le haon bhuntáiste eacnamaíoch mar thoradh ar neamhchomhlíonadh, agus cothrom iomaíochta san earnáil á chaomhnú dá réir (‘pionós FuelEU’). Ba cheart pionós FuelEU a bheith bunaithe ar an méid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin ba cheart do na longa a úsáid chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus ar chostas an bhreosla sin.

(61)

Ba cheart pionós FuelEU a fhorchur freisin ar gach cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort. Ba cheart an pionós sin faoi FuelEU a bheith comhréireach leis an gcostas a bhaineann leis an leictreachas a úsáid ar leibhéal leordhóthanach, ba cheart tionchar athchomhairleach a bheith aige a mhéid a bhaineann le húsáid foinsí fuinnimh ar mó an truailliú uathu agus ba cheart dó a bheith léirithe mar EUR, arna iolrú faoi éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach agus faoi líon iomlán uaireanta an chloig, slánaithe suas go dtí slán-uair an chloig is gaire, a chaitear i mbeart i agus gan ceanglais OPS a bheith á gcomhlíonadh. I ngeall ar easpa figiúirí cruinne maidir leis an gcostas ar OPS a sholáthar san Aontas, ba cheart an ráta seo a bheith bunaithe ar mheánphraghas leictreachais an Aontais le haghaidh tomhaltóirí nach teaghlaigh iad, arna iolrú faoi fhachtóir a dó, chun muirir eile a bhaineann le soláthar na seirbhíse a chur san áireamh, lena n-áirítear, inter alia, costais nasctha agus gnéithe téarnaimh infheistíochta.

(62)

Ba cheart an t-ioncam a ghinfear le híocaíocht na bpionós faoi FuelEU agus a bhaileoidh na Stáit riaracháin a úsáid chun dáileadh agus úsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chur chun cinn san earnáil iompair mhuirí, agus chun cuidiú le hoibreoirí iompair mhuirí a spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach.

(63)

Cé gur cheart don chuideachta a bheith freagrach fós as oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, agus as na pionóis faoi FuelEU a íoc, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é ‘údar an truaillithe a íocfaidh as’ agus chun glacadh breoslaí níos glaine a chur chun cinn, d’fhéadfadh an t-eintiteas atá freagrach as an mbreosla a cheannach nó as cinntí oibríochtúla a dhéanamh a dhéanann difear do dhéine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar an long, trí chomhaontuithe conarthacha leis an gcuideachta úd, i gcás easnamh comhlíontachta, a bheith faoi oibleagáid an chuideachta a aisíoc nó a chúiteamh ar shlí eile i ndáil le costas na bpionós faoi FuelEU a thiocfaidh as oibriú na loinge. Ba cheart an chuideachta sin a bheith in ann, ar bhonn conarthach, a iarraidh ar an bhfíoraitheoir méid na bpionós faoi FuelEU a chomhfhreagraíonn d’oibriú na loinge ag an eintiteas eile le linn na tréimhse tuairiscithe a ríomh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go dtuigfí gurb ionann oibriú na loinge agus an lastas atá á iompar, bealach agus luas na loinge a chinneadh. Ar an gcaoi chéanna, cé gur cheart go leanfadh an chuideachta de bheith freagrach as oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, chomh maith le pionóis FuelEU a íoc, ba cheart do chuideachtaí agus do sholáthraithe breosla a bheith in ann, trí bhíthin comhaontuithe conarthacha, teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais fhrithpháirteacha chun cainníochtaí réamhchinntithe breoslaí áirithe a tháirgeadh, a sholáthar agus a cheannach. Le comhaontuithe conarthacha den sórt sin, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh maidir le dliteanas soláthróirí breosla cúiteamh a thabhairt don chuideachta as pionóis a íoc i gcásanna nár cuireadh breoslaí ar fáil don chuideachta mar a comhaontaíodh.

(64)

Ba cheart forfheidhmiú na n-oibleagáidí a bhaineann leis an Rialachán seo a bheith bunaithe ar ionstraimí atá ann cheana, lena n-áirítear iad sin arna mbunú faoi Threoracha 2009/16/CE (18) agus 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le smachtbhannaí a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Ba cheart na smachtbhannaí dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Chun pionós míchuí nó dúbailte a sheachaint i leith na sáruithe céanna, níor cheart do na smachtbhannaí sin dúbailt a dhéanamh ar phionóis FuelEU a chuirtear i bhfeidhm i gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ag long nó i gcás ina ndearna an long cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafort. Ba cheart an doiciméad lena ndeimhnítear comhlíonadh na loinge le ceanglais an Rialacháin seo a chur le liosta na ndeimhnithe agus na ndoiciméad dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE.

(65)

Chun ualach riaracháin na gcuideachtaí a laghdú, ba cheart Ballstát amháin in aghaidh na cuideachta loingseoireachta a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo. Ba cheart forálacha ábhartha Threoir 2003/87/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a chur i bhfeidhm chun an Stát riaracháin a chinneadh i ndáil le gach cuideachta. Ba cheart cead a bheith ag an Stát riaracháin seiceálacha breise a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann long ar leith an Rialachán seo, don dá thréimhse tuairiscithe roimhe sin agus ba cheart don Stát riarachán a áirithiú freisin go ndéantar pionóis FuelEU a íoc in am trátha.

(66)

I bhfianaise na tábhachta a bhaineann le hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta atá glactha ag na fíoraitheoirí faoin Rialachán seo ar na cuideachtaí lena mbaineann, go háirithe maidir le cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt a chinneadh, méid phionós FuelEU a ríomh agus eisiúint dhoiciméad comhlíontachta FuelEU a dhiúltú, ba cheart do na cuideachtaí sin a bheith i dteideal iarratas ar athbhreithniú ar na bearta sin a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir. I bhfianaise an chirt chun leighis éifeachtaigh, a chumhdaítear in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba cheart cinntí a ghlacann údaráis inniúla faoin Rialachán seo a bheith faoi réir athbhreithniúcháin ag cúirt i mBallstát an údaráis inniúil sin, arna dhéanamh i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

(67)

Chun a áirithiú go gcoinneofar cothrom iomaíochta trí fheidhmiú éifeachtúil an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: an liosta fachtóirí astaíochta tobar-go-marbhshruth a leasú; faisnéis faoin bhfosprioc RFNBO; an tábla atá ann cheana a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú trí theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha eile a chur leis; modhanna agus critéir bhreise maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a bhunú; fachtóir pionóis FuelEU a oiriúnú bunaithe ar fhorbairtí i gcostas an fhuinnimh; agus leasú a dhéanamh ar fhachtóir uimhriúil an phionóis faoi FuelEU, bunaithe ar innéacsú mheánchostas an leictreachais san Aontas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (21). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(68)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh go bhféadfaí faisnéis agus sonraí arna mbailiú chun críocha Rialachán (AE) 2015/757 a athúsáid nuair a bhunaíonn sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta na gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta atá eisiata ón sainmhíniú ar chalafoirt chuarda; na critéir chun measúnú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta agus infhaighteacht RFNBO san earnáil muiriompair agus an modh chun fachtóir na difríochta praghais idir RFNBO agus breoslaí iontaise a ríomh; sonrú na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na fosprice RFNBO, más infheidhme; na critéir mhionsonraithe maidir le glacadh leis na teicneolaíochtaí agus an chaoi a n-oibrítear iad chun a mheas gur teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha iad; an fhaisnéis ó longa a bhfuil sé beartaithe acu nascadh le OPS nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt agus an nós imeachta chun an fhaisnéis sin a sholáthar; na teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin caighdeánaithe, lena n-áirítear na rialacha teicniúla maidir lena gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach; liosta na gcaighdeán idirnáisiúnta agus na dtagairtí deimhniúcháin chun fachtóirí astaíochta iarbhír umar-go-marbhshruth a léiriú; sonraíochtaí breise na rialacha maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin dá dtagraítear sa Rialachán seo; rialacha maidir le cearta rochtana ar bhunachar sonraí FuelEU agus sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla an bhunachair sonraí sin; agus samhlacha do dhoiciméad comhlíontachta FuelEU.

(69)

I bhfianaise ghné idirnáisiúnta na hearnála muiriompair, is fearr cur chuige domhanda chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáidtear ag longa a theorannú ós rud é go mbeadh an cur chuige sin i bhfad níos éifeachtaí de bharr raon feidhme níos leithne a bheith ag gabháil leis. Sa chomhthéacs sin, agus d’fhonn forbairt rialacha idirnáisiúnta a éascú laistigh de IMO, ba cheart don Choimisiún faisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a roinnt le IMO agus le comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile, agus ba cheart aighneachtaí ábhartha a chur faoi bhráid IMO, ag leanúint d’iarrachtaí an Aontais spriocanna uaillmhianacha maidir le dícharbónú muirí a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta. I gcás ina dtagtar ar chomhaontú ar chur chuige domhanda maidir le hábhair atá ábhartha maidir leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo d’fhonn é a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na rialacha idirnáisiúnta.

(70)

Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme agus infhaighteacht uirlisí a áirithiú le haghaidh comhoibriú agus malartú dea-chleachtas don earnáil muiriompair, mar a shainmhínítear sa doiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún dar teideal ‘Treoirlínte i dtaca le Rialáil Níos Fearr’ iad.

(71)

Ós rud é go mbeidh costais bhreise coigeartaithe agus costais bhreise riaracháin mar thoradh ar an Rialachán seo, ba cheart athbhreithniú grinn a dhéanamh ar an ualach rialála foriomlán a bheidh ar an earnáil muiriompair. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún tuarascáil mheastóireachta ar fheidhmiú an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh sa tuarascáil sin ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo agus a mhéid a bhí tionchar aige ar iomaíochas na hearnála. Ba cheart don tuarascáil sin idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais a chumhdach freisin, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus bearta féideartha a rinneadh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar an earnáil muiriompair a laghdú.

(72)

Ós rud é nach féidir le Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh a bheith á nglacadh ar fud an Aontais ag longa a thagann isteach i gcalafoirt, atá laistigh de chalafoirt nó a imíonn ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, a ghnóthú go leordhóthanach gan an riosca a ghlacadh go dtabharfaí isteach bacainní ar an margadh inmheánach agus saobhadh iomaíochta idir calafoirt agus oibreoirí muiriompair, agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú trí rialacha aonfhoirmeacha a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais lena gcruthófar dreasachtaí eacnamaíocha d’oibreoirí muirí chun leanúint de bheith ag oibriú gan bhac agus, san am céanna, oibleagáidí maidir le húsáid breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóir

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha lena bhforchuirtear na nithe seo a leanas:

(a)

teorainn le déine gás ceaptha teasa (GCT) an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a thagann isteach chuig calafoirt faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann iontu nó a imíonn uathu; agus

(b)

oibleagáid maidir le soláthar cumhachta ar tír (OPS) nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid i gcalafoirt faoi dhlínse Ballstáit.

Is é is cuspóir dó agus an méid sin á dhéanamh leis méadú a dhéanamh ar úsáid chomhsheasmhach breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus foinsí ionadacha fuinnimh in iompar muirí ar fud an Aontais, i gcomhréir leis an gcuspóir aeráidneodracht ar fud an Aontais a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus oibriú rianúil an iompair mhuirí a áirithiú, cinnteacht rialála a chruthú maidir le glacadh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na longa ar fad a bhfuil olltonnáiste os cionn 5 000 acu a mbíonn sé de chuspóir acu paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála, beag beann ar a mbratach, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an fuinneamh arna úsáid le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit;

(b)

an fuinneamh ar fad arna úsáid ar mhuiraistir ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit chuig calafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit;

(c)

d’ainneoin phointe (b), leath den fhuinneamh arna úsáid i gcás muiraistear a thagann isteach i gcalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn ó chalafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí faoi dhlínse Ballstáit; agus

(d)

leath an fhuinnimh arna úsáid ar mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit nó a imíonn ó chalafort cuarda faoi dhlínse Ballstáit, i gcás ina bhfuil an calafort cuarda deiridh nó an chéad chalafort cuarda eile faoi dhlínse tríú tír.

2.   Faoin 31 Nollaig 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear liosta de chalafoirt trasloingsithe coimeádán comharsanachta. Tabharfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta faoin 31 Nollaig gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.

Liostófar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír calafort mar chalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta i gcás inar mó sciar trasloingsithe na gcoimeádán, arna thomhas in aonaid is coibhéiseach le 20 troigh, ná 65 % de thrácht iomlán coimeádán an chalafoirt sin le linn na tréimhse 12 mhí is déanaí dá bhfuil sonraí ábhartha ar fáil, agus i gcás ina bhfuil an calafort sin lonnaithe lasmuigh den Aontas ach níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

Chun críoch na ngníomhartha cur chun feidhme sin, measfar gur trasloingsíodh coimeádáin nuair a dhíluchtófar iad ó long go dtí an calafort d’aon toisc chun iad a luchtú ar long eile.

Ní áireofar ar liosta na gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta arna bhunú ag an gCoimisiún calafoirt atá lonnaithe i dtríú tír a gcuireann an tríú tír sin bearta atá coibhéiseach leis an Rialachán seo i bhfeidhm go héifeachtach ina leith.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

3.   Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (b) maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear ar mhuiraistir a dhéanann longa paisinéirí seachas longa cúrsála paisinéirí idir calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit, agus calafort cuarda atá faoi dhlínse an Bhallstáit chéanna agus atá lonnaithe in oileán ina bhfuil níos lú ná 200 000 buanchónaitheoir, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de chalafort cuarda an oileáin sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Féadfaidh na Ballstáit bealaí sonracha agus calafoirt shonracha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1, pointí (a) agus (c) maidir leis an bhfuinneamh arna úsáid ag longa ar mhuiraistir idir calafort cuarda atá suite i réigiún is forimeallaí, agus calafort cuarda eile atá suite i réigiún is forimeallaí, agus maidir leis an bhfuinneamh a úsáidtear le linn a bhfanachta laistigh de na calafoirt chuarda sna réigiúin is forimeallaí sin. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

5.   Féadfaidh Ballstáit nach bhfuil teorainn talún acu le haon Bhallstát eile longa paisinéirí a dhéanann muiraistir thrasnáisiúnta faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 maidir le calafoirt cuarda Ballstát eile. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Féadfaidh na Ballstáit longa paisinéirí a sholáthraíonn seirbhísí muiriompair de réir bhrí Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm mhír 1 faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí nó faoi chonarthaí seirbhíse poiblí, a bheidh á n-oibriú roimh an 12 Deireadh Fómhair 2023, le haghaidh na mbealaí sonracha idir a gcalafoirt chuarda mhórthíre agus na calafoirt chuarda atá faoina ndlínse agus atá lonnaithe in oileán nó i gcathracha Ceuta agus Melilla. Ní bheidh feidhm ag aon díolúintí mar sin tar éis an 31 Nollaig 2029. Sula dtiocfaidh na díolúintí sin i bhfeidhm, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún fúthu. Foilseoidh an Coimisiún na díolúintí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Chun críocha chur i bhfeidhm na míre seo, measfar gur calafoirt chuarda ar oileán iad cathracha Ceuta agus Melilla.

7.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, cúntaigh chabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa atá faoi úinéireacht nó atá á n-oibriú ag rialtas agus a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála amháin.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’ nó ‘astaíochtaí GCT’ dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4) agus ocsaíd nítriúil (N2O) a scaoiltear isteach san atmaisféar;

(2)

ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (33), de Threoir (AE) 2018/2001;

(3)

ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (28), de Threoir (AE) 2018/2001;

(4)

ciallaíonn ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (35), de Threoir (AE) 2018/2001;

(5)

ciallaíonn ‘breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch’ (RFNBO) breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (36), de Threoir (AE) 2018/2001;

(6)

ciallaíonn ‘barra bia agus beatha’ barra bia agus beatha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointe (40), de Threoir (AE) 2018/2001;

(7)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha’ teicneolaíocht, nach scaoileann na gáis ceaptha teasa agus na truailleáin aeir seo a leanas isteach san atmaisféar nuair a úsáidtear í chun fuinneamh a sholáthar: dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4), ocsaíd nítriúil (N2O), ocsaídí sulfair (SOx), ocsaídí nítrigine (NOx) agus ábhar cáithníneach (PM);

(8)

ciallaíonn ‘foinsí ionadacha fuinnimh’ fuinneamh in-athnuaite a ghintear ar bord nó leictreachas a sholáthraítear ó OPS;

(9)

ciallaíonn ‘tiomáint ghaothchuidithe’ tiomáint loinge, bíodh sí páirteach nó iomlán, le fuinneamh gaoithe a bhaintear trí chórais tiomána cúnaimh ghaoithe, mar shampla, inter alia, seolta rótair, eiteoga, seolta crua nó dochta, seolta boga, sciatháin shúcháin nó tuirbíní;

(10)

ciallaíonn ‘calafort cuarda’ calafort ina stopann longa chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a thabhairt ar bord nó a chur i dtír seachas stadanna chun críocha athbhreoslú a dhéanamh, soláthairtí a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul isteach i nduga tirim nó deisiú a dhéanamh ar an long, ar a trealamh nó orthu araon, agus chun na gcríoch sin amháin; stadanna i gcalafort toisc cabhair a bheith ag teastáil ón long nó toisc í a bheith i nguais; aistrithe ó long go long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt; stadanna chun críche foscadh a ghlacadh ó dhrochaimsir nó a bhfuil gá leo de bharr gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin; agus stadanna long coimeádán i gcalafort trasloingsithe coimeádán comharsanachta a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 2(2);

(11)

ciallaíonn ‘muiraistear’ muiraistear mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2015/757;

(12)

ciallaíonn ‘réigiún is forimeallaí’ críoch dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(13)

ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht chuige ón úinéir an long a oibriú, agus a ghlac chuige na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta

(14)

ciallaíonn ‘olltonnáiste’ (GT) olltonnáiste mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (e), de Rialachán (AE) 2015/757;

(15)

ciallaíonn ‘long atá i mbeart’ long atá i mbeart mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (n), de Rialachán (AE) 2015/757;

(16)

ciallaíonn ‘long ar ancaire’ long atá i mbeart nach bhfuil ar múráil le taobh cé;

(17)

ciallaíonn ‘fuinneamh arna úsáid ar bord’ an méid fuinnimh arna shloinneadh ina mheigigiúil (MJ) a úsáideann long chun tiomáint nó chun aon trealamh ar bord a oibriú, ar muir nó i mbeart;

(18)

ciallaíonn ‘tobar-go-marbhshruth’ modh chun astaíochtaí a ríomh lena gcuirtear san áireamh an tionchar GCT a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh, a iompar, a dháileadh agus a úsáid ar bord, lena n-áirítear le linn dócháin;

(19)

ciallaíonn ‘déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord’ an méid astaíochtaí GCT, arna shloinneadh ina ghraim de choibhéis CO2 a bhunaítear ar bhonn tobar-go-marbhshruth, in aghaidh MJ d’fhuinneamh arna úsáid ar bord;

(20)

ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ an meánráta astaíochta GCT i gcoibhneas leis na sonraí gníomhaíochta maidir le sreabhadh foinse, lena nglactar le hocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus tiontú iomlán i gcás na n-imoibrithe ceimiceacha eile uile;

(21)

ciallaíonn ‘aicme oighir’ an nodaireacht a shannann údaráis inniúla náisiúnta an stáit brataí nó eagraíocht arna haithint ag an stát sin don long, lena léirítear gur dearadh an long sin le haghaidh loingseoireachta faoi dhálaí muiroighir;

(22)

ciallaíonn ‘imeall oighir’ críochú ag tráth ar bith idir an fharraige oscailte agus oighear farraige de chineál ar bith, bíodh sé seasta nó le sruth, mar a leagtar amach i mír 4.4.8 d’Ainmníocht Mhuiroighir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta, mí an Mhárta 2014;

(23)

ciallaíonn ‘ag seoladh faoi dhálaí oighir’ long atá aicmithe mar long oighir a sheoladh i limistéar farraige laistigh den imeall oighir;

(24)

ciallaíonn ‘soláthar cumhachta ar tír’ (OPS) an córas chun leictreachas a sholáthar do longa i mbeart, ar leictreachas ardvoltais nó ísealvóltais é le sruth ailtéarnach nó díreach, lena n-áirítear suiteálacha ar thaobh na loinge agus ar thaobh na cé nuair atáthar ag cothú phríomh-lasc-chlár dáileacháin na loinge go díreach chun an tréimhse ar bord nó ualaí oibre seirbhíse a chumhachtú nó chun ceallraí in-athluchtaithe a luchtú;

(25)

ciallaíonn ‘éileamh ar chumhacht leictreach i mbeart’ an t-éileamh ar leictreachas ó long atá i mbeart chun freastal ar na riachtanais fuinnimh uile bunaithe ar leictreachas ar bord;

(26)

ciallaíonn ‘éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach’ an luach is airde, arna shloinneadh i gcileavatanna, den éileamh iomlán ar leictreachas ó long atá i mbeart, lena n-áirítear ualaí oibre óstáin agus láimhseála lastais;

(27)

ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ eintiteas dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí fíorúcháin agus atá creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus de bhun an Rialacháin seo;

(28)

ciallaíonn ‘doiciméad comhlíontachta FuelEU’ doiciméad is sonrach do long, a eisíonn fíoraitheoir do chuideachta, ar doiciméad é lena ndearbhaítear gur chomhlíon an long sin an Rialachán seo le haghaidh tréimhse shonrach tuairiscithe;

(29)

ciallaíonn ‘long paisinéirí’ long paisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (i), de Threoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);

(30)

ciallaíonn ‘long chúrsála paisinéirí’ long paisinéirí nach bhfuil deic lastais uirthi, agus atá deartha go heisiach chun paisinéirí a iompar ar bhonn tráchtála i gcóiríocht thar oíche le linn muiraistir;

(31)

ciallaíonn ‘long coimeádán’ long a dheartar chun coimeádáin a iompar sa bholg nó ar deic, agus chuige sin amháin;

(32)

ciallaíonn ‘cuairt neamhchomhlíontach ar chalafort’ cuairt ar chalafort nach gcomhlíonann an long an ceanglas a leagtar amach in Airteagal 6(1) lena linn, agus nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) ina leith;

(33)

ciallaíonn ‘an chonair is lú fabhar’ an chonair táirgeachta is déine ó thaobh carbóin de a úsáidtear le haghaidh aon bhreosla ar leith;

(34)

ciallaíonn ‘coibhéis CO2’ an tomhas méadrach a úsáidtear chun astaíochtaí ó CO2, CH4 agus N2O a ríomh ar bhonn a n-acmhainneachta téite domhanda, trí mhéideanna CH4 agus N2O a choinbhéartú go dtí an méid coibhéise CO2 ag a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda chéanna;

(35)

ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta’ an tomhas ar ró-chomhlíontacht nó ar thearc-chomhlíontacht loinge maidir leis na teorainneacha le meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord nó fosprioc RFNBO, tomhas a ríomhtar i gcomhréir le Cuid A d’Iarscríbhinn IV;

(36)

ciallaíonn ‘barrachas comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach dearfach leis;

(37)

ciallaíonn ‘easnamh comhlíontachta’ iarmhéid comhlíontachta a bhfuil luach diúltach leis;

(38)

ciallaíonn ‘iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe’ suim iarmhéideanna comhlíontachta na long uile a áirítear sa chomhthiomsú;

(39)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta an chalafoirt’ comhlacht bainistíochta an chalafoirt mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Rialachán (AE) 2017/352;

(40)

ciallaíonn ‘Stát riaracháin’ Ballstát arna chinneadh trí Airteagal 3gf(1) de Threoir 2003/87/CE a chur i bhfeidhm i ndáil le cuideachta de réir bhrí an Rialacháin seo, gan dochar do rogha na n-údarás inniúil atá i gceannas laistigh den Bhallstát ábhartha;

(41)

ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain ina ndéantar faireachán agus taifeadadh ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa Rialachán seo, i gcás ina gcuirtear san áireamh sonraí maidir le muiraistir a thosaíonn agus a chríochnaíonn in 2 bhliain féilire éagsúla faoin mbliain féilire lena mbaineann;

(42)

ciallaíonn ‘tréimhse fíorúcháin’ an bhliain féilire díreach tar éis na tréimhse tuairiscithe.

Caibidil II

Ceanglais maidir le fuinneamh arna úsáid ag longa ar bord

Airteagal 4

Teorainn maidir le déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord

1.   Ní bheidh meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord le linn tréimhse tuairiscithe níos mó ná an teorainn a leagtar amach i mír 2.

2.   Ríomhfar an teorainn dá dtagraítear i mír 1 trí luach tagartha 91,16 gram de choibhéis CO2 in aghaidh MJ a laghdú faoi na céatadáin seo a leanas:

2 % ón 1 Eanáir 2025;

6 % ón 1 Eanáir 2030;

14,5 % ón 1 Eanáir 2035;

31 % ón 1 Eanáir 2040;

62 % ón 1 Eanáir 2045;

80 % ón 1 Eanáir 2050.

3.   Ríomhfar déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord mar an méid astaíochtaí GCT in aghaidh an aonaid fuinnimh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn II a leasú chun fachtóirí astaíochta tobar-go-marbhshruth a bhaineann le haon fhoinse nua fuinnimh a chur ar áireamh nó chun fachtóirí astaíochta atá ann cheana a oiriúnú chun comhsheasmhacht a áirithiú le caighdeáin idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo nó le gníomhartha dlí an Aontais i réimse an fhuinnimh, i gcomhréir leis an eolas eolaíoch agus teicniúil is fearr atá ar fáil.

Airteagal 5

Úsáid Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch

1.   Chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh, ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2033, is féidir iolraitheoir ‘2’ a úsáid chun luach saothair a thabhairt don long as RFNBO a úsáid. Tá an mhodheolaíocht don ríomh sin leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán, ríomh agus foilsiú ar bhonn bliantúil, ar bhonn na sonraí arna dtaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 19 agus 18 mí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach tréimhse tuairiscithe, ar sciar an RFNBO san fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

3.   Más lú ná 1 % an sciar RFNBO dá dtagraítear i mír 2 don tréimhse tuairiscithe 2031, beidh feidhm ag fosprioc 2 % maidir leis na breoslaí sin san fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord ón 1 Eanáir 2034, faoi réir mhír 5.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 3 i gcás ina léireoidh torthaí an fhaireacháin dá bhforáiltear i mír 2 agus atá ar fáil roimh an 1 Eanáir 2033 go bhfuil an sciar dá dtagraítear i mír 2 níos mó ná 2 %.

5.   Más rud é, bunaithe ar na gníomhaíochtaí faireacháin dá dtagraítear i mír 2 agus tar éis mheasúnú an Choimisiúin, go bhfuil fianaise ann go bhfuil acmhainneacht táirgeachta neamhleor ann agus nach bhfuil RFNBO ar fáil don earnáil mhuirí, dáileadh geografach míchothrom nó praghas ró-ard na mbreoslaí sin, ní bheidh feidhm ag an bhfosprioc dá bhforáiltear i mír 3.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na critéir don mheasúnú dá bhforáiltear i mír 5 agus an modh chun fachtóir na difríochta i bpraghsanna idir RFNBO agus breoslaí iontaise a úsáidtear i gcill 14 den tábla i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a ríomh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

mír 5 den Airteagal seo a fhorlíonadh le heilimintí breise;

(b)

faisnéis a thabhairt faoi neamh-infheidhmeacht na fo-sprice dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a eascraíonn as an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó as an measúnú dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

8.   I gcás ina bhfuil feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2033, gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha maidir le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a shonrú a thuilleadh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

fíorú agus ríomh dá dtagraítear in Airteagal 16;

(b)

na sásraí solúbthachta is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21;

(c)

pionóis FuelEU is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 23 agus in Iarscríbhinn IV.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

9.   Ní bheidh feidhm ag an bhfosprioc dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, más infheidhme, maidir le long a léiríonn go mbaintear amach an sciar céanna den fhuinneamh bliantúil arna úsáid ar bord le breoslaí eile lena soláthraítear coigiltis choibhéiseacha astaíochtaí GCT agus atá deimhnithe de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo, cé is moite de bhithbhreoslaí dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

10.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an sciar den fhuinneamh bliantúil arna úsáid ag long ar bord ó OPS.

Airteagal 6

Ceanglais astaíochtaí nialasacha bhreise an fhuinnimh a úsáidtear i mbeart

1.   Ón 1 Eanáir 2030, long a mhúráiltear cois cé i gcalafort cuarda a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, agus atá faoi dhlínse Ballstáit, nascfaidh sí le OPS agus úsáidfidh sí é le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart.

2.   Ón 1 Eanáir 2035, long a mhúráiltear cois cé i gcalafort cuarda nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, atá faoi dhlínse Ballstáit agus i gcás ina bhfuil an ché feistithe le OPS atá ar fáil, nascfaidh sí leis an OPS sin agus úsáidfidh sí í le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart.

3.   Ón 1 Eanáir 2030 agus go dtí an 31 Nollaig 2034, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt, féadfaidh Ballstát a chinneadh go nascfaidh long atá feistithe cois cé i gcalafort cuarda faoina dhlínse nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, nó i gcodanna áirithe den chalafort sin, go nascfaidh sí le OPS agus go n-úsáidfidh sí í le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin gcinneadh uaidh maidir leis an gceanglas sin a fhorchur bliain sula gcuirfear i bhfeidhm é. Ní mór feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ó thús tréimhse tuairiscithe. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé liosta nuashonraithe de na calafoirt lena mbaineann ar fáil go poiblí. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.

4.   Beidh feidhm ag míreanna 1, 2, agus 3 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

longa coimeádán;

(b)

longa paisinéirí.

5.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2 ná 3 maidir leis na longa seo a leanas:

(a)

longa atá ar múráil le cé ar feadh níos lú ná 2 uair an chloig, tréimhse a ríomhtar ar bhonn am an teacht isteach agus am na himeachta a ndéantar faireachán agus taifeadadh orthu i gcomhréir le hAirteagal 15;

(b)

longa a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha a chomhlíonann na ceanglais ghinearálta do na teicneolaíochtaí sin dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III agus a liostaítear agus a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo, le haghaidh iomlán a n-éilimh ar chumhacht leictreach i mbeart, agus iad ar múráil ag an gcé;

(c)

mar gheall ar imthosca gan choinne nach bhfuil neart ag an long orthu, longa nach mór dóibh cuaird neamhsceidealta a dhéanamh ar chalafort, nach ndéantar ar bhonn córasach, ar chúiseanna sábháilteachta nó chun beatha a shábháil ar muir, seachas iad siúd atá eisiata cheana faoi Airteagal 3, pointe (10);

(d)

longa nach féidir leo nascadh le OPS toisc nach bhfuil pointí nasctha OPS i gcalafort ann;

(e)

longa nach bhfuil in ann ceangal le OPS toisc, go heisceachtúil, má bhíonn cobhsaíocht na greille leictreachais i mbaol toisc nach leor a bhfuil ar fáil de chumhacht ar tír chun éileamh na loinge ar chumhacht leictreach i mbeart a shásamh;

(f)

longa nach bhfuil in ann ceangal le OPS toisc nach bhfuil an tsuiteáil ar an gcósta ag an gcalafort comhoiriúnach leis an trealamh cumhachta ar tír atá ar bord, ar choinníoll go ndéantar an tsuiteáil le haghaidh nasc le tír mór ar bord na loinge a dheimhniú i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1804 maidir le córais nascachta cladaigh long farraige;

(g)

longa a bhfuil féinghiniúint fuinnimh ar bord ag teastáil uathu, ar feadh tréimhse theoranta ama, i gcásanna práinne ina bhfuil baol láithreach don bheatha, don long nó don chomhshaol nó ar chúiseanna eile force majeure;

(h)

cé go bhfuil siad nasctha fós le OPS, ar feadh tréimhse ama atá teoranta a mhéid a bhfuil gá léi, longa nach mór dóibh giniúint fuinnimh ar bord a úsáid le haghaidh tástálacha cothabhála, nó le haghaidh tástálacha feidhmiúla a dhéantar arna iarraidh sin d’oifigeach údaráis inniúil nó d’ionadaí eagraíochta aitheanta a thugann faoi shuirbhé nó cigireacht.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an tábla neamh-uileghabhálach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a leasú trí theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha eile a chur leis, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7).

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na critéir mhionsonraithe inghlacthachta a bhunú, lena n-áirítear teorainneacha córais agus ceanglais deimhniúcháin a shainiú, ar critéir iad a mheasfar a bheith ag comhlíonadh na gceanglas ginearálta maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na nuashonruithe a dhéanfar uirthi amach anseo.

Maidir le liosta na dteicneolaíochtaí atá ann cheana dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin faoin 30 Meitheamh 2024, i gcás inarb infheidhme. I gcás aon teicneolaíochtaí nua, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, i gcás ina mbeidh teicneolaíochtaí eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn III ar fáil, gan moill mhíchuí.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

8.   Cuirfidh longa in iúl roimh ré d’údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó d’aon eintiteas cuí-údaraithe roimh dhul isteach i gcalafoirt go bhfuil rún acu nascadh le OPS nó go bhfuil rún acu teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha a úsáid agus mír 5, pointe (b) á chur i bhfeidhm. Na longa a bhfuil sé ar intinn acu nascadh le OPS, cuirfidh siad in iúl freisin an méid cumhachta a bhfuil siad ag súil leis le linn na cuarda sin ar chalafort.

Ar an bhfaisnéis a fháil ó long maidir leis an nasc le OPS dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, dearbhóidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintitis chuí-údaraithe don long an bhfuil nasc le OPS ar fáil.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus an dara fomhír, chomh maith leis an nós imeachta chun an fhaisnéis sin a sholáthar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

9.   Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda nó aon eintiteas cuí-údaraithe, tar éis dul i gcomhairle le comhlacht bainistíochta an chalafoirt i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis seo a leanas a chinneadh agus a thaifeadadh gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU:

(a)

eisceacht a leagtar amach i mír 5 a chur i bhfeidhm;

(b)

neamhchomhlíonadh loinge leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 i gcás nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí a leagtar amach i mír 5.

10.   Ón 1 Eanáir 2035, i gcalafoirt a thagann faoi cheanglais Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, ní fhéadfar na heisceachtaí dá bhforáiltear i mír 5, pointí (d), (e) agus (f) a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le líon uasta cuairteanna ar chalafort arb ionann é agus 10 % de líon iomlán cuairteanna ar chalafort loinge a tharla le linn tréimhse tuairiscithe, arna slánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, i gcás inarb ábhartha, nó go dtí uasmhéid de 10 gcuairt ar chalafoirt le linn na tréimhse tuairiscithe ábhartha, cibé acu is ísle.

Ní áireofar cuairt ar chalafort chun críoch comhlíontachta leis an bhforáil seo i gcás ina léiríonn an chuideachta, ar bhonn an mhalartaithe faisnéise dá bhforáiltear i mír 8, nárbh fhéidir léi a fhios a bheith aici go réasúnach nach mbeadh an long in ann nascadh le OPS ar aon cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 5, pointí (d), (e) nó (f).

11.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh, i gcalafort nó i gcodanna áirithe de chalafort atá faoina dhlínse, go bhfuil longa coimeádán nó longa paisinéirí atá ar ancaire cumhdaithe ag na hoibleagáidí céanna a leagtar amach sa Rialachán seo agus is infheidhme maidir le longa atá ar múráil le cé. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin gcinneadh uaidh maidir leis an gceanglas sin a fhorchur bliain sula gcuirfear i bhfeidhm é. Ní mór feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ó thús tréimhse tuairiscithe. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé liosta nuashonraithe de na calafoirt lena mbaineann ar fáil go poiblí. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.

Caibidil III

Comhprhionsabail agus deimhniú

Airteagal 7

Comhphrionsabail le haghaidh faireacháin agus tuairisciú

1.   I gcomhréir le hAirteagail 8, 9 agus 10, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus tuairisciú ar na sonraí ábhartha, le haghaidh gach loinge dá gcuid, le linn tréimhse tuairiscithe. Déanfaidh siad an faireachán agus an tuairisciú sin laistigh de na calafoirt uile atá faoi dhlínse Ballstáit agus le haghaidh aon mhuiraistir dá dtagraítear in Airteagal 2(1).

2.   Beidh an faireachán agus an tuairisciú iomlán agus cumhdófar leo an fuinneamh arna úsáid aon tráth ag longa ar bord, le linn dóibh a bheith ar muir nó i mbeart. Cuirfidh cuideachtaí bearta iomchuí i bhfeidhm chun aon bhearna sna sonraí a sheachaint laistigh den tréimhse tuairiscithe.

3.   Beidh an faireachán agus an tuairisciú comhsheasmhach agus inchomparáide thar am. Chuige sin, úsáidfidh cuideachtaí na modheolaíochtaí faireacháin céanna agus na tacair sonraí chéanna faoi réir modhnuithe arna measúnú ag an bhfíoraitheoir. Áiritheoidh na cuideachtaí go ndéanfar sláine na sonraí a mbeidh faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu a dhearbhú go réasúnach.

4.   Gheobhaidh cuideachtaí na sonraí agus na doiciméid faireacháin uile, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, fachtóirí astaíochta, nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I agus le sonraí gníomhaíochta, agus déanfaidh siad anailís orthu agus stórálfaidh siad iad ar feadh 5 bliana ar a laghad, chomh maith le haon fhaisnéis eile is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú, ar bhealach trédhearcach agus cruinn, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, ionas go mbeidh an fíoraitheoir in ann déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a chinneadh.

5.   Agus faireachán agus tuairisciú á ndéanamh ar ghníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 8, 9, 10 agus 15 den Rialachán seo, úsáidfear faisnéis agus sonraí arna mbailiú chun críoch Rialachán (AE) 2015/757 i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 8

Plean Faireacháin

1.   Faoin 31 Lúnasa 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid na bhfíoraitheoirí le haghaidh gach loinge dá gcuid, plean ina léireofar an modh a roghnaítear as measc na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus aon fhaisnéis ábhartha eile.

2.   I gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh an 31 Lúnasa 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin faoi bhráid an fhíoraitheora gan aon mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 2 mhí i ndiaidh céad chuairt gach loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

3.   Is éard a bheidh sa phlean faireacháin doiciméadú iomlán trédhearcach agus beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh ann:

(a)

céannacht agus cineál na loinge, lena n-áirítear a hainm, a huimhir aitheantais IMO (Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta), a calafort cláraithe nó a calafort baile, agus ainm úinéir na loinge;

(b)

ainm na cuideachta agus seoladh, uimhir theileafóin agus sonraí ríomhphoist duine teagmhála;

(c)

tuairisc ar na córais tiontaithe fuinnimh a suiteáladh ar bord agus an toilleadh cumhachta lena mbaineann arna shloinneadh ina mheigeavatanna (MW);

(d)

maidir le longa dá dtagraítear in Airteagal 6(4), pointe (b), tuairisc ar chaighdeáin agus ar shaintréithe an trealaimh chun nascadh le OPS, nó le teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha, a cheadú;

(e)

luach éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach, mar a fhoráiltear ina comhardú ualaigh leictrigh nó ina staidéar maidir le hualach leictreach a úsáidtear chun comhlíonadh Rialacháin 40 agus 41 de Chaibidil II-1 de an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) a léiriú, mar atá faofa ag a Brat-Riarachán nó ag eagraíocht aitheanta mar atá sainmhínithe i gCód IMO um Eagraíochtaí Aitheanta arna ghlacadh le Rúin MEPC.237(65) agus MSC.349(92). I gcás nach mbíonn an long in ann an tagairt sin a sholáthar, meastar an luach sin mar 25 % d’uasrátálacha leanúnacha phríomhinnill na loinge – mar a shonraítear ina ndeimhniú EIAPP arna sheachadadh i gcur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL) nó, mura gceanglaítear go gcaithfidh deimhniú EIAPP a bheith ag na hinnill, ar ainmchlár na n-inneall;

(f)

tuairisc ar na foinsí fuinnimh a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar bord agus an long i mbun loingseoireachta agus í i mbeart chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6 a chomhlíonadh;

(g)

tuairisc ar na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas breosla na loinge chomh maith leis an bhfuinneamh a sholáthraítear le foinsí ionadacha fuinnimh nó teicneolaíocht astaíochtaí nialasacha;

(h)

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar fhachtóirí astaíochtaí tobar-go-humar agus umar-go-marbhshruth a bheidh le húsáid ar bord, i gcomhréir leis na modhanna a shonraítear in Airteagal 10 agus in Iarscríbhinní I agus II;

(i)

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iomláine an liosta muiraistear;

(j)

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n-úsáid chun sonraí gníomhaíochta in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh, lena n-áirítear na nósanna imeachta, na freagrachtaí, na foirmlí agus na foinsí sonraí chun an méid ama a chaitear ar muir idir an calafort imeachta agus an calafort teachta isteach agus an t-am a chaitear i mbeart a chinneadh agus a thaifeadadh;

(k)

tuairisc ar na nósanna imeachta, na córais agus na freagrachtaí arna n-úsáid chun aon sonra sa phlean faireacháin a nuashonrú le linn na tréimhse tuairiscithe;

(l)

tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh ar féidir é a úsáid chun bearnaí sna sonraí a líonadh nó chun earráidí sonraí a shainaithint agus a cheartú;

(m)

bileog taifid athbhreithnithe chun mionsonraí uile stair an athbhreithnithe a thaifeadadh;

(n)

I gcás ina n-iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid mar gheall ar aicme oighir na loinge a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, faisnéis faoi aicme oighir na loinge;

(o)

i gcás ina n-iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid mar gheall ar sheoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, faisnéis maidir le haicme oighir na loinge agus tuairisc ar nós imeachta infhíoraithe chun faireachán a dhéanamh ar an bhfad a taistealaíodh le haghaidh an mhuiraistir iomláin chomh maith leis an achar a taistealaíodh agus é ag seoltóireacht faoi dhálaí oighir, an dáta, an t-am agus an suíomh ar dhul isteach agus ar fhágáil na coinníollacha oighir agus an tomhaltas breosla agus é ag seoladh faoi dhálaí oighir;

(p)

i gcás long a bhfuil tiomáint ghaothchuidithe aici, tuairisc ar an trealamh tiomána gaoithe suiteáilte ar bord agus luachanna PWIND agus PPROP mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I.

4.   Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena gcinnfear na teimpléid sin, lena n-áirítear na rialacha teicniúla lena gcur i bhfeidhm aonfhoirmeach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Airteagal 9

Modhnuithe ar an bplean faireacháin

1.   Seiceálfaidh cuideachtaí go rialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, cé acu a léirítear cineál agus feidhmiú na loinge le plean faireacháin na loinge nó nach léirítear agus cé acu is féidir an mhodheolaíocht faireacháin a fheabhsú, a cheartú nó a nuashonrú.

2.   Déanfaidh cuideachtaí an plean faireacháin a mhodhnú gan moill mhíchuí in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

athrú ar chuideachta;

(b)

tá córais nua tiontaithe fuinnimh, cineálacha nua fuinnimh, córais nua chun nascadh le OPS, nó foinsí ionadacha fuinnimh nua nó teicneolaíochtaí nua astaíochtaí nialasacha in úsáid;

(c)

féadfaidh athrú ar infhaighteacht sonraí, mar gheall ar chineálacha nua trealaimh tomhais, modhanna nua samplála nó modhanna nua anailíse a úsáid, nó ar chúiseanna eile, difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí a bhailítear;

(d)

chinn cuideachtaí, fíoraitheoirí nó údaráis inniúla go bhfuil na sonraí a eascraíonn as an modh faireacháin a cuireadh i bhfeidhm mícheart;

(e)

go mbeidh fíoraitheoirí tar éis aon chuid den phlean faireacháin a shainaithint mar chuid nach bhfuil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglóidh an fíoraitheoir ar an gcuideachta é a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 11(1);

(f)

tá sé aimsithe ag cuideachtaí, fíoraitheoirí nó údaráis inniúla nach leor na modhanna chun bearnaí sonraí a chosc agus earráidí sonraí a shainaithint chun cruinneas, iomláine agus trédhearcacht sonraí a áirithiú.

3.   Tabharfaidh na cuideachtaí fógra do na fíoraitheoirí gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon togra le haghaidh modhnú ar an plean faireacháin.

Airteagal 10

Deimhniú breoslaí agus fachtóirí astaíochta

1.   I gcás ina bhfuil bithbhreoslaí, bithghás, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001, le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

bithbhreoslaí agus bithghás nach gcomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 nó a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breosla;

(b)

RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte nach gcomhlíonann na tairseacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí GCT a leagtar amach in Airteagal 25(2) de Threoir (AE) 2018/2001, measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna acu agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breoslaí.

2.   Measfar go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag breoslaí nach gcumhdaítear i mír 1 agus atá ag an gconair is lú fabhar do bhreosla iontaise don chineál breosla atá i gceist, ach amháin má deimhníodh iad i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin, lena mbunaítear tairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí GCT agus modheolaíocht ghaolmhar chun astaíochtaí GCT ó tháirgeadh na mbreoslaí sin a ríomh.

3.   Ar bhonn na nótaí seachadta umair breosla arna gcomhlánú i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, soláthróidh cuideachtaí sonraí cruinne, iomlána agus iontaofa maidir le déine astaíochtaí GCT agus saintréithe inbhuanaitheachta breoslaí atá le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a bheidh deimhnithe faoi scéim arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin.

4.   Ní imeoidh cuideachtaí ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le breoslaí iontaise. Gan dochar do mhír 1, beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí tobar go marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo ar choinníoll go ndéantar na luachanna iarbhír a dheimhniú faoi scéim a aithníonn an Coimisiún. Déanfar an deimhniú sin le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 nó, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus i hidrigin.

5.   Beidh cuideachtaí i dteideal imeacht ó luachanna réamhshocraithe na bhfachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth a leagtar amach in Iarscríbhinn II, cé is moite d’fhachtóirí astaíochtaí CO2 umar-go-marbhshruth le haghaidh breoslaí iontaise, ar choinníoll go ndéantar luachanna iarbhír a dheimhniú trí thástáil saotharlainne nó tomhais ar astaíochtaí díreacha.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme d’fhonn a shonrú cé na caighdeáin idirnáisiúnta agus na tagairtí deimhniúcháin a nglactar leo chun fachtóirí astaíochtaí iarbhír umar-go-marbhshruth a léiriú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Caibidil IV

Fíorú agus creidiúnú

Airteagal 11

An plean faireacháin agus an plean faireacháin modhnaithe a mheasúnú

1.   I gcás gach loinge agus i gcás ina n-athraítear an fíoraitheoir, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann, gan aon mhoill mhíchuí, athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe faoi bhráid an fhíoraitheora le haghaidh measúnú deiridh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta lena mbaineann ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse sin thar thús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.

2.   Beidh modhnuithe ar an bplean faireacháin faoi Airteagal 9(2), pointí (b), (c) agus (d), faoi réir measúnú arna dhéanamh ag an bhfíoraitheoir. Tar éis an mheasúnaithe sin, cuirfidh an fíoraitheoir in iúl don chuideachta lena mbaineann cibé atá na modhnuithe sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 7, 8 agus 9.

3.   A luaithe a bheidh measúnú sásúil déanta ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe, déanfaidh an fíoraitheoir iad a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU. Beidh rochtain ar an bplean faireacháin agus ar an bplean faireacháin modhnaithe ag an Stát riaracháin.

Airteagal 12

Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí

1.   Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta nó ar an oibreoir loinge agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin agus chun coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint, ní cuideachta, oibreoir loinge ná úinéir cuideachta a bheidh san fhíoraitheoir ná in aon chuid d’eintiteas dlíthiúil ar cuid de é. Ina theannta sin, ní bheidh an fíoraitheoir faoi úinéireacht cuideachta, oibreora loinge ná úinéra cuideachta ná ní bheidh caidreamh aige le cuideachta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht.

2.   Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht, cruinneas, agus iomláine na sonraí agus na faisnéise a bhaineann leis an méid fuinnimh, an cineál fuinnimh agus fachtóir astaíochta an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord, go háirithe na nithe seo a leanas:

(a)

tomhaltas breosla agus úsáid foinsí ionadacha fuinnimh a chur i leith muiraistear agus le beart;

(b)

na sonraí tuairiscithe maidir le tomhaltas breosla agus na tomhais agus na ríomhanna gaolmhara;

(c)

rogha agus cur i bhfeidhm fachtóirí astaíochta;

(d)

úsáid OPS nó cur i bhfeidhm aon cheann de na heisceachtaí arna dtaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU i gcomhréir le hAirteagal 6(9), pointe (a);

(e)

na sonraí nach mór a thabhairt faoi Airteagal 10(3).

3.   Bunófar an measúnú dá dtagraítear i mír 2 ar na breithnithe seo a leanas:

(a)

cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach i ndáil leis na sonraí measta atá bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long mar shampla, cumhacht an innill shuiteáilte;

(b)

cé acu atá nó nach bhfuil aon neamhréireacht sna sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a cheannaíonn gach long go bliantúil á cur i gcomparáid leis an tomhaltas comhiomlán breosla le linn muiraistear;

(c)

ar bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus

(d)

cé acu atá nó nach bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.

Airteagal 13

Nósanna imeachta fíorúcháin

1.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir méid, cineál agus fachtóir astaíochta tuairiscithe an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe na loinge agus saintréithe na loinge, mar shampla, cumhacht an innill shuiteáilte. I gcás ina n-aimsítear éagsúlachtaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.

2.   Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha a bhaineann leis na céimeanna difriúla ríomha trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí agus ar na modheolaíochtaí ar fad arna n-úsáid ag an gcuideachta lena mbaineann.

3.   Cuirfidh an fíoraitheoir san áireamh aon mhodh éifeachtach rialaithe riosca arna chur i bhfeidhm ag an gcuideachta lena mbaineann chun leibhéil neamhchinnteachta a laghdú, ar leibhéil iad a bhaineann leis an gcruinneas is sonrach do na modhanna faireacháin a úsáidtear.

4.   Arna iarraidh sin don fhíoraitheoir, cuirfidh an chuideachta lena mbaineann aon fhaisnéis bhreise ar fáil a chuirfidh ar chumas an fhíoraitheora a ghníomhaíochtaí fíorúcháin a chur i gcrích. I gcás inar gá chun iontaofacht, inchreidteacht, cruinneas agus iomláine na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a chinneadh, déanfaidh an fíoraitheoir seiceálacha le linn an phróisis fíorúcháin. I gcás amhrais, féadfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an láthair a sheoladh ag áitreabh na cuideachta nó ar bord na loinge. Tabharfaidh an chuideachta rochtain don fhíoraitheoir ar áitreabh na cuideachta nó na loinge chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin a éascú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha do na gníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear sa Rialachán seo a shonrú tuilleadh, maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad: inniúlachtaí na bhfíoraitheoirí; doiciméid atá le cur ar fáil ag cuideachtaí do na fíoraitheoirí; comhréireacht an phlean faireacháin agus an plean mhodhnaithe faireacháin a mheasúnú; measúnú riosca, lena n-áirítear seiceálacha, atá le déanamh ag fíoraitheoirí; An tuarascáil FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 15(3) a fhíorú; tairseach ábharthachta; sláine réasúnach ó na fíoraitheoirí; míshonruithe agus neamh-chomhréireachtaí; ábhar na tuarascála fíoraithe; moltaí maidir le feabhsúcháin; cuairt ar an láthair; agus cumarsáid idir cuideachtaí, fíoraitheoirí, údaráis inniúla agus an Coimisiún. Beidh na rialacha a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12 agus san Airteagal seo agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Airteagal 14

Creidiúnú fíoraitheoirí

1.   Creidiúnóidh comhlacht náisiúnta creidiúnaithe fíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíorúcháin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008. Faoi dheireadh gach bliana, tabharfaidh an comhlacht creidiúnaithe náisiúnta fógra don Choimisiún faoi liosta na bhfíoraitheoirí creidiúnaithe, mar aon leis na sonraí teagmhála ábhartha go léir.

2.   I gcás nach ndéantar aon fhoráil shonrach maidir le creidiúnú fíoraitheoirí a leagan síos sa Rialachán seo, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

3.   Beidh dóthain acmhainne agus foirne ag fíoraitheoirí i gcónaí chun iad a chumasú chun déileáil le méid an chabhlaigh a ndéanann siad gníomhaíochtaí fíorúcháin ina leith faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh saineolas leordhóthanach i gcónaí ag fíoraitheoirí, go háirithe ar mhuiriompar, chun iad a chumasú na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Beidh siad in ann acmhainn agus foireann a shannadh do gach áit oibre, nuair is gá sin agus de réir mar is gá sin chun na cúraimí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.   Aon údarás inniúil a shainaithníonn neamhchomhréireacht gníomhaíochtaí fíoraitheora faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cuirfidh sé údarás inniúil an Bhallstáit ar an eolas maidir leis an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta a rinne creidiúnú ar an bhfíoraitheoir. Iarrfaidh údarás inniúil Bhallstát an chomhlachta creidiúnaithe náisiúnta ar a chomhlacht creidiúnaithe náisiúnta an fhaisnéis sin a chur san áireamh mar chuid dá ghníomhaíochtaí faireachais.

5.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodhanna agus critéir bhreise a bhunú le haghaidh creidiúnú fíoraitheoirí, maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad: iarraidh ar chreidiúnú le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo; measúnú ar na fíoraitheoirí, arna dhéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta; gníomhaíochtaí faireachais arna ndéanamh ag na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun leanúnachas an chreidiúnaithe a dheimhniú; bearta riaracháin atá le glacadh mura gcomhlíonann an fíoraitheoir ceanglais an Rialacháin seo; agus ceanglais ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun a bheith inniúil chun creidiúnú a sholáthar d’fhíoraitheoirí le haghaidh gníomhaíochtaí fíoraithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe. Beidh na modhanna agus na critéir a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorúchán dá bhforáiltear in Airteagail 11, 12 agus 13 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta.

Caibidil V

Comhlíontacht a thaifeadadh, a fhíorú, a thuairisciú agus a mheasúnú

Airteagal 15

Faireachán agus tuairisciú

1.   Ón 1 Eanáir 2025, bunaithe ar an bplean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8 agus tar éis don fhíoraitheoir measúnú a dhéanamh ar an bplean sin, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus taifeadadh ar an bhfaisnéis seo a leanas, le haghaidh gach loinge a thagann isteach i calafort cuarda nó a imíonn uaidh, agus le haghaidh gach muiraistir dá dtagraítear in Airteagal 2(1):

(a)

an calafort óna n-imítear agus an calafort a dtagtar isteach ann lena n-áirítear dáta agus am na himeachta agus an teachta isteach agus an méid ama a chaitear i mbeart;

(b)

i gcás gach loinge a bhfuil feidhm ag Airteagal 6(1) lena haghaidh, an nascadh leis an OPS agus úsáid OPS nó cur i bhfeidhm aon cheann de na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5) mar a dhearbhaítear de bhun Airteagal 6(9), pointe (a), i gcás inarb infheidhme;

(c)

méid gach cineáil breosla a ídítear i mbeart agus ar muir;

(d)

méid an leictreachais arna sheachadadh ar an long trí OPS;

(e)

maidir le gach cineál breosla a ídítear le linn don long a bheith i mbeart agus ar muir, fachtóir astaíochtaí tobar-go-humar, fachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth an bhreosla dhóite, agus fachtóirí astaíochtaí umar-go-marbhshruth an bhreosla shleamhnaithe a bhaineann le tomhaltóirí éagsúla an bhreosla atá ar bord, lena gcumhdaítear na gáis cheaptha teasa ábhartha uile;

(f)

méid gach cineáil foinse ionadaí fuinnimh a ídítear i mbeart agus ar muir;

(g)

aicme oighir na loinge, má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid mar gheall ar aicme oighir na loinge a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, agus úsáid á baint as Moladh 25/7 ón gCoimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM) maidir le sábháilteacht na loingseoireachta geimhridh i Muir Bhailt chun an comhfhreagras idir aicmí oighir a bhunú;

(h)

aicme oighir na loinge, an dáta, an t-am agus an suíomh nuair a théann long isteach sna dálaí oighir agus nuair a fhágann sí dálaí oighir, an méid breosla de gach cineál a ídítear agus an fad a taistealaíodh agus í ag seoladh faoi dhálaí oighir mar aon leis an bhfad iomlán a taistealaíodh do gach muiraistear le linn na tréimhse tuairiscithe, má iarrann an chuideachta an fuinneamh breise arna úsáid de bharr seoladh faoi dhálaí oighir a eisiamh ó ríomh an iarmhéid comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

2.   Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis agus na sonraí a liostaítear i mír 1 a thaifeadadh ar bhealach tráthúil agus trédhearcach agus iad a thiomsú ar bhonn bliantúil lena gcuirtear ar chumas an fhíoraitheora comhlíontacht leis an Rialachán seo a fhíorú.

3.   Faoin 31 Eanáir den tréimhse fíorúcháin, cuiridh cuideachtaí tuarascáil long-shonrach ( ‘tuarascáil FuelEU’) ar fáil don fhíoraitheoir ina mbeidh an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na sonraí faireacháin agus na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 7(4) le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

4.   I gcás long a aistriú ó chuideachta amháin go cuideachta eile:

(a)

cuirfidh cuideachta an aistrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in iúl don fhíoraitheoir don am ar ghlac sí freagracht as oibriú na loinge lena linn;

(b)

Chomh gar agus is féidir don lá a chríochnófar an t-aistriú agus tráth nach déanaí ná mí ina dhiaidh sin, déanfaidh an fíoraitheoir a rinne gníomhaíochtaí fíoraithe don long faoi chuideachta an aistrithe an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú agus a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU i gcomhréir le hAirteagal 16; agus

(c)

gan dochar do phointí (a) agus (b), is í an chuideachta a bheidh freagrach as oibriú na loinge an 31 Nollaig den tréimhse thuairiscithe a bheidh freagrach as an long a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 4 agus 6 don tréimhse tuairiscithe ar fad ina ndearnadh an t-aistriú nó na haistrithe iolracha.

Airteagal 16

Fíorú agus ríomh

1.   Tar éis an fhíoraithe mar a leagtar amach in Airteagail 11, 12 agus 13, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar cháilíocht, ar iomláine agus ar chruinneas na tuarascála FuelEU. Chun na críche sin, úsáidfidh an fíoraitheoir aon fhaisnéis atá i mbunachar sonraí FuelEU, lena n-áirítear faisnéis arna soláthar faoi chuarda calafoirt i gcomhréir le hAirteagal 6.

2.   Nuair is é conclúid an mheasúnaithe fhíoraithe dá dtagraítear i mír 1, le dearbhú réasúnach ón bhfíoraitheoir, go bhfuil an tuarascáil FuelEU saor ó mhíráitis nó neamhchomhréireachtaí ábhartha, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta lena mbaineann faoin tuarascáil fíorúcháin ina luaitear go bhfuil an tuarascáil FuelEU i gcomhréir leis an Rialachán seo. Sonrófar sa tuarascáil fíorúcháin na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an bhfíoraitheoir.

3.   I gcás ina sainaithnítear leis an measúnú fíorúcháin míráitis nó neamh-chomhréireachtaí leis an Rialachán seo, cuirfidh an fíoraitheoir an chuideachta lena mbaineann ar an eolas faoi go tráthúil. Déanfaidh an chuideachta, gan aon mhoill mhíchuí, na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a cheartú ansin ionas go bhféadfar an próiseas fíoraithe a chríochnú go tráthúil agus déanfaidh sí an tuarascáil athbhreithnithe FuelEU agus aon fhaisnéis eile is gá chun na mí-ráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a sainaithníodh a cheartú a chur chuig an bhfíoraitheoir. Ina thuarascáil fíorúcháin, luafaidh an fíoraitheoir an gcomhlíonann an tuarascáil FuelEU, arna leasú, an Rialachán seo. I gcás nár ceartaíodh na míráitis nó na neamh-chomhréireachtaí a cuireadh in iúl agus ina n-eascraíonn míráitis ábhartha astu, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta faoin tuarascáil fíorúcháin ina luafar nach gcomhlíonann tuarascáil FuelEU an Rialachán seo.

4.   Ar bhonn thuarascáil FuelEU a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an fíoraitheoir an méid seo a leanas a ríomh:

(a)

meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh arna úsáid ag an long lena mbaineann ar bord, agus úsáid á baint as an modheolaíocht a shonraítear in Iarscríbhinn I;

(b)

iarmhéid comhlíontachta na loinge, agus úsáid á baint as an bhfoirmle a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV;

(c)

líon na gcuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafort sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin lena n-áirítear an t-am a caitheadh ar múráil le cé agus, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 6(9), ar ancaire, le haghaidh gach cuarda ar chalafort a dhéanann an long nach bhfuil i gcomhlíonadh leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6;

(d)

méid an fhuinnimh bhliantúil arna úsáid ag long ar bord, gan fuinneamh ó OPS a áireamh;

(e)

méid an fhuinnimh bhliantúil arna úsáid ag long ar bord ón RFNBO.

5.   Faoin 31 Márta den tréimhse fíorúcháin, tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don chuideachta faoin bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus déanfaidh sé an tuarascáil FuelEU, a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo, an tuarascáil fíorúcháin agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU.

Beidh rochtain ag an Stát riaracháin ar an bhfaisnéis uile a thaifeadfar i mbunachar sonraí FuelEU.

Airteagal 17

Seiceálacha breise arna ndéanamh ag údarás inniúil

1.   Tráth ar bith, féadfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin, i gcás cuideachta agus i gcomhair aon cheann dá longa, seiceálacha breise a dhéanamh, i ndáil leis an dá thréimhse thuairiscithe roimhe sin, ar aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

an tuarascáil FuelEU a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo arna bunú i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16;

(b)

an tuarascáil fíorúcháin arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 16;

(c)

na ríomhanna arna ndéanamh ag an bhfíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 16(4).

2.   Arna iarraidh sin don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an chuideachta aon fhaisnéis nó doiciméid is gá ar fáil lena gcuirfear ar chumas an údaráis inniúil seiceálacha breise a dhéanamh agus ceadóidh sí rochtain ar áitreabh na cuideachta nó na loinge chun na seiceálacha breise sin a éascú.

3.   Eiseoidh an t-údarás inniúil dá tagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tuarascáil maidir le seiceálacha breise lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na ríomhanna nuashonraithe arna ndéanamh agus Airteagal 17(1), pointe (c) á chur i bhfeidhm, méid nuashonraithe an bharrachais comhlíontachta nó an réamhbharrachais comhlíontachta agus méid nuashonraithe an phionóis FuelEU.

4.   I gcás ina sainaithnítear sa tuarascáil maidir le seiceálacha breise dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo míráitis, neamh-chomhréireachtaí nó míríomhanna a mbíonn mar thoradh orthu neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 4 nó 6 agus, dá thoradh sin, go ngearrtar pionós FuelEU nó go ndéantar méid pionóis FuelEU a íocadh cheana a mhodhnú, tabharfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo fógra don chuideachta lena mbaineann faoi mhéid comhfhreagrach an phionóis FuelEU nó faoi mhéid an phionóis mhodhnaithe FuelEU. Áiritheoidh na Ballstáit go n-íocfaidh an chuideachta atá freagrach as an long le linn na tréimhse atá faoi réir na seiceálacha breise méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU nó leis an bpionós modhnaithe FuelEU sin laistigh d’aon mhí amháin tar éis fógra a fháil ina leith, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 23.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 doiciméad comhlíontachta FuelEU de chuid loinge a bhaint gan mhoill ó bhunachar sonraí FuelEU, ar long í nár íoc a cuideachta in am trátha na pionóis FuelEU dá dtagraítear i mír 4 agus cuirfidh sé an bhaint sin in iúl don chuideachta lena mbaineann in am trátha. Ní eiseoidh sé an doiciméad ábhartha FuelEU arís go dtí go n-íocfar suim atá comhionann leis an bpionós FuelEU, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an chuideachta na coinníollacha eile a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an doiciméad comhlíontachta FuelEU a shealbhú.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 maidir le long a aistríodh chuig cuideachta seachas an chuideachta a ghlac an fhreagracht as a hoibriú le linn na tréimhse atá faoi réir na seiceálacha breise.

7.   Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo, tuarascáil na seiceálacha breise dá dtagraítear i mír 3 mar aon leis an gcruthúnas ar íocaíochtaí na bpionós FuelEU, déanfaidh na heintitis a rinne na gníomhaíochtaí sin nó a rinne an tuarascáil nó an íocaíocht sin a thaifead gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU.

Airteagal 18

Uirlisí tacaíochta agus treoir

Forbróidh an Coimisiún uirlisí faireacháin iomchuí, chomh maith le treoir agus uirlisí spriocdhírithe rioscabhunaithe, chun gníomhaíochtaí fíorúcháin agus forfheidhmiúcháin a bhaineann leis an Rialachán seo a éascú agus a chomhordú. A mhéid is féidir, cuirfear an treoir agus na huirlisí sin ar fáil do na Ballstáit, do na fíoraitheoirí agus do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta chun críoch faisnéise a chomhroinnt agus chun forfheidhmiú láidir an Rialacháin seo a áirithiú ar bhealach níos fearr.

Airteagal 19

Bunachar sonraí agus tuairisciú FuelEU

1.   Forbróidh an Coimisiún bunachar sonraí leictreonach FuelEU chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo (‘bunachar FuelEU’), áiritheoidh an Coimisiún feidhmiú an bhunachair sonraí sin agus nuashonróidh sé é. Bainfear úsáid as bunachar sonraí FuelEU chun taifead a choinneáil ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fíorúcháin, ar iarmhéid comhlíontachta long, lena n-áirítear úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta a leagtar amach in Airteagail 20 agus 21, ar chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí a leagtar amach in Airteagal 6(5), ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le híocaíocht na bpionós FuelEU arna bhforchur faoi Airteagal 23 agus ar eisiúint an doiciméid comhlíontachta FuelEU. Beidh rochtain ag na cuideachtaí, na fíoraitheoirí, na húdaráis inniúla agus aon eintiteas cuí-údaraithe, na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) agus an Coimisiún air, maille le cearta agus feidhmiúlachtaí rochtana iomchuí a chomhfhreagraíonn dá bhfreagrachtaí faoi seach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear aon eilimintí a thaifeadfar nó a mhodhnófar i mbunachar sonraí FuelEU in iúl do na heintitis a mbeidh rochtain acu orthu.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos na rialacha maidir le cearta rochtana agus sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla bhunachar sonraí FuelEU, lena n-áirítear rialacha maidir le fógra a thabhairt agus scagadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(3).

Airteagal 20

Baincéireacht agus iasachtú barrachais comhlíontachta idir tréimhsí tuairiscithe

1.   Ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil barrachas comhlíontachta ag an long, don tréimhse tuairiscithe, maidir leis an déine GCT atá aici agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, maidir le fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), féadfaidh an chuideachta é a bhancáil in iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile. Déanfaidh an chuideachta taifead ar bhancáil an bharrachais comhlíontachta le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile i mbunachar sonraí FuelEU, faoi réir a formheasta ag a fíoraitheoir. Ní fhéadfaidh an chuideachta an barrachas comhlíontachta a bhancáil a thuilleadh ón uair a eisítear doiciméad comhlíontachta FuelEU.

2.   Ar bhonn na ríomhanna a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 16(4), i gcás ina bhfuil easnamh comhlíontachta ag an long, le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, féadfaidh an chuideachta réamhbharrachas comhlíontachta den mhéid comhfhreagrach a fháil ar iasacht ón gcéad tréimhse tuairiscithe eile. Cuirfear an réamhbharrachas comhlíontachta le hiarmhéid comhlíontachta na loinge le haghaidh na tréimhse tuairiscithe agus dealófar an réamhbharrachas comhlíontachta iolraithe faoi 1,1 ó iarmhéid comhlíontachta na loinge céanna sa chéad tréimhse tuairiscithe eile. Ní fhéadfar an réamhbharrachas comhlíontachta a fháil ar iasacht sna cásanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh méid atá níos mó ná 2 % os cionn na teorann a leagtar amach in Airteagal 4(2), arna iolrú faoi thomhaltas fuinnimh na loinge arna ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(b)

le haghaidh dhá thréimhse tuairiscithe i ndiaidh a chéile.

3.   Faoin 30 Aibreán den tréimhse fíorúcháin, déanfaidh an chuideachta taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar an réamhbharrachas comhlíontachta, tar éis don fhíoraitheoir é a fhormheas.

4.   I gcás nach mbeidh aon chuairt ar chalafort san Aontas ag long le linn na tréimhse tuairiscithe agus i gcás ina mbeidh réamhbharrachas comhlíontachta faighte ar iasacht aici sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin, tabharfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin fógra don chuideachta lena mbaineann faoin 1 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin maidir le méid an phionóis FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 23(2) a sheachain sí ar dtús tríd an réamhbharrachas comhlíontachta sin a fháil ar iasacht, iolraithe faoi 1,1.

Airteagal 21

Comhlíontacht a chomhthiomsú

1.   Maidir le hiarmhéideanna comhlíontachta, do dhéine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus, más infheidhme, fosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), de chuid dhá long nó níos mó, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), féadfar iad a chomhthiomsú chun críocha na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 4 agus, más infheidhme, in Airteagal 5(3). Ní fhéadfar iarmhéid comhlíontachta loinge a chur ar áireamh i níos mó ná aon chomhthiomsú amháin sa tréimhse tuairiscithe chéanna.

Féadfar dhá chomhthiomsú ar leith a úsáid le haghaidh na sprice déine GCT agus le haghaidh na forsprice do RFNBO.

2.   Cláróidh an chuideachta i mbunachar sonraí FuelEU go bhfuil sé de rún aici iarmhéid comhlíontachta na loinge a chur san áireamh i gcomhthiomsú, leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith, agus rogha an fhíoraitheora a roghnófar chun an leithdháileadh sin a fhíorú.

3.   I gcás ina bhfuil na longa atá rannpháirteach sa chomhthiomsú á rialú ag dhá chuideachta nó níos mó, déanfaidh gach cuideachta lena mbaineann sa chomhthiomsú, i mbunachar sonraí FuelEU, sonraí an chomhthiomsaithe arna gclárú i mbunachar sonraí FuelEU a bhailíochtú, lena n-áirítear leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar longa an chomhthiomsaithe agus rogha an fhíoraitheora a roghnófar chun leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith a fhíorú.

4.   Ní bheidh comhthiomsú bailí ach amháin más comhlíonadh dearfach é an comhlíonadh iomlán arna chomhthiomsú, mura mbeidh easnamh comhlíontachta níos airde, tar éis leithdháileadh na comhlíontachta comhthiomsaithe, ag longa a raibh easnamh comhlíontachta acu arna ríomh i gcomhréir le Airteagal 16(4) agus mura mbeidh easnamh comhlíontachta, tar éis leithdháileadh na comhlíontachta comhthiomsaithe, ag longa a raibh barrachas comhlíontachta acu arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 16(4).

5.   Ní áireofar long i gcomhthiomsú mura gcomhlíonfaidh sí an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24.

6.   Más barrachas comhlíontachta le haghaidh long aonair is toradh ar iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe, beidh feidhm ag Airteagal 20(1).

7.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 20(2) maidir le long atá rannpháirteach sa chomhthiomsú.

8.   Faoin 30 Aibreán den tréimhse fíorúcháin, déanfaidh an fíoraitheoir roghnaithe taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar chomhdhéanamh críochnaitheach an chomhthiomsaithe agus ar leithdháileadh iarmhéid comhlíontachta iomlán an chomhthiomsaithe ar gach long ar leith.

Airteagal 22

Doiciméad comhlíontachta FuelEU

1.   Faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, eiseoidh an fíoraitheoir doiciméad comhlíontachta FuelEU le haghaidh na loinge lena mbaineann, ar choinníoll nach bhfuil easnamh comhlíontachta ar an long, tar éis chur i bhfeidhm Airteagail 20 agus 21, nár thug an long cuairteanna neamhchomhlíontacha ar chalafoirt agus go gcomhlíonann sí an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24.

2.   I gcás ina bhfuil pionóis FuelEU dá dtagraítear in Airteagal 23(2) nó 23(5) dlite, déanfaidh údarás inniúil an Stáit riaracháin, faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint don long lena mbaineann, ar choinníoll gur íocadh méid atá comhionann leis na pionóis FuelEU.

3.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa doiciméad comhlíontachta FuelEU:

(a)

céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort a cláraithe nó a calafort baile);

(b)

ainm, seoladh agus príomháit ghnó úinéir na loinge;

(c)

céannacht an fhíoraitheora;

(d)

dáta eisiúna an doiciméid sin, a thréimhse bailíochta agus an tréimhse tuairiscithe dá dtagraíonn sé.

4.   Maidir leis an doiciméad comhlíontachta FuelEU, beidh sé bailí ar feadh thréimhse 18 mí i ndiaidh dheireadh na tréimhse tuairiscithe nó go dtí go n-eiseofar doiciméad comhlíontachta nua FuelEU, cibé acu a tharlaíonn is túisce.

5.   Déanfaidh an fíoraitheoir nó, i gcás inarb infheidhme, údarás inniúil an Stáit riaracháin an doiciméad comhlíontachta eisithe FuelEU a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU gan mhoill.

6.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar samhlacha le haghaidh an doiciméid comhlíontachta FuelEU, lena n-áirítear teimpléid leictreonacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Airteagal 23

Pionóis FuelEU

1.   Roimh an 1 Bealtaine den tréimhse fíorúcháin, ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(4) agus tar éis chur i bhfeidhm féideartha Airteagail 20 agus 21, déanfaidh an fíoraitheoir iarmhéideanna comhlíontachta fíoraithe na loinge le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a thaifeadadh i mbunachar sonraí FuelEU agus, más infheidhme, le haghaidh na forsprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3).

Má tá easnamh comhlíontachta ag long le haghaidh na fosprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), déanfar pionós FuelEU a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV.

2.   Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, maidir le haon long dá cuid an 1 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin a bhfuil easnamh comhlíontachta le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) nó, más infheidhme, le haghaidh na forsprice do RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3), go n-íocfaidh an chuideachta faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, tar éis dá húdarás inniúla bailíochtú féideartha a dhéanamh, méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU a eascraíonn as cur i bhfeidhm na bhfoirmlí a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV. Má tá easnamh comhlíontachta ag long 2 thréimhse tuairiscithe as a chéile nó níos mó, déanfar an méid sin a iolrú faoi 1 + (n -1)/10, i gcás inarb é n líon na dtréimhsí tuairiscithe as a chéile ar ina leith atá an chuideachta faoi réir pionós FuelEU i leith na loinge sin.

3.   Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid atá sa chás dá dtagraítear in Airteagal 20(4), go n-íocann an chuideachta, faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU ar tugadh fógra faoi de bhun an Airteagail sin.

4.   Roimh an 1 Bealtaine den tréimhse fíorúcháin, i gcás inarb infheidhme ar bhonn na ríomhanna arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16(4), déanfaidh an fíoraitheoir taifead i mbunachar sonraí FuelEU ar líon iomlán na n-uaireanta a chaith an long ar múraíl le taobh cé ar neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 6.

5.   Áiritheoidh an Stát riaracháin i leith cuideachta, i gcás aon long dá cuid a thug cuairt neamhchomhlíontach amháin ar laghad ar chalafort, go n-íocfaidh an chuideachta faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin méid atá comhionann leis an bpionós FuelEU a eascraíonn as EUR 1.5 a iolrú faoi éileamh iomlán na loinge atá i mbeart ar chumhacht leictreach agus líon iomlán uaireanta an chloig, slánaithe suas go dtí slán-uair an chloig is gaire, a chaith an long i mbeart ar neamhchomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 6.

6.   Beidh an creat dlíthiúil agus riaracháin is gá i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis na pionóis FuelEU a fhorchur, a íoc agus a bhailiú.

7.   Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo mar aon leis an gcruthúnas ar íocaíochtaí as pionóis FuelEU, déanfaidh na heintitis a rinne na gníomhaíochtaí sin nó a rinne an íocaíocht sin iad a thaifeadadh gan mhoill i mbunachar sonraí FuelEU.

8.   Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le hoibreoirí tráchtála na loinge lena bhforáiltear do dhliteanas na n-oibreoirí tráchtála sin an íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta, nuair a ghlacann an t-oibreoir tráchtála sin an fhreagracht as an mbreosla a cheannach nó as an long a oibriú. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn oibriú na loinge an lastas atá á iompar, an bealach taistil, agus luas na loinge a chinneadh.

9.   Leanfaidh an chuideachta de bheith freagrach as na pionóis FuelEU a íoc, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an gcuideachta comhaontuithe conarthacha a thabhairt i gcrích le soláthróirí breosla lena bhforáiltear do dhliteanas na soláthróirí breosla íocaíocht as na pionóis FuelEU a aisíoc leis an gcuideachta.

10.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun an fachtóir a shonraítear i gcill 7, agus i gcás inarbh infheidhme, cill 14 den tábla i gCuid B den Iarscríbhinn sin agus a úsáidtear san fhoirmle dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a oiriúnú, bunaithe ar na forbairtí ar chostas fuinnimh, agus chun an fachtóir iolrúcháin a leagtar síos i mír 5 den Airteagal seo a leasú, bunaithe ar innéacsú an mheánchostais leictreachais san Aontas.

11.   Féachfaidh na Ballstáit lena áirithiú go n-úsáidfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis FuelEU, nó a choibhéis i luach airgeadais, chun tacú le mear-imscaradh agus úsáid na mbreoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, trí spreagadh a thabhairt chun cainníochtaí níos mó breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a tháirgeadh don earnáil mhuirí, trí thógáil saoráidí iomchuí buncaeireachta nó bhonneagar OPS i gcalafoirt a éascú, agus trí thacú le forbairt, tástáil agus imscaradh na dteicneolaíochtaí is nuálaí sa chabhlach chun laghduithe suntasacha astaíochtaí a bhaint amach.

Faoin 30 Meitheamh 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit ar fáil go poiblí tuarascáil maidir le húsáid an ioncaim a ghintear ó na pionóis FuelEU thar an tréimhse 5 bliana roimh an mbliain ina n-eisítear an tuarascáil sin, lena n-áirítear faisnéis faoi na tairbhithe agus leibhéal an chaiteachais a bhaineann leis na cuspóirí a liostaítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 24

Oibleagáid maidir le doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU a shealbhú

1.   Faoin 30 Meitheamh den tréimhse fíorúcháin, beidh doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU ag longa a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, a fhanann ann nó a imíonn uaidh, nó a thug faoi mhuiraistir le linn na tréimhse tuairiscithe comhfhreagraí sin.

2.   An doiciméad comhlíontachta FuelEU arna eisiúint le haghaidh na loinge lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 22, beidh sé ina fhianaise ar chomhlíonadh an Rialacháin seo.

Airteagal 25

Forfheidhmiú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Maidir le haon chigireacht a dhéanfar ar long atá i gcalafort faoina dhlínse agus a dhéanfar i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE, áiritheoidh gach Ballstát go n-áireofar leis an gcigireacht sin go seiceálfar go bhfuil doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU ag an long sin.

3.   I gcás ina dteipeann ar long an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24 a chomhlíonadh 2 thréimhse tuairiscithe as a chéile nó níos mó agus i gcás inar theip ar bhearta eile forfheidhmiúcháin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda, i gcás long nach bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aici agus tar éis dó deis a thabhairt don chuideachta lena mbaineann a barúlacha a chur faoina bhráid, ordú díbeartha a eisiúint. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil Bhallstát an chalafoirt cuarda ordú díbeartha a eisiúint, cuirfidh sé an t-ordú sin in iúl don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann trí bhunachar sonraí FuelEU. Cé is moite d’aon Bhallstát a bhfuil a bhratach ar foluain ar an long, diúltóidh gach Ballstát cead iontrála chuig aon chalafort dá chuid don long atá faoi réir ordú díbeartha go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí. I gcás nach gcomhlíonann long an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 24 ar feadh dhá thréimhse tuairiscithe nó níos mó as a chéile agus go dtéann sí isteach i gcalafort de chuid an Bhallstáit a bhfuil a bhratach ar foluain aici, ordóidh an Ballstát lena mbaineann, fad a bheidh an long sin i gceann dá chalafoirt, an bhratach a choinneáil go dtí go gcomhlíonfaidh an chuideachta a hoibleagáidí.

4.   Deimhneoidh an chuideachta lena mbaineann go bhfuil an oibleagáid doiciméad comhlíontachta bailí FuelEU a bheith ag long á comhlíonadh trí fhógra faoi dhoiciméad comhlíontachta bailí FuelEU a thabhairt don údarás náisiúnta inniúil a d’eisigh an t-ordú díbeartha. Beidh an mhír seo gan dochar d’fhorálacha an dlí idirnáisiúnta is infheidhme i gcás longa atá i nguais.

5.   Maidir le smachtbhannaí in aghaidh long ar leith arna bhforchur ag aon Bhallstát, tabharfar fógra fúthu don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Stát brataí lena mbaineann trí bhunachar sonraí FuelEU.

Airteagal 26

Ceart chun athbhreithniú

1.   Beidh cuideachtaí i dteideal iarratas a chur isteach ar athbhreithniú a dhéanamh ar na ríomhanna agus ar na tomhais a chuireann an fíoraitheoir faoina mbráid faoin Rialachán seo, lena n-áirítear an diúltú doiciméad comhlíontachta FuelEU a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 22(1).

Déanfar an t-iarratas ar athbhreithniú a thaisceadh le húdarás inniúil an Bhallstáit inar creidiúnaíodh an fíoraitheoir laistigh de mhí tar éis fógra a fháil ón bhfíoraitheoir faoi thoradh an ríomha nó an tomhais.

2.   Beidh na cinntí a dhéanfaidh údarás inniúil Ballstáit faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag cúirt de chuid Bhallstát an údaráis inniúil sin.

Airteagal 27

Na húdaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó a bheadh freagrach as cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo (‘údaráis inniúla’) agus cuirfidh siad a n-ainm agus a sonraí teagmhála in iúl don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar a shuíomh gréasáin.

Caibidil VI

Cumhachtaí tarmligthe agus cur chun feidhme agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 28

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(4), 5(7), 6(6), 14(5) agus 23(10) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 12 Deireadh Fómhair 2023.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(4), 5(7), 6(6), 14(5) agus 23(10) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(4), 5(7), 6(6), 14(5) agus 23(10) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 29

An nós imeachta coiste

1.   An Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Faoin 23 Meán Fómhair 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar an idirghníomhaíocht agus an cóineasú idir an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2015/757 nó aon ghníomhartha eile dlí earnála. Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí.

2.   Faoin 31 Nollaig 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin ar a dhéanaí, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle torthaí meastóireachta a bhaineann le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag saobhadh margaidh nó ag seachaint calafoirt; a mhéid a bhaineann leis an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha sa mhuiriompar, chomh maith leis an bhforbairt ar na teicneolaíochtaí agus ar an margadh le haghaidh breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin, agus le haghaidh OPS, lena n-áirítear ar ancaire; a mhéid a bhaineann le húsáid an ioncaim arna ghiniúint ag pionóis FuelEU; agus a mhéid a bhaineann le tionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas na hearnála muirí san Aontas.

Sa tuarascáil sin, breithneoidh an Coimisiún, inter alia, an méid seo a leanas:

(a)

raon feidhme ábhartha agus geografach an Rialacháin seo, a mhéid a bhaineann leis an tairseach olltonnáiste dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a laghdú nó sciar an fhuinnimh a úsáideann longa i muiraistir chuig tríú tíortha agus uathu dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (d), a mhéadú;

(b)

an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 4(2), d’fhonn na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach;

(c)

cineálacha agus méid long a bhfuil feidhm ag Airteagal 6(1) maidir leo agus síneadh ar na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) chun longa atá ar ancaire a chumhdach;

(d)

na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6(5);

(e)

comhaireamh an leictreachais a sheachadtar trí OPS in Iarscríbhinn I agus an fachtóir astaíochta tobar-go-humar a bhaineann leis an leictreachas sin a shainmhínítear in Iarscríbhinn II;

(f)

an fhéidearthacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo sásraí tiomnaithe a áireamh le haghaidh na dteicneolaíochtaí breosla is inbhuanaithe agus is nuálaí a bhfuil acmhainneacht mhór dícharbónúcháin acu, chun creat dlíthiúil soiléir intuartha a chruthú agus chun forbairt margaidh agus imscaradh na dteicneolaíochtaí breosla sin a spreagadh;

(g)

ríomh an iarmhéid comhlíontachta i gcás longa a iarrann go n-eisiafaí an fuinneamh breise a úsáidtear mar gheall ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir a leagtar amach in Iarscríbhinní IV agus V, agus an síneadh a d’fhéadfaí a chur leis na forálacha sin tar éis an 31 Nollaig 2034;

(h)

an fhéidearthacht fuinneamh arna sholáthar ag an ngaoth a áireamh i ríomh déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord a leagtar amach in Iarscríbhinn I, faoi réir modh infhíoraithe a bheith ar fáil chun faireachán agus cuntas a thabhairt ar fhuinneamh tiomána gaoithe;

(i)

an fhéidearthacht teicneolaíochtaí nua maidir le laghdú GCT, mar shampla gabháil carbóin ar bord, a áireamh i ríomh déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ar bord agus an chomhardaithe comhlíontachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus IV faoi seach,, faoi réir modh infhíoraithe a bheith ar fáil chun faireachán agus cuntas a thabhairt ar an gcarbón gafa;

(j)

an fhéidearthacht eilimintí breise a áireamh sa Rialachán seo, go háirithe astaíochtaí carbóin dhuibh;

(k)

an gá atá le bearta chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí a dhéanann cuideachtaí na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a sheachaint.

Breithneoidh an Coimisiún, más iomchuí, an mbeidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin.

3.   Áireoidh an Coimisiún sa tuarascáil dá bhforáiltear i mír 2 meastóireacht ar thionchair shóisialta an Rialacháin seo ar an earnáil mhuirí, lena n-áirítear ar a lucht saothair.

4.   Agus a thuarascáil dá dtagraítear i mír 2 á hullmhú aige, breithneoidh an Coimisiún a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo a mhéid a bhí tionchair aige ar iomaíochas na hearnála muirí. Sa tuarascáil sin, breithneoidh an Coimisiún freisin idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus sainaithneoidh sé aon fhorálacha a d’fhéadfaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú a shainaithint, mar aon le gníomhaíochtaí agus bearta a rinneadh nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun brú an chostais iomláin ar an earnáil mhuirí a laghdú. Mar chuid d’anailís an Choimisiúin ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, áireofar sa tuarascáil measúnú ar an ualach a fhorchuirtear ar ghnólachtaí leis an Rialachán seo.

Déanfaidh an Coimisiún breithniú, más iomchuí, ar cheart togra chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, i bhfianaise chonclúidí na tuarascála dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

5.   I gcás ina nglacfaidh IMO caighdeán domhanda breosla GCT nó teorainneacha domhanda maidir le déine GCT don fhuinneamh arna úsáid ag long ar bord, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gan mhoill. Sa tuarascáil sin, scrúdóidh an Coimisiún an beart domhanda sin a mhéid a bhaineann lena uaillmhian i bhfianaise chuspóirí Chomhaontú Pháras agus a shláine chomhshaoil fhoriomlán. Scrúdóidh sé freisin aon saincheist a bhaineann le nascadh agus ailíniú féideartha an Rialacháin seo leis an mbeart domhanda sin, lena n-áirítear an gá atá le rialáil dhúblála ar astaíochtaí GCT ó mhuiriompar ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, agus í sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair, darb aidhm sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais a chaomhnú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le muiriompar, go háirithe chun iompar imghabhála a bhrath chun cosc a chur ar an iompar sin ag céim luath, agus lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí.

Léireofar torthaí an fhaireacháin sa tuarascáil a chuirfear ar fáil gach 2 bhliain dá dtagraítear in Airteagal 3gg(3) de Threoir 2003/87/CE.

Airteagal 31

Leasú ar Threoir 2009/16/CE

Cuirfear an pointe seo a leanas leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/16/CE:

‘51.

An doiciméad comhlíontachta FuelEU arna eisiúint faoi Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025, seachas Airteagail 8 agus 9, a mbeidh feidhm acu ón 31 Lúnasa 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 145.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 2023.

(3)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Muirí agus Iascaigh, an tAirmheán Taighde, Addamo, A., Calvo Santos, A., Guillén, J., et al., The EU blue economy report 2022 [Tuarascáil AE 2022 an Gheilleagair Ghoirm], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2771/793264.

(4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) ( IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(5)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(6)  Rialachán (AE) 2023/1804 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhair córas trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134).

(8)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(9)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(10)  Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).

(11)  Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).

(12)  Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

(14)  Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2006 maidir le cur chun feidhme an Chóid Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3051/95 ón gComhairle (IO L 64, 4.3.2006, lch. 1).

(16)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(17)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(18)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(19)  Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le comhlíonadh ceanglas Bratstát (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).

(20)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(21)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(23)  Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le laghdú ar an gcion sulfair i leachtbhreoslaí áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

An mhodheolaíocht chun déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a bhunú

Chun déine GCT an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a ríomh, beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas, ar a dtugtar Cothromóid (1):

Formula

)Cothromóid (1)

Tobar-go-humar (WtT)

Formula

Umar go marbhshruth (TtW)

Formula

fwind

Fachtóir luaíochta le haghaidh tiomáint ghaothchuidithe

Chun críocha Chothromóid (1), cuirtear na téarmaí agus na nodaireachtaí éagsúla a úsáidtear i láthair sa tábla seo a leanas:

Téarma

Sainmhíniú

i

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na cineálacha breosla arna seachadadh go dtí an long le linn na tréimhse tuairiscithe

j

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na haonaid tomhaltóra breosla ar bord na loinge. Chun críoch an Rialacháin seo meastar gurb iad na haonaid tomhaltóra breosla atá le breithniú na príomhinnill, na hinnill chúnta, coirí, na cealla breosla agus loisceoirí dramhaíola

k

Innéacs a chomhfhreagraíonn do na pointí nasctha OPS

n

Líon iomlán na gcineálacha breosla arna seachadadh go dtí an long le linn na tréimhse tuairiscithe

c

Líon iomlán na bpointí nasctha OPS

m

Líon iomlán na n-aonad tomhaltóra breosla

Mi,j

Mais an bhreosla i arna tomhailt ag aonad tomhaltóra breosla j [gFuel]

Ek

Leictreachas a sheachadtar chuig an long in aghaidh an phointe nasctha OPS k [MJ]

CO2eqWtT,i

Fachtóir astaíochta GCT WtT an bhreosla i [gCO2eq/MJ]

Formula

Fachtóir astaíochta GCT WtT a bhaineann leis an leictreachas arna sheachadadh go dtí an long i mbeart in aghaidh an phointe nasctha OPS k [gCO2eq/MJ]

LCVi

Luach calrach íochtarach an bhreosla i [MJ/gFuel]

RWDi

I gcás gur de thionscnamh neamhbhitheolaíoch an breosla, is féidir fachtóir luaíochta 2 ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2033 a chur i bhfeidhm. Seachas sin RWDi = 1.

Cslipj

Comhéifeacht breosla neamhdhóite mar chéatadán de mhais an bhreosla i arna tomhailt in aghaidh an aonaid tomhaltóra breosla j [%]. Áirítear le Cslip astaíochtaí idirleata agus sceite.

Formula

Formula

Fachtóirí astaíochta GCT WtT ó bhreosla dóite i in aonad tomhaltóra breosla j [gGCT/gFuel]

CO2eq,TtWi,j

Astaíochtaí breosla dhóite mar choibhéis CO2 TtW i in aonad tomhaltóra breosla j [gCO2eq/gFuel]

Formula

Cothromóid (2)

Formula

Formula

Fachtóirí astaíochta GCT WtT ó bhreosla sceite i dtreo aonad tomhaltóra breosla j [gGCT/gFuel]

CO2eq,TtWslipi,j

Astaíochtaí breosla sceite i mar choibhéis CO2 TtW i dtreo aonad tomhaltóra breosla j [gCO2eq/gFuel]

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas: Csf CO2, agus Csf N2O, = 0.

CsfCH4j = 1.

Formula

Formula

Acmhainneacht téite domhanda CO2, CH4, N2O in imeacht 100 bliain, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001, mír 4 de Chuid C d’Iarscríbhinn V

Chun críocha an Rialacháin seo, socrófar ag nialas an téarma

Formula
in uimhreoir Chothromóid (1).

Modh chun [Mi] a chinneadh

Cinnfear mais [Mi] an bhreosla agus úsáid á baint as an méid a thuairiscítear i gcomhréir le creat an tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh muiraistir a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo bunaithe ar an modheolaíocht faireacháin a roghnaigh an chuideachta.

Modh chun fachtóirí astaíochtaí GCT WtT a chinneadh

Cinntear astaíochtaí WtT ar bhonn na modheolaíochta atá san Iarscríbhinn seo mar a fhoráiltear i gCothromóid (1).

Tá luachanna réamhshocraithe fachtóirí astaíochtaí GCT WtT (CO2eqWtT,i) in Iarscríbhinn II.

I gcás breoslaí iontaise, ní úsáidfear ach na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.

Féadfar luachanna iarbhír a úsáid ar choinníoll go mbeidh siad deimhnithe faoi scéim arna haithint ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) de Threoir (AE) 2018/2001 le haghaidh bithbhreoslaí, bithgháis, RFNBO agus breoslaí carbóin athchúrsáilte, nó, i gcás inarb infheidhme, forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir leis na margaí inmheánacha i ngás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin, agus Airteagal 10(4) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Nóta Seachadta Buncair le haghaidh Breosla (BDN)

Faoi rialacháin Iarscríbhinn VI MARPOL atá ann cheana, tá an BDN sainordaitheach agus sonraítear faisnéis atá le háireamh sa BDN.

Chun críocha an Rialacháin seo:

1.

Comhlánófar BDNanna, lena n-áirítear breoslaí nach breoslaí iontaise iad a úsáidtear ar bord, leis an bhfaisnéis seo a leanas maidir leis na breoslaí sin:

Luach calrach íochtarach [MJ/g],

I gcás bithbhreoslaí, luachanna E mar a bhunaítear i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI [gCO2eq/MJ] agus fianaise ghaolmhar i dtaca le comhlíonadh na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin maidir leis na breoslaí sin, lena sainaithnítear an chonair táirgeachta breosla,

I gcás breoslaí nach breoslaí iontaise ná bithbhreoslaí iad, fachtóir astaíochtaí GCT WtT [gCO2eq/MJ] agus deimhniú gaolmhar lena sainaithnítear an chonair táirgeachta breosla.

2.

I gcás ina gcumascfar táirgí, tabharfar an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo le haghaidh gach táirge.

Nóta Seachadta Leictreachais (EDN)

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar EDNanna ábhartha le haghaidh leictreachas a sheachadtar chuig an long:

1.

soláthróir: ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist, ionadaí;

2.

long ghlactha: Uimhir IMO (MMSI), ainm na loinge, cineál loinge, bratach, ionadaí na loinge;

3.

calafort: ainm, suíomh (LOCODE), críochfort/beart;

4.

Pointe nasctha OPS: sonraí an phointe nasctha;

5.

am OPS: am an tsoláthair cumhachta ar tír dáta/am tosaithe/críochnaithe;

6.

an fuinneamh a sholáthraítear: an codán cumhachta arna leithdháileadh ar phointe soláthair (más infheidhme) [kW], tomhaltas leictreachais (kWh) le haghaidh na tréimhse billeála, faisnéis faoin mbuaic chumhachta (má tá sí ar fáil);

7.

méadrú;

Modh chun fachtóirí astaíochtaí GCT TtW a chinneadh

Cinntear astaíochtaí TtW ar bhonn na modheolaíochta atá san Iarscríbhinn seo mar a fhoráiltear i gCothromóid (1) agus i gCothromóid (2)

Tá luachanna réamhshocraithe fachtóirí astaíochtaí GCT TtW (CO2eq,TtW,j) in Iarscríbhinn II.

I gcomhréir lena phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 8 agus ar mheasúnú an fhíoraitheora, féadfaidh cuideachta modhanna eile a úsáid, mar shampla tomhas díreach CO2eq nó tástáil saotharlainne, má chuireann siad le cruinneas foriomlán an ríomha, agus Airteagal 10(5) á chur i bhfeidhm.

An modh chun astaíochtaí idirleata agus sceite TtW a chinneadh

Is éard atá in astaíochtaí idirleata agus sceite astaíochtaí arb é is cúis leo an méid breosla nach sroicheann cuasán dócháin an aonaid dócháin nó nach n-ídíonn an t-aonad tomhaltóra breosla toisc iad a bheith neamhdhóite, scaoilte nó tar éis sceitheadh ón gcóras. Chun críocha an Rialacháin seo, cuirtear astaíochtaí idirleata agus sceite san áireamh mar chéatadán de mhais an bhreosla a úsáideann an t-aonad tomhaltóra breosla. Tá na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinn II.

Modhanna chun na fachtóirí luaíochta a bhaineann le tiomáint ghaothchuidithe

I gcás ina suiteáiltear tiomáint ghaothchuidithe ar bord, is féidir fachtóir luaíochta a chur i bhfeidhm, arna chinneadh mar a leanas:

Fachtóir luaíochta le haghaidh tiomáint le ghaothchuidithe -WIND (fwind)

Formula

0,99

0,05

0,97

0,1

0,95

≥ 0,15

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

Is é PWind cumhacht éifeachtach na gcóras tiomána ghaothchuidithe atá ar fáil agus comhfhreagraíonn sé do feff * Peff arna ríomh i gcomhréir le 2021 guidance on treatment of innovative energy efficiency technologies for calculation and verification of the attained energy efficiency design index (EEDI) and energy efficiency existing ships index (EEXI) [treoraíocht 2021 maidir le láimhseáil teicneolaíochtaí nuálacha éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh ríomh agus fhíorú an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh dearaidh agus an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh i gcás long atá ann cheana EEXI arna mbaint amach] (MEPC.1/Circ.896);

Is é PProp cumhacht tiomána na loinge agus comhfhreagraíonn sé do PME mar a shainmhínítear é sna 2018 guidelines on the method of calculation of the attained EEDI for new ships [treoirlínte 2018 maidir le modh ríofa an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh dearaidh arna bhaint amach (EEDI) do longa nua] (rún IMO MEPC.364 (79)) agus sna 2021 guidelines on the method of calculation of the attained EEXI [treoirlínte 2021 maidir le modh ríofa an innéacs éifeachtúlachta fuinnimh i gcás long arna bhaint amach] (EEXI) (rún IMO MEPC.333(76)). I gcás ina bhfuil mótair seafta suiteáilte, PProp = PME + PPTI(i),shaft.

Ansin déantar innéacs déine GCT na loinge a ríomh trí thoradh Chothromóid (1) a iolrú faoin bhfachtóir luaíochta.


IARSCRÍBHINN II

Fachtóirí astaíochta réamhshocraithe

Úsáidfear na fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe atá sa tábla thíos chun an t-innéacs déine GCT dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a chinneadh, ach amháin i gcás ina n-atreoróidh cuideachtaí ó na fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe sin agus Airteagal 10(4) agus (5) den Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

Sa tábla thíos:

Ciallaíonn LT Le Tomhas,

Ciallaíonn N/I Neamh-Infhaighte,

Ciallaíonn an dais nach mbaineann ní le hábhar,

Bunaítear E i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI.

I gcás ina léiríonn cill go bhfuil TBM nó N/A ann, mura léirítear luach i gcomhréir le hAirteagal 10, úsáidfear an luach réamhshocraithe is airde don aicme breosla sa cholún céanna.

I gcás, maidir le aicme breosla ar leith, ina léiríonn gach cill sa cholún céanna TBM nó N/A, mura léirítear luach i gcomhréir le hAirteagal 10, úsáidfear luach réamhshocraithe na conaire breosla iontaise is lú fabhar. Níl feidhm ag an riail seo maidir le colún 9, i gcás ina dtagraíonn TBM nó N/A do luachanna nach bhfuil ar fáil don tomhaltóir breosla. I gcás nach bhfuil aon luach réamhshocraithe ann, ba cheart luach deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 10(5) a úsáid.

1

2

3

4

5

6

7

8

9

 

Tobar-go-humar (WtT)

Umar go marbhshruth (TtW)

Aicme breosla

Ainm na conaire

LCV

Formula

CO2eq WtT

Formula

Aicme an Aonaid Tomhaltóra Breosla

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Formula

Cslip

Mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an t-inneall

Breosla iontaise

Ola bhreosla throm (HFO)

ISO 8217 Gráid RME go RMK

0,0405

13,5

GACH ICE

3,114

0,00005

0,00018

-

LFO

ISO 8217 Gráid RMA go RMD

0,041

13,2

GACH ICE

3,151

0,00005

0,00018

-

MDO

MGO

ISO 8217 Gráid DMX go DMB

0,0427

14,4

GACH ICE

3,206

0,00005

0,00018

-

Breosla iontaise

GNL

0,0491

18.5

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,750

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (débhreosla íseal-luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreosla íseal-luais)

0,2

LBSI

2,6

Gás peitriliam leachtaithe (GPL)

0,046

7,8

GACH ICE

3,030 Ach ane

3,000 Própán

LT

LT

N/I

H2

(gás nádúrtha)

0,12

132

Breosla-chealla

0

0

-

-

ICE

0

0

LT

NH3

(gás nádúrtha)

0,0186

121

Breosla-chealla

0

N/I

LT

N/I

ICE

0

N/I

LT

N/I

Meatánól

(gás nádúrtha)

0,0199

31,3

GACH ICE

1,375

LT

LT

-

Bithbhreoslaí

Conairí Táirgeachta Eatánóil ó Threoir (AE) 2018/2001

An luach mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001

Formula

GACH ICE

1,913

LT

LT

-

Bithdhíosal

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

2,834

LT

LT

-

Ola Glasraí Hidreachóireáilte (HVO)

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

3,115

0,00005

0,00018

-

Bithmheatán leachtaithe mar bhreosla iompair

(Bith-GNL)

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,750

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0,2

LBSI

2,6

Conairí Táirgeachta Bithmheatánól ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

1,375

LT

LT

-

Conairí Táirgeachta Eile ó Threoir (AE) 2018/2001

GACH ICE

3,115

0,00005

0,00018

-

Bithbhreosla

Bith-H2

Conairí Táirgeachta ó Threoir (AE) 2018/2001

An luach mar a leagtar amach é in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001

N/I

Breosla-chealla

0

0

0

-

ICE

0

0

LT

Breoslaí In-athnuaite de Thionscnamh Neamhbhitheolaíoch-

(RFNBO)--

leictribhreoslaí

leictridhíosal

0,0427

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

GACH ICE

3,206

0,00005

0,00018

-

leictrimheatánól

0,0199

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

GACH ICE

1,375

LT

LT

-

leictri-GNL

0,0491

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla meánluais)

2,750

0

0,00011

3,1

GNL ar thimthriall Otto (inneall débhreosla íseal-luais)

1,7

GNL ar thimthriall Díosail (débhreoslaí)

0,2

LBSI

2,6

leictri-H2

0,12

Tagairt do Threoir (AE) 2018/2001)

Breosla-chealla

0

0

0

-

ICE

0

0

LT

e-NH3

0.0186

N/I

Breosla-chealla

0

N/I

LT

N/I

ICE

0

N/I

LT

N/I

leictri-GPL

N/I

N/I

 

N/I

N/I

N/I

N/I

leictri-DME

N/I

N/I

 

N/I

N/I

N/I

-

Eile

Leictreachas

-

MEASCÁN FUINNIMH AN AONTAIS

Soláthar cumhachta ar tír (OPS)

-

-

-

-

I gColún 1 sainaithnítear aicme na mbreoslaí, eadhon breoslaí iontaise, bithbhreoslaí leachtacha, bithbhreoslaí gásacha, leictribhreoslaí.

I gColún 2 sainaithnítear ainm nó conairí na mbreoslaí ábhartha san aicme.

I gColún 3 tá luach calrach íochtarach na mbreoslaí in [MJ/g]. I gcás bithbhreoslaí leachtacha, déanfar luachanna fuinnimh de réir meáchain (luach calrach íochtarach, MJ/kg), mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, a thiontú in [MJ/g] agus a úsáid.

I gColún 4 tá fachtóirí astaíochtaí GCT WtT in [gCO2eq/MJ]:

(a)

I gcás bithbhreoslaí leachtacha, ríomhfar na luachanna réamhshocraithe trí úsáid a bhaint as luachanna E arna mbunú i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar síos i dTreoir (AE) 2018/2001, Cuid C d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin do gach bithbhreosla leachtach seachas bith-GNL agus Cuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin do bhith-GNL, agus ar bhonn na luachanna réamhshocraithe a bhaineann leis an mbithbhreosla áirithe a úsáidtear mar bhreosla iompair agus a chonair táirgeachta, a leagtar síos sa Treoir sin, i gCuid D agus i gCuid E d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin do gach bithbhreosla leachtach seachas bith-GNL agus i gCuid D d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir sin do bhith-GNL. Mar sin féin, is gá luachanna E a choigeartú trí chóimheas na luachanna atá i gcolún 6 (cf_CO2) agus i gcolún 3 (LCV) a dhealú. Ceanglaítear sin faoin Rialachán seo, ina scartar na ríomhanna WtT agus TtW, chun comhaireamh dúbailte na n-astaíochtaí a sheachaint;

(b)

I gcás RFNBO agus breoslaí eile nach dtagraítear dóibh i bpointe (a) atá le cur san áireamh chun na críche dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo, déanfar luachanna réamhshocraithe a ríomh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 28(5) de Threoir (AE) 2018/2001, nó, más infheidhme, modheolaíocht chomhchosúil má shainmhínítear í faoi ghníomh dlí de chuid an Aontais a bhaineann leis na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus nádúrtha agus in hidrigin, de bhun Airteagal 10(1) agus (2) den Rialachán seo.

I gColún 5 sainaithnítear na príomhchineálacha/na príomhaicmí aonad tomhaltóra breosla, mar shampla, Innill Dócháin Inmheánaigh (ICE) dhá bhuille nó ceithre bhuille ar thimthriall Otto nó Díosail, Innill Gáis Ísealdó Spréachadhainte (LBSI), breosla-chealla, etc.

I gColún 6 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh CO2 in [gCO2/gfuel]. Úsáidfear luachanna na bhfachtóirí astaíochta mar a shonraítear i Rialachán (AE) 2015/757. I gcás na mbreoslaí sin uile nach bhfuil i Rialachán (AE) 2015/757, sonraítear na luachanna réamhshocraithe sa tábla.

I gColún 7 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh meatáin in [gCH4/gfuel]. I gcás breoslaí GNL, socraítear Cf le haghaidh meatáin ag nialas.

I gColún 8 tá an fachtóir astaíochta Cf le haghaidh ocsaíd nítriúil in [gN2O/gfuel].

I gColún 9 sainaithnítear an chuid den bhreosla a chailltear mar astaíochtaí idirleata agus sceite (Cslip), arna tomhas mar % de mhais an bhreosla a úsáideann an t-aonad tomhaltóra breosla sonrach. I gcás breoslaí ar nós GNL, a bhfuil na hastaíochtaí idirleata agus sceite ann ina leith, sloinntear méid na n-astaíochtaí idirleata agus sceite, mar a leagtar amach sa tábla, mar % de mhais an bhreosla a úsáidtear (Colún 9). Ríomhtar na luachanna Cslip sa tábla ag 50 % d'ualach iomlán an innill.


IARSCRÍBHINN III

Ceanglais ghinearálta maidir le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha

Sainaithnítear sa tábla neamh-uileghabhálach seo a leanas cineálacha teicneolaíochtaí chomh maith le ceanglais ghinearálta maidir lena n-oibríocht a mheas mar theicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7).

Cineálacha teicneolaíochta

Ceanglais ghinearálta maidir le hoibríocht

Breosla-chealla

Cumhacht arna soláthar ag breosla-chealla ar bord le breosla nó córas lena n-áirithítear, nuair a úsáidtear í chun fuinneamh a sholáthar, nach scaoileann sí isteach san atmaisféar aon astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (7)

Stóráil fuinnimh leictrigh ar bord

Cumhacht arna soláthar ag córais stórála fuinnimh leictrigh ar bord a luchtaíodh roimhe trí na nithe seo a leanas:

giniúint cumhachta ar bord ar muir

luchtú ceallraí ar tír

babhtáil ceallraí

Giniúint cumhachta ar bord ó fhuinneamh gaoithe nó gréine

Cumhacht arna soláthar ag foinsí fuinnimh in-athnuaite ar bord, a sholáthraítear go díreach don eangach loinge nó trí stóráil idirmheánach fuinnimh leictrigh ar bord a luchtú

Cumhacht a sholáthraítear le teicneolaíochtaí ar bord nach sainaithnítear sa tábla seo agus a bhaineann amach astaíochtaí nialasacha, de réir bhrí Airteagal 3, pointe (7), is féidir í a chur leis an tábla seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 6(6).

Beidh doiciméadacht ábhartha ag teastáil le cruthú go gcomhlíontar na ceanglais ghinearálta a luaitear thuas agus in Airteagal 6(6) le haghaidh teicneolaíochtaí eile chomh maith leis na critéir mhionsonraithe inghlacthachta a shonraítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6(7).


IARSCRÍBHINN IV

Foirmlí chun an iarmhéid comhlíontachta agus na pionóis FuelEU a leagtar síos in airteagal 23(2) a ríomh

A.   Foirmlí chun iarmhéid comhlíontachta na loinge a ríomh

(a)

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge le haghaidh déine GCT dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a ríomh, beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

Iarmhéid comhlíontachta [gCO2eq] =

(GHGIEtarget - GHGIEactual) x [

Formula

]

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

gCO2eq

Graim de choibhéis CO2

GHGIEtarget

An teorainn le déine GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge de réir Airteagal 4(2)

GHGIEactual

Meándéine bhliantúil GCT an fhuinnimh a úsáidtear ar bord loinge arna ríomh le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ábhartha

I gcás aon loinge a bhfuil aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó aicme oighir choibhéiseach aici, féadfaidh an chuideachta a iarraidh, go dtí an 31 Nollaig 2034, go n-eisiafaí an tomhaltas fuinnimh breise, de bharr seoladh faoi dhálaí oighir.

I gcás aon loinge a bhfuil aicme oighir IA nó IA Super nó aicme oighir choibhéiseach aici, féadfaidh an chuideachta a iarraidh go n-eisiafaí an tomhaltas fuinnimh breise, de bharr saintréithe teicniúla na loinge.

Sa dá chás ina ndéanfar an tomhaltas fuinnimh breise a eisiamh, chun an t-iarmhéid comhlíontachta thuas a ríomh, cuirfear mais choigeartaithe MiA a shainítear in Iarscríbhinn V in ionad luachanna Mi agus déanfar luach GHGIEactual atá le húsáid chun an t-iarmhéid comhlíontachta a ríomh a athríomh leis na luachanna comhfhreagracha MiA.

(b)

Chun iarmhéid comhlíontachta loinge a ríomh maidir leis an bhfosprioc do RFNBO de réir Airteagal 5(3), beidh feidhm ag an bhfoirmle seo a leanas:

CBRFNBO[MJ] =

Formula

I gcás

CBRFNBO

Iarmhéid comhlíontachta in MJ d’fhosprioc RFNBO dá dtagraítear in Airteagal 5(3)

Formula

Suim bhliantúil fuinnimh a úsáidtear ó RFNBO agus/nó ó bhreoslaí a sholáthraíonn laghduithe coibhéiseacha ar astaíochtaí GCT dá dtagraítear in Airteagal 5

B.   Foirmle chun na pionóis FuelEU a leagtar síos in Airteagal 23(2) a ríomh

Ríomhfar méid na bpionós FuelEU a leagtar síos in Airteagal 23(2) mar a leanas:

(a)

pionós FuelEU i leith iarmhéid comhlíontachta le haghaidh dhéine GCT na loinge, i gcomhréir le hAirteagal 4(2)

Pionós FuelEU =

Formula

1.

Pionós FuelEU

2.

in EUR

3.

Formula

4.

luach absalóideach an iarmhéid comhlíontachta

5.

Is ionann 41 000

6.

agus 1 thonna méadrach de VLSFO atá coibhéiseach le 41 000 MJ

7.

Is é 2 400

8.

an méid atá le híoc in EUR in aghaidh an ton mhéadraigh choibhéisigh de VLSFO

(b)

Pionós FuelEU i ndáil leis an bhfosprioc do RFNBO de réir Airteagal 5(3)

I gcás

Formula
, ríomhfar méid an phionóis FuelEU a leagtar síos in Airteagal 23(2) mar a leanas:

Pionós FuelEU (RFNBO) =

Formula

9.

Pionós FuelEU

10.

in EUR

11.

CBRFNBO

12.

luach an iarmhéid comhlíontachta le haghaidh RFNBO

13.

Pd

14.

Difríocht phraghais idir RFNBO agus breosla iontaise atá comhoiriúnach le suiteáil long

15.

41 000

16.

agus 1 thonna méadrach de VLSFO atá coibhéiseach le 41 000 MJ


IARSCRÍBHINN V

Mais choigeartaithe breosla le haghaidh loingseoireacht oighir a ríomh

Déantar cur síos san Iarscríbhinn seo conas an méid seo a leanas a ríomh:

an tomhaltas fuinnimh breise de bharr saintréithe teicniúla loinge ag a bhfuil aicme oighir IA nó IA Super nó ag a bhfuil aicme oighir choibhéiseach

tomhaltas fuinnimh bhreise loinge ag a bhfuil aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó ag a bhfuil aicme oighir choibhéiseach aici, de bharr seoladh faoi dhálaí oighir

an mhais choigeartaithe [Mi A] tar éis an fuinneamh breise a asbhaint, arna leithdháileadh ar gach breosla i

Fuinneamh breise de bharr na haicme oighir

Ríomhtar an tomhaltas fuinnimh breise de bharr saintréithe teicniúla loinge a bhfuil an aicme oighir IA nó IA Super aici nó aicme oighir choibhéiseach mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

Ciallaíonn Evoyages, total

iomlán an fhuinnimh a ídítear le linn na muiraistear go léir agus;

Ciallaíonn Eadditional due to ice conditions

an tomhaltas breise fuinnimh de bharr seoladh faoi dhálaí oighir.

Ríomhtar an fuinneamh iomlán a ídítear le linn na muiraistear go léir mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Mi, voyages, total

mais an bhreosla i arna tomhailt do na muiraistir go léir faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus;

ciallaíonn LCVi

luach calrach íochtarach an bhreosla i.

Fuinneamh breise mar gheall ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir

Ríomhtar tomhaltas fuinnimh bhreise loinge ag a bhfuil aicme oighir IC, IB, IA nó IA Super nó ag a bhfuil aicme oighir choibhéiseach aici, de bharr seoladh faoi dhálaí oighir, mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Evoyages,open water

an fuinneamh a ídítear le linn muiraistear in uisce oscailte agus;

ciallaíonn Evoyages,ice conditions, adjusted

an fuinneamh coigeartaithe arna thomhailt faoi dhálaí oighir.

Eadditional due to ice conditions

nach féidir a bheith níos airde ná

Formula

Is mar a leanas a ríomhtar an fuinneamh a ídítear le linn muiraistear lena n-áirítear seoltóireacht in uisce oscailte:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn E voyages,ice conditions

fuinneamh a ídítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir, agus a ríomhtar mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Mvoyages,ice conditions

mais an bhreosla i a ídítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir, i raon feidhme an Rialacháin seo.

Is mar a leanas a ríomhtar an fuinneamh coigeartaithe a ídítear faoi dhálaí oighir:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Dice conditions

an t-achar comhiomlán a thaistealaítear nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

is é

Formula

an tomhaltas fuinnimh in aghaidh an achair a thaistealaítear in uisce oscailte arna ríomh mar a leanas:

 

Formula

Agus aird á tabhairt ar na sainmhínithe seo a leanas:

ciallaíonn Evoyages,ice conditions

an tomhaltas fuinnimh nuair a bhítear ag seoladh faoi dhálaí oighir agus;

is é Diomlán

an t-achar comhiomlán bliantúil a thaistealaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Iomlán an fhuinnimh oighir bhreise mar gheall ar an aicme oighir agus ar a bheith ag seoladh faoi dhálaí oighir

 

Formula

Mais choigeartaithe [Mi,A]

Leithdháilfidh an chuideachta iomlán an fhuinnimh oighir bhreise E i additional ice ar na breoslaí éagsúla i a úsáidtear i rith na bliana, leis na dálaí seo a leanas:

 

Σ E i additional ice = E additional ice

I gcás gach breosla i,

 

Formula

Ríomhtar mais choigeartaithe an bhreosla [Mi,A] mar a leanas:

 

Formula


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/101


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1806 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, is allmhairí iad atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún (2).

(2)

Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd., (3) a bhfuil cód breise TARIC C419 aige, ar cuideachta é atá faoi réir dleachtráta frithdhumpála 24,2 % le haghaidh ‘Cuideachtaí comhoibríocha eile san imscrúdú frithdhumpála (cé is moite de na cuideachtaí atá faoi réir an dleachtráta frithchúitimh chomhthreomhair le haghaidh gach cuideachta eile faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72)’, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 21 Samhain 2022 gur athraigh sé a ainm go Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd.

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta frithdhumpála ab infheidhme maidir léi faoin ainm a bhí uirthi roimhe seo.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann dá bharr le grúpaí eile cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(5)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ar an ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún, agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith leis an athrú ainm ón dáta a d’athraigh an chuideachta a hainm, i.e. an 22 Meán Fómhair 2022. D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a dheimhniú an raibh an dáta sin iomchuí nó nach raibh.

(7)

I bhfianaise a bhfuil sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, ainm ar sannadh cód breise TARIC C419 dó roimhe seo.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 mar a leanas:

‘Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd.

Zhejiang

C419’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin

‘Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd.

Zhejiang

C419’

2.   Beidh feidhm ag cód breise TARIC C419, a bhí sannta do Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd.. roimhe seo, maidir le Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd. ón 22 Meán Fómhair 2022 i leith. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd. de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 a mhéid a bhaineann le Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd., is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/73 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht chinntitheach frithdhumpála agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 16, 18.1.2019, lch. 108).

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/103


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1807 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 24(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, is allmhairí iad atá faoi réir dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún (2).

(2)

Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd., (3) a bhfuil cód breise TARIC C419 aige, ar cuideachta é atá faoi réir dleachtráta frithchúitimh 9,2 %, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 21 Samhain 2022 gur athraigh sé a ainm go Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd.

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta frithdhumpála le haghaidh ‘Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I’ ab infheidhme maidir léi faoin ainm a bhí uirthi roimhe seo.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann dá bharr le grúpaí eile de chuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(5)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72, ná go háirithe don ráta dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir leis.

(6)

Ba cheart feidhm a bheith leis an athrú ainm ón dáta a d’athraigh an chuideachta a hainm, i.e. an 22 Meán Fómhair 2022. D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a dheimhniú an raibh an dáta sin iomchuí nó nach raibh.

(7)

I bhfianaise a bhfuil sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, ainm ar sannadh cód breise TARIC C419 dó roimhe seo.

(8)

De réir Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/1037, tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 mar a leanas:

‘Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd.

Zhejiang

C419’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin

‘Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd.

Zhejiang

C419’

2.   Beidh feidhm ag cód breise TARIC C419, a bhí sannta do Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd.. roimhe seo, maidir le Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd. ón 22 Meán Fómhair 2022 i leith. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Enjoycare Technology (Zhejiang) Co., Ltd. de bhreis ar an dleacht frithchúitimh a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 a mhéid a bhaineann le Jinhua Enjoycare Motive Technology Co., Ltd., is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/72 ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí rothar leictreach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO L 16, 18.1.2019, lch. 5).

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.

(4)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/105


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1808 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2023

lena leagtar amach an teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2022/2371, leagtar síos na sásraí agus na struchtúir chun ullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhordú, lena n-áirítear tuairisciú ar phleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha.

(2)

De bhun Airteagal 7(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2371, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil nuashonraithe ar fáil don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha agus cur chun feidhme na bpleananna ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar na leibhéil idir-réigiúnacha thrasteorann faoin 27 Nollaig 2023 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

(3)

Leagtar síos in Airteagal 7(1), an dara fomhír agus an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2371, an fhaisnéis maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a chuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 7(2)), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2022/2371, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas ar fáil don Choiste Slándála Sláinte gach 3 bliana i dtuarascáil a ullmhófar i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais. Áireofar sa tuarascáil sin próifílí tíortha maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sainaitheanta ar an leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh an Coimisiún moltaí ginearálta a eisiúint ina leith agus torthaí an mheasúnaithe ar Airteagal 8 den Rialachán sin á meas.

(5)

De bhun Airteagal 7(2), an dara fomhír agus an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2022/2371, bunaithe ar an tuarascáil sin, cuirfidh an Coimisiún tús le plé sa Choiste Slándála Sláinte maidir leis an dul chun cinn agus na bearnaí san ullmhacht. Tá forléargas ar mholtaí na tuarascála le foilsiú ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus ECDC.

(6)

Le teimpléad an cheistneora atá le húsáid ag na Ballstáit agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) den Rialachán sin á soláthar acu, ba cheart a hábharthacht do na cuspóirí a shainaithnítear sa mhír sin agus a hinchomparáideacht a áirithiú, agus aon dúbláil ar an bhfaisnéis a iarrtar agus a chuirtear isteach á seachaint. Rinneadh an teimpléad a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an nGrúpa Oibre um Ullmhacht an Choiste Slándála Sláinte le rannpháirtíocht ghníomhach thromlach na mBallstát, Ard-Stiúrthóireachtaí ábhartha an Choimisiúin, an ECDC, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Rinneadh an teimpléad a ailíniú, nuair ab fhéidir, le Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) Thuarascáil Féinmheasúnaithe an Stáit Chonarthaigh (SPAR).

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar an teimpléad atá le húsáid ag na Ballstáit agus an fhaisnéis á soláthar acu maidir lena bpleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte i gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2022/2371, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 314, 6.12.2022, lch. 26.


IARSCRÍBHINN

Clár Ábhar

A.

Acmhainneachtaí na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) 2005 108

1.

Ionstraimí beartais, dlí agus normatacha chun na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) 2005 a chur chun feidhme 108

2.

Maoiniú 109

3.

Saotharlann 110

4.

Faireachas 113

5.

Acmhainní daonna 114

6.

Bainistiú i gcás éigeandáil sláinte 115
Bainistiú ar fhreagairt i dtaca le héigeandáil sláinte 115
Bainistiú lóistíochta agus an tslabhra soláthair i gcás éigeandála 118

7.

Soláthar seirbhísí sláinte 121

8.

Cumarsáid maidir le riosca 124

9.

Pointí iontrála agus sláinte teorann 125

10.

Galair zónóiseacha agus bagairtí de bhunús an chomhshaoil, lena n-áirítear galair mar gheall ar an aeráid 126

11.

Teagmhais cheimiceacha 127

B.

Acmhainneachtaí breise de réir Rialachán (AE) 2022/2371 129

12.

Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (FSFM) agus ionfhabhtuithe bainteach leis an gCúram Sláinte (HAInna) 129
FSFM 129
Ionfhabhtuithe bainteach leis an gcúram sláinte (HAInna) 134

13.

Feidhmeanna comhordúcháin agus tacaíochta ar leibhéal an Aontais 135

14.

Forbairt taighde agus meastóireachtaí chun eolas a dhéanamh don ullmhacht éigeandála agus dlús a chur léi 137

15.

Eilimintí téarnaimh 139

16.

Gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun feabhas a chur ar bhearnaí a aimsíodh i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha 139

C.

Eile 141

A.   Acmhainneachtaí na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) 2005

1.   Ionstraimí beartais, dlí agus normatacha chun na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) 2005 a chur chun feidhme

 

Ceist

Táscaire

A.1.1

Maidir le hionstraimí dlí do Bhallstáit maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

leibhéal

Ní ionchorpraítear le hionstraimí dlí comhordú ar fud leibhéil rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla le linn éigeandáil sláinte poiblí

1

Ionchorpraítear le hionstraimí dlí comhordú ar fud leibhéil rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla le linn éigeandáil sláinte poiblí

2

Ní ionchorpraítear le hionstraimí dlí comhordú ar fud leibhéil rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla le linn éigeandáil sláinte poiblí. Ina theannta sin, ionchorpraítear le hionstraimí dlí comhordú leis na hearnálacha atá freagrach as bonneagar criticiúil le linn éigeandáil sláinte poiblí

3

Ní ionchorpraítear le hionstraimí dlí comhordú ar fud leibhéil rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla le linn éigeandáil sláinte poiblí. Ina theannta sin, ionchorpraítear le hionstraimí dlí comhordú leis na hearnálacha atá freagrach as bonneagar criticiúil le linn éigeandáil sláinte poiblí. Thairis sin, tástáladh ullmhacht oibríochtúil na n-ionstraimí dlí sin le 3 bliana anuas

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tá sásra ann chun ionstraimí dlí a athbhreithniú agus a athmheas (más gá, bunaithe ar mholtaí ón tástáil)

5

Más rud é gur leibhéal 5 atá i gceist: an bhfuil athbhreithniú déanta ag do thír ar na hionstraimí dlí le 3 bliana anuas? (tá/níl)

Má tá, déan naisc ábhartha a uaslódáil (roghnach do na Ballstáit):

Barúlacha breise:

A.1.2

I gcás éigeandáil sláinte poiblí, an ndéanann ionstraimí dlí do thíre maidir le cur chun feidhme IHR 2005 próiseas cinnteoireachta soiléir a shannadh, a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta d’údarás amháin nó níos mó? (déanann/ní dhéanann/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Ní bhaineann le hábhar (N/B)

2.   Maoiniú

 

Ceist

Táscaire

A.2.1

Maidir le pleanáil na mBallstát chun na hacmhainní airgeadais le haghaidh cistiúcháin theagmhasaigh a thástáil chun freagairt ar bhagairtí sláinte, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

leibhéal

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt [ar leibhéal an stáit láir]

N/B

Níl aon phlean ann chun tástálacha a dhéanamh ar acmhainní airgeadais le haghaidh cistiúcháin theagmhasaigh chun freagairt ar bhagairtí sláinte sna 3 bliana amach romhainn

1

Tá pleananna ann chun tástálacha a dhéanamh ar acmhainní airgeadais le haghaidh cistiúcháin theagmhasaigh chun freagairt ar bhagairtí sláinte sna 3 bliana amach romhainn ach is ar bhonn ad hoc atá sé sin

2

Tá pleananna ann chun tástálacha a dhéanamh ar acmhainní airgeadais le haghaidh cistiúcháin theagmhasaigh chun freagairt ar bhagairtí sláinte agus tá sé sin le déanamh ar bhonn rialta

3

Rinneadh tástálacha ar acmhainní airgeadais le haghaidh cistiúcháin theagmhasaigh chun freagairt ar bhagairtí sláinte ar bhonn rialta agus tá siad fós á ndéanamh ar bhonn rialta

4

De réir leibhéal 4, agus, i dteannta leis sin, cuireadh moltaí ó na tástálacha chun feidhme agus rinneadh athbhreithniú agus athmheas ar phleananna comhfhreagracha

5

Barúlacha breise:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir, mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an bhfuil bearnaí nó dúshláin ann

Mura gcuirtear, mínigh:

A.2.2

An bhfuil nósanna imeachta tiomnaithe ag Aireacht Sláinte agus Aireacht Airgeadais do Bhallstáit chun beartais agus gníomhaíochtaí a chomhordú i gcás éigeandáil sláinte poiblí? (tá/níl/eile)

Más mian leat, tabhair tuilleadh eolais: (e.g., cruinnithe rialta, tascfhórsa comhpháirteach nó meitheal, treoirlínte, agus bearta rialála, etc.)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

3.   Saotharlann

 

Ceist

Táscaire

A.3.1

Sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit maidir leis an acmhainneacht tástála saotharlainne a mhéadú i gcás éigeandáil sláinte poiblí:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon phlean ná eagraíocht ann chun (1) an acmhainneacht tástála saotharlainne a mhéadú i gcás éigeandáil sláinte poiblí

1

Tá plean agus eagraíocht á bhforbairt chun an acmhainneacht tástála saotharlainne a mhéadú i gcás éigeandáil sláinte poiblí

2

Tá plean agus eagraíocht ann chun an acmhainneacht tástála saotharlainne a mhéadú i gcás éigeandáil sláinte poiblí, ach níor tástáladh an plean le 3 bliana anuas

3

Tá plean agus eagraíocht ann chun an acmhainneacht tástála saotharlainne a mhéadú i gcás éigeandáil sláinte poiblí agus tástáladh an plean sin i dtástáil struis le 3 bliana anuas

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, rinneadh athbhreithniú ar an gcóras dá réir

5

Barúlacha breise:

A.3.2

Sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit maidir le tástálacha nua bunaithe ar aimpliúchán aigéid núicléasaigh (NAATanna) agus córais saotharlainne oiriúnaithe ghaolmhara a chur chun feidhme i gcás ina dtiocfaidh pataigin nua chun cinn lena mbaineann an fhéidearthacht go gcruthófaí paindéim mar thoradh uirthi:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

I gcomhthéacs mo Bhallstáit, níorbh fhéidir NAATanna nua a chur chun feidhme agus córais saotharlainne ghaolmhara a oiriúnú laistigh de 6 mhí.

1

> 3 - 6 mhí

2

> 1 - 3 mhí

3

2 sheachtain – 4 seachtaine

4

< 2 sheachtain

5

Barúlacha breise:

A.3.3

Sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit, i gcás éigeandáil sláinte poiblí lena mbaineann an fhéidearthacht go gcruthófaí paindéim mar thoradh uirthi a mbeadh gá ann dá réir le haghaidh tástáil ar mhórscála

Táscaire

1-5 nó N/B

 

Leibhéal

Ní féidir le do Bhallstát freagra a thabhairt mar gheall ar dheacrachtaí chun acmhainneacht NAAT a chainníochtú de réir na leibhéal sin

N/B

I gcás éigeandáil sláinte poiblí agus i gcás ina bhfuil NAAT bailíochtaithe ar fáil, d’fhéadfaí seirbhísí tástála diagnóisí NAAT a mhéadú chun acmhainneacht tástála sheachtainiúil shamplach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn do suas le 0.01 % den daonra i mo Bhallstát

1

I gcás éigeandáil sláinte agus i gcás ina bhfuil NAAT bailíochtaithe ar fáil, d’fhéadfaí seirbhísí tástála diagnóisí NAAT a mhéadú chun acmhainneacht tástála sheachtainiúil shamplach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn do 0.01-0.1 % den daonra i mo Bhallstát

2

I gcás éigeandáil sláinte agus i gcás ina bhfuil NAAT bailíochtaithe ar fáil, d’fhéadfaí seirbhísí tástála diagnóisí NAAT a mhéadú chun acmhainneacht tástála sheachtainiúil shamplach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn do 0.1-1 % den daonra i mo Bhallstát

3

I gcás éigeandáil sláinte agus i gcás ina bhfuil NAAT bailíochtaithe ar fáil, d’fhéadfaí seirbhísí tástála diagnóisí NAAT a mhéadú chun acmhainneacht tástála sheachtainiúil shamplach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn do 1-2 % den daonra i mo Bhallstát

4

I gcás éigeandáil sláinte poiblí agus i gcás ina bhfuil NAAT bailíochtaithe ar fáil, d’fhéadfaí seirbhísí tástála diagnóisí NAAT a mhéadú chun acmhainneacht tástála sheachtainiúil shamplach a bhaint amach a chomhfhreagraíonn do suas le > 2 % den daonra i mo Bhallstát

5

Más é N/B an freagra, déan an acmhainneacht NAAT a chainníochtú de réir do mholta féin:

Barúlacha breise:

A.3.4

An bhfuil rochtain ag do Bhallstát ar fhoinsí breise acmhainneachta saotharlainne le haghaidh seirbhísí diagnóiseacha i gcás ina bhfuil gá le hacmhainneacht mhéadaithe (e.g. taighde nó saotharlanna tréidliachta, etc.)? (tá/níl/eile)

Má tá, cuir in iúl má tá sé sin amhlaidh trí chomhaontú foirmiúil nó ar bhonn ad hoc.

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.3.5

An bhfuil an acmhainneacht ag do Bhallstát torthaí tástála saotharlainne a thuairisciú le haghaidh faireachas náisiúnta trí chóras tuairiscithe leictreonach? (tá/níl/eile)

Má tá, an bhfuil an córas tuairiscithe sin in ann faisnéis tástála mhéadaithe a bhainistiú? (tá/níl)

Má tá, an bhfuil an córas tuairiscithe sin in ann ionchur ó fhoinsí éagsúla acmhainneachtaí saotharlainne a chomhtháthú (e.g., taighde, ospidéil, saotharlanna tráchtála nó tréidliachta, etc.)? (tá/níl)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.3.6

Sonraigh cé acu an bhfuil rochtain ag do Bhallstát ar shaotharlanna ardrialaithe i.e. saotharlanna ar leibhéal bithshábháilteachta 3 nó 4:

An bhfuil rochtain ag do Bhallstát arshaotharlann ar leibhéal bithshábháilteachta 3? (tá/níl/eile)

Mura bhfuil, an bhfuil comhaontú foirmiúil ag do Bhallstát le tír eile de chuid AE/LEE don tseirbhís sin? (tá/níl)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

An bhfuil rochtain ag do Bhallstát ar shaotharlannar leibhéal bithshábháilteachta 4 (tá/níl/eile)

Mura bhfuil, an bhfuil comhaontú foirmiúil ag do thír le Ballstát eile de chuid AE/LEE don tseirbhís sin? (tá/níl)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

N/B

A.3.7

An bhfuil an acmhainneacht ag do Bhallstát pataigin nua a thréithriú le Seicheamhú den Chéad Ghlúin Eile (NGS)? (tá/níl/eile)

Má tá, an ndéantar sonraí NGS le haghaidh faireachais náisiúnta a thuairisciú trí chóras leictreonach tuairiscithe? (tá/níl)

Mura ndéantar, an bhfuil socrú ag do thír le Ballstát eile? (tá/níl).

Má tá, sonraigh an Ballstát:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.3.8

An bhfuil saoráid ag do Bhallstát atá tiomnaithe d’fheistí nua-thionscanta a bhailíochtú chun an phataigin nua a dhiagnóisiú? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

4.   Faireachas

 

Ceist

Táscaire

A.4.1

An gcumhdaíonn córas faireachais do Bhallstáit maidir le géar-ionfhabhtuithe riospráide gach leibhéal cúraim sláinte? (cumhdaíonn/ní chumhdaíonn/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.4.2

An bhfuil na córais faireachais maidir le Géar-Ionfhabhtú Riospráide (ARI), Tinneas Fliú-Chineálach (ILI) agus Géar-Ionfhabhtuithe Trom Riospráide (SARI) uathoibrithe (2) i do Bhallstát féin? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.4.3

An mbeadh córas faireachais do Bhallstáit maidir le hionfhabhtuithe riospráide in ann méadú le linn paindéime (i.e. an líon láithreán tuairiscithe, leithead na sonraí a bhaileofaí, tráthúlacht an tuairiscithe, etc. a mhéadú)? (bheadh/ní bheadh/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.4.4

An bhfuil do Bhallstát in ann faireachán a dhéanamh ar na táscairí seo a leanas ar bhonn leanúnach agus do chríoch na tíre ar fad, le linn éigeandáil sláinte poiblí (i.e. acmhainneachtaí leathnaithe agus/nó suíomhanna nua á gcur san áireamh)?

N/B

 

breithnítear/ní bhreithnítear

Acmhainneacht leapacha ospidéil

 

Acmhainneacht aonad dianchúraim ospidéil

 

Acmhainneacht seomraí éigeandála ospidéil

 

Úsáid ospidéil

 

Acmhainneacht tástála

 

Acmhainneacht rianaithe teagmhálaithe

 

Eile, déan cur síos air:

 

Barúlacha breise:

A.4.5

An bhfuil córas faireacháin fuíolluisce i bhfeidhm ag do thír le haghaidh pataiginí riospráide? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.4.6

An bhfuil pleananna agus bonneagair ag do thír chun measúnú tráthúil agus leanúnach a dhéanamh ar bhagairt paindéime, i.e., chun measúnú a dhéanamh ar an méid a leanas:

N/B

 

breithnítear/ní bhreithnítear

In-tarchurthacht, bealach an tarchuir, uimhir atáirgthe éifeachtach

 

Déine

 

Comhghaolaigh imdhíoneolaíocha cosanta

 

Éifeachtacht vacsaíne

 

Conairí eipidéimeacha agus tionchar trí shamhaltú matamaiticiúil

 

Eile, sonraigh:

Barúlacha breise:

5.   Acmhainní daonna

 

Ceist

Táscaire

A.5.1

I gcás éigeandáil sláinte poiblí maidir le borradh féideartha ar éileamh ar acmhainní daonna, sonraigh leibhéal do Bhallstáit:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

 

Seirbhísí ospidéil

Seirbhísí othar seachtrach um chúram príomhúil

Seirbhísí saotharlainne (lasmuigh d’ospidéil)

Seirbhísí sláinte poiblí eile

N/B

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir

 

 

 

 

Leibhéal 1

Níl aon sásra ann chun borradh ar acmhainní daonna a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí

 

 

 

 

Leibhéal 2

Níl aon sásra ann chun borradh ar acmhainní daonna a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ach tá plean ann chun oibriú ar straitéis chun é a bheith ann sna 3 bliana amach romhainn

 

 

 

 

Leibhéal 3

Tá sásra ann chun borradh ar acmhainní daonna a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí, ach ní ionstraim oibríochtúil struchtúrtha é ná ní dhéantar é a nuashonrú go rialta

 

 

 

 

Leibhéal 4

Tá sásra ann chun borradh ar acmhainní daonna a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ina gcuimsítear ionstraim oibríochtúil struchtúrtha a dhéantar a nuashonrú go rialta agus ina gcuirtear oiliúint ar rannpháirtithe go tréimhsiúil

 

 

 

 

Leibhéal 5

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tástáltar an sásra sin chun a áirithiú go bhfuil sé ag feidhmiú

 

 

 

 

Barúlacha breise:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir, mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh

A.5.2

Cuir in iúl cé acu an bhfuil comhaontuithe ag réigiúin laistigh de do Bhallstát maidir le tacaíocht acmhainní daonna a fháil/a mhalartú san earnáil sláinte i gcás riachtanais? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

6.   Bainistiú i gcás éigeandáil sláinte

Bainistiú ar fhreagairt i dtaca le héigeandáil sláinte

 

Ceist

Táscaire

A.6.1

Maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha do Bhallstáit i gcás éigeandálaí sláinte poiblí, sonraigh an úsáideann do thír:

Plean cineálach [coisc, ullmhachta agus freagartha? (úsáideann/ní úsáideann)

Doiciméid choibhéiseacha? (úsáideann/ní úsáideann)

Má úsáideann, déan cur síos air:

Eile, déan cur síos ar:

N/B

A.6.2

Maidir le próifíliú riosca éigeandála sláinte agus pleananna freagartha eipidéime sonracha, sonraigh leibhéal do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon ghnáthphróifíliú riosca éigeandála sláinte ann maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte

1

Tá gnáthphróifíliú riosca éigeandála sláinte ann maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte

2

Tá gnáthphróifíliú riosca éigeandála sláinte ann maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus déantar é sin ar a laghad uair amháin gach 3 bliana

3

Tá gnáthphróifíliú riosca éigeandála sláinte ann maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, déantar é sin ar a laghad uair amháin gach 3 bliana agus forbraíodh plean/pleananna sonracha maidir leis na bagairtí sin

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, rinneadh na pleananna sin a thástáil agus a athbhreithniú de réir mar is gá

5

Barúlacha breise:

Má tá leibhéal 2 nó os a chionn sin ann, cuir in iúl maidir le do Bhallstát cé acu an bhfuil plean i bhfeidhm aige lena dtugtar aghaidh ar infhaighteacht agus ar úsáid (i.e. forbairt, monarú, soláthar, stoc-charnadh agus dáileadh) frithbheart leighis a bhaineann go sonrach le bagairtí (MCManna) maidir leis an méid seo a leanas:

 

Forbairt (tá/níl)

Monaraíocht (tá/níl)

Soláthar (tá/níl)

Stoc-charnadh (tá/níl)

Dáileadh (tá/níl)

Eile:

Galair theagmhálacha lena mbaineann an fhéidearthacht go gcruthófaí eipidéim nó paindéim

 

 

 

 

 

 

Bagairtí a bhaineann le ceimiceáin agus le bitheolaíocht

 

 

 

 

 

 

Oibreáin atá frithsheasmhach in aghaidh ildrugaí i gcás géarchéime

 

 

 

 

 

 

Má d’fhreagair tú ‘tá’ le ceann ar bith de na cinn thuas, sonraigh na gníomhairí is ábhar imní agus na MCManna gaolmhara:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

A.6.3

Maidir le plean/pleananna freagartha eipidéime sonracha do Bhallstáit, sonraigh cén plean/cé na pleananna a forbraíodh agus, i gcás inar féidir, tabhair nasc chuig an bplean/na pleananna freagartha eipidéime sonracha:

N/B

A.6.4

Maidir leis an gCóras Bainistithe Teagmhas ar an leibhéal náisiúnta nó struchtúr coibhéiseach, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon Chóras Bainistithe Teagmhas ann – ná córas coibhéiseach - a nascann an earnáil sláinte poiblí leis na hearnálacha a bhfuil baint acu le pleanáil ullmhachta agus freagartha maidir le sláinte

1

Níl aon Chóras Bainistithe Teagmhas ná córas coibhéiseach ann a nascann an earnáil sláinte poiblí leis na hearnálacha a bhfuil baint acu le pleanáil ullmhachta agus freagartha maidir le sláinte tá plean ann chun ceann a chruthú sna 3 bliana amach romhainn

2

Tá Córas Bainistithe Teagmhas nó córas coibhéiseach ann a nascann an earnáil sláinte poiblí leis na hearnálacha a bhfuil baint acu le pleanáil ullmhachta agus freagartha maidir le sláinte ach níor tástáladh é sin nó tástáladh é níos mó ná 3 bliana ó shin

3

Tá Córas Bainistithe Teagmhas nó córas coibhéiseach ann a nascann an earnáil sláinte poiblí leis na hearnálacha a bhfuil baint acu le pleanáil ullmhachta agus freagartha maidir le sláinte agus tástáladh é sin le 3 bliana anuas

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tá sé d’acmhainneacht ag an gCóras Bainistithe Teagmhas a struchtúr/ordlathas ceannais agus rialaithe a oiriúnú (e.g. a chomhdhéanamh, ag brath ar chineál teagmhais fhéideartha)

5

Barúlacha breise:

A.6.5

Maidir le cur chun feidhme agus meastóireacht ar bhearta sláinte poiblí agus sóisialta agus i gcás éigeandáil sláinte poiblí, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon sásra ann chun cinnteoireacht a dhéanamh maidir le cur chun feidhme bearta sláinte poiblí agus sóisialta le linn éigeandáil sláinte poiblí

1

Tá sásra i bhfeidhm chun tacú le cinnteoireacht maidir le cur chun feidhme bearta sláinte poiblí agus sóisialta le linn éigeandáil sláinte poiblí, ach níl an cineál ildisciplíneach agus trasearnála sainithe go hiomlán

2

Tá sásra ann chun bearta sláinte poiblí agus sóisialta a chur chun feidhme le linn éigeandáil sláinte poiblí agus tá an cineál ildisciplíneach agus trasearnála sainithe go hiomlán

3

Tá sásra ann chun bearta sláinte poiblí agus sóisialta a chur chun feidhme le linn éigeandáil sláinte poiblí, atá ildisciplíneach agus trasearnála agus lena n-áirítear forálacha chun tráthúlacht agus éifeachtacht Bearta Cosanta Pearsanta a mheas

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tástáladh é sin le 3 bliana anuas

5

Barúlacha breise:

 

A.6.6

Maidir le forálacha i ndáil le cabhair fhrithpháirteach trasteorann sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

Leibhéal

Ní féidir an cheist a fhreagairt mar nach bhfuil plean ullmhachta agus freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha ag an mBallstát

N/B

Ní áirítear cabhair fhrithpháirteach trasteorann sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha

1

Áirítear leis an bplean ullmhachta agus freagartha nó leis an doiciméad coibhéiseach/na doiciméid choibhéiseacha cabhair fhrithpháirteach trasteorann

2

Áirítear leis an bplean ullmhachta agus freagartha nó leis an doiciméad coibhéiseach/na doiciméid choibhéiseacha cabhair fhrithpháirteach trasteorann, agus tástáladh é sin le Ballstát amháin ar a laghad

3

Áirítear leis an bplean ullmhachta agus freagartha nó leis an doiciméad coibhéiseach/na doiciméid choibhéiseacha cabhair fhrithpháirteach trasteorann, agus tástáladh é sin le Ballstát amháin ar a laghad agus tugadh cothrom le dáta é i gcás inarb ábhartha

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, rinneadh faisnéis a bhaineann leis an gcabhair fhrithpháirteach trasteorann chomh maith le torthaí na tástála a roinnt laistigh den Choiste Slándála Sláinte

5

Barúlacha breise:

Má tá leibhéal 2 nó níos airde ann, liostaigh an cineál cabhrach frithpháirtí trasteorann a áirítear agus le cé acu Ballstát:

Tír/Grúpáil an Bhallstáit (sonraigh):

Cineál cabhrach frithpháirtí trasteorann (sonraigh):

Má tá leibhéal 3 nó níos airde ann, liostaigh na Ballstáit agus an cineál cabhrach frithpháirtí trasteorann a tástáladh:

Tír/Grúpáil tíortha (sonraigh):

Cineál cabhrach frithpháirtí trasteorann (sonraigh):

 

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir, mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh:

 

A.6.7

An áirithíonn plean ullmhachta agus freagartha do Bhallstáit nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha sásraí comhordúcháin náisiúnta sonracha maidir 1  (3) le hullmhacht agus freagairt i gcás ina mbíonn cás scaoilte d’aon ghnó ann? (áirithíonn/ní áirithíonn/eile)

Má áirithíonn, an bhfuil an struchtúr rialachais le haghaidh freagartha - idir an earnáil sláinte agus earnálacha criticiúla eile chun an fhreagairt a bhainistiú - soiléir agus sainithe? (tá/níl)

Má tá, cuir in iúl cé acu earnáil atá i gceannas ar an bhfreagairt:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

N/B

Bainistiú lóistíochta agus an tslabhra soláthair i gcás éigeandála

 

Ceist

Táscaire

Éileamh agus soláthar MCManna criticiúla

A.6.8

Ar shainaithin do Bhallstát MCManna criticiúla maidir le hullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte? (shanaithin/níor shanaithin/eile)

Má shainaithin, an bhfuil liosta ann? (tá/níl)

Má tá, soláthair hipearnasc nó an liosta féin. (Cuir san áireamh hipearnasc de na MCManna sin atá rangaithe de réir bagairtí sonracha, más infheidhme.)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

N/B

A.6.9

Maidir le beartais nó pleananna náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus chun meastachán a dhéanamh ar éileamh MCManna criticiúla, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon bheartas ná plean náisiúnta réamh-mheasta ann chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus chun meastachán a dhéanamh ar éileamh MCManna criticiúla

1

Tá beartais nó pleananna náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus chun meastachán a dhéanamh ar éileamh MCManna criticiúla á mbreithniú

2

Níl aon bheartas ná plean náisiúnta réamh-mheasta ann chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus chun meastachán a dhéanamh ar éileamh MCManna criticiúla

3

Tá beartais nó pleananna náisiúnta ann chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus ar mheastachán ar éileamh ar MCManna criticiúla, a dhéantar a athbhreithniú, a mheas agus a nuashonrú ar bhonn rialta

4

Tá beartais nó pleananna náisiúnta ann chun faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus ar mheastachán ar éileamh ar MCManna criticiúla, a dhéantar a athbhreithniú, a mheas agus a nuashonrú ar bhonn rialta lena n-áirítear anailís ar bhearnaí ar sholáthar agus ar éileamh

5

Má tá, soláthair sonraí maidir leis an gcaoi a ndéanann na beartais agus na pleananna náisiúnta faireachán ar sholáthar agus ar mheastachán ar éileamh:

Barúlacha breise:

A.6.10

Maidir le forálacha a áireamh sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha nó sna sásraí coibhéiseacha chun leochaileachtaí slabhra soláthair MCManna criticiúla a mhaolú, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon fhoráil réamh-mheasta sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha nó sna sásraí coibhéiseacha chun leochaileachtaí slabhra soláthair MCManna criticiúla a mhaolú

1

Tá forálacha sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha nó sa sásra coibhéiseach chun leochaileachtaí slabhra soláthair MCManna criticiúla a mhaolú á mbreithniú

2

Tá forálacha sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha nó sa sásra coibhéiseach chun leochaileachtaí slabhra soláthair MCManna criticiúla a mhaolú. Mar sin féin, níl na forálacha sin curtha chun feidhme go fóill

3

Tá forálacha sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha nó sa sásra coibhéiseach chun leochaileachtaí slabhra soláthair MCManna criticiúla a mhaolú. Mar sin féin, níl ach cuid acu curtha chun feidhme nó á gcur chun feidhme

4

Tá forálacha sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha nó sa sásra coibhéiseach chun leochaileachtaí slabhra soláthair MCManna criticiúla a mhaolú. Cuirtear na forálacha sin go léir chun feidhme

5

Má chuirtear, tabhair sonraí faoi na beartais náisiúnta:

Barúlacha breise:

 

Táirgeadh MCManna

A.6.11

Sonraigh na MCManna criticiúla dá dtagraítear i gceist A.6.8 a tháirgtear i do Bhallstát faoi láthair mar seo a leanas:

 

N/B

Cineál táirge

Faisnéis faoin táirge (má tá amhábhair nó comhpháirteanna ann, cuir faisnéis leis freisin maidir leis na MCManna a bhfuil gá leis na táirgí ina leith)

Faisnéis faoin oibreoir eacnamaíoch lena n-áirítear an seoladh

Táirgeadh iomlán lena n-áirítear amhábhair/comhpháirteanna/comhábhair ghníomhacha chógaisíochta (APInna)

 

 

Táirgí críochnaithe, sainaithin an MCM, táirgeoir an táirge chríochnaithe agus soláthróirí criticiúla (lena n-áirítear an suíomh) ar a bhfuil an táirgeadh ag brath

 

 

Amhábhair chriticiúla/comhpháirteanna/APInna MCManna a tháirgeadh: sainaithin an táirgeoir agus na MCManna ábhartha a dteastaíonn na hábhair sin uathu dá phróiseas monaraíochta.

 

 

Barúlacha breise:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

A.6.12

An bhfuil socruithe reatha nó beartaithe ag do Bhallstát chun a áirithiú gur féidir monarú MCManna atá ábhartha i gcás géarchéime a mhéadú ar bhealach tráthúil le linn géarchéime, mar shampla trí chonarthaí áirithinte táirgí nó acmhainneachta nó sásra eile? (tá/níl/eile)

Más mian leat, tabhair liosta de MCManna sonracha agus den chineál socrúcháin:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

N/B

Stoc-chairn straitéiseacha  (4)

A.6.13

An bhfuil stoc-chairn straitéiseacha náisiúnta MCManna ag do Bhallstát? (tá/níl/eile)

Má tá, sonraigh:

cé na MCManna a chumhdaítear leis an stoc-charn sin:

cineál stoc-chairn (fíorúil/fisiceach):

méid an stoic

Má tá, sonraigh conas a bhainistíonn tú do stoc-charn agus má tá ceanglais ann maidir le himscaradh na MCManna a choinnítear laistigh den stoc-charn:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

I gcomhréir le hAirteagal 346(1) den Chonradh, ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála

N/B

7.   Soláthar seirbhísí sláinte

 

Ceist

Táscaire

A.7.1

An ndéantar foráil i bplean coisc, ullmhachta agus freagartha do Bhallstáit nó i ndoiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha do mheasúnú fadbhreathnaitheachta ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag éigeandáil sláinte ar leanúnachas seirbhísí cúraim sláinte? (déantar/ní dhéantar/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.7.2

I gcás éigeandáil sláinte poiblí san áit ina bhfuil méadú ar an éileamh ar sholáthar cúraim sláinte agus laghdú féideartha ar an bhfoireann cúraim sláinte, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

 

Seirbhísí ospidéil

Seirbhísí othar seachtrach um chúram príomhúil

Seirbhísí saotharlainne (lasmuigh d’ospidéil)

Seirbhísí sláinte poiblí eile

N/B

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir

 

 

 

 

Leibhéal 1

Níl plean oibríochtúil tiomnaithe ag do Bhallstát maidir le leanúnachas na seirbhíse cúraim sláinte

 

 

 

 

Leibhéal 2

Tá plean oibríochtúil tiomnaithe ag do Bhallstát maidir le leanúnachas na seirbhíse cúraim sláinte

 

 

 

 

Leibhéal 3

Tá plean oibríochtúil tiomnaithe ag do Bhallstát maidir le leanúnachas na seirbhíse cúraim sláinte, ach níor tástáladh é le 3 bliana anuas

 

 

 

 

Leibhéal 4

Tá plean oibríochtúil tiomnaithe ag do Bhallstát maidir le leanúnachas na seirbhíse cúraim sláinte, agus tástáladh é le 3 bliana anuas

 

 

 

 

Leibhéal 5

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, cuireadh moltaí ón tástáil chun feidhme agus rinneadh athbhreithniú agus athmheas ar an bplean oibríochtúil

 

 

 

 

Má tá leibhéal 2 nó os a chionn sin ann, cuir in iúl má tá sásra ann maidir le tosaíocht/solúbthacht sholáthar na seirbhíse sláinte chun leanúnachas leordhóthanach cúraim a áirithiú? (tá/níl/eile)

Má tá, an sásra buan nó an sásra ad hoc é sin?

Má tá, ar tástáladh an sásra le 3 bliana anuas agus an bhfuil foráil ann maidir le tástáil rialta?

Más freagra diúltach a thugtar, tabhair tuairisc ar an bhfáth:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Barúlacha breise:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh

A.7.3

Cuir in iúl má áirithíonn do Bhallstát comhordú maidir le bainistiú géarchéime idirdhisciplíneach idir gníomhaithe uile an chórais cúraim sláinte (e.g., seirbhísí ospidéil, seirbhísí tarrthála, seirbhísí sláinte poiblí eile, seirbhísí cúraim phríomhúil d’othair sheachtracha, cógaslanna, seirbhísí saotharlainne, seirbhísí altranais/athshlánaithe)? (áirithíonn/ní áirithíonn/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.7.4

Maidir le pleananna leanúnachais gnó do sholáthraithe cúraim sláinte do Bhallstáit i gcás teagmhas suaiteach, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do thíre:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

Leibhéal

 

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt [ar leibhéal an stáit láir

N/B

 

Níl aon treoir/aon mholadh náisiúnta ann maidir le pleananna leanúnachais gnó (nó a choibhéisí amhail pleananna teagmhasacha) chun leanúnachas na seirbhísí cúram sláinte a áirithiú

1

 

Tá treoir/moltaí náisiúnta ann maidir le pleananna leanúnachais gnó (nó a gcoibhéisí amhail pleananna teagmhasacha) chun leanúnachas na seirbhísí cúraim sláinte a áirithiú

2

 

Tá treoir/moltaí náisiúnta ann maidir le pleananna leanúnachais gnó (nó a gcoibhéisí amhail pleananna teagmhasacha) chun a áirithiú go ndearnadh leanúnachas na seirbhísí cúram sláinte agus na treorach/na moltaí le 3 bliana anuas a athbhreithniú agus a athmheas

3

 

Tá treoir/moltaí náisiúnta ann maidir le pleananna leanúnachais gnó (nó a gcoibhéisí amhail pleananna teagmhasacha) chun a áirithiú go ndearnadh leanúnachas na seirbhísí cúraim sláinte agus na treorach/na moltaí le 3 bliana anuas a athbhreithniú ag baint úsáid as cur chuige il-earnála

4

 

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, cuireann gach seirbhís cúraim sláinte an treoir/na moltaí náisiúnta maidir le pleananna leanúnachais gnó chun feidhme

5

 

Barúlacha breise:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh

 

A.7.5

Cuir in iúl má cheanglaíonn do Bhallstát ar ospidéil foláireamh ospidéil agus plean freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid (5) choibhéiseacha a bheith acu chun a bheith ullamh le haghaidh éigeandálaí sláinte poiblí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’acmhainneacht agus feidhm ospidéil? (ceanglaíonn/ní cheanglaíonn/eile)

Má cheanglaíonn, cuir in iúl má tá treoracha sna pleananna maidir le conas cúram othar a chaomhnú i gcás ganntanais (pearsanra leighis, stoc-charn leighis, saoráidí cóireála) nó cliseadh teicniúil (e.g., fuinneamh, uisce, TF):

Má tá, cuir in iúl má dhéantar na pleananna nó an doiciméad coibhéiseach/na doiciméid choibhéiseacha sin a thástáil ar bhonn rialta:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh:

N/B

A.7.6

An bhfuil an acmhainneacht ag do Bhallstát seirbhísí sláinte atá ar fáil láithreach a mhapáil i gcás éigeandáil sláinte poiblí? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.7.7

An bhfuil comhaontuithe agus/nó forálacha maidir le haistriú leighis othar agus/nó foirne leighis soghluaiste le tíortha eile san áireamh i bplean coisc, ullmhachta agus freagartha do Bhallstáit nó i ndoiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha do Bhallstáit? (tá/níl/eile)

Má tá, liostáil na tíortha lena mbaineann:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

8.   Cumarsáid maidir le riosca

 

Ceist

Táscaire

A.8.1

I ndáil le cumarsáid maidir le riosca, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do thíre:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

leibhéal

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir

N/B

Níl aon phlean maidir le cumarsáid riosca náisiúnta nó rannóg maidir le cumarsáid riosca ar leithligh ann mar chuid de phlean ullmhachta agus freagartha nó níl doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm agus tá sásraí maidir le cumarsáid phoiblí ann ar bhonn ad hoc agus ní áirítear leo ach fócas traidisiúnta ar na meáin

1

Tá plean nó rannóg maidir le cumarsáid riosca náisiúnta ar leithligh i bplean ullmhachta agus freagartha nó i ndoiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha á bhforbairt agus tá sásraí maidir le cumarsáid phoiblí ar bhonn ad hoc agus áirítear leo meáin thraidisiúnta a bhfuil fócas íosta acu ar líne agus ar na meáin shóisialta

2

Tá cumarsáid maidir le riosca náisiúnta i bhfeidhm mar rannóg shainithe laistigh de phlean ullmhachta agus freagartha nó laistigh de dhoiciméad coibhéiseach/de dhoiciméid choibhéiseacha agus áirítear léi fócas traidisiúnta ar na meáin agus ar líne agus ar na meáin shóisialta. Ina theannta sin, tá anailís ann ar sprioclucht féachana agus ar bhealaí cumarsáide is fearr chun idirghabhálacha maidir le cumarsáid riosca a threorú

3

Tá plean maidir le cumarsáid riosca náisiúnta tiomnaithe ar leithligh i bhfeidhm agus áirítear leis fócas traidisiúnta ar na meáin agus ar líne agus ar na meáin shóisialta. Ina theannta sin, tá anailís ann ar sprioclucht féachana agus ar bhealaí cumarsáide is fearr chun idirghabhálacha maidir le cumarsáid riosca a threorú. Thairis sin, tá for-rochtain réamhghníomhach ann trí bhealaí éagsúla (e.g. beolíne, córais ghearáin, éisteacht shóisialta), déantar faireachán laethúil ar na meáin ar líne agus as líne chun aiseolas agus léargais a fháil agus úsáidtear sonraí chun straitéisí maidir le cumarsáid riosca a choigeartú agus a fheabhsú

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tástáladh an plean cumarsáide maidir le riosca náisiúnta le 3 bliana anuas

5

Barúlacha breise:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir, mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh:

A.8.2

An áirítear sa phlean maidir le cumarsáide riosca atá ag do Bhallstáit céim thiomnaithe chun comhordú a dhéanamh in idirchaidreamh leis an gCoiste Slándála Sláinte ar an gcumarsáid riosca agus géarchéime a bhaineann le bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte? (áirítear/ní áirítear/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

9.   Pointí iontrála agus sláinte teorann

 

Ceist

Táscaire

A.9.1

Maidir le pleananna teagmhasacha i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí do Bhallstáit ag na pointí iontrála arna n-ainmniú go náisiúnta, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

 

Calafoirt

Aerfoirt

Crosairí Talún

Leibhéal 1

Níl aon ionstraim oibríochtúil ag an bplean teagmhasach maidir le héigeandáil sláinte poiblí arna n-ainmniú go náisiúnta ag na pointí iontrála chun comhroinnt sonraí/faisnéise maidir le sláinte a bhaineann le taisteal a éascú agus tuairisciú ar an leibhéal náisiúnta

 

 

 

Leibhéal 2

Tá ionstraimí oibríochtúla ag an bplean teagmhasach maidir le héigeandáil sláinte poiblí arna n-ainmniú go náisiúnta ag na pointí iontrála chun comhroinnt sonraí/faisnéise maidir le sláinte a bhaineann le taisteal a éascú agus tuairisciú ar an leibhéal náisiúnta

 

 

 

Leibhéal 3

Níl aon ionstraim oibríochtúil ag an bplean teagmhasach maidir le héigeandáil sláinte poiblí arna n-ainmniú go náisiúnta ag na pointí iontrála chun comhroinnt sonraí/faisnéise maidir le sláinte a bhaineann le taisteal a éascú agus tuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus tástáladh é sin le trí bliana anuas

 

 

 

Leibhéal 4

Tá ionstraimí oibríochtúla ag an bplean teagmhasach maidir le héigeandáil sláinte poiblí arna n-ainmniú go náisiúnta ag na pointí iontrála chun comhroinnt sonraí/faisnéise maidir le sláinte a bhaineann le taisteal a éascú agus tuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus tástáladh é sin le trí bliana anuas. Ina theannta sin, tá ionstraimí oibríochtúla ar an leibhéal náisiúnta freisin chun comhroinnt na faisnéise sin a éascú d’earnálacha náisiúnta eile (6) agus do thríú páirtithe e.g. an EDS agus an Córas Freagartha Luathrabhaidh (EWRS)

 

 

 

Leibhéal 5

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tástáladh é sin le 3 bliana anuas

 

 

 

Barúlacha breise:

A.9.2

Maidir le cur chun feidhme agus meastóireacht ar bhearta idirnáisiúnta a bhaineann le taisteal, sonraigh an méid seo a leanas:

Má tá tástáil déanta le 3 bliana anuas ar chur chun feidhme beart a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta ag Pointe Iontrála amháin ar a laghad arna ainmniú go náisiúnta (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Má tá céim thiomnaithe ann le plé leis an gCoiste Slándála Sláinte sula gcuirtear bearta a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta chun feidhme? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

10.   Galair zónóiseacha agus bagairtí de bhunús an chomhshaoil, lena n-áirítear galair mar gheall ar an aeráid

 

Ceist

Táscaire

A.10.1

Maidir le cur chun feidhme do thíre i ndáil le hAon Sláinte Amháin dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) 2022/2371, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

Leibhéal

Ní féidir an cheist a fhreagairt mar nach bhfuil plean ullmhachta agus freagartha ná doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha ag an mBallstát

N/B

Níl aon chur chuige Aon Sláinte Amháin sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha

1

Tá cur chuige i ndáil le hAon Sláinte Amháin á fhorbairt sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha ach níor bunaíodh comhordú ar an bhfaireachas idir sláinte ainmhithe, sláinte phoiblí agus earnálacha an chomhshaoil agus sásraí maidir le comhroinnt faisnéise

2

Tá cur chuige i bhfeidhm maidir le hAon Sláinte Amháin sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha agus bunaíodh comhordú ar an bhfaireachas idir sláinte ainmhithe, sláinte phoiblí agus earnálacha an chomhshaoil agus sásraí maidir le comhroinnt faisnéise

3

Tá cur chuige i ndáil le hAon Sláinte Amháin i bhfeidhm sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha agus bunaíodh comhordú ar an bhfaireachas idir sláinte ainmhithe, sláinte phoiblí agus earnálacha an chomhshaoil agus sásraí maidir le comhroinnt faisnéise. Ina theannta sin, tástáladh é sin le 3 bliana anuas

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, déantar faireachán agus athbhreithniú ar a chur chun feidhme ar bhonn rialta

5

Barúlacha breise:

Más tá sé ar leibhéal 2 nó os a chionn sin:

cuir in iúl má tá comhordú ar an bhfaireachas idir dhá cheann as na trí earnáil (sláinte ainmhithe, sláinte phoiblí agus an comhshaol) agus sásraí maidir le comhroinnt faisnéise sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha? (tá/níl/eile)

Má tá, léirigh na hearnálacha lena mbaineann:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

cuir in iúl má tá aon chlár oiliúna comhpháirteach forbartha agat do ghairmithe Aon Sláinte Amháin (earnálacha na sláinte ainmhithe, na sláinte poiblí agus an chomhshaoil) maidir le zónóisí a chosc, a bhrath agus a fhreagairt? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

cuir in iúl más amhlaidh go bhfuil treoirlíne forbartha agat maidir leis na nósanna imeachta atá le leanúint don phobal maidir le héin fhiáine bhreoite agus/nó mharbha agus ainmhithe eile a aimsiú? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

cuir in iúl má tá liosta de ghalair zónóiseacha tosaíochta ann chun críocha faireachais? (tá/níl/eile)

Má tá, liostáil an galar zónóiseach tosaíochta:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

A.10.2

An gcomhtháthaíonn do Bhallstáit forálacha maidir le héifeachtaí iarbhír nó réamh-mheasta an athraithe aeráide ar ghalair zónóiseacha (comhtháthaíonn/ní chomhtháthaíonn/eile)

Má chomhtháthaíonn, tabhair tuilleadh eolais faoi na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus faoi aon fhoráil thiomnaithe maidir le hullmhacht agus freagairt don tsláinte

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.10.3

An gcomhtháthaíonn do Bhallstát forálacha maidir le tionchair iarbhír nó réamh-mheasta teagmhas adhaimsire (amhail tonnta teasa, tuilte nó – go hindíreach – falscaí) ar an tsláinte phoiblí (comhtháthaíonn/ní chomhtháthaíonn/eile)

Má chomhtháthaíonn, tabhair tuilleadh eolais faoi na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann agus faoi aon fhoráil thiomnaithe maidir le hullmhacht agus freagairt don tsláinte:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

 

11.   Teagmhais cheimiceacha

 

Ceist

Táscaire

A.11.1

Maidir le bainistiú ar bhagairt ar an tsláinte de bhunús ceimiceach, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do thíre:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

Leibhéal

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir

N/B

Níl aon phlean ullmhachta agus freagartha ar leithligh ann maidir le ceimiceáin nó aon doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha ann, ná ní áirítear é sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad/sna doiciméid choibhéiseacha

1

Tá plean ullmhachta agus freagartha ann maidir le ceimiceáin nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha ann agus/nó tá sé san áireamh sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad/sna doiciméid choibhéiseacha

2

Tá an plean ullmhachta agus freagartha ann maidir le ceimiceáin nó an doiciméad coibhéiseach/na doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm agus meastar agus sainaithnítear róil agus freagrachtaí chomh maith le mórshuímh ghuaise

3

Tá an plean ullmhachta agus freagartha ann maidir le ceimiceáin nó an doiciméad coibhéiseach/na doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm agus meastar agus sainaithnítear róil agus freagrachtaí chomh maith le mórshuímh ghuaise. Ina theannta sin, tástáladh an plean freagartha maidir le ceimiceáin nó an chaibidil sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha trí chleachtadh ionsamhlúcháin le 3 bliana anuas

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, cuireadh moltaí ón tástáil/ó na tástálacha chun feidhme agus rinneadh athbhreithniú agus athmheas ar phleananna comhfhreagracha

5

Barúlacha breise:

An amhlaidh nach féidir le do Bhallstát an cheist sin a fhreagairt ar leibhéal an stáit láir, mar gheall ar chreataí rialachais agus reachtacha? (is fíor sin)

Sa chás sin, sonraigh cé acu an seoltar moltaí/treoirlínte ar an leibhéal náisiúnta chuig údaráis réigiúnacha (seoltar/ní sheoltar)

Má sheoltar, cuir in iúl má tá a fhios agat ar an leibhéal lárnach an gcuirtear na moltaí/treoirlínte sin chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus cé acu an sainaithnítear bearnaí nó dúshláin ann:

Mura gcuirtear, mínigh

A.11.2

An bhfuil nósanna imeachta ag do Bhallstát maidir le measúnú ar riosca sláinte i gcás bagairt sláinte ó thionscnamh ceimiceach? (tá/níl/eile)

Má tá, déan cur síos air:

Más freagra diúltach a thugtar, déan cur síos ar an bhfáth:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

A.11.3

An bhfuil treoirlínte ar fáil ag do Bhallstát maidir le:

Faireachas ar imeachtaí ceimiceacha agus nimhiú/tocsaineacht? (tá/níl/eile)

Má tá, déan cur síos air:

Más freagra diúltach a thugtar, déan cur síos ar an bhfáth:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Measúnú ar imeachtaí ceimiceacha agus nimhiú/tocsaineacht? (tá/níl/eile)

Má tá, déan cur síos air:

Más freagra diúltach a thugtar, déan cur síos ar an bhfáth:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Bainistiú ar imeachtaí ceimiceacha agus nimhiú/tocsaineacht? (tá/níl/eile)

Má tá, déan cur síos air:

Más freagra diúltach a thugtar, déan cur síos ar an bhfáth:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

B.   Acmhainneachtaí breise de réir Rialachán (AE) 2022/2371

12.   Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (FSFM) agus ionfhabhtuithe bainteach leis an gCúram Sláinte (HAInna)

FSFM

 

Ceist

Táscaire

B.12.1

Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta Aon Sláinte Amháin maidir le FSFM

Chun dúbailt iarrachtaí a sheachaint, beidh an Coimisiún agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) ag brath ar ionchuir a dhéantar chuig an EDS maidir leis an Suirbhé Féinmheasúnaithe Tíre um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha a Rianú (TrACSS) (7) 7. Dá bhrí sin, measfar tuairisciú náisiúnta chuig TrACSS mar chuid den mheasúnú faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2022/2371

Uaslódáil i bhformáid pdf an aighneacht TrACSS is déanaí ó do Bhallstát chuig an EDS.

Maidir leis an bplean gníomhaíochta náisiúnta (NAP) ar FSFM, an raibh aon nuashonrú ann ón uair dheireanach a thuairiscigh do thír chuig TrACSS?

Níl

Tá (sonraigh sa téacs oscailte)

N/B

B.12.2

Acmhainní

Cad iad na hacmhainní a leithdháiltear ar chur chun feidhme an NAP ar FSFM?

N/B

 

Leibhéal

Níl ach fíorbheagán acmhainní (buiséad agus acmhainní daonna) ar fáil chun an NAP a chur chun feidhme.

1

Níl aon acmhainn shonrach ar fáil, agus cuirtear cur chun feidhme ar iontaoibh acmhainní (buiséad agus acmhainní daonna) na bpáirtithe leasmhara náisiúnta/réigiúnacha (e.g. údaráis inniúla ábhartha atá freagrach as sláinte, talmhaíocht, comhshaol, etc.) a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an NAP

2

Is féidir rochtain a fháil ar chistiú nach bhfuil curtha in áirithe le haghaidh gníomhaíochtaí AMR ó chistí náisiúnta/réigiúnacha agus is féidir é a úsáid chun an NAP a chur chun feidhme

3

Tá cistiú sonrach atá curtha in áirithe le haghaidh gníomhaíochtaí AMR ar fáil ó chistí náisiúnta/réigiúnacha agus úsáidtear é chun an NAP a chur chun feidhme

4

Déantar cur chun feidhme an NAP a chostáil agus a mhaoiniú go hiomlán trí línte buiséid tiomnaithe ó chistí náisiúnta/réigiúnacha.

5

Barúlacha breise:

B.12.3

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn

An bhfuil táscairí nó spriocanna náisiúnta ag do Bhallstát chun dul chun cinn náisiúnta maidir le AMR (lena n-áirítear tomhaltas/úsáid fhrithmhiocróbach) agus/nó HAInna a thomhas? Tabhair tuairisc ar na táscairí/spriocanna nó hipearnasc chuig an áit ar féidir iad a fháil sa roinn barúlacha.

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl, níl táscaire náisiúnta, nó sprioc náisiúnta ann chun dul chun cinn maidir le AMR (lena n-áirítear tomhaltas/úsáid fhrithmhiocróbach) agus/nó HAInna sa tír a thomhas

1

Tá pleananna ann chun táscairí náisiúnta agus/nó spriocanna náisiúnta a chur ar bun, agus beidh siad sin i bhfeidhm go luath amach anseo

2

Tá táscairí náisiúnta ann, cosúil leis na táscairí atá ar fáil ar fud an domhain (e.g. Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an EDS, etc.), ach níl spriocanna ag gabháil leo

3

Tá, tá táscairí náisiúnta ann lena gcumhdaítear AMR (lena n-áirítear tomhaltas/úsáid fhrithmhiocróbach) agus/nó HAInna ag a bhfuil spriocanna náisiúnta nithiúla atá le baint amach faoi thréimhse ama áirithe, agus déantar athbhreithniú ar an dul chun cinn go rialta ach níl sé sin nasctha le cuspóirí NAP maidir le AMR

4

Tá, tá táscairí náisiúnta agus spriocanna náisiúnta ann lena gcumhdaítear AMR (lena n-áirítear tomhaltas/úsáid fhrithmhiocróbach) agus HAInna, atá nasctha le NAP maidir le AMR, agus déantar athbhreithniú rialta ar an dul chun cinn

5

Barúlacha breise:

B.12.4

Na príomhdhúshláin

Faoi láthair, cad iad na dúshláin is mó a bhíonn roimh do Bhallstát maidir le haghaidh a thabhairt ar AMR?

Roghnaigh trí dhúshlán, ansin rangaigh iad ó uimhir 3 - an ceann is tábhachtaí go dtí uimhir 1 - an ceann is lú tábhacht):

N/B

Bearta coisctheacha agus rialaithe a chur chun feidhme sa ghnáthchleachtas

 

Teorainneacha buiséid

 

Comhordú na hAon Sláinte amháin a áirithiú ar fud na n-earnálacha éagsúla

 

Ní ann do chreat dlíthiúil nó ní leor é

 

Easpa acmhainní daonna

 

Teorainneacha bonneagair (e.g. easpa seomraí singile, seanfhoirgnimh ospidéil, etc.)

 

Feasacht neamhleor i measc páirtithe leasmhara amhail gairmithe cúraim sláinte, e.g. dochtúirí, altraí, cógaiseoirí, etc., coimeádaithe ainmhithe agus feirmeoirí agus an pobal i gcoitinne

 

Rochtain theoranta ar ábhair fhrithmhiocróbacha áirithe, e.g. antaibheathaigh chaolspeictrim agus ábhair fhrithmhiocróbacha núíosacha

 

Barúlacha breise:

B.12.5

Orgánaigh tosaíochta atá frithsheasmhach in aghaidh ildrugaí a chosc (MDROnna)

Maidir le horgánach frithsheasmhach in aghaidh ildrugaí a chosc, sonraigh leibhéal do Bhallstáit thíos.

Nóta: rinneadh na leibhéil thíos a oiriúnú bunaithe ar fhoclaíocht na Comh-mheastóireachta Seachtraí (JEE) (8), ceist P4.3 a thagraíonn d’orgánach atá frithsheasmhach in aghaidh ildrugaí a chosc.

Liostaítear thíos na MDROnna a bhreithnítear faoin táscaire sin, toisc go meastar iad a bheith criticiúil ar leibhéal an Aontais. Má mheasann Ballstát nach féidir lena chuid freagraí gach MDRO a chumhdach, is féidir é sin a shonrú sa roinn barúlacha thíos.

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níor shainaithin na húdaráis náisiúnta na MDROnna (feinitíopaí agus géinitíopaí) sin mar thosaíocht, agus ní bhraitear iad

1

Tá straitéis nó treoir náisiúnta ann maidir le srianadh MDRO agus áirítear leis scagadh coilínithe le haghaidh MDROnna tosaíochta (feinitíopaí agus géinitíopaí) a d’aithin údaráis náisiúnta. Is féidir le roinnt áiseanna sláinte MDROnna tosaíochta a bhrath bunaithe ar shonraí saotharlainne.

2

Tá rochtain ag áiseanna sláinte roghnaithe ar dheimhniú feinitíopa MDRO. Tugann saoráidí fógra faoi leibhéil náisiúnta nuair a bhraitear MDROnna tosaíochta

3

Tá rochtain ag gach áis sláinte ar dheimhniú feinitíopa MDRO. Tugann saoráidí fógra faoi leibhéil náisiúnta nuair a bhraitear MDROnna tosaíochta go tráthúil. Déantar freagraí a rianú agus tacaítear leo ar an leibhéal náisiúnta

4

Tá córas feidhmiúil i bhfeidhm chun brath, deimhniú agus fógra faoi MDROnna núíosacha nó tosaíochta laistigh d’ospidéil agus chuig leibhéil náisiúnta a chur in iúl agus a rianú go tapa. Tá gach ospidéal in ann gníomhaíochtaí freagartha a sheoladh chuig MDROnna tosaíochta ar bhealach tráthúil. Cuireann saoráidí sonraí ábhartha MDRO in iúl go rialta do líonraí atreoraithe áitiúla chun bonn eolais a chur faoi iarrachtaí coisctheacha/srianta

5

Barúlacha breise:

B.12.6

MDROnna tosaíochta in ospidéil agus aistrithe othar trasteorann

Maidir le gníomhaíochtaí náisiúnta a bhaineann le hothair a scagadh le haghaidh iompar MDRO trátha iontrála isteach in ospidéal, mar bhealach chun leathadh MDROnna tosaíochta i measc ospidéal a laghdú, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit thíos.

Nóta: Liostaítear thíos na MDROnna a bhreithnítear faoin táscaire sin, toisc go meastar iad a bheith criticiúil ar leibhéal an Aontais.

Má mheasann Ballstát nach féidir lena chuid freagraí gach MDRO a chumhdach, is féidir é sin a shonrú sa roinn barúlacha thíos.

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon nós imeachta ná prótacal náisiúnta i bhfeidhm chun othair a scagadh le haghaidh iompar MDRO tráth iontrála isteach in ospidéal

1

Tá nósanna imeachta agus prótacail náisiúnta i bhfeidhm do scagadh le haghaidh iompar MDRO d’othair amháin atá á n-aistriú go díreach ó ospidéal i dtír eile

2

Tá nósanna imeachta agus prótacail náisiúnta i bhfeidhm do scagadh le haghaidh iompar MDRO d’othair amháin atá á n-aistriú go díreach ó ospidéal i dtír eile nó a chaith tréimhse in ospidéal i dtír eile le déanaí

3

Tá nósanna imeachta agus prótacail náisiúnta i bhfeidhm do scagadh le haghaidh iompar MDRO d’othair amháin atá á n-aistriú go díreach ó ospidéal i dtír eile nó a chaith tréimhse in ospidéal i dtír eile le déanaí, chomh maith le hothair a ghlactar isteach i mbardaí speisialta, amhail aonaid dianchúraim

4

Níl aon nós imeachta ná prótacal náisiúnta i bhfeidhm chun gach othar a scagadh le haghaidh iompar MDRO, tráth a nglactha isteach in ospidéal

5

Barúlacha breise:

An bhfuil ceanglais náisiúnta i bhfeidhm chun cumarsáid a dhéanamh maidir le stádas ionfhabhtaithe othair (i.e. faisnéis maidir le hionfhabhtú le miocrorgánach teagmhálach/iompar miocrorgánaigh teagmhálaigh, go háirithe MDROnna tosaíochta, nuair a atreoraítear iad ó ospidéal (nó ó shaoráid cúraim sláinte) amháin chuig ospidéal eile? (tá/níl/eile)

Tá, i gcás aistrithe trasteorann chomh maith le haistriú chuig ospidéal (nó saoráid cúraim sláinte) laistigh den tír

Níl, ach amháin i gcás aistrithe trasteorann

Níl (mínigh)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

 

B.12.7

Maoirseacht fhrithmhiocróbach/úsáid stuama ábhar frithmhiocróbach i gcúram príomhúil agus tánaisteach:

Maidir leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cógais fhrithmhiocróbacha i sláinte an duine, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit thíos.

Nóta: rinneadh leibhéil na dtáscairí thíos a oiriúnú bunaithe ar fhoclaíocht na Comh-mheastóireachta Seachtraí (JEE) (9), ceist P4.4 a thagraíonn don úsáid is fearr is féidir a bhaint as cógais fhrithmhiocróbacha i sláinte an duine

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Easpa beartais agus/nó rialacháin náisiúnta nó beartas agus/nó rialacháin náisiúnta laga maidir le húsáid, infhaighteacht, cáilíocht agus úsáid iomchuí ábhair fhrithmhiocróbacha i sláinte an duine

1

Forbraítear beartas agus rialacháin náisiúnta a chuireann úsáid iomchuí ábhair fhrithmhiocróbacha/gníomhaíochtaí maoirseachta iomchuí ábhair fhrithmhiocróbacha chun cinn don phobal agus do shuíomhanna cúraim sláinte

2

Tá treoirlínte maidir le húsáid iomchuí ábhair fhrithmhiocróbacha ar fáil agus bunaítear cláir mhaoirseachta ábhair fhrithmhiocróbacha i roinnt áiseanna cúraim sláinte. Glactar le haicmiú antaibheathach “Rochtain, Faire agus Cúltaca” (AWaRe) is déanaí de chuid EDS ar an liosta náisiúnta de na cógais riachtanacha

3

Cuirtear treoirlínte agus cleachtais chun úsáid iomchuí ábhair fhrithmhiocróbacha a chumasú chun feidhme in áiseanna cúraim sláinte ar fud na tíre. Feidhmiú clár maoirseachta AMR i ngach mór-áis cúraim sláinte. Tá faireachán á dhéanamh ar thomhaltas antaibheathach agus é bunaithe ar aicmiú AWaRe is déanaí ar antaibheathaigh

4

Cuirtear treoirlínte maidir le húsáid antaibheathach a bharrfheabhsú chun feidhme do gach mórshiondróm agus déantar sonraí maidir le húsáid a thabhairt ar ais go córasach d’oideasóirí. Déantar aicmiú AWaRe ar antaibheathaigh a ionchorprú i straitéisí maoirseachta ar ábhair fhrithmhiocróbacha. Tá faireachán stóinseach náisiúnta á dhéanamh ar thomhaltas antaibheathach

5

Barúlacha breise:

B.12.8

Faireachas ar HAInna

Maidir leis an bhfaireachas ar HAInna, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit thíos.

Nóta: rinneadh leibhéil na dtáscairí thíos a oiriúnú bunaithe ar fhoclaíocht na Comh-mheastóireachta Seachtraí (JEE) (10), ceist P4.2 a thagraíonn don fhaireachas ar AMR

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Gan aon acmhainneacht nó acmhainneacht theoranta chun sonraí a ghiniúint, a chomhthiomsú agus a thuairisciú (tástáil ar shoghabhálacht antaibheathach agus sonraí cliniciúla agus eipidéimeolaíocha a ghabhann léi)

1

Déantar sonraí AMR a thiomsú go háitiúil le haghaidh pataiginí coitianta in othair atá in ospidéal agus in othair phobail, ach d’fhéadfadh sé nach n-úsáidfeadh bailiú sonraí cur chuige caighdeánach agus go bhfuil easpa comhordaithe náisiúnta agus/nó bainistíochta cáilíochta ann

2

Déantar sonraí AMR a chomhthiomsú go náisiúnta le haghaidh pataiginí coitianta, ach tá comhordú agus caighdeánú náisiúnta in easnamh

3

Tá córas náisiúnta caighdeánaithe faireachais AMR ann a bhailíonn sonraí maidir le pataiginí coitianta in othair atá in ospidéal agus in othair phobail, le líonra bunaithe de láithreáin faireachais, saotharlann tagartha náisiúnta ainmnithe do AMR agus ionad comhordaithe náisiúnta a tháirgeann tuarascálacha ar AMR

4

Sa bhreis ar an méid thuas, déantar sonraí an chórais náisiúnta faireachais AMR a anailísiú, a léirmhíniú agus a thuairisciú in éineacht le tomhaltas frithmhiocróbach agus/nó sonraí úsáide do shláinte an duine, agus déantar iarracht anailís a dhéanamh ar shonraí comhchosúla ar fud earnálacha (sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus talmhaíocht)

5

Barúlacha breise:

 

Ionfhabhtuithe bainteach leis an gcúram sláinte (HAInna)

 

Ceist

Táscaire

B.12.9

Na príomhdhúshláin

Faoi láthair, cad iad na dúshláin is mó a bhíonn roimh do thír maidir le haghaidh a thabhairt ar ionfhabhtuithe atá bainteach leis an gcúram sláinte (HAInna)? Roghnaigh trí dhúshlán, ansin rangaigh iad ó uimhir 3 - an ceann is tábhachtaí go dtí uimhir 1 - an ceann is lú tábhacht):

N/B

Bearta coisctheacha agus rialaithe a chur chun feidhme sa ghnáthchleachtas

 

Teorainneacha buiséid

 

Ní ann do chreat dlíthiúil nó ní leor é

 

Easpa acmhainní daonna

 

Teorainneacha bonneagair (e.g. easpa seomraí singile, seanfhoirgnimh ospidéil, etc.)

 

Feasacht neamhleor i measc gairmithe cúraim sláinte, e.g. dochtúirí, altraí, cógaiseoirí, etc. agus an pobal i gcoitinne

 

Rochtain theoranta ar ábhair fhrithmhiocróbacha áirithe, e.g. antaibheathaigh chaolspeictrim agus ábhair fhrithmhiocróbacha núíosacha

 

Barúlacha breise:

B.12.10

Faireachas ar HAInna

Maidir leis an bhfaireachas ar HAInna, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit thíos.

Nóta: rinneadh leibhéil na dtáscairí thíos a oiriúnú bunaithe ar fhoclaíocht na Comh-mheastóireachta Seachtraí (JEE) (11), ceist P4.2 a thagraíonn don fhaireachas ar HAInna

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon chlár faireachais náisiúnta ar HAInna ná aon phlean straitéiseach náisiúnta maidir le faireachas ar HAInna, lena n-áirítear pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus/nó atá i mbaol ráigeanna, ar fáil nó á fhorbairt

1

Tá plean straitéiseach náisiúnta maidir le faireachas ar HAInna (lena n-áirítear pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus/nó atá i mbaol ráigeanna) ar fáil ach ní chuirtear chun feidhme é

2

Tá plean straitéiseach náisiúnta maidir le faireachas ar HAInna (lena n-áirítear pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus/nó atá i mbaol ráigeanna) ar fáil agus curtha chun feidhme trí chlár agus córas náisiúnta chun sonraí a bhailiú, a anailísiú agus aiseolas a thabhairt ina leith. Tá saoráidí cúraim sláinte tánaisteacha agus treasacha roghnaithe i mbun faireachais ar HAInna (mar a shonraítear thuas) agus tugann siad aiseolas tráthúil agus rialta don bhainistíocht shinsearach agus d’oibrithe sláinte

3

Tá plean straitéiseach náisiúnta maidir le faireachas ar HAInna (lena n-áirítear pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus/nó atá i mbaol ráigeanna) ar fáil agus curtha chun feidhme ar fud na tíre i ngach saoráid cúraim sláinte thánaistigh agus threasaigh trí chóras náisiúnta de réir mholtaí EDS maidir le príomh-chomhpháirteanna um Ionfhabhtú a Chosc agus a Rialú (IPC). Tá tuairiscí rialta ar fáil chun aiseolas a chur ar fáil

4

Tá plean straitéiseach náisiúnta maidir le faireachas ar HAInna (lena n-áirítear pataiginí atá frithsheasmhach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus/nó atá i mbaol ráigeanna) ar fáil agus curtha chun feidhme ar fud na tíre i ngach saoráid cúraim sláinte thánaistigh agus threasaigh trí chóras náisiúnta de réir mholtaí EDS maidir le príomh-chomhpháirteanna um Ionfhabhtú a Chosc agus a Rialú (IPC). Roinntear sonraí agus úsáidtear iad go leanúnach agus ar bhealach tráthúil chun bonn eolais a chur faoi iarrachtaí coisctheacha. Déantar cáilíocht agus tionchar an chórais a mheas go rialta, agus déantar bearta feabhsúcháin dá réir

5

Barúlacha breise:

13.   Feidhmeanna comhordúcháin agus tacaíochta ar leibhéal an Aontais

 

Ceist

Táscaire

B.13.1

An ionchorpraítear le hionstraimí dlí do Bhallstáit maidir le freagairt sláinte ar éigeandáil sláinte poiblí comhordú agus comhar ag comhéadan náisiúnta agus comhéadan an Aontais le linn éigeandáil sláinte poiblí? (ionchorpraítear/ní ionchorpraítear/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

B.13.2

Le linn éigeandáil sláinte, an ionchorpraítear ionadaí Coiste Slándála Sláinte do Bhallstáit i struchtúir chomhordúcháin ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe chun tacú leis an sreabhadh faisnéise idir do Bhallstát agus an Coiste Slándála Sláinte? (ionchorpraítear/ní ionchorpraítear/eile)

Mura n-ionchorpraítear, cén ról atá ag ionadaí an Choiste Slándála Sláinte sa fhreagairt éigeandála náisiúnta agus mura bhfeidhmíonn siad mar idirchaidreamh leis an gCoiste Slándála Sláinte le linn éigeandálaí sláinte poiblí, cé a fheidhmíonn?

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

B.13.3

An bhfuil Ionad Oibríochtaí Éigeandála Sláinte Poiblí do Bhallstáit nó IMS idir-inoibritheach leis an modúl um Chóras Luathrabhaidh agus Freagartha le haghaidh bainistiú teagmhas agus/nó bhainistiú géarchéime? (tá/níl/eile)

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

B.13.4

Le 3 bliana anuas, ar ionchorpraigh nó ar thug do Bhallstát aird ar thuairimí agus ar threoir ón gCoiste Slándála Sláinte maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chosc agus a rialú? (d’ionchorpraigh/níor ionchorpraigh/eile/d’ionchorpraigh go páirteach)

Má d’ionchorpraigh, déan cur síos air:

Murar ionchorpraigh, cén fáth?

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Má d’ionchorpraigh go páirteach, déan cur síos air:

N/B

B.13.5

Le 3 bliana anuas, ar ionchorpraigh nó ar thug do Bhallstát aird ar mholtaí an Choimisiúin maidir le bearta sláinte poiblí sealadacha comhchoiteanna? (d’ionchorpraigh/níor ionchorpraigh/eile/d’ionchorpraigh go páirteach)

Má d’ionchorpraigh, déan cur síos air:

Murar ionchorpraigh, cén fáth?

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Má d’ionchorpraigh go páirteach, déan cur síos air:

N/B

B.13.6

Le 3 bliana anuas, ar ionchorpraigh nó ar thug do Bhallstát aird ar mholtaí ón ECDC maidir le freagairt ar bhagairtí sláinte? (d’ionchorpraigh/níor ionchorpraigh/eile/d’ionchorpraigh go páirteach)

Má d’ionchorpraigh, déan cur síos air:

Murar ionchorpraigh, cén fáth?

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Má d’ionchorpraigh go páirteach, déan cur síos air:

N/B

B.13.7

Sonraigh an mbreithnítear na róil tacaíochta, na feidhmeanna agus na hionstraimí tacaíochta seo a leanas de chuid an Choimisiúin agus de chuid ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí ábhartha an Aontais i bpróiseas pleanála ullmhachta agus freagartha do Bhallstáit:

N/B

 

breithnítear/ní bhreithnítear

Tacaíocht Aslonnaithe Leighis tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha

 

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS) le haghaidh tacaíochta consalachta agus aisdúichithe

 

An Ard-Stiúrthóireacht na Cosanta Sibhialta Eorpaí agus na nOibríochtaí Eorpacha um Chabhair Dhaonnúil (AS ECHO) agus a hacmhainneachtaí tacaíochta, lena n-áirítear iad siúd i gcúlchiste ResEU chomh maith le Tionscadail um Chosc agus Ullmhacht an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta (e.g. tairiscintí agus deontais maidir le tionscadail sláinte trasteorann a fhorbairt)

 

An Ard-Stiúrthóireacht um an Údarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le Éigeandáil Sláinte maidir le tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt frithbheart leighis, do mhonarú, do tháirgeadh, do stoc-charnadh agus d’imscaradh (AS HERA)

 

Oifig Éigeandála AS HERA

 

Ionstraimí chun cistiú ón Aontas Eorpach le haghaidh taighde thapa a shlógadh

 

Measúnú Riosca an ECDC

 

Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA)

 

Measúnú Riosca an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA)

 

Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA)

 

Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)

 

Measúnú Riosca an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA)

 

Measúnuithe riosca arna ndéanamh i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) i gcás ina bhfuil an bhagairt ag teacht ó ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta nó ó ghníomhaíocht choiriúil

 

Tuarascálacha teicniúla agus treoir an ECDC

 

Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde

 

Tacaíocht ad hoc an ECDC maidir le hullmhacht agus freagairt ar ráigeanna (e.g. Tascfhórsa Sláinte an Aontais)

 

Saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh

 

Eile, sonraigh:

 

Barúlacha breise:

B.13.8

An gcuireann do Bhallstát san áireamh plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 5 () de Rialachán (AE) 2022/2371, trí eilimintí ullmhachta trasteorann idir-réigiúnacha i bplean ullmhachta agus freagartha do Bhallstáit, nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha dá chuid? Má d’ionchorpraigh, déan cur síos air:

Murar ionchorpraigh, cén fáth?

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

14.   Forbairt taighde agus meastóireachtaí chun eolas a dhéanamh don ullmhacht éigeandála agus dlús a chur léi

 

Ceist

Táscaire

B.14.1

Maidir le ról an taighde sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha, sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit:

Táscaire

1-5 nó N/B

 

Leibhéal

Ní féidir leis an mBallstát an cheist a fhreagairt mar nach bhfuil plean ullmhachta agus freagartha ná doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha ag an mBallstát

N/B

Tá plean ullmhachta agus freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm, ach ní chuimsítear ann straitéis maidir le taighde agus nuálaíocht éigeandála

1

Tá plean ullmhachta agus freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm ina gcuimsítear straitéis le haghaidh taighde agus nuálaíocht éigeandála, ach níor cuireadh aon chistiú i leataobh chun taighde a dhéanamh le linn éigeandálaí sláinte

2

Tá plean ullmhachta agus freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm ina gcuimsítear straitéis le haghaidh taighde agus nuálaíocht éigeandála, agus cuireadh cistiú i leataobh chun taighde a dhéanamh le linn éigeandálaí sláinte

3

Tá plean ullmhachta agus freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm ina gcuimsítear straitéis le haghaidh taighde agus nuálaíocht éigeandála, cuireadh cistí i leataobh chun taighde a dhéanamh le linn éigeandálaí sláinte agus tá próiseas i bhfeidhm chun iad a shlógadh go tapa

4

Tá plean ullmhachta agus freagartha nó doiciméad coibhéiseach/doiciméid choibhéiseacha i bhfeidhm ina gcuimsítear straitéis le haghaidh taighde agus nuálaíocht éigeandála, cuireadh cistí i leataobh le haghaidh éigeandálaí sláinte, tá próiseas i bhfeidhm chun iad a shlógadh go tapa agus neartaíodh acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta

5

Más tá sé ar leibhéal 2 nó os a chionn sin: an bhfuil próiseas san áireamh sa straitéis maidir le taighde agus nuálaíocht éigeandála (sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha) chun riachtanais sláinte poiblí a nascadh le tosaíochtaí agus riachtanais taighde? (tá/níl/eile)

Má tá, déan cur síos ar an bpróiseas sin

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

Barúlacha breise:

B.14.2

An bhfuil do Bhallstát mar chuid de líonra i) náisiúnta, ii) ar fud an Aontais nó líonra iii) idirnáisiúnta de láithreacha trialach cliniciúla nó mar chuid de chohóirt trialach cliniciúla chun rannpháirtíocht i dtrialacha mórscála a chur chun cinn a bhfuil níos mó seans acu torthaí fiúntacha a bhaint amach i dtráthchláir theoranta? (tá/níl/eile)

Má tá, sonraigh (ainm agus leibhéal)

N/B

 

 

Náisiúnta

Ar fud an Aontais

Idirnáisiúnta

 

 

Láithreacha na Trialach Cliniciúla

 

 

 

 

 

Líonra idirnáisiúnta de chohóirt

 

 

 

 

 

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

 

B.14.3

An bhfuil próisis i bhfeidhm ag do Bhallstát chun prótacail chomhchuibhithe agus bailiú sonraí a bhunú laistigh de na líonraí sin? (tá/níl/eile)

Má tá, sonraigh cé na próisis:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

B.14.4

An bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag do Bhallstát maidir le mearchreidiúnú láithreacha agus maidir le d measúnú agus údarú trialach cliniciúla comhordaithe brostaithe (idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus na coistí eitice) i gcás éigeandáil sláinte poiblí? (tá/níl/eile)

Má tá, sonraigh iad, lena n-áirítear comhar le coistí eitice:

Más “eile" atá i gceist, déan cur síos air:

N/B

B.14.5

Cuir in iúl má tá cur chuige ag do Bhallstát maidir le taighde oibríochtúil (e.g. i nbun gnímh) lena n-áirítear:

N/B

 

 

Níl

 

 

Ullmhacht taighde, lena n-áirítear prótacail, comhpháirtíochtaí, róil agus freagrachtaí réamhdheartha i bhfeidhm roimh éigeandáil sláinte

 

 

 

 

I gcás éigeandáil sláinte poiblí, tá ionstraimí oibríochtúla i bhfeidhm ionas go mbeidh acmhainní a bhfuil gá leo ar fáil le modhanna le haghaidh cistiúcháin mhear

 

 

 

 

I gcás éigeandáil sláinte poiblí, tá ionstraimí oibríochtúla i bhfeidhm le haghaidh cead eiticiúil tapa agus comhroinnt sonraí

 

 

 

 

Barúlacha breise:

 

15.   Eilimintí téarnaimh

 

Ceist

Táscaire

B.15.1

Maidir le plean téarnaimh nó rannóg téarnaimh do Bhallstáit i do phlean ullmhachta agus freagartha coisc nó i do dhoiciméad coibhéiseach/dhoiciméid choibhéiseacha, sonraigh leibhéal do Bhallstáit:

Táscaire

1-5

 

Leibhéal

Níl aon phlean téarnaimh ná rannóg téarnaimh sa phlean ullmhachta agus freagartha nó sa doiciméad coibhéiseach/sna doiciméid choibhéiseacha atá ar fáil

1

Plean téarnaimh nó rannóg téarnaimh atá ar fáil

2

Cuimsíonn plean nó rannóg téarnaimh nó naisc le próiseas chun ceachtanna a ghabháil ag baint úsáid as Athbhreithnithe Tar Éis Gnímh (AARanna) nó Athbhreithnithe Idirghnímh (IARanna), agus iad a leabú i gcleachtas trí phlean gníomhaíochta

3

Áirítear sa phlean téarnaimh nó naisc chuig próiseas chun ceachtanna a ghabháil trí úsáid a bhaint as AARanna nó IARanna agus iad a leabú i gcleachtas faoi chreat uileghabhálach amhail an Phleanáil Gníomhaíochta Náisiúnta um Shlándáil Sláinte (NAPHS) nó a choibhéis. Cuirtear an próiseas sin chun feidhme agus déantar faireachán tráthrialta air ar an leibhéal náisiúnta

4

Áirítear sa téarnamh nó nascann sé le próiseas chun ceachtanna a ghabháil trí úsáid a bhaint as AARanna NÓ IARanna agus iad a leabú i gcleachtas trí NAPHS nó a choibhéis. Cuirtear an próiseas sin chun feidhme agus déantar faireachán tráthrialta air ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach (fonáisiúnta)

5

Barúlacha breise:

16.   Gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun feabhas a chur ar bhearnaí a aimsíodh i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha

 

Ceist

Táscaire

B.16.1

Uaslódáil Tuarascáil Bhliantúil IHR is déanaí an Stáit Chonarthaigh de chuid do Bhallstáit arna cur isteach ag Pointe Fócasach Náisiúnta IHR agus chuig an EDS i bhformáid pdf

Táscairí

IHR

B.16.2

Léirigh cé acu a d’úsáid nó nár úsáid do Bhallstát aon cheann de na sásraí comhlántacha seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme acmhainneachtaí IHR agus pleanáil choisc, ullmhachta agus freagartha le 3 bliana anuas:

Cuir tic de réir mar is iomchuí:

N/B

 

Curtha i gcrích le 3 bliana anuas? (D’úsáid/Níor úsáid)

(Má foilsíodh é, cuir nasc ar fáil)

Comh-mheastóireacht Sheachtrach

 

Athbhreithnithe le linn gnímh

 

Athbhreithnithe tar éis gnímh

 

SimEx

 

Comh-Mheasúnú agus Brathadóireacht Teagmhas

 

Eile: sonraigh

 

 

B.16.3

Sonraigh leibhéal comhfhreagrach do Bhallstáit maidir leis an NAPHS atá beartaithe ag an EDS nó ag córas coibhéiseach:

Táscaire

1-5

 

leibhéal

Níl NAPHS nó córas coibhéiseach forbartha ná á fhorbairt

1

Tá NAPHS nó córas coibhéiseach forbartha ach nach bhfuil ina iomláine fós ag an rialtas agus ag aon sláinte amháin maidir le cur chuige gach guaise ailínithe

2

Déantar NAPHS nó córas coibhéiseach a fhorbairt agus a ailíniú le cur chuige iomlán an rialtais agus aon sláinte amháin maidir le gach guais lena n-áirítear róil shainithe, freagrachtaí, agus sásra comhoibritheach

3

Déantar NAPHS nó córas coibhéiseach a fhorbairt agus a ailíniú leis an rialtas ina iomláine agus le haon sláinte amháin maidir le cur chuige gach guaise lena n-áirítear sainmhínithe ar róil, freagrachtaí, agus sásraí comhoibríocha. Ina theannta sin, tá costáil déanta ar an bPleanáil Gníomhaíochta Náisiúnta um Shlándáil Sláinte nó ar chóras coibhéiseach

4

De réir leibhéal 4 agus, ina theannta sin, tá gníomhaíocht amháin ar a laghad atá beartaithe á cur chun feidhme

5

Barúlacha breise:

Más rud é gur leibhéal 1 atá i gceist: cuir in iúl má tá sé i gceist ag do Bhallstát Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shlándáil Sláinte nó córas coibhéiseach a thionscnamh:

Gach leibhéal: mura n-úsáideann do Bhallstát an Phleanáil Gníomhaíochta Náisiúnta um Shlándáil Sláinte, tabhair tuairisc ar an gcóras coibhéiseach:

C.   Eile

C.1

Tabhair tuairisc ar do chuid smaointe maidir leis na gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh chun tacú le cosc, ullmhacht, freagairt agus pleanáil téarnaimh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chur chun feidhme:

C.2

Tabhair aon bharúil nó soiléiriú maidir leis na ceisteanna thuas agus, má mheastar gur gá, liostáil aon ghníomhaíoch ábhartha a rinne do thír nó tabhair faisnéis bhreise a bhaineann le hábhar an cheistneora seo:


(1)  Anseo, sa cheist seo tagraíonn eagraíocht do ghrúpa atá sainordaithe go hoifigiúil agus atá freagrach as an bplean éigeandála a chur chun feidhme

(2)  Tagraíonn uathoibriú don phróiseas faireachais a bheith leabaithe sa chóras soláthair cúraim sláinte le baint amach agus comhroinnt uathoibríoch faisnéise ábhartha, nó cineál eile uathoibrithe a laghdaíonn an spleáchas ar acmhainní daonna.

(3)  Tagraíonn sé sin don chomhordú idir earnálacha amhail slándáil, ceartas, cosaint agus cosaint shibhialta lena gceadaítear sásra sonrach chun scaoileadh d’aon ghnó a ullmhú agus freagairt dó.

(4)  Anseo, sa cheist seo tagraíonn eagraíocht do ghrúpa atá sainordaithe go hoifigiúil agus atá freagrach as an bplean éigeandála a chur chun feidhme

(5)  Amhail freagairt an ospidéil agus an plean oibríochtúil

(6)  Féadfar a áireamh leis sin na hearnálacha sláinte, cosanta sibhialta agus rialaithe teorann chun bearta tiomnaithe a chur chun feidhme, más gá, amhail coraintín, scagadh, Bearta Cosanta Pearsanta, etc.

(7)  https://www.who.int/publications/m/item/tripartite-amr-country-self-assessment-survey---tracss-(6.0)-2022

(8)  Uirlis na Comh-Meastóireachta Seachtraí arna forbairt ag an tríú heagrán den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2022

(9)  Ibid

(10)  Ibid

(11)  Ibid


CINNTÍ

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/142


CINNEADH (AE) 2023/1809 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear critéir Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6024)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, is féidir Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain do na táirgí sin a bhfuil tionchar laghdaithe acu ar an gcomhshaol i gcaitheamh a saolré ar fad.

(2)

Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 go bhfuil critéir shonracha Éicilipéad an Aontais le bunú de réir grúpaí táirgí.

(3)

Le Cinneadh 2014/763/AE (2) ón gCoimisiún bunaíodh critéir Éicilipéad an Aontais mar aon leis na ceanglais ghaolmhara measúnaithe agus fíorúcháin le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’. Cuireadh síneadh le tréimhse bhailíochta na gcritéar agus na gceanglas sin go dtí an 31 Nollaig 2023 le Cinneadh (AE) 2018/1590 ón gCoimisiún (3).

(4)

Chun an dea-chleachtas sa mhargadh le haghaidh an ghrúpa táirgí a léiriú ar bhealach is fearr agus chun forbairtí beartas agus deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le glacadh méadaithe agus éileamh an mhargaidh ar tháirgí inbhuanaithe a chur san áireamh, is iomchuí sraith nua critéar maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais a leagan síos. Ós táirge inbhuanaithe é a bhféadfadh margadh méadaitheach a bheith ann dó, is iomchuí sraith critéar a bhunú freisin le haghaidh cuacháin mhíosta in–athúsáidte.

(5)

Sa Tuarascáil ar Sheiceáil Oiriúnachta Éicilipéid an Aontais (4) an 30 Meitheamh 2017, lena ndearnadh athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, thángthas ar an gconclúid gur gá cur chuige níos straitéisí a fhorbairt i leith Éicilipéid an Aontais, lena n–áirítear cuachadh grúpaí táirgí a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile i gcás inarb iomchuí

(6)

I gcomhréir leis na conclúidí sin agus tar éis dul i gcomhairle le Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú, is iomchuí an grúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ a chuachadh leis an ngrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ in aon Chinneadh amháin, ós rud é go gcomhlíonann an dá ghrúpa táirgí an fheidhm chéanna.

(7)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 66/2010, ní dhéanfar Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain d’aon chineál feiste leighis, lena n–áirítear iad siúd a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(8)

Sa Phlean nua Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (6) arna ghlacadh an 11 Márta 2020, sonraítear go bhfuil na ceanglais maidir le marthanacht, in–athchúrsáilteacht agus an cion athchúrsáilte le háireamh ar bhealach níos córasaí i gcritéir Éicilipéad an Aontais.

(9)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag critéir athbhreithnithe Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte táirgí a bhfuil tionchar teoranta acu ar an gcomhshaol ar feadh a saolré a chur chun cinn, ar táirgí iad a tháirgtear trí úsáid a bhaint as próisis atá éifeachtúil ó thaobh an ábhair de agus atá fuinneamhéifeachtúil. Go sonrach, le critéir athbhreithnithe Éicilipéad an Aontais cuirtear táirgí chun cinn a bhfuil tionchar teoranta acu ó thaobh astaíochtaí san uisce agus san aer le linn a dtáirgthe, táirgí lena n–úsáidtear amhábhair a fhaightear ó fhoraoisí a bhainistítear go hinbhuanaithe, agus lena gcomhlíontar ceanglais dhiana maidir le substaintí díobhálacha. Thairis sin, chun rannchuidiú leis an aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí, cuirtear chun cinn leis na critéir úsáid pacáistíochta páipéir agus/nó cairtchláir, i gcás inar féidir, mar rogha mhalartach ar phacáistíocht phlaisteach, agus cuirtear pacáistíocht ina bhfuil ábhar athchúrsáilte chun cinn ar féidir í a athchúrsáil go héasca.

(10)

Bíonn táirgí in–athúsáidte atá déanta as teicstílí le fáil ar an margadh anois mar mhalairt ar tháirgí aon úsáide. Níl feidhm ag critéir athbhreithnithe Éicilipéad an Aontais maidir le táirgí ionsúiteacha sláinteachais agus cuacháin mhíosta in–athúsáidte i dtaca leis na roghanna teicstíle in–athúsáidte sin, a bhfuil sé beartaithe imscrúdú sonrach a dhéanamh ar a dteophointí comhshaoil agus ar a gcritéir éiceolaíocha chun críocha an athbhreithnithe ar chritéir Éicilipéad an Aontais do tháirgí teicstíle arna mbunú le Cinneadh 2014/350/AE ón gCoimisiún (7).

(11)

Ba cheart na critéir nua agus na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara leanúint de bheith bailí go dtí an 31 Nollaig 2029, agus timthriall nuálaíochta na ngrúpaí táirgí á chur san áireamh.

(12)

Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, ba cheart Cinneadh 2014/763/AE a aisghairm.

(13)

Ba cheart idirthréimhse a bheith ar fáil do tháirgeoirí ar dámhadh ar a dtáirgí Éicilipéad an Aontais do tháirgí ionsúiteacha sláinteachais ar bhonn na gcritéar a leagtar amach i gCinneadh 2014/763/EU, ionas go mbeidh am leordhóthanach acu a dtáirgí a oiriúnú chun na critéir nua agus na ceanglais nua a chomhlíonadh. Ar feadh tréimhse theoranta tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, ba cheart cead a bheith ag táirgeoirí táirgí ionsúiteacha sláinteachais iarratais a chur isteach de réir na gcritéar a bhunaítear le Cinneadh 2014/763/AE nó de réir na gcritéar nua a bhunaítear leis an gCinneadh seo. Ba cheart cead a bheith ag na táirgeoirí sin freisin Éicilipéid an Aontais a dámhadh i gcomhréir leis na critéir a bhunaítear le Cinneadh 2014/763/AE a úsáid ar feadh idirthréimhse.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 66/2010,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is éard a bheidh sa ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ aon earra arb é is feidhm dó sreabháin dhaonna a ionsú agus a choinneáil, amhail fual, faecas, allas, sreabhán míosta nó bainne, cé is moite de tháirgí teicstíle. Áireofar sa ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ táirgí le haghaidh úsáid phríobháideach agus úsáid ghairmiúil araon.

2.   Ní áireofar sa ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745.

Airteagal 2

1.   Is éard a bheidh sa ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ cuacháin nó bacainn sholúbtha in–athúsáidte a chaitear laistigh den chorp, arb é is feidhm dóibh an sreabhán míosta a choinneáil agus a bhailiú, cuacháin nó bacainn a dhéantar as sileacón nó as leaistiméirí eile.

2.   Ní áireofar sa ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/745.

Airteagal 3

1.   Chun Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ a dhámhachtain do tháirge faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, tiocfaidh sé faoi réim an tsainmhínithe ar an ngrúpa táirgí sin mar a shonraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo, agus comhlíonfaidh na critéir agus na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2.   Chun Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in-athúsáidte’ a dhámhachtain do tháirge faoi Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, tiocfaidh sé faoi réim an tsainmhínithe ar an ngrúpa táirgí sin mar a shonraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo, agus comhlíonfaidh na critéir agus na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Critéir Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’ agus an ghrúpa ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’ mar aon leis na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara, beidh siad bailí go dtí an 31 Nollaig 2029.

Airteagal 5

1.   Chun críoch riaracháin, is é ‘047’ an uimhir chóid a shanntar don ghrúpa táirgí ‘táirgí ionsúiteacha sláinteachais’.

2.   Chun críoch riaracháin, is é ‘055’ an uimhir chóid a shanntar don ghrúpa táirgí ‘cuacháin mhíosta in–athúsáidte’.

Airteagal 6

Aisghairtear Cinneadh 2014/763/AE.

Airteagal 7

1.   Maidir le hiarratais ar Éicilipéad an Aontais le haghaidh an ghrúpa táirgí “táirgí ionsúiteacha sláinteachais’, mar a shainmhínítear i gCinneadh 2014/763/AE, iarratais a chuirtear isteach roimh dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, déanfar meastóireacht orthu i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCinneadh 2014/763/AE.

2.   Iarratais ar Éicilipéad an Aontais le haghaidh táirgí a thagann faoin ngrúpa táirgí ‘táirgí sláinteachais ionsúiteacha’ arna gcur isteach ar dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo nó laistigh de dhá mhí ó dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo, féadfar iad a bhunú agus meastóireacht a dhéanamh orthu i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chinneadh seo, nó i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCinneadh 2014/763/AE.

3.   Maidir le ceadúnais Éicilipéid an Aontais arna ndámhachtain ar bhonn iarratas a ndearnadh meastóireacht air i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCinneadh 2014/763/AE, féadfar iad a úsáid go ceann 12 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 8

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 21 Meán Fómhair 2023.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2014/763/AE ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain do tháirgí ionsúiteacha sláinteachais (IO L 320, 6.11.2014, lch. 46).

(3)  Cinneadh (AE) 2018/1590 ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Cinntí 2012/481/AE, 2014/391/AE, 2014/763/AE agus 2014/893/AE a mhéid a bhaineann le tréimhse bhailíochta na gcritéar éiceolaíoch maidir le hÉicilipéad an Aontais a dhámhachtain do tháirgí áirithe, agus leis na ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin ghaolmhara (IO L 264, 23.10.2018, lch. 24).

(4)  Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an athbhreithniú ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) agus Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ón bParlaimint agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an Aontais (COM(2017) 355 final).

(5)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n–aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean nua Gníomhaíochta um an nGeilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche (COM(2020) 98 final) (IO C 364, 28.10.2020, lch. 94).

(7)  Cinneadh 2014/350/AE ón gCoimisiún an 5 Meitheamh 2014 lena mbunaítear na critéir éiceolaíocha chun Éicilipéad an Aontais a dhámhachtain do tháirgí teicstíle (IO L 174, 13.6.2014, lch. 45).


IARSCRÍBHINN I

Critéir Éicilipéad an AE maidir le hÉicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirgí ionsúiteacha sláinteachais

Tá critéir Éicilipéad an AE dírithe ar na táirgí ionsúiteacha sláinteachais is fearr dá bhfuil ar an margadh ó thaobh feidhmíocht chomhshaoil de. Tá na critéir dírithe ar na príomhthionchair chomhshaoil a bhaineann le saolré na dtáirgí sin agus cuireann siad gnéithe an gheilleagair chiorclaigh chun cinn.

Ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin

Chun Éicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirge sonrach, comhlíonfaidh an táirge gach ceanglas. Cuirfidh an t-iarratasóir deimhniú ar fáil i scríbhinn ina sonraítear go gcomhlíontar na critéir uile.

Tugtar ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin shonracha laistigh de gach critéar.

I gcás ina gcuirtear de cheangal ar an iarratasóir dearbhuithe, doiciméadacht, anailísí, tuarascálacha tástála, nó aon fhianaise eile a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na critéir á gcomhlíonadh, féadfaidh siad teacht ón iarratasóir agus/nó óna sholáthróirí, de réir mar is iomchuí.

Tabharfaidh comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta d’fhianuithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh saotharlanna tástála agus calabrúcháin, agus d’fhíoruithe ó chomhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí.

I gcás inarb iomchuí, féadfar modhanna tástála eile a úsáid taobh amuigh de na modhanna tástála a shonraítear le haghaidh gach critéir, má ghlacann an comhlacht inniúil a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an iarratas go bhfuil siad coibhéiseach.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí inniúla doiciméadacht tacaíochta a éileamh agus féadfaidh siad fíoruithe neamhspleácha a dhéanamh.

Tabharfar fógra do chomhlachtaí inniúla faoi athruithe ar sholáthróirí agus ar láithreáin táirgthe i ndáil le táirgí ar dámhadh Éicilipéad an AE dóibh, i dteannta faisnéis tacaíochta ionas gur féidir comhlíontacht leanúnach leis na critéir a fhíorú.

Mar réamhcheanglas, comhlíonfaidh an táirge ceanglais dhlíthiúla na tíre nó na dtíortha ina mbeartaítear an táirge a chur ar an margadh. Dearbhóidh an t-iarratasóir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sin.

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil i dteannta an iarratais ar Éicilipéad an AE:

(a)

tuairisc ar an táirge, mar aon le meáchan na n-aonad táirge aonair agus meáchan iomlán an táirge;

(b)

tuairisc ar an bpacáistíocht díolacháin, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

(c)

tuairisc ar an bpacáistíocht ghrúpáilte, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

(d)

tuairisc ar na comhpháirteanna ar leithligh, mar aon lena meáchan aonair;

(e)

na comhpháirteanna, na hábhair agus na substaintí go léir a úsáideadh sa táirge agus a meáchan féin, agus i gcás inarb iomchuí, a n-uimhir CAS féin.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘breiseáin’ substaintí a chuirtear le comhpháirteanna, le hábhair nó leis an táirge deiridh chun cuid dá shaintréithe a fheabhsú nó a chaomhnú;

(2)

ciallaíonn ‘plaisteach bithbhunaithe’ plaisteach a mhonaraítear as amhábhair bhithbhunaithe mar bhunábhar chun an plaisteach a tháirgeadh. Cé gur as acmhainní iontaise (ola agus gás nádúrtha) a dhéantar gnáthphlaistigh, is as bithmhais a dhéantar plaistigh bhithbhunaithe. Faoi láthair, is de thionscnamh plandaí an bhithmhais, plandaí a fhástar go sonrach lena n-úsáid mar bhunábhar chun acmhainní iontaise a ionadú, cuir i gcás cána siúcra, barra gráin, barra ola nó foinsí neamhbhia amhail adhmad. Is foinsí eile iad an dramhaíl orgánach agus seachtháirgí, amhail ola chócaireachta úsáidte, bagás agus tallola. Is féidir plaistigh a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach as bunábhar bithbhunaithe. Is féidir plaistigh bhithbhunaithe a bheith in-bhithdhíghrádaithe agus do-in-bhithdhíghrádaithe araon;

(3)

ciallaíonn ‘laíon ceallalóis’ ábhar snáithíneach arb é ceallalós atá ann go príomha, ábhar a fhaightear ó ábhar ligniceallalóis a chóireáil le tuaslagán uiscí amháin nó níos mó de cheimiceáin laíonála agus/nó ceimiceáin thuarthacha;

(4)

Ciallaíonn ‘comhpháirt’ ábhar nó táirge ceimiceach amháin nó níos mó, a chomhlíonann le chéile feidhm inmhianaithe sa táirge ionsúiteach sláinteachais, amhail croílár ionsúiteach, greamacháin, nó scannán bactha seachtrach;

(5)

ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá déanta as dhá ábhar éagsúla nó níos mó, seachas ábhair a úsáidtear le haghaidh lipéad, iamh agus séalaithe, nach féidir a dheighilt de láimh agus dá bhrí sin is aonad comhtháite amháin é;

(6)

ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’, ar a dtugtar pacáistíocht thánaisteach freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun líon áirithe aonad díolacháin a ghrúpáil ag an díolphointe cibé acu a dhíoltar na haonaid sin mar aonaid díolacháin leis an úsáideoir deiridh nó nach bhfónann sé ach mar mhodh chun na seilfeanna a athlánú ag an díolphointe nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus ar féidir í a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe;

(7)

ciallaíonn ‘eisíontais’ iarmharaigh, truailleáin, éilleáin etc. ó tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh amhábhar, a fhanann san amhábhar/comhábhar agus/nó sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann) i dtiúchain is lú ná 100 ppm (0,0100 % w/w, 100 mg/kg);

(8)

ciallaíonn ‘substaint isteach’ gach substaint a áirítear sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann), lena n-áirítear breiseáin (e.g. leasaithigh agus cobhsaitheoirí) sna hamhábhair. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach faoi dhálaí monaraíochta cobhsaithe (e.g. formaildéad agus airilimín), meastar gur substaintí isteach iad freisin;

(9)

ciallaíonn ‘snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine’, dá ngairtear freisin snáithíní athghinte, snáithíní a tháirgtear as an amhábhar ceallalóis lena n-áirítear vioscós, módal, lióicill, copró agus trí-aicéatáit;

(10)

ciallaíonn ‘ábhair’ na hábhair ar comhpháirteanna éagsúla de tháirge ionsúiteach sláinteachais iad, amhail laíon ceallalóis, cadás nó polapróipiléin (PP);

(11)

ciallaíonn ‘pacáistíocht’ ítimí d’aon ábhar atá beartaithe lena n-úsáid chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair agus ar féidir iad a idirdhealú i bhformáidí pacáistíochta bunaithe ar a bhfeidhm, ar a n-ábhar agus ar a ndearadh, lena n-áirítear:

(a)

chaomhnú ar feadh a shaolré gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge; ítimí atá riachtanach chun an táirge a choinneáil, chun tacú leis nó chun é a

(b)

comhpháirteanna agus eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhtháthaítear isteach san ítim;

(c)

phacáistíochta gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge; etc; eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) atá ar crochadh go díreach ar an táirge, nó ceangailte leis, agus a fheidhmíonn feidhm

(12)

ciallaíonn ‘ábhair phlaisteacha’, dá dtagraítear mar ‘phlaistigh’ chomh maith, polaiméirí de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar phríomh-chomhpháirteanna struchtúracha de tháirgí deiridh agus agus/nó de phacáistíocht, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

(13)

ciallaíonn ‘polaiméir’ substaint arb é atá ann móilíní a bhfuil de thréith acu seicheamh de cheann amháin nó níos mó d’aonaid monaiméirí. Ní mór na móilíní sin a dháileadh thar raon meáchan móilíneach inar féidir na difríochtaí sa mheáchan móilíneach a chur i leith na ndifríochtaí sa líon aonad monaiméirí go príomha. Cuimsítear le polaiméir an méid seo a leanas: (a) tromlach meáchain shimplí de mhóilíní a bhfuil ar a laghad trí aonad monaiméara iontu atá nasctha go comhfhiúsach le haonad monaiméara amháin eile ar a laghad nó le himoibreán amháin eile ar a laghad; (b) níos lú ná tromlach meáchain shimplí de mhóilíní den mheáchan móilíneach céanna. I gcomhthéacs an tsainmhínithe seo, ciallaíonn ‘aonad monaiméara’ an fhoirm imoibrithe de shubstaint mhonaiméara i bpolaiméir, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(14)

ciallaíonn ‘aonad táirge’ an ítim is lú is féidir leis an tomhaltóir a úsáid agus a chomhlíonann feidhm an táirge;

(15)

ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ méid (mais nó céatadán) ítime atá ar fáil lena athchúrsáil;

(16)

ciallaíonn ‘cion athchúrsáilte’ méid ítime (de réir achair, faid, toirte nó maise) a fhaightear ó ábhar athchúrsáilte iarthomhaltais agus/nó iarthionsclaíoch. Is féidir ítim a bheith ina tagairt don táirge nó don phacáistíocht sa chás seo;

(17)

ciallaíonn ‘athchúrsáil’, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí cibé acu chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Áirítear air sin ábhair orgánacha a athphróiseáil ach ní áirítear aisghabháil fuinnimh ná athphróiseáil go hábhair le húsáid mar bhreosla nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta;

(18)

ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’, dá ngairtear príomhphacáistíocht freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun gurb é atá inti aonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht le haghaidh an úsáideora deiridh nó an tomhaltóra deiridh ag an díolphointe;

(19)

ciallaíonn ‘comhpháirt ar leithligh’, dá ngairtear comhpháirt bhreise freisin, comhpháirt phacáistíochta atá éagsúil le príomhchorp an aonaid pacáistíochta, a d’fhéadfadh a bheith déanta as ábhar difriúil, nach mór a dhíchóimeáil go hiomlán agus go buan ón bpríomhaonad pacáistíochta chun rochtain a fháil ar an táirge, agus bhfaightear réidh léi de ghnáth roimh an aonad pacáistíochta agus ar leithligh uaidh. I gcás táirgí ionsúiteacha sláinteachais, is é aon chomhpháirt a bhfuil feidhm chosanta nó sláinteachais aici a bhaintear sula n-úsáidtear an táirge, e.g. an cumhdach nó an scannán aonair i gcás ina bhfuil roinnt táirgí ionsúiteacha sláinteachais sa phacáistíocht díolacháin (go príomha le haghaidh súitíní agus pillíní sláintíochta), an líneáil scaoilte agus an páipéar i gclúidíní linbh agus i bpillíní sláintíochta, nó an forchuradóir le haghaidh súitíní;

(20)

ciallaíonn ‘substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu’, dá ngairtear freisin suaiteoirí inchríneacha, substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu (sláinte an duine agus/nó an comhshaol) de réir Airteagal 57(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad), nó Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

(21)

ciallaíonn ‘polaiméirí sár-ionsúiteacha’ polaiméirí sintéiseacha atá deartha chun méideanna móra leachta a ionsú agus a choinneáil i gcomparáid lena mais féin;

(22)

ciallaíonn ‘polaiméirí sintéiseacha’ substaintí macramóilín seachas laíon ceallalóis a fhaightear d’aon ghnó trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

(a)

phróiseas comhchosúil eile lena gcomhcheanglaítear monaiméirí agus substaintí tosaigh eile; próiseas polaiméiriúcháin amhail polasuimiú nó pola-chomhdhlúthú nó trí aon

(b)

modhnú ceimiceach ar mhacramóilíní nádúrtha nó sintéiseacha;

(c)

coipeadh miocróbach.

Critéar 1.   Laíon ceallalóis

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le laíon ceallalóis ar ≥ 1 % w/w é den táirge deiridh.

1.1.    Foinsiú laín ceallalóis

Beidh deimhniú bailí um líne chúraim arna eisiúint ag scéim deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleách amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis ag gach soláthróir laín ceallalóis (100 %).

Cumhdófar íosmhéid 70 % de na hamhábhair adhmaid a úsáidtear chun laíon ceallalóis a tháirgeadh le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí arna n-eisiúint ag scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Is éard a bheidh sa chion eile d’amhábhair adhmaid, lena n-áirithítear óghábhar adhmaid, adhmad rialaithe atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe.

Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um líne chúraim agus/nó na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú um líne chúraim bailí a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh soláthróirí an laín ceallalóis uile (100 %) a úsáidtear sa táirge. Glacfar le scéimeanna FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha mar dheimhniú tríú páirtí neamhspleách.

Ina theannta sin, cuirfidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ar fáil ina léireofar go sainítear 70 % ar a laghad de na hamhábhair adhmaid a úsáidtear chun laíon ceallalóis a tháirgeadh mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis ceadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain.

Má úsáidtear an laíon ceallalóis in ábhar aerleagtha, ansin leithdháilfidh soláthróir an ábhair aerleagtha creidmheasanna ar an ábhar aerleagtha a úsáidtear sa táirge, agus soláthróidh sé sonraisc chun tacú leis an líon creidmheasanna a leithdháileadh.

Maidir leis an gcion eile d’amhábhair adhmaid, cuirfear cruthúnas ar fáil nach mó ná 30 % an cion d’óghábhar neamhdheimhnithe agus gur adhmad rialaithe é atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe. I gcás nach n-éilíonn an scéim deimhniúcháin go sonrach go bhfaightear an t-óghábhar go léir ó speicis nach speicis orgánacha géinmhodhnaithe iad, cuirfear fianaise bhreise ar fáil chun é sin a léiriú.

1.2.    Tuaradh laín ceallalóis

Ní dhéanfar an laíon a úsáidtear sa táirge a thuaradh trí ghás clóirín eilimintigh (Cl2) a úsáid.

I gcás laíon atá saor ó chlóirín eiliminteach, maidir leis na meánastaíochtaí bliantúla halaigní asúite arna gceangal go horgánach (AOX), arna sloinneadh i gcileagraim/tonna aerthriomaithe (ADt), ó tháirgeadh gach laín a úsáidtear i dtáirgí Éicilipéad an AE, ní rachaidh siad thar 0,140 kg/ADt.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir sin, a dtacaítear leis le tuarascáil tástála a dhéantar tríd úsáid a bhaint as modh tástála ISO 9562:2004, lena n-áirítear na hastaíochtaí AOX i gcoibhneas leis an laíon tuartha SCE, arna sloinneadh mar kg laíon AOX/ADt. I gcás ina n-úsáidtear gráid cháilíochta éagsúla laín, soláthróidh an t-iarratasóir an astaíocht aonair AOX a chomhfhreagraíonn do gach laíon. Féadfar glacadh le modhanna coibhéiseacha mar mhodhanna tástála má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach, agus beidh ríomhanna mionsonraithe ag gabháil leo lena léireofar go bhfuil an ceanglas sin á chomhlíonadh agus beidh an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar ag gabháil leo freisin.

Déanfar astaíochtaí AOX a thomhas ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ag pointe sceite eisiltigh ghléasra cóireála dramhaíola na muilte. I gcásanna ina seoltar an t-eisilteach muilinn chuig gléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile, déanfar anailís ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ó phointe sceite an tséaraigh eisiltigh muilinn agus déanfar na torthaí a iolrú faoi fhachtóir caighdeánach éifeachtúlachta asghlanta don ghléasra cóireála fuíolluisce cathrach nó tríú páirtí. Beidh an fachtóir éifeachtúlachta asghlanta bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag oibreoir ghléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile.

Sloinnfear faisnéis faoi na hastaíochtaí AOX mar mheán bliantúil ó 12 thomhas ar a laghad a dhéantar gach mí ar a laghad. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar tomhais ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Áireofar sa doiciméadacht tacaíochta léiriú ar mhinicíocht an tomhais.

Ní dhéanfar AOX a thomhas ach amháin i bpróisis ina n-úsáidtear comhdhúile clóirín chun an laíon a thuaradh (tuaradh SCE). Ní gá AOX a thomhas san eisilteach ó tháirgeadh laín gan tuaradh nó i gcás ina ndéantar tuaradh le substaintí saor ó chlóirín.

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú ón monaróir laín nár úsáideadh gás clóirín eilimintigh (Cl2).

I gcás nach n-úsáideann an t-iarratasóir aon laíon saor ó chlóirín eiliminteach, is leor dearbhú comhfhreagrach.

1.3.    Astaíochtaí CO2 san uisce ó tháirgeadh laín ceallalóis (éileamh ceimiceach ar ocsaigin — COD agus fosfar (P)), agus san aer (comhdhúile sulfair (S) agus NOx)

Déanfar na hastaíochtaí san uisce agus san aer ó tháirgeadh laín a shloinneadh i dtéarmaí pointí (PCOD, PP, PS, PNOx). Ríomhtar pointí tríd an luach astaíochta iarbhír a roinnt ar na luachanna tagartha a thuairiscítear i dTábla 1.

Ní bheidh aon cheann de na pointí aonair PCOD, PP, PS, ná PNOx níos mó 1,5.

Ní bheidh suim na bpointí (Piomlán = PCOD + PP + PS + PNOx) níos mó ná 4,0.

I gcás gach laín ‘i’ a fhaightear, déanfar na hastaíochtaí tomhaiste gaolmhara (arna sloinneadh in kg/ADt) a ualú de réir an chion den laíon a fhaightear (laíon ‘i’ i ndáil le tona aerthriomaithe de laíon ‘i’) agus suimeofar iad le chéile. Tugtar i dTábla 1 na luachanna tagartha do gach cineál laín a úsáidtear. Ar deireadh, roinnfear na hastaíochtaí iomlána ar an luach tagartha iomlán mar a léirítear san fhoirmle seo a leanas le haghaidh COD:

Formula

Tábla 1

Luachanna tagartha le haghaidh astaíochtaí ó chineálacha éagsúla laín. CTMP = laíon ceimi-teirmimheicniúil; NSSC = laíon leathcheimiceach suilfíte neodraí

 

Luachanna tagartha (kg/ADt)

CODtag

Ptag

Stag

NOxtag

Muilte comhtháite

Laíon ceimiceach tuartha (seachas suilfít)

16,0

0,030  (6)

0,05  (7)

0,6

1,5

Laíon ceimiceach tuartha (suilfít)

24,0

0,03

0,6

1,5

Laíon ceimiceach neamhthuartha

6,5

0,02

0,6

1,5

Laíon ceimiceach neamhthuartha (cáilíocht gráid leictrigh craft-laíon neamhthuartha)

6,5

0,035

0,6

1,5

CTMP

15,0

0,01

0,2

0,3

NSSC

11

0,02

0,4

1,5

Muilte neamh-chomhtháite  (8)

Próiseas tiontaithe

1

0,001

0,15

0,6

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir ríomhanna mionsonraithe agus sonraí tástála lena léirítear go bhfuil an critéar seo á chomhlíonadh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar ina bhfuil tuarascálacha tástála ina n-úsáidtear na modhanna tástála caighdeánacha faireacháin leanúnaigh nó thréimhsiúil seo a leanas: COD: ISO 15705 nó ISO 6060; P iomlán: EN ISO 6878; NOx: EN 14792, ISO 11564, nó Modh EPA 7e; S(ocsaídí sulfair): EN 14791, uimh. 6C nó 8 Mhodh EPA; S(sulfar laghdaithe): uimh. 15A, 16A, 16B nó 16c EPA; Cion S in ola: ISO 8754; Cion S i ngual: ISO 19579; Cion S i mbithmhais: EN 15289. Glacfar le modhanna tástála a meastar go bhfuil a raon feidhme agus a gcaighdeáin cheanglais coibhéiseach le ceann de na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ainmnithe agus ar dheimhnigh tríú páirtí neamhspleách a gcoibhéis. Is féidir mearthástálacha a úsáid freisin chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí fad agus a dhéantar iad go tráthrialta (e.g. go míosúil) de réir na gcaighdeán ábhartha thuasluaite nó a gcoibhéisí oiriúnacha.

I gcás tomhais COD, glacfar le faireachán leanúnach atá bunaithe ar anailís ar charbón orgánach iomlán (TOC) a fhad agus a bhunófar comhghaol idir torthaí TOC agus COD don suíomh atá i gceist.

Is éard a bheidh san íosmhinicíocht tomhais le haghaidh tomhais COD agus astaíochtaí iomlána P tréimhse seachtaine. Déanfar astaíochtaí S agus NOx a thomhas dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana féilire (agus 4 mhí go 6 mhí idir na tomhais).

Tuairisceofar sonraí mar mheáin bhliantúla ach amháin sna cásanna seo a leanas:

is ar feadh tréimhse theoranta amháin atá an feachtas táirgthe,

is gléasra táirgthe nua nó atógtha é, sa chás sin bunófar na tomhais ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra.

Beidh torthaí tomhais ionadaíoch ar an bhfeachtas féin agus déanfar líon leordhóthanach tomhas do gach paraiméadar astaíochta. Áireofar sa doiciméadacht tacaíochta an mhinicíocht tomhais agus ríomh na bpointí le haghaidh COD, P iomlán, S agus NOx.

Déanfar astaíochtaí san uisce a thomhas ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ag pointe sceite eisiltigh ghléasra cóireála dramhaíola na muilte. I gcásanna ina seoltar an t-eisilteach muilinn chuig gléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile, déanfar anailís ar shamplaí neamhscagtha agus neamhshocraithe ó phointe sceite an tséaraigh eisiltigh muilinn agus déanfar na torthaí a iolrú faoi fhachtóir caighdeánach éifeachtúlachta asghlanta don ghléasra cóireála fuíolluisce cathrach nó tríú páirtí. Beidh an fachtóir éifeachtúlachta asghlanta bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag oibreoir an ghléasra cóireála dramhaíola cathrach nó tríú páirtí eile.

Áireofar le hastaíochtaí san aer gach astaíocht S agus NOx a tharlaíonn le linn an laíon a tháirgeadh, lena n-áirítear gal a ghintear lasmuigh den láithreán táirgthe, lúide aon astaíocht arna leithdháileadh ar an táirgeadh leictreachais. I gcásanna ina dtarlaíonn comhghiniúint teasa agus leictreachais ag an ngléasra céanna, déanfar astaíochtaí comhdhúile S agus NOx a eascraíonn as giniúint leictreachais ar an láthair a dhealú ón méid iomlán. Ríomhfar an cion astaíochtaí atá mar thoradh ar ghiniúint leictreachais mar a leanas:

2 × (MWh(leictreachas))/[2 × MWh(leictreachas) + MWh(teas)]

Sa ríomh sin, is éard is ‘leictreachas’ ann an leictreachas a tháirgtear ag an ngléasra comhghiniúna, agus is é ‘teas’ an glanteas a sheachadtar ón ngléasra comhghiniúna go dtí an táirgeadh laín.

Áireofar le tomhais ar chomhdhúile S agus NOx coirí aisghabhála, áitheanna aoil, coirí gaile agus foirnéisí scriostóra le haghaidh gás a bhfuil boladh láidir orthu. Cuirfear astaíochtaí idirleata san áireamh freisin.

Áireofar sna luachanna astaíochta tuairiscithe le haghaidh comhdhúile S astaíochtaí ocsaídithe agus astaíochtaí S laghdaithe (SO2 agus sulfar laghdaithe iomlán — arna dtomhas mar S). Féadfar astaíochtaí S a bhaineann le giniúint fuinnimh teasa ó ola, gual agus breoslaí seachtracha eile, arb eol go bhfuil cion S iontu, a ríomh in ionad iad a thomhas, agus cuirfear san áireamh iad.

1.4.    Astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh laín ceallalóis

Ní bheidh astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh laín ceallalóis os cionn na luachanna a chuirtear i láthair i dTábla 2, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair). Áireofar le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh a úsáidtear le linn an laíon a tháirgeadh.

Úsáidfear luachanna astaíochtaí tagartha de réir Thábla 3 le haghaidh ríomh na n-astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh. Más gá, is féidir teacht ar fhachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh foinsí eile fuinnimh in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (9), ach ba cheart na fachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh leictreachas eangaí a bheith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (10).

Tábla 2

Teorainnluachanna le haghaidh cineálacha éagsúla laín CTMP: laíon teirmimheicniúil ceimiceach

Muilte comhtháite

Laíon ceimiceach agus laíon leathcheimiceach

400 kg CO2/ADt

CTMP

900 kg CO2/ADt

Muilte neamh-chomhtháite

Próiseas tiontaithe (11)

95 kg CO2/ADt


Tábla 3

Luachanna tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh éagsúla

Breosla

Astaíochtaí CO2

Aonad

Tagairt

Gual

94,6

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Amhola

73,3

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Ola breosla 1

74,1

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Olaí breosla 2-5

77,4

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

GPL

63,1

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Gás Nádúrtha

56,1

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Leictreachas ón eangach

376

g CO2 iontaise/kWh

Rialachán (AE) 2019/331

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir sonraí agus ríomhanna mionsonraithe lena léirítear go bhfuil an critéar sin á chomhlíonadh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar.

I gcás gach laín a úsáidtear, soláthróidh an monaróir laín luach aonair astaíochta CO2 in kg CO2/ADt don iarratasóir.

Áireofar sna sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh a úsáidtear le linn an laíon a tháirgeadh, lena n-áirítear na hastaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair).

Agus astaíochtaí CO2 á ríomh, astaíocht CO2 nialasach a bheidh sa mhéid fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas táirgthe. Maidir le dóchán bithmhaise, ciallaíonn sé sin gur gá don bhithmhais na critéir ábhartha inbhuanaitheachta agus laghduithe gás ceaptha teasa a chomhlíonadh mar a shonraítear i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht iomchuí ar fáil go bhfuil an cineál sin fuinnimh á úsáid iarbhír sa mhuileann nó gur ceannaíodh go seachtrach é (cóip den chonradh agus sonrasc lena léirítear sciar in-athnuaite an leictreachais a ceannaíodh).

Beidh an tréimhse le haghaidh na ríomhanna agus/nó na maischothromaíochtaí bunaithe ar an táirgeadh thar 12 mhí. Déanfar na ríomhanna arís ar bhonn bliantúil. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar na ríomhanna ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Beidh na ríomhanna ionadaíoch ar an bhfeachtas faoi seach.

I gcás an leictreachais ón eangach, úsáidfear an luach a sholáthraítear thuas (an meán Eorpach) mura dtíolacann an t-iarratasóir doiciméadacht lena mbunaítear an luach sonrach le haghaidh a sholáthróirí leictreachais (conradh le haghaidh leictreachas sonraithe nó leictreachas deimhnithe). Sa chás sin, féadfaidh an t-iarratasóir an luach sin a úsáid in ionad an luacha a luaitear. Áireofar sa doiciméadacht a úsáidfear mar chruthúnas ar chomhlíonadh sonraíochtaí teicniúla a léiríonn an meánluach (e.g. cóip de chonradh).

1.5    Tomhaltas fuinnimh chun laíon ceallalóis a tháirgeadh

Áireofar leis an tomhaltas fuinnimh chun an laíon a tháirgeadh an t-ídiú leictreachais agus an t-ídiú breosla chun teas a tháirgeadh agus sloinnfear é i dtéarmaí pointí (Pleictreachas agus Pbreosla). Beidh feidhm ag na teorainneacha agus na luachanna tagartha seo a leanas:

Pleictreachas < 1,5;

Pbreosla < 1,5;

Ní bheidh suim na bpointí (Piomlán = Piomlán + Pbreosla) os cionn 2,5.

Ríomh na bpointí ídithe leictreachais:

Formula

I gcás:

Elaíon,i = leictreachas arna tháirgeadh go hinmheánach + leictreachas arna cheannach – leictreachas arna dhíol;

Etagairt,laíon,i mar atá i dTábla 4.

Sloinnfear Elaíon,i in kWh/ADt agus déanfar é a ríomh le haghaidh gach laín i a úsáidtear sa táirge deiridh.

Ríomh na bpointí ídithe breosla:

Formula

I gcás:

Flaíon,i = breosla arna tháirgeadh go hinmheánach + breosla arna cheannach – breosla arna dhíol – 1,25 × leictreachas arna tháirgeadh go hinmheánach;

Ftagairt,laíon,i mar atá i dTábla 4.

Sloinnfear Flaíon,i in kWh/ADt agus déanfar é a ríomh le haghaidh gach laín i a úsáidtear sa táirge deiridh.

Cuirfear an méid breosla a úsáidtear chun an teas arna dhíol a tháirgeadh leis an téarma ‘breosla arna dhíol’ sa chothromóid thuas.

I gcás meascán laíon, déanfar an luach tagartha le haghaidh ídiú leictreachais agus breosla le haghaidh táirgeadh teasa a ualú de réir chion gach laín a úsáidtear (laíon ‘i’ i ndáil le tona laín aerthriomaithe), agus cuirfear le chéile iad. Cuirfear leis sin an fuinneamh a thomhlaítear agus an laíon á mheascadh chomh maith leis an bhfuinneamh a úsáidtear sa phróiseas tiontaithe freisin.

Tábla 4

Luachanna tagartha le haghaidh leictreachais agus breosla

An grád laín

Etagairt,laíon

kWh/ADt

Ftagairt,laíon

kWh/ADt

Muilte comhtháite

Laíon ceimiceach agus laíon leathcheimiceach

800

5 400

CTMP

1 800

900

Muilte neamh-chomhtháite  (13)

Próiseas tiontaithe

250

1 800

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir an t-ídiú leictreachais agus breosla iomlán mar aon leis na ríomhanna agus an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar lena léirítear go bhfuil an critéar sin á chomhlíonadh.

Déanfaidh an t-iarratasóir gach ionchur fuinnimh a ríomh, arna roinnt i dteas/breoslaí agus leictreachas a úsáidtear le linn tháirgeadh an laín. Má úsáidtear meascán de laíon ceallalóis, ní mór an fuinneamh a ríomh go comhréireach i dtaobh gach laíon ceallalóis. Ní áirítear fuinneamh a úsáidtear in iompar na n-amhábhar sna ríomhanna tomhaltais fuinnimh. Beidh an tréimhse le haghaidh na ríomhanna nó na maischothromaíochtaí bunaithe ar an táirgeadh thar 12 mhí. Déanfar na ríomhanna arís ar bhonn bliantúil. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar na ríomhanna ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Beidh na ríomhanna ionadaíoch ar an bhfeachtas féin.

Áirítear leis an ídiú leictreachais iomlán Elaíon an glanmhéid leictreachais arna allmhairiú a thagann ón eangach agus an ghiniúint inmheánach leictreachais arna tomhas mar chumhacht leictreach. Ní áireofar leictreachas a úsáidtear le haghaidh cóireáil fuíolluisce.

Áirítear leis an ídiú breosla iomlán Flaíon na breoslaí uile arna gceannach, an fuinneamh teasa a aisghabhadh trí licéir agus dramhaíl ó phróisis ar an láthair a loscadh (e.g. dramhaíl adhmaid, min sáibh, licéir, etc.), chomh maith leis an teas a aisghabhadh ó ghiniúint inmheánach leictreachais. Mar sin féin, ní gá don iarratasóir ach 80 % den fhuinneamh teasa ó fhoinsí den sórt sin a áireamh agus an fuinneamh teasa iomlán á ríomh.

I gcás ina ngintear gal agus úsáid á baint as leictreachas mar fhoinse teasa, déanfar luach teasa na gaile a ríomh, ansin roinnfear é ar 0,8 agus cuirfear leis an ídiú breosla iomlán é.

Critéar 2.   Snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine ar ≥ 1 % w/w iad den táirge deiridh.

2.1.    Foinsiú snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

Beidh deimhniú bailí um líne chúraim arna eisiúint ag scéim deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleách amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis ag soláthróirí uile laín thuaslagtha (100 %).

Cumhdófar íosmhéid 70 % de na hamhábhair a úsáidtear chun an laíon tuaslagtha a tháirgeadh le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí arna n-eisiúint ag scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Is éard a bheidh sa chion eile d’amhábhair a úsáidtear chun laíon tuaslagtha a tháirgeadh, adhmad rialaithe atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe.

Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um líne chúraim agus/nó na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

Comhlíonfaidh laíon adhmaid tuaslagtha a tháirgtear ó clúimh chadáis critéar 3.1 maidir le cadás (foinsiú agus inrianaitheacht).

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú um líne chúraim bailí a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh soláthróirí an laín thuaslagtha uile (100 %) a úsáidtear sa táirge. Glacfar le scéimeanna FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha mar dheimhniú tríú páirtí neamhspleách.

Ina theannta sin, cuirfidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ar fáil ina léireofar go sainítear 70 % ar a laghad de na hamhábhair a úsáidtear chun an laíon tuaslagtha a tháirgeadh mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis ceadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain.

Má úsáidtear snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine in ábhair aerleagtha nó in ábhair neamhfhite eile, leithdháilfidh an soláthróir ábhar aerleagtha nó ábhar neamhfhite eile nó an táirgeoir ábhar aerleagtha nó ábhar neamhfhite eile creidmheasanna ar an ábhar aerleagtha nó ar an ábhar neamhfhite eile a sheachadtar ar an táirge, agus soláthrófar sonrasc chun tacú leis an líon creidmheasanna a leithdháileadh.

Maidir leis an gcion eile d’amhábhair, cuirfear cruthúnas ar fáil nach mó ná 30 % an cion d’óghábhar neamhdheimhnithe agus gur ábhar rialaithe é atá cumhdaithe ag córas fíorúcháin lena n-áirithítear go bhfaightear go dleathach é agus go gcomhlíonann sé aon cheanglas eile de chuid na scéime deimhniúcháin i ndáil le hábhar neamhdheimhnithe.

I gcás nach n-éilíonn an scéim deimhniúcháin go sonrach go bhfaightear an t-óghábhar go léir ó speicis nach speicis orgánacha géinmhodhnaithe iad, cuirfear fianaise bhreise ar fáil chun é sin a léiriú.

2.2.    Tuaradh snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

Níl feidhm ag an bhfo-critéar seo maidir le laíon tuartha atá go hiomlán saor ó chlóirín.

An laíon a úsáidtear chun snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine a mhonarú, ní úsáidfear gás clóirín eilimintigh (Cl2) chun é a thuaradh.

Ní bheidh an méid iomlán AOX agus clóirín arna cheangal go horgánach (Ocl) a thiocfaidh as sin níos mó ná an méid seo a leanas:

0,140 kg/ADt, arna thomhas san fhuíolluisce ón monaraíocht laín (AOX); agus

150 ppm, arna thomhas sna snáithíní ceallalóis críochnaithe de dhéantús an duine (OCl).

Measúnú agus fíorú:

Cuirfidh an t-iarratasóir dearbhú ar fáil ón soláthróir laín nach n-úsáidtear gás clóirín agus tuarascáil tástála (más féidir) lena léirítear comhlíonadh na gceanglas AOX agus OCl araon, agus úsáid á baint as an modh tástála iomchuí:

I gcás AOX: ISO 9562 nó a choibhéis EPA 1650C;

I gcás OCI: ISO 11480.

Socrófar an mhinicíocht tomhais le haghaidh AOX i gcomhréir le critéar 1.2 maidir le laíon ceallalóis.

I gcás nach bhféadfadh an t-iarratasóir luach iarbhír an leibhéil AOX arna thomhas san fhuíolluisce ó mhonarú laín a sholáthar, soláthrófar dearbhú comhlíontachta comhfhreagrach arna shíniú ag an monaróir laín, i gcomhréir leis an gceanglas nochta.

I gcás nach n-úsáideann an t-iarratasóir aon laíon saor ó chlóirín eiliminteach, is leor dearbhú comhfhreagrach.

2.3.    Táirgeadh snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine

(a)

Gheofar níos mó ná 50 % den laíon tuaslagtha a úsáidtear chun snáithíní ceallalóis de dhéantús an duine a mhonarú ó mhuilte laín thuaslagtha a aisghabhann luach óna licéar próisis spíonta trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

(i)

leictreachas agus/nó gal ar an láthair a ghiniúint, nó

(ii)

comhtháirgí ceimiceacha a mhonarú.

(b)

Urramófar na teorainnluachanna seo a leanas maidir le hastaíocht roinnt comhdhúile san aer agus san uisce sa phróiseas táirgthe snáithíní módal:

Tábla 5

Luachanna astaíochta vioscóis agus snáithíní módal

Cineál snáithín

Astaíochtaí sulfair san aer — Teorainnluach (g /kg)

Astaíochtaí since san uisce — Teorainnluach (g /kg)

Tomhais COD san uisce — Teorainnluach (g /kg)

Astaíochtaí SO4 2- san uisce — Teorainnluach (g /kg)

Snáithín stáplach

20

0,05

5

300

Snáithín filiméid

 

 

 

 

Cnuasníochán

40

0,10

5

200

Níochán comhtháite

170

0,50

6

250

Nóta:

Sloinntear teorainnluachanna mar mheán bliantúil. Sloinntear na luachanna go léir mar g de thruailleán/kg táirge.

Measúnú agus fíorú:

(a)

Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht tacaíochta agus fianaise ar fáil go bhfuil an trealamh iomchuí giniúna fuinnimh nó na córais aisghabhála agus monaraíochta comhtháirgí suiteáilte ag na láithreáin táirgthe ghaolmhara ag an gcion is gá de sholáthróirí laín thuaslagtha. Soláthrófar an liosta de na soláthróirí laín thuaslagtha sin chomh maith.

(b)

I ndáil le modhanna tástála:

(i)

Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht mhionsonraithe agus tuarascálacha tástála ar fáil ina léireofar go gcomhlíontar an critéar sin, mar aon le dearbhú comhlíontachta.

(ii)

Astaíochtaí sulfair san aer: úsáidtear an modh a shainítear in EN 14791, EPA uimh. 8, 15A, 16A nó 16B nó DIN 38405-D27.

(iii)

Astaíochtaí since san uisce: úsáidtear an modh a shainítear in EN ISO 11885.

(iv)

Tomhais COD san uisce: úsáidtear an modh a shainítear in ISO 6060, DIN ISO 15705, DIN 38409-01 nó DIN 38409-44.

(v)

Astaíochtaí SO4 2- (sulfáití) san uisce: úsáidtear an modh a shainítear in ISO 22743.

(vi)

Glacfar le modhanna tástála a meastar go bhfuil a raon feidhme agus a gcaighdeáin cheanglais coibhéiseach le ceann de na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ainmnithe agus ar dheimhnigh tríú páirtí neamhspleách a gcoibhéis.

(vii)

Áireofar sa doiciméadacht mhionsonraithe agus sna tuarascálacha tástála léiriú ar an minicíocht tomhais le haghaidh S, Zn, COD agus SO4 2-. Seachtain a bheidh san íosmhinicíocht tomhais le haghaidh COD, S, Zn agus SO4 2-, mar aon le haon tomhas a luaitear sna ceanglais rialála.

Critéar 3.   Cadás nó snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile

3.1.    Foinsiú agus inrianaitheacht cadáis nó snáithín síl ceallalóis nádúrtha eile

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le cadás agus snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile ar ≥ 1 % w/w iad den táirge deiridh iad.

(a)

leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (14) agus i Rialachán (AE) Fásfar gach cadás agus gach snáithín síl ceallalóis nádúrtha eile de réir na gceanglas a 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), i gClár Náisiúnta Orgánach (NOP) na Stát Aontaithe (16) nó de réir oibleagáidí dlíthiúla coibhéiseacha arna leagan síos ag comhpháirtithe trádála an Aontais Eorpaigh. Féadfar cadás a fhástar go horgánach agus cadás orgánach idirthréimhseach a áireamh sa chion cadáis orgánaigh.

(b)

Beidh cadás agus snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a fhástar de réir chritéar 3.1(a) agus a úsáidtear chun táirge ionsúiteach sláinteachais a mhonarú inrianaithe.

Tá téada súitíní díolmhaithe ó chomhlíonadh an cheanglais seo.

Measúnú agus fíorú:

(a)

Rialachán (AE) 2018/848, i gClár Náisiúnta Orgánach na Stát Aontaithe nó i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla coibhéiseacha arna leagan síos ag comhpháirtithe trádála eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Cuirfear an fíorú ar fáil ar bhonn bliantúil agus do gach tír thionscnaimh. Deimhneoidh comhlacht rialaithe neamhspleách gur táirgeadh an cion orgánach de chadás agus/nó de shnáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile i gcomhréir leis na ceanglais táirgthe agus cigireachta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i

(b)

fheirmeoirí nó ó ghrúpaí táirgeoirí, agus cuirfear meáchan iomlán na mburlaí deimhnithe ar fáil. Léireoidh an t-iarratasóir, ar bhonn bliantúlaithe, go gcomhlíontar an ceanglas maidir le cion ábhair i ndáil leis an toirt bhliantúil cadáis agus/nó snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a ceannaíodh chun na táirgí deiridh a mhonarú agus de réir gach líne táirge. Taifid idirbhirt nó sonraisc lena ndoiciméadaítear cainníocht an chadáis agus/nó na snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a cheannaítear ar bhonn bliantúil ó

3.2.    Tuaradh cadáis nó snáithín síl ceallalóis nádúrtha eile

Ní dhéanfar cadás agus snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile a thuaradh ach amháin trí theicneolaíochtaí a úsáid atá go hiomlán saor ó chlóirín.

Ní bheidh feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir le clúimh chadáis a úsáidtear chun laíon tuaslagtha a tháirgeadh.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú ó sholáthróir cadáis agus/nó snáithíní síl ceallalóis nádúrtha eile go n-úsáidtear teicneolaíochtaí atá go hiomlán saor ó chlóirín.

Critéar 4.   Polaiméirí sintéiseacha agus ábhair phlaisteacha a tháirgeadh

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le gach polaiméir shintéiseach agus ábhar plaisteach ar ≥ 5 % w/w iad den táirge deiridh agus/nó den phacáistíocht.

Saoráidí monaraíochta ina dtáirgtear polaiméirí sintéiseacha agus ábhair phlaisteacha a úsáidtear sa táirge deiridh, beidh córais acu chun an méid seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)

coigilteas uisce. Déanfar an córas bainistithe uisce a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: faireachán ar shreafaí uisce; cruthúnas ar uisce a chur i gcúrsaíocht i gcórais dhúnta; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le giniúint fuíolluisce a laghdú agus rátaí barrfheabhsaithe (más ábhartha, i.e. má úsáidtear uisce sa ghléasra);

(b)

bainistiú dramhaíola comhtháite, i bhfoirm plean chun tosaíocht a thabhairt do roghanna cóireála seachas diúscairt le haghaidh na dramhaíola ar fad a ghintear ag na saoráidí monaraíochta agus an t-ordlathas dramhaíola a leanúint i ndáil le dramhaíl a chosc, a athúsáid, a athchúrsáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar deireadh. Déanfar an córas bainistithe dramhaíola a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: codáin dramhaíola éagsúla a dheighilt; ábhair in-athchúrsáilte a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a úsáid ón sruth dramhaíola neamhghuaisí; ábhair a aisghabháil le haghaidh úsáidí eile; dramhaíl ghuaiseach mar a shainíonn na húdaráis rialála áitiúla agus náisiúnta ábhartha a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a dhiúscairt; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le dramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil agus a bhaineann le haisghabháil codán dramhaíola nach féidir a chosc (lena n-áirítear aisghabháil fuinnimh);

(c)

an éifeachtúlacht fuinnimh agus an bainistiú fuinnimh a bharrfheabhsú. Trí bhíthin an chórais bainistithe fuinnimh, tabharfar aghaidh ar na gairis uile a ídíonn fuinneamh, lena n-áirítear innealra, soilsiú, aerchóiriú agus fuarú. Áireofar sa chóras bainistithe fuinnimh bearta chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus áireofar faisnéis ann faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: plean bailithe sonraí fuinnimh a bhunú agus a chur chun feidhme chun príomhfhigiúirí fuinnimh a shainaithint; anailís ar an tomhaltas fuinnimh lena n-áirítear liosta de chórais, de na próisis agus de na saoráidí a thomhlaíonn fuinneamh; bearta a shainaithint chun fuinneamh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla; cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir ó sholáthróirí polaiméirí sintéiseacha agus ábhar plaisteach a úsáidtear sa táirge deiridh agus/nó sa phacáistíocht. Tacófar leis an dearbhú trí bhíthin tuarascáil ina dtugtar miontuairisc ar na nósanna imeachta a ghlac na soláthróirí chun na ceanglais a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann de na láithreáin lena mbaineann i gcomhréir le caighdeáin, amhail ISO 14001 agus/nó ISO 50001 le haghaidh pleananna uisce, dramhaíola agus fuinnimh.

Má dhéantar an bhainistiú dramhaíola a sheachfhoinsiú, soláthróidh an fochonraitheoir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir seo freisin.

Iarratasóirí atá cláraithe le Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus/nó atá deimhnithe de réir ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais sin má dhéanann siad an méid seo a leanas:

(a)

doiciméadaítear pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe i ráiteas EMAS na cuideachta; nó

(b)

tugtar aghaidh go leormhaith ar chuimsiú pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe le ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach.

Critéar 5.   Ábhair phlaisteacha bhithbhunaithe

Níl feidhm ag an gcritéar seo ach amháin maidir leis an táirge deiridh, comhpháirteanna ar leithligh agus/nó pacáistíocht ina bhfuil > 1 % w/w d’ábhar plaisteach bithbhunaithe.

Féadfaidh an t-iarratasóir, ar bhonn deonach, céatadán áirithe de na polaiméirí sintéiseacha agus na hábhair phlaisteacha fhoriomlána, i gcoibhneas leis an meáchan iomlán polaiméirí sa táirge deiridh (lena n-áirítear polaiméirí sár-ionsúiteacha), na comhpháirteanna ar leithligh agus/nó an phacáistíocht, a fhoinsiú ó amhábhair bhithbhunaithe. Beidh prionsabail an gheilleagair chiorclaigh ina dtreoir chun na bunábhair a roghnú (mar shampla, tabharfaidh táirgeoirí tosaíocht do dhramhaíl agus do sheachtháirgí orgánacha a úsáid mar bhunábhar) (17).

Sa chás sin, beidh feidhm ag na nithe seo a leanas:

(a)

modheolaíochtaí is nua is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar thionchair na bplaisteach bithbhunaithe i gcomparáid le plaistigh iontaise Próifíl bharrmheasa chomhshaoil an bhunábhair bhithbhunaithe a úsáidtear chun plaistigh bhithbhunaithe a tháirgeadh a úsáidtear sa táirge deiridh, i gcomhpháirteanna ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht, léireofar an phróifíl sin i gcomhréir leis na (18).

(b)

deimhniúcháin tríú páirtí neamhspleách a aithníonn an Coimisiún Eorpach go hoifigiúil Amhábhair bhithbhunaithe a úsáidtear chun plaistigh bhithbhunaithe a tháirgeadh le haghaidh an táirge deiridh, comhpháirteanna ar leithligh agus/nó na pacáistíochta, cumhdófar na hamhábhair sin le deimhnithe um líne chúraim a eiseoidh scéim (19).

Féadfar an táirge deiridh, na comhpháirteanna ar leithligh agus/nó an phacáistíocht a lipéadú go deonach mar tháirge ina bhfuil plaisteach bithbhunaithe. Sa chás sin, is é an maíomh a bheidh ann gur ‘plaisteach bithbhunaithe x % den phlaisteach sa táirge [comhpháirteanna ar leithligh agus/nó pacáistíocht]’ (mar a bhfuil x > 1, agus is é x an sciar cruinn intomhaiste den ábhar plaisteach bithbhunaithe sa táirge [comhpháirteanna ar leithligh agus/nó pacáistíocht]). Ní úsáidfear téarmaí cineálacha amhail ‘bithphlaistigh’, ‘bithbhunaithe’, ‘planda-bhunaithe’, ‘dúlra-bhunaithe’ ná a leithéid.

Measúnú agus fíorú:

(a)

Chun próifíl bharrmheasa na n-amhábhar plaisteach bithbhunaithe a úsáidtear sa táirge, sna comhpháirteanna ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht a léiriú, soláthróidh an t-iarratasóir deimhniú neamhspleách ó thríú páirtí lena dtagraítear don mhodheolaíocht atá ar fáil faoi láthair (20).

(b)

fhad iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na deimhnithe arís 12 mhí tar éis cheadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain. Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú um líne chúraim bailí a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh soláthróirí na n-amhábhar plaisteach bithbhunaithe uile a úsáidtear sa táirge, sna comhpháirteanna ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht. Beidh na deimhnithe um líne chúraim bailí ar feadh

I gcás inarb infheidhme, soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin, ar a bhfuil an fhaisnéis faoin maíomh i dtaobh plaisteach bithbhunaithe le feiceáil go soiléir. Úsáidfear na caighdeáin atá bunaithe ar mhodhanna radacarbóin amhail EN 16640 nó EN 16785 nó ASTM D 6866-12 chun cion carbóin bhithbhunaithe na bpolaiméirí sintéiseacha agus na n-ábhar plaisteach atá sa táirge, sa comhpháirt ar leithligh agus/nó sa phacáistíocht a chinneadh. I gcás nach féidir modhanna radacarbóin a úsáid, ceadófar an modh maischothromaíochta má áirithítear leibhéal ard trédhearcachta agus cuntasachta agus má thacaítear leis le caighdeáin chomhaontaithe.

Eisiatar úsáid deimhnithe ceannaithe bunaithe ar an gcóras Áirithinte agus Éilimh ionas go mbeifear in ann amhábhair phlaisteacha bhithbhunaithe a rianú. Bunófar an cruthúnas ceannaigh le haghaidh na n-amhábhar plaisteach bithbhunaithe ar phróisis de réir na gcóras deighilte nó maischothromaíochta.

I gcás nach n-éilíonn an scéim deimhniúcháin go sonrach go bhfaightear an t-óghábhar uile ó speicis nach speicis orgánacha ghéinmhodhnaithe iad, cuirfear fianaise bhreise ar fáil chun é sin a léiriú.

Critéar 6.   Éifeachtúlacht ábhar i monarú an táirge deiridh

Beidh feidhm ag na ceanglais a shonraítear sa chritéar seo maidir le láithreán cóimeála an táirge deiridh.

Maidir leis an gcainníocht dramhaíola a ghintear le linn mhonarú agus phacáistiú na dtáirgí agus a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh, ní bheidh an chainníocht sin níos mó ná a shonraítear thíos:

(a)

8 % de mheáchan na dtáirgí deiridh i gcás súitíní,

(b)

4 % de mheáchan na dtáirgí deiridh i gcás na dtáirgí eile uile.

Measúnú agus fíorú:

Dearbhóidh an t-iarratasóir go gcomhlíontar na ceanglais thuasluaite.

Soláthróidh an t-iarratasóir fianaise ar an gcainníocht dramhaíola nár athúsáideadh laistigh den phróiseas monaraíochta agus nach dtiontaítear ina hábhair agus/nó ina fuinneamh.

Cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas i láthair:

(a)

meáchan an táirge agus na pacáistíochta,

(b)

na sruthanna dramhaíola uile a ghintear le linn na monaraíochta,

(c)

an phróiseáil cóireála faoi seach a dhéantar ar an gcodán den dramhaíl aisghafa agus an codán a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear.

An chainníocht dramhaíola a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh a dhéanamh, ríomhfar í mar an difríocht idir an méid dramhaíola a tháirgtear agus an méid dramhaíola a aisghabhtar (ath-úsáidte, athchúrsáilte, etc).

Critéar 7.   Substaintí eisiata agus srianta

7.1.    Srianta ar shubstaintí a aicmítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

Ach amháin i gcás maolú air i dTábla 8, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge ar substaintí iad dár sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 6 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

Tábla 6

Aicmí agus catagóirí guaise agus cóid ráitis guaise lena mbaineann a eisiatar

Carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh

Catagóirí 1A agus 1B

Catagóir 2

H340 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

H341 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

H350 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

H351 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

H350i D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse má ionanálaítear é

-

H360F D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

H361f Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

H360D D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H361d Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H360FD D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H361fd Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H360Fd D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H362 D’fhéadfadh sé díobháil a dhéanamh do leanaí diúil

H360Df - D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

 

Géarthocsaineacht

Catagóirí 1 agus 2

Catagóir 3

H300 Marfach má shlogtar

H301 Tocsaineach má shlogtar

H310 Marfach i dteagmháil leis an gcraiceann

H311 Tocsaineach i dteagmháil leis an gcraiceann

H330 Marfach má ionanálaítear

H331 Tocsaineach má ionanálaítear

H304 D’fhéadfadh sé a bheith marfach má shlogtar é agus má théann sé isteach sna haerbhealaí

EUH070 Tocsaineach trí theagmháil leis an tsúil

Tocsaineacht sain-spriocorgáin

Catagóir 1

Catagóir 2

H370 Déanann sé damáiste d’orgáin

H371 D’fhéadfadh damáiste a dhéanamh d’orgáin

H372 Déanann damáiste d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

H373 D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

Íogrú riospráide nó craicinn

Catagóir 1A

Catagóir 1B

H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

Suaiteoirí inchríneacha i gcás shláinte an duine agus an chomhshaoil

Catagóir 1

Catagóir 2

EUH380: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

EUH381: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

EUH430: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

EUH431: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

Marthanach, Inbhithbhailithe agus Tocsaineach

MIT

vPvB

EUH440: Carnann sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

EUH441: Carnann go mór sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

Marthanach, Soghluaiste agus Tocsaineach

MST

vPvM

EUH450: D’fhéadfadh truailliú idirleata fadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

EUH451: D’fhéadfadh truailliú idirleata an-fhadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

Thairis sin, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge i dtiúchan is mó ná 0,010 % (meáchan de réir meáchain) ar substaintí iad dar sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 7 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – ach amháin má mhaolaítear sin i dTábla 8.

Tábla 7

Aicmí agus catagóirí guaise agus cóid ráitis guaise lena mbaineann a shriantar

Guaiseach don chomhshaol uisceach

Catagóirí 1 agus 2

Catagóirí 3 agus 4

H400 An-tocsaineach don saol uisceach

H412 Díobhálach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

H410 An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

H413 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héifeachtaí fadtréimhseacha díobhálacha ar an saol uisceach

H411 Tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

 

Guaiseach don chiseal ózóin

H420 Déanann díobháil don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol trí ózóin san atmaisféar uachtarach a scriosadh

 


Tábla 8

Maoluithe ar shrianta ar shubstaintí lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Cineál substainte

Aicme agus catagóirí guaise agus cóid ráitis guaise atá maolaithe

Coinníollacha an mhaolaithe

2-meitil-2H-isitiasól-3-ón (MIT)

H400, H314, H301, H311, H318, H410, H330 agus H317

I ndúch uiscethuaslagtha amháin agus i dtiúchan níos ísle ná 15 ppm sa dúch (sula n-úsáidtear é) agus níos ísle ná 0,1 ppm sa táirge deiridh. Beidh an dúch i gcomhréir le fo-chritéar 7.3.4

Débheansóáit ghliocóil déphróipiléine

H412

I ngreamacháin theirmeaplaisteacha amháin a úsáidtear chun fliche a léiriú

Substaintí agus meascáin lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe mar H304

H304

Substaintí lena mbaineann slaodacht faoi bhun 20,5 cSt ag 40 °C.

Dé-ocsaíd tiotáiniam (nanafhoirm)

H351

Ach amháin nuair a úsáidtear mar lí é. Ní féidir é a úsáid i bhfoirm púdair ná sprae.

Is do shubstaintí a thagraítear leis na cóid ráitis guaise de ghnáth. Mura féidir faisnéis faoi na substaintí a fháil áfach, beidh feidhm ag na rialacha aicmithe maidir le meascáin.

Díolmhófar ón gceanglas thuas úsáid na substaintí nó na meascán a mhodhnaítear go ceimiceach le linn an phróisis táirgthe ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh le haon ghuais ábhartha arb ina leith a aicmíodh an tsubstaint nó an meascán faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

Ní bheidh feidhm ag an gcritéir seo maidir leis an méid seo a leanas:

substaintí nach gcuimsítear faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a shainítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

leis an Rialachán sin a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le clárú, úsáideoirí iartheachtacha agus fíorú. substaintí a chumhdaítear faoi Airteagal 2(7)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; lena leagtar amach na critéir chun substaintí a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh fho-chritéar 7.1, in éineacht leis na dearbhuithe ábhartha ó tháirgeoirí na gcomhpháirteanna, liosta de na ceimiceáin a úsáidtear, an bhileog sonraí sábháilteachta nó an dearbhú ón soláthróir ceimiceán agus aon dearbhú ábhartha lena léirítear comhlíonadh an cheanglais.

I gcás substaintí srianta agus eisíontais dhosheachanta lena ngabhann aicmiú srianta, úsáidfear tiúchan na substainte srianta nó an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht na substainte srianta nó an eisíontais atá sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w, ach amháin má shriantar a thuilleadh iad faoi chritéar 7.3.8. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó maidir le modhnú ceimiceach eisíontais shrianta.

I gcás substaintí a dhíolmhaítear ó fho-chritéar 7.1 (féach Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006), is leor dearbhú ón iarratasóir maidir leis an méid sin chun comhlíontacht a léiriú.

Ós rud é gur féidir roinnt táirgí nó táirgí féideartha ina n-úsáidtear na ceimiceáin próisis chéanna a chumhdach le ceadúnas Éicilipéad an AE amháin, ní gá an ríomh a chur i láthair ach le haghaidh gach eisíontais i gcás an táirge nó na comhpháirte is measa a chumhdaítear leis an gceadúnas (e.g. an t-earra comhpháirte is mó a ndéantar priontáil air agus scagadh á dhéanamh le haghaidh dúigh lena mbaineann aicmithe srianta).

Is féidir le haon soláthróir i slabhra soláthair an iarratasóra an fhianaise sin thuas a sholáthar go díreach do chomhlachtaí inniúla.

7.2.    Substaintí ar ábhar mór imní iad

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

Ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge, ar substaintí isteach iad a sainaithníodh de réir an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 59 den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe nach bhfuil substaintí ar ábhar mór imní iad sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge. Tacófar leis an dearbhú le bileoga sonraí sábháilteachta i dtaobh na gceimiceán agus na n-ábhar uile a soláthraíodh agus a úsáideadh chun an táirge deiridh agus na comhpháirteanna sa táirge a tháirgeadh.

Is féidir liosta substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad agus a áirítear sa liosta substaintí inbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a fháil anseo:

https://www.echa.europa.eu/candidate-list-table.

Déanfar tagairt don liosta ar an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar Éicilipéad an AE.

I gcás eisíontais dhosheachanta a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad, úsáidfear tiúchan an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht an eisíontais ar ábhar mór imní é sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w, ach amháin má shriantar a thuilleadh iad faoi chritéar 7.3.8. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó le haghaidh modhnú ceimiceach eisíontais ar ábhar mór imní é.

7.3.    Srianta sonracha eile

7.3.1   Substaintí eisiata sonraithe

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

Ní chuirfear na substaintí seo a leanas (astu féin nó i meascáin) leis an táirge ceimiceach a úsáidtear sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt sa táirge:

(a)

5-chlóra-2-meitil-4-isitiasóilín-3-ón (CMIT);

(b)

Aicriolaimíd i bpolaiméirí sár-ionsúiteacha;

(c)

Eatocsaláití ailcilfeanóil (APEOanna) agus díorthaigh eile ailcilfeanóil [1]. Ceadaítear frithocsaídeoirí feanólacha a bhfuil bac steireach orthu agus ina bhfuil meáchan móilíneach > 600 g/mól;

(d)

Oibreáin fhrithbhaictéaracha (e.g. Nan-airgead agus tríchlósan);

(e)

Formaildéad agus scaoilteoirí formaildéid [2];

(f)

Nítreamuisc agus muisc iltimthriallacha;

(g)

Comhdhúile orgánastáin a úsáidtear mar chatalaígh chun sileacón a tháirgeadh;

(h)

Paraibeiní;

(i)

Taláití [3];

(j)

Substaintí a shainaithnítear go bhfuil airíonna suaite inchríneacha acu;

(k)

Substaintí a mheastar a d’fhéadfadh a bheith ina suaiteoirí inchríneacha i gcatagóir 1 nó i gcatagóir 2 ar liosta tosaíochta an Aontais de shubstaintí a bhfuil imscrúdú níos mó le déanamh orthu le haghaidh éifeachtaí suaite inchríneacha.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir, in éineacht le dearbhuithe ó sholáthróirí, más ábhartha. Ní cheadaítear na substaintí a liostaítear faoin bhfo-chritéar seo ach mar eisíontais agus fiú sa chás sin i dtiúchain níos ísle ná 0,0100 % w/w sa táirge ceimiceach, ach amháin má chuirtear srian breise orthu faoi chritéar 7.3.8. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

[Nótaí:

[1]

Ainm na substainte = ‘Ailcilfeanóil’, faoi: https://echa.europa.eu/es/advanced-search-for-chemicals

[2]

Rialaítear úsáid formaildéid agus scaoilteoirí formaildéid i ngreamacháin de réir fho-chritéar 7.3.5

[3]

Féadfar DINP a cheadú má úsáidtear in ullmhóidí greamacháin é ina bhfuil uastiúchan 0,010 % meáchan de réir meáchain na hullmhóide greamacháin]

7.3.2   Cumhráin

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt sa táirge deiridh, na comhpháirteanna ar leithligh agus an phacáistíocht.

Ní chuirfear cumhráin leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt den táirge deiridh, na comhpháirteanna ar leithligh ná leis an bpacáistíocht.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir.

7.3.3   Lóiseanna

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh.

Ní úsáidfear lóiseanna sa táirge ná in aon chomhpháirt de.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir.

7.3.4   Dúigh agus ruaimeanna

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt sa táirge deiridh. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir leis na comhpháirteanna ar leithligh, an phacáistíocht díolacháin ná na bileoga faisnéise.

(a)

Ní ruaimneofar an táirge deiridh ná aon chomhpháirt sa táirge ná ní phriontálfar air.

(b)

Eisiatar na comhpháirteanna seo a leanas agus féadfar iad a ruaimniú nó priontáil orthu:

(i)

téada súitín;

(ii)

córais dúnta;

(iii)

ábhair nach mbeidh i dteagmháil dhíreach leis an gcraiceann, má chomhlíonann an ruaim nó an dúch feidhmeanna sonracha (e.g. infheictheacht an táirge trí éadaí bána nó éadaí geala a laghdú, limistéir ghreamaithe téipeanna a léiriú, fliche a léiriú, an chuid chúil den táirge a léiriú) nó chun críoch maisiúcháin.

Sna cásanna sin, beidh an méid antamóin, arsanaice, bairiam, caidmiam, cróimiam, luaidhe, mearcair, seiléiniam, aimíní príomhúla aramatacha agus défheinile polaclóirínithe atá ann mar eisíontas sna datháin ruaimnithe agus sna dúigh faoi bhun na teorainneacha a shonraítear i Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia (21).

Thairis sin, comhlíonfaidh na datháin ruaimnithe a úsáidfear an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina n-úsáidtear in ábhair phlaisteacha iad: Moltaí BfR dar teideal IX. Colorants for Plastics and other Polymers Used in Commodities (22) nó Reacht na hEilvéise 817.023.21 Iarscríbhinn 2 (23) agus Iarscríbhinn 10 (24),

(b)

i gcás ina n-úsáidtear in ábhair ceallalóis iad: Moladh XXXVI ó BfR. dar teideal Paper and board for food contact (25).

Beidh na datháin ruaimnithe agus na dúigh a úsáidtear i gcomhréir le fo-chritéir 7.1 agus 7.2 freisin.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha.

I gcás ruaimeanna agus/nó dúch a úsáidtear, tabharfar údar cuí lena n-úsáid tríd an bhfeidhm shonrach atá acu a léiriú, agus soláthrófar doiciméadacht chun a áirithiú go bhfuil na heisíontais sa dathán ruaimnithe nó sa dúch i gcomhréir le Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa, agus go n-údaraítear na ruaimeanna a úsáidtear i gcomhréir le moltaí BfR dar teideal IX. Colorants for Plastics and other Polymers Used in Commodities, Reacht na hEilvéise 817.023.21, Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 10, nó moladh XXXVI. ó BfR. dar teideal Paper and board for food contact.

7.3.5   Srianta breise a bhfuil feidhm acu maidir le greamacháin

Ní bheidh an cion d’fhormaildéad saor i ngreamú cruaite (gliú) níos mó ná 10 ppm. Is éard a bheidh sa tairseach le haghaidh formaildéad a ghintear le linn greamachán a tháirgeadh 250 ppm, arna thomhas de réir easrú polaiméirí nua-tháirgthe. Díolmhófar greamacháin theirmeaplaisteacha ón gceanglas seo.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuas agus tacófar leis trí bhíthin dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha, agus bileoga sonraí sábháilteachta aon substainte/meascáin agus a dtiúchan sa ghreamachán.

Soláthróidh an t-iarratasóir freisin torthaí tástála i dtaobh an chion formaildéid, de réir mhodh tástála ISO 14184-1:2011 nó a choibhéis.

7.3.6   Polaiméirí sár-ionsúiteacha

Beidh an méid seo a leanas i gceist le polaiméirí sár-ionsúiteacha a úsáidtear sa táirge:

(a)

feidhm ag an teorainn sin maidir le hiomlán an aigéid aicriligh neamh-imoibrithe agus oibreán trasnasctha. beidh 1 000 ppm monaiméirí iarmharacha [4] a aicmítear leis na cóid H a thuairiscítear i bhfo-chritéar 7.1 iontu ar a mhéad. I gcás polaicrioláit sóidiam, tá

(b)

sóidiam, is éard atá iontu monaiméirí agus olagaiméirí aigéid aicriligh ag a bhfuil meáchan móilíneach níos ísle ná an polaiméir shár-ionsúiteach de réir ISO 17190. beidh 10 % (meáchan/meáchain) d’eastóscain uiscethuaslagtha [5] ar a mhéad agus beidh siad i gcomhréir leis na fo-chritéir 7.1, 7.2 and 7.3.1. I gcás polaicrioláit

(c)

Ní áireofar aicriolaimíd sna polaiméirí sár-ionsúiteacha.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir seo agus tacófar leis trí bhíthin dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha, agus bileoga sonraí sábháilteachta aon substainte/meascáin agus a dtiúchan sa táirge deiridh.

Thairis sin, soláthróidh an t-iarratasóir freisin dearbhú ón soláthróir ina ndoiciméadaítear comhdhéanamh na bpolaiméirí sár-ionsúiteacha a úsáidtear sa táirge agus cainníocht na n-eastóscán uiscethuaslagtha sna polaiméirí sár-ionsúiteacha. Tacófar leis an dearbhú trí bhíthin bileoga sonraí sábháilteachta nó torthaí tástála lena sonraítear na monaiméirí iarmharacha sa pholaiméir shár-ionsúiteach agus cainníochtaí na polaiméire sin. Is iad na modhanna tástála molta ISO 17190 agus WSP 210. Is éard a bheidh sna cainníochtaí tástáilte le haghaidh monaiméirí iarmharacha agus eastóscáin intuaslagtha meáin ó bhearta a dhéantar roinnt babhtaí le linn tréimhse áirithe. Tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáidtear agus ar an minicíocht tomhais le haghaidh na n-anailísí, lena n-áirítear faisnéis faoi na saotharlanna a úsáidtear le haghaidh na n-anailísí.

[Nótaí:

[4]

Meastar gurb éard atá i monaiméirí iarmharacha iomlán an aigéid aicriligh neamh-inoibrithe agus trasnascóirí

[5]

Meastar gurb éard atá in eastóscáin uiscethuaslagtha i bpolaiméirí sár-ionsúiteacha monaiméirí agus olagaiméirí aigéid aicriligh ag a bhfuil meáchan móilíneach níos lú ná meáchan móilíneach na polaiméire sár-ionsúití, agus salainn]

7.3.7   Sileacón

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir leis an líneáil scaoilte.

(a)

Ní úsáidfear bratuithe sileacóin bunaithe ar thuaslagóirí.

(b)

540-97-6) sa mheascán sileacóin [6] i dtiúchan os cionn 800 ppm (0,08 % w/w). Tá an teorainn 800 ppm le cur i bhfeidhm maidir le gach substaint ar leithligh. Ní bheidh cigliteitrisiolocsán ochtaimeitile D4 (CAS 556-67-2), ciglipeintisiolocsán deacaimeitile D5 (CAS 541-02-6) ná dóideacaimeitilcigliheicsisiolocsán D6 (CAS

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an fho-chritéir sin, arna shíniú ag monaróir na líneála scaoilte agus tacófar leis an dearbhú sin le bileoga sonraí sábháilteachta.

[Nóta:

[6]

Meastar sa chás seo gurb éard atá sa mheascán sileacóin an meascán leachtach ina bhfuil dhá amhábhar sileacóin nó níos mó a úsáidtear mar bhratú ar an bpáipéar cosanta nó ar an scannán cosanta a úsáidtear ar an líneáil scaoilte i gcás roinnt táirgí sláinteachais mná (e.g. pillíní brístín agus pillíní sláintíocha) nó ar théipeanna clúidín]

7.3.8   Ceimiceáin eile ar údar imní iad

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar seo maidir le heisíontais sa táirge deiridh.

Ní bheidh na ceimiceáin seo a leanas sa táirge deiridh i dtiúchan níos airde ná an méid a shonraítear i dTábla 9.

Tábla 9

Liosta ceimiceán srianta

Substaintí

Srianta

Formaildéad

< 16 ppm

Débheinsi-p-dé-ocsainí (‘PCDDanna’): 2,3,7,8-TCDD; 1,2,3,7,8-PeCDD; 1,2,3,4,7,8-HxCDD; 1,2,3,6,7,8-HxCDD; 1,2,3,7,8,9-HxCDD; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDD; OCDD

iomlán TEQ chomhaicmigh bhraite PCDDanna, PCDFanna agus DLPCBanna < 2 ng/kg

Débheinseafúráin (PCDFanna): 2,3,7,8-TCDF; 1,2,3,7,8-PeCDF; 2,3,4,7,8- PeCDF; 1,2,3,4,7,8-HxCDF; 1,2,3,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,7,8,9-HxCDF; 2,3,4,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDF; 1,2,3,4,7,8,9-HpCDF; OCDF

DLPCBanna: PCB 77; PCB 81; PCB 126; PCB 169; PCB 105; PCB 114; PCB 118; PCB 123; PCB 156; PCB 157; PCB 167; PCB 189

PAHanna

Beans[a]antraicéin; Beinsi[a]piréin; Beinsi[e]piréin; Criséin; Beinsea[b]fluaraintéin; Beinsea[k]fluaraintéin; Débheans[a,h]antraicéin; Beinsea[j]fluaraintéin; Beinsi[g,h,i]peiriléin; Indéini[1,2,3-cd]piréin; Feanaintréin; Piréin; Antraicéin; Fluaraintéin; Naftailéin

Gach PAH < 0,2 mg/kg

Iomlán PAHanna < 1 mg/kg

Feanóil

Bisfeanól A

< 0,02  %

Naoinilfeanól-dé-eatocsaláit

< 10 mg/kg

Naoinilfeanól

< 10 mg/kg

Taláití

DINP, DEHP, DNOP, DIDP, BBP, DBP, DiBP, DIHP, BMEP, DPP/DIPP, DnPP, DnHP, DMP, DHNUP, DCHP, DHxP, DIHxP, DIOP, DPrP, DNP, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, eistir ailcile dé-C6-10, aigéad 1,2-beinséin-décharbocsaileach, dé-eistir mheasctha deicile, heicsile agus ochtaile

< 0,01  % an ceann

Lotnaidicídí

Gliofosáit

< 0,5 mg/kg

AMPA

< 0,5 mg/kg

Cuintiséin

< 0,5 mg/kg

Heicseaclóraibeinséin

< 0,5 mg/kg

Orgánastáin

Tríbhúitiltin

< 2 ppb

Orgánastáin eile: Monabúitiltin; Débhúitiltin; Trífheiniltin; Dé-ochtailtin; Monochtailtin

Gach orgánastán < 10 ppb

Miotail throma

Antamón

< 30 mg/kg

Caidmiam

< 0,1 mg/kg

Cróimiam

< 1 mg/kg

Luaidhe

< 0,2 mg/kg

Mearcair

< 0,02 mg/kg

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha.

Thairis sin, soláthróidh an t-iarratasóir torthaí na n-anailísí a dhéantar ar an táirge deiridh. Déanfar na tástálacha ar tháirge ionadaíoch. I gcás táirgí a tháirgtear ar an gcaoi cheannann chéanna (e.g. táirgí sláinteachais de thoisí éagsúla), is leor tástálacha a dhéanamh ar thoise amháin den táirge. Mar rogha air sin, is féidir an anailís a dhéanamh ar leithligh ar gach ábhar atá sa táirge deiridh (ionadaíoch). Tabharfar tuairisc ar na modhanna a úsáidtear agus ar an dáta tomhais le haghaidh na n-anailísí, lena n-áirítear faisnéis faoi na saotharlanna a úsáidtear le haghaidh na n-anailísí. Is iad na modhanna tástála molta NWSP 360.1R0 nó a choibhéis chun an sampla a ullmhú, NWSP 360.2R0 nó a choibhéis chun an anailít a eastóscadh, agus NWSP 360.3R0 nó a choibhéis le haghaidh na hanailíse uirlise. Déanfar an tomhas uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Critéar 8.   Pacáistíocht

Leis an gcritéar seo, leagtar síos ceanglais le haghaidh pacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte.

Seachnófar an phacáistíocht ghrúpáilte nó déanfar as cairtchlár agus/nó as páipéar amháin í.

(a)   Cairtchlár agus/nó páipéar a úsáidtear le haghaidh na pacáistíochta

Maidir le pacáistíocht díolacháin a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, beidh 40 % di ar a laghad ina hábhar athchúrsáilte.

Maidir le pacáistíocht díolacháin a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, beidh 80 % di ar a laghad ina hábhar athchúrsáilte.

An sciar eile (100 % lúide céatadáin an ábhair athchúrsáilte) den chairtchlár agus/nó den pháipéar a úsáidfear sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte, cumhdófar í le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí a d’eisigh scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

(b)   Plaisteach a úsáidtear sa phacáistíocht

Go dtí an 31 Nollaig 2026, beidh íosmhéid 20 % d’ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, beidh íosmhéid 35 % d’ábhar athchúrsáilte i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

(c)   In-athchúrsáilteacht

An cion den phacáistíocht díolacháin (cairtchlár agus/nó páipéar nó plaisteach) agus den phacáistíocht ghrúpáilte (cairtchlár agus/nó páipéar) is féidir a athchúrsáil, 95 % den phacáistíocht a bheidh i gceist leis an gcion sin de réir meáchain, agus beidh 5 % ar iarmhair é comhoiriúnach leis an athchúrsáil.

(d)   Ceanglais bhreise

Ní cheadaítear pacáistíocht ilchodach (pacáistíocht díolacháin agus pacáistíocht ghrúpáilte) ná plaistigh mheasctha a úsáid ná cairtchláir agus/nó páipéir a bhratú le plaistigh ná le miotail.

Léireofar go soiléir ar an bpacáistíocht díolacháin cion athchúrsáilte agus in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte.

Measúnú agus fíorú:

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach (1) dearbhú comhlíontachta sínithe ina sonraítear céatadáin an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte i gcás inarb ábhartha; (2) dearbhú comhlíontachta lena sonraítear in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte agus (3) grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin ar a léirítear go soiléir faisnéis faoin gcion athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte agus faoi in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta sin.

Seiceálfaidh comhlachtaí inniúla an dearbhú comhlíontachta lena sonraítear céatadáin an ábhair phlaistigh athchúrsáilte le haghaidh na pacáistíochta díolacháin arís tar éis an 1 Eanáir 2027.

Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ina léireofar go sainítear an sciar eile (100 % lúide céatadáin an ábhair athchúrsáilte) den chairtchlár agus/nó den pháipéar a úsáidtear le haghaidh na pacáistíochta díolacháin agus na pacáistíochta grúpáilte mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis ceadúnas Éicilipéad an AE a dhámhachtain.

Fíorófar an cion athchúrsáilte trí EN 45557 nó ISO 14021 a chomhlíonadh agus fíorófar in-athchúrsáilteacht trí EN 13430 nó ISO 18604 a chomhlíonadh.

Beidh an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte sa phacáistíocht i gcomhréir le caighdeáin líne cúraim amhail ISO 22095 nó EN 15343. Féadfar glacadh le modhanna coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach, agus beidh mínithe mionsonraithe ag gabháil leo lena léireofar go bhfuil an ceanglas seo á chomhlíonadh mar aon leis an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar. Soláthrófar sonraisc lena léirítear ceannach an ábhair athchúrsáilte.

Thairis sin, tástálfar in-athchúrsáilteacht (infhaighteacht agus comhoiriúnacht chun athchúrsáil) na pacáistíochta trí bhíthin nósanna imeachta tástála caighdeánaí. Déanfar measúnú ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta cairtchláir agus/nó páipéir trí thástáil inlaíonáilteachta agus sa chás sin, léireoidh an t-iarratasóir inlaíonáilteacht na pacáistíochta cairtchláir agus/nó páipéir le tacaíocht ó thorthaí tuarascálacha tástála de réir mhodh PTS PTS-RH 021, chóras meastóireachta ATICELCA 501 nó mhodhanna caighdeánacha coibhéiseacha a nglacann an comhlacht inniúil leo mar mhodh lena soláthraítear sonraí ar cháilíocht eolaíoch choibhéiseach. Glacfar le scéimeanna deighilte nó scéimeanna measctha rialaithe amhail RecyClass mar dheimhniú neamhspleách tríú páirtí le haghaidh pacáistíocht phlaisteach. Féadfar glacadh le modhanna tástála coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach.

Critéar 9.   Treoraíocht maidir leis an táirge a úsáid agus an táirge agus an phacáistíocht a dhiúscairt

Cuirfear treoracha faoin táirge deiridh a úsáid ar fáil ar an bpacáistíocht nó ar bhileog phriontáilte agus/nó bileog dhigiteach.

Beidh treoraíocht ar an bpacáistíocht díolacháin maidir le diúscairt na pacáistíochta díolacháin, na pacáistíochta grúpáilte (más ann di), na gcomhpháirteanna ar leithligh agus maidir le diúscairt an táirge úsáidte. Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a scríobh nó a léiriú trí bhíthin siombailí físeacha ar an bpacáistíocht díolacháin:

nach sruthlófar an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh ná an táirge úsáidte agus

an bealach chun an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh agus an táirge úsáidte a dhiúscairt.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh de na treoracha maidir leis an táirge a úsáid.

Soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin, ar a bhfuil an fhaisnéis faoin diúscairt le feiceáil go soiléir.

Critéar 10.   Oiriúnacht don úsáid agus cáilíocht an táirge

Beidh éifeachtúlacht/cáilíocht an táirge deiridh sásúil agus beidh coibhéiseach le héifeachtúlacht/cáilíocht na dtáirgí atá ar an margadh cheana ar a laghad.

Tástálfar an oiriúnacht don úsáid i dtaobh na saintréithe agus na bparaiméadar a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 10. Beidh na tairseacha feidhmíochta céanna ann, i gcás ina sainaithnítear a leithéid.

Tábla 10

Saintréithe agus paraiméadair lena dtugtar tuairisc ar oiriúnacht an táirge atá le tástáil don úsáid

Saintréith

Cleachtas tástála is gá (tairseach feidhmíochta)

Clúidíní linbh

Pillíní cúraim mná

Súitíní

Pillíní cíche

Tástálacha in úsáid

U1. Ionsú agus cosaint ar sceitheadh  (26)

Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

U2. Tirimeacht craicinn

Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

Neamhbhainteach

Mar an gcéanna le clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná

U3. Tomhas agus compord

Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

U4. Feidhmíocht fhoriomlán

Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

Tástálacha teicniúla

T1. Ionsú agus cosaint ar sceitheadh  (26)

Ráta ionsúite agus ionsú roimh sceitheadh

Modh na faighne sintéisí

Mar an gcéanna le clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná

T2. Tirimeacht craicinn  (26)

TEWL, modh an athfhliuchta nó tástáil chornaiméadrach

Neamhbhainteach

Mar an gcéanna le clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná

Measúnú agus fíorú:

Soláthrófar tuarascáil tástála le haghaidh tástálacha in úsáid agus tástálacha teicniúla. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil tástála ar a laghad ar na modhanna tástála, ar na torthaí tástála agus ar na sonraí a úsáideadh. Déanfar na tástálacha i saotharlanna atá deimhnithe chun córais bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme.

Déanfar tástálacha ar na cineálacha sonracha táirgí agus ar na méideanna éagsúla táirgí uile a ndéantar an t-iarratas ar Éicilipéad an AE ina leith. Mar sin féin, más féidir a léiriú go mbaineann an fheidhmíocht chéanna leis na táirgí, ní thástálfar ach toise amháin nó meascán ionadaíoch toisí in aghaidh gach dearaidh táirge.

Déanfar cúram ar leith maidir le táirgí a shampláil, a iompar agus a stóráil chun torthaí in-mhacasamhlaithe a ráthú. Moltar gan táirgí a fholú nó iad a athphacáistiú i bpacáistíocht neodrach mar gheall ar an riosca atá ann go n-athrófaí feidhmíocht táirgí agus/nó pacáistíochta, ach amháin sa chás gur féidir a áirithiú nach mbeidh athrú ann.

Cuirfear faisnéis faoin tástáil ar fáil do na comhlachtaí inniúla agus lánurraim á tabhairt don rúndacht. Míneofar torthaí tástála go soiléir agus cuirfear i láthair i dteanga, in aonaid agus le siombailí is intuigthe don úsáideoir sonraí. Sonrófar na heilimintí seo a leanas: ionad agus dáta na dtástálacha; na critéir a úsáideadh chun na táirgí a tástáladh a roghnú agus a ionadaí atá siad; saintréithe tástála a roghnaíodh agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna nár cuireadh saintréithe áirithe san áireamh; na modhanna tástála a úsáideadh agus na srianta a bhaineann leo más ann dóibh. Soláthrófar treoirlínte soiléire maidir le húsáid torthaí tástála.

Treoirlínte breise le haghaidh tástálacha in úsáid:

Beidh an tsampláil, an dearadh tástála, an t-earcú painéil agus anailísiú na dtorthaí tástála i gcomhréir le cleachtais chaighdeánacha staidrimh (AFNOR Q 34-019, ASTM E1958-07e1 nó a gcoibhéis).

Déanfar measúnú ar gach táirge ar bhonn ceistneora. Mairfidh an tástáil 72 uair an chloig ar a laghad, agus seachtain iomlán i gcás inar féidir, agus déanfar an tástáil faoi ghnáthdhálaí úsáidte an táirge.

Is éard a bheidh sa líon molta tástálaithe 30 tástálaí ar a laghad (i gcás táirgí a dheartar go sonrach nó táirgí nach ndírítear ar inscne amháin). Beidh an cineál/toise shonrach den táirge atá le tástáil in úsáid faoi láthair ag na daoine aonair a bhíonn rannpháirteach sa suirbhé.

I gcás nach ndeartar an táirge le haghaidh inscne aonair, is éard a bheidh sa chóimheas idir fir agus mná 1:1.

Glacfaidh meascán daoine aonair a dhéanann ionadaíocht chionmhar ar ghrúpaí éagsúla tomhaltóirí sa mhargadh páirt sa suirbhé. Luafar aois, tíortha agus inscní go soiléir.

Ní ghlacfaidh daoine tinne nó daoine ar a bhfuil riochtaí ainsealacha craicinn páirt sa tástáil. I gcás ina n-éiríonn daoine tinn le linn na trialach úsáideora, luafar an méid sin ar an gceistneoir agus ní chuirfear na freagraí san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe.

I gcás na dtástálacha uile in úsáid (ionsú agus cosaint ar sceitheadh, tirimeacht craicinn, tomhas agus compord agus feidhmíocht fhoriomlán), rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil, agus sannfaidh an tomhaltóir ráta os cionn 60 (ar scála cainníochtúil ó 1 go 100). Mar rogha air sin, rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge mar tháirge maith nó an-mhaith (as measc cúig rogha chainníochtúla: an-olc, olc, measartha, maith, an-mhaith).

Déanfar meastóireacht staitistiúil ar na torthaí tar éis na trialach úsáideora a chur i gcrích.

Cuirfear in iúl fachtóirí seachtracha amhail brandáil, sciartha margaidh agus fógraíocht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht bhraite na dtáirgí.

Ceanglais bhreise le haghaidh tástálacha teicniúla:

Bunófar modhanna tástála a mhéid is féidir ar mhodhanna atá ábhartha don táirge, modhanna is féidir a mhacasamhlú.

Tástálfar cúig shampla ar a laghad. Tuairisceofar na meántorthaí mar aon le léiriú den diall caighdeánach.

Is ionann na tástálacha teicniúla a mholtar le haghaidh pillíní cíche agus na tástálacha a mholtar le haghaidh clúidíní linbh agus pillíní cúraim mná.

Tabharfar tuairisc ar mheáchan, ar thoisí agus ar ghnéithe dearaidh den táirge agus soláthrófar an tuairisc sin i gcomhréir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sa mheasúnú ginearálta agus sa téacs fíorúcháin san iarratas.

Critéar 11.   Freagracht shóisialta chorparáideach maidir le gnéithe saothair

Leis an gcritéar seo, leagtar amach ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le láithreán cóimeála an táirge ionsúitigh sláinteachais deiridh.

Ag féachaint don Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (27), Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (Colún 2) (28), Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (29) AGUS Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (30), gheobhaidh an t-iarratasóir fíorú tríú páirtí, a dtacaítear leis le hiniúchtaí ar an láthair, gur urramaíodh na prionsabail is infheidhme a shonraítear sna téacsanna idirnáisiúnta thuasluaite agus sna forálacha forlíontacha thíos ag an láithreán cóimeála le haghaidh an táirge deiridh.

Coinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair:

(i)

Saothar Leanaí:

An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138)

An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182)

(ii)

Saothar Éigeantais nó Éigeantach:

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105)

(iii)

Saoirse Comhlachais agus an Ceart chun Cómhargála:

An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87)

An Coinbhinsiún maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98)

(iv)

Idirdhealú:

An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100)

An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)

Forálacha forlíontacha:

(v)

Uaireanta Oibre:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hUaireanta Oibre (Tionsclaíocht), 1919 (Uimh. 1)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Scíth Sheachtainiúil (Tionsclaíocht), 1921 (Uimh. 14)

(vi)

Pá:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Socrú Íosphá 1970 (Uimh. 131)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Laethanta Saoire le Pá (Athbhreithnithe), 1970 (Uimh. 132)

Íosphá maireachtála: Áiritheoidh an t-iarratasóir gur leor an pá (lena n-eisiatar aon cháin, íocaíochtaí bónais, liúntais nó pá ragoibre) a íoctar ar ghnáthsheachtain oibre (nach mó ná 48 n-uair an chloig) chun go mbeidh an oibrí in acmhainn íoc as riachtanais bhunúsacha (tithíocht, fuinneamh, cothú, éadaí, cúram sláinte, oideachas, uisce óil, cúram leanaí agus iompar) an oibrí agus teaghlaigh de cheathrar, agus chun roinnt ioncam lánroghnach a sholáthar. Déanfar iniúchadh ar an gcur chun feidhme faoi threoir Threoraíocht SA8000 (31) maidir le ‘Pá’.

(vii)

Sláinte agus Sábháilteacht:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht in Úsáid Ceimiceán ag an Obair, 1981 (Uimh. 170)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 1990 (Uimh. 155)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Timpeallacht Oibre (Truailliú Aeir, Torann agus Creathadh), 1977 (Uimh. 148)

(viii)

Cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cúram Leighis agus le Sochair Bhreoiteachta, 1969 (Uimh. 130)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an tSlándáil Shóisialta (Íoschaighdeáin), 1952 (Uimh. 102)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sochair i gcás Díobháil Fostaíochta, 1964 (Uimh. 121)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cóir Chomhionann (Cúiteamh i gcás Taismí), 1925 (Uimh. 19)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cosaint Mháithreachais 2000 (Uimh. 183)

(ix)

Dífhostú cóir:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foirceannadh Fostaíochta, 1982 (Uimh. 158).

In áiteanna ina gcuirtear srian ar an tsaoirse comhlachais agus ar an gceart chun cómhargáil faoin dlí, ní chuirfidh an chuideachta srian ar oibrithe sásraí malartacha a fhorbairt chun a ngearáin a chur in iúl agus chun a gcearta a chosaint maidir le dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta agus aithneoidh sí comhlachais dhlisteanacha fostaithe lenar féidir léi saincheisteanna a bhaineann leis an áit oibre a phlé.

Cuimseofar sa phróiseas iniúchta comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha atá neamhspleách ar an tionscadal i gceantair áitiúla timpeall láithreáin, lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí pobail, ENRanna agus saineolaithe saothair. Reáchtálfar comhairliúcháin fhiúntacha le dhá pháirtí leasmhara ó dhá fhoghrúpa éagsúla ar a laghad. In áiteanna nach féidir leordhóthanacht na freagrachta sóisialta corparáidí a áirithiú leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta thuasluaite trí bhíthin an dlí náisiúnta, áireofar sa phróiseas iniúchta iniúchtaí láithreáin tríú páirtí arb éard a bheidh iontu spotchigireachtaí gan fhógra a dhéanfaidh measúnóirí atá neamhspleách ar an tionscal.

Le linn thréimhse bhailíochta cheadúnas Éicilipéad an AE, foilseoidh an t-iarratasóir na torthaí comhiomlána agus na príomhthorthaí ó na hiniúchtaí (lena n-áirítear sonraí (a) faoin líon sáruithe a rinneadh ar gach ceann de na cearta saothair agus na caighdeáin sábháilteachta agus sláinte ceirde agus faoina thromchúisí a bhí na sáruithe sin; (b) faoin straitéis feabhsúcháin – i gcás ina gcuimsítear leis an bhfeabhsúchán seachaint de réir choincheap Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe; (c) faoin measúnú ar na cúiseanna is cionsiocair le sáruithe leanúnacha mar thoradh ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara – cé leis a ndeachthas i gcomhairle, cé na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, cén tionchar a bhí ag an méid sin ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí), ar líne chun fianaise a sholáthar maidir leis an bhfeidhmíocht do thomhaltóirí ar suim leo an cás.

Measúnú agus fíorú:

Léireoidh an t-iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais trí chóipeanna a sholáthar den leagan is déanaí dá chód iompair a bheidh comhsheasmhach leis na forálacha a shonraítear thuas agus cóipeanna de na tuarascálacha iniúchta tacaíochta le haghaidh gach gléasra deiridh cóimeála táirge i gcás na samhlacha atá le héicilipéadú, mar aon le nasc gréasáin chuig an áit ar féidir teacht ar fhoilsiú na dtorthaí ar líne.

Maidir leis na hiniúchtaí láithreáin tríú páirtí, déanfaidh measúnóirí iad atá cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh láithreán monaraíochta tionsclaíche le caighdeáin shóisialta nó cóid iompair nó i gcás tíortha inar daingníodh Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1947 (Uimh. 81) agus go dtugtar le fios le maoirseacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair go bhfuil an córas náisiúnta cigireachta saothair éifeachtach (32) agus i gcás ina gcumhdaítear na réimsí thuasluaite le raon feidhme na gcóras cigireachta (33), déanfaidh cigirí saothair a cheapann údarás poiblí iad.

Glacfar le deimhnithe bailí ó scéimeanna tríú páirtí nó próisis chigireachta lena ndéantar iniúchadh ar chomhlíonadh na bprionsabal is infheidhme a liostaítear i gCoinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus ar chomhlíonadh na bhforálacha forlíontacha maidir le huaireanta oibre, pá agus sláinte agus sábháilteacht agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Ní bheidh na deimhnithe sin níos sine ná 12 mhí an dáta a dhéantar an t-iarratas.

Critéar 12.   Faisnéis atá le feiceáil ar Éicilipéad an AE

Féadfar lógó Éicilipéad an AE a thaispeáint ar phacáistíocht díolacháin an táirge. Má úsáidtear an lipéad roghnach maille leis an mbosca téacs, beidh na trí ráiteas seo a leanas ann:

‘Deartha chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú’,

‘Comhlíonann na ceanglais dhiana maidir le substaintí díobhálacha’,

‘Feidhmíocht fhíoraithe’,

Leanfaidh an t-iarratasóir na treoracha maidir leis an gcaoi ar féidir lógó Éicilipéid an AE a úsáid dá bhforáiltear i dTreoirlínte Lógó Éicilipéid an AE:

http://ec.europa.eu/environment/ecolabel/documents/logo_guidelines.pdf

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an cheanglais mar aon le grianghraf ardtaifigh de phacáistíocht díolacháin an táirge ina léirítear go soiléir an lipéad, an uimhir chlárúcháin/cheadúnais agus, i gcás inarb ábhartha, na ráitis is féidir a thaispeáint in éineacht leis an lipéad.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(6)  Cuirfear glanastaíochtaí P san áireamh sa ríomh. Is féidir P a bhíonn in amhábhair adhmaid agus in uisce go nádúrtha a dhealú ó iomlán na n-astaíochtaí P. Glacfar le laghduithe suas le 0,010 kg/ADt.

(7)  Tagraíonn an luach níos airde do mhuilte ina n-úsáidtear speicis eocalaipe agus speicis péine dheisceart na Stát Aontaithe ó réigiúin ina bhfuil leibhéil fosfair níos airde agus beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2026. Ón 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag an teorainn 0,03 kg P/ADt maidir le muilte ina n-úsáidtear speicis eocalaipe agus speicis péine dheisceart na Stát Aontaithe ó réigiúin ina bhfuil leibhéil fosfair níos airde.

(8)  Maidir le muilte neamh-chomhtháite, beidh an laíon amhábhair i gcomhréir leis na luachanna a liostaítear le haghaidh muilte comhtháite, ar cheart na hastaíochtaí a eascraíonn as an bpróiseas tiontaithe a chur leo.

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún, C/2018/8588 (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(10)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh lamháltas astaíochtaí comhchuibhithe saor in aisce de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(11)  Beidh an laíon amhábhair le haghaidh muilte neamh-chomhtháite i gcomhréir leis na luachanna a liostaítear le haghaidh muilte comhtháite, ar cheart na hastaíochtaí a eascraíonn as an bpróiseas tiontaithe a chur leo.

(12)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(13)  maidir le muilte neamh-chomhtháite, beidh an laíon amhábhair i gcomhréir leis na luachanna a liostaítear le haghaidh muilte comhtháite, ar cheart an fuinneamh a úsáidtear le linn an phróisis tiontaithe a chur leo.

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeacht orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(15)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle, PE/62/2017/REV/1 (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(16)  Clár Náisiúnta Orgánach, Riail ón tSeirbhís Margaíochta Talmhaíochta an 21/12/2000, 65 FR 80547.

(17)  I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Creat beartais AE maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe. Le fáil ag: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN-GA/TXT/?from=EN&uri=CELEX%3A52022DC0682.

(18)  Is éard atá sna modheolaíochtaí is nua an creat a d’fhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, dá dtagraítear mar an ‘Modh Measúnaithe Saolré Plaisteach’ atá le fáil ag https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC125046 nó an Moladh ón gCoimisiún an 8.12.2022 lena mbunaítear creat measúnaithe Eorpach le haghaidh ceimiceáin atá ‘sábháilte agus inbhuanaithe trí dhearadh’ atá le fáil ag https://research-and-innovation.ec.europa.eu/system/files/2022-12/Commission%20recommendation%20-%20establishing%20a%20European%20assessment%20framework%20for%20safe%20and%20sustainable%20by%20design.PDF.

(19)  I gcomhréir leis na ceanglais inbhuanaitheachta a bhaineann le hamhábhair bhithbhunaithe a fhoinsiú, de réir an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Fuinnimh In-athnuaite. Tá na scéimeanna deimhniúcháin a aithníonn an Coimisiún Eorpach le fáil ag: https://ec.europa.eu/energy/topics/renewable-energy/biofuels/voluntary-schemes_ga.

(20)  An mhodheolaíocht atá ar fáil faoi láthair mar a míníodh cheana.

(21)   Council of Europe, Committee of Ministers, Resolution AP(89)1 on the use of colorants in plastic materials coming into contact with food [An Chomhairle Eorpach, Comhairle na nAirí, Rún AP (89) 1 maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia]. Le fáil ag: https://rm.coe.int/16804f8648.

(22)  https://www.bfr.bund.de/cm/349/IX-Colorants-for-Plastics-and-other-Polymers-Used-in-Commodities.pdf.

(23)  https://www.blv.admin.ch/dam/blv/fr/dokumente/lebensmittel-und-ernaehrung/rechts-und-vollzugsgrundlagen/lebensmittelrecht2017/anhang2-verordnung-materialien-kontakt-lm-gg.pdf.download.pdf/Annexe_2.pdf.

(24)  https://www.blv.admin.ch/dam/blv/en/dokumente/lebensmittel-und-ernaehrung/rechts-und-vollzugsgrundlagen/lebensmittelrecht2017/anhang10-verordnung-materialien-kontakt-lm-gg.pdf.download.pdf/Annex-10-ordinance-fdha-materials-and-articles-intended-to-come-into-contact-with-food-stuffs.pdf.

(25)  https://www.dssmith.com/contentassets/1bbf9877253f458aa0eed26b76f2d705/360-english.pdf.

(26)  Díolmhaítear pillíní brístín arb é is cuspóir dóibh fo-éadaí mná a chosaint (mionphillíní brístín) ó na ceanglais sin.

(27)  ILO NORMLEX (http://www.ilo.org/dyn/normlex/en) agus treoraíocht tacaíochta.

(28)  Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (Colún 2), https://www.unglobalcompact.org/what-is-gc/participants/141550.

(29)  Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine, https://www.unglobalcompact.org/library/2.

(30)  Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, https://www.oecd.org/daf/inv/mne/48004323.pdf.

(31)  Social Accountability International, Social Accountability 8000 International Standard, http://www.sa-intl.org.

(32)  Féach fonóta 21.

(33)  Féach fonóta 21.


IARSCRÍBHINN II

Critéir Éicilipéad an AE maidir le hÉicilipéad an AE a dhámhachtain do chuacháin mhíosta in-athúsáidte

Tá critéir Éicilipéad an AE dírithe ar na cuacháin mhíosta in-athúsáidte is fearr dá bhfuil ar an margadh ó thaobh feidhmíocht chomhshaoil de. Tá na critéir dírithe ar na príomhthionchair chomhshaoil a bhaineann le saolré na dtáirgí sin agus cuireann siad gnéithe an gheilleagair chiorclaigh chun cinn.

Ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin

Chun Éicilipéad an AE a dhámhachtain do tháirge sonrach, comhlíonfaidh an táirge gach ceanglas. Cuirfidh an t-iarratasóir deimhniú ar fáil i scríbhinn ina sonraítear go gcomhlíontar na critéir uile.

Tugtar ceanglais measúnaithe agus fíorúcháin shonracha laistigh de gach critéar.

I gcás ina gcuirtear de cheangal ar an iarratasóir dearbhuithe, doiciméadacht, anailísí, tuarascálacha tástála, nó aon fhianaise eile a sholáthar chun a léiriú go bhfuil na critéir á gcomhlíonadh, féadfaidh siad teacht ón iarratasóir agus/nó óna sholáthróirí, de réir mar is iomchuí.

Tabharfaidh comhlachtaí inniúla aitheantas tosaíochta d’fhianuithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh saotharlanna tástála agus calabrúcháin, agus d’fhíoruithe ó chomhlachtaí atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an gcaighdeán comhchuibhithe ábhartha le haghaidh comhlachtaí a dheimhníonn táirgí, próisis agus seirbhísí.

I gcás inarb iomchuí, féadfar modhanna tástála eile a úsáid taobh amuigh de na modhanna tástála a shonraítear le haghaidh gach critéir, má ghlacann an comhlacht inniúil a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an iarratas go bhfuil siad coibhéiseach.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí inniúla doiciméadacht tacaíochta a éileamh agus féadfaidh siad fíoruithe neamhspleácha a dhéanamh.

Tabharfar fógra do chomhlachtaí inniúla faoi athruithe ar sholáthróirí agus ar láithreáin táirgthe i ndáil le táirgí ar dámhadh Éicilipéad an AE dóibh, i dteannta faisnéis tacaíochta ionas gur féidir comhlíontacht leanúnach leis na critéir a fhíorú.

Mar réamhcheanglas, comhlíonfaidh an táirge ceanglais dhlíthiúla na tíre nó na dtíortha ina mbeartaítear an táirge a chur ar an margadh. Dearbhóidh an t-iarratasóir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis an gceanglas sin.

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil i dteannta an iarratais ar Éicilipéad an AE:

(a)

tuairisc ar an táirge, mar aon le meáchan na n-aonad táirge aonair agus meáchan iomlán an táirge;

(b)

tuairisc ar an bpacáistíocht díolacháin, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

(c)

tuairisc ar an bpacáistíocht ghrúpáilte, mar aon lena meáchan iomlán, más infheidhme;

(d)

tuairisc ar na comhpháirteanna ar leithligh, mar aon lena meáchan aonair;

(e)

na comhpháirteanna, na hábhair agus na substaintí go léir a úsáideadh sa táirge agus a meáchan féin, agus i gcás inarb iomchuí, a n-uimhir CAS féin.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘breiseáin’ substaintí a chuirtear le comhpháirteanna, le hábhair nó leis an táirge deiridh chun cuid dá shaintréithe a fheabhsú nó a chaomhnú;

(2)

ciallaíonn ‘pacáistíocht ilchodach’ aonad pacáistíochta atá déanta as dhá ábhar éagsúla nó níos mó, seachas ábhair a úsáidtear le haghaidh lipéad, iamh agus séalaithe, nach féidir a dheighilt de láimh agus dá bhrí sin is aonad comhtháite amháin é;

(3)

ciallaíonn ‘pacáistíocht ghrúpáilte’, ar a dtugtar pacáistíocht thánaisteach freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun líon áirithe aonad díolacháin a ghrúpáil ag an díolphointe cibé acu a dhíoltar na haonaid sin mar aonaid díolacháin leis an úsáideoir deiridh nó nach bhfónann sé ach mar mhodh chun na seilfeanna a athlánú ag an díolphointe nó chun aonad stoc-choimeádta nó dáileacháin a chruthú, agus ar féidir í a bhaint den táirge gan difear a dhéanamh dá shaintréithe;

(4)

ciallaíonn ‘eisíontais’ iarmharaigh, truailleáin, éilleáin etc. ó tháirgeadh, lena n-áirítear táirgeadh amhábhar, a fhanann san amhábhar/comhábhar agus/nó sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann) i dtiúchain is lú ná 100 ppm (0,0100 % w/w, 100 mg/kg);

(5)

ciallaíonn ‘substaint isteach’ gach substaint a áirítear sa táirge ceimiceach (a úsáidtear sa táirge deiridh agus in aon chomhpháirt ann), lena n-áirítear breiseáin (e.g. leasaithigh agus cobhsaitheoirí) sna hamhábhair. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach faoi dhálaí monaraíochta cobhsaithe (e.g. formaildéad agus airilimín), meastar gur substaintí isteach iad freisin;

(6)

ciallaíonn ‘pacáistíocht’ ítimí d’aon ábhar atá beartaithe lena n-úsáid chun táirgí a choimeád, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh nó a chur i láthair agus ar féidir iad a idirdhealú i bhformáidí pacáistíochta bunaithe ar a bhfeidhm, ar a n-ábhar agus ar a ndearadh, lena n-áirítear:

(a)

ítimí atá riachtanach chun an táirge a choinneáil, chun tacú leis nó chun é a chaomhnú ar feadh a shaolré gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge;

(b)

comhpháirteanna agus eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) a chomhtháthaítear isteach san ítim;

(c)

eilimintí coimhdeacha ítime dá dtagraítear i bpointe (a) atá ar crochadh go díreach ar an táirge, nó ceangailte leis, agus a fheidhmíonn feidhm phacáistíochta gan bheith ina ndlúthchuid den táirge, a bheartaítear a úsáid, a thomhailt nó a dhiúscairt in éineacht leis an táirge; etc;

(7)

ciallaíonn ‘ábhair phlaisteacha’, dá dtagraítear mar ‘phlaistigh’ chomh maith, polaiméirí de réir bhrí Airteagal 3(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar phríomh-chomhpháirt struchtúrach de tháirgí deiridh agus agus/nó de phacáistíocht, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

(8)

ciallaíonn ‘polaiméir’ substaint arb é atá ann móilíní a bhfuil de thréith acu seicheamh de cheann amháin nó níos mó d’aonaid monaiméirí. Ní mór na móilíní sin a dháileadh thar raon meáchan móilíneach inar féidir na difríochtaí sa mheáchan móilíneach a chur i leith na ndifríochtaí sa líon aonad monaiméirí go príomha. Cuimsítear le polaiméir an méid seo a leanas: (a) tromlach meáchain shimplí de mhóilíní a bhfuil ar a laghad trí aonad monaiméara iontu atá nasctha go comhfhiúsach le haonad monaiméara amháin eile ar a laghad nó le himoibreán amháin eile ar a laghad; (b) níos lú ná tromlach meáchain shimplí de mhóilíní den mheáchan móilíneach céanna. I gcomhthéacs an tsainmhínithe seo, ciallaíonn ‘aonad monaiméara’ an fhoirm imoibrithe de shubstaint mhonaiméara i bpolaiméir, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(9)

ciallaíonn ‘in-athchúrsáilteacht’ méid (mais nó céatadán) ítime atá ar fáil lena athchúrsáil;

(10)

ciallaíonn ‘cion athchúrsáilte’ méid ítime (de réir achair, faid, toirte nó maise) a fhaightear ó ábhar athchúrsáilte iarthomhaltais agus/nó iarthionsclaíoch. Is féidir ítim a bheith ina tagairt don táirge nó don phacáistíocht sa chás seo;

(11)

ciallaíonn ‘athchúrsáil’, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, aon oibríocht aisghabhála lena ndéantar ábhair dramhaíola a athphróiseáil ina dtáirgí, ina n-ábhair nó ina substaintí cibé acu chun na gcríoch bunaidh nó chun críoch eile. Áirítear air sin ábhair orgánacha a athphróiseáil ach ní áirítear aisghabháil fuinnimh ná athphróiseáil go hábhair le húsáid mar bhreosla nó le haghaidh oibríochtaí aislíonta;

(12)

ciallaíonn ‘pacáistíocht díolacháin’, dá ngairtear príomhphacáistíocht freisin, pacáistíocht arna ceapadh chun gurb é atá inti aonad díolacháin ina bhfuil táirgí agus pacáistíocht le haghaidh an úsáideora deiridh nó an tomhaltóra deiridh ag an díolphointe;

(13)

ciallaíonn ‘comhpháirt ar leithligh’, dá ngairtear comhpháirt bhreise freisin, comhpháirt phacáistíochta atá éagsúil le príomhchorp an aonaid pacáistíochta, a d’fhéadfadh a bheith déanta as ábhar difriúil, nach mór a dhíchóimeáil go hiomlán agus go buan ón bpríomhaonad pacáistíochta chun rochtain a fháil ar an táirge, agus bhfaightear réidh léi de ghnáth roimh an aonad pacáistíochta agus ar leithligh uaidh. I gcás cuacháin mhíosta in-athúsáidte, is éard atá ann aon chomhpháirt (ag a bhfuil feidhm chosanta nó sláinteachais) a bhaintear sula n-úsáidtear an táirge, e.g. an mála/tiachóg a dhíoltar leis na cupáin mhíosta go hiondúil;

(14)

ciallaíonn ‘substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu’, dá ngairtear freisin suaiteoirí inchríneacha, substaintí a sainaithníodh go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu (sláinte an duine agus/nó an comhshaol) de réir Airteagal 57(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad), nó Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nó Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(15)

ciallaíonn ‘polaiméirí sintéiseacha’ substaintí macramóilín seachas laíon ceallalóis a fhaightear d’aon ghnó trí cheachtar de na modhanna seo a leanas:

(a)

próiseas polaiméiriúcháin amhail polasuimiú nó pola-chomhdhlúthú nó trí aon phróiseas comhchosúil eile lena gcomhcheanglaítear monaiméirí agus substaintí tosaigh eile;

(b)

modhnú ceimiceach ar mhacramóilíní nádúrtha nó sintéiseacha;

(c)

coipeadh miocróbach.

Critéar 1.   Astaíochtaí le linn tháirgeadh an amhábhair

1.1.    Astaíochtaí deannaigh agus clóirídí san aer

(a)   Astaíochtaí deannaigh

(i)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le sileacóin amháin.

Úsáidfear ceann amháin ar a laghad de na teicnící seo a leanas chun an t-amhábhar sileacóin eilimintigh a stóráil agus a láimhseáil:

Sileacón eiliminteach a stóráil i stórtha (tar éis meilte);

Sileacón eiliminteach a stóráil i bhfoscadáin atá cosanta ar an mbáisteach agus ar an ngaoth (tar éis meilte);

Úsáid a bhaint as trealamh atá deartha le cochall agus ducht chun astaíochtaí deannaigh idirleata a ghabháil le linn sileacón eiliminteach a chur sa stóráil (tar éis meilte);

Atmaisféar an mheilteora a choinneáil ag brú beagán níos ísle ná brú an atmaisféir.

(ii)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le sileacóin agus leaistiméirí eile araon.

Beidh meánastaíochtaí clasaithe in aghaidh na bliana níos ísle ná 5 mg/Nm3. Ba cheart monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar na hastaíochtaí deannaigh.

(b)   Astaíochtaí clóirídí

(i)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le sileacóin amháin.

Déanfar ocsaídiú teirmeach agus sciúradh ina dhiaidh sin ar na easgháis ó na céimeanna clóiríde meitile, sintéise dírí agus próisis driogtha. Údarófar comhdhúile clóirínithe a dhó sa phróiseas ocsaídithe theirmigh.

(ii)   Tá feidhm ag an gceanglas seo maidir le leaistiméirí nach sileacóin iad.

Beidh débheinsi-dé-ocsainí polaclóirínithe (PCDDanna) agus débheinseafúráin (PCDFanna) faoi bhun 0,01 ng TEQ/Nm3 (an meán thar an tréimhse samplála). Ba cheart monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí PCDD/F gach 6 mhí.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh chritéar 1.1 ón soláthróir amhábhair. Ina theannta sin, léireoidh an dearbhú go gcomhlíontar na nithe seo a leanas:

critéar 1.1(a)i, cuirfidh an soláthróir sileacóin in iúl cén teicníc a úsáidtear ar an láthair, agus soláthróidh pictiúir nó tuairiscí teicniúla, mar shonraí forlíontacha;

critéar 1.1(a)(ii), soláthróidh an soláthróir amhábhair torthaí na dtomhas deannaigh a thógtar ar an láthair, mar aon le meánastaíochtaí deannaigh in aghaidh na bliana. Is iad EN 15267-1, EN 15267-2, EN 15267-3, EN 15267-4, EN 13284-1 agus EN 13284-2 na modhanna a nglactar leo. I gcás sileacóin a tháirgeadh, cumhdófar leis an tomhas meilt, stóráil agus láimhseáil sileacain eilimintigh ar a laghad;

critéar 1.1(b)(i), soláthróidh an soláthróir sileacóin sonraí maidir le próiseáil na n-easghás ó na céimeanna clóiríde meitile, sintéise dírí agus driogtha;

critéar 1.1(b)(ii), soláthróidh an soláthróir amhábhair torthaí thomhas astaíochtaí PCDD/F na ngás cóireáilte. Is iad EN 1948-1, EN 1948-2 agus EN 1948-3 na modhanna a nglactar leo.

1.2    Astaíochtaí copair agus since san uisce

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le sileacóin amháin.

Déanfar na heisiltigh uisce ón gcéim táirgthe polaidémheitilsiolocsáin (PDMS) a réamhchóireáil trí dheascadh nó trí fhlocasú faoi dhálaí alcaileacha, agus ina dhiaidh sin dríodrú agus scagachán. Áireofar leis sin:

(a)

an sloda a dhí-uisciú sula ndéantar é a dhiúscairt; agus

(b)

iarmhair mhiotail sholadacha a aisghabháil i ngléasraí aisghabhála miotail.

Beidh an tiúchan copair san eisilteach cóireáilte faoi bhun 0,5 mg/l, agus beidh an tiúchan since faoi bhun 2 mg/l.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú ón soláthróir sileacóin maidir le comhlíonadh chritéar 1.2, mar aon le cruthúnas go bhfuil córas fuíolluisce i bhfeidhm ag an ngléasra ina bhfuil céim deascaidh/flocasúcháin agus céim dríodraithe ina dhiaidh sin. Thairis sin, soláthróidh an soláthróir sileacóin na torthaí tomhaiste maidir le copar agus sinc san eisilteach cóireáilte.

1.3    Astaíochtaí CO2

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir le sileacóin amháin.

Ní bheidh astaíochtaí CO2 ó tháirgeadh an tsileacóin os cionn 6,58 kg in aghaidh an chileagraim sileacóin, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair). Áireofar le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh neamh-inathnuaite a úsáidtear le linn an sileacón a tháirgeadh. Úsáidfear luachanna astaíochtaí tagartha de réir Thábla 1 le haghaidh ríomh na n-astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh. Más gá, is féidir teacht ar fhachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh foinsí eile fuinnimh in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/2066, ach ba cheart na fachtóirí astaíochta CO2 le haghaidh leictreachas eangaí a bheith i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331.

Tábla 1

Luachanna tagartha le haghaidh astaíochtaí CO2 ó fhoinsí fuinnimh éagsúla

Breosla

Astaíochtaí CO2

Aonad

Tagairt

Gual

94,6

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Amhola

73,3

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Ola breosla 1

74,1

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Olaí breosla 2-5

77,4

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

GPL

63,1

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Gás Nádúrtha

56,1

g CO2 iontaise/MJ

Rialachán (AE) 2018/2066

Leictreachas ón eangach

376

g CO2 iontaise/kWh

Rialachán (AE) 2019/331

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir sonraí agus ríomhanna mionsonraithe maidir leis na hastaíochtaí CO2 ó tháirgeadh an tsileacóin.

Áireofar sna sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 gach foinse fuinnimh a úsáidtear le linn an t-amhábhar a tháirgeadh, lena n-áirítear na hastaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais (cibé acu ar an láthair nó lasmuigh den láthair).

Agus astaíochtaí CO2 á ríomh, astaíocht CO2 nialasach a bheidh sa mhéid fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh na bpróiseas táirgthe. Maidir le dóchán bithmhaise, ciallaíonn sé sin gur gá don bhithmhais na critéir ábhartha inbhuanaitheachta agus laghduithe gás ceaptha teasa a chomhlíonadh mar a shonraítear i dTreoir (AE) 2018/2001. Cuirfidh an t-iarratasóir doiciméadacht iomchuí ar fáil go bhfuil an cineál sin fuinnimh á úsáid iarbhír sa ghléasra nó gur ceannaíodh go seachtrach é (cóip den chonradh agus sonrasc lena léirítear sciar in-athnuaite an leictreachais a ceannaíodh).

Beidh an tréimhse le haghaidh na ríomhanna agus/nó na maischothromaíochtaí bunaithe ar an táirgeadh thar 12 mhí. Déanfar na ríomhanna arís ar bhonn bliantúil. I gcás gléasra táirgthe nua nó gléasra táirgthe atógtha, bunófar na ríomhanna ar 45 lá ar a laghad ina dhiaidh sin d’oibriú cobhsaí an ghléasra. Beidh na ríomhanna ionadaíoch ar an bhfeachtas féin.

I gcás an leictreachais ón eangach, úsáidfear an luach a sholáthraítear thuas (an meán Eorpach) mura dtíolacann an t-iarratasóir doiciméadacht lena mbunaítear an luach sonrach le haghaidh a sholáthróirí leictreachais (conradh le haghaidh leictreachas sonraithe nó leictreachas deimhnithe). Sa chás sin, féadfaidh an t-iarratasóir an luach sin a úsáid in ionad an luacha a luaitear. Áireofar sa doiciméadacht a úsáidfear mar chruthúnas ar chomhlíonadh sonraíochtaí teicniúla a léiríonn an meánluach (e.g. cóip de chonradh).

Critéar 2.   Bainistíocht chomhshaoil an táirgthe

Beidh córais chun na nithe seo a leanas a chur chun feidhme ag gach gléasra a tháirgeann amhábhair (sileacón nó leaistiméirí eile) nó na táirgí deiridh:

(a)

coigilteas uisce. Déanfar an córas bainistithe uisce a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: faireachán ar shreafaí uisce; cruthúnas ar uisce a chur i gcúrsaíocht i gcórais dhúnta; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le giniúint fuíolluisce a laghdú agus rátaí barrfheabhsaithe (más ábhartha, i.e. má úsáidtear uisce sa ghléasra);

(b)

bainistiú dramhaíola comhtháite, i bhfoirm plean chun tosaíocht a thabhairt do roghanna cóireála seachas diúscairt le haghaidh na dramhaíola ar fad a ghintear ag na saoráidí monaraíochta agus an t-ordlathas dramhaíola a leanúint i ndáil le dramhaíl a chosc, a athúsáid, a athchúrsáil, a aisghabháil agus a dhiúscairt ar deireadh. Déanfar an plean bainistithe dramhaíola a dhoiciméadú nó a mhíniú agus áireofar ann faisnéis faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: codáin dramhaíola éagsúla a dheighilt; ábhair in-athchúrsáilte a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a úsáid ón sruth dramhaíola neamhghuaisí; ábhair a aisghabháil le haghaidh úsáidí eile; dramhaíl ghuaiseach mar a shainíonn na húdaráis rialála áitiúla agus náisiúnta ábhartha a láimhseáil, a bhailiú, a dheighilt agus a dhiúscairt; agus cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann le dramhaíl a chosc, a athúsáid agus a athchúrsáil agus a bhaineann le haisghabháil codán dramhaíola nach féidir a chosc (lena n-áirítear aisghabháil fuinnimh);

(c)

an éifeachtúlacht fuinnimh agus an bainistiú fuinnimh a bharrfheabhsú. Trí bhíthin an chórais bainistithe fuinnimh, tabharfar aghaidh ar na gairis uile a ídíonn fuinneamh, lena n-áirítear innealra, soilsiú, aerchóiriú agus fuarú. Áireofar sa chóras bainistithe fuinnimh bearta chun feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus áireofar faisnéis ann faoi na gnéithe seo a leanas ar a laghad: plean bailithe sonraí fuinnimh a bhunú agus a chur chun feidhme chun príomhfhigiúirí fuinnimh a shainaithint; anailís ar an tomhaltas fuinnimh lena n-áirítear liosta de chórais, de na próisis agus de na saoráidí a thomhlaíonn fuinneamh; bearta a shainaithint chun fuinneamh a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla; cuspóirí agus spriocanna feabhsaithe leanúnaigh a bhaineann leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir ó (1) tháirgeoir na n-amhábhar (amhábhar sileacóin nó leaistiméirí eile) agus (2) ón monaróir cuachán míosta in-athúsáidte. Tacófar leis an dearbhú trí bhíthin tuarascáil ina dtugtar miontuairisc ar na nósanna imeachta a ghlac na soláthróirí chun na ceanglais a chomhlíonadh le haghaidh gach ceann de na láithreáin lena mbaineann i gcomhréir le caighdeáin, amhail ISO 14001 agus/nó ISO 50001 le haghaidh pleananna uisce, dramhaíola agus fuinnimh.

Má dhéantar an bhainistiú dramhaíola a sheachfhoinsiú, soláthróidh an fochonraitheoir dearbhú maidir le comhlíonadh an chritéir seo freisin.

Iarratasóirí atá cláraithe le Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus/nó atá deimhnithe de réir ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach, measfar go gcomhlíonann siad na ceanglais sin má dhéanann siad an méid seo a leanas:

(a)

doiciméadaítear pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe i ráiteas EMAS na cuideachta; nó

(b)

tugtar aghaidh go leormhaith ar chuimsiú pleananna bainistithe uisce, dramhaíola agus fuinnimh le haghaidh na láithreán táirgthe le ISO 14001, ISO 50001, EN 16247 nó caighdeán/scéim choibhéiseach.

Critéar 3.   Éifeachtúlacht ábhar i monarú an táirge deiridh

Beidh feidhm ag na ceanglais a shonraítear sa chritéar seo maidir le láithreán monaraíochta an táirge deiridh.

Maidir leis an gcainníocht dramhaíola a ghintear le linn mhonarú agus phacáistiú na dtáirgí deiridh agus a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh, ní bheidh an chainníocht sin níos mó ná 4 % de na táirgí deiridh de réir meáchain.

Measúnú agus fíorú:

Dearbhóidh an t-iarratasóir go gcomhlíontar an ceanglas thuasluaite.

Soláthróidh an t-iarratasóir fianaise ar an gcainníocht dramhaíola nár athúsáideadh laistigh den phróiseas monaraíochta agus nach dtiontaítear ina hábhair agus/nó ina fuinneamh.

Cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas i láthair:

(a)

meáchan an táirge agus na pacáistíochta,

(b)

na sruthanna dramhaíola uile a ghintear le linn na monaraíochta, agus

(c)

an phróiseáil cóireála faoi seach a dhéantar an an gcodán den dramhaíl aisghafa agus an codán a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear.

An cainníocht dramhaíola a chuirtear chuig líonadh talún nó a loisctear gan aisghabháil fuinnimh a dhéanamh, ríomhfar í mar an difríocht idir an méid dramhaíola a tháirgtear agus an méid dramhaíola a aisghabhtar (ath-úsáidte, athchúrsáilte, etc).

Critéar 4.   Substaintí eisiata agus srianta

4.1.    Srianta ar shubstaintí a aicmítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

Ach amháin i gcás maolú air i dTábla 4, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh, ná in aon chomhpháirt ann, ar substaintí iad dár sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

Tábla 2

Aicmí agus catagóirí guaise agus cód ráitis guaise lena mbaineann a eisiatar

Carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh

Catagóirí 1A agus 1B

Catagóir 2

H340 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

H341 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le héalanga géiniteacha

H350 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

H351 Ceaptar go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hailse

H350i D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le hailse má ionanálaítear é

-

H360F D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

H361f Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

H360D D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H361d Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H360FD D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H361fd Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H360Fd D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn

H362 D’fhéadfadh sé díobháil a dhéanamh do leanaí diúil

H360Df - D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh don leanbh sa bhroinn. Ceaptar go bhféadfadh sé damáiste a dhéanamh do thorthúlacht

 

Géarthocsaineacht

Catagóirí 1 agus 2

Catagóir 3

H300 Marfach má shlogtar

H301 Tocsaineach má shlogtar

H310 Marfach i dteagmháil leis an gcraiceann

H311 Tocsaineach i dteagmháil leis an gcraiceann

H330 Marfach má ionanálaítear

H331 Tocsaineach má ionanálaítear

H304 D’fhéadfadh sé a bheith marfach má shlogtar é agus má théann sé isteach sna haerbhealaí

EUH070 Tocsaineach trí theagmháil leis an tsúil

Tocsaineacht sain-spriocorgáin

Catagóir 1

Catagóir 2

H370 Déanann sé damáiste d’orgáin

H371 D’fhéadfadh damáiste a dhéanamh d’orgáin

H372 Déanann damáiste d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

H373 D’fhéadfadh sé damáiste a dhéanamh d’orgáin trí nochtadh fada nó ilnochtadh

Íogrú riospráide nó craicinn

Catagóir 1A

Catagóir 1B

H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

H317 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn

H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

H334 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le siomptóim ailléirge nó asma nó le deacrachtaí análaithe má ionanálaítear é

Suaiteoirí inchríneacha i gcás shláinte an duine agus an chomhshaoil

Catagóir 1

Catagóir 2

EUH380: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

EUH381: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa duine

EUH430: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

EUH431: Ceaptar go bhfuil sé ina chúis le suaitheadh inchríneach sa chomhshaol

Marthanach, Inbhithbhailithe agus Tocsaineach

MIT

vPvB

EUH440: Carnann sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

EUH441: Carnann go mór sa chomhshaol agus in orgánaigh bheo lena n-áirítear sa duine

Marthanach, Soghluaiste agus Tocsaineach

MST

vPvM

EUH450: D’fhéadfadh truailliú idirleata fadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

EUH451: D’fhéadfadh truailliú idirleata an-fhadtéarmach ar acmhainní uisce a bheith mar thoradh ar an tsubstaint

Thairis sin, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) sa táirge deiridh, ná in aon chomhpháirt ann, i dtiúchan is mó ná 0,010 % (meáchan de réir meáchain) ar substaintí iad dá sanntar aon aicme nó catagóir ghuaise nó aon chód ráitis guaise lena mbaineann a shonraítear i dTábla 3 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – ach amháin má mhaolaítear sin i dTábla 4.

Tábla 3

Aicmí agus catagóirí guaise agus cód ráitis guaise lena mbaineann a shriantar

Guaiseach don chomhshaol uisceach

Catagóirí 1 agus 2

Catagóirí 3 agus 4

H400 An-tocsaineach don saol uisceach

H412 Díobhálach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

H410 An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

H413 D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le héifeachtaí fadtréimhseacha díobhálacha ar an saol uisceach

H411 Tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha

 

Guaiseach don chiseal ózóin

H420 Déanann díobháil don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol trí ózóin san atmaisféar uachtarach a scriosadh

 


Tábla 4

Maoluithe ar shrianta ar shubstaintí lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008

Cineál substainte

Aicme agus catagóirí guaise agus cód ráitis guaise atá maolaithe

Coinníollacha an mhaolaithe

Substaintí lena ngabhann aicmiú comhchuibhithe mar H304

H304

Substaintí lena mbaineann slaodacht faoi bhun 20,5 cSt ag 40 °C.

Dé-ocsaíd tiotáiniam (nanafhoirm)

H351

Ach amháin nuair a úsáidtear mar lí é. Ní féidir é a úsáid i bhfoirm púdair ná sprae

Is do shubstaintí a thagraítear leis na cóid ráitis guaise de ghnáth. Mura féidir faisnéis faoi na substaintí a fháil áfach, beidh feidhm ag na rialacha aicmithe maidir le meascáin.

Díolmhófar ón gceanglas thuas úsáid na substaintí nó na meascán a mhodhnaítear go ceimiceach le linn an phróisis táirgthe ionas nach mbeidh feidhm a thuilleadh le haon ghuais ábhartha arb ina leith a aicmíodh an tsubstaint nó an meascán faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

Ní bheidh feidhm ag an gcritéir seo maidir leis an méid seo a leanas:

substaintí nach gcuimsítear faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 mar a shainítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

substaintí a chumhdaítear faoi Airteagal 2(7)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006; lena leagtar amach na critéir chun substaintí a áirítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le clárú, úsáideoirí iartheachtacha agus fíorú.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh fho-chritéar 4.1, in éineacht leis na dearbhuithe ábhartha ó tháirgeoirí na gcomhpháirteanna, liosta de na ceimiceáin a úsáidtear, an bhileog sonraí sábháilteachta nó an dearbhú ón soláthróir ceimiceán agus aon dearbhú ábhartha lena léirítear comhlíonadh an cheanglais.

I gcás substaintí srianta agus eisíontais dhosheachanta lena ngabhann aicmiú srianta, úsáidfear tiúchan na substainte srianta nó an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht na substainte srianta nó an eisíontais atá sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais.

Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó maidir le modhnú ceimiceach eisíontais shrianta.

I gcás substaintí a dhíolmhaítear ó fho-chritéar 4.1 (féach Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006), is leor dearbhú ón iarratasóir maidir leis an méid sin chun comhlíontacht a léiriú.

Ós rud é gur féidir roinnt táirgí nó táirgí féideartha ina n-úsáidtear na ceimiceáin chéanna próisis a chumhdach le ceadúnas Éicilipéad an AE amháin, ní gá ach an ríomh a chur i láthair le haghaidh gach eisíontais i gcás an táirge nó an chomhpháirt is measa a chumhdaítear leis an gceadúnas (e.g. an t-earra comhpháirte is mó a ndéantar priontáil air agus scagadh á dhéanamh le haghaidh dúigh lena mbaineann haicmithe srianta).

Is féidir le haon soláthróir i slabhra soláthair an iarratasóra an fhianaise sin thuas a sholáthar go díreach do chomhlachtaí inniúla.

4.2.    Substaintí ar ábhar mór imní iad

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

Maidir leis an táirge deiridh, agus aon chomhpháirt ann, ní bheidh substaintí isteach (astu féin nó i meascáin) a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 iontu, ar substaintí isteach iad a sainaithníodh de réir an nós imeachta a thuairiscítear in Airteagal 59 den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta substaintí inbhreithnithe le haghaidh údarú ar ábhar mór imní iad.

Measúnú agus fíorú

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe nach bhfuil substaintí ar ábhar mór imní iad sa táirge deiridh ná sna comhpháirteanna ann. Tacófar leis an dearbhú le bileoga sonraí sábháilteachta i dtaobh na gceimiceán agus na n-ábhar uile a soláthraíodh agus a úsáideadh chun an táirge deiridh agus na comhpháirteanna ann a tháirgeadh.

Is féidir liosta substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad agus a áirítear sa liosta substaintí inbhreithnithe i gcomhréir le hAirteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a fháil anseo:

https://www.echa.europa.eu/candidate-list-table.

Déanfar tagairt don liosta ar an dáta a chuirfear isteach an t-iarratas ar Éicilipéad an AE.

I gcás eisíontais dhosheachanta a shainaithnítear mar shubstaintí ar ábhar mór imní iad, úsáidfear tiúchan an eisíontais agus fachtóir coinneála toimhdithe de 100 % chun meastachán a dhéanamh ar chainníocht an eisíontais ar ábhar mór imní é sa táirge deiridh. Is féidir eisíontais a bheith sa táirge ceimiceach suas le 0,0100 % w/w. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais

Soláthrófar údair le haghaidh aon chlaonta ó fhachtóir coinneála 100 % (e.g. galú tuaslagóirí) nó le haghaidh modhnú ceimiceach eisíontais ar ábhar mór imní é.

4.3.    Srianta sonracha eile

4.3.1   Substaintí eisiata sonraithe

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

Ní chuirfear na substaintí seo a leanas (astu féin nó i meascáin) leis an táirge ceimiceach a úsáidtear sa táirge deiridh ná in aon chomhpháirt ann:

(a)

5-chlóra-2-meitil-4-isitiasóilín-3-ón (CMIT);

(b)

Eatocsaláití ailcilfeanóil (APEOanna) agus díorthaigh eile ailcilfeanóil [1];

(c)

Oibreáin fhrithbhaictéaracha (e.g. nan-airgead agus tríchlósan);

(d)

Formaildéad agus scaoilteoirí formaildéid;

(e)

Meitilisitiasóilíonón (MIT)

(f)

Nítreamuisc agus muisc iltimthriallacha;

(g)

Comhdhúile orgánastáin a úsáidtear mar chatalaíoch chun sileacón a tháirgeadh;

(h)

Paraibeiní;

(i)

Taláití;

(j)

Substaintí a shainaithnítear go bhfuil airíonna suaite inchrínigh acu;

(k)

Substaintí a mheastar a d’fhéadfadh a bheith ina suaiteoirí inchríneacha i gcatagóir 1 nó i gcatagóir 2 ar liosta tosaíochta an Aontais de shubstaintí a bhfuil imscrúdú níos mó le déanamh orthu le haghaidh éifeachtaí suaite inchríneacha.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir, in éineacht le dearbhuithe ó sholáthróirí, más ábhartha. Ní cheadaítear na substaintí a liostaítear faoin bhfo-chritéar seo ach mar eisíontais agus fiú sa chás sin i dtiúchain níos ísle ná 0,0100 % w/w sa táirge ceimiceach. Substaintí arb eol go scaoiltear iad ó shubstaintí isteach nó go n-easraíonn siad as na substaintí isteach agus iad ag díghrádú, meastar gur substaintí isteach iad seachas eisíontais

[Nóta:

[1]

Ainm na substainte = ‘Ailcilfeanóil’, faoi: https://echa.europa.eu/es/advanced-search-for-chemicals]

4.3.2   Cumhráin

Tá feidhm ag an gcritéar seo maidir leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt ann, na comhpháirteanna ar leithligh agus an phacáistíocht.

Ní chuirfear cumhráin leis an táirge deiridh, aon chomhpháirt ann, na comhpháirteanna ar leithligh ná leis an bpacáistíocht.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir.

4.3.3   Dúigh agus ruaimeanna

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann. Níl feidhm ag an gceanglas seo maidir leis na comhpháirteanna ar leithligh, an phacáistíocht díolacháin ná na bileoga faisnéise.

Ní bheidh na datháin ruaimnithe ná na dúigh a úsáidtear sa chuachán míosta in-athúsáidte níos mó 2 % de mheáchan iomlán an chuacháin.

Beidh an méid antamóin, arsanaice, bairiam, caidmiam, cróimiam, luaidhe, mearcair, seiléiniam, aimíní príomhúla aramatacha agus défheinile polaclóirínithe atá ann mar eisíontas sna datháin ruaimnithe agus sna dúigh faoi bhun na teorainneacha a shonraítear i Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa maidir le datháin a úsáid in ábhair phlaisteacha a bhíonn i dteagmháil le bia (1).

Thairis sin, comhlíonfaidh na datháin ruaimnithe a úsáidtear moladh IX ó BfR maidir le Datháin le haghaidh Plaisteach agus Polaiméirí eile a úsáidtear i dTráchtearraí (2), nó i Reacht na hEilvéise 817.023.21 Iarscríbhinn 2 (3) agus Iarscríbhinn 10 (4).

Beidh na datháin ruaimnithe agus na dúigh a úsáidtear i gcomhréir le fo-chritéir 4.1 agus 4.2 freisin.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha, mar aon le doiciméadacht chun a áirithiú go bhfuil na heisíontais sa dathán ruaimnithe nó sa dúch i gcomhréir le Rún AP (89) 1 ó Chomhairle na hEorpa, agus go n-údaraítear na ruaimeanna agus na dúigh a úsáidtear i gcomhréir le moltaí BfR dar teideal IX. Colorants for Plastics and other Polymers Used in Commodities, Reacht na hEilvéise 817.023.21 Iarscríbhinn 2 agus Iarscríbhinn 10, nó moladh XXXVI. ó BfR. dar teideal Paper and board for food contact.

4.3.4   Ciglisiolocsáin

Tá feidhm ag an bhfo-chritéar maidir leis an táirge deiridh agus aon chomhpháirt ann.

Ní bheidh ciglipeintisiolocsán deacaimeitile D4 (CAS 556-67-2), ciglipeintisiolocsán deacaimeitile D5 (CAS 541-02-6) ná dóideacaimeitilcigliheicsisiolocsán D6 (CAS 540-97-6) sna hamhábhair sileacóin i dtiúchan os cionn 100 ppm (0,0100 % w/w). Tá an teorainn 100 ppm le cur i bhfeidhm maidir le gach substaint ar leithligh.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú sínithe maidir le comhlíonadh an fho-chritéir thuasluaite, a dtacófar leis le dearbhuithe ó sholáthróirí más ábhartha.

Critéar 5.   Pacáistíocht

Leis an gcritéar seo, leagtar síos ceanglais le haghaidh pacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte.

Seachnófar an phacáistíocht ghrúpáilte nó déanfar as cairtchlár agus/nó as páipéar amháin í.

(a)   Cairtchlár agus/nó páipéar a úsáidtear le haghaidh na pacáistíochta

Maidir le pacáistíocht díolacháin a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, 40 % ábhar athchúrsáilte ar a laghad a bheidh inti.

Maidir le pacáistíocht ghrúpáilte a dhéantar as cairtchlár agus/nó as páipéar, 80 % ábhar athchúrsáilte ar a laghad a bheidh inti.

Cumhdófar an sciar eile de chairtchlár agus/nó an páipéar (100 % lúide an céatadán d’ábhar athchúrsáilte) a úsáidtear sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte le deimhnithe bailí um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí a eisíonn scéim deimhniúcháin neamhspleách tríú páirtí amhail FSC, PEFC nó a gcoibhéis. Na comhlachtaí deimhniúcháin a eisíonn na deimhnithe um Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí, déanfaidh an scéim deimhniúcháin sin iad a chreidiúnú/a aithint.

(b)   Plaisteach a úsáidtear sa phacáistíocht

Go dtí an 31 Nollaig 2026, 20 % ábhar athchúrsáiltear ar a laghad a bheidh i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

Ón 1 Eanáir 2027 ar aghaidh, 35 % ábhar athchúrsáilte ar a laghad a bheidh i bpacáistíocht díolacháin a dhéantar as plaisteach.

(c)   In-athchúrsáilteacht

An cion den phacáistíocht díolacháin (cairtchlár agus/nó páipéar nó plaisteach) agus den phacáistíocht ghrúpáilte (cairtchlár agus/nó páipéar) is féidir a athchúrsáil, 95 % den phacáistíocht a bheidh i gceist leis an gcion sin de réir meáchain, agus beidh 5 % ar iarmhair é comhoiriúnach leis an athchúrsáil.

(d)   Ceanglais bhreise

Ní cheadaítear pacáistíocht ilchodach (pacáistíocht díolacháin agus pacáistíocht ghrúpáilte) ná plaistigh mheasctha a úsáid ná cairtchláir agus/nó páipéir a bhratú le plaistigh ná le miotail.

Luafar ar an bpacáistíocht díolacháin cion athchúrsáilte agus in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte.

(e)   Comhpháirt ar leithligh: mála nó tiachóg

Díolfar cupáin mhíosta in-athúsáidte maille le mála nó tiachóg in-athúsáidte a bheidh déanta go hiomlán as snáithíní inbhuanaithe deimhnithe.

Measúnú agus fíorú:

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach (1) dearbhú comhlíontachta sínithe ina sonraítear céatadáin an ábhair athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte i gcás inarb ábhartha; (2) dearbhú comhlíontachta lena sonraítear in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta díolacháin agus grúpáilte agus (3) grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin ar a léirítear go soiléir faisnéis faoin ábhar athchúrsáilte sa phacáistíocht díolacháin agus ghrúpáilte agus faoi in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta sin.

Seiceálfaidh comhlachtaí inniúla an dearbhú comhlíontachta lena sonraítear céatadáin an ábhair phlaistigh athchúrsáilte le haghaidh na pacáistíochta díolacháin arís tar éis an 1 Eanáir 2027.

Soláthróidh an t-iarratasóir doiciméid chuntasaíochta iniúchta ina léireofar go sainítear an sciar eile de chairtchlár agus/nó an páipéar (100 % lúide an céatadán d’ábhar athchúrsáilte) a úsáidtear sa phacáistíocht díolacháin agus sa phacáistíocht ghrúpáilte mar ábhar deimhnithe de réir scéimeanna bailí FSC, PEFC nó scéimeanna coibhéiseacha. Beidh na doiciméid chuntasaíochta iniúchta bailí ar feadh thréimhse iomlán cheadúnas Éicilipéad an AE. Seiceálfaidh na comhlachtaí inniúla na doiciméid chuntasaíochta arís 12 mhí tar éis an cheadúnais a dhámhachtain.

Fíorófar an cion athchúrsáilte trí EN 45557 nó ISO 14021 a chomhlíonadh agus fíorófar in-athchúrsáilteacht trí EN 13430 nó ISO 18604 a chomhlíonadh.

Beidh an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte sa phacáistíocht i gcomhréir le caighdeáin líne cúraim amhail ISO 22095 nó EN 15343. Féadfar glacadh le modhanna coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach, agus beidh mínithe mionsonraithe ag gabháil leo lena léireofar go bhfuil an ceanglas seo á chomhlíonadh mar aon leis an doiciméadacht tacaíochta ghaolmhar. Soláthrófar sonraisc lena léirítear ceannach an ábhair athchúrsáilte.

Thairis sin, tástálfar in-athchúrsáilteacht (infhaighteacht agus comhoiriúnacht chun athchúrsáil) na pacáistíochta trí bhíthin nósanna imeachta tástála caighdeánaí. Déanfar measúnú ar in-athchúrsáilteacht pacáistíochta cairtchláir agus/nó páipéir trí thástáil inlaíonáilteachta agus sa chás sin, léireoidh an t-iarratasóir inlaíonáilteacht na pacáistíochta cairtchláir agus páipéir le tacaíocht ó thorthaí tuarascálacha tástála de réir mhodh PTS PTS-RH 021, chóras meastóireachta ATICELCA 501 nó mhodhanna caighdeánacha coibhéiseacha a nglacann an comhlacht inniúil leo mar mhodh lena soláthraítear sonraí ar cháilíocht eolaíoch choibhéiseach. Glacfar le scéimeanna deighilte nó scéimeanna measctha rialaithe amhail RecyClass mar dheimhniú neamhspleách tríú páirtí le haghaidh pacáistíocht phlaisteach. Féadfar glacadh le modhanna tástála coibhéiseacha má mheasann tríú páirtí iad a bheith coibhéiseach.

Thairis sin, soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú comhlíontachta a dtacaítear leis le deimhniú bailí um líne chúraim a dheimhnítear go neamhspleách le haghaidh an mhála nó na tiachóige in-athúsáide. Glacfar le scéimeanna FSC, PEFC, OEKO-TEX, GOTS, nó scéimeanna coibhéiseacha mar dheimhniú tríú páirtí neamhspleách.

Critéar 6.   Treoraíocht maidir leis an táirge agus an phacáistíocht a dhiúscairt

Beidh treoraíocht ar an bpacáistíocht díolacháin maidir le diúscairt na pacáistíochta díolacháin, na pacáistíochta grúpáilte (más ann di), na gcomhpháirteanna ar leithligh agus maidir le diúscairt an táirge úsáidte. Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a scríobh nó a léiriú trí bhíthin siombailí físeacha ar an bpacáistíocht díolacháin:

(a)

nach sruthlófar an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh ná an cuachán, agus

(b)

an bealach chun an phacáistíocht díolacháin, an phacáistíocht ghrúpáilte (más ann di), na comhpháirteanna ar leithligh agus an cuachán ag deireadh a shaolré a dhiúscairt i gceart.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir grianghraf ardtaifigh den phacáistíocht díolacháin, ar a bhfuil an fhaisnéis faoin diúscairt le feiceáil go soiléir.

Critéar 7.   Faisnéis maidir le húsáid an táirge

Beidh treoir maidir lena úsáid ag gabháil leis an táirge. Áiritheoidh an monaróir go bhfaighidh an t-úsáideoir an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a)

Conas an tomhas ceart cuacháin a roghnú. Cuirfear an fhaisnéis sin in áit ar féidir leis an úsáideoir rochtain a fháil uirthi roimh an gceannach (e.g. ar an bpríomh-phacáistíocht).

(b)

Conas an cuachán a chaitheamh i gceart chun sceitheadh agus/nó míchompord a sheachaint.

(c)

An fad is féidir an cuachán a chaitheamh sula bhfolmhaítear é. Beidh staidéir thástála mar thaca leis an bhfaisnéis faoin am caite is faide. Tabharfar an fhaisnéis sin ar bhealach infheicthe, e.g. trí lógó nó i gcló trom, agus cuirfear ar an bpacáistíocht agus ar na treoracha úsáide araon í.

(d)

Conas an cuachán a ghlanadh roimh a úsáid agus tar éis sin le linn an mhíostraithe chéanna chéanna, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis faoin tábhacht a bhaineann leis na lámha a ní, an gá atá le fiuchadh (is gá/ní gá, agus más gá, cá fhad is gá), an t-uisce (te/fuar), an gallúnach (is gá/ní gá, agus más gá, cá mhéad is gá) agus fad an ghlanta. Ba cheart staidéir thástála a bheith mar thaca leis an bhfaisnéis sin.

(e)

Conas an cuachán a ghlanadh agus a stóráil sna tréimhsí idir míostrú, lena n-áirítear, ar a laghad, faisnéis faoin tábhacht a bhaineann leis na lámha a ní, an tábhacht a bhaineann le fiuchadh (agus faisnéis faoin aga fiuchta), an t-uisce (te/fuar), an gallúnach (is gá/ní gá, agus más gá, cá mhéad is gá) agus fad an ghlanta. Ba cheart staidéir thástála a bheith mar thaca leis an bhfaisnéis sin.

(f)

Cá fhad is féidir an cuachán a úsáid (saolré an chuacháin). Ina theannta sin, ba cheart a lua nach bhfuil aon tionchar ag dídhathúchán an chuacháin ar a shaolré ná ar a fheidhm.

(g)

Soláthrófar faisnéis faoin riosca a bhaineann le siondróm suaite thocsainigh a fhorbairt.

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir sampla den leathán faisnéise/bileog eolais agus, más ábhartha, den phacáistíocht a dhíoltar leis an gcuachán ar a mbeidh an fhaisnéis don úsáideoir ar taispeáint. Soláthróidh an t-iarratasóir tástálacha/staidéir ábhartha e.g. measúnaithe ar riosca bitheolaíoch nó staidéir thocsaineolaíochta, a thacaíonn leis na ceanglais thuas freisin.

Critéar 8.   Oiriúnacht don úsáid agus cáilíocht an táirge

Beidh éifeachtacht/cáilíocht an táirge deiridh sásúil agus beidh sé coibhéiseach le héifeachtúlacht/cáilíocht na dtáirgí atá ar an margadh cheana ar a laghad.

Tástálfar an oiriúnacht don úsáid i dtaobh na saintréithe agus na bparaiméadar a dtugtar tuairisc orthu i dTábla 5. Beidh na tairseacha feidhmíochta céanna ann, i gcás ina sainaithnítear a leithéid.

Déanfar tástáil ar oiriúnacht don úsáid i ndáil leis na tástálacha teicniúla dá dtagraítear maidir le bith-chomhoiriúnacht na n-ábhar a úsáidtear chun cuacháin mhíosta in-athúsáidte a mhonarú. Soláthrófar le tástáil bhith-chomhoiriúnachta meastóireacht bhitheolaíoch ar chíteatocsaineacht, pirigineacht, íogrú, greannú craicinn agus ar ionchlannú (90 lá).

Tábla 5

Saintréithe agus paraiméadair lena dtugtar tuairisc ar oiriúnacht an táirge atá le tástáil don úsáid

Saintréith

Cleachtas tástála is gá (tairseach feidhmíochta)

Tástálacha in úsáid

U1. Cosaint ar sceitheadh

Tástáil painéil tomhaltóirí (rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil)

U2. Tomhas agus compord

U3. Feidhmíocht fhoriomlán

Tástálacha teicniúla

T1. Bith-chomhoiriúnacht

Gan aon éifeacht bitheolaíoch ábhartha sna staidéir a rinneadh maidir le cíteatocsaineacht, pirigineacht, íogrú, greannú craicinn agus ionchlannú (90 lá) mar a léirítear in ISO 10993.

De rogha air sin, d’fhéadfaí comhlíonadh chaighdeán Aicme VI USP (tástáil ar ghéarthocsaineacht sistéamach, tocsaineacht inchraicneach agus tástáil ionchlannaithe) a thuairisciú.

Measúnú agus fíorú:

Soláthrófar tuarascáil tástála ina mbeidh tuairisc ar na modhanna tástála, torthaí na dtástálacha agus na sonraí a úsáideadh. Déanfar na tástálacha i saotharlanna atá deimhnithe chun córais bainistithe cáilíochta a chur chun feidhme.

Déanfar tástálacha in úsáid ar na táirgí sonracha a ndéantar an t-iarratas ar Éicilipéad an AE ina leith. Mar sin féin, más féidir a léiriú go mbaineann an fheidhmíocht chéanna leis na táirgí, féadfar gur leor tástáil a dhéanamh ar thoise amháin nó ar mheascán ionadaíoch toisí in aghaidh gach dearaidh táirge.

Déanfar tástálacha teicniúla ar na hábhair a úsáidtear chun cuacháin mhíosta in-athúsáidte a mhonarú a ndéantar an t-iarratas ar Éicilipéad an AE ina leith. Más féidir a léiriú go monaraítear roinnt samhlacha de chuacháin mhíosta in-athúsáidte leis an ábhar céanna, féadfar gur leor an t-ábhar sin a thástáil uair amháin. Ní iarrtar tástálacha teicniúla a dhéanamh ar chuacháin mhíosta in-athúsáidte, ach iarrtar tástálacha teicniúla a dhéanamh ar na hábhair a úsáidtear i dtáirgeadh cuachán (áirítear leis sin sileacóin, leaistiméirí sileacain trasnasctha, leaistiméirí eile, datháin a úsáidtear agus aon ábhar eile).

Déanfar cúram ar leith maidir leis na hábhair agus táirgí a shampláil, a iompar agus a stóráil chun torthaí in-mhacasamhlaithe a ráthú. Moltar gan táirgí a fholú nó iad a athphacáistiú i bpacáistíocht neodrach mar gheall ar an riosca atá ann go n-athrófaí feidhmíocht táirgí agus/nó pacáistíochta, ach amháin sa chás gur féidir a áirithiú nach mbeidh athrú ann.

Cuirfear faisnéis faoin tástáil ar fáil do na comhlachtaí inniúla agus lánurraim á tabhairt do shaincheisteanna rúndachta. Míneofar torthaí tástála go soiléir agus cuirfear i láthair i dteanga, in aonaid agus le siombailí is intuigthe don úsáideoir sonraí. Sonrófar na heilimintí seo a leanas: ionad agus dáta na dtástálacha; na critéir a úsáideadh chun na hábhair a tástáladh a roghnú agus a ionadaí atá siad; saintréithe tástála a roghnaíodh agus, i gcás inarb infheidhme, na cúiseanna nár cuireadh saintréithe áirithe san áireamh; na modhanna tástála a úsáideadh agus na srianta a bhaineann leo más ann dóibh. Soláthrófar treoirlínte soiléire maidir le húsáid torthaí tástála.

Treoirlínte breise le haghaidh tástálacha in úsáid:

Beidh an tsampláil, an dearadh tástála, an t-earcú painéil agus anailísiú na dtorthaí tástála i gcomhréir le cleachtais chaighdeánacha staidrimh (AFNOR Q 34-019, ASTM E1958-07e1 nó a gcoibhéis).

Déanfar measúnú ar gach táirge ar bhonn ceistneora. Mairfidh an tástáil 72 uair an chloig ar a laghad, agus seachtain iomlán i gcás inar féidir, agus déanfar an tástáil faoi ghnáthdhálaí úsáidte an táirge.

Is éard a bheidh sa líon tástálaithe a mholtar 30 duine ar laghad. Beidh an cineál/toise shonrach den táirge atá le tástáil in úsáid faoi láthair ag na daoine aonair a bhíonn rannpháirteach sa suirbhé.

Glacfaidh meascán daoine aonair a dhéanann ionadaíocht chionmhar ar ghrúpaí éagsúla tomhaltóirí sa mhargadh páirt sa suirbhé. Luafar aois agus tíortha go soiléir.

Ní ghlacfaidh daoine tinne nó daoine ar a bhfuil riochtaí ainsealacha páirt sa tástáil. I gcás ina n-éiríonn daoine tinn le linn na trialach úsáideora, luafar an méid sin ar an gceistneoir agus ní chuirfear na freagraí san áireamh le haghaidh an mheasúnaithe.

I gcás na dtástálacha uile in úsáid (cosaint ar sceitheadh, tomhas agus compord agus feidhmíocht fhoriomlán), rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge an fheidhmíocht mar shásúil, agus sannfaidh an tomhaltóir ráta os cionn 60 (ar scála cainníochtúil ó 1 go 100). Mar rogha air sin, rátálfaidh 80 % de na tomhaltóirí a thástálann an táirge mar tháirge maith nó an-mhaith (as measc cúig rogha chainníochtúla: an-olc, olc, measartha, maith, an-mhaith).

Déanfar meastóireacht staitistiúil ar na torthaí tar éis na trialach úsáideora a chur i gcrích.

Cuirfear in iúl fachtóirí seachtracha amhail brandáil, sciartha margaidh agus fógraíocht a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar fheidhmíocht bhraite na dtáirgí.

Ceanglais bhreise le haghaidh tástálacha teicniúla:

Bunófar modhanna tástála a mhéid is féidir ar mhodhanna atá ábhartha don táirge, modhanna is féidir a mhacasamhlú.

Déanfar tástálacha teicniúla i gcomhréir le sraith ISO 10993 nó le caighdeán Aicme VI USP.

Glacfar le modhanna tástála a meastar go bhfuil a raon feidhme agus a gcaighdeáin cheanglais coibhéiseach le ceann de na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta ainmnithe agus ar dheimhnigh tríú páirtí neamhspleách a gcoibhéis.

Tabharfar tuairisc ar mheáchan, ar thoisí agus ar ghnéithe dearaidh den táirge agus soláthrófar an tuairisc sin i gcomhréir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh sa mheasúnú ginearálta agus sa téacs fíorúcháin san iarratas.

Critéar 9.   Freagracht shóisialta chorparáideach maidir le gnéithe saothair

Leis an gcritéar seo, leagtar amach ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le láithreán monaraíochta an chuacháin mhíosta in-athúsáidte deiridh.

Ag féachaint don Dearbhú Trípháirteach Prionsabal ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta (5), Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe (Colún 2) (6), Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (7) AGUS Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (8), gheobhaidh an t-iarratasóir fíorú tríú páirtí, a dtacaítear leis le hiniúchtaí ar an láthair, gur urramaíodh na prionsabail is infheidhme a shonraítear sna téacsanna idirnáisiúnta thuasluaite agus sna forálacha forlíontacha thíos ag an láithreán cóimeála le haghaidh an táirge deiridh.

Coinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair:

(a)

Saothar Leanaí:

An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta, 1973 (Uimh. 138)

An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is Measa de Shaothar Leanaí, 1999 (Uimh. 182)

(b)

Saothar Éigeantais nó Éigeantach:

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais, 1930 (Uimh. 29) agus Prótacal 2014 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais;

An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantais a Chur ar Ceal, 1957 (Uimh. 105)

(c)

Saoirse Comhlachais agus an Ceart chun Cómhargála:

An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, 1948 (Uimh. 87)

An Coinbhinsiún maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, 1949 (Uimh. 98)

(d)

Idirdhealú:

An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothair Comhionann, 1951 (Uimh. 100)

An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha), 1958 (Uimh. 111)

Forálacha forlíontacha:

(e)

Uaireanta Oibre:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hUaireanta Oibre (Tionsclaíocht), 1919 (Uimh. 1)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Scíth Sheachtainiúil (Tionsclaíocht), 1921 (Uimh. 14)

(f)

Pá:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Socrú Íosphá 1970 (Uimh. 131)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Laethanta Saoire le Pá (Athbhreithnithe), 1970 (Uimh. 132)

Íosphá maireachtála: Áiritheoidh an t-iarratasóir gur leor an pá (lena n-eisiatar aon cháin, íocaíochtaí bónais, liúntais nó pá ragoibre) a íoctar ar ghnáthsheachtain oibre (nach mó ná 48 n-uair an chloig) chun go mbeidh an oibrí in acmhainn íoc as riachtanais bhunúsacha (tithíocht, fuinneamh, cothú, éadaí, cúram sláinte, oideachas, uisce óil, cúram leanaí agus iompar) an oibrí agus teaghlaigh de cheathrar, agus chun roinnt ioncam lánroghnach a sholáthar. Déanfar iniúchadh ar an gcur chun feidhme faoi threoir Threoraíocht SA8000 (9) maidir le ‘Pá’.

(g)

Sláinte agus Sábháilteacht:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht in Úsáid Ceimiceán ag an Obair, 1981 (Uimh. 170)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sábháilteacht agus Sláinte Cheirde, 1990 (Uimh. 155)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an Timpeallacht Oibre (Truailliú Aeir, Torann agus Creathadh), 1977 (Uimh. 148)

(h)

Cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cúram Leighis agus le Sochair Bhreoiteachta, 1969 (Uimh. 130)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir leis an tSlándáil Shóisialta (Íoschaighdeáin), 1952 (Uimh. 102)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Sochair i gcás Díobháil Fostaíochta, 1964 (Uimh. 121)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cóir Chomhionann (Cúiteamh i gcás Taismí), 1925 (Uimh. 19)

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cosaint Mháithreachais 2000 (Uimh. 183)

(i)

Dífhostú cóir:

Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Foirceannadh Fostaíochta, 1982 (Uimh. 158).

In áiteanna ina gcuirtear srian ar an tsaoirse comhlachais agus ar an gceart chun cómhargáil faoin dlí, ní chuirfidh an chuideachta srian ar oibrithe sásraí malartacha a fhorbairt chun a ngearáin a chur in iúl agus chun a gcearta a chosaint maidir le dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta agus aithneoidh sí comhlachais dhlisteanacha fostaithe lenar féidir léi saincheisteanna a bhaineann leis an áit oibre a phlé.

Cuimseofar sa phróiseas iniúchta comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha atá neamhspleách ar an tionscadal i gceantair áitiúla timpeall láithreáin, lena n-áirítear ceardchumainn, eagraíochtaí pobail, ENRanna agus saineolaithe saothair. Reáchtálfar comhairliúcháin fhiúntacha le dhá pháirtí leasmhara ó dhá fhoghrúpa éagsúla ar a laghad. In áiteanna nach féidir leordhóthanacht na freagrachta sóisialta corparáidí a áirithiú leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta thuasluaite trí bhíthin an dlí náisiúnta, áireofar sa phróiseas iniúchta iniúchtaí láithreáin tríú páirtí arb éard a bheidh iontu spotchigireachtaí gan fhógra a dhéanfaidh measúnóirí atá neamhspleách ar an tionscal.

Le linn tréimhse bhailíochta cheadúnas Éicilipéad an AE, foilseoidh an t-iarratasóir na torthaí comhiomlána agus na príomhthorthaí ó na hiniúchtaí (lena n-áirítear sonraí (a) faoin líon sáruithe a rinneadh ar gach ceann de na cearta saothair agus na caighdeáin sábháilteachta agus sláinte ceirde agus faoina thromchúisí a bhí na sáruithe sin; (b) faoin straitéis feabhsúcháin – i gcás ina gcuimsítear leis an bhfeabhsúchán seachaint de réir choincheap Chomhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe; (c) faoin measúnú ar na cúiseanna is cionsiocair le sáruithe leanúnacha mar thoradh ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara – cé leis a ndeachthas i gcomhairle, cé na saincheisteanna a tarraingíodh anuas, cén tionchar a bhí ag an méid sin ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí), ar líne chun fianaise a sholáthar maidir leis an bhfeidhmíocht do thomhaltóirí ar suim leo an cás.

Measúnú agus fíorú:

Léireoidh an t-iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais trí chóipeanna a sholáthar den leagan is déanaí dá chód iompair a bheidh comhsheasmhach leis na forálacha a shonraítear thuas agus cóipeanna de na tuarascálacha iniúchta tacaíochta le haghaidh gach gléasra deiridh cóimeála táirge i gcás na samhlacha atá le héicilipéadú, mar aon le nasc gréasáin chuig an áit ar féidir teacht ar fhoilsiú na dtorthaí ar líne.

Maidir leis na hiniúchtaí láithreáin tríú páirtí, déanfaidh measúnóirí iad atá cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh láithreán monaraíochta tionsclaíche le caighdeáin shóisialta nó cóid iompair nó i gcás tíortha inar daingníodh Coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 1947 (Uimh. 81) agus go dtugtar le fios le maoirseacht na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair go bhfuil an córas náisiúnta cigireachta saothair éifeachtach (10) agus i gcás ina gcumhdaítear na réimsí thuasluaite le raon feidhme na gcóras cigireachta (11), déanfaidh cigirí saothair a cheapann údarás poiblí iad.

Glacfar le deimhnithe bailí ó scéimeanna tríú páirtí nó próisis chigireachta lena ndéantar iniúchadh ar chomhlíonadh na bprionsabal is infheidhme a liostaítear i gCoinbhinsiúin Bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus ar chomhlíonadh na bhforálacha forlíontacha maidir le huaireanta oibre, pá agus sláinte agus sábháilteacht agus comhairliúchán le páirtithe leasmhara seachtracha. Ní bheidh na deimhnithe sin níos sine ná 12 mhí an dáta a dhéantar an t-iarratas.

Critéar 10.   Faisnéis atá le feiceáil ar Éicilipéad an AE

Féadfar lógó Éicilipéad an AE a thaispeáint ar phacáistíocht díolacháin an táirge. Má úsáidtear an lipéad roghnach maille leis an mbosca téacs, beidh na trí ráiteas seo a leanas ann:

‘Deartha chun an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú’,

‘Comhlíonann na ceanglais dhiana maidir le substaintí díobhálacha’,

‘Feidhmíocht fhíoraithe’.

Leanfaidh an t-iarratasóir na treoracha maidir leis an gcaoi ar féidir lógó Éicilipéid an AE a úsáid dá bhforáiltear i dTreoirlínte Lógó Éicilipéid an AE:

https://ec.europa.eu/environment/ecolabel/documents/logo_guidelines.pdf

Measúnú agus fíorú:

Soláthróidh an t-iarratasóir dearbhú maidir le comhlíonadh an cheanglais mar aon le grianghraf ardtaifigh de phacáistíocht díolacháin an táirge ina léirítear go soiléir an lipéad, an uimhir chlárúcháin/cheadúnais agus, i gcás inarb ábhartha, na ráitis is féidir a thaispeáint in éineacht leis an lipéad.


(1)  Féach fonóta 16

(2)  Féach fonóta 17

(3)  Féach fonóta 18

(4)  Féach fonóta 19.

(5)  Féach fonóta 21.

(6)  Féach fonóta 22.

(7)  Féach fonóta 23.

(8)  Féach fonóta 24.

(9)  Féach fonóta 25.

(10)  Féach fonóta 21.

(11)  Féach fonóta 21.


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/190


CINNEADH (AE) 2023/1810 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Meán Fómhair 2023

maidir le hiarraidh ar charnadh sínte idir an Chambóid agus Vítneam, i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, a mhéid a bhaineann leis na rialacha tionscnaimh a úsáidtear chun críocha scéim na bhfabhar ginearálaithe taraife de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 le haghaidh ábhair nó páirteanna áirithe a úsáidtear i dtáirgeadh rothar

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 64(3) de,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe i ndáil le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (2), agus go háirithe Airteagal 56 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 56(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 go bhféadfaidh tíortha is tairbhithe de scéim fabhar ginearálaithe an Aontais Eorpaigh (GSP) carnadh sínte a iarraidh le tír a bhfuil comhaontú saorthrádála ag an Aontas léi i gcomhréir le hAirteagal XXIV den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) atá i bhfeidhm.

(2)

Le hAirteagail 56(1) agus 56(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar cead a thabhairt do thíortha is tairbhithe de GSP ábhair ó thír a bhfuil comhaontú saorthrádála ag an Aontas léi a úsáid, faoi charnadh sínte, i gcomhréir le hAirteagal XXIV GATT atá i bhfeidhm. Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 56(1) nach bhféadfar an carnadh sin a chur i bhfeidhm ach amháin tar éis do na tíortha atá rannpháirteach i gcarnadh sínte gealltanas a thabhairt rialacha tionscnaimh GSP a chomhlíonadh nó a áirithiú go gcomhlíonfar iad, mar aon leis na rialacha tionscnaimh a leagtar síos sa Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Vítneam agus gach foráil eile a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha tionscnaimh, agus chun an comhar riaracháin is gá a sholáthar chun cur chun feidhme ceart na rialacha sin a áirithiú maidir leis an Aontas agus eatarthu féin freisin.

(3)

Tá an Coimisiún le cinneadh a dhéanamh maidir le hiarraidh den sórt sin i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha.

(4)

Le litir dar dáta an 2 Nollaig 2022, chuir an Chambóid iarraidh isteach ar charnadh sínte le Vítneam de bhun Airteagal 56(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446. Baineann an iarraidh le hábhair áirithe nó le páirteanna áirithe de thionscnamh Vítneam a úsáidtear i dtáirgeadh rothar atá le húsáid mar ábhair thionscnaimh sa Chambóid chun rothair faoi cheannteidil 87.11, 87.12 agus 95.03 den Chóras Comhchuibhithe (CC) a tháirgeadh agus a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach faoi rátaí fabhracha GSP.

(5)

Mar thaca lena hiarraidh, mheabhraigh an Chambóid, ós rud é gur baineadh Vítneam den liosta de thíortha is tairbhithe den socrú ginearálta GSP ón 1 Eanáir 2023, go meastar gur ábhair neamhthionscnaimh iad na hábhair nó na páirteanna ón Vítneam a úsáidtear chun rothair a tháirgeadh, agus mar thoradh air sin, nach bhfuil táirgeoirí rothar na Cambóide in ann tairbhiú de rochtain saor ó dhleacht GSP le haghaidh rothair ón gCambóid ag dul isteach san Aontas. San am céanna, chun geilleagar na Cambóide a éagsúlú agus chun leanúint d’fhostaíocht agus de shlí bheatha a chur ar fáil do na mílte daoine, ní mór do thionscal rothar na Cambóide leanúint de rochtain a bheith aige ar ábhair nó ar pháirteanna áirithe de thionscnamh Vítneam a úsáidtear chun rothair a tháirgeadh faoin gcarnadh sínte dá bhforáiltear in Airteagal 56(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

(6)

Tá Comhghnóthas idir an Chambóid agus Vítneam ag gabháil leis an iarraidh maidir le comhar riaracháin faoi chuimsiú Airteagal 56(1)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, chun a áirithiú ar thaobh amháin, comhlíonadh na rialacha ábhartha tionscnaimh faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Vítneam maidir le hábhair tionscnaimh ón Vítneam atá le húsáid i monarú rothar sa Chambóid agus na rialacha tionscnaimh faoi GSP i dtaca leis na táirgí a onnmhairíonn an Chambóid chuig an Aontas, agus ar an taobh eile, an comhar riaracháin a sholáthar maidir leis an Aontas agus eatarthu féin.

(7)

Sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an gComhghnóthas thuasluaite, tá liosta de na hábhair nó na páirteanna a úsáidtear i dtáirgeadh rothar de thionscnamh Vítneam lena mbaineann an carnadh sínte, faoi chaibidlí 32, 38, 39, 40, 48, 49, 73, 74, 76, 83, 85 agus 87 den Chóras Comhchuibhithe, chomh maith le liosta seoltaí agus sonraí teagmhála údaráis rialtais na Cambóide agus Vítneam atá freagrach as an gcruthúnas tionscnaimh a eisiúint agus a fhíorú.

(8)

Scrúdaigh an Coimisiún an iarraidh ón gCambóid, lena n-áirítear an Comhghnóthas idir an Chambóid agus Vítneam maidir le comhar riaracháin agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis, agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na coinníollacha a bhaineann leis an gcarnadh sínte a dheonú le haghaidh na n-ábhar nó na bpáirteanna de thionscnamh Vítneam a úsáidtear i dtáirgeadh rothar atá le húsáid mar ábhair thionscnaimh sa Chambóid chun rothair a mhonarú agus a onnmhairiú chuig an Aontas faoi GSP. Faoi láthair, is tír is tairbhí de GSP í an Chambóid de réir bhrí Airteagal 2(d) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Chomh maith leis sin, níl rothair ar liosta na dtáirgí ar ina a leith a aistarraingíodh go sealadach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/550 ón gCoimisiún (4) na fabhair tharaife a deonaíodh don Chambóid faoin socrú ginearálta dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Airteagal 1(2) de Rialachán GSP.

(9)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, ba cheart an fhéidearthacht a dheonú don Chambóid carnadh sínte a chur i bhfeidhm maidir le hábhair nó páirteanna áirithe a úsáidtear chun rothair a tháirgeadh faoi chaibidlí 32, 38, 39, 40, 48, 49, 73, 74, 76, 83, 85 agus 87 den Chóras Comhchuibhithe, ar de thionscnamh Vítneam iad, chun rothair a mhonarú faoi cheannteidil 87.11, 87.12 den Chóras Comhchuibhithe. Mar sin féin, maidir leis na táirgí iarrtha a chumhdaítear faoi cheannteideal 95.03, ós rud é go bhfuil na táirgí sin saor ó dhleacht cheana féin, ní áireofar ceannteideal 95.03 sa Chinneadh seo.

(10)

Sna ráitis maidir le tionscnamh a tharraingítear suas i ndáil le táirgí a mhonaraítear trí úsáid a bhaint as carnadh, ba cheart tagairt shonrach a bheith iontu chun a shainaithint nuair a chuirtear carnadh i bhfeidhm i gcomhréir le hIarscríbhinn 22-07 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5).

(11)

Ba cheart feidhm a bheith ag an gcarnadh a dheonaítear leis an gCinneadh seo go dtí an dáta a leagtar síos in Airteagal 43(3) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

(12)

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach faireachán ar éabhlóid na n-allmhairí a eascraíonn as an gcarnadh i gcomhréir leis an gCinneadh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 56(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, tá an Chambóid i dteideal úsáid a bhaint as ábhair nó páirteanna áirithe a úsáidtear i dtáirgeadh rothar a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar de thionscnamh Vítneam iad i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Vítneam, faoi charnadh sínte tionscnaimh, chun na rothair a liostaítear in Iarscríbhinn II a tháirgeadh agus a onnmhairiú chuig an Aontas faoi dhleachtanna custaim fabhracha GSP, ar choinníoll go bhfuil an Chambóid fós ina tír is tairbhí de GSP, tráth onnmhairiú an táirge chuig an Aontas, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus nach dtarraingítear siar ar bhonn sealadach na socruithe fabhracha dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin maidir le rothair a liostaítear in Iarscríbhinn II i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus go bhfuil na rialacha tionscnaimh a leagtar síos i bhForoinn 2 de Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 i bhfeidhm.

Airteagal 2

Áireofar sna ráitis maidir le tionscnamh arna ndéanamh ag onnmhaireoirí sa Chambóid maidir le táirgí dá dtagraítear Airteagal 1 an lua ‘extended cumulation with Vietnam’ [carnadh sínte le Vítneam] san uimhir ionaidchoinneálaí (6d) don chritéar tionscnaimh in Iarscríbhinn 22-07 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447.

Airteagal 3

Cuirfidh údaráis inniúla na Cambóide tuarascáil ráithiúil ar aghaidh chuig an gCoimisiún, faoi dheireadh na míosa i ndiaidh gach ráithe féilire, maidir le cur i bhfeidhm an charntha dá dtagraítear in Airteagal 1. Cuirfear ar fáil sa tuarascáil sin liosta de na ráitis maidir le tionscnamh a tarraingíodh suas le linn na tréimhse deireanaí le haghaidh na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 1, na honnmhaireoirí lena mbaineann arna sainaithint ag a n-uimhir REX, cainníochtaí agus ceannteideal CC na n-ábhar nó na bpáirteanna de thionscnamh Vítneam a úsáideadh chun rothair a tháirgeadh, agus cainníochtaí na rothar a onnmhairíodh chuig an Aontas.

Airteagal 4

Tairbheoidh na táirgí a tháirgtear faoin gcarnadh dá dtagraítear in Airteagal 1 den socrú ginearálta dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 nuair a allmhairítear isteach san Aontas iad go dtí an dáta a shocraítear in Airteagal 43(3) den Rialachán sin.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(2)   IO L 343, 29.12.2015, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).

(4)   IO L 127, 22.4.2020, lch. 1.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


IARSCRÍBHINN I

Ábhair nó páirteanna a úsáidtear i dtáirgeadh rothar, ar rothair de thionscnamh Vítneam iad i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le Prótacal 1 den Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Vítneam, atá le carnadh i monarú rothar sa Chambóid faoi charnadh sínte

Cód HS2022

Tuairisc ar na hearraí

3208 90

-

Eile

3209 90

-

Eile

3814 00

-

Tuaslagóirí agus caolaitheoirí comhchodacha orgánacha nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; ullmhóidí díothaithe péinte nó vearnaise.

3923 50

-

Stopalláin, claibíní, caidhpeanna agus cláir eile

3923 90

-

Eile

4011 50

-

De chineál a úsáidtear ar rothair

4012 90

-

Eile

4013 20

-

De chineál a úsáidtear ar rothair

4016 99

- -

Eile

4819 10

-

Cartáin, boscaí agus cásanna, as páipéar roctha nó as páipéarchlár roctha

4819 20

-

Cartáin infhillte, boscaí infhillte agus cásanna infhillte, as páipéar neamhroctha nó as cairtchláir neamhroctha

4821 10

-

Iad priontáilte

4823 90

-

Eile

4908 90

-

Eile

4911 99

- -

Eile

7303 00

Feadáin, píobáin agus próifílí tolla déanta as iarann teilgthe.

7304 90

-

Eile

7307 99

- -

Eile

7315 11

- -

Slabhra rollóra

7318 22

- -

Leicneáin eile

7318 24

- -

Leicníní agus pionnaí leicnín

7326 90

-

Eile

7415 33

- -

Scriúnna; boltaí agus cnónna

7601 20

-

Cóimhiotail alúmanaim

7606 92

- -

As cóimhiotail alúmanaim

7608 10

-

As alúmanam, nach bhfuil cóimhiotalaithe

7608 20

-

As cóimhiotail alúmanaim

7616 10

-

Tairní, greamanna, stáplaí (seachas iad siúd atá faoi cheannteideal 8305 ), scriúnna, boltaí, cnónna, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin agus earraí comhchosúla eile;

8302 50

-

Racaí hata, crúcaí hataí, braic agus feistis chomhchosúla eile

8311 30

-

Slata brataithe agus sreang chroíleacaithe déanta as táirmhiotal, le haghaidh sádráil, prásáil nó táthú le lasair

8507 60

-

Ian litiam

8528 72

- -

Eile, daite

8537 10

-

Le haghaidh voltais nach mó ná 1 000  V

8714 10

-

De ghluaisrothair (lena n-áirítear móipéid)

8714 91

- -

Frámaí agus gabhail, agus páirteanna díobh

8714 92

- -

Fonsaí rotha agus spócaí

8714 93

- -

Moil seachas moil choscánaithe chóstóra agus coscáin mhoil, agus rothaí sproicéid saor-rotha

8714 94

- -

Coscáin, lena n-áirítear moil choscánaithe chóstóra agus coscáin mhoil, agus páirteanna díobh

8714 95

- -

Diallaití

8714 96

- -

Troitheáin agus giaranna cromáin, agus páirteanna díobh

8714 99

- -

Eile


IARSCRÍBHINN II

Rothair chríochnaithe a tháirgtear sa Chambóid faoi charnadh sínte le Vítneam

Cód HS2022

Tuairisc ar na hearraí

8711 60

-

Ina bhfuil mótar leictreach le haghaidh tiomána

8712 00

Rothair dhá roth agus rothair eile (lena n-áirítear trírothaigh), nach de chineál mótarthrealmhaithe iad.


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/196


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1811 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 trí clár rialuithe an Choimisiún le haghaidh 2024 sna Ballstáit a bhunú chun cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 118(1), pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is ar na Ballstáit atá an fhreagracht reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhorfheidhmiú, agus déanann a n-údaráis inniúla, trí na rialuithe oifigiúla a eagrú, faireachán go gcomhlíontar agus go bhforfheidhmítear ceanglais ábhartha an Aontais go héifeachtach agus déanann siad an méid sin a fhíorú. I gcomhthráth leis an bhfaireachán agus leis an bhfíorú sin, ceanglaítear le hAirteagal 116 de Rialachán (AE) 2017/625 ar shaineolaithe ón gCoimisiún rialuithe a dhéanamh, lena n-áirítear iniúchtaí, sna Ballstáit chun cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais a fhíorú. Ba cheart rialuithe sin an Choimisiúin a dhéanamh i réimsí na sábháilteachta bia agus beatha ainmhithe, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí, táirgí cosanta plandaí, agus feidhmiú na gcóras rialaithe náisiúnta agus na n-údarás inniúil a oibríonn iad, agus sineirgí le socruithe rialaithe faoin gcomhbheartas talmhaíochta á gcur san áireamh.

(2)

Le Caibidlí 1 go 10 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 ón gCoimisiún (2), bunaíodh clár ilbhliantúil rialuithe atá le déanamh ag saineolaithe an Choimisiúin sna Ballstáit chun cur i bhfeidhm reachtaíocht an Aontais maidir leis an slabhra agraibhia a fhíorú le haghaidh na tréimhse 2021-2025, ailínithe le téarma oifige an Choimisiúin agus i gcomhréir lena thosaíochtaí.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 118(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625, tá Caibidil 11 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 lena leagtar amach clár rialuithe an Choimisiúin don bhliain dár gcionn le cur in iúl do na Ballstáit faoi dheireadh gach bliana. Ba cheart Caibidil 11 a thabhairt cothrom le dáta chun clár rialuithe an Choimisiúin atá beartaithe le haghaidh 2024 a léiriú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 a leasú dá réir.

(5)

Ós rud é go mbaineann an leasú seo leis an gclár bliantúil rialuithe le haghaidh 2024, rud a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur siar chun go mbeidh sé i gcomhthráth leis an dáta sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear an clár ilbhliantúil rialuithe don tréimhse 2021-2025 atá le cur i gcrích ag saineolaithe an Choimisiúin sna Ballstáit chun cur i bhfeidhm reachtaíocht slabhra agraibhia an Aontais a fhíorú (IO L 354, 26.10.2020, lch. 9).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 mar a leanas:

(1)

Sa séú mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

‘Leagtar amach i gCaibidil 11 clár na rialuithe le haghaidh 2024.’.

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 11:

‘11.   Clár na rialuithe le haghaidh 2024

Réimse

Réimse Tosaíochta

Fócas in 2024

Bia agus an tsábháilteacht bia

Bia de bhunadh ainmhíoch

Sábháilteacht fheoil na mamach agus na n-éan agus táirgí ar den fheoil siad iad

Sábháilteacht bainne agus táirgí bainne

Sábháilteacht táirgí iascaigh

Bia nach de bhunadh ainmhíoch é

Sábháilteacht mhicribhitheolaíoch

Iarmhair in ainmhithe beo agus i mbia de bhunadh ainmhíoch

Sábháilteacht cheimiceach — iarmhair

Beatha & sábháilteacht beatha

Sábháilteacht Beatha

Sláinteachas ginearálta beatha (beatha íocleasaithe san áireamh)

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe

Sláinte ainmhithe

Galair de chatagóir A faoi Rialachán (AE) 2016/429

Fiabhras Afracach na muc

Fliú éanúil ardphataigineach

Bolgach caorach agus bolgach gabhar

Galair de chatagóirí B agus C faoi Rialachán (AE) 2016/429

Galair éisc

Córas faireacháin le haghaidh galair de chatagóirí B agus C

Ullmhacht & cosc

An phleanáil theagmhasach a cumhdaíodh le linn na n-iniúchtaí maidir le fiabhras Afracach na muc agus an fliú éanúil ardphataigineach

Leas ainmhithe

Ar an bhfeirm

Turcaithe

Éisc (lena n-áirítear marú agus iompar)

Sláinte plandaí

Ráigeanna de lotnaidí plandaí

Ráigeanna de lotnaidí ar bagairt shuntasach iad

Gluaiseacht plandaí, táirgí plandaí agus réad eile laistigh den Aontas

Pasanna plandaí

Ullmhacht agus cosc

Cláir um shuirbhéanna maidir le sláinte plandaí

PPPanna & SUDanna

Táirgí cosanta plandaí (PPP)

Sábháilteacht cheimiceach (údarú, margaíocht agus úsáid lotnaidicídí, lotnaidicídí neamhdhleathacha, iarmhair lotnaidicídí)

Cáilíocht Bhia

Feirmeoireacht Orgánach

Feirmeoireacht Orgánach

Ainmhithe agus earraí ó thríú tíortha a theacht isteach san Aontas

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar earraí

Ainmhithe agus earraí

Frithsheasmhacht in aghaidh Frithmhiocróbach

Faireachán a dhéanamh ar fhrithsheasmhacht in aghaidh frithmhiocróbach i mbaictéir zónóiseacha agus i mbaictéir chomhthíosacha

Frithsheasmhacht in aghaidh frithmhiocróbach i mbaictéir zónóiseacha agus i mbaictéir chomhthíosacha

Gnéithe ginearálta laistigh den slabhra agraibhia

Obair leantach ar mholtaí iniúchóireachta

Obair leantach ghinearálta agus earnálach ar mholtaí iniúchóireachta

Orgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna)

Orgánaigh ghéinmhodhnaithe

Aon staid éigeandála, aon fhadhb a thiocfaidh chun cinn agus aon fhorbairt nua

Aon staid éigeandála, aon fhadhb a thiocfaidh chun cinn agus aon fhorbairt nua’.


RIALACHA NÓS IMEACHTA

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/200


CINNEADH Uimh. 37-2023 Ó CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ na HEORPA I DTACA LE ROCHTAIN PHOIBLÍ AR DHOICIMÉID NA CÚIRTE INIÚCHÓIRÍ

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA (CIE),

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 15(3) de;

Ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 de;

Ag féachaint dá Rialacha Nós Imeachta (1), agus go háirithe Airteagal 35 de;

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (2), lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 agus go háirithe Airteagal 258(1), an dara habairt, agus Airteagal 259(1) de;

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (3);

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an mbeartas sonraí oscailte agus athúsáid doiciméad (4);

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 41/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint (FRAE) (5);

Ag féachaint do bheartas rúnaicmithe faisnéise na Cúirte Iniúchóirí (6);

De bhrí:

(1)

Go gcuimsíonn an dara fomhír d’Airteagal 1 den Chonradh ar an Aontas Eorpach coincheap na hoscailteachta, á rá gur céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa is ea an Conradh sin, ina nglactar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir;

(2)

Go n-athdhearbhaíonn Airteagal 15(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) coincheap na hoscailteachta agus go bhforáiltear ann, d’fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, go seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir;

(3)

Go ndeir an chéad fhomhír d’Airteagal 15(3) CFAE go bhfuil ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó ag a bhfuil oifig chláraithe i mBallstát an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad;

(4)

I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 15(3) CFAE go ndéanfaidh gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht trédhearcacht a chuid oibre nó a cuid oibre a áirithiú agus forálacha sonracha maidir le rochtain ar a dhoiciméid nó ar a doiciméid a ullmhú ina Rialacha Nós Imeachta féin;

(5)

Go gcuireann oscailteacht feabhas ar dhlisteanacht, éifeachtacht agus cuntasacht riaracháin, agus ar an gcaoi sin go neartaíonn sí prionsabail an daonlathais, rud a fhágann go bhfuil sé tábhachtach dea-chleachtas riaracháin maidir le rochtain ar dhoiciméid a chur chun cinn;

(6)

Gur cheart leasanna áirithe poiblí agus príobháideacha a chosaint mar sin féin trí bhíthin eisceachtaí ar phrionsabal na rochtana poiblí ar dhoiciméid, go háirithe i bhfeidhmiú na gcaighdeán idirnáisiúnta iniúchóireachta i dtaca le nádúr rúnda na faisnéise iniúchóireachta;

TAR ÉIS A CHINNEADH:

Airteagal 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Chinneadh seo ná na coinníollacha, teorainneacha agus nósanna imeachta faoina ndéanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa rochtain phoiblí a dheonú ar na doiciméid atá ina seilbh aici a shainiú.

Airteagal 2

Tairbhithe agus raon feidhme

1.   Faoi chuimsiú agus de réir theorainneacha na bhforálacha a leagtar síos sa chinneadh seo agus atá sna caighdeáin idirnáisiúnta lena rialaítear rúndacht na faisnéise iniúchóireachta, tá ag aon saoránach de chuid an Aontais, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó ag a bhfuil oifig chláraithe i mBallstát, an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid atá i seilbh na Cúirte Iniúchóirí.

2.   Faoi réir na bprionsabal, coinníollacha agus teorainneacha céanna, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar dhoiciméid a dheonú d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach nach gcónaíonn nó nach bhfuil oifig chláraithe acu i mBallstát.

3.   Beidh an Cinneadh seo gan dochar do chearta ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid atá ina seilbh ag an gCúirt Iniúchóirí a d’fhéadfadh díorthú ó ionstraimí den dlí idirnáisiúnta nó ó ghníomhartha trína ndéantar na hionstraimí sin a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo:

(1)

ciallaíonn ‘doiciméad’ inneachar ar bith, is cuma cén meán (bíodh sé sin i scríbhinn ar pháipéar nó stóráilte i bhformáid leictreonach nó mar thaifeadadh fuaime, físe nó closamhairc), a ndéanann an Chúirt Iniúchóirí é a tharraingt suas, a fháil nó a shealbhú agus a bhaineann le hábhar a bhaineann lena bheartais, gníomhaíochtaí agus cinntí;

(2)

ciallaíonn ‘tríú páirtí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó aon eintiteas lasmuigh den Chúirt Iniúchóirí, lena n-áirítear na Ballstáit, tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, agus institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais nó atá i dtíortha lasmuigh den Aontas Eorpach.

Airteagal 4

Eisceachtaí

1.   Diúltóidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar dhoiciméad sa chás go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sa doiciméad sin an bonn a bhaint ó chosaint a thabhairt do na nithe seo a leanas:

(a)

an leas poiblí, lena n-áirítear:

an tslándáil phoiblí;

cúrsaí cosanta agus míleata;

an caidreamh idirnáisiúnta;

beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh nó Ballstáit.

(b)

príobháideachas agus sláine daoine aonair agus a sonraí pearsanta, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais i ndáil le cosaint sonraí pearsanta.

2.   I gcomhréir leis na rialacha maidir le rúndacht a leagtar síos in Airteagail 258(1) agus 259(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, agus sna forálacha comhfhreagracha atá in ionstraimí eile de dhlí an Aontais, diúltóidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar a cuid réamhbharúlacha iniúchóireachta. Féadfaidh sí freisin rochtain a dhiúltú ar dhoiciméid a úsáideadh san ullmhúchán do na barúlacha sin.

3.   Diúltóidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar dhoiciméad sa chás go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sa doiciméad sin an bonn a bhaint ón gcosaint a thugtar do na nithe seo a leanas:

na leasanna tráchtála atá ag duine nádúrtha nó dlítheanach;

maoin intleachtúil;

imeachtaí cúirte, eadrána agus réiteach díospóidí, mar aon le comhairle dhlíthiúil ina leith sin;

cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí.

4.   Déanfar rochtain ar na doiciméid seo a leanas a dhiúltú más rud é go ndéanfadh nochtadh na faisnéise iontu an bonn a bhaint ar bhealach tromchúiseach ón gcinnteoireacht sa Chúirt Iniúchóirí:

(a)

doiciméid atá tarraingthe suas ag an gCúirt Iniúchóirí le haghaidh úsáid inmheánach, nó atá faighte aici, agus a bhaineann le hábhar nach bhfuil cinneadh déanta go dtí seo ina leith;

(b)

doiciméid ina bhfuil tuairimí le haghaidh úsáid inmheánach mar chuid de phléití agus réamhchomhairliúcháin laistigh den Chúirt Iniúchóirí, fiú tar éis don chinneadh a bheith déanta.

5.   In ainneoin na n-eisceachtaí atá leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, cinnfidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain a thabhairt ar dhoiciméad, ina iomláine nó go páirteach, más rud é go bhfuil leas poiblí sáraitheach ann an fhaisnéis sin a nochtadh.

6.   Caithfidh an leas poiblí sáraitheach a úsáidtear mar bhonn cirt don nochtadh a bheith oibiachtúil agus ginearálta. An duine a mhaíonn go bhfuil leas poiblí sáraitheach ann, luafaidh an té sin cad iad na himthosca sonracha a thugann bonn cirt do nochtadh na faisnéise atá sna doiciméid atá i gceist.

7.   Mura bhfuil ach codanna den doiciméad a iarrtar clúdaithe ag aon cheann de na heisceachtaí atá san airteagal seo, déanfar na codanna eile den doiciméad a chur ar fáil. D’fhéadfadh an méid seo a leanas, mar shampla, a bheith i gceist le páirtrochtain: íoslaghdú sonraí (an t-inneachar a chur i ndíth ainm nó in ainm bréige); cuid den inneachar a dhubhú amach nó a scriosadh; nó leathanach amháin nó níos mó a fhágáil amach as an doiciméad.

8.   Maidir leis na heisceachtaí atá san airteagal seo, beidh feidhm acu gan dochar do na forálacha maidir le rochtain phoiblí ar chartlann stairiúil Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83 (7), arna leasú.

9.   Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’fhorálacha Airteagal 5.

Airteagal 5

Doiciméid tríú páirtí

1.   Más rud é go mbaineann iarratas ar rochtain ar dhoiciméid le doiciméad atá i seilbh na Cúirte Iniúchóirí ach nach í an Chúirt Iniúchóirí údar an doiciméid sin, deimhneoidh an Chúirt Iniúchóirí go bhfuair sí an t-iarratas agus soláthróidh sí ainm an duine, na hinstitiúide nó an chomhlachta a bhfuil an t-iarratas le díriú chucu.

2.   Más rud é gur i gcomhpháirt le tríú páirtí eile a cruthaíodh doiciméad, rachaidh an Chúirt Iniúchóirí i gcomhairle leis an tríú páirtí sula ndéanfaidh sí cinneadh.

Airteagal 6

Doiciméid de chuid na Cúirte Iniúchóirí atá ‘Íogair’ nó ‘Rúnaicmithe AE’

1.   Is éard atá i ndoiciméid de chuid na Cúirte Iniúchóirí atá ‘íogair’ nó ‘rúnaicmithe AE’ ná doiciméid atá rúnaicmithe amhlaidh i gcomhréir, faoi seach, le Beartas Rúnaicmithe Faisnéise na Cúirte Iniúchóirí nó le Cinneadh Uimh. 41/2021.

2.   Is daoine d’foireann na Cúirte Iniúchóirí a bhfuil an ceart acu iad a bheith ar an eolas i dtaobh na ndoiciméad sin, agus iadsan amháin, a dhéileálfaidh le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid den sórt sin. Déanfaidh na daoine céanna sin measúnú freisin i dtaobh an féidir tagairt do dhoiciméid de chuid na Cúirte Iniúchóirí atá ‘íogair’ nó ‘rúnaicmithe AE’ a dhéanamh nuair a bhíonn freagra á thabhairt ar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid.

3.   Ní féidir rochtain ar dhoiciméid de chuid na Cúirte Iniúchóirí atá ‘íogair’ agus ‘rúnaicmithe AE’ a dheonú ach amháin tar éis do na doiciméid sin a bheith fuascailte ón rúnaicmiú. Má chinneann an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar dhoiciméid den sórt sin a dhiúltú, luafaidh sí na cúiseanna atá lena cinneadh ar bhealach nach ndéanann díobháil do na leasanna atá cosanta in Airteagal 4.

Airteagal 7

Iarratais

1.   Maidir le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid, caithfidh siad sin a bheith i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais, agus b’fhearr dá n-úsáidfí an fhoirm theagmhála (8) atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Cúirte Iniúchóirí. In imthosca eisceachtúla, is féidir iarratais ar rochtain ar dhoiciméid a sheoladh leis an bpost.

2.   Iarratais ar rochtain ar dhoiciméid, caithfidh siad a bheith sách beacht agus na nithe seo a leanas, go háirithe, a bheith iontu: gnéithe lenar féidir an doiciméad nó na doiciméid atá á lorg a shainaithint; agus ainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra.

3.   Ní bheidh ar iarratasóirí cúiseanna a thabhairt dá n-iarratas.

4.   Sa chás nach mbíonn iarratas cruinn go leor, nó mura féidir na doiciméid atá iarrtha a shainaithint, iarrfaidh an Chúirt Iniúchóirí ar an iarratasóir an t-iarratas a shoiléiriú agus tabharfaidh sí cúnamh don iarratasóir leis an méid sin a dhéanamh.

5.   Ní chuirfear tús leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagal 8 go dtí go mbeidh na soiléirithe a iarradh faighte ag an gCúirt Iniúchóirí.

6.   Sa chás go mbaineann iarratas le doiciméad atá an-fhada nó le lear an-mhór doiciméad, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí dul i gcomhairle go neamhfhoirmiúil leis an iarratasóir d’fhonn teacht ar réiteach iomchuí.

Airteagal 8

Na hiarratais tosaigh a phróiseáil

1.   Is í an fhoireann faisnéise sa Chúirt Iniúchóirí (ECA-Info team) a dhéileálfaidh le hiarratais ar rochtain ar dhoiciméid.

2.   Déanfar admháil fála a sheoladh gan mhoill chuig na hiarratasóirí.

3.   Ag brath ar ábhar an iarratais, rachaidh ECA-Info team i gcomhairle leis an roinn lena mbaineann, agus, i gcás inarb infheidhme, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus/nó leis an Oifigeach Slándála Faisnéise, d’fhonn a chinneadh cén chaoi le déileáil leis an iarratas. Feidhmíonn an tArdrúnaí mar an t-údarás ag a bhfuil an chumhacht cinneadh a dhéanamh faoin bhfreagra atá le tabhairt ar iarratas tosaigh ar rochtain ar dhoiciméad, agus féadfaidh an tArdrúnaí an chumhacht sin a tharmligean.

4.   Laistigh d’aon mhí amháin ar a mhéad ón iarratas a bheith cláraithe, deonóidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar an doiciméad a iarradh, faoi mar a bhfuil tuairisc air sin in Airteagal 11, nó seolfaidh sí freagra i scríbhinn ag insint cad iad na cúiseanna atá ann chun diúltú iomlán nó páirtdiúltú a dhéanamh agus á chur in iúl go bhfuil an ceart ag an iarratasóir a iarraidh ar an gCúirt Iniúchóirí athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh atá tógtha aici, faoi mar a bhfuil tuairisc air sin in Airteagal 9.

5.   I gcás ina mbaineann iarratas le doiciméad an-fhada nó le lear an-mhór doiciméad, nó go mbíonn gá le comhairliúcháin inmheánacha nó comhairliúchán le tríú páirtithe, féadfar aon mhí amháin eile a chur leis an teorainn ama a luaitear i mír 4, ar choinníoll go ndéantar é sin a chur in iúl roimh ré don iarratasóir agus go luaitear na cúiseanna atá leis.

6.   Sa chás go bhfaigheann daoine d’fhoireann na Cúirte Iniúchóirí iarraidh ar rochtain ar dhoiciméid atá seolta chucu go pearsanta, cuirfidh siad é sin ar aghaidh gan mhoill chuig ECA-Info team.

Airteagal 9

Iarratais dearbhúcháin

1.   Sa chás go ndéantar diúltú iomlán nó páirtdiúltú, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh d’aon mhí amháin ó fhreagra na Cúirte Iniúchóirí a fháil, iarratas dearbhúcháin a dhéanamh le hUachtarán na Cúirte Iniúchóirí ina n-iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Iniúchóirí athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh atá tógtha aici.

2.   Beidh an t-iarratasóir i dteideal athmhachnamh a lorg freisin mura bhfreagraíonn an Chúirt Iniúchóirí laistigh de na teorainneacha ama a fhorordaítear in Airteagal 8.

3.   Beidh na hiarratais dearbhúcháin faoi réir na gceanglas céanna le hiarratais tosaigh atá leagtha amach in Airteagal 7.

Airteagal 10

Iarratais dearbhúcháin a phróiseáil

1.   Ar iarratas dearbhúcháin a fháil, rachaidh Uachtarán na Cúirte Iniúchóirí i gcomhairle leis an tSeirbhís Dlí agus, ag brath ar ábhar an iarratais, leis an roinn lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus/nó leis an Oifigeach Slándála Faisnéise.

2.   Laistigh d’aon mhí amháin ar a mhéad ón iarratas a bheith cláraithe, deonóidh an Chúirt Iniúchóirí rochtain ar an doiciméad a iarradh, faoi mar a bhfuil tuairisc air sin in Airteagal 11, nó seolfaidh sí freagra i scríbhinn ag insint cad iad na cúiseanna atá ann chun diúltú iomlán nó páirtdiúltú a dhéanamh.

3.   Sa chás gur diúltú iomlán nó páirtdiúltú atá i gceist, cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí in iúl don iarratasóir cad iad na céimeanna eile is féidir leis nó léi a ghlacadh, eadhon imeachtaí dlí a thionscnamh in aghaidh na Cúirte Iniúchóirí agus/nó gearán a dhéanamh leis an Ombudsman, faoi Airteagail 263 agus 228 CFAE faoi seach.

4.   I gcásanna eisceachtúla, mar shampla, i gcás ina mbaineann an t-iarratas le doiciméad an-fhada nó le lear an-mhór doiciméad nó go mbíonn gá le comhairliúcháin inmheánacha nó comhairliúchán le tríú páirtithe, féadfar aon mhí amháin eile a chur leis an teorainn ama a luaitear i mír 2, ar choinníoll go ndéantar é sin a chur in iúl roimh ré don iarratasóir agus go luaitear na cúiseanna atá leis.

5.   Mura bhfreagraíonn an Chúirt Iniúchóirí laistigh de na teorainneacha ama atá forordaithe anseo thuas, measfar gur freagra diúltach atá tugtha agus beidh an t-iarratasóir i dteideal úsáid a bhaint as na céimeanna eile dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 11

Rochtain i ndiaidh iarratais

1.   Déanfar doiciméid a chur ar fáil i leagan agus formáid atá ann cheana féin (b’fhearr dá ndéanfaí é sin i bhfoirm leictreonach ag úsáid meáin atá formheasta ag an gCúirt Iniúchóirí chun slándáil faisnéise a ráthú), agus aird chuí á tabhairt ar an rogha is fearr leis an iarratasóir. Níl aon oibleagáid ar an gCúirt Iniúchóirí doiciméad nua a chruthú ná faisnéis a thiomsú don iarratasóir.

2.   Má tá toirt mhór i ndoiciméid nó má tá siad deacair le láimhseáil, d’fhéadfaí cuireadh a thabhairt don iarratasóir teacht ag breathnú orthu ar an láthair ag dáta agus am a chomhaontófar leis an gCúirt Iniúchóirí.

3.   Féadfar an costas a bhaineann le cóipeanna a tháirgeadh agus a sheoladh a ghearradh mar tháille ar an iarratasóir, ach ní fhéadfaidh an táille sin a bheith níos airde ná an costas a thabhaítear go hiarbhír. I gcás comhairliúchán ar an láthair, cóipeanna is lú ná 20 leathanach A4 agus rochtain dhíreach i bhfoirm leictreonach, beidh siad sin saor in aisce.

4.   Má tá rochtain phoiblí ar dhoiciméad, féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí a hoibleagáid ó thaobh deonú rochtana a chomhlíonadh trína chur in iúl don iarratasóir cén chaoi le teacht ar an doiciméad sin.

Airteagal 12

Doiciméid a atáirgeadh

1.   Maidir le doiciméid a chuirtear ar fáil i gcomhréir leis an gCinneadh seo, ní dhéanfar iad a atáirgeadh ná a shaothrú chun críocha tráchtála gan údarú roimh ré a bheith faighte chuige sin ón gCúirt Iniúchóirí.

2.   Beidh an Cinneadh seo gan dochar d’aon rialacha maidir le cóipcheart a d’fhéadfadh teorainn a chur leis an gceart atá ag tríú páirtí doiciméid atá curtha ar fáil a atáirgeadh nó a shaothrú, agus beidh sé gan dochar freisin do Chinneadh Uimh. 6-2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Airteagal 13

An tairseach trédhearcachta

1.   Chun éifeacht a thabhairt do chearta na saoránach faoin gCinneadh seo, tá tairseach trédhearcachta ar shuíomh gréasáin na Cúirte Iniúchóirí.

2.   Na doiciméid dá dtagraítear sa tairseach trédhearcachta, beidh siad, aon uair is féidir é, inrochtana go díreach trí hipearnaisc.

Airteagal 14

Forálacha críochnaitheacha

1.   Leis seo, déantar Cinneadh Uimh. 12-2005 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Márta 2005 a aisghairm.

2.   Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.   Tiocfaidh sé i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Iúil 2023.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Tony MURPHY

An tUachtarán


(1)   IO L 103, 23.4.2010, lch. 1.

(2)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(3)   IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(4)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/DECISION_ECA_6_2019/ECA-Decision_06-2019_EN.pdf.

(5)   IO L 256, 19.7.2021, lch. 106.

(6)  https://www.eca.europa.eu/ContentPagesDocuments/Legal_framework/Information_Classification_Policy_EN.pdf.

(7)  Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 354/83 ón gComhairle an 1 Feabhra 1983 maidir le cartlann stairiúil Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a oscailt don phobal (IO L 43, 15.2.1983, lch. 1).

(8)  https://www.eca.europa.eu/ga/contact.


Ceartúcháin

22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/206


Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2023/432 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 100 an 13 Aibreán 2023 )

Measfar gur cheart an ceartúchán sin a chur ar neamhní.


22.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 234/207


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/429 ón gComhairle an 25 Feabhra 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpach L 100 an 13 Aibreán 2023 )

Measfar gur cheart an ceartúchán sin a chur ar neamhní.