ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 228

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
15 Meán Fómhair 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203

19

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012

39

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1771 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le córais agus comhdhamhnaí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009

49

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1772 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid na gcóras Bainistithe Aerthráchta agus Seirbhísí Aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí san Aerspás Eorpach Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006

73

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1773 ón gCoimisiún an 17 Lúnasa 2023 lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe chun críocha an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le linn na hidirthréimhse ( 1 )

94

 

*

Rialachán (AE) 2023/1774 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia ( 1 )

196

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1775 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

197

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1776 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

199

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1777 ón gCoimisiún an 14 Meán Fómhair 2023 faireachas cúlghabhálach an Aontais a thabhairt isteach ar allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla

247

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1778 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa tSualainn (a tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6246)  ( 1 )

251

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1768 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2023

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 47(1) agus 62(13),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 ceanglais choiteanna riachtanacha chun foráil a dhéanamh do leibhéal ard aonfhoirmeach sábháilteachta san eitlíocht shibhialta san Aontas agus chun a chinntiú go bhfuil sláine agus feidhmíocht sábháilteachta na gcóras agus na gcomhdhamhnaí oiriúnach don chuspóir atá beartaithe dóibh. Ba cheart oibríocht rianúil an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (EATMN) a áirithiú le hidir-inoibritheacht na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhíse aerloingseoireachta (BAT/SAL) agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL.

(2)

Ba cheart sonraíochtaí mionsonraithe a bhunú d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar na bunriachtanais; nuair is féidir, ba cheart go mbeadh na sonraíochtaí mionsonraithe sin bunaithe ar chaighdeáin tionscail aitheanta ó Eagraíochtaí Forbartha Caighdeán (SDOnna) ina gcuirtear an úrscothacht agus dea-chleachtais dearaidh san áireamh. Ba cheart féachaint do na ceanglais deimhniúchán agus dearbhuithe comhlíontachta dearaidh a eisiúint agus córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL á ndearadh agus á dtáirgeadh agus ba cheart an dearadh agus an táirgeadh a dhéanamh i gcomhréir le sonraíochtaí mionsonraithe arna n-eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’).

(3)

Is iomchuí modhanna fianaithe difriúla a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht leis na ceanglais atá sonraithe in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus le sonraíochtaí mionsonraithe córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL. Ba cheart modhanna fianaithe níos déine a úsáid i ndáil le hoibríocht shábháilte aerárthaí, agus i ndáil le trealamh atá criticiúil maidir le hidir-inoibritheacht agus slándáil EATMN.

(4)

Laistigh de BAT/SAL, is iad na seirbhísí rialaithe aerthráchta (ATC) na seirbhísí is tábhachtaí i ndáil le rioscaí sábháilteachta a bhaineann le loingseoireacht aerárthaí, go háirithe ós iad a eisíonn treoracha chun spás idir aerárthaí a chinntiú agus chun imbhuailtí a sheachaint. Is ag na soláthraithe ATC atá an léargas is iomláine maidir le sábháilteacht an aerspáis. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh an trealamh BAT/SAL is criticiúla, eadhon an trealamh a thacaíonn le ACT, faoi réir modhanna fianaithe níos déine, eadhon deimhniúchán.

(5)

Soláthraíonn trealamh BAT/SAL a thacaíonn le cumarsáid aer go talamh treoracha díreacha d’aerárthaí agus ba cheart go mbeadh sé sin faoi réir deimhniúcháin freisin.

(6)

Úsáideann an ATS na seirbhísí Cumarsáide, Faireachais agus Loingseoireachta go díreach chun loingseoireacht shábháilte na n-aerárthaí a áirithiú, ach níl léargas iomlán ag na trí sheirbhís dá dtagraítear ar an trácht agus níl ról rialaithe gníomhach acu i ndáil le spás idir aerárthaí a áirithiú. Dá réir sin, níl ról chomh criticiúil céanna acu. Ba cheart go mbeadh na córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a thacaíonn leo sin faoi réir modh fianaithe nach bhfuil chomh dian céanna, eadhon dearbhú comhlíontachta dearaidh.

(7)

Ar deireadh, ba cheart go mbeadh na córais agus an trealamh BAT/SAL nach bhfuil chomh criticiúil céanna, a thacaíonn le seirbhísí meitéareolaíocha, seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta, seirbhísí bainistíochta aerspáis agus seirbhísí bainistíochta sreafa aerthráchta, faoi réir an mhodha fianaithe is ísle déine, eadhon ráiteas comhlíontachta.

(8)

Is féidir úsáid a bhaint as critéir bhreise chun cinneadh a dhéanamh maidir le criticiúlacht córais BAT/SAL agus chomhdhamhnaí BAT/SAL sa bhreis ar an rialú bainistíochta ar rioscaí sábháilteachta a dhéanann na seirbhísí agus na bhfeidhmeanna a bhfuil siad ina dtaca leo.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart trí leibhéal dhifriúla de cheanglais agus sonraíochtaí mionsonraithe a bhunú, eadhon: (i) deimhniúchán ag an nGníomhaireacht, arb é an leibhéal is déine; (ii) dearbhú ó eagraíocht cheadaithe a bhfuil baint aici le dearadh nó táirgeadh trealaimh BAT/SAL, arb é an meánleibhéal; agus (iii) ráiteas comhlíontachta ón soláthraí BAT/SAL a chomhtháthaíonn an trealamh BAT/SAL ina chóras feidhmiúil, mar atá sainithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (2), nó, arna iarraidh sin don soláthraí BAT/SAL, ó eagraíocht cheadaithe a bhfuil baint aici le dearadh agus/nó táirgeadh an trealaimh BAT/SAL.

(10)

i gcomhréir le hAirteagal 29(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá cúram curtha ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) a bhainistiú, lena n-áirítear saothrú EGNOS a chumhdaíonn, i measc gníomhaíochtaí eile, tacaíocht le hiarrachtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe.

(11)

Faoi Rialachán (AE) 2021/696 tá EUSPA agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA) freagrach as córas EGNOS agus a threalamh a dhearadh. Ba cheart don Ghníomhaireacht maoirseacht a dhéanamh ar dhearbhuithe comhlíontachta dearaidh a bhaineann le trealamh EGNOS de réir socruithe sonracha atá le cur i gcrích le EUSPA. Is é an aidhm atá leis na socruithe aghaidh a thabhairt ar ghnéithe teicniúla, riaracháin agus airgeadais ar nós ceanglas dul i gcomhairle le EUSPA maidir le sonraíochtaí mionsonraithe a fhorbairt; an mhaoirseacht a dhéanfaidh EASA ar dhearbhuithe maidir le comhlíontacht dearaidh chóras EGNOS; agus malartú sonraí idir an dá ghníomhaireacht maidir le Caighdeáin agus Cleachtais Mholta (SARPS) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) a chomhlíonadh. Is é an aidhm atá leis na socruithe seo leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta a áirithiú atá comhionann le ceanglais an Rialacháin seo.

(12)

I gcríocha cianda áirithe, lasmuigh de réigiún ICAO na hEorpa (EUR) mar atá sainithe in European (EUR) Air Navigation Plan Volume I (Doc 7754) ICAO, ina bhfuil méid tráchta íseal agus sa chás nach bhfuil teorainn ag an aerspás sin ach le haerspás a bhfuil soláthraithe BAT/SAL tríú tír freagrach as, b’fhéidir go mbeadh dúshlán ag baint le cur i bhfeidhm na modhanna fianaithe deimhniúcháin agus dearbhaithe comhlíontachta dearaidh le haghaidh trealamh BAT/SAL nó go mbeadh sé dodhéanta fiú mar gheall ar a riachtanais shonracha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta. I gcásanna dá leithéid, i ndáil le trealamh BAT/SAL a úsáideann soláthraithe BAT/SAL i limistéir chianda lasmuigh de réigiún ICAO EUR, meastar gur iomchuí maolú ar na ceanglais deimhniúcháin nó dearbhaithe atá infheidhme ar an trealamh BAT/SAL sin a sholáthar. Ina ionad sin, chun foráil a dhéanamh do BAT/SAL sábháilte agus idir-inoibritheach a sholáthar, ní mór don soláthraí BAT/SAL sa réigiún sin a áirithiú go bhfuil na sonraíochtaí infheidhme á gcomhlíonadh trí ráiteas comhlíontachta a eisiúint.

(13)

Tá sé riachtanach aistriú éifeachtach chuig an gcreat rialála nua a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú agus leibhéal ard aonfhoirmeach de shábháilteacht eitlíochta sibhialta san Aontas a áirithiú. Tá sé riachtanach, dá réir sin, dóthain ama a chur ar fáil do thionscal dearaidh agus monaraíochta na gcóras BAT/SAL agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL, agus don Ghníomhaireacht agus do lucht riaracháin na mBallstát chun iad féin a chur in oiriúint don chreat nua seo. Is iomchuí go mbeadh an trealamh BAT/SAL atá in úsáid agus a fianaíodh faoin gcreat roimhe seo á bhreithniú amhail is dá mbeadh deimhniúcháin nó dearbhuithe eisithe faoin gcreat nua i rith idirthréimhse, mura sonraíonn an Ghníomhaireacht nach n-áirithíonn a leithéid de threalamh an leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139.

(14)

I rith na hidirthréimhse, i ndáil le haon chóras BAT/SAL agus aon chomhdhamhna BAT/SAL nua a chuirtear i bhfeidhm, ba cheart ráiteas comhlíontachta arna eisiúint ag an soláthraí BAT/SAL a chomhtháthaíonn é ina chóras feidhmiúil, nó, arna iarraidh sin, ag an eagraíocht dearaidh agus táirgthe a dhearann agus a mhonaraíonn é, a chur ar fáil d’údarás inniúil an tsoláthraí BAT/SAL dá dtagraítear mar a shainítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373.

(15)

I ndiaidh na hidirthréimhse, ba cheart go mbeadh an fhreagracht aonair ar an nGníomhaireacht as deimhniúchán agus as dearbhuithe a fháil maidir le trealamh áirithe BAT/SAL; is iomchuí, dá réir sin, go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar an bhfaisnéis chomhlíontachta a cuireadh faoi bhráid na n-údarás náisiúnta faoin gcreat roimhe seo, sula nglactar lena leithéid de threalamh BAT/SAL mar chuid de shainordú na Gníomhaireachta. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta an fhaisnéis sin a chur ar fáil don Ghníomhaireacht. I ndiaidh don Ghníomhaireacht an mheastóireacht a dhéanamh, ba cheart glacadh leis go bhfuil deimhniú nó dearbhú comhlíontachta eisithe i ndáil leis an trealamh BAT/SAL. Ní mór an mheastóireacht a roinnt go poiblí trí chinneadh ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 01/2023, arna eisiúint ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais theicniúla choiteanna agus nósanna imeachta riaracháin coiteanna a bhaineann le deimhniúchán agus dearbhú comhlíontachta dearaidh na gcóras BAT/SAL agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL. Leagtar síos leis an Rialachán seo na rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a shainaithint atá faoi réir deimhniúcháin, dearbhaithe nó ráiteas comhlíontachta;

(b)

deimhniúcháin a eisiúint do chórais BAT/SAL agus do chomhdhamhnaí BAT/SAL;

(c)

dearbhuithe comhlíontachta dearaidh córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL a bheith á n-eisiúint ag eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh agus/nó táirgeadh córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL agus a ceadaíodh de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 (4) ón gCoimisiún pribhléidí a bheith acu dearbhuithe comhlíontachta dá leithéid a eisiúint;

(d)

eisiúint ráiteas comhlíontachta córas BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL ag soláthraithe BAT/SAL arna ndeimhniú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún nó ag eagraíochtaí arna gceadú de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 a bhfuil baint acu lena ndearadh nó lena dtáirgeadh;

(e)

eisiúint treoracha maidir le trealamh BAT/SAL ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘trealamh BAT/SAL’ comhdhamhnaí BAT/SAL mar a shainítear le hAirteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2018/1139 agus córais BAT/SAL mar a shainmhínítear le hAirteagal 3(7) den Rialachán sin, seachas comhdhamhnaí aeriompartha, atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (5);

(2)

Ciallaíonn ‘treoir maidir le trealamh BAT/SAL’ doiciméad a eisíonn an Ghníomhaireacht ina sainordaítear gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ag soláthraithe BAT/SAL ar threalamh BAT/SAL chun aghaidh a thabhairt ar staid neamhshábháilte agus/nó neamhshlán atá aitheanta agus feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an trealaimh BAT/SAL sin a athbhunú i gcás inar léir ón bhfianaise go bhféadfadh sábháilteacht, slándáil, feidhmíocht nó idir-inoibritheacht an trealaimh áirithe sin a bheith i mbaol murach sin;

(3)

Ciallaíonn ‘An Líonra Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta’ (EATMN) an bailiúchán córas, atá liostaithe i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, lena gcumasaítear soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san Aontas, lena n-áirítear na comhéadain ag teorainneacha le tríú tíortha;

(4)

Ciallaíonn ‘córas feidhmiúil’ meascán nósanna imeachta, acmhainní daonna agus trealamh, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, atá eagraithe chun feidhm ar leith a chomhlíonadh laistigh de chomhthéacs BAT/SAL agus feidhmeanna eile líonra BAT.

Airteagal 3

Údarás inniúil

1.   Is í an Ghníomhaireacht an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as deimhniúcháin a eisiúint do threalamh BAT/SAL i gcomhréir le hAirteagal 4, as glacadh le dearbhuithe comhlíontachta dearaidh trealaimh BAT/SAL arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 5, agus as an maoirseacht ar dheimhniúchán agus ar dhearbhuithe. Chuige sin, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2.   Is é an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ráiteas comhlíontachta arna eisiúint ag soláthraí BAT/SAL i gcomhréir le hAirteagal 6 an t-údarás inniúil céanna atá freagrach as deimhniúchán an tsoláthraí BAT/SAL sin agus as an maoirseacht air.

Airteagal 4

Deimhniúchán trealaimh BAT/SAL

1.   Eiseofar deimhniú don trealamh BAT/SAL seo a leanas mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II:

(a)

trealamh a thacaíonn le cumarsáid rialaitheoir – píolóta;

(b)

trealamh a thacaíonn le seirbhísí rialaithe aerthráchta (ATC) nuair a bhfuil spás idir aerárthaí nó cosc imbhuailtí á chumasú.

2.   Is í an Ghníomhaireacht a eiseoidh an deimhniú dá dtagraítear i mír 1.

3.   Eiseofar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh tréimhse neamhtheoranta. Beidh sé bailiú go ceann tréimhse éiginnte seachas sa chás seo a leanas:

(a)

níl ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag sealbhóir an deimhniúcháin a thuilleadh; nó

(b)

maidir le trealamh BAT/SAL, níl aon cheadú eagraíochta bailí eisithe ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769; nó

(c)

níl a bhonn deimhniúcháin á chomhlíonadh ag an trealamh BAT/SAL níos mó i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.025 d’Iarscríbhinn II; nó

(d)

tá an deimhniú géillte ag a shealbhóir nó cúlghairthe ag an nGníomhaireacht.

Nuair a ghéilltear nó nuair a chúlghairtear an deimhniú, má bhí sé eisithe ar pháipéar, seolfar ar ais chuig an nGníomhaireacht é gan mhoill.

4.   De mhaolú ar mhír 1, ní cheanglófar deimhniú a eisiúint le haghaidh trealamh BAT/SAL nach bhfuil in úsáid ach amháin i gcuid theoranta d’aerspás lasmuigh de réigiún ICAO EUR ina bhfuil méid íseal tráchta, sa chás nach bhfuil teorainn ag an gcuid sin den aerspás ach le haerspás a bhfuil tríú tír freagrach as. Ina leithéid sin de chás, eiseofar ráiteas comhlíontachta don trealamh BAT/SAL i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 5

Dearbhú comhlíontachta dearaidh trealaimh BAT/SAL

1.   Eiseofar dearbhú comhlíontachta dearaidh de réir mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III don trealamh BAT/SAL seo a leanas nuair a ghineann, a fhaigheann agus a tharchuireann sé sonraí agus/nó comharthaí sa spás chun críche aerloingseoireacht shábháilte agus idir-inoibritheach a áirithiú:

(a)

trealamh a thacaíonn le cumarsáid talamh go talamh;

(b)

trealamh a thacaíonn le loingseoireacht agus/nó le faireachas.

2.   Is eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh agus/nó táirgeadh trealaimh BAT/SAL agus atá ceadaithe de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 a eiseoidh dearbhuithe comhlíontachta dearaidh.

3.   Eiseofar dearbhuithe comhlíontachta dearaidh trealaimh BAT/SAL le haghaidh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh dearbhuithe de bheith bailí mura ndéantar iad a dhíchlárú i gcomhréir le pointe DPO.AR.C.015(g)(6) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 mar thoradh ar cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

níl na sonraíochtaí mionsonraithe trínarbh fhéidir a dearbhú a eisiúint á gcomhlíonadh ag an trealamh BAT/SAL a thuilleadh;

(b)

níl ceanglais infheidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 á gcomhlíonadh ag eisitheoir an dearbhaithe níos mó nó tá a chead géillte, ar fionraí nó cúlghairthe;

(c)

is léir go raibh an trealamh BAT/SAL faoi deara riosca do-ghlactha nó feidhmíocht seirbhíse atá do-ghlactha;

(d)

tá an dearbhú comhlíontachta dearaidh aistarraingthe ag an eagraíocht.

4.   De mhaolú ar mhír 1, ní cheanglófar dearbhú comhlíontachta dearaidh a eisiúint do threalamh BAT/SAL atá in úsáid díreach i gcuid theoranta d’aerspás lasmuigh de réigiún ICAO EUR ina bhfuil méid tráchta íseal, i gcás nach bhfuil teorainn ag an gcuid sin den aerspás ach le haerspás a bhfuil tríú tír freagrach as. Ina leithéid sin de chás, eiseofar ráiteas comhlíontachta don trealamh BAT/SAL i gcomhréir le hAirteagal 6.

5.   A mhéid a bhaineann le trealamh BAT/SAL chóras Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), eiseoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA), arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/696, an dearbhú comhlíontachta dearaidh atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, agus measfar gur eagraíocht í a bhfuil baint aici le dearadh agus/nó táirgeadh trealaimh EGNOS.

6.   Ní bheidh pointí ATM/ANS.EQMT.DEC.005 ná ATM/ANS.EQMT.DEC.045 d’Iarscríbhinn III infheidhme maidir le EUSPA. Áiritheoidh EUSPA go dtabharfar rochtain don Ghníomhaireacht ar fhianaise ó na heintitis dhifriúla a bhfuil baint acu le dearadh agus táirgeadh trealaimh BAT/SAL an chórais EGNOS, chun cinneadh a dhéanamh maidir le comhlíonadh leanúnach na sonraíochtaí teicniúla infheidhme a úsáideadh nuair a bhí an dearbhú maidir le trealamh BAT/SAL á dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

Airteagal 6

Ráiteas comhlíontachta

1.   Eiseofar ráiteas comhlíontachta maidir leis an trealamh BAT/SAL seo a leanas:

(a)

trealamh nach bhfuil faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4 nó dearbhú comhlíontachta i gcomhréir le hAirteagal 5; agus

(b)

a thacaíonn le seirbhísí aerthráchta, seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta nó faireachais, bainistíocht aerspáis, bainistíocht sreafa aerthráchta, seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta nó seirbhísí meitéareolaíocha.

Deimhneofar sa ráiteas comhlíontachta go bhfuil na sonraíochtaí mionsonraithe arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139 á gcomhlíonadh ag an trealamh BAT/SAL.

2.   Is é an soláthraí BAT/SAL a chomhtháthaíonn an trealamh BAT/SAL sin ina chóras feidhmiúil, nó, arna iarraidh sin don soláthraí BAT/SAL, eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh agus/nó táirgeadh an trealaimh BAT/SAL sin agus atá ceadaithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769, a eiseoidh ráiteas comhlíontachta don trealamh BAT/SAL.

3.   Eiseofar ráiteas comhlíontachta do threalamh BAT/SAL le haghaidh tréimhse neamhtheoranta. Beidh sé bailí mura mbeidh aon cheann de na rudaí seo a leanas infheidhme:

(a)

níl na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII agus, más infheidhme, in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 á gcomhlíonadh ag an trealamh BAT/SAL a thuilleadh,;

(b)

níl ceanglais infheidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 á gcomhlíonadh ag an soláthraí BAT/SAL a thuilleadh nó ghéill sé an deimhniú a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, nó tá an deimhniú ar fionraí nó cúlghairthe;

(c)

tá an ráiteas comhlíontachta aistarraingthe ag an soláthraí BAT/SAL nó tá bearta forfheidhmithe curtha i gcrích i gcomhréir le pointe ATM/ANS.AR.C.050(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373.

Airteagal 7

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm leis na forálacha idirthréimhseacha seo a leanas i ndáil le trealamh BAT/SAL a bhfuil dearbhuithe CE aige a eisíodh i gcomhréir le hAirteagail 5 nó 6 de Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus a cuireadh i mbun oibríochta roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)

Glacfar leis, maidir le trealamh BAT/SAL laistigh de chatagóir an trealaimh BAT/SAL a cheanglaítear a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 4, go bhfuil deimhniú eisithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4 mura gcinneann an Ghníomhaireacht, tar éis na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2, nach n-áirithíonn a leithéid de threalamh BAT/SAL leibhéal sábháilteachta, slándála, feidhmíochta agus idir-inoibritheachta atá comhionann leis an leibhéal a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis an Rialachán seo;

(b)

Glactar leis, maidir le trealamh BAT/SAL laistigh de chatagóir an trealaimh BAT/SAL a cheanglaítear a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 5, go mbeidh dearbhú comhlíontachta dearaidh eisithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5 mura gcinneann an Ghníomhaireacht, i ndiaidh na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2, nach n-áirithíonn a leithéid de threalamh BAT/SAL leibhéal sábháilteachta, slándála, feidhmíochta agus idir-inoibritheachta atá comhionann leis an leibhéal a cheanglaíonn Rialachán (AE) 2018/1139 agus an Rialachán seo;

(c)

a mhéid a bhaineann le trealamh BAT/SAL atá faoi réir ráiteas comhlíontachta de réir Airteagal 6, leanfaidh na dearbhuithe CE maidir le fíorú córas atá eisithe nó aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 de bheith bailí le haghaidh tréimhse neamhtheoranta agus glacfar leis go bhfuil ráiteas comhlíontachta eisithe ina leith de bhun Airteagal 6.

2.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar an trealamh BAT/SAL dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), laistigh de 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus foilseofar torthaí na meastóireachta sin. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla atá freagrach as deimhniúchán na soláthraithe BAT/SAL dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus as an maoirseacht orthu an fhaisnéis ábhartha ar fáil chun an mheastóireacht sin a éascú. Is é cuspóir na meastóireachta sin cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an n-áirithíonn nó nach n-áirithíonn an trealamh ábhartha BAT/SAL leibhéal sábháilteachta, slándála, feidhmíochta agus idir-inoibritheacht atá comhionann leis an leibhéal a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis an Rialachán seo. Foilseofar toradh na meastóireachta sin agus cuirfear i bhfeidhm aon bheart chun an trealamh BAT/SAL a aithníodh i rith na meastóireachta tar éis 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, beag beann ar an dáta a ndearnadh an mheastóireacht, mura dtarraingítear aird sa mheastóireacht ar easnamh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar shábháilteacht. I gcás ina mbraitear easnamh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith aige, cuirfear aon bheart chun athrú a dhéanamh ar an trealamh BAT/SAL a nochtadh sa mheastóireacht i bhfeidhm láithreach. I ndiaidh 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfar leis go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an trealamh BAT/SAL dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (b).

3.   Féadfar trealamh BAT/SAL atá faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4 nó dearbhú i gcomhréir le hAirteagal 5 a chur i bhfeidhm ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 12 Mheán Fómhair 2028 ar bhonn ráiteas comhlíontachta arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6. Amhail ón 13 Mheán Fómhair 2028, beidh feidhm leis na forálacha seo a leanas i ndáil le haon trealamh BAT/SAL dá leithéid:

(a)

Glacfar leis, maidir le trealamh BAT/SAL laistigh de chatagóir an trealaimh BAT/SAL a cheanglaítear a dheimhniú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus ar eisigh an soláthraí BAT/SAL ráiteas comhlíontachta ina leith, gur eisíodh teastas dó i gcomhréir le hAirteagal 4 mura gcinneann an Ghníomhaireacht, i ndiaidh na meastóireachta dá dtagraítear i mír 4, nach n-áirithítear leis an trealamh BAT/SAL sin leibhéal sábháilteachta, slándála, feidhmíochta agus idir-inoibritheachta atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis an Rialachán seo;

(b)

Glacfar leis, maidir le trealamh BAT/SAL laistigh de chatagóir an trealaimh BAT/SAL a cheanglaítear dearbhú comhlíontachta dearaidh i gcomhréir le hAirteagal 5 ina leith, agus ar eisigh an soláthraí BAT/SAL dearbhú comhlíontachta ina leith, go bhfuil dearbhú comhlíontachta dearaidh eisithe i gcomhréir le hAirteagal 5 ina leith mura gcinneann an Ghníomhaireacht, i ndiaidh na meastóireachta dá dtagraítear i mír 4, nach n-áirítear leis an trealamh BAT/SAL leibhéal sábháilteachta, slándála, feidhmíochta agus idir-inoibritheachta atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis an Rialachán seo.

4.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar an trealamh BAT/SAL dá dtagraítear i mír 3 tráth nach déanaí ná an 12 Mheán Fómhair 2030. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla atá freagrach as deimhniúchán na soláthraithe BAT/SAL dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus as an maoirseacht orthu an fhaisnéis ábhartha ar fáil chun an mheastóireacht sin a éascú. Is é cuspóir na meastóireachta sin cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an trealamh ábhartha BAT/SAL leibhéal sábháilteachta, slándála, feidhmíochta agus idir-inoibritheachta atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta eile agus a maoirseacht, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais teicniúla agus na nósanna imeachta riaracháin chun eagraíochtaí a cheadú a bhfuil baint acu le dearadh nó táirgeadh córas agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (Féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo.).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aeracmhainneachta agus deimhniúcháin comhshaoil aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearais gaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS DON GHNÍOMHAIREACHT

(Cuid-ATM/ANS.EQMT.AR)

FOCHUID A

CEANGLAIS GHINEARÁLTA (ATM/ANS.EQMT.AR.A)

ATM/ANS.EQMT.AR.A.001 Raon feidhme

Bunaítear leis an Iarscríbhinn seo na ceanglais don Ghníomhaireacht maidir leis na coinníollacha a bhaineann le deimhniúchán agus gníomhaíochtaí eile a reáchtáil atá riachtanach chun maoirseacht éifeachtach ar threalamh BAT/SAL a áirithiú mar aon leis na coinníollacha agus nósanna imeachta a úsáideann an Ghníomhaireacht chun eintitis cháilithe a chreidiúnú.

ATM/ANS.EQMT.AR.A.020 Cúraimí a shannadh d’eintitis cháilithe

(a)

Nuair a chinneann an Ghníomhaireacht cúraimí a bhaineann le deimhniúchán trealaimh BAT/SAL atá faoi réir an Rialacháin seo, le ceadú eagraíochtaí atá faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 a shannadh d’eintitis cháilithe, áiritheoidh sé go mbeidh comhaontú leis an eintiteas cáilithe nó leis na heintitis cháilithe bunaithe agus doiciméadaithe aige, agus é formheasta ag an dá pháirtí sa chomhaontú sin ar an leibhéal bainistíochta iomchuí, ina sainítear go soiléir:

(1)

na cúraimí atá le comhlíonadh;

(2)

na dearbhuithe, na tuarascálacha agus na taifid atá le soláthar;

(3)

na coinníollacha teicniúla is gá a chomhlíonadh agus na cúraimí sin á ndéanamh;

(4)

an cumhdach i leith dliteanas a bhaineann le hábhar;

(5)

an chosaint a thugtar don fhaisnéis a fhaightear agus na cúraimí sin á ndéanamh.

(b)

Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcumhdóidh an próiseas iniúchta inmheánaigh agus an próiseas bainistíochta riosca sábháilteachta a cheanglaítear le pointe DPO.AR.B.001 (a)(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 na cúraimí ar fad atá á ndéanamh thar a ceann ag an eintiteas cáilithe/ag na heintitis cháilithe.

(c)

Maidir le formheas chomhlíonadh phointe DPO.OR.B.001 (d) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ag an eagraíocht agus leis an maoirseacht ar an gcomhlíonadh sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht cúraimí a shannadh d’eintitis cháilithe i gcomhréir le pointe (a), nó d’aon údarás ábhartha atá freagrach as slándáil faisnéise nó cibearshlándáil laistigh den Aontas. Nuair a bhíonn cúraimí á sannadh, áiritheoidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(1)

go ndéanfaidh an t-eintiteas cáilithe nó an t-údarás ábhartha gach gné a bhaineann le sábháilteacht na heitlíochta a chomhordú agus a chur san áireamh;

(2)

go ndéanfar torthaí na ngníomhaíochtaí ceadaithe agus maoirseachta arna gcomhlíonadh ag an eintiteas cáilithe nó ag an údarás ábhartha a chomhtháthú i gcomhaid fhoriomlána deimhniúcháin agus maoirseachta na heagraíochta;

(3)

go gcumhdaíonn a chóras bainistíochta slándála faisnéise féin arna bhunú i gcomhréir le pointe DPO.AR.B.001 (d) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 gach cúram deimhniúcháin agus maoirseachta leanúnach a dhéantar thar a ceann.

ATM/ANS.EQMT.AR.A.030 Treoracha maidir le trealaimh BAT/SAL

(a)

Eiseoidh an Ghníomhaireacht treoir maidir le trealamh BAT/SAL sna cásanna seo a leanas:

(1)

nuair atá cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht gur ann do staid neamhshábháilte, tearcfheidhmíochta nó neamh-idir-inoibritheachta sa trealamh mar thoradh ar easnamh sa trealamh; agus

(2)

nuair is dócha go bhfuil an staid sin ann nó go dtarlóidh sé i dtrealamh BAT/SAL eile.

(b)

Beidh an fhaisnéis seo ar a laghad le fáil i dtreoir maidir le trealamh BAT/SAL:

(1)

sainaithint na staide neamhshábháilte, neamhshláine, tearcfheidhmíochta nó neamh-idir-inoibritheachta;

(2)

an trealamh BAT/SAL lena mbaineann;

(3)

an ghníomhaíocht/na gníomhaíochtaí a cheanglaítear a ndéanamh agus an réasúnaíocht;

(4)

an méid ama a theastaíonn chun an ghníomhaíocht/na gníomhaíochtaí a cheanglaítear a ndéanamh;

(5)

an dáta teacht i bhfeidhm.

ATM/ANS.EQMT.AR.A.035 Sonraíochtaí mionsonraithe le haghaidh comhlíontacht dearaidh an trealaimh

(a)

Bunóidh agus soláthróidh an Ghníomhaireacht sonraíochtaí mionsonraithe ar féidir le heagraíochtaí iad a úsáid chun a léiriú go bhfuil na ceanglais fíor-riachtanacha ábhartha atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII agus, más infheidhme, in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 á gcomhlíonadh nuair a dhéanann siad an méid seo a leanas:

(1)

iarratas ar dheimhniúchán trealaimh BAT/SAL i gcomhréir le hAirteagal 4;

(2)

dearbhú a thabhairt maidir le comhlíontacht dearaidh trealaimh BAT/SAL i gcomhréir le hAirteagal 5;

(3)

ráiteas comhlíontachta i gcomhréir le hAirteagal 6 a dhéanamh.

(b)

Léireofar sna sonraíochtaí mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (a) caighdeáin dearaidh lena léirítear an úrscothacht agus dea-chleachtais dearaidh, agus a chuireann leis an taithí luachmhar atá faighte agus leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, agus leis an bhfianaise agus leis an anailís is fearr atá ar fáil maidir le trealamh BAT/SAL.

FOCHUID B DEIMHNIÚCHÁN, MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ

(ATM/ANS.EQMT.AR.B)

ATM/ANS.EQMT.AR.B.001 Bonn deimhniúcháin le haghaidh trealamh ATM/ANS

(a)

Bunóidh an Ghníomhaireacht bonn deimhniúcháin le haghaidh trealaimh BAT/SAL agus tabharfar fógra faoi don iarrthóir ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL. Seo a leanas a bheidh mar bhonn leis an deimhniúchán:

(1)

sonraíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.A.035 atá infheidhme maidir leis an trealamh BAT/SAL ar an dáta a dhéantar an t-iarratas ar an deimhniú sin, mura bhfuil an méid seo a leanas le cur san áireamh:

(i)

roghnaíonn an t-iarrthóir pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.015(e) a chomhlíonadh, nó ceanglaítear air a chomhlíonadh, le sonraíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe a tháinig i bhfeidhm tar éis dáta cur isteach an iarratais, agus sa chás sin áireoidh an Ghníomhaireacht i mbonn deimhniúcháin an trealaimh BAT/SAL aon sonraíochtaí deimhniúcháin eile atá gaolta go díreach; nó

(ii)

glacann an Ghníomhaireacht le haon rogha mhalartach ar shonraíocht deimhniúcháin mionsonraithe nach féidir a chomhlíonadh, ar aimsíodh ina leith fachtóirí cúitimh a chuireann leibhéal coibhéiseach sábháilteachta ar fáil leis na sonraíochtaí deimhniúcháin infheidhme; agus

(2)

aon choinníoll speisialta arna fhorordú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.005.

(b)

Comhaontóidh an Ghníomhaireacht maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfaí gnéithe, saintréithe nó feidhmeanna breise a chur san áireamh nach raibh san áireamh sa bhonn deimhniúcháin ar dtús.

ATM/ANS.EQMT.AR.B.005 Coinníollacha speisialta

(a)

Bunóidh an Ghníomhaireacht ceanglais bhreise, ar a dtugtar ‘coinníollacha speisialta’, do threalamh BAT/SAL má mheastar nach bhfuil na sonraíochtaí mionsonraithe infheidhme gaolmhara leormhaith mar gheall ar cheann amháin de na cúiseanna seo a leanas:

(1)

tá gnéithe dearaidh núíosacha nó neamhghnácha ag an trealamh BAT/SAL maidir leis na cleachtais dearaidh ar a bhfuil na sonraíochtaí mionsonraithe infheidhme bunaithe;

(2)

tá úsáid bheartaithe an trealaimh BAT/SAL neamhghnách;

(3)

léirigh taithí ar threalamh comhchosúil BAT/SAL eile i seirbhís a bhfuil gnéithe dearaidh comhchosúla nó rioscaí nua-aitheanta acu go bhféadfadh staideanna neamh-inmhianaithe teacht chun cinn;

(4)

coisceann an timpeallacht ag suíomh na suiteála ceanglais áirithe a bhaineann leis na sonraíochtaí mionsonraithe infheidhme a chomhlíonadh go fisiciúil.

(b)

D’fhéadfaí go n-áireofaí i gcoinníollacha speisialta caighdeáin sábháilteachta, feidhmíochta, slándála agus idir-inoibritheachta a shíleann an Ghníomhaireacht atá riachtanach chun leibhéal oiriúnach d’fheidhmíocht trealaimh BAT/SAL a chinntiú atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear sna sonraíochtaí mionsonraithe infheidhme.

ATM/ANS.EQMT.AR.B.010 Leibhéal rannpháirtíochta

(a)

Déanfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh maidir lena leibhéal rannpháirtíochta i bhfíorú na ngníomhaíochtaí agus na sonraí léirithe comhlíontachta a bhaineann le hiarratas ar dheimhniú a eisiúint nó ar athruithe air. Déanfar an cinneadh sin ar bhonn measúnú ar ghrúpaí suibiachtúla de ghníomhaíochtaí agus sonraí léirithe comhlíontachta ón gclár deimhniúcháin.

Tabharfar aghaidh sa mheasúnú ar na nithe seo uile:

(1)

an seans go n-aimseofar neamh-chomhlíontacht gan aithint leis an mbonn deimhniúcháin;

(2)

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an neamhchomhlíontacht sin ar shábháilteacht, slándáil, sonraíochtaí seirbhíse agus feidhmiú trealaimh BAT/SAL.

Breathnófar na gnéithe a leanas ar a laghad:

(i)

gnéithe núíosacha nó neamhghnácha an tionscadail deimhniúcháin, lena n-áirítear gnéithe oibríochtúla, eagraíochtúla agus bainistíochta eolais;

(ii)

castacht an dearaidh agus/nó fianaise ar an gcomhlíontacht;

(iii)

criticiúlacht an dearaidh nó na teicneolaíochta, na rioscaí gaolmhara sábháilteachta, slándála nó comhlíonta seirbhíse agus feidhmiú an trealaimh BAT/SAL, lena n-áirítear iad siúd atá sainaitheanta i gcásanna dearaí comhchosúla;

(iv)

feidhmíocht agus taithí an iarrthóra san fhearann lena mbaineann.

(b)

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra maidir lena leibhéal rannpháirtíochta don iarrthóir agus roinnfidh sé eolas nuashonraithe leis maidir lena rannpháirtíocht nuair is gá bunaithe ar fhaisnéis a bhfuil tionchar suntasach aici ar an riosca a measadh roimhe seo i gcomhréir le pointe (a). Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don iarrthóir maidir le haon athrú ar an leibhéal rannpháirtíochta.

ATM/ANS.EQMT.AR.B.015 Deimhniú trealaimh BAT/SAL a eisiúint

(a)

Eiseoidh an Ghníomhaireacht deimhniú do threalamh BAT/SAL, ar an gcoinníoll go mbeidh an méid seo a leanas déanta:

(1)

léirigh an t-iarrthóir go bhfuil pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.015 comhlíonta;

(2)

níor aithin an Ghníomhaireacht aon neamhchomhlíonadh le bonn deimhniúcháin trealaimh BAT/SAL trí fhíorú na ngníomhaíochtaí léirithe comhlíontachta a cinneadh i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.010;

(3)

níl aon ghné nó saintréith aitheanta a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn lena chinneadh go bhfuil an trealamh neamhshábháilte don úsáid atá beartaithe.

(b)

Áireofar sa deimhniú trealaimh BAT/SAL na teorainneacha oibriúcháin, an bhileog sonraí d’oiriúnacht leanúnach, an bonn deimhniúcháin infheidhme le haghaidh trealamh BAT/SAL a úsáideann an Ghníomhaireacht chun an chomhlíontacht a thaifeadadh, agus aon choinníollacha nó teorainneacha eile atá forordaithe sna sonraíochtaí mionsonraithe agus coinníollacha speisialta infheidhme.

ATM/ANS.EQMT.AR.B.020 Imscrúdú maoirseachta tosaigh i ndáil le dearbhú maidir le comhlíontacht dearaidh trealaimh BAT/SAL

(a)

I ndiaidh don Ghníomhaireacht dearbhú a fháil maidir le comhlíontacht dearaidh trealaimh BAT/SAL ó eagraíocht atá páirteach i ndearadh nó i dtáirgeadh trealaimh BAT/SAL agus atá ceadaithe ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769, fíoróidh an Ghníomhaireacht go bhfuil an méid seo a leanas comhlíonta:

(1)

tá sé de phribhléid ar an dearbhóir comhlíontacht dearaidh a dhearbhú i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.DEC.005;

(2)

cuimsítear sa dearbhú an fhaisnéis ar fad atá liostaithe i bpointe ATM/ANS.EQMT.DEC.010;

(3)

ní chuimsítear sa dearbhú faisnéis a thugann neamhchomhlíontacht le ceanglais infheidhme Iarscríbhinn III le fios agus níl aon ghné nó saintréithe aitheanta a d’fhéadfadh a bheith ina mbonn le cinneadh go bhfuil an trealamh BAT/SAL neamhshábháilte don úsáid atá bheartaithe.

(b)

Áireofar i ndeimhniú maidir le comhlíontacht dearaidh trealaimh BAT/SAL na teorainneacha oibriúcháin, an bhileog sonraí d’oiriúnacht leanúnach, na sonraíochtaí mionsonraithe infheidhme a d’úsáid an eagraíocht chun comhlíontacht a léiriú, agus aon choinníollacha nó teorainneacha eile atá forordaithe sna sonraíochtaí mionsonraithe agus coinníollacha speisialta infheidhme.

(c)

Mura bhfuil an dearbhú comhsheasmhach le pribhléidí na heagraíochta nó má chuimsítear ann faisnéis a léiríonn neamhchomhlíontacht leis na sonraíochtaí mionsonraithe agus coinníollacha speisialta infheidhme, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don eagraíocht lena mbaineann maidir leis an neamhchomhlíontacht agus lorgófar tuilleadh faisnéise, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus fianaise ina leith.

(d)

Má chomhlíontar na ceanglais i bpointe (a) agus (b), admhóidh an Ghníomhaireacht go bhfuil an dearbhú faighte.

ATM/ANS.EQMT.AR.B.025 Dearbhú maidir le comhlíontacht dearaidh trealaimh BAT/SAL a chlárú

Cláróidh an Ghníomhaireacht dearbhú comhlíontachta dearaidh trealaimh BAT/SAL i mbunachar sonraí oiriúnach, ar choinníoll:

(a)

gur dhearbhaigh an dearbhóir comhlíontacht dearaidh an trealaimh BAT/SAL i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.DEC.010;

(b)

gur gheall an dearbhóir na oibleagáidí atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh;

(c)

níl aon saincheisteanna gan réiteach ann i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.020.

ATM/ANS.EQMT.AR.B.030 Athruithe ar dhearbhuithe

(a)

Nuair a fhaightear fógra maidir le hathruithe i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.DEC.020, fíoróidh an Ghníomhaireacht iomláine an fhógra i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.020.

(b)

I gcás ina ndéanfaidh an t-athrú/na hathruithe difear d’aon ghné den dearbhú atá cláraithe i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.025, déanfaidh an Ghníomhaireacht an clár a thabhairt cothrom le dáta.

(c)

Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí a cheanglaítear le pointí (a) agus (b) curtha i gcrích, admhóidh an Ghníomhaireacht don eagraíocht ábhartha a bhfuil baint aici le dearadh nó táirgeadh trealaimh BAT/SAL go bhfuil an fógra faighte.


IARSCRÍBHINN II

DEIMHNIÚCHÁIN TREALAIMH BAT/SAL

(Cuid-ATM/ANS.EQMT.CERT)

ATM/ANS.EQMT.CERT.001 Raon feidhme

Bunaítear san Iarscríbhinn seo na nósanna imeachta a bhaineann le deimhnithe do threalamh BAT/SAL a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4, agus cearta agus oibleagáidí an iarrthóra ar na ndeimhniúchán sin agus a sealbhóra.

ATM/ANS.EQMT.CERT.005 Raon feidhme

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a léirigh a c(h)umas dearaidh, nó atá i mbun a c(h)umas dearaidh a léiriú i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.010, iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán trealaimh BAT/SAL a eisiúint faoi na coinníollacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo.

ATM/ANS.EQMT.CERT.010 Léiriú cumais

Beidh ceadú eagraíochta dearaidh eisithe ag an nGníomhaireacht de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 a chlúdaíonn an trealamh BAT/SAL faoi seach, i seilbh iarrthóir ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL.

ATM/ANS.EQMT.CERT.015 Iarratas ar dheimhniú threalamh BAT/SAL a eisiúint

(a)

Is i bhfoirm agus ar shlí a bhunóidh an Ghníomhaireacht a dhéanfar iarratas ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL.

(b)

Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, san áireamh in iarratas ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL:

(1)

réamhshonraí tuairisciúla a bhaineann le trealamh BAT/SAL agus a úsáid bheartaithe;

(2)

clár deimhniúcháin chun comhlíontacht a léiriú i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.025, ina gcuimsítear an méid seo a leanas:

(i)

cur síos mionsonraithe ar an dearadh, lena n-áirítear gach cumraíocht atá le deimhniú;

(ii)

saintréithe agus teorainneacha trealaimh beartaithe;

(iii)

úsáid bheartaithe an trealaimh BAT/SAL;

(iv)

togra don bhonn deimhniúcháin tosaigh, lena n-áirítear sonraíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe infheidhme, coinníollacha speisialta atá beartaithe, tátail sábháilteachta choibhéiseacha atá beartaithe, mar aon le modhanna comhlíontachta atá beartaithe agus díorthaigh atá beartaithe, de réir mar is infheidhme, agus iad ullmhaithe de réir na gceanglas agus na roghanna atá leagtha amach i bpointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.001;

(v)

togra do mhiondealú an chláir deimhniúcháin i ngrúpaí suibiachtúla de ghníomhaíochtaí agus sonraí a léiríonn comhlíontacht, lena n-áirítear togra maidir le modhanna comhlíonta agus doiciméid ghaolmhara a léiríonn comhlíontacht;

(vi)

togra chun measúnú a dhéanamh ar ghrúpaí suibiachtúla de ghníomhaíochtaí agus sonraí a léiríonn comhlíontacht, a dhíríonn ar an dóchúlacht go mbeidh neamhchomhlíonadh gan aithint leis na ceanglais atá bunaithe ar dheimhniúchán agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an neamhchomhlíonadh sin ar an trealamh BAT/SAL; cuirfear san áireamh sa mheasúnú beartaithe ar a laghad na gnéithe atá leagtha amach i bpointe (a)(2)(i) go dtí (iv) pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.010; bunaithe ar an measúnú seo, cuirfear san áireamh san iarratas togra le haghaidh leibhéal rannpháirtíochta na Gníomhaireachta i bhfíorú na ngníomhaíochtaí agus na sonraí a léiríonn comhlíontacht;

(vii)

sceideal tionscadail lena n-áirítear na garspriocanna suntasacha.

(c)

I ndiaidh an iarratais a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta den chéad uair, nuashonróidh an t-iarrthóir an clár deimhniúcháin má tá athruithe le cur i bhfeidhm ar an tionscadal deimhniúcháin a bhfuil tionchar acu ar aon phointe idir (b)(2)(i) agus (vii).

(d)

Beidh iarratas chun deimhniú trealaimh BAT/SAL a eisiúint bailí le haghaidh 5 bliana mura léiríonn an t-iarrthóir tráth déanta an iarratais go dteastaíonn níos mó ama chun comhlíontacht a léiriú agus má chomhaontaíonn an Ghníomhaireacht síneadh a chur leis an tréimhse ama.

(e)

Sa chás nach bhfuil deimhniú trealaimh BAT/SAL eisithe, nó más léir nach n-eiseofar a leithéid, laistigh den teorainn ama dá bhforáiltear di i bpointe (d), féadfaidh an t-iarrthóir:

(1)

iarratas nua a dhéanamh agus na ceanglais a chomhlíonadh a bhaineann le bonn deimhniúcháin, arna mbunú agus arna bhfógairt don Ghníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.001 don dáta chun an t-iarratas nua a chur isteach; nó

(2)

iarratas a dhéanamh chun síneadh a chur leis an teorainn ama dá bhforáiltear i bpointe (d) agus dáta nua a mholadh chun an deimhniú a eisiúint; sa chás sin, comhlíonfaidh an t-iarrthóir na ceanglais a bhaineann le bonn deimhniúcháin arna mbunú agus arna bhfógairt don Ghníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.001 do dháta atá le roghnú ag an iarrthóir; ní bheidh an dáta sin níos mó ná 5 bliana roimh an dáta nua atá beartaithe ag an iarrthóir chun an deimhniú nua a eisiúint, áfach, i gcás iarratas ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL a eisiúint.

ATM/ANS.EQMT.CERT.020 Athruithe a gceanglaítear deimhniú nua trealaimh BAT/SAL mar gheall orthu

Déanfaidh eagraíocht dearaidh cheadaithe a mholann athruithe ar threalamh BAT/SAL iarratas ar dheimhniú nua a eisiúint sa chás go bhfuil na hathruithe ar dhearadh nó ar fheidhmiúlacht an trealaimh BAT/SAL sin chomh suntasach sin go bhfuil gá le himscrúdú iomlán ar chun an bonn deimhniúcháin infheidhme a chomhlíonadh.

ATM/ANS.EQMT.CERT.025 Léiriú comhlíontachta leis an mbonn deimhniúcháin le haghaidh trealamh BAT/SAL

(a)

Léireoidh iarrthóir, i ndiaidh don Ghníomhaireacht glacadh leis an gclár deimhniúcháin, go bhfuil an bonn deimhniúcháin le haghaidh trealamh BAT/SAL á chomhlíonadh mar atá bunaithe agus fógartha don iarrthóir ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.001 agus cuirfidh sé na modhanna ar fáil don Ghníomhaireacht trínar léiríodh an chomhlíontacht.

(b)

Nuashonróidh iarrthóir ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL an clár deimhniúcháin leis an mbonn deimhniúcháin nuashonraithe i gcás ina n-aithníonn an Ghníomhaireacht gur gá go ndéanfaidh an t-iarrthóir a leithéid i ndiaidh an iarratais tosaigh a chur isteach bunaithe i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.015.

(c)

Tuairisceoidh an t-iarrthóir don Ghníomhaireacht aon deacracht nó teagmhas a tharla i rith an phróisis léirithe comhlíontachta agus a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag a leithéid ar an measúnú faoi phointe ATM/ANS.EQMT.CERT.015(b)(2)(vi) nó ar an gclár deimhniúcháin nó a bhféadfadh athrú ar leibhéal rannpháirtíochta na Gníomhaireachta a fógraíodh don iarrthóir roimhe sin i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.010(b) a bheith ag teastáil mar gheall air.

(d)

Taifeadfaidh iarrthóir fianaise ar na doiciméid chomhlíonta a bheith á gcomhlíonadh dá dtagraítear dóibh sa chlár deimhniúcháin.

(e)

I ndiaidh na ngníomhaíochtaí léirithe comhlíontachta a chur i gcrích de réir an chláir deimhniúcháin, lena n-áirítear aon chigireachtaí agus tástálacha a cuireadh i gcrích i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.040, dearbhóidh an t-iarrthóir agus cuirfidh sé/sí isteach, i bhfoirm agus ar shlí atá bunaithe ag an nGníomhaireacht:

(1)

gur léirigh sé go bhfuil an bonn deimhniúcháin, mar atá bunaithe agus fógartha ag an nGníomhaireacht, comhlíonta de réir an chláir deimhniúcháin a bhfuil glactha ag an nGníomhaireacht leis i gcomhréir le pointe (a);

(2)

níl aon ghné nó saintréith aitheanta a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn lena chinneadh go bhfuil an trealamh BAT/SAL mí-oiriúnach don úsáid bheartaithe.

(f)

Léireoidh an t-iarrthóir nach ndéanann na gnéithe, saintréithe nó feidhmeanna ar cuid den bhonn deimhniúcháin iad cur isteach ar oiriúnacht an trealaimh BAT/SAL dá úsáid bheartaithe agus nach bhfuil éifeacht dhíobhálach acu uirthi.

ATM/ANS.EQMT.CERT.030 Modhanna comhlíontachta

(a)

Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíontachta (‘AMC’) a fhéadfar a úsáid chun an chomhlíontacht a shuí le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin.

(b)

Féadfar modhanna malartacha comhlíonta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a bhunú.

ATM/ANS.EQMT.CERT.035 Dearadh trealaimh BAT/SAL

(a)

Is é rud a bheidh sa dearadh trealaimh BAT/SAL:

(1)

na líníochtaí agus na sonraíochtaí agus liostú de na líníochtaí agus sonraíochtaí sin, atá riachtanach chun an chumraíocht agus na gnéithe dearaidh a shainiú a thaispeántar go gcomhlíonann siad an bonn deimhniúcháin;

(2)

faisnéis maidir le próisis agus modhanna monaraíochta agus cóimeála an trealaimh atá riachtanach chun comhréireacht an trealaimh BAT/SAL a chinntiú;

(3)

rannóg maidir le teorainneacha ceadaithe na dtreoracha ar mhaithe le hoiriúnacht leanúnach mar atá sainithe ag na sonraíochtaí deimhniúcháin mionsonraithe infheidhme;

(4)

aon sonraí eile a cheadaíonn comparáid a dhéanamh leis an gcinneadh maidir le hoiriúnacht an dearaidh.

(b)

Beidh gach dearadh aitheanta go cuí.

ATM/ANS.EQMT.CERT.040 Cigireacht agus tástáil

(a)

Sula ndéantar gach tástáil nuair a bhíonn comhlíontacht á léiriú mar a cheanglaítear le pointe ATM/ANS.EQMT.CERT.025, beidh an méid seo a leanas fíoraithe ag an iarrthóir:

(1)

chomh fada is a bhaineann leis an eiseamal tástála, go bhfuil:

(i)

go bhfuil na sonraíochtaí don dearadh atá beartaithe á gcomhlíonadh ag na páirteanna, gnéithe, cumraíocht, códú agus próisis don dearadh beartaithe;

(ii)

go bhfuil an dearadh beartaithe á chomhlíonadh ag an trealamh BAT/SAL atá forbartha;

(iii)

go bhfuil na próisis déantúsaíochta, tógála agus cóimeála i gcomhréir go leordhóthanach leis na próisis atá sonraithe sa dearadh cineáil atá beartaithe; agus

(2)

maidir leis an tástáil agus trealamh tomhais atá le húsáid don tástáil, go bhfuil siad leordhóthanach don tástáil agus calabraithe go cuí.

(b)

Bunaithe ar na fíoruithe a rinneadh i gcomhréir le pointe (a), eiseoidh an t-iarrthóir ráiteas fíoraithe ar a liostófar aon neamh-chomhréireacht fhéideartha, mar aon le réasúnú maidir leis an gcúis nach mbeidh aon tionchar aige seo ar na torthaí tástála agus ceadóidh sé don Ghníomhaireacht aon chigireacht a mheasann sí atá riachtanach a dhéanamh chun bailíocht an ráitis sin a sheiceáil.

(c)

Tabharfaidh an t-iarrthóir cead don Ghníomhaireacht an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

athbhreithniú a dhéanamh ar aon sonraí agus ar aon fhaisnéis a bhaineann leis an léiriú ar chomhlíonadh;

(2)

aon tástáil nó cigireacht a fhianú nó a dhéanamh ar tástáil nó cigireachta í a dhéantar chun an chomhlíontacht a léiriú.

(d)

Maidir leis na tástálacha agus cigireachtaí ar fad a fhianaíonn an Ghníomhaireacht:

(1)

cuirfidh an t-iarrthóir ráiteas fíoraithe i gcomhréir le pointe (b) faoi bhráid na Gníomhaireachta;

(2)

ní dhéanfar aon athrú a dhéanann difear do bhailíocht an ráitis fíoraithe ar an eiseamal tástála ná ar an trealamh tástála agus tomhais idir an tráth a eisítear an ráiteas fíoraithe dá bhforáiltear i bpointe (b) agus an tráth a thugtar an t-eiseamal tástála don Ghníomhaireacht lena thástáil nó a fhianaíonn an Ghníomhaireacht é chuige sin.

ATM/ANS.EQMT.CERT.045 Coimeád taifead

Le cois na gceanglas a bhaineann le coimeád taifead atá oiriúnach do nó a bhaineann leis an gcóras bainistíochta, cuirfidh sealbhóir an dearaidh an fhaisnéis dearaidh, líníochtaí agus tuarascálacha tástálacha ábhartha ar fad ar fáil, lena n-áirítear taifid chigireachta agus tástálacha taifeadta, don Ghníomhaireacht agus coimeádfar a leithéid chun an fhaisnéis riachtanach chun comhlíontacht leanúnach a chinntiú ar fáil.

ATM/ANS.EQMT.CERT.050 Lámhleabhair

Táirgfidh, coimeádfaidh agus nuashonróidh sealbhóir deimhnithe trealaimh BAT/SAL máistirchóipeanna de gach lámhleabhar atá riachtanach bunaithe ar an mbonn deimhniúcháin infheidhme, agus soláthróidh sé cóipeanna don Ghníomhaireacht arna iarraidh sin di.

ATM/ANS.EQMT.CERT.055 Treoracha cothabhála

(a)

Tabharfaidh sealbhóir deimhnithe trealaimh BAT/SAL tacar iomlán treoracha cothabhála amháin ar a laghad, ina bhfuil sonraí tuairisciúla agus treoracha gnóthachtála arna n-ullmhú de réir an bhoinn deimhniúcháin infheidhme, do gach úsáideoir aitheanta agus cuirfidh sé ar fáil iad arna iarraidh sin d’aon duine eile a gceanglaítear air/uirthi aon cheann de na treoracha cothabhála sin a chomhlíonadh.

(b)

Roinnfear eolas maidir le hathruithe ar threoracha cothabhála le gach úsáideoir aitheanta agus cuirfear a leithéid ar fáil ar iarratas d’aon duine a cheanglaítear air/uirthi aon cheann de na treoracha cothabhála sin a chomhlíonadh. Cuirtear clár ina dtaispeántar conas a dhéantar athruithe ar na treoracha cothabhála ar fáil do gach úsáideoir aitheanta faoi bhráid na Gníomhaireachta.

ATM/ANS.EQMT.CERT.060 Athruithe ar an mbonn deimhniúcháin le haghaidh trealamh ATM/ANS

(a)

Ceadóidh an Ghníomhaireacht gach athrú nuair a léiríonn sealbhóir an deimhnithe go bhfuil an bonn deimhniúcháin arna bhunú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.001 á chomhlíonadh ag na hathruithe, agus ag na réimsí a ndéanann na hathruithe difear dóibh.

(b)

De mhaolú ar phointe (a), beidh na hathruithe laistigh de raon feidhme phribhléidí na heagraíochta, ag teacht le nós imeachta bainistíochta athraithe ceadaithe, á mbainistiú ag an eagraíocht dearaidh cheadaithe agus beidh siad teoranta do chumraíocht shonrach/do chumraíochtaí sonracha ar threalamh BAT/SAL lena mbaineann na hathruithe.

(c)

Chun na críche sin, beidh córas ar bun ag sealbhóir an deimhnithe trealaimh BAT/SAL chun raon feidhme na n-athruithe ar threalamh BAT/SAL a aithint mar ‘mhionathrú’ nó mar ‘mórathrú’.

(d)

Eiseofar na hathruithe le ráiteas i gcomhréir le pointe (b)(2) de phointe DPO.OR.C.001 d’Iarscríbhinn II (Part-DPO.OR) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769.

ATM/ANS.EQMT.CERT.065 Treoracha maidir le trealaimh BAT/SAL

Sa chás go n-eisítear treoir maidir le trealamh BAT/SAL chun an coinníoll dá dtagraítear dó i bpointe (b) de ATM/ANS.EQMT.AR.A.030 a cheartú, déanfaidh sealbhóir deimhnithe trealaimh BAT/SAL, mura gcinneann an Ghníomhaireacht a mhalairt i gcás ina bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a mholadh agus sonraí a chur ar fáil maidir leis an togra sin don Ghníomhaireacht lena fhormheas;

(b)

i ndiaidh don Ghníomhaireacht é a fhormheas, sonraí tuairisciúla agus treoracha gnóthachtála oiriúnacha a chur ar fáil do gach úsáideoir aitheanta trealaimh BAT/SAL agus don na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus más cuí agus ar iarratas, d’aon duine a gceanglaítear air an treoir maidir le trealamh BAT/SAL a chomhlíonadh.

ATM/ANS.EQMT.CERT.070 Cigireachtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht

Ar iarratas ón nGníomhaireacht, déanfaidh gach eagraíocht a bhfuil deimhniú aici atá eisithe ag an nGníomhaireacht faoin Iarscríbhinn seo an méid seo a leanas:

(a)

rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht ar aon saoráid, trealamh, doiciméad, taifead, sonraí, próiseas, nós imeachta nó aon ábhar eile, agus cead a thabhairt don Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil, aon chigireacht a dhéanamh agus aon tástáil atá riachtanach chun a fhíorú go bhfuil ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht;

(b)

má fhostaíonn an duine nádúrtha nó dlítheanach comhpháirtithe, soláthróirí nó fochonraitheoirí, socruithe a dhéanamh leo chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht orthu agus gur féidir leis imscrúdú a dhéanamh mar a thuairiscítear i bpointe (a).


IARSCRÍBHINN III

DEARBHÚ COMHLÍONTACHTA DEARAIDH AN TREALAIMH BAT/SAL

(Cuid-ATM/ANS.EQMT.DEC)

ATM/ANS.EQMT.DEC.001 Raon feidhme

Bunaítear san Iarscríbhinn seo na nósanna imeacht chun a dhearbhú go bhfuil dearadh trealaimh BAT/SAL á chomhlíonadh, agus bunaítear cearta agus oibleagáidí na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh trealaimh BAT/SAL atá údaraithe chun dearbhuithe a eisiúint.

ATM/ANS.EQMT.DEC.005 Incháilitheacht agus léiriú comhlíontachta

Léireoidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh trealaimh BAT/SAL a cumas a dhearbhú go bhfuil dearadh trealaimh BAT/SAL áirithe comhlíontach trí chead eagraíochta a shealbhú a bheidh eisithe ag an nGníomhaireacht de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769, mar atá sonraithe i dtéarmaí ceadaithe na heagraíochta.

ATM/ANS.EQMT.DEC.010 Dearbhú comhlíontachta dearaidh an trealaimh BAT/SAL

Cuirfidh eagraíocht cheadaithe dearbhú dátaithe agus sínithe maidir le comhlíonadh dearaidh trealaimh BAT/SAL áirithe ar fáil. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa dearbhú:

(a)

cur síos ar an dearadh, lena n-áirítear gach cumraíocht;

(b)

feidhmíocht rátáilte an trealaimh, más cuí, go díreach nó trí thagairt do dhoiciméid fhorlíontacha eile;

(c)

ráiteas comhlíonta lena ndeimhnítear go bhfuil na sonraíochtaí infheidhme á gcomhlíonadh ag an trealamh, agus liosta de na sonraíochtaí dearbhaithe agus coinníollacha speisialta, de réir mar is infheidhme;

(d)

tagairt d’fhianaise thacaíochta ábhartha, lena n-áirítear tuarascálacha tástála;

(e)

tagairt do na lámhleabhair oibríochta, bhunaithe agus chothabhála oiriúnacha;

(f)

na leibhéil chomhlíonta, sa chás go gceadaítear leibhéil chomhlíonta éagsúla na sonraíochtaí dearbhaithe;

(g)

liosta claonta, de réir mar is cuí.

ATM/ANS.EQMT.DEC.015 Modhanna comhlíontachta

(a)

Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíontachta (‘AMC’) a fhéadfar a úsáid chun an chomhlíontacht a shuí le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin.

(b)

Féadfar modhanna malartacha comhlíonta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a bhunú.

ATM/ANS.EQMT.DEC.020 Athruithe ar dhearbhú dhearadh an trealaimh ATM/ANS

(a)

Déanfaidh eagraíocht cheadaithe atá páirteach i ndearadh trealaimh BAT/SAL athruithe ar an dearadh atá laistigh de raon feidhme phribhléidí na heagraíochta ceadaithe. Sa chás seo, coimeádfaidh an trealamh athraithe a pháirtuimhir bhunaidh.

(b)

Ceanglóidh aon athrú ar an dearadh atá laistigh de raon feidhme phribhléidí na heagraíochta ceadaithe agus atá sách suntasach chun imscrúdú iomlán a cheangal i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.020 chun cinneadh maidir le comhlíontacht a dhéanamh go mbeidh ainmniúchán samhla nua á shannadh don trealamh.

ATM/ANS.EQMT.DEC.025 Coimeád taifead

Le cois na gceanglas a bhaineann le coimeád taifead atá oiriúnach do nó a bhaineann leis an gcóras bainistíochta, cuirfear gach faisnéis dearaidh, líníochtaí agus tuarascálacha tástálacha ábhartha ar fáil, lena n-áirítear taifid chigireachta don trealamh tástáilte, don Ghníomhaireacht agus coimeádfar a leithéid chun an fhaisnéis riachtanach chun comhlíontacht leanúnach leis na trealamh BAT/SAL a chinntiú.

ATM/ANS.EQMT.DEC.030 Lámhleabhair

Táirgfidh, coimeádfaidh agus nuashonróidh an eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh trealaimh BAT/SAL, a rinne an dearbhú, máistirchóipeanna de gach lámhleabhar aitheanta sa dearbhú, agus soláthróidh sí cóipeanna, ar iarratas, don Ghníomhaireacht.

ATM/ANS.EQMT.DEC.035 Treoracha cothabhála

(a)

Tabharfaidh an eagraíocht dearaidh a rinneadh an dearbhú tacar iomlán treoracha cothabhála amháin ar a laghad, ina bhfuil sonraí tuairisciúla agus treoracha gnóthachtála ullmhaithe de réir na sonraíochtaí atá infheidhme don trealamh BAT/SAL atá clúdaithe ag an dearbhú, do gach úsáideoir aitheanta agus cuirfear a leithéid ar fáil dóibh ar iarratas d’aon duine eile a cheanglaítear air/uirthi aon cheann de na treoracha cothabhála sin a chomhlíonadh.

(b)

Roinnfear eolas maidir le hathruithe ar threoracha cothabhála le gach úsáideoir aitheanta agus cuirfear a leithéid ar fáil ar iarratas d’aon duine a cheanglaítear air/uirthi aon cheann de na treoracha cothabhála sin a chomhlíonadh. Cuirtear clár ina dtaispeántar conas a dhéantar athruithe ar na treoracha cothabhála ar fáil do gach úsáideoir aitheanta faoi bhráid na Gníomhaireachta ar iarratas.

ATM/ANS.EQMT.DEC.040 Treoracha maidir le trealaimh BAT/SAL

Sa chás go n-eisítear treoir maidir le trealamh BAT/SAL chun an coinníoll dá dtagraítear dó i bpointe (b) de ATM/ANS.EQMT.AR.A.030 a cheartú, déanfaidh dearbhóir chomhlíonadh dearaidh an trealaimh BAT/SAL, mura gcinneann an Ghníomhaireacht ar shlí eile sa chás go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach:

(a)

gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a mholadh agus sonraí a chur ar fáil maidir leis an togra sin don Ghníomhaireacht lena fhormheas;

(b)

i ndiaidh don Ghníomhaireacht a leithéid a cheadú, sonraí tuairisciúla agus treoracha gnóthachtála oiriúnacha a chur ar fáil do gach úsáideoir aitheanta an trealaimh agus do na húdaráis inniúla lena mbaineann, agus, ar iarratas, d’aon duine a cheanglaítear air/uirthi an treoir maidir le trealamh BAT/SAL a chomhlíonadh.

ATM/ANS.EQMT.DEC.045 Cigireachtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht

Ar iarratas ón nGníomhaireacht, déanfaidh gach eagraíocht atá údaraithe chun dearbhú a eisiúint de réir an Rialacháin seo an méid seo a leanas:

(a)

rochtain a thabhairt don Ghníomhaireacht ar aon saoráid, trealamh, doiciméad, taifead, sonraí, próiseas, nós imeachta nó aon ábhar eile, agus cead a thabhairt don Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil, aon chigireacht a dhéanamh agus aon tástáil atá riachtanach chun a fhíorú go bhfuil ceanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo á gcomhlíonadh, agus á gcomhlíonadh go leanúnach, ag an eagraíocht;

(b)

má úsáideann an duine nádúrtha nó dlítheanach comhpháirtithe, soláthróirí nó fochonraitheoirí, socruithe a dhéanamh leo chun a áirithiú go bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht orthu agus gur féidir leis imscrúdú a dhéanamh mar a thuairiscítear i bpointe (a).


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1769 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2023

lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43(1) agus Airteagal 62(15), pointe (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus Airteagal 4 a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, ba cheart é a chur de cheangal ar eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhíse aerloingseoireachta agus chomhdhamhnaí BAT/SAL, deimhniú a bheith ina seilbh acu.

(2)

Chun cur chun feidhme agus comhlíontacht aonfhoirmeach na gceanglas fíor-riachtanach dá dtagraítear in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1139 a áirithiú, maidir le BAT/SAL a sholáthar, ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos leis an Rialachán seo um eisiúint, cothabháil, leasú, teorannú, fionraí nó cúlghairm na ndeimhnithe le haghaidh eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó táirgeadh na gcóras BAT/SAL agus chomhdhamhnaí BAT/SAL, mar aon leis na pribhléidí a bheidh ag sealbhóirí deimhnithe agus na freagrachtaí a bheidh orthu.

(3)

An measúnú comhréireachta ar threalamh BAT/SAL a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 ón gCoimisiún (2), braitheann sé ar chineál agus ar riosca na seirbhíse BAT/SAL, nó ar fheidhmiúlacht trealaimh BAT/SAL áirithe agus tá sé bunaithe ar na modheolaíochtaí agus ar na dea-chleachtais atá ann cheana. Leagtar trí chineál dhifriúla de mheasúnú comhréireachta síos leis an Rialachán sin, go háirithe: deimhniú trealaimh BAT/SAL áirithe ag an nGníomhaireacht; dearbhú ó eagraíocht fhormheasta a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL; agus ráiteas comhlíontachta ó sholáthraí BAT/SAL nó ó eagraíocht fhormheasta a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL.

(4)

Tá gnáth-shaolré trealaimh BAT/SAL comhdhéanta de chéimeanna éagsúla: dearadh, táirgeadh, suiteáil, oibriú, cothabháil, agus díchoimisiúnú. Bíonn soláthraí BAT/SAL freagrach as cuid áirithe de na céimeanna sin, agus is iad na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL a bhíonn freagrach as céimeanna eile. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais choiteanna a leagan síos maidir le formheas agus le formhaoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL áirithe a úsáidtear i soláthar BAT/SAL, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139.

(5)

Bíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) freagrach as cúraimí uile údaráis inniúil a bhaineann le deimhnithe agus le dearbhuithe le haghaidh córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL (‘trealamh BAT/SAL’), lena n-áirítear formhaoirseacht agus forfheidhmiú. Chun an chomhsheasmhacht agus an measúnú riosca-bhunaithe a áirithiú agus, i measc nithe eile, chun an dúbláil agus ualaigh riaracháin a sheachaint, agus chun an éifeachtacht i bpróisis deimhniúcháin agus formhaoirseachta a chur chun cinn, ba cheart don Ghníomhaireacht na feidhmeanna forfheidhmithe sin a fheidhmiú. Chun trealamh BAT/SAL a dheimhniú nó athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe trealaimh BAT/SAL, is gá go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht formhaoirseacht freisin ar na próisis a leagann eagraíochtaí deartha agus táirgthe síos, lena n-áirítear, i gcás inar gá, deimhniú na n-eagraíochtaí sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith freagrach as formheas na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL agus an tráth céanna, a bheith freagrach as fianú trealaimh BAT/SAL.

(6)

Maidir le hinniúlacht na Gníomhaireachta chun eagraíochtaí deartha nó táirgthe a dheimhniú, ba cheart go mbeifí in ann freisin cur chuige neamh-idirdhealaitheach agus comhchuibhithe a ghlacadh i leith na n-eagraíochtaí deartha nó táirgthe uile a chuireann isteach ar dheimhniú faoin Rialachán seo. Is féidir trealamh BAT/SAL a chuirtear ar an margadh san Aontas a úsáid sna Ballstáit uile agus le haghaidh gach cineál seirbhíse, cibé acu a bhíonn sé á úsáid ag soláthraithe BAT/SAL atá gníomhach i mBallstát amháin nó níos mó. Níl sé indéanta na heagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh agus le táirgeadh a chatagóiriú bunaithe ar an gcatalóg trealaimh a bheidh acu amach anseo agus a bheidh le húsáid ar leibhéal áitiúil nó ar leibhéal an Aontais. Tá an prionsabal céanna le hurramú agus cúraimí deimhniúcháin agus formhaoirseachta á leithdháileadh ag an nGníomhaireacht.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 29(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/696 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá cúram curtha ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) saothrú Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) a bhainistiú, dá ndéantar foráil in Airteagal 44 den Rialachán sin. Cumhdaítear tacaíocht le gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe le cumhdach EGNOS, i measc gníomhaíochtaí eile. Ní fheidhmíonn EUSPA na cúraimí uile a bhaineann le saothrú EGNOS aistí féin amháin agus ina áit sin, braitheann an Ghníomhaireacht ar shaineolas na n-eintiteas eile, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA), maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an éabhlóid córais agus le codanna den deighleog ar talamh a dhearadh agus a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart EUSPA a mheas mar choibhéis eagraíochta deartha nó táirgthe i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(8)

De réir na ról agus na bhfreagrachtaí a shainítear i Rialachán (AE) 2021/696 le haghaidh EUSPA agus ESA, níl aon eintiteas uathúil amháin ann a bhíonn freagrach as córas EGNOS agus a threalamh a dhearadh agus dá bhrí sin, níl aon Eagraíocht Deartha agus Táirgthe aonair ann a d’fhéadfadh EASA a fhormheas.

(9)

Dá dheasca sin, fágann na sainiúlachtaí a bhaineann le dearadh chóras EGNOS a shocrú go bhfuil gá le modhanna sonracha chun comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais fíor-riachtanacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1139, agus é á chur san áireamh gur seirbhís ilmhódach í EGNOS, ar cheart di ceanglais rialála ábhartha maidir le hearnálacha eile a chomhlíonadh freisin.

(10)

Ba cheart don dá ghníomhaireacht dul i gcomhar le chéile chun comhlíontacht chóras EGNOS le caighdeáin ábhartha ICAO a dhearbhú chun go n-áiritheofar le socruithe an dá ghníomhaireachta faoi seach go mbeidh leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta ann a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal sin a eascraíonn as cur i bhfeidhm iomlán na gceanglas maidir le dearadh agus le táirgeadh sa Rialachán seo. Cuimseoidh an comhar comhairliúchán le EUSPA i bhforbairt sonraíochtaí mionsonraithe freisin.

(11)

Ábhar an Mháistirphlean BAT agus na cumais teicneolaíocha atá ann, tugadh san áireamh go cuí iad leis an Rialachán seo.

(12)

Tá dréacht-rialacha chur chun feidhme ullmhaithe ag an nGníomhaireacht agus iad curtha faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht le Tuairim Uimh. 01/2023 i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(13)

Chun úsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as na hacmhainní agus as an saineolas atá ann cheana, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht riaracháin a lorg agus a cúraimí deimhniúcháin, formhaoirseachta agus forfheidhmithe á bhforghníomhú aici faoin Rialachán seo ó údaráis náisiúnta inniúla. Níor cheart aon tarmligean cumhachtaí ná freagrachtaí as cúraimí a bheith i gceist leis an tacaíocht riaracháin sin.

(14)

Chun eagraíochtaí deartha nó táirgthe trealaimh BAT/SAL a áireamh i raon feidhme an bhainistithe riosca a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 a leasú.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras BAT/SAL agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768, nó le dearbhú maidir leis an dearadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘trealamh BAT/SAL’ comhdhamhnaí BAT/SAL mar a shainítear le hAirteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2018/1139 agus córais BAT/SAL mar a shainmhínítear le hAirteagal 3(7) den Rialachán sin, seachas comhdhamhnaí aeriompartha, atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (4);

(2)

Ciallaíonn ‘treoir maidir le trealamh BAT/SAL’ doiciméad a eisíonn an Ghníomhaireacht ina sainordaítear gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ag soláthraithe BAT/SAL ar threalamh BAT/SAL chun aghaidh a thabhairt ar staid neamhshábháilte agus/nó neamhshlán atá aitheanta agus chun feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an trealaimh BAT/SAL sin a athbhunú i gcás inar léir ón bhfianaise go bhféadfadh sábháilteacht, slándáil, feidhmíocht nó idir-inoibritheacht an trealaimh áirithe sin a bheith i mbaol murach sin;

Airteagal 3

Ceanglais maidir le húdarás inniúil

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, is í an Ghníomhaireacht an t-údarás inniúil a bheidh freagrach as formheasanna a eisiúint d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL agus as an bhformhaoirseacht agus as an bhforfheidhmiú i leith na n-eagraíochtaí sin.

2.   Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na ceanglais mhionsonraithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I (Part-DPO.AR) nuair a bheidh deimhniú, imscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí agus gníomhaireachtaí faireacháin eile á ndéanamh is gá chun an fhormhaoirseacht éifeachtach a áirithiú ar eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL atá faoi réir an Rialacháin seo. Féadfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht riaracháin a lorg ó údaráis náisiúnta inniúla chun na cúraimí dá cuid a fheidhmiú, a bhaineann le deimhniú, formhaoirseacht agus forfheidhmiú, agus a feidhmeanna á bhforghníomhú aici faoin Rialachán seo.

Airteagal 4

Eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh, nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL

1.   Eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL atá faoi réir deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 nó le dearbhú maidir leis an dearadh a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán sin, léireoidh sí a cumas mar eagraíocht deartha nó táirgthe le haghaidh trealamh BAT/SAL i gcomhréir le hIarscríbhinn II (Part-DPO.OR).

2.   Eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL de chuid Bhreis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS), measfar go gcomhlíonfaidh siad ceanglais Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo trína gcomhlíontacht le Rialachán (AE) 2021/696 a léiriú agus leis na caighdeáin bainistíochta, deartha agus cháilíochta is infheidhme maidir le EGNOS faoin Rialachán sin. Ní cheanglófar ar na heagraíochtaí sin a bheith formheasta ag an nGníomhaireacht.

Áiritheoidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis ina ról mar eagraíocht deartha nó táirgthe, go leanfaidh na heagraíochtaí eile a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh threalamh EGNOS próisis deartha agus táirgthe arb astu siúd a eascraíonn an leibhéal sábháilteachta agus idir-inoibritheachta atá coibhéiseach le hIarscríbhinn II (Cuid-DPO.OR).

Airteagal 5

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (5)

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2(1), cuirtear isteach an pointe (j) seo a leanas:

‘(j)

eagraíochtaí formheasta a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras BAT/SAL agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL atá faoi réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ón gCoimisiún (*1).

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203* (IO L 228, XX.9.2023, lch. 19).’ "

(2)

in Airteagal 6(1), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:

‘(h)

maidir le heagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (j), an t-údarás inniúil a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769.’.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 an 14 Iúil 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(3)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 an 3 Lúnasa 2012 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d’aerárthaí agus de tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (IO L 31, 2.2.2023, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS LE hAGHAIDH NA GNÍOMHAIREACHTA

(Cuid-DPO.AR)

FOCHUID (A)   CEANGLAIS GHINEARÁLTA (DPO.AR.A)

DPO.AR.A.001   Raon feidhme

Leagtar síos leis an Iarscríbhinn seo na ceanglais maidir le córais riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta i dtaca le cúraimí deimhniúcháin, formhaoirseachta agus forfheidhmithe na n-eagraíochtaí deartha nó táirgthe agus a cuid cúraimí agus freagrachtaí á bhfeidhmiú ag an nGníomhaireacht.

DPO.AR.A.010   Freagairt láithreach ar fhadhb shábháilteachta, shlándála agus idir-inoibritheachta

(a)

Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ná do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, déanfaidh an Ghníomhaireacht córas a chur chun feidhme chun faisnéis sábháilteachta, slándála agus idir-inoibritheachta a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhealach iomchuí.

(b)

Ar di an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar aon fhadhb shábháilteachta, shlándála nó idir-inoibritheachta dá sainaithnítear, lena n-áirítear treoracha maidir le trealamh BAT/SAL a eisiúint i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.A.030 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768.

(c)

Tabharfar fógra faoi na bearta a dhéantar faoi phointe (b) láithreach don eagraíocht lena mbaineann, ar a bhfuil sé d’oibleagáid na bearta sin a chomhlíonadh, i gcomhréir le pointe DPO.OR.A.035. Tabharfar fógra freisin d’údaráis inniúla na soláthraithe BAT/SAL lena mbaineann freisin.

DPO.AR.A.015   Freagairt láithreach ar theagmhas nó ar leochaileacht slándála faisnéise lena ngabhann tionchar ar an tsábháilteacht eitlíochta

(a)

Cuirfidh an Ghníomhaireacht córas chun feidhme chun faisnéis a bhaineann le teagmhais agus leochaileachtaí slándála faisnéise a bhailiú, a anailísiú, agus a scaipeadh go hiomchuí ar teagmhais agus leochaileachtaí iad lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta agus a bhíonn á dtuairisciú ag eagraíochtaí. Déanfar sin i gcomhordú le haon údarás ábhartha eile atá freagrach as an tslándáil faisnéise nó as an gcibearshlándáil laistigh den Bhallstát chun comhordú agus comhoiriúnacht na scéimeanna tuairiscithe a mhéadú.

(b)

Ar di an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fháil, déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta oiriúnacha chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar féideartha ar shábháilteacht eitlíochta an teagmhais nó na leochaileachta slándála faisnéise.

(c)

Bearta a dhéantar i gcomhréir le pointe (b), tabharfar fógra fúthu láithreach do gach duine nó eagraíocht ar duine nó eagraíocht iad a chomhlíonfaidh na bearta sin faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn. Tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra faoi na bearta sin d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann freisin.

FOCHUID B   BAINISTÍOCHT (DPO.AR.B)

DPO.AR.B.001   Córas bainistíochta

(a)

Déanfaidh an Ghníomhaireacht córas bainistíochta a bhunú agus a chothabháil, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(1)

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe chun tuairisc a thabhairt ar an mbealach a eagraíonn sí é féin, agus ar na meáin agus na modhanna chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin a shuí, de réir mar is gá, chun a cúraimí deimhniúcháin, formhaoirseachta agus forfheidhmithe a fheidhmiú; coimeádfar na nósanna imeachta cothrom le dáta agus úsáidfear iad mar na bundoiciméid oibre laistigh den Ghníomhaireacht i gcás na gcúraimí gaolmhara uile;

(2)

líon leordhóthanach pearsanra chun a cúraimí a fheidhmiú agus a freagrachtaí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh; beidh córas i bhfeidhm chun a phleanáil go mbeidh pearsanra ar fáil d’fhonn a áirithiú go gcuirfear na cúraimí gaolmhara go léir i gcrích mar is cuí;

(3)

pearsanra a bheidh cáilithe chun a gcúraimí leithdháilte a fheidhmiú agus a mbeidh an t-eolas agus an taithí is gá acu, agus an oiliúint tosaigh agus an oiliúint thréimhsiúil faighte acu chun a n-inniúlacht leanúnach a áirithiú;

(4)

saoráidí agus oifigí leordhóthanacha chun na cúraimí leithdháilte a fheidhmiú;

(5)

feidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais bainistíochta leis na ceanglais ábhartha, agus ar leordhóthanacht na nósanna imeachta, lena n-áirítear próiseas iniúchóireachta inmheánach agus próiseas um bainistiú rioscaí sábháilteachta a bhunú; áireofar le feidhm an fhaireacháin ar chomhlíontacht córas chun aiseolas faoi thorthaí iniúchóireachta a sholáthar do bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta chun cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha a áirithiú de réir mar is gá;

(6)

duine nó grúpa daoine a bhfuil freagracht ar deireadh orthu do bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta maidir le feidhm an fhaireacháin ar chomhlíontacht.

(b)

Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i gcás gach réimse gníomhaíochta a áirítear sa chóras bainistíochta, duine amháin nó níos mó a cheapadh a mbeidh an fhreagracht fhoriomlán air nó orthu as an gcúram nó na cúraimí ábhartha a bhainistiú.

(c)

Bunóidh an Ghníomhaireacht nósanna imeachta um a rannpháirtíocht i malartú frithpháirteach na faisnéise uile is gá le haon údarás inniúil eile dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (2) agus soláthróidh dóibh cúnamh nó iarrfaidh cúnamh orthu, lena n-áirítear aon fhaisnéis a eascraíonn as tuairisciú éigeantach agus tuairisciú deonach ar tharluithe mar a cheanglaítear le pointe DPO.OR.A.045.

(d)

Comhlíonfaidh an córas bainistíochta arna bhunú agus arna choinneáil ar bun ag nGníomhaireacht Iarscríbhinn I (Cuid-IS.AR) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 chun bainistiú ceart an riosca a bhaineann le slándáil faisnéise a áirithiú ar riosca é a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an tsábháilteacht eitlíochta.

DPO.AR.B.010   Athruithe sa chóras bainistíochta

(a)

Beidh córas i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun na hathruithe sin a shainaithint, arb athruithe iad a dhéanann difear dá cumas a cúraimí a fheidhmiú agus a freagrachtaí a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1139 sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin. Cuirfidh an córas sin ar chumas na Gníomhaireachta gníomhaíocht a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go leanfaidh an córas bainistíochta de bheith leordhóthanach agus éifeachtach.

(b)

Déanfaidh an Ghníomhaireacht a chóras bainistíochta a thabhairt cothrom le dáta chun aon athrú ar Rialachán (AE) 2018/1139 agus ar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin a léiriú, ar bhealach tráthúil, chun cur chun feidhme éifeachtach a chórais bhainistíochta a áirithiú.

DPO.AR.B.015   Coimeád taifead

(a)

Bunóidh an Ghníomhaireacht córas chun taifid a choimeád, ar córas é a fhágfaidh go bhféadfaidh stóráil oiriúnach, inrochtaineacht oiriúnach agus inrianaitheacht iontaofa a bheith ann maidir leis na nithe seo a leanas:

(1)

beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe an chórais bainistíochta;

(2)

oiliúint, cáilíochtaí, agus údarú an phearsanra mar a cheanglaítear le pointe DPO.AR.B.001 (a)(3);

(3)

leithdháileadh na gcúraimí, lena gcumhdaítear na heilimintí a cheanglaítear le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.A.020 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768, mar aon le mionsonraí na gcúraimí a leithdháiltear;

(4)

an próiseas formheasta a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, an próiseas deimhniúcháin, agus clárú na ndearbhuithe maidir leis an dearadh a chomhlíonadh le haghaidh trealaimh BAT/SAL agus an fhormhaoirseacht leanúnach, lena n-áirítear:

(i)

iarratais ar fhormheasanna a eisiúint;

(ii)

formheasanna a eisítear d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, lena n-áirítear na pribhléidí atá bainteach agus aon athrú orthu;

(iii)

deimhnithe trealaimh BAT/SAL a eisítear, lena n-áirítear aon athrú orthu atá eisithe ag an nGníomhaireacht;

(iv)

na dearbhuithe bailí uile atá cláraithe ag an nGníomhaireacht maidir leis an dearadh a chomhlíonadh le haghaidh trealaimh BAT/SAL;

(v)

clár formhaoirseachta leanúnaí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na taifid mheasúnúcháin, iniúchóireachta agus cigireachta uile;

(vi)

cóip den chlár maoirseachta ina liostaítear na dátaí atá na hiniúchtaí dlite agus na dátaí a rinneadh iniúchtaí;

(vii)

cóipeanna de gach comhfhreagras foirmiúil;

(viii)

moltaí maidir le heisiúint nó le hathnuachan deimhnithe nó maidir le leanúint le clárú dearbhaithe, mionsonraí na dtorthaí agus na ngníomhaíochtaí a rinne na heagraíochtaí chun clabhsúr a chur ar na torthaí sin, lena n-áirítear dáta clabhsúir gach ítime, na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus na barúlacha;

(ix)

aon tuarascáil mheasúnaithe, iniúchóireachta nó chigireachta;

(x)

cóipeanna de na lámhleabhair, de na nósanna imeachta agus de na próisis nó de na lámhleabhair eagrúcháin ar fad agus na leasuithe orthu;

(xi)

cóipeanna d’aon doiciméad eile arna fhormheas ag an nGníomhaireacht;

(5)

fógra faoi na modhanna malartacha comhlíontachta arna moladh ag eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, meastóireacht ar na modhanna malartacha comhlíontachta molta sin agus an measúnú orthu;

(6)

faisnéis sábháilteachta, treoracha maidir le trealamh BAT/SAL, agus bearta leantacha;

(7)

úsáid na bhforálacha solúbthachta de bhun Airteagal 76(4) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(b)

Coinneoidh an Ghníomhaireacht liosta ar bun de na deimhnithe uile atá eisithe aici agus d’aon dearbhú atá cláraithe aici.

(c)

Stórálfar na taifid uile dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) ar bhealach a áiritheoidh go gcosnófar iad ar dhamáiste, athrú agus gadaíocht agus coimeádfar ar feadh tréimhse íosta 5 bliana iad tar éis do na formheasanna agus do na deimhnithe scor de bheith bailí nó tar éis do na dearbhuithe a bheith tarraingthe siar, faoi réir an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

FORCHUID C   DEIMHNIÚCHÁN, MAOIRSEACHT AGUS FORFHEIDHMIÚ (DPO.AR.C)

DPO.AR.C.001   Formheasanna a eisiúint d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó táirgeadh trealaimh BAT/SAL

(a)

Ar di iarratas a fháil ar fhormheas a eisiúint d’eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, fíoróidh an Ghníomhaireacht comhlíontacht na heagraíochta leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(b)

Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon iniúchadh, chigireacht nó mheasúnú is gá dar léi a iarraidh sula n-eiseofar an formheas maille leis an bhfaisnéis ábhartha uile a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo.

(c)

Eiseofar an formheas ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Sna coinníollacha a chuirfear i gceangal leis an bhformheas sonrófar na pribhléidí a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a arna bhformheas don eagraíocht a dhéanamh.

(1)

Maidir le heagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh trealaimh BAT/SAL, sonróidh na coinníollacha an cineál obair dheartha agus na catagóirí trealaimh BAT/SAL dá bhfuil formheas i seilbh ag an eagraíocht, agus na pribhléidí arna bhformheas don eagraíocht a fheidhmiú.

(2)

Maidir le heagraíocht a bhfuil baint aici le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, sonróidh na coinníollacha raon feidhme na hoibre agus an trealamh BAT/SAL nó na catagóirí trealaimh BAT/SAL, nó iad araon, dá bhfuil an sealbhóir an fhormheasa i dteideal na pribhléidí a fheidhmiú.

(d)

Ní eiseofar an formheas i gcás ina mbeidh toradh leibhéal 1 dá dtagraítear in DPO.AR.C.015 fós ar oscailt. In imthosca eisceachtúla, déanfaidh an eagraíocht measúnú agus maolú ar thoradh/thorthaí, seachas leibhéal 1, de réir mar is gá agus formheasfaidh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta ceartaithí chun an toradh/na torthaí a dhúnadh sula n-eiseofar an formheas.

(e)

Formheasfaidh an Ghníomhaireacht gach athrú ar an bhformheas agus ar a choinníollacha.

DPO.AR.C.005   Clár formhaoirseachta

(a)

Bunóidh an Ghníomhaireacht clár formhaoirseachta agus tabharfaidh sí cothrom le dáta go bliantúil í, rud lena gcuirfear san áireamh nádúr sonrach na n-eagraíochtaí ar a ndéanann sí formhaoirseacht, castacht a ngníomhaíochtaí, agus torthaí gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus/nó formhaoirseachta roimhe seo, agus bunóidh an Ghníomhaireacht an clár ar an measúnú ar na rioscaí atá bainteach. Áireofar iniúchtaí leis an gclár formhaoirseachta, lena ndéanfar na nithe seo a leanas:

(1)

na réimsí uile a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar imní a chumhdach, agus fócas ar na réimsí sin inar sainaithníodh fadhbanna roimhe seo;

(2)

na heagraíochtaí, deimhnithe agus dearbhuithe uile atá faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta a chumhdach;

(3)

na modhanna a chumhdach atá curtha chun feidhme ag na heagraíochtaí chun inniúlacht a bpearsanra a áirithiú;

(4)

áirithiú go ndéanfar iniúchtaí ar bhealach a bheidh ar cóimhéid leis an leibhéal riosca a bhaineann le gníomhaíochtaí na heagraíochta;

(5)

áirithiú i gcás eagraíochtaí atá faoina formhaoirseacht, go gcuirfear timthriall pleanála formhaoirseachta nach faide ná 24 mhí i bhfeidhm.

Is féidir an timthriall pleanála maoirseachta a laghdú má tá fianaise ann gur tháinig laghdú ar fheidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta.

Féadfar síneadh go 36 mhí a chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta más rud é gur shuigh an Ghníomhaireacht gurb amhlaidh an méid seo a leanas le linn na 24 mhí roimhe sin:

(i)

léirigh an eagraíocht comhlíontacht go leanúnach leis na ceanglais maidir le bainistíocht athruithe faoi phointe DPO.OR.B.005;

(ii)

níor eisíodh aon toradh leibhéal 1 dá dtagraítear in DPO.AR.C.015;

(iii)

tá na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile dá dtagraítear in DPO.AR.C.015 curtha chun feidhme laistigh den tréimhse ar ghlac an Ghníomhaireacht léi nó ar chuir an Ghníomhaireacht síneadh léi mar a shainítear i bpointe DPO.AR.C.015.

Más rud é, i dteannta phointí (i), (ii) agus (iii), go bhfuil córas tuairiscithe leanúnach éifeachtach bunaithe ag an eagraíocht chuig an nGníomhaireacht a mhéid a bhaineann lena comhlíontacht rialála, ar córas é atá formheasta, féadfar síneadh go 48 mhí ar a mhéad a chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta;

(6)

áirithíonn go ndéantar na bearta leantacha i leith chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha dá dtagraítear i DPO.AR.C.015;

(7)

a bheith faoi réir comhairliúcháin leis na heagraíochtaí lena mbaineann agus fógra a thabhairt dá éis sin;

(8)

eatraimh bheartaithe na gcigireachtaí ar na láithreáin dhifriúla a thabhairt le fios, más gá.

(b)

Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh cuspóirí agus raon feidhme na n-iniúchtaí réamh-bheartaithe a mhodhnú, lena n-áirítear athbhreithnithe doiciméadacha agus iniúchtaí breise, cibé áit a dtagann an gá sin chun cinn.

(c)

Cinnfidh an Ghníomhaireacht cé na socruithe, eilimintí, áiteanna fisiciúla, agus gníomhaíochtaí a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu laistigh de thréimhse shonraithe.

(d)

Déanfar barúlacha agus torthaí iniúchtaí a eisítear i gcomhréir le pointe DPO.AR.C.015 a dhoiciméadú.

(e)

Tacóidh fianaise leis na torthaí agus sainaithneofar iad i dtéarmaí ceanglais is infheidhme agus na socruithe a ghabhann leo lena gcur chun feidhme, ar dá réir siúd a ndearnadh an t-iniúchadh.

(f)

Déanfar tuarascáil iniúchóireachta, lena n-áirítear mionsonraí na dtorthaí agus na mbarúlacha, a ullmhú agus a chur in iúl don eagraíocht lena mbaineann.

DPO.AR.C.010   Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála

(a)

Maidir le hathruithe a bhainistítear agus a dtugtar fógra fúthu don Ghníomhaireacht i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointe IS.I.OR.255(a) d’Iarscríbhinn II (Cuid-IS.I.OR) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, áireoidh an Ghníomhaireacht an t-athbhreithniú ar na hathruithe sin ina clár formhaoirseachta leantaí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i bpointe DPO.AR.C.005 den Iarscríbhinn seo. Má aimsítear aon neamhchomhlíontacht, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don eagraíocht fúithi, iarrfaidh sí tuilleadh athruithe, agus gníomhóidh sí i gcomhréir le pointe DPO.AR.C.015 den Iarscríbhinn seo.

(b)

Maidir le hathruithe eile dá gceanglaítear iarratas lena bhformheas i gcomhréir le pointe IS.I.OR.255(b) d’Iarscríbhinn II (Cuid-IS.I.OR) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203:

(1)

ar fháil an iarratais ar an athrú dó, seiceálfaidh an Ghníomhaireacht comhlíontacht na heagraíochta leis na ceanglais is infheidhme sula n-eiseofar an formheas;

(2)

leagfaidh an Ghníomhaireacht síos na coinníollacha a bhféadfaidh an eagraíocht oibriú dá réir le linn chur chun feidhme an athraithe;

(3)

más deimhin leis an nGníomhaireacht go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais is infheidhme, formheasfaidh sí an t-athrú.

DPO.AR.C.015   Torthaí, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus bearta forfheidhmithe

(a)

Nuair a dhéanann an Ghníomhaireacht, le linn aon imscrúdú, fhormhaoirseacht nó ar aon mhodh eile, aon neamhchomhlíontacht leis na ceanglais is infheidhme den Rialachán seo a shainaithint, ar ceanglais nós imeachta nó lámhleabhair iad na ceanglais sin a cheanglaítear leis an Rialachán seo, nó neamhchomhlíontacht le ceanglais a bhaineann le deimhniú nó le dearbhú a eisítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139, toradh a tharraingt anuas.

(b)

Beidh córas i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

anailís a dhéanamh ar shuntasacht na dtorthaí ó thaobh na sábháilteachta agus na hidir-inoibritheachta de;

(2)

bearta forfheidhmithe iomchuí a shainaithint, lena n-áirítear formheasanna agus deimhnithe a chur ar fionraí nó a chúlghairm;

(3)

treoracha a eisiúint ar bhonn an riosca a bhaineann leis an neamhchomhlíontacht ag an eagraíocht.

(c)

Ba cheart don Ghníomhaireacht toradh leibhéal 1 a tharraingt anuas nuair a shainaithníonn sí aon neamhchomhlíontacht shuntasach le bonn deimhniúcháin BAT/SAL de réir phointe ATM/ANS.EQMT.AR.B.001 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 ar neamhchomhlíontacht í as a bhféadfadh neamhchomhlíontacht neamhrialaithe agus dáil neamh-inmhianaithe fhéideartha eascairt.

Áireofar ar thorthaí leibhéal 1 na nithe seo a leanas, ach ní hiad sin amháin a áirítear leo:

(1)

nósanna imeachta oibríochta a chur chun cinn lena dtugtar riosca suntasach isteach do ghníomhaíochtaí na heagraíochta;

(2)

bailíocht fhormheas na heagraíochta a fháil nó a choinneáil ar bun trí fhianaise dhoiciméadach fhalsaithe a chur isteach;

(3)

fianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach fhormheas na heagraíochta;

(4)

easpa bainisteoir cuntasach.

(d)

Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht toradh leibhéal 2 anuas i gcás ina sainaithneofar neamhchomhlíontacht le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(i)

le ceanglais infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139;

(ii)

leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1139;

(iii)

leis na nósanna imeachta agus leis na lámhleabhair arna gceangal le Rialachán (AE) 2018/1139; nó

(iv)

leis an bhformheas arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139,

nach bhfuil aicmithe mar thoradh leibhéal 1.

(e)

I gcás ina dtarraingeofar toradh anuas, déanfaidh an Ghníomhaireacht, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht lena mbaineann agus é a chur de cheangal uirthi gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an (na) neamhchomhlíontacht(aí) a sainaithníodh.

(1)

I gcás thorthaí leibhéal 1, déanfaidh an Ghníomhaireacht bearta forfheidhmithe iomchuí láithreach agus féadfaidh sí, más iomchuí, an formheas a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm i bpáirt nó ina iomláine go dtí go mbeidh gníomhaíocht cheartaitheach rathúil déanta ag an eagraíocht.

(2)

I gcás thorthaí leibhéal 2, déanfaidh an Ghníomhaireacht:

(i)

tréimhse chur chun feidhme gníomhaíochta ceartaithí a dheonú don eagraíocht, mar chuid de phlean gníomhaíochta, atá iomchuí do chineál an toraidh;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht cheartaitheach agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an eagraíocht, agus má chinntear sa mheasúnú gur leor iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht nó na neamhchomhlíontachtaí, glacadh leo.

(3)

I gcás thorthaí leibhéal 2, i gcás nach gcuirfidh an eagraíocht plean gníomhaíochta ceartaithí isteach, atá inghlactha don Ghníomhaireacht i bhfianaise an toraidh, nó i gcás nach ndéanfaidh an eagraíocht an ghníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse ar ghlac an Ghníomhaireacht léi nó ar chuir sí síneadh léi, féadfar an toradh a ardú go toradh leibhéal 1 agus déanfar gníomhaíocht i gcomhréir le pointe (e)(1).

(f)

Le haghaidh na gcásanna sin nach gceanglaítear torthaí leibhéal 1 ná 2 ina leith, féadfaidh an Ghníomhaireacht barúlacha a eisiúint.

(g)

Déanfaidh an Ghníomhaireacht:

(1)

deimhniú a chur ar fionraí má mheasann sí go bhfuil foras réasúnach ann a fhágann gur gá an ghníomhaíocht sin chun bagairt inchreidte ar shábháilteacht, slándáil, feidhmíocht nó idir-inoibritheacht trealaimh BAT/SAL a chosc;

(2)

treoir maidir le trealamh BAT/SAL a eisiúint faoi choinníollacha phointe ATM/ANS.EQMT.AR.A.030 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 ;

(3)

deimhniú a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a theorannú más rud é go gceanglaítear an ghníomhaíocht sin i gcomhréir le pointe (c);

(4)

an ghníomhaíocht iomchuí is gá a dhéanamh láithreach chun gníomhaíochtaí eagraíochta nó duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh a theorannú nó a thoirmeasc má mheasann sí go bhfuil foras réasúnach ann a fhágann gur gá an ghníomhaíocht sin chun bagairt inchreidte ar trealamh BAT/SAL a chosc;

(5)

gan dearbhú, maidir leis an dearadh a chomhlíonadh, a chlárú ach amháin tar éis do na torthaí uile ón imscrúdú formhaoirseachta tosaigh a bheith réitithe;

(6)

dearbhú, maidir leis an dearadh a chomhlíonadh, a chur ar fionraí nó a dhíchlárú go buan má mheasann sí go bhfuil foras réasúnach ann a fhágann gur gá an ghníomhaíocht sin chun bagairt inchreidte ar shábháilteacht, slándáil, feidhmíocht nó idir-inoibritheacht trealaimh BAT/SAL a chosc;

(7)

aon bheart forfheidhmithe breise is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gceartófar aon neamhchomhlíontacht le ceanglais fhíor-riachtanacha Iarscríbhinn VIII agus, más infheidhme, Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139 agus leis an Iarscríbhinn seo, agus, i gcás inar gá, go ndéanfar iarmhairtí na neamhchomhlíontachta sin a mhaolú.

(h)

Ar di bearta forfheidhmithe a dhéanamh i gcomhréir le pointe (g), tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra fúthu don seolaí, sonróidh na cúiseanna leis na bearta sin, agus cuirfidh an seolaí ar an eolas faoina cheart achomharc a dhéanamh.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna bainistithe líonra eile a maoirseacht, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011, (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).


Foscríbhinn 1

SONRAÍOCHTAÍ FHORMHEASA EAGRAÍOCHTA A BHFUIL BAINT AICI LE DEARADH NÓ LE TÁIRGEADH TREALAIMH BAT/SAL

Sonróidh an formheas:

(a)

an Ghníomhaireacht mar an t-údarás inniúil a eisíonn an formheas;

(b)

ainm agus seoladh poist an iarratasóra;

(c)

raon feidhme obair an iarratasóra;

(d)

an áit mar a mbeidh na gníomhaíochtaí le feidhmiú;

(e)

na pribhléidí atá bainteach ar dóibh sin a formheasadh an t-iarratasóir;

(f)

ráiteas faoi chomhréireacht agus faoi chomhlíontacht an iarratasóra leis na ceanglais is infheidhme;

(g)

an dáta eisiúna agus bailíocht an fhormheasa;

(h)

na coinníollacha breise nó na teorannuithe atá curtha i gceangal leis.


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS LE hAGHAIDH EAGRAÍOCHTAÍ A BHFUIL BAINT ACU LE DEARADH NÓ LE TÁIRGEADH TREALAIMH BAT/SAL

(Cuid-DPO.OR)

FOCHUID A   CEANGLAIS GHINEARÁLTA (DPO.AR.A)

DPO.OR.A.001   Raon feidhme

Leagtar síos na ceanglais choiteanna leis an Iarscríbhinn seo a mhéid a bhaineann le cearta agus le hoibleagáidí iarratasóra ar fhormheas eagraíochta chun trealamh BAT/SAL a dhearadh nó a tháirgeadh, agus le cearta agus le hoibleagáidí shealbhóir an fhormheasa sin.

DPO.OR.A.005   Incháilitheacht

Aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a léirigh a chumas chun trealamh BAT/SAL a dhearadh nó a tháirgeadh i gcomhréir le pointe DPO.OR.A.010, nó atá ar tí an cumas sin a léiriú, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar fhormheas na heagraíochta deartha nó táirgthe faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo.

DPO.OR.A.010 C   Iarratas ar fhormheas na heagraíochta deartha nó táirgthe agus léiriú cumais

(a)

Iarratas ar fhormheas na heagraíochta deartha nó táirgthe, déanfar é i bhfoirm agus ar bhealach a leagfaidh an Ghníomhaireacht síos.

(b)

Chun formheas a fháil, comhlíonfaidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo i gcás inarb infheidhme na ceanglais sin maidir le dearadh nó le táirgeadh na gcóras BAT/SAL agus na gcomhdhamhnaí BAT/SAL, ar dearadh nó táirgeadh é sin a fheidhmíonn an eagraíocht nó a bheartaíonn sí a fheidhmiú.

DPO.OR.A.015   Tuairisc eagraíochta

(a)

Eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, bunóidh agus coinneoidh sí tuairisc eagraíochta ar bun lena soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas:

(1)

ráiteas sínithe ag an mbainisteoir cuntasach lena ndeimhneofar maidir leis an tuairisc eagraíochta agus aon lámhleabhar atá bainteach, lena sainítear comhlíontacht na heagraíochta leis na ceanglais, go gcomhlíonfar iad ag gach tráth;

(2)

teideal (teidil) agus ainm(neacha) an phríomhbhainisteora (na bpríomhbhainisteoirí) dá dtagraítear i bpointe DPO.OR.B.020;

(3)

dualgais agus freagrachtaí an bhainisteora (na mbainisteoirí), lena n-áirítear ábhair a bhféadfaidh siad déileáil leis an nGníomhaireacht go díreach thar ceann na heagraíochta lena n-aghaidh;

(4)

cairt eagrúcháin a léiríonn línte freagrachta agus cuntasachta na mbainisteoirí ar fud na heagraíochta, lena n-áirítear cuntasacht dhíreach an bhainisteora chuntasaigh;

(5)

tuairisc ghinearálta ar acmhainní lucht saothair na heagraíochta;

(6)

tuairisc ghinearálta ar na saoráidí atá lonnaithe ag gach áit dá sonraítear i bhformheas na heagraíochta;

(7)

tuairisc ghinearálta ar raon feidhme obair na heagraíochta atá ábhartha le téarmaí an fhormheasa;

(8)

an nós imeachta (na nósanna imeachta) chun a fhíorú agus a léiriú go gcomhlíonann dearadh trealaimh BAT/SAL, nó athruithe air, na sonraíochtaí mionsonraithe agus na ceanglais is infheidhme mar a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 agus nach bhfuil aon tréith neamhshábháilte ná neamhshlána aige, de réir mar is infheidhme;

(9)

an nós imeachta chun na sonraí teicniúla agus na taifid a ullmhú agus a choinneáil ar bun, le haghaidh gach múnla de gach píosa de threalamh BAT/SAL dá bhfuil deimhniú nó dearbhú maidir leis an dearadh a chomhlíonadh eisithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768, de réir mar is infheidhme;

(10)

an nós imeachta (na nósanna imeachta) um fhógra a thabhairt don Ghníomhaireacht faoi athruithe eagraíochtúla;

(11)

an nós imeachta um leasú le haghaidh thuairisc na heagraíochta;

(12)

tuairisc, ar tuairisc dhíreach nó crostagairt a bheidh inti, ar chóras agus ar nós imeachta (nósanna imeachta) bainistíochta na heagraíochta;

(13)

tuairisc, ar tuairisc dhíreach nó crostagairt a bheidh inti, ar bhainistíocht na gconraitheoirí agus ar a nós imeachta (nósanna imeachta) maoirseachta dá dtagraítear in i bpointe DPO.OR.B.015 den Iarscríbhinn seo.

(b)

Leasófar tuairisc na heagraíochta de réir mar is gá chun go mbeidh sí ina tuairisc a bheidh cothrom le dáta i gcónaí ar an eagraíocht, agus soláthrófar cóip di, lena n-áirítear na leasuithe uirthi, don Ghníomhaireacht.

(c)

Iarratas ar formheas um athrú dá dtagraítear i bpointe DPO.OR.B.005 den Iarscríbhinn seo, beidh sé bunaithe ar na hathruithe a bheartaítear a dhéanamh ar thuairisc na heagraíochta a chur isteach.

DPO.OR.A.025   Ré, bailíocht leantach agus pribhléidí a bhaineann le formheas eagraíochta

(a)

Beidh formheas eagraíochta bailí i gcónaí ar feadh tréimhse neamhtheoranta ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

(1)

bíonn Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn i gcónaí á gcomhlíonadh ag an eagraíocht;

(2)

níl an formheas géillte ag an eagraíocht ná curtha ar fionraí ná cúlghairthe ag an nGníomhaireacht.

(b)

Nuair a chúlghairtear nó nuair a ghéilltear an formheas, má bhí sé eisithe ar pháipéar, seolfar ar ais chuig an nGníomhaireacht é gan mhoill.

(c)

Beidh sealbhóir formheasa eagraíochta i dteideal, laistigh de raon feidhme a téarmaí formheasa agus faoi nósanna imeachta ábhartha an chórais bainistíochta deartha:

(1)

athruithe ar threalamh BAT/SAL a aicmiú mar ‘mórchúiseach’ nó ‘mionchúiseach’;

(2)

athruithe mionchúiseacha a fhormheas le déanamh ar dheimhniú (ar dheimhnithe) agus/nó ar dhearbhú (ar dhearbhuithe) trealaimh BAT/SAL arna (n-)eisiúint faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768;

(3)

athruithe mórchúiseacha áirithe a fhormheas le déanamh ar dheimhniú trealaimh BAT/SAL arna eisiúint faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768;

(4)

dearbhuithe a eisiúint maidir leis an dearadh a chomhlíonadh le haghaidh trealamh BAT/SAL de bhun Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768; agus

(5)

ráitis chomhlíontachta a eisiúint le haghaidh trealamh BAT/SAL de bhun Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768.

DPO.OR.A.030   Éascú agus comhar

(a)

Déanfaidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL na cigireachtaí agus na hiniúchtaí arna bhfeidhmiú ag an nGníomhaireacht nó ag eintiteas cáilithe a ghníomhaíonn thar a ceann a éascú, agus rachaidh an eagraíocht i gcomhar de réir mar is gá ar mhaithe le feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil chumhachtaí na Gníomhaireachta.

(b)

Rachaidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL i gcomhar leis na soláthraithe BAT/SAL a úsáideann an trealamh BAT/SAL dá cuid, agus tacóidh an eagraíocht leo, ina bpróiseas chun a gcomhlíontacht a léiriú do na húdaráis inniúla lena mbaineann.

DPO.OR.A.035   Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha

Tar éis di an fógra faoi thorthaí ón nGníomhaireacht a fháil, déanfaidh an eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL an méid seo a leanas:

(a)

bunchúis na neamhchomhlíontachta a shainaithint;

(b)

plean gníomhaíochta ceartaithí a shainiú;

(c)

cur chun feidhme na gníomhaíochta ceartaithí a léiriú chun sástacht na Gníomhaireachta laistigh den tréimhse arna beartú agus arna formheas ag an nGníomhaireacht, mar a shainítear i bpointe (e)(2) de phointe DPO.AR.C.015.

DPO.OR.A.040   Freagairt láithreach ar fhadhb shábháilteachta, shlándála agus idir-inoibritheachta

Cuirfidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL chun feidhme aon bheart sábháilteachta agus slándála lena n-áirítear treoracha maidir le trealamh BAT/SAL, arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointí DPO.AR.A.010 agus DPO.AR.A.015.

DPO.OR.A.045   Teipeanna, mífheidhmithe agus fabhtanna

(a)

Déanfaidh sealbhóir formheasa arna eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo na nithe seo a leanas:

(1)

córas a bhunú agus a choinneáil ar bun chun tuairiscí agus faisnéis faoi theipeanna, mífheidhmeanna, fabhtanna nó tarluithe eile a bhailiú, a imscrúdú agus chun anailís a dhéanamh orthu ar teipeanna, mífheidhmeanna, fabhtanna nó tarluithe iad a bhí ina n-údar nó a d’fhéadfadh a bheith ina n-údar le héifeachtaí díobhálacha ar chomhlíontacht leanúnach an trealaimh BAT/SAL leis na ceanglais is infheidhme;

(2)

úsáideoirí uile an trealaimh BAT/SAL lena mbaineann is eol a bheith ann a chur ar an eolas agus, arna iarraidh sin, aon duine arna shainordú faoi rialacháin eile atá bainteach, faoin gcóras arna bhunú i gcomhréir le pointe (1) agus faoin mbealach chun na tuairiscí agus an fhaisnéis sin faoi theipeanna, mífheidhmeanna, fabhtanna nó tarluithe eile a sholáthar.

(b)

I gcás eagraíochtaí ag a bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát, áireofar leis an gcóras arna bhunú i gcomhréir le pointe (a)(1) forálacha maidir le tuairisciú tarluithe agus bearta leantacha ina leith a chomhlíonfaidh ceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 376/2014 agus (AE) 2018/1139, agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a mbonn.

(c)

Tuairisceoidh an sealbhóir formheasa don Ghníomhaireacht aon teip, mífheidhm, fabht nó tarlú eile a bhfuil sé ar an eolas faoi, agus as a d’eascair dáil neamhshábháilte, neamhshlán, nó tearcfheidhmíochta nó a bhféadfadh an dáil sin eascairt astu.

(d)

I gcás sealbhóirí formheasa nach bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát acu, déanfar tuairiscí i bhfoirm agus ar bhealach a leagfaidh an Ghníomhaireacht síos, a luaithe is indéanta agus in aon chás cuirfear isteach tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig iad tar éis don duine nó don eagraíocht teacht chun bheith ar an eolas faoin tarlú áirithe, ach amháin i gcás ina gcoiscfidh imthosca eisceachtúla é sin.

(e)

Déanfaidh an sealbhóir formheasa imscrúdú ar tharlú atá tuairiscithe faoi phointe (c), lena n-áirítear ar na heasnaimh as ar eascair an tarlú sin, agus tuairisceoidh don Ghníomhaireacht torthaí a imscrúdaithe agus aon ghníomhaíocht dá bhfuil faoi nó dá mbeartaíonn sé a dhéanamh chun na heasnaimh sin a chur ina gceart.

DPO.OR.A.050   Inaistritheacht an fhormheasa

Níl formheas eagraíochta inaistrithe, seachas de thoradh athrú ar úinéireacht na heagraíochta.

FOCHUID B   BAINISTÍOCHT (DPO.AR.B)

DPO.OR.B.001   Córas bainistíochta

(a)

Eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, cuirfidh sí córas bainistíochta chun feidhme agus coinneoidh sí ar bun é agus áireofar na nithe seo a leanas leis:

(1)

línte freagrachta agus cuntasachta ar fud a heagraíochta ar fad a bheidh sainithe go soiléir, lena n-áirítear cuntasacht dhíreach an bhainisteora chuntasaigh;

(2)

tuairisc ar fhealsúnacht agus ar phrionsabail fhoriomlána na heagraíochta, ar beartas amháin iad le chéile, arna shíniú ag an mbainisteoir cuntasach;

(3)

na hacmhainní chun feidhmíocht na heagraíochta a fhíorú i bhfianaise tháscairí feidhmíochta agus spriocanna feidhmíochta an chórais bainistíochta;

(4)

próiseas chun athruithe laistigh den eagraíocht agus den chomhthéacs ina n-oibríonn siad a shainaithint, arb athruithe iad a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phróisis, nósanna imeachta agus táirgí fadbhunaithe agus, i gcás inar gá, athrú a dhéanamh ar an gcóras bainistíochta chun na hathruithe sin a chuimsiú;

(5)

próiseas chun raon feidhme na n-athruithe ar an trealamh BAT/SAL agus an riosca atá bainteach a shainaithint;

(6)

próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras bainistíochta, na cúiseanna atá le feidhmiú an chórais bainistíochta faoi bhun caighdeáin a shainaithint, impleachtaí na feidhmíochta sin faoi bhun caighdeáin a chinneadh, agus deireadh a chur leis na cúiseanna sin nó iad a mhaolú;

(7)

próiseas chun a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar phearsanra na heagraíochta agus go mbeidh siad inniúil chun a ndualgais a fheidhmiú ar bhealach sábháilte, éifeachtúil, leanúnach agus inbhuanaithe; sa chomhthéacs sin, leagfaidh an eagraíocht beartais síos maidir le hearcú agus le hoiliúint a pearsanra;

(8)

modhanna foirmiúla le haghaidh cumarsáide lena n-áiritheofar go mbeidh pearsanra uile na heagraíochta iomlán ar an eolas go hiomlán faoin gcóras bainistíochta lena bhfágtar go mbítear in ann faisnéis chriticiúil a chur in iúl agus gurb indéanta, an chúis le gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh agus an chúis le nósanna imeachta a thabhairt isteach nó a athrú, a mhíniú;

(9)

a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí deartha, nósanna imeachta um na nithe seo a leanas:

(i)

trealamh BAT/SAL a dhearadh, agus um athruithe a dhéanamh ar a dhearadh;

(ii)

dearbhú go gcomhlíonann dearadh trealaimh BAT/SAL, nó na hathruithe ar a dhearadh, na sonraíochtaí is infheidhme, lena n-áirítear feidhm sheiceála neamhspleách ar léiriú na comhlíontachta ar ar a bonn sin a chuireann an eagraíocht ráitis chomhlíontachta agus doiciméadacht atá bainteach faoi bhráid na Gníomhaireachta;

(iii)

inghlacthacht eilimintí an trealaimh BAT/SAL arna dhearadh ag na heagraíochtaí conarthacha dá dtagraítear i bpointe DPO.OR.B.015 a fhíorú, nó inghlacthacht na gcúraimí arna bhfeidhmiú ag an eagraíocht sin;

(iv)

an dearbhú go bhfuil líon leordhóthanach i gceist leis an bhfoireann ag a bhfuil baint le dearadh trealaimh BAT/SAL agus go bhfuil siad oilte agus inniúil, agus gur údaraíodh iad chun a bhfreagrachtaí leithdháilte a chomhlíonadh;

(v)

dlúthchomhar éifeachtúil idir ranna agus laistigh de ranna;

(10)

a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí táirgthe, nósanna imeachta um na nithe seo a leanas:

(i)

doiciméid a eisiúint agus a fhormheas, nó athruithe ar na doiciméid sin a fhormheas;

(ii)

iniúchtaí measúnúcháin agus rialú na n-eagraíochtaí conarthacha dá dtagraítear i bpointe DPO.OR.B.015;

(iii)

fíorú go bhfuil ábhair agus trealamh a thagann isteach, lena n-áirítear soláthar míreanna nua nó míreanna arna n-úsáid ag ceannaitheoirí trealaimh BAT/SAL, mar a shonraítear i sna sonraí deartha is infheidhme;

(iv)

fíorú go bhfuil trealamh BAT/SAL i gcomhréir leis na sonraí deartha is infheidhme;

(v)

sainaithint agus inrianaitheacht;

(vi)

próisis na heagraíochta;

(vii)

cigireacht agus tástáil;

(viii)

calabrú uirlisí agus trealaimh tástála;

(ix)

rialú míreanna neamhchomhréireacha;

(x)

comhordú leis an iarratasóir ar an bhformheas deartha, nó le sealbhóir an fhormheasa sin;

(xi)

cur i gcrích agus coimeád na dtaifead ar obair a dhéantar;

(xii)

eisiúint na ndoiciméad scaoilte;

(xiii)

láimhseáil, stóráil agus pacáil an trealaimh BAT/SAL.

(b)

Eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, déanfaidh sí príomhphróisis uile an chórais bainistíochta a dhoiciméadú, lena n-áirítear próiseas chun pearsanra a chur ar an eolas faoina bhfreagrachtaí, agus an nós imeachta chun na próisis sin a leasú.

(c)

Eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL, bunóidh sí feidhm laistigh dá córas bainistíochta chun faireachán a dhéanamh ar a chomhlíontacht leis na ceanglais is infheidhme agus ar leordhóthanacht na nósanna imeachta atá bunaithe. Áireofar leis an bhfaireachán ar chomhlíonadh córas lena seolfar torthaí chuig an mbainisteoir cuntasach chun a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun feidhme go héifeachtach, de réir mar is gá.

(d)

Beidh an córas bainistíochta comhréireach le méid na heagraíochta a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL agus le castacht a gníomhaíochtaí, agus na guaiseacha agus na rioscaí atá bainteach agus ina ndlúthchuid de na gníomhaíochtaí sin á gcur san áireamh.

(e)

I dteannta an chórais bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh an eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL córas bainistíochta faisnéise slándála a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 chun bainistiú ceart an riosca a bhaineann le slándáil faisnéise a áirithiú ar riosca é a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an tsábháilteacht eitlíochta.

DPO.OR.B.005   Athruithe a bhainistiú

(a)

Tar éis don Ghníomhaireacht formheas eagraíochta a eisiúint, Is í an Ghníomhaireacht a fhormheasfaidh aon athrú ar an gcóras bainistíochta a bheidh suntasach, sula gcuirfear chun feidhme é ach amháin i gcás ina dtabharfar fógra faoin athrú sin agus ina mbainisteofar é i gcomhréir le nós imeachta arna fhormheas ag an nGníomhaireacht. Cuirfidh an eagraíocht iarratas ar fhormheas faoi bhráid na Gníomhaireachta a léireoidh comhlíontacht leanúnach leis na ceanglais is infheidhme.

(b)

Gach athrú ar threalamh BAT/SAL, tabharfar fógra don Ghníomhaireacht agus formheasfaidh an Ghníomhaireacht é sula gcuirfear chun feidhme é ach amháin i gcás ina mbainisteofar é i gcomhréir le nós imeachta um athruithe a bhainistiú arna fhormheas ag an nGníomhaireacht. Saineoidh an nós imeachta sin um athruithe a bhainistiú aicmiú na n-athruithe ar an trealamh BAT/SAL agus tabharfaidh sé tuairisc ar an mbealach a dtabharfar fógra faoi na hathruithe sin agus faoin mbealach a bhainisteofar iad.

DPO.OR.B.010   Ceanglais maidir le saoráidí

Áiritheoidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL go mbeidh a chuid saoráidí agus trealaimh, lena n-áirítear saoráidí agus trealamh tástála, leormhaith agus oiriúnach chun na cúraimí agus na gníomhaíochtaí uile dá cuid a fheidhmiú agus a bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.

DPO.OR.B.015   Gníomhaíochtaí ar conradh

(a)

Áirítear ar ghníomhaíochtaí ar conradh na gníomhaíochtaí uile sin atá laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí na heagraíochta, i gcomhréir le téarmaí an deimhnithe, ar gníomhaíochtaí iad a fheidhmíonn eagraíochtaí eile atá deimhnithe iad féin chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh nó, mura mbeidh siad deimhnithe, a oibreoidh faoi fhormhaoirseacht eagraíochta den sórt sin. Áiritheoidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL gurb amhlaidh, nuair a chuireann sí aon chuid dá gníomhaíochtaí amach ar conradh d’eagraíochtaí seachtracha, nó nuair a cheannaíonn sí aon chuid dá gníomhaíochtaí ó eagraíochtaí seachtracha, go mbeidh an ghníomhaíocht ar conradh nó an ghníomhaíocht cheannaithe, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.

(b)

Nuair a chuireann eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL aon chuid dá gníomhaíochtaí amach ar conradh d’eagraíocht nach bhfuil deimhnithe í féin i gcomhréir leis an Rialachán seo chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, áiritheoidh an eagraíocht go n-oibreoidh an eagraíocht chonarthach sin faoina maoirseacht. Áiritheoidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL go dtabharfar rochtain don Ghníomhaireacht ar an eagraíocht chonarthach chun a comhlíontacht leantach leis na ceanglais is infheidhme den Rialachán seo a chinneadh.

DPO.OR.B.020   Ceanglais maidir le pearsanra

(a)

Ceapfaidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL bainisteoir cuntasach ag a mbeidh an t-údarás chun a áirithiú go bhféadfar na gníomhaíochtaí uile a mhaoiniú agus a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme den Rialachán seo. Beidh an bainisteoir cuntasach freagrach as córas bainistíochta éifeachtach a bhunú agus a choinneáil ar bun.

(b)

Údarás, dualgais, agus freagrachtaí shealbhóirí ainmnithe na bpost, go háirithe pearsanra bainistíochta a bheidh i gceannas ar an tsábháilteacht, ar an gcáilíocht, ar an tslándáil, ar an airgeadas agus ar acmhainní daonna, déanfar iad a shainiú freisin.

DPO.OR.B.025   Coimeád taifead

(a)

Bunóidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL córas coimeádta taifead lena mbeifear in ann taifid a stóráil go hoiriúnach agus a gníomhaíochtaí uile a rianú go hiontaofa, lena gcumhdófar go háirithe na heilimintí uile a léirítear i bpointe DPO.OR.B.001.

(b)

Sonrófar formáid agus tréimhse choimeádta na dtaifead dá dtagraítear i bpointe (a) i nósanna imeachta chóras bainistíochta na heagraíochta.

(c)

Stórálfar na taifid ar bhealach a áiritheoidh go gcosnófar iad ar dhamáiste, athrú agus gadaíocht.

(d)

Coinneoidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL clár ar bun den trealamh BAT/SAL a chuirtear i mbun úsáide.

FOCHUID C   CEANGLAIS THEICNIÚLA (DPO.OR.C)

DPO.OR.C.001   Eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL

(a)

Beidh iarratasóir ar fhormheas na heagraíochta deartha nó táirgthe le haghaidh trealamh BAT/SAL, agus sealbhóir an fhormheasa sin, i dteideal, de réir mar is infheidhme maidir le, aon cheann de na nithe seo a leanas:

(1)

deimhniú a bheith ina sheilbh aige chun trealamh BAT/SAL a dhearadh nó iarratas a dhéanamh ar eisiúint an deimhnithe sin;

(2)

dearbhú a eisiúint maidir leis an dearadh a chomhlíonadh le haghaidh trealaimh BAT/SAL;

(3)

ráiteas comhlíontachta le haghaidh trealaimh BAT/SAL le a eisiúint, arna iarraidh sin ag soláthraí BAT/SAL.

(b)

A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí deartha, déanfaidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL an méid seo a leanas:

(1)

dearbhú a eisiúint maidir leis an dearadh a chomhlíonadh le haghaidh an trealaimh BAT/SAL, de réir mar is infheidhme;

(2)

sonraí agus faisnéis a eisiúint, lena n-áirítear treoracha, faoina freagracht laistigh de raon feidhme théarmaí a formheasa arna leagan síos ag an nGníomhaireacht;

(3)

le haghaidh gach múnla de gach píosa de threalamh BAT/SAL dá bhfuil dearbhú eisithe, comhad a bheidh cothrom le dáta a ullmhú agus a choinneáil ar bun de shonraí teicniúla agus de thaifid iomlána.

(c)

A mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí táirgthe, déanfaidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL an méid seo a leanas:

(1)

gach airteagal a mhonarú agus é á áirithiú go bhfuil an trealamh BAT/SAL, ar bheith curtha i gcrích dó, i gcomhréir lena sonraí deartha agus sábháilte lena shuiteáil;

(2)

le haghaidh gach múnla de gach píosa dá bhfuil dearbhú eisithe maidir le trealamh BAT/SAL, comhad a bheidh cothrom le dáta a ullmhú agus a choinneáil ar bun de shonraí teicniúla agus de thaifid iomlána;

(3)

máistirchóipeanna de na lámhleabhair uile, a cheanglaítear le sonraíochtaí an dearbhaithe is infheidhme le haghaidh an trealamh áirithe, a ullmhú, a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta;

(4)

na treoracha sin a chur ar fáil d’úsáideoirí an trealaimh BAT/SAL, agus don Ghníomhaireacht arna iarraidh sin, ar treoracha iad maidir leis an oiriúnacht leantach is gá chun an trealamh BAT/SAL a úsáid agus a choinneáil ar bun, maille le hathruithe ar na treoracha sin;

(5)

gach airteagal a mharcáil;

(6)

leanúint de na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.

(d)

I dteannta phointe (c), beidh eagraíocht a bhfuil baint aici le táirgeadh trealaimh BAT/SAL i dteideal, laistigh de raon feidhme théarmaí a formheasa, a chinneadh go mbeidh an trealamh BAT/SAL uile dá gcuirfear i gcrích i gcomhréir leis na sonraí deartha is infheidhme agus i riocht lena oibriú go sábháilte roimh foirm scaoilte EASA a eisiúint lena sonrófar gur táirgeadh an trealamh BAT/SAL i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme den Rialachán seo agus leis na sonraí deartha is infheidhme.

(e)

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san fhoirm scaoilte EASA dá dtagraítear i bpointe (d) le haghaidh an trealaimh BAT/SAL uile dá ndéanfar a mhonarú:

(1)

tuairisc ar an trealamh BAT/SAL;

(2)

uimhir na páirte den trealamh BAT/SAL;

(3)

sraithuimhir an trealaimh BAT/SAL;

(4)

ráiteas gur monaraíodh an trealamh BAT/SAL i gcomhréir leis na sonraí deartha is infheidhme agus go bhfuil sé i riocht lena oibriú go sábháilte;

(5)

tagairt don deimhniú nó don dearbhú maidir leis an dearadh a chomhlíonadh.

DPO.OR.C.005   Comhordú

Áiritheoidh eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh, nó táirgeadh trealaimh BAT/SAL an méid seo a leanas:

(a)

an comhordú sásúil, maille leis na socruithe iomchuí, idir gníomhaíochtaí deartha agus táirgthe, de réir mar is iomchuí;

(b)

an comhordú sásúil leis na soláthraithe ábhartha BAT/SAL agus leis an ngnóthas (na gnóthais) eitlíochta ábhartha, agus tacaíocht cheart dóibh, a mhéid a bhaineann le hoiriúnacht leantach an trealaimh BAT/SAL, de réir mar is infheidhme.

DPO.OR.C.010   Treoracha maidir le trealamh BAT/SAL

Nuair a eiseoidh an Ghníomhaireacht treoir maidir le trealamh BAT/SAL, de bhun phointe ATM/ANS.EQMT.CERT.065 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768, déanfaidh an eagraíocht a bhfuil baint aici le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a mholadh agus í a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, maille le mionsonraí, lena formheas;

(b)

tar éis don Ghníomhaireacht an togra dá dtagraítear i bpointe (a) a fhormheas, cuirfidh an eagraíocht ar fáil d’úsáideoirí nó d’úinéirí uile trealaimh BAT/SAL is eol a bheith ann, sonraí tuairisciúla iomchuí agus treoracha iomchuí maidir lena mbaint amach agus, arna n-iarraidh sin, d’aon duine ar a cheanglaítear an treoir maidir le trealamh BAT/SAL a chomhlíonadh.


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/39


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1770 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2023

lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 44(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 140(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, tá na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) le hoiriúnú d’fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1139, tráth nach déanaí ná an 12 Meán Fómhair 2023.

(2)

Nósanna imeachta oibríochta um úsáid an aerspáis agus an trealaimh aerárthaí is gá, ba cheart iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach laistigh den Aerspás Eorpach Aonair i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, chun an idir-inoibritheacht agus oibríochtaí sábháilte a bhaint amach. Ba cheart na ceanglais sin a fhorchur dá bhrí sin ar oibreoirí aerárthaí nuair a eitlíonn siad isteach san Aerspás Eorpach Aonair, laistigh de nó amach as.

(3)

Chun leanúnachas oibríochtaí na n-aerárthaí lena mbaineann a áirithiú, arb aerárthaí iad atá feistithe le cumais Chumarsáide, Loingseoireachta, agus Faireachais le haghaidh úsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair, ba cheart an Rialachán seo a bhunú ar na rialacha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus na hoiriúnuithe is gá déanta orthu.

(4)

Go háirithe, tugann Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún (3), Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 (4), (AE) Uimh. 1207/2011 (5) agus (AE) Uimh. 1079/2012 (6) aghaidh ar fhorálacha mionsonraithe maidir leis na rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an aerspáis agus le trealamh aerárthaí. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 a aisghairm dá bhrí sin.

(5)

Aon uair is féidir, ba cheart na ceanglais atá ann cheana agus a eascraíonn as na Rialacháin sin a mhacasamhlú sa Rialachán seo chun ionchais dhlisteanacha oibreoirí aerárthaí agus soláthraithe BAT/SAL, dá ndéantar difear leis na ceanglais sin, a urramú.

(6)

Is iomchuí go leanfaidh na ceanglais sin d’fheidhm a bheith acu maidir le hoibreoirí aerárthaí a oibríonn mar gnáth-aerthrácht san Aerspás Eorpach Aonair, le linn na gcéimeanna eitilte uile agus i limistéar gluaiseachta aeradróim, cé is moite d’aerárthach dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1139. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as a áirithiú go dtabharfaidh oibríochtaí na n-aerárthaí sin aird chuí ar shábháilteacht loingseoireachta na n-aerárthaí eile uile. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, mar sin féin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na haerárthaí sin.

(7)

I gcomhréir le raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 29/2009, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir leis na heisceachtaí céanna ar cheanglais maidir le nasc sonraí mar a dheonaítear faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2012 ón gCoimisiún (7).

(8)

Rinneadh foráil le hAirteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 maidir le díolúintí ón oibleagáid aerárthach a oibriú i gcás ina mbeidh gá le raidió agus cumas spásála cainéal 8,33 kHz ag a threalamh raidió. Níor cheart athrú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana leis an Rialachán seo.

(9)

Ábhar an Mháistirphlean BAT agus na cumais chumarsáide, loingseoireachta agus faireachais atá ann, tugadh san áireamh go cuí iad agus na ceanglais sa Rialachán seo á bhforbairt.

(10)

Le Tuairim 01/2023 dá cuid, d’ullmhaigh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa dréacht-rialacha cur chun feidhme agus chuir faoi bhráid an Choimisiúin iad i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, leagtar rialacha oibriúcháin síos a bhaineann le húsáid an aerspáis agus ceanglais maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear maidir leis an oibriú sábháilte aonfhoirmeach laistigh den aerspás Eorpach aonair.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (b) (i) agus (ii) agus Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1139 a ghabhann don ghnáth-aerthrácht agus a oibríonn isteach san Aerspás Eorpach Aonair, laistigh de nó amach as.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin Cur Chun Feidhme seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aonad rialaithe aerthráchta’ (aonad ATC) téarma cineálach a chiallaíonn i gcomhthéacsanna éagsúla, ionad rialaithe limistéir, aonad um rialú ascnaimh, nó túr rialaithe aeradróim;

(2)

ciallaíonn ‘seirbhís nasctha sonraí’ tacar d’idirbhearta bainistíochta aerthráchta gaolmhara, a dtacaíonn cumarsáid an nasctha sonraí idir aer agus talamh leo, ag a bhfuil sprioc oibriúcháin a shainítear go soiléir agus a gcuirtear tús agus deireadh leo le teagmhas oibríochtúil;

(3)

ciallaíonn ‘oibríocht iompróra seach-churtha’ cás nach féidir le tarchuradóir aonair ar an talamh an cumhdach oibriúcháin ainmnithe a áirithiú, agus cás ina ndéanfar na comharthaí ó dhá tharchuradóir nó níos mó ar an talamh a sheach-chur ó lármhinicíocht an chainéil ainmniúil chun fadhbanna trasnaíochta a íoslaghdú.

Airteagal 3

Trealamh aerárthaí agus rialacha oibriúcháin

Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí go mbeidh a n-aerárthaí feistithe agus á n-oibriú i gcomhréir leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I (Cuid-COM) agus Iarcríbhinn II (Cuid-SUR).

Airteagal 4

Modhanna comhlíontachta

1.   Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíontachta (‘AMC’) a fhéadfar a úsáid chun comhlíontacht a shuí leis an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

2.   Féadfar modhanna malartacha comhlíontachta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

3.   Bunóidh údaráis inniúla córas chun meastóireacht a dhéanamh go comhsheasmhach ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an modh malartach comhlíontachta arna úsáid acu féin nó ag eagraíochtaí faoina maoirseacht Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn sin.

4.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le haon mhodh malartach comhlíontachta a úsáideann daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoina maoirseacht nó a úsáideann na húdaráis iad féin chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

Airteagal 5

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 an 16 Eanáir 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 13, 17.1.2009, lch. 3).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le sainaithint aerárthaí chun faireachas a dhéanamh le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 305, 23.11.2011, lch. 23).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais maidir le feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 305, 23.11.2011, lch. 35).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 320, 17.11.2012, lch. 14).

(7)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2012 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 maidir le díolúintí faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (IO L 312, 3.12.2019, lch. 95).


IARSCRÍBHINN I

Cumarsáid

(Cuid-COM)

AUR.COM.1001   Ábhar

Leagtar ceanglais síos leis an gCuid seo maidir le trealamh aerárthaí agus rialacha oibriúcháin i dtaca le húsáid an aerspáis lena gcumhdaítear na ceanglais is infheidhme maidir le seirbhísí nasctha sonraí agus spásáil cainéal gutha.

TEIDEAL 1 —   SEIRBHÍSÍ NASCTHA SONRAÍ

AUR.COM.2001   Raon feidhme

Níl feidhm ag an Teideal seo ach amháin maidir le heitiltí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht i gcomhréir le rialacha um eitilt de réir uirlisí os cionn FL 285 laistigh den Aerspás Eorpach Aonair, cé is moite den aerspás sin nach cuid é de réigiún EUR na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) agus Réigiún Faisnéis Eitilte Uasta na Fionlainne (UIR) ó thuaidh ó 61°30′, agus UIR na Sualainne ó thuaidh ó 61°30′.

AUR.COM.2005   Ceanglais maidir le trealamh aerárthaí

1.

Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh go mbeidh sé de chumas ag aon aerárthach dá n-oibríonn sé na seirbhísí nasctha sonraí seo a leanas a oibriú:

(i)

Cumas Tionscanta Cumarsáide Nasctha Sonraí;

(ii)

Bainistíocht Chumarsáid an Rialaithe Aerthráchta (ATC);

(iii)

Ceadanna agus Faisnéis Rialaithe Aerthráchta;

(iv)

Seiceáil Micreafóin don Rialú Aerthráchta.

(b)

déanfaidh socruithe iomchuí chun a áirithiú gur féidir malartú sonraí a bhunú idir na haerárthaí dá chuid, ag a bhfuil cumas nasctha sonraí, agus na haonaid ATC uile a fhéadfaidh na heitiltí a oibríonn sé a rialú, agus aird chuí á tabhairt ar teorainneacha féideartha ar an gcumhdach atá ina gcuid dhílis den teicneolaíocht cumarsáide a úsáidtear.

2.

Ní bheidh feidhm ag pointe 1 maidir leis an méid a leanas:

(a)

aerárthaí ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh 1 Eanáir 1995 den chéad uair;

(b)

aerárthaí ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh 1 Eanáir 2018 den chéad uair agus a feistíodh roimh an dáta sin le trealamh nasctha sonraí lena n-áirithítear idir-inoibritheacht na bhfeidhmchlár ATS thar an ngréasán idir aer agus talamh de Chóras Seolacháin agus Tuairiscithe Cumarsáide Aerárthaí (ACARS), a úsáidtear go príomha in áiteanna mar nach praiticiúil é an radar faireachais;

(c)

aerárthaí inarb é 19 bpaisinéir nó níos lú a n-uasacmhainneacht suíochán dheimhnithe, agus ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe de 45 359 kg (100 000 lb) nó níos lú, agus ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh an 5 Feabhra 2020 den chéad uair;

(d)

aerárthaí atá ag eitilt chun críoch tástála, seachadta nó cothabhála nó ina bhfuil comhdhamhnaí nasctha sonraí atá as feidhm go sealadach faoi na dálaí a shonraítear san íosliosta trealaimh is infheidhme;

(e)

teaglama cineálacha agus múnlaí aerárthaí a liostaítear i bhFoscríbhinn I;

(f)

teaglama cineálacha agus múnlaí aerárthaí a liostaítear i bhFoscríbhinn II ar eisíodh an chéad deimhniú aeracmhainneachta aonair dóibh roimh an 5 Feabhra 2020.

AUR.COM.2010   Nósanna imeachta oibríochta agus oiliúint DLS

Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh a nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir leis an Teideal seo agus go léireofar ina lámhleabhair oibríochta iad; agus

(b)

go gcuirfear an pearsanra a oibríonn an trealamh nasctha sonraí ar an eolas go cuí faoin Teideal seo agus go gcuirfear oiliúint oiriúnach orthu le haghaidh a bhfeidhmeanna poist.

TEIDEAL 2 —   SPÁSÁIL CAINÉAL GUTHA

AUR.COM.3001   Raon feidhme

Níl feidhm ag an Teideal seo ach amháin maidir le heitiltí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht laistigh den Aerspás Eorpach Aonair atá ina chuid de réigiún EUR ICAO, agus mar a soláthraítear seirbhísí cumarsáide raidió idir aer agus talamh agus idir seirbhísí cumarsáide raidió ar an talamh i mbanda minicíochta 117,975–137 MHz. Eisiatar Réigiúin Faisnéis Eitilte (FIR)/UIR na nOileán Canárach ón raon feidhme cur i bhfeidhm.

AUR.COM.3005   Ceanglais maidir le trealamh aerárthaí

(1)

Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí go n-áireofar cumas spásála cainéal 8,33 kHz leis an trealamh cumarsáide gutha uile a chuirfear i mbun seirbhíse tar éis an 17 Samhain 2013 agus go mbeifear in ann an trealamh uile a thiúnáil chun cainéil spásáilte 25 kHz a fháil.

(2)

Na díolúintí ón oibleagáid aerárthach a oibriú i gcás ina mbeidh gá le raidió agus cumas spásála cainéal 8,33 kHz ag a threalamh raidió le haghaidh cásanna ag a bhfuil tionchar teoranta ar an ngréasán a dheonaigh na Ballstáit de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 a cuireadh in iúl don Choimisiún, beidh siad bailí fós.


Foscríbhinn I

Díolúintí dá dtagraítear i bpointe (e) de AUR.COM.2005 (2)

Cineál/sraith/múnla aerárthaigh

Monaróir

Sainitheoir cineáil ICAO

AN-12 iad uile

Antonov

AN12

AN-124 100

Antonov

A124

IL-76 iad uile

Ilyushin

IL76

A300 iad uile

Airbus

A30B

A306

A3ST

A310 iad uile

Airbus

A310

A-319/-320/-321 ar eisíodh a chéad Deimhniú Aeracmhainneachta idir 1 Eanáir 1995 agus 5 Iúil 1999 agus na dátaí sin san áireamh

Airbus

A319

A320

A321

A340 iad uile

Airbus

A342

A343

A345

A346

A318-112

Airbus

A318

AVROLINER (RJ-100)

AVRO

RJ1H

AVROLINER (RJ-85)

AVRO

RJ85

BA146-301

British Aerospace

B463

B717-200

Boeing

B712

B737-300

Boeing

B733

B737-400

Boeing

B734

B737-500

Boeing

B735

B747-400

Boeing

B744

B757-200

Boeing

B752

B757-300

Boeing

B753

B767-200

Boeing

B762

B767-300

Boeing

B763

B767-400

Boeing

B764

MD-82

Boeing

MD82

MD-83

Boeing

MD83

MD-11 iad uile

Boeing

MD11

CL-600-2B19 (CRJ100/200/440)

Bombardier

CRJ1/CRJ2

Dornier 328-100

Dornier

D328

Dornier 328-300

Dornier

J328

Fokker 70

Fokker

F70

Fokker 100

Fokker

F100

Sraith King Air (90/100/200/300)

Beechcraft

BE9L

BE20

B350

Hercules L-382-G-44K-30

Lockheed

C130

SAAB 2000/SAAB SF2000

SAAB

SB20


Foscríbhinn II

Díolúintí dá dtagraítear i bpointe (f) de AUR.COM.2005 (2)

Cineál/sraith/múnla aerárthaigh

Monaróir

Sainitheoir cineáil ICAO

Sraith A330 200/300

Airbus

A332/A333

Global Express/5000

BD-700-1A10/1A11

Bombardier

GLEX/GL5T

CL-600-2C10 (CRJ-700)

Bombardier

CRJ7

C525C, CJ4

Cessna

C25C

C560XL (Citation XLS+)

Cessna

C56X

Falcon 2000 iad uile

Dassault

F2TH

Falcon 900 iad uile

Dassault

F900

EMB-500 (Phenom 100)

Embraer

E50P

EMB-505 (Phenom 300)

Embraer

E55P

EMB-135BJ (Legacy 600)

Embraer

E35L

EMB-135EJ (Legacy 650)

Embraer

E35L

EMB-145 (135/140/145)

Embraer

E135

E145, E45X

PC-12

Pilatus

PC12


IARSCRÍBHINN II

Faireachas

(Cuid-SUR)

AUR.SUR.1001   Ábhar

Leagtar ceanglais síos leis an gCuid seo maidir le trealamh aerárthaí agus rialacha oibriúcháin i dtaca le húsáid an aerspáis lena gcumhdaítear na ceanglais is infheidhme maidir le faireachas.

TEIDEAL 1 —   FAIREACHAS COMHOIBRÍOCH SPLEÁCH

AUR.SUR.2001   Raon feidhme

(1)

Níl feidhm ag an Teideal seo ach amháin maidir le heitiltí a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht i gcomhréir le rialacha um eitilt de réir uirlisí laistigh den Aerspás Eorpach Aonair atá ina chuid de réigiún EUR na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(2)

D’ainneoin mhír (1), beidh feidhm ag AUR.SUR.2015 maidir leis na heitiltí uile a oibrítear mar ghnáth-aerthrácht.

AUR.SUR.2005   Ceanglais maidir le trealamh aerárthaí

1.

Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh aerárthaí feistithe le trasfhreagróirí radair thánaistigh faireachais inúsáidte a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá na cumais acu le haghaidh Faireachas Bunúsach aerbheirthe Mhód S (ELS);

(ii)

tá leanúnachas leordhóthanach acu chun riosca oibriúcháin a sheachaint;

(b)

maidir le haerárthaí ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe os cionn 5 700 kg nó ag a bhfuil uaschumas fíor-aerluais cúrsála is mó ná 250 kt, agus deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh an 7 Meitheamh 1995 nó dá éis den chéad uair, go mbeidh siad feistithe le trasfhreagróirí radair thánaistigh faireachais inúsáidte a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá na cumais acu le haghaidh craolachán faireachais spleách uathoibríoch (ADS-B) Amach mar chuid de Steallchraoladh Sínte (ES) 1 090 MHz i dteannta cumais dá dtagraítear i bpointe (a)(i);

(ii)

tá leanúnachas leordhóthanach acu chun riosca oibriúcháin a sheachaint;

(c)

maidir le haerárthaí sciatháin dhobhogtha ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe os cionn 5 700 kg nó ag a bhfuil uaschumas fíor-aerluais cúrsála is mó ná 250 kt, agus deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh an 7 Meitheamh 1995 nó dá éis den chéad uair, go mbeidh siad feistithe le trasfhreagróirí radair thánaistigh faireachais inúsáidte a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá na cumais acu le haghaidh Faireachas Breisithe Mhód S (EHS), i dteannta cumais dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus i bpointe (b)(i);

(ii)

tá leanúnachas leordhóthanach acu chun riosca oibriúcháin a sheachaint.

2.

Ní bheidh feidhm ag pointí 1(b) ná (c) maidir le haerárthaí a bhaineann le ceann de na catagóirí seo a leanas:

(a)

aerárthaí atáthar ag eitilt chun go ndéanfar cothabháil orthu;

(b)

aerárthaí atáthar ag eitilt lena n-onnmhairiú;

(c)

aerárthaí a scoirfear dá n-oibriú faoin 31 Deireadh Fómhair 2025.

3.

Oibreoirí aerárthaí ag a bhfuil deimhniú aeracmhainneachta aonair a eisíodh roimh an 7 Nollaig 2020 den chéad uair, comhlíonfaidh siad pointí 1(b) agus (c), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

tá clár iarfheistiúcháin bunaithe acu roimh an 7 Nollaig 2020 a léiríonn go gcomhlíontar pointí 1(b) agus (c);

(b)

níor thairbhigh na haerárthaí sin d’aon chistiú ón Aontas a deonaíodh chun na haerárthaí sin a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1(b) agus (c).

4.

Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí maidir le haerárthaí atá feistithe i gcomhréir le pointí 1, 2 agus 3 agus ag a bhfuil uasmhais éirí de thalamh dheimhnithe os cionn 5 700 kg nó ag a bhfuil uaschumas fíor-aerluais cúrsála is mó ná 250 kt, go n-oibreofar iad agus éagsúlacht aeróg i bhfeidhm.

AUR.SUR.2010   Trasfhreagróir atá as feidhm

I gcás aerárthaí ina bhfuil cumas na dtrasfhreagróirí chun na ceanglais a leagtar síos i bpointí 1(b) agus (c) de phointe AUR.SUR.2005 as feidhm go sealadach, beidh oibreoirí aerárthaí i dteideal na haerárthaí sin a oibriú ar feadh 3 lá as a chéile ar a mhéad.

AUR.SUR.2015   Seoladh aerárthaigh ICAO 24 giotán trasfhreagróra

Áiritheoidh oibreoirí aerárthaí gurb amhlaidh ar bord an aerárthaigh atá á oibriú acu, go n-oibríonn aon trasfhreagróir Mhód S maille le seoladh aerárthaigh ICAO 24 giotán a chomhfhreagraíonn don chlárú atá sannta ag an Stát ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe.

AUR.SUR.2020   Nósanna imeachta oibríochta faireachais agus oiliúint

Déanfaidh oibreoirí aerárthaí na bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go mbeidh a nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir leis an Teideal seo agus go léireofar ina lámhleabhair oibríochta iad; agus

(b)

go gcuirfear an pearsanra a oibríonn an trealamh faireachais ar an eolas go cuí faoin Teideal seo agus go gcuirfear oiliúint oiriúnach orthu le haghaidh a bhfeidhmeanna poist.


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/49


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1771 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a mhéid a bhaineann le córais agus comhdhamhnaí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 43(1), pointí (a), (e) agus (f), Airteagal 44(1), pointe (a), agus Airteagal 62(15), pointí (a) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 140(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, tá na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) le hoiriúnú d’fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1139, tráth nach déanaí ná an 12 Meán Fómhair 2023.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (3), leagtar síos ceanglais choiteanna maidir le soláthar seirbhísí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (‘BAT/SAL’) agus feidhmeanna líonra bainistithe aerthráchta (‘feidhmeanna líonra BAT’) eile maidir leis an ngnáth-aerthrácht agus maoirseacht an ghnáth-aerthráchta.

(3)

I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 ón gCoimisiún (4), tá córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL (‘trealamh BAT/SAL’) faoi réir deimhniúcháin nó dearbhaithe ag eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh trealaimh BAT/SAL. Chun a áirithiú go ndéanfar suiteáil agus tástáil an trealaimh sin ar an láthair go hiomchuí, agus gur go sábháilte a chuirfear i mbun seirbhíse é, agus go ndéanfar formhaoirseacht air, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú chun na ceanglais is gá agus is infheidhme maidir le soláthraithe BAT/SAL, agus le húdaráis inniúla na soláthraithe sin, a áireamh.

(4)

Chun leanúnachas na gceanglas maidir le húsáid trealamh BAT/SAL a áirithiú, ba cheart na leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a bhunú ar na rialacha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 maille le hoiriúnuithe is gá.

(5)

Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 ón gCoimisiún (5), leagtar síos na ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh mhalartú uathoibríoch sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta; Le Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún (6) leagtar síos na ceanglais maidir le cur i bhfeidhm prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta, agus le Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún (7) leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus le húsáid cód ceistiúcháin Mhód S le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair (SES). Ba cheart na ceanglais sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373.

(6)

Ceanglais a bhaineann leis an gcumarsáid idir aer agus talamh a úsáideann spásáil cainéal 8,33 kHz agus a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún (8), níl feidhm acu maidir le seirbhísí nach soláthraítear san Aerspás Eorpach Aonair lasmuigh de réigiún Eorpach (EUR) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) mar a shainítear in European (EUR) Air Navigation Plan [Plean Eorpach Aerloingseoireachta] Imleabhar I (Doic. 7754) de chuid ICAO ná i Réigiún Faisnéise Eitilte (FIR)/Réigiún Faisnéise Eitilte Uasta (UIR) na nOileán Canárach toisc nár thug a ndálaí áitiúla údar cuí leordhóthanach le gá a bheith ann na ceanglais sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir leis an raon feidhme infheidhmeachta céanna.

(7)

Rinneadh foráil le hAirteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 maidir le díolúintí ón oibleagáid na sannuithe minicíochta uile a thiontú de réir spásáil cainéal 8,33 kHz. Níor cheart athrú a dhéanamh ar na díolúintí atá ann cheana leis an Rialachán seo.

(8)

Ceanglais a bhaineann le cóid chóras ceistiúcháin Mhód S a leithdháileadh agus a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún, níl feidhm acu maidir le seirbhísí a sholáthraítear san Aerspás Eorpach Aonair lasmuigh de réigiún EUR ICAO i ngeall ar mhéid íseal a thráchta áitiúil agus ar a shuíomh geografach, is é sin, gan de theorainn aerspáis acu ach le haerspás a bhfuil soláthraithe BAT/SAL tríú tír freagrach as, rud a thugann údar cuí le socruithe comhordúcháin áitiúla difriúla le stáit mháguaird nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad. Ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir leis an raon feidhme infheidhmeachta céanna.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a leasú dá réir sin agus ba cheart Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009 a aisghairm.

(10)

Ábhar an Mháistirphlean BAT agus na cumais chumarsáide, loingseoireachta agus faireachais atá ann, tugadh san áireamh go cuí iad agus na ceanglais sa Rialachán seo á bhforbairt.

(11)

Tá bearta molta ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i dTuairim Uimh. 01/2023 (9) uaithi i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (3):

‘(3)

ciallaíonn ‘Bainisteoir Líonra’ an comhlacht a gcuirtear ar a iontaoibh na cúraimí is gá chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 a fhorghníomhú;’

(b)

cuirtear isteach na pointí (9), (10), (11), (12) agus (13) seo a leanas:

‘(9)

ciallaíonn ‘córas ceistiúcháin Mhód S’ córas atá comhdhéanta d’aeróga agus de leictreonaic, a thacaíonn le haerárthaí aonair tríd an Mód Roghnaigh (‘Mód S’);

(10)

ciallaíonn ‘córas ceistiúcháin Mhód S’ incháilithe córas ceistiúcháin Mhód S dá chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

braitheann an córas ceistiúcháin, go páirteach ar a laghad, ar cheistithe agus ar fhreagraí ghlaonna uile Mhód S chun spriocanna Mhód S a fháil;

(b)

spriocanna Mhód S a fhaightear mar fhreagra ar cheistithe ghlaonna uile Mhód S, déanann an córas ceistiúcháin iad a ghlasáil, go buan nó go treallach, i gcuid nó in iomlán a chumhdaigh; nó

(c)

úsáideann an córas ceistiúcháin prótacail cumarsáide il-láithreáin le haghaidh feidhmchláir nasctha sonraí;

(11)

ciallaíonn ‘oibreoir Mhód S’ duine, eagraíocht nó fiontar a oibríonn nó a thairgeann córas ceistiúcháin Mhód S a oibriú, lena n-áirítear:

(a)

soláthraithe seirbhísí faireachais;

(b)

Monaróirí chóras ceistiúcháin Mhód S;

(c)

oibreoirí aeradróim;

(d)

bunaíochtaí taighde;

(e)

aon eintiteas eile atá i dteideal córas ceistiúcháin Mhód S a oibriú;

(12)

ciallaíonn ‘trasnaíocht dhíobhálach’ trasnaíocht a chuireann cosc ar bhaint amach na gceanglas feidhmíochta;

(13)

ciallaíonn ‘plean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin’ an tacar iomlán is déanaí a formheasadh de chóid na gcóras ceistiúcháin a leithdháileadh.’;

(2)

in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 6a seo a leanas:

‘6a.   Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar trasnaíocht dhíobhálach ar chórais faireachais eile i ngeall ar úsáid a bheith á baint as tarchuradóir ar talamh a oibrítear ina chríoch.’

;

(3)

cuirtear na hAirteagail 3e agus 3f seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3e

Cóid cheistiúcháin Mhód S a leithdháileadh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit maidir le hathruithe a dhéantar ar leithdháileadh cóid cheistiúcháin de thoradh nuashonrú a bheith déanta ar an bplean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin, go gcuirtear in iúl iad d’oibreoirí ábhartha Mhód S faoina n-údarás laistigh de 14 lá féilire ón lá a fhaightear an plean nuashonraithe um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit taifead, a bheidh cothrom le dáta de leithdháileadh agus d’úsáid chóid na gcóras ceistiúcháin ag córais ceistiúcháin Mhód S incháilithe laistigh dá limistéar freagrachta, a chur ar fáil do na Ballstáit eile, gach 6 mhí ar a laghad tríd an gcóras um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin.

3.   I gcás ina mbeidh forluí i gceist idir cumhdach chóras ceistiúcháin Mhód S laistigh de limistéar freagrachta Ballstáit agus cumhdach chóras ceistiúcháin Mhód S atá lonnaithe laistigh de limistéar freagrachta tríú tír, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

áirithiú go gcuirfear an tríú tír ar an eolas faoi na ceanglais maidir le sábháilteacht a bhaineann le cóid cheistiúcháin a leithdháileadh agus a úsáid;

(b)

na bearta is gá a dhéanamh chun úsáid na gcód chóid ceistiúcháin a chomhordú leis an tríú tír áirithe.

4.   Tabharfaidh Ballstát fógra do na soláthraithe seirbhíse aerthráchta atá faoina dhlínse faoi chórais cheistiúcháin Mhód S a oibríonn faoi fhreagracht tríú tír nach bhfuil leithdháileadh cód córas ceistiúcháin Mhód S comhordaithe lena n-aghaidh.

5.   Déanfaidh na Ballstáit seiceáil ar bhailíocht na n-iarratas ar chód ceistiúcháin a fhaightear ó oibreoirí Mhód S sula gcuirfidh siad cóid cheistiúcháin ar fáil tríd an gcóras um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin lena gcomhordú mar a leagtar síos i bpointe 15 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (*1).

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh oibreoirí Mhód S, seachas soláthraithe seirbhíse faireachais, pointe CNS.TR.205 in Iarscríbhinn VIII.

7.   Na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 go 6, ní bheidh feidhm acu san Aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil ina chuid de réigiún Eorpach (EUR) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

Airteagal 3f

Úsáid an aerspáis Eorpaigh aonair

1.   I gcomhthéacs na cosanta speictrim, áiritheoidh na Ballstáit maidir le trasfhreagróir a ghabhann le radar tánaisteach faireachais ar bord aon aerárthaigh a bheidh ag eitilt os cionn Ballstáit, nach mbeidh an trasfhreagróir sin faoi réir ceistithe iomarcacha arna dtarchur ag córais ceistiúcháin faireachais ar talamh agus a spreagann freagraí, nó i gcás nach spreagfaidh siad freagra, a mbeidh cumhacht leordhóthanach i gceist leo chun íosleibhéal tairsí ghlacadóir an trasfhreagróra a ghabhann leis an radar tánaisteach faireachais a shárú. I gcás easaontais idir na Ballstáit maidir le bearta is gá, tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann an t-ábhar chun an Choimisiúin le gníomhú ina leith.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtiontófar na sannuithe minicíochta gutha uile de réir spásáil cainéal 8,33 kHz. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais i maidir le tiontú i dtaca le sannuithe minicíochta:

(a)

ar minicíochtaí iad a fhanfaidh laistigh de spásáil cainéal 25 kHz ar na minicíochtaí seo a leanas:

(1)

an mhinicíocht éigeandála (121,5 MHz);

(2)

an mhinicíocht thánaisteach le haghaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála (123,1 MHz);

(3)

na minicíochtaí nasc digiteach VHF (MVD) a shanntar le húsáid laistigh den Aerspás Eorpach Aonair;

(4)

minicíochtaí an chórais seolacháin agus tuairiscithe cumarsáide aerárthaí (ACARS) (131,525 MHz, 131,725 MHz agus 131,825 MHz);

(b)

i gcás ina mbainfear úsáid as oibríocht iompróra seach-churtha laistigh de spásáil cainéal 25 kHz.

3.   Na ceanglais a leagtar síos i mír 2, ní bheidh feidhm acu san Aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil ina chuid de réigiún EUR na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ná i Réigiún Faisnéis Eitilte (FIR)/Réigiún Faisnéis Eitilte Uasta (UIR) na nOileán Canárach.

4.   Na díolúintí ón oibleagáid a áirithiú go dtiontófar na sannuithe minicíochta uile de réir spásáil cainéal 8,33 kHz le haghaidh cásanna ag a bhfuil tionchar teoranta ar an ngréasán arna ndeonú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 a cuireadh in iúl don Choimisiún, beidh siad bailí fós.

5.   Bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit i bhfoilseacháin faisnéise aerloingseoireachta náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, na nósanna imeachta um láimhseáil aerárthaí nach bhfuil na nithe seo a leanas feistithe iontu:

(a)

trasfhreagróirí Mhód S a ghabhann le radar tánaisteach faireachais;

(b)

raidiónna ag a bhfuil cumas spásála cainéal 8,33 kHz.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).’ "

(4)

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, VIII, IX, X agus XII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1032/2006, (CE) Uimh. 633/2007 agus (CE) Uimh. 262/2009.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais choiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna bainistithe líonra eile a maoirseacht, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011, (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (Féach leathanach 19 den Iris Oifigiúil seo).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 an 6 Iúil 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú uathoibríoch sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (IO L 186, 7.7.2006, lch. 27).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 an 7 Meitheamh 2007 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (IO L 146, 8.6.2007, lch. 7).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 an 30 Márta 2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhodh S le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 84, 31.3.2009, lch. 20).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (IO L 320, 17.11.2012, lch. 14).

(9)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, VIII, IX, X agus XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

cuirtear pointe (30a) seo a leanas isteach:

‘(30a)

ciallaíonn “trealamh BAT/SAL” comhdhamhnaí BAT/SAL mar a shainmhínítear in Airteagal 3(6) de Rialachán (AE) 2018/1139, agus córais BAT/SAL mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) den Rialachán sin, seachas comhdhamhnaí aerbheirthe, atá faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (*1);

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, páirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1)’;"

(b)

cuirtear pointe (34a) seo a leanas isteach:

‘(34a)

ciallaíonn “teorainn” plána cliathánach nó ingearach lena ndéantar an t-aerspás, ina soláthraíonn aonad ATC seirbhísí aerthráchta, a idirdhealú;’;

(c)

cuirtear pointí (39a) agus (39b) seo a leanas isteach:

‘(39a)

ciallaíonn “sonraí comhordúcháin” sonraí is inspéise d’fhoireann oibríochtúil i dtaca leis an bpróiseas chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú, agus i dtaca le próiseas an chomhordaithe shibhialta-mhíleata;

(39b)

ciallaíonn “pointe comhordúcháin” (COP) pointe ar an teorainn nó lena hais a úsáideann na haonaid ATC agus dá dtagraítear i bpróisis chomhordaithe;’;

(d)

cuirtear pointe (40a) seo a leanas isteach:

‘(40a)

ciallaíonn “seirbhís nasctha sonraí” tacar d’idirbhearta bainistíochta aerthráchta gaolmhara, lena dtacaíonn cumarsáid an nasctha sonraí idir aer agus talamh, ag a bhfuil sprioc oibriúcháin a shainítear go soiléir agus ar teagmhas oibríochtúil is tús agus deireadh dóibh;’;

(e)

cuirtear pointe (46a) seo a leanas isteach:

‘(46a)

ciallaíonn “cód ceistiúcháin incháilithe” aon chód i measc chóid II agus chóid SI, seachas:

(a)

II cód 0;

(b)

an cód ceistiúcháin (na cóid cheistiúcháin) atá forchoimeádta le haghaidh eintitis mhíleata, lena n-áirítear eagraíochtaí idir-rialtasacha agus go háirithe bainistíocht agus leithdháileadh de chuid Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh;’;

(f)

cuirtear an pointe (47a) seo a leanas isteach:

‘(47a)

ciallaíonn “sonraí meastacháin” an pointe comhordúcháin, am measta an aerárthaigh agus leibhéal eitilte an aerárthaigh lena bhfuil coinne ag an bpointe comhordaithe;’;

(g)

cuirtear pointe (62a) seo a leanas isteach:

‘(62a)

ciallaíonn “seicheamh feidhmiúcháin” an seicheamh faoi cheangal ama lena cuirfear leithdháileadh na gcód ceistiúcháin chun feidhme agus arb é an seicheamh sin is gá d’oibreoirí Mhód S a chomhlíonadh chun coimhlintí cóid sealadacha idir chórais cheistiúcháin a sheachaint;’;

(h)

cuirtear pointe (73a) seo a leanas isteach:

(73a)

ciallaíonn “aonad dá dtugtar fógra” an t-aonad ATC a fuair faisnéis an fhógra;’;

(i)

cuirtear pointe (81a) seo a leanas isteach:

‘(81a)

ciallaíonn “aonad fála” an t-aonad rialaithe aerthráchta a fhaigheann sonraí;’;

(j)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (88):

‘(88)

ciallaíonn “treoir maidir le sábháilteacht” doiciméad arna eisiúint nó arna ghlacadh ag údaráis inniúil:

(1)

lena sainordaítear gníomhaíochtaí atá le feidhmiú ar chóras feidhmiúil nó lena leagtar srianta ar a úsáid oibríochtúil síos chun an tsábháilteacht a athbhunú i gcás inar léir ón bhfianaise go bhféadfadh an tsábháilteacht eitlíochta a bheith i mbaol murach sin; nó

(2)

lena sainordaítear gníomhaíochtaí atá le feidhmiú ar threalamh BAT/SAL atá faoi réir an ráitis chomhlíontachta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 ón gCoimisiún (*2) chun aghaidh a thabhairt ar dháil neamhshábháilte nó neamhshlán, nó ar an dá chineál dála, atá aitheanta agus chun feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an trealaimh BAT/SAL sin a athbhunú i gcás inar léir ón bhfianaise go bhféadfadh sábháilteacht, slándáil, feidhmíocht nó idir-inoibritheacht an trealaimh áirithe sin a bheith i mbaol murach sin.

(*2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 an 14 Iúil 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta (IO L 228, 15.9.2023, lch. 1)’;"

(k)

cuirtear pointí (107a) agus (107b) seo a leanas isteach:

‘(107a)

ciallaíonn “suíomh oibre” an troscán agus an trealamh teicniúil ar leis a dhéanann ball d’fhoireann na seirbhísí aerthráchta cúram atá bainteach lena phost;

(107b)

ciallaíonn “rabhadh” teachtaireacht a thaispeántar ag suíomh oibre nuair a theipfear ar phróiseas comhordúcháin uathoibrithe;’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i bpointe ATM/ANS.AR.A.020, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Ghníomhaireacht gan moill mhíchuí i gcás ina mbeidh aon fhadhb shuntasach ann maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn nó maidir le cur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE) Uimh. 550/2004 agus (CE) Uimh. 551/2004 is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATM/ANS.AR.A.030:

ATM/ANS.AR.A.030 Treoracha maidir leis an tsábháilteacht

(a)

Eiseoidh an t-údarás inniúil treoir maidir leis an tsábháilteacht nuair a chinnfidh sé go mbeidh aon cheann díobh seo a leanas ann:

(1)

dáil neamhshábháilte i gcóras feidhmiúil nach mór gníomhú ina leith láithreach;

(2)

dáil neamhshábháilte, neamhshlán, tearcfheidhmíochta nó neamh-idirinoibritheachta sa trealamh atá faoi réir an ráitis chomhlíontachta i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 agus is dócha go mbeidh an dáil sin i dtrealamh BAT/SAL eile nó go dtiocfaidh an dáil sin chun ann.

(b)

Cuirfear an treoir maidir leis an tsábháilteacht ar aghaidh chuig na soláthraithe BAT/SAL lena mbaineann agus beidh an fhaisnéis seo a leanas inti, ar a laghad:

(1)

sainaithint na dála neamhshábháilte;

(2)

sainaithint an chórais fheidhmiúil dá ndéantar difear;

(3)

na gníomhaíochtaí a cheanglaítear agus an réasúnaíocht leo;

(4)

an teorainn ama maidir cur i gcrích na ngníomhaíochtaí a cheanglaítear;

(5)

dáta a teacht i bhfeidhm.

(c)

Cuirfidh an t-údarás inniúil cóip den treoir maidir leis an tsábháilteacht ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht agus chuig aon údarás inniúil eile lena mbaineann laistigh de mhí amháin ó thráth a heisithe.

(d)

Fíoróidh an t-údarás inniúil comhlíontacht na soláthraithe BAT/SAL leis na treoracha maidir leis an tsábháilteacht agus leis na treoracha maidir le trealamh BAT/SAL, de réir mar is infheidhme.’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de ATM/ANS.AR.C.005:

‘(a)

Faoi raon feidhme phointe ATM/ANS.AR.B.001(a)(1), bunóidh an t-údarás inniúil próiseas chun an méid seo a leanas a fhíorú:

(1)

comhlíontacht na soláthraithe seirbhíse leis na ceanglais is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinní III go XIII, agus le haon choinníoll is infheidhme arna cur i gceangal leis an deimhniú roimh eisiúint an deimhnithe sin. Eiseofar an deimhniú i gcomhréir le Foscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo;

(2)

an chomhlíontacht le haon oibleagáid a bhaineann leis an tsábháilteacht sa ghníomh ainmniúcháin arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004;

(3)

an chomhlíontacht leantach leis na ceanglais is infheidhme maidir leis na soláthraithe seirbhíse atá faoina fhormhaoirseacht;

(4)

cur chun feidhme chuspóirí na sábháilteachta, na slándála agus na hidir-inoibritheachta, cur chun feidhme na gceanglas is infheidhme agus coinníollacha eile a shainaithnítear sa ráiteas comhlíontachta le haghaidh trealaimh BAT/SAL; teorainneacha agus coinníollacha teicniúla agus feidhmíochta a shainaithnítear i ndeimhnithe trealaimh BAT/SAL agus/nó i ndearbhuithe trealaimh BAT/SAL; agus na mbeart sábháilteachta, lena n-áirítear treoracha maidir le trealamh BAT/SAL arna sainordú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe ATM/ANS.EQMT.AR.A.030 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768;

(5)

agus cur chun feidhme na dtreoracha maidir leis an tsábháilteacht, na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha agus na mbeart forfheidhmithe’;

(d)

leasaítear pointe ATM/ANS.AR.C.050 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c), (d), (e) agus (f):

‘(c)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 1 nuair a bhraithfear aon neamhchomhlíontacht tromchúiseach leis na ceanglais is infheidhme de Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn mar aon le Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE) Uimh. 550/2004 agus (CE) Uimh. 551/2004 agus a rialacha cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair an tsoláthraí BAT/SAL, le téarmaí agus coinníollacha an deimhnithe, leis an ngníomh ainmniúcháin, más infheidhme, nó le hábhar dearbhaithe, rud a chuireann sábháilteacht eitilte i mbaol suntasach nó a chuireann amhras faoi chumas an tsoláthraí seirbhíse leanúint le hoibríochtaí.

Áireofar ar thorthaí leibhéal 1 na nithe seo a leanas, ach ní hiad sin amháin a áirítear leo:

(1)

nósanna imeachta oibríochta a chur chun cinn agus/nó seirbhís a sholáthar ar bhealach a chruthaíonn riosca suntasach do shábháilteacht eitilte;

(2)

bailíocht dheimhniú an tsoláthraí seirbhíse a fháil nó a choinneáil ar bun trí fhianaise dhoiciméadach fhalsaithe a chur isteach;

(3)

fianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach dheimhniú an tsoláthraí seirbhíse;

(4)

easpa bainisteoir cuntasach.

(d)

Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 2 nuair a bhraithfear aon neamhchomhlíontacht eile i ndáil leis na ceanglais is infheidhme de Rialachán (AE) 2018/1139 agus de na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, mar aon le Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE) Uimh. 550/2004 agus (CE) Uimh. 551/2004 agus dá rialacha cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair an tsoláthraí BAT/SAL nó le téarmaí agus coinníollacha an deimhnithe, nó le hábhar an dearbhaithe.

(e)

I gcás ina mbraithfear toradh, le linn formhaoirseachta nó ar aon mhodh eile, déanfaidh an t-údarás inniúil, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na gníomhartha tarmligthe agus na ghníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, mar aon le Rialacháin (CE) Uimh. 549/2004, (CE) Uimh. 550/2004, agus (CE) Uimh. 551/2004 agus a rialacha cur chun feidhme, an toradh a chur in iúl i scríbhinn don soláthraí seirbhíse agus é a chur de cheangal air gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht/na neamhchomhlíontachtaí a sainaithníodh.

(1)

I gcás thorthaí leibhéal 1, déanfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht iomchuí láithreach agus iomchuí agus féadfaidh sé, más iomchuí, an deimhniú a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm i bpáirt nó ina iomláine agus leanúnachas na seirbhísí á áirithiú lena linn sin ar choinníoll nach mbeidh an tsábháilteacht i mbaol, agus i gcáis an Bhainisteora Ghréasáin, cuirfidh an t-údarás inniúil an Coimisiún ar an eolas faoi. Braithfidh na bearta a dhéanfar ar fhairsinge an toraidh agus fanfaidh siad i bhfeidhm go dtí go mbeidh gníomhaíocht cheartaitheach rathúil déanta ag an soláthraí BAT/SAL.

(2)

I gcás torthaí leibhéal 2, déanfaidh an t-údarás inniúil:

(i)

tréimhse chur chun feidhme gníomhaíochta ceartaithí, a áireofar le plean gníomhaíochta a bheidh iomchuí do chineál an toraidh, a dheonú don soláthraí seirbhíse;

(ii)

measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht cheartaitheach agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an soláthraí seirbhíse, agus, má chinntear sa mheasúnú gur leor iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht/na neamhchomhlíontachtaí, glacadh leo.

(3)

I gcás thorthaí leibhéal 2, i gcás nach gcuirfidh an soláthraí seirbhíse plean gníomhaíochta ceartaithí isteach, a bheidh inghlactha don údaráis inniúil i bhfianaise an toraidh, nó i gcás nach bhfeidhmeoidh an soláthraí seirbhíse an ghníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi, féadfar an toradh a ardú go toradh leibhéal 1 agus déanfar gníomhaíocht mar a leagtar síos i bpointe (1).

(f)

I gcás ina mbraithfidh an t-údarás inniúil go gcomhtháthaíonn an soláthraí BAT/SAL trealamh BAT/SAL ina chuid dá chóras feidhmiúil gan a áirithiú go gcomhlíonfar pointe ATM/ANS.OR.A.045(g), déanfaidh an t-údarás inniúil, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá le sábháilteacht agus le leanúnachas na n-oibríochtaí a áirithiú, gach beart is gá chun limistéar chur i bhfeidhm an trealaimh BAT/SAL lena mbaineann a shrianadh nó úsáid an trealaimh sin ag na soláthraithe BAT/SAL atá faoina fhormhaoirseacht a thoirmeasc.’;

(ii)

cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:

‘(g)

I gcásanna nach n-éilítear leo torthaí leibhéal 1 agus 2, féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a eisiúint.’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i bpointe ATM/ANS.OR.A.045, cuirtear na pointí (g) go (j) seo a leanas isteach:

‘(g)

Sula ndéanfar trealamh BAT/SAL a chomhtháthú ina chuid den chóras feidhmiúil, áiritheoidh an soláthraí BAT/SAL an méid seo a leanas:

(1)

go mbeidh trealamh BAT/SAL nua nó modhnaithe deimhnithe ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 agus monaraithe ag eagraíocht deartha nó táirgthe fhormheasta de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2023/1769 (*3); nó

(2)

go mbeidh trealamh BAT/SAL nua nó modhnaithe dearbhaithe ag eagraíocht deartha fhormheasta de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 agus monaraithe ag eagraíocht deartha nó táirgthe fhormheasta de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769; nó

(3)

go n-eiseofar ráiteas comhlíontachta maidir le trealamh BAT/SAL nua nó modhnaithe i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768; nó

(4)

nó i gcás nach mbeidh an trealamh BAT/SAL faoi réir an mheasúnaithe comhréireachta faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768, go mbeidh an trealamh BAT/SAL áirithe fíoraithe chun na sonraíochtaí agus cáilíochtaí is infheidhme a chomhlíonadh.

(h)

Áiritheoidh an soláthraí BAT/SAL go mbeidh an trealamh BAT/SAL fíoraithe chun sonraíochtaí mhonaróir an trealaimh a chomhlíonadh, lena n-áirítear sonraíochtaí maidir leis an tsuiteáil agus tástáil (tástálacha) ar an láthair.

(i)

Sula gcuirfidh an soláthraí BAT/SAL an trealamh BAT/SAL i mbun seirbhíse, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an córas feidhmiúil modhnaithe lena gcomhtháthaítear an trealamh B sin na ceanglais uile is infheidhme agus sainaithneoidh an soláthraí na héagsúlachtaí agus na teorannuithe uile.

(j)

Nuair a chuirfidh an soláthraí BAT/SAL an trealamh BAT/SAL i mbun seirbhíse, áiritheoidh sé go gcuirfear an trealamh BAT/SAL, nó an trealamh modhnaithe, in úsáid de réir na gcoinníollacha úsáide, agus de réir aon teorannú is infheidhme chomh maith, agus go gcomhlíonfaidh an trealamh sin na ceanglais uile is infheidhme.

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 19)’;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATM/ANS.OR.A.060:

ATM/ANS.OR.A.060 Freagairt láithreach ar fhadhb sábháilteachta

(a)

Cuirfidh soláthraí seirbhíse aon bheart sábháilteachta chun feidhme, lena n-áirítear treoracha maidir leis an tsábháilteacht, arna sainordú ag an údarás inniúil i gcomhréir le pointe ATM/ANS.AR.A.025(c).

Nuair a eiseofar treoir maidir leis an tsábháilteacht chun an dáil a chur ina ceart dá dtagraítear sa ráiteas comhlíontachta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768, déanfaidh an soláthraí BAT/SAL an méid seo a leanas, mura gcinnfidh an t-údarás inniúil a mhalairt i gcás ina mbeidh gá le gníomhaíocht phráinneach:

(1)

gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a mholadh agus mionsonraí an togra sin a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena bhformheas;

(2)

tar éis don údarás inniúil an togra sin a fhormheas, é a chomhlíonadh.’;

(c)

i bpointe (a) de ATM/ANS.OR.B.005, cuirtear an pointe (8) seo a leanas leis:

‘(8)

próiseas chun a áirithiú maidir le dearadh trealaimh BAT/SAL, nó leis na hathruithe ar a dhearadh, faoi réir Airteagal 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 , go gcomhlíonfar na sonraíochtaí is infheidhme, lena n-áirítear feidhm sheiceála neamhspleách a bheith i gceist le léiriú na comhlíontachta ar ar a bonn sin a eisíonn an soláthraí BAT/SAL ráiteas comhlíontachta agus an doiciméadacht chomhlíontachta atá bainteach leis.’

(d)

leasaítear ATM/ANS.OR.D.025 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Soláthróidh an Bainisteoir Líonra tuarascáil bhliantúil maidir lena chuid gníomhaíochtaí don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht. Cumhdófar a fheidhmíocht oibríochtúil leis an tuarascáil sin mar aon le gníomhaíochtaí agus forbairtí suntasacha go háirithe i réimse na sábháilteachta.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d)(3):

‘(3)

ó thaobh an Bhainisteora Líonra de, a fheidhmíocht i gcomparáid leis na cuspóirí feidhmíochta arna leagan síos sa Phlean Straitéise Líonra, agus an fheidhmíocht iarbhír á cur i gcomparáid leis an bhfeidhmíocht arna leagan amach sa Phlean Oibriúcháin Líonra trí úsáid a bhaint as na táscairí feidhmíochta arna leagan síos sa Phlean Oibriúcháin Líonra;’

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATS.OR.400:

ATS.OR.400 Seirbhís mhóibíleach aerloingseoireachta (cumarsáid idir aer agus talamh) – ginearálta

(a)

Úsáidfidh soláthraí seirbhísí aerthráchta nasc gutha nó sonraí, nó an dá cheann, sa chumarsáid idir aer agus talamh chun críoch seirbhísí aerthráchta.

(b)

Nuair a bheidh an chumarsáid ghutha idir aer agus talamh bunaithe ar spásáil cainéal 8,33 kHz, áiritheoidh soláthraí seirbhísí aerthráchta an méid seo a leanas:

(1)

go n-áireofar cumas spásála cainéal 8,33 kHz ar mhíreanna uile an trealaimh le haghaidh na cumarsáide gutha idir aer agus talamh agus go mbeifear in ann na míreanna uile a thiúnáil chun cainéil spásáilte 25 kHz a fháil;

(2)

go mbeidh cumas spásála cainéal 8,33 kHz ag na sannuithe minicíochta gutha uile;

(3)

maidir leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le haerárthaigh, a mbeidh raidiónna ag a bhfuil cumas spásála cainéal 8,33 kHz feistithe iontu, agus maidir le haerárthaigh nach bhfuil an trealamh sin feistithe iontu, a bheidh faoi réir a n-aistrithe idir aonaid seirbhísí aerthráchta, go sonrófar na nósanna imeachta sin i litreacha an chomhaontaithe idir na haonaid ATS sin;

(4)

maidir le haerárthaigh nach bhfuil raidiónna ag a bhfuil cumas spásála cainéal 8,33 kHz feistithe iontu, gur féidir freastal orthu ar choinníoll gur féidir iad a láimhseáil go sábháilte laistigh de theorainneacha acmhainneachta an chórais um bainistíocht aerthráchta ar shannuithe minicíochta UHF nó 25 kHz; agus

(5)

go ndéanfaidh sé, ar bhonn bliantúil, na pleananna dá chuid um aerárthaí Stáit a láimhseáil nach bhfuil raidiónna ag a bhfuil cumas spásála cainéal 8,33 kHz feistithe iontu a chur in iúl don Bhallstát ag bhfuil sé ainmnithe, agus na teorainneacha acmhainneachta atá bainteach leis na nósanna imeachta, arna bhfoilsiú ag na Ballstáit ina bhfoilseacháin faisnéise aerloingseoireachta náisiúnta (AIPanna), á gcur san áireamh.

(c)

Nuair a úsáidfear cumarsáid an nasctha dhírigh gutha nó sonraí dhá threo idir rialtóir is píolóta chun an tseirbhís rialaithe aerthráchta a sholáthar, soláthróidh an soláthraí seirbhísí aerthráchta saoráidí taifeadta ar gach cainéal cumarsáide idir aer agus talamh den sórt sin.

(d)

Nuair a úsáidfear cumarsáid an nasctha dhírigh gutha nó sonraí dhá threo idir aer agus talamh chun an tseirbhís faisnéise eitilte a sholáthar, lena n-áirítear an tseirbhís faisnéise eitiltí aeradróim (AFIS), soláthróidh an soláthraí seirbhísí aerthráchta saoráidí taifeadta ar gach cainéal cumarsáide idir aer agus talamh den sórt sin, mura bhforordóidh an t-údarás inniúil a mhalairt.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATS.OR.415:

ATS.OR.415 Seirbhís mhóibíleach aerloingseoireachta (cumarsáid idir aer agus talamh) — seirbhís rialaithe limistéir

Áiritheoidh soláthraí seirbhísí aerthráchta an méid seo a leanas:

(a)

go gcumasaíonn saoráidí cumarsáide idir aer agus talamh cumarsáid gutha dhá threo idir aonad a sholáthraíonn seirbhís rialaithe limistéir agus aerárthaí arna bhfeistiú go hiomchuí a eitleoidh in aon áit laistigh den limistéar nó de na limistéir rialaithe; agus

(b)

go gcumasaíonn saoráidí cumarsáide idir aer agus talamh cumarsáid dhá threo idir aonad a sholáthraíonn seirbhís rialaithe limistéir agus aerárthaí arna bhfeistiú go hiomchuí a eitleoidh laistigh den aerspás dá dtagraítear i bpointe AUR.COM.2001 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún (*4), chun na seirbhísí nasctha sonraí dá dtagraítear i bpointe (1) (a) de phointe AUR.COM.2005 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin a oibriú.

(*4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 39)’;"

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATS.OR.430:

ATS.OR.430 Seirbhís aerloingseoireachta ar bhealach seasta (an chumarsáid idir talamh agus talamh) — ginearálta

(a)

Áiritheoidh soláthraí seirbhísí aerthráchta go n-úsáidfear cumarsáid dhíreach an nasctha cainte nó sonraí, nó an dá cheann, sa chumarsáid idir talamh agus talamh chun críoch seirbhísí aerthráchta.

(b)

Le linn don uathoibriú a bheith ag tacú leis an gcumarsáid chun críoch an chomhordaithe rialaithe aerthráchta, áiritheoidh soláthraí seirbhísí aerthráchta an méid seo a leanas:

(1)

go gcuirfear na modhanna iomchuí chun feidhme chun an fhaisnéis eitilte ábhartha a fháil, a stóráil, a phróiseáil, a bhaint amach agus a thaispeáint, agus a tharchur;

(2)

go gcuirfear teipeanna nó aimhrialtachtaí an chomhordaithe uathoibrithe sin i láthair go soiléir don rialtóir nó do na rialtóirí aerthráchta a bheidh freagrach as eitiltí a chomhordú ag aonad um aistriú;

(3)

go gcuirfear na rabhaidh a bhaineann leis an malartú faisnéise sa chóras i láthair na suíomhanna oibre ábhartha;

(4)

go soláthrófar an fhaisnéis faoi phróisis ábhartha an mhalartaithe faisnéise sa chóras do na rialtóirí aerthráchta;

(5)

go soláthrófar na modhanna do rialtóirí aerthráchta chun an fhaisnéis eitilte arna malartú a mhodhnú.’;

(d)

cuirtear pointe ATS.OR.446 seo a leanas isteach:

ATS.OR.446 Sonraí faireachais

(a)

Ní úsáidfidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta sonraí ó chórais cheistiúcháin Mhód S a oibríonn faoi fhreagracht tríú tír mura mbeidh leithdháileadh an chóid cheistiúcháin comhordaithe.

(b)

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta go gcuirfear na cumais is gá chun feidhme chun go mbeidh rialtóirí aerthráchta in ann aitheantas aerárthaigh ar leith a shuí agus úsáid á baint acu as an ngné aitheantais aerárthaigh íosnasctha, mar a mhionsonraítear i bhFoscríbhinn 1.

(c)

Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse aerthráchta oibríochtaí rianúla laistigh den aerspás atá faoina bhfreagracht agus ag an teorainn le haerspáis lena n-ais trí íoscheanglais iomchuí a chur i bhfeidhm chun aerárthaí a scaradh.’;

(e)

i bpointe ATS.TR.230, cuirtear an pointe (c) seo a leanas isteach:

‘(c)

Comhordú aistriú an rialaithe idir aonaid a sholáthraíonn seirbhís rialaithe limistéir laistigh de réigiún EUR ICAO, nó nuair a chomhaontófar amhlaidh le haonaid rialaithe aerthráchta eile nó idir na haonaid sin, tacóidh próisis uathoibrithe leis an gcomhordú sin mar a shainítear i bhFoscríbhinn 2.’;

(f)

cuirtear na Foscríbhinní 1 agus 2 seo a leanas leis:

‘Foscríbhinn 1

Aerárthaí ar leith a shainaithint trí úsáid a bhaint as an ngné aitheantais aerárthaigh íosnasctha mar a cheanglaítear le pointe ATS.OR.446(b)

Bainfear úsáid as an ngné aitheantais aerárthaigh íosnasctha mar a leanas chun aitheantas aerárthaí ar leith a shuí:

(a)

Dearbhóidh an soláthraí seirbhísí aerthráchta don Bhainisteoir Líonra na toillte aerspáis i gcás ina suífear aitheantas aerárthaí ar leith trí úsáid a bhaint an ngné aitheantais aerárthaigh íosnasctha.

(b)

Sannfar cód feiceálachta SSR A1000 d’aerárthaí i gcás ina suífear aitheantas aerárthaí ar leith trí úsáid a bhaint as an ngné aitheantais aerárthaigh íosnasctha.

(c)

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (d), sannfar cód feiceálachta SSR A1000 d’aerárthaí a bheidh ag imeacht nó d’aerárthaí, i gcomhréir le pointe (g), is gá athrú cóid a dhéanamh lena n-aghaidh, i gcás ina mbeidh an dáil seo a leanas ann:

(1)

meaitseálann an t-aitheantas aerárthaigh íosnasctha an iontráil chomhfhreagrach sa phlean eitilte le haghaidh an aerárthaigh sin;

(2)

chuir an Bainisteoir Líonra in iúl go bhfuil an t-aerárthach áirithe sin incháilithe do shannadh chód feiceálachta SSR A1000.

(d)

Ní shannfar cód feiceálachta SSR A1000 d’aerárthaí dá dtagraítear i bpointe (c) má bhíonn aon cheann de na dálaí seo a leanas ann:

(1)

bearta teagmhasachta a fhágann nach mór cóid SSR scoite a shannadh d’aerárthaí ar cóid iad atá curtha i bhfeidhm ag soláthraí seirbhíse aerloingseoireachta a mbaineann éarthaí seirbhíse neamhphleanáilte do bhraiteoir faireachais ar talamh dó;

(2)

bearta teagmhasachta míleata eisceachtúla a fhágann nach mór do sholáthraithe seirbhíse aerloingseoireachta cóid SSR scoite a shannadh d’aerárthaí;

(3)

aerárthach atá incháilithe do shannadh chód feiceálachta SSR A1000 a leagtar síos i gcomhréir le pointe (c), imíonn nó atreoraítear ina mhalairt de chás é amach as an toilleadh aerspáis dá dtagraítear i bpointe (a).

(e)

Aerárthaí nach sannfar cód feiceálachta SSR A1000 dóibh a leagtar síos i gcomhréir le pointe (c), sannfar cód SSR dóibh a chomhlíonann liosta leithdháilte cód a bheidh comhaontaithe ag na Ballstáit agus comhordaithe in éineacht le tríú tíortha.

(f)

Nuair a bheidh cód SSR sannta d’aerárthach, déanfar seiceáil a luaithe is féidir chun a dheimhniú go mbeidh an cód SSR a shocraíonn an píolóta comhionann leis an gcód a sannadh don eitilt.

(g)

Maidir le cóid SSR a shanntar d’aerárthaí atá á n-aistriú ó sholáthraithe seirbhísí aerthráchta i dTíortha comharsanacha, déanfar iad a sheiceáil go huathoibríoch chun a fheiceáil cé acu is féidir nó nach féidir na sannuithe a choinneáil i gcomhréir le liosta leithdháilte cód a bheidh comhaontaithe ag na Ballstáit agus comhordaithe in éineacht le tríú tíortha.

(h)

Leagfar socruithe foirmiúla, ina mbeidh an t-íosmhéid ábhair seo a leanas, síos in éineacht le soláthraithe seirbhíse aerloingseoireachta comharsanacha a shuíonn aitheantas aerárthaigh ar leith síos trí úsáid a bhaint as cóid SSR scoite:

(1)

oibleagáid ar na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta comharsanacha aerárthaí ag a bhfuil cóid SSR scoite fhíoraithe a aistriú i gcás inar cóid iad a shanntar i gcomhréir le liosta leithdháilte cód a bheidh comhaontaithe ag na Ballstáit agus comhordaithe in éineacht le tríú tíortha;

(2)

oibleagáid fógra a thabhairt d’aonaid ghlactha aerthráchta faoi aon neamhrialtacht dá mbreathnaítear in oibriú chomhdhamhnaí aerbheirthe na gcóras faireachais;

(i)

áiritheoidh soláthraithe seirbhísí aerthráchta, maidir le sannadh chóid SSR scoite i gcomhréir le liosta leithdháilte cód a bheidh comhaontaithe ag na Ballstáit agus comhordaithe in éineacht le tríú tíortha chun aitheantas aerárthaigh ar leith a shuí, go gcomhlíonfar an méid seo a leanas:

(1)

go sannfar na cóid SSR d’aerárthach go huathoibríoch i gcomhréir le liosta leithdháilte cód a bheidh comhaontaithe ag na Ballstáit agus comhordaithe in éineacht le tríú tíortha;

(2)

maidir le cóid SSR a shanntar d’aerárthaí atá á n-aistriú ó sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta i dTíortha comharsanacha, go ndéanfar iad a sheiceáil chun a fheiceáil cé acu is féidir nó nach féidir na sannuithe a choinneáil i gcomhréir le liosta leithdháilte cód a bheidh comhaontaithe ag na Ballstáit agus comhordaithe in éineacht le tríú tíortha;

(3)

go n-aicmeofar na cóid SSR ina gcatagóirí difriúla chun go mbeifear in ann cóid dhifreáilte a shannadh;

(4)

go sannfar na cóid SSR ó na catagóirí difriúla dá dtagraítear i bpointe (3) de réir threonna na n-eitiltí;

(5)

i gcás ina sannfar an cód SSR céanna i gcásanna iomadúla go comhuaineach, gur d’eitiltí a oibríonn i dtreonna, a bhíonn saor ó choinbhleacht chóid, a shannfar amhlaidh;

(6)

go gcuirfear na rialtóirí ar an eolas go huathoibríoch i gcás ina ndéanfar sannuithe chóid SSR a dhúbláil go neamhbheartaithe;

Foscríbhinn 2

Próisis atá le cur chun feidhme ar mhaithe le comhordú uathoibríoch mar a cheanglaítear le pointe ATS.TR.230(c)

A.

Is iad seo a leanas na próisis éigeantacha atá le cur chun feidhme idir aonaid a sholáthraíonn seirbhís rialaithe limistéir, nó nuair a chomhaontófar amhlaidh le haonaid rialaithe aerthráchta eile nó idir na aonaid sin:

(a)

Fógra

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis eitilte a bheidh faoi réir an phróisis um fhógra a thabhairt:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

Mód agus cód SSR (más infhaighte),

(iii)

aeradróm imeachta,

(iv)

sonraí meastacháin,

(v)

aeradróm cinn scríbe,

(vi)

uimhir agus cineál aerárthaigh,

(vii)

cineál eitilte,

(viii)

cumas agus stádas trealaimh.

(2)

Áireofar le hábhar na faisnéise faoi ‘cumas agus stádas trealaimh’ íosdeighiltí ceartingearacha laghdaithe (RVSM) agus cumas spásáil cainéal 8,33 kHz ar a laghad. Féadfar míreanna eile a áireamh i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(3)

Feidhmeofar an próiseas um fógra a thabhairt uair amháin ar a laghad le haghaidh gach eitilt incháilithe dá mbeartaítear teorainneacha a thrasnú ach amháin i gcás inarb í an eitilt ábhar an phróisis um fhógra agus chomhordú réamhimeachta.

(4)

Beidh na critéir incháilitheachta chun fógra trasteorann a thabhairt faoi eitiltí i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(5)

Nuair nach bhféadfar an próiseas um fhógra a thabhairt faoi am arna chomhaontú go déthaobhach roimh an bpróiseas tosaigh um chomhordú, áireofar leis an bpróiseas tosaigh um chomhordú é.

(6)

Nuair a fheidhmeofar é, is é an próiseas um fhógra a thabhairt a dhéanfar roimh an bpróiseas tosaigh um chomhordú.

(7)

Tarlóidh an próiseas um fhógra a thabhairt arís gach uair dá mbeidh aon athrú ar aon cheann de na sonraí seo a leanas roimh an bpróiseas tosaigh um chomhordú:

(i)

pointe comhordúcháin (COP),

(ii)

cód SSR lena bhfuil coinne tráth aistriú an phointe rialaithe,

(iii)

aeradróm cinn scríbe,

(iv)

an cineál aerárthaí,

(v)

cumas agus stádas trealaimh.

(8)

Má shainaithnítear neamhréireacht idir na sonraí a tarchuireadh agus na sonraí comhfhreagracha sa chóras faighte, nó mura mbeidh aon fhaisnéis den sórt sin ar fáil a d’fhágfadh gur ghá gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh tráth faighte na sonraí comhordúcháin tosaigh seo a leanas, atreorófar an neamhréireacht chuig suíomh oibre rialtóra iomchuí lena réiteach.

(9)

Critéir ama maidir leis an bpróiseas um fhógra a thionscnamh:

(i)

Tionscnófar an próiseas um fhógra a thabhairt agus líon paraiméadair nóiméad ann roimh an am measta ag an bpointe comhordúcháin.

(ii)

Áireofar paraiméadar (paraiméadair) an fhógra ar litreacha an chomhaontaithe idir na haonaid ATC lena mbaineann.

(iii)

Féadfar paraiméadar (paraiméadair) an fhógra a shainiú ar leithligh le haghaidh gach ceann de na pointí comhordúcháin.

(b)

Comhordú tosaigh

(1)

I gcás eitilt atá faoi réir comhordú tosaigh, beidh na coinníollacha comhaontaithe maidir le heitilt a aistriú ceangailteach ó thaobh oibriúcháin de ar an dá aonad rialaithe aerthráchta ach amháin i gcás ina ndéanfar an comhordú a aisghairm nó athbhreithniú air.

(2)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis faoin eitilt a bheidh faoi réir an phróisis um chomhordú tosaigh:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

Mód agus cód SSR,

(iii)

aeradróm imeachta,

(iv)

sonraí meastacháin,

(v)

aeradróm cinn scríbe,

(vi)

uimhir agus cineál aerárthaigh,

(vii)

cineál eitilte,

(viii)

cumas agus stádas trealaimh.

(3)

Áireofar le hábhar na faisnéise faoi ‘cumas agus stádas trealaimh’ RVSM agus cumas spásáil cainéal 8,33 kHz ar a laghad. Féadfar míreanna eile a áireamh de réir mar a chomhaontófar go déthaobhach le litreacha an chomhaontaithe.

(4)

Feidhmeofar an próiseas um chomhordú tosaigh le haghaidh gach eitilt incháilithe dá mbeartaítear teorainneacha a thrasnú.

(5)

Beidh na critéir incháilitheachta maidir le comhordú tosaigh trasteorann na n-eitiltí i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(6)

Ach amháin i gcás ina mbeidh sé tionscanta de láimh cheana féin, tionscnófar an próiseas um chomhordú tosaigh i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe, tráth na bpointí seo a leanas:

(i)

tréimhse pharaiméadair ama arna comhaontú go déthaobhach roimh an am measta ag an bpointe comhordúcháin; nó

(ii)

an t-am ag a mbeidh an eitilt ag achar arna chomhaontú go déthaobhach ón bpointe comhordúcháin.

(7)

Ní fheidhmeofar an próiseas um chomhordú tosaigh ach amháin i gcás ina dtionscnófar aisghairm an phróisis um chomhordú.

(8)

Tar éis don phróiseas um chomhordú a bheith aisghairthe, féadfar an próiseas um chomhordú tosaigh a thionscnamh leis an aonad céanna arís.

(9)

Cur i gcrích an phróisis um chomhordú tosaigh, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad um aistriú — is ansin a mheastar an eitilt a bheith ‘comhordaithe’.

(10)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis um chomhordú tosaigh, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra a bheidh freagrach as an eitilt a chomhordú laistigh den aonad um aistriú.

(11)

Cuirfear faisnéis an chomhordaithe tosaigh ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí ag an aonad glactha aerthráchta.

(c)

Athbhreithniú ar an gcomhordú

(1)

Leis an bpróiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú, áiritheofar go leagfar síos an bhaint leis an eitilt a comhordaíodh roimhe.

(2)

I gcás eitilt atá faoi réir an phróisis lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú, beidh na coinníollacha comhaontaithe maidir le heitilt a aistriú ceangailteach ó thaobh oibriúcháin de ar an dá aonad rialaithe aerthráchta ach amháin i gcás ina ndéanfar an comhordú a aisghairm nó athbhreithniú breise ar na coinníollacha.

(3)

Leis an bpróiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú, soláthrófar an fhaisnéis eitilte seo, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis sin athraithe:

(i)

Mód agus cód SSR,

(ii)

am measta agus leibhéal eitilte,

(iii)

cumas agus stádas trealaimh.

(4)

Má chomhaontaítear go déthaobhach é, soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas sna sonraí lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis sin athraithe:

(i)

pointe comhordúcháin,

(ii)

bealach.

(5)

Féadfaidh an próiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú tarlú uair amháin nó níos mó laistigh den aonad lena bhfuil eitilt á comhordú faoi láthair.

(6)

Tarlóidh an próiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú nuair is amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

tá an difríocht idir an t-am measta os cionn an phointe comhordúcháin agus an t-am measta a soláthraíodh roimhe níos mó ná luach arna chomhaontú go déthaobhach;

(ii)

tá leibhéal (leibhéil) an aistrithe, an cód SSR nó cumas agus stádas an trealaimh difriúil leo siúd a soláthraíodh roimhe.

(7)

Nuair a chomhaontófar amhlaidh go déthaobhach, tarlóidh an próiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú nuair a thiocfaidh aon athrú ar na nithe seo a leanas:

(i)

pointe comhordúcháin,

(ii)

bealach.

(8)

Cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad um aistriú.

(9)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra a bheidh freagrach as an eitilt a chomhordú laistigh den aonad aistrithe um aistriú.

(10)

Tarlóidh an próiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú láithreach tar éis an ionchuir nó an nuashonraithe ábhartha.

(11)

Cuirfear bac ar an bpróiseas lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú tar éis don eitilt a bheith ag am/achar arna chomhaontú go déthaobhach ó phointe rialaithe an aistrithe i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(12)

Cuirfear an fhaisnéis faoin athbhreithniú ar an gcomhordú ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad fála.

(13)

I gcás nach ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athbhreithniú ar an gcomhordú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tionscnóidh an t-aonad um aistriú an comhordú ó bhéal.

(d)

Comhordú a aisghairm

(1)

Le haisghairm an phróisis um chomhordú, áiritheofar go leagfar síos an bhaint leis an bpróiseas um fhógra nó chomhordú a bhí ann roimhe agus atá á chealú.

(2)

Tarlóidh aisghairm an phróisis um chomhordú in éineacht le haonad le haghaidh eitilt chomhordaithe nuair is amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

nach é an t-aonad sin an chéad aonad eile sa seicheamh comhordúcháin a thuilleadh;

(ii)

cuirtear an plean eitilte ar ceal san aonad atá ag seoladh an phlean agus níl an comhordú ábhartha a thuilleadh;

(iii)

faightear faisnéis faoi aisghairm an chomhordaithe ón aonad roimhe i leith na heitilte.

(3)

Féadfaidh aisghairm an phróisis um chomhordú tarlú laistigh d’aonad le haghaidh eitilt dá dtugtar fógra nuair is amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

nach é an t-aonad sin an chéad aonad eile sa seicheamh comhordúcháin a thuilleadh;

(ii)

cuirtear an plean eitilte ar ceal san aonad atá ag seoladh an phlean agus níl an comhordú ábhartha a thuilleadh;

(iii)

faightear faisnéis faoi aisghairm an chomhordaithe ón aonad roimhe i leith na heitilte;

(iv)

cuirtear moill ar an eitilt agus í ar an mbealach, agus ní féidir meastachán athbhreithnithe a chinneadh go huathoibríoch.

(4)

Cur i gcrích aisghairm an phróisis um chomhordú, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad um aistriú.

(5)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích aisghairm an phróisis um chomhordú, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra a bheidh freagrach as an eitilt a chomhordú laistigh den aonad um aistriú.

(6)

Cuirfear an fhaisnéis faoi aisghairm an chomhordaithe ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad dá dtugtar fógra nó laistigh den aonad a ndéantar an comhordú a chealú leis.

(7)

I gcás nach ndeimhneofar cur i gcrích aisghairm an phróisis um chomhordú i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tionscnóidh an t-aonad um aistriú an comhordú ó bhéal.

(e)

Sonraí eitilte bunúsacha

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis a bheidh faoi réir an phróisis sonraí eitilte bunúsacha:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

Mód agus cód SSR.

(2)

Beidh aon fhaisnéis bhreise a sholáthrófar leis an bpróiseas sonraí eitilte bunúsacha faoi réir comhaontú déthaobhach.

(3)

Feidhmeofar an próiseas sonraí eitilte bunúsacha go huathoibríoch le haghaidh gach eitilt incháilithe.

(4)

Beidh na critéir incháilitheachta maidir le sonraí eitilte bunúsacha i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(5)

Cur i gcrích an phróisis sonraí eitilte bunúsacha, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad soláthair na sonraí sin.

(6)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis sonraí eitilte bunúsacha, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh d’aonad soláthair na sonraí sin.

(f)

Athrú ar shonraí eitilte bunúsacha

(1)

Leis an bpróiseas lena ndéantar athrú ar shonraí eitilte bunúsacha, áiritheofar go leagfar síos an bhaint leis an eitilt a bhí faoi réir próiseas lena dtugtar sonraí eitilte bunúsacha roimhe.

(2)

Aon faisnéis eile a bheidh faoi réir an phróisis lena ndéantar athrú ar shonraí eitilte bunúsacha agus na critéir atá bainteach lena soláthar, beidh siad faoi réir comhaontú déthaobhach.

(3)

Ní tharlóidh próiseas lena ndéantar athrú ar shonraí eitilte bunúsacha ach amháin i gcás eitilt dá tugadh fógra fúithi roimhe trí phróiseas lena dtugtar sonraí eitilte bunúsacha.

(4)

Tionscnófar próiseas lena ndéantar athrú ar shonraí eitilte bunúsacha go huathoibríoch i gcomhréir le critéir arna gcomhaontú go déthaobhach.

(5)

Cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athrú ar shonraí eitilte bunúsacha, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad soláthair na sonraí sin.

(6)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athrú ar shonraí eitilte bunúsacha, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh d’aonad soláthair na sonraí sin.

(7)

Cuirfear an fhaisnéis faoi athrú ar na sonraí eitilte bunúsacha ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad fála.

B.

Nuair a chomhaontófar amhlaidh idir na haonaid lena mbaineann chun an fógra réamhimeachta a dhéanamh, is é an méid seo a leanas a bheidh i gceist leis an bpróiseas lena ndéantar athrú ar an minicíocht nó le tionscnamh rialú láimhe an phróisis chumarsáide:

(a)

Fógra agus comhordú réamhimeachta

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis eitilte a bheidh faoi réir an phróisis um fhógra agus chomhordú réamhimeachta:

(i)

aitheantas aerárthaí;

(ii)

Mód agus cód SSR (más infhaighte);

(iii)

aeradróm imeachta;

(iv)

am measta éirí de thalamh nó sonraí meastacháin, de réir mar a chomhaontaítear go déthaobhach;

(v)

aeradróm cinn scríbe;

(vi)

uimhir agus cineál aerárthaigh.

(2)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis a bheidh faoi réir an phróisis um fhógra agus chomhordú réamhimeachta ó aonad rialaithe limistéir ainlithe críochfoirt (TMA) nó ó ACC:

(i)

cineál eitilte,

(ii)

cumas agus stádas trealaimh.

(3)

Áireofar le hábhar na faisnéise faoi ‘cumas agus stádas trealaimh’ RVSM agus cumas spásáil cainéal 8,33 kHz ar a laghad.

(4)

Féadfar míreanna eile a bheith san fhaisnéis faoi ‘cumas agus stádas trealaimh’ de réir mar a chomhaontófar go déthaobhach le litreacha an chomhaontaithe.

(5)

Tarlóidh an próiseas um fhógra agus chomhordú réamhimeachta uair amháin nó níos mó le haghaidh gach eitilt incháilithe dá mbeartaítear na teorainneacha a thrasnú i gcás nach bhfágfaí am leordhóthanach leis an aga eitilte ón bpointe imeachta chuig an bpointe comhordúcháin chun na próisis um fhógra nó chomhordú tosaigh a fhorghníomhú.

(6)

Beidh na critéir incháilitheachta maidir le fógra agus comhordú réamhimeachta trasteorann a dhéanamh le haghaidh eitiltí i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(7)

Tarlóidh an próiseas um fhógra agus chomhordú réamhimeachta arís gach uair dá mbeidh aon athrú ar aon mhír de na sonraí a bheidh faoi réir an phróisis um fhógra agus chomhordú réamhimeachta, a bhí ann roimhe, sula n-imeoidh an eitilt.

(8)

Cur i gcrích an phróisis um fhógra agus chomhordú réamhimeachta, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad um aistriú.

(9)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis um fhógra agus chomhordú réamhimeachta, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra a bheidh freagrach as fógra a thabhairt faoin eitilt nó as an eitilt a chomhordú laistigh den aonad um aistriú.

(10)

Cuirfear faisnéis an fhógra agus an chomhordaithe réamhimeachta ar fáil ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad dá dtugtar fógra.

(b)

Athrú minicíochta

(1)

Beidh an t-aitheantas aerárthaigh agus aon cheann de na nithe seo a leanas, má bhíonn siad ar fáil, san fhaisnéis a bheidh faoi réir an phróisis lena ndéantar athrú ar an minicíocht:

(i)

tásc an scaoilte,

(ii)

leibhéal eitilte ceadaithe,

(iii)

treo-cheann/rian sannta nó cead rialaithe aerthráchta díreach,

(iv)

luas sannta,

(v)

ráta ardaithe/tuirlingthe sannta.

(2)

Má chomhaontaítear amhlaidh go déthaobhach, beidh an méid seo a leanas sna sonraí minicíochta:

(i)

suíomh reatha ar an rian,

(ii)

minicíocht threoraithe.

(3)

Is é an rialtóir aistrithe aerthráchta a dhéanfaidh an próiseas lena ndéantar athrú ar an minicíocht a thionscnamh de láimh.

(4)

Cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athrú ar an minicíocht, lena n-áirítear deimhniú ón aonad glactha aerthráchta, tabharfar ar aghaidh é chuig an d’aonad aistrithe an rialaithe aerthráchta.

(5)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis lena ndéantar athrú ar an minicíocht, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh d’aonad aistrithe an rialaithe aerthráchta.

(6)

Cuirfear an fhaisnéis faoin athrú ar an minicíocht ar fáil don rialtóir glactha aerthráchta gan mhoill.

(c)

Rialú láimhe na cumarsáide a thionscnamh

(1)

Áireofar ar a laghad an t-aitheantas aerárthaigh leis an bhfaisnéis a bheidh faoi réir thionscnamh rialú láimhe an phróisis chumarsáide.

(2)

Is é an t-aonad glactha aerthráchta a thionscnóidh rialú láimhe an phróisis chumarsáide nuair a bhunófar modh cumarsáide.

(3)

Cur i gcrích thionscnamh rialú láimhe an phróisis chumarsáide, lena n-áirítear deimhniú ón aonad um aistriú, tabharfar ar aghaidh é chuig aonad glactha an rialaithe aerthráchta.

(4)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích thionscnamh rialú láimhe an phróisis chumarsáide, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh d’aonad glactha an rialaithe aerthráchta.

(5)

Cuirfear an fhaisnéis faoi thionscnamh rialú láimhe an phróisis chumarsáide i láthair an rialtóra laistigh den aonad um aistriú láithreach.

(d)

Fógra faoi intinn trasnaithe

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad le faisnéis an fhógra faoi intinn trasnaithe:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

Mód agus cód SSR,

(iii)

uimhir agus cineál aerárthaigh,

(iv)

aitheantóir an limistéir atá i gceannas,

(v)

bealach trasnaithe lena n-áirítear amanna measta agus leibhéil eitilte le haghaidh gach pointe ar an mbealach.

(2)

Tionscnóidh an rialtóir próiseas an fhógra faoi intinn trasnaithe de láimh, nó go huathoibríoch mar a thuairiscítear i litreacha an chomhaontaithe.

(3)

Cur i gcrích phróiseas an fhógra faoi intinn trasnaithe, lena n-áirítear deimhniú ón aonad dá dtugtar fógra, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad a bhfuil fógra á thabhairt aige.

(4)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích phróiseas an fhógra faoi intinn trasnaithe, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin laistigh den aonad a bhfuil fógra á thabhairt aige.

(5)

Cuirfear faisnéis an fhógra faoi intinn trasnaithe ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad dá dtugtar fógra.

(e)

Iarraidh ar chead trasnaithe

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad le próiseas na hiarrata ar chead trasnaithe:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

Mód agus cód SSR,

(iii)

uimhir agus cineál aerárthaigh,

(iv)

aitheantóir an limistéir atá i gceannas,

(v)

bealach trasnaithe lena n-áirítear amanna measta agus leibhéil eitilte le haghaidh gach pointe ar an mbealach.

(2)

Má chomhaontaítear go déthaobhach amhlaidh, beidh cumas agus stádas an trealaimh in iarraidh ar chead trasnaithe.

(3)

Áireofar le hábhar na faisnéise faoi ‘cumas agus stádas trealaimh’ an cumas RVSM ar a laghad, agus féadfaidh míreanna eile a bheith san ábhar sin de réir mar a chomhaontófar go déthaobhach.

(4)

Tionscnófar an iarraidh ar chead trasnaithe faoi dhiscréid an rialtóra, i gcomhréir leis na coinníollacha a shonrófar i litreacha an chomhaontaithe.

(5)

Cur i gcrích phróiseas na hiarrata ar chead trasnaithe, lena n-áirítear deimhniú ón aonad a fhaigheann an iarraidh, soláthrófar don aonad iarrthach é.

(6)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích phróiseas na hiarrata ar chead trasnaithe, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad iarrthach.

(7)

Cuirfear faisnéis na hiarrata ar chead trasnaithe ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad a fhaigheann an iarraidh.

(8)

Féadfar freagairt do phróiseas iarrata ar chead trasnaithe le haon cheann de na freagraí seo a leanas:

(i)

glacadh leis an mbealach a mholtar/leis na mionsonraí a bhaineann leis an trasnú aerspáis;

(ii)

frith-mholadh lena n-áirítear bealach difriúil/mionsonraí difriúla maidir leis an trasnú aerspáis mar a shonraítear i Roinn 6 thíos;

(iii)

diúltú an bhealaigh a mholtar/na mionsonraí a bhaineann leis an trasnú aerspáis.

(9)

Mura bhfaighfear freagra oibríochtúil laistigh d’eatramh arna chomhaontú go déthaobhach, eiseofar rabhadh ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad iarrthach.

(f)

Frith-mholadh maidir le trasnú

(1)

Leis an bpróiseas lena dtugtar frith-mholadh maidir le trasnú, áiritheofar go leagfar síos an bhaint leis an eitilt a bhí faoi réir comhordaithe roimhe.

(2)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis a bheidh faoi réir an phróisis lena dtugtar frith-mholadh maidir le trasnú:

(i)

aitheantas aerárthaí;

(ii)

bealach trasnaithe lena n-áirítear amanna measta agus leibhéil eitilte le haghaidh gach pointe ar an mbealach.

(3)

Áireofar leibhéal agus/nó bealach eitilte nua a bheartaítear leis an bhfrith-mholadh.

(4)

Cur i gcrích an phróisis lena dtugtar frith-mholadh maidir le trasnú, lena n-áirítear deimhniú ón aonad iarrthach bunaidh, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad a thugann an frith-mholadh.

(5)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis lena dtugtar frith-mholadh maidir le trasnú, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad a thugann an frith-mholadh.

(6)

Cuirfear an fhaisnéis atá i gceist leis an bhfrith-mholadh maidir le trasnú ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad iarrthach bunaidh.

(7)

Tar éis don aonad iarrthach bunaidh próiseáil rathúil na faisnéise atá i gceist leis an bhfrith-mholadh maidir le trasnú a dheimhniú, tabharfaidh an t-aonad iarrthach bunaidh freagra oibríochtúil.

(8)

Is é glacadh nó diúltú, de réir mar is iomchuí, a bheidh i gceist leis an bhfreagra oibríochtúil ar fhrith-mholadh maidir le trasnú.

(9)

Mura bhfaighfear freagra oibríochtúil laistigh d’eatramh a chomhaontófar go déthaobhach, eiseofar rabhadh ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad thugann an frith-mholadh.

(g)

Trasnú a chealú

(1)

Leis an bpróiseas chun an trasnú a chealú, áiritheofar go leagfar síos an bhaint leis an bpróiseas um fhógra nó chomhordú a bhí ann roimhe agus atá á chealú.

(2)

Tionscnóidh an t-aonad a bheidh freagrach as an eitilt próiseas chun trasnú a chealú nuair tharlóidh ceann díobh seo a leanas:

(i)

an eitilt dá tugadh fógra roimhe leis an bpróiseas sonraí eitilte bunúsacha, ní rachaidh sí isteach in aerspás an aonaid dá dtugtar fógra anois nó níl leas ag an aonad dá dtugtar fógra inti a thuilleadh;

(ii)

ní fhorghníomhófar an trasnú ar an mbealach a cuireadh in iúl i bhfaisnéis an fhógra faoi intinn trasnaithe;

(iii)

ní fhorghníomhófar an trasnú de réir na gcoinníollacha atá faoi chaibidil nó de réir na gcoinníollacha arna gcomhaontú tar éis idirphlé faoi thrasnú aerspáis.

(3)

Spreagfar próiseas chun trasnú a chealú go huathoibríoch nó de láimh le hionchur ó rialtóir i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(4)

Cur i gcrích an phróisis chun trasnú a chealú, lena n-áirítear deimhniú ón aonad dá dtugtar fógra/aonad iarrthach, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad a bhfuil an cealú á dhéanamh aige.

(5)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis chun an trasnú a chealú, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tabharfar rabhadh dá thoradh sin ag an bpost oibre iomchuí laistigh den aonad a bhfuil an cealú á dhéanamh aige.

(6)

Cuirfear an fhaisnéis maidir leis an trasnú a chealú ar fáil don suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad dá dtugtar fógra/aonad iarrthach.

C.

Idir aonaid a sholáthraíonn seirbhísí rialaithe limistéir a cheanglaítear chun na seirbhísí nasctha sonraí a oibriú dá dtagraítear i bpointe AUR.COM.2005(1)(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770, nó nuair a chomhaontófar amhlaidh le haonaid eile nó eatarthu, tacóidh an t-uathoibriú leis na próisis seo a leanas:

(a)

Logáil ar aghaidh

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis a bheidh faoi réir an phróisis logála ar aghaidh:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

aeradróm imeachta,

(iii)

aeradróm cinn scríbe,

(iv)

cineál logála,

(v)

paraiméadair logála.

(2)

Feidhmeofar próiseas logála ar aghaidh le haghaidh gach eitilt dá ndéantar a logáil trí nasc sonraí agus a bheartaítear teorainneacha a thrasnú.

(3)

Tionscnófar an próiseas logála ar aghaidh ag an am is luaithe de na hamanna seo a leanas a chinntear, nó a luaithe is féidir i ndiaidh an ama sin, i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe:

(i)

líon paraiméadair nóiméad roimh an am measta ag an bpointe comhordúcháin;

(ii)

an t-am ag a mbeidh an eitilt ag achar arna chomhaontú go déthaobhach ón bpointe comhordúcháin.

(4)

Beidh na critéir incháilitheachta maidir leis an bpróiseas logála ar aghaidh i gcomhréir le litreacha an chomhaontaithe.

(5)

Áireofar an fhaisnéis faoin logáil ar aghaidh leis an bhfaisnéis eitilte chomhfhreagrach san aonad fála.

(6)

Taispeánfar stádas na heitilte ó thaobh logáil de ag an suíomh oibre rialtóra iomchuí laistigh den aonad fála.

(7)

Cur i gcrích an phróisis logála ar aghaidh, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad um aistriú.

(8)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis logála ar aghaidh, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tionscnófar iarraidh ar theagmháil nasctha sonraí idir aer agus talamh chuig an aerárthach dá thoradh.

(b)

Fógra tugtha don chéad údarás eile

(1)

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad leis an bhfaisnéis a bheidh faoi réir an phróisis um fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile:

(i)

aitheantas aerárthaí,

(ii)

aeradróm imeachta,

(iii)

aeradróm cinn scríbe.

(2)

Feidhmeofar próiseas amháin um fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile le haghaidh gach eitilt incháilithe dá dtrasnaíonn teorainneacha.

(3)

Tionscnófar an próiseas um fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile tar éis don iarraidh chuig an aerárthach faoi shonraí an chéad údaráis eile a bheith aitheanta ag an gcóras aerbheirthe.

(4)

Tar éis phróiseáil rathúil na faisnéise faoi fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile, tionscnóidh an t-aonad fála iarraidh ar thosú chumarsáid an nasctha sonraí idir rialtóir agus píolóta (CPDLC) leis an aerárthach.

(5)

Mura mbeidh an fhaisnéis faoi fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile faighte i gcomhréir le ham paraiméadair arna chomhaontú go déthaobhach, cuirfidh an t-aonad fála nósanna imeachta áitiúla i bhfeidhm chun cumarsáid an nasctha sonraí a thionscnamh leis an aerárthach.

(6)

Cur i gcrích an phróisis um fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile, lena n-áirítear deimhniú ón aonad fála, tabharfar ar aghaidh é chuig an aonad um aistriú.

(7)

Mura ndeimhneofar cur i gcrích an phróisis um fhógra a bheith tugtha don chéad údarás eile, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme maidir le cáilíocht seirbhíse, tionscnófar nósanna imeachta áitiúla laistigh den aonad um aistriú.

;

(5)

in Iarscríbhinn VIII, Fochuid B, cuirtear an Roinn 2 seo a leanas isteach:

ROINN 2

CEANGLAIS THEICNIÚLA MAIDIR LE SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ FAIREACHAIS

CNS.TR.205 Cóid cheistiúcháin Mhód S a leithdháileadh agus a úsáid

(a)

Ní oibreoidh soláthraí seirbhísí faireachais ach córas ceistiúcháin Mhód S incháilithe, agus cód ceistiúcháin incháilithe (IC) á úsáid, más amhlaidh go mbeidh leithdháileadh cód ceistiúcháin faighte aige, chun na críche sin ón mBallstát lena mbaineann.

(b)

Soláthraí seirbhísí faireachais a bheartaíonn córas ceistiúcháin Mhód S incháilithe a oibriú, nó a oibríonn córas ceistiúcháin Mhód S incháilithe nach bhfuil aon leithdháileadh cód ceistiúcháin faighte aige, cuirfidh sé iarratas ar chód ceistiúcháin faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann, ina mbeidh na príomh-mhíreanna seo a leanas, ar a laghad:

(1)

tagairt iarratais uathúil ón mBallstát lena mbaineann;

(2)

sonraí teagmhála iomlána ionadaí an Bhallstáit atá freagrach as leithdháileadh cód córas ceistiúcháin Mhód S a chomhordú;

(3)

sonraí teagmhála iomlána phointe teagmhála oibreoir Mhód S le haghaidh ábhair a bhaineann le leithdháileadh cód ceistiúcháin Mhód S;

(4)

Ainm chóras ceistiúcháin Mhód S;

(5)

Úsáid chóras ceistiúcháin Mhód S (úsáid oibríochtúil nó tástála);

(6)

Suíomh chóras ceistiúcháin Mhód S;

(7)

Dáta an chéad uair a bhfuil sé beartaithe Mód S a tharchur le córas ceistiúcháin Mhód S;

(8)

cumhdach Mhód S a iarradh;

(9)

ceanglais oibriúcháin shonracha;

(10)

Cumas chód SI;

(11)

Cumas ‘chód oibriúcháin II/SI’;

(12)

cumas cumhdaigh na léarscáile.

(c)

Comhlíonfaidh soláthraí seirbhísí faireachais príomh-mhíreanna leithdháileadh na gcód ceistiúcháin a bheidh faighte aige, lena n-áirítear na míreanna seo a leanas ar a laghad:

(1)

an tagairt iarratais chomhfhreagrach ón mBallstát lena mbaineann;

(2)

tagairt leithdháilte uathúil ó sheirbhís leithdháilte chóid na gcóras ceistiúcháin;

(3)

tagairtí leithdháilte dímholta, de réir mar is gá;

(4)

cód ceistiúcháin leithdháilte;

(5)

srianta faireachais agus ar an gcumhdach glasála faoi fhoirm raonta teascógtha nó léarscáil chumhdaigh Mhód S;

(6)

tréimhse cur chun feidhme ar lena linn sin is gá an leithdháileadh a chlárú sa chóras ceistiúcháin Mhód S arna shainaithint san iarratas;

(7)

seicheamh feidhmiúcháin nach mór a chomhlíonadh;

(8)

ar bhonn roghnach agus bainteach le roghanna malartacha eile: cnuasmholadh;

(9)

srianta oibríochtúla sonracha, de réir mar is gá.

(d)

Cuirfidh soláthraí seirbhísí faireachais an Ballstát lena mbaineann ar an eolas gach 6 mhí ar a laghad faoi aon athrú ar phleanáil na suiteála nó ar stádas oibríochtúil na gcóras ceistiúcháin Mhód S incháilithe maidir le haon cheann de phríomh-mhíreanna leithdháileadh na gcód ceistiúcháin a liostaítear i bpointe (c).

(e)

Áiritheoidh an soláthraí seirbhísí faireachais go mbaineann gach ceann dá chórais cheistiúcháin Mhód S úsáid as a chód ceistiúcháin leithdháilte go heisiach.’;

(6)

in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATFM.TR.100:

ATFM.TR.100 Modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh soláthraithe bainistíochta sreibhe aerthráchta

Beidh soláthraí bainistíochta sreibhe aerthráchta in ann a léiriú go mbeidh a chuid modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir le Rialacháin (AE) Uimh. 255/2010 (*5) agus (AE) 2019/123 ón gCoimisiún.

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta (IO L 80, 26.3.2010, lch. 10).’;"

(7)

in Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ASM.TR.100:

ASM.TR.100 Modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh soláthraithe bainistíochta aerspáis

Beidh soláthraí bainistíochta aerspáis in ann a léiriú go mbeidh a chuid modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 2150/2005 (*6) agus (AE) 2019/123* ón gCoimisiún.

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha coiteanna maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis (IO L 342, 24.12.2005, lch. 20).’;"

(8)

leasaítear Iarscríbhinn XII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad NM.TR.100:

NM.TR.100 Modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta le haghaidh an Bhainisteora Ghréasáin

Beidh an Bainisteoir Líonra in ann a léiriú go mbeidh a chuid modhanna oibre agus nósanna imeachta oibríochta i gcomhréir Rialacháin (AE) Uimh. 255/2010 agus (AE) 2019/123.’;

(b)

Cuirtear an Roinn 2 seo a leanas isteach:

ROINN 2

CEANGLAIS THEICNIÚLA MAIDIR LE FORGHNÍOMHÚ NA bhFEIDHMEANNA LÍONRA A BHAINEANN LE BAINISTÍOCHT AERTHRÁCHTA (FEIDHMEANNA LÍONRA)

NM.TR.105 Cóid cheistiúcháin Mhód S a leithdháileadh agus a úsáids

(a)

Beidh nós imeachta i bhfeidhm ag an mBainisteoir Líonra lena n-áiritheofar go ndéanfar an méid seo a leanas le córas leithdháilte chóid na gcód ceistiúcháin:

(1)

iarratais ar chód córas ceistiúcháin a sheiceáil chun go mbeidh siad i gcomhréir leis na coinbhinsiúin is infheidhme maidir le formáid agus le dáta;

(2)

iarratais ar chód córas ceistiúcháin a sheiceáil ó thaobh a n-iomláine, a gcruinnis, agus a dtráthúlachta de;

(3)

laistigh de 6 mhí féilire ó dháta an iarratais:

(i)

nuashonruithe ar an bplean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin a ionsamhlú ar bhonn na n-iarratas atá ar feitheamh;

(ii)

nuashonrú beartaithe ar an bplean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin a ullmhú lena fhormheas ag na Ballstáit dá ndéanann sé difear;

(iii)

áirithiú go gcomhlíonfaidh an nuashonrú atá beartaithe ar an bplean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin, a oiread agus is féidir, na ceanglais oibríochtúla maidir le hiarratais ar chód córas ceistiúcháin, ar a dtugtar tuairisc le príomh-mhíreanna (7), (8) agus (9) a liostaítear i bpointe (b) de phointe CNS.TR.205;

(iv)

nuashonrú a dhéanamh ar an bplean um leithdháileadh chóid na gcóras ceistiúcháin láithreach tar éis a fhormheasta, agus é a chur in iúl do na Ballstáit, gan dochar do nósanna imeachta náisiúnta um fhaisnéis a chur in iúl a bhaineann le córais cheistiúcháin Mhód S arna n-oibriú ag na fórsaí míleata.

(b)

Déanfaidh an Bainisteoir Líonra na bearta is gá chun a áirithiú maidir le haonaid mhíleata a oibríonn córais cheistiúcháin Mhód S incháilithe ar aon chód ceistiúcháin eile seachas II cód 0, agus cóid cheistiúcháin eile atá forchoimeádta le haghaidh bainistíocht mhíleata, go gcomhlíonfaidh na haonaid mhíleata sin na ceanglais maidir le leithdháileadh agus le húsáid cód ceistiúcháin Mhód S.

(c)

Déanfaidh an Bainisteoir Líonra na bearta is gá chun a áirithiú maidir le haonaid mhíleata a oibríonn córais cheistiúcháin Mhód S ar II cód 0, nó ar chóid cheistiúcháin eile atá forchoimeádta le haghaidh bainistíocht mhíleata, go ndéanfaidh na haonaid mhíleata sin faireachán ar úsáid eisiach na gcód ceistiúcháin sin chun úsáid neamhchomhordaithe aon chóid cheistiúcháin incháilithe (IC) a sheachaint.

(d)

Déanfaidh an Bainisteoir Líonra na bearta is gá chun a áirithiú nach mbeidh aon tionchar díobhálach ar shábháilteacht an ghnáth-aerthráchta ag leithdháileadh agus ag úsáid na gcód ceistiúcháin le haghaidh aonaid mhíleata.

NM.TR.110 Bratach a chur le heitiltí atá incháilithe d’aitheantas ar leith agus úsáid á baint as an ngné aitheantais aerárthaigh

(a)

Déanfaidh an Bainisteoir Líonra, bunaithe ar an toilleadh aerspáis a dhearbhaítear de réir Fhoscríbhinn 1 a ghabhann le pointe (b) de phointe ATS.OR.446 den Rialachán seo agus na bpleananna eitilte arna gcomhdú i gcomhréir le pointe SERA.4013 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012, measúnú ar incháilitheacht na heitilte do shannadh chód feiceálachta SSR A1000.

(b)

Cuirfidh an Bainisteoir Líonra in iúl do na haonaid seirbhísí aerthráchta uile dá ndéantar difear na heitiltí sin atá incháilithe d’úsáid chód feiceálachta SSR A1000.’


(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus deimhniúchán comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, páirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1)’;

(*2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1768 an 14 Iúil 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniúchán agus dearbhú córas bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus comhdhamhnaí bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta (IO L 228, 15.9.2023, lch. 1)’;

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1769 an 12 Meán Fómhair 2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin um fhormheas eagraíochtaí a bhfuil baint acu le dearadh nó le táirgeadh na gcóras bainistíochta aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 19)’;

(*4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (IO L 228, 15.9.2023, lch. 39)’;

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta (IO L 80, 26.3.2010, lch. 10).’;

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha coiteanna maidir le húsáid sholúbtha an aerspáis (IO L 342, 24.12.2005, lch. 20).’;”


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/73


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1772 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a mhéid a bhaineann leis na rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid na gcóras Bainistithe Aerthráchta agus Seirbhísí Aerloingseoireachta agus a gcomhdhamhnaí san Aerspás Eorpach Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 31 agus Airteagal 44(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 140(2) de Rialachán (AE) 2018/1139, tá na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ar bhonn Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) le hoiriúnú d’fhorálacha Rialachán (AE) 2018/1139, tráth nach déanaí ná an 12 Meán Fómhair 2023.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 (3) ón gCoimisiún leagtar síos na ceanglais ar nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte sa chéim réamheitilte le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 (4) ón gCoimisiún leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht.

(4)

Chun leanúnachas na gceanglas maidir le húsáid threalamh na seirbhísí bainistithe aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (‘BAT/SAL’) san Aerspás Eorpach Aonair, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a leasú chun na ceanglais ábhartha a áireamh maidir leis an bpleanáil eitilte atá i Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) Uimh. 1033/2006, agus atá á aisghairm leis an Rialachán seo.

(5)

Toisc gurb ar iontaoibh an Bhainisteora Líonra a chuirtear cúraimí próiseála pleananna eitilte sa chéim réamheitilte, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 maidir leis an mBainisteoir Líonra freisin.

(6)

Tá sé fíor-riachtanach go gcloíonn na húsáideoirí uile leis na lámhleabhair oibríochta arna bhforbairt agus arna gcoinneáil ar bun ag an mBainisteoir Líonra nuair a chuireann siad pleananna eitilte isteach.

(7)

Ní infheidhme na pleananna eitilte atriallacha (RPL) i réigiún EUR a thuilleadh, dá bhrí sin, ba cheart aon tagairt do RPL a bhaint.

(8)

Ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta um pleananna eitilte sa chéim réamheitilte le haghaidh an Aerspáis Eorpaigh Aonair a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh 1033/2006, níl feidhm acu maidir le seirbhísí a sholáthraítear san Aerspás Eorpach Aonair lasmuigh de réigiún Eorpach (EUR) na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) mar a shainítear in EUR Air Navigation Plan [Plean Eorpach Aerloingseoireachta] Imleabhar I (Doic 7754) de chuid ICAO i ngeall ar mhéid íseal a dtráchta áitiúil agus ar a suíomh geografach, is é sin, gan de theorainn aerspáis acu ach le haerspás a bhfuil soláthraithe BAT/SAL tríú tír freagrach as, rud a thugann údar cuí le socruithe comhordúcháin áitiúla difriúla le stáit mháguaird nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 a aisghairm agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 a leasú dá réir dá bhrí sin.

(10)

Ábhar an Mháistirphlean Eorpaigh um Bainistíocht Aerthráchta agus na cumais cumarsáide, loingseoireachta agus faireachais atá ann, tugadh san áireamh go cuí iad leis na ceanglais leasaithe a leagtar amach sa Rialachán seo.

(11)

Tá bearta molta ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh i dTuairim Uimh. 01/2023 (5) uaithi i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an choiste a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 mar a leanas:

(1)

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le húdaráis inniúla na mBallstát, soláthraithe seirbhíse aerloingseoireachta, an Bainisteoir Líonra, oibreoirí aeradróim agus pearsanra talún a ghabhann d’oibríochtaí aerárthaí.’

;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an pointe 19a seo a leanas isteach:

‘19a.

ciallaíonn ‘aitheantas aerárthaigh’ grúpa litreacha, figiúirí, nó teaglaim díobh, atá comhionann le glao-chód an aerárthaigh, nó arb iad nó í a choibhéis chódaithe, arb é an glao-chód aerárthaigh atá le húsáid sa chumarsáid idir aer agus talamh, agus a úsáidtear chun an t-aerárthach a shainaithint i gcumarsáid idir seirbhísí aerthráchta ar an talamh;’;

(b)

cuirtear an pointe 69a seo a leanas isteach:

‘69a.

ciallaíonn an ‘dáta gluaiste measta’ an dáta a mheastar a chuirfear tús le gluaiseacht an aerárthaigh a bheidh bainteach le himeacht;’;

(c)

cuirtear an pointe 89b seo a leanas isteach:

‘89b.

ciallaíonn ‘Córas Cómhtháite um Thúsphróiseáil Pleananna Eitilte (IFPS)’ córas laistigh den Líonra Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta ar tríd an gcóras sin a sholáthraítear seirbhís próiseála agus dáileacháin pleananna eitilte láraithe, lena láimhseáiltear glacadh, fíorú agus dáileadh na bpleananna eitilte, laistigh den aerspás ar maidir leis sin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo;’;

(d)

cuirtear an pointe 96a seo a leanas isteach:

‘96a.

ciallaíonn ‘Bainisteoir Líonra (NM)’ an comhlacht a gcuirtear ar a iontaoibh na cúraimí is gá chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 a fheidhmiú;’;

(e)

cuirtear an pointe 97a seo a leanas isteach:

‘97a.

ciallaíonn ‘NOTAM’ fógra a dháiltear trí bhíthin na teileachumarsáide ina bhfuil faisnéis a bhaineann le bunú aon saoráid aerloingseoireachta, seirbhíse, nós imeachta, nó ghuaise, nó leis an mbail atá ar aon saoráid aerloingseoireachta, seirbhís, nós imeachta, nó guais, nó le athrú a dhéantar orthu, dá bhfuil eolas tráthúil ar bhunú na nithe sin, ar an mbail atá orthu nó ar athrú a dhéantar orthu, fíor-riachtanach do phearsanra a bhaineann le hoibríochtaí eitilte;’

(f)

cuirtear an pointe 99a seo a leanas isteach:

‘99a.

ciallaíonn ‘tionscnóir plean eitilte’ duine nó eagraíocht a chuireann pleananna eitilte agus aon teachtaireacht faoi nuashonrú atá bainteach faoi bhráid an Chórais Chómhtháite um Thúsphróiseáil Pleananna Eitilte (IFPS), lena n-áirítear píolótaí, oibreoirí agus gníomhairí a ghníomhaíonn thar a gceann, agus aonaid ATS;’;

(g)

cuirtear an pointe 100a seo a leanas isteach:

‘100a.

ciallaíonn ‘céim réamheitilte’ an tréimhse ón uair a chuirtear plean eitilte isteach den chéad uair go dtí go seachadfar an chéad chead rialaithe aerthráchta;’

(3)

déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an ghréasáin Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (an Rialachán idir-inoibritheachta) (IO L 96, 31.3.2004, lch. 26).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 an 4 Iúil 2006 ón gCoimisiún lena leagtar síos na ceanglais maidir le nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte ag an gcéim réamheitilte le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair maidir le pleananna eitilte ag céim roimh-eitilte don Aerspás Eorpach Aonair (IO L 186, 7.7.2006, lch. 46).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (IO L 281, 13.10.2012, lch. 1).

(5)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 923/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.2001:

SERA.2001 Ábhar

Gan dochar do phointe SERA.1001, tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le húsáideoirí aerspáis agus aerárthaí:

(a)

a oibríonn isteach go dtí an Aontas, laistigh den Aontas nó amach as an Aontas;

(b)

ar a bhfuil marcanna náisiúntachta agus clárúcháin Bhallstát den Aontas, agus a oibríonn in aon aerspás a mhéid nach mbíonn siad i gcoinbhleacht leis na rialacha arna bhfoilsiú ag an Stát ag a bhfuil dlínse ar an gcríoch a n-eitleofar thairis.’;

(2)

leasaítear pointe SERA.4001 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

‘(c)

Beidh plean eitilte:

(1)

curtha isteach, roimh imeacht:

(i)

chuig an mBainisteoir Líonra go díreach nó trí oifig tuairiscithe seirbhísí aerthráchta, i gcomhréir leis na lámhleabhair oibríochta ina bhfuil na treoracha agus an fhaisnéis is gá arna bhforbairt agus arna gcoinneáil ar bun ag an mBainisteoir Líonra, má tá rún ann an eitilt a oibriú i gcomhréir le IFR le haghaidh cuid de bhealach, nó le haghaidh bhealach iomlán, na heitilte laistigh den aerspás Eorpach aonair; nó

(ii)

chuig oifig tuairiscithe seirbhísí aerthráchta le haghaidh cásanna eile;

(2)

tarchurtha, le linn eitilte, chuig an aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí nó chuig an stáisiún raidió rialaithe idir aer agus talamh.

(d)

Mura ndéanann an t-údarás inniúil tréimhse ama níos giorra a fhorordú le haghaidh eitiltí VFR intíre, déanfar plean eitilte le haghaidh aon eitilt atá beartaithe a oibriú thar theorainneacha idirnáisiúnta nó a sholáthrófar le seirbhís rialaithe aerthráchta nó seirbhís chomhairleach aerthráchta a chur isteach mar a leanas:

(1)

nach mó ná 120 uair an chloig roimh an am gluaiste measta;

(2)

3 huaire an chloig ar a laghad roimh an am gluaiste measta le haghaidh eitiltí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir bearta bainistíochta na sreibhe aerthráchta;

(3)

60 nóiméad ar a laghad roimh imeacht le haghaidh gach eitilt eile nach bhfuil cumhdaithe i bpointe (2); nó

(4)

má chuirtear an plean isteach le linn eitilte, ag am lena n-áirithítear go bhfaighidh an t-aonad ATS iomchuí é, 10 nóiméad ar a laghad sula meastar go sroichfidh an t-aerárthach:

(i)

an pointe iontrála beartaithe isteach i limistéar rialaithe nó i limistéar comhairleach; nó

(ii)

an pointe ag a dtrasnaítear aerbhealach nó bealach comhairleach.’;

(b)

cuirtear na pointí (e) agus (f) seo a leanas isteach:

‘(e)

I gcás eitiltí a oibríonn go páirteach nó go hiomlán i gcomhréir le IFR, ar theacht isteach i limistéar freagrachta aonaid seirbhísí aerthráchta dóibh, nach bhfuarthas aon phlean eitilte lena aghaidh ón mBainisteoir Líonra roimhe seo, tarchuirfidh an t-aonad lena mbaineann chuig an mBainisteoir Líonra aitheantas aerárthaigh, cineál aerárthaigh, an pointe iontrála chuig a limistéar freagrachta, am na heitilte agus leibhéal na heitilte ag an bpointe sin, an bealach agus aeradróm cinn scríbe na heitilte.

(f)

Na ceanglais a leagtar síos i bpointí (c), (d), agus (e), ní bheidh feidhm leo san Aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil mar chuid de réigiún EUR ICAO.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.4005:

SERA.4005 Ábhar plean eitilte

(a)

Áireofar i bplean eitilte an fhaisnéis uile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(1)

aitheantas aerárthaí;

(2)

rialacha na heitilte agus cineál na heitilte;

(3)

an líon aerárthaí agus cineálacha aerárthaí agus an chatagóir suaiteachta marbhshrutha;

(4)

trealamh agus cumais aerárthaí;

(5)

aeradróm imeachta nó láithreán oibriúcháin;

(6)

an dáta agus an t-am gluaiste measta;

(7)

luas(anna) cúrsála;

(8)

airde(airdí) cúrsála;

(9)

an bealach a leanfar;

(10)

aeradróm nó láithreán oibriúcháin cinn scríbe agus an t-am caite measta iomlán;

(11)

aeradróm nó láithreán oibriúcháin malartach;

(12)

buanseasmhacht breosla;

(13)

an líon iomlán daoine ar bord;

(14)

trealamh éigeandála agus marthanais, lena n-áirítear córas aisghabhála paraisiúit balaistíoch;

(15)

faisnéis eile.

(b)

I gcás pleananna eitilte a chuirtear isteach le linn eitilte, beidh an t-aeradróm imeachta nó an láithreán oibriúcháin arna soláthar ar an láthair óna bhféadfar faisnéis fhorlíontach maidir leis an eitilt a fháil, más gá. Anuas air sin, an fhaisnéis a sholáthrófar in ionad an ama gluaiste mheasta is é sin an t-am thar an gcéad phointe den bhealach lena mbaineann an plean eitilte.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.4010:

SERA.4010 Plean eitilte a líonadh isteach

(a)

Beidh faisnéis i bplean eitilte, mar is infheidhme, maidir le míreanna ábhartha atá liostaithe i bpointe SERA.4005(a)(1) go (11) maidir leis an mbealach iomlán nó le cuid de dá gcuirtear isteach an plean eitilte.

(b)

Oibreoirí aerárthaí, tionscnóirí pleananna eitilte agus aonaid seirbhísí aerthráchta a leanann na treoracha is gá dá dtagraítear i bpointe SERA.4001(c)(1)(i), comhlíonfaidh siad na nithe seo a leanas:

(1)

na treoracha maidir le foirm an phlean eitilte i bhFoscríbhinn 6 a líonadh isteach;

(2)

aon bhacainn a sainaithníodh i bhFoilseacháin Faisnéise Aerloingseoireachta (AIPanna) ábhartha.

(c)

Oibreoirí aerárthaí, nó na gníomhairí a ghníomhaíonn ar a son, a bhfuil sé beartaithe acu oibriú laistigh den aerspás Eorpach aonair le haghaidh cuid den bhealach nó le haghaidh an bhealaigh iomláin i gcomhréir le IFR cuirfidh siad an táscaire iomchuí isteach don trealamh aerárthaí atá ar fáil ar bord agus a chumais i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún (*1) sa mhír ábhartha sa phlean eitilte mar a cheanglaítear i bpointe SERA.4005(a)(4).

(d)

Oibreoirí aerárthaí nach bhfuil feistithe i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún atá beartaithe a oibriú laistigh den aerspás Eorpach aonair, cuirfidh siad isteach an táscaire iomchuí le haghaidh an trealaimh aerárthaí atá ar fáil ar bord agus a chumais, agus aon díolúine ionchasach sna míreanna ábhartha sa phlean eitilte de réir phointí SERA.4005(a) (4) agus SERA.4005(a) (15) faoi seach. Beidh sa plean eitilte, anuas air sin, faisnéis, mar is infheidhme, maidir le gach mír eile arna fhorordú mar sin ag an údarás inniúil nó cibé uair a mheasann an duine a chuirfidh isteach an plean eitilte go bhfuil gá leis sin.

(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (IO L 228, XX.9.2023, lch. 39)’;"

(5)

cuirtear isteach an pointe SERA.4013 seo a leanas:

SERA.4013 Plean eitilte a ghlacadh

(a)

Déanfaidh an Bainisteoir Líonra, le haghaidh na coda den bhealach a oibrítear i gcomhréir le IFR, agus oifig tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta na bearta is gá chun a áirithiú nuair a gheofar plean eitilte, nó nuair a dhéantar athruithe air go mbeidh sé:

(1)

i gcomhréir leis an bhformáid agus na coinbhinsiúin sonraí is infheidhme;

(2)

líonta isteach agus, a mhéid is féidir, cruinn;

(3)

más gá, beidh sé inghlactha do na seirbhísí aerthráchta; agus

(4)

glactha, nó glacfar freisin leis na hathruithe a dhéanfar air, agus léireofar é sin do thionscnóir an phlean eitilte.

(b)

Soláthróidh na haonaid ATC don Bhainisteoir Líonra aon athrú is gá ar phlean eitilte, ar athruithe iad a dhéanfaidh difear do mhíreanna a bhaineann leis an mbealach nó leis an leibhéal eitilte mar atá liostaithe i bpointe SERA.4005 (a) (1) go (10) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iompar sábháilte eitilte, le haghaidh pleananna eitilte agus teachtaireachtaí nuashonraithe gaolmhara a fuair siad ón mBainisteoir Líonra. Ní dhéanfaidh aonad ATC athruithe eile ar phlean eitilte, ná ní chuirfidh sé ar ceal é sa chéim réamheitilte gan comhordú a dhéanamh leis an oibreoir aerárthaí.

(c)

Cuirfidh an Bainisteoir Líonra in iúl do gach aonad ATS dá ndéantar difear an plean eitilte arna ghlacadh agus aon athrú sa chéim réamheitilte arna ghlacadh a dhéanfar ar na míreanna atá liostaithe i bpointe SERA.4005 (a) (1) go (10) den phlean eitilte agus na teachtaireachtaí nuashonraithe gaolmhara.

(d)

Cuirfidh an Bainisteoir Líonra in iúl don oibreoir aerárthaí aon athrú is gá a dhéanamh sa chéim réamheitilte ar an bplean eitilte a dhéanfaidh difear do mhíreanna atá liostaithe i bpointe SERA.4005 (a) (1) go (10) a bhaineann leis an mbealach nó leis an leibhéal eitilte a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iompar sábháilte eitilte, le haghaidh pleananna eitilte agus teachtaireachtaí nuashonraithe gaolmhara a fuarthas roimhe sin.

(e)

Tionscnóir plean eitilte, nuair nach é an t-oibreoir aerárthaí nó an píolóta é, áiritheoidh sé go gcuirfear na coinníollacha chun glacadh le plean eitilte agus aon athrú is gá ar na coinníollacha sin arna bhfógairt ag an mBainisteoir Líonra le haghaidh cuid den eitilt a oibrítear i gcomhréir le IFR, nó ag oifigí tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta, ar fáil don oibreoir aerárthaí nó don phíolóta a chuir isteach an plean eitilte.

(f)

Áiritheoidh an t-oibreoir aerárthaí go ndéanfar na coinníollacha chun glacadh le plean eitilte agus aon athrú is gá air arna fhógairt ag an mBainisteoir Líonra nó ag oifig tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta do thionscnóir an phlean eitilte a ionchorprú isteach san oibríocht aeir beartaithe agus go gcuirfear in iúl don phíolóta iad.

(g)

Áiritheoidh an t-oibreoir aerárthaí roimh oibriú na heitilte go léirítear na rúin oibríochta i gceart in ábhar an phlean eitilte.

(h)

Próiseálfaidh an Bainisteoir Líonra an fhaisnéis ar chumas spásála chainéal 8,33 kHz a fuarthas sna pleananna eitilte.

(i)

Na ceanglais a leagtar síos i bpointí (a) go (h), ní bheidh feidhm leo san aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil mar chuid de réigiún EUR ICAO.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe SERA.4015:

SERA.4015 Athruithe ar phlean eitilte

(a)

Déanfar na hathruithe uile ar phlean eitilte a chuirtear isteach le haghaidh eitilt IFR, nó eitilt VFR a oibrítear mar eitilt rialaithe, a thuairisciú:

(1)

le linn na céime réamheitilte, don Bhainisteoir Líonra le haghaidh eitiltí atá beartaithe a oibriú i gcomhréir le IFR le haghaidh cuid den bhealach nó an bhealaigh iomláin, agus d’oifigí tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta a luaithe is indéanta;

(2)

le linn na heitilte, faoi réir fhorálacha phointe SERA.8020(b), don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí.

Le haghaidh eitiltí VFR eile, tuairisceofar athruithe suntasacha ar phlean eitilte a luaithe is indéanta don aonad seirbhísí aerthráchta iomchuí.

(b)

I gcás ina gcuirtear moill 30 nóiméad níos mó ná an t-am gluaiste measta le haghaidh eitilt rialaithe nó moill 1 uair an chloig le haghaidh eitilt neamhrialaithe dar cuireadh plean eitilte isteach, leasófar an plean eitilte, nó cuirfear plean nua eitilte isteach, agus cuirfear an seanphlean eitilte ar ceal, cibé acu is infheidhme. Maidir le haon eitilt a oibrítear i gcomhréir le IFR, cuirfear moill níos mó ná 15 nóiméad in iúl don Bhainisteoir Líonra.

(c)

I gcás athrú ar an trealamh aerárthaí agus ar a stádas cumais le haghaidh eitilte, seolfaidh oibreoirí aerárthaí, nó na gníomhairí a ghníomhaíonn ar a son, teachtaireacht modhnúcháin chuig an mBainisteoir Líonra nó chuig oifigí tuairiscithe na seirbhísí aerthráchta leis an táscaire iomchuí arna chur isteach sa mhír ábhartha d’fhoirm an phlean eitilte.

(d)

Faisnéis a chuirtear isteach roimh imeacht maidir le buanseasmhacht breosla nó an líon iomlán daoine a iompraítear ar bord, má bhíonn sé mícheart ag an am imeachta, cuimsítear leis athrú suntasach ar an bplean eitilte agus, dá bhrí sin, tabharfar tuairisc air.

(e)

Na ceanglais a leagtar síos i bpointí (a) go (d), ní bheidh feidhm leo san aerspás Eorpach Aonair nach bhfuil mar chuid de réigiún EUR ICAO.’;

(7)

cuirtear an Roinn 15 seo a leanas isteach:

ROINN 15

Nósanna imeachta maidir le cumarsáid an nasctha sonraí idir rialtóir is píolóta (CPDLC)

SERA.15001 Tionscnamh nasctha sonraí agus cliseadh tionscanta nasctha sonraí

(a)

Déanfar an seoladh logála isteach atá bainteach le haonad seirbhísí aerthráchta a fhoilsiú sna foilseacháin faisnéise aerloingseoireachta (AIPanna) náisiúnta.

(b)

Ar iarraidh ar thionscnamh nasctha sonraí bailí a fháil ó aerárthach a bheidh ag déanamh ar limistéar seirbhíse nasctha sonraí nó laistigh de, glacfaidh an t-aonad seirbhísí aerthráchta leis an iarraidh agus, má bhíonn sé ag iarraidh é a chomhghaolú le plean eitilte, bunóidh sé nasc leis an aerárthach.

(c)

Bunóidh an soláthraí seirbhísí aerthráchta nósanna imeachta chun clistí tionscanta nasctha sonraí a réiteach, a luaithe is indéanta.

(d)

Bunóidh an t-oibreoir aerárthaí nósanna imeachta chun clistí tionscanta nasctha sonraí a réiteach, a luaithe is indéanta.

SERA.15005 Bunú CPDLC

(a)

Bunófar CPDLC in am trátha roimh ré chun a áirithiú go ndéanann an t-aerárthach cumarsáid leis an aonad rialaithe aerthráchta iomchuí.

(b)

An fhaisnéis maidir le cathain agus, más infheidhme, cá háit ba cheart do na córais aeir nó talún CPDLC a bhunú, beidh sí foilsithe i gciorcláin nó i bhfoilseacháin faisnéise aerloingseoireachta.

(c)

Beidh an píolóta in ann an t-aonad rialaithe aerthráchta a sholáthraíonn an tseirbhís rialaithe aerthráchta a shainaithint tráth ar bith fad agus atá an tseirbhís á soláthar.

SERA.15010 Aistriú CPDLC

(a)

Le linn do CPDLC a bheith á aistriú, cuirfear tús le haistriú na cumarsáide gutha agus CPDLC i gcomhthráth.

(b)

Nuair a aistrítear aerárthach ó aonad rialaithe aerthráchta i gcás ina bhfuil CPDLC ar fáil d’aonad rialaithe aerthráchta i gcás nach bhfuil CPCLC ar fáil, cuirfear tús le foirceannadh CPDLC i gcomhthráth le haistriú na cumarsáide gutha.

(c)

Cuirfear an rialtóir aerthráchta ar an eolas nuair a dhéanfar iarracht ar aistriú CPDLC as a leanfaidh athrú ar an údarás sonraí más ann do theachtaireachtaí nasctha sonraí nach bhfuarthas freagairt maidir lena ndúnadh. I gcás ina gcinneann an rialtóir aerthráchta an t-aerárthach a aistriú gan freagairtí a fháil ón bpíolóta maidir leis an teachtaireacht uasnaisc nach bhfuil léite, fillfidh an rialtóir aerthráchta de ghnáth ar chumarsáid ghutha chun aon débhrí atá bainteach le an teachtaireacht uasnaisc nach bhfuil léite a shoiléiriú.

SERA.15015 Teachtaireachtaí CPDLC a chumadh

(a)

Cumfar téacs na dteachtaireachtaí CPDLC i bhformáid teachtaireachta caighdeánaí, i dteanga sholéite, nó i bhfoirm giorrúchán agus cód. Seachnófar teanga sholéite i gcás ina féidir fad an téacs a laghdú trí ghiorrúcháin agus cóid iomchuí a úsáid. Ní úsáidfear focail agus frásaí neamhriachtanacha, amhail léirithe béasaíochta.

(b)

Cumfaidh an rialtóir aerthráchta agus an píolóta teachtaireachtaí CPDLC agus eilimintí teachtaireachtaí caighdeánacha, eilimintí de theachtaireachtaí téacs saor in aisce, nó meascán den dá cheann in úsáid. Seachnófar an úsáid a bhaineann rialtóirí aerthráchta nó píolótaí as eilimintí de theachtaireachtaí téacs saor in aisce.

(c)

I gcás nach ndéantar foráil sa tacar teachtaireachta CPDLC a chuirtear chun feidhme maidir le himthosca sonracha, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh, i gcomhairle le hoibreoirí agus le soláthraithe seirbhísí aerthráchta eile, go bhfuil sé inghlactha eilimintí de theachtaireachtaí téacs saor in aisce a úsáid. Sna cásanna sin, saineoidh an t-údarás inniúil lena mbaineann formáid an taispeána, a úsáid bheartaithe agus na tréithe maidir le gach eilimint den teachtaireacht téacs saor in aisce.

(d)

Ní bheidh níos mó ná cúig eilimint teachtaireachta i gcomhdhéanamh teachtaireachta CPDLC, agus ní bheidh an t-athróg maidir le himréiteach bealaigh ach in dhá cheann díobh.

(e)

Teachtaireachtaí CPDLC ileiliminte a chumadh:

(1)

I gcás inar gá freagra a thabhairt ar theachtaireacht CPDLC ileiliminte, beidh feidhm ag an bhfreagairt maidir leis na heilimintí uile den teachtaireacht.

(2)

I gcás nach féidir imréiteach eiliminte teachtaireachta aonair nó aon chuid de theachtaireacht imréitigh ileiliminte a chomhlíonadh, seolfaidh an píolóta freagra ‘NÍ FÉIDIR’ le haghaidh na teachtaireachta ina hiomláine.

(3)

Freagróidh an rialtóir le teachtaireacht ‘NÍ FÉIDIR’ a mbeidh feidhm léi maidir leis na heilimintí uile den iarraidh i gcás nach féidir aon eilimint d’iarraidh imréitigh aonair nó ileiliminte a fhormheas. Ní athshonrófar an t-imréiteach (na himréitigh) reatha.

(4)

I gcás nach féidir freastal ach go páirteach ar iarraidh imréitigh ileiliminte, tabharfaidh an rialtóir freagra le teachtaireacht ‘NÍ FÉIDIR’ a mbeidh feidhm léi maidir leis na heilimintí teachtaireachta uile den iarraidh agus, más iomchuí, áireoidh sé cúis agus/nó faisnéis maidir le cathain a d’fhéadfadh coinne a bheith le himréiteach.

(5)

I gcás inar féidir freastal ar na heilimintí uile d’iarraidh imréitigh aonair nó ileiliminte, tabharfaidh an rialtóir freagra le glantaí a bheidh comhfhreagrach do gach eilimint den iarraidh. Teachtaireacht uasnaisc aonair a bheidh san fhreagra sin.

(6)

I gcás ina bhfuil níos mó ná eilimint teachtaireachta amháin i dteachtaireacht CPDLC agus gur ‘Y’ tréith freagartha na teachtaireachta, nuair a úsáidtear í, beidh an líon comhfhreagrach freagraí sa teachtaireacht freagartha aonair san ord céanna.

SERA.15020 Ag tabhairt freagra ar theachtaireachtaí CPDLC

(a)

Mura sonraíonn an t-údarás inniúil a mhalairt, ní bheidh gá aisléamh gutha a dhéanamh ar theachtaireachtaí CPDLC.

(b)

Seachas nuair atá gá leis an teachtaireacht CPDLC arna tarchur a cheartú, i gcás ina ndéanann rialtóir nó píolóta cumarsáid trí CPDLC, is trí CPDLC a thabharfar freagra de ghnáth. I gcás ina ndéanann rialtóir nó píolóta cumarsáid trí ghuth, is trí ghuth a bheidh an freagra de ghnáth.

SERA.15025 Teachtaireachtaí CPDLC a cheartú

(a)

I gcás ina meastar go bhfuil gá le teachtaireacht CPDLC a cheartú nó i gcás inar gá ábhar teachtaireachta den sórt sin a shoiléiriú, úsáidfidh an rialtóir aerthráchta agus an píolóta na bealaí is iomchuí a bheidh ar fáil chun na mionsonraí cearta a eisiúint nó chun an soiléiriú is gá a thabhairt.

(b)

I gcás ina n-úsáidtear cumarsáid ghutha chun teachtaireacht CPDLC nach bhfuarthas aon fhreagra oibriúcháin ina leith go fóill a cheartú, beidh an frása seo a leanas ag teacht roimh tharchur gutha an rialtóra nó an phíolóta: ‘DÉAN NEAMHAIRD DE THEACHTAIREACHT CPDLC (cineál teachtaireachta), SOS’ – agus an t-imréiteach, treoir, faisnéis nó iarraidh cheart ina dhiaidh.

(c)

Agus tagairt á déanamh don teachtaireacht CPDLC a bhfuil neamhaird le déanamh de agus nuair a shainaithnítear í, beifear cúramach leis an gcaoi a déarfar é chun aon débhrí a sheachaint le saincheist an cheartúcháin maidir leis an imréiteach, treoir, faisnéis nó iarraidh.

(d)

Má dhéantar teachtaireacht CPDLC óna dteastaíonn freagra oibríochtúil a chaibidliú ina dhiaidh sin trí ghuth, seolfar freagra dúnta iomchuí le haghaidh teachtaireacht CPDLC chun a áirithiú go ndéanfar sioncronú ceart ar an idirphlé CPDLC. Féadfar é sin a dhéanamh trí threoir shainráite a thabhairt d’fhaighteoir na teachtaireachta trí ghuth chun deireadh a chur leis an idirphlé nó trí ligean don chóras deireadh a chur leis an idirphlé go huathoibríoch.

SERA.15030 Nósanna imeachta cumarsáide nasctha sonraí an rialtóra le haghaidh éigeandálaí, guaiseacha, agus nuair a chliseann ar threalamh CPDLC

(a)

I gcás ina dtugtar rabhadh do rialtóir aerthráchta nó do phíolóta gur chlis ar theachtaireacht cumarsáide nasctha sonraí idir rialtóir agus píolóta aonair, déanfaidh an rialtóir aerthráchta nó an píolóta ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas, de réir mar is iomchuí:

(1)

trí ghuth, deimhneoidh sé na gníomhaíochtaí a dhéanfar i dtaca leis an idirphlé gaolmhar, agus an frása seo a leanas ag teacht roimh an bhfaisnéis: ‘CLISEADH AR AN TEACHTAIREACHT CPDLC’;

(2)

trí chumarsáid nasctha sonraí idir an rialtóir agus an píolóta, atheiseoidh sé teachtaireacht cumarsáide nasctha sonraí idir an rialtóir agus an píolóta a chlis.

(b)

Rialtóirí aerthráchta a gceanglaítear orthu faisnéis a tharchur maidir le cliseadh iomlán sa chóras talún cumarsáide nasctha sonraí idir an rialtóir agus an píolóta chuig gach stáisiún is dócha a dhéanfaidh idircheapadh, ba cheart dóibh an ghairm ghinearálta a leanas a chur roimh tarchur den sórt sin: ‘CLISEADH CPDLC CHUIG GACH STÁISIÚN’ – agus an stáisiún glaoite a shainaithint ina dhiaidh sin.

(c)

Nuair a chliseann ar chumarsáid nasctha sonraí idir an rialtóir agus an píolóta agus go bhfilleann an chumarsáid ar ghuth, measfar nach bhfuil na teachtaireachtaí CPDLC uile atá fágtha seachadta agus atosófar ar an idirphlé iomlán lena mbaineann na teachtaireachtaí atá fágtha trí ghuth.

(d)

I gcás ina gcliseann ar chumarsáid nasctha sonraí idir an rialtóir agus an píolóta ach go gcuirtear ar ais é sula mbíonn gá ann filleadh ar chumarsáid ghutha, measfar nach bhfuil na teachtaireachtaí uile atá fágtha seachadta agus atosófar ar an idirphlé iomlán lena mbaineann na teachtaireachtaí atá fágtha trí CPDLC.

SERA.15035 Múchadh d’aon ghnó an chórais CPDLC

(a)

I gcás ina mbeartaítear múchadh córais a dhéanamh ar an líonra cumarsáide nó ar chóras talún CPDLC, foilseofar NOTAM chun na páirtithe uile dá ndéantar difear a chur ar an eolas faoi thréimhse an mhúchta agus, más gá, foilseofar mionsonraí na minicíochtaí cumarsáide gutha atá le húsáid.

(b)

Cuirfear aerárthach atá i mbun cumarsáide leis na haonaid ATC ar an eolas trí ghuth nó CPDLC maidir le haon gharchaillteanas na seirbhíse CPDLC.

SERA.15040 Scor d’úsáid iarrataí CPDLC

(a)

I gcás ina n-iarrann rialtóir ar gach stáisiún nó ar eitilt shonrach gan iarrataí CPDLC a sheoladh ar feadh tréimhse ama teoranta, úsáidfear an frása seo a leanas: ((comhartha glao) nó GACH STÁISIÚN) STOP AG SEOLADH IARRATAÍ CPDLC [GO DTÍ GO MOLFAR DUIT IAD A SHEOLADH] [(cúis)].

(b)

Molfar gnáthúsáid CPDLC arís ach an frása seo a leanas a úsáid: ((comhartha glao) nó GACH STÁISIÚN) ATOSAIGH GNÁTHOIBRÍOCHTAÍ CPDLC.

SERA.15045 Úsáid as CPDLC i gcás ina gcliseann ar chumarsáid ghutha idir aer agus talamh

I gcás inar ann do nasc CPDLC idir aonad na seirbhísí aerthráchta agus aerárthach níor cheart dó sin cosc a chur ar an bpíolóta agus ar an rialtóir aerthráchta lena mbaineann ó na gníomhaíochtaí uile is gá a thionscnamh agus a dhéanamh i gcás ina gcliseann ar chumarsáid ghutha idir aer agus talamh.

SERA.15050 Tástáil CPDLC

I gcás ina bhféadfadh an tástáil a dhéantar ar CPDLC le haerárthach difear a dhéanamh do na seirbhísí aerthráchta atá á soláthar don aerárthach, déanfar an comhordú roimh thástáil den sórt sin.’;

(8)

cuirtear isteach an Fhoscríbhinn 6 seo a leanas:

‘Foscríbhinn 6

PLEAN EITILTE A LÍONADH ISTEACH

1.   Foirm plean eitilte de shamhail ICAO

Image 1

2.   Treoracha maidir le foirm an phlean eitilte a líonadh isteach

2.1.   Ginearálta

Cloígh go daingean leis na formáidí forordaithe agus an bealach ina sonrófar sonraí.

Tosaigh ag cur sonraí isteach sa chéad spás a thugtar. I gcás ina bhfuil farasbarr spáis ar fáil, fág na spásanna nár úsáideadh folamh.

Cuir isteach amanna an chloig uile i 4 fhigiúr UTC.

Cuir isteach na hamanna caite measta uile i 4 fhigiúr (uaireanta an chloig agus nóiméid).

Déanfar an áit scáthlínithe roimh mhír 3 – a líonadh isteach trí sheirbhísí ATS agus COM, mura bhfuil an fhreagracht maidir le tionscnamh teachtaireachtaí an phlean eitilte tarmligthe.

2.2.   Treoracha maidir le sonraí ATS a chur isteach

Líon isteach míreanna 7 go 18 agus, nuair a cheanglaíonn an t-údarás inniúil ort é, nó nuair a mheastar go bhfuil gá leis ina mhalairt de chás, mír 19 mar a thugtar le fios anseo thíos.

CUIR ISTEACH ceann de na haitheantais aerárthaí seo a leanas, nach mó ná 7 gcarachtar alfa-uimhriúla agus gan fleiscíní ná siombailí:

(a)

an sainitheoir ICAO don oibreoir aerárthaigh agus aitheantas na heitilte ina dhiaidh sin (e.g. KLM511, NGA213, JTR25) nuair a bhítear i mbun radaiteileafónaíochta cuimsítear leis an gcomhartha glao a úsáidfidh an t-aerárthach ainmneoir teileafónaíochta ICAO don oibreoir agus ansin aitheantas na heitilte (e.g. KLM511, NIGERIA 213, JESTER 25); nó

(b)

náisiúntacht nó marc coiteann agus marc clárúcháin an aerárthaigh (e.g. EIAKO, 4XBCD, N2567GA), sna cásanna seo a leanas:

(1)

i radaiteileafónaíocht, cuimsítear an t-aitheantas sin amháin leis an gcomhartha glao a úsáidfidh an t-aerárthach (e.g. CGAJS), nó tagann sainitheoir teileafónaíochta ICAO an oibreora aerárthaigh roimhe (e.g. BLIZZARD CGAJS);

(2)

níl an t-aerárthach feistithe le raidió.

Rialacha um eitilt

CUIR ISTEACH ceann de na litreacha seo a leanas chun léiriú a thabhairt ar an gcatagóir de rialacha eitilte atá beartaithe ag an bpíolóta a chomhlíonadh:

I

má tá sé beartaithe an eitilt iomlán a oibriú faoi IFR; nó

V

má tá sé beartaithe an eitilt iomlán a oibriú faoi VFR; nó

Y

má oibrítear an eitilt ar dtús faoi IFR, agus athrú amháin nó níos mó ina dhiaidh sin ar na rialacha eitilte; nó

Z

má oibrítear an eitilt ar dtús faoi VFR, agus athrú amháin nó níos mó ina dhiaidh sin ar na rialacha eitilte.

Sonraigh i Mír 15 an pointe nó na pointí ag a bhfuil sé beartaithe athrú a dhéanamh ar na rialacha eitilte.

Cineál eitilte

CUIR ISTEACH ceann de na litreacha seo a leanas chun léiriú a thabhairt ar an gcineál eitilte nuair a cheanglaíonn an t-údarás inniúil sin:

S

más aersheirbhís sceidealaithe atá i gceist;

N

más oibríocht aeriompair neamhsceidealaithe atá i gceist;

G

más eitlíocht ghinearálta atá i gceist;

M

más eitlíocht mhíleata atá i gceist;

X

más aon ní eile seachas aon cheann de na catagóirí atá sainithe thuas atá i gceist.

Sonraigh stádas eitilte ag leanúint an táscaire STS i Mír 18, nó i gcás inar gá chun cúiseanna eile le láimhseáil shonrach ATS a léiriú, tabhair an chúis le fios tar éis an táscaire RMK i Mír 18.

An líon aerárthaí (1 nó 2 charachtar)

CUIR ISTEACH an líon aerárthaí, má tá níos mó ná ceann amháin ann.

Cineál aerárthaigh (idir 2 agus 4 charachtar)

CUIR ISTEACH an sainitheoir iomchuí mar a shonraítear i nDoic. 8643, Sainitheoirí Cineál Aerárthaigh, NÓ, mura sannadh sainitheoir den sórt sin, nó i gcás eitiltí foirmíochta ina gcuimsítear níos mó ná cineál amháin, CUIR ISTEACH ZZZZ, agus SONRAIGH i mír 18 (líon agus) cineál(cineálacha) aerárthaigh agus ‘TYP/roimhe

Catagóir suaiteachta marbhshrutha (1 charachtar)

CUIR ISTEACH claonstríoc agus ceann de na litreacha seo a leanas ina dhiaidh chun léiriú a thabhairt ar chatagóir suaiteachta marbhshrutha an aerárthaigh:

J

OLL, mar léiriú ar chineál aerárthaigh mar a shonraítear in ICAO Doic. 8643, Sainitheoirí de Chineál Aerárthaigh, an t-eagrán is déanaí;

H

TROM, mar léiriú ar chineál aerárthaigh ag a bhfuil uasmhais deimhnithe ag éirí de thalamh de 136 000 kg nó níos mó, cé is moite de chineálacha aerárthaí atá liostaithe in ICAO Doic. 8643 san OLL (J) chatagóir;

M

MEÁNACH, chun léiriú a thabhairt ar chineál aerárthaigh ag a bhfuil uasmhais deimhnithe ag éirí de thalamh de níos lú ná 136 000 kg ach níos mó ná 7 000 kg;

L

ÉADROM, chun léiriú a thabhairt ar chineál aerárthaigh ag a bhfuil uasmhais deimhnithe ag éirí de thalamh de 7 000 kg nó níos lú.

Cuimsítear na heilimintí seo a leanas le cumais:

(a)

is ann do threalamh inseirbhíse ábhartha ar bord an aerárthaigh;

(b)

tá an trealamh agus na cumais ar cóimhéid le cáilíochtaí fhoireann na heitilte; agus

(c)

i gcás inarb infheidhme, údarú ón údarás iomchuí.

Trealamh agus cumais chumarsáide raidió, loingseoireachta agus áiseanna ascnaimh

CUIR ISTEACH litir amháin mar a leanas:

N

mura n-iompraítear trealamh COM/NAV/áiseanna ascnaimh don bhealach atá le heitilt, nó mura bhfuil an trealamh inseirbhíse; nó

S

má iompraítear trealamh COM/NAV/áiseanna ascnaimh don bhealach atá le heitilt, agus má tá sé inseirbhíse; agus/nó

CUIR ISTEACH ceann amháin nó níos mó de na litreacha seo a leanas chun léiriú a thabhairt ar an trealamh agus na cumais COM/NAV/áiseanna ascnaimh atá ar fáil:

A

Córas tuirlingthe GBAS

J7

CPDLC FANS 1/A SATCOM (Iridiam)

B

LPV (APV le SBAS)

K

MLS

C

Loran C

L

ILS

D

DME

M1

ATC SATVOICE (INMARSAT)

E1

FMC WPR ACARS

M2

ATC SATVOICE (MTSAT)

E2

D-FIS ACARS

M3

ATC SATVOICE (Iridiam)

E3

PDC ACARS

O

VOR

G

GNSS. Má tá aon chuid den eitilt beartaithe a dhéanamh faoi IFR, tagraíonn sé do ghlacadóirí GNSS a chomhlíonann Iarscríbhinn 10 ICAO Imleabhar I

P1

CPDLC RCP 400

P2

CPDLC RCP240

P3

SATVOICE RCP 400

H

HF RTF

P4-P9

Forchoimeádta le haghaidh RCP

I

Loingseoireacht Támhúil

R

PBN formheasta

J1

CPDLC ATN VDL Mód 2

T

TACAN

J2

CPDLC FANS 1/A HFDL

U

UHF RTF

J3

CPDLC FANS 1/A VDL Mód A

V

VHF RTF

J4

CPDLC FANS 1/A VDL Mód 2

W

RVSM formheasta

J5

CPDLC FANS 1/A SATCOM (INMARSAT)

X

MNPS Formheasta

J6

CPDLC FANS 1/A

SATCOM (MTSAT)

Y

VHF le cumas spásála le haghaidh chainéal 8,33 kHz

Z

Trealamh eile arna iompar nó cumais eile

Coimeádtar aon charachtar alfa-uimhriúil nach dtugtar le fios thuas.

Trealamh agus cumais faireachais

CUIR ISTEACH

N mura n-iompraítear trealamh faireachais don bhealach atá le heitilt, nó mura bhfuil an trealamh inseirbhíse;

CUIR ISTEACH

ceann amháin nó níos mó de na tuairisceoirí seo a leanas, suas le huasmhéid 20 carachtar, chun tuairisc a thabhairt ar an trealamh faireachais inseirbhíse agus/nó ar na cumais ar bord:

Móid SSR A agus C

A

Trasfhreagróir – Mód A (4 dhigit – 4 096 chód)

C

Trasfhreagróir – Mód A (4 dhigit – 4 096 chód) agus Mód C

Mód SSR S

E

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, cumas airde-brú agus cumas steallchraolta sínte (ADS-B)

H

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, cumas airde-brú agus cumas faireachais fheabhsaithe

I

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, ach gan cumas airde-brú

L

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas aitheantais aerárthaigh, cumas airde-brú, cumas steallchraolta sínte (ADS-B) agus ardchumas faireachais

P

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas airde-brú, ach gan cumas aitheantais aerárthaigh

S

Trasfhreagróir – Mód S, lena n-áirítear cumas airde-brú agus cumas aitheantais aerárthaigh araon

X

Trasfhreagróir – Mód S gan ceachtar de chumas aitheantais aerárthaigh ná den chumas airde-brú

ADS-B

B1

ADS-B le cumas ‘amach’ tiomnaithe ADS-B 1 090 MHz

B2

ADS-B le cumas ‘amach’ agus ‘isteach’ tiomnaithe ADS-B 1 090 MHz

U1

Cumas ‘amach’ ADS-B ag úsáid UAT

U2

Cumas ADS-B ‘amach’ agus ‘isteach’ ag úsáid UAT

V1

Cumas ADS-B ‘amach’ ag úsáid VDL Mód 4

V2

Cumas ADS-B ‘amach’ agus ‘isteach’ ag úsáid VDL Mód 4

ADS-C

D1

ADS-C le cumais FANS 1/A

G1

ADS-C le cumais ATN

Coimeádtar carachtair alfa-uimhriúla nach dtugtar le fios thuas.

CUIR ISTEACH

táscaire suímh 4-litir ICAO den aeradróm imeachta mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh;

,

mura sannadh aon táscaire suímh,

CUIR ISTEACH ZZZZ agus SONRAIGH, i Mír 18:

ainm agus suíomh an aeradróim agus DEP/ag dul roimhe; nó

an chéad phointe den bhealach nó rabhchán raidió marcóra le DEP/roimhe..., mura éirigh an t-aerárthach den talamh ó aeradróm;

,

má fhaightear an plean eitilte ó aerárthach le linn eitilte,

CUIR ISTEACH AFIL, agus SONRAIGH, i Mír 18, táscaire suímh 4-litir ICAO de shuíomh an aonaid ATS ónar féidir na sonraí ón bplean eitilte forlíontach a fháil, agus DEP/ag teacht roimhe.

ANSIN, GAN SPÁS,

CUIR ISTEACH le haghaidh plean eitilte a cuireadh isteach roimh imeacht, an t-am gluaiste measta (EOBT), nó le haghaidh plean eitilte a fuarthas ó aerárthach le linn eitilte, an t-am iarbhír nó measta thar an gcéad phointe den bhealach lena mbaineann an plean eitilte.

CUIR ISTEACH an chéad luas cúrsála mar atá in (a) agus an chéad airde cúrsála mar atá in (b), gan spás eatarthu.

ANSIN,

ag leanúint na saigheada, CUIR ISTEACH tuairisc ar an mbealach mar atá in (c).

(a)

Luas cúrsála (uasmhéid 5 charachtar)

CUIR ISTEACH an Fíor-aerluas don chéad chuid de chuid cúrsála na heitilte nó don chuid iomlán de, i dtéarmaí:

Ciliméadair san uair, á léiriú mar K agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. K0830), nó

Muirmhílte, á léiriú mar N agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. N0485), nó

Fíor Machuimhir, nuair a dhéanann an t-údarás inniúil é a fhorordú, chuig an gcéadú is gaire d’aonad Mach, á léiriú mar M agus 3 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. M082).

(b)

Airde cúrsála (uasmhéid 5 charachtar)

CUIR ISTEACH an airde cúrsála beartaithe don chéad chuid den bhealach a bheidh le heitilt nó don chuid iomlán, i dtéarmaí:

Leibhéal eitilte, á léiriú mar F agus 3 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. F085; F330), nó

Gnáth leibhéal méadrach i ndeicheanna de mhéadar, nuair a dhéanann an t-údarás inniúil é a fhorordú á léiriú mar S agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. S1130), nó

Airde sna céadta troigh, á léiriú mar A agus 3 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. A045; A100), nó

Airde i ndeicheanna de mhéadair, á léiriú mar M agus 4 fhigiúr ina dhiaidh (e.g. M0840), nó

le haghaidh eitiltí VFR neamhrialaithe, na litreacha VFR.

(c)

Bealach (lena n-áirítear athruithe ar leibhéal luais agus/nó rialacha eitilte

Eitiltí feadh bhealaí ATS ainmnithe

CUIR ISTEACH,

má tá an t-aeradróm imeachta suite ar an mbealach ATS nó nasctha leis, sainitheoir an chéad bhealaigh ATS,

,

má tá an t-aeradróm imeachta suite ar an mbealach ATS nó nasctha leis, na litreacha DCT agus ina dhiaidh an pointe ag a dtiocfar le chéile leis an gcéad bhealach ATS, agus sainitheoir an bhealaigh ATS ina dhiaidh.

ANSIN

CUIR ISTEACH

gach pointe ag a mbeartaítear tús a chur le hathrú luais agus/nó an leibhéal luais, nó athrú ar bhealach ATS, agus/nó a bhfuil athrú ar rialacha eitilte beartaithe,

AGUS INA nDIAIDH I nGACH CÁS

 

ag sainitheoir na chéad deighleoige eile den bhealach ATS, fiú má tá sé mar an gcéanna leis an gceann roimhe,

ag DCT, má tá an eitilt chuig an gcéad phointe eile lasmuigh de bhealach sainithe, mura ndéantar an dá phointe a shainiú le comhordanáidí geografacha.

Eitiltí lasmuigh de bhealaí ATS sainithe

CUIR ISTEACH

pointí nach mó ná 30 nóiméad am eitilte de ghnáth nó 370 km (200 NM) ó chéile, lena n-áirítear gach pointe ag a mbeartaítear athrú luais nó leibhéil, athrú riain, nó athrú ar na rialacha eitilte a dhéanamh,

NÓ,

i gcás ina gceanglaíonn an t-údarás inniúil é sin,

SAINIGH

rian na n-eitiltí a oibrítear den chuid is mó i dtreo soir-siar idir 70°N agus 70°S faoi threoir pointí suntasacha arna bhfoirmiú ag pointí trasnaithe leathchéimeanna nó céimeanna iomlána domhanleithid le fadlínte spásáilte ag eatraimh 10 gcéim domhanfhaid. I gcás eitiltí a oibrítear i limistéir lasmuigh de na leithid sin, saineofar na rianta sin le pointí suntasacha arna bhfoirmiú ag pointe trasnaithe na línte domhanleithid agus na fadlínte spásáilte de ghnáth ag 20 céim domhanfhaid. Ní bheidh an fad idir pointí suntasacha, a mhéid is féidir, níos mó ná aga eitilte 1 uair an chloig. Bunófar pointí suntasacha breise de réir mar a mheastar atá riachtanach.

 

I gcás eitiltí a oibrítear den chuid is mó i dtreo thuaidh-theas, sainigh na rianta faoi threoir pointí suntasacha arna bhfoirmiú ag pointe trasnaithe céimeanna iomlána domhanfhaid le línte domhanleithid sonraithe atá spásáilte ag 5 chéim.

CUIR ISTEACH

DCT idir pointí comhleanúnacha mura ndéantar an dá phointe a shainiú le comhordanáidí geografacha nó trí threo-uillinn agus fad.

NÁ hÚSAID ACH AMHÁIN na coinbhinsiúin in (1) go (5) thíos agus SCAR gach fomhír le spás.

Image 2

An sainitheoir códaithe arna shannadh don bhealach nó don deighleog bealaí lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an sainitheoir códaithe arna shannadh don ghnáthbhealach imeachta nó teachta (e.g. BCN1, Bl, R14, UB10, KODAP2A).

Image 3

An sainitheoir códaithe (2 go 5 charachtar) arna shannadh don phointe (e.g. LN, MAY, HADDY),

, mura sannadh aon sainitheoir códaithe, ceann de na bealaí seo a leanas:

Céimeanna amháin (7 gcarachtar):

2 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanleithead i gcéimeanna, agus ‘N’ (Ó thuaidh) nó ‘S’ (Ó Dheas) ina ndiaidh, agus leanann 3 fhigiúr é ina dtugtar tuairisc ar dhomhanfhad, agus ‘E’ (Oirthear) nó ‘W’ (Iarthar) ina dhiaidh. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. 46N078W.

Céimeanna agus nóiméid (11 charactar):

4 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanleithead i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus aonaid de nóiméid agus ‘N’ (Ó thuaidh) nó ‘S’ (Ó dheas) ina dhiaidh, agus ansin 5 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanfhad i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus in aonaid de nóiméid, agus ‘E’ (Oirthear) nó ‘W’ (Iarthar) ina dhiaidh. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. 4620N07805W.

Treo-uillinn agus fad ó phointe tagartha:

An pointe tagartha a shainaithint, agus ansin an treo-uillinn ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a thugann céimeanna maighnéadacha, agus ina dhiaidh sin an fad ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a léiríonn muirmhílte. I limistéir ina bhfuil domhanleithead ard cinneann an t-údarás iomchuí nach bhfuil tagairt do chéimeanna maighnéadacha praiticiúil, féadfar céimeanna fíora a úsáid. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach – e.g. ba cheart maighnéad de phointe 180 ag fad 40 NM ó VOR ‘DUB’ a léiriú mar DUB180040.

Image 4

An pointe ag a mbeartaítear athrú a dhéanamh ar luas (5 % TAS nó 0,01 Mach nó níos mó) nó athrú leibhéil a thosú, á léiriú go beacht mar atá in (2) thuas, agus ina dhiaidh sin claonstríoc agus an luas cúrsála agus an airde cúrsála, á léiriú go beacht mar atá in (a) agus (b) thuas, gan spás eatarthu, fiú nuair nach ndéanfar ach ceann amháin de na cainníochtaí sin a athrú.

Samplaí:

LN/N0284A045

MAY/N0305Fl80

HADDY/N0420F330

4602N07805W/N0500F350

46N078W/M082F330

DUB180040/N0350M0840

Image 5

An pointe ag a mbeartaítear an t-athrú a dhéanamh ar rialacha eitilte, á léiriú go beacht mar atá in (2) nó (3) thuas de réir mar is iomchuí, agus ina dhiaidh sin spás agus ceann díobh seo a leanas:

VFR más ó IFR go VFR

IFR más ó VFR go IFR

Samplaí:

LN VFR

LN/N0284A050 IFR

Image 6

An litir C agus ina dhiaidh sin claonstríoc; ANSIN an pointe ag a mbeartaítear tús a chur leis an gcúrsáil a thabhairt in aghaidh an aird, á léiriú mar atá in (2) thuas, agus claonstríoc ina dhiaidh; ANSIN an luas a bheidh le coinneáil ar bun le linn don chúrsáil a thabhairt in aghaidh an aird, á léiriú go beacht mar atá in (a) thuas, agus ansin an dá leibhéal ina dhiaidh ina sainítear an tsraith a bheidh le háitiú le linn don chúrsáil a bheith ag dul in aghaidh an aird, gach ceann á léiriú go beacht mar atá in (b) thuas, nó an leibhéal ag a bhfuil an chúrsáil beartaithe a thabhairt in aghaidh an aird agus na litreacha PLUS ina dhiaidh, gan spás eatarthu.

Samplaí:

C/48N050W/M082F290F350

C/48N050W/M082F290PLUS

C/52N050W/M220F580F620

Aeradróm cinn scríbe agus am caite iomlán (8 gcarachtar)

CUIR ISTEACH

táscaire suímh 4-litir ICAO an aeradróim cinn scríbe mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh,

NÓ,

mura sannadh aon táscaire suímh,

CUIR ISTEACH

ZZZZ agus SONRAIGH i Mír 18 ainm agus suíomh an aeradróim, agus DEST/ag teacht roimhe.

ANSIN GAN SPÁS

CUIR ISTEACH

an t-am caite measta iomlán.

Aeradróm malartach cinn scríbe

CUIR ISTEACH

táscaire suímh 4-litir ICAO nach mó ná dhá aeradróm malairte ceann scríbe, mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscairí Suímh, á scaradh le spás,

NÓ,

mura sannadh aon táscaire suímh don aeradróm malairte ceann scríbe,

CUIR ISTEACH

ZZZZ agus SONRAIGH i Mír 18 ainm agus suíomh an aeradróim malairte ceann scríbe, agus ALTN/ag teacht roimhe.

Níor cheart fleiscíní nó claonstríocaí a úsáid ach amháin mar a fhorordaítear thíos.

CUIR ISTEACH

0 (náid) mura ann d’aon fhaisnéis eile,

NÓ,

aon fhaisnéis eile is gá sa seicheamh a thaispeántar anseo thíos, i bhfoirm an táscaire iomchuí arna roghnú astu sin atá sainithe anseo thíos agus claonstríoc ina dhiaidh agus an fhaisnéis atá le taifeadadh:

STS/

An chúis leis an láimhseáil speisialta ó ATS, e.g. misean cuardaigh agus tarrthála, mar a leanas:

 

ALTRV:

le haghaidh eitilte a oibrítear i gcomhréir le háirithint airde;

 

ATFMX:

le haghaidh eitilte arna formheas le haghaidh díolúine ó bhearta ATFM ag an údarás inniúil;

 

FFR:

comhrac dóiteáin;

 

FLTCK:

seiceáil eitiltí le haghaidh calabrú áiseanna loingseoireachta;

 

HAZMAT:

le haghaidh eitilte a iompraíonn ábhar guaiseach;

 

CEANN:

eitilt ag a bhfuil an stádas Ceann Stáit;

 

HOSP:

le haghaidh eitilt leighis arna dearbhú ag údaráis leighis;

 

HUM:

le haghaidh eitilt a oibrítear ar mhisean daonnachtúil;

 

MARSA:

le haghaidh eitilt dá nglacann eintiteas míleata freagracht maidir le fad a chur idir aerárthaí míleata;

 

MEDEVAC:

le haghaidh aslonnú taismeach éigeandála atá criticiúil do bheatha;

 

NONRVSM:

le haghaidh eitilt neamh-RVSM-inniúil atá ag beartú oibriú in aerspás RVSM;

 

SAR:

le haghaidh eitilt atá ag gabháil do mhisean cuardaigh agus tarrthála; agus

 

STATE:

le haghaidh eitilt atá ag gabháil do sheirbhísí míleata, custaim, nó póilíní.

 

Déanfar cúiseanna eile go ndéantar láimhseáil speisialta le ATS a léiriú faoin sainitheoir ‘RMK/’.

PBN/

Tásc maidir le cumais RNAV agus/nó RNP. Cuir san áireamh an oiread de na tuairisceoirí thíos, a bhfuil feidhm acu maidir leis an eitilt, suas go dtí uasmhéid 8 n-eintiteas, i.e. iomlán nach mó ná 16 charachtar.


SONRAÍOCHTAÍ RNAV

A1

RNAV 10 (RNP 10)

C1

RNAV 2 gach braiteoir ceadaithe

 

 

C2

RNAV 2 GNSS

B1

RNAV 5 gach braiteoir ceadaithe

C3

RNAV 2 DME/DME

B2

RNAV 5 GNSS

C4

RNAV 2 DME/DME/IRU

B3

RNAV 5 DME/DME

 

 

B4

RNAV 5 VOR/DME

D1

RNAV 1 gach braiteoir ceadaithe

B5

RNAV 5 INS nó IRS

D2

RNAV 1 GNSS

B6

RNAV 5 LORANC

D3

RNAV 1 DME/DME

 

 

D4

RNAV 1 DME/DME/IRU


SONRAÍOCHTAÍ RNP

L1

RNP 4

S1

RNP APCH

 

 

S2

RNP APCH le BARO-VNAV

O1

Bun-RNP 1 gach braiteoir ceadaithe

 

 

O2

Bun-RNP 1 GNSS

T1

RNP AR APCH le RF (údarú speisialta de dhíth)

O3

Bun-RNP 1 DME/DME

T2

RNP AR APCH gan RF (údarú speisialta de dhíth)

O4

Bun-RNP 1 DME/DME/IRU

 

 

Coimeádtar teaglaim de charachtair alfa-uimhriúla nach dtugtar le fios thuas.

NAV/

Sonraí móra a bhaineann le trealamh loingseoireachta, seachas mar a shonraítear in PBN/, arna gceangal ag an údarás inniúil.

 

Léirigh méadú GNSS faoin táscaire seo, agus spás idir dhá mhodh méadaithe nó níos mó, e.g. NAV/GBAS SBAS.

 

Léirigh EURPRNAV má bhíonn an t-aerárthach formheasta P-RNAV ag brath go haonarach ar VOR/DME chun an suíomh a chinneadh.

COM/

Léirigh an trealamh cumarsáide agus na cumais nach bhfuil sonraithe i Mír 10 a).

DAT/

Léirigh an trealamh cumarsáide sonraí agus na cumais nach bhfuil sonraithe i Mír 10 a) nó ‘CPDLCX’ chun an díolúine arna dheonú ón gceanglas a bheith feistithe le CPDLC-ATN-B1 a léiriú.

SUR/

Léirigh an trealamh faireachais agus na cumais nach bhfuil sonraithe i Mír 10 b). Léirigh an oiread sonraíochta(í) RSP agus is féidir mar a bhfuil feidhm acu maidir leis an eitilt, ag úsáid sainitheora(sainitheoirí) gan spás. Scartar ilsonraíochtaí RSP le spás. Sampla: RSP180 RSP400.

 

Cuir isteach EUADSBX, EUEHSX, EUELSX, nó teaglaim díobh, chun léiriú a thabhairt ar na díolúintí a deonaíodh maidir leis an gceanglas a bheith feistithe le trasfhreagróirí Mód SSR S nó tarchuradóirí ADS-B.

DEP/

Ainm agus suíomh an aeradróim imeachta, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 13, nó an t-aonad ATS ónar féidir sonraí forlíontacha an phlean eitilte a fháil, má chuirtear AFIL isteach i Mír 13. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh mar a leanas:

 

Le 4 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanleithead i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus aonaid de nóiméid agus ‘N’ (Ó thuaidh) nó ‘S’ (Ó dheas) ina dhiaidh, agus ansin 5 fhigiúr ina dtugtar tuairisc ar dhomhanfhad i gcéimeanna agus i ndeicheanna agus in aonaid de nóiméid, agus ‘E’ (Oirthear) nó ‘W’ (Iarthar) ina dhiaidh. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. 4620N07805W (11 charactar).

NÓ,

Treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a leanas:

 

An pointe suntasach a shainaithint, ansin an treo-uillinn ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a thugann céimeanna maighnéadacha, agus ina dhiaidh sin an fad ón bpointe i bhfoirm 3 fhigiúr a léiríonn NM. I limistéir ina bhfuil domhanleithead ard i gcás ina gcinneann an t-údarás iomchuí nach bhfuil tagairt do chéimeanna maighnéadacha praiticiúil, féadfar céimeanna fíora a úsáid. Déan suas an líon ceart figiúirí, i gcás inar gá, trí náideanna a chur isteach, e.g. ba cheart maighnéad de phointe 180 ag fad 40 NM ó VOR ‘DUB’ a léiriú mar DUB180040.

NÓ,

An chéad phointe den bhealach (ainm nó LAT/LONG) nó rabhchán raidió marcóra, mura éirigh an t-aerárthach den talamh ó aeradróm.

DEST/

Ainm agus suíomh an aeradróim cinn scríbe, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 16. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear faoi DEP/thuas.

DOF/

Dáta imeachta na heitilte i bhformáid 6 fhigiúr (BBMMDD, inarb ionann BB agus an bhliain, tá MM cothrom leis an mí, agus is ionann LL agus an lá).

REG/

Náisiúntacht nó marc coiteann agus marc clárúcháin an aerárthaigh, má tá sé difriúil ón aitheantas aerárthaigh i Mír 7.

EET/

Pointí suntasacha nó sainitheoirí teorann FIR agus amanna caite measta carntha ó éirí de thalamh go dtí pointí den sórt sin nó teorainneacha FIR, i gcás ina bhforordaítear sin ar bhonn socruithe aerloingseoireachta réigiúnacha, nó arna bhforordú ag an údarás inniúil.

Samplaí:

EET/CAP0745 XYZ0830

 

EET/EINN0204

SEL/

Cód SELCAL, le haghaidh aerárthaí atá feistithe mar sin.

TYP/

Cineál (nó cineálacha) aerárthaigh, agus ag dul roimhe más gá gan spás le huimhir(uimhreacha) aerárthaigh agus scartha le spás amháin, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 9.

Sampla:

TYP/2F15 5F5 3B2

CODE/

Seoladh an aerárthaigh (léirithe i bhfoirm cóid alfa-uimhriúla ina bhfuil 6 charachtar heicsidheachúla) i gcás ina n-iarrann an t-údarás inniúil sin. Sampla: Is é ‘F00001’ an seoladh aerárthaigh is ísle atá sa bhloc sonrach arna riar ag ICAO.

DLE/

Moill nó coinneáil faoi bhealach, cuir isteach an pointe(í) suntasach ar an mbealach i gcás ina bhfuil sé beartaithe moill a dhéanamh, agus ansin fad na moille ag úsáid am 4 fhigiúr in uaireanta an chloig agus i nóiméid (uunn).

Sampla:

DLE/MDG0030

OPR/

Sainitheoir ICAO nó ainm ghníomhaireacht oibríochta an aerárthaigh, má tá sé difriúil ón aitheantas aerárthaigh i Mír 7.

ORGN/

Seoladh AFTN 8 litir an tionscnóra nó sonraí teagmhála eile iomchuí, i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh tionscnóir an phlean eitilte aitheanta go héasca, arna cheangal ag an údarás inniúil.

PER/

Sonraí feidhmíochta an aerárthaigh, á léiriú le litir aonair mar a shonraítear i Nósanna imeachta le haghaidh Seirbhísí Aerloingseoireachta – Oibríochtaí Aerárthaí (PANS-OPS, Doic. 8168), Imleabhar I – Nósanna imeachta Eitilte, má dhéanann an t-údarás inniúil é a fhorordú mar sin.

ALTN/

Ainm aeradróm malairte ceann scríbe, má chuirtear ZZZZ isteach i Mír 16. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear in DEP/thuas.

RALT/

Táscaire 4-litir ICAO le haghaidh bealaí malartacha faoi bhealach, mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscaire Suímh, nó ainm(neacha) aeradróim mhalartaigh, mura ndéantar táscaire a leithdháileadh. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear in DEP/thuas.

TALT/

Táscaire 4-litir ICAO le haghaidh éirí de thalamh malartach, mar a shonraítear i nDoic. 7910, Táscaire Suímh, nó ainm aeradróim mhalartaigh chun éirí de thalamh, mura ndéantar táscaire a leithdháileadh. I gcás aeradróim nach bhfuil liostaithe san Fhoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta ábhartha, léirigh an suíomh in LAT/LONG nó treo-uillinn agus fad ón bpointe suntasach is gaire, mar a thuairiscítear in DEP/thuas.

RIF/

Mionsonraí an bhealaigh i dtreo an aeradróim cinn scríbe athbhreithnithe, agus táscaire suímh 4-litir ICAO an aeradróim ina dhiaidh. Tá an bealach athbhreithnithe faoi réir a athimréiteach le linn eitilte.

Samplaí:

RIF/DTA HEC KLAX

 

RIF/ESP G94 CLA YPPH

RVR/

íoscheanglas maidir le raon radhairc an rúidbhealaigh le haghaidh na heitilte á léiriú i 3 fhigiúr.

RFP/

léiriú ar uimhir na bpleananna eitilte athsholáthair arna gcur isteach san fhormáid ‘Q’ agus 1 fhigiúr amháin ina ndiaidh ag léiriú próiseas atriallach an athsholáthair.

Samplaí:

RFP/Q2.

RMK/

Aon bharúil eile i dteanga sholéite arna cheangal ag an údarás inniúil nó nuair a mheastar gur gá é.

Buanseasmhacht

Tar éis E/

CUIR ISTEACH grúpa 4-fhigiúr ag tabhairt buanseasmhacht breosla in uaireanta an chloig agus nóiméid.

Daoine ar bord

Tar éis P/

CUIR ISTEACH an líon iomlán daoine (paisinéirí agus criú) ar bord, arna cheangal ag an údarás inniúil. CUIR ISTEACH TBN (le fógairt) murar eol an líon iomlán daoine tráth an chódaithe.

Trealamh éigeandála agus marthanais

R/

(RAIDIÓ) SCRIOS AMACH U mura bhfuil UHF ar mhinicíocht 243,0 MHz ar fáil.

SCRIOS AMACH V mura bhfuil VHF ar mhinicíocht 121,5 MHz ar fáil.

SCRIOS AMACH E mura bhfuil tarchuradóir aimsitheora éigeandála (ELT) ar fáil.

S/(TREALAMH MARTHANAIS)

SCRIOS AMACH gach táscaire i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais.

SCRIOS AMACH P i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais polaigh.

SCRIOS AMACH D i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais gaineamhlaigh.

SCRIOS AMACH M i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais muirí.

SCRIOS AMACH J i gcás nach n-iompraítear trealamh marthanais dufair.

J/(SEAICÉID)

SCRIOS AMACH gach táscaire i gcás nach n-iompraítear seaicéid tharrthála.

SCRIOS AMACH L i gcás nach bhfuil seaicéid tharrthála feistithe le soilse.

SCRIOS AMACH F i gcás nach bhfuil seaicéid tharrthála feistithe le fluaraisin.

SCRIOS AMACH U nó V nó an dá cheann mar atá in R/thuas chun cumas raidió na seaicéad a léiriú, más ann dóibh.

D/(BÁIDÍNÍ)

(LÍON)

SCRIOS AMACH táscairí D agus C i gcás nach n-iompraítear aon bháidín; nó

CUIR ISTEACH an líon báidíní a iompraítear; agus

(CUMAS) – CUIR ISTEACH an cumas iomlán, i ndaoine, báidíní uile a iompraítear; agus

(CUMHDACH) – SCRIOS AMACH táscaire C i gcás nach bhfuil báidíní cumhdaithe; agus

(DATH) – CUIR ISTEACH dath na mbáidíní má iompraítear iad.

A/(DATH AGUS MARCÁLACHA AN AERÁRTHAIGH)

CUIR ISTEACH dath an aerárthaigh agus marcálacha suntasacha.

N/(BARÚLACHA)

SCRIOS AMACH táscaire N i gcás nach ann do bharúlacha, nó LÉIRIGH aon trealamh marthanais eile a iompraítear agus aon bharúil eile maidir le trealamh marthanais.

C/(PÍOLÓTA)

CUIR ISTEACH ainm an phíolóta i gceannas.

2.3   Arna chomhdú ag

CUIR ISTEACH

ainm an aonaid, na gníomhaireachta nó an duine a bheidh ag líonadh isteach an phlean eitilte.


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1770 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos forálacha maidir le trealamh aerárthaí a cheanglaítear i dtaca le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus rialacha oibriúcháin a bhaineann le húsáid an Aerspáis Eorpaigh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011, (AE) Uimh. 1207/2011 agus (AE) Uimh. 1079/2012 (IO L 228, XX.9.2023, lch. 39)’;’


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/94


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1773 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Lúnasa 2023

lena leagtar síos na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe chun críocha an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le linn na hidirthréimhse

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (1), agus go háirithe Airteagal 35(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2023/956 leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe chun críocha an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha le linn na hidirthréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025.

(2)

Le linn na hidirthréimhse, tá allmhaireoirí nó ionadaithe custaim indíreacha le tuairisciú ar an gcainníocht earraí allmhairithe, ar na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha atá leabaithe iontu, agus ar aon phraghas carbóin atá dlite maidir leis na hastaíochtaí sin, lena n-áirítear praghsanna carbóin atá dlite maidir le hastaíochtaí atá leabaithe in ábhair réamhtheachtacha ábhartha.

(3)

Ba cheart an chéad tuarascáil a chur isteach faoin 31 Eanáir 2024 i leith earraí a allmhairíodh le linn an cheathrú ráithe de 2023. Ba cheart an tuarascáil deiridh a chur isteach faoin 31 Eanáir 2026 i leith earraí a allmhairíodh le linn an cheathrú ráithe de 2025.

(4)

Tá an Coimisiún le rialacha cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh na gceanglas tuairiscithe sin.

(5)

Ba cheart na ceanglais tuairiscithe a theorannú don mhéid is gá chun an t-ualach ar allmhaireoirí a íoslaghdú san idirthréimhse agus chun rolladh amach rianúil na gceanglas dearbhaithe SCCT i ndiaidh na hidirthréimhse a éascú.

(6)

I gcomhréir le hIarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2023/956, maidir leis na rialacha mionsonraithe chun astaíochtaí leabaithe earraí allmhairithe a ríomh, ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar an modheolaíocht is infheidhme faoin gCóras Trádála Astaíochtaí maidir le suiteálacha atá lonnaithe san Aontas, go háirithe mar atá sonraithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2018/2066 (2). Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na prionsabail chun astaíochtaí leabaithe na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 a chinneadh na próisis táirgthe ábhartha le haghaidh catagóirí earraí a shainaithint, agus chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí díreacha agus indíreacha na bpróiseas táirgthe sin. Ba cheart na noirm agus nósanna imeachta atá ann cheana i reachtaíocht ábhartha an Aontais a chur san áireamh sa tuairisciú le linn na hidirthréimhse. A mhéid a bhaineann le hidrigin agus a díorthaigh a tháirgeadh, ba cheart Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur san áireamh sa tuairisciú (3).

(7)

Na teorainneacha córais de phróisis táirgthe, lena n-áirítear sonraí faoi astaíochtaí ar leibhéal na suiteála, astaíochtaí sannta a ghabhann le próisis táirgthe agus astaíochtaí leabaithe earraí, ba cheart iad a úsáid chun na sonraí a chinneadh atá le cur ar fáil chun críche na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh. Maidir leis na hoibleagáidí sin, ba cheart do na hallmhaireoirí agus do na hionadaithe custaim indíreacha infhaighteacht na faisnéise is gá ó oibreoirí suiteálacha a áirithiú. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith faighte go tráthúil le go bhféadfaidh na hallmhaireoirí agus na hionadaithe custaim indíreacha a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh. Ba cheart fachtóirí astaíochta caighdeánacha a bheith san áireamh san fhaisnéis sin a bheidh le húsáid chun astaíochtaí leabaithe díreacha a ríomh, go háirithe fachtóirí astaíochta breosla agus fachtóirí astaíochta próisis, agus fachtóirí astaíochta tagartha le haghaidh táirgeadh leictreachais agus teasa.

(8)

Ós rud é go dtosaíonn an tréimhse tuairiscithe ar an 1 Deireadh Fómhair 2023, tá méid teoranta ama ar fáil d’allmhaireoirí agus d’ionadaithe custaim indíreacha chun comhlíontacht leis na hoibleagáidí tuairiscithe a áirithiú. Is féidir sineirgí a fháil leis na córais faireacháin agus tuairiscithe atá in úsáid cheana féin ag oibreoirí tríú tír. Ba cheart maolú sealadach ar na modhanna ríofa chun astaíochtaí leabaithe a thuairisciú a cheadú ar feadh tréimhse teoranta, dá bhrí sin, go dtí deireadh 2024. Ba cheart feidhm a bheith ag an tsolúbthacht sin i gcás ina bhfuil an t-oibreoir i dtríú tír faoi réir córas faireacháin agus tuairiscithe éigeantach a bhaineann le scéim praghsála carbóin, nó le scéimeanna faireacháin agus tuairiscithe éigeantacha eile, nó i gcás ina bhfuil an t-oibreoir ag déanamh faireacháin ar astaíochtaí na suiteála, lena n-áirítear le haghaidh tionscadal laghdaithe astaíochtaí.

(9)

Go ceann tréimhse teoranta, go dtí an 31 Iúil 2024, maidir le dearbhóirí tuairiscithe nach mbeadh in ann an fhaisnéis uile a fháil ó oibreoirí tríú tír chun astaíochtaí leabaithe iarbhír na n-earraí allmhairithe a chinneadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh a bheith in ann úsáid a bhaint as modh malartach chun na hastaíochtaí leabaithe díreacha a chinneadh agus tagairt a dhéanamh don mhodh sin.

(10)

Ba cheart do na hoibleagáidí tuairiscithe roinnt solúbthachta a sholáthar chun na céimeanna táirgthe a chinneadh i suiteálacha nach cuid shuntasach d’astaíochtaí leabaithe díreacha na n-earraí allmhairithe iad. B’amhlaidh a bheadh, go ginearálta, le haghaidh na gcéimeanna táirgthe deiridh de tháirgí iartheachtacha cruach nó alúmanaim. Sa chás sin, ba cheart maolú ó na hoibleagáidí tuairiscithe riachtanacha a sholáthar agus féadfar luachanna measta a thuairisciú le haghaidh na gcéimeanna táirgthe i suiteálacha nach mó ná 20 % d’astaíochtaí leabaithe iomlána na n-earraí allmhairithe an méid a chuireann siad le hastaíochtaí díreacha. Ba cheart don tairseach sin solúbthacht leordhóthanach a áirithiú d’oibreoirí beaga i dtríú tíortha.

(11)

Ceann de chuspóirí na hidirthréimhse é sonraí a bhailiú chun an mhodheolaíocht chun astaíochtaí díreacha leabaithe i ndiaidh na tréimhse sin a ríomh a shonrú a thuilleadh sa ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 7(7) de Rialachán (AE) 2023/956. Sa chomhthéacs sin, ba cheart tuairisciú astaíochtaí indíreacha le linn na hidirthréimhse a bheith oscailte agus deartha chun go bhféadfar an luach is iomchuí a roghnú i measc na gceann a liostaítear i Roinn 4.3 in Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2023/956. Níor cheart a bheith san áireamh i dtuairisciú astaíochtaí indíreacha, áfach, tuairisciú atá bunaithe ar mheán-fhachtóir astaíochta eangach an Aontais ós rud é go bhfuil an Coimisiún ar an eolas faoin luach sin cheana féin.

(12)

Ba cheart do na sonraí a bhailítear le linn na hidirthréimhse bunús a sholáthar do na tuarascálacha a bhfuil an Coimisiún le cur i láthair i gcomhréir le hAirteagal 30(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2023/956. Ba cheart do na sonraí a bhailítear le linn na hidirthréimhse cuidiú le modheolaíocht uathúil fíoraithe, tuairiscithe agus faireacháin a shainmhíniú i ndiaidh na hidirthréimhse. Ba cheart an measúnú ar na sonraí a bailíodh a úsáid go háirithe d’obair an Choimisiúin i bhfianaise an mhodheolaíocht is infheidhme a choigeartú i ndiaidh na hidirthréimhse.

(13)

An raon táscach pionós atá le forchur ar dhearbhóir tuairiscithe a mhainnigh na hoibleagáidí tuairiscithe a urramú, ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar na luachanna réamhshocraithe arna soláthar agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse nár tuairiscíodh na hastaíochtaí leabaithe ina leith. Ba cheart don raon uasta táscach a bheith comhleanúnach leis an bpionós de bhun Airteagal 16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus a chur san áireamh go bhfuil an oibleagáid san idirthréimhse teoranta do thuairisciú sonraí. Ba cheart do na critéir atá le húsáid ag údaráis inniúla chun méid iarbhír an phionóis a bheith bunaithe ar thromchúis agus fad na mainneachtana tuairisc a thabhairt. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na tuarascálacha SCCT chun foráil a dhéanamh maidir le measúnú táscach ar an bhfaisnéis a theastaíonn ó na húdaráis inniúla agus chun comhleanúnachas na bpionós atá le cur i bhfeidhm a áirithiú.

(14)

Chun cur chun feidhme éifeachtúil oibleagáidí tuairiscithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún bunachar sonraí leictreonach, Clárlann Idirthréimhseach SCCT, a bhunú chun an fhaisnéis a thuairiscítear le linn na hidirthréimhse a bhailiú. Ba cheart do Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a bheith mar bhunús do Chlárlann SCCT a bhunú de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2023/956.

(15)

Ba cheart do Chlárlann Idirthréimhseach SCCT teacht le bheith ina chóras do dhearbhóirí tuairiscithe chun na tuarascálacha SCCT a chomhdú agus a bhainistiú, lena n-áirítear seiceálacha, measúnuithe táscacha agus nósanna imeachta athbhreithnithe. Chun measúnú cruinn ar na hoibleagáidí tuairiscithe a áirithiú, ba cheart do Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a bheith idir-inoibritheach le córais chustaim atá ann cheana.

(16)

Chun córas tuairiscithe éifeachtach agus aonfhoirmeach a áirithiú, ba cheart socruithe teicniúla maidir le feidhmiú Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a leagan síos, amhail socruithe maidir le forbairt, tástáil agus cur in úsáid, agus maidir le cothabháil agus modhnuithe ionchasacha ar na córais leictreonacha, cosaint sonraí, nuashonrú sonraí, teorannú ar phróiseáil sonraí, agus úinéireacht agus slándáil na gcóras. Ba cheart na socruithe sin a bheith comhoiriúnach do phrionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú faoi Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), chomh maith le slándáil na próiseála faoi Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 32 de Rialachán 2016/679.

(17)

Chun leanúnachas an tuairiscithe sonraí a áirithiú an t-am ar fad, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le réitigh mhalartacha a chur chun feidhme i gcás theip shealadach na gcóras leictreonach chun sonraí a thuairisciú. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún oibriú ar phlean leanúnachais gnó SCCT.

(18)

Chun rochtain ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a dheimhniú, ba cheart do dhearbhóirí tuairiscithe córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (UUM&DS), dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún (7), a úsáid don phróiseas bainistíochta, fíordheimhnithe agus fíoraithe rochtana.

(19)

Chun na dearbhóirí tuairiscithe a shainaithint agus chun liosta de na dearbhóirí tuairiscithe agus a n-uimhreacha Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) a bhunú, ba cheart do Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a bheith idir-inoibritheach leis an gcóras chun Oibreoir Eacnamaíoch a Chlárú agus a Shainaithint, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070.

(20)

Chun críocha seiceála agus tuairiscithe, ba cheart do na córais náisiúnta an fhaisnéis a éilítear a sholáthar maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956, dá dtagraítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (8).

(21)

Ba cheart earraí allmhairithe a shainaithint trí iad a aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte (‘AC’) a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (9) ón gComhairle agus ba cheart na forálacha maidir le stóráil a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 a úsáid chun faisnéis faoi earraí allmhairithe a sholáthar a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956.

(22)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart ar chosaint sonraí pearsanta. Ba cheart sonraí pearsanta oibreoirí eacnamaíocha agus daoine eile a phróiseáiltear leis na córais leictreonacha a theorannú don tacar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Rialachán seo. I gcás inar gá, chun críocha an Rialacháin Cur Chun Feidhme, sonraí pearsanta a phróiseáil, is i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta ba cheart é sin a dhéanamh. I ndáil leis sin, ba cheart aon phróiseáil a dhéanann údaráis na mBallstát ar shonraí pearsanta a bheith faoi réir Rialachán (AE) 2016/679 agus na gceanglas náisiúnta maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. Beidh aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an gCoimisiún faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm lena gceadófar na hábhair sonraí a shainaithint ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch dá ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil. I ndáil leis sin, beidh an tréimhse coinneála sonraí le haghaidh Chlárlann Idirthréimhseach SCCT teoranta do 5 bliana ón tráth a gheofar an tuarascáil SCCT.

(23)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé tuairim uaidh an 28 Iúil 2023.

(24)

Ós rud é go dtosaíonn an chéad tréimhse tuairiscithe ar an 1 Deireadh Fómhair 2023, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm go práinneach.

(25)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste SCCT,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir leis na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2023/956 i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais le linn na hidirthréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025 (‘idirthréimhse’).

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘dearbhóir tuairiscithe’ aon duine de na daoine seo a leanas:

(a)

an t-allmhaireoir a thaisceann dearbhú custaim chun earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht ina ainm féin agus thar a cheann féin;

(b)

an duine, a bhfuil údarú aige dearbhú custaim a thaisceadh dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahairle (10), a dhearbhaíonn an t-allmhairiú earraí;

(c)

an t-ionadaí indíreach custaim, i gcás inarb é an t-ionadaí indíreach custaim arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a thaisceann an dearbhú custaim, i gcás ina bhfuil an t-allmhaireoir bunaithe lasmuigh den Aontas nó i gcás inar chomhaontaigh an t-ionadaí indíreach custaim na hoibleagáidí tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2023/956.

(2)

ciallaíonn ‘lacáiste’ aon mhéid a laghdaíonn an méid atá dlite nó íoctha ag duine atá faoi dhliteanas as praghas carbóin a íoc, roimh a íocaíochta nó ina dhiaidh, i bhfoirm airgeadaíochta nó in aon fhoirm eile.

CAIBIDIL II

CEARTA AGUS OIBLEAGÁIDÍ DEARBHÓIRÍ TUAIRISCITHE A BHAINEANN LE TUAIRISCIÚ

Airteagal 3

Oibleagáidí tuairiscithe dearbhóirí tuairiscithe

1.   Soláthróidh gach dearbhóir tuairiscithe, bunaithe ar na sonraí, go bhféadfaidh an t-oibreoir an fhaisnéis seo a leanas a chur in iúl, mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn III leis an Rialachán seo, maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a allmhairítear le linn na ráithe lena mbaineann an tuarascáil SCCT:

(a)

cainníocht iomlán na n-earraí a allmhairítear, arna sloinneadh i meigeavatuaireanta i gcás leictreachais agus i dtonaí i gcás earraí eile;

(b)

an cineál earraí mar a aithnítear lena gcód AC.

2.   Soláthróidh gach dearbhóir tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas maidir le hastaíochtaí leabaithe na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo, sna tuarascálacha SCCT:

(a)

tír thionscnaimh na n-earraí allmhairithe;

(b)

an tsuiteáil inar táirgeadh na hearraí, arna sainaithint leis na sonraí seo a leanas:

(1)

Cód na Náisiún Aontaithe do Láithreacha Trádála agus Iompair (NA/LOCODE) is infheidhme don láthair;

(2)

ainm cuideachta na suiteála, seoladh na suiteála agus a thras-scríbhinn i mBéarla;

(3)

comhordanáidí geografacha phríomhfhoinse astaíochtaí na suiteála.

(c)

na bealaí táirgthe a úsáidtear, a shainítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II den Rialachán seo, a léireoidh an teicneolaíocht a úsáidtear chun na hearraí a tháirgeadh, agus faisnéis faoi pharaiméadair shonracha a cháilíonn an bealach táirgthe léirithe a roghnaíodh mar a shainmhínítear i roinn 2 d’Iarscríbhinn IV, chun na hastaíochtaí díreacha leabaithe a chinneadh;

(d)

astaíochtaí díreacha leabaithe sonracha na n-earraí, a chinnfear trí astaíochtaí díreacha sannta na bpróiseas táirgthe a thiontú go hastaíochtaí sonracha na n-earraí arna sloinneadh mar choibhéis CO2 in aghaidh an tona i gcomhréir le Roinn F agus le Roinn G d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo;

(e)

na ceanglais tuairiscithe a bhfuil éifeacht acu ar astaíochtaí leabaithe na n-earraí dá dtagraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV den Rialachán seo;

(f)

maidir le leictreachas mar earraí allmhairithe, tuairisceoidh an dearbhóir tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas:

(1)

an fachtóir astaíochta a úsáidtear le haghaidh leictreachais, arna shloinneadh mar thona de choibhéis CO2 in aghaidh an MWh (meigeavatuair) mar a chinntear i gcomhréir le Roinn D d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo;

(2)

an foinse sonraí nó an modh a úsáidtear chun fachtóir astaíochta leictreachais a chinneadh mar a chinntear i gcomhréir le Roinn D d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo.

(g)

maidir le hearraí cruach, uimhir aitheantais an mhuilinn cruach shonraigh inar táirgeadh baisc áirithe amhábhar, más eol sin.

3.   Maidir le hastaíochtaí indíreacha leabaithe sonracha, tuairisceoidh gach dearbhóir tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo, sna tuarascálacha SCCT:

(a)

ídiú leictreachais, arna shloinneadh i meigeavatuaireanta, na bpróiseas táirgthe in aghaidh an tona earraí táirgthe;

(b)

sonraigh cé acu a thuairiscíonn nó nach dtuairiscíonn an dearbhóir tuairiscithe astaíochtaí iarbhír nó luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse i gcomhréir le Roinn D d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo;

(c)

fachtóir astaíochtaí comhfhreagrach an leictreachais a ídítear;

(d)

an méid astaíochtaí indíreacha leabaithe sonracha, a chinnfear trí astaíochtaí indíreacha leabaithe sannta na bpróiseas táirgthe a thiontú go hastaíochtaí indíreacha sonracha na n-earraí arna sloinneadh mar choibhéis CO2 in aghaidh an tona i gcomhréir le Roinn F agus le Roinn G d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo.

4.   I gcás ina bhfuil na rialacha maidir le sonraí a chinneadh difriúil leis na rialacha a léirítear in Iarscríbhinn III den Rialachán seo, soláthróidh an dearbhóir tuairiscithe faisnéis bhreise agus tuairisc ar bhunús modheolaíochta na rialacha a úsáidtear chun na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh. Is é a thiocfaidh as na rialacha a dtugtar tuairisc orthu, cumhdach agus cruinneas comhchosúil maidir le sonraí faoi astaíochtaí, lena n-áirítear teorainneacha córas, próisis táirgthe a ndéantar faireachán orthu, fachtóirí astaíochta agus modhanna eile a úsáidtear le haghaidh ríomhanna agus tuairisciú.

5.   Chun críocha tuairiscithe, féadfaidh an dearbhóir tuairiscithe a iarraidh go n-úsáidfidh an t-oibreoir teimpléad leictreonach arna sholáthar ag an gCoimisiún agus go soláthróidh sé ábhar na teachtaireachta i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn IV.

Airteagal 4

Astaíochtaí leabaithe a ríomh

1.   Chun críche Airteagal 3(2), déanfar astaíochtaí leabaithe sonracha earraí a tháirgtear i suiteáil a chinneadh agus ceann de na modhanna seo a leanas á úsáid, modhanna atá bunaithe ar an rogha modheolaíochta faireacháin a chinntear i gcomhréir le pointe B.2 d’Iarscríbhinn III den Rialachán seo, comhdhéanta de:

(a)

astaíochtaí ó shruthanna foinse a chinneadh ar bhonn sonraí gníomhaíochta a fhaightear trí chórais tomhais agus fachtóirí ríomha ó anailísí saotharlainne nó luachanna caighdeánacha;

(b)

astaíochtaí ó fhoinsí astaíochtaí a chinneadh trí thomhas leanúnach ar thiúchan an gháis ceaptha teasa ábhartha sa ghás múcháin agus ar shreabhadh an gháis múcháin.

2.   De mhaolú ar mhír 1, go dtí an 31 Nollaig 2024, na hastaíochtaí leabaithe sonracha ó earraí a tháirgtear i suiteáil, féadfar iad a chinneadh agus úsáid á baint as ceann de na modhanna faireacháin agus tuairiscithe seo a leanas, más é a thiocfaidh astu cumhdach agus cruinneas comhchosúil maidir le sonraí faoi astaíochtaí i gcomparáid leis na modhanna a liostaítear sa mhír sin:

(a)

scéim praghsála carbóin áit a bhfuil an tsuiteáil lonnaithe, nó

(b)

scéim faireacháin éigeantach ar astaíochtaí áit a bhfuil an tsuiteáil lonnaithe, nó

(c)

scéim faireacháin ar astaíochtaí ag an tsuiteáil a fhéadfaidh fíorú ag fíoraitheoir creidiúnaithe a bheith san áireamh inti.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, go dtí an 31 Iúil 2024 maidir le gach allmhairiú earraí nach bhfuil an fhaisnéis uile a liostaítear in Airteagal 3(2) agus (3) ina leith ag an dearbhóir tuairiscithe, féadfaidh an dearbhóir tuairiscithe modhanna eile a úsáid chun na hastaíochtaí a chinneadh, lena n-áirítear luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse nó aon luachanna réamhshocraithe eile mar a shonraítear in Iarscríbhinn III. Sna cásanna sin, tabharfaidh an dearbhóir tuairiscithe le fios sna tuarascálacha SCCT an mhodheolaíocht a úsáideadh chun luachanna den sórt sin a shuíomh agus déanfaidh sé tagairt di.

Airteagal 5

Luachanna measta a úsáid

De mhaolú ar Airteagal 4, féadtar suas le 20 % de na hastaíochtaí leabaithe iomlána d’earraí casta a bhunú ar mheastacháin arna gcur ar fáil ag oibreoirí na suiteálacha.

Airteagal 6

Bailiú sonraí agus tuairisciú maidir le próiseáil isteach

1.   Maidir le hearraí a cuireadh faoi phróiseáil isteach agus a scaoileadh ina dhiaidh sin i saorchúrsaíocht, mar na hearraí céanna nó mar tháirgí próiseáilte, cuirfidh an dearbhóir tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas sna tuarascálacha SCCT don ráithe i ndiaidh na ráithe inar tharla an t-urscaoileadh ón nós imeachta custaim i gcomhréir le hAirteagal 257 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013:

(a)

na cainníochtaí earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 a scaoileadh i saorchúrsaíocht i ndiaidh próiseáil isteach le linn na tréimhse sin;

(b)

astaíochtaí leabaithe a chomhfhreagraíonn do na cainníochtaí earraí sin dá dtagraítear i bpointe (a) a scaoileadh i saorchúrsaíocht i ndiaidh próiseáil isteach le linn na tréimhse sin;

(c)

tír thionscnaimh na n-earraí dá dtagraítear i bpointe (a), más eol sin;

(d)

na suiteálacha inar táirgeadh na hearraí dá dtagraítear i bpointe (a), más eol sin;

(e)

na cainníochtaí earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 a cuireadh faoi phróiseáil isteach a raibh táirgí próiseáilte a scaoileadh i saorchúrsaíocht le linn na tréimhse sin mar thoradh air;

(f)

astaíochtaí leabaithe a chomhfhreagraíonn do na hearraí a úsáideadh chun na cainníochtaí táirgí próiseáilte dá dtagraítear i bpointe (e) a tháirgeadh;

(g)

i gcás tarscaoileadh don bhille urscaoilte arna dheonú ag custaim i gcomhréir le hAirteagal 175 ón gCoimisiún de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (11), cuirfidh an dearbhóir tuairiscithe an tarscaoileadh isteach.

2.   Déanfar tuairisciú agus ríomh na n-astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (f), i gcomhréir le hAirteagail 3, 4 agus 5.

3.   De mhaolú ar mhír 2, nuair a scaoiltear i saorchúrsaíocht táirgí próiseáilte nó earraí a cuireadh faoin bpróiseáil isteach i gcomhréir le hAirteagal 170(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, na hastaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (f) de mhír 1, ríomhfar iad ar bhonn mheán ualaithe na n-astaíochtaí leabaithe de mhéid iomlán na n-earraí sa chatagóir earraí SCCT céanna mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II den Rialachán seo a cuireadh faoin nós imeachta maidir le próiseáil isteach ón 1 Deireadh Fómhair 2023.

Déanfar na hastaíochtaí leabaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh mar a leanas:

(a)

is é méid iomlán astaíochtaí leabaithe na n-earraí a chuirtear faoi phróiseáil isteach agus a allmhairítear iad a bheidh sna hastaíochtaí leabaithe i mír 2, pointe (b), agus

(b)

is é méid iomlán astaíochtaí leabaithe na n-earraí a cuireadh faoi phróiseáil isteach a úsáideadh in oibríocht próiseála amháin nó níos mó iolraithe faoi chéatadán cainníochtaí na dtáirgí próiseáilte a fhaightear dá bharr agus a allmhairítear iad a bheidh sna hastaíochtaí leabaithe i mír 2, pointe (f).

Airteagal 7

Faisnéis faoin bpraghas carbóin atá dlite a thuairisciú

1.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an dearbhóir tuairiscithe an fhaisnéis seo a leanas ar fáil sna tuarascálacha SCCT maidir leis an bpraghas carbóin atá dlite i dtír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe:

(a)

an cineál táirge a léirítear leis an gcód AC;

(b)

an cineál praghais carbóin;

(c)

an tír ina bhfuil praghas carbóin dlite;

(d)

an cineál lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tír sin agus a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin sin mar thoradh air;

(e)

méid an phraghais carbóin atá dlite, tuairisc ar an ionstraim praghsála carbóin agus sásraí féideartha cúitimh;

(f)

léiriú ar sholáthar an ghnímh dlí lena ndéantar foráil don phraghas carbóin, don lacáiste nó do chineálacha eile cúitimh ábhartha, lena n-áirítear cóip den ghníomh dlí;

(g)

cainníocht na n-astaíochtaí leabaithe díreacha nó indíreacha a chumhdaítear;

(h)

cainníocht na n-astaíochtaí leabaithe a chumhdaítear le haon lacáiste nó le haon chineál eile cúitimh, lena n-áirítear leithdháiltí saor in aisce, más infheidhme.

2.   Déanfar na méideanna airgeadaíochta dá dtagraítear i mír 1 pointe (e) a athrú go Euro bunaithe ar mheánrátaí malairte na bliana roimh an mbliain ina bhfuil an tuarascáil dlite. Beidh na meánrátaí malairte in aghaidh na bliana bunaithe ar luachana arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach. Maidir le hairgeadraí nach bhfoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach luachan ina leith, beidh na meánrátaí malairte in aghaidh na bliana bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí faoi na rátaí malairte éifeachtacha. Soláthróidh an Coimisiún na meánrátaí malairte in aghaidh na bliana i gClárlann Idirthréimhseach SCCT.

Airteagal 8

Tuarascálacha SCCT a chur isteach

1.   Maidir le gach ráithe ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 31 Nollaig 2025, cuirfidh an dearbhóir tuairiscithe na tuarascálacha SCCT faoi bhráid Chlárlann Idirthréimhseach SCCT tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin i ndiaidh dheireadh na ráithe sin.

2.   Soláthróidh an dearbhóir tuairiscithe faisnéis i gClárlann Idirthréimhseach SCCT, agus tabharfaidh sé le fios cé acu:

(a)

a chuireann nó nach gcuireann allmhaireoir an tuarascáil SCCT ina ainm féin agus thar a cheann féin;

(b)

a chuireann nó nach gcuireann ionadaí indíreach custaim an tuarascáil SCCT isteach thar ceann allmhaireora.

3.   I gcás nach gcomhaontaíonn ionadaí indíreach custaim oibleagáid tuairiscithe an allmhaireora faoin Rialachán seo a dhéanamh, tabharfaidh an t-ionadaí indíreach custaim fógra don allmhaireoir faoin oibleagáid atá air an Rialachán seo a chomhlíonadh. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) 2023/956 san áireamh san fhógra.

4.   Áireofar an fhaisnéis in Iarscríbhinn I den Rialachán seo sna tuarascálacha SCCT.

5.   Leithdháilfear ID Tuarascála uathúil ar an tuarascáil SCCT ar a cur isteach i gClárlann Idirthréimhseach SCCT.

Airteagal 9

Tuarascálacha SCCT a mhodhnú agus a cheartú

1.   Féadfaidh dearbhóir tuairiscithe tuarascáil SCCT a cuireadh isteach a mhodhnú go dtí 2 mhí i ndiaidh dheireadh na ráithe tuairiscithe ábhartha.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh dearbhóir tuairiscithe na tuarascálacha SCCT don chéad dá thréimhse tuairiscithe a mhodhnú go dtí an sprioc-am chun an tríú tuarascáil SCCT a chur isteach.

3.   Ar iarraidh a mbeidh údar cuí léi a fháil ón dearbhóir tuairiscithe, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarraidh sin agus, i gcás inarb iomchuí, ceadóidh sé don dearbhóir tuairiscithe tuarascáil SCCT a chur isteach arís nó í a cheartú i ndiaidh an sprioc-ama dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 agus laistigh de 1 bhliain amháin i ndiaidh dheireadh na ráithe tuairiscithe ábhartha. Déanfar an tuarascáil SCCT cheartaithe nó an ceartúchán, de réir mar is infheidhme, a chur isteach tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis don údaráis inniúil an cead a thabhairt.

4.   Tabharfaidh na húdaráis inniúla an bhunchúis le diúltú na hiarrata arna chur ar fáil i mír 3 agus cuirfidh siad an dearbhóir tuairiscithe ar an eolas faoi na cearta chun achomharc a dhéanamh.

5.   Ní fhéadtar tuarascáil SCCT atá ar feitheamh díospóide a mhodhnú. Is féidir í a athsholáthar chun toradh na díospóide sin a chur san áireamh.

CAIBIDIL III

RIARACHÁN MAIDIR LE TUAIRISCIÚ SCCT

Airteagal 10

Clárlann Idirthréimhseach SCCT

1.   Is bunachar sonraí caighdeánaithe agus slán a bheidh i gClárlann Idirthréimhseach SCCT ina mbeidh gnéithe comhchoiteanna sonraí chun tuairisciú a dhéanamh le linn na hidirthréimhse agus chun rochtain, láimhseáil cásanna agus rúndacht a sholáthar.

2.   Le Clárlann Idirthréimhseach SCCT, féadfar cumarsáid, seiceálacha agus malartú faisnéise a dhéanamh idir an Coimisiún, na húdaráis inniúla, údaráis chustaim agus dearbhóirí tuairiscithe i gcomhréir le Caibidil V.

Airteagal 11

Seiceálacha tuarascálacha SCCT agus úsáid faisnéise ag an gCoimisiún

1.   Féadfaidh an Coimisiún tuarascálacha SCCT a sheiceáil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht le hoibleagáidí tuairiscithe dearbhóirí tuairiscithe laistigh den idirthréimhse agus go dtí 3 mhí i ndiaidh an dáta ar cheart an tuarascáil SCCT deiridh a bheith curtha isteach.

2.   Úsáidfidh an Coimisiún Clárlann Idirthréimhseach SCCT agus an fhaisnéis sa chlárlann sin chun na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh.

Airteagal 12

Measúnú táscach ón gCoimisiún

1.   Chun críoch táscach, cuirfidh an Coimisiún in iúl do na Ballstáit liosta de na dearbhóirí tuairiscithe atá bunaithe sa Bhallstát ar ina leith a bhfuil cúiseanna ag an gCoimisiún lena chreidiúint nár chomhlíon siad an oibleagáid tuarascáil SCCT a chur isteach.

2.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis uile a éilítear in Airteagail 3 go 7 i dtuarascáil SCCT nó ina measfaidh sé go bhfuil tuarascáil SCCT neamhiomlán nó mícheart i gcomhréir le hAirteagal 13, cuirfidh an Coimisiún an measúnú táscach maidir leis an tuarascáil SCCT sin in iúl don údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an dearbhóir tuairiscithe bunaithe.

Airteagal 13

Tuarascálacha SCCT neamhiomlána nó míchearta

1.   Measfar go bhfuil tuarascáil SCCT neamhiomlán i gcás inar mhainnigh an dearbhóir tuairiscithe tuairisciú i gcomhréir le hIarscríbhinn I den Rialachán seo.

2.   Measfar go bhfuil tuarascáil SCCT mícheart in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann na sonraí nó an fhaisnéis sa tuarascáil a cuireadh isteach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 7 agus in Iarscríbhinn III den Rialachán seo;

(b)

tá sonraí míchearta agus faisnéis mhícheart curtha isteach ag an dearbhóir tuairiscithe;

(c)

i gcás nach soláthraíonn an dearbhóir tuairiscithe údar leordhóthanach le húsáid a bhaint as rialacha tuairiscithe seachas na cinn a liostaítear in Iarscríbhinn III den Rialachán seo.

Airteagal 14

Measúnú ar thuarascálacha SCCT agus úsáid faisnéise ag na húdaráis inniúla

1.   Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an dearbhóra tuairiscithe tús leis an athbhreithniú agus déanfaidh sé measúnú ar na sonraí, ar an bhfaisnéis, ar an liosta dearbhóirí tuairiscithe a chuir an Coimisiún in iúl agus ar an measúnú táscach dá dtagraítear in Airteagal 12 laistigh de 3 mhí ó cuireadh an liosta nó an measúnú táscach sin in iúl.

2.   Úsáidfidh na húdaráis inniúla Clárlann Idirthréimhseach SCCT agus an fhaisnéis sa chlárlann sin chun na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh.

3.   Laistigh den idirthréimhse nó ina diaidh, féadfaidh na húdaráis inniúla tús a chur leis an nós imeachta ceartúcháin maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

tuarascálacha SCCT neamhiomlána nó míchearta;

(b)

mainneachtain ó thaobh tuarascáil SCCT a chur isteach.

4.   I gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil tús leis an nós imeachta ceartúcháin, tabharfar fógra don dearbhóir tuairiscithe go bhfuil an tuarascáil faoi athbhreithniú, agus go bhfuil faisnéis bhreise de dhíth. Áireofar san iarraidh ar fhaisnéis bhreise ón údarás inniúil an fhaisnéis a éilítear in Airteagail 3 go 7. Cuirfidh an dearbhóir tuairiscithe an fhaisnéis bhreise isteach trí Chlárlann Idirthréimhseach SCCT.

5.   Déanfaidh an t-údarás inniúil, nó aon údarás eile arna cheapadh ag an údarás inniúil, údarú a dheonú chun rochtain a dhéanamh ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT agus an clárú a bhainistiú ar an leibhéal náisiúnta, agus an uimhir EORI a chur san áireamh i gcomhréir leis an socrú teicniúil a leagtar amach in Airteagal 20.

Airteagal 15

Rúndacht

1.   Gach cinneadh a dhéanann na húdaráis inniúla agus an fhaisnéis uile a fhaigheann an t-údarás inniúil agus a ndualgais á gcomhlíonadh aige a bhaineann le tuairisciú faoin Rialachán seo, ar faisnéis rúnda í nó ar faisnéis í a sholáthraítear ar bhonn rúnda, beidh siad faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar faisnéis den sórt sin a nochtadh gan cead i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an Rialachán seo agus i gcás ina bhfuil oibleagáid ar an údarás inniúil nó údarú aige í a nochtadh de bhua dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla faisnéis rúnda dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl d’údaráis inniúla an Aontais.

3.   Déanfar aon nochtadh nó cur in iúl faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

CAIBIDIL IV

FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 16

Pionóis

1.   Cuirfidh na Ballstáit pionóis i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an dearbhóir tuairiscithe chun an oibleagáid maidir le tuarascáil SCCT a chur isteach a chomhlíonadh, nó

(b)

i gcás ina bhfuil an tuarascáil SCCT mícheart nó neamhiomlán i gcomhréir le hAirteagal 13, agus i gcás nach bhfuil na bearta is gá déanta ag an dearbhóir tuairiscithe chun an tuarascáil SCCT a chur ina ceart i gcás inar chuir an t-údarás inniúil tús leis an nós imeachta ceartúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(4).

2.   Is idir EUR 10 agus EUR 50 in aghaidh an tona astaíochtaí neamhthuairiscithe a bheidh méid an phionóis. Cuirfear méadú ar an bpionós i gcomhréir leis an innéacs Eorpach praghsanna do thomhaltóirí.

3.   Agus méid iarbhír pionóis le haghaidh astaíochtaí neamhthuairiscithe arna ríomh ar bhonn na luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse á chinneadh acu, breithneoidh na húdaráis inniúla na tosca seo a leanas:

(a)

an méid faisnéise neamhthuairiscithe;

(b)

na cainníochtaí earraí allmhairithe neamhthuairiscithe agus na hastaíochtaí neamhthuairiscithe a bhaineann leis na hearraí sin;

(c)

ullmhacht an dearbhóra tuairiscithe iarrataí ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó an tuarascáil SCCT a chur ina ceart;

(d)

iompraíocht intinneach nó fhaillíoch an dearbhóra tuairiscithe;

(e)

iompraíocht an dearbhóra tuairiscithe san am atá caite a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe;

(f)

leibhéal comhair an dearbhóra tuairiscithe chun deireadh a chur leis an sárú;

(g)

cé acu atá nó nach bhfuil bearta déanta ag an dearbhóir tuairiscithe go deonach chun a áirithiú nach féidir sáruithe comhchosúla a dhéanamh sa todhchaí.

4.   Cuirfear pionóis níos airde i bhfeidhm i gcás inar cuireadh isteach níos mó ná dhá thuarascáil neamhiomlána nó mhíchearta as a chéile de réir bhrí Airteagal 13, nó i gcás inar mó ná 6 mhí fad na mainneachtana tuairisc a thabhairt.

CAIBIDIL V

GNÉITHE TEICNIÚLA MAIDIR LE CLÁRLANN IDIRTHRÉIMHSEACH SCCT

ROINN 1

Réamhrá

Airteagal 17

Lárchóras faoi raon feidhme

1.   Beidh Clárlann Idirthréimhseach SCCT idir-inoibritheach le:

(a)

córas Aonfhoirmeach Bainistíochta na nÚsáideoirí agus an tSínithe Dhigitigh (UUM&DS) chun críocha clárú úsáideoirí agus bainistíocht rochtana don Choimisiún, do na Ballstáit, agus do dhearbhóirí tuairiscithe, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070;

(b)

an córas Cláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) chun críche Faisnéis Chéannachta Oibreoirí Eacnamaíocha, dá dtagraítear in Airteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070, a bhailíochtú agus a aisghabháil, i gcás na sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn V den Rialachán seo;

(c)

an córas Faireachais chun faisnéis faoi Dhearbhuithe Allmhairiúcháin Chustaim a aisghabháil maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 le haghaidh seiceálacha ar na tuarascálacha SCCT agus ar chomhlíontacht, a forbraíodh trí Fhaireachas 3 UCC (SURV3), dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070.

(d)

an córas TARIC dá dtagraítear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

2.   Beidh Clárlann Idirthréimhseach SCCT idir-inoibritheach le córais dhíláraithe mar a rinneadh forbairt nó uasghrádú orthu trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151, chun faisnéis faoi Dhearbhuithe Allmhairiúcháin Chustaim a aisghabháil maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI agus in Iarscríbhinn VII den Rialachán seo, agus chun na tuarascálacha SCCT a sheiceáil agus comhlíontacht ag na dearbhóirí tuairiscithe a áirithiú i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin le fáil sa chóras SURV3.

Airteagal 18

Pointí teagmhála le haghaidh na gcóras leictreonach

Ainmneoidh an Coimisiún agus na Ballstáit pointí teagmhála do gach ceann de na córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo, chun faisnéis a mhalartú lena áirithiú go ndéanfar na córais leictreonacha sin a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil ar bhealach comhordaithe.

Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit mionsonraí na bpointí teagmhála sin in iúl dá chéile agus cuirfidh siad aon athrú ar na sonraí sin in iúl dá chéile láithreach.

ROINN 2

Clárlann Idirthréimhseach SCCT

Airteagal 19

Struchtúr Chlárlann Idirthréimhseach SCCT

Cuimseofar i gClárlann Idirthréimhseach SCCT na comhpháirteanna coiteanna (‘comhpháirteanna coiteanna’) seo a leanas:

(a)

Tairseach Trádálaithe SCCT (TT SCCT);

(b)

Tairseach Údaráis Inniúla SCCT (TÚI SCCT) ina bhfuil dhá spás ar leithligh:

(1)

ceann amháin do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla (TÚI/N SCCT) agus;

(2)

ceann eile don Choimisiún (TÚI/C SCCT),

(c)

Bainistíocht SCCT um Rochtain d’Úsáideoirí;

(d)

Seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT (SC SCCT);

(e)

leathanach poiblí SCCT ar shuíomh gréasáin Europa.

Airteagal 20

Téarmaí Comhoibrithe i gClárlann Idirthréimhseach SCCT

1.   Molfaidh an Coimisiún na Téarmaí Comhoibrithe, Comhaontú ar Leibhéal Seirbhíse, agus an Plean Slándála, le comhaontú leis na húdaráis inniúla. Feidhmeoidh an Coimisiún Clárlann Idirthréimhseach SCCT i gcomhréir leis na téarmaí comhaontaithe.

2.   Úsáidfear Clárlann Idirthréimhseach SCCT i ndáil leis na tuarascálacha SCCT agus leis na Taifid ar Dhearbhuithe Allmhairiúcháin lena mbaineann na tuarascálacha sin.

Airteagal 21

Bainistíocht Rochtana Úsáideoirí SCCT

1.   Déanfar fíordheimhniú agus fíorú rochtana an dearbhóra tuairiscithe do na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956, chun rochtain a fháil ar chomhpháirteanna na Clárlainne SCCT trí úsáid a bhaint as an gcóras UUM&DS dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a).

2.   Soláthróidh an Coimisiún na seirbhísí fíordheimhnithe a ligeann d’úsáideoirí Chlárlann Idirthréimhseach SCCT rochtain shlán a fháil ar an gClárlann sin.

3.   Úsáidfidh an Coimisiún UMM&DS chun an t-údarú maidir le rochtain a fháil ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a dheonú dá mbaill foirne agus chun foráil a dhéanamh do thoscaireachtaí na n-údarás inniúil a gcuid údaruithe a eisiúint.

4.   Úsáidfidh na húdaráis inniúla UUM&DS chun an t-údarú maidir le rochtain a fháil ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a dheonú dá mbaill foirne agus do na dearbhóirí tuairiscithe atá bunaithe ina mBallstát.

5.   Féadfaidh údarás inniúil roghnú córas céannachta agus bainistíochta rochtana a úsáid atá bunaithe ina mBallstát de bhun Airteagal 26 den Rialachán seo (córas custaim náisiúnta eIDAS) chun na dintiúir is gá chun rochtain a fháil ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a sholáthar.

Airteagal 22

Tairseach Trádálaithe SCCT

1.   Beidh an Tairseach Trádálaithe SCCT mar an bpointe iontrála uathúil chuig Clárlann Idirthréimhseach SCCT do na dearbhóirí tuairiscithe. Beidh an tairseach inrochtana ón Idirlíon.

2.   Idiroibreoidh an Tairseach Trádálaithe SCCT le seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT (SC SCCT).

3.   Úsáidfidh an dearbhóir tuairiscithe an Tairseach Trádálaithe SCCT chun:

(a)

tuarascálacha SCCT a chur isteach trí chomhéadan gréasáin nó trí chomhéadan Córas-le-Córas, agus;

(b)

chun fógraí a bhaineann lena n-oibleagáidí comhlíontachta SCCT a fháil.

4.   Leis an Tairseach Trádálaithe SCCT, cuirfear áiseanna ar fáil do na dearbhóirí tuairiscithe chun an fhaisnéis faoi shuiteálacha tríú tíortha agus astaíochtaí leabaithe lena n-athúsáid níos déanaí a stóráil.

5.   Is í an Bhainistíocht Rochtana SCCT dá dtagraítear in Airteagal 26 a dhéanfaidh rochtain ar an Tairseach Trádálaithe SCCT a bhainistiú go heisiach.

Airteagal 23

Tairseach Údaráis Inniúla SCCT (TÚI SCCT) do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla SCCT (TÚI/N SCCT)

1.   Beidh Tairseach Údaráis Inniúla SCCT do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla mar an bpointe iontrála uathúil chuig Clárlann Idirthréimhseach SCCT do na húdaráis inniúla. Beidh an tairseach inrochtana ón Idirlíon.

2.   Idiroibreoidh Tairseach Údaráis Inniúla SCCT do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla le seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT trí líonra inmheánach an Choimisiúin.

3.   Úsáidfidh na húdaráis inniúla Tairseach Údaráis Inniúla SCCT do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla chun na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh.

4.   Is í an Bhainistíocht Rochtana SCCT dá dtagraítear in Airteagal 26 a dhéanfaidh rochtain ar Thairseach Údaráis Inniúla SCCT do na hÚdaráis Náisiúnta Inniúla a bhainistiú go heisiach.

Airteagal 24

Tairseach Údaráis Inniúla SCCT (TÚI SCCT) don Choimisiún (TÚI/C SCCT)

1.   Beidh Tairseach Údaráis Inniúla SCCT don Choimisiún mar an bpointe iontrála uathúil chuig Clárlann Idirthréimhseach SCCT don Choimisiún. Beidh an tairseach inrochtana ar líonra inmheánach an Choimisiúin agus ar an Idirlíon.

2.   Idiroibreoidh an Tairseach Údaráis Inniúla SCCT don Choimisiún le seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT ar líonra inmheánach an Choimisiúin.

3.   Úsáidfidh an Coimisiún Tairseach Údaráis Inniúla SCCT don Choimisiún chun na cúraimí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2023/956 a dhéanamh.

4.   Is í an Bhainistíocht Rochtana SCCT dá dtagraítear in Airteagal 26 a dhéanfaidh rochtain ar Thairseach Údaráis Inniúla SCCT don Choimisiún a bhainistiú go heisiach.

Airteagal 25

Seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT (SC SCCT)

1.   Freastalóidh Seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT ar na hiarrataí uile a dhéanann:

(a)

na dearbhóirí tuairiscithe tríd an Tairseach Trádálaithe SCCT;

(b)

na húdaráis inniúla tríd an Tairseach Údaráis Inniúla/N SCCT;

(c)

an Coimisiún tríd an Tairseach Údaráis Inniúla/N SCCT.

2.   Déanfaidh Seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT an fhaisnéis uile a chuirtear ar iontaoibh na Clárlainne Idirthréimhsí SCCT a stóráil go lárnach agus a bhainistiú. Déanfaidh sé marthanacht, sláine, agus comhleanúnachas na faisnéise sin a ráthú.

3.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh Seirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT a bhainistiú.

4.   Is í an Bhainistíocht Rochtana Úsáideoirí SCCT dá dtagraítear in Airteagal 26 a dhéanfaidh rochtain ar Sheirbhísí Cúil na Clárlainne SCCT a bhainistiú go heisiach.

Airteagal 26

Córas bainistíochta rochtana

Bunóidh an Coimisiún an córas bainistíochta rochtana chun bailíochtú a dhéanamh ar na hiarrataí ar rochtain arna gcur isteach ag dearbhóirí tuairiscithe agus ag daoine eile laistigh den chóras UUM&DS dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a), trí chórais bhainistíochta céannachta na mBallstát agus córais bhainistíochta céannachta agus rochtana an Aontais a nascadh de bhun Airteagal 27.

Airteagal 27

Córas bainistithe riaracháin

Bunóidh an Coimisiún an córas bainistíochta riaracháin chun fíordheimhniú agus údarú a bhainistiú, agus chun sonraí aitheantais dearbhóirí tuairiscithe agus daoine eile a bhainistiú chun rochtain ar na córais leictreonacha a cheadú.

Airteagal 28

Córais bhainistithe’ céannachta agus rochtana na mBallstát

Bunóidh na Ballstáit córais bhainistíochta céannachta agus rochtana, nó úsáidfidh siad cinn atá ann cheana, chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

sonraí aitheantais dearbhóirí tuairiscithe agus daoine eile a chlárú agus a stóráil ar bhealach slán;

(b)

malartú slán sonraí aitheantais criptithe agus sínithe de chuid dearbhóirí tuairiscithe agus daoine eile.

ROINN 3

Feidhmiú na gcóras leictreonach agus oiliúint ina n-úsáid

Airteagal 29

Forbairt, tástáil, imscaradh agus bainistiú na gcóras leictreonach

1.   Déanfaidh an Coimisiún comhpháirteanna coiteanna Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a fhorbairt, a thástáil, a imscaradh agus a bhainistiú, agus féadfaidh na Ballstáit iad a thástáil. Cuirfidh údarás inniúil Bhallstát bunaíochta an dearbhóra tuairiscithe na cinntí faoi phionóis agus toradh faoi seach an phróisis sin in iúl don Choimisiún, trí chórais leictreonacha arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta, nasctha le forfheidhmiú agus pionóis, nó ar mhodhanna eile.

2.   Déanfaidh an Coimisiún sonraíochtaí coiteanna na gcomhéadan le comhpháirteanna córais leictreonacha arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta a dhearadh agus a chothabháil i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

3.   I gcás inarb iomchuí, sainmhíneoidh an Coimisiún sonraíochtaí teicniúla coiteanna i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus faoi réir athbhreithniú uathu, d’fhonn iad a chur in úsáid in am trátha. Beidh na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, an Coimisiún, rannpháirteach i bhforbairt agus cur in úsáid na gcóras. Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le dearbhóirí tuairiscithe agus le páirtithe leasmhara eile freisin.

Airteagal 30

Cothabháil na gcóras leictreonach agus athruithe orthu

1.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na comhpháirteanna coiteanna a chothabháil agus is iad na Ballstáit a dhéanfaidh gcomhpháirteanna náisiúnta a chothabháil.

2.   Áiritheoidh an Coimisiún oibriú gan bhriseadh na gcóras leictreonach.

3.   Féadfaidh an Coimisiún comhpháirteanna coiteanna na gcóras leictreonach a athrú chun mífheidhmeanna a cheartú, chun feidhmiúlachtaí nua a chur leo nó chun athrú a dhéanamh ar na feidhmiúlachtaí atá ann cheana.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi athruithe ar na comhpháirteanna coiteanna agus faoi nuashonruithe orthu.

5.   Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis na hathruithe agus na nuashonruithe ar na córais leictreonacha a leagtar síos i míreanna 3 agus 4 ar fáil go poiblí.

Airteagal 31

Cliseadh sealadach na gcóras leictreonach

1.   I gcás ina dteipeann go sealadach ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT, déanfaidh dearbhóirí tuairiscithe agus daoine eile an fhaisnéis a theastaíonn a thíolacadh chun na foirmiúlachtaí a theastaíonn a chomhlíonadh trí na modhanna a chinnfidh an Coimisiún, lena n-áirítear trí bhíthin modhanna seachas teicnící próiseála sonraí leictreonacha.

2.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit agus dearbhóirí tuairiscithe ar an eolas i gcás nach mbeidh fáil ar na córais leictreonacha mar thoradh ar theip shealadach.

3.   Ullmhóidh an Coimisiún plean leanúnachais gnó SCCT le comhaontú idir na Ballstáit agus an Coimisiún. In cás ina dteipeann go sealadach ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na coinníollacha chun í a ghníomhachtú.

Airteagal 32

Tacaíocht oiliúna maidir le húsáid agus feidhmiú na gcomhpháirteanna coiteanna

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit maidir le comhpháirteanna coiteanna na gcóras leictreonach a úsáid agus a fheidhmiú tríd an ábhar oiliúna iomchuí a chur ar fáil.

ROINN 4

Cosaint sonraí, bainistiú sonraí agus úinéireacht agus slándáil na gcóras leictreonach

Airteagal 33

Sonraí pearsanta a chosaint

1.   Déanfar na sonraí pearsanta atá cláraithe i gClárlann Idirthréimhseach SCCT, agus comhpháirteanna córais leictreonacha arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta a phróiseáil chun críocha Rialachán (AE) 2023/956 a chur chun feidhme, ag féachaint do chuspóirí sonracha na mbunachar sonraí sin mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Is iad seo a leanas na críocha dá bhféadfaí na sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a)

Críocha fíordheimhnithe agus bainistiú rochtana;

(b)

Faireachán, seiceálacha agus athbhreithniú ar thuarascálacha SCCT;

(c)

Cumarsáid agus fógraí;

(d)

Comhlíontacht agus imeachtaí breithiúnacha;

(e)

Feidhmiú an bhonneagair TF, lena n-áirítear idir-inoibritheacht le córais dhíláraithe faoin Rialachán seo;

(f)

Staidreamh agus athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2023/956 agus an Rialacháin seo.

2.   Comhoibreoidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta na mBallstát i réimse na cosanta sonraí pearsanta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725, chun maoirseacht chomhordaithe a áirithiú ar phróiseáil sonraí pearsanta atá cláraithe i gClárlann Idirthréimhseach SCCT agus ar chomhpháirteanna córais leictreonacha arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta.

3.   Beidh na forálacha atá san Airteagal seo gan dochar don cheart go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 34

Teorainn a chur le rochtain ar shonraí agus le próiseáil sonraí

1.   Féadfaidh dearbhóir tuairiscithe na sonraí atá cláraithe aige féin i gClárlann Idirthréimhseach SCCT a rochtain nó a phróiseáil ar bhealach eile. Féadfaidh an Coimisiún agus údaráis inniúla iad a rochtain agus a phróiseáil ar bhealach eile freisin.

2.   I gcás ina n-aithnítear teagmhais agus fadhbanna sna próisis oibríochtúla maidir le soláthar seirbhísí na gcóras ina ngníomhaíonn an Coimisiún mar phróiseálaí, ní fhéadfaidh an Coimisiún rochtain a bheith aige ar na sonraí sna próisis sin ach amháin chun teagmhas cláraithe nó fadhb chláraithe a réiteach. Áiritheoidh an Coimisiún rúndacht sonraí den sórt sin.

Airteagal 35

Úinéireacht an chórais

Is é an Coimisiún a bheidh ina úinéir córais ar Chlárlann Idirthréimhseach SCCT.

Airteagal 36

Slándáil an chórais

1.   Áiritheoidh an Coimisiún slándáil Chlárlann Idirthréimhseach SCCT.

2.   Chun na gcríoch sin, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

cosc a chur ar rochtain aon duine neamhúdaraithe ar ghléasra a úsáidtear chun sonraí a phróiseáil;

(b)

iontráil sonraí agus aon úsáid, modhnú nó scriosadh sonraí ag daoine neamhúdaraithe a chosc;

(c)

aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bhrath.

3.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a bhféadfadh sárú nó sárú amhrasta ar shlándáil Chlárlann Idirthréimhseach SCCT a bheith mar thoradh orthu.

4.   Bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit pleananna slándála maidir le Clárlann Idirthréimhseach SCCT.

Airteagal 37

Rialaitheoir do Chlárlann Idirthréimhseach SCCT

Maidir le Clárlann Idirthréimhseach SCCT agus i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta, gníomhóidh an Coimisiún agus na Ballstáit mar chomhrialaitheoirí mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 38

Tréimhse choinneála sonraí

1.   Chun na cuspóirí a shaothraítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2023/956 a bhaint amach, go háirithe Airteagal 30 de, beidh an tréimhse coinneála sonraí le haghaidh na sonraí i gClárlann Idirthréimhseach SCCT teoranta do 5 bliana ón tráth a gheofar an tuarascáil SCCT.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inar taisceadh achomharc nó ina dtionscnaítear imeachtaí cúirte a bhaineann le sonraí a stóráiltear i gClárlann Idirthréimhseach SCCT, coinneofar na sonraí sin go dtí go bhfoirceannfar an nós imeachta achomhairc nó na himeachtaí cúirte agus ní úsáidfear iad ach amháin chun críche an nós imeachta achomhairc nó na n-imeachtaí cúirte thuasluaite.

Airteagal 39

Measúnú ar na córais leictreonacha

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit measúnuithe ar na comhpháirteanna a bhfuil siad freagrach astu agus déanfaidh siad anailís go háirithe ar shlándáil agus ar shláine na gcomhpháirteanna sin agus ar rúndacht na sonraí arna bpróiseáil laistigh de na comhpháirteanna sin.

Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit torthaí na measúnuithe sin in iúl dá chéile.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Lúnasa 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 130, 16.5.2023, lch. 52.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(4)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (Rialachán an Aontais maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1070 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le socruithe teicniúla chun córais leictreonacha a fhorbairt, a chothabháil agus a úsáid chun faisnéis a mhalartú agus a stóráil faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 143, 2.6.2023, lch. 65).

(8)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre a bhaineann le forbairt agus le húsáid na gcóras leictreonach dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).

(9)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (TARIC) (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(10)   IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe a bhaineann le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Faisnéis atá le cur isteach sna tuarascálacha SCCT

Leanfaidh an dearbhóir tuairiscithe struchtúr na tuarascála SCCT a liostaítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo agus a thugtar i gClárlann Idirthréimhseach SCCT, agus cuirfidh sé san áireamh faisnéis a liostaítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn seo, agus an tuarascáil SCCT á chur isteach aige.

Tábla 1:

Struchtúr na Tuarascála SCCT

Tuarascáil SCCT

Dáta eisiúna na tuarascála

Uimhir aitheantais na dréacht-tuarascála

Uimhir aitheantais na tuarascála

Tréimhse tuairiscithe

Bliain

--Dearbhóir tuairiscithe

----Seoladh

--Ionadaí  (*1)

----Seoladh

--Allmhaireoir  (*1)

----Seoladh

--Údarás inniúil

--Sínithe

----Deimhniú na tuarascála

----Cineál na modheolaíochta tuairiscithe is infheidhme

--Barúlacha

--Earraí SCCT arna n-allmhairiú

Uimhir míre earraí

----Ionadaí (*1)

------Seoladh

----Allmhaireoir (*1)

------Seoladh

----Cód an tráchtearra

Cód fo-cheannteidil an chórais chomhchuibhithe

Cód ainmníochta comhcheangailte

------Sonraí an tráchtearra

----An tír thionscnaimh

----Cainníocht arna hallmhairiú in aghaidh an nós imeachta custaim

------Nós imeachta

--------Faisnéis próiseála isteach

------Réimse allmhairiúcháin

------Tomhas na n-earraí (in aghaidh an nós imeachta)

------Tomhas na n-earraí (próiseáil isteach)

------Tagairtí speisialta d’earraí

----Tomhas na n-earraí (allmhairithe)

----Astaíochtaí iomlána na n-earraí arna n-allmhairiú

----Doiciméid tacaíochta (le haghaidh earraí)

------Ceangaltáin

----Barúlacha

----Astaíochtaí na n-earraí SCCT

Uimhir sheichimh astaíochtaí

An tír tháirgthe

------Ainm cuideachta na suiteála

--------Seoladh

--------Sonraí teagmhála

------Suiteáil

--------Seoladh

------Tomhas na n-earraí (táirgthe)

------Oibreoir na suiteála

------Astaíochtaí leabaithe díreacha

------Astaíochtaí leabaithe indíreacha

------Modh táirgthe & paraiméadair cháilitheacha

--------Paraiméadair cháilitheacha na n-astaíochtaí díreacha

--------Paraiméadair cháilitheacha na n-astaíochtaí indíreacha

------Doiciméid tacaíochta (i gcomhair sainmhíniú ar astaíochtaí)

--------Ceangaltáin

------An praghas carbóin atá dlite

--------Earraí atá cumhdaithe faoin bpraghas atá dlite

----------Tomhas na n-earraí (cumhdaithe)

------Barúlacha


Tábla 2:

Ceanglais faisnéise shonraithe sa tuarascáil SCCT

Tuarascáil SCCT

Dáta eisiúna na tuarascála

Uimhir aitheantais na dréacht-tuarascála

Uimhir aitheantais na tuarascála

Tréimhse tuairiscithe

Bliain

Earraí iomlána arna n-allmhairiú

Astaíochtaí iomlána

--Dearbhóir tuairiscithe

Uimhir aitheantais

Ainm

Ról

----Seoladh

Ballstát bunaíochta

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

--Ionadaí  (*2)

Uimhir aitheantais

Ainm

----Seoladh

Ballstát bunaíochta

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

--Allmhaireoir  (*2)

Uimhir aitheantais

Ainm

----Seoladh

Ballstát bunaíochta nó tír bhunaíochta

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

--Údarás inniúil

Uimhir thagartha

--Sínithe

----Deimhniú na tuarascála

Deimhniú shonraí domhanda na tuarascála

Deimhniú sonraí a úsáid

Dáta an tsínithe

Áit an tsínithe

Síniú

Post an duine atá ag síniú

----Cineál na modheolaíochta tuairiscithe is infheidhme

Modheolaíocht thuairiscithe eile is infheidhme

--Barúlacha

Faisnéis bhreise

--Earraí SCCT arna n-allmhairiú

Uimhir míre earraí

----Ionadaí  (*2)

Uimhir aitheantais

Ainm

------Seoladh

Ballstát bunaíochta

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

----Allmhaireoir  (*2)

Uimhir aitheantais

Ainm

------Seoladh

Ballstát bunaíochta nó tír bhunaíochta

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

----Cód an tráchtearra

Cód fo-cheannteidil an chórais chomhchuibhithe

Cód ainmníochta comhcheangailte

------Sonraí an tráchtearra

Tuairisc ar na hearraí

----An tír thionscnaimh

Cód tíre

-----Cainníocht arna hallmhairiú in aghaidh an nós imeachta custaim

Uimhir sheichimh

------Nós imeachta

Nós imeachta iarrtha

Nós imeachta roimhe seo

Faisnéis próiseála isteach

Ballstát an údaraithe próiseála isteach

Tarscaoileadh próiseála isteach le haghaidh bille urscaoilte

Údarú

Am tosaithe domhandaithe

Am deiridh domhandaithe

Sprioc-am maidir le cur isteach bille urscaoilte

------Réimse allmhairiúcháin

Réimse allmhairiúcháin

------Tomhas na n-earraí (in aghaidh an nós imeachta)

Glanmhais

Aonaid fhorlíontacha

Cineál an aonaid tomhais

------Tomhas na n-earraí (próiseáil isteach)

Glanmhais

Aonaid fhorlíontacha

Cineál an aonaid tomhais

------Tagairtí speisialta d’earraí

Faisnéis bhreise

----Tomhas na n-earraí (allmhairithe)

Glanmhais

Aonaid fhorlíontacha

Cineál an aonaid tomhais

----Astaíochtaí iomlána na n-earraí arna n-allmhairiú

Astaíochtaí na n-earraí in aghaidh an aonaid táirge

Astaíochtaí iomlána na n-earraí

Astaíochtaí díreacha na n-earraí

Astaíochtaí indíreacha na n-earraí

Cineál an aonaid tomhais le haghaidh astaíochtaí

----Doiciméid tacaíochta (le haghaidh earraí)

Uimhir sheichimh

Cineál

Tír eisiúna an doiciméid

Uimhir thagartha

Uimhir míre líne an doiciméid

Ainm an údaráis eisiúna

Dáta tosaithe na bailíochta

Dáta deiridh na bailíochta

Tuairisc

------Ceangaltáin

Ainm an chomhaid

Acmhainn Uilíoch Shainaitheanta

Iarmhíreanna do Phost Idirlín

Réad dénártha arna chur san áireamh

----Barúlacha

Faisnéis bhreise

----Astaíochtaí na n-earraí SCCT

Uimhir sheichimh astaíochtaí

An tír tháirgthe

------Ainm cuideachta na suiteála

Uimhir aitheantais an oibreora

Ainm an oibreora

--------Seoladh

Cód tíre

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

--------Sonraí teagmhála

Ainm

Uimhir theileafóin

Ríomhphost

------Suiteáil

Uimhir aitheantais na suiteála

Ainm na suiteála

Gníomhaíocht eacnamaíoch

--------Seoladh

Tír bhunaíochta

Foroinn

Cathair

Sráid

Sráid – líne bhreise

Uimhir

Cód Poist

Bosca poist

Uimhir na ceapaí nó na dáileachta

NA/LOCODE

Domhanleithead

Domhanfhad

Cineál comhordanáidí

------Tomhas na n-earraí (táirgthe)

Glanmhais

Aonaid fhorlíontacha

Cineál an aonaid tomhais

------Oibreoir na suiteála

Astaíochtaí iomlána na suiteála

Astaíochtaí díreacha na suiteála

Astaíochtaí indíreacha na suiteála

Cineál an aonaid tomhais le haghaidh astaíochtaí

------Astaíochtaí leabaithe díreacha

Cineál an chinnidh

Cineál an chinnidh (leictreachas)

Cineál na modheolaíochta tuairiscithe is infheidhme

An mhodheolaíocht tuairiscithe is infheidhme

Sainastaíochtaí leabaithe (díreacha)

Tásc foinse eile

Foinse an fhachtóra astaíochta (i gcomhair leictreachais)

Fachtóir astaíochta

Leictreachas arna allmhairiú

Astaíochtaí leabaithe iomlána an leictreachais arna allmhairiú

Cineál an aonaid tomhais

Foinse luach an fhachtóra astaíochta

Réasúnú

Comhlíonadh na coinníollachta

------Astaíochtaí leabaithe indíreacha

Cineál an chinnidh

Foinse an fhachtóra astaíochta

Fachtóir astaíochta

Sainastaíochtaí leabaithe (indíreacha)

Cineál an aonaid tomhais

Leictreachas arna ídiú

Foinse leictreachais

Foinse luach an fhachtóra astaíochta

------Modh táirgthe & paraiméadair cháilitheacha

Uimhir sheichimh

Uimhir aitheantais an mhodha

Ainm an mhodha

Uimhir aitheantais an mhuilinn cruach shonraigh

Faisnéis Bhreise

--------Paraiméadair cháilitheacha na n-astaíochtaí díreacha

Uimhir sheichimh

Uimhir aitheantais an pharaiméadair

Ainm an pharaiméadair

Tuairisc

Cineál luach an pharaiméadair

Luach an pharaiméadair

Faisnéis bhreise

--------Paraiméadair cháilitheacha na n-astaíochtaí indíreacha

Uimhir sheichimh

Uimhir aitheantais an pharaiméadair

Ainm an pharaiméadair

Tuairisc

Cineál luach an pharaiméadair

Luach an pharaiméadair

Faisnéis bhreise

------Doiciméid tacaíochta (i gcomhair sainmhíniú ar astaíochtaí)

Uimhir sheichimh

Cineál an doiciméid astaíochtaí

Tír eisiúna an doiciméid

Uimhir thagartha

Uimhir míre líne an doiciméid

Ainm an údaráis eisiúna

Dáta tosaithe na bailíochta

Dáta deiridh na bailíochta

Tuairisc

--------Ceangaltáin

Ainm an chomhaid

Acmhainn Uilíoch Shainaitheanta

Iarmhíreanna do Phost Idirlín

Réad dénártha arna chur san áireamh

------An praghas carbóin atá dlite

Uimhir sheichimh

Cineál ionstraime

Tuairisc agus léiriú ar an ngníomh dlí

Méid an phraghais carbóin atá dlite

Airgeadra

Ráta malairte

Méid (EURO)

Cód tíre

-------- Earraí atá cumhdaithe faoin bpraghas atá dlite

Uimhir sheichimh

Cineál na n-earraí a chumhdaítear

Cód Ainmníochta Comhcheangailte na n-earraí a chumhdaítear

Cainníocht na n-astaíochtaí a chumhdaítear

Cainníocht a chumhdaítear le leithdháiltí saor in aisce, le haon lacáiste nó le haon chineál eile cúitimh

Faisnéis fhorlíontach

Faisnéis bhreise

----------Tomhas na n-earraí (cumhdaithe)

Glanmhais

Aonaid fhorlíontacha

Cineál an aonaid tomhais

------Barúlacha

Uimhir sheichimh

Faisnéis Bhreise


(*1)   Nóta: Déanfar ionadaithe / allmhaireoirí a chlárú ar leibhéal na tuarascála SCCT nó ar leibhéal na n-earraí SCCT a allmhairítear, rud a bheidh ag brath ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na hionadaithe/na hallmhaireoirí céanna nó éagsúla leis na hearraí SCCT a allmhairítear.

(*2)   Nóta: Déanfar ionadaithe / allmhaireoirí a chlárú ar leibhéal na tuarascála SCCT nó ar leibhéal na n-earraí SCCT a allmhairítear, rud a bheidh ag brath ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann na hionadaithe/na hallmhaireoirí céanna nó éagsúla leis na hearraí SCCT a allmhairítear.


IARSCRÍBHINN II

Sainmhínithe agus bealaí táirgthe le haghaidh earraí

1.   SAINMHÍNITHE

Chun críoch na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinní III, IV agus VIII go IX, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(0)

ciallaíonn ‘sonraí gníomhaíochta’ méid na mbreoslaí nó na n-ábhar a ídítear nó a tháirgtear trí phróiseas atá ábhartha don mhodheolaíocht ríomhbhunaithe, arna sloinneadh i dteirigiúil, i dtonaí maidir le mais nó (i gcás gáis) i ngnáthmhéadair chiúbacha maidir le toilleadh, de réir mar is iomchuí;

(1)

ciallaíonn ‘leibhéal gníomhaíochta’ cainníocht na n-earraí a tháirgtear (arna shloinneadh in MWh maidir le leictreachas, nó i dtonaí maidir le hearraí eile) laistigh de theorainneacha próisis táirgthe;

(2)

ciallaíonn ‘tréimhse tuairiscithe’ tréimhse a roghnaigh oibreoir suiteála a úsáid mar thagairt chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh;

(3)

ciallaíonn ‘sruth foinse’ aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

cineál sonrach breosla, amhábhair nó táirge as a dtagann astaíochtaí gás ceaptha teasa ábhartha ag foinse astaíochtaí amháin nó níos mó mar thoradh ar a ídiú nó a tháirgeadh;

(b)

cineál sonrach breosla, amhábhair nó táirge ina bhfuil carbón agus a áirítear i ríomh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa trí úsáid a bhaint as modh maischothromaíochta;

(4)

ciallaíonn ‘foinse astaíochtaí’ cuid de shuiteáil nó próiseas laistigh de shuiteáil atá inaitheanta ar leithligh, óna n-astaítear gáis ceaptha teasa ábhartha;

(5)

ciallaíonn ‘neamhchinnteacht’ paraiméadar a bhaineann le toradh ar chainníocht a chinneadh arb é a phríomhthréith scaipeadh na luachanna a d’fhéadfaí a shannadh go réasúnach don chainníocht áirithe, lena n-áirítear éifeachtaí fachtóirí córasacha chomh maith le fachtóirí randamacha, arna shloinneadh mar chéatadán, agus léirítear leis eatramh muiníne timpeall an mheánluacha lena gcuimsítear 95 % de luachanna bunaithe ar thátal lena gcuirtear aon neamhshiméadracht i scaipeadh na luachanna san áireamh;

(6)

ciallaíonn ‘fachtóirí ríomha’ glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamh-fhachtóir astaíochta, fachtóir ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin nó codán bithmhaise;

(7)

ciallaíonn ‘astaíochtaí dócháin’ astaíochtaí gás ceaptha teasa a tharlaíonn le linn imoibriú eisiteirmeach breosla le hocsaigin;

(8)

ciallaíonn ‘fachtóir astaíochta’ meánráta astaíochta gáis cheaptha teasa i gcóimheas le sonraí gníomhaíochtaí maidir le sruth foinse ag glacadh leis go ndéantar ocsaídiú iomlán i gcás dócháin agus go ndéantar tiontú iomlán i gcás na n-imoibriúcháin cheimiceacha eile uile;

(9)

ciallaíonn ‘fachtóir ocsaídiúcháin’ an cóimheas idir carbón a ndéantar a ocsaídiú ina CO2 mar thoradh ar dhóiteán agus an carbón iomlán atá sa bhreosla, arna shloinneadh mar chodán, agus aonocsaíd charbóin (CO) a astaítear san atmaisféar á mheas mar an méid coibhéise mólaraí de CO2;

(10)

ciallaíonn ‘fachtóir coinbhéartachta’ an cóimheas idir an carbón a astaítear mar CO2 agus an carbón iomlán atá sa sruth foinse sula dtarlaíonn an próiseas astaithe, arna shloinneadh mar chodán, agus CO a astaítear san atmaisféar á mheas mar an méid coibhéiseach mólaraí CO2;

(11)

ciallaíonn ‘cruinneas’ cé chomh gar dá chéile is atá toradh tomhais agus fíorluach na cainníochta áirithe nó luach tagartha arna chinneadh go heimpíreach agus úsáid á baint as ábhair chalabraithe atá inghlactha agus inrianaithe go hidirnáisiúnta agus as modhanna caighdeánacha, agus fachtóirí randamacha agus córasacha araon á gcur san áireamh;

(12)

ciallaíonn ‘calabrú’ an tacar oibríochtaí lena suitear an gaol, faoi choinníollacha sonraithe, idir luachanna a léirítear le hionstraim tomhais nó le córas tomhais, nó luachanna a léirítear le tomhais ábhartha nó le hábhar tagartha agus na luachanna comhfhreagracha de chainníocht arna mbaint amach le caighdeán tagartha;

(13)

ciallaíonn ‘coimeádach’ go sainítear tacar toimhdí d’fhonn a áirithiú nach dtarlaíonn aon tearcmheastachán ar astaíochtaí tuairiscithe ná aon rómheastachán ar tháirgeadh teasa, leictreachais ná earraí;

(14)

ciallaíonn ‘bithmhais’ an codán in-bhithdhíghrádaithe de tháirgí, dramhaíl, agus iarmhair de thionscnamh bitheolaíoch ón talmhaíocht, lena n-áirítear substaintí cothaitheacha agus ainmhíocha, ón bhforaoiseacht agus ó thionscail ghaolmhara, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú, chomh maith leis an gcodán in-bhithdhíghrádaithe de dhramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl thionsclaíoch agus chathrach de thionscnamh bitheolaíoch;

(15)

ciallaíonn ‘dramhaíl’ aon substaint nó rud a aischuireann an sealbhóir, nó a bhfuil sé beartaithe aige nó a bhfuil sé de cheangal air a aischur, seachas substaintí atá modhnaithe nó éillithe d’aon ghnó chun an sainmhíniú seo a chomhlíonadh;

(16)

ciallaíonn ‘iarmhar’ substaint nach é an táirge/na táirgí deiridh é a bhféachtar lena tháirgeadh/dtáirgeadh le próiseas táirgthe; ní príomhaidhm de chuid an phróisis táirgthe é agus níor modhnaíodh an próiseas d’aon ghnó ar mhaithe lena tháirgeadh;

(17)

ciallaíonn ‘iarmhair thalmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh agus foraoiseachta’ iarmhair a ghintear go díreach in earnáil na talmhaíochta, an dobharshaothraithe, an iascaigh agus na foraoiseachta, agus nach n-áirítear leo iarmhair a thagann ó thionscail ghaolmhara nó ó phróiseáil ghaolmhar;

(18)

ciallaíonn ‘rialú méadreolaíoch dlíthiúil’ rialú ag údarás poiblí nó ag rialtóir poiblí ar na cúraimí tomhais atá beartaithe do raon feidhme ionstraime tomhais, ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail, leis an tsláinte phoiblí, leis an tsábháilteacht phoiblí, leis an ord poiblí, le cosaint an chomhshaoil, le tobhach cánacha agus dleachtanna, le cosaint tomhaltóirí agus le trádáil chóir;

(19)

ciallaíonn ‘gníomhaíochtaí sreafa sonraí’ gníomhaíochtaí a bhaineann le sonraí a fháil, a phróiseáil agus a láimhseáil, ar sonraí iad a bhfuil gá leo chun tuarascáil astaíochtaí a dhréachtú ó shonraí príomhfhoinse;

(20)

ciallaíonn ‘córas tomhais’ tacar iomlán ionstraimí tomhais agus trealaimh eile, amhail trealamh samplála agus próiseála sonraí, a úsáidtear chun athróga a chinneadh amhail sonraí gníomhaíochta, cion carbóin, luach calrach nó fachtóir astaíochta na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(21)

ciallaíonn ‘glanluach calrach’ (NCV) an méid sonrach fuinnimh a scaoiltear mar theas nuair a dhéantar dóchán iomlán le hocsaigin ar bhreosla nó ar ábhar faoi dhálaí caighdeánacha, lúide teas galaithe aon uisce a fhoirmítear;

(22)

ciallaíonn ‘astaíochtaí próisis’ astaíochtaí gás ceaptha teasa seachas astaíochtaí dócháin a tharlaíonn mar thoradh ar imoibrithe d’aon ghnó agus neamhbheartaithe idir substaintí nó mar thoradh ar chlaochlú na substaintí sin, chun críche príomhúla seachas teas a ghiniúint, lena n-áirítear ó na próisis seo a leanas:

(a)

dí-ocsaídiú ceimiceach, leictrealaíoch nó pirimiotalóireach de chomhdhúile miotail i mianta, i dtiúcháin agus in ábhair thánaisteacha;

(b)

eisíontais a bhaint as miotail agus as comhdhúile miotail;

(c)

dianscaoileadh carbónáití, lena n-áirítear carbónáití a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin;

(d)

sintéisí ceimiceacha táirgí agus táirgí idirmheánacha i gcás ina nglacann an t-ábhar a bhfuil carbón ann páirt san imoibriú;

(e)

úsáid breiseán nó amhábhar ina bhfuil carbón;

(f)

dí-ocsaídiú ceimiceach nó leictrealaíoch d’ocsaídí miotalacha nó d’ocsaídí neamh-mhiotail amhail ocsaídí sileacain agus fosfáití;

(23)

ciallaíonn ‘baisc’ méid breosla nó ábhair a dhéantar a shampláil agus a shaintréithriú go hionadaíoch, agus a aistrítear mar lastas amháin nó go leanúnach thar thréimhse shonrach ama;

(24)

ciallaíonn ‘breosla measctha’ breosla ina bhfuil bithmhais agus carbón iontaise araon;

(25)

ciallaíonn ‘ábhar measctha’ ábhar ina bhfuil bithmhais agus carbón iontaise araon;

(26)

ciallaíonn ‘réamh-fhachtóir astaíochta’ an fachtóir astaíochta iomlán toimhdithe atá ag breosla nó ábhar, bunaithe ar chion carbóin a chodáin bithmhaise agus a chodáin iontaise sula ndéantar é a iolrú faoin gcodán iontaise chun an fachtóir astaíochta a tháirgeadh;

(27)

ciallaíonn ‘codán iontaise’ an cóimheas idir carbón iontaise agus neamhorgánach agus an cion carbóin iomlán i mbreosla nó in ábhar, arna shloinneadh mar chodán;

(28)

ciallaíonn ‘codán bithmhaise’ an cóimheas idir an carbón a eascraíonn as bithmhais agus an cion carbóin iomlán i mbreosla nó in ábhar, arna shloinneadh mar chodán;

(29)

ciallaíonn ‘tomhas leanúnach astaíochtaí’ sraith oibríochtaí a bhfuil sé de chuspóir acu luach cainníochta a chinneadh trí bhíthin tomhais thréimhsiúla, agus tomhais á gcur i bhfeidhm sna nósanna imeachta cruach nó eastóscacha le hionstraim tomhais atá suite gar don chruach, ach gan modheolaíochtaí tomhais bunaithe ar bhailiú samplaí aonair ón gcruach a chur san áireamh;

(30)

ciallaíonn ‘CO2 fréimhíochta’ CO2 ar cuid de shruth foinse é;

(31)

ciallaíonn ‘carbón iontaise’ carbón neamhorgánach agus orgánach nach bithmhais é;

(32)

ciallaíonn ‘pointe tomhais’ an fhoinse astaíochtaí a n-úsáidtear córais tomhais leanúnaigh astaíochtaí (CEMS) ina leith chun astaíochtaí a thomhas, nó an trasghearradh de chóras píblíne a ndéantar sreabhadh CO2 a chinneadh ina leith agus úsáid á baint as córais tomhais leanúnaigh;

(33)

ciallaíonn ‘astaíochtaí éalaitheacha’ astaíochtaí neamhrialta nó neamhbheartaithe ó fhoinsí nach bhfuil logánta, nó atá ró-éagsúil nó róbheag le faireachán a dhéanamh orthu ina n-aonar;

(34)

ciallaíonn ‘dálaí caighdeánacha’ teocht 273,15 K agus brúdhálaí 101 325 Pa lena sainmhínítear gnáthmhéadair chiúbacha (Nm3);

(35)

ciallaíonn ‘seachshonraí’ luachanna bliantúla a bhfuil bunús eimpíreach leo nó atá díorthaithe ó fhoinsí a nglactar leo, agus a úsáideann oibreoir chun tacar sonraí a ionadú chun tuairisciú iomlán a áirithiú nuair nach féidir na sonraí nó na fachtóirí riachtanacha uile a ghiniúint sa mhodheolaíocht faireacháin is infheidhme;

(36)

ciallaíonn ‘teas intomhaiste’ glansreabhadh teasa a iompraítear trí phíblínte nó duchtanna inaitheanta agus a úsáideann meán aistrithe teasa, amhail, go háirithe, gal, aer te, uisce, ola, miotail leachtacha agus salainn, a bhfuil méadar teasa suiteáilte nó a bhféadfaí méadar teasa a shuiteáil ina leith;

(37)

ciallaíonn ‘méadar teasa’ méadar fuinnimh theirmigh nó aon ghaireas eile lena dtomhaistear agus lena dtaifeadtar an méid fuinnimh theirmigh a tháirgtear bunaithe ar thoirteanna sreafa agus ar theochtaí sreafa;

(38)

ciallaíonn ‘teas nach teas intomhaiste é’ gach teas seachas teas intomhaiste;

(39)

ciallaíonn ‘dramhghás’ gás ina bhfuil carbón atá ocsaídithe go neamhiomlán i staid ghásach faoi choinníollacha caighdeánacha atá mar thoradh ar aon cheann de na próisis a liostaítear i bpointe (22);

(40)

ciallaíonn ‘próiseas táirgthe’ na próisis cheimiceacha nó fhisiceacha a dhéantar chun earraí a tháirgeadh faoi chatagóir earraí chomhiomlánaithe a shainmhínítear i dTábla 1 de Roinn 2 den Iarscríbhinn seo, agus a theorainneacha córais sonraithe maidir le hionchuir, aschuir agus astaíochtaí comhfhreagracha;

(41)

ciallaíonn ‘bealach táirgthe’ teicneolaíocht shonrach a úsáidtear i bpróiseas táirgthe chun earraí a tháirgeadh faoi chatagóir earraí chomhiomlánaithe;

(42)

ciallaíonn ‘tacar sonraí’ cineál amháin sonraí, ar leibhéal na suiteála nó ar leibhéal an phróisis táirgthe de réir mar is ábhartha sna himthosca, mar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

méid na mbreoslaí nó na n-ábhar a ídítear nó a tháirgtear trí phróiseas táirgthe mar atá ábhartha don mhodheolaíocht ríomhbhunaithe, arna sloinneadh i dteirigiúil, i dtonaí maidir le mais nó, i gcás gáis, i ngnáthmhéadair chiúbacha maidir le toilleadh, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh dramhghás;

(b)

fachtóir ríomha;

(c)

glanchainníocht teasa intomhaiste, agus na paraiméadair ábhartha is gá chun an chainníocht sin a chinneadh, go háirithe:

sreabhadh maise an mheáin aistrithe teasa, agus

eantalpacht de mheán aistrithe teasa tarchurtha agus aischurtha, mar a shonraítear le comhdhéanamh, teocht, brú agus sáithiú;

(d)

cainníochtaí teasa nach teas intomhaiste é, arna sonrú leis na cainníochtaí ábhartha breoslaí a úsáidtear chun teas a tháirgeadh, agus glanluach calrach (NCV) an mheascáin breosla;

(e)

cainníochtaí leictreachais;

(f)

cainníochtaí CO2 arna n-aistriú idir suiteálacha;

(g)

cainníochtaí réamhtheachtaithe arna bhfáil ó lasmuigh den tsuiteáil, agus a bparaiméadair ábhartha, amhail tír thionscnaimh, an bealach táirgthe a úsáideadh, sainastaíochtaí díreacha agus indíreacha, an praghas carbóin atá dlite;

(h)

paraiméadair atá ábhartha maidir le praghas carbóin atá dlite;

(43)

ciallaíonn ‘íoscheanglais’ modhanna faireacháin ina n-úsáidtear na hiarrachtaí íosta atá ceadaithe chun sonraí a chinneadh ionas go mbeidh na sonraí astaíochtaí inghlactha chun críoch Rialachán (AE) 2023/956;

(44)

ciallaíonn ‘feabhsúcháin molta’ modhanna faireacháin ar meáin chruthaithe iad chun a áirithiú go bhfuil sonraí níos cruinne nó gur lú an seans go mbeadh botúin sna sonraí ná mar a dhéanfaí trí íoscheanglais a chur i bhfeidhm, agus a fhéadfar a roghnú ar bhonn deonach;

(45)

ciallaíonn ‘míráiteas’ easnamh, mífhaisnéis nó earráid i sonraí tuairiscithe an oibreora, gan an neamhchinnteacht is incheadaithe do thomhais agus d’anailísí saotharlainne a chur san áireamh;

(46)

ciallaíonn ‘míráiteas ábhartha’ míráiteas a sháraíonn, i dtuairim an fhíoraitheora, ina aonar nó nuair a dhéantar é a chomhiomlánú le míráitis eile, an leibhéal ábharthachta, nó míráiteas a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do láimhseáil thuarascáil an oibreora ag an údarás inniúil;

(47)

ciallaíonn ‘dearbhú réasúnach’ leibhéal dearbhaithe atá ard ach gan bheith absalóideach, a chuirtear in iúl go dearfach sa tuairim fíorúcháin, i dtaobh an bhfuil tuarascáil an oibreora atá faoi réir fíoraithe saor ó mhíráiteas ábhartha;

(48)

ciallaíonn ‘córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe’ na córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe i gcás ina mbunaítear an tsuiteáil chun críche scéime praghsála carbóin, nó scéimeanna faireacháin astaíochtaí éigeantacha, nó scéime faireacháin astaíochtaí ag an tsuiteáil a bhféadfadh fíoraitheoir creidiúnaithe a bheith san áireamh inti, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán seo.

2.   CÓID AC A MHAPÁIL AR CHATAGÓIRÍ EARRAÍ COMHIOMLÁNAITHE

Sainítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo catagóirí earraí comhiomlánaithe le haghaidh gach cód AC a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956. Úsáidtear na catagóirí sin chun teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe a shainiú chun astaíochtaí leabaithe a chomhfhreagraíonn do na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a chinneadh.

Tábla 1

Cóid AC a mhapáil ar chatagóirí earraí comhiomlánaithe

Cód AC

Catagóir earraí chomhiomlánaithe

Gás ceaptha teasa

Stroighin

 

 

2507 00 80 – Créanna caoilíneacha eile

Cré chailcínithe

Dé-ocsaíd charbóin

2523 10 00 – Clincir stroighne

Clincear stroighne

Dé-ocsaíd charbóin

2523 21 00 – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh

2523 29 00 – Cineálacha eile stroighne Portland

2523 90 00 – Cineálacha eile stroighne hiodrálaí

Stroighin

Dé-ocsaíd charbóin

2523 30 00 – Stroighin alúmanach

Stroighin alúmanach

Dé-ocsaíd charbóin

Leictreachas

 

 

2716 00 00 – Fuinneamh leictreach

Leictreachas

Dé-ocsaíd charbóin

Leasachán

 

 

2808 00 00 – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha

Aigéad nítreach

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3102 10 – Úiré, bíodh sí i dtuaslagán uiscí nó ná bíodh

Úiré

Dé-ocsaíd charbóin

2814 – Amóinia, í ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

Amóinia

Dé-ocsaíd charbóin

2834 21 00 - Níotráit photaisiam

3102 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach

seachas 3102 10 (Úiré)

3105 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile

Seachas: 3105 60 00 – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam

Leasacháin mheasctha

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Iarann agus Cruach

 

 

2601 12 00 – Iarnchlocha agus tiúchain cheirtleánaithe, seachas iarnphirítí rósta

Mian Shintéaraithe

Dé-ocsaíd charbóin

7201 – Muciarann agus spiegeleisen ina mhuc-bharraí, ina bhloic nó i bhfoirmeacha príomhúla eile

D’fhéadfadh roinnt táirgí faoi 7205 (Gráinníní agus púdair de mhuciarann, spiegeleisen, iarann nó cruach) a bheith clúdaithe anseo

Muciarann

Dé-ocsaíd charbóin

7202 1 – Fearómangainéis

FeMn

Dé-ocsaíd charbóin

7202 4 – Fearócróimiam

FeCr

Dé-ocsaíd charbóin

7202 6 – Fearóinicil

FeNi

Dé-ocsaíd charbóin

7203 – Táirgí feiriúla a fhaightear trí dhí-ocsaídiú díreach a dhéanamh ar iarnchloch agus ar tháirgí feiriúla spúinseacha eile

DRI

Dé-ocsaíd charbóin

7206 – Iarann agus cruach neamh-chóimhiotal in uingí nó foirmeacha príomhúla eile (seachas iarann faoi cheannteideal 7203 )

7207 – Táirgí leathchríochnaithe d’iarann agus de chruach neamh-chóimhiotail

7218 – Cruach dhosmálta in uingí nó foirmeacha príomhúla eile; táirgí leathchríochnaithe de chruach dhosmálta

7224 – Cruach chóimhiotail eile in uingí nó foirmeacha príomhúla eile; earraí leathchríochnaithe de chruach chóimhiotail eile

Amhchruach

Dé-ocsaíd charbóin

7205 – Gráinníní agus púdair de mhuciarann, spiegeleisen, iarann nó cruach (mura gcumhdaítear iad faoin gcatagóir muciarainn)

7208 – Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead 600 mm nó níos mó, teorollta, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe

7209 – Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead 600  mm nó níos mó, fuarrollta (fuarlaghdaithe), nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe

7210 – Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead 600 mm nó níos mó, atá cumhdaithe, plátáilte nó brataithe

7211 – Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead níos lú ná 600 mm, nach bhfuil cumhdaithe, plátáilte, ná brataithe

7212 – Táirgí cothromrollta iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail, ar leithead níos lú ná 600 mm, atá cumhdaithe, plátáilte nó brataithe

7213 – Barraí agus slata, iad teorollta, iad ina gcornaí atá tochraiste go mírialta, iad déanta as iarann nó as cruach neamh-chóimhiotail

7214 – Barraí agus slata eile déanta as iarann nó as cruach neamh-chóimhiotail, iad gaibhnithe, teorollta, teo-tharraingthe nó teo-easbhrúite, agus gan aon saoirsiú thairis sin déanta orthu, lena n-áirítear an chuid a gcuirtear casadh iontu tar éis a rollta

7215 – Barraí agus slata eile déanta as iarann nó as cruach neamh-chóimhiotail

7216 – Uillinneacha, cruthanna agus cónaisc déanta as iarann nó as cruach neamh-chóimhiotail

7217 – Sreang iarainn nó sreang cruach neamh-chóimhiotail

7219 – Táirgí cothromrollta cruach dosmálta, ar leithead 600  mm nó níos mó

7220 – Táirgí cothromrollta cruach dosmálta, ar leithead níos lú ná 600  mm

7221 – Barraí agus slata, iad teorollta, iad ina gcornaí atá tochraiste go mírialta, iad déanta as cruach dhosmálta

7222 – Barraí agus slata eile déanta as cruach dhosmálta; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc déanta as cruach dhosmálta

7223 – Sreang cruach dosmálta

7225 – Táirgí cothromrollta cruach cóimhiotail eile, ar leithead 600 mm nó níos mó

7226 – Táirgí cothromrollta cruach cóimhiotail eile, ar leithead níos lú ná 600 mm

7227 – Barraí agus slata, iad teorollta, iad ina gcornaí atá tochraiste go mírialta, iad déanta as cruach chóimhiotail eile

7228 – Barraí agus slata eile déanta as cruach chóimhiotail eile; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, iad déanta as cruach chóimhiotail eile; barraí agus slata druilire tolla, iad déanta as cruach cóimhiotail agus neamh-chóimhiotail

7229 – Sreang déanta as cruach cóimhiotail eile

7301 – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó ná bíodh, bíodh sí pollta nó ná bíodh, nó bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, iad táite, agus iad déanta as iarann nó as cruach

7302 – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh iarnróid nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, leabaphlátaí, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

7303 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

7304 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

7305 – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4  mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

7306 – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

7307 – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

7308 – Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh iarainn nó chruach

7309 – Taiscumair, umair, dabhcha agus coimeádáin chomhchosúla le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300  l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

7310 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus coimeádáin chomhchosúla, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300  l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

7311 – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

7318 – Scriúnna, boltaí, cnónna, scriúnna cóiste, crúcaí scriú, seamanna, leicníní, pionnaí leicnín, leicneáin (lena n-áirítear leicneáin ar sprionga) agus earraí den chineál céanna, iad déanta as iarann nó as cruach

7326 – Earraí eile iarainn nó cruach

Táirgí iarainn nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

 

 

7601 – Alúmanam neamhshaoirsithe

Alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603 – Púdair agus calóga alúmanaim

7604 – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

7605 – Sreang alúmanaim

7606 – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2  mm ar tiús

7607 – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2  mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

7608 – Feadáin agus píobáin alúmanaim

7609 00 00 – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

7610 – Struchtúir alúmanaim (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir (mar shampla, droichid agus codanna droichid, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, balastráidí, piléir agus colúin); plátaí, slata, próifílí, feadáin agus a leithéid, déanta as alúmanam, arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir

7611 00 00 – Taiscumair, umair, dabhcha agus coimeádáin chomhchosúla eile, as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), a bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

7612 – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus coimeádáin chomhchosúla eile (lena n-áirítear taisceadáin fheadánacha righne nó intitimeacha), as alúmanam, le haghaidh aon ábhair (seachas gás comhbhrúite nó leachtaithe), nach bhfuil toilleadh níos mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bídís, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

7613 00 00 – Coimeádáin alúmanaim le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe

7614 – Sreang dhualach, cáblaí, bandaí trilseánaithe agus a leithéid de dhéantús alúmanaim, nach bhfuil inslithe go leictreach

7616 – Earraí eile alúmanaim

Táirgí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

Ceimiceáin

 

 

2804 10 000 – Hidrigin

Hidrigin

Dé-ocsaíd charbóin

3.   BEALAÍ TÁIRGTHE, TEORAINNEACHA CÓRAIS AGUS RÉAMHTHEACHTAITHE ÁBHARTHA

3.1   Rialacha trasearnála

Chun leibhéal gníomhaíochta (cainníocht a tháirgtear) na n-earraí a chinneadh mar ainmneoir i gCothromóidí 50 agus 51 (Roinn F.1 d’Iarscríbhinn III), beidh feidhm ag rialacha faireacháin Roinn F.2 d’Iarscríbhinn III.

I gcás ina n-úsáidtear roinnt bealaí táirgthe sa tsuiteáil chéanna chun earraí a tháirgeadh a thagann faoin gcód AC céanna, agus i gcás ina sanntar próisis táirgthe ar leithligh do na bealaí táirgthe sin, déanfar astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin a ríomh ar leithligh do gach bealach táirgthe.

Maidir le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí díreacha, déanfar faireachán ar gach foinse astaíochtaí agus sruthanna foinse a bhaineann leis an bpróiseas táirgthe, agus na ceanglais shonracha a leagtar síos i Ranna 3.2 go 3.19 den Iarscríbhinn seo, i gcás inarb ábhartha, agus na rialacha a leagtar síos in Iarscríbhinn III á gcur san áireamh.

I gcás ina n-úsáidtear gabháil CO2, beidh feidhm ag rialacha Roinn B.8.2 d’Iarscríbhinn III.

Maidir le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí indíreacha, déanfar ídiú iomlán leictreachais gach próisis táirgthe a chinneadh, laistigh de na teorainneacha córais a shainítear i gcomhréir le Ranna 3.2 go 3.19 den Iarscríbhinn seo agus i gcomhréir le Roinn A.4 d’Iarscríbhinn III, i gcás inarb ábhartha. Déanfar an fachtóir astaíochta ábhartha leictreachais a chinneadh i gcomhréir le Roinn D.2 d’Iarscríbhinn III.

Má shonraítear réamhtheachtaithe ábhartha, tagraíonn siad do na catagóirí earraí comhiomlánaithe comhfhreagracha.

3.2   Cré chailcínithe

3.2.1.   Forálacha speisialta

Maidir le créanna a thagann faoi chód AC 2507 00 80 nach bhfuil cailcínithe, sanntar astaíochtaí leabaithe nialasach dóibh. Beidh siad san áireamh sa tuarascáil SCCT, ach ní cheanglaítear aon fhaisnéis bhreise ó tháirgeoir na cré. Ní bhaineann na forálacha seo a leanas ach le créanna a thagann faoin gcód AC sin agus atá cailcínithe.

3.2.2.   Bealach táirgthe

I gcás cré chailcínithe, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Gach próiseas atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis na próisis táirgthe, amhail amhábhar a ullmhú, a mheascadh, a thriomú agus a chailcíniú, agus glanadh gáis múcháin.

Astaíochtaí CO2 ó dhóchán breoslaí agus ó amhábhair, i gcás inarb ábhartha.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

3.3   Clincear stroighne

3.3.1   Forálacha speisialta

Ní dhéanfar aon idirdhealú idir clincear stroighne liath agus clincear stroighne bán.

3.3.2   Bealach táirgthe

I gcás clincear stroighne, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Cailcíniú aolchloiche agus carbónáití eile sna hamhábhair, i ngnáthbhreoslaí iontaise le haghaidh áithe, i mbreoslaí malartacha iontaise le haghaidh áithe agus in amhábhair malartacha iontaise, i mbreoslaí bithmhaise le haghaidh áithe (amhail breoslaí dramhaíola díorthaithe), i mbreoslaí nach n-úsáidtear san áith, i gcion carbóin neamhcharbónáite aolchloiche agus scealla, nó in amhábhair mhalartacha amhail luaith mhionaithe bhreosla a úsáidtear sa mhin amh san áith agus sna hamhábhair a úsáidtear le haghaidh sciúradh gáis múcháin.

Beidh feidhm ag forálacha breise Roinn B.9.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

3.4   Stroighin

3.4.1   Forálacha speisialta

Dada.

3.4.2   Bealach táirgthe

I gcás stroighne, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Na hastaíochtaí CO2 uile ó dhóchán breosla, i gcás inarb ábhartha chun ábhair a thriomú.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

Clincear stroighne;

Cré chailcínithe, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.5   Stroighin alúmanach

3.5.1   Forálacha speisialta

Dada.

3.5.2   Bealach táirgthe

I gcás stroighin alúmanach, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Na hastaíochtaí CO2 uile ó dhóchán breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bpróiseas.

Astaíochtaí próisis ó charbónáití in amhábhair, más infheidhme, agus glanadh gáis múcháin.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

3.6   Hidrigin

3.6.1   Forálacha speisialta

Ní bhreithneofar ach táirgeadh hidrigin íon nó táirgeadh meascán de hidrigin le nítrigin atá inúsáidte i dtáirgeadh amóinia. Ní chumhdaítear táirgeadh gáis sintéise nó hidrigine laistigh de scaglanna nó de shuiteálacha ceimiceacha orgánacha, i gcás ina n-úsáidtear hidrigin go heisiach laistigh de na gléasraí sin agus nach n-úsáidtear í chun earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a tháirgeadh.

3.6.2   Bealach táirgthe

3.6.2.1   Athfhoirmiú gaile agus ocsaídiú páirteach

I gcás na mbealaí táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Gach próiseas atá nasctha go díreach nó go hindíreach le táirgeadh hidrigine, agus glanadh gáis múcháin.

Na breoslaí uile a úsáidtear sa phróiseas táirgthe hidrigine gan beann ar a n-úsáid fuinnimh nó neamhfhuinnimh, agus breoslaí a úsáidtear le haghaidh próisis dócháin eile lena n-áirítear chun uisce te nó gal a tháirgeadh.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

3.6.2.2   Leictriú uisce

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha, más ábhartha:

Na hastaíochtaí uile ó úsáid breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bpróiseas táirgthe hidrigine agus ó ghlanadh gáis múcháin.

Astaíochtaí indíreacha: I gcás inar deimhníodh go gcomhlíonann an hidrigin tháirgthe Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún (1), féadfar fachtóir astaíochta nialasach a úsáid don leictreachas. I ngach cás eile, beidh feidhm ag na rialacha maidir le hastaíochtaí leabaithe indíreacha (Roinn D d’Iarscríbhinn III).

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

Astaíochtaí a shannadh do tháirgí: I gcás ina scaoiltear an ocsaigin chomhtháirgthe, déanfar astaíochtaí uile an phróisis táirgthe a shannadh do hidrigin. I gcás ina n-úsáidtear ocsaigin sheachtháirge i bpróisis táirgthe eile ag an tsuiteáil nó i gcás ina ndíoltar í, agus i gcás nach bhfuil na hastaíochtaí díreacha nó indíreacha cothrom le nialas, déanfar astaíochtaí an phróisis táirgthe a shannadh do hidrigin bunaithe ar chionmhaireachtaí mólaracha agus úsáid á baint as an gcothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 1)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é

Formula

na hastaíochtaí díreacha nó na hastaíochtaí indíreacha atá sannta do hidrigin a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí CO2;

Is é Em total

astaíochtaí díreacha nó astaíochtaí indíreacha an phróisis táirgthe iomlán le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí CO2;

Is é

Formula

mais na hocsaigine a dhíoltar nó a úsáidtear sa tsuiteáil le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí;

Is é

Formula

mais na hocsaigine a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí;

Is é

Formula

mais na hidrigine a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí;

Is é

Formula

an mhais mhólarach de O2 (31,998 kg/kmol), agus

Is é

Formula

an mhais mhólarach de H2 (2,016 kg/kmol).

3.6.2.3   Leictrealú Clór-Alcaile agus táirgeadh clóráití

I gcás na mbealaí táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha, más ábhartha:

Na hastaíochtaí uile ó úsáid breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bpróiseas táirgthe hidrigine agus ó ghlanadh gáis múcháin.

Astaíochtaí indíreacha: I gcás inar deimhníodh go gcomhlíonann an hidrigin tháirgthe Rialachán Tharmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún, féadfar fachtóir astaíochta nialasach a úsáid don leictreachas. I ngach cás eile, beidh feidhm ag na rialacha maidir le hastaíochtaí leabaithe indíreacha (Roinn D d’Iarscríbhinn III).

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

Astaíochtaí a shannadh do tháirgí: Ós rud é go meastar gur seachtháirge í hidrigin sa phróiseas táirgthe sin, ní dhéanfar ach cionmhaireachtaí mólaracha den phróiseas foriomlán a shannadh don chodán den hidrigin a dhíoltar nó a úsáidtear mar réamhtheachtaí laistigh den tsuiteáil. Ar choinníoll nach bhfuil astaíochtaí díreacha nó indíreacha cothrom le nialas, déanfar astaíochtaí an phróisis táirgthe a shannadh do hidrigin a úsáidtear nó a dhíoltar trí úsáid a bhaint as na cothromóidí seo a leanas:

Leictrealú Clór-Alcaile:

Formula
(Cothromóid 2)

Táirgeadh Clóráite Sóidiam:

Formula
(Cothromóid 3)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é

Formula

na hastaíochtaí díreacha nó na hastaíochtaí indíreacha atá sannta do hidrigin a dhíoltar nó a úsáidtear mar réamhtheachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí CO2;

Is é Em total

astaíochtaí díreacha nó astaíochtaí indíreacha an phróisis táirgthe le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí CO2;

Is é

Formula

mais na hidrigine a dhíoltar nó a úsáidtear mar réamhtheachtaí le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí;

Is é

Formula

mais na hidrigine a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí;

Is é

Formula

mais an chlóirín a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí;

Is é m NaOH,prod

mais na hiodrocsaíde sóidiam (sóid loiscneach) a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí, arna ríomh mar 100 % NaOH;

Is é

Formula

mais na clóráite sóidiam a tháirgtear le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí, arna ríomh mar 100 % NaClO3;

Is é

Formula

an mhais mhólarach de H2 (2,016 kg/kmol);

Is é

Formula

an mhais mhólarach de Cl2 (70,902 kg/kmol);

Is é M NaOH

an mhais mhólarach de NaOH (39,997 kg/kmol), agus

Is é

Formula

an mhais mhólarach de NaClO3 (106,438 kg/kmol).

3.7   Amóinia

3.7.1   Forálacha speisialta

Déanfar amóinia hidriúil agus amóinia ainhidriúil araon a thuairisciú go comhpháirteach mar amóinia 100 %.

I gcás ina n-úsáidtear CO2 ó tháirgeadh amóinia mar bhunábhar chun úiré nó ceimiceáin eile a tháirgeadh, beidh feidhm ag pointe (b) de Roinn B.8.2 d’Iarscríbhinn III. I gcás ina gceadaítear asbhaint CO2 de réir na roinne sin agus i gcás ina mbeadh sainastaíochtaí leabaithe díreacha diúltacha amóinia mar thoradh uirthi, nialas a bheidh i sainastaíochtaí leabaithe díreacha amóinia.

3.7.2   Bealaí táirgthe

3.7.2.1   Próiseas Haber-Bosch le hathchóiriú gaile ar ghás nádúrtha nó ar bhithghás

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Gach breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach le táirgeadh amóinia, agus ábhair a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Déanfar faireachán ar gach breosla, gan beann ar é a úsáid mar ionchur fuinnimh nó neamhfhuinnimh.

I gcás ina n-úsáidtear bithghás, beidh feidhm ag forálacha Roinn B.3.3 d’Iarscríbhinn III.

I gcás ina gcuirfear hidrigin ó bhealaí táirgthe eile leis an bpróiseas, caithfear léi amhail réamhtheachtaí lena ngabhann a hastaíochtaí leabaithe féin.

Réamhtheachtaithe ábhartha: hidrigin arna táirgeadh ar leithligh, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.7.2.2   Próiseas Haber-Bosch le gású guail nó breoslaí eile

Beidh feidhm ag an mbealach sin i gcás ina dtáirgtear hidrigin trí ghual, breoslaí scaglainne troma nó bunábhar iontaise eile a ghású. Féadfar bithmhais a áireamh sna hábhair ionchuir, agus cuirfear forálacha Roinn B.3.3 d’Iarscríbhinn III san áireamh ina leith.

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Gach breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach le táirgeadh amóinia, agus ábhair a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Déanfar faireachán ar gach ionchur breosla mar shruth breosla amháin, gan beann ar é a úsáid mar ionchur fuinnimh nó neamhfhuinnimh.

I gcás ina gcuirfear hidrigin ó bhealaí táirgthe eile leis an bpróiseas, caithfear léi amhail réamhtheachtaí lena ngabhann a hastaíochtaí leabaithe féin.

Réamhtheachtaithe ábhartha: hidrigin arna táirgeadh ar leithligh, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.8   Aigéad nítreach

3.8.1   Forálacha speisialta

Déanfar faireachán agus tuairisciú ar na méideanna aigéid nítrigh a tháirgtear mar aigéad nítreach 100 %.

3.8.2   Bealach táirgthe

I gcás aigéad nítreach, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó gach breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach le táirgeadh aigéid nítrigh, agus ábhair a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin;

Astaíochtaí N2O ó gach foinse a astaíonn N2O ón bpróiseas táirgthe, lena n-áirítear astaíochtaí neamhlaghdaithe agus laghdaithe. Déantar aon astaíocht N2O ó dhóchán breoslaí a eisiamh ón bhfaireachán.

Réamhtheachtaithe ábhartha: Amóinia (mar amóinia 100 %).

3.9   Úiré

3.9.1   Forálacha speisialta

I gcás ina n-eascraíonn an CO2 a úsáidtear chun úiré a tháirgeadh ó tháirgeadh amóinia, cuirtear san áireamh gur dealú é in astaíochtaí leabaithe amóinia mar réamhtheachtaí úiré, má cheadaítear an asbhaint sin faoi fhorálacha Roinn 3.7 den Iarscríbhinn seo. Mar sin féin, i gcás ina n-úsáidtear amóinia a tháirgtear gan astaíochtaí CO2 iontaise díreacha mar réamhtheachtaí, féadfar an CO2 a úsáidtear a bhaint as astaíochtaí díreacha na suiteála ina dtáirgtear an CO2, ar choinníoll go sainmhínítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE táirgeadh úiré mar chás ina bhfuil CO2 ceangailte go ceimiceach go buan ionas nach rachaidh sé isteach san atmaisféar faoi ghnáthúsáid, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a tharlaíonn tar éis dheireadh shaolré an táirge. I gcás ina mbeadh sainastaíochtaí leabaithe díreacha diúltacha úiré mar thoradh ar asbhaint den sórt sin, is é nialas a bheidh sna sainastaíochtaí leabaithe díreacha úiré.

3.9.2   Bealach táirgthe

I gcás úiré, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó gach breosla atá nasctha go díreach nó go hindíreach le táirgeadh úiré, agus ábhair a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin.

I gcás ina bhfaightear CO2 ó shuiteáil eile mar ionchur próisis, measfar gur astaíocht é an CO2 a fhaightear agus nach bhfuil ceangailte in úiré, mura ndéantar é a áireamh cheana mar astú na suiteála ina ndearnadh an CO2 a tháirgeadh, faoi chóras incháilithe faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe.

Réamhtheachtaithe ábhartha: Amóinia (mar amóinia 100 %).

3.10   Leasacháin mheasctha

3.10.1   Forálacha speisialta

Baineann an roinn seo le táirgeadh gach cineál leasachán ina bhfuil nítrigin, lena n-áirítear níotráit amóiniam, níotráit chailciam amóiniam, sulfáit amóiniam, fosfáití amóiniam, tuaslagáin níotráite amóiniam úiré, chomh maith le leasacháin fosfair nítrigine (NP), leasacháin potaisiam nítrigine (NK) agus leasacháin potaisiam fosfair nítrigine (NPK). Áirítear gach cineál oibríochtaí amhail meascadh, neodrú, gránú, priollú, is cuma cé acu a tharlaíonn meascadh fisiceach amháin nó imoibrithe ceimiceacha amháin.

Déanfar méideanna na gcomhdhúl nítrigine éagsúil atá sa táirge deiridh a thaifeadadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2):

cion N mar amóiniam (NH4 +);

cion N mar níotráit (NO3 );

cion N mar Úiré;

cion N i bhfoirmeacha (orgánacha) eile.

Féadfar astaíochtaí díreacha agus indíreacha na bpróiseas táirgthe a thagann faoin gcatagóir earraí chomhiomlánaithe seo a chinneadh don tréimhse tuairiscithe iomlán agus féadfar iad a shannadh do na leasacháin mheasctha uile ar bhonn pro rata in aghaidh an tona den táirge deiridh. I gcás gach gráid leasacháin, déanfar astaíochtaí leabaithe a ríomh ar leithligh agus mais ábhartha na réamhtheachtaithe a úsáidtear á cur san áireamh agus meánastaíochtaí leabaithe á gcur i bhfeidhm le linn na tréimhse tuairiscithe do gach ceann de na réamhtheachtaithe.

3.10.2   Bealach táirgthe

I gcás leasacháin mheasctha, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó na breoslaí go léir atá nasctha go díreach nó go hindíreach le táirgeadh leasacháin, amhail breoslaí a úsáidtear i dtriomadóirí agus chun ábhair ionchuir a théamh, agus ábhair a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

amóinia (mar amóinia 100 %), má úsáidtear sa phróiseas í;

Aigéad nítreach (mar aigéad nítreach 100 %), má úsáidtear sa phróiseas é;

úiré, má úsáidtear sa phróiseas í;

leasacháin mheasctha (go háirithe salainn ina bhfuil amóiniam nó níotráit), má úsáidtear sa phróiseas iad.

3.11   Mian shintéaraithe

3.11.1   Forálacha speisialta

Áirítear sa chatagóir earraí chomhiomlánaithe seo gach cineál táirgthe millíní amhiarainn (le haghaidh díol millíní agus lena n-úsáid go díreach sa tsuiteáil chéanna) agus táirgeadh sintéir. A mhéid a chumhdaítear le cód AC 2601 12 00, féadfar mianta iarainn a úsáidtear mar réamhtheachtaithe le haghaidh fearócróimiam (FeCr), fearómangainéis (FeMn) nó fearóinicil (FeNi) a chumhdach freisin.

3.11.2   Bealach táirgthe

I gcás mian shintéaraithe, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó ábhair phróisis amhail aolchloch agus carbónáití eile nó mianta carbónáiteacha;

CO2 ó gach breosla lena n-áirítear cóc, dramhgháis amhail gás oighinn cóic, gás foirnéise soinneáin nó gás tiontaire; atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bpróiseas táirgthe, agus ábhair a úsáidtear le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

3.12   FeMn (Fearómangainéis), FeCr (Fearócróimiam) agus FeNi (Fearóinicil)

3.12.1   Forálacha speisialta

Ní chumhdaítear leis an bpróiseas seo ach táirgeadh na gcóimhiotal a shainaithnítear faoi chóid AC 7202 1, 7202 4 agus 7202 6. Ní chumhdaítear ábhair iarainn eile a bhfuil ábhar suntasach cóimhiotail iontu amhail spiegeleisen. Áirítear NPI (muciarann nicile) má tá an cion nicile níos mó ná 10 %.

I gcás ina n-astaítear dramhgháis nó gáis mhúcháin eile gan laghdú, measfar gurb ionann an CO atá sa dramhghás agus coibhéis mhólarach na n-astaíochtaí CO2.

3.12.2   Bealach táirgthe

I gcás FeMn, FeCr agus FeNi, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Astaíochtaí CO2 arb iad ionchuir bhreosla is cúis leo, is cuma cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear iad le haghaidh úsáide fuinnimh nó neamhfhuinnimh;

Astaíochtaí CO2 ó ionchuir phróisis amhail aolchloch agus ó ghlanadh gáis múcháin;

Astaíochtaí CO2 ó ídiú leictreoidí nó taos leictreoidí;

Cuirtear carbón atá fágtha sa táirge nó i slaigeanna nó i ndramhaíl san áireamh trí mhodh maischothromaíochta a úsáid i gcomhréir le Roinn B.3.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha: Mian shintéaraithe, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.13   Muciarann

3.13.1   Forálacha speisialta

Áirítear sa chatagóir earraí chomhiomlánaithe seo muciarann neamh-chóimhiotail ó fhoirnéisí soinneáin chomh maith le muciarann ina bhfuil cóimhiotal (e.g. spiegeleisen), gan beann ar an bhfoirm fhisiceach (e.g. uingí, gráinníní). Áirítear NPI (muciarann nicile) má tá an cion nicile níos lú ná 10 %. I ngléasraí cruach comhtháite, is é muciarann leachtach (‘miotal te’) a ghearrtar go díreach ar an tiontaire ocsaigine an táirge a scarann an próiseas táirgthe le haghaidh muciarainn ón bpróiseas táirgthe le haghaidh muciarann amhchruach. I gcás nach ndíolann an tsuiteáil muciarann nó nach n-aistríonn sé é chuig suiteálacha eile, ní gá monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí ó tháirgeadh muciarann ar leithligh. Féadfar próiseas táirgthe comhchoiteann lena n-áirítear déanamh amhchruach agus, faoi réir rialacha Roinn A.4 d’Iarscríbhinn III, tuilleadh táirgthe iartheachtacha a shainiú.

3.13.2   Bealaí táirgthe

3.13.2.1   Bealach foirnéise soinneáin

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó bhreoslaí agus ó oibreáin dí-ocsaídithe amhail cóc, deannach cóic, gual, olaí breosla, dramhaíl phlaisteach, gás nádúrtha, dramhaíl adhmaid, fioghual, chomh maith le dramhgháis amhail gás oighinn cóic, gás foirnéise soinneáin nó gás tiontaire.

I gcás ina n-úsáidtear bithmhais, cuirfear forálacha Roinn B.3.3 d’Iarscríbhinn III san áireamh.

CO2 ó ábhair phróisis amhail aolchloch, maignéisít, agus carbónáití eile, mianta carbónáiteacha; ábhair le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Cuirtear carbón atá fágtha sa táirge nó i slaigeanna nó i ndramhaíl san áireamh trí mhodh maischothromaíochta a úsáid i gcomhréir le Roinn B.3.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

Mian shintéaraithe;

muciarann nó iarann atá laghdaithe go díreach (DRI) ó shuiteálacha eile nó ó phróisis táirgthe eile, má úsáidtear sa phróiseas iad;

FeMn, FeCr, FeNi má úsáidtear sa phróiseas iad;

hidrigin, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.13.2.2   Dí-ocsaídiú bruithnithe

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó bhreoslaí agus ó oibreáin dí-ocsaídithe amhail cóc, deannach cóic, gual, olaí breosla, dramhaíl phlaisteach, gás nádúrtha, dramhaíl adhmaid, fioghual, dramhgháis ón bpróiseas nó gás tiontaire, etc.

I gcás ina n-úsáidtear bithmhais, cuirfear forálacha Roinn B.3.3 d’Iarscríbhinn III san áireamh.

CO2 ó ábhair phróisis amhail aolchloch, maignéisít, agus carbónáití eile, mianta carbónáiteacha; ábhair le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Cuirtear carbón atá fágtha sa táirge nó i slaigeanna nó i ndramhaíl san áireamh trí mhodh maischothromaíochta a úsáid i gcomhréir le Roinn B.3.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

Mian shintéaraithe;

muciarann nó DRI ó shuiteálacha eile nó ó phróisis táirgthe eile, má úsáidtear sa phróiseas iad;

FeMn, FeCr, FeNi má úsáidtear sa phróiseas iad;

hidrigin, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.14   DRI (Iarann atá Laghdaithe go Díreach)

3.14.1   Forálacha speisialta

Ní shainítear ach bealach táirgthe amháin, cé go bhféadfadh teicneolaíochtaí difriúla cáilíochtaí éagsúla mianta a úsáid, a bhféadfadh millíniú nó sintéarú a bheith ag teastáil ina leith, agus oibreáin laghdaithe éagsúla a úsáid (gás nádúrtha, breoslaí iontaise éagsúla nó bithmhais, hidrigin). Dá bhrí sin, d’fhéadfadh réamhtheachtaithe áirithe, is é sin mian shintéaraithe nó hidrigin, a bheith ábhartha. Mar tháirgí, d’fhéadfadh spúinse iarainn, iarann teofháiscthe nó foirmeacha eile d’iarann atá laghdaithe go díreach a bheith ábhartha, lena n-áirítear DRI a chothaítear láithreach le stuafhoirnéisí leictreacha nó le próisis iartheachtacha eile.

I gcás nach ndíolann an tsuiteáil DRI nó nach n-aistríonn sé é chuig suiteálacha eile, ní gá monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí ó tháirgeadh DRI ar leithligh. Féadfar próiseas táirgthe comhchoiteann lena n-áirítear déanamh cruach agus, faoi réir rialacha Roinn A.4 d’Iarscríbhinn III, tuilleadh táirgthe iartheachtacha a úsáid.

3.14.2   Bealach táirgthe

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó bhreoslaí agus ó oibreáin dí-ocsaídithe amhail gás nádúrtha, olaí breosla, dramhgháis ón bpróiseas nó gás tiontaire, etc.;

I gcás ina n-úsáidtear bithghás nó cineálacha eile bithmhaise, cuirfear forálacha Roinn B.3.3 d’Iarscríbhinn III san áireamh;

CO2 ó ábhair phróisis amhail aolchloch, maignéisít, agus carbónáití eile, mianta carbónáiteacha; ábhair le haghaidh glanadh gáis múcháin;

Cuirtear carbón atá fágtha sa táirge nó i slaigeanna nó i ndramhaíl san áireamh trí mhodh maischothromaíochta a úsáid i gcomhréir le Roinn B.3.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

mian shintéaraithe, má úsáidtear sa phróiseas í;

hidrigin, má úsáidtear sa phróiseas í;

muciarann nó DRI ó shuiteálacha eile nó ó phróisis táirgthe eile, má úsáidtear sa phróiseas iad;

FeMn, FeCr, FeNi má úsáidtear sa phróiseas iad.

3.15   Amhchruach

3.15.1   Forálacha speisialta

Cumhdóidh na teorainneacha córais gach gníomhaíocht agus gach aonad is gá chun amhchruach a fháil:

Má thosaíonn an próiseas le miotal te (muciarann leachtach), áireofar le teorainneacha an chórais an tiontaire bunúsach ocsaigine, díghású folúis, miotalóireacht thánaisteach, dícharbónú ocsaigine argóin/dícharbónú ocsaigine folúis, teilgean leanúnach nó teilgean uingí, agus i gcás inarb ábhartha, teo-rolladh nó gaibhniú, agus gach gníomhaíocht chúnta is gá amhail aistrithe, aththéamh, agus glanadh gáis múcháin;

Má úsáidtear stuafhoirnéis leictreach sa phróiseas, áireofar le teorainneacha an chórais gach gníomhaíocht agus aonad ábhartha amhail an stuafhoirnéis leictreach féin, miotalóireacht thánaisteach, díghású folúis, dícharbónú ocsaigine argóin/dícharbónú ocsaigine folúis, teilgean leanúnach nó teilgean uingí, agus i gcás inarb ábhartha, teo-rolladh nó gaibhniú, agus gach gníomhaíocht chúnta is gá amhail aistrithe, téamh amhábhar agus trealaimh, aththéamh, agus glanadh gáis múcháin.

Ní áirítear sa chatagóir earraí chomhiomlánaithe seo ach teo-rolladh príomhúil agus garbhmhúnlú trí ghaibhniú chun na táirgí leathchríochnaithe faoi chóid AC 7207, 7218 agus 7224 a fháil. Áirítear gach próiseas rollta agus gaibhnithe eile sa chatagóir earraí chomhiomlánaithe ‘táirgí iarainn nó cruach’.

3.15.2   Bealaí táirgthe

3.15.2.1   Déanamh cruach bunata le hocsaigin

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó bhreoslaí amhail gual, gás nádúrtha, olaí breosla, dramhgháis amhail gás foirnéise soinneáin, gás oighinn cóic nó gás tiontaire, etc

CO2 ó ábhair phróisis amhail aolchloch, maignéisít, agus carbónáití eile, mianta carbónáiteacha; ábhair le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Cuirtear carbóin a théann isteach sa phróiseas i bhfuíoll, cóimhiotail, graifít etc. agus carbón atá fágtha sa táirge nó i slaigeanna nó i ndramhaíl san áireamh trí mhodh maischothromaíochta a úsáid i gcomhréir le Roinn B.3.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

muciarann, DRI, má úsáidtear sa phróiseas iad;

FeMn, FeCr, FeNi má úsáidtear sa phróiseas iad;

amhchruach ó shuiteálacha eile nó ó phróisis táirgthe eile, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.15.2.2   Stuafhoirnéis leictreach

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

CO2 ó bhreoslaí amhail gual, gás nádúrtha, olaí breosla, chomh maith le CO2 ó dhramhgháis amhail gás foirnéise soinneáin, gás oighinn cóic nó gás tiontaire, etc.

CO2 ó ídiú leictreoidí agus taos leictreoidí.

CO2 ó ábhair phróisis amhail aolchloch, maignéisít, agus carbónáití eile, mianta carbónáiteacha; ábhair le haghaidh glanadh gáis múcháin.

Cuirtear carbóin a théann isteach sa phróiseas, e.g. i bhfoirm fuíll, cóimhiotal agus graifíte, agus carbón atá fágtha sa táirge nó i slaigeanna nó i ndramhaíl san áireamh trí mhodh maischothromaíochta a úsáid i gcomhréir le Roinn B.3.2 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

muciarann, DRI, má úsáidtear sa phróiseas iad;

FeMn, FeCr, FeNi má úsáidtear sa phróiseas iad;

amhchruach ó shuiteálacha eile nó ó phróisis táirgthe eile, má úsáidtear sa phróiseas í.

3.16   Táirgí iarainn nó cruach

3.16.1   Forálacha speisialta

Faoi réir rialacha Roinn A.4 d’Iarscríbhinn III agus Ranna 3.11 go 3.15 den Iarscríbhinn seo, féadfaidh feidhm a bheith ag an bpróiseas táirgthe le haghaidh táirgí iarainn nó cruach maidir leis na cásanna seo a leanas:

Cumhdaíonn teorainneacha córais mar phróiseas amháin gach céim de ghléasra cruach comhtháite ó tháirgeadh muciarann nó DRI, amhchruach, táirgí leathchríochnaithe chomh maith le táirgí cruach deiridh faoi na cóid AC a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo.

Cumhdaíonn teorainneacha córais táirgeadh amhchruach, táirgí leathchríochnaithe agus táirgí cruach deiridh faoi na cóid AC a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo.

Cumhdaíonn teorainneacha córais táirgeadh táirgí cruach deiridh faoi na cóid AC a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo ag tosú ó amhchruach, ó tháirgí leathchríochnaithe nó ó tháirgí cruach deiridh eile faoi na cóid AC atá liostaithe i Roinn 2 a fhaightear ó shuiteálacha eile nó a tháirgtear laistigh den tsuiteáil chéanna ach faoi phróiseas táirgthe ar leithligh.

Seachnófar áireamh dúbailte nó bearnaí san fhaireachán ar na próisis táirgthe de chuid suiteála. Cumhdófar na céimeanna táirgthe seo a leanas leis an bpróiseas táirgthe ‘táirgí iarainn nó cruach’:

Na céimeanna táirgthe uile chun earraí a tháirgeadh a chumhdaítear leis na cóid AC a thugtar i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo le haghaidh na catagóire earraí comhiomlánaithe ‘táirgí iarainn nó cruach’, céimeanna táirgthe nach gcumhdaítear cheana le próisis táirgthe ar leithligh do mhuciarann, DRI nó amhchruach, mar a cheanglaítear le Ranna 3.11 go 3.15 den Iarscríbhinn seo agus mar a chuirtear i bhfeidhm nuair a shuiteáiltear iad.

Na céimeanna táirgthe uile a chuirtear i bhfeidhm ag an tsuiteáil, ag tosú ó amhchruach, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: ath-théamh, athleá, teilgean, teorolladh, fuar-rolladh, gaibhniú, picilt, ainéaladh, plátáil, bratú, galbhánú, sreangtharraingt, gearradh, táthú, bailchríochnú.

I gcás táirgí ina bhfuil níos mó ná 5 % d’ábhair eile de réir maise, e.g. ábhair inslithe i gcód AC 7309 00 30, ní thuairisceofar ach mais an iarainn nó na cruach mar mhais na n-earraí arna dtáirgeadh.

3.16.2   Bealach táirgthe

I gcás táirgí iarainn nó cruach, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Na hastaíochtaí CO2 uile ó dhóchán breoslaí agus na hastaíochtaí próisis uile ó chóireáil gáis múcháin, astaíochtaí a bhaineann le céimeanna táirgthe a chuirtear i bhfeidhm ag an tsuiteáil, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: ath-théamh, athleá, teilgean, teorolladh, fuar-rolladh, gaibhniú, picilt, ainéaladh, plátáil, bratú, galbhánú, sreangtharraingt, gearradh, táthú agus bailchríochnú táirgí iarainn nó cruach.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

amhchruach, má úsáidtear sa phróiseas í;

muciarann, DRI, má úsáidtear sa phróiseas iad;

FeMn, FeCr, FeNi, má úsáidtear sa phróiseas iad;

táirgí iarainn nó cruach, má úsáidtear sa phróiseas iad.

3.17   – Alúmanam neamhshaoirsithe

3.17.1   Forálacha speisialta

Áirítear sa chatagóir earraí chomhiomlánaithe seo alúmanam neamh-chóimhiotail chomh maith le halúmanam cóimhiotail, i bhfoirm fhisiceach atá tipiciúil do mhiotail neamhshaoirsithe, amhail uingí, leaca, billéid nó gráinníní. I ngléasraí alúmanaim comhtháite, áirítear alúmanam leachtach a ghearrtar go díreach ar tháirgeadh táirgí alúmanaim freisin. I gcás nach ndíolann an tsuiteáil alúmanam neamhshaoirsithe nó nach n-aistríonn sé é chuig suiteálacha eile, ní gá monatóireacht a dhéanamh ar astaíochtaí ó tháirgeadh alúmanaim neamhshaoirsithe ar leithligh. Féadfar próiseas táirgthe comhchoiteann lena n-áirítear alúmanam neamhshaoirsithe agus, faoi réir rialacha Roinn A.4 d’Iarscríbhinn III, tuilleadh próiseas chun táirgí alúmanaim neamhshaoirsithe a tháirgeadh a shainiú.

3.17.2   Bealaí táirgthe

3.17.2.1   Bruithniú (leictrealaíoch) príomhúil

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Astaíochtaí CO2 ó ídiú leictreoidí nó taos leictreoidí.

Astaíochtaí CO2 ó aon bhreosla a úsáidtear (e.g. chun amhábhair a thriomú agus a réamhthéamh, chun cealla leictrealaithe a théamh, le haghaidh an téimh a theastaíonn le haghaidh teilgthe).

Astaíochtaí CO2 ó aon chóireáil gáis múcháin, ó luaith shóide nó aolchloch más ábhartha.

Astaíochtaí sárfhluaracarbóin arb iad éifeachtaí anóide is cúis leo a ndéantar faireachán orthu i gcomhréir le Roinn B.7 d’Iarscríbhinn III.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.

3.17.2.2   Leá tánaisteach (athchúrsáil)

Le leá tánaisteach (athchúrsáil) alúmanaim, úsáidtear fuíoll alúmanaim mar phríomh-ionchur. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear alúmanam neamhshaoirsithe ó fhoinsí eile leis, caitear leis amhail réamhtheachtaí. Thairis sin, i gcás ina bhfuil níos mó ná 5 % eilimintí cóimhiotalaithe i dtáirge an phróisis sin, déanfar astaíochtaí leabaithe an táirge a ríomh amhail is dá mba alúmanam neamhshaoirsithe ó bhruithniú príomhúil mais na n-eilimintí cóimhiotalaithe.

I gcás an bhealaigh táirgthe sin, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Astaíochtaí CO2 ó aon bhreosla a úsáidtear chun amhábhair a thriomú agus a réamhthéamh, breoslaí a úsáidtear i bhfoirnéisí leáite, i réamhchóireáil fuíll amhail díbhratú agus dí-olú, agus dóchán na n-iarmhar gaolmhar, agus breoslaí is gá chun uingí, billéid nó leaca a theilgean;

Astaíochtaí CO2 ó aon bhreosla a úsáidtear i ngníomhaíochtaí gaolmhara amhail cóireáil bearrthaí agus aisghabháil slaige;

Astaíochtaí CO2 ó aon chóireáil gáis múcháin, ó luaith shóide nó aolchloch más ábhartha.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

Alúmanam neamhshaoirsithe ó fhoinsí eile, má úsáidtear sa phróiseas é.

3.18   Táirgí alúmanaim

3.18.1   Forálacha speisialta

Faoi réir rialacha Roinn A.4 d’Iarscríbhinn III agus Roinn 3.17 den Iarscríbhinn seo, féadfaidh feidhm a bheith ag an bpróiseas táirgthe le haghaidh táirgí alúmanaim maidir leis na cásanna seo a leanas:

Cumhdaíonn teorainneacha córais mar phróiseas amháin gach céim de ghléasra alúmanaim comhtháite ó tháirgeadh alúmanaim neamhshaoirsithe go táirgí leathchríochnaithe chomh maith le táirgí alúmanaim faoi na cóid AC a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo.

Cumhdaíonn teorainneacha córais táirgeadh táirgí alúmanaim faoi na cóid AC a liostaítear i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo ag tosú ó tháirgí leathchríochnaithe nó ó tháirgí alúmanaim eile faoi na cóid AC atá liostaithe i Roinn 2 a fhaightear ó shuiteálacha eile nó a tháirgtear laistigh den tsuiteáil chéanna ach faoi phróiseas táirgthe ar leithligh.

Seachnófar áireamh dúbailte nó bearnaí san fhaireachán ar na próisis táirgthe de chuid suiteála. Cumhdófar na céimeanna táirgthe seo a leanas leis an bpróiseas táirgthe ‘táirgí alúmanaim’:

Na céimeanna táirgthe uile chun earraí a tháirgeadh a chumhdaítear leis na cóid AC a thugtar i Roinn 2 den Iarscríbhinn seo le haghaidh na catagóire earraí comhiomlánaithe ‘táirgí alúmanaim’, céimeanna táirgthe nach gcumhdaítear cheana le próisis táirgthe ar leithligh d’alúmanam neamhshaoirsithe, mar a cheanglaítear le Roinn 3.17 den Iarscríbhinn seo agus mar a chuirtear i bhfeidhm nuair a shuiteáiltear iad.

Na céimeanna táirgthe uile a chuirtear i bhfeidhm ag an tsuiteáil, ag tosú ó alúmanam neamhshaoirsithe, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh: ath-théamh, athleá, teilgean, rolladh, easbhrú, gaibhniú, bratú, galbhánú, sreangtharraingt, gearradh, táthú, bailchríochnú.

I gcás ina bhfuil níos mó ná 5 % eilimintí cóimhiotalaithe sa táirge de réir maise, déanfar astaíochtaí leabaithe an táirge a ríomh amhail is dá mba alúmanam neamhshaoirsithe ó bhruithniú príomhúil mais na n-eilimintí cóimhiotalaithe.

I gcás táirgí ina bhfuil níos mó ná 5 % d’ábhair eile de réir maise, e.g. ábhair inslithe i gcód AC 7611 00 00, ní thuairisceofar ach mais an alúmanaim mar mhais na n-earraí arna dtáirgeadh.

3.18.2   Bealach táirgthe

I gcás táirgí alúmanaim, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Na hastaíochtaí CO2 uile ó ídiú breosla i bpróisis lena bhfoirmítear táirgí alúmanaim, agus glanadh gáis múcháin.

Réamhtheachtaithe ábhartha:

alúmanam neamhshaoirsithe, má úsáidtear é sa phróiseas táirgthe (caith le halúmanam príomhúil agus alúmanam tánaisteach ar leithligh, más eol na sonraí);

táirgí alúmanaim, má úsáidtear sa phróiseas táirgthe iad.

3.19   Leictreachas

3.19.1   Forálacha speisialta

Maidir le leictreachas, ní dhéanfar faireachán agus tuairisciú ach ar astaíochtaí díreacha. Déanfar an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais a chinneadh i gcomhréir le Roinn D.2 d’Iarscríbhinn III.

3.19.2   Bealaí táirgthe

I gcás leictreachais, cuimseofar an méid seo a leanas le faireachán ar astaíochtaí díreacha:

Aon astaíocht dócháin agus astaíocht phróisis ó chóireáil gáis múcháin.

Réamhtheachtaithe ábhartha: dada.


(1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (IO L 157, 20.6.2023, lch. 11).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN III

Rialacha maidir le sonraí a chinneadh, lena n-áirítear sonraí maidir le hastaíochtaí ar leibhéal na suiteála, maidir le hastaíochtaí a shanntar do phróisis táirgthe, agus maidir le hastaíochtaí leabaithe earraí

A.   PRIONSABAIL

A.1.   Cur chuige foriomlán

1.

Chun críche astaíochtaí leabaithe earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a chinneadh, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

Sainaithneofar na próisis táirgthe a bhaineann le hearraí a tháirgtear sa tsuiteáil trí úsáid a bhaint as na catagóirí earraí comhiomlánaithe mar a shainítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II, chomh maith leis na bealaí táirgthe ábhartha a liostaítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II, agus na rialacha maidir le teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe a shocrú i gcomhréir le Roinn A.4 den Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh.

(b)

Ar leibhéal na suiteála ina dtáirgtear na hearraí, déanfar faireachán ar astaíochtaí díreacha na ngás ceaptha teasa a shonraítear in Iarscríbhinn II le haghaidh na n-earraí sin i gcomhréir leis na modhanna a thugtar i Roinn B den Iarscríbhinn seo.

(c)

I gcás ina ndéantar teas intomhaiste a allmhairiú chuig an tsuiteáil, a tháirgeadh sa tsuiteáil, a ídiú sa tsuiteáil nó a onnmhairiú ón tsuiteáil, déanfar faireachán ar ghlanshreabha teasa agus ar na hastaíochtaí a bhaineann le táirgeadh an teasa sin i gcomhréir leis na modhanna a thugtar i Roinn C den Iarscríbhinn seo.

(d)

Chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí indíreacha atá leabaithe sna hearraí a tháirgtear, déanfar faireachán ar an ídiú leictreachais sna próisis táirgthe ábhartha i gcomhréir leis na modhanna a thugtar i Roinn D.1 den Iarscríbhinn seo. I gcás ina dtáirgtear leictreachas laistigh den tsuiteáil nó ó fhoinse a bhfuil nasc teicniúil díreach aici, déanfar faireachán ar na hastaíochtaí a bhaineann leis an táirgeadh leictreachais sin chun an fachtóir astaíochta don leictreachas sin a chinneadh. I gcás ina bhfaighidh an tsuiteáil leictreachas ón eangach, déanfar fachtóir astaíochta an leictreachais sin a chinneadh de réir Roinn D.2.3 den Iarscríbhinn seo. Déanfar faireachán freisin ar aon chainníocht leictreachais a aistrítear idir próisis táirgthe nó a onnmhairítear ón tsuiteáil.

(e)

Ní mór na hastaíochtaí díreacha ag na suiteálacha, mar aon le táirgeadh agus ídiú teasa, táirgeadh agus ídiú leictreachais, agus aon sruth dramhgháis ábhartha, a shannadh do na próisis táirgthe a bhaineann leis na hearraí arna dtáirgeadh trí na rialacha a thugtar i Roinn F den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm. Úsáidfear na hastaíochtaí sin arna sannadh chun sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha na n-earraí a tháirgtear a ríomh, agus Roinn F den Iarscríbhinn seo á cur i bhfeidhm.

(f)

I gcás ina sainmhínítear réamhtheachtaithe ábhartha le haghaidh earraí a tháirgtear sna suiteálacha i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II, lena ndéantar ‘earraí coimpléascacha’ de na hearraí sin, cinnfear astaíochtaí leabaithe an réamhtheachtaí ábhartha i gcomhréir le Roinn E den Iarscríbhinn seo, agus cuirfear le hastaíochtaí leabaithe na n-earraí coimpléascacha a tháirgtear iad, trí na rialacha a thugtar i Roinn G den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm. I gcás inar earraí coimpléascacha iad na réamhtheachtaithe féin, déanfar an próiseas sin arís go hathchúrsach go dtí nach mbeidh aon réamhtheachtaí i gceist.

2.

I gcás nach féidir le hoibreoir sonraí iarbhír a chinneadh go leordhóthanach le haghaidh tacar sonraí amháin nó níos mó, trí mhodhanna a thugtar i Roinn A.3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, agus i gcás nach bhfuil aon mhodh eile ar fáil chun bearnaí sonraí a dhúnadh, féadfar na luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse a úsáid faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo. Sa chás sin, cuirfear isteach míniú gearr ar na cúiseanna nár úsáideadh sonraí iarbhír.

3.

Leis an bhfaireachán, cumhdófar tréimhse tuairiscithe lena n-áirithítear go seachnófar, a mhéid is féidir, sonraí neamh-ionadaíocha mar gheall ar luaineachtaí gearr-ama sna próisis táirgthe agus bearnaí sna sonraí. Is bliain féilire í an tréimhse tuairiscithe réamhshocraithe. Mar sin féin, féadfaidh an t-oibreoir an méid seo a leanas a roghnú mar rogha mhalartach:

(a)

Má tá oibleagáid comhlíonta ar an tsuiteáil faoi chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe, féadfar tréimhse tuairiscithe an chórais sin a úsáid, má chumhdaíonn sé 3 mhí ar a laghad.

(b)

Bliain fhioscach an oibreora ar choinníoll go n-áirithíonn an tréimhse sin cáilíocht sonraí níos airde ná úsáid na bliana féilire.

Déanfar astaíochtaí leabaithe earraí a ríomh mar mheán na tréimhse tuairiscithe arna roghnú.

4.

Maidir le hastaíochtaí a tharlaíonn lasmuigh de na teorainneacha suiteála atá ábhartha chun astaíochtaí leabaithe a ríomh, úsáidfear na sonraí don tréimhse tuairiscithe is déanaí atá ar fáil, mar a fhaightear ó sholáthróir an ionchuir (e.g. leictreachas, teas, réamhtheachtaí). Áirítear ar na hastaíochtaí a tharlaíonn lasmuigh de na teorainneacha suiteála an méid seo a leanas:

(a)

astaíochtaí indíreacha i gcás ina bhfaightear leictreachas ón eangach;

(b)

astaíochtaí ó leictreachas agus teas a allmhairítear ó shuiteálacha eile;

(c)

astaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha réamhtheachtaithe a fhaightear ó shuiteálacha eile.

5.

Sloinnfear sonraí astaíochtaí thar thréimhse iomlán tuairiscithe i dtonaí CO2e, arna slánú go tonnaí iomlána.

Déanfar gach paraiméadar a úsáidfear chun na hastaíochtaí a ríomh a shlánú chun gach digit shuntasach a chur san áireamh chun astaíochtaí a ríomh agus a thuairisciú.

Sloinnfear sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha i dtonaí CO2e in aghaidh an tona earraí, arna slánú chun gach digit shuntasach a chur san áireamh, agus cúig dhigit ar a mhéad tar éis na camóige.

A.2.   Prionsabail faireacháin

Chun faireachán a dhéanamh ar shonraí iarbhír ar leibhéal na suiteála, agus maidir leis na tacair sonraí is gá chun astaíochtaí a shannadh d’earraí, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

1.

Iomláine: Cumhdófar leis an modheolaíocht faireacháin gach paraiméadar is gá chun astaíochtaí leabaithe na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956 a chinneadh i gcomhréir leis na modhanna agus na foirmlí atá san Iarscríbhinn seo.

(a)

Áirítear le hastaíochtaí díreacha ar leibhéal na suiteála astaíochtaí dócháin agus astaíochtaí próisis.

(b)

Áirítear le hastaíochtaí leabaithe díreacha astaíochtaí sannta an phróisis táirgthe ábhartha i gcomhréir le Roinn F den Iarscríbhinn seo, bunaithe ar astaíochtaí díreacha ag an tsuiteáil, astaíochtaí a bhaineann le sreafaí ábhartha teasa agus le sreafaí ábhair idir teorainneacha córais próisis, lena n-áirítear dramhgháis, más ábhartha. Ina theannta sin, áirítear astaíochtaí leabaithe díreacha réamhtheachtaithe ábhartha ar astaíochtaí leabaithe díreacha.

(c)

Cumhdaítear leis na hastaíochtaí indíreacha ar leibhéal na suiteála na hastaíochtaí a bhaineann le hídiú leictreachais laistigh den tsuiteáil.

(d)

Áirítear le hastaíochtaí leabaithe indíreacha astaíochtaí indíreacha na n-earraí a tháirgtear laistigh den tsuiteáil, agus astaíochtaí leabaithe indíreacha réamhtheachtaithe ábhartha.

(e)

Maidir le gach paraiméadar, roghnófar modh iomchuí i gcomhréir le Roinn A.3 den Iarscríbhinn seo, lena n-áiritheofar nach mbeidh áireamh dúbailte ná bearnaí sonraí ann.

2.

Comhsheasmhacht agus inchomparáideacht: Beidh an faireachán agus an tuairisciú comhsheasmhach agus inchomparáide le himeacht ama. Chuige sin, leagfar síos na modhanna roghnaithe i ndoiciméadacht modheolaíochta faireacháin i scríbhinn ionas go n-úsáidfear na modhanna go comhsheasmhach. Ní athrófar an mhodheolaíocht ach amháin má tá údar oibiachtúil leis. Áirítear an méid seo a leanas ar na cúiseanna ábhartha atá leis sin:

(a)

athruithe ar chumraíocht na suiteála maidir leis an teicneolaíocht a úsáidtear, na hábhair ionchuir agus na breoslaí, nó na hearraí a tháirgtear;

(b)

ní mór foinsí nua sonraí nó modhanna nua faireacháin a thabhairt isteach mar gheall ar athruithe ar chomhpháirtithe trádála atá freagrach as na sonraí a úsáidtear sa mhodheolaíocht faireacháin;

(c)

is féidir cruinneas na sonraí a fheabhsú, is féidir sreafaí sonraí a shimpliú nó is féidir an córas rialaithe a fheabhsú.

3.

Trédhearcacht: Déanfar sonraí faireacháin a fháil, a thaifeadadh, a thiomsú, a anailísiú agus a dhoiciméadú, lena n-áirítear toimhdí, tagairtí, sonraí gníomhaíochta, fachtóirí astaíochta, fachtóirí ríomha, sonraí maidir le hastaíochtaí leabaithe réamhtheachtaithe ceannaithe, teas agus leictreachas intomhaiste, luachanna mainneachtana astaíochtaí leabaithe, faisnéis maidir le praghas carbóin dlite, agus aon sonraí eile atá ábhartha chun críoch na hIarscríbhinne seo, ar bhealach trédhearcach lenar féidir cinneadh na sonraí astaíochtaí a atáirgeadh, lena n-áirítear ag tríú páirtithe neamhspleácha, amhail fíoraitheoirí creidiúnaithe. Áireofar sa doiciméadacht taifead de gach athrú ar an modheolaíocht.

Coinneofar taifid iomlána agus thrédhearcacha ag suiteáil na sonraí uile is ábhartha chun astaíochtaí leabaithe na n-earraí a tháirgtear a chinneadh, lena n-áirítear na doiciméid tacaíochta riachtanacha, ar feadh 4 bliana ar a laghad tar éis na tréimhse tuairiscithe. Féadfar na taifid sin a nochtadh do dhearbhóir tuairiscithe.

4.

Cruinneas: Áiritheofar leis an modheolaíocht faireacháin a roghnófar nach mbeidh cinneadh na n-astaíochtaí míchruinn go córasach ná go feasach. Déanfar aon fhoinse míchruinnis a aithint agus a laghdú a mhéid is féidir. Déanfar dícheall cuí a fheidhmiú chun a áirithiú go léiríonn ríomh agus tomhas na n-astaíochtaí an cruinneas is airde is féidir a bhaint amach.

I gcás inar tharla bearnaí sna sonraí nó ina bhfuil coinne leis go mbeidh siad dosheachanta, is meastacháin choimeádacha a bheidh sna sonraí ionadacha. I measc na gcásanna eile ina mbeidh sonraí astaíochtaí bunaithe ar mheastacháin choimeádacha tá na nithe seo a leanas:

(a)

déanfar aonocsaíd charbóin (CO) a astaítear isteach san atmaisféir a ríomh mar an méid coibhéise mólaraí de CO2;

(b)

measfar gur as carbón iontaise na hastaíochtaí bithmhaise uile i maischothromaíocht agus i gcás CO2 arna n-aistriú, i gcás nach féidir an cion bithmhaise in ábhair nó i mbreoslaí a chinneadh.

5.

Sláine na modheolaíochta: Leis an modheolaíocht faireacháin arna roghnú, beifear in ann dearbhú réasúnach a thabhairt maidir le sláine na sonraí astaíochtaí atá le tuairisciú. Cinnfear astaíochtaí trí úsáid a bhaint as na modheolaíochtaí faireacháin iomchuí a leagtar amach san Iarscríbhinn seo. Beidh sonraí astaíochtaí tuairiscithe saor ó mhíráiteas ábhartha, seachnóidh siad claontacht i roghnú agus i gcur i láthair na faisnéise, agus soláthróidh siad cuntas inchreidte agus cothrom ar astaíochtaí leabaithe earraí táirgthe na suiteála.

6.

Féadfar bearta roghnacha chun cáilíocht na sonraí atá le tuairisciú a mhéadú a chur i bhfeidhm, go háirithe an sreabhadh sonraí agus na gníomhaíochtaí rialaithe i gcomhréir le Roinn H den Iarscríbhinn seo.

7.

Cost-éifeachtacht: Agus modheolaíocht faireacháin á roghnú, tabharfar aird ar chothromaíocht idir an feabhas a eascraíonn as beachtas níos fearr agus na costais bhreise. Le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí, féachfar leis an gcruinneas is airde is féidir a bhaint amach, mura rud é nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil nó go dtabhaíonn sé costais mhíréasúnta.

8.

Feabhas leanúnach: Seiceálfar go rialta an féidir na modheolaíochtaí faireacháin a fheabhsú. Má dhéantar fíorú ar shonraí astaíochtaí, déanfar aon mholadh maidir le feabhsúcháin a áirítear sna tuarascálacha fíorúcháin a mheas lena gcur chun feidhme laistigh de thréimhse ama réasúnta, mura rud é go dtabhódh an feabhsú costais mhíréasúnta nó nach mbeadh sé indéanta go teicniúil.

A.3.   Modhanna a léiríonn an fhoinse sonraí is fearr atá ar fáil

1.

Maidir le hastaíochtaí leabaithe earraí a chinneadh, agus maidir le tacair sonraí fholuiteacha, amhail astaíochtaí a bhaineann le sruthanna foinse aonair nó foinsí astaíochtaí, cainníochtaí teasa intomhaiste, is é an prionsabal uileghabhálach an fhoinse sonraí is fearr atá ar fáil a roghnú i gcónaí. Chun na críche sin, beidh feidhm ag na treoirphrionsabail seo a leanas:

(a)

Is fearr na modhanna faireacháin a bhfuil tuairisc orthu san Iarscríbhinn seo a úsáid. Más rud é, i gcás tacar sonraí ar leith, nach ann do mhodh faireacháin a bhfuil tuairisc air san Iarscríbhinn seo, nó go dtabhódh sé costais mhíréasúnta nó nach mbeadh sé indéanta go teicniúil, féadfar modhanna faireacháin ó chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe eile a úsáid faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán seo, má chumhdaíonn siad an tacar sonraí is gá. I gcás nach bhfuil modhanna den sórt sin ar fáil, nach bhfuil siad indéanta go teicniúil, nó ina dtabhódh siad costais mhíréasúnta, féadfar modhanna indíreacha a úsáid chun an tacar sonraí a chinneadh i gcomhréir le pointe 2. I gcás nach bhfuil modhanna den sórt sin ar fáil, nach bhfuil siad indéanta go teicniúil, nó ina dtabhódh siad costais mhíréasúnta, féadfar luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse a úsáid faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo.

(b)

Maidir le modhanna cinnidh díreacha nó indíreacha, meastar modh a bheith oiriúnach i gcás ina n-áirithítear go ndéanfar aon mhéadrú, anailísí, sampláil, calabrú agus bailíochtú chun an tacar sonraí sonrach a chinneadh trí mhodhanna a shainmhínítear sna caighdeáin ábhartha EN nó ISO a chur i bhfeidhm. I gcás nach bhfuil caighdeáin den sórt sin ar fáil, féadfar caighdeáin náisiúnta a úsáid. I gcás nach ann do chaighdeáin fhoilsithe is infheidhme, úsáidfear dréachtchaighdeáin oiriúnacha, treoirlínte maidir le dea-chleachtas tionscail nó modheolaíochtaí eile a bhfuil cruthúnas eolaíoch acu, agus cuirfear teorainn leis an gclaonadh samplála agus tomhais.

(c)

Laistigh de mhodh amháin a luaitear i bpointe (a), tabharfar tosaíocht d’ionstraimí tomhais nó anailísí saotharlainne faoi rialú an oibreora thar ionstraimí tomhais nó anailísí atá faoi rialú eintitis dhlíthiúil eile, amhail an soláthróir breosla nó ábhar nó na comhpháirtithe trádála maidir le hearraí a tháirgtear.

(d)

Roghnófar ionstraimí tomhais sa chaoi is go léiríonn siad an neamhchinnteacht úsáide is lú gan costais mhíréasúnta a thabhú. Is fearr ionstraimí atá faoi rialú méadreolaíoch dlíthiúil, ach amháin i gcás ina bhfuil ionstraimí eile ar lú i bhfad a neamhchinnteacht úsáide ar fáil. Ní úsáidfear ionstraimí ach amháin i dtimpeallachtaí iomchuí de réir a sonraíochta úsáide.

(e)

I gcás ina n-úsáidtear anailísí saotharlainne, nó i gcás ina ndéanann saotharlanna cóireáil shamplach, calabrúcháin, bailíochtú modha, nó gníomhaíochtaí a bhaineann le tomhais leanúnacha astaíochtaí, beidh feidhm ag ceanglais Roinn B.5.4.3 den Iarscríbhinn seo.

2.

Modhanna cinnidh indíreacha: I gcás nach bhfuil aon mhodh cinnidh díreach ar fáil le haghaidh tacar sonraí is gá, go háirithe i gcásanna inar gá an glanteas intomhaiste a théann isteach i bpróisis táirgthe éagsúla a chinneadh, féadfar modh cinnidh indíreach a úsáid, amhail an méid seo a leanas:

(a)

ríomh bunaithe ar phróiseas ceimiceach nó fisiceach aitheanta, agus úsáid á baint as luachanna litríochta a nglactar leo mar is iomchuí le haghaidh airíonna ceimiceacha agus airíonna fisiceacha na substaintí lena mbaineann, tosca cuí stócaiméadracha agus airíonna teirmidinimiciúla amhail eantalpachtaí imoibriúcháin, de réir mar is iomchuí;

(b)

ríomh bunaithe ar shonraí deartha na suiteála amhail éifeachtúlachtaí fuinnimh na n-aonad teicniúil nó ídiú fuinnimh ríomha in aghaidh an aonaid táirge;

(c)

comhghaolta bunaithe ar thástálacha eimpíreacha chun luachanna meastacháin a chinneadh le haghaidh an tacair sonraí is gá ó threalamh neamhchalabraithe nó sonraí arna ndoiciméadú i bprótacail táirgthe. Chun na críche sin, áiritheofar go gcomhlíonann an comhghaol ceanglais an dea-chleachtais innealtóireachta agus nach gcuirtear i bhfeidhm é ach amháin chun na luachanna a thagann faoin raon dár bunaíodh é a chinneadh. Déanfar bailíocht na gcomhghaolta sin a mheas uair amháin sa bhliain ar a laghad.

3.

Chun na foinsí sonraí is fearr atá ar fáil a chinneadh, roghnófar an fhoinse sonraí is airde sa rangú a chuirtear i láthair faoi phointe 1 agus atá ar fáil cheana féin ag an tsuiteáil. Mar sin féin, i gcás go bhfuil sé indéanta go teicniúil foinse sonraí níos airde sa rangú a chur i bhfeidhm gan costais mhíréasúnta a thabhú, cuirfear foinse sonraí níos fearr den sórt sin i bhfeidhm gan moill mhíchuí. I gcás go bhfuil foinsí éagsúla sonraí ar fáil don tacar sonraí céanna ar an leibhéal céanna sa rangú a chuirtear i láthair faoi phointe 1, roghnófar an fhoinse sonraí lena n-áirithítear an sreabhadh sonraí is soiléire leis an riosca bunúsach is ísle agus leis an riosca rialaithe is ísle maidir le míráitis.

4.

Úsáidfear na foinsí sonraí a roghnófar faoi phointe 3 chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh agus a thuairisciú.

5.

A mhéid is féidir gan costais mhíréasúnta a thabhú, chun críche an chórais rialaithe i gcomhréir le Roinn H den Iarscríbhinn seo, sainaithneofar foinsí sonraí breise, nó modhanna breise chun tacair sonraí a chinneadh, lena bhféadfar foinsí sonraí faoi phointe (3) a chomhthacú. Déanfar na foinsí sonraí a roghnófar, más ann dóibh, a leagan síos sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin.

6.

Feabhsúcháin mholta: Seiceálfar go rialta, ach uair sa bhliain ar a laghad, an bhfuil foinsí nua sonraí ar fáil, d’fhonn na modhanna faireacháin a fheabhsú. I gcás ina measfar foinsí sonraí nua den sórt sin a bheith níos cruinne i gcomhréir leis an rangú a chuirtear i láthair faoi phointe 1, leagfar síos iad sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin agus cuirfear i bhfeidhm iad ón dáta is luaithe is féidir.

7.

Indéantacht theicniúil: I gcás ina maítear nach bhfuil cur i bhfeidhm modheolaíochta cinnidh sonraí indéanta go teicniúil, leagfar síos bonn cirt leis an bhfíoras sin sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin. Déanfar é a athmheasúnú le linn na seiceálacha rialta i gcomhréir le pointe 6. Beidh an bonn cirt sin bunaithe ar acmhainní teicniúla a bheith ag an tsuiteáil atá in ann freastal ar riachtanais foinse sonraí atá beartaithe nó modh faireacháin is féidir a chur chun feidhme sa tréimhse ama is gá chun críocha na hIarscríbhinne seo. Áireofar ar na hacmhainní teicniúla sin infhaighteacht na dteicnící agus na teicneolaíochta atá ag teastáil.

8.

Costais mhíréasúnta: I gcás ina maítear go dtabhaíonn cur i bhfeidhm modheolaíochta cinnidh sonraí le haghaidh tacar sonraí costais mhíréasúnta, leagfar síos bonn cirt leis an bhfíoras sin sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin. Déanfar é a athmheasúnú le linn na seiceálacha rialta i gcomhréir le pointe 6. Is mar a leanas a chinnfear cineál míréasúnach na gcostas.

Meastar go bhfuil na costais a bhaineann le tacar sonraí sonrach a chinneadh míréasúnta i gcás ina sáraíonn meastachán costais an oibreora an tairbhe a bhaineann le modheolaíocht chinnidh shonrach. Chuige sin, déanfar an sochar a ríomh trí fhachtóir feabhsúcháin a iolrú faoi phraghas tagartha EUR 20 in aghaidh an tona CO2e agus áireofar sna costais tréimhse dímheasa iomchuí bunaithe ar shaolré eacnamaíoch an trealaimh, i gcás inarb infheidhme.

An méid seo a leanas a bheidh san fhachtóir feabhsúcháin:

(a)

feabhas a chur ar neamhchinnteacht mheasta i dtomhas, arna shloinneadh mar chéatadán, arna iolrú faoi na hastaíochtaí measta gaolmhara thar an tréimhse tuairiscithe. Ciallaíonn astaíochtaí gaolmhara an méid seo a leanas:

(1)

na hastaíochtaí díreacha arb é an sruth foinse nó an fhoinse astaíochtaí lena mbaineann is cúis leo;

(2)

astaíochtaí atá sannta do chainníocht teasa intomhaiste;

(3)

na hastaíochtaí indíreacha a bhaineann leis an gcainníocht leictreachais lena mbaineann;

(4)

astaíochtaí leabaithe ó ábhar a tháirgtear nó ó réamhtheachtaí a ídítear.

(b)

1 % de na hastaíochtaí gaolmhara, i gcás nach bhfuil aon fheabhsú ar neamhchinnteacht tomhais i gceist.

Bearta a bhaineann le feabhas a chur ar mhodheolaíocht faireacháin suiteála, ní mheasfar go dtabhaíonn siad costais mhíréasúnta suas le méid carntha EUR 2 000 in aghaidh na bliana.

A.4.   Suiteálacha a roinnt ina bpróisis táirgthe

Roinnfear suiteálacha ina bpróisis táirgthe le ngabhann teorainneacha córais lena n-áirithítear gur féidir faireachán a dhéanamh ar ionchuir, aschuir agus astaíochtaí ábhartha i gcomhréir le Ranna B go E den Iarscríbhinn seo agus gur féidir astaíochtaí díreacha agus indíreacha a shannadh do ghrúpaí earraí a shainmhínítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II, trí rialacha Roinn F den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm.

Roinnfear suiteálacha ina bpróisis táirgthe mar a leanas:

(a)

Saineofar próiseas táirgthe aonair le haghaidh gach ceann de na catagóirí earraí comhiomlánaithe a shainítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II atá ábhartha ag an tsuiteáil.

(b)

De mhaolú ar phointe (a), saineofar próisis táirgthe ar leithligh do gach bealach táirgthe ina gcuirtear bealaí éagsúla táirgthe i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 3 d’Iarscríbhinn II don chatagóir earraí chomhiomlánaithe céanna sa tsuiteáil chéanna, nó i gcás ina roghnaíonn an t-oibreoir earraí éagsúla nó grúpaí earraí éagsúla dá ndeoin féin le haghaidh faireacháin ar leithligh. Féadfar sainmhíniú níos imdhealaithe ar phróisis táirgthe a úsáid freisin i gcás ina mbeidh sé i gcomhréir le córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe is infheidhme ag an tsuiteáil.

(c)

De mhaolú ar phointe (a), i gcás ina dtáirgtear ar a laghad cuid de na réamhtheachtaithe atá ábhartha d’earraí coimpléascacha sa tsuiteáil chéanna leis na hearraí coimpléascacha féin, agus i gcás nach n-aistrítear na réamhtheachtaithe faoi seach amach as an tsuiteáil lena ndíol nó lena n-úsáid i suiteálacha eile, féadfar táirgeadh na réamhtheachtaithe agus na n-earraí coimpléascacha a chumhdach le próiseas táirgthe comhpháirteach. Fágfar ríomh leithleach astaíochtaí leabaithe na réamhtheachtaithe ar lár sa chás sin.

(d)

Féadfar na maoluithe earnála seo a leanas ar phointe (a) a chur i bhfeidhm:

(1)

I gcás ina dtáirgtear dhá earra nó níos mó ó catagóirí earraí comhiomlánaithe áirithe, is é sin mian shintéaraithe, muciarann, FeMn, FeCr, FeNi, DRI, amhchruach, nó táirgí iarainn nó cruach, sa tsuiteáil chéanna, féadfar faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí leabaithe trí phróiseas comhtháirgthe amháin a shainiú le haghaidh na n-earraí sin go léir.

(2)

I gcás ina dtáirgtear dhá earra nó níos mó ó na grúpaí ‘alúmanam neamhshaoirsithe’ nó ‘táirgí alúmanaim’ sa tsuiteáil chéanna, féadfar faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí leabaithe trí phróiseas comhtháirgthe amháin a shainiú le haghaidh na n-earraí sin go léir.

(3)

Chun leasacháin mheasctha a tháirgeadh, féadfar an faireachán agus an tuairisciú don phróiseas táirgthe faoi seach a shimpliú trí luach aonfhoirmeach amháin a chinneadh d’astaíochtaí leabaithe in aghaidh an tona nítrigine atá sna leasacháin mheasctha, gan beann ar fhoirm cheimiceach na nítrigine (foirmeacha amóiniam, níotráite nó úiré).

(e)

I gcás ina bhfónann cuid den tsuiteáil do tháirgeadh earraí nach liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, feabhsúchán a mholtar is ea faireachán a dhéanamh ar an gcuid sin mar phróiseas táirgthe breise amháin chun críche iomláine shonraí iomlána astaíochtaí na suiteála a chomhthacú.

B.   FAIREACHÁN AR ASTAÍOCHTAÍ DÍREACHA AR LEIBHÉAL NA SUITEÁLA

B.1   Iomláine sruthanna foinse agus foinsí astaíochtaí

Beidh eolas soiléir ag an oibreoir maidir le teorainneacha na suiteála agus lena próisis táirgthe agus saineofar iad sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin, agus na ceanglais earnáilsonracha a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II agus i Roinn B.9 den Iarscríbhinn seo á gcur san áireamh. Beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

1.

Ar a laghad, cumhdófar gach foinse ábhartha agus gach sruth foinse ábhartha astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirgeadh na n-earraí a liostaítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II.

2.

Feabhsúchán a mholtar is ea foinsí astaíochtaí agus sruthanna foinse uile na suiteála iomláine a chumhdach, chun seiceálacha sochreidteachta a dhéanamh agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus éifeachtúlacht astaíochtaí na suiteála ina hiomláine a rialú.

3.

Áireofar na hastaíochtaí uile ó oibríochtaí rialta, chomh maith le hastaíochtaí ó theagmhais neamhghnácha, lena n-áirítear cásanna tosaithe, múchta agus éigeandála, le linn na tréimhse tuairiscithe.

4.

Déanfar astaíochtaí ó innealra soghluaiste chun críocha iompair a eisiamh.

B.2   Modheolaíocht faireacháin a roghnú

Is é seo a leanas an mhodheolaíocht is infheidhme:

1.

An mhodheolaíocht ríomhbhunaithe, arb é atá i gceist léi astaíochtaí ó shruthanna foinse a chinneadh ar bhonn sonraí gníomhaíochta a fhaightear trí bhíthin córais tomhais agus paraiméadair bhreise ó anailísí saotharlainne nó luachanna caighdeánacha. Féadfar an mhodheolaíocht ríomhbhunaithe a chur chun feidhme i gcomhréir leis an modh caighdeánach nó leis an modh maischothromaíochta.

2.

An mhodheolaíocht thomhasbhunaithe, arb é atá i gceist léi astaíochtaí ó fhoinsí astaíochtaí a chinneadh trí thomhas leanúnach a dhéanamh ar thiúchan an gháis cheaptha teasa ábhartha sa ghás múcháin agus ar an sreabhadh gáis múcháin.

De mhaolú air sin, féadfar modheolaíochtaí eile a úsáid faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4(2), in Airteagal 4(3) agus in Airteagal 5 den Rialachán seo.

Roghnófar an mhodheolaíocht faireacháin lena dtugtar na torthaí is cruinne agus is iontaofa, ach amháin i gcás ina n-éilíonn ceanglais earnáilsonracha i gcomhréir le Roinn B.9 modheolaíocht amháin ar leith. D’fhéadfadh teaglaim de mhodheolaíochtaí a bheith sa mhodheolaíocht faireacháin a chuirtear i bhfeidhm sa chaoi is go ndéantar faireachán ar chodanna éagsúla d’astaíochtaí na suiteála le ceachtar de na modheolaíochtaí is infheidhme.

Déanfaidh an doiciméadacht modheolaíochta faireacháin an méid seo a leanas a shainaithint go soiléir:

(a)

cén sruth foinse a n-úsáidtear an modh caighdeánach ríomhbhunaithe nó an modh maischothromaíochta ina leith, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar chinneadh gach paraiméadair ábhartha a thugtar i Roinn B.3.4 den Iarscríbhinn seo;

(b)

cén fhoinse astaíochtaí a n-úsáidtear modheolaíocht thomhasbhunaithe ina leith, lena n-áirítear an tuairisc ar na heilimintí ábhartha uile a thugtar i Roinn B.6 den Iarscríbhinn seo;

(c)

trí bhíthin léaráid oiriúnach agus tuairisc ar phróiseas oiriúnach ar an tsuiteáil, fianaise nach bhfuil áireamh dúbailte ná bearnaí sonraí in astaíochtaí na suiteála.

Déanfar astaíochtaí na suiteála a chinneadh tríd an méid seo a leanas

Formula
(Cothromóid 4)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EmInst

astaíochtaí (díreacha) na suiteála arna sloinneadh i dtonaí CO2e;

Is é Emcalc,i

na hastaíochtaí ón sruth foinse i arna chinneadh trí mhodheolaíocht ríomhbhunaithe a úsáid, arna sloinneadh i dtonaí CO2e;

Is é Emmeas,j

na hastaíochtaí ó fhoinse astaíochtaí j arna chinneadh trí mhodheolaíocht thomhasbhunaithe a úsáid, arna sloinneadh i dtonaí CO2e, agus

Is é Emother,k

na hastaíochtaí arna gcinneadh le modh eile, innéacs k, arna sloinneadh i dtonaí CO2e.

B.3   Foirmlí agus paraiméadair don mhodheolaíocht ríomhbhunaithe le haghaidh CO2

B.3.1   Modh caighdeánach

Déanfar astaíochtaí a ríomh ar leithligh do gach sruth foinse mar a leanas:

B.3.1.1   Astaíochtaí dócháin:

Déanfar astaíochtaí dócháin a ríomh trí úsáid a bhaint as an modh caighdeánach mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 5)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Emi

na hastaíochtaí [t CO2] arb é breosla i is cúis leo;

Is é EFi

fachtóir astaíochta [t CO2 / TJ] breosla i;

Is é ADi

sonraí gníomhaíochta [TJ] breosla i, arna ríomh mar:

Formula
(Cothromóid 6)

Is é FQi

cainníocht an bhreosla a ídítear [t nó m3] de bhreosla i;

Is é NCVi

glanluach calrach (luach calrach íochtarach) [TJ/t nó TJ/m3] breosla i;

Is é OFi

toisc ocsaídiúcháin (gan toise) breosla i, arna ríomh mar :

Formula
(Cothromóid 7)

Is é Cash

an carbón atá i luaith agus i ndeannach glanta gáis múcháin, agus

Is é Ctotal

an carbón iomlán atá sa bhreosla a dhóitear.

Féadfar an toimhde coimeádach gurb ionann OF agus 1 a úsáid i gcónaí chun iarrachtaí faireacháin a laghdú.

Ar choinníoll go mbeidh cruinneas níos airde mar thoradh air, féadfar an modh caighdeánach d’astaíochtaí dócháin a mhodhnú mar a leanas:

(a)

sloinntear na sonraí gníomhaíochta mar chainníocht bhreosla (i.e. in t nó m3);

(b)

sloinntear EF in t CO2/t breosla nó t CO2/m3 breosla, de réir mar is infheidhme, agus

(c)

féadfar NCV a fhágáil ar lár ón ríomh. Mar sin féin, feabhsúchán a mholtar is ea NCV a thuairisciú chun seiceáil agus faireachán comhsheasmhachta a cheadú ar éifeachtúlacht fuinnimh an phróisis táirgthe ina iomláine.

Má tá fachtóir astaíochta an bhreosla i le ríomh ó na hanailísí ar an gcion carbóin agus ar NCV, úsáidfear an chothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 8)

Má tá fachtóir astaíochta ábhair nó breosla arna shloinneadh in t Co2/t2/t le ríomh ó chion carbóin a ndearnadh anailís air, úsáidtear an chothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 9)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é f

an cóimheas idir maiseanna mólaracha CO2 agus C: f = 3,664 t CO2/t C.

Ós rud é go mbeidh fachtóir astaíochta na bithmhaise cothrom le nialas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir a thugtar i Roinn B.3.3, féadfar an fíoras sin a chur san áireamh i gcás breoslaí measctha (i.e. breoslaí ina bhfuil comhpháirteanna iontaise agus bithmhaise araon) mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 10)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EFpre,i

réamhfhachtóir astaíochta an bhreosla i (i.e. fachtóir astaíochta, ag glacadh leis gur breosla iontaise atá sa bhreosla iomlán) agus

Is é BFi

an cion bithmhaise (gan toise) den bhreosla i.

I gcás breoslaí iontaise agus i gcás nach eol an codán bithmhaise, socrófar BFi ag luach coimeádach nialas.

B.3.1.2   Astaíochtaí próisis:

Déanfar astaíochtaí próisis a ríomh trí úsáid a bhaint as an modh caighdeánach mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 11)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é ADj

sonraí gníomhaíochta [t an ábhair] ábhar j;

Is é EFj

fachtóir astaíochta [t CO2 / t] ábhar j, agus

Is é CFj

fachtóir coinbhéartachta (gan toisí) ábhar j.

Féadfar an toimhde coimeádach gurb ionann CFj agus 1 a úsáid i gcónaí chun iarrachtaí faireacháin a laghdú.

I gcás ábhair ionchuir ó phróisis mheasctha ina bhfuil foirmeacha neamhorgánacha agus orgánacha carbóin, féadfaidh an t-oibreoir ceachtar den dá rud seo a leanas a dhéanamh:

1.

réamhfhachtóir astaíochta iomlán don ábhar measctha a chinneadh trí anailís a dhéanamh ar an gcion carbóin iomlán (CCj ), agus úsáid á baint as fachtóir coinbhéartachta agus, más infheidhme, codán bithmhaise agus glanluach calrach a bhaineann leis an gcion carbóin iomlán sin; nó

2.

ábhair orgánacha agus neamhorgánacha a chinneadh ar leithligh agus caitheamh leo mar dhá shruth foinse ar leith.

I bhfianaise na gcóras tomhais atá ar fáil le haghaidh sonraí gníomhaíochta agus le haghaidh modhanna chun an fachtóir astaíochta a chinneadh, maidir le hastaíochtaí ó dhianscaoileadh carbónáití, roghnófar an modh lena dtugtar na torthaí níos cruinne do gach sruth foinse ón dá mhodh seo a leanas:

Modh A (Bunaithe ar ionchur): Bainfidh an fachtóir astaíochta, an fachtóir coinbhéartachta agus na sonraí gníomhaíochta le méid an ionchuir ábhair a chuirtear isteach sa phróiseas. Úsáidfear na fachtóirí astaíochta caighdeánacha do charbónáití íona dá bhforáiltear i dTábla 3 in Iarscríbhinn VIII, agus comhdhéanamh an ábhair arna chinneadh i gcomhréir le Roinn B.5 den Iarscríbhinn seo á chur san áireamh.

Modh B (Bunaithe ar aschur): Bainfidh an fachtóir astaíochta, an fachtóir coinbhéartachta agus na sonraí gníomhaíochta le méid an aschuir ón bpróiseas. Úsáidfear na fachtóirí astaíochta caighdeánacha d’ocsaídí miotail tar éis dícharbónaithe dá bhforáiltear i dTábla 4 in Iarscríbhinn VIII, agus comhdhéanamh an ábhair ábhartha arna chinneadh i gcomhréir le Roinn B.5 den Iarscríbhinn seo á chur san áireamh.

I gcás astaíochtaí próisis CO2 seachas na hastaíochtaí sin ó charbónáití, cuirfear modh A i bhfeidhm.

B.3.2   Modh maiscothromaíochta

Déanfar na cainníochtaí CO2 is ábhartha do gach sruth foinse a ríomh bunaithe ar an gcion carbóin i ngach ábhar, gan idirdhealú a dhéanamh idir breoslaí agus ábhair phróisis. Carbón a fhágann an tsuiteáil i dtáirgí seachas a bheith astaithe, cuirtear san áireamh le sruthanna foinse é, agus dá bhrí sin tá sonraí gníomhaíochta diúltacha acu.

Déanfar na hastaíochtaí a chomhfhreagraíonn do gach sruth foinse a ríomh mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 12)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é ADk

sonraí gníomhaíochta [t] ábhar k; maidir le haschuir, bíonn ADk diúltach;

Is é f

an cóimheas idir maiseanna mólaracha CO2 agus C: f = 3.664 t CO2/t C, agus

Is é CCk

an cion carbóin d’ábhar k (gan toise agus dearfach).

Má tá an cion carbóin de bhreosla k le ríomh ó fhachtóir astaíochta arna shloinneadh in t CO2/TJ, úsáidfear an chothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 13)

Má tá an cion carbóin d’ábhar nó de bhreosla k le ríomh ó fhachtóir astaíochta arna shloinneadh in t CO2/t, úsáidfear an chothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 14)

I gcás breoslaí measctha, is é sin le rá breoslaí ina bhfuil comhpháirteanna iontaise agus bithmhaise araon nó ábhair mheasctha, féadfar an codán bithmhaise a chur san áireamh, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir a thugtar i Roinn B.3.3 mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 15)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é CCpre,k

an réamhchion carbóin de bhreosla k (i.e. fachtóir astaíochta, ag glacadh leis gur breosla iontaise atá sa bhreosla iomlán) agus

Is é BFk

an cion bithmhaise (gan toisí) de bhreosla k (gan toise).

I gcás breoslaí nó ábhair iontaise agus i gcás nach eol an codán bithmhaise, socrófar BF ag luach coimeádach nialas. I gcás ina n-úsáidtear bithmhais mar ábhar ionchuir nó mar bhreosla, agus i gcás ina bhfuil carbón in ábhair aschuir, caithfear leis an gcodán bithmhaise go coimeádach sa mhaischothromú foriomlán, is é sin le rá nach sáróidh an codán den bhithmhais i gcarbón aschuir iomlán an codán iomlán bithmhaise atá in ábhair ionchuir agus i mbreoslaí, ach amháin má sholáthraíonn an t-oibreoir fianaise ar chodán bithmhaise níos airde sna hábhair aschuir le modh ‘rianaigh an adaimh’ (stócaiméadrach) nó le hanailísí 14C.

B.3.3   Critéir maidir le rátáil nialasach a thabhairt d’astaíochtaí bithmhaise

I gcás ina n-úsáidtear bithmhais mar bhreosla le haghaidh dócháin, comhlíonfaidh sí critéir na roinne seo. I gcás nach gcomhlíonann an bhithmhais a úsáidtear le haghaidh dócháin na critéir sin, measfar gur carbón iontaise a cion carbóin.

1.

Comhlíonfaidh an bhithmhais na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus mír 10 d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001.

2.

De mhaolú ar an bpointe roimhe seo, maidir le bithmhais atá i ndramhaíl agus iarmhair, nó a tháirgtear astu, seachas iarmhair talmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh agus foraoiseachta, ní chomhlíonfaidh sí ach na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/2001. Beidh feidhm ag an bpointe seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun breoslaí a dhéanamh díobh.

3.

Ní bheidh leictreachas, téamh agus fuarú a tháirgtear ó dhramhaíl sholadach chathrach faoi réir na gcritéar a leagtar síos i mír 10 d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001.

4.

Beidh feidhm ag na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus mír 10 d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 gan beann ar thionscnamh geografach na bithmhaise.

5.

Déanfar comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus mír 10 d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31(1) den Treoir sin.

B.3.4   Paraiméadair ábhartha

I gcomhréir leis na foirmlí a thugtar i Ranna B.3.1 go B.3.3 den Iarscríbhinn seo, cinnfear na paraiméadair seo a leanas do gach sruth foinse:

1.

Modh caighdeánach, dóchán:

Íoscheanglas: Cainníocht bhreosla (t nó m3), Fachtóir astaíochta (t CO2 /t nó t CO2/m3).

Feabhsúchán molta: Cainníocht bhreosla (t nó m3), NCV (TJ/t nó TJ/m3), Fachtóir astaíochta (t CO2 /TJ), Fachtóir ocsaídiúcháin, Codán bithmhaise, fianaise maidir le comhlíonadh chritéir Roinn B.3.3.

2.

Modh caighdeánach, astaíochtaí próisis:

Íoscheanglas: Sonraí gníomhaíochta (t nó m3), Fachtóir astaíochta (t CO2 /t nó t CO2/m3).

Feabhsúchán molta: Sonraí gníomhaíochta (t nó m3), Fachtóir astaíochta (t CO2 /t nó t Co2/m3),2/m3), fachtóir coinbhéartachta.

3.

Maiscothromaíocht:

Íoscheanglas: Cainníocht ábhair (t), Cion carbóin (t C/t ábhar).

Feabhsúchán molta: Cainníocht ábhair (t), Cion carbóin (t C/t ábhar), NCV (TJ/t), codán bithmhaise, fianaise maidir le comhlíonadh chritéir Roinn B.3.3.

B.4   Ceanglais maidir le sonraí gníomhaíochta

B.4.1   Méadrú leanúnach nó neamhleanúnach

I gcás nach mór cainníochtaí breoslaí nó ábhar, lena n-áirítear earraí nó táirgí idirmheánacha, a chinneadh le haghaidh tréimhse tuairiscithe, féadfar ceann de na modhanna seo a leanas a roghnú agus a leagan síos sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin:

1.

modh atá bunaithe ar mhéadrú leanúnach le linn an phróisis ina n-úsáidtear nó ina dtáirgtear an t-ábhar;

2.

modh atá bunaithe ar chomhiomlánú an mhéadraithe ar chainníochtaí a sheachadtar nó a tháirgtear ar leithligh (go neamhleanúnach), agus athruithe ábhartha ar an stoc á gcur san áireamh. Chun na críche sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

déanfar cainníocht an bhreosla nó an ábhair a ídítear le linn na tréimhse tuairiscithe a ríomh mar chainníocht an bhreosla nó an ábhair a allmhairíodh le linn na tréimhse tuairiscithe, lúide cainníocht an bhreosla nó an ábhair a onnmhairíodh, móide cainníocht an bhreosla nó an ábhair sa stoc ag tús na tréimhse tuairiscithe, lúide cainníocht an bhreosla nó an ábhair sa stoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe;

(b)

déanfar leibhéil táirgthe na n-earraí nó na dtáirgí idirmheánacha a ríomh mar an chainníocht a onnmhairíodh le linn na tréimhse tuairiscithe, lúide an chainníocht a allmhairíodh, lúide cainníocht an táirge nó an ábhair sa stoc ag tús na tréimhse tuairiscithe, móide cainníocht an táirge nó an ábhair sa stoc ag deireadh na tréimhse tuairiscithe. Chun aon áireamh dúbailte a sheachaint, déantar táirgí de phróiseas táirgthe a chuirtear ar ais sa phróiseas táirgthe céanna a asbhaint ó na leibhéil táirgthe.

I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil nó ina dtabhódh sé costais mhíréasúnta cainníochtaí i stoc a chinneadh trí thomhas díreach, féadfar na cainníochtaí sin a mheas bunaithe ar cheann amháin díobh seo a leanas:

1.

sonraí ó na blianta roimhe sin agus iad i gcomhchoibhneas le leibhéil ghníomhaíochta iomchuí don tréimhse tuairiscithe;

2.

nósanna imeachta doiciméadaithe agus sonraí faoi seach i ráitis airgeadais iniúchta don tréimhse tuairiscithe.

I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil cainníochtaí táirgí, ábhar nó breoslaí a chinneadh don tréimhse tuairiscithe ar fad nó i gcás ina dtabhódh sé sin costais mhíréasúnta, féadfar an chéad lá eile is iomchuí a roghnú chun tréimhse tuairiscithe a dheighilt ón tréimhse tuairiscithe ina dhiaidh sin. Déanfar é a réiteach dá réir sin leis an tréimhse tuairiscithe is gá. Déanfar na diallais lena mbaineann le haghaidh gach táirge, ábhair nó breosla a thaifeadadh go soiléir chun bheith ina mbonn le haghaidh luach atá ionadaíoch don tréimhse tuairiscithe agus chun go measfar iad go comhsheasmhach i ndáil leis an mbliain dár gcionn.

B.4.2   Rialú an oibreora ar chórais tomhais

Is é an modh tosaíochta chun cainníochtaí táirgí, ábhar nó breoslaí a chinneadh ná go n-úsáidfidh oibreoir na suiteála córais tomhais atá faoina rialú féin. Féadfar córais tomhais nach bhfuil faoi rialú an oibreora féin a úsáid sna cásanna seo a leanas, go háirithe má tá siad faoi rialú sholáthróir an ábhair nó an bhreosla:

1.

i gcás nach bhfuil córas tomhais féin ag an oibreoir chun an tacar sonraí faoi seach a chinneadh;

2.

i gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil an tacar sonraí a chinneadh le córas tomhais féin an oibreora nó go dtabhódh sé costais mhíréasúnta;

3.

i gcás ina bhfuil fianaise ag an oibreoir go dtugann an córas tomhais atá lasmuigh de rialú an oibreora torthaí níos iontaofa agus gur lú an baol go mbeadh míráiteas ann dá bharr.

I gcás ina n-úsáidtear córais tomhais atá lasmuigh de rialú an oibreora féin, is iad seo a leanas na foinsí sonraí is infheidhme:

(1)

méideanna ó shonraisc arna n-eisiúint ag comhpháirtí trádála, ar choinníoll go ndéantar idirbheart tráchtála idir dhá chomhpháirtí trádála neamhspleácha;

(2)

léamha díreacha ó na córais tomhais.

B.4.3   Ceanglais maidir le córais tomhais

Beidh tuiscint chríochnúil ar fáil ar an éiginnteacht a bhaineann le cainníochtaí méadraithe breoslaí agus ábhar, lena n-áirítear tionchar na timpeallachta oibriúcháin agus, i gcás inarb infheidhme, an éiginnteacht maidir le cinneadh an stoic. Roghnófar ionstraimí tomhais lena n-áiritheofar an éiginnteacht is lú atá ar fáil gan costais mhíréasúnta a thabhú agus atá oiriúnach don chomhshaol ina n-úsáidtear iad, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla agus na ceanglais theicniúla is infheidhme. Má tá siad ar fáil, tabharfar tosaíocht d’ionstraimí atá faoi réir rialú méadreolaíoch dlíthiúil. Sa chás sin, féadfar an uasearráid incheadaithe i seirbhís a cheadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha maidir le rialú dlíthiúil méadreolaíoch don tasc tomhais ábhartha a úsáid mar luach na héiginnteachta.

I gcás inar gá ionstraim tomhais a athsholáthar mar gheall ar mhífheidhm nó toisc go léiríonn an calabrú nach gcomhlíontar na ceanglais a thuilleadh, cuirfear ionstraimí eile ina hionad lena n-áiritheofar go mbainfear amach an leibhéal céanna neamhchinnteachta nó leibhéal neamhchinnteachta níos fearr i gcomparáid leis an ionstraim atá ann cheana.

B.4.4   Feabhsúchán molta

Meastar gur feabhsúchán molta é neamhchinnteacht tomhais a bhaint amach atá i gcomhréir le hastaíochtaí iomlána an tsrutha foinse nó na foinse astaíochtaí, agus an neamhchinnteacht is lú ann do na codanna is mó de na hastaíochtaí. Chun críoch treoshuímh, i gcás astaíochtaí ar mó iad ná 500 000 t CO2 in aghaidh na bliana, is 1.5 % nó níos fearr a bheidh sa neamhchinnteacht le linn na tréimhse tuairiscithe iomláine, agus athruithe ar an stoc á gcur san áireamh, más infheidhme. I gcás astaíochtaí faoi bhun 10 000 t CO2 in aghaidh na bliana, beidh neamhchinnteacht níos lú ná 7.5 % inghlactha.

B.5   Ceanglais maidir le fachtóirí ríomha le haghaidh CO2

B.5.1   Modhanna chun fachtóirí ríomha a chinneadh

Chun na fachtóirí ríomha is gá don mhodheolaíocht ríomhbhunaithe a chinneadh, féadfar ceann de na modhanna seo a leanas a roghnú:

1.

úsáid luachanna caighdeánacha;

2.

úsáid sonraí ionadacha bunaithe ar chomhghaolta eimpíreacha idir an fachtóir ríomha ábhartha agus airíonna eile ar féidir iad a thomhas ar bhealach níos fearr;

3.

úsáid luachanna bunaithe ar anailís saotharlainne.

Cinnfear fachtóirí ríomha go comhsheasmhach i gcomhréir leis an staid a úsáidtear le haghaidh sonraí gníomhaíochta gaolmhara, ag tagairt do staid an bhreosla nó an ábhair ina gceannaítear nó ina n-úsáidtear an breosla nó an t-ábhar sa phróiseas is cúis le hastaíochtaí, sula ndéantar é a thriomú nó a chóireáil ar bhealach eile le haghaidh anailís saotharlainne. I gcás ina dtabhaíonn sé sin costais mhíréasúnta nó inar féidir cruinneas níos airde a bhaint amach, féadfar sonraí gníomhaíochta agus fachtóirí ríomha a thuairisciú go comhsheasmhach, ag tagairt don staid ina ndéantar anailísí saotharlainne.

B.5.2   Luachanna caighdeánacha is infheidhme

Ní bheidh luachanna caighdeánacha de chineál I infheidhme ach amháin mura bhfuil aon luach caighdeánach de chineál II ar fáil don pharaiméadar céanna agus don ábhar céanna nó don bhreosla céanna.

Is iad seo a leanas na luachanna caighdeánacha de chineál I:

(a)

fachtóirí caighdeánacha a thugtar in Iarscríbhinn VIII;

(b)

fachtóirí caighdeánacha atá sna treoirlínte IPCC is déanaí d’fhardail GCT (1);

(c)

luachanna bunaithe ar anailísí saotharlainne a rinneadh roimhe seo, nach sine ná 5 bliana agus a mheastar a bheith ionadaíoch don bhreosla nó don ábhar.

Is iad seo a leanas na luachanna caighdeánacha de chineál II:

(a)

fachtóirí caighdeánacha arna n-úsáid ag an tír ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe chun an fardal náisiúnta is déanaí uaithi a chur faoi bhráid Rúnaíocht Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;

(b)

luachanna arna bhfoilsiú ag institiúidí náisiúnta taighde, ag údaráis phoiblí, ag comhlachtaí um chaighdeánú, ag oifigí staidrimh etc. chun críche tuairiscithe astaíochtaí níos imdhealaithe ná mar a bhí ann faoin bpointe roimhe seo;

(c)

luachanna arna sonrú agus arna ráthú ag soláthróir breosla nó ábhair i gcás ina bhfuil fianaise ann go léiríonn an cion carbóin eatramh muiníne 95 % nach mó ná 1 %;

(d)

luachanna stócaiméadracha don chion carbóin agus do luachanna gaolmhara litríochta le haghaidh ghlanluach calrach (NCV) substainte íne;

(e)

luachanna bunaithe ar anailísí saotharlainne a rinneadh roimhe seo, nach sine ná 2 bhliain agus a mheastar a bheith ionadaíoch don bhreosla nó don ábhar.

Chun comhsheasmhacht a áirithiú le himeacht ama, déanfar aon luach caighdeánach a úsáidtear a leagan síos sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin, agus ní athrófar é ach amháin má tá fianaise ann go bhfuil an luach nua níos leordhóthanaí agus níos ionadaíche don bhreosla nó don ábhar arna úsáid ná an breosla nó an t-ábhar roimhe sin. I gcás ina n-athraíonn na luachanna caighdeánacha ar bhonn bliantúil, leagfar síos foinse údarásach is infheidhme an luacha sin sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin in ionad an luacha féin.

B.5.3   Comhghaolta a bhunú chun seachshonraí a chinneadh

Féadfar athróg ionadach don chion carbóin nó don fhachtóir astaíochta a dhíorthú ó na paraiméadair seo a leanas, in éineacht le comhghaol eimpíreach arna chinneadh uair amháin sa bhliain ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hanailísí saotharlainne a thugtar i Roinn B.5.4 den Iarscríbhinn seo mar a leanas:

(a)

tomhas dlúis olaí sonracha nó gás sonrach, lena n-áirítear na holaí agus na gáis sin is coiteann don tionscal scaglainne nó cruach;

(b)

glanluach calrach le haghaidh cineálacha sonracha guail.

Caithfidh an comhghaol ceanglais an dea-chleachtais thionsclaíoch a chomhlíonadh agus ní fhéadfar é a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le luachanna na hathróige ionadaí a thagann faoin raon dár bunaíodh é.

B.5.4   Ceanglais maidir le hanailísí saotharlainne

I gcás ina bhfuil gá le hanailísí saotharlainne chun airíonna táirgí, ábhar, breoslaí nó dramhghás a chinneadh (lena n-áirítear taise, íonacht, tiúchan, cion carbóin, codán bithmhaise, glanluach calrach, dlús), nó chun comhghaolta a bhunú idir paraiméadair chun na sonraí is gá a chinneadh go hindíreach, comhlíonfaidh na hanailísí ceanglais na roinne seo.

Ní úsáidfear toradh aon anailíse ach amháin le haghaidh na tréimhse seachadta nó na baisce breosla nó na baisce ábhair ar tógadh na samplaí ina leith, agus a raibh sé beartaithe go mbeadh na samplaí ionadaíoch ina leith. Agus paraiméadar sonrach á chinneadh, úsáidfear torthaí na n-anailísí uile arna ndéanamh i ndáil leis an bparaiméadar sin.

B.5.4.1   Caighdeáin a úsáid

Aon anailís, sampláil, calabrú agus bailíochtú chun fachtóirí ríomha a chinneadh, déanfar é nó í trí mhodhanna atá bunaithe ar chaighdeáin chomhfhreagracha ISO a chur i bhfeidhm. I gcás nach bhfuil fáil ar chaighdeáin den sórt sin, beidh na modhanna bunaithe ar chaighdeáin nó ceanglais oiriúnacha EN nó náisiúnta a leagtar síos i gcóras faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe. I gcás nach ann do chaighdeáin fhoilsithe is infheidhme, féadfar dréachtchaighdeáin oiriúnacha, treoirlínte maidir le dea-chleachtas tionscail nó modheolaíochtaí eile a bhfuil cruthúnas eolaíoch acu a úsáid, agus cuirfear teorainn leis an gclaonadh samplála agus tomhais.

B.5.4.2   Moltaí maidir le plean samplála agus íosmhinicíocht na n-anailísí

Úsáidfear na híosmhinicíochtaí maidir le hanailísí le haghaidh breoslaí agus ábhair ábhartha a liostaítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo. Féadfar minicíocht anailíse eile a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach bhfuil íosmhinicíocht is infheidhme sa tábla;

(b)

i gcás ina bhforáiltear le córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe d’íosmhinicíocht anailíse eile don chineál céanna ábhair nó breosla;

(c)

i gcás ina dtabhódh an íosmhinicíocht a liostaítear i dTábla 1 den Iarscríbhinn seo costais mhíréasúnta;

(d)

i gcás inar féidir a léiriú, bunaithe ar shonraí stairiúla, lena n-áirítear luachanna anailíseacha le haghaidh na mbreoslaí nó na n-ábhar faoi seach sa tréimhse tuairiscithe díreach roimh an tréimhse tuairiscithe reatha, nach mó aon éagsúlacht sna luachanna anailíseacha don bhreosla nó don ábhar faoi seach ná 1/3 den neamhchinnteacht a bhaineann le sonraí gníomhaíochta an bhreosla nó an ábhair ábhartha a chinneadh.

I gcás nach n-oibríonn suiteáil ach ar feadh cuid den bhliain, nó i gcás ina seachadtar breoslaí nó ábhair i mbaisceanna a thomhlaítear thar níos mó ná tréimhse tuairiscithe amháin, féadfar sceideal níos iomchuí le haghaidh anailísí a roghnú, ar choinníoll go mbeidh neamhchinnteacht inchomparáide mar thoradh air, amhail faoin bpointe deireanach den fhomhír roimhe seo.

Tábla 1:

Íosmhinicíochtaí anailísí

Breosla/ábhar

Íosmhinicíocht anailísí

Gás nádúrtha

Uair sa tseachtain ar a laghad

Gáis eile, go háirithe gás sintéise agus gáis phróisis amhail gás measctha scaglainne, gás oighinn cóic, gás foirnéise soinneáin, gás tiontaire, gás olacheantair agus gás gáscheantair

Gach lá ar a laghad — agus úsáid á baint as nósanna imeachta cuí ag amanna éagsúla den lá

Olaí breosla (mar shampla ola bhreosla éadrom, ola bhreosla mheánach, ola bhreosla throm, biotúman)

Gach 20 000 tona breosla agus sé huaire sa bhliain ar a laghad

Gual, gual cóic, cóc, cóc peitriliam, móin

Gach 20 000 tona breosla/ábhair agus sé huaire sa bhliain ar a laghad

Breoslaí eile

Gach 10 000 tona breosla agus ceithre huaire sa bhliain ar a laghad

Dramhaíl sholadach neamhchóireáilte (dramhaíl iontaise nó dramhaíl mheasctha bhithmhaise/iontaise)

Gach 5 000 tona dramhaíola agus ceithre huaire sa bhliain ar a laghad

Dramhaíl leachtach, dramhaíl sholadach réamhchóireáilte

Gach 10 000 tona dramhaíola agus ceithre huaire sa bhliain ar a laghad

Mianraí carbónáite (lena n-áirítear aolchloch agus dolaimít)

Gach 50 000 tona ábhair agus ceithre huaire sa bhliain ar a laghad

Créanna agus scealla

Méideanna ábhair a chomhfhreagraíonn d’astaíochtaí 50 000 tona CO2 agus ceithre huaire sa bhliain ar a laghad

Ábhair eile (táirge príomhúil, idirmheánach agus deiridh)

Ag brath ar chineál an ábhair agus ar an éagsúlacht, méideanna ábhair a chomhfhreagraíonn d’astaíochtaí 50 000 tona CO2 agus ceithre huaire sa bhliain ar a laghad

Beidh samplaí ionadaíoch do bhaisc iomlán nó do thréimhse ama iomlán na seachadtaí dá dtógfar iad. Chun a áirithiú go mbeidh na samplaí ionadaíoch, ní mór ilchineálacht an ábhair a chur san áireamh, chomh maith le gach gné ábhartha eile amhail an trealamh samplála atá ar fáil, deighilt céimeanna fhéideartha nó dáileadh áitiúil féideartha ar mhéideanna na gcáithníní, cobhsaíocht samplaí, etc. Leagfar síos an cur chuige samplála sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin.

Meastar gur feabhsúchán molta é plean samplála tiomnaithe a úsáid le haghaidh gach ábhar nó breosla ábhartha, de réir na gcaighdeán is infheidhme, plean ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha maidir le modheolaíochtaí chun samplaí a ullmhú, lena n-áirítear faisnéis maidir le freagrachtaí, suíomhanna, minicíochtaí agus cainníochtaí, agus modheolaíochtaí chun samplaí a stóráil agus a iompar.

B.5.4.3   Moltaí le haghaidh saotharlanna

Saotharlanna a úsáidtear chun anailísí a dhéanamh chun fachtóirí ríomha a chinneadh, déanfar iad a chreidiúnú i gcomhréir le ISO/IEC 17025, le haghaidh na modhanna anailíse ábhartha. Ní fhéadfar saotharlanna nach bhfuil creidiúnaithe a úsáid chun fachtóirí ríomha a chinneadh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise ann nach bhfuil sé indéanta go teicniúil rochtain a fháil ar shaotharlanna creidiúnaithe nó go dtabhódh sé costais mhíréasúnta, agus go bhfuil an tsaotharlann neamhchreidiúnaithe inniúil go leordhóthanach. Measfar saotharlann a bheith inniúil go leordhóthanach má chomhlíonann sí gach ceann díobh seo a leanas:

1.

go bhfuil sí neamhspleách ó thaobh an gheilleagair de ar an oibreoir, nó go bhfuil sí cosanta ó thaobh eagrúcháin de ar a laghad ó thionchar fhoireann bhainistíochta an ghléasra;

2.

cuireann sí na caighdeáin is infheidhme i bhfeidhm maidir leis na hanailísí arna n-iarraidh;

3.

fostaíonn sí pearsanra atá inniúil maidir leis na cúraimí sonracha arna sannadh;

4.

déanann sí bainistiú iomchuí ar an tsampláil agus ar ullmhú na samplaí, lena n-áirítear sláine na samplaí a rialú;

5.

déanann sí dearbhú cáilíochta go rialta ar chalabrúcháin, ar shampláil agus ar mhodhanna anailíse, trí mhodhanna oiriúnacha a úsáid, lena n-áirítear rannpháirtíocht rialta i scéimeanna tástála inniúlachta, modhanna anailíse a chur i bhfeidhm maidir le hábhair thagartha dheimhnithe, nó idirchomparáid le saotharlann chreidiúnaithe;

6.

bainistíonn sí trealamh go hiomchuí, lena n-áirítear trí nósanna imeachta a chothabháil agus a chur chun feidhme maidir le trealamh a chalabrú, a choigeartú, a chothabháil agus a dheisiú, agus trí thaifead a choinneáil air sin.

B.5.5   Modhanna molta chun fachtóirí ríomha a chinneadh

Meastar gur feabhsúchán molta é gan luachanna caighdeánacha a chur i bhfeidhm ach amháin maidir le sruthanna foinse a chomhfhreagraíonn do mhionchainníochtaí astaíochtaí, agus anailísí saotharlainne a chur i bhfeidhm maidir le gach príomhshruth foinse. Cuirtear i láthair sa liosta seo a leanas na modhanna is infheidhme in ord de réir cáilíocht sonraí mhéadaitheach:

1.

luachanna caighdeánacha de chineál I;

2.

luachanna caighdeánacha de chineál II;

3.

comhghaolta chun seachshonraí a chinneadh;

4.

anailísí a dhéantar lasmuigh de rialú an oibreora, e.g. ag soláthróir an bhreosla nó an ábhair, atá i ndoiciméid cheannaigh, gan tuilleadh faisnéise faoi na modhanna a cuireadh i bhfeidhm;

5.

anailísí a dhéantar i saotharlanna neamhchreidiúnaithe, nó anailísí a dhéantar i saotharlanna creidiúnaithe ach le modhanna samplála simplithe;

6.

anailísí a dhéantar i saotharlanna creidiúnaithe, agus an dea-chleachtas maidir le sampláil á chur i bhfeidhm.

B.6   Ceanglais maidir le modheolaíocht thomhasbhunaithe le haghaidh CO2 agus N2O

B.6.1   Forálacha ginearálta

Éilíonn modheolaíocht thomhasbhunaithe go n-úsáidfear Córas Tomhais Astaíochtaí Leanúnach (CEMS) a shuiteáiltear ag pointe tomhais oiriúnach.

Chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí N2O, tá sé éigeantach an mhodheolaíocht thomhasbhunaithe a úsáid. I gcás CO2, ní úsáidfear é ach amháin má tá fianaise ann go n-eascraíonn sonraí níos cruinne as ná as an modheolaíocht ríomhbhunaithe. Beidh feidhm ag na ceanglais maidir le neamhchinnteacht córas tomhais de bhun Roinn B.4.3 den Iarscríbhinn seo.

Caithfear le CO a astaítear isteach san atmaisféir mar an méid coibhéise mólaraí de CO2.

I gcás ina bhfuil roinnt foinsí astaíochtaí ann i suiteáil amháin agus nach féidir iad a thomhas mar fhoinse astaíochtaí amháin, déanfaidh an t-oibreoir astaíochtaí ó na foinsí sin a thomhas ar leithligh agus cuirfidh sé na torthaí le chéile chun astaíochtaí iomlána an gháis atá i gceist thar an tréimhse tuairiscithe a fháil.

B.6.2   Modh agus ríomh

B.6.2.1   Astaíochtaí tréimhse tuairiscithe (astaíochtaí bliantúla)

Déanfar na hastaíochtaí iomlána ó fhoinse astaíochtaí thar an tréimhse tuairiscithe a chinneadh trí luachanna uile in aghaidh na huaire den tiúchan tomhaiste gás ceaptha teasa arna iolrú faoi luachanna in aghaidh na huaire an tsreafa gáis múcháin a shuimiú le linn na tréimhse tuairiscithe, i gcás inarb é atá sna luachanna in aghaidh na huaire meánluachanna gach toraidh tomhais aonair den uair oibriúcháin faoi seach, agus an fhoirmle seo a leanas á cur i bhfeidhm:

Formula
(Cothromóid 16)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é GHG Emtotal

iomlán na n-astaíochtaí GCT bliantúla i dtonaí;

Is é GHG conchourly,i

na tiúchain in aghaidh na huaire d’astaíochtaí GCT in g/Nm3 sa sreabhadh gáis múcháin arna dtomhas le linn oibríochta ar feadh uair an chloig nó ar feadh tréimhse thagartha níos giorra i;

Is é Vhourly,i

an toirt gáis múcháin in Nm3 ar feadh uair an chloig amháin nó tréimhse thagartha is giorra i, arna cinneadh tríd an sreabhráta thar an tréimhse thagartha a chomhtháthú, agus

HoursOp

líon iomlán na n-uaireanta (nó tréimhsí tagartha níos giorra) a gcuirtear an mhodheolaíocht thomhasbhunaithe i bhfeidhm ina leith, lena n-áirítear na huaireanta a ndearnadh sonraí a ionadú ina leith i gcomhréir le Roinn B.6.2.6 den Iarscríbhinn seo.

Tagraíonn an t-innéacs i don uair oibriúcháin aonair (nó do thréimhsí tagartha).

Déanfar na meáin in aghaidh na huaire do gach paraiméadar tomhaiste a ríomh sula ndéanfar tuilleadh próiseála, trí úsáid a bhaint as na pointí sonraí go léir atá ar fáil don uair shonrach sin. I gcás inar féidir sonraí le haghaidh tréimhsí tagartha níos giorra a ghiniúint gan costas breise, úsáidfear na tréimhsí sin chun na hastaíochtaí bliantúla a chinneadh.

B.6.2.2   Tiúchan GCT a chinneadh

Déanfar an tiúchan den GCT atá á bhreithniú sa ghás múcháin a chinneadh trí bhíthin tomhas leanúnach ag pointe ionadaíoch trí cheann amháin díobh seo a leanas:

tomhas díreach ar thiúchan an GCT;

tomhas indíreach: i gcás tiúchan ard sa ghás múcháin, féadfar an tiúchan den GCT a ríomh trí úsáid a bhaint as tomhas indíreach tiúchana agus luachanna tiúchana tomhaiste gach comhpháirte eile i den sruth gáis á gcur san áireamh, agus an fhoirmle seo a leanas á húsáid:

Formula
(Cothromóid 17)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é conci

an tiúchan den chomhpháirt gáis i.

B.6.2.3   Astaíochtaí CO2 ó bhithmhais

I gcás inarb ábhartha, féadfar aon mhéid CO2 a eascraíonn as bithmhais agus a chomhlíonann na critéir a thugtar i Roinn B.3.3 den Iarscríbhinn seo a dhealú ó iomlán na n-astaíochtaí tomhaiste CO2, ar choinníoll go n-úsáidtear ceann de na modhanna seo a leanas le haghaidh mhéid na n-astaíochtaí CO2 ó bhithmhais:

1.

modheolaíocht ríomhbhunaithe, lena n-áirítear modheolaíochtaí ina n-úsáidtear anailísí agus sampláil bunaithe ar ISO 13833 (Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — An cóimheas idir dé-ocsaíd charbóin bhithmhais-dhíorthaithe (bhithghineach) agus dé-ocsaíd charbóin iontaise-dhíorthaithe a chinneadh — Sampláil agus cinneadh radacarbóin);

2.

modh eile atá bunaithe ar chaighdeán ábhartha, lena n-áirítear ISO 18466 (Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — An codán bithghineach in CO2 i ngás múcháin a chinneadh agus úsáid á baint as an modh comhardaithe);

3.

modh eile a cheadaítear le córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe.

B.6.2.4   Astaíochtaí CO2e ó N2O a chinneadh

I gcás tomhais N2O, déanfar astaíochtaí iomlána bliantúla N2O ó gach foinse astaíochtaí, arna dtomhas i dtonaí go dtí an tríú deachúil, a thiontú go CO2e bliantúil i dtonaí slánaithe, trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas agus as na luachanna GWP a thugtar in Iarscríbhinn VIII:

CO2e [t] = N2Oannual[t] × GWPN2O (Cothromóid 18)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é N2Oannual

na hastaíochtaí iomlána bliantúla N2O, arna ríomh i gcomhréir le Roinn B.6.2.1 den Iarscríbhinn seo.

B.6.2.5   An sreabhadh gáis múcháin a chinneadh

Is féidir an sreabhadh gáis múcháin a chinneadh trí cheann de na modhanna seo a leanas:

ríomh trí bhíthin maischothromaíocht oiriúnach, agus na paraiméadair shuntasacha uile ar thaobh an ionchuir á gcur san áireamh, lena n-áirítear ar a laghad, i gcás astaíochtaí CO2, lóid ábhair ionchuir, aershreabh ionchuir agus éifeachtúlacht próisis, agus ar thaobh an aschuir, lena n-áirítear ar a laghad aschur an táirge agus na tiúchain ocsaigine (O2), dé-ocsaíde sulfair (SO2) agus ocsaídí nítrigine (NOx);

cinneadh trí shreabhadh leanúnach a thomhas ag pointe ionadaíoch.

B.6.2.6   Bearnaí tomhais a láimhseáil

I gcás ina bhfuil an trealamh tomhais leanúnaigh le haghaidh paraiméadair as rialú, as raon nó as feidhmiú ar feadh cuid den uair nó den tréimhse thagartha, déanfar an meán gaolmhar in aghaidh na huaire a ríomh pro rata de réir na bpointí sonraí atá fágtha don uair shonrach sin nó don tréimhse thagartha níos giorra sin, ar choinníoll go mbeidh 80 % ar a laghad de líon uasta na bpointí sonraí le haghaidh paraiméadair ar fáil.

I gcás ina bhfuil níos lú ná 80 % d’uaslíon na bpointí sonraí le haghaidh paraiméadair ar fáil, úsáidfear na modhanna seo a leanas.

I gcás paraiméadar arna thomhas go díreach mar thiúchan, úsáidtear luach ionadaíochta mar shuim meántiúchana agus dhá oiread an diallais chaighdeánaigh a bhaineann leis an meán sin, agus an chothromóid seo a leanas á cur i bhfeidhm:

Formula
(Cothromóid 19)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é

Formula

meán uimhríochtúil thiúchan an pharaiméadair shonraigh thar an tréimhse tuairiscithe ar fad nó, i gcás ina raibh feidhm ag imthosca sonracha nuair a tharla caillteanas sonraí, thar thréimhse iomchuí lena léirítear na himthosca sonracha agus

Is é σ c

an meastachán is fearr ar dhiallas caighdeánach thiúchan an pharaiméadair shonraigh thar an tréimhse tuairiscithe ar fad nó, i gcás ina raibh feidhm ag imthosca sonracha nuair a tharla caillteanas sonraí, thar thréimhse iomchuí lena léirítear na himthosca sonracha.

I gcás nach bhfuil an tréimhse tuairiscithe infheidhme maidir leis na luachanna ionadaíochta sin a chinneadh i ngeall ar athruithe teicniúla suntasacha ag an tsuiteáil, roghnófar creat ama eile atá ionadaíoch go leordhóthanach chun an meándiallas agus an diallas caighdeánach a chinneadh, agus fad 6 mhí ar a laghad aige i gcás inar féidir.

I gcás paraiméadar nach tiúchan é, déanfar luachanna ionadaíochta a chinneadh trí shamhail oiriúnach maischothromaíochta nó trí chothromaíocht fuinnimh an phróisis. Déanfar an tsamhail sin a bhailíochtú trí úsáid a bhaint as na paraiméadair thomhaiste den mhodheolaíocht thomhasbhunaithe atá fágtha agus as sonraí ag gnáthdhálaí oibre, agus tréimhse ama den fhad céanna leis an mbearna sonraí á mheas.

B.6.3   Ceanglais cháilíochta

Déanfar na tomhais uile trí mhodhanna atá bunaithe ar na nithe seo a leanas a chur i bhfeidhm:

1.

ISO 20181:2023 Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — Dearbhú cáilíochta ar chórais tomhais uathoibrithe

2.

ISO 14164:1999 Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — Sreabhadh toirte na sruthanna gáis i nduchtanna a chinneadh — Modh uathoibrithe

3.

ISO 14385-1:2014 Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — Gáis cheaptha teasa — Cuid 1: Córais tomhais uathoibrithe a chalabrú

4.

ISO 14385-2:2014 Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — Gáis cheaptha teasa — Cuid 2: Rialú cáilíochta leanúnach ar chórais tomhais uathoibrithe

5.

caighdeáin ISO ábhartha eile, go háirithe ISO 16911-2 (Astaíochtaí ó fhoinsí do-aistrithe — Treoluais agus sreabhráta toirte i nduchtanna a chinneadh de láimh agus go huathoibríoch).

I gcás nach ann do chaighdeáin fhoilsithe is infheidhme, úsáidfear dréachtchaighdeáin oiriúnacha, treoirlínte maidir le dea-chleachtas tionscail nó modheolaíochtaí eile a bhfuil cruthúnas eolaíoch acu, agus cuirfear teorainn leis an gclaonadh samplála agus tomhais.

Breithneofar gach gné ábhartha den chóras tomhais leanúnaigh, lena n-áirítear suíomh an trealaimh, calabrú, tomhas, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta.

Saotharlanna a dhéanann tomhais, calabrúcháin agus measúnuithe ábhartha ar threalamh do chórais tomhais leanúnaigh, déanfar iad a chreidiúnú i gcomhréir le ISO/IEC 17025 le haghaidh na modhanna anailíse ábhartha nó na ngníomhaíochtaí calabrúcháin ábhartha. I gcás nach bhfuil creidiúnú den sórt sin ag an tsaotharlann, áiritheofar inniúlacht leordhóthanach i gcomhréir le Roinn B.5.4.3 den Iarscríbhinn seo.

B.6.4   Comhthacaíocht a thabhairt do ríomhanna

Comhthacófar le hastaíochtaí CO2 arna gcinneadh le modheolaíocht thomhasbhunaithe trí astaíochtaí bliantúla gach gáis ceaptha teasa atá i gceist a ríomh do na foinsí astaíochtaí céanna agus do na sruthanna foinse céanna. Chun na críche sin, féadfar na ceanglais a leagtar síos i Ranna B.4 go B.6 den Iarscríbhinn seo a shimpliú de réir mar is iomchuí.

B.6.5   Na híoscheanglais maidir le tomhais astaíochtaí leanúnacha

Mar íoscheanglas, bainfear amach neamhchinnteacht 7.5 % d’astaíochtaí GCT d’fhoinse astaíochtaí thar an tréimhse tuairiscithe iomlán. I gcás mionfhoinsí astaíochtaí, nó in imthosca eisceachtúla, féadfar neamhchinnteacht 10 % a cheadú. Is feabhsúchán molta é neamhchinnteacht 2.5 % ar a laghad a bhaint amach le haghaidh foinsí astaíochtaí a astaíonn níos mó ná 100 000 tona CO2e iontaise in aghaidh na tréimhse tuairiscithe.

B.7   Ceanglais chun astaíochtaí sárfhluaracarbóin a chinneadh

Cumhdófar leis an bhfaireachán astaíochtaí sárfhluaracarbón (PFCanna) a eascraíonn as éifeachtaí anóideacha, lena n-áirítear astaíochtaí éalaitheacha sárfhluaracarbón. Déanfar astaíochtaí nach mbaineann le héifeachtaí anóideacha a chinneadh bunaithe ar mhodhanna meastacháin i gcomhréir le dea-chleachtas tionscail, go háirithe treoirlínte arna soláthar ag an Institiúid Idirnáisiúnta um Alúmanam.

Déanfar astaíochtaí PFC a ríomh ó na hastaíochtaí intomhaiste i nducht nó i simléar (‘astaíochtaí poncfhoinse’) agus ó astaíochtaí éalaitheacha trí úsáid a bhaint as éifeachtúlacht bhailiúcháin an duchta:

Astaíochtaí PFC (iomlán) = astaíochtaí PFC (ducht) / éifeachtúlacht bhailiúcháin Cothromóid 20)

Déanfar éifeachtúlacht an bhailiúcháin a thomhas nuair a chinnfear na fachtóirí astaíochta suiteáil-sonracha.

Déanfar astaíochtaí CF4 agus C2F6 a astaítear trí dhucht nó trí shimléar a ríomh trí úsáid a bhaint as ceann amháin de na modhanna seo a leanas:

1.

modh A ina ndéantar na nóiméid d’éifeacht anóideach in aghaidh an chill-lae a thaifeadadh;

2.

modh B ina ndéantar an róvoltas éifeachta anóidí a thaifeadadh.

B.7.1   Modh Ríomha A — Modh an Chlaonta

Úsáidfear na cothromóidí seo a leanas chun astaíochtaí PFC a chinneadh:

CF4 emissions [t] = AEM × (SEFCF4/1 000) × PrAl (Cothromóid 21)

C2F6 emissions [t] = CF4 emissions × FC2F6 (Cothromóid 22)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é AEM

na nóiméid d’éifeacht anóideach / cill-lá;

Is é SEFCF4

fachtóir astaíochta an chlaonta arna shloinneadh in (kg CF4-/-t Al arna tháirgeadh)-/ (nóiméid d’éifeacht anóideach / cill-lá)]. I gcás ina n-úsáidtear cineálacha éagsúla ceall, féadfar SEF éagsúil a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí;

Is é PrAl

táirgeadh alúmanaim phríomhúil [t] le linn na tréimhse tuairiscithe, agus

Is é FC2F6

an codán meáchain de C2F6 [t C2F6 /t CF4].

Léirítear leis na nóiméid d’éifeacht anóideach in aghaidh an chill-lae minicíocht na n-éifeachtaí anóideacha (líon na n-éifeachtaí anóideacha / cill-lá) arna iolrú faoi mheánfhad na n-éifeachtaí anóideacha (nóiméad d’éifeacht anóideach / tarlú éifeachta anóidí):

AEM = minicíocht × meánfhad (Cothromóid 23)

Fachtóirí astaíochta: Leis an bhfachtóir astaíochta le haghaidh CF4 (fachtóir astaíochta an chlaonta, SEFCF4), léirítear an méid [kg] de CF4 a astaítear in aghaidh an tona alúmanaim a tháirgtear in aghaidh an nóiméid d’éifeacht anóideach in aghaidh an chill-lá. Leis an bhfachtóir astaíochta (codán meáchain FC2F6) de C2F6, léirítear an méid [kg] de C2F6 a astaítear i gcomhréir leis an méid [kg] de CF4 a astaítear.

Íoscheanglas: Úsáidtear fachtóirí astaíochta teicneolaíocht-sonracha ó Thábla 2 den Iarscríbhinn seo.

Feabhsúchán molta: Bunaítear fachtóirí astaíochta suiteáil-sonracha le haghaidh CF4 agus C2F6 trí thomhais allamuigh leanúnacha nó uaineacha. Chun na fachtóirí astaíochta sin a chinneadh, cuirfear dea-chleachtas tionscail i bhfeidhm, go háirithe na treoirlínte is déanaí arna soláthar ag an Institiúid Idirnáisiúnta um Alúmanam. Cuirfear san áireamh freisin san fhachtóir astaíochta astaíochtaí a bhaineann le héifeachtaí neamh-anóideacha. Déanfar gach fachtóir astaíochta a chinneadh le héiginnteacht uasta ± 15 %. Déanfar na fachtóirí astaíochta a chinneadh gach trí bliana ar a laghad nó níos luaithe nuair is gá de bharr athruithe ábhartha ag an tsuiteáil. Áireofar sna hathruithe ábhartha athrú ar dháileadh na ré éifeachta anóidí, nó athrú ar an algartam rialaithe a dhéanann difear do mheascán na gcineálacha éifeachtaí anóideacha nó do chineál an ghnáthaimh foirceanta éifeachta anóidí.

Tábla 2:

Fachtóirí astaíochta teicneolaíocht-sonracha a bhaineann le sonraí gníomhaíochta le haghaidh mhodh an chlaonta.

Teicneolaíocht

Fachtóir astaíochta le haghaidh CF4 (SEFCF4)

[(kg CF4/t Al)-/-(nóiméid d’éifeacht anóideach/cill-lá)]

Fachtóir astaíochta le haghaidh C2F6 (FC2F6)

[t C2F6/ t CF4]

Réamhbhácáil Phoncbheathaithe Leagáide (PFPB L)

0,122

0,097

Réamhbhácáil Phoncbheathaithe Nua-aimseartha (PFPB M)

0,104

0,057

Réamhbhácáil Phoncbheathaithe Nua-aimseartha gan straitéisí idirghabhála lán-uathoibrithe éifeachta anóidí le haghaidh astaíochtaí PFC (PFPB MW)

 (*1)

 (*1)

Réamhbhácáil Lárshaoirsithe (CWPB)

0,143

0,121

Réamhbhácáil Taobhshaoirsithe (SWPB)

0,233

0,280

Teicneolaíocht Søderberg Stodaí Ingearacha (VSS)

0,058

0,086

Teicneolaíocht Søderberg Stodaí Cothrománacha (HSS)

0,165

0,077

B.7.2   Modh Ríomha B — Modh an Róvoltais

Maidir le modh an róvoltais, úsáidfear na cothromóidí seo a leanas:

CF4 emissions [t] = OVC × (AEO/CE) × PrAl × 0,001 (Cothromóid 24)

C2F6 emissions [t] = CF4 emissions × FC2F6 (Cothromóid 25)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é OVC

an chomhéifeacht róvoltais (‘fachtóir astaíochta’) arna sloinneadh in kg CF4 in aghaidh an tona alúmanaim a tháirgtear in aghaidh an róvoltais mV;

Is é AEO

an róvoltas éifeachta anóidí in aghaidh na cille [mV] a chinntear mar an suimeálaí de (am × voltas os cionn an spriocvoltais) arna roinnt faoi am (fad) an bhailithe sonraí;

Is é CE

meánéifeachtúlacht reatha an táirgthe alúmanaim [%];

Is é PRAl

an táirgeadh bliantúil alúmanaim phríomhúil [t], agus

Is é FC2F6

an codán meáchain de C2F6 [t C2F6 /t CF4].

léirítear leis an téarma AEO/CE (róvoltas éifeachta anóidí / éifeachtúlacht reatha) an meán-róvoltas éifeachta anóidí atá comhtháite ó thaobh ama [róvoltas mV] in aghaidh na meánéifeachtúlachta reatha [%].

Íoscheanglas: Úsáidfear fachtóirí astaíochta teicneolaíocht-sonracha ó Thábla 3 den Iarscríbhinn seo.

Feabhsúchán molta: Úsáidtear fachtóirí astaíochta suiteáil-sonracha le haghaidh CF4 [(kg CF4 /t Al) / (mV)] agus C2F6 [t C2F6/ t CF4] a bhunaítear trí thomhais allamuigh leanúnacha nó uaineacha. Chun na fachtóirí astaíochta sin a chinneadh, cuirfear dea-chleachtas tionscail i bhfeidhm, go háirithe na treoirlínte is déanaí arna soláthar ag an Institiúid Idirnáisiúnta um Alúmanam. Déanfar gach fachtóir astaíochta a chinneadh le héiginnteacht uasta ± 15 %. Déanfar na fachtóirí astaíochta a chinneadh gach trí bliana ar a laghad nó níos luaithe nuair is gá de bharr athruithe ábhartha ag an tsuiteáil. Áireofar sna hathruithe ábhartha athrú ar dháileadh na ré éifeachta anóidí, nó athrú ar an algartam rialaithe a dhéanann difear do mheascán na gcineálacha éifeachtaí anóideacha nó do chineál an ghnáthaimh foirceanta éifeachta anóidí

Tábla 3

Fachtóirí astaíochta teicneolaíocht-sonracha a bhaineann le sonraí gníomhaíochta róvoltais

Teicneolaíocht

Fachtóir astaíochta le haghaidh CF4

[(kg CF4/t Al) / mV]

Fachtóir astaíochta le haghaidh C2F6

[t C2F6/ t CF4]

Réamhbhácáil Lárshaoirsithe (CWPB)

1,16

0,121

Réamhbhácáil Taobhshaoirsithe (SWPB)

3,65

0,252

B.7.3   Astaíochtaí CO2e a chinneadh

Ríomhfar astaíochtaí CO2e ó astaíochtaí CF4 agus C2F6 mar a leanas, agus úsáid á baint as na poitéinsil téimh dhomhanda a liostaítear in Iarscríbhinn VIII.

Astaíochtaí PFC [t CO2e] = astaíochtaí CF4 [t] × GWPCF4 + astaíochtaí C2F6 [t] × GWPC2F6 (Cothromóid 26)

B.8   Ceanglais maidir le haistrithe CO2 idir suiteálacha

B.8.1   CO2 atá i ngáis (‘CO2 fréimhíochta’)

CO2 fréimhíochta a aistrítear isteach i suiteáil, lena n-áirítear CO2 fréimhíochta atá i ngás nádúrtha, i ndramhghás (lena n-áirítear gás foirnéise soinneáin nó gás oighinn cóic) nó in ionchuir phróisis (lena n-áirítear gás sintéise), cuirfear san áireamh é san fhachtóir astaíochta don sruth foinse sin.

I gcás ina ndéantar CO2 a aistriú amach as an tsuiteáil mar chuid de shruth foinse chuig suiteáil eile, ní áireofar é mar astaíochtaí na suiteála as a dtionscnaíonn sé. Mar sin féin, i gcás ina n-astaítear CO2 fréimhíochta (e.g. i gcás ina scaoiltear nó ina mbladhmtar é) nó i gcás ina n-aistrítear é chuig eintitis nach ndéanann faireachán iad féin ar astaíochtaí chun críoch an Rialacháin seo nó chun críche córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe, áireofar é mar astaíochtaí na suiteála as a dtionscnaíonn sé.

B.8.2   Incháilitheacht chun CO2 arna stóráil nó arna úsáid a asbhaint

Sna cásanna seo a leanas, maidir le CO2 a thagann ó charbón iontaise agus a thagann ó dhóchán nó ó phróisis as a dtagann astaíochtaí próisis, nó a allmhairítear ó shuiteálacha eile, lena n-áirítear CO2 i bhfoirm CO2 fréimhíochta, féadfar é a áireamh mar CO2 nach n-astaítear:

1.

má úsáidtear an CO2 laistigh den tsuiteáil nó má aistrítear amach as an tsuiteáil é chuig aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

suiteáil arb é is cuspóir di CO2 a ghabháil a dhéanann faireachán ar astaíochtaí chun críoch an Rialacháin seo nó chun críche córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe;

(b)

suiteáil nó líonra iompair arb é is cuspóir di nó dó CO2 a stóráil go geolaíoch go buan a dhéanann faireachán ar astaíochtaí chun críoch an Rialacháin seo nó chun críche córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe;

(c)

láithreán stórála chun críche stórála geolaíche buaine a dhéanann faireachán ar astaíochtaí chun críoch an Rialacháin seo nó chun críche córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe.

2.

Má úsáidtear an CO2 laistigh den tsuiteáil nó má aistrítear amach as an tsuiteáil é chuig eintiteas a dhéanann faireachán ar astaíochtaí chun críoch an Rialacháin seo nó chun críche córais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe, d’fhonn táirgí a tháirgeadh ina bhfuil an carbón a eascraíonn as CO2 ceangailte go ceimiceach go buan ionas nach rachaidh sé isteach san atmaisféar faoi ghnáthúsáid, lena n-áirítear aon ghnáthghníomhaíocht a tharlaíonn tar éis dheireadh shaolré an táirge, mar a shainmhínítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 12(3b) de Threoir 2003/87/CE.

Maidir le CO2 a aistrítear chuig suiteáil eile chun na gcríoch a thugtar i bpointí 1 agus 2, ní fhéadfar é a chur san áireamh mar CO2 nach n-astaítear ach amháin a mhéid a chuirtear fianaise ar fáil thar shlabhra iomlán an choimeádta chuig an láithreán stórála nó chuig suiteáil úsáide CO2, agus aon oibreoir iompair san áireamh freisin, fianaise ar an gcodán de CO2 a stóráiltear nó a úsáidtear go hiarbhír chun táirgí atá cobhsaí ó thaobh ceimiceán de a tháirgeadh i gcomparáid leis an méid iomlán CO2 a aistrítear amach as an tsuiteáil tionscnaimh.

Má úsáidtear CO2 laistigh den tsuiteáil chéanna chun na gcríoch a luaitear i bpointí 1 agus 2, déanfar na modhanna faireacháin a thugtar i Ranna 21 go 23 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm.

B.8.3   Rialacha faireacháin maidir le haistrithe CO2

Déanfar céannacht agus sonraí teagmhála duine fhreagraigh de chuid na suiteálacha nó na n-eintiteas is faighteoir a leagan síos go soiléir sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin. Déanfar an méid CO2 a mheastar nach n-astaítear é a thuairisciú sa teachtaireacht de bhun Iarscríbhinn IV.

Déanfar céannacht agus sonraí teagmhála duine fhreagraigh de chuid na suiteálacha nó na n-eintiteas a fuarthas CO2 uathu a leagan síos go soiléir sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin. Déanfar an méid CO2 arna fháil a thuairisciú sa teachtaireacht de bhun Iarscríbhinn IV.

Chun an chainníocht CO2 a aistrítear ó shuiteáil amháin go suiteáil eile a chinneadh, úsáidfear modheolaíocht thomhasbhunaithe. I gcás méid CO2 atá ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirgí, úsáidfear modheolaíocht ríomhbhunaithe, agus úsáid á baint as maischothromaíocht más féidir. Leagfar síos na himoibrithe ceimiceacha arna gcur i bhfeidhm agus na fachtóirí stócaiméadracha ábhartha uile sa doiciméadacht modheolaíochta faireacháin.

B.9   Ceanglais earnáilsonracha

B.9.1   Rialacha breise maidir le haonaid dócháin

Cumhdóidh astaíochtaí dócháin na hastaíochtaí CO2 uile ó dhóchán breoslaí ina bhfuil carbón, lena n-áirítear dramhaíl, gan beann ar aon aicmiú eile ar astaíochtaí nó breoslaí den sórt sin. I gcás nach léir má fheidhmíonn ábhar ar leith mar bhreosla nó mar ionchur próisis, e.g., chun mianta miotail a dhí-ocsaídiú, déanfar faireachán ar astaíochtaí an ábhair sin ar an mbealach céanna agus a dhéantar faireachán ar astaíochtaí dócháin. Déanfar gach aonad dócháin a mheas, lena n-áirítear coirí, dóirí, tuirbíní, téiteoirí, foirnéisí, loisceoirí, cailcíneoirí, áitheanna, oighinn, triomadóirí, innill, cealla breosla, aonaid dócháin lúbtha cheimicigh, bladhmanna, agus aonaid iardhócháin theirmeacha nó chatalaíocha.

Ina theannta sin, áireofar san fhaireachán astaíochtaí próisis CO2 ó sciúradh gáis múcháin, go háirithe CO2 ó aolchloch nó carbónáití eile le haghaidh díshulfaraithe agus sciúradh comhchosúil, agus ó úiré a úsáidtear in aonaid de-NOx.

B.9.1.1   Díshulfarú agus sciúradh gáis aigéid eile

Déanfar astaíochtaí próisis CO2 ó úsáid carbónáití le haghaidh sciúradh gáis aigéid ón sruth gáis múcháin a ríomh ar bhonn mhéid na carbónáite a ídítear (Modh A). I gcás díshulfaraithe, féadfar an ríomh a bhunú de rogha air sin ar chainníocht an ghipseam a tháirgtear (Modh B). Sa chás deireanach sin, is éard a bheidh san fhachtóir astaíochta an cóimheas stócaiméadrach idir gipseam tirim (CaSO4× 2H2O) agus CO2 a astaítear: 0,2558 t CO2/t gipseam.

B.9.1.2   De-NOx

Má úsáidtear úiré mar oibreán dí-ocsaídithe in aonad de-NOx, déanfar astaíochtaí próisis CO2 óna úsáid a ríomh trí úsáid a bhaint as modh A, agus fachtóir astaíochta atá bunaithe ar an gcóimheas stócaiméadrach 0.7328 t CO2/t úiré á chur i bhfeidhm.

B.9.1.3   Faireachán a dhéanamh ar bhladhmanna

Agus astaíochtaí ó bhladhmanna á ríomh, cumhdófar gnáthbhladhmadh chomh maith le bladhmadh oibríochtúil (truipeanna, tionscnamh agus múchadh chomh maith le scaoiltí éigeandála). Tá CO2 fréimhíochta sna gáis arna mbladhmadh le cur san áireamh.

Mura bhfuil faireachán níos cruinne indéanta go teicniúil nó dá mbeadh costais mhíréasúnta mar thoradh air, úsáidfear fachtóir astaíochta tagartha 0.00393 t CO2/Nm3, arna dhíorthú ó dhóchán eatán íon a úsáidtear mar athróg ionadach choimeádach le haghaidh gáis bhladhma.

Is feabhsúchán molta é fachtóirí astaíochta suiteáil-sonracha arna ndíorthú ó mheastachán ar mheáchan móilíneach an tsrutha bladhma a chinneadh, agus úsáid á baint as samhaltú próiseas atá bunaithe ar shamhlacha caighdeánacha tionscail. Trí chionmhaireachtaí coibhneasta agus meáchain mhóilíneacha gach ceann de na sruthanna rannchuidithe a mheas, gheofar meánfhigiúr bliantúil ualaithe le haghaidh mheáchan móilíneach an gháis bladhma.

I gcás sonraí gníomhaíochta, tá neamhchinnteacht tomhais níos airde ná mar atá ann i gcás breoslaí eile a dhóitear inghlactha.

B.9.2   Rialacha breise maidir le hastaíochtaí ó tháirgeadh clincir stroighne

B.9.2.1   Rialacha breise maidir le Modh A (bunaithe ar ionchur)

I gcás ina n-úsáidtear modh A (bunaithe ar ionchur áithe) chun astaíochtaí próisis a chinneadh, beidh feidhm ag na rialacha speisialta seo a leanas:

I gcás ina bhfágann deannach áithe stroighne nó dusta seach-chonaire an córas áithe, ní mheasfar gur ionchur próisis iad na cainníochtaí gaolmhara d’amhábhar. Déanfar astaíochtaí ó dheannach áithe stroighne a ríomh ar leithligh i gcomhréir le Roinn B.9.2.3 den Iarscríbhinn seo.

Féadfar min amh ina hiomláine nó mar ábhair ionchuir ar leithligh a shaintréithriú, rud a sheachnódh áireamh dúbailte nó easnaimh ó ábhair aischurtha nó sheachthreoraithe. I gcás ina gcinntear sonraí gníomhaíochta bunaithe ar an gclincear a tháirgtear, féadfar glanmhéid na mine amh a chinneadh trí bhíthin cóimheas eimpíreach suíomh-shonrach mine aimhe/clincir. Déanfar an cóimheas sin a nuashonrú uair sa bhliain ar a laghad agus treoirlínte dea-chleachtais tionscail á gcur i bhfeidhm.

B.9.2.2   Rialacha breise maidir le Modh B (bunaithe ar aschur)

I gcás ina n-úsáidtear modh B (bunaithe ar aschur clincir) chun astaíochtaí próisis a chinneadh, beidh feidhm ag na rialacha speisialta seo a leanas:

Déanfar sonraí gníomhaíochta a chinneadh mar an táirgeadh clincir [t] thar an tréimhse tuairiscithe ar cheann de na bealaí seo a leanas:

trí chlincear a mheá go díreach;

bunaithe ar sheachadtaí stroighne, trí mhaischothromaíocht, agus seoladh clincir, soláthairtí clincir chomh maith le héagsúlacht stoic clincir á gcur san áireamh, agus an fhoirmle seo a leanas á húsáid:

Formula
(Cothromóid 27)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Cliprod

an méid clincir arna tháirgeadh arna shloinneadh i dtonaí;

Is é Cemdeliv

an méid seachadtaí stroighne arna shloinneadh i dtonaí;

Is é CemSV

na héagsúlachtaí stoic stroighne arna sloinneadh i dtonaí;

Is é CCR

an cóimheas idir clincear agus stroighne (tonaí clincir in aghaidh an tonna stroighne);

Is é Clix

an méid clincir arna sholáthar arna shloinneadh i dtonaí;

Is é Clid

an méid clincir arna sheoladh arna shloinneadh i dtonaí, agus

Is é CliSV

méid na héagsúlachtaí stoic stroighne arna shloinneadh i dtonaí.

Gheofar an cóimheas idir clincear agus stroighne ar leithligh do gach ceann de na táirgí stroighne éagsúla bunaithe ar anailísí saotharlainne i gcomhréir le forálacha Roinn B.5.4, nó déanfar é a ríomh mar chóimheas ón difríocht idir seachadtaí stroighne agus athruithe ar stoc agus gach ábhar a úsáidtear mar bhreiseáin sa stroighin lena n-áirítear dusta seach-chonaire agus deannach áithe stroighne.

Mar íoscheanglas chun an fachtóir astaíochta a chinneadh, cuirfear luach caighdeánach 0.525 t CO2/t clincir i bhfeidhm.

B.9.2.3   Astaíochtaí a bhaineann le deannach diúscartha

Astaíochtaí próisis CO2 ó dhusta seach-chonaire nó ó dheannach áithe stroighne a fhágann an córas áithe, cuirfear iad leis na hastaíochtaí, agus iad arna gceartú do chóimheas cailcínithe pháirtigh deannaigh áithe stroighne.

Íoscheanglas: Cuirfear fachtóir astaíochta 0.525 t CO2/t deannaigh i bhfeidhm.

Feabhsúchán molta: Déantar an fachtóir astaíochta a chinneadh uair sa bhliain ar a laghad i gcomhréir le forálacha Roinn B.5.4 den Iarscríbhinn seo agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 28)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EFCKD

an fachtóir astaíochta de dheannach áithe stroighne atá cailcínithe go páirteach [tCO2/t deannaigh áithe stroighne];

Is é EFCli

an fachtóir astaíochta suiteáil-sonrach de chlincear [t CO2/t clincir], agus

Is é d

an méid cailcínithe de dheannach áithe stroighne (CO2 arna scaoileadh mar % den CO2 carbónáite iomlán sa mheascán amh).

B.9.3   Rialacha breise maidir le hastaíochtaí ó tháirgeadh aigéid nítrigh

B.9.3.1   Rialacha ginearálta maidir le tomhas N2O

Déanfar astaíochtaí N2O a chinneadh trí úsáid a bhaint as modheolaíocht thomhasbhunaithe. Déanfar tiúchain N2O sa ghás múcháin ó gach foinse astaíochta a thomhas ag pointe ionadaíoch, tar éis trealamh laghdaithe astaíochtaí NOx/N2O, i gcás ina n-úsáidtear laghdú astaíochtaí. Teicnící lenar féidir tiúchan N2O de na foinsí astaíochta uile a thomhas le linn dálaí laghdaithe astaíochtaí agus neamhlaghdaithe astaíochtaí araon, cuirfear i bhfeidhm iad. Déanfar gach tomhas a choigeartú de réir bonn gáis thirim i gcás inar gá agus déanfar iad a thuairisciú go comhsheasmhach.

B.9.3.2   An sreabhadh gáis múcháin a chinneadh

Chun faireachán a dhéanamh ar shreabhadh gáis múcháin, úsáidfear an modh maischothromaíochta a leagtar amach i Roinn B.6.2.5 den Iarscríbhinn seo, ach amháin mura bhfuil sé indéanta go teicniúil. Sa chás sin, féadfar modh malartach a úsáid, lena n-áirítear modh maischothromaíochta eile atá bunaithe ar pharaiméadair shuntasacha amhail lód ionchuir amóinia, nó sreabhadh a chinneadh trí shreabhadh astaíochtaí a thomhas go leanúnach.

Ríomhfar an sreabhadh gáis múcháin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

Vflue gas flow [Nm3/h] = Vair × (1 – O2,air) / (1 – O2,flue gas) (Cothromóid 29)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Vair

an t-aershreabhadh ionchuir iomlán in Nm3/h de réir coinníollacha caighdeánacha;

Is é O2,air

an codán toirte de O2 in aer tirim [= 0,2095], agus

Is é O2,flue gas

an codán toirte de O2 sa ghás múcháin.

Ríomhfar Vair

mar shuim na n-aershreafaí uile a théann isteach in aonad táirgthe an aigéid nítrigh, go háirithe aer ionchuir príomhúil agus tánaisteach, agus aer ionchuir séala, i gcás inarb infheidhme.

Déanfar gach tomhas a choigeartú de réir bonn gáis thirim agus déanfar iad a thuairisciú go comhsheasmhach.

B.9.3.3   Tiúchain Ocsaigine (O2)

Nuair is gá chun an sreabhadh gáis múcháin a ríomh i gcomhréir le Roinn B.9.3.2 den Iarscríbhinn seo, déanfar na tiúchain ocsaigine sa ghás múcháin a thomhas, agus na ceanglais a leagtar síos i Roinn B.6.2.2 den Iarscríbhinn seo á gcur i bhfeidhm. Déanfar gach tomhas a choigeartú de réir bonn gáis thirim agus déanfar iad a thuairisciú go comhsheasmhach.

C.   SREAFAÍ TEASA

C.1   Rialacha maidir le glanteas intomhaiste a chinneadh

C.1.1   Prionsabail

Tagróidh gach méid sonraithe teasa intomhaiste do ghlanmhéid teasa intomhaiste i gcónaí, méid arna chinneadh mar chion teasa (eantalpacht) an tsreafa teasa a tharchuirtear chuig an bpróiseas ídithe teasa nó chuig an úsáideoir seachtrach lúide cion teasa an tsreafa fillte.

Cuirfear san áireamh in éifeachtúlacht an chórais teasa na próisis ídithe teasa is gá chun an táirgeadh agus dáileadh teasa a oibriú, amhail dí-aerthóirí, ullmhú uisce cúitimh, agus séideadh rialta, agus is gá, dá bhrí sin, iad a chur san áireamh in astaíochtaí leabaithe earraí.

I gcás ina n-úsáidtear an meán teasa céanna i roinnt próisis leantacha agus i gcás ina n-ídítear a theas ag tosú ó leibhéil teochta éagsúla, déanfar an chainníocht teasa a ídítear ag gach próiseas ídithe teasa a chinneadh ar leithligh, ach amháin más cuid de phróiseas táirgthe foriomlán na n-earraí céanna iad na próisis. Caithfear le hath-théamh an mheáin aistrithe idir próisis ídithe teasa leantacha ar an gcaoi chéanna le táirgeadh teasa breise.

I gcás ina n-úsáidtear teas chun fuarú a chur ar fáil trí phróiseas fuaraithe ionsúite, measfar gurb é an próiseas fuaraithe sin an próiseas ídithe teasa.

C.1.2   Modheolaíocht maidir le glanmhéideanna teasa intomhaiste a chinneadh

Chun críche foinsí sonraí a roghnú chun sreafaí fuinnimh a chainníochtú i gcomhréir le Roinn A.4 den Iarscríbhinn seo, cuirfear san áireamh na modhanna seo a leanas chun glanmhéideanna teasa intomhaiste a chinneadh:

C.1.2.1   Modh 1: Tomhais a úsáid

Faoin modh sin, déanfar gach paraiméadar ábhartha a thomhas, go háirithe teocht, brú, staid an mheáin teasa tarchurtha chomh maith le staid an mheáin teasa aischurtha. I gcás gaile, tagróidh staid an mheáin dá sháithiúchán nó dá mhéid forthéite. Déanfar sreabhráta (toirte) an mheáin aistrithe teasa a thomhas. Bunaithe ar na luachanna tomhaiste, déanfar eantalpacht agus toirt shonrach an mheáin aistrithe teasa a chinneadh trí úsáid a bhaint as táblaí gaile oiriúnacha nó bogearraí innealtóireachta oiriúnacha.

Ríomhfar sreabhráta maise an mheáin de réir

Formula
(Cothromóid 30)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é

Formula

an sreabhráta maise in kg/s;

Is é

Formula

an sreabhráta toirte in m3/s, agus

Is é v

an toirt shonrach in m3/kg.

Ós rud é go meastar gurb ionann an sreabhráta maise don mheán tarchurtha agus don mheán fillte, déanfar an sreabhráta teasa a ríomh trí úsáid a bhaint as an difríocht eantalpachta idir an sreabhadh tarchurtha agus an sreabhadh fillte, mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 31)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é

Formula

an sreabhráta teasa in kJ/s;

Is é hflow

eantalpacht an tsreafa tarchurtha in kJ/kg;

Is é hreturn

eantalpacht an tsreafa fillte in kJ/kg, agus

Is é

Formula

an sreabhráta maise in kg/s.

I gcás gaile nó uisce te a úsáidtear mar mheán aistrithe teasa, i gcás nach gcuirtear an comhdhlúthán ar ais, nó i gcás nach bhfuil sé indéanta meastachán a dhéanamh ar eantalpacht an chomhdhlútháin fillte, cinnfear hreturn bunaithe ar theocht 90 °C.

Más eol nach ionann na sreabhrátaí maise, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil fianaise ar fáil go bhfanann comhdhlúthán sa táirge (e.g., i bpróisis ‘insteallta gaile saoil’), ní asbhaintear an méid faoi seach den eantalpacht comhdhlútháin;

(b)

i gcás inarb eol go bhfuil meán aistrithe teasa caillte (e.g., mar gheall ar sceitheadh nó cúrsaí séarachais), déantar meastachán ar an sreabhadh maise faoi seach a asbhaint ó shreabhadh maise an mheáin aistrithe teasa tarchurtha.

Chun an glansreabhadh bliantúil teasa a chinneadh ó na sonraí thuas, úsáidfear ceann de na modhanna seo a leanas, faoi réir an trealaimh tomhais agus na próiseála sonraí atá ar fáil:

(a)

meánluachanna bliantúla a chinneadh do na paraiméadair lena gcinntear meán-eantalpacht bhliantúil an mheáin teasa tarchurtha agus aischurtha, arna iolrú faoin sreabhadh maise bliantúil iomlán, agus úsáid á baint as Cothromóid 31;

(b)

luachanna in aghaidh na huaire an tsreafa teasa a chinneadh agus na luachanna sin a shuimiú thar am oibriúcháin iomlán bliantúil an chórais teasa. Faoi réir an chórais próiseála sonraí, féadfar eatraimh ama eile a chur in ionad luachanna in aghaidh na huaire de réir mar is iomchuí.

C.1.2.2   Modh 2: Athróg ionadach a ríomh bunaithe ar éifeachtúlacht thomhaiste

Cinnfear méideanna an ghlanteasa intomhaiste bunaithe ar ionchur an bhreosla agus ar an éifeachtúlacht thomhaiste a bhaineann leis an táirgeadh teasa:

Formula
(Cothromóid 32)

Formula
(Cothromóid 33)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Q

an méid teasa arna shloinneadh in TJ;

Is é ηH

éifeachtúlacht thomhaiste an táirgthe teasa;

Is é EIn

an t-ionchur fuinnimh ó bhreoslaí;

Is é ADi

sonraí gníomhaíochta bliantúla (i.e., cainníochtaí arna n-ídiú) na mbreoslaí i, agus

Is é NCVi

glanluachanna calracha na mbreoslaí i.

Déantar luach ηH a thomhas thar thréimhse réasúnta fada, lena gcuirtear san áireamh go leordhóthanach staideanna lóid éagsúla na suiteála, nó gheofar ó dhoiciméadacht an mhonaróra é. Maidir leis sin, ní mór an cuar lóid pháirtigh sonrach a chur san áireamh trí úsáid a bhaint as lódfhachtóir bliantúil, mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 34)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é LF

an lódfhachtóir;

Is é EIn

an t-ionchur fuinnimh arna chinneadh trí úsáid a bhaint as Cothromóid 33 thar an tréimhse tuairiscithe, agus

Is é EMax

an t-ionchur uasta breosla dá mbeadh an t-aonad táirgthe teasa ag rith ag lód ainmniúil 100 % don bhliain féilire iomlán.

Beidh an éifeachtúlacht bunaithe ar staid ina gcuirtear gach comhdhlúthán ar ais. Glacfar leis go mbeidh teocht 90 °C i gceist maidir leis an gcomhdhlúthán a chuirtear ar ais.

C.1.2.3   Modh 3: Athróg ionadach a ríomh bunaithe ar an éifeachtúlacht thagartha

Is ionann an modh seo agus modh 3, ach tá éifeachtúlacht thagartha 70 % (ηRef,H = 0,7) á úsáid i gCothromóid 32.

C.1.3   Rialacha Speisialta

I gcás ina n-ídíonn suiteáil teas intomhaiste a tháirgtear ó phróisis cheimiceacha eisiteirmeacha seachas dóchán, amhail próisis i dtáirgeadh amóinia nó aigéid nítrigh, déanfar an méid teasa a ídítear a chinneadh ar leithligh ó theas intomhaiste eile agus sannfar astaíochtaí CO2e nialasacha don ídiú teasa sin.

I gcás ina n-aisghabhtar teas intomhaiste ó theas nach teas intomhaiste é a ghintear ó bhreoslaí agus a úsáidtear i bpróisis táirgthe tar éis na húsáide sin, e.g., ó gháis sceite, chun áireamh dúbailte a sheachaint, déantar an méid ábhartha glanteasa intomhaiste arna roinnt faoi éifeachtúlacht thagartha 90 % a dhealú ón ionchur breosla.

C.2   Fachtóir astaíochta meascáin breosla an teasa intomhaiste chinneadh

I gcás ina n-ídíonn próiseas táirgthe teas intomhaiste a tháirgtear laistigh den tsuiteáil, déanfar na hastaíochtaí a bhaineann le teas a chinneadh trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna seo a leanas.

C.2.1   Fachtóir astaíochta teasa intomhaiste arna tháirgeadh sa tsuiteáil seachas trí chomhghiniúint

Maidir le teas intomhaiste a tháirgtear ó dhóchán breoslaí laistigh den tsuiteáil seachas teas a tháirgtear trí chomhghiniúint, déanfar fachtóir astaíochta an mheascáin breosla ábhartha a chinneadh agus déanfar na hastaíochtaí atá inchurtha i leith an phróisis táirgthe a ríomh mar a leanas:

EmHeat = EFmix · Qconsumed / η (Cothromóid 35)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EMHeat

na hastaíochtaí a bhaineann le teas de chuid an phróisis táirgthe in t CO2;

Is é EFmix

fachtóir astaíochta an mheascáin breosla faoi seach arna shloinneadh in t CO2/TJ lena n-áirítear astaíochtaí ó ghlanadh gáis múcháin, i gcás inarb infheidhme;

Is é Qconsumes

an méid teasa intomhaiste a ídítear sa phróiseas táirgthe arna shloinneadh in TJ, agus

Is é η

éifeachtúlacht an phróisis táirgthe teasa.

Déanfar EFmix

a ríomh mar a leanas:

EFmix = (Σ ADi · NCVi · EFi + EmFGC) / (Σ ADi · NCVi) (Cothromóid 36)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é ADi

sonraí gníomhaíochta bliantúla (i.e., cainníochtaí arna n-ídiú) na mbreoslaí i a úsáidtear chun teas intomhaiste a tháirgeadh arna sloinneadh i dtonaí nó Nm3;

Is é NCVi

glanluachanna calracha na mbreoslaí i arna sloinneadh in TJ/t nó TJ/Nm3;

Is é EFi

fachtóirí astaíochta na mbreoslaí i arna sloinneadh in t CO2/TJ, agus

Is é EMFGC

na hastaíochtaí próisis ó ghlanadh gáis múcháin arna sloinneadh in t CO2.

I gcás ina bhfuil dramhghás ina chuid den mheascán breosla a úsáidtear, agus i gcás ina bhfuil fachtóir astaíochta an dramhgháis níos airde ná fachtóir astaíochta caighdeánach an gháis nádúrtha a thugtar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VIII, úsáidfear an fachtóir astaíochta caighdeánach sin chun EFmix a ríomh in ionad fhachtóir astaíochta an dramhgháis.

C.2.2   Fachtóir astaíochta teasa intomhaiste arna tháirgeadh sa tsuiteáil trí chomhghiniúint

I gcás ina dtáirgtear teas agus leictreachas intomhaiste trí chomhghiniúint (i.e. trí chomhghiniúint cumhachta agus teasa), déanfar na hastaíochtaí ábhartha a shanntar do theas agus leictreachas intomhaiste a chinneadh de réir mar a cheanglaítear leis an roinn seo. Na rialacha maidir le leictreachas, beidh feidhm acu freisin maidir le táirgeadh fuinnimh mheicniúil, más ábhartha.

Déanfar astaíochtaí aonaid comhghiniúna a chinneadh mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 37)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EmCHP

astaíochtaí an aonaid comhghiniúna le linn na tréimhse tuairiscithe arna sloinneadh in t CO2;

Is é ADi

sonraí gníomhaíochta bliantúla (i.e., cainníochtaí arna n-ídiú) na mbreoslaí i a úsáidtear le haghaidh an aonaid comhghiniúna cumhachta agus teasa arna sloinneadh i dtonaí nó Nm3;

Is é NCVi

glanluachanna calracha na mbreoslaí i arna sloinneadh in TJ/t nó TJ/Nm3;

Is é EFi

fachtóirí astaíochta na mbreoslaí i arna sloinneadh in t CO2/TJ agus

Is é EMFGC

na hastaíochtaí próisis ó ghlanadh gáis múcháin arna sloinneadh in t CO2.

Déanfar an t-ionchur fuinnimh san aonad comhghiniúna cumhachta agus teasa a ríomh i gcomhréir le Cothromóid 33. Déanfar meánéifeachtúlachtaí faoi seach na táirgeachta teasa agus leictreachais (nó an fhuinnimh mheicniúil, más infheidhme) thar an tréimhse tuairiscithe a ríomh mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 38)

Formula
(Cothromóid 39)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é ηheat

meánéifeachtúlacht an táirgthe teasa le linn na tréimhse tuairiscithe (gan toise),

Is é Qnet

an glanmhéid teasa arna tháirgeadh le linn na tréimhse tuairiscithe ag an aonad comhghiniúna arna shloinneadh in TJ arna chinneadh i gcomhréir le Roinn C.1.2;

Is é EIn

an t-ionchur fuinnimh arna chinneadh trí úsáid a bhaint as Cothromóid 33 arna shloinneadh in TJ;

Is é ηel

meánéifeachtúlacht an táirgthe leictreachais le linn na tréimhse tuairiscithe (gan toise), agus

Is é Eel

glantáirgeadh leictreachais an aonaid comhghiniúna le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh in TJ.

I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil éifeachtúlachtaí ηheat agus ηel a chinneadh, nó i gcás ina dtabhódh sé costais mhíréasúnta, úsáidfear luachanna atá bunaithe ar dhoiciméadacht theicniúil (luachanna dearaidh) na suiteála. Mura bhfuil aon luach den sórt sin ar fáil, úsáidfear luachanna caighdeánacha coimeádacha de ηheat = 0,55 agus ηel = 0,25.

Déanfar na fachtóirí sannta le haghaidh teasa agus leictreachais ó chomhghiniúint cumhachta agus teasa a ríomh mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 40)

Formula
(Cothromóid 41)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é FCHP,Heat

an fachtóir sannta le haghaidh teasa (gan toise);

Is é FCHP,El

an fachtóir sannta le haghaidh leictreachais (nó le haghaidh fuinneamh meicniúil, más infheidhme) (gan toise);

Is é ηref, heat

an éifeachtúlacht thagartha do tháirgeadh teasa i gcoire neamhspleách (gan toise), agus

Is é ηref,el

éifeachtúlacht thagartha an táirgthe leictreachais gan chomhghiniúint (gan toise).

Tugtar na héifeachtúlachtaí tagartha breosla-sonracha iomchuí in Iarscríbhinn IX.

Déanfar fachtóir astaíochta sonrach an teasa intomhaiste a bhaineann le comhghiniúint cumhachta agus teasa atá le húsáid chun astaíochtaí a bhaineann le teas a shannadh do phróisis táirgthe a ríomh mar a leanas

EFCHP,Heat = EmCHP · FCHP,Heat / Qnet (Cothromóid 42)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EFCHP, heat

an fachtóir astaíochta le haghaidh táirgthe teasa intomhaiste san aonad comhghiniúna arna shloinneadh in t CO2/TJ agus

Is é Qnet

an glanteas arna tháirgeadh ag an aonad comhghiniúna arna shloinneadh in TJ.

Déanfar fachtóir astaíochta sonrach an leictreachais a bhaineann le comhghiniúint cumhachta agus teasa atá le húsáid chun astaíochtaí indíreacha a shannadh do phróisis táirgthe a ríomh mar a leanas:

EFCHP,El = EmCHP · FCHP,El / EEl,prod (Cothromóid 43)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EEl,prod

an leictreachas arna tháirgeadh ag an aonad comhghiniúna cumhachta agus teasa.

I gcás ina bhfuil dramhghás ina chuid den mheascán breosla a úsáidtear, agus i gcás ina bhfuil fachtóir astaíochta an dramhgháis níos airde ná fachtóir astaíochta caighdeánach an gháis nádúrtha a thugtar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VIII, úsáidtear an fachtóir astaíochta caighdeánach sin chun EFmix a ríomh in ionad fhachtóir astaíochta an dramhgháis.

C.2.3   Fachtóir astaíochta teasa intomhaiste arna tháirgeadh lasmuigh den tsuiteáil

I gcás ina n-ídíonn próiseas táirgthe teas intomhaiste a tháirgtear lasmuigh den tsuiteáil, déanfar na hastaíochtaí a bhaineann le teas a chinneadh trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna seo a leanas.

1.

I gcás ina bhfuil an tsuiteáil ina dtáirgtear an teas intomhaiste faoi réir córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe, nó i gcás ina n-áirithíonn oibreoir na suiteála ina n-ídítear an teas intomhaiste, trí bhíthin fhorálacha ábhartha an chonartha seachadta teasa, go ndéanann an tsuiteáil ina dtáirgtear an teas faireachán ar astaíochtaí i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, déanfar fachtóir astaíochta an teasa intomhaiste a chinneadh trí úsáid a bhaint as cothromóidí ábhartha i Roinn C.2.1 nó i Roinn C.2.2, bunaithe ar shonraí astaíochta arna soláthar ag oibreoir na suiteála ina dtáirgtear an teas intomhaiste.

2.

I gcás nach bhfuil an modh de bhun phointe 1 ar fáil, úsáidtear luach caighdeánach, bunaithe ar fhachtóir astaíochta caighdeánach an bhreosla is coitianta a úsáidtear in earnáil thionsclaíoch na tíre, ag glacadh leis gurb ionann an éifeachtúlacht coire agus 90 %.

D.   LEICTREACHAS

D.1   Na hastaíochtaí a bhaineann le leictreachas a ríomh

Na hastaíochtaí a bhaineann le táirgeadh nó ídiú leictreachais chun astaíochtaí leabaithe a ríomh i gcomhréir le roinn F.1, déanfar iad a ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 44)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Em el

na hastaíochtaí a bhaineann le leictreachas arna tháirgeadh nó arna ídiú, arna sloinneadh in t CO2;

Is é E el

an leictreachas arna tháirgeadh nó arna ídiú, arna shloinneadh in MWh nó TJ, agus

Is é EF el

an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais a chuirtear i bhfeidhm, arna shloinneadh in t CO2/MWh nó t CO2/TJ.

D.2   Rialacha maidir le fachtóir astaíochta leictreachais a chinneadh mar earraí allmhairithe

Chun sainastaíochtaí leabaithe iarbhír leictreachais a chinneadh mar earraí allmhairithe, ní bheidh infheidhme ach astaíochtaí díreacha i gcomhréir le Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956.

Is mar a leanas a bhunófar an fachtóir astaíochta chun sainastaíochtaí leabaithe iarbhír leictreachais a ríomh:

(a)

úsáidfear an luach réamhshocraithe sonrach le haghaidh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó réigiún laistigh de thríú tír, mar an fachtóir astaíochta ábhartha CO2 mar a leagtar amach i bpointe D.2.1 den Iarscríbhinn seo.

(b)

i gcás nach bhfuil aon luach réamhshocraithe sonrach ar fáil de bhun phointe (a), úsáidfear an fachtóir astaíochta CO2 san Aontas mar a leagtar amach i bpointe D.2.2 den Iarscríbhinn seo.

(c)

i gcás ina gcuireann dearbhóir tuairiscithe fianaise leordhóthanach isteach bunaithe ar fhaisnéis oifigiúil agus phoiblí chun a léiriú go bhfuil an fachtóir astaíochta CO2 sa tríú tír, sa ghrúpa de thríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír óna bhfuil leictreachas á allmhairiú níos ísle ná na luachanna i gcomhréir le pointí (a) agus (b), agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a thugtar i bpointe D.2.3 den Iarscríbhinn seo, cinnfear na luachanna níos ísle a mhaítear ar bhonn na sonraí atá ar fáil agus ar bhonn na sonraí iontaofa a chuirfear ar fáil.

(d)

féadfaidh dearbhóir tuairiscithe astaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad luachanna réamhshocraithe chun astaíochtaí leabaithe an leictreachais allmhairithe a ríomh, má chomhlíontar critéir charnacha (a) go (d) a thugtar i Roinn 5 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, agus má tá an ríomh bunaithe ar shonraí arna gcinneadh de réir na hIarscríbhinne seo ag táirgeoir an leictreachais, arna ríomh agus úsáid á baint as Roinn D.2.3 den Iarscríbhinn seo.

D.2.1   Fachtóir astaíochta CO2 bunaithe ar luachanna réamhshocraithe sonracha

I gcomhréir le Roinn 4.2.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, úsáidfear fachtóirí astaíochta CO2 sa tríú tír, sa ghrúpa de thríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil don Choimisiún. Chun críoch an Rialacháin seo, beidh na fachtóirí astaíochtaí CO2 sin bunaithe ar shonraí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) agus soláthróidh an Coimisiún iad i gClárlann Idirthréimhseach SCCT.

D.2.2   Fachtóir astaíochta CO2 an Aontais

De bhun Roinn 4.2.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, beidh feidhm ag fachtóir astaíochta CO2 an Aontais. Chun críoch an Rialacháin seo, beidh fachtóir astaíochta CO2 an Aontais bunaithe ar shonraí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh agus soláthróidh an Coimisiún iad i gClárlann Idirthréimhseach SCCT.

D.2.3   Fachtóirí astaíochta CO2 bunaithe ar shonraí iontaofa arna léiriú ag an dearbhóir tuairiscithe

Chun críoch phointe (c) de roinn D.2 den Iarscríbhinn seo, soláthróidh an dearbhóir tuairiscithe tacair sonraí ó fhoinsí oifigiúla malartacha, lena n-áirítear staidreamh náisiúnta don tréimhse 5 bliana dar críoch 2 bhliain roimh an tuairisciú.

Chun tionchar na mbeartas dícharbónaithe, amhail an méadú ar tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite, chomh maith le dálaí aeráide, amhail blianta an-fhuar, ar an soláthar bliantúil leictreachais sna tíortha lena mbaineann a léiriú, ríomhfaidh an dearbhóir tuairiscithe an fachtóir astaíochta CO2 ar bhonn mheán ualaithe an fhachtóra astaíochtaí CO2 don tréimhse 5 bliana dar críoch 2 bhliain roimh an tuairisciú.

Chun na críche sin, ríomhfaidh an dearbhóir tuairiscithe na fachtóirí astaíochta CO2 bliantúla in aghaidh na teicneolaíochta breosla iontaise agus in aghaidh a hollghiniúna leictreachais faoi seach sa tríú tír atá in ann leictreachas a onnmhairiú chuig an Aontas, bunaithe ar an gcothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 45)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Em el,y

an fachtóir astaíochta CO2 bliantúil do na teicneolaíochtaí breosla iontaise uile sa bhliain áirithe sin sa tríú tír atá in ann leictreachas a onnmhairiú chuig an Aontas;

Is é E el,y

an olltáirgeacht leictreachais iomlán ó na teicneolaíochtaí breosla iontaise uile sa bhliain sin; Is é EF i an fachtóir astaíochta CO2 do gach teicneolaíocht breosla iontaise ‘i’, agus

Is é E el,i,y

an olltáirgeacht leictreachais bhliantúil do gach teicneolaíocht breosla iontaise ‘i’.

Déanfaidh an dearbhóir tuairiscithe an fachtóir astaíochta CO2 a ríomh mar mheán gluaisteach na mblianta sin ag tosú leis an mbliain reatha lúide 2 bhliain, bunaithe ar an gcothromóid seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 46)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é Em el

an fachtóir astaíochta CO2 a eascraíonn as meán gluaisteach fhachtóirí astaíochta CO2 na 5 bliana roimhe sin, ag tosú ón mbliain reatha, lúide 2 bhliain, go dtí an bhliain reatha, lúide 6 bliana;

Is é Em el,y

an fachtóir astaíochta CO2 do gach bliain ‘i’;

Is é i

innéacs athraitheach na mblianta atá le meas, agus

Is é y

an bhliain reatha.

D.2.4   Fachtóir astaíochta CO2 bunaithe ar astaíochtaí CO2 iarbhír na suiteála

De bhun Roinn 5 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, féadfaidh dearbhóir tuairiscithe astaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad luachanna réamhshocraithe chun astaíochtaí leabaithe an leictreachais allmhairithe a ríomh, má chomhlíontar critéir charnacha (a) go (d) a thugtar sa roinn sin.

D.3   Rialacha maidir le cainníochtaí leictreachais a chinneadh a úsáidtear chun earraí seachas leictreachas a tháirgeadh

Chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh, beidh feidhm ag méadrú cainníochtaí leictreachais maidir le fíorchumhacht seachas cumhacht dhealraitheach (cumhacht choimpléascach). Ní dhéanfar méadrú ach ar chomhpháirt na cumhachta gníomhaí, agus tabharfar neamhaird ar an gcumhacht fhreasaitheach.

Maidir le leictreachas a tháirgeadh, tagróidh an leibhéal gníomhaíochta don ghlanleictreachas a fhágann teorainneacha córais an ghléasra cumhachta nó an aonaid comhghiniúna, tar éis leictreachas a ídítear go hinmheánach a dhealú.

D.4   Rialacha maidir le hastaíochtaí leabaithe indíreacha leictreachais a chinneadh mar ionchur chun earraí seachas leictreachas a tháirgeadh

Le linn na hidirthréimhse, cinnfear na fachtóirí astaíochta le haghaidh leictreachais bunaithe ar cheann díobh seo a leanas:

(a)

meánfhachtóir astaíochta eangach leictreachais na tíre tionscnaimh, bunaithe ar shonraí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) arna soláthar ag an gCoimisiún i gClárlann Idirthréimhseach SCCT; nó

(b)

aon fhachtóir astaíochta eile de chuid eangach leictreachais na tíre tionscnaimh bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí lena léirítear an meánfhachtóir astaíochta nó an fachtóir astaíochta CO2 dá dtagraítear i Roinn 4.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956.

De mhaolú ar phointí (a) agus (b), féadfar fachtóirí astaíochta iarbhír a úsáid le haghaidh na gcásanna a shonraítear i Ranna D.4.1 go D.4.3.

D.4.1   Fachtóir astaíochta leictreachais arna tháirgeadh sa tsuiteáil seachas ó chomhghiniúint

Maidir le leictreachas a tháirgtear ó dhóchán breoslaí laistigh den tsuiteáil seachas leictreachas a tháirgtear ó chomhghiniúint, déanfar fachtóir astaíochta leictreachais EFEl a chinneadh bunaithe ar an meascán breosla ábhartha agus déanfar na hastaíochtaí atá inchurtha i leith an táirgthe leictreachais a ríomh mar a leanas:

EFEl = (Σ ADi · NCVi · EFi + EmFGC)-/-Elprod (Cothromóid 47)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é ADi

na sonraí gníomhaíochta bliantúla (i.e., cainníochtaí arna n-ídiú) maidir leis na breoslaí i a úsáidtear don táirgeadh leictreachais, arna sloinneadh i dtonaí nó Nm3;

Is é NCVi

glanluachanna calracha na mbreoslaí i, arna sloinneadh in TJ/t nó TJ/Nm3;

Is é EFi

fachtóirí astaíochta na mbreoslaí i, arna sloinneadh in t CO2/TJ;

Is é EmFGC

na hastaíochtaí próisis ó ghlanadh gáis múcháin, arna sloinneadh in t CO2, agus

Is é Elprod

an glanmhéid leictreachais a tháirgtear, arna shloinneadh in MWh. Féadfar cainníochtaí leictreachais a tháirgtear ó fhoinsí seachas dóchán breoslaí a áireamh ann.

I gcás ina bhfuil dramhghás ina chuid den mheascán breosla a úsáidtear, agus i gcás ina bhfuil fachtóir astaíochta an dramhgháis níos airde ná fachtóir astaíochta caighdeánach an gháis nádúrtha a thugtar i dTábla 1 d’Iarscríbhinn VIII, úsáidfear an fachtóir astaíochta caighdeánach sin chun EFEl a ríomh in ionad fhachtóir astaíochta an dramhgháis.

D.4.2   Fachtóir astaíochta leictreachais arna tháirgeadh sa tsuiteáil ó chomhghiniúint

Cinnfear fachtóir astaíochta an táirgthe leictreachais ó chomhghiniúint de réir Roinn C.2.2 den Iarscríbhinn seo.

D.4.3   Fachtóir astaíochta leictreachais arna tháirgeadh lasmuigh den tsuiteáil

1.

I gcás ina bhfaightear leictreachas ó fhoinse a bhfuil nasc teicniúil díreach aici, agus i gcás ina bhfuil na sonraí ábhartha uile ar fáil, cinnfear fachtóir astaíochta an leictreachais sin agus ranna D.4.1 nó D.4.2 á gcur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí.

2.

I gcás ina bhfaightear an leictreachas ó tháirgeoir leictreachais faoi chomhaontú ceannaigh cumhachta, féadfar an fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais a chinntear i gcomhréir le ranna D.4.1 nó D.4.2 a úsáid, de réir mar is iomchuí, i gcás ina gcuireann an táirgeoir leictreachais in iúl don oibreoir é agus i gcás ina gcuirtear ar fáil é de bhun Iarscríbhinn IV.

E.   FAIREACHÁN AR RÉAMHTHEACHTAITHE

I gcás ina léirítear réamhtheachtaithe ábhartha sa tuairisc ar na bealaí táirgthe le haghaidh na bpróiseas táirgthe a shainítear don tsuiteáil, déanfar cainníocht gach réamhtheachtaí a ídítear laistigh de phróisis táirgthe na suiteála a chinneadh d’fhonn astaíochtaí leabaithe iomlána na n-earraí coimpléascacha a tháirgtear i gcomhréir le Roinn G den Iarscríbhinn seo a ríomh.

De mhaolú ar an mír roimhe seo, i gcás ina gcumhdaítear táirgeadh agus úsáid réamhtheachtaí leis an bpróiseas táirgthe céanna, ní chinnfear ach cainníocht an réamhtheachtaí breise a úsáidtear agus a fhaightear ó shuiteálacha eile nó ó phróisis táirgthe eile.

Déanfar an chainníocht a úsáidtear agus na hairíonna astaíochta a chinneadh ar leithligh do gach suiteáil óna bhfaightear an réamhtheachtaí. Na modhanna a úsáidtear chun na sonraí riachtanacha a chinneadh, déanfar iad a leagan síos i ndoiciméadacht modheolaíochta faireacháin na suiteála, agus na forálacha seo a leanas á gcur i bhfeidhm:

1.

I gcás ina dtáirgtear an réamhtheachtaí laistigh den tsuiteáil, ach i bpróiseas táirgthe éagsúil arna shannadh trí rialacha Roinn A.4 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, áireofar na nithe seo a leanas sna tacair sonraí atá le cinneadh:

(a)

sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha an réamhtheachtaí mar mheán thar an tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí CO2e in aghaidh an tona réamhtheachtaí;

(b)

cainníocht an réamhtheachtaí a ídítear i ngach próiseas táirgthe den tsuiteáil a bhfuil sé ina réamhtheachtaí ábhartha dó.

2.

I gcás ina bhfaightear an réamhtheachtaí ó shuiteáil eile, áireofar na nithe seo a leanas sna tacair sonraí atá le cinneadh:

(a)

tír thionscnaimh na n-earraí allmhairithe;

(b)

an tsuiteáil inar táirgeadh é, arna sainaithint ag ceann de na nithe seo a leanas

aitheantóir uathúil na suiteála, má tá sé ar fáil;

an cód is infheidhme de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Suíomh Trádála agus Iompair (NA/LOCODE) le haghaidh an tsuímh;

seoladh beacht agus tras-scríbhinn sa Bhéarla; agus

comhordanáidí geografacha na suiteála.

(c)

an bealach táirgthe a úsáidtear mar a shainmhínítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II;

(d)

luachanna na bparaiméadar sonrach is infheidhme is gá chun na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh, mar a liostaítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn IV;

(e)

sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha an réamhtheachtaí mar mheán thar an tréimhse tuairiscithe is déanaí atá ar fáil, arna sloinneadh i dtonaí CO2(e) CO2e in aghaidh an tona réamhtheachtaí;

(f)

dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse tuairiscithe a úsáideann an tsuiteáil óna bhfuarthas an réamhtheachtaí;

(g)

an fhaisnéis maidir leis an bpraghas carbóin atá dlite don réamhtheachtaí, más ábhartha.

Leis an tsuiteáil a tháirgeann an réamhtheachtaí, soláthrófar an fhaisnéis ábhartha, trí bhíthin an teimpléid leictreonaigh a luaitear in Airteagal 3(5) agus in Iarscríbhinn IV más féidir.

3.

Maidir le gach cainníocht réamhtheachtaí a bhfuarthas sonraí neamhiomlána nó neamhchonclúideacha ina leith faoi phointe (2), féadfar na luachanna réamhshocraithe is infheidhme arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse a úsáid faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo.

F.   RIALACHA MAIDIR LE HASTAÍOCHTAÍ SUITEÁLA A SHANNADH D’EARRAÍ

F.1   Modhanna ríomha

Chun astaíochtaí na suiteála a shannadh d’earraí, déanfar na hastaíochtaí, na hionchuir agus na haschuir a shannadh do phróisis táirgthe a shainítear i gcomhréir le Roinn A.4 den Iarscríbhinn seo agus úsáid á baint as Cothromóid 48 le haghaidh astaíochtaí díreacha agus Cothromóid 49 le haghaidh astaíochtaí indíreacha, agus na figiúirí iomlána thar an tréimhse tuairiscithe iomlán le haghaidh na bparaiméadar a thugtar sa chothromóid á n-úsáid. Déanfar na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha atá sannta a thiontú ansin go sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha na n-earraí a eascraíonn as an bpróiseas táirgthe trí úsáid a bhaint as Cothromóidí 50 agus 51.

Formula
(Cothromóid 48)

I gcás ina ríomhtar go bhfuil luach diúltach ag AttrEm Dir , socrófar ag nialas é.

Formula
(Cothromóid 49)

Formula
(Cothromóid 50)

Formula
(Cothromóid 51)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

AttrEm Dir

= astaíocht dhíreach shannta an phróisis táirgthe thar an tréimhse tuairiscithe iomlán, arna sloinneadh in t CO2e;

AttrEm indir

= astaíocht indíreach shannta an phróisis táirgthe thar an tréimhse tuairiscithe iomlán, arna sloinneadh in t CO2e;

DirEm *

= na hastaíochtaí atá inchurtha go díreach i leith an phróisis táirgthe, arna gcinneadh don tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as na rialacha a thugtar i Roinn B den Iarscríbhinn seo, agus as na rialacha seo a leanas:

Teas intomhaiste: I gcás ina ndéantar breoslaí a ídiú chun teas intomhaiste a tháirgeadh, ar teas é a ídítear lasmuigh den phróiseas táirgthe atá á bhreithniú, nó a úsáidtear i níos mó ná próiseas táirgthe amháin (lena n-áirítear cásanna ina bhfuil allmhairí ó shuiteálacha eile agus onnmhairí chuig suiteálacha eile), ní áirítear astaíochtaí na mbreoslaí in astaíochtaí an phróisis táirgthe atá inchurtha go díreach, ach cuirtear isteach iad faoi pharaiméadar EMH,import chun áireamh dúbailte a sheachaint.

Dramhgháis:

Áirítear in DirEm* na hastaíochtaí arb iad dramhgháis a tháirgtear agus a ídítear go hiomlán laistigh den phróiseas táirgthe céanna is cúis leo.

Cuirtear na hastaíochtaí ó dhóchán dramhghás a onnmhairítear ón bpróiseas táirgthe san áireamh go hiomlán in DirEm* gan beann ar an áit a n-ídítear iad. I gcás onnmhairiú dramhghás, áfach, ríomhfar an téarma WGcorr,export.

Ní chuirtear san áireamh in DirEm* na hastaíochtaí ó dhóchán dramhghás a allmhairítear ó phróisis táirgthe eile. Ina ionad sin, déanfar an téarma WGcorr,import a ríomh;

Em H,imp

= na hastaíochtaí atá coibhéiseach le cainníocht an teasa intomhaiste a allmhairítear chuig an bpróiseas táirgthe, arna gcinneadh don tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as na rialacha a thugtar i Roinn C den Iarscríbhinn seo, agus as na rialacha seo a leanas:

Leis na hastaíochtaí a bhaineann le teas intomhaiste a allmhairítear chuig an bpróiseas táirgthe, áirítear allmhairí ó shuiteálacha eile, próisis táirgthe eile laistigh den tsuiteáil chéanna, chomh maith le teas a fhaightear ó aonad teicniúil (e.g. lárionad cumhachta ag an tsuiteáil, nó gréasán gaile níos casta ag a bhfuil roinnt aonaid táirgthe teasa) a sholáthraíonn teas do níos mó ná próiseas táirgthe amháin.

Déanfar astaíochtaí ó theas intomhaiste a ríomh de réir na foirmle seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 52)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é EFheat

an fachtóir astaíochta chun teas intomhaiste a tháirgeadh arna chinneadh i gcomhréir le Roinn C.2 den Iarscríbhinn seo, arna shloinneadh in t CO2/TJ agus

Is é Qimp

an glanteas a allmhairítear chuig an bpróiseas táirgthe agus a ídítear ann, arna shloinneadh in TJ;

Em H,exp

na hastaíochtaí atá coibhéiseach le cainníocht an teasa intomhaiste a onnmhairítear chuig an bpróiseas táirgthe, arna gcinneadh don tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as na rialacha a thugtar i Roinn B den Iarscríbhinn seo. Maidir leis an teas onnmhairithe, úsáidfear astaíochtaí an mheascáin breosla atá ar eolas go hiarbhír i gcomhréir le Roinn C.2, nó – murab eol an meascán breosla iarbhír – úsáidfear fachtóir astaíochta caighdeánach an bhreosla is coitianta a úsáidtear sa tír agus san earnáil tionsclaíochta, ag glacadh leis gurb ionann an éifeachtúlacht coire agus 90 %.

Ní chuirfear san áireamh an teas a aisghabhtar ó phróisis faoi thiomáint leictreachais ná ó tháirgeadh aigéid nítrigh;

WG corr,imp

astaíochtaí díreacha sannta ó phróiseas táirgthe a ídíonn dramhgháis a allmhairítear ó phróisis táirgthe eile, a cheartaítear le haghaidh na tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as an bhfoirmle seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 53)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é VWG

toirt an dramhgháis a allmhairítear;

Is é NCVWG

glanluach calrach an dramhgháis a allmhairítear, agus

Is é EFNG

fachtóir astaíochta caighdeánach an gháis nádúrtha mar a thugtar in Iarscríbhinn VIII;

WG corr,exp

na hastaíochtaí atá coibhéiseach le cainníocht na ndramhghás a onnmhairítear ón bpróiseas táirgthe, arna gcinneadh don tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as na rialacha a thugtar i Roinn B den Iarscríbhinn seo, agus as an bhfoirmle seo a leanas:

Formula
(Cothromóid 54)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é VWG,exp

toirt an dramhgháis a onnmhairítear ón bpróiseas táirgthe;

Is é NCVWG

glanluach calrach an dramhgháis;

Is é EFNG

fachtóir astaíochta caighdeánach an gháis nádúrtha mar a thugtar in Iarscríbhinn VIII,

agus is é Corrη

an fachtóir arb ionann é agus an difríocht éifeachtúlachtaí idir úsáid dramhgháis agus úsáid ghás nádúrtha an bhreosla tagartha. Is é Corrη = 0,667 an luach caighdeánach;

Em el,prod

na hastaíochtaí atá coibhéiseach le cainníocht an leictreachais a tháirgtear laistigh de theorainneacha an phróisis táirgthe, arna gcinneadh don tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as na rialacha a thugtar i Roinn D den Iarscríbhinn seo;

Em el,cons

na hastaíochtaí atá coibhéiseach le cainníocht an leictreachais a ídítear laistigh de theorainneacha an phróisis táirgthe, arna gcinneadh don tréimhse tuairiscithe agus úsáid á baint as na rialacha a thugtar i Roinn D den Iarscríbhinn seo;

SEE g,Dir

sainastaíochtaí leabaithe díreacha na n-earraí g, arna sloinneadh in t CO2e in aghaidh an tona, atá bailí le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;

SEE g,Indir

sainastaíochtaí leabaithe indíreacha na n-earraí g, arna sloinneadh in t CO2e in aghaidh an tona, atá bailí le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;

AL g

leibhéal gníomhaíochta na n-earraí g, i.e. méid na n-earraí g a tháirgtear sa tréimhse tuairiscithe sa tsuiteáil sin, arna chinneadh i gcomhréir le Roinn F.2 den Iarscríbhinn seo, arna shloinneadh i dtonaí.

F.2   Modheolaíocht faireacháin maidir le leibhéil ghníomhaíochta

Déanfar leibhéal gníomhaíochta próisis táirgthe a ríomh mar mhais iomlán na n-earraí uile a fhágann an próiseas táirgthe le linn na tréimhse tuairiscithe le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2023/956 de réir na catagóire earraí comhiomlánaithe de réir Roinn 2 d’Iarscríbhinn II lena mbaineann an próiseas táirgthe. I gcás ina sainítear próisis táirgthe sa chaoi go n-áirítear táirgeadh réamhtheachtaithe freisin, seachnófar áireamh dúbailte trí na táirgí deiridh amháin a fhágann teorainneacha córais an phróisis táirgthe a áireamh. Cuirfear san áireamh aon fhoráil speisialta a leagtar síos maidir leis an bpróiseas táirgthe nó maidir leis an mbealach táirgthe i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II. I gcás ina n-úsáidtear roinnt bealaí táirgthe ag an tsuiteáil chéanna chun earraí a tháirgeadh a thagann faoin gcód AC céanna, agus i gcás ina sanntar próisis táirgthe ar leith do na bealaí táirgthe sin, déanfar astaíochtaí leabaithe na n-earraí a ríomh ar leithligh maidir le gach bealach táirgthe.

Ní chuirfear san áireamh ach earraí is féidir a dhíol nó a úsáid go díreach mar réamhtheachtaí i bpróiseas táirgthe eile. Táirgí nach bhfuil de réir na sonraíochtaí, seachtháirgí, dramhaíl agus fuíoll a tháirgtear i bpróiseas táirgthe, gan beann ar cé acu a chuirtear ar ais chuig próisis táirgthe iad nó nach gcuirtear, ar cé acu a sheachadtar chuig suiteálacha eile iad nó nach seachadtar nó ar cé acu a dhiúscraítear iad nó nach ndiúscraítear, ní áireofar iad agus an leibhéal gníomhaíochta á chinneadh. Dá bhrí sin, sannfar astaíochtaí leabaithe nialasacha dóibh agus iad ag dul isteach i bpróiseas táirgthe eile.

Chun leibhéil ghníomhaíochta a chinneadh, tá feidhm ag na ceanglais maidir le méadrú a leagtar síos i Roinn B.4 den Iarscríbhinn seo.

F.3   Na modhanna faireacháin is gá chun astaíochtaí a shannadh do phróisis táirgthe

F.3.1   Prionsabail maidir le sonraí a shannadh do phróisis táirgthe

1.

Na modhanna a roghnófar chun tacair sonraí a shannadh do phróisis táirgthe, leagfar síos i ndoiciméadacht na modheolaíochta faireacháin iad. Déanfar athbhreithniú rialta orthu chun cáilíocht na sonraí a fheabhsú, i gcás inar féidir, i gcomhréir le Roinn A den Iarscríbhinn seo.

2.

I gcás nach bhfuil sonraí maidir le tacar sonraí sonrach ar fáil do gach próiseas táirgthe, roghnófar modh iomchuí chun na sonraí riachtanacha do gach próiseas táirgthe aonair a chinneadh. Chun na críche sin, cuirfear ceachtar de na prionsabail seo a leanas i bhfeidhm ag brath ar an bprionsabal a thugann torthaí níos cruinne:

(a)

i gcás ina dtáirgtear earraí éagsúla i ndiaidh a chéile sa líne tháirgthe chéanna, déanfar ionchuir, aschuir agus astaíochtaí comhfhreagracha a shannadh go seicheamhach bunaithe ar an am úsáide in aghaidh na bliana do gach próiseas táirgthe;

(b)

déanfar ionchuir, aschuir agus astaíochtaí comhfhreagracha a shannadh bunaithe ar mhais nó ar thoirt na n-earraí aonair a tháirgtear nó ar mheastacháin bunaithe ar chóimheas eantalpachtaí saor-imoibrithe na n-imoibrithe ceimiceacha atá i gceist nó bunaithe ar eochair leithdháilte oiriúnach eile a gcomhthacaíonn modheolaíocht fhónta eolaíoch léi.

3.

I gcás ina bhfuil roinnt ionstraimí tomhais de cháilíocht éagsúil ag rannchuidiú le torthaí tomhais, féadfar ceachtar de na modhanna seo a leanas a úsáid chun sonraí ar leibhéal na suiteála maidir le cainníochtaí ábhar, breoslaí, teasa intomhaiste nó leictreachais a roinnt idir próisis táirgthe:

(a)

An deighilt a chinneadh bunaithe ar mhodh cinnidh, amhail fomhéadrú, meastachán, comhghaolú, a úsáidtear go cothrom do gach próiseas táirgthe. I gcás ina bhfuil suim shonraí an phróisis táirgthe éagsúil leis na sonraí a chinntear ar leithligh don tsuiteáil, cuirtear ‘fachtóir réitigh’ aonfhoirmeach i bhfeidhm maidir le ceartúchán aonfhoirmeach chun figiúr iomlán na suiteála a chomhlíonadh mar a leanas:

RecF = DInst /Σ DPP (Cothromóid 55)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é RecF

an fachtóir réitigh;

Is é DInst

an luach sonraí arna chinneadh don tsuiteáil ina hiomláine, agus

Is é DPP

na luachanna sonraí le haghaidh na bpróiseas táirgthe éagsúil.

Déantar na sonraí maidir le gach próiseas táirgthe a cheartú mar a leanas, agus is é DPP,corr luach ceartaithe DPP :

DPP,corr = DPP × RecF (Cothromóid 56)

(b)

Mura bhfuil ach sonraí ó phróiseas táirgthe amháin ar eolas nó má tá na sonraí sin ar cháilíocht níos ísle ná sonraí ó phróisis táirgthe eile, féadfar sonraí na bpróiseas táirgthe atá ar eolas a dhealú ó na sonraí iomlána suiteála. Ní fearr an modh sin ach amháin do phróisis táirgthe a chuireann cainníochtaí níos lú le leithdháileadh na suiteála.

F.3.2   Nós imeachta chun cóid AC earraí agus réamhtheachtaithe a rianú

Chun sonraí a shannadh i gceart do phróisis táirgthe, coinneoidh an tsuiteáil liosta de na hearraí agus na réamhtheachtaithe uile a tháirgtear ag an tsuiteáil chomh maith le liosta de na réamhtheachtaithe a fhaightear ó lasmuigh den tsuiteáil, agus liosta de na cóid AC is infheidhme ina leith. Ar bhonn an liosta sin:

1.

sannfar táirgí agus a bhfigiúirí bliantúla táirgeachta do phróisis táirgthe i gcomhréir leis na catagóirí earraí comhiomlánaithe a thugtar i Roinn 2 d’Iarscríbhinn II;

2.

cuirfear an fhaisnéis sin san áireamh agus ionchuir, aschuir agus astaíochtaí á sannadh ar leithligh do phróisis táirgthe.

Chuige sin, déanfar nós imeachta a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun seiceáil rialta a dhéanamh maidir le cé acu a chomhfhreagraíonn nó nach gcomhfhreagraíonn na hearraí agus na réamhtheachtaithe a tháirgtear sa tsuiteáil do na cóid AC a chuirtear i bhfeidhm agus doiciméadacht na modheolaíochta faireacháin á bunú. Thairis sin, beidh forálacha sa nós imeachta sin chun a shainaithint an dtáirgeann an tsuiteáil earraí nua agus chun a áirithiú go ndéantar an cód AC is infheidhme maidir leis an táirge nua a chinneadh agus a chur le liosta na n-earraí chun ionchuir, aschuir agus astaíochtaí gaolmhara a shannadh don phróiseas táirgthe iomchuí.

F.4   Tuilleadh rialacha maidir le hastaíochtaí díreacha a shannadh

1.

Astaíochtaí ó shruthanna foinse nó ó fhoinsí astaíochtaí nach bhfónann ach d’aon phróiseas táirgthe amháin, sannfar don phróiseas táirgthe sin ina iomláine iad. I gcás ina n-úsáidtear maischothromaíocht, dealófar sruthanna foinse amach i gcomhréir le Roinn B.3.2 den Iarscríbhinn seo. Chun áireamh dúbailte a sheachaint, sannfar sruthanna foinse a thiontaítear ina ndramhgháis, cé is moite de dhramhgháis a tháirgtear agus a ídítear go hiomlán laistigh den phróiseas táirgthe céanna, agus úsáid á baint as Cothromóidí 53 agus 54. Déanfar an faireachán is gá ar NCV agus ar thoirt an dramhgháis faoi seach trí na rialacha a thugtar i Ranna B.4 agus B.5 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm.

2.

Ní bheidh feidhm ag na modhanna seo a leanas chun astaíochtaí díreacha a shannadh ach amháin i gcás ina bhfónann sruthanna foinse nó foinsí astaíochtaí do níos mó ná próiseas táirgthe amháin:

(a)

Astaíochtaí ó shruthanna foinse nó ó fhoinsí astaíochtaí a úsáidtear chun teas intomhaiste a tháirgeadh, sannfar do phróisis táirgthe i gcomhréir le Roinn F.5 den Iarscríbhinn seo iad.

(b)

I gcás nach n-úsáidtear dramhgháis laistigh den phróiseas táirgthe céanna ina dtáirgtear iad, déanfar na hastaíochtaí a eascraíonn as dramhgháis a shannadh i gcomhréir leis na rialacha agus na cothromóidí a thugtar i Roinn F.1 den Iarscríbhinn seo.

(c)

I gcás ina gcinnfear méideanna na sruthanna foinse atá inchurtha i leith próisis táirgthe trí mhéadrú sula n-úsáidfear sa phróiseas táirgthe iad, cuirfear an mhodheolaíocht iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn F.3.1 den Iarscríbhinn seo.

(d)

I gcás nach féidir astaíochtaí ó shruthanna foinse nó ó fhoinsí astaíochtaí a shannadh i gcomhréir le modhanna eile, déanfar iad a shannadh trí úsáid a bhaint as paraiméadair chomhghaolaithe atá sannta do phróisis táirgthe cheana féin i gcomhréir le Roinn F.3.1 den Iarscríbhinn seo. Chun na críche sin, déanfar méideanna na sruthanna foinse agus a n-astaíochtaí faoi seach a shannadh go comhréireach don chóimheas ina sanntar na paraiméadair sin do phróisis táirgthe. Áirítear leis na paraiméadair iomchuí mais na n-earraí a tháirgtear, mais nó toirt an bhreosla nó an ábhair a ídítear, méid an teasa nach teas intomhaiste é a tháirgtear, uaireanta oibriúcháin, nó éifeachtúlachtaí trealaimh atá ar eolas.

F.5   Tuilleadh rialacha maidir le hastaíochtaí ó theas intomhaiste a shannadh

Beidh feidhm ag na prionsabail ghinearálta ríomha a thugtar i Roinn F.1 den Iarscríbhinn seo. Cinnfear na sreafaí teasa ábhartha i gcomhréir le Roinn C.1 den Iarscríbhinn seo agus le fachtóir astaíochta an teasa intomhaiste trí Roinn C.2 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm.

I gcás ina ndéantar caillteanas teasa intomhaiste a chinneadh ar leithligh ó na méideanna a úsáidtear i bpróisis táirgthe, cuirfear na hastaíochtaí a bhaineann leis na caillteanais teasa sin go comhréireach le hastaíochtaí na bpróiseas táirgthe uile ina n-úsáidtear teas intomhaiste a tháirgtear sa tsuiteáil, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar 100 % de chainníocht an ghlanteasa intomhaiste arna tháirgeadh laistigh den tsuiteáil, nó arna n-allmhairiú nó arna n-onnmhairiú ag an tsuiteáil, mar aon leis na cainníochtaí a aistrítear idir próisis táirgthe, a shannadh do phróisis táirgthe gan aon easnamh ná aon áireamh dúbailte.

G.   SAINASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE EARRAÍ COIMPLÉASCACHA A RÍOMH

I gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/956, déanfar sainastaíochtaí leabaithe SEE g na n-earraí coimpléascacha g a ríomh mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 57)

Formula
(Cothromóid 58)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é SEE g

sainastaíochtaí leabaithe díreacha nó indíreacha na n-earraí (coimpléascacha) g, arna sloinneadh in t CO2e in aghaidh an tona earraí g;

Is é AttrEm g

astaíochtaí díreacha nó indíreacha a shanntar don phróiseas táirgthe a tháirgeann earraí g arna gcinneadh i gcomhréir le Roinn F.1 den Iarscríbhinn seo le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh in t CO2e;

Is é AL g

leibhéal gníomhaíochta an phróisis táirgthe a tháirgeann earraí g arna chinneadh i gcomhréir le Roinn F.2 den Iarscríbhinn seo le haghaidh na tréimhse tuairiscithe, arna shloinneadh i dtonaí;

Is é EE InpMat

astaíochtaí leabaithe díreacha nó indíreacha na réamhtheachtaithe uile a ídítear le linn na tréimhse tuairiscithe a shainmhínítear mar astaíochtaí ábhartha do phróiseas táirgthe earraí g i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II, arna sloinneadh in t CO2e;

Is é M i

mais an réamhtheachtaí i a úsáidtear sa phróiseas táirgthe a tháirgeann g le linn na tréimhse tuairiscithe, arna sloinneadh i dtonaí réamhtheachtaí i, agus

Is é SEE i

sainastaíochtaí leabaithe díreacha nó indíreacha an réamhtheachtaí i, arna sloinneadh in t CO2e in aghaidh an tona réamhtheachtaí i.

Sa ríomh sin, ní chuirtear san áireamh ach réamhtheachtaithe nach gcumhdaítear leis an bpróiseas táirgthe céanna a bhaineann le hearraí g. I gcás ina bhfaightear an réamhtheachtaí céanna ó shuiteálacha éagsúla, déileálfar leis an réamhtheachtaí ó gach suiteáil ar leithligh.

I gcás ina bhfuil réamhtheachtaithe ag réamhtheachtaí i féin, cuirtear na réamhtheachtaithe sin san áireamh ar dtús agus úsáid á baint as an modh ríomha céanna chun astaíochtaí leabaithe an réamhtheachtaí i a ríomh sula n-úsáidtear iad chun astaíochtaí leabaithe na n-earraí g a ríomh. Úsáidtear an modh sin go hathchúrsach i gcás na réamhtheachtaithe uile ar earraí coimpléascacha iad.

Tagraíonn an paraiméadar Mi do mhais iomlán an réamhtheachtaí is gá chun an méid ALg a tháirgeadh. Áirítear leis freisin cainníochtaí an réamhtheachtaí nach gcríochnaíonn sna hearraí coimpléascacha ach a d’fhéadfaí a dhoirteadh, a ghearradh, a dhó, a mhodhnú go ceimiceach, etc. sa phróiseas táirgthe agus a fhágann an próiseas mar sheachtháirgí, fuíoll, iarmhair, dramhaíl, nó astaíochtaí.

Chun sonraí a sholáthar is féidir a úsáid go neamhspleách ar leibhéil ghníomhaíochta, déanfar an t-olltomhaltas sonrach mi do gach réamhtheachtaí i a chinneadh agus a áireamh sa teachtaireacht de bhun Iarscríbhinn IV:

Formula
(Cothromóid 59)

Dá bhrí sin, féadfar sainastaíochtaí leabaithe na n-earraí coimpléascacha g a shloinneadh mar a leanas:

Formula
(Cothromóid 60)

I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:

Is é ae g

sainastaíochtaí díreacha nó indíreacha a shanntar don phróiseas táirgthe a tháirgeann earraí g, arna sloinneadh in t CO2e in aghaidh an tona g, atá coibhéiseach le sainastaíochtaí leabaithe gan astaíochtaí leabaithe na réamhtheachtaithe:

Formula
(Cothromóid 61)

Is é m i

olltomhaltas sonrach an réamhtheachtaí i a úsáidtear sa phróiseas táirgthe a tháirgeann tona amháin d’earraí g, arna shloinneadh i dtonaí réamhtheachtaí i in aghaidh an tona earraí g (i.e., gan toise) agus

Is é SEE i

sainastaíochtaí leabaithe díreacha nó indíreacha an réamhtheachtaí i, arna sloinneadh in t CO2e in aghaidh an tona réamhtheachtaí i.

H.   BEARTA ROGHNACHA CHUN CÁILÍOCHT NA SONRAÍ A MHÉADÚ

1.

Sainaithnítear foinsí rioscaí earráidí sa sreabhadh sonraí ó na sonraí príomhúla go dtí na sonraí deiridh sa teachtaireacht de bhun Iarscríbhinn IV. Déantar córas rialaithe éifeachtach a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú nach mbeidh míráitis sna teachtaireachtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus go mbeidh siad i gcomhréir le doiciméadacht na modheolaíochta faireacháin agus i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.

Cuirtear an measúnú riosca de bhun na chéad fhomhíre ar fáil don Choimisiún agus don údarás inniúil arna iarraidh sin. Má roghnaíonn an t-oibreoir fíorú a úsáid i gcomhréir leis na feabhsúcháin mholta, cuireann an t-oibreoir ar fáil é freisin chun críocha fíoraithe.

2.

Chun críoch an mheasúnaithe riosca, déanfar nósanna imeachta i scríbhinn a bhunú, a dhoiciméadú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun le haghaidh gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus le haghaidh gníomhaíochtaí rialaithe, agus áirítear tagairtí do na nósanna imeachta sin i ndoiciméadacht na modheolaíochta faireacháin.

3.

Áireofar leis na gníomhaíochtaí rialaithe dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb infheidhme:

(a)

dearbhú cáilíochta an trealaimh tomhais ábhartha;

(b)

dearbhú cáilíochta na gcóras teicneolaíochta faisnéise lena n-áirithítear go ndéantar na córais ábhartha a dhearadh, a dhoiciméadú, a thástáil, a chur chun feidhme, a rialú agus a choinneáil ar bun ar bhealach lena n-áirithítear próiseáil sonraí atá iontaofa, cruinn agus tráthúil i gcomhréir leis na rioscaí a shainaithnítear sa mheasúnú riosca;

(c)

deighilt dualgas sna gníomhaíochtaí sreafa sonraí agus sna gníomhaíochtaí rialaithe, chomh maith le bainistiú na n-inniúlachtaí is gá;

(d)

athbhreithnithe inmheánacha agus bailíochtú sonraí;

(e)

ceartúcháin agus gníomhaíocht cheartaitheach;

(f)

próisis sheachfhoinsithe a rialú;

(g)

taifid agus doiciméadacht a choinneáil, lena n-áirítear bainistiú leaganacha doiciméad.

4.

Chun críocha mhír 3(a), áiritheofar go ndéanfar gach trealamh tomhais ábhartha a chalabrú, a choigeartú agus a sheiceáil go tráthrialta lena n-áirítear sula n-úsáidfear é, agus déanfar é a sheiceáil in aghaidh na gcaighdeán tomhais atá inrianaithe chuig caighdeáin tomhais idirnáisiúnta, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, agus atá comhréireach leis na rioscaí sainaitheanta.

I gcás nach féidir comhpháirteanna na gcóras tomhais a chalabrú, déanfar na comhpháirteanna sin a shainaithint i ndoiciméadacht na modheolaíochta faireacháin agus bunófar gníomhaíochtaí rialaithe malartacha.

I gcás nach gcomhlíonann an trealamh an fheidhmíocht is gá, déanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá go pras.

5.

Chun críocha mhír 3(d), déanfar na sonraí a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sreafa sonraí dá dtagraítear i mír 2 a athbhreithniú agus a bhailíochtú go rialta. Áireofar an méid seo a leanas san athbhreithniú agus sa bhailíochtú sin ar na sonraí:

(a)

seiceáil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí iomlán;

(b)

comparáid idir na sonraí arna gcinneadh le linn na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus, go háirithe, seiceálacha comhsheasmhachta bunaithe ar amshraith éifeachtúlacht gás ceaptha teasa na bpróiseas táirgthe ábhartha;

(c)

comparáid idir sonraí agus luachanna a eascraíonn as córais bailithe sonraí oibríochtúla éagsúla, go háirithe maidir le prótacail táirgthe, figiúirí díolacháin agus figiúirí stoic na n-earraí ábhartha;

(d)

comparáidí agus seiceálacha iomláine ar shonraí ar leibhéal shuiteáil agus phróiseas táirgthe na n-earraí ábhartha.

6.

Chun críocha mhír 3(e), i gcás ina bhfaightear amach nach bhfeidhmíonn gníomhaíochtaí sreafa sonraí nó gníomhaíochtaí rialaithe go héifeachtach, nó nach n-urramaíonn siad na rialacha a leagtar síos i ndoiciméadacht na nósanna imeachta maidir leis na gníomhaíochtaí sin, áiritheofar go ndéanfar gníomhaíocht cheartaitheach agus go gceartófar na sonraí a ndéantar difear dóibh gan moill mhíchuí.

7.

Chun críocha mhír 3(f), i gcás ina ndéantar gníomhaíocht sreafa sonraí nó gníomhaíocht rialaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1 a sheachfhoinsiú ón tsuiteáil, déanfar na nithe seo a leanas uile:

(a)

cáilíocht na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe sreafa sonraí agus na ngníomhaíochtaí rialaithe seachfhoinsithe a sheiceáil i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo;

(b)

ceanglais iomchuí a shainiú maidir le haschuir na bpróiseas seachfhoinsithe chomh maith leis na modhanna a úsáidtear sna próisis sin;

(c)

cáilíocht na n-aschur agus na modhanna dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a sheiceáil;

(d)

a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí seachfhoinsithe sa chaoi go bhfreagróidh siad sin do na rioscaí bunúsacha agus do na rioscaí rialaithe a shainaithnítear sa mheasúnú riosca.

8.

Déanfar faireachán ar éifeachtacht an chórais rialaithe, lena n-áirítear trí athbhreithnithe inmheánacha a dhéanamh agus torthaí an fhíoraitheora a chur san áireamh, má chuirtear an fíorú i bhfeidhm.

I gcás ina bhfaightear amach nach bhfuil an córas rialaithe éifeachtach nó nach bhfuil sé i gcomhréir leis na rioscaí a sainaithníodh, cuirfear feabhas ar an gcóras rialaithe agus tabharfar doiciméadacht na modheolaíochta faireacháin cothrom le dáta dá réir sin, lena n-áirítear na nósanna imeachta bunúsacha i scríbhinn le haghaidh gníomhaíochtaí sreafa sonraí, measúnuithe riosca agus gníomhaíochtaí rialaithe, de réir mar is iomchuí.

9.

Feabhsúchán molta: féadfaidh an t-oibreoir, dá dheoin féin, sonraí astaíochtaí na suiteála agus sonraí sainastaíochtaí leabaithe earraí, arna dtiomsú i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, a thabhairt d’fhíoraitheoir neamhspleách atá creidiúnaithe do ISO 14065 lena bhfíorú, nó féadfaidh sé a chur faoi deara go bhfíorófaí na sonraí sin de réir rialacha an chórais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe is ábhartha don tsuiteáil.

(1)  Painéal Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IPCC): Treoirlínte IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa.

(*1)  Ní mór don tsuiteáil an fachtóir a chinneadh de réir a tomhas féin. Mura bhfuil sé sin indéanta go teicniúil nó má bhaineann costais mhíréasúnta leis, úsáidfear na luachanna do mhodheolaíocht CWPB.


IARSCRÍBHINN IV

Ábhar na teachtaireachta molta ó oibreoirí suiteálacha chuig dearbhóirí tuairiscithe

1.   ÁBHAR AN TEIMPLEID CHUN SONRAI ASTAIOCHTAI A CHUR IN IUL

Faisnéis ghinearálta

1.

Faisnéis faoin tsuiteáil:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an oibreora;

(b)

ainm na suiteála;

(c)

sonraí teagmhála na suiteála;

(d)

aitheantóir uathúil na suiteála, má tá sé ar fáil;

(e)

an cód is infheidhme de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Suíomh Trádála agus Iompair (NA/LOCODE) le haghaidh an tsuímh;

(f)

seoladh beacht agus tras-scríbhinn sa Bhéarla;

(g)

comhordanáidí geografacha phríomhfhoinse astaíochtaí na suiteála.

2.

Maidir le gach catagóir earraí chomhiomlánaithe, na próisis agus na bealaí táirgthe a úsáidtear mar a liostaítear i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II;

3.

Maidir le gach ceann de na hearraí, a liostaítear do gach cód AC ar leithligh, nó a chomhiomlánaítear de réir na catagóire earraí comhiomlánaithe i gcomhréir le Roinn 2 d’Iarscríbhinn II, ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

sainastaíochtaí leabaithe díreacha gach ceann de na hearraí;

(b)

faisnéis faoi cháilíocht na sonraí agus faoi na modhanna a úsáideadh, go háirithe más rud é gur cinneadh na hastaíochtaí leabaithe go hiomlán bunaithe ar fhaireachán, nó ar cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh aon cheann de na luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse;

(c)

sainastaíochtaí leabaithe indíreacha gach ceann de na hearraí, agus an modh lenar cinneadh an fachtóir astaíochta, agus an foinse faisnéise a úsáideadh;

(d)

an fachtóir astaíochta a úsáidtear le haghaidh leictreachais mar earraí allmhairithe, arna shloinneadh mar thona CO2e in aghaidh MWh agus an fhoinse sonraí nó an modh a úsáidtear chun fachtóir astaíochta an leictreachais a chinneadh, murab ionann é agus na fachtóirí astaíochta arna soláthar ag an gCoimisiún i gClárlann Idirthréimhseach SCCT;

(e)

i gcás ina dtuairiscítear luachanna réamhshocraithe arna gcur ar fáil agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún don idirthréimhse in ionad sonraí iarbhír maidir le sainastaíochtaí leabaithe, cuirfear tuairisc ghairid ar na cúiseanna isteach;

(f)

an fhaisnéis earnáilsonrach i gcomhréir le Roinn 2 den Iarscríbhinn seo, más ábhartha;

(g)

más infheidhme, an fhaisnéis maidir leis an bpraghas carbóin atá dlite. I gcás ina bhfaightear praghas carbóin atá dlite do réamhtheachtaithe ó shuiteálacha eile, déanfar aon phraghas carbóin atá dlite do na réamhtheachtaithe sin a liostú ar leithligh de réir na tíre tionscnaimh.

Feabhsúchán molta ar an bhfaisnéis ghinearálta

1.

Astaíochtaí iomlána na suiteála, lena n-áirítear:

(a)

sonraí gníomhaíochta agus fachtóirí ríomha maidir le gach sruth foinse a úsáidtear;

(b)

astaíochtaí gach foinse astaíochtaí ar a ndéantar faireachán trí úsáid a bhaint as modheolaíocht thomhasbhunaithe;

(c)

astaíochtaí a chinntear le modhanna eile;

(d)

cainníochtaí CO2 a fhaightear ó shuiteálacha eile nó a onnmhairítear chuig suiteálacha eile, ar mhaithe le stóráil gheolaíoch nó mar ionchur i dtáirgí ina bhfuil an CO2 ceangailte go ceimiceach go buan.

2.

Cothromaíocht de theas intomhaiste, dramhgháis agus leictreachas a allmhairítear, a tháirgtear, a ídítear agus a onnmhairítear;

3.

Cainníocht na réamhtheachtaithe uile a fhaightear ó shuiteálacha eile, agus a sainastaíochtaí leabaithe díreacha agus indíreacha;

4.

Cainníocht an réamhtheachtaí a úsáidtear i ngach próiseas táirgthe, cé is moite de réamhtheachtaithe a tháirgtear sa tsuiteáil chéanna;

5.

Faisnéis faoin gcaoi ar ríomhadh na hastaíochtaí díreacha agus indíreacha a sannadh do gach próiseas táirgthe;

6.

Leibhéal gníomhaíochta agus astaíochtaí sannta gach próiseas táirgthe;

7.

Liosta na n-earraí ábhartha uile a tháirgtear le cód AC, lena n-áirítear réamhtheachtaithe nach gcumhdaítear le próisis táirgthe ar leith;

8.

Tuairisc ghairid ar an tsuiteáil, a príomhphróisis táirgthe, aon phróiseas táirgthe nach gcumhdaítear chun críocha SCCT, príomheilimintí na modheolaíochta faireacháin a úsáideadh, cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh rialacha maidir le córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe incháilithe i bhfeidhm, agus na bearta a rinneadh chun cáilíocht na sonraí a fheabhsú, go háirithe cé acu ar cuireadh nó nár cuireadh aon chineál fíoraithe i bhfeidhm;

9.

Faisnéis faoi fhachtóir astaíochta an leictreachais sa chomhaontú ceannaigh cumhachta, i gcás inarb iomchuí.

2.   PARAIMÉADAIR EARNÁILSONRACHA ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH SA TEACHTAIREACHT

Catagóir earraí chomhiomlánaithe

Ceanglas tuairiscithe sa tuarascáil SCCT

Cré chailcínithe

Cé acu atá an chré cailcínithe nó nach bhfuil.

Clincear stroighne

Ní bhaineann le hábhar

Stroighin

Cóimheas maise na dtonaí clincir stroighne a ídítear in aghaidh an tona stroighne a tháirgtear (cóimheas idir clincear stroighne agus stroighin arna shloinneadh mar chéatadán).

Stroighin alúmanach

Ní bhaineann le hábhar

Hidrigin

Ní bhaineann le hábhar

Úiré

Íonacht (% maise úiré atá ann, % N atá ann).

Aigéad nítreach

Tiúchan (% maise).

Amóinia

Tiúchan, más tuaslagán hidriúil atá ann.

Leasacháin mheasctha

Faisnéis a cheanglaítear ar aon nós faoi Rialachán (AE) 2019/1009:

cion N mar amóiniam (NH4 +);

cion N mar níotráit (NO3 );

cion N mar úiré;

cion N i bhfoirmeacha (orgánacha) eile.

Mian Shintéaraithe

Ní bhaineann le hábhar

Muciarann

An príomhoibreán dí-ocsaídithe a úsáidtear.

% maise Mn, Cr, Ni, iomlán na n-eilimintí cóimhiotail eile.

FeMn – Fearómangainéis

% maise Mn agus carbóin.

FeCr – Fearócróimiam

% maise Cr agus carbóin.

FeNi – Fearóinicil

% maise Ni agus carbóin.

Iarann atá laghdaithe go díreach

An príomhoibreán dí-ocsaídithe a úsáidtear.

% maise Mn, Cr, Ni, iomlán na n-eilimintí cóimhiotail eile.

Amhchruach

Príomhoibreán dí-ocsaídithe an réamhtheachtaí, más eol.

% maise Mn, Cr, Ni, iomlán na n-eilimintí cóimhiotail eile.

Tonaí fuíll a úsáidtear chun 1 t amhchruach a tháirgeadh.

% den fhuíoll ar fuíoll réamhthomhaltais é.

Táirgí iarainn nó cruach

An príomhoibreán dí-ocsaídithe a úsáidtear i dtáirgeadh an réamhtheachtaí, más eol.

% maise Mn, Cr, Ni, iomlán na n-eilimintí cóimhiotail eile.

% maise na n-ábhar nach iarann ná cruach iad, má tá a mais níos mó ná 1 % go 5 % de mhais iomlán na n-earraí.

Tonaí fuíll a úsáidtear chun 1 t den ábhar a tháirgeadh.

% den fhuíoll ar fuíoll réamhthomhaltais é.

Alúmanam neamhshaoirsithe

Tonaí fuíll a úsáidtear chun 1 t den ábhar a tháirgeadh.

% den fhuíoll ar fuíoll réamhthomhaltais é.

Má tá cion iomlán na n-eilimintí nach alúmanam iad níos mó ná 1 %, céatadán iomlán na n-eilimintí sin.

Táirgí alúmanaim

Tonaí fuíll a úsáidtear chun 1 t den ábhar a tháirgeadh.

% den fhuíoll ar fuíoll réamhthomhaltais é.

Má tá cion iomlán na n-eilimintí nach alúmanam iad níos mó ná 1 %, céatadán iomlán na n-eilimintí sin.


IARSCRÍBHINN V

SONRAÍ EORI

I dTábla 1 tá an fhaisnéis faoi na hoibreoirí eacnamaíocha mar atá in EOS, a bheidh idir-inoibritheach le Clárlann Idirthréimhseach SCCT.

Tábla 1:

Sonraí EORI

Córas Oibreoirí Eacnamaíocha EORI

Aitheantas Custaiméirí

Tír EORI + Uimhir Náisiúnta EORI

Tír EORI

Dáta tosaigh EORI

Dáta éaga EORI

Faisnéis faoin gCustaiméir Custam

Ainm gearr EORI

Ainm iomlán EORI

Teanga EORI

Dáta bunaithe EORI

Cineál duine EORI

Gníomhaíocht eacnamaíoch EORI

Liosta sheoltaí bhunaíocht EORI

Seoltaí na bunaíochta

Seoladh EORI

Teanga EORI

Ainm EORI

Bunaíocht san Aontas

Dáta tosaigh sheoladh EORI

Dáta deiridh sheoladh EORI

Uimhreacha CBL nó TIN

‘CBL’ nó ‘TIN’

Aitheantóir náisiúnta + uimhir CBL nó TIN An tír a chomhchaitéiniú leis an aitheantóir náisiúnta

Stádas dlíthiúil EORI

Teanga stádas dlíthiúil EORI

Stádas dlíthiúil EORI

Dáta tosaigh & dáta deiridh stádas dlíthiúil EORI

Liosta teagmhálaithe

Teagmhálaí

Seoladh theagmhálaí EORI

Teanga theagmhálaí EORI

Ainm iomlán theagmhálaí EORI

Ainm theagmhálaí EORI

Bratach an chomhaontaithe foilseacháin

 

Tuairisc ar réimsí na seoltaí

Sráid agus Uimhir

Cód Poist

Cathair

Cód tíre

Liosta na sonraí cumarsáide

Cineál cumarsáide


IARSCRÍBHINN VI

Ceanglais Sonraí atá comhlántach maidir le Próiseáil Isteach

I dTábla 1 tá an fhaisnéis ó na córais chustaim dhíláraithe, a bheidh idir-inoibritheach le Clárlann Idirthréimhseach SCCT i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo.

Tábla 1

Faisnéis bhreise maidir le próiseáil isteach

Ceanglas sonraí ó údaráis chustaim tar éis bhille urscaoilte na próiseála isteach, i gcás nach ndeonaítear aon tarscaoileadh don dearbhóir tuairiscithe

Tír eisiúna

Tagairt an taifid sonraí

Uimhir leagan an taifid sonraí

Stádas leagan an taifid sonraí

Dáta Tosaigh na Tréimhse Tuairiscithe

Dáta Deiridh na Tréimhse Tuairiscithe

Oifig Custaim Maoirseachta (maidir le próiseáil isteach)

Údarú le haghaidh uimhir thagartha na próiseála isteach

Uimhir aitheantais an allmhaireora/Sealbhóir Údaraithe maidir le próiseáil isteach

Tír an allmhaireora

Aitheantóir míre earraí (sraithuimhir)

Cód fo-cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe

Cód ainmníochta comhcheangailte

Tuairisc ar na hearraí

Cód nós imeachta iarrtha

Cód nós imeachta roimhe seo

Cód na tíre tionscnaimh

Cód na tíre cinn scríbe

Tír seolta

Glanmhais

Cineál na n-aonad tomhais

Aonaid fhorlíontacha

Luach staitisticiúil

Glanmhais an táirge iarbhír a úsáidtear i dtáirgí próiseáilte a scaoiltear i saorchúrsaíocht

Glanmhais na dtáirgí iarbhír a scaoiltear i saorchúrsaíocht ar an gcód tráchtearraí céanna

Uimhir aitheantais agus stádas an ionadaí

Modh iompair ag an teorainn


IARSCRÍBHINN VII

Sonraí an chórais náisiúnta

I dTábla 1 tá an fhaisnéis ó na córais dhíláraithe, a bheidh idir-inoibritheach le Clárlann Idirthréimhseach SCCT i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán seo.

Tábla 1

Sonraí an chórais náisiúnta

Eisitheoir

Tagairt an taifid sonraí

Uimhir leagan an taifid sonraí

Stádas leagan an taifid sonraí

Uimhir dearbhaithe allmhairiúcháin

Uimhir na míre dhearbhaithe earraí

Dáta glactha an dearbhaithe

Cód nós imeachta iarrtha

Cód nós imeachta roimhe seo

Cód na tíre tionscnaimh

Cód thír an tionscnaimh fhabhraigh

Cód na tíre cinn scríbe

Tír seolta

Sraithuimhir cuóta

Tuairisc ar na hearraí

Cód fo-cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe

Cód ainmníochta comhcheangailte

Cód TARIC

Glanmhais

Luach staitisticiúil

Aonaid fhorlíontacha

Cineál dearbhaithe

Cineál dearbhaithe bhreise

Formáid

Uimhir aitheantais an allmhaireora

Tír an allmhaireora

Uimhir aitheantais an choinsíní

Uimhir aitheantais an dearbhóra

Sealbhóir uimhir aitheantais an údaraithe

Cineál údaraithe an tsealbhóra

Uimhir thagartha an údaraithe

Uimhir aitheantais an ionadaí

Modh iompair ag an teorainn

Modh iompair intíre


IARSCRÍBHINN VIII

Fachtóirí caighdeánacha a úsáidtear chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí díreacha ar leibhéal na suiteála

1.   FACHTÓIRÍ ASTAÍOCHTA BREOSLA A BHAINEANN LE GLANLUACHANNA CALRACHA (NCV)

Tábla 1:

Fachtóirí astaíochta breosla a bhaineann le glanluach calrach (NCV) agus glanluachanna calracha in aghaidh na maise breosla.

Tuairisc ar an gcineál breosla

Fachtóir astaíochta (t CO2/TJ)

Glanluach calrach (TJ/Gg)

Foinse

Amhola

73,3

42,3

IPCC 2006 GL

Orimulsion

77,0

27,5

IPCC 2006 GL

Leachtanna gáis nádúrtha

64,2

44,2

IPCC 2006 GL

Gásailín mótair

69,3

44,3

IPCC 2006 GL

Ceirisín (seachas ceirisín scairdeitleáin)

71,9

43,8

IPCC 2006 GL

Ola scealla

73,3

38,1

IPCC 2006 GL

Ola gháis/Ola dhíosail

74,1

43,0

IPCC 2006 GL

Ola bhreosla iarmharach

77,4

40,4

IPCC 2006 GL

Gáis peitriliam leachtaithe

63,1

47,3

IPCC 2006 GL

Eatán

61,6

46,4

IPCC 2006 GL

Nafta

73,3

44,5

IPCC 2006 GL

Biotúman

80,7

40,2

IPCC 2006 GL

Bealaí

73,3

40,2

IPCC 2006 GL

Cóc peitriliam

97,5

32,5

IPCC 2006 GL

Bunábhair scaglainne

73,3

43,0

IPCC 2006 GL

Gás scaglainne

57,6

49,5

IPCC 2006 GL

Céireacha pairifín

73,3

40,2

IPCC 2006 GL

Biotáille bhán agus FPS

73,3

40,2

IPCC 2006 GL

Táirgí eile peitriliam

73,3

40,2

IPCC 2006 GL

Antraicít

98,3

26,7

IPCC 2006 GL

Gual cóic

94,6

28,2

IPCC 2006 GL

Gual biotúmanach eile

94,6

25,8

IPCC 2006 GL

Gual fo-bhiotúmanach

96,1

18,9

IPCC 2006 GL

Lignít

101,0

11,9

IPCC 2006 GL

Sceall ola agus gainimh tharra

107,0

8,9

IPCC 2006 GL

Breosla paitinne

97,5

20,7

IPCC 2006 GL

Cóc oighinn cóic agus cóc ligníte

107,0

28,2

IPCC 2006 GL

Gás-chóc

107,0

28,2

IPCC 2006 GL

Tarra Guail

80,7

28,0

IPCC 2006 GL

Gás Oibreacha Gáis

44,4

38,7

IPCC 2006 GL

Gás oighinn cóic

44,4

38,7

IPCC 2006 GL

Gás foirnéise soinneáin

260

2,47

IPCC 2006 GL

Gás foirnéise cruach ocsaigine

182

7,06

IPCC 2006 GL

Gás nádúrtha

56,1

48,0

IPCC 2006 GL

Dramhaíl thionsclaíoch

143

Ní bhaineann le hábhar

IPCC 2006 GL

Olaí dramhaíola

73,3

40,2

IPCC 2006 GL

Móin

106,0

9,76

IPCC 2006 GL

Boinn chaite

85,0  (1)

Ní bhaineann le hábhar

Comhairle Dhomhanda na nGnóthas um Fhorbairt Inbhuanaithe - Tionscnamh Inbhuanaitheachta Stroighne

Aonocsaíd charbóin

155,2  (2)

10,1

J. Falbe agus M. Regitz, Römpp Chemie Lexikon, Stuttgart, 1995

Meatán

54,9  (3)

50,0

J. Falbe agus M. Regitz, Römpp Chemie Lexikon, Stuttgart, 1995


Tábla 2:

Fachtóirí astaíochta breosla a bhaineann le glanluach calrach (NCV) agus glanluachanna calracha in aghaidh mhais an ábhair bithmhaise.

Ábhar bithmhaise

Réamhfhachtóir astaíochta

[t CO2 / TJ]

NCV [GJ/t]

Foinse

Adhmad / bruscarnach adhmaid (aerthriomaithe (4))

112

15,6

IPCC 2006 GL

Buac suilfíte (liocáir dhubh)

95,3

11,8

IPCC 2006 GL

Bithmhais sholadach phríomhúil eile

100

11,6

IPCC 2006 GL

Gualach

112

29,5

IPCC 2006 GL

Bithghásailín

70,8

27,0

IPCC 2006 GL

Bithdhíosail

70,8

37,0

IPCC 2006 GL (5)

Bithbhreoslaí leachtacha eile

79,6

27,4

IPCC 2006 GL

Gás líonta talún (6)

54,6

50,4

IPCC 2006 GL

Gás sludaigh  (4)

54,6

50,4

IPCC 2006 GL

Bithghás eile  (4)

54,6

50,4

IPCC 2006 GL

Dramhaíl chathrach (codán bithmhaise) (4)

100

11,6

IPCC 2006 GL

2.   FACHTÓIRÍ ASTAÍOCHTA A BHAINEANN LE HASTAÍOCHTAÍ PRÓISIS

Tábla 3:

Fachtóir astaíochta stócaiméadrach le haghaidh astaíochtaí próisis ó dhianscaoileadh carbónáite (Modh A)

Carbónáit

Fachtóir astaíochta [t CO2/ t Carbónáit]

CaCO3

0,440

MgCO3

0,522

Na2CO3

0,415

BaCO3

0,223

Li2CO3

0,596

K2CO3

0,318

SrCO3

0,298

NaHCO3

0,524

FeCO3

0,380

Ginearálta

Fachtóir astaíochta = [M(CO2)] / {Y * [M(x)] + Z * [M(CO3 2-)]}

X

=

miotal

M(x)

=

meáchan móilíneach X in [g/mol]

M(CO2)

=

meáchan móilíneach CO2 in [g/mol]

M(CO3 2-)

=

meáchan móilíneach CO3 2- in [g/mol]

Y

=

uimhir stócaiméadrach X

Z

=

uimhir stócaiméadrach CO3 2-


Tábla 4:

Fachtóir astaíochta stócaiméadrach le haghaidh astaíochtaí próisis ó dhianscaoileadh carbónáite bunaithe ar ocsaídí cré-alcaileacha (Modh B)

Ocsaíd

Fachtóir astaíochta [t CO2/ t Ocsaíd]

CaO

0,785

MgO

1,092

BaO

0,287

ginearálta:

XYOZ

Fachtóir astaíochta = [M(CO2)] / {Y * [M(x)] + Z * [M(O)]}

X

=

miotal cré-alcaileach nó miotal alcaile

M(x)

=

meáchan móilíneach X in [g/mol]

M(CO2)

=

meáchan móilíneach CO2 [g/mol]

M(O)

=

meáchan móilíneach O [g/mol]

Y

=

uimhir stócaiméadrach X

 

=

1 (i gcás miotail chré-alcaileacha)

 

=

2 (i gcás miotail alcaile)

Z

=

uimhir stócaiméadrach O = 1


Tábla 5:

Fachtóirí astaíochta le haghaidh astaíochtaí próisis ó ábhair phróisis eile (iarann nó cruach a tháirgeadh, agus miotail fheiriúla a phróiseáil)  (8)

Ábhar ionchuir nó aschuir

Cion carbóin

(t C/t)

Fachtóir astaíochta

(t CO2/t)

Iarann atá laghdaithe go díreach

0,0191

0,07

Leictreoidí carbóin le haghaidh stuafhoirnéis leictreach

0,8188

3,00

Carbón luchtaithe le haghaidh stuafhoirnéis leictreach

0,8297

3,04

Iarann teofháiscithe

0,0191

0,07

Gás foirnéise cruach ocsaigine

0,3493

1,28

Cóc peitriliam

0,8706

3,19

Muciarann

0,0409

0,15

Iarann / dramh-iarann

0,0409

0,15

Cruach / dramhchruach

0,0109

0,04

3.   POITÉINSIL TÉIMH DHOMHANDA LE HAGHAIDH GÁIS CEAPTHA TEASA NEAMH-CO2

Tábla 6:

Poitéinsil téimh dhomhanda

Gás

Poitéinseal téimh dhomhanda

N2O

265 t CO2e / t N2O

CF4

6 630 t CO2e / t CF4

C2F6

11 100 t CO2e / t C2F6


(1)  is ionann an luach seo agus an réamhfhachtóir astaíochta, i.e., sula gcuirtear codán bithmhaise i bhfeidhm, más infheidhme.

(2)  Bunaithe ar NCV de 10,12 TJ/t.

(3)  Bunaithe ar NCV de 50,01 TJ/t.

(4)  Leis an bhfachtóir astaíochta atá i gceist, glactar leis go bhfuil cion uisce de thart ar 15 % san adhmad. Is féidir cion uisce suas le 50 % a bheith ag adhmad úr. Chun NCV d’adhmad atá go hiomlán tirim a chinneadh, úsáidfear an chothromóid seo a leanas:

Formula

I gcás inarb ionann NCVdry agus NCV an ábhair thirim absalóidigh, is é w an cion uisce (maischodán) agus is é

Formula
eantalpacht ghalaithe an uisce. Agus an chothromóid chéanna á húsáid, is féidir NCV le haghaidh cion uisce ar leith a ais-ríomh ó NCV tirim.

(5)  Faightear luach NCV ó Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

(6)  Maidir le gás líonta talún, gás sludaigh agus bithghás eile: Tagraíonn luachanna caighdeánacha do Bhithmheatán íon. Chun na luachanna caighdeánacha cearta a bhaint amach, tá gá le ceartúchán le haghaidh chion meatáin an gháis.

(7)  Le treoirlínte IPCC, tugtar luachanna don chodán iontaise de dhramhaíl chathrach: EF = 91,7 t CO2/TJ; NCV = 10 GJ/t

(8)  Treoirlínte IPCC 2006 d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa


IARSCRÍBHINN IX

Luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maidir le táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa

Sna táblaí thíos, tá na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe maidir le táirgeadh leithleach leictreachais agus teasa bunaithe ar ghlanluach calrach agus ar dhálaí caighdeánacha atmaisféaracha ISO (15 °C teocht chomhthimpeallach, 1,013 bar, 60 % bogthaise choibhneasta).

Tábla 1:

Fachtóirí éifeachtúlachta tagartha le haghaidh táirgeadh leictreachais

Catagóir

Cineál breosla

Bliain tógála

Roimh 2012

2012-2015

Ó 2016 ar aghaidh

Breoslaí Soladacha

S1

Gual crua lena n-áirítear antraicít, gual biotúmanach, gual fo-bhiotúmanach, cóc, breac-chóc, cóc peitriliam

44,2

44,2

44,2

S2

Lignít, brícíní ligníte, ola scealla

41,8

41,8

41,8

S3

Móin, brícíní móna

39,0

39,0

39,0

S4

Bithmhais thirim lena n-áirítear adhmad agus bithmhais sholadach eile lena n-áirítear millíní adhmaid agus brícíní, slisíní adhmaid triomaithe, dramhadhmad glan agus tirim, blaoscanna cnónna, clocha ológ agus clocha eile

33,0

33,0

37,0

S5

Bithmhais sholadach eile lena n-áirítear gach adhmad nach n-áirítear faoi S4 agus licéar dubh agus donn

25,0

25,0

30,0

S6

Dramhaíl chathrach agus thionsclaíoch (neamh-inathnuaite) agus dramhaíl in-athnuaite/in-bhithdhíghrádaithe

25,0

25,0

25,0

Breoslaí Leachtacha

L7

Ola bhreosla throm, ola gháis/ola dhíosail, táirgí eile ola

44,2

44,2

44,2

L8

Bithleachtanna lena n-áirítear bithmheatánól, bitheatánól, bithbhútánól, bithdhíosal agus bithbhreoslaí eile

44,2

44,2

44,2

L9

Dramhleachtanna lena n-áirítear dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe agus neamh-inathnuaite (lena n-áirítear geir, saill agus triosc)

25,0

25,0

29,0

Breoslaí Gásacha

G10

Gás nádúrtha, GPL, GNL agus bithmheatán

52,5

52,5

53,0

G11

Gáis scaglainne, hidrigin agus gás sintéiseach

44,2

44,2

44,2

G12

Bithghás a tháirgtear ó bhith-dhíghrádú anaeróbach, ó líonadh talún agus ó chóireáil séarachais

42,0

42,0

42,0

G13

Gás oighinn cóic, gás foirnéise soinneáin, gás mianadóireachta, agus gáis athshlánaithe eile (cé is moite de ghás scaglainne)

35,0

35,0

35,0

Breoslaí Eile

O14

Dramhtheas (lena n-áirítear gáis sceite próisis ardteochta, táirge ó imoibrithe ceimiceacha eisiteirmeacha)

 

 

30,0


Tábla 2:

Fachtóirí éifeachtúlachta tagartha le haghaidh táirgeadh teasa

Catagóir

Cineál breosla

Bliain tógála

Roimh 2016

Ó 2016 ar aghaidh

Uisce te

Gal  (1)

Úsáid dhíreach gás sceite  (2)

Uisce te

Gal  (1)

Úsáid dhíreach gás sceite  (2)

Breoslaí Soladacha

S1

Gual crua lena n-áirítear antraicít, gual biotúmanach, gual fo-bhiotúmanach, cóc, breac-chóc, cóc peitriliam

88

83

80

88

83

80

S2

Lignít, brícíní ligníte, ola scealla

86

81

78

86

81

78

S3

Móin, brícíní móna

86

81

78

86

81

78

S4

Bithmhais thirim lena n-áirítear adhmad agus bithmhais sholadach eile lena n-áirítear millíní adhmaid agus brícíní, slisíní adhmaid triomaithe, dramhadhmad glan agus tirim, blaoscanna cnónna, clocha ológ agus clocha eile

86

81

78

86

81

78

S5

Bithmhais sholadach eile lena n-áirítear gach adhmad nach n-áirítear faoi S4 agus licéar dubh agus donn

80

75

72

80

75

72

S6

Dramhaíl chathrach agus thionsclaíoch (neamh-inathnuaite) agus dramhaíl in-athnuaite/in-bhithdhíghrádaithe

80

75

72

80

75

72

Breoslaí Leachtacha

L7

Ola bhreosla throm, ola gháis/ola dhíosail, táirgí eile ola

89

84

81

85

80

77

L8

Bithleachtanna lena n-áirítear bithmheatánól, bitheatánól, bithbhútánól, bithdhíosal agus bithbhreoslaí eile

89

84

81

85

80

77

L9

Dramhleachtanna lena n-áirítear dramhaíl in-bhithdhíghrádaithe agus neamh-inathnuaite (lena n-áirítear geir, saill agus triosc)

80

75

72

75

70

67

Breoslaí Gásacha

G10

Gás nádúrtha, GPL, GNL agus bithmheatán

90

85

82

92

87

84

G11

Gáis scaglainne, hidrigin agus gás sintéiseach

89

84

81

90

85

82

G12

Bithghás a tháirgtear ó bhith-dhíghrádú anaeróbach, ó líonadh talún agus ó chóireáil séarachais

70

65

62

80

75

72

G13

Gás oighinn cóic, gás foirnéise soinneáin, gás mianadóireachta, agus gáis athshlánaithe eile (cé is moite de ghás scaglainne)

80

75

72

80

75

72

Breoslaí Eile

O14

Dramhtheas (lena n-áirítear gáis sceite próisis ardteochta, táirge ó imoibrithe ceimiceacha eisiteirmeacha)

92

87


(1)  I gcás nach gcuireann monarchana gaile an t-aisfhilleadh comhdhlútháin san áireamh agus éifeachtúlachtaí teasa CHP (comhghiniúint cumhachta agus teasa) á ríomh acu, ba cheart na héifeachtúlachtaí gaile a léirítear sa tábla thuas a mhéadú faoi 5 phointe céatadáin.

(2)  Úsáidfear luachanna le haghaidh úsáid dhíreach gás sceite má tá an teocht 250 °C nó níos airde.


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/196


RIALACHÁN (AE) 2023/1774 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena gceartaítear leaganacha teanga áirithe d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le breiseáin bia

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagal 10(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna leaganacha Iodáilise agus Ollainnise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, tá mí-aistriúchán ar théarma i gCuid E, sna hiontrálacha a bhaineann le catagóir bia 17.1., lena gcúngaítear raon feidhme na dtáirgí inar féidir breiseáin bia áirithe a úsáid.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Iodáilise agus Ollainnise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis na tuairimí ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna seachadadh an 17 Aibreán 2018 agus an 10 Márta 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/197


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1775 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Allmhairí píopaí agus feadán gan uaim áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, is allmhairí iad atá faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme(AE) 2018/330 ón gCoimisiún. (2)

(2)

Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui, a bhfuil cód breise TARIC (3) B 263 aige, ar cuideachta é atá faoi réir an ráta dleachta 56,9 % le haghaidh táirgeoirí comhoibríocha neamhshampláilte, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 10 Eanáir 2023 gur athraigh sé a ainm go Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui.

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ar an ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta frithdhumpála ab infheidhme maidir léi faoin seanainm a bhí uirthi roimhe sin.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon ghaol nua ann dá bharr le grúpaí eile cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(5)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ar an ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 ón gCoimisiún, agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis. Dheimhnigh an fhianaise sa chomhad freisin go raibh an t-athrú ar an ainm infheidhme ón 21 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh, an lá a d’fhormheas Oifig Riaracháin Chontae Qingtian um Rialáil Margaidh an t-athrú ar an ainm.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 ón gCoimisiún mar a leanas:

‘Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui

B 263’

Ina ionad, cuirtear an méid seo a leanas

‘Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui

B 263’

2.   Beidh cód breise TARIC B 263 a sannadh roimhe seo do Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui infheidhme maidir le Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui, ón 21 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/330 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le Zhejiang Tsingshan Steel Pipe, Co. Ltd, Lishui, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)   IO L 63, 6.3.2018, lch. 15.

(3)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/199


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1776 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   An t-imscrúdú roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Tar éis imscrúdú (‘an t-imscrúdú bunaidh’), d’fhorchuir an Chomhairle le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 457/2011 ón gComhairle (2), bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Daon-Phoblacht na Síne’ nó ‘an tSín’).

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 ón gCoimisiún (3), d’ath-fhorchuir an Coimisiún bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga (an ‘t-athbhreithniú éaga roimhe seo’).

(3)

Maidir leis na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, tá foirm dleachta seasta 415 EUR/tona acu ar na hallmhairí uile ón tSín, cé is moite de thrí tháirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríocha Shíneacha a bhfuil a n-onnmhairí faoi réir íosphraghas allmhairiúcháin 1 153 EUR/tona.

(4)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta atá i bhfeidhm (4), fuair an Coimisiún iarraidh ar an athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den mbun-Rialachán.

(5)

Is iad Borealis Agrolinz Melamine GmbH, OCI Nitrogen BV, agus Grupa Azoty Zaklady Azotowe Pulawy SA (‘na hiarratasóirí’) a chuir an iarraidh isteach an 31 Márta 2022 thar ceann thionscal mealaimín an Aontais, de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

1.2.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 1 Iúil 2022 maidir leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí mealaimín, de thionscnamh na Síne, ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

1.3.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(7)

An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’ nó ‘RIP’). Leis an imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.4.   Páirtithe leasmhara

(8)

San Fhógra Tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na hiarratasóirí ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta sa tSín agus údaráis na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach.

(9)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Níor iarr aon cheann de na páirtithe leasmhara éisteacht.

1.5.   Maímh maidir le tionscnamh

(10)

Comhlachas Tráchtála Allmhaireoirí & Onnmhaireoirí Miotail, Mianraí agus Ceimiceán na Síne (‘CCCMC’), chuir sé barúlacha isteach maidir leis an iarraidh ar an athbhreithniú éaga nó ar na gnéithe a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe seo, mar a fhoráiltear faoi phointe 5.2 den Fhógra Tionscnaimh.

(11)

Sholáthair CCCME barúlacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín agus tír ionadaíoch iomchuí a roghnú. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin thíos i ranna 3.2.2, 3.2.2.1, agus 3.2.2.2.

(12)

Thairis sin, d’áitigh CCCMC go raibh corrlach dumpála arna ríomh go mícheart san iarraidh. I ndáil leis sin, mhaígh CCCMC, cé gur ríomh na hiarratasóirí an gnáthluach le haghaidh dhá theicneolaíocht táirgthe éagsúla a úsáidtear sa tSín, nár chuir siad san áireamh próisis táirgthe éagsúla (e.g. táirgeoirí mealaimín atá comhtháite go hiomlán versus táirgeoirí a úsáideann úiré a ceannaíodh) ná amhábhair éagsúla (mealaimín a tháirgtear ó ghás nádúrtha nó ó ghual, arb iad an dá amhábhar deiridh ionchasacha iad). Maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin, de réir CCCMC, ní raibh an ceart ag na hiarratasóirí nuair a d’úsáid siad praghsanna mealaimín de thionscnamh na Síne i gcás inar onnmhairíodh chuig tríú tíortha é toisc gur imir an staid ar na margaí áitiúla faoi seach tionchar ar na praghsanna sin agus dá bhrí sin, níor léiríodh iontu cinntí praghsála i gcás onnmhairí chuig an Aontas.

(13)

Thug an Coimisiún dá aire nár shainaithin CCCMC aon earráid iarbhír agus an corrlach dumpála á ríomh. Níor mhaígh sé ach nár leordhóthanach an fhaisnéis a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh toisc nár cumhdaíodh inti na próisis táirgthe agus na hamhábhair ionchasacha uile a úsáidtear sa táirgeadh. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar an iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán agus tháinig sé ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais maidir le hathbhreithniú éaga a thionscnamh, i.e. go raibh fianaise leordhóthanach ann chun na himeachtaí a thionscnamh. De réir Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán, de réir analaí, cuimseofar in iarraidh an fhaisnéis sin atá ar fáil go réasúnach do na hiarratasóirí. Tá an caighdeán dlíthiúil fianaise is gá chun athbhreithniú a thionscnamh (fianaise ‘leordhóthanach’) difriúil ón méid is gá chun réamhchinneadh nó cinneadh críochnaitheach a dhéanamh gur ann don dumpáil. Dá bhrí sin, fianaise nach bhfuil leordhóthanach ó thaobh na cainníochta ná na cáilíochta de chun údar a thabhairt le réamhchinneadh nó le cinneadh críochnaitheach maidir le dumpáil, féadfaidh an fhianaise sin a bheith leordhóthanach mar sin féin chun bonn cirt a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh (6).

(14)

Thairis sin, maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin, thug an Coimisiún dá aire, i bhfianaise na mbreithnithe a mhínítear in aithris (13), gurb amhlaidh nach raibh na hiarratasóirí mícheart agus iad ag brath ar phraghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha chun cinneadh a dhéanamh an dtarlóidh an dumpáil arís, i gcás ina mbíonn an praghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas á threorú ag íosphraghas allmhairiúcháin.

(15)

Dá dhroim sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh CCCMC maidir le corrlach dumpála arna ríomh go mícheart san iarraidh ar an athbhreithniú éaga.

(16)

Mhaígh CCCMC thairis sin nach raibh aon bhunús leis na líomhaintí a bhain leis an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís san iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Go háirithe, thug CCCMC aghaidh ar acmhainneacht bhreise a bheith ann sa tSín agus ar leibhéal na bpraghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha.

(17)

I ndáil leis sin, d’áitigh CCCMC gur ghlac na hiarratasóirí leis go mícheart go slógfadh táirgeoirí de chuid na Síne an acmhainneacht bhreise mhór atá acu dá mba rud é go rachadh an beart i léig. De réir CCCMC, d’éileofaí idirthréimhse a mhairfeadh ar feadh na mblianta chun go gcomhlíonfadh táirgeoirí breise ceanglais theicniúla de chuid an Aontais maidir le custaiméirí agus chun taithí a fháil ar chleachtais trádála san Aontas. Ina theannta sin, mhaígh CCCMC go raibh ceann de na cuideachtaí de chuid na Síne a ndearnadh tagairt di san iarraidh ag tógáil monarcha nua agus é mar aidhm aonair aici an mhonarcha nua sin a chur in ionad na hacmhainneachta táirgeachta atá aici cheana. Dá bhrí sin, d’iarr CCCMC ar an gCoimisiún cruinneas, iontaofacht agus dóchúlacht na méaduithe atá beartaithe ar an acmhainneacht táirgeachta a liostaítear san iarraidh a fhíorú (7).

(18)

Thairis sin, rinne CCCMC cáineadh gur ghlac na hiarratasóirí leis go ndéanfadh táirgeoirí de chuid na Síne a gcuid onnmhairí ar phraghas íseal a atreorú ó thríú tíortha chuig margadh an Aontais ar an bpraghas céanna, dá mba rud é go rachadh na bearta i léig. De réir CCCMC, níor mhínigh na hiarratasóirí cén fáth a raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú tíortha ina dtáscaire iontaofa ar phraghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas amach anseo. Mhaígh an comhlachas freisin go ndíolfadh táirgeoirí na Síne leis an Aontas ar an bpraghas onnmhairiúcháin ard atá ann faoi láthair, fiú dá gcuirfí deireadh le bearta, agus nach dtréigfeadh siad margaí onnmhairiúcháin iontaofa tríú tíortha atá forbartha cheana féin.

(19)

Thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair CCCMC aon fhianaise mar thaca lena mhaímh a bhain le hacmhainneacht bhreise ná leis an bpraghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha. Os a choinne sin, tugtar le fios le treocht na n-allmhairí de thionscnamh na Síne sa tréimhse 2018-2021, mar a léirítear i dtábla 9 den iarraidh, go bhfuil táirgeoirí de chuid na Síne breá ábalta agus toilteanach a n-acmhainneacht bhreise a shlógadh nó a gcuid onnmhairí a atreorú ó thríú tíortha chuig an Aontas ag brath ar an bpraghas ar mhargadh an Aontais. Ar deireadh, thug an Coimisiún dá aire nach mór scrúdú a dhéanamh ar an anailís a sholáthair na hiarratasóirí san iarraidh freisin i bhfianaise na gceanglas maidir le fianaise leordhóthanach a leagtar síos in Airteagail 11(2) agus 5(2) den bhun-Rialachán. Le linn dó scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, maidir leis an anailís ar acmhainneacht bhreise sa tSín agus ar phraghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, gurbh fhianaise leordhóthanach a bhí i gceist léi ar an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís chun críoch na hiarrata ar an athbhreithniú éaga.

(20)

Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaímh CCCMC a bhain leis an anailís ar an dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil arís, anailís a áiríodh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga.

(21)

Thairis sin, chuir CCCMC barúlacha isteach a bhain leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís. Ina thaobh sin, thagair CCCMC do na hargóintí a rinne na hiarratasóirí san iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Rinne CCCMC iarracht ar dtús an tábhacht a bhaineann le méadú ar na sciartha den mhargadh d’allmhairí ón tSín ó 5 % go 6 % idir 2018 agus 2021 a bhréagnú, mar a achoimrítear i dtábla 14 den iarraidh. Ar an dara dul síos, mhaígh CCCMC gur dhifríocht sna costais táirgthe a tabhaíodh ba chúis le haon difríocht idir praghsanna díolacháin thionscal an Aontais agus praghsanna allmhairiúcháin na Síne. Ar an tríú dul síos, cheistigh CCCMC go bhféadfadh rátaí brabúis táirgeoirí de chuid an Aontais teacht chun bheith ina rátaí diúltacha dá dtitfeadh praghsanna thionscal an Aontais chuig na leibhéil chéanna le praghsanna allmhairiúcháin na Síne.

(22)

Thug an Coimisiún dá aire nach ndearna an t-iarratasóir ach a lua gurbh amhlaidh go raibh allmhairí ón tSín ag méadú, agus is deimhin gurbh amhlaidh an cás ó 2018 go 2021, gan béim a leagan ar thábhacht an mhéadaithe sin. Thug an Coimisiún dá aire freisin, áfach, gur léiríodh sa tábla céanna go raibh an méadú i bhfad níos suntasaí dá mba rud é go n-úsáidfí 2019 nó 2020 mar thúsphointe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh ó CCCMC. A mhéid a bhaineann leis an maíomh maidir le haon difríocht idir praghsanna díolacháin thionscal an Aontais agus praghsanna allmhairiúcháin na Síne, thug an Coimisiún dá aire, ar an gcéad dul síos, nár tugadh bunús leis an maíomh ó CCCMC le haon fhianaise maidir le costais táirgthe arna dtabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus ar an dara dul síos, gurb é costas na húiré go príomha a spreagann costais táirgthe an mhealaimín, agus gurb é costas an gháis nádúrtha a spreagann costas na húiré ar a sheal. Is tráchtearraí iad an úiré agus an gás nádúrtha araon, agus tá praghsanna na dtráchtearraí sin, in éagmais saobhadh stáit, ailínithe den chuid is mó ar mhargaí an domhain. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh. A mhéid a bhaineann leis an tríú maíomh, thug an Coimisiún dá aire, ó tharla go raibh costas táirgthe táirgeoirí de chuid an Aontais thart ar na leibhéil chéanna le praghsanna allmhairiúcháin na Síne nó os a gcionn, gurbh amhlaidh go bhféadfadh rátaí brabúis táirgeoirí de chuid an Aontais teacht chun bheith ina rátaí diúltacha nó, sa chás ab fhearr, cóimheá airgid a bhaint amach, dá dtitfeadh praghsanna thionscal an Aontais chuig na leibhéil chéanna le praghsanna allmhairiúcháin na Síne.

1.6.   Sampláil

(23)

San Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.6.1.   Sampláil tháirgeoirí an Aontais

(24)

San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de thrí tháirgeoir de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige agus iad lonnaithe i dtrí Bhallstát éagsúla. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022 arna thuairisciú ag táirgeoirí an Aontais i gcomhthéacs na hanailíse measúnaithe réamhthionscnaimh ar an seasamh. Sa sampla bhí 82 % de tháirgeadh measta an táirge chomhchosúil san Aontas. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoina shampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus measadh go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais.

1.6.2.   Sampláil na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara

(25)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig ach allmhaireoir neamhghaolmhar amháin chun tosaigh, mar atá Borghi SpA, Grandate/an Iodáil. Dá dheasca sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh agus d’iarr sé ar Borghi SpA an ceistneoir le haghaidh allmhaireoirí neamhghaolmhara a líonadh isteach. Níor chuir Borghi SpA aon fhreagra isteach ar an gceistneoir, áfach.

1.6.3.   Sampláil na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(26)

D’fhonn a aimsiú cé acu a bhí nó nach raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín an fhaisnéis a sonraíodh san Fhógra Tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(27)

Rinne táirgeoir amháin sa tír lena mbaineann, an chuideachta Xinjiang Xinlianxin Energy Chemical Co., Ltd. (‘Xinjiang XLX’), an fhaisnéis a iarradh a sholáthar agus thoiligh sé a bheith san áireamh sa sampla. Ba lú ná 3 % d’allmhairí iomlána mealaimín de thionscnamh na Síne a bhí ag an táirgeoir sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(28)

I ngeall ar an leibhéal íseal comhair, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha sa tSín agus a chuid torthaí ar fud na tíre maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus/nó go dtarlóidh siad arís a bhunú ar na fíorais atá ar fáil.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann agus le húdaráis na tíre lena mbaineann maidir le breithnithe an Choimisiúin. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Xinjiang XLX ar an eolas, ar mhaithe le barainneacht ó thaobh an riaracháin de, gurbh fhéidir nach ndéanfadh sé an próiseas easnaimh ná an fíorú ar an bhfreagra a tugadh ar an gceistneoir. D’fhéadfaí, áfach, aon fhaisnéis a sholáthraíonn an chuideachta a úsáid mar fhíoras atá ar fáil i gcás inarb iomchuí. Níor tugadh aon bharúil.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir

(30)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne (‘Rialtas na Síne’) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(31)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch amháin, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, an t-allmhaireoir neamhghaolmhar amháin a tháinig chun tosaigh i gcaitheamh an nós imeachta samplála, agus gach úsáideoir mealaimín atá ar eolas. Cuireadh na ceistneoirí is infheidhme uile ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (8) lá an tionscnaimh. I gcaitheamh an imscrúdaithe, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig na hiarratasóirí agus sonraí maicreacnamaíocha thionscal an Aontais á n-iarraidh.

(32)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch amháin, ó thrí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, na hiarratasóirí, allmhaireoir neamhghaolmhar amháin agus trí úsáideoir.

1.8.   Fíorú

(33)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus nó go dtarlóidh siad arís agus ar mhaithe le leas an Aontais.

(34)

Is in áitribh na gcuideachtaí seo a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí de chuid an Aontais:

Borealis Agrolinz Melamine GmbH, Linz, an Ostair;

Grúpa Azoty Zaklady Azotowe, Pulawy, an Pholainn;

OCI Nitrogen B.V., Geleen, an Ísiltír.

(35)

Cros-seiceáil chianda ar an bhfaisnéis a úsáideadh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga chun an gnáthluach a ríomh, rinneadh ar líne í leis an táirgeoir seo a leanas ón Aontas:

OCI Nitrogen B.V., Geleen, an Ísiltír.

1.9.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(36)

An 14 Meitheamh 2023, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil ar bun. Socraíodh sprioc-am do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh agus éisteacht a iarraidh.

(37)

Fuarthas barúlacha ó Xinjiang XLX agus ó CCCMC. Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí. Chuir táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais fáilte roimhe chonclúid an Choimisiúin agus ní dhearna siad aon bharúil bhreise. Níor iarr aon pháirtí éisteacht.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(38)

Is é ‘mealaimín’ an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo (‘an táirge faoi athbhreithniú’) atá faoi láthair faoi chód AC 2933 61 00.

(39)

Is púdar criostalta bán é an mealaimín a tháirgtear ón úiré den chuid is mó agus a úsáidtear chun lannáin, roisín, greamacháin adhmaid, comhdhúile múnlaithe agus cóireálacha páipéir/teicstíle a tháirgeadh go príomha.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(40)

Is é an táirge a bhaineann leis an imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú (féach aithris (38)) de thionscnamh na Síne.

2.3.   An táirge comhchosúil

(41)

Faoi mar a léiríodh san imscrúdú as ar tháinig forchur na mbeart atá i bhfeidhm (9), tá na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú a tháirgtear agus a dhíoltar ar mhargadh baile na tíre lena mbaineann (an tSín); agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(42)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, leanadh de na hallmhairí mealaimín ón tSín. Sa chéad leath den tréimhse faoi bhreathnú, bhí méideanna ní b’ísle i gceist leo ná mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2009). Sa dara leath den tréimhse faoi bhreathnú, áfach, tháinig méadú mór ar na méideanna allmhairí agus sháraigh siad i bhfad ró-mhór na méideanna a taifeadadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh. le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na hallmhairí mealaimín ón tSín beagnach ceithre huaire níos airde ná mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh. An tráth céanna, bhí a hocht n-oiread d’allmhairí ann i gcomparáid le tréimhse imscrúdúcháin athbhreithnithe an athbhreithniúcháin éaga roimhe sin.

(43)

De réir Eurostat (bunachar sonraí Comext), bhí thart ar 15 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí mealaimín ó Dhaon-Phoblacht na Sine le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (féach Tábla 3) i gcomparáid le sciar den mhargadh 6,5 % le linn an imscrúdaithe bunaidh agus 2 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo. I ndearbhthéarmaí, tháinig laghdú i dtosach ar mhéid na n-allmhairí mealaimín de thionscnamh na Síne ó 17 434 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh go 7 938 dtona le linn thréimhse imscrúdúchán athbhreithnithe an chéad athbhreithniúcháin éaga, agus ina dhiaidh sin, tháinig méadú arís air go 64 673 thona le linn thréimhse imscrúdúcháin athbhreithnithe an athbhreithnithe éaga seo.

(44)

Mar a luaitear in aithris (27), níor chomhoibrigh ach táirgeoir amháin ón tSín san imscrúdú, ar fiú é agus níos lú ná 3 % d’allmhairí an táirge lena mbaineann le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún údaráis na Síne ar an eolas go bhféadfadh an Coimisiún, de bharr an leibhéil comhair an-teoranta sin, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, airteagal a bhaineann leis na torthaí maidir leis an gcinneadh an dócha go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh siad arís léi. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(45)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis a bhí san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, faisnéis a bhí ar fáil go héasca ó tháirgeoirí de chuid na Tuirce, ar táirgeoirí táirgí atá i slabhra luacha na hamóinia iad, faisnéis ó Institiúid Staidrimh na Tuirce, Ard-Stiúrthóireacht Chathair Kocaeli um Uisce agus Séarachas, agus Global Trade Atlas.

3.2.   Leanúint den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

3.2.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh, faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, le haghaidh allmhairí mealaimín de thionscnamh na Síne.

(46)

Ós rud é go raibh fianaise leordhóthanach ar fáil nuair a tionscnaíodh an t-imscrúdú agus go bhféadfaí a thaispeáint, maidir leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(47)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá ó dháta fhoilsiú an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar cheistneoir ó Rialtas na Síne. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(48)

Tugtar aghaidh ar na barúlacha a chuir CCCMC isteach i roinn 3.2.2.1.

(49)

I bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh sé freisin go bhféadfadh an Tuirc a bheith ina tríú tír ionadaíoch eile don tSín sa chás seo, ach go scrúdódh sé an bhfuil tíortha eile ann a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(50)

An 24 Feabhra 2023, d’eisigh an Coimisiún nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (‘Nóta maidir le foinsí’).

(51)

Sa Nóta maidir le foinsí, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go mbeadh air dul i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil, in éagmais comhoibrithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bhí sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, in éineacht le foinsí eile faisnéise a mheastar a bheith iomchuí de réir na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le hAirteagal 18(5) den bhun-Rialachán.

(52)

Leis an Nóta maidir le foinsí, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin maidir leis an úsáid a bhí beartaithe aige a bhaint as an Tuirc mar thír ionadaíoch, agus maidir leis na foinsí ábhartha chun an gnáthluach a chinneadh agus an Tuirc ina tír ionadaíoch.

(53)

Sa Nóta maidir le foinsí, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara, i bhfianaise easpa comhoibriú, go mbunódh sé costais dhíreacha eile agus forchostais mhonaraíochta ar an bhfaisnéis faoi thionscal an Aontais a soláthraíodh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga.

(54)

Chuir sé in iúl freisin do na páirtithe leasmhara go leagfadh sé síos costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘SGA’) agus an brabús bunaithe ar fhaisnéis a bheadh ar fáil go poiblí do thrí tháirgeoir táirgí ón Tuirc i slabhra luacha na hamóinia, mar atá Ege Gübre Sanayii A.Ş., Tekfen Holding A.Ş., agus Bagfaş Bandirma Gübre Fabrikalari A.Ş.

(55)

Ar deireadh, leis an Nóta maidir le foinsí, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na foinsí agus ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus tíortha eile a mholadh, ar choinníoll go gcuirfidís faisnéis leordhóthanach isteach maidir leis na critéir ábhartha.

(56)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó CCCMC. D’áitigh an comhlachas gur cheart don Choimisiún an freagra a thug Xinjiang XLX ar an gceistneoir a úsáid mar fhíoras atá ar fáil, gur cheart dó na próisis táirgthe éagsúla agus na hamhábhair chun an gnáthluach a ríomh a chur san áireamh agus rinne sé cáineadh ar luachanna neamhshaofa roinnt ionchur, na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus an brabús. Tugtar aghaidh ar na barúlacha sin i ranna 3.2.2.2, 3.2.2.3.1, 3.2.2.3.2, agus 3.2.2.3.5 den Rialachán seo.

3.2.2.   Gnáthluach

(57)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’ .

(58)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn costas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus i gcomhair brabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais díola, ghinearálta agus riaracháin’).

(59)

Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don easpa comhair ó Rialtas na Síne agus don easpa comhar fiúntach ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(60)

I gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ríomhadh an gnáthluach. San iarraidh ar an athbhreithniú éaga, ríomh na hiarratasóirí an gnáthluach i gcás dhá theicneolaíocht táirgthe, teicneolaíocht Tsinghua a úsáidtear go heisiach sa tSín agus teicneolaíocht Eurotecnica a úsáidtear sa tSín ach a úsáideann táirgeoirí san Aontas freisin. Chun críoch an imscrúdaithe seo, rinne an Coimisiún a chuid torthaí a theorannú do theicneolaíocht Eurotecnica, ar ina leith a d’fhéadfaí liosta na dtosca táirgthe agus a gcainníochtaí tomhaltais a chros-seiceáil i gceart leis na hiarratasóirí a sholáthair an fhaisnéis don iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Mheas an Coimisiún, maidir le gnáthluach arna ríomh bunaithe ar mheánchainníochtaí tomhaltais, arna tharraingt as bróisiúr de chuid mhonaróir an trealaimh a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, mar a soláthraíodh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, go raibh sé níos ionadaíche i dtéarmaí rátaí úsáide chun críoch na dtorthaí ar fud na tíre ná mar a bhí sé i dtéarmaí tomhaltais aonair a bhain an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin chomhoibríoch amach faoi dhálaí sonracha a chuid oibríochta féin.

3.2.2.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.2.2.1.1.   Réamhrá

(61)

In Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán sainmhínítear gurb é atá i ‘saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu’. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair atá faoi úinéireacht údaráis na tíre is onnmhaireoir nó a oibríonn faoina smacht, faoina maoirseacht beartais nó faoina stiúir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí sa dóigh go gcumasaítear don stát cur isteach a dhéanamh i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát’.

(62)

Os rud é nach carnach an liosta in Airteagal (2(6a)(b) den bhun-Rialachán, ní gá na gnéithe uile a thabhairt chun a chinneadh gur ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, féadfar na tosca fíorasacha céanna a úsáid chun a thaispeáint gur ann do cheann amháin nó níos mó de na gnéithe ar an liosta. Mar sin féin, ní mór aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a dhéanamh ar bhonn na fianaise go léir atá idir lámha. Sa mheasúnú foriomlán i leith an ann do shaobhadh, féadfar comhthéacs ginearálta agus an cás sa tír is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, go háirithe i gcás ina dtugann na gnéithe bunúsacha de chomhdhéanamh eacnamaíoch agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir cumhachtaí substainteacha don rialtas chun idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar ar bhealach a fhágfaidh nach torthaí ar shaor-fhorbairt fhórsaí an mhargaidh iad na praghsanna ná na costais.

(63)

Foráiltear in Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ‘[i] gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún lena chreidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta’ .

(64)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil de réir tíre maidir le Daon-Phoblacht na Síne (‘an Tuarascáil’) (10), ina dtaispeántar gur ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar go leor leibhéal den gheilleagar, lena n-áirítear saobhadh sonrach i gcuid mhaith príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhar agus saothar) chomh maith le hearnálacha sonracha (amhail cruach agus ceimiceáin). Iarradh ar na páirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh a fhrisnéis, barúil a thabhairt maidir léi nó an fhianaise a fhorlíonadh. Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe ag an gcéim thionscnaimh. Bhí roinnt fianaise ábhartha san iarraidh freisin a fhorlíonann an Tuarascáil.

(65)

Ar bhealach níos sonraí, tugadh le fios san iarraidh, ag tagairt don Tuarascáil, go bhfuil costas an gháis nádúrtha sách íseal agus gur ghá don stát cur isteach ar mhargadh na húiré, atá ar cheann de phríomh-chomhpháirteanna an mhealaimín, de bharr saobhadh struchtúrach i roinnt mhaith earnálacha tionsclaíocha de chuid na Síne. Le praghas íseal an gháis nádúrtha, cuireadh ar a gcumas do tháirgeoirí mealaimín an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh ar chostas atá íseal go saorga. Leagtar amach san iarraidh freisin cineálacha éagsúla idirghabhála ón Stát ar mhargadh na húiré, amhail cuótaí diana allmhairiúcháin a bheith ann don úiré, dleachtanna arda onnmhairiúcháin le linn bhuaic an tséasúir, an díolúine ó CBL do dhíol intíre úiré agus stoc-charnadh straitéiseach úiré ag rialtas na Síne tríd an gcóras leasacháin stáit. Thairis sin, díríodh san iarraidh ar thorthaí éagsúla na Stát Aontaithe maidir leis na hidirghabhálacha ó Rialtas na Síne ina rabhthas i bhfabhar thionscal Mealaimín na Síne, amhail iasachtaíocht fhabhrach, cláir cánach ioncaim, cláir chánach maidir le díolúintí taraife, lacáistí CBL, díolúintí ó mhuirir riaracháin, forálacha rialtais agus deontais éagsúla, chomh maith le cláir fóirdheontais onnmhairiúcháin do mhargadh an mhealaimín arna sainaithint ag údaráis na Stát Aontaithe. Ina theannta sin, cuireadh in iúl san iarraidh, maidir le beartais Rialtas na Síne, amhail na beartais sin a mhionsonraítear sa 14ú plean 5 bliana (FYP), gur deimhníodh leo rannpháirtíocht leanúnach an stáit in earnáil na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán, earnáil a dhéantar a chatagóiriú mar ‘phríomh-thionscal den gheilleagar náisiúnta’, chomh maith le FYPanna roimhe sin, amhail na Tuairimí Treorach maidir le forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú FYP, ina dtagraítear do gheilleagar an mhargaidh shóisialaigh mar phrionsabal agus cuspóir uileghabhálach arb é is aidhm dóibh curaidh náisiúnta Shíneacha a chruthú. Ina theannta sin, ag tagairt siar don Tuarascáil, tugadh faoi deara san iarraidh go raibh saobhadh suntasach ann i leith na húsáide neamh-leordhóthanaí a bhaintear as dlíthe féimheachta, corparáideacha agus réadmhaoine, chomh maith le rochtain ar chaipiteal tríd an gcóras airgeadais. De réir na hiarrata, is dóchúil go mbeidh tionchar saobhach ag na bearta sin ar thionscal an mhealaimín.

(66)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tSín, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil ar an gcomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, a bhíonn ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge faoi athbhreithniú. Chuir an Coimisiún leis na gnéithe fianaiseacha sin a thuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gur ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

3.2.2.1.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre sa tSín

(67)

Tá córas eacnamaíoch na Síne bunaithe ar choincheap ‘gheilleagar an mhargaidh shóisialaigh’. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus cinntear rialachas eacnamaíoch na Síne leis. Is é an príomhphrionsabal ‘úinéireacht phoiblí shóisialach ar na modhanna táirgthe, eadhon, úinéireacht an phobail uile agus comhúinéireacht ag an lucht oibre’. Is é an geilleagar faoi úinéireacht an Stáit ‘fórsa ceannasach an gheilleagair náisiúnta’ agus tá sainordú ag an stát maidir le ‘comhdhlúthú agus fás an gheilleagair a áirithiú’ (11). Dá dhroim sin, ní hamháin go bhfágann comhdhéanamh foriomlán gheilleagar na Síne gur féidir idirghabhálacha substainteacha rialtais a dhéanamh sa gheilleagar, ach déantar idirghabhálacha den sórt sin a shainordú go sainráite. Tá an coincheap maidir le ceannas na húinéireachta poiblí ar an duine príobháideach leata ar fud an chórais dlíthiúil fhoriomláin agus cuirtear béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach píosa lárnaigh reachtaíochta. Sampla maith de sin is ea dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta, agus tugtar cead dóibh de réir dlí forbairt taobh le taobh leis an úinéireacht stáit (12).

(68)

Ina theannta sin, faoi dhlí na Síne, forbraítear an geilleagar margaidh sóisialach faoi cheannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne. Tá struchtúir stát na Síne agus Pháirtí Cumannach na Síne fite fuaite ina chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud lena gcruthaítear forstruchtúr nach féidir róil an Pháirtí agus an stáit a idirdhealú óna chéile ann. Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. Tar éis na chéad abairte atá cheana féin san fhoráil: ‘[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne’ cuireadh dara habairt nua isteach ina léitear: ‘[i]s é gné shainithe an tsóisialachais le saintréithe Síneacha ná ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne.’ (13) Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor. Gné dhílis de chóras na Síne is ea an cheannaireacht agus an smacht sin agus gabhann siad thar an ngnáth-chás i dtíortha eile ina mbíonn smacht maicreacnamaíoch ginearálta ag na rialtais laistigh de na teorainneacha a mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir ag feidhmiú laistigh díobh.

(69)

Bíonn stát na Síne ag gabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach de bhun spriocanna, a thagann leis an gclár oibre polaitiúil arna leagan síos ag Páirtí Cumannach na Síne in ionad a bheith ag léiriú na gcoinníollacha eacnamaíocha atá i réim i margadh saor (14). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais agus le leibhéal na timpeallachta rialála.

(70)

Ar an gcéad dul síos, ar an leibhéal maidir le smacht riaracháin foriomlán, rialaítear treo gheilleagar na Síne trí chóras casta pleanála tionsclaíche a dhéanann difear do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha uile laistigh den tír. Cumhdaíonn iomláine na bpleananna sin maitrís chuimsitheach agus chasta earnálacha agus beartais trasearnála agus tá siad i láthair ar gach leibhéal den rialtas. Bíonn na pleananna ar leibhéal na gcúigí mionsonraithe agus leagtar spriocanna níos leithne síos sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na bealaí a úsáidtear chun tacú leis na tionscail/hearnálacha ábhartha chomh maith leis na tréimhsí ama ina gcaitear na cuspóirí a bhaint amach. Tá spriocanna follasacha aschuir i roinnt pleananna i gcónaí. Faoi na pleananna, tá aird ar leith á tabhairt ar earnálacha tionsclaíocha aonair agus/nó ar thionscadail mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí rialtais agus déantar spriocanna forbartha sonracha (uasghrádú tionsclaíoch, fairsingiú idirnáisiúnta etc.) a shannadh dóibh. Ní mór do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir chinn phríobháideacha agus chinn faoi úinéireacht an Stáit araon, a ngníomhaíochtaí gnó a choigeartú go héifeachtach de réir an mhéid a fhorchuirtear leis an gcóras pleanála i ndáiríre. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor mar gheall ar chineál ceangailteach na bpleananna ach freisin toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal den rialtas le córas na bpleananna agus toisc go n-úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir sin, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin roinn 3.2.2.1.5 thíos) (15).

(71)

Ar an dara dul síos, ar an leibhéal a dhéantar acmhainní airgeadais a leithdháileadh, tá an lámh in uachtar ag na bainc thráchtála faoi úinéireacht an Stáit agus ag an bainc bheartais ar chóras airgeadais na Síne. Ní mór do na bainc sin, le linn dóibh a mbeartas iasachtaithe a bhunú agus a chur chun feidhme, iad féin a ailíniú leis na cuspóirí i mbeartas tionsclaíoch an rialtais seachas measúnú a dhéanamh go príomha ar fhiúntais eacnamaíocha tionscadail ar leith (féach freisin roinn 3.2.2.1.8 thíos) (16). Tá an rud céanna fíor maidir leis na comhpháirteanna eile de chóras airgeadais na Síne, amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, na margaí cothromais phríobháideacha, etc. Chomh maith leis sin, tá na codanna sin den earnáil airgeadais bunaithe ar bhonn institiúide agus oibríochta ar bhealach nach bhfuil giaráilte i dtreo fheidhmiú éifeachtúil na margaí airgeadais a uasmhéadú ach i dtreo smacht a áirithiú agus idirghabháil de chuid an Stáit agus Pháirtí Cumannach na Síne a cheadú (17).

(72)

Ar an tríú dul síos, maidir le leibhéal na timpeallachta rialála, tá roinnt foirmeacha ag baint le hidirghabhálacha an Stáit sa gheilleagar. Mar shampla, úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí go tráthrialta in iarracht spriocanna beartais seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a bhaint amach, agus dá réir sin, baintear an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl na cineálacha spriocanna atá i gceist sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (18). Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Úsáideann na húdaráis scagadh infheistíochta chomh maith le dreasachtaí, srianta, agus coisc éagsúla a bhaineann le hinfheistiú mar uirlis thábhachtach chun tacaíocht a thabhairt do spriocanna beartais tionsclaíocha, amhail smacht an Stáit a choimeád ar phríomh-earnálacha nó borradh a chur faoin tionscal intíre (19).

(73)

Mar sin, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena ndéantar foráil maidir leis an iliomad idirghabháil rialtais agus a spreagann iad. Tagann idirghabhálacha substainteacha rialtais den sórt sin salach ar shaor-imoibriú fhórsaí an mhargaidh, agus déantar leithdháileadh éifeachtach acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh a shaobhadh dá bharr sin (20).

3.2.2.1.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir

(74)

Sa tSín, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht beartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar.

(75)

Léirítear cur isteach suntasach ón stát in anailís a rinneadh ar na táirgeoirí mealaimín is mó sa tSín, mar atá Henan Zhongyuan Dahua Co., Ltd (21)., Henan Haohua Junhua Co., Ltd. (22), Sichuan Golden-Elephant Sincerity Chemical Co., Ltd (23). agus Xinjiang Xinlianxin Chemical Energy Co., Ltd (24). Cé gur Cuideachta faoi Úinéireacht Stáit é Henan Zhongyuan Dahua Co., Ltd., atá faoi lánúinéireacht Henan Energy agus Chemical Industry Group (cuideachta faoi úinéireacht stáit faoi SASAC (25)), tá leas 35 % ag Rialtas na Síne in Henan Haohua Junhua Co., Ltd., (26) arna shealbhú ag Sinochem Holding, ar cuideachta faoi úinéireacht stáit é atá faoi mhaoirseacht SASAC, trína fhochuideachta Haohua Chemical Co. Sinochem Holding (27). Seachas úinéireacht fhoirmiúil, is féidir le húdaráis stáit cuideachtaí a rialú agus a mhaoirsiú trí bhealaí neamhfhoirmiúla, mar a léirítear leis an gcuideachta táirgthe mealaimín faoi úinéireacht phríobháideach Sichuan Golden-Elephant Sincerity Co., Ltd (28). a fuair, de réir foinsí poiblí, tacaíocht airgeadais trí iasacht fhabhrach ó Riarachán Maoirseachta Mhargadh Chathair Meishan agus ó Fhobhrainse Lárnach Meishan People’s Bank of China (29)chun forbairt ardcháilíochta a chur chun cinn, an geilleagar a chobhsú agus gníomhaithe ar an margadh a chobhsú‘ (30). Cuireann an táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch, Xinjiang XLX (31), i dtábhacht ar a shuíomh gréasáin freisin, ‘faoi threoraíocht bheartais agus tacaíocht láidir ón réigiún féinrialaitheach, ón stát, ó choiste contae an Pháirtí, agus ón rialtas, tá forbairt ollmhór bainte amach ag Xinlianxin Company, agus tá éachtaí móra forbartha ár ndúiche feicthe aige freisin […] faoi cheannaireacht láidir Lárchoiste an Pháirtí agus Comrade Xi Jinping ina chroílár, agus lántacaíocht á fáil freisin ón réigiún féinrialaitheach, ón dúiche, ón gcoiste contae agus ón rialtas (32). Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil idirghabhálacha Pháirtí Cumannach na Síne sa chinnteoireacht oibríochtúil anois mar ghnáthchleachtas i gcuideachtaí príobháideacha (33), agus Páirtí Cumannach na Síne ag éileamh ceannaireachta ar bheagnach gach gné de gheilleagar na tíre, is é an toradh atá ar thionchar an Stáit trí struchtúir Páirtí Cumannach na Síne laistigh de chuideachtaí ná go mbíonn oibreoirí eacnamaíocha faoi smacht agus faoi mhaoirseacht bheartais an rialtais, ag cur san áireamh cé chomh fada agus atá struchtúir an Stáit agus an Pháirtí tar éis fás le chéile sa tSín.

(76)

Tá sé sin le brath freisin ar leibhéal Chónaidhm Thionscal Peitriceimiceán agus Ceimiceán na Síne (‘CPCIF’), arb é comhlachas earnála an tionscail é. De réir Airteagal 3 d’Airteagail Chomhlachais CPCIF, ‘glacann an eagraíocht leis an treoraíocht, leis an maoirseacht agus leis an mbainistíocht ghairmiúil ó na heintitis atá i gceannas ar chlárú agus ar bhainistíocht, ó eintitis atá i gceannas ar fhoirgneamh de chuid an Pháirtí, agus chomh maith leis sin ó na ranna riaracháin ábhartha atá i gceannas ar bhainistíocht an tionscail’ (34).

(77)

Mar sin de, fiú táirgeoirí atá faoi úinéireacht phríobháideach in earnáil an táirge faoi athbhreithniú, cuirtear cosc orthu oibriú faoi dhálaí margaidh. Go deimhin, fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon, tá siad faoi réir maoirseachta beartais agus treorach mar a shonraítear i roinn 3.2.2.1.5 thíos.

3.2.2.1.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: An stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas

(78)

Seachas smacht a chur i bhfeidhm ar an ngeilleagar trí bhíthin úinéireachta ar fhiontair faoi úinéireacht an Stáit agus uirlisí eile, tá sé ar chumas Rialtas na Síne cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne, (35) tá tábhacht le cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó tríd na cealla sin. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (36)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad tá Páirtí Cumannach na Síne ag treisiú na maímh atá aige go bhfuil smacht aige ar chinntí gnó i bhfiontair atá faoi úinéireacht an stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil, (37) lena n-áirítear brú a chur ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an Pháirtí a chomhlíonadh (38). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar na cuideachtaí sin ligean d’eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí lena mbaineann siad (39). Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(79)

Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, scaoileadh doiciméad dar teideal General Office of CCP Central Committee’s Guidelines on stepping up the United Front work in the private sector for the new era [Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach PCS maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua (na Treoirlínte) (40)], rud a chuir le ról na gcoistí páirtí i bhfiontair phríobháideacha. Tá an méid seo a leanas i Roinn II.4 de na Treoirlínte: ‘[n]í mór dúinn acmhainneacht fhoriomlán an Pháirtí a mhéadú chun obair Fhronta Aontaithe na hearnála príobháidí a stiúradh agus dlús a chur le héifeachtacht na hoibre sa réimse sin’; agus i Roinn III.6 deirtear: ‘[n]í mór dúinn dlús a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus a chur ar chumas chealla an Pháirtí a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus é a chur ar chumas do chomhaltaí an Pháirtí a ról a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaithe.’ Cuirtear ról Pháirtí Cumannach na Síne i dtábhacht sna Treoirlínte dá bhrí sin agus féachtar iontu le ról an Pháirtí a mhéadú i gcuideachtaí agus in eintitis eile san earnáil phríobháideach (41).

(80)

Deimhníodh san imscrúdú go bhfuil forluití idir seasaimh bhainistíochta agus comhaltas i bPáirtí Cumannach na Síne/feidhmeanna an Pháirtí coitianta in earnáil an mhealaimín. Go deimhin, is Rúnaithe Coistí den Pháirtí ina gcuideachtaí faoi seach freisin iad na cathaoirligh faoi seach ar bhord stiúrthóirí Henan Zhongyuan Dahua Co., Ltd., Henan Haohua Junhua Co., Ltd., Sichuan Golden-Elephant Sincerity Co., Ltd. agus Xinjiang Xin Lian Xin Chemical Energy Co., Ltd.

(81)

Láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach roinn 3.2.2.1.8 thíos freisin) agus i soláthar amhábhar agus ionchur, tá éifeachtaí saofa breise aige sin ar an margadh (42). Dá réir sin, de bharr láithreacht an Stáit i ngnólachtaí, san earnáil mealaimín agus in earnálacha eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach i dtaca le praghsanna agus earraí.

3.2.2.1.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

(82)

Déantar treo gheilleagar na Síne a chinneadh a bheag nó a mhór le córas mionléirithe pleanála lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na spriocanna nach mór do na rialtais láir, na rialtais chúigeacha agus na rialtas áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas agus cumhdaítear leo gach earnáil eacnamaíoch, nach mór. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála sa tSín fágann sé go mbíonn acmhainní á ndíriú chuig earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (43).

(83)

D’achtaigh údaráis na Síne roinnt beartas ag treorú feidhmiú earnáil an táirge faoi athbhreithniú.

(84)

Ar an gcéad dul síos, leagtar amach sa 14ú FYP maidir le hamhábhair (44)go gcuirfear feabhas mór ar dhianfhorbairt páirceanna tionsclaíochta ceimiceacha, rud a fhágfaidh go mbeidh grúpa bunáiteanna peitriceimiceacha tionsclaíochta ann‘ (45). Moltar sa phlean freisin go ndéanfadh an tionscal ‘acmhainneacht táirgeachta nua na húiré a rialú go docht’, ar ábhar í atá ar cheann de phríomh-chomhpháirteanna an mhealaimín, agus ‘na caighdeáin chun deireadh a chur le hacmhainneacht táirgeachta atá imithe as feidhm a mhéadú, agus caighdeáin chuimsitheacha a úsáid chun deireadh na hacmhainneachta táirgeachta atá imithe as feidhm a chur chun cinn, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin‘ (46). Thairis sin, ‘ní mór do gach dúiche comhlíontacht leis an bPlean seo a neartú agus príomhábhar agus mórthionscadail an Phlean a chomhtháthú ina bpríomhchúraimí áitiúla. Déanfaidh tionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán, […] tuairimí sonracha cur chun feidhme a leagan amach ina ndíreofar ar chuspóirí agus cúraimí an Phlean seo agus ina gcuirfear san áireamh na coinníollacha iarbhír a bheidh ann sna hearnálacha réamhluaite‘ (47). Thairis sin, leagtar amach sa 14ú FYP maidir le forbairt ghlas an tionscail (48)gur cheart an acmhainneacht nua a chur faoi dhiansmacht i dtionscail amhail tionscal na húiré‘ (49). Tá sé sin i gcomhréir le Catalóg Treorach 2019 maidir le coigeartú struchtúrach an tionscail (50), ina liostaítear saoráidí táirgthe Úiré i measc na saoráidí ‘a gcuirfear deireadh leo‘ agus a bheidh faoi smacht dá bhrí sin (51). Ar leibhéal an chúige, sa 14ú FYP de chuid Jiangsu maidir le forbairt ardleibhéil thionscal na gceimiceán (52), leagtar amach an rún atá ag na húdaráis áitiúla ‘leanúint de rialú a dhéanamh ar acmhainneacht táirgeachta nua i dtionscail iomarcacha amhail scagadh ola, úiré, fosfáit amóiniam, hiodrocsaíd sóidiam, clóiríd pholaivinile, luaith shóide, cairbíd chailciam agus fosfar buí‘ (53). Sa 14ú FYP de chuid Shandong maidir le forbairt thionscal na gceimiceán (54), sonraítear ‘feabhas a chur ar bhreisluach agus scagadh táirgí agus dlús a chur le bunú córais le haghaidh thionscal na gceimiceán bunaithe ar ghual, córas ina mbeidh trí phríomhchatagóir: ceimiceáin atá bunaithe ar ghual ina bhfuil ocsaigin, idirmheánaigh cheimiceacha atá bunaithe ar ghual, agus ábhair cheimiceacha nua atá bunaithe ar ghual‘ chomh maith le ‘díriú isteach ar shlabhra tionsclaíoch míncheimiceán atá bunaithe ar ghual a fhorbairt.‘ (55)

(85)

Ina theannta sin, leis an Tuairim Treorach chun forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú FYP (56), déantar paraiméadair bhreise le haghaidh fhorbairt bheartaithe na hearnála a chainníochtú: ‘Faoi 2025, is éard a bheidh i dtionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán go bunúsach patrún forbartha ardcháilíochta ag a mbeidh cumais nuálaíochta dhúchasacha láidre, leagan amach struchtúrach réasúnach, agus forbairt ghlas, shábháilte, ísealcharbóin. Cuirfear feabhas mór ar chumais freisin chun táirge ardleibhéil a áirithiú, feabhsófar croí-iomaíochas go mór agus glacfar céimeanna daingne i dtreo féintuilleamaí agus féinfheabhsú ardleibhéil‘ (57) agus déantar spriocanna éagsúla le haghaidh earnáil na gceimiceán a chainníochtú léi freisin: ‘[d]éanfar an leibhéal comhchruinnithe táirgeachta den táirgeadh bulc-cheimiceán a mhéadú a thuilleadh, agus sroichfidh an ráta úsáide acmhainneachta níos mó ná 80 % […] bunófar thart ar 70 páirc de thionscal na gceimiceán agus beidh buntáistí iomaíocha le fáil iontu‘ (58). Cuirtear i dtábhacht léi freisin an gá atá le: ‘comhordú na mbeartas fioscach, airgeadais, réigiúnach, infheistíochta, allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, fuinnimh, éiceolaíoch, comhshaoil, praghsála agus beartais eile a neartú le beartais thionsclaíocha’ chomh maith le ‘[r]ól an ardáin náisiúnta um chomhar comhpháirteach tionscail-airgeadais a threisiú, agus naisc bainc-fiontair agus comhar tionscail-airgeadais a chur chun cinn‘ (59).

(86)

Leis an bhFógra maidir le hObair Mhaith a Dhéanamh agus Conarthaí Meántéarmacha agus Fadtéarmacha maidir le Gual á Síniú agus á bhFeidhmiú in 2021 (60) ón gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta, éilítear freisin go ndéanfadh na gníomhaithe ábhartha ar an margadh na nithe seo a leanas: ‘forbairt fhéinsmacht an tionscail a neartú. Ba cheart do gach comhlachas tionsclaíoch ábhartha fiontair a threorú chun féinsmacht a neartú, chun ceanglais na gconarthaí meántéarmacha agus fadtéarmacha a chur chun feidhme, agus ní fhéadfaidh siad conarthaí éagothroma a shíniú trí bhuntáiste a bhreith ar staid an tsoláthair agus an éilimh sa mhargadh ná ar staid cheannasach an tionscail. Ba cheart d’fhiontair ar mhórscála ról eiseamláireach a bheith acu agus a gcinntí maidir le conarthaí a shíniú a rialú go comhfhiosach‘ (61). Tríothu sin agus trí mhodhanna eile, déanann Rialtas na Síne, dá bhrí sin, gach gné, nach mór, d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála a stiúradh agus a rialú, chomh maith leis na hionchuir réamhtheachtacha.

(87)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh chun cuspóirí beartais phoiblí maidir leis an earnáil mealaimín a chomhlíonadh. Cuireann bearta den sórt sin cosc ar fhórsaí an mhargaidh oibriú gan bhac.

3.2.2.1.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(88)

De réir na faisnéise atá ar comhad, déanann córas féimheachta na Síne seachadadh neamhleor ar a phríomhchuspóirí féin amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas an tSín, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne. Tá an líon féimheachtaí fós fíor-íseal i ndáil le méid gheilleagar na tíre, ní hamháin toisc go bhfuil roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, a fheidhmíonn go bunúsach mar dhídhreasacht i gcás comhduithe féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (62).

(89)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún sa tSín (63). Is leis an Stát an talamh ar fad (talamh thuaithe atá faoi chomhúinéireacht agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit) agus tá a leithdháileadh fós ag brath ar an Stát amháin. Is forálacha dlíthiúla iad sin a bhfuil d’aidhm acu cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ag praghsanna an mhargaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, ní urramaítear na forálacha sin go tráthrialta, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a gcuid talún saor in aisce nó faoi rátaí an mhargaidh (64). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (65).

(90)

Ach oiread le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin, freisin, faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas ag eascairt as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin san earnáil mealaimín. Níor tugadh aon rud le fios san imscrúdú reatha a tharraingeodh amhras ar na torthaí sin.

(91)

I bhfianaise an méid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil an táirge faoi athbhreithniú.

3.2.2.1.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá

(92)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán sa tSín toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin bhunriachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse comhlachais agus cómhargáil (66). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht ceardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (67). Thairis sin, cuirtear srian ar shoghluaisteacht lucht saothair na Síne de bharr an chórais clárúcháin teaghlaigh, rud a chuireann teorainn leis an rochtain ar an raon iomlán slándála sóisialta agus ar shochair eile d’áitritheoirí áitiúla i limistéar riaracháin ar leith. Fágann sé sin oibrithe nach bhfuil an clárú cónaitheachta áitiúil ina seilbh acu iad féin i staid leochaileach fostaíochta agus faigheann siad ioncam níos ísle ná na daoine a bhfuil an clárú cónaitheachta acu (68). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais pá a shaobhadh sa tSín.

(93)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach a thabharfadh le fios nach mbeadh an earnáil mealaimín faoi réir chóras dlí saothair na Síne ar ar tugadh tuairisc. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach dá réir sin don earnáil (nuair a bhíonn an táirge lena mbaineann nó an príomhamhábhar lena tháirgeadh á mhonarú) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna sa tSín).

3.2.2.1.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(94)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal sa tSín faoi réir saobhadh éagsúil.

(95)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (69), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, tá nasc fós ag na bainc leis an Stát ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidreamh pearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne go bunúsach a cheapann na feidhmeannaigh is airde sna hinstitiúidí móra airgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit) (70) agus, arís ach an oiread le fiontair neamhairgeadais atá faoi úinéireacht an Stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí arna gceapadh ag Rialtas na Síne chun feidhme go tráthrialta. Agus iad á dhéanamh sin, comhlíonann na bainc sainoibleagáid dhlíthiúil maidir lena ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (71). Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (72).

(96)

Cé go n-aithnítear go dtagraíonn forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá le gnáth-iompraíocht baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le himscrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa an iasachtóra, tugtar le fios i bhformhór na fianaise, lena n-áirítear na torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, nach bhfuil ag na forálacha sin ach ról tánaisteach maidir leis na hionstraimí dlí éagsúla a chur i bhfeidhm.

(97)

Mar shampla, shoiléirigh Rialtas na Síne nach mór do Pháirtí Cumannach na Síne maoirseacht a dhéanamh ar chinntí príobháideacha baincéireachta tráchtála fiú agus go bhfanfaidh siad i gcomhréir le beartais náisiúnta. Is ceann de thrí sprioc uileghabhálacha an Stáit maidir le rialachas baincéireachta é ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnálacha na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta (73). Ní mór do chritéir mheastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála a chur san áireamh anois freisin go háirithe, an chaoi a ‘bhfreastalaíonn eintitis ar na cuspóirí forbartha náisiúnta agus ar an bhfíorgheilleagar’, agus go háirithe ar an gcaoi a bhfreastalaíonn siad ar ‘thionscail straitéiseacha agus ar thionscail atá ag teacht chun cinn’ (74).

(98)

Ina theannta sin, déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear an tionchar atá ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas. Tugtar le fios go láidir i meastacháin go gcomhfhreagraíonn rátálacha creidmheasa na Síne go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (75).

(99)

Is measa fós é sin de bharr rialacha breise atá i bhfeidhm, a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile (76). Bíonn claonadh ann dá bharr sin i bhfabhar iasachtaí a thabhairt d’fhiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, do gnólachtaí príobháideacha dea-nasctha agus do ghnólachtaí in earnálacha tionsclaíocha tábhachtacha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas an chaipitil do gach gníomhaí ar an margadh.

(100)

Ar an dara dul síos, coinníodh costais iasachtaithe íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Mar thoradh air sin tá úsáid iomarcach á baint as infheistíocht chaipitil le torthaí níos ísle ar an infheistíocht. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig le déanaí ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

(101)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Maidir le sciar den iasachtú ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun, is ionann é agus aon trian ar a laghad de gach iasachtú ó dheireadh 2018 (77). Thuairiscigh na meáin oifigiúla sa tSín le déanaí gur éiligh Páirtí Cumannach na Síne ‘go dtreorófaí ráta úis mhargadh na n-iasachtaí síos.’ (78) Tarlaíonn praghsáil ró-íseal de thoradh rátaí úis a bheith níos ísle ná mar atá réasúnach, agus dá dheasca sin, baintear úsáid iomarcach as caipiteal.

(102)

Léiríonn an fás foriomlán ar chreidmheas sa tSín go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha tar éis dul i méid go tapa, agus roghnaigh Rialtas na Síne roinnt uaireanta mainneachtain a sheachaint, rud lena gcruthaítear cuideachtaí ‘zombaí’ mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht na bhfiach a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais ar chothromas), gan gá deireadh a chur le fadhb fhoriomlán na bhfiach ná aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na faidhbe.

(103)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh sa tSín. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

(104)

Níor cuireadh aon fhianaise isteach san imscrúdú reatha lenar léiríodh nach ndéanann an idirghabháil ón rialtas sa chóras airgeadais aon difear d’earnáil an táirge faoi athbhreithniú de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstainteach an rialtais sa chóras airgeadais.

3.2.2.1.9.   An nádúr sistéamach a bhaineann leis an saobhadh a shonraítear

(105)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréithe de gheilleagar na Síne an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil maidir le fíricí agus gnéithe an chórais Shínigh mar a thuairiscítear thuas i ranna 3.2.2.1.2 go 3.2.2.1.5 agus freisin i gCuid I den Tuarascáil, go bhfuil feidhm acu ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is ionann an scéal maidir leis an tuairisc ar na tosca táirgeachta mar a leagtar amach thuas i Ranna 3.2.2.1.6 – 3.2.2.1.8 thuas agus i gCuid II den Tuarascáil.

(106)

Meabhraíonn an Coimisiún gur gá ionchuir áirithe chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí mealaimín na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh gurb iad a gcuid costas féin iad) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus earnálacha.

(107)

Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre an táirge faoi athbhreithniú a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh sa tSín trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin.

(108)

Fuair an Coimisiún barúlacha ó CCCMC, a raibh ionadaíocht á déanamh aige ar thrí tháirgeoir mealaimín Shíneacha, Sichuan Golden-Elephant Sincerity Chemicals Co., Ltd, Shandong Holitech Chemical Industry Co., Ltd agus Henan Junhua Development Ltd (79).

(109)

Ar an gcéad dul síos, mhaígh CCCME nach sainaithnítear in Airteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT coincheap an tsaofa shuntasaigh. Thairis sin, fiú dá mba rud é go dtiocfadh coincheap an tsaofa shuntasaigh faoi Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, nach amhlaidh an cás de réir CCCMC, ba ghá ríomh an Aontais ar an ngnáthluach ríofa a bheith i gcomhréir le hAirteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála agus leis an léirmhíniú atá ag an mBuanchomhlacht Achomhairc air freisin, rud a sholáthraítear sa chás AE – Bithdhíosal (An Airgintín) (DS473). Dá réir sin, ní cheadófaí an gnáthluach a ríomh, de réir CCCMC, ach i gcásanna nach ndíolfaí aon táirge comhchosúil ‘i ngnáthchúrsa trádála’ nó ‘i staid mhargaidh ar leith’. Níor mhór an saobhadh suntasach a líomhnaítear sa tír is onnmhaireoir teacht faoi cheann amháin de na catagóirí sin dá bhrí sin le go bhféadfadh an Coimisiún dul ar aghaidh leis an athbhreithniú éaga de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní hamhlaidh an cás de réir CCCMC, ós rud é go gceadaítear leis an modheolaíocht de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ríomhfaí an gnáthluach tar éis saobhadh suntasach a aimsiú, seachas i gcomhréir leis na coincheapa dá ndéantar foráil in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála.. Thairis sin, mhaígh CCCMC nach bhfuil aon airteagal sa Chomhaontú Frithdhumpála lena gceadaítear, chun an gnáthluach a chinneadh, go n-úsáidfí sonraí ó thríú tír nach léiríonn go hiomchuí an leibhéal praghsanna nó costais sa tír thionscnaimh. Is gá an gnáthluach sna himscrúduithe frithdhumpála a chinneadh bunaithe ar phraghsanna díola nó ar chostais na gcuideachtaí sa tír thionscnaimh nó ar a laghad bunaithe ar phraghsanna nó ar chostais a d’fhéadfadh leibhéal an phraghais nó an chostais sa tír thionscnaimh a léiriú. I ndáil leis sin, luaigh CCCMC go háirithe an tuarascáil ó Phainéal EDT sa chás An tAontas Eorpach – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas II (An Rúis) (DS494) mar shampla d’agóid dhlíthiúil rathúil in aghaidh chomhoiriúnacht na modheolaíochta le EDT faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ar na cúiseanna uile a luaitear thuas, mheas CCCME nach raibh Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir leis an gComhaontú Frithdhumpála agus nár cheart é a chur i bhfeidhm sa chás sin.

(110)

Maidir leis na hargóintí ó CCCMC a bhaineann le comhoiriúnacht na modheolaíochta le EDT de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, measann an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán i gcomhréir le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí-eolaíocht a luann CCCMC. Tugann an Coimisiún dá aire ag an tús, más ann do shaobhadh suntasach, nach iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, beartaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir. Thairis sin, an Tuarascáil ó EDT maidir le AE – an Bithdhíosal, níor bhain sí le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ach bhain sí le foráil shonrach d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. In aon chás, le dlí EDT de réir mar a léirmhínigh an Buanchomhlacht Achomhairc é in AE – Bithdhíosal, ceadaítear sonraí a úsáid ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá bunús leis. Ina theannta sin, i ndáil leis an díospóid an tAontas Eorpach – Modheolaíochtaí Coigeartaithe Costas II, measadh go sonrach i dTuarascáil an Phainéil go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide. Thairis sin, meabhraíonn an Coimisiún go ndearna an tAontas agus Cónaidhm na Rúise araon achomharc in aghaidh thorthaí an Phainéil, nach críochnaitheach na torthaí sin agus dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí EDT, níl stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT, ó tharla nár fhormhuinigh an Comhlacht um Réiteach Díospóidí iad le cinntí ó Chomhaltaí EDT. Dá dheasca sin, níorbh fhéidir glacadh leis na hargóintí ó CCCMC.

(111)

Ar an dara dul síos, maidir leis an bhfianaise lena dtaispeántar gur ann do shaobhadh suntasach, líomhain CCCMC gur sholáthair na hiarratasóirí fianaise neamh-leordhóthanach le go bhféadfaí údar a thabhairt le haon chinneadh maidir le ‘saobhadh suntasach’ i dtionscal mealaimín na Síne agus dá bhrí sin, gur ghá bunús i bhfad níos láidre a thabhairt le hanailís dhílis an Choimisiúin i gcaitheamh an imscrúdaithe, go háirithe chun an líomhain maidir le saobhadh ó thionscal an Aontais a chomhlánú, rud nár féadadh a fhíorú, de réir CCCMC, i ngeall ar a ghinearálta a bhí sí agus gan foinsí foluiteacha a bheith luaite go hiomchuí. Mar shampla, tagraíonn CCCMC don fhíoras nach ndéantar sa tagairt ó thionscal an Aontais don 14ú FYP ach a mhaíomh ‘gurb é is aidhm dó curaidh náisiúnta Shíneacha a chruthú‘. Ar an gcaoi chéanna, déanann CCCMC cáineadh ar an tagairt ó thionscal an Aontais do Thuairimí Treorach maidir le forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú FYP. De réir CCCMC, is treoirdhoiciméad atá sna Tuairimí Treorach agus ní leagtar amach rialacha ceangailteacha ann, agus sonraítear sa doiciméad sin freisin roinnt spriocanna nach luann tionscal an Aontais, lena n-áirítear na spriocanna a bhaineann le ‘ról cinntitheach an mhargaidh i leithdháileadh acmhainní a threisiú, ról níos lárnaí a thabhairt don rialtas‘ agus ‘timpeallacht ghnó a bheidh dírithe ar an margadh, a bheidh dleathach agus idirnáisiúnaithe a chruthú […], leithdháileadh éifeachtúil acmhainní ar fud an domhain a chur chun cinn, agus comhar réamhtheachtach agus iartheachtach an tslabhra thionsclaíoch agus an fhorbairt chúpláilte idir thionscail chomhlachaithe a neartú‘. Ina fhianaise sin, rinne CCCMC comparáid idir na Tuairimí Treorach agus tionscnaimh bheartas tionsclaíoch an Aontais atá ann faoi láthair.

(112)

I dtaca leis sin, chuir CCCMC i dtábhacht freisin nach bhfuil an Tuarascáil cothrom le dáta a thuilleadh, go háirithe i bhfianaise na bhforbairtí eacnamaíocha substaintiúla a rinneadh san Aontais agus sa tSín araon ó foilsíodh í. Tharraing CCCMC aird ar an oibleagáid atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán maidir leis an Tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus mhaígh sé, maidir leis na tagairtí uirísle a rinneadh don Tuarascáil arís agus arís eile – cibé acu ó thionscal an Aontais nó i gcinntí an Choimisiúin – nach mbeidís leordhóthanach. I ndáil leis sin, thagair CCCME don rialú ó Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT sa chás Stáit Aontaithe Mheiriceá – Bearta Frithchúitimh (DS437), agus luaigh sé nach mór an maíomh maidir le saobhadh praghsanna a dhéanamh ar bhonn cás ar chás agus nach mór é a bhunú agus a mhíniú go leormhaith i dtuarascáil an údaráis imscrúdúcháin.

(113)

Maidir le hargóintí CCCMC a bhaineann le hanailís ar leordhóthanacht na fianaise, níor chomhaontaigh an Coimisiún. Ar an gcéad dul síos, maidir le neamh-leordhóthanacht na fianaise a líomhnaítear a bheith san aighneacht/sna haighneachtaí ó thionscal an Aontais, i gcaitheamh an imscrúdaithe seo, is amhlaidh go deimhin go bhfuil tuilleadh faisnéise á bailiú ag an gCoimisiún chun na foinsí atá ar fáil a chomhlánú, lena n-áirítear an iarraidh agus an Tuarascáil, chun na líomhaintí a rinneadh tráth an tionscnaimh a fhíorú agus, ar deireadh, chun a chinneadh cé acu is ann nó nach ann do shaobhadh suntasach in earnáil an mhealaimín de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ón gCoimisiún. Leagtar amach torthaí an imscrúdaithe ón gCoimisiún in aithrisí (67) go (104) agus tá deis ag na páirtithe leasmhara tuilleadh barúlacha a thabhairt orthu. In aon chás, maidir le leordhóthanacht na fianaise ag céim an tionscnaimh, meabhraíonn an Coimisiún go ndearnadh tagairt i bpointe 4.1 den Fhógra Tionscnaimh do roinnt eilimintí i margadh mealaimín na Síne, chun bunús a thabhairt go ndearnadh difear don mhargadh le saobhadh. Measann an Coimisiún gur leor an fhianaise a liostaíodh san Fhógra Tionscnaimh chun go mbeadh údar le himscrúdú a thionscnamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Go deimhin, cé gur tráth an nochta deiridh amháin a dhéantar an cinneadh más amhlaidh gur ann don saobhadh suntasach agus an úsáid a bhaintear ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a fhorordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, leagtar síos le hAirteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán oibleagáid maidir leis na sonraí is gá a bhailiú chun an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm nuair a thionscnaítear an t-imscrúdú ar an mbonn sin. Sa chás sin, mheas an Coimisiún gur leordhóthanach an fhianaise a tíolacadh san iarraidh chun an t-imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún na bearta is gá chun é a chur ar a chumas an mhodheolaíocht faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm i gcás ina ndeimhneofar aon saobhadh suntasach a bheith ann le linn an imscrúdaithe.

(114)

Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint a bhaineann le doiciméid bheartais na Síne, cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil geilleagar na Síne cumhdaithe le gréasán casta FYPanna, rud a spreagann na cinntí ó na húdaráis phoiblí ar gach leibhéal. Murab ionann agus an argóint a chuireann CCCMC chun tosaigh, déanann an Coimisiún doiciméid cheangailteacha FYPanna a bhreithniú, ó tharla go ndéanann an 14ú FYP náisiúnta, mar shampla, roinn iomlán a chur i leith ‘feabhas a chur ar an sásra cur chun feidhme pleanála’, agus maítear an méid seo a leanas: ‘A mhéid a bhaineann leis na táscairí ceangailteacha, tionscadail mhóra innealtóireachta, agus cúraimí i seirbhísí poiblí, cosaint an chomhshaoil, sábháilteacht, agus réimsí eile a leagtar amach sa Phlean seo, is gá soiléiriú a dhéanamh ar fhreagrachtaí na bpáirtithe agus ceanglais a sceidealú, chun acmhainní poiblí a leithdháileadh, acmhainní sóisialta a threorú agus a rialú agus an cur i gcrích a áirithiú mar a sceidealaíodh. A mhéid a bhaineann leis na táscairí agus na cúraimí a bhfuil coinne leo i réimsí na forbartha tionsclaíche agus an choigeartaithe struchtúraigh a leagtar amach sa Phlean seo, is gá muinín a chur i ról na ngníomhaithe ar an margadh go príomha chun iad a bhaint amach. Ní mór do rialtais ar gach leibhéal timpeallacht bheartais, timpeallacht institiúideach agus timpeallacht dhlíthiúil a bheidh fabhrach a chruthú.’  (80) Ina theannta sin, leis an Tuairim Treorach maidir le forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú FYP, tagraítear d’idirghabháil choincréiteach ón stát freisin, de bharr na hargóinte a cuireadh chun tosaigh san iarraidh, lena dtugtar le fios go ndéanfaidh fiontair de chuid na Síne ‘dlús a chur le claochlú agus uasghrádú na dtionscal traidisiúnta, agus ábhair cheimiceacha nua agus míncheimiceáin a fhorbairt go tréan. Dlús a chur le claochlú digiteach an tionscail, feabhas a chur ar an leibhéal sábháilteachta intrí agus táirgthe ghlain, dlús a chur le cáilíocht, éifeachtúlacht agus claochlú cumhachta thionscal na bpeitriceimiceán, agus dul chun cinn na Síne ó thír mhór go tír láidir ó thaobh na bpeitriceimiceán de a chur chun cinn‘ (81).

(115)

Ar an tríú dul síos, maidir leis na cosúlachtaí a líomhnaítear a bheith ann idir beartais thionsclaíocha an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair agus beartais sa tSín, níor léir don Choimisiún go mbaineann an pointe sin le hábhar i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar shaobhadh suntasach a bheith ann sa tSín i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(116)

Ar an gceathrú dul síos, maidir leis an maíomh go bhfuil an fhianaise atá sa Tuarascáil as dáta, thug an Coimisiún dá aire gur doiciméad cuimsitheach é an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise fhorleathan oibiachtúil, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag údaráis na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Ó tharla gur cuireadh ar fáil go poiblí í cheana féin i mí na Nollag 2017 bhí neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar chun í a bhréagnú, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt uirthi agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sí bunaithe, agus ní dhearna aon pháirtí argóintí ná fianaise a chur isteach a bhréagnódh na foinsí agus an fhaisnéis a áirítear sa Tuarascáil.

(117)

Ar an gcúigiú dul síos, maidir le Stáit Aontaithe Mheiriceá – Bearta Frithchúitimh (an tSín), meabhraíonn an Coimisiún nár bhain sé le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, airteagal atá ina bhunús dlí ábhartha le haghaidh chinneadh an ghnáthluacha san imscrúdú seo. Is cás fíorasach eile a bhí i gceist leis an díospóid sin, agus bhain sé le léirmhíniú Chomhaontú EDT maidir le Fordheontais agus le Bearta Frithchúitimh.

(118)

Ar deireadh, mheabhraigh an Coimisiún go raibh an deis ag Rialtas na Síne barúil a thabhairt maidir leis an saobhadh líomhnaithe ar a dtugtar tuairisc sa Tuarascáil agus san athbhreithniú éaga agus, fianaise a sholáthar lena gcuirfí in aghaidh na líomhaintí. Mar a mhínítear in aithris (47), níor thug Rialtas na Síne freagra ar an gceistneoir faoi seach agus dá bhrí sin, bhunaigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir le saobhadh suntasach a bheith ann ar mhargadh na Síne ar fhíorais a bhí ar fáil de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(119)

Nuair a nochtadh é, d’athdhearbhaigh CCCMC a chuid argóintí, agus rinne sé tagairt shainráite don aighneacht dá chuid a chuir sé isteach roimhe sin. Thairis sin, chuir Xinjiang XLX argóintí isteach a bhí go díreach mar an gcéanna le hargóintí CCCMC.

(120)

Ar an gcéad dul síos, d’áitigh CCCMC agus Xinjiang XLX go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le dlí EDT agus ar neamhréir go sonrach le hAirteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, agus rinne siad cáineadh ar an gCoimisiún toisc nár mhínigh sé an chaoi a bhfuil a chleachtas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir leis an réasúnaíocht a leagtar amach i gcinntí comhsheasmhacha éagsúla ó Bhuanchomhlacht Achomhairc EDT inar suíodh go raibh cleachtais chomhchosúla an Aontais agus comhaltaí eile maidir leis an ngnáthluach a ríomh ar neamhréir le hoibleagáidí Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála. Thairis sin, d’iarr CCCMC agus Xinjiang XLX ar an gCoimisiún gan diúltú dá n-argóint trína mhaíomh go gceadaíonn EDT go n-úsáidfí sonraí ó thríú tír, ach ina ionad sin míniú a thabhairt dóibh ar an gcaoi a ndearna an Coimisiún an t-oiriúnú a éilítear le hAirteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála chun teacht ar an gcostas táirgthe ‘sa tír thionscnaimh‘. Rinne CCCMC agus Xinjiang XLX tagairt ina leith sin do thorthaí an Bhuanchomhlachta Achomhairc sa chás AE – Bithdhíosal (An Airgintín) (DS473) agus sna hagóidí An Úcráin – Bearta Frithdhumpála maidir le níotráit amóiniam (DS493). Dá dheasca sin, chomh fada agus a ríomh an Coimisiún an gnáthluach bunaithe ar chostas táirgthe sa Tuirc gan aon choigeartú ná míniú ar an gcaoi ar oiriúnaíodh na sonraí sin ar deireadh chun an costas táirgthe sa tír thionscnaimh a léiriú – d’áitigh an tSín, CCCMC agus Xinjiang XLX go bhfuil an mhodheolaíocht arna cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún san imscrúdú seo ar neamhréir le hoibleagáidí an Aontais faoi Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála. De réir CCCMC agus Xinjiang XLX, tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún dá bhrí sin athbhreithniú bunúsach a dhéanamh ar an modheolaíocht dá chuid a bhaineann leis an ngnáthluach agus ar na conclúidí gaolmhara a dtagtar orthu.

(121)

Ní féidir glacadh leis na hargóintí sin. Mar a mheabhraigh an Coimisiún cheana féin in aithris (110) thuas, ní bhaineann dlí-eolaíocht an Bhuanchomhlachta Achomhairc arna agairt ag CCCMC agus Xinjiang XLX le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, an argóint go mbeadh modheolaíocht an Choimisiúin i leith an gnáthluach a ríomh de bhun an Airteagail sin ar neamhréir le dlí EDT i bhfianaise réasúnaíocht an Bhuanchomhlachta Achomhairc, tá sí gan bhunús dá bhrí sin. I ndáil leis sin, ní hamhlaidh go bhfuil an Coimisiún ag diúltú d’argóintí na bpáirtithe ach go bhfuil sé ag cur a sheasaimh dhlíthiúil in iúl go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán i gcomhréir le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh. Dá dheasca sin, ní féidir leis an gCoimisiún comhaontú le CCCMC agus le Xinjiang XLX ina n-iarraidh maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht a shainordaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(122)

Ar an dara dul síos, mheas CCCMC agus Xinjiang XLX go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin maidir le saobhadh suntasach agus an fhianaise ghaolmhar dá dtagraíonn an Coimisiún neamh-leordhóthanach. Go sonrach, chuir CCCMC agus Xinjiang XLX a n-imní in iúl go leanann an Coimisiún de bheith ag brath ar bhealach substaintiúil ar an Tuarascáil a foilsíodh i mí na Nollag 2017 agus, dá dheasca sin, nach mbaineann le hábhar inniu, agus geilleagar an domhain, lena n-áirítear geilleagar an Aontais agus geilleagar na Síne go háirithe, ag tabhairt aghaidh ar shuaitheadh substaintiúil eacnamaíoch agus athruithe tábhachtacha beartais agus struchtúracha á gcur chun feidhme acu cheana féin, ar athruithe iad atá beartaithe chun oiriúnú a dhéanamh do na himthosca nua intíre agus domhanda. Chuir CCCMC agus Xinjiang XLX in iúl i dtaca leis sin nár mhór straitéis thionsclaíoch dhílis an Aontais, a glacadh i mí an Mhárta 2020, a thabhairt cothrom le dáta cheana féin i mí na Bealtaine 2021 chun na himthosca ‘géarchéime’ nua a chur san áireamh. Dá réir sin, bhí CCCMC agus Xinjiang XLX den tuairim nach mór athscrúdú a dhéanamh anois ar na heilimintí a dtugtar tuairisc orthu sa Tuarascáil mar eilimintí ábhartha chun saobhadh suntasach a aimsiú agus na heilimintí sin a thabhairt cothrom le dáta agus conclúidí sonracha nua ann maidir le cé acu atá nó nach bhfuil siad fós bailí inniu. Sa chomhthéacs sin, thagair CCCMC agus Xinjiang XLX freisin d’Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, ar de réir an bhun-Rialacháin a bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, inter alia, an Tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

(123)

Thairis sin, i ndáil leis na ‘Tuairimí Treorach maidir le forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú Plean 5 Bliana‘, mhaígh CCCMC agus Xinjiang XLX nár chuir an Coimisiún san áireamh (i) gur treoirdhoiciméad é an doiciméad sin, nach rialachán ceangailteach é ina leagtar amach oibleagáidí nó rialacha mionsonraithe le haghaidh na n-earnálacha lena mbaineann, agus chomh maith leis sin, (ii) go n-áirítear ann aidhmeanna nó spriocanna – spriocanna amhail ‘ról cinntitheach an mhargaidh i leithdháileadh acmhainní a threisiú, ról níos lárnaí a thabhairt don rialtas‘ nó ‘timpeallacht ghnó a bheidh dírithe ar an margadh, a bheidh dleathach agus idirnáisiúnaithe a chruthú‘ - atá ar neamhréir le conclúidí an Choimisiúin maidir le saobhadh. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis na FYPanna a luaigh an Coimisiún, rinne CCCMC agus Xinjiang XLX léirmhíniú an Choimisiúin maidir le córas na bpleananna sa tSín a chonspóid, agus chuir siad in iúl nach léiríonn na FYPanna sin go spreagfadh údaráis phoiblí cinntí ceangailteacha ach ina ionad sin go bhféachann na FYPanna leis na páirtithe freagracha faoi seach a shoiléiriú, cé go ndéantar ról na rialtas a shonrú ar leithligh mar ‘timpeallacht fhabhrach bheartais, timpeallacht institiúideach agus timpeallacht dhlíthiúil a chruthú‘ – arb é sin ról na rialtas i ngach áit, lena n-áirítear san Aontas. Ar an mbealach céanna, d’athdhearbhaigh CCCMC agus Xinjiang an argóint, i ndáil leis na Tuairimí Treorach maidir le forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú FYP, go bhfágtar faoi fhiontair na Síne é na gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh chun an earnáil a chlaochlú agus a uasghrádú, ar bhealach atá cosúil le beartais thionsclaíocha an Aontais. Thairis sin, mhaígh CCCMC agus Xinjiang XLX nár thug an Coimisiún aghaidh ar an argóint a ardaíodh níos luaithe, is é sin, de réir chinneadh an Bhuanchomhlachta Achomhairc sa chás Stáit Aontaithe Mheiriceá – Bearta Frithchúitimh, nach mór don údarás imscrúdúcháin an saobhadh praghsanna atá ann mar thoradh ar idirghabháil rialtais a shuí agus a mhíniú go leormhaith sa tuarascáil uaidh. Tuigeann CCCMC agus Xinjiang XLX gur ceanglas ar an gCoimisiún é sin sonraí fíorasacha atá ann faoi láthair agus anailís mhionsonraithe ar idirghabháil líomhnaithe rialtas na Síne a chur i láthair, rud a fhágann go mbíonn éifeachtaí iarmhartacha ann ar an margadh dá bharr agus a imríonn tionchar ar iompraíocht ar leibhéal an táirgeora. Ar deireadh, chuir CCCMC agus Xinjiang XLX i dtábhacht a seasamh go bhfuil ceangal ar an gCoimisiún fianaise a chur i láthair maidir le feidhmiú sonrach aon chumhacht líomhnaithe ag an rialtas chun idirghabháil a dhéanamh ar mhargadh an mhealaimín agus a bhfuil de thoradh air gur tharla saobhadh iarbhír agus follasach ar phraghsáil na dtáirgeoirí mealaimín faoi seach agus nach féidir tagairtí an Choimisiúin do phleananna nó tuairimí treorach Rialtas na Síne nó tionscnaimh bheartais eile dá chuid a chur i leith idirghabháil iarbhír rialtais.

(124)

Níorbh fhéidir glacadh leis na hargóintí sin. A mhéid a bhaineann le tuilleamaí an Choimisiúin ar an Tuarascáil agus an fíoras gur foilsíodh in 2017 í, athdhearbhaíonn an Coimisiún an seasamh atá aige a mhínítear in aithris (116). Thairis sin, meabhraíonn an Coimisiún nach mbraitheann cinneadh maidir le saobhadh suntasach a bheith ann de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar an Tuarascáil a bheith ann, gan trácht ar an dáta a foilsíodh í. Tugann an Coimisiún dá aire freisin maidir le bunstruchtúr gheilleagar na Síne, amhail an pharaidím a bhaineann le Geilleagar an Mhargaidh Shóisialaigh, an córas pleanála nó ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne ar an ngeilleagar - in éineacht le láithreacht an Pháirtí laistigh d’oibreoirí margaidh aonair, lena mbaineann an chumhacht chun cur isteach ar chinntí bainistíochta - nach bhfuil aon athrú tagtha orthu ó foilsíodh an Tuarascáil, seachas gurb amhlaidh go bhfuil siad níos sainiúla fós. Cé go bhfuil torthaí na Tuarascála fós bailí den chuid is mó dá bhrí sin, tá forlíonadh déanta ag an gCoimisiún orthu in aon chás san imscrúdú seo trí thuilleadh fianaise a sholáthar, mar a thuairiscítear go mionsonraithe in aithrisí (76), (77), (79), (80) agus (84) - (86) thuas, mar shampla. Ina fhianaise sin, níl aon bhunús leis an argóint ó CCCMC agus Xinjiang XLX maidir le hoibleagáid ar an gCoimisiúin an Tuarascáil a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán ach oiread, toisc gurb amhlaidh go bhfuil scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na himthosca ábhartha a bhaineann le saobhadh suntasach a bheith ann, chun críocha an imscrúdaithe seo go sonrach, agus cuireadh san áireamh ann an fhianaise is déanaí a bhí ar fáil (82).

(125)

A mhéid a bhaineann leis an gcomparáid a dhéanann CCCMC agus Xinjiang XLX idir doiciméid bheartais na Síne agus straitéisí tionsclaíocha an Aontais, tugann an Coimisiún dá aire nach dtugann na páirtithe aon argóint bhreise ar aird, seachas go n-áitíonn siad ábharthacht líomhnaithe bheartais thionsclaíocha an Aontais i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar shaobhadh suntasach sa tSín de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá dheasca sin, dearbhaíonn an Coimisiún a sheasamh an athuair mar a thugtar tuairisc air cheana féin in aithris (115).

(126)

Maidir leis an tsraith argóintí ar a mhéid is treoirdhoiciméad iad na doiciméid bheartais de chuid na Síne dá dtagraíonn an Coimisiún, amhail na cinn siúd a luaitear in aithrisí (84) - (86) thuas, a mhéid a bhíonn cinntí ceangailteacha na n-údarás poiblí mar thoradh ar chóras pleanála agus socrú eacnamaíoch na Síne, agus a mhéid a fhágtar faoi fhiontair aonair é bearta iomchuí a dhéanamh leis na doiciméid bheartais ábhartha, tugann an Coimisiún dá aire go dtugann CCCMC agus Xinjiang XLX neamhaird ar na ceanglais dhoshéanta atá sna doiciméid bheartais ábhartha de chuid na Síne atá le cur chun feidhme ag na húdaráis is faighteoirí, mar a thugtar tuairisc air sin in aithris (84) thuas, mar shampla. In éineacht le spriocanna uimhriúla sonracha a bheith ann maidir leis an gcaoi ar cheart forbairt a dhéanamh in earnáil (83), ní bhaineann sé le hábhar den chuid is mó cibé acu is féidir nó nach féidir le hoibreoirí margaidh aonair, chun na cuspóirí beartais agus na spriocanna forbartha a leagtar síos a bhaint amach, na modhanna oibriúcháin a roghnú agus, dá bhrí sin, na cuspóirí beartais sin a shaothrú ar bhealach éifeachtúil atá ‘bunaithe ar an margadh’. Meabhraíonn an Coimisiún freisin na struchtúir atá i bhfeidhm sa tSín le haghaidh timpeallacht uilechuimsitheach idirghabhálacha rialtais sa gheilleagar, rud a dtugtar tuairisc chuimsitheach air i ranna 3.2.2.1 go 3.2.2.1.9 thuas. Sa timpeallacht sin, déanann oibreoirí margaidh aonair, amhail Xinjiang XLX, chomh maith le comhlachais tionscail, a ndílseacht a ghealladh do Pháirtí Cumannach na Síne agus do na spriocanna forbartha arna leagan síos ag an bPáirtí/an stát (84) agus, mar mhalairt air sin, is féidir coinne a bheith le tacaíocht i bhfeidhmiú a ngnó, lena n-áirítear trí bheartais fhioscacha, airgeadais, infheistíochta, chriosaithe agus beartais eile ó údarás an rialtais, ó bhainc faoi rialú an stáit, etc. Dá dheasca sin, feidhmíonn na húdaráis stáit an chumhacht atá acu chun margadh an mhealaimín a mhúnlú, lena n-áirítear laistigh d’oibreoirí eacnamaíocha aonair. Is amhlaidh an chonclúid sin gan beann ar chineál dlíthiúil sonrach na ndoiciméad beartais aonair, amhail na Tuairimí Treorach maidir le forbairt ardcháilíochta thionscal na bpeitriceimiceán agus na gceimiceán a chur chun cinn le linn an 14ú FYP.

(127)

A mhéid a bhaineann leis an tagairt a rinne CCCMC agus Xinjiang XLX do chinneadh an Bhuanchomhlachta Achomhairc sa chás Stáit Aontaithe Mheiriceá – Bearta Frithchúitimh, tugann an Coimisiún dá aire gur tugadh aghaidh ar an argóint sin cheana féin in aithris (117).

(128)

I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh do na hargóintí ó CCCMC agus ó Xinjiang XLX.

3.2.2.1.10.   Conclúid

(129)

Leis an anailís a leagtar amach i ranna 3.2.2.1.2 go 3.2.2.1.9, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus in earnáil an táirge faoi athbhreithniú chomh maith, léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, mar thoradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstainteach an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann nó an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige nó acu. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin.

(130)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a phléitear sa roinn a leanas.

3.2.2.2.   An tír ionadaíoch

(131)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (85);

Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (86);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch.

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(132)

Mar a mhínítear in aithris (50), d’eisigh an Coimisiún Nóta maidir le foinsí lena dtugtar tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha, agus chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá ndeimhneofaí saobhadh suntasach a bheith ann de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(133)

Sa Nóta maidir le foinsí, mhínigh an Coimisiún go rachadh sé i muinín na bhfíoras a bhí ar fáil, mar gheall ar an easpa comhar fiúntach, de réir Airteagal 18 den bhun-Rialachán. Bunaíodh rogha na tíre ionadaíche ar an bhfaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, in éineacht le foinsí eile faisnéise a mheastar a bheith iomchuí de réir na gcritéar ábhartha a leagtar síos in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le hAirteagal 18(5) den bhun-Rialachán, lena n-áirítear staitisticí allmhairiúcháin, staitisticí náisiúnta na tíre ionadaíche, foinsí faisnéise margaidh, táillí arna ngearradh ag soláthróirí fóntas sa tír ionadaíoch, agus faisnéis airgeadais na dtáirgeoirí sa tír ionadaíoch.

(134)

Maidir le táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú, san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, rinne na hiarratasóirí scrúdú ar sheacht dtír (an India, an Iaráin, an tSeapáin, Catar, an Rúis, Oileán na Tríonóide agus Tobága, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá) inar táirgeadh mealaimín (87).

(135)

Maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche, ba í an Rúis an t-aon tír amháin a cháiligh mar thír ar leibhéal forbartha atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I bhfianaise na bhforbairtí geopholaitiúla agus eacnamaíocha le déanaí sa Rúis, áfach, mar aon leis na smachtbhannaí atá i bhfeidhm, chomh maith leis an bhfíoras gur chinn an Rúis gan sonraí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin mionsonraithe a fhoilsiú ó mhí Aibreáin 2022, mheas an Coimisiún nárbh oiriúnach an Rúis mar thír ionadaíoch.

(136)

I ndáil leis sin, shainaithin na hiarratasóirí an Tuirc mar thír ar leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne a bhfuil a táirgeadh sa chatagóir ghinearálta chéanna táirgí, is é sin táirgí i slabhra luacha na hamóinia, ar slabhra luacha é a bhfuil an mealaimín ina chuid de freisin (88).

(137)

I dtaca le hinfhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch, de réir na hiarrata, bhí sonraí maidir le tosca táirgeachta tábhachtacha ar fáil go héasca maidir leis an Tuirc. Ina theannta sin, bhí sonraí ábhartha maidir le costais SGA agus brabús ar fáil go poiblí i gcás na catagóire ginearálta céanna táirgí. Shainaithin na hiarratasóirí táirgeoir amháin sa chatagóir ghinearálta chéanna táirgí, is é sin an chuideachta Ege Gübre Sanayii A.Ş. (‘Ege Gübre’). Sa Nóta maidir le foinsí, shainaithin an Coimisiún dhá tháirgeoir eile sa chatagóir ghinearálta chéanna táirgí, is é sin na cuideachtaí Tekfen Holding A.Ş. (‘Tekfen’) agus Bagfaş Bandirma Gübre Fabrikalari A.Ş. (‘Bagfaş’). Ba tháirgeoirí leasacháin nítrigine (89) iad na trí chuideachta uile, bhí faisnéis airgeadais acu a bhí ar fáil go poiblí lenar cumhdaíodh tréimhse imscrúdúchán an athbhreithnithe, agus bhí siad brabúsach sa tréimhse sin.

(138)

Ina chuid barúlacha ar an Nóta maidir le foinsí, mhaígh CCCMC gur cheart don Choimisiún na próisis táirgthe agus na hamhábhair éagsúla a úsáidtear i dtáirgeadh an mhealaimín a chur san áireamh. Ina theannta sin, d’áitigh CCCMC gur cheart don Choimisiún an freagra a thug Xinjiang XLX ar an gceistneoir a úsáid mar fhíorais a bhí ar fáil.

(139)

Thug an Coimisiún dá aire, gan comhar ó tháirgeoirí mealaimín de chuid na Síne a úsáideann na próisis táirgthe agus na hamhábhair éagsúla dá dtagraíonn CCCMC, gur bhunaigh sé a chuid torthaí ar na fíorais a bhí ar fáil. Mar a mhínítear in aithris (60), shuigh an Coimisiún sa chás seo go raibh sé níos iomchuí a chuid torthaí a bhunú ar an bhfaisnéis a bhí san iarraidh seachas ar shonraí cuideachta aonair de chuid na Síne. Ina theannta sin, is amhlaidh gur úsáid an Coimisiún eilimintí áirithe den fhreagra a thug an táirgeoir de chuid na Síne ar an gceistneoir mar fhíorais a bhí ar fáil. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh.

3.2.2.3.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna agus foinsí arna n-úsáid chun iad a shuí

(140)

I bhfianaise na faisnéise uile san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, agus tar éis anailís a dhéanamh ar na barúlacha ó na páirtithe leasmhara, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas, a bhfoinsí agus a luachanna neamhshaofa, chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta mealaimín

Toisc tháirgeachta

Cód an Tráchtearra sa Tuirc

Luach neamhshaofa (CNY)

Aonad tomhais

Foinse na faisnéise

Amhábhair

Úiré

310210

4,41

kg

Global Trade Atlas (‘GTA’) (90)

Amóinia

281410

5,91

kg

GTA

Fuinneamh/Fóntais

Leictreachas

n/bh

0,56

kWh

Institiúid Staidrimh na Tuirce

Gás nádúrtha

n/bh

53,58

GJ

Institiúid Staidrimh na Tuirce

Gal

n/bh

199,04

tona

iarraidh ar an athbhreithniú éaga

Uisce

n/bh

9,78

m3

Ard-Stiúrthóireacht Kocaeli um Uisce Cathrach agus Séarachas

Lucht saothair

Saothar oilte agus neamhoilte

n/bh

35,53

uair an chloig

Institiúid Staidrimh na Tuirce

Seachtháirge

Amóinia

281410

5,89

kg

GTA

3.2.2.3.1.   Amhábhair

(141)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar a shuí, mar a sheachadtar iad ag geata táirgeora tíre ionadaíche, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin (91) agus costais iompair (92) intíre leis.. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír seachas Daon-Phoblacht na Síne ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad (‘tíortha nach tíortha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála iad’), a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (93).

(142)

Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé i roinn 3.2.2.1 nárbh iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín agus ó thíortha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) iad chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(143)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar cibé an raibh nó nach raibh na hionchuir, ar úsáideadh staidreamh allmhairiúcháin lena n-aghaidh mar fhoinse an chostais neamhshaofa, faoi réir srianta onnmhairithe sa Tuirc lena bhféadfaí na praghsanna intíre a shaobhadh, b’fhéidir, agus dá bhrí sin na praghsanna allmhairiúcháin a shaobhadh freisin (94). Shuigh an Coimisiún nár chuir an Tuirc aon srianta onnmhairiúcháin i bhfeidhm maidir le honnmhairithe úiré agus amóinia le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (RIP).

(144)

Rinne an Coimisiún scrúdú breise ar cibé arbh fhéidir nó nach féidir gur saobhadh na praghsanna allmhairiúcháin mar gheall ar allmhairí ón tSín agus ó thíortha nach tíortha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála iad (95). Shuigh an Coimisiún gur de thionscnamh na Síne agus na dtíortha nach de chuid EDT iad a cumhdaíodh san RIP 14,5 % d’allmhairí úiré. Maidir leis an amóinia, ní raibh cion na n-allmhairí ar de thionscnamh na Síne agus na dtíortha nach de chuid EDT iad níos mó ná 0,01 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gConclúid mar sin gur dócha nach ndearnadh aon difear do phraghsanna na n-allmhairí mar gheall ar allmhairí ón tSín agus ó thíortha nach de chuid EDT iad.

(145)

Sna barúlacha uaidh maidir leis an Nóta maidir le foinsí, d’áitigh CCCMC nár cheart don Choimisiún praghsanna allmhairiúcháin a úsáid chun costas neamhshaofa amhábhar sa Tuirc a shuí toisc go raibh difear á dhéanamh do na praghsanna sin ag tosca éagsúla, e.g. an chainníocht a allmhairíodh, an fad go dtí an tír tionscnaimh agus mar sin nár léiríodh praghsanna intíre na n-amhábhar sa Tuirc leo.

(146)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Bíonn amhábhair san iomaíocht, i dtéarmaí an phraghais, le hamhábhair intíre ar mhargadh na Tuirce. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur léiríodh praghas intíre amhábhar sa Tuirc go leordhóthanach leis an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe.

(147)

Thairis sin, sna barúlacha uaidh maidir leis an Nóta maidir le foinsí, mhol CCMC gur cheart don Choimisiún, má bhí sé chun leanúint d’úsáid a bhaint as praghsanna allmhairiúcháin mar athróga ionadacha i ndáil le praghsanna intíre ar amhábhair sa tír ionadaíoch, na luachanna allmhairiúcháin a laghdú de luach na last-táille muirí agus an árachais a áiríodh sa staidreamh allmhairiúcháin a taifeadadh ar an leibhéal CAL (Costas, Árachas agus Last-Táille).

(148)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a shuitear in aithris (146), léirítear sna praghsanna allmhairiúcháin leibhéal an phraghais atá i réim ar mhargadh intíre na tíre ionadaíche. Mar sin féin, áirítear le costas iomlán amhábhair a sheasann an táirgeoir sa tír ionadaíoch an costas uile a thabhaítear chun an t-amhábhar a fháil agus é a iompar go dtí geata na monarchan. Is é sin an pointe freisin ag a mbíonn an t-iomaíochas idir amhábhair allmhairithe agus amhábhair intíre. Dá bhrí sin, méadaíodh praghas allmhairiúcháin amhábhar ar leibhéal CAL a thuilleadh mar gheall ar an dleacht allmhairiúcháin is infheidhme agus costas an iompair sa tír ionadaíoch mar a luaitear in aithris (141).

(149)

Ar deireadh, sna barúlacha uaidh sa Nóta ar fhoinsí, mhaígh CCMC nach raibh an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe ar úiré ina thagarmharc iomchuí agus mar sin gur cheart é a choigeartú ar na 3 chúis seo a leanas:

Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, a bhí gan údar gan chúis, méadaíodh an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe ar úiré sa Tuirc níos mó ná faoi dhó le linn na tréimhse faoi bhreathnú (ó 264 USD/tona in 2019 go 568 USD/tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (96));

Mar gheall ar allmhairí ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘na Stáit Aontaithe’) saobhadh an meánphraghas allmhairiúcháin agus bhí praghas an aonaid thar a bheith ard ag thart ar1 500 CNY/kg. Ba cheart, mar sin allmhairí ó na Stáit Aontaithe a eisiamh (97);

Saobhadh an meánphraghas ar allmhairiúcháin mar gheall ar allmhairí ó Chatar toisc go raibh siad faoi réir bearta frithdhumpála a d’fhorchuir an India. Mar a luaitear sa phointe thuas, ba cheart allmhairí ó Chatar a eisiamh (98).

(150)

Maidir le treocht phraghas allmhairiúcháin na húiré sa Tuirc, shuigh an Coimisiún go raibh sí go hiomlán comhchosúil le treocht phraghas allmhairiúcháin na húiré sna 5 mhargadh is mó a allmhairíonn úiré (an India, an Bhrasaíl, an tAontas, an Astráil) arb ionann méid a n-allmhairí siúd agus 60 % d’allmhairí úiré ar fud an domhain (99). Laghdaíodh praghas allmhairiúcháin na húiré sna 5 mhargadh sin beagán in 2020 den chéad uair, agus ansin méadaíodh go socair é in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe chomh maith. le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, b’ionann an praghas agus breis agus dhá oiread a luach in 2019.

(151)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nach raibh praghas allmhairiúcháin úiré sa Tuirc saofa. Bhí sé beagán comhchosúil leis na treochtaí praghsanna ar fud an domhain a bhaineann le húiré.

(152)

Maidir le praghas allmhairiúcháin úiré de thionscnamh na Stát Aontaithe, thug an Coimisiún dá aire nár bhain an praghas fíor-ard in aghaidh an aonaid ach le 8 kg as beagnach 2 mhilliún tona úiré a allmhairíodh isteach sa Tuirc le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, ní raibh aon éifeacht aige ar an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe a úsáideadh mar thagarmharc le haghaidh luach neamhshaofa na húiré.

(153)

Maidir le hallmhairí de thionscnamh Chatar a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála san India, thug an Coimisiún dá aire, sa chéad dul síos, nár sholáthair CCCMC aon fhianaise lena chruthú gur cheart na torthaí arna bhfáil amach ag údaráis na hIndia lena gcinntear gurbh ann do dhumpáil, gur cheart na torthaí sin a leathnú amach sa chaoi go gcumhdófaí leo allmhairí ó Chatar go dtí an Tuirc. Uimhir a dó, bhain na bearta a d’fhorchuir an India le mealaimín seachas úiré, an t-amhábhar i gceist.

(154)

I gcomhréir leis na breithnithe a chuirtear in iúl in aithrisí (150) go (153), dhíbh an Coimisiún maíomh CCCMC a dtuairiscítear air in aithris (149).

(155)

Tar éis an nochta deiridh, dúirt CCCMC an athuair gur cheart allmhairí ó Chatar a eisiamh ó ríomh chostas neamhshaofa na húiré ós rud e go raibh allmhairí ó Chatar faoi réir bearta frithdhumpála san India. Rinne an páirtí tagairt don athbhreithniú éaga a rinneadh ar bhearta frithdhumpála a bhain le hallmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na Síne; ar athbhreithniú é inar dhiúltaigh an Coimisiún don Mhalaeisia mar thír ionadaíoch ionchasach ar an bhforas go raibh bearta frithdhumpála i bhfeidhm ag na Stáit Aontaithe maidir le hallmhairiú feisteas den sórt sin de thionscnamh na Malaeisia (100).

(156)

Uimhir a haon, thug an Coimisiún dá aire nach mór gach imscrúdú a mheas ar a thuilleamh féin agus nach gcruthaítear fasach le cinneadh a dhéantar in imscrúdú amháin a bheidh bailí go huilíoch le haghaidh aon imscrúdú ina dhiaidh sin. Uimhir a dó, sa chás a dtagair CCCMC dó, measadh go raibh an Mhalaeisia ar cheann de na tíortha ionadaíoch ionchasacha. Ba ábhartha an dumpáil a suíodh i ndlínse eile ós rud é gurbh fhéidir, de bharr cinntí praghais a rinne táirgeoirí feisteas sa Mhalaeisia faoi thionchar a n-iompraíocht dumpála, go saobhfaí costais SGA agus leibhéil na brabúsachta. Sa chás reatha, níor úsáideadh Catar mar fhoinse faisnéise airgeadais, i.e. faisnéis faoi chostais SGA agus brabús neamhshaofa. Ní raibh i gceist léi ach go raibh sí ar cheann de na tíortha tionscnaimh den úiré a allmhairíodh isteach sa Tuirc agus gur rannchuidigh sí mar sin le luach chostas neamhshaofa na húiré. Fágann sé sin go raibh an dá staid go hiomlán neamh-analógach. Níor cuireadh in iúl (agus níor chuir na héilitheoirí aon argóint ar aghaidh chuige sin) go mbeadh iarmhairt shaobhach ar phraghsanna allmhairí úiré ó Chatar chuig an Tuirc mar gheall ar an iompraíocht dumpála ar thríú margadh a líomhnaítear. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(157)

Tar éis an nochta deiridh, chuir CCCMC in iúl an athuair gur cheart don Choimisiún last-táille muirí agus árachas a dhealú ó phraghas allmhairiúcháin amhábhar. De réir CCCMC, theip ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh ar an gcúis le leibhéal an phraghais a bhí i réim ar mhargadh intíre na tíre ionadaíche a bheith léirithe sna praghsanna allmhairiúcháin. Maidir leis sin, d’áitigh CCCMC nach raibh san áireamh i gcostas cuideachta sa tír ionadaíoch ach costas amhábhair agus lasta intíre.

(158)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Nuair a dhéanann táirgeoir an táirge faoi athbhreithniú sa tír ionadaíoch scrúdú ar cibé acu ó sholáthróir intíre nó ó sholáthróir eachtrach is ceart dó amhábhar a fhoinsiú, déanann sé comparáid le costas iomlán an amhábhair ag geata na monarchan dá chuid. Maidir le hamhábhar a sholáthraíonn soláthróir intíre sa tír ionadaíoch, áirítear praghas an amhábhair agus an lasta intíre sa chostas iomlán sin de ghnáth. I gcás ina soláthraíonn soláthróir eachtrach an t-amhábhar, de ghnáth áirítear sa chostas iomlán phraghas an amhábhair, praghas an lasta intíre sa tír is onnmhaireoir, praghas na láimhseála agus an luchtaithe (i.e. an praghas ar an leibhéal Saor ar Bord nó SAB), praghas na last-táille muirí agus an árachais (i.e. an praghas ar an leibhéal CAL nó Costas, Árachas agus Last-Táille atá ar fáil i staidreamh allmhairiúcháin) praghas na dleachta allmhairiúcháin (i.e. tar éis tabhairt i dtír), agus praghas an lasta intíre. Cinnfidh táirgeoir sa tír ionadaíoch, de ghnáth, gan foinsiú ón gcoigríoch ach amháin nuair a bheidh an praghas allmhairiúcháin ag geata a mhonarchan iomaíoch leis an bpraghas allmhairiúcháin a ghearrann soláthróir intíre. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na praghsanna allmhairiúcháin ar amhábhair ar an leibhéal CAL, i.e. lena n-áirítear ar last-táille muirí agus árachas, ina n-athróga ionadacha oiriúnacha le haghaidh na bpraghsanna intíre sin (ar an leibhéal EXW nó díreach ón Monarcha) sa tír ionadaíoch. Dá dheasca sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

3.2.2.3.2.   Fuinneamh/fóntais

(159)

Bheartaigh an Coimisiún na meánphraghsanna leictreachais a úsáid don dara leath de 2021 agus don chéad leath de 2022 mar a fhoilsítear in Institiúid Staidrimh na Tuirce (101) iad agus ar infheidhme iad maidir le húsáideoirí tionsclaíocha. D’úsáid an Coimisiún taraifí is infheidhme maidir leis an mbanda tomhaltais 70 000 go 150 000 meigeavata in aghaidh na huaire. Chun an banda tomhaltais is infheidhme a shuí, d’úsáid an Coimisiún an tomhaltas leictreachais a thuairiscigh Xinjiang XLX mar fhíorais ar fáil.

(160)

Áiríodh na cánacha uile sna praghsanna leictreachais a thuairiscigh Institiúid Staidrimh na Tuirce. Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún CBL 18 % den phraghas leictreachais a tuairiscíodh sa staidreamh náisiúnta.

(161)

Bheartaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na meánphraghsanna gáis nádúrtha don dara leath de 2021 agus don chéad leath de 2022 arna bhfoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce (102) ar praghsanna iad atá infheidhme maidir le húsáideoirí tionsclaíocha. D’úsáid an Coimisiún taraifí ar infheidhme iad maidir leis an mbanda tomhaltais 26 100 000 go 104 000 000 m3. Chun an banda tomhaltais is infheidhme a shuí, d’úsáid an Coimisiún an tomhaltas gáis nádúrtha a thuairiscigh Xinjiang XLX mar fhíorais ar fáil.

(162)

Ba é an méadar cearnach an t-aonad tomhais a úsáideadh i staidreamh na Tuirce. Ba in gigigiúil (GJ) a rinneadh an tomhaltas a thomhas a tuairiscíodh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, áfach. D’úsáid an Coimisiún an fachtóir tiontaithe 0,0373 GJ/m3 chun teacht ar costas neamhshaofa aon ghigigiúl amháin sa Tuirc.

(163)

Áiríodh na cánacha uile sna praghsanna gáis nádúrtha a thuairiscigh Institiúid Staidrimh na Tuirce. Dá bhrí sin, bhain an Coimisiún an CBL 18 % de phraghas an gháis nádúrtha mar a tuairiscíodh sa staidreamh náisiúnta é.

(164)

Chun costais neamhshaofa gail a shuí, chuir an Coimisiún an cur chuige a úsáideadh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga i bhfeidhm. Shuigh na hiarratasóirí costas neamhshaofa gail trí chostas neamhshaofa gáis nádúrtha a iolrú faoi fhachtóir a bhí bunaithe ar an ngaol turgnamhach idir costas an gáis nádúrtha agus costas an ghail dar leis na hiarratasóirí.

(165)

D’úsáid an Coimisiún na praghsanna uisce is infheidhme sa Tuirc a ghearrann Ard-Stiúrthóireacht Kocaeli um Uisce Cathrach agus um Chamras (103) ar úsáideoirí tionsclaíocha arb í an ard-stiúrthóireacht ar a bhfuil an fhreagracht as soláthar uisce agus as cóireáil agus bailiú camrais i gcúige Kocaeli. Bhí na praghsanna is infheidhme ar fáil go héasca ar shuíomh gréasáin údarás na Tuirce.

(166)

Sna barúlacha uaidh maidir leis an Nóta ar fhoinsí d’áitigh CCCMC go raibh costas leictreachais agus gáis nádúrtha sa Tuirc saofa toisc go raibh sé ag fás go mór le linn thréimhse imscrúdúcháin iomlán an athbhreithnithe. Mhaígh CCCMC gur tharla an méadú ar phraghas an fhuinnimh mar gheall ar an mbrú ar phraghas an gháis nádúrtha tar éis chogadh foghach na Rúise gan údar gan chúis in aghaidh na hÚcráine agus luaigh sé an tuarascáil Melamine (Europe) a d’fhoilsigh Independent Commodity Intelligence Services (‘ICIS’) (104) an 23 Márta 2022.

(167)

Thug an Coimisiún dá aire ag an tús nár soláthraíodh aon fhaisnéis chuimsitheach ar threocht praghsanna fuinnimh san Eoraip sa tuarascáil a luaigh CCCMC, go háirithe i gcomparáid le Daon-Phoblacht na Síne. Níor luadh ann ach na praghsanna méadaitheacha ar ghás nádúrtha i gcomhthéacs na caibidlíochta i ndáil le praghsanna mealaimín i ndáil leis an dara ráithe de 2022, i.e. ráithe dheiridh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(168)

Ina theannta sin, mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine a bhí gan spreagadh gan údar saobhadh na margaí fuinnimh ar fud an domhain (105). Is ar éigean a d’fhéadfaí, dá bhrí sin, an treocht i leith an mhéadaithe ar phraghsanna an fhuinnimh sa Tuirc a mheas mar tharlúint aonraithe a bhí infheidhme maidir le margadh na Tuirce amháin.

(169)

Cé nárbh fhiú costas neamhshaofa leictreachais agus gáis nádúrtha mar a suíodh i gcéaduair é ach 5 % den ghnáthluach ríofa, bhí costas neamhshaofa gail nasctha le costas gáis nádúrtha agus b’ionann é agus 15 % den ghnáthluach ríofa.

(170)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún scrúdú breise ar threocht na gcostas fuinnimh arna n-íoc ag úsáideoirí tionsclaíocha sa Tuirc. Cinneadh i gcéaduair go raibh an costas neamhshaofa leictreachais ar leibhéal 0,65 CNY/GJ agus an costas neamhshaofa gáis nádúrtha ar leibhéal 80,91 CNY/GJ.

(171)

Shuigh an Coimisiún gur méadaíodh praghsanna leictreachais agus gáis nádúrtha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag ráta a bhí i bhfad níos tapúla ná an ráta boilscithe (78,6 % (106)) sa Tuirc, ráta a bhí ard cheana féin. Tháinig méadú r phraghsanna fuinnimh go sonrach sa chéad leath de 2022 tráth a bhí costas an leictreachais 3,5 uaire níos airde agus costas an gháis 6 n-uaire níos airde ná mar a bhí sa chéad leath de 2021.

(172)

Dá bhrí sin, agus an cion mór leictreachais, gáis nádúrtha agus gail ar an ngnáthluach ríofa á chur san áireamh aige, shuigh an Coimisiún go raibh sé iomchuí an costas neamhshaofa leictreachais agus gáis nádúrtha mar a suíodh i gcéaduair é a choigeartú. Mar phointe tosaigh d’úsáid an Coimisiún praghas an leictreachais agus an gháis nádúrtha arb infheidhme iad maidir le húsáideoirí tionsclaíocha na Tuirce sa chéad leath de 2021 agus mhéadaigh sé na taraifí sin i gcomhréir leis an méadú ar phraghas an fhuinnimh, mar a suíodh é ag Xinjiang XLX (107), chun an tagarmharc le haghaidh chéad leath 2022 a chinneadh. Ina dhiaidh sin, ríomh an Coimisiún meánchostas neamhshaofa leictreachais, gáis agus gail ag úsáid na bpraghsanna iarbhír arb infheidhme sa Tuirc iad sa dara leath de 2021 agus ríomh sé na luachanna coigeartaithe le haghaidh chéad leath 2022. I ndiaidh na gcoigeartuithe sin, thit cion an leictreachais, an gháis nádúrtha agus an ghail ar an ngnáthluach ríofa go dtí 15 %.

3.2.2.3.3.   Lucht saothair

(173)

San iarraidh ar an athbhreithniú éaga, d’úsáid na hiarratasóirí faisnéis faoi thuarastail le haghaidh lucht saothair oilte (innealtóir in earnáil na tionsclaíochta) agus lucht saothair neamhoilte (oibrí monarchan) sa Tuirc arna foilsiú ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta (108). Leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil, áfach, bíodh sí sa leagan oscailte den iarraidh ar an athbhreithniú éaga nó ar an suíomh gréasáin ábhartha, níorbh fhéidir an tréimhse a cumhdaíodh leis na sonraí a dheimhniú. Thairis sin, ní raibh ach sonraí tuarastail sa tagarmharc a d’úsáid na hiarratasóirí agus níorbh ann d’aon sonraí maidir le costais bhreise saothair, e.g. ranníocaíochtaí sóisialta.

(174)

Chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, úsáid a bhaint as an bhfaisnéis maidir le costais saothair san earnáil tionsclaíoch ábhartha, faisnéis a bhí ar fáil ó Institiúid Staidrimh na Tuirce (109). D’úsáid an Coimisiún an costas saothair in aghaidh na huaire is déanaí (110) a bhfuil taifead air i Roinn 20-Monaraíocht ceimiceán agus táirgí ceimiceacha den Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (NACE Rev. 2) (111). Ós rud é nár cumhdaíodh ach an bhliain 2020 leis na sonraí is déanaí, rinne an Coimisiún costas an tsaothair a choigeartú ag úsáid an innéacs saothair is infheidhme maidir le monaraíocht sa tríú agus sa cheathrú ráithe de 2021 agus sa chéad agus sa dara ráithe de (112) 2022 arna bhfoilsiú ag Institiúid Staidrimh na Tuirce.

3.2.2.3.4.   Seachtháirgí

(175)

De réir na faisnéise san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, ní fhaightear ach aon seachtháirge amháin, amóinia, i dtáirgeadh mealaimín. Chun a phraghas neamhshaofa a shuí, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis an meánphraghas allmhairiúcháin isteach sa Tuirc, de réir na modheolaíochta céanna a úsáidtear le haghaidh amhábhar.

(176)

An amóinia a fhaightear mar sheachtháirge, tugtar isteach an athuair í sa phróiseas táirgthe sa ghléasra úiré. De réir na hiarrata ar athbhreithniú éaga, níl amóinia den sórt sin chomh héifeachtúil céanna sa ghléasra úiré leis an amóinia a tháirgtear i gcéaduair lena húsáid sa ghléasra úiré. Dá bhrí sin, laghdaigh na hiarratasóirí luach neamhshaofa an tseachtháirge pointe céatadáin de réir na taithí a fuair siad roimhe. Chuir an Coimisiún an chomhéifeacht oiriúnaithe chéanna i bhfeidhm.

3.2.2.3.5.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabús

(177)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘ní mór méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus i gcomhair brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach comhdhéanta’. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a bhunú chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(178)

San iarraidh ar an athbhreithniú éaga, mheas na hiarratasóirí an costas seasta bunaithe ar an gcostas seasta a thabhaigh duine de na hiarratasóirí i dtáirgeadh 1 tona mealaimín. Rinneadh an costas seasta measta a choigeartú síos chun an difríocht i leibhéal na forbartha idir an Tuirc agus an Ballstát ina bhfuil an t-iarratasóir lonnaithe a léiriú.

(179)

Chuir an Coimisiún na costais sheasta sin san áireamh trí chostas neamhshaofa na táirgeachta a ríomh mar fhorchostais mhonaraíochta, ag cloí leis an modheolaíocht a chuir na hiarratasóirí i bhfeidhm. Tugadh luach iarbhír an chostais sheasta cothrom le dáta bunaithe ar an bhfreagra fíoraithe ar an gceistneoir a chuir an t-iarratasóir a luaitear in aithris (178) isteach agus rinneadh é a choigeartú le haghaidh na difríochta i leibhéal na forbartha eacnamaíche.

(180)

Mar a mhínítear in aithris (137), ní raibh aon táirgeoirí mealaimín sa Tuirc. Dá bhrí sin, suíodh gurbh ann do chostais SGA agus do bhrabús bunaithe ar an bhfaisnéis airgeadais faoi 3 tháirgeoirí de chuid na Tuirce a bhí ag táirgeadh sa chatagóir ginearálta céanna de tháirgí. San imscrúdú seo, ciallaíonn sin táirgeoirí táirgí atá sa slabhra luacha amóinia, a bhfuil mealaimín mar chuid de freisin, is é sin leasacháin nítrigine.

(181)

D’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis airgeadais faoin tréimhse imscrúdúchán an athbhreithnithe a d’fhoilsigh na cuideachtaí Ege Gübre (113), Tekfen (114), agus Bagfaş (115) ar a suíomhanna gréasáin nó trí ardán ar líne um nochtadh don phobal. I gcás ina raibh siad ar fáil, bhraith an Coimisiún ar shonraí a tuairiscíodh le haghaidh deighleog a bhí an-chosúil leis an táirge faoi athbhreithniú. Tugadh neamhaird ar ioncam agus speansais ó ghníomhaíochtaí infheistíochta.

(182)

Bhí faisnéis airgeadais ar fáil ag na 3 chuideachta uile le haghaidh tréimhsí lenar cumhdaíodh tréimhse imscrúdúchán an athbhreithnithe. Thairis sin, bhí na 3 chuideachta uile brabúsach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún meánchostais ualaithe díola, ghinearálta agus riaracháin agus brabús chun na costais SGA neamhshaofa agus an brabús sa tír ionadaíoch a chinneadh.

(183)

Suíodh na meánchostais SGA agus an brabús is infheidhme mar chéatadán de chostas na n-earraí a díoladh ag 16,5 % agus 21,6 % faoi seach.

(184)

Sna barúlacha uaidh sa Nóta maidir le foinsí, d’áitigh CCCMC gurb é atá i gceist le leasacháin nítrigine táirgí ag a bhfuil saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha atá neamhchosúil leo siúd atá i mealaimín agus ag a bhfuil úsáid deiridh éagsúil agus custaiméirí spriocdhírithe éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart sonraí airgeadais faoi tháirgeoirí mealaimín sa Tuirc a úsáid. Mura bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil, ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as costais SGA na n-iarratasóirí mar tháirgeoirí iarbhír mealaimín. Agus ar deireadh, dá mba rud é go raibh an Coimisiún diongbháilte go n-úsáidfeadh sé faisnéis airgeadais na gcuideachtaí de chuid na Tuirce, níor cheart ach costais SGA agus brabús de chuid Tekfen a chur san áireamh toisc nach raibh faisnéis airgeadais iniúchta ag an dá chuideachta eile.

(185)

Thug an Coimisiún dá aire gur féidir leasacháin nítrigine a bhí á dtáirgeadh sa slabhra luacha amóinia a mheas mar tháirgí sa chatagóir ginearálta céanna. Níorbh fhéidir costais SGA agus brabús tháirgeoirí an Aontais a úsáid sa chás seo toisc na bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche na Síne agus leibhéal forbartha eacnamaíche an Aontais mar an gcéanna. Ar deireadh, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún ná le CCCMC a chinneadh cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh iniúchadh ar fhaisnéis airgeadais Ege Gübre agus Bagfaş. Ós rud é gur bhraith an Coimisiún, san imscrúdú seo, ar fhaisnéis airgeadais faoi chuideachtaí nár tháirg go hiarbhír an táirge faoi athbhreithniú, measadh go raibh meán ualaithe de na 3 tháirge uile níos iomchuí agus gur bhain ionadaíocht níos fearr leis.

(186)

Dá thoradh sin, dhíbh an Coimisiún maíomh CCCMC maidir le costais SGA agus brabús neamhshaofa.

(187)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Xinjiang XLX agus CCCMC in iúl an athuair gur cheart don Choimisiún Ege Gübre agus Bagfaş a eisiamh ó chinneadh chostais SGA agus brabús, toisc nach raibh sé soiléir cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh iniúchadh ar ráitis airgeadais an 2 chuideachta.

(188)

Maidir leis sin, rinne an Coimisiún taighde breise agus bhí sé in ann a dheimhniú go raibh iniúchadh déanta ar fhaisnéis airgeadais an 2 chuideachta Ege Gübre (116) agus Bagfaş (117) sna tréimhsí ar baineadh úsáid astu chun na costais SGA agus an brabús a shuí. Diúltaítear don mhaíomh, dá bhrí sin.

3.2.2.4.   Ríomh an ghnáthluacha

(189)

Ar bhonn an mhéid thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(190)

Ós rud é gur tráchtearra é mealaimín nach ngabhann cineálacha breise táirge léi, rinneadh an gnáthluach a ríomh le haghaidh aon (chineál) táirge amháin.

(191)

Shuigh an Coimisiún an costas neamhshaofa na monaraíochta. In éagmais chomhar fiúntach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí san iarraidh ar an athbhreithniú éaga ar úsáid gach toisce táirgthe nuair a bheadh mealaimín á mhonarú ag úsáid teicneolaíocht Eurotecnica.

(192)

Laghdaíodh costas neamhshaofa na monaraíochta trí bhíthin luach neamhshaofa an tseachtháirge arna choigeartú síos le haghaidh chailliúint na héifeachtúlachta (féach aithrisí (175) agus (176)).

(193)

Ansin, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta leis na costais neamhshaofa mhonaraíochta chun teacht ar an gcostas neamhshaofa táirgthe. Thuairiscigh na hiarratasóirí forchostais mhonaraíochta mar chostas seasta san iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Tugadh luach an chostais sheasta cothrom le dáta i gcomhréir leis an bhfreagra a thug an t-iarratasóir lena mbaineann sa cheistneoir díobhála agus rinneadh é a choigeartú síos le haghaidh na difríochta i leibhéal na forbartha eacnamaíche.

(194)

Thairis sin, chuir an Coimisiún costais SGA neamhshaofa agus brabús ar na leibhéil 16,5 % agus 21,6 % faoi seach leis an gcostas táirgeachta neamhshaofa (féach aithrisí (180) go 183)).

(195)

Ar deireadh, shuigh an Coimisiún nár aisíocadh an cháin bhreisluacha (‘CBL’) a cuireadh i bhfeidhm ar onnmhairí mealaimín (13 %) sa tSín ach go páirteach (10 %). Mar gheall ar an difríocht idir an CBL a íocadh nó a bhí iníoctha agus an aisíoc, méadaíodh na costais a gearradh ar na táirgeoirí sa tSín nuair a bhí mealaimín á tháirgeadh le bheith ina n-onnmhairí acu. Dá bhrí sin chuir an Coimisiún 3 % breise le luach neamhshaofa mealaimín arna chinneadh i gcomhréir le haithrisí (191) go (194).

(196)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a chomhdhéanamh ar bhonn an phraghais dhírigh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(197)

In éagmais chomhar fiúntach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, rinneadh an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh na n-allmhairí mealaimín uile a chinneadh bunaithe ar shonraí ó Eurostat, arna dtaifeadadh ag leibhéal CAL agus arna gcoigeartú chuig leibhéal an phraghais díreach ón monarcha trí chostais mhuirlasta, árachais agus iompair intíre sa tSín a asbhaint.

(198)

Bhí an meánchostas muirlasta agus árachais bunaithe ar an anailís a rinneadh ar an staidreamh allmhairiúcháin atá ar fáil sa Global Trade Atlas (GTA) (118). Shuigh an Coimisiún luach an mhuirlasta agus an árachais mar an difríocht idir praghas allmhairiúcháin an aonaid mealaimín san Aontas ar de thionscnamh na Síne é (arna thaifeadadh ar leibhéal CAL) agus praghas onnmhairiúcháin an aonaid mealaimín arna onnmhairiú ón tSín go dtí an tAontas, (arna thaifeadadh ar leibhéal Saor ar Bord (SAB)) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(199)

Bhí an costas iompair intíre sa tSín bunaithe ar thuarascáil tíre na Síne in ‘Doing Business’ (119).

3.2.4.   Comparáid agus corrlaigh dhumpála

(200)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas. Ar an mbonn sin, bhí an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontas, roimh dhleacht a íoc, os cionn 40 %.

(201)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.   An dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(202)

Sa bhreis ar na torthaí lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.3.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(203)

In éagmais comhoibrithe, shuigh an Coimisiún acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín ar bhonn na faisnéise a soláthraíodh san iarraidh ar an athbhreithniú éaga (120). Rinneadh an acmhainneacht táirgeachta bliantúla a mheas ar bhonn na hacmhainneachta táirgeachta in 2020 agus na dtionscadal maidir le h hacmhainneacht a leathnú a bhí ar siúl fós in 2021 mar a thuairiscigh na hiarratasóirí (121). Ina theannta sin, shainaithin an Coimisiún tionscadail eile maidir le hacmhainneacht a leathnú (nach raibh san áireamh i dtuarascáil LEC) bunaithe ar fhaisnéis a d’fhoilsigh Eurotecnica (122). Dá thoradh sin, is dócha go méadófar an acmhainneacht táirgeachta bliantúla de [2 600 000 – 2 800 000] tona atá ar fáil cheana le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go dtí [3 000 000 – 3 200 000] sna blianta atá romhainn amach.

(204)

Measadh úsáid acmhainneachta a bheith ar an leibhéal [40-45] % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus tá coinne leis go méadófar sin go [45-55] % go dtí 2025 (123). Dá thoradh sin, b’ionann méid na táirgeachta agus [1 040 000 – 1 260 000] tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus is dócha go méadófar sin go [1 350 000 – 1 760 000] faoi 2025.

(205)

B’ionann an acmhainneacht bhreise sa tSín mar sin agus breis agus 1 500 000 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus d’fhéadfadh sé luainiú idir 1 400 000 agus 1 600 000 tona go luath amach anseo. Tá sé sin beagnach ceithre oiread níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(206)

Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne, a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh onnmhairí chuig an Aontas, rud a fhágann gur rídhócha go dtiocfadh méadú ar onnmhairí ar phraghsanna dumpáilte dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

3.3.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(207)

Chun tarraingteacht mhargadh an Aontais a chinneadh, rinne an Coimisiún scrúdú ar phraghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas i gcomparáid leis na praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tír, ar mhéid mhargadh an Aontais agus ar na bearta atá ann cheana a d’fhorchuir tríú tíortha a bhí ag dúnadh a gcuid margaí do mhealaimín ón tSín.

(208)

In éagmais comhar fiúntach, d’úsáid an Coimisiún an tAtlas Trádála Domhanda (GTA) (124) le haghaidh onnmhairí ón tSín faoi fho-cheannteideal HS2933 61 (Mealaimín) chun praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas a chur i gcomparáid le praghsanna onnmhairiúcháin chuig margaí tríú tír agus le meánphraghas díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais chomh maith.

(209)

le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’onnmhairigh táirgeoirí de chuid na Síne 588 míle tona mealaimín, i.e. thart ar leath dá dtáirgeacht mheasta. Ba iad an India (14 %), an Tuirc (12 %), an Rúis (8 %), an Bhrasaíl (8 %), Vítneam (6 %) agus an Téalainn (6 %) na margaí onnmhairiúcháin tríú tír ba tábhachtaí.

(210)

Bhí meánphraghas ualaithe onnmhairiúcháin na Síne (ar an leibhéal SAB) chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 10 % ní b’airde ná an meánphraghas ualaithe onnmhairiúcháin chuig na s6 cheann scríbe onnmhairiúcháin is tábhachtaí a luaitear in aithris (209). Ina theannta sin, bhí an praghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas suas le 12 % ní b’airde ná an praghas onnmhairiúcháin chuig an India, an dara margadh onnmhairiúcháin is tábhachtaí (tar éis an Aontais agus sciar 15 % aici).

(211)

Rinne an Coimisiún praghsanna onnmhairiúcháin na Síne chuig tríú margaí a liostaítear in aithris (209) (ar leibhéal SAB) a choigeartú a thuilleadh go dtí leibhéal phraghas CAL ag teorainn an Aontais tríd an meánchostas muirlasta agus árachais ón tSín go dtí an tAontas a chur leo. (féach aithris (198)). Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin sin chuig tríú tíortha thart ar 27 % ní b’ísle ná meánphraghas díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais. Dá mba rud é go n-aisghairfí na bearta, spreagfaí an táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne chun onnmhairiú chuig an Aontas ar phraghsanna níos airde ná iad siúd a ghearrtar ar chustaiméirí i dtríú tíortha, ach ní b’ísle ná praghas díola tháirgeoirí an Aontais, rud a mbeadh brú breise ar an bpraghas san Aontas dá thoradh.

(212)

Thairis sin, b’ionann an tomhaltas san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus thart ar 430 míle tona agus mar sin b’ionann é agus [35-40] % de tháirgeacht mheasta mealaimín sa tSín.

(213)

Bhí sciar suntasach de mhargadh an Aontais ag na hallmhairí de thionscnamh na Síne sa dara leath den tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú ar an sciar den mhargadh in 2021 (6,4 %) agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (14,9 %) go háirithe. Bhí an treocht sin comhchoibhneasach leis an méadú ar phraghas an mhealaimín ar mhargadh an Aontais, rud lenar léiríodh go dtarraingítear insní de mhealaimín ón tSín de thoradh méid agus praghsanna mhargadh an Aontais le chéile, ar mealaimín é ar suíodh ina leith gur onnmhairíodh é le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar phraghsanna dumpáilte.

(214)

Ar deireadh, maidir le margaí dhá thríú tír-na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eacnamaíoch Eoráiseach (‘EAEU’)-choinnigh siad bearta cosanta trádála ar bun, ag dúnadh a gcuid margaí d’allmhairí ón tSín; go páirteach nó go hiomlán. D’fhorchuir na Stáit Aontaithe bearta frithdhumpála agus frithchúitimh ar allmhairí mealaimín de thionscnamh na Síne in 2015 agus in 2021 leathnaigh siad chur i bhfeidhm na mbeart sin go ceann 5 bliana eile (125). Tá onnmhairí mealaimín ón tSín go dtí na Stáit Aontaithe faoi réir dleacht frithdhumpála ar fud na tíre de 363,31 % agus faoi réir dleacht frith-fhóirdheontais iarmharach de 154,58 %. I mí Aibreáin 2022, d’fhorchuir EAEU dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar mhealaimín ón tSín a raibh raon acu idir 15,22 % agus 19,08 % (126).

(215)

B’ionann tomhaltas domhanda mealaimín sna Stáit Aontaithe agus sa Rúis (an comhalta is mó de EAEU) in 2020 (127) agus [3-5] % sa dá thír. Ag féachaint do leibhéal ard na mbeart, ba bheag nár scoir táirgeoirí mealaimín na Síne go hiomlán d’onnmhairiú chuig na Stáit Aontaithe; ní raibh na honnmhairí ach cothrom le 80 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus fiú níos lú ná 50 tona sna blianta roimhe den tréimhse faoi bhreathnú. Tar éis do EAEU na bearta a fhorchur, thit meánmhéid míosúil na n-onnmhairí mealaimín ón tSín chuig an réigiún ó 3 900 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (3 360 tona in 2021, 2 200 tona in 2020, 2 950 tona in 2019) go dtí tuairim is 230 tona sa dara leath de 2022.

(216)

Mar a thaispeántar in aithrisí (214) agus (215), bhí éifeacht dhíspreagtha ag imréitigh thrádála ar onnmhairí mealaimín ón tSín chuig na Stáit Aontaithe agus an Rúis. Is dóchúil go ndéanfadh táirgeoirí na Síne iarracht cailliúint an dá mhargadh onnmhairiúcháin a chúiteamh trí dheiseanna nua onnmhairiúcháin san Aontas a lorg dá mba rud é go ndéanfaí na bearta atá faoi athbhreithniú faoi láthair a fhoirceannadh.

(217)

Dá dhroim sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go meallfadh margadh an Aontais méideanna méadaithe d’allmhairí mealaimín dumpáilte de thionscnamh na Síne ar na cúiseanna seo a leanas:

Bhí praghas onnmhairiúcháin na Síne chuig an Aontas níos airde ná an praghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe;

Dá mba rud é gur atreoraíodh onnmhairí chuig tríú tíortha isteach chuig an Aontas ina dhiaidh sin, bheadh táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne in ann praghsanna onnmhairiúcháin níos airde a ghearradh a bheadh fós faoi bhun praghsanna díola tháirgeoirí an Aontais ar mhargadh an Aontais agus mar sin chruthófaí brú breise praghsanna;

Tá margadh an Aontais tarraingteach i dtéarmaí a mhéid de ar fiú tuairim is [35-40] % de tháirgeacht mhealaimín sa tSín é agus arb ionann é agus an ceann scríbe onnmhairiúcháin is tábhachtaí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

Féachann táirgeoirí na Síne le deiseanna malartacha onnmhairiúcháin a fháil tar éis dhúnadh dhá mhargadh onnmhairiúcháin i ndiaidh do na Stáit Aontaithe agus do EAEU imréitigh thrádála ar allmhairí mealaimín ón tSín a thabhairt isteach.

(218)

Tar éis an nochta deiridh, luaigh Xinjiang XLX agus CCCMC go raibh an méid a suíodh ceart go fíorasach is é sin go raibh an praghas onnmhairiúcháin ón tSín chuig an Aontas níos airde ná an praghas ar onnmhairí chuig tríú tíortha, ach nár bhain siad go sonrach leis na honnmhairí mealaimín amháin. D’áitigh siad go léirítear le praghsanna níos airde ar onnmhairí isteach san Aontas na praghsanna díola san Aontas i bhíonn níos airde de ghnáth mar gheall ar chostais táirgeachta níos airde ar costais iad a bhaineann le saothar, le fuinneamh agus leis an gcomhshaol. Ina theannta sin, ní fhéadfaí praghas ard onnmhairiúcháin a ghearradh i dtríú tír a raibh leibhéal níos ísle forbairt eacnamaíoch inti.

(219)

Thug an Coimisiún dá aire nár athraíodh an fíoras go raibh táirgeoirí mealaimín de chuid na Síne in ann praghas níos airde a ghearradh ar mhargadh an Aontais i gcomparáid leis na praghsanna ar na margaí móra onnmhairiúcháin eile agus mar sin brabúsacht díolacháin níos airde a ghnóthú, gan beann ar na cúiseanna le praghas onnmhairiúcháin níos airde a bheith ar onnmhairí chuig an Aontas. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár chuir na páirtithe aon argóint i láthair a bheadh ina cúis leis an méid a bhí suite aige a fhreaschur is é sin go raibh praghas onnmhairiúcháin níos airde na Síne ar onnmhairí chuig an Aontas ina tháscaire i ndáil le tarraingteacht mhargadh an Aontais. Go deimhin, deimhníodh an méid a shuigh an Coimisiún maidir leis sin leis na barúlacha a thug na páirtithe.

(220)

Tar éis an nochta deiridh, chuir Xinjiang XLX agus CCCMC in iúl freisin nár spéis le táirgeoirí mealaimín na Síne a gcuid onnmhairí a atreorú ó thríú tíortha chuig an Aontas. De réir na bpáirtithe, d’fhorbair táirgeoirí na Síne margaí onnmhairiúcháin fónta i roinnt tríú tíortha agus ní thréigfidís na custaiméirí atá acu faoi láthair sna margaí sin, inter alia, ar mhaithe le héagsúlú riosca. Fiú i gcás atreorú na n-onnmhairí chuig an Aontas, ní spreagfaí na táirgeoirí chun a bpraghsanna onnmhairiúcháin ar onnmhairí chuig an Aontas a laghdú.

(221)

Thug an Coimisiún dá aire nár sholáthair na páirtithe aon fhianaise chun tacú lena gcuid argóintí. Mheas sé go mbeadh spriocdhíriú margaí le praghsanna níos airde ina chinneadh gnó fónta. I ndáiríre, bheadh táirgeoirí de chuid na Síne in ann a bpraghsanna onnmhairiúcháin a mhéadú (i gcomparáid le praghsanna onnmhairiúcháin ar onnmhairí chuig tríú tíortha), ag coinneáil na bpraghsanna faoi bhun na bpraghsanna san Aontas i gcomhthráth, rud a ngabhfadh buntáiste iomaíoch leis. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(222)

Ina theannta sin, tar éis an nochta deiridh, dheimhnigh Xinjiang XLX agus CCCMC go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach, i dtéarmaí a mhéid, do tháirgeoirí mealaimín de chuid na Síne.

(223)

Ar deireadh, d’easaontaigh na páirtithe faoi go dtiocfadh méadú ar onnmhairí chuig an Aontas mar gheall ar dhúnadh mhargaí EAEU/na Rúise i ndiaidh forchur bearta frithdhumpála ag na dlínsí faoi seach. Rinne siad tagairt don bhfíoras gur fhan na méideanna d’onnmhairí chuig an Aontas sách íseal tar éis do bhearta na Stát Aontaithe a bheith glactha in 2015.

(224)

Thug an Coimisiún dá aire go raibh margadh an Aontais cosanta cheana tríd an íosphraghas allmhairiúcháin agus/nó an dleacht iarmharach sheasta nuair a tugadh isteach bearta na Stát Aontaithe. Ina theannta sin, leis na praghsanna idirnáisiúnta ar mhealaimín a bhí i réim sa tréimhse sin (128), níor cruthaíodh aon deis do tháirgeoirí na Síne cos isteach a fháil ar mhargadh an Aontais chun cailliúint mhargadh na Stát Aontaithe a chúiteamh. A luaithe a méadaíodh praghas mealaimín ar bhonn idirnáisiúnta go dtí i bhfad níos airde ná leibhéal an íosphraghais allmhairiúcháin, (in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe), tháinig méadú ollmhór ar onnmhairí mealaimín ón tSín chuig an Aontas. An cás a bhí ann sa tréimhse 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, is éard a bhí i gceist leis, go bunúsach, nár cuireadh aon bheart frithdhumpála i bhfeidhm ar mhealaimín de thionscnamh na Síne i ndáil leis na trí tháirgeoirí onnmhairiúcháin mhóra atá faoi réir an íosphraghais allmhairiúcháin.

(225)

Dá thoradh sin, ba é conclúid an Choimisiúin nár lean méadú ar onnmhairiúcháin chuig an Aontas láithreach forchuir bhearta an Aontais Eorpaigh mar gheall ar phraghas idirnáisiúnta íseal mealaimín sa tréimhse sin, rud lenar cumasaíodh cosaint mhargadh an Aontais tríd an íosphraghas allmhairiúcháin agus/nó an dleacht iarmharach sheasta. Da bhrí sin dheimhnigh an Coimisiún an méid a shuigh sé maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais tar éis dhúnadh mhargaí na Stát Aontaithe agus margaí EAEU/na Rúise.

3.3.3.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil

(226)

I bhfianaise a thorthaí gur leanadh den dumpála le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a leagtar amach in aithris (201) agus ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí dá rachadh na bearta as feidhm mar a mhínítear in aithrisí (202) go (217), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, gur mhór an dóchúlacht go leanfar den dumpáil dá rachadh na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón tSín in éag.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(227)

Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil san iarraidh, rinne na trí hiarratasóir agus dhá tháirgeoir eile an táirge comhchosúil a mhonarú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is iad ‘tionscal an Aontais’ iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. Maidir leis an dá tháirgeoir eile de chuid an Aontais, BASF AG, Ludwigshafen/an Ghearmáin agus S.C. Azomures S.A., Targu Mures/an Rómáin, d’fhan siad ina dtost.

(228)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag 382 186 tona. Ríomhadh an figiúr ar bhonn na bhfreagraí ar an gceistneoir a thug na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus ar bhonn an fhreagra a thug na hiarratasóirí ar an gceistneoir maidir le táscairí maicreacnamaíocha.

(229)

Mar a luaitear in aithris (24), má bhain aon díobháil do thionscal an Aontais, cuireadh sampláil i bhfeidhm chun an leanúint fhéideartha den díobháil sin a chinneadh. Na táirgeoirí de chuid an Aontais a roghnaíodh sa sampla, bhain thart ar 82 % de tháirgeacht iomlán mheasta an táirge chomhchosúil san Aontas leo. Is iad na trí tháirgeoir shampláilte na hiarratasóirí.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(230)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn: (a) Sonraí na n-iarratasóirí maidir le díolacháin thionscal an Aontais den táirge comhchosúil, arna gcros-seiceáil go páirteach leis na méideanna díolachán a thuairiscigh táirgeoirí sampláilte de chuid Aontais; agus (b) allmhairí den táirge faoi imscrúdú isteach san Aontas ó gach tríú tír mar a thuairiscítear i mbunachar sonraí Comext (Eurostat).

(231)

Ar a bhonn sin, tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

390 729

364 168

427 309

432 773

Innéacs (2019 = 100)

100

93

109

111

Foinse: Eurostat, Iarratasóir

(232)

Léirigh an t-athbhreithniú gur tháinig méadú 11 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Rinne ráig COVID-19 difear diúltach do thomhaltas an Aontais in 2020, ach tháinig borradh láidir arís faoi in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.3.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(233)

Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann bunaithe ar staidreamh Eurostat, mar a mhínítear go cuí in aithris (229). Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín trí allmhairí a chur i gcomparáid le tomhaltas an Aontais mar a leagtar amach i dtábla 2.

(234)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tSín:

Tábla 3

Méid na n-allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón tSín (tonaí)

6 704

1 222

27 270

64 673

Innéacs (2019 = 100)

100

18

407

965

Sciar den mhargadh ag allmhairí ón tSín (%)

1,7

0,3

6,4

14,9

Innéacs (2019 = 100)

100

20

372

871

Foinse: Eurostat

(235)

Laghdaíodh go mór méideanna na n-allmhairí ón tSín, 82 % idir 2019 agus 2020, rud a tharla, b’fhéidir, mar gheall ar tháirgeadh sa tSín a bheith ar ceal i ndiaidh ráig phaindéim COVID-19 agus laghdú géar ar thomhaltas san Aontas. Tháinig borradh as cuimse arís faoi allmhairí ón tSín in 2021 go dtí go raibh an chainníocht breis agus ceithre oiread níos mó ná an chainníocht a allmhairíodh in 2019. Méadaíodh méid na n-allmhairí go mór arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go dtí cainníocht a bhí bhreis agus dhá oiread níos mó ná an chainníocht a allmhairíodh in 2021.

(236)

Sa bharúil dá gcuid maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Xinjiang XLX agus CCCMC gur tharla an méadú ar allmhairí ón tSín isteach san Aontas de thoradh ganntanais an tsoláthair ar leibhéal thionscal an Aontais mar aon le héileamh láidir ó úsáideoirí i ndiaidh COVID-19, i.e. in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann an t-éileamh sin a shásamh agus bhí ar úsáideoirí dul i muinín allmhairí ón tSín. Chuir Xinjiang XLX in iúl freisin gur mhéadaigh tionscal an Aontais na praghsanna go mór sa tréimhse sin chomh maith agus go raibh ar úsáideoirí da bhrí sin féachaint le foinsí malartacha soláthair a fháil.

(237)

Thug an Coimisiún dá aire gurb ionann acmhainneacht bhreise táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus 80 000 tona ar a laghad i ngach bliain den tréimhse faoi bhreathnú (féach tábla 6), agus gur léir go raibh sin i bhfad níos mó ná méid iomlán na n-allmhairí ón tSín isteach san Aontas (féach tábla 3). Ciallaíonn sin go raibh tionscal an Aontais in ann gan dabht na hallmhairí iomlána ón tSín a tugadh faoi deara a athsholáthar agus go raibh sé in ann ina dhiaidh sin an t-éileamh a shásamh, a mhéid sin, ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir leis na praghsanna a ghearr tionscal an Aontais, thug an Coimisiún dá aire go raibh an méadú sin ar na praghsanna, mar a chuir tionscal an Aontais i bhfeidhm iad, go hiomlán i gcomhréir le comharthaí ón mhargadh i gcomhthéacs éileamh láidir agus méadú suntasach ar chostais mar a tugadh faoi deara in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

4.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghsanna.

4.3.2.1.   Praghsanna

(238)

Shuigh an Coimisiún meánphraghsanna na n-allmhairí ón tSín bunaithe ar staidreamh Eurostat.

(239)

Tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ón an tSín mar a leanas:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An tSín

1 155

958

1 627

2 224

Innéacs (2019 = 100)

100

83

141

193

Foinse: Eurostat

(240)

Tháinig méadú 93 % ar mheán-phraghsanna allmhairí mealaimín ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn gur lean táirgeoirí na Síne an treocht praghsanna ar mhargadh an Aontais go páirteach, treocht a bhí dearfach den chuid is mó, mar a léirítear i dtábla 8.

4.3.2.2.   Sladghearradh praghais

(241)

Ó tharla nárbh fhéidir praghsanna allmhairithe an aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin a chomhoibrigh a mheas mar phraghsanna ionadaíocha ós rud é gurab ionann na cainníochtaí allmhairithe foluiteacha agus níos lú ná 3 % de na hallmhairí iomlána ón tSín isteach san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (féach aithris (27)), rinne an Coimisiún an sladghearradh praghsanna a chinneadh trí chomparáid a dhéanamh idir (a) meánphraghsanna staidrimh ualaithe na n-allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a mhínítear in aithris (196), arna suí ar bhonn CAL, agus coigeartuithe iomchuí arna ndéanamh i leith an ghnáthráta dleachtanna custaim, dleachtanna frithdhumpála (129) agus costas iar-allmhairiúcháin, agus (b) na meánphraghsanna díola ualaithe a ghearr na trí tháirgeoir ón Aontas a sampláladh ar chustaiméirí neamhghaolmhara i margadh an Aontais, arna gcoigeartú chuig leibhéal praghais díreach ón monarcha. B’ionann an corrlach sladghearrtha a ríomhadh dá réir sin agus 12,6 %.

4.4.   Méideanna agus praghsanna na n-allmhairí ó thríú tíortha

(242)

Shuigh an Coimisiún méideanna agus praghsanna na n-allmhairí ó thríú tíortha agus an mhodheolaíocht chéanna á cur i bhfeidhm i gcás na Síne (féach roinn 4.3.1).

(243)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Catar

An méid onnmhairí (tonaí)

33 941

26 256

35 622

31 725

 

Innéacs (2019 = 100)

100

77

105

93

 

Sciar den mhargadh (%)

8,7

7,2

8,3

7,3

 

Innéacs (2019 = 100)

100

83

96

84

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 011

824

1 548

2 479

 

Innéacs (2019 = 100)

100

81

153

245

Oileán na Tríonóide agus Tobága

An méid onnmhairí (tonaí)

13 719

8 370

14 112

12 507

 

Innéacs (2019 = 100)

100

61

103

91

 

Sciar den mhargadh(%)

3,5

2,3

3,3

3,0

 

Innéacs (2019 = 100)

100

65

94

84

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 091

850

1 572

2 485

 

Innéacs (2019 = 100)

100

78

144

227

An tSeapáin

An méid onnmhairí (tonaí)

13 699

9 195

9 499

7 576

 

Innéacs (2019 = 100)

100

67

69

55

 

Sciar den mhargadh

3,5  %

2,5  %

2,2  %

1,8  %

 

Innéacs (2019 = 100)

100

72

63

50

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 076

912

1 295

2 046

 

Innéacs (2019 = 100)

100

85

120

190

Tríú tíortha eile

An méid onnmhairí (tonaí)

37 825

28 238

22 673

21 480

 

Innéacs (2019 = 100)

100

75

60

57

 

Sciar den mhargadh

9,7  %

7,8  %

5,3  %

5,0  %

 

Innéacs (2019 = 100)

100

80

55

51

 

Meánphraghas (EUR/tona)

940

816

1 671

2 447

 

Innéacs (2019 = 100)

100

87

178

260

Allmhairí iomlána gan iad siúd ón tSín a áireamh

An méid onnmhairí (tonaí)

99 183

72 059

81 907

73 288

 

Innéacs (2019 = 100)

100

73

83

74

 

Sciar den mhargadh

25,4  %

19,8  %

19,2  %

17,0  %

 

Innéacs (2019 = 100)

100

78

76

67

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 004

835

1 557

2 427

 

Innéacs (2019 = 100)

100

83

155

242

Foinse: Eurostat

(244)

Áirítear leis na foinsí allmhairí is tábhachtaí lasmuigh den tSín Catar, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus an tSeapáin. Laghdaíodh allmhairí ó gach ceann de na tíortha sin 7 % ar a laghad agus suas le 45 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cé gur laghdaíodh na hallmhairí iomlána ó thríú tíortha, ach amháin an tSín, 26 %.

(245)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin de chuid an dá thír, seachas an tSín, ag a raibh sciar aonarach den mhargadh de bhreis agus 2 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, Catar (7,3 %) agus Oileán na Tríonóide agus Tobága (3 %), níos mó ná EUR 200 in aghaidh an tona os cionn na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón tSín.

(246)

Mhaígh Xinjiang XLX agus CCCMC gur léiríodh sa tábla thuas nach raibh measúnú déanta ag an gCoimisiún ar an ról a bhí ag allmhairí mealaimín na Rúise isteach san Aontas. Bhí allmhairí na Rúise suntasach suas go dtí cogadh foghach gan údar gan chúis na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus ina dhiaidh sin, a mhaígh Xinjiang XLX agus CCCMC, cuireadh allmhairí ón tSín in ionad allmhairí na Rúise, toisc lenar féidir an méadú ar allmhairí na Síne ó shin i leith a mhíniú freisin.

(247)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Rinne sé measúnú ar allmhairí na Rúise ina n-aonar, cinnte, mar chuid de na hallmhairí a rinne ‘tríú tíortha eile’ (féach tábla 5). Ní dhéantar tuairisc ar allmhairí na Rúise ina n-aonar sa tábla thuas, áfach, toisc gurab iad Catar, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus an tSeapáin na trí thír onnmhairiúcháin ag a raibh na méideanna ab airde d’allmhairí chuig an Aontas seachas an tír a bhí i gceist le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí an sciar den mhargadh a bhí ag an Rúis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe 1,4 % agus ba in 2020 a bhí an leibhéal ab airde a bhí aici sa tréimhse faoi bhreathnú, nuair a sroicheadh sciar 4,3 % den mhargadh. Mar sin, tá an sciar den mhargadh a chaill an Rúis ó bhí an bhliain bhuaic sin ann (lúide 2.9 bpointe céatadáin) i bhfad níos lú ná an méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín (móide 14,6 phointe céatadáin). Da bhrí sin diúltaíodh don mhaíomh gur cuireadh go mór leis an méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí na Síne mar gheall ar chailliúint sciar den mhargaidh ag allmhairí na Rúise.

(248)

Tar éis an nochta deiridh, thug Xinjiang XLX agus CCCMC dá n-aire go raibh meánphraghsanna allmhairí na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar leibhéil os cionn na bpraghsanna comhfhreagracha ón tSeapáin agus ón Rúis agus gur lean na tíortha onnmhairiúcháin uile, den chuid is mó, an treocht i leith praghsanna a mhéadú in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(249)

D’aontaigh an Coimisiún go raibh meánphraghsanna allmhairí ón tSeapáin agus ón Rúis faoi bhun meánphraghsanna allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe de réir shonraí Eurostat. Bhí a sciar comhcheangailte den mhargadh arb ionann é agus 3,2 % i bhfad níos ísle ná sciar na n-allmhairí ón tSín, áfach. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire nach ndearna na páirtithe i gceist aon mhaíomh a d’eascair as na fíorais sin. Dá dheasca sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(250)

Ar bhonn an mhéid thuas, i.e. forbairt na méideanna allmhairithe ó thríú tíortha agus praghsanna allmhairí ó na foinsí is tábhachtaí seachas an tSín, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbíonn éifeacht dhíobhálach ag allmhairí ó thríú tíortha ar thionscal an Aontais.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(251)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, sa scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar an tionscal de chuid an Aontais, áiríodh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(252)

Ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar an díobháil, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí maicreacnamaíocha bunaithe ar shonraí agus faisnéis i bhfreagraí na n-iarratasóirí ar an gceistneoir, arna gcros-seiceáil go cuí leis an bhfaisnéis san iarraidh agus leis na freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir, agus le staidreamh Eurostat. Rinne an Coimisiún measúnú ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ceistneora ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(253)

Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana.

(254)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna díola aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.5.2.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(255)

Is mar seo a leanas a d’fhorbair táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

An táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid táirgeachta (tonaí)

403 513

401 780

396 575

382 187

Innéacs (2019 = 100)

100

100

98

95

An acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

480 383

480 578

477 621

472 494

Innéacs (2019 = 100)

100

100

99

98

Úsáid acmhainneachta (%)

84,0  %

83,6  %

83,0  %

80,9  %

Innéacs (2019 = 100)

100

100

99

96

Foinse: Iarratasóirí

(256)

Tháinig laghdú 5 % ar tháirgeadh an tionscail de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’fhan acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais beagnach cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, gan ach mion-laghdú 2 % ar an acmhainneacht táirgeachta. Dá thoradh sin, laghdaíodh úsáid na hacmhainneachta 4 %.

4.5.3.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(257)

Is mar seo a leanas d’fhorbair méid díolachán thionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An méid díolachán agus an scair den mhargadh

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid iomlán na ndíolachán ar mhargadh an Aontais – custaiméirí neamhghaolmhara

284 842

290 888

318 133

294 513

Innéacs (2019 = 100)

100

102

112

103

Sciar den mhargadh

72,9  %

79,9  %

74,5  %

68,1  %

Innéacs (2019 = 100)

100

110

102

93

Foinse: Eurostat, Iarratasóirí

(258)

Tháinig méadú 12 % ar mhéid na ndíolachán i dtionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara idir 2019 agus 2021 ach thit sé 9 bpointe céatadáin idir 2021 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go dtí leibhéal a bhí 3 % os cionn leibhéal 2019.

(259)

Ó 2019 go dtí 2020, d’fhéadfadh tionscal an Aontais a sciar den mhargadh a mhéadú 10 %, ag líonadh na bearna a bhí fágtha de bharr cainníochtaí allmhairithe níos ísle ón tSín i ndiaidh phaindéim COVID-19 (féach aithris (234) agus tábla 3). Idir 2020 agus an tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe, chaill an tAontas sciartha móra den mhargadh, gar do 12 phointe céatadán, agus i gcomparáid le 2019 chaill tionscal an Aontais 4.8 bpointe céatadáin den sciar den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.5.4.   Fás

(260)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 11 % ar thomhaltas an Aontais, (féach tábla 2), ach tháinig méadú 8 % ar mhéid na ndíolachán i dtionscal an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas (féach tábla 7). Dá dhroim sin, d’fhás tionscal an Aontais i ndearbhthéarmaí ach laghdaíodh é i dtéarmaí coibhneasta. I bhfocail eile, ní raibh tionscal an Aontais in ann tairbhiú den fhás sa mhargadh an oiread céanna is a dtairbhigh allmhairí ón tSín.

4.5.5.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(261)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe de chuid tháirgeoirí an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas agus ar a gcuid costas táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Praghsanna díola san Aontas agus Costas táirgthe

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid ualaithe san Aontas

1 149

928

1 863

2 811

An meánphraghas díola aonaid ualaithe san Aontas (Innéacs, 2019 = 100)

100

81

162

245

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

980

906

1 611

2 250

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid (Innéacs, 2019 = 100)

100

92

164

230

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(262)

Tar éis dó titim 8 % idir 2019 agus 2020, d’fhás costas aonad an táirgthe as cuimse go dtí leibhéal a bhí 130 % os cionn leibhéal 2019 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ba é an méadú mór ar phraghsanna gáis a thosaigh in 2021 a mba cúis leis an méadú géar ar chostas an táirgthe.

(263)

Lean praghsanna díola treocht chomhchosúil. Idir 2019 agus 2020, thit praghsanna díola aonaid 19 % i ndiaidh an ghéarchoir eacnamaíoch i ndáil le paindéim COVID-19. Idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, áfach, tháinig méadú faoi thrí ar phraghsanna díola aonaid.

4.5.6.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(264)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánchostais fostaíochta, táirgiúlachta agus saothair de chuid tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Líon na bhfostaithe

647

632

642

641

Innéacs (2019 = 100)

100

98

99

99

Táirgiúlacht Saothair (tona/fostaí)

515

524

508

498

Innéacs (2019 = 100)

100

102

99

97

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

71 772

73 491

77 431

76 913

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (Innéacs, 2019 = 100)

100

102

108

107

Foinse: Iarratasóirí, Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(265)

Tháinig méadú 7 % ar na meánchostais saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú. D’fhan an líon fostaithe agus an táirgiúlacht saothair cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí beagnach 650 ball foirne fostaithe ag tionscal an Aontais ar feadh na tréimhse faoi bhreathnú, agus bhí thart ar 500 tona in aghaidh an fhostaí d’aschur ann.

4.5.7.   Fardail

(266)

Forbraíodh leibhéil stoic na dtáirgeoirí ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh

20 615

12 151

5 372

24 530

Innéacs (2019 = 100)

100

59

26

119

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

5,2  %

3,1  %

1,4  %

6,3  %

Innéacs (2019 = 100)

100

59

26

121

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(267)

Bhí éagsúlú nach beag i leibhéil na stoc le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an leibhéal 19 % os cionn leibhéal 2019 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is tásc breise é sin go raibh na deacrachtaí i dtionscal an Aontais ag méadú faoi dheireadh na tréimhse faoi bhreathnú ó thaobh a aischur a dhíol toisc go raibh na hallmhairí ón tSín ag méadú go mór.

4.5.8.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú

(268)

Forbraíodh an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí ón Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a leanas:

Tábla 11

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2019

2020

2021

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara

8,0  %

-4,1  %

12,3  %

17,3  %

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara (Innéacs, 2019 = 100)

100

-51

154

216

An sreabhadh airgid

46 403 891

12 158 042

95 868 270

118 352 455

An sreabhadh airgid (Innéacs, 2019 = 100)

100

26

207

255

Infheistíochtaí

42 800 119

25 704 881

32 880 347

33 110 890

Infheistíochtaí (Innéacs, 2019 = 100)

100

60

77

77

An toradh ar infheistíochtaí

14,5  %

-10,2  %

46,2  %

88,4  %

An toradh ar infheistíochtaí (Innéacs, 2019 = 100)

100

-70

319

610

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(269)

Shuigh an Coimisiún brabús tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach óna ndíolacháin mealaimín le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán foluiteach. Mar sin, tháinig méadú ar an mbrabúsacht mar a suíodh í ó 8 % in 2019 go 17,3 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar gheall ar an ngéarchor eacnamaíoch a tharla de dheasca phaindéim COVID-19, bhí tionscal an Aontais ag cailliúint go mór in 2020, ach théarnaigh sé go pras agus go tréan ina dhiaidh sin.

(270)

Is ionann an sreabhadh airgid glan agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Bhí forbairt an sreafa airgid le linn na tréimhse faoi bhreathnú dearfach, óir gineadh sreabhadh airgid óna oibríochtaí a bhí 155 % ní b’airde le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2019.

(271)

Bhí leibhéal infheistíochta thionscal an Aontais ag dul i laghad le linn na tréimhse faoi bhreathnú (-13 % idir 2019 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe). Mar a fheictear thuas faoi úsáid acmhainneachta (tábla 6), níl aon ghá láithreach ag tionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh in acmhainneacht nua táirgeachta.

(272)

Is é an toradh ar infheistíochtaí an brabús i gcéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar, agus lean an treocht na rátaí brabúsachta a ndearnadh anailís orthu.

(273)

Níor thuairiscigh aon cheann de na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais aon deacracht maidir lena gcumas caipiteal a thiomsú. Mar a léirítear i dtábla 11, bhí an sreabhadh airgid a bhí ar fáil i bhfad níos mó ná na hinfheistíochtaí a rinneadh ach amháin in 2020.

4.5.9.   Conclúid maidir le staid thionscal an Aontais

(274)

I gcomhthéacs tomhaltas a bhí ag méadú, mhéadaigh tionscal an Aontais méid a ndíolachán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Chaill tionscal an Aontais sciartha suntasacha den mhargadh in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, áfach, toisc go bhfuair Daon-Phoblacht na Síne iad, agus dá thoradh sin bhí an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ag deireadh na tréimhse faoi bhreithniú gar do 5 phointe céatadáin faoi bhun an leibhéil ar a raibh sé ag tús na tréimhse sin. Go deimhin, i bhfianaise na ndálaí margaidh san Aontas a bhí thar a bheith fabhrach agus a tharla de bharr na héifeachta athdheise i ndiaidh 2020 agus phaindéim COVID-19 a raibh an t-éileamh lena linn marbhánta, bhí na híosphraghsanna san Aontas i bhfad os cionn na bpraghsanna allmhairiúcháin a bhfuil na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí ag comhoibriú san imscrúdú bunaidh faoina réir. Dá dhroim sin thosaigh méideanna móra allmhairí ag teacht ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin arís. Mar gheall ar na allmhairí sin rinneadh praghsanna thionscal an Aontais a shladghearradh go mór.

(275)

Cé gur chaill tionscal an Aontais sciartha móra den mhargadh toisc go bhfuair an tSín iad, áfach, ní raibh a tháscairí airgeadais thíos de bharr an mhéadaithe mhóir sin ar allmhairí ón tSín toisc go raibh sé in ann i gcónaí praghsanna a bhí thar a bheith ard a fháil in 2021 agus sa chéad leath de 2022. Bhí brabúis thionscal an Aontais ar leibhéil mhaithe i gcónaí agus shroich siad buaic le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rud a léiríonn go raibh táirgeoirí an Aontais in ann méadú ar chostais a áireamh ina bpraghsanna díola. Sna himthosca sin, soláthraíodh bonn leis na bearta a bhí i bhfeidhm nuair a bhí praghsanna ní b’ísle (in 2019 agus in 2020) agus mar sin áirithíodh cothroime iomaíochta ar mhargadh mealaimín an Aontais. Nuair a shroich na praghsanna leibhéil arda gan fasaigh ina dhiaidh sin, nach bhfacthas a leithéid ó bhí an t-imscrúdú bunaidh ar siúl, chaill tionscal an Aontais sciartha móra den mhargadh ach lean sé de thairbhiú de bhrabúis mhaithe. I ndáiríre, ní raibh táirgeoirí de chuid na Síne foriata ó mhargadh an Aontais mar gheall ar na bearta, go háirithe nuair a bhí praghsanna ag méadú go mór, agus dá bhrí sin lean siad de bheith ar an margadh agus de thairbhiú den tomhaltas méadaitheach.

(276)

Ar an iomlán, an chuid is mó de na táscairí díobhála, amhail táirgeacht, díolacháin, fostaíocht, brabúsacht agus sreabhadh airgid, tháinig forbairt dhearfach orthu agus/nó bhí siad ar leibhéil shásúla. Tá táscairí ann, áfach, lena dtugtar le fios nach raibh staid thionscal an Aontais chomh fabhrach sin. Go háirithe, chaill tionscal an Aontais sciartha den mhargadh chun tairbhe allmhairí ón tSín. Ar an gcaoi chéanna, thit rátaí úsáide táirgeachta agus rátaí acmhainneachta iomláine le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus méadaíodh leibhéal na stoc.

(277)

Ar bhonn an mhéid thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha go foriomlán do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL MÁ DHÉANTAR NA BEARTA A AISGHAIRM

(278)

Ó tharla gurb é conclúid an Choimisiúin nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, (féach aithris (276)), i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán rinne an Coimisiún measúnú ar an dóchúlacht go dtarlódh díobháil arís arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(279)

Maidir leis sin, b’éigean don Choimisiún dul i muinín na faisnéise teoranta a chuir na páirtithe comhoibríocha ar fáil agus aon fhaisnéis eile sa chomhad maidir le hacmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín chun scrúdú a dhéanamh ar tharraingteacht mhargadh an Aontais agus ar an tionchar dealraitheach a bheadh ag allmhairí ón tSín dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(280)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithrisí (204) agus (205), tá an acmhainneacht bhreise sa tSín suntasach agus is ionann í agus tuairim is ceithre hoiread thomhaltas bliantúil an Aontais. Thairis sin, de réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (216), is margadh tarraingteach é margadh an Aontais do tháirgeoirí de chuid na Síne i bhfianaise phraghsanna agus mhéid mhargadh an Aontais. Ar bhonn an mhéid sin, is mór an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú ar an méid onnmhairí ón tSín chuig an Aontas má théann na bearta frithdhumpála as feidhm.

(281)

Sna barúlacha a thug siad maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Xinjiang XLX agus CCCMC nach ndearna an Coimisiún aon anailís ar scála aon mhéadaithe is dealraitheach a bheidh ar dhíolacháin onnmhairiúcháin ón tSín chuig an Aontas ná aon anailís ar an gcreat ama is dealraitheach a dtarlóidh an méadú sin lena linn cé go mbeadh baint dhíreach ag an dá thosca ar mhéid na díobhála a d’fhéadfadh tarlú dá dheasca.

(282)

Mheabhraigh an Coimisiún dó nach gá, i gcomhréir le hAirteagal 11(2), a shuí a oiread a leanfar den díobháil nó go dtarlóidh sí arís. Is leordhóthanach a shuí, mar sin, gur dealraitheach go leanfar den díobháil sórt sin nó go dtarlóidh sí arís.

(283)

Luaigh CCCMC freisin nár thug an Coimisiún aghaidh ar bharúlacha a chuir CCCMC isteach níos luaithe a raibh baint dhíreach acu le cumas neamh-dhealraitheach tháirgeoirí de chuid na Síne a bhfuil acmhainneacht nua nó méadaithe acu a bheith in ann an acmhainneacht sin a shaothrú agus tosú ar onnmhairiú chuig margadh an Aontais. Thagair CCCMC freisin do na barúlacha a thug sé maidir leis an dealraitheacht go n-atarlódh dumpáil, rud, de réir CCCMC, lena mbréagnófaí údair imní freisin faoi allmhairí nua a bheith ag teacht ón tSín de bharr atreorú ó mhargaí onnmhairiúcháin eile ag an tSín gur ann dóibh cheana nó de bharr dúnadh margaí eile de thoradh forchur beart frithdhumpála.

(284)

Dheimhnigh an Coimisiún gur thug sé aghaidh ar na barúlacha uile a rinneadh. I gcás inar bhain barúlacha leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus go dtarlóidh sé an díobháil, tugadh aghaidh orthu faoi Roinn 3.3. thuas agus bhí siad bailí mutatis mutandis i ndáil leis an díobháil tarlú arís. Maidir leis na barúlacha a rinne CCCMC de bhun tionscnaimh, tagraíonn an Coimisiún don fhrisnéis faoi aithris (22) thuas.

(285)

D’ainneoin sin, dheimhnigh an Coimisiún go bhfuil an acmhainneacht bhreise iomlán sa tSín mar a shonraítear faoi aithrisí (202) go (204) í chomh mór sin gur dealraitheach go dtarlódh díobháil arís dá toradh dá ligfí do na bearta dul as feidhm.

(286)

A mhéid a bhaineann le maíomh CCCMC lenar bréagnaíodh údair imní faoi allmhairí nua ón tSín, thagair an Coimisiún dá fhrisnéis faoi Roinn 3.3, aithris (220).

(287)

Rinne an Coimisiún anailís ar na héifeachtaí dóchúla ar mhéadú den sórt sin ar allmhairí trí scrúdú a dhéanamh ar na leibhéil praghsanna dhóchúla a bheadh acu dá ligfí do na bearta dul i léig. Maidir leis sin agus a mhéid a bhaineann leis an tSín, mheas an Coimisiún gur bhonn réasúnach iad na leibhéil praghsanna ar allmhairí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, óir bhí sciar suntasach 14,9 % den mhargadh ag allmhairí na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar bhonn an mhéid sin, agus mar a mhínítear in aithris (240),, shuigh an Coimisiún go raibh sladghearradh suntasach praghsanna thionscal an Aontais de 12,6 % ar siúl. D’fhéadfadh an sladghearradh sin a bheith níos airde fós, is é sin ag 15,6 %, mura gcuirfí an dleacht frithdhumpála is infheidhme leis an bpraghas onnmhairiúcháin.

(288)

Sna barúlacha a thug Xinjiang XLX maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh sí nár cheart don Choimisiún dul i muinín an leibhéil sladghearrtha a ríomhadh don tréimhse faoi bhreathnú chun údar cuí a thabhairt don dealraitheacht go dtarlódh díobháil arís toisc go raibh praghsanna thionscal an Aontais thar a bheith ard ó 2021, rud ba chúis, faoi seach, leis an sladghearradh a bheith níos airde ná mar a bheadh sé gan leibhéal praghsanna chomh hard sin a bheith ann.

(289)

Mheabhraigh an Coimisiún coincheap an tsladghearrtha dó, ós rud é go n-úsáidtear go seasmhach in imscrúduithe frithdhumpála faoin mbun-Rialachán é, go bhfuil sé de chineál oibiachtúil agus go bhfuil idirdhealú simplí i gceist leis idir praghsanna iarbhír thionscal an Aontais agus praghsanna onnmhairiúcháin na tíre lena mbaineann, coigeartaithe go cuí i gcás ina bhfuil údar leis sin. Thairis sin, níor tugadh tuilleadh substainte le maíomh Xinjiang XLX ná níor cainníochtaíodh é agus dá bhrí sin diúltaíodh dó.

(290)

Maidir le méid agus praghsanna na n-allmhairí ón tSín, thug an Coimisiún dá aire freisin gur lean na méideanna allmhairí ón tSín de mhéadú go tréan, de réir na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil ó Eurostat, cé gur thosaigh praghsanna na n-allmhairí sin ag titim go mór (130). Sna 9 mí tar éis thréimhse an imscrúdaithe athbhreithnithe, is é sin ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Márta 2023, shroich méideanna na n-onnmhairí ón tSín go dtí an tAontas an leibhéal 93 345 thonna atá, nuair a dhéantar sin a fhionnadh do 12 mhí, 92,4 % níos nó ná mar a bhí i gceist le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (131), ar mheánphraghas EUR 1 585, atá 28,8 % níos lú ná mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(291)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún anailís ar threocht allmhairí ó thríú tíortha nach an tSín iad agus le haghaidh na dtréimhsí céanna. B’fhiú allmhairí ó thíortha nach an tSín iad agus 61 668 dtona le linn na 9 mí tar éis thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe arb ionann iad agus méadú 12,2 % i gcomparáid le méideanna le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, má dhéantar iad a fhionnadh do 12 mhí (132). Thit meánphraghsanna allmhairí ó thríú tíortha 20,4 % go dtí EUR 1 931/tona i gcomparáid le meánphraghsanna le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ach tá siad i bhfad níos airde fós ná meánphraghas na Síne.

(292)

Dá thoradh sin, sna 9 mí tar éis thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, méadaíodh allmhairí ón tSín go mór agus laghdaíodh a bpraghsanna go suntasach, agus bhí an laghdú sin i bhfad níos suntasaí ná mar a bhí i gcás allmhairí ó thríú tíortha.

(293)

Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Xinjiang XLX gur anailís easnamhach a bhí san anailís a rinne an Coimisiún ar thosca a bhain leis an tráth tar éis na tréimhse faoi bhreathnú toisc nár cuireadh san áireamh inti an tionchar a bhí ag géarchéim fuinnimh leanúnach san Aontas ná na héifeachtaí a bhí ag cogadh foghach gan údar gan chúis na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar na margaí.

(294)

Mheabhraigh an Coimisiún dó nach bhfuil sé faoi aon oibleagáid, ar an gcéad dul síos, aon anailís a dhéanamh ar thosca díobhála a tharlaíonn tar éis na tréimhse faoi bhreathnú. San imscrúdú seo, roghnaigh an Coimisiún sin a dhéanamh maidir le méideanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus leis na praghsanna dá gcuid chun go gcuirfí leis an gconclúid ar a thángthas maidir le hanailís ar na tosca díobhála ábhartha uile le linn na tréimhse faoi bhreathnú. In aon chás, thug an Coimisiún dá aire gur tráchtearraí iad foinsí fuinnimh a ndéantar iad a thrádáil ar leibhéil na bpraghsanna margaidh domhanda. Dá bhrí sin, dhéanfaí an difear céanna do tháirgeoirí mealaimín ar fud an domhain mar gheall ar phraghsanna fuinnimh a mhéid a d’íoc táirgeoirí mealaimín praghsanna neamhshaofa margaidh domhanda.

(295)

An 23 Bealtaine 2023, chuir na hIarratasóirí mionsonraí isteach maidir le forbairt na dtáscairí díobhála tar éis thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (133). Leis na sonraí a soláthraíodh, léiríodh an tionchar diúltach suntasach a bhí ag an méadú mór breise ar allmhairí ón tSín, ag praghsanna a bhí ag laghdú go mear, agus ag a sciar den mhargadh, ar staid thionscal an Aontais. Léiríodh leis na sonraí go háirithe go raibh meath fíor-ghéar i méid na ndíolachán agus ísliú mór praghsanna, a raibh cailliúint sciar den mhargadh agus brabúsachta ag tionscal an Aontais mar thoradh orthu.

(296)

Ar bhonn an mhéid thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur dócha go dtiocfadh tuilleadh méadaithe suntasaigh ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha arís.

6.   LEAS AN AONTAIS

6.1.   Réamhrá

(297)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí ar bun na bearta frithdhumpála atá ann cheana. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí.

(298)

Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán.

(299)

Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann a d’fhágfadh go ndéanfaí an chonclúid nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís.

6.2.   Leas thionscal an Aontais

(300)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (276), ní bhaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais a thuilleadh. De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (295), áfach, ní bheadh tionscal an Aontais in ann déileáil leis na bearta a bheith bainte, toisc gur dócha go mbeadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ann dá toradh sin, ar allmhairí iad a ngabhfadh sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais leo. Chuirfí inmharthanacht airgeadais fhadtéarmach an tionscail i mbaol, dá bhrí sin, dá n-aisghairfí na bearta. Dá bhrí sin, tá sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta.

6.3.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(301)

Cuireadh gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus úsáideoir ar an eolas faoi thionscnamh an athbhreithnithe.

(302)

Chuir allmhaireoir neamhghaolmhar amháin san Iodáil an fhoirm shamplála ar ais ach níor sholáthair sé freagraí ar cheisteanna uile an cheistneora.

(303)

Sholáthair trí úsáideoir freagraí ar an gceistneoir. Níorbh ionann ceannacháin comhiomlána uile na n-úsáideoirí sin, lena n-áirítear ceannacháin ó tháirgeoirí de chuid an Aontais, allmhairí ón tSín agus allmhairí ó thíortha eile ach 3 % den tomhaltas iomlán. Níor cheannaigh ach ceann amháin de na húsáideoirí lena mbaineann mealaimín ón tSín agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe níorbh ionann na hallmhairí sin ach 1 % - 4 % (ar mhaithe le rúndacht ní thugtar ach an raon) de na hallmhairí iomlána ón tSín isteach san Aontas. Ar bhonn na méideanna ceannachán sin níorbh fhéidir comhoibriú úsáideoirí a mheas mar chomhoibriú a bhí ionadaíoch i gcás na n-úsáideoirí uile.

(304)

Mar sin féin, rinneadh anailís ar a gcuid freagraí. Freagra an úsáideora a cheannaigh méideanna beaga ón tSín, níor sholáthair sé na príomhshonraí a raibh gá leo, amhail praghsanna ceannaigh ón tSín, praghsanna díola táirgí a bhfuil mealaimín iontu, agus ainmneacha custaiméirí. Ar an mbonn sin, níorbh fhéidir conclúid shuntasach a tharraingt seachas go raibh an chuideachta ag tairbhiú de bhrabús an-mhaith agus nárbh ionann a ceannacháin mealaimín, ón Aontas (bulc) agus ó thíortha eile ach mionchuid dá costais amhábhar (< 5 %). Níorbh fhéidir anailís shuntasach a dhéanamh ar na freagraí a thug an dá úsáideoir eile ar an gceistneoir toisc nár chuir siad isteach ach na táblaí a iarradh agus nár fhreagair siad na ceisteanna eile.

(305)

D’áitigh ceann de na húsáideoirí sin nár cheart na bearta frithdhumpála a leathnú toisc go bhfuil an acmhainneacht mhonaraíochta san Aontas teoranta, go raibh tionscal na gclár cáithníní á chur i mbaol mar gheall ar leibhéil reatha na bpraghsanna ar mhealaimín agus dá bhrí sin go bhféadfadh allmhairí praghsanna a dhéanamh cobhsaí agus an soláthar a áirithiú. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin. Níl na bearta atá i bhfeidhm cosúil le bearta lena ndéanfaí allmhairí ón tSín a chur i mbaol rud a léirítear leis an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín in 2021 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(306)

Dá bhrí sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh aon chomhartha ann a léireodh go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta ar na húsáideoirí agus/nó ar na hallmhaireoirí dá gcoinneofaí ar bun iad, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart.

6.4.   Conclúid maidir le leas an Aontais

(307)

Ar bhonn an mhéid thuas, chinn an Coimisiún nach raibh aon chúis an-láidir ann lena léiriú nach chun leas an Aontais é bearta a choinneáil ar bun maidir le hallmhairí mealaimín de thionscnamh na Síne.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(308)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil, an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís agus ar mhaithe le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le mealaimín de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun.

(309)

Chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí imchéimniúcháin mar gheall ar an difríocht ard i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na n-íosphraghsanna allmhairiúcháin a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí atá faoi réir íosphraghsanna allmhairiúcháin sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(4) den rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(310)

Cé gur gá an sonrasc seo a thíolacadh chun go gcuirfidh údaráis chustaim na mBallstát na híosphraghsanna allmhairiúcháin i bhfeidhm, ní hé an t-aon eilimint atá le cur san áireamh ag na húdaráis chustaim é. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(4) den rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm na n-íosphraghsanna allmhairiúcháin ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(311)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na híosphraghsanna allmhairiúcháin tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le híosphraghsanna allmhairiúcháin a bhaint agus le forchur dleachta ar fud na tíre dá bharr.

(312)

Na híosphraghsanna allmhairiúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach sa chuid oibriúcháin den Rialachán seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

(313)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (134). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh chun a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(314)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn sin a bhí sé beartaithe a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana ar bun. Tugadh tréimhse áirithe do na páirtithe uile inarbh fhéidir leo aighneachtaí a thabhairt de bhun an nochta sin agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. Cuireadh na haighneachtaí agus na barúlacha san áireamh mar is cuí.

(315)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (135), nuair atá méid le haisíoc de bharr breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an ráta úis a bheidh ann an ráta úis a bheidh an Banc Ceannas Eorpach á chur i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(316)

Thug an Coiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 tuairim dhearfach uaidh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín, atá faoi láthair faoi chód AC 2933 61 00, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

2.   Is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Cuideachta

Íosphraghas allmhairiúcháin (EUR/glanmheáchan an táirge i dtonaí)

Dleacht (EUR/glanmheáchan an táirge i dtonaí)

Cód breise TARIC

Sichuan Golden-Elephant Sincerity Chemical Co., Ltd

1 153

 

A 986

Shandong Holitech Chemical Industry Co., Ltd

1 153

 

A 987

Henan Junhua Development Company Ltd

1 153

 

A 988

Gach cuideachta eile

415

A 999

3.   Maidir leis na táirgeoirí a ainmnítear ina n-aonar, is é méid na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 a bheidh sa difríocht idir an t-íosphraghas allmhairiúcháin agus an glanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, i ngach cás ina bhfuil an praghas is deireanaí réamhluaite níos ísle ná an t-íosphraghas allmhairiúcháin. Maidir leis na táirgeoirí sin a ainmnítear ina n-aonar, ní bhaileofar aon dleacht i gcás ina bhfuil an glanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, cothrom le, nó níos airde ná an t-íosphraghas allmhairiúcháin comhfhreagrach.

4.   Beidh cur i bhfeidhm an íosphraghais allmhairiúcháin a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) (méid) de mhealaimín, a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tSín. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’.

5.   Maidir leis na táirgeoirí a ainmnítear ina n-aonar agus i gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí sular tháinig siad i saorchúrsaíocht agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (136) ón gCoimisiún, laghdófar an t-íosphraghas allmhairiúcháin a leagtar amach thuas de réir céatadán a fhreagraíonn do chionroinnt an phraghais a íocadh nó atá iníoctha go hiarbhír. Mar sin beidh an dleacht is iníoctha cothrom leis an difríocht idir an t-íosphraghas allmhairiúcháin laghdaithe agus an glanphraghas laghdaithe, saor ag teorainn an Aontais, roimh imréiteach custaim.

6.   Maidir le gach cuideachta eile agus i gcásanna ina ndearnadh damáiste d’earraí sular tháinig siad i saorchúrsaíocht agus, dá bhrí sin, go ndéantar an praghas iarbhír a íocadh nó an praghas atá iníoctha a chionroinnt chun an luach custaim a chinneadh de bhun Airteagal 131 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déanfar méid na dleachta frithdhumpála, arna ríomh ar bhonn mhír 2 thuas, a laghdú faoi chéatadán ar leith a chomhfhreagraíonn do chionroinnt an phraghais íocadh go hiarbhír nó atá iníoctha go hiarbhír.

Airteagal 2

Mura sonraítear a mhalairt, na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim, beidh feidhm ag na forálacha sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 457/2011 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 124, 13.5.2011, lch. 2).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1171 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2017 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí mealaimín, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 170, 1.7.2017, lch. 62).

(4)  Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe (IO C 396, 30.9.2021, lch. 12).

(5)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí mealaimín, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 252, 1.7.2022, lch. 6).

(6)  Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Iúil 2017, Viraj Profiles Ltd v Comhairle an Aontais Eorpaigh, Cás T-67/14, ECLI:EU:T:2017:481, mír 98.

(7)  Féach mír 103 agus Fíor 1 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga.

(8)  https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2609

(9)  Féach fonóta 2.

(10)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(11)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(12)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(13)  Ar fáil ag: www.npc.gov.cn/englishnpc/constitution2019/201911/1f65146fb6104dd3a2793875d19b5b29.shtml (arna rochtain an 2 Bealtaine 2022).

(14)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(15)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(16)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(17)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(18)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(19)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(20)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-9.

(21)  Féach ag: http://www.hnzydhjt.com/ (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(22)  Féach ag: https://www.sohu.com/a/427199857_120109837 (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(23)  Féach ag: http://scaffi.com/news/2492.html (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(24)  Féach ag: https://www.hnxlx.com.cn/About/subcompany/cid/155/id/87?btwaf=23932495 (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(25)  Féach ag: https://aiqicha.baidu.com/company_detail_30432795595614 (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(26)  Féach ag: https://aiqicha.baidu.com/company_detail_31950371346728 (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(27)  Ibid.

(28)  Féach ag: http://www.jxgf.com/ (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(29)  Féach ag: https://sichuan.scol.com.cn/ggxw/202209/58612536.html (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(30)  Féach ag: https://www.sohu.com/a/575647079_120952561 (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(31)  Féach ag: http://www.xjxlx.com.cn/ (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(32)  Féach: http://www.xjxlx.com.cn/News/detail/fid/3/cid/470/id/5404.html (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(33)  Féach, mar shampla, Airteagal 33 de bhunreacht Pháirtí Cumannach na Síne, Airteagal 19 de Dhlí Cuideachtaí na Síne nó na Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua (féach thíos don tagairt iomlán).

(34)  Féach ag: http://www.cpcif.org.cn/detail/40288043661e27fb01661e386a3f0001?e=1 (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(35)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-1.

(36)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26.

(37)  Féach mar shampla: Blanchette, J. – Xi’s Gamble: The Race to Consolidate Power and Stave off Disaster; Foreign Affairs, eag. 100, uimh. 4, Iúil/Lúnasa 2021, lgh. 10-19.

(38)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-2.

(39)  Ar fáil ag: https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(40)  Na Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach Pháirtí Cumannach na Síne maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach don ré nua. Ar fáil ag: www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (arna rochtain an 15 Samhain 2022).

(41)  Financial Times (2020). Chinese Communist Party asserts greater control over private enterprise, Ar fáil ag: https://on.ft.com/3mYxP4j (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(42)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(43)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(44)  An 14ú FYP maidir le hamhábhair. Ar fáil ag: https://www.miit.gov.cn/zwgk/zcwj/wjfb/tz/art/2021/art_2960538d19e34c66a5eb8d01b74cbb20.html (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(45)  Ibid., Roinn II.3.

(46)  Ibid., Roinn IV.I.

(47)  Ibid., Roinn VIII.1.

(48)  An 14ú FYP maidir le Forbairt Ghlas an Tionscail. Ar fáil ag: http://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2021-12/03/content_5655701.htm (miit.gov.cn) (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(49)  Ibid., Roinn III.2.

(50)  Féach Roinn I.1.39, chomh maith le Roinn I.1.56 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCatalóg Treorach, atá ar fáil ag: www.gov.cn/xinwen/2019-11/06/5449193/files/26c9d25f713f4ed5b8dc51ae40ef37af.pdf (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(51)  Roinn III den Chatalóg Treorach.

(52)  An 14ú FYP de chuid Jiangsu maidir le forbairt ardleibhéil thionscal na gceimiceán. Ar fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20210906/1175114.shtml (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(53)  Ibid., Roinn 2.2.2.

(54)  An 14ú FYP de chuid Shandong maidir le forbairt thionscal na gceimiceán. Ar fáil ag: https://huanbao.bjx.com.cn/news/20211201/1191133.shtml (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(55)  Ibid., Roinn III.4.

(56)  Tuairim Treorach chun Forbairt Ardcháilíochta Thionscal na bPeitriceimiceán agus na gCeimiceán a Chur Chun Cinn le linn an 14ú FYP. Ar fáil ag: http://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2022-04/08/content_5683972.htm#msdynttrid=WRmyf07ph0z74SHmXoOLKjRWl09BdZ4lGdYp9fiI9xU (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(57)  Ibid., Roinn I.3.

(58)  Ibid.

(59)  Ibid., Roinn VIII.

(60)  Fógra maidir le hObair Mhaith a Dhéanamh agus Conarthaí Meántéarmacha agus Fadtéarmacha maidir le Gual á Síniú agus á bhFeidhmiú in 2021. Ar fáil ag: http://www.gov.cn/zhengce/zhengceku/2020-12/09/content_5568450.htm (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(61)  Ibid.

(62)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 138-149.

(63)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(64)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(65)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(66)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(67)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(68)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(69)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(70)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(71)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(72)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(73)  Féach an doiciméad oifigiúil beartais ó Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (‘CBIRC’) an 28 Lúnasa 2020: Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na hearnála baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022), ar fáil ag: http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928 arna rochtain an 2 Bealtaine 2023). Tugtar treoir sa Phlean ‘ an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping a chur chun feidhme a thuilleadh maidir le hathchóiriú ar rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’ . Thairis sin, is é is aidhm do Roinn II den Phlean comhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí i rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘déanfaimid comhtháthú cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a dhéanamh ar bhonn níos córasaí agus níos caighdeánaithe agus é bunaithe níos mó ar nósanna imeachta […] Ní mór do Choiste an Pháirtí saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a phlé sula gcinnfidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach iad.’

(74)  Féach Fógra CBIRC maidir leis an modh meastóireachta i leith fheidhmíocht na mbanc Tráchtála, arna eisiúint an 15 Nollaig 2020. Ar fáil ag http://jrs.mof.gov.cn/gongzuotongzhi/202101/t20210104_3638904.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 2 Bealtaine 2023).

(75)  Féach Páipéar Oibre an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ‘Resolving China’s Corporate Debt Problem’, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

(76)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(77)  Féach ECFE (2019), Suirbhéanna Eacnamaíochta ECFE: An tSín 2019, Foilsitheoireacht ECFE, Páras, lch. 29. Ar fáil ag: https://doi.org/10.1787/eco_surveys-chn-2019-en arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(78)  Féach: http://www.gov.cn/xinwen/2020-04/20/content_5504241.htm arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(79)  Tá 81 % de Henan Junhua Development i seilbh Henan Haohua Junhua. Féach https://aiqicha.baidu.com/company_detail_31229783116721 (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Meitheamh 2023).

(80)  14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus Cuspóirí Fadraoin do 2035. Ar fáil ag: http://www.gov.cn/xinwen/2021-03/13/content_5592681.htm (arna rochtain an 2 Bealtaine 2023).

(81)  Ibid, Roinn 1.1.

(82)  Dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta an cur chuige sin sa bhreithiúnas uaithi an 21 Meitheamh 2023, Guangdong Haomei New Materials agus Guangdong King Metal Light Alloy Technology v An Coimisiún, T-326/21, EU:T:2023:347, mír 104.

(83)  Féach aithris (85) thuas, mar shampla.

(84)  Féach aithrisí (75) agus (76) thuas.

(85)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach. Ar fáil ag https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income (ar breathnaíodh air go deireanach an 3 Iúil 2023).

(86)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar táirgeadh táirge san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna den táirge faoi athbhreithniú a bhreithniú.

(87)  Míreanna 59 agus 60, agus Tábla 1 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga.

(88)  Roinn 5.2.3 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga.

(89)  Is iad an gás nádúrtha agus an gual na hamhábhair dheiridh a úsáidtear chun mealaimín agus leasacháin nítrigine a tháirgeadh. Úsáidtear gás nádúrtha nó gual chun amóinia a dhéanamh. Is féidir amóinia a phróiseáil a thuilleadh chun úiré nó aigéad nítreach a tháirgeadh. Úsáidtear aigéad nítreach chun níotráit amóiniam a tháirgeadh, ar leasachán nítrigine í. Is féidir é a mheascadh a thuilleadh chun cineálacha eile leasachán nítrigine a dhéanamh, e.g. níotráit úiré amóiniam (‘UAN’). níotráit amóiniam arna meascadh le húiré) nó níotráit chailciam amóiniam (‘CAN’; níotráit amóiniam arna meascadh le cailciam ó aolchloch). Is féidir úiré, agus amóinia curtha léi, a úsáid freisin chun mealaimín a tháirgeadh. Is minic gurb iad na cuideachtaí céanna, ar cuideachtaí atá comhtháite go hingearach iad, a tháirgeann leasacháin nítrigine, úiré agus mealaimín.

(90)  Ar fáil ag https://connect.ihsmarkit.com/gta/home (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Feabhra 2023).

(91)  An Lárionad Trádála Idirnáisiúnta, Léarscáil Rochtain ar an Margadh. Ar fáil ag https://www.macmap.org/en/query/customs-duties (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Aibreán 2023).

(92)  Gnó a Dhéanamh 2020. Próifíl Gheilleagar na Tuirce, lch. 51. Ar fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/t/turkey/TUR.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 9 Feabhra 2023). An mhodheolaíocht i dtaca le trádáil thar Theorainneacha. Ar fáil ag https://archive.doingbusiness.org/en/methodology/trading-across-borders (ar breathnaíodh air go deireanach an 9 Feabhra 2023).

(93)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(94)  Rabhadh i ndáil le Trádáil Dhomhanda. Ar fáil ag https://www.globaltradealert.org/data_extraction (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Feabhra 2023).

(95)  An Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Chóiré Thuaidh, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin.

(96)  Bhain CCCMC úsáid as bunachar sonraí Comtrade de chuid na Náisiún Aontaithe.

(97)  Féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Nóta maidir le foinsí.

(98)  Féach https://www.dgtr.gov.in/anti-dumping-cases/anti-dumping-investigation-concerning-imports-melamine-originating-or-exported (ar breathnaíodh air go deireanach an 5 Aibreán 2023).

(99)  Tá staidreamh allmhairiúcháin ar fáil ag: https://connect.ihsmarkit.com/gta/home (ar breathnaíodh air go deireanach an 4 Aibreán 2023).

(100)  Aithris (103) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/809 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí feisteas feadáin agus píobáin buntáthaithe áirithe de chruach dhosmálta, bídís críochnaithe nó ná bídís, de thionscnamh na Síne agus na Téaváine tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 101, 14.4.2023, lch. 22).

(101)  Elektrik ve Doğal Gaz Fiyatları, I. Dönem: Ocak-Haziran 2022 (Praghsanna Leictreachais agus Gás Nádúrtha, an Chéad Seimeastar: Eanáir-Meitheamh 2022), Tábla 1. Ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Elektrik-ve-Dogal-Gaz-Fiyatlari-I.-Donem:-Ocak-Haziran-2022-45567 (ar breathnaíodh air go deireanach an 20 Eanáir 2023).

(102)  Elektrik ve Doğal Gaz Fiyatları, I. Dönem: Ocak-Haziran 2022 (Praghsanna Leictreachais agus Gás Nádúrtha, an Chéad Seimeastar: Eanáir-Meitheamh 2022), Tábla 3. Ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Elektrik-ve-Dogal-Gaz-Fiyatlari-I.-Donem:-Ocak-Haziran-2022-45567 (ar breathnaíodh air go deireanach an 20 Eanáir 2023).

(103)  Ar fáil ag https://www.isu.gov.tr/sufiyatlari/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 30 Eanáir 2023).

(104)  Féach https://www.icis.com/explore/commodities/chemicals/melamine/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 11 Aibreán 2023).

(105)  Féach mar shampla https://www.weforum.org/agenda/2022/11/russia-ukraine-invasion-global-energy-crisis/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 9 Meitheamh 2023); https://blogs.worldbank.org/developmenttalk/energy-shock-could-sap-global-growth-years (ar breathnaíodh air go deireanach an 9 Meitheamh 2023); https://www.reuters.com/business/energy/year-russia-turbocharged-global-energy-crisis-2022-12-13/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 9 Meitheamh 2023).

(106)  Praghasinnéacs Tomhaltóirí, Mí an Mhárta 2023, Tábla 2. Ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Bulten/Index?p=Consumer-Price-Index-March-2023-49652&dil=2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 11 Aibreán 2023).

(107)  Admhaíonn an Coimisiún go raibh treocht na bpraghsanna fuinnimh a tugadh faoi deara in Xinjiang XLX bunaithe ar chostais agus praghsanna neamhshaofa. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an athbhreithniú éaga seo gan corrlach dumpála beacht a ríomh ach a shuí cé acu ar leanadh nó nár leanadh den dumpáil, shuigh an Coimisiún go raibh sé inghlactha an méadú ar na praghsanna fuinnimh a tharla ag Xinjiang XLX a úsáid mar athróg ionadach choimeádach i ndáil le costas neamhshaofa leictreachais agus gáis nádúrtha a choigeartú.

(108)  Ar fáil ag https://www.erieri.com/salary (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Feabhra 2023).

(109)  Ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Kategori/GetKategori?p=istihdam-issizlik-ve-ucret-108&dil=2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Feabhra 2023).

(110)  Tábla An meánchostas saothair míosúil agus comhpháirteanna de réir gníomhaíocht eacnamaíoch, 2020 ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Kategori/GetKategori?p=istihdam-issizlik-ve-ucret-108&dil=2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Feabhra 2023).

(111)  Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach ar fáil ag https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3859598/5902521/KS-RA-07-015-EN.PDF (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Feabhra 2023).

(112)  Tábla Innéacsanna i ndáil le Costas Saothair (2015 = 100) ar fáil ag https://data.tuik.gov.tr/Kategori/GetKategori?p=istihdam-issizlik-ve-ucret-108&dil=2 (ar breathnaíodh air go dtí an 6 Feabhra 2023).

(113)  Ar fáil ag http://www.egegubre.com.tr/mali.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Feabhra 2023).

(114)  Ar fáil ar https://www.tekfen.com.tr/en/financial-statements-4-22 (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Feabhra 2023).

(115)  Ar fáil ag https://www.kap.org.tr/en/sirket-finansal-bilgileri/4028e4a240f2ef4701410810f53601c4 (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Feabhra 2023).

(116)  Féach na tuarascálacha iniúchóireachta le haghaidh an 1 Eanáir – 31 Nollaig 2021 agus an 1 Eanáir – an 30 Meitheamh 2022 ar fáil ag https://www.kap.org.tr/Bildirim/1004178 agus https://www.kap.org.tr/tr/Bildirim/1056023 (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Meitheamh 2023).

(117)  Féach na tuarascálacha iniúchóireachta le haghaidh an 1 Eanáir – 31 Nollaig 2021 agus an 1 Eanáir – an 30 Meitheamh 2022 ar fáil ag https://www.kap.org.tr/tr/Bildirim/1007098 agus https://www.kap.org.tr/tr/Bildirim/1057306 (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Meitheamh 2023).

(118)  Ar fáil ag https://connect.ihsmarkit.com/gta/home (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Feabhra 2023).

(119)  Próifíl Gheilleagar na Síne. Doing Business 2020, lch. 84, 88). Ar fáil ag https://archive.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/c/china/CHN.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Feabhra 2023).

(120)  Roinn 5.3.1, Iarscríbhinní 8.1 agus 8.2 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Áirítear in Iarscríbhinní 8.1 agus 8.2 Chemicals Economics Handbook – Melamine 2020 [Lámhleabhar maidir le hEacnamaíocht na gCeimiceán] (‘tuarascáil CEH’) agus an Leabhar Oibre Sonraí comhfhreagrach. Ós rud é go bhfuil tuarascáil CEH cumhdaithe le cóipcheart tríú páirtí, is i raonta a sholáthraítear an fhaisnéis atá sa tuarascáil agus sa Leabhar Oibre Sonraí.

(121)  Iarscríbhinn 8.2 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Féach na táblaí An tSín-Táirgeoirí agus Acmhainneacht Bhreise-an tSín.

(122)  Liosta na dTagairtí 2023. Ar fáil ag https://www.eurotecnica.it/images/PDF/reflist.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2023).

(123)  Iarscríbhinn 8.2 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Féach tábla an tSín-Soláthar agus Éileamh.

(124)  Ar fáil ag https://connect.ihsmarkit.com/gta/home (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2023).

(125)  Mealaimín ó Dhaon-Phoblacht na Síne: Dleacht Frithdhumpála agus Orduithe Dleachta Frithchúitimh. Ar fáil ag https://www.federalregister.gov/documents/2015/12/28/2015-32632/melamine-from-the-peoples-republic-of-china-antidumping-duty-and-countervailing-duty-orders (ar breathnaíodh air go deireanach an 10 Bealtaine 2023).

(126)  Fógra ón Roinn le haghaidh Chosaint an Mhargaidh Inmheánaigh de chuid an Choimisiúin Eacnamaíochta Eoráisigh (EAEU) ‘Maidir le cur i bhfeidhm beart frithdhumpála in aghaidh mealaimín de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a allmhairítear isteach i gcrích chustaim an Aontais Eacnamaíoch Eoráisigh’. Ar fáil ag http://www.eurasiancommission.org/ru/act/trade/podm/investigations/PublicDocuments/AD34_notice_dated05042022.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 10 Bealtaine 2023).

(127)  Iarscríbhinn 8.2 den iarraidh ar an athbhreithniú éaga. Féach na táblaí Tomhaltas domhanda mealaimín de réir réigiúin agus Tomhaltas mealaimín san Eoraip Láir agus in Oirthear na hEorpa de réir tíre.

(128)  Mar shampla, in 2015 agus 2016 bhí na praghsanna onnmhairiúcháin i ndáil leis an tSín chuig na sé phríomh-mhargadh onnmhairiúcháin sa raon de tuairim is EUR 750/tona go dtí EUR 850/tona. Foinse: ‘Global Trade Atlas (GTA)’. Ar fáil ag https://my.ihs.com/ (ar breathnaíodh air go deireanach an 28 Meitheamh 2023).

(129)  Maidir leis an dleacht frithdhumpála a forchuireadh, is é comhdhéanamh na mbeart íosphraghsanna allmhairiúcháin le haghaidh trí tháirgeoir onnmhairiúcháin agus dleacht sheasta shonrach le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin eile uile. Na hallmhairí a rinne na trí pháirtí ar bhain íosphraghsanna allmhairiúcháin leo, má bhí siad ar phraghas níos airde ná an íosphraghas bhí siad saor ó dhleacht frithdhumpála cé go raibh éagsúlú i gceist leis na dleachtanna frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí ó na páirtithe sin ar phraghas faoi bhun na n-íosphraghsanna allmhairiúcháin =, ag brath ar luach glan an tsonraisc roimh allmhairiú. Bhí ann freisin d’allmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin eile a raibh feidhm ag an dleacht iarmharach shonrach EUR 415 in aghaidh an tona maidir leo. I bhfianaise na gcásanna éagsúla sin, suíodh an méid de dhleachtanna frithdhumpála a forchuireadh ar bhonn na sonraí i ndáil le hallmhairí mealaimín a thuairiscigh na Ballstáit de bhun Airteagal 14(6) den bhun-Rialachán, toisc go raibh na méideanna a íocadh san áireamh sa tacar sonraí sin.

(130)  Tá an sliocht iomlán ar fáil ar TRON t23.002667.

(131)   93 345/(9/12) = 124 459. 124 459/64 673 = 192,4 %.

(132)   61 668/(9/12) = 82 223. 82 223/73 288 = 112,2 %.

(133)  Tagairt TRON: t23.002400 dar dáta 23 Bealtaine 2023.

(134)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.

(135)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(136)   IO L 343, 29.12.2015, lch. 558


15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/247


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1777 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Meán Fómhair 2023

faireachas cúlghabhálach an Aontais a thabhairt isteach ar allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (2), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste um Choimircí agus um Chomhrialacha d’Onnmhairí,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De réir Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2015/478, féadfar faireachas an Aontais a thabhairt isteach i gcás ina bhfuil an treocht in allmhairí táirge ina baol go ndéanfaidh sí díobháil do tháirgeoirí an Aontais agus i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leas an Aontais. Ceadaítear le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/755 faireachas a thabhairt isteach i gcás ina n-éilítear amhlaidh ar mhaithe le leasanna an Aontais. Maidir le faireachas cúlghabhálach, lena gceanglaítear ar gach Ballstát sonraí allmhairithe a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach go gairid tar éis an allmhairithe iarbhír, féadfar é a thabhairt isteach faoin dá Rialachán, de bhun Airteagal 10(1)(a) agus Airteagal 7(1)(a) faoi seach.

(2)

Bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Choimisiún, tháinig méadú suntasach ar allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla le déanaí.

(3)

Tháinig méadú gar do 80 % ar allmhairí bitheatánóil le haghaidh breosla ó gach áit tionscnaimh idir 2021 agus 2022 (in éagmais cóid TARIC, tá na méideanna sin bunaithe ar chóid AC iomlána agus d’fhéadfadh cineálacha eile bitheatánóil a bheith san áireamh freisin). Ba iad an Bhrasaíl, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus Peiriú na tíortha onnmhairiúcháin ba thábhachtaí ó thaobh méideanna de in 2022.

(4)

Léirigh anailís bhreise, bunaithe ar shonraí eachtarshuite TARIC le haghaidh na dtrí chód AC is ionadaíche (i.e. níos mó ná 90 % d’allmhairí ar leibhéal TARIC), gur tháinig méadú 45 % ar allmhairí bitheatánóil le haghaidh breosla idir 2021 agus 2022. Ina theannta sin, breathnaítear ar mhéadú arb é 43,5 % eile sna chéad chúig mhí den bhliain 2023 i gcomparáid leis na chéad chúig mhí den bhliain 2022.

(5)

Is iad na trí thír onnmhairiúcháin is mó isteach san Aontas ar bhonn eachtarshuite na Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhrasaíl, agus Peiriú. Is í an Phacastáin an ceathrú tír is tábhachtaí ó thaobh cainníochtaí a allmhairíodh, rud a léiríonn an méadú is airde ar allmhairí ag 179 % idir 2021 agus 2022. I gcás na tréimhse céanna, tháinig méadú 96 % ar allmhairí ó na Stáit Aontaithe, agus méadú 37 % ón mBrasaíl. Tháinig laghdú 13 % ar allmhairí ó Pheiriú.

(6)

Tá cuma an-tarraingteach ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a phraghsanna arda. Tá praghsanna allmhairiúcháin ón mBrasaíl agus ó na Stáit Aontaithe os cionn 15 % níos ísle ná praghsanna an Aontais (3). Ina theannta sin, tá acmhainneacht táirgeachta an-mhór ag an dá thír.

(7)

Mar a léirítear sa tábla thíos, tá i bhfad níos mó á dtáirgeadh ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ag an mBrasaíl ná a dtomhaltas intíre féin, rud a chiallaíonn go bhfuil acmhainneacht bhreise acu le haghaidh margaí onnmhairiúcháin. Tá tomhaltas an Aontais thart ar 4,6 milliún tona agus tá acmhainneacht chomhcheangailte 5,5 milliún tona ag táirgeoirí SAM agus táirgeoirí na Brasaíle atá ar fáil lena n-onnmhairiú, dá bhrí sin, tá siad in ann freastal ar éileamh an Aontais.

Tábla

Táirgeadh agus tomhaltas sa bhliain 2022

Bliain 2022 (tonaí)

Na Stáit Aontaithe

an Bhrasaíl

AE

Táirgeadh

46 210 800

22 549 600

3 970 000

Tomhaltas

41 685 000

21 517 400

4 605 200

Acmhainneacht bhreise

4 525 800

1 032 200

- 635 200

(8)

Tagann an méadú ar allmhairí i gcomhthráth le laghdú 10 % ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais. Tháinig méadú ar chóimheas na n-allmhairí i gcomparáid le táirgeacht an Aontais ó 21 % in 2021 go 39 % in 2022.

(9)

Meabhraítear gur tugadh faireachas cúlghabhálach ar allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla (‘bitheatánól’) isteach ar dtús i mí na Samhna 2020 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1628 ón gCoimisiún (4). Leis an Rialachán, tugadh isteach cóid TARIC áirithe ar feadh tréimhse bliana.

(10)

Chuaigh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1628 in éag an 4 Samhain 2021 agus dá bhrí sin rinneadh na cóid a dhíghníomhachtú sa chóras custaim. In 2021, bhí laghdú tagtha ar allmhairí bitheatánóil agus, dá bhrí sin, ní raibh aon fhorais ann chun síneadh a chur leis an bhfaireachas ag an am sin.

(11)

Mar sin féin, ar bhonn treochtaí allmhairiúcháin le déanaí maidir le eatánól in-athnuaite le haghaidh breosla, na hacmhainneachtaí táirgeachta móra atá ar fáil go háirithe sna Stáit Aontaithe agus sa Bhrasaíl mar a luaitear in aithris (7), agus leibhéal níos ísle praghsanna allmhairí isteach san Aontas, d’fhéadfadh éifeachtaí díobhálacha do tháirgeoirí an Aontais dul in olcas a thuilleadh dá bhrí sin go luath amach anseo.

(12)

Mar a fhoráiltear i dTionscal an Aontais, ó bhí R4 2021 ann, tá formhór na dtáscairí eacnamaíocha ag dul in olcas, rud a léiríonn comharthaí díobhála a bhain do tháirgeoirí sampláilte an Aontais sa tréimhse ó R4 2021 go R3 2022:

Táirgeadh (laghdú 10 %)

Úsáid acmhainneachta (laghdú 9 %)

Méid díolachán an Aontais (laghdú 6 %)

Fardail (15 % méadú)

Infheistíocht (laghdú 44 %)

Brabúsacht (laghdú 57 %)

(13)

Dá bhrí sin, ar mhaithe le leas an Aontais ceanglaítear gur cheart allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla a bheith faoi réir fhaireachas cúlghabhálach Aontais chun faisnéis staidrimh a sholáthar, sula n-eiseofar staidreamh oifigiúil allmhairiúcháin, ionas gur féidir anailís thapa a dhéanamh ar threochtaí allmhairiúcháin ó gach tríú tír. Tá gá le sonraí tapa trádála chun déileáil le leochaileacht mhargadh an Aontais d’eatánól in-athnuaite le haghaidh breosla agus chun athruithe tobanna ar an margadh domhanda a bhrath.

(14)

Ós rud é gur féidir eatánól le haghaidh breosla a aicmiú i gceannteidil AC éagsúla ina bhfuil táirgí eile, ba cheart cóid TARIC shonracha a chruthú d’fhonn a áirithiú go mbeidh faireachán leordhóthanach a bheidh teoranta do na táirgí ábhartha amháin. Áireofar i raon feidhme an fhaireachais chúlghabhálaigh na táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(15)

Chun gur féidir faireachán cuí a dhéanamh ar threochtaí allmhairiúcháin agus chun nach ndéanfar na cóid TARIC ábhartha a dhíghníomhachtú arís, ba cheart faireachas cúlghabhálach a thabhairt isteach ar feadh tréimhse trí bliana,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Beidh allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo faoi réir fhaireachas cúlghabhálach Aontais i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/478 agus Rialachán (AE) 2015/755.

2.   Tá aicmiú na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo bunaithe ar TARIC. Cinnfear tionscnaimh na dtáirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh trí bliana.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(2)   IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(3)  Sonraí arna gcur ar fáil ag Tionscal na hEorpa.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1628 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 lena dtugtar isteach faireachas cúlghabhálach Aontais ar allmhairí eatánóil in-athnuaite le haghaidh breosla (IO L 366, 4.11.2020, lch. 12).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta na dtáirgí atá faoi réir fhaireachas cúlghabhálach Aontais

Is eatánól in-athnuaite le haghaidh breosla é an táirge lena mbaineann atá faoi réir faireachais chúlghabhálaigh, i.e. alcól eitile a tháirgtear ó tháirgí talmhaíochta (mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), dínádúraithe nó gan dínádúrú, seachas táirgí ar mó ná 0,3 % (m/m) cion uisce iontu arna thomhas de réir chaighdeán EN 15376, ach lena n-áirítear alcól eitile a tháirgtear ó tháirgí talmhaíochta (mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) atá i gcumaisc le gásailín ar mó ná 10 % (v/v) cion alcóil eitile atá beartaithe le haghaidh úsáidí breosla. Cumhdaítear freisin leis an táirge lena mbaineann alcól eitile a tháirgtear ó tháirgí talmhaíochta (mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) atá in éitear búitileach treasach eitileach (ETBE).

Tá raon feidhme an táirge teoranta go heisiach d’eatánól in-athnuaite a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna breosla. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear eatánól sintéiseach agus eatánól in-athnuaite atá beartaithe d’fheidhmeanna seachas breosla, i.e. úsáid thionsclaíoch agus dí.

Tagann an táirge lena mbaineann faoi na cóid AC agus TARIC seo a leanas faoi láthair:

Cóid AC

Síntí Cód TARIC

ex 2207 10 00

11

ex 2207 20 00

11

ex 2208 90 99

11

ex 2710 12 21

10

ex 2710 12 25

10

ex 2710 12 31

10

ex 2710 12 41

10

ex 2710 12 45

10

ex 2710 12 49

10

ex 2710 12 50

10

ex 2710 12 70

10

ex 2710 12 90

10

ex 2909 19 10

10

ex 3814 00 10

10

ex 3814 00 90

70

ex 3820 00 00

10

ex 3824 99 92

66


CINNTÍ

15.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 228/251


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1778 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meán Fómhair 2023

maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa tSualainn

(a tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2023) 6246)

(Is é an téacs Sualainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig ghalair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráige den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna srianta sin.

(5)

Chuir an tSualainn an Coimisiún ar an eolas gur deimhníodh go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine i mbardasacht Fagersta an 6 Meán Fómhair 2023. Dá réir sin, bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.

(6)

Chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc sa tSualainn a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin.

(7)

Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar sa tSualainn atá buailte ag na ráigeanna seo a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an tSualainn de dhroim na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(8)

Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na mbeart rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe maidir le leathadh an ghalair á chur san áireamh, níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe ar coimeád agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú ón gcrios ionfhabhtaithe i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart fad an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin.

(9)

Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine sa tSualainn a mhaolú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chinneadh seo nár cheart don tSualainn gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus de tháirgí ó na hainmhithe sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo.

(10)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(11)

Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sa tSualainn a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart ré an chriosúcháin sin a shocrú.

(12)

Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Áiritheoidh an tSualainn go mbunóidh an tSualainn láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, áiritheoidh an tSualainn go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 3

Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí ó na hainmhithe sin, áiritheoidh an tSualainn nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Nollaig 2023.

Airteagal 5

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65).


IARSCRÍBHINN

Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe sa tSualainn dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Contae Västmanland:

30 % de bhardasacht Surahammar ó dheas ag bóthar uimh. 66,

100 % de bhardasacht iomlán Fagersta,

68 % de bhardasacht Norberg ó thuaidh gar do bhóithre uimh. 270 agus 68,

6 % de bhardasacht Skinnskatteberg ó dheas ag bóthar uimh. 250,

0,4 % de bhardasacht Västerås thoir theas ag bóthar uimh. 685

12 % de bhardasacht Surahammar ó dheas ag bóthar uimh. 681

Contae Dalarna:

1 % de bhardasachtaí Avesta thoir thuaidh ag bóthar uimh. 693

6 % de bhardasachtaí Smedjebacken san iarthar ag bóthar uimh. 66

6.12.2023