ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 227

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
14 Meán Fómhair 2023


Clár

 

III   Gníomhartha eile

Leathanach

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 146/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1721]

1

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 147/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1722]

3

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 148/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1723]

5

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 149/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1724]

7

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 150/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1725]

9

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 151/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1726]

11

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 152/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1727]

12

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 153/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1728]

14

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 154/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1729]

15

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 155/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1730]

16

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 156/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1731]

18

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 157/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1732]

19

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 158/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1733]

20

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 159/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1734]

21

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 160/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1735]

23

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 161/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1736]

25

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 162/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1737]

26

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 163/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1738]

27

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 164/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1739]

28

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 165/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII (Maoin intleachtúil) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1740]

30

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 166/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1741]

32

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 167/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1742]

33

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 168/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1743]

34

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 169/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1744]

37

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 170/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1745]

38

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 171/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1746]

39

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 172/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1747]

40

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 173/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1748]

41

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 174/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1749]

42

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 175/2020 an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1750]

43

 

*

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 176/2020 an 30 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1751]

44

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/1


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 146/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1721]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1895 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 lena n-aithnítear roinnt oileán sa Phortaingéil a bheith saor ó varróis agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/503/AE (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hainmhithe beo cé is moite d’éisc agus ainmhithe dobharshaothraithe. An reachtaíocht a bhaineann leis na hábhair sin, ní bheidh feidhm aici maidir leis an Íoslainn, mar a shonraítear i mír 2 den Chuid Réamhráiteach de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir leis an Íoslainn.

(3)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair thréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 59 (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/503/AE ón gCoimisiún) i gCuid 7.2 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32019 D 1895: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1895 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2019 (IO L 291, 12.11.2019, lch. 54).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1895 san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 291, 12.11.2019, lch. 54.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/3


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 147/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1722]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/147 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2020 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, cránacha (ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil) agus bá déiríochta agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2148/2004, (CE) Uimh. 1288/2004 agus (CE) Uimh. 1811/2005 (sealbhóir an údaraithe S.I. Lesaffre) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointe 1zt (Rialachán (CE) Uimh. 1288/2004 ón gCoimisiún), pointe 1zze (Rialachán (CE) 2148/2004 ón gCoimisiún) agus pointe 1zzr (Rialachán (CE) Uimh. 1811/2005 ón gCoimisiún):

‘—

32020 R 0147: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/147 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2020 (IO L 31, 4.2.2020, lch. 7).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 312 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1977 ón gCoimisiún):

‘313.

32020 R 0147: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/147 ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2020 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae CNCM I-4407 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh bainbh scoite, cránacha (ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil) agus bá déiríochta agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2148/2004, (CE) Uimh. 1288/2004 agus (CE) Uimh. 1811/2005 2005 (sealbhóir an údaraithe S.I. Lesaffre) (IO L 31, 4.2.2020, lch. 7).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/147 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 31, 4.2.2020, lch. 7.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/5


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 148/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1723]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/228 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le húdarú eireatroisín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí agus cat (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/229 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le húdarú L-tripteafain mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/238 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2020 maidir le húdarú L-tréóinín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 313 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/147 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘314.

32020 R 0228: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2020/228 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le húdarú eireatroisín mar bhreiseán beatha le haghaidh madraí agus cat (IO L 47, 20.2.2020, lch. 1).

315.

32020 R 0229: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2020/229 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le húdarú L-tripteafain mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 47, 20.2.2020, lch. 5).

316.

32020 R 0238: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE)2020/238 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2020 maidir le húdarú L-tréóinín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 48, 21.2.2020, lch. 3).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/228, (AE) 2020/229 agus (AE) 2020/238 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 47, 20.2.2020, lch. 1.

(2)   IO L 47, 20.2.2020, lch. 5.

(3)   IO L 48, 21.2.2020, lch. 3.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/7


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 149/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1724]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/196 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanúla (seachas éin ubh-bhreithe) agus éin ornáideacha agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1380/2007 agus (CE) Uimh. 1096/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 843/2012 (sealbhóir údaraithe BASF SE) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/197 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 maidir le húdarú dearg alúra AC mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/196, aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1380/2007 (3) agus (CE) Uimh. 1096/2009 (4) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 843/2012 ón gCoimisiún (5), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(4)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 316 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/238 ón gCoimisiún):

‘317.

32020 R 0196: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/196 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 maidir le hathnuachan a dhéanamh ar údarú in-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh ag Aspergillus niger CBS 109.713 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanúla (seachas éin ubh-bhreithe) agus éin ornáideacha agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1380/2007 agus (CE) Uimh. 1096/2009 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 843/2012 (sealbhóir údaraithe BASF SE) (IO L 42, 14.2.2020, lch. 1).

318.

32020 R 0197: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/197 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2020 maidir le húdarú dearg alúra AC mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí (IO L 42, 14.2.2020, lch. 4).’

2.

Scriostar téacsanna phointí 1zzzze (Rialachán (CE) Uimh. 1380/2007 ón gCoimisiún), 1zzzzzu (Rialachán (CE) Uimh. 1096/2009 ón gCoimisiún) agus 70 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 843/2012 ón gCoimisiún).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/196 agus (AE) 2020/197 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 42, 14.2.2020, lch. 1

(2)   IO L 42, 14.2.2020, lch. 4.

(3)   IO L 309, 27.11.2007, lch. 21.

(4)   IO L 301, 17.11.2009, lch. 3.

(5)   IO L 252, 19.9.2012, lch. 23.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/9


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 150/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1725]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1341 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/466 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh sin le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta, ábhair bheatha agus bia-earraí. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair thréidliachta, ábhair bheatha agus bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá i gCaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 11c (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún) i gCuid 1.1 de Chaibidil I agus i bpointe 31r (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 1341: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1341 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2020 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 2).’

Airteagal 2

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 170 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32020 R 1341: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1341 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2020 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 2).’

Airteagal 3

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1341 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 314, 29.9.2020, lch. 2.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/11


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 151/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1726]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/239 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 901/2014 i ndáil leis na teimpléid le haghaidh nósanna imeachta cineálcheadaithe feithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothar a oiriúnú do na ceanglais maidir le céimeanna comhshaoil Euro 5 agus Euro 5+ (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 46c (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 901/2014 ón gCoimisiún) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 R 0239: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/239 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2020 (IO L 48, 21.2.2020, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/239 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 48, 21.2.2020, lch. 6.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/12


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 152/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1727]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2093 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 a mhéid a bhaineann le hanailís ar eistir 3-monachlóraprópáin-1,2-dé-óil (3-MCPD) d’aigéid shailleacha, ar eistir ghlicidile d’aigéid shailleacha, ar shárchlóráit agus ar aicriolaimíd (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le bia-earraí. An reachtaíocht a bhaineann le bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas i bpointe 54zzzp (Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 2093: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2093 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 (IO L 317, 9.12.2019, lch. 96).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2093 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 317, 9.12.2019, lch. 96.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/14


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 153/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1728]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1881 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 chun an tsubstaint défhluibeansúrón a aicmiú a mhéid a bhaineann lena huasteorainn iarmhar (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13 (Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 1881: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1881 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2019 (IO L 290, 11.11.2019, lch. 8).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1881 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 290, 11.11.2019, lch. 8.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/15


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 154/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1729]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzj (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1973 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘12zzzzzzk.

32020 D 0027: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le própaconasól lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 8, 14.1.2020, lch. 39).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/27 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 8, 14.1.2020, lch. 39.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/16


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 155/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1730]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/896 an 19 Meitheamh 2018 ón gCoimisiún lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun tomhailt bhliantúil málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a ríomh agus lena leasaítear Cinneadh 2005/270/CE (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar Caibidil XVII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 7e (Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32018 D 0896: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/896 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2018 (IO L 160, 25.6.2018, lch. 6).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 7f, (Cinneadh 2009/292/CE ón gCoimisiún):

‘7g.

32018 D 0896: Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2018/896 an 19 Meitheamh 2018 ón gCoimisiún lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun tomhailt bhliantúil málaí siopadóireachta éadroma plaisteacha a ríomh agus lena leasaítear Cinneadh 2005/270/CE (IO L 160, 25.6.2018, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/896 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 160, 25.6.2018, lch. 6.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/18


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 156/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1731]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/442 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1b (Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 R 0442: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/442 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 (IO L 92, 26.3.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/442 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 92, 26.3.2020, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/19


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 157/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1732]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1935 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena n-oiriúnaítear na bunmhéideanna euro le haghaidh árachas slánaíochta gairmiúla agus le haghaidh acmhainneacht airgeadais idirghabhálaithe árachais agus athárachais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13e (Treoir (AE) Uimh. 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32019 R 1935: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1935 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 (IO L 301, 22.11.2019, lch. 3).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1935 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 214/2018 ó Chomhchoiste LEE an 26 Deireadh Fómhair 2018 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 301, 22.11.2019, lch. 3.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.

(2)   IO L 105, 25.3.2021, lch. 9.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/20


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 158/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1733]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/125 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 945/2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le hinnéacsanna ábhartha arna n-éagsúlú go hiomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 14aq (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 945/2014 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32020 R 0125: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/125 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2020 (IO L 24, 30.1.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/125 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 24, 30.1.2020, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/21


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 159/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1734]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h) i bpointe 16e (Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘(i)

In Airteagal 115, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, léifear an ceathrú mír mar seo a leanas:

‘De mhaolú ar mhír 2, áiritheoidh Stáit CSTE go gcuirfear i bhfeidhm na bearta slándála dá dtagraítear in Airteagail 65, 66, 67 agus 97 laistigh de 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 159/2020 ó Chomhchoiste LEE an 23 Deireadh Fómhair 2020.’ ’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 16ea (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2055 ón gCoimisiún):

‘16eb.

32018 R 0389: Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh fíordheimhniú láidir custaiméara agus caighdeáin chumarsáide shlána oscailte (IO L 69, 13.3.2018, lch. 23).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/389 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 165/2019 ó Chomhchoiste LEE an 14 Meitheamh 2019 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 69, 13.3.2018, lch. 23.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L 291, 10.11.2022, lch. 50.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/23


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 160/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1735]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2294 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 a mhéid a bhaineann le sonraíocht an tsainmhínithe ar inmheánaitheoirí córasacha chun críoch Threoir 2014/65/AE (1), tá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/442 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2018 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 chun an ceanglas a shonrú maidir le praghsanna chun dálaí an mhargaidh atá i réim a léiriú agus chun forálacha áirithe a nuashonrú agus a cheartú (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/443 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/588 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht meánlíon laethúil na n-idirbheart a choigeartú maidir le sciar i gcás ina bhfuil an t-ionad trádála ag a bhfuil an láimhdeachas is airde den sciar sin lonnaithe lasmuigh den Aontas (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1000 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1799 a mhéid a bhaineann le díolúine People’s Bank of China ó na ceanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1011 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le coinníollacha áirithe clárúcháin chun úsáid margaí fáis FBManna a chur chun cinn chun críoch Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/541 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2019 maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le malartuithe formheasta agus oibreoirí margaidh aitheanta i Singeapór i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31bah (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32017 R 2294: Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2294 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2017 (IO L 329, 13.12.2017, lch. 4),

32019 R 1011: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1011 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 (IO L 165, 21.6.2019, lch. 1).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31bazd (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32019 R 0442: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/442 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2018 (IO L 77, 20.3.2019, lch. 56).’

3.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 31baze (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/588 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32019 R 0443: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/443 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2019 (IO L 77, 20.3.2019, lch. 59).’

4.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31bazt (Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1799 ón gCoimisiún):

‘—

32019 R 1000: Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1000 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 (IO L 163, 20.6.2019, lch. 56).’

5.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bazzg (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2441 ón gCoimisiún):

‘31bazzh.

32019 D 0541: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/541 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2019 maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le malartuithe formheasta agus oibreoirí margaidh aitheanta i Singeapór i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 93, 2.4.2019, lch. 18).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2017/2294, (AE) 2019/442, (AE) 2019/443, (AE) 2019/1000, (AE) 2019/1011 agus i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/541 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 329, 13.12.2017, lch. 4.

(2)   IO L 77, 20.3.2019, lch. 56.

(3)   IO L 77, 20.3.2019, lch. 59.

(4)   IO L 163, 20.6.2019, lch. 56.

(5)   IO L 165, 21.6.2019, lch. 1.

(6)   IO L 93, 2.4.2019, lch. 18.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/25


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 161/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1736]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcinntear, ar feadh tréimhse theoranta, go bhfuil an creat rialála is infheidhme i leith contrapháirtithe lárnacha i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann coibhéiseach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bcax (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/684 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘31bcay.

32020 D 1308: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2020 lena gcinntear, ar feadh tréimhse theoranta, go bhfuil an creat rialála is infheidhme i leith contrapháirtithe lárnacha i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann coibhéiseach, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 306, 21.9.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1308 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 306, 21.9.2020, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/26


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 162/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1737]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tuairisciú leictreonach long sa loingseoireacht intíre agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 49ad (Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

32019 R 1744: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tuairisciú leictreonach long sa loingseoireacht intíre agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 (IO L 273, 25.10.2019, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 273, 25.10.2019, lch. 1.

(2)   IO L 57, 6.3.2010, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/27


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 163/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1738]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí, a mhéid a bhaineann le longa paisinéirí i mbun turais inmheánacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 56f (Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 R 0411: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2019 (IO L 83, 19.3.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/411 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 107/2020 ó Chomhchoiste LEE an 14 Iúil 2020 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 83, 19.3.2020, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)  Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 107/2020 an 14 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1367] (IO L 172, 6.7.2023, lch. 23).


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/28


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 164/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1739]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1998, Rialachán (AE) 2019/103 agus Rialachán (AE) 2019/1583 a mhéid a bhaineann le hathainmniú aerlínte, oibreoirí agus eintiteas a sholáthraíonn rialuithe slándála ar lasta agus ar phost a thagann ó thríú tíortha, agus a mhéid a bhaineann le cur ar athló ceanglas rialála áirithe i réimse na cibearshlándála, na seiceálacha cúlra, na gcaighdeán maidir le trealamh córas braite pléascán, agus an trealaimh braite rianta pléascacha, mar gheall ar phaindéim COVID-19 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4241 ón gCoimisiún an 30.6.2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 132 Final ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le cur ar athló roinnt ceanglas rialála i réimse na seiceálacha cúlra mar gheall ar phaindéim COVID-19, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66he (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún):

‘—

32020 R 0910: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020 (IO L 208, 1.7.2020, lch. 43).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach sa tríú fleasc (Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019) 0132 ón gCoimisiún) de phointe 66hf (Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32020 D 4241: Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 4241 ón gCoimisiún an 30.6.2020.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 208, 1.7.2020, lch. 43.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/30


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 165/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII (Maoin intleachtúil) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1740]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 9e (Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘arna leasú le:

32017 L 1564: Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 14 (Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘15.

32017 L 1564: Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2017/1564 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 242, 20.9.2017, lch. 6.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/32


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 166/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1741]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh (AE) 2020/519 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bainistithe comhshaoil is fearr, ar na táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus ar na tagarmharcanna barr feabhais i ndáil leis an earnáil bainistithe dramhaíola faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1eap (Cinneadh (AE) 2019/63 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘1eaq.

32020 D 0519: Cinneadh (AE) 2020/519 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2020 maidir leis an doiciméad tagartha earnála ar na cleachtais bainistithe comhshaoil is fearr, ar na táscairí feidhmíochta comhshaoil earnála agus ar na tagarmharcanna barr feabhais i ndáil leis an earnáil bainistithe dramhaíola faoi Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) (IO L 115, 14.4.2020, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh (AE) 2020/519 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 115, 14.4.2020, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/33


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 167/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1742]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21apk (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘21apl.

32019 R 1842: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lgh. 20).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 282, 4.11.2019, lch. 20.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/34


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 168/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1743]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/631 aisghairtear, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020, Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 (2) agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 21ayf (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/313 ón gCoimisiún):

‘21az.

32019 R 0631: Rialachán (AE) Uimh. 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 6(2):

‘Mura n-áirítear sa díorma ach monaróirí atá bunaithe i Stáit CSTE, déanfaidh na monaróirí an fhaisnéis a chomhdú le hÚdarás Faireacháin CSTE. Má áirítear sa díorma monaróir amháin ar a laghad atá bunaithe san Aontas agus monaróir amháin ar a laghad atá bunaithe i Stáit CSTE, déanfaidh na monaróirí an fhaisnéis a chomhdú leis an gCoimisiún agus le hÚdarás Faireacháin CSTE.’

(b)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 6(3):

‘Tabharfaidh Údarás Faireacháin CSTE fógra do mhonaróirí atá bunaithe i Stáit CSTE.’

(c)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 6(4):

‘Mura n-áirítear sa díorma ach monaróirí atá bunaithe i Stáit CSTE, déanfaidh na monaróirí fógra comhpháirteach a thabhairt d'Údarás Faireacháin CSTE. Má áirítear sa díorma monaróir amháin ar a laghad atá bunaithe san Aontas agus monaróir amháin ar a laghad atá bunaithe i Stáit CSTE, nó má leathnaítear an díorma chun iad a áireamh, déanfaidh na monaróirí fógra compháirteach a thabhairt don Choimisiún agus d'Údarás Faireacháin CSTE.’

(d)

In Airteagal 6(5) ‘le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 54 de Chomhaontú LEE’ a léifear in ionad na bhfocal‘le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE ’ agus ‘LEE’ a léifear in ionad na bhfocal ‘an Aontais’.

(e)

In Airteagal 6(7), cuirfear na focail ‘nó d'Údarás Faireacháin CSTE’ isteach tar éis na bhfocal ‘don Choimisiún’.

(f)

Coimeádfar na sonraí arna dtuairisciú ag Stáit CSTE sa chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 7(4) freisin.

(g)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 7(4):

‘Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE na ríomhanna a leagtar amach i bhfomhír 1 le haghaidh monaróirí atá bunaithe i Stáit CSTE agus tabharfaidh sé fógra do gach monaróir atá bunaithe i Stáit CSTE i gcomhréir leis an dara fomhír.’

(h)

Gan dochar do Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, in Airteagal 7(5), cuirfear na focail ‘nó d'Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ tar éis na bhfocal ‘don Choimisiún’ agus cuirfear na focail ‘nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ tar éis na bhfocal ‘an Coimisiún’. In Airteagal 10(3), (4), (5) agus (6), cuirfear na focail ‘nó d’Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ tar éis na bhfocal ‘don Choimisiún’, cuirfear na focail ‘nó Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ tar éis na bhfocal ‘an Coimisiún’ agus cuirfear na focail ‘nó chuig Údarás Faireacháin CSTE, de réir mar a bheidh,’ tar éis na bhfocal ‘chuig an gCoimisiún’.

(i)

Cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach in Airteagal 8(1):

‘I gcás ina bhfuil monaróir nó bainisteoir díorma bunaithe i Stát CSTE, forchuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an phréimh astaíochtaí iomarcacha.

Dáilfear méideanna na préimhe astaíochtaí iomarcacha idir an Coimisiún agus Údarás Faireacháin CSTE go comhréireach leis an sciar de chlárúcháin gluaisteán paisinéirí nua nó feithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear san Aontas nó i Stáit CSTE, faoi seach, i gcoibhneas le líon iomlán na ngluaisteán paisinéirí nua nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua a chláraítear sa LEE.’

(j)

Cuirfear na fomhíreanna seo a leanas isteach in Airteagal 8(3):

‘Úsáidfidh an Coimisiún Eorpach a mhodhanna bunaithe le haghaidh préimheanna astaíochtaí iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1 agus i ndáil le clárúcháin i Stáit CSTE de mhonaróirí atá bunaithe san Aontas.

Cinnfidh Údarás Faireacháin CSTE na modhanna chun préimheanna astaíochtaí iomarcacha a bhailiú faoi mhír 1. Bunófar na modhanna sin ar mhodhanna an Choimisiúin.’

(k)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 8(4):

‘Maidir le Stáit CSTE, cinnfidh Stáit CSTE leithdháileadh mhéideanna na préimhe astaíochtaí iomarcacha.’.’

(l)

In Airteagal 9(1), cuirfear an méid seo a leanas isteach tar éis na bhfocal ‘an Coimisiún’: ‘agus d'Údarás Faireacháin CSTE, a mhéid a bhaineann le monaróirí atá bunaithe i Stáit CSTE,’.

(m)

Gan dochar do Phrótacal 1 den Chomhaontú, in Airteagal 10(2) agus sa dara fomhír d’Airteagal (4), cuirfear na focail ‘, nó, i gcás an mhonaróra atá bunaithe i Stáit CSTE, chuig Údarás Faireacháin CSTE,’ isteach tar éis an fhocail ‘chuig an gCoimisiún’.

(n)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 11(2):

‘Cuirfidh soláthróirí nó monaróirí atá bunaithe i Stáit CSTE iarratais de bhun an Airteagail seo chuig an gCoimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún an tosaíocht chéanna d’iarratais den sórt sin agus a thugann sé d’iarratais eile de bhun an Airteagail seo.’

(o)

Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach in Airteagal 11(4):

‘Cinntí ón gCoimisiún lena bhformheastar teicneolaíochtaí nuálacha de bhun an Airteagail seo, tá siad infheidhme go ginearálta agus le hionchorprú i gComhaontú LEE.’

(p)

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Lichtinstéin.’

2.

Scriostar téacsanna phointí 21ae (Rialachán (CE) Uimh. 443/2009) agus 21ay (Rialachán (AE) Uimh. 510/2011).

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/631 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020 nó ar an lá tar éis an fhógra dheireanaigh chuig Comhchoiste LEE faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE, cibé acu is déanaí (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 111, 25.4.2019, lch. 13.

(2)   IO L 140, 5.6.2009, lch. 1.

(3)   IO L 145, 31.5.2011, lch. 1.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/37


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 169/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XX (an Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1744]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/95 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 lena mbunaítear an Liosta Eorpach de shaoráidí athchúrsála long de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 32fhd (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2323 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 D 0095: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/95 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2020 (IO L 18, 23.1.2020, lch. 6).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/95 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 18, 23.1.2020, lch. 6.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/38


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 170/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gcuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1745]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1910 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le coibhéis cheanglais tuairiscithe tríú tíortha áirithe ar íocaíochtaí le rialtais de réir cheanglais Chaibidil 10 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 10i (Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘10ia.

32016 D 1910: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1910 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2016 maidir le coibhéis cheanglais tuairiscithe tríú tíortha áirithe ar íocaíochtaí le rialtais de réir cheanglais Chaibidil 10 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 295, 29.10.2016, lch. 82).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1910 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 293/2015 ó Chomhchoiste LEE an 30 Deireadh Fómhair 2015 (2), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 295, 29.10.2016, lch. 82.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(2)   IO L 161, 22.6.2017, lch. 87.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/39


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 171/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1746]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann leis an réamhbheart maidir le taighde cosanta.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I mír 13(a) d'Airteagal 1 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘, 2019 agus 2020’ in ionad na bhfocal ‘agus 2019’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/40


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 172/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1747]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe, comhordú scéimeanna slándála sóisialta agus bearta le haghaidh imirceach, lena n-áirítear imircigh as tríú tíortha.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I míreanna 5 agus 13 d'Airteagal 5 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘, 2019 agus 2020’ in ionad na bhfocal ‘agus 2019’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/41


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 173/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1748]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le cur chun feidhme agus forbairt an mhargaidh aonair do sheirbhísí airgeadais.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I mír 11 d'Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘, 2019 agus 2020’ in ionad na bhfocal ‘agus 2019’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1) *.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/42


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 174/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1749]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann le hoibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh d’earraí agus do sheirbhísí, agus le huirlisí rialachais an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I míreanna 12 agus 14 d'Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘, 2019 agus 2020’ in ionad na bhfocal ‘agus 2019’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/43


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 175/2020

an 23 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2023/1750]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais, gníomhaíochtaí a bhaineann le dlí na gcuideachtaí.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2020,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I mír 13 d'Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘, 2019 agus 2020’ in ionad na bhfocal ‘agus 2019’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*1).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2020.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


14.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 227/44


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 176/2020

an 30 Deireadh Fómhair 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1751]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh sealadach a chur le bearta eisceachtúla chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a eascraíonn as paindéim COVID-19 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 64b (Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32020 R 1477: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 (IO L 338, 15.10.2020, lch. 4).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Sabine MONAUNI


(1)   IO L 338, 15.10.2020, lch. 4.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.