ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/1 |
CINNEADH (AE) 2023/1056 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Bealtaine 2023
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír de, i gcomhar le hAirteagal 218(6) an dara fomhír de, pointe (a)(v) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 15 Meitheamh 2018, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV, de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. |
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle i gcrích go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (‘an Comhaontú’) an 14 Meán Fómhair 2022. |
(3) |
Síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 1 Feabhra 2023, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/2492 (2). |
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (3) a fhormheas thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) den Chomhaontú. (4)
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. FORSSELL
(1) Toiliú an 9 Bealtaine 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2022/2492 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 323, 19.12.2022, lch. 96).
(3) Féach leathanach 3 den Iris Oifigiúil seo.
(4) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/3 |
COMHAONTÚ
idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
AN tAONTAS EORPACH,
dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta, agus
POBLACHT CHÓNAIDHMITHEACH NA BRASAÍLE,
dá ngairtear ‘an Bhrasaíl’ anseo feasta,
dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,
AG FÉACHAINT don chaibidlíocht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) a bhaineann le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal Taraife AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mar a cuireadh in iúl do Chomhaltaí EDT i ndoiciméad G/SECRET/42/Add.2,
AGUS IAD AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach fasach é an Comhaontú seo maidir le caibidlíocht amach anseo,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Cuspóirí
Gan dochar don chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 agus chun críocha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas amháin, is é is cuspóir don Chomhaontú seo teacht ar chomhaontú maidir le gealltanais chainníochtúla an Aontais nach n-áirítear an Ríocht Aontaithe ann a thuilleadh, i gcás ina bhfuil cearta caibidlíochta nó comhairliúcháin ag an mBrasaíl faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994.
Airteagal 2
Cuótaí ráta taraife an Aontais nach n-áirítear an Ríocht Aontaithe ann a thuilleadh
1. Maidir leis na cuótaí ráta taraife lena bhfuil cearta caibidlíochta ag an mBrasaíl faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994, comhaontaíonn an Bhrasaíl agus an tAontas na méideanna seo a leanas le haghaidh gealltanais sceidealaithe:
Sraithuimhir TRQ |
Tuairisc |
Aonad |
Téarmaí agus coinníollacha eile |
Lamháltas don Aontas nach bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh ann a thuilleadh |
008 |
Feoil gan chnámha bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite Scairteach inite bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite |
t |
An Bhrasaíl |
8 951 |
010 |
Feoil bó-ainmhithe, reoite Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite |
t (meáchan an táirge gan chnámha) |
Erga omnes |
43 732 |
011 |
Feoil bó-ainmhithe, reoite Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite |
t (meáchan an táirge le cnámha) |
Erga omnes |
19 676 |
020 |
Feoil ó chaoirigh nó ó ghabhair, atá úr, fuaraithe nó reoite |
t (meáchan an chonablaigh) |
Eile |
200 |
020 |
Feoil ó chaoirigh nó ó ghabhair, atá úr, fuaraithe nó reoite |
t (meáchan an chonablaigh) |
Erga omnes |
178 |
021 |
Scairteach inite bó-ainmhithe, reoite |
t |
Eile |
800 |
022 |
Conablaigh cearc, úr, fuaraithe nó reoite |
t |
Erga omnes |
4 054 |
024 |
Gearrthacha de shicíní, úr, fuaraithe nó reoite |
t |
Erga omnes |
8 253 |
025 |
Gearrthacha gan chnámha ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, reoite |
t |
Erga omnes |
2 427 |
026 |
Gearrthacha ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, reoite |
t |
An Bhrasaíl |
8 879 |
026 |
Gearrthacha ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus, reoite |
t |
Erga omnes |
13 471 |
027 |
Feoil turcaí, úr, fuaraithe nó reoite |
t |
Erga omnes |
1 781 |
028 |
Gearrthacha ó thurcaithe, reoite |
t |
An Bhrasaíl |
2 885 |
028 |
Gearrthacha ó thurcaithe, reoite |
t |
Erga omnes |
4 253 |
029 |
Éineoil shaillte |
t |
An Bhrasaíl |
124 497 |
053 |
Casabhach seachas millíní plúir agus mine Ararút, salep agus fréamhacha agus tiúbair chomhchosúla a bhfuil cion mór stáirse iontu |
t |
Baill eile EDT seachas an Téalainn, an tSín agus an Indinéis |
124 552 |
057 |
Oráistí milse, agus iad úr |
t |
Erga omnes |
20 000 |
060 |
Fíonchaora boird, iad úr, ón 21 Iúil go dtí an 31 Deireadh Fómhair |
t |
Erga omnes |
885 |
071 |
Arbhar Indiach |
t |
Erga omnes |
276 440 |
088 |
Feoil turcaí ullmhaithe |
t |
An Bhrasaíl |
91 767 |
089 |
Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain |
t |
An Bhrasaíl |
13 800 |
090 |
Feoil chócaráilte ó éanlaith den speiceas Gallus domesticus |
t |
An Bhrasaíl |
37 453 |
091 |
Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain |
t |
An Bhrasaíl |
59 343 |
092 |
Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain |
t |
An Bhrasaíl |
295 |
098 |
Siúcra cána amh, lena mhínghlanadh |
t |
An Bhrasaíl |
341 553 |
098 |
Siúcra cána amh, lena mhínghlanadh |
t |
Erga omnes |
341 460 |
103 |
Seacláid |
t |
Erga omnes |
81 |
108 |
Anainn, torthaí citris, piorraí, aibreoga, silíní, péitseoga agus sútha talún, agus iad leasaithe |
t |
Erga omnes |
2 820 |
109 |
Sú oráiste, é reoite, a bhfuil dlús aige nach mó ná 1,33 g/cm3 ag teocht 20 °C |
t |
Erga omnes |
1 500 |
110 |
Súnna torthaí |
t |
Erga omnes |
6 551 |
013 |
Sraithadhmad de speicis bhuaircíneacha, gan substaintí eile a chur leis: — nach bhfuil a sraitheanna ullmhaithe níos mó ná an próiseas scafa, ar mó an tiús atá iontu ná 8,5 mm, nó — greanáilte, ar mó an tiús atá iontu ná 18,5 mm |
m ciúbach |
Erga omnes |
448 500 |
2. Maidir leis na cuótaí ráta taraife i gcás ina bhfuil cearta comhairliúcháin ag an mBrasaíl faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994, tá an Bhrasaíl sásta leis na méideanna seo a leanas le haghaidh gealltanais sceidealaithe:
Sraithuimhir TRQ |
Tuairisc |
Aonad |
Téarmaí agus coinníollacha eile |
Lamháltas don Aontas nach bhfuil an Ríocht Aontaithe san áireamh ann a thuilleadh |
046 |
Gairleog |
t |
Eile |
3 711 |
061 |
Úlla, iad úr, ón 1 Aibreán go dtí an 31 Iúil |
t |
Erga omnes |
666 |
068 |
Cruithneacht bhog (meáncháilíocht agus ísealcháilíocht) |
t |
Eile |
2 285 665 |
068 |
Cruithneacht bhog (meáncháilíocht agus ísealcháilíocht) |
t |
Erga omnes |
129 577 |
075 |
Rís scilligthe (donn) |
t |
Erga omnes |
1 416 |
076 |
Rís leathmheilte nó rís lánmheilte |
t |
Erga omnes |
45 272 |
077 |
Rís leathmheilte nó rís lánmheilte |
t |
Eile |
7 779 |
078 |
Rís leathmheilte nó rís lánmheilte |
t |
Erga omnes |
22 442 |
079 |
Rís bhriste atá beartaithe le haghaidh táirgeadh earraí bia faoi fho-cheannteideal 1901 10 00 |
t |
Erga omnes |
1 000 |
080 |
Rís bhriste |
t |
Erga omnes |
28 360 |
081 |
Rís bhriste |
t |
Erga omnes |
93 709 |
102 |
Milseogra |
t |
Erga omnes |
2 245 |
112 |
Ullmhóidí bia |
t |
Erga omnes |
783 |
119 |
Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (a bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis braichidh, agus ina bhfuil 12,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (a bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis braichidh, agus ina bhfuil 12,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain agus nach bhfuil níos mó ná 28 % de stáirse iontu. |
t |
Erga omnes |
20 000 |
120 |
Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (a bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis braichidh, agus ina bhfuil 15,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain Ullmhóidí ina bhfuil meascán de phéacáin braiche agus d’ábhar criathraithe eorna roimh an bpróiseas brachaidh (a bhféadfar síolta eile a áireamh iontu), le glantacháin eorna tar éis an phróisis braichidh, agus ina bhfuil 15,5 % de phróitéin nó níos mó de réir meáchain agus nach bhfuil níos mó ná 23 % de stáirse iontu |
t |
Erga omnes |
100 000 |
121 |
Ullmhóidí eile den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: Nach bhfuil aon táirgí bainne ann nó ar lú ná 10 % na táirgí den sórt sin atá ann de réir meáchain |
t |
Erga omnes |
2 800 |
122 |
Ullmhóidí eile den chineál a úsáidtear i mbeathú ainmhithe: Nach bhfuil aon táirgí bainne ann nó ar lú ná 10 % na táirgí den sórt sin atá ann de réir meáchain |
t |
Erga omnes |
2 700 |
001 |
Tuinníní (den ghéineas Thunnus) agus éisc den ghéineas Euthynnus |
t |
Erga omnes |
17 221 |
016 |
Feireo-shileacón |
t |
Erga omnes |
12 600 |
017 |
Fearóisileacamangainéis |
t |
Erga omnes |
18 550 |
018 |
Fearócróimiam nach bhfuil níos mó ná 0,10 % de charbón de réir meáchain ann, agus a bhfuil níos mó ná 30 % de chróimiam ach nach bhfuil níos mó ná 90 % de chróimiam ann |
t |
Erga omnes |
2 804 |
3. Maidir leis na cuótaí ráta taraife a liostaítear i mír 1, aithneoidh an tAontas cearta caibidlíochta tosaigh na Brasaíle.
4. I ndáil le cuóta ráta taraife 011 (feoil bó-ainmhithe, reoite; scairteach inite bó-ainmhithe, reoite), tá an Bhrasaíl agus an tAontas tagtha ar chomhaontú maidir leis an athrú seo a leanas ar ghealltanais sceidealaithe chun úsáid an chuóta ráta taraife a éascú: beidh an chuid ad valorem den dleacht laistigh den chuóta teoranta do 15 %, in ionad 20 % mar atá faoi láthair.
5. Maidir le leithdháileadh tírshonrach na Brasaíle le haghaidh cuóta ráta taraife 098 (siúcra cána amh, lena mhínghlanadh), d’ainneoin an ráta ceangailte laistigh den chuóta de EUR 98 in aghaidh an tona, agus ar choinníoll go mbeidh na cainníochtaí ábhartha ar fáil laistigh den tréimhse cuóta ráta taraife atá i bhfeidhm ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cuirfidh an tAontas an méid seo a leanas i bhfeidhm go huathrialach:
(a) |
Sa bhliain ina dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm (bliain 1), ráta laistigh den chuóta nach mó ná EUR 11 in aghaidh an tona ar mhéid 5 963 thona; |
(b) |
I mbliain 2, ráta laistigh den chuóta nach mó ná EUR 11 in aghaidh an tona ar mhéid 4 472 thona agus ráta laistigh den chuóta nach mó ná EUR 54 in aghaidh an tona ar mhéid breise 5 963 thona. |
I gcás nach bhfuil na cainníochtaí ábhartha ar fáil ina n-iomláine laistigh de thréimhse an chuóta ráta taraife a bheidh i bhfeidhm tráth theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, cuirfidh an tAontas pointe (a) chun feidhme ar feadh tréimhse dar tosach bliain 2 a chomhfhreagróidh don tréimhse idir teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus cuirfear pointe (b) chun feidhme i mbliain 3.
Airteagal 3
Caibidlíocht leanúnach an Aontais faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994
1. Aithníonn na Páirtithe go bhfuil an tAontas ag leanúint de chaibidlíocht agus de chomhairliúcháin a dhéanamh le Comhaltaí eile EDT a bhfuil cearta caibidlíochta nó comhairliúcháin acu faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas mar a cuireadh in iúl do Chomhaltaí EDT.
2. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht agus ar na comhairliúcháin sin, féadfaidh an tAontas breithniú a dhéanamh maidir le hathrú ar na sciartha agus ar na cainníochtaí a leagtar amach in Airteagal 2 nó orthu siúd i ndoiciméad G/SECRET/42/Add.2. I gcás athrú den sórt sin maidir le gealltanas cuóta ráta taraife de chuid an Aontais roimhe sin a bhfuil ceart caibidlíochta nó comhairliúcháin ag an mBrasaíl ina leith, rachaidh an tAontas i gcomhairle leis an mBrasaíl nó rachaidh sé i mbun caibidlíochta leis an mBrasaíl, de réir mar is iomchuí, d’fhonn toradh atá sásúil don dá thaobh a lorg sula ndéanfar aon athrú den sórt sin, gan dochar do chearta gach páirtí faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994.
Airteagal 4
Cuótaí ráta taraife ar éanlaith chlóis 029, 088, 089, 090, 091, 092
I gcás allmhairí táirgí éanlaithe clóis faoi chuótaí ráta taraife 029, 088, 089, 090, 091, 092 a d’oscail an tAontas i bhfabhar na Brasaíle, is é deimhniú tionscnaimh, arna eisiúint ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ag na húdaráis inniúla sa Bhrasaíl, an cruthúnas tionscnaimh atá le cur i láthair fós nuair a scaoiltear an táirge i saorchúrsaíocht.
Airteagal 5
Na méideanna nua TRQ a chur chun feidhme
1. Na hathruithe ar na cuótaí ráta taraife a thugtar isteach leis an gComhaontú seo, beidh feidhm acu, ar a luaithe, ón dáta arb infheidhme na hathruithe comhfhreagracha dá bhforáiltear sa Chomhaontú faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 idir an Bhrasaíl agus an Ríocht Aontaithe.
2. Cuirfidh an Bhrasaíl an tAontas ar an eolas faoi thabhairt i gcrích na caibidlíochta faoi Airteagal XXVIII de GATT 1994 leis an Ríocht Aontaithe gan moill mhíchuí.
3. Déanfaidh an tAontas a dhícheall sceideal a chomhordú leis an Ríocht Aontaithe chun na leasuithe ábhartha a chur chun feidhme a bhaineann leis na méideanna le haghaidh na gcuótaí ráta taraife d’éanlaith chlóis arna modhnú leis an gComhaontú seo, d’fhonn a áirithiú nach mbeidh méid comhiomlán gach péire de na cuótaí ráta taraife d’éanlaith chlóis a bhaineann leis an Aontas/an Ríocht Aontaithe níos ísle choíche ná an méid atá ann cheana de chuótaí ráta taraife an Aontais roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Tá an méid sin gan dochar don Aontas nó don Ríocht Aontaithe a dhul ar iontaoibh Airteagal XXVIII de GATT 1994 amach anseo.
Airteagal 6
Forálacha críochnaitheacha
1. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an lá tar éis an dáta a thabharfaidh an tAontas fógra don Bhrasaíl gur cuireadh i gcrích a nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha a bhfuil gá leo chun na críche sin.
2. Is é atá sa socrú seo comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus an Bhrasaíl, chun críocha Airteagal XXVIII:3(a) agus (b) de GATT 1994 freisin.
3. Déanfar an Comhaontú seo a dhréachtú i ndúblach, sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.
DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.
Съставено в Брюксел на първи февруари две хиляди двадесет и трета година.
Hecho en Bruselas, el uno de febrero de dos mil veintitrés.
V Bruselu dne prvního února dva tisíce dvacet tři.
Udfærdiget i Bruxelles den første februar to tusind og treogtyve.
Geschehen zu Brüssel am ersten Februar zweitausenddreiundzwanzig.
Kahe tuhande kahekümne kolmanda aasta veebruarikuu esimesel päeval Brüsselis.
Έγινε στις Βρυξέλλες, την πρώτη Φεβρουαρίου δύο χιλιάδες είκοσι τρία.
Done at Brussels on the first day of February in the year two thousand and twenty three.
Fait à Bruxelles, le premier février deux mille vingt-trois.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an chéad lá de Feabhra na bhliain dhá mhíle fiche a trí.
Sastavljeno u Bruxellesu prvog veljače godine dvije tisuće dvadeset treće.
Fatto a Bruxelles, addì primo febbraio duemilaventitré.
Briselē, divi tūkstoši divdesmit trešā gada pirmajā februārī.
Priimta du tūkstančiai dvidešimt trečių metų vasario pirmą dieną Briuselyje.
Kelt Brüsszelben, a kétezer-huszonharmadik év február havának első napján.
Magħmul fi Brussell, fl-ewwel jum ta' Frar fis-sena elfejn u tlieta u għoxrin.
Gedaan te Brussel, een februari tweeduizend drieëntwintig.
Sporządzono w Brukseli dnia pierwszego lutego roku dwa tysiące dwudziestego trzeciego.
Feito em Bruxelas, em um de fevereiro de dois mil e vinte e três.
Întocmit la Bruxelles la întâi februarie două mii douăzeci și trei.
V Bruseli prvého februára dvetisícdvadsaťtri.
V Bruslju, prvega februarja dva tisoč triindvajset.
Tehty Brysselissä ensimmäisenä päivänä helmikuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentäkolme.
Som skedde i Bryssel den första februari år tjugohundratjugotre.
RIALACHÁIN
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1057 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Bealtaine 2023
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse 3 mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód AC) |
Cúiseanna |
(1) |
(2) |
(3) |
Earra dronuilleogach (‘mata fuaraithe’) ar toise dó 50 cm × 40 cm × 1 cm nó 90 cm × 50 cm × 1 cm, nó faoin tuairim sin, arb é atá ann: pláta bog de chúr plaisteach ceallach de pholúireatán atá tuilte le glóthach arb é atá inti uisce agus cion 1,6 % de réir meáchain de cheallalós carbocsaimeitile. Tá an mata fuaraithe clúdaithe le fabraic teicstíle uiscedhíonach de shnáithíní de dhéantús an duine (poileistir), agus tá sé brataithe le plaistigh ar an taobh istigh. De bharr na glóthaí, bíonn éifeacht fuaraithe ag an mata fuaraithe ar e.g. an ainmhí a luíonn air. Tá an mata fuaraithe cóirithe lena mhiondíol agus cuirtear i láthair é mar rud lena úsáid le haghaidh madraí nó cat ach is féidir le daoine é a úsáid freisin. (Féach an íomhá) (*1) |
3926 90 97 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1, 3(b) agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte agus le foclaíocht na gcód AC 3926 , 3926 90 agus 3926 90 97 . Eisiatar an mata fuaraithe óna aicmiú faoi cheannteideal 9404 mar chóir leapa agus troscán agus fearastú comhchosúil, toisc gur le haghaidh éifeacht fuaraithe a imirt atá sé beartaithe go príomha. Dá réir sin, níl a fheidhm inchomparáide leis an bhfeidhm atá ag cóir leapa agus troscán agus fearastú comhchosúil faoi cheannteideal 9404 . Earra ilchodach is ea an mata fuaraithe de réir bhrí riail ghinearálta 3(b) maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, agus is éard atá ann clúdach d’fhabraic teicstíle, pláta de chúr plaisteach ceallach agus glóthach ina bhfuil ceallalós carbocsaimeitile. Is í an ghlóthach a thugann a shaintréith don táirge; feidhm iompróra, agus í sin amháin, atá ag an bpláta de chúr plaisteach, agus ní fheidhmíonn an fhabraic uiscedhíonach ach mar chlúdach (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 3926 , pointe (9)). An mata ina bhfuil an ghlóthach, is earra é d’ábhair atá faoi cheannteideal 3912 . Dá bhrí sin, is faoin gcód AC 3926 90 97 atá an mata fuaraithe le haicmiú, mar earra eile d’ábhair eile faoi cheannteidil 3901 go 3914 . |
(*1) Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá an íomhá anseo.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/15 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1058 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. |
(4) |
Go háirithe, in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug Ceanada fógra don Choimisiún faoi chúig ráig den fhliú éanúil ardphataigineach (HPAI) in éanlaith chlóis i gcúigí Québec (4) agus British Columbia (1), ráigeanna a deimhníodh an 18 Aibreán 2023 agus an 6 Bealtaine 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcontae Lincolnshire i Sasana, ráig deimhníodh an 16 Bealtaine 2023 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Tar éis na ráigeanna deireanacha sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada agus na Ríochta Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(8) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada agus ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta arna leagan síos ag údaráis tréidliachta Cheanada agus na Ríochta Aontaithe mar gheall ar na ráigeanna deireanacha den fhliú éanúil ardphataigineach. |
(9) |
Thairis sin, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch i ndáil le 6 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcúigí British Columbia (4) agus Québec (2), ráigeanna a deimhníodh idir an 25 Samhain 2022 agus an 2 Feabhra 2023. |
(10) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe curtha isteach ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i gcontae Devon i Sasana, an Ríocht Aontaithe, ráig a deimhníodh an 31 Márta 2023. |
(11) |
Thairis sin, tá faisnéis nuashonraithe curtha isteach ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch i ndáil le 25 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i stáit Alaska (1), Colorado (1), Florida (2), Illinois (2), Indiana (1), Missouri (1), New York (2), Oregon (4), Pennsylvania (3), South Dakota (1), Tennessee (3), Utah (1), Virginia (2) and Wisconsin (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 12 Iúil 2022 agus an 5 Aibreán 2023. |
(12) |
Thairis sin, chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin den ghalar sin, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích acu freisin tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha. |
(13) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach tráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas ó na criosanna i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe ná sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí tar éis na ráigeanna sin. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
(15) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch áirithe a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh a theacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
CINNTÍ
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/29 |
CINNEADH (AE) 2023/1059 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Bealtaine 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir a n tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hinstitiúid airgeadais a ainmniú chun bheith mar thagairt chun an ráta úis le haghaidh íocaíochtaí déanacha agus an ráta malairte le haghaidh comhshó airgeadra a chinneadh chomh maith leis an dáta atá le cur san áireamh chun rátaí comhshó airgeadra a chinneadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, tar éis é a bheith á chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021. |
(2) |
De bhun Airteagal 778(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, is cuid dhílis den chomhaontú sin na Prótacail agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis. I gcomhréir le hAirteagal 783(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ón dáta ónar cuireadh an comhaontú sin i bhfeidhm go sealadach ar aghaidh, tá tagairtí do dháta a theacht i bhfeidhm le tuiscint mar thagairtí don dáta óna gcuirtear i bhfeidhm go sealadach é. |
(3) |
Le hAirteagal 8(4)(c) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cumhachtaítear don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta (‘an Coiste Speisialaithe’) cinntí, lena n-áirítear leasuithe, agus moltaí a ghlacadh i leith na n-ábhar uile a bhfuil foráil sa chomhaontú seo maidir leo. I gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá na cinntí a bheidh glactha ag an gcoiste ina gceangal ar na Páirtithe. |
(4) |
De bhun Airteagal SSCI.53(2) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (‘an Prótacal’), tá an t-ús ar íocaíochtaí déanacha le ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe i bhfeidhm maidir lena príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin. |
(5) |
In go leor forálacha, amhail Airteagail SSC.6(a), SSC.19(1), SSC.26, SSC.47 agus SSC.64, SSCI.22(4) agus (5), SSCI.23(7), SSCI.56, SSCI.57, SSCI.62 agus SSCI.64 den Phrótacal, tá cásanna inar gá, chun sochar nó ranníocaíocht a íoc, a ríomh nó a athríomh, nó chun críoch fritháirimh agus chun críocha na nósanna imeachta aisghabhála, an ráta malairte a chinneadh. |
(6) |
De bhun Airteagal SSCI.73 den Phrótacal, chun críocha an Phrótacail agus Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis, is é an ráta malairte idir dhá airgeadra an ráta tagartha a fhoilsíonn an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe. Is é an Coiste Speisialaithe a shocróidh an dáta atá le cur san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh. |
(7) |
Cé go bhfuil na rialacha maidir le comhordú slándála sóisialta a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2), arna thabhairt i gcrích ag an Aontas trí bhithín Chinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle (3), scartha go dlíthiúil ó na rialacha a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugann an Coiste Speisialaithe dá aire gurbh fhearr úsáid a bhaint as an institiúid airgeadais chéanna le haghaidh an dá chomhaontú, chomh maith leis an dáta socraithe céanna atá le cur san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh, toisc go seachnódh sé castachtaí do na hinstitiúidí slándála sóisialta a chuireann na comhaontuithe sin chun feidhme agus go maolódh sé an riosca earráidí. |
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe a bhunú a mhéid a bhaineann leis an institiúid airgeadais a ainmniú chun fónamh mar thagairt chun an ráta úis le haghaidh íocaíochtaí déanacha agus an ráta malairte le haghaidh comhshó airgeadra a chinneadh chomh maith leis an dáta atá le cur san áireamh chun rátaí comhshó airgeadra a chinneadh, ós rud é go mbeidh an cinneadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta arna bhunú le hAirteagal 8(1)(p) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a mhéid a bhaineann le hinstitiúid airgeadais a ainmniú chun fónamh mar thagairt chun an ráta úis le haghaidh íocaíochtaí déanacha agus an ráta malairte le haghaidh comhshó airgeadra a chinneadh, chomh maith leis an dáta atá le cur san áireamh chun rátaí comhshó airgeadra a chinneadh, leagfar amach é sa dréacht-Chinneadh ón gCoiste Speisialaithe atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Bealtaine 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. FORSSELL
(1) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).
(2) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(3) Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. …/2023 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(p) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,
an …
a mhéid a bhaineann leis an institiúid airgeadais a ainmniú chun fónamh mar thagairt chun an ráta úis le haghaidh íocaíochtaí déanacha agus an ráta malairte le haghaidh comhshó airgeadra a chinneadh, chomh maith leis an dáta atá le cur san áireamh chun rátaí comhshó airgeadra a chinneadh
AN COISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal SSCI.53(2) agus Airteagal SSCI.73 dá Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal SSCI.53(2) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta (‘an Phrótacal’) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas eorpach agus an comhphobal eorpach do fhuinneamh adamhach, de pháirt, agus ríocht aontaithe na breataine móire agus thuaisceart éireann, den pháirt eile (an ‘Comhaontú Trádála agus Comhair’), déanfar an t-ús ar íocaíochtaí déanacha a ríomh ar bhonn an ráta tagartha a chuireann an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta (‘an Coiste Speisialaithe’) i bhfeidhm maidir lena príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin. |
(2) |
In go leor forálacha, amhail Airteagal SSC.6(a), Airteagal SSC.19(1), Airteagail SSC.26, SSC.47 agus SSC.64, Airteagal SSCI.22(4) agus (5), Airteagal SSCI.23(7), agus Airteagail SSCI.56, SSCI.57, SSCI.62 agus SSCI.64 den Phrótacal, tá cásanna inar gá, chun sochar nó ranníocaíocht a íoc, a ríomh nó a athríomh, nó chun críoch fritháirimh agus chun críocha na nósanna imeachta aisghabhála, an ráta malairte a chinneadh. |
(3) |
De bhun Airteagal SSCI.73 den Phrótacal, chun críocha an Phrótacail agus Iarscríbhinn SSC-7 a ghabhann leis, is é an ráta malairte idir dhá airgeadra an ráta tagartha a fhoilsíonn an institiúid airgeadais arna hainmniú chun na críche sin ag an gCoiste Speisialaithe. Is é an Coiste Speisialaithe a shocróidh an dáta atá le cur san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh. |
(4) |
Tugann an Coiste Speisialaithe dá aire, cé go bhfuil na rialacha maidir le comhordú slándála sóisialta a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) scartha go dlíthiúil ó na rialacha a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugann an Coiste Speisialaithe dá aire gurbh fhearr úsáid a bhaint as an institiúid airgeadais chéanna le haghaidh an dá chomhaontú, chomh maith leis an dáta socraithe céanna atá le cur san áireamh chun an ráta malairte a chinneadh, toisc go seachnódh sé castachtaí do na hinstitiúidí slándála sóisialta a chuireann na comhaontuithe sin chun feidhme agus go maolódh sé an riosca earráidí, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an Banc Ceannais Eorpach an institiúid airgeadais atá ainmnithe chun críocha Airteagail SSCI.53(2) agus SSCI.73.
Airteagal 2
Chun críche an Chinnidh seo, tuigfear gur ráta comhshó laethúil arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach atá sa ráta comhshó.
Airteagal 3
Mura sonraítear a mhalairt sa Chinneadh seo, is é an ráta comhshó an ráta a fhoilseofar an lá a dhéanfar an oibríocht.
Airteagal 4
Déanfaidh institiúid de Stát, nach mór di suim a chomhshó chun teidlíocht a bhunú agus le haghaidh an chéad ríomh den sochar, na nithe seo a leanas a úsáid:
(a) |
nuair a dhéanann institiúid, de réir na reachtaíochta náisiúnta nó an Phrótacail, suimeanna a chur san áireamh, amhail tuilleamh nó sochair, le linn tréimhse áirithe roimh an dáta a ríomhtar an sochar ina leith, an ráta comhshó a fhoilsítear an lá deireanach den tréimhse sin; |
(b) |
nuair a dhéanann institiúid, de réir na reachtaíochta náisiúnta nó an Phrótacail, chun an sochar a ríomh, suim amháin a chur san áireamh, an ráta comhshó a fhoilsítear an chéad lá den mhí díreach roimh an mí nach mór an fhoráil a chur i bhfeidhm lena linn. |
Airteagal 5
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 4 nuair nach mór d’institiúid de Stát suim a chomhshó chun an sochar a athríomh de bharr athruithe ar staid fhíorasach nó dhlíthiúil an duine lena mbaineann.
Airteagal 6
Institiúid de Stát a íocann sochar a innéacsaítear go rialta i gcomhréir leis an reactaíocht náisiúnta, agus i gcás ina mbíonn tionchar ag na suimeanna in airgeadra eile ar an sochar sin, déanfaidh sí, agus an sochar sin á athríomh aici, an ráta comhshó a fhoilsítear an chéad lá den mhí roimh an mí ina bhfuil an t-innéacsú dlite a úsáid, ach amháin má dhéantar foráil dó ar bhealach eile sa reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 7
Chun críocha Airteagal SSCI.73 den Phrótacal, is é an dáta a chuirfear san áireamh chun an ráta malairte is infheidhme idir dhá airgeadra a chinneadh:
(a) |
i gcás iarrata ar fhritháireamh as riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha, an lá oibre díreach roimh an lá a sheol an páirtí iarrthach an iarraidh deiridh ar fhritháireamh as riaráistí/íocaíochtaí leanúnacha; nó |
(b) |
i gcás iarrata ar aisghabháil, an lá díreach roimh an lá a chuir an páirtí iarrthach an chéad iarraidh ar aisghabháil ar aghaidh. |
Chun críocha an Airteagail seo, tagróidh lá oibre do lá oibre de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh ar a bhfoilsíonn sé ráta tagartha laethúil do mhalartú airgeadra.
Airteagal 8
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa [...], an [...]
Le haghaidh an Choiste Speisialaitheum Chomhordú Slándála Sóisialta
Na Comhchathaoirligh
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/34 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1060 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2023
maidir le caighdeán comhchuibhithe do mhodhanna tástála agus ceanglais chun a léiriú go bhfanann caipíní agus cláir phlaisteacha ceangailte le coimeádáin dí arna ndréachtú chun tacú le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí plaisteacha aon úsáide dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Treoir sin atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, caighdeáin ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Treoir sin a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh. |
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7244 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) caighdeán comhchuibhithe nua a dhréachtú maidir le coimeádáin dí phlaisteacha aon úsáide áirithe a bhfuil toilleadh suas le trí lítear iontu agus a bhfuil caipíní agus cláir déanta as plaisteach acu, chun tacú le hAirteagal 6(1) de Threoir (AE) 2019/904. |
(3) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7244, dhréachtaigh CEN an caighdeán comhchuibhithe nua EN 17665:2022+A1:2023. |
(4) |
I gcomhar le CEN, rinne an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán a dhréachtaigh CEN féachaint an caighdeán é a chomhlíonann an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7244. |
(5) |
Comhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN 17665:2022+A1:2023 na ceanglais is aidhm dó a chumhdach agus a leagtar amach i dTreoir (AE)/2019/904. Dá bhrí sin is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(6) |
Is éard a thugtar le fios le caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonadh go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ón dáta a fhoilsítear an tagairt don chaighdeán sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe, leis seo a fhoilsítear inIris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh‘EN 17665:2022+A1:2023, Pacáistiú — Modhanna tástála agus ceanglais chun a léiriú go bhfanfaidh caipíní agus cláir phlaisteacha ceangailte de choimeádáin dí’ arna ndréachtú chun tacú le Treoir (AE) 2019/904.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7244 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hiarraidh ar chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann le coimeádáin dí phlaisteacha aon úsáide áirithe a bhfuil toilleadh suas le trí lítear iontu agus a bhfuil caipíní agus cláir déanta as plaisteach acu chun tacú le Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/36 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1061 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Bealtaine 2023
maidir le bunú liosta de na doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise arna n-eisiúint i réigiúin nó i gcríocha san Úcráin nó do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin nó i gcríocha san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag Cónaidhm na Rúise nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia nach bhfuil faoi rialú rialtas na Seoirsia, ar doiciméid iad nach nglactar leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a eisiúint nó chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2512 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le gan glacadh le doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise arna n-eisiúint san Úcráin agus sa tSeoirsia (1), agus go háirithe Airteagal 3 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/2512, is gá liosta a tharraingt suas de na doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise a eisítear i réigiúin nó i gcríocha na hÚcráine nó do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin nó i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag Cónaidhm na Rúise nó i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia nach raibh faoi rialú rialtas na Seoirsia an 22 Nollaig 2022, ar doiciméid iad nár cheart glacadh leo mar dhoiciméid taistil bhailí chun víosa a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus chun na teorainneacha seachtracha a thrasnú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
(2) |
Ba cheart a áirithiú leis an liosta go mbeidh faisnéis chruinn chothrom le dáta ar fáil d’údaráis na mBallstát atá freagrach as iarratais ar víosaí a phróiseáil agus as seiceálacha teorann a dhéanamh maidir leis na doiciméid taistil nár cheart glacadh leo i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/2512. Is é is cuspóir don liosta a áirithiú go ndéanfar acquis an Aontais a chur i bhfeidhm go aonfhoirmeacha maidir leis na víosaí agus na seiceálacha a bhfuil daoine atá ag trasnú teorainneacha seachtracha faoina réir. |
(3) |
An 18 Márta 2014, tar éis do Chónaidhm na Rúise Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus cathair Sevastopol a ionghabháil go neamhdhleathach, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise an Conradh um ionghabháil. Dá bhrí sin, ba cheart na doiciméid taistil arna n-eisiúint i bPoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus i gcathair Sevastopol nó do chónaitheoirí Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol tar éis an 18 Márta 2014 a bheith ar an liosta sin. |
(4) |
An 24 Aibreán 2019, trí Fhoraithne Uimh. 183 ó Uachtarán Chónaidhm na Rúise, rinne Cónaidhm na Rúise simpliú ar an nós imeachta do chónaitheoirí na réigiún Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais chun saoránacht Rúiseach a fháil, lena n-áirítear an nós imeachta maidir le pasanna idirnáisiúnta Rúiseacha a eisiúint do na cónaitheoirí sin. Dá bhrí sin, ba cheart na doiciméid taistil arna n-eisiúint i réigiún Donetsk agus i réigiún Luhansk nó do chónaitheoirí réigiún Donetsk agus réigiún Luhansk tar éis an 24 Aibreán 2019 a bheith ar an liosta sin. |
(5) |
An 25 Bealtaine 2022 leathnaigh Cónaidhm na Rúise an nós imeachta simplithe maidir le saoránacht Rúiseach a fháil chun na réigiúin Kherson agus Zaporizhzhia a chuimsiú. An 11 Iúil 2022, leathnaigh an Rúis an pasúchán chun críoch iomlán na hÚcráine a chuimsiú ionas go bhféadfadh saoránaigh uile na hÚcráine saoránacht Rúiseach a éileamh agus pas Rúiseach a fháil tríd an nós imeachta simplithe. Ar bhonn fhoraithne an 11 Iúil 2022, eisíodh doiciméid taistil de chuid na Rúise i réigiún Kharkiv ón 1 Lúnasa 2022 i leith. Rinne an Úcráin formhór réigiún Kharkiv a saoradh an 9 Meán Fómhair 2022. D’fhéadfadh doiciméid taistil de chuid na Rúise arna n-eisiúint sa réigiún sin a bheith i gcúrsaíocht. Dá bhrí sin, na doiciméid taistil arna n-eisiúint i réigiún Kherson agus i réigiún Zaporizhzhia nó do chónaitheoirí réigiún Kherson agus réigiún Zaporizhzhia tar éis an 25 Bealtaine 2022 agus i réigiún Kharkiv nó do chónaitheoirí réigiún Kharkiv tar éis an 1 Lúnasa 2022, ba cheart na doiciméid taistil sin a bheith ar an liosta sin. |
(6) |
An 26 Lúnasa 2008 chinn Uachtarán Chónaidhm na Rúise go dtabharfadh an Rúis aitheantas foirmiúil don Abcáis agus don Oiséit Theas mar stáit neamhspleácha. Dá bhrí sin, ba cheart na doiciméid taistil arna n-eisiúint san Abcáis agus san Oiséit Theas nó do chónaitheoirí na hAbcáise agus na hOiséite Theas tar éis an 26 Lúnasa 2008 a bheith ar an liosta sin. |
(7) |
Tír nó eintiteas a bheith ar an liosta, níor cheart glacadh leis go dtugann sé sin le tuiscint go dtugann Ballstát amháin nó níos mó aitheantas faoin dlí idirnáisiúnta don tír nó don eintiteas sin. |
(8) |
Ós rud é go gcuireann Cinneadh (AE) 2022/2512 le acquis Schengen, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, thug an Danmhairg fógra faoi chur chun feidhme Chinneadh (AE) 2022/2512 ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an Danmhairg faoin dlí idirnáisiúnta an Cinneadh seo a chur chun feidhme. |
(9) |
Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(10) |
Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen (5) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (6). |
(11) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (7) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (8). |
(12) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen (9) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A agus B de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (10). |
(13) |
Maidir leis an gCipir, leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005 agus Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011 faoi seach, maidir le víosaí a eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2022/2512, de bhrí gurb é atá ann gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003 agus Airteagal 4(1) d’Ionstraim Aontachais 2005 faoi seach, maidir le trasnú na dteorainneacha seachtracha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399 dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2022/2512. |
(14) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh (AE) 2022/2512 a chur i bhfeidhm go pras agus go haonfhoirmeach, agus i ngeall ar an staid éigeandála i réigiúin agus i gcríocha san Úcráin atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus i gcríocha scarúnaíocha sa tSeoirsia freisin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar bhonn práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An liosta de dhoiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2022/2512, tá sé mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Bealtaine 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 326, 21.12.2022, lch. 5.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
(4) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).
(5) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.
(6) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).
(7) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.
(8) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).
(9) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.
(10) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, Prótacal a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
IARSCRÍBHINN
Liosta de na doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (AE) 2022/2512 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) 1
1. An Úcráin:
Gnáthphas
Pas taidhleoireachta
Cead cónaithe le haghaidh duine gan stát
Deimhniú maidir le filleadh
Doiciméad Céannachta Maraí
Leabhar mairnéalaigh
Arna eisiúint sna háiteanna seo a leanas nó do chónaitheoirí na n-áiteanna seo a leanas:
|
Poblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus cathair Sevastopol tar éis an 18 Márta 2014; |
|
réigiún Donetsk tar éis an 24 Aibreán 2019; |
|
réigiún Luhansk tar éis an 24 Aibreán 2019; |
|
réigiún Kherson tar éis an 25 Bealtaine 2022; |
|
réigiún Zaporizhzhia tar éis an 25 Bealtaine 2022; |
|
réigiún Kharkiv tar éis an 1 Lúnasa 2022. |
2. An tSeoirsia:
Gnáthphas
Pas taidhleoireachta
Cead cónaithe le haghaidh duine gan stát
Deimhniú maidir le filleadh
Doiciméad Céannachta Maraí
Leabhar mairnéalaigh
Arna eisiúint sna háiteanna seo a leanas nó do chónaitheoirí na n-áiteanna seo a leanas:
|
An Abcáis tar éis an 26 Lúnasa 2008; |
|
An Oiséit Theas tar éis an 26 Lúnasa 2008. |
(1) Cinneadh (AE) 2022/2512 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le gan glacadh le doiciméid taistil de chuid Chónaidhm na Rúise arna n-eisiúint san Úcráin agus sa tSeoirsia (IO L 326, 21.12.2022, lch. 1).
Ceartúcháin
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/40 |
ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1684 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála le haghaidh contrapháirtithe lárnacha sa Téaváin (1) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais
(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh IO L 252 an 30 Meán Fómhair 2022 )
Ar leathanach 85, in Airteagal 2
in ionad:
‘2022’
léitear:
‘2025’.
(1) Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar léiriú ar sheasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ar bith maidir le stádas dlíthiúil na Téaváine.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/41 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 304 an 22 Samhain 2011 )
Ar leathanach 49, Iarscríbhinn VI, Cuid A, pointe 7:
in ionad:
‘san Iodáilis: “carne ricomposta” agus “pesce ricomposto” ’,
léitear:
‘san Iodáilis: “costituito da parti di carne” agus “costituito da parti di pesce” ’.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/42 |
Ceartúchán ar Chinneadh (CBES) 2023/193 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 26 I an 30 Eanáir 2023 )
Ar leathanach 5, san Iarscríbhinn, sa chéad cholún, faoi ‘Eintitis’:
in ionad:
‘175.’,
léitear:
‘174a.’.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/43 |
Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/192 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 26 I an 30 Eanáir 2023 )
Ar leathanach 3, san Iarscríbhinn, sa chéad cholún, faoi ‘Eintitis’:
in ionad:
‘175.’,
léitear:
‘174a.’.
1.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 142/44 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 354 an 28 Nollaig 2013 )
1. |
Ar leathanach 39, Airteagal 22 |
in ionad:
‘2. D'fhonn an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Chun cur chuige coiteann a éascú ar fud an Aontais, cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le treoirlínte coiteanna a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, lena léireofar na paraiméadair ábhartha theicniúla, shóisialta agus eacnamaíocha.
3. Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir an choda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir an choda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
4. Maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1a, deanfaidh na Ballstáit an anailís a dhéanann siad ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta a bhunú. Dréachtófar measúnuithe ar leith do chabhlaigh a fheidhmíonn sna réigiúin is forimeallaí agus do shoithí a fheidhmíonn lasmuigh d'uiscí an Aontais.
Má léirítear go soiléir leis an measúnú nár rinneadh an acmhainn iascaireachta a chothromú go héifeachtach le deiseanna iascaireachta, ullmhóidh an Ballstát plean gnímh do na codanna de chabhlaigh a bhfuil ró-acmhainn struchtúrach acu atá sainaitheanta agus cuirfidh sé ina thuarascáil é. Leagfar amach sa phlean gnímh na spriocanna coigeartaithe agus na huirlisí chun an chothromaíocht a bhaint amach agus amchlár soiléir lena chur chun feidhme.’,
léitear:
‘2. D'fhonn an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Chun cur chuige coiteann a éascú ar fud an Aontais, cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le treoirlínte coiteanna a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, lena léireofar na paraiméadair ábhartha theicniúla, shóisialta agus eacnamaíocha.
Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir na coda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir na coda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
3. Maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1a, déanfaidh na Ballstáit a n-anailís a bhunú ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlaigh agus a ndeiseanna iascaireachta. Dréachtófar measúnuithe ar leith le haghaidh na gcabhlach a fheidhmíonn sna réigiúin is forimeallaí agus le haghaidh na soithí a fheidhmíonn go heisiach lasmuigh d'uiscí an Aontais.
4. Má léiríonn an measúnú go soiléir nach bhfuil cothromaíocht éifeachtach ann idir an acmhainn iascaireachta agus deiseanna iascaireachta, ullmhóidh an Ballstát plean gnímh do na codanna de chabhlaigh a bhfuil ró-acmhainn struchtúrach acu atá sainaitheanta agus cuirfidh sé ina thuarascáil é. Leagfar amach sa phlean gnímh na spriocanna coigeartaithe agus na huirlisí chun an chothromaíocht a bhaint amach agus amchlár soiléir lena chur chun feidhme.’.
2. |
Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail ‘plean gníomhaíochta’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘plean gnímh’ sa Rialachán seo tríd síos. |