ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 125

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

66
11 Bealtaine 2023


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le Bliain Eorpach na Scileanna ( 1 )

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/937 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le Fosfáit déstáirse fhosfáitithe a tháirgtear ó stáirse cruithneachta a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha ( 1 )

12

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/938 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica  ( 1 )

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/939 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena dtarraingítear siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach iopconasól i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014 ón gCoimisiún ( 1 )

19

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2023/940 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 635(1) den Chomhaontú sin

23

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

37

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú ( IO L 262, 7.10.2022 )

59

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

CINNTÍ

11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/1


CINNEADH (AE) 2023/936 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Bealtaine 2023

maidir le Bliain Eorpach na Scileanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 149 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá lucht saothair oilte ríthábhachtach chun aistrithe glasa agus digiteacha atá cothrom agus cóir ar bhonn sóisialta a áirithiú, agus chun iomaíochas agus athléimneacht inbhuanaithe an Aontais a neartú i bhfianaise suaití seachtracha díobhálacha amhail paindéim COVID-19 nó iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Le scileanna níos oiriúnaí agus níos comhoiriúnaí, cruthaítear deiseanna nua agus cumhachtaítear do dhaoine aonair páirt iomlán a ghlacadh i margadh an tsaothair, sa tsochaí agus sa daonlathas, leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis na haistrithe glasa agus digiteacha, agus tairbhiú díobh agus a gcearta a fheidhmiú.

(2)

Ar fud an Aontais, tuairiscíonn fostóirí go bhfuil sé deacair oibrithe a fháil ag a bhfuil na scileanna is gá. D’aithin an tÚdarás Eorpach Saothair, ina thuarascáil dar teideal ‘Report on labour shortages and surpluses’ (‘Tuarascáil maidir le ganntanais agus barrachais sa lucht saothair’], agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, ina thuarascáil dar teideal ‘Cybersecurity skills development in the EU’ (‘Forbairt scileanna cibearshlándála san Aontas’], go raibh 28 ngairm mar ghairm ina raibh ganntanas scileanna in 2021, lena n-áirítear sna hearnálacha cúraim sláinte, fáilteachais, tógála agus seirbhíse, agus sainaithníodh ganntanas speisialtóirí TF agus slándála, go háirithe saineolaithe cibearshlándála, agus oibrithe a bhfuil cúlra eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice. De réir a chéile, is é an srian is mó ar aistrithe glasa agus digiteacha rathúla an easpa oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu. D’fhéadfadh ganntanas lucht saothair, i gcásanna áirithe, a bheith mar thoradh ar phoist neamhtharraingteacha agus ar dhrochdhálaí oibre. Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, trí thairiscintí post ar ardchaighdeán agus trí bheartais choinneála, ar mhaithe le margadh saothair dea-fheidhmiúil. I roinnt mhaith Ballstát, meastar go gcuirfear dlús le haosú déimeagrafach sa deacáid amach romhainn de réir mar a rachaidh glúin an ‘bhabaíbhorrtha’ ar scor, rud a threiseoidh an gá atá le leas iomlán a bhaint as acmhainneacht iomlán na ndaoine fásta uile atá in aois oibre, beag beann ar a mbunadh, trí infheistíochtaí leanúnacha a dhéanamh ina gcuid scileanna chomh maith le níos mó daoine a ghníomhachtú, go háirithe mná agus daoine óga, go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) toisc go bhfuil dúshláin shonracha roimh na grúpaí sin a chuireann bac ar a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair. Chuideodh straitéisí éifeachtúla cuimsitheacha scileanna agus rochtain mhéadaithe ar dheiseanna oideachais agus oiliúna do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus comhrac in aghaidh steiréitíopaí, go háirithe steiréitíopaí inscne, le fostaíocht a mhéadú agus le ganntanas scileanna a laghdú. D’fhonn aistriú atá cothrom agus cuimsitheach go sóisialta a áirithiú, is féidir bearta den sórt sin a chomhlánú le réitigh do dhaoine nach bhfuil in ann athsciliú agus uas-sciliú.

(3)

Tá infhaighteacht foirne oilte agus bainisteoirí a bhfuil taithí acu, agus a mbíonn ról riachtanach acu i bhfás inbhuanaithe an Aontais, fós ar an bhfadhb is tromchúisí don cheathrú cuid de 25 mhilliún fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) de chuid an Aontais, arb iad cnámh droma gheilleagar agus rathúnas an Aontais iad, arb ionann iad agus 99 % de na gnólachtaí uile agus a fhostaíonn 83 mhilliún duine. Aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe digiteach’ an ról fíor-riachtanach atá ag FBManna maidir le hiomaíochas agus rathúnas an Aontais.

(4)

De dheasca easpa lucht saothair atá oilte go leormhaith agus ráta íseal rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí oiliúna daoine fásta in aois oibre, laghdaítear deiseanna i margadh an tsaothair agus a fhágann go mbíonn neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha ann ar dúshlán mór don Aontas iad. Léiríonn an easpa lucht saothair atá oilte go leormhaith agus ráta íseal rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí oiliúna an acmhainneacht neamhshaothraithe shuntasach atá ann maidir le hathsciliú agus uas-sciliú chun cuidiú le maolú a dhéanamh ar ghanntanais lucht saothair atá ag méadú in earnálacha amhail an mhonaraíocht agus seirbhísí, agus go háirithe i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le fáilteachas agus monarú trealaimh ríomhaireachta agus leictreonaigh, agus earnáil an chúraim. Mar sin féin, níor tháinig aon mhéadú ar rannpháirtíocht san fhoghlaim aosach san Aontas le deacáid anuas agus níor éirigh le 21 Bhallstát sprioc 2020 an Aontais a bhaint amach. I gcás go leor daoine fásta in aois oibre, amhail iad siúd atá i gcineálacha oibre neamhthipiciúla, fostaithe FBManna, daoine dífhostaithe, daoine neamhghníomhacha agus daoine ar bheagán scileanna, is rómhinic nach mbíonn deiseanna forbartha scileanna le fáil acu. Trí na deiseanna athscilithe agus uas-scilithe do na grúpaí sin agus do gach duine fásta in aois oibre a mhéadú, rannchuideofaí freisin le sprioc fostaíochta an Aontais 78 % a bhaint amach le haghaidh daoine fásta idir 20 agus 64 bliana d’aois arbh é 73,1 % an ráta fostaíochta dóibh in 2021 Tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil do dhaoine fásta a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu agus do dhaoine dífhostaithe i gcomhréir leis na moltaí ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le conairí uas-scilithe: deiseanna nua do dhaoine fásta (3) agus moltaí an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a lánpháirtiú i margadh an tsaothair (4).

(5)

Sonraítear i bprionsabal Uimh. 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an ‘Colún’) go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán agus cuimsitheach chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Déantar tagairt le Prionsabal Uimh. 4 den Cholún do thacaíocht ghníomhach don fhostaíocht, chun seasamh leis an gceart atá gach duine cúnamh tráthúil saincheaptha a fháil chun feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta nó féinfhostaíochta, lena n-áirítear an ceart chun tacaíocht a fháil don oiliúint agus don athcháiliú. I bPrionsabal Uimh. 5 den Cholún maidir le fostaíocht shlán agus inoiriúnaithe, luaitear go bhfuil an ceart ag oibrithe, beag beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá acu agus ar an bhfad atá an caidreamh sin ar bun, cóir chothrom chomhionann a fháil maidir le dálaí oibre, rochtain ar chosaint shóisialta agus oiliúint. In Airteagal 14(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), sonraítear go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.

(6)

Cuirtear i dtábhacht i bPrionsabal Uimh. 3 den Cholún go bhfuil ag gach duine, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, an ceart chun córa comhionainne agus chun deiseanna comhionanna, lena n-áirítear fostaíocht, oideachas agus oiliúint. Ba cheart Bliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme ar bhealach atá cuimsitheach agus a chuireann comhionannas do chách chun cinn go gníomhach. Tugtar le fios i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, arna ghlacadh ag an gCoimisiún sa teachtaireacht uaidh an 4 Márta 2021, gur féidir fás fostaíochta níos cuimsithí a bhaint amach trí rannpháirtíocht na ngrúpaí sin atá faoi ghannionadaíocht faoi láthair a mhéadú.

(7)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht’ (‘An Clár Oibre Scileanna don Eoraip’), iarrtar go mbeidh réabhlóid scileanna ann chun téarnamh an gheilleagair a áirithiú, iomaíochas domhanda agus cothroime shóisialta na hEorpa a neartú agus chun deiseanna a thapú sna haistrithe glasa agus digiteacha do chách. Is é is aidhm don Chlár Oibre Scileanna don Eoraip gníomhaíocht chomhchoiteann maidir le scileanna a chothú, a áirithiú go bhfuil ábhar na hoiliúna ailínithe leis na riachtanais sa mhargadh saothair atá ag síorathrú, agus deiseanna oiliúna a mheaitseáil ar bhealach níos fearr le toilmhianta daoine chun glacadh deiseanna oiliúna den sórt sin a spreagadh ar fud an daonra atá in aois oibre. Ba dhíol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa cuspóirí agus gníomhaíochtaí an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip i Rún uaithi an 11 Feabhra 2021 (5).

(8)

An 25 Meitheamh 2021, ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach, ina cuid conclúidí, príomhspriocanna an Aontais de Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021, agus ar an gcaoi sin an sprioc a áirithiú, faoi 2030, gurb é 78 % ar a laghad an ráta fostaíochta agus go mbeidh ar a laghad 60 % de na daoine fásta uile rannpháirteach san oiliúint gach bliain.

(9)

An 14 Meán Fómhair 2022, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin ina hAitheasc ar Staid an Aontais go mbeartódh an Coimisiún go ndéanfaí Bliain Eorpach na Scileanna de 2023. Tharraing sí aird ar fhadhb na nganntanas lucht saothair in earnálacha áirithe agus chuir sí i dtábhacht a thábhachtaí atá infheistíochtaí san oideachas gairmiúil agus san uas-sciliú. Chuir sí i dtábhacht freisin nach mór na scileanna cearta a mhealladh chun an Aontais mar chuid den réiteach, arna thacú le haitheantas na gcáilíochtaí do náisiúnaigh tríú tír a bhrostú agus a éascú. Trí bhíthin Bhliain Eorpach na Scileanna, féachann an Coimisiún leis an móiminteam a mhéadú agus cur chun feidhme an iliomad gníomhaíochtaí atá déanta aige cheana féin a chothú chun athsciliú agus uas-sciliú san Aontas a neartú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair. Tá Bliain Eorpach na Scileanna, trí bhíthin an athscilithe agus an uas-scilithe, ceaptha tacú le fás inbhuanaithe gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais agus é mar aidhm léi borradh a chur faoina iomaíochas, agus cur le poist ar ardchaighdeán a chruthú.

(10)

An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin ina haitheasc ar Staid an Aontais seoladh idirphlé struchtúrtha ar an leibhéal is airde chun gealltanais maidir le scileanna digiteacha agus oideachas digiteach a neartú. Cheap na Ballstáit comhordaitheoirí náisiúnta don phróiseas sin. Le Bliain Eorpach na Scileanna, cuirfear leis an bpróiseas idirphlé struchtúrtha sin, tríd an mbéim a leagtar inti a leathnú i gcomhréir le cuspóirí an Chinnidh seo.

(11)

Tagann Bliain Eorpach na Scileanna sna sála ar Bhliain Eorpach na hÓige 2022 a rinne iarracht daoine óga a chumhachtú, onóir agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus dul i dteagmháil leo, lena n-áirítear daoine óga a bhfuil níos lú deiseanna acu, le peirspictíocht iar-phaindéim COVID-19, d’fhonn tionchar fadtéarmach dearfach a bheith ann ar dhaoine óga. Leag Bliain Eorpach na hÓige 2022 béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le scileanna chun fostaíocht ar ardchaighdeán a aimsiú do dhaoine óga agus chun a ndeiseanna fostaíochta a leathnú.

(12)

Trí mheoin athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn ar fud an Aontais, is féidir le Bliain Eorpach na Scileanna tionchar dearfach níos leithne a imirt ar an tsochaí agus ar an daonlathas, ós rud é go gciallaíonn lucht saothair níos oilte freisin saoránaigh níos gníomhaí agus níos rannpháirtí. Tugann athsciliú agus uas-sciliú na scileanna is gá d’oibrithe chun tairbhe a bhaint as deiseanna fostaíochta ar chaighdeán níos fearr, chun feabhas a chur ar a ndea-bhail ag an obair, agus chun dul chun cinn a dhéanamh ina bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil, agus ag an am céanna cuireann sé borradh faoi iomaíochas an gheilleagair agus rannchuidíonn sé le poist ar ardchaighdeán a chruthú.

(13)

Ós rud é gur fearr a thuigeann fostóirí, oibrithe, ionadaithe fostóirí agus oibrithe, comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta, comhlachais tráchtála agus páirtithe leasmhara eile cad iad na scileanna atá ag teastáil ina n-éiceachórais thionsclaíocha, ní mór a ngníomhaíocht chomhchoiteann maidir le forbairt scileanna a neartú mar chuid den réiteach. Mar sin tá ról tábhachtach ag an idirphlé sóisialta maidir le riachtanais scileanna i margadh an tsaothair a thuar. Leis an gComhshocrú um Scileanna arna sheoladh ag an gCoimisiún in 2020 mar an chéad ghníomhaíocht faoin gClár Oibre Scileanna don Eoraip, tugtar le chéile fostóirí, na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna, seirbhísí fostaíochta poiblí agus páirtithe leasmhara eile maidir le príomhscileanna, idir pháirtithe leasmhara príobháideacha agus pháirtithe leasmhara poiblí. Go dtí seo, tá níos mó ná 700 eagraíocht tar éis clárú leis an gComhshocrú um Scileanna agus bunaíodh 12 chomhpháirtíocht mhórscála in earnálacha straitéiseacha a thagann faoina réimse freagrachtaí, agus gheall siad go gcuirfidh siad 6 mhilliún deis oiliúna chun cinn. Baineann comhaltaí an Chomhshocraithe um Scileanna tairbhe as seirbhísí tiomnaithe chun torthaí nithiúla a bhaint amach. Tá tábhacht ag baint leis na gnéithe réigiúnacha agus áitiúla freisin, go háirithe i réigiúin teorann, áit a dteastaíonn bearta spriocdhírithe chun teacht ar oibrithe a bhfuil na scileanna cearta acu chun tacú le margaí saothair trasteorann éifeachtacha. Ar an gcaoi chéanna, tá dúshláin ar leith roimh limistéir atá faoi mhíbhuntáiste agus iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, toisc go bhfuil rochtain ar mhargadh an tsaothair agus deiseanna athscilithe agus uas-scilithe teoranta.

(14)

Leis an Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (6) bunaítear mar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha an chreata ‘Foghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách’, mar aon le gníomhaíochtaí nithiúla arb é is aidhm dóibh scileanna fháil nó a nuashonrú, eadhon athsciliú agus uas-sciliú, le linn an tsaoil oibre.

(15)

Leis na Moltaí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (7) agus cur chuige Eorpach maidir le micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (8), cuidítear le daoine dul ar chonairí foghlama nó leanúint dá gconairí foghlama ar bhealach níos solúbtha agus níos spriocdhírithe. Leis an Rún ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le clár oibre Eorpach nua don fhoghlaim aosach 2021-2030 (9), cuirtear deiseanna foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla chun cinn lena bhféadfar an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí uile is gá a sholáthar chun Aontas a chruthú a bheidh cuimsitheach, inbhuanaithe, cóir go sóisialta agus níos athléimní. Leagtar béim ann ar fhoghlaim aosach mar chuid thábhachtach den fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Tá an fhoghlaim, gairmthreoir ardcháilíochta agus deiseanna féinmheasúnaithe scileanna i measc na mbeart a theastaíonn chun tacú le daoine agus iad ar a gconairí foghlama.

(16)

Is é is aidhm do na beartais ghníomhacha neartaithe maidir leis an margadh saothair a mholtar sa Mholadh ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don Fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (10) tacú le haistrithe chuig fostaíocht nua le linn an téarnaimh ó ghéarchéim COVID-19 agus meaitseáil níos fearr a dhéanamh ar scileanna i margadh an tsaothair, le tacaíocht ó sheirbhísí fostaíochta a bhfuil acmhainneacht riaracháin leordhóthanach acu.

(17)

Leis an Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (11), tacaítear le nuachóiriú na gcóras gairmoideachais agus gairmoiliúna chun an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn ó dhaoine óga agus ó dhaoine fásta a thabhairt dóibh ionas go mbeidh rath orthu sa mhargadh saothair agus sa tsochaí atá ag síorathrú, chun bainistiú a dhéanamh ar an téarnamh agus ar na haistrithe córa chuig an ngeilleagar glas agus digiteach, tráth an athraithe dhéimeagrafaigh agus le linn na dtimthriallta eacnamaíocha uile. Cuireann sé gairmoideachas agus gairmoiliúint chun cinn mar spreagadh féideartha don nuálaíocht agus don fhás, rud atá solúbtha ó thaobh athruithe sa mhargadh saothair de lena gcuirtear scileanna ar fáil do ghairmeacha ar éileamh ard agus chun cuimsitheacht agus comhdheiseanna a chothú. Tá sé riachtanach go méadófaí tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna trí bhíthin feachtais chumarsáide agus for-rochtana, trí ionaid barr feabhais gairme, trí éiceachórais speisialta do ghairmoideachas agus gairmoiliúint, agus trí chomórtais scileanna, amhail Euroskills.

(18)

Beidh scileanna le haghaidh an aistrithe ghlais agus athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair ag teastáil i gcomhthéacs an aistrithe chuig geilleagar nua-aimseartha, atá tíosach ar acmhainní, ciorclach, cuimsitheach, athléimneach agus iomaíoch, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘an Comhaontú Glas don Eoraip’, lena leagtar síos an bealach i dtreo aeráidneodrachta don Aontais faoi 2050. Aithnítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘Oiriúnach do 55: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach’ nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má tá an lucht saothair oilte is gá ag an Aontas chun a bheith iomaíoch i rith an ama agus tugann sé aird ar ghníomhaíochtaí suaitheanta an Chláir Oibre Scileanna don Eoraip chun na scileanna is gá do na haistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt do dhaoine.

(19)

Chun aistrithe glasa agus digiteacha leanúnach thionscal an Aontais agus na riachtanais ghaolmhara sa mhargadh saothair a bhaint amach, ní mór infheistíocht a dhéanamh chun córais láidre VET a fhorbairt ar fud an Aontais, agus scileanna agus inniúlachtaí réitigh fadhbanna le haghaidh teicneolaíochtaí nua á gcur chun cinn, amhail táirgeadh agus innealra cliste, róbataic sofaisticiúil, néalríomhaireacht, intleacht shaorga, próiseáil sonraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla.

(20)

Tá méadú ag teacht ar úsáid uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha i ngach réimse den saol agus is féidir léi deighilt dhigiteach a chruthú. Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach ní hamháin le haghaidh rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, ach le haghaidh cáilíocht saoil agus aosú gníomhach freisin. San Aontas, tá leibhéal bunúsach eolais dhigitigh de dhíth i gcomhair níos mó ná 90 % de na róil ghairmiúla, agus níl bunscileanna digiteacha ag thart ar 42 % de shaoránaigh an Aontais, 37 % d’oibrithe san áireamh. Bunaítear le Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) an cuspóir a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 80 % de dhaonra an Aontais faoi 2030, agus leagtar síos sprioc de 20 milliún saineolaí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a bheith fostaithe faoi 2030, agus é mar aidhm aige cóineasú inscne a bhaint amach freisin. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Eanáir 2018 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, leagtar béim freisin ar an easpa acmhainneachta atá ag cláir speisialaithe oideachais agus oiliúna chun oiliúint a chur ar shaineolaithe breise TFC. Thairis sin, i dteachtaireacht uaidh an 30 Meán Fómhair 2020 leag an Coimisiún béim sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 ar an ngá atá le modhanna teicneolaíochta a úsáid chun inrochtaineacht deiseanna foghlama a éascú agus chun solúbthacht na ndeiseanna foghlama a neartú, lena n-áirítear athsciliú agus uas-sciliú.

(21)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a fhorbairt do théarnamh na hEorpa’ iarrtar go ngníomhófaí go cinntitheach chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur i gcrích do chách agus chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas agus an oiliúint bord ar bhord leis na haistrithe glasa agus digiteacha agus go gcuideoidh siad leis na haistrithe sin a bhaint amach. Cuirtear i bhfios go láidir ann go bhfuil lucht saothair oilte ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh rath ar na haistrithe sin, chun tacú le hiomaíochas thionscal an Aontais, agus le poist ar ardchaighdeán a chruthú. Ina theannta sin, aithnítear ann a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí láidre idir an tAontas, na Ballstáit, na comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus comhar idir éiceachórais thionsclaíocha agus laistigh díobh. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘Geilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine: i bplean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta’, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir ról cinntitheach a bheith ag an ngeilleagar sóisialta ós rud é gur tacaí tábhachtach é d’aistrithe glasa agus digiteacha atá cothrom go sóisialta agus cuimsitheach agus mar phríomhspreagadh don nuálaíocht shóisialta, lena n-áirítear i réimse an athscilithe agus an uas-scilithe.

(22)

Trí náisiúnaigh tríú tír oilte a mhealladh, is féidir cuidiú le dul i ngleic le ganntanais scileanna agus lucht saothair an Aontais. Tá Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) ar cheann de na príomhrudaí a baineadh amach chun tallann ardoilte a mhealladh i margadh an tsaothair. Sa teachtaireacht uaidh an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, leagann an Coimisiún béim láidir freisin ar imirce lucht saothair agus ar lánpháirtiú náisiúnach tríú tír. Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 dar teideal ‘Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas’ an creat dlíthiúil agus gníomhaíocht an Aontais sa réimse sin a threisiú. Moltar an Treoir 2003/109/CE ón gComhairle (14) agus Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) a athmhúnlú, d’fhonn na nósanna imeachta maidir le hoibrithe tríú tír de gach leibhéal scile a ligean isteach san Aontas a shimpliú, agus chun feabhas a chur ar a gcearta agus a gcosaint ar dhúshaothrú saothair. Leanfaidh an Coimisiún de Linn Tallann an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe chun meaitseáil saothair a éascú le náisiúnaigh tríú tír agus tá sé ag obair chun comhpháirtíochtaí tallainne saincheaptha a sheoladh le príomhthíortha comhpháirtíochta sonracha chun borradh a chur faoi shoghluaisteacht idirnáisiúnta an lucht saothair agus faoi fhorbairt tallainne ar bhealach a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh agus ar bhealach ciorclach. Ina theannta sin, leanann an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le ranníocaíochtaí don chistiú domhanda don oideachas, lena ndírítear go háirithe ar oiliúint múinteoirí, ar oideachas cailíní agus ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint. Tá an obair sin, faoi scáth na teachtaireachta comhpháirtí ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí an 1 Nollaig 2021 maidir leis an ‘Global Gateway’, comhlántach le cuspóirí an togra seo.

(23)

Tá muinín as cáilíochtaí agus trédhearcacht cáilíochtaí, cibé acu a fuarthas na cáilíochtaí san Aontas nó i dtríú tír, ríthábhachtach chun a n-aitheantas a éascú. Is túsphointe iad uirlisí an Aontais, amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, Europass, an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha (ESCO), Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tíortha, Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh Foghlama, Tairseach EURES agus creataí inniúlachta ábhartha de chuid an Aontais chun cuidiú le trédhearcacht agus inchomparáideacht scileanna agus cáilíochtaí a mhéadú. I gcás margaí saothair dea-fheidhmiúla, ní mór scileanna a thuiscint agus a luacháil, cibé acu a fuarthas na scileanna i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla nó neamhfhoirmiúla. Is céimeanna ríthábhachtacha iad sainaithint agus doiciméadacht scileanna a neartú tuilleadh, chomh maith le treoir chun scileanna a dhéanamh infheicthe, i dtreo thrédhearcacht agus iniomparthacht na scileanna uile, lena n-áirítear scileanna idirdhisciplíneacha amhail scileanna teanga, smaointeoireacht chriticiúil, fiontraíocht, cruthaitheacht, inniúlachtaí idirchultúrtha, obair foirne agus litearthacht sna meáin.

(24)

In go leor Ballstát, ní leor na hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha san athsciliú agus san. Ní chuireann a lán gnóthas, go háirithe FBManna, oiliúint ar fáil dá bhfoireann ná ní mhaoiníonn na cuideachtaí oiliúint dóibh, agus tá níos lú rochtain nó easpa rochtana fiú ag daoine aonair a bhfuil obair neamhthipiciúil ar bun acu ar oiliúint arna hurrú ag fostóir. D’fhéadfadh neamhionannais den sórt sin an bonn a bhaint ó leas agus sláinte daoine aonair, iomaíochas eacnamaíoch a laghdú, deiseanna a scrios agus bacainní ar an nuálaíocht a chruthú agus d’fhéadfadh sé go bhfágfaí daoine áirithe chun deiridh sna haistrithe glasa agus digiteacha chuig gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos inbhuanaithe. Tá sé tábhachtach d’iomaíochas na ngnóthas acmhainní a thiomnú chun a chinntiú go bhfuil fostaithe in ann oibriú leis na teicneolaíochtaí is déanaí. Tá gá le creat cumasúcháin lena ndéanfar infheistíochtaí airgeadais fostóirí i scileanna a scaoileadh agus a dhreasú agus lena dtabharfar infheictheacht do luach eacnamaíoch an athscilithe agus an uas-scilithe. Mar shampla, tá sé mar aidhm ag an bPacáiste Fóirithinte do FBManna rochtain ar mhaoiniú agus ar scileanna a éascú. Foráiltear le Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) go bhfuil na Ballstáit le háirithiú, i gcás ina gceanglaítear ar fhostóir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó le comhaontuithe comhchoiteanna oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe chun go mbeidh siad in ann an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, go bhfuil an oiliúint sin le cur ar fáil saor in aisce do na hoibrithe, go bhfuil an oiliúint sin le háireamh mar am oibre agus, i gcás inar féidir, go bhfuil s í le déanamh le linn uaireanta oibre.

(25)

San am a chuaigh thart, chonaic an tAontas méaduithe móra ar na hinfheistíochtaí poiblí san oideachas agus san oiliúint tosaigh. Go dtí seo, áfach, níor tháinig méaduithe comhfhreagracha ar infheistíochtaí ná forbairt ar chur chuige iomlánaíoch chun tacú le forbairt leanúnach scileanna tríd an saol oibre ar fad. Iarrtar ar na Ballstáit sna conclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2020‘samhlacha a d‘fhéadfadh a bheith ann do mhaoiniú poiblí agus príobháideach don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a scrúdú agus scileanna a fhorbairt ar leibhéal an duine aonair’, agus iarrtar ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit sna hiarrachtaí sin.

(26)

Tá tacaíocht mhór airgeadais ar fáil ón Aontas chun athsciliú agus uas-sciliú a dhéanamh, cuir i gcás, trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste um Aistriú Cóir, clár InvestEU (InvestEU), an Clár don Eoraip Dhigiteach, Erasmus+, Fís Eorpach, an Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), an Ciste don Nuachóiriú agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda. Is é CSE+ an phríomhuirlis chistiúcháin atá ag an Aontas i gcónaí lenar féidir infheistíocht a dhéanamh i níos mó scileanna agus i scileanna níos fearr atá ag an lucht saothair, go háirithe trí thacú le hinstitiúidí agus le seirbhísí measúnú a dhéanamh ar riachtanais agus ar dhúshláin scileanna agus iad a dhéanamh amach roimh ré, lena dtacaítear le deiseanna athscilithe agus uas-scilithe d’oibrithe a chuireann an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ar fáil. Is é aidhm atá ag Ráthaíocht don Aos Óg go bhfaighidh daoine óga tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, printíseacht nó cúrsa oiliúna laistigh de 4 mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil. Tá gné shuntasach scileanna ag baint le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí a áirítear i bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát faoi RRF, a bhfuil nasc aici go minic le beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, go háirithe tacaíocht don fhostaíocht le haghaidh daoine óga. Sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a d’fhormhuinigh an Coimisiún agus an Chomhairle go dtí seo, tá thart ar 20 % den chaiteachas sóisialta tiomnaithe do ‘fhostaíocht agus scileanna’.

(27)

Ba é an Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU) an chéad ionstraim den phacáiste tearnaimh NextGenerationEU chun íocaíochtaí a dhéanamh ar mhaithe le téarnamh na mBallstát. Chuidigh sé le poist a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i scileanna sna réigiúin is mó a bhí i ngátar. Oibrithe a chailleann a bpost mar gheall ar theagmhais athstruchtúraithe ar mhórscála, féadfaidh siad tairbhiú freisin de thacaíocht ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha chun poist nua a aimsiú, cuir i gcás trí oideachas agus oiliúint bhreise agus trí threoir ghairme agus comhairle shaincheaptha.

(28)

Aithnítear i Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir gurb é atá in athsciliú agus uas-sciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist ionstraim a bhfuil gá léi chun aistriú glas atá cothrom agus cuimsitheach a áirithiú agus chun iarmhairtí díobhálacha an aistrithe sin a mhaolú. Sa mholadh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (18), leagtar amach treoraíocht shonrach chun cuidiú leis na Ballstáit pacáistí beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme maidir le gnéithe ábhartha fostaíochta agus sóisialta, lena n-áirítear beartais athscilithe agus uas-scilithe. Thairis sin, leis an moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le foghlaim don aistriú glas agus don fhorbairt inbhuanaithe (19), cuirtear beartais agus cláir chun cinn chun a áirithiú go sealbhóidh foghlaimeoirí de gach aois an t-eolas agus na scileanna chun tairbhiú de mhargadh saothair atá ag athrú, chun maireachtáil go hinbhuanaithe agus chun gníomhú ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.

(29)

Le InvestEU, faoina ionú infheistíochta sóisialta agus scileanna, tacaítear leis an éileamh ar scileanna agus le soláthar scileanna, agus feabhas á chur ar thacair scileanna nó úsáid scileanna faighteoirí deiridh agus margaí infheistíochta scileanna á gcothú. Le InvestEU, tacaítear freisin le hinfheistíochtaí ginearálta san oideachas, san oiliúint agus i seirbhísí gaolmhara. Ina theannta sin, leis an scéim um aistriú cóir faoi InvestEU, tacaítear le hinfheistíochtaí, lena n-áirítear na hinfheistíochtaí sin atá dírithe ar thacú le hathsciliú agus uas-sciliú oibrithe, i réigiúin atá faoi réir plean formheasta um aistriú cóir, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1056, agus tionscadail a théann chun tairbhe do na réigiúin sin, ar choinníoll go bhfuil siad ríthábhachtach maidir le haistrithe glasa agus digiteacha na gcríoch sin.

(30)

Le saineolas saincheaptha tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil de chuid an Choimisiúin, is féidir cuidiú leis na Ballstáit athchóirithe a dhéanamh atá nasctha le straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha maidir le scileanna, rud a fhágann go dtiocfaidh feabhas marthanach ar na deiseanna athscilithe agus uas-scilithe atá ar fáil ó chistí sealadacha an Aontais. Is féidir leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach, arna éascú ag an gCoimisiún, tacú leis an bpróiseas freisin.

(31)

Is é is aidhm don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ go mbeidh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, ar bhonn comhionann le daoine eile san Aontas agus i dtríú tíortha, agus tacú le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Laistigh den straitéis a mholtar, geallann an Coimisiún Eorpach go n-áiritheoidh sé gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh in oiliúint agus scileanna nua a fhoghlaim, mar riachtanas bunúsach le haghaidh fostaíochta agus neamhspleáchais.

(32)

Ar leibhéal an Aontais, dhéanfaí an leithdháileadh airgeadais is gá chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme a shainaithint laistigh de bhuiséad na gclár ranníocaíochta i gcomhréir le creataí airgeadais ilbhliantúla 2014-2020 agus 2021-2027. Gan dochar do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar údarás buiséadach, ba cheart gurb é an aidhm a bheadh ann cistiú EUR 9,3 milliún ar a laghad le haghaidh costais oibríochtúla a chur ar fáil chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme. Le cláir agus ionstraimí ábhartha eile de chuid an Aontais, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, agus i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart an tacaíocht airgeadais a sholáthar do Bhliain Eorpach na Scileanna. Le maoiniú Bhliain Eorpach na Scileanna, níor cheart go ndéanfaí dochar do mhaoiniú tionscadal i gcláir reatha an Aontais agus ba cheart é a bheith d’aidhm aige leagáid fhadmharthanach a áirithiú do Bhliain Eorpach na Scileanna.

(33)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(34)

Chun cur chun feidhme tapa Bhliain Eorpach na Scileanna a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Ainmneofar an tréimhse ón 9 Bealtaine 2023 go dtí an 8 Bealtaine 2024 mar ‘Bliain Eorpach na Scileanna’.

Airteagal 2

Cuspóirí

I gcomhréir le prionsabail Uimh. 1, 4 agus 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus rannchuidiú á dhéanamh leis na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna don Eoraip agus le príomhspriocanna an Aontais a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, is é cuspóir foriomlán Bhliain Eorpach na Scileanna meon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn tuilleadh i gcomhréir le hinniúlachtaí, dlíthe agus cleachtais náisiúnta. Trí mheon athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn tuilleadh, beidh sé d’aidhm ag mBliain Eorpach na Scileanna borradh a chur faoi iomaíochas ghnóthais de chuid an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus rannchuidiú le poist ar ardchaighdeán a chruthú, d’fhonn acmhainneacht iomlán na n-aistrithe glasa agus digiteacha a bhaint amach ar bhealach atá cothrom, cuimsitheach agus cóir go sóisialta, agus, ar an gcaoi sin, rochtain chothrom ar fhorbairt scileanna a chur chun cinn agus neamhionannais agus leithscaradh a laghdú san oideachas agus san oiliúint agus rannchuidiú le foghlaim leanúnach agus dul chun cinn gairme, daoine a chumhachtú chun rochtain a fháil ar phoist ar ardchaighdeán agus páirt iomlán a ghlacadh sa gheilleagar agus sa tsochaí. Go sonrach, le gníomhaíochtaí Bhliain Eorpach na Scileanna, cuirfear beartais scileanna agus infheistíochtaí chun cinn sa chaoi nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú glas agus san aistriú digiteach agus sa téarnamh eacnamaíoch, agus chun aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar ghanntanas lucht saothair trí bhearnaí agus mí-oiriúint scileanna a dhúnadh do lucht saothair cumhachtaithe agus don tsochaí, atá in ann deiseanna na n-aistrithe glasa agus digiteacha a thapú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

infheistíocht mhéadaithe, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí a chur chun cinn ar gach leibhéal, inter alia i measc fostóirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe FBManna, i ngach cineál athscilithe agus uas-scilithe, oideachais agus oiliúna chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an lucht saothair san Aontas atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear chun tacú le daoine a bheith ag aistriú ó phost go post, leis an aosú gníomhach, agus chun tacú leo tairbhe a bhaint as na deiseanna nua a eascraíonn as an aistriú leanúnach eacnamaíoch.

(2)

ábharthacht agus soláthar scileanna agus a neartú trí dhlúthchomhar a dhéanamh le comhpháirtithe sóisialta trasearnála agus earnála, seirbhísí fostaíochta poiblí agus príobháideacha, gnóthais, eintitis na sochaí sibhialta, soláthraithe seirbhísí sóisialta neamhbhrabúis agus soláthraithe oideachais agus oiliúna agus trí chomhar a chur chun cinn eatarthu, agus trí chineálacha cur chuige comhleanúnacha a fhorbairt le gach brainse rialtais ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil agus trí aithint scileanna agus cáilíochtaí a éascú;

(3)

freastal ar mhianta, riachtanais agus scileanna daoine, lena n-áirítear na scileanna a shealbhaítear le linn na soghluaisteachta, le riachtanais agus deiseanna mhargadh an tsaothair, go háirithe iad siúd a thairgtear leis na aistrithe glasa agus digiteacha, le hearnálacha nua atá ag teacht chun cinn agus leis na croí-earnálacha a bhfuil téarnamh de dhíth orthu ó phaindéim COVID-19, ag áirithiú go ndíreofar go háirithe ar níos mó daoine a lánpháirtiú i margadh an tsaothair, go háirithe mná agus daoine óga, iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais, ná oiliúna (NEETanna), daoine ar bheagán oiliúna, oibrithe scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí éagsúla, daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, chomh maith le daoine easáitithe ón Úcráin.

(4)

daoine ó thríú tíortha a mhealladh a bhfuil na scileanna a bhfuil gá leo sna Ballstáit acu, trí dheiseanna foghlama a chur chun cinn, lena n-áirítear, i gcás inar gá, oideachas agus oiliúint teanga, forbairt scileanna agus soghluaisteacht, agus trí aithint cáilíochtaí a éascú.

Airteagal 3

Cineálacha beart

1.   Áireofar ar na cineálacha beart atá le déanamh chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais, agus, ag cur leis na féidearthachtaí atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, i gcás inarb ábhartha i gcomhar le tríú tíortha, amhail:

(a)

comhdhálacha ar líne agus i bpearsa, pléití fóraim agus imeachtaí breise chun an díospóireacht a chur chun cinn maidir le ról agus rannchuidiú na mbeartas scileanna chun fás eacnamaíoch iomaíoch, inbhuanaithe a bhaint amach i bhfianaise an athraithe dhéimeagrafaigh, na n-aistrithe glasa agus digiteacha, agus ar an gcaoi sin tacú le saoránacht ghníomhach rannpháirteach, agus páirtithe leasmhara ábhartha a shlógadh chun rochtain ar dheiseanna oideachais, oiliúna agus foghlama a áirithiú;

(b)

meithleacha, cruinnithe teicniúla agus imeachtaí eile chun plé agus foghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn maidir leis na gníomhaíochtaí agus na cineálacha cur chuige is féidir le páirtithe leasmhara san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus sa tríú hearnáil a dhéanamh, lena n-áirítear samplaí dea-chleachtais, treoirlínte agus doiciméid tacaíochta eile a eascraíonn as na himeachtaí sin a ullmhú, a fhoilsiú agus a scaipeadh;

(c)

tionscnaimh lena ndírítear, inter alia, ar dhaoine aonair, fostóirí, go háirithe FBManna, comhlachais tráchtála agus tionscail, comhpháirtithe sóisialta, údaráis phoiblí chomh maith le soláthraithe oideachais agus oiliúna chun soláthar, maoiniú agus glacadh na ndeiseanna athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn agus chun na tairbhí agus na féidearthachtaí a bhaineann le lucht saothair oilte a uasmhéadú;

(d)

feachtais faisnéise, chumarsáide chuimsithí agus múscailte feasachta maidir le tionscnaimh de chuid an Aontais le haghaidh athsciliú agus uas-sciliú agus foghlaim leanúnach, cur chun feidhme agus cur i gcrích tionscnamh den sórt sin ar an láthair agus a nglacadh ag tairbhithe féideartha a chur chun cinn;

(e)

idirphlé a mhéadú leis na comhpháirtithe sóisialta, agus le grúpaí agus líonraí páirtithe leasmhara atá ann cheana, lena n-áirítear trí ardáin sheanbhunaithe ar líne ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus trí dheiseanna rannpháirtíochta páirtithe leasmhara atá nasctha leis an mBliain Eorpach a áirithiú;

(f)

dearadh straitéisí agus oiliúna maidir le scileanna náisiúnta, earnála agus cuideachta-shonracha a chur chun cinn, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta agus trí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta;

(g)

uirlisí faisnéise scileanna a chur chun feidhme agus a fhorbairt a thuilleadh, de réir mar is gá, agus a gcur i bhfeidhm á gcur chun cinn agus á scaipeadh ag an am céanna chun riachtanais scileanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a shainaithint, go háirithe riachtanais atá nasctha leis na haistrithe glasa agus digiteacha, leis na croí-earnálacha a bhfuil gá acu le téarnamh ó phaindéim COVID-19, leis an ngéarchéim fuinnimh agus le tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

(h)

cur chun feidhme agus leanúint de chur chun cinn uirlisí agus ionstraimí ar mhaithe le trédhearcacht mhéadaithe cáilíochtaí, lena n-áirítear cáilíochtaí arna ndámhachtain lasmuigh den Aontas, agus chun foghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú;

(i)

cláir, deiseanna cistiúcháin, tionscadail, gníomhaíochtaí agus líonraí atá ábhartha do pháirtithe leasmhara poiblí, príobháideacha agus neamhrialtasacha a chur chun cinn, a bhfuil baint acu le deiseanna athscilithe agus uas-scilithe, foghlaim agus gairmoideachas agus gairmoiliúint a cheapadh, a scaipeadh agus a chur chun feidhme.

2.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí eile a shainaithint a d’fhéadfadh cur le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus a cheadaíonn tagairtí do Bhliain Eorpach na Scileanna a úsáid i gcur chun cinn na ngníomhaíochtaí sin a mhéid a rannchuidíonn siad leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Féadfaidh institiúidí eile an Aontais agus na Ballstáit gníomhaíochtaí eile den sórt sin a shainaithint agus iad a mholadh don Choimisiún.

Airteagal 4

Comhordú ar an leibhéal náisiúnta

Is freagracht de chuid na mBallstát é rannpháirtíocht i mBliain Eorpach na Scileanna a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Chuige sin, ainmneoidh gach Ballstát comhordaitheoir náisiúnta nó comhlacht comhordaithe, i gcomhréir le himthosca agus cleachtais náisiúnta, a mbeidh inniúlacht aige i réimse na mbeartas saothair agus scileanna. Beidh an comhordaitheoir náisiúnta nó an comhlacht comhordaithe ina phointe teagmhála don chomhar ar leibhéal an Aontais agus déanfaidh sé comhordú, ar bhealach iomlánaíoch, ar ghníomhaíochtaí Bhliain Eorpach na Scileanna sna Ballstáit faoi seach, rud a chumasóidh rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha.

Airteagal 5

Comhordú ar leibhéal an Aontais

1.   Beidh cur chuige trasnaí ann maidir le comhordú Bhliain Eorpach na Scileanna ar leibhéal an Aontais d’fhonn sineirgí a chruthú idir cláir agus tionscnaimh éagsúla an Aontais i réimse na scileanna.

2.   Beidh an Coimisiún ag brath ar shaineolas agus ar chúnamh na nGníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais maidir le Bliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme, go háirithe an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, an tÚdarás Eorpach Saothair, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil.

3.   Tionólfaidh an Coimisiún cruinnithe de chomhordaitheoirí náisiúnta nó d’ionadaithe na gcomhlachtaí comhordúcháin chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3 a chomhordú. Feidhmeoidh na cruinnithe sin mar dheis malartaithe faisnéise maidir le cur chun feidhme Bhliain Eorpach na Scileanna ar an leibhéal an Aontais agus ar leibhéal náisiúnta. Féadfaidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin mar bhreathnóirí.

4.   Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil go dlúth leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le comhlachtaí margaidh saothair, le foghlaimeoirí, agus le hionadaithe ó eagraíochtaí nó ó chomhlachtaí atá gníomhach i réimse na scileanna, an oideachais, na hoiliúna agus na foghlama leanúnaí, chun cuidiú le Bliain Eorpach na Scileanna a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 6

Comhar ar an leibhéal idirnáisiúnta

Chun críche Bhliain Eorpach na Scileanna, comhoibreoidh an Coimisiún, i gcás inar gá, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla, go háirithe leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, chomh maith le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta eile, agus infheictheacht rannpháirtíocht an Aontais á háirithiú ag an am céanna.

Airteagal 7

Faireachán agus meastóireacht

Faoin 31 Bealtaine 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme, torthaí agus measúnú foriomlán na dtionscnamh dá bhforáiltear sa Chinneadh seo agus arna gcur chun feidhme sna Ballstáit agus ar fud an Aontas ina iomláine. Áireofar sa tuarascáil sin smaointe le haghaidh iarrachtaí coiteanna breise i réimse na scileanna chun leagáid fhadmharthanach Bhliain Eorpach na Scileanna a chruthú.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  IO C 100, 16.3.2023, lch. 123.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Aibreán 2023.

(3)  IO C 484, 24.12.2016, lch. 1.

(4)  IO C 67, 20.2.2016, lch. 1.

(5)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 110.

(6)  IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(7)  IO C 243, 27.6.2022, lch. 26.

(8)  IO C 243, 27.6.2022, lch. 10.

(9)  IO C 504, 14.12.2021, lch. 9.

(10)  IO L 80, 8.3.2021, lch. 1

(11)  IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.

(12)  Cinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais na Deacáide Digití 2030 (IO L 323, 19.12.2022, lch. 4).

(13)  Treoir (AE) 2021/1883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tír chun críche fostaíochta dár gá ardcháilíochtaí, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/50/CE ón gComhairle (IO L 382, 28.10.2021, lch. 1).

(14)  Treoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarma iad (IO L 16, 23.1.2004, lch. 44)

(15)  Treoir 2011/98/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh ceadúnas aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar de chearta comhchoiteanna d’oibreoirí tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil i mBallstát (IO L 343, 23.12.2011, lch. 1).

(16)  Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lch. 105).

(17)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(18)  IO C 243, 27.6.2022, lch. 35.

(19)  IO C 243, 27.6.2022, lch. 1.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/12


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/937 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2023

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le “Fosfáit déstáirse fhosfáitithe a tháirgtear ó stáirse cruithneachta” a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bhí an Coimisiún le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bhunú faoin 1 Eanáir 2018.

(2)

Bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (3).

(3)

Tá earráid sainaitheanta ag an gCoimisiún san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Tá gá le ceartú chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla na mBallstát, agus ar an gcaoi sin déanfar foráil maidir le cur chun feidhme cuí agus úsáid chuí liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(4)

D’údaraigh údarás inniúil na Ríochta Aontaithe an bia núíosach “Fosfáit déstáirse fhosfáitithe a tháirgtear ó stáirse cruithneachta” (stáirse cruithneachta fosfáitithe) faoi choinníollacha áirithe úsáide i mí na Bealtaine 2014 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Fágadh an bia núíosach ar lár i liosta an Aontais trí dhearmad nuair a bunaíodh an liosta tosaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí “Fosfáit déstáirse fhosfáitithe a tháirgtear ó stáirse cruithneachta” a chur le liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a cheartú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).


IARSCRÍBHINN

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(a)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir an iontráil a bhaineann le “Stáirse arbhair Indiaigh fosfáitithe” agus an iontráil a bhaineann le “Fosfáitidilséirín ó fhosfailipidí éisc”:

Stáirse cruithneachta fosfáitithe

Catagóir bhia shonraithe

Uasleibhéil

Is é ‘Stáirse cruithneachta fosfáitithe’ ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.”

 

Táirgí bácúis bácáilte

15  %

Pasta

Gránaigh bhricfeasta

Barraí gránaigh,

(b)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir an iontráil a bhaineann le “Stáirse arbhair Indiaigh fosfáitithe” agus an iontráil a bhaineann le “Fosfáitidilséirín ó fhosfailipidí éisc”:

Stáirse cruithneachta fosfáitithe

Tuairisc:

Stáirse frithsheasmhach atá modhnaithe go ceimiceach agus a dhíorthaítear ó stáirse cruithneachta trí chóireálacha ceimiceacha éagsúla chun trasnaisc fosfáite a chruthú laistigh de mhóilíní stáirse aonair agus eatarthu is ea fosfáit déstáirse fhosfáite a tháirgtear ó stáirse cruithneachta (stáirse cruithneachta fosfáitithe).

Is púdar saorshreafa bán nó beagnach bán é an comhábhar bia núíosach.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Uimh. CAS: 11120-02-8

Foirmle cheimiceach: (C6H10O5)n [(C6H9O5)2PO2H]x [(C6H9O5)PO3H2]y

n = an líon aonad glúcóis; x, y = céimeanna ionadaíochta

Paraiméadar

Foirm phúdrach 1

Foirm phúdrach 2

Fosfáit Déstáirse Fhosfáitithe (ar bhonn ábhar tirim)

≥ 85  %

≥ 75  %

Stáirse Cruithneachta Neamhmhodhnaithe (ar bhonn ábhar tirim)

≤ 15  %

≤ 25  %

Taisleach

9 –12  %

Iomlán na snáithíní cothaitheacha (ar bhonn ábhar tirim)

≥ 76,0  %

≥ 66,0  %

Luaith

≤ 3  %

Próitéin

≤ 0,5  %

Iomlán na saille

≤ 0,50  %

≤ 0,34  %

Fosfar cheangailte iarmharach

≤ 0,4  % (mar fhosfar)

pH (25 % sciodar)

4,5 — 6,5

Miotail throma:

Arsanaic: ≤ 1 mg/kg

Luaidhe: ≤ 2 mg/kg

Mearcair: ≤ 0,1 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh iomlán aeróbach inmharthana: ≤ 10 4 CFU/g

Áireamh iomlán an ghiosta agus an mhúscáin: ≤ 200 CFU/g

Escherichia coli: Diúltach sa tástáil

Salmonella spp.: Diúltach sa tástáil

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta”


11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/938 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2023

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Áirítear bithmhais giosta Yarrowia lipolytica mar bhia núíosach údaraithe i liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/760 ón gCoimisiún (3) údaraíodh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), seachas forbhianna do naíonán agus leanaí óga.

(5)

An 27 Iúil 2020 chuir an chuideachta Skotan S.A. (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, iarratas ar athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica. D’iarr an t-iarratasóir úsáid bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica a leathnú chun ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú, ar ionadaigh ar bhéilí iad atá beartaithe do dhaoine fásta, a chumhdach. D’iarr an t-iarratasóir freisin go n-athrófaí lipéadú ainmniú an bhia núíosaigh.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 21 Nollaig 2020, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a sholáthar maidir leis an athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh bithmhais giosta Yarrowia lipolytica.

(7)

An 1 Iúil 2022 ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch uaidh dar teideal “Safety of an extension of use of Yarrowia lipolytica yeast biomass as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica mar bhia núíosach i ndáil le leathnú úsáide ina leith de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]” (5) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an t-athrú atá beartaithe sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, agus dá bhrí sin is iomchuí coinníollacha úsáide bithmhaise giosta Yarrowia lipolytica a leasú.

(9)

I gcomhréir le coinníollacha úsáide ionadach ar bhéilí chun meáchan a rialú ina bhfuil bithmhais giosta Yarrowia lipolytica mar atá beartaithe ag an iarratasóir agus mar a ndearna an tÚdarás measúnú orthu, is gá tomhaltóirí a chur ar an eolas trí bhíthin lipéad iomchuí nár cheart ach do dhaoine os cionn 18 bliana d’aois ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú ina bhfuil bithmhais giosta Yarrowia lipolytica a thomhailt, agus nár cheart na hionadaigh sin a úsáid má thomhlaítear forbhianna arna mbreisiú le bithmhais giosta Yarrowia lipolytica an lá céanna.

(10)

Is leor an foras atá le fáil san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe a iarrtar ar choinníollacha úsáide agus ar lipéadú ainmniú (an téarma “maraithe le teas” a bhaint) an bhia núíosaigh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/760 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2019 lena n-údaraítear bithmhais giosta Yarrowia lipolytica a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 125, 14.5.2019, lch. 13).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(7):7450.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “bithmhais giosta Yarrowia lipolytica” i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

“Bithmhais giosta Yarrowia lipolytica

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Is é “bithmhais giosta Yarrowia lipolytica” ainmniú an bhia thraidisiúnta a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

2.

An lipéadú ar ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú ina bhfuil bithmhais giosta Yarrowia lipolytica, beidh ráiteas air nár cheart ach do dhaoine atá os cionn 18 mbliana d’aois úsáid a bhaint as na hionadaigh sin, agus nár cheart iad a úsáid má thomhlaítear forbhianna ina bhfuil bithmhais giosta Yarrowia lipolytica an lá céanna.”

 

 

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas forbhianna do naíonán agus leanaí óga

6 g/lá do leanaí atá 10 mbliana d’aois nó níos sine, d’ógánaigh agus do dhaoine fásta i gcoitinne

3 g/lá do leanaí idir 3 agus 9 mbliana d’aois

Ionadaigh ar bhéilí chun meáchan a rialú le haghaidh daoine fásta

3 g/béile (uasmhéid 2 bhéile/lá, suas le huasmhéid 6 g/lá)


11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/939 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2023

lena dtarraingítear siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach iopconasól i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(3) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014 ón gCoimisiún (2) rinneadh iopconasól a fhormheas mar shubstaint ghníomhach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaíodh é i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3).

(2)

Tar éis na sonraí deimhniúcháin maidir leis an riosca fadtéarmach d’éin a itheann gráin agus síolta a chur isteach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 1 i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014, rinne an Ballstát bunaidh is rapóirtéir, an Ríocht Aontaithe (4), meastóireacht ar na sonraí a ndearna na Ballstáit agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) athbhreithniú uirthi. Ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil ardriosca fadtéarmach ann d’éin maidir le húsáidí ionadaíocha iopconasóil (5).

(3)

An 9 Márta 2018 ghlac Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán tuairim (6) i gcomhréir le hAirteagal 37(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) inar tháinig sé ar an gconclúid go gcomhlíonann iopconasól na critéir chun go n-aicmeofaí é mar shubstaint thocsaineach de chatagóir 1B, i measc critéir eile.

(4)

Dá réir sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 ón gCoimisiún (8) leasaíodh Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus aicmíodh iopconasól mar shubstaint thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 1B.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 4(3), pointe (e)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ní féidir substaint ghníomhach a fhormheas ach amháin sa chás nach bhfuil éifeachtaí do-ghlactha ag táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint sin ar an gcomhshaol, go háirithe ar speicis nach spriocspeicis iad lena n-áirítear éin.

(6)

Faoi phointe 3.6.4. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ní fhormheasfar substaint ghníomhach ach amháin mura n-aicmítear í ná mura mbeidh sí le haicmiú i gcomhréir le forálacha Rialachán (EC) Uimh. 1272/2008 mar shubstaint thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 1B, mura mbeidh teagmháil an duine leis an tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí, faoi choinníollacha réalaíocha úsáide a bheartaítear, diomaibhseach.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir an Coimisiún na Ballstáit, an tÚdarás agus an t-iarratasóir ar an eolas gur mheas sé go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfar na critéir formheasa a leagtar síos in Airteagal 4(3), pointe (e)(ii) den Rialachán agus i bpointe 3.6.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ós rud é gur sainaithníodh riosca fadtéarmach d’éin agus go n-aicmítear iopconasól mar shubstaint thocsaineach le haghaidh an atáirgthe de chatagóir 1B. D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir barúlacha a chur isteach.

(8)

Sholáthair an t-iarratasóir barúlacha agus faisnéis bhreise a mheas agus a mheasúnaigh an Ballstát nua is rapóirtéir, an Bheilg.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an Údarás an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir a mheas, agus an measúnú a rinne an Ballstát nua is rapóirtéir á chur san áireamh, agus d’iarr sé air go sonrach na rioscaí a bhaineann le héin de bharr úsáidí ionadaíocha iopconasóil a mheas agus d’iarr sé air a mheas an bhféadfar na ceanglais maidir le teagmháil dhiomaibhseach le daoine (teagmháil chothaitheach agus neamhchothaitheach) a leagtar amach i bpointe 3.6.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a mheas a bheith comhlíonta.

(10)

An 1 Feabhra 2022, rinne an tÚdarás cumarsáid leis an gCoimisiún sa ráiteas uaidh (9) inar léirigh sé go bhfuil neamhchinnteachtaí ann maidir le teagmháil oibreoirí agus oibrithe le hiopconasól de bharr teorainneacha sna staidéir a cuireadh isteach, cé go bhfuil iarmhair iopconasóil i mbia faoi bhun an luacha réamhshocraithe de 0,01 mg/kg agus, dá bhrí sin, go bhfuil coinne leis go mbeidh an teagmháil chothaitheach le hiopconasóil diomaibhseach. Go háirithe, i gcás oibreoirí, níor áiríodh tomhais teagmhála le linn ghlanadh an trealaimh sa staidéar agus íoslaghdaíodh an teagmháil le linn chur isteach na síolta a cóireáladh le hiopconasól i málaí de bharr próiseas atá uathoibrithe go mór, rud a chuireann teorainn le hionadaíochas an staidéir, dá bhrí sin, nuair a mheastar na cleachtais a úsáidtear go coitianta maidir le cóireáil síolta ar fud an Aontas. Dá bhrí sin, ní raibh ach úsáid theoranta ag baint leis an staidéar. Thairis sin, maidir le hoibrithe, ní raibh ach luach teoranta ag baint leis an staidéar a soláthraíodh ós rud é nár áiríodh ann ach sonraí le haghaidh beirt oibrithe. Thairis sin, i gcás duine amháin de na hoibrithe sin, níorbh fhéidir an teagmháil a mheas a bheith diomaibhseach, fiú amháin agus úsáid trealaimh cosanta pearsanta á cur san áireamh.

(11)

Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil ardriosca fadtéarmach ann d’éin a bhaineann le húsáidí ionadaíocha iopconasóil, fiú amháin tar éis na mionchoigeartuithe iomchuí uile a chur san áireamh sa mheasúnú riosca.

(12)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an ráiteas ón Údarás agus maidir leis an togra uaidh an formheas ar iopconasól a tharraingt siar de bharr na n-ábhar imní a shainaithin an tÚdarás. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu.

(13)

Measann an Coimisiún nach gcomhlíonann iopconasól na critéir formheasa a thuilleadh a leagtar síos in Airteagal 4(3), pointe (e)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus i bpointe 3.6.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

(14)

Dá bhrí sin, is iomchuí an formheas ar iopconasól a tharraingt siar.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014 a aisghairm.

(16)

Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil iopconasól a tharraingt siar.

(17)

Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil iopconasól, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse chairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin a bheith chomh gearr agus is féidir agus gan bheith níos faide ná 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)

Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas nua a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach iopconasól a fhormheas de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(19)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An formheas a tharraingt siar

Tarraingítear siar an formheas ar an tsubstaint ghníomhach iopconasól.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 73 maidir le hiopconasól.

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Déanfaidh na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil iopconasól a tharraingt siar mar shubstaint ghníomhach faoin 31 Lúnasa 2023.

Airteagal 4

Tréimhse chairde

Aon tréimhse chairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 29 Feabhra 2024.

Airteagal 5

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 571/2014 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2014 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach iopconasól, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 157, 27.5.2014, lch. 96).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(4)  Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ainmníodh an Bheilg mar an Ballstát is rapóirtéir le haghaidh iopconasóil le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/155 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 686/2012 lena leithdháiltear an mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha ar na Ballstáit chun críocha an nós imeachta athnuachana (IO L 29, 1.2.2018, lch. 8).

(5)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2017. Technical report on the outcome of the consultation with Member States, the applicant and EFSA on the pesticide risk assessment for ipconazole in light of confirmatory data. [Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit, leis an iarratasóir agus le EFSA maidir leis an measúnú riosca lotnaidicídí ar iopconasól i bhfianaise na sonraí deimhniúcháin]. EFSA supporting publication [Foilseachán tacaíochta EFSA] 2017: EN-1260.; doi:10.2903/sp.efsa.2017.EN-1260.

(6)  Committee for Risk Assessment, Opinion proposing harmonised classification and labelling at EU level of ipconazole (ISO)[An Coiste um Measúnú Riosca, Tuairim lena moltar aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh le haghaidh iopconasóil]; (1RS,2SR,5RS;1RS,2SR,5SR)-2-(4-clóraibeinsil)-5-iseapróipil-1-(1H-1,2,4-trí-asól-1-ilmeitil)cioglaipeantánól [Uimh. CAS 125225-28-7 (na steiré-isiméirí uile); Uimhir CAS 115850-69-6 (meascáin raicéimeach cis-cis); Uimhir CAS 115937-89-8 (meascáin raicéimeach cis-tras)] Uimh. CE: - Uimhir CAS: - CLH-O-0000001412-86-198/F.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1182 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2020 lena leasaítear, chun í a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 261, 11.8.2020, lch. 2).

(9)  EFSA Panel (An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2022. Statement concerning the review of the approval of the active substance ipconazole. [Ráiteas maidir leis an athbhreithniú ar fhormheas na substainte gníomhaí iopconasól.] EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(8):7133. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7296.


CINNTÍ

11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/23


CINNEADH (AE) 2023/940 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Bealtaine 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 635(1) den Chomhaontú sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (1),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tugadh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/689.

(2)

Le Teideal VIII de Chuid III den Comhaontú Trádála agus Comhair, forlíontar forálacha, agus éascaítear cur i bhfeidhm idir na Ballstáit, de pháirt, agus an Ríocht Aontaithe, den pháirt eile, an Choinbhinsiúin Eorpaigh maidir le Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla, arna dhéanamh in Strasbourg an 20 Aibreán 1959, an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach ar Chúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh in Strasbourg an 17 Márta 1978, agus an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach maidir le Cúnamh Frithpháirteach, arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Samhain 2001.

(3)

Tá feidhm ag Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla agus Gníomh ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 ag bunú i gcomhréir le hAirteagal 34 den Chonradh ar an Aontas Eorpach an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach in Abhair Choiriúla idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (4) i gcomhréir leis na Conarthaí.

(4)

De bhun Airteagal 635(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, déanfaidh an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach trí iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin a ghlacadh. I gcomhréir le hAirteagal 635(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, i gcás ina nglacann an Coiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach cinneadh lena mbunaítear foirm chaighdeánach den sórt sin, tá iarrataí ar chúnamh frithpháirteach le déanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chaighdeánach sin.

(5)

Leis an bhfoirm chaighdeánach le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach, éascófar cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla sna Ballstáit, de pháirt, agus sa Ríocht Aontaithe, den pháirt eile, tríd an bhfaisnéis uile is gá a bheith in iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a léiriú.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach a bhunú.

(7)

Tá an Comhaontú Trádála agus Comhair ina cheangal ar na Ballstáit uile de bhua Chinneadh (AE) 2021/689, Cinneadh a bhfuil Airteagal 217 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina bhunús dlí substainteach aige.

(8)

Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar faoin gComhaontú Trádála agus Comhair a mhéid a bhaineann le foirm chaighdeánach a bhunú le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 2.

(2)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(3)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpachin ábhair choiriúla (IO L 130, 1.5.2014, lch. 1).

(4)  IO C 197, 12.7.2000, lch. 1.


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. ... ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 8(1)(r) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,

an ...

lena mbunaítear foirm chaighdeánach le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach (2023 (1)/...)

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS UM CHOMHAR BREITHIÚNACH,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 635(1) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Glactar leis seo Iarscríbhinn 50 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair lena mbunaítear foirm chaighdeánach le haghaidh iarrataí ar chúnamh frithpháirteach in ábhair choiriúla mar a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh an chéad lá den tríú mí tar éis dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, [ll/mm/bbbb]

Thar ceann an Choiste Speisialaithe um Fhorfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach

Na Comhchathaoirligh


(1)  De bhun Riail 9(2) d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, taifeadfaidh an Rúnaíocht aon chinneadh nó aon mholadh faoi shraithuimhir agus le tagairt don dáta a glacadh é.


Foscríbhinn

IARSCRÍBHINN 50 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair

IARRAIDH AR CHÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Na húdaráis inniúla a bhfuil feidhm ag an bhfoirm seo maidir leo faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, bainfidh siad úsáid aisti.

Ní mór an fhaisnéis a sholáthraítear a bheith ábhartha agus gan dul thar a bhfuil riachtanach chun an iarraidh seo a fhorghníomhú, i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha maidir le cosaint sonraí.

ROINN A

Tagairt an cháis: . …

An Stát Iarrthach: . …

An tÚdarás Iarrthach: …

An Stát Iarrtha: …

An tÚdarás Iarrtha (más eol sin): . …

ROINN B:   Práinn

Léirigh má tá aon phráinn ann toisc go bhfuil:

Fianaise á ceilt nó á scriosadh

Dáta na trialach i ngar

Duine faoi choimeád

Reacht na dtréimhsí ag dul in éag

Cúis éigin eile ann

Sonraigh anseo thíos:

Leagtar síos teorainneacha ama d’fhorghníomhú na hiarrata in Airteagal 640 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Má tá an iarraidh seo práinneach, áfach, agus/nó más gá go dtabharfar aird uirthi faoi dháta sonrach nó ar dháta sonrach, sonraigh é sin agus mínigh an chúis atá leis: …

ROINN C:   Rúndacht

Tá an iarraidh seo rúnda

Tabhair faisnéis bhreise i gcás inarb ábhartha: …

ROINN D:   Gaol le haon iarraidh ar chúnamh a rinneadh roimhe seo nó ag an am céanna leis an iarraidh seo

Sainaithin aon ghníomhaíocht a rinneadh sna himeachtaí seo nó in imeachtaí gaolmhara chun an fhianaise seo a lorg ar bhealaí eile, i gcás inarb infheidhme. Léirigh an bhforlíonann an iarraidh seo ar chúnamh frithpháirteach iarraidh nó iarrataí ar chúnamh a cuireadh faoi bhráid an Stáit Iarrtha nó Stát eile, más ábhartha, roimhe seo nó ag an am céanna leis an iarraidh seo.

☐   Rannpháirtíocht le húdaráis forfheidhmithe dlí, ionchúisitheoir nó údaráis eile roimhe seo

Tabhair sonraí maidir le haon teagmháil a rinne an Stát Iarrthach roimhe seo, agus cuir san áireamh ainm an Stáit, an t-údarás lena ndearnadh teagmháil, sonraí teagmhála ábhartha, agus uimhreacha tagartha na gcásanna: …

☐   Iarraidh ghaolmhar ar chúnamh frithpháirteach nó ar Ordú Imscrúdaithe Eorpach a rinneadh roimhe seo nó a rinneadh ag an am céanna leis an iarraidh seo

Tabhair faisnéis ábhartha chun na hiarrataí eile a shainaithint, agus cuir san áireamh ainm an Stáit, an t-údarás ar tarchuireadh chuige í, dáta na hiarrata, agus na huimhreacha tagartha a thug na húdaráis iarrthacha agus iarrtha: …

☐   Eile

Más ábhartha, tabhair faisnéis a bhaineann leis an iarraidh eile seo ar chúnamh: …

ROINN E:   Forais maidir le hiarraidh

1.   Aicmiú an chiona/na gcionta

Chun a áirithiú go gcuirfear an iarraidh seo chuig an gcomhlacht iomchuí, cad é cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona/na gcionta a ndéantar an iarraidh ina leith: …

Tabhair an pionós uasta, reacht na dtréimhsí agus más infheidhme, téacs na forála reachtúla/an chóid reachtúil, agus cuir san áireamh forálacha ábhartha maidir leis na pionóis:

2.   Achoimre ar na fíorais

Tuairisc ar an iompar as a n-éiríonn an cion/na cionta a bhfuil cúnamh á lorg ina leith agus achoimre ar na fíorais bhunúsacha: …

Chun doiciméid nós imeachta agus cinntí breithiúnacha a sheirbheáil, tabhair achoimre ghearr ar an doiciméad/na doiciméid agus/nó ar an gcinneadh/na cinntí atá le seirbheáil, mura bhfuil sé/siad ar fáil i dteanga an Stáit iarrtha: …

I gcás iarrataí eile, tabhair tuairisc ar an gcaoi ar féidir leis an bhfianaise/beart atá á lorg cuidiú le himscrúdú a dhéanamh ar an gcion/na cionta agus é/iad a ionchúiseamh: …

Céim den imscrúdú/de na himeachtaí:

imscrúdú

ionchúiseamh

triail

eile, sonraigh: …

Tuairisc ar na rioscaí a bhaineann leis an bhfianaise seo a fháil, más infheidhme: …

Aon fhaisnéis eile a mheasann an Stát iarrthach a bheith úsáideach don údarás forghníomhaitheach chun an iarraidh ar chúnamh a fhorghníomhú, más infheidhme: …

3.   An Cion Tiomána dá dtagraítear in Airteagal 640(6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair é an cion seo:

Is ea

Ní hea

4.   Cineál na n imeachtaí a n eisítear an iarraidh ina leith:

imeachtaí i ndáil le cionta a dtagann na pionós ina leith faoi dhlínse údaráis bhreithiúnacha an Stáit iarrthaigh, tráth a dhéantar an iarraidh ar chúnamh

imeachtaí a thionscnaíonn údaráis riaracháin i ndáil le gníomhartha atá inphionóis faoi dhlí náisiúnta an Stáit iarrthaigh nó iarrtha de bhua gur sáruithe ar rialacha dlí iad, i gcás ina bhféadfaidh an cinneadh a bheith ina chúis le himeachtaí os comhair cúirte a bhfuil dlínse aici, go háirithe, in ábhair choiriúla.

ROINN F:   Céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh lena mbaineann

Ná tabhair ach faisnéis atá ábhartha agus nach dtéann thar a bhfuil riachtanach le haghaidh na hiarrata seo. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach aon duine.

1.

Sonraigh an fhaisnéis ar fad, a mhéid agus is eol sin, maidir le céannacht an duine/na daoine a mbeidh baint ag an mbeart leis/leo:

(i)

I gcás duine/daoine nádúrtha

Ainm: …

Céadainm/céadainmneacha: …

Ainm/ainmneacha ábhartha eile, más infheidhme: …

Ailiasanna, más infheidhme: …

Gnéas: …

Náisiúntacht: …

Uimhir aitheantais nó uimhir slándála sóisialta: …

Cineál agus uimhir an doiciméid/na ndoiciméad aitheantais (cárta aitheantais, pas), má tá sé/siad ar fáil:

Dáta breithe: …

Áit bhreithe: …

Áit chónaithe agus/nó an seoladh atá ar eolas; mura bhfuil an seoladh ar eolas, sonraigh an seoladh deiridh atá ar eolas:

Ionad oibre (sonraí teagmhála san áireamh): …

Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …

Teanga/teangacha a thuigeann an duine: …

Tabhair tuairisc ar an seasamh atá ag an duine lena mbaineann sna himeachtaí faoi láthair:

Duine atá faoi amhras nó duine atá cúisithe

Íospartach

Finné

Saineolaí

Tríú Páirtí

Eile (Sonraigh): …

(ii)

I gcás duine dlítheanach/daoine dlítheanacha

Ainm: …

Foirm an duine dhlítheanaigh: …

Ainm giorraithe, ainm a úsáidtear go coitianta nó ainm trádála, más infheidhme:

Oifig chláraithe: …

Cláruimhir: …

Seoladh an duine dhlítheanaigh: …

Sonraí teagmhála eile (ríomhphost, uimhir ghutháin): …

Ainm ionadaí an duine dhlítheanaigh: …

Tabhair tuairisc ar an seasamh atá ag an duine lena mbaineann sna himeachtaí faoi láthair:

Duine atá faoi amhras nó duine atá cúisithe

Íospartach

Finné

Saineolaí

Tríú Páirtí

Eile (Sonraigh): …

2.

Aon fhaisnéis ábhartha eile:

ROINN G:   Beart is gá

1.

Sonraigh an beart is gá:

Cuardach agus urghabháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H1 a líonadh isteach)

Doiciméid agus/nó taifid ghnó a sholáthar

Ábhair bhainc nó faisnéis ó institiúidí airgeadais eile a sholáthar (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H2 a líonadh isteach)

Doiciméid nós imeachta agus cinntí breithiúnacha a sheirbheáil le cúnamh ón Stát iarrtha

Faisnéis nó fianaise a fháil atá i seilbh an Stáit iarrtha cheana féin

Faisnéis a fháil ó bhunachair sonraí atá i seilbh na bpóilíní nó údaráis bhreithiúnacha eile

Ráitis agus Éisteachtaí (Má chuirtear tic leis, ní mór Roinn F (Céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh lena mbaineann) agus Roinn I (Foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta a iarradh chun an iarraidh a fhorghníomhú) a líonadh isteach):

finné

saineolaí

duine atá faoi amhras nó duine atá cúisithe

íospartach

tríú páirtí

Éisteacht trí fhíschomhdháil, comhdháil ghutháin nó tarchur closamhairc eile. (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H4 a líonadh isteach):

finné

saineolaí

duine atá faoi amhras nó duine atá cúisithe

íospartach

tríú páirtí

Sonraí suibscríobhaí/eintitis a fháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H3 a líonadh isteach)

Sonraí tráchta/teagmhas (suíomh san áireamh) a fháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H3 a líonadh isteach)

Sonraí ábhair a fháil (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H3 a líonadh isteach)

Beart imscrúdaitheach a thabharfaidh bailiú fianaise i bhfíor-am, ar bhonn leanúnach agus thar thréimhse áirithe ama le tuiscint:

faireachán ar oibríochtaí baincéireachta nó oibríochtaí airgeadais eile

seachadtaí rialaithe

eile (Má tá, sonraigh le do thoil): …

Beart(a) sealadach(a) chun fianaise a chaomhnú, cás reatha a choinneáil ar bun nó leasanna dlíthiúla atá i mbaol a chosaint (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H5 a líonadh isteach)

Aistriú sealadach duine faoi choimeád go dtí an Stát iarrthach (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H6 a líonadh isteach)

Aistriú sealadach duine faoi choimeád go dtí an Stát iarrtha (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H6 a líonadh isteach)

Imscrúdú rúnda (Má chuirtear tic leis, ní mór roinn H7 a líonadh isteach)

Eile (sonraigh): …

2.

Tabhair tuairisc ar an gcúnamh is gá, agus, más eol, ar na háiteanna a bhfuil an fhianaise/na háiteanna a meastar an fhianaise a bheith iontu agus aon fhaisnéis eile is gá chun an beart seo a dhéanamh. Chun a iarraidh go mbreathnófar ar aon fhoirmiúlacht nó nós imeachta, féach roinn I: …

ROINN H:   Ceanglais bhreise le haghaidh bearta áirithe

Líon isteach na ranna atá ábhartha don bheart imscrúdaitheach a iarradh:

ROINN H1:   Cuardach agus urghabháil

Duine nádúrtha nó duine dlítheanach a mbaineann an cuardach leis. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair na sonraí maidir le gach aon duine:

Áitreabh atá le cuardach. Tabhair sonraí an naisc idir an duine agus an áitreabh. Má tá níos mó ná duine amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach aon duine: …

Cad í an fhianaise atá á lorg? Sainaithin san oiread mionsonraí agus is féidir an t-ábhar a bhfuil tú ag iarraidh a chuardach: …

Cén fáth a measann tú gur dócha go n-aimseofar an fhianaise san áit thuasluaite agus go mbeidh sí ábhartha agus luach substaintiúil léi don imscrúdú: …

An bhfuil aon riosca go n-aimseofar ábhar atá faoi phribhléid? Má tá, tabhair sonraí:

An gá aon oifigeach ón Stát iarrthach a bheith i láthair ag an gcuardach? (Más gá, tabhair na sonraí i roinn I):

Is ea

Ní hea

Aon fhaisnéis maidir le himscrúduithe i stáit eile a mbeadh tionchar aici ar an iarraidh seo ar chuardach agus urghabháil: …

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann leis an gcuardach agus an urghabháil:

ROINN H2:   Faisnéis maidir le cuntais bhainc nó cuntais airgeadais eile a sholáthar

Má tá níos mó ná cuntas amháin i gceist, tabhair an fhaisnéis maidir le gach cuntas.

Sonraigh an fhaisnéis atá á lorg:

Faisnéis maidir le cuntais bhainc atá ag an duine nó a bhfuil cumhacht aturnae aige ina leith

Faisnéis maidir le cuntais airgeadais eile atá ag an duine nó a bhfuil cumhacht aturnae aige ina leith

Faisnéis maidir le hoibríochtaí baincéireachta:

Ráitis bhainc

Doiciméadacht maidir le hoscailt cuntais

Cumhacht aturnae nó ainm breise ar an gcuntas

Eile (Má tá,sonraigh, le do thoil): …

Faisnéis maidir le hoibríochtaí airgeadais eile:

Ráitis chuntais

Doiciméadacht maidir le hoscailt cuntais

Cumhacht aturnae nó ainm breise ar an gcuntas

Eile (Má tá, sonraigh, le do thoil): …

Má tá sé ar fáil, tabhair:

 

Ainm shealbhóir an chuntais: …

 

Ainm an bhainc/na hinstitiúide airgeadais: …

 

IBAN nó Uimhir Chuntais agus Cód Sóirt: …

 

Scála ama na n-idirbheart: …

Eile (Má tá, sonraigh, le do thoil): …

Tabhair tuilleadh réasúnaithe ar cén fáth ar dócha go mbeidh an fhianaise seo ábhartha agus go mbeidh luach substaintiúil léi don imscrúdú, agus cuir san áireamh an nasc idir an cuntas agus an chóir a rinneadh: …

Más gá, tabhair aon fhaisnéis eile ar dócha go mbeidh sí ag teastáil chun an iarraidh seo a fhorghníomhú: …

ROINN H3:   Sonraí suibscríobhaí, tráchta, suímh agus ábhair

An cineál sonraí a iarrtar:

Sonraí suibscríobhaí/eintitis (síntiúis le huimhir ghutháin nó seoladh prótacail idirlín mar shampla), sonraigh: …

Sonraí tráchta/teagmhas, sonraigh: …

Sonraí suímh, sonraigh: …

Sonraí ábhair (mar shampla dumpa gréasáin/bosca ríomhphoist nó loga teachtaireachtaí, gabháil scáileáin), sonraigh: …

Eile, sonraigh: …

Tá an t-eolas seo a leanas ag teastáil le haghaidh gach iarrata ar shonraí suibscríobhaí, tráchta nó suímh, agus ábhair:

Dáta (LL/MM/BBBB): …

Stampa ama (uu:nn:ss): …

Amchrios: …

Tabhair tuilleadh sonraí chun cuidiú na sonraí a iarrtar a shainaithint:

Seoladh IP (agus uimhir phóirt, más infheidhme): …

Uimhir nó uimhreacha gutháin: …

Uimhir nó uimhreacha IMEI: …

Eile (Sonraigh le do thoil): …

ROINN H4:   Físchomhdháil nó comhdháil ghutháin nó tarchur closamhairc eile

Má iarrtar éisteacht trí fhíschomhdháil, comhdháil ghutháin nó tarchur closamhairc eile:

 

Léirigh ainm an údaráis a dhéanfaidh an éisteacht (cuir ainm an duine a dhéanfaidh an éisteacht/a shonraí teagmhála/teanga na héisteachta san áireamh, i gcas ina bhfuil fáil orthu): …

 

Dáta nó dátaí atá beartaithe (LL/MM/BBBB): …

 

Am tosaithe na comhdhála (uu:nn:ss): …

 

Amchrios: …

 

An fad a mhairfidh an éisteacht, nó geall leis: …

 

Sonraí teicniúla:

 

Ainm an suímh: …

 

Córais chumarsáide: …

 

Sonraí teagmhála an teicneora (teanga): …

 

Dáta agus am na réamhthástála: …

 

Sonraí teagmhála an oibreora réamhthástála, más eol iad: …

 

Socruithe teanga agus ateangaireachta: …

 

Aon cheanglas eile (Sonraigh, más ann dóibh, le do thoil): …

Baineann an iarraidh seo le duine atá cúisithe nó duine atá faoi amhras agus is éard atá san éisteacht triail an duine sin, nó cuid di

An chúis nó na cúiseanna nach inmhianaithe nó nach féidir don fhinné nó don saineolaí a bheith i láthair i bpearsa:

Sonraigh ar thoiligh an duine atá faoi amhras nó an duine atá cúisithe:

Thoiligh

Níor thoiligh

Iarraim go lorgaítear toil an duine sula leanfar ar aghaidh leis an iarraidh seo

ROINN H5:   Bearta sealadacha

Má iarrtar beart sealadach chun fianaise a chaomhnú, cás reatha a choinneáil ar bun nó leasanna dlíthiúla atá i mbaol a chosaint, léirigh an bhfuil:

an ítim le haistriú go dtí an Stát iarrthach

an ítim le fanacht sa Stát iarrtha; léirigh dáta measta le haghaidh:

 

deireadh a chur leis an mbeart sealadach: …

 

iarraidh ina dhiaidh sin a thíolacadh maidir leis an ítim: …

ROINN H6:   Aistriú duine faoi choimeád

(1)

Má iarrtar aistriú sealadach duine faoi choimeád chuig an Stát iarrthach chun críoch an imscrúdaithe seo, sonraigh ar thoiligh an duine leis an mbeart sin:

☐ Ní hea ☐ Iarraim go lorgaítear toil an duine ☐ Is ea

(2)

Má iarrtar aistriú sealadach duine faoi choimeád chuig an Stát iarrtha chun críoch an imscrúdaithe seo, sonraigh ar thoiligh an duine leis an mbeart sin:

☐ Is ea ☐ Ní hea

Más gá, tabhair aon fhaisnéis bhreise: …

ROINN H7:   Imscrúduithe rúnda

Léirigh ná cúiseanna a measann tú go bhfuil an beart imscrúdaitheach rúnda ábhartha chun críoch na n-imeachtaí coiriúla:

Tabhair an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

Faisnéis chun ábhar an imscrúdaithe rúnda a shainaithint: …

(b)

Dáta tosaigh agus fad inmhianaithe an bhirt rúnda: …

(c)

Sonraí maidir le feithiclí/seoladh an bhirt rúnda: …

(d)

Más gá, tabhair aon fhaisnéis bhreise atá ábhartha maidir le forghníomhú na hiarrata seo:

ROINN I:   Foirmiúlachtaí agus nósanna imeachta a iarrtar chun an iarraidh a fhorghníomhú

1.

Cuir tic leis agus líon isteach, más infheidhme

Iarrtar go gcomhlíonfaidh údarás ábhartha/inniúil an Stáit iarrtha na foirmiúlachtaí agus na nósanna imeachta seo a leanas (aon cheart/rabhadh/foláireamh is gá a chur in iúl don duine san áireamh): …

2.

Cuir tic leis agus líon isteach, más infheidhme

Iarrtar go mbeidh oifigeach amháin nó roinnt oifigeach de chuid an Stáit iarrthaigh i láthair le linn fhorghníomhú na hiarrata chun tacú le húdaráis inniúla an Stáit iarrtha.

Ainm, post agus sonraí teagmhála na n-oifigeach:

Teangacha a fhéadfar a úsáid le haghaidh cumarsáide, murab ionann iad agus an teanga a luaitear i roinn J:…

Nádúr an chúnaimh atá le soláthar ag oifigeach/oifigigh an Stáit iarrthaigh, agus/nó aon sonraí ábhartha breise:

3.

Tarchuir slán faisnéise agus/nó fianaise

Sonraigh bealach tarchuir leictreonaigh slán, má ghlactar le tarchur leictreonach:

Mura nglactar le tarchur leictreonach nó mura mbeadh sé iomchuí sa chás seo, cuir in iúl an modh tarchuir a iarrtar:…

ROINN J:   Sonraí an údaráis a d’eisigh an iarraidh

1.

Ainm an údaráis a d’eisigh an iarraidh:…

Ainm an ionadaí/an phointe teagmhála:…

Seoladh:…

Uimhir ghutháin: (an cód tíre) (an cód ceantair/cathrach)…

Ríomhphost:…

2.

Murab ionann é agus a bhfuil luaite thuas, ainm an údaráis a bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh aige:

Ainm agus teideal an oifigigh a bhfuil imscrúdú coiriúil á dhéanamh aige: …

Seoladh: …

Uimhir ghutháin: (an cód tíre) (an cód ceantair/cathrach) …

Ríomhphost: …

3.

Na teangacha inar féidir cumarsáid a dhéanamh leis an údarás iarrthach:

4.

Murab ionann iad agus a bhfuil thuas, sonraí teagmhála an duine/na ndaoine lenar féidir teagmháil a dhéanamh chun tuilleadh faisnéise a fháil nó socruithe praiticiúla a dhéanamh maidir le haistriú fianaise:

Ainm/Teideal/Eagraíocht: …

Seoladh: …

Ríomhphost: …

Uimhir theagmhála: …

ROINN K:   Síniú

Tríd an bhfoirm seo a shíniú, deimhním:

go bhfuil ábhar na hiarrata a leagtar amach san fhoirm seo cruinn agus ceart,

gur údarás inniúil a d’eisigh an iarraidh seo,

go bhfuil eisiúint na hiarrata seo riachtanach chun críoch na n-imeachtaí, agus

go bhféadfaí na bearta imscrúdaitheacha a iarrtar a ordú faoi na coinníollacha céanna i gcás intíre comhchosúil, agus i gcás inarb infheidhme go bhfuarthas an t-údarú is gá.

Síniú an údaráis iarrthaigh agus/nó a ionadaí:

 

Ainm: …

 

Post: …

 

Dáta: …

 

Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil):

 

Liosta iatán (más infheidhme): …


11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/37


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/941 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Bealtaine 2023

maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó le codanna de na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh.

(2)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún (3), iarrann an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425.

(3)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, dhréachtaigh CEN roinnt caighdeán nua agus rinne sé athbhreithniú ar roinnt caighdeán comhchuibhithe a bhí ann cheana.

(4)

Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN 13138-1:2021 maidir le ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála i gcomhair áiseanna snámhacha le haghaidh treoracha snámha, arna cheartú le EN 13138-1:2021/AC:2022, EN 17520:2021 maidir le ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála le haghaidh láinnéir cheangail phearsanta, agus EN ISO 16321-2:2021 maidir le ceanglais bhreise i ndáil le cosaint súl agus aghaidhe a úsáidtear le linn táthaithe agus teicnící gaolmhara chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425.

(5)

Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 166:2001, EN 169:2002, EN 170:2002, EN 171:2002, EN 172:1994 arna leasú le EN 172:1994/A1:2000 agus EN 172:1994/A2:2001, EN 174:2001, EN 379:2003+A1:2009, EN 1731:2006 agus EN ISO 20345:2011. Is é an toradh a bhí ar an athbhreithniú sin gur glacadh caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 16321-1:2022 i ndáil le ceanglais ghinearálta maidir le cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde, EN ISO 16321-3:2022 maidir le ceanglais bhreise le haghaidh cosaintí mogalra súl agus aghaidhe, EN ISO 18527-1:2022 maidir le ceanglais le haghaidh gloiní cosanta sciála le fána agus clársciála agus EN ISO 20345:2022 maidir le coisbheart sábháilteachta.

(6)

Na caighdeáin chomhchuibhithe a rinne CEN a dhréachtú agus a athbhreithniú, rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN chun féachaint cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na caighdeáin sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924.

(7)

Na caighdeáin chomhchuibhithe EN 13138-1:2021, arna gceartú le EN 1318-1:2021/AC:2022, EN ISO 16321-1:2022, EN ISO 16321-2:2021, EN ISO 16321-3:2022, EN 17520:2021, EN ISO 18527-1:2022 agus EN ISO 20345:2022, comhlíonann siad na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/425. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Tagraíonn caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 16321-2:2021 agus EN ISO 16321-3:2022 do chaighdeán tagartha normatach EN ISO 16321-1:2020, caighdeán a bhfuil a dháta mícheart. Dá bhrí sin, ba cheart na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Is gá na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 166:2001, EN 169:2002, EN 170:2002, EN 172:1994 arna leasú le EN 172:1994/A1:2000, agus EN 172:1994/A2:2001, EN 174:2001, EN 379:2003+A1:2009, EN 1731:2006 agus EN ISO 20345:2011 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin sin.

(10)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, leagtar amach iad faoi láthair i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún (4) agus i dTeachtaireacht 2018/C 209/03 ón gCoimisiún (5).

(11)

Rinneadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a leasú go substaintiúil roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, agus ós rud é gur gá leasú breise a dhéanamh ar an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin a ionadú.

(12)

Tarraingíodh siar go leor de na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh i dTeachtaireacht 2018/C 209/03 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, déantar foráil maidir le tarraingt siar na dtagairtí atá fágtha do na caighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh leis an Teachtaireacht sin. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, ba cheart Teachtaireacht 2018/C 209/03 a aisghairm. Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do na leaganacha athbhreithnithe de na caighdeáin lena mbaineann, ba cheart go leanfadh Teachtaireacht 2018/C 209/03 d’fheidhm a bheith aici go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann a foilsíodh leis an Teachtaireacht sin.

(13)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh cosanta pearsanta, caighdeáin ar chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 a dréachtaíodh iad, arb in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo a liostaítear iad, déantar na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú leis seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668.

Airteagal 3

Aisghairtear Teachtaireacht 2018/C 209/03.

Beidh feidhm aici go fóill, áfach, i leith na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Bealtaine 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 156, 19.5.2020, lch. 13).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún 2018/C 209/03 faoi chuimsiú chur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh cosanta pearsanta, agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO C 209, 15.6.2018, lch. 17).


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

1.

EN 136:1998

Feistí cosanta riospráide - Maisc aghaidhe iomláine - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 136:1998/AC:2003

2.

EN 137:2006

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte féinchuimsitheach ag a bhfuil masc aghaidhe iomláine - Ceanglais, tástáil, marcáil

3.

EN 140:1998

Feistí cosanta riospráide - Maisc leathaghaidhe agus maisc cheathrú-aghaidhe - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 140:1998/AC:1999

4.

EN 142:2002

Feistí cosanta riospráide - Cóimeálacha béalóige - Ceanglais, tástáil, marcáil

5.

EN 143:2021

Feistí cosanta riospráide - Scagairí cáithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

6.

EN 144-1:2000

Feistí cosanta riospráide - Comhlaí sorcóra gáis - Cuid 1: Naisc snáithe le haghaidh nascóir ionsáiteáin

EN 144-1:2000/A1:2003

EN 144-1:2000/A2:2005

7.

EN 144-2:1998

Feistí cosanta riospráide - Comhlaí sorcóra gáis - Cuid 2: Naisc asraoin

8.

EN 144-3:2003

Feistí cosanta riospráide - Comhlaí sorcóra gáis - Cuid 3: Naisc asraoin le haghaidh gáis tumadóireachta Nitrox agus ocsaigin

EN 144-3:2003/AC:2003

9.

EN 145:1997

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe ciorcaid iata féinchuimsitheach den chineál ocsaigine comhbhrúite nó ocsaigine-nítrigine comhbhrúite - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 145:1997/A1:2000

10.

EN 148-1:1999

Feistí cosanta riospráide - Snáitheanna le haghaidh análaitheoirí - Cuid 1: Nasc snáithe caighdeánach

11.

EN 148-2:1999

Feistí cosanta riospráide - Snáitheanna le haghaidh análaitheoirí - Cuid 2: Nasc snáithe lárnach

12.

EN 148-3:1999

Feistí cosanta riospráide - Snáitheanna le haghaidh análaitheoirí - Cuid 3: Nasc snáithe M 45 x 3

13.

EN 149:2001+A1:2009

Feistí cosanta riospráide - Maisc leathaghaidhe scagtha chun cosaint ar cháithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

14.

EN 175:1997

Cosaint phearsanta - Trealamh le haghaidh cosaint súl agus aghaidhe le linn táthaithe agus próisis ghaolmhara

15.

EN 207:2017

Trealamh cosanta súl pearsanta - Scagairí agus cosantóirí súl in aghaidh radaíocht léasair (cosantóirí súl léasair)

16.

EN 208:2009

Cosaint súl phearsanta - Cosantóirí súl a úsáidtear chun léasair agus córais léasair a choigeartú (cosantóirí súl coigeartaithe léasair)

17.

EN 250:2014

Trealamh riospráide - Gaireas tumadóireachta aeir chomhbhrúite féinchuimsitheach ciorcaid oscailte - Ceanglais, tástáil, marcáil

18.

EN 342:2017

Éadaí cosanta - Ensembles agus baill éadaigh le haghaidh cosaint ar an bhfuacht

19.

EN 343:2019

Éadaí cosanta - Cosaint ar an mbáisteach

20.

EN 352-1:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 1: Cosaintí cluas

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

21.

EN 352-2:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 2: Plugaí cluaise

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

22.

EN 352-3:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 3: Cosaintí cluas agus iad ceangailte d’fheistí cosanta cloiginn agus/nó d’fheistí cosanta aghaidhe

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

23.

EN 352-4:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 4: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime

24.

EN 352-5:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 5: Cosaintí cluas um laghdú gníomhach torann

25.

EN 352-6:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 6: Cosaintí cluas maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht

26.

EN 352-7:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 7: Plugaí cluaise a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime

27.

EN 352-8:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 8: Cosaintí cluas siamsaíochta

28.

EN 352-9:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 9: Plugaí cluaise maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht

29.

EN 352-10:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 10: Plugaí cluaise ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta

30.

EN 353-1:2014+A1:2017

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim - Coscairí titime de chineál treoraithe ina n-áirítear téad ancaire - Cuid 1: Coscairí titime de chineál treoraithe ina n-áirítear téad ancaire dhocht

31.

EN 353-2:2002

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde - Cuid 2: Coscairí titime de chineál treoraithe ina n-áirítear téad ancaire sholúbtha

32.

EN 354:2010

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim - Láinnéir

33.

EN 355:2002

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde - Ionsúirí fuinnimh

34.

EN 358:2018

Trealamh cosanta pearsanta le haghaidh suigh ag an obair agus lena ndéantar titim anuas ó airde a chosc - Criosanna agus láinnéir le haghaidh suigh ag an obair nó srianadh

35.

EN 360:2002

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde - Coscairí titime den chineál in-aistarraingthe

36.

EN 361:2002

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde - Úmacha iomlán an choirp

37.

EN 362:2004

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde - Nascóirí

38.

EN 365:2004

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde - Ceanglais ghinearálta maidir le treoracha i ndáil le húsáid, coinneáil ar bun, scrúdú tréimhsiúil, deisiú, marcáil agus pacáistiú

EN 365:2004/AC:2006

39.

EN ISO 374-1:2016

Lámhainní cosanta ar cheimiceáin chontúirteacha agus ar mhiocrorgánaigh - Cuid 1: Ceanglais téarmaíochta agus feidhmíochta maidir le rioscaí ceimiceacha (ISO 374-1:2016)

40.

EN ISO 374-5:2016

Lámhainní cosanta ar cheimiceáin chontúirteacha agus ar mhiocrorgánaigh - Cuid 5: Ceanglais téarmaíochta agus feidhmíochta maidir le rioscaí i ndáil le miocrorgánaigh (ISO 374-5:2016)

41.

EN 388:2016+A1:2018

Lámhainní cosanta ar rioscaí meicniúla

42.

EN 397:2012+A1:2012

Clogaid sábháilteachta thionsclaíocha

43.

EN 402:2003

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte féinchuimsitheach éilimh ag a bhfuil masc aghaidhe iomláine nó cóimeáil bhéalóige le haghaidh éalú - Ceanglais, tástáil, marcáil

44.

EN 403:2004

Feistí cosanta riospráide le haghaidh féintarrthála - Feistí scagtha ag a bhfuil cochall chun éalú ó dhóiteán - Ceanglais, tástáil, marcáil

45.

EN 404:2005

Feistí cosanta riospráide le haghaidh féintarrthála - Scagaire féintarrthála ó aonocsaíd charbóin ag a bhfuil cóimeáil bhéalóige

46.

EN 405:2001+A1:2009

Feistí cosanta riospráide - Maisc leathaghaidhe scagtha a bhfuil comhla orthu chun cosaint ar gháis nó ar gháis agus cáithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

47.

EN 407:2004

Lámhainní cosanta ar rioscaí teirmeacha (idir rioscaí teasa agus/nó rioscaí dóiteáin)

48.

EN 420:2003+A1:2009

Lámhainní cosanta - Ceanglais ghinearálta agus modhanna tástála

49.

EN 421:2010

Lámhainní cosanta ar radaíocht ianúcháin agus éilliú radaighníomhach

50.

EN 443:2008

Clogaid le haghaidh comhrac dóiteáin i bhfoirgnimh agus i struchtúir eile

51.

EN 469:2020

Éadaí cosanta le haghaidh comhraiceoirí dóiteáin - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta le haghaidh gníomhaíochtaí comhraic dóiteáin

52.

EN 510:2019

Sonraíocht le haghaidh éadaí cosanta lena n-úsáid i gcás ina bhfuil riosca ann go dtarraingeofaí duine isteach i bpáirteanna gluaisteacha

53.

EN 511:2006

Lámhainní cosanta ar an bhfuacht

54.

EN 564:2014

Trealamh sléibhteoireachta - Corda cúnta - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

55.

EN 565:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Téip - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

56.

EN 566:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Lúba téipe - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

57.

EN 567:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Clampaí téide - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

58.

EN 568:2015

Trealamh sléibhteoireachta - Ancairí oighir - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

59.

EN 569:2007

Trealamh sléibhteoireachta - Piotóin - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

60.

EN 659:2003+A1:2008

Lámhainní cosanta le haghaidh comhraiceoirí dóiteán

EN 659:2003+A1:2008/AC:2009

61.

EN 795:2012

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim - Gairis ancaire

Rabhadh: Ní bhaineann an foilseachán seo leis an trealamh a dtugtar tuairisc air sna clásail seo a leanas:

cineál A (feistí ancaire ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na pointí ancaire seasta agus an gá atá le hancairí struchtúracha nó eilimintí suí chun an struchtúr a shuí) dá dtagraítear i gclásail 3.2.1, 4.4.1, 5.3;

cineál C (feistí ancaire ina n-úsáidtear línte ancaire solúbtha cothrománacha) dá dtagraítear i gclásail 3.2.3, 4.4.3 agus 5.5;

cineál D (feistí ancaire ina n-úsáidtear línte ancaire dochta cothrománacha) dá dtagraítear i gclásail 3.2.4, 4.4.4 agus 5.6;

aon teaglaim díobh sin thuasluaite. Maidir le cineálacha A, C agus D, ní bhaineann an foilseachán seo le ceachtar clásal: 4.5, 5.2.2, 6, 7; Iarscríbhinn A nó Iarscríbhinn ZA. Dá réir sin, maidir leis an trealamh thuasluaite, ní bheidh aon toimhde chomhréireachta le forálacha Rialachán (AE) 2016/425 ann mar nach meastar gur trealamh cosanta pearsanta é.

62.

EN 812:2012

Caipíní tuairte tionsclaíocha

63.

EN 813:2008

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim - Úmacha suite

64.

EN 893:2019

Trealamh sléibhteoireachta - Crampóin - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

65.

EN 943-1:2015+A1:2019

Éadaí cosanta ar cheimiceáin sholadacha, leachtacha agus ghásacha chontúirteacha, lena n-áirítear aerasóil leachtacha agus sholadacha - Cuid 1: Ceanglais feidhmíochta le haghaidh cultacha cosanta ceimiceacha Chineál 1 (gásobach)

66.

EN 943-2:2019

Éadaí cosanta ar cheimiceáin sholadacha, leachtacha agus ghásacha chontúirteacha, lena n-áirítear aerasóil leachtacha agus sholadacha - Cuid 2: Ceanglais feidhmíochta le haghaidh cultacha cosanta Chineál 1 (gásobach) le haghaidh foirne éigeandála

67.

EN 958:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Córais ionsúite fuinnimh le húsáid i ndreapadóireacht klettersteig (via ferrata) - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

68.

EN 966:2012+A1:2012

Clogaid le haghaidh spóirt aeriompartha

69.

EN 1073-1:2016+A1:2018

Éadaí cosanta ar cháithníní aeriompartha lena n-áirítear éilliú radaighníomhach - Cuid 1: Ceanglais agus modhanna tástála maidir le héadaí cosanta aeráilte líne aeir chomhbhrúite, lena gcosnaítear an corp agus an chonair riospráide

70.

EN 1073-2:2002

Éadaí cosanta ar éilliú radaighníomhach - Cuid 2: Ceanglais agus modhanna tástála maidir le héadaí cosanta neamhaeráilte ar éilliú radaighníomhach cáithníneach

71.

EN 1077:2007

Clogaid le haghaidh sciálaithe agus clársciálaithe Alpacha

72.

EN 1078:2012+A1:2012

Clogaid le haghaidh rothaithe agus úsáideoirí clár scátála agus scátaí rollála

73.

EN 1080:2013

Clogaid chosanta ar thuairt le haghaidh leanaí óga

74.

EN 1082-1:1996

Éadaí cosanta - Lámhainní agus gardaí láimhe a chosnaíonn ar ghearrthacha agus ar sháite a dhéanann sceana láimhe - Cuid 1: Lámhainní agus gardaí láimhe mháille na lúb

75.

EN 1082-2:2000

Éadaí cosanta - Lámhainní agus gardaí láimhe a chosnaíonn ar ghearrthacha agus ar sháite a dhéanann sceana láimhe - Cuid 2: Lámhainní agus gardaí láimhe atá déanta as ábhar seachas máille na lúb

76.

EN 1146:2005

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte féinchuimsitheach agus cochall air le haghaidh éalú - Ceanglais, tástáil, marcáil

77.

EN 1149-5:2018

Éadaí cosanta - Airíonna leictreastatacha - Cuid 5: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh ábhair

78.

EN 1385:2012

Clogaid le haghaidh canúála agus spóirt bhánuisce

79.

EN 1486:2007

Éadaí cosanta le haghaidh comhraiceoirí dóiteáin - Modhanna tástála agus ceanglais maidir le héadaí frithchaiteacha le haghaidh comhrac dóiteáin speisialaithe

80.

EN 1497:2007

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim - Úmacha tarrthála

81.

EN 1827:1999+A1:2009

Feistí cosanta riospráide - Maisc leathaghaidhe gan comhlaí ionanálaithe agus ag a bhfuil scagairí indeighilte chun cosaint a thabhairt ar gháis nó ar gháis agus cáithníní nó ar cháithníní amháin - Ceanglais, tástáil, marcáil

82.

EN 1891:1998

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim anuas ó airde a chosc - Rópaí bréadaithe truaille ísealsínidh

83.

EN 1938:2010

Cosaint súl phearsanta - Gloiní le haghaidh úsáideoirí gluaisrothair agus móipéide

84.

EN ISO 10819:2013

Creathadh meicniúil agus turraing mheicniúil - Creathadh láimhe - Tomhas agus meastóireacht ar tharchur creathaidh lámhainní ag bos na láimhe (ISO 10819:2013)

EN ISO 10819:2013/A1:2019

85.

EN ISO 10862:2009

Árthach beag - Córas mearscaoilte le haghaidh úim traipéise (ISO 10862:2009)

86.

EN ISO 11393-2:2019

Éadaí cosanta le haghaidh úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 2: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh cosantóirí géag coise (ISO 11393-2:2018)

87.

EN ISO 11393-4:2019

Éadaí cosanta le haghaidh úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 4: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh lámhainní cosanta (ISO 11393-4:2018)

88.

EN ISO 11393-5:2019

Éadaí cosanta le haghaidh úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 5: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh loirgneáin chosanta (ISO 11393-5:2018)

89.

EN ISO 11393-6:2019

Éadaí cosanta le haghaidh úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 6: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh cosantóirí uachtar an choirp (ISO 11393-6:2018)

90.

EN 12021:2014

Trealamh riospráide - Gáis chomhbhrúite le haghaidh gaireas análaithe

91.

EN 12083:1998

Feistí cosanta riospráide - Scagairí ag a bhfuil osáin análaithe, (Scagairí suite nach maisc iad) - Scagairí cáithníní, scagairí gáis, agus scagairí comhcheangailte - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 12083:1998/AC:2000

92.

EN 12270:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Dingeacha - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

93.

EN 12275:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Nascóirí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

94.

EN 12276:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Ancairí frithchuimilteacha - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

95.

EN 12277:2015+A1:2018

Trealamh sléibhteoireachta - Úmacha - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

96.

EN 12278:2007

Trealamh sléibhteoireachta - Ulóga - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

97.

EN ISO 12312-1:2013

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe - Spéaclaí gréine agus spéaclaí cosanta gaolmhara - Cuid 1: Spéaclaí gréine le haghaidh úsáid ghinearálta (ISO 12312-1:2013)

EN ISO 12312-1:2013/A1:2015

98.

EN ISO 12312-2:2015

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe - Spéaclaí gréine agus spéaclaí cosanta gaolmhara - Cuid 2: Scagairí le haghaidh breathnóireacht dhíreach ar an ngrian (ISO 12312-2:2015)

99.

EN ISO 12401:2009

Árthach beag - Úim sábháilteachta agus líne sábháilteachta dheice - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála (ISO 12401:2009)

100.

EN ISO 12402-2:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 2: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 275 - Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-2:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

101.

EN ISO 12402-3:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 3: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 150 - Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-3:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

102.

EN ISO 12402-4:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 4: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 100 - Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-4:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

103.

EN ISO 12402-5:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 5: Áiseanna snámhachta (leibhéal 50) - Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-5:2020)

104.

EN ISO 12402-6:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 6: Seaicéid tarrthála agus áiseanna snámhachta sainfheidhme - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála breise (ISO 12402-6:2020)

105.

EN ISO 12402-8:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 8: Gabhálais - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála (ISO 12402-8:2020)

106.

EN 12477:2001

Lámhainní cosanta le haghaidh táthairí

EN 12477:2001/A1:2005

107.

EN 12492:2012

Trealamh sléibhteoireachta - Clogaid le haghaidh sléibhteoirí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

108.

EN 12841:2006

Trealamh cosanta pearsanta ar thitim - Córais rochtana trí bhíthin téad - Gairis coigeartaithe téide

109.

EN 12941:1998

Feistí cosanta riospráide - Feistí scagtha cumhachtaithe ina bhfuil clogad nó cochall - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 12941:1998/A1:2003

EN 12941:1998/A2:2008

110.

EN 12942:1998

Feistí cosanta riospráide - Gairis scagtha cumhachtchúnta ina bhfuil maisc aghaidhe iomláine, maisc leathaghaidhe nó maisc cheathrú-aghaidhe - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 12942:1998/A1:2002

EN 12942:1998/A2:2008

111.

EN 13034:2005+A1:2009

Éadaí cosanta ar cheimiceáin leachtacha - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ar cheimiceáin lena dtugtar feidhmíocht chosanta theoranta ar cheimiceáin leachtacha (Trealamh de Chineál 6 agus de Chineál PB [6])

112.

EN 13061:2009

Éadaí cosanta - Loirgneáin le haghaidh imreoirí sacair - Ceanglais agus modhanna tástála

113.

EN 13138-1:2021

Áiseanna snámhacha le haghaidh teagasc snámha - Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála le haghaidh áiseanna snámhacha atá le caitheamh

EN 13138-1:2021/AC:2022

114.

EN 13158:2018

Éadaí cosanta - Seaicéid chosanta, cosantóirí coirp agus guaillí le húsáid san eachaíocht, le haghaidh marcaigh capall agus iad siúd a bhíonn ag obair le capaill, agus le haghaidh tiománaithe cóiste - Ceanglais agus modhanna tástála

115.

EN 13178:2000

Cosaint súl phearsanta - Cosantóirí súl le haghaidh úsáideoirí mótair sneachta

116.

EN 13277-1:2000

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus modhanna tástála

117.

EN 13277-2:2000

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 2: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí dhroim na coise, cosantóirí lorga agus cosantóirí rí

118.

EN 13277-3:2013

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 3: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí stoic

119.

EN 13277-4:2001

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 4: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí cinn

EN 13277-4:2001/A1:2007

120.

EN 13277-5:2002

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 5: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí ball giniúna agus cosantóirí abdómain

121.

EN 13277-6:2003

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 6: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí brollaigh do mhná

122.

EN 13277-7:2009

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 7: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí lámh agus cosantóirí cos

123.

EN 13277-8:2017

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 8: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise le haghaidh cosantóirí aghaidhe le haghaidh cearáité

124.

EN 13484:2012

Clogaid le haghaidh úsáideoirí lúiseanna

125.

EN 13546:2002+A1:2007

Éadaí cosanta - Cosantóirí lámh, géag láimhe, brollaigh, abdómain, géag coise, cos agus ball giniúna le haghaidh báireoirí haca, agus cosantóirí lorga le haghaidh gnáthimreoirí - Ceanglais agus modhanna tástála

126.

EN 13567:2002+A1:2007

Éadaí cosanta - Cosantóirí lámh, géag láimhe, brollaigh, abdómain, géag coise, ball giniúna agus aghaidhe le haghaidh pionsóirí - Ceanglais agus modhanna tástála

127.

EN 13594:2015

Lámhainní cosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Ceanglais agus modhanna tástála

128.

EN 13634:2017

Coisbheart cosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Ceanglais agus modhanna tástála

129.

EN ISO 13688:2013

Éadaí cosanta - Ceanglais ghinearálta (ISO 13688:2013)

EN ISO 13688:2013/A1:2021

130.

EN 13781:2012

Clogaid chosanta le haghaidh tiománaithe agus paisinéirí mótar sneachta agus bobshleamhnán

131.

EN 13794:2002

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe ciorcaid iata féinchuimsitheach le haghaidh éalú - Ceanglais, tástáil, marcáil

132.

EN 13832-2:2018

Coisbheart lena gcosnaítear ar cheimiceáin - Cuid 2: Ceanglais maidir le teagmháil theoranta le ceimiceáin

133.

EN 13832-3:2018

Coisbheart lena gcosnaítear ar cheimiceáin - Cuid 3: Ceanglais maidir le teagmháil fhadtréimhseach le ceimiceáin

134.

EN 13949:2003

Trealamh riospráide - Gaireas tumadóireachta féinchuimsitheach ciorcaid oscailte le húsáid le Nitrox agus ocsaigin chomhbhrúite - Ceanglais, tástáil, marcáil

135.

EN ISO 13982-1:2004

Éadaí cosanta le húsáid in aghaidh cáithníní aeriompartha soladacha - Cuid 1: Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ar cheimiceáin lena dtugtar cosaint don chorp iomlán ar cháithníní soladacha aeriompartha (éadaí de chineál 5) (ISO 13982-1:2004)

EN ISO 13982-1:2004/A1:2010

136.

EN ISO 13998:2003

Éadaí cosanta - Naprúin, brístí agus veisteanna lena dtugtar cosaint ar ghearrthacha agus ar sháite ó sceana láimhe (ISO 13998:2003)

137.

EN 14021:2003

Sciatha cloiche le haghaidh gluaisrothaíocht easbhóthair atá oiriúnach chun rothaithe a chosaint ar chlocha agus smionagar - Ceanglais agus modhanna tástála

138.

EN 14052:2012+A1:2012

Clogaid thionsclaíocha ardfheidhmíochta

139.

EN 14058:2017

Éadaí cosanta - Baill éadaigh le haghaidh cosanta in aghaidh timpeallachtaí fionnuara

140.

EN 14120:2003+A1:2007

Éadaí cosanta - Cosantóirí chaol na láimhe, bhos na láimhe, glúine agus uillinne le haghaidh úsáideoirí trealaimh spóirt rollála - Ceanglais agus modhanna tástála

141.

EN 14126:2003

Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh éadaí cosanta in aghaidh oibreáin thógálacha

EN 14126:2003/AC:2004

142.

EN 14143:2013

Trealamh riospráide - Gaireas tumadóireachta athanálaithe féinchuimsitheach

143.

EN 14225-1:2017

Cultacha tumadóireachta - Cuid 1: Cultacha fliucha - Ceanglais agus modhanna tástála

144.

EN 14225-2:2017

Cultacha tumadóireachta - Cuid 2: Cultacha tirime - Ceanglais agus modhanna tástála

145.

EN 14225-3:2017

Cultacha tumadóireachta - Cuid 3: Córais agus comhpháirteanna culaithe a théitear nó a fhuaraítear go gníomhach - Ceanglais agus modhanna tástála

146.

EN 14328:2005

Éadaí cosanta - Lámhainní agus gardaí láimhe lena dtugtar cosaint ar ghearrthacha ó sceana cumhachtaithe – Ceanglais agus modhanna tástála

147.

EN 14387:2004+A1:2008

Feistí cosanta riospráide - Scagairí gáis agus comhscagairí - Ceanglais, tástáil, marcáil

148.

EN 14435:2004

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte féinchuimsitheach ag a bhfuil masc leathaghaidhe - Ceanglais, tástáil, marcáil

149.

EN 14458:2018

Trealamh súl pearsanta - Scáthláin ardfheidhmíochta atá beartaithe lena n-úsáid le clogaid chosanta, agus leo sin amháin

150.

EN ISO 14460:1999

Éadaí cosanta le haghaidh tiománaithe rásaíochta gluaisteán - Cosaint ar theas agus ar lasracha - Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála (ISO 14460:1999)

EN ISO 14460:1999/AC:1999

EN ISO 14460:1999/A1:2002

151.

EN 14529:2005

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte féinchuimsitheach ag a bhfuil masc leathaghaidhe atá deartha chun comhla éilimh brú dearfach a áireamh chun críoch éalaithe, agus chun na gcríoch sin amháin

152.

EN 14593-1:2005

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe líne aeir chomhbhrúite ag a bhfuil comhla éilimh - Cuid 1: Gaireas ag a bhfuil masc aghaidhe iomláine - Ceanglais, tástáil, marcáil

153.

EN 14594:2018

Feistí cosanta riospráide - Gairis análaithe líne aeir chomhbhrúite sreafa leanúnaigh - Ceanglais, tástáil, marcáil

154.

EN 14605:2005+A1:2009

Éadaí cosanta ar cheimiceáin leachtacha - ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí ag a bhfuil naisc leachtobacha (Cineál 3) nó sprae-obacha (Cineál 4), lena n-áirítear earraí lena gcosnaítear codanna den chorp amháin (Cineálacha PB [3] agus PB [4])

155.

EN ISO 14877:2002

Éadaí cosanta le haghaidh oibríochtaí pléasctha scríobaigh ina n-úsáidtear scríobaigh ghráinneacha (ISO 14877:2002)

156.

EN ISO 15027-1:2012

Tumchultacha - Cuid 1: Cultacha caithimh leanúnaigh, ceanglais lena n-áirítear sábháilteacht (ISO 15027-1:2012)

157.

EN ISO 15027-2:2012

Tumchultacha - Cuid 2: Cultacha tarrthála, ceanglais lena n-áirítear sábháilteacht (ISO 15027-2:2012)

158.

EN 15090:2012

Coisbheart le haghaidh comhraiceoirí dóiteáin

159.

EN 15151-1:2012

Trealamh sléibhteoireachta - Gairis coscánaithe - Cuid 1: Gairis coscánaithe ag a bhfuil glasáil lámhchuidithe, ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

160.

EN 15333-1:2008

Trealamh riospráide - Gaireas tumadóireachta gáis chomhbhrúite a sholáthraítear ón imleacán ciorcaid oscailte - Cuid 1: Gaireas éilimh

EN 15333-1:2008/AC:2009

161.

EN 15333-2:2009

Trealamh riospráide - Gaireas tumadóireachta gáis chomhbhrúite a sholáthraítear ón imleacán ciorcaid oscailte - Cuid 2: Gaireas saorshreafa

162.

EN 15613:2008

Cosantóirí glúine agus uillinn le haghaidh spóirt faoi dhíon - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

163.

EN 16027:2011

Éadaí cosanta - Lámhainní ag a bhfuil éifeacht chosanta le haghaidh báireoirí sacair

164.

EN ISO 16321-1:2022

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta (ISO 16321-1:2021)

165.

EN ISO 16321-2:2021

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde - Cuid 2: Ceanglais bhreise maidir le cosantóirí a úsáidtear le linn táthaithe agus teicnící gaolmhara (ISO 16321-2:2021)

Fógra: Déantar tagairt sa chaighdeán seo do thagairt normatach EN ISO 16321-1:2020, a bhfuil a dháta mícheart. Léifear é mar EN ISO 16321-1:2022 ina ionad sin.

166.

EN ISO 16321-3:2022

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde - Cuid 3: Ceanglais bhreise maidir le cosantóirí mogalra (ISO 16321-3:2021)

Fógra: Déantar tagairt sa chaighdeán seo do thagairt normatach EN ISO 16321-1:2020, a bhfuil a dháta mícheart. Léifear é mar EN ISO 16321-1:2022 ina ionad sin.

167.

EN 16350:2014

Lámhainní cosanta - Airíonna leictreastatacha

168.

EN 16473:2014

Clogaid comhraiceora dóiteáin - Clogaid le haghaidh tarrtháil theicniúil

169.

EN 16716:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Córais mála aeir maidhme sléibhe - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

170.

EN 17092-2:2020

Baill éadaigh chosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Cuid 2: Baill éadaigh Aicme AAA - Ceanglais

171.

EN 17092-3:2020

Baill éadaigh chosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Cuid 3: Baill éadaigh Aicme AA - Ceanglais

172.

EN 17092-4:2020

Baill éadaigh chosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Cuid 4: Baill éadaigh Aicme A - Ceanglais

173.

EN 17092-5:2020

Baill éadaigh chosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Cuid 5: Baill éadaigh Aicme B - Ceanglais

174.

EN 17092-6:2020

Baill éadaigh chosanta le haghaidh gluaisrothaithe - Cuid 6: Baill éadaigh Aicme C - Ceanglais

175.

EN 17109:2020

Trealamh sléibhteoireachta - Córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

176.

EN ISO 17249:2013

Coisbheart sábháilteachta ag a bhfuil frithsheasmhacht ar ghearradh sáibh slabhra (ISO 17249:2013)

EN ISO 17249:2013/AC:2014

177.

EN 17353:2020

Éadaí cosanta - Trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca - Modhanna tástála agus ceanglais

178.

EN 17520:2021

Trealamh sléibhteoireachta - Láinnéir ceangail phearsanta - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

179.

EN ISO 18527-1:2022

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe le haghaidh spóirt - Cuid 1: Ceanglais maidir le gloiní cosanta sciála le fána agus clársciála (ISO 18527-1:2021)

180.

EN ISO 18527-2:2021

Cosaint súl agus cosaint aghaidhe le haghaidh spóirt - Cuid 2: Ceanglais maidir le cosantóirí súl le haghaidh scuaise agus cosantóirí súl le haghaidh liathróide raicéid agus scuaise 57 (ISO 18527-2:2021)

181.

EN ISO 20320:2020

Éadaí cosanta atá le húsáid i gClársciáil - Cosantóirí Chaol na láimhe - Ceanglais agus modhanna tástála (ISO 20320:2020)

182.

EN ISO 20345:2022

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart sábháilteachta (ISO 20345:2021)

183.

EN ISO 20346:2014

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart cosanta (ISO 20346:2014)

184.

EN ISO 20347:2012

Trealamh cosanta pearsanta — Coisbheart ceirde (ISO 20347:2012)

185.

EN ISO 20349-1:2017

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart lena dtugtar cosaint ar rioscaí i dteilgcheártaí agus le linn táthaithe - Cuid 1: Ceanglais agus modhanna tástála chun cosaint a thabhairt ar rioscaí i dteilgcheártaí (ISO 20349-1:2017)

EN ISO 20349-1:2017/A1:2020

186.

EN ISO 20349-2:2017

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart lena dtugtar cosaint ar rioscaí i dteilgcheártaí agus le linn táthaithe - Cuid 2: Ceanglais agus modhanna tástála chun cosaint a thabhairt ar rioscaí le linn táthaithe agus próisis ghaolmhara (ISO 20349-2:2017)

EN ISO 20349-2:2017/A1:2020

187.

EN ISO 20471:2013

Éadaí sofheicthe - Modhanna tástála agus ceanglais (ISO 20471:2013, Leagan ceartaithe 2013-06-01)

EN ISO 20471:2013/A1:2016

188.

EN ISO 27065:2017

Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta le haghaidh éadaí cosanta a chaitheann oibreoirí agus lotnaidicídí á gcur síos acu agus le haghaidh oibrithe athiontrála (ISO 27065:2017)

EN ISO 27065:2017/A1:2019

189.

EN 50321-1:2018

Oibriú beo - Coisbheart le haghaidh cosaint leictreach - Coisbheart inslithe agus forbhuataisí

EN 50321-1:2018/AC:2018-08

190.

EN 61482-2:2020

Oibriú beo - Éadaí cosanta ar ghuaiseanna teirmeacha stua leictrigh - Cuid 2: Ceanglais (IEC 61482-2:2018, Modhnaithe)


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

1

EN 143:2000

Feistí cosanta riospráide - Scagairí cáithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 143:2000/AC:2005

EN 143:2000/A1:2006

9.6.2024

2

EN 166:2001

Cosaint súl phearsanta – Sonraíochtaí

11.11.2024

3

EN 169:2002

Cosaint súl phearsanta - Scagairí le haghaidh táthú agus teicnící gaolmhara - Teicnicí tarchuir agus úsáid mholta

11.11.2024

4

EN 170:2002

Cosaint súl phearsanta - Scagairí ultraivialaite - Ceanglais tharchuir agus úsáid mholta

11.11.2024

5

EN 172:1994

Cosaint súl phearsanta - Scagairí in aghaidh dhalladh na gréine le haghaidh úsáid thionsclaíoch

EN 172:1994/A1:2000

EN 172:1994/A2:2001

11.11.2024

6

EN 174:2001

Cosaint súl phearsanta - Gloiní sciála le haghaidh sciáil le fána

11.11.2024

7

EN 352-1:2002

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 1: Cosaintí Cluas

21.7.2024

8

EN 352-2:2002

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 2: Plugaí cluaise

21.7.2024

9

EN 352-3:2002

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 3: Cosaintí cluas agus iad ceangailte de chlogad tionsclaíoch sábháilteachta

21.7.2024

10

EN 352-4:2001

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil - Cuid 4: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime

EN 352-4:2001/A1:2005

21.7.2024

11

EN 352-5:2002

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil - Cuid 5: Cosaintí cluas um laghdú gníomhach torann

EN 352-5:2002/A1:2005

21.7.2024

12

EN 352-6:2002

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil - Cuid 6: Cosaintí cluas maille le hionchur fuaime leictreach

21.7.2024

13

EN 352-7:2002

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil - Cuid 7: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime

21.7.2024

14

EN 352-8:2008

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta agus tástáil - Cuid 8: Cosaintí cluas ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta

21.7.2024

15

EN 379:2003+A1:2009

Cosaint súl phearsanta - Scagairí táthaithe uathoibríocha

11.11.2024

16

EN 1731:2006

Cosaint súl phearsanta - Cosantóirí mogalra súl agus aghaidhe

11.11.2024

17

EN ISO 13688:2013

Éadaí cosanta - Ceanglais ghinearálta (ISO 13688:2013)

9.6.2024

18

EN ISO 20345:2011

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart sábháilteachta (ISO 20345:2011)

11.11.2024


Ceartúcháin

11.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 125/59


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1860 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin, formáidí, minicíocht agus modhanna agus socruithe maidir le tuairisciú

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 262 an 7 Deireadh Fómhair 2022 )

Ar leathanach 76, Airteagal 10:

in ionad:

‘Airteagal 10

An dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú

Contrapháirtí i ndíorthach lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) an XX XXX 20XX nó an t-eintiteas atá freagrach as tuairisciú, déanfaidh sé gach mionsonra a bhaineann leis an díorthach sin a cheanglaítear i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a thuairisciú trí thuarascáil a bhfuil an cineál imeachta “Nuashonrú” aici a chur isteach laistigh de 180 lá féilire ón [dáta cur i bhfeidhm ITS], ach amháin má chuir siad tuarascáil ar a bhfuil an cineál gníomhaíochta “Modhnaigh” nó “Ceartaigh” isteach le haghaidh an díorthaigh sin le linn na tréimhse sin.’

léitear:

‘Airteagal 10

An dáta faoina ndéanfar conarthaí díorthach a thuairisciú

Contrapháirtí i ndíorthach lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) an 29 Aibreán 2024 nó an t-eintiteas atá freagrach as tuairisciú, déanfaidh sé gach mionsonra a bhaineann leis an díorthach sin a cheanglaítear i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a thuairisciú trí thuarascáil a bhfuil an cineál imeachta “Nuashonrú” aici a chur isteach laistigh de 180 lá féilire ón 29 Aibreán 2024, ach amháin má chuir siad tuarascáil ar a bhfuil an cineál gníomhaíochta “Modhnaigh” nó “Ceartaigh” isteach le haghaidh an díorthaigh sin le linn na tréimhse sin.’