|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
|
26.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/857 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Aibreán 2023
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus Rialachán (AE) 2018/1999
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Comhaontú Pháras (4), a glacadh an 12 Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”), i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. D’aontaigh na Páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Treisíodh an gealltanas sin le glacadh, faoi UNFCCC, Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú an 13 Samhain 2021, ina n-aithníonn Comhdháil na bPáirtithe i UNFCCC, ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, go mbeidh tionchair an athraithe aeráide i bhfad níos ísle ag an méadú teochta 1,5 °C i gcomparáid le 2 °C, agus tá rún daingean aici a dícheall a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C. |
|
(2) |
Tá práinn mhéadaitheach ag teacht ar an ngá atá le gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, mar a luaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) sna tuarascálacha uaidh dar dáta an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate Change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta-Fisiciúla], an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht], agus an 4 Aibreán 2022 dar teideal Climate Change 2022: Mitigation of Climate Change [Athrú Aeráide 2022: Athrú aeráide a mhaolú]. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí. |
|
(3) |
Tá creat rialála curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun an sprioc do 2030 maidir le laghdú 40 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, ar creat é sin ar thacaigh an Chomhairle Eorpach leis in 2014, sular tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm. Is é atá sa chreat rialála sin, inter alia, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (CTA AE), Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena gceanglaítear ar na Ballstáit astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) a chothromú, agus Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) lena mbunaítear spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, sna hearnálacha nach gcumhdaítear le Treoir 2003/87/CE ná le Rialachán (AE) 2018/841. |
|
(4) |
Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an “Comhaontú Glas don Eoraip”, tugtar túsphointe chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, ar aidhm í a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“an Dlí Aeráide Eorpach”). Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050 agus leagtar amach inti straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm aici freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, tá gnéithe comhionannais inscne ag gabháil leis an aistriú sin mar aon le tionchar ar leith ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus leochaileach, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú, dá bhrí sin, gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár. |
|
(5) |
An 16 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Moladh maidir le haistriú cothrom i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (9), inar leag sí béim ar an ngá atá le bearta tionlacain agus le haird ar leith a thabhairt ar thacaíocht a thabhairt do na réigiúin, na tionscail, na micrifhiontair, na fiontair bheaga agus mheánmhéide, oibrithe, teaghlaigh agus tomhaltóirí sin a mbeidh na dúshláin is mó atá rompu. Leis an Moladh sin, moltar do na Ballstáit féachaint ar shraith beart sna réimsí a bhaineann le fostaíocht agus aistrithe i margadh an tsaothair, cruthú post agus fiontraíocht, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, soláthar poiblí, córais cánachais agus cosanta sóisialta, seirbhísí bunriachtanacha agus tithíocht, chomh maith le, inter alia, d’fhonn comhionannas inscne, oideachas agus oiliúint a neartú. |
|
(6) |
Trí Rialachán (AE) 2021/1119 a ghlacadh, tá cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht uilegheilleagair faoi 2050 cumhdaithe ag an Aontas sa reachtaíocht, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí a laghdú go nialas faoin dáta sin, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú 55 % ar a laghad i gcomparáid leis na leibhéal a bhí ann in 1990 do ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Thairis sin, bunaítear leis go bhfuil rannchuidiú glanaistrithe le sprioc aeráide 2030 an Aontais le bheith teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2. |
|
(7) |
Chun na gealltanais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a chur chun feidhme chomh maith le rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar chreat rialála an Aontais chun sprioc laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa 2030 a bhaint amach. |
|
(8) |
I Rialachán (AE) 2018/842 leagtar síos oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 30 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Leagtar síos sa Rialachán sin freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an rannchuidiú is íosta uathu a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar mar aon le ó fhoirgnimh, ó iompar de bhóthar agus ó earnálacha breise, ba cheart raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/842 fós maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach níor cheart feidhm a bheith aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Le suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, chun críocha Airteagal 14 agus 15 den Treoir sin, níor cheart athrú a dhéanamh ar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 ach oiread. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(10) |
I gcomhréir le treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa, déantar astaíochtaí CO2 ó bhithmhais le haghaidh fuinnimh a thuairisciú faoi chatagóirí fardail maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseachta faoi Rialachán (AE) 2018/841. Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, is nialas-rátaithe atá astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise, chun críche astaíochtaí gás ceaptha teasa a chinneadh faoi Rialachán (AE) 2018/842. Chun éifeachtaí an athraithe indírigh ar an talamhúsáid a chur san áireamh agus chun inbhuanaitheacht na mbreoslaí sin a chur chun cinn, tá sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit uile Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear na critéir atá inti maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí den sórt sin. |
|
(11) |
I roinnt earnálacha, tá méadú tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó tá siad cobhsaí fós. Sa teachtaireacht uaidh an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Stepping up Europe’s 2030 climate ambition - Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa do 2030 – Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas an phobail], chuir an Coimisiún in iúl nach féidir sprioc fhoriomlán mhéadaithe 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach amháin le rannchuidiú na n-earnálacha uile. |
|
(12) |
Sna conclúidí uaithi an 11 Nollaig 2020, dúirt an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc nua 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh. |
|
(13) |
Chun sprioc nua an Aontais do 2030 chun laghdú 55 % ar a laghad ar glanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad -40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. Le Rialachán (AE) 2018/842, rannchuidítear freisin le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, mar aon le cuspóir an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí faoi Rialachán (AE) 2021/1119, agus chuige sin ní mór iarrachtaí na mBallstát uile a chóineasú de réir mar a bheifear ag dul ar aghaidh, agus imthosca náisiúnta sonracha á gcur san áireamh ag an am céanna. |
|
(14) |
Is gá sprioc 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/842 a athbhreithniú le haghaidh gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar spriocanna náisiúnta 2030 maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a úsáideadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtacha difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Ba cheart, mar sin, an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le haghaidh gach Ballstáit in 2030 a chinneadh i ndáil leis an leibhéal ar a raibh a astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán sin, arna athbhreithniú de bhun Airteagal 4(3) de, seachas astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh in CTA AE roimh 2005. |
|
(15) |
Mar thoradh air sin, ó bhliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá gá le teorainneacha ceangailteacha náisiúnta nua, arna sloinneadh i leithdháiltí bliantúla astaíochtaí. Leis na teorainneacha sin, rachfar de réir a chéile i dtreo sprioc 2030 le haghaidh gach Ballstát maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Coinnítear na teorainneacha bliantúla le haghaidh na mblianta roimh bhliain theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún (12). |
|
(16) |
Tá tionchar ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal a astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh agus tá dlús á chur aige leis an aistriú ó bhreoslaí iontaise, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa. I ngeall ar na héiginnteachtaí sin agus ar theagmhais eile gan choinne a bhfuil tionchar acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí astaíochtaí in 2025 agus, más gá, na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 do na blianta 2026 go 2030. Ba cheart an t-uasdátú sin a bheith bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát sna blianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh. |
|
(17) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa, ar gá iad a chomhlánú le haistrithe méadaithe carbóin ar mhaithe leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Aithnítear le Rialachán (AE) 2021/1119 go bhfuil réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha san áireamh i linnte carbóin. Tá sé tábhachtach scéim de chuid an Aontais a chur ar bun le haghaidh deimhniú aistrithe carbóin a stóráiltear go sábháilte agus go buan agus a fhaightear trí réitigh theicneolaíocha, rud a thabharfadh soiléireacht do na Ballstáit agus d’oibreoirí margaidh chun na haistrithe carbóin sin a fheabhsú. Nuair a bheidh scéim deimhniúcháin den sórt sin i bhfeidhm, is féidir anailís a dhéanamh ar chuntasaíocht na n-aistrithe carbóin sin faoi dhlí an Aontais. |
|
(18) |
Chun gníomhaíocht a rinneadh roimhe seo a dhreasú agus chun sláine comhshaoil a áirithiú tuilleadh, is gá agus is iomchuí na huasteorainneacha le haghaidh iasachtaíocht agus baincéireacht na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse iomlán ó 2021 go 2030 a ísliú. Ar an taobh eile, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de réir a chéile, agus a spriocanna náisiúnta méadaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach. I bhfianaise na leithdháiltí nua bliantúla astaíochtaí atá níos déine agus a cheanglaítear leis an Rialachán seo, is iomchuí na huasteorainneacha atá ann cheana maidir le haistriú leithdháiltí bliantúla astaíochtaí idir na Ballstáit a ardú. Leis an bhféidearthacht atá ann leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a aistriú, spreagann sé an comhar idir na Ballstáit, agus cuireann sé ar a gcumas a spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, agus sláine an chomhshaoil á caomhnú ag an am céanna. Ba cheart trédhearcacht na n-aistrithe sin a áirithiú, ionas go gcuirfear i gcrích iad ar bhealach atá áisiúil don dá thaobh, lena n-áirítear trí cheantáil, trí úsáid idirghabhálaithe margaidh a ghníomhaíonn ar bhonn gníomhaireachta, trí shocruithe déthaobhacha nó trí chomhéadan leictreonach a úsáid arb é is aidhm dó malartú faisnéise maidir le haistrithe atá beartaithe a éascú agus costais idirbhirt a laghdú. Ceanglaítear ar na Ballstáit cheana féin an fhaisnéis achomair maidir le haistrithe atá curtha i gcrích a thuairisciú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 ón gCoimisiún (13). Tar éis don Choimisiún an fhaisnéis sin a chur i dtoll a chéile, cuirfear achoimre uirthi ar fáil laistigh de 3 mhí ón tráth a gheofar na tuarascálacha ó na Ballstáit, i bhfoirm leictreonach, achoimre ina luafar raon na bpraghsanna a íoctar in aghaidh an idirbhirt leithdháilte astaíochtaí bhliantúil. Ina theannta sin, laistigh den dá thréimhse idir foilsiú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 38(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus tús an nós imeachta maidir le seiceáil na comhlíontachta, is féidir leis na Ballstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin an 15ú lá de gach mí maidir le haistrithe a tugadh i gcrích. Ina theannta sin, chun malartú faisnéise maidir le haistrithe atá beartaithe a éascú, iarrtar ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach. Cuirfidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis a gheofar i dtoll a chéile agus cuirfear ar fáil go tráthúil í i bhfoirm leictreonach. Chun an trédhearcacht a fheabhsú, ba cheart do na Ballstáit an Coiste um Athrú Aeráide arna bhunú le Rialachán (AE) 2018/1999 a chur ar an eolas, sula ndéanfaidh siad aistriú iarbhír ar bith, go bhfuil rún acu cuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí do bhliain ar leith a aistriú. Is iomchuí, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú. |
|
(19) |
I gcás Ballstáit áirithe, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí in CTA AE a chur san áireamh chun críocha Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh (“solúbthacht CTA AE”). As na Ballstáit sin atá incháilithe, níor bhain dhá cheann acu úsáid as solúbthacht CTA AE, agus níor bhain ceann amháin acu leas iomlán as. I bhfianaise an leibhéil uaillmhéine mhéadaithe a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart deis nua a thabhairt do na Ballstáit sin úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin nó úsáid bhreise a bhaint aisti. Is iomchuí, dá bhrí sin, spriocdháta nua a leagan síos faoina bhféadfaidh na Ballstáit sin fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil rún acu úsáid a bhaint as an tsolúbthacht sin nó úsáid bhreise a bhaint aisti. Thairis sin, i ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc náisiúnta laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin bunaithe ar olltáirgeacht intíre per capita ná a chumas laghdú costéifeachtach a dhéanamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú do 2030. |
|
(20) |
Sa bhreis ar sholúbthacht CTA AE, féadfar líon teoranta glanaistrithe agus glanastaíochtaí ó LULUCF a chur san áireamh le haghaidh chomhlíonadh na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 (“solúbthacht LULUCF”). Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí maolúcháin leordhóthanacha suas go dtí 2030, is iomchuí úsáid sholúbthacht LULUCF a theorannú trí úsáid sholúbthacht LULUCF a dheighilt in dhá thréimhse ama ar leithligh, tréimhsí a dhéantar a uasteorannú le teorainn a chomhfhreagraíonn do leath an uasmhéid glanaistrithe iomlána a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842. Is iomchuí freisin teideal na hIarscríbhinne sin a thabhairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/841 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún (14). Mar thoradh air sin, le Rialachán (AE) 2018/842, ní gá an Coimisiún a chumhachtú a thuilleadh chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun teideal Iarscríbhinn III a ghabhann leis a leasú. Ba cheart Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a scriosadh, dá bhrí sin. |
|
(21) |
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag Ballstát chun a leibhéil bhliantúla astaíochtaí a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart na sásraí gníomhaíochta ceartaithí faoin Rialachán sin a neartú chun gur féidir gníomhú go pras agus go héifeachtach. Is iomchuí, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le pleananna gníomhaíochta ceartaithí atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit i gcás nach ndéantar dul chun cinn leordhóthanach. |
|
(22) |
Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí sa chinnteoireacht agus rochtain ar an gceartas i gcúrsaí comhshaoil (15) (“Coinbhinsiún Aarhus”). Is gnéithe lárnacha de luachanna daonlathacha an Aontais iad grinnscrúdú poiblí agus rochtain ar an gceartas agus is uirlisí chun an smacht reachta a choimirciú iad. |
|
(23) |
Ba cheart úsáid a bhaint as an eolaíocht is déanaí agus an tAontas ag gníomhú ar son na haeráide. Ba cheart, dá bhrí sin, an chomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a bunaíodh faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), a mheas i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2018/842. |
|
(24) |
Agus córas comhlíontachta níos láidre á thabhairt isteach le Rialachán (AE) 2018/841 ó 2026 ar aghaidh, is iomchuí díothú a dhéanamh ar asbhaint na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa arna nginiúint ag gach Ballstát sa tréimhse ó 2026 go 2030 in earnáil LULUCF de bhreis ar a aistrithe. Ba chóir Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 a leasú dá réir sin. |
|
(25) |
Is iomchuí a chur san áireamh san athbhreithniú ar Rialachán (AE) 2018/842 in 2024 spriocanna an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Rialachán (AE) 2021/1119, gealltanas an Aontais do chuspóirí Chomhaontú Pháras agus aon ghealltanais ábhartha a eascraíonn as Comhdhálacha na bPáirtithe in UNFCCC. Thairis sin, ba cheart a áireamh san athbhreithniú sin conair maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht san Aontas faoi 2050 faoi Rialachán (AE) 2021/1119. |
|
(26) |
Is ionann astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2, amhail meatán, ocsaíd nítriúil agus gáis fhluairínithe, agus breis is 20 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Cumhdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2 le Rialachán (AE) 2018/842 agus, dá bhrí sin, is gá go mbeidh siad mar chuid de na bearta a chuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm chun a spriocanna méadaithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Faoin 30 Meitheamh 2023, tá na Ballstáit le dréacht-nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Eiseoidh an Coimisiún treoir ina leith sin, lena n-áirítear chun na Ballstáit a spreagadh chun spriocanna agus beartais a leagan amach chun astaíochtaí meatáin a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, tá na Ballstáit le meas ar cheart a bpleananna straitéiseacha faoin gcomhbheartas talmhaíochta a athbhreithniú chun an uaillmhian mhéadaithe i Rialachán (AE) 2018/842 a léiriú, a tugadh isteach leis na leasuithe arna ndéanamh ina leith sin tríd an Rialachán seo. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis san áireamh sna tuarascálacha bliantúla faoi Airteagal 29(5) de Rialachán (AE) 2018/1999 maidir leis na torthaí a baineadh amach trí iarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí náisiúnta i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2 a chomhcheangal. Tá an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide chomh maith, agus is féidir leis moltaí a eisiúint do na Ballstáit nach ndéanann dul chun cinn leordhóthanach. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) 2018/841, measúnú ar na treochtaí atá ann faoi láthair agus ar na réamh-mheastacháin a dhéanfar amach anseo maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht, chomh maith le roghanna rialála chun a gcomhsheasmhacht leis an gcuspóir laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach i ngach earnáil den gheilleagar i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, agus le spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. Agus athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar Rialachán (AE) 2018/842, déanfaidh sé measúnú ar an gcaoi a rannchuidíonn na hearnálacha uile a chumhdaítear leis an Rialachán sin le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, lena n-áirítear go háirithe an laghdú a baineadh amach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa neamh-CO2, agus in earnálacha eile seachas earnáil na talmhaíochta. |
|
(27) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon, i bhfianaise Rialachán (AE) 2021/1119, na hoibleagáidí ar na Ballstáit a choigeartú maidir leis an rannchuidiú is íosta uatha don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú agus rannchuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(28) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2018/842 agus (AE) 2018/1999 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/842
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Ábhar Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit i dtaca leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc an Aontais a chomhlíonadh maidir lena astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Rannchuidíonn sé leis an sprioc fhadtéarmach aeráidneodracht san Aontas a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi sin, rannchuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) (‘an Dlí Aeráide Eorpach’) agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin rialacha maidir le leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát ó thaobh a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh. (*1) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).’;" |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó chatagóirí foinse IPCC fuinnimh, próiseas tionsclaíocha, úsáide táirgí, talmhaíochta agus dramhaíola arna gcinneadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), lena n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, seachas an ghníomhaíocht ‘muiriompar’ agus gníomhaíochtaí nach liostaítear ann ach amháin chun críocha Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Treoir sin. (*2) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).’;" |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(6) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: ‘Airteagal 8 Gníomhaíocht cheartaitheach 1. Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á chur san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:
I gcás ina bhfuil comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta bunaithe ag Ballstát, féadfaidh sé a chomhairle a lorg chun na gníomhaíochtaí riachtanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a shainaithint. 2. I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin. 3. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de 4 mhí ón tráth a gheobhaidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar an tuairim ón gCoimisiún nó ar chuid shuntasach di, soláthróidh an Ballstát sin réasúnú don Choimisiún. 4. Déanfaidh gach Ballstát a phlean gníomhaíochta ceartaithí dá dtagraítear i mír 1 agus aon réasúnú dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil go poiblí. Cuirfidh an Coimisiún a thuairim dá dtagraítear i mír 3 ar fáil go poiblí.’ |
|
(8) |
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse ó 2021 go 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann le méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: ‘Airteagal 15 Athbhreithniú 1. Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an Rialachán seo agus cuirfear san áireamh, inter alia, imthosca náisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach. 2. Laistigh de 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir soláthar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus éileamh orthu, chomh maith le hoiriúnacht na spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2021/1119 agus le haidhmeanna Chomhaontú Pháras. Áireofar sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar an ngá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá don Aontas agus dá Bhallstáit i gcomhthéacs iar-2030. Áireofar ann freisin measúnú ar chonair laghdaithe astaíochtaí le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheadh comhoiriúnach le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, agus buiséad táscach réamh-mheasta maidir le gás ceaptha teasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 á chur san áireamh chomh maith leis an tábhacht a ghabhann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát agus costéifeachtúlacht chun an cuspóir sin a bhaint amach. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí. Cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír straitéisí fadtéarmacha na mBallstát arna n-ullmhú agus arna dtíolacadh de bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus an measúnú orthu arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15(9) den Rialachán sin.’ |
|
(10) |
cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas: ‘Airteagal 15a Comhairle eolaíoch Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, arna bhunú faoi Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) (‘an Bord Comhairleach’), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar nó tuarascálacha a eisiúint maidir le bearta an Aontais, spriocanna aeráide, leibhéil bhliantúla astaíochtaí agus solúbthachtaí faoin Rialachán seo. Breithneoidh an Coimisiún comhairle agus tuarascálacha ábhartha an Bhoird Chomhairligh, go háirithe a mhéid a bhaineann le bearta amach anseo a bheidh dírithe ar laghduithe breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa sna hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. (*3) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).’;" |
|
(11) |
leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1999
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Ó 2023, déanfaidh na Ballstáit cinneadh agus déanfaidh siad tuairisciú chuig an gCoimisiún ar na sonraí deiridh maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Márta gach bliain (bliain X) agus réamhshonraí maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Eanáir gach bliain, lena n-áirítear na gáis ceaptha teasa agus faisnéis an fhardail a liostaítear in Iarscríbhinn V. Áireofar freisin sa tuarascáil ar shonraí an fhardail gás ceaptha teasa críochnaitheach tuarascáil iomlán cothrom le dáta faoin bhfardal náisiúnta. Laistigh de 3 mhí ó na tuarascálacha a fháil, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (n) den chéad mhír de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a chur ar fáil, i bhfoirm leictreonach, don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1).’ |
|
(2) |
in Iarscríbhinn V, Cuid 1, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (n):
|
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Aibreán 2023.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. ROSWALL
(1) IO C 152, 6.4.2022, lch. 189.
(2) IO C 301, 5.8.2022, lch. 221.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Márta 2023.
(4) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(5) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(6) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(8) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(9) Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).
(10) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(11) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(12) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2126 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le leithdháiltí astaíochtaí bliantúla na mBallstát a leagadh amach don tréimhse ó 2021 go 2030 de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 426, 17.12.2020, lch. 58).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1208 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2020 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú ar fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (IO L 278, 26.8.2020, lch. 1).
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/268 ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na leibhéil tagartha foraoise atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le haghaidh na tréimhse 2021-2025 (IO L 60, 22.2.2021, lch. 21).
(15) IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.
(16) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/842 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I: “IARSCRÍBHINN I LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA NA mBALLSTÁT DE BHUN AIRTEAGAL 4(1)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Mhálta:
|
|
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
26.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111/15 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/858 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 February 2023.
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Toisc nár chomhlíon na Stáit Aontaithe an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh [the Continued Dumping and Subsidy Offset Act] (“CDSOA”) a n-oibleagáidí faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”), de bhun Rialachán (AE) 2018/196, forchuireadh dleacht chustaim bhreise ad valorem 4,3 % ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. I gcomhréir leis an údarú ó EDT cur i bhfeidhm na lamháltas maidir leis na Stáit Aontaithe a chur ar fionraí, coigeartóidh an Coimisiún leibhéal na fionraíochta go bliantúil de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríonn CDSOA ar an Aontas an tráth sin. Coigeartaíodh leibhéal na fionraíochta in 2022 go dleacht chustaim bhreise ad valorem 0,001 % agus leasaíodh Rialachán (AE) 2018/196 dá réir (2). |
|
(2) |
Baineann na heisíocaíochtaí ó CDSOA le haghaidh na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil le dáileadh na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na Bliana Fioscaí 2022 (an 1 Deireadh Fómhair 2021 – an 30 Meán Fómhair 2022). Ar bhonn na sonraí a d’fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe, ríomhtar gurbh é USD 317 877,22 leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríodh ar an Aontas. |
|
(3) |
Tá méadú tagtha ar leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe agus, mar iarmhairt air sin, ar leibhéal na fionraí freisin. Ní fhéadfar leibhéal na fionraíochta a choigeartú de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe trí tháirgí a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196 nó a bhaint de, áfach. Mar iarmhairt air sin agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Rialachán sin, níor cheart don Choimisiún aon athrú a dhéanamh ar an liosta táirgí in Iarscríbhinn I agus ba cheart dó ráta na dleachta breise a leasú chun leibhéal na fionraíochta a choigeartú de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, na ceithre tháirge a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196 a choinneáil ar an liosta agus an dleacht bhreise ar allmhairí a leasú agus a leagan síos ag 0,164 %. |
|
(4) |
I gcás dleacht allmhairiúcháin bhreise ad valorem 0,164 % ar allmhairí na dtáirgí ó na Stáit Aontaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196, is é an éifeacht a bheadh aici sin, in imeacht aon bhliana amháin, luach trádála nach mó ná USD 317 877,22. |
|
(5) |
Chun a áirithiú nach mbeidh aon mhoill ar chur i bhfeidhm ráta leasaithe na dleachta allmhairiúcháin breise, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/196 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/196 lena ndéantar formáidiú an réiltín agus an téacs atá nasctha leis ar bhealach fonóta:
‘Airteagal 2
Forchuirfear dleacht ad valorem 0,164 % de bhreis ar an dleacht chustaim is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ar na táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 February 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 44, 16.2.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/682 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 126, 29.4.2022, lch. 4).
|
26.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111/17 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/859 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Aibreán 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh “2′-Fúcaisiollachtós” (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2). |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/376 ón gCoimisiún (3), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), údaraíodh 2′-Fúcaisiollachtós (“2′-FL”) sintéiseach a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosach. |
|
(4) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2201 ón gCoimisiún (5), i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97, údaraíodh 2′-FL (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál BL21 a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh. |
|
(5) |
An 23 Meitheamh 2016, chuir an chuideachta Glycom A/S an Coimisiún ar an eolas, de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97, go raibh sé ar intinn aici 2′-FL (foinse mhiocróbach) a tháirgtear trí choipeadh baictéarach le Escherichia coli tréithchineál K-12 a chur ar an margadh. Áiríodh 2′-Fúcaisiollachtós de thionscnamh miocróbach a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál K-12 ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha ar bhonn an fhógra sin nuair a bunaíodh an tAontas |
|
(6) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/388 ón gCoimisiún (6), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283, údaraíodh an t-athrú ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-FL (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le Escherichia coli K-12 chun na leibhéil de 2′-FL, D-Lachtós agus Défhúcaisil-D-lachtós a mhodhnú. |
|
(7) |
An 7 Iúil 2020 chuir an chuideachta Advanced Protein Technologies Corporation (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 ar athrú ar shonraíochtaí 2′-FL (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh trí choipeadh miocróbach a údarú agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032. |
|
(8) |
An 7 Iúil 2020 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin freisin go gcosnófaí staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh maidir le tástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“AMN”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh (7); tuairisc ar na hanailísí ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL (8); torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú (9); tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL (10); tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL (11); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL (12); tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL (13); staidéar ar ghéarthocsaineacht bhéil i bhfrancaigh (14); agus, staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL (15), a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 13 Deireadh Fómhair 2020, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar 2′-FL a táirgtear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe Corynebacterium glutamicum ATCC 13032. |
|
(10) |
An 26 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le Sábháilteacht 2′-fúcaisiollachtóis (2′-FL) a tháirgtear le tréithchineál díorthach (APC199) de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 (16) i gcomhréir le ceanglais Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(11) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le 2’-FL a tháirgtear trí choipeadh miocróbach agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 go bhfuil sé sábháilte nuair a úsáidtear é faoi na coinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. Dá bhrí sin, is leor an foras sa tuairim eolaíoch sin chun a shuí go gcomhlíonann 2’-FL a tháirgtear trí choipeadh miocróbach, agus úsáid á baint as tréithchineál díorthach géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 na coinníollacha chun é a chur ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear é faoi choinníollacha úsáide atá údaraithe faoi láthair. |
|
(12) |
Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire go raibh a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar staidéir agus sonraí eolaíocha ó thástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“AMN”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh; an tuairisc ar na hanailísí ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL; torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL; an tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL, an tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL; agus an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL, atá i gcomhad an iarratasóra, nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná a chonclúid a bhaint amach dá n-uireasa. |
|
(13) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na staidéir agus na sonraí sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha a bheith aige ina leith i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283. |
|
(14) |
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha aige i leith na staidéar agus na sonraí eolaíocha ar thástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“AMN”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh, an tuairisc ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL; torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL; an tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL, faoin dlí náisiúnta an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh. |
|
(15) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh bunús leordhóthanach tugtha ag an iarratasóir gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na staidéir agus na sonraí ar thástálacha athshondais mhaighnéadaigh núicléach (“NMR”) chun aitheantas 2′-FL a chinneadh; an tuairisc ar na hanailísí ar sheicheamh géiniteach an tréithchineáil táirgthe ghéinmhodhnaithe 2′-FL; torthaí na n-anailísí chun neamhláithreacht cealla inmharthana den tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a dheimhniú; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le 2′-FL, an tástáil saofa crómasóim in vitro le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le 2′-FL; an tástáil micreanúicléis in vitro i limficít dhaonna le 2′-FL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le 2′-FL, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun 2′-FL a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
|
(16) |
Mar sin féin, maidir leis 2′-FL a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 agus an tagairt do na sonraí eolaíocha atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ina dhiaidh sin ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go mbeidh a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin. |
|
(17) |
Maidir leis na hathruithe ar shonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-Fúcaisiollachtós (foinse mhiocróbach) chun 2′-FL a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú, is leor an foras san fhaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás chun a shuí go bhfuil na hathruithe sin i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus gur cheart iad a fhormheas. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir. |
|
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Is í an chuideachta “Advanced Protein Technologies Corporation” (17) amháin atá údaraithe an bia núíosach 2′-Fúcaisiollachtós (foinse mhiocróbach) a tháirgtear le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ar feadh tréimhse 5 bliana ó 16 Bealtaine 2023, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt a dhéanamh do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú “Advanced Protein Technologies Corporation”.
Airteagal 3
Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe aon iarratasóir ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú “Advanced Protein Technologies Corporation”.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/376 ón gCoimisiún an 11 Márta 2016 lena n-údaraítear 2′-O-fúcaisiollachtós a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2016, lch. 27).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bia núíosach agus comhábhair bhia núíosacha (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2201 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2017 lena n-údaraítear 2′-fúcaisiollachtós a tháirgtear le Escherichia coli tréithchineál BL21 a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosaigh faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 313, 29.11.2017, lch. 5).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/388 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena n-údaraítear athrú maidir le sonraíochtaí an bhia núíosaigh 2′-Fúcaisiollachtós a tháirgtear le Escherichia coli K-12 faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 70, 12.03.2019, lch. 21).
(7) Gyeonggi Busness & Science Accelerator (2021 nár foilsíodh).
(8) Advanced Protein Technologies Corporation (2021, nár foilsíodh).
(9) Advanced Protein Technologies Corporation (2021, nár foilsíodh).
(10) Biotoxtech Company, Ltd. (2019a, nár foilsíodh).
(11) Biotoxtech Company, Ltd. (2019b, nár foilsíodh).
(12) Biotoxtech Company, Ltd. (2019c, nár foilsíodh).
(13) GenEvolutioN (2021, nár foilsíodh).
(14) Biotoxtech Company, Ltd. (2019d, nár foilsíodh).
(15) Biotoxtech Company, Ltd. (2019e, nár foilsíodh).
(16) EFSA Journal [Iris EPSA] 2022;20(12)7647.
(17) Seoladh: 7th Floor GyeongGi-BioCenter, 147, Gwanggyo-ro, Yeongtong-gu, Suwon-si Gyeonggi-do, 16229 An Chóiré Theas.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh 2′-Fúcaisiollachtóis (foinse mhiocróbach):
|
“Sonraíochtaí |
|
Cosaint sonraí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Sainmhíniú:
|
2′-Fúcaisiollachtós a tháirgtear leis an tréithchineál géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 arna údarú an 16 Bealtaine 2023. Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283. Iarratasóir: “Advanced Protein Technologies Corporation”, 7th Floor GyeongGi-BioCenter, 147, Gwanggyo-ro, Yeongtong-gu, Suwon-si Gyeonggi-do, 16229 An Chóiré Theas. Is é “Advanced Protein Technologies Corporation” amháin atá údaraithe chun 2′-Fúcaisiollachtós a tháirgtear le tréithchineál géinmhodhnaithe de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt a dhéanamh don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú “Advanced Protein Technologies Corporation”. Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 16 Bealtaine 2028.” |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2′-Fúcaisiollachtós (foinse mhiocróbach) |
Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe Escherichia coli K-12 |
Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe Escherichia coli BL-21 |
Foinse:: Tréithchineál géinmhodhnaithe Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Tuairisc: Is púdar idir bán agus neasbhán a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch 2′-Fúcaisiollachtós. Íonacht:
Critéir mhicribhitheolaíocha:
|
Tuairisc: Is púdar atá idir bán agus neasbhán 2′-Fúcaisiollachtós agus is tuaslagán uiscí gan dath go beagán buí é an tuaslagán uiscí ina fhoirm tiúchain leachtaigh (45 % ± 5 % w/v). Déantar 2′-Fúcaisiollachtós a tháirgeadh trí phróiseas micribhitheolaíoch. Íonacht:
Miotail Throma:
Critéir mhicribhitheolaíocha:
|
Tuairisc: Is púdar idir bán agus neasbhán/dath an eabhair a tháirgtear trí phróiseas micribhitheolaíoch 2′-Fúcaisiollachtós. Íonacht:
Éilleáin:
Critéir mhicribhitheolaíocha:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
26.4.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 111/23 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/860 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Aibreán 2023
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, an dearbhú bainistíochta, an comhlacht comhordúcháin, an comhlacht deimhniúcháin, agus forálacha áirithe i ndáil le CERT agus CETFT
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 11(2), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), Airteagal 12(4), Airteagal 53(2), Airteagal 55(7), agus Airteagail 82, 92 agus 100 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le foilsiú faisnéise faoi thairbhithe an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (“trédhearcacht”). |
|
(2) |
Chun rochtain an phobail i gcoitinne a éascú agus chun rochtain ar fhaisnéis fhoilsithe faoi thairbhithe CERT agus CETFT a mhéadú, ba cheart an fhaisnéis a fhoilsíonn na Ballstáit ar a suíomhanna gréasáin a bheith ar fáil freisin i gceann amháin ar a laghad de thrí theanga oibre an Choimisiúin. |
|
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 44 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 go mbaileoidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ó thairbhithe chun iad a shainaithint, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, chun an grúpa a shainaithint. Ba cheart a shoiléiriú nár cheart don Bhallstát ach ainm agus uimhir CBL nó uimhir aitheantais chánach an mháthaireintitis a fhoilsiú ex post. Dá bhrí sin, ba cheart an tAirteagal sin a cheartú dá réir. |
|
(4) |
Chun an t–ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, i dtaca leis na híocaíochtaí uile, lena n-áirítear na híocaíochtaí sin a íocadh le haghaidh bhliain airgeadais 2023 ina hiomláine ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart a shoiléiriú gur cheart foirm choiteann amháin a úsáid chun faisnéis faoi thairbhithe CERT agus CETFT a fhoilsiú ó 2024 ar aghaidh. |
|
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 (4) ón gCoimisiún le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, níor cuireadh san áireamh ann gur gá leanúint d’fheidhm a bheith ag forálacha áirithe maidir leis an gcaiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) suas leis an mbliain féilire 2022 agus an bhliain sin san áireamh, maidir le bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), (AE) Uimh. 229/2013 (7), (AE) Uimh. 1308/2013 (8) agus (AE) Uimh. 1144/2014 (9) go dtí an 31 Nollaig 2022, maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin, agus a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Leis sin, cruthaíodh bearna dhlíthiúil. |
|
(6) |
Agus Airteagal 59 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 is infheidhme maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh na mblianta airgeadais 2021, 2022 agus 2023 á choinneáil ar bun, níl feidhm ag Caibidil VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, a bhaineann le trédhearcacht, ach amháin maidir le híocaíochtaí a dhéantar ón mbliain airgeadais 2024 ar aghaidh. Dá réir sin, níor cuireadh forálacha idirthréimhseacha Airteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/2116 san áireamh go leordhóthanach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 agus leis sin, cruthaíodh bearna dhlíthiúil le haghaidh bhliain airgeadais 2023. |
|
(7) |
Ní mór raon feidhme agus dáta chur i bhfeidhm na bhforálacha lena mbaineann de Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 agus (AE) Uimh. 908/2014 a cheartú. Cé gurb iad na forálacha sin a leagtar síos in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 agus in Airteagal 57 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 fós na forálacha a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le foilsiú faoin 31 Bealtaine 2023, tá feidhm ag na ceanglais nua maidir le foilsiú i dtaca leis na hoibleagáidí foilseacháin ón 31 Bealtaine 2024, agus dá bhrí sin le haghaidh bhliain airgeadais 2023. |
|
(8) |
Chun soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú maidir leis an bhfaisnéis atá le cur in iúl do na tairbhithe, ní mór Airteagal 61 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a cheartú. |
|
(9) |
Ba cheart a shoiléiriú freisin, an fhaisnéis maidir le híocaíochtaí le haghaidh bearta nua nó cineálacha idirghabhálacha a d’fhéadfadh a bheith indéanta ar bhonn reachtaíocht a bheidh ann amach anseo i réimse an bheartais talmhaíochta, gur cheart do na Ballstáit í a fhoilsiú freisin fiú mura bhfuil an beart nó an cineál idirghabhála ar áireamh sa liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128. |
|
(10) |
Chun an gá atá le cur i bhfeidhm leanúnach forálacha áirithe maidir leis an gcaiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a chur san áireamh, chun tarchur faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú, agus chun comhleanúnachas a áirithiú san aistriú chuig an gcreat reachtach atá ann faoi láthair is infheidhme ón 1 Eanáir 2023, níor cheart do na Ballstáit ach aon dearbhú bainistíochta amháin a chur isteach, ar dearbhú bainistíochta é lena gcumhdaítear an caiteachas faoi Rialachán (AE) 2021/2116, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 freisin. Dá bhrí sin, ní mór Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a cheartú. |
|
(11) |
Ba cheart ceartúcháin áirithe a dhéanamh in Iarscríbhinní VIII agus IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 chun foclaíocht aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an ghnímh. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a leasú agus a cheartú dá réir. |
|
(13) |
Ós rud é go ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir le ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 a bhfuil feidhm acu ón 1 Eanáir 2023, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag na ceartúcháin ón 1 Eanáir 2023. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 58 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4. Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit agus i gceann amháin de thrí theanga oifigiúla an Choimisiúin.”
Airteagal 2
Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Foilseoidh an Ballstát ex-post an fhaisnéis maidir le sainaithint grúpaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c), den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116.” |
|
(2) |
in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. An fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 98 de Rialachán (AE) 2021/2116 i ndáil le hAirteagal 49(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) go (l), de Rialachán (AE) 2021/1060 agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 104(1), an dara fomhír, pointí (a)(i) go (iv), de Rialachán (AE) 2021/2116, foilseofar iad i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, amhail CSV nó XLXS, agus beidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo inti, lena n-áirítear cód na hoibríochta agus na bearta a léirítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.” |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61: “Airteagal 61 Faisnéis don tairbhí Soláthrófar an fhaisnéis faoi na tairbhithe dá dtagraítear in Airteagal 99 de Rialachán (AE) 2021/2116 trína háireamh sna foirmeacha iarratais chun maoiniú a fháil ó CERT nó CETFT, nó ar bhealach eile ag an am a bhailítear na sonraí.” |
|
(4) |
in Airteagal 64, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):
|
|
(5) |
in Airteagal 65, an tríú mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
|
|
(6) |
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní I, VIII agus IX. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Aibreán 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 255, 28.8.2014, lch. 59).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).
(10) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Dearbhú bainistíochta – Gníomhaireacht Íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4
Cuirimse, ..., Stiúrthóir na Gníomhaireachta Íocaíochta ..., na cuntais le haghaidh na Gníomhaireachta Íocaíochta seo le haghaidh na bliana airgeadais 16/10/xx go 15/10/xx+1 i láthair.
Dearbhaím, bunaithe ar mo bhreithiúnas féin agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil dom, lena n-áirítear, inter alia, torthaí obair na seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach, na nithe seo a leanas:
|
— |
tugann na cuntais atá á gcur i láthair léargas atá fíor, iomlán agus beacht, ar feadh m’eolais, ar an gcaiteachas agus ar na fáltais le haghaidh na bliana airgeadais dá dtagraítear thuas. Go háirithe, rinneadh gach fiach, réamhíocaíocht, ráthaíocht agus stoc is eol dom a thaifeadadh sna cuntais, agus cuireadh gach fáltas a bailíodh i ndáil le CERT agus CETFT chun sochar na gcistí iomchuí go cuí; |
|
— |
Tá córas curtha i bhfeidhm agam a chuireann dearbhú réasúnach ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:
|
Úsáideadh an caiteachas a iontráladh sna cuntais chun na gcríoch a ceapadh dó, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/2116.
Thairis sin, deimhním go bhfuil bearta éifeachtacha agus comhréireacha frithchalaoiseacha faoi Airteagal 59 de Rialachán (AE) 2021/2116 i bhfeidhm agus go gcuireann siad na rioscaí sainaitheanta san áireamh.
Tá an ráthaíocht sin, áfach, faoi réir na bhforchoimeádas seo a leanas:
Ar deireadh, deimhním nach bhfuil mé ar an eolas faoi aon cheist nach bhfuil nochta agus a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do leas airgeadais an Aontais.
Síniú
IARSCRÍBHINN VIII
FAISNÉIS CHUN CRÍCHE TRÉDHEARCACHTA DE BHUN AIRTEAGAL 58
|
Ainm an tairbhí/an eintitis dhlítheanaigh/an chomhlachais |
Sloinne an tairbhí |
Más cuid de ghrúpa é, ainm an mháthaireintitis agus an uimhir CBL nó an uimhir aitheantais chánach |
Bardasacht |
Cód an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX |
Cuspóir sonrach (1) |
Dáta tosaigh (2) |
Dáta deiridh (3) |
Méid in aghaidh oibríochta faoi CERT |
Iomlán mhéid CERT don tairbhí sin |
Méid in aghaidh oibríochta faoi CETFT |
Iomlán mhéid CETFT don tairbhí sin |
Méid in aghaidh oibríochta faoi chómhaoiniú |
Iomlán an mhéid chómhaoinithe don tairbhí sin |
Iomlán mhéid CETFT agus an mhéid chómhaoinithe |
Iomlán mhéid an Aontais agus iomlán an mhéid chómhaoinithe don tairbhí sin |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
50 |
|
70 |
|
40 |
110 |
160 |
|
|
|
|
|
Cód A |
|
|
|
20 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cód B |
|
|
|
|
|
40 |
|
25 |
|
|
|
|
|
|
|
|
Cód C |
|
|
|
30 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cód D |
|
|
|
|
|
30 |
|
15 |
|
|
|
IARSCRÍBHINN IX
AN BEART/CINEÁL NA hIDIRGHABHÁLA/NA hEARNÁLA DÁ dTAGRAÍTEAR IN Airteagal 58 (4)
|
Cód an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála |
Ainm an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála |
Cuspóir an bhirt/chineál na hidirghabhála/na hearnála |
||||||||||||
|
|
Oibríochtaí i bhfoirm cineálacha idirghabhálacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/2115 |
|
||||||||||||
|
|
|
|
||||||||||||
|
I.1 |
Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta |
Is íocaíocht limistéir atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht bhunúsach ioncaim. Is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht ar fud an Aontais chun cur leis an tslándáil bia. |
||||||||||||
|
I.2 |
Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta |
Is íocaíocht limistéir atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta. Is é is aidhm di dáileadh íocaíochtaí díreacha a fheabhsú trí thacaíocht a athdháileadh ó fheirmeacha móra chuig feirmeacha beaga nó meánmhéide. |
||||||||||||
|
I.3 |
Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga |
Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga lena soláthraítear tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga atá ag bunú gabháltas nua den chéad uair riamh. Is é is aidhm di earnáil na talmhaíochta a nuachóiriú trí dhaoine óga a mhealladh agus a bhforbairt gnó a fheabhsú. |
||||||||||||
|
I.4 |
Scéimeanna maidir leis an aeráid agus maidir leis an gcomhshaol |
Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh iad éiciscéimeana. Is é is aidhm dóibh tacaíocht ioncaim a dhíriú ar chleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don chomhshaol, don aeráid agus do leas ainmhithe. |
||||||||||||
|
I.5 |
Íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga (Airteagal 28) |
Tá na híocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga díchúpláilte ó tháirgeadh agus tagann siad in ionad gach íocaíochta dírí eile do na tairbhithe lena mbaineann. Is é is cuspóir do na híocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an t-ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe méideanna beaga agus údaráis bainistíochta araon. |
||||||||||||
|
|
|
|
||||||||||||
|
I.6 |
Tacaíocht ioncaim chúpláilte |
Cumhdaítear leis an tacaíocht ioncaim chúpláilte íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir nó an chinn atá nasctha le táirgeadh ar leith. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an iomaíochas, ar an inbhuanaitheacht, agus/nó ar an gcáilíocht in earnálacha áirithe agus táirgí a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna sóisialta, eacnamaíocha nó comhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo. |
||||||||||||
|
I.7 |
Íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis |
Is íocaíocht chúpláilte í an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis a dheonaítear in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Is scéim éigeantach í le haghaidh Ballstát de chuid táirgeoirí cadáis chun tacú le táirgeadh an chadáis i réigiúin ina bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta. |
||||||||||||
|
|
Na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 |
|
||||||||||||
|
II.1 |
Scéim na híocaíochta bunúsaí (Teideal III, Caibidil 1, Ranna 1, 2, 3 agus 5) |
Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í scéim na híocaíochta bunúsaí a oibrítear ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta a leithdháiltear ar fheirmeoirí. Is é is aidhm di tacú le hioncam feirmeoirí, ioncam atá, ar an meán, go mór faoin meánioncam sa chuid eile den gheilleagar. |
||||||||||||
|
II.2 |
An scéim íocaíochta aonair limistéir (Airteagal 36) |
Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an scéim íocaíochta aonair limistéir a íoctar le haghaidh heicteáir incháilithe a dhearbhaíonn feirmeoir. Is é is aidhm di tacú le hioncam feirmeoirí, ioncam atá, ar an meán, go mór faoin meánioncam sa chuid eile den gheilleagar. |
||||||||||||
|
II.3 |
An íocaíocht athdháilte (Teideal III, Caibidil 2) |
Is íocaíocht dhíchúpláilte limistéir í an íocaíocht athdháilte. Is é is aidhm di tacú le feirmeacha beaga trí thacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh maidir lena gcéad heicteáir a dhearbhaítear faoin íocaíocht bhunúsach. |
||||||||||||
|
II.4 |
An íocaíocht le haghaidh cleachtais talmhaíochta atá tairbhiúil don chomhshaol agus don aeráid (Teideal III, Caibidil 3) |
Is íocaíocht dhíchúpláilte limistéir é an glasú a íoctar in aghaidh an heicteáir. Is é is aidhm dó trí chleachtas talmhaíochta atá i bhfabhar na haeráide agus an chomhshaoil a chur i bhfeidhm: éagsúlú barr, féarthalamh buan a chothabháil agus limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht a bheith ann ar an limistéar talmhaíochta |
||||||||||||
|
II.5 |
An íocaíocht le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu (Teideal III, Caibidil 4) |
Is íocaíocht limistéarbhunaithe dhíchúpláilte í an íocaíocht le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu, a sholáthrófar sa bhreis ar an íocaíocht bhunúsach d’fheirmeoirí. Is é is aidhm di tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí atá lonnaithe i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu |
||||||||||||
|
II.6 |
An íocaíocht d’fheirmeoirí óga (Teideal III, Caibidil 5) |
Is íocaíocht atá díchúpláilte ó tháirgeadh í an íocaíocht d’fheirmeoirí óga lena soláthraítear tacaíocht ioncaim bhreise d’fheirmeoirí óga a bhunaigh gabháltas nua den chéad uair riamh. Is é is aidhm di cruthú agus forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua in earnáil na talmhaíochta a chur chun cinn, rud atá fíorthábhachtach le haghaidh iomaíocht na hearnála talmhaíochta san Aontas. |
||||||||||||
|
II.7 |
An tacaíocht chúpláilte dheonach (Teideal IV, Caibidil 1) |
Cumhdaítear leis an tacaíocht chúpláilte dheonach íocaíochtaí in aghaidh an heicteáir nó an chinn atá nasctha le táirgeadh ar leith. Is é is aidhm di feabhas a chur ar an iomaíochas agus ar an inbhuanaitheacht de chuid earnálacha a bhfuil tábhacht shonrach ag baint leo ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta nó chomhshaoil agus a bhfuil deacrachtaí áirithe ag baint leo. |
||||||||||||
|
II.8 |
An íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis (Teideal IV, Caibidil 2) |
Is íocaíocht chúpláilte í an íocaíocht i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis a dheonaítear in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Is scéim éigeantach í le haghaidh Ballstáit a tháirgeann cadás d’fhonn tacú lena tháirgeadh i réigiúin ina bhfuil sé tábhachtach don gheilleagar talmhaíochta. |
||||||||||||
|
II.9 |
Scéim na bhfeirmeoirí beaga (Teideal V) |
Tá scéim na bhfeirmeoirí beaga díchúpláilte ó tháirgeadh agus tagann sí in ionad gach íocaíochta dírí eile do na tairbhithe lena mbaineann. Is é is aidhm di dáileadh níos cothroime tacaíochta a chur chun cinn agus an t-ualach riaracháin a laghdú le haghaidh tairbhithe méideanna beaga agus údaráis bainistíochta araon. |
||||||||||||
|
II.10 |
Na bearta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (5) |
Is é is aidhm do na híocaíochtaí díreacha seo tacaíocht a dhíchúpláil ó tháirgeadh barr agus beostoic d’fhonn tacaíocht ioncaim na bhfeirmeoirí a fheabhsú. |
||||||||||||
|
|
Oibríochtaí i bhfoirm idirghabhálacha earnálacha dá bhforáiltear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2115 |
|
||||||||||||
|
III.1 |
San earnáil torthaí agus glasraí (Airteagail 49 go 53) |
Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hearnála torthaí agus glasraí. Déantar é trí eagraíochtaí táirgeoirí nó trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas. |
||||||||||||
|
III.2 |
In earnáil na dtáirgí beachaireachta (Airteagail 54, 55 agus 56) |
Is é is aidhm dó sin tacú le beachairí, le cáilíocht agus le margadh le haghaidh táirgí beachaireachta. |
||||||||||||
|
III.3 |
In earnáil an fhíona (Airteagail 57 go 60) |
Is é is aidhm dó sin tacú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil an fhíona. Déanann na Ballstáit cláir a reáchtáil ar an leibhéal náisiúnta mar chuid dá gClár Straitéiseach agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Is tairbhithe iad na fíonsaothraithe chomh maith leis na hoibreoirí déanta fíona agus trádála fíona nó a gcuid comhlachas/eagraíochtaí. Féadfaidh na hoibríochtaí atá le formheas ag na Ballstáit a bheith bliantúil nó ilbhliantúil. |
||||||||||||
|
III.4 |
In earnáil na leannlusanna (Airteagail 61 agus 62) |
Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil na leannlusanna trí eagraíochtaí táirgeoirí nó trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas. |
||||||||||||
|
III.5 |
In earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird (Airteagail 63, 64 agus 65) |
Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird trí eagraíochtaí táirgeoirí agus trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas. |
||||||||||||
|
III.6 |
In earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h), (k), (m), (o) go (t) agus (w), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus in earnálacha lena gcumhdaítear táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 (Airteagail 66, 67 agus 68) |
Is é is aidhm dó sin tacú le comhchruinniú soláthair, iomaíochas agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha gaolmhara trí eagraíochtaí táirgeoirí, trína gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, chomh maith le Grúpaí Táirgeoirí a cheadaíonn na Ballstáit go sealadach, agus trí chláir oibríochtúla a reáchtáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115. Is tairbhithe iad na heagraíochtaí táirgeoirí, comhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó na grúpaí táirgeoirí. Maireann na cláir idir 3 bliana agus 7 mbliana agus déantar iad a bhainistiú ar bhonn na bliana airgeadais. Ní mór do na Ballstáit gach uile clár a fhormheas. |
||||||||||||
|
|
Na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 |
|
||||||||||||
|
IV.1 |
Idirghabháil phoiblí (Caibidil I, Roinn 2) |
I gcás ina dtiteann praghsanna margaidh le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe faoi leibhéal réamhchinntithe, féadfaidh údaráis phoiblí na mBallstát idirghabháil a dhéanamh chun an margadh a chobhsú trí sholáthairtí breise a cheannach, agus féadfar iad a stóráil ansin go dtí go méadóidh an praghas margaidh. Is iad na heintitis nach mór a fhoilsiú na heintitis a bhaineann leas as an gcabhair, is é sin le rá, na heintitis ar ceannaíodh an táirge uathu. |
||||||||||||
|
IV.2 |
Cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (Caibidil I, Roinn 3) |
Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacaíocht shealadach a thabhairt do tháirgeoirí táirgí áirithe maidir le costas na stórála príobháidí. |
||||||||||||
|
IV.3 |
Scéim scoile an Aontais chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar (Caibidil II, Roinn 1) |
Is é is aidhm don chabhair a sholáthraítear tacú le dáileadh táirgí talmhaíochta ar pháistí i naíolanna, i mbunscoileanna nó i meánscoileanna d’fhonn a dtomhaltas torthaí, glasraí agus bainne a mhéadú agus a nósanna itheacháin a fheabhsú. |
||||||||||||
|
IV.4 |
Bearta eisceachtúla (Caibidil I, Ranna 1, 2 agus 3) |
Is é is aidhm do na bearta eisceachtúla a dheonaítear faoi Airteagal 219(1), Airteagal 220(1) agus Airteagal 221(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tacú le margaí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 5(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116. |
||||||||||||
|
IV.5 |
Cabhair san earnáil torthaí agus glasraí (Caibidil II, Roinn 3) |
Spreagtar saothróirí chun a bheith páirteach in eagraíochtaí táirgeoirí. Faigheann siad seo cabhair as cláir oibríochtúla a chur chun feidhme, bunaithe ar straitéis náisiúnta. Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear luaineacht ioncaim ó ghéarchéimeanna a mhaolú freisin. Cuirtear cabhair ar fáil le haghaidh bearta coiscthe géarchéime agus bearta bainistithe géarchéime faoi chláir oibríochtúla, mar atá: aistarraingt táirgí, glasbhuaint/neamhbhuaint, uirlisí cur chun cinn agus cumarsáide, oiliúint, árachas buainte, cabhair chun iasachtaí bainc a chur faoi urrús agus costais riaracháin maidir le cistí frithpháirteacha (cistí cobhsaithe faoi úinéireacht feirmeora) a chur ar bun a chumhdach. |
||||||||||||
|
IV.6 |
Tacaíocht in earnáil an fhíona (Caibidil II, Roinn 4) |
Is é is aidhm do na cineálacha cabhrach éagsúla a dheonaítear cothromaíocht an mhargaidh a áirithiú agus iomaíochas fhíon an Aontais a mhéadú: tacaíocht le haghaidh fíon a chur chun cinn ar mhargaí tríú tíortha agus faisnéis maidir le tomhaltas freagrach fíona agus maidir leis an gcóras de chuid an Aontais, Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (STFC) agus Tásc Geografach faoi Chosaint (TGFC); cómhaoiniú costas chun fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú, le haghaidh infheistíochtaí i bhfíonlanna agus i saoráidí margaíochta agus le haghaidh nuálaíochta freisin; tacaíocht le haghaidh glasbhuainte, cistí frithpháirteacha, árachas buainte agus driogadh fotháirgí. |
||||||||||||
|
IV.7 |
Tacaíocht in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird (Caibidil II, Roinn 2) |
Tacaíocht a dheonaítear do na cláir oibre 3 bliana atá le tarraingt suas ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: monatóireacht ar an margadh agus bainistiú an mhargaidh in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird; feabhas a chur ar an tionchar atá ag saothrú ológ ar an gcomhshaol; feabhas a chur ar an iomaíochas i dtaca le saothrú ológ trí nuachóiriú; cáilíocht táirgthe na hola olóige agus na n-ológ boird a fheabhsú; an córas inrianaitheachta, deimhniú agus cosaint cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird; faisnéis a scaipeadh maidir leis na bearta atá á gcur i gcrích ag eagraíochtaí táirgeoirí, ag comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí nó ag eagraíochtaí idirchraoibhe chun feabhas a chur ar cháilíocht na hola olóige agus na n-ológ boird. |
||||||||||||
|
IV.8 |
Cabhair in earnáil na beachaireachta (Caibidil II, Roinn 5) |
Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear tacú leis an earnáil sin trí chláir bheachaireachta d’fhonn táirgeadh agus margaíocht táirgí beachaireachta a fheabhsú. |
||||||||||||
|
IV.9 |
Cabhair in earnáil na leannlusanna (Caibidil II, Roinn 6) |
Cabhair arna deonú chun tacú le heagraíochtaí táirgeoirí leannlusanna. |
||||||||||||
|
|
Oibríocht i bhfoirm cineálacha idirghabhálacha forbartha tuaithe dá bhforáiltear in Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2021/2115 |
|
||||||||||||
|
V.1 |
Gealltanais chomhshaoil, aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile |
Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear feirmeoirí, sealbhóirí foraoise agus bainisteoirí talún eile a chúiteamh as na costais bhreise agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le gealltanais dheonacha chomhshaoil, aeráide agus gealltanais bhainistíochta dheonacha eile arna ngabháil de láimh a théann níos faide ná na caighdeáin éigeantacha agus a rannchuidíonn le cuspóirí sonracha CBT, go háirithe i réimse an chomhshaoil, i réimse na haeráide agus i réimse leas na n-ainmhithe. |
||||||||||||
|
V.2 |
Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar |
Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear feirmeoirí a chúiteamh as na costais bhreise, nó as cuid díobh, agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar, ar nós limistéir shléibhtiúla. |
||||||||||||
|
V.3 |
Míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar |
Is é is aidhm don chabhair arna deonú feirmeoirí, sealbhóirí foraoise agus bainisteoirí talún eile a chúiteamh as na costais bhreise, nó as cuid díobh, agus as an ioncam ligthe thar ceal a bhaineann le míbhuntáistí áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann a fhorchuirtear le ceanglais a thagann as cur chun feidhme Threoracha Natura 2000 (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle (6) agus Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7)) nó, le haghaidh limistéir talmhaíochta, na Creat-Treorach Uisce (Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8)). |
||||||||||||
|
V.4 |
Infheistíochtaí, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú |
Is é is aidhm don chabhair arna dheonú tacú le hinfheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú, a rannchuidíonn le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach. |
||||||||||||
|
V.5 |
Feirmeoirí óga, feirmeoirí nua agus gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó |
Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacú le feirmeoirí óga, feirmeoirí nua agus, faoi choinníollacha áirithe, gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó d’fhonn rannchuidiú le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach. |
||||||||||||
|
V.6 |
Uirlisí bainistíochta riosca |
Is é is aidhm don chabhair arna deonú uirlisí bainistíochta riosca a chur chun cinn, uirlisí a chabhraíonn le feirmeoirí rioscaí táirgthe agus ioncaim a bhaineann lena ngníomhaíocht talmhaíochta nach bhfuil aon smacht acu orthu a bhainistiú. |
||||||||||||
|
V.7 |
Comhar |
Is é is aidhm don chabhair arna deonú tacú le comhar d’fhonn rannchuidiú le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach. Áirítear leis sin tacaíocht comhair chun:
|
||||||||||||
|
V.8 |
Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise |
Is é is aidhm don chabhair a dheonaítear tacú le gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus scaipthe faisnéise a rannchuidíonn le cuspóir amháin nó níos mó de chuspóirí sonracha CBT a bhaint amach, lena ndírítear go sonrach ar chosaint an dúlra, an chomhshaoil agus na haeráide, lena n-áirítear oideachas agus gníomhaíochtaí comhshaoil gníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas agus feasacht ar an gcomhshaol agus le gnólachtaí agus pobail tuaithe a fhorbairt. Féadfar a áireamh ar ghníomhaíochtaí den sórt sin gníomhaíochtaí chun nuálaíocht, oiliúint agus comhairle a chur chun cinn chomh maith le malartú agus scaipeadh eolais agus faisnéise. |
||||||||||||
|
|
Na bearta dá bhforáiltear i dTeideal III, Caibidil I, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 |
|
||||||||||||
|
VI.1 |
Aistriú eolais agus gníomhaíochtaí faisnéise (Airteagal 14) |
Baineann an beart seo le hoiliúint agus le cineálacha eile gníomhaíochtaí amhail ceardlanna, cóitseáil, gníomhaíochtaí taisealbhaidh, gníomhaíochtaí faisnéise, scéimeanna gearrthéarmacha malartaithe agus cuairte feirme agus foraoise in ord. Is é is aidhm dó feabhas a chur ar acmhainneacht dhaonna de chuid daoine atá ag gabháil d’earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoise, de chuid bainisteoirí talún agus de chuid fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a oibríonn i limistéir thuaithe. |
||||||||||||
|
VI.2 |
Seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme (Airteagal 15) |
Is é is aidhm don bheart seo feabhas a chur ar bhainistíocht inbhuanaithe agus feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil na ngabháltas feirme agus foraoise agus na FBManna a oibríonn i limistéir thuaithe, trí úsáid a bhaint as seirbhísí comhairle chomh maith le bunú seirbhísí comhairle, seirbhísí bainistithe feirme agus seirbhísí faoisimh feirme. Leis sin, cuirtear oiliúint comhairleoirí chun cinn freisin. |
||||||||||||
|
VI.3 |
Scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia (Airteagal 16) |
Is é is aidhm don bheart seo tacú le gach iontrálaí nua i scéimeanna cáilíochta an Aontais agus sna scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus deonacha. Féadfaidh tacaíocht costais a eascraíonn as gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a chumhdach freisin d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht tomhaltóirí ar tháirgí, agus ar shonraíochtaí na dtáirgí sin, a tháirgtear faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais agus na scéimeanna cáilíochta náisiúnta. |
||||||||||||
|
VI.4 |
Infheistíochtaí i sócmhainní fisiceacha (Airteagal 17) |
Is é is aidhm don bheart seo feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil gabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe a fheabhsú, éifeachtúlacht earnálacha margaíochta agus próiseála na dtáirgí talmhaíochta a fheabhsú, bonneagar a bhfuil gá leis le haghaidh fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur ar fáil agus tacú le hinfheistíochtaí neamhthuillmheacha is gá chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach. |
||||||||||||
|
VI.5 |
Acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a ndearnadh damáiste di de bharr tubaistí nádúrtha a athbhunú agus gníomhaíochtaí iomchuí coisctheacha a thabhairt isteach (Airteagal 18) |
Is é is aidhm don bheart seo feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil gabháltas talmhaíochta agus fiontar tuaithe a fheabhsú, éifeachtúlacht earnálacha margaíochta agus próiseála na dtáirgí talmhaíochta a fheabhsú, bonneagar a bhfuil gá leis le haghaidh fhorbairt na talmhaíochta agus na foraoiseachta a chur ar fáil agus tacú le hinfheistíochtaí neamhthuillmheacha is gá chun aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach. |
||||||||||||
|
VI.6 |
Forbairt feirme agus gnó (Airteagal 19) |
Is é is aidhm don bheart seo tacú le cruthú agus forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha inmharthana nua amhail gabháltais nua a oibrítear ag feirmeoirí óga, gnólachtaí nua i limistéir thuaithe, nó forbairt feirmeacha beaga. Tugtar tacaíocht freisin d’fhiontair nua nó reatha le haghaidh infheistíochtaí agus le haghaidh forbairt gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta atá riachtanach le haghaidh fhorbairt agus iomaíochas na limistéar tuaithe agus gach feirmeora a éagsúlaíonn a ngníomhaíochtaí talmhaíochta. Soláthraítear leis an mbeart íocaíochtaí d’fheirmeoirí atá incháilithe do scéim na bhfeirmeoirí beaga a aistríonn a ngabháltas go buan chuig feirmeoir eile. |
||||||||||||
|
VI.7 |
Seirbhísí bunúsacha agus athnuachan sráidbhailte i limistéir thuaithe (Airteagal 20) |
Is é is aidhm don bheart seo tacú leis na hidirghabhálacha lena spreagtar fás agus lena gcuirtear inbhuanaitheacht chomhshaoil agus shocheacnamaíoch de chuid limistéar tuaithe chun cinn, go hairithe trí fhorbairt bonneagair áitiúil (lena n-áirítear leathanbhanda, fuinneamh inathnuaite agus bonneagar sóisialta) agus trí sheirbhísí bunúsacha áitiúla, agus trí shráidbhailte a athnuachan agus trí ghníomhaíochtaí a dhírítear ar athbhunú agus uasghrádú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha freisin. Tugtar tacaíocht leis an mbeart seo chomh maith do ghníomhaíochtaí a athlonnú agus do shaoráidí a athchóiriú d’fhonn cáilíocht saoil na lonnaíochta a fheabhsú nó feidhmiú comhshaoil na lonnaíochta a mhéadú. |
||||||||||||
|
VI.8 |
Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú (Airteagal 21; Airteagail 22 go 26) |
Is é is aidhm don bheart seo infheistíochtaí a chur chun cinn i bhforbairt coillearnach, i gcosaint foraoise, i nuálaíocht san fhoraoiseacht, i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus táirgí foraoise, d’fhonn rannchuidiú le hacmhainneacht fáis de chuid limistéar tuaithe. |
||||||||||||
|
VI.9 |
Athfhoraoisiú agus cruthú coillearnacha (Airteagal 22) |
Is é is aidhm don fhobheart seo tacaíocht a chur ar fáil d’oibríochtaí foraoisithe agus do chruthú coillearnaí ar thalamh talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta. |
||||||||||||
|
VI.10 |
Córais agrafhoraoiseachta a bhunú, a athghiniúint nó a athchóiriú (Airteagal 23) |
Is é is aidhm don fhobheart seo tacú le córais agus cleachtais agrafhoraoiseachta a bhunú ina gcomhtháthaítear ilbhliantóga adhmadacha d’aon ghnó le barra agus/nó le hainmhithe ar an aonad talún céanna. |
||||||||||||
|
VI.11 |
Dochar d’fhoraoisí ó dhóiteáin foraoise, ó thubaistí nádúrtha agus ó theagmhais thurraingeacha a chosc agus a athshlánú (Airteagal 24) |
Is é is aidhm don fhobheart seo acmhainneacht foraoiseachta a athshlánú (glanadh agus athphlandáil) tar éis do dhóiteáin foraoise, do thubaistí nádúrtha eile lena n-áirítear ráig lotnaidí agus ghalair, agus do bhagairtí a bhaineann leis an athrú aeráide a tharlú, agus na tarluithe sin a chosc. |
||||||||||||
|
VI.12 |
Infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú (Airteagal 25) |
Is é is aidhm don fhobheart seo tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear feabhas ar luach comhshaoil na foraoise, lena n-éascaítear oiriúnú na bhforaoisí don athrú aeráide agus maolú na bhforaoisí ar an gcéanna, lena soláthraítear seirbhísí éiceachórais agus lena gcuirtear feabhas ar luach taitneamhachta poiblí na foraoise. Ba cheart an méadú ar luach comhshaoil na foraoise a áirithiú. |
||||||||||||
|
VI.13 |
Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoise agus i bpróiseáil, slógadh agus margaíocht táirgí foraoise (Airteagail 26) |
Is é is aidhm don fhobheart seo tacaíocht a thabhairt le haghaidh infheistíochta in innealra agus/nó trealamh a bhaineann le baint, gearradh, slógadh nó próiseáil an adhmaid roimh sháfa tionsclaíoch an adhmaid. Is é príomhchuspóir an fhobhirt seo luach eacnamaíoch na bhforaoisí a fheabhsú. |
||||||||||||
|
VI.14 |
Grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú (Airteagal 27) |
Is é is aidhm don bheart seo tacú le bunú grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí, sna blianta tosaigh go háirithe, i gcás ina thabhaítear costais bhreise ionas go dtabharfar aghaidh le chéile ar dhúshláin mhargaidh agus go neartófar an chumhacht mhargála maidir le próiseáil agus margaíocht, lena n-áirítear i margaí áitiúla. |
||||||||||||
|
VI.15 |
Agra-chomhshaoil-aeráide (Airteagal 28) |
Is é is aidhm don bheart seo bainisteoirí talún a spreagadh chun cleachtais feirmeoireachta a chur i bhfeidhm a rannchuidíonn le cosaint an chomhshaoil, an tírdhreacha agus acmhainní nádúrtha agus le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don chéanna. Féadfaidh sé baint ní hamháin le feabhsuithe ar chleachtas feirmeoireachta atá chun tairbhe an chomhshaoil ach le cleachtais tairbhiúla atá ann cheana a chothabháil chomh maith. |
||||||||||||
|
VI.16 |
Feirmeoireacht orgánach (Airteagal 29) |
Is é is aidhm don bheart seo díriú ar thacaíocht a thabhairt don tiontú ar chleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí agus/nó ar chothabháil an chéanna, d’fhonn feirmeoirí a spreagadh chun bheith rannpháirteach i scéimeanna den sórt sin, agus ar an gcaoi sin, aghaidh a thabhairt ar éileamh na sochaí go n-úsáidfear cleachtais feirmeoireachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
||||||||||||
|
VI.17 |
Íocaíochtaí Natura 2000 agus na Creat-Treorach Uisce (Airteagal 30) |
Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht chúitimh a thabhairt do thairbhithe a bhíonn thíos le míbhuntáistí ar leith mar gheall ar cheanglais éigeantacha shonracha sna limistéir lena mbaineann a eascraíonn as cur chun feidhme Threoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE agus 2000/60/CE i gcomparáid le staid na bhfeirmeoirí agus na bhforaoiseoirí i limistéir eile nach mbaineann na míbhuntáistí seo leo. |
||||||||||||
|
VI.18 |
Íocaíochtaí i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha nó eile orthu (Airteagal 31) |
Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht a thabhairt do thairbhithe a bhíonn thíos le srianta ar leith toisc go bhfuil siad lonnaithe i limistéir shléibhtiúla nó i limistéir eile a bhfuil srianta nádúrtha suntasacha nó srianta ar leith iontu. |
||||||||||||
|
VI.19 |
Leas ainmhithe (Airteagal 33) |
Is é is aidhm don bheart seo íocaíochtaí a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí de chuid gealltanais leasa ainmhithe amháin nó níos mó a dhéanamh. |
||||||||||||
|
VI.20 |
Seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise (Airteagal 34) |
Is é is aidhm don bheart seo freagairt don ghá atá ann bainistíocht inbhuanaithe agus feabhsú na bhforaoisí agus na gcoillearnach a chur chun cinn, lena n-áirítear cothabháil agus feabhsú bithéagsúlachta, acmhainní uisce agus ithreach agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus chomh maith leis sin don ghá atá ann na hacmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí amhail cineálacha éagsúla speiceas foraoise a fhorbairt d’fhonn oiriúnú do choinníollacha áitiúla ar leith. |
||||||||||||
|
VI.21 |
Comhar (Airteagal 35) |
Is é is aidhm don bheart seo cineálacha comhair a chur chun cinn ina mbíonn dhá eintiteas ar a laghad rannpháirteach agus a bhfuil sé d’aidhm acu na nithe seo a leanas a fhorbairt, i measc nithe eile: treoirthionscadail; táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua in earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta; seirbhísí turasóireachta; slabhraí soláthair gairide agus margaí áitiúla; comhthionscadail nó comhchleachtais a bhaineann leis an gcomhshaol nó leis an athrú aeráide; tionscadail le haghaidh soláthar inbhuanaithe bithmhaise; straitéisí forbartha áitiúla nach mbaineann le LEADER; pleananna bainistithe foraoise; agus éagsúlú i ngníomhaíochtaí ‘feirmeoireachta sóisialta’. |
||||||||||||
|
VI.22 |
Bainistiú riosca (Airteagal 36) |
Is sraith straitéisí nua um bainistiú rioscaí é an beart seo agus tugann sé chun tosaigh na féidearthachtaí atá ann faoi láthair chun tacú le hárachais agus cistí frithpháirteacha trí imchlúdaigh íocaíochtaí díreacha náisiúnta na mBallstát chun cabhrú le feirmeoirí atá neamhchosanta ar rioscaí méadaitheacha eacnamaíocha agus comhshaoil. Tugtar isteach leis an mbeart freisin uirlis cobhsaithe ioncaim chun cúiteamh a chur ar fáil d’fheirmeoirí atá thíos le laghdú mór ina n-ioncam. |
||||||||||||
|
VI.22a |
Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag géarchéim COVID-19 (Airteagal 39b) |
Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht shealadach a thairiscint d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar gheall ar ghéarchéim COVID-19. |
||||||||||||
|
VI.22b |
Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag ionradh na Rúise ar an Úcráin (Airteagal 39c) |
Is é is aidhm don bheart seo tacaíocht shealadach a thairiscint d’fheirmeoirí agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin. |
||||||||||||
|
VI.23 |
Íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha don Chróit a mhaoiniú (Airteagal 40) |
Is é is aidhm don bheart seo íocaíocht bhreise faoi CETFT a thairiscint do na feirmeoirí atá incháilithe d’íocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha sa Chróit. |
||||||||||||
|
VI.24 |
Tacaíocht d’fhorbairt áitiúil de chuid LEADER (forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail) (Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9)) |
Is é is aidhm don bheart seo LEADER a chaomhnú mar uirlis forbartha críochaí comhtháite ag an leibhéal foréigiúnach (‘áitiúil’) lena rannchuideofar go díreach le forbairt chríochach chothromaithe na limistéar tuaithe, atá ar cheann de chuspóirí foriomlána an bheartais forbartha tuaithe. |
||||||||||||
|
VI.25 |
Cúnamh teicniúil (Airteagail 51 go 54) |
Is é is aidhm don bheart seo an cumas a thabhairt do na Ballstáit cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí a thacaíonn le cumas riaracháin a bhaineann le bainistiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE). Leis na gníomhaíochtaí sin féadfar aghaidh a thabhairt ar ullmhú, ar bhainistiú, ar fhaireachán, ar mheastóireacht, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, ar líonrú, ar réiteach gearán agus ar rialú agus ar iniúchóireacht na gClár Forbartha Tuaithe. |
||||||||||||
|
VII.1 |
Na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 |
Is scéimeanna talmhaíochta sonracha iad bearta POSEI arb é is aidhm dóibh srianta na Réigiún is Forimeallaí a chur san áireamh de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 349 den Chonradh. Tá dhá phríomhghné i gceist leis: na socruithe soláthair sonracha agus na bearta chun tacú le táirgeadh áitiúil. Is é is aidhm don chéad phríomhghné na costais bhreise le haghaidh táirgí riachtanacha a sholáthar a eascraíonn as iargúltacht na réigiún sin a mhaolú (trí chabhair le haghaidh táirgí ón Aontas agus díolúine ó dhleachtanna ar allmhairí ó thríú tíortha) agus is é is aidhm don dara príomhghné cabhrú le forbairt na hearnála talmhaíochta áitiúla (íocaíochtaí díreacha agus bearta margaidh). Fágann POSEI freisin gur féidir cláir folláine plandaí a mhaoiniú. |
||||||||||||
|
VIII.1 |
Na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 |
Tá an réimeas le haghaidh na nOileán Beag Aeigéach cosúil le POSEI ach níl an bunús dlí céanna aige sa Chonradh agus feidhmíonn sé ar scála níos lú ná POSEI. Áirítear leis sin na socruithe soláthair sonracha (atá teoranta áfach do chabhair le haghaidh táirgí ón Aontas) agus na bearta chun tacú le gníomhaíochtaí talmhaíochta áitiúla, arb é atá iontu íocaíochtaí breise le haghaidh táirgí áitiúla atá sainithe go sonrach. |
||||||||||||
|
IX.1 |
Na bearta faisnéise agus cur chun cinn dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014 |
Maidir le bearta soláthair faisnéise agus cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta agus táirgí bia áirithe atá bunaithe ar tháirgí talmhaíochta arna gcur chun feidhme sa mhargadh inmheánach nó i dtríú tíortha mar a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014, féadfar iad a mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach ag buiséad an Aontais, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. Beidh na bearta seo i bhfoirm clár faisnéise agus cur chun cinn. |
(1) Comhfhreagróidh cuspóir sonrach na hoibríochta do chuspóir amháin nó níos mó a leagtar amach i reachtaíocht ábhartha an Aontais lena rialaítear an oibríocht lena mbaineann mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn IX. Go háirithe, comhfhreagróidh an cuspóir sonrach/na cuspóirí sonracha de chuid oibríochta faoi Rialachán (AE) 2021/2115 do na cuspóirí sonracha a leagtar síos in Airteagal 6 de agus beidh sé/siad i gcomhréir le plean CBT an Bhallstáit. Thairis sin, comhfhreagróidh an cuspóir sonrach/na cuspóirí sonracha de chuid oibríochta faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 do na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 110(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (chun tuilleadh treorach a fháil féadfaidh na Ballstáit dul i muinín an Lámhleabhair Theicniúil maidir le Creat Faireacháin agus Meastóireachta an Chomhbheartais Talmhaíochta, 2014-2020).
(2) An fhaisnéis maidir le dáta tosaigh na gcineálacha idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha, na gcineálacha idirghabhálacha le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus na mbeart faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.
(3) An fhaisnéis maidir le dáta deiridh na gcineálacha idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha,na gcineálacha idirghabhálacha le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe maidir le srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar agus maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar agus na mbeart faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013 agus (AE) Uimh. 229/2013, níl sí ábhartha toisc go ndéantar na bearta agus na cineálacha oibríochtaí idirghabhála sin go bliantúil.
Chun an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú:
|
(a) |
caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh scéimeanna tacaíochta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i ndáil leis an mbliain féilire 2022 agus roimhe sin; |
|
(b) |
le haghaidh bearta arna gcur chun feidhme faoi Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 229/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh 1144/2014 go dtí an 31 Nollaig 2022; |
|
(c) |
le haghaidh na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 5(6), an chéad fhomhír, pointe (c), agus in Airteagal 5(7) de Rialachán (AE) 2021/2115 maidir le caiteachas arna thabhú agus íocaíochtaí arna ndéanamh le haghaidh oibríochtaí arna gcur chun feidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 tar éis an 31 Nollaig 2022 agus go dtí deireadh na scéimeanna cabhrach sin; agus |
|
(d) |
íocaíochtaí arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht íocaíochta i gcreat cur chun feidhme clár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013; ní fhoilseofar sa tábla seo ach an fhaisnéis arna forordú in Airteagal 111 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, fágfar na colúin eile bán nó marcálfar iad le N/A. |
(4) Agus bearta tacaíochta breise atá le glacadh de bhun Airteagal 39(2) den Chonradh agus/nó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 30, 31.1.2009, lch. 16).
(6) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).
(7) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(8) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).