ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 81

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 66
21 Márta 2023


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/647 ón gCoimisiún an 13 January 2023 ag leasú Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2023/648 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena n-údaraítear maíomh sláinte a dhéantar maidir le bianna agus lena dtagraítear do riosca galar a laghdú ( 1 )

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/649 ón gCoimisiún an 20 Marta 2023 maidir le L-argainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 )

13

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/650 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Biomin GmbH) ( 1 )

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/651 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 maidir le ribeaflaivin (vitimín B2) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus ullmhóid de ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch ( 1 )

19

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/652 ón gCoimisiún an 20 Márta 2023 lena n-údaraítear eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

23

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/653 ón gComhairle An 20 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI)

27

 

*

Cinneadh (CBES) 2023/654 ón gComhairle an 20 Marta 2023 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

29

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/655 ón gCoimisiún an 10. Márta 2023 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1532)

37

 

*

Cinneadh (AE) 2023/656 ón mBanc Ceannais Eorpach an 28 Feabhra 2023 maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2022 (BCE/2023/2)

42

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/647 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 January 2023

ag leasú Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 160(1) agus (2) agus Airteagail 162(4) agus 164(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe ar in-tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a chlárú agus a fhormheas, agus rialacha maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha laistigh den Aontas. Le Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a fhorlíonadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 (2) ón gCoimisiún leagtar síos rialacha forlíontacha maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha, coimeád taifead agus inrianaitheacht táirgí geirmeacha a fhormheas, agus ceanglais sláinte agus deimhniúcháin ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe ar coimeád laistigh den Aontas.

(3)

Tá gá leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo chun na rialacha a leagtar síos i gCuid IV, Teideal I, Caibidil 5, de Rialachán (AE) 2016/429 a fhorlíonadh, a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht agus ceanglais sláinte ainmhithe agus ceanglais maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú do ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas ionas nach leathfar galair in-tarchurtha ainmhithe trí bhíthin na dtáirgí sin laistigh den Aontas.

(4)

Tá nasc substainteach idir na rialacha sin agus tá go leor acu ceaptha lena gcur i bhfeidhm in éineacht le chéile. Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun a gcur i bhfeidhm a éascú agus chun iolrú rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos, dá bhrí sin, in aon ghníomh amháin seachas i roinnt gníomhartha ar leithligh lena mbaineann go leor crostagairtí agus an baol dúblála.

(5)

Le linn chur chun feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 chuir roinnt Ballstát agus páirtithe leasmhara in iúl gur cheart d’fhoireann nach ndéanann ach úicítí nach bhfuil toirchithe a bhailiú agus a láimhseáil a áireamh freisin sa sainmhíniú ar fhoireann bailithe suthanna, i ndiaidh na bhforbairtí agus na speisialtóireachtaí in earnáil na dtáirgí geirmeacha le déanaí. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú sin agus na ceanglais ghaolmhara a leasú chun foireann den sórt sin a chumhdach.

(6)

Féadfaidh bunaíochtaí próiseála táirgí geirmeacha dul i mbun próisis eile seachas gnéasaithint speirme. Ar mhaithe le hinrianaitheacht na dtáirgí próiseáilte, ba cheart na ceanglais inrianaitheachta bhreise a bhí infheidhme roimhe sin do speirm ghnéasaitheanta amháin a shíneadh ar an gcuma chéanna do gach táirge próiseáilte.

(7)

Le hAirteagal 19 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, leagtar síos maolú ar na ceanglais sláinte ainmhithe d’ainmhithe bronntacha den speiceasbuaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí a aistrítear idir lárionaid bailithe seamhain. Cuirtear éiginnteacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann le cé chomh rannpháirteach atá tréidlianna oifigiúla in iúl ó thaithí na mBallstát agus páirtithe leasmhara le cur chun feidhme an Airteagal sin. Dá bhrí sin, ba cheart an tAirteagal sin a shoiléiriú.

(8)

Le hAirteagal 36 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó mhadraí agus cait laistigh den Aontas, go príomha chun confadh a mhaolú agus comhlíontacht i dtaca le bearta coisctheach sláinte ainmhithe i gcoinne Echinococcus multilocularis a chur chun cinn. Cheistigh Ballstáit agus páirtithe leasmhara ábharthacht agus comhréireacht na gceanglas sin. Mar gheall nach bhfuil ceanglais inchomparáide i gcaighdeáin idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), ba cheart Airteagal 36 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 agus an fhoclaíocht lena mbaineann i gceanglais maidir le deimhniúchán oifigiúil a scriosadh agus ba cheart an fógra maidir le gluaiseacht táirgí geirmeacha ó mhadraí agus cait idir na Ballstáit a scriosadh.

(9)

I gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 leagtar síos ceanglais bhreise maidir le sláinte ainmhithe le haghaidh ainmhithe bronntacha den speiceas mucúil. I gcomhréir le Cuid 2, Caibidil I, pointe 1(c)(iv), den Iarscríbhinn sin, táthar le hainmhithe atá ionfhabhtaithe le víreas siondróim atáirgthe agus riospráide mhucúil a bhaint ón gcóiríocht coraintín. Cheistigh roinnt Ballstát agus páirtithe leasmhara comhréireacht an cheanglais sin i bhfianaise deacrachtaí praiticiúla agus deacrachtaí atá cruthaithe go heolaíoch le modhanna diagnóiseacha atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le féidearthachtaí éagsúla i ndáil le measúnú leantach nuair a bhíonn cineálacha modhanna diagnóiseacha éagsúla in úsáid chun cásanna amhrasta a dheimhniú nó a chur as an áireamh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (3).

(10)

I gCuid 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 leagtar síos ceanglais bhreise maidir le sláinte ainmhithe, lena n-áirítear tástáil le haghaidh fiabhras na muc d’ainmhithe den speiceas mucúil a choimeádtar ag lárionaid bailithe seamhain. Ní éilíonn caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha WOAH tástáil d’ainmhithe den sórt sin, áfach, i dtíortha nár tuairiscíodh ráigeanna d’fhiabhras na muc iontu agus nach ndearnadh vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin iontu le linn an 12 mí roimhe sin. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le tástáil le haghaidh an ghalair sin i gcás ainmhithe den speiceas mucúil a choimeádtar i lárionaid bailithe seamhain sna tíortha sin nár thuairiscigh ráigeanna d’fhiabhras na muc, ná nach ndearna vacsaíniú in aghaidh an ghalair sin le linn an 12 mí roimhe sin.

(11)

Ba cheart tagairtí do víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a leasú chun iad a ailíniú le tagairtí don víreas sin i ngníomhartha eile de chuid an Aontais agus chun a shoiléiriú go gcumhdaíonn na rialacha gach séiritíopa den víreas sin. Ina theannta sin, ba cheart ceanglais a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a bheith i gcomhréir níos mó le caighdeáin idirnáisiúnta WOAH chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh tréimhse saor ó veicteoir ann mar bheart maolaithe riosca roghnach agus breise a bhaineann leis an ionfhabhtú sin, chun trádáil shábháilte de tháirgí geirmeacha ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair a áirithiú.

(12)

Leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, ceanglais bhreise maidir le sláinte ainmhithe i dtaca le hantaibheathaigh a chur le seamhan, lena n-áirítear nuair a chuirtear iad go héigeantach le seamhan ó ainmhithe den speiceas buaibheach nó den speiceas mucúil. Cé go bhfuil na ceanglais sin i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta WOAH, tá na caighdeáin idirnáisiúnta sin á leasú, i dtreo úsáid antaibheathach atá deonach, níos solúbtha agus stuama. Ina theannta sin, cuireann faisnéis ó litríocht eolaíoch, Ballstáit agus páirtithe leasmhara riachtanais chomhchosúla in iúl. Dá bhrí sin, ba cheart na riachtanais ábhartha a chuíchóiriú agus iad a dhéanamh roghnach.

(13)

Tar éis Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugadh faoi deara roinnt earráidí substaintiúla. Go háirithe, cruthaíodh éiginnteacht dhlíthiúil de bharr na foclaíochta i ndáil le cosc a chur ar theacht isteach daoine neamhúdaraithe i lárionaid bailithe seamhain agus bunaíochtaí ina ndéantar próiseáil ar tháirgí geirmeacha. Thairis sin, de bharr tagairt mhícheart sa téacs is infheidhme maidir le hainmhithe áirithe den speiceas eachaí ar dhul isteach dóibh i lárionad bailithe seamhain le haghaidh ainmhithe den speiceas eachaí, tháinig athrú neamhbheartaithe ar na ceanglais nach mór do thréidlianna an lárionaid a áirithiú. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire, ba cheart na hearráidí sin a cheartú.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 a leasú agus a cheartú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(7), scriostar pointe (a);

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

“(12)

ciallaíonn ‘foireann bailithe suthanna’ foras táirgí geirmeacha ina bhfuil grúpa gairmithe nó struchtúr atá formheasta ag an údarás inniúil chun úicítí nó suthanna atá díorthaithe ó tháirgeadh in vivo d’ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí atá beartaithe a aistriú chuig Ballstát eile a bhailiú, a phróiseáil, a stóráil agus a iompar, dá dtagraítear in Airteagal 4;”

;

(3)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

grúpa gairmithe nó struchtúr faoi mhaoirseacht tréidlia foirne atá inniúil chun úicítí nó suthanna ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil le haghaidh faomhadh mar fhoireann bailithe suthanna;”;

(4)

in Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(ii):

“(ii)

Cuid 2, pointe 2, d’Iarscríbhinn I, i leith úicítí nó suthanna ainmhithe de chineál buaibheach, mucúil, caorach, gabhair nó eachaí a bhailiú, a phróiseáil, a stóráil agus a iompar;”;

(5)

in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás táirge geirmeach a phróiseáiltear i bhforas táirgí geirmeacha seachas an foras bailithe táirgí geirmeacha, forlíonfaidh oibreoir fhoras próiseála na dtáirgí geirmeacha an fhaisnéis dá tagraítear i mír 1 le faisnéis lenar féidir uimhir fhormheasta uathúil fhoras próiseála an táirge gheirmigh sin a shainaithint.”

;

(6)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní aistreoidh oibreoirí ach ainmhithe bronntacha amháin, dá dtagraítear i bhfrása réamhráiteach mhír 1, le toiliú roimh ré ó thréidlia lárionaid an lárionaid bailithe seamhain ag an gceann scríbe.”

;

(7)

Scriostar Airteagal 36;

(8)

Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 1;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh an tréidlia oifigiúil na seiceálacha agus scrúduithe dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 agus an deimhniú sláinte ainmhithe a eisiúint laistigh de thréimhse 72 uair an chloig roimh thráth seolta choinsíneacht na dtáirgí geirmeacha.”

;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

“Airteagal 40

Ceanglais maidir le deimhniú sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí coinsíneachtaí idir na Ballstáit de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún ar coimeád nach ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad

Beidh ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2 d’Iarscríbhinn IV á cur san áireamh sna deimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí idir na Ballstáit de choinsíneachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún nach ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad a choimeádtar i mbunaíochtaí teoranta agus ó ainmhithe den fhine CamelidaeCervidae.”

;

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

Ceanglas maidir le fógra roimh ré ó oibreoirí ghluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí idir na Ballstáit de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún ar coimeád nach ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad

I gcás ina n-aistreofar coinsíneachtaí de tháirgí geirmeacha ó ainmhithe talún nach ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad a choimeádtar i mbunaíochtaí teoranta nó ó ainmhithe den fhine CamelidaeCervidae go Ballstát eile, tabharfaidh an t-oibreoir fógra don údarás inniúil i mBallstát tionscnaimh na gcoinsíneachtaí roimh an ngluaiseacht a bheartaítear de choinsíneachtaí na dtáirgí geirmeacha sin.”.

Airteagal 2

Leasaítear Iarscríbhinní I go dtí IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 i gcomhréir le Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 i gcomhréir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha d’fhaireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair do ghalair áirithe atá liostaithe agus ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211.)


IARSCRÍBHINN

CUID A

Leasaítear Iarscríbhinní I go IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

Leasaítear Cuid 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(v):

“(v)

marcáil a dhéanamh ar thuí agus ar phacáistí eile ina gcuirtear úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(1) agus (5);”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Déanfaidh saoráidí, trealamh agus nósanna imeachta oibríochtúla na foirne bailithe suthanna, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii); na pointí seo a leanas (a) agus (b) a chomhlíonadh:

(a)

ní mór saotharlann a bheith ar fáil don fhoireann bailithe suthanna inar féidir úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a scrúdú, a phróiseáil agus a phacáistiú le trealamh leordhóthanach, agus ní mór don tsaotharlann ceachtar den dá rogha seo a leanas a chomhlíonadh:

(i)

saotharlann a bhfuil suíomh buan aici, agus nach mór di na nithe seo a leanas a bheith aici:

seomra inar féidir úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a phróiseáil atá scoite amach go fisiceach ón áit ina láimhseáiltear ainmhithe bronntacha le linn an bhailithe,

seomra nó áit le haghaidh ghlanadh agus steiriliú na n-ionstraimí a bhíonn in úsáid chun úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a bhailiú agus a phróiseáil, seachas nuair nach mbíonn ach trealamh nua aon úsáide in úsáid,

seomra chun úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a stóráil;

(ii)

saotharlann shoghluaiste, ar gá go mbeadh:

cuid den fheithicil feistithe go speisialta agus dhá chuid ar leithligh inti: cuid amháin inti chun úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a scrúdú agus a phróiseáil, agus an chuid sin glan; agus cuid eile chun le haghaidh trealamh agus ábhar a bhíonn i dteagmháil leis na hainmhithe bronntacha,

trealamh aon úsáide nua amháin a bheith in úsáid, ach má dhéantar a trealamh a steiriliú agus is ag saotharlann a bhfuil suíomh buan aici a dhéantar soláthar sreabhán agus táirgí eile a bhfuil gá leo le haghaidh bailiú agus próiseáil úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo.

Ní mór do na saotharlanna a tagraíodh dóibh i bpointí (i) agus (ii) dearadh agus leagan amach a bheith acu ionas go gcuirfear cosc ar thraséilliú úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo, agus déanfar oibríochtaí foirne ar bhealach a chuirfidh cosc ar an traséilliú sin;

(b)

ní mór d’fhoireann bailithe suthanna áitribh stórála a bheith ar fáil di a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tá ar a laghad seomra inghlasáilte amháin iontu chun úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a stóráil;

(ii)

ní mór dóibh a bheith éasca a ghlanadh agus a dhífhabhtú;

(iii)

ní mór dóibh taifid bhuana a choimeád de gach úicít agus suth arna díorthú in vivo a thagann isteach agus a théann amach;

(iv)

ní mór dóibh coimeádáin stórála le haghaidh úicítí nó suthanna arna ndíorthú in vivo a bheith acu.”;

(b)

i gCuid 5, scriostar pointe 2(d);

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(a)

i gCuid (2), Caibidil I, scriostar pointe 1(c)(iii);

(b)

i gCuid 2, Caibidil I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(c)(iv):

“(iv)

maidir le hionfhabhtú le víreas siondróim atáirgthe agus riospráide mhucúil, tástáil shéireolaíoch (IPMA, IFA, nó ELISA) nó tástáil ar ghéanóm víris (imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (ISP- CT), ISP-CT neadaithe, ISP-CT fíor-ama).

Má fhaigheann aon ainmhí tástáil dhearfach shéireolaíoch i leith ionfhabhtú le víreas an tsiondróim atáirgthe agus riospráide mhucúil, aicmeoidh an t-údarás inniúil gach ainmhí sa chóiríocht choraintín ina chás deimhnithe amhrasta i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Leithliseoidh an t-oibreoir na hainmhithe dearfacha láithreach ó ainmhithe eile laistigh den chóiríocht choraintín. Déanfaidh an t-údarás inniúil imscrúdú chun ionfhabhtú le víreas siondróim atáirgthe agus riospráide mhucúil a dheimhniú nó a chur as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689.

Má fhaigheann aon ainmhí tástáil dhearfach sna tástálacha géanóm víris i leith víreas an tsiondróim atáirgthe agus riospráide mhucúil, aicmeoidh an t-údarás inniúil gach ainmhí sa chóiríocht choraintín ina chás deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 9(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689. Bainfidh an t-oibreoir na hainmhithe sin ón gcóiríocht choraintín láithreach agus leanfar treoracha an údaráis inniúil.”;

(c)

i gCuid 2, Caibidil I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a)(iii):

“(iii)

maidir le fiabhras na muc, tástáil antasubstaintí ELISA nó tástáil neodraithe séirim, i gcás ainmhithe i mBallstát nó i limistéar de inar tuairiscíodh fiabhras na muc nó inar tugadh vacsaíní in aghaidh an ghalair sin le linn na tréimhse 12 mhí roimhe sin;”;

(d)

i gCuid 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil III:

Caibidil III

Ceanglais le haghaidh ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh

1.

Ní mór do na hainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair ar ainmhithe bronnta seamhain iad coinníoll amháin ar a laghad díobh seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

coimeádadh iad ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh an seamhan nó le linn é a bheith á bhailiú i mBallstát nó i limistéar de nár tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh ann sna 2 bhliain ar a laghad roimhe sin i bhfoisceacht 150 km den bhunaíocht;

(b)

coimeádadh iad ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh an seamhan nó le linn é a bheith á bhailiú i mBallstát nó i limistéar de a bhfuil saoire shéasúrach aige ón ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh;

(c)

coimeádadh iad i mbunaíocht atá cosanta ar veicteoirí ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh an seamhan nó le linn é a bheith á bhailiú;

(d)

cuireadh tástáil shéireolaíoch orthu chun antashubstaintí i leith ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a bhrath, a raibh torthaí diúltacha uirthi, gach 60 lá ar a laghad le linn na tréimhse bailiúcháin agus idir 28 agus 60 lá ó dháta bailithe deiridh an tseamhain;

(e)

cuireadh tástáil sainaitheantais oibreáin i leith ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a raibh torthaí diúltacha uirthi, ar shamplaí fola a tógadh nuair a thosaigh bailiú an tseamhain agus ag bailiú deiridh an tseamhain agus le linn bailiú an tseamhain ar na heatraimh seo a leanas:

(i)

gach 7 lá ar a laghad, i gcás tástáil scoite víreas; nó

(ii)

gach 28 lá ar a laghad, i gcás PCR.

2.

Maidir leis na hainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach agus den speiceas gabhair ar ainmhithe bronntacha úicítí iad le haghaidh tháirgeadh in vitro suthanna agus ainmhithe bronntacha suthanna arna ndíorthú in vivo, ní mór dóibh ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

coimeádadh iad ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh na húicítí nó na suthanna nó le linn iad a bheith á mbailiú i mBallstát nó i limistéar de nár tuairiscíodh ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh ann sna 2 bhliain ar a laghad roimhe sin i bhfoisceacht 150 km den bhunaíocht;

(b)

coimeádadh iad ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh na húicítí nó na suthanna nó le linn iad a bheith á mbailiú i mBallstát nó i limistéar de a bhfuil saoire shéasúrach aige ón ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh;

(c)

coimeádadh iad i mbunaíocht atá cosanta ar veicteoirí ar feadh tréimhse 60 lá ar a laghad sular bailíodh na húicítí nó na suthanna nó le linn iad a bheith á mbailiú;

(d)

cuireadh tástáil shéireolaíoch orthu chun antashubstaintí i leith ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a bhrath, a raibh torthaí diúltacha uirthi, ar shampla fola a tógadh idir 28 agus 60 lá ó dháta bailithe na n-úicítí nó na suthanna;

(e)

cuireadh tástáil sainaitheantais oibreáin i leith ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, a raibh torthaí diúltacha uirthi, ar shampla fola a tógadh ar dháta bailithe na n-úicítí nó na suthanna.

3.

Ní mór an seamhan a úsáidtear chun na húicítí a thoirchiú a bhailiú ó ainmhithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i bpointe 1.”;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Más gá, féadfar antaibheathaigh nó meascáin d’antaibheathaigh a chur le seamhan nó a chur i gcaolaitheoirí seamhain.”;

(b)

i gCuid 1, scriostar pointí 4 agus 5;

(4)

in Iarscríbhinn IV, i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh:

“Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, i ndeimhniú sláinte ainmhithe do na táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún nach ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas mucúil, den speiceas caorach, den speiceas gabhair nó den speiceas eachaí iad a choimeádtar i mbunaíochtaí teoranta agus ó ainmhithe den fhine CamelidaeCervidae a aistrítear idir na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 40:”.

CUID B

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 mar a leanas:

(1)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(iii):

“(iii)

cuirtear cosc ar dhaoine neamhúdaraithe teacht isteach ar bhealach éifeachtach;”;

(2)

i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(e):

“(e)

áiritheoidh tréidlia an lárionaid i lárionad bailithe seamhain le haghaidh ainmhithe den speiceas eachaí, lonnaithe laistigh d’imlínte bunaíochta cláraithe ina bhfuil lárionad inseamhnaithe saorga nó lárionad seirbhíse, go gcomhlíonann na hainmhithe den speiceas eachaí a thagann isteach sa bhunaíocht ceanglais Airteagail 23(1), pointe (a), agus d’fhéadfadh an tréidlia a chinneadh, i gcás ina mbíonn teagmháil dhíreach ann idir ainmhithe fireanna bronntacha den speiceas eachaí le hainmhithe baineanna den speiceas eachaí nó le hainmhithe coillte fireanna den speiceas eachaí don ghriogadh nó le hainmhithe neamhchoillte fireanna den speiceas eachaí a bhíonn in úsáid sa bhunaíocht lasmuigh den lárionad bailithe seamhain mar nach féidir cúpláil nádúrtha a eisiamh, ní mór do na hainmhithe fireanna agus baineanna sin den speiceas eachaí na ceanglais uile d’Airteagal 23(1) a chomhlíonadh.”;

(3)

i gCuid 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1(a)(ii):

“(ii)

cuirtear cosc ar dhaoine neamhúdaraithe teacht isteach ar bhealach éifeachtach;”.


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/8


RIALACHÁN (AE) 2023/648 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Márta 2023

lena n-údaraítear maíomh sláinte a dhéantar maidir le bianna agus lena dtagraítear do riosca galar a laghdú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh maidir le cothú agus sláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar i leith bianna mura bhfuil siad údaraithe ag an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán sin agus mura bhfuil siad ar liosta na maíomh sláinte atá ceadaithe.

(2)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 go gcuirfidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údaruithe i leith maímh shláinte faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit. Ní mór don údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí a chur ar aghaidh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) (“an tÚdarás”).

(3)

Tar éis don Údarás iarratas a fháil, ní mór dó na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas gan mhoill, agus tuairim a thabhairt uaidh maidir leis an maíomh sláinte lena mbaineann.

(4)

Ní mór don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le maímh shláinte a údarú agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige.

(5)

Tar éis iarratas a fháil ó Laboratoire Lescuyer (an t-iarratasóir), iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 14(1), pointe (a) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus a bhfuil iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh mar chuid de, ceanglaíodh ar an Údarás tuairim a thabhairt uaidh maidir leis an mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a bhaineann le teaglaim ina bhfuil eastóscán tirim duilleog bliosáin arna chaighdeánú de réir aigéid chaifeilcuineacha, monachoilín K i rís giosta dheirg, poiliciosanóil a dhíorthaítear ó chána siúcra, olagaiméirí próiciainíodólacha as coirt an phéine mhuirí Fhrancaigh, eastóscán tirim gairleoige arna chaighdeánú de réir alaicine, d-α-tócaifeiril hidriginsucsainéit, ribeaflaivin agus heicsinicitíonáit ionóisíotóil (atá mar chuid de tháirge an iarratasóra Limicol®) agus laghdú ar na tiúchaintí colaistéaróil lipide íseal-dlúis san fhuil (2). Is mar a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a bheartaigh an t-iarratasóir: “Léiríodh go n-íslíonn/go laghdaíonn Limicol® an colaistéaról san fhuil. Is fachtóir riosca é colaistéaról ard maidir le galar corónach croí”.

(6)

An 26 Iúil 2013, fuair an Coimisiún agus na Ballstáit an tuairim eolaíoch (3) ón Údarás maidir leis an iarratas sin, tuairim inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí arna gcur i láthair, gur suíodh ceangal cúise agus éifeachta idir an teaglaim ina bhfuil eastóscán tirim duilleog bliosáin arna chaighdeánú de réir aigéid chaifeilcuineacha, monachoilín K i rís giosta dheirg, poiliciosanóil a dhíorthaítear ó chána siúcra, olagaiméirí próiciainíodólacha as coirt an phéine mhuirí Fhrancaigh, eastóscán tirim gairleoige arna chaighdeánú de réir alaicine, d-α-tócaifeiril hidriginsucsainéit, ribeaflaivin agus nicitíonáit ionóisíotóil sa bhia is ábhar don mhaíomh agus laghdú ar na tiúchaintí colaistéaróil lipide íseal-dlúis san fhuil. Dá réir sin, má léiríonn maíomh sláinte an chonclúid sin, ba cheart a mheas go gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus ba cheart é a chur ar liosta an Aontais de mhaímh shláinte atá ceadaithe.

(7)

Léirigh an tÚdarás sa tuairim uaidh nach bhféadfadh sé teacht ar a chonclúidí gan trí staidéar idirghabhála i ndaoine (4), staidéir a mhaíonn an t-iarratasóir a bheith dílseánach.

(8)

Tar éis don Choimisiún an tuairim ón Údarás a fháil, d’iarr sé ar an iarratasóir breis soléirithe a dhéanamh ar na boinn cirt a sholáthair sé maidir lena éileamh dílseánaigh i leith na dtrí staidéar idirghabhála i ndaoine, agus maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha i leith na staidéar sin i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

(9)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh aige, tráth a cuireadh isteach an t-iarratas, ceart dílseánaigh mar aon le ceart eisiach tagartha i leith na staidéar agus nárbh fhéidir le tríú páirtithe rochtain a fháil ar na staidéir sin go dleathach, ná úsáid a bhaint astu. Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis inchosanta uile arna soláthar ag an iarratasóir, agus mheas sé gur léirigh an t-iarratasóir comhlíontacht leordhóthanach i leith na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 21(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir leis na staidéir a mhaítear a bheith dílseánach.

(10)

Dá réir sin, níor cheart na sonraí eolaíocha ná an fhaisnéis eile atá sna trí staidéar sin a úsáid chun sochar iarratasóra iardain ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Mar thoradh air sin, ba cheart úsáid an mhaímh a údaraítear leis an Rialachán seo a bheith srianta ionas gurb é an t-iarratasóir amháin a fhéadfaidh é a úsáid ar feadh tréimhse 5 bliana.

(11)

Mar sin féin, an srian a chuirtear le húdarú an mhaímh seo agus leis an tagairt do na staidéir atá i gcomhad an iarratasóra ionas gurb é an t-iarratasóir amháin a fhéadfaidh iad a úsáid, ní chuireann sé sin cosc ar iarratasóirí eile údarás a iarraidh maidir leis an maíomh céanna a úsáid ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil lena dtacaítear leis an údarú faoin Rialachán seo.

(12)

Ceann de chuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 is ea a áirithiú go bhfuil maímh shláinte fíor agus soiléir, iontaofa agus úsáideach don tomhaltóir, agus go gcuirtear foclaíocht agus cur i láthair na maíomh sin san áireamh i dtaobh leis sin. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeidh foclaíocht maímh a mbaineann iarratasóir úsáid aisti ar aon chiall le foclaíocht an mhaímh sláinte údaraithe seo ó thaobh na dtomhaltóirí de, toisc go léirítear léi gurb ann don ghaol céanna atá idir catagóir bia, bia nó ceann dá chomhábhair agus an tsláinte, ba cheart an maíomh sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha úsáide céanna agus a n-údaraítear leis an Rialachán seo.

(13)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ba cheart Clár na maíomh maidir le cothú agus sláinte ina bhfuil gach maíomh sláinte údaraithe a thabhairt cothrom le dáta.

(14)

Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha a fuarthas ón iarratasóir de bhun Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus an Rialachán seo á ghlacadh aige.

(15)

Maidir le substaintí a chur le táirgí bia nó substaintí a úsáid i dtáirgí bia, is le reachtaíocht Aontais agus náisiúnta shonrach a rialaítear sin, faoi mar atá aicmiú táirgí mar tháirgí bia nó mar tháirgí íocshláinte. Aon chinneadh maidir le maíomh sláinte i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, amhail é a chur ar liosta na maíomh sláinte atá ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 14(1) de, ní hionann é agus údarú ar mhargaíocht na substainte a ndéantar an maíomh ina leith, ná cinneadh cé acu an féidir an tsubstaint a úsáid i dtáirgí bia nó nach féidir, ná táirge áirithe a aicmiú mar tháirge bia. Maidir le monachoilíní ó rís giosta dheirg go sonrach, is le Rialachán (AE) 2022/860 ón gCoimisiún (5) a rialaíodh a n-úsáid trí leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) tríd an tsubstaint a chur ar liosta na “Substaintí srianta” agus ar an gcaoi sin trí úsáid mhonachoilíní ó rís giosta dheirg a dhícheadú ach amháin faoi choinníollacha áirithe. Le Rialachán (AE) 2022/860 déantar foráil freisin maidir le ceanglais iomchuí lipéadaithe i gcás gach bia ina bhfuil monachoilíní ó rís giosta dheirg.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An maíomh sláinte a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirfear é ar liosta an Aontais de mhaímh shláinte atá ceadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus féadfar é a dhéanamh i leith bianna i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní cheadaítear ach amháin do Laboratoire Lescuyer (7) an maíomh sláinte a leagtar amach san Iarscríbhinn a úsáid, ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo, mura bhfaighidh iarratasóir iardain údarú an maíomh céanna a úsáid gan tagairt do na sonraí eolaíocha arna gcosaint de bhun Airteagal 3, nó le comhaontú ó Laboratoire Lescuyer. Tar éis dul in éag don tréimhse sin, féadfaidh aon oibreoir gnólacht bia an maíomh sláinte sin a úsáid, i gcomhréir leis na coinníollacha a bhfuil feidhm acu ina leith.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha sna staidéir atá mar chuid den iarratas, sonraí ar ar a mbonn a rinne an tÚdarás measúnú ar an maíomh sláinte dá dtagraítear in Airteagal 1, agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 21(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ní úsáidfear iad chun sochar iarratasóra iardain ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan réamhthoiliú Laboratoire Lescuyer.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(2)  Ceist Uimh. EFSA-Q-2012-00968.

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2013;11(7):3327.

(4)  Barrat E, Zaïr Y, Chauveau P, Maudet C, Housez B, Derbord E, Lescuyer JF, Bard JM, Cazaubiel M agus Peltier SL, 2012, neamhfhoilsithe; Dáileog mhór d’fhorbhia punainne: a héifeacht ar an gcolaistéaról lipide íseal-dlúis i ndaoine ar a bhfuil hipearcolaistéaróiléime measartha atá neamhchóireáilte: staidéar dall dúbailte, faoi riail placebo, foilsithe mar a leanas: Barrat E, Zaïr Y, Sirvent P, Chauveau P, Maudet C, Housez B, Derbord E, Lescuyer JF, Bard JM, Cazaubiel M agus Peltier SL, 2012; Effect on LDL-cholesterol of a large dose of a dietary supplement with plant extracts in subjects with untreated moderate hypercholesterolaemia: a randomised, double-blind, placebo-controlled study, European Journal of Nutrition, an 25 Nollaig. [leagan Epub roimh a chur i gcló]; Barrat E, Zaïr Y, Ogier N, Housez B, Vergara C, Maudet C, Lescuyer JF, Bard JM, Carpentier YA, Cazaubiel M agus Peltier SL, 2012, neamhfhoilsithe; Islíonn forbhia punainne an colaistéaról lipide íseal-dlúis go substaintiúil i ndaoine ar a bhfuil hipearcolaistéaróiléime measartha atá neamhchóireáilte: staidéar randamaithe faoi riail, foilsithe mar a leanas: Barrat E, Zaïr Y, Ogier N, Housez B, Vergara C, Maudet C, Lescuyer JF, Bard JM, Carpentier YA, Cazaubiel M agus Peltier SL, 2013; A combined natural supplement lowers LDL cholesterol in subjects with moderate untreated hypercholesterolemia: a randomized placebo-controlled trial. International Journal of Food Sciences and Nutrition, an 2 Iúil. [leagan Epub roimh a chur i gcló]; Ogier N, Amiot MJ, Georgé S, Maillot M, Mallmann C, Maraninchi M, Morange S, Lescuyer JF, Peltier SL agus Cardinault N, 2013; LDL-cholesterol-lowering effect of a dietary supplement with plant extracts in subjects with moderate hypercholesterolemia, European Journal of Nutrition, 52, lch. 547.

(5)  Rialachán (AE) 2022/860 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le monachoilíní ó rís giosta dheirg (IO L 151, 2.6.2022, lch. 37).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus substaintí áirithe eile a chur le bia (IO L 404, 30.12.2006, lch. 26).

(7)  Seoladh: ZAC de Belle Aire Nord, 15 rue le Corbusier, 17440 Aytré, an Fhrainc.


IARSCRÍBHINN

Maíomh sláinte a cheadaítear

Iarratas — Forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006

Iarratasóir — Seoladh

Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bia

Maíomh

Coinníollacha úsáide an mhaímh

Coinníollacha agus/nó srianta ar úsáid an bhia agus/nó ráiteas breise nó rabhadh breise

Tagairt na tuairime ó EFSA

Airteagal 14(1)(a) maíomh sláinte a thagraíonn do bhaol galar a laghdú

Laboratoire Lescuyer, ZAC de Belle Aire Nord, 15 rue le Corbusier, 17440 Aytré, an Fhrainc

Teaglaim ina bhfuil eastóscán tirim duilleog bliosáin arna chaighdeánú de réir aigéid chaifeilcuineacha, monachoilín K i rís giosta dheirg, poiliciosanól a dhíorthaítear ó chána siúcra, olagaiméirí próiciainíodólacha as coirt an phéine mhuirí Fhrancaigh, eastóscán tirim gairleoige arna chaighdeánú de réir alaicine, d-α-tócaifeiril hidriginsucsainéit, ribeaflaivin agus heicsinicitíonáit ionóisíotóil

Teaglaim ina bhfuil eastóscán tirim duilleog bliosáin arna chaighdeánú de réir aigéid chaifeilcuineacha, monachoilín K i rís giosta dheirg, poiliciosanóil a dhíorthaítear ó chána siúcra, olagaiméirí próiciainíodólacha as coirt an phéine mhuirí Fhrancaigh, eastóscán tirim gairleoige arna chaighdeánú de réir alaicine, d-α-tócaifeiril hidriginsucsainéit, ribeaflaivin agus heicsinicitíonáit ionóisíotóil, laghdaíonn sé na tiúchaintí colaistéaróil lipide íseal-dlúis san fhuil. Is fachtóir riosca é leibhéal ard colaistéaróil lipide íseal-dlúis maidir le galar corónach croí (1).

Forbhianna lena soláthraítear 600 mg eastóscán tirim duilleog bliosáin ina bhfuil 30-36 mg aigéid chaifeilcuineacha, 500 mg rís giosta dheirg ina bhfuil 2 mg monachoilín K, 10 mg poiliciosanóil a dhíorthaítear ó chána siúcra, 20 mg coirt an phéine mhuirí Fhrancaigh ina bhfuil 18 mg olagaiméirí próiciainíodólacha, 30 mg eastóscán tirim gairleoige ina bhfuil 0,25 mg alaicin, 30 mg coibhéis de α-tócaifeiril, 5 mg ribeaflaivin agus 9 mg heicsinicitíonáit ionóisíotóil arna roinnt i dtrí dháileog laethúil le caitheamh leis na príomhbhéilí, féadfar an maíomh a dhéanamh ina leith agus ina leith sin amháin.

 

Q-2012-00968


(1)  Arna údarú an 10 Aibreán 2023 agus an úsáid srianta ionas gurb é Laboratoire Lescuyer, ZAC de Belle Aire Nord, 15 rue le Corbusier, 17440 Aytré, an Fhrainc, amháin a fhéadfaidh é a úsáid ar feadh tréimhse 5 bliana.


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/649 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Marta 2023

maidir le L-argainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe a údarú agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach maidir le L-argainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le L-argainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, breiseán atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid, sa tuairim uaidh an 29 Meitheamh 2022 (2), faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag L-argainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516 ar shábháilteacht tomhaltóirí, ar an gcomhshaol, ná ar shláinte ainmhithe agus aistí bia á bhforlíonadh le méideanna iomchuí di i gcomhréir lena riachtanais chothaitheacha agus nuair a chuirtear cosc le míchothromaíochtaí cothaitheacha arb é is cúis leo L-argainín a thabhairt don spriocspeiceas in uisce óil agus beatha a thabhairt dóibh ag an am céanna.

(5)

Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur féidir go mbeadh úsáideoirí i dteagmháil leis an tsubstaint trí ionanálú. Sholáthair an t-iarratasóir an bhileog sonraí sábháilteachta a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena léirítear go bhféadfadh an breiseán a bheith ina chúis le greannú súl agus craicinn.

(6)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur féidir an breiseán a chur i bhfeidhm i gcás gach speicis ainmhíoch. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha, tuarascáil arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(7)

Léirítear sa mheasúnú ar L-argainín arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus analóga”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(7):7427.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún agus Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse.

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

3c365

L-argainín

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

L-argainín ≥ 98,5 % (ar bhonn ábhar tirim) agus uisce ≤ 1 %

Foirm sholadach

Gach speiceas

-

-

-

1.

Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar an méid seo a leanas a shonrú: “Agus forlíonadh á dhéanamh le L-argainín, go háirithe in uisce óil, ba cheart na haimíonaigéid uile atá riachtanach agus coinníollach a chur san áireamh chun míchothromaíochtaí a sheachaint.2”

4.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta iomchuí eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. I gcás nach féidir rioscaí a laghdú go leibhéal inghlactha leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint don análú, do na súile agus don chraiceann.

11.4.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

L-argainín (aigéad (S)-2-aimínea-5-guanaidínipeantanóch) arna tháirgeadh ag Corynebacterium glutamicum CGMCC 20516

Foirmle cheimiceach: C6H14N4O2

Uimhir CAS: 74–79-3

Modh anailíse  (1):

Maidir le L-argainín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:

Codex na dTáirgí Ceimiceacha Bia “monagraf L-argainín”.

Maidir le L-argainín sa bhreiseán beathaithe agus san uisce a chinneadh:

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS).

Maidir le L-argainín sna réamh-mheascáin agus san ábhar beatha iomlán a chinneadh:

Crómatagrafaíocht malartaithe ian cúpláilte le díorthúchán iarcholúin agus brath optúil (IEC-VIS), Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (Iarscríbhinn III, F).


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/16


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/650 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Márta 2023

maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Biomin GmbH)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis, ullmhóid atá le haicmiú i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus san fheidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”. Ós rud é go raibh an ullmhóid údaraithe cheana féin le haghaidh an tsealbhóra údaraithe chéanna le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/996 (2) ón gCoimisiún mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe, ní mheasfar an iarraidh ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ach le haghaidh na speiceas nach gcumhdaítear leis an údarú roimhe seo.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid ina thuairimí uaidh an 29 Meitheamh 2022 (3), nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag an ullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól ar shábháilteacht tomhaltóirí ná ar an gcomhshaol agus go bhfuil an ullmhóid thuasluaite sábháilte le haghaidh speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh breithe nó pórúcháin, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. In éagmais sonraí leordhóthanacha, ní fhéadfadh an tÚdarás teacht ar an gconclúid maidir le sábháilteacht na hullmhóide sin le haghaidh éin ubh-bhreithe nó éin ghoir. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach dócha go mbeadh teagmháil ag úsáideoirí leis an mbreiseán trí ionanálú agus maidir le conclúidí na tuairime roimhe seo a mhéid a bhaineann le sábháilteacht na n-úsáideoirí, go bhfuil feidhm acu i dtaca leis an measúnú seo freisin. I gcomhthéacs na tuairime roimhe seo maidir leis an mbreiseán seo, tuairim a glacadh an 15 Bealtaine 2019 (4), ar an mbileog sonraí sábháilteachta a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tugadh tuairisc ar ghreannú craicinn, greannú súl agus frithghníomhú ailléirgeach craicinn. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil le haghaidh sicíní lena ramhrú. D’fhéadfaí an chonclúid sin a eachtarshuí chuig turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin. In éagmais sonraí leordhóthanacha, ní fhéadfadh sé teacht ar chonclúid maidir leis an éifeachtúlacht le haghaidh béaróg nó le haghaidh speicis éanlaithe clóis eile le haghaidh breithe nó pórúcháin. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an Saotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Leis an measúnú ar an ullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól, léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh turcaithe lena ramhrú, turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin. Measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí an bhreiseáin sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “breiseáin zóiteicniúla eile”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/996 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2020 maidir le hullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh breithe (sealbhóir an údaraithe Biomin GmbH) (IO L 221, 10.7.2020, lch. 87).

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(9):7429.

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(6):5724.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de bhreiseán/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

 

 

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: breiseáin zóiteicniúla eile (feabhas ar pharaiméadair fheidhmíochta).

4d20

Biomin GmbH

Ullmhóid de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid de na substaintí seo a leanas:

carbhacról (120-160 mg/g)

tíomól (1-3 mg/g)

D-carvón (3-6 mg/g)

salaicioláit mheitile (10-35 mg/g)

L-meantól (30-55 mg/g)

silice éagruthach (uasmhéid 100 mg/g)

ola phlandúil hidriginithe (uasmhéid 700 mg/g)

Foirm imchochlaithe sholadach

Turcaithe lena ramhrú

Turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin

Mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú

Mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin

-

65

105

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Ní úsáidfear an breiseán le foinsí eile de charbhacról, tíomól, D-carvón, salaicioláit mheitile agus L-meantól,

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann agus do na súile.

11.4.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Carbhacról (uimhir CAS: 499-75-2)

Tíomól (uimhir CAS: 89-83-8)

D-Carvón (uimhir CAS: 2244-16-8) Salaicioláit mheitile (uimhir CAS: 119-36-8)

- L-Meantól (uimhir CAS: 2216-51-8)

Modh anailíse  (1)

Maidir leis na substaintí gníomhacha a chainníochtú:

Crómatagrafaíocht gháis cúpláilte le brath ianúcháin lasrach (GC-FID).


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports.


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/651 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Márta 2023

maidir le ribeaflaivin (vitimín B2) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus ullmhóid de ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 déantar foráil maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le ribeaflaivin 98 % (vitimín B2) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus ullmhóid de ribeaflaivin 80 % arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus le hullmhóid de ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, substaintí atá le haicmiú sa chatagóir “breiseáin chothaitheacha” agus san fheidhmghrúpa “vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu”.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar an gconclúid ina thuairimí uaidh an 5 Bealtaine 2021 (2) agus an 27 Meán Fómhair 2022 (3), nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha ag ribeaflaivin (98 %) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 ná an ullmhóid de ribeaflaivin (80 %) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Thairis sin, tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil an ullmhóid de ribeaflaivin guaiseach trí ionanálú. In éagmais sonraí, ní féidir teacht ar chonclúidí maidir leis an riosca a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú ribeaflaivine arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445. Níl ribeaflaivin ná an ullmhóid ribeaflaivine greannach don chraiceann nó do na súile. Ina theannta sin, in éagmais sonraí, ní féidir teacht ar chonclúidí maidir le poitéinseal um íogrú craicinn ribeaflaivine arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus na hullmhóide de ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445.

(5)

Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid maidir le ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus leis an ullmhóid de ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 gur foinse éifeachtach iad chun riachtanais chothaitheacha ainmhithe a chumhdach nuair a thugtar iad trí bheatha agus/nó trí uisce óil. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé an tuarascáil maidir leis na modhanna anailíse ar na breiseáin bheathaithe in ábhar beatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 freisin.

(6)

Toisc cealla inmharthana agus DNA athchuingreach a bheith sa bhreiseán ón tréithchineál táirgthe géinmhodhnaithe Bacillus subtilis KCCM 10445, lena n-iompraítear géinte frithsheasmhachta frithmhiocróbaí agus lena mbaineann riosca don spriocspeiceas, do thomhaltóirí, d’úsáideoirí agus don chomhshaol, diúltaíodh roimhe seo d’údarú ribeaflaivine ag a bhfuil íonacht 80 % ar a laghad arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus na stoic den bhreiseán agus den bheatha ina bhfuil sí, bhí na stoic sin le bheith tarraingthe siar ón margadh mar a leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1254 ón gCoimisiún (4). An ribeaflaivin a diúltaíodh don údarú ina leith, chomh maith leis an ribeaflaivin (98 %) atá ann faoi láthair, arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus an ullmhóid de ribeaflaivin (80 %) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445, is ag an tréithchineál táirgthe céanna (Bacillus subtilis KCCM 10445) a tháirgtear iad. Mar sin féin, cuireadh feabhas ar an íonacht ribeaflaivine, is é sin gur méadaíodh í ó 80 % san údarú a diúltaíodh go 98 % san údarú seo. Sna tuairimí thuasluaite, luaigh an tÚdarás nár braitheadh cealla inmharthana agus DNA athchuingreach ó Bacillus subtilis KCCM 10445 san ribeaflaivin agus san ullmhóid ribeaflaivine, ar ábhair an iarratais seo iad, agus dá bhrí sin, ní ábhar imní ó thaobh sábháilteachta a bhaineann le modhnú géiniteach an chineáil táirgthe iad na breiseáin sin.

(7)

Leis an measúnú ar ribeaflaivin arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445 agus ar ullmhóid ribeaflaivine arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM 10445, léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí agus na hullmhóide a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le húsáideoirí na mbreiseán sin.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an tsubstaint agus an ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint agus ullmhóid iad a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu”, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6629.

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(10):7607.

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1254 ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2018 maidir le diúltú d’údarú ribeaflaivine (80 %) arna táirgeadh ag Bacillus subtilis KCCM-10445 mar bhreiseán beathaithe a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu (IO L 237, 20.9.2018, lch. 5).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu

3a825 iii

“Ribeaflaivin” nó “Vitimín B2

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ribeaflaivin le huaschion uisce 1.5 %

Foirm sholadach

Gach speiceas ainmhíoch

-

-

-

1.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir deireadh a chur leis na rioscaí sin nó iad a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint don chraiceann agus don análú.

11.4.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí

Foirmle cheimiceach: C17H20N4O6

Uimhir CAS: 83-88-5

Íonacht: íosmhéid 98 %.

Arna táirgeadh trí choipeadh le Bacillus subtilis KCCM 10445

Modh anailíse  (1)

Maidir le ribeaflaivin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: – Pharmacopoeia Eorpach Ph. Eur 01/2008:0292

Maidir le ribeaflaivin i réamh-mheascáin a chinneadh: – Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta le brath UV (HPLC-UV) - VDLUFA Bd. III, 13.9.1

Maidir le ribeaflaivin (mar vitimín B2 iomlán) i mbeatha chumaisc agus in uisce a chinneadh: – Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta le brath Fluaraiseachta (HPLCFLD) — EN 14152


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá mionsainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu

3a825 iv

“Ribeaflaivin” nó “Vitimín B2

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid ina bhfuil íosmhéid ribeaflaivin 80 % agus uasmhéid uisce 3 %

Foirm sholadach

Gach speiceas ainmhíochas

1.

Féadfar an breiseán a úsáid trí uisce óil.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála, an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa agus an chobhsaíocht in uisce óil a shonrú.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann.

11.4.2033

Tréithriú na substainte gníomhaí

Foirmle cheimiceach: C17H20N4O6

Uimhir CAS: 83-88-5

Íonacht: íosmhéid 98 %.

Arna táirgeadh trí choipeadh le Bacillus subtilis KCCM 10445

Modh anailíse  (2)

Maidir le ribeaflaivin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh: Pharmacopoeia Eorpach Ph. Eur. monograph:0292

Maidir le ribeaflaivin i réamh-mheascáin a chinneadh: – Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta le brath UV (HPLC-UV) - VDLUFA Bd. III, 13.9.1

Maidir le ribeaflaivin (mar vitimín B2 iomlán) i mbeatha chumaisc agus in uisce a chinneadh: – Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta le brath Fluaraiseachta (HPLCFLD) - EN 14152.


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/652 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Márta 2023

lena n-údaraítear eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar an margadh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus a áirítear ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas. Ar bhonn an tsainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3(2)(c) de Rialachán (AE) 2015/2283, meastar gur bia núíosach bia traidisiúnta ó thríú tír.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 8 Deireadh Fómhair 2021, chuir an chuideachta Zenko Superfoods Pte. Ltd. (“an t-iarratasóir”) fógra faoi bhráid an Choimisiúin go raibh rún aici eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia traidisiúnta ó thríú tír i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. D’iarr an t-iarratasóir go ndéanfaí na heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a úsáid sa riocht sin mar shneaiceanna dírithe ar an bpobal i gcoitinne.

(4)

De bhun Airteagal 7(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ar an iarratasóir a mhéid a bhaineann leis na ceanglais a bhain le bailíocht an fhógra. An fhaisnéis a iarradh, cuireadh isteach í an 9 Feabhra 2022.

(5)

Comhlíonann an fógra na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283. Léiríonn na sonraí a chuir an t-iarratasóir i láthair go bhfuil stair úsáid an bhia shláin san India ag eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) a thomhlaítear sa riocht sin mar shneaiceanna.

(6)

De bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2015/2283, an 22 Márta 2022 chuir an Coimisiún an fógra bailí ar aghaidh chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).

(7)

Maidir le heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, níor chuir na Ballstáit ná an tÚdarás aon agóid chuí-réasúnaithe i ndáil le sábháilteacht faoi bhráid an Choimisiúin laistigh den tréimhse 4 mhí a leagtar síos in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(8)

An 5 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil uathu dar teideal “Technical Report on the notification of roasted and popped kernels from the seeds of Euryale ferox Salisb. (makhana) as a traditional food from a third country pursuant to Article 14 of Regulation (EU) 2015/2283” [Tuarascáil Theicniúil maidir le fógra a thabhairt faoi eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb (makhana) mar bhia traidisiúnta ó thríú tír de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2015/2283] (4). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach údar imní iad na sonraí atá ar fáil maidir le comhdhéanamh agus stair úsáide na n-eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana).

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún údarú a thabhairt eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (Makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas sa riocht sin mar shneaic agus liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

(10)

Ba cheart eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur san áireamh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Déanfar na heithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (Makhana) a chur san áireamh mar bhia traidisiúnta ó thríú tír ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2468 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena leagtar síos ceanglais riaracháin agus eolaíocha maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 55).

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022:19(9):-7538. https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2022.EN-7538.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

“Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) (Bia traidisiúnta ó thríú tír)

Catagóir bhia shonraithe

Uasleibhéil

Is é ‘síolta rósta ó Euryale ferox’ nó ‘síolta rósta makhana (Euryale ferox)’ an t-ainmniú a bheidh ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé”

 

Cnónna próiseáilte

 

(2)

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

“Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Eithní rósta agus pléasctha ó shíolta Euryale ferox Salisb. (makhana) (Bia traidisiúnta ó thríú tír)

Tuairisc/Sainmhíniú

Is éard atá sa bhia traidisiúnta eithní rósta agus pléasctha ó shíolta phlandaí úra Euryale ferox Salisb. (fine: Nymphaeaceae, dá ngairtear duileog bháite dheilgneach freisin de ghnáth) le tomhailt mar shneaic. Táirgtear an bia traidisiúnta sin trí shraith céimeanna ina ndéantar na síolta a bhailiú, a ní agus thriomú, a róstadh in ola den chéad uair, a fhaghairt ag teochtaí comhthimpeallacha, a róstadh in ola den dara huair chun na heithní a phléascadh, agus na síolta teo a bhualadh ina dhiaidh sin chun na heithní pléasctha a scaoileadh. Tugtar makhana nó cnónna sionnaigh ar an mbia traidisiúnta freisin.

Comhdhéanamh cothaitheach tipiciúil:

Saill: 13,0 g/100 g

Carbaihiodráití: 75,0 g/100 g

Snáithín: 2,5 g/100 g

Próitéin: 7 g/100 g

Taise (% w/w): < 5,0

Luaith: < 0,5 g/100 g

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: < 103 CFU/g

Áireamh iomlán an ghiosta agus an mhúscáin: < 100 CFU/g

Enterobacteriaceae iomlán: < 10 CFU/g

Salmonella spp.: Gan bheith ann in 25 g

Listeria monocytogenes: Gan bheith ann in 25 g

Miotail throma:

Seiléiniam: ≤ 0,8 mg/kg

Copar: ≤ 30,0 mg/kg

Luaidhe: ≤ 0,1 mg/kg

Arsanaic: ≤ 0,1 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,1 mg/kg

Stán: ≤ 3,5 mg/kg

Mearcair: ≤ 0,025 mg/kg

Míceatocsainí:

Aflatocsain B1: ≤ 2,0 μg/kg

Suim na n-aflatocsainí B1, B2, G1, agus G2: ≤ 4,0 μg/kg

Ócratocsain A: ≤ 1,0 μg/kg

Citrinin: ≤ 20,0 μg/kg

Cianatocsainí:

Micricistiní: ≤ 0,0015 mg/kg

Lotnaidicídí:

Lotnaidicídí: ≤ 0,01 mg/kg

Éilleáin phróisis:

Aicriolaimíd: ≤ 40,0 μg/kg

Suim na PAHanna: ≤ 10,0 μg/kg

Suim na PCBanna de chineál dé-ocsaine: ≤ 0,35 pg/g

3-MCPD: ≤ 20,0 μg/kg

Eistir aigéid shailligh ghlicidile (arna sloinneadh mar ghliciodól): ≤ 500,0 μg/kg

Suim d’eistir aigéid shailligh 3-MCPD agus 3-MCPD: ≤ 750,0 μg/kg

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; PAHanna: Hidreacarbóin Il-timthriallacha Aramatacha; PCBanna: Défheinilí Polaclóirínithe; 3-MCPD: 3-MonaClóraPrópáindé-ól.”


CINNTÍ

21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/27


CINNEADH (CBES) 2023/653 ÓN gCOMHAIRLE

An 20 Márta 2023

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Márta 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/472 (1), lenar bunaíodh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI).

(2)

An 26 Márta 2021, tar éis athbhreithniú straitéiseach a dhéanamh ar an oibríocht, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/542 (2), lenar cuireadh síneadh, inter alia, le EUNAVFOR MED IRINI go dtí an 31 Márta 2023.

(3)

I gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh ar an oibríocht, d'aontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála gur cheart síneadh a chur le EUNAVFOR MED IRINI go dtí an 31 Márta 2025.

(4)

Ba cheart diúscairt arm agus ábhar gaolmhar a d’urghabh EUNAVFOR MED IRINI a éascú a thuilleadh.

(5)

Ba cheart Cinneadh (CBES) 2020/472 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2, mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Maidir le Ballstát a chabhróidh le EUNAVFOR MED IRINI chun airm agus ábhar gaolmhar urghafa a dhiúscairt, glacfaidh sé de chúram air féin, tar éis do EUNAVFOR MED IRINI deimhniú urghabhála a sholáthar, na nósanna imeachta is gá a chur i gcrích a luaithe is féidir chun go bhféadfar na hearraí urghafa a dhiúscairt, faoi chuimsiú an dlí náisiúnta agus na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme. Tabharfaidh EUNAVFOR MED IRINI deimhniú diúscartha don Bhallstát sin.”;

(2)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4.   EUR 16 921 000 a bheidh sa mhéid tagartha do chostais choiteanna EUNAVFOR MED IRINI don tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2025. Is 10 % i ngealltanais agus 5 % in íocaíochtaí a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509.”

;

(3)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Tiocfaidh deireadh le EUNAVFOR MED IRINI an 31 Márta 2025.”

.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Marta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/472 ón gComhairle an 31 Márta 2020 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 101, 1.4.2020, lch. 4).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/542 ón gComhairle an 26 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/472 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Mheánmhuir (EUNAVFOR MED IRINI) (IO L 108, 29.3.2021, lch. 57).


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/29


CINNEADH (CBES) 2023/654 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Marta 2023

chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta, straitéis ina bhfuil, i gCaibidil III, liosta de na bearta is gá a dhéanamh san Aontas agus i dtríú tíortha chun an leathadh sin a chomhrac.

(2)

An 28 Aibreán 2004, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1540 (2004) (UNSCR 1540 (2004)), arbh í an chéad ionstraim idirnáisiúnta í chun déileáil ar bhealach comhtháite cuimsitheach le hairm ollscriosta, le modhanna a seachadta agus le hábhair ghaolmhara. Le UNSCR 1540 (2004), bunaíodh oibleagáidí ceangailteacha do gach Stát a raibh sé d’aidhm acu gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad a chosc agus a dhíspeagadh ó rochtain a fháil ar airm agus ar ábhar a bhaineann le hairm den sórt sin. D’iarr sí freisin ar na Stáit tuarascáil a chur faoi bhráid Choiste na Comhairle Slándála a bunaíodh le UNSCR 1540 (2004) (“Coiste 1540”) maidir leis na céimeanna atá glactha acu nó atá beartaithe acu a ghlacadh chun UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme.

(3)

An 27 Aibreán 2006, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1673 (2006) agus chinn sí go raibh Coiste 1540 le dlús cur lena chuid iarrachtaí chun cur chun feidhme iomlán Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn trí chláir oibre, for-rochtana, cúnaimh, idirphlé agus comhair. Ina theannta sin, d’iarr sí ar Choiste 1540 féachaint, le Stáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha, an bhféadfaí taithí agus ceachtanna foghlamtha a roinnt, agus cláir a bheith ar fáil a d’fhéadfadh cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a éascú.

(4)

An 20 Aibreán 2011, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1977 (2011) agus chinn sí síneadh a chur le sainordú Choiste 1540 go ceann tréimhse 10 mbliana go dtí an 25 Aibreán 2021. Chinn sí freisin go leanfadh Coiste 1540 de dhlús a chur lena chuid iarrachtaí chun cur chun feidhme iomlán ag gach Stát maidir le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn, chun páirt ghníomhach a ghlacadh i dtairiscintí agus iarrataí ar chúnamh a mheaitseáil trí mhodhanna ar nós cuairteanna ar chuireadh ón Stát lena mbaineann, teimpléid chúnaimh, pleananna gníomhaíochta nó faisnéis eile arna gcur faoi bhráid Choiste 1540, agus chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar stádas chur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe roimh mhí na Nollag 2016.

(5)

An 15 Nollaig 2016, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe d’aon toil Rún 2325 (2016) agus ar an gcaoi sin d’fhormhuinigh sí an toradh a bhí ar phróiseas cuimsitheach athbhreithnithe Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a rinneadh le linn 2016. D’iarr sí ar na Stáit uile bearta náisiúnta a neartú chun Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme agus d’iarr sí go dtabharfaí níos mó cúnaimh chun cumas an Stáit a fhorbairt ina leith sin, lena n-áirítear trí ranníocaíochtaí deonacha, agus d’iarr sí go mbeadh comhar níos fearr ann i measc geallsealbhóirí, na sochaí sibhialta agus lucht léinn.

(6)

An 30 Samhain 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2663 (2022) agus chinn sí síneadh a chur le sainordú Choiste 1540 go ceann tréimhse 10 mbliana go dtí an 30 Samhain 2032.

(7)

Le tacaíocht an Aontais maidir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, tacaíocht a seoladh ó 2006 trí Ghníomhaíochtaí Chomhpháirteacha 2006/419/CBES ón gComhairle (1), agus 2008/368/CBES ón gComhairle (2), trí Chinntí 2013/391/CBES ón gComhairle (3) agus (CBES) 2017/809 ón gComhairle (4), tá laghdú suntasach tagtha ar líon na Stát nár thuairiscigh agus ar líon na Stát nár thíolaic faisnéis bhreise a d’éiligh Coiste 1540 tar éis dóibh tuarascálacha neamhiomlána a thíolacadh.

(8)

Tá gá le tacaíocht leanúnach ón Aontas chun Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.

(9)

Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, an Cinneadh seo a ghlacadh chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil.

(10)

Ba cheart cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí atá le déanamh faoin gCinneadh seo a chur ar iontaoibh Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA), atá freagrach as tacaíocht shubstainteach agus lóistíochta a chur ar fáil do Choiste 1540 agus dá Ghrúpa Saineolaithe.

(11)

Tá an Cinneadh seo faoi threoir an phrionsabail maidir leis an leas is fearr a bhaint as an taithí a fuarthas ó Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha roimhe seo agus ó na Cinntí ón gComhairle chun tacú le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme. Cuireann sé san áireamh riachtanais shonracha arna gcur in iúl ag na Stáit agus cineálacha cur chuige saincheaptha mar thaca leis na riachtanais sin; agus spreagann sé úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach na ngníomhaíochtaí chun a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú. Tá an Cinneadh seo bunaithe ar an bprionsabal maidir le comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir an tAontas agus tríú páirtithe faoi chuimsiú Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú agus díríonn sé ar na gníomhaíochtaí sin a raibh torthaí nithiúla acu ó thaobh cur chun feidhme náisiúnta, cúnamh feabhsaithe, múscailt feasachta agus rannpháirtíocht maidir le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(12)

Ba cheart an Cinneadh seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gCreat—Chomhaontú Airgeadais agus Riaracháin arna thabhairt i gcrích ag an gCoimisiún leis na Náisiúin Aontaithe a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas le cláir nó tionscadail arna riar ag na Náisiúin Aontaithe a bhainistiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tacóidh an tAontas leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a chomhfhreagraíonn do bhearta atá I straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta:

(a)

ceardlanna agus seisiúin oiliúna théamacha chun acmhainní a fhothú le haghaidh suas le cúig iarraidh ar chúnamh ag na Stáit;

(b)

Oiliúint maidir le Pointí Teagmhála Réigiúnacha;

(c)

tacú le Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta a fhorbairt agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil;

(d)

Físchomhdháil um Chúnamh Réigiúnach maidir le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme;

(e)

Comhdhálacha Réigiúnacha maidir le For-rochtain;

(f)

Táirgeadh agus Scaipeadh Eolais.

Leagtar síos miontuairisc ar na gníomhaíochtaí sin san Iarscríbhinn atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Cuirfear cur chun feidhme teicniúil na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 ar iontaoibh UNODA. Déanfaidh sí an cúram sin faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le UNODA.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 2 368 769,46 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas a mhaoineofar leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích le UNODA. Sonrófar sa chomhaontú go bhfuil UNODA chun infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid, a áirithiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a dtabharfar an comhaontú sin chun críche.

Airteagal 4

Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag UNODA. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle. Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích, nó an 21 Mean Fómhair 2023 mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin dáta sin.

Arna dhéanamh sa Bhruséil, an 20 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2006/419/CBES ón gComhairle an 12 Meitheamh 2006 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 165, 17.6.2006, lch. 30).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/368/CBES ón gComhairle an 14 Bealtaine 2008 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 127, 15.5.2008, lch. 78).

(3)  Cinneadh 2013/391/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2013 chun tacú le cur chun feidhme praiticiúil Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 198, 23.7.2013, lch. 40).

(4)  Cinneadh (CBES) 2017/809 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2017 chun tacú le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus modhanna a seachadta (IO L 121, 12.5.2017, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

A BHAINEANN LEIS AN gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE CHUN TACÚ LE CUR CHUN FEIDHME RÚN 1540 (2004) Ó CHOMHAIRLE SLÁNDÁLA NA NÁISIÚN AONTAITHE MAIDIR LE NEAMHLEATHADH ARM OLLSCRIOSTA AGUS MODHANNA A SEACHADTA

HR(2023) 37

1.    CÚLRA

I gcomhréir le straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) i gcoinne leathadh arm ollscriosta a glacadh an 12 Nollaig 2003, lenar leagadh síos mar chuspóir go ndéanfaí ról Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chothú agus a saineolas a fheabhsú i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an leata, thacaigh an t-Aontas arís le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR 1540 (2004)”) agus le cur chun feidhme na rún a thiocfadh ina dhiaidh.

Chuir Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) Gníomhaíocht Chomhpháirteach na Comhairle, a thacaíonn le cur chun feidhme UNSCR 1540 (2004), chuir sí an ghníomhaíocht sin chun feidhme trí chur chun feidhme teicniúil na dtionscadal a tháinig roimhe seo, ós rud é go raibh sainordú ag an Oifig tacaíocht shubstainteach agus lóistíochta a chur ar fáil do Choiste 1540 agus dá shaineolaithe.

2.    CREAT GINEARÁLTA

Is chun cur chun feidhme UNSCR 1540 (2004), agus cur chun feidhme na rún a thiocfadh ina dhiaidh, a threisiú a ceapadh an Cinneadh seo ón gComhairle. De réir mar is infheidhme, cuirfidh an Cinneadh ón gComhairle leis an méid atá bainte amach le Cinneadh 2017/809 ón gComhairle agus le Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus le Cinntí ón gComhairle (1), a tháinig roimhe, a thacaigh le UNODA i gcur chun feidhme UNSCR 1540 (2004), i ndlúthchomhar leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

Beidh na prionsabail seo a leanas mar threoir agus an Cinneadh ón gComhairle á chur chun feidhme:

(a)

bainfear an leas is fearr as an taithí a fuarthas ó Ghníomhaíochtaí Comhpháirteacha roimhe seo agus ó na Cinntí ón gComhairle chun tacú le Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme;

(b)

cuirfear san áireamh riachtanais shonracha arna gcur in iúl ag na Stáit agus cineálacha cur chuige saincheaptha mar thaca leo;

(c)

gríosófar úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach i leith na dtionscadal lena n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a áirithiú;

(d)

forbrófar comhpháirtíochtaí idir an tAontas agus tríú páirtithe faoi chuimsiú UNSCR 1540 (2004) chun sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú; agus

(e)

díreofar ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil torthaí nithiúla léirithe acu ó thaobh cur chun feidhme náisiúnta, cúnamh feabhsaithe, múscailt feasachta agus rannpháirtíocht maidir le UNSCR 1540 (2004).

3.    CUSPÓIRÍ

Agus leas á bhaint aige as an dul chun cinn a rinneadh a bhuí leis na Cinntí sin ón gComhairle a tháinig roimhe agus leis an Athbhreithniú Cuimsitheach ar Stádas Cur Chun Feidhme UNSCR 1540 (2004) a rinneadh in 2022, tá UNODA ag féachaint le tacú i gcónaí le cur chun feidhme UNSCR 1540 (2004) agus le cur chun feidhme na rún a thiocfadh ina dhiaidh, trí bhíthin bearta sonracha ag a mbeidh na cuspóirí seo a leanas: iarrachtaí agus cumais ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha a fheabhsú trí fhothú acmhainneachta, go príomha; treisiú leis an gcumas agus leis an gcomhar idir na pointí teagmhála; cúnamh teicniúil téamach a éascú le tacaíocht an chomhair idirnáisiúnta; agus cur le feasacht an phobail.

Cuspóir foriomlán (an tionchar a mheastar a bheidh ann)

Is é cuspóir foriomlán an tionscadail rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta agus le cur chun feidhme straitéis an Aontais i gcoinne leathadh arm ollscriosta trí chuidiú leis na Stáit UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme ar bhealach feabhsaithe.

Cuspóirí sonracha

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha:

Feabhas a chur ar iarrachtaí agus ar chumais ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha i dtaobh UNSCR 1540 a chur chun feidhme, go príomha trí oiliúint, trí fhothú acmhainneachta agus trí éascú cúnaimh.

Cumas na bpointí teagmhála, an comhar agus an idirghníomhaíocht idir na Stáit agus Coiste UNSCR 1540, agus freisin i measc pointí teagmhála, a neartú chun cuidiú le cur chun feidhme an rúin.

Feabhas a chur ar chur chun feidhme pleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha UNSCR 1540 (2004), trí thacú lena bhforbairt arna iarraidh sin ag Stáit agus leis an rochtain ina dhiaidh sin ar thacaíocht chun aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanas.

Comhar foréigiúnach, réigiúnach agus idirnáisiúnta a fheabhsú, agus rannchuidiú le sineirgí níos fearr a bhaint amach i gcur chun feidhme UNSCR 1540 (2004).

Feasacht na ngeallsealbhóirí ábhartha a fheabhsú, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta maidir le cur chun feidhme UNSCR 1540 (2004).

Rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha a fheabhsú agus iad ag iarraidh UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme ar bhonn idirnáisiúnta, réigiúnach agus náisiúnta.

Feabhas a chur ar chur chun feidhme praiticiúil na moltaí sonracha ó Athbhreithnithe Cuimsitheacha 2009, 2016 agus 2022 maidir le stádas chur chun feidhme UNSCR 1540 (2004).

Na torthaí a bhfuil súil leo

Is é is aidhm don tionscadal seo an méid seo a leanas a bhaint amach:

1.

Go mbeadh cumas neartaithe in oifigigh rialtais, lena n-áirítear pointí teagmhála, oibleagáidí Rún 1540 (2004) a chur chun feidhme.

2.

Go bhforbrófaí pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó treochláir náisiúnta chun príomhcheanglais UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme a bheadh éifeachtach agus réalaíoch agus go roinnfimis le chéile an cleachtas éifeachtach gaolmhar agus na ceachtanna a foghlaimíodh.

3.

Go gcuirfí le feasacht na rialtas agus na sochaí sibhialta maidir lena thábhachtaí atá sé UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme go hiomlán.

4.    GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Gníomhaíocht 1A: Ceardlanna agus Seisiúin Oiliúna Téamacha maidir le Fothú Acmhainneachta

Cur síos: Eagrófar ceardlanna agus oiliúint théamacha maidir le fothú acmhainneachta i gcás suas le cúig iarraidh ar chúnamh ó na Stáit, agus tabharfar tús áite do Stáit ó Mheiriceá Laidineach agus ó réigiúin Mhuir Chairib, na hAfraice agus na hÁise. Comhlánóidh an cúnamh sin feidhm comhair Choiste 1540 agus leagfar amach é sa chaoi is go mbeidh ar chumas na Stát céimeanna breise praiticiúla a ghlacadh chun oibleagáidí UNCSR 1540 (2004) a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

Méadóidh an ghníomhaíocht cumas na n-oifigeach rialtais agus neartóidh sí an comhar idirghníomhaireachta, rud a chuideoidh leis na Stáit UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme ar bhealach feabhsaithe. Tabharfar cuireadh freisin d’eagraíochtaí agus do chomhpháirtithe idirnáisiúnta oiliúint a chur ar fáil agus na huirlisí reachtacha atá ann cheana, mar aon leis an gcúnamh gaolmhar, a chur i láthair.

Ag brath ar iarrataí agus comhthéacsanna náisiúnta, is iad seo a leanas cuspóirí na gceardlann:

Feasacht a mhúscailt i measc rannpháirtithe rún 1540;

Forbhreathnú a thabhairt ar an gcreat reachtach náisiúnta agus ar na bearta forfheidhmiúcháin chun na bearnaí atá fós ann a shainaithint agus tús áite a thabhairt do ghníomhaíocht maidir le creat reachtach náisiúnta/creataí reachtacha náisiúnta a fheabhsú chun go bhféadfar na hoibleagáidí faoi rún 1540 (2004) a chomhlíonadh;

Aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh agus a chinneadh cé na heintitis náisiúnta lena mbaineann agus an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag gach eintiteas acu; agus

Cúnamh a chur ar fáil a bheidh saincheaptha do riachtanais na Stát agus riachtanach chun a acmhainneacht náisiúnta a fhorbairt.

Gníomhaíocht 1B: Oiliúint Pointí Teagmhála Réigiúnacha

Cur síos: Is nasc iad na pointí teagmhála idir an Coiste agus a n-oifigigh Rialtais. Comhlíonann roinnt pointí teagmhála ról an chomhordaitheora náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an rún. Tá cur chun feidhme na gclár oiliúna le haghaidh pointí teagmhála de chuid 1540 ríthábhachtach chun feabhas a chur ar an tuiscint atá ar an rún, ar na dúshláin a bhaineann lena chur chun feidhme, agus ar na hacmhainneachtaí is gá a fhorbairt. Dá bhrí sin, cuirfear tacaíocht ar fáil do dhá chúrsa oiliúna réigiúnacha/foréigiúnacha do phointí teagmhála náisiúnta arna n-ainmniú ag na Stáit.

Cuirfear eolas domhain ar an rún ar fáil do na pointí teagmhála, lena neartófar an comhar agus an chumarsáid idir na Stáit, an Coiste agus i measc na bpointí teagmhála. Is deis iad na cúrsaí oiliúna taithí agus cineálacha cur chuige a mhalartú i measc na Stát sna réigiúin faoi seach.

Is é cuspóir an chúrsa oiliúna:

Eolas mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis na nithe seo a leanas:

na rioscaí a bhaineann le harm ollscriosta agus a modhanna seachadta a bheith á leathadh ag gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad;

An t-idircheangal idir rún 1540 agus ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, atá ceangailteach ó thaobh dlí, maidir le dí-armáil agus neamhleathadh arm ollscriosta agus córais agus eagraíochtaí gaolmhara eile;

Rún 1540 agus na rúin a leanfaidh é agus ról an phointe teagmhála náisiúnta;

An chaoi a bhfeidhmíonn Coiste 1540, lena n-áirítear a shásra cúnaimh, a thábhachtaí atá sé agus na modhanna tuairiscithe.

An comhar idir pointí teagmhála ar an leibhéal réigiúnach a chur chun cinn agus a fheabhsú.

Gníomhaíocht 2A: Tacú le Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta a fhorbairt agus tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil

Cur síos: Meastar gur uirlis thábhachtach iad na pleananna gníomhaíochta sa tsraith straitéisí chun tacú le cur chun feidhme rún 1540. Cabhraíonn siad le Ballstáit bearnaí a mheas, tús áite a thabhairt do bhearta cur chun feidhme, geallsealbhóirí náisiúnta a mhapáil, agus measúnú a dhéanamh ar na hacmhainní atá riachtanach agus ar na riachtanais chúnaimh is gá. Dá bhrí sin, cuireann pleananna gníomhaíochta ar chumas na Stát cur chuige saincheaptha agus céimnithe a leanúint chun an rún a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach.

Tacófar le dhá Stát ar a laghad agus a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha nó a dtreochláir dheonacha á bhforbairt acu, lena n-áirítear riachtanais chúnaimh a shainaithint agus a mhapáil. Le tacaíocht théamach den sórt sin, cuirfear feabhas ar an acmhainneacht cur chun feidhme, ar mheastóireacht a dhéanamh ar bhearnaí, ar thús áite a thabhairt do bhearta cur chun feidhme, agus ar mheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chúnaimh. Áireofar ann freisin tacaíocht shaincheaptha chun iarrataí ar chúnamh a dhréachtú, nó anailís a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta atá ann cheana, de réir mar is infheidhme, ionas go bhféadfar na hoibleagáidí faoi rún 1540 (2004) a chomhlíonadh.

Cabhróidh an ghníomhaíocht leis na Stáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta deonacha nó treochláir náisiúnta dheonacha a chur i bhfeidhm ag a mbeidh spriocanna agus amlínte soiléire agus comhroinnt shoiléir saothair, lena n-áirítear sainaithint bearnaí acmhainneachta chun bonn eolais a chur faoi dhréachtú na n-iarratas cúnaimh agus chun comhpháirtíochtaí éifeachtacha a bhunú idir Stáit agus soláthraithe cúnaimh. Cuirfear cúnamh saincheaptha ar fáil maidir le gnéithe a bhaineann le UNSCR 1540, lena n-áirítear forfheidhmiú, comhordú náisiúnta, agus anailís ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta atá ann cheana agus a dhéantar chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint ar féidir aghaidh a thabhairt orthu trí reachtaíocht agus/nó rialacháin nua nó bhreise a dhréachtú chun oibleagáidí faoi rún 1540 (2004) a chomhlíonadh.

Gníomhaíocht 2B: Físchomhdháil um Chúnamh Réigiúnach maidir le UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme

Cur síos: Tionólfar físchomhdháil ina dtabharfar na Stáit agus na heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha le chéile d’fhonn comhroinnt taithí a chur chun cinn i dtaobh pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt agus deiseanna, ceachtanna a foghlaimíodh agus cleachtais éifeachtacha a shainaithint sna réimsí a chumhdaítear le Rún 1540 (2004), lena n-áirítear feasacht a mhúscailt maidir le Stáit nach dtuairiscíonn agus oiliúint i ndáil le tuarascálacha a fhorbairt.

Leis an ngníomhaíocht, tacófar le rannpháirtíocht na Stát i dtaithí maidir le pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt, breithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le pleananna gníomhaíochta agus Rún 1540 a chur chun feidhme, ar baineadh amach a chomhroinnt, moltaí, cleachtais éifeachtacha agus ceachtanna a foghlaimíodh a shainaithint mar ghnéithe de leaganacha nua de phleananna gníomhaíochta, agus idirphlé arna thionscnamh chun tuarascálacha a thíolacadh de réir mar is infheidhme. Leagfar an Chomhdháil amach ar bhealach a chuirfidh ar chumas na rannpháirtithe anailís a dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus iad a thabhairt leo, lena n-áirítear pleananna gníomhaíochta agus tuarascálacha a chur le chéile, a chur i gcrích agus a athbhreithniú de réir mar is infheidhme. Beidh sé d’aidhm ag an gComhdháil gnéithe a chumhdach maidir le raon feidhme agus struchtúr pleananna, socrú tosaíochta agus céimniú, rannpháirtíocht agus dílseacht na ngeallsealbhóirí, comhordú idirghníomhaireachta, acmhainní a chur ar fáil do phleananna gníomhaíochta, agus cúnamh idirnáisiúnta.

Gníomhaíocht 3A: Comhdhálacha Réigiúnacha maidir le For-rochtain

Cur síos: Tá for-rochtain agus múscailt feasachta ríthábhachtach i gcónaí chun feabhas a chur ar an eolas maidir le cur chun feidhme Rún 1540 agus tiomantas a fhorbairt ina leith. Eagrófar dhá chomhdháil for-rochtana réigiúnacha chun feasacht a mhúscailt i measc lucht ceaptha beartas agus ionadaithe na sochaí sibhialta maidir lena thábhachtaí atá sé UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme, lena n-áirítear tacú le mná chun bheith rannpháirteach ar bhealach níos córasaí agus níos doimhne, rud a áiritheoidh a rannpháirtíocht fhóinteach i gcur chun feidhme UNSCR 1540 (2004).

Leis an ngníomhaíocht, méadófar feasacht lucht ceaptha beartas, neartófar ról na sochaí sibhialta agus rannchuideofar le haghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna, agus peirspictíochtaí éagsúla á gcur ar fáil, rannpháirtíocht fhóinteach na mban i gcur chun feidhme UNSCR 1540 (2004) á oibríochtú, agus feabhas á chur ar an gcomhar foréigiúnach agus réigiúnach maidir le UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme.

Gníomhaíocht 3B: Táirgeadh agus Scaipeadh Eolais

Cur síos: Cuirfear dhá aschur táirgthe eolais ar fáil, lena n-áirítear foilseacháin agus seimineáir ghréasáin théamacha chun topaic Rún 1540 a fhiosrú. Aithneofar leo a thábhachtaí atá sé taithí agus cleachtais éifeachtacha a thiomsú, fanacht ar an eolas faoi dhul chun cinn ábhartha agus tuiscint níos fearr a thabhairt ar an idirghníomhú idir UNSCR 1540 (2004) agus réimsí a bhféadfadh tuilleadh taighde, idirphlé agus gníomhaíochta beartais a bheith ag teastáil ina leith.

Leis an ngníomhaíocht, cuirfear feabhas ar eolas na ngeallsealbhóirí ar an mbealach is fearr chun na hoibleagáidí faoi UNSCR 1540 (2004) a chur chun feidhme agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann agus atá ag teacht chun cinn, agus comhroinnfear cleachtais éifeachtacha a rachaidh chun tairbhe obair an Choiste.

Beidh téamaí na dtáirgí eolais bunaithe ar threochtaí, bearnaí agus riachtanais cur chun feidhme a tugadh faoi deara, lena n-áirítear iad siúd a cuireadh in iúl in Athbhreithniú Cuimsitheach 2022. Áirítear leo sin, i measc nithe eile, aistrithe teicneolaíochta doláimhsithe, tuairisciú agus cineálacha cur chuige reachtacha.

5.    SÁSRA COMHORDÚCHÁIN AGUS RÓIL

Feidhmeoidh UNODA mar an eagraíocht cur chun feidhme a nascfadh an tionscadal le Coiste 1540 agus lena Ghrúpa Saineolaithe agus, ag an am céanna, bheadh sé ar thús cadhnaíochta i dtaobh úsáid a bhaint as cumhacht chomórtha na Náisiún Aontaithe chun gníomhaíochtaí a eagrú. Ina cháil mar an eagraíocht cur chun feidhme, déanfaidh UNODA an chumarsáid leis an deontóir a chuíchóiriú, cruinnithe comhordúcháin a eagrú, tuarascálacha rialta deontóra a chur le chéile, agus tacaíocht pholaitiúil agus eagraíochtúil a chur ar fáil dá chomhpháirtithe cur chun feidhme. Déanfar cistí an tionscadail a eisíoc agus a bhainistiú i gcomhréir le rialacha agus rialacháin na Náisiún Aontaithe.

Oibreoidh UNODA i gcomhpháirt leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le tionscadail a chuirtear chun feidhme sna Stáit Rannpháirteacha, agus an leas is mó is féidir á bhaint as na sineirgí a bhaineann le láithreacht láidir na n-eagraíochtaí rannpháirteacha sna Stáit Rannpháirteacha agus a ndlúthchaidreamh leo, a saineolas teicniúil agus a dtaithí ar chúnamh a sholáthar sa réigiún.

Tá cumais oibríochtúla UNODA agus ESCE comhlántach agus déanfaidh UNODA comhordú ar thuairisciú rialta a chuirfear i láthair i dtuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn airgeadais agus insinte an tionscadail. Comhlánófar na tuarascálacha le nuashonruithe neamhfhoirmiúla trí ríomhphost, trí ghlaonna físchomhdhála agus trí chruinnithe ad hoc breise de réir mar is gá.

Rachaidh UNODA i dteagmháil agus déanfaidh sé comhordú le heintitis cur chun feidhme clár agus tionscadal ábhartha eile arna gcistiú ag an Aontas Eorpach, go háirithe Tionscnamh an Aontais maidir le hIonaid Barr Feabhais CBRN agus Clár P2P an Choimisiúin Eorpaigh um rialú ar onnmhairí le haghaidh earraí dé-úsáide chomh maith le tionscadail faoi na Cinntí seo a leanas ón gComhairle:

Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 mar thaca leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine;

Cinneadh (CBES) 2019/1296 ón gComhairle an 31 Iúil 2019 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta;

Cinneadh (CBES) 2019/2108 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú i Meiriceá Laidineach i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta;

Cinneadh (CBES) 2020/732 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2020 chun tacú le Sásra Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe um imscrúdú ar úsáid líomhnaithe arm ceimiceach agus bitheolaíoch nó tocsaineach;

Cinneadh (CBES) 2021/2071 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le hathléimneacht a chothú sa bhithshábháilteacht agus sa bhithshlándáil tríd an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine.

Trí Rún 1977 (2011), thathantaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar Choiste 1540 leanúint den phlé gníomhach le Stáit agus le heagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha chun comhroinnt taithí, ceachtanna a foghlaimíodh agus cleachtas éifeachtach a chur chun cinn sa réimse a chumhdaítear le Rún 1540 (2004). I ndáil leis an méid sin, choinnigh UNODA caidreamh láidir ar bun lena ionaid réigiúnacha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile chun a áirithiú go bhfaighidh na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach dá n-iarrachtaí na hoibleagáidí faoin rún a chur chun feidhme ina n-iomláine.

Chun an iarracht sin a neartú a thuilleadh, lonnaigh UNODA comhordaitheoirí réigiúnacha Rún 1540 in Addis Ababa agus in Bangkok. Díríonn na comhordaitheoirí réigiúnacha ar iarrachtaí UNODA cúnamh a chur ar fáil agus a éascú do Stáit a neartú agus comhar níos dlúithe le heagraíochtaí réigiúnacha a chothú sna réigiúin faoi seach. Ina theannta sin, nuair a bheidh na hiarrachtaí comhchoiteanna á ndéanamh, áiritheoidh dlúthchomhordú idir UNODA, a lárionaid réigiúnacha agus a eagraíochtaí comhpháirtíochta go seachnófar dúbláil agus go mbainfear an leas is fearr is féidir as deiseanna le haghaidh sineirgí.

6.    SOLÁTHAR FOIRNE

Chun an Cinneadh seo ón gComhairle a chur chun feidhme, beidh gá le láithreacht foirne chun cur chun feidhme comhordaithe cuíchóirithe na ngníomhaíochtaí uile a áirithiú. Dá bhrí sin, moltar na róil seo a leanas:

Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla amháin a bheidh lonnaithe i Nua-Eabhrac: Is ag Aontas Tacaíochta 1540 UNODA, faoin mBrainse maidir le hAirm Ollscriosta, a bheidh an príomhról ó thaobh chur chun feidhme an tionscadail de. Beidh Oifigeach Gnóthaí Polaitiúla an Aonaid freagrach as maoirseacht cláir, cur chun feidhme an tionscadail, lena n-áirítear comhordú le ESCE, faireachán agus meastóireacht ar an tionscadal, tuairisciú, agus cumarsáid leis an deontóir a chomhordú.

Comhordaitheoir Réigiúnach amháin a bheidh lonnaithe in Addis Ababa, an Aetóip: beidh an t-oifigeach (ball d’fhoireann UNODA) freagrach as feasacht a mhéadú a thuilleadh i measc Stáit na hAfraice maidir le ceanglais UNSCR 1540 (2004) agus na bealaí chun iarrachtaí idirghníomhaireachta a eagrú chun aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal náisiúnta. Beidh an t-oifigeach freagrach freisin as feabhas a chur ar thuiscint na Stát ar an acmhainneacht cur chun feidhme atá ann cheana agus ar a gcur amach ar UNSCR 1540 (2004) i dtaobh conas aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa chur chun feidhme náisiúnta. Chun dúbláil a sheachaint, oibreoidh an Comhordaitheoir Réigiúnach i ndlúthchomhar go háirithe le Comhordaitheoir BTWC na hAfraice atá lonnaithe in Addis Ababa.

Féachfaidh UNODA le cothromas inscne a chinntiú sa phróiseas earcaíochta chun cuidiú leis na tíortha arb iad tairbhithe an tionscadail iad, agus spreagfaidh sé na tíortha is tairbhithe rannpháirtíocht na mban a chothú ar bhealach fóinteach ag gach céim den tionscadal. Déantar iarracht speisialta i gcónaí gné inscne a ionchorprú agus mná a chur i gcroílár na n-ábhar a phléitear.

7.    ACHAR AMA

Is é 36 mhí ré iomlán mheasta chur chun feidhme an Tionscadail.

8.    INFHEICTHEACHT AN AONTAIS

Déanfaidh UNODA gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas na gníomhaíochtaí a rinneadh. Déanfar na bearta sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún agus leis an Lámhleabhar Infheictheachta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha AE arna leagan síos agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Ar an gcaoi sin, áiritheoidh UNODA infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus béim á leagan ar ról an Aontais, trédhearcacht a ghníomhaíochtaí á háirithiú, agus feasacht á múscailt ar na cúiseanna leis an gCinneadh seo maille le feasacht ar thacaíocht an Aontais don Chinneadh seo agus ar thorthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais le feiceáil go soiléir ar ábhar arna tháirgeadh i gcomhthéacs chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoin gCinneadh seo i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir le húsáid agus atáirgeadh cruinn na brataí.

9.    TAIRBHITHE

Is iad Ballstáit na Náisiún Aontaithe a bheidh mar thairbhithe an Tionscadail.


(1)  Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha 2006/419/CBES agus 2008/368/CBES agus Cinntí 2013/391/CBES agus 2017/809/CBES ón gComhairle.


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/37


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/655 ÓN gCOIMISIÚN

an 10. Márta 2023

lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2023) 1532)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), na Ballstáit ar mian leo a bheith páirteach i scéim cabhrach an Aontais chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachas (an scéim scoile), tá siad lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an gcéad scoilbhliain eile a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain agus, más infheidhme, nuashonróidh siad an iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain reatha.

(2)

Chun cur chun feidhme éifeachtach na scéime scoile a áirithiú, ba cheart leithdháileadh na cabhrach ón Aontas i measc na mBallstát atá rannpháirteach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna a shocrú ar bhonn na méideanna a léirítear san iarraidh ar chabhair ón Aontas ó na Ballstáit sin agus na haistrithe idir leithdháiltí táscacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 23a(4), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) á gcur san áireamh.

(3)

Thug na Ballstáit uile fógra don Choimisiún maidir lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024, fógra lenar sonraíodh an méid cabhrach a iarradh le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna nó le haghaidh bainne do scoileanna, nó le haghaidh an dá chuid den scéim. I gcás na Beilge, na Fraince, na hÍsiltíre agus na Sualainne, cuireadh na haistrithe idir na leithdháiltí táscacha san áireamh sna méideanna a iarradh.

(4)

Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht iomlán na gcistí atá ar fáil, ba cheart an chabhair a fhágtar gan iarraidh a ath-leithdháileadh ar na Ballstáit atá páirteach sa scéim scoile agus a léiríonn, ina n-iarraidh ar chabhair ón Aontas, a dtoilteanas méid is mó ná an leithdháileadh táscach atá acu a úsáid, i gcás ina bhfuil acmhainní breise ar fáil.

(5)

San iarraidh ón tSualainn ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024, lorgaíodh méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna a úsáid: an Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Spáinn, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Níor lorg aon Bhallstát méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh bainne do scoileanna.

(6)

Ar bhonn na faisnéise atá curtha in iúl ag na Ballstáit, ba cheart leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024 a shocrú.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún (4) socraíodh leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát ar mian leo a bheith páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1187 ón gCoimisiún (5) leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh cinntitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 chun na dara hiarrataí eisceachtúla ar chabhair ón Aontas arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/861 ón gCoimisiún (6) le haghaidh na tréimhse céanna sin a chur san áireamh.

(8)

Sna fógraí a cuireadh isteach faoin 31 Eanáir 2023 de bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39, rinne roinnt Ballstát nuashonrú ar a n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain 2022/2023. Chuir an Ghearmáin, an Spáinn, an Ísiltír, an Ostair agus an Fhionlainn aistrithe in iúl idir leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Lorg an Ghearmáin agus an Ísiltír méid is lú ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus/nó le haghaidh bainne do scoileanna a úsáid: an tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an tSlóvaic agus an tSualainn.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a leasú dá réir.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach in Iarscríbhinn I leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát atá páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2024.

Airteagal 2

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493.

Airteagal 3

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 346, 20.12.2013, lch. 12.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 maidir le rialacha i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 (IO L 100, 28.3.2022, lch. 55).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1187 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 a mhéid a bhaineann le leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 (IO L 184, 11.7.2022, lch. 56).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/861 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 lena leagtar síos rialacha eisceachtúla maidir leis na dara hiarrataí ó Bhallstáit ar chabhair ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna agus lena maolaítear ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 a mhéid a bhaineann le hath-leithdháileadh na cabhrach ón Aontas, le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 (IO L 151, 2.6.2022, lch. 42).


IARSCRÍBHINN I

Scoilbhliain 2023/2024

Ballstát

Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna

in EUR

Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna

in EUR

an Bheilg

3 815 785

1 433 417

an Bhulgáir

2 185 256

1 800 090

an tSeicia

3 473 993

3 048 057

an Danmhairg

1 739 147

1 632 431

an Ghearmáin

21 196 752

8 910 720

an Eastóin

412 360

754 955

Éire

1 966 159

826 537

an Ghréig

3 149 503

1 464 086

an Spáinn

13 922 472

6 023 462

an Fhrainc

18 176 401

14 523 309

an Chróit

1 322 043

610 533

an Iodáil

15 293 816

6 910 347

an Chipir

300 828

252 652

an Laitvia

671 180

868 581

an Liotuáin

923 603

1 236 781

Lucsamburg

297 570

193 000

an Ungáir

2 994 731

2 970 122

Málta

290 000

193 000

an Ísiltír

5 722 702

1 632 699

an Ostair

2 414 539

1 015 027

an Pholainn

12 565 488

12 791 591

an Phortaingéil

2 804 412

1 301 261

an Rómáin

6 178 236

11 303 390

an tSlóivéin

689 729

305 638

an tSlóvaic

1 915 162

1 659 402

an Fhionlainn

1 672 943

2 731 455

an tSualainn

0

8 316 782

Iomlán

126 094 810

94 709 325


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN I

Scoilbhliain 2022/2023

Ballstát

Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna

in EUR

Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna

in EUR

an Bheilg

3 405 460

1 613 199

an Bhulgáir

2 145 826

1 030 342

an tSeicia

3 515 512

2 000 127

an Danmhairg

1 855 060

1 578 658

an Ghearmáin

20 867 400

9 614 058

an Eastóin

520 903

779 265

Éire

1 811 303

1 033 661

an Ghréig

3 221 670

1 550 685

an Spáinn

13 442 293

6 152 902

an Fhrainc

16 271 478

16 146 588

an Chróit

1 390 541

800 354

an Iodáil

17 117 780

8 003 535

an Chipir

390 044

400 177

an Laitvia

658 180

748 041

an Liotuáin

966 451

1 135 641

Lucsamburg

295 111

205 725

an Ungáir

3 122 448

1 945 693

Málta

293 504

201 724

an Ísiltír

6 006 511

642 270

an Ostair

2 401 768

944 680

an Pholainn

12 494 071

10 739 507

an Phortaingéil

3 283 397

2 220 981

an Rómáin

6 900 318

10 455 944

an tSlóivéin

570 823

311 770

an tSlóvaic

1 872 965

1 070 557

an Fhionlainn

1 799 047

3 624 689

an tSualainn

0

9 233 498

Iomlán

126 619 864

94 184 271


21.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/42


CINNEADH (AE) 2023/656 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 28 Feabhra 2023

maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2022 (BCE/2023/2)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 30 de,

De bhrí an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/41) (2), eiseoidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) fógra táille gach bliain do gach féichiúnaí táille laistigh de shé mhí tar éis thús na tréimhse táille ina dhiaidh sin.

(2)

Faoi Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 (BCE/2014/41), déantar na táillí maoirseachta bliantúla atá le gearradh ar na heintitis faoi mhaoirseacht a ríomh ar bhonn chostais bhliantúla BCE. Cinntear méid na gcostas bliantúil ar bhonn mhéid an chaiteachais bhliantúil arb é atá ann aon chaiteachas arna thabhú ag BCE sa thréimhse táillí ábhartha a bhaineann go díreach nó go hindíreach lena chúraimí maoirseachta.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 (BCE/2014/41), d’fhonn ríomh a dhéanamh ar na táillí maoirseachta bliantúla is iníoctha maidir le heintitis shuntasacha faoi mhaoirseacht agus maidir le grúpaí suntasacha faoi mhaoirseacht, agus maidir le heintitis faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach agus maidir le grúpaí faoi mhaoirseach nach bhfuil chomh suntasach, ba cheart na costais bhliantúla a roinnt ar bhonn na gcostas a leithdháiltear ar na feidhmeanna ábhartha a dhéanann maoirseacht dhíreach ar eintitis shuntasacha faoi mhaoirseacht agus ar ghrúpaí suntasacha faoi mhaoirseacht agus maoirseacht indíreach a dhéanamh ar eintitis faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach agus grúpaí faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 (BCE/2014/41), ba cheart méideanna táillí a bhaineann le tréimhsí táillí roimhe sin nach raibh inbhailithe, íocaíochtaí úis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 14 agus méideanna áirithe eile a fuarthas nó a aisíocadh i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán sin, más ann dóibh, a chur san áireamh freisin agus na costais bhliantúla á gcinneadh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 (BCE/2014/41), laistigh de cheithre mhí tar éis deireadh gach tréimhse táillí, ba cheart méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do gach catagóir eintiteas faoi mhaoirseacht agus de gach grúpa faoi mhaoirseacht don tréimhse táillí sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE,

TAR ÉIS AN CHINNIDH SEO A GHLACADH::

Airteagal 1

Sainmhínithe:

Chun críocha an Chinnidh seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá i Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/17) (3) agus i Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 (BCE/2014/41).

Airteagal 2

Maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2022

1.   Is é EUR 593 709 671 a bheidh i méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2022, arna ríomh mar a léirítear san Iarscríbhinn.

2.   Íocfaidh gach catagóir eintiteas faoi mhaoirseacht agus gach grúpa faoi mhaoirseacht an méid iomlán seo a leanas de tháillí maoirseachta bliantúla:

(a)

eintitis shuntasacha faoi mhaoirseacht agus grúpaí suntasacha faoi mhaoirseacht: EUR 566 725 313;

(b)

eintitis faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach agus grúpaí faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach: EUR 26 984 358.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 28 Feabhra 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)   IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an creat um chomhar laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis inniúla náisiúnta agus leis na húdaráis náisiúnta ainmnithe (Creat-Rialachán SMA) (BCE/2014/17) (IO L 141, 14.5.2014, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla do 2022

(EUR)

 

Eintitis shuntasacha faoi mhaoirseacht agus grúpaí suntasacha faoi mhaoirseacht:

Eintitis faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach agus grúpaí faoi mhaoirseacht nach bhfuil chomh suntasach;

Iomlán

Costais bhliantúla iarbhír do 2022

566 839 250

26 966 687

593 805 937

Méideanna atá le cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 (BCE/2014/41)

 

 

 

Méideanna na dtáillí a bhain le tréimhsí táillí roimhe seo nach raibh inbhailithe

 

 

 

Íocaíochtaí úis a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán thuas

- 113 936

-20 019

- 133 955

Méideanna a fuarthas nó a aisíocadh i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Rialachán thuas

 

37 690

37 690

IOMLÁN

566 725 313

26 984 358

593 709 671

Féadfaidh nach suimeoidh iomláin mar gheall ar shlánú.