|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
* |
||
|
|
* |
||
|
|
* |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/402 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Feabhra 2023
lena ndeonaítear údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 44(5), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 14 Meitheamh 2017, chuir Dow Europe GmbH (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) i gcomhréir le hAirteagal 43(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ar údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ar a dtugtar “CMIT/MIT SOLVENT BASED” de chineál táirge 6, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin, chun breosla eitlíochta, amhola agus breosla dhriogáite idirmheánach a leasú, agus thug sé daingniú i scríbhinn gur chomhaontaigh údarás inniúil na Fraince meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas. Taifeadadh an t-iarratas faoi chás-uimhir BC-NN032576-24 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha. An 16 Aibreán 2020, tharraing an t-iarratasóir an t-iarratas siar a mhéid a bhaineann le “CMIT/MIT SOLVENT BASED” a úsáid i mbreoslaí eitlíochta. An 31 Deireadh Fómhair 2020, d’aistrigh an t-iarratasóir an t-iarratas chuig Nutrition & Biosciences Netherlands B.V. |
|
(2) |
San fhine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” tá táirgí chun amhola dí-uiscithe agus táirgí mínphróiseáilte (breoslaí driogáite idirmheánacha agus éadroma) ina bhfuil 5-clóra-2-meitiliseathiasól-3(2H)-ón agus 2-meitiliseathiasól-3(2H)-ón (“C(M)IT/MIT”) mar shubstaint ghníomhach a leasú, substaint a áirítear ar liosta na Aontais de na substaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(3) |
An 28 Lúnasa 2019, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta, i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, an tuarascáil mheasúnaithe agus conclúidí a mheastóireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta. |
|
(4) |
An 7 Aibreán 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (2), chomh maith leis an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh “CMIT-MIT SOLVENT BASED” agus an tuarascáil mheasúnachta deiridh ar an bhfine táirgí bithicídeacha faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(5) |
Is é conclúid na tuairime sin gur “fine táirgí bithicídeacha” atá in “CMIT-MIT SOLVENT BASED” de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (s), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go bhfuil sé incháilithe le haghaidh údarú ón Aontas i gcomhréir le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin agus, faoi réir na dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a chomhlíonadh, go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1) agus (6) den Rialachán sin. Sa tuairim bhí seasamh mionlaigh arna chur in iúl ag comhalta a cheap an Ghearmáin, inar thángthas ar an gconclúid go dtagann úsáid “CMIT-MIT SOLVENT BASED” mar leasaitheach i mbreoslaí salach ar reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit sin (leis an 10ú Reacht Cónaidhme um Rialú Astaíochtaí §2 (1) agus (2)), lena dtoirmeasctar go mbeadh breiseáin ina bhfuil comhdhúile clóirín nó bróimín i mbreoslaí le haghaidh mótarfheithiclí bóthair agus lena dtoirmeasctar breiseáin ina bhfuil clóirín nó bróimín a chur ar an margadh toisc go mbíonn na comhdhúile sin ina gcúis le dé-ocsainí le linn an dócháin breosla. |
|
(6) |
An 15 Eanáir 2021, rinne an Ghníomhaireacht an dréacht-achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a tharchur chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(7) |
Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní faoi fhoirmiú dé-ocsainí a chuir an seasamh mionlaigh in iúl maidir leis an tuairim, d’iarr an Coimisiún tuairim ón nGníomhaireacht an 24 Iúil 2020 faoi Airteagal 75(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun meastachán a dhéanamh ar mhéid foirmithe na ndé-ocsainí agus ar an méid iomlán a chuirfeadh dé-ocsainí leis na hastaíochtaí de bharr úsáid na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” i mbreoslaí a úsáidtear le haghaidh iompar de bhóthar agus iompar uisce. Ina theannta sin d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht soiléiriú a thabhairt ar leibhéal na rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine i ngeall ar nochtadh do dhé-ocsainí tríd an gcomhshaol de bharr úsáid na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED”. |
|
(8) |
An 5 Iúil 2021, chuir an Ghníomhaireacht an tuairim a iarradh faoi bhráid na Choimisiúin (3) inar thángthas ar an gconclúid, cé nach féidir neamhaird a thabhairt ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le C(M)IT/MIT a úsáid mar leasaitheach in ola agus i mbreosla, nach féidir aon chonclúid a dhéanamh maidir leis an méid tábhachta a d’fhéadfadh a bheith ag C(M)IT/MIT i mbreoslaí i ndáil le nochtadh do dhé-ocsainí, ná maidir leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag breiseáin chlóirín amhail C(M)IT/MIT i mbreoslaí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. |
|
(9) |
Is iad na cuspóirí atá le Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (“Coinbhinsiún Stócólm”) (4) agus Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar thruailleáin orgánacha marthanacha (POPanna) lena n-áirítear dé-ocsainí. Measann an Coimisiún nach é a bheadh mar thoradh ar dhiúltú don údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” go laghdófaí astaíochtaí dé-ocsaine mórán níos mó ná mar a dhéanfaí dá mbronnfaí an t-údarú, toisc go gceadaítear na breiseáin chéanna ina bhfuil clóirín nó breiseáin chomhchosúla faoi láthair a chur ar an margadh faoi bhearta idirthréimhseacha Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 de chuid na mBallstát nó d’fhéadfaí iad a údarú faoi údaruithe náisiúnta a bhronntar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Thairis sin, mar thoradh ar uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (6) agus Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (an Dlí Aeráide Eorpaigh (8)) chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, meastar go dtiocfaidh laghdú suntasach sna blianta atá amach romhainn ar an méid foriomlán breosla a d’fhéadfaí a chóireáil leis an bhfine táirgí bithicídeacha agus a dhó in innill nó i gcórais téimh. Dá thoradh sin, tiocfaidh laghdú dá réir ar na dé-ocsainí a d’fhéadfadh teacht chun cinn le húsáid na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED”, rud a chuideoidh chun na cuspóirí atá le Coinbhinsiún Stócólm agus Rialachán (AE) 2019/1021. |
|
(10) |
An 16 Samhain 2021, i gcomhréir le hAirteagal 44(5), dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, rinne an Danmhairg iarraidh don Choimisiún nach mbeadh feidhm ag an údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” ina críoch, bunaithe ar na forais a thugtar in Airteagal 37(1), pointe (a) agus pointe (c), den Rialachán sin, toisc go bhféadfadh comhdhúile orgánacha halaiginithe amhail C(M)IT/MIT i mbreoslaí a bheith ina gcúis le cruthú dé-ocsainí le linn an dócháin breosla, tá roghanna malartacha ar fáil gan comhdhúile halaiginithe chun breoslaí a leasú agus ní úsáidtear leasaithigh le haghaidh breoslaí i scaglanna ná i stáisiúin seirbhíse sa Danmhairg. |
|
(11) |
An 12 Nollaig 2021, d’iarr an Ghearmáin ar an gCoimisiún coigeartú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir leis an údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” ina críoch i gcomhréir le hAirteagal 44(5), dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, bunaithe ar na forais dá dtagraítear in Airteagal 37 (1) pointe (a) agus pointe (c), den Rialachán sin ionas nach bhféadfaí é a úsáid chun breoslaí a leasú le haghaidh mótarfheithiclí bóthair neamhiarnróid, seachas chun críoch taighde, forbartha nó anailíse i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta a leagtar amach sa 10ú Reacht Cónaidhme um Rialú Astaíochtaí (9) in éineacht le hAcht na Gearmáine um Thrácht ar Bhóithre (Straßenverkehrsgesetz) (10). |
|
(12) |
An 15 Iúil 2022, i gcomhréir le hAirteagal 44(5), dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, rinne an Bheilg iarraidh don Choimisiún nach mbeadh feidhm ag an údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” ina críoch, bunaithe ar na forais a thugtar in Airteagal 37(1), pointe (a) agus pointe (c), den Rialachán sin, toisc go measann sí bhféadfadh comhdhúile orgánacha halaiginithe amhail C(M)IT/MIT i mbreoslaí a bheith ina gcúis le cruthú dé-ocsainí le linn an dócháin breosla gur cheart go gcruthófaí níos lú dé-ocsainí agus, i gcás inar féidir, deireadh a chur lena gcruthú sa Bheilg, agus go mbeadh roghanna malartacha ar fáil gan comhdhúile halaiginithe chun breoslaí a leasú. |
|
(13) |
Maidir leis na hiarrataí a rinne an Ghearmáin agus an Danmhairg ar choigeartú ar na coinníollacha maidir leis an údarú ón Aontas agus nach gcuirfí an t-údarás ón Aontas i bhfeidhm, is é sin an t-údarás le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED”, i gcríocha na mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 44(5), dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measann an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis na hiarrataí sin chun an comhshaol a chosaint agus chun sláinte agus beatha an duine a chosaint de bhun Airteagal 37(1), pointe (a) agus pointe (c) den Rialachán sin toisc go bhféadfadh comhdhúile halaiginithe orgánacha, amhail C(M)IT/MIT, a bheith ina gcúis le cruthú dé-ocsainí le linn an dócháin breosla. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, níor cheart an fhine táirgí bithicídeacha “CMIT/MIT SOLVENT BASED” a údarú lena húsáid sa Danmhairg agus sa Bheilg, agus níor cheart a húsáid sa Ghearmáin chun breoslaí a leasú le haghaidh mótarfheithiclí bóthair neamhiarnróid, seachas chun críoch taighde, forbartha nó anailíse. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, comhaontaíonn an Coimisiún le tuairim na Gníomhaireachta agus measann sé gurb iomchuí údarú ón Aontas a dheonú do “CMIT/MIT SOLVENT BASED” leis na coigeartuithe don Ghearmáin, don Danmhairg agus don Bheilg a iarradh i gcomhréir le hAirteagal 44(5), dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Deonaítear údarú ón Aontas ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0023657-0000 do Nutrition & Biosciences Netherlands B.V. maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha “CMIT-MIT SOLVENT BASED” a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an údarú Aontais i gcríoch Ríocht na Danmhairge agus i gcríoch Ríocht na Beilge, ná ní bheidh feidhm aige ar chríoch Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine maidir le breoslaí a chaomhnú le haghaidh mótarfheithiclí bóthair neamh-iarnróid, seachas chun críche taighde, forbartha nó anailíse.
Tá an t-údarú ón Aontas bailí ón 15 Márta 2023 go dtí an 28 Feabhra 2033.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Tuairim ó ECHA an 5 Márta 2020 maidir leis an údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha “CMIT-MIT Solvent Based” (ECHA/BPC/246/2020), https://echa.europa.eu/bpc-opinions-on-union-authorisation.
(3) Biocidal Products Committee (BPC) Opinion on a request according to Article 75(1)(g) of Regulation (EU) No 528/2012 on the evaluation of dioxins emissions from the use of the biocidal product family (BPF) “CMIT/MIT SOLVENT BASED” in fuels used in road and ship transport (ECHA/BPC/283/2021) [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha (BPC) maidir le hiarraidh de réir Airteagal 75(1)(g) den Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis an meastóireacht ar astaíochtaí dé-ocsainí de bharr úsáid na fine táirgí bithicídeacha (BPF) “CMIT/MIT SOLVENT BASED” i mbreoslaí a úsáidtear le haghaidh iompar de bhóthar agus iompar ar long (ECHA/BPC/283/2021)].
(4) Coinbhinsiún Stócólm maidir le Truailleáin Orgánacha Mharthanacha (IO L 209, 31.7.2006, lch. 3).
(5) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
(6) Comhaontú Glas don Eoraip | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(7) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(8) An Dlí Aeráide Eorpach (europa.eu)
(9) Zehnte Verordnung zur Durchführung des Bundes-Immissionsschutzgesetzes
(10) Straßenverkehrsgesetz
IARSCRÍBHINN
Achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh tacar táirgí bithicídeacha
CMIT/MIT SOLVENT BASED
Cineál táirge 6 — Leasaithigh do tháirgí le linn a stórála (Leasaithigh)
Uimhir an údaraithe: EU-0023657-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0023657-0000
CUID I
AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Ainm an tacair
|
Ainm |
CMIT/MIT SOLVENT BASED |
1.2. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT06 - Leasaithigh do tháirgí le linn a stórála (Leasaithigh) |
1.3. Sealbhóir an údaraithe
|
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
MC (Netherlands) 1 B.V. |
|
Seoladh |
Willem Einthovenstraat 4, 2342BH Oegstgeest An Ísiltír |
|
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0023657-0000 |
|
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
EU-0023657-0000 |
|
|
Dáta an údaraithe |
15 Márta 2023 |
|
|
Dáta éaga an údaraithe |
28 Feabhra 2033 |
|
1.4. Déantóir/déantóirí na dtáirgí bithicídeacha
|
Ainm an déantóra |
Specialty Electronic Materials Switzerland GmbH |
|
Seoladh an déantóra |
Im Ochsensand, 9470 Buchs An Eilvéis |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Im Ochsensand, 9470 Buchs An Eilvéis |
|
Ainm an déantóra |
AD Productions BV |
|
Seoladh an déantóra |
Markweg Zuid 27, 4794 SN Heijningen An Ísiltír |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Markweg Zuid 27, 4794 SN Heijningen An Ísiltír |
1.5. Déantóir (nó déantóirí) na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
|
Substaint ghníomhach |
Mixture of 5-chloro-2-methyl-2H- isothiazol-3-one (Einecs 247-500-7) and 2-methyl-2H-isothiazol-3-one (Einecs 220-239-6) (Mixture of CMIT/MIT) |
|
Ainm an déantóra |
Jiangsu FOPIA Chemicals Co., Ltd (Specialty Electronic Materials Switzerland GmbH) |
|
Seoladh an déantóra |
Touzeng Village, Binhuai Town, 224555 Binhai County, Yancheng City, Jiangsu An tSín |
|
Suíomh na láithreán déantúsaíochta |
Touzeng Village, Binhuai Town, 224555 Binhai County, Yancheng City, Jiangsu An tSín |
2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Íosta |
Uasta |
|||||
|
Mixture of 5-chloro-2-methyl-2H- isothiazol-3-one (Einecs 247-500-7) and 2-methyl-2H-isothiazol-3-one (Einecs 220-239-6) (Mixture of CMIT/MIT) |
|
Substaint Ghníomhach |
55965-84-9 |
|
10,8 |
12,1 |
|
Butyl carbitol |
eatánól2-(2-bútocsaid-eatocsa) |
Substaint neamhghníomhach |
112-34-5 |
203-961-6 |
0,0 |
89,2 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
|
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AL - Aon leacht eile |
CUID II
AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE - SPC(ANNA) META
META SPC 1
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN META SPC 1
1.1. Aitheantóir Meta SPC 1
|
Aitheantóir |
Meta SPC KATHON FP |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-1 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT06 - Leasaithigh do tháirgí le linn a stórála (Leasaithigh) |
2. COMHDHÉANAMH META SPC 1
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 1
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Íosta |
Uasta |
|||||
|
Mixture of 5-chloro-2-methyl-2H- isothiazol-3-one (Einecs 247-500-7) and 2-methyl-2H-isothiazol-3-one (Einecs 220-239-6) (Mixture of CMIT/MIT) |
|
Substaint Ghníomhach |
55965-84-9 |
|
10,8 |
12,1 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 1
|
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AL - Aon leacht eile |
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM META SPC 1
|
Ráitis ghuaise |
Ina chúis le dónna troma craicinn agus damáiste don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le himoibriú ailléirgeach craicinn. An-tocsaineach don saol uisceach le héifeachtaí buana. Creimneach don chonair riospráide. |
|
Ráitis réamhchúraim |
Ná hanálaigh gala. Níor cheart go gceadófaí éadaí oibre éillithe a thógáil amach as an áit oibre. Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol. Caith lámhainní cosanta/éadaí cosanta/cosaint súl. Tá cóireáil shonrach (féach Treoracha garchabhrach breise ar an lipéad seo). MÁ SHLOGTAR:Sruthlaigh do bhéal.Ná SPREAG urlacan. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN:Nigh le neart uisce. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN (nó gruaig):Bain na héadaí éillithe go léir láithreach.Sruthlaigh an craiceann le uisce. MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. Glaoigh láithreach ar Ionad nó dochtúir nimhe. Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid. Bailigh doirteadh. Má tharlaíonn greannú nó gríos craicinn:Faigh comhairle leighis. Stóráil faoi ghlas. Diúscair ábhar chuig ais faofa de réir rialachán áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. |
4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE META SPC 1
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1. Úsáid # 1 – Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2 %
|
An cineál táirge |
PT06 - Leasaithigh do tháirgí le linn a stórála (Leasaithigh) |
||||||||||||
|
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2 % |
||||||||||||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: fungais/caonaigh Gnáthainm: caonaigh Céim na forbartha: Cealla fásúla agus spóir Ainm eolaíoch: fungais/giosta Gnáthainm: giosta Céim na forbartha: Cealla fásúla Ainm eolaíoch: Baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Cealla fásúla |
||||||||||||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Moltar an fine táirgí bithicídeacha chun miocrorgánaigh in amhola dí-uiscithe agus i dtáirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2 % a rialú. Ná húsáidtear an fine táirgí bithicídeacha chun breoslaí eitlíochta, naftaí, ailcéiní/olaifíní agus cumhránaic (struchtúir shimplí agus struchtúir níos coimpléascaí) a chaomhnú. |
||||||||||||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Luchtú an táirge bhithicídigh isteach san umar cumaisc ina bhfuil amholaí dí-uiscithe nó táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Cuirtear an táirge bithicíde mar dáileog amháin le linn am monaraithe, stórála nó seolta. Tabhair dáileog don táirge bithicíde chuig an leacht úsáide deiridh ag pointe a dhéanann meascadh sásúil a dheimhniú ag baint úsáide as caidéal méadraithe uathoibrithe nó doirteadh de láimh ag baint leas as córas sábháilte tomhais dháileoige. Níor chóir go mbeidh táirge bithicíde tugtha mar a sholáthraítear é isteach in umar breosla folamh. Ba chóir go mbeidh umair bhreosla atá á gcóireáil le táirge bithicíde ar a laghad 10 % lán le dearbhú go bhfuil homaiginiú maith déanta ar an táirge bithicíde, a chuireann le héifeachtacht na cóireála. Ba chóir umair bhreosla agus sumpaí a dhraenáil go rialta. I ndiaidh cóireála, bain miocrorgánaigh mharbha agus smionagar eile ón mbreosla cóireáilte atá bailithe ag bun an umair. Ba chóir scagairí a sheiceáil agus a scrúdú go rialta chun a fhionnadh an bhfuil charnadh solad ar fuaidreamh orthu. Nuair a dhéantar cothabháil thréimhsiúil, ba chóir umair a sheiceáil chun a fhionnadh an bhfuil fás miocróbach orthu. |
||||||||||||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: Leasú le haghaidh stóras meántéarmach agus fadtéarmach agus cóireáil íceach 50-100 ppm v/v de tháirge bithicídeach arna sholáthar. Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) agus amholaí dí-uiscithe - Breoslaí meándriogáite agus amholaí - Leasú meán/fad téarmach. 50 go 150 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é - Cóireáil íceach: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é. Airí caolaithe: - Airí uainithe: Amholaí dí-uiscithe Leasú meán/fad téarmach:
Cóireáil íceach:
Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime): Leasú meán/fad téarmach:
Cóireáil íceach::
Athdhéan de réir mar is gá nuair atá truailliú aitheanta. |
||||||||||||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
||||||||||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Fleascanna: 5L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Buicéid: 20L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Buicéid: 25L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Drumaí: 215L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Drumaí: 220L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Bulc-coimeádán idirmheánach (IBC): 1000L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach treoracha úsáide ginearálta.
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1) MAIDIR LE META SPC 1
5.1. Treoracha úsáide
|
— |
Léigh an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid agus lean na treoracha uilig a ghabhann leis. |
|
— |
Bíodh meas agat ar choinníollacha úsáide an táirge (tiúchan, am teagmhála, teocht, pH, srl.) |
|
— |
Do leasú le linn stórála meán/fad téarmach, ní mór d’am teagmhála a bheith idir 1-4 seachtain, ag brath ar an dáileog úsáidte. Do chóireáil íceach, tá an éifeacht bithicíde bainte amach i ndiaidh 1-3 lá. |
|
— |
Níl táirgí le húsáid ach do stóráil meán nó fad téarmach nó cóireáil íceach. Níl éifeachtacht tástáilte i gcás córais athraithe arda. Ná húsáid i gcás córas le hardratá athraithe. |
|
— |
Déan seiceáil rialta ar an tiúchan iarmharach den substaint ghníomhach (sna céimeanna breosla agus uiscí) idir aistriú breosla le dearbhú nach ndéantar truailliú idir chóireálacha. Tá rogha na n-eatramh idir chóireálacha bunaithe ar sheiceáil na dtiúchan iarmharach substaint ghníomhaigh. |
|
— |
Caithfidh úsáideoir an táirge tástálacha micribhitheolaíocha a dhéanamh (sna céimeanna breosla agus uiscí) chun sásúlacht an chaomhnaithe a chruthú chun dáileog éifeachtach an leasaitheach don mhaitrís/suíomh/córas sonrach a dhearbhú. Más gá, téigh i gcomhairle le déantóir an táirge leasaitheach. |
Níor údaraíodh é le úsáid i Ríocht na Danmhairge agus i Ríocht na Beilge.
Níl sé infheidhme i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ach amháin sna cásanna seo a leanas: Ná húsáid na táirgí le haghaidh caomhnaithe breosla i gcás mhótarfheithiclí bóthar nach ritheann ar ráillí, ach amháin ar mhaithe le taighde, forbairt nó anailís.
5.2. Bearta maolaithe riosca
|
— |
Do leasú an dáileog de 6 ppm, is é 15 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte. |
|
— |
Do leasú an dáileog suas go 3 ppm, is é 35 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte. |
Agus an táirge bithicídeach á láimhseáil:
|
— |
Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán agus a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge) agus rabhlaer cosanta (cineál 6 EN13034 ar a laghad), le linn chéim láimhsithe an táirge. |
|
— |
Caith gloiní ceimiceacha a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 166 le linn chéim láimhsithe an táirge. |
|
— |
Ba chóir na bearta teicniúla agus eagraíochta seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
|
— |
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh do bhéal. NÁ déan iarracht caitheamh amach. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó dochtúir má airíonn tú tinn. |
|
— |
MÁ BHAINTEAR DEN CHRAICEANN: Nigh craiceann le huisce (nó cith). Bain na héadaí éillithe láithreach agus nigh iad sula gcaitheann tú arís iad. |
|
— |
MÁ BHAINTEAR DE NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce go cúramach feadh neart nóiméad. Bain lionsaí tadhaill má’s ann dóibh agus más furasta é. Lean ort ag sruthlú. |
|
— |
MÁ DHÉANTAR ANÁLÚ: Bain an té a bhaintear dó chuig aer úr agus coinnigh ar a shuaimhneas iad le bheith ag análú. |
|
— |
Má’s ann do ghreannú craicinn nó gríos: Faigh comhairle/cúram leighis. |
|
— |
Coinnigh an coimeádán nó an lipéad ar fáil. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
|
— |
Ná scaoil ach le ionad cóireála camrais tionsclaíoch (STP). |
|
— |
Faigh réidh le táirge nár úsáideadh, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile de réir na rialachán áitiúil. |
|
— |
Ná scaoil le táirge nár úsáideadh ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, isteach i bpíopaí (e.g doirteal, leithris) nó síos na draenacha. |
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Seilfré: 24 mí
6. FAISNÉIS EILE
—
7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I META SPC 1
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm (nó trádainmneacha) |
KATHON FP 1.5 Biocide |
Réimse margaidh: EU |
||||
|
|
BLUECIDE 832 |
Réimse margaidh: EU |
||||
|
BIOCIDA CARBURANTE DIESEL-BIODIESEL |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
T2642 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
XC85957 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
BIOSTOP 15 GL |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
C 412 GP 10 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
SPEC-AID 8Q700 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
Predator 9015 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
FuelClear M15 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
MIRECIDE-KW/615 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
BIOC41770A |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
Bactron B1770 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0023657-0001 1-1 |
|||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Mixture of 5-chloro-2-methyl-2H- isothiazol-3-one (Einecs 247-500-7) and 2-methyl-2H-isothiazol-3-one (Einecs 220-239-6) (Mixture of CMIT/MIT) |
|
Substaint Ghníomhach |
55965-84-9 |
|
11,3 |
|
META SPC 2
1. FAISNÉIS RIARACHÁIN META SPC 2
1.1. Aitheantóir Meta SPC 2
|
Aitheantóir |
Meta SPC KATHON HP |
1.2. Iarmhír na huimhreach údaraithe
|
Uimhir |
1-2 |
1.3. Cineál nó cineálacha táirge
|
Cineál nó cineálacha táirge |
PT06 - Leasaithigh do tháirgí le linn a stórála (Leasaithigh) |
2. COMHDHÉANAMH META SPC 2
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meta SPC 2
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Íosta |
Uasta |
|||||
|
Mixture of 5-chloro-2-methyl-2H- isothiazol-3-one (Einecs 247-500-7) and 2-methyl-2H-isothiazol-3-one (Einecs 220-239-6) (Mixture of CMIT/MIT) |
|
Substaint Ghníomhach |
55965-84-9 |
|
10,8 |
12,1 |
|
Butyl carbitol |
eatánól2-(2-bútocsaid-eatocsa) |
Substaint neamhghníomhach |
112-34-5 |
203-961-6 |
87,9 |
89,2 |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe meta SPC 2
|
Foirmliú (nó foirmlithe) |
AL - Aon leacht eile |
3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM META SPC 2
|
Ráitis ghuaise |
Ina chúis le dónna troma craicinn agus damáiste don tsúil. D’fhéadfadh a bheith ina chúis le himoibriú ailléirgeach craicinn. An-tocsaineach don saol uisceach le héifeachtaí buana. Creimneach don chonair riospráide. |
|
Ráitis réamhchúraim |
Ná hanálaigh gala. Níor cheart go gceadófaí éadaí oibre éillithe a thógáil amach as an áit oibre. Caith láimhainní cosanta a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374/éadaí cosanta de chineál 6 EN13034 ar a laghad/Caith gloiní ceimiceacha a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 166. Tá cóireáil shonrach (féach Treoracha garchabhrach breise ar an lipéad seo). MÁ SHLOGTAR:Sruthlaigh do bhéal.Ná SPREAG urlacan. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN:Nigh le neart uisce. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE CRAICEANN (nó gruaig):Bain na héadaí éillithe go léir láithreach.Sruthlaigh an craiceann le uisce. MÁ IONANÁLAÍTEAR:Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. MÁ DHÉANTAR TEAGMHÁIL LE SÚILE:Sruthlaigh go cúramach le huisce ar feadh roinnt nóiméad.Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. Glaoigh láithreach ar Ionad nó dochtúir nimhe. Bain na héadaí éillithe go léir.Agus nigh roimh athúsáid. Nigh éadaí éillithe roimh athúsáid. Má tharlaíonn greannú nó gríos craicinn:Faigh comhairle leighis. Stóráil faoi ghlas. Diúscair ábhar chuig ais faofa de réir rialachán áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Seachain scaoileadh isteach sa chomhshaol. Bailigh doirteadh. |
4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE META SPC 2
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 2. Úsáid # 1 – Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2 %
|
An cineál táirge |
PT06 - Leasaithigh do tháirgí le linn a stórála (Leasaithigh) |
||||||||||||||||
|
Más iomchuí, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2 % |
||||||||||||||||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: Baictéir Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: Cealla fásúla Ainm eolaíoch: fungais/giosta Gnáthainm: giosta Céim na forbartha: Cealla fásúla Ainm eolaíoch: fungais/caonaigh Gnáthainm: caonaigh Céim na forbartha: Cealla fásúla |
||||||||||||||||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
Faoi dhíon Moltar an fine táirgí bithicídeacha chun miocrorgánaigh in amhola dí-uiscithe agus i dtáirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2 % a rialú. Ná húsáidtear an fine táirgí bithicídeacha chun breoslaí eitlíochta, naftaí, ailcéiní/olaifíní agus cumhránaic (struchtúir shimplí agus struchtúir níos coimpléascaí) a chaomhnú. |
||||||||||||||||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: Luchtú an táirge bhithicídigh isteach san umar cumaisc ina bhfuil amholaí dí-uiscithe nó táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Cuirtear an táirge bithicíde mar dáileog amháin le linn am monaraithe, stórála nó seolta. Tabhair dáileog don táirge bithicíde chuig an leacht úsáide deiridh ag pointe a dhéanann meascadh sásúil a dheimhniú ag baint úsáide as caidéal méadraithe uathoibrithe nó doirteadh de láimh ag baint leas as córas sábháilte tomhais dháileoige. Níor chóir go mbeidh táirge bithicíde tugtha mar a sholáthraítear é isteach in umar breosla folamh. Ba chóir go mbeidh umair bhreosla atá á gcóireáil le táirge bithicíde ar a laghad 10 % lán le dearbhú go bhfuil homaiginiú maith déanta ar an táirge bithicíde, a chuireann le héifeachtacht na cóireála. Ba chóir umair bhreosla agus sumpaí a dhraenáil go rialta. I ndiaidh cóireála, bain miocrorgánaigh mharbha agus smionagar eile ón mbreosla cóireáilte atá bailithe ag bun an umair. Ba chóir scagairí a sheiceáil agus a scrúdú go rialta chun a fhionnadh an bhfuil charnadh solad ar fuaidreamh orthu. Nuair a dhéantar cothabháil thréimhsiúil, ba chóir umair a sheiceáil chun a fhionnadh an bhfuil fás miocróbach orthu. |
||||||||||||||||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Airí úsáide: Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) agus amholaí dí-uiscithe - Leasú meán/fad téarmach. 50 go 150 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é - Cóireáil íceach: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é. Airí caolaithe: Airí uainithe: Amholaí dí-uiscithe: Leasú meán/fad téarmach:
Cóireáil íceach:
Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime): Leasú meán/fad téarmach:
Cóireáil íceach:
Athdhéan de réir mar is gá nuair atá truailliú aitheanta. |
||||||||||||||||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
Gairmiúil |
||||||||||||||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Fleascanna: 5L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Buicéid: 20L agus 25L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Drumaí: 215L agus 220L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála Bulc-coimeádán idirmheánach (IBC): 1000L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach treoracha úsáide ginearálta.
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach treoracha úsáide ginearálta.
5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (2) MAIDIR LE META SPC 2
5.1. Treoracha úsáide
|
— |
Léigh an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid agus lean na treoracha uilig a ghabhann leis. |
|
— |
Bíodh meas agat ar choinníollacha úsáide an táirge (tiúchan, am teagmhála, teocht, pH, srl.) |
|
— |
Do leasú le linn stórála meán/fad téarmach, ní mór d’am teagmhála a bheith idir 1-4 seachtain, ag brath ar an dáileog úsáidte. Do chóireáil íceach, tá an éifeacht bithicíde bainte amach i ndiaidh 1-3 lá. |
|
— |
Níl táirgí le húsáid ach do stóráil meán nó fad téarmach nó cóireáil íceach. Níl éifeachtacht tástáilte i gcás córais athraithe arda. Ná húsáid i gcás córas le hardratá athraithe. |
|
— |
Déan seiceáil rialta ar an tiúchan iarmharach den substaint ghníomhach (sna céimeanna breosla agus uiscí) idir aistriú breosla le dearbhú nach ndéantar truailliú idir chóireálacha. Tá rogha na n-eatramh idir chóireálacha bunaithe ar sheiceáil na dtiúchan iarmharach substaint ghníomhaigh. |
|
— |
Caithfidh úsáideoir an táirge tástálacha micribhitheolaíocha a dhéanamh (sna céimeanna breosla agus uiscí) chun sásúlacht an chaomhnaithe a chruthú chun dáileog éifeachtach an leasaitheach don mhaitrís/suíomh/córas sonrach a dhearbhú. Más gá, téigh i gcomhairle le déantóir an táirge leasaitheach. |
Níor údaraíodh é le úsáid i Ríocht na Danmhairge agus i Ríocht na Beilge.
Níl sé infheidhme i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ach amháin sna cásanna seo a leanas: Ná húsáid na táirgí le haghaidh caomhnaithe breosla i gcás mhótarfheithiclí bóthar nach ritheann ar ráillí, ach amháin ar mhaithe le taighde, forbairt nó anailís.
5.2. Bearta maolaithe riosca
|
— |
Do leasú an dáileog de 6 ppm, is é 15 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte. |
|
— |
Do leasú an dáileog suas go 3 ppm, is é 35 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte. |
Agus an táirge bithicídeach á láimhseáil:
|
— |
Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán agus a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge) agus rabhlaer cosanta (cineál 6 EN13034 ar a laghad), le linn chéim láimhsithe an táirge. |
|
— |
Caith gloiní ceimiceacha a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 166 le linn chéim láimhsithe an táirge. |
|
— |
Ba chóir na bearta teicniúla agus eagraíochta seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
|
— |
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh do bhéal. NÁ déan iarracht caitheamh amach. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó dochtúir má airíonn tú tinn. |
|
— |
MÁ BHAINTEAR DEN CHRAICEANN: Nigh craiceann le huisce (nó cith). Bain na héadaí éillithe láithreach agus nigh iad sula gcaitheann tú arís iad. |
|
— |
MÁ BHAINTEAR DE NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce go cúramach feadh neart nóiméad. Bain lionsaí tadhaill má’s ann dóibh agus más furasta é. Lean ort ag sruthlú. |
|
— |
MÁ DHÉANTAR ANÁLÚ: Bain an té a bhaintear dó chuig aer úr agus coinnigh ar a shuaimhneas iad le bheith ag análú. |
|
— |
Má’s ann do ghreannú craicinn nó gríos: Faigh comhairle/cúram leighis. |
|
— |
Coinnigh an coimeádán nó an lipéad ar fáil. |
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
|
— |
Ná scaoil ach le ionad cóireála camrais tionsclaíoch (STP). |
|
— |
Faigh réidh le táirge nár úsáideadh, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile de réir na rialachán áitiúil. |
|
— |
Ná scaoil le táirge nár úsáideadh ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, isteach i bpíopaí (e.g doirteal, leithris) nó síos na draenacha. |
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Seilfré: 3 mí
6. FAISNÉIS EILE
—
7. AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I META SPC 2
7.1. Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair
|
Trádainm (nó trádainmneacha) |
KATHON HP 120 Biocide |
Réimse margaidh: EU |
||||
|
|
BLUECIDE 833 |
Réimse margaidh: EU |
||||
|
Predator 9000 |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
FuelClear M68 Pro |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
MIRECIDE-KW/615.C |
Réimse margaidh: EU |
|||||
|
Uimhir an údaraithe |
EU-0023657-0002 1-2 |
|||||
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
|
Mixture of 5-chloro-2-methyl-2H- isothiazol-3-one (Einecs 247-500-7) and 2-methyl-2H-isothiazol-3-one (Einecs 220-239-6) (Mixture of CMIT/MIT) |
|
Substaint Ghníomhach |
55965-84-9 |
|
11,3 |
|
|
Butyl carbitol |
eatánól2-(2-bútocsaid-eatocsa) |
Substaint neamhghníomhach |
112-34-5 |
203-961-6 |
88,7 |
|
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 1.
(2) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáidí údaraithe laistigh de meta SPC 2.
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/18 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/403 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Feabhra 2023
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a mhéid a bhaineann le faisnéis a sholáthar le haghaidh dearbhuithe iontrála achomair agus anailís riosca chun críocha slándála agus sábháilteachta ar iontráil earraí, agus an Úcráin a chur leis an liosta tíortha sna gealltanais ón ráthóir maidir le hearraí faoi bhealach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, Airteagal 50(1), an chéad fhomhír, Airteagal 100(1) agus Airteagal 132, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Léirítear le cur chun feidhme praiticiúil Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (“an Cód”) in éineacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2) go bhfuil gá le roinnt leasuithe ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin chun é a chur in oiriúint níos fearr do riachtanais na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás custaim agus chun na forbairtí maidir le himscaradh eisiúintí 2 agus 3 den Chóras Rialaithe Allmhairí (ICS2) a chur san áireamh. |
|
(2) |
Le hAirteagal 36 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 déantar foráil maidir le húsáid an Chórais Bainistithe Riosca Custaim chun faisnéis a bhaineann le rioscaí a mhalartú idir údaráis chustaim na mBallstát agus an Coimisiún, agus idir údaráis chustaim, agus déantar foráil maidir le faisnéis den sórt sin a stóráil. Tar éis imscaradh na hanailísíochta slándála agus sábháilteachta in ICS2, is gá leasú a dhéanamh ar an Airteagal sin chun a chur ar a gcumas do na Ballstáit agus don Choimisiún faisnéis shonrach a mhalartú, faisnéis is gá chun críocha anailíse riosca réamhtheachta maidir le slándáil agus sábháilteacht trí bhíthin ICS2. |
|
(3) |
Le hAirteagal 184 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, déantar foráil maidir le duine eile seachas an t-iompróir a bheith ag cur sonraí an dearbhaithe iontrála achomair faoi bhráid na n-údarás custaim. Ón dáta a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún (3) le haghaidh imscaradh eisiúint 2 de ICS2, maidir le cur isteach na ndearbhuithe iontrála achomair trí chóras ICS2 le haghaidh earraí a thagann isteach ar chríoch chustaim an Aontais d’aer, tá sé le bheith éigeantach. Ba cheart gur gá, dá bhrí sin, oibleagáid a chur ar an iompróir na húdaráis chustaim a chur ar an eolas nuair nach soláthraíonn oibreoir poist tríú tír na sonraí is gá le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair. |
|
(4) |
Ón dáta a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún le haghaidh imscaradh eisiúint 3 de ICS2, maidir le cur isteach na ndearbhuithe iontrála achomair trí chóras ICS2 le haghaidh earraí a thagann isteach ar chríoch chustaim an Aontais d’aer, tá sé le bheith éigeantach. Ba cheart, dá bhrí sin, gur gá oibleagáid a chur ar an iompróir na húdaráis custaim a chur ar an eolas mura soláthraíonn aon duine a eisíonn nóta coinsíneachta le haghaidh earraí a thagann isteach ar chríoch chustaim an Aontais d’iarnród, mura soláthraíonn sé na sonraí is gá le haghaidh an dearbhaithe iontrála achomair, agus oibleagáid a chur ar an duine a eisíonn an nóta coinsíneachta na páirtithe eile i gconradh iompair an nóta coinsíneachta sin a chur ar an eolas. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 184 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a leasú. |
|
(5) |
Is gá Iarscríbhinní 32-01, 32-02 agus 32-03 agus Cuid II, Caibidlí VI agus VII d’Iarscríbhinn 72-04 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a ailíniú leis an gCoinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach (4) chun aontú na hÚcráine don Choinbhinsiún sin a chur san áireamh, i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2022 ó Chomhchoiste AE-CTC (5). Chun an stoc atá ann d’fhoirmeacha gealltanais ráthóra a úsáid áfach, na foirmeacha samplacha a leagtar síos in Iarscríbhinní 32-01, 32-02 agus 32-03 agus atá fós bailí an lá roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith leis na foirmeacha sin go dtí an 1 Aibreán 2024, faoi réir na n-oiriúnuithe geografacha a cheanglaítear i bpointe 1 de na hIarscríbhinní sin agus lua an ainm agus an tseolta le haghaidh sheirbhís an ghníomhaire údaraithe san Úcráin a cheanglaítear i bpointe 4 de na hIarscríbhinní sin. |
|
(6) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 36, cuirtear mír 3 a leanas leis: “3. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, úsáidfear an córas dá dtagraítear in Airteagal 182(1) freisin chun faisnéis shonrach riosca a bhaineann le dearbhuithe iontrála achomair a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.”; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 184 mar a leanas:
|
|
(3) |
i gCuid I (Gealltanas ón ráthóir) d’Iarscríbhinn 32-01, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
|
(4) |
i gCuid I (Gealltanas ón ráthóir), pointe 1, d’Iarscríbhinn 32-02, cuirtear na focail “an Úcráin,” isteach tar éis an téacs “Poblacht na Tuirce”; |
|
(5) |
i gCuid I (Gealltanas ón ráthóir) d’Iarscríbhinn 32-03, leasaítear pointe 1 mar a leanas:
|
|
(6) |
i gCuid II, Caibidil VI (Deimhniú cuimsitheach ráthaíochta) (TC 31 Deimhniú cuimsitheach ráthaíochta) (Tosach), pointe 7, d’Iarscríbhinn 72-04, cuirtear na focail “an Úcráin” isteach tar éis an téacs “an Tuirc”; |
|
(7) |
i gCuid II, Caibidil VII (Deimhniú tarscaoilte ráthaíochta) (TC 33 Deimhniú tarscaoilte ráthaíochta) (Tosach), pointe 6, d’Iarscríbhinn 72-04, cuirtear na focail “an Úcráin” isteach tar éis an téacs “an Tuirc”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (3), (4) agus (5), agus ag an tríú mír den Airteagal seo áfach ón dáta a aontaíonn an Úcráin don Choinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann maidir le hearraí faoi bhealach.
Na foirmeacha a bhunaítear ar na foirmeacha samplacha in Iarscríbhinn 32-01, Iarscríbhinn 32-02, Iarscríbhinn 32-03 agus Cuid II, Caibidil VI agus Caibidil VII d’Iarscríbhinn 72-04 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, sa leagan is infheidhme an lá sula dtagann an Rialachán seo i bhfeidhm, féadfar leanúint dá n-úsáid, faoi réir na n-oiriúnuithe geografacha is gá agus lua an tseolta le haghaidh seirbhíse agus ainm an ghníomhaire údaraithe, go dtí an 1 Aibreán 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Feabhra 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2151 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2019 lena mbunaítear an clár oibre maidir leis na córais leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais a fhorbairt agus a imscaradh (IO L 325, 16.12.2019, lch. 168).
(4) An Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach an 20 Bealtaine 1987 (IO L 226, 13.8.1987, lch. 2).
(5) Cinneadh Uimh. 3/2022 ó Chomhchoiste AE-CTC an 29 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach [2022/1983] (IO L 272, 20.10.2022, lch. 36).
CINNTÍ
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/21 |
CINNEADH (AE) 2023/404 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Feabhra 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú sin a leasú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(2) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú gur mian leis na Páirtithe an próiseas athchóirithe agus comhfhogasaithe a chur chun cinn san Úcráin, rud a rannchuideoidh leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus le doimhniú an chomhlachais pholaitiúil de réir a chéile, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach trí chomhfhogasú forleathan rialála. |
|
(3) |
In Airteagal 1(2), pointe (d), den Chomhaontú, déantar tagairt don chuspóir tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t aistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt i gcrích trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú go forchéimnitheach do reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 459(1) den Chomhaontú, cuirfidh na Páirtithe cúnamh chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus rachaidh siad i gcomhar le chéile chun leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIII a ghabhann leis an gComhaontú. Déanfaidh na Páirtithe bearta éifeachtacha chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc agus a chomhrac, inter alia, trí bhíthin cúnamh riaracháin frithpháirteach agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 459(2) den Chomhaontú, tá an Úcráin chun a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú seo. |
|
(6) |
Déantar foráil in Airteagal 474 den Chomhaontú maidir le gealltanas ginearálta na hÚcráine a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do dhlí an Aontais, bunaithe ar ghealltanais a shainaithnítear, inter alia, i dTeideal VI den Chomhaontú. Áirítear leis na gealltanais a bhaineann le reachtaíocht na hÚcráine a chomhfhogasú de réir a chéile do dhlí an Aontais a shainaithnítear i dTeideal VI den Chomhaontú leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint i gcomhthéacs an chúnaimh airgeadais a sholáthraítear trí shásraí cistiúcháin ábhartha agus trí ionstraim ábhartha an Aontais chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, agus riachtanais agus acmhainneachtaí earnála na hÚcráine, chomh maith lena dul chun cinn maidir le hathchóirithe, á gcur san áireamh. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 463(1) agus (3) den Chomhaontú, tugtar de chumhacht don Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Go sonrach, féadfaidh sí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a nuashonrú nó a leasú, agus forbairt dhlí an Aontais á cur san áireamh, mar aon leis na caighdeáin is infheidhme a leagtar amach in ionstraimí idirnáisiúnta a mheasann na Páirtithe a bheith ábhartha. |
|
(8) |
Ó tugadh an chaibidlíocht le haghaidh an Chomhaontaithe i gcrích, cuireadh Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) in ionad dhlí an Aontais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a ndearnadh forálacha de a chuimsiú in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú, agus dá bhrí sin tá athrú tagtha freisin ar ghealltanais na hÚcráine atá beartaithe le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá gá leis na leasuithe sin ar dhlí an Aontais a léiriú in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú, agus dá bhrí sin, tá gá leis an Iarscríbhinn sin a leasú. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, tá an Chomhairle Comhlachais le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú a leasú agus an spriocdháta le haghaidh cur chun feidhme na bhforálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin a choigeartú chun na leasuithe nua ar dhlí an Aontais a chur san áireamh. |
|
(10) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú sin a leasú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(2) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. .../2023 Ó COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-AN ÚCRÁIN
an ...
a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, a leasú
TÁ COMHAIRLE COMHLACHAIS AE-AN ÚCRÁIN,
Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 463 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’) i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017. |
|
(2) |
Aithnítear sa Bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú gur mian leis na Páirtithe an próiseas athchóirithe agus comhfhogasaithe a chur chun cinn san Úcráin, rud a rannchuideoidh leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus le doimhniú an chomhlachais pholaitiúil de réir a chéile, chomh maith le comhtháthú eacnamaíoch a bhaint amach trí chomhfhogasú forleathan rialála. |
|
(3) |
In Airteagal 1(2), pointe (d), den Chomhaontú, déantar tagairt don chuspóir tacú le hiarrachtaí na hÚcráine an t aistriú go geilleagar margaidh feidhmiúil a thabhairt i gcrích trí bhíthin, inter alia, a reachtaíocht a chomhfhogasú go forchéimnitheach do reachtaíocht an Aontais. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 459(1) den Chomhaontú, cuirfidh na Páirtithe cúnamh chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus rachaidh siad i gcomhar le chéile chun leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIII a ghabhann leis an gComhaontú. Déanfaidh na Páirtithe bearta éifeachtacha chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chosc agus a chomhrac, inter alia, trí bhíthin cúnamh riaracháin frithpháirteach agus cúnamh dlíthiúil frithpháirteach sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 459(2) den Chomhaontú, déanfaidh an Úcráin a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(6) |
Déantar foráil in Airteagal 474 den Chomhaontú maidir le gealltanas ginearálta na hÚcráine a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile do dhlí an Aontais, bunaithe ar ghealltanais a shainaithnítear, inter alia, i dTeideal VI den Chomhaontú. Áirítear leis na gealltanais a bhaineann le reachtaíocht na hÚcráine a chomhfhogasú de réir a chéile do dhlí an Aontais a shainaithnítear i dTeideal VI den Chomhaontú leasanna airgeadais an Aontais agus na hÚcráine a chosaint i gcomhthéacs an chúnaimh airgeadais a sholáthraítear trí shásraí cistiúcháin ábhartha agus trí ionstraim ábhartha an Aontais chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, agus riachtanais agus acmhainneachtaí earnála na hÚcráine, chomh maith lena dul chun cinn maidir le hathchóirithe, á gcur san áireamh. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 463(1) agus (3) den Chomhaontú, tugtar de chumhacht don Chomhairle Comhlachais cinntí a ghlacadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach. Go sonrach, féadfaidh sí na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a nuashonrú nó a leasú, agus forbairt dhlí an Aontais á cur san áireamh, mar aon leis na caighdeáin is infheidhme a leagtar amach in ionstraimí idirnáisiúnta a mheasann na Páirtithe a bheith ábhartha. |
|
(8) |
Ó tugadh an chaibidlíocht le haghaidh an Chomhaontaithe i gcrích, cuireadh Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) in ionad dhlí an Aontais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, a ndearnadh forálacha de a chuimsiú in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú, agus dá bhrí sin tá athrú tagtha freisin ar ghealltanais na hÚcráine atá beartaithe le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá gá leis na leasuithe sin ar dhlí an Aontais a léiriú in Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú, agus dá bhrí sin, tá gá leis an Iarscríbhinn sin a leasú. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, tá an Chomhairle Comhlachais le hIarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú a leasú agus an spriocdháta le haghaidh cur chun feidhme na bhforálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin a choigeartú chun na leasuithe nua ar dhlí an Aontais a chur san áireamh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn XLIV a ghabhann leis an gComhaontú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh in/sa ...,
Thar ceann na Comhairle Comhlachais
An Cathaoirleach
(1) IO AE L 161, 29.5.2014, lch. 3.
(2) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO AE L 198, 28.7.2017, lch. 29).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN XLIV A GHABHANN LE TEIDEAL VI
COMHAR AIRGEADAIS, AGUS FORÁLACHA FRITHCHALAOISE
Geallann an Úcráin a reachtaíocht a chomhfhogasú de réir a chéile don reachtaíocht seo a leanas de chuid an Aontais laistigh de na tráthchláir atá leagtha síos:
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (1):
|
— |
Airteagal 3 – Calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais; |
|
— |
Airteagal 4 – Cionta coiriúla eile a bhaineann le calaois lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais; |
|
— |
Airteagal 6 – Dliteanas daoine dlítheanacha; |
|
— |
Airteagal 7 – Smachtbhannaí maidir le daoine nádúrtha; |
|
— |
Airteagal 9 – Smachtbhannaí i dtaca le daoine dlítheanacha; |
|
— |
Airteagal 12 –Tréimhsí teorann a bhaineann le cionta coiriúla lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. |
Tráthchlár: cuirfear na forálacha seo chun feidhme faoin 31 Nollaig 2023.
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/26 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/405 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Feabhra 2023
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE, lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a mhéid a bhaineann le Poblacht Chamarún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. RÉAMHRÁ AGUS NÓS IMEACHTA
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (“an Rialachán maidir le hIascaireacht NNN”), bunaítear córas de chuid an Aontais chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (Iascaireacht NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. |
|
(2) |
Le Caibidil VI den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN leagtar síos an nós imeachta um thriú tíortha neamh-chomhoibríocha a shainaithint, um na démarches i leith na dtíortha sin, um liosta de na tíortha sin a bhunú, um thíortha a bhaint den liosta sin, um an liosta sin a fhoilsiú agus um aon bheart éigeandála. |
|
(3) |
An 24 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE (2) lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 32 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, thug an Coimisiún fógra do Phoblacht Chamarún (“Camarún”) le cinneadh an 17 Feabhra 2021 (3) (“Cinneadh an 17 Feabhra 2021”), go bhféadfaí í a shainaithint mar thír a measann an Coimisiún gur tríú tír neamh-chomhoibríoch í. |
|
(5) |
I gcinneadh uaidh an 17 Feabhra 2021, chuir an Coimisiún faisnéis san áireamh faoi na fíricí agus na breithnithe fíor-riachtanacha is bonn le sainaithint den sórt sin. |
|
(6) |
Tugadh fógra do Chamarún faoi chinneadh an 17 Feabhra 2021 in éineacht le litir ina n-iarrtar ar Chamarún plean gníomhaíochta a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, chun na heasnaimh a sainaithníodh a cheartú faoin Rialachán maidir le hIascaireacht NNN. |
|
(7) |
Le cinneadh uaidh an 17 Feabhra 2021, chuir an Coimisiún tús le próiseas idirphlé le Camarún. |
|
(8) |
Go háirithe, d’iarr an Coimisiún ar Chamarún na bearta uile is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí atá sa phlean gníomhaíochta a mhol an Coimisiún a chur chun feidhme agus chun measúnú a dhéanamh ar a gcur chun feidhme. |
|
(9) |
Tugadh an deis do Chamarún freagairt a thabhairt ar chinneadh an 17 Feabhra 2021, agus ar fhaisnéis ábhartha eile a chuir an gCoimisiún in iúl, agus tugadh an deis dó fianaise a chur isteach lena mbréagnaítear nó lena gcomhlánaítear na fíricí a luaitear sa chinneadh sin. Deimhníodh do Chamarún go raibh sé de cheart aige faisnéis bhreise a iarraidh nó a sholáthar. |
|
(10) |
Lean an Coimisiún den fhaisnéis ábhartha uile a lorg agus a fhíorú. Breithníodh na barúlacha ó bhéal agus i scríbhinn a chuir Camarún isteach tar éis chinneadh an 17 Feabhra 2021 agus cuireadh san áireamh iad, agus reáchtáladh físchomhdháil idir Camarún agus an Coimisiún chun pointí ábhartha a phlé. Coinníodh Camarún ar an eolas, ó bhéal nó i scríbhinn, faoi bhreithnithe an Choimisiúin. |
|
(11) |
Ar bhonn na faisnéise a bailíodh, ba é tuairim an Choimisiúin nár thug Camarún aghaidh go leordhóthanach ar na réimsí imní ná ar na heasnaimh a leagtar amach i gcinneadh an 17 Feabhra 2021. Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár cuireadh na bearta a moladh sa phlean gníomhaíochta chun feidhme ina n-iomláine. |
|
(12) |
De thoradh air sin, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, lena sainaithnítear Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN (“Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023”). |
|
(13) |
Ar bhonn an phróisis imscrúdaithe agus idirphlé a rinne an Coimisiún, lena n-áirítear an comhfhreagras a malartaíodh agus na cruinnithe a tionóladh, agus ar bhonn na gcúiseanna le cinneadh an 17 Feabhra 2021 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, is iomchuí Camarún a chur ar liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN. |
2. CAMARÚN A SHAINAITHINT MAR THRÍÚ TÍR NEAMH-CHOMHOIBRÍOCH
|
(14) |
I gcinneadh an 17 Feabhra 2021, rinne an Coimisiún anailís ar dhualgais Chamarún agus rinne sé meastóireacht ar chomhlíonadh a oibleagáidí idirnáisiúnta mar Stát brataí, Stát calafoirt, Stát cósta nó Stát margaidh. Chun críocha an athbhreithnithe sin, chuir an Coimisiún san áireamh na critéir a liostaítear in Airteagal 31(4) go (7) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN. |
|
(15) |
D’athbhreithnigh an Coimisiún comhlíonadh Chamarún i gcomhréir le torthaí chinneadh an 17 Feabhra 2021, agus i ndáil le faisnéis ábhartha a sholáthair Camarún ina leith, d’athbhreithnigh sé an phlean gníomhaíochta a moladh, agus na bearta a rinneadh chun an cás a cheartú. |
|
(16) |
Bhain na príomheasnaimh a shainaithin an Coimisiún le mainneachtain, roinnt uaireanta, oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, go háirithe le mainneachtain creat dlíthiúil leordhóthanach agus cothrom le dáta a ghlacadh, le heaspa nósanna imeachta soiléire trédhearcacha maidir le clárú agus ceadúnú agus le heaspa faireacháin éifeachtúil leordhóthanaigh ar shoithí iascaireachta. Ar bhonn níos ginearálta, bhain na heasnaimh a sainaithníodh leis na coinníollacha a leagadh síos maidir le soithí iascaireachta a chlárú agus lena rialú faoin dlí idirnáisiúnta. Sainaithníodh freisin easpa ailínithe le moltaí agus rúin ó chomhlachtaí ábhartha amhail Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe in aghaidh Iascaireacht Neamhdhleathach, Neamhthuairiscithe agus Neamhrialáilte (PGI-INNN) agus Treoirlínte Deonacha Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Feidhmíocht Stát Brataí. Mar sin féin, is mar fhianaise thacaíochta amháin a measadh an easpa comhsheasmhachta nósanna imeachta Chamarún le moltaí agus rúin neamhcheangailteacha agus níor measadh í mar bhonn leis an sainaithint. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, i gCinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, shainaithin an Coimisiún Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch de bhun an Rialacháin maidir le hIascaireacht NNN. |
|
(18) |
Ag féachaint do na srianta a d’fhéadfadh a bheith ar Chamarún mar thír atá i mbéal forbartha, tugtar faoi deara nach gcuireann a leibhéal ginearálta forbartha isteach ar stádas forbartha ná ar fheidhmíocht fhoriomlán Chamarún maidir le hiascaigh. |
|
(19) |
Ag féachaint do chinneadh an 17 Feabhra 2021 a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme an 5 Eanáir 2023, agus don phróiseas idirphlé le Camarún a tionóladh leis an gCoimisiún agus an toradh a bhí air, tagtar ar an gconclúid nach leor na gníomhaíochtaí a rinne Camarún i bhfianaise a dhualgas mar Stát brataí chun Airteagail 91, 92, 94, 117 agus 118 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a chomhlíonadh. |
|
(20) |
Dá bhrí sin, níor chomhlíon Camarún a dhualgais faoin dlí idirnáisiúnta mar Stát brataí gníomhú chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. |
3. LIOSTA TRÍÚ TÍORTHA NEAMH-CHOMHOIBRÍOCHA A BHUNÚ
|
(21) |
I bhfianaise na gconclúidí ar thángthas orthu maidir le Camarún, i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, ba cheart an tír sin a chur le liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh sin a leasú dá réir. |
|
(22) |
Is éard a bheidh i gceist le Camarún a chur ar liosta na dtíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN na bearta a leagtar síos in Airteagal 38 den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN a chur i bhfeidhm. Déantar foráil in Airteagal 38(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN maidir le toirmeasc a chur ar allmhairiú táirgí iascaigh arna ngabháil ag soithí a bhfuil bratach tríú tíortha neamh-chomhoibríocha ar foluain acu. I gcás Chamarún, ba cheart gach stoc agus speiceas, a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 8, den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN, a chumhdach leis an toirmeasc sin ós rud é nach bhfuil an easpa beart iomchuí arna nglacadh i ndáil le hiascaireacht NNN as ar eascair sainaithint Chamarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch teoranta do stoc nó speiceas ar leith. |
|
(23) |
Tugtar faoi deara go ndéanann iascaireacht NNN, inter alia, stoic éisc a ídiú, gnáthóga muirí a scriosadh, an bonn a bhaint de chaomhnú agus d’úsáid inbhuanaithe acmhainní muirí, iomaíocht a chur as a riocht, slándáil bia a chur i mbaol, iascairí comhlíontacha a chur faoi mhíbhuntáiste éagórach agus pobail chósta a lagú. I bhfianaise mhéid na bhfadhbanna a bhaineann le hiascaireacht NNN, meastar gur gá don Aontas na gníomhaíochtaí i ndáil le Camarún mar thríú tír neamh-chomhoibríoch a chur chun feidhme go gasta. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(24) |
Má léiríonn Camarún gur ceartaíodh an cás ba chúis lena liostú, tá an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, le Camarún a bhaint de liosta na dtríú tíortha neamh-chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 34(1) den Rialachán maidir le hIascaireacht NNN. Agus aon chinneadh den sórt sin á dhéanamh Camarún a bhaint den liosta, ba cheart a chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil bearta nithiúla glactha ag Camarún a d’fhéadfadh feabhas marthanach a chur ar an gcás, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear Poblacht Chamarún leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/170/AE.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Feabhra 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 24 Márta 2014 lena mbunaítear liosta tríú tíortha neamh-chomhoibríocha sa chomhrac in aghaidh iascaireacht NNN de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú (IO L 91, 27.3.2014, lch. 43).
(3) Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2021 maidir le fógra a thabhairt do Phoblacht Chamarún go bhféadfaí í a shainaithint mar thríú tír neamh-chomhoibríoch sa chomhrac in aghaidh iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (IO CI 59,19.2.2021, lch. 1).
Ceartúcháin
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/29 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/2583 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2278 lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 i gcás táirgí talmhaíochta agus tionsclaíocha áirithe
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 340 an 30 Nollaig 2022 )
|
1. |
Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí den téarma “Cód AC” in ionad an leagain chomhfhreagraigh den téarma “Cód CN” sa Rialachán seo tríd síos. |
|
2. |
Ar leathanach 15, san Iarscríbhinn a chuirtear in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2278, sa tábla, san iontráil a bhaineann le sraithuimhir 0.3227, faoin gcolún “Cód CN”: |
in ionad:
“ 2846 90 30
2846 90 40
2846 90 50
2846 90 60
2846 90 90 ”,
léitear:
“ 2846 90 30
2846 90 40
2846 90 50
2846 90 60
2846 90 70
2846 90 90 ”.
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/30 |
Ceartúchán ar Chinneadh (AE) 2022/2571 ón gComhairle an 24 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gComhchoiste LEE, a bhaineann leis an leasú ar Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc)
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 331 an 27 Nollaig 2022 )
|
1. |
An teideal i gclár na n-ábhar agus an teideal ar leathanach 1: |
in ionad:
“... an 24 Samhain 2022 ...”,
léitear:
“... an 24 Deireadh Fómhair 2022 ...”.
|
2. |
Ar leathanach 2, san áit a luaitear áit agus dáta an ghlactha: |
in ionad:
“Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Samhain 2022.”,
léitear:
“Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.”.
|
23.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 56/31 |
Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 259 I an 6 Deireadh Fómhair 2022 )
Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail “Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais” in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail “Comhghuaillíocht Caidhpeanna Praghais” sa Chinneadh seo tríd síos.