|
ISSN 1977-0839 |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 66 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20/1 |
RIALACHÁN (AE) 2023/147 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciorómaisín, tópramasóin agus trífhlumasóil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil d’iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1), pointe (a), agus Airteagal 18(1), pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás ciorómaisín, tópramasóin agus trífhlumasóil leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II agus i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(2) |
Maidir le formheas ciorómaisín mar shubstaint ghníomhach le haghaidh táirgí cosanta plandaí, chuaigh sé in éag an 31 Nollaig 2019 agus níor cuireadh aon iarratas isteach chun é a athnuachan. Mar sin féin, is substaint é ciorómaisín atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i dtáirgí íocshláinte tréidliachta freisin agus leagadh síos MRLanna le haghaidh na substainte sin i dtáirgí ó ainmhithe den chineál caorach (seachas bainne) ar bhonn moltaí ón nGníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (2) i Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (3). Ba cheart na MRLanna sin a choinneáil ar bun ar na leibhéil atá ann chun go gcumhdófar an teagmháil de dheasca táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid in ainmhithe den chineál caorach. Maidir le gach táirge eile, na MRLanna a leagtar síos le haghaidh ciorómaisín in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 17 den Rialachán sin, is iomchuí na MRLanna sin a scriosadh. |
|
(3) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tópramasón i leith na n-úsáidí atá beartaithe ag an iarratasóir in 2014 (4). In 2020, tarraingíodh siar gach iarratas ar athnuachan fhormheas na substainte gníomhaí tópramasón, agus tugadh an nós imeachta athnuachana i gcrích le neamh-fhormheas tópramasóin (5). Rinneadh gach údarú a bhí ann le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil tópramasón a chúlghairm. Dá bhrí sin, maidir leis na MRLanna a leagtar amach le haghaidh tópramasóin i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, is iomchuí iad a ísliú go dtí an LOD agus is iomchuí na LODanna a liostú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 17 den Rialachán sin. |
|
(4) |
Chuaigh formheas trífhlumasóil in éag an 30 Meitheamh 2020 agus níor cuireadh aon iarratas isteach chun é a athnuachan. Rinneadh gach údarú a bhí ann le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil trífhlumasól a chúlghairm. Dá bhrí sin, maidir leis na MRLanna a leagtar amach le haghaidh trífhlumasóil i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, is iomchuí iad a ísliú go dtí an LOD agus is iomchuí na LODanna a liostú in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 17 den Rialachán sin. |
|
(5) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le LODanna áirithe a oiriúnú. Maidir le gach substaint ghníomhach a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mhol na saotharlanna sin LODanna a bhaineann go sonrach leis an táirge agus ar féidir iad a bhaint amach go hanailíseach. |
|
(6) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir leis na MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a mbarúlacha san áireamh. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Maidir le gach substaint ghníomhach a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir ar bun. |
|
(9) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a oiriúnú chun na ceanglais nua a thagann as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcónaí mar a bhí sular leasaíodh é leis an Rialachán seo maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas nó a allmhairítear isteach san Aontas roimh an 12 Lúnasa 2023.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Summary report of the Committee for veterinary medicinal products [Tuarascáil achomair ón gCoiste um tháirgí íocshláinte tréidliachta]. An Ghníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte: Táirgí Íocshláinte Tréidliachta agus Iniúchtaí. EMEA/MRL/606/99-Final. Meitheamh 1999.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú i ndáil le huasteorainneacha iarmhar in earraí bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1).
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2014. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance topramezone [Conclúid maidir le hathbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tópramasón]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(2):3540. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2014.3540.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/79 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 maidir le neamh-fhormheas na substainte gníomhaí tópramasón, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 29, 28.1.2021, lch. 8).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
i gCuid A d’Iarscríbhinn III, scriostar an colún le haghaidh tópramasóin. |
|
(3) |
in Iarscríbhinn V, cuirtear isteach na colúin seo a leanas le haghaidh tópramasóin agus trífhlumasóil: " Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
((*)) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) (a) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
((*)) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(2) (a) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20/26 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/148 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2023
lena nglactar le hiarraidh ar stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”),
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,
De bharr an mhéid seo a leanas,
A. NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM
|
(1) |
An 13 Bealtaine 2013, trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (“an Rialachán bunaidh”), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine a thagann isteach san Aontas de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an táirge lena mbaineann”) (3). |
|
(2) |
An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198. |
|
(3) |
An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin de bhun Airteagail 13(3) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 (4). |
|
(4) |
Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
|
(5) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtrátaí frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 18,3 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Forchuireadh dleachtráta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1198, arna ionadú ag Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh dleachtráta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chuir iad féin in aithne ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1198, is féidir Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, is é sin an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin i nDaon-Phoblacht na Síne don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:
|
B. IARRAIDH AR STÁDAS AN TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA
|
(7) |
An 30 Deireadh Fómhair 2020, chuir Raoping Jinde Ceramics Co. Ltd. (“Jinde” nó “an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas an táirgeora onnmhairiúcháin nua (“NEPT”) dó agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %, agus é ag maíomh gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1198 (“coinníollacha NEPT”). |
|
(8) |
Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha NEPT, chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT. |
|
(9) |
Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta an 6 Aibreán 2021, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid. |
|
(10) |
D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach agus cheadaigh sé bunachair sonraí éagsúla ar líne lena n-áirítear Orbis (5) agus Qichacha (6). I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Chuir tionscal an Aontais barúlacha isteach maidir le comhlíontacht an iarratasóra leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2019/1198. |
C. ANAILÍS AR AN IARRAIDH
|
(11) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2019/1198, is é sin nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nár onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas le linn na tréimhse sin. Bunaíodh Jinde i Nollaig 1995 agus tá sé i mbun onnmhairiúcháin ó bunaíodh é. Ní thaispeánann a mhórleabhar díolachán aon taifead, áfach, d’idirbhearta onnmhairiúcháin chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Ina theannta sin, bhí mórleabhair díolachán Jinde le linn na tréimhse sin i gcomhréir leis na ráitis airgeadais a soláthraíodh agus ní raibh aon rian ná aon fhianaise bhreise ann a thabharfadh le fios gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas roimh Eanáir 2012, is é sin i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Sna barúlacha tosaigh uaidh, chuir tionscal an Aontais i bhfios go láidir go raibh baint ag an iarratasóir le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin ón uair a bunaíodh é in 1995, ach níor chuir sé aon fhianaise ar fáil a chruthaíonn nár chomhlíon Jinde an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán (AE) 2019/1198. Dá bhrí sin, tá fianaise leordhóthanach ann nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. |
|
(12) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán (AE) 2019/1198 nach bhfuil an t-iarratasóir comhlachaithe le haon onnmhaireoir ná táirgeoir atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2019/1198, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach bhfuil Jinde comhlachaithe le haon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi réir na mbeart frithdhumpála. Dar le Qichacha, tá scaireanna ag scairshealbhóirí Jinde i dtrí chuideachta seachas Jinde féin, agus níl aon cheann acu faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán (AE) 2019/1198. Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll sin. |
|
(13) |
Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán (AE) 2019/1198, gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge iarbhír chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas in 2019, is é sin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Chuir an t-iarratasóir sonrasc isteach, mar aon le hordú ceannacháin, doiciméid imréitigh custaim, bille luchta agus admháil íocaíochta ar ordú a rinne cuideachta sa Fhrainc in 2019. Sa bhreis ar an lastas sin, idir 2012 agus 2019 bhí seoladh lastais eile an táirge lena mbaineann chuig an bhFrainc, a ndearna an t-iarratasóir doiciméid tacaíochta a sholáthar dóibh freisin. Dá bhrí sin, chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll sin. |
|
(14) |
Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh. |
D. NOCHTADH
|
(15) |
Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an dleachtráta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a dheonú do Raoping Jinde Ceramics Co. Ltd. |
|
(16) |
Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach agus thug tionscal an Aontais barúlacha. |
|
(17) |
Tar éis an nochta, mhaígh tionscal an Aontais gur ceanglas reachtúil é ráiteas airgeadais chomhdhlúite do chuideachtaí sa tSín a ndéantar infheistíocht choigríche iontu, lena n-áirítear an t-iarratasóir freisin. Thairis sin, d’iarr tionscal an Aontais go dtabharfaí ainm na cuideachta comhlachaithe dó chun barúlacha maidir le hoibríochtaí gnó na cuideachta comhlachaithe a sholáthar. |
|
(18) |
D’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis a thug an t-iarratasóir maidir leis an tsaincheist faoi cheanglas reachtúil a bheith ann nó gan a bheith ann maidir le ráiteas airgeadais iniúchta a sholáthar le haghaidh cuideachtaí sa tSín a ndéantar infheistíocht choigríche iontu. In 2009, d’eisigh brainse cánach Qiandong de státbhiúró cánach chontae Raoping i gcathair Chaozhou fógra chuig an iarratasóir, lenar deonaíodh díolúine don iarratasóir ón oibleagáid i dtaobh tuarascálacha iniúchta a chur isteach. Dá bharr sin, shuigh an Coimisiún nach raibh ceanglas éigeantach ann roimh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh ná ina diaidh. Thairis sin, chuir an Coimisiún ainm chuideachta chomhlachaithe an iarratasóra ar fáil do thionscal an Aontais. Ní bhfuarthas aon bharúil eile ina dhiaidh sin. |
|
(19) |
Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1198 arna modhnú le Rialachán (AE) 2019/2131 ina bhfuil liosta de na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla:
|
Cuideachta |
Cód TARIC cód breise |
|
Raoping Jinde Ceramics Co. Ltd. |
C879 |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.
(3) IO L 131, 15.5.2013, lch. 1.
(4) IO L 321, 12.12.2019, lch. 139.
(5) Is soláthraí domhanda sonraí faisnéise corparáidí é Orbis agus cumhdaíonn sé níos mó ná 220 milliún cuideachta ar fud an domhain. Soláthraíonn sé faisnéis chaighdeánaithe faoi chuideachtaí príobháideacha agus faoi struchtúir chorparáideacha go príomha.
(6) Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá bunaithe sa tSín.
|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20/30 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/149 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2023
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí beanflurailin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún (2) áirítear beanflurailin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí beanflurailin, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé sin in éag an 28 Feabhra 2023. |
|
(4) |
Cuireadh iarratas faoi bhráid na hIorua, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na hÍsiltíre, an Ballstáit is comhrapóirtéir, chun formheas na substainte gníomhaí beanflurailin a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir na hiarratasóirí na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (an tÚdarás) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine. |
|
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 28 Lúnasa 2017. Sa dréacht-tuarascáil uaidh maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Iorua gan formheas beanflurailine a athnuachan. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil go poiblí. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 27 Meán Fómhair 2019, chuir an tÚdarás a chonclúid in iúl don Choimisiún (6) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh beanflurailin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
Sa chonclúid uaidh, d’aithin an tÚdarás roinnt ábhair imní. Go háirithe, d’aithin sé riosca fadtéarmach d’éin agus do mhamaigh, lena n-áirítear an riosca ó nimhiú tánaisteach éan agus mamach a itheann péisteanna talún, mar phríomhréimse imní. Thairis sin, d’aithin an tÚdarás go bhfuil riosca fadtéarmach ann d’orgánaigh uisceacha ó bheanflurailin, fiú nuair a chuirtear bearta maolaithe i bhfeidhm, agus riosca fadtéarmach d’orgánaigh uisceacha ó na meitibilítí 371R agus 372R mar phríomhréimse imní. Ar deireadh, dúirt sé nach féidir géineatocsaineacht fhéideartha eisíontais a chur as an áireamh ós rud é nár thacaigh an measúnú tocsaineolaíoch, lena n-áirítear leibhéal an eisíontais sin, leis an tsonraíocht theicniúil. |
|
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(11) |
An 16 Iúil 2021, chuir an Coimisiún sainordú chuig an Údarás mar aon le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú teagmhála agus an measúnú riosca a mhéid a bhaineann le héin, mamaigh agus orgánaigh uisceacha. Chuir an tÚdarás conclúid cothrom le dáta chuig an gCoimisiún an 25 Lúnasa 2022 (7) inar deimhníodh na hábhair imní a aithníodh sa chonclúid roimhe sin. D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí a mbarúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana athbhreithnithe. Chuir na hiarratasóirí a mbarúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
|
(12) |
D’ainneoin na n-argóintí a rinne na hiarratasóirí, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach agus le ceann de na meitibilítí a chur as an áireamh. |
|
(13) |
Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí beanflurailin a athnuachan. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(15) |
Ba cheart am a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beanflurailin a tharraingt siar. |
|
(16) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beanflurailin, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an tréimhse sin dul in éag, ar a dhéanaí, an 12 Bealtaine 2024. |
|
(17) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún (8), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa beanflurailine go dtí an 28 Feabhra 2023 chun go bhféadfaí an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachadh tréimhse formheasa na substainte sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh gan an formheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
|
(18) |
Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach ar fhormheas beanflurailine de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí beanflurailin a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 188 maidir le beanflurailin.
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil beanflurailin mar shubstaint ghníomhach faoin 12 Lúnasa 2023.
Airteagal 4
Tréimhse cairde
Aon tréimhse cairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 12 Bealtaine 2024.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2008/108/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun flutolainil, beanflurailin, fluasanam, fúibeiríodasól agus meipiocuat a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 317, 27.11.2008, lch. 6).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26). Cuireadh Rialachán (AE) 2020/1740 in ionad an Rialacháin sin ach, mar sin féin, tá feidhm aige go fóill maidir leis an nós imeachta chun formheas substaintí gníomhacha a athnuachan: (1) ar substaintí gníomhacha iad a dtagann deireadh lena dtréimhse formheasa roimh an 27 Márta 2024; (2) ar substaintí gníomhacha iad dá gcuireann Rialachán síneadh lena dtréimhse formheasa go dtí an 27 Márta 2024 nó go dtí dáta níos déanaí, ar Rialachán é a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ar an 27 Márta 2021 nó ina dhiaidh sin.
(6) EFSA. 2019. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance benfluralin [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí beanflurailin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(10):5842. 34 lch. doi:10.2903/j.efsa.2019.5842.
(7) EFSA. 2022. Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance benfluralin [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí beanflurailin]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2022;20(9):7556, 36 lch. doi:10.2903/j.efsa.2022.7556.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2068 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha beanflurailin, démhocsastróibin, fluasanam, flutolainil, meiceapróp-P, meipiocuat, meitiream, ocsaimil agus pireaclóstróibin (IO L 421, 26.11.2021, lch. 27).
|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20/33 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/150 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2023
lena leasaítear Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a mhéid a bhaineann le formheas nó aistarraingt an stádais saor ó ghalair atá ag Ballstáit áirithe nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 31(3), 36(4) agus 42(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha sonracha ó thaobh galair de maidir leis na galair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de agus leagtar síos an chaoi a bhfuil na rialacha sin le cur i bhfeidhm maidir le catagóirí éagsúla de ghalair liostaithe. Déantar foráil i Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit cláir dhíothaithe éigeantacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (b) de, agus déantar foráil ann maidir le cláir dhíothaithe roghnacha le haghaidh na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (c) de, agus maidir le formheas na gclár sin ag an gCoimisiún. Foráiltear leis an Rialachán sin freisin maidir leis an bhformheas nó an tarraingt siar a dhéanfaidh an Coimisiún ar stádas saor ó ghalar Ballstát nó criosanna nó deighleoga díobh a mhéid a bhaineann le galair liostaithe áirithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (b) agus (c), de. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos na critéir maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar i gcás Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh, agus na ceanglais maidir le formheas clár díothaithe éigeantach nó roghnach le haghaidh Ballstát nó criosanna nó deighleog díobh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3) leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir leis na galair liostaithe ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, a mhéid a bhaineann le stádas saor ó ghalair agus neamh-vacsaínithe Ballstát áirithe nó criosanna nó deighleog díobh, agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin. Go háirithe, liostaítear ann sna hIarscríbhinní a ghabhann leis, na Ballstáit nó na criosanna nó deighleoga díobh a bhfuil stádas saor ó ghalar acu. De thoradh na staide eipidéimeolaíche maidir le galair áirithe a bheith ag athrú, is gá anois iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú chun Ballstáit nua nó criosanna díobh atá saor ó ghalair a liostú agus chun limistéir nó deighleoga ina ndeimhnítear ráigeanna galair nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil ar bun á gcomhlíonadh iontu a thuilleadh a scriosadh ó na liostaí. |
|
(4) |
Maidir le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (Mycobacterium bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) (MTBC), ionfhabhtú le víreas ghalar Aujeszky (ADV), ionfhabhtú le buinneach víreasach bhólachta (BVD), ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) (BTV), agus ionfhabhtú le seipticéime fhuilreatha víreasach (VHS), chuir roinnt Ballstát iarratas faoi bhráid an gCoimisiún le déanaí go ndeonófaí stádas saor ó ghalair do chuid dá gcríoch. Thug roinnt Ballstáit fógra freisin faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le víreas an chonfaidh (RABV), BTV, agus ionfhabhtú le neacróis fhuilghinte (IHN), ráigeanna nach mór a chur in iúl in Iarscríbhinní áirithe a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. |
|
(5) |
Maidir le hionfhabhtú le MTBC, chuir an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i leith ionfhabhtú le MTBC a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 i gComhphobail Uathrialacha na nOileán Bailéarach, an Chatalóin agus Murcia. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith MTBC. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu i leith ionfhabhtú le MTBC. |
|
(6) |
Maidir le hionfhabhtú le ADV, chuir an Iodáil faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i leith ADV, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, i réigiúin Trento agus Veneto. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin critéir Chuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith ADV. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu i leith ionfhabhtú le ADV. |
|
(7) |
Maidir le hionfhabhtú le BVD, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar a aithint i leith BVD, ar coinníollacha iad a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, maidir le Dachau, Straubing-Bogen agus Günzburg sa Bhaváir. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann na hiarratais sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BVD. Dá bhrí sin, ba cheart na criosanna sin a liostú in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalar acu i leith ionfhabhtú le BVD. |
|
(8) |
Thug an Ungáir fógra don Choimisiún faoi roinnt ráigeanna d’ionfhabhtú le RABV i gcontae Szabolcs-Szatmár-Bereg. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú le RABV ag críoch iomlán na hUngáire, agus go liostaítear í i gCuid I d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar maidir le contae Szabolcs-Szatmár-Bereg a tharraingt siar, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Ungáir sa liosta sin a leasú dá réir. |
|
(9) |
Maidir le hionfhabhtú le RABV, tá iarratas curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an Ungáir freisin ar chlár díothaithe a bheith formheasta do chontae Szabolcs-Szatmár-Bereg. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 2, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le cláir dhíothaithe le haghaidh ionfhabhtú le RABV a fhormheas. Dá bhrí sin, ba cheart contae Szabolcs-Szatmár-Bereg a liostú i gCuid II d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil clár díothaithe formheasta aige le haghaidh ionfhabhtú le RABV. |
|
(10) |
Thug an Phortaingéil fógra don Choimisiún faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le BTV séiritíopa 4 i gceantair Aveiro, Bragança, Coimbra, Guarda agus Viseu, ráigeanna a bhuail na ceantair máguaird freisin. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar ag na ceantair sin, agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú le BTV a tharraingt siar, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an bPortaingéil sa liosta sin a leasú dá réir. |
|
(11) |
Thug an Spáinn fógra don Choimisiún faoi ráigeanna d’ionfhabhtú le BTV séiritíopa 4 i gcúige Toledo i gComhphobal Uathrialach Castilla-La Mancha, agus i gcúige Salamanca i gComhphobal Uathrialach Castilla y Leon, ráigeanna a bhuail limistéir i gcúige Avila agus Zamora freisin. Ós rud é go bhfuil stádas saor ó ghalar ag na limistéir sin, agus go liostaítear iad i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, ba cheart a stádas saor ó ghalar i leith ionfhabhtú le BTV a tharraingt siar, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an Spáinn sa liosta sin a leasú dá réir. |
|
(12) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir an Spáinn faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin freisin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar BTV a aithint i gcás réigiúin áirithe de Chomhphobail Uathrialacha Aragón agus Navarra agus i gcás réigiúin áirithe de Chomhphobal Uathrialach Thír na mBascach. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BTV. Ós rud é gur díothaíodh ionfhabhtú le BTV ó na Comhphobail Uathrialacha sin, ba cheart, dá bhrí sin, críoch iomlán na gComhphobal Uathrialacha sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chríoch a bhfuil stádas saor ó ghalar aici i leith ionfhabhtú le BTV. |
|
(13) |
A mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le BTV, chuir an Ghearmáin faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar i leith BTV a aithint i gcás Bundesland Saarland, agus i gcás codanna áirithe de Bundesland Rhineland-Palatinate. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh, léiríodh go gcomhlíonann an t-iarratas sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith BTV. Dá bhrí sin, ba cheart an crios sin a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620, mar chrios a bhfuil stádas saor ó ghalar aige i leith ionfhabhtú le BTV. |
|
(14) |
A mhéid a bhaineann le VHS, chuir an Fhionlainn faisnéis ar fáil lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalar i leith VHS i gcás chúige Åland. Comhlíonann an fhaisnéis sin na critéir a leagtar síos i gCuid II, Caibidil 4, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 maidir le stádas saor ó ghalar a dheonú i leith VHS. Ós rud é gur díothaíodh VHS ó chúige Åland, ba cheart, dá bhrí sin, críoch iomlán na Fionlainne a liostú i gCuid I d’Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar chríoch a bhfuil stádas saor ó ghalar aici i leith VHS. |
|
(15) |
Ina theannta sin, thug an Fhionlainn fógra don Choimisiún faoi ráig de IHN i gCúige Åland, i limistéar a liostaítear mar limistéar a bhfuil stádas saor ó ghalar aige in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620. Dá bhrí sin, ba cheart stádas saor ó ghalar an limistéir ionfhabhtaithe a tharraingt siar agus ba cheart an deighleog sin a scriosadh ó Chuid I den Iarscríbhinn sin, agus ba cheart an iontráil a bhaineann leis an mBallstát sin sa liosta sin a leasú dá réir. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II, III, VI, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 a leasú dá réir. |
|
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III, VI, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Eanáir 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III, VI, VII, VIII, XII agus XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn VI mar a leanas
|
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:
|
|
(5) |
In Iarscríbhinn VIII, leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
(6) |
In Iarscríbhinn VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid II: “CUID II Ballstáit nó criosanna díobh ag a bhfuil clár díothaithe formheasta maidir le hionfhabhtú le BTV
|
|
(7) |
In Iarscríbhinn XII, Cuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bhFionlainn:
|
|
(8) |
In Iarscríbhinn XIII, Cuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an bhFionlainn:
|
CINNTÍ
|
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 20/41 |
CINNEADH (AE) 2023/151 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Eanáir 2023
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste CCE arna bhunú faoin gComhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Comhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile (“an Comhaontú”) (1), sa Bhruiséil an 22 Eanáir 2009 de bhun Cinneadh 2009/152/CE ón gComhairle (2), agus cuireadh i bhfeidhm ar bhonn sealadach é ón 4 Lúnasa 2014. |
|
(2) |
Faoi théarmaí an Chomhaontaithe, is é Poblacht Camarún Páirtí na hAfraice Láir. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 92 den Chomhaontú, bunaítear Coiste CCE na hAfraice Láir-AE, atá le bheith freagrach as riarachán gach earnála a chumhdaítear sa Chomhaontú agus as na cúraimí uile dá dtagraítear ann a chomhlánú. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 5 de Rialacha Nós Imeachta Choiste CCE idir an tAontas agus an Afraic Láir a glacadh an 15 Nollaig 2016 le Cinneadh Uimh. 1/2016 ó Choiste CCE (3), chun a chuid cúraimí a fheidhmiú go héifeachtúil, féadfaidh Coiste CCE na hAfraice Láir-AE fochoistí a chur ar bun, faoina údarás féin, a bheidh freagrach as ábhair éagsúla a láimhseáil faoin gComhaontú. Dá réir sin, is féidir le Coiste CCE na hAfraice Láir-AE Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú chun cuspóirí an Comhaontaithe a bhaint amach. |
|
(5) |
Is iomchuí a bhunú an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a bhaineann le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige san Aontas. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, maidir le seasamh an Aontais a mhéid a bhaineann le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú, ba cheart é a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste CCE arna bhunú faoin gComhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile, maidir le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Choiste CCE atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tar éis a ghlactha, foilseofar an Cinneadh ó Choiste CCE in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Eanáir 2023.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
E. SVANTESSON
(1) IO L 57, 28.2.2009, lch. 2.
(2) Cinneadh 2009/152/CE ón gComhairle an 20 Samhain 2008 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Eatramhaigh d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile (IO L 57, 28.2.2009, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH Uimh. .../2023 Ó CHOISTE CCE arna bhunú leis an gComhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile
an ...
maidir le Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú
TÁ COISTE CCE,
Ag féachaint don Chomhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile, agus go háirithe d’Airteagal 92 de,
Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1/2016 ó Choiste CCE an 15 Nollaig 2016 maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta, agus go háirithe d’Airteagal 5 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 92 de Chomhaontú Eatramhach d’fhonn Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche a bhunú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Páirtí na hAfraice Láir, den pháirt eile (“an Comhaontú”) (1) go bhfuil Coiste CCE le bheith freagrach as riarachán gach earnála a chumhdaítear sa Chomhaontú agus as na cúraimí uile dá dtagraítear ann a chomhlánú. |
|
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1/2016 ó Choiste CCE an 15 Nollaig 2016 maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta (2) go bhfuil Coiste CCE in ann fochoistí a chur ar bun, faoina údarás féin, atá freagrach as ábhair shonracha a láimhseáil faoin gComhaontú. |
|
(3) |
Is gá Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe a bhunú, |
TAR ÉIS AN CHINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, bunaítear Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe don Chomhpháirtíocht idir an Comhphobal Eorpach agus Páirtí na hAfraice Láir chun na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 2 a chomhlíonadh.
2. Is é príomhaidhm Fhochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe malartuithe faisnéise faoi shaincheisteanna maidir le forbairt talmhaíochta, tréadacha agus tuaithe a éascú.
Airteagal 2
1. Beidh Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe freagrach as staidéar a dhéanamh ar dhoiciméid chun tuairimí a fhorbairt, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar shaincheisteanna talmhaíochta, tréadacha agus tuaithe chomh maith le tuairimí a eisiúint agus moltaí a dhéanamh maidir leo. Cuirfidh sé ar a gcumas do na bPáirtithe a gcuid taithí, faisnéise agus dea-chleachtas a mhalartú agus comhairliúchán a dhéanamh le chéile faoi gach ábhar a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainmhínítear in Airteagal 2 de Theideal I den Chomhaontú, agus a thagann faoi raon an fhochoiste mar a thuairiscítear thíos.
2. Beidh an Fochoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe freagrach as an méid a leanas, faoi údarás Choiste CCE:
|
(a) |
faireachán ar gach gné de Theidil II, III agus V den Chomhaontú a bhaineann le trádáil talmhaíochta agus táirgí beostoic, le cúrsaí sláintíochta agus fíteasláintíochta, le slándáil bia agus forbairt tuaithe, chomh maith le maoin intleachtúil agus saincheisteanna maidir le forbairt inbhuanaithe, toisc go mbaineann siad le táirgí talmhaíochta agus beostoic; |
|
(b) |
páirt a ghlacadh in idirphlé beartais faoi thalmhaíocht, beostoc agus forbairt tuaithe sna réimsí seo a leanas:
|
3. Beidh Fochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe freagrach freisin as an bhfaireachán ar chur chun feidhme mholtaí Choiste CCE a mhéid a bhaineann siad leis an réimse inniúlachta a shainmhínítear i mír 2.
4. Cuirfidh Fochoiste CCE a thuairimí faoi bhráid Choiste CCE.
Airteagal 3
I bhFochoiste CCE um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, beidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ar thaobh amháin, agus ionadaithe ó Pháirtí na hAfraice Láir, ar an taobh eile. Féadfaidh na páirtithe a bhfuil ionadaíocht acu ann cinneadh a dhéanamh le chéile cuireadh a thabhairt do rannpháirtithe eile, go háirithe geallsealbhóirí a bhaineann réimse inniúlachta an Fhochoiste leo.
Airteagal 4
Tiocfaidh Fochoiste CCE le chéile ar an láthair nó trí leas a bhaint as modhanna iomchuí eile atá comhaontaithe ag na Páirtithe. Cinnfear clár agus minicíocht chruinnithe an fhochoiste trí chomhthoil idir na páirtithe.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i/in/sa ..., ....
Thar ceann Phoblacht Chamarún
Thar ceann an Aontais Eorpaigh