ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 327

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
21 Nollaig 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2472 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/2473 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

82

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 327/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2472 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2022

lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointí (a) agus (b) de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 6 agus le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2015/1588,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cistiú stáit a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh, is státchabhair é agus is gá fógra a thabhairt don Choimisiún faoi de bhua Airteagal 108(3) den Chonradh. Mar sin féin, de bhun Airteagal 109 den Chonradh, féadfaidh an Chomhairle catagóirí cabhrach atá díolmhaithe ón gceanglas fógra sin a chinneadh. I gcomhréir le hAirteagal 108(4) den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh maidir leis na catagóirí cabhrach sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún le Rialachán (AE) 2015/1588 a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 109 den Chonradh, go bhféadfar catagóirí áirithe cabhrach a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh. Ar bhonn an Rialacháin sin, ghlac an Coimisiún Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún (2) lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a mbeidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2022.

(2)

Le hAirteagal 42 den Chonradh, foráiltear nach bhfuil feidhm ag na rialacha iomaíochta ach amháin maidir le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh agus a thrádáil a mhéid a chinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Le hAirteagal 211 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), foráiltear go bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le státchabhair maidir le cabhair chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh agus a thrádáil, faoi réir maoluithe sonracha. Le hAirteagal 211(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear nach bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le státchabhair maidir le híocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit le haghaidh bearta dá bhforáiltear sa Rialachán sin atá á maoiniú i bpáirt nó ina n-iomláine ag an Aontas ná le haghaidh bearta a áirítear in Airteagail 213 go 218 den Rialachán sin. Thairis sin, de bhun Airteagal 145 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), níl feidhm ag rialacha maidir le státchabhair maidir le híocaíochtaí a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán sin ná maidir le maoiniú náisiúnta breise, faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh. Maidir leis na híocaíochtaí sin a bheartaítear chun maoiniú náisiúnta breise a sholáthar faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh, ní mór dóibh critéir Rialachán (AE) 2021/2115 a chomhlíonadh chun go bhformheasfaidh an Coimisiún iad mar chuid de Phlean Straitéiseach CBT de Bhallstát ar leith. Mar sin féin, tá feidhm ag rialacha maidir le státchabhair, maidir leis an gcuid a chómhaoinítear faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus maidir le maoiniú náisiúnta breise le haghaidh na mbeart a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh.

(3)

Ós rud é nach n-athraíonn éifeachtaí eacnamaíocha cabhrach ag brath ar pé acu atá nó nach bhfuil sí maoinithe i bpáirt ag an Aontas, nó ar pé acu atá nó nach bhfuil sí maoinithe ag Ballstát as féin, ba cheart go mbeadh comhsheasmhacht agus comhtháthú idir beartas an Choimisiúin i leith rialú Státchabhrach, agus an tacaíocht a dheonaítear faoi chomhbheartas talmhaíochta agus forbartha tuaithe an Aontais féin.

(4)

Ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a ailíniú, dá bhrí sin, le raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le bearta arna gcómhaoiniú ag CETFT.

(5)

Leis an Rialachán seo, ba cheart simpliú níos fearr a cheadú agus ba cheart trédhearcacht, meastóireacht éifeachtach agus rialú comhlíontachta ar na rialacha maidir le státchabhair ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, agus inniúlachtaí institiúideacha an Choimisiúin agus na mBallstát a chaomhnú san am céanna.

(6)

Chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 den Chonradh i bhfeidhm go mion minic maidir le hearnáil na talmhaíochta agus le hearnáil na foraoiseachta, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i dTreoirlínte 2014 (5). Ar an gcaoi sin, tá taithí mhór faighte aige sna réimsí sin maidir le bearta cabhrach atá fós faoi réir na hoibleagáide atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chabhair. A bhuí le taithí an Choimisiúin, cuireadh ar a chumas dó sainmhíniú feabhsaithe a thabhairt ar na coinníollacha faoinar féidir a mheas go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus síneadh a chur le raon feidhme blocdhíolúintí, agus trédhearcacht agus comhréireacht na cabhrach a áirithiú san am céanna.

(7)

Ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar sraith comhphrionsabal lena n-áirítear go bhfuil éifeacht shoiléir dreasachta ag an gcabhair, go bhfuil sí iomchuí agus comhréireach, go ndeonaítear í faoi thrédhearcacht iomlán agus go bhfuil sí faoi réir sásra rialúcháin agus meastóireacht thráthrialta, agus nach ndéantar dochar d’iomaíocht agus do choinníollacha trádála léi.

(8)

Cabhair lena gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo, is é sin, cabhair ghinearálta agus cabhair a bhaineann go sonrach leis na catagóirí ábhartha cabhrach araon, ba cheart í a dhíolmhú ón gceanglas fógra a leagtar síos in Airteagal 108(3) den Chonradh. Chun maoirseacht éifeachtúil a áirithiú agus cúrsaí riaracháin a shimpliú, ach gan faireachán an Choimisiúin a lagú, ba cheart tagairt shonrach don Rialachán seo a bheith i gcabhair dhíolmhaithe (scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair).

(9)

Maidir le státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo, leanfaidh sí de bheith faoi réir an cheanglais fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh. Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhéidearthacht na mBallstát fógra a thabhairt maidir le cabhair a gcomhfhreagraíonn cuspóirí na cabhrach do chuspóirí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

(10)

I bhfianaise an tionchair mhóir a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna móra ar thrádáil agus iomaíocht, scéimeanna cabhrach ag a bhfuil buiséad a sháraíonn tairseach áirithe in aon bhliain ar leith nó atá bunaithe go hiomlán ar dhearbhluach, ba cheart go mbeidís faoi réir meastóireacht státchabhrach i bprionsabal. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an meastóireacht a fhíorú pé acu ar fíoraíodh na toimhdí agus ar baineadh amach na coinníollacha is bun le comhoiriúnacht na scéime mar aon le héifeachtacht an bhirt cabhrach, i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus sonracha, agus ba cheart tásca a sholáthar inti maidir le tionchar na scéime ar an iomaíocht agus ar an trádáil. Chun an chóir chomhionann a áirithiú, ba cheart meastóireacht státchabhrach a dhéanamh ar bhonn plean meastóireachta a fhormheasann an Coimisiún. Cé gur cheart, tríd agus tríd, pleananna den sórt sin a tharraingt suas tráth dhearadh na scéime agus iad a fhormheas in am do theacht i bhfeidhm na scéime, féadfaidh sé nach mbeadh sin indéanta sna cásanna uile.

(11)

Dá bhrí sin, ionas nach gcuirfear moill ar an teacht i bhfeidhm, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna den sórt sin ar feadh uastréimhse sé mhí. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh síneadh a chur leis an tréimhse sin, ar fhormheas an phlean meastóireachta.

(12)

Chuige sin, ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an bplean meastóireachta laistigh de 20 lá oibre tar éis theacht i bhfeidhm na scéime. Is féidir leis an gCoimisiún cinneadh eisceachtúil a dhéanamh freisin nach bhfuil gá le meastóireacht i bhfianaise shainiúlachtaí an cháis. Ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis riachtanach a fháil ón mBallstát le bheith in ann an measúnú ar an bplean meastóireachta a dhéanamh agus faisnéis bhreise a iarraidh gan moill mhíchuí ionas go bhféadfaidh an Ballstát na heilimintí ar lár a chur ar fáil le go bhféadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh.

(13)

Cé is moite d’athruithe nach ndéanann difear do chomhoiriúnacht na scéime cabhraí faoin Rialachán seo nó nach ndéanann difear suntasach d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta, ba cheart measúnú a dhéanamh ar athruithe ar scéimeanna atá faoi réir meastóireachta ag cur thoradh na meastóireachta sin san áireamh agus ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir le hathruithe amhail modhnuithe atá go hiomlán foirmiúil, modhnuithe riaracháin nó athruithe a dhéantar faoi chuimsiú na mbeart a chómhaoiníonn an tAontas, níor cheart a mheas, i bprionsabal, go ndéantar difear suntasach leo d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta.

(14)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair a bhraitheann ar úsáid táirgí intíre thar tháirgí allmhairithe ná maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cabhair lena maoinítear bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Maidir le cabhair faoi chomhair an chostais a bhaineann le páirt a ghlacadh in aontaí trádála nó staidéir a dhéanamh nó seirbhísí comhairleoireachta atá ag teastáil chun táirge nua nó táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua nó i mBallstát eile nó i dtríú tír, níor cheart an chabhair sin a bheith ina cabhair a bhaineann le gníomhaíochtaí onnmhairíochta.

(15)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach ndéanann cabhair údaraithe dochar do choinníollacha trádála a mhéid atá contrártha leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, maidir le cabhair i bhfabhar tairbhí atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc i ndiaidh cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair ar leith neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach, ba cheart an chabhair sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Mar sin féin, tá sé tábhachtach gníomhú go mear i gcomhthéacs cabhair chúitimh i gcásanna riosca agus géarchéime, amhail cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha nó lotnaidí plandaí a shlánú agus cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an eisiamh ón gcabhair i gcásanna den sórt sin. Thairis sin, de bharr nádúr scéimeanna den sórt sin i gcás nach féidir tairbhí aonair a shainaithint, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cabhair ar mhéid teoranta le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (“CLLD’) nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (“CEN”) maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta.

(16)

Mar riail ghinearálta, ba cheart cabhair a dheonaítear do ghnóthais a bhfuil deacrachtaí acu a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, toisc gur cheart an chabhair sin a mheas faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh gnóthais a bhfuil deacrachtaí acu a tharrtháil agus a athstruchtúrú (6). Mar sin féin, is gá eisceachtaí áirithe ón riail seo a leagan síos. Ar an gcéad dul síos, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais a bhfuil deacrachtaí acu i gcásanna cabhair le haghaidh FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN nó a bhaineann tairbhe as tionscadail den sórt sin, i gcás inarb éigean is féidir tairbhithe aonair de scéimeanna den sórt sin a shainaithint. Ar an dara dul síos, ba cheart feidhm a bheith aige maidir leis na gnóthais sin i gcásanna ina bhfuil an chosaint sláinte poiblí i mbaol, i.e. i gcásanna cabhair chun na costais a bhaineann le díothú galar ainmhithe a chumhdach agus cabhair chun stoc a fuair bás a scriosadh agus a bhaint. Ar an tríú dul síos, i bhfianaise Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le gnóthais a bhfuil deacrachtaí acu i gcásanna ina n-íoctar cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha a shlánú. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin freisin i gcásanna ina mbíonn deacrachtaí ag gnóthas mar thoradh ar dhamáiste a tharlaíonn de bharr teagmhas nach bhfuil aon neart ag an ngnóthas lena mbaineann orthu, mar atá teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, mar thoradh ar ghalair ainmhithe nó lotnaidí plandaí, ainmhithe cosanta, dóiteáin foraoise, teagmhais thurraingeacha i bhforaoisí agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide i bhforaoisí.

(17)

Maidir le státchabhair nó leis na coinníollacha lena mbaineann, lena n-áirítear a modh maoiniúcháin nuair atá sé mar chuid lárnach di, má bhaineann sárú neamh-inscartha ar reachtaíocht an Aontais léi, ní fhéadfar a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair a mbaineann sárú neamh-inscartha ar reachtaíocht an Aontais léi

(18)

Braitheann forfheidhmiú státchabhrach go mór ar chomhar idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear comhlíonadh cabhrach aonair a dheonaítear faoi scéimeanna a bhfuil blocdhíolúine acu.

(19)

De dheasca an ardriosca a bhaineann le dochar a dhéanamh do choinníollacha trádála, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar mhéideanna móra cabhrach a dheonaítear go haonarach nó go carnach ar fhógra a fháil maidir leo. Dá bhrí sin, ba cheart tairseacha a shocrú de réir uasmhéid cabhrach le haghaidh catagóirí áirithe cabhrach infheistíochta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal lena gcuirtear catagóir na cabhrach lena mbaineann san áireamh mar aon lena héifeacht dhóchúil ar choinníollacha trádála. Ba cheart aon chabhair a dheonaítear os cionn na dtairseach sin leanúint de bheith faoi réir an cheanglais fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh. Níor cheart dul timpeall ar na tairseacha a leagtar síos sa Rialachán seo trí scéimeanna cabhrach nó tionscadail cabhrach a roinnt go saorga, mar shampla, i roinnt scéimeanna cabhrach nó tionscadail cabhrach a bhfuil saintréithe, cuspóirí nó tairbhithe cosúla acu. Maidir le catagóirí eile cabhrach, a mhéid a urramaítear na coinníollacha comhoiriúnachta agus na huasdéiní cabhrach nó na huasmhéideanna cabhrach a leagtar síos sa Rialachán seo, níor cheart a mheas go bhfuil ardriosca ann go ndéanfar dochar do choinníollacha trádála leo.

(20)

Chun críche na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an fhaireacháin éifeachtaigh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin i leith cabhair ar féidir an choibhéis deontais chomhláin ex ante a ríomh go beacht ina leith, gan an gá measúnú riosca a dhéanamh (“cabhair thrédhearcach”).

(21)

Maidir le hionstraimí cabhrach sonracha áirithe amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, bearta cánach agus, go háirithe, airleacain inaisíoctha, ba cheart na coinníollacha faoinar féidir a mheas gur ionstraimí trédhearcacha iad a shainmhíniú leis an Rialachán seo. Maidir le cabhair ar ráthaíochtaí í, ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach í má rinneadh an choibhéis deontais chomhláin a ríomh ar bhonn préimheanna cuanta sábháilte a leagtar síos don chineál gnóthais ar leith. Ba cheart a mheas freisin gur cabhair thrédhearcach í freisin más rud é, roimh chur chun feidhme an bhirt, gur tugadh fógra don Choimisiún maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh chun déine cabhrach na ráthaíochta stáit a ríomh agus gur fhormheas sé í i gcomhréir leis an bhFógra maidir le Ráthaíochtaí (7). Chun críche an Rialacháin seo, níor cheart cabhair atá i mbearta maoiniúcháin riosca ná instealltaí caipitil a mheas mar chabhair thrédhearcach.

(22)

Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún i gcónaí maidir le cabhair a thiocfadh faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar shlí eile ach nach bhfuil trédhearcach. Maidir le fógra a fhaigheann an Coimisiún maidir le cabhair neamh-thrédhearcach, ba cheart dó é a mheas go háirithe i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach i dTreoirlínte 2023 (8) nó sna creataí, sna treoirlínte, sna teachtaireachtaí agus sna fógraí ábhartha eile.

(23)

Chun a áirithiú go bhfuil gá le cabhair agus gur dreasacht í chun gníomhaíochtaí nó tograí a fhorbairt a thuilleadh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí nó tionscadail a ngabhfadh an tairbhí dóibh ar aon nós, d’uireasa na cabhrach fiú amháin. Níor cheart aon chabhair a dheonú go cúlghabhálach i leith gníomhaíochtaí nó tionscadail ar thug an tairbhí fúthu cheana. Níor cheart cabhair a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin i gcás ina gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht nó leis an obair ar an tionscadal dá dtugtar cabhair tar éis don tairbhí iarratas i scríbhinn a chur isteach ar an gcabhair.

(24)

Maidir le haon chabhair ad hoc a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dheonaítear do thairbhí ar fiontar mór é, ba cheart don Bhallstát, i dteannta na gcoinníollacha maidir leis an éifeacht dreasachta is infheidhme maidir le FBManna, a áirithiú freisin go ndearna an tairbhí anailís, i ndoiciméad inmheánach, ar inmharthanacht an tionscadail nó na gníomhaíochta dá dtugtar cabhair, is é sin, le cabhair agus gan chabhair. Ba cheart don Bhallstát a fhíorú go ndeimhnítear leis an doiciméad inmheánach sin méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta, méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair nó méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann an éifeacht dreasachta a bhunú ar an mbonn nach ndéanfaí an tionscadal infheistíochta ná an ghníomhaíocht mar sin sa limistéar tuaithe lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.

(25)

Ba cheart scéimeanna cabhrach uathoibríocha i bhfoirm buntáistí cánach leanúint de bheith faoi réir coinníoll sonrach i dtaca leis an éifeacht dreasachta, ós rud é go ndéantar an chabhair a thagann as na scéimeanna cabhrach sin a dheonú go huathoibríoch. Fágann an coinníoll sonrach sin gur cheart na scéimeanna cabhrach sin a ghlacadh sula gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht nó leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll sin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna fioscacha a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach. Chun measúnú a dhéanamh ar éifeacht dreasachta scéimeanna cabhrach comharba, is é an tráth ríthábhachtach an tráth a leagtar an beart cánach amach den chéad uair sa scéim bhunaidh.

(26)

Maidir le limistéir Natura 2000 (9) ó thaobh na talmhaíochta de, is é an aidhm atá ann feidhmíocht chomhshaoil agus éifeachtúlacht gnóthas atá gníomhach san earnáil talmhaíochta a áirithiú. Ba cheart don chabhair in aghaidh an heicteáir a bheith i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus le dlí náisiúnta na mBallstát lena mbaineann maidir le cosaint an chomhshaoil, baint amach cuspóirí agra-chomhshaoil-aeráide, lena n-áirítear stádas caomhnaithe bithéagsúlachta speiceas agus gnáthóg chomh maith le cur le luach taitneamhachta poiblí limistéir Natura 2000.

(27)

Maidir le cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún, cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise chun faisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta, bearta cur chun cinn i bhfoirm foilseachán arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne a mhúscailt ar tháirgí talmhaíochta, cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide eile a shlánú, cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le cosc, rialú agus díothú galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí agus as na caillteanais a tharlaíonn de dheasca na ngalar ainmhithe nó na lotnaidí plandaí sin, cabhair chun na costais a bhaineann le baint agus scriosadh stoic a fuair bás a chumhdach, cabhair chun an damáiste a dhéanann ainmhithe faoi chosaint a shlánú, cabhair le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann le Natura 2000, cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta, cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú agus cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú ar an ngabháltas talmhaíochta agus i bhforaoisí, cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a athbhunú, cabhair le haghaidh rannpháirtíocht feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí agus cabhair do ghnóthais atá páirteach i dtionscadail CLLD nó a bhaineann tairbhe astu agus tionscadail Ghrúpaí Oibríochtúla CEN, níor cheart gá a bheith le héifeacht dreasachta nó ba cheart a mheas gurb ann di má chomhlíontar na coinníollacha sonracha a leagtar amach le haghaidh na gcatagóirí cabhrach sin sa Rialachán seo.

(28)

D’fhonn a áirithiú go bhfuil cabhair comhréireach agus teoranta don mhéid is gá, ba cheart na huasmhéideanna cabhrach a shloinneadh, aon uair is féidir, i dtéarmaí déiní cabhrach i ndáil le sraith costas incháilithe. I gcás nach féidir an uasdéine cabhrach a shocrú, toisc nach féidir na costais incháilithe a shainaithint nó chun ionstraimí simplithe a sholáthar do mhéideanna beaga, ba cheart uasmhéideanna cabhrach a shainmhínítear i dtéarmaí ainmniúla a leagan amach chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú. Ba cheart an déine cabhrach agus na huasmhéideanna cabhrach a shocrú, ar leibhéal lena ndéantar saobhadh ar an iomaíocht a íoslaghdú san earnáil lena dtugtar cabhair agus aghaidh iomchuí á tabhairt san am céanna ar an gcuspóir a bhaineann le forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha na dtairbhithe in earnáil na talmhaíochta, sna limistéir thuaithe, nó in earnáil na foraoiseachta. Ar mhaithe le comhleanúnachas a áirithiú le hidirghabhálacha forbartha tuaithe a mhaoiníonn an tAontas, ba cheart na huasteorainneacha a chomhchuibhiú leis na huasteorainneacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/2115 a mhéid atá sé sin i gcomhréir leis na prionsabail maidir le státchabhair a eascraíonn ó chur i bhfeidhm Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh.

(29)

Níor cheart ach na costais incháilithe a chur san áireamh chun an déine cabhrach a ríomh. Níor cheart cabhair a dhíolmhú sa Rialachán seo ar mó í ná an déine cabhrach ábhartha de thoradh costais neamh-incháilithe a chur san áireamh. Ba cheart fianaise dhoiciméadach atá soiléir, sonrach agus comhaimseartha a bheith ann le tacú le sainaithint na gcostas incháilithe. Ba cheart an ríomh a bhunú ar mhéideanna roimh aon asbhaint cánach nó muirear eile. Maidir le cabhair atá iníoctha ina tráthchodanna, ba cheart í a lascainiú go dtí a luach ar an dáta a dheonaítear an chabhair. Ba cheart na costais incháilithe a lascainiú freisin go dtí a luach ar an dáta a dheonaítear an chabhair. Maidir leis an ráta úis atá le húsáid chun críoch lascainithe agus chun an méid cabhrach a ríomh i gcás cabhair nach bhfuil i bhfoirm deontais, ba cheart go n-úsáidfí an ráta lascaine agus an ráta tagartha, faoi seach, is infheidhme ar an dáta a dheonaítear an chabhair, mar a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an modh le haghaidh an ráta tagartha agus an ráta lascaine a ríomh (10). I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm eile seachas i bhfoirm deontais, ba cheart an méid cabhrach a shloinneadh i bhfoirm coibhéise deontais chomhláin. I gcás ina ndeonaítear cabhair trí mheán buntáistí cánach, ba cheart tráinsí cabhrach a lascainiú ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme ar na dátaí éagsúla a thagann na buntáistí cánach in éifeacht. Ba cheart úsáid cabhrach i bhfoirm airleacan inaisíoctha a chur chun cinn, toisc go bhfuil ionstraimí roinnte riosca den sórt sin ina gcuidiú le héifeacht dreasachta na cabhrach a neartú. Is iomchuí, dá bhrí sin, a bhunú go bhféadfar na déiní cabhrach is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo a mhéadú i gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm airleacan inaisíoctha.

(30)

I gcás buntáistí cánach a bhaineann le cánacha amach anseo, féadfar nach eol an ráta lascaine is infheidhme ná méid beacht na dtráinsí cabhrach roimh ré. I gcás den sórt sin, ba cheart do na Ballstáit uasteorainn a shocrú roimh ré ar luach lascaine na cabhrach, agus an déine cabhrach is infheidhme á hurramú. Ina dhiaidh sin, tráth is eol méid an tráinse cabhrach ar dháta ar leith, is féidir lascainiú a dhéanamh ar bhonn an ráta lascaine is infheidhme ag an am sin. Ba cheart luach lascainithe gach tráinse cabhrach a bhaint de mhéid foriomlán na huasteorann (“an méid uasteoranta”).

(31)

Chun a chinneadh an urramaítear nó nach n-urramaítear na tairseacha fógra aonair agus na huasdéiní cabhrach nó na huasmhéideanna cabhrach a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart méid iomlán na státchabhrach le haghaidh na gníomhaíochtaí nó an tionscadail dá dtugtar cabhair a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart na cúinsí a shonrú sa Rialachán seo inar féidir catagóirí éagsúla cabhrach a charnadh. Maidir le cabhair atá díolmhaithe ó fhógra a thabhairt ag an Rialachán seo agus maidir le haon chabhair chomhoiriúnach eile faoi rialacháin eile nó arna faomhadh ag an gCoimisiún, féadfar an chabhair sin a charnadh fad is a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla. I gcás ina mbaineann foinsí éagsúla cabhrach leis na costais incháilithe in-sainaitheanta céanna, bíodh na costais sin ag forluí le chéile go páirteach nó go hiomlán, ba cheart carnadh a cheadú suas leis an déine cabhrach nó suas leis an méid cabhrach is infheidhme maidir leis an gcabhair sin sa Rialachán seo. Leis an Rialachán seo, ba cheart rialacha speisialta a leagan amach freisin le haghaidh carnadh cabhrach le costais incháilithe in-sainaitheanta agus gan na costais sin agus le haghaidh carnadh le cabhair de minimis. Is minic nach ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhair costais incháilithe in-sainaitheanta sonracha nó i leith na gcostas sin. I gcás den sórt sin, ba cheart a bheith in ann cabhair de minimis a charnadh go neamhshrianta le státchabhair a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo. Mar sin féin, i gcás ina ndeonaítear cabhair de minimis le haghaidh na gcostas incháilithe in-sainaitheanta céanna le státchabhair a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo, níor cheart carnadh a cheadú ach amháin suas leis an uasdéine cabhrach a leagtar amach i gCaibidil III den Rialachán seo.

(32)

Cistiú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, gnóthais chomhpháirteacha nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nach bhfuil faoi rialú díreach nó indíreach na mBallstát, ní Státchabhair é. Más rud é go ndéantar an cistiú sin ón Aontas a chomhcheangal le Státchabhair, níor cheart ach amháin an Státchabhair sin a mheas chun a chinneadh cé acu a urramaítear nó nach n-urramaítear tairseacha maidir le fógra a thabhairt agus uasdéiní cabhrach nó uasmhéideanna cabhrach, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna an ráta cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos sna rialacha is infheidhme i ndlí an Aontais.

(33)

Tá toirmeasc, i bprionsabal, ar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh. Mar sin féin, faoi Airteagal 107(2) agus (3) den Chonradh, ceadóidh an Coimisiún do Bhallstáit Státchabhair a dheonú faoi choinníollacha áirithe, nó féadfaidh an Coimisiún é sin a cheadú go cúlghabhálach. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh gach páirtí in ann a sheiceáil cibé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear cabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Dá bharr sin, tá trédhearcacht na státchabhrach riachtanach chun rialacha an Chonartha a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtúla as an trédhearcacht sin. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart ceanglas a chur ar na Ballstáit suíomhanna gréasáin a bhaineann le státchabhair a bhunú, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, ina leagfar amach faisnéis achomair ar gach beart cabhrach a bhfuil díolúine ann lena aghaidh faoin Rialachán seo. Ba cheart an oibleagáid sin a bheith ina coinníoll i gcomhair comhoiriúnacht cabhrach aonair leis an margadh inmheánach. Agus an cleachtas caighdeánach maidir le foilsiú faisnéise atá i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) á leanúint, ba cheart foirm chaighdeánaithe a úsáid lenar féidir an fhaisnéis a chuardach, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon. Ba cheart na naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát uile maidir le státchabhair a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2015/1588, ba cheart faisnéis achomair ar gach beart cabhrach atá díolmhaithe faoin Rialachán seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(34)

Maidir le foilsiú faisnéise ar dhámhachtainí cabhrach aonair, is iomchuí tairseacha a shocrú a bhféadfar a mheas gur foilsiú comhréireach an foilsiú sin os cionn na dtairseach sin agus tábhacht na cabhrach á cur san áireamh. Is léir ó thaithí an Choimisiúin, maidir leis an tréimhse 2014–2019, agus tairseach foilsithe socraithe ag EUR 60 000 le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta, go raibh thart ar 30 % den chabhair a deonaíodh faoi réir a foilsithe. Dá bhrí sin, chun cur le héifeachtacht na gceanglas trédhearcachta, agus ós rud é go meastar gurbh fhiú thart ar EUR 17 000 meánmhéid na cabhrach infheistíochta le haghaidh táirgeadh príomhúil a deonaíodh don tréimhse 2014–2019, is iomchuí an tairseach foilsithe a ísliú go dtí EUR 10 000 le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta.

(35)

Chun faireachán éifeachtach a áirithiú, is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2015/1588, formáid chaighdeánach a bhunú inar cheart do na Ballstáit faisnéis achoimre a sholáthar don Choimisiún aon uair, i gcomhréir leis an Rialachán seo, a chuirtear scéim cabhrach chun feidhme nó a dheonaítear cabhair aonair lasmuigh d’aon scéim cabhrach. Thairis sin, is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 (12) ón gCoimisiún agus le hAirteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2015/1588 rialacha a bhunú i dtaca le tuairisciú bliantúil ar chabhair a dhíolmhaítear ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear ceanglais shonracha le haghaidh catagóirí áirithe cabhrach, atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na Ballstáit.

(36)

I bhfianaise infhaighteacht leathan na teicneolaíochta is gá, ba cheart an achoimre ar an bhfaisnéis agus an tuarascáil bhliantúil a bheith i bhfoirm ríomhairithe agus ba cheart í a tharchur chuig an gCoimisiún.

(37)

I bhfianaise na tréimhse teorann le haghaidh aisghabháil cabhrach a leagtar síos le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2015/1589, is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2015/1588 rialacha a leagan síos i dtaca leis na taifid ba cheart do na Ballstáit a choimeád maidir leis an gcabhair a dhíolmhaítear ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh leis an Rialachán seo.

(38)

Chun éifeachtúlacht na gcoinníollacha comhoiriúnachta a leagtar amach sa Rialachán seo a threisiú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar do na bearta cabhrach amach anseo i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais seo. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann tarraingt siar bhuntáiste na blocdhíolúine a theorannú do chineálacha áirithe cabhrach, do thairbhithe áirithe, nó do bhearta cabhrach a ghlac údaráis áirithe, i gcás nach mbaineann neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ach le grúpa teoranta beart nó le húdaráis áirithe. Le tarraingt siar spriocdhírithe den sórt sin, ba cheart leigheas comhréireach a chur ar fáil a bhainfeadh go díreach leis an neamhchomhlíonadh a sainaithníodh maidir leis an Rialachán seo. I gcás nach dtugtar fógra faoi chabhair agus nach gcomhlíonann an chabhair sin na coinníollacha go léir lena díolmhú ó fhógra a thabhairt fúithi, is cabhair neamhdhleathach í agus déanfaidh an Coimisiún scrúdú uirthi faoi chuimsiú an nóis imeachta ábhartha mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/1589 maidir le cabhair nach dtugtar fógra fúithi. I gcás nach gcomhlíontar ceanglais Chaibidil II, ní bheidh tionchar ag tarraingt siar bhuntáiste na blocdhíolúine i dtaca le bearta cabhrach amach anseo ar bhlocdhíolúine a bheith tugtha i gcomhair na mbeart a bhí ann cheana a chomhlíonann an Rialachán seo.

(39)

Tá ról ríthábhachtach ag FBManna i gcruthú post agus, go ginearálta, is fachtóir cobhsaíochta sóisialta agus ceann tiomána an gheilleagair iad. Mar sin féin, féadfaidh teipeanna margaidh forbairt FBManna a theorannú, rud a fhágann go gcuirtear baic áirithe rompu. Is minic a bhíonn deacrachtaí ag FBManna caipiteal nó iasachtaí a fháil, i bhfianaise a chlaonta atá margaí airgeadais áirithe gan rioscaí a thógáil agus i bhfianaise na comhthaobhachta a fhéadfaidh siad a thairiscint, ar comhthaobhacht theoranta í go minic. De dheasca a n-acmhainní teoranta, féadfaidh an rochtain atá acu ar fhaisnéis a bheith srianta freisin, go háirithe maidir le teicneolaíocht nua agus margaí ionchasacha. Chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíochta FBManna a éascú, leis an Rialachán seo, dá bhrí sin, ba cheart catagóirí áirithe cabhrach i bhfabhar FBManna a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh.

(40)

Chun difríochtaí, a bhféadfadh saobhadh ar an iomaíocht eascairt astu, a dhíothú agus chun comhordú a éascú idir tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais agus tionscnaimh náisiúnta éagsúla i dtaca le FBManna, agus ar chúiseanna soiléireachta riaracháin agus cinnteachta dlíthiúla, ba cheart an sainmhíniú ar FBM a úsáidtear chun críche an Rialacháin seo a bhunú ar na sainmhínithe a leagtar síos i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13).

(41)

Chun comhleanúnachas leis an gComhbheartas Talmhaíochta a áirithiú agus chun simpliú a dhéanamh ar na rialacha bunaithe ar thaithí an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm Threoirlínte 2014, is iomchuí catagóirí cabhrach éagsúla a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, ar catagóirí cabhrach éagsúla iad i bhfabhar gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta gan dochar do chur i bhfeidhm aon rialach substaintí atá i bhfeidhm.

(42)

Is iomchuí a chur san áireamh freisin go bhfuil earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta néamhchosanta ar theagmhais dhíobhálacha aeráide, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí, agus damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta. Is léir ón taithí go mbíonn na hearnálacha sin níos leochailí i leith teagmhais den sórt sin agus go ndéantar damáiste mór d’fheirmeoirí agus d’fhoraoiseoirí de dheasca na dteagmhas sin. Dá bhrí sin, meastar gur uirlis oiriúnach iad bearta cabhrach chun damáiste den sórt sin a shlánú chun cabhrú le gnóthais teacht chucu féin ó dhamáiste den sórt sin agus leanúint ar aghaidh i mbun gnó. Ar an gcaoi sin áirithíonn siad forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus comhlíonadh feidhmeanna comhshaoil éiceachóras in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta.

(43)

In earnáil na talmhaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag díolúintí maidir le cabhair le haghaidh FBManna le haghaidh infheistíochtaí i dtáirgeadh, próiseáil agus margú táirgí talmhaíochta, comhdhlúthú talún, athshuíomh foirgneamh feirme, gnólachtaí nuathionscanta, feirmeoirí óga agus feirmeoirí beaga, grúpaí táirgeoirí, scéimeanna cáilíochta, gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise, seirbhísí comhairliúcháin, gníomhaíochtaí tionscnaimh, seirbhísí athsholáthair feirme chomh maith le bainistíocht riosca agus géarchéime a bhaineann le teagmhais dhíobhálacha aeráide, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí, damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta, cabhair le haghaidh íocaíocht préimheanna árachais, le haghaidh ranníocaíochtaí le cistí frithpháirteacha, le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha agus le haghaidh leas ainmhithe agus le haghaidh comhair. Ba cheart feidhm a bheith ag na díolúintí freisin maidir le gnóthais de gach méid le haghaidh cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil sa talmhaíocht, cabhair le hinfheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá lonnaithe ar ghabháltais talmhaíochta agus i bhforaoisí, cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú chomh maith le cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus cabhair i bhfabhar na foraoiseachta.

(44)

Ba cheart feidhm a bheith díolúintí maidir le cabhair le haghaidh na foraoiseachta agus gníomhaíochtaí áirithe neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe a gcómhaoinítear iad mar idirghabhálacha forbartha tuaithe faoi CETFT agus maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise, taighde, forbartha agus nuálaíochta, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as sonraí agus seirbhísí spásbhunaithe de chuid an Aontais agus comhdhlúthú talún.

(45)

De dheasca an riosca a bhaineann le saobhadh ar an iomaíocht a thagann as cabhair infheistíochta dhírithe in earnáil an táirgthe phríomhúil talmhaíochta, níor cheart cabhair infheistíochta a dhíolmhaítear ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh a theorannú do tháirgeadh talmhaíochta sonrach. Leis an gcoinníoll sin, níor cheart Ballstát a chosc ar tháirgí talmhaíochta áirithe a eisiamh ó raon feidhme cabhrach ar leith, i gcás nach féidir teacht ar aon ghnáth-asraon margaidh nó i gcás ró-acmhainne sa mhargadh inmheánach. Thairis sin, níor cheart cabhair le haghaidh cineálacha áirithe infheistíochta cáiliú per se le haghaidh díolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh faoin Rialachán seo.

(46)

Chun an chothromaíocht iomchuí a áirithiú idir saobhadh ar an iomaíocht a íoslaghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a chur chun cinn, i gcás infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta, níor cheart cabhair a dheonú ach amháin le haghaidh infheistíocht a bhaineann le táirgeadh bithbhreoslaí nó fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ar leibhéal na feirme agus i gcás nach mó an táirgeadh sin ná meánídiú bliantúil breoslaí nó fuinnimh na feirme agus sa chás sin amháin. Sna cásanna sin, níor cheart cabhair do bhithbhreoslaí a chumhdach ach amháin a mhéid a dheonaítear í le haghaidh bithbhreoslaí inbhuanaithe i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

(47)

Chun an t-athrú i dtreo táirgeadh foirmeacha níos forbartha bithbhreoslaí a dhreasú, dá bhforáiltear leis na rialacha maidir le státchabhair chothrománach i réimse an chomhshaoil agus an fhuinnimh, ba cheart cabhair le haghaidh bithbhreoslaí bunaithe ar bhia a eisiamh ón Rialachán seo i gcás cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta.

(48)

Le Rialachán (AE) 2015/1588, cuirtear ar a chumas don Choimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialachán go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcás ina bhfuil taithí leordhóthanach ag an gCoimisiún chun critéir chomhoiriúnachta ghinearálta a shainiú. I bhfianaise na taithí a fuarthas i rith na tréimhse 2014 go 2021 sa mheasúnú ar chomhoiriúnacht na státchabhrach éagsúla i bhfianaise Threoirlínte 2014, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint anois as a chumhachtaí le díolmhú ón gceanglas fógra maidir le státchabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe arna cómhaoiniú ag CETFT, le haghaidh comhair, le haghaidh bearta chun cosc a chur ar dhamáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta agus an damáiste sin a shlánú, le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht, le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe, le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann le limistéir Natura 2000 a chúiteamh, le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí.

(49)

Thairis sin, maidir le hearnáil na foraoiseachta, féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar a thaithí faoi Threoirlínte 2014, a dhíolmhú ó na bearta maidir le ceanglas fógra a chómhaoinítear go heisiach ó chistí náisiúnta gan dochar do chur i bhfeidhm aon rialach substaintí atá i bhfeidhm.

(50)

Sa tréimhse ó 2014 go 2020 agus i gcur i bhfeidhm Threoirlínte 2014, d’fhormheas an Coimisiún 52 scéim cabhrach maidir le cúiteamh i leith damáistí d’earnáil na talmhaíochta a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta. Ní mór do na húdaráis deonúcháin beart práinneach a ghlacadh i gcás damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta chun na modhanna táirgthe agus an ghníomhaíocht eacnamaíoch a athbhunú a thapúla is féidir le gur féidir leis na gnóthais lena mbaineann leanúint ar aghaidh i mbun gnó agus ar an gcaoi sin forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha a áirithiú. Is léir ó thaithí an Choimisiúin nach n-eascraíonn aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach as an gcabhair sin go hiondúil de bharr a nádúir chúitigh agus critéir shoiléire le haghaidh na comhoiriúnachta leis an margadh inmheánach a bheith ann. Is iomchuí dá bhrí sin an chabhair sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt maidir le státchabhair.

(51)

Ba cheart cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú a bheith ar fáil ag FBManna atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. Maidir leis na coinníollacha chun cabhair leis an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú a dhíolmhú, ba cheart cloí leis an gcleachtas seanbhunaithe le haghaidh cineálacha eile cabhrach cúití amhail cabhair lena gcúitítear caillteanas ainmhithe nó plandaí a scriostar ar bhonn an mhargadhluacha, lena n-íoctar as na costais tréidliachta nó saothair agus lena gcúitítear an damáiste ábhartha don trealamh feirme, d’innealra agus d’fhoirgnimh agus do stoic na feirme.

(52)

Sa tréimhse ó 2014 go 2020 agus i gcur i bhfeidhm Threoirlínte 2014, d’fhormheas an Coimisiún ceithre scéim cabhrach chun acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht a chaomhnú. Is léir ó thaithí an Choimisiúin nach n-eascraíonn aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach as an gcabhair sin agus go rannchuidíonn sí leis an gcuspóir beartais phoiblí maidir le caomhnú na bithéagsúlachta san am céanna. Is iomchuí dá bhrí sin an chabhair sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt maidir le státchabhair.

(53)

Níl ach riosca teoranta maidir le saobhadh iomaíochta ag gabháil le cabhair i dtreo cleachtais shonracha feirmeoireachta inbhuanaithe, amhail leas ainmhithe, gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus feirmeoireachta orgánaí. Chun freagairt níos fearr a thabhairt ar éilimh na sochaí ar bhia ardcháilíochta a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann bearta cabhrach den sórt sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt maidir le státchabhair.

(54)

Ag an am céanna, is iomchuí go socródh bearta den sórt sin uasmhéideanna cabhrach in aghaidh an aonaid, bunaithe ar an taithí cásanna a fuarthas faoi Threoirlínte 2014. Maidir leis na bearta uile lena mbaineann gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide (arb ionann iad agus an sciar is airde de bhearta a bhfuil gealltanais dheonacha acu) a fógraíodh sa tréimhse Iúil 2014 go Márta 2020, sháraigh thart ar 64 % de na bearta sin na huasmhéideanna in aghaidh an heicteáir agus dá bhrí sin bhí siad faoi réir anailís mhionsonraithe chun a chinneadh an bhfuil údar cuí leo. Maidir leis an mboilsciú reatha agus leis an ardú ar phraghsanna ionchuir, is dócha go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh. Dá bhrí sin, meastar gur tairseacha iomchuí iad na huasmhéideanna in aghaidh an aonaid a leagadh síos faoi Threoirlínte 2014 maidir le bearta blocdhíolúine a bhaineann le gealltanais dheonacha i bhfabhar an chomhshaoil, na haeráide nó leas ainmhithe.

(55)

Sa tréimhse ó 2014 go 2020 agus i gcur i bhfeidhm Threoirlínte 2014, d’fhormheas an Coimisiún 21 scéim cabhrach le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe faoi Threoirlínte 2014. Is léir ó thaithí an Choimisiúin nach n-eascraíonn aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach as an gcabhair sin go hiondúil de bharr a nádúir chúitigh agus critéir shoiléire le haghaidh na comhoiriúnachta leis an margadh inmheánach a bheith ann. Is iomchuí dá bhrí sin an chabhair sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt maidir le státchabhair.

(56)

Chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 den Chonradh i bhfeidhm maidir le cabhair le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann le Natura 2000 in earnáil na talmhaíochta, maidir le cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus maidir le cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí faoi chuimsiú Threoirlínte 2014. Sa tréimhse ó 2014 go 2020, d’fhormheas an Coimisiún 10 scéim cabhrach atá nasctha le Natura 2000 sa talmhaíocht, 65 scéim cabhrach le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus 5 scéim cabhrach le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí. Is léir ó thaithí an Choimisiúin nach gnách go n-eascraíonn aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht as an gcabhair sin, go háirithe faoi bhun tairseacha áirithe, agus, san am céanna, go rannchuidíonn an chabhair leis an gcuspóir beartais phoiblí maidir le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach. Is iomchuí, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2015/1588 a mhéid a bhaineann le cabhair le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann le Natura 2000 in earnáil na talmhaíochta, cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí.

(57)

Níor cheart feidhm a bheith ag an díolmhú cabhrach le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann le Natura 2000 in earnáil na talmhaíochta, cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí ach amháin maidir le gnóthais atá gníomhach in earnáil an táirgthe phríomhúil talmhaíochta.

(58)

Eascraíonn nuálaíocht in earnáil na feirmeoireachta agus i limistéir thuaithe as tionscadail atá maoinithe ag an gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um Tháirgiúlacht agus Inbhuaine Talmhaíochta (CEN). Maidir le státchabhair a dheonaítear do ghnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a chumhdaítear le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2021/2115, is beag tionchar atá aici ar an iomaíocht go háirithe, i bhfianaise an róil dhearfaigh a chomhlíonann an chabhair maidir le heolas a chomhroinnt, go háirithe do phobail áitiúla agus talmhaíochta, i bhfianaise an chabhair a bheith de chineál comhchoiteann agus i bhfianaise a scála measartha beag. Tá cineál na dtionscadal sin comhtháite. Is tionscadail ilghníomhacha agus ilearnálacha iad na tionscadail sin de ghnáth, rud ar féidir leis deacrachtaí áirithe a chruthú le linn iad a aicmiú faoi na rialacha maidir le státchabhair. Ós de chineál áitiúil na tionscadail aonair de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a roghnaítear ar bhonn straitéis ilbhliantúil forbartha áitiúla a ndéanann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí í a chinneadh agus a chur chun feidhme, agus mar thoradh ar an díriú a leagann siad ar leasanna pobail, sóisialta, comhshaoil agus aeráide, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir le státchabhair a chomhlíonadh.

(59)

Mar thoradh ar an éifeacht theoranta ar thrádáil agus ar iomaíocht atá ag méideanna beaga cabhrach a dheonaítear do ghnóthais atá ag tairbhiú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN, ba cheart rialacha simplí a leagan síos le haghaidh cásanna nach dtéann méid comhiomlán na cabhrach in aghaidh an tionscadail thar uasteorainn áirithe iontu.

(60)

Chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 den Chonradh i bhfeidhm maidir le gnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta i roinnt cinntí, go háirithe faoi chuimsiú Threoirlínte 2014. D’fhormheas an Coimisiún níos mó ná 200 scéim cabhrach i bhfabhar earnáil na foraoiseachta i gcomhréir leis na Treoirlínte sin sa tréimhse ó 2014 go 2020. De réir thaithí an Choimisiúin, níor cruthaíodh le bearta cabhrach foraoiseachta aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach ó tharla critéir shoiléire le haghaidh na comhoiriúnachta a bheith ann. I bhfianaise na taithí sin, agus ar mhaithe le simpliú agus gontacht nós imeachta, ba cheart dá bhrí sin go bhféadfaí bearta cabhrach i bhfabhar earnáil na foraoiseachta a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt gan beann ar cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann CETFT iad a chómhaoiniú. Is iomchuí, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar dó le Rialachán (AE) 2015/1588 maidir le cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí; cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta; cabhair chun an damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú, ar damáiste é a tharla de bharr dóiteán foraoise, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí agus teagmhais thurraingeacha; cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí; cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle agus in Airteagal 3 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15); cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí; cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta; cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú; cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht, cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta, cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta agus cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta.

(61)

Chun tionscnaimh ghrúpáilte in earnáil na foraoiseachta a spreagadh, chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 den Chonradh i bhfeidhm maidir le cabhair i bhfabhar cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta. D’fhormheas an Coimisiún cabhair den sórt sin in 5 chás sa tréimhse ó 2014 go 2020. In earnáil na talmhaíochta, bhí an chabhair sin díolmhaithe cheana féin ó fhógra a thabhairt de réir Rialachán (AE) Uimh. 702/2014. Is iomchuí dá bhrí sin cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt maidir le státchabhair.

(62)

Tá éagsúlú eacnamaíoch agus cruthú gníomhaíochtaí nua eacnamaíocha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí bithgheilleagair fíor-riachtanach le haghaidh forbairt agus iomaíochas limistéar tuaithe agus go le haghaidh FBManna ar cnámh droma gheilleagar tuaithe an Aontais iad. Le Rialachán (AE) 2021/2115, déantar foráil maidir le bearta chun tacú le forbairt gnólachtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe arb é is aidhm dóibh fostaíocht a chur chun cinn, poist cháilíochta a chur ar bun i limistéir thuaithe, poist atá ann cheana a choinneáil, luaineachtaí séasúracha i bhfostaíocht a laghdú, earnálacha neamhthalmhaíochta a fhorbairt lasmuigh den talmhaíocht agus den phróiseáil bia, agus comhtháthú gnó agus naisc idir earnálacha áitiúla a chothú san am céanna.

(63)

Chun comhleanúnachas le Rialachán (AE) 2021/2115 a áirithiú agus simpliú a dhéanamh ar na rialacha chun cead a fháil do státchabhair le haghaidh na coda cómhaoinithe agus le haghaidh mhaoiniú breise náisiúnta Phlean Straitéiseach CBT, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas fógra a thabhairt maidir le catagóirí éagsúla cabhrach i bhfabhar FBManna atá gníomhach i limistéir thuaithe, lena gcumhdaítear cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagar, le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta, le haghaidh comhair, rannpháirtíocht nua feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus ábhar bia agus faisnéise agus bearta cur chun cinn i bhfabhar ábhair bhia a chuimsítear le scéim cáilíochta. Ba cheart do bhearta cabhrach den sórt sin a bheith comhionann leis na hidirghabhálacha forbartha tuaithe foluiteacha agus níor cheart an chabhair dhíolmhaithe a dheonú ach amháin de bhun Phlean Straitéiseach CBT an Bhallstáit lena mbaineann agus i gcomhréir leis an bplean sin.

(64)

Chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 den Chonradh i bhfeidhm maidir le cabhair i bhfabhar seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe agus le haghaidh comhair i limistéir thuaithe i roinnt cásanna, go háirithe faoi chuimsiú Threoirlínte 2014. D’fhormheas an Coimisiún 27 scéim cabhrach a bhaineann le seirbhísí bunúsacha agus bonneagar i limistéir thuaithe agus 28 scéim cabhrach a bhaineann le comhar i limistéir thuaithe sa tréimhse ó 2014 go 2020. De réir thaithí an Choimisiúin, ní raibh mar thoradh ar bhearta cabhrach i bhfabhar limistéir thuaithe aon saobhadh suntasach ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach, ó tharla critéir shoiléire le haghaidh na comhoiriúnachta a bheith ann, agus ó tharla gur chuir an chabhair leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le cruthú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua. Is iomchuí dá bhrí sin cabhair i bhfabhar seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe agus cabhair le haghaidh comhair i limistéir thuaithe a dhíolmhú ón gceanglas fógra a thabhairt maidir le státchabhair.

(65)

Mar sin féin, níor cheart cabhair i bhfabhar seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe agus cabhair le haghaidh comhair i limistéir thuaithe a dhíolmhú ón gceanglas fógra ach amháin más cuid í de Phlean Straitéiseach CBT arna bhailíochtú ag an gCoimisiún faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2021/2115.

(66)

Maidir le státchabhair a dheonaítear do FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (“CLLD’) dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) agus a n-ainmnítear iad mar “LEADER” faoi Rialachán (AE) 2021/2115, is beag tionchar atá aici ar an iomaíocht go háirithe, i bhfianaise an róil dhearfaigh a chomhlíonann an chabhair maidir le heolas a chomhroinnt, go háirithe do phobail áitiúla agus talamhaíochta, i bhfianaise an chabhair a bheith de chineál comhchoiteann go minic, agus i bhfianaise a scála measartha beag. Is de chineál comhtháite, ilghníomhach agus ilearnálach na tionscadail sin, rud ar féidir leis deacrachtaí áirithe a chruthú le linn iad a aicmiú faoin dlí maidir leis an státchabhair. Ós de chineál áitiúil na tionscadail aonair CLLD a roghnaítear ar bhonn straitéis ilbhliantúil forbartha áitiúla a ndéanann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí í a chinneadh agus a chur chun feidhme, agus mar thoradh ar an díriú a leagann siad ar leasanna pobail, sóisialta, comhshaoil agus aeráide, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail CLLD ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir le státchabhair a chomhlíonadh. De bharr a gcineáil féin, ní thagann bardais faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar FBM (seilbh phoiblí). Mar sin, féin, is minic a bhíonn ról tábhachtach ag bardais in eagrú agus cur i gcrích tionscadail CLLD. I gcás ina ndéantar tionscadal CLLD i bhfabhar ceann amháin de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588, ba cheart go mbeadh se indéanta, dá bhrí sin, blocdhíolúine a thabhairt freisin do chabhair do bhardais i gcomhthéacs tionscadal den sórt sin.

(67)

Mar thoradh ar an éifeacht theoranta ar thrádáil agus ar iomaíocht atá ag méideanna beaga cabhrach a dheonaítear do FBManna atá ag tairbhiú, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, de thionscadail CLLD, ba cheart rialacha simplí a leagan síos le haghaidh cásanna nach dtéann méid comhiomlán na cabhrach in aghaidh an tionscadail thar uasteorainn áirithe iontu. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le bardais a thairbhíonn go díreach nó go hindíreach de thionscadail CLLD a shaothraíonn ceann amháin de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588.

(68)

I gcás roinnt catagóirí cabhrach, amhail taighde, seirbhísí aistrithe eolais agus faisnéise, lena n-áirítear trí shonraí agus seirbhísí spásbhunaithe de chuid an Aontais, seirbhísí comhairliúcháin, seirbhísí athsholáthair feirme, cur chun cinn agus cosc agus díothú galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí, deonaítear an chabhair do thairbhithe deiridh na cabhrach go hindíreach, mar chabhair chomhchineáil, i bhfoirm seirbhísí fóirdheontais. Sna cásanna sin, ba cheart an chabhair dhíolmhaithe a íoc le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta i gceist.

(69)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2015/1588, is gá an beartas maidir le státchabhair a athbhreithniú go tréimhsiúil. Sin an fáth ar cheart tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a theorannú. Is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha idirthréimhseacha a leagan síos, lena n-áirítear na rialacha maidir le tréimhse choigeartúcháin i ndeireadh bhailíocht an Rialacháin seo le haghaidh scéimeanna cabhrach atá díolmhaithe. Leis na rialacha sin, ba cheart an t-am a thabhairt do na Ballstáit dul in oiriúint don chóras a d’fhéadfadh a bheith ina chóras nua,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CLÁR

CAIBIDIL I FORÁLACHA COITEANNA 12
CAIBIDIL II CEANGLAIS NÓS IMEACHTA 24
CAIBIDIL III CATAGÓIRÍ CABHRACH 25

Roinn 1

Cabhair i bhfabhar FBManna atá gníomhach i dtáirgeadh talmhaíochta príomhúil, i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgí talmhaíochta a chur ar an margadh 25

Roinn 2

Cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil sa talmhaíocht 46

Roinn 3

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha 49

Roinn 4

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú 49

Roinn 5

Cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta 50

Roinn 6

Cabhair i bhfabhar na foraoiseachta 52

Roinn 7

Cabhair i bhfabhar FBManna i limistéir thuaithe 64
CAIBIDIL IV FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA 70

CAIBIDIL I

Forálacha coiteanna

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na catagóirí cabhrach seo a leanas:

(a)

cabhair i bhfabhar micrifhiontar, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna):

(i)

atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, eadhon táirgeadh talmhaíochta príomhúil, próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh, cé is moite d’Airteagail 14, 15, 16, 18, 23 agus 25 go 31, nach mbeidh feidhm acu ach amháin maidir le FBManna atá gníomhach sa táirgeadh talmhaíochta príomhúil;

(ii)

atá gníomhach i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh, a mhéid a dheonaítear an chabhair sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 agus a gcómhaoiníonn an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) í nó a dheonaítear mar mhaoiniú náisiúnta breise le haghaidh na mbeart cómhaoinithe sin. De mhaolú air sin, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair do bhardais a thairbhíonn go díreach nó go hindíreach de thionscadail CLLD, de bhun Airteagail 60 agus 61 den Rialachán seo.

(b)

cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil sa talmhaíocht dá dtagraítear in Airteagail 33, 34 agus 35, nach mbeidh feidhm aici ach amháin maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh talmhaíochta príomhúil;

(c)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí do chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta agus i bhforaoisí;

(d)

cabhair i bhfabhar an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú;

(e)

cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta;

(f)

cabhair i bhfabhar na foraoiseachta.

2.   I gcás ina measann na Ballstáit é a bheith iomchuí, féadfaidh siad a roghnú cabhair dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (e) agus (f), a dheonú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (17).

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 14, 17, 41 go 44 agus 46, scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 49 agus 50, má chomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 12, ó 6 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfaidh feidhm de bheith ag an Rialachán seo maidir le scéim cabhrach ar feadh tréimhse is faide ná 6 mhí, tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra don Choimisiún ina leith. Agus na pleananna meastóireachta á gcur isteach, cuirfidh na Ballstáit isteach freisin an fhaisnéis go léir a bheidh de dhíth ar an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna meastóireachta agus chun cinneadh a ghlacadh;

(b)

aon athrú ar na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) seachas modhnuithe nach ndéantar difear leo do chomhoiriúnacht na scéime cabhraí faoin Rialachán seo nó nach ndéantar difear suntasach leo d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta;

(c)

cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit, eadhon cabhair atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin nó le costais reatha eile atá nasctha le gníomhaíocht onnmhairíochta;

(d)

cabhair a bhraitheann ar úsáid táirgí intíre seachas táirgí allmhairithe.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

scéimeanna cabhrach nach n-eisiatar go sainráite leo cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair a dheonaigh an Ballstát céanna neamhdhleathach agus ar neamhréir leis an margadh inmheánach, cé is moite díobh seo a leanas:

(i)

scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 37;

(ii)

scéimeanna cabhrach le haghaidh tionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (“CLLD’) nó i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta um tháirgiúlacht agus inbhuaine talmhaíochta (“CEN”) i gcomhréir le hAirteagail 40 61;

(b)

cabhair ad hoc le gnóthas dá dtagraítear i bpointe (a).

5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gnóthais a bhfuil deacrachtaí acu cé is moite de chabhair a dheonaítear:

(a)

le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 47;

(b)

le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfoirm foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne a mhúscailt ar tháirgí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(2), pointe (b);

(c)

chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le hAirteagal 26(8) agus (9);

(d)

chun na costais a bhaineann le stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 27(2), pointí (c), (d) agus (e);

(e)

le haghaidh mhíbhuntáistí a bhaineann le limistéir Natura 2000 i gcomhréir le hAirteagal 33;

(f)

chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 37;

(g)

le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD agus i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN nó a bhaineann tairbhe astu, i gcomhréir le hAirteagail 40 agus 61;

(h)

sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll gur caillteanais nó damáistí a tharla de bharr an teagmhais i gceist an chúis leis an ngnóthas chun bheith ina ghnóthas a bhfuil deacrachtaí aige:

(i)

chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 25;

(ii)

chun an damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 26(9) agus Airteagal 26(10);

(iii)

chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú i gcomhréir le hAirteagal 29;

(iv)

chun damáiste d’fhoraoisí a athshlánú i gcomhréir le hAirteagal 43(2), pointe (d).

6.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a bhfuil baint ag sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais léi féin, nó leis na coinníollacha a ghabhann léi, nó lena modh maoiniúcháin, go háirithe:

(a)

cabhair a bhfuil deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfidh an tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta;

(b)

cabhair lena sriantar an fhéidearthacht go ndéanfaidh na tairbhithe torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair i bhfabhar táirgí talmhaíochta de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú Talmhaíochta EDT (18), atá ina fóirdheontas onnmhairiúcháin mar a shainmhínítear leis an gComhaontú sin. Ar an gcaoi chéanna, ní bheidh feidhm aige maidir le cabhair i bhfabhar táirgí den sórt sin, atá ina tacaíocht le maoiniú onnmhairiúcháin a sholáthraíonn rialtas nó aon chomhlacht poiblí laistigh de raon feidhme Chinneadh EDT an Aire maidir le hIomaíocht Onnmhairiúcháin an 19 Nollaig 2015 (19), más rud é nach gcomhlíonann sé ceanglais ábhartha mhír 15 den Chinneadh sin maidir le téarmaí uasta aisíocaíochta agus féinmhaoiniúchán.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cabhair ad hoc” cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;

(2)

ciallaíonn “teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha” dálaí aimsire neamhfhabhracha amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó sheasta nó triomach dian a scriosann, i gcás na talmhaíochta, breis agus 30 % den mheántáirgeadh a ríomhtar ar bhonn na tréimhse 3 bliana nó 4 bliana roimhe nó ar bhonn meántréimhse 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana nó 8 mbliana roimhe sin, seachas an iontráil is airde agus is ísle; i gcás na foraoiseachta, níos mó na 20 % den acmhainneacht foraoiseachta;

(3)

ciallaíonn “comhairle” comhairle iomlán a thugtar faoi chuimsiú an chonartha cheannainn chéanna;

(4)

ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta” gníomhaíocht arna cinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2021/2115;

(5)

ciallaíonn “limistéar talmhaíochta” aon limistéar arna chinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/2115;

(6)

ciallaíonn “gabháltas talmhaíochta” aonad lena gcuimsítear talamh, áitribh agus saoráidí a úsáidtear le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta;

(7)

ciallaíonn “táirgeadh talmhaíochta” na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, cé is moite de na táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20);

(8)

ciallaíonn “earnáil na talmhaíochta” na gnóthais uile atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta, i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgí talmhaíochta a mhargú;

(9)

ciallaíonn “córais agrafhoraoiseachta” córais úsáide talún ina bhfástar crainn i gcomhar le talmhaíocht ar an talamh chéanna;

(10)

ciallaíonn “cabhair” aon bheart lena gcomhlíontar na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh;

(11)

ciallaíonn “cabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT” tacaíocht a dheonaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 mar chabhair a chómhaoiníonn CETFT nó mar mhaoiniú náisiúnta breise ar an gcabhair chómhaoinithe sin;

(12)

ciallaíonn “déine cabhrach” méid comhláin na cabhrach a léirítear mar chéatadán de na costais incháilithe, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;

(13)

ciallaíonn “scéim cabhrach” aon ghníomh ar féidir, gan bearta cur chun feidhme eile a cheangal, dámhachtainí cabhrach aonair a dhéanamh ar a bhonn do ghnóthais a shainmhínítear laistigh den ghníomh ar bhealach ginearálta teibí agus aon ghníomh ar féidir cabhair nach bhfuil nasctha le tionscadal sonrach a dheonú ar a bhonn do ghnóthas amháin nó do roinnt gnóthas ar feadh tréimhse éiginnte agus le haghaidh méid éiginnte;

(14)

ciallaíonn “prionsabal an fheidhmithe neamhspleách” nach bhfuil coinníollacha an idirbhirt idir na páirtithe conarthacha éagsúil ó na cinn sin a shonrófaí idir gnóthais neamhspleácha agus nach bhfuil aon eilimint chlaonpháirteachais iontu. Aon idirbheart a thagann as nós imeachta oscailte, trédhearcach agus neamhchoinníollach, meastar go bhfuil sé de réir phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách;

(15)

ciallaíonn “bearta bithshlándála” bearta bainistíochta agus fisiciúla arna gceapadh chun an riosca maidir le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas a laghdú:

(a)

an daonra ainmhithe;

(b)

bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráidí, áitreabh nó láthair eile.

(16)

ciallaíonn “pórleabhar” leabhar de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 2, pointe (12) de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21);

(17)

ciallaíonn “Plean Straitéiseach CBT” Plean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115;

(18)

ciallaíonn “oibreacha caipitlithe” oibreacha, a dhéanann feirmeoir go pearsanta nó a dhéanann oibreoirí an fheirmeora ar an bhfeirm, lena gcruthaítear sócmhainn;

(19)

ciallaíonn “scéimeanna feirmeoireachta carbóin” scéimeanna cabhrach a bhaineann le cleachtais bhainistíochta talún as a n-eascraíonn méadú ar an stóráil carbóin i mbithmhais bheo, ábhar orgánach marbh agus ithreacha tríd an gceapadh carbóin a fheabhsú agus/nó scaoileadh an charbóin san atmaisféar a laghdú;

(20)

ciallaíonn “teagmhas turraingeach” teagmhas neamhthuartha de chineál bitheach nó aibitheach a tharlaíonn de bharr gníomhaíocht dhaonna as a dtagann suaití móra ar struchtúir foraoisí, rud a dhéanann damáiste eacnamaíoch mór d’earnáil na foraoiseachta ar deireadh;

(21)

ciallaíonn “an dáta a dheonaítear an chabhair” an dáta a thugtar an ceart dlíthiúil don tairbhí an chabhair a fháil faoin gcóras dlíthiúil náisiúnta is infheidhme;

(22)

ciallaíonn “bearta rialaithe agus díothúcháin” bearta maidir le galair ainmhithe a bhfuil údarás inniúil an Bhallstáit tar éis ráig a shainaithint go foirmiúil ina leith, nó maidir le lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha a bhfuil údarás inniúil tar éis a admháil go foirmiúil ina leith go bhfuil siad ann;

(23)

ciallaíonn “plean meastóireachta” doiciméad lena gcumhdaítear scéim cabhrach amháin nó níos mó agus ina bhfuil ar a laghad na gnéithe seo a leanas: na cuspóirí a mbeidh meastóireacht le déanamh orthu, na ceisteanna ar mheastóireacht, na táscairí toraidh, an modh beartaithe chun an mheastóireacht a dhéanamh, na ceanglais maidir le bailiú sonraí, uainiú beartaithe na meastóireachta lena n-áirítear an dáta a chuirfear na tuarascálacha eatramhacha agus na tuarascálacha meastóireachta deiridh isteach, an tuairisc ar an gcomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an mheastóireacht nó na critéir a úsáidfear chun í a roghnú agus na rialacha mionsonraithe chun an mheastóireacht a chur ar fáil go poiblí;

(24)

ciallaíonn “stoc a fuair bás” ainmnithe a maraíodh trí eotanáis le diagnóis chinnte nó dá huireasa nó ainmhithe a fuair bás, lena n-áirítear ainmhithe marbh-bheirthe agus gan bhreith, ar fheirm nó ar aon áitreabh nó le linn a n-iompartha, ach nár maraíodh lena gcaitheamh ag an duine;

(25)

ciallaíonn “crainn a fhásann go tapa” foraois ghearruainíochta, ina ndéantar an íostréimhse roimh leagan a shocrú ag tréimhse nach gairide ná 8 mbliana agus an uastréimhse roimh leagan a shocrú ag tréimhse nach faide ná 20 bliain;

(26)

ciallaíonn “scéim comharbachta fhioscach” scéim i bhfoirm buntáistí cánach ar leagan leasaithe í de scéim a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach agus ar scéim í a chuirtear in ionad na scéime sin;

(27)

ciallaíonn “costais sheasta a eascraíonn as páirt a ghlacadh i scéim cáilíochta” na costais a thabhaítear nuair atáthar ag dul isteach i scéim cáilíochta dá dtugtar tacaíocht agus an ranníocaíocht bhliantúil le haghaidh rannpháirteachas sa scéim sin, lena n-áirítear, i gcás inar gá, caiteachas ar sheiceálacha a cheanglaítear chun comhlíonadh shonraíochtaí na scéime cáilíochta a fhíorú;

(28)

ciallaíonn “bithbhreosla atá bunaithe ar bhia” bithbhreosla a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/2001;

(29)

ciallaíonn “bia-earraí” bia-earraí nach táirgí talmhaíochta iad agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(30)

ciallaíonn “coibhéis deontais chomhláin” an méid cabhrach dá soláthrófaí i bhfoirm deontais don tairbhí í, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;

(31)

ciallaíonn “cabhair aonair”:

(a)

cabhair ad hoc;

(b)

dámhachtainí cabhrach do thairbhithe aonair ar bhonn scéim cabhrach;

(32)

ciallaíonn “sócmhainní doláimhsithe” sócmhainní nach bhfuil foirm fhisiciúil ná airgeadais acu amhail paitinní, ceadúnais, fios gnó nó maoin intleachtúil eile;

(33)

ciallaíonn “infheistíochtaí chun caighdeán de chuid an Aontais a chomhlíonadh” infheistíochtaí a dhéantar chun caighdeán de chuid an Aontais a chomhlíonadh tar éis dhul in éag na hidirthréimhse dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais;

(34)

ciallaíonn “fiontair mhóra” gnóthais nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(35)

ciallaíonn “táirgí talmhaíochta a mhargú” coimeád nó taispeáint d’fhonn díola, tairisceana díola, seachadta nó aon mhodh eile a bhaineann le margú, cé is moite den chéad díol a dhéanann feirmeoir le hathdhíoltóirí nó le próiseálaithe agus aon ghníomhaíocht lena n-ullmhaítear táirge le haghaidh an chéad díola sin; díol a dhéanann feirmeoir le tomhaltóirí deiridh, meastar gur táirgí talmhaíochta a mhargú é sin má dhéantar é in áitribh nó saoráidí ar leithligh a choinnítear chun na críche sin;

(36)

ciallaíonn “cistí frithpháirteacha” scéim arna creidiúnú ag an mBallstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh feirmeoirí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le feirmeoirí cleamhnaithe in aghaidh caillteanais eacnamaíocha a bhaineann dóibh;

(37)

ciallaíonn “limistéir Natura 2000” limistéir speisialta thalmhaíochta nó limistéir foraoise dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 92/43/CEE agus in Airteagal 3 de Threoir 2009/147/CE;

(38)

ciallaíonn “tubaistí nádúrtha” creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, scriorrthaí talún agus tuillte, tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha;

(39)

ciallaíonn “infheistíocht neamhtháirgiúil” infheistíocht nach dtagann méadú suntasach ar luach ná brabúsacht an ghabháltais aisti;

(40)

ciallaíonn “oibríochtaí roimh phróiseáil thionsclaíoch” leagan, teasc, sniogadh, gearradh suas, stóráil, cóireáil chosantach agus triomú adhmaid agus gach oibríocht oibre eile roimh shábhadh tionsclaíoch adhmaid ag muileann sábhadóireachta; chomh maith leis an tsábhmhuilleoireacht i gcás gurb é 20,000 m3 acmhainneacht próiseála uasta ionchur an lomán cruinn le haghaidh na sábhmhuilleoireachta in aghaidh na bliana;

(41)

ciallaíonn “teagmhais dhíobhálacha aeráide eile” dálaí aimsire neamhfhabhracha nach dtagann faoin sainmhíniú ar theagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;

(42)

ciallaíonn “na réigiúin is forimeallaí” na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349, an chéad mhír, den Chonradh;

(43)

ciallaíonn “lotnaid plandaí”: aon speiceas, tréithchineál nó bithchineál d’oibreán plandaí, ainmhí nó pataigineach a dhéanann díobháil do phlandaí nó do tháirgí plandaí;

(44)

ciallaíonn “táirgeadh príomhúil talmhaíochta” táirgeadh táirgí de bhunús na hithreach agus na feirmeoireachta stoic, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, gan aon oibríocht eile a dhéanamh lena n-athraítear cineál na dtáirgí sin;

(45)

ciallaíonn “próiseáil táirgí talmhaíochta” aon oibríocht ar tháirge talmhaíochta as a dtagann táirge ar táirge talmhaíochta é freisin, cé is moite de ghníomhaíochtaí ar an bhfeirm is gá chun táirge ainmhí nó planda a ullmhú le haghaidh an chéad díola;

(46)

ciallaíonn “grúpa táirgeoirí nó eagraíocht táirgeoirí” grúpa nó eagraíocht a chuirtear ar bun chun críche ceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

táirgeacht agus aschur táirgeoirí ar comhaltaí de ghrúpaí nó eagraíochtaí táirgeoirí den sórt sin iad a oiriúnú do riachtanais an mhargaidh;

(b)

earraí a chur ar an margadh go comhpháirteach, lena n-áirítear ullmhúchán le haghaidh díola, lárú díolachán agus soláthar do bhulc-cheannaitheoirí;

(c)

comhrialacha maidir le faisnéis táirgeachta a bhunú, agus aird ar leith á tabhairt ar bhaint agus infhaighteacht;

(d)

gníomhaíochtaí eile a d’fhéadfadh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a dhéanamh, amhail scileanna gnó agus margaíochta a fhorbairt, próisis nuálaíochta a eagrú agus a éascú, comhbhainistiú ar thalamh na gcomhaltaí, úsáid a bhaint as cleachtais saothraithe agus teicnící táirgthe atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, cleachtais agus teicníochtaí fónta i dtaca le leas ainmhithe;

(47)

ciallaíonn “ainmhí cosanta” aon ainmhí a chosnaítear le reachtaíocht an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear speiceas ainmhithe dá bhforáiltear rialacha sonracha le reachtaíocht náisiúnta chun an daonra a chaomhnú;

(48)

ciallaíonn “mapaí den chabhair réigiúnach” an liosta limistéar arna n-ainmniú ag Ballstát i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (23) agus arna bhformheas ag an gCoimisiún;

(49)

ciallaíonn “airleacan inaisíoctha” iasacht le haghaidh tionscadail a íoctar i dtráthchuid amháin nó i dtráthchodanna a mbraitheann coinníollacha aisíoctha na hiasachta ar thoradh an tionscadail;

(50)

ciallaíonn “eagraíocht taighde agus leata eolais” eintiteas, beag beann ar a stádas dlíthiúil nó bealach maoiniúcháin, arb é an phríomhsprioc atá aige taighde bunúsach, taighde tionscail nó forbairt thurgnamhach a dhéanamh go neamhspleách, nó torthaí na ngníomhaíochtaí sin a leathadh go forleathan ar mhodh teagaisc, foilseacháin nó aistrithe eolais.

(51)

ciallaíonn “na hoileáin bheaga Aeigéacha” na hoileáin bheaga dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24);

(52)

ciallaíonn “FBM” nó “micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide” gnóthais a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(53)

ciallaíonn “tús na n-oibreacha ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht” tús na ngníomhaíochtaí nó na n-oibreacha tógála i ndáil leis an infheistíocht, pé acu is luaithe, nó an chéad ghealltanas atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun trealamh a ordú nó seirbhísí a úsáid nó aon ghealltanas eile a fhágann gur tionscadal nó gníomhaíocht dhochúlaithe é nó í; ní mheastar gur tús na n-oibreacha nó na gníomhaíochta é talamh a cheannach ná obair ullmhúcháin a dhéanamh amhail ceadúnais a fháil agus staidéir féidearthachta a dhéanamh;

(54)

ciallaíonn “seirbhísí fóirdheontais” cineál cabhrach i gcás ina ndeonaítear an chabhair don tairbhí deiridh go hindíreach, ar cabhair chomhchineáil í, agus ina n-íoctar an chabhair le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta i gceist;

(55)

ciallaíonn “sócmhainní inláimhsithe” sócmhainní arb é atá iontu talamh, foirgnimh agus gléasra, innealra agus trealamh;

(56)

ciallaíonn “costas idirbhirt” costas breise atá nasctha le gealltanas a chomhlíonadh, ach nach bhfuil inchurtha go díreach i leith a chur chun feidhme ná nach n-áirítear sna costais ná san ioncam a tarscaoileadh agus a chúitítear go díreach; agus ar féidir é a ríomh ar bhonn costas caighdeánach;

(57)

ciallaíonn “costais na dtástálacha ESI (Einceifileapaite Spúinseach In-tarchurtha) agus ESB (Einceifileapaite Spúinseach Bhólachta)” na costais uile, lena n-áirítear na costais a bhaineann le trealaimh tástála agus le samplaí a thógáil, a iompar, a thástáil, a stóráil agus a scriosadh, rud a bhfuil gá leis le haghaidh samplála agus tástáil saotharlainne i gcomhréir le Caibidil C d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; (25);

(58)

ciallaíonn “crainn le haghaidh roschoill ghearruainíochta” speicis crann de chód AC 06 02 9041 atá le sainmhíniú ag na Ballstáit arb é atá iontu barra ilbhliantóg adhmadach, a leanann a bhfréamhstoc nó a mbunáin de bheith sa talamh tar éis na buainte, agus a bhfásfaidh péacáin nua an séasúr ina dhiaidh sin agus le huas-timthriall buainte a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit;

(59)

ciallaíonn “gnóthas atá i gcruachás” gnóthas a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2, pointe (18) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014;

(60)

ciallaíonn “caighdeán de chuid an Aontais” caighdeán éigeantach a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais lena socraítear an leibhéal nach mór do ghnóthais aonair a bhaint amach, go háirithe maidir leis an gcomhshaol, le sláinteachas agus le leas ainmhithe; mar sin féin, caighdeáin nó spriocanna a shocraítear ar leibhéal an Aontais atá ceangailteach ar na Ballstáit ach nach bhfuil ceangailteach ar ghnóthais aonair, ní mheastar gur caighdeáin de chuid an Aontais iad;

(61)

ciallaíonn “feirmeoir óg” feirmeoir arna chinneadh ag Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(6) de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le díolúine

Beidh scéimeanna cabhrach, cabhair aonair a dheonaítear faoi scéimeanna cabhrach agus cabhair ad hoc comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2) nó (3) den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh iad ar choinníoll go bhfuil an chabhair sin i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo agus leis na coinníollacha sonracha don chatagóir ábhartha cabhrach a leagtar síos i gCaibidil III den Rialachán seo.

Airteagal 4

Tairseacha maidir le fógra a thabhairt

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon chabhair aonair, a sáraíonn coibhéis deontais chomhláin na cabhrach na tairseacha seo a leanas:

(a)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14: EUR 600 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(b)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le hathshuíomh foirgnimh feirme as a dtagann nuachóiriú saoráidí nó méadú ar acmhainneacht táirgeachta dá dtagraítear in Airteagal 16(4): EUR 600 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(c)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 17: EUR 7,5 milliún in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(d)

cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe, dá dtagraítear in Airteagal 31: EUR 500 in aghaidh an aonaid bheostoic in aghaidh na bliana;

(e)

cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le limistéir Natura 2000 dá dtagraítear in Airteagal 33: EUR 500 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana sa tréimhse tosaigh d’uasmhéid cúig bliana agus EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin;

(f)

cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide, dá dtagraítear in Airteagal 34: EUR 600 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra bliantúla, EUR 900 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra speisialaithe ilbhliantúla agus EUR 450 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh úsáidí talún eile;

(g)

cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí dá dtagraítear in Airteagal 35: EUR 600 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra bliantúla, EUR 900 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra speisialaithe ilbhliantúla agus EUR 450 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh úsáidí talún eile;

(h)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar an ngabháltas talmhaíochta nó i bhforaoisí dá dtagraítear in Airteagal 36: EUR 600 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(i)

cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 38: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail;

(j)

cabhair le haghaidh costais a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 39: EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais, in aghaidh an tionscadail;

(k)

méid teoranta cabhrach le haghaidh gnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 40: EUR 500 000 in aghaidh an tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN.

(l)

cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí dá dtagraítear in Airteagal 41: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail bunaíochta;

(m)

cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 42: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail bunaíochta de chuid an chórais agrafhoraoiseachta;

(n)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais na bhforaoisí a fheabhsú dá dtagraítear in Airteagal 44: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(o)

cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 45: EUR 500 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana sa tréimhse tosaigh nach faide ná cúig bliana agus EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin;

(p)

cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí dá dtagraítear in Airteagal 46: EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana, cé is moite den chabhair dá dtagraítear in Airteagal 46, mír 8;

(q)

cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 48: EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais in aghaidh na bliana;

(r)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear in Airteagal 49: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(s)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú dá dtagraítear in Airteagal 50: EUR 7,5 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(t)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe dá dtagraítear in Airteagal 55: EUR 10 milliún in aghaidh an tionscadail infheistíochta;

(u)

cabhair le haghaigh na gcostas a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD, a n-ainmnítear iad mar fhorbairt áitiúil LEADER faoi CETFT dá dtagraítear in Airteagal 60: EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais, in aghaidh an tionscadail;

(v)

méid teoranta cabhrach le haghaidh FBManna atá ag tairbhiú de thionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 61: EUR 200 000 in aghaidh an tionscadail CLLD.

2.   Ní rachfar thar na tairseacha a leagtar amach i mír 1 trí na scéimeanna cabhrach nó na tionscadail cabhrach a scaradh go saorga.

Airteagal 5

Trédhearcacht na cabhrach

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair thrédhearcach.

2.   Measfar cabhair mar a bheith trédhearcach más féidir an choibhéis deontais chomhláin ex ante a ríomh go beacht gan an gá measúnú riosca a dhéanamh.

3.   Chun críche an Rialacháin seo, measfar na foirmeacha cabhrach seo a leanas a bheith ina gcabhair thrédhearcach:

(a)

cabhair ar deontais, fóirdheontais ráta úis agus seirbhísí fóirdheonaithe í;

(b)

cabhair arb iasachtaí í ina ríomhtar an choibhéis deontais chomhláin ar bhonn an ráta tagartha i réim tráth a íoctar an deontas;

(c)

cabhair ar ráthaíochtaí í i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann de na nithe seo a leanas:

(i)

má ríomhadh an choibhéis deontais chomhláin bunaithe ar phréimheanna tearmainn a leagtar síos i bhfógra ón gCoimisiún;

(ii)

i gcás ina nglactar, sula gcuirtear an chabhair chun feidhme, an mhodheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin na ráthaíochta a ríomh ar bhonn an Fhógra maidir le ráthaíochtaí, tar éis an fógra faoin modheolaíocht sin a bheith tugtha don Choimisiún i gcomhréir le haon rialachán maidir le státchabhair arna ghlacadh ag an gCoimisiún is infheidhme ag an am sin, agus sa chás ina sonraítear go sainráite sa mhodheolaíocht fhormheasta cineál na ráthaíochta agus cineál an idirbhirt fholuitigh i gceist i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(d)

cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, i gcás ina ndéantar foráil sa bheart maidir le huasteorainn lena n-áirithítear nach sáraítear an tairseach is infheidhme;

(e)

cabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha, mura dtéann méid ainmniúil iomlán an airleacain inaisíoctha thar na tairseacha is infheidhme faoin Rialachán seo nó má ghlactar, sula gcuirtear an beart chun feidhme, leis an modheolaíocht chun coibhéis deontais chomhláin an airleacain inaisíoctha a ríomh i ndiaidh an fógra mar gheall air a bheith tugtha don Choimisiún;

(f)

cabhair i bhfoirm díol nó léas sócmhainní inláimhsithe faoi rátaí margaidh i gcás ina leagtar síos an luach le meastóireacht ag saineolaí neamhspleách roimh an idirbheart nó faoi threoir tagarmharc atá ar fáil go poiblí, a nuashonraítear go tráthrialta agus a bhfuil glacadh coitianta leis.

4.   Chun críche an Rialacháin seo, ní mheasfar go bhfuil na foirmeacha cabhrach seo a leanas ina gcabhair thrédhearcach:

(a)

cabhair arb instealltaí caipitil í;

(b)

cabhair ar bearta maoiniúcháin riosca í.

Airteagal 6

Éifeacht dreasachta

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le cabhair a bhfuil éifeacht dreasachta aici.

2.   Measfar go bhfuil éifeacht dreasachta ag cabhair má chuireann an tairbhí iarratas i scríbhinn faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann le haghaidh na cabhrach sula gcuirtear tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair:

(a)

ainm agus méid an ghnóthais;

(b)

tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear an dáta tosaithe agus an dáta críochnaithe;

(c)

suíomh an tionscadail nó na gníomhaíochta;

(d)

liosta na gcostas incháilithe;

(e)

cineál (deontas, iasacht, ráthaíocht, airleacan inaisíoctha nó eile) agus méid an chaiteachais phoiblí is gá le haghaidh an tionscadail/na gníomhaíochta.

3.   Cabhair ad hoc a dheonaítear d’fhiontair mhóra, measfar go bhfuil éifeacht dreasachta aici más rud é, mar aon lena áirithiú go gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 2, go bhfíoraíonn an Ballstát, roimh an gcabhair ad hoc lena mbaineann a dheonú, go suitear leis an doiciméadacht a ullmhaíonn an tairbhí go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas mar thoradh ar an gcabhair:

(a)

méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta mar gheall ar an gcabhair;

(b)

méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht mar gheall ar an gcabhair;

(c)

méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann;

(d)

i gcás cabhair ad hoc infheistíochta, nach ndéanfaí an tionscadal nó an ghníomhaíocht amhlaidh sa limistéar tuaithe lena mbaineann nó nach mbeadh sé nó sí sách brabúsach don tairbhí sa limistéar tuaithe lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.

Níl feidhm ag na ceanglais sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.

4.   De mhaolú ar mhír 2 agus mhír 3, measfar go bhfuil éifeacht dreasacht le bearta i bhfoirm buntáistí cánach má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

leis an mbeart, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan lánrogha an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh;

(b)

glacadh an beart agus bhí sé i bhfeidhm sular cuireadh tús leis an obair ar thionscadal nó ar ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag cabhrú, ach amháin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha ina raibh an ghníomhaíocht cumhdaithe cheana féin ag scéimeanna eile i bhfoirm buntáistí cánach.

5.   Ina theannta sin, de mhaolú ar mhíreanna 2, 3 agus 4, ní gá éifeacht dreasachta a bheith ag na cineálacha seo cabhrach nó measfar go bhfuil éifeacht dreasachta acu:

(a)

scéimeanna cabhrach le haghaidh comhdhlúthú talún i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 15 nó in Airteagal 53 agus i gcás an méid seo a leanas:

(i)

leis an scéim cabhrach, bunaítear ceart chun cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan discréid an Bhallstáit a fheidhmiú a thuilleadh; agus

(ii)

glacadh an scéim cabhrach agus tá sí i bhfeidhm sular thabhaigh an tairbhí na costais incháilithe faoi Airteagal 15 nó Airteagal 53;

(b)

cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22, arb é atá i gceist leis an fhaisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe;

(c)

cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfoirm foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne a mhúscailt ar tháirgí talmhaíochta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 24(2), pointe (b);

(d)

cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharla de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25;

(e)

cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as costais a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus ar chaillteanais a tharla de bharr na ngalar ainmhithe nó na lotnaidí plandaí sin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26;

(f)

cabhair chun na costais a bhaineann le stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(2), pointí (c), (d), (e) agus (f);

(g)

cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29;

(h)

cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le limistéir Natura 2000 dá dtagraítear in Airteagal 33;

(i)

cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 36;

(j)

cabhair chun an damáiste a tharla de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 37;

(k)

cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 38;

(l)

cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a athchóiriú i gcomhréir le hAirteagal 43(2), pointe (d), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43;

(m)

cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise in earnáil na foraoiseachta i gcomhréir le hAirteagal 47 agus 48, arb é atá i gceist leis an fhaisnéis a chur ar fáil do líon neamhshainithe tairbhithe;

(n)

cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 51;

(o)

cabhair le haghaidh rannpháirtíocht feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 58;

(p)

cabhair le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD agus i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN, nó a bhaineann tairbhe astu, más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha ábhartha in Airteagail 39, 40, 60 agus 61.

Airteagal 7

Déine cabhrach agus costais incháilithe

1.   Chun críche an déine cabhrach agus na costais incháilithe a ríomh, úsáidfear na figiúirí uile arb ann dóibh sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile. Beidh fianaise dhoiciméadach atá soiléir, sonrach agus cothrom le dáta ann le tacú leis na costais incháilithe. Féadfar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 agus Rialachán (AE) 2021/2115 ar choinníoll go bhfuil an oibríocht á maoiniú i bpáirt ar a laghad trí CETFT agus go bhfuil an chatagóir costas incháilithe de réir na forála díolúine ábhartha.

2.   Féadfar méideanna cabhrach le haghaidh na mbeart nó na gcineálacha oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagail 31, 33, 34, 35, 41, 45 agus 46 a shocrú ar bhonn toimhdí caighdeánacha maidir le costais bhreise agus le hioncam a ligtear thar ceal. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sna ríomhanna agus sa chabhair chomhfhreagrach ach eilimintí atá infhíoraithe, atá bunaithe ar fhigiúirí arna mbunú le saineolas iomchuí, a léiríonn go soiléir foinse na bhfigiúirí a úsáidtear, a dhéantar idirdhealú eatarthu chun dálaí suímh réigiúnacha nó áitiúla agus úsáid iarbhír talún a chur san áireamh, i gcás inarb infheidhme agus nach bhfuil eilimintí iontu atá nasctha le costais infheistíochta.

3.   Ní bheidh cáin bhreisluacha (CBL) incháilithe le haghaidh cabhrach, ach amháin i gcás nach bhfuil sí inghnóthaithe faoi reachtaíocht CBL náisiúnta.

4.   I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, beidh méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach.

5.   I dtaca leis an gcabhair is iníoctha amach anseo, lena n-áirítear cabhair is iníoctha ina tráthchodanna éagsúla, déanfar í a lascainiú go dtí a luach tráth a ndeonaítear í. Déanfar na costais incháilithe a lascainiú go dtí a luach an dáta a dheonaítear an chabhair. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críocha lascainithe an ráta lascaine is infheidhme an dáta a dheonaítear an chabhair.

6.   I gcás ina ndeonaítear cabhair trí mheán buntáistí cánach, déanfar tráinsí cabhrach a lascainiú ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme na tráthanna éagsúla a bhfuil éifeacht ag an mbuntáiste cánach.

7.   I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha a léirítear, d’uireasa modheolaíocht inghlactha chun a gcoibhéis deontais chomhláin a ríomh, mar chéatadán de na costais incháilithe agus ina bhforáiltear leis an mbeart i gcás ina bhfuil toradh rathúil ar an tionscadal, a shainmhínítear ar bhonn hipitéis réasúnta agus iontaofa, go ndéanfar na hairleacain a aisíoc le ráta úis arb ionann é ar a laghad agus an ráta lascaine is infheidhme an dáta a dheonaítear an chabhair, féadfar na huasdéiní cabhrach a leagtar síos i gCaibidil III a mhéadú 10 bpointe céatadáin.

Airteagal 8

Carnadh

1.   Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh pé acu a urramaítear nó nach n-urramaítear na tairseacha fógra dá bhforáiltear in Airteagal 4 agus na huasdéiní cabhrach agus na huasmhéideanna cabhrach a leagtar síos i gCaibidil III, déanfar méid iomlán na státchabhrach le haghaidh na gníomhaíochta nó an tionscadail nó an ghnóthais dá dtugtar cabhair a chur san áireamh.

2.   Más rud é, maidir le cistiú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, gnóthais chomhpháirteacha nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nach bhfuil faoi rialú díreach nó indíreach an Bhallstáit, ina ndéantar é a chomhcheangal le Státchabhair, ní mheasfar ach amháin an Státchabhair lena chinneadh an urramaítear nó nach n-urramaítear tairseacha maidir le fógra a thabhairt agus uasdéiní agus uasteorainneacha cabhrach, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna na rátaí cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos sna rialacha de dhlí an Aontais is infheidhme.

3.   Cabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta, a dhíolmhaítear ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh faoin Rialachán seo, féadfar í a charnadh leis an méid seo a leanas:

(a)

aon Státchabhair eile, fad a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla;

(b)

aon Státchabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura ndéantar an uasdéine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcabhair faoin Rialachán seo a shárú de dheasca an charntha sin, agus sa chás sin amháin.

4.   Cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta a dhíolmhaítear faoi Airteagail 18, 19, 40 agus 61, féadfar í a charnadh le haon státchabhair eile lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta.

Cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta, féadfar í a charnadh le státchabhair eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, suas leis an tairseach mhaoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis leis an rialachán seo nó le rialachán blocdhíolúine eile nó le cinneadh a ghlacann an Coimisiún.

5.   Státchabhair a dhíolmhaítear faoi Ranna 1, 2 agus 3 de Chaibidil III den Rialachán seo, ní dhéanfar í a charnadh leis na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 145(2) agus in Airteagal 146 de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na gcostas incháilithe céanna dá mbeadh déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo mar thoradh ar an gcarnadh sin.

6.   Státchabhair a dheonaítear faoi Airteagail 31, 34 agus 35, ní dhéanfar í a charnadh leis na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na gcostas incháilithe céanna dá mbeadh déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo mar thoradh ar an gcarnadh sin.

7.   Ní dhéanfar státchabhair a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo a charnadh le haon chabhair de minimis i leith na gcostas incháilithe céanna dá mbeadh déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn na cinn a leagtar síos i gCaibidil III mar thoradh ar an gcarnadh sin.

8.   Cabhair le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm di an táirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointe (d), a athchóiriú, ní dhéanfar í a charnadh le cabhair chun an damáiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagail 25, 26, 28 agus 37 a chúiteamh.

9.   Ní dhéanfar cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo a charnadh le cabhair chun grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a chur ar bun in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2021/2115.

10.   Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo, ní dhéanfar í a charnadh chun feirmeoirí óga nó gnólachtaí nuathionscanta tuaithe a chur i mbun gnó dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2021/2115 dá mbeadh méid cabhrach a sháraíonn na cinn a leagtar síos sa Rialachán seo mar thoradh ar an gcarnadh sin.

Airteagal 9

Foilsiú agus faisnéis

1.   Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfoilseofar an méid seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana (26) nó ar shuíomh gréasáin cuimsitheach státchabhrach ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

(a)

an fhaisnéis achomair dá dtagraítear in Airteagal 11 nó nasc chuici;

(b)

téacs iomlán gach cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 11, lena n-áirítear aon leasú, nó nasc lena dtugtar rochtain ar an téacs iomlán;

(c)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III maidir le gach deonú cabhrach aonair níos mó ná iad seo a leanas:

(i)

EUR 10 000 le haghaidh tairbhithe atá gníomhach in earnáil an táirgthe phríomhúil talmhaíochta;

(ii)

EUR 100 000 le haghaidh tairbhithe atá gníomhach in earnáil próiseáilte táirgí talmhaíochta, in earnáil táirgí talmhaíochta a mhargú, in earnáil na foraoiseachta nó le haghaidh gníomhaíochtaí a thagann lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh.

2.   Maidir le scéimeanna cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, measfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 a bheith comhlíonta má fhoilsíonn na Ballstáit an fhaisnéis atá de dhíth maidir le méideanna cabhrach aonair sna réimsí seo in EUR milliúin:

(a)

0,01- 0,1 le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta agus é sin amháin;

(b)

0,1–0,5;

(c)

0,5–1;

(d)

1 go 2;

(e)

2 go 5;

(f)

5 go 10;

(g)

10 go 30;

(h)

30 agus níos mó ná sin.

3.   Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a eagrú ar bhealach caighdeánaithe agus beidh rochtain chaighdeánaithe uirthi, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, agus beifear in ann feidhmeanna cuardaigh agus íoslódála a úsáid go héifeachtach léi. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) a fhoilsiú laistigh de shé mhí ón dáta a dheonaítear an chabhair, nó maidir le cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, laistigh de bhliain ón dáta atá an dearbhú cánach dlite, agus beidh sí ar fáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad ón dáta a dheonaítear an chabhair.

4.   I dtéacs iomlán na scéime cabhraí nó na cabhrach ad hoc dá dtagraítear i mír 1, áireofar, go háirithe, tagairt shainráite don Rialachán seo, trína theideal agus trína thagairt foilseacháin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a lua, agus d’fhorálacha sonracha Chaibidil III lena mbaineann an gníomh sin, nó i gcás inarb infheidhme, don dlí náisiúnta lena n-áirithítear go gcomhlíontar forálacha ábhartha an Rialacháin seo. Beidh ag gabháil leis an scéim cabhrach nó leis an gcabhair ad hoc a forálacha cur chun feidhme agus a leasuithe.

5.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí chun foilsiú a leagtar síos i mír 1 maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN ná le tionscadail CLLD faoi Airteagail 39, 40, 60 agus 61.

6.   Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin:

(a)

an achoimre dá dtagraítear i mír 1;

(b)

na naisc chuig na suíomhanna gréasáin maidir le státchabhair de chuid na mBallstát uile, dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL II

Ceanglais nós imeachta

Airteagal 10

Tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar

I gcás ina ndeonaíonn Ballstát cabhair nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidlí I, II agus III den Rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an fhéidearthacht a thabhairt don Bhallstát a thuairimí a chur in iúl, cinneadh a ghlacadh ina ndearbhaítear go gcuirfear fógra chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh, maidir leis na bearta cabhrach ar fad nó cuid de na bearta cabhrach a ghlacfaidh an Ballstát lena mbaineann amach anseo, ar bearta iad lena gcomhlíontar ceanglais an Rialacháin seo seachas sin. Féadfar an chabhair a bhfuil fógra le tabhairt maidir léi a bheith teoranta do chineálacha áirithe cabhrach, do chabhair a dheonaítear i bhfabhar tairbhithe áirithe nó do chabhair a ghlacann údaráis áirithe de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 11

Dáta

1.   Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, trí mheán córas fógra leictreonach an Choimisiúin, an fhaisnéis achomair faoi gach beart cabhrach atá díolmhaithe faoin Rialachán seo san fhormáid chaighdeánaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, chomh maith le nasc lena dtugtar rochtain ar théacs iomlán an bhirt cabhrach, aon leasuithe air san áireamh, laistigh de 20 lá oibre tar éis a theacht i bhfeidhm.

2.   Tarchuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil chuig an gCoimisiún i bhfoirm leictreonach, dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 794/2004, maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith gach bliana iomláine nó gach coda den bhliain a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo lena linn.

3.   Beidh faisnéis i dtaca leis an méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil freisin:

(a)

galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(b)

faisnéis mheitéareolaíoch faoi chineál, uainíocht, méid coibhneasta agus suíomh na dteagmhas aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 25 nó tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 37;

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le cabhair a dheonaítear do thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN agus do thionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 61.

Airteagal 12

Meastóireacht

1.   Beidh an scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 1(3) faoi réir meastóireacht ex post más rud é go bhfuil buiséad státchabhrach nó caiteachais acu atá os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó EUR 750 milliún thar a dtréimhse iomlán, is é sin comhfhad na scéime agus aon scéim a bhí ann roimhe sin lena gcumhdaítear limistéar geografach oibiachtúil comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2023. I bhfianaise chuspóirí na meastóireachta, agus chun nach gcuirfear ualach díréireach ar Stáit LEE CSTE, ní bheidh gá le meastóireachtaí ex post ach amháin i gcás scéimeanna cabhrach ar mó a ré iomlán ná trí bliana, ón 1 Eanáir 2023.

2.   I dtaca leis an gceanglas maidir le meastóireacht ex post, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh le haghaidh scéimeanna cabhrach ar comharba láithreach iad de scéim lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil agus ar a ndearnadh meastóireacht, a thug tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach i gcomhréir leis an bplean meastóireachta a d’fhormheas an Coimisiún agus nár ghin aon toradh diúltach. I gcás nach bhfuil tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach scéime i gcomhréir leis an bplean meastóireachta ceadaithe, cuirfear an scéim sin ar fionraí le héifeacht láithreach. Ní thairbheoidh aon chomharba ar an scéim fionraithe sin tairbhe na blocdhíolúine.

3.   Ba cheart gurbh é aidhm na meastóireachta a fhíorú ar baineadh amach na toimhdí agus na coinníollacha atá mar bhonn le comhoiriúnacht na scéime, go háirithe riachtanas agus éifeachtacht an bhirt cabhrach i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus sonracha. Déanfaidh an mheastóireacht measúnú freisin ar thionchar na scéime ar an iomaíocht agus ar an trádáil.

4.   Maidir le scéimeanna cabhrach atá faoi réir an cheanglais maidir le meastóireacht de bhun mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi dhréachtphlean meastóireachta mar seo a leanas:

(a)

laistigh de 20 lá oibre ó theacht i bhfeidhm na scéime, más rud é go bhfuil buiséad státchabhrach na scéime os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar a tréimhse iomlán;

(b)

laistigh de 30 lá oibre tar éis athraithe shuntasaigh a mhéadaíonn buiséad na scéime go dtí os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain faoi leith nó EUR 750 milliún thar thréimhse iomlán na scéime;

(c)

laistigh de 30 lá oibre tar éis caiteachas os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain a thaifeadadh sna cuntais oifigiúla.

5.   Beidh an dréachtphlean meastóireachta i gcomhréir leis an modheolaíocht chomhchoiteann chun meastóireacht a dhéanamh ar státchabhair arna glacadh ag an gCoimisiún. Déanfaidh na Ballstáit an plean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún a fhoilsiú.

6.   Ní mór an mheastóireacht ex post a bheith déanta ag saineolaí atá neamhspleách ar an údarás deonaithe cabhrach ar bhonn an phlean meastóireachta. Beidh tuarascáil mheastóireachta eatramhach amháin agus tuarascáil mheastóireachta deiridh amháin ar a laghad ar áireamh i ngach meastóireacht. Déanfaidh na Ballstáit an dá thuarascáil a fhoilsiú.

7.   Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi bhráid an Choimisiúin 9 mí ar a mhéad roimh dhul in éag na scéime díolmhaithe. Féadfar an tréimhse sin a laghdú i gcás scéimeanna lena spreagtar an ceanglas meastóireachta sa dá bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme. Leagfar amach an raon feidhme beacht agus na socruithe do gach meastóireacht sa chinneadh lena bhformheastar an scéim cabhrach. San fhógra faoi aon bheart cabhrach ina dhiaidh sin a bhfuil cuspóir comhchosúil aige, ní mór cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh torthaí na meastóireachta san áireamh.

Airteagal 13

Faireachán

Coimeádfaidh na Ballstáit taifid mhionsonraithe ina mbeidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta is gá lena léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Coimeádfar na taifid sin ar feadh 10 mbliana ón dáta a dheonaítear an chabhair ad hoc nó a dheonaítear an chabhair dheiridh faoi scéim cabhrach. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de thréimhse 20 lá oibre nó tréimhse níos faide den sórt sin de réir mar a leagfar síos san iarraidh, an fhaisnéis agus an doiciméadacht tacaíochta go léir a thabhairt don Choimisiún a mheasann an Coimisiún gur gá chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

CAIBIDIL III

Catagóirí cabhrach

Roinn 1

Cabhair i bhfabhar FBManna atá gníomhach i dtáirgeadh talmhaíochta príomhúil, i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgí talmhaíochta a chur ar an margadh

Airteagal 14

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta

1.   Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Féadfaidh tairbhí amháin nó níos mó ná sin an infheistíocht a dhéanamh nó féadfaidh baint a bheith ag sócmhainn inláimhsithe nó dholáimhsithe léi, ar sócmhainn í a úsáideann tairbhí amháin nó níos mó ná sin.

3.   Leis an infheistíocht, saothrófar ceann amháin de na cuspóirí seo a leanas ar a laghad:

(a)

feidhmiú agus inbhuanaitheacht fhoriomlán an ghabháltais talmhaíochta a fheabhsú, go háirithe trí na costais táirgeachta a laghdú nó an táirgeadh a fheabhsú nó a athúsáid;

(b)

an comhshaol nádúrtha, dálaí sláinteachais nó caighdeáin leasa ainmhithe a fheabhsú;

(c)

an bonneagar i ndáil le forbairt, oiriúnú agus nuachóiriú talmhaíochta a chruthú agus a fheabhsú, lena n-áirítear rochtain ar thalamh feirme, comhdhlúthú talún agus feabhsú talún, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar fuinnimh inbhuanaithe agus coigilt uisce nó fuinnimh;

(d)

athchóiriú ar tháirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a ndearnadh damáiste dó de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí, ainmhithe cosanta agus cosc a chur le damáistí a tharla de dheasca na dteagmhas agus na dtosca sin; más féidir an damáiste a nascadh leis an athrú aeráide, déanfaidh na tairbhithe, i gcás inarb iomchuí, bearta oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh leis an athchóiriú.

(e)

cur le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí cheapadh carbóin a fheabhsú, agus trí fhuinneamh inbhuanaithe agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn freisin;

(f)

cur le bithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach agus forbairt inbhuanaithe agus bainistíocht éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an t-uisce, an ithir agus an t-aer a chothú, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú;

(g)

cur le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú.

4.   Féadfar an infheistíocht a nascadh le táirgeadh bithbhreoslaí nó fuinnimh ó acmhainní in-athnuaite ar leibhéal na feirme, ar choinníoll nach sáraíonn an táirgeadh sin meánídiú bliantúil breoslaí nó fuinnimh na feirme áirithe sin.

I gcás ina ndéantar an infheistíocht chun bithbhreoslaí a tháirgeadh, ní mó acmhainneacht na saoráidí táirgeachta ná coibhéis an mheánídithe breosla bhliantúil a bhaineann leis an ngabháltas talmhaíochta agus ní dhíolfar an bithbhreosla a tháirgtear ar an margadh.

I gcás ina ndéantar an infheistíocht le haghaidh fuinneamh teirmeach agus leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh ar ghabháltais talmhaíochta, ní fhónfaidh na saoráidí táirgeachta ach amháin do riachtanais fuinnimh an tairbhí féin agus ní mó acmhainneacht táirgeachta na saoráidí ná coibhéis an chomh-mheánídithe fuinnimh bhliantúil le haghaidh fuinneamh teirmeach agus leictreachas ar an ngabháltas talmhaíochta, lena n-áirítear an teaghlach feirme. Ní fhéadfar leictreachas a dhíol leis an ngreille ach amháin fad a urramaítear an meánteorainn féinídithe bhliantúil.

I gcás ina ndéanann níos mó ná tairbhí amháin an infheistíocht chun fónamh dá riachtanais bithbhreoslaí agus fuinnimh féin, déanfar an meánídiú bliantúil a charnadh go dtí an méid atá coibhéiseach le meánídiú bliantúil na dtairbhithe uile.

Beidh infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh in-athnuaite lena n-ídítear nó lena dtáirgtear fuinneamh i gcomhréir leis na caighdeáin íosta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin ar an leibhéal náisiúnta.

Infheistíochtaí i suiteálacha, arb é is príomhchuspóir dóibh leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais, ní bheidh siad incháilithe le haghaidh cabhrach mura mbaintear úsáid as céatadán íosta fuinnimh teasa, a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit.

Bunóidh na Ballstáit tairseacha le haghaidh na gcionta uasta gránach agus barra eile atá stáirse-shaibhir, siúcraí agus barra ola a úsáidtear chun bithfhuinneamh a tháirgeadh, lena n-áirítear bithbhreoslaí, le haghaidh cineálacha suiteálacha éagsúla, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001. Beidh cabhair le haghaidh tionscadail infheistíochta bithfhuinnimh teoranta do bhithfhuinneamh atá i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta is infheidhme agus a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

5.   Le haghaidh infheistíochtaí lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), beidh an chabhair faoi réir an choinníll go mbeidh an measúnú sin déanta agus go mbeidh an toiliú don fhorbairt deonaithe le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann, roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair.

6.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais a bhaineann le maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí i sreangú éighníomhach inmheánach nó i gcáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh, agus gan talamh a ceannaíodh a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, fuinneamh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh agus táirgeadh agus úsaid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;

(e)

speansais le haghaidh infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá nasctha leis na cuspóirí sonracha comhshaoil agus na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid dá dtagraítear i mír 3, pointí (e), (f) agus (g);

(f)

i gcás uisciú, na costais a bhaineann le hinfheistíochtaí lena gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i)

tugadh fógra don Choimisiún maidir le plean bainistíochta abhantraí, i gcomhréir le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), don limistéar ina iomláine ina bhfuil an infheistíocht le déanamh, agus d’aon limistéar eile ina bhféadfadh an infheistíocht difear a dhéanamh don chomhshaol; na bearta a glacadh faoin bplean bainistíochta abhantraí i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir sin agus atá ábhartha d’earnáil na talmhaíochta, beidh siad sonraithe i gclár ábhartha na mbeart;

(ii)

méadrú uisce lena gcumasófar úsáid uisce a thomhas ar leibhéal na hinfheistíochta dá dtugtar tacaíocht, tá sé curtha i bhfeidhm nó cuirfear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht;

(iii)

infheistíocht chun feabhas a chur ar shuiteáil uisciúcháin atá ann cheana nó ar chuid d’infrastruchtúr uisciúcháin, déanfar measúnú ex ante ar an infheistíocht sin chun coigilteas uisce lena léirítear paraiméadair theicniúla na suiteála nó an infrastruchtúir atá ann cheana a chur ar fáil;

(iv)

má dhéanann an infheistíocht dochar do dhobharlaigh screamhuisce nó uisce dromchla ar sainaithníodh sa phlean bainistithe abhantraí ábhartha gur lú ná maith a stádas ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce, nó má léirítear i measúnuithe úrscothacha leochaileachta agus riosca aeráide (29) go bhféadfadh na dobharlaigh sin a bhfuil stádas maith acu a stádas a chailleadh ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce mar thoradh ar thionchair an athraithe aeráide, bainfear amach laghdú éifeachtach ar úsáid uisce, rud a chuirfidh le baint amach agus cothabháil dea-stádas na ndobharlach sin, dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Threoir 2000/60/CE. Ní bheidh feidhm ag coinníollacha a leagtar amach san abairt roimhe seo maidir le hinfheistíocht i suiteáil atá ann cheana nach ndéantar difear léi ach amháin d’éifeachtúlacht fuinnimh ná maidir le hinfheistíocht i gcruthú taiscumair ná maidir le hinfheistíocht in úsáid uisce athchúrsáilte nach ndéantar difear léi do dhobharlach screamhuisce nó uisce dromchla;

(v)

socróidh an Ballstát céatadáin maidir le coigilteas a d’fhéadfaí a dhéanamh ar uisce agus maidir le laghdú éifeachtach ar úsáid uisce mar choinníoll incháilitheachta, lena áirithiú go dtiocfaidh laghdú éifeachtach ar an méid uisce ag sreabhadh tríd an trealamh i gcomparáid le leibhéil 2014–2020 agus dá bhrí sin cúlú ar leibhéal na huaillmhéine comhshaoil a sheachaint:

5 % ar a laghad a bheidh sa chéatadán coigiltis a d’fhéadfaí a dhéanamh ar uisce, i gcás ina n-áirithítear cheana le paraiméadair theicniúla na suiteála nó an bhonneagair atá ann cheana leibhéal ard éifeachtúlachta (roimh an infheistíocht), agus 25 % ar a laghad a bheidh ann i gcás ina bhfuil an leibhéal reatha éifeachtúlachta íseal agus/nó le haghaidh infheistíochtaí a dhéantar i limistéir ina bhfuil an gá is mó le coigiltis ar uisce chun baint amach stádais mhaith uisce a áirithiú;

ar leibhéal na hinfheistíochta ina hiomláine, 50 % den tsábháil uisce a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an infheistíocht sa suiteáil uiscithe atá ann cheana nó i gcuid d’infrastruchtúr uiscithe a bheidh i gcéatadán an laghdaithe éifeachtaigh ar úsáid uisce;

ní mór a léiriú leis an gcoigilteas uisce sin na riachtanais a leagtar amach sna pleananna bainistíochta abhantraí a thagann as Treoir 2000/60/CE.

(g)

ní fhéadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí in úsáid uisce athshlánaithe mar sholáthar uisce malartach ach amháin má tá soláthar agus úsáid an uisce sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);

(h)

i gcás infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh athchóiriú a dhéanamh ar an táirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a ndearnadh damáiste dó de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí nó ainmhithe cosanta, sna costais incháilithe féadfar costais a áireamh, ar costais iad a thabhaítear chun an táirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a athchóiriú chuig an leibhéal ar a raibh sé sular tharla na teagmhais sin;

(i)

i gcás infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh cosc a chur le damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí nó ainmhithe cosanta, féadfar na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí coisctheacha sonracha a áireamh sna costais incháilithe.

7.   Costais, seachas na costais dá dtagraítear i mír 6, pointí (a) agus (b), i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais, ní mheasfar gur costais incháilithe iad.

Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.

8.   Maidir le huisciú, ní íocfar cabhair ach amháin leis na Ballstáit a áirithíonn, i leith an cheantair abhantraí ina ndéantar an infheistíocht, ranníocaíocht ó na húsáidí uisce éagsúla le gnóthú chostais na seirbhísí uisce de chuid earnáil na talmhaíochta, rud atá comhsheasmhach leis an gcéad fhleasc d’Airteagal 9(1), an dara fomhír, de Threoir 2000/60/CE ag féachaint, i gcás inarb iomchuí, d’éifeachtaí sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíocha an ghnóthaithe agus do dhálaí aeráide agus geografacha an réigiúin nó na réigiún dá ndéantar difear.

9.   Ní dheonófar cabhair i leith an méid seo a leanas:

(a)

teidlíochtaí íocaíochta a cheannach;

(b)

bliantóga a cheannach agus a phlandú cé is moite de chabhair lena gcumhdaítear na costais dá dtagraítear i mír 6, pointe (h);

(c)

oibreacha draenála;

(d)

ainmhithe a cheannach cé is moite de chabhair lena gcumhdaítear na costais dá dtagraítear i mír 6, pointe (h) agus madraí cosanta a cheannach;

(e)

sreangú nó cáblú do líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.

10.   Ní dhéanfar an chabhair dá dtagraítear i mír 1 a dheonú de shárú ar aon toirmeasc nó srian a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, fiú amháin i gcás nach dtagraítear ach amháin don tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán sin leis na toirmisc agus leis na srianta sin.

11.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 65 % de na costais incháilithe.

12.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear i mír 3, pointí (e), (f) agus (g) nó le leas ainmhithe;

(b)

infheistíochtaí ó fheirmeoirí óga;

(c)

infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

13.   Féadfar an déine cabhrach dá dtagraítear i mír 12 pointe (c) a mhéadú go 85 % ar a mhéad le haghaidh infheistíochtaí feirmeacha beaga de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115.

14.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 100 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá nasctha leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 3, pointí (e), (f) agus (g);

(b)

infheistíochtaí le haghaidh athchóiriú ar an acmhainneacht táirgeachta dá dtagraítear i mír 3, pointe (d) agus infheistíochtaí a bhaineann le cosc a chur ar dhamáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha, tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó ainmhithe cosanta, agus maolú riosca a dhéanamh maidir leis an damáiste sin.

15.   Beidh an déine cabhrach le haghaidh uisciúcháin faoi mhír 6, pointe (f), teoranta d’aon ráta amháin nó níos mó nach mó iad ná:

(a)

80 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin ar an bhfeirm dá ndéantar faoi mhír 6, pointe (f)(iii);

(b)

100 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar lasmuigh den fheirm sa talmhaíocht atá le húsáid le haghaidh uisciúcháin;

(c)

65 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin eile ar an bhfeirm.

Airteagal 15

Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta

Beidh cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil I den Rialachán seo agus i gcás ina ndeonaítear í i bhfabhar costais dhlíthiúla agus ina bhfuil sí teoranta dóibh siúd, lena n-áirítear costais suirbhéireachta, suas le 100 % de na fíorchostais arna dtabhú.

Airteagal 16

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le foirgnimh fheirme a athshuíomh

1.   Cabhair do FBManna atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le foirgnimh feirme a athshuíomh, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) de sin í ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Saothrófar cuspóir leasa phoiblí le hathshuíomh an fhoirgnimh feirme.

Déanfar an leas poiblí atá ann chun údar a thabhairt le deonú cabhrach faoin Airteagal seo a shonrú sna rialacha ábhartha de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

3.   I gcás inarb é atá in athshuíomh foirgnimh feirme ná díchóimeáil, baint agus atógáil saoráidí atá ann cheana, beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na fíorchostais a thabhaítear i leith na ngníomhaíochtaí sin.

4.   Más rud é, i dteannta dhíchóimeáil, bhaint agus atógáil na saoráidí atá ann cheana dá dtagraítear i mír 3, go dtagann nuachóiriú ar na saoráidí sin nó méadú in acmhainneacht táirgeachta as an athshuíomh, beidh feidhm ag na déiní cabhrach maidir le hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(12) go (15) i leith na gcostas i ndáil le nuachóiriú na saoráidí nó leis an méadú san acmhainneacht táirgeachta.

Chun críche na míre seo, mura ndéantar ach amháin foirgneamh nó saoráidí nua a chur in ionad foirgneamh nó saoráidí atá ann cheana, gan bunathrú a dhéanamh ar an táirgeadh ná ar an teicneolaíocht atá i gceist, ní mheasfar go bhfuil baint aige sin leis an nuachóiriú.

5.   Féadfaidh an uasdéine cabhrach suas le 100 % de na costais incháilithe a shroicheadh i gcás ina mbaineann an t-athshuíomh le gníomhaíochtaí atá gar do lonnaíochtaí tuaithe, d’fhonn cáilíocht na beatha a fheabhsú nó feidhmiú comhshaoil na lonnaíochta tuaithe a mhéadú.

Airteagal 17

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó táirgí talmhaíochta a mhargú

1.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Bainfidh an infheistíocht le sócmhainní inláimhsithe nó doláimhsithe i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó le táirgí talmhaíochta a mhargú..

3.   Ní bheidh infheistíochtaí i dtaca le táirgeadh bithbhreoslaí bunaithe ar bhia incháilithe le haghaidh cabhrach faoin Airteagal seo.

4.   Maidir le hinfheistíochtaí lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair.

5.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

maoin dhochorraithe a thógáil, a fháil, lena n-áirítear í a léasú, nó a fheabhsú, lena n-áirítear infheistíochtaí i sreangú éighníomhach inmheánach nó i gcáblú struchtúrtha éighníomhach le haghaidh líonraí sonraí agus, más gá, an chuid choimhdeach den líonra éighníomhach ar an réadmhaoin phríobháideach lasmuigh den fhoirgneamh, agus gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart, trádmharcanna.

6.   Costais, seachas na costais dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) agus (b), i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais, ní mheasfar gur costais incháilithe iad.

7.   Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.

8.   Ní mheasfar gur costas incháilithe é sreangú nó cáblú le haghaidh líonraí sonraí lasmuigh den réadmhaoin phríobháideach.

9.   Ní dheonófar cabhair i leith infheistíochtaí chun na caighdeáin de chuid an Aontais atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

10.   Ní dhéanfar an chabhair dá dtagraítear i mír 1 a dheonú de shárú ar aon toirmeasc nó srian a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, fiú amháin i gcás nach dtagraítear ach amháin don tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa rialachán sin leis na toirmisc agus leis na srianta sin.

11.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar 65 %, ach amháin sna cásanna a shonraítear i mír 12.

12.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (e), (f) agus (g) nó le feabhsú ar leas ainmhithe;

(b)

infheistíochtaí ó fheirmeoirí óga;

(c)

infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

Airteagal 18

Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta

1.   Beidh cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil an chabhair sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Go gcumhdófar leis an gcabhair tionscnamh gnólachtaí tuaithe i ngníomhaíochtaí talmhaíochta agus éagsúlú ioncaim teaghlaigh feirme i ngníomhaíochtaí talmhaíochta eile.

3.   Nach ndeonófar an chabhair ach d’fheirmeoirí óga i bhfoirm micrifhiontar agus fiontair bheaga.

4.   I gcás ina ndeonaítear an chabhair d’fheirmeoir beag a bhfuil gabháltas á chur ar bun aige i bhfoirm duine dlítheanach, feidhmeoidh an feirmeoir óg rialú éifeachtach agus fadtéarmach ar an duine dlítheanach i dtéarmaí cinntí i ndáil le bainistíocht, tairbhí agus rioscaí airgeadais. I gcás ina bhfuil roinnt daoine nádúrtha, lena n-áirítear daoine nach feirmeoirí óga iad, rannpháirteach i gcaipiteal nó i mbainistíocht an duine dhlítheanaigh, beidh sé ar chumas an fheirmeora óig an rialú éifeachtach agus fadtéarmach sin a fheidhmiú go haonarach nó i gcomhpháirt in éineacht le daoine eile. I gcás ina bhfuil duine dlítheanach faoi rialú ag duine dlítheanach eile go haonarach nó i gcomhpháirt, beidh feidhm ag na ceanglais sin maidir le haon duine nádúrtha ag a bhfuil rialú ar an duine dlítheanach eile sin (31).

5.   Beidh an chabhair coinníollach ar phlean gnó a chur faoi bhráid an údaráis inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

6.   Maidir le feirmeoirí óga, i gcás nach gcomhlíonann an tairbhí na coinníollacha in Airteagal 4(6), pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/2115, beidh an tairbhí incháilithe le cabhair le haghaidh feirmeoirí óga a fháil, ar choinníoll go dtugann an tairbhí gealltanas go sealbhóidh sé na scileanna ceirde agus na hinniúlachtaí sin laistigh de 36 mhí ón dáta a ghlactar an cinneadh lena ndeonaítear an chabhair. Ní mór an gealltanas sin a áireamh sa phlean gnó.

7.   Beidh an tacaíocht teoranta do EUR 100 000 in aghaidh an fheirmeora óig nó in aghaidh an ghnólachta nuathionscanta san fheirmeoireacht nó in aghaidh an teaghlaigh feirme léi.

Airteagal 19

Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta

1.   Beidh cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Ní bheidh ach grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a ndearna údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann a aithint go hoifigiúil incháilithe le haghaidh cabhrach.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an chabhair a dhíolmhaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo a choigeartú chun aon athrú ar na rialacháin lena rialaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta a chur san áireamh.

4.   Ní dheonófar cabhair dóibh siúd a leanas:

(a)

eagraíochtaí táirgeachta, eintitis nó comhlachtaí amhail cuideachtaí nó comharchumainn, arb é is cuspóir dóibh gabháltas talmhaíochta amháin nó níos mó a bhainistiú agus ar táirgeoirí aonair iad go bunúsach, dá bhrí sin;

(b)

comhlachais talmhaíochta, a thugann faoi chúraimí amhail tacaíocht fhrithpháirteach agus seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm agus bainistíochta feirme, i ngabháltais na gcomhaltaí nach bhfuil baint acu le soláthar a oiriúnú go comhpháirteach don mhargadh;

(c)

grúpaí, eagraíochtaí nó comhlachais táirgeoirí a bhfuil a gcuspóirí ar neamhréir le hAirteagal 152(1), pointe (c), le hAirteagal 152(3), nó le hAirteagal 156 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

5.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos;

(b)

trealamh oifige a shealbhú;

(c)

costais foirne riaracháin;

(d)

forchostais agus táillí dlí agus riaracháin;

(e)

sealbhú crua-earraí ríomhaireachta agus sealbhú nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil.

I gcás ina gceannaítear an t-áitreabh, beidh na costais incháilithe a bhaineann leis an áitreabh teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh.

6.   Déanfar an chabhair a íoc mar ráta comhréidh i dtráthchodanna bliantúla ar feadh na chéad 5 bliana ón dáta a d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí go hoifigiúil.

Ní íocfaidh na Ballstáit an tráthchuid dheiridh ach amháin tar éis chur chun feidhme ceart an bhirt a fhíorú.

7.   Beidh an chabhair teoranta do 10 % den táirgeadh bliantúil arna mhargú ag an ngrúpa táirgeoirí nó ag an eagraíocht táirgeoirí.

8.   Beidh an méid cabhrach teoranta do EUR 100 000 in aghaidh na bliana. Cabhair ar bhonn céimlaghdaitheach a bheidh inti.

Airteagal 20

Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta

1.   Na catagóirí cabhrach seo a leanas le haghaidh táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus grúpaí díobh sin, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin iad:

(a)

cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua i scéimeanna cáilíochta i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo agus i gCaibidil I;

(b)

cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le bearta rialúcháin éigeantacha i ndáil le scéimeanna cáilíochta ar thug an t-údarás inniúil fúthu, nó ar tugadh fúthu thar a cheann, de bhun reachtaíocht an Aontais nó na reachtaíochta náisiúnta, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 4, 6, 7 agus 8 den Airteagal seo agus i gCaibidil I;

(c)

cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus cabhair chun iarratais a ullmhú le haghaidh scéimeanna cáilíochta a aithint i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2, 6, 7 agus 8 den Airteagal seo agus i gCaibidil I.

2.   Deonófar an chabhair dá dtagraítear i mír 1 i leith na scéimeanna cáilíochta seo a leanas:

(a)

scéimeanna cáilíochta a bhunaítear fúthu seo a leanas:

(i)

Cuid II, Teideal II, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i dtaca le fíon;

(ii)

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012;

(iii)

Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);

(iv)

Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);

(v)

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);

(b)

scéimeanna cáilíochta, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin d’fheirmeacha, do tháirgí talmhaíochta, a n-aithníonn na Ballstáit go gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(i)

sainiúlacht an táirge deiridh a tháirgtear faoi na scéimeanna cáilíochta sin, déanfar í a dhíorthú ó oibleagáidí soiléire chun ceann amháin seo a leanas a ráthú:

saintréithe sonracha an táirge;

modhanna feirmeoireachta nó táirgeachta sonracha;

cáilíocht an táirge deiridh a théann go suntasach thar na caighdeáin tráchtearra tráchtála maidir le sláinte phoiblí, ainmhithe nó plandaí, le leas ainmhithe nó le cosaint an chomhshaoil;

(ii)

beidh an scéim cáilíochta a bheith ar oscailt do na táirgeoirí uile;

(iii)

maidir leis an scéim cáilíochta, beidh sonraíochtaí ceangailteacha ann don táirge deiridh agus déanfaidh na húdaráis phoiblí nó do chomhlacht cigireachta neamhspleách comhlíonadh na sonraíochtaí sin a fhíorú;

(iv)

beidh an scéim cáilíochta a bheith trédhearcach agus inrianaitheacht iomlán táirgí talmhaíochta a dhearbhú;

(c)

na scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta a aithníonn an Ballstát lena mbaineann mar scéim lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún — treoirlínte maidir le dea-chleachtas AE do scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (35).

3.   An chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), deonófar do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta i bhfoirm íocaíochta dreasachta bliantúla í, agus cinnfear leibhéal na híocaíochta sin de réir leibhéal na gcostas seasta a eascraíonn as rannpháirtíocht sna scéimeanna cáilíochta.

4.   An chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), ní dheonófar í le haghaidh chostas na rialuithe a dhéanann an tairbhí féin, nó i gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais gur gá do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta nó grúpaí díobh costas na rialuithe a sheasamh, gan leibhéal iarbhír na muirear a shonrú.

5.   Deonófar an chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ar feadh uastréimhse 7 mbliana.

6.   Beidh rochtain ag na gnóthais incháilithe uile sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil.

7.   An chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), ní bheidh íocaíochtaí díreacha leis na tairbhithe i gceist léi.

Íocfar í leis an gcomhlacht atá freagrach as bearta rialúcháin, leis an soláthraí taighde nó leis an soláthraí comhairleoireachta.

8.   An chabhair dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c), beidh sí teoranta do 100 % de na fíorchostais a thabhaítear.

Airteagal 21

Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise

1.   Beidh cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Leis an gcabhair, cumhdófar gníomhaíochtaí gairmoiliúna agus éadála scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna, comhdhálacha agus oiliúnú, gníomhaíochtaí taisealbhaidh, gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn na nuálaíochta.

Féadfar malartuithe gearrthéarmacha maidir le bainistíocht feirme agus cuairteanna feirme a áireamh leis an gcabhair freisin.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT.

Féadfar costais infheistíochta ábhartha a chumhdach le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí taisealbhaidh.

3.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais a bhaineann le heagrú na ngníomhaíochtaí gairmoiliúna, éadála scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna, comhdhálacha agus oiliúnú, gníomhaíochtaí taisealbhaidh nó gníomhaíochtaí faisnéise;

(b)

na costais taistil agus chóiríochta agus na speansais per diem de chuid na rannpháirtithe;

(c)

an costas a bhaineann le seirbhísí ionadúcháin a sholáthar le linn neamhláithreacht na rannpháirtithe;

(d)

i gcás tionscadail taisealbhaidh i ndáil le hinfheistíochtaí:

(i)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin sin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann;

(ii)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(iii)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii);

(iv)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna.

4.   Ní bheidh na costais dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), incháilithe ach amháin a mhéid a thabhaítear iad le haghaidh an tionscadail taisealbhaidh agus ar feadh fhad tréimhse an tionscadail taisealbhaidh.

Is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail taisealbhaidh, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheasfar a bheith incháilithe.

5.   An chabhair dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (c), ní bhainfidh íocaíochtaí díreacha leis na tairbhithe léi.

Cabhair le haghaidh na gcostas ar sholáthar seirbhísí athsholáthair dá dtagraítear i mír 3, pointe (c), féadfar í a íoc go díreach le soláthraí na seirbhísí athsholáthair.

6.   Beidh na hacmhainneachtaí iomchuí i bhfoirm cáilíochtaí foirne agus oiliúna rialta ag Comhlachtaí a sholáthraíonn gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

Maidir le soláthar na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin.

7.   Beidh rochtain ag na gnóthais incháilithe uile sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil.

Maidir le soláthar na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, i gcás inar grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi sin, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar na gníomhaíochtaí sin.

Aon ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le costais riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, beidh sí teoranta do na costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar.

8.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

I gcás tionscadail taisealbhaidh dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), beidh an t-uasmhéid cabhrach teoranta do EUR 100 000 le linn 3 bliana fhioscacha.

Airteagal 22

Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha

1.   Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Ceapfar an chabhair le cuidiú le gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus le feirmeoirí óga tairbhiú de sheirbhísí comhairleacha a úsáid.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT.

3.   Beidh an chomhairle nasctha le haon chuspóir sonrach amháin ar a laghad a shonraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus cumhdófar ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas léi:

(a)

oibleagáidí a eascraíonn as na ceanglais reachtúla bhainistíochta agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

na ceanglais mar a leagann na Ballstáit síos iad chun Treoir 2000/60/CE, Treoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE, Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), Rialachán (AE) 2016/2031, Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), Airteagal 55 ó Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) agus Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40) a chur chun feidhme;

(c)

cleachtais feirme a sheachnaíonn go dtagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha chun cinn mar a thagraítear di sa Teachtaireacht faoin gcur chuige Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (41);

(d)

cosc ar riosca agus bainistíocht riosca;

(e)

nuachóiriú, neartú iomaíochais, comhtháthú earnálach, díriú ar an margadh agus cur chun cinn na fiontraíochta agus na nuálaíochta, go háirithe chun tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(f)

teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 114, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115;

(g)

bainistiú inbhuanaithe cothaitheach, lena n-áirítear, ar a dhéanaí, ó 2024 amach, Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothaithigh a úsáid, dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2021/2115;

(h)

coinníollacha fostaíochta agus oibleagáidí fostóirí chomh maith le sláinte agus sábháilteacht cheirde, agus tacaíocht shóisialta i bpobail talmhaíoch;

(i)

táirgeadh inbhuanaithe beatha, meastóireacht ar bheatha ó thaobh cion cothaitheach agus luachanna beatha, doiciméadú, pleanáil agus rialú beatha ainmhithe feirme bunaithe ar riachtanais de.

4.   Féadfar saincheisteanna a chumhdach leis an gcomhairle freisin, seachas na cinn dá dtagraítear i mír 3, atá nasctha le feidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil an ghabháltais talmhaíochta lena n-áirítear gnéithe iomaíochais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin comhairle maidir le slabhraí soláthair gairide a fhorbairt, an fheirmeoireacht orgánach, fuinneamh inbhuanaithe a shábháil, an éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh agus a úsáid don talmhaíocht, bithéagsúlacht nó feidhmíocht bhithéagsúlachta a mhéadú agus gnéithe sláinte d’fheirmeoireacht ainmhithe.

5.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fóirdheontais.

6.   Beidh na hacmhainní iomchuí ag na comhlachtaí a roghnaítear chun an tseirbhís chomhairleach a sholáthar i bhfoirm foirne ar a gcuirtear oiliúint rialta agus atá cáilithe agus beidh taithí chomhairleach acu agus beidh siad iontaofa i leith na réimsí ina dtugann siad comhairle.

Maidir le soláthar na seirbhísí comhairleacha, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil soláthraí na seirbhíse comhairlí neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa aige.

7.   Beidh rochtain ag na gnóthais incháilithe uile sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil.

I gcás inar grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi sholáthar seirbhísí comhairleacha, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís.

Maidir le haon ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le costais riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, beidh sí teoranta do na costais a bhaineann leis an tseirbhís chomhairleach a sholáthar.

8.   Beidh méid na cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe suas le EUR 25 000 (ach amháin iad siúd faoi mhír 4) in aghaidh na tréimhse 3 bliana, le haghaidh comhairle arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí do thairbhí aonair atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta

9.   Beidh méid na cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe suas le EUR 200 000 (ach amháin iad siúd faoi mhír 4) in aghaidh na tréimhse 3 bliana, le haghaidh comhairle arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí do thairbhí aonair atá gníomhach i bpróiseáil agus margú táirgí talmhaíochta.

Airteagal 23

Cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm

1.   Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Leis an gcabhair, cumhdófar na fíorchostais a thabhaítear i leith ionadú feirmeora, duine nádúrtha ar comhalta de theaghlach feirme é, nó oibrí feirme, le linn neamhláithreacht ón obair de dheasca breoiteachta, lena n-áirítear breoiteacht a linbh agus breoiteacht thromchúiseach comhchónaitheora, ar breoiteacht í a éilíonn síorchúram, laethanta saoire, saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoireachta, seirbhís mhíleata éigeantach nó i gcás báis nó i gcás Airteagal 21(3), pointe (c).

3.   Beidh fad iomlán an ionadaithe teoranta do 3 mhí in aghaidh na bliana in aghaidh an tairbhí, cé is moite d’ionadú le haghaidh saoire mháithreachais agus thuismitheoireachta agus ionadú i rith seirbhís mhíleata éigeantach. Maidir le saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoireachta, beidh fad an ionadaithe teoranta do 6 mhí sa dá chás. Maidir le seirbhís mhíleata éigeantach, beidh fad an ionadaithe teoranta d’fhad na seirbhíse.

4.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fóirdheontais.

Maidir le soláthar na seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm, féadfaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin. Sa chás sin, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís.

5.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na fíorchostais a thabhaítear.

Airteagal 24

Cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta

1.   Beidh cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Cumhdófar na costais le haghaidh an méid seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

eagrú comórtas, aontaí trádála agus taispeántas agus rannpháirtíocht iontu;

(b)

foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne ar tháirgí talmhaíochta a mhúscailt.

3.   Ní dhéanfar tagairt d’aon ghnóthas, ainm branda ná tionscnamh ar leith sna foilseacháin dá dtagraítear i mír 2, pointe (b).

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tagairtí do thionscnamh táirgí talmhaíochta a chumhdaítear leo seo a leanas:

(a)

scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (a), ar choinníoll go bhfuil an tagairt ag freagairt go díreach don tagairt atá cosanta ag an Aontas;

(b)

scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (b) agus (c), ar choinníoll go bhfuil an tagairt tánaisteach sa teachtaireacht.

4.   Leis an gcabhair, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas le haghaidh eagrú comórtas, aontaí trádála agus taispeántas agus rannpháirtíocht iontu:

(a)

táillí rannpháirtíochta;

(b)

costais taistil agus costais le haghaidh iompar ainmhithe agus le haghaidh iompar na dtáirgí a chumhdófar leis an ngníomhaíocht cur chun cinn;

(c)

costais a bhaineann le foilseacháin agus suíomhanna gréasáin lena bhfógraítear an ócáid;

(d)

áitreabh taispeántais agus seastáin a fháil ar cíos agus na costais a bhaineann lena suiteáil agus lena ndíchóimeáil;

(e)

duaiseanna siombalacha suas le luach EUR 3 000 in aghaidh na duaise agus in aghaidh buaiteoir comórtais.

5.   Leis an gcabhair, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas a bhaineann le foilseacháin arb é is aidhm dóibh feasacht an phobail i gcoitinne ar tháirgí talmhaíochta a mhúscailt:

(a)

costais a bhaineann le foilseacháin sna meáin chlóite agus leictreonacha, le suíomhanna gréasáin, agus le míreanna sna meáin leictreonacha, ar an raidió nó ar an teilifís, arb é is aidhm dóibh faisnéis fhíorasach a chur i láthair faoi thairbhithe ó réigiún ar leith nó táirge talmhaíochta ar leith a tháirgeadh, ar choinníoll gur faisnéis neodrach í agus go bhfuil comhdheiseanna ag na tairbhithe uile lena mbaineann ionadaíocht a fháil san fhoilseachán;

(b)

costais a bhaineann le heolas eolaíoch agus faisnéis fhíorasach a leathadh faoin méid seo a leanas:

(i)

na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 20(2) atá ar oscailt do tháirgí talmhaíochta ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha;

(ii)

táirgí talmhaíochta cineálacha agus a dtairbhí cothaitheacha agus cineálacha úsáide a mholadh dóibh.

6.   Déanfar an ghníomhaíocht a dheonú ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)

mar chabhair chomhchineáil;

(b)

ar bhonn aisíoc na bhfíorchostas arna dtabhú ag an tairbhí;

(c)

maidir le cabhair le haghaidh duaiseanna siombalacha, in airgead tirim freisin.

I gcás ina ndeonaítear an chabhair ina cabhair chomhchineáil, beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fóirdheontais.

Maidir le soláthar na mbeart cur chun cinn, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin.

Cabhair le haghaidh duaiseanna siombalacha dá dtagraítear i mír 4, pointe (e), ní íocfar le soláthraí na mbeart cur chun cinn í ach amháin má dámhadh an duais iarbhír agus ar choinníoll go gcuirtear cruthúnas ar an dámhachtain i láthair.

7.   Beidh rochtain ag na gnóthais uile sa limistéar lena mbaineann ar chabhair le haghaidh bearta cur chun cinn, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil.

I gcás inar grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi sholáthar an bhirt cur chun cinn, ní bheidh ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin mar choinníoll rannpháirtíochta. Aon ranníocaíocht a dhéanann neamhchomhaltaí le táillí riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, beidh sí teoranta don chostas a bhaineann leis na gníomhaíochtaí cur chun cinn a sholáthar.

8.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 25

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú

1.   Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Cabhair chun damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú, beidh an chabhair sin faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:

(a)

d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit go hoifigiúil go bhfuil tréithe ag roinnt leis an teagmhas gur teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha atá ann;

(b)

tá nasc cúisíoch díreach ann idir an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus an damáiste a rinneadh don ghnóthas.

3.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhunú roimh ré ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i mír 2, pointe (a) a bheith deonaithe.

4.   Íocfar an chabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas.

I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.

5.   Scéimeanna cabhrach a bhaineann le teagmhas díobhálach atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, bunófar iad laistigh de 3 bliana agus íocfar an chabhair 4 bliana ón dáta a tharlaíonn an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.

6.   Comhfhreagróidh na costais incháilithe don damáiste a thabhaítear mar iarmhairt dhíreach ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, mar a mheasúnaíonn údarás poiblí, saineolaí neamhspleách a aithníonn an t-údarás deonúcháin nó gnóthas árachais.

7.   Maidir leis an damáiste a thabhaítear de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, déanfar é a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair. Féadfaidh an chabhair a bheith ag baint leo seo a leanas:

(a)

caillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirteach ar an táirgeadh talmhaíochta agus ar an modh táirgeachta dá dtagraítear i mír 8;

(b)

damáiste ábhartha dá dtagraítear i mír 9.

8.   Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:

(a)

an toradh atá ar chainníocht na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh i mbliain an teagmhaisdhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó gach bliain ina dhiaidh sin dá ndéantar difear le scrios iomlán nó páirteach ar an modh táirgeachta, an toradh atá ar an gcainníocht sin a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas le linn na bliana sin;

ón méid seo a leanas:

(b)

an toradh atá ar mheánchainníocht bhliantúil na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, nó ar mheán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, an toradh atá ar an méid sin, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle, a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas.

I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, déanfar an tagairt don tréimhse 3 bliana i mír 8, pointe (b) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg agus a dhíol meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, eadhon micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, faoi seach, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearnadh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha difear di.

Féadfar an caillteanas ioncaim a ríomh ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal na mbarr nó ar leibhéal an bheostoic.

Féadfar méid an chaillteanais ioncaim a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an tairbhí de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha.

Laghdófar méid an chaillteanais ioncaim sin le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.

Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta an tairbhí a ríomh ar choinníoll go gceadaítear leis an modh ríomha a úsáidtear fíorchaillteanas an tairbhí a chinneadh sa bhliain ar leith.

9.   An damáiste ábhartha a dhéantar do shócmhainní, amhail foirgnimh, trealamh agus innealra feirme, stoic agus modh táirgeachta, de bharr an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, ríomhfar é ar bhonn chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.

Ní sháróidh sé an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an margadhluach cothrom ba shiocair leis an tubaiste, eadhon an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an teagmhas díobhálach aeráide agus go díreach i ndiaidh an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha.

I gcás ina ríomhtar caillteanas ioncaim an tairbhí dá dtagraítear i mír 8 ar bhonn leibhéal na mbarr nó leibhéal an bheostoic, ní chuirfear ach amháin an damáiste ábhartha i ndáil leis an mbarr sin nó leis an mbeostoc sin san áireamh.

10.   Déanfar laghdú 50 % ar a laghad ar chabhair mura ndeonaítear í do thairbhithe a ghlac cumhdach árachais lena gcumhdaítear 50 % ar a laghad dá meántáirgeadh bliantúil nó dá n-ioncam i ndáil le táirgeadh agus na rioscaí aeráide is minice dá bhfuil ann de réir staidreamh sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann dá bhforáiltear an cumhdach árachais.

11.   Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun na caillteanais a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais, beidh sí teoranta do 80 % de na costais incháilithe.

Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas go 90 % i limistéir ina bhfuil sriantaí nádúrtha.

Airteagal 26

Cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú

1.   Cabhair le haghaidh na gcostas a chumhdach a bhaineann le galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharlaíonn de bharr na ngalar ainmhithe nó na lotnaidí plandaí sin, beidh siad comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin iad i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Beidh an chabhair faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní íocfar í ach i ndáil le galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí arb ann do rialacha de chuid an Aontais nó rialacha náisiúnta ina leith, cibé acu a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin iad;

(b)

beidh sí ina cuid de cheann amháin díobh seo a leanas:

(i)

clár poiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach chun an galar ainmhithe nó an lotnaid plandaí lena mbaineann a chosc, a rialú nó a dhíothú;

(ii)

bearta éigeandála a d’fhorchuir údarás inniúil an Bhallstáit;

(iii)

bearta chun lotnaid plandaí a dhíothú nó a shrianadh atá á gcur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 18, Airteagal 28(1) agus (2) agus Airteagal 29(1) agus (2), 30(1) agus 33(1) de Rialachán (AE) 2016/2031;

(iv)

bearta chun galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429.

Sa chlár agus sna bearta dá dtagraítear i bpointe (b), beidh tuairisc ar na bearta coisc, rialúcháin nó díothúcháin lena mbaineann.

3.   Maidir le galair ainmhithe, deonófar an chabhair i leith galair ainmhithe, dá dtagraítear i liosta na ngalar ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429, i liosta na zónóisí a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42) nó i liosta na ngalar, na n-ionfhabhtuithe agus na n-inmhíoluithe den Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún a bhunaigh an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.

4.   Féadfar cabhair a dheonú freisin i leith galair atá ag teacht chun cinn, ar galair iad a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/429.

5.   Ní bhainfidh an chabhair le bearta a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais gur gá don tairbhí costas na mbeart sin a sheasamh, mura rud é go ndéantar costas na mbeart sin a fhritháireamh ina n-iomláine le muirir éigeantacha ar na tairbhithe.

6.   Íocfar cabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin.

I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.

7.   Tabharfar scéimeanna cabhrach a bhaineann le galar ainmhithe nó lotnaid plandaí isteach laistigh de 3 bliana agus íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharla an costas nó an damáiste arbh é an galar ainmhithe nó an lotnaid plandaí ba shiocair leis.

8.   I gcás beart maidir le galar ainmhithe, lotnaidí plandaí nó speiceas coimhthíoch ionrach, a chiallaíonn speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 (43) agus speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát mar a shainmhínítear in Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, nár tharla fós (“bearta coisctheacha”), cumhdóidh an chabhair na costais incháilithe seo a leanas:

(a)

seiceálacha sláinte;

(b)

anailísí, lena n-áirítear diagnóisic in vitro;

(c)

tástálacha agus bearta eile maidir le scagadh, lena n-áirítear tástálacha ESI agus ESB;

(d)

ceannach, stóráil, dáileadh agus riar vacsaíní, cógas, substaintí cóireála ainmhithe agus táirgí cosanta plandaí agus táirgí bithicídeacha;

(e)

marú nó ciondíothú ainmhithe nó scrios táirgí ainmhithe agus plandaí agus glanadh agus dífhabhtú nó dífhíniú an ghabháltais agus an trealaimh;

(f)

bearta bithshlándála a leagan amach nó a fheabhsú.

9.   I gcás bearta rialaithe agus díothúcháin, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

tástálacha agus bearta eile maidir le scagadh i gcás galair ainmhithe, lena n-áirítear tástálacha ESI agus ESB;

(b)

ceannach, stóráil, dáileadh agus riar vacsaíní, cógas, substaintí cóireála ainmhithe agus táirgí cosanta plandaí;

(c)

marú nó ciondíothú agus scrios ainmhithe agus scrios táirgí atá nasctha leo, nó scrios plandaí, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann bás nó a scriostar de dheasca vacsaíní nó bearta eile a ordaíonn na húdaráis phoiblí inniúla;

(d)

na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú an ghabháltais agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine nó an veicteora.

10.   I gcás cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú, ní ríomhfar an cúiteamh ach ar an mbonn seo a leanas amháin:

(a)

margadhluach na n-ainmhithe a maraíodh nó a ciondíothaíodh nó a fuair bás nó margadhluach na dtáirgí, atá nasctha leo, nó na bplandaí a scriosadh:

(i)

de dheasca an ghalair ainmhithe nó na lotnaide plandaí;

(ii)

mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);

(b)

caillteanas ioncaim de dheasca oibleagáidí coraintín, deacrachtaí i dtaca le hathstocáil nó le hathchur agus uainíocht éigeantach na mbarr a fhorchuirtear mar chuid de chlár poiblí nó de bheart dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);

(c)

costais athsholáthair an trealaimh a scriosadh faoi ordú údaráis inniúla an Bhallstáit.

Chun críche na chéad fhomhíre, pointe (a), bunófar an margadhluach sin ar bhonn luach na n-ainmhithe, na dtáirgí agus na bplandaí go díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar ainmhithe nó faoin lotnaid plandaí nó sular deimhníodh go raibh an chúis amhrais ann.

11.   Déanfar an cúiteamh a ríomhtar i gcomhréir le mír 10 a laghdú:

(a)

le haon chostas nár tabhaíodh go díreach de dheasca an ghalair ainmhithe nó na lotnaide plandaí a thabhódh an tairbhí murach sin;

(b)

le haon ioncam arna dhéanamh trí dhíol táirgí a bhaineann leis na hainmhithe a maraíodh agus a dealaíodh agus leis na plandaí a scriosadh chun críche coisctheacha nó díothúcháin ar ordú na n-údarás inniúil.

12.   An chabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú, beidh sí teoranta do na costais agus don damáiste a d’eascair as na galair ainmhithe agus na lotnaidí plandaí a ndearnadh údarás inniúil an Bhallstáit an méid seo a leanas ina leith:

(a)

d’aithin sé ráig go foirmiúil, i gcás galar ainmhithe;

(b)

thug sé aitheantas foirmiúil go raibh siad ann, i gcás lotnaidí plandaí.

13.   Maidir le cabhair i ndáil leis na costais incháilithe dá dtagraítear i míreanna 8 agus 9, deonófar ina cabhair chomhchineáil í agus íocfar le soláthraí na mbeart coisc, rialaithe agus díothúcháin í.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar cabhair i ndáil leis na costais incháilithe dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas a dheonú go díreach leis an tairbhí ar bhonn aisíoc na bhfíorchostas a thabhaíonn an tairbhí:

(a)

mír 8, pointí (d) agus (e) agus mír 9, pointe (b), i gcás galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí;

(b)

mír 8, pointe (e), agus mír 9, pointe (c), i gcás lotnaidí plandaí agus le haghaidh ghlanadh agus dhífhabhtú an ghabháltais agus an trealaimh.

14.   Ní dheonófar aon chabhair aonair má bhunaítear gur rud a rinne an tairbhí d’aon ghnó nó faillí an tairbhí ba chúis leis an ngalar ainmhithe nó leis an inmhíolú leis an lotnaid plandaí.

15.   Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta nó faoi bhearta de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais nó faoi chistí frithpháirteacha le haghaidh na gcostas incháilithe céanna dá dtagraítear i míreanna 8, 9 agus 10, beidh siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 27

Cabhair le haghaidh earnáil an bheostoic agus cabhair le haghaidh stoc a fuair bás

1.   Beidh an chabhair seo a leanas le haghaidh feirmeoirí beostoic comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Cumhdófar na costais le haghaidh an méid seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais riaracháin a bhaineann le bunú agus coinneáil pórleabhar;

(b)

na tástálacha a dhéanann tríú páirtithe nó a dhéantar thar a gceann, chun cainníocht ghéiniteach nó toradh beostoic a chinneadh, cé is moite de rialuithe a dhéanann úinéir an bheostoic agus gnáthrialuithe ar cháilíocht an bhainne;

(c)

baint an stoic a fuair bás;

(d)

scrios an stoic a fuair bás;

(e)

baint agus scrios an stoic a fuair bás i gcás ina maoinítear an chabhair trí tháillí nó trí ranníocaíochtaí éigeantacha chun scrios an stoic sin a fuair bás a mhaoiniú, ar choinníoll go bhfuil na táillí nó na ranníocaíochtaí sin teoranta d’earnáil na feola agus go ndéantar iad a fhorchur go díreach uirthi;

(f)

na costais a bhaineann le baint agus scrios an stoic a fuair bás i gcás ina bhfuil oibleagáid ann tástálacha ESI a dhéanamh ar an stoc lena mbaineann a fuair bás nó i gcás ráig galair ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 26(3).

3.   Beidh na cineálacha cabhrach dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d), (e) agus (f) coinníollach ar chlár faireacháin comhsheasmhach a bheith ann lena n-áirithítear diúscairt shábháilte na stoc uile a fuair bás sa Bhallstát.

Maidir leis an gcabhair le haghaidh chostais na bpréimheanna a íocann feirmeoirí le haghaidh árachais lena gcumhdaítear na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh dá dtagraítear i mír 2, pointe (e) den Airteagal seo, beidh sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 28(2).

4.   Cabhair chomhchineáil a sholáthrófar agus ní bheidh íocaíochtaí díreacha leis na tairbhithe i gceist léi.

Chun riar na cabhrach dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d), (e) agus (f) a éascú, féadfar an chabhair a íoc le hoibreoirí eacnamaíocha nó le comhlachtaí a chomhlíonann na coinníollacha sin a leanas:

(a)

tá siad gníomhach go hiartheachtach ó na gnóthais atá gníomhach in earnáil an bheostoic;

(b)

soláthraíonn siad seirbhísí atá nasctha le baint agus scrios an stoic a fuair bás.

5.   Beidh an déine cabhrach teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

70 % de na costais ar thástálacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b);

(b)

75 % de na costais a bhaineann le scrios dá dtagraítear i mír 2;

(c)

100 % de na costais a bhaineann le costais riaracháin, baint, scrios agus préimh árachais a bhaineann le baint dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (d), (e) agus (f).

Airteagal 28

Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha

1.   Beidh cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Maidir le cabhair chun préimheanna árachais a íoc:

(a)

ní bheidh sí ina bacainn le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí árachais;

(b)

ní bheidh sí teoranta d’árachas a sholáthraíonn cuideachta árachais amháin nó grúpa cuideachtaí;

(c)

ní bheidh sí faoi réir an choinníll go nglactar an conradh árachais le cuideachta a bunaíodh sa Bhallstát lena mbaineann.

3.   Beartófar an t-árachas chun caillteanais a thabhaítear de bharr aon cheann díobh seo a leanas a chumhdach:

(a)

tubaistí nádúrtha;

(b)

teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide eile;

(c)

galair ainmhithe nó lotnaid plandaí nó ainmhithe cosanta;

(d)

cúiteamh as na préimheanna árachais le haghaidh árachais lena gcumhdaítear na costais a bhaineann leis an stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh.

4.   Maidir leis an árachas:

(a)

ní chúiteofar leis ach amháin an costas a bhaineann leis na caillteanais dá dtagraítear i mír 3 a shlánú;

(b)

ní cheanglófar leis ná ní shonrófar leis cineál ná cainníocht an táirgthe talmhaíochta amach anseo.

5.   Féadfaidh na Ballstáit méid na préimhe árachais atá incháilithe le haghaidh cabhrach a theorannú le huasteorainneacha iomchuí a chur i bhfeidhm.

6.   Comhlíonfaidh an ciste frithpháirteach lena mbaineann na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

creidiúnóidh an t-údarás inniúil é i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b)

bearta trédhearcacha i leith íocaíochtaí isteach sa chiste agus aistarraingtí amach as;

(c)

rialacha soiléireachta lena leagtar síos freagrachtaí as fiacha ar bith a thabhaítear.

7.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú na gcistí frithpháirteacha a shainiú, go háirithe maidir le híocaíochtaí cúitimh a dheonú agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil do phionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an tairbhí sna socruithe cistí.

8.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 70 % de chostais na préimhe árachais nó den ranníocaíocht airgeadais leis an gciste frithpháirteach.

Airteagal 29

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú

1.   Beidh an chabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a shlánú comhoiriúnach don mhargadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh agus beidh díolúine acu ón gceanglas fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) de sin i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán.

2.   Suífidh an Ballstát nasc cúise díreach, de bhun mhír 5, idir an damáiste a dhéantar agus iompraíocht an ainmhí chosanta.

3.   Íocfar cabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas sin. I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.

4.   Bunófar an scéim cabhrach laistigh de 3 bliana agus íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste.

5.   Is éard a bheidh i gceist leis na costais incháilithe na costais a tharlaíonn mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, ag saineolaí neamhspleách a bheidh aitheanta ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais.

Féadfar an méid seo a leanas a áireamh sna costais incháilithe:

(a)

ainmhithe a maraíodh nó plandaí a scriosadh: bunaítear na costais incháilithe ar mhargadhluach na n-ainmhithe a maraíodh nó na bplandaí a scriosadh de dheasca na n-ainmhithe cosanta;

(b)

costais indíreacha: costais tréidliachta a eascraíonn as cóireáil a chur ar ainmhithe gortaithe agus costais saothair a bhaineann le hainmhithe atá ar iarraidh a chuardach, le caillteanas ioncaim i ngeall ar thorthaí táirgeachta níos ísle atá nasctha le hionsaithe a rinne na hainmhithe cosanta;

(c)

an damáiste ábhartha do na sócmhainní a leanas: trealamh feirme, innealra agus foirgnimh agus stoic feirme; beidh ríomh an damáiste ábhartha bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar dochar nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas ba chúis leis an damáiste; beidh sé faoi bhun an chostais deisiúcháin nó an laghdaithe ar an margadhluach cothrom mar thoradh ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an teagmhas agus go díreach ina dhiaidh.

6.   Déanfar an damáiste a ríomh ag leibhéal an tairbhí aonair.

Laghdófar an méid sin le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais ba chúis leis an damáiste, a thabhódh an tairbhí murach sin.

7.   Iarrfaidh údaráis inniúla na mBallstát iarracht íosta ó na tairbhithe chun maolú a dhéanamh ar an riosca maidir le saobhadh ar an iomaíocht agus chun dreasacht a sholáthar le haghaidh an riosca sin a íoslaghdú. Beidh an iarracht sin i bhfoirm bearta coisctheacha, amhail sconsaí sábháilteachta i gcás inar féidir, nó madraí cosanta beostoic, agus beidh na cearta coisctheacha sin comhréireach don riosca damáiste de bharr ainmhithe cosanta sa limistéar lena mbaineann, mura féidir na bearta sin a ghlacadh go réasúnta. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an gcéad ionsaí ar ainmhí cosanta i limistéar ar leith.

8.   Déanfar cabhair faoin Airteagal seo a theorannú go 100 % de na costais incháilithe.

9.   Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun an damáiste a shlánú, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh an damáiste dá bhfaightear cabhair, beidh sí teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 30

Cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht

1.   An chabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht, atá nasctha le gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “caomhnú in situ” acmhainní géiniteacha a chaomhnú in éiceachórais agus i ngnáthóga nádúrtha, agus daonraí speiceas inmharthana nó daonraí fiaphórtha inmharthana a chothabháil agus a athshlánú ina dtimpeallachtaí nádúrtha féin agus, i gcás pórtha ainmhithe clóis nó i gcás speiceas plandaí saothraithe, sa timpeallacht feirme inar fhorbair siad a gcuid saintréithe féin;

(b)

ciallaíonn “caomhnú ar an bhfeirm” caomhnú agus forbairt in situ ar leibhéal na feirme;

(c)

ciallaíonn “caomhnú ex situ” caomhnú ábhair ghéinitigh le haghaidh talmhaíochta lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha;

(d)

ciallaíonn “bailiú ex situ” bailiú ábhair ghéinitigh le haghaidh talmhaíochta a chothaítear lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha.

3.   Maidir leis na gealltanais pórtha áitiúla a thógáil, ar pórtha iad a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad, nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol ó chreimeadh géiniteach a chaomhnú, áireofar ceann de na nithe seo a leanas ar na gealltanais sin:

(a)

tógtar ainmhithe feirme ar pórtha áitiúla iad;

(b)

caomhnaítear acmhainní géiniteacha plandaí atá oiriúnaithe go nádúrtha do na dálaí áitiúla agus réigiúnacha agus atá i mbaol creimeadh géiniteach.

4.   Measfar gur pórtha atá i mbaol pórtha áitiúla má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2016/1012 agus má leagtar amach na coinníollacha sin freisin agus má áirítear iad san fhaisnéis atá le cur ar fáil don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(1): den Rialachán seo.

5.   Beidh na speicis ainmhithe feirme seo a leanas incháilithe le haghaidh cabhrach: eallach; caoirigh; gabhair; eachainmhithe; muca; éin; coiníní agus beacha.

6.   Measfar go bhfuil acmhainní géiniteacha plandaí i mbaol ó chreimeadh géiniteach ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach faoi chreimeadh géiniteach ann, bunaithe ar thorthaí eolaíocha nó ar tháscairí lena léirítear laghdú ar phórtha dúchasacha nó ar chineálacha pórtha céadrata áitiúla, ar a n-éagsúlacht daonra agus, i gcás inarb ábhartha, lena léirítear athruithe sna cleachtais talmhaíochta atá i réim go háitiúil, agus go dtugtar tuairisc ar an bhfianaise atá le foilsiú de bhun Airteagal 9(1), pointe (b).

7.   Cumhdófar na costais le haghaidh na n-oibríochtaí seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

gníomhaíochtaí dírithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid in situ agus ex situ acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, agus fardail de bhailithe ex situ agus de bhunachair sonraí;

(b)

gníomhaíochtaí comhbheartaithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear malartú faisnéise chun cinn le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i dtalmhaíocht an Aontais, i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;

(c)

bearta tionlacain: gníomhaíochtaí faisnéise, leata agus comhairleacha a bhfuil baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile leo, cúrsaí oiliúna agus ullmhú tuarascálacha teicniúla.

8.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 31

Cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe

1.   Beidh cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Deonófar an chabhair do ghnóthais a ghabhann orthu féin, ar bhonn deonach, oibríochtaí a dhéanamh arb é atá iontu gealltanas amháin nó níos mó maidir le leas ainmhithe dá dtagraítear i mír 7.

3.   Ní thabharfaidh na Ballstáit cabhair ach amháin le haghaidh gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear le Teideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 agus ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile arna mbunú leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

4.   Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo ach amháin le haghaidh gealltanais nach ionann iad agus na gealltanais ar deonaíodh íocaíochtaí ina leith faoi Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115.

5.   Déanfar na caighdeáin agus na ceanglais shainordaitheacha uile dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a shainaithint agus déanfar cur síos orthu sa bhunús dlí náisiúnta.

6.   I gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, ar ceanglais iad a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar tacaíocht a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas.

7.   Maidir le gealltanais i ndáil le leas ainmhithe atá incháilithe chun cabhair a fháil, soláthrófar caighdeáin uasghrádaithe ó thaobh modhanna táirgeachta in aon cheann de na réimsí a leanas:

(a)

uisce, beatha, cúram sláinte ainmhithe i gcomhréir leis na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;

(b)

dálaí tithíochta lena gcuirtear le compord agus saoirse gluaiseachta na n-ainmhithe, amhail lamháltais maidir le spás breise, dromchlaí urláir, solas nádúrtha, rialáil mhiocraeráide, mar aon le dálaí tithíochta amhail tithíocht saorbhreithe nó tithíocht grúpa, ag brath ar na riachtanais nádúrtha a bhaineann le hainmhithe;

(c)

dálaí lenar féidir le hainmhithe iompraíocht nádúrtha a chleachtadh, amhail an timpeallacht mhaireachtála a shaibhriú nó scoitheadh mall

(d)

rochtain ar an taobh amuigh agus féarach;

(e)

cleachtais lena gcuirtear le stóinseacht agus fad saoil ainmhithe, lena n-áirítear pórtha a fhásann níos moille;

(f)

cleachtais a sheachnaíonn ciorrú nó coilleadh ainmhithe. I gcásanna sonracha ina meastar go bhfuil gá le hainmhithe a chiorrú nó a choilleadh, ní mór úsáid a bhaint as ainéistéisigh, anailgéise agus cógas fríth-athlastach nó imdhíonchoilleadh;

(g)

bearta sláintíochta, lena gcuirtear cosc ar ghalair neamh-tharchurtha, nach gá substaintí leighis a úsáid ina leith amhail vacsaíní, feithidicídí nó drugaí frithsheadánacha.

8.   Déanfar gealltanais maidir le leas ainmhithe ar feadh tréimhse idir 1 bhliain amháin agus 7 mbliana. I gcás inar gá chun sochair áirithe maidir le leas ainmhithe a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh.

9.   Is féidir conradh maidir le gealltanais a athnuachan go huathoibríoch freisin, má thugtar tuairisc ar a shonraí sa chonradh. Bunóidh na Ballstáit an sásra maidir leis na gealltanais leasa ainmhithe a athnuachan i gcomhréir lena rialacha náisiúnta ábhartha. Déanfar tuairisc ar shásra den sórt sin sa bhunús dlí náisiúnta. Beidh an athnuachan faoi réir coinníollacha de bhun an Airteagail seo i gcónaí.

10.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin Airteagal seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú.

11.   I gcás gealltanais a thabharfar de bhun an Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát clásal athbhreithnithe ar fáil chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar na ceanglais agus na caighdeáin sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear i míreanna 3 agus 7.

12.   Deonófar an chabhair go bliantúil chun na feirmeoirí a chúiteamh as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh na ngealltanas maidir le leas ainmhithe, nó as cuid de.

13.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais dá dtagraítear i mír 12 agus ní rachaidh sí thar EUR 500 in aghaidh an aonaid bheostoic.

Airteagal 32

Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talmhaíochta

1.   Beidh cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talmhaíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Ní dhéanfar cabhair a dheonú ach amháin chun comhar a chur chun cinn, rud a chuidíonn le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach.

3.   Beidh baint ag dhá ghníomhaí ar a laghad leis na cineálacha comhair a chumhdaítear leis an Airteagal seo gan beann ar iad a bheith gníomhach in earnáil na talmhaíochta, ach faoi réir an chomhair a théann chun tairbhe d’earnáil na talmhaíochta den chuid is mó.

4.   Féadfaidh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith incháilithe:

(a)

comhar i measc gnóthais éagsúla san earnáil talmhaíochta, sa bhiashlabhra agus i measc gníomhaithe eile atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe, a chuidíonn le cuspóirí agus tosaíochtaí an bheartais forbartha tuaithe a bhaint amach;

(b)

braislí agus gréasáin a chruthú;

(c)

comharbas feirme, go háirithe le haghaidh athnuachan ghlúine ar leibhéal na feirme (beidh cabhair teoranta d’fheirmeoirí a bhfuil an aois scoir bainte amach acu, nó d’fheirmeoirí a mbeidh an aois scoir bainte amach acu faoi dheireadh na hoibríochta, arna chinneadh ag an mBallstát lena mbaineann de réir a reachtaíochta náisiúnta).

5.   Ní dheonófar an chabhair i ndáil le comhar nach bhfuil ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann.

6.   Deonófar an chabhair le haghaidh comhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

treoirthionscadail;

(b)

táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil an bhia a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta;

(c)

comhar i measc oibreoirí beaga in earnáil na talmhaíochta maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt;

(d)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;

(e)

gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a fhorbairt;

(f)

gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;

(g)

cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh in-athnuaite (44) a úsáid agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;

(h)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i soláthar inbhuanaithe bithmhaise lena úsáid i dtáirgeadh bia más táirge talmhaíochta a thagann as agus táirgeadh fuinnimh lena chaitheamh féin é an toradh;

(i)

straitéisí forbartha áitiúla, seachas na straitéisí sin dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, seachas na grúpaí sin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   Ní dhéanfar cabhair a dheonú ach amháin do chineálacha nua comhair, lena n-áirítear comhar atá ann cheana, ach amháin má tá gníomhaíocht nua á tosú acu.

8.   Cabhair chun slabhraí soláthair gairide a bhunú agus a fhorbairt, dá dtagraítear i mír 6, pointí (d) agus (e), ní chumhdófar léi ach slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir an feirmeoir agus an tomhaltóir.

9.   Ba cheart Airteagail 206 go 210a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chomhlíonadh le cabhair faoin Airteagal seo.

10.   Comhlíonfaidh oibríochtaí ar infheistíochtaí iad na rialacha agus na ceanglais, mar a shonraítear san Airteagal is infheidhme maidir le cabhair infheistíochta sa Rialachán seo, chomh maith le hAirteagal 4 maidir le tairseacha fógartha.

11.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí talmhaíochta:

(a)

costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadal comhair;

(b)

costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;

(c)

costais oibriúcháin an chomhair;

(d)

costais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme, lena n-áirítear costais a bhaineann le beochan;

(e)

na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn.

12.   Beidh an chabhair teoranta d’uastréimhse 7 mbliana.

13.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

14.   I gcás oibríochtaí dá dtagraítear i mír 11, pointe (d), arb é atá iontu infheistíochtaí, beidh an chabhair sin teoranta d’uasdéine cabhrach na cabhrach infheistíochta, mar a shonraítear sa Airteagal ábhartha maidir le cabhair infheistíochta.

Roinn 2

Cabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil sa talmhaíocht

Airteagal 33

Cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le limistéir Natura 2000

1.   Beidh cabhair le haghaidh na míbhuntáistí i ndáil le limistéir thalmhaíocht Natura 2000 comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Deonófar an chabhair go bliantúil agus in aghaidh an heicteáir de thalamh talmhaíochta chun na tairbhithe a chúiteamh as costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh, rud a eascraíonn as míbhuntáistí sna limistéir thalmhaíochta a ndéanann cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE difear dóibh go díreach.

3.   Ní dheonófar cabhair ach amháin i ndáil le míbhuntáistí a eascraíonn as ceanglais a théann thar na Dea-choinníollacha Talmhaíochta agus Comhshaoil ábhartha (“caighdeáin CEC”) a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 mar aon leis na coinníollacha a bhunaítear maidir leis an limistéar talmhaíochta a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2021/2115.

4.   Ní íocfar cabhair ach amháin i ndáil leis na limistéir thalmhaíochta seo a leanas:

(a)

limistéir thalmhaíochta Natura 2000;

(b)

limistéir cosanta nádúir eile arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil atá infheidhme maidir le feirmeoireacht agus a chuidíonn le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE; na limistéir atá ainmnithe faoi Natura 2000 a chumhdaítear faoi raon feidhme críochach an Phlean Straitéisigh CBT ábhartha, ní sháróidh na limistéir sin 5 % dóibh.

5.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais dá dtagraítear i mír 2 agus ní sháróidh sí EUR 500 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana sa tréimhse tosaigh nach mó ná cúig bliana agus EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana dá éis sin.

Airteagal 34

Cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide

1.   Beidh cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Féadfar an chabhair a dheonú do gach gnóthas agus do gach grúpa gnóthas den sórt sin a ghabhann orthu féin, ar bhonn deonach, oibríochtaí a dhéanamh arb é atá iontu ceann amháin nó níos mó de na gealltanais dá dtagraítear i mír 1 d’fhonn na hathruithe is gá ar chleachtais talmhaíochta a chaomhnú agus a chur chun cinn, ar athruithe iad a rannchuidíonn go dearfach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid.

3.   Ní chuirfidh na Ballstáit cabhair ar fáil ach do ghealltanais a théann níos faide ná an méid a leanas:

(a)

na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;

(c)

na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115.

4.   Déanfar na caighdeáin agus na ceanglais shainordaitheacha uile dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint agus déanfar cur cíos orthu sa bhunús dlí náisiúnta.

5.   Maidir leis na gealltanais dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), i gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar tacaíocht a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas.

6.   Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag na gnóthais a fhaigheann cabhair faoin mbeart seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú.

7.   Tabharfar faoi ghealltanais faoin Airteagal seo ar feadh tréimhse idir cúig bliana agus seacht mbliana. Mar sin féin, más gá chun na tairbhí comhshaoil a lorgaítear a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh. Le haghaidh gealltanas maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha, le haghaidh gealltanais nua a thugtar díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra, tréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad, a chinneadh.

8.   Cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide do thairbhithe seachas gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, féadfar í a dheonú faoi Roinn 7.

9.   Gealltanais chun an fheirmeoireacht bheostoic a leathnú, comhlíonfaidh siad na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:

(a)

déanfar iomlán an limistéir innilte a bhainistiú agus a chaomhnú chun ró-innilt nó tearc-innilt a sheachaint;

(b)

déanfar dlús beostoic a shainiú lena gcuirtear san áireamh gach beostoc féaraigh a choinnítear ar an bhfeirm nó, i gcás gealltanas chun láisteadh cothaitheach a theorannú, gach ainmhí a choinnítear ar an bhfeirm a bhaineann leis an ngealltanas atá i gceist.

10.   Féadfar scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin, a chumhdach leis an gcabhair chun feirmeoirí a spreagadh chun cur go mór le cáilíocht an chomhshaoil ar scála níos mó nó ar bhealach intomhaiste. Áiritheoidh scéimeanna feirmeoireachta carbóin atá bunaithe ar thorthaí go gcomhlíonfar critéir cháilíochta maidir le cainníochtú, breisíocht, stóráil fhadtéarmach agus inbhuanaitheacht, agus an Teachtaireacht maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin (45) a mhéid a bhaineann le deimhniú aistrithe carbóin á cur san áireamh freisin.

11.   I gcás gealltanais a thabharfar de bhun an Airteagal seo, beidh clásal maidir le hathbhreithniú iontu chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar na ceanglais, caighdeáin agus coinníollacha sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 9.

12.   Deonófar an chabhair go bliantúil chun na feirmeoirí a chúiteamh as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh na ngealltanas agra-chomhshaoil-aeráide, nó as cuid de.

13.   Ní dheonófar aon chabhair faoin Airteagal seo maidir le gealltanais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 35.

14.   Íocfar an chabhair in aghaidh an heicteáir.

15.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe agus ní sháróidh sí EUR 600 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra bliantúla, EUR 900 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra speisialaithe ilbhliantúla agus EUR 450 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh úsáidí talún eile.

Airteagal 35

Cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí

1.   Beidh cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Féadfar cabhair a dheonú do gach gnóthas nó do ghrúpa gnóthas a thugann, ar bhonn deonach, faoi chleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a aistriú chuici nó a chothabháil mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/848.

3.   Ní chuirfidh na Ballstáit cabhair ar fáil ach do ghealltanais a théann níos faide ná an méid a leanas:

(a)

na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (EU) 2021/2115;

(b)

na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;

(c)

na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.

4.   Déanfar na caighdeáin agus na ceanglais shainordaitheacha uile a shainaithint agus déanfar cur cíos orthu sa bhunús dlí náisiúnta.

5.   Maidir leis na gealltanais dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), i gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar tacaíocht a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas.

6.   Tabharfar na gealltanais dá dtagraítear i mír 3 i gcrích thar thréimhse thosaigh idir cúig bliana agus seacht mbliana. Chun sochair chomhshaoil áirithe a lorgaítear a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh, lena n-áirítear trí bhíthin foráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis an tréimhse tosaigh a fhoirceannadh. I gcás ina ndeonaítear cabhair chun tiontú chuig an bhfeirmeoireacht orgánach, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a chinneadh. Maidir le gealltanais nua a bhaineann le cothabháil díreach tar éis an ghealltanais a cuireadh i gcrích sa tréimhse tosaigh, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a chinneadh.

7.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin Airteagal seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú.

8.   I gcás gealltanais a thabharfar de bhun an Airteagal seo, beidh clásal maidir le hathbhreithniú iontu chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar na ceanglais, caighdeáin agus coinníollacha sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear i mír 3.

9.   Deonófar na híocaíochtaí go bliantúil agus tabharfaidh siad cúiteamh do na feirmeoirí as an uile chostas breise agus ioncam ligthe thar ceal de thoradh na ngealltanas a rinneadh, nó as cuid de. Ní dheonófar cabhair faoin Airteagal seo le haghaidh gealltanais a chumhdaítear le hAirteagal 34, ná le haghaidh costais a chumhdaítear le hAirteagal 20.

10.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíocht i dtáirgeadh príomhúil agus i bpróiseáil agus i margú táirgí orgánacha faoi réir fhorálacha Airteagail 14 agus 17.

11.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe agus ní sháróidh sí EUR 600 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra bliantúla, EUR 900 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh barra speisialaithe ilbhliantúla agus EUR 450 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana le haghaidh úsáidí talún eile.

Roinn 3

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha

Airteagal 36

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí

1.   Beidh cabhair le haghaidh infheistíochtaí atá dírithe ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha ábhartha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Deonófar an chabhair le haghaidh infheistíochtaí dírithe ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí.

3.   Deonófar an chabhair le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha i bhfoirm tírdhreach nádúrtha agus foirgneamh, rud atá aitheanta go foirmiúil ag na húdaráis phoiblí inniúla de chuid an Bhallstáit lena mbaineann mar oidhreacht chultúrtha nó nádúrtha.

4.   Leis an gcabhair, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas a bheartaítear le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha:

(a)

costais infheistíochta i sócmhainní inláimhsithe;

(b)

oibreacha caipitlithe.

5.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

6.   Beidh an chabhair le haghaidh oibreacha caipitlithe teoranta do EUR 10 000 in aghaidh na bliana.

Roinn 4

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú

Airteagal 37

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú

1.   Beidh na scéimeanna cabhrach chun an díobháil a tharla de bharr tubaistí nádúrtha a shlánú comhoiriúnach don mhargadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2), pointe (b) den Chonradh agus beidh díolúine acu ón gceanglas fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) de sin i gcás ina gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Beidh an chabhair faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní íocfar í ach amháin nuair a bheidh aitheanta ag údarás inniúil an Bhallstáit go foirmiúil gur teagmhas de chineál tubaiste nádúrtha an teagmhas;

(b)

i gcás ina bhfuil nasc cúise díreach idir an tubaiste nádúrtha agus an damáiste a dhéantar don ghnóthas.

3.   Íocfar an chabhair go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas.

I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní sháróidh méid na cabhrach an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh.

4.   Bunófar scéimeanna cabhrach a bhaineann le tubaiste nádúrtha laistigh de 3 bliana agus íocfar an chabhair laistigh de 4 bliana ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha.

5.   Is éard a bheidh sna costais incháilithe an damáiste a tharla mar thoradh díreach ar an tubaiste nádúrtha, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, nó ag saineolaí neamhspleách a bheidh aitheanta ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais.

6.   Maidir leis an damáiste a thabhaítear de dheasca na tubaiste nádúrtha, déanfar é a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair.

7.   Féadfaidh an chabhair a bheith ag baint leo seo a leanas:

(a)

caillteanas ioncaim a thagann as scrios iomlán nó páirteach ar an táirgeadh talmhaíochta agus ar an modh táirgeachta dá dtagraítear i mír 8;

(b)

damáiste ábhartha dá dtagraítear i mír 9.

8.   Ríomhfar an caillteanas ioncaim le dealú an méid seo a leanas:

(a)

an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an chainníocht táirgí talmhaíochta a tháirgtear le linn bhliain na tubaiste nádúrtha, nó i ngach bliain ina dhiaidh sin atá buailte ag scrios iomlán nó páirtscrios an mhodha táirgeachta, faoin meánphraghas díola le linn na bliana sin,

ón méid seo a leanas:

(b)

an toradh atá ar mheánchainníocht bhliantúil na dtáirgí talmhaíochta a táirgeadh sa tréimhse 3 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, nó an meán thar 3 bliana bunaithe ar thréimhse 5 bliana sular tharla an tubaiste nádúrtha, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle, a iolrú faoin meánphraghas díola a fuarthas.

I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná 3 bliana ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha, ní mór an tagairt do na tréimhsí 3 bliana i mír 8, pointe (b) a thuiscint mar thagairt don chainníocht a tháirg meánghnóthas den mhéid céanna den iarratasóir, eadhon micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, faoi seach, san earnáil náisiúnta nó réigiúnach a ndearnadh an tubaiste nádúrtha difear di.

Féadfar an caillteanas ioncaim a ríomh ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal na mbarr nó ar leibhéal an bheostoic.

Féadfar an méid sin a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an tairbhí a bhaineann go díreach leis an tubaiste nádúrtha.

Laghdófar an méid sin faoi aon chostas nár tabhaíodh de dheasca na tubaiste nádúrtha.

Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí a ríomh ar choinníoll go gceadaítear leis an modh ríomha a úsáidtear fíorchaillteanas an tairbhí a chinneadh sa bhliain ar leith.

9.   An damáiste ábhartha a dhéantar do shócmhainní amhail foirgnimh, trealamh agus innealra feirme, stoic agus modhanna táirgeachta de bharr na tubaiste nádúrtha, ríomhfar é ar bhonn chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó ar bhonn luach eacnamaíoch na sócmhainne sin go díreach roimh an tubaiste.

Ní bheidh sé níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom mar thoradh ar an tubaiste, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an tubaiste agus go díreach ina diaidh.

10.   Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun na caillteanais a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais, beidh siad teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Roinn 5

Cabhair le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta

Airteagal 38

Cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha in earnálacha agus fo-earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 2 go 10 den Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Beidh an tionscadal dá dtugtar cabhair ina thionscadal leasa ghinearálta do na gnóthais uile atá gníomhach san earnáil nó san fho-earnáil lena mbaineann mar a thagraítear dóibh i mír 1.

3.   Roimh dháta tosaigh an tionscadail dá dtugtar cabhair, foilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:

(a)

go gcuirfear an tionscadal dá dtugtar cabhair i gcrích;

(b)

spriocanna an tionscadail dá dtugtar cabhair;

(c)

neasdáta le haghaidh fhoilsiú na dtorthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair;

(d)

ionad foilsithe na dtorthaí a bhfuil coinne leo ón tionscadal dá dtugtar cabhair ar an idirlíon;

(e)

go mbeidh torthaí an tionscadail dá dtugtar cabhair ar fáil saor in aisce do na gnóthais uile atá gníomhach san earnáil nó san fho-earnáil lena mbaineann.

4.   Cuirfear torthaí an tionscadail dá dtugtar cabhair ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair nó ón dáta a thugtar aon fhaisnéis i dtaca leis na torthaí sin do chomhaltaí aon eagraíochta ar leith, pé dáta is túisce. Leanfaidh na torthaí de bheith ar fáil ar an idirlíon ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad dar tús dáta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair.

5.   Íocfar an chabhair go díreach leis an eagraíocht taighde agus/nó leata eolais.

6.   Ní bheidh i gceist leis an gcabhair íocaíochtaí le gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta nó na foraoiseachta bunaithe ar phraghas na dtáirgí talmhaíochta nó foraoiseachta.

7.   Is iad seo a leanas na costais incháilithe:

(a)

na costais foirne i ndáil le taighdeoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta eile a mhéid a fhostaítear don tionscadal iad;

(b)

costais na n-ionstraimí agus an trealaimh a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad; i gcás nach n-úsáidtear na hionstraimí ná an trealamh sin le haghaidh shaolré iomlán an tionscadail, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

(c)

costas na bhfoirgneamh agus na talún, a mhéid a úsáidtear don tionscadal iad agus fad a úsáidtear dó sin iad agus faoi na coinníollacha a leanas:

(i)

maidir le foirgnimh, is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh go ginearálta leo, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe;

(ii)

maidir le talamh, is costais incháilithe iad costais a bhaineann le haistriú tráchtála nó costais chaipitil a thabhaítear iarbhír;

(d)

costais a bhaineann le taighde conarthach, le heolas agus le paitinní a cheannaítear nó a cheadúnaítear ó fhoinsí seachtracha de réir coinníollacha maidir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách, mar aon leis na costais a bhaineann le seirbhísí comhairleoireachta agus seirbhísí coibhéiseacha a úsáidtear go heisiach don tionscadal;

(e)

forchostais bhreise agus speansais oibríochta eile, lena n-áirítear costais ábhar, soláthar agus táirgí comhchosúla, a thabhaítear go díreach mar thoradh ar an tionscadal.

8.   I gcás ina saothraíonn eagraíocht taighde agus/nó leata eolais gníomhaíochtaí eacnamaíocha freisin, déanfar maoiniú, costais agus ioncaim na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a chur san áireamh ar leithligh.

9.   Gnóthais ar féidir leo tionchar a imirt ar eagraíocht taighde agus/nó leata eolais, ó thaobh cháilíocht na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, mar shampla, ní féidir leo rochtain fhabhrach a fháil ar a hacmhainneachtaí taighde ná ar na torthaí a ghineann sí.

10.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 39

Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN

1.   Maidir le cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN a chumhdaítear le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2021/2115, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh agus díolmhófar í ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe maidir le tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN:

(a)

costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadal de chuid Grúpa Oibríochtúil CEN;

(b)

cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;

(c)

ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair an ghrúpa;

(d)

costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme thionscadal de chuid Grúpa Oibríochtúil CEN;

(e)

cur i bhfeidhm phobal CEN chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

3.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar na huasrátaí tacaíochta a fhoráiltear maidir le gach cineál oibríochta i Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 40

Méideanna teoranta cabhrach do FBManna atá ag tairbhiú de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN

1.   Maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 39(1) den Rialachán seo, nó maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar í ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Méid iomlán na cabhrach a dheonaítear in aghaidh an tionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN, ní rachaidh sé thar EUR 500 000.

Roinn 6

Cabhair i bhfabhar na foraoiseachta

Airteagal 41

Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí

1.   Beidh cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Leis an gcabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí, cumhdófar na costais bhunaíochta agus préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir.

Féadfar oibríochtaí infheistíochta a chumhdach leis an gcabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí.

3.   An chabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí i ndáil le hoibríochtaí infheistíochta, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas léi:

(a)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar thorthaí na staidéar sin, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointí (a) ná (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart, trádmharcanna;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó le hionstraimí coibhéiseacha a bhunú.

Cabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT agus a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais, féadfar a chuimsiú leis an gcabhair sin costais incháilithe eile seachas iad sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar choinníoll go bhfuil na costais go hiomlán incháilithe faoin bPlean Straitéiseach CBT ábhartha agus go gcuirtear an chabhair i bhfeidhm tar éis don Choimisiún an Plean Straitéiseach ábhartha a fhormheas.

Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.

4.   Maidir le hoibríochtaí infheistíochta lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair.

5.   Beidh na costais bhunaíochta seo a leanas incháilithe:

(a)

costais an ábhair plandála agus iomadaithe;

(b)

na costais phlandála agus na costais atá nasctha go díreach leis an bplandáil;

(c)

na costais a bhaineann le hoibríochtaí gaolmhara eile amhail stóráil agus cóireáil na síológ leis na hábhair choisc agus chosanta is gá;

(d)

na costais a bhaineann le hathsholáthar críonadh le linn na chéad bhliana agus le hathsholáthar críonadh ar mhionscála le linn na chéad bhlianta tar éis na plandála. Ní fhéadfar tacú le hathsholáthar críonadh ar mhórscála ach faoi Airteagal 43 amháin.

6.   Leis an bpréimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir, cumhdófar an ioncaim atá ligthe thar ceal agus na costais chothabhála, lena n-áirítear glantacháin luatha agus dheireanacha, ar feadh uastréimhse 12 bhliain ón dáta a dheonaítear an chabhair.

7.   Ní dheonófar cabhair chun na crainn seo a leanas a chur:

(a)

crainn le haghaidh roschoill ghearruainíochta;

(b)

crainn Nollag;

(c)

crainn a fhásann go tapa le haghaidh táirgeadh fuinnimh;

(d)

speicis andúchasacha sa limistéar, ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú an Phlean Straitéiseach CBT;

(e)

infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil comhsheasmhach leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil i gcomhréir le prionsabail inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí atá sna Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú (46).

8.   Is speicis a bheidh in oiriúint do dhálaí comhshaoil agus aeráide an limistéir na speicis agus comhlíonfar leo na híoscheanglais chomhshaoil dá dtagraítear i bpointe (12).

9.   I limistéir ina bhfuil sé deacair foraoisiú a dhéanamh de dheasca diandálaí peidichlíomacha, féadfar cabhair a sholáthar chun speicis ilbhliantóg adhmadach a chur amhail toir nó sceacha atá oiriúnach do na dálaí áitiúla.

10.   Beidh cabhair le haghaidh fiontair mhóra coinníollach ar fhaisnéis ábhartha ó phlean bainistíochta foraoisí nó ó ionstraim choibhéiseach a chur i láthair i gcomhréir leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip (47).

Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.

11.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

12.   Beidh feidhm ag na híoscheanglais chomhshaoil seo a leanas i gcomhthéacs cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí:

(a)

De bharr roghnú na speiceas atá le cur, roghnú na limistéar agus na modhanna atá le húsáid, seachnófar foraoisiú míchuí ar ghnáthóga íogaire amhail tailte portaigh agus bogaigh agus seachnófar drochthionchar ar limistéir ardluacha ó thaobh na héiceolaíochta lena n-áirítear limistéir faoi fheirmeoireacht ardluacha nádúrtha. De bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE ar láithreáin ainmnithe an chláir Natura 2000, ní cheadófar ach foraoisiú atá comhsheasmhach le cuspóirí bainistíochta na láithreán lena mbaineann agus a comhaontaíodh le húdarás an Bhallstáit atá i gceannas ar chur chun feidhme an chláir Natura 2000;

(b)

de bharr roghnú speiceas crann, cineálacha crann, éicitíopaí crann agus bunáitíochta crann, cuirfear san áireamh an gá lena mbaineann athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha, staid pheideolaíoch, agus hidreolaíoch an limistéir lena mbaineann, mar aon leis an ngné ionrach a d’fhéadfadh a bheith ag na speicis faoi dhálaí áitiúla mar atá sainithe ag na Ballstáit. Beidh sé de cheangal ar an tairbhí an fhoraois a chosaint agus a chaomhnú ar a laghad le linn na tréimhse ina n-íoctar an phréimh as ioncam talmhaíochta ligthe thar ceal agus as cothabháil. Áireofar air sin caomhnú, tanú nó féarach mar is iomchuí, ar mhaithe leis an bhforbairt a dhéanfar ar an bhforaois san am atá amach romhainn agus an iomaíocht le fásra luibheach a rialú agus méadú ábhar scrobarnaí inlasta a sheachaint. Maidir le speicis a fhásann go tapa, déanfaidh na Ballstáit uasteorainn ama agus íosteorainn ama maidir le leagan crann a shainiú. Ní bheidh an íostréimhse níos lú na 8 mbliana agus ní bheidh an uastréimhse níos faide ná 20 bliain;

(c)

i gcásanna nuair, de dheasca droch-dhálaí ithreach, comhshaoil nó aeráide, lena n-áirítear díghrádú an chomhshaoil, nach féidir a bheith ag súil leis go mbeadh bunú cumhdaigh foraoise ann mar a shainmhínítear i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme é, de thoradh speicis ilbhliantúla adhmadacha a chur, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann cead a thabhairt don tairbhí cumhdach fásra adhmadaigh eile a bhunú amhail toir agus toim atá in oiriúint do na dálaí áitiúla. Áiritheoidh an tairbhí an leibhéal céanna cúraim agus cosanta is infheidhme maidir le foraoisí;

(d)

i gcás oibríochtaí foraoisithe ar dá mbarr a chruthófar foraoisí de mhéid is mó ná tairseach áirithe, a shaineoidh na Ballstáit, is éard a bheidh san oibríocht ná ceachtar den dá ní seo a leanas:

(i)

ní chuirtear ach speicis atá oiriúnaithe go héiceolaíoch nó speicis atá athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide sa limistéar bithgheografach lena mbaineann, agus a fuarthas, trí mheasúnú tionchar, nach bhfuil ina mbaol don bhithéagsúlacht ná do sheirbhísí éiceachórais, agus nach bhfuil tionchar diúltach acu ar shláinte an duine;

(ii)

meascán de speiceas crann lena n-áirítear 10 % ar a laghad de chrainn leathanduilleacha de réir limistéir, nó íosmhéid de thrí speiceas nó cineál crann, arb ionann an cineál crann is lú líonmhaireachta agus 10 % den limistéar.

Airteagal 42

Cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Leis an gcabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta, cumhdófar na costais bhunaíochta, athghiniúna nó athchóirithe agus préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir.

3.   Féadfar oibríochtaí infheistíochta a chumhdach leis an gcabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta.

4.   Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, leis an gcabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta i ndáil le hoibríochtaí infheistíochta, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas:

(a)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é nach dtabhaítear aon chaiteachas dá dtagraítear faoi phointí (a) agus (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart, trádmharcanna;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó le hionstraim choibhéiseach a bhunú.

Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.

5.   Maidir le hoibríochtaí infheistíochta lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais.

6.   Na costais seo a leanas le haghaidh bhunú, athghiniúint nó athchóiriú an chórais agrafhoraoiseachta, beidh siad incháilithe:

(a)

na costais a bhaineann le crainn a chur, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis an ábhar plandála, leis an bplandáil, le stóráil agus le cóireálacha na síológ leis na hábhair choisc agus chosanta is gá;

(b)

na costais a bhaineann le foraoisí nó coillearnach eile atá ann cheana a thiontú, lena n-áirítear na costais a bhaineann le leagan crann, tanú agus prúnáil agus cosaint in aghaidh féaránach;

(c)

costais eile atá nasctha go díreach le bunú, athghiniúint nó athchóiriú córais agrafhoraoiseachta amhail costais le haghaidh staidéir féidearthachta, plean bunaíochta, scrúdú na hithreach agus ullmhú agus chosaint na hithreach;

(d)

na costais a bhaineann le féarach silva, is é sin saoráidí uisciúcháin agus cosanta le haghaidh córais féaraigh;

(e)

na costais a bhaineann leis an gcóireáil riachtanach i dtaca le bunú, athghiniúint nó athchóiriú córais agrafhoraoiseachta, lena n-áirítear uisciú agus gearradh;

(f)

na costais a bhaineann le hathchur le linn na chéad bhliana tar éis bunú, athghiniúint agus athchóiriú córais agrafhoraoiseachta.

7.   Leis an bpréimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir, cumhdófar costais chothabhála an chórais agrafhoraoiseachta agus íocfar ar feadh uastréimhse 12 bhliain ón dáta a dheonaítear an chabhair í.

Féadfaidh baint a bheith ag na costais chothabhála incháilithe leis na criosanna crann bunaithe, le baint lustain, prúnáil agus tanú agus gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí cosanta amhail claíocha nó feadáin chosanta aonair.

8.   Cinnfidh na Ballstáit struchtúr agus comhdhéanamh an chórais agrafhoraoiseachta, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

dálaí peidichlíomacha agus comhshaoil áitiúla;

(b)

speicis foraoiseachta;

(c)

an gá atá le húsáid talmhaíochta inbhuanaithe na talún a áirithiú.

9.   Beidh an uasdéine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 43

Cabhair chun an damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú

1.   Cabhair chun an damáiste d’fhoraoisí a tharlaíonn de bharr dóiteán foraoise, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, teagmhais thurraingeacha, teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide a chosc agus a athchóiriú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(2), pointe (b), nó Airteagal 107(3), pointe (c), faoi seach den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

bunú bonneagair cosanta, lena n-áirítear costais chothabhála a chumhdach leis an gcabhair i gcás toitbhearnaí;

(b)

gníomhaíochtaí cosanta áitiúla ar mhionscála in aghaidh dóiteán nó guaiseacha nádúrtha eile, lena n-áirítear na costais a bhaineann le húsáid ainmhithe féaraigh, amhail seideanna, uisciúchán, sconsaí agus iompar na n-ainmhithe;

(c)

áiseanna faireacháin i dtaca le dóiteáin foraoise, lotnaidí agus galair chomh maith le trealamh cumarsáide a bhunú agus a fheabhsú;

(d)

athchóiriú a dhéanamh ar acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta a ndearnadh damáiste dó de dheasca dóiteán, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide.

3.   Ní dheonófar an chabhair le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta i limistéir a chumhdaítear le gealltanais dá dtagraítear in Airteagal 34.

4.   Na limistéir foraoise a bhaineann leis an bplean cosanta foraoisí a bhunaíonn an Ballstát lena mbaineann, agus na limistéir sin amháin, beidh siad incháilithe le haghaidh cabhair chun dóiteáin a chosc.

5.   I gcás ina ndéantar athchóiriú ar an acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), beidh an chabhair faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

aitheantas foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann gur tharla an dóiteán, an tubaiste nádúrtha, an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhas díobhálach aeráide eile, lotnaidí plandaí, teagmhas turraingeach nó teagmhas a bhaineann leis an athrú aeráide, agus beidh an chabhair faoi réir cruthúnas a bheith curtha isteach ag na tairbhithe ar uirlisí bainistíochta riosca ábhartha iomchuí chun dul i ngleic le tarlú féideartha an teagmhais is cúis leis an damáiste amach anseo, i gcás inarb iomchuí;

(b)

aitheantas foirmiúil ag údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann gur cuireadh chun feidhme na bearta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 chun dul i ngleic le lotnaid plandaí, nó chun lotnaid plandaí a dhíothú nó chun srian a choinneáil uirthi;

(c)

i gcás cabhair faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, cruthúnas a bheith curtha isteach ag na tairbhithe go gcuimseofar leis an athchóiriú sin bearta oiriúnúcháin i ndáil leis an athrú aeráide, seachas sa chás go mbeadh bearta oiriúnúcháin den sórt sin ina gcuid lárnach den scéim agus go mbeadh feidhm acu maidir leis na tairbhithe uile.

6.   I gcás cabhair chun cosc a chur le damáiste d’fhoraois a rinne lotnaidí plandaí, tacófar leis an riosca a bhaineann le tarlú na lotnaide plandaí le fianaise eolaíoch agus aithneoidh eagraíocht phoiblí eolaíoch é.

An liosta de speicis lotnaide plandaí a dhéanann damáiste nó a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh, áireofar é sa scéim cabhrach nó sa chabhair ad hoc a chuirfidh an Ballstát ábhartha isteach.

7.   Beidh na gníomhaíochtaí nó na tionscadail dá dtugtar cabhair comhsheasmhach leis an bplean cosanta foraoisí a bhunaíonn an Ballstát.

I gcás athbhunú na hacmhainneachta foraoiseachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), beidh an chabhair le haghaidh fiontair mhóra coinníollach ar fhaisnéis ábhartha ó phlean bainistíochta foraoisí nó ó ionstram choibhéiseach a chur i láthair i gcomhréir leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.

8.   Ní dheonófar cabhair le haghaidh caillteanas ioncaim a thagann as dóiteáin, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide.

9.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Maidir leis an gcabhair a dheonaítear le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (d) agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéantar faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh na gcostas incháilithe céanna, beidh sí teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 44

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí

1.   An chabhair le haghaidh infheistíochtaí chun athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachórais foraoisí a fheabhsú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Díreofar infheistíochtaí ar ghealltanais d’aidhmeanna comhshaoil a bhaint amach, chun seirbhísí éiceachórais a sholáthar nó feabhas a chur ar luach taitneamhachta poiblí foraoisí agus coillearnaí sa limistéar lena mbaineann nó chun an méid a d’fhéadfadh éiceachóras maolú agus oiriúnú an athraithe aeráide a fheabhsú, gan tairbhí eacnamaíocha san fhadtéarma a eisiamh. Eiseofar speicis andúchasacha sa limistéar, ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú an Phlean Straitéiseach CBT.

3.   Maidir le hinfheistíochtaí lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair. Mar sin féin, beidh cabhair a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais díolmhaithe ón gcoinníoll sin.

4.   Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % de na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointí (a) ná (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó le hionstraim choibhéiseach a bhunú.

(f)

costais an ábhair plandála agus iomadaithe;

(g)

na costais phlandála agus na costais atá nasctha go díreach leis an bplandáil;

(h)

na costais a bhaineann le hoibríochtaí gaolmhara eile amhail stóráil agus cóireáil na síológ leis na hábhair choisc agus chosanta is gá;

(i)

na costais a bhaineann le hathsholáthar críonadh le linn na chéad bhliana agus le hathsholáthar críonadh ar mhionscála le linn na chéad bhlianta tar éis na plandála. Ní fhéadfar tacú le hathsholáthar críonadh ar mhórscála ach faoi Airteagal 43 amháin.

5.   Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, costais, seachas na costais dá dtagraítear i mír 4, pointí (a) agus (b), i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais, ní mheasfar gur costais incháilithe iad.

Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.

6.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 45

Cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

1.   Maidir le cabhair a bhaineann le míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar a fhorchuirtear le ceanglais a thagann as cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE nó Threoir 2009/147/CE, a dheonaítear do shealbhóirí foraoisí agus do bhainisteoirí foraoisí agus dá gcomhlachais, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Deonófar an chabhair go bliantúil agus in aghaidh an heicteáir de limistéar foraoise chun na tairbhithe a chúiteamh as costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh a thagann as míbhuntáistí sna limistéir foraoise dá dtagraítear i mír 3, i ndáil le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE.

3.   Ní íocfar cabhair ach amháin i ndáil leis na limistéir foraoiseachta seo a leanas:

(a)

Limistéir foraoise Natura 2000;

(b)

gnéithe den tírdhreach atá ina rannchuidiú le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE agus ní sháróidh siad 5 % de na limistéir a áirítear le líonra Natura 2000 a chumhdaítear le raon feidhme críochach an Phlean Straitéisigh lena mbaineann.

4.   Féadfar cabhair a dheonú do shealbhóirí foraoise, bainisteoirí foraoise, agus dá gcomhlachais.

5.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais dá dtagraítear i mír 2 agus ní sháróidh sí EUR 500 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana sa tréimhse tosaigh nach faide ná cúig bliana agus EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana dá éis sin.

Airteagal 46

cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí

1.   An chabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide agus le haghaidh caomhnú foraoise, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Ní chumhdófar leis an gcabhair ach gealltanais bainistíochta dheonacha atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaint amach a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 6(1) den Rialachán (AE) 2021/2115 a théann thar na ceanglais shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le foraoiseacht nó le reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile nó reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais.

3.   Déanfar na ceanglais shainordaitheacha uile dá dtagraítear i mír 2 a shainaithint agus déanfar cur cíos orthu sa bhunús dlí náisiúnta.

4.   Tabharfar faoi na gealltanais ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 7 mbliana. Mar sin féin, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar iomchuí leis, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse níos faide le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas.

5.   I gcás gealltanais a thabharfar de bhun an Airteagal seo, beidh clásal maidir le hathbhreithniú iontu chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú i gcás leasuithe ar na ceanglais shainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear i mír 2.

6.   Leis an gcabhair, cúiteofar na tairbhithe as na costais bhreise uile nó cuid díobh agus as an ioncam uile nó cuid de a tarscaoileadh mar thoradh ar thabhairt faoi na gealltanais dá dtagraítear i mír 2.

7.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh sé thar EUR 200 in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana.

8.   I gcás ina bhforáiltear do chabhair faoi Phlean Straitéiseach, féadfar an t-uasmhéid dá bhforáiltear i mír 7 a mhéadú i gcásanna eisceachtúla, agus imthosca sonracha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach sin á gcur san áireamh.

Airteagal 47

Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise i bhfabhar gnóthas atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo ar aon dul leis an tuairisc a thugtar ar AKIS sa Phlean Straitéiseach CBT.

2.   Leis an gcabhair, cumhdófar gníomhaíochtaí gairmoiliúna agus éadála scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna agus oiliúnú, gníomhaíochtaí taisealbhaidh, gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn na nuálaíochta.

Féadfar a chumhdach leis an gcabhair freisin malartuithe bainistíochta foraoisí gearrthéarmacha agus cuairteanna ar fhoraoisí lena ndíreofar, go háirithe, ar mhodhanna inbhuanaithe maidir le feirmeoireacht agus foraoiseacht, agus/nó ar theicneolaíochtaí, ar fhorbairt deiseanna nua gnó agus teicneolaíochtaí nua, agus ar athléimneacht na foraoise a fheabhsú.

Féadfar costais infheistíochta ábhartha a chumhdach le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí taisealbhaidh.

3.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais a bhaineann leis an gníomhaíocht malartaithe eolais nó faisnéise a eagrú agus a sheachadadh;

(b)

i gcás tionscadail taisealbhaidh i ndáil le hinfheistíochtaí:

(i)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán eile a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;

(ii)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(iii)

(iii)costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (i) agus faoi phointe (ii);

(iv)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;

(c)

na costais taistil, chóiríochta agus na speansais per diem de chuid na rannpháirtithe.

Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre.

4.   Ní bheidh na costais dá dtagraítear i mír 3, pointe (b), incháilithe ach amháin a mhéid a thabhaítear iad le haghaidh an tionscadail taisealbhaidh agus ar feadh fhad tréimhse an tionscadail taisealbhaidh.

5.   Is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail taisealbhaidh, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a bheidh incháilithe.

6.   An chabhair dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), ní bheidh íocaíochtaí díreacha le tairbhithe i gceist léi. Íocfar an chabhair le soláthraí na ngníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise.

7.   Beidh na hacmhainneachtaí iomchuí i bhfoirm cáilíochtaí foirne agus oiliúna rialta ag Comhlachtaí a sholáthraíonn gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise chun na cúraimí sin a chur i gcrích.

8.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 48

Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Ní gníomhaíocht leanúnach ná thréimhsiúil a bheidh sna seirbhísí lena mbaineann, ná ní bhaineann siad le costais oibriúcháin an ghnóthais. Cumhdóidh seirbhísí comhairleacha gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta agus cuirfidh siad faisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch ar fáil atá cothrom le dáta agus a ceapadh trí bhíthin taighde agus nuálaíochta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Airteagal seo ar aon dul leis an tuairisc a thugtar ar AKIS sa Phlean Straitéiseach CBT.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar le córas na seirbhísí comhairleacha ar a laghad saincheisteanna i ndáil le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, Threoir 2000/60/CE, Threoir 2008/50/CE, Threoir 2009/147/CE, Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031, Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus Threoir 2009/128/CE.

4.   Beidh an chabhair i bhfoirm seirbhís fóirdheontais.

Beidh na hacmhainní iomchuí ag na comhlachtaí a roghnaítear chun an tseirbhís chomhairleach a sholáthar i bhfoirm foirne ar a gcuirtear oiliúint rialta agus atá cáilithe agus beidh taithí chomhairleach acu agus beidh siad iontaofa i leith na réimsí ina dtugann siad comhairle.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil soláthraí na seirbhíse comhairlí neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa aige.

6.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis agus inarb iomchuí, féadfar an chomhairle a sholáthar go páirteach i ngrúpa, agus staid thairbhithe aonair na seirbhísí comhairleacha á cur san áireamh san am céanna.

7.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh sí thar EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais laistigh d’aon tréimhse 3 bliana.

Airteagal 49

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta

1.   Maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Maidir le hinfheistíochtaí lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cabhair a sholáthraítear i bhfoirm ionstraimí airgeadais.

3.   Beidh cabhair le haghaidh fiontair mhóra coinníollach ar fhaisnéis ábhartha ó phlean bainistíochta foraoisí nó ó ionstraim choibhéiseach a chur i láthair i gcomhréir leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip.

Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.

4.   Féadfar a chumhdach leis an gcabhair infheistíochtaí i ndáil le bonneagar a bhaineann le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú foraoisí. Más rud é go ndeonaítear an chabhair lasmuigh de chreat Phlean Straitéiseach CBT, ní chumhdófar ach na nithe seo a leanas léi:

(a)

rochtain ar thalamh foraoise;

(b)

comhdhlúthú agus feabhsú na talún;

(c)

soláthar fuinnimh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar agus coigilt uisce;

(d)

úsáid beostoic in ionad innealra;

(e)

saoráidí stórála sealadaí a bhunú.

5.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán eile a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún le haghaidh caomhnú comhshaoil más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas, lena n-áirítear úsáid beostoic in ionad innealra, suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta nó réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí agus a n-ionstraimí coibhéiseacha a bhunú.

6.   Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe iad na costais seo a leanas:

(a)

costais, seachas na costais dá dtagraítear i mír 5, pointí (a) agus (b), i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais agus

(b)

caipiteal oibre.

7.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 65 % de na costais incháilithe.

Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí atá nasctha le haon cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha comhshaoil agus na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (e), (f) agus (g);

(b)

infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

8.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 100 % le haghaidh infheistíochtaí neamhtháirgiúla, comhdhlúthú talún, feabhsú talún agus infheistíochtaí le haghaidh bóithre foraoise atá ar oscailt saor in aisce don phobal agus a fhónann do ghnéithe ilfheidhmeacha na foraoise.

Airteagal 50

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú

1.   Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoise agus i bpróiseáil agus i gcur in úsáid táirgí foraoiseachta agus táirgí foraoiseachta a mhargú, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Maidir le hinfheistíochtaí lena gceanglaítear measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol faoi Threoir 2011/92/AE, beidh an chabhair faoi réir an choinníll go ndearnadh an measúnú sin agus gur deonaíodh an toiliú don fhorbairt le haghaidh an tionscadail infheistíochta lena mbaineann roimh an dáta a dheonaítear an chabhair aonair.

3.   Beidh cabhair le haghaidh fiontair mhóra coinníollach ar fhaisnéis ábhartha ó phlean bainistíochta foraoisí nó ó ionstraim choibhéiseach a chur i láthair i gcomhréir leis na Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip.

4.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

maoin dhochorraithe a thógáil, a shealbhú, lena n-áirítear an mhaoin a léasú, nó a fheabhsú, gan ceannach talún a bheith incháilithe ach amháin a mhéid nach mó é ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán eile a bhaineann leis an oibríocht lena mbaineann cé is moite de cheannach talún le haghaidh caomhnú comhshaoil más rud é go ndeonaítear an chabhair faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT;

(b)

innealra agus trealamh a cheannach nó a cheannach ar léas suas le margadhluach na sócmhainne;

(c)

costais ghinearálta atá nasctha leis an gcaiteachas dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), amhail táillí ailtirí, innealtóirí agus comhairliúcháin, táillí i ndáil le comhairle faoi inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch, lena n-áirítear staidéir féidearthachta; leanfaidh staidéir féidearthachta de bheith ina gcaiteachas incháilithe fiú amháin, más rud é, bunaithe ar a dtorthaí, nach dtabhaítear aon chaiteachas faoi phointe (a) ná faoi phointe (b);

(d)

sealbhú, forbairt nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta nó réiteach cosúil, agus sealbhú paitinní, ceadúnas, cóipcheart agus trádmharcanna;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí agus lena gcoibhéis a bhunú.

5.   Ach amháin i gcás ina soláthraítear tacaíocht faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i bhfoirm ionstraimí airgeadais, ní mheasfar gur costas incháilithe iad na costais seo a leanas:

(a)

costais i dtaca le conarthaí léasúcháin, amhail corrlach an léasóra, costais athmhaoiniúcháin úis, forchostais agus muirir árachais agus

(b)

caipiteal oibre.

6.   Infheistíochtaí a bhaineann le feabhsú luach eacnamaíoch na bhforaoisí, beidh bonn cirt leo i ndáil le feabhsuithe a thuarfar d’fhoraoisí ar ghabháltas amháin nó níos mó agus féadfaidh siad infheistíochtaí in innealra buainte agus i gcleachtais atá neamhdhíobhálach don ithir agus d’acmhainní a áireamh.

7.   Infheistíochtaí i ndáil le húsáid adhmaid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh, beidh siad teoranta do na hoibríochtaí oibre uile roimh phróiseáil thionsclaíoch.

8.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 65 % de na costais incháilithe.

9.   Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(a)

infheistíochtaí atá nasctha le haon cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha comhshaoil agus na cuspóirí a bhaineann leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(3), pointí (e), (f) agus (g);

(b)

infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

Airteagal 51

Caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht

1.   An chabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht, atá nasctha le seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoise, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “caomhnú in situ” caomhnú ábhair ghéinitigh in éiceachórais agus i ngnáthóga nádúrtha agus cothabháil agus gnóthú pobal speiceas inbhuanaithe ina dtimpeallacht nádúrtha;

(b)

ciallaíonn “caomhnú ar an ngabháltas foraoise” caomhnú agus forbairt in situ ar leibhéal an ghabháltais foraoise;

(c)

ciallaíonn “caomhnú ex situ” caomhnú ábhair ghéinitigh le haghaidh foraoiseachta lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha;

(d)

ciallaíonn “bailiú ex situ” bailiú ábhair ghéinitigh le haghaidh foraoiseachta a chothaítear lasmuigh dá ghnáthóg nádúrtha.

3.   Cumhdófar na costais le haghaidh na n-oibríochtaí seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

gníomhaíochtaí dírithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid in situ agus ex situ acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht, lena n-áirítear fardail ghréasánbhunaithe de na hacmhainní géiniteacha a chaomhnaítear in situ faoi láthair, lena n-áirítear caomhnú ar an ngabháltas foraoise, agus fardail de bhailithe ex situ agus de bhunachair sonraí;

(b)

gníomhaíochtaí comhbheartaithe: gníomhaíochtaí lena gcuirtear malartú faisnéise chun cinn le haghaidh caomhnú, tréithriú, bailiú agus úsáid acmhainní géiniteacha i bhforaoiseacht an Aontais, i measc eagraíochtaí inniúla sna Ballstáit;

(c)

bearta tionlacain: gníomhaíochtaí faisnéise, leata agus comhairleacha a bhfuil baint ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag páirtithe leasmhara ábhartha eile leo, cúrsaí oiliúna agus ullmhú tuarascálacha teicniúla.

4.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 52

Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo. Ní bheidh fiontair mhóra ina gcomhaltaí den ghrúpa táirgeoirí nó den eagraíocht táirgeoirí, cé is móite de bhardais.

2.   Mar mhalairt ar chabhair a sholáthar do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí, féadfar a dheonú go díreach do tháirgeoirí cabhair suas le méid foriomlán na cabhrach a bheadh an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí ina teideal de réir an Airteagail seo chun a ranníocaíochtaí le costais reatha na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí i rith na chéad 5 bliana tar éis bhunú an ghrúpa nó na heagraíochta a fhritháireamh.

3.   Cumhdófar na costais seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos, de réir rátaí an mhargaidh;

(b)

na costais a bhaineann le trealamh oifige a shealbhú;

(c)

costais foirne riaracháin agus costais bainisteora foraoise cháilithe;

(d)

forchostais agus táillí dlí agus riaracháin;

(e)

costais a bhaineann le sealbhú crua-earraí ríomhaireachta agus sealbhú nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach cosúil;

(f)

i gcás ceannach áitreabh, méid a chomhfhreagraíonn do chostais chíosa ag rátaí an mhargaidh.

4.   Ní íocfar cabhair i dtaca le costais a thabhaítear tar éis an chúigiú bliain tar éis d’údarás inniúil an Bhallstáit an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí a aithint go hoifigiúil ar bhonn a phlean nó a plean gnó, ach amháin gníomhaíochtaí comhchoiteanna comhshaoil agus aeráide chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach.

5.   I gcás ina n-íoctar an chabhair i dtráthchodanna bliantúla, ní íocfaidh na Ballstáit an tráthchuid deiridh ach amháin tar éis cur chun feidhme ceart an phlean gnó a fhíorú.

6.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Airteagal 53

Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Le haghaidh na gcostas dlí agus riaracháin, lena n-áirítear costais suirbhéireachta, agus í teoranta do na costais sin, a dheonófar an chabhair.

3.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na fíorchostais a thabhaítear.

Airteagal 54

Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta

1.   Beidh cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Ní féidir cabhair a dheonú ach amháin chun comhar a chur chun cinn, rud a chuidíonn le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach.

3.   Beidh baint ag dhá ghníomhaí ar a laghad leis na cineálacha comhair a chumhdaítear leis an Airteagal seo gan beann ar iad a bheith gníomhach in earnáil na foraoiseachta nó in earnáil na talmhaíochta. Rachaidh an comhar chun tairbhe go príomha d’earnáil na foraoiseachta nó d’earnáil na foraoiseachta agus earnáil na talmhaíochta.

4.   Féadfaidh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith incháilithe:

(a)

comhar i measc gnóthais éagsúla in earnáil na foraoiseachta agus gníomhaithe eile atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a chuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, agus comharchumainn;

(b)

braislí agus gréasáin a chruthú.

5.   Ní dheonófar an chabhair i ndáil le comhar nach bhfuil ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann.

6.   Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh comhair a bhaineann, go háirithe, leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

treoirthionscadail;

(b)

táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil na foraoiseachta;

(c)

comhar i measc oibreoirí beaga in earnáil na foraoiseachta maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt;

(d)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;

(e)

gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a fhorbairt;

(f)

gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;

(g)

straitéisí forbartha áitiúla, seachas na straitéisí sin dá dtagraítear in Airteagal 32 den sin a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha, seachas na grúpaí sin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060.

7.   Ní dhéanfar an chabhair a dheonú ach amháin do chineálacha nua comhair, lena n-áirítear comhar atá ann cheana, ach amháin má tá gníomhaíocht nua á tosú acu.

8.   Maidir le cabhair le haghaidh bunú agus forbairt slabhraí soláthair gairide, dá dtagraítear i mír 6, pointí (d) agus (e), ní chumhdófar ach slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir an sealbhóir foraoise/bainisteoir foraoise agus an tomhaltóir.

9.   Oibríochtaí arb é atá iontu infheistíochtaí agus costais dhíreacha tionscadal sonrach a bhaineann le cur chun feidhme plean bainistíochta foraoise nó a choibhéis, comhlíonfaidh siad na rialacha agus na ceanglais, mar a shonraítear san Airteagal is infheidhme maidir le cabhair infheistíochta sa Rialachán seo, chomh maith le hAirteagal 4 maidir le tairseacha fógartha.

10.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe, a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí foraoiseachta:

(a)

costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;

(b)

costais oibriúcháin an chomhair, amhail tuarastal “comhordaitheora”;

(c)

costais na n-oibríochtaí atá le cur chun feidhme;

(d)

costais a bhaineann le gníomhaíochtaí cur chun cinn;

(e)

na costais a bhaineann le pleananna bainistíochta foraoisí nó ionstraimí coibhéiseacha a tharraingt suas.

11.   Beidh an chabhair teoranta d’uastréimhse 7 mbliana.

12.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Roinn 7

Cabhair i bhfabhar FBManna i limistéir thuaithe

Airteagal 55

Cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe

1.   An chabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe a dheonaítear faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina gcuirtear chun feidhme í tar éis don Choimisiún an Plean Straitéiseach CBT ábhartha a fhormheas agus i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:

(a)

deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

mar chabhair a chómhaoiníonn CETFT;

(ii)

mar mhaoiniú náisiúnta breise don chabhair a chómhaoiníonn CETFT;

(b)

beidh sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Cumhdófar leis an gcabhair:

(a)

infheistíochtaí i gcruthú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú gach cineáil bonneagair a bhfuil a gcostais incháilithe teoranta do EUR 2 mhilliún (“bonneagar ar mhionscála”), cé is moite d’infheistíochtaí i bhfuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh agus bonneagar leathanbhanda nach mbeidh incháilithe;

(b)

infheistíochtaí i mbunú, i bhfeabhsú nó i bhfairsingiú seirbhísí bunúsacha áitiúla don daonra tuaithe, lena n-áirítear na seirbhísí sóisialta, an fhóillíocht agus an cultúr agus an bonneagar lena mbaineann;

(c)

infheistíochtaí d’úsáid phoiblí i mbonneagar áineasa, i bhfaisnéis do thurasóirí agus bonneagar turasóireachta ar mhionscála;

(d)

infheistíochtaí a bhaineann le cothabháil, le hathbhunú agus le huasghrádú oidhreachta cultúrtha agus nádúrtha sráidbhailte, agus tírdhreach tuaithe agus láithreán a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha lena mbaineann, chomh maith le gníomhaíochtaí múscailte feasachta comhshaoil;

(e)

infheistíochtaí a dhírítear ar athlonnú gníomhaíochtaí agus athchóiriú foirgneamh nó saoráidí eile lonnaithe laistigh de lonnaíochtaí tuaithe nó gar dóibh, d’fhonn cáilíocht na beatha a fheabhsú nó feidhmíocht chomhshaoil na lonnaíochta a mhéadú.

4.   Déanfar na hoibríochtaí a chumhdaítear leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear i mír 3 a chur chun feidhme i gcomhréir le pleananna d’fhorbairt bardas agus sráidbhailte i limistéir thuaithe agus a seirbhísí bunúsacha, i gcás ina bhfuil na pleananna sin ann agus beidh siad comhsheasmhach le haon straitéis ábhartha forbartha áitiúla. Ní gá pleananna den sórt sin i ndáil le hinfheistíochtaí a dtacaíonn ionstraimí airgeadais leo.

5.   Cumhdófar na costais incháilithe seo a leanas leis an gcabhair:

(a)

na costais a bhaineann le dréachtú agus nuashonrú pleananna forbartha agus bainistíochta a bhaineann le limistéir thuaithe agus a seirbhísí bunúsacha, agus le láithreáin a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra acu;

(b)

na costais a bhaineann le hullmhú staidéar a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha, tírdhreacha tuaithe agus láithreáin a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra acu;

(c)

costais infheistíochta le haghaidh sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe;

(d)

costais a bhaineann le gníomhaíochtaí feasachta comhshaoil.

D’fhéadfadh costais oibreacha caipitlithe a bheith incháilithe do chabhair dá dtagraítear i mír 3, pointe (d), freisin.

Ní mheasfar gur costas incháilithe é caipiteal oibre. Ní dheonófar an chabhair mar chabhair oibriúcháin.

6.   Maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) go (d), beidh an déine cabhrach teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

Ionas nach sárófar an uasdéine cabhrach, maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointí (b), (c) agus (d), asbhainfear na glanioncaim ó na costais incháilithe ex ante ar bhonn réamh-mheastacháin réasúnta nó trí shásra aisghlámtha. De rogha air sin, le haghaidh cabhair nach mó í ná EUR 1 mhilliún, féadfar an uasdéine cabhrach a shocrú ag 80 % de na costais incháilithe.

7.   Maidir leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear i mír 3, pointe (e), ní sháróidh an déine cabhrach 100 % de na costais iarbhír a thabhaítear i leith gníomhaíochtaí den sórt sin i gcás inarb é díchóimeáil, baint agus tógáil saoráidí atá ann cheana atá i gceist le hathshuíomh na ngníomhaíochtaí nó tiontú foirgneamh nó saoráidí eile.

I gcás inarb é an toradh ar athshuíomh na ngníomhaíochtaí nó ar thiontú foirgneamh nó saoráidí eile nuachóiriú ar na saoráidí sin nó méadú ar an acmhainneacht táirgeachta, de bhreis ar dhíchóimeáil, baint agus atógáil saoráidí atá ann cheana dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní sháróidh na déiní cabhrach an uasdéine cabhrach a bhunaítear sa mhapa den chabhair réigiúnach atá i bhfeidhm tráth deonaithe an chabhair sa limistéar lena mbaineann i leith na gcostas a bhaineann le nuachóiriú na saoráidí nó leis an méadú ar an acmhainneacht táirgeachta. Mura ndéantar ach amháin foirgneamh nó saoráidí nua a chur in ionad foirgneamh nó saoráidí atá ann cheana, gan bunathrú a dhéanamh ar an táirgeadh ná ar an teicneolaíocht atá i gceist, ní mheastar go bhfuil baint aige sin leis an nuachóiriú.

Airteagal 56

Cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe

1.   Beidh cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:

(a)

deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

cabhair a chómhaoiníonn CETFT;

(ii)

maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);

(b)

tá sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Deonófar an chabhair do na catagóirí tairbhithe seo a leanas:

(a)

feirmeoirí nó comhaltaí de theaghlach feirme i limistéir thuaithe a bhfuil éagsúlú i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta á dhéanamh acu;

(b)

micrifhiontair agus fiontair bheaga i limistéir thuaithe;

(c)

daoine nádúrtha i limistéir thuaithe.

4.   I gcás inar duine dlítheanach nó grúpa daoine dlítheanacha an comhalta de theaghlach feirme dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), beidh sé i mbun gníomhaíocht talmhaíochta ar an bhfeirm tráth a chuirtear an t-iarratas ar chabhair isteach.

5.   Beidh an chabhair coinníollach ar phlean gnó a chur faoi bhráid an údaráis inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh tuairisc ar an méid seo a leanas sa phlean gnó:

(a)

staid eacnamaíoch tosaigh an tairbhí;

(b)

garspriocanna agus spriocanna chun gníomhaíochtaí nua an tairbhí a fhorbairt;

(c)

mionsonraí ar na gníomhaíochtaí is gá chun gníomhaíochtaí an tairbhí a fhorbairt, amhail mionsonraí ar infheistíochtaí, ar oiliúint agus ar chomhairle.

Mairfidh an plean gnó ar feadh 5 bliana ar a mhéad.

6.   Beidh íocaíocht na tráthchoda deiridh coinníollach ar chur chun feidhme ceart an phlean gnó dá dtagraítear i mír 5. Cinnfidh na Ballstáit an méid cabhrach agus staid shocheacnamaíoch an limistéir a chumhdaítear leis an bPlean Straitéiseach CBT á cur san áireamh.

7.   Beidh an chabhair teoranta do EUR 100 000 in aghaidh an tairbhí.

Airteagal 57

Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí

1.   Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua, nó rannpháirtíocht sna 5 bliana roimhe sin, maidir le feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra a thabhairt atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:

(a)

deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

cabhair a chómhaoiníonn CETFT;

(ii)

maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);

(b)

beidh sí comhionann leis an idirghabháil ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Deonófar cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua i gceann amháin de na cineálacha scéimeanna cáilíochta seo a leanas:

(a)

scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí a bhunaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012;

(b)

scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis agus bia-earraí, lena n-áirítear scéimeanna deimhniúcháin, a aithníonn na Ballstáit mar scéimeanna lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(i)

díorthaíonn sainiúlacht an táirgthe deiridh a tháirgtear faoi na scéimeanna cáilíochta sin ó oibleagáidí soiléire chun ceann díobh seo a leanas nó níos mó a ráthú:

saintréithe sonracha an táirge;

modhanna feirmeoireachta nó táirgeachta sonracha;

táirge deiridh a áirithiú a dtéann a cháilíocht go suntasach thar na caighdeáin do tráchtearraí tráchtála maidir le sláinte phoiblí, ainmhithe nó plandaí, le leas ainmhithe nó le cosaint an chomhshaoil;

(ii)

tá an scéim ar fáil don uile tháirgeoir;

(iii)

(iii)beidh sonraíochtaí ceangailteacha don táirge deiridh i gceist leis an scéim agus fíoróidh na húdaráis phoiblí nó comhlacht cigireachta neamhspleách comhlíonadh na sonraíochtaí sin;

(iv)

is scéim thrédhearcach í lena ndearbhaítear inrianaitheacht iomlán táirgí talmhaíochta;

(c)

na scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh bia-earraí a aithníonn an Ballstát lena mbaineann mar scéim lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún — treoirlínte maidir le dea-chleachtas AE do scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (48).

4.   Deonófar an chabhair i bhfoirm íocaíochta dreasachta bliantúla, agus cinnfear leibhéal na híocaíochta sin de réir leibhéal na gcostas seasta a eascraíonn as rannpháirtíocht i scéimeanna cáilíochta.

5.   Deonófar an chabhair ar feadh uastréimhse 7 mbliana.

6.   Más rud é gur cuireadh tús leis an rannpháirtíocht tosaigh sa scéim cáilíochta roimh an iarratas ar thacaíocht, déanfar an uastréimhse 7 mbliana a laghdú leis an líon blianta a d’imigh thart idir an rannpháirtíocht tosaigh sin agus tráth an iarratais ar thacaíocht.

7.   Beidh an chabhair teoranta do EUR 3 000 in aghaidh an tairbhí in aghaidh na bliana.

Airteagal 58

Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i dtaca le cadás agus bia-earraí a chumhdaítear le scéim cáilíochta

1.   Beidh cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i dtaca le cadás agus bia-earraí a chumhdaítear le scéim cáilíochta comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:

(a)

deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

cabhair a chómhaoiníonn CETFT

(ii)

maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);

(b)

tá sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Deonófar an chabhair do ghrúpaí táirgeoirí a chuireann chun feidhme na gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn.

4.   Na gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach, agus na gníomhaíochtaí sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh cabhrach.

5.   Deonófar an chabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i dtaca le cadás agus bia-earraí a chumhdaítear le scéim cáilíochta agus dá ndeonaítear cabhair i gcomhréir le hAirteagal 57.

6.   Is iad na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhfuil na saintréithe seo a leanas acu na costais incháilithe:

(a)

gur gníomhaíochtaí iad a cheaptar chun tomhaltóirí a spreagadh le bia-earraí nó cadás a chumhdaítear le scéim cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 57(3) a cheannach;

(b)

gur gníomhaíochtaí lena dtarraingítear aird ar ghnéithe nó buntáistí sonracha an bhia earra nó an chadáis, go háirithe i dtaca leis an gcáilíocht, le modh táirgeachta sonrach, le hardchaighdeáin maidir le leas ainmhithe agus le meas ar an gcomhshaol atá nasctha leis an scéim cáilíochta lena mbaineann.

7.   Leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6, ní spreagfar tomhaltóirí le bia-earra nó cadás a cheannach mar gheall ar a thionscnamh ar leith, cé is moite díobh siúd a chumhdaítear leis na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i dTeideal II de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

8.   Féadfar tionscnamh an bhia-earra nó an chadáis a shonrú, ar choinníoll go bhfuil an tagairt don tionscnamh faoi réir na príomhtheachtaireachta.

9.   Ní bheidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i ndáil le gnóthais ar leith nó brandaí tráchtála incháilithe le haghaidh cabhrach.

10.   Beidh an déine cabhrach teoranta do 70 % de na costais incháilithe.

Airteagal 59

Cabhair le haghaidh comhair i limistéir thuaithe

1.   Beidh cabhair le haghaidh comhair i limistéir thuaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) de sin í i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Comhlíonfaidh an chabhair an dá chritéar seo a leanas:

(a)

deonaítear í faoi chuimsiú Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)

cabhair a chómhaoiníonn CETFT

(ii)

maoiniú náisiúnta breise don chabhair dá dtagraítear i bpointe (i);

(b)

tá sí comhionann leis an mbeart ábhartha dá bhforáiltear sa Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Beidh baint ag dhá ghníomhaí ar a laghad leis na foirmeacha comhair a chumhdaítear leis an Airteagal seo agus féadfaidh gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, gnóthais atá gníomhach sa bhiashlabhra agus gníomhaithe eile, lena n-áirítear grúpaí táirgeoirí, comharchumainn agus eagraíochtaí idirchraoibhe a bheith san áireamh iontu, i gcás ina dtéann an comhar chun tairbhe do limistéir thuaithe.

4.   Féadfaidh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith incháilithe:

(a)

comhar idir gnóthais agus gníomhaithe eile dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo;

(b)

braislí agus gréasáin a chruthú.

5.   Ní dheonófar an chabhair i ndáil le comhar nach bhfuil ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann.

6.   Deonófar an chabhair do chomhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

treoirthionscadail;

(b)

táirgí, cleachtais, próisis agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil an bhia;

(c)

comhar i measc oibreoirí beaga maidir le comhphróisis oibre a eagrú agus áiseanna agus acmhainní a chomhroinnt agus chun seirbhísí turasóireachta a bhaineann le turasóireacht tuaithe a fhorbairt agus/nó a mhargú;

(d)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra bia chun slabhraí soláthair gearra agus margaí áitiúla a bhunú agus a fhorbairt;

(e)

gníomhaíochtaí cur chun cinn i gcomhthéacs áitiúil a bhaineann le slabhra soláthair gearr agus margaí áitiúla a fhorbairt;

(f)

gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéantar d’fhonn an t-athrú aeráide a mhaolú nó oiriúnú don athrú sin;

(g)

cineálacha cur chuige comhchoiteann i leith tionscadal comhshaoil agus cleachtas leanúnach comhshaoil, lena n-áirítear bainistiú éifeachtúil uisce, fuinneamh in-athnuaite a úsáid agus tírdhreacha talmhaíochta a chaomhnú;

(h)

comhar cothrománach agus ingearach i measc gníomhaithe sa slabhra soláthair i soláthar inbhuanaithe bithmhaise le húsáid i dtáirgeadh bia agus fuinnimh agus i bpróisis thionsclaíocha;

(i)

straitéisí forbartha áitiúla, seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 2, pointe (19) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, a théann i ngleic le ceann amháin nó níos mó de thosaíochtaí an Aontais maidir le forbairt tuaithe, a chur chun feidhme, go háirithe ag grúpaí de chomhpháirtithe poiblí agus príobháideacha seachas na cinn sin a shainítear in Airteagal 32(2), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013;

(j)

gníomhaíochtaí feirmeoireachta a éagsúlú ina ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte, le comhtháthú sóisialta, le talmhaíocht arna tacú ag an bpobal agus le hoideachas faoin gcomhshaol agus faoi bhia;

(k)

straitéisí sráidbhailte cliste a chur chun feidhme.

7.   Ní dhéanfar an chabhair a dheonú ach amháin do chineálacha nua comhair, lena n-áirítear comhar atá ann cheana, ach amháin má tá gníomhaíocht nua á tosú acu.

8.   Féadfar cabhair le haghaidh treoirthionscadail dá dtagraítear i mír 6, pointe (a), agus le haghaidh forbairt táirgí, cleachtas, próiseas agus teicneolaíochtaí nua in earnáil an bhia dá dtagraítear i mír 6, pointe (b), a dheonú freisin do ghníomhaithe aonair sa chás ina ndéantar foráil don fhéidearthacht sin sna Pleananna Straitéiseacha náisiúnta. Scaipfear torthaí na dtreoirthionscadal dá dtagraítear i mír 6, pointe (a), agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 6, pointe (b), arna ndéanamh ag gníomhaithe aonair.

9.   Cabhair chun slabhraí soláthair gairide a bhunú agus a fhorbairt, dá dtagraítear i mír 6, pointí (d) agus (e), ní chumhdófar léi ach slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir an feirmeoir agus an tomhaltóir.

10.   Ba cheart Airteagail 206 go 210a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chomhlíonadh le cabhair faoin Airteagal seo.

11.   Beidh an chabhair teoranta d’uastréimhse 7 mbliana.

12.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe:

(a)

costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn ullmhú agus cur chun feidhme a dhéanamh ar thionscadal comhair;

(b)

costais staidéir ar an limistéar lena mbaineann, costais staidéir indéantachta, agus costais maidir le plean gnó nó straitéis forbartha áitiúla a tharraingt suas, seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060;

(c)

costais a bhaineann le beochan an limistéir lena mbaineann chun tionscadal críochach comhchoiteann a dhéanamh indéanta; i gcás braislí, d’fhéadfadh líonrú i measc na mball agus baill nua a earcú a bheith i gceist leis an mbeochan freisin;

(d)

costais oibriúcháin an chomhair, amhail tuarastal “comhordaitheora”;

(e)

costais dhíreacha tionscadal sonrach a bhaineann le cur chun feidhme plean gnó, plean don chomhshaol, straitéis forbartha áitiúla seachas an ceann dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó le gníomhaíochtaí eile atá dírithe ar an nuálaíocht, lena n-áirítear tástáil;

(f)

costais le haghaidh gníomhaíochtaí cur chun cinn.

13.   Beidh an chabhair teoranta do 100 % de na costais incháilithe.

14.   Na costais dhíreacha faoi mhír 12, pointe (e) a bhaineann le hinfheistíochtaí, beidh siad teoranta do chostais incháilithe na cabhrach infheistíochta, agus comhlíonfaidh siad na coinníollacha a shonraítear sna hAirteagail chomhfhreagracha de Rialachán (AE) 651/2014 agus sna hAirteagail ábhartha den Rialachán seo, lena n-áirítear na coinníollacha sonracha maidir le tairseacha fógartha.

Airteagal 60

Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD

1.   Maidir le cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus a n-ainmnítear iad mar fhorbairt áitiúil LEADER faoi CETFT, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar í ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus a ainmnítear mar fhorbairt áitiúil de chuid LEADER faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe i bhfabhar tionscadail dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus beidh díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Beidh na costais seo a leanas incháilithe maidir le tionscadail CLLD:

(a)

costais na tacaíochta ullmhúcháin, an fhothaithe acmhainneachta, na hoiliúna agus an líonraithe d’fhonn straitéis CLLD a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(b)

cur chun feidhme na n-oibríochtaí formheasta;

(c)

ullmhú agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí comhair;

(d)

costais oibriúcháin atá nasctha le cur chun feidhme na straitéise CLLD a bhainistiú;

(e)

cur i bhfeidhm straitéis CLLD chun malartú idir páirtithe leasmhara a éascú ar mhaithe le faisnéis a sholáthar agus an straitéis agus na tionscadail a chur chun cinn, agus chun tacú le tairbhithe féideartha d’fhonn oibríochtaí a fhorbairt agus iarratais a ullmhú.

3.   Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1, beidh siad incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

taighde, forbairt agus nuálaíocht;

(b)

an comhshaol;

(c)

fostaíocht agus oiliúint;

(d)

cultúr agus caomhnú oidhreachta;

(e)

foraoiseacht;

(f)

cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in IARSCRÍBHINN I a ghabhann leis an gConradh;

(g)

spóirt.

4.   Ní rachaidh an déine cabhrach thar na huasrátaí tacaíochta a fhoráiltear maidir le gach cineál oibríochta i Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 61

Méideanna teoranta cabhrach do thionscadail CLLD

1.   Maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 60(1), nó maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar í ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, i gcás ina bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

Maidir le cabhair le haghaidh bardais atá ag glacadh páirt i dtionscadail CLLD dá dtagraítear in Airteagal 60(1), nó maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail den sórt sin, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh agus díolmhófar í ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo agus i gCaibidil I den Rialachán seo.

2.   Na costais a thabhaíonn bardais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, dá dtagraítear i mír 1, beidh siad incháilithe do chabhair faoin Airteagal seo ar choinníoll go saothrófar iad i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(a)

taighde, forbairt agus nuálaíocht;

(b)

an comhshaol;

(c)

fostaíocht agus oiliúint;

(d)

cultúr agus caomhnú oidhreachta;

(e)

foraoiseacht;

(f)

cur chun cinn táirgí bia nach bhfuil liostaithe in IARSCRÍBHINN I a ghabhann leis an gConradh;

(g)

spóirt.

3.   Méid iomlán na cabhrach faoin Airteagal seo a dheonaítear in aghaidh an tionscadail CLLD, ní rachaidh sé thar EUR 200 000.

CAIBIDIL IV

Forálacha idirthréimhseacha agus críochnaitheacha

Airteagal 62

Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 a ionadú agus leanúint dá chur i bhfeidhm

1.   In Airteagal 52 de Rialachán (AE) Uimh. 702/2014, sonraítear go mbeidh feidhm ag an Rialachán sin go dtí an 31 Nollaig 2022. Cuirfear an Rialachán seo in ionad Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ar dhul in éag dó.

2.   Mar sin féin, beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh 702/2014 fós go dtí an 31 Nollaig 2025 maidir le cabhair a deonaíodh de bhun Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49).

Airteagal 63

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair aonair a deonaíodh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, má tá an chabhair aonair sin i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 9.

2.   Aon chabhair nach bhfuil díolúine aici ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh, déanfaidh an Coimisiún measúnú uirthi i gcomhréir le Treoirlínte 2023 agus i gcomhréir le haon chreat, treoirlíne, teachtaireacht agus fógra ábhartha eile.

3.   Maidir le haon chabhair aonair a dheonaítear roimh an 1 Eanáir 2023 de bhua aon rialachán a ghlactar de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 agus atá i bhfeidhm tráth a dheonaítear an chabhair, beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhófar ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh í.

4.   I ndeireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, aon scéim cabhrach a dhíolmhaítear faoin Rialachán seo, leanfaidh sí de bheith amhlaidh le linn tréimhse choigeartúcháin sé mhí.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i ndeireadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo, scéimeanna cabhrach a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115 agus a gcómhaoiníonn CETFT iad nó a gcómhaoinítear iad mar mhaoiniú náisiúnta breise le haghaidh na mbeart cómhaoinithe sin, leanfaidh siad de bheith díolmhaithe ar feadh fhad na clárthréimhse i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 64

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2029.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 193, 1.7.2014, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá á maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(5)  Treoirlínte 2014 ón Aontas Eorpach maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (IO C 204, 1.7.2014, lch. 1). Arna leasú leis na Fógraí a foilsíodh in IO C 390, 24.11.2015, lch. 4; IO C 139, 20.4.2018, lch. 3 agus IO C 403, 9.11.2018, lch. 10, agus leis an gCeartúchán a foilsíodh in IO C 265, 21.7.2016, lch. 5.

(6)  IO C 249, 31.7.2014, lch. 1.

(7)  Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 87 agus 88 den Chonradh CE maidir le státchabhair i bhfoirm ráthaíochtaí (IO C 155, 20.6.2008, lch. 10).

(8)  Treoirlínte 2023 ón Aontas Eorpach maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, Teachtaireacht ón gCoimisiún Treoirlínte maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (IO C 485, 21.12.2022, lch. 1).

(9)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(10)  IO C 14, 19.1.2008, lch. 6.

(11)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).

(13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(14)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(15)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(16)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(18)  IO L 336, 23.12.1994, lch. 22.

(19)  WT/MIN(15)/45 — WT/L/980.

(20)  Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE agus 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”), (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).

(22)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).

(23)  Treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach (IO C 153, 29.4.2021, lch. 1)

(24)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).

(25)  Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).

(26)  “Cuardach Poiblí maidir le Trédhearcacht na Státchabhrach”, ar fáil ag an suíomh gréasáin seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en

(27)  Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).

(28)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(29)  Technical guidance on the climate proofing of infrastructure in the period 2021- 2027 [Treoraíocht theicniúil ón gCoimisiún maidir le himdhíonadh an bhonneagair ó thaobh aeráide de sa tréimhse 2021-2027] (IO C 373, 16.9.2021, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

(31)  A mhéid a bhaineann le coincheap an rialaithe, beidh feidhm ag Caibidil II, pointe 1, den Fhógra Comhdhlúite ón gCoimisiún maidir le Dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO C 95, 16.4.2008, lch. 1) de réir analaí.

(32)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(33)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).

(35)  Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le dea-chleachtas AE do scéimeanna deonacha deimhniúcháin le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí (IO C 341, 16.12.2010, lch. 5).

(36)  Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

(37)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(38)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(40)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(41)  Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (COM(2017) 339 final).

(42)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(43)  Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).

(44)  Tá feidhm aige seo maidir le comhar a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó le táirgeadh bithbhreoslaí ar ghabháltais, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 14.

(45)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le Timthriallta Inbhuanaithe Carbóin (COM(2021)800 final).

(46)  https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/08/Pan-EuropeanAfforestationReforestationGuidelines.pdf

(47)  Treoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe ar Fhoraoisí san Eoraip a glacadh ag an Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip a tionóladh i Heilsincí an 16-17 Meitheamh 1993 (https://www.foresteurope.org/docs/MC/MC_helsinki_resolutionH1.pdf).

(48)  IO C 341, 16.12.2010, lch. 5.

(49)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


IARSCRÍBHINN I

Sainmhíniú ar FBM

Airteagal 1

Fiontar

Meastar gur fiontar atá in aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén fhoirm dlíthiúil atá aige. Áirítear leis sin, go háirithe, daoine féinfhostaithe agus gnólachtaí teaghlaigh a ghabhann do ghníomhaíochtaí ceirde nó do ghníomhaíochtaí eile, agus comhpháirtíochtaí nó comhlachais a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch rialta.

Airteagal 2

Líon foirne agus tairseacha airgeadais agus catagóirí fiontair á gcinneadh

1.   I gcatagóir na bhfiontar beag, meánmhéide agus na micrifhiontar (“FBManna”) tá fiontair a bhfuil níos lú ná 250 duine fostaithe acu agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún, agus/nó clár comhordaithe bliantúil iomlán nach mó ná EUR 43 mhilliún.

2.   Laistigh den chatagóir FBM, sainmhínítear fiontar beag mar fhiontar a fhostaíonn líon is lú ná 50 duine agus nach sáraíonn a láimhdeachas bliantúil agus/nó a chlár comhardaithe bliantúil EUR 10 milliún.

3.   Laistigh den chatagóir FMB, sainmhínítear micrifhiontar mar fhiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 nduine agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil agus/nó clár comhordaithe bliantúil iomláin nach mó ná EUR 2 mhilliún.

Airteagal 3

Cineálacha fiontar a chuirtear san áireamh agus líon foirne agus méideanna airgeadais á ríomh

1.   Is éard is “fiontar uathrialaitheach” ann aon fhiontar nach n-aicmítear mar fhiontar comhpháirtíochta de réir bhrí mhír 2 ná mar fhiontar nasctha de réir bhrí mhír 3.

2.   Is éard is “fiontair chomhpháirtíochta” ann na fiontair uile nach n-aicmítear mar fhiontair nasctha de réir bhrí mhír 3 agus a bhfuil an caidreamh seo a leanas eatarthu: fiontar (fiontar réamhtheachtach) ag a bhfuil, is é sin, go haonarach nó i gcomhpháirt le fiontar nasctha amháin nó níos mó de réir bhrí mhír 3,25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála de chuid fiontar eile (fiontar iartheachtach).

Mar sin féin, féadfar fiontar a rangú mar fhiontar uathrialaitheach, agus mar fhiontar nach bhfuil aon fhiontar comhpháirtíochta aige, dá bhrí sin, fiú amháin má bhaineann na hinfheisteoirí seo a leanas an tairseach 25 % sin amach nó má sháraíonn siad í, de réir bhrí mhír 3, is é sin, ina n-aonar nó i gcomhpháirt leis an bhfiontar i gceist:

(a)

corparáidí infheistíochta poiblí, cuideachtaí caipitil fiontair, daoine aonair nó grúpaí daoine aonair a bhfuil gníomhaíocht rialta maidir le hinfheistíocht caipitil fiontair acu agus a infheistíonn caipiteal cothromais i ngnólachtaí neamhluaite (“aingil ghnó”), ar choinníoll go bhfuil infheistíocht iomlán na n-aingeal gnó sin san fhiontar céanna níos lú ná EUR 1 250 000;

(b)

ollscoileanna nó ionaid taighde neamhbhrabúis;

(c)

infheisteoirí institiúideacha, lena n-áirítear cistí forbraíochta réigiúnaí;

(d)

údaráis áitiúla féinrialaitheacha ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir.

3.   Is éard is “fiontair nasctha” ann fiontair a bhfuil aon cheann de na caidrimh seo a leanas eatarthu:

(a)

tá formhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i bhfiontar eile ag fiontar;

(b)

tá sé de cheart ag fiontar formhór de na comhaltaí den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid fiontar eile a cheapadh nó a chur as oifig;

(c)

tá sé de cheart ag fiontar tionchar ceannasach a imirt ar fhiontar eile de bhun conradh a dhéantar leis an bhfiontar sin nó de bhun foráil ina mheabhrán nó ina airteagail chomhlachais;

(d)

déanann fiontar, ar scairshealbhóir nó comhalta fiontair eile é, rialú ina aonar, de bhun comhaontú le scairshealbhóirí nó comhaltaí eile de chuid an fhiontair sin, ar fhormhór de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí san fhiontar sin.

Tá toimhde ann nach ann do thionchar ceannasach mura bhfuil baint dhíreach ná indíreach ag na hinfheisteoirí a liostaítear sa dara fomhír de mhír 2 le bainistiú an fhiontair i gceist, gan dochar dá gcearta mar scairshealbhóirí.

Fiontair ag a bhfuil aon cheann de na caidrimh a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír trí fhiontar amháin eile nó níos mó, nó trí aon cheann de na hinfheisteoirí a luaitear i mír 2, meastar iad a bheith nasctha freisin.

Fiontair ag a bhfuil ceann amháin nó ceann eile de na caidrimh den chineál sin le duine nádúrtha nó grúpa de dhaoine nádúrtha ag gníomhú i gcomhpháirt, meastar gur fiontair nasctha iad chomh maith má thugann siad faoina ngníomhaíocht nó faoi chuid dá ngníomhaíocht sa mhargadh ábhartha céanna nó i margaí cóngaracha.

Meastar gur “margadh cóngarach” é an margadh do tháirge nó do sheirbhís atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach ón margadh iomchuí.

4.   Ach amháin sna cásanna a leagtar amach sa dara fomhír de mhír 2, ní féidir a mheas gur FBM é fiontar má tá 25 % nó níos mó den chaipiteal nó de na cearta vótála faoi rialú díreach nó indíreach ag comhlacht poiblí amháin nó níos mó ná sin, i gcomhpháirt nó go haonarach.

5.   Féadfaidh fiontair dearbhú stádais mar fhiontar uathrialaitheach, fiontar comhpháirtíochta, nó fiontar nasctha a dhéanamh, agus na sonraí maidir leis na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 2 á gcur san áireamh. Féadfar an dearbhú a dhéanamh fiú amháin má scaiptear an caipiteal ar bhealach a fhágann nach féidir an sealbhóir a chinneadh go beacht, agus sa chás sin féadfaidh an fiontar a dhearbhú de mheon macánta gur féidir leis a thoimhdiú go dlisteanach nach bhfuil 25 % nó níos mó ná sin de faoi úinéireacht ag fiontar amháin nó ag fiontair nasctha i gcomhpháirt. Déantar dearbhuithe den sórt sin gan dochar do na seiceálacha agus do na himscrúduithe dá bhforáiltear i rialacha náisiúnta nó i rialacha an Aontais.

Airteagal 4

Sonraí a úsáidtear don líon foirne agus do na méideanna airgeadais agus don tréimhse thagartha

1.   Is iad na sonraí nach mór a chur i bhfeidhm maidir leis an líon foirne agus leis na méideanna airgeadais na sonraí i ndáil leis an tréimhse cuntasaíochta fhormheasta is déanaí a ríomhtar ar bhonn bliantúil. Cuirtear san áireamh ón dáta a dhúntar na cuntais iad. Ríomhtar an méid a roghnaítear don láimhdeachas gan cáin bhreisluacha (CBL) ná cánacha indíreacha eile a chur san áireamh.

2.   Sa chás, ar an dáta a dhúntar na cuntais, go bhfaigheann fiontar amach gur sháraigh sé nó gur thit sé, ar bhonn bliantúil, faoin líon foirne nó faoi na tairseacha airgeadais a luaitear in Airteagal 2, ní bheidh caillteanas nó gnóthú stádais mar fhiontar meánmhéide, fiontar beag nó micrifhiontar mar thoradh air sin, ach amháin má sháraítear na tairseacha sin thar dhá thréimhse cuntasaíochta leanúnacha.

3.   I gcás fiontair nuabhunaithe nár formheasadh a gcuntais go fóill, déanfar na sonraí a chuirfear i bhfeidhm a dhíorthú ó mheastachán bona fide a rinneadh le linn na bliana airgeadais.

Airteagal 5

Líon foirne

Comhfhreagraíonn an líon foirne do líon na n-aonad oibrithe bliantúla (AOB), i.e. an líon daoine a d’oibrigh go lánaimseartha laistigh den fhiontar i gceist nó thar a cheann le linn na bliana tagartha iomláine atá á meas. Cuirtear obair daoine nár oibrigh go lánaimseartha le linn na bliana iomláine, obair iad siúd a d’oibrigh go páirtaimseartha, gan beann ar an bhfad, agus obair oibrithe séasúracha san áireamh mar chodáin AOB. Ar an bhfoireann áirítear:

(a)

fostaithe;

(b)

daoine atá ag obair don fhiontar, atá faoina réir agus a mheastar a bheith ina bhfostaithe faoin dlí náisiúnta;

(c)

bainisteoirí ar úinéirí iad;

(d)

comhpháirtithe a ghabhann do ghníomhaíocht rialta san fhiontar agus a bhaineann tairbhe as buntáistí airgeadais ón bhfiontar.

Ní dhéantar printísigh ná mic léinn a ghabhann do ghairmoiliúint a bhfuil conradh printíseachta nó gairmoiliúna acu a áireamh mar dhaoine den fhoireann. Ní chuirtear tréimhsí saoire máithreachais ná tuismitheoireachta san áireamh.

Airteagal 6

Na sonraí a bhaineann le fiontar a bhunú

1.   I gcás fiontar uathrialaitheach, cinntear na sonraí, lena n-áirítear an líon foirne, ar bhonn chuntais an fhiontair sin agus orthu sin amháin.

2.   Cinntear na sonraí, an líon foirne san áireamh, a bhaineann le fiontar ag a bhfuil fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha ar bhonn na gcuntas agus sonraí eile de chuid an fhiontair nó, sa chás gurb ann dóibh, ar bhonn cuntais chomhdhlúite an fhiontair, nó ar bhonn na gcuntas comhdhlúite ina bhfuil an fiontar páirteach de bharr comhdhlúthú.

Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirtear na sonraí a bhaineann le haon fhiontar comhpháirtíochta de chuid an fhiontair i gceist agus atá go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach uaidh. Is i gcomhréir leis an gcéatadán úis sa chaipiteal nó sna cearta vótála (cibé acu is mó) a dhéantar comhiomlánú. I gcás tras-sealúchas, tá feidhm ag an gcéatadán is airde.

Leis na sonraí dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír cuirtear 100 % de na sonraí a bhaineann le haon fhiontar atá nasctha go díreach nó go hindíreach leis an bhfiontar i gceist, sa chás nár cuireadh na sonraí san áireamh cheana féin i gcomhdhlúthú na gcuntas.

3.   Chun mír 2 a chur i bhfeidhm, díorthaítear sonraí fhiontair chomhpháirtíochta an fhiontair i gceist óna gcuntais agus óna gcuid sonraí eile, cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Cuirtear leis sin 100 % de shonraí na bhfiontar atá nasctha leis na fiontair chomhpháirtíochta sin, ach amháin sa chás gur cuireadh a sonraí cuntas san áireamh cheana féin mar gheall ar chomhdhlúthú.

Chun an mhír 2 chéanna a chur i bhfeidhm, ní mór sonraí na bhfiontar atá nasctha leis an bhfiontar i gceist a dhíorthú óna gcuntas agus óna sonraí eile, cinn chomhdhlúite más ann dóibh. Leis sin cuirtear, pro rata, sonraí aon fhiontair comhpháirtíochta féideartha eile de chuid an fhiontair nasctha sin, ar fiontar go díreach réamhtheachtach nó iartheachtach é, ach amháin sa chás gur cuireadh san áireamh cheana féin é sna cuntais chomhdhlúite agus céatadán leis atá i gcomhréir ar a laghad leis an gcéatadán a d’aithníodh faoin dara fomhír de mhír 2.

4.   I gcás nach dtaispeántar aon sonra foirne le haghaidh fiontar ar leith sna cuntais chomhdhlúite, ríomhtar figiúirí foirne leis na sonraí óna fhiontair chomhpháirtíochta a chomhiomlánú go comhréireach agus leis na sonraí ó na fiontair lena bhfuil an fiontar i gceist nasctha a chur leo.


IARSCRÍBHINN II

Faisnéis maidir le státchabhair a bhfuil díolúine ann ina leith ar na coinníollacha atá sa Rialachán seo, tá le soláthar trí fheidhmchlár bunaithe TF an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11

CUID I

Tagairt na cabhrach

(le comhlánú ag an gCoimisiún)

Ballstát

 

Uimhir thagartha an Bhallstáit

 

Réigiún

Ainm an Réigiúin/na Réigiún (NUTS  (1))

……

Stádas na cabhrach réigiúnaí  (2)

Image 1
Na réigiúin is forimeallaí

Image 2
Na hoileáin bheaga Aeigéacha

Image 3
Eile

Údarás deonúcháin

Ainm

Seoladh poist

Seoladh gréasáin

Teideal an bhirt cabhrach

……

Bunús dlí náisiúnta (Tagairt don fhoilseachán oifigiúil náisiúnta ábhartha)

….…

….…

Nasc gréasáin chuig téacs iomlán an bhirt cabhrach

…..…

An cineál birt

Image 4

Scéim

Image 5

Cabhair ad hoc

Ainm an tairbhí agus an ghrúpa (3) lena mbaineann sé

Leasú ar scéim cabhrach nó ar chabhair ad hoc atá ann cheana

 

Tagairt chabhrach an Choimisiúin

Image 6

Fadú

Image 7

Modhnú

Fad (4)

Image 8

Scéim

ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

An dáta deonúcháin

Image 9

Cabhair ad hoc

ll/mm/bbbb

An earnáil nó na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann

Image 10

Sonraigh ar leibhéal ghrúpa NACE (5)

An cineál tairbhí

Image 11

FBM

Image 12

Gnóthais mhóra

Buiséad

Scéim: An méid foriomlán (6) san airgeadra náisiúnta... (i méideanna iomlána)

……

Cabhair ad hoc: An méid foriomlán (7) san airgeadra náisiúnta... (i méideanna iomlána)

….…

Image 13

Le haghaidh ráthaíochtaí (8)

Airgeadra náisiúnta … (méideanna iomlána)

……

An ionstraim cabhrach

Image 14

Deontas/Fóirdheontais ráta úis

Image 15

Seirbhísí fóirdheontais

Image 16

Iasacht/Réamhíocaíochtaí iníoctha

Image 17

Ráthaíocht (i gcás inarb iomchuí le tagairt don chinneadh ón gCoimisiún (9))

Image 18

Buntáiste cánach nó díolúine chánach

Image 19
Eile (sonraigh)

…..…

Sonraigh an chatagóir ghinearálta thíos ab oiriúnaí i dtéarmaí na héifeachta/feidhme:

Image 20
Deontas

Image 21
Iasacht

Image 22
Ráthaíocht

Image 23
Buntáiste cánach

Image 24

Más cómhaoiniú ciste nó cistí de chuid AE atá ann

Ainm an chiste nó na gcistí de chuid AE:

…..…

…..…

Méid an chistiúcháin

(in aghaidh an chiste de chuid AE)

……

Airgeadra náisiúnta … (méideanna iomlána)

……

CUID II

le soláthar trí chóras fógartha leictreonach bunaithe an Choimisiúin mar a leagtar síos in Airteagal 11

Cuir in iúl cé acu foráil de ABER faoina gcuirtear an beart cabhrach chun feidhme

Príomhchuspóirí (Is féidir níos mó ná cuspóir amháin a bheith i gceist; sa chás sin, sonraigh na cuspóirí uile)

Uasdéine na cabhrach in %

An t-uasmhéid cabhrach san airgeadra náisiúnta (i méideanna iomlána)

Image 25

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltas talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta (Airteagal 14)

 

 

Image 26

Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta (Airteagal 15)

 

 

Image 27

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le hathshuíomh foirgneamh feirme (Airteagal 16)

 

 

Image 28

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a mhargú (Airteagal 17)

 

 

Image 29

Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta (Airteagal 18)

 

 

Image 30

Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta (Airteagal 19)

 

 

Image 31

Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta (Airteagal 20)

 

 

Image 32

Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise (Airteagal 21)

 

 

Image 33

Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha (Airteagal 22)

 

 

Image 34

Cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm (Airteagal 23)

 

 

Image 35

Cabhair le haghaidh na mbeart cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta (Airteagal 24)

 

 

Image 36

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú (Airteagal 25)

 

 

 

An cineál teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha:

Image 37
sioc

Image 38
stoirm

Image 39
cloichshneachta

Image 40
oighear

Image 41
báisteach throm nó sheasta

Image 42
spéirling

Image 43
triomach tromchúiseach

Image 44
eile

Sonraigh:

Dáta tarlaithe an teagmhais:

ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

Image 45

Cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun damáiste a tharla de dheasca galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí a shlánú (Airteagal 26)

 

 

Image 46

Cabhair le haghaidh earnáil an bheostoic agus cabhair le haghaidh stoc a fuair bás (Airteagal 27)

 

 

Image 47

Cabhair chun préimheanna árachais a íoc agus chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha (Airteagal 28)

 

 

Image 48

Cabhair chun an damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta a shlánú (Airteagal 29)

 

 

Image 49

Cabhair le haghaidh caomhnú acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht (Airteagal 30)

 

 

Image 50

Cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe (Airteagal 31)

 

 

Image 51

Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talamhaíochta (Airteagal 32)

 

 

Image 52

Cabhair le haghaidh míbhuntáistí i ndáil le Natura 2000 (Airteagal 33)

 

 

Image 53

Cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide (Airteagal 34)

 

 

Image 54

Cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí (Airteagal 35)

 

 

Image 55

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta nó i bhforaoisí (Airteagal 36)

 

 

Image 56

Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr tubaistí nádúrtha in earnáil na talmhaíochta a shlánú (Airteagal 37)

 

 

An cineál tubaiste nádúrtha:

Image 57
crith talún

Image 58
maidhm shléibhe

Image 59
sciorradh talún

Image 60
tuile

Image 61
tornádó

Image 62
spéirling

Image 63
brúchtadh bolcánach

Image 64
falscaí

Image 65
eile

Sonraigh:

Dáta tarlaithe na tubaiste nádúrtha:

ll/mm/bbbb go ll/mm/bbbb

Image 66

Cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 38)

 

 

Image 67

Cabhair le haghaidh na gcostas a thabhaíonn gnóthais atá ag glacadh páirt i dtionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN (Airteagal 39)

 

 

Image 68

Méideanna teoranta cabhrach do ghnóthais atá ag tairbhiú de thionscadail de chuid Ghrúpaí Oibríochtúla CEN (Airteagal 40)

 

 

Image 69

Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí (Airteagal 41)

 

 

Image 70

Cabhair le haghaidh córais agrafhoraoiseachta (Airteagal 42)

 

 

Image 71

Cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú (Airteagal 43)

 

 

Image 72

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí (Airteagal 44)

 

 

Image 73

Cabhair le haghaidh míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar (Airteagal 45)

 

 

Image 74

Cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise, comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí (Airteagal 46)

 

 

Image 75

Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 47)

 

 

Image 76

Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 48)

 

 

Image 77

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú earnáil na foraoiseachta (Airteagal 49)

 

 

Image 78

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a chur in úsáid agus a mhargú (Airteagal 50)

 

 

Image 79

Caomhnú acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht (Airteagal 51)

 

 

Image 80

Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 52)

 

 

Image 81

Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta (Airteagal 53)

 

 

Image 82

Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta (Airteagal 54)

 

 

Image 83

Cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha agus bonneagair i limistéir thuaithe (Airteagal 55)

 

 

Image 84

Cabhair nuathionscanta gnó le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta i limistéir thuaithe (Airteagal 56)

 

 

Image 85

Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht nua feirmeoirí i scéimeanna cáilíochta le haghaidh cadáis nó bia-earraí (Airteagal 57)

 

 

Image 86

Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn i dtaca le cadás agus bia-earraí a chumhdaítear le scéim cáilíochta (Airteagal 58)

 

 

Image 87

Cabhair le haghaidh comhair i limistéir tuaithe (Airteagal 59)

 

 

Image 88

Cabhair le haghaidh tionscadail CLLD (Airteagal 60)

 

 

Image 89

Méid teoranta cabhrach le haghaidh tionscadail CLLD (Airteagal 61)

 

 


(1)  NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.

(2)  Sonraigh, le do thoil, má dheonaítear an chabhair i bhfabhar gnóthas atá gníomhach i gceann de na limistéir réamhshainithe. Seachas sin, roghnaigh an bosca “eile”.

(3)  Chun críocha na rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh agus chun críocha an Rialacháin seo is éard is gnóthas ann aon eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch, is cuma cén stádas dlíthiúil atá aige ná cén bealach a mhaoinítear é. Rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cheart eintitis atá á rialú ag an eintiteas céanna (ar bhonn dlíthiúil nó de facto) a mheas mar aon ghnóthas amháin.

(4)  An tréimhse ar féidir leis an údarás deonúcháin gealltanas a thabhairt an chabhair a dheonú.

(5)  NACE Rev. 2 — Aicmiú Staidrimh Gníomhaíochtaí Eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach. De ghnáth, sonrófar an earnáil ag leibhéal grúpa.

(6)  I gcás scéim cabhrach: sonraigh méid foriomlán an bhuiséid atá beartaithe faoin scéim nó an caillteanas cánach measta d’fhad iomlán na scéime le haghaidh na n-ionstraimí cabhrach uile atá sa scéim.

(7)  I gcás dámhachtain cabhrach ad hoc: Sonraigh méid foriomlán na cabhrach nó an chaillteanais cánach.

(8)  I gcás ráthaíochtaí, sonraigh méid (uasta) na n-iasachtaí a ráthaítear.

(9)  I gcás inarb iomchuí, tagairt don chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an mhodheolaíocht chun an choibhéis deontais chomhláin a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(c)(ii) den Rialachán seo.


IARSCRÍBHINN III

Forálacha maidir le foilsiú na faisnéise a leagtar síos in Airteagal 9(1)

Eagróidh na Ballstáit a suíomhanna gréasáin cuimsitheacha maidir le Státchabhair, ar a bhfoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1), ar bhealach lena gceadófar rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin. Foilseofar faisnéis i bhformáid scarbhileoige sonraí, lenar féidir sonraí a chuardach, a asbhaint agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon, i bhformáid CSV nó XML cuir i gcás. Beidh cead ag aon pháirtí leasmhar rochtain gan srianta a fháil ar an suíomh gréasáin maidir le státchabhair. Ní cheanglófar aon chlárú úsáideora roimh ré chun rochtain a fháil ar an suíomh gréasáin maidir le státchabhair.

Foilseofar an fhaisnéis a leanas maidir le dámhachtainí indibhidiúla mar a leagtar síos in Airteagal 9, mír 1, pointe (c):

(a)

Tagairt d’uimhir aitheantais na cabhrach (1);

(b)

Aitheantóir an tairbhí (2);

(c)

An cineál fiontair (FBM/fiontar mór) ar an dáta a dheonaítear an chabhair;

(d)

An réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe, ar leibhéal NUTS II (3) agus, más infheidhme, na réigiúin is forimeallaí nó na hoileáin bheaga Aeigéacha;

(e)

Earnáil na gníomhaíochta ar leibhéal ghrúpa NACE (4);

(f)

An ionstraim cabhrach, arna sloinneadh mar mhéid iomlán san airgeadra náisiúnta (5);

(g)

Ionstraim cabhrach (6) (deontas/fóirdheontas ráta úis, iasacht/airleacain inaisíoctha/deontas inaisíoctha, ráthaíocht, buntáiste cánach nó díolúine chánach, maoiniú riosca, eile (sonraigh));

(h)

An dáta a dheonaítear an chabhair;

(i)

Cuspóir na cabhrach (7);

(j)

Údarás deonúcháin.


(1)  Arna soláthar ag an gCoimisiún faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9, mír 1 den Rialachán seo

(2)  I bhfianaise an leasa dhlisteanaigh i dtrédhearcacht maidir le faisnéis a chur ar fáil don phobal, agus measúnú a dhéanamh ar na riachtanais trédhearcachta leis na cearta faoi na rialacha cosanta sonraí, cinneann an Coimisiún go bhfuil údar cuí le hainm thairbhí na cabhrach a fhoilsiú nuair is duine nádúrtha nó duine dlítheanach é tairbhí na cabhrach agus go bhfuil ainm duine nádúrtha aige (féach C-92/09, Volker und Markus Schecke agus Eifert, mír 53), agus Airteagal 49(1)(g) de Rialachán 2016/679 á chur san áireamh. Is é is aidhm do na rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a bhaint amach. Beidh forlámhas ag an aidhm sin ar chearta cosanta sonraí daoine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht phoiblí.

(3)  NUTS – Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh. De ghnáth, sonraítear an réigiún ar leibhéal 2.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(5)  An choibhéis deontais chomhláin

(6)  I gcás ina ndeonaítear an chabhair le níos mó ná ionstraim cabhrach amháin, soláthrófar an méid cabhrach le hionstraim cabhrach

(7)  I gcás ina bhfuil cuspóirí iomadúla ag an gcabhair, soláthrófar an méid cabhrach le cuspóir.


21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 327/82


RIALACHÁN (AE) 2022/2473 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Nollaig 2022

lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith catagóirí áirithe státchabhrach cothrománaí (1) (“Rialachán (AE) 2015/1588”), agus go háirithe Airteagal 1(1), pointí (a) (i), (ii), (vi), (vii) agus (x) de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cistiú stáit a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), is státchabhair é agus is gá fógra a thabhairt don Choimisiún faoi de bhua Airteagal 108(3) den Chonradh. De bhun Airteagal 109 CFAE, áfach, féadfaidh an Chomhairle na catagóirí cabhrach atá díolmhaithe ón gceanglas fógra seo a chinneadh. I gcomhréir le hAirteagal 108(4) CFAE, féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh i ndáil leis na catagóirí cabhrach sin.

(2)

Tugtar de chumhacht don Choimisiún i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1588 a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 109 CFAE, gur féidir catagóirí áirithe cabhrach a dhíolmhú ón gceanglas fógra. Chuir an Coimisiún Airteagail 107 agus 108 CFAE i bhfeidhm maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, agus rinne an Coimisiún é sin i mórán cinntí. Shonraigh an Coimisiún a bheartais freisin i dtreoirlínte a bhaineann go sonrach leis an earnáil sin. I bhfianaise thaithí an Choimisiúin na forálacha sin a chur i bhfeidhm, is iomchuí don Choimisiún leanúint d’úsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar le Rialachán (AE) 2015/1588. Dá bhrí sin, faoi choinníollacha áirithe, maidir le cabhair le haghaidh micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (“FBManna”) atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, chomh maith le cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach sna réimsí sin go neamhspleách ar mhéid an ghnóthais is tairbhí chun damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú, cabhair chun damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha a shlánú, cabhair le haghaidh nuálaíochta agus cabhair chun acmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce a chaomhnú, ba cheart a dhearbhú go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach bhfuil sí faoi réir an cheanglais fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine ón gceanglas fógra freisin maidir le cabhair chun an damáiste de dheasca iompraíocht na n-ainmhithe cosanta a shlánú go neamhspleách ar mhéid thairbhí na cabhrach mar bheart maidir le hacmhainní bitheolaíocha mara agus fionnuisce a chaomhnú. Le Rialachán (AE) 2015/1588, ní thugtar de chumhacht don Choimisiún a dhearbhú, i gcomhréir le hAirteagal 109 CFAE, go mbeadh státchabhair le haghaidh comhlachtaí dlí poiblí, údaráis phoiblí nó eagraíochtaí poiblí nó leathphoiblí díolmhaithe ón gceanglas fógra.

(3)

Is iomchuí go leanfar d’úsáid na gcumhachtaí arna dtabhairt le Rialachán (AE) 2015/1588 chun díolúine a thabhairt i leith cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú a dheonaítear do ghnóthais go neamhspleách ar mhéid an tairbhí.

(4)

Le Rialachán (AE) 2015/1588, cumhachtaítear don Choimisiún díolúine ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE a thabhairt i leith cabhair chun an damáiste a tharlaíonn in iascaigh de dheasca drochaimsir áirithe a shlánú. Ar bhonn an chumhachtaithe sin, leagtar coinníollacha comhoiriúnachta soiléire amach sa Rialachán seo le haghaidh na catagóire cabhrach sin agus sainmhínítear ann raon feidhme na catagóire chun cabhair a dheonaítear do ghnóthais go neamhspleách ar mhéid an tairbhí a áireamh ann.

(5)

Déanann an Coimisiún measúnú ar chomhoiriúnacht na státchabhrach in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe ar bhonn chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (“CBI”), mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Ar mhaithe le comhleanúnachas le bearta tacaíochta arna maoiniú ag an Aontas, ba cheart déine uasta na cabhrach poiblí atá ceadaithe faoin Rialachán seo a bheith cothrom leis an uasmhéid arna shocrú don chineál céanna cabhrach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(6)

Tá sé riachtanach nach ndeonaítear aon chabhair i gcúinsí nuair nach gcomhlíontar dlí an Aontais, agus go háirithe nuair nach gcomhlíontar rialacha Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Dá bhrí sin, ní féidir le Ballstát cabhair a dheonú san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe ach amháin má chomhlíontar dlí an Aontais leis na bearta arna maoiniú agus le tionchair na mbeart sin.

(7)

Leis an Rialachán seo, ba cheart an deis a bheith ann beartú tosaíochta níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin i dtaobh státchabhrach agus tuilleadh simplithe a thabhairt isteach agus ba cheart trédhearcacht, meastóireacht éifeachtúil agus rialú ar chomhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, agus inniúlachtaí institiúideacha an Choimisiúin agus na mBallstát a chaomhnú an tráth céanna. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(8)

Ba cheart na coinníollacha ginearálta do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a shainiú ar bhonn tacar de phrionsabail choiteanna lena n-áiritheofar go n-éascaíonn an chabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche, go bhfuil éifeacht shoiléir dhreasachta aici, go bhfuil gá léi, go bhfuil sí iomchuí agus comhréireach, go ndeonaítear í le trédhearcacht iomlán agus faoi réir sásra rialaithe agus meastóireacht thráthrialta agus nach bhfuil tionchar diúltach aici ar choinníollacha trádála sa mhéid go bhfuil an chabhair sin bunoscionn leis an leas coiteann.

(9)

Maidir le cabhair lena gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos sa Rialachán seo, idir chabhair ghinearálta agus chabhair a bhaineann go sonrach leis na catagóirí ábhartha cabhrach, ba cheart a mheas gur cabhair í atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus gur cabhair í atá díolmhaithe ón gceanglas fógra a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE.

(10)

Maidir le státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE nach gcumhdaítear faoin Rialachán seo ná faoi Rialacháin eile de bhun Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588, tá an státchabhair sin fós faoi réir an cheanglais fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar do cheart na mBallstát fógra a thabhairt maidir le cabhair a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe faoin Rialachán seo. Ba cheart an cineál sin cabhrach a mheas i bhfianaise na dtreoirlínte le haghaidh státchabhair a scrúdú san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe (5).

(11)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair a bhraitheann ar úsáid táirgí intíre thar tháirgí allmhairithe ná maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le cabhair lena maoinítear bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha. Maidir le cabhair faoi chomhair an chostais a bhaineann le páirt a ghlacadh in aontaí trádála, le staidéir nó le seirbhísí comhairleoireachta atá ag teastáil chun táirge nua nó táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua nó i mBallstát eile nó i dtríú tír, níor cheart, tríd agus tríd, an chabhair sin a bheith ina cabhair a bhaineann le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin.

(12)

Ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach mbíonn tionchar diúltach ag cabhair údaraithe ar choinníollacha trádála sa mhéid go mbeadh sí bunoscionn leis an leas coiteann. Dá bhrí sin, cabhair le haghaidh gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc i ndiaidh Cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair ar leith neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ba cheart an chabhair sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo, seachas scéimeanna cabhrach lena ndéantar damáistí a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú. Thairis sin, ós rud é go mbeadh ualach riaracháin míchuí ann dá mbeifí chun tairbhithe aonair atá ag glacadh páirte i dtionscadail forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail (“CLLD”) a shainaithint, ba cheart feidhm a bheith ag an eisceacht sin freisin maidir le cabhair ar mhéid teoranta le haghaidh FBManna atá páirteach i dtionscadail CLLD.

(13)

I bprionsabal, ba cheart cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá i gcruachás a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin, toisc gur cheart an chabhair sin a mheas faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair chun gnóthais neamh-airgeadais atá i gcruachás a tharrtháil agus a athstruchtúrú (6). Mar sin féin, is gá eisceachtaí áirithe ón riail sin a leagan síos, i gcás inarb iomchuí. Mar eisceacht uirthi, is féidir cabhair den sórt sin a dheonú faoin Rialachán seo mar chúiteamh ar na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais áirithe aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gnóthais atá i gcruachás i gcásanna cabhrach do FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh, i gcás ina bhfuil sé deacair gnóthais aonair is tairbhithe na scéimeanna sin a shainaithint. D’fhonn cinnteacht dhlíthiúil a sholáthar, is iomchuí critéir shoiléire a leagan síos chun a chinneadh cibé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil gnóthas i gcruachás chun críche an Rialacháin seo.

(14)

Braitheann forfheidhmiú státchabhrach go mór ar chomhar idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear comhlíonadh cabhrach aonair a dheonófar faoin Rialachán seo.

(15)

I bhfianaise an ghá atá ann cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir saobhadh ar iomaíocht a laghdú san earnáil lena bhfuiltear ag cabhrú agus cuspóirí an Rialacháin seo, níor cheart cabhair aonair a dhíolmhú sa Rialachán seo, ar cabhair í a sháraíonn uasmhéid socraithe, cibé acu a tugadh an chabhair faoi scéim cabhrach arna díolmhú faoin Rialachán seo, nó nár tugadh.

(16)

Chun críche na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an fhaireacháin éifeachtaigh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin i leith cabhair ar féidir an choibhéis deontais chomhláinex ante a ríomh go beacht ina leith, gan an gá measúnú riosca a dhéanamh (“cabhair thrédhearcach”).

(17)

Ba cheart na coinníollacha a shainiú sa Rialachán seo faoinar féidir a mheas gur trédhearcach ionstraimí sainiúla cabhrach amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, bearta cánach, agus, go háirithe, airleacain inaisíoctha. Maidir le cabhair ar ráthaíochtaí í, ba cheart a mheas gur cabhair thrédhearcach í má rinneadh an choibhéis deontais chomhláin a ríomh ar bhonn préimheanna cuanta sábháilte a leagtar síos don chineál gnóthais ar leith. I gcás FBManna, léirítear leibhéil préimhe bliantúla sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 87 agus 88 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm maidir le státchabhair i bhfoirm ráthaíochta. (7) Chun críocha an Rialacháin seo, níor cheart a mheas go bhfuil instealltaí caipitil agus bearta caipitil riosca trédhearcach.

(18)

Chun a áirithiú go bhfuil gá leis an gcabhair agus gur dreasacht í chun gníomhaíochtaí nó tionscadail a fhorbairt a thuilleadh, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a dtabharfadh an gnóthas is tairbhí fúthu ar aon nós, d’uireasa na cabhrach fiú. Níor cheart cabhair a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) CFAE i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach amháin i gcásanna ina gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht nó an obair ar an tionscadal cuidithe tar éis don ghnóthas is tairbhí iarratas i scríbhinn a chur isteach don chabhair.

(19)

Maidir le haon chabhair ad hoc a chumhdaítear leis an Rialachán seo a dheonaítear do thairbhí ar fiontar mór é, ba cheart don Bhallstát, i dteannta na gcoinníollacha maidir leis an éifeacht dreasachta is infheidhme maidir le FBManna, a áirithiú freisin go ndearna an tairbhí anailís, i ndoiciméad inmheánach, ar inmharthanacht an tionscadail nó na gníomhaíochta dá dtugtar cabhair, is é sin, le cabhair agus gan chabhair. Ba cheart don Bhallstát a fhíorú go ndeimhnítear leis an doiciméad inmheánach sin méadú suntasach ar raon feidhme an tionscadail nó na gníomhaíochta, méadú suntasach ar an méid iomlán a chaith an tairbhí ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair nó méadú suntasach ar luas chur i gcrích an tionscadail nó na gníomhaíochta lena mbaineann. Ina theannta sin, ba cheart a bheith in ann an éifeacht dreasachta a bhunú ar an mbonn nach ndéanfaí an tionscadal infheistíochta ná an ghníomhaíocht mar sin sa cheantar tuaithe lena mbaineann d’uireasa na cabhrach.

(20)

Ba cheart leanúint de scéimeanna cabhrach uathoibríocha i bhfoirm buntáistí cánach a bheith faoi réir coinníoll shonrach maidir leis an éifeacht dreasachta, toisc go ndeonaítear an cineál sin cabhrach faoi nósanna imeachta difriúla leis na catagóirí eile cabhrach. Ba cheart na scéimeanna sin a bheith glactha sula gcuirfear tús leis an obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht chuidithe. Mar sin féin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll sin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna fioscacha a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach. Chun measúnú a dhéanamh ar éifeacht dreasachta na scéimeanna sin, is é an tráth ríthábhachtach é an tráth a leagtar amach an beart cánach den chéad uair sa chéad scéim, a dtagann scéim comharbachta ina háit ina dhiaidh sin.

(21)

Níor cheart ach costais incháilithe a chur san áireamh chun déine na cabhrach a ríomh. Níor cheart cabhair a dhíolmhú sa Rialachán seo ar mó í ná an déine cabhrach ábhartha de thoradh costais neamh-incháilithe a chur san áireamh. Ba cheart fianaise dhoiciméadach atá soiléir sonrach cothrom le dáta a bheith ann mar thacaíocht d'aithint costas incháilithe. Ba cheart na figiúirí uile arb ann dóibh sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile a úsáid. Maidir le cabhair atá iníoctha ina tráthchodanna, ba cheart í a lascainiú go dtí a luach ar dháta deonaithe na cabhrach. Ba cheart na costais incháilithe a lascainiú freisin go dtí a luach ar dháta an deonaithe. Maidir leis an ráta úis a úsáidtear chun críocha lascainithe agus an ráta a úsáidtear chun méid na cabhrach a ríomh ar cabhair nach deontas í, ba cheart gurbh iad, faoi seach, an ráta lascaine agus an ráta tagartha is infheidhme tráth an deonaithe, mar a leagtar síos sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar an modh le haghaidh an ráta tagartha agus an ráta lascaine a ríomh (8). I gcás ina ndeonófar cabhair trí mheán buntáistí cánach, ba cheart tráinsí cabhrach a lascainiú ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme ar na dátaí éagsúla a thagann na buntáistí cánach in éifeacht. Ba cheart úsáid cabhrach i bhfoirm airleacain inaisíoctha a chur chun cinn, toisc go bhfuil ionstraimí comhroinnte riosca úsáideach le haghaidh éifeacht dreasachta na cabhrach a neartú. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos go bhféadfar an déine cabhrach infheidhme dá dtagraítear sa Rialachán seo a mhéadú, i gcás ina ndeonófar cabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha.

(22)

I gcás buntáistí cánach a bhaineann le cánacha amach anseo, féadfar nach eol an ráta lascaine is infheidhme ná méid beacht na dtráinsí cabhrach roimh ré. Sna cásanna sin, ba cheart do na Ballstáit uasteorainn a shocrú roimh ré ar luach lascaine na cabhrach, agus déine na cabhrach á hurramú. Ina dhiaidh sin, tráth is eol méid an tráinse cabhrach ar dháta ar leith, is féidir lascainiú a dhéanamh ar bhonn an ráta lascaine is infheidhme ag an am sin. Ba cheart luach lascainithe gach tráinse cabhrach a bhaint de mhéid foriomlán an mhéid uasteoranta.

(23)

Chun a chinneadh an n-urramaítear na tairseacha fógra agus an déine uasta cabhrach dá dtagraítear sa Rialachán seo, ba cheart méid iomlán na státchabhrach le haghaidh na gníomhaíochta nó an tionscadail cuidithe a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart na cúinsí a shonrú sa Rialachán seo inar féidir catagóirí éagsúla cabhrach a charnadh. Maidir le cabhair atá díolmhaithe faoin Rialachán seo agus maidir le haon chabhair chomhoiriúnach eile faoi rialacháin eile nó arna fhormheas ag an gCoimisiún, féadfar an chabhair sin a charnadh fad is a bhaineann na bearta sin le costais incháilithe in-sainaitheanta éagsúla. I gcás ina mbaineann foinsí éagsúla cabhrach leis na costais incháilithe in-sainaitheanta céanna, bíodh na costais sin ag forluí le chéile go páirteach nó go hiomlán, ba cheart carnadh a cheadú suas leis an déine cabhrach nó suas leis an méid cabhrach is infheidhme maidir leis an gcabhair sin sa Rialachán seo. Ba cheart rialacha speisialta a leagan amach sa Rialachán seo freisin i gcomhair carnadh beart cabhrach le cabhair de minimis. Is minic nach ndeonaítear cabhair de minimis i gcomhair costais incháilithe in-sainaitheanta sonracha nó i leith na gcostas sin. Sa chás sin, ba cheart go bhféadfaí in ann cabhair de minimis a charnadh le státchabhair atá díolmhaithe faoin Rialachán seo. Ina ainneoin sin, i gcás ina ndeonófar cabhair de minimis i gcomhair na gcostas incháilithe in-sainaitheanta céanna agus le státchabhair atá díolmhaithe faoin Rialachán seo, níor cheart carnadh a cheadú ach suas leis an déine cabhrach dá dtagraítear i gCaibidil III den Rialachán seo.

(24)

Ós rud é go bhfuil toirmeasc, i bprionsabal, ar státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, tá sé tábhachtach go mbeifí in ann a sheiceáil cibé acu a deonaíodh nó nár deonaíodh cabhair i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme. Dá bharr sin, tá trédhearcacht na státchabhrach riachtanach chun forálacha CFAE a chur i bhfeidhm i gceart agus eascraíonn comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus caiteachais phoiblí níos éifeachtúla as an trédhearcacht sin. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart ceanglas a chur ar na Ballstáit suíomhanna gréasáin a bhaineann le státchabhair a bhunú, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal náisiúnta, ina leagfar amach faisnéis achomair ar gach beart cabhrach a bhfuil díolúine ann lena aghaidh faoin Rialachán seo. Ba cheart an oibleagáid sin a bheith ina coinníoll i gcomhair chomhoiriúnacht cabhrach aonair leis an margadh inmheánach. Agus an cleachtas caighdeánach maidir le foilsiú faisnéise atá i dTreoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) á leanúint, ba cheart foirm chaighdeánaithe a úsáid lenar féidir an fhaisnéis a chuardach, a íoslódáil agus a fhoilsiú go héasca ar an Idirlíon. Ba cheart na naisc chuig suíomhanna gréasáin na mBallstát uile maidir le státchabhair a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2015/1588, ba cheart faisnéis achomair ar gach beart atá díolmhaithe faoin Rialachán seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

(25)

Chun faireachán éifeachtúil a áirithiú ar bhearta cabhrach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1588, is iomchuí ceanglais a leagan síos a bhaineann le tuairisciú ag na Ballstáit ar bhearta cabhrach a ndearnadh a dhíolmhú de bhun an Rialacháin seo. Thairis sin, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir leis na taifid ba cheart do na Ballstáit a choinneáil maidir leis an gcabhair arna díolmhú leis an Rialachán seo, i bhfianaise na tréimhse teorann arna leagan síos in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (10). Ar deireadh, ba cheart tagairt shoiléir don Rialachán seo a chur le gach cabhair.

(26)

Chun éifeachtúlacht na gcoinníollacha comhoiriúnachta a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann buntáiste na blocdhíolúine do bhearta cabhrach sa todhchaí a tharraingt siar i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais sin. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann tarraingt siar bhuntáiste na blocdhíolúine a theorannú do chineálacha áirithe cabhrach, do ghnóthais áirithe is tairbhithe, nó do bhearta cabhrach a ghlac údaráis áirithe, i gcás nach mbaineann neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo ach le grúpa teoranta beart nó le húdaráis áirithe. Le tarraingt siar spriocdhírithe den sórt sin, ba cheart go gcuirfí ar fáil leigheas comhréireach a bhainfeadh go díreach leis an neamhchomhlíonadh a sainaithníodh maidir leis an Rialachán seo.

(27)

Chun deireadh a chur le difríochtaí bhféadfadh saobhadh ar iomaíocht a bheith mar thoradh orthu agus chun comhordú a éascú idir tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais agus na mBallstát a bhaineann le FBManna, agus ar chúiseanna a bhaineann le cinnteacht riaracháin agus dhlíthiúil, ba cheart go mbunófaí an sainmhíniú ar FBManna a úsáidtear sa Rialachán seo ar an sainmhíniú i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (11).

(28)

Ba cheart go gcumhdófaí faoin Rialachán seo na cineálacha cabhrach a dheonaítear san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a ndearnadh an Coimisiún iad a cheadú go córasach roimhe seo. Níor cheart measúnú cás ar chás ón gCoimisiún ar an gcomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach a bheith de dhíth don chabhair seo, ar choinníoll go gcomhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013 agus (AE) 2021/1139, i gcás inarb infheidhme.

(29)

I gcomhréir le hAirteagal 107(2), pointe (b), CFAE, maidir le cabhair chun damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a shlánú, tá sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Chun cinnteacht dhlíthiúil a sholáthar, is gá sainiú a dhéanamh ar na cineálacha imeachta a d’fhéadfadh a bheith ina dtubaistí nádúrtha atá díolmhaithe faoin Rialachán seo.

(30)

Na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, is earnálacha iad atá neamhchosanta go sonrach ar theagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha agus ar ghalair ainmhithe. Is léir ón taithí go mbíonn na hearnálacha sin buailte go dona ag teagmhais den sórt sin agus go ndéantar damáiste mór d’iascairí mar gheall orthu. Meastar gur uirlis oiriúnach iad bearta chun damáiste den sórt sin a árachú agus a chúiteamh chun cuidiú le gnóthais teacht chucu féin ó dhamáiste den sórt sin agus, dá bhrí sin, leanúint ar aghaidh i mbun gnó agus ar an gcaoi sin forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha sna hearnálacha sin a áirithiú.

(31)

Maidir le dochar a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha amhail stoirmeacha, sioc, clocha sneachta, oighear, báisteach nó triomaigh dhiana, ar rudaí iad a tharlaíonn níos minice, níor cheart iad a mheas mar thubaistí nádúrtha de réir bhrí Airteagal 107(2), pointe (b), CFAE. Mar sin féin, sa mhéid go bhfágann an tionchar atá acu ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch go bhfuil siad inchurtha le tubaistí nádúrtha, ba cheart cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a shlánú a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE.

(32)

Chun a áirithiú go gcumhdófaí faoin díolúine cabhair a dheonófar chun an dochar a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha agus teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú, ba cheart na coinníollacha a leagan síos sa Rialachán seo, de réir cleachtas bunaithe, faoinar féidir leis an gcabhair sin tairbhiú den bhlocdhíolúine sin. Ba cheart na coinníollacha sin a bheith bainteach le haitheantas foirmiúil ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe, do nádúr an imeachta mar thubaiste nádúrtha nó teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha agus do nasc cúisíoch díreach idir an tubaiste nádúrtha nó an teagmhas díobhálach aeráide agus na damáistí don ghnóthas is tairbhí, gnóthas is féidir a bheith ina ghnóthas atá i gcruachás, agus ba cheart a áirithiú leis na coinníollacha sin go ndéanfar róchúiteamh a sheachaint. Níor cheart an cúiteamh a bheith níos mó ná a bhfuil riachtanach chun a chumasú don ghnóthas is tairbhí filleadh ar an staid ag a rabhthas sular tharla an teagmhas.

(33)

Is earnálacha iad an iascaireacht agus an dobharshaothrú nach bhfuil dreasacht leordhóthanach iontu go dtarlódh gníomhaíocht aonair, d’ainneoin go rachadh toradh na gníomhaíochta aonair in éineacht chun leas comhchoiteann na n-úsáideoirí go léir. Ar an gcúis sin, maidir leis an gcabhair chun bithéagsúlacht agus éiceachórais na mara agus córais chúitimh a chosaint agus a athbhunú faoi chuimsiú gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe, lena n-áirítear bailiú dramhaíola ón bhfarraige, ba cheart í a mheas a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), CFAE.

(34)

Cuirtear san áireamh sa Rialachán seo staid shonrach na réigiún is forimeallaí san Aontas mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, ina ndéantar foráil maidir le bearta sonracha.

(35)

Cabhair a dheonaítear do FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD, is beag tionchar atá aici ar an iomaíocht, go háirithe, i bhfianaise an róil dhearfaigh a chomhlíonann an chabhair maidir le heolas a chomhroinnt, go háirithe do phobail áitiúla, i bhfianaise an chabhair a bheith de chineál comhchoiteann go minic, agus i bhfianaise a scála measartha beag. Is de chineál comhtháite, ilghníomhach agus ilearnálach na tionscadail sin, rud ar féidir leis deacrachtaí áirithe a chruthú le linn iad a aicmiú faoi na rialacha maidir le státchabhair. De bharr a gcineáil féin, ní thagann bardais faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar FBM (12). Is minic a bhíonn ról tábhachtach acu, áfach, in eagrú agus cur i gcrích tionscadail CLLD. I gcás ina ndéantar tionscadal CLLD i bhfabhar ceann amháin de na cuspóirí atá beartaithe in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle, ba cheart go mbeadh se indéanta, dá bhrí sin, blocdhíolúine a thabhairt freisin do chabhair do bhardais i gcomhthéacs tionscadal den sórt sin. Ós de chineál áitiúil na tionscadail CLLD, a roghnaítear ar bhonn straitéis ilbhliantúil forbartha áitiúla a ndéanann comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí í a chinneadh agus a chur chun feidhme, agus mar thoradh ar an díriú a leagann siad ar leasanna pobail, sóisialta, comhshaoil agus aeráide, ba cheart aghaidh a thabhairt leis an Rialachán seo ar dheacrachtaí áirithe a mbíonn tionscadail CLLD ag déileáil leo chun cabhrú leo na rialacha maidir le státchabhair a chomhlíonadh. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir le bardais a thairbhíonn go díreach nó go hindíreach de thionscadail CLLD a shaothraíonn ceann amháin de na cuspóirí atá beartaithe in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2015/1588.

(36)

De bhun Airteagal 15(1)(f) agus Airteagal 15(3) de Threoir 2003/96/CE (1) ón gComhairle (13), féadfaidh na Ballstáit díolúintí cánach nó laghduithe infheidhme maidir le hiascaigh intíre agus oibreacha feirmeoireachta éisc a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, is iomchuí leanúint de na bearta sin a dhíolmhú ón gceanglas fógra atá in Airteagal 108(3) den Chonradh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear faoin Treoir sin. Maidir le díolúintí cánach is infheidhme maidir le hiascaireacht in uiscí AE atá na Ballstáit le tabhairt isteach de bhun Airteagal 14 (1)(c) den Treoir sin, níl na díolúintí sin inchurtha i leith an Stáit agus dá bhrí sin níor cheart státchabhair a bheith iontu.

(37)

I bhfianaise thaithí an Choimisiúin sa réimse seo, ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar na rialacha maidir le státchabhair. Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a bheith teoranta agus ba bheart forálacha idirthréimhseacha a leagan síos. Ag féachaint dó go bhfuil na coinníollacha chun cabhair a dheonú faoin Rialachán seo nasctha go dlúth leis na coinníollacha arna leagan síos maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 2021/1139, lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) le haghaidh na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027, is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le tréimhse chur i bhfeidhm CEMID. Chun leanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le linn idirthréimhse, is iomchuí go mbeidh feidhm ag an Rialachán seo go dtí an 31 Nollaig 2029.

(38)

Má théann an Rialachán seo in éag sula gcuirfear síneadh leis, ba cheart leanúint ar feadh 6 mhí le díolmhú scéimeanna cabhracha arna ndíolmhú faoin Rialachán seo chun leanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha Coiteanna

Airteagal 1

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair a dheonófar

(a)

do mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna) atá gníomhach i dtáirgeadh, próiseáil nó margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe;

(b)

do bhardais faoi Airteagal 54 agus 55; agus

(c)

do chalafoirt iascaireachta, láithreáin ag a dtugtar iasc i dtír, hallaí ceantála agus foscadáin faoi Airteagal 29.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le cabhair a dheonófar d’aon ghnóthas atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil nó i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe, go neamhspleách ar mhéid an ghnóthais a thairbhíonn den chabhair, chun aon cheann de na críocha seo a leanas:

(a)

chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú;

(b)

chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú;

(c)

chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú; agus

(d)

chun nuálaíocht a dhéanamh in iascaigh agus sa dobharshaothrú.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cabhair a bheidh a méid socraithe ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí a chuirtear ar an margadh;

(b)

cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú i dtreo tríú tíortha nó i dtreo Ballstát, is é sin cabhair a bhaineann go díreach leis an gcainníocht a dhéantar a onnmhairiú, le bunú agus oibriú gréasáin dáileacháin nó le costais reatha nasctha leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;

(c)

cabhair a bheidh ag brath ar úsáid táirgí intíre de rogha ar tháirgí allmhairithe;

(d)

cabhair ad hoc i bhfabhar gnóthas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;

(e)

cabhair a dheonófar d’oibríochtaí nó caiteachas:

(i)

a mhéadóidh acmhainn iascaireachta soithigh iascaireachta;

(ii)

le haghaidh trealamh a fháil a mhéadaíonn cumas an tsoithigh iascaireachta éisc a aimsiú;

(iii)

le haghaidh soithí iascaireachta a thógáil, a fháil nó a allmhairiú, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20;

(iv)

le haghaidh soithí iascaireachta a aistriú go tríú tíortha nó go clár loingseoireachta tríú tíortha, lena n-áirítear trí chomhfhiontair a chruthú le comhpháirtithe tríú tíortha;

(v)

le haghaidh scor sealadach nó buan gníomhaíochtaí iascaireachta;

(vi)

le haghaidh iascaireacht thaiscéalaíoch;

(vii)

le haghaidh úinéireacht gnólachta a aistriú mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 20;

(viii)

le haghaidh na hathstocála dírí, seachas an athstocáil trialach;

(ix)

le haghaidh calafoirt nua nó hallaí ceantála nua a thógáil;

(x)

le haghaidh sásraí idirghabhála margaidh arb é is aidhm dóibh táirgí iascaigh nó táirgí dobharshaothraithe a tharraingt siar ón margadh go sealadach nó go buan d’fhonn an soláthar a laghdú ionas nach dtitfeadh praghsanna nó chun praghsanna a ardú;

(xi)

le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta atá riachtanach chun na ceanglais faoi dhlí an Aontais atá i bhfeidhm tráth tíolactha an iarratais ar chabhair a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais faoi oibleagáidí an Aontais i gcomhthéacs eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna);

(xii)

le haghaidh infheistíochtaí ar bord soithí iascaireachta a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta ar feadh níos lú ná 60 lá le linn an 2 bhliain féilire roimh bhliain tíolactha an iarratais ar chabhair;

(xiii)

le haghaidh príomh-inneall nó inneall coimhdeach soithigh iascaireachta a ionadú nó a nuachóiriú.

(f)

cabhair a dheonófar do ghnóthas:

(i)

a bhfuil sárú tromchúiseach faoi Airteagal 42 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (14) nó faoi Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (15) déanta aige;

(ii)

a bhí páirteach in oibriú, i mbainistiú nó in úinéireacht soithigh iascaireachta atá ar áireamh i liosta soithí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe an Aontais a leagtar amach in Airteagal 40, pointe (3), de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008, nó soithigh a bhfuil bratach tíortha a shainaithnítear mar thríú tíortha neamh-chomhoibritheacha a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán sin, ar foluain aige; nó

(iii)

a bhfuil aon cheann de na cionta comhshaoil a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) déanta aige, i gcás ina ndéantar an t-iarratas ar thacaíocht a thíolacadh faoi Airteagail 32 go 39 den Rialachán seo.

4.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh gnóthais atá i gcruachás, cé is moite de chabhair a dheonófar:

(a)

do ghnóthais atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD nó a thairbhíonn díobh;

(b)

chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú;

(c)

do scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha a shlánú; nó

(d)

sna cásanna seo a leanas, ar choinníoll gur caillteanais nó damáistí a tharla de dheasca an teagmhais i gceist an chúis leis an ngnóthas a bheith ina ghnóthas atá i gcruachás:

(i)

chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú; nó

(ii)

chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú.

5.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le scéimeanna cabhrach nach n-eisiatar go sainráite leo cabhair aonair a íoc i bhfabhar gnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis Cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cé is moite de cheann amháin de na scéimeanna seo a leanas:

(a)

scéimeanna cabhrach chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca tubaistí nádúrtha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a shlánú; nó

(b)

scéimeanna cabhrach le haghaidh costais a thabhaíonn FBManna atá ag glacadh páirte i dtionscadail CLLD agus cabhair le haghaidh gnóthais atá rannpháirteach i CLLD, nó a thairbhíonn de, i gcomhréir le hAirteagail 54 agus 55.

6.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta státchabhrach atá ina sárú neamh-inscartha ar dhlí an Aontais iontu féin, de thoradh na gcoinníollacha a ghabhann leo nó de thoradh a modh maoinithe, go háirithe:

(a)

cabhair i gcás ina mbeidh deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide ceanncheathrú an ghnóthais is tairbhí a bheith sa Bhallstát ábhartha nó é a bheith bunaithe den chuid is mó sa Bhallstát sin. Ina ainneoin sin, ceadaítear an ceanglas bunaíocht nó brainse a bheith sa Bhallstát a dheonaíonn an chabhair ag an am a dhéantar an chabhair a íoc;

(b)

cabhair i gcás ina mbeidh deonú na cabhrach faoi réir na hoibleagáide go n-úsáidfidh an gnóthas is tairbhí earraí a tháirgtear sa náisiún nó seirbhísí náisiúnta; nó

(c)

cabhair lena gcuirfear srian leis an bhféidearthacht go ndéanfaidh an gnóthas is tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile;

(d)

an Treoir maidir le Gnáthóga, an Treoir maidir le hÉin, an Treoir maidir le Truailliú ó Longa agus forálacha a bhaineann le bainistiú dramhaíola.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cabhair dá bhforáiltear i scéimeanna státchabhrach faoi Airteagail 20, 21, 24, 26 go 30, 33, 43, 46, 48, 50 agus 52 má chomhlíonann sí coinníollacha Airteagal 12, ón 1 Iúil 2023 ar aghaidh;

(b)

aon athrú ar na scéimeanna dá dtagraítear i bpointe (a) seachas modhnuithe nach féidir leo difear a dhéanamh do chomhoiriúnacht na scéime cabhraí faoin Rialachán seo nó nach féidir leo difear suntasach a dhéanamh d’ábhar an phlean meastóireachta fhormheasta.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go leanfaidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ar feadh tréimhse níos faide maidir le haon cheann de na cineálacha cabhrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean meastóireachta ábhartha ar thug an Ballstát fógra ina leith don Choimisiún.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cabhair ad hoc” cabhair nach ndeonaítear ar bhonn scéim cabhrach;

(2)

ciallaíonn “teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaiste nádúrtha” dálaí aimsire neamhfhabhracha amhail sioc, stoirmeacha agus clocha sneachta, oighear, báisteach throm nó sheasta nó triomaigh dhiana lena laghdaítear faoi bhreis agus 30 % an meántáirgeadh a ríomhtar ar bhonn ceann amháin de na modhanna seo a leanas:

(a)

an tréimhse trí bliana roimhe sin;

(b)

meántréimhse 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, cé is moite den iontráil is airde agus is ísle;

(3)

ciallaíonn “cabhair” aon bheart lena gcomhlíontar na critéir uile a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE;

(4)

ciallaíonn “déine cabhrach” méid comhláin na cabhrach a léirítear mar chéatadán de na costais incháilithe, sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile;

(5)

ciallaíonn “scéim cabhrach” aon ghníomh ar a bhonn ar féidir deonú aonair cabhrach a dhéanamh, gan tuilleadh bearta cur chun feidhme a bheith de dhíth, do ghnóthais a shainítear sa ghníomh ar bhealach ginearálta agus ar bhealach teibí agus aon ghníomh ar féidir, ar a bhonn, cabhair nach bhfuil nasctha le haon tionscadal ar leith a dheonú do ghnóthas amháin nó do roinnt gnóthas ar feadh tréimhse éiginnte nó agus/nó le haghaidh méid éiginnte;

(6)

ciallaíonn “bithshlándáil” bearta bainistíochta agus fisiciúla a cheaptar chun an riosca maidir le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar go dtí, ó, agus laistigh den mhéid seo a leanas a laghdú: (a) daonra ainmhithe, nó (b) bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráid, áitreabh nó láthair eile;

(7)

ciallaíonn “bearta rialaithe agus díothúcháin” bearta maidir le galair ainmhithe a bhfuil údarás inniúil tar éis ráig a shainaithint go foirmiúil ina leith, nó maidir le lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha a bhfuil údarás inniúil tar éis a admháil go foirmiúil go bhfuil siad ann;