ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
|
TREORACHA |
|
|
* |
Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach ( 1 ) |
|
|
II Gníomhartha neamhreachtacha |
|
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
* |
||
|
|
CINNTÍ |
|
|
* |
||
|
* |
||
|
|
GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2463 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Nollaig 2022
lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 1 Meán Fómhair 2017 tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm. |
(2) |
In 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe, chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le cláir chúnaimh mhacrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh ón Aontas i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6,6 billiún san iomlán. |
(3) |
Leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs na bagartha a bhí ag méadú díreach roimh ionradh na Rúise, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin, a eisíocadh in dhá thráthchuid dar luach EUR 600 milliún, i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022. |
(4) |
Leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas dar luach suas le EUR 1 bhilliún a cuireadh ar fáil de bhun Chinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), soláthraíodh tacaíocht mhear phráinneach do bhuiséad na hÚcráine agus eisíocadh ina iomláine é in dhá thráinse an 1 agus an 2 Lúnasa 2022. Ba é an cúnamh sin an chéad chéim den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil pleanáilte suas le EUR 9 mbilliún don Úcráin, a d’fhógair an Coimisiún ina theachtaireacht dar teideal “Fóirithint agus Atógáil na hÚcráine” an 18 Bealtaine 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 23–24 Meitheamh 2022. |
(5) |
Is éard a bhí i gCinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) céim eile i gcur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais eisceachtúil sin de chuid an Aontais a beartaíodh. Bunaíodh leis an bonn chun méid breise suas le EUR 5 bhilliún a chur ar fáil don Úcráin i bhfoirm iasachtaí ar ardleibhéal lamháltais, méid as ar eisíocadh EUR 2 bhilliún an 18 Deireadh Fómhair, leis an EUR 3 bhilliún atá fágtha le heisíoc faoi dheireadh 2022. |
(6) |
Mar thoradh ar an gcogadh foghach a thug an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin, ón 24 Feabhra 2022 i leith, chaill an Úcráin rochtain ar na margaí airgeadais agus tá laghdú ollmhór tagtha ar a hioncaim phoiblí, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach sin, is léir ó na meastacháin is fearr maidir le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) i samhradh na bliana 2022 go bhfuil bearna urghnách cistiúcháin de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022, a bhféadfaí tuairim is leath de a shásamh mar gheall ar chúnamh idirnáisiúnta. Maidir le soláthar pras den chúnamh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoi Chinneadh (AE) 2022/1628, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, i bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Tá an méid breise suas le EUR 5 bhilliún den chúnamh macrairgeadais eisceachtúil faoin gCinneadh sin, le tacú le cobhsaíocht macrairgeadais na hÚcráine, le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú agus lena cumas i dtreo téarnamh a chothú, agus dá bhrí sin, chuirfí le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh sa deireadh. |
(7) |
Ó thús chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, rinne an tAontas, a Bhallstáit agus institiúidí airgeadais na hEorpa EUR 19,7 billiún a shlógadh le haghaidh athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Leis an méid sin, tugtar le chéile tacaíocht ó bhuiséad an Aontais, ar luach EUR 12,4 billiún, arna ráthú go hiomlán nó i bpáirt ag buiséad an Aontais, lena n-áirítear an cúnamh macrairgeadais eisceachtúil agus an tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, chomh maith le tacaíocht airgeadais bhreise ó na Ballstáit, ar luach EUR 7,3 billiún. |
(8) |
Ina theannta sin, chinn an Chomhairle bearta cúnaimh chun tacú le fórsaí armtha na hÚcráine faoin tSaoráid Síochána Eorpach, ar bearta cúnaimh iad ar luach EUR 3,1 billiún faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (6), agus misean cúnaimh mhíleata chun tacú leis an Úcráin le EUR 0,1 billiún le haghaidh na gcostas coiteann faoi Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle (7). Sheachaid an tAontas agus a Bhallstáit freagairt éigeandála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta faoi Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), atá ar an oibríocht éigeandála is mó í ó bunaíodh an sásra sin, agus a chuireann na milliúin ábhar éigeandála ar fáil don Úcráin agus don réigiún. |
(9) |
Chinn an Chomhairle Eorpach an 23 Meitheamh 2022 stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin. Is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é tacaíocht láidir leanúnach a thabhairt don Úcráin. Ós rud é go bhfuil damáiste ollmhór á dhéanamh ar gheilleagar, ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hÚcráine mar gheall ar chogadh foghach na Rúise, tá gá le cur chuige comhchoiteann eagraithe mar a leagtar amach san ionstraim chun tacaíocht láidir leanúnach a thabhairt don Úcráin (cúnamh macrairgeadais +) a bhunaítear leis an Rialachán seo (“an Ionstraim”). |
(10) |
Is ionann cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus bagairt straitéiseach gheopholaitiúil ar an Aontas trí chéile agus ceanglaítear ar na Ballstáit an fód a sheasamh go láidir in éineacht le chéile. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, tacaíocht ón Aontas a imscaradh go tapa agus go mbeidh sé in ann í a chur in oiriúint go solúbtha agus de réir a chéile d’fhóirithint láithreach agus d’athshlánú gearrthéarmach ar an mbealach chun atógáil amach anseo a bhaint amach. |
(11) |
Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime rannchuidiú le bearna chistiúcháin na hÚcráine a dhúnadh in 2023, go háirithe trí fhaoiseamh airgeadais gearrthéarmach ar ardleibhéal lamháltais a sholáthar do bhuiséad Stáit na hÚcráine ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, lena n-áirítear maoiniú a dhéanamh ar an athshlánú agus ar an tacaíocht tosaigh i dtreo atógáil iarchogaidh, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ar a bealach i dtreo lánpháirtiú na hEorpa. |
(12) |
Chun cuspóir ginearálta na hIonstraime a bhaint amach, ba cheart an cúnamh a chur ar fáil chun tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais san Úcráin, agus chun srianta na hÚcráine maidir le maoiniú seachtrach a éascú. Ba cheart don Choimisiún an tacaíocht a chur chun feidhme faoin Ionstraim i gcomhréir le príomhphrionsabail agus le príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais. |
(13) |
Maidir le soláthar tacaíochta athshlánúcháin, le deisiú agus le feidhmeanna criticiúla agus bonneagair a chothabháil chomh maith le faoiseamh a thabhairt do dhaoine atá i ngátar agus do na limistéir is mó a ndéantar difear dóibh i dtéarmaí tacaíochta ábhartha agus sóisialta, le tithíocht shealadach, le foirgníocht chónaithe agus bonneagair, ba cheart iad a áireamh i measc na bpríomhréimsí tacaíochta faoin Ionstraim. |
(14) |
Ba cheart an Ionstraim a bheith ina tacaíocht freisin le cumas údaráis na hÚcráine a neartú chun ullmhú le haghaidh na hatógála iarchogaidh amach anseo agus le haghaidh luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal. |
(15) |
Leis an Ionstraim, tacófar le beartas seachtrach an Aontais i leith na hÚcráine. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta tacaíochta chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht bheartas seachtrach an Aontais a áirithiú. Leis an tacaíocht leis an Úcráin faoin Ionstraim, leanfar den rannchuidiú mór le riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a shásamh, riachtanais arna meas ag CAI, ag an mBanc Domhanda, agus ag institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile, agus cuirfear san áireamh leis sin cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú le hacmhainní dá cuid féin. Agus méid na tacaíochta á chinneadh, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. |
(16) |
Le staid na hÚcráine éilítear cur chuige céim ar chéim lenar cheart tacaíocht leanúnach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus oibríochtaí cabhrach daonnúla faoi Rialachán (CE) Uimh 1257/969 (10) ón gComhairle chomh maith le faoiseamh láithreach agus athshlánú a bheith ag gabháil le hionstraim lena ndírítear ar chobhsaíocht mhacrairgeadais. |
(17) |
Sa Rialachán seo, ba cheart na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh na hIonstraime a leagan síos le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus d’fhéadfaí eisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí an 31 Márta 2024. Ba cheart uasmhéid EUR 18 mbilliún a chur ar fáil i bhfoirm iasachtaí. Ina theannta sin, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027, sa Rialachán seo ba cheart foráil a dhéanamh maidir le fóirdheontas ráta úis. Chun a áirithiú go gcumhdófar costais úis le linn shaolré na n-iasachtaí, ba cheart ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027 a athnuachan agus ba cheart gurb ioncam sannta seachtrach iad go fóill mura rud é go gcumhdaítear iad ar bhealaí eile i gcreataí airgeadais ilbhliantúla amach anseo. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go bhféadfaí síneadh a chur leis na ranníocaíochtaí ó na Ballstáit tar éis 2027. |
(18) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit acmhainní breise a chur ar fáil, mar ioncam sannta seachtrach a bheidh le cur chun feidhme faoi mheabhrán tuisceana (MT) na hIonstraime. An fhéidearthacht sin maidir le ranníocaíocht bhreise a dhéanamh mar ioncaim shannta sheachtracha, ba cheart í a bheith le haghaidh tríú tíortha leasmhara agus páirtithe leasmhara, i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (d) agus (e), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) (“an Rialachán Airgeadais”). Chun sineirgí agus comhlántachtaí a chothú, is iomchuí a cheadú go bhféadfaí ranníocaíochtaí breise den sórt sin ó na Ballstáit, ó thríú tíortha leasmhara agus ó thríú páirtithe leasmhara a chur ar fáil freisin do na cláir arna mbunú faoi Rialacháin (AE) 2021/947 agus (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena rannchuidítear le cuspóirí na hIonstraime. |
(19) |
Ba cheart ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit a bheith neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit dul isteach i gcomhaontú ranníocaíochta leis an gCoimisiún de réir bhrí Airteagal 22(2) den Rialachán Airgeadais. Le comhaontú ranníocaíochta den sórt sin, ba cheart an ranníocaíocht leis an bhfóirdheontas ráta úis a chumhdach agus méideanna breise freisin, más mian leis an mBallstát iad a sholáthar. |
(20) |
Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a chur ar fáil faoin réamhchoinníoll go leanann an Úcráin de shásraí éifeachtacha daonlathacha agus a hinstitiúidí a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú. |
(21) |
Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a bheith nasctha le coinníollacha beartais a leagfar amach i meabhrán tuisceana. Sna coinníollacha sin, ba cheart a áireamh iontu freisin gealltanais chun feidhmíocht eacnamaíoch agus athléimneacht na tíre a neartú, an timpeallacht ghnó, atógáil chriticiúil a éascú agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin in earnáil an fhuinnimh. |
(22) |
Ba cheart na coinníollacha beartais a chomhlánú le diancheanglais tuairiscithe, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go n-úsáidfear na cistí ar bhealach éifeachtúil, trédhearcach agus cuntasach. |
(23) |
I bhfianaise na staide san Úcráin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú meántéarma ar MT. |
(24) |
Ba cheart an tacaíocht faoin Ionstraim a scaoileadh faoi réir réamhchoinníollacha a urramú, chur chun feidhme sásúil agus dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais. |
(25) |
Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine agus an tacaíocht a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal má thagann laghdú bunúsach ar na riachtanais sin le linn thréimhse eisíocaíochta na tacaíochta faoin Ionstraim i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht eisíocaíochtaí a chur ar fionraí nó a chur ar ceal i gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais maidir leis an tacaíocht faoin Ionstraim a scaoileadh. |
(26) |
I gcomhthéacs riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin na hÚcráine, is iomchuí an cúnamh airgeadais a eagrú faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais agus a bhunú mar mhodh cistiúcháin aonair, a bhfuil coinne go bhfeabhsóidh sé leachtacht bhannaí an Aontais agus tarraingteacht agus costéifeachtúlacht eisiúint an Aontais. |
(27) |
I bhfianaise staid dheacair na hÚcráine mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise agus chun tacú leis an Úcráin ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin ar ardleibhéal lamháltais a mhairfidh 35 bliana ar a mhéad agus gan tús a chur le haisíoc an bhunairgid tráth nach luaithe ná 2033. Is iomchuí freisin maolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais agus cead a thabhairt don Aontas na costais ráta úis a chumhdach agus na costais riaracháin a bheadh le hiompar ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú faoin Ionstraim de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha breise ó na Ballstáit agus ba cheart é a bheith ar fáil de réir a chéile de réir mar a tháinig na comhaontuithe leis na Ballstáit i bhfeidhm. |
(28) |
Ba cheart é a bheith indéanta don Úcráin fóirdheontas an ráta úis agus tarscaoileadh na gcostas riaracháin a iarraidh gach bliain. |
(29) |
Níor cheart tacú leis an dliteanas airgeadais ó iasachtaí faoin Rialachán seo leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, de mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart tacaíocht faoin Ionstraim a bheith ina cúnamh airgeadais de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais. Agus na rioscaí airgeadais agus an cumhdach buiséadach á gcur san áireamh, níor cheart aon soláthar a bhunú don chúnamh airgeadais i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim agus, de mhaolú Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, níor cheart ráta soláthair a shocrú mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo. |
(30) |
Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (12) ní cheadaítear cumhdach an dliteanais airgeadais a eascraíonn as iasachtaí faoin Ionstraim i láthair na huaire. Go dtí go ndéanfaí leasú ionchasach air, lena bhféadfaí, mar ráthaíocht, acmhainní buiséadacha a shlógadh de bhreis ar uasteorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus suas go dtí teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (13), is iomchuí réiteach malartach a lorg lena gcuirfear acmhainní breise ar fáil. |
(31) |
Táthar tar éis ranníocaíochtaí ó na Ballstáit i bhfoirm ráthaíochtaí a shainaithint mar uirlis iomchuí chun an chosaint a chur ar fáil sa bhreis lena bhféadfaí na hoibríochtaí a dhéanamh trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí faoin Rialachán seo. Ba cheart ráthaíochtaí na mBallstát a bheith ina gcosaint iomchuí lena n-áiritheofar cumas an Aontais na hiasachtaí trína dtacaítear leis na hiasachtaí faoin Ionstraim. |
(32) |
Ba cheart do na ráthaíochtaí a sholáthraíonn na Ballstáit an tacaíocht faoin Ionstraim a chumhdach i bhfoirm iasachtaí suas go dtí EUR 18 000 000 000. Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh na Ballstáit na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme chun críche chun ráthaíochtaí a sholáthar mar phríomhthosaíocht. I bhfianaise a phráinní atá an staid, níor cheart, leis an am is gá chun na nósanna imeachta sin a chur i gcrích, moill a chur ar an tacaíocht airgeadais riachtanach don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin Rialachán seo. Ag an am céanna, ba cheart an tacaíocht airgeadais faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí a chur ar fáil de réir a chéile, de réir mar a a thiocfaidh na ráthaíochtaí a thugann na Ballstáit i bhfeidhm. I bhfianaise phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus na stuamachta, ba cheart don Choimisiún na hiasachtaí a shocrú agus aird chuí á tabhairt ar a sheasamh creidmheasa. Ba cheart, áfach, méid iomlán na tacaíochta, suas go dtí EUR 18 000 000 000, a bheith ar fáil ón dáta a chuirfear leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, i bhfeidhm lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí dá dtagraítear faoin Ionstraim faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. |
(33) |
Ba cheart ráthaíochtaí na mBallstát a bheith neamh-inchúlghairthe neamhchoinníollach agus ar éileamh. Leis na ráthaíochtaí sin, ba cheart cumas an Aontais a áirithiú chun na cistí a fuarthas ar iasacht sna margaí caipitil nó ó na hinstitiúidí airgeadais a aisíoc. Ba cheart na ráthaíochtaí scor de bheith inghlaoite amhail ó dháta chur i bhfeidhm leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí faoin Ionstraim faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. Ba cheart na ráthaíochtaí a ghlaoch i gcás nach bhfaighidh an tAontas íocaíocht thráthúil ón Úcráin i ndáil leis na hiasachtaí faoin Ionstraim, lena n-áirítear, go háirithe, i gcás athruithe ar an sceideal íocaíochta ar chúis ar bith chomh maith le neamhíocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo agus neamhíocaíochtaí gan choinne. |
(34) |
Na méideanna a aisghabhadh faoi na comhaontuithe iasachta i ndáil leis na hiasachtaí faoin Ionstraim, ba cheart iad a aisíoc leis na Ballstáit a chomhlíon na glaonna ráthaíochta, de mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais. |
(35) |
Sula nglaofaidh sé ar na ráthaíochtaí arna soláthar ag na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún, dá lánrogha agus dá fhreagracht iomlán mar institiúid de chuid an Aontais a gcuirtear de chúram uirthi buiséad ginearálta an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, scrúdú a dhéanamh ar na bearta uile atá ar fáil faoin straitéis cistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Sa ghlao ábhartha ráthaíochta, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin scrúdú, mar is iomchuí. |
(36) |
Ba cheart sciar coibhneasta ranníocaíochtaí gach Ballstáit (treoir ranníoca) leis an méid foriomlán ráthaithe a bheith ag freagairt do sciartha coibhneasta na mBallstát d’ollioncam náisiúnta (OIN) iomlán an Aontais. Ba cheart na glaonna ar na ráthaíochtaí a dhéanamh pro rata agus an treoir ranníoca á cur i bhfeidhm. Go dtí go dtiocfaidh na comhaontuithe ráthaíochta uile idir an Coimisiún agus na Ballstáit i bhfeidhm, ba cheart an treoir ranníoca a choigeartú go comhréireach ar bhonn sealadach. |
(37) |
Is iomchuí go dtabharfaidh an Coimisiún agus an Úcráin comhaontú iasachta i gcrích don tacaíocht iasachta, faoi chuimsiú na gcoinníollacha a leagtar amach sa MT. Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an tacaíocht faoin Ionstraim, ba cheart don Úcráin na bearta iomchuí a dhéanamh maidir le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an tacaíocht sin a chosc agus a bhaineann leis an gcomhrac ina gcoinne. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta agus sa chomhaontú maoiniúcháin go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 den Rialachán Airgeadais. |
(38) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon rannchuidiú le bhearna chistiúcháin na hÚcráine in 2023 a dhúnadh, go háirithe trí fhaoiseamh gearrthéarmach ard-lamháltais a sholáthar chun buiséad stáit na hÚcráine ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(39) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). |
(40) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla atá ann mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a agairt. |
(41) |
I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
TACAÍOCHT ÓN AONTAS DON ÚCRÁIN
ROINN 1
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
1. Bunaítear leis an Rialachán seo ionstraim chun tacaíocht ón Aontas don Úcráin (cúnamh macrairgeadais +) (“an Ionstraim”) a sholáthar i bhfoirm iasachtaí, tacaíocht neamh-inaisíoctha agus fóirdheontas ráta úis.
2. Leagtar síos leis cuspóirí na hIonstraime, a maoiniú, na foirmeacha cistiúcháin de chuid an Aontais fúithi agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Airteagal 2
Cuspóirí na hIonstraime
1. Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime faoiseamh airgeadais gearrthéarmach a sholáthar don Úcráin ar bhealach intuartha, leanúnach, ordúil agus tráthúil, agus an t-athshlánú agus an tacaíocht tosaigh d’atógáil iarchogaidh a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh lánpháirtiú na hEorpa a bhaint amach.
2. Chun an cuspóir ginearálta a bhaint amach, is iad seo a leanas go háirithe na príomhchuspóirí sonracha:
(a) |
cobhsaíocht mhacrairgeadais, agus srianta maoiniúcháin seachtracha agus inmheánacha na hÚcráine a mhaolú; |
(b) |
clár don athchóiriú le haghaidh luathchéim ullmhúcháin an phróisis réamhaontachais, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear institiúidí na hÚcráine a neartú, éifeachtacht an riaracháin phoiblí a athchóiriú agus a threisiú mar aon le trédhearcacht, athchóirithe struchtúracha agus dea-rialachas ar gach leibhéal; |
(c) |
athshlánú feidhmeanna criticiúla agus bonneagair chriticiúil agus faoiseamh do dhaoine atá i ngátar. |
Airteagal 3
Raonta tacaíochta
Chun a cuspóirí a bhaint amach, tacóidh an Ionstraim leis an méid seo a leanas go háirithe:
(a) |
riachtanais chistiúcháin na hÚcráine a mhaoiniú, d’fhonn cobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre a choinneáil ar bun; |
(b) |
athshlánú, agus bonneagar criticiúil á athchóiriú mar shampla, amhail bonneagar fuinnimh, córais uisce, gréasáin iompair, bóithre inmheánacha nó droichid, nó in earnálacha eacnamaíocha straitéiseacha agus bonneagar criticiúil sóisialta, amhail saoráidí cúraim sláinte, scoileanna, agus tithíocht do dhaoine athlonnaithe, lena n-áirítear tithíocht shealadach agus shóisialta; |
(c) |
athchóirithe earnála agus institiúideacha, lena n-áirítear athchóirithe frithéillithe agus breithiúnacha, urraim don smacht reachta, dea-rialachas, agus nuachóiriú na n-institiúidí náisiúnta agus áitiúla; |
(d) |
atógáil na hÚcráine a ullmhú; |
(e) |
tacaíocht maidir le creat rialála na hÚcráine a ailíniú le creat rialála an Aontais agus le lánpháirtiú na hÚcráine sa mhargadh aonair, chomh maith le forbairt eacnamaíoch a neartú agus iomaíochas a fheabhsú; |
(f) |
cumas riaracháin na hÚcráine a neartú trí mhodhanna iomchuí, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cúnamh teicniúil. |
Airteagal 4
Tacaíocht atá ar fáil faoin Ionstraim
1. Beidh an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí ar fáil, faoi réir Airteagal 5, le haghaidh uasmhéid suas le EUR 18 000 000 000 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 agus d’fhéadfaí eisíocaíochtaí a dhéanamh go dtí an 31 Márta 2024.
Beidh an tacaíocht ar fáil de réir a chéile, de réir mar a thiocfaidh ráthaíochtaí na mBallstát i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 5(4), ach gan dul thar na méideanna a chumhdaítear leis na comhaontuithe ráthaíochta sin choíche.
Ón dáta a chuirfear leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, i bhfeidhm, lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, scoirfidh an dara fomhír den mhír seo de bheith infheidhme agus beidh an tacaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo ar fáil ina hiomláine.
2. Beidh tacaíocht bhreise faoin Ionstraim le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027 ar fáil freisin, faoi réir Airteagal 7(1), chun an caiteachas de bhun Airteagal 17 a chumhdach. Féadfaidh an tacaíocht bhreise sin a bheith ar fáil tar éis an 31 Nollaig 2027 faoi réir Airteagal 7(1).
3. Méideanna breise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 7(2) agus (4) den Rialachán seo, féadfar iad a chur chun feidhme mar thacaíocht neamh-inaisíoctha i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Mheabhrán Tuisceana atá le tabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo nó i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/947 agus (CE) Uimh. 1257/96 chun bearta a mhaoiniú lena mbaintear amach na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (b) agus (c), den Rialachán seo i gcomhréir le rialacha na Rialachán sin.
4. Leis na méideanna dá dtagraítear i mír 3, féadfar caiteachas tacaíochta a chumhdach le maoiniú ón Aontas le haghaidh chur chun feidhme na hionstraime agus bhaint amach a cuspóirí, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le hullmhúchán, le bearta leantacha, le faireachán, le rialú, le gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus meastóireachta is gá le haghaidh an chur chun feidhme sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin agus chomhordúcháin is gá le haghaidh na hIonstraime agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Ionstraim, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus chumarsáide agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha a bhainistiú.
Airteagal 5
Ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochtaí ó na Ballstáit
1. Féadfaidh na Ballstáit ranníocaíocht a dhéanamh trí ráthaíochtaí a sholáthar suas go méid iomlán EUR 18 000 000 000 i ndáil leis an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1).
2. I gcás ina ndéantar ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, soláthrófar iad i bhfoirm ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh trí chomhaontú ráthaíochta a thabharfar i gcrích leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6.
3. Beidh sciar coibhneasta ranníocaíocht an Bhallstáit lena mbaineann (treoir ranníoca) den mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit sin do OIN iomlán an Aontais, de thoradh ar cheannteideal “Ioncam Ginearálta” an bhuiséid do 2023, Cuid A (“Buiséad bliantúil an Aontais a mhaoiniú, Réamhrá”), Tábla 4, colún (1), a leagtar amach i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2023, mar a glacadh go cinntitheach é an 23 Samhain 2022.
4. Tiocfaidh na ráthaíochtaí i bhfeidhm maidir le gach Ballstát ó dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe ráthaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 6, idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann.
5. Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii), den Rialachán Airgeadais maidir le haisíoc dliteanas airgeadais ón tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo a bheidh sna méideanna a thiocfaidh mar thoradh ar ghlaonna ar na ráthaíochtaí.
6. Sula nglaofaidh an Coimisiún ar ráthaíochtaí arna soláthar ag na Ballstáit, déanfaidh sé, dá lánrogha agus de réir a fhreagracht féin, na bearta uile atá ar fáil faoin straitéis chistiúcháin éagsúlaithe dá bhforáiltear in Airteagal 220a den Rialachán Airgeadais a scrúdú, i gcomhréir leis na teorainneacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an scrúdú sin difear do chineál neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollach agus ar éileamh na ráthaíochtaí arna dtabhairt de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Sa ghlao ráthaíochta, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoin scrúdú, mar is iomchuí.
7. De mhaolú ar Airteagal 211(4), pointe (c), den Rialachán Airgeadais, aisíocfar na méideanna a aisghabhtar ón Úcráin i ndáil leis an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo leis na Ballstáit sin suas le méid na nglaonna ráthaíochtaí a chomhlíonann na Ballstáit de bhun Airteagal 6, pointe (a), den Rialachán seo.
Airteagal 6
Comhaontuithe ráthaíochta
Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú ráthaíochta i gcrích le gach Ballstát a sholáthraíonn ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 5. Leis an gcomhaontú sin, leagfar amach na rialacha lena rialófar an ráthaíocht, rialacha a bheidh mar an gcéanna i gcás na mBallstát uile, lena n-áirítear, go háirithe, forálacha:
(a) |
lena mbunaítear oibleagáid na mBallstát glaonna ráthaíochta arna ndéanamh ag an gCoimisiún i leith na tacaíochta faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) a chomhlíonadh; |
(b) |
lena n-áirithítear go ndéantar na glaonna ráthaíochta pro rata agus an treoir ranníoca dá dtagraítear in Airteagal 5(3) á cur i bhfeidhm; ar bhonn sealadach, déanfar an treoir ranníoca a choigeartú go comhréireach go dtí go dtiocfaidh na comhaontuithe ráthaíochta uile idir an Coimisiún agus na Ballstáit i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 5(4); |
(c) |
ar choinníoll go n-áirithítear leis na glaonna ráthaíochta cumas an Aontais na cistí a fuarthas ar iasacht, de bhun Airteagal 16(1), ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais, a aisíoc tar éis neamhíocaíocht ar thaobh na hÚcráine, lena n-áirítear cásanna ina ndéantar athruithe ar sceideal íocaíochta, cibé cúis atá leis sin, chomh maith le neamhíocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo agus neamhíocaíochtaí gan choinne.; |
(d) |
á áirithiú, i gcás ina mainníonn Ballstát, go hiomlán nó go páirteach, glao ráthaíochta a chomhlíonadh in am, beidh sé de cheart ag an gCoimisiún, chun an sciar a chomhfhreagraíonn don Bhallstát lena mbaineann a chumhdach, glaonna breise ráthaíochta a dhéanamh i gcás ráthaíochtaí arna gcur ar fáil ag Ballstáit eile. Déanfar na glaonna breise mar sin pro rata le sciar coibhneasta gach Ballstát eile in OIN an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 5(3) arna oiriúnú gan sciar coibhneasta an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh. An Ballstát nár chomhlíon an glao ráthaíochta, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas maidir leis an nglao sin a chomhlíonadh, agus beidh sé faoi dhliteanas freisin i leith aon chostas a thiocfaidh as sin. Déanfar aon ranníocaíochtaí breise as na méideanna a aisghabhfaidh an Coimisiún ón mBallstát nár chomhlíon glao a aisíoc leis na Ballstáit eile. Beidh an ráthaíocht a ghlaofar ó Bhallstát teoranta, i ngach cás, do mhéid foriomlán na ráthaíochta a ranníocfaidh an Ballstát sin faoin gcomhaontú ráthaíochta; |
(e) |
maidir leis na coinníollacha íocaíochta; |
(f) |
lena n-áirithítear go scoirfidh an ráthaíocht de bheith inghlaoite amhail ó dháta chur i bhfeidhm leasú ar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093, nó ar a chomharba, lena bhforáiltear do ráthaíocht na n-iasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo faoi bhuiséad an Aontais de bhreis ar uasteorainneacha CAI agus suas le teorainneacha na n-uasteorainneacha dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053. |
Airteagal 7
Ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó thríú páirtithe
1. Féadfaidh na Ballstáit na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a ranníoc leis an Ionstraim. An sciar coibhneasta de na méideanna sin a ranníocann gach Ballstáit lena mbaineann, beidh siad ag freagairt do sciar coibhneasta an Bhallstáit in OIN iomlán an Aontais. Maidir leis na ranníocaíochtaí le haghaidh bhliain n, ríomhfar an sciar coibhneasta bunaithe ar OIN mar an sciar in OIN iomlán an Aontais, mar thoradh ar an gcolún faoi seach sa chuid ioncaim de bhuiséad bliantúil an Aontais is déanaí nó de bhuiséad bliantúil leasaitheach an Aontais a glacadh le haghaidh bhliain n-1.
An tacaíocht faoin Ionstraim faoin mír seo, beidh sí ar fáil i leith aon mhéid a shocrófar i gcomhaontú idir an Coimisiún agus an Ballstát faoi seach tar éis don chomhaontú sin teacht i bhfeidhm.
2. Féadfaidh na Ballstáit na méideanna breise dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a ranníoc leis an Ionstraim.
3. Is éard a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (a)(ii), den Rialachán Airgeadais.
4. Féadfaidh tríú tíortha leasmhara agus páirtithe leasmhara ranníocaíocht a dhéanamh le tacaíocht neamh-inaisíoctha faoin Ionstraim le méideanna breise dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo go háirithe maidir leis na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (b) agus (c), den Rialachán seo. Ioncam sannta seachtrach a bheidh sna ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointí (d) agus (e), den Rialachán Airgeadais.
RANNÁN 2
Coinníollacha na tacaíochta faoin Ionstraim
Airteagal 8
Réamhchoinníoll don tacaíocht faoin Ionstraim
1. Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an tacaíocht a dheonú faoin Ionstraim, ní mór don Úcráin leanúint de shásraí éifeachtacha daonlathacha a chumhdach agus a urramú, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine a ráthú.
2. Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn thréimhse na tacaíochta a sholáthraítear faoin Ionstraim, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus aird chuí á tabhairt, de réir mar is iomchuí, ar thuarascáil rialta an Choimisiúin maidir le méadú. Déanfar na himthosca san Úcráin agus iarmhairtí chur i bhfeidhm an dlí airm ann a chur san áireamh freisin.
3. Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (15).
Airteagal 9
Meabhrán Tuisceana
1. Déanfaidh an Coimisiún meabhrán tuisceana (MT) a thabhairt i gcrích leis an Úcráin lena mbunófar go háirithe na coinníollacha beartais, an phleanáil tháscach airgeadais agus na ceanglais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 10 a mbeidh tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim nasctha leo.
Beidh na coinníollacha beartais nasctha, de réir mar is iomchuí, i gcomhthéacs na staide iomláine san Úcráin, leis na cuspóirí agus lena gcur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 faoi seach agus leis an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 8. Áireofar iontu tiomantas do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus béim ar an bhfrithéilliú, ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, ar an bhfrithchalaois agus ar choinbhleacht leasa a sheachaint agus ar chreat trédhearcach cuntasach a bhunú chun athshlánú a bhainistiú agus, i gcás inarb iomchuí, ar an atógáil.
2. Féadfaidh an Coimisiún MT a athbhreithniú ag an meántéarma. Féadfaidh an Coimisiún MT a leasú tar éis an athbhreithnithe.
3. Déanfar an Iarscríbhinn sin a bhunú agus a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19(2).
Airteagal 10
Ceanglais um thuairisciú
1. Áireofar ceanglais tuairiscithe don Úcráin in MT agus áiritheofar leo, go háirithe, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht úsáid na tacaíochta a sholáthraítear faoin Ionstraim.
2. Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe agus an dul chun cinn arna dhéanamh i gcomhlíonadh na gcoinníollacha beartais arna leagan amach sa Mheabhrán Tuisceana. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.
ROINN 3
Scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim, oibleagáidí measúnaithe agus faisnéise
Airteagal 11
Scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim
1. Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 12, cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht faoin Ionstraim ar fáil i dtráthchodanna. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun gach tráthchuid a eisíoc. Féadfar tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.
2. Is é an Coimisiún a bhainisteoidh scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim ar bhonn a mheasúnaithe ar chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a áirítear in MT.
Airteagal 12
Cinneadh faoi scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim
1. Tíolacfaidh an Úcráin iarraidh ar chistí sula n-eisíocfar gach tráthchuid, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi i gcomhréir le forálacha MT.
2. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh na dtráthchodanna faoi réir a mheasúnaithe ar na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 8 a urramú; |
(b) |
cur chun feidhme sásúil na gceanglas tuairiscithe mar a aontaítear in MT; |
(c) |
dul chun cinn sásúil i dtreo chur chun feidhme na gcoinníollacha beartais a leagtar amach in MT. |
3. Sula ndéanfar uasmhéid na tacaíochta faoin Ionstraim a eisíoc, dearbhóidh an Coimisiún gur comhlíonadh gach coinníoll beartais a leagtar amach in MT.
Airteagal 13
An tacaíocht faoin Ionstraim a laghdú, a chur ar fionraí agus a chur ar ceal
1. Más rud é, le linn na tréimhse ina n-eisíocfar tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais chistiúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, féadfaidh sé go ndéanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.
2. I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 12(2), déanfaidh an Coimisiún eisíoc na tacaíochta faoin Ionstraim a chur ar fionraí nó a chur ar ceal.
Airteagal 14
Cinneadh faoi chur chun feidhme scaoileadh na tacaíochta faoin Ionstraim
Le linn chur chun feidhme na hIonstraime, déanfaidh an Coimisiún measúnú trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar measúnú é a fhéadfar a dhéanamh in éineacht leis an measúnú oibríochtúil dá bhforáiltear faoi Chinntí (AE) 2022/1201 agus (AE) 2022/1628, fóntacht shocruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha don tacaíocht faoin Ionstraim.
Airteagal 15
Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí maidir le tacaíocht ón Aontas faoin Ionstraim, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin agus forbairtí maidir leis na hoibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha. I gcás fionraí nó cealú de bhun Airteagal 13(2), cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na cúiseanna leis an bhfionraí nó leis an gcealú.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA SONRACHA A BHAINEANN LE CUR CHUN FEIDHME NA TACAÍOCHTA
Airteagal 16
Oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí
1. Chun an tacaíocht faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 220a den Rialachán Airgeadais.
2. Leagfar síos téarmaí mionsonraithe na tacaíochta faoin Ionstraim i bhfoirm iasachtaí i gcomhaontú iasachta i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais, atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin. Is é 35 bliana an uastréimhse a bheidh ag na hiasachtaí.
3. De mhaolú ar Airteagal 31(3), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/947, ní thacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le cúnamh macrairgeadais a thugtar don Úcráin i bhfoirm iasachtaí faoin Ionstraim.
Ní bhunófar aon fhoráil maidir leis na hiasachtaí faoin Rialachán seo agus, de mhaolú ar Airteagal 211(1) den Rialachán Airgeadais, ní shocrófar aon ráta soláthair mar chéatadán den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán seo.
Airteagal 17
Fóirdheontas ráta úis
1. De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar trí fhóirdheontas ráta úis a dheonú agus trí chostais riaracháin a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt a chumhdach, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i leith na n-iasachtaí faoin gCinneadh seo.
2. Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas gach bliain.
Airteagal 18
Comhaontú maoiniúcháin le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha
Is i gcomhaontú maoiniúcháin atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an tacaíocht neamh-inaisíoctha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán seo. De mhaolú ar Airteagal 220(5) den Rialachán Airgeadais, ní bheidh sa chomhaontú maoiniúcháin ach na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 220(5), pointí (a), (b) agus (c), de. Áireofar sa chomhaontú maoiniúcháin forálacha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, seiceálacha, iniúchtaí, calaois agus neamhrialtachtaí eile a chosc, agus cistí a aisghabháil.
CAIBIDIL III
FORÁLACHA COITEANNA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 19
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 20
Tuarascáil bhliantúil
1. Cuirfidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme Chaibidil I den Rialachán seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:
(a) |
scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme faoin Ionstraim; |
(b) |
measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas agus na gcoinníollacha dá dtagraítear i Rannóg 2 de Chaibidil I den Rialachán seo; |
(c) |
léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach sa MT, staid macrairgeadais leanúnach na hÚcráine, agus cinntí an Choimisiúin maidir le tráthchodanna na tacaíochta faoin Ionstraim a scaoileadh. |
2. Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht na tacaíochta ón Aontas a cuireadh i gcrích faoin Ionstraim ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidíodh leis le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.
Airteagal 21
Forálacha críochnaitheacha
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 10 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).
(3) Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).
(4) Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (IO L 186, 13.7.2022, lch. 1).
(5) Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201 (IO L 245, 22.9.2022, lch. 1).
(6) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(7) Cinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).
(8) Rialachán (AE) 2021/836 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 185, 26.5.2021, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir le cabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(11) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(12) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11).
(13) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(14) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(15) Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
TREORACHA
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/15 |
TREOIR (AE) 2022/2464 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 50 agus 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [an Comhaontú Glas don Eoraip] (“an Comhaontú Glas”), thug an Coimisiún gealltanas chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a bhaineann le tuairisciú neamhairgeadais. Is é an Comhaontú Glas straitéis nua fáis an Aontais. Is é is aidhm dó geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de a dhéanamh den Aontas, áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) faoi 2050. Tá sé d”aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine saoránach de chuid an Aontais a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm don Chomhaontú Glas an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní, agus a áirithiú go mbeidh gach réigiún agus saoránach de chuid an Aontais ina rannpháirtí in aistriú a bheidh cóir ar bhonn sóisialta chuig córas eacnamaíoch inbhuanaithe, ina áiritheofar nach bhfágtar aon duine nó aon áit ar lár. Beidh sé ina rannchuidiú leis an gcuspóir geilleagar a oibríonn do na daoine a fhorbairt, geilleagar margaidh shóisialta an Aontais a threisiú, chun cuidiú lena áirithiú go mbeidh sé réidh don todhchaí agus go soláthróidh sé cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht inbhuanaithe. Tá na spriocanna sin tábhachtach go háirithe i bhfianaise an damáiste shocheacnamaíoch a rinneadh mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus an gá atá le téarnamh inbhuanaithe, ionchuimsitheach agus cóir. Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), rinneadh cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ceangailteach san Aontas. Thairis sin, sa teachtaireacht uaidh an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol], geallann an Coimisiún go n-áiritheoidh sé go ndéanfar éiceachórais uile an domhain a athchóiriú, go mbeidh teacht aniar iontu agus go gcosnófar iad go leormhaith faoi 2050. Is é is aidhm don straitéis sin bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar shlí téarnaimh faoi 2030. |
(2) |
Ina Theachtaireacht an 8 Márta 2018 dar teideal Action Plan: Financing Sustainable Growth [Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú] (“an Plean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú”), leag an Coimisiún amach bearta chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach: sreafaí caipitil a atreorú chuig infheistíocht inbhuanaithe chun fás inbhuanaithe ionchuimsitheach a bhaint amach, rioscaí airgeadais a eascraíonn as an athrú aeráide, ídiú acmhainní, díghrádú comhshaoil agus saincheisteanna sóisialta a bhainistiú, agus trédhearcacht agus fadtéarmachas i ngníomhaíocht airgeadais agus eacnamaíoch a chothú. Réamhriachtanas chun na cuspóirí sin a bhaint amach is ea nochtadh faisnéise ábhartha, inchomparáide agus iontaofa inbhuanaitheachta ag catagóirí áirithe gnóthas. Tá roinnt gníomhartha reachtacha glactha ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle mar chuid de chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú. Rialaítear le Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) an chaoi a bhfuil rannpháirtithe margaí airgeadais agus comhairleoirí airgeadais le faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh d”infheisteoirí deiridh agus úinéirí sócmhainní. Cruthaítear le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) córas aicmithe le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus é mar aidhm leis scálaí infheistíochtaí inbhuanaithe a mhéadú agus dul i ngleic le glas-snasú táirgí airgeadais a maítear go míchuí ina leith go bhfuil siad inbhuanaithe. Tugtar isteach le Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), arna chomhlánú ag Rialacháin Tarmligthe (AE) 2020/1816 (8), (AE) 2020/1817 (9) agus (AE) 2020/1818 (10) ón gCoimisiún, ceanglais maidir le nochtadh comhshaoil, sóisialta agus rialachais (“ESG”) le haghaidh riarthóirí tagarmharcanna agus íoschaighdeáin chun Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a chruthú. Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) ar institiúidí móra a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte faisnéis a nochtadh ar rioscaí ESG ón 28 Meitheamh 2022. Sa chreat stuamachta le haghaidh gnólachtaí infheistíochta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) agus le Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), tá forálacha maidir le gné riosca ESG a thabhairt isteach sa Phróiseas Athbhreithnithe Maoirseachta agus Meastóireachta (“SREP”) ag údaráis inniúla, agus tá ceanglais maidir le nochtadh rioscaí ESG ann le haghaidh gnólachtaí infheistíochta, a mbeidh feidhm acu ón 26 Nollaig 2022. An 6 Iúil 2021, ghlac an Coimisiún freisin togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha, mar obair leantach ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú. |
(3) |
Ina Theachtaireacht an 17 Meitheamh 2019, dar teideal Guidelines on non-financial reporting: Supplement on reporting climate-related information [Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais: Forlíonadh ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú] (“Treoirlínte maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú”), leag an Coimisiún béim ar na tairbhí do chuideachtaí a bhaineann le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú, go háirithe trí fheasacht agus tuiscint ar rioscaí agus deiseanna a bhaineann leis an aeráid laistigh den chuideachta a mhéadú, an bonn infheisteoirí a éagsúlú, costas níos ísle caipitil a chruthú agus idirphlé cuiditheach leis na geallsealbhóirí uile a fheabhsú. Thairis sin, d”fhéadfadh sé go n-imreodh éagsúlacht ar bhoird cuideachtaí tionchar ar chinnteoireacht, ar rialachas corparáideach agus ar athléimneacht. |
(4) |
Sna conclúidí uaithi an 5 Nollaig 2019 maidir le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá faisnéis iontaofa, inchomparáide agus ábhartha maidir le rioscaí inbhuanaitheachta, deiseanna agus tionchair, agus d”iarr sí ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chaighdeán tuairiscithe neamhairgeadais Eorpach a fhorbairt. |
(5) |
Ina rún an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe (14), d”iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar cheanglais tuairiscithe neamhairgeadais faoi chuimsiú Threoir 2013/34/AE. Ina rún an 17 Nollaig 2020 maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe (15), chuir Parlaimint na hEorpa fáilte roimh ghealltanas an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2013/34/AE agus léirigh sí an gá atá le creat cuimsitheach de chuid an Aontais um thuairisciú neamhairgeadais a bhunú ina bhfuil caighdeáin tuairiscithe neamhairgeadais shainordaitheacha de chuid an Aontais. D”iarr Parlaimint na hEorpa raon feidhme na gceanglas tuairiscithe a leathnú chun catagóirí breise gnóthas a chur san áireamh agus chun ceanglas iniúchta a bhunú. |
(6) |
Sa rún uaidh an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe] (“Clár Oibre 2030”), ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (NA) creat nua domhanda um fhorbairt inbhuanaithe. Tá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (“SFInna”) i gcroílár Chlár Oibre 2030 agus cumhdaítear trí ghné na hinbhuanaitheachta leis: eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil. sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2016 dar teideal Next steps for a sustainable European future: European action for sustainability [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht], rinneadh SFInna a nascadh le creat beartais an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear na spriocanna sin san áireamh i ngníomhaíochtaí agus i dtionscnaimh bheartais uile an Aontais, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, ón tús. Sna conclúidí uaithi an 20 Meitheamh 2017 maidir le “Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: “Freagairt an Aontais do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, dheimhnigh an Chomhairle tiomantas an Aontais agus na mBallstát do chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 ar bhealach iomlán, comhleanúnach, cuimsitheach, comhtháite agus éifeachtach, i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus le geallsealbhóirí eile. |
(7) |
Le Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), leasaíodh Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis neamhairgeadais a bheith á nochtadh ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe. Le Treoir 2014/95/AE, cuireadh ceanglas ar ghnóthais faisnéis a thuairisciú maidir le hábhair chomhshaoil, shóisialta agus fostaithe, meas ar chearta an duine, agus ábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta, ar a laghad. Maidir leis na topaicí sin, le Treoir 2014/95/AE, ceanglaíodh ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi na réimsí tuairiscithe seo a leanas: samhail ghnó; beartais, lena n-áirítear próisis díchill chuí; toradh na mbeartas sin; rioscaí agus bainistíocht riosca; agus príomhtháscairí feidhmíochta atá ábhartha don ghnó. |
(8) |
Measann go leor geallsealbhóirí go bhfuil an téarma “neamhairgeadais” míchruinn, go háirithe toisc go dtugann sé sin le fios nach bhfuil aon tábhacht airgeadais leis an bhfaisnéis atá i gceist. De réir a chéile, tá ábharthacht airgeadais ag baint le faisnéis den sórt sin, áfach. Tagraíonn go leor eagraíochtaí, tionscnamh agus cleachtóirí i réimse an tuairiscithe inbhuanaitheachta do “fhaisnéis inbhuanaitheachta”. Dá bhrí sin, is fearr an téarma “faisnéis inbhuanaitheachta” a úsáid in ionad “faisnéis neamhairgeadais”. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2013/34/AE a leasú chun an t-athrú sin sa téarmaíocht a chur san áireamh. |
(9) |
Más rud é go ndearna gnóthais tuairisciú inbhuanaitheachta níos fearr, is iad saoránaigh aonair agus coigilteoirí a bheadh ina dtairbhithe deiridh, lena n-áirítear ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe a bheadh ar an eolas go leormhaith agus, dá bhrí sin, a bheadh in ann páirt níos fearr a ghlacadh san idirphlé sóisialta. Má theastaíonn ó choigilteoirí infheistiú ar bhealach inbhuanaithe, tabharfar deis dóibh déanamh amhlaidh, agus, ag an am céanna, bhainfeadh na saoránaigh uile tairbhe as córas eacnamaíoch atá cobhsaí, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Chun tairbhithe den sórt sin a bhaint amach, ní mór an fhaisnéis inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla gnóthas a chur in iúl do dhá phríomhghrúpa úsáideoirí ar dtús. Is infheisteoirí atá sa chéad ghrúpa úsáideoirí, lena n-áirítear bainisteoirí sócmhainní, ar mian leo tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí agus deiseanna a chruthaíonn saincheisteanna inbhuanaitheachta dá n-infheistíochtaí agus na tionchair a bhíonn ag na hinfheistíochtaí sin ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Is gníomhaithe na sochaí sibhialta atá sa dara grúpa, lena n-áirítear, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus páirtithe sóisialta, ar mian leo gnóthais a thabhairt chun cuntais ar bhealach níos fearr maidir leis na tionchair a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. D”fhéadfadh geallsealbhóirí eile úsáid a bhaint freisin as faisnéis inbhuanaitheachta a nochtar i dtuarascálacha bliantúla, go háirithe chun inchomparáideacht a chothú ar fud earnálacha an mhargaidh agus laistigh díobh. D„fhéadfadh comhpháirtithe gnó gnóthas, lena n-áirítear custaiméirí, brath ar fhaisnéis inbhuanaitheachta chun a rioscaí agus a dtionchair inbhuanaitheachta a thuiscint agus, i gcás inar gá, tuairisciú orthu ar fud a slabhraí luacha féin. Is féidir le lucht ceaptha beartas agus gníomhaireachtaí comhshaoil úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin, go háirithe ar bhonn comhiomlán, chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí comhshaoil agus sóisialta, chun cur le cuntais chomhshaoil, agus chun faisnéis a chur ar fáil i gcomhair beartas poiblí. Is beag saoránach aonair nó tomhaltóir a fhéachann go díreach ar thuarascálacha bliantúla gnóthas, ach d”fhéadfaidís úsáid a bhaint as faisnéis den sórt sin go hindíreach, mar shampla, agus comhairle nó tuairimí ó chomhairleoirí airgeadais nó ó eagraíochtaí neamhrialtasacha á meas acu. Ceannaíonn go leor infheisteoirí agus bainisteoirí sócmhainní faisnéis inbhuanaitheachta ó sholáthraithe sonraí tríú páirtí, a bhailíonn faisnéis ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear tuarascálacha corparáideacha poiblí. |
(10) |
Tá an margadh le haghaidh faisnéis inbhuanaitheachta ag fás go gasta, agus tá ról na soláthraithe sonraí tríú páirtí ag dul i dtábhacht i bhfianaise na n-oibleagáidí nua is gá d”infheisteoirí agus do bhainisteoirí sócmhainní a chomhlíonadh. Agus níos mó sonraí imdhealaithe ar fáil, ba cheart an costas atá ar fhaisnéis inbhuanaitheachta a bheith níos réasúnaí. Leis na leasuithe ar Threoir 2013/34/AE dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo, meastar go méadófar inchomparáideacht na sonraí agus go gcomhchuibheofar caighdeáin. Táthar ag dréim leis go dtiocfaidh feabhas ar chleachtais na soláthraithe sonraí tríú páirtí agus go dtiocfaidh méadú ar an saineolas sa réimse sin, lena bhféadfaí poist a chruthú. |
(11) |
Tháinig méadú an-suntasach ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta chorparáideach le blianta beaga anuas, go háirithe ón bpobal infheistíochta. Tá an méadú sin ar an éileamh á spreagadh ag cineál athraitheach na rioscaí do ghnóthais agus feasacht níos mó na n-infheisteoirí ar impleachtaí airgeadais na rioscaí sin. Is ionann an cás go háirithe maidir le rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid. Tá méadú ag teacht freisin ar an bhfeasacht ar na rioscaí agus na deiseanna atá ann do ghnóthais agus d”infheistíochtaí a eascraíonn as saincheisteanna comhshaoil eile, amhail cailliúint na bithéagsúlachta, agus as saincheisteanna sláinte agus sóisialta, lena n-áirítear saothar leanaí agus saothar éignithe. Tá an méadú ar an éileamh ar fhaisnéis inbhuanaitheachta á spreagadh ag an bhfás i dtáirgí infheistíochta freisin, a fhéachann go sainráite le caighdeáin inbhuanaitheachta áirithe a chomhlíonadh nó cuspóirí inbhuanaitheachta áirithe a ghnóthú, agus comhleanúnachas a áirithiú le huaillmhian Chomhaontú Pháras faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a glacadh an 12 Nollaig 2015 (“Comhaontú Pháras”), Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus beartais an Aontais. Tá cuid den mhéadú sin mar iarmhairt loighciúil na reachtaíochta de chuid an Aontais a glacadh roimhe seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2020/852. Tharlódh cuid den mhéadú sin in aon chás, toisc go bhfuil feasacht saoránach, roghanna tosaíochta tomhaltóirí agus cleachtais mhargaidh ag athrú go tapa. Tháinig méadú níos mó ar riachtanais faisnéise úsáideoirí de bharr phaindéim COVID-19, go háirithe ós rud é gur nochtadh leochaileachtaí oibrithe agus slabhraí luacha gnóthas dá thoradh. Tá faisnéis faoi thionchair chomhshaoil ábhartha freisin i gcomhthéacs paindéimí sa todhchaí a mhaolú, ós rud é go bhfuil baint níos mó ag teacht idir suaitheadh éiceachóras a dhéanann an duine agus tarlú agus scaipeadh galar. |
(12) |
D”fhéadfadh na gnóthais féin tairbhiú de thuairisciú ardchaighdeáin a dhéanamh ar ábhair inbhuanaitheachta. Maidir leis an méadú ar líon na dtáirgí infheistíochta a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí inbhuanaitheachta a shaothrú, ciallaíonn sé sin go bhféadfaí rochtain níos fearr ar chaipiteal airgeadais a thabhairt do ghnóthas le tuairisciú inbhuanaitheachta maith. Féadfaidh tuairisciú inbhuanaitheachta cuidiú le gnóthais chun a gcuid rioscaí agus deiseanna féin a aithint agus a bhainistiú i ndáil le hábhair inbhuanaitheachta. Is féidir leis a bheith ina bhonn i gcomhair idirphlé agus cumarsáid níos fearr idir na gnóthais agus a ngeallsealbhóirí, agus is féidir leis cuidiú le gnóthais chun feabhas a chur ar an gcáil atá orthu. Ina theannta sin, dá mbeadh bonn comhsheasmhach ann don tuairisciú inbhuanaitheachta i bhfoirm caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, sholáthrófaí faisnéis ábhartha leordhóthanach agus, ar an gcaoi sin, laghdófaí go suntasach iarrataí ad hoc ar fhaisnéis. |
(13) |
I dtuarascáil ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2021 maidir leis na clásail athbhreithnithe i dTreoracha 2013/34/AE, 2014/95/AE, agus 2013/50/AE agus an tseiceáil oiriúnachta a ghabhann léi ar chreat an Aontais maidir le tuairisciú poiblí ag cuideachtaí (“Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na clásail athbhreithnithe agus an tseiceáil oiriúnachta a ghabhann léi”), sainaithníodh fadhbanna maidir le héifeachtacht Threoir 2014/95/AE. Tá fianaise shuntasach ann nach nochtann a lán gnóthas faisnéis ábhartha maidir leis na príomhthopaicí uile a bhaineann le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann leis an aeráid amhail na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile, agus na tosca a mbíonn tionchar acu ar an mbithéagsúlacht. Sainaithníodh sa tuarascáil freisin gur fadhbanna suntasacha iad inchomparáideacht theoranta agus iontaofacht na faisnéise inbhuanaitheachta. Sa bhreis air sin, i gcás go leor gnóthas óna mbíonn faisnéis inbhuanaitheachta ag teastáil ó úsáideoirí, ní bhíonn sé d”oibleagáid orthu faisnéis den sórt sin a thuairisciú. Dá réir sin, tá gá soiléir le creat tuairiscithe láidir agus inacmhainne a mbeidh cleachtais iniúchóireachta éifeachtacha ag gabháil leis chun iontaofacht sonraí a áirithiú agus chun glas-snasú agus comhaireamh dúbailte a sheachaint. |
(14) |
In éagmais gníomhaíocht bheartais, meastar go dtiocfaidh méadú ar an mbearna idir riachtanais faisnéise úsáideoirí agus an fhaisnéis inbhuanaitheachta atá á soláthar ag gnóthais. Tá iarmhairtí diúltacha suntasacha ag an mbearna sin. Ní féidir le hinfheisteoirí aird chuí a thabhairt ar rioscaí agus deiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht ina gcuid cinntí infheistíochta. Má dhéantar go leor cinntí infheistíochta le chéile nach dtugtar aird chuí leo ar na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht d”fhéadfaí rioscaí córasacha a chruthú dá bharr sin, rud a d”fhéadfadh an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Tá aird tarraingthe ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais, ar na rioscaí córasacha sin, go háirithe maidir leis an aeráid. Bíonn deis níos lú ag infheisteoirí acmhainní airgeadais a threorú chuig gnóthais agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a thugann aghaidh ar fhadhbanna sóisialta agus comhshaoil agus nach ngéaraíonn na fadhbanna sin, rud a dhéanann dochar do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, an Phlean Gníomhaíochta maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú agus Chomhaontú Pháras. Tá sé níos deacra ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, páirtithe sóisialta, comhphobail a ndéanann gníomhaíochtaí gnóthas difear dóibh, agus geallsealbhóirí eile gnóthais a thabhairt chun cuntais maidir leis na tionchair a bhíonn acu ar dhaoine agus ar an gcomhshaol. Cruthaíonn sé sin easnamh ó thaobh cuntasachta de, agus d”fhéadfadh sé a bheith ina chúis le leibhéil níos ísle iontaoibhe ag saoránaigh i ngnólachtaí, rud a bhféadfadh tionchair dhiúltacha a bheith aige ar fheidhmiú éifeachtúil gheilleagar an mhargaidh shóisialta. Tá an easpa méadrachtaí agus modhanna a nglactar leo go ginearálta chun rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a thomhas, a luacháil agus a bhainistiú ina bacainn freisin ar na hiarrachtaí a dhéanann gnóthais chun a áirithiú go bhfuil a gcuid samhlacha gnó agus a ngníomhaíochtaí inbhuanaithe. Leis an easpa faisnéise inbhuanaitheachta, cuirtear teorainn freisin le cumas na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear gníomhaithe na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus ionadaithe oibrithe, dul i mbun idirphlé le gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta. |
(15) |
Sa tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis na clásail athbhreithnithe agus an tseiceáil oiriúnachta a ghabhann léi, sainaithníodh méadú suntasach ar iarrataí chuig gnóthais ar fhaisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an mbearna faisnéise atá ann cheana idir riachtanais faisnéise úsáideoirí agus an fhaisnéis inbhuanaitheachta chorparáideach atá ar fáil. Chomh maith leis sin, is dócha go mbeidh coinne fós leis go n-úsáidfeadh gnóthais réimse creataí agus caighdeán agus d”fhéadfaí béim níos mó a leagan air sin de réir mar a éiríonn faisnéis inbhuanaitheachta níos tábhachtaí. In éagmais gníomhaíocht beartais chun comhdhearcadh a spreagadh maidir leis an bhfaisnéis is gá do ghnóthais a thuairisciú, tiocfaidh méaduithe suntasacha ó thaobh costas agus ualaí de do ghnóthais tuairiscithe agus d”úsáideoirí faisnéise den sórt sin. |
(16) |
Mar gheall ar an mbearna faisnéise atá ann faoi láthair, is mó an seans go dtabharfaidh Ballstáit aonair isteach rialacha nó caighdeáin náisiúnta atá ag éirí níos éagsúla. Le ceanglais tuairiscithe dhifriúla i mBallstáit dhifriúla d”fhéadfaí costais bhreise agus castacht níos mó a chruthú do ghnóthais a oibríonn thar theorainneacha agus dhéanfaí dochar don mhargadh inmheánach dá bhrí sin, agus d”fhéadfaí dochar a dhéanamh freisin don cheart chun caipiteal a bhunú agus a bhogadh go héasca ar fud an Aontais. De thoradh ar cheanglais tuairiscithe dhifriúla den sórt sin, d”fhéadfadh sé a bheith níos deacra freisin an fhaisnéis a thuairiscítear a chur i gcomparáid lena chéile thar theorainneacha, rud a dhéanfadh dochar d”aontas na margaí caipitil. |
(17) |
Tá feidhm ag Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE maidir le gnóthais mhóra atá ina n-eintitis leasa phoiblí ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán, agus maidir le heintitis leasa phoiblí atá ina máthairghnóthais ar ghrúpa mór ina bhfuil breis agus 500 fostaí ar an meán ar bhonn comhdhlúite, faoi seach. I bhfianaise an mhéadaithe ar riachtanais úsáideoirí i ndáil le faisnéis inbhuanaithe, ba cheart a chur de cheangal ar chatagóirí breise gnóthas faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Dá bhrí sin, is iomchuí a cheangal ar gach gnóthas mór agus gach gnóthas, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú. Le forálacha na Treorach leasaithí seo lena leasaítear Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE, leagtar amach go sainráite raon feidhme na gceanglas tuairiscithe faoi threoir Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2013/34/AE. Dá bhrí sin, ní dhéantar ceanglas eile a shimpliú ná a mhodhnú leo agus ní bheidh feidhm ag an srian ar dhíolúintí d”eintitis leasa phoiblí dá bhforáiltear in Airteagal 40 de Threoir 2013/34/AE. Go háirithe, níor cheart caitheamh le heintitis leasa phoiblí mar ghnóthais mhóra chun críocha chur i bhfeidhm na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá réir sin, ba cheart cead a bheith ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ar eintitis leasa phoiblí iad tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Ina theannta sin, ba cheart do na gnóthais uile atá ina máthairghnóthais ar ghrúpaí móra tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú ar an leibhéal grúpa. Thairis sin, ós rud é go dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 d”Airteagal 19a agus d”Airteagal 29a de Threoir 2013/34/AE, na gnóthais a chuirtear le raon feidhme na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta, beidh orthu Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 a chomhlíonadh freisin. |
(18) |
Maidir leis an gceanglas dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo gur cheart do ghnóthais mhóra nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta, tá údar maith leis go príomha mar gheall ar imní faoi thionchair agus cuntasacht gnóthas den sórt sin, lena n-áirítear trína slabhra luacha. Chuige sin, ba cheart gach gnóthas mór a bheith faoi réir na gceanglas céanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú go poiblí. Ina theannta sin, bíonn faisnéis de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais freisin ó na gnóthais mhóra nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. |
(19) |
An ceanglas dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo gur cheart do ghnóthais tríú tír a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis a nochtadh freisin maidir le hábhair inbhuanaitheachta, is é is aidhm dó freagairt do riachtanais rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais maidir le faisnéis ó na gnóthais sin chun a chur ar a gcumas rioscaí agus tionchair a n-infheistíochtaí a thuiscint agus chun na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. |
(20) |
Ba cheart a cheangal ar ghnóthais tríú tír a bhfuil gníomhaíocht shuntasach acu ar chríoch an Aontais freisin faisnéis inbhuanaitheachta a sholáthar, go háirithe maidir lena dtionchar ar ábhair shóisialta agus chomhshaoil, chun a áirithiú go bhfuil gnóthais tríú tír freagrach as a dtionchar ar dhaoine agus ar an gcomhshaol agus go bhfuil cothrom iomaíochta ann do chuideachtaí atá ag oibriú sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba cheart gnóthais tríú tír a ghineann glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 150 milliún san Aontas, agus a bhfuil foghnóthas nó brainse acu ar chríoch an Aontais, a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta. Chun comhréireacht agus in-fhorfheidhmitheacht na gceanglas sin a áirithiú, an tairseach go mbeadh glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 40 milliún ann, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le brainsí na ngnóthas tríú tír, agus na tairseacha a bhaineann le bheith measta mar ghnóthas mór nó gnóthas beag nó meánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le foghnóthais tríú tír, ós rud é gur cheart foghnóthais agus brainsí den sórt sin a bheith freagrach as tuarascáil inbhuanaitheachta an ghnóthais tríú tír a fhoilsiú. Ba cheart na tuarascálacha inbhuanaitheachta arna bhfoilsiú ag foghnóthas nó brainse de ghnóthas tríú tír a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin atá le glacadh ag an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2024 trí ghníomhartha tarmligthe. Ba cheart d”fhoghnóthas nó do bhrainse de ghnóthas tríú tír a bheith in ann tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme maidir le gnóthais atá bunaithe san Aontas, nó i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach de bhun gníomh cur chun feidhme. I gcás nach soláthraíonn gnóthas tríú tír an fhaisnéis uile a cheanglaítear faoin Treoir leasaitheach seo, d”ainneoin iarrachtaí fhoghnóthas nó bhrainse an ghnóthais tríú tír sin an fhaisnéis is gá a fháil, ba cheart don fhoghnóthas sin nó don bhrainse sin an fhaisnéis uile atá ina sheilbh a sholáthar agus ráiteas a eisiúint ina léirítear nár chuir an gnóthas tríú tír an chuid eile den fhaisnéis a éilíodh ar fáil. Chun cáilíocht agus iontaofacht an tuairiscithe a áirithiú, ba cheart na tuarascálacha inbhuanaitheachta ó ghnóthais tríú tír a fhoilsiú in éineacht le tuairim dearbhaithe arna cur in iúl ag duine nó gnólacht atá údaraithe chun tuairim a thabhairt maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, faoi dhlí náisiúnta an ghnóthais tríú tír nó Ballstáit. I gcás nach soláthraítear tuairim dearbhaithe den sórt sin, ba cheart d”fhoghnóthas nó do bhrainse an ghnóthais tríú tír ráiteas a eisiúint ina léirítear nár thug an gnóthas tríú tír an tuairim dearbhaithe ba ghá. Ba cheart an tuarascáil inbhuanaitheachta a chur ar fáil saor in aisce don phobal trí chláir lárnacha, tráchtála nó cuideachtaí na mBallstát, nó de rogha air sin ar shuíomh gréasáin fhoghnóthas nó bhrainse an ghnóthais tríú tír. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi fhoghnóthais nó brainsí na ngnóthas tríú tír a chomhlíon an ceanglas maidir le foilsiú agus faoi na cásanna inar foilsíodh tuarascáil ach inar luaigh foghnóthas nó brainse an ghnóthais tríú tír nach bhféadfadh sé an fhaisnéis is gá a fháil ón ngnóthas tríú tír. Ba cheart don Choimisiún liosta de na gnóthais tríú tír a d”fhoilsigh tuarascáil inbhuanaitheachta a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. |
(21) |
I bhfianaise ábharthacht mhéadaitheach na rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus é á chur san áireamh go bhfuil gnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ina gcion suntasach de na gnóthais mheánmhéide uile a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, is iomchuí a cheangal ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta a nochtadh. Le ceanglas den sórt sin a thabhairt isteach, cuideofar lena áirithiú gur féidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais gnóthais bheaga a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas a chur san áireamh i bpunanna infheistíochta, ar an mbonn go dtuairiscíonn siad an fhaisnéis inbhuanaitheachta atá de dhíth ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Dá bhrí sin, cuideoidh sé chun rochtain ar chaipiteal airgeadais a chosaint agus a fheabhsú do ghnóthais bheaga a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, agus chun idirdhealú in aghaidh na ngnóthas sin a sheachaint ar thaobh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais. Is gá freisin an ceanglas a thabhairt isteach ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas faisnéis a nochtadh maidir le hábhair inbhuanaitheachta chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a theastaíonn ó ghnóthais infheistíochta ag rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais chun go mbeidh siad in ann a gceanglais féin maidir le nochtadh inbhuanaitheachta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. Ba cheart an deis a thabhairt do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas tuairisciú i gcomhréir le caighdeáin atá comhréireach lena n-acmhainneachtaí agus lena n-acmhainní, agus atá ábhartha do scála agus castacht a ngníomhaíochtaí. Ba cheart an deis a bheith ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas rogha a dhéanamh caighdeáin chomhréireacha den sórt sin a úsáid ar bhonn deonach. Beidh na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide ina dtagairt do ghnóthais a thagann faoi raon feidhme na gceanglas a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo maidir le leibhéal na faisnéise inbhuanaitheachta a d”fhéadfaidís a iarraidh go réasúnach ó ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ar soláthróirí nó cliaint sna slabhraí luacha den sórt sin iad. Ina theannta sin, ba cheart go leor ama a thabhairt do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas chun ullmhú do chur i bhfeidhm na bhforálacha lena gceanglaítear tuairisciú inbhuanaitheachta áfach, toisc go bhfuil siad níos lú agus go bhfuil níos lú acmhainní acu, agus aird á tabhairt ar na cúinsí eacnamaíocha deacra a tháinig mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach a mhéid a bhaineann le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis. Tar éis an dáta sin, ar feadh idirthréimhse 2 bhliain, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas diúltú do na ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar síos sa Treoir leasaitheach seo, ar choinníoll go luann siad go hachomair ina dtuarascáil bhainistíochta na cúiseanna nár soláthraíodh an fhaisnéis inbhuanaitheachta. |
(22) |
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar thionchar a mbeart trasuí náisiúnta ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird ar leith le tabhairt ar mhicreaghnóthais agus ar ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta a thabhairt isteach chun tacú le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á gcur i bhfeidhm acu. |
(23) |
Tá feidhm ag Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) maidir le gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Chun a áirithiú go dtagann gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, lena n-áirítear eisitheoirí tríú tír, faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta céanna, ba cheart na crostagairtí riachtanacha d”aon cheanglas maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sa tuarascáil airgeadais bhliantúil a bheith i dTreoir 2004/109/CE. |
(24) |
Le pointe (i) den chéad fhomhír d”Airteagal 23(4) agus an ceathrú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún bearta a ghlacadh chun sásra a chur ar bun ar mhaithe le comhionannas na faisnéise a éilítear faoin Treoir sin a chinneadh, agus chun critéir chomhionannais ghinearálta a bhunú maidir le caighdeáin chuntasaíochta, faoi seach. Leis an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE, tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin na cinntí is gá a dhéanamh maidir le comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Chun cuimsiú na gceanglas inbhuanaitheachta i dTreoir 2004/109/CE a léiriú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún sásra a bhunú chun coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna gcur i bhfeidhm ag eisitheoirí tríú tír a chinneadh, cosúil leis an méid dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún (18) ina leagtar amach na critéir chun coibhéis na gcaighdeán cuntasaíochta arna gcur i bhfeidhm ag eisitheoirí tríú tír a chinneadh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na cinntí is gá a dhéanamh maidir le comhionannas na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáideann eisitheoirí tríú tír. Leis na leasuithe a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo, áiritheofar córais chomhionannais chomhsheasmhacha le haghaidh ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta agus ceanglais tuairiscithe airgeadais i ndáil leis an tuarascáil airgeadais bhliantúil. |
(25) |
Le hAirteagal 19a(3) agus Airteagal 29a(3) de Threoir 2013/34/AE, díolmhaítear foghnóthais ón oibleagáid faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú i gcás ina gcuimsítear na gnóthais sin agus a bhfoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a máthairghnóthais, ar choinníoll go gcuimsítear leis an tuarascáil sin faisnéis neamh-airgeadais a thuairiscítear de bhun na Treorach sin. Is gá a áirithiú áfach, go bhféadfaidh úsáideoirí rochtain a fháil ar fhaisnéis inbhuanaitheachta go héasca agus chun a áirithiú go bhfuil trédhearcacht ann maidir le máthairghnóthas an fhoghnóthais dhíolmhaithe atá ag tuairisciú ar an leibhéal grúpa. Dá bhrí sin, is gá a cheangal ar na foghnóthais sin ainm agus oifig chláraithe an mháthairghnóthais a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta ar an leibhéal grúpa a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta, na naisc ghréasáin chuig tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a máthairghnóthais agus tagairt ina dtuarascáil bhainistíochta don fhíoras go bhfuil siad díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar an máthairghnóthas an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a fhoilsiú sna teangacha a nglacann siad leo agus go soláthróidh an máthairghnóthas aon aistriúchán is gá sna teangacha sin. Ba cheart feidhm a bheith ag díolúine den sórt sin freisin i gcás ina bhfuil an máthairghnóthas atá ag tuairisciú ar an leibhéal grúpa ina ghnóthas tríú tír a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choibhéiseacha. Le Treoir 2004/109/CE, arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí iomchuí chun coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a chinneadh, agus ba cheart a cheangal ar ghnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus ar ghnóthais nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas a thuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta chéanna. Sa chomhthéacs sin, maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacann an Coimisiún de bhun phointe (i) den chéad fhomhír d”Airteagal 23(4) agus an cheathrú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE lena mbunaítear sásra chun comhionannas caighdeán a chinneadh, ba cheart iad a úsáid chun a chinneadh ar cheart foghnóthais de chuid máthairghnóthas tríú tír a dhíolmhú faoi chóras Threoir 2013/34/AE. Dá bhrí sin, ba cheart an foghnóthas a dhíolmhú nuair a dhéantar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacann an Coimisiún de bhun Airteagal 29b de Threoir 2013/34/AE a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE. Níor cheart feidhm a bheith ag díolúine den sórt sin maidir le gnóthais mhóra a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ar chúiseanna cosanta infheisteoirí, chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú a mhéid a bhaineann le gnóthais den sórt sin. |
(26) |
Le hAirteagal 23 de Threoir 2013/34/AE, díolmhaítear máthairghnóthais ón oibleagáid chun ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a ullmhú i gcás ina bhfuil máthairghnóthais ina bhfoghnóthais de mháthairghnóthas eile a chomhlíonann an oibleagáid sin. Ba cheart a shonrú áfach, maidir leis an gcóras díolúine le haghaidh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite, go bhfeidhmítear an córas sin ar leithligh ón gcóras díolúine le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite. Dá bhrí sin, féadfaidh gnóthas a bheith díolmhaithe ó cheanglais tuairiscithe airgeadais comhdhlúite ach gan a bheith díolmhaithe ó cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcás ina n-ullmhaíonn a mháthairghnóthas deiridh ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha bainistíochta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcomhréir le ceanglais choibhéiseacha má tá an gnóthas bunaithe i dtríú tír, ach nach ndéanann tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite i gcomhréir le dlí an Aontais, nó i gcomhréir leis na ceanglais choibhéiseacha má tá an gnóthas bunaithe i dtríú tír. Tá sé riachtanach go dtabharfaidh máthairghnóthais a thuairiscíonn ar an leibhéal grúpa tuiscint leormhaith ar na rioscaí dá bhfoghnóthais agus ar na tionchair atá acu, lena n-áirítear faisnéis maidir lena bpróisis díchill chuí i gcás inarb iomchuí. D”fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh na difríochtaí idir staid an ghrúpa agus staid a fhoghnóthas aonair, nó idir staid foghnóthas aonair i gcríocha éagsúla an-suntasach agus, in éagmais faisnéis bhreise faoin bhfoghnóthas aonair lena mbaineann, go dtiocfadh úsáideoir na faisnéise ar chonclúid atá an-difriúil maidir leis na rioscaí don fhoghnóthas nó maidir leis na tionchair atá aige. |
(27) |
Bíonn ról lárnach ag institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais san aistriú i dtreo córas eacnamaíoch agus airgeadais atá iomlán inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas. D”fhéadfadh tionchair shuntasacha dhearfacha agus dhiúltacha a bheith acu trína gcuid gníomhaíochtaí iasachta, infheistíochta agus frithgheallta. Institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais seachas na cinn sin a n-éilítear orthu Treoir 2013/34/AE a chomhlíonadh, lena n-áirítear comharchumainn agus gnóthais fhrithpháirteacha, ba cheart iad a bheith faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta, dá bhrí sin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad critéir mhéide áirithe. Ar an gcaoi sin, chuirfí ar chumas úsáideoirí faisnéise inbhuanaitheachta measúnú a dhéanamh ar thionchair na n-institiúidí creidmheasa agus na ngnóthas árachais sin ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol agus ar na rioscaí a eascraíonn as ábhair inbhuanaitheachta a d”fhéadfadh a bheith roimh institiúidí creidmheasa agus gnóthais árachais den sórt sin. Foráiltear le Treoir 2013/34/AE maidir le trí chritéar a d”fhéadfadh a bheith ann chun a chinneadh an measfar gnóthas a bheith ina “gnóthas mór”, eadhon iomlán an chláir chomhardaithe, glanláimhdeachas agus meánlíon na bhfostaithe le linn na bliana airgeadais. Is gá critéar an ghlanláimhdeachais a oiriúnú i gcás institiúidí creidmheasa agus i gcás gnóthais árachais trí thagairt a dhéanamh don sainmhíniú atá ar ghlanláimhdeachas i dTreoracha 86/635/CEE (19) agus 91/674/CEE (20) ón gComhairle in ionad an tsainmhínithe ghinearálta arna leagan síos i dTreoir 2013/34/AE. Chun comhleanúnachas le ceanglais tuairiscithe Threoir 86/635/CEE a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a roghnú gan ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí creidmheasa a liostaítear in Airteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). |
(28) |
Ba cheart an liosta de na hábhair inbhuanaitheachta nach mór do ghnóthais tuairisciú ina leith a bheith chomh comhsheasmhach agus is féidir leis an sainmhíniú ar an téarma “tosca inbhuanaitheachta” a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 agus ba cheart cosc a chur ar neamhréir idir faisnéis a éilíonn úsáideoirí sonraí agus faisnéis atá le tuairisciú ag na gnóthais. Chomh maith leis sin, ba cheart an liosta sin a bheith ag freagairt do riachtanais agus ionchais úsáideoirí agus gnóthas, a bhaineann úsáid as na téarmaí “comhshaoil”, “sóisialta” agus “rialachas” go minic mar bhealach chun na trí phríomhábhar inbhuanaitheachta a chatagóiriú. Mar sin féin, ní áirítear ábhair rialachais go sainráite sa sainmhíniú ar an téarma “tosca inbhuanaitheachta” a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088. Dá bhrí sin, leis an sainmhíniú ar an téarma “ábhair inbhuanaitheachta” i dTreoir 2013/34/AE, arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo, ba cheart cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, agus tosca rialachais, a chumhdach, agus ba cheart an sainmhíniú ar an téarma “tosca inbhuanaitheachta” a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a ionchorprú. Níor cheart gur dochar ceanglais tuairiscithe Threoir 2013/34/AE d”oibleagáidí tuairiscithe náisiúnta. |
(29) |
Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear faisnéis a thuairisciú a mhéid is gá chun tuiscint a fháil ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais, agus faisnéis a thuairisciú freisin a bhfuil gá léi chun tuiscint a fháil ar thionchar ghníomhaíochtaí an ghnóthais ar ábhair chomhshaoil, shóisialta agus fostaithe, meas ar chearta an duine, agus ábhair frithéillithe agus frithbhreabaireachta. Dá bhrí sin, leis na hAirteagail sin, ceanglaítear ar ghnóthais tuairisciú a dhéanamh ar thionchair ghníomhaíochtaí an ghnóthais ar dhaoine agus ar an gcomhshaol, agus ar an mbealach a dhéanann ábhair inbhuanaitheachta difear don ghnóthas. Tagraítear dó sin mar pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte, ina léiríonn na rioscaí don ghnóthas agus tionchair an ghnóthais faoi seach peirspictíocht ábharthachta amháin. Léiríonn an tseiceáil oiriúnachta ar thuairisciú corparáideach nach dtuigtear an dá pheirspictíocht sin go maith nó nach gcuirtear i bhfeidhm iad go minic. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nach mór do ghnóthais an dá pheirspictíocht ábharthachta a chur san áireamh ina gceart féin, agus nach mór dóibh faisnéis a nochtadh atá ábhartha ón dá pheirspictíocht chomh maith le faisnéis nach bhfuil ábhartha ach ó pheirspictíocht amháin. |
(30) |
Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoi chúig réimse tuairiscithe: an tsamhail ghnó; beartais, lena n-áirítear próisis dhíchill chuí arna gcur chun feidhme; toradh na mbeartas sin; rioscaí agus bainistíocht riosca; agus na príomhtháscairí feidhmíochta atá ábhartha don ghnó. Níl tagairtí sainráite in Airteagal 19a(1) de Threoir 2013/34/AE do réimsí tuairiscithe eile a mheasann úsáideoirí faisnéise a bheith ábhartha, a bhfuil cuid acu i gcomhréir le nochtaí a chuirtear san áireamh i gcreataí idirnáisiúnta, lena n-áirítear moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid. Ba cheart ceanglais maidir le nochtadh a shonrú ar bhealach atá mionsonraithe go leor chun a áirithiú go dtuairisceoidh gnóthais faisnéis faoina n-athléimneacht i ndáil le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Sa bhreis ar na réimsí tuairiscithe a shainaithnítear in Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ba cheart a cheangal ar ghnóthais faisnéis a nochtadh faoina straitéis ghnó agus athléimneacht na samhla gnó agus na straitéise gnó i ndáil le rioscaí a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Ba cheart ceangal a bheith orthu freisin aon phleananna a d”fhéadfadh a bheith acu a nochtadh chun a áirithiú go bhfuil a samhail ghnó agus a straitéis ghnó comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus leis na cuspóirí an téamh domhanda a theorannú go 1,5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, mar a bhunaítear i Rialachán (AE) 2021/1119, gan aon taraimsiú nó le taraimsiú teoranta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh pleananna a bhaineann leis an aeráid bunaithe ar na tuarascálacha eolaíochta is déanaí, lena n-áirítear tuarascálacha ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) agus tuarascálacha ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide. Le faisnéis a nochtar i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le méid an chaiteachais chaipitiúil (CapEx) nó an chaiteachais oibríochtúil (OpEx) a bhaineann le gníomhaíochtaí atá ailínithe leis an tacsanomaíocht, d”fhéadfaí tacú le pleananna airgeadais agus infheistíochta a bhaineann le pleananna den sórt sin i gcás inarb iomchuí. Ba cheart a cheangal ar ghnóthais freisin a nochtadh cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear leasanna na ngeallsealbhóirí san áireamh ina samhail ghnó agus ina straitéis ghnó agus conas a chuirtear leasanna na ngeallsealbhóirí san áireamh; aon deiseanna don ghnóthas a leanann ó ábhair inbhuanaitheachta; cur chun feidhme na ngnéithe den straitéis ghnó a dhéanann difear d”ábhair inbhuanaitheachta nó a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear dóibh; aon sprioc inbhuanaitheachta a shocraigh an gnóthas agus an dul chun cinn a rinneadh i dtreo iad a bhaint amach; ról an bhoird agus an lucht bainistíochta maidir le hábhair inbhuanaitheachta; na príomh-dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais; agus conas a rinne an gnóthas sainaithint ar an bhfaisnéis ar ina leith a dhéanann sé tuairisciú. I gcás ina gceanglaítear nochtadh a dhéanamh ar ghnéithe amhail spriocanna agus an dul chun cinn ionsar iad a bhaint amach, ní bheidh gá a thuilleadh leis an gceanglas ar leithligh i leith nochtadh a dhéanamh ar thorthaí na mbeartas. |
(31) |
Chun comhsheasmhacht a áirithiú le hionstraimí idirnáisiúnta amhail “Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: Creat na Náisiún Aontaithe maidir le Cosaint, Urraim agus Leigheas” a chur chun feidhme (“Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine”), Treoirlínte ECFE d”Fhiontair Ilnáisiúnta agus Treoir ECFE um Dhícheall Cuí maidir le hIompar Gnó Freagrach, ba cheart na ceanglais maidir le nochtadh díchill chuí a shonrú ar bhealach níos mionsonraithe ná mar atá faoi láthair i gcás phointe (b) d”Airteagal 19a(1) agus phointe (b) d”Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE. Is é atá i gceist le dícheall cuí an próiseas a dhéanann gnóthais chun na príomh-dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí a shainaithint, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chosc, a mhaolú, a leigheas nó deireadh a chur leo agus lena sainaithnítear conas a thugann gnóthais aghaidh ar na drochthionchair sin. Áirítear le tionchair a bhaineann le ghníomhaíochtaí gnóthais na tionchair sin a mbíonn an gnóthas ina chúis leo go díreach, tionchair a gcuireann an gnóthas leo, agus tionchair a bhfuil baint acu le slabhra luacha an ghnóthais ar chaoi éigin eile. Baineann an próiseas díchill chuí le slabhra luacha iomlán an ghnóthais, lena n-áirítear a oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhraí soláthair. I gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, measfar drochthionchar iarbhír nó féideartha a bheith ina phríomh-dhrochthionchar i gcás ina n-áirítear é sna tionchair is mó a bhaineann le gníomhaíochtaí an ghnóthais bunaithe ar an méid seo a leanas: a thromchúisí atá an tionchar ar dhaoine nó ar an gcomhshaol; an líon daoine a ndéantar difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, nó méid an damáiste don chomhshaol; a éasca is atá sé an díobháil a réiteach, agus an comhshaol nó na daoine a ndearnadh difear dóibh a chur ar ais mar a bhí siad roimhe sin. |
(32) |
Ní éilítear le Treoir 2013/34/AE go nochtfaí faisnéis faoi acmhainní doláimhsithe seachas sócmhainní doláimhsithe a aithnítear sa chlár comhardaithe. Aithnítear go forleathan, nach ndéantar go leor tuairiscithe ar fhaisnéis faoi shócmhainní doláimhsithe agus tosca doláimhsithe eile, lena n-áirítear acmhainní doláimhsithe a ghintear go hinmheánach, rud a chuireann bac ar mheasúnú ceart a dhéanamh ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh gnóthais, agus ar an bhfaireachán a dhéantar ar infheistíochtaí. Chun é a chur ar a gcumas d”infheisteoirí tuiscint níos fearr a fháil ar an mbearna mhéadaitheach idir leabharluach cuntasaíochta go leor gnóthas agus a luacháil margaidh, a thugtar faoi deara i mórán earnálacha den gheilleagar, ba cheart tuairisciú leordhóthanach ar acmhainní doláimhsithe a éileamh i gcás gnóthais mhóra go léir agus gnóthais go léir, cé is moite de mhicreaghnóthais, a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Mar sin féin, tá faisnéis áirithe maidir le hacmhainní doláimhsithe ina cuid dhílis d”ábhair inbhuanaitheachta, agus dá bhrí sin, beidh sí mar chuid den tuairisciú inbhuanaitheachta. Mar shampla, is ionann faisnéis faoi scileanna, inniúlachtaí agus taithí fostaithe, mar aon lena ndílseacht don ghnóthas agus a n-inspreagadh chun próisis, earraí agus seirbhísí a fheabhsú, agus faisnéis inbhuanaitheachta faoi ábhair shóisialta a d”fhéadfaí a mheas freisin mar fhaisnéis faoi acmhainní doláimhsithe. Ar an gcuma chéanna, faisnéis faoi cháilíocht na gcaidreamh idir an gnóthas agus a gheallsealbhóirí, lena n-áirítear custaiméirí, soláthraithe agus pobail a bhfuil tionchar ag gníomhaíochtaí an ghnóthais orthu, is ionann an fhaisnéis sin agus faisnéis inbhuanaitheachta is ábhartha d”ábhair shóisialta nó rialachais a d”fhéadfaí a mheas freisin mar fhaisnéis faoi acmhainní doláimhsithe. Léiríonn na samplaí sin an chaoi nach féidir, i gcásanna áirithe, faisnéis faoi acmhainní doláimhsithe a idirdhealú ó fhaisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta. |
(33) |
Ní shonraítear in Airteagal 19a(1) ná Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE cibé an gá an fhaisnéis atá le tuairisciú a bheith ina faisnéis réamhbhreathnaitheach nó ina faisnéis ar fheidhmíocht roimhe seo. Tá easpa nochtaí réamhbhreathnaitheacha ann faoi láthair, rud a mbíonn ardmheas ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta orthu. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú le hAirteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE nach mór faisnéis réamhbhreathnaitheach agus faisnéis chúlghabhálach, agus faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil araon, a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear. Ba cheart an fhaisnéis a bheith bunaithe ar fhianaise dhochloíte eolaíoch i gcás inarb iomchuí. Ba cheart faisnéis a bheith comhchuibhithe, inchomparáide agus bunaithe ar tháscairí aonfhoirmeacha i gcás inarb iomchuí, agus tuairisciú a bhaineann go sonrach le gnóthais aonair á cheadú ag an am céanna agus nach gcuirtear suíomh tráchtála an ghnóthais i mbaol léi. Ba cheart na físeanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a chur san áireamh leis an bhfaisnéis inbhuanaitheachta a thuairiscítear freisin, agus ba cheart faisnéis a bheith iontu faoi shlabhra luacha iomlán an ghnóthais, lena n-áirítear a chuid oibríochtaí féin, a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó, agus a shlabhra soláthair, de réir mar is iomchuí. Maidir le faisnéis faoi shlabhra luacha iomlán an ghnóthais, ba cheart faisnéis a chuimsiú a bhaineann lena shlabhra luacha laistigh den Aontas Eorpach agus faisnéis a chumhdaíonn tríú tíortha más rud é go síneann slabhra luacha an ghnóthais lasmuigh den Aontas Eorpach. Maidir leis na chéad 3 bliana de chur i bhfeidhm na mbeart atá le glacadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir leasaitheach seo, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir leis an slabhra luacha ar fáil, ba cheart don ghnóthas míniú a thabhairt ar na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis a fháil faoina shlabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis sin a fháil, agus pleananna an ghnóthais faisnéis den sórt sin a fháil amach anseo. |
(34) |
Níl sé mar chuspóir leis an Treoir leasaitheach seo a cheangal ar ghnóthais caipiteal intleachtúil, maoin intleachtúil, fios gnó nó torthaí nuálaíochta a nochtadh a cháileodh mar rúin trádála mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Dá bhrí sin, níor cheart gur dochar na ceanglais tuairiscithe dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo do Threoir (AE) 2016/943. |
(35) |
Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar ghnóthais tagairtí do na méideanna a tuairiscíodh sna ráitis airgeadais bhliantúla a chur san áireamh ina dtuairisciú neamhairgeadais, chomh maith le mínithe breise ina leith. Ní chuireann na hAirteagail sin ceangal ar ghnóthais tagairtí a dhéanamh d”fhaisnéis eile sa tuarascáil bhainistíochta áfach, ná chun mínithe breise a chur leis an bhfaisnéis sin. Dá bhrí sin, tá easpa comhsheasmhachta ann faoi láthair idir an fhaisnéis neamhairgeadais a thuairiscítear agus an chuid eile den fhaisnéis a nochtar sa tuarascáil bhainistíochta. Is gá ceanglais shoiléire a leagan síos maidir leis sin. |
(36) |
Le hAirteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar ghnóthais míniú soiléir agus réasúnaithe a sholáthar ar an gcúis nár saothraíodh beartais i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na hábhair atá liostaithe sna hAirteagail sin, i gcás nach ndéanann an gnóthas amhlaidh. Toisc gur pléadh go difriúil le nochtaí faoi na beartais a d”fhéadfadh a bheith ag gnóthais, i gcomparáid le réimsí tuairiscithe eile a áirítear sna hAirteagail sin, cruthaíodh mearbhall idir gnóthais tuairiscithe agus níor chuidigh sé sin chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a thuairiscítear. Dá bhrí sin, ní gá leanúint leis an láimhseáil dhifriúil sin i ndáil le beartais sa Treoir sin. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart a chinneadh cén fhaisnéis is gá a nochtadh i ndáil le gach ceann de na réimsí tuairiscithe a luaitear in Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo. |
(37) |
Féadfaidh gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagal 19a(1) agus Airteagal 29a(1) de Threoir 2013/34/AE brath ar chreataí tuairiscithe náisiúnta, creataí tuairiscithe atá bunaithe san Aontas nó creataí tuairiscithe idirnáisiúnta, agus i gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh na creataí sin ar ar bhraith siad a shonrú. Mar sin féin, le Treoir 2013/34/AE, ní chuirtear ceanglas ar ghnóthais creat tuairiscithe coiteann nó caighdeán tuairiscithe coiteann a úsáid, agus ní chuirtear cosc léi ar ghnóthais a roghnú gan aon chreat tuairiscithe ná aon chaighdeán tuairiscithe in aon chor a úsáid. Mar a cheanglaítear le hAirteagal 2 de Threoir 2014/95/AE, an 5 Iúil 2017, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal Guidelines on non-financial reporting (methodology for reporting non-financial information) [Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais (modheolaíocht chun faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú] (“Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais”), lena bhforáiltear do threoirlínte neamhcheangailteacha le haghaidh gnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin. An 17 Meitheamh 2019, ghlac an Coimisiún a Threoirlínte maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú, ina bhfuil treoirlínte breise, go sonrach maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú. Rinneadh moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid a ionchorprú go sainráite sna Treoirlínte sin maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil nach raibh tionchar suntasach ag na Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais ar cháilíocht an tuairiscithe neamhairgeadais a rinne gnóthais a thagann faoi raon feidhme Airteagail 19a agus 29a de Threoir 2013/34/AE. Ciallaíonn cineál deonach na dtreoirlínte go bhfuil sé de shaoirse ag na gnóthais féin iad a chur i bhfeidhm nó gan iad a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní féidir a áirithiú leis na treoirlínte amháin go mbeidh an fhaisnéis go léir a nochtfaidh gnóthais dhifriúla inchomparáide ná go nochtfar an fhaisnéis uile a mheasann úsáideoirí na faisnéise sin a bheith ábhartha. Is é sin an chúis go bhfuil gá le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna shainordaitheacha chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis inchomparáide agus go ndéantar gach faisnéis ábhartha a nochtadh. Ag cur le prionsabal na hábharthachta dúbailte, ba cheart an fhaisnéis uile atá ábhartha d”úsáideoirí na faisnéise sin a chumhdach sna caighdeáin. Tá gá le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna freisin chun dearbhú agus digitiú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumasú agus chun maoirseacht agus forfheidhmiú ina leith a éascú. Is gá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta choiteanna shainordaitheacha a fhorbairt chun teacht ar chás ina bhfuil stádas ag faisnéis inbhuanaitheachta atá inchomparáide le stádas na faisnéise airgeadais. Le glacadh caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, d”áiritheofaí tuairisciú inbhuanaitheachta comhchuibhithe ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, bheadh ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta Threoir 2013/34/AE á gcomhlíonadh ag gnóthas trí thuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Agus caighdeáin den sórt sin á sainiú, tá sé ríthábhachtach aird chuí a thabhairt, a mhéid is féidir, ar na príomhchaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a úsáidtear ar fud an domhain, agus gan uaillmhian na Treorach leasaithí seo agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bun a laghdú ag an am céanna. |
(38) |
Níl aon chaighdeán ná creat ann faoi láthair lena sásaítear riachtanais an Aontais i ndáil le tuairisciú inbhuanaitheachta leis féin. Maidir leis an bhfaisnéis a éilítear le Treoir 2013/34/AE, is gá faisnéis a chumhdach léi atá ábhartha ó thaobh gach ceann de na peirspictíochtaí ábharthachta, is gá na hábhair inbhuanaitheachta uile a chumhdach léi agus is gá í a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, le hoibleagáidí eile faoi dhlí an Aontais chun faisnéis inbhuanaitheachta a nochtadh, lena n-áirítear oibleagáidí a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2020/852. Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta shainordaitheacha le haghaidh ghnóthais an Aontais a bheith i gcomhréir le leibhéal uaillmhéine an Chomhaontaithe Ghlais agus chuspóir an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 chomh maith leis na spriocanna idirmheánacha faoi Rialachán (AE) 2021/1119. Dá bhrí sin, is gá an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a ghlacadh, lena gcuirfear ar a chumas dó iad a ghlacadh go tapa agus a áirithiú go bhfuil ábhar na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta sin comhsheasmhach le riachtanais an Aontais. |
(39) |
Is comhlachas neamhbhrabúis é an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) a bunaíodh faoi dhlí na Beilge agus a oibríonn chun leasa an phobail trí chomhairle a sholáthar don Choimisiún maidir le caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta a fhormhuiniú. Tá EFRAG tar éis cáil a bhaint amach mar lárionad saineolais Eorpach um thuairisciú corparáideach, agus is áit mhaith é chun comhordú a chothú idir caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais agus tionscnaimh idirnáisiúnta a fhéachann le caighdeáin a fhorbairt atá comhsheasmhach ar fud an domhain. I mí an Mhárta 2021, rinne tascfhórsa ilpháirtithe leasmhara, a bhunaigh EFRAG, moltaí a fhoilsiú maidir leis an bhféidearthacht caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt le haghaidh an Aontais. Tá tograí sna moltaí sin chun sraith chomhleanúnach agus chuimsitheach caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt, lena gcumhdófar gach ábhar inbhuanaitheachta ó pheirspictíocht na hábharthachta dúbailte. Áirítear leis na moltaí sin freisin treochlár mionsonraithe chun caighdeáin den sórt sin a fhorbairt, chomh maith le tograí chun comhar a threisiú go frithpháirteach idir tionscnaimh dhomhanda maidir le socrú caighdeán agus tionscnaimh de chuid an Aontais maidir le socrú caighdeán. I mí an Mhárta 2021, d”fhoilsigh Uachtarán Bhord EFRAG moltaí maidir le hathruithe féideartha ar rialachas EFRAG i gcás ina n-iarrfaí air comhairle theicniúil a fhorbairt i ndáil le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Áirítear i moltaí Uachtarán Bhord EFRAG colún nua tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhunú laistigh de EFRAG, agus, ag an am céanna, gan modhnú suntasach a dhéanamh ar an gcolún tuairiscithe airgeadais atá ann cheana. I mí an Mhárta 2022, cheap Comhthionól Ginearálta EFRAG comhaltaí Bhord Tuairiscithe Inbhuanaitheachta EFRAG a cruthaíodh le déanaí. Nuair atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á nglacadh, ba cheart don Choimisiún comhairle theicniúil a fhorbróidh EFRAG a chur san áireamh. Chun caighdeáin ardcháilíochta a áirithiú a rannchuidíonn le leas an phobail Eorpaigh agus a chomhlíonann riachtanais gnóthas agus úsáideoirí na faisnéise a thuairiscítear, ba cheart cistiú poiblí leordhóthanach a bheith ag EFRAG chun a neamhspleáchas a áirithiú. Ba cheart a chomhairle theicniúil a fhorbairt le próis chuí chóir, formhaoirseacht phoiblí agus trédhearcacht, agus bunaithe ar shaineolas ionadaíocht chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear gnóthais, infheisteoirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ceardchumainn, agus ba cheart anailísí costais is tairbhe a bheith ag gabháil léi. Ba cheart rannpháirtíocht in obair EFRAG ar an leibhéal teicniúil a bheith coinníollach ar shaineolas i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus níor cheart í a bheith coinníollach ar aon ranníocaíocht airgeadais, gan dochar do rannpháirtíocht comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí náisiúnta maidir le socrú caighdeán san obair sin. Ba cheart próiseas trédhearcach lena seachnaítear coinbhleachtaí leasa a ráthú. Chun a áirithiú go gcuirfear dearcaí na mBallstát san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, ba cheart don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na caighdeáin sin, dul i gcomhairle le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/852, (“Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe”) agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta, dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), (“an Coiste Rialála Cuntasaíochta”) i ndáil le comhairle theicniúil EFRAG. Tá ról ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) i gcaighdeáin theicniúla rialála a dhréachtú faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus is gá comhleanúnachas a bheith ann idir na caighdeáin theicniúla rialála sin agus na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), tá ról ag ÚEUM freisin i gcóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus tuairisciú inbhuanaitheachta á fhorfheidhmiú ag eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas agus a gceanglófar orthu tuairisciú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC tuairim a sholáthar maidir le comhairle theicniúil EFRAG. Ba cheart tuairimí den sórt sin a sholáthar laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an iarraidh ón gCoimisiún. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, BCE, Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI) agus an tArdán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe chun a áirithiú go bhfuil na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta comhleanúnach le beartas agus dlí ábhartha an Aontais. I gcás ina gcinneann aon cheann de na heintitis sin tuairim a thíolacadh, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh laistigh de 2 mhí ón dáta a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo. |
(40) |
Chun rialú daonlathach, grinnscrúdú agus trédhearcacht a chothú, ba cheart don Choimisiún, uair sa bhliain ar a laghad, dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus leis an gCoiste Rialála Cuntasaíochta maidir le clár oibre EFRAG a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt. |
(41) |
Ba cheart na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith comhleanúnach le dlí eile de chuid an Aontais. Go háirithe, ba cheart na caighdeáin sin a ailíniú leis na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088, agus ba cheart a chur san áireamh leis na caighdeáin sin na táscairí agus modheolaíochtaí forluiteacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe éagsúla arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2020/852, na ceanglais maidir le nochtadh is infheidhme maidir le riarthóirí tagarmhairc de bhun Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), na híoschaighdeáin chun Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a chruthú, agus aon obair a rinne ÚBE agus ceanglais Cholún III maidir le nochtadh atá i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á gcur chun feidhme. Ba cheart dlí comhshaoil an Aontais a chur san áireamh sna caighdeáin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) agus Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), agus ba cheart Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún (28), na hiarscríbhinní a ghabhann leis agus na nuashonruithe orthu a chur san áireamh freisin. Ba cheart dlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), agus ceanglais eile a leagtar síos i ndlí an Aontais do ghnóthais a mhéid a bhaineann le dualgais stiúrthóirí agus dícheall cuí, a chur san áireamh freisin. |
(42) |
Ba cheart na Treoirlínte maidir le tuairisciú neamhairgeadais agus na Treoirlínte maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid a thuairisciú a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart ceanglais tuairiscithe eile i dTreoir 2013/34/AE, nach mbaineann go díreach leis an inbhuanaitheacht, a chur san áireamh leo freisin, d”fhonn tuiscint níos fearr a thabhairt d”úsáideoirí na faisnéise a thuairiscítear ar fhorbairt, feidhmíocht, seasamh agus tionchar an ghnóthais, tríd an leas is mó is féidir a bhaint as na naisc idir an fhaisnéis inbhuanaitheachta agus faisnéis eile a thuairiscítear i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE. |
(43) |
Ba cheart na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith comhréireach agus ní cheart dóibh ualach riaracháin gan ghá a chur ar na cuideachtaí a gcuirtear ceangal orthu iad a úsáid. Chun an suaitheadh a íoslaghdú do ghnóthais a thuairiscíonn faisnéis inbhuanaitheachta cheana féin, ba cheart a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta na caighdeáin agus creataí atá ann cheana féin maidir le cuntasaíocht agus tuairisciú inbhuanaitheachta i gcás inarb iomchuí. Le caighdeáin agus creataí den sórt sin atá ann cheana, áirítear an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú, an Bord um Chaighdeáin Chuntasaíochta Inbhuanaitheachta, an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thuairisciú Comhtháite, an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta, an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, an Bord um Chaighdeáin Nochtadh Carbóin, agus CDP, ar a dtugtaí an Tionscadal Nochtadh Carbóin roimhe seo. Ba cheart aon chaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a forbraíodh faoi choimirce na Fondúireachta Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Tuairiscithe Airgeadais a chur san áireamh le caighdeáin an Aontais. Chun deighilt rialála gan ghá a sheachaint, a d”fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith aici do ghnóthais a oibríonn go domhanda, ba cheart do chaighdeáin an Aontais cuidiú le próiseas an chóineasaithe ar chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar leibhéal domhanda trí thacú le hobair an Bhoird Idirnáisiúnta um Chaighdeáin Inbhuanaitheachta (ISSB). Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais, ba cheart an riosca a laghdú go mbeadh ceanglais tuairiscithe neamhréireacha ann do ghnóthais a oibríonn ar fud an domhain trí inneachar na gcaighdeán bonnlíne domhanda atá le forbairt ag ISSB a chomhtháthú, a mhéid atá inneachar na gcaighdeán bonnlíne sin comhsheasmhach le creat dlíthiúil an Aontais agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais. |
(44) |
Sa Chomhaontú Glas, gheall an Coimisiún go dtacódh sé le gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile chun cleachtais chuntasaíochta caighdeánaithe don chaipiteal nádúrtha a fhorbairt laistigh den Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta, agus é mar aidhm aige bainistiú iomchuí ar rioscaí comhshaoil agus deiseanna maolaithe a áirithiú, agus na costais idirbhirt lena mbaineann a laghdú. Tá an Tionscadal Trédhearcach atá urraithe faoin gClár um an gComhshaol agus um Ghníomhú ar son na hAeráide (clár LIFE) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) ag forbairt na chéad mhodheolaíochta cuntasaíochta caipitil nádúrtha, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca na modhanna atá ann cheana a chur i gcomparáid agus a bheith níos trédhearcaí agus, ag an am céanna, an tairseach a ísliú do chuideachtaí chun na córais a ghlacadh agus a úsáid chun tacú lena ngnó a dhéanamh slán i bhfad na haimsire. Is tagairt thábhachtach é an Prótacal Caipitil Nádúrtha i réimse chuntasaíocht an chaipitil nádúrtha freisin. Cé gurb é an phríomhchúis le modhanna cuntasaíochta caipitil nádúrtha ná cinntí bainistíochta inmheánacha a neartú, ba cheart iad a chur san áireamh go hiomchuí nuair atá caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta á mbunú. Bíonn sé d”aidhm ag roinnt modheolaíochtaí cuntasaíochta caipitil nádúrtha luach airgid a shannadh do na tionchair chomhshaoil a bhíonn i gceist de thoradh gníomhaíochtaí cuideachtaí, rud a d”fhéadfadh cuidiú le húsáideoirí faisnéise inbhuanaitheachta tuiscint níos fearr a fháil ar thionchair den sórt sin. Dá bhrí sin, is iomchuí go bhféadfaí táscairí airgid ar thionchair inbhuanaitheachta a chuimsiú i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta má mheastar go bhfuil gá leis sin. |
(45) |
Ba cheart prionsabail agus creataí maidir le hiompar gnó freagrach a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur san áireamh le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin, mar aon le freagracht shóisialta chorparáideach, agus forbairt inbhuanaithe, lena n-áirítear SFInna, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Treoir ECFE um Dhícheall Cuí le haghaidh Iompar Gnó Freagrach agus treoirlínte earnálacha gaolmhara, an Comhshocrú Domhanda, Dearbhú Tríthaobhach Prionsabal na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus Beartas Sóisialta, caighdeán ISO 26000 maidir le freagracht shóisialta, agus Prionsabail na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach. |
(46) |
Ba cheart a áirithiú go gcomhlíontar, leis an bhfaisnéis a thuairiscíonn gnóthais i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, riachtanais na n-úsáideoirí agus nach gcuirtear ualach díréireach ó thaobh iarrachta agus costas de ar na gnóthais tuairiscithe agus orthu siúd a ndéantar difear dóibh go hindíreach mar chuid de shlabhra luacha na ngnóthas sin. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir leis na príomhthosca comhshaoil uile, lena n-áirítear a dtionchair agus spleáchais ar an aeráid, ar aer, talamh, uisce agus bithéagsúlacht. Soláthraítear aicmiú ar chuspóirí comhshaoil an Aontais le Rialachán (AE) 2020/852. Ar mhaithe leis an gcomhleanúnachas, is iomchuí aicmiú comhchosúil a úsáid chun na tosca comhshaoil a shainaithint nach mór aghaidh a thabhairt orthu le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart a bhreithniú agus a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta aon fhaisnéis gheografach nó chomhthéacsúil eile nach mór do ghnóthais a nochtadh chun tuiscint a sholáthar ar na príomhthionchair a bhíonn acu ar ábhair inbhuanaitheachta agus ar na príomhrioscaí don ghnóthas a leanann ó ábhair inbhuanaitheachta. Agus an fhaisnéis faoi thosca comhshaoil atá le nochtadh ag gnóthais á sonrú, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú leis na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2020/852 agus leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán sin agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin. |
(47) |
Maidir le faisnéis a bhaineann leis an aeráid, is spéis le húsáideoirí eolas a bheith acu faoi rioscaí fisiciúla agus aistrithe gnóthas, agus faoina n-athléimneacht i dtaca le cásanna aeráide éagsúla, agus pleananna chun oiriúnú dóibh, agus pleananna chun oiriúnú do chuspóir an Aontais an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Tá spéis acu freisin i leibhéal agus raon feidhme na n-aistrithe agus na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chuirtear i leith an ghnóthais, lena n-áirítear a mhéid a úsáideann an gnóthas fritháirimh agus foinse na bhfritháireamh sin. Is gá caighdeáin fritháirimh agus cuntasaíochta gás ceaptha teasa a ailíniú chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach. Bíonn faisnéis iontaofa de dhíth ar úsáideoirí maidir le fritháirimh lena dtugtar aghaidh ar ábhair imní i ndáil le comhaireamh dúbailte agus rómheastacháin fhéideartha, i bhfianaise na rioscaí a d”fhéadfaí a chruthú le comhaireamh dúbailte agus rómheastachán i ndáil le spriocanna aeráide a bhaint amach. Is spéis le húsáideoirí freisin a bheith ar an eolas faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag cuideachtaí chun dearbhastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go héifeachtach mar chuid dá straitéisí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear astaíochtaí raon feidhme 1, astaíochtaí raon feidhme 2 agus, i gcás inarb ábhartha, astaíochtaí raon feidhme 3. Maidir le hastaíochtaí raon feidhme 3, is tosaíocht d”úsáideoirí é faisnéis a fháil maidir le catagóirí raon feidhme 3 atá suntasach i gcás an ghnóthais, agus maidir leis na hastaíochtaí i ngach ceann de na catagóirí raon feidhme 3 sin. Dá bhrí sin, ba cheart an fhaisnéis is gá do ghnóthais a thuairisciú maidir le hábhair den sórt sin a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(48) |
Ní mór na hearnálacha eacnamaíocha uile a shlógadh go hiomlán chun geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus timpeallacht gan truailliú idirleata a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach úsáid fuinnimh a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chuige sin, mar úsáidtear fuinneamh ar fud na slabhraí soláthair. Dá bhrí sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar ghnéithe fuinnimh i gcaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, go háirithe i ndáil le hábhair chomhshaoil, lena n-áirítear ábhair a bhaineann leis an aeráid. |
(49) |
Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le tosca sóisialta, lena n-áirítear dálaí oibre, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, cómhargáil, comhionannas, neamh-idirdhealú, éagsúlacht agus cuimsiú, agus cearta an duine. Ba cheart na tionchair a bhíonn ag an gnóthas ar dhaoine, lena n-áirítear ar oibreoirí agus ar shláinte daoine, a chumhdach le faisnéis den sórt sin. Ba cheart faisnéis faoi shaothar éignithe agus dúshaothrú leanaí ina slabhraí luacha agus soláthair a chur san áireamh san fhaisnéis a nochtann gnóthais faoi chearta an duine i gcás inarb ábhartha. Níor cheart do cheanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta maidir le saothar éignithe a bheith saor ó na húdaráis phoiblí atá freagrach as aghaidh a thabhairt, trí bheartas trádála agus trí mhodhanna taidhleoireachta, ar allmhairiú earraí a tháirgtear mar thoradh ar sháruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear saothar éignithe. Ba cheart do ghnóthais a bheith in ann tuairisc a thabhairt freisin ar rioscaí agus treochtaí a d”fhéadfadh a bheith ann maidir le fostaíocht agus ioncaim. I gcás caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar thosca sóisialta, ba cheart a shonrú iontu an fhaisnéis is gá do ghnóthais a nochtadh maidir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta atá ábhartha do ghnólachtaí, lena n-áirítear deiseanna comhionanna do gach duine agus dálaí oibre. Leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Coimisiún an 4 Márta 2021, éilítear go gcuirfí ceanglais níos láidre ar ghnóthais chun tuairisciú a dhéanamh i ndáil le saincheisteanna sóisialta. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin an fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le cearta an duine, saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha agus caighdeáin dhaonlathacha arna mbunú sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Eorpach na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, coinbhinsiúin bhunúsacha EIS, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Cairt Shóisialta na hEorpa, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart an tuairisciú a dhéantar ar thosca sóisialta, agus ar thosca comhshaoil agus rialachais freisin, a bheith comhréireach le raon feidhme agus le spriocanna na Treorach leasaithí seo. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar chomhionannas inscne agus ar phá comhionann as obair ar comhionann a luach, i measc nithe eile, faisnéis atá le tuairisciú faoin mbearna phá idir na hinscní, agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais á chur san áireamh. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar fhostaíocht agus ar chuimsiú daoine faoi mhíchumas, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le tuairisciú faoi bhearta inrochtaineachta arna ndéanamh ag an ngnóthas. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar oiliúint agus ar fhorbairt scileanna, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le tuairisciú faoi chion agus miondealú na n-oibrithe atá rannpháirteach san oiliúint. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar an gcómhargáil, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le nochtadh faoi chomhairlí oibreacha a bheith ann chomh maith le comhaontuithe comhchoiteanna a bheith ann agus cion na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe den sórt sin. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar rannpháirtíocht oibrithe, ba cheart a shonrú, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le nochtadh faoi rannpháirtíocht na n-oibrithe ar bhoird riaracháin agus mhaoirseachta. Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta lena dtugtar aghaidh ar éagsúlacht, i measc nithe eile, an fhaisnéis atá le tuairisciú ar éagsúlacht inscne ag an ardbhainistíocht agus líon na gcomhaltaí den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird. |
(50) |
Bíonn faisnéis faoi thosca rialachais de dhíth ar úsáideoirí. Déantar na tosca rialachais is ábhartha d”úsáideoirí a liostú i gcreataí tuairiscithe údarásacha amhail an Tionscnamh Domhanda um Thuairisciú agus an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, agus ag creataí domhanda údarásacha amhail Prionsabail Rialachais Dhomhanda an Líonra Idirnáisiúnta um Rialachas Corparáideach agus Prionsabail Rialachais Chorparáidigh G20/ECFE. An fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le tosca rialachais, ba cheart í a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart a cumhdach le faisnéis den sórt sin an ról atá ag comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta gnóthais maidir le hábhair inbhuanaitheachta, an saineolas agus na scileanna is gá chun an ról sin a chomhlíonadh nó an rochtain atá ag comhlachtaí den sórt sin ar shaineolas agus scileanna den sórt sin, an bhfuil beartas ag an gcuideachta maidir leis na dreasachtaí a thairgtear do chomhaltaí na gcomhlachtaí sin agus atá nasctha le hábhair inbhuanaitheachta, agus faisnéis faoi chórais inmheánacha rialaithe agus bainistithe riosca gnóthais i ndáil leis an bpróiseas tuairiscithe inbhuanaitheachta. Bíonn faisnéis de dhíth ar úsáideoirí faoi chultúr corparáideach na ngnóthas agus a gcur chuige i leith eitic ghnó freisin, ar gnéithe iad a aithnítear mar ghnéithe de chreataí údarásacha maidir le rialachas corparáideach amhail Prionsabail Rialachais Dhomhanda an Líonra Idirnáisiúnta um Rialachas Corparáideach, lena n-áirítear faisnéis faoi fhrithéilliú agus frithbhreabaireacht, agus faoi ghníomhaíochtaí agus gealltanais an ghnóthais arb é is aidhm dóibh a thionchar polaitiúil a fheidhmiú, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí brústocaireachta. Le faisnéis faoi bhainistiú an ghnóthais agus faoi cháilíocht an chaidrimh le custaiméirí, soláthraithe agus pobail dá ndéanann gníomhaíochtaí an ghnóthais difear, cuidítear le húsáideoirí tuiscint a fháil ar rioscaí agus tionchair gnóthais a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta. Áirítear san fhaisnéis faoi na caidrimh le soláthraithe cleachtais íocaíochta a bhaineann leis an dáta nó an tréimhse íocaíochta, an ráta úis maidir le híocaíocht dhéanach nó an cúiteamh i leith costais téarnaimh dá dtagraítear i dTreoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31). Gach bliain, bíonn ualaí riaracháin agus airgeadais ar na mílte gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), toisc go n-íoctar go déanach iad, nó nach n-íoctar in aon chor iad. Sa deireadh, tarlaíonn dócmhainneacht agus féimheacht de bharr íocaíochtaí déanacha, agus bíonn droch-éifeachtaí acu sin ar shlabhraí luacha ina n-iomláine. Má mhéadaítear an méid faisnéise faoi chleachtais íocaíochta, ba cheart go ndéanfaí gnóthais eile a chumhachtú chun íocóirí iontaofa a íocann go pras a aithint, chun cleachtais íocaíochta éagóracha a aithint, rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi na gnólachtaí lena mbíonn siad ag trádáil, agus téarmaí íocaíochta níos córa a chaibidliú. |
(51) |
Ba cheart léiriú níos comhtháite ar an bhfaisnéis go léir a fhoilsíonn gnóthais sa tuarascáil bhainistíochta a chur chun cinn leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ionas go gcuirfí tuiscint níos fearr ar fáil d”úsáideoirí na faisnéise sin ar fhorbairt, fheidhmíocht, sheasamh agus thionchar an ghnóthais. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, de réir mar is gá, idir an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh agus tuairisciú á dhéanamh acu ar leibhéal aonair agus an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh agus tuairisciú á dhéanamh acu ar an leibhéal grúpa. Ba cheart treoraíocht do ghnóthais a bheith sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin maidir leis an bpróiseas a leantar chun an fhaisnéis inbhuanaitheachta nach mór a chur san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta a aithint, ós rud é nár cheart a cheangal ar ghnóthas a nochtadh ach an fhaisnéis atá ábhartha chun tuiscint a fháil ar a thionchair ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an fhaisnéis atá ábhartha chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d”fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais. |
(52) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar tuairisciú inbhuanaitheachta i gcomhréir le cearta oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart do lucht bainistíochta an ghnóthais ionadaithe na n-oibrithe ar an leibhéal iomchuí a chur ar an eolas agus an fhaisnéis ábhartha agus na modhanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a fháil agus a fhíorú a phlé leo. Tugtar le tuiscint leis sin, chun críoch na Treorach leasaithí seo, go mbunófar idirphlé agus malartú tuairimí idir ionadaithe na n-oibrithe agus an bhainistíocht lárnach nó aon leibhéal eile bainistíochta a d”fhéadfadh a bheith níos iomchuí, ag am den sórt sin, ar bhealach den sórt sin agus le hábhar den sórt sin a chuirfeadh ar chumas ionadaithe na n-oibrithe a dtuairim a chur in iúl. Ba cheart a dtuairim a chur in iúl, i gcás inarb infheidhme, do na comhlachtaí ábhartha riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta. |
(53) |
Is minic a bhíonn gnóthas san earnáil chéanna nochta do rioscaí inbhuanaitheachta comhchosúla, agus bíonn tionchair chomhchosúla acu ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol go minic freisin. Tá sé fíorluachmhar d”infheisteoirí agus d”úsáideoirí eile na faisnéise inbhuanaitheachta comparáidí a dhéanamh idir gnóthais san earnáil chéanna. Dá bhrí sin, ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis ar cheart do ghnóthais i ngach earnáil a nochtadh agus an fhaisnéis ar cheart do ghnóthais a nochtadh ag brath ar a n-earnáil gníomhaíochta. Tá tábhacht ar leith ag baint le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha i gcás earnálacha a mbaineann rioscaí arda inbhuanaitheachta leo don chomhshaol, do chearta an duine agus don rialachas nó a mbíonn tionchair arda inbhuanaitheachta acu ar an gcomhshaol, ar chearta an duine agus ar an rialachas, lena n-áirítear na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d”Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), agus i gcás na ngníomhaíochtaí ábhartha laistigh de na hearnálacha sin. Agus caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a shonraítear leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin comhréireach le scála na rioscaí agus na dtionchar a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta a bhaineann go sonrach le gach earnáil, agus é á chur san áireamh go bhfuil rioscaí agus tionchair earnálacha áirithe níos airde ná rioscaí agus tionchair earnálacha eile. Ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh freisin nach gá go mbeadh baint ag gach gníomhaíocht laistigh d”earnálacha den sórt sin le rioscaí nó tionchair arda inbhuanaitheachta. I gcás gnóthais a oibríonn in earnálacha a bhíonn ag brath go háirithe ar acmhainní nádúrtha, chuirfí de cheangal orthu, le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta earnáilsonracha, tionchair a bhaineann leis an dúlra agus rioscaí don bhithéagsúlacht agus d”éiceachórais a nochtadh. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart aird a thabhairt freisin ar na deacrachtaí a d”fhéadfadh a bheith ag gnóthais maidir le faisnéis a bhailiú ó ghníomhaithe ar fud a slabhra luacha, go háirithe ó sholáthraithe ar gnóthais bheaga nó mheánmhéide iad agus ó sholáthraithe i margaí agus geilleagair éiritheacha. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart nochtaí a shonrú a bhaineann le slabhraí luacha atá comhréireach agus ábhartha maidir le scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnóthas, agus ba cheart acmhainneachtaí agus saintréithe gnóthas i slabhraí luacha a shonrú, go háirithe na hacmhainneachtaí agus saintréithe sin atá ag gnóthais nach bhfuil faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta dá bhforáiltear sa Treoir leasaitheach seo. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, níor cheart nochtaí a shonrú lena gceanglófaí ar ghnóthais faisnéis a fháil ó ghnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide ina slabhra luacha a sháraíonn an fhaisnéis atá le nochtadh i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Níor cheart gur dochar an méid sin d”aon cheanglais de chuid an Aontais maidir le gnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh. |
(54) |
Chun riachtanais faisnéise úsáideoirí a chomhlíonadh go tráthúil, agus go háirithe i bhfianaise na práinne chun riachtanais faisnéise rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chomhlíonadh faoi réir na gceanglas a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 4(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2019/2088, ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an chéad sraith de chaighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2023. Ba cheart a shonrú sa tsraith caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta sin an fhaisnéis is ceart do ghnóthais a nochtadh maidir le gach réimse tuairiscithe agus ábhar inbhuanaitheachta, agus nach mór do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na hoibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, an dara sraith caighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2024, lena sonraítear an fhaisnéis chomhlántach is ceart do ghnóthais a nochtadh faoi ábhair inbhuanaitheachta agus réimsí tuairiscithe, i gcás inar gá, agus faisnéis a bhaineann go sonrach leis an earnáil ina n-oibríonn an gnóthas. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh gach 3 bliana ar na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, lena n-áirítear na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairt caighdeán idirnáisiúnta. |
(55) |
Ní éilítear le Treoir 2013/34/AE go gcuirfí an tuarascáil bhainistíochta ar fáil i bhformáid dhigiteach, rud a chuireann bac ar sho-aimsitheacht agus ar inúsáidteacht na faisnéise a thuairiscítear. Bíonn coinne ag úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta i gcónaí go mbeidh an fhaisnéis sin so-aimsithe, inchomparáide agus inléite ag meaisín i bhformáidí digiteacha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta de Threoir 2013/34/AE a dtuarascálacha bainistíochta a chur ar fáil saor in aisce don phobal ar a suíomhanna gréasáin. Leis an digitiú, cruthaítear deiseanna chun faisnéis a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla agus d”fhéadfaí coigilteas costais suntasach a dhéanamh d”úsáideoirí agus do ghnóthais araon. Leis an digitiú, cumasaítear freisin lárú sonraí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát i bhformáid oscailte inrochtana lena n-éascaítear an léamh agus lenar féidir comparáid a dhéanamh idir sonraí. Ba cheart a cheangal ar ghnóthais, dá bhrí sin, a dtuarascáil bhainistíochta a ullmhú san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (33), agus a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí a cheanglaítear le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 a luaithe a chinnfear an méid sin. Beidh gá le tacsanomaíocht dhigiteach le haghaidh caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais ionas go mbeifí in ann an fhaisnéis a thuairiscítear a chlibeáil i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin. Ba cheart na ceanglais sin a chur san áireamh san obair maidir leis an digitiú a d”fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 19 Feabhra 2020 dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach le haghaidh sonraí], agus sa teachtaireacht uaidh an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal Digital Finance Strategy for the EU [Straitéis Airgeadais Dhigitigh don Aontas]. Chomhlánódh na ceanglais sin pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) d”fhaisnéis chorparáideach phoiblí mar a bheartaítear i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Méan Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses - new action plan [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí - plean gníomhaíochta nua] ina gcuirtear san áireamh freisin an gá atá le faisnéis inchomparáide a chur ar fáil i bhformáid dhigiteach. |
(56) |
Chun gur féidir an fhaisnéis inbhuanaitheachta tuairiscithe a áireamh in ESAP, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseoidh gnóthais nach ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas a dtuarascáil bhainistíochta, lena n-áirítear tuairisciú inbhuanaitheachta, san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815. |
(57) |
Le hAirteagal 19a(4) de Threoir 2013/34/AE cuirtear ar a gcumas do Bhallstáit gnóthais a dhíolmhú ón ráiteas neamhairgeadais a éilítear faoi Airteagal 19a(1) den Treoir sin a chur san áireamh sa tuarascáil bhainistíochta. Tá sé de chead ag Ballstáit é sin a dhéanamh i gcás ina n-ullmhaíonn an gnóthas lena mbaineann tuarascáil ar leithligh a fhoilsítear in éineacht leis an tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir sin, nó i gcás ina gcuirtear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an ghnóthais laistigh de thréimhse réasúnach ama nach mó ná 6 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe, agus go dtagraítear di sa tuarascáil bhainistíochta. Tá an fhéidearthacht chéanna ann maidir leis an ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite dá dtagraítear i dTreoir 2013/34/AE. Bhain fiche Ballstát leas as an rogha sin. Leis an bhféidearthacht maidir le tuarascáil ar leithligh a fhoilsiú, cuirtear bac ar infhaighteacht na faisnéise a nascann faisnéis airgeadais agus faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta, áfach. Cuireann sé sin bac ar sho-aimsitheacht agus inrochtaineacht na faisnéise d”úsáideoirí freisin, go háirithe infheisteoirí, a bhfuil spéis acu i bhfaisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta araon. Géaraítear an fhadhb sin leis an bhféidearthacht d”amanna foilsithe difriúla le haghaidh faisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta. Má dhéantar foilsiú i dtuarascáil ar leithligh, féadfar a thabhairt le fios freisin, go hinmheánach agus go seachtrach, go mbaineann faisnéis inbhuanaitheachta le catagóir faisnéise nach bhfuil chomh hábhartha céanna, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh d”iontaofacht braite na faisnéise. Dá bhrí sin, ba cheart do ghnóthais faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú i roinn ar leith den tuarascáil bhainistíochta ar féidir a aithint go soiléir agus níor cheart a cheadú do Bhallstáit a thuilleadh gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid chun faisnéis faoi ábhair inbhuanaitheachta a chuimsiú sa tuarascáil bhainistíochta. Cuideoidh oibleagáid den sórt sin freisin chun ról na n-údarás náisiúnta inniúil a shoiléiriú maidir le maoirseacht a dhéanamh ar thuairisciú inbhuanaitheachta, mar chuid den tuarascáil bhainistíochta a ullmhaítear i gcomhréir le Treoir 2004/109/CE. Chomh maith leis sin, maidir le gnóthais a gceanglaítear orthu faisnéis inbhuanaitheachta a thuairisciú, níor cheart iad a dhíolmhú ón oibleagáid chun an tuarascáil bhainistíochta a fhoilsiú, mar tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirtear faisnéis inbhuanaitheachta ar fáil go poiblí. |
(58) |
Le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE ceanglaítear ar ghnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas ráiteas rialachais chorparáidigh a chuimsiú ina dtuarascáil bhainistíochta, nach mór tuairisc ar an mbeartas éagsúlachta a chuir an gnóthas i bhfeidhm i ndáil lena comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, i measc nithe eile, a bheith san áireamh ann. Le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE fágtar solúbthacht do ghnóthais a chinneadh cén gnéithe den éagsúlacht a ndéanfaidh siad tuairisciú ina leith. Ní chuirtear oibleagáid leis ar ghnóthais go sainráite chun faisnéis a chuimsiú ar aon ghné ar leith den éagsúlacht. Chun bogadh i dtreo rannpháirtíocht níos cothroime ó thaobh inscne de i gcinnteoireacht eacnamaíoch, is gá a áirithiú go ndéanann gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas tuairisciú ar a gcuid beartais maidir le héagsúlacht inscne agus ar chur chun feidhme na mbeartas sin. Mar sin féin, chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a sheachaint, ba cheart an deis a bheith ag gnóthais den sórt sin cuid den fhaisnéis a éilítear le hAirteagal 20 de Threoir 2013/34/AE a thuairisciú in éineacht le faisnéis inbhuanaitheachta eile. Má chinneann siad déanamh amhlaidh, ba cheart a áireamh sa ráiteas rialachais chorparáidigh tagairt do thuairisciú inbhuanaitheachta an ghnóthais, agus ba cheart an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2013/34/AE a bheith fós faoi réir cheanglais dearbhaithe an ráitis rialachais chorparáidigh. |
(59) |
Le hAirteagal 33 de Threoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil sé de fhreagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta an ghnóthais a áirithiú go ndéantar na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite, an tuarascáil bhainistíochta, an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite, an ráiteas rialachais chorparáidigh agus an ráiteas rialachais chorparáidigh comhdhlúite a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach sin. Ba cheart an fhreagracht chomhchoiteann sin a shíneadh chuig na ceanglais maidir le digitiú a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815, chuig an gceanglas chun caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais a chomhlíonadh agus chuig an gceanglas chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil. |
(60) |
Déanann gairm an dearbhaithe idirdhealú idir dearbhuithe iontaofachta teoranta agus dearbhuithe iontaofachta réasúnacha. Soláthraítear an chonclúid ar dhearbhú iontaofachta teoranta le léiriú diúltach de ghnáth, trína lua nár aithin an cleachtóir aon ábhar as a mbainfí an chonclúid gur tugadh míráiteas ábhartha i leith an ábhair atá i gceist. I gcás dearbhú iontaofachta teoranta, déanann an t-iniúchóir líon níos lú tástálacha ná mar a dhéantar le dearbhú iontaofachta réasúnach. Dá bhrí sin, bíonn méid níos lú oibre i gceist le gníomhaíocht dearbhaithe theoranta ná mar a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach. Cuimsítear nósanna imeachta fairsinge leis an méid oibre a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach lena n-áirítear breithniú ar rialuithe inmheánacha an ghnóthais atá ag tuairisciú agus tástáil shubstainteach, agus dá bhrí sin, bíonn an iarracht oibre i bhfad níos mó ná mar a bhíonn i gceist le dearbhú iontaofachta teoranta. Tugtar conclúid dearbhaithe iontaofachta réasúnaigh i bhfoirm dhearfach de ghnáth agus is é an toradh a bhíonn air tuairim ar an ábhar a thomhas in aghaidh critéar a sainíodh cheana féin. Le Treoir 2013/34/AE, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go seiceálann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta cibé an ndearnadh an ráiteas neamhairgeadais nó an tuarascáil ar leithligh a sholáthar. Ní éilítear leis an Treoir go ndéanfadh soláthraí neamhspleách de sheirbhísí dearbhaithe an fhaisnéis a fhíorú, cé go gcuireann sé ar chumas na mBallstát an fíorú sin a éileamh más mian leo. In éagmais ceanglas dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, i gcodarsnacht leis an gceanglas a chuirtear ar an iniúchóir reachtúil iniúchtaí reachtúla a dhéanamh bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach, chuirfí creidiúnacht na faisnéise inbhuanaitheachta a nochtar i mbaol, agus ar an gcaoi, sin ní fhéadfaí riachtanais úsáideoirí beartaithe na faisnéise a chomhlíonadh. Cé gurb é an cuspóir leibhéal dearbhaithe comhchosúil a bhaint amach maidir le tuairisciú airgeadais agus inbhuanaitheachta, tá an baol ann go mbeidh tuiscintí agus ionchais dhifriúla ann i ndáil leis an méid a bheadh i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach le haghaidh catagóirí difriúla faisnéise inbhuanaitheachta toisc nach bhfuil caighdeán a comhaontaíodh i gcomhpháirt ann maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú, go háirithe maidir le nochtaí réamhbhreathnaitheacha agus cáilíochtúla. Dá bhrí sin, ba cheart breithniú a dhéanamh ar chur chuige forásach chun feabhas a chur ar leibhéal an dearbhaithe a éilítear maidir le faisnéis inbhuanaitheachta, ag tosú le hoibleagáid ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta chun tuairim a chur in iúl maidir lena mhéid a chomhlíontar ceanglais an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Ba cheart a chumhdach leis an tuairim sin cibé acu an gcomhlíontar caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta nó nach gcomhlíontar, mar aon leis an bpróiseas a dhéanann an gnóthas chun an fhaisnéis a thuairiscítear a aithint de bhun na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an chomhlíontacht leis an gceanglas chun tuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil. Ba cheart don iniúchóir measúnú a dhéanamh freisin ar cibé an gcomhlíonann tuairisciú an ghnóthais na ceanglais maidir le tuairisciú atá in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852 nó nach gcomhlíonann. Chun comhthuiscint agus ionchais choiteann a áirithiú maidir leis an méid a bheadh i gceist le dearbhú iontaofachta réasúnach, ba cheart ansin a cheangal ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta tuairim a chur in iúl bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach maidir lena mhéid a chomhlíontar ceanglais an Aontais leis an tuairisciú inbhuanaitheachta, nuair a ghlacann an Coimisiún caighdeáin dearbhaithe le haghaidh dearbhú réasúnach ar thuairisciú inbhuanaitheachta trí bhíthin gníomhartha tarmligthe tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2028, tar éis measúnú chun a chinneadh an mbeadh dearbhú réasúnach indéanta d”iniúchóirí agus do ghnóthais. Leis an gcur chuige de réir a chéile ó dhearbhuithe iontaofachta teoranta go dearbhuithe iontaofachta réasúnacha, chumasófaí forbairt fhorásach an mhargaidh um dhearbhú maidir le faisnéis inbhuanaitheachta, agus forbairt fhorásach chleachtais tuairiscithe na ngnóthas freisin. Ar deireadh, le cur chuige de réir a chéile den sórt sin, thabharfaí isteach an méadú ar chostais de réir a chéile do ghnóthas atá ag tuairisciú, ós rud é go bhfuil dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach níos costasaí ná dearbhú ar thuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Ba cheart do ghnóthais atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a bheith in ann cinneadh a dhéanamh tuairim dearbhaithe a fháil maidir lena dtuairisciú inbhuanaitheachta bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach más mian leo, agus sna cásanna sin ba cheart a mheas gur chomhlíon siad an oibleagáid tuairim a bheith acu bunaithe ar dhearbhú iontaofachta teoranta. Níl sa tuairim atá bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach maidir le faisnéis réamhbhreathnaitheach ach dearbhú gur ullmhaíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na caighdeáin is infheidhme. |
(61) |
Déanann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta na ráitis airgeadais agus an tuarascáil bhainistíochta a fhíorú cheana féin. I gcás ina ndéanfadh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, chuideodh sé sin chun nascacht agus comhsheasmhacht a áirithiú idir faisnéis airgeadais agus faisnéis inbhuanaitheachta, rud atá fíorthábhachtach d”úsáideoirí na faisnéise inbhuanaitheachta. Tá an baol ann go ndéanfaí an margadh iniúchóireachta a chomhchruinniú tuilleadh, áfach, rud a chuirfeadh neamhspleáchas iniúchóirí i mbaol agus mhéadódh táillí iniúchóireachta nó táillí a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. I bhfianaise phríomhról na n-iniúchóirí reachtúla agus dearbhú á sholáthar acu ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus faisnéis inbhuanaitheachta iontaofa á háirithiú, d”fhógair an Coimisiún go ngníomhóidh sé chun cáilíocht iniúchóireachta a fheabhsú tuilleadh agus chun margadh iniúchóireachta níos oscailte agus níos éagsúlaithe a chruthú, ar coinníollacha iad chun an Treoir leasaitheach seo a chur i bhfeidhm go rathúil. Ina theannta sin, is inmhianaithe rogha níos leithne soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a thairiscint do ghnóthais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) chun tuairim dearbhaithe a sholáthar maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, ar cheart í a fhoilsiú in éineacht leis an tuarascáil bhainistíochta. Ina theannta sin, ba cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit cead a thabhairt d”iniúchóir reachtúil, seachas an ceann nó na cinn a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar na ráitis airgeadais, tuairim dearbhaithe a chur in iúl maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta. Thairis sin, má cheadaíonn siad do sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i gcrích, ba cheart do na Ballstáit a cheadú freisin d”iniúchóir reachtúil, seachas an ceann nó na cinn a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar na ráitis airgeadais, tuairim dearbhaithe ar thuairisciú inbhuanaitheachta a chur in iúl. Ba cheart do na Ballstáit ceanglais a leagan amach lena n-áirithítear cáilíocht dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha agus torthaí comhsheasmhacha i dtaca le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Dá bhrí sin, ba cheart gach soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách a bheith faoi réir ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus iad á n-oiriúnú do shaintréithe soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha nach ndéanann iniúchtaí reachtúla. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit ceanglais choibhéiseacha a leagan amach maidir le hoiliúint agus scrúdú, oideachas leanúnach, córais dearbhaithe cáilíochta, eitic ghairmiúil, neamhspleáchas, rúndacht oibiachtúlachta agus ghairmiúil, ceapadh agus dífhostú, eagrú oibre na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha, imscrúduithe agus smachtbhannaí, agus tuairisciú neamhrialtachtaí. Ar an gcaoi sin, ráthófaí cothrom iomaíochta i measc na ndaoine agus na ngnólachtaí uile a gceadaíonn Ballstáit dóibh tuairim dearbhaithe a sholáthar maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, lena n-áirítear iniúchóirí reachtúla. Má lorgaíonn gnóthas tuairim ó sholáthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách creidiúnaithe seachas an t-iniúchóir reachtúil i ndáil lena thuairisciú inbhuanaitheachta, níor cheart gur gá dó tuairim dearbhaithe a iarraidh ón iniúchóir reachtúil maidir lena thuairisciú inbhuanaitheachta chomh maith. Soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chreidiúnaigh Ballstát cheana féin le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart cead a bheith acu i gcónaí é sin a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, faoi dháta chur i bhfeidhm na gceanglas nua maidir le hoiliúint agus scrúdú, nach mbeidh soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá ag dul faoina phróiseas creidiúnaithe faoi réir na gceanglas nua creidiúnaithe sin, ar choinníoll go gcríochnóidh siad an próiseas sin laistigh de 2 bhliain ón dáta a gcuirfear na ceanglais nua sin i bhfeidhm. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, áfach, go bhfaighidh na soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha uile arna gcreidiúnú ag Ballstát le haghaidh dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, laistigh de 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na gceanglas nua maidir le creidiúnú, an t-eolas is gá maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus dearbhú tuairiscithe inbhuanaitheachta trí oideachas gairmiúil leanúnach. |
(62) |
Chun saorghluaiseacht seirbhísí a chothú, ba cheart do na Ballstáit a cheadú do sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha atá bunaithe i mBallstát eile dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh ina gcríoch. Bheadh sé sin i bhfabhar freisin an margadh dearbhaithe a oscailt fiú nuair nach gceadaíonn na Ballstáit uile creidiúnú soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha ina gcríoch. I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcríoch Ballstáit óstaigh, ba cheart don Bhallstát óstach sin a bheith in ann a chinneadh maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha, i bhfianaise na féidearthachta chun giaráil a dhéanamh ar an gcreat arna chur chun feidhme le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(63) |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina gceanglaítear ar ghnóthas le dlí an Aontais eilimintí dá thuairisciú inbhuanaitheachta a bheith fíoraithe ag tríú páirtí neamhspleách creidiúnaithe, gur cheart tuarascáil an tríú páirtí neamhspleách chreidiúnaithe a chur ar fáil mar iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil bhainistíochta nó ar aon mhodh eile a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Le cur ar fáil na tuarascála sin, níor cheart teacht roimh thoradh na tuairime dearbhaithe ar cheart don fhíorú tríú páirtí a bheith neamhspleách ina leith. Níor cheart aon dúbláil oibre a bheith i gceist leis idir an t-iniúchóir nó an soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách a chuireann an tuairim dearbhaithe in iúl agus an tríú páirtí neamhspleách creidiúnaithe. |
(64) |
Leagtar amach i dTreoir 2006/43/CE rialacha maidir leis an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus chomhdhlúite. Is gá a áirithiú go gcuirtear rialacha comhsheasmhacha i bhfeidhm maidir leis an iniúchadh a dhéanann an t-iniúchóir reachtúil ar ráitis airgeadais agus an dearbhú a dhéanann sé ar thuairisciú inbhuanaitheachta. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir 2006/43/CE i gcás inarb iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a chuireann an tuairim dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta in iúl. |
(65) |
Leis na rialacha maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a fhormheas agus a aithint, ba cheart cead a thabhairt d”iniúchóirí reachtúla cáiliú freisin le haghaidh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ag iniúchóirí reachtúla, ar mian leo cáiliú chun tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú, ar ábhair is ábhartha maidir leis an dearbhú sin agus go bhfuil an cumas acu an t-eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Dá bhrí sin, ba cheart d”iniúchóirí reachtúla oiliúint phraiticiúil 8 mí ar a laghad a chur i gcrích maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite nó i seirbhísí eile a bhaineann le hinbhuanaitheacht, agus taithí fostaíochta roimhe sin á cur san áireamh. Maidir le hiniúchóirí reachtúla a ndearna Ballstát iad a fhaomhadh nó a aithint cheana féin, áfach, ba cheart a cheadú dóibh dearbhú maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh daoine nádúrtha atá ag dul faoin bpróiseas formheasa faoi dháta chur i bhfeidhm na gceanglas maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta a bhunaítear leis an Treoir leasaitheach seo a dhearbhú faoi réir na gceanglas sin, ar choinníoll go gcríochnóidh siad an próiseas faoi cheann 2 bhliain ina dhiaidh sin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, áfach, go bhfaighidh iniúchóirí reachtúla arna bhformheas laistigh de 2 bhliain ó dháta chur i bhfeidhm na gceanglas sin agus ar mian leo tabhairt faoi dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta an t-eolas riachtanach maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú trí oideachas gairmiúil leanúnach. Daoine nádúrtha a chinneann a bheith formheasta mar iniúchóirí reachtúla le haghaidh iniúchadh reachtúil amháin, ba cheart dóibh a bheith in ann cinneadh a dhéanamh ag tráth níos déanaí cáiliú freisin chun tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Chun an méid sin a dhéanamh, ba cheart do na daoine sin na ceanglais riachtanacha atá leagtha amach ag na Ballstáit a chomhlíonadh chun a áirithiú go bhfuil an leibhéal riachtanach eolais theoiriciúil ar na hábhair is ábhartha maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú agus go mbeidh an cumas iontu an t-eolas sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil. |
(66) |
Ba cheart a áirithiú maidir leis na ceanglais a fhorchuirtear ar iniúchóirí a mhéid a bhaineann leis an iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanann siad, go bhfuil siad comhsheasmhach. Dá bhrí sin, ba cheart duine ainmnithe amháin (“príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta”) a bheith ann ag a bhfuil baint ghníomhach le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh (“príomh-chomhpháirtí inbhuanaitheachta”). Agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh, ba cheart a cheangal ar iniúchóirí reachtúla am leordhóthanach a chaitheamh agus acmhainní agus saineolas leordhóthanach a shannadh chun a ndualgais a dhéanamh go hiomchuí. Ba cheart a shonrú i dtaifead an chuntais cliant na táillí a ghearrtar as dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus ba cheart comhad dearbhaithe a chruthú chun faisnéis a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur san áireamh. I gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart é a bheith indéanta an comhad dearbhaithe a áireamh sa chomhad iniúchóireachta. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith ag ceanglais a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta arna bhforchur ar na hiniúchóirí reachtúla sin ach amháin maidir le hiniúchóirí reachtúla a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(67) |
Ba cheart ardleibhéal saineolais theicniúil agus speisialaithe i réimse na hinbhuanaitheachta a bheith ag iniúchóirí reachtúla nó ag gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann dearbhú ar thuairisciú inbhuanaitheachta. |
(68) |
Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar Bhallstáit rialacha iomchuí a chur ar bun chun a áirithiú i gcás ina soláthraítear seirbhísí breise don eintiteas ar a ndearnadh iniúchadh nach mbeadh tionchar aige sin ar na táillí don iniúchadh reachtúil agus nach mbeadh na táillí sin bunaithe ar aon chineál teagmhais. Leis an Treoir sin, ceanglaítear ar Bhallstáit freisin a áirithiú go gcomhlíonann iniúchóirí reachtúla a dhéanann iniúchtaí reachtúla na rialacha maidir le heitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil. Ar chúiseanna comhleanúnachais, is iomchuí go sínfear na rialacha sin chuig iniúchóirí reachtúla a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(69) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le cleachtais dearbhaithe aonfhoirmeacha agus dearbhú ardchaighdeáin an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar fud an Aontais, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun caighdeáin dearbhaithe inbhuanaitheachta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta dearbhaithe a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna. Ba cheart a leagan amach i gcaighdeáin dearbhaithe den sórt sin na nósanna imeachta atá le déanamh ag an iniúchóir chun teacht ar a chonclúidí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún caighdeáin dearbhaithe le haghaidh dearbhú teoranta a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026. D’fhonn comhchuibhiú dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar fud na mBallstát a éascú, ba cheart CCEFI a spreagadh chun treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun na nósanna imeachta atá le déanamh a leagan amach agus tuairim dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta á cur in iúl, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún caighdeán dearbhaithe lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna. |
(70) |
Le Treoir 2006/43/CE leagtar amach rialacha maidir le hiniúchadh reachtúil a dhéanamh ar ghrúpa gnóthas. Ba cheart rialacha comhchosúla a leagan amach maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite. |
(71) |
Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí reachtúla torthaí a n-iniúchta reachtúil a chur i láthair i dtuarascáil iniúchóireachta. Ba cheart rialacha comhchosúla a leagan amach maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta a dhearbhú. Ba cheart torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i láthair i dtuarascáil dearbhaithe. I gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart é a bheith indéanta an fhaisnéis faoi dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chur i láthair sa tuarascáil iniúchóireachta. |
(72) |
Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar Bhallstáit córas a bhunú chun athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta. Chun a áirithiú go ndéantar athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta freisin i ndáil le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus chun a áirithiú go bhfuil oideachas gairmiúil agus taithí ábhartha iomchuí i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ag na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, ba cheart an ceanglas sin chun córas a bhunú le haghaidh athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh a shíneadh chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumhdach. Mar bheart idirthréimhseach, go dtí an 31 Nollaig 2025, ba cheart na daoine a dhéanann athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhíolmhú ón gceanglas taithí ábhartha a bheith acu i dtuairisciú inbhuanaitheachta agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó i seirbhísí inbhuanaitheachta gaolmhara eile. |
(73) |
Le Treoir 2006/43/CE ceanglaítear ar Bhallstáit córas imscrúduithe agus pionós a bhunú le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla. Leis an Treoir sin, ceanglaítear freisin ar Bhallstáit córas éifeachtach a eagrú chun formhaoirseacht phoiblí a dhéanamh, agus chun a áirithiú go gceadaítear, le socruithe rialála i ndáil le córais formhaoirseachta phoiblí, comhar éifeachtach ar leibhéal an Aontais i leith ghníomhaíochtaí formhaoirseachta na mBallstát. Ba cheart ceanglais den sórt sin a shíneadh chun go gcumhdófar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann dearbhuithe iontaofachta ar thuairisciú inbhuanaitheachta chun comhsheasmhacht a áirithiú ó thaobh na n-imscrúduithe, na bpionós agus na gcreataí formhaoirseachta a bhunaítear ar mhaithe le hobair an iniúchóra san iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(74) |
Tá rialacha i dTreoir 2006/43/CE maidir le ceapadh agus dífhostú iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla. Ba cheart na rialacha sin a shíneadh chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a chumhdach, chun comhsheasmhacht a áirithiú sna rialacha a fhorchuirtear ar iniúchóirí a mhéid a bhaineann lena gcuid oibre ar an iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(75) |
De bhun Airteagal 6 de Threoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sé de cheart ag scairshealbhóirí gnóthas a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó i dteannta a chéile, míreanna a chur ar chlár oibre an chruinnithe ghinearálta, ar choinníoll go bhfuil bonn cirt nó dréachtrún atá le glacadh ag an gcruinniú ginearálta ag gabháil le gach mír sin, agus go bhfuil sé de cheart acu dréachtrúin a chur síos le haghaidh míreanna atá san áireamh nó atá le háireamh ar chlár oibre an chruinnithe ghinearálta, de réir mar a bheidh. I gcás ina bhfuil na cearta sin faoi réir an choinníll go bhfuil bun íosta ag an scairshealbhóir nó ag na scairshealbhóirí ábhartha sa ghnóthas, ní rachaidh an geall íosta sin thar 5 % den scairchaipiteal. Maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart do scairshealbhóirí a bheith in ann na cearta a leagtar amach in Airteagal 6 de Threoir 2007/36/CE a fheidhmiú chun dréachtrúin atá le glacadh ag an gcruinniú ginearálta a chur síos, lena gceanglaítear, ar an gcéad dul síos, go n-ullmhódh tríú páirtí creidiúnaithe nach mbaineann leis an ngnólacht iniúchóireachta céanna nó leis an líonra céanna leis an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil tuarascáil ar ghnéithe áirithe den tuairisciú inbhuanaitheachta agus, ar an dara dul síos, go gcuirfí tuarascáil den sórt sin ar fáil don chruinniú ginearálta. I gcás gnóthais atá faoi réir ceanglais tuairiscithe inbhuanaitheachta a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo agus nach dtagann faoi raon feidhme Airteagal 6 de Threoir 2007/36/CE, ba cheart an ceart a thabhairt do scairshealbhóirí ar mó iad ná 5 % de na cearta vótála nó 5 % de chaipiteal an ghnóthais, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó i dteannta a chéile, dréachtrún atá le glacadh ag an gcruinniú ginearálta a chur síos, lena gceanglaítear, ar an gcéad dul síos, go n-ullmhódh tríú páirtí creidiúnaithe nach mbaineann leis an ngnólacht iniúchóireachta céanna ná leis an líonra céanna leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil tuarascáil ar ghnéithe áirithe den tuairisciú inbhuanaitheachta agus, ar an dara dul síos, go gcuirfí tuarascáil den sórt sin ar fáil don chruinniú ginearálta. |
(76) |
Le Treoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú go bhfuil coiste iniúchóireachta ag gach eintiteas leasa phoiblí, agus go sonraíonn sé a chuid cúraimí maidir leis an iniúchadh reachtúil. Ba cheart cúraimí áirithe a shannadh don choiste iniúchóireachta maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ba cheart a chuimsiú leis na cúraimí sin an oibleagáid chun comhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis leasa phoiblí a chur ar an eolas faoi thoradh an dearbhaithe iontaofachta ar an tuairisciú inbhuanaitheachta agus a mhíniú conas a chuidigh an coiste iniúchóireachta le sláine an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus cén ról a bhí ag an gcoiste iniúchóireachta sa phróiseas sin. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheadú gurbh é an comhlacht riaracháin nó maoirseachta ina iomláine nó comhlacht tiomnaithe arna bhunú ag an gcomhlacht sin a dhéanfadh na feidhmeanna a shanntar don choiste iniúchóireachta a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta agus a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(77) |
Tá ceanglais i dTreoir 2006/43/CE maidir le heintitis iniúchóireachta agus iniúchóirí tríú tír a chlárú agus formhaoirseacht a dhéanamh orthu. Chun a áirithiú gurb ann do chreat comhsheasmhach le haghaidh obair na n-iniúchóirí san iniúchadh reachtúil agus i ndearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta araon, is gá síneadh a chur leis na ceanglais sin chuig dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. |
(78) |
Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37) maidir le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí. Chun neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil a áirithiú agus iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige nó aici, bunaítear leis an Rialachán sin teorainn maidir leis na táillí do sheirbhísí eile is féidir leis an iniúchóir reachtúil a fháil. Is den tábhacht a shoiléiriú nár cheart dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a áireamh agus an teorainn sin á ríomh. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, cuirtear cosc ar sholáthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta áirithe thar thréimhsí áirithe tráth a dhéanann iniúchóir reachtúil an t-iniúchadh reachtúil. Maidir le seirbhísí a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta a ullmhú, lena n-áirítear aon seirbhísí comhairliúcháin, ba cheart iad a mheas freisin mar sheirbhísí toirmiscthe thar an tréimhse a fhorordaítear i Rialachán (AE) Uimh. 537/2014. Ba cheart feidhm a bheith ag toirmeasc soláthair seirbhísí den sórt sin i ngach cás inarb é an t-iniúchóir reachtúil a dhéanann an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais. Chun neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil a áirithiú, ba cheart toirmeasc a chur freisin ar sheirbhísí áirithe neamh-iniúchóireachta nuair atá dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta á dhéanamh ag an iniúchóir reachtúil. Ceanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ar iniúchóirí reachtúla neamhrialtachtaí a thuairisciú don eintiteas a ndéantar iniúchadh air agus, in imthosca áirithe, d”údaráis arna n-ainmniú ag na Ballstáit atá freagrach as na neamhrialtachtaí sin a imscrúdú. Ba cheart na hoibleagáidí sin a shíneadh freisin, de réir mar is iomchuí, le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta maidir lena gcuid oibre ar dhearbhú tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí. |
(79) |
Le Treoir 2004/109/CE, sanntar cúram ar mhaoirseoirí náisiúnta forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas tuairiscithe chorparáidigh ag gnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. Le hAirteagal 4 den Treoir sin, sonraítear an t-ábhar atá le háireamh sna tuarascálacha airgeadais bliantúla, ach níl tagairt shainráite ann d”Airteagal 19a ná 29a de Threoir 2013/34/AE, lena gceanglaítear ráiteas neamhairgeadais agus ráiteas neamhairgeadais comhdhlúite a ullmhú. Mar thoradh air sin, níl aon sainordú dlíthiúil ag údaráis náisiúnta inniúla Ballstát áirithe chun na ráitis neamhairgeadais sin a mhaoirsiú, go háirithe i gcás ina bhfoilsítear na ráitis neamhairgeadais sin i dtuarascáil ar leithligh, lasmuigh den tuarascáil airgeadais bhliantúil, rud a fhéadfaidh na Ballstáit a cheadú faoi láthair. Is gá, dá bhrí sin, tagairt don tuairisciú inbhuanaitheachta a chur isteach in Airteagal 4(5) de Threoir 2004/109/CE. Is gá, freisin, a cheangal ar na daoine atá freagrach laistigh den eisitheoir a dheimhniú sa tuarascáil airgeadais bhliantúil go ndéantar, chomh fada agus is eol dóibh, an tuarascáil bhainistíochta a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Ina theannta sin, i bhfianaise chineál úrnua na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta, ba cheart do ÚEUM treoirlínte a eisiúint d”údaráis inniúla náisiúnta chun maoirseacht chóineasaithe ar thuairisciú inbhuanaitheachta arna déanamh ag eisitheoirí faoi réir Threoir 2004/109/CE a chur chun cinn. Níor cheart feidhm a bheith ag na treoirlínte sin ach amháin maidir le maoirseacht ar ghnóthais a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte san Aontas. |
(80) |
Chun na ceanglais a leagtar amach sa Treoir leasaitheach seo a shonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhunú agus caighdeáin a bhunú maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (38). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(81) |
Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach leasaithí seo, lena n-áirítear, inter alia: measúnú ar bhaint amach spriocanna na Treorach seo, lena n-áirítear cóineasú na gcleachtas tuairiscithe idir na Ballstáit; measúnú ar líon na ngnóthas beag agus meánmhéide a úsáideann caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta go deonach; measúnú ar cibé ar cheart raon feidhme na gceanglas tuairiscithe a leathnú tuilleadh agus conas é sin a dhéanamh, go háirithe i ndáil le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus go gnóthais tríú tír a oibríonn go díreach ar mhargadh inmheánach an Aontais gan foghnóthas nó brainse i gcríoch an Aontais; measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe ar fhoghnóthais agus ar bhrainsí gnóthas tríú tír a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo, lena n-áirítear measúnú ar líon na ngnóthas tríú tír a bhfuil fochuideachta, gnóthas nó brainse acu atá faoi réir ceanglais tuairiscithe i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE; measúnú ar an sásra forfheidhmiúcháin agus ar na tairseacha ábhartha a leagtar amach i dTreoir 2013/34/AE; measúnú ar cibé ar cheart inrochtaineacht ar thuairisciú inbhuanaitheachta arna fhoilsiú ag gnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach leasaithí seo a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas agus conas an rochtain sin a áirithiú. Ba cheart an tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach leasaithí seo a fhoilsiú faoin 30 Aibreán 2029 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, agus ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil léi, más iomchuí. Faoin 31 Nollaig 2028, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar leibhéal comhchruinnithe an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta. Ba cheart na córais náisiúnta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha a chur san áireamh san athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh an rannchuidíonn na córais náisiúnta sin le hoscailt an mhargaidh dearbhaithe agus a mhéid a rannchuidíonn siad leis an margadh sin a oscailt. Faoin 31 Nollaig 2028, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar bhearta dlíthiúla féideartha chun éagsúlú leordhóthanach an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta agus cáilíocht tuairiscithe inbhuanaitheachta iomchuí a áirithiú. Ba cheart an tuarascáil ar leibhéal comhchruinnithe an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2028 agus ba cheart tograí reachtacha a bheith ag gabháil léi, más iomchuí. |
(82) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach leasaithí seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir leasaitheach seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(83) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE a leasú dá réir sin. |
(84) |
Chuathas i gcomhairle le BCE agus thug sé tuairim uaidh an 7 Meán Fómhair 2021, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2013/34/AE
Leasaítear Treoir 2013/34/AE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear na míreanna seo a leanas leis: “3. Beidh feidhm freisin ag na bearta comhordúcháin a fhorordaítear le hAirteagail 19a, 29a, 29d, 30 agus 33, pointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1), Airteagal 34(2) agus (3) agus Airteagal 51 den Treoir seo maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann leis na gnóthais seo a leanas, gan beann ar a bhfoirm dhlíthiúil, ar choinníoll gur gnóthais mhóra iad na gnóthais sin, nó gur gnóthais bheaga agus mheánmhéide iad, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir seo:
4. Ní bheidh feidhm ag na bearta comhordúcháin a fhorordaítear le hAirteagail 19a, 29a agus 29a maidir le táirgí airgeadais a liostaítear i bpointí (b) agus (f) de phointe (12) d”Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). 5. Beidh feidhm freisin ag na bearta comhordaithe a fhorordaítear le hAirteagail 40a go 40d maidir le forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le foghnóthais agus brainsí gnóthas nach rialaítear le dlí Ballstáit ach a bhfuil a bhfoirm dhlíthiúil inchomparáide leis na cineálacha gnóthas a liostaítear in Iarscríbhinn I. (*1) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)." (*3) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)." (*4) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).”;" |
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
in Airteagal 19(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Déanfaidh gnóthais mhóra, agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 faisnéis a thuairisciú maidir leis na príomhacmhainní doláimhsithe agus míneoidh siad an chaoi a mbraitheann samhail ghnó an ghnóthais go bunúsach ar acmhainní den sórt sin agus conas is foinse cruthaithe luacha don ghnóthas iad acmhainní den sórt sin.”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19a: “Airteagal 19a Tuairisciú inbhuanaitheachta 1. Gnóthais mhóra, agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2, áireoidh siad sa tuarascáil bhainistíochta an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar thionchair an ghnóthais ar ábhair inbhuanaitheachta, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d”fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inaitheanta go soiléir laistigh den tuarascáil bhainistíochta, trí roinn ar leith den tuarascáil bhainistíochta. 2. Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
Tuairisceoidh gnóthais an próiseas a dhéantar chun an fhaisnéis atá curtha san áireamh acu sa tuarascáil bhainistíochta a shainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áireofar san fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo faisnéis a bhaineann le tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, de réir mar is infheidhme. 3. I gcás inarb infheidhme, beidh san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faisnéis faoi oibríochtaí an ghnóthais féin agus faoina shlabhra luacha, lena n-áirítear a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhra soláthair. Maidir leis na chéad 3 bliana de chur i bhfeidhm na mbeart atá le glacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir (AE)2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*9), agus i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena shlabhra luacha ar fáil, míneoidh an gnóthas na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina shlabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis is gá a fháil, agus a phleananna chun an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo. I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 tagairtí don fhaisnéis eile a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 19 agus do na méideanna a thuairiscítear sna ráitis airgeadais bhliantúla agus mínithe breise ar an bhfaisnéis sin agus ar na méideanna sin. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le forbairtí nó ábhair atá le tarlú le linn idirbheartaíochta a fhágáil ar lár i gcásanna eisceachtúla inarb amhlaidh, sa tuairim lena bhfuil údar cuí ó chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta agus ar a bhfuil freagracht chomhchoiteann as an tuairim sin, a dhéanfaí dochar mór do sheasamh tráchtála an ghnóthais dá nochtfaí an fhaisnéis sin, ar choinníoll nach gcoisctear, mar gheall ar an méid sin a fhágáil ar lár, tuiscint chothrom ná chóir a fháil ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais ná ar thionchar a ghníomhaíochta. 4. Tuairisceoidh gnóthais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b. 5. Cuirfidh lucht bainistíochta an ghnóthais ionadaithe na n-oibrithe ar an leibhéal iomchuí ar an eolas agus pléifidh siad leo an fhaisnéis ábhartha agus na modhanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a fháil agus a fhíorú. Cuirfear tuairim ionadaithe na n-oibrithe in iúl, i gcás inarb infheidhme, do na comhlachtaí ábhartha riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta. 6. De mhaolú ar mhíreanna 2 go 4 den Airteagal seo, agus gan dochar do mhíreanna 9 agus 10 den Airteagal seo, maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, institiúidí beaga neamhchasta a shainmhínítear i bpointe (145) d”Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gnóthais árachais faoi chuing a shainmhínítear i bpointe (2) d”Airteagal 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*10) agus gnóthais athárachais faoi chuing a shainmhínítear i bpointe (5) d”Airteagal 13 den Treoir sin, féadfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a theorannú don fhaisnéis seo a leanas:
Maidir le gnóthais bheaga agus mheánmhéide, institiúidí beaga neamhchasta agus gnóthais árachais faoi chuing agus athárachais faoi chuing a bhraitheann ar an maolú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tuairisceoidh siad i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 29c. 7. Le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús roimh an 1 Eanáir 2028, de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 a chinneadh gan an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a áireamh ina dtuarascáil bhainistíochta. I gcásanna den sórt sin, luafaidh an gnóthas go hachomair, mar sin féin, ina thuarascáil bhainistíochta an fáth nár soláthraíodh an tuairisciú inbhuanaitheachta. 8. Gnóthais a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo agus gnóthais a bhraitheann ar an maolú a leagtar síos i mír 6 den Airteagal seo, measfar gur chomhlíon siad an ceanglas a leagtar amach sa tríú fomhír d”Airteagal 19(1). 9. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo, déanfar gnóthas ar foghnóthas é a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo (“an foghnóthas díolmhaithe”) má áirítear foghnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite máthairghnóthais, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 29 agus 29a. Gnóthas ar foghnóthas é de mháthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír, déanfar é a dhíolmhú freisin ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo i gcás ina n-áirítear gnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais sin atá bunaithe i dtríú tír agus i gcás ina ndéantar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite sin i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*11). Beidh an díolúine sa chéad fhomhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
An Ballstát a rialaítear an foghnóthas díolmhaithe lena dhlí náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go bhfoilseofar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, an tuarascáil chomhdhlúite inbhuanaitheachta, i dteanga a nglacann an Ballstát sin léi, agus go soláthrófar aon aistriúchán is gá go dtí teanga den sórt sin. In aon aistriúchán nach bhfuil deimhnithe, cuirfear ráiteas in iúl maidir leis sin. Gnóthais atá díolmhaithe ó thuarascáil bhainistíochta a ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 37, ní bheidh sé d”oibleagáid orthu an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (iii) den dara fomhír den mhír seo a sholáthar, ar choinníoll go bhfoilseoidh gnóthais den sórt sin an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 37. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déileálfar leo mar fhoghnóthais de chuid an chomhlachta lárnaigh sin. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, maidir le gnóthais árachais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo ar cuid de ghrúpa iad, ar bhonn gaolmhaireachtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) d”Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE, agus atá faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le pointí (a), (b) agus (c) d”Airteagal 213(2) den Treoir sin, déileálfar leo mar fhoghnóthais de mháthairghnóthas an ghrúpa sin. 10. Beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos i mír 9 freisin maidir le heintitis leasa phoiblí atá faoi réir cheanglais an Airteagail seo, cé is moite de ghnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir seo. (*8) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1)." (*9) Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15)." (*10) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)." (*11) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38)." (*12) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).”;" |
(5) |
leasaítear Airteagal 20(1) mar a leanas:
|
(6) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a: “Airteagal 29a Tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite 1. Máthairghnóthais grúpa mhóir dá dtagraítear in Airteagal 3(7), áiritheoidh siad sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar thionchair an ghrúpa ar ábhair inbhuanaitheachta a thuiscint, agus an fhaisnéis is gá chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann ábhair inbhuanaitheachta difear d”fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghnóthais. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír inaitheanta go soiléir laistigh den tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite, trí roinn ar leith den tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite. 2. Beidh an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:
Tuairisceoidh máthairghnóthais an próiseas a dhéantar chun an fhaisnéis atá curtha san áireamh acu sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite a shainaithint i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Áireofar san fhaisnéis a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo faisnéis a bhaineann le tréimhsí ama gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, de réir mar is infheidhme. 3. I gcás inarb infheidhme, beidh san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faisnéis faoi oibríochtaí an ghrúpa féin agus faoina shlabhra luacha, lena n-áirítear a tháirgí agus a sheirbhísí, a ghaolmhaireachtaí gnó agus a shlabhra soláthair. Maidir leis na chéad 3 bliana de chur i bhfeidhm na mbeart atá le glacadh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir (AE) 2022/2464, agus i gcás nach bhfuil an fhaisnéis uile is gá maidir lena shlabhra luacha ar fáil, míneoidh an máthairghnóthas na hiarrachtaí a rinneadh chun an fhaisnéis is gá a fháil faoina shlabhra luacha, na cúiseanna nach bhféadfaí an fhaisnéis uile is gá a fháil, agus a phleananna chun an fhaisnéis is gá a fháil amach anseo. I gcás inarb infheidhme, áireofar freisin san fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 tagairtí don fhaisnéis eile a áirítear sa tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 29 den Treoir seo agus do na méideanna a thuairiscítear sna ráitis airgeadais chomhdhlúite agus mínithe breise ar an bhfaisnéis sin agus ar na méideanna sin. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go ndéanfar faisnéis a bhaineann le forbairtí nó ábhair atá le tarlú le linn idirbheartaíochta a fhágáil ar lár i gcásanna eisceachtúla inarb amhlaidh, sa tuairim lena bhfuil údar cuí ó chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta agus ar a bhfuil freagracht chomhchoiteann as an tuairim sin, a dhéanfadh dochar mór do sheasamh tráchtála an ghrúpa dá nochtfaí an fhaisnéis sin, ar choinníoll nach gcoisctear, mar gheall ar an méid sin a fhágáil ar lár, tuiscint chothrom ná chóir a fháil ar fhorbairt, feidhmíocht agus seasamh an ghrúpa ná ar thionchar a ghníomhaíochta. 4. I gcás ina n-aithníonn an gnóthas tuairiscithe difríochtaí suntasacha idir na rioscaí don ghrúpa agus na tionchair atá ag an ngrúpa agus na rioscaí do cheann amháin nó níos mó dá fhoghnóthais agus na tionchair atá ag ceann amháin nó níos mó dá fhoghnóthais, tabharfaidh an gnóthas tuiscint leormhaith, de réir mar is iomchuí, ar na rioscaí don fhoghnóthas lena mbaineann nó do na foghnóthais lena mbaineann agus ar na tionchair atá aige nó acu. Léireoidh gnóthais cé na foghnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú atá díolmhaithe ó thuairisciú inbhuanaitheachta bliantúil nó ó thuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite de bhun Airteagal 19a(9) nó Airteagal 29a(8) faoi seach. 5. Tuairisceoidh máthairghnóthais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a ghlactar de bhun Airteagal 29b. 6. Cuirfidh lucht bainistíochta an mháthairghnóthais ionadaithe na n-oibrithe ar an leibhéal iomchuí ar an eolas agus pléifidh siad leo an fhaisnéis ábhartha agus na modhanna chun faisnéis inbhuanaitheachta a fháil agus a fhíorú. Cuirfear tuairim ionadaithe na n-oibrithe in iúl, i gcás inarb infheidhme, do na comhlachtaí ábhartha riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta. 7. Máthairghnóthas a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, measfar gur chomhlíon sé na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír d”Airteagal 19(1) agus Airteagal 19a. 8. Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír den mhír seo, déanfar máthairghnóthas ar foghnóthas é a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo (“an máthairghnóthas díolmhaithe”) má áirítear máthairghnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite máthairghnóthais, arna tarraingt suas i gcomhréir le hAirteagail 29 agus leis an Airteagal seo. Máthairghnóthas ar foghnóthas é de mháthairghnóthas atá bunaithe i dtríú tír, déanfar é a dhíolmhú freisin ó na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i gcás ina n-áirítear máthairghnóthas den sórt sin agus a fhoghnóthais i dtuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite an mháthairghnóthais sin atá bunaithe i dtríú tír agus i gcás ina ndéantar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite sin i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE. Beidh an díolúine sa chéad fhomhír faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
An Ballstát a rialaítear an máthairghnóthas díolmhaithe lena dhlí náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go bhfoilseofar an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite nó, i gcás inarb infheidhme, an tuarascáil chomhdhlúite inbhuanaitheachta, i dteanga a nglacann an Ballstát sin léi, agus go soláthrófar aon aistriúchán is gá go dtí teanga den sórt sin. In aon aistriúchán nach bhfuil deimhnithe, cuirfear ráiteas in iúl maidir leis sin. Máthairghnóthais atá díolmhaithe ó thuarascáil bhainistíochta a ullmhú de bhun Airteagal 37, ní bheidh sé d”oibleagáid orthu an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a)(i) go (a)(iii) den dara fomhír den mhír seo a sholáthar, ar choinníoll go bhfoilseoidh gnóthais den sórt sin an tuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 37. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, agus i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach a dhéanann maoirseacht orthu faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déileálfar leo mar fhoghnóthais de chuid an chomhlachta lárnaigh sin. Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, maidir le gnóthais árachais dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír d”Airteagal 1(3) den Treoir seo ar cuid de ghrúpa iad, ar bhonn gaolmhaireachtaí airgeadais dá dtagraítear i bpointe (c)(ii) d”Airteagal 212(1) de Threoir 2009/138/CE, agus atá faoi réir maoirseacht grúpa i gcomhréir le pointí (a) go (c) d”Airteagal 213(2) den Treoir sin, déileálfar leo mar fhoghnóthais de mháthairghnóthas an ghrúpa sin. 9. Beidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos i mír 8 freisin maidir le heintitis leasa phoiblí atá faoi réir cheanglais an Airteagail seo, cé is moite de ghnóthais mhóra ar eintitis leasa phoiblí iad a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2 den Treoir seo.”; |
(8) |
cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach: “CAIBIDIL 6A CAIGHDEÁIN TUAIRISCITHE INBHUANAITHEACHTA Airteagal 29b Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta 1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Treoir seo chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, sonrófar an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le hAirteagail 19a agus 29a agus, i gcás inarb ábhartha, sonrófar iontu an struchtúr atá le húsáid chun an fhaisnéis sin a chur i láthair. Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, sonróidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2023, an fhaisnéis atá le tuairisciú ag gnóthais i gcomhréir le hAirteagal 19a(1) agus (2), agus Airteagal 29a(1) agus (2) i gcás inarb iomchuí, ina n-áireofar ar a laghad an fhaisnéis a theastaíonn ó rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais atá faoi réir na n-oibleagáidí maidir le nochtadh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/2088 chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sonróidh an Coimisiún an méid seo a leanas faoin 30 Meitheamh 2024:
Ní thiocfaidh na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm níos luaithe ná 4 mhí tar éis don Choimisiún iad a ghlacadh. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (ii) den tríú fomhír a shonrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar scála na rioscaí agus na dtionchar a bhaineann le hábhair inbhuanaitheachta do gach earnáil, agus é á chur san áireamh go bhfuil rioscaí agus tionchair níos airde ann i gcás earnálacha áirithe ná i gcás earnálacha eile. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, ar a laghad gach 3 bliana tar éis a gcur i bhfeidhm, ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, agus comhairle theicniúil an Ghrúpa Chomhairligh Eorpaigh um Thuairisciú Airgeadais (EFRAG) á cur san áireamh, agus, i gcás inar gá, leasóidh sé gníomhartha tarmligthe de sórt sin chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairtí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta. Uair amháin sa bhliain ar a laghad, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus rachaidh sí i gcomhairle go comhpháirteach le Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2020/852, agus an Coiste Rialála Cuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, maidir le clár oibre EFRAG a mhéid a bhaineann le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta a fhorbairt. 2. Leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, áiritheofar cáilíocht na faisnéise tuairiscithe, trína cheangal go bhfuil sí intuigthe, ábhartha, infhíoraithe, inchomparáide agus go ndéantar í a chur in láthair ar bhealach dílis. Seachnófar leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ualach riaracháin díréireach a fhorchur ar ghnóthais, lena n-áirítear trí obair na dtionscnamh domhanda maidir le socrú caighdeán le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta a chur san áireamh, a mhéid is féidir, mar a cheanglaítear le pointe (a) de mhír 5. Déanfar an méid seo a leanas leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus ábhar caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta ar leith á chur san áireamh:
3. Sonrófar sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an fhaisnéis réamhbhreathnaitheach, chúlghabhálach, cháilíochtúil agus chainníochtúil, de réir mar is iomchuí, atá le tuairisciú ag gnóthais. 4. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta na deacrachtaí a d”fhéadfadh a bheith ag gnóthais agus faisnéis á bailiú ó ghníomhaithe ar feadh a slabhra luacha, go háirithe uathu siúd nach bhfuil faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagal 19a nó 29a agus ó sholáthróirí i margaí agus geilleagair i mbéal forbartha. Sonrófar sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta nochtaí maidir le slabhraí luacha atá comhréireach agus ábhartha do chumais agus saintréithe na ngnóthas i slabhraí luacha, agus do scála agus castacht a ngníomhaíochtaí, go háirithe na cinn sin de na gnóthais sin nach bhfuil faoi réir na gceanglas tuairiscithe inbhuanaitheachta in Airteagal 19a nó 29a. Le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta, ní shonrófar nochtaí lena gceanglófaí ar ghnóthais faisnéis a fháil ó ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ina slabhra luacha a sháraíonn an fhaisnéis atá le nochtadh de bhun na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide dá dtagraítear in Airteagal 29c. Ní dochar an chéad fhomhír do cheanglais an Aontais maidir le gnóthais próiseas díchill chuí a sheoladh. 5. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh a mhéid is féidir:
Airteagal 29c Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide 1. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Treoir seo chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta atá comhréireach agus ábhartha maidir le hacmhainneachtaí agus saintréithe gnóthas beag agus meánmhéide agus maidir le scála agus castacht a ngníomhaíochtaí. Sonrófar sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, i gcás na ngnóthas beag agus meánmhéide dá dtagraítear i bpointe (1)(a) d”Airteagal 2, an fhaisnéis atá le tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 19a(6). Ní thiocfaidh na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír i bhfeidhm níos luaithe ná 4 mhí tar éis don Choimisiún iad a ghlacadh. 2. Cuirfear san áireamh sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais bheaga agus mheánmhéide na critéir a leagtar amach in Airteagal 29b(2) go (5). Sonrófar iontu freisin, a mhéid is féidir, an struchtúr atá le húsáid chun an fhaisnéis sin a chur i láthair. 3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, gach 3 bliana ar a laghad tar éis a gcur i bhfeidhm, ar na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, agus comhairle theicniúil EFRAG á cur san áireamh agus, i gcás inar gá, leasóidh sé gníomhartha tarmligthe den sórt sin chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear forbairtí maidir le caighdeáin idirnáisiúnta. (*13) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1)." (*14) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1817 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íosmhéid inneachair a bheidh sa mhíniú ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa mhodheolaíocht tagarmhairc (IO L 406, 3.12.2020, lch. 12)." (*15) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17)." (*16) Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1)." (*17) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32)." (*18) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001 agus Cinntí 2001/681/CE agus 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1)." (*19) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).”;" |
(9) |
cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach: “CAIBIDIL 6B FORMÁID TUAIRISCITHE LEICTREONACH AONAIR Airteagal 29d Formáid tuairiscithe leictreonach aonair 1. Ullmhóidh gnóthais atá faoi réir cheanglais Airteagal 19a den Treoir seo a dtuarascáil bhainistíochta san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún (*20) agus déanfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear sa Rialachán Tarmligthe sin. 2. Ullmhóidh máthairghnóthais atá faoi réir cheanglais Airteagal 19a a dtuarascáil bhainistíochta chomhdhlúite san fhormáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 agus déanfaidh siad a dtuairisciú inbhuanaitheachta a mharcáil, lena n-áirítear na nochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, i gcomhréir leis an bhformáid tuairiscithe leictreonach a shonraítear sa Rialachán Tarmligthe sin. (*20) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).”;" |
(10) |
in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais laistigh de thréimhse réasúnta, nach faide ná 12 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe, na ráitis airgeadais bhliantúla arna bhformheas go cuí agus an tuarascáil bhainistíochta, san fhormaid tuairiscithe leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 29d den Treoir seo i gcás inarb infheidhme, in éineacht leis an tuairim agus an ráiteas arna dtíolacadh ag an iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 34 den Treoir seo, mar a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le Caibidil III de Theideal 1 de Threoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*21). Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais atá faoi réir Airteagail 19a agus 29a an tuarascáil bhainistíochta a chur ar fáil don phobal ar a suíomh gréasáin, saor in aisce. I gcás nach bhfuil suíomh gréasáin ag gnóthas, féadfaidh na Ballstáit a cheangal air cóip i scríbhinn dá thuarascáil bhainistíochta a chur ar fáil arna iarraidh sin. I gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) in iúl, foilseofar an tuairim sin in éineacht leis na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, gnóthais a dhíolmhú ón oibleagáid an tuarascáil bhainistíochta a fhoilsiú i gcás inar féidir cóip iomlán de thuarascáil den sórt sin nó cuid de thuarascáil den sórt sin a fháil go héasca, arna iarraidh sin, ar phraghas nach mó ná a costas riaracháin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine a leagtar síos sa cheathrú fomhír den mhír seo maidir le gnóthais atá faoi réir ceanglais maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a leagtar síos in Airteagail 19a agus 29a. (*21) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).”;" |
(11) |
in Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh freagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí na gcomhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta de chuid gnóthais, ag gníomhú dóibh laistigh de na hinniúlachtaí a shanntar dóibh leis an dlí náisiúnta, as a áirithiú go ndéanfar na doiciméid seo a leanas a tharraingt suas agus a fhoilsiú i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo agus, i gcás inarb infheidhme, leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815, leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 29b nó 29c den Treoir seo, agus le ceanglais Airteagal 29d den Treoir seo:
|
(12) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 8: “Iniúchóireacht agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta”; |
(13) |
leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
|
(14) |
cuirtear an chaibidil seo a leanas isteach: “CAIBIDIL 9A TUAIRISCIÚ A BHAINEANN LE GNÓTHAIS TRÍÚ TÍR Airteagal 40a Tuarascálacha inbhuanaitheachta a bhaineann le gnóthais tríú tír 1. Ceanglóidh Ballstát ar fhoghnóthas atá bunaithe ina chríoch agus a bhfuil a mháthairghnóthas deiridh á rialú ag dlí tríú tír tuarascáil inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chur ar fáil lena gcumhdaítear an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (a)(iii) go (a)(vi), pointí (b) go (f) agus, i gcás inarb iomchuí, pointe (h) d”Airteagal 29a(2) ar leibhéal grúpa an mháthairghnóthais tríú tír deiridh sin. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin maidir le foghnóthais mhóra agus maidir le foghnóthais bheaga agus mheánmhéide, cé is moite de mhicreaghnóthais, ar eintitis leasa phoiblí iad mar a shainmhínítear i bpointe (a) de phointe (1) d”Airteagal 2. Ceanglóidh Ballstát ar bhrainse atá lonnaithe ina chríoch, agus ar brainse é de ghnóthas a rialaítear le dlí tríú tír, nach cuid de ghrúpa é nó atá i seilbh gnóthais a bunaíodh i gcomhréir le dlí tríú tír sa deireadh, tuarascáil inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chur ar fáil lena gcumhdaítear an fhaisnéis a shonraítear i bpointí (a)(iii) go (a)(v), pointí (b) go (f) agus, i gcás inarb iomchuí, pointe (h) d”Airteagal 29a(2), ar leibhéal grúpa an ghnóthais tríú tír, nó, murab infheidhme, ar leibhéal aonair an ghnóthais tríú tír. Ní bheidh feidhm ag an riail dá dtagraítear sa tríú fomhír ach amháin maidir le brainse i gcás nach bhfuil foghnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag an ngnóthas tríú tír, agus i gcás inar ghin an brainse glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 40 milliún sa bhliain airgeadais roimhe sin. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ná ag an tríú fomhír maidir leis na foghnóthais nó na brainsí dá dtagraítear sna fomhíreanna sin ach amháin i gcás inar ghin an gnóthas tríú tír, ar a leibhéal grúpa, nó, murab infheidhme, ar an leibhéal aonair, glanláimhdeachas de níos mó ná EUR 150 milliún san Aontas do gach ceann den 2 bhliain airgeadais dheireanacha as a chéile. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar fhoghnóthais nó brainsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa tríú fomhír faisnéis a chur chucu faoin nglanláimhdeachas a ghin na gnóthais tríú tír ina gcríoch agus san Aontas. 2. Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfar an tuarascáil inbhuanaitheachta a chuireann an foghnóthas nó an brainse dá dtagraítear i mír 1 in iúl a tharraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin arna nglacadh de bhun Airteagal 40b. De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, féadfar an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a tharraingt suas i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta arna nglacadh de bhun Airteagal 29b nó ar bhealach atá coibhéiseach leis na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta sin, arna chinneadh i gcomhréir le gníomh cur chun feidhme maidir le coibhéis na gcaighdeán tuairiscithe inbhuanaitheachta arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír d”Airteagal 23(4) de Threoir 2004/109/CE. I gcás nach bhfuil an fhaisnéis is gá chun an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a tharraingt suas ar fáil, iarrfaidh an foghnóthas nó an brainse dá dtagraítear i mír 1 ar na gnóthais tríú tír an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dóibh chun a chur ar a gcumas a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. I gcás nach soláthraítear an fhaisnéis uile is gá, déanfaidh an foghnóthas nó an brainse dá dtagraítear i mír 1 an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis uile atá ina sheilbh, idir fhaisnéis a fuarthas agus fhaisnéis ar thángthas uirthi, agus eiseoidh sé ráiteas ina léirítear nár chuir an gnóthas tríú tír an fhaisnéis is gá ar fáil. 3. Ceanglóidh na Ballstáit go bhfoilseofar an tuarascáil inbhuanaitheachta dá dtagraítear i mír 1 agus go mbeidh tuairim dearbhaithe ag gabháil léi, ar tuairim í arna cur in iúl ag duine nó gnólacht amháin nó níos mó atá údaraithe chun tuairim a thabhairt maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta faoi dhlí náisiúnta an ghnóthais tríú tír nó an Bhallstáit. I gcás nach gcuireann an gnóthas tríú tír an tuairim dearbhaithe ar fáil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, eiseoidh an foghnóthas nó an brainse ráiteas ina léirítear nár chuir an gnóthas tríú tír an tuairim dearbhaithe is gá ar fáil. 4. Féadfaidh na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi fhoghnóthais nó brainsí na ngnóthas tríú tír a chomhlíon an ceanglas maidir le foilsiú a leagtar síos in Airteagal 40d agus faoi na cásanna inar foilsíodh tuarascáil ach inar ghníomhaigh an foghnóthas nó an brainse i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo. Cuirfidh an Coimisiún liosta ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin de na gnóthais tríú tír a fhoilsíonn tuarascáil inbhuanaitheachta. Airteagal 40b Caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais tríú tír Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe faoin 30 Meitheamh 2024 i gcomhréir le hAirteagal 49 lena bhforlíontar an Treoir seo chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta le haghaidh gnóthais tríú tír lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur san áireamh sna tuarascálacha inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 40a. Airteagal 40c Freagracht as tuarascálacha inbhuanaitheachta a bhaineann le gnóthais tríú tír a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a chur ar fáil Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh brainsí na ngnóthas tríú tír freagrach as a áirithiú, chomh fada agus is eol dóibh agus chomh maith agus is féidir leo, go ndéanfar a dtuarascáil inbhuanaitheachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 40a, agus go ndéanfar an tuarascáil sin a fhoilsiú agus a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 40d. Déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh freagracht chomhchoiteann ar chomhaltaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta na bhfoghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 40a as a áirithiú, chomh fada agus is eol dóibh agus chomh maith agus is féidir leo, go ndéanfar a dtuarascáil inbhuanaitheachta a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 40a, agus go ndéanfar an tuarascáil sin a fhoilsiú agus a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 40d. Airteagal 40d Foilsiú 1. Foilseoidh na foghnóthais agus na brainsí dá dtagraítear in Airteagal 40a(1) den Treoir seo a dtuarascáil inbhuanaitheachta, in éineacht leis an tuairim dearbhaithe agus, i gcás inarb infheidhme, an ráiteas a luaitear sa cheathrú fomhír d”Airteagal 40a(2) den Treoir seo, laistigh de 12 mhí ó dháta an chláir chomhardaithe den bhliain airgeadais dá dtarraingítear suas an tuarascáil, dá bhforáiltear ag gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagail 14 go 28 de Threoir (AE) 2017/1132 agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 36 den Treoir sin. 2. I gcás nach ndéantar an tuarascáil inbhuanaitheachta in éineacht leis an tuairim dearbhaithe agus, i gcás inarb infheidhme, leis an ráiteas a fhoilsítear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal, saor in aisce, ar shuíomh gréasáin an chláir dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an tuarascáil inbhuanaitheachta in éineacht leis an tuairim dearbhaithe agus, i gcás inarb infheidhme, leis an ráiteas a fhoilsíonn na gnóthais i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, a chur ar fáil don phobal i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais, saor in aisce, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dháta an chláir chomhardaithe den bhliain airgeadais dá dtarraingítear suas an tuarascáil, ar shuíomh gréasáin an fhoghnóthais nó an bhrainse dá dtagraítear in Airteagal 40a(1) den Treoir seo.”; |
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 11: “CAIBIDIL 11 FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA ”; |
(16) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 48i Forálacha idirthréimhseacha 1. Go dtí an 6 Eanáir 2030, ceadóidh na Ballstáit d”fhoghnóthas de chuid an Aontais atá faoi réir Airteagal 19a nó 29a agus nach rialaítear a mháthairghnóthas le dlí Ballstáit tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite a ullmhú, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 29a, ina n-áirítear foghnóthais uile an Aontais de mháthairghnóthas den sórt sin atá faoi réir Airteagal 19a nó 29a. Go dtí an 6 Eanáir 2030, tabharfaidh na Ballstáit cead go n-áireofar sa tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí a dhéanann foghnóthais uile an Aontais den mháthairghnóthas dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo atá faoi réir Airteagal 19a nó 29a den Treoir seo. 2. Beidh an foghnóthas de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ar cheann d”fhoghnóthais an Aontais den ghrúpa a ghin an láimhdeachas is mó san Aontas i gceann amháin ar a laghad de na 5 bliana airgeadais roimhe sin, ar bhonn comhdhlúite i gcás inarb infheidhme. 3. Foilseofar an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 30. 4. Chun críoch na díolúine a leagtar síos in Airteagal 19a(9) agus Airteagal 29a(8), measfar gurb ionann tuairisciú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus tuairisciú ag máthairghnóthas ar an leibhéal grúpa i ndáil leis na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú. Maidir le tuairisciú i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, measfar go gcomhlíontar leis na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (c) den dara fomhír d”Airteagal 19a(9) agus i bpointe (c) den dara fomhír d”Airteagal 29a(8), faoi seach.”; |
(17) |
leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2004/109/CE
Leasaítear Treoir 2004/109/CE mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 2(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*23) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).”;" |
(2) |
leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:
|
(3) |
leasaítear Airteagal 23(4) mar a leanas:
|
(4) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 28d Treoirlínte ÚEUM Tar éis dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, eiseoidh ÚEUM treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 maidir leis an maoirseacht a dhéanann údaráis náisiúnta inniúla ar thuairisciú inbhuanaitheachta.”. |
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2006/43/CE
Leasaítear Treoir 2006/43/CE mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Ábhar Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha maidir leis an iniúchadh reachtúil a dhéantar ar chuntais bhliantúla agus chomhdhlúite agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: “Airteagal 6 Cáilíochtaí oideachais 1. Gan dochar d”Airteagal 11, ní fhéadfar duine nádúrtha a fhormheas chun iniúchadh reachtúil a dhéanamh ach amháin tar éis leibhéal iontrála ollscoile nó leibhéal coibhéiseach a bhaint amach, ansin cúrsa teagaisc theoiriciúil a chur i gcrích, dul faoi oiliúint phraiticiúil agus pas a fháil i scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil ar leibhéal scrúdaithe deiridh ollscoile nó ar leibhéal scrúdaithe choibhéisigh, atá eagraithe nó aitheanta ag an mBallstát lena mbaineann. 2. Sa bhreis ar an bhformheas chun iniúchtaí reachtúla dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a dhéanamh, féadfar duine nádúrtha a fhormheas chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh nuair a chomhlíontar ceanglais shonracha bhreise Airteagal 7(2), Airteagal 8(3), an dara fomhír d”Airteagal 10(1) agus an ceathrú fomhír d”Airteagal 14(2) den Treoir seo. 3. Rachaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32 i gcomhar le chéile d”fhonn cóineasú na gceanglas a leagtar amach san Airteagal seo a bhaint amach. Le linn dóibh dul i mbun comhar den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla sin san áireamh forbairtí san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta agus, go háirithe, cóineasú a baineadh amach sa ghairm cheana. Rachaidh siad i gcomhar le Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI) agus leis na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 a mhéid a bhaineann cóineasú den sórt sin leis an iniúchadh reachtúil agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí.”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7: “Airteagal 7 Scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil 1. Leis an scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 6, ráthófar an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ar ábhair atá ábhartha maidir le hiniúchadh reachtúil agus an cumas an t-eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Déanfar ar a laghad cuid den scrúdú sin i scríbhinn. 2. Chun go bhformheasfar freisin an t-iniúchóir reachtúil chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, ráthófar, leis an scrúdú ar inniúlacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 6, an leibhéal eolais theoiriciúil is gá ar ábhair is ábhartha maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta agus an cumas an t-eolas sin a chur i bhfeidhm sa chleachtas. Déanfar ar a laghad cuid den scrúdú sin i scríbhinn.”; |
(5) |
in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Chun go bhformheasfar freisin an t-iniúchóir reachtúil chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, cumhdófar freisin sa tástáil ar eolas teoiriciúil dá dtagraítear i mír 1 na hábhair seo a leanas ar a laghad:
|
(6) |
in Airteagal 10(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Chun go bhformheasfar freisin an t-iniúchóir reachtúil nó an t-oiliúnaí chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, bainfidh ar a laghad 8 mí den oiliúint phraiticiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta bhliantúil agus chomhdhlúite nó le seirbhísí eile a bhaineann leis an inbhuanaitheacht.”; |
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: “Airteagal 12 Meascán d”oiliúint phraiticiúil agus teagasc teoiriciúil 1. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go gcuirfear tréimhsí teagaisc theoiriciúil sna hábhair dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2) san áireamh sna tréimhsí gníomhaíochta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 11, ar choinníoll go bhfianaítear teagasc den sórt sin le scrúdú a aithníonn an Ballstát. Ní mhairfidh teagasc den sórt sin níos lú ná bliain amháin, ná ní fhéadfar, mar gheall air, tréimhse na gníomhaíochta gairmiúla a laghdú níos mó ná 4 bliana. 2. Ní bheidh tréimhse na gníomhaíochta gairmiúla ná na hoiliúna praiticiúla níos giorra ná cúrsa an teagaisc theoiriciúil in éineacht leis an oiliúint phraiticiúil a cheanglaítear faoin gcéad fhomhír d”Airteagal 10(1).”; |
(8) |
in Airteagal 14(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Chun go bhformheasfar an t-iniúchóir reachtúil chun dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh freisin, cumhdófar leis an triail inniúlachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír eolas leordhóthanach an iniúchóra reachtúil ar dhlíthe agus rialacháin an Bhallstáit óstaigh a mhéid is ábhartha maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”; |
(9) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 14 Iniúchóirí reachtúla a fhormheastar nó a aithnítear roimh an 1 Eanáir 2024 agus daoine atá ag dul faoi phróiseas formheasa na n-iniúchóirí reachtúla an 1 Eanáir 2024 Maidir le hiniúchóirí reachtúla a fhormheastar nó a aithnítear chun iniúchtaí reachtúla a dhéanamh roimh an 1 Eanáir 2024, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad faoi réir cheanglais Airteagal 7(2), Airteagal 8(3), an dara fomhír d”Airteagal 10(1) agus an cheathrú fomhír d”Airteagal 14(2). Maidir le daoine atá i mbun an phróisis formheasa dá bhforáiltear in Airteagail 6 go 14 an 1 Eanáir 2024, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh siad faoi réir cheanglais Airteagal 7(2), Airteagal 8(3), an dara fomhír d”Airteagal 10(1) agus an cheathrú fomhír d”Airteagal 14(2), ar choinníoll go gcuireann siad an próiseas sin i gcrích faoin 1 Eanáir 2026. Maidir le hiniúchóirí reachtúla a fhormheastar roimh an 1 Eanáir 2026 ar mian leo dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh siad an t-eolas is gá ar thuairisciú inbhuanaitheachta agus ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n-áirítear eolas maidir leis na hábhair a liostaítear in Airteagal 8(3), tríd an oideachas leanúnach dá dtagraítear in Airteagal 13.”; |
(10) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
(11) |
leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
(12) |
leasaítear Airteagal 24b mar a leanas:
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: “Airteagal 25 Táillí iniúchóireachta agus dearbhaithe Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rialacha leordhóthanacha i bhfeidhm lena bhforáiltear an méid seo a leanas maidir le táillí ar iniúchtaí reachtúla agus ar dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta:
|
(14) |
cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: “Airteagal 25b Eitic ghairmiúil, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, rúndacht agus rúndacht ghairmiúil a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta Na ceanglais in Airteagail 21 go 24a a mhéid a bhaineann leis an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. Airteagal 25c Seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe i gcásanna ina ndéanann an t-iniúchóir reachtúil dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí 1. Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil ná gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí, ná aon chomhalta den líonra ar comhalta de an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) agus pointí (e) go (k) den dara fomhír d”Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 a sholáthar, go díreach ná go hindíreach, don eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, dá mháthairghnóthas ná dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas sna tréimhsí a leanas:
2. Féadfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid eintitis leasa phoiblí agus, i gcás ina mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta le líonra, aon chomhalta de líonra den sórt sin, seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc a sholáthar don eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta nó dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe, seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nó i gcás inarb infheidhme, na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear sa dara fomhír d”Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 nó seirbhísí a mheasann na Ballstáit a bheith ina mbagairt ar neamhspleáchas amhail dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán sin, faoi réir fhormheas an choiste iniúchóireachta tar éis dó measúnú ceart a dhéanamh ar bhagairtí ar neamhspleáchas agus ar na coimircí arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22b den Treoir seo. 3. Nuair a sholáthraíonn comhalta de líonra ar comhalta de an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo do ghnóthas atá corpraithe i dtríú tír, ar gnóthas é a rialaíonn an t-eintiteas leasa phoiblí atá faoi réir dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta lena mbaineann measúnú i dtaobh an mbainfí dá neamhspleáchas mar gheall ar chomhalta den líonra a bheith ag soláthar seirbhísí den sórt sin. Má dhéantar difear dá neamhspleáchas, cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm chun na bagairtí a d”éirigh ó sholáthar na seirbhísí neamh-iniúchóireachta toirmiscthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i dtríú tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid an eintitis leasa phoiblí a dhéanamh ach amháin más féidir leis nó léi údar a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 22b, nach ndéanann soláthar seirbhísí den sórt sin difear dá bhreithiúnas gairmiúil nó dá breithiúnas gairmiúil ná don tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta. Airteagal 25d Neamhrialtachtaí Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 maidir le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta ar eintitis leasa phoiblí.”; |
(15) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 26a Caighdeáin dearbhaithe le haghaidh tuairisciú inbhuanaitheachta 1. Ceanglóidh na Ballstáit ar iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a dhéanamh i gcomhréir leis na caighdeáin dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3. 2. Féadfaidh na Ballstáit caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta dearbhaithe a chur i bhfeidhm fad nach mbeidh caighdeán dearbhaithe glactha ag an gCoimisiún lena gcumhdaítear an t-ábhar céanna. Cuirfidh na Ballstáit na caighdeáin, nósanna imeachta nó ceanglais náisiúnta dearbhaithe in iúl don Choimisiún ar a laghad 3 mhí roimh a dteacht i bhfeidhm. 3. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2026, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin dearbhaithe theoranta lena leagtar amach na nósanna imeachta a dhéanfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí agus an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta chun teacht ar chonclúidí maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, lena n-áirítear pleanáil dearbhaithe iontaofachta, breithniú riosca agus freagairt ar rioscaí agus cineál na gconclúidí atá le háireamh sa tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, nó, i gcás inarb ábhartha, sa tuarascáil iniúchóireachta. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair 2028, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 48a chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun foráil a dhéanamh maidir le caighdeáin dearbhaithe réasúnaigh, tar éis measúnú a dhéanamh chun a chinneadh an bhfuil dearbhú réasúnach indéanta d”iniúchóirí agus do ghnóthais. Agus torthaí an mheasúnaithe sin á gcur san áireamh agus, dá bhrí sin, más iomchuí, sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin an dáta óna mbeidh an tuairim dá dtagraítear i bpointe (aa) den dara fomhír d”Airteagal 34(1) le bheith bunaithe ar dhearbhú iontaofachta réasúnach atá bunaithe ar na caighdeáin dearbhaithe réasúnaigh sin. Ní fhéadfaidh an Coimisiún na caighdeáin dearbhaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh ach amháin más fíor an méid seo a leanas maidir leo:
|
(16) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 27a Dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite 1. Áiritheoidh na Ballstáit i gcás dearbhuithe iontaofachta a bhaineann leis an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite de chuid grúpa gnóthas:
Beidh an doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir de chineál gur féidir leis an údaráis inniúil ábhartha athbhreithniú a dhéanamh ar obair an ghrúpiniúchóra. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír den mhír sin, iarrfaidh an grúpiniúchóir toiliú ó aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách lena mbaineann, aon iniúchóir tríú tír lena mbaineann, aon iniúchóir reachtúil lena mbaineann, aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír lena mbaineann nó aon ghnólacht iniúchóireachta lena mbaineann d”aistriú doiciméadachta ábhartha le linn dóibh dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite a dhéanamh, mar choinníoll d”iontaoibh an ghrúpiniúchóra as obair gach soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách lena mbaineann, gach iniúchóra tríú tír lena mbaineann, gach iniúchóra reachtúil lena mbaineann, gach eintitis iniúchóireachta tríú tír lena mbaineann nó gach gnólachta iniúchóireachta lena mbaineann. 2. I gcás nach bhfuil an grúpiniúchóir in ann pointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh an grúpiniúchóir na bearta iomchuí a ghlacadh agus an t-údarás inniúil ábhartha a chur ar an eolas. Áireofar ar bhearta den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, obair dearbhaithe bhreise a dhéanamh, bíodh sin go díreach nó trí na cúraimí sin a sheachfhoinsiú, san fhoghnóthas ábhartha. 3. I gcás ina bhfuil an grúpiniúchóir faoi réir athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta nó imscrúdú a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite de chuid grúpa gnóthas, cuirfidh an grúpiniúchóir ar fáil don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó nó di, an doiciméadacht ábhartha a choimeádann sé nó sí maidir leis an obair dearbhaithe a rinne aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách ábhartha, aon iniúchóir tríú tír ábhartha, aon iniúchóir reachtúil ábhartha, aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír ábhartha nó aon ghnólacht iniúchóireachta ábhartha chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite, lena n-áirítear aon pháipéir oibre atá ábhartha do dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite. Féadfaidh an t-údarás inniúil doiciméadacht bhreise a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an obair dearbhaithe a rinne aon iniúchóir reachtúil nó aon ghnólacht iniúchóireachta chun críoch dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite de bhun Airteagal 36. I gcás ina ndéanann aon iniúchóir nó aon eintiteas iniúchóireachta ó thríú tír dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid máthairghnóthais nó de chuid foghnóthais de ghrúpa gnóthas, féadfaidh an t-údarás inniúil doiciméadacht bhreise a iarraidh, trí shocruithe oibre, ar na húdaráis inniúla ábhartha ó thríú tíortha maidir leis an obair dearbhaithe a rinne aon iniúchóir tríú tír nó aon eintiteas iniúchóireachta tríú tír. De mhaolú ar an tríú fomhír, i gcás ina ndearna aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, aon iniúchóir tríú tír nó aon eintiteas iniúchóireachta nach bhfuil socruithe oibre acu dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta de chuid máthairghnóthais nó de chuid foghnóthais de ghrúpa gnóthas, beidh an grúpiniúchóir, arna iarraidh sin dó nó di, freagrach freisin as a áirithiú go seachadfar go cuí na doiciméid bhreise faoin obair dearbhaithe a rinne aon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách den sórt sin, aon iniúchóir tríú tír den sórt sin nó aon eintiteas iniúchóireachta den sórt sin, lena n-áirítear na páipéir oibre is ábhartha do dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta chomhdhlúite. Chun an seachadadh sin a áirithiú, coinneoidh an grúpiniúchóir cóip den doiciméadacht sin, nó ina mhalairt de chás, tiocfaidh an grúpiniúchóir ar shocrú le haon soláthraí seirbhísí dearbhaithe neamhspleách, aon iniúchóir tríú tír nó aon eintiteas iniúchóireachta go dtabharfar rochtain neamhshrianta ar dhoiciméadacht den sórt sin dó nó di, arna iarraidh sin dó nó di, nó déanfaidh an grúpiniúchóir aon bheart iomchuí eile. I gcás nach féidir páipéir oibre dearbhaithe a aistriú ó thríú tír go dtí an grúpiniúchóir, ar chúiseanna dlíthiúla nó ar chúiseanna eile, áireofar sa doiciméadacht a choinníonn an grúpiniúchóir fianaise gur thug sé nó sí faoi na nósanna imeachta cuí chun rochtain a fháil ar an doiciméadacht dearbhaithe, agus i gcás baic nach baic dhlíthiúla iad arna a eascraíonn as reachtaíocht an tríú tír lena mbaineann, fianaise lena léirítear gurb ann do bhaic den sórt sin.”; |
(17) |
in Airteagal 28(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
|
(18) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 28a Tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta 1. Cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i láthair i dtuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta. Déanfar an tuarascáil sin a ullmhú i gcomhréir le ceanglais na gcaighdeán dearbhaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 26a(3), nó, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin dearbhaithe sin, i gcomhréir leis na caighdeáin náisiúnta dearbhaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(2). 2. Beidh an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta i scríbhinn agus déanfar an méid seo a leanas inti:
3. I gcás ina ndearna níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, tiocfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta ar chomhaontú maidir le torthaí dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus tíolacfaidh siad tuarascáil chomhpháirteach agus tuairim chomhpháirteach. I gcás easaontais, tíolacfaidh gach iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a thuairim nó a tuairim i mír ar leith den tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta agus luafaidh sé nó sí an chúis atá leis an easaontas. 4. Beidh an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sínithe agus dátaithe ag an iniúchóir reachtúil a dhéanann dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta. I gcás ina ndearna gnólacht iniúchóireachta dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, ar an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, beidh ar a laghad síniú an iniúchóra reachtúil nó na n-iniúchóirí reachtúla a rinne dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta. I gcás ina bhfuil níos mó ná iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta amháin fostaithe go comhuaineach, beidh an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta sínithe ag na hiniúchóirí reachtúla uile nó ar a laghad ag na hiniúchóirí reachtúla a rinne dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta thar ceann gach gnólachta iniúchóireachta. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach gá síniú den sórt sin ná sínithe den sórt sin a nochtadh don phobal dá bhféadfadh garbhagairt shuntasach teacht as nochtadh den sórt sin do shlándáil phearsanta aon duine. Ar aon chuma, beidh ainm an duine lena mbaineann nó ainmneacha na ndaoine lena mbaineann ar an eolas ag na húdaráis inniúla ábhartha. 5. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal, i gcás inarb é nó í an t-iniúchóir reachtúil céanna a rinne an t-iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais bhliantúla agus dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, go bhféadfar an tuarascáil dearbhaithe maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta a áireamh mar chuid ar leith den tuarascáil iniúchóireachta. 6. Le tuarascáil an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta reachtúil maidir leis an tuairisciú inbhuanaitheachta comhdhlúite, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 5.”; |
(19) |
leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
|
(20) |
in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: “1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córais éifeachtacha imscrúduithe agus smachtbhannaí ann chun forghníomhú neamhleor an iniúchta reachtúil agus dhearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta a bhrath, a cheartú agus a chosc. 2. Gan dochar do chórais dliteanais shibhialta na mBallstát, déanfaidh siad foráil maidir le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i leith iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta, i gcás nach ndéantar iniúchtaí reachtúla nó dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta i gcomhréir leis na forálacha arna nglacadh le linn chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb infheidhme, le Rialachán (AE) Uimh. 537/2014. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin a leagan síos i leith sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta cheana féin. Sa chás sin, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún.”; |
(21) |
in Airteagal 30a(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(22) |
in Airteagal 30a(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
|
(23) |
leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
|
(24) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 36a Socruithe rialála idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta Na ceanglais in Airteagail 34 agus 36 a mhéid a bhaineann leis an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir le dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta.”; |
(25) |
leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
(26) |
leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
|
(27) |
leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:
|
(28) |
leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
|
(29) |
leasaítear Airteagal 48a mar a leanas:
|
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 537/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: “Chun críocha na dteorainneacha a shonraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, eisiafar dearbhú an tuairiscithe inbhuanaitheachta, agus seirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
Airteagal 5
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagail 1 go 3 den Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 6 Iúil 2024. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
2. Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 1, cé is moite de phointe (14), a chomhlíonadh:
(a) |
le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis:
|
(b) |
le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis:
|
(c) |
le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis:
|
Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun pointe (14) d”Airteagal 1 a chomhlíonadh le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2028 nó dá éis.
Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 2 a chomhlíonadh:
(a) |
le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis:
|
(b) |
le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2025 nó dá éis:
|
(c) |
le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2026 nó dá éis:
|
Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na bearta is gá chun Airteagal 3 a chomhlíonadh le haghaidh na mblianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó dá éis.
3. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
4. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 6
Athbhreithniú agus tuairisciú
1. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach leasaithí seo, lena n-áirítear, inter alia:
(a) |
measúnú ar bhaint amach spriocanna na Treorach leasaithí seo, lena n-áirítear cóineasú na gcleachtas tuairiscithe idir na Ballstáit; |
(b) |
measúnú ar líon na ngnóthas beag agus meánmhéide a úsáideann go deonach na caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta dá dtagraítear in Airteagal 29c de Threoir 2013/34/AE; |
(c) |
measúnú ar cibé ar cheart raon feidhme na bhforálacha arna leasú leis an Treoir leasaitheach seo a leathnú tuilleadh agus conas é sin a dhéanamh, go háirithe i ndáil le gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus i ndáil le gnóthais tríú tír a oibríonn go díreach ar mhargadh inmheánach an Aontais gan foghnóthas nó brainse ar chríoch an Aontais; |
(d) |
measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe ar fhoghnóthais agus brainsí na ngnóthas tríú tír a thugtar isteach leis an Treoir leasaitheach seo, lena n-áirítear measúnú ar líon na ngnóthas tríú tír a bhfuil foghnóthas nó brainse acu a thuairiscíonn i gcomhréir le hAirteagal 40a de Threoir 2013/34/AE; measúnú ar an sásra forfheidhmiúcháin agus ar na tairseacha a leagtar amach san Airteagal sin; |
(e) |
measúnú ar cibé ar cheart inrochtaineacht ar thuarascálacha inbhuanaitheachta arna bhfoilsiú ag gnóthais a thagann faoi raon feidhme na Treorach leasaithí seo a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas agus conas inrochtaineacht na dtuarascálacha sin a áirithiú. |
Foilseofar an tuarascáil faoin 30 Aibreán 2029 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, agus beidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más iomchuí.
2. Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú ar leibhéal comhchruinnithe an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta. Cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin na córais náisiúnta is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí dearbhaithe neamhspleácha agus déanfar measúnú ann i dtaobh an rannchuidíonn na córais náisiúnta sin leis an margadh dearbhaithe a oscailt agus a mhéid a rannchuidíonn siad leis an margadh sin a oscailt.
Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta dlíthiúla féideartha chun éagsúlú leordhóthanach an mhargaidh dearbhaithe inbhuanaitheachta agus cáilíocht tuairiscithe inbhuanaitheachta iomchuí a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Threoir 2013/34/AE agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá lena leathnú chuig gnóthais mhóra eile.
Tarchuirfear an tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Nollaig 2028 agus beidh tograí reachtacha ag gabháil léi, más iomchuí.
Airteagal 7
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 4 den Treoir seo ón 1 Eanáir 2024 maidir le blianta airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin.
Airteagal 8
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Beidh Airteagal 4 ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna déanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO C 517, 22.12.2021, lch. 51.
(2) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2022.
(3) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(7) Rialachán (AE) 2019/2089 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras agus nochtaí inbhuanaitheachta le haghaidh tagarmharcanna (IO L 317, 9.12.2019, lch. 17).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1816 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an míniú sa ráiteas tagarmhairc ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais i ngach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear (IO L 406, 3.12.2020, lch. 1).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1817 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an íosmhéid inneachair a bheidh sa mhíniú ar an gcaoi a léirítear fachtóirí comhshaoil, sóisialta agus rialachais sa mhodheolaíocht tagarmhairc (IO L 406, 3.12.2020, lch. 12).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le híoschaighdeáin i gcomhair Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (IO L 406, 3.12.2020, lch. 17).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
(13) Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/59/AE agus Treoir 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
(14) IO C 76, 9.3.2020, lch. 23.
(15) IO C 445, 29.10.2021, lch. 94.
(16) Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh na faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lch. 1).
(17) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).
(18) Rialachán (CE) Uimh. 1569/2007 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2007 lena mbunaítear sásra chun comhionannas na gcaighdeán cuntasaíochta a chuireann eisiúnaithe urrús i dtríú tíortha i bhfeidhm a chinneadh de bhun Threoracha 2003/71/CE agus 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 340, 22.12.2007, lch. 66).
(19) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).
(20) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite ghnóthais árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).
(21) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(22) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó gan nochtadh (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(23) Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).
(24) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(25) Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
(26) Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1).
(27) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(28) Moladh 2013/179/AE ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).
(29) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(30) Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).
(31) Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1).
(32) Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).
(33) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/815 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2018 lena bhforlíontar Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i dtaca le sonraíocht formáide tuairiscithe leictreonaigh aonair (IO L 143, 29.5.2019, lch. 1).
(34) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(35) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).
(36) Treoir 2007/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le feidhmiú cearta áirithe scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe (IO L 184, 14.7.2007, lch. 17)
(37) Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).
(38) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(39) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/81 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2465 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá margadh an Aontais Eorpaigh le haghaidh ionchuir áirithe leasacháin nítrigine ag brath go mór ar allmhairí ó thríú tíortha. In 2021, d’allmhairigh an tAontas 2,9 milliún tona amóinia agus 4,7 milliún tona úiré chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh. Tháinig méadú suntasach ar phraghsanna na dtáirgí sin in 2021 agus tá méadú breise tagtha orthu le linn na bliana reatha. |
(2) |
Faoi láthair, déantar cuid shuntasach de na hionchuir sin le haghaidh leasacháin nítrigine a allmhairiú isteach san Aontas ó thríú tíortha a bhaineann tairbhe as rochtain fhabhrach ar mhargadh an Aontais, agus dá bhrí sin tá na hallmhairí saor ó dhleacht. D’ainneoin sin, allmhairíonn an tAontas méid mór ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh tíortha atá faoi réir na Comhtharaife Custaim a leagtar amach in Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), agus tá rátaí taraife idir 5,5 % agus 6,5 % ann faoi láthair. |
(3) |
I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir leis “An tSlándáil bia a choimiriciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú”, tugann an Coimisiún dá aire go raibh borradh suntasach faoi phraghsanna i margaí tráchtearraí cheana féin roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a léiríodh i margaí talmhaíochta trí méaduithe ar chostais fuinnimh agus leasacháin, agus méadú ar phraghsanna earraí talmhaíochta. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil méadú breise tagtha ar phraghsanna i margaí talmhaíochta mar gheall ar an ionradh ar an Úcráin agus ar an ardú domhanda ar phraghsanna tráchtearraí, agus go bhfuil siad ag nochtadh leochaileachtaí chóras bia an Aontais, atá ag brath go páirteach ar allmhairiú leasachán. Leis sin méadaítear costais ar tháirgeoirí agus bíonn tionchar aige ar phraghas an bhia, rud a fhágann go bhfuil imní ann a mhéid a bhaineann le cumhacht cheannaigh tomhaltóirí, agus le hioncam fheirmeoirí san Aontas. Cuireann an Coimisiún i dtábhacht nach mór, sa ghearrthéarma, tús áite a thabhairt do chostas agus infhaighteacht leasachán mianraí, go dtí go n-aistreofar chuig cineálacha leasachán inbhuanaithe nó modhanna leasacháin inbhuanaithe. Le linn na tréimhse sin, ní mór don tionscal leasachán san Aontas a bheith in ann rochtain a fháil ar na hallmhairí riachtanacha, lena n-áirítear ionchuir chun leasacháin a tháirgeadh laistigh den Aontas é féin. Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir freisin go ndéanfar faireachán ar phraghsanna leasacháin agus ar sholáthairtí d’fheirmeoirí chun a áirithiú nach gcuirfear na hionchais le haghaidh Fómhair an Aontais i mbaol. |
(4) |
I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí gníomhaíocht a dhéanamh chun na costais atá le híoc ag táirgeoirí leasacháin an Aontais agus na hionchuir is gá chun leasacháin nítrigine a tháirgeadh á n-allmhairiú acu, na costais sin a laghdú. |
(5) |
Ina theannta sin, tráth an ghanntanais leasachán nítrigine ar mhargaí idirnáisiúnta, is dídhreasacht do sholáthar mhargadh an Aontais é taraifí maidir le hionchuir idirmheánacha amhail amóinia agus úiré a allmhairiú isteach san Aontas, i gcomparáid le margaí domhanda eile nach bhfuil taraifí allmhairiúcháin acu. Cuireann an difreálach taraife bac freisin ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun allmhairí an Aontais a éagsúlú. |
(6) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, dleachtanna na Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chur ar fionraí go sealadach i gcás ionchuir áirithe leasachán nítrigine. Ba cheart feidhm a bheith ag an mbeart sealadach seo go ceann tréimhse 6 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ionas go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an bhirt, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a dhéanamh agus í a chur faoi bhráid na Comhairle. |
(7) |
Ag an am céanna, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, áiritheoidh an tAontas comhsheasmhacht idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir a ghníomhaíocht sheachtrach agus beartais eile an Aontais chomh maith. |
(8) |
Tá forbairt an-diúltach tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas, agus tá meath ar leith tagtha air le míonna beaga anuas ó thaobh neamhaird Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus go háirithe a cogadh foghach gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine. |
(9) |
Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Chónaidhm na Rúise. Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl go bhfuil an fogha míleata gan chúis gan údar a thugann Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin ag sárú an dlí idirnáisiúnta agus phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil an t-ionsaí sin ag baint an bhoinn de shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. |
(10) |
Le déanaí, an 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle an séú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise mar gheall ar an gcogadh foghach leanúnach i gcoinne na hÚcráine agus na hainghníomhartha tuairiscithe a rinne fórsaí armtha na Rúise san Úcráin. |
(11) |
Thairis sin, cé gur comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála í Cónaidhm na Rúise, scaoiltear an tAontas, de bhua na n-eisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus go háirithe Airteagal XXI de GATT 1994, ón oibleagáid na buntáistí a dheonaítear do tháirgí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile (cóir an náisiúin barrfhabhair) a thabhairt do tháirgí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise. |
(12) |
Dá bhrí sin, ní bheadh sé iomchuí allmhairí ó Chónaidhm na Rúise a bheith saor ó dhleacht agus cóir an náisiúin bharrfhabhair a thabhairt dóibh maidir leis na táirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
(13) |
Tá meath tagtha freisin ar an staid idir an tAontas agus an Bhealarúis le blianta beaga anuas, mar gheall ar neamhaird an réimis ar an dlí idirnáisiúnta, ar chearta bunúsacha agus ar chearta an duine. Ina theannta sin, thacaigh an Bhealarúis le cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón tús, inter alia trí chead a thabhairt do Chónaidhm na Rúise diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh ó chríoch na Bealarúise, trí iompar pearsanra míleata agus airm throma, tancanna agus iompróirí míleata de chuid na Rúise a chumasú, trí chead a thabhairt d’aerárthaí míleata na Rúise eitilt thar aerspás na Bealarúise go dtí an Úcráin, trí pointí athbhreoslaithe a chur ar fáil, agus trí airm Rúiseach agus trealamh míleata Rúiseach a stóráil sa Bhealarúis. |
(14) |
Ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar an mBealarúis. An 2 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle an cúigiú pacáiste smachtbhannaí ag féachaint do sháruithe leanúnacha ar chearta an duine agus ar ionstraimiú imirceach. Glacadh pacáistí breise smachtbhannaí an 24 Feabhra, an 2 Márta, an 9 Márta agus an 3 Meitheamh 2022, i bhfianaise rannpháirtíocht na Bealarúise i gcogadh foghach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ina theannta sin, níl an Bhealarúis ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua an Chomhaontaithe lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, cóir an náisiúin barrfhabhair a thabhairt do tháirgí ón mBealarúis. Ina theannta sin, le comhaontuithe trádála ceadaítear gníomhaíochtaí a bhfuil bonn cirt leo ar bhonn clásail eisceachta is infheidhme, go háirithe eisceachtaí slándála. |
(15) |
I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí Cónaidhm na Rúise agus an Bhealarúis a eisiamh ó raon feidhme na bhfionraíochtaí taraife uathrialaitheacha a leagtar amach sa Rialachán seo, agus na Rialacha Ginearálta maidir le dleachtanna Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, go háirithe Cuid I, Roinn I, cuid B, mír 1, de, á gcur i bhfeidhm. |
(16) |
Dá réir sin, níor cheart allmhairí ionchur le haghaidh leasacháin nítrigine de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus na Bealarúise a bheith faoi réir na fionraí dleachta. Ina ionad sin, ba cheart go leanfadh allmhairí na dtáirgí lena mbaineann an Rialachán seo ó Chónaidhm na Rúise agus ón mBealarúis de bheith faoi réir na dleachta allmhairiúcháin a raibh siad faoina réir roimhe seo. |
(17) |
I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh thobainn atá tagtha ar phraghsanna na n-ionchur le haghaidh táirgeadh leasachán nítrigine, atá níos measa fós mar gheall ar an staid éigeandála a spreag cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine i margadh na leasachán, ba cheart don rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(18) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 mar a leanas:
(1) |
I gCuid a Dó, Roinn VI, Caibidil 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs le haghaidh chód AC 2814 10 00 i gcolún 3 (“Ráta caighdeánach dleachta (%)”): “5,5 (*1) (*1) Dleacht chustaim curtha ar fionraí go huathrialach go ceann tréimhse 6 mhí dar tús an 16 Nollaig 2022, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis a bhfuil feidhm ag ráta 5,5 % ina leith, de bhun Rialachán (AE) 2022/2465 ón gComhairle.”;" |
(2) |
I gCuid a Dó, Roinn I, Caibidil 31, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs le haghaidh chóid AC 3102 10 10 agus 3102 10 90 i gcolún 3 (“Ráta caighdeánach dleachta (%)”): “6,5 (*2) (*2) Dleacht chustaim curtha ar fionraí go huathrialach go ceann tréimhse 6 mhí dar tús an 16 Nollaig 2022, cé is moite den Rúis agus den Bhealarúis a bhfuil feidhm ag ráta 6,5 % ina leith, de bhun Rialachán (AE) 2022/2465 ón gComhairle.”." |
Airteagal 2
Faoin 17 Bealtaine 2023, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar iarmhairtí an fhionraí dleachta a leagtar amach sa Rialachán seo agus cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle í. Bunaithe ar an tuarascáil sin, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach chun síneadh a chur leis an bhfionraí dleachta sin.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 17 Meitheamh 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/85 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2466 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [“Nuez de Pedroso” (STFC)]
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Spáinn ar chlárú an ainm “Nuez de Pedroso” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Nuez de Pedroso” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an t-ainm “Nuez de Pedroso” (STFC) cláraithe anois.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 321, 25.8.2022, lch. 11.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/86 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2467 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe. |
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiún,
Ar son an Uachtaráin,
Wolfgang BURTSCHER
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
267,4 |
10 |
TH |
(1) Ainmníocht arna socrú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht na dtíortha agus na gcríoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an mionscagadh geografach i ndáil le staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lch. 2).”
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/89 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2468 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2022
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann leis an údarás rialaithe “IMOCERT Latinoamérica Ltda” a aithint chun críche táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2) leagtar amach liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. |
(2) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, liostaítear “IMOCERT Latinoamérica Ltda” mar chomhlacht aitheanta le haghaidh Chósta Ríce agus is earráid é sin. Ní mór an iontráil ábhartha a cheartú. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a cheartú dá réir. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325, i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “IMOCERT Latinoamérica Ltda.”, scriostar an ró a bhaineann le Cósta Ríce.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).
CINNTÍ
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/91 |
CINNEADH (AE) 2022/2469 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chustam arna bhunú faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, a mhéid a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 1 a bhaineann leis an sainmhíniú ar “táirgí tionscnaimh” agus le modhanna comhair riaracháin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (“an Comhaontú”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/1875 (1) ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm an 21 Samhain 2019. |
(2) |
De bhun Airteagal 34 de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, féadfaidh an Coiste um Chustam Cinntí a ghlacadh chun forálacha an Prótacail sin a leasú. |
(3) |
Tá an Coiste um Chustam, le linn an chéad chruinnithe a bheidh aige, le Cinneadh a ghlacadh lena leasófar Prótacal 1 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis (“an Cinneadh”). |
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chustam a leagan síos, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas. |
(5) |
Tugadh isteach leasuithe ar an bPrótacal an 1 Eanáir 2012, an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht arna rialú ag an gChoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“CC”). Is gá an Cinneadh chun Prótacal 1 agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta chun an leagan is déanaí de CC a léiriú. |
(6) |
Ba cheart raon feidhme na gcuótaí bliantúla a leagtar amach in Iarscríbhinn B(a) a ghabhann le Prótacal 1 maidir le feoil lóin stánaithe, millíní éisc curaí agus millíní cudail a leathnú, ionas gur féidir le honnmhaireoirí Shingeapór iad a úsáid. |
(7) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhionann idir oibreoirí eacnamaíocha sa dá Pháirtí a mhéid a bhaineann leis an deimhniú tionscnaimh, ba cheart Prótacal 1 a leasú ionas go bhféadfaidh gach Páirtí a chinneadh, i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin féin, cén t-onnmhaireoir is féidir féindeimhniúchán a dhéanamh ar thionscnamh a tháirgí tionscnaimh. San Aontas, fágfaidh sé sin go ndeimhneoidh onnmhaireoirí cláraithe tionscnamh na n-earraí seachas onnmhaireoirí formheasta, ar an gcuma chéanna leis an gcóras a chuireann Singeapór i bhfeidhm i gcomhthéacs an Chomhaontaithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa chéad chruinniú den Choiste um Chustam, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gCoiste um Chustam atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais sa Choiste um Chustam mioncheartuithe teicniúla ar an dréachtchinneadh a chomhaontú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) Cinneadh (AE) 2019/1875 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (IO L 294, 14.11.2019, lch. 1).
DRÉACHT
CINNEADH UIMH. 2022/01 ÓN gCOISTE UM CHUSTAM DEN CHOMHAONTÚ SAORTHRÁDÁLA IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT SHINGEAPÓR
an ...
lena modhnaítear eilimintí áirithe i bPrótacal 1 a bhaineann leis an sainmhíniú ar an gcoincheap “táirgí tionscnaimh” agus lena modhnaítear modhanna comhair riaracháin agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis
TÁ AN COISTE UM CHUSTAM,
Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór (dá ngairtear “an Comhaontú” anseo feasta), agus go háirithe Airteagal 34 de Phrótacal 1 agus Airteagal 16.2 den Chomhaontú,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 34 (Leasuithe ar an bPrótacal seo) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, déantar foráil go bhféadfaidh na Páirtithe, trí chinneadh ón gCoiste um Chustam arna bhunú de bhun Airteagal 16.2 (Coistí Speisialaithe) den Chomhaontú, forálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú. |
(2) |
Tugadh isteach leasuithe an 1 Eanáir 2012, an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht atá faoi rialú an Choinbhinsiúin ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (“CC”). Chomhaontaigh na Páirtithe Prótacal 1 a thabhairt cothrom le dáta chun an leagan is déanaí CC a léiriú. |
(3) |
Chomhaontaigh na Páirtithe raon feidhme na gcuótaí a leagtar amach in Iarscríbhinn B(a) a ghabhann le Prótacal 1 a mhodhnú maidir le feoil lóin stánaithe, millíní éisc agus millíní cudail. |
(4) |
Leagtar síos le hAirteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a tharraingt suas) de Phrótacal 1 go bhféadfaidh onnmhaireoir ar onnmhaireoir ceadaithe é, inter alia, dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas san Aontas, agus go bhféadfaidh, onnmhaireoir ceadaithe, inter alia, déanamh amhlaidh i Singeapór. Chun foráil a dhéanamh maidir le cóir chomhionann idir oibreoirí eacnamaíocha sa dá Pháirtí, ba cheart Prótacal 1 a leasú ionas go bhféadfadh gach Páirtí a chinneadh, i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin féin, cén t-onnmhaireoir a fhéadfaidh dearbhú tionscnaimh a tharraingt suas. Chun na críche sin, ba ghá sainmhíniú ar “onnmhaireoir” dá bhrí sin. |
(5) |
I bhfianaise an tsainmhínithe nua ar “onnmhaireoir”, is gá an téarma “coinsíneoir” a chur in ionad an téarma “onnmhaireoir” sa sainmhíniú ar “choinsíneacht” i bpointe (d) d’Airteagal 1(1), Airteagal 13 (Neamhathrú) agus in Airteagal 14 (Taispeántais) de Phrótacal 1. |
(6) |
Déantar foráil le mír 5 d’Airteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a Tharraingt Suas) go mbeidh síniú bunaidh an onnmhaireora lámhscríofa ar an dearbhú tionscnaimh. Chomhaontaigh na Páirtithe an ceanglas sin a tharscaoileadh chun trádáil a éascú agus chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le tairbhe a bhaint as fabhair tharaife an Chomhaontaithe a laghdú. |
(7) |
Sa sainmhíniú ar “phraghas díreach ón monarcha” i bpointe (f) d’Airteagal 1(1), is gá a shoiléiriú an chaoi ar cheart an téarma “monaróir” a thuiscint nuair a ligtear an t-oibriú deiridh nó an phróiseáil deiridh amach ar fochonradh. |
(8) |
Ós rud é go bhfuil an dá Pháirtí le córas onnmhaireoirí cláraithe le cur i bhfeidhm, ba cheart an doiciméad maidir le tionscnamh a tharraingítear suas sna Páirtithe a athainmniú mar “ráiteas maidir le tionscnamh” seachas “dearbhú tionscnaimh”. |
(9) |
Mar bheart idirthréimhseach, ba cheart foráil a dhéanamh, ar feadh tréimhse 3 mhí dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, go nglacfaidh Singeapór le dearbhuithe tionscnaimh a tharraingítear suas i gcomhréir le hAirteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a Tharraingt Suas) agus le hAirteagal 18 (Onnmhaireoir Ceadaithe) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú mar aon le roinnt Iarscríbhinní a ghabhann leis a mhodhnú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad chlár Phrótacal 1: “CLÁR ROINN 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA
ROINN 2 SAINMHÍNIÚ AN CHOINCHEAPA “TÁIRGÍ TIONSCNAIMH”
ROINN 3 CEANGLAIS CHRÍCHE
ROINN 4 AISÍOCAÍOCHT NÓ DÍOLÚINE
ROINN 5 RÁITEAS MAIDIR LE TIONSCNAMH
ROINN 6 SOCRUITHE MAIDIR LE COMHAR RIARACHÁIN
ROINN 7 CEUTA AGUS MELILLA
ROINN 8 FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Liosta na bhFoscríbhinní
Dearbhuithe Comhpháirteacha DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE PRIONSACHT ANDÓRA DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE POBLACHT SAN MAIRÍNE DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LEIS NA RIALACHA TIONSCNAIMH I bPRÓTACAL 1 A ATHBHREITHNIÚ”; |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “AIRTEAGAL 1 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Phrótacail seo:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13(3): “3. Gan dochar do Roinn 5, féadfar coinsíneachtaí a roinnt i gcás ina ndéanann an coinsíneoir an roinnt nó i gcás ina ndéantar sin faoina fhreagracht, ar choinníoll go bhfanfaidh siad faoi mhaoirseacht chustaim sa tír nó sna tíortha idirthurais.”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b) d’Airteagal 14(1):
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17: “AIRTEAGAL 17 Coinníollacha le haghaidh an Ráitis Maidir Le Tionscnamh a Tharraingt Suas 1. An ráiteas maidir le tionscnamh dá dtagraítear in Airteagal 16 (Ceanglais Ghinearálta), féadfaidh an t-onnmhaireoir é a tharraingt suas. 2. Féadfar ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas más féidir na táirgí atá i gceist a mheas mar tháirgí de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh Shingeapór agus go gcomhlíonann siad ceanglais eile an Phrótacail seo. 3. Maidir leis an onnmhaireoir a dhéanfaidh ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas, cuirfidh sé isteach tráth ar bith, ar iarraidh ó údaráis chustaim an Pháirtí onnmhairithe, gach doiciméad iomchuí dá dtagraítear faoin Airteagal 23 (Doiciméid Tacaíochta), doiciméid a chruthaíonn stádas tionscnaimh na dtáirgí lena mbaineann agus a chruthaíonn gur comhlíonadh ceanglais eile an Phrótacail seo. 4. Is é an t-onnmhaireoir a tharraingeoidh an ráiteas maidir le tionscnamh suas tríd an dearbhú, a bhfuil a théacs in Iarscríbhinn E a ghabhann leis an bPrótacal seo, a chlóscríobh, a stampáil nó a phriontáil ar an sonrasc, ar an nóta seachadta nó ar aon doiciméad tráchtála eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Pháirtí onnmhairithe. Más de láimh a scríobhtar an ráiteas, is le dúch agus sa chás uachtair a dhéanfar sin. I gcás onnmhairí ó Shingeapór, leagfar amach an ráiteas maidir le tionscnamh ag úsáid an leagain Bhéarla agus i gcás onnmhairí ón Aontas, féadfar an ráiteas maidir le tionscnamh a leagan amach i gceann de na leaganacha teanga in Iarscríbhinn E a ghabhann leis an bPrótacal seo. 5. De mhaolú ar mhír 1, féadfar ráiteas maidir le tionscnamh a tharraingt suas tar éis an onnmhairithe (“ráiteas cúlghabhálach”) ar choinníoll go dtíolactar é sa Pháirtí allmhairithe tráth nach déanaí ná 2 bhliain, i gcás an Aontais, agus bliain amháin, i gcás Shingeapór, tar éis theacht isteach na n-earraí sa chríoch.”; |
(6) |
sa Chlár, agus in Airteagal 3(6), Airteagal 3(13), Airteagal 11(5), Airteagal 14(2), Airteagal 15(1), Airteagal 15(3), teideal Roinn 5, Airteagal 16(1), Airteagal 16(2), teideal Airteagal 19, Airteagal 19(1), Airteagal 19(2), Airteagal 19(3), teideal Airteagal 20, Airteagal 20, Airteagal 21, teideal Airteagal 22, Airteagal 22(1), Airteagal 23, teideal Airteagal 24, Airteagal 24(1), Airteagal 24(2), Airteagal 25(1), Airteagal 25(2), Airteagal 27(1), Airteagal 27(2), teideal Airteagal 28, Airteagal 28(1), Airteagal 28(2), Airteagal 30(1), Airteagal 33(3), agus Airteagal 35, cuirtear an téarma “ráiteas maidir le tionscnamh” in ionad “dearbhú tionscnaimh”; |
(7) |
scriostar Airteagal 18; |
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: “AIRTEAGAL 26 Méideanna arna Sloinneadh in Euro 1. Chun forálacha mhír 3 d’Airteagal 22 (Díolúintí ón Ráiteas Maidir Le Tionscnamh) i gcás ina sonrasctar táirgí in airgeadra nach euro é, socróidh gach tír lena mbaineann, ar bhonn bliantúil, méideanna in airgeadraí náisiúnta Bhallstáit an Aontais a bheidh coibhéiseach leis na méideanna arna sloinneadh in euro. 2. Beidh forálacha mhír 3 d’Airteagal 22 (Díolúintí ón Ráiteas maidir le Tionscnamh) ina sochar ag coinsíneacht trí thagairt don airgeadra inar tarraingíodh suas an sonrasc, de réir an méid a shocraigh an Páirtí lena mbaineann. 3. Beidh na méideanna atá le húsáid in aon airgeadra náisiúnta áirithe coibhéiseach san airgeadra sin leis na méideanna arna sloinneadh in euro an chéad lá oibre de mhí Dheireadh Fómhair. Cuirfear na méideanna in iúl don Choimisiún Eorpach faoin 15 Deireadh Fómhair agus beidh feidhm acu ón 1 Eanáir sa bhliain ina dhiaidh sin. Is é an Coimisiún Eorpach a thabharfaidh fógra faoi na méideanna ábhartha do na tíortha uile lena mbaineann. 4. An méid a thagann mar thoradh ar chomhshódh an mhéid arna shloinneadh in euro isteach in airgeadra náisiúnta Ballstáit den Aontas Eorpach, féadfaidh an Ballstát é a shlánú suas nó síos. Ní fhéadfar difear níos mó ná cúig faoin gcéad a bheith idir an méid arna chomhshó agus an méid arna shlánú. Féadfaidh Ballstát den Aontas Eorpach an choibhéis ina airgeadra náisiúnta de mhéid arna shloinneadh in euro a fhágáil gan athrú más rud é, tráth an choigeartaithe bhliantúil dá bhforáiltear i mír 3, go bhfágann comhshó an mhéid sin, sula ndéantar aon slánú, go dtagann méadú níos lú ná cúig déag faoin gcéad ar an gcoibhéis san airgeadra náisiúnta. Féadfar gan an choibhéis san airgeadra náisiúnta a choinneáil gan athrú más rud é go dtiocfadh laghdú ar an luach coibhéiseach sin de thoradh a comhshóite. 5. Déanfaidh na Páirtithe na méideanna arna sloinneadh in euro a athbhreithniú sa Choiste um Chustam arna bhunú de bhun Airteagal 16.2 (Coistí Speisialaithe) arna iarraidh sin don Aontas nó do Shingeapór. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh, breithneoidh na Páirtithe a inmhianaithe atá sé éifeachtaí na dteorainneacha atá i gceist a choimeád i dtéarmaí réadacha. Chun na gcríoch sin, féadfaidh na Páirtithe, trí chinneadh sa Choiste um Chustam, na méideanna arna sloinneadh in euro a mhodhnú.”; |
(9) |
leasaítear Iarscríbhinn B mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(10) |
leasaítear Iarscríbhinn B(a) mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
(11) |
leasaítear Iarscríbhinn D mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(12) |
leasaítear Iarscríbhinn E mar a leagtar amach in Iarscríbhinn 4 a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an [1 Eanáir 2023].
Arna dhéanamh i/in/sa ...,
Thar ceann Choiste um Chustam AE-Singeapór
Thar ceann an Aontais Eorpaigh
Thar ceann Phoblacht Shingeapór
IARSCRÍBHINN 1
Leasaítear Iarscríbhinn B a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “0305”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe, bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn;” |
(2) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 0306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís;” |
(3) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 0307”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís”; |
(4) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 0307” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 4”, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:
|
(5) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 15”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; cé is moite den mhéid seo a leanas:”; |
(6) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “1510 agus 1509”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Ola olóige agus a codáin, olaí eile agus a gcodáin a fhaightear ó ológa amháin”; |
(7) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “1517 agus 1516”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu; Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi cheannteideal 15.16”; |
(8) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 16”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Tuairisc ar an táirge”: “Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisce eile, nó ó fheithidí”; |
(9) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 24”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá beartaithe chun nicitín a iontógáil i gcorp an duine; cé is moite den mhéid seo a leanas;”; |
(10) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex ex 2402” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 25”, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:
|
(11) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 38” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “3823”, cuirtear rónna seo a leanas isteach:
|
(12) |
sa chéad ró a bhaineann le Ceannteideal CC “6306”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear an téastair shealadacha agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, clár seoil nó árthaí talún; earraí campála”; |
(13) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8522”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna agus gabhálais atá oiriúnach lena n-úsáid leis na gairis faoi cheannteidil 8519 nó 8521 amháin nó leis na gairis sin go príomha”; |
(14) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8529”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid leis an ngaireas atá faoi cheannteidil 8524 go 8528 amháin nó leis na gairis sin go príomha”; |
(15) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8548”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile sa Caibidil seo”; |
(16) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “8548” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 86”, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
(17) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex Caibidil 86”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “Ceannteideal CC” agus an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge” faoi seach: “Caibidil 86” agus “Innill iarnróid nó trambhealaigh, rothstoc agus páirteanna díobh; daingneáin riain iarnróid nó trambhealaigh agus feistis agus páirteanna díobh; trealamh comharthaíochta tráchta meicniúil de gach cineál (lena n-áirítear leictrimheicniúil)”; |
(18) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 8804” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 89”, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
(19) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “9013”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Léasair, seachas dé-óidí léasair; fearais agus uirlisí optúla eile, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile sa Caibidil seo”; |
(20) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “9016” agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC “9025”, cuirtear an ró seo a leanas isteach:
|
(21) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “Caibidil 94”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc ar an táirge”: “Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta dá samhail; lampaí agus feistis soilse, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile; comharthaí soilsithe agus ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; foirgnimh réamhdhéanta”. |
IARSCRÍBHINN 2
Leasaítear Iarscríbhinn B(a) a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
scriostar mír 3 de na forálacha coiteanna; |
(2) |
athuimhrítear mír 4 de na forálacha coiteanna mar mhír 3; |
(3) |
athuimhrítear mír 5 de na forálacha coiteanna mar mhír 4; |
(4) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ ex 1602 32 ex 1602 41 ex 1602 49 ex 1602 50 ”, in ionad an téacs “Feoil lóin stánaithe muiceola, sicín agus mairteola (午餐肉)” sa cholún “tuairisc ar an táirge”, cuirtear an méid seo a leanas: “Muiceoil nó builín muiceola lóin stánaithe (ina bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain de mhuiceoil nó de scairteach feola, circeoil nó builín circeola lóin stánaithe (ina bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain de chirceoil nó de scairteach feola), mairteoil nó builín mairteola lóin stánaithe (ina bhfuil níos mó ná 20 % de réir meáchain de mhairteoil nó de scairteach feola)”; |
(5) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC “ex 1604 20”, in ionad an téacs “Millíní éisc curaí déanta as feoil éisc, curaí, stáirse cruithneachta, salann, siúcra agus tarsainn chumaisc” sa cholún “tuairisc ar an táirge”, cuirtear an méid seo a leanas: “millíní éisc agus cácaí éisc atá déanta as feoil éisc seachas tuinnín, ronnach, stáirse, salann, siúcra ná tarsainn chumaisc”; |
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas ina ionad “ ex 1605 10 ex 1605 90 ex 1605 20 ex 1605 20 ex 1605 20 ex 1605 30 ” an ró a bhaineann le Ceannteideal CC:
|
IARSCRÍBHINN 3
Leasaítear Iarscríbhinn D a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
sa ró a bhaineann le Cód CC “2909”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc”: “Éitir, éitearalcóil, éitear-fheanóil, éitearalcól-fheanóil, sárocsaídí alcóil, sárocsaídí éitir, sárocsaídí aicéatail agus sárocsaídí leathaicéatail, sárocsaídí céatóin (bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís), agus a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe”; |
(2) |
sa ró a bhaineann le Cód CC “9013”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún “tuairisc”: “Léasair, seachas dé-óidí léasair; fearais agus uirlisí optúla eile, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile sa Caibidil seo”. |
IARSCRÍBHINN 4
Leasaítear Iarscríbhinn E a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
i dteideal Iarscríbhinn E, cuirtear an téarma “ráiteas maidir le tionscnamh” in ionad an téarma “dearbhú tionscnaimh”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d’Iarscríbhinn E: “Ní mór an ráiteas maidir le tionscnamh, a bhfuil a théacs thíos, a tharraingt suas i gcomhréir leis na fonótaí. Mar sin féin, ní gá na fonótaí a atáirgeadh.”; |
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 1: “Tabhair an uimhir thagartha lena sainaithnítear an t-onnmhaireoir. I gcás onnmhaireoir de chuid an Aontais, is éard a bheidh ann an uimhir a shanntar i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin an Aontais. I gcás Shingeapór de chuid an Aontais, is éard a bheidh ann an uimhir a shanntar i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin Shingeapór. I gcás nár sannadh uimhir don onnmhaireoir, féadfar an réimse sin a fhágáil bán”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh roimh na fonótaí: “(Ainm an onnmhaireora)”; |
(5) |
scriostar fonóta (4). |
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE BEARTA IDIRTHRÉIMHSEACHA TAR ÉIS DHÁTA THEACHT I bhFEIDHM AN CHINNIDH
De mhaolú ar Airteagal 17 (Coinníollacha le haghaidh an Ráitis Maidir Le Tionscnamh a Tharraingt Suas) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú, a leasaítear leis an gCinneadh seo, leanfaidh Singeapór den chóireáil fhabhrach taraife a dheonú faoin gComhaontú seo d’earraí de thionscnamh an Aontais agus a onnmhairítear ón Aontas ar thíolacadh dearbhaithe tionscnaimh a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 17 (Coinníollacha maidir le Dearbhú Tionscnaimh a tharraingt suas) agus le hAirteagal 18 (Onnmhaireoir Ceadaithe) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Beidh feidhm ag an mbeart idirthréimhseach sin ar feadh tréimhse 3 mhí dar tús dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/107 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2470 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Nollaig 2022
lena leagtar síos na bearta is gá chun an córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) a fhorbairt agus a chur chur chun feidhme go teicniúil
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (1), agus go háirithe Airteagal 10, an chéad mhír, pointí (a), (b), (c), (e) go (i), (k) agus (l) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/816 bunaíodh an córas láraithe chun na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) mar chóras lena bhféadfaidh údarás lárnach Ballstáit nó údarás inniúil eile a fháil amach go pras agus go héifeachtúil cé na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla faoi náisiúnach tríú tír. Féadfaidh na húdaráis lárnacha úsáid a bhaint as an gcreat ECRIS atá ann cheana ansin chun an fhaisnéis faoi thaifid choiriúla a iarraidh ar na Ballstáit sin i gcomhréir le Cinneadh Réime 2009/315/CGB (2). Féadfaidh údaráis inniúla eile úsáid a bhaint as a mbealaí cumarsáide faoi seach chun na críche sin. |
(2) |
Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) freagrach as ECRIS-TCN a fhorbairt, lena n-áirítear mionsaothrú agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla agus na tástála, mar aon le bainistiú oibríochtúil an chórais. |
(3) |
Chun go mbeidh eu-LISA in ann ailtireacht fhisiceach ECRIS-TCN a dhearadh, sonraíochtaí teicniúla an chórais a chinneadh agus ECRIS-TCN a fhorbairt, ba cheart na sonraíochtaí teicniúla is gá a leagan síos chun sonraí alfa-uimhriúla agus méarloirg a phróiseáil, cáilíocht sonraí, na sonraí a iontráil, ECRIS-TCN a rochtain agus a chuardach, logaí a choinneáil agus a rochtain, staidreamh a sholáthar chomh maith le ceanglais feidhmíochta agus infhaighteachta ECRIS-TCN. Ba cheart do eu-LISA sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a fhorbairt tar éis na tástálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/816 a thabhairt i gcrích. |
(4) |
Ba cheart ailtireacht ECRIS-TCN a bheith i gcomhréir leis an gcreat Eorpach Idir-inoibritheachta mar a leagtar amach i Rialacháin (AE) 2019/817 (4) agus (AE) 2019/818 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. D’fhonn seirbhísí poiblí a sholáthar ar leibhéal Eorpach ar bhealach idir-inoibritheach, ba cheart bogearraí agus crua-earraí ECRIS-TCN a bheith i gcomhréir le caighdeáin shainithe lena gcuirtear idir-inoibritheacht le haghaidh sonraí, feidhmchlár agus teicneolaíochta chun cinn. |
(5) |
A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na hidir-inoibritheachta idir córas ECRIS-TCN, ar thaobh amháin, agus an Córas Faisnéise Víosaí (VIS) agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), ar an taobh eile, glacadh na leasuithe iarmhartacha is gá i Rialacháin (AE) 2021/1133 (6) agus (AE) 2021/1151 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi seach. |
(6) |
Chun tacú le cuspóir VIS agus ETIAS cur le hardleibhéal slándála trí fhoráil a dhéanamh maidir le measúnú críochnúil ar riosca slándála ar iarratasóirí a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais, ba cheart VIS agus córais ETIAS araon a bheith in ann a fhíorú an bhfuil ceangal comhfhreagrach ar bith ann idir sonraí i gcomhaid iarratais VIS agus ETIAS agus na sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN, a mhéid a bhaineann le cé na Ballstáit a bhfuil faisnéis acu faoi náisiúnaigh tríú tír a ciontaíodh le 25 bliana anuas i gcion sceimhlitheoireachta nó sna 15 bliana roimhe sin d’aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta. |
(7) |
Chun na críche sin, agus taifead sonraí á chruthú in ECRIS-TCN, ba cheart d’údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh bratach a chur leis lena léireofar, chun críoch Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus (AE) 2018/1240, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann sna 25 bliana roimhe sin i gcion sceimhlitheoireachta nó sna 15 bliana roimhe sin in aon chion coiriúil eile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 má tá sé inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad faoin dlí náisiúnta, mar aon le cód an Bhallstáit chiontaithigh. |
(8) |
Leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach, a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818, ba cheart a bheith in ann cuardach a dhéanamh ar na sonraí a stóráiltear in ECRIS-TCN. I gcás inarb ábhartha i gcomhthéacs na hidir-inoibritheachta, ba cheart leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach a bheith in ann cuardach a dhéanamh freisin ar shonraí ECRIS-TCN i gcomhthráth leis na sonraí a stóráiltear sna córais faisnéise eile de chuid an Aontais lena mbaineann. |
(9) |
An tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha, a bunaíodh le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818, déantar teimpléid méarlorg a stóráil inti agus ba cheart a bheith in ann cuardach a dhéanamh léi ar na sonraí méarlorg a stóráiltear in ECRIS-TCN. |
(10) |
Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh sainaithint méarlorg indéanta i gcónaí, ba cheart go mbeadh ECRIS-TCN in ann duine a shainaithint trí shonraí alfa-uimhriúla amháin. I gcás náisiúnaigh tríú tír, is é an príomhdhúshlán teicniúil nach mbíonn na sonraí alfa-uimhriúla i gcónaí cruinn. I measc samplaí de mhíchruinneas den sórt sin tá débhríocht ann cé acu an chéad ainm agus an sloinne, litriú ainmneacha agus athruithe traslitrithe ar ainmneacha, nó míchruinneas faoin dáta breithe. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeidh ECRIS-TCN in ann sonraí alfa-uimhriúla a mheaitseáil freisin nuair nach ionann gach gné den tsainaithint, dá dtagraítear mar chuardaigh neamhbheachta. Ba cheart náisiúnach tríú tír a shainaithint trí theaglaim de sheiceálacha ar cháilíocht sonraí agus de chuardaigh neamhbheachta nó trí aon mhodh eile a sholáthraíonn an t-inneall cuardaigh foluiteach atá oiriúnach chun críche an chórais. Dá bhrí sin, ba cheart líon na dtaifead a fhaightear mar thoradh ar chuardach a bhunú i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme. Mura ndéanfaí amhlaidh, dhéanfaí dochar do chearta daoine aonair agus d’fheidhmíocht agus d’infhaighteacht an chórais. |
(11) |
Ba cheart an t-inneall a dhéanann an cuardach neamhbheacht a bheith in ann na torthaí a theorannú trí thairseach scór meaitseála a shonrú agus trí uasmhéid a shocrú don liosta de na taifid a fhaightear. Ba cheart an leibhéal ag a measfar toradh cuardaigh a bheith ina mheaitseáil, chomh maith leis an liosta de na réimsí sonraí ar féidir úsáid a bhaint astu don chuardach neamhbheacht, a bhunú tar éis tástálacha a rinneadh le linn na céime chur chun feidhme. |
(12) |
D’áiritheofaí le gach loga oibríochtaí próiseála sonraí de chuid ECRIS-TCN rian soiléir iniúchóireachta, i.e. fianaise dhoiciméadach a sholáthar agus rianú a dhéanamh ar na hoibríochtaí uile a rinneadh in ECRIS-TCN. |
(13) |
Le staidreamh ECRIS-TCN, ba cheart a bheith in ann faireachán a dhéanamh ar thaifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise arna baint as taifid choiriúla trí ECRIS-TCN agus trí na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS. Ba cheart an staidreamh sin teacht ó na foinsí seo a leanas: an Lárstóras um Thuairisciú agus Staidreamh arna bhunú agus arna chur chun feidhme ag eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/818, na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS nó bogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, agus cláir taifead coiriúil na mBallstát a mhéid a bhaineann le líon na náisiúnach tríú tír arna gciontú agus líon a gciontuithe. |
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní raibh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2019/816 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl sé de cheangal ar an Danmhairg an Cinneadh seo a chur chun feidhme. |
(15) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus le hAirteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní raibh Éire rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2019/816 agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl sé de cheangal ar Éirinn an Cinneadh seo a chur chun feidhme. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sonraí a iontráil in ECRIS-TCN
Agus sonraí á n-iontráil in ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/816, bainfidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh úsáid as an tsamhail sonraí a leagtar amach i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Beidh na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh na n-eilimintí sonraí a áirítear sa tsamhail sonraí comhsheasmhach leis an tsamhail sonraí do bhogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Rialachán sin.
Airteagal 2
Sonraí a phróiseáil
1. I gcás ina n-áirítear sonraí alfa-uimhriúla agus sonraí méarlorg duine araon i dtaifead sonraí a cruthaíodh in ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/816, déanfar na sonraí alfa-uimhriúla a nascadh lena shonraí méarlorg comhfhreagracha.
2. Beidh an t-algartam comhbhrúite íomhánna méarlorg a mbainfear úsáid as de réir mholtaí na hInstitiúide Náisiúnta um Chaighdeáin agus Teicneolaíochta (‘NIST’).
Comhbhrúfar sonraí méarlorg a bhfuil taifeach 500 ppi acu trí úsáid a bhaint as algartam WSQ (ISO/IEC 19794-5:2005).
Comhbhrúfar sonraí méarlorg a bhfuil taifeach 1 000 ppi acu trí úsáid a bhaint as caighdeán comhbhrúite íomhánna JPEG 2000 (ISO/IEC 15444-1) agus as córas códúcháin.
15:1 a bheidh sa chóimheas comhbhrú sprice.
3. Sula ndéanfar na sonraí méarlorg dá dtagraítear in Airteagal 4(7) a athsholáthar nó a nuashonrú in ECRIS-TCN, déanfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an chéannacht a fhíorú go rathúil. Socrófar na sonraíochtaí teicniúla don athsholáthar sin nó don nuashonrú sin i gcomhréir leis na prionsabail atá i ndearadh ailtireacht fhisiceach ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/816.
Airteagal 3
Cáilíocht sonraí alfa-uimhriúla
1. Agus sonraí alfa-uimhriúla á n-iontráil nó á modhnú in ECRIS-TCN, bainfidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh úsáid as an sásra fíoraithe cáilíochta sonraí atá comhtháite sna bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.
2. Na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, dá bhforáiltear in Airteagal 4(4) go (7) de Rialachán (AE) 2019/816, áiritheoidh siad go gceadófar lena mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS an fíorú cáilíochta alfa-uimhriúil céanna a dhéanamh ar cháilíocht sonraí agus atá ag an sásra dá dtagraítear i mír 1.
3. Beidh feidhm ag an bpróiseas fíoraithe cáilíochta sonraí maidir leis na sonraí alfa-uimhriúla uile a iontráil nó a mhodhnú, agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a) |
líonfar isteach na réimsí éigeantacha ar fad nó beidh an luach ‘anaithnid’ leo; |
(b) |
i gcás ina bhfuil an luach ‘anaithnid’ ar céadainm, ní bheidh an luach ‘anaithnid’ ag an sloinne, agus vice versa, mura bhfuil ainm bréige, céadainm nó sloinne ailias, nó méarloirg don duine céanna ar fáil; |
(c) |
déanfar an eilimint sonraí ‘náisiúntacht nó náisiúntachtaí’ sa teachtaireacht isteach ón mBallstát ciontaitheach a fhíorú ar liosta réamhshainithe tíortha, ach féadfaidh ceann de na luachanna ‘anaithnid’ nó ‘gan stát’ a bheith inti. |
4. Ní chruthófar taifead nua sonraí i gcás ina mbeidh taifead ina bhfuil sonraí alfa-uimhriúla comhionanna cruthaithe cheana féin in ECRIS-TCN ag an mBallstát céanna, go háirithe i gcás inarb ann cheana do Chód Tagartha an Bhallstáit chéanna ón mBallstát céanna.
Agus comparáid á déanamh idir macasamhail na dtaifead sonraí, ní chuirfear san áireamh ach na heilimintí sonraí alfa-uimhriúla atá marcáilte mar ábhartha don chomparáid sin sa tsamhail sonraí a leagtar amach i Roinn I den Iarscríbhinn.
Ní dhéanfar eilimintí sonraí alfa-uimhriúla atá folamh in aon cheann de na taifid sonraí a chur san áireamh chun críche na comparáide sin.
5. I gcás ina mbeidh aon sonraí alfa-uimhriúla sa taifead nach gcomhlíonfaidh na caighdeáin a leagtar amach i míreanna 3 agus 4, diúltóidh ECRIS-TCN an taifead sin ina iomláine agus ní stórálfar ná ní phróiseálfar é.
Airteagal 4
Cáilíocht na sonraí méarlorg
1. Agus na sonraí méarlorg á n-iontráil nó á modhnú in ECRIS-TCN, bainfidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh úsáid as sásra fíoraithe cáilíochta sonraí atá comhtháite sna bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS nó a chuireann eu-LISA ar fáil mar fheidhmchlár bogearraí. I gcomhréir le freagrachtaí eu-LISA de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2019/816, beidh eu-LISA freagrach freisin as forbairt, cothabháil agus nuashonrú an tsásra fíoraithe cáilíochta sonraí sin.
2. Déanfar an sásra fíoraithe cáilíochta sonraí céanna leis an sásra dá dtagraítear i mír 1 a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú i gcóras lárnach ECRIS-TCN.
3. Na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, dá bhforáiltear in Airteagal 4(4) go (7) de Rialachán (AE) 2019/816, áiritheoidh siad, i gcás nach mbainfidh siad úsáid as an tsásra cáilíochta sonraí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go ráthófar lena mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS na caighdeáin agus na méadrachtaí fíoraithe cáilíochta sonraí méarlorg céanna agus atá ag an sásra dá dtagraítear i mír 1.
4. Chun críche an fhíoraithe cáilíochta dá dtagraítear san Airteagal seo, bainfear úsáid as leagan 2.0 ar a laghad de mhéadracht Cháilíocht na nÍomhánna Méarlorg (NFIQ), arna shainiú ag NIST.
5. Beidh feidhm ag an bpróiseas fíoraithe cáilíochta sonraí maidir leis na sonraí méarlorg uile a iontráiltear nó a mhodhnaítear in ECRIS-TCN, agus áiritheoidh sé go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a) |
is éard atá sna sonraí méarlorg suas le deich gcinn de mhéarloirg aonair: rollta, cothrom nó an dá rud; |
(b) |
go bhfuil lipéad ar gach méarlorg; |
(c) |
go ngabhtar na sonraí méarlorg le scanadh beo nó le dúch ar pháipéar, ar choinníoll go ndearnadh na méarloirg a chuirtear ar pháipéar le dúch a scanadh sa taifeach is gá agus ar an gcaighdeán céanna; |
(d) |
go soláthrófar na sonraí méarlorg i gcomhad amháin ina mbeidh íomhánna digiteacha méarlorg (comhad NIST) agus go gcuirfear isteach iad i gcomhréir le caighdeán ANSI/NIST-ITL 1-2011 Uasdátú 2015 (nó leagan níos nuaí); |
(e) |
go mbeifear in ann le comhad NIST faisnéis chomhlántach a áireamh amhail coinníollacha clárúcháin méarlorg, an modh a mbaintear úsáid as chun íomhánna méarlorg aonair a fháil agus an luach cáilíochta arna ríomh ag na Ballstáit le linn an phróisis fíoraithe cáilíochta sonraí; |
(f) |
go bhfuil taifeach ainmniúil 500 nó 1000 ppi ag na sonraí méarlorg (le diall inghlactha +/– 10 ppi) ag a bhfuil 256 leibhéal liath; |
(g) |
go gcomhlíonann na sonraí méarlorg na tairsí cáilíochta a chinnfear tar éis na tástálacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/816 a dhéanamh le linn na céime chur chun feidhme. |
6. Agus sonraí méarlorg á gcuardach in ECRIS-TCN chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis taifead coiriúil faoi náisiúnach tríú tír a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/816, bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as sonraí méarlorg lena gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 5, pointí (d) agus (f) den Airteagal seo nuair is féidir.
7. Diúltóidh ECRIS-TCN ina n-iomláine do shonraí méarlorg, cé is moite de shonraí méarlorg dá dtagraítear i mír 8, a iontráiltear nó a modhnaítear in ECRIS-TCN nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 5, agus ní stórálfar ná ní phróiseálfar na sonraí sin.
8. I gcás na dtaifead sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2019/816, aon sonraí méarlorg nach gcomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 5 den Airteagal seo, stórálfar in ECRIS-TCN iad, ach ní fhéadfaidh ach na húdaráis inniúla úsáid a bhaint astu chun céannacht náisiúnaigh tríú tír a sainaithníodh mar thoradh ar chuardach sonraí alfa-uimhriúla a dheimhniú. Agus taifid sonraí den sórt sin á n-iontráil in ECRIS-TCN, áiritheoidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh gur féidir na taifid sonraí sin a idirdhealú go soiléir ó na taifid sonraí eile.
Airteagal 5
ECRIS-TCN a rochtain agus a chuardach
1. Agus ECRIS-TCN á chuardach chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/816, bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as an tsamhail sonraí a leagtar amach i Roinn II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. Agus cuardach dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh, líonfaidh na húdaráis inniúla isteach an oiread eilimintí sonraí lena sainaithneofar an náisiúnach tríú tír lena mbaineann agus a bheidh ar fáil. Mura bhfuil na híomhánna digiteacha méarlorg (comhad NIST) sa chuardach, roghnófar trí eilimint sonraí den sórt sin ar a laghad as na cinn atá marcáilte chun na críche sin sa tsamhail sonraí a leagtar amach i Roinn II den Iarscríbhinn.
3. Tar éis na dtástálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/816 a rinneadh le linn na céime chur chun feidhme, bunófar na sonraíochtaí teicniúla seo a leanas:
(a) |
liosta na réimsí sonraí maidir le sonraí ar féidir úsáid a bhaint astu le haghaidh cuardach neamhbheacht |
(b) |
na coinníollacha faoina measfar toradh cuardaigh a bheith ina mhacasamhail, agus ceanglais feidhmíochta chóras lárnach ECRIS-TCN a leagtar amach i Roinn III den Iarscríbhinn agus leibhéal inghlactha na mbréagdheimhneach agus na mbréagdhiúltach á gcur san áireamh. |
4. Ní rachaidh líon na dtaifead a fhaightear mar thoradh ar chuardach thar deich gcinn in aghaidh an Bhallstáit. Féadfar srianta breise ar líon na dtaifead a fhaightear mar thoradh a fhorchur, i gcás inarb iomchuí.
5. Mura bhforáiltear a mhalairt i Rialachán (AE) 2019/816, beidh rochtain i gcónaí ag na húdaráis lárnacha ar na sonraí uile a d’iontráil siad in ECRIS-TCN, lena n-áirítear rochtain ar iltaifid sonraí an tráth céanna.
6. Déanfar liostaí próifílí na mball foirne atá údaraithe rochtain a fháil ar ECRIS-TCN, arna mbunú ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 12(1)(d) agus 15 de Rialachán (AE) 2019/816, mar aon leis na nuashonruithe orthu, a sholáthar do eu-LISA.
Airteagal 6
Logaí a choinneáil agus a rochtain
1. Beidh eu-LISA agus na húdaráis inniúla freagrach as an mbonneagar agus na huirlisí is gá a sholáthar chun oibríochtaí próiseála sonraí a logáil in ECRIS-TCN i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/816, agus go háirithe na huirlisí chun logaí a chomhiomlánú agus a chuardach.
Beidh eu-LISA, i gcomhairle le Grúpa Comhairleach ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/816 (‘Grúpa Comhairleach ECRIS-TCN’), agus na húdaráis inniúla freagrach freisin as a gcaighdeáin, a gcleachtais agus a nósanna imeachta logála faoi seach a shonrú, lena n-áirítear formáid shonrach na dtaifead logála agus an nós imeachta maidir le taifid logála a chomhroinnt.
2. Beidh eu-LISA agus na húdaráis inniúla freagrach as a gcaighdeáin agus a nósanna imeachta faoi seach dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme. Áireofar an méid seo a leanas ar an gcur chun feidhme sin:
(a) |
iniúchadh a dhéanamh ar na logaí mar fhreagairt ar theagmhais agus, nuair is féidir, ar bhealach réamhghníomhach, |
(b) |
cúraimí bainistíochta logaí amhail cartlannú, stóráil shábháilte, ard-infhaighteacht agus cosaint ar rochtain neamhúdaraithe i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/816. |
3. Beidh eu-LISA freagrach as na logaí a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1.
4. Beidh na húdaráis inniúla freagrach as a logaí faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/816 a choimeád, as iad a bhainistiú agus as iad a chur ar fáil do eu-LISA, arna iarraidh sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a shonraítear i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1.
5. I ngach loga oibríochtaí próiseála sonraí de chuid ECRIS-TCN, beidh taifead croineolaíoch ar a laghad ina dtugtar fianaise dhoiciméadach ar sheicheamh na ngníomhaíochtaí a ndearna oibríocht, nós imeachta nó teagmhas ar leith difear dóibh.
6. Saineoidh eu-LISA agus na húdaráis inniúla faoi seach liosta na mball foirne atá údaraithe rochtain a fháil ar logaí oibríochtaí próiseála sonraí ECRIS-TCN agus a bpróifílí i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2019/816.
Airteagal 7
Staitisticí
1. An Lárstóras um Thuairisciú agus Staidreamh, arna bhunú agus arna chur chun feidhme ag eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/818, agus bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, is iad a sholáthróidh staitisticí maidir le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise arna baint as taifid choiriúla trí ECRIS-TCN agus trí bhogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816.
2. Áireofar go háirithe sa staitisticí dá dtagraítear i mír 1 an staidreamh gnó seo a leanas:
(a) |
maidir le táscairí úsáide córais:
|
(b) |
maidir le táscairí sonraí:
|
(c) |
maidir le táscairí éifeachtúlachta a mheaitseáil:
|
(d) |
táscairí eile:
|
3. I gcás inarb ábhartha, déanfar an staitisticí dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar ar leithligh do gach údarás inniúil.
4. Áireofar go háirithe sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1 an staidreamh teicniúil seo a leanas, a bhaineann le cáilíocht na dtáscairí seirbhíse:
(a) |
cóimheas ratha/teipe na n-iarratas; |
(b) |
infhaighteacht an chórais; |
(c) |
staitisticí maidir le haga freagartha le haghaidh gach cás úsáide arna thacú ag an gcóras. |
5. Déanfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 1 go mír 4 a tháirgeadh ar bhonn laethúil.
6. Na Ballstáit sin a bhaineann úsáid as a mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS, dá bhforáiltear in Airteagal 4(4) go (7) de Rialachán (AE) 2019/816, áiritheoidh siad go gceadófar lena mbogearraí náisiúnta do chur chun feidhme ECRIS do tháirgeadh an staidrimh chéanna mar atá i mbogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS.
Airteagal 8
Ceanglais feidhmíochta ECRIS-TCN
1. Leagtar amach i Roinn III den Iarscríbhinn ceanglais feidhmíochta córas lárnach ECRIS-TCN maidir le taifid sonraí a chruthú, a mhodhnú, a scriosadh agus a bhreathnú agus maidir leis an mBallstát ciontaitheach a chuardach.
2. Déanfaidh eu-LISA faireachán ar fheidhmíocht chruinneas sonraí méarlorg in ECRIS-TCN go lárnach ar na sonraí arna n-iontráil ag na Ballstáit in ECRIS-TCN, bunaithe ar shampla ionadaíoch cásanna.
3. Déanfar an faireachán dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn rialta, agus uair sa mhí ar a laghad. Scaipfidh eu-LISA tuarascálacha ar an bhfaireachán sin ar na Ballstáit.
4. An próiseas chun cruinneas sonraí méarlorg a thomhas, déanfar é a uathoibriú a mhéid is féidir agus ní cheadófar sainaithint aonair leis. Cinnfear an próiseas sin tar éis na tástálacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/816 a dhéanamh le linn na céime chur chun feidhme.
5. Déanfar an táscaire cruinnis ‘Ráta Mainneachtana i leith Clárú’, maidir le cion na gclárúchán nach bhfuil ar cháilíocht leordhóthanach, a chur i bhfeidhm sa phróiseas faireacháin ar chruinneas sonraí méarlorg.
Cinnfear sprioc chruinneas an táscaire sin tar éis na tástálacha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/816 a dhéanamh le linn na céime chur chun feidhme.
Airteagal 9
Ceanglais infhaighteachta agus in-aisghabhálachta ECRIS-TCN
1. Beidh cóimheas infhaighteachta 97.6 % ar a laghad ag córas lárnach ECRIS-TCN, arna ríomh thar bhliain amháin. Déanfar an chothabháil atá beartaithe lasmuigh d’uaireanta oifige eu-LISA agus na n-údarás lárnach.
2. Déanfar oibríochtaí ECRIS-TCN a chothabháil i gcás ina bhféadfadh aon teagmhas suaiteach nó drochstaid a bheith ann i gcomhréir le luachanna Chuspóir an Aga Aisghabhála arna bhformheas ag eu-LISA agus ag na Ballstáit tar éis próiseas Measúnaithe Tionchair Gnó a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil.
3. Áiritheoidh eu-LISA gur féidir sonraí a áirítear in ECRIS-TCN a athbhunú i gcás ina bhféadfadh aon teagmhas suaiteach nó drochstaid a bheith ann, i gcomhréir le luachanna Chuspóir an Phointe Aisghabhála arna bhformheas ag eu-LISA agus ag na Ballstáit mar a shonraítear i bpróiseas Measúnaithe Tionchar Gnó a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil).
Airteagal 10
Bonneagar cumarsáide le haghaidh ECRIS-TCN
1. Is é a bheidh sa bhonneagar cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(d) Líonra EuroDomain na Seirbhísí Tras-Eorpacha do Theileamaitice idir Córais Riaracháin (TESTA), atá comhdhéanta de Phointe Rochtana EuroDomain (TAP) TESTA agus cnámh droma Eorpach TESTA. Aon fhorbairt bhreise a dhéanfar air nó aon líonra slán malartach, áiritheofar leis go leanfaidh an bonneagar cumarsáide atá i bhfeidhm de na ceanglais slándála is gá a chomhlíonadh, ceanglais a leagtar síos i gcomhréir leis na prionsabail atá i ndearadh ailtireacht fhisiceach ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/816, agus i Rialachán ECRIS-TCN féin.
2. I gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 3(15) agus 4(1)(d) de Rialachán ECRIS-TCN, fad is gurb é Líonra EuroDomain TESTA an bonneagar cumarsáide do ECRIS-TCN, tuigfear gurb é Pointe Rochtana EuroDomain (TAP) TESTA an lárphointe rochtana náisiúnta do ECRIS-TCN.
Airteagal 11
Bogearraí Comhéadain
Socrófar na sonraíochtaí teicniúla do na bogearraí comhéadain i gcomhréir leis na prionsabail atá i ndearadh ailtireacht fhisiceach ECRIS-TCN dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) 2019/816.
Airteagal 12
Na sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt
Beidh eu-LISA, i gcomhairle le Grúpa Comhairleach ECRIS-TCN, freagrach as sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe ECRIS-TCN a fhorbairt dá dtagraítear in Airteagail 1, 2(3), 4(5)(g), 5(3), 5(4), 8(4), 8(5) agus 11 i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Chinneadh seo.
Airteagal 13
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 135, 22.5.2019, lch. 85.
(2) Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le heagrú agus le hábhar an mhalartaithe faisnéise a bhaintear as an taifead coiriúil idir na Ballstáit (IO L 93, 7.4.2009, lch. 23), arna leasú le Treoir (AE) 2019/884 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Cinneadh Réime 2009/315/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú faisnéise faoi náisiúnaigh tríú tír agus a mhéid a bhaineann leis an gCóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2009/316/CGB ón gComhairle (IO L 151, 7.6.2019, lch. 143.
(3) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(4) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
(5) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726, Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2019/816 (IO L135, 22.5.2019, lch. 85).
(6) Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí (IO L248, 13.7.2021, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2021/1151 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (IO L249, 14.7.2021, lch. 7).
(8) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
IARSCRÍBHINN
I. Sonraí a iontráil i samhail sonraí ECRIS-TCN don teachtaireacht ‘Seol sonraí’
Bainfidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh úsáid as an tsamhail sonraí a leagtar amach sa tábla thíos agus na sonraí á n-iontráil nó á modhnú in ECRIS-TCN i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/816 . Féadfar gnéithe teicniúla breise a chur san áireamh freisin mar is gá.
Eilimint sonraí |
An cineál sonraí |
Luach ‘anaithnid’ féideartha |
[An Ballstát Ciontaitheach]: Ballstát |
Éigeantach |
Neamhbhainteach (1) |
[An Ballstát Ciontaitheach]: Údaráis Lárnacha na mBallstát |
Éigeantach |
Neamhbhainteach |
[Teagmhálaí]: Céadainm(neacha) |
Roghnach |
Neamhbhainteach |
[Teagmhálaí]: Sloinne |
Roghnach |
Neamhbhainteach |
[Teagmhálaí]: An dara sloinne |
Roghnach |
Neamhbhainteach |
[Teagmhálaí]: Fón |
Roghnach |
Neamhbhainteach |
[Teagmhálaí]: Facs |
Roghnach |
Neamhbhainteach |
[Teagmhálaí]: R-phost |
Éigeantach |
Neamhbhainteach |
Ainm úsáideora an oifigigh |
Éigeantach |
Neamhbhainteach |
Cód Tagartha an Bhallstáit (*1) |
Éigeantach |
Uimhir |
Aitheantóir Uathúil (2) |
Éigeantach |
Uimhir |
Stampa ama chun an taifead sonraí a sheoladh ó ECRIS RI nó ó bhogearraí cur chun feidhme náisiúnta chuig córas lárnach ECRIS-TCN |
Éigeantach |
Neamhbhainteach |
Sloinne (Sloinnte) (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Céadainm/céadainmneacha (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Ainm iomlán (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Dáta breithe (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Áit bhreithe: [Áit]: Tír (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Áit bhreithe: [Áit]: Ainm an bhaile (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Áit bhreithe: [Áit]: Foroinn na tíre (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Áit bhreithe: [Áit]: Cód an bhaile (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Náisiúntacht nó náisiúntachtaí (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Inscne (*1) |
Éigeantach |
Tá |
Sloinne(sloinnte) roimhe seo (*1) |
Éigeantach más infheidhme (3) |
Tá |
Céadainm(neacha) roimhe seo (*1) |
Éigeantach más infheidhme (4) |
Tá |
Sloinne(sloinnte) na máthar (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Céadainm(neacha) na máthar (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Sloinne(sloinnte) an athar (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Céadainm(neacha) an athar (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Uimhir aitheantais (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad aitheantais]: Catagóir aitheantais (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad aitheantais]: Uimhir an doiciméid aitheantais (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad aitheantais]: An cineál doiciméid aitheantais (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad aitheantais]: Ainm údarás eisiúna an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad aitheantais]: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Roghnach |
Uimhir |
|
[Doiciméad taistil]: An cineál doiciméid taistil (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad taistil]: Ainm údarás eisiúna an doiciméid taistil (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
[Doiciméad taistil]: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna (*1) |
Roghnach |
Uimhir |
Ainm bréige |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Céadainm(neacha) an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Sloinne(sloinnte) an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Ainm iomlán an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Inscne an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: Tír |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: Ainm an bhaile |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: Foroinn na tíre |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: Cód an bhaile |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Dáta breithe |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Náisiúntacht nó náisiúntachtaí an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Céadainm(neacha) Mháthair an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Sloinne(sloinnte) Mháthair an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Céadainm(neacha) Athair an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: Sloinne(sloinnte) Athair an ailias |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: Uimhir an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: An cineál doiciméid aitheantais |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: Ainm údarás eisiúna an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: Uimhir an doiciméid taistil |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: An cineál doiciméid taistil |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: Ainm údarás eisiúna an doiciméid taistil |
Roghnach |
Uimhir |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna |
Roghnach |
Uimhir |
Íomhánna digiteacha méarlorg (comhad NIST) |
Roghnach |
Uimhir |
Uimhir thagartha na híomhá digití méarlorg |
Éigeantach má sholáthraítear na híomhánna digiteacha méarlorg |
Uimhir |
Paraiméadar lena léirítear taifead sonraí a cruthaíodh i gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2019/816 (paraiméadar seansonraí) |
Éigeantach má sholáthraítear na híomhánna digiteacha méarlorg |
Uimhir |
Bratach a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/816 |
Roghnach |
Uimhir |
II. ECRIS-TCN a rochtain agus a chuardach - samhail sonraí don teachtaireacht ‘an Ballstát ciontaitheach a chuardach’
Bainfidh na húdaráis inniúla úsáid as an tsamhail sonraí a leagtar amach sa tábla thíos agus úsáid á baint as ECRIS-TCN chun na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis faoi thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/816.
Eilimint sonraí |
An cineál sonraí |
Údarás inniúil iarrthach |
Éigeantach |
Ainm úsáideora an oifigigh |
Éigeantach |
Cuspóir na teachtaireachta cuardaigh |
Éigeantach |
Cód Tagartha an Bhallstáit |
Roghnach |
Stampa ama chun na sonraí cuardaigh a sheoladh ó ECRIS RI nó ó bhogearraí cur chun feidhme náisiúnta chuig córas lárnach ECRIS-TCN |
Éigeantach |
Cuardach beacht/Cuardach neamhbheacht |
Éigeantach |
Sloinne (Sloinnte) (*2) |
Roghnach |
Céadainm/céadainmneacha (*2) |
Roghnach |
Ainm iomlán |
Roghnach |
Dáta breithe (*2) |
Roghnach |
Áit bhreithe: [Áit]: tír (*2) |
Roghnach |
Áit bhreithe: [Áit]: ainm an bhaile |
Roghnach |
Áit bhreithe: [Áit]: Foroinn na tíre |
Roghnach |
Áit bhreithe: [Áit]: Cód an bhaile |
Roghnach |
Náisiúntacht nó náisiúntachtaí (*2) |
Roghnach |
Inscne |
Roghnach |
Sloinne(sloinnte) roimhe seo (*2) |
Roghnach |
Céadainm(neacha) roimhe seo (*2) |
Roghnach |
Sloinne(sloinnte) na máthar |
Roghnach |
Céadainm(neacha) na máthar |
Roghnach |
Sloinne(sloinnte) an athar |
Roghnach |
Céadainm(neacha) an athar |
Roghnach |
Uimhir aitheantais (*2) |
Roghnach |
[Doiciméad aitheantais]: Catagóir aitheantais |
Roghnach |
[Doiciméad aitheantais]: Uimhir an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
[Doiciméad aitheantais]: An cineál doiciméid aitheantais |
Roghnach |
[Doiciméad aitheantais]: Ainm údarás eisiúna an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
[Doiciméad aitheantais]: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna |
Roghnach |
[Doiciméad taistil]: Uimhir an doiciméid taistil |
Roghnach |
[Doiciméad taistil]: An cineál doiciméid taistil |
Roghnach |
[Doiciméad taistil]: Ainm údarás eisiúna an doiciméid taistil |
Roghnach |
[Doiciméad taistil]: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna |
Roghnach |
Ainm bréige |
Roghnach |
[An t-ailias]: Céadainm(neacha) an ailias (*2) |
Roghnach |
[An t-ailias]: Sloinne(sloinnte) an ailias (*2) |
Roghnach |
[An t-ailias]: Ainm iomlán an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: Inscne an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: tír |
Roghnach |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: ainm an bhaile |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Áit bhreithe an ailias: [Áit]: foroinn na tíre |
Roghnach |
[An t-ailias]: Áit bhreithe an ailias: [Áit]: Cód an bhaile |
Roghnach |
[An t-ailias]: Dáta breithe |
Roghnach |
[An t-ailias]: Náisiúntacht nó náisiúntachtaí an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: Céadainm(neacha) Mháthair an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: Sloinne(sloinnte) Mháthair an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: Céadainm(neacha) Athair an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: Sloinne(sloinnte) Athair an ailias |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: Uimhir an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: An cineál doiciméid aitheantais |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: Ainm údarás eisiúna an doiciméid aitheantais |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad aitheantais] an ailias: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: Uimhir an doiciméid taistil |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: An cineál doiciméid taistil |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: Ainm údarás eisiúna an doiciméid taistil |
Roghnach |
[An t-ailias]: [Doiciméad taistil] an ailias: I gcás inarb ábhartha, cód 3-litir na tíre eisiúna |
Roghnach |
Íomhánna digiteacha méarlorg (comhad NIST) |
Roghnach |
III. Ceanglais feidhmíochta le haghaidh ECRIS-TCN
Ba cheart na ceanglais feidhmíochta le haghaidh ECRIS-TCN a bheith níos fearr ná na luachanna a liostaítear sa tábla thíos nó cothrom leo.
Cás úsáide |
Aga freagartha bunaithe ar oibríochtaí adamhacha le haghaidh 95 % de na hiarrataí |
Aga freagartha uasta bunaithe ar oibríochtaí adamhacha |
Taifead sonraí náisiúnach tríú tír (gan méarloirg) a Chruthú/Athrú |
30 soicind |
60 soicind |
Taifead sonraí náisiúnach tríú tír (le méarloirg) a Chruthú/Athrú |
Dearbhú: 30 soicind Cur i gcrích: 5 nóiméad |
Dearbhú: 60 soicind Cur i gcrích: 10 nóiméad |
Taifead sonraí náisiúnach tríú tír a scriosadh (le méarloirg nó gan mhéarloirg) |
30 soicind |
60 soicind |
Amharc ar thaifead sonraí arna chruthú ag an mBallstát céanna (le méarloirg nó gan mhéarloirg) |
15 shoicind |
30 soicind |
An Ballstát ciontaitheach a chuardach (cuardach beacht; gan méarloirg) |
15 soicind |
30 soicind |
An Ballstát ciontaitheach a chuardach (le méarloirg) |
30 soicind |
60 soicind |
An Ballstát ciontaitheach a chuardach (cuardach neamhbheacht; le nó gan méarloirg) |
30 soicind |
60 soicind |
Cáilíocht na sonraí méarlorg a fhíorú |
10 soicind |
20 soicind |
(1) Ciallaíonn N/A ‘neamhbhainteach’.
(2) Teaglaim de Chód Tagartha an Bhallstáit agus de chód ISO an Bhallstáit chiontaithigh
(3) Ní bhaineann sé ach le cásanna ina bhfuil ainm/ainmneacha nó sloinne/sloinnte roimhe seo ag duine, e.g. sloinne réamhphósta.
(4) Idem
(5) Ciallaíonn doiciméad taistil pas nó doiciméad coibhéiseach eile a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar féidir víosa a ghreamú de, mar a liostaítear i gCinneadh 1105/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an liosta de dhoiciméid taistil a thugann teideal don sealbhóir na teorainneacha seachtracha a thrasnú agus ar doiciméid iad a fhéadfar a fhormhuiniú le víosa, agus maidir le sásra a chur ar bun chun an liosta sin a shocrú (IO. L.287, 4.11.2011, lch. 9).
(*1) eilimint sonraí alfa-uimhriúla de thaifead sonraí atá ann cheana, rud a chuirfear i gcomparáid le heilimint sonraí faoi seach den taifead sonraí atá le cruthú i gcomhréir le hAirteagal 3(4).
(*2) eilimint sonraí a d’fhéadfaí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) mar cheann de na trí eilimint sonraí íosta chun an córas ECRIS-TCN a chuardach.
GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 322/122 |
CINNEADH Uimh. 1/2022 Ó CHOMHCHOISTE AERIOMPAIR AN AONTAIS EORPAIGH/NA HEILVÉISE A BUNAÍODH FAOIN GCOMHAONTÚ IDIR AN COMHPHOBAL EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA HEILVÉISE MAIDIR LE HAERIOMPAR
an 24 Samhain 2022
a thagann in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar [2022/2471]
TÁ COISTE AERIOMPAIR AN AONTAIS EORPAIGH/NA hEILVÉISE,
Ag féachaint don Chomhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar (an “Comhaontú”), agus go háirithe Airteagal 23(4) de,
TAR ÉIS CINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal aonair
Tagann an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.
Arna dhéanamh i mBeirn agus sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2022.
Thar ceann an Chomhchoiste
Ceann Thoscaireacht na hEilvéise
Christian HEGNER
Ceann Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh
Filip CORNELIS
IARSCRÍBHINN
Chun críocha an Chomhaontaithe seo:
— |
De bhua Chonradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, gabhfaidh an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobail Eorpaigh agus tiocfaidh sé i gcomharbas air; |
— |
I gcás ina bhfuil tagairtí do Bhallstáit an Chomhphobail i ngníomhartha a shonraítear san Iarscríbhinn seo, agus gur cuireadh an tAontas Eorpach ina ionad, nó ina bhfuil ceangal ar nasc leis an Aontas Eorpach, beidh feidhm chomhionann ag na tagairtí maidir leis an Eilvéis nó leis an gceanglas maidir le nasc leis an Eilvéis chun críche an Chomhaontaithe; |
— |
Na tagairtí do Rialacháin (CEE) Uimh. 2407/92 agus Uimh. 2408/92 ón gComhairle in Airteagail 4, 15, 18, 27 agus 35 den Chomhaontú, tuigfear iad mar thagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; |
— |
Gan dochar d'Airteagal 15 den Chomhaontú seo, an téarma “aeriompróir Comhphobail” dá dtagraítear sna treoracha agus sna rialacháin Chomhphobail seo a leanas, áireofar ann aeriompróir atá ceadúnaithe agus a bhfuil a phríomháit ghnó aige agus, má tá oifig aige, a oifig chláraithe san Eilvéis aige i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Aon tagairt do Rialachán (CEE) Uimh. 2407/92 ón gComhairle tuigfear í mar thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008; |
— |
Aon tagairt sna téacsanna seo a leanas d'Airteagail 81 agus 82 den Chonradh nó d'Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuigfear go gciallaíonn sí Airteagail 8 agus 9 den Chomhaontú seo. |
1. Léirscaoileadh na heitlíochta agus rialacha eile maidir leis an eitlíocht shibhialta
Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) IO L 293, 31.10.2008, lch. 3, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2020/696, IO L 165, 27.5.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2114 ón gCoimisiún, IO L 426, 17.12.2020, lch. 1; Tá Rialachán (AE) 2020/2114 infheidhme go huile agus go hiomlán san Eilvéis ón 18.12.2020, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2115 ón gCoimisiún, IO L 426, 17.12.2020, lch. 4; Tá Rialachán (AE) 2020/2115 infheidhme go huile agus go hiomlán san Eilvéis ón 18.12.2020. |
Treoir 2000/79 ón gComhairle an 27 Samhain 2000 a bhaineann leis an gComhaontú Eorpach maidir le Comhaontú na hEorpa um Eagrú Ama Oibre na nOibrithe Taistil san Eitlíocht Shibhialta arna thabhairt i gcrích ag Cumann Aerlínte na hEorpa (AEA), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF), Cónaidhm Chriúnna Eitilte na hEorpa (ECA), Comhlachas Aerlínte Réigiúin na hEorpa (ERA) agus Comhlachas na nAeriompróirí Idirnáisiúnta (IACA), (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 302, 1.12.2000, lch. 57.
Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre, IO L 299, 18.11.2003, lch. 9.
Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d'aer, IO L 66, 11.3.2003, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1358/2003 ón gCoimisiún, IO L 49, 17.2.2007, lch. 9. |
Rialachán (CE) Uimh. 1358/2003 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2003 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 437/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisceáin staidrimh i leith paisinéirí, lastas agus post a iompar d'aer agus lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II leis sin, IO L 194, 1.8.2003, lch. 9 arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 158/2007 ón gCoimisiún, IO L 49, 17.2.2007, lch. 9. |
Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir leis na ceanglais árachais a bhaineann le haeriompróirí agus le hoibreoirí aerárthaí, IO L 138, 30.4.2004, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 285/2010 ón gCoimisiún, IO L 87, 7.4.2010, lch. 19, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1118 ón gCoimisiún IO L 243, 29.7.2020, lch. 1. |
Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le rialacha comhchoiteanna chun sliotáin a leithdháileadh ag aerfoirt Chomhphobail, IO L 14, 22.1.1993, lch. 1 (Airteagail 1-12), arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 793/2004, IO L 138, 30.4.2004, lch. 50, |
— |
Rialachán (AE) 2020/459, IO L 99, 31.3.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1477 ón gCoimisiún, IO L 338, 15.10.2020, lch. 4, |
— |
Rialachán (AE) 2021/250, IO L 58, 19.2.2021, lch. 1; tá míreanna 1 agus 4 d’Airteagal 10a de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, arna leasú le mír (6) d’Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/250, infheidhme san Eilvéis ón 20.2.2021, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1889 ón gCoimisiún, IO L 384, 29.10.2021, lch. 20, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/255 ón gCoimisiún IO L 42, 23.2.2022, lch. 1. |
Treoir 2009/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le táillí aerfoirt (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 70, 14.3.2009, lch. 11.
Treoir 96/67/CE ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 1996 maidir le rochtain ar mhargadh na láimhseála ar an talamh in aerfoirt Chomhphobail, IO L 272, 25.10.1996, lch. 36, (Airteagail 1-9, 11-23, agus 25).
Rialachán (CE) Uimh. 80/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Eanáir 2009 maidir le Cód Iompair i dtaca le córais áirithinte ar ríomhairí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2299/89 ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 35, 4.2.2009, lch. 47.
2. Rialacha iomaíochta
Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 1, 4.1.2003, lch. 1 (Airteagail 1-13, 15-45)
(A mhéid atá an Rialachán seo ábhartha maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo. Ní dhéanann cur isteach an Rialacháin seo difear do roinnt na gcúraimí de réir an Chomhaontaithe seo.)
Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le himeachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 123, 27.4.2004, lch. 18, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 622/2008 ón gCoimisiún, IO L 171, 1.7.2008, lch. 3. |
Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán CE um Chumaisc) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 24, 29.1.2004, lch. 1. (Airteagail 1-18, 19(1)-(2), agus 20-23)
Maidir le hAirteagal 4(5) de Rialachán CE um Chumaisc, beidh feidhm ag an méid seo a leanas idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilvéis:
(1) |
Maidir le comhchruinniú mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 nach mbaineann gné Chomhphobail leis de réir bhrí Airteagal 1 den Rialachán sin agus a fhéadfar a athbhreithniú faoi dhlíthe náisiúnta iomaíochta trí Bhallstát den Aontas ar a laghad agus Cónaidhm na hEilvéise, féadfaidh na daoine nó na gnóthais dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin, sula dtabharfar aon fhógra do na húdaráis inniúla, an Coimisiún a chur ar an eolas trí bhíthin aighneacht réasúnaithe gur cheart don Choimisiún an comhchruinniú a scrúdú. |
(2) |
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na haighneachtaí uile de bhun Airteagal 4(5) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 agus na míre roimhe seo a tharchur chuig Cónaidhm na hEilvéise gan mhoill. |
(3) |
I gcás ina gcuirfidh Cónaidhm na hEilvéise in iúl nach n-aontaíonn sí leis an iarraidh an cás a tharchur, coinneoidh údarás iomaíochta inniúil na hEilvéise a inniúlacht, agus ní dhéanfar an cás a tharchur ó Chónaidhm na hEilvéise de bhun na míre seo. |
Maidir le teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagail 4(4) agus (5), Airteagail 9(2) agus (6) agus Airteagail 22(2) den Rialachán um Chumaisc:
(1) |
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach na doiciméid ábhartha uile de bhun Airteagail 4(4) agus (5), Airteagail 9(2) agus (6) agus Airteagal 22(2) a tharchur chuig údarás iomaíochta inniúil na hEilvéise gan mhoill. |
(2) |
Cuirfear tús le ríomh na dteorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagail 4(4) agus (5), Airteagail 9(2) agus (6) agus Airteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004, maidir le Cónaidhm na hEilvéise tar éis d'údarás iomaíochta inniúil na hEilvéise na doiciméid ábhartha a fháil. |
Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 133, 30.4.2004, lch. 1 (Airteagail 1-24), arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1792/2006 ón gCoimisiún, IO L 362, 20.12.2006, lch. 1, |
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1033/2008 ón gCoimisiún, IO L 279, 22.10.2008, lch. 3, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1269/2013 ón gCoimisiún, IO L 336, 14.12.2013, lch. 1. |
Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin, maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (Leagan códaithe) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 318, 17.11.2006, lch. 17.
Rialachán (CE) Uimh. 487/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le hAirteagal 81(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm ar aicmí áirithe comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe in earnáil an aeriompair (leagan códaithe) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 148, 11.6.2009, lch. 1.
3. An tsábháilteacht eitlíochta
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1087 ón gCoimisiún IO L 236, 5.7.2021, lch. 1. |
Beidh na cumhachtaí ag an nGníomhaireacht san Eilvéis freisin a dheonaítear di faoi fhorálacha an Rialacháin.
Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach freisin san Eilvéis a dheonaítear dó maidir le cinntí de bhun Airteagal 2(6),(7), Airteagal 41(6), Airteagal 62(5), Airteagal 67(2),(3), Airteagal 70(4), Airteagal 71(2), Airteagal 76(4), Airteagal 84(1), Airteagal 85(9), Airteagal 104(3)(i), Airteagal 105(1) agus Airteagal 106(1),(6).
D'ainneoin an oiriúnaithe chothrománaigh dá bhforáiltear sa dara fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, na tagairtí do na “Ballstáit” a dhéantar i bhforálacha Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a luaitear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139, tuigfear nach mbeidh feidhm ag na tagairtí sin maidir leis an Eilvéis.
Ní dhéanfar aon rud sa Rialachán seo a fhorléiriú chun údarás a aistriú chuig EASA chun gníomhú thar ceann na hEilvéise faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta chun críocha eile seachas chun cúnamh a thabhairt i gcomhlíonadh a hoibleagáidí de bhun na gcomhaontuithe sin.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear téacs an Rialacháin in éineacht leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a) |
Leasaítear Airteagal 68 mar a leanas:
|
(b) |
In Airteagal 95, cuirfear an mhír seo a leanas leis:
|
(c) |
In Airteagal 96, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “An Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh a leagtar amach mar Iarscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo, i gcomhréir leis an bhFoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn A, cuirfidh an Eilvéis an Prótacal sin i bhfeidhm maidir leis an nGníomhaireacht.” |
(d) |
In Airteagal 102, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
|
(e) |
In Airteagal 120, cuirfear an mhír seo a leanas leis:
|
(f) |
In Airteagal 122, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
|
(g) |
Déanfar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a leathnú amach chun na haerárthaí seo a leanas a áireamh mar tháirgí a chumhdaítear le hAirteagal 3(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le haeracmhainneacht agus deimhniúchán comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe (1):
|
(h) |
An tagairt in Airteagal 132(1) do Rialachán (AE) 2016/679, maidir leis an Eilvéis, tuigfear í mar thagairt don reachtaíocht ábhartha náisiúnta. |
(i) |
Níl feidhm ag Airteagal 140(6) maidir leis an Eilvéis. |
Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 290/2012 ón gCoimisiún, IO L 100, 5.4.2012, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 70/2014 ón gCoimisiún, IO L 23, 28.1.2014, lch. 25, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 245/2014 ón gCoimisiún, IO L 74, 14.3.2014, lch. 33, |
— |
Rialachán (AE) 2015/445 ón gCoimisiún, IO L 74, 18.3.2015, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2016/539 ón gCoimisiún, IO L 91, 7.4.2016, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2018/1065 ón gCoimisiún, IO L 192, 30.7.2018, lch. 21, |
— |
Rialachán (AE) 2018/1119 ón gCoimisiún, IO L 204, 13.8.2018, lch. 13, |
— |
Rialachán (AE) 2018/1974 ón gCoimisiún, IO L 326, 20.12.2018, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2019/27 ón gCoimisiún, IO L 8, 10.1.2019, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/430 ón gCoimisiún, IO L 75, 19.3.2019, lch. 66, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1747 ón gCoimisiún, IO L 268, 22.10.2019, lch. 23, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/359 ón gCoimisiún, IO L 67, 5.3.2020, lch. 82, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún, IO L 170, 2.6.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2193 ón gCoimisiún, IO L 434, 23.12.2020, lch. 13, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1310 ón gCoimisiún, IO L 284, 9.8.2021, lch. 15, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2227 ón gCoimisiún, IO L 448, 15.12.2021, lch. 39, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/844 ón gCoimisiún, IO L 148, 31.5.2022, lch. 24. |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/723 ón gCoimisiún an 4 Márta 2020 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le deimhniú píolótaí tríú tír a ghlacadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, IO L 170, 2.6.2020, lch. 1.
Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta, IO L 373, 31.12.1991, lch. 4 (Airteagail 1-3, 4(2), (5-11, agus 13), arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006, IO L 377, 27.12.2006, lch. 1, |
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1900/2006, IO L 377, 27.12.2006, lch. 176, |
— |
Rialachán (CE) Uimh. 8/2008 ón gCoimisiún, IO L 10, 12.1.2008, lch. 1, |
— |
Rialachán (CE) Uimh. 859/2008 ón gCoimisiún, IO L 254, 20.9.2008, lch. 1. |
I gcomhréir le hAirteagal 139 de Rialachán (AE) 2018/1139, aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ó dháta chur i bhfeidhm na rialacha mionsonraithe arna nglacadh de bhun Airteagal 32(1) pointe (a) de Rialachán (AE) 2018/1139 maidir le teorainneacha ama eitilte agus ama dualgais agus ceanglais scíthe maidir le tacsaí aeir, seirbhís éigeandála leighis agus oibríochtaí aeriompair tráchtála píolóta aonair a dhéanann eitleáin.
Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le tionóiscí agus teagmhais san eitlíocht shibhialta a imscrúdú agus a chosc agus lena n-aisghairtear Treoir 94/56/CE (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 295, 12.11.2010, lch. 35, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, IO L 122, 24.4.2014, lch. 18, |
— |
Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1. |
Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2004 lena leagtar síos rialacha maidir le heagraíocht agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, IO L 16, 23.1.2004, lch. 20.
Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2005 maidir le liosta Comhphobail d’aeriompróirí a bhunú atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal agus maidir le paisinéirí aeriompair a chur ar an eolas faoi chéannacht an aeriompróra, agus lena n-aisghairtear Airteagal 9 de Threoir 2004/36/CE (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 344, 27.12.2005, lch. 15, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1. |
Rialachán (CE) Uimh. 473/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme don liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal, dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 84, 23.3.2006, lch. 8.
Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail na n-aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 84, 23.3.2006, lch. 14 arna leasú go deireanach le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/862 ón gCoimisiún, IO L 151, 2.6.2022, lch. 45. |
Rialachán (AE) Uimh. 1332/2011 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibriúcháin chun imbhualadh aerbheirthe a sheachaint (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 336, 20.12.2011, lch. 20, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2016/583 ón gCoimisiún, IO L 101, 16.4.2016, lch. 7. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 646/2012 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2012 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le muirir agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de bhun Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 187, 17.7.2012, lch. 29.
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniúchán d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 7/2013 ón gCoimisiún, IO L 4, 9.1.2013, lch. 36, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 69/2014 ón gCoimisiún, IO L 23, 28.1.2014, lch. 12, |
— |
Rialachán (AE) 2015/1039 ón gCoimisiún, IO L 167, 1.7.2015, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2016/5 ón gCoimisiún, IO L 3, 6.1.2016, lch. 3, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/897 ón gCoimisiún, IO L 144, 3.6.2019, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/570 ón gCoimisiún, IO L 132, 27.4.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún, IO L 145, 28.4.2021, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1088 ón gCoimisiún, IO L 236, 5.7.2021, lch. 3, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/201 ón gCoimisiún, IO L 33, 15.2.2022, lch. 7, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/203 ón gCoimisiún, IO L 33, 15.2.2022, lch. 46. |
Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 296, 25.10.2012, lch. 1 arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 800/2013 ón gCoimisiún, IO L 227, 24.8.2013, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 71/2014 ón gCoimisiún, IO L 23, 28.1.2014, lch. 27, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 83/2014 ón gCoimisiún, IO L 28, 31.1.2014, lch. 17, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 379/2014 ón gCoimisiún, IO L 123, 24.4.2014, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2015/140 ón gCoimisiún, IO L 24, 30.1.2015, lch. 5, |
— |
Rialachán (AE) 2015/1329 ón gCoimisiún, IO L 206, 1.8.2015, lch. 21, |
— |
Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún, IO L 106, 24.4.2015, lch. 18, |
— |
Rialachán (AE) 2015/2338 ón gCoimisiún, IO L 330, 16.12.2015, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2016/1199 ón gCoimisiún, IO L 198, 23.7.2016, lch. 13, |
— |
Rialachán (AE) 2017/363 ón gCoimisiún, IO L 55, 2.3.2017, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2018/394 ón gCoimisiún, IO L 71, 14.3.2018, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2018/1042 ón gCoimisiún, IO L 188, 25.7.2018, lch. 3, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1975 ón gCoimisiún, IO L 326, 20.12.2018, lch. 53, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1387 ón gCoimisiún, IO L 229, 5.9.2019, lch. 1, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1384 ón gCoimisiún, IO L 228, 4.9.2019, lch. 106, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2036 ón gCoimisiún, IO L 416, 11.12.2020, lch. 24; tá míreanna 4 go 6 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/2036, infheidhme san Eilvéis ón 31.12.2020, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1062 ón gCoimisiún, IO L 229, 29.6.2021, lch. 3, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1296 ón gCoimisiún, IO L 282, 5.8.2021, lch. 5, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2237 ón gCoimisiún, IO L 450, 16.12.2021, lch. 21, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/414 ón gCoimisiún, IO L 85, 14.3.2022, lch. 4, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/790 ón gCoimisiún, IO L 141, 20.5.2022, lch. 13. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 628/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir le modhanna oibre Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa i dtaca le cigireachtaí caighdeánúcháin a dhéanamh agus faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 736/2006 ón gCoimisiún (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 179, 29.6.2013, lch. 46.
Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 44, 14.2.2014, lch. 1 arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2017/161 ón gCoimisiún, IO L 27, 1.2.2017, lch. 99, |
— |
Rialachán (AE) 2018/401 ón gCoimisiún, IO L 72, 15.3.2018, lch. 17, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1234 ón gCoimisiún, IO L 282, 31.8.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2148 ón gCoimisiún, IO L 428, 18.12.2020, lch. 10, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/208 ón gCoimisiún, IO L 35, 17.2.2022, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/697 ón gCoimisiún IO L 130, 4.5.2022, lch. 1. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2153 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2019 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 319/2014, IO L 327, 17.12.2019, lch. 36.
Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1321/2007 agus (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 122, 24.4.2014, lch. 18, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2018/1139, IO L 212, 22.8.2018, lch. 1. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2082 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2021 lena leagtar síos na socruithe le haghaidh cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca, IO L 426, 29.11.2021, lch. 32.
Rialachán (AE) Uimh. 452/2014 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2014 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir na n-oibreoirí tríú tír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 133, 6.5.2014, lch. 12, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2016/1158 ón gCoimisiún, IO L 192, 16.7.2016, lch. 21. |
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, páirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an pearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2015/1088 ón gCoimisiún, IO L 176, 7.7.2015, lch. 4, |
— |
Rialachán (AE) 2015/1536 ón gCoimisiún, IO L 241, 17.9.2015, lch. 16, |
— |
Rialachán (AE) 2017/334 ón gCoimisiún, IO L 50, 28.2.2017, lch. 13, |
— |
Rialachán (AE) 2018/750 ón gCoimisiún, IO L 126, 23.5.2018, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) 2018/1142 ón gCoimisiún, IO L 207, 16.8.2018, lch. 2, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1383 ón gCoimisiún, IO L 228, 4.9.2019, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1384 ón gCoimisiún, IO L 228, 4.9.2019, lch. 106, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/270 ón gCoimisiún, IO L 56, 27.2.2020, lch. 20, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 ón gCoimisiún, IO L 257, 6.8.2020, lch. 14, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/685 ón gCoimisiún, IO L 143, 27.4.2021, lch. 6, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/700 ón gCoimisiún, IO L 145, 28.4.2021, lch. 20; tá Airteagal 1, pointe (1) agus pointí (5), (6) agus (8) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/700, infheidhme san Eilvéis ón 18.5.2021, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1963 ón gCoimisiún, IO L 400, 12.11.2021, lch. 18, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/410 ón gCoimisiún, IO L 84, 11.3.2022, lch. 20. |
Rialachán (AE) Uimh 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 63, 6.3.2015, lch. 1.
Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, IO L 106, 24.4.2015, lch. 18 arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/133 ón gCoimisiún, IO L 25, 29.1.2019, lch. 14, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1159 ón gCoimisiún, IO L 257, 6.8.2020, lch. 14, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/97 ón gCoimisiún, IO L 31, 29.1.2021, lch. 208; tá Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/97 infheidhme san Eilvéis ón 26.2.2021, cé is moite de phointe (1) d’Iarscríbhinn I atá infheidhme san Eilvéis ón 16.2.2021. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 163, 30.6.2015, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/3 ón gCoimisiún, IO L 1, 5.1.2022, lch. 3. |
Cinneadh (AE) 2016/2357 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2016 maidir le heaspa comhlíontacht éifeachtach le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a rialacha cur chun feidhme i dtaca le deimhnithe arna n-eisiúint ag an Acadamh Oiliúna Aerloingseoireachta Heilléanach (HATA), agus ceadúnais Chuid-66 arna n-eisiúint ar a bhonn (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2016) 8645), IO L 348, 21.12.2016, lch. 72.
Rialachán (AE) 2018/395 ón gCoimisiún an 13 Márta 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú balún agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh balún de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 71, 14.3.2018, lch. 10, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/357 ón gCoimisiún, IO L 67, 5.3.2020, lch. 34, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1874 ón gCoimisiún, IO L 378, 26.10.2021, lch. 4. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1976 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh oibriú seoleitleán agus le haghaidh ceadúnú na bhfoirne eitilte le haghaidh seoleitleán de bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 326, 20.12.2018, lch. 64 arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/358 ón gCoimisiún, IO L 67, 5.3.2020, lch. 57, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1874 ón gCoimisiún, IO L 378, 26.10.2021, lch. 4. |
Rialachán (AE) 2019/494 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019 maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 11.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann, IO L 152, 11.6.2019, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1058 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2020, IO L 232, 20.7.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/851 ón gCoimisiún an 22 Márta 2022, IO L 150, 1.6.2022, lch. 21. |
A mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/945, cuirfidh an Eilvéis na gníomhartha dá dtagraítear sa Rialachán sin i bhfeidhm mar atá siad san áireamh san Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear mar a leagtar amach thíos, agus é á thuiscint ina theannta sin go mbeidh feidhm ag an dara fleasc den Iarscríbhinn maidir leis na gníomhartha sin freisin:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 (2), dá dtagraítear in Airteagail 3, pointe (9), 15, 19(2), 39(1)(a) de Rialachán (AE) 2019/945, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (3), dá dtagraítear in Airteagail 3, pointe (20) agus 37(3) de Rialachán (AE) 2019/945, |
— |
Treoir 2009/48/CE (4), dá dtagraítear in Airteagail 4(2) agus 13(2)(c) chomh maith le pointe (10) de Chuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/945, |
— |
Treoir 2006/42/CE (5), dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/945, lena n-áirítear:
|
— |
Rialachán (AE) 2019/1020 (8), lena n-áirítear na tagairtí dó in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2019/945 agus in Airteagail 35 agus 36(1) de, agus é á chur san áireamh go bhfuil tagairtí d’fhorálacha scriosta Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 le forléiriú mar thagairtí d’fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2019/1020 (9), agus lena n-áirítear freisin:
|
Na tagairtí a dhéantar don “Aontas” in Airteagail 1(1) (an chuid dheireanach den abairt), 3 pointe (1), 3 pointe (2), 3 pointe (9), 3 pointe (12) (an chéad chuid den abairt), 3 pointe (21), 4(1) (an chuid dheireanach den abairt), 4(2)(a), 4(2)(b), 4(2)(d), 5(2), 6, 21(1) (an chuid dheireanach den abairt), 29(2), 31(2)(p) de Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go mbeidh feidhm chomhionann acu maidir leis an Eilvéis.
Na tagairtí do dhlí an Aontais in Airteagail 14(2) agus 17 de Rialachán (AE) 2019/1020, maidir leis an Eilvéis, tuigfear iad mar thagairtí dá reachtaíocht ábhartha náisiúnta.
Na tagairtí a dhéantar don “Aontas” in Airteagail 1(2), 2(3), 3 (14), 3 pointe (15), 3 pointe (18), 3 phointe (19), 6(1), 7(2)(a), 8(1), 8(2), 9(1), 35(1), 36(3), 38(2), 41(3) agus sa chéad tagairt i dteideal Roinn 5 de Rialachán (AE) 2019/945, tuigfear go mbeidh feidhm chomhionann acu maidir leis an Eilvéis.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann, IO L 152, 11.6.2019, lch. 45, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/639 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020, IO L 150, 13.5.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/746 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2020, IO L 176, 5.6.2020, lch. 13, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1166 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021, IO L 253, 16.7.2021, lch. 49, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/425 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022, IO L 87, 15.3.2022, lch. 20, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/525 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2022, IO L 105, 4.4.2022, lch. 3. |
A mhéid a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann, cuirfidh an Eilvéis na gníomhartha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/947 i bhfeidhm mar atá siad san áireamh san Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear mar a leagtar amach thíos, agus é á thuiscint ina theannta sin go mbeidh feidhm ag an dara fleasc den Iarscríbhinn maidir leis na gníomhartha sin freisin:
— |
Treoir 2009/48/CE (12), dá dtagraítear in Airteagail 9(2)(a) agus 14(5)(a)(ii) de Rialachán (AE) 2019/947. |
An tagairt a dhéantar do Rialachán (AE) 2016/679 (13) in UAS.SPEC.050 pointe (1)(a)(iv) de Chuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/947, maidir leis an Eilvéis, tuigfear í mar thagairt dá reachtaíocht ábhartha náisiúnta.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1128 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2019 maidir le cearta rochtana ar mholtaí agus freagairtí sábháilteachta a stóráiltear sa taisclann lárnach faisnéise ar tharluithe san eitlíocht shibhialta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/780/AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 177, 2.7.2019, lch. 112.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca, (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 416, 11.12.2020, lch. 1.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/664 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 maidir le creat rialála don U-spás, IO L 139, 23.4.2021, lch. 161.
4. Slándáil Eitlíochta
Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 97, 9.4.2008, lch. 72, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 18/2010 ón gCoimisiún, IO L 7, 12.1.2010, lch. 3. |
Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 lena bhforlíontar na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 91, 3.4.2009, lch. 7, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 297/2010 ón gCoimisiún, IO L 90, 10.4.2010, lch. 1, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 720/2011 ón gCoimisiún, IO L 193, 23.7.2011, lch. 19, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 1141/2011 ón gCoimisiún, IO L 293, 11.11.2011, lch. 22, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 245/2013 ón gCoimisiún, IO L 77, 20.3.2013, lch. 5. |
Rialachán (AE) Uimh. 1254/2009 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2009 lena leagtar síos critéir i ndáil le ceadú do na Ballstáit maolú ar na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta agus bearta malartacha slándála a ghlacadh, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 338, 19.12.2009, lch. 17, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2016/2096 ón gCoimisiún, IO L 326, 1.12.2016, lch. 7. |
Rialachán (AE) Uimh. 72/2010 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2010 lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le cigireachtaí an Choimisiúin a dhéanamh i réimse slándála na heitlíochta sibhialta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 23, 27.1.2010, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/472 ón gCoimisiún, IO L 85, 1.4.2016, lch. 28. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 299, 14.11.2015, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2426 ón gCoimisiún, IO L 334, 22.12.2015, lch. 5, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/815 ón gCoimisiún, IO L 122, 13.5.2017, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/55 ón gCoimisiún, IO L 10, 13.1.2018, lch. 5, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/103 ón gCoimisiún, IO L 21, 24.1.2019, lch. 13, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 ón gCoimisiún, IO L 73, 15.3.2019, lch. 98, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1583 ón gCoimisiún, IO L 246, 26.9.2019, lch. 15, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún, IO L 21, 27.1.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/910 ón gCoimisiún, IO L 208, 1.7.2020, lch. 43, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún, IO L 58, 19.2.2021, lch. 23; tá pointí 15, 18 go 19 agus 32 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/255 infheidhme san Eilvéis ón 11.3.2021, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/421 ón gCoimisiún, IO L 87, 15.3.2022, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/463 ón gCoimisiún, IO L 94, 23.3.2022, lch. 3, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1174 ón gCoimisiún, IO L 183, 8.7.2022, lch. 35 cé is moite den phointe nua 11.1.1 (b) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1998, mar a fhoráiltear in Uimhir 35 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1174. |
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir leis an tslándáil eitlíochta ina bhfuil faisnéis, dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 (nár foilsíodh san IO) arna leasú le:
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2017) 3030 ón gCoimisiún, |
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 4857 ón gCoimisiún, |
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2019)132 ón gCoimisiún, arna leasú le:
|
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 0996 ón gCoimisiún, |
— |
Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 4638 ón gCoimisiún. |
Cinneadh (AE) 2021/2147 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2021 maidir le trealamh slándála eitlíochta sibhialta ar a bhfuil an marcáil “Stampa AE” a fhormheas, IO L 433, 6.12.2021, lch. 25.
5. Bainistíocht aerthráchta
Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun Aerspás Eorpach Aonair a chruthú (an creat-rialachán) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34. |
Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach san Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 6, 8, 10, 11 agus 12.
Leasófar Airteagal 10 mar a leanas:
I mír 2, ba cheart na focail “ar leibhéal an Chomhphobail, a bhaineann leis an Eilvéis” a chur in ionad na bhfocal “ar leibhéal an Chomhphobail”.
D'ainneoin an choigeartaithe chothrománaigh dá dtagraítear sa dara fleasc den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hAeriompar, na tagairtí do na “Ballstáit” a dhéantar in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 nó i bhforálacha Chinneadh 1999/468/CE a luaitear san fhoráil sin, tuigfear nach mbeidh feidhm ag na tagairtí sin maidir leis an Eilvéis.
Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhísí), (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 10, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34. |
Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 9a, 9b, 15, 15a, 16 agus 17.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leasófar forálacha an Rialacháin mar a leanas:
(a) |
Leasófar Airteagal 3 mar a leanas: I mír 2, cuirfear na focail “agus an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. |
(b) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas: I míreanna 1 agus 6, cuirfear na focail “agus an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. |
(c) |
Leasaítear Airteagal 8 mar a leanas: I mír 1, cuirfear na focail “agus an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. |
(d) |
Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas: I mír 1, cuirfear na focail “agus an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. |
(e) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3):
|
Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás), (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 20, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34. |
Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis an Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 3a, 6 agus 10.
Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le hidir-inoibritheacht an Líonra Eorpaigh um Bainistiú Aerthráchta (an Rialachán maidir le hidir-inoibritheacht) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 96, 31.3.2004, lch. 26, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009, IO L 300, 14.11.2009, lch. 34. |
Beidh na cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach san Eilvéis a dheonaítear dó de bhun Airteagail 4, 7 agus 10 (3).
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, leasófar forálacha an Rialacháin mar a leanas:
(a) |
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas: I mír 2, cuirfear na focail “nó an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. |
(b) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas: I mír 4, cuirfear na focail “nó an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. |
(c) |
Leasófar Iarscríbhinn III mar a leanas: I roinn 3, an dara fleasc agus an fleasc deireanach, cuirfear na focail “nó an Eilvéis” isteach tar éis na bhfocal “an Comhphobal”. I gcomhréir le hAirteagal 139 de Rialachán (AE) 2018/1139, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 le héifeacht ón 11 Meán Fómhair 2018. Beidh feidhm i gcónaí, áfach, ag Airteagail 4, 5, 6, 6a agus 7 den Rialachán sin agus ag Iarscríbhinní III agus IV a ghabhann leis go dtí dáta cur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 47 de Rialachán 2018/1139 agus a mhéid a chumhdaíonn na gníomhartha sin ábhar fhorálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 552/2004, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 12 Meán Fómhair 2023. |
Rialachán (CE) Uimh. 2150/2005 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2005 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le húsáid sholúbtha aerspáis (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 342, 24.12.2005, lch. 20.
Rialachán (CE) Uimh. 1033/2006 ón gCoimisiún an 4 Iúil 2006 lena leagtar síos na ceanglais ar nósanna imeachta le haghaidh pleananna eitilte sa chéim réamheitilte le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 186, 7.7.2006, lch. 46, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún, IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 428/2013 ón gCoimisiún, IO L 127, 9.5.2013, lch. 23, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2120 ón gCoimisiún, IO L 329, 3.12.2016, lch. 70, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/139 ón gCoimisiún IO L 25, 30.1.2018, lch. 4. |
Rialachán (CE) Uimh. 1032/2006 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2006 lena leagtar síos ceanglais maidir le córais uathoibríocha le haghaidh malartú sonraí eitilte chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 186, 7.7.2006, lch. 27, arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 30/2009 ón gCoimisiún, IO L 13, 17.1.2009, lch. 20. |
Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt, IO L 64, 2.3.2007, lch. 1 arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 1361/2008 ón gComhairle, IO L 352, 31.12.2008, lch. 12, |
— |
Rialachán (AE) Uimh. 721/2014 ón gComhairle, IO L 192, 1.7.2014, lch. 1. |
Rialachán (CE) Uimh. 633/2007 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2007 lena leagtar síos na ceanglais maidir le prótacal aistrithe teachtaireachta eitilte a úsáidtear chun eitiltí a fhógairt, a chomhordú agus a aistriú idir aonaid rialaithe aerthráchta (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (IO L 146, 8.6.2007, lch. 7), arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) Uimh. 283/2011 ón gCoimisiún, IO L 77, 23.3.2011, lch. 23. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 62, 8.3.2017, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/665 ón gCoimisiún, IO L 139, 23.4.2021, lch. 184, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1338 ón gCoimisiún, IO L 289, 12.8.2021, lch. 12. |
Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 13, 17.1.2009, lch. 3, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/310 ón gCoimisiún, IO L 56, 27.2.2015, lch. 30, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1170 ón gCoimisiún, IO L 183, 9.7.2019, lch. 6, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/208 ón gCoimisiún, IO L 43, 17.2.2020, lch. 72. |
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear téacs an Rialacháin in éineacht leis an oiriúnú seo a leanas:
|
Cuirtear “UIR na hEilvéise” isteach i gcuid A d'Iarscríbhinn I. |
Rialachán (CE) Uimh. 262/2009 ón gCoimisiún an 30 Márta 2009 lena leagtar síos na ceanglais maidir le leithdháileadh comhordaithe agus úsáid cód ceistiúcháin Mhodh S le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 84, 31.3.2009, lch. 20, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2345 ón gCoimisiún, IO L 348, 21.12.2016, lch. 11. |
Rialachán (AE) Uimh. 255/2010 ón gCoimisiún an 25 Márta 2010 leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le bainistíocht na sreibhe aerthráchta, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 80, 26.3.2010, lch. 10, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún, IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1006 ón gCoimisiún, IO L 165, 23.6.2016, lch. 8, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2159 ón gCoimisiún, IO L 304, 21.11.2017, lch. 45. |
Cinneadh Uimh. C(2010)5134 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2010 maidir le Comhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta an aerspáis Eorpaigh Aonair a ainmniú (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Rialachán (AE) Uimh. 176/2011 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2011 maidir leis an bhfaisnéis atá le soláthar sula mbunaítear agus sula modhnaítear bloc feidhmiúil aerspáis, IO L 51, 25.2.2011, lch. 2.
Cinneadh Uimh. C(2011) 4130 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2011 maidir leis an mBainisteoir Líonra a ainmniú le haghaidh feidhmeanna gréasáin bainistíochta aerthráchta (ATM) an aerspáis Eorpaigh, (téacs atá ábhartha maidir le LEE) (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais ar aitheantas aerárthaigh le haghaidh faireachas le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 305, 23.11.2011, lch. 23, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún, IO L 138, 30.4.2020, lch. 1. |
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear téacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1206/2011 in éineacht leis an oiriúnú seo a leanas:
|
Cuirtear “UIR na hEilvéise” isteach in Iarscríbhinn I. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1207/2011 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2011 lena leagtar síos na ceanglais le haghaidh feidhmíocht agus idir-inoibritheacht an fhaireachais le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 305, 23.11.2011, lch. 35, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1028/2014 ón gCoimisiún, IO L 284, 30.9.2014, lch. 7, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/386 ón gCoimisiún, IO L 59, 7.3.2017, lch. 34, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/587 ón gCoimisiún, IO L 138, 30.4.2020, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2 ón gCoimisiún, IO L 1, 5.1.2022, lch. 1. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2012 lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna an aeir agus forálacha oibríochtúla maidir le seirbhísí agus nósanna imeachta san aerloingseoireacht agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 agus Rialacháin (CE) Uimh. 1265/2007, (CE) Uimh. 1794/2006, (CE) Uimh. 730/2006, (CE) Uimh. 1033/2006 agus (AE) Uimh. 255/2010 (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 281, 13.10.2012, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, IO L 63, 6.3.2015, lch. 1, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1185 ón gCoimisiún, IO L 196, 21.7.2016, lch. 3, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/835 ón gCoimisiún, IO L 124, 17.5.2017, lch. 35, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/469 ón gCoimisiún, IO L 104, 3.4.2020, lch. 1, arna leasú le:
|
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/886 ón gCoimisiún, IO L 205, 29.6.2020, lch. 14, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/666 ón gCoimisiún, IO L 139, 23.4.2021, lch. 187. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1079/2012 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2012 lena leagtar síos na ceanglais maidir le spásáil cainéal gutha le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 320, 17.11.2012, lch. 14, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 657/2013 ón gCoimisiún, IO L 190, 11.7.2013, lch. 37, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2345 ón gCoimisiún, IO L 348, 21.12.2016, lch. 11, |
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2160 ón gCoimisiún, IO L 304, 21.11.2017, lch. 47. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún an 3 Bealtaine 2013 maidir le comhthionscadail a shainiú, rialachas a bhunú agus dreasachtaí chun tacú le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta a shainaithint, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 123, 4.5.2013, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún, IO L 36, 2.2.2021, lch. 10. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/116 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2021 maidir le bunú Chomhthionscadal a hAon lena dtacaítear le cur chun feidhme an Mháistirphlean Eorpach um Bainistíocht Aerthráchta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 409/2013 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2014 ón gCoimisiún, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 36, 2.2.2021, lch. 10.
Chun críocha an Chomhaontaithe seo, léifear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán in éineacht leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a) |
Cuirtear an pointe seo a leanas leis tar éis phointe 1.2.1.r): “s) Zürich Kloten” |
(b) |
Cuirtear an pointe seo a leanas leis tar éis phointe 2.2.1.r): “s) Zürich Kloten” |
(c) |
Cuirtear an pointe seo a leanas leis tar éis phointe 2.2.2.r): “s) Zürich Kloten” |
(d) |
Cuirtear na pointí seo a leanas leis tar éis phointe 2.2.3.bb): “cc) an Ghinéiv; dd) Zürich Kloten”. |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1048 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2018 lena leagtar síos ceanglais úsáide aerspáis agus nósanna imeachta oibriúcháin a bhaineann le loingseoireacht feidhmíochtbhunaithe, IO L 189, 26.7.2018, lch. 3.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (BAT) a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 28, 31.1.2019, lch. 1.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 56, 25.2.2019, lch. 1, arna leasú le:
— |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1880 ón gCoimisiún, IO L 380, 27.10.2021, lch. 1. |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/709 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2019 maidir leis an mBainisteoir Líonra a cheapadh le haghaidh feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (ATM) an aerspáis Eorpaigh aonair, (ar tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2019) 3228), IO L 120, 8.5.2019, lch. 27.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 195, 3.6.2021, lch. 3.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2167 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhformheastar an Plean Straitéise Líonra le haghaidh feidhmeanna bainistíochta aerthráchta an Aerspáis Eorpaigh Aonair don tréimhse 2020-2029, IO L 328, 18.12.2019, lch. 89.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le ceapachán an chathaoirligh agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha de Bhord Bainistíochta an Líonra agus chomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh feidhmeanna bainistíochta líonra aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha 2020-2024, IO L 328, 18.12.2019, lch. 90.
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2012 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 maidir le díolúintí faoi Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais ar sheirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 312, 3.12.2019, lch. 95.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19, IO L 366, 4.11.2020, lch. 7.
6. Comhshaol agus torann
Treoir 2002/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2002 maidir le rialacha agus nósanna imeachta a bhunú i ndáil le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann a thabhairt isteach ag aerfoirt Chomhphobail, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), (Airteagail 1-12, agus 14-18), IO L 85, 28.3.2002, lch. 40.
(Na leasuithe ar Iarscríbhinn I, a eascraíonn as Iarscríbhinn II, Caibidil 8 (Beartas iompair), Cuid G (Aeriompar), pointe 2 den Ghníomh i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus na coigeartuithe ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe, beidh feidhm ag na leasuithe sin).
Treoir 89/629/CEE ón gComhairle an 4 Nollaig 1989 maidir le hastaíochtaí torainn ó scairdeitleáin fhoshonacha shibhialta a theorannú, IO L 363, 13.12.1989, lch. 27.
(Airteagail 1-8).
Treoir 2006/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le rialáil oibríocht eitleán a chumhdaítear i gCuid II, Caibidil 3, Imleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, an dara heagrán (1988) (leagan códaithe) (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 374, 27.12.2006, lch. 1.
7. An tomhaltóir a chosaint
Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe, IO L 158, 23.6.1990, lch. 59 (Airteagail 1-10).
Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra, IO L 95, 21.4.1993, lch. 29 (Airteagail 1-11), arna leasú le:
— |
Treoir 2011/83/AE, IO L 304, 22.11.2011, lch. 64. |
Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d'aer i gcás tionóiscí, IO L 285, 17.10.1997, lch. 1(Airteagail 1-8), arna leasú le:
— |
Rialachán (CE) Uimh. 889/2002, IO L 140, 30.5.2002, lch. 2. |
Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 46, 17.2.2004, lch. 1. (Airteagail 1-18).
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis an gceart atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 204, 26.7.2006, lch. 1.
8. Ilghnéitheach
Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, (téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.
Airteagal 14(1)(b) agus Airteagal 14(2).
9. Iarscríbhinní:
A |
: |
An Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh |
B |
: |
Forálacha maidir le rialú airgeadais an Aontais Eorpaigh a mhéid a bhaineann le rannpháirtithe na hEilvéise i ngníomhaíochtaí EASA |
(1) IO L 224, 21.8.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93, IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, arna leasú ag Rialachán (AE) 2019/1020, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, arna leasú go deireanach ag Treoir (AE) 2015/1535, (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(4) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán, IO L 170, 30.6.2009, lch. 1, arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2021/903 ón gCoimisiún, (IO L 197, 4.6.2021, lch. 110).
(5) Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (athmhúnlú), IO L 157, 9.6.2006, lch. 24, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) 2019/1243, (IO L 198, 25.7.2019, lch. 241).
(6) Treoir 73/23/CEE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Feabhra 1973 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, (IO L 77, 26.3.1973, lch. 29), arna aisghairm le:
— |
Treoir 2006/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006, (IO L 374, 27.12.2006, lch. 10), |
— |
arna haisghairm le Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014, IO L 96, 29.3.2014, lch. 357. |
(7) Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais, (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
(8) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(9) Féach Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011.
(10) Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008, (IO L 91, 29.3.2019, lch. 1).
(11) Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 sábháilteacht ghinearálta táirgí, IO L 11, 15.1.2002, lch. 4, arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 596/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 188, 18.7.2009, lch. 14).
(12) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán, IO L 170, 30.6.2009, lch. 1, arna leasú go deireanach le Treoir (AE) 2021/903 ón gCoimisiún, (IO L 197, 4.6.2021, lch. 110).
(13) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
IARSCRÍBHINN A
AN PRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
(2)
DE BHRÍ, de réir d'Airteagal 343 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 191 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA), go mbeidh ag an Aontas Eorpach agus ag CEFA, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a gcúraimí a chur i gcrích,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
CAIBIDIL I
MAOIN, CISTÍ, SÓCMHAINNÍ AGUS OIBRÍOCHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 1
Beidh áitribh agus foirgnimh an Aontais dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, fhoréileamh, choigistiú nó dhíshealbhú. Ní bheidh maoin agus sócmhainní an Aontais ina n-ábhar d'aon bheart comhéigin, riarthach ná dlíthiúil, gan údarás na Cúirte Breithiúnais.
Airteagal 2
Beidh cartlann an Aontais dosháraithe.
Airteagal 3
Beidh an tAontas, a shócmhainní, a ioncam agus a mhaoin eile saortha ó gach cáin dhíreach.
Déanfaidh Rialtais na mBallstát, i ngach cás inar féidir é, na bearta iomchuí chun méid na gcánacha indíreacha nó na gcánacha díolacháin a bheidh ar áireamh i bpraghas maoine sochorraithe nó dochorraithe a mhaitheamh nó a aisíoc nuair a dhéanann an tAontas, le haghaidh a úsáide oifigiúla, ceannacháin thábhachtacha a bhfuil cánacha den sórt sin ar áireamh ina bpraghas. Ní chuirfear na forálacha sin chun feidhme, áfach, ionas go mbeidh de thoradh orthu iomaíocht laistigh den Aontas a shaobhadh.
Ní dheonófar saoirseacht ar bith i leith muirir, cánacha agus dleachtanna nach bhfuil iontu ach táillí as seirbhísí fóntais phoiblí.
Airteagal 4
Beidh an tAontas saortha ó gach dleacht chustaim, ó gach toirmeasc agus ó gach srian ar allmhairí agus onnmhairí maidir le hearraí le haghaidh a úsáide oifigiúla: ní dhéanfar earraí a allmhaireofar amhlaidh a dhiúscairt, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, i gcríoch na tíre ar allmhairíodh isteach inti iad, ach amháin faoi choinníollacha arna bhformheas ag Rialtas na tíre sin.
Beidh an tAontas saortha freisin ó aon dleachtanna custaim agus ó aon toirmisc agus srianta ar allmhairí agus onnmhairí maidir lena fhoilseacháin.
CAIBIDIL II
CUMARSÁIDÍ AGUS LAISSEZ-PASSER
Airteagal 5
Le haghaidh a gcumarsáidí oifigiúla agus do tharchur a ndoiciméad go léir, gheobhaidh institiúidí an Aontais i gcríoch gach Ballstáit an chóir a thugann an Stát sin do mhisin taidhleoireachta.
Ní bheidh comhfhreagras oifigiúil ná cumarsáidí oifigiúla eile de chuid institiúidí an Aontais inchurtha faoi chinsireacht.
Airteagal 6
Féadfaidh Uachtaráin institiúidí an Aontais laissez-passer i bhfoirm a ordóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí, agus a dtabharfaidh údaráis na mBallstát aitheantas dóibh mar dhoiciméid taistil bhailí, a eisiúint chuig comhaltaí agus seirbhísigh na n-institiúidí sin. Eiseofar na laissez-passer sin chuig oifigigh agus seirbhísigh eile faoi choinníollacha arna leagan síos i Rialacháin Foirne oifigeach agus i gCoinníollacha Fostaíochta seirbhíseach eile an Aontais.
Féadfaidh an Coimisiún comhaontuithe a dhéanamh chun na laissez-passer sin a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí i gcríocha tríú tíortha.
CAIBIDIL III
COMHALTAÍ PHARLAIMINT NA hEORPA
Airteagal 7
Ní chuirfear aon srian riaracháin ná aon srian eile ar shaorghluaiseacht chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa nó uaidh.
Tabharfar do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, maidir le custam agus rialú malairte:
(a) |
óna Rialtas féin, na saoráidí céanna a thugtar d'oifigigh shinsearacha agus iad ag taisteal ar an gcoigríoch ar mhisin oifigiúla shealadacha; |
(b) |
ó Rialtais Bhallstát eile, na saoráidí céanna a thugtar d'ionadaithe Rialtas eachtrach ar mhisin oifigiúla shealadacha. |
Airteagal 8
Ní bheidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.
Airteagal 9
Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:
(a) |
i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin; |
(b) |
i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla. |
Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.
Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa óna ceart a fheidhmiú chun díolúine dhuine dá comhaltaí a tharscaoileadh.
CAIBIDIL IV
IONADAITHE BALLSTÁT A GHLACANN PÁIRT IN OBAIR INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 10
Na hionadaithe do Bhallstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.
Bainfidh an tAirteagal seo freisin le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais.
CAIBIDIL V
OIFIGIGH AGUS SEIRBHÍSIGH EILE AN AONTAIS EORPAIGH
Airteagal 11
I gcríoch gach Ballstáit agus cibé náisiúntacht atá acu, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile den Aontas:
(a) |
beidh siad díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa, faoi réir fhorálacha na gConarthaí a bhaineann, ar thaobh amháin, leis na rialacha i dtaobh freagracht oifigeach agus seirbhíseach eile i leith an Aontais, agus ar an taobh eile, le dlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breith a thabhairt ar ábhair atá faoi dhíospóid idir an tAontas agus a oifigigh agus a sheirbhísigh eile. Fanfaidh an díolúine sin acu tar éis scor dá n-oifig; |
(b) |
ní bheidh siad féin ná a gcéilí ná daoine cleithiúnacha dá dteaghlaigh inchurtha faoi shrianta inimirce ná faoi fhoirmiúlachtaí chun eachtrannaigh a chlárú; |
(c) |
tabharfar dóibh, maidir le rialacháin airgid reatha nó mhalairte, na saoráidí céanna is gnách a thabhairt d'oifigigh eagraíochtaí idirnáisiúnta; |
(d) |
beidh acu an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a allmhairiú saor ó dhleacht, ag dul i mbun a bpoist i gcéaduair dóibh sa tír áirithe, agus an ceart chun a dtroscán agus a n-éifeachtaí a athonnmhairiú saor ó dhleacht ar chríochnú a ndualgas sa tír sin, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre ina bhfeidhmítear an ceart sin; |
(e) |
beidh acu an ceart chun gluaisteán le haghaidh a n-úsáide pearsanta féin a allmhairiú saor ó dhleacht, más gluaisteán é a fuarthas sa tír dheiridh ina raibh cónaí orthu nó sa tír ar náisiúnaigh di iad, ar théarmaí mhargadh baile na tíre sin, agus é a athonnmhairiú saor ó dhleacht, ach i gceachtar cás díobh faoi réir na gcoinníollacha is riachtanach le Rialtas na tíre áirithe. |
Airteagal 12
Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais inchurtha faoi cháin, chun tairbhe don Aontas, ar thuarastail, phá agus éadálacha a d'íoc an tAontas leo, de réir na gcoinníollacha agus an nós imeachta a leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann.
Beidh siad díolmhaithe ó chánacha náisiúnta ar thuarastail, pá agus éadálacha a íocfaidh an tAontas.
Airteagal 13
Maidir le cáin ioncaim, cáin rachmais, agus dleachtanna báis a chur chun feidhme agus maidir le coinbhinsiúin chun cánachas dúbailte a sheachaint, a tugadh i gcrích idir Ballstáit den Aontas, a chur chun feidhme, na hoifigigh agus na seirbhísigh eile don Aontas a dhéanann, d'aon toisc mar gheall ar chomhlíonadh a ndualgas i seirbhís an Aontais, áit chónaithe a bhunú i gcríoch Bhallstáit seachas a dtír shainchónaithe chun críocha cánach le linn dóibh dul isteach i seirbhís an Aontais, measfar i dtír a gcónaithe iarbhír agus sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, gur chothaigh siad a sainchónaí sa tír sin is déanaí atá luaite, ar choinníoll gur comhalta den Aontas í. Bainfidh an fhoráil sin le céile freisin, sa mhéid nach bhfuil an céile sin ag gabháil go leithleach do phost sochair, agus le leanaí atá i gcleithiúnas agus faoi chúram na ndaoine dá dtagraítear san Airteagal seo.
Beidh maoin shochorraithe le daoine dá dtagraítear sa mhír roimhe seo agus atá i gcríoch na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu saortha ó dhleachtanna báis sa tír sin; measfar, chun an dleacht sin a mheasúnú, an mhaoin sin a bheith sa tír shainchónaithe chun críocha cánach, faoi réir ceart tríú tíortha agus ar an gcuntar go bhféadfadh sé go gcuirfí chun feidhme forálacha coinbhinsiún idirnáisiúnta ar chánachas dúbailte.
Ag cur forálacha an Airteagail seo chun feidhme, déanfar neamhshuim d'aon sainchónaí a fuarthas d'aon toisc mar gheall ar dhualgais a chomhlíonadh i seirbhís eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Airteagal 14
Leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí lena mbaineann scéim na sochar slándála sóisialta d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.
Airteagal 15
Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach na haicmí oifigeach agus seirbhíseach eile don Aontas a mbainfidh forálacha Airteagal 11, an dara mír d'Airteagal 12 agus Airteagal 13 leo, go hiomlán nó go páirteach.
Cuirfear ainmneacha, gráid agus seoltaí na n-oifigeach agus na seirbhíseach eile a áirítear sna haicmí sin in iúl ó am go chéile do Rialtais na mBallstát.
CAIBIDIL VI
PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ MISEAN Ó THRÍÚ TÍORTHA A CREIDIÚNAÍODH DON AONTAS EORPACH
Airteagal 16
Déanfaidh an Ballstát ar ina chríoch atá a suíomh ag an Aontas na díolúintí agus na pribhléidí taidhleoireachta is gnách a thabhairt do mhisin tríú tíortha atá creidiúnaithe don Aontas.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 17
Is chun leasa an Aontais agus chuige sin amháin a thabharfar pribhléidí, díolúintí agus saoráidí d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais.
Beidh de cheangal ar gach institiúid de chuid an Aontais an díolúine a tugadh d'oifigeach nó do sheirbhíseach eile a tharscaoileadh aon uair a mheasfaidh an institiúid sin nach bhfuil tarscaoileadh na díolúine sin contrártha do leasanna an Aontais.
Airteagal 18
D'fhonn an Prótacal seo a chur chun feidhme, comhoibreoidh institiúidí an Aontais le húdaráis fhreagracha na mBallstát lena mbaineann.
Airteagal 19
Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le Comhaltaí an Choimisiúin.
Airteagal 20
Bainfidh Airteagail 11 go 14 agus Airteagal 17 le Breithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gan dochar do na forálacha d'Airteagal 3 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla.
Airteagal 21
Bainfidh an Prótacal seo freisin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, le comhaltaí a orgán, lena fhoireann agus le hionadaithe na mBallstát a ghlacann páirt ina ghníomhaíochtaí, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail ar Reacht an Bhainc.
Beidh an Banc Eorpach Infheistíochta saortha ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ar an gcuma chéanna, ní thiocfaidh aon mhuirear de dhíscaoileadh ná de leachtú an Bhainc. Ar deireadh thiar, ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar de réir a Reachta inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.
Airteagal 22
Beidh an Prótacal seo infheidhme freisin ar an mBanc Ceannais Eorpach, ar chomhaltaí a orgán agus ar a fhoireann, gan dochar d'fhorálacha an Phrótacail maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Beidh an Banc Ceannais Eorpach díolmhaithe ina theannta sin ó aon saghas cánachais nó aon mhuirir dá shamhail ar ócáid aon mhéadaithe ar a chaipiteal agus ó na foirmiúlachtaí éagsúla ab fhéidir a bheith ag baint leis na nithe sin sa Stát ina bhfuil suíomh an Bhainc. Ní bheidh na gníomhaíochtaí de chuid an Bhainc agus a orgán a dhéanfar i gcomhréir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh inchurtha faoi aon cháin láimhdeachais.
Aguisín a ghabhann le hIARSCRÍBHINN A
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LEIS AN bPRÓTACAL AR PHRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM SAN EILVÉIS
1. Leathnú chun go mbeidh sé infheidhme san Eilvéis
Aon áit ina bhfuil tagairtí do na Ballstáit sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (dá ngairfear “an Prótacal” anseo feasta), tuigfear go mbeidh feidhm chomhionann ag na tagairtí maidir leis an Eilvéis, mura gcinnfear a mhalairt sna forálacha seo a leanas.
2. Díolúine na Gníomhaireachta ó cháin indíreach (CBL san áireamh)
Earraí agus seirbhísí a onnmhairítear ón Eilvéis níl siad le bheith faoi réir cháin bhreisluach na hEilvéise (CBL). I gcás earraí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil don Ghníomhaireacht san Eilvéis le haghaidh a húsáide oifigiúla, i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 3 den Phrótacal, is trí aisíocaíocht a thugtar díolúine ó CBL. Tabharfar díolúine ó CBL más 100 franc Eilvéiseach ar a laghad (lena n-áirítear cáin) praghas ceannaigh iarbhír na n-earraí agus na seirbhísí a luaitear sa sonrasc nó sa doiciméad coibhéiseach.
Beidh an aisíocaíocht CBL le deonú nuair a thíolacfar na foirmeacha Eilvéiseacha a chuirtear ar fáil chun na críche sin do Phríomh-Roinn CBL Riarachán Cánach Cónaidhme. Mar riail, ní mór iarratais ar aisíocaíocht a phróiseáil laistigh den trí mhí tar éis an dáta a taisceadh iad in éineacht leis na doiciméid tacaíochta is gá.
3. Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le foireann na Gníomhaireachta
A mhéid a bhaineann leis an dara mír d’Airteagal 12 den Phrótacal, díolmhóidh an Eilvéis, de réir phrionsabail a dlí náisiúnta, oifigigh agus seirbhísigh eile de chuid na Gníomhaireachta de réir bhrí Airteagal 2 de Rialachán (Euratom ECSC, CEE) Uimh. 549/69 (1) ó chánacha cónaidhmeacha, cantúin agus pobail ar thuarastail, ar phá agus ar luach saothair a íocann an tAontas Eorpach leo agus atá faoi réir cáin inmheánach chun a tairbhe féin.
Ní mheasfar gur Ballstát í an Eilvéis de réir bhrí phointe 1 thuas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 13 den Phrótacal.
Oifigigh agus seirbhísigh eile na Gníomhaireachta agus daoine dá dteaghlaigh ar baill iad den chóras árachais shóisialta is infheidhme maidir le hoifigigh agus seirbhísigh eile de chuid an Aontais, níl oibleagáid orthu a bheith ina mbaill de chóras slándála sóisialta na hEilvéise.
Beidh dlínse eisiach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le haon ghnéithe a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún agus a foireann i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2) agus forálacha eile dhlí an Aontais Eorpaigh lena leagtar síos coinníollacha oibre.
(1) Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 549/69 ón gComhairle an 25 Márta 1969 lena gcinntear na catagóirí oifigeach agus seirbhíseach eile de chuid na gComhphobal Eorpach a bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 12, an dara mír d’Airteagal 13 agus Airteagal 14 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí na gComhphobal maidir leo (IO L 74, 27.3.1969, lch. 1). Rialachán a leasaíodh go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1749/2002 ón gCoimisiún (IO L 264, 2.10.2002, lch. 13).
(2) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile) (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1). Rialachán a leasaíodh go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 2104/2005 ón gCoimisiún (IO L 337, 22.12.2005, lch. 7).
IARSCRÍBHINN B
RIALÚ AIRGEADAIS A MHÉID A BHAINEANN LE RANNPHÁIRTITHE I nGNÍOMHAÍOCHTAÍ DEN CHOMHAONTÚ AERLOINGSEOIREACHTA EORPACH
Airteagal 1
Cumarsáid dhíreach
Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún cumarsáid dhíreach le gach duine nó gach eintiteas a bhunaítear san Eilvéis agus a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, mar chonraitheoirí, mar rannpháirtithe i gcláir na Gníomhaireachta, faighteoirí íocaíochtaí ón nGníomhaireacht nó ó bhuiséad an Chomhphobail, nó fo-chonraitheoirí. An fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile is gá dóibh a thíolacadh ar bhonn na n-ionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo agus ar bhonn na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích mar aon le haon chinntí arna nglacadh dá mbun, féadfaidh na daoine sin an fhaisnéis agus na doiciméid sin a chur go díreach chuig an gCoimisiún agus chuig an nGníomhaireacht.
Airteagal 2
Seiceálacha
1. I gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (1) agus an Rialachán Airgeadais a ghlac Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta an 26 Márta 2003, agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gcreat-Rialachán Airgeadais i ndáil leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle i dtaca leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (2) agus leis na hionstraimí eile dá dtagraítear sa Chinneadh seo, conarthaí nó comhaontuithe a thugtar i gcrích agus cinntí a ghlactar le tairbhithe atá bunaithe san Eilvéis d'fhéadfaí foráil a dhéanamh iontu go ndéanfaidh oifigigh na Gníomhaireachta agus oifigigh de chuid an Choimisiúin nó daoine eile a bhfuil sainordú acu ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún iniúchtaí eolaíocha, airgeadais, teicneolaíochta nó iniúchtaí eile tráth ar bith ar áitreabh na dtairbhithe agus a bhfochonraitheoirí.
2. Beidh rochtain iomchuí ag oifigigh de chuid na Gníomhaireachta agus ag oifigigh an Choimisiúin agus ag daoine eile a bhfuil sainordú acu ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún, ar láithreáin, oibreacha agus ar dhoiciméid agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach. Déanfar an ceart rochtana sin a shonrú go sainráite sna conarthaí nó sna comhaontuithe a thugtar i gcrích chun na hionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo a chur chun feidhme.
3. Beidh na cearta céanna ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus atá ag an gCoimisiún.
4. Is féidir na hiniúchtaí a dhéanamh go dtí cúig bliana tar éis don Chinneadh seo dul in éag nó faoi théarmaí na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích agus na gcinntí a glacadh.
5. Ní mór Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise a chur ar an eolas roimh ré faoi iniúchtaí a dhéantar ar chríoch na hEilvéise. Ní bheidh an fhaisnéis sin ina choinníoll dhlíthiúil chun iniúchtaí den sórt sin a dhéanamh.
Airteagal 3
Seiceálacha ar an láthair
1. Faoin gComhaontú seo, tugtar údarú don Choimisiún (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar chríoch na hEilvéise, faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (3).
2. Déanfaidh an Coimisiún seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a ullmhú agus a chur i gcrích i ndlúthchomhar le hOifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise nó le húdaráis inniúla eile na hEilvéise a cheapfaidh Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise, a dtabharfar fógra di in am trátha maidir le cuspóir, aidhm agus bonn dlíthiúil na seiceálacha agus na gcigireachtaí, ionas go mbeidh siad in ann an chabhair uile is gá a thabhairt. Chuige sin, féadfaidh oifigigh údaráis inniúla na hEilvéise páirt a ghlacadh sna seiceálacha agus sna seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair.
3. Más mian le húdaráis inniúla na hEilvéise lena mbaineann, is féidir na seiceálacha agus na cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh go comhpháirteach idir an Coimisiún agus údaráis inniúla na hEilvéise.
4. I gcás ina gcuireann rannpháirtithe an chláir in aghaidh sheiceáil nó chigireacht ar an láthair, tabharfaidh údaráis na hEilvéise, ag feidhmiú dóibh i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, an cúnamh is gá do chigirí an Choimisiúin chun a ndualgas a chomhlíonadh agus seiceáil nó cigireacht ar an láthair á déanamh acu.
5. Tuairisceoidh an Coimisiún a luaithe agus is féidir d'Oifig Iniúchóireachta Chónaidhm na hEilvéise faoi aon fhíoras nó amhras i ndáil le neamhrialtacht atá tugtha faoi deara aige le linn na seiceála nó na cigireachta ar an láthair. In aon chás, ceanglaítear ar an gCoimisiún an t-údarás réamhluaite a chur ar an eolas maidir le toradh na seiceálacha agus na gcigireachtaí sin.
Airteagal 4
Faisnéis agus comhairliúchán
1. Chun críche fhorfheidhmiú mar is ceart na hIarscríbhinne seo, déanfaidh údaráis inniúla na hEilvéise agus údaráis an Chomhphobail faisnéis a mhalartú ar bhonn rialta agus, arna iarraidh sin ag aon cheann de na Páirtithe, reáchtálfaidh siad comhairliúcháin.
2. Cuirfidh údaráis inniúla na hEilvéise an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon fhíoras nó amhras a bheidh ann agus a bhfuil siad eolach air a bhaineann le neamhrialtacht i ndáil le tabhairt i gcrích agus cur chun feidhme na gconarthaí nó na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích i gcur i bhfeidhm na n-ionstraimí dá dtagraítear sa Chinneadh seo.
Airteagal 5
Rúndacht
Faisnéis a chuirtear in iúl nó a fhaightear in aon fhoirm de bhun na hIarscríbhinne seo, beidh sí faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla agus cosnófar í ar an gcaoi chéanna a gcosnaítear faisnéis dá samhail le reachtaíocht náisiúnta na hEilvéise agus leis na forálacha comhfhreagracha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Chomhphobail. Ní chuirfear faisnéis den sórt sin in iúl do dhaoine eile seachas iad siúd atá laistigh d'institiúidí an Chomhphobail, sna Ballstáit nó san Eilvéis a gceanglaíonn a bhfeidhmeanna orthu a bheith ar an eolas fúithi, agus ní fhéadfar í a úsáid chun críocha seachas chun cosaint éifeachtach leasanna airgeadais na bPáirtithe Conarthacha a áirithiú.
Airteagal 6
Bearta agus pionóis riaracháin
Gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí coiriúil na hEilvéise, féadfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún bearta riaracháin agus pionóis riaracháin a fhorchur i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (4).
Airteagal 7
Téarnamh agus forfheidhmiú
Cinntí a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht nó an Coimisiún laistigh de raon feidhme an Chinnidh seo agus lena bhforchuirtear oibleagáid airgid ar dhaoine seachas ar Stáit, beidh na cinntí sin infhorfheidhmithe san Eilvéis.
Ní mór an t-ordú forfheidhmithe a eisiúint gan aon rialú breise seachas fíorú bharántúlacht an ghnímh, ón údarás arna ainmniú ag rialtas na hEilvéise, údarás nach mór dó é sin a chur in iúl don Ghníomhaireacht nó don Choimisiún. Ní mór an forfheidhmiú a dhéanamh i gcomhréir le rialacha nós imeachta na hEilvéise. Tá dlíthiúlacht an chinnidh maidir le forfheidhmiú faoi réir rialú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Breithiúnais a thugann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun clásal eadrána, tá siad infhorfheidhmithe de réir na dtéarmaí céanna.
(1) IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.
(2) IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.