ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Deireadh Fómhair 2022
lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta is infheidhme i Limistéar an Choinbhinsiúin Iascaigh san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá sé ar cheann de chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a áirithiú go ndéanfar beo-acmhainní uisceacha a shaothrú ar bhealach ina soláthrófar dálaí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta atá inbhuanaithe. |
(2) |
Trí bhíthin Chinneadh 98/392/CE ón gComhairle (4), d’fhormheas an tAontas Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus dhaingnigh sé, trí bhíthin Chinneadh 98/414/CE ón gComhairle (5), an Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme, ina bhfuil prionsabail agus rialacha i dtaca le beo-acmhainní na farraige a chaomhnú agus a bhainistiú. Faoi chuimsiú na n-oibleagáidí idirnáisiúnta eile atá air, bíonn an tAontas rannpháirteach in iarrachtaí a dhéantar in uiscí idirnáisiúnta chun stoic éisc a chaomhnú agus féachann sé le rialachas domhanda na n-aigéan a neartú agus bainistiú iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn. |
(3) |
Trí bhíthin Chinneadh 2005/75/CE ón gComhairle (6), d’fhormheas an Comhphobal Eorpach a aontachas leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (“an Coinbhinsiún”), lena mbunaítear an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC). |
(4) |
Tá sé d’údarás ag WCPFC cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de (“Bearta Caomhnaithe agus Bainistíochta” nó “CMManna”) a ghlacadh chun acmhainní iascaigh atá faoina gcúram a chaomhnú. Is ar pháirtithe conarthacha an Choinbhinsiúin den chuid is mó atá na cinntí sin dírithe, ach cuirtear oibleagáidí ar na hoibreoirí (mar shampla, ar mháistrí soithí iascaireachta) leo freisin. |
(5) |
Ar theacht i bhfeidhm dóibh, tá CMManna ceangailteach ar gach páirtí conarthach sa Choinbhinsiún, lena n-áirítear an tAontas. |
(6) |
Cé go gcuirtear príomhfhorálacha ábhartha CMManna chun feidhme ar bhonn bliantúil i gcomhthéacs an Rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta, cuireadh na forálacha a bhí fágtha chun feidhme den uair dheireanach trí Theideal V de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (7). Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear CMM a ghlac WCPFC chun feidhme go hiomlán agus go tráthúil i ndlí an Aontais agus go gcuirfear iad, dá bhrí sin, chun feidhme laistigh den Aontas go haonfhoirmeach agus go héifeachtach, agus go dtabharfaidh siad soiléireacht agus intuarthacht d’oibreoirí shoithí iascaireachta de chuid an Aontais. |
(7) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá gníomhaíochtaí an Aontais in eagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú go mbainisteofar acmhainní iascaigh i gcomhréir le cuspóirí CBI, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma agus go n-athbhunóidh agus go gcothabhálfaidh sé líon na speiceas saothraithe os cionn na leibhéal atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, chun dálaí a chur ar fáil do thionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus do ghníomhaíocht iascaireachta ar talamh atá iomaíoch agus inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus chun cur le hinfhaighteacht soláthairtí bia inbhuanaithe. |
(8) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA), arna iarraidh sin don Choimisiún, le cúnamh a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit ina gcaidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta réigiúnacha a bhfuil an tAontas ina bhall díobh. I gcomhréir leis an Rialachán sin, nuair is gá chun oibleagáidí an Aontais a chur chun feidhme, tá ar EFCA, arna iarraidh sin don Choimisiún, gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta na mBallstát a chomhordú ar bhonn cláir idirnáisiúnta rialaithe agus chigireachta, lena bhféadfar cláir a chuirtear chun feidhme i CMManna WCPFC a áireamh. Féadfaidh EFCA, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir chigireachta agus faireachais oibríochtúla chomhpháirteacha a tharraingt suas chun na críche sin trí phleananna imlonnaithe comhpháirteacha a bhunú. Is iomchuí, dá bhrí sin, forálacha a ghlacadh sa Rialachán seo a áiríonn EFCA, nuair a ainmníonn an Coimisiún é mar an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún a fhaigheann ó na Ballstáit, agus a chuireann chuig Rúnaíocht WCPFC, faisnéis a bhaineann le rialú agus cigireacht, amhail tuarascálacha cigireachta ar muir agus fógraí ábhartha faoin gClár Breathnóirí Réigiúnacha (“ROP”) de chuid WCPFC. |
(9) |
Ag cur san áireamh gurb é is dóichí go ndéanfar CMManna a leasú tuilleadh amach anseo ag cruinnithe bliantúla WCPFC, chun CMManna a chur chun feidhme i ndlí an Aontais go tapa, chun cothrom na Féinne a atreisiú agus tuilleadh tacaíochta a thabhairt do bhainistíocht fhadtéarmach inbhuanaithe na stoc, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ngnéithe seo a leanas: faisnéis ar shoitheach a thíolacadh, ceanglais an Chórais Faireacháin Soithí (“VMS”), an céatadán de scéim cumhdaigh na mbreathnóirí faoi ROP, cearta agus oibleagáidí na mbreathnóirí, cearta agus freagrachtaí oibreoirí na soithí, na maistrí agus na gcriúnna, spriocamanna tuairiscithe agus Iarscríbhinní I go VI, lena gcumhdaítear bearta maoluithe maidir le héin, marcáil agus sonraíochtaí eile le haghaidh soithí, caighdeáin íosta le haghaidh Cumarsáidithe Uathoibríocha Suímh a úsáidtear in VMS WCPFC, Dearbhú Trasloingsithe WCPFC agus léiriú ar dhoruithe siorca. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (9). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(10) |
Leis na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do chur chun feidhme athruithe ar CMManna amach anseo i ndlí an Aontais tríd an ngnáthnós imeachta reachtach. |
(11) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus thug an Maoirseoir tuairim an 14 Meitheamh 2021. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Rialacháin seo a láimhseáil i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus Rialachán (AE) 2018/1725. Chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú, ba cheart na sonraí pearsanta a stóráil ar feadh tréimhse 10 mbliana. I gcás ina bhfuil na sonraí pearsanta atá i gceist ag teastáil le haghaidh obair leantach maidir le sárú, le haghaidh cigireachta nó le haghaidh nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin, is féidir na sonraí sin a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 10 mbliana, ach nach faide ná 20 bliain. |
(12) |
Ba cheart Airteagal 4(4) agus Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 a scriosadh toisc go gcuirtear bearta uile WCPFC chun feidhme leis an Rialacháin seo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha Ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos bearta caomhnaithe agus bainistíochta maidir le hiascaireacht sa limistéar a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú, dá bhfuil an tAontas aontaithe de bhun Chinneadh 2005/75/CE, agus maidir leis na speicis éisc faoi chúram an Choinbhinsiúin sin.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú, arna leasú ar uairibh; |
(2) |
ciallaíonn “Limistéar an Choinbhinsiúin” an limistéar a bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis mar a thuairiscítear ina Airteagal 3(1) de; |
(3) |
ciallaíonn “WCPFC” an Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir arna bhunú faoin gCoinbhinsiún; |
(4) |
ciallaíonn “soitheach iascaireachta de chuid an Aontais” aon soitheach a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige, a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críche na hiascaireachta, lena n-áirítear longa tacaíochta, soithí iompair agus aon soitheach eile a bhfuil baint dhíreach aige le hiascaireacht den sórt sin; |
(5) |
ciallaíonn “iascaireacht”:
|
(6) |
ciallaíonn “CMM” na Bearta Caomhnaithe agus Bainistíochta is infheidhme a ghlac WCPFC; |
(7) |
ciallaíonn “deiseanna iascaireachta” cuótaí iascaireachta, iarracht iascaireachta arna leithdháileadh ar Bhallstát nó tréimhsí coiscthe mar a fhoráiltear i ngníomh Comhphobail atá i bhfeidhm le haghaidh Limistéar an Choinbhinsiúin; |
(8) |
maidir le “mí-oiriúnach lena chaitheamh ag an duine”
|
(9) |
ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” nó “FAD” aon ní nó grúpa nithe, ar aon mhéid, atá nó nach bhfuil imscartha, atá beo nó neamhbheo, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, bhaoithe, snámháin, fál, uigí, plaistigh, bambú, logaí agus míolsiorcanna ar foluain ar nó i ngiorracht do dhromchla an uisce a bhféadfadh iasc a bheith ina measc; |
(10) |
ciallaíonn “socrú éadomhain” iascaigh ina ndéantar iascaireacht agus tromlach na nduán i ndoimhneacht is éadoimhne ná 100 méadar; |
(11) |
ciallaíonn “Taifead” Taifead ar Shoithí Iascaireachta WCPFC; |
(12) |
ciallaíonn “WIN” uimhir aitheantais WCPFC; |
(13) |
ciallaíonn “VMS” Córas um Fhaireachán Soithí; |
(14) |
ciallaíonn “ROP an Clár Breathnóirí Réigiúnacha” arna bhunú ag WCPFC chun sonraí gabhálacha fíoraithe, sonraí eolaíochta eile agus faisnéis bhreise a bhaineann leis an iascach a bhailiú i Limistéar an Choinbhinsiúin, agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CMManna; |
(15) |
ciallaíonn “baoi uirlise” baoi ar a bhfuil uimhir thagartha atá marcáilte go soiléir lena bhféadfaí é a shainaithint agus a bhfuil córas rianaithe satailíte ina threalamh aige chun faireachán a dhéanamh ar a shuíomh; |
(16) |
ciallaíonn “baoi sonraí” gaireas atá ar snámh, a ghluaiseann uaidh féin nó atá ar ancaire, a ndéanann eagraíochtaí nó eintitis eolaíochta rialtais nó aitheanta iad a imscaradh chun sonraí comhshaoil a bhailiú agus a thomhas go leictreonach, agus nach ndéantar a imscaradh chun críocha gníomhaíochtaí iascaireachta; |
(17) |
ciallaíonn “Dearbhú Trasloingsithe WCPFC” doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn IV; |
(18) |
ciallaíonn “Póca Mórmhara an Oirthir” an limistéar mórmhara arb iad Limistéir Eacnamaíocha Eisiacha na nOileán Cooke, Pholainéis na Fraince agus Chiribeas a theorainneacha thiar, thoir agus thuaidh faoi seach in éineacht leis na comhordanáidí geografacha, agus mar a léirítear ar an léarscáil, a leagtar amach in Iarscríbhinn V; |
(19) |
ciallaíonn “roic de chineál mobulidae” speiceas de fhine Mobulidae, lena n-áirítear roic mhanta agus roic mhobula; |
(20) |
ciallaíonn “cumarsáidí uathoibríoch suímh” nó “ALC”, tarchuradóir lena ndaingnítear suíomh de réir satailíte beagnach i bhfíor-am; |
(21) |
ciallaíonn “ábhar muirí aischurtha” gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige; |
(22) |
ciallaíonn “cigire údaraithe” cigire de chuid páirtí conarthach sa Choinbhinsiún ar cuireadh a aitheantas in iúl do WCPFC; |
(23) |
ciallaíonn “cigire údaraithe de chuid an Aontais” cigire de chuid an Aontais ar cuireadh a aitheantas in iúl do WCPFC i gcomhréir le haon ghníomh arna ghlacadh de bhun Airteagal 79(7) de Rialachán(CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (12). |
Airteagal 4
Údaruithe
1. Déanfaidh na Ballstáit an líon údaruithe chun iascaireacht a dhéanamh agus an leibhéal iascaireachta a bhainistiú i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta.
2. Leagfar an méid seo a leanas amach le gach údarú le haghaidh an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais dá n-eisítear é:
(a) |
na limistéir shonracha, na speicis shonracha agus na tréimhsí sonracha dá bhfuil an t-údarú bailí; |
(b) |
gníomhaíochtaí a cheadaítear don soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanamh; |
(c) |
toirmeasc ar an iascaireacht agus ar éisc a bheith á gcoinneáil ar bord, á dtrasloingsiú nó á dtabhairt ag soitheach iascaireachta de chuid an Aontais i dtír i limistéir faoi dhlínse Stáit eile ach amháin de bhun aon cheadúnais, cheada nó údaraithe a fhéadfaidh an Stát eile sin a éileamh; |
(d) |
an ceanglas go gcoinneoidh an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais an t-údarú arna eisiúint de bhun na míre seo ar bord, nó go gcoinneofar cóip dheimhnithe de, agus aon cheadúnas, aon chead nó aon údarú, nó aon chóip dheimhnithe de, arna eisiúint ag Stát cósta, mar aon le deimhniú bailí de chlárúchán an tsoithigh. |
Caibidil II
Bearta Caomhnaithe agus Bainistíochta
Airteagal 5
Gabháil a choinneáil san iascach tuinníní teochreasacha peas-saighne
1. Déanfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht sna limistéir eacnamaíocha eisiacha agus ar an mórmhuir laistigh de Limistéar an Choinbhinsiúin arb é 20°T agus 20°D a dteorainneacha, gach gabháil tuinníní mórshúileacha, boiníotónna aigéanacha agus tuinníní buí a choinneáil ar bord, seachas sna cásanna seo a leanas:
(a) |
i gcás, agus líonta á gcur den uair dheireanach ag soitheach, nach bhfuil go leor spás stórála ann le haghaidh gach iasc dá gabháladh sna líonta sin; agus sa chás sin, féadfar na héisc iomarcacha arna ngabháil sna líonta deireanacha sin a aistriú chuig soitheach peas-saighne eile agus iad a choinneáil ar bord an tsoithigh sin ar choinníoll nach mbeidh toirmeasc air sin faoin dlí is infheidhme; |
(b) |
i gcás ina bhfuil na héisc mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; agus |
(c) |
i gcás ina dtarlaíonn mífheidhmiú tromchúiseach trealaimh. |
2. I gcás ina gcinnfidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais nár cheart éisc a thógáil ar bord ar chúiseanna a bhaineann leis an méid, le hindíoltacht, nó le comhdhéanamh na speiceas, déanfar na héisc a scaoileadh sula ndéanfar an líon iascaireachta a fháscadh go hiomlán agus gan níos mó ná leathchuid an lín aisghafa.
3. I gcás ina gcinnfidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais nár cheart éisc a thógáil ar bord toisc gur gabhadh é agus na heangacha á gcur den uair dheireanach, nuair nach bhfuil go leor spás stórála ann le haghaidh na n-iasc uile a gabhadh an uair sin, féadfar na héisc a aischur ar choinníoll:
(a) |
go ndéanfaidh an máistir agus an criú iarracht na héisc a scaoileadh beo a luaithe is féidir; agus |
(b) |
nach ndéanfar aon iascaireacht eile tar éis aischur na n-iasc go dtí go mbeidh na héisc atá ar bord an tsoithigh iascaireachta tugtha i dtír nó trasloingsithe. |
4. Ní dhéanfar éisc a aischur ó shoithí iascaireachta de chuid an Aontais ach amháin tar éis do bhreathnóir ROP meastachán a dhéanamh faoi chomhdhéanamh speiceas na n-iasc a bheidh le haischur.
5. Laistigh de 48 n-uair an chloig tar éis aon iasc a aischur, cuirfidh máistir an tsoithigh de chuid an Aontais tuarascáil faoi bhráid Rúnaíocht WCPFC, agus an Ballstát brataí agus an Coimisiún i gcóip, ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
(a) |
ainm, bratach agus uimhir aitheantais WIN an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais agus ainm agus náisiúntacht an mháistir; |
(b) |
uimhir cheadúnais; |
(c) |
ainm an bhreathnóra ar bord; |
(d) |
dáta, am agus suíomh (domhanleithead/domhanfhad) an aischuir; |
(e) |
dáta, am agus suíomh (domhanleithead/domhanfhad) agus cineál (sruthfheiste um chomhbhailiú éisc, feiste um chomhbhailiú éisc ar ancaire, scoil shaor etc.) na líonta a cuireadh; |
(f) |
an chúis gur aischuireadh na héisc, lena n-áirítear ráiteas faoin stádas aisghabhála má aischuireadh na héisc toisc iad a bheith mí-oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine; |
(g) |
tonnáiste measta agus comhdhéanamh speiceas na n-iasc aischurtha; |
(h) |
tonnáiste measta agus comhdhéanamh speiceas na n-iasc a coinníodh ón turas sin; |
(i) |
má aischuireadh éisc i gcomhréir le mír 3, ráiteas nach ndéanfar aon iascaireacht eile go dtí go ndéanfar an t-iasc gafa ar bord a dhíluchtú; agus |
(j) |
aon fhaisnéis eile a mheasfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bheith ábhartha. |
6. Soláthróidh máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais, an tráth céanna a chuirfear í faoi bhráid Rúnaíocht WCPFC, an fhaisnéis ar a dtugtar tuairisc i mír 5 do bhreathnóir ROP ar bord.
Airteagal 6
Faireachán agus rialú san iascach tuinníní teochreasacha peas-saighne
1. D’ainneoin Airteagal 26, méadófar minicíocht an fhaireacháin VMS maidir le suíomh soithí a tharchur, go dtí gach 30 nóiméad le linn na dtréimhsí coisc FAD mar a shainmhínítear sa Rialachán maidir le deiseanna iascaireachta.
2. Ní oibreoidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais agus tuairisciú de láimh i bhfeidhm le linn thréimhsí coisc FAD.
3. Má chuireann Rúnaíocht WCPFC deireadh le glacadh uathoibríoch shuíomhanna soitheach iascaireachta de chuid an Aontais ó VMS, ní ordófar don soitheach filleadh ar an gcalafort go dtí go mbeidh gach beart réasúnach úsáidte ag Rúnaíocht WCPFC chun gnáthghlacadh uathoibríoch na suíomhanna ó VMS a athbhunú.
4. Iompróidh soithí peas-saighne breathnóir ROP má bhíonn an soitheach sin ag iascach laistigh den limistéar arb é 20° T agus 20° D a theorainneacha i gceann de na cásanna seo a leanas:
(a) |
ar an mórmhuir; |
(b) |
ar an mórmhuir agus in uiscí faoi dhlínse Stáit chósta amháin nó níos mó; nó |
(c) |
in uiscí faoi dhlínse dhá Stáit chósta nó níos mó. |
Airteagal 7
FADanna agus baoithe uirlise san iascach tuinníní teochreasacha peas-saighne
1. Comhlíonfar na sonraíochtaí seo a leanas agus FADanna á gceapadh agus á dtógáil chun a chur in úsáid i Limistéar an Choinbhinsiúin, nó maidir le FADannna a théann le sruth isteach sa Limistéar sin:
(a) |
má chumhdaítear an chuid de FAD atá ar foluain nó cuid an rafta de (struchtúr comhréidh nó rollta) le líon mogaill, is lú ná 7 cm an méid a bheidh ina mogallra rite a agus déanfar an líon mogaill a fhilleadh timpeall an rafta ar fad go maith chun nach mbeidh aon chuid den líon ar crochadh faoi bhun an FAD nuair a dhéanfar í a imscaradh; |
(b) |
má úsáidtear líon mogaill, beidh méid a mogallra rite níos lú ná 7 cm nó ceangailte go dlúth ina cuacha nó ina “hispíní” agus go leor meáchain ag an tsúil chun an líon a choinneáil thíos sa cholún uisce go teann. De rogha air sin, féadfar aon phainéal ualaithe amháin de líon le mogallra rite ar mhéid is lú ná 7 cm nó leathán soladach (amhail canbhás nó níolón) a úsáid. |
2. Le linn thréimhsí coisc FAD arna mbunú le gníomhartha de chuid an Aontais um an leithdháileadh deiseanna iascaireachta, beidh toirmeasc ar shoithí peas-soighne de chuid an Aontais, lena n-áirítear aon chuid dá dtrealamh iascaireachta agus aon cheann dá mbáid freastal, a bheith lonnaithe laistigh d’aon mhuirmhíle amháin ó FAD agus líonta á gcur acu.
3. Ní úsáidfear soithí iascaireachta de chuid an Aontais chun éisc a chomhbhailiú, ná chun éisc chomhbhailithe a aistriú, ná ní úsáidfear soilse faoi uisce ná baoiteáil.
4. Ní aisghabhfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais FADanna ná trealamh leictreonach gaolmhar le linn thréimhse choisc FAD ach amháin:
(a) |
i gcás ina n-aisghabhfar FADanna nó trealamh leictreonach gaolmhar agus go gcoinneofar ar bord an tsoithigh iad go dtí go dtiocfar i dtír nó go dtí deireadh thréimhse choisc an FAD; agus |
(b) |
mura ndéanfaidh an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais aon turas ar feadh tréimhse 7 lá tar éis aisghabháil aon fheiste um chomhbhailiú éisc nó laistigh de gha 50 muirmhíle ó phointe aisghabhála aon fheiste. |
5. I dteannta mhír 4, ní oibreoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais i gcomhar le chéile chun éisc chomhbhailithe a ghabháil.
6. Ní dhéanfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon turas le linn na tréimhse coisc laistigh d’aon mhuirmhíle amháin ó phointe mar ar aisghabh soitheach eile FAD laistigh de 24 uair an chloig roimh an turas, i gcás ina bhfuil máistir an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais ar an eolas faoi shuíomh agus am aisghabháil FAD sin.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh a gcuid soitheach a bhfuil a mbratach ar foluain acu a oibríonn in uiscí Stáit chósta dlíthe an Stáit chósta sin maidir le FAD a bhainistiú, lena n-áirítear iad a rianú.
Airteagal 8
Baoithe uirlise
Déanfar na baoithe uirlise a ghníomhachtú ar bord an tsoithigh peas-saighne go heisiach.
Airteagal 9
Baoithe sonraí
1. Beidh toirmeasc ar iascaireacht a dhéanamh laistigh d’aon mhuirmhíle amháin de bhaoi sonraí, agus ar idirghníomhú le baoi sonraí. Áireofar ar an toirmeasc sin an baoi a chiorclú le trealamh iascaireachta, an soitheach, nó aon trealamh iascaireachta, nó aon pháirt nó aon chuid den soitheach a fheistiú le baoi sonraí nó a cheangal leis an mbaoi nó lena mhúráil, agus líne ancaire baoi sonraí a ghearradh.
2. Má théann soitheach iascaireachta de chuid an Aontais i bhfostú i mbaoi sonraí, bainfear an trealamh atá i bhfostú ar bhealach lena ndéanfar a laghad díobháil is féidir don bhaoi sonraí.
3. Tuairisceoidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais chuig an mBallstát brataí gach cás ina dtéann trealamh i bhfostú i mbaoi agus dáta, suíomh agus cineál an cháis á soláthar, mar aon le haon fhaisnéis aitheantais atá ar an mbaoi sonraí. Déanfaidh an Ballstát brataí sin an tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún láithreach.
4. D’ainneoin mhír 1, féadfaidh cláir thaighde eolaíochta a mbeidh fógra fúthu tugtha don Choimisiún agus údarú ina leith faighte uaidh, soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibriú laistigh d’aon mhuirmhíle amháin ó bhaoi sonraí, ar choinníoll nach n-idirghníomhóidh siad leis na baoithe sonraí sin ar an mbealach dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 10
Sainlimistéar bainistíochta Phóca Mórmhara an Oirthir
1. Tuairisceoidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i bPóca Mórmhara an Oirthir aon chás ina bhfeictear aon soitheach iascaireachta chuig a mBallstát brataí, chuig an gCoimisiún nó chuig comhlacht arna n-ainmniú aige, agus chuig Rúnaíocht WCPFC. Aireofar ar an bhfaisnéis atá le tuairisciú: dáta agus am (AUL), suíomh (fíorchéimeanna) domhanleithid agus domhanfhaid, treo-uillinn, marcálacha, luas (muirmhílte san uair) agus an cineál soithigh. Áiritheoidh soithí iascaireachta go dtarchuirfear an fhaisnéis laistigh de 6 uair an chloig ón tráth a fheictear an soitheach.
2. Gheobhaidh Stáit chósta mháguaird nó críocha cósta máguaird sonraí leanúnacha beagnach i bhfíor-am ó VMS.
Airteagal 11
Trasloingsiú
1. Tarlóidh gach trasloingsiú arna dhéanamh i Limistéar an Choinbhinsiúin a bhaineann le speicis mhór-imirceacha a chumhdaítear faoin gCoinbhinsiún i gcalafort agus déanfar iad a ualú i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
2. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún trasloingsithe arna ndéanamh ag soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, ach amháin i gcás ina mbeidh an soitheach á oibriú faoi shocrú maidir le cairtfhostú, léas nó sásra comhchosúil eile, mar chuid lárnach de chabhlach intíre Stáit chósta i Limistéar an Choinbhinsiúin.
3. Maidir le máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bheidh ag dí-ualú táirgí iascaigh de stoic éisc mhór-imirceacha a chumhdaítear le Limistéar an Choinbhinsiúin agus a thógtar sa Limistéar sin le linn trasloingsiú i gcalafort nó lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, líonfaidh an máistir sin Dearbhú Trasloingsithe WCPFC isteach le haghaidh gach trasloingithe gabhála arna tógáil i Limistéar an Choinbhinsiúin. Seolfar Dearbhú Trasloingsithe WCPFC chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais.
4. Maidir le máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bheidh ag fáil táirgí iascaigh de stoic éisc mhór-imirceacha a chumhdaítear le Limistéar an Choinbhinsiúin agus a thógtar sa Limistéar sin le linn trasloingsiú i gcalafort nó lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, líonfaidh an máistir sin Dearbhú Trasloingsithe WCPFC isteach le haghaidh gach trasloingsiú gabhála arna tógáil i Limistéar an Choinbhinsiúin. Seolfar Dearbhú Trasloingsithe WCPFC chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais.
5. Déanfaidh Ballstáit bhrataí na sonraí sin a bhailíochtú i gcomhréir le hAirteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus i gcás inar féidir, déanfar faisnéis, a gheofar ó shoithí de chuid an Aontais a bhfuil oibríochtaí trasloingsithe á ndéanamh acu, a cheartú agus gach faisnéis dá bhfuil ar fáil á húsáid amhail sonraí maidir le gabháil agus iarracht, sonraí maidir le suíomh, tuarascálacha ó bhreathnóirí agus sonraí faireacháin calafoirt.
Airteagal 12
Trasloingsiú chuig soithí páirtithe neamhchonarthacha agus uathu
1. Ní rachaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais i mbun oibríochtaí trasloingsithe chuig soitheach nó ó shoitheach a bhfuil bratach ar foluain aige a bhaineann le páirtí neamhchonarthach ach amháin i gcás ina mbeidh an soitheach sin údaraithe le cinneadh WCPFC, amhail:
(a) |
soitheach iompair de chuid páirtí neamhchonarthach atá ar an Taifead; nó |
(b) |
soitheach iascaireachta de chuid páirtí neamhchonarthach atá ceadúnaithe chun iascaireacht a dhéanamh sa limistéar eacnamaíoch eisiach de chuid páirtí conarthach i gcomhréir le cinneadh WCPFC. |
2. Sa chás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, seolfaidh máistir an tsoithigh iompair de chuid an Aontais nó Ballstát cairtfhostaithe an Dearbhú Trasloingsithe WCPFC chuig údarás inniúil an Bhallstáit brataí agus beidh feidhm ag Airteagal 11(5).
CAIBIDIL III
Speicis Mhuirí a Chosaint
Airteagal 13
Roic de chineál Mobulidae
1. Beidh toirmeasc ar dhíriú ar roic de chineál Mobulidae (géineas Mobula) trí bhíthin iascaireachta nó turais d’aon ghnó.
2. Beidh toirmeasc freisin ar aon pháirt de chonablach agus ar chonablach iomlán roic de chineál Mobulidae a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír nó a thairiscint lena ndíol.
3. Áiritheoidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais go scaoilfear roic de chineál Mobulidae go pras, beo agus gan ghortú a mhéid is indéanta, agus déanfar amhlaidh ar bhealach a dhéanfadh a laghad díobháil is féidir don speiceas a ghabhtar, agus sábháilteacht an chriú á cur san áireamh.
4. D’ainneoin mhír 3, maidir le roic de chineál Mobulidae a dhéantar a ghabháil go neamhintinneach agus a thabhairt i dtír mar chuid d’oibríocht soithigh peas-saighne, déanfaidh an soitheach an roc de chineál Mobulidae a thabhairt suas ina iomláine do na húdaráis fhreagracha ag pointe a thugtha i dtír nó a thrasloingsithe, nó é a aischur i gcás inar féidir. Maidir le roic de chineál Mobulidae a thugtar suas ar an mbealach sin, ní fhéadfar iad a dhíol ná a mhalartú ach féadfar iad a bhronnadh lena chaitheamh ag an duine sa bhaile.
5. Déanfar na gabhálacha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Áireofar san fhaisnéis a bheidh le tuairisciú an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo).
Airteagal 14
Beart ginearálta chun siorcanna a chosaint
Ní úsáidfidh soithí spiléireachta an Aontais a dhíríonn ar thuinnín agus ar mhairlín fodhoruithe a bheidh ag rith díreach amach ó na snámháin spiléireachta nó ó dhoruithe doimhne, ar a dtugtar doruithe siorca mar a léirítear in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 15
Siorcanna Bána Aigéanacha
1. Beidh toirmeasc ar aon siorc bán aigéanach (Carcharhinus longimanus) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a stóráil ar bord soitheach iascaireachta, a thabhairt i dtír nó a thairiscint lena dhíol, go hiomlán nó i bpáirt.
2. Scaoilfear aon siorc bán aigéanach dá ngabhfar a luaithe is féidir tar éis don siorc a thabhairt cois an tsoithigh sula scaoilfear é, chun sainaithint speicis a éascú, ar bhealach a ndéanfar a laghad díobháil is féidir don siorc.
3. Ceadófar do bhreathnóirí ROP samplaí bitheolaíochta a bhailiú ó shiorcanna bána aigéanacha a bheidh marbh tráth a thugtar ar bord iad, ar choinníoll go mbeidh na samplaí ina gcuid de thionscadal taighde arna fhormheas ag Coiste Eolaíochta WCPFC.
4. Déanfar gabhálacha siorcanna bána aigéanacha de thaisme a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Áireofar san fhaisnéis a bheidh le tuairisciú an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo).
Airteagal 16
Míolsiorcanna
1. Beidh toirmeasc ar pheas-saighean a chur ar scoil tuinníní a bhfuil míolsiorc (Rhincodon typus), ina measc má fheictear an míolsiorc sula dtosaítear ar an líon a chur.
2. I gcás ina ndéanfar an míolsiorc a chiorclú leis an bpeas-saighean go neamhintinneach, déanfaidh an soitheach iascaireachta de chuid an Aontais mar a leanas:
(a) |
a áirithiú go ndéanfar gach beart réasúnach chun a áirithiú go scaoilfear go sábháilte é; agus |
(b) |
an teagmhas a thuairisciú d’údarás ábhartha an Bhallstáit brataí, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na siorcanna, sonraí maidir le conas a tharla an ciorclú agus cén fáth, cá háit ar tharla sé, na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur scaoileadh go sábháilte é, agus measúnú i dtaca le stádas saoil an mhíolsiorca nuair a scaoileadh é (lena n-áirítear má scaoileadh an t-ainmhí beo ach go bhfuair sé bás ina dhiaidh sin). |
3. Déanfar gabhálacha míolsiorcanna de thaisme a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Áireofar san fhaisnéis a bheidh le tuairisciú an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo).
Airteagal 17
Síodsiorcanna
1. Tá toirmeasc ar aon síodsiorc (Carcharhinus falciformis) a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a stóráil ar bord soitheach iascaireachta, nó a thabhairt i dtír, go hiomlán nó i bpáirt.
2. Scaoilfear aon síodsiorc a ghabhfar a luaithe is féidir tar éis don siorc a thabhairt cois an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais sula scaoiltear é, chun sainaithint speicis a éascú, ar bhealach a ndéanfar a laghad díobháil is féidir don siorc.
3. Déanfar gabhálacha síodsiorcanna de thaisme a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Áireofar san fhaisnéis atá le tuairisciú an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo).
4. Déanfaidh na Ballstáit meastachán, trí shonraí a bhaileofar ó chláir bhreathnóirí agus trí bhealaí eile amhail logleabhair iascaireachta nó faireachán leictreonach, faoin líon síodsiorcanna arna ngabháil a scaoiltear, lena n-áirítear an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo), agus tuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 38(3), pointe (d).
5. Ceadófar do Bhreathnóirí ROP samplaí bitheolaíochta a bhailiú ó shíodsiorcanna arna ngabháil a bheidh marbh tráth a thugtar ar bord iad, ar choinníoll go mbeidh an tsampláil ina cuid de thionscadal taighde arna fhormheas ag Coiste Eolaíochta WCPFC.
Airteagal 18
Céiticigh
1. Beidh toirmeasc ar pheas-saighean a chur ar scoil tuinníní a bhfuil céiticeach (infrea-ord Cetacea) ina measc, má fheictear an t-ainmhí sula dtosaítear ar líon a chur.
2. I gcás ina ndéanfar an céiticeach a chiorclú le peaslíon-saighne go neamhintinneach, déanfaidh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais gach beart réasúnach chun a áirithiú go scaoilfear go sábháilte é. Áireofar leis sin an rollóir lín a stopadh agus gan tosú ar oibríochtaí iascaireachta an athuair go dtí go scaoilfear saor an t-ainmhí agus go dtí nach mbeidh sé i mbaol a aisghafa a thuilleadh.
3. Déanfar gabhálacha céiticeach de thaisme a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Áireofar san fhaisnéis a bheidh le tuairisciú an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo).
Airteagal 19
Bearta maolaithe maidir le héanlaith mhara
1. Úsáidfidh soithí spiléireachta de chuid an Aontais a bheidh ag déanamh iascaireachta ó dheas ó 30°D:
(a) |
dhá cheann ar a laghad de na bearta maolaithe seo a leanas: fodhoruithe meáite, doruithe a chur le linn na hoíche, nó línte tori (línte scanraithe éan); nó |
(b) |
gairis cosanta duán. |
2. Úsáidfidh soithí spiléireachta de chuid an Aontais a bheidh ag déanamh iascaireachta idir na línte domhanleithid 25°D agus 30°D, ceann amháin de na bearta maolaithe seo a leanas: fodhoruithe meáite; línte scanraithe éan; nó gairis chosanta duán.
3. Maidir le soithí spiléireachta an Aontais a bheidh 24 mhéadar nó níos faide ar fad foriomlán agus ag déanamh iascaireachta ó thuaidh ó 23°T, úsáidfidh siad dhá cheann ar a laghad de bhearta maolaithe Thábla 1 d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear ceann amháin ar a laghad ó Cholún A den tábla sin.
4. Ní féidir línte scanraithe éan a úsáid ach amháin i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
5. Déanfar na bearta dá dtagraítear san Airteagal seo a thuairisciú sa logleabhar i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Áireofar san fhaisnéis a bheidh le tuairisciú an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo).
Airteagal 20
Turtair mhara
1. Tabharfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais aon turtar mara blaosc-chrua (fine Cheloniidae) a bheidh támhach nó neamhghníomhach ar bord a luaithe is féidir tar éis a ghafa, agus cothóidh siad a théarnamh, lena n-áirítear é a athbheochan, sula gcuirfear ar ais san uisce é. Áiritheoidh máistrí agus oibreoirí soithí iascaireachta de chuid an Aontais go mbeidh an criú ar an eolas faoi theicnící cearta maolaithe agus láimhseála agus go n-úsáidfidh sé na teicnící sin.
2. Déanfaidh soithí peas-saighne de chuid an Aontais:
(a) |
ciorclú turtar mara a sheachaint, agus má dhéantar turtar mara a chiorclú go neamhintinneach nó má théann turtair mhara i bhfostú i bpeas-saighean go neamhintinneach, déanfar bearta indéanta chun an turtar a scaoileadh go sábháilte; |
(b) |
gach turtar mara dá bhfeictear a bheith dulta i bhfostú in FADanna nó i dtrealamh iascaireachta a scaoileadh; |
(c) |
a áirithiú, má théann turtar mara i bhfostú sa líon, go stopfar an rollóir eangaí a luaithe a thiocfaidh an turtar as an uisce; an turtar a bhaint as fostú gan é a ghortú sula gcuirfear an rollóir lín ar siúl arís, agus a mhéid a bheidh indéanta, cúnamh a thabhairt do théarnamh an turtair sula gcuirfear ar ais san uisce é; |
(d) |
líonta cochaill a iompar agus a chur in úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun turtair mhara a láimhseáil. |
3. Úsáidfidh soithí spiléireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht le duáin socraithe go héadomhain ceann amháin de na modhanna seo a leanas chun gabháil turtar mara a mhaolú:
(a) |
gan ach duáin mhóra chiorclacha a úsáid, ar duáin iascaireachta iad a bhfuil cruth ciorcail nó ubhchruthach orthu de ghnáth agus a cheaptar agus a mhonaraítear ó thús chun go mbeidh an pointe acu casta siar go hingearach in aghaidh na lorga. Beidh frithchúiteamh nach mó ná 10 gcéim ag na duáin sin; |
(b) |
gan ach iasc eite amháin a úsáid mar bhaoite; |
(c) |
aon bheart eile, aon phlean maolaithe eile nó aon ghníomhaíocht mhaolaithe eile a úsáid a mbeidh athbhreithniú déanta ag Coiste Eolaíochta WCPFC agus ag Coiste Teicniúil agus Comhlíontachta WCPFC air nó uirthi agus a bheidh formheasta ag WCPFC mar bheith cumasach ar laghdú a dhéanamh ar an ráta idirghníomhaíochta (líon a fheictear in aghaidh na nduán lena ndéantar iascaireacht) le turtair in iascaigh spiléireachta ina ndéantar na duáin a chur go héadomhain. |
4. Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le hiascaigh spiléireachta ina ndéantar na duáin a chur go héadomhain ina bhfuil na meánrátaí idirghníomhaíochta na dturtar mara breathnaithe níos ísle ná 0,019 turtar mara (gach speiceas le chéile) in aghaidh an 1 000 duán sna 3 bliana as a chéile roimhe sin agus arb é 10 % ar a laghad leibhéal clúdaigh na mbreathnóirí iontu le linn gach ceann de na 3 bliana sin.
Airteagal 21
Truailliú muirí
Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon phlaistigh, ola, táirgí breosla nó iarmhair olúla, bruscar, dramhaíl bia, dramhaíl tí, luaith loisceora agus séarachas a scaoileadh sa mhuir. Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin maidir le trealamh iascaireachta nó feistí tacaíochta iascaireachta, amhail FADanna, a scaoiltear san uisce don iascaireacht.
CAIBIDIL IV
Ceanglais ar Shoithí agus Cairtfhostú
Airteagal 22
Taifead
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais liostaithe ar Thaifead na soithí iascaireachta i gcomhréir leis an Rialacháin seo.
2. Measfar nach mbeidh aon soitheach iascaireachta de chuid an Aontais nach bhfuil liostaithe sa Taifead údaraithe chun stoic éisc mhórimirceacha a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír i limistéar an Choinbhinsiúin.
3. Cuirfidh na Ballstáit aon fhaisnéis fhíorasach in iúl don Choimisiún lena léireofar go bhfuil forais réasúnacha ann chun bheith in amhras nach bhfuil soitheach liostaithe ar an Taifead nó go bhfuil nó go raibh soitheach i mbun iascach nó trasloingsiú stoc éisc mhór-imirceacha i Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 23
Faisnéis ar shoitheach a thíolacadh
1. Cuirfidh gach Ballstát brataí an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach maidir le gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais atá liostaithe sa Taifead:
(a) |
ainm an tsoithigh iascaireachta de chuid an Aontais, uimhir chlárúcháin, WIN, ainmneacha roimhe sin (más eol) agus calafort clárúcháin; |
(b) |
ainm agus seoladh an úinéara nó na n-úinéirí; |
(c) |
ainm agus náisiúntacht an mháistir; |
(d) |
an bhratach a bhí aige roimhe (más ann di); |
(e) |
comhartha aitheantais idirnáisiúnta raidió; |
(f) |
cineálacha agus uimhreacha cumarsáide an tsoithigh (Uimhreacha Inmarsat A, B agus C agus uimhir theileafóin satailíte); |
(g) |
grianghraf daite den soitheach; |
(h) |
cá háit ar tógadh an soitheach agus cathain a togadh é; |
(i) |
cineál soithigh; |
(j) |
gnáthlíon criú; |
(k) |
cineál modha nó modhanna iascaireachta; |
(l) |
fad (sonraigh cén cineál agus cén méadrach atá á úsáid); |
(m) |
doimhneacht mhúnlaithe (sonraigh cén méadrach atá á úsáid); |
(n) |
bíoma (sonraigh cén méadrach atá á úsáid); |
(o) |
olltonnáiste cláraithe (GRT) nó olltonnáiste (GT); |
(p) |
cumhacht an phríomhinnill nó na bpríomhinneall (sonraigh cén méadrach atá á úsáid); |
(q) |
acmhainn iompair, lena n-áirítear an cineál reoiteora, toilleadh an reoiteora agus an líon reoiteoirí, toilleadh an bhoilg le haghaidh iasc agus toilleadh na gcuasán reoiteora (sonraigh cén méadrach atá á úsáid); |
(r) |
foirm agus uimhir an údaraithe a dheonaigh an Ballstát brataí lena n-áirítear aon limistéar sonrach, aon speiceas sonrach agus na tréimhsí sonracha dá bhfuil an t-údarú bailí; agus |
(s) |
Uimhir na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta nó uimhir Chlár Lloyd. |
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, agus faoi aon soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a bheidh le cur leis an Taifead nó le scriosadh as laistigh de 12 lá ó aon athrú a bheith déanta agus in aon chás tráth nach déanaí ná 7 lá roimh thosú gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin ag an soitheach lena mbaineann.
3. Maidir le faisnéis a iarrfaidh an Coimisiún maidir le soithí iascaireachta atá liostaithe i dTaifead na soithí iascaireachta de chuid an Aontais, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an iarraidh sin a fháil.
4. Roimh 1 Meitheamh gach bliain, cuirfidh gach Ballstát liosta faoi bhráid an Choimisiúin de gach soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a bhí liostaithe sa Taifead tráth ar bith le linn na bliana féilire roimhe, in éineacht le WIN gach soithigh agus tásc maidir le cibé acu a raibh nó nach raibh gach soitheach ag iascach stoc éisc mhór-imirceach i Limistéar an Choinbhinsiún ar shiúl ón dlínse dá chuid. Sloinnfear an tásc mar a leanas, de réir mar is iomchuí, an raibh an soitheach (c) ag iascach, nó (b) nach raibh.
5. Maidir leis na Ballstáit a oibríonn soithí ar léas, ar cairtfhostú nó a bhfuil socruithe comhchosúla acu a fhágann go dtugtar oibleagáidí tuairiscithe sonraí do pháirtí eile seachas don Stát brataí, déanfaidh na Ballstáit sin socruithe chun a áirithiú gur féidir leis an Stát brataí a oibleagáidí faoi mhír 4 a chomhlíonadh.
6. Cuirfidh na Ballstáit sonraí iomlána thaifead an tsoithigh iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin a chomhlíonfaidh na sonraíochtaí maidir le struchtúr agus formáid a bhaineann le Ceangaltán 1 a ghabhann le CMM 2014-03, agus cuirfidh grianghraif an tsoithigh faoina bhráid a chomhlíonfaidh sonraíochtaí Cheangaltán 2 a ghabhann le CMM 2014-03.
7. Déanfar sonraí thaifead an tsoithigh a chuir faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm leictreonach a chomhlíonfaidh na sonraíochtaí maidir le formáidiú a bhaineann le Ceangaltán 3 a ghabhann le CMM 2014-03.
Airteagal 24
Buncaeireacht
Áiritheoidh na Ballstáit nach soláthróidh soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu buncaeireacht ach amháin le haghaidh na soithí seo a leanas, agus nach ndéanfaidh ach na soithí seo a leanas buncaeireacht dóibh agus nach dtacóidh ach na soithí seo a leanas ar bhealaí eile leo:
(a) |
soithí iascaireachta a bhfuil bratach ar foluain acu a bhaineann le páirtithe conarthacha; |
(b) |
soithí iascaireachta a bhfuil bratach ar foluain acu a bhaineann le páirtithe neamh-chonarthacha má bhíonn soithí den sórt sin liostaithe sa Taifead; nó |
(c) |
soithí iascaireachta arna n-oibriú ag páirtithe neamhchonarthacha faoi shocruithe maidir le cairtfhostú, maidir le léas nó faoi shocruithe comhchosúla agus a chomhlíonfaidh CMManna. |
Airteagal 25
Marcáil agus sainaithint soithí iascaireachta
1. Déanfar soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Limistéar an Choinbhinsiúin a mharcáil lena sainaithint de réir an Ghlao-Chomhartha Raidió de chuid an Aontais Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (IRCS).
2. Comhlíonfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais na sonraíochtaí marcála agus teicniúla eile dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II.
Airteagal 26
Córas um Fhaireachán Soithí (VMS)
Úsáidfidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Limistéar an Choinbhinsiúin dhá chóras faireacháin:
(a) |
VMS arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus aon ghníomh arna ghlacadh dá bhun; agus |
(b) |
an VMS a fhaigheann sonraí go díreach ó shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn ar an mórmhuir i Limistéar an Choinbhinsiúin, a bhíonn á riar ag WCPFC nó a thuairiscíonn chuig Gníomhaireacht Iascaigh Fhóram Oileáin an Aigéin Chiúin, agus chun na críoch sin a dhéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
|
Airteagal 27
Scéim Fógra maidir le Cairtfhostú
1. Laistigh de fiche lá, nó in aon chás laistigh de 96 uair an chloig sular dtosófar ar ghníomhaíochtaí iascaireachta faoi shocrú maidir le cairtfhostú, tabharfaidh an Ballstát atá i mbun cairtfhostú fógra don Choimisiún faoi aon soitheach a bheidh le sainaithint mar shoitheach cairtfhostaithe tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chur faoina bhráid maidir le gach soitheach cairtfhostaithe:
(a) |
ainm an tsoithigh iascaireachta; |
(b) |
WIN; |
(c) |
ainm agus seoladh an úinéara nó na n-úinéirí; |
(d) |
ainm agus seoladh an chairtfhostóra; |
(e) |
an t-achar a mhair an socrú maidir le cairtfhostú; agus |
(f) |
Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta. |
2. Ar dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach do Rúnaíocht WCPFC ina leith.
3. Tabharfaidh gach Ballstát atá i mbun cairtfhostú, laistigh de fiche lá, nó in aon teagmhas laistigh de 96 uair an chloig sular dtosófar ar ghníomhaíochtaí iascaireachta faoi shocrú maidir le cairtfhostú, fógra don Choimisiún agus don Stát brataí faoi:
(a) |
aon soitheach cairtfhostaithe breise, mar aon leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1; |
(b) |
aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 maidir le haon soitheach cairtfhostaithe; agus |
(c) |
foirceannadh chairtfhostú aon soithigh ar tugadh fógra faoi roimhe faoi mhír 1. |
4. Ní bheidh ach soithí atá liostaithe sa Taifead incháilithe do chairtfhostú.
5. Ní bheidh soithí atá ar liosta (maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe) na soithí de chuid WCPFC ná ar Liosta IUU de chuid Eagraíocht Réigiúnach Bainistithe Iascaigh eile incháilithe do chairtfhostú.
6. Déanfar gabhálacha agus iarracht iascaireachta soithí a dtugtar fógra fúthu mar shoithí cairtfhostaithe a shannadh do na Ballstáit atá i mbun cairtfhostú nó don pháirtí conarthach. Tuairisceoidh an Ballstát atá i mbun cairtfhostú gabháil agus iarracht iascaireachta na soithí cairtfhostaithe sa bhliain roimhe chuig an gCoimisiún go bliantúil.
7. Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hiascach peas-saighne tuinníní teochreasacha dá sannfar gabháil agus iarracht iascaireachta don Bhallstát brataí.
CAIBIDIL V
Clár Breathnóirí Réigiúnacha
Airteagal 28
ROP
1. Is é cuspóir ROP sonraí gabhála fíoraithe, sonraí eolaíochta eile, agus faisnéis bhreise a bhaineann leis an iascach a bhailiú i Limistéar an Choinbhinsiúin agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CMManna.
2. Beidh feidhm ag ROP maidir le soithí iascaireachta a bhíonn ag iascach:
(a) |
go heisiach ar an mórmhuir; |
(b) |
ar an mórmhuir agus in uiscí atá faoi dhlínse Stáit chósta amháin nó níos mó; agus |
(c) |
sna huiscí faoi dhlínse dhá Stát cósta nó níos mó. |
3. Beidh na Ballstáit freagrach as leibhéal cumhdaigh na mbreathnóirí mar a shocraíonn WCPFC a chomhlíonadh.
4. Sroichfidh na Ballstáit cumhdach 100 % maidir le breathnóirí go bliantúil ó bhreathnóirí ROP le haghaidh an iascaigh pheas-saighne sa limistéar arb iad 20°T agus 20°D a theorainneacha, agus cumhdach 5 % ar a laghad go bliantúil ó bhreathnóirí ROP le haghaidh iascaigh eile.
5. Áireofar le dualgais na mbreathnóirí a oibreoidh faoin ROP sonraí gabhála agus sonraí eolaíochta eile a bhailiú, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CMManna agus aon fhaisnéis bhreise a bhailiú a bhaineann leis an iascach a fhéadfaidh WCPFC a chinneadh.
6. Leanfaidh breathnóirí ROP de bheith airdeallach agus baileoidh siad faisnéis maidir le cleachtais a d’fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol, i gcomhréir le CMM is infheidhme.
7. Glacfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascach i Limistéar an Choinbhinsiúin le breathnóir ROP ar bord.
8. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an bhfaisnéis a bhaileoidh breathnóirí chun aon chás féideartha neamhchomhlíontachta a imscrúdú agus comhoibreoidh siad maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú, lena n-áirítear trí chóipeanna de thuarascálacha breathnóirí a iarraidh go réamhghníomhach agus trí fhreagairt do na hiarrataí sin agus trína gcomhlíonadh a éascú, i gcomhréir le caighdeáin a ghlac WCPFC.
9. Áireofar i gcearta na mbreathnóirí an méid seo a leanas:
(a) |
rochtain iomlán ar gach saoráid agus ar threalamh uile an tsoithigh agus úsáid iomlán as na saoráidí agus as an trealamh sin, a fhéadfaidh an breathnóir a chinneadh gur gá chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh, lena n-áirítear rochtain iomlán ar an droichead, ar na héisc ar bord agus ar limistéir a fhéadfar a úsáid chun éisc a choinneáil, a phróiseáil, a ualú, nó a stóráil; |
(b) |
rochtain iomlán ar thaifid an tsoithigh, lena n-áirítear a logaí agus a doiciméadacht chun taifid a iniúchadh agus a chóipeáil, rochtain réasúnach ar threalamh loingseoireachta, ar chairteacha loingseoireachta agus ar raidiónna agus ar fhaisnéis eile a bhaineann leis an iascach; |
(c) |
arna n-iarraidh sin, rochtain ar threalamh cumarsáide agus úsáid an trealaimh sin, agus rochtain ar an gcriú agus úsáid an chriú chun sonraí nó faisnéis a bhaineann le hobair a iontráil, a tharchur, agus a fháil; |
(d) |
rochtain ar aon trealamh breise a bheidh ar bord, chun éascú le hobair an bhreathnóra le linn a bheith ar bord an tsoithigh, amhail déshúiligh ardchumhachta, modhanna leictreonacha cumarsáide, etc.; |
(e) |
rochtain ar an deic iascaireachta le linn líonta nó línte a bheith á n-aisghabháil agus ar eiseamail (beo nó marbh) chun samplaí a bhailiú agus a bhaint; |
(f) |
fógra 15 nóiméad ar a laghad roimh nósanna imeachta tarlaithe nó curtha lín a thosú, ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh an breathnóir go sonrach gan fógra a thabhairt dó nó di; |
(g) |
rochtain ar bhia, ar chóiríocht, ar shaoráidí leighis agus ar shaoráidí sláintíochta ar chaighdeán réasúnach a bheidh coibhéiseach leo siúd a bhíonn ar fáil d’oifigeach ar bord an tsoithigh de ghnáth; |
(h) |
soláthar spáis leordhóthanaigh ar an droichead nó i limistéar ainmnithe eile le haghaidh obair chléireachais agus spás leordhóthanach ar an deic le haghaidh dhualgais an bhreathnóra; |
(i) |
saoirse a ndualgais a dhéanamh gan ionsaí, bac, frithsheasamh, moill, imeaglú, nó cur isteach a bheith déanta orthu i bhfeidhmiú a ndualgais. |
10. Is iad seo a leanas oibleagáidí na mbreathnóirí:
(a) |
a bheith in ann na dualgais a leagtar amach leis an Rialachán seo agus le CMManna is infheidhme a chur i gcrích; |
(b) |
rialacha agus nósanna imeachta comhaontaithe maidir le rúndacht a ghlacadh agus a chomhlíonadh maidir le hoibríochtaí iascaireachta soithí agus úinéirí soithí; |
(c) |
neamhspleáchas agus neamhchlaontacht a choinneáil ar bun i gcónaí agus iad ar dualgas faoi ROP; |
(d) |
prótacail ROP le haghaidh breathnóirí ROP a chomhlíonadh ar bord soithigh; |
(e) |
comhlíontacht le dlíthe agus rialacháin an pháirtí chonarthaigh agus an pháirtí neamhchonarthaigh chomhair, mar a shainítear leis an gCoinbhinsiún, a fheidhmíonn dlínse ar an soitheach; |
(f) |
an t-ordlathas agus na rialacha iompraíochta ginearálta is infheidhme maidir le criú uile an tsoithigh a urramú; |
(g) |
dualgais a fheidhmiú ar bhealach nach gcuirfidh isteach go míchuí ar oibríochtaí dleathacha an tsoithigh, ag féachaint go hiomchuí do cheanglais oibríochta an tsoithigh agus ag déanamh cumarsáide go tráthrialta le máistir an tsoithigh chun na críche sin; |
(h) |
a bheith eolach ar na nósanna imeachta éigeandála atá i bhfeidhm ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear suíomhanna na raftaí tarrthála, na múchtóirí dóiteáin agus na bhfearas garchabhrach; |
(i) |
cumarsáid a dhéanamh go tráthrialta le máistir an tsoithigh maidir le saincheisteanna ábhartha agus dualgais ábhartha an bhreathnóra; |
(j) |
aird a thabhairt ar thraidisiúin eitneacha an chriú agus ar chustaim Stát brataí an tsoithigh; |
(k) |
cloí leis an gcód iompair is infheidhme le haghaidh breathnóirí; |
(l) |
tuarascálacha a scríobh go pras agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le nósanna imeachta a ghlac WCPFC; |
(m) |
gan cur isteach go míchuí ar oibríochtaí dleathacha an tsoithigh, agus aird iomchuí a thabhairt ar cheanglais oibríochta an tsoithigh nuair a bhíonn a ndualgais á ndéanamh acu, agus, a mhéid a bheidh indéanta, cur isteach ar oibriú na soithí a bheidh ag iascach i Limistéar an Choinbhinsiúin a íoslaghdú; |
Airteagal 29
Cearta agus oibleagáidí oibreoirí, máistrí agus criúnna soithí
1. Áireofar an méid seo a leanas ar chearta oibreoirí agus máistrí soithí:
(a) |
tréimhse réasúnach réamhfhógra a fháil maidir le breathnóir ROP a chur ar an soitheach; |
(b) |
na rialacha ginearálta iompraíochta, an t-ordlathas, na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh ag an mbreathnóir sin; agus |
(c) |
an deis a fháil athbhreithniú a dhéanamh agus barúil a thabhairt ar thuarascáil bhreathnóir ROP, agus an ceart faisnéis bhreise a mheastar a bheith ábhartha nó ráiteas pearsanta a chur san áireamh. |
2. Comhlíonfaidh na hoibreoirí soithí iascaireachta, lena n-áirítear máistrí soithí iascaireachta, na hoibleagáidí seo a leanas:
(a) |
aon duine a shainaithnítear mar bhreathnóir ROP a ghlacadh ar bord an tsoithigh nuair a éilíonn WCPFC amhlaidh; |
(b) |
an t-am a bheidh breathnóir ROP ag bordáil a chur in iúl don chriú mar aon lena gcearta agus a bhfreagrachtaí nuair a thagann breathnóir ROP ar bord an tsoithigh; |
(c) |
cúnamh a thabhairt do bhreathnóir ROP an soitheach a bhordáil agus a dhíbhordáil go sábháilte ag áit chomhaontaithe agus ag am comhaontaithe; |
(d) |
fógra a thabhairt do bhreathnóir ROP 15 nóiméad ar a laghad sula dtosófar ar líon a chur nó a thabhairt ar bord, ach amháin i gcás ina n-iarrfaidh an breathnóir go sonrach gan fógra a thabhairt dó nó di; |
(e) |
a cheadú do bhreathnóir ROP agus cúnamh a thabhairt dó nó di gach dualgas a dhéanamh go sábháilte; |
(f) |
rochtain iomlán a cheadú do bhreathnóir ROP ar thaifid an tsoithigh, lena n-áirítear logaí agus doiciméadacht an tsoithigh chun taifid a iniúchadh agus a chóipeáil; |
(g) |
rochtain réasúnach a cheadú do bhreathnóir ROP ar threalamh loingseoireachta, ar chairteacha loingseoireachta agus ar raidiónna, agus ar fhaisnéis eile a bhaineann leis an iascaireacht; |
(h) |
rochtain a cheadú ar aon trealamh breise a bheidh ar bord chun éascú le hobair an bhreathnóra ROP le linn a bheith ar bord an tsoithigh, amhail déshúiligh ardchumhachta, modhanna leictreonacha cumarsáide, etc.; |
(i) |
ceadú do bhreathnóir ROP agus cúnamh a thabhairt dó nó di samplaí ón ngabháil a bhaint agus a stóráil; |
(j) |
bia, cóiríocht agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha a sholáthar do bhreathnóir ROP le linn a bheith ar bord an tsoithigh, gan aon chostas ar an mbreathnóir ná ar sholáthraí an bhreathnóra ROP ná ar aon rialtas a sholáthraíonn breathnóirí, mar aon le saoráidí leighis ar chaighdeán réasúnach a sholáthar a bheidh comhionann leo siúd a bhíonn ar fáil d’oifigeach ar bord an tsoithigh de ghnáth; |
(k) |
cumhdach árachais a sholáthar do bhreathnóir ROP le linn a bheith ar bord an tsoithigh, ar feadh na tréimhse a bheidh an breathnóir ar bord; |
(l) |
rochtain iomlán a cheadú do bhreathnóiri ROP ar gach saoráid agus ar threalamh uile an tsoithigh, agus cúnamh a thabhairt dóibh leis an rochtain sin, agus úsáid iomlán a cheadú do bhreathnóir ROP as na saoráidí agus as an trealamh uile sin agus cúnamh a thabhairt dóibh leis an úsáid sin, a fhéadfaidh an breathnóir a chinneadh gur gá chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh, lena n-áirítear rochtain iomlán ar an droichead, ar éisc ar bord, agus ar limistéir a fhéadfar a úsáid chun éisc a choinneáil, a phróiseáil, a ualú, nó a stóráil; |
(m) |
a áirithiú nach ndéanfar ionsaí ar bhreathnóir ROP ná nach gcuirfear bac ná moill air nó uirthi, nach gcuirfear ina choinne nó ina coinne, ná nach ndéanfar imeaglú air nó uirthi, nach gcuirfear isteach air nó uirthi, nach rachfar i bhfeidhm air nó uirthi ná nach dtabharfar breab dó nó di ná nach ndéanfar iarracht breab a thabhairt dó nó di i bhfeidhmiú a dhualgas nó a dualgas; |
(n) |
a áirithiú nach gcuirfear an breathnóir ROP faoi iallach ná nach gcuirfear ina luí air nó uirthi a fhreagrachtaí nó a freagrachtaí a shárú. |
3. Áireofar an méid seo a leanas ar chearta chriú an tsoithigh iascaireachta:
(a) |
na rialacha ginearálta iompraíochta, an t-ordlathas, na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme a bheith á gcomhlíonadh ag breathnóir ROP; |
(b) |
tréimhse réasúnach réamhfhógra a fháil maidir le breathnóir ROP a chur ar an soitheach, tréimhse a thabharfaidh máistir an tsoithigh; agus |
(c) |
príobháideacht i limistéir phearsanta an chriú. |
4. Comhlíonfaidh criú an tsoithigh iascaireachta na hoibleagáidí seo a leanas:
(a) |
staonadh ó bhac agus ó mhoill a chur ar dhualgais an bhreathnóra agus ó bheith ag cur bhreathnóir ROP faoi iallach agus ó bheith ag cur ina luí air nó uirthi a dhualgais nó a dualgais a shárú; |
(b) |
an Rialachán seo a chomhlíonadh, mar aon le rialacháin agus nósanna imeachta arna mbunú faoin gCoinbhinsiún agus treoirlínte, rialacháin, nó coinníollacha arna mbunú ag an mBallstát a fheidhmíonn dlínse i dtaca leis an soitheach; |
(c) |
rochtain iomlán ar gach saoráid agus ar threalamh uile an tsoithigh a cheadú agus cúnamh a thabhairt ina leith dó nó di le húsáid iomlán a bhaint as na saoráidí agus an trealaimh sin, a fhéadfaidh an breathnóir a chinneadh gur gá chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh, lena n-áirítear rochtain iomlán ar an droichead, ar éisc ar bord, agus ar limistéir a fhéadfar a úsáid chun éisc a choinneáil, a phróiseáil, a ualú nó a stóráil; |
(d) |
ceadú do bhreathnóir ROP agus cúnamh a thabhairt dó nó di gach dualgas a dhéanamh go sábháilte; |
(e) |
ceadú do bhreathnóir ROP agus cúnamh a thabhairt dó nó di samplaí ón ngabháil a bhaint agus a stóráil; |
(f) |
treoracha, a thabharfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta maidir le dualgais bhreathnóir ROP, a chomhlíonadh. |
Airteagal 30
Sábháilteacht na mbreathnóirí
1. I gcás ina mbeidh breathnóir ROP ar iarraidh nó go dtoimhdeofar é nó í bheith tite thar bord, déanfaidh máistir soithigh iascaireachta:
(a) |
deireadh a chur láithreach le gach oibríocht iascaireachta; |
(b) |
tús a chur láithreach le hoibríocht chuardaigh agus tarrthála agus an cuardach a dhéanamh ar feadh ar a laghad 72 uair an chloig, ach amháin i gcás ina gcuirfidh force majeure oibleagáid ar na Ballstáit brataí a cheadú do na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu scor d’oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála sula mbeidh an 72 uair an chloig caite, nó, mura dtreoróidh an Ballstát brataí leanúint den chuardach ar feadh tréimhse is faide ná teorainn ama an 72 uair an chloig; |
(c) |
fógra a thabhairt don Bhallstát brataí láithreach faoi; |
(d) |
foláireamh a thabhairt do shoithí eile ar na cóngair láithreach trí leas a bhaint as na modhanna cumarsáide uile atá le fáil; |
(e) |
comhoibriú go hiomlán le haon oibríocht chuardaigh agus tarrthála; |
(f) |
cibé acu a d’éirigh nó nár éirigh leis an gcuardach, an soitheach a thabhairt chuig an gcalafort is cóngaraí le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, mar a chomhaontaigh an Ballstát brataí agus soláthraí an bhreathnóra; |
(g) |
tuarascáil ar an teagmhas a sholáthar do sholáthraí an bhreathnóra agus do na húdaráis iomchuí faoin teagmhas; agus |
(h) |
comhoibriú go hiomlán le gach imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas, agus aon fhianaise fhéideartha agus maoin phearsanta agus ceathrúna de chuid an bhreathnóra atá éagtha nó ar iarraidh a chaomhnú. |
2. Beidh feidhm ag mír 1, pointí (a), (c) agus (h) freisin i gcás ina bhfaighidh breathnóir ROP bás. Ina theannta sin, áiritheoidh máistir an tsoithigh iascaireachta go gcoinneofar an corp dea-chaomhnaithe chun críocha scrúdú iarbháis agus imscrúdaithe.
3. I gcás ina mbeidh tinneas nó gortú tromchúiseach ar bhreathnóir ROP atá ina bhagairt dá shláinte nó dá shábháilteacht, déanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta:
(a) |
deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta láithreach; |
(b) |
fógra a thabhairt don Bhallstát brataí láithreach faoi; |
(c) |
cúram don bhreathnóir agus aon chóir leighis atá le fáil agus indéanta ar bord an tsoithigh a sholáthar; |
(d) |
cúnamh a thabhairt le díbhordáil agus le hiompar an bhreathnóra chuig saoráid leighis atá feistithe chun an cúram is gá a sholáthar, a luaithe agus is indéanta i gcomhréir le treoracha an Bhallstáit brataí nó, in éagmais na dtreoracha sin, i gcomhréir leis na treoracha arna soláthar ag soláthraí bhreathnóir ROP; agus |
(e) |
comhoibriú go hiomlán le gach imscrúdú oifigiúil ar chúis an tinnis nó an ghortaithe. |
4. Chun críocha mhíreanna 1 go 3, áiritheoidh an Ballstát brataí go dtabharfar fógra láithreach don lárionad comhordúcháin tarrthála muirí iomchuí, do sholáthraí bhreathnóir ROP, agus do Rúnaíocht WCPFC.
5. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur ionsaíodh, gur imeaglaíodh, gur bagraíodh, nó gur ciapadh breathnóir ROP sa chaoi go bhfuil sláinte nó sábháilteacht an bhreathnóra sin ROP i mbaol agus go dtabharfaidh breathnóir ROP nó soláthraí bhreathnóir ROP le fios don Bhallstát brataí gur mian leis an breathnóir a bhaint ón soitheach iascaireachta, áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfaidh máistir an tsoithigh iascaireachta an méid seo a leanas:
(a) |
gníomhú láithreach chun sábháilteacht bhreathnóir ROP a chaomhnú agus an cás ar bord a mhaolú agus a réiteach; |
(b) |
fógra a thabhairt don Bhallstát brataí agus do sholáthraí bhreathnóir ROP, lena n-áirítear stádas agus suíomh an bhreathnóra, a luaithe is féidir; |
(c) |
cúnamh a thabhairt don bhreathnóir a dhíbhordáil go sábháilte ar bhealach agus in áit mar a chomhaontaigh an Ballstát brataí agus soláthraí bhreathnóir ROP, lena n-éascaítear rochtain ar aon chóir leighis atá ag teastáil; agus |
(d) |
comhoibriú go hiomlán le gach imscrúdú ar an teagmhas. |
6. I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint gur ionsaíodh, gur imeaglaíodh, gur bagraíodh, nó gur ciapadh breathnóir ROP ach nach mian leis an mbreathnóir ná le soláthraí an bhreathnóra an breathnóir a bhaint ón soitheach iascaireachta, áiritheoidh an Ballstát brataí go ndéanfaidh máistir soithigh iascaireachta an méid seo a leanas:
(a) |
gníomhú chun sábháilteacht bhreathnóir ROP a chaomhnú agus an cás ar bord a mhaolú agus a réiteach a luaithe is féidir; |
(b) |
fógra a thabhairt don Bhallstát brataí agus do sholáthraí bhreathnóir ROP a luaithe is féidir; agus |
(c) |
comhoibriú go hiomlán le gach imscrúdú oifigiúil ar an teagmhas. |
7. I gcás ina ndéanfaidh soláthraí bhreathnóir ROP, tar éis do bhreathnóir ROP díbhordáil ó shoitheach iascaireachta ag calafort, sárú féideartha a shainaithint a bhfuil ionsaí nó ciapadh bhreathnóir ROP i gceist leis le linn a bheith ar bord an tsoithigh iascaireachta, tabharfaidh soláthraí bhreathnóir ROP fógra, i scríbhinn, don Bhallstát brataí agus do Rúnaíocht WCPFC. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú aige, ar an eolas faoin bhfógra arna fháil.
8. Tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 7, déanfaidh an Ballstát brataí:
(a) |
imscrúdú ar an eachtra bunaithe ar an bhfaisnéis a thabharfaidh soláthraí bhreathnóir ROP agus aon ghníomhaíocht iomchuí mar fhreagairt ar thorthaí an imscrúdaithe; |
(b) |
comhoibriú go hiomlán le haon imscrúdú a dhéanfaidh soláthraí bhreathnóir ROP, lena n-áirítear an tuarascáil faoin teagmhas a chur faoi bhráid sholáthraí bhreathnóir ROP agus na n-údarás iomchuí; agus |
(c) |
fógra a thabhairt do sholáthraí an bhreathnóra agus do Rúnaíocht WCPFC, agus an Coimisiún, nó comhlacht arna ainmniú aige, i gcóip, faoi thorthaí a imscrúdaithe agus aon ghníomhaíocht a rinneadh. |
9. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a soláthraithe náisiúnta breathnóirí an méid seo a leanas:
(a) |
fógra a thabhairt láithreach don Bhallstát i gcás ina bhfaighidh breathnóir ROP bás, ina mbeidh sé nó sí ar iarraidh nó ina dtoimhdeofar é nó í bheith tite thar bord le linn cúraimí breathnóra; |
(b) |
comhoibriú go hiomlán le haon oibríocht chuardaigh agus tarrthála; |
(c) |
comhoibriú go hiomlán le gach imscrúdú oifigiúil ar aon teagmhas a bhaineann le breathnóir ROP; |
(d) |
cúnamh a thabhairt do bhreathnóir a dhíbhordáil agus breathnóir ROP a chur ina ionad i gcás ina mbeidh tinneas nó gortú tromchúiseach ar an mbreathnóir sin a luaithe is féidir; |
(e) |
cúnamh a thabhairt do bhreathnóir ROP a dhíbhordáil in aon chás a bhaineann le bagairtí, ionsaí, imeaglú nó ciapadh ar an mbreathnóir sin sa mhéid is gur mian leis an mbreathnóir go mbainfear é nó í ón soitheach a luaithe is féidir; agus |
(f) |
cóip de thuarascáil an bhreathnóra ROP faoi sháruithe líomhnaithe a bhaineann leis an mbreathnóir ROP atá ag an soláthraí sin a sholáthar don Bhallstát arna hiarraidh sin. |
10. Áiritheoidh na Ballstáit bhrataí go gcomhoibreoidh a soithí cigireachta údaraithe in aon oibríocht chuardaigh agus tarrthála a bhaineann le breathnóir ROP.
CAIBIDIL VI
Bordáil agus Cigireacht
Airteagal 31
Dualgais máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais le linn cigireachta
1. Gan dochar d’aon oibleagáid atá ar mháistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais le linn cigireachta dá bhforáiltear in aon ghníomh arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, le linn bordáil agus cigireacht a bheith á ndéanamh, déanfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais an méid seo a leanas:
(a) |
prionsabail maidir le dea-mhairnéalacht a nglactar leo go hidirnáisiúnta a leanúint chun baol do shábháilteacht soithí cigireachta údaraithe agus do shábháilteacht cigirí údaraithe a sheachaint; |
(b) |
glacadh le bordáil phras shábháilte cigirí údaraithe agus í sin a éascú; |
(c) |
comhoibriú le cigireacht an tsoithigh agus cúnamh a thabhairt maidir leis an gcigireacht ar an soitheach de bhun nósanna imeachta bordála agus cigireachta WCPFC; |
(d) |
staonadh ó bhac míchuí nó ó mhoill mhíchuí a chur ar na cigirí údaraithe i bhfeidhmiú a ndualgas; |
(e) |
ceadú do na cigirí údaraithe cumarsáid a dhéanamh le criú an tsoithigh cigireachta, le húdaráis an tsoithigh cigireachta, mar aon le húdaráis an tsoithigh iascaireachta atá faoi chigireacht; |
(f) |
saoráidí réasúnacha a sholáthar do na cigirí údaraithe, atá coibhéiseach leo sin atá ar fáil de ghnáth d’oifigeach ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bia agus cóiríocht; agus |
(g) |
díbhordáil shábháilte na gcigirí údaraithe a éascú. |
2. Má dhiúltaíonn máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais do chigire údaraithe gníomhaíocht bhordála agus chigireachta a dhéanamh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo, míneoidh an máistir sin an chúis le diúltú den sórt sin. Tabharfaidh údaráis an tsoithigh imscrúdaithe fógra láithreach d’údaráis Bhallstáit brataí an tsoithigh iascaireachta, mar aon leis an gCoimisiún, nó comhlacht arna ainmniú aige, faoi dhiúltú an mháistir agus faoi aon mhíniú arna sholáthar. Cuirfidh an Coimisiún Rúnaíocht WCPFC ar an eolas faoin bhfógra sin láithreach.
3. Nuair a bheidh fógra faoi dhiúltú tugtha dóibh de bhun mhír 2, ordóidh údaráis Bhallstát brataí soithigh iascaireachta don mháistir glacadh le bordáil agus le cigireacht ach amháin i gcás ina bhfágann rialacháin idirnáisiúnta, nósanna imeachta idirnáisiúnta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go forleathan a bhaineann leis an tsábháilteacht ar muir, gur gá moill a chur ar an mbordáil agus ar an gcigireacht.
4. Mura gcomhlíonfaidh an máistir treoir arna tabhairt de bhun mhír 3, cuirfidh an Ballstát brataí údarú an tsoithigh chun iascaireacht a dhéanamh ar fionraí agus ordóidh sé don soitheach filleadh ar an gcalafort láithreach. Tabharfaidh an Ballstát brataí fógra d’údaráis an tsoithigh cigireachta agus don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú aige, láithreach faoin ngníomhaíocht arna déanamh aige.
Airteagal 32
Nós imeachta i gcás sáruithe tromchúiseacha
1. Tar éis fógra a fháil faoi Airteagal 33 faoi shárú tromchúiseach féideartha amhail dá dtagraítear in Airteagal 33 ó chigire údaraithe de chuid páirtí conarthach, déanfaidh Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann an méid seo a leanas gan mhoill:
(a) |
glacadh lena oibleagáid imscrúdú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (13) agus, má tá cúis throm leis ó thaobh fianaise de, gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh in aghaidh an tsoithigh iascaireachta lena mbaineann agus fógra faoi sin a thabhairt d’údaráis an chigire údaraithe, don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú aige, agus do Rúnaíocht WCPFC; nó |
(b) |
údarú d’údaráis an chigire údaraithe an t-imscrúdú ar an sárú féideartha a chur i gcrích agus fógra faoi sin a thabhairt don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú aige, agus do Rúnaíocht WCPFC. |
2. Láimhseálfaidh cigirí údaraithe de chuid an Aontais tuarascálacha cigireachta i gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
3. Maidir le mír 1, pointe (b), cuirfidh údaráis Bhallstáit an chigire údaraithe an fhianaise shonrach arna bailiú ag na cigirí údaraithe, mar aon le torthaí a n-imscrúdaithe, faoi bhráid údaráis Stát brataí an tsoithigh iascaireachta láithreach ar chur i gcrích an imscrúdaithe. Tar éis fógra a fháil de bhun mhír 1, freagróidh Ballstát brataí an tsoithigh iascaireachta gan mhoill agus in aon chás tráth nach déanaí ná trí lá oibre.
Airteagal 33
Sárú tromchúiseach
1. Is sárú tromchúiseach é gach ceann de na sáruithe seo a leanas, de réir bhrí Airteagal 90 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:
(a) |
iascaireacht gan cheadúnas, gan chead ná gan údarú arna eisiúint ag an mBallstát brataí; |
(b) |
gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach sa Rialachán seo nó míthuairisciú suntasach a dhéanamh ar ghabhálacha nó ar shonraí a bhaineann le gabhálacha den sórt sin; |
(c) |
iascaireacht i limistéar dúnta; |
(d) |
iascaireacht le linn séasúr coiscthe; |
(e) |
tógáil nó coinneáil speiceas d’aon ghnó de shárú ar aon CMM is infheidhme agus ar an Rialachán seo; |
(f) |
teorainneacha gabhála nó cuótaí gabhála a shárú go suntasach i ndeiseanna iascaireachta; |
(g) |
trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid; |
(h) |
marcanna, aitheantas nó clárú soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó; |
(i) |
fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh; |
(j) |
iliomad sáruithe ar neamhaird thromchúiseach iad, nuair a chuirtear na sáruithe sin le chéile, ar bhearta atá i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo; |
(k) |
diúltú glacadh le bordáil agus le cigireacht; |
(l) |
bac míchuí nó moill mhíchuí a chur ar chigire údaraithe; |
(m) |
imeaglú nó ionsaithe fisiciúla ar an mbreathnóir ROP; |
(n) |
VMS a chur as a riocht nó é a dhíchumasú d’aon ghnó; |
(o) |
iascaireacht ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais nach liostaítear sa Taifead; |
(p) |
iascaireacht cóngarach do bhaoi sonraí nó baoi sonraí a thógáil ar bord de shárú ar Airteagal 9(1) nó (2). |
2. I gcás ina suífear go raibh soitheach iascaireachta de chuid an Aontais rannpháirteach i sárú tromchúiseach, tarraingeoidh údaráis an Bhallstáit brataí ceadúnas an tsoithigh sin siar agus áiritheoidh siad nach mbeidh an soitheach sin ag iascaireacht i limistéar an Choinbhinsiúin sin go dtí go gcomhlíonfar na smachtbhannaí arna bhforchur ag an mBallstát brataí i leith an tsáraithe.
Airteagal 34
Forfheidhmiú
1. Measfaidh údaráis an Bhallstáit brataí cur isteach ó shoithí iascaireachta a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu, nó ó mháistir nó chriú na soithí sin ar chigire údaraithe nó ar shoitheach cigireachta údaraithe ar an mbealach céanna agus a mheasfar aon chur isteach den sórt sin a tharlaíonn laistigh dá dhlínse eisiach.
2. Rachaidh cigirí údaraithe de chuid an Aontais, agus gníomhaíochtaí á ndéanamh acu chun na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo a chur chun feidhme, i mbun faireachais a bheidh dírithe ar shoithí iascaireachta, de chuid Páirtithe neamh-Chonarthacha, nó soithí iascaireachta a bhfuil an chuma orthu nach bhfuil aon náisiúntacht acu, a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta ar an mórmhuir i Limistéar an Choinbhinsiúin, a shainaithint. Tuairisceofar aon soithí den sórt sin chuig an gCoimisiún agus chuig an mBallstát brataí, chuig an gCoimisiún, nó comhlacht arna ainmniú aige, agus chuig Rúnaíocht WCPFC láithreach.
3. Maidir leis na soithí iascaireachta de chuid páirtithe neamhchonarthacha dá dtagraítear i mír 2, tuairisceoidh na Ballstáit iad chuig an gCoimisiún, nó chuig comhlacht arna ainmniú aige, agus chuig Stát brataí an tsoithigh atá i gceist.
CAIBIDIL VII
Bearta Stáit an Chalafoirt
Airteagal 35
Rialú Stát an Chalafoirt
Comhoibreoidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais le húdaráis chalafoirt aon pháirtí conarthach chun bearta Stát an chalafoirt faoin gCoinbhinsiún agus faoin Rialachán seo a chur chun feidhme.
Airteagal 36
Nós imeachta i gcás ina bhfuil amhras maidir le hiascaireacht IUU
I gcás, tar éis cigireacht chalafoirt, go bhfaighidh Ballstát tuarascáil chigireachta, lena dtugtar le fios go bhfuil forais shoiléire ann le creidiúint go raibh soitheach a raibh a bhratach féin ar foluain aige i mbun iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe (IUU) nó gníomhaíochtaí a bhain le hiascaireacht mar thaca le hiascaireacht IUU, déanfaidh an Ballstát an cás a imscrúdú láithreach agus go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 agus Airteagal 25 den Choinbhinsiún.
CAIBIDIL VIII
Forálacha Críochnaitheacha
Airteagal 37
Treoirlínte
1. Soláthróidh an Coimisiún do na Ballstáit a bhfuil deiseanna iascaireachta acu sna hiascaigh atá á mbainistiú ag WCPFC, aon treoirlínte arna nglacadh ag WCPFC, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
na cleachtais láimhseála le haghaidh roic de chineál Mobulidae; |
(b) |
dea-chleachtais láimhseála le haghaidh míolsiorcanna agus siorcanna eile; |
(c) |
turtair mhara a láimhseáil; agus |
(d) |
scaoileadh sábháilte céiticeach. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann go gcuirfear na treoirlínte dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do mháistrí na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá i mbun iascaireachta sna hiascaigh sin. Déanfaidh na máistrí sin gach beart réasúnach chun na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm.
Airteagal 38
Tuairisciú
1. Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 20 Aibreán gach bliain, sonraí eolaíochta i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe WCPFC is infheidhme maidir le sonraí eolaíocha agus, faoin 15 Meitheamh gach bliain, tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chomhlíonfaidh ceanglais tuairiscithe WCPFC faoi CMManna, lena n-áirítear aon seiceálacha a d’fhorchuir na Ballstáit ar a gcabhlaigh agus aon bhearta faireacháin, rialaithe agus comhlíontachta a bhunaigh siad chun comhlíonadh na seiceálacha sin a áirithiú.
2. Déanfar gabháil agus iarracht iascaireachta ag soithí de chuid an Aontais a thuairisciú faoi réir CMManna is infheidhme de réir na ngrúpaí speiceas seo a leanas: tuinnín colgach, tuinnín mórshúileach, boiníotó aigéanach, tuinnín buí, colgán, mairlín eile, agus siorcanna. Soláthrófar meastacháin faoi líon na n-ábhar muirí aiscurtha agus scaoilte le haghaidh gach ceann de na speicis sin freisin. Soláthrófar meastacháin faoi ghabhálacha le haghaidh speiceas eile freisin mar a chinneann an Coimisiún.
3. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 go háirithe na nithe seo a leanas:
(a) |
leibhéil ghabhála soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a thóg mairlín riabhach (Kajikia audax) mar fhoghabháil mar aon le líon agus leibhéil ghabhála na soithí a bhí ag iascach mairlín riabhach i Limistéar an Choinbhinsiúin ó dheas ó 15°D; |
(b) |
na leibhéil ghabhála bhliantúla arna dtógáil ag gach ceann de na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a thóg tuinnín colgach an Aigéin Chiúin Theas (Thunnus alalunga), mar aon leis an líon soitheach atá ag iascach tuinnín colgach an Aigéin Chiúin Theas go gníomhach, i Limistéar an Choinbhinsiúin ó dheas ó 20°D; |
(c) |
dul chun cinn chur chun feidhme an Rialacháin seo maidir le turtair mhara a chaomhnú, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear ar idirghníomhaíochtaí le turtair mhara in iascaigh arna mbainistiú faoin gCoinbhinsiún; |
(d) |
meastachán, trí shonraí arna mbailiú ó chláir bhreathnóirí agus trí bhealaí eile, ar líon na n-uaireanta a scaoileadh síodsiorcanna agus siorcanna bána aigéanacha, lena n-áirítear an stádas saoil tráth a scaoilte (marbh nó beo); |
(e) |
líon na ndearbhuithe trasloingsithe WCPFC a fuarthas de bhun Airteagal 11(3) agus (4), a bhfuil seolta chuig an gCoimisiún acu; |
(f) |
aon chásanna ina ndearnadh míolsiorcanna a chiorclú le heangacha peas-saighne na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu, lena n-áirítear na sonraí a cheanglaítear faoi Airteagal 16(2), pointe (b); |
(g) |
aon chás ina ndearnadh céiticigh a chiorclú le heangacha peas-saighne na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu i gcomhréir le hAirteagal 18(2); |
(h) |
gach oibríocht trasloingsithe a chumhdaítear le hAirteagal 11, i gcomhréir leis na treoirlínte in Iarscríbhinn II a ghabhann le CMM 2009-06; |
(i) |
ráiteas bliantúil maidir le bearta comhlíontachta faoi Airteagal 25(8) den Choinbhinsiún a bhaineann le gníomhaíocht arna déanamh acu mar fhreagairt ar aon sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear bordáil agus cigireachtaí ar na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a d’fhág go bhfacthas sáruithe líomhnaithe, lena n-áirítear aon nós imeachta a tionscnaíodh agus aon smachtbhanna a cuireadh i bhfeidhm. |
4. Ina theannta sin, mar chuid dá dtuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit líon iomlán na soithí a bhí ag iascach colgán agus an ghabháil iomlán colgán (Xiphias gladius) a thuairisciú don Choimisiún le haghaidh:
(a) |
soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu ó dheas ó 20°D, seachas soithí a oibríonn faoi shocrú maidir le cairtfhostú, faoi léas nó faoi shásra comhchosúil eile mar chuid d’iascach intíre ag páirtí conarthach eile; |
(b) |
soithí a oibríonn faoi shocrú maidir le cairtfhostú, faoi léas nó faoi shásra comhchosúil eile mar chuid dá n-iascach intíre ó dheas ó 20°D; agus |
(c) |
aon soitheach eile atá ag iascach laistigh dá n-uiscí ó dheas ó 20°D. |
5. Tuairisceoidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún, nó chuig comhlacht arna ainmniú aige, a luaithe is féidir freisin aon chás ina bhfeictear soithí iascaireachta is cosúil nach bhfuil náisiúntacht acu agus a fhéadfaidh a bheith ag iascach speiceas a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún ar mórmhuir Limistéar an Choinbhinsiúin.
Airteagal 39
Neamhchomhlíontacht líomhnaithe arna tuairisciú ag WCPFC
1. Má fhaigheann an Coimisiún aon fhaisnéis ó WCPFC ina léireofar amhras nár chomhlíon Ballstát nó soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu an Coinbhinsiún nó CMM, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBallstát lena mbaineann gan mhoill.
2. Déanfaidh an Ballstát torthaí aon imscrúdaithe a dhéantar i ndáil leis na líomhaintí maidir le neamhchomhlíonadh, agus aon bheart atá déanta chun aghaidh a thabhairt ar nithe is ábhar imní ó thaobh comhlíonta de, a chur in iúl don Choimisiún, nó do chomhlacht arna ainmniú aige, laistigh de mhí amháin tar éis dó an fhaisnéis amhail dá dtagraítear i mír 1 a fháil ón gCoimisiún.
3. Cuirfidh an Coimisiún na torthaí dá dtagraítear i mír 2 ar aghaidh chuig WCPFC ar a laghad 60 lá roimh chruinniú Choiste Teicniúil agus Comhlíontachta WCPFC.
Airteagal 40
Rúndacht agus cosaint sonraí
1. I dteannta na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún, nó an comhlacht arna ainmniú ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo, gur i modh rúin a dhéileálfar leis na tuarascálacha leictreonacha agus leis na teachtaireachtaí leictreonacha a tharchuirfear chuig Rúnaíocht WCPFC agus a gheofar uaithi.
2. Na sonraí pearsanta uile a bhaileofar, a aistreofar agus a stórálfar faoin Rialachán seo, déileálfar leo i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.
3. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáiltear faoin Rialachán seo a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná 10 mbliana, ach amháin má tá na sonraí pearsanta sin riachtanach chun go bhféadfar obair leantach a dhéanamh ar shárú nó ar chigireacht, nó chun críche nósanna imeachta breithiúnacha nó riaracháin. Sna cásanna sin, féadfar sonraí pearsanta a stóráil ar feadh 20 bliain. Má dhéantar sonraí pearsanta a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide, déanfar iad a anaithnidiú.
Airteagal 41
An nós imeachta maidir le leasuithe
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 chun an Rialachán seo a leasú maidir leis an méid seo a leanas:
(a) |
an fhaisnéis ar shoithí atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 23(1); |
(b) |
ceanglais VMS dá bhforáiltear in Airteagal 26; |
(c) |
an céatadán den chlúdach breathnóra faoin gClár dá dtagraítear in Airteagal 28(4); |
(d) |
cearta agus oibleagáidí bhreathnóirí ROP dá dtagraítear in Airteagal 28(9) agus (10); |
(e) |
cearta agus oibleagáidí na n-oibreoirí, máistrí agus criúnna soithí dá dtagraítear in Airteagal 29; |
(f) |
sprioc-amanna tuairiscithe le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 38(1); |
(g) |
Iarscríbhinní I go VI. |
2. Beidh na cumhachtaí tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 teoranta go docht do chur chun feidhme leasuithe ar CMManna, nó do leasuithe eile a chur ina n-ionad, atá ceangailteach ar an Aontas, i ndlí an Aontais.
Airteagal 42
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 41 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón 15 Samhain 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 41 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 41 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 43
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007
Scriostar Airteagal 4(4) agus Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. 520/2007.
Airteagal 44
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO C 341, 24.8.2021, lch. 108.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4) Cinneadh 98/392/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 agus Chomhaontú an 28 Iúil 1994 maidir le cur chun feidhme Chuid XI de (IO L 179, 23.6.1998, lch. 1).
(5) Cinneadh 98/414/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 maidir leis an gComhphobal Eorpach do dhaingniú an Chomhaontaithe a bhaineann le forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 a chur chun feidhme i ndáil le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mórimirceach (IO L 189, 3.7.1998, lch. 14).
(6) Cinneadh 2005/75/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 maidir le haontachas an Chomhphobail leis an gCoinbhinsiún maidir le Stoic Éisc Mhórimirceacha san Aigéan Ciúin Iartharach agus san Aigéan Ciúin Láir a Chaomhnú agus a Bhainistiú (IO L 32, 4.2.2005, lch. 1).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2007 lena leagtar síos bearta teicniúla chun stoic áirithe de speicis mhór-imirceacha a chaomhnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, 12.5.2007, lch. 3).
(8) Rialachán (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (IO L 83, 25.3.2019, lch. 18).
(9) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12) Rialachán (CE) Uimh.1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh.2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh.768/2005, (CE) Uimh.2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh.388/2006, (CE) Uimh.509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh.1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh.1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh.2847/93, (CE) Uimh.1627/94 agus (CE) Uimh.1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
BEARTA MAOLAITHE MAIDIR LE HÉIN
Tábla 1: Bearta Maolaithe
Colún A |
Colún B |
Duáin arna gcur go cliathánach le cuirtín éan agus fodhoruithe meáite (1) |
Líne scanraithe éan (2) |
Duáin a chur le linn na hoíche gan de shoilsiú deice ach a laghad is gá |
Baoite arna ruaimniú le dath gorm |
Líne scanraithe éan |
Lámhachóir a chuireann doruithe go domhain faoi uisce |
Fodhoruithe meáite |
Sceitheadh scairtí thar bord a bhainistiú |
Gairis chosanta duán (3) |
|
Sonraíochtaí
1. |
Línte scanraithe éan (Ó dheas ó 25 ° Ó Dheas)
|
2. |
Línte scanraithe éan (Ó Thuaidh ó 23° Ó Thuaidh)
|
3. |
Duáin arna gcur go cliathánach le cuirtín éan agus fodhoruithe meáite
|
4. |
Doruithe a chur le linn na hoíche
|
5. |
Fodhoruithe meáite
Éilítear na sonraíochtaí íosta meáchain seo a leanas:
|
6. |
Gairis chosanta duán
Tá gairis chosanta duán ina gcásáil ar phointe agus ar fhriofac na nduán baoiteáilte chun ionsaithe ó éanlaith mhara a sheachaint le linn doruithe a chur. Formheasadh na gairis seo a leanas le húsáid in iascaigh WCPFC: Cochaill duáin, a chomhlíonann na saintréithe feidhmíochta seo a leanas:
|
7. |
Sceitheadh scairtí thar bord a bhainistiú
|
8. |
Baoite arna ruaimniú le dath gorm
|
9. |
Lámhachóir a chuireann doruithe go domhain faoi uisce
|
(1) Má úsáidtear duáin arna gcur go cliathánach le cuirtín éan agus fodhoruithe meáite ó Cholún A, measfar gur dhá bheart mhaolaithe a bheidh i gceist leis sin.
(2) Má roghnaítear líne scanraithe éan ó Cholún A agus ó Cholún B araon, is ionann sin agus dhá líne scanraithe éan (i.e. línte péireáilte) a úsáid go comhuaineach.
(3) Is féidir gairis chosanta duán a úsáid mar bheart aonair.
IARSCRÍBHINN II
MARCÁLACHA AGUS SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA EILE MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA
1.
Taispeánfaidh soithí iascaireachta de chuid WIN i mBéarla go feiceálach i gcónaí:
(a) |
ar chabhail nó ar fhorstruchtúr an tsoithigh, ar clébhord agus ar deasbhord. Féadfaidh oibreoirí feistis a chur a chlaonfar ar uillinn le taobh nó le forstruchtúr an tsoithigh ar choinníoll nach gcuirfeadh uillinn an chlaonta bac ar fheiceálacht an chomhartha ó bhád eile ná ón aer; |
(b) |
ar dheic, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3. Dá gcuirfí díonbhrat nó cumhdach sealadach eile sa chaoi go mbeidh an mharcáil ar dheic faoi cheilt, ba cheart an díonbhrat nó an cumhdach a mharcáil freisin. Ba cheart na marcanna sin a chur trasna an tsoithigh ar dronuillinn leis an gcíle agus barr na n-uimhreacha nó na litreacha i dtreo cheann an bháid. |
2.
Cuirfear WIN:
(a) |
chomh hard agus is féidir os cionn na líne snámha ar an dá thaobh den bhád agus áiritheofar go seachnófar na codanna sin den chabhail ar nós fhléar cheann agus dheireadh an tsoithigh; |
(b) |
ar bhealach nach bhfágfaidh go mbeidh na marcanna faoi cheilt de dheasca an trealaimh iascaireachta cibé acu atá sé stuáilte nó in úsáid nó nach bhfuil; |
(c) |
ar bhealach nach rachaidh sruth scupar nó sceitheadh thar bord orthu lena n-áirítear codanna de na marcanna a bhféadfaí damáiste nó dídhathú a dhéanamh orthu de dheasca cineálacha áirithe speicis a bheith á ngabháil; agus |
(d) |
ionas nach rachaidh na marcanna chomh fada le codanna den bhád a bheidh faoi bhun na líne snámha. |
3.
Ní cheanglófar ar shoithí gan léibheann WIN a thaispeáint ar dhromchla cothrománach. Spreagtar oibreoirí chun clár a fheistiú, áfach, ar a gcuirfear an WIN chun go bhféadfar é a fheiceáil go soiléir ón aer.
4.
Beidh WIN céanna agus a bheidh ar an soitheach lena mbaineann ar bháid, ar choití agus ar árthaigh arna n-iompar ag an soitheach le haghaidh oibríochtaí iascaireachta.
5.
Comhlíonfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais an méid seo a leanas agus WIN á cur ar an soitheach:
(a) |
bloclitreoireacht agus blocuimhreacha a úsáid ar fud WIN; |
(b) |
beidh leithead na litreacha agus na n-uimhreacha i gcomhréir leis an airde; |
(c) |
beidh airde (h) na litreacha agus na n-uimhreacha i gcomhréir le méid an tsoithigh agus i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
|
(d) |
is ionann fad an fhleiscín agus leath airde na litreacha agus na n-uimhreacha; |
(e) |
is h/6 atá i leithead na stríce le haghaidh na litreacha agus na n-uimhreacha uile agus an fhleiscín; |
(f) |
níl an spás idir litreacha agus/nó uimhreacha os cionn h/4 ná níos lú ná h/6; |
(g) |
níl an spás idir litreacha cóngaracha a bhfuil taobhanna ar fána acu thar h/8 ná níos lú ná h/10; |
(h) |
tá WIN bán, agus é ar chúlra dubh, nó dubh ar chúlra bán; |
(i) |
déanfar an cúlra a shíneadh chun go mbeidh teorainn timpeall WIN nach lú ná h/6; |
(j) |
úsáidtear péint mhuirí ar ardchaighdeán ar fud WIN; |
(k) |
comhlíonann WIN riachtanais na sonraíochtaí sin i gcás ina n-úsáidfear substaintí ais-fhrithchaiteacha nó substaintí giniúna teasa; agus |
(l) |
coinnítear WIN agus an cúlra i ndea-riocht i gcónaí. |
IARSCRÍBHINN III
CAIGHDEÁIN ÍOSTA LE HAGHAIDH CUMARSÁIDITHE UATHOIBRÍOCHA SUÍMH A ÚSÁIDTEAR I GCÓRAS UM FHAIREACHÁN SOITHÍ WCPFC
1.
Cuirfidh an Cumarsáidí Uathoibríoch Suímh na sonraí seo a leanas in iúl go huathoibríoch agus go neamhspleách ar aon idirghabháil ón soitheach:
(i) |
Aitheantóir uathúil statach an Chumarsáidí Uathoibríoch Suímh; |
(ii) |
suíomh geografach reatha (domhanleithead agus domhanfhad) an tsoithigh; agus |
(iii) |
dáta agus am (arna sloinneadh in Am Uilíoch Lárnach [AUL]) shocrú shuíomh an tsoithigh dá dtagraítear i bpointe (ii). |
2.
Gheofar na sonraí dá dtagraítear i mír 1, pointí (ii) agus 1 (iii), ó chóras suite satailít-bhunaithe.
3.
Ní mór Cumarsáidithe Uathoibríocha Suímh arna bhfeistiú ar shoithí iascaireachta a bheith in ann sonraí, dá dtagraítear i mír 1, a tharchur uair amháin in aghaidh na huaire.
4.
Gheobhaidh WCPFC na sonraí dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 90 nóiméad ó thráth a nginte ag an gCumarsáidí Uathoibríoch Suímh, faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla.
5.
Ní mór Cumarsáidithe Uathoibríocha Suímh arna bhfeistiú ar shoithí iascaireachta a chosaint chun go gcaomhnófar slándáil agus ionracas na sonraí dá dtagraítear i mír 1.
6.
Ní mór stóráil na faisnéise laistigh den Chumarsáidí Uathoibríoch Suímh a bheith sábháilte, slán agus comhtháite faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla.
7.
Ní mór nach mbeidh sé indéanta le réasún ag aon duine eile seachas an t-údarás faireacháin aon chuid de shonraí an údaráis sin arna stóráil sa Chumarsáidí Uathoibríoch Suímh a athrú, lena n-áirítear minicíocht tuairiscithe an tsuímh chuig an údarás sin.
8.
Ní dhéanfar le haon ghné atá ina cuid de struchtúr an Chumarsáidí Uathoibríoch Suímh, nó ina cuid de bhogearraí teirminéil chun cúnamh a thabhairt le seirbhísiú, rochtain neamhúdaraithe a cheadú ar aon réimse den Chumarsáidí Uathoibríoch Suímh lena bhféadfaí oibriú VMS a chur i mbaol.
9.
Déanfar Cumarsáidí Uathoibríocha Suímh a shuiteáil ar shoithí i gcomhréir le sonraíochtaí a monaróirí agus le caighdeáin is infheidhme.
10.
Faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla na loingseoireachta satailíte, ní mór suíomhanna a dhíorthaítear ó na sonraí a chuirtear ar aghaidh a bheith cruinn go dtí achar laistigh de 100 méadar cearnach de Fhréamh Meáin Cearnóg na bhFad (DRMS) (i.e. ní mór 98 % de na suíomhanna a bheith laistigh den raon sin).
11.
Ní mór an Cumarsáidí Uathoibríoch Suímh agus/nó an soláthraí seirbhíse um chur ar aghaidh a bheith in ann tacú leis an gcumas chun sonraí a sheoladh chuig il-chinn scríbe neamhspleácha.
12.
Beidh an díchódóir loingseoireachta satailíte agus an tarchuradóir loingseoireachta satailíte comhtháite go hiomlán agus suite san fheireadh fisiciúil crioscaíldíonach céanna.
13.
Formáid chaighdeánach is ea an méid seo a leanas maidir le suíomh soithigh a thuairisciú de láimh i gcás Mífheidhmiú nó Cliseadh an Chumarsáidí Uathoibríoch Suímh:
(a) |
WIN |
(b) |
Ainm an tSoithigh |
(c) |
Dáta: ll/mm/bb |
(d) |
Am: Formáid 24 uair an chloig UU:NN (AUL) |
(e) |
Domhanleithead –DD-MM-SS (T/D) |
(f) |
Domhanfhad –DDD-MM-SS (O/I) |
(g) |
Gníomhaíocht (Iascaireacht/Cuardach/Idirthuras/Trasloingsiú) |
IARSCRÍBHINN IV
FAISNÉIS ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH I NDEARBHÚ TRASLOINGSITHE WCPFC
1. |
Aitheantóir uathúil doiciméid |
2. |
Ainm agus WIN an tsoithigh iascaireachta |
3. |
Ainm agus WIN an tsoithigh iompair |
4. |
An trealamh iascaireachta a úsáideadh chun na héisc a thógáil |
5. |
Cainníocht an táirge (1) (lena n-áirítear speicis agus a staid phróiseáilte (2)) atá le trasloingsiú |
6. |
Staid an éisc (úr nó reoite) |
7. |
Cainníocht an fhotháirge (3) atá le trasloingsiú |
8. |
Suíomh geografach (4) na ngabhálacha de stoic éisc mhórimirceacha |
9. |
Dáta agus suíomh (5) an trasloingsithe; |
10. |
Más infheidhme, ainm agus síniú an bhreathnóra ó WCPFC |
11. |
Cainníocht an táirge atá ar bord an tsoithigh ghlactha cheana agus tionscnamh geografach (6) an táirge sin. |
(1) Tuinníní agus speicis atá cosúil le tuinníní
(2) iomlán; glanta agus dícheannta; glanta, dícheannta agus an t-eireaball bainte; glanta amháin, gan bheith geolbhaithe; geolbhaithe agus glanta; geolbhaithe, glanta agus an t-eireaball bainte; eití siorcanna.
(3) Speicis nach tuinníní iad agus speicis atá cosúil le tuinníní.
(4) Ciallaíonn suíomh geografach na gabhála faisnéis ar leor í chun a shuíomh cén cion den ghabháil a tógadh sna limistéir seo a leanas: ar an mórmhuir, lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin, in EEZanna (liostaithe ar leithligh). Suíomh na ngabhálacha nach bhfuil riachtanach don soitheach glactha.
(5) Ní mór suíomh an trasloingsithe a bheith i ndomhanleithead agus domhanfhad deachúil go dtí an 0,1 céim is gaire agus tuairisc ar an suíomh a bheith ag gabháil leis, amhail ar an mórmhuir, lasmuigh de Limistéar an Choinbhinsiúin nó laistigh de EEZ ainmnithe.
(6) Tuairisceofar tionscnamh an táirge de réir limistéar ERBI agus áireofar sa tuairisc cainníocht an táirge ó gach limistéar éagsúil.
IARSCRÍBHINN V
COMHORDANÁIDÍ AGUS LÉARSCÁIL DE PHÓCA MÓRMHARA AN OIRTHIR
DOMHANFHAD |
DOMHANLEITHEAD |
-155,495308 |
-11,375548 |
-155,498321 |
-11,391248 |
-155,375667 |
-11,6652 |
-155,144789 |
-12,031226 |
-155,087069 |
-12,286791 |
-155,011312 |
-12,527927 |
-154,988916 |
-12,541928 |
-155,011131 |
-12,528155 |
-155,4405 |
-12,58823 |
-155,8398 |
-12,7045 |
-156,3396 |
-12,96024 |
-156,748 |
-13,26971 |
-157,0805 |
-13,57845 |
-157,4277 |
-13,99567 |
-157,6434 |
-14,37697 |
-157,7986 |
-14,73752 |
-157,9131 |
-15,11709 |
-157,962 |
-15,46605 |
-158,039622 |
-15,653761 |
-158,122829 |
-15,877123 |
-158,127739 |
-15,869203 |
-158,231024 |
-15,803568 |
-158,36955 |
-15,745447 |
-158,496828 |
-15,694033 |
-158,661362 |
-15,634953 |
-158,821586 |
-15,583395 |
-159,026918 |
-15,539192 |
-159,190663 |
-15,503491 |
-159,372631 |
-15,472738 |
-159,548569 |
-15,453715 |
-159,736692 |
-15,448871 |
-159,90316 |
-15,449959 |
-160,083542 |
-15,463548 |
-160,226654 |
-15,480612 |
-160,365423 |
-15,495182 |
-160,451319 |
-15,514117 |
-160,406016 |
-15,448192 |
-160,316351 |
-15,338878 |
-160,217964 |
-15,213622 |
-160,156932 |
-15,110787 |
-160,074995 |
-14,978629 |
-160,011413 |
-14,890788 |
-159,926847 |
-14,750107 |
-159,87787 |
-14,621808 |
-159,79653 |
-14,407807 |
-159,75968 |
-14,275899 |
-159,711458 |
-14,113648 |
-159,682425 |
-13,98575 |
-159,655144 |
-13,863674 |
-159,621745 |
-13,726376 |
-159,619708 |
-13,634445 |
-159,616001 |
-13,561895 |
-159,614094 |
-13,509574 |
-159,561966 |
-13,476838 |
-159,464666 |
-13,417237 |
-159,323121 |
-13,349332 |
-159,212807 |
-13,287211 |
-159,104174 |
-13,209011 |
-158,983445 |
-13,143509 |
-158,882253 |
-13,049931 |
-158,744371 |
-12,94646 |
-158,649624 |
-12,872332 |
-158,560938 |
-12,795621 |
-158,495677 |
-12,723884 |
-158,424306 |
-12,639442 |
-158,333838 |
-12,548261 |
-158,2853 |
-12,45563 |
-158,071642 |
-12,43816 |
-157,8909 |
-12,42376 |
-157,747379 |
-12,436771 |
-157,631174 |
-12,428707 |
-157,4811 |
-12,39678 |
-157,229515 |
-12,356368 |
-157,039477 |
-12,306157 |
-156,868471 |
-12,243143 |
-156,665366 |
-12,174288 |
-156,495214 |
-12,106995 |
-156,3649 |
-12,01769 |
-156,25113 |
-11,967768 |
-156,113903 |
-11,894359 |
-156,012144 |
-11,844092 |
-155,895851 |
-11,761728 |
-155,77415 |
-11,66355 |
-155,688884 |
-11,572012 |
-155,593209 |
-11,478779 |
-155,495308 |
-11,375548 |
Eochair:
1. |
Póca Mórmhara an Oirthir (E-HSP) |
2. |
An Mhórmhuir |
3. |
Kiribati |
4. |
Oileáin Cook |
5. |
Polainéis na Fraince |
IARSCRÍBHINN VI
LÉARÁID SCÉIMREACH DE DHORÚ SIORCA
Eochair:
1. |
Spiléir |
2. |
Snámhán |
3. |
Líne Snámha |
4. |
Doruithe siorca |
5. |
Príomhlíne |
6. |
Snúdaí |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/37 |
RIALACHÁN (AE) 2022/2057 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 lena n-osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Faoi láthair, bíonn soláthairtí tháirgí iascaigh áirithe an Aontais ag brath ar allmhairí ó thríú tíortha. Le blianta fada anuas, tá an tAontas ag brath níos mó ar allmhairí chun a dtomhaltas táirgí iascaigh a shásamh. Ionas nach gcuirtear táirgeacht tháirgí iascaigh an Aontais i mbaol agus chun a áirithiú go bhfuil soláthar leordhóthanach ann do thionscal próiseála an Aontais, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin ar líon áirithe táirgí iascaigh a chur ar fionraí nó a laghdú laistigh de tharaif-chuótaí méid iomchuí. |
(2) |
Le Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle (1), osclaítear agus foráiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe don tréimhse 2021-2023. Cinneadh méideanna iomchuí le haghaidh gach taraif-chuóta chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach ann do thionscal próiseála an Aontais le haghaidh na tréimhse sin. |
(3) |
Leasaíodh Rialachán (AE) 2020/1706 an 19 Iúil 2021 le Rialachán 2021/1203 ón gComhairle (2) trí chuótaí nua, i measc cuótaí eile, a mbeidh feidhm acu go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022, a chur leis mar gheall ar dhul in éag prótacal déthaobhach le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua lena ndéantar foráil maidir le cuótaí le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh. |
(4) |
Mar sin féin, an chaibidlíocht i ndáil le prótacail nua bhreise le Poblacht na hÍoslainne agus le Ríocht na hIorua, ar prótacail iad lena ndéantar foráil maidir le cuótaí le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh, ní thabharfar i gcrích í roimh an 31 Deireadh Fómhair 2022. |
(5) |
Is gá, dá bhrí sin, cuótaí nua a bhunú a mbeidh feidhm acu go dtí deireadh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1706. |
(6) |
Ar chúiseanna práinne chun ganntanas ábhar iascaigh saor ó dhleacht lena bpróiseáil san Aontas a sheachaint, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1706 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BLAŽEK
(1) Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n-osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 3).
(2) Rialachán (AE) 2021/1203 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais a chuimsiú le haghaidh táirgí áirithe iascaigh (IO L 261, 22.7.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1706, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
Uimh. an ordaithe |
Cód AC |
Cód TARIC |
Tuairisc |
Méid bliantúil an chuóta (tonnaí) (1) |
Dleacht an chuóta |
Tréimhse an chuóta |
09.2509 |
ex 1604 12 91 |
13 |
Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile, lena bpróiseáil |
17 500 (glanmheáchan silte) |
0 % |
1.11.2022- 31.12.2023 |
93 |
||||||
ex 1604 12 99 |
16 |
|||||
17 |
||||||
09.2510 |
ex 0303 51 00 |
10 |
Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil (2) |
11 670 |
0 % |
1.11.2022- 31.12.2023 |
20 |
||||||
09.2512 |
|
|
Iasc reoite, lena bpróiseáil |
3 850 |
0 % |
1.11.2022- 31.12.2023 |
0303 55 30 |
10 |
Bolmáin Shileacha (Trachurus murphyi) |
||||
ex 0303 55 90 |
95 |
Iasc eile Trachurus spp., seachas Trachurus trachurus, Trachurus murphyi agus bolmáin (Caranx trachurus) |
||||
0303 56 00 |
10 |
Cóibia (Rachycentron canadum) |
||||
0303 69 90 |
10 |
Iasc eile |
||||
0303 89 90 |
11 |
|||||
21 |
||||||
30 |
||||||
91 |
||||||
0303 82 00 |
10 |
Roic agus sciataí (Rajidae) |
||||
0303 89 55 |
10 |
Garbhánaigh órcheannacha (Sparus aurata) |
||||
09.2513 |
0304 86 00 |
20 |
Filléid scadán (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil |
29 170 |
0 % |
1.11.2022- 31.12.2023 |
ex 0304 99 23 |
10 |
Flapaí scadán (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil (2) |
||||
20 |
||||||
09.2514 |
0304 49 50 |
10 |
Filléid péirsí mara (Sebastes spp.), úr nó fuaraithe, lena bpróiseáil |
1 520 |
0 % |
1.11.2022- 31.12.2023 |
(1) Arna sloinneadh i nglanmheáchan mura sonraítear a mhalairt.
(2) Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Meitheamh, ní dheonófar tairbhe an taraif-chuóta d’earraí a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht.
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/40 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2058 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Feabhra 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála ar thréimhsí leachtachta ionchasacha le haghaidh chur chuige malartach na samhla inmheánaí, dá dtagraítear in Airteagal 325bd(7)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325bd(7), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le modheolaíocht ghinearálta chun fachtóir riosca suímh a mhapáil ar chatagóir fachtóra riosca leathan chun críocha Airteagal 325bd(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart di cur ar chumas institiúidí catagóirí fachtóra riosca leathan agus fochatagóirí fachtóra riosca leathan a fhreagraíonn do na rioscaí atá leabaithe san fhachtóir riosca a shainaithint chun a thréimhse leachtachta ionchasach iomchuí a chinneadh. Ba cheart don mhodheolaíocht ghinearálta a bheith cineálach a dhóthain chun bheith infheidhme maidir le formhór na bhfachtóirí riosca. |
(2) |
I bhfianaise na sainiúlachtaí a bhaineann le fachtóirí áirithe riosca, lena n-áirítear iad siúd nach dtagann faoi aon chatagóir fachtóra riosca leathan i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, d’fhéadfadh torthaí difriúla ar fud na n-institiúidí teacht as an modheolaíocht ghinearálta, i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm ar na fachtóirí riosca sin í, rud a mbeadh easpa comhchuibhithe mar thoradh air agus a bhféadfadh arbatráiste rialála a bheith mar thoradh air. Mar thoradh air sin, is gá an mhodheolaíocht ghinearálta a chomhlánú le rialacha sonracha. |
(3) |
Is táscaire maith é méid ard meánláimhdeachas laethúil glandíorthach ráta úis thar an gcuntar (OTC) maidir le cineál leachtach a n-airgeadraí foluiteacha faoi seach. Is iomchuí, dá bhrí sin, an táscaire láimhdeachais sin a bhreithniú chun na hairgeadraí a shonrú lenar cheart fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí a chomhdhéanamh sa chatagóir leathan fachtóir riosca ráta úis de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is foinse iontaofa staitisticí é Suirbhé Tríbhliantúil Bhanc Ceannais an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) ar láimhdeachas díorthach ráta úis OTC (2) chun meastóireacht a dhéanamh ar láimhdeachas díorthach ráta úis OTC de réir ionstraime agus de réir airgeadra. Chuige sin, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú le cleachtais idirnáisiúnta, is iomchuí torthaí an tsuirbhé sin a mheas chun na hairgeadraí lena gcomhdhéantar fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí a shonrú. |
(4) |
Ar an gcuma chéanna, is táscaire maith é méid ard meánláimhdeachas laethúil glandíorthach malairte eachtraí OTC maidir le cineál leachtach a bpéirí airgeadraí foluiteacha faoi seach. Is iomchuí, dá bhrí sin, an táscaire sin a bhreithniú chun na péirí airgeadraí a shonrú lenar cheart fochatagóir na bpéirí airgeadraí is leachtaí a chomhdhéanamh sa chatagóir leathan fachtóir riosca malairte eachtraí de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Is foinse iontaofa staitisticí é Suirbhé Tríbhliantúil Bhanc Ceannais an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) ar láimhdeachas díorthach malairte eachtraí OTC (3) chun meastóireacht a dhéanamh ar láimhdeachas na ndíorthach malairte eachtraí OTC de réir ionstraime agus de réir airgeadra. Chuige sin, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú le cleachtais idirnáisiúnta, is iomchuí torthaí an tsuirbhé sin a mheas chun na péirí airgeadraí lena gcomhdhéantar fochatagóir na bpéirí airgeadraí is leachtaí a shonrú. |
(5) |
I bhfianaise éagsúlachta na margaí cothromais san Aontas, is gá caipitliú margaidh beag agus caipitliú margaidh mór a shainmhíniú chun críocha fhochatagóir an phraghais cothromais agus na luaineachta sa chatagóir leathan fachtóir riosca cothromais i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn meascán de dhearbhthairseach agus de thairseach choibhneasta. I bhfianaise an gá atá le comhsheasmhacht le caighdeáin rialála idirnáisiúnta, is iomchuí an dearbhthairseach a bhunú ar an tairseach a bhunaigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (4). Ós rud é go soláthraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 ón gCoimisiún (5) liosta de na príomhinnéacsanna bunaithe ar leachtacht chomhpháirteanna na n-innéacsanna, agus ós rud é go bhfuil an mhodheolaíocht chun an liosta sin a bhunú bunaithe ar chaipitliú margaidh agus ar comhlúthacht shaor, agus ar choinníoll íostairseach leachtachta, is iomchuí an tairseach choibhneasta a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart na cothromais sna príomhinnéacsanna a liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646, a bhfuil a gcomhpháirteanna uile luaite san Aontas, a bhreithniú mar chothromais a bhfuil caipitliú margaidh mór acu, agus ba cheart gach cothromas eile a bhreithniú mar chothromais a bhfuil caipitliú margaidh beag acu. |
(6) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
(7) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
Fachtóirí riosca a mhapáil
Airteagal 1
Modheolaíocht ghinearálta
1. Agus fachtóirí riosca á mapáil ar na catagóirí fachtóra riosca leathan i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, sannfaidh institiúidí gach fachtóir riosca don chatagóir fachtóra riosca leathan is iomchuí, ag féachaint do chineál an riosca arna ghabháil ag an bhfachtóir riosca agus do na sonraí arna n-úsáid mar ionchuir le haghaidh an fhachtóra riosca sa tsamhail tomhais riosca.
Agus fachtóirí riosca á mapáil ar na fochatagóirí fachtóra riosca leathan faoin gcatagóir fachtóra riosca leathan den Tábla sin, sannfaidh institiúidí an fachtóir riosca don fhochatagóir fachtóra riosca leathan is iomchuí den chatagóir fachtóra riosca leathan sin, ag féachaint do chineál an riosca arna ghabháil ag an bhfachtóir riosca agus do na sonraí arna n-úsáid mar ionchuir le haghaidh an fhachtóra riosca sa tsamhail tomhais riosca.
2. Chun críocha mhír 1, i gcás nach bhfreagraíonn cineál an fhachtóra riosca d’aon cheann de na catagóirí fachtóra riosca leathan i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na hinstitiúidí an fachtóir riosca sin a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan “Tráchtearra” den Tábla sin agus ar an bhfochatagóir fachtóra riosca leathan “Cineálacha eile” den chatagóir sin.
3. Chun críocha mhír 1, i gcás fachtóir riosca a d’fhéadfaí a mhapáil ar níos mó ná catagóir fachtóra riosca leathan amháin nó fochatagóir fachtóra riosca leathan amháin, déanfaidh na hinstitiúidí na catagóirí comhfhreagracha agus na fochatagóirí comhfhreagracha uile sin a shainaithint.
I measc na gcatagóirí fachtóra riosca leathan sin nó na bhfochatagóirí fachtóra riosca leathan comhfhreagracha sin, déanfar an fachtóir riosca a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan agus ar an bhfochatagóir fachtóra riosca leathan comhfhreagrach a bhfuil an tréimhse leachtachta ionchasach is faide acu.
I gcás ina bhfuil an tréimhse leachtachta ionchasach is faide céanna ag breis agus aon chatagóir fachtóra riosca leathan amháin nó ag an bhfochatagóir fachtóra riosca leathan comhfhreagrach, is féidir an fachtóir riosca a mhapáil ar aon cheann de na catagóirí fachtóra riosca leathan sin agus ar a bhfochatagóirí fachtóra riosca leathan comhfhreagracha.
Airteagal 2
Modheolaíocht shonrach le haghaidh ionstraimí innéacs aonchineálaigh
1. De mhaolú ar Airteagal 1, i gcás ina léiríonn institiúid suíomh in ionstraim innéacs aonchineálaigh mar fhachtóir riosca aonair ina samhail tomhais riosca, féadfaidh an institiúid rogha a dhéanamh an fachtóir riosca a mhapáil i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i mír 2.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh “innéacs aonchineálach” innéacs a bhfuil ceann de na comhdhéanaimh seo a leanas aige:
(a) |
cothromais nó innéacsanna eile atá comhdhéanta de chothromais amháin; |
(b) |
bannaí nó innéacsanna eile atá comhdhéanta de bhannaí amháin; |
(c) |
babhtálacha mainneachtana creidmheasa nó innéacsanna eile atá comhdhéanta de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa amháin; |
(d) |
tráchtearraí nó innéacsanna eile atá comhdhéanta de thráchtearraí amháin. |
2. Tréimhse leachtachta ionchasach fachtóra riosca aonair lena samhaltaítear ionstraim innéacs aonchineálaigh dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh institiúid í a chinneadh mar a leanas:
(a) |
déanfaidh an institiúid an fachtóir riosca a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhreagraíonn don chatagóir iomchuí le haghaidh chomhdhéanamh an innéacs aonchineálaigh; |
(b) |
cuirfidh an institiúid an mhodheolaíocht ghinearálta a leagtar síos in Airteagal 1 i bhfeidhm ar leithligh ar gach ceann de chomhábhair an innéacs aonchineálaigh chun a dtréimhsí leachtachta ionchasacha iomchuí a chinneadh; |
(c) |
ríomhfaidh an institiúid meán ualaithe na dtréimhsí leachtachta ionchasacha a cinneadh i gcomhréir le pointe (b) ar bhonn ualú faoi seach gach comhábhair san innéacs; |
(d) |
tréimhse leachtachta ionchasach an fhachtóra riosca lena samhaltaítear an ionstraim innéacs aonchineálaigh, sin an tréimhse leachtachta ionchasach is giorra d’fhochatagóirí chomhábhair an innéacs atá níos mó ná an meán ualaithe dá dtagraítear i bpointe (c) nó atá comhionann leis an meán ualaithe dá dtagraítear i bpointe (c). |
Chun críocha phointe (a), déanfar fachtóir riosca ionstraime innéacs aonchineálaigh a bhfuil comhdhéanamh aige dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan “Raon difríochta creidmheasa”.
Airteagal 3
Modheolaíocht shonrach i gcás fachtóirí riosca bolscaireachta, fachtóirí riosca mona-airgeadra-bhunaithe agus fachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe
1. De mhaolú ar Airteagal 1, déanfaidh institiúidí fachtóirí riosca bolscaireachta i gcás airgeadra ar leith a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan “Ráta úis”, agus ar fhochatagóir fachtóra riosca leathan an airgeadra sin.
2. De mhaolú ar Airteagal 1, déanfaidh institiúidí fachtóirí riosca mona-airgeadra-bhunaithe agus fachtóirí riosca trasairgeadra-bhunaithe a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan “Ráta Úis”, agus ar fhochatagóir fachtóra riosca leathan an airgeadra lena n-ainmnítear an bonn.
Airteagal 4
Modheolaíocht shonrach i gcás fachtóirí riosca athcheannaigh agus díbhinne
1. De mhaolú ar Airteagal 1 déanfaidh institiúidí rátaí athcheannaigh cothromais agus fachtóirí riosca díbhinne a mhapáil ar an gcatagóir fachtóra riosca leathan “Cothromas”.
2. De mhaolú ar Airteagal 1, chun an fhochatagóir fachtóra riosca leathan a chinneadh, caithfear le rátaí athcheannaigh cothromais agus fachtóirí riosca díbhinne i gcás cothromas ar leith mar fhachtóirí riosca a fhreagraíonn do luaineacht an chothromais sin.
CAIBIDIL 2
Fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí a chinneadh, fochatagóir na bpéirí airgeadraí is leachtaí a chinneadh agus fochatagóirí maidir le caipitliú margaidh beag agus caipitliú margaidh mór a shainmhíniú
Airteagal 5
Fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí
Is iad na hairgeadraí sin lena gcomhdhéantar fochatagóir na n-airgeadraí is leachtaí sa chatagóir leathan fachtóir riosca ráta úis de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 6
Fochatagóirí na bpéirí airgeadraí is leachtaí
Is iad na péirí airgeadraí sin lena gcomhdhéantar fochatagóir na bpéirí airgeadraí is leachtaí sa chatagóir leathan fachtóir riosca malairte eachtraí de Thábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 7
Caipitliú margaidh beag agus caipitliú margaidh mór a shainmhíniú
1. Chun críocha fhochatagóir an phraghais cothromais agus na luaineachta den chatagóir leathan fachtóir riosca cothromais i dTábla 2 d’Airteagal 325bd de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonfaidh cothromas a bhfuil caipitliú margaidh mór aige ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
tá caipitliú margaidh an chothromais níos mó ná EUR 1,75 billiún; |
(b) |
áirítear an cothromas i gceann de na príomhinnéacsanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646, a bhfuil a chomhpháirteanna uile luaite san Aontas. |
2. Gach cothromas eile seachas na cinn sin dá dtagraítear i mír 1, measfar gur cothromais iad a bhfuil caipitliú margaidh beag acu.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) “Interest rate derivatives market turnover in 2019”, [Láimhdeachas margaidh na ndíorthach ráta úis in 2019] Suirbhé Tríbhliantúil Bhanc Ceannais an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta 2019, an Roinn Airgeadaíochta agus Eacnamaíoch.
(3) “Global foreign exchange market turnover in 2019”, [Láimhdeachas domhanda an mhargaidh malairte eachtraí in 2019] Suirbhé Tríbhliantúil Bhanc Ceannais an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta 2019, an Roinn Airgeadaíochta agus Eacnamaíoch.
(4) Íoscheanglais chaipitil le haghaidh riosca margaidh, Eanáir 2019 (athbhreithnithe Feabhra 2019).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na príomhinnéacsanna agus na malartáin aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 245, 14.9.2016, lch. 5).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na hairgeadraí is leachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5
— |
Euro (EUR); |
— |
Dollar na Stát Aontaithe (USD); |
— |
Punt Steirling (GBP); |
— |
Yen na Seapáine (JPY); |
— |
Dollar na hAstráile (AUD); |
— |
Krona na Sualainne (SEK); |
— |
Dollar Cheanada (CAD). |
IARSCRÍBHINN II
Liosta de na péirí airgeadraí dá dtagraítear in Airteagal 6
Chun críoch na hIarscríbhinne seo, úsáidtear na cóid seo a leanas a bhaineann le hairgeadraí:
|
EUR (Euro), USD (Dollar na Stát Aontaithe), JPY (Yen na Seapáine), GBP (Punt Steirling), CHF (Franc na hEilvéise), CAD (Dollar Cheanada), MXN (Peso Mheicsiceo), CNY (Yuan na Síne), NZD (Dollar na Nua-Shéalainne), RUB (Rúbal na Rúise), HKD (Dollar Hong Cong), SGD (Dollar Shingeapór), TRY (Lira na Tuirce), KRW (Won na Cóiré Theas), SEK (Krona na Sualainne), ZAR (Rand na hAfraice Theas), INR (Rúipí na hIndia), NOK (Krone na hIorua), BRL (Real na Brasaíle), AUD (Dollar na hAstráile), DKK (Krone na Danmhairge), BGN (Lev na Bulgáire), HRK (Kuna na Cróite). |
|
EUR/USD, EUR/JPY, EUR/GBP, EUR/CHF, EUR/CAD, EUR/MXN, EUR/CNY, EUR/NZD, EUR/RUB EUR/HKD, EUR/SGD, EUR/TRY, EUR/KRW, EUR/SEK, EUR/ZAR, EUR/INR, EUR/NOK, EUR/BRL, EUR/AUD. |
|
USD/JPY, USD/GBP, USD/AUD, USD/CAD, USD/CHF, USD/MXN, USD/CNY, USD/NZD, USD/RUB, USD/HKD, USD/SGD, USD/TRY, USD/KRW, USD/SEK, USD/ZAR, USD/INR, USD/NOK, USD/BRL, USD/DKK, USD/BGN, USD/HRK. |
|
JPY/GBP, JPY/CAD, JPY/CHF, JPY/MXN, JPY/CNY, JPY/NZD, JPY/RUB, JPY/HKD, JPY/SGD, JPY/TRY, JPY/KRW, JPY/SEK, JPY/ZAR, JPY/INR, JPY/NOK, JPY/BRL, JPY/DKK, JPY/AUD, JPY/BGN, JPY/HRK. |
|
GBP/AUD, GBP/CAD, GBP/CHF, GBP/MXN, GBP/CNY, GBP/NZD, GBP/RUB, GBP/HKD, GBP/SGD, GBP/TRY, GBP/KRW, GBP/SEK, GBP/ZAR, GBP/INR, GBP/NOK, GBP/BRL, GBP/DKK, GBP/BGN, GBP/HRK. |
|
AUD/CAD, AUD/CHF, AUD/MXN, AUD/CNY, AUD/NZD, AUD/RUB, AUD/HKD, AUD/SGD, AUD/TRY, AUD/KRW, AUD/SEK, AUD/ZAR, AUD/INR, AUD/NOK, AUD/BRL. |
|
CAD/CHF, CAD/MXN, CAD/CNY, CAD/NZD, CAD/RUB, CAD/HKD, CAD/SGD, CAD/TRY, CAD/KRW, CAD/SEK, CAD/ZAR, CAD/INR, CAD/NOK, CAD/BRL. |
|
CHF/MXN, CHF/CNY, CHF/NZD, CHF/RUB, CHF/HKD, CHF/SGD, CHF/TRY CHF/KRW, CHF/SEK, CHF/ZAR, CHF/INR, CHF/NOK, CHF/BRL, CHF/DKK, CHF/BGN, CHF/HRK. |
|
MXN/CNY, MXN/NZD, MXN/RUB, MXN/HKD, MXN/SGD, MXN/TRY, MXN/KRW, MXN/SEK, MXN/ZAR, MXN/INR, MXN/NOK, MXN/BRL. |
|
CNY/NZD, CNY/RUB, CNY/HKD, CNY/SGD, CNY/TRY, CNY/KRW, CNY/SEK, CNY/ZAR, CNY/INR, CNY/NOK, CNY/BRL. |
|
NZD/RUB, NZD/HKD, NZD/SGD, NZD/TRY, NZD/KRW, NZD/SEK, NZD/ZAR, NZD/INR, NZD/NOK, NZD/BRL. |
|
RUB/HKD, RUB/SGD, RUB/TRY, RUB/KRW, RUB/SEK, RUB/ZAR, RUB/INR, RUB/NOK, RUB/BRL. |
|
HKD/SGD, HKD/TRY, HKD/KRW, HKD/SEK, HKD/ZAR, HKD/INR, HKD/NOK HKD/BRL. |
|
SGD/TRY, SGD/KRW, SGD/SEK, SGD/ZAR, SGD/INR, SGD/NOK, SGD/BRL. |
|
TRY/KRW, TRY/SEK, TRY/ZAR, TRY/INR, TRY/NOK, TRY/BRL. |
|
KRW/SEK, KRW/ZAR, KRW/INR, KRW/NOK, KRW/BRL. |
|
SEK/ZAR, SEK/INR, SEK/NOK, SEK/BRL. |
|
ZAR/INR, ZAR/NOK, ZAR/BRL. |
|
INR/NOK, INR/BRL. |
|
NOK/BRL. |
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/47 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2059 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Meitheamh 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí teicniúla na gceanglas cúltástála agus na gceanglas sannta brabúis agus caillteanais faoi Airteagal 325bf agus Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325bf(9), an tríú fomhír, agus Airteagal 325bg(4), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 325bf(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí róluaineachtaí laethúla a chomhaireamh ar bhonn cúltástála ar na hathruithe hipitéiseacha agus iarbhír ar luach a bpunainne atá comhdhéanta de na suíomhanna go léir a sannadh dá ndeasca trádála. Is é is aidhm don chúltástáil sin measúnú a dhéanamh, ach sin ag brath ar an leibhéal ar a ndéantar í, an bhfuil sé iomchuí na ceanglais cistí dílse le haghaidh suíomhanna ar dheasc trádála a ríomh trí chur chuige malartach na samhla inmheánaí a úsáid, agus an leor na ceanglais cistí dílse a bhaineann le fachtóirí priacail insamhaltaithe. Le hAirteagal 325bf(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ceanglaítear ar institiúidí luach deireadh lae na punainne a úsáid mar thúsphointe le haghaidh cúltástáil den sórt sin, lena n-áirítear gach coigeartú, amhail cúlchistí nó aon choigeartú luachála. |
(2) |
Sa chúltástáil ar an uimhir luacha faoi phriacal, maidir le roinnt éifeachtaí priacail margaidh nach gcuirtear san áireamh leis an tsamhail tomhais priacal inmheánach, ba cheart iad a chur san áireamh fós sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne. Dá réir sin, gach coigeartú a bhaineann le priacal margaidh, gan beann ar a mhinice a thugann institiúidí cothrom le dáta iad, ba cheart iad a áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne. An chúltástáil ar an uimhir luacha faoi phriacal leis na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne, ba cheart í a dhéanamh, áfach, faoin toimhde go mbeidh punann statach ann. Dá bhrí sin, níor cheart d’institiúidí a áireamh agus athruithe hipitéiseacha den sórt sin á ríomh ar luach na punainne ach na coigeartuithe sin a ríomhtar go laethúil agus a áirítear sa tsamhail tomhais priacal inmheánach. |
(3) |
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé, de bharr chineál an choigeartaithe agus de bharr na bainistíochta priacail inmheánaí is infheidhme maidir leis an gcoigeartú sin, go ndéanfaí an coigeartú sin a ríomh thar na sraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin. Chun comhchuibhiú a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart a cheangal ar institiúidí, agus na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála á ríomh acu, an coigeartú sin a athríomh i ndáil le gach deasc thrádála ar bhonn neamhspleách i dtaca leis na suíomhanna a shanntar don deasc thrádála amháin, nó, i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha sonracha, na hathruithe a thagann as an gcoigeartú sin a léiriú i gcomhthéacs na cúltástála amháin dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá réir sin, i gcás ina ndéanann institiúidí an próiseas luachála deireadh lae chun luachanna deireadh lae punainne na ndeasc trádála a dhíorthú, níor cheart cead a bheith acu, agus athruithe hipitéiseacha agus iarbhír á ríomh acu ar leibhéal na deisce trádála, an coigeartú a leithdháileadh ar na deasca trádála ar bhealach atá comhréireach le rannchuidiú gach deasc trádála le luach an choigeartaithe. |
(4) |
Tá ról tábhachtach ag an gceanglas sannta brabúis agus caillteanais a leagtar síos in Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun a áirithiú go bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála gar go leor dá chéile. Na tástálacha staidrimh a áirítear sna caighdeáin idirnáisiúnta a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov, chun an ceanglas sannta brabúis agus caillteanais a oibríochtú, tá siad iomchuí chun na críche sin agus ba cheart d’institiúidí iad a úsáid dá bhrí sin. |
(5) |
Sna caighdeáin idirnáisiúnta, leagtar síos gur cheart d’institiúidí ceanglas caipitil breise a chomhlíonadh i gcás nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha ar luach punann na ndeasc trádála gar go leor dá chéile. Sa chás sin, ba cheart a cheangal ar institiúidí an ceanglas caipitil breise sin maidir leis na deasca trádála sin a ríomh agus a thuairisciú do na húdaráis inniúla. |
(6) |
Agus institiúidí ag tuairisciú na dtorthaí ar shannadh brabúis agus caillteanais i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart dóibh aird a tharraingt freisin ar chás ina bhfuil difríocht ábhartha idir na hathruithe hipitéiseacha agus na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála. Ba cheart go gcabhródh sé sin le hinstitiúidí easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann i ríomh na n-athruithe teoiriciúla a shainaithint. |
(7) |
Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais, déantar athruithe teoiriciúla ar luach punainne a chur i gcomparáid le hathruithe hipitéiseacha a ríomhtar faoin toimhde go bhfuil punann statach ann. Is é is aidhm don chomparáid sin ábharthacht na ndifríochtaí a aithint i bpróisis luachála shamhail tomhais priacal na hinstitiúide ina dtáirgtear na hathruithe teoiriciúla, chomh maith le próisis luachála chórais inmheánacha na hinstitiúide ina dtáirgtear na hathruithe hipitéiseacha. Chun a áirithiú nach ndéanfaidh athruithe ar chomhdhéanamh na punainne difear don chomparáid sin, ba cheart na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne a úsáidtear sa cheanglas sannta brabúis agus caillteanais a ríomh freisin faoin toimhde go bhfuil punann statach ann. |
(8) |
Chun comhsheasmhacht le caighdeáin idirnáisiúnta a áirithiú, ba cheart na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne a ríomhtar chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais, ba cheart iad a ailíniú leis na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne, a ríomhann institiúid chun críocha na cúltástála. |
(9) |
D’fhéadfadh difríochtaí idir na próisis luachála lena gcruthaítear athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach punainne a bheith ann mar gheall ar fhachtóirí priacail áirithe a fhágáil ar lár sa tsamhail tomhais priacail nó mar gheall ar shimpliú ar an tsamhail tomhais priacail. D’fhéadfadh difríochtaí eile a bheith mar thoradh ar mhí-ailínithe sna sonraí a úsáideann institiúid mar ionchur chun luach a punann a chinneadh. Chun foinsí breise neamhréitigh mar thoradh ar dhifríochtaí den sórt sin i sonraí ionchuir a sheachaint, ba cheart cead a bheith ag institiúidí na sonraí ionchuir a ailíniú ar choinníoll go gcomhlíontar roinnt coinníollacha sonracha. |
(10) |
An mhinicíocht ag a bhfuil torthaí an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais le tuairisciú, ba cheart í a ailíniú leis an minicíocht ag a ndéantar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí priacail a mheasúnú agus leis an minicíocht ag a ndéantar na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a thuairisciú. Ar an gcaoi sin, beidh institiúidí in ann na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a chinneadh bunaithe ar thorthaí comhsheasmhacha do na ceanglais chúltástála, na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais agus an measúnú ar insamhaltaitheacht. |
(11) |
An chaoi ar cheart do na hinstitiúidí a gceanglais cistí dílse iomlána le haghaidh priacal margaidh a chomhiomlánú, ba cheart í a ailíniú leis na caighdeáin idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ba cheart torthaí an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais a léiriú san fhoirmle chomhiomlánaithe, lena n-áirítear an ceanglas caipitil breise i gcás nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus hipitéiseacha gar go leor dá chéile. Ina theannta sin, ba cheart go léireofaí san fhoirmle chomhiomlánaithe laghdú ar shochair éagsúlaithe i gcás ina ndéantar na ceanglais cistí dílse le haghaidh deasc thrádála a ríomh leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach seachas le cur chuige malartach na samhla inmheánaí. |
(12) |
Chun cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla a sheiceáil an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag na hinstitiúidí, ba cheart a cheangal ar institiúidí cur chun feidhme an Rialacháin seo a dhoiciméadú. |
(13) |
Tá dlúthbhaint ag forálacha an Rialacháin seo lena chéile, ós rud é go mbaineann siad ar fad le heilimintí a bheidh le cur san áireamh ar athruithe ar luach punainne deisce trádála chun ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh a ríomh trí úsáid a bhaint as cur chuige malartach na samhla inmheánaí. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar forálacha iad ba cheart a theacht i bhfeidhm an tráth céanna, chun tuiscint chuimsitheach ar na forálacha sin a éascú agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca orthu ag daoine atá faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar amach iontu, is inmhianaithe na caighdeáin theicniúla rialála go léir a cheanglaítear le hAirteagal 325bf(9), an tríú fomhír, agus le hAirteagal 325bg(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a áireamh in aon Rialachán amháin. |
(14) |
Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo. |
(15) |
Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann, agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
EILIMINTÍ TEICNIÚLA ATÁ LE CUR SAN ÁIREAMH SNA hATHRUITHE IARBHÍR AGUS HIPITÉISEACHA AR LUACH PUNAINNE CHUN CRÍOCHA NA gCEANGLAS CÚLTÁSTÁLA
Airteagal 1
Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála do na ceanglais chúltástála a dhéantar ar leibhéal na deisce trádála
1. Chun críocha na cúltástála deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas a úsáidtear chun na luachanna deireadh lae a ríomh (“próiseas luachála ag deireadh an lae”), lena n-áirítear na torthaí ar fhíorú neamhspleách praghsanna dá dtagraítear in Airteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
2. Agus na hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála á ríomh, léireoidh institiúidí na hathruithe ar luach na punainne sin atá ann mar thoradh ar imeacht ama.
3. Nuair a bheidh na hathruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe sin uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1 agus ar coigeartuithe iad a bhaineann le priacal margaidh a áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas uile:
(a) |
coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid; |
(b) |
chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó |
(c) |
coigeartuithe luacha breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
4. Ríomhfaidh institiúidí luach coigeartaithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn na suíomhanna go léir a shannfar don deasc thrádála chéanna. Ní chuirfidh institiúidí athruithe ar luach an choigeartaithe san áireamh ach amháin ar an dáta a ríomhfar an coigeartú.
5. De bhreis ar na heisiaimh a leagtar síos i mír 3, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), féadfaidh institiúidí coigeartú a ríomhfar sa phróiseas luachála deireadh lae thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin ar bhonn glan, a eisiamh ó ríomh na n-athruithe iarbhír ar luach punainne deisce trádála, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
(a) |
go ndéantar an coigeartú sin, de bharr a chineáil, a ríomh ar bhonn glan thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin; |
(b) |
go bhfuil bainistíocht priacal inmheánach an choigeartaithe sin comhsheasmhach leis an leibhéal ar a ríomhtar an coigeartú; |
(c) |
go ndoiciméadaíonn an institiúid lena mbaineann gach ceann de na nithe seo a leanas:
|
Airteagal 2
Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe iarbhír ar luach na punainne do na ceanglais chúltástála arna ndéanamh ar leibhéal na hinstitiúide
1. Chun críocha na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe iarbhír ar luach punainne trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae, lena n-áirítear na torthaí ar fhíorú neamhspleách praghsanna dá dtagraítear in Airteagal 105(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
2. Agus na hathruithe iarbhír ar luach punainne á ríomh, léireoidh institiúidí an t-athrú ar luach na punainne sin atá ann mar thoradh ar imeacht ama.
3. Agus na hathruithe iarbhír ar luach punainne á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1 agus a bhaineann le priacal margaidh a chur san áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas go léir:
(a) |
coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid; |
(b) |
coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(c) |
coigeartuithe luacha breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
4. Ríomhfaidh institiúidí an t-athrú ar luach na gcoigeartuithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn ceachtar díobh seo a leanas:
(a) |
na suíomhanna sin uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
(b) |
na suíomhanna uile faoi réir na gceanglas cistí dílse le haghaidh priacal margaidh. |
5. Ní chuirfidh institiúidí athruithe ar luach an choigeartaithe san áireamh ach amháin ar an dáta a ríomhfar an coigeartú.
Airteagal 3
Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála do na ceanglais chúltástála a dhéantar ar leibhéal na deisce trádála
1. Chun críocha na cúltástála deisce trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae, gan aon táille ná aon choimisiún a chur san áireamh.
2. Agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála á ríomh, léireoidh institiúidí na hathruithe ar luach punainne na deisce trádála atá ann mar thoradh ar imeacht ama, ach sin ar an mbealach céanna leis an mbealach a léiríonn siad na hathruithe sin i ríomh an mhéid seo a leanas:
(a) |
an beart priacail easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(b) |
an beart priacail maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
3. Nuair a bheidh na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe sin uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1, ar coigeartuithe iad a bhaineann le priacal margaidh, a ríomhtar ar bhonn laethúil agus a áirítear i samhail tomhais priacail na hinstitiúide, a áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas uile:
(a) |
coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid; |
(b) |
coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(c) |
coigeartuithe luacha breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
4. Ríomhfaidh institiúidí luach coigeartaithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn na suíomhanna uile a shannfar don deasc thrádála sin. Cuirfidh institiúidí athruithe ar luach coigeartaithe atá bunaithe ar chomparáid idir luach an choigeartaithe deireadh lae agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuíomhanna i bpunann na deisce trádála, luach an choigeartaithe ag deireadh an lae dar gcionn.
5. De bhreis ar na heisiaimh a leagtar síos i mír 3, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), féadfaidh institiúidí coigeartú a eisiamh ó ríomh na n-athruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála, ar coigeartú é a ríomhtar ar bhonn glan sa phróiseas luachála deireadh lae thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas uile:
(a) |
go ndéantar an coigeartú sin, de bharr a chineáil, a ríomh ar bhonn glan thar shraitheanna suíomhanna a shanntar do níos mó ná deasc thrádála amháin; |
(b) |
go bhfuil bainistíocht priacal inmheánach an choigeartaithe sin comhsheasmhach leis an leibhéal ar a ríomhtar an coigeartú; |
(c) |
doiciméadaíonn an institiúid gach ceann de na nithe seo a leanas:
|
Airteagal 4
Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne do na ceanglais chúltástála arna ndéanamh ar leibhéal na hinstitiúide
1. Chun críocha na cúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, paraiméadrachtaí samhaltaithe agus sonraí margaidh, a úsáidtear sa phróiseas luachála deireadh lae, gan aon táille ná aon choimisiúin a chur san áireamh.
2. Agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach na punainne á ríomh, léireoidh institiúidí na hathruithe ar luach na punainne atá ann mar thoradh ar imeacht ama, ach sin ar an mbealach céanna leis an mbealach a léiríonn siad na hathruithe sin i ríomh an mhéid seo a leanas:
(a) |
an beart priacail easnaimh ionchasaigh dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(b) |
an beart priacail maidir le cás struis dá dtagraítear in Airteagal 325bk de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
3. Agus athruithe hipitéiseacha ar luach punainne á ríomh, déanfaidh institiúidí na coigeartuithe sin uile a breithníodh sa phróiseas luachála deireadh lae dá dtagraítear i mír 1 agus atá bainteach le priacal margaidh, a ríomhtar ar bhonn laethúil agus a áirítear i samhail tomhais priacail na hinstitiúide, a áireamh sa luach sin, cé is moite de na coigeartuithe seo a leanas uile:
(a) |
coigeartuithe luachála creidmheasa a léiríonn margadhluach reatha phriacal creidmheasa na gcontrapháirtithe san institiúid; |
(b) |
coigeartuithe a cuireadh i leith phriacal creidmheasa na hinstitiúide féin atá eisiata ó chistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 33(1), pointe (b) nó pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
(c) |
coigeartuithe luachála breise a asbhaintear as caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
4. Ríomhfaidh institiúidí na hathruithe ar luach na gcoigeartuithe dá dtagraítear i mír 3 ar bhonn ceachtar díobh seo a leanas:
(a) |
na suíomhanna sin uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
(b) |
na suíomhanna uile faoi réir ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh. |
Airteagal 5
Ceanglais doiciméadachta
Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena leagfar amach conas a ríomhfaidh siad na hathruithe iarbhír agus hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála nó ar luach punainne i gcomhréir le hAirteagal 1 go hAirteagal 4 den Rialachán seo. Beidh na heilimintí uile seo a leanas sna beartais agus sna nósanna imeachta sin:
(a) |
agus tuairisc á tabhairt ar an gcaoi a ríomhtar na hathruithe iarbhír ar luach na punainne lena mbaineann, achoimre ar na difríochtaí idir na hathruithe sna luachanna punainne deireadh lae arna dtáirgeadh ag an bpróiseas luachála deireadh lae agus na hathruithe iarbhír ar luach na punainne lena mbaineann; |
(b) |
na táillí agus na coimisiúin agus an chaoi a gcuirtear an t-eisiamh dá dtagraítear in Airteagal 325bf(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm; |
(c) |
liosta de na coigeartuithe uile, ina sonrófar gach ceann díobh seo a leanas i ndáil le gach coigeartú:
|
CAIBIDIL 2
SONRAÍOCHT THEICNIÚIL AN CHEANGLAIS SANNTA BRABÚIS AGUS CAILLTEANAIS
Airteagal 6
Ceanglais ghinearálta
1. Chun críocha Airteagal 325bg(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman a leagtar síos in Airteagal 7 den Rialachán seo agus méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán seo a ríomh do phunann deisce trádála ar leith agus cuirfidh siad na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo i bhfeidhm, i bhfianaise thorthaí na ríomhanna sin. I gcás nach bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála gar go leor dá chéile, de réir na gcritéar sin, beidh institiúidí faoi réir ag an iarmhairt a leagtar amach in Airteagal 10 den Rialachán seo.
2. Chun críocha mhír 1, féadfaidh institiúidí an pointe ama (seat ama) ar ina leith a ríomhann siad na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála i ndáil leis an seat ama ar ina leith a ríomhann siad na hathruithe hipitéiseacha ar an luach sin.
Airteagal 7
Ríomh chomhéifeacht comhghaolúcháin Spearman
1. Ríomhfaidh institiúidí comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo trí na céimeanna seo a leanas a chur i gcrích san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad amshraith na mbreathnóireachtaí maidir leis na hathruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála i ndáil leis na 250 lá gnó is déanaí; |
(b) |
ó amshraith na n-athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh institiúidí amshraith na gcéimeanna comhfhreagracha a tháirgeadh i gcomhréir le mír 2, agus caithfidh siad le hamshraith na n-athruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla mar amshraith thionscnaimh; |
(c) |
ríomhfaidh siad comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas: ![]() I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
2. Déanfaidh institiúidí amshraith na gcéimeanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a tháirgeadh ó amshraith tionscnaimh trí na céimeanna seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas:
(a) |
i gcás gach breathnóireachta laistigh den amshraith thionscnaimh, déanfaidh institiúidí an líon breathnóireachtaí ag a bhfuil luach níos ísle ná an bhreathnóireacht sin a chomhaireamh laistigh den amshraith sin; |
(b) |
cuirfidh institiúidí lipéad ar gach breathnóireacht ar a mbeidh an uimhir a thiocfaidh as an ríomh a leagtar amach i bpointe (a) agus aon a bheith curtha leis; |
(c) |
i gcás ina ndéantar dhá bhreathnóireacht nó níos mó a lipéadú leis an uimhir chéanna, mar thoradh ar an lipéadú i gcomhréir le pointe (b), déanfaidh institiúidí, ina theannta sin, an líon lipéad sin a mhéadú leis an gcodán seo a leanas: ![]() i gcás inarb ionann N agus cainníocht na lipéad leis an uimhir chéanna; |
(d) |
déanfaidh institiúidí amshraith na lipéad arna bhfáil i gcomhréir le pointe (b) agus le pointe (c) a mheas mar amshraith céimeanna. |
3. Déanfaidh institiúidí diall caighdeánach amshraith na gcéimeanna RHPL a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos i bpointe (a), diall caighdeánach amshraith na gcéimeanna RRTPL a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos i bpointe (b), agus an comhathraitheas idir na hamshraitheanna sin a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar síos i bpointe (c) mar a leanas:
(a) |
|
(b) |
|
(c) |
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
Airteagal 8
Méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov a ríomh
1. Ríomhfaidh institiúidí méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán seo trí na céimeanna seo a leanas a dhéanamh san ord seo a leanas:
(a) |
cinnfidh siad amshraith na 250 lá gnó is déanaí de bhreathnóireachtaí maidir leis na hathruithe hipitéiseacha agus teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála; |
(b) |
ríomhfaidh siad feidhm dáileacháin charnaigh eimpíreach na n-athruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála ó amshraith na n-athruithe hipitéiseacha dá dtagraítear i bpointe (a); |
(c) |
ríomhfaidh siad feidhm dáileacháin charnaigh eimpíreach na n-athruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála ó amshraith na n-athruithe teoiriciúla dá dtagraítear i bpointe (a); |
(d) |
gheobhaidh siad méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov tríd an uasdifríocht a ríomh idir an dá dháileachán charnacha eimpíreacha arna ríomh i gcomhréir le pointe (b) agus pointe (c) ag aon luach brabúis agus caillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann. |
2. Chun críocha mhír 1, tuigfear gurb é an fheidhm dáileacháin eimpíreach a fhaightear ó amshraith an fheidhm a bhfuil mar thoradh uirthi, i bhfianaise aon uimhreach mar ionchur, an cóimheas idir an líon breathnóireachtaí laistigh den amshraith a bhfuil a luach níos ísle ná an uimhir ionchuir nó cothrom léi agus an líon iomlán breathnóireachtaí laistigh den amshraith.
Airteagal 9
Sonrú na gcritéar is gá chun a áirithiú go bhfuil na hathruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála gar go leor dá chéile
1. Chun críocha Airteagal 325bg(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí gach ceann de na deasca trádála a aicmiú mar dheasc creasa ghlais, oráiste, bhuí nó dheirg i gcomhréir le mír 2 go mír 5.
I gcás ina n-aicmítear deasc thrádála mar dheasc creasa ghlais, measfar go bhfuil athruithe teoiriciúla agus na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála sin gar go leor dá chéile.
I gcás ina n-aicmítear deasc thrádála mar dheasc creasa oráiste, bhuí nó dheirg, ní mheasfar go bhfuil athruithe teoiriciúla ná na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála sin gar go leor dá chéile.
2. Aicmeofar deasc thrádála mar “dheasc creasa ghlais” i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
gur mó ná 0,8 comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo; |
(b) |
gur ísle ná 0,09 méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo. |
3. Aicmeofar deasc thrádála mar “dheasc creasa dheirg” i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
gur ísle ná 0,7 comhéifeacht comhghaolúcháin Spearman le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo; |
(b) |
gur mó ná 0,12 méadrach tástála Kolmogorov-Smirnov le haghaidh na deisce trádála, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo; |
4. Aicmeofar deasc thrádála mar “dheasc creasa oráiste” i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
ní aicmítear an deasc thrádála mar dheasc creasa ghlais ná mar dheasc creasa dheirg; |
(b) |
rinneadh na ceanglais cistí dílse maidir leis na suíomhanna uile a sannadh don deasc thrádála sin a ríomh sa ráithe roimhe sin bunaithe ar an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
5. Deasc thrádála nach n-aicmítear mar dheasc creasa ghlais, oráiste nó dheirg, déanfar í a aicmiú mar “dheasc creasa bhuí”.
Airteagal 10
Iarmhairtí do dheasca trádála a aicmítear mar dheasca creasa bhuí, oráiste nó dheirg
1. Institiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le suíomhanna a shanntar do dheasca trádála a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg, oráiste nó bhuí i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, déanfaidh siad formhuirear caipitil a ríomh i ndáil leis na suíomhanna sin i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
k |
= |
faoi mar a shonraítear i mír 2; |
SAima |
= |
na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
IMAima |
= |
na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le punann na suíomhanna uile a shanntar do dheasca trádála ar ina leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
2. Chun críocha mhír 1, ríomhfar an chomhéifeacht k i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
SA i |
= |
na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomhtar i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna go léir a sannadh don deasc thrádála “i”; |
|
= |
innéacsanna na ndeasc trádála uile a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg, oráiste nó bhuí i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo i measc na ndeasc sin a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; |
|
= |
innéacsanna na ndeasc trádála uile a ndéantar na ceanglais cistí dílse i gcomhair priacail margaidh a ríomh ina leith i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
3. Na hinstitiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le suíomhanna a shanntar do dheasca trádála a aicmíodh mar dheasca creasa dheirg nó oráiste i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo, cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin agus na torthaí ar an gceanglas sannta brabúis agus caillteanais á dtuairisciú acu i gcomhréir le hAirteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 2013/575.
Airteagal 11
Minicíocht an mheasúnaithe ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais
Déanfaidh institiúidí measúnú ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais ar bhonn ráithiúil do na deasca trádála uile a bhfuil an cead ag na hinstitiúidí sin maidir leo, cead dá dtagraítear in Airteagal 325az(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun na ceanglais cistí dílse a ríomh ag úsáid samhlacha inmheánacha.
Airteagal 12
Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála
1. Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála bunaithe ar chomparáid idir luach deireadh lae na punainne agus, ag glacadh leis nach bhfuil athruithe ar shuíomhanna sa phunann deisce trádála, luach na punainne sin ag deireadh an lae dar gcionn.
2. Déanfaidh institiúidí na hathruithe teoiriciúla ar phunann deisce trádála a ríomh trí na teicnící céanna a úsáid, lena n-áirítear na modhanna praghsála céanna, na paraiméadrachtaí samhla agus na sonraí margaidh céanna a úsáidtear sa tsamhail tomhais priacail.
3. Ní áireofar le hathruithe teoiriciúla ar luach punainne deisce trádála ach na hathruithe ar luach na bhfachtóirí priacail uile a áirítear sa tsamhail tomhais priacail a gcuireann institiúidí na cásanna turraingí amach anseo i bhfeidhm ina leith.
Airteagal 13
Eilimintí teicniúla atá le cur san áireamh sna hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála don cheanglas sannta brabúis agus caillteanais
Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh institiúidí athruithe hipitéiseacha ar luach punainne deisce trádála i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo.
Airteagal 14
Ailíniú sonraí maidir leis na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais
1. Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí luach na sonraí ionchuir a ionadú le haghaidh fachtóir priacail ar leith a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála a ríomh le luach na sonraí ionchuir den chineál céanna don fhachtóir priacail céanna a úsáidtear chun na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála á ríomh, ar choinníoll go gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
is é is cúis le difríochtaí sna sonraí ionchuir gur ó sholáthraithe sonraí éagsúla a fhaightear na sonraí; |
(b) |
is é is cúis le difríochtaí sna sonraí ionchuir go mbaintear na sonraí ionchuir ó fhoinse na sonraí margaidh ag amanna difriúla le linn an lae gnó chéanna. |
2. Chun críocha Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, féadfaidh institiúidí luach an fhachtóra priacail a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála a ríomh le luach an fhachtóra priacail chéanna arna úsáid chun na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála a ríomh i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) |
an fachtóir priacail a úsáidtear chun na hathruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála a ríomh, ní fhreagraíonn sé go díreach do na sonraí ionchuir; |
(b) |
díorthaíodh an fachtóir priacail ó na sonraí ionchuir trí úsáid a bhaint as teicnící na gcóras luachála a úsáidtear le haghaidh na n-athruithe hipitéiseacha ar luach punainne na deisce trádála; |
(c) |
ní dhearnadh aon cheann de theicnící na gcóras luachála dá dtagraítear i bpointe (b) a atógáil sna córais luachála arna n-úsáid sa tsamhail tomhais priacail chun luach an fhachtóra priacail a dhíorthú a úsáidtear chun na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála a ríomh. |
Airteagal 15
Ceanglais doiciméadachta
1. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí ina leagfar amach conas a ríomhann siad na hathruithe teoiriciúla i gcomhréir le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 14 den Rialachán seo, ina mbeidh míniú ar an gcaoi a ríomhtar na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála le haghaidh fachtóirí priacail insamhaltaithe agus neamh-insamhaltaithe.
2. Agus na nósanna imeachta á gceapadh chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo a ailíniú, cuirfidh institiúidí an dá ní seo a leanas i bhfeidhm:
(a) |
déanfaidh siad comparáid idir na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála gan na hailínithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo agus na hathruithe teoiriciúla ar luach punainne na deisce trádála leis na hailínithe dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo, agus déanfaidh siad an chomparáid sin a dhoiciméadú; |
(b) |
déanfaidh siad measúnú ar éifeacht na n-ailínithe ar mhéadraigh na dtástálacha a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an cheanglais sannta brabúis agus caillteanais dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán seo agus déanfaidh siad an measúnú sin a dhoiciméadú. |
3. Déanfaidh institiúidí aon choigeartú, ar coigeartuithe iad a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo, ar na sonraí ionchuir le haghaidh na bhfachtóirí priacail a dhoiciméadú laistigh de ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar an bpunann deisce trádála, chomh maith leis an réasúnaíocht a bhaineann leis na coigeartuithe sin.
Airteagal 16
Na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh priacal margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí le haghaidh institiúidí a bhfuil deasca trádála acu
Institiúidí a ríomhann na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacail margaidh i gcomhréir le cur chuige malartach na samhla inmheánaí a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na suíomhanna a shanntar do chuid dá ndeasca trádála, ríomhfaidh siad na ceanglais cistí dílse i gcomhair a suíomhanna leabhair trádála uile agus a suíomhanna leabhair neamhthrádála uile lena ngintear priacail malairte eachtraí nó priacail tráchtearraí mar shuim thorthaí na bhfoirmlí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) mar a leanas:
(a) |
|
(b) |
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
|
Airteagal 17
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/60 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2060 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Meitheamh 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 325be(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leis an measúnú ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal dá dtagraítear in Airteagal 325be(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart cinneadh a dhéanamh ar an tomhas priacail iomchuí a bheidh le húsáid ag institiúidí chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh a ríomh i gcás gach fachtóra priacal atá curtha san áireamh, nó atá á gcur san áireamh, i gcur chuige malartach samhlacha inmheánacha na hinstitiúide a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart fachtóirí priacal insamhaltaithe a bheith faoi réir an tomhais priacail easnaimh ionchasaigh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus ba cheart fachtóirí priacal neamh-insamhaltaithe a bheith faoi réir an tomhais priacail maidir le cás struis, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325bk den Rialachán sin. |
(2) |
Ba cheart a chuimsiú leis an tomhas priacail easnaimh ionchasaigh dáileadh dóchúlachta fachtóirí priacal thar thréimhse stairiúil atá fada go leor, tréimhse ina bhfuil na sonraí ábhartha margaidh le haghaidh na bhfachtóirí priacal sin inbhraite. Dá bhrí sin, ba cheart fachtóir priacal a mheas mar fhachtóir priacal insamhaltaithe i gcás ina bhfuil líon leordhóthanach praghsanna infhíoraithe ar fáil, ar praghsanna infhíoraithe iad atá inbhraite agus atá ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal sin. Chun an measúnú sin a dhéanamh, ba cheart go mbeadh tréimhse bhreathnóireachta 12 mhí iomchuí, ar tréimhse í dar críoch an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin. Mar sin féin, chun aon mhoill a d’fhéadfadh a bheith ar infhaighteacht sonraí a chur san áireamh, ba cheart cead a bheith ag institiúidí tréimhse aistrithe 12 mhí a chur in ionad na tréimhse breathnóireachta 12 mhí sin. Chun inchomparáideacht cleachtas ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart aistriú den sórt sin a bheith teoranta do 1 mhí amháin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’institiúidí tréimhsí aistrithe den sórt sin a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i gcás gach fachtóra priacal den chineál céanna agus ba cheart dóibh doiciméadacht mhionsonraithe a chur ar fáil dá n-údarás inniúil a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm na dtréimhsí aistrithe sin. |
(3) |
Meastar go bhféadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis uile is gá faoi phraghsanna ag institiúidí chun measúnú a dhéanamh ar an insamhaltaitheacht óna ngníomhaíocht trádála féin. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil fachtóirí priacal insamhaltaithe, ba cheart cead a bheith ag institiúidí freisin úsáid a bhaint as faisnéis faoi phraghsanna a fhaightear ó dhíoltóirí tríú páirtí, ar choinníoll go bhfuil na praghsanna sin infhíoraithe agus go bhfuil na díoltóirí tríú páirtí sin faoi réir iniúchadh neamhspleách maidir le bailíocht na faisnéise atá acu faoi phraghsanna. |
(4) |
Is céim thábhachtach é sa mheasúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fachtóirí priacal insamhaltaithe measúnú a dhéanamh ar ionadaíochas praghsanna infhíoraithe sainaitheanta ar na fachtóirí priacal sin. Ba cheart a mheas go bhfuil praghas infhíoraithe ionadaíoch ar fhachtóir priacal institiúide i gcás inar féidir leis an institiúid luach an fhachtóra priacal a bhaint as luach an phraghais infhíoraithe trí úsáid a bhaint as modheolaíochtaí cainníochtúla a úsáidtear go coitianta. I gcás roinnt de na modheolaíochtaí sin, tá gá le sonraí ionchuir breise chun go mbeidh institiúidí in ann luach fachtóra priacal a bhaint, rud a fhágann go bhfuil sé níos casta ionadaíochas na bpraghsanna infhíoraithe a léiriú. Dá bhrí sin, na modheolaíochtaí sin, mar aon leis na sonraí ionchuir breise, i gcás ina bhfuil gá leo, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil atá doiciméadaithe go cuí agus, dá bhrí sin, cosc a chur ar institiúidí toimhdí neamhfhónta a úsáid. Mar gheall ar an easpa infhíoraitheachta agus ionadaíochais a bhaineann leo, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, níor cheart réitigh chomhthaobhacha ná luachálacha comhthaobhacha a mheas mar fhoinsí incháilithe praghsanna infhíoraithe. |
(5) |
I gcás inar pointí ar chuar, ar dhromchla nó ar chiúb iad fachtóirí priacal, ba cheart measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht na bhfachtóirí priacal sin de réir insamhaltaitheacht gach buicéid ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb sin, i ngeall ar shaintréithe comhroinnte fachtóirí priacal a bhaineann le buicéad ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht an bhuicéid sin faoi threoir na bpraghsanna infhíoraithe uile a leithdháiltear ar an mbuicéad sin agus ba cheart a mheas go bhfuil na praghsanna infhíoraithe atá ionadaíoch ar fhachtóir priacal amháin i mbuicéad áirithe ionadaíoch ar na fachtóirí priacal uile a bhaineann leis an mbuicéad céanna. Ina theannta sin, ba cheart cead a bheith ag institiúidí buicéid chaighdeánacha a roghnú, nó, i gcás ina meastar é a bheith níos iomchuí i gcás cuar, dromchla nó ciúb sonrach, buicéid mhalartacha arna bhforbairt acu féin. |
(6) |
Thairis sin, leis na critéir maidir le hinsamhaltaitheacht fachtóirí priacal, ba cheart na cásanna sin a chumhdach ina n-úsáideann institiúid feidhm pharaiméadrach chun cuar, dromchla nó ciúb a léiriú agus ina socraíonn sí na paraiméadair feidhme mar na fachtóirí priacal ina samhail tomhais priacal. Sna cásanna sin, ba cheart a shonrú sna critéir sin an chaoi ar cheart an measúnú ar insamhaltaitheacht a dhéanamh, agus sainiúlachtaí na bhfeidhmeanna paraiméadracha sin agus na bparaiméadar feidhme á gcur san áireamh. |
(7) |
Chun cabhrú leis na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht leis an Rialachán seo, is gá a shonrú an chaoi a ndéanfaidh institiúidí an ceanglas maidir le doiciméadacht ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagal 325bi(1), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh acu ar cé acu atá nó nach bhfuil fachtóir priacal insamhaltaithe. |
(8) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin. |
(9) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Critéir chun measúnú a déanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal nach mbaineann le cuar, le dromchla ná le ciúb
1. Maidir le fachtóirí priacal na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 325be(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nach mbaineann le cuar, le dromchla ná le ciúb, déanfar iad a mheasúnú mar fhachtóirí insamhaltaithe i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na critéir seo a leanas:
(a) |
thar thréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dar críoch an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún (3), comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
|
(b) |
thar an tréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dá dtagraítear i bpointe (a), tá sé sainaitheanta ag an institiúid gur ann do 100 praghas ar a laghad i gcás an fhachtóra priacal sin, ar praghsanna iad atá infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo, a bhfuil dátaí breathnóireachta ar leith ag baint leo agus a meastar iad a bheith ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal sin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo. |
2. Féadfaidh institiúid tréimhse 12 mhí dar críoch tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 (“tréimhse aistrithe”), a chur in ionad na tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach fachtóir priacal den chineál céanna leis an bhfachtóir priacal lena mbaineann; |
(b) |
cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama; |
(c) |
soláthraíonn an institiúid tuairisc mhionsonraithe don údarás inniúil maidir le cur i bhfeidhm na tréimhse aistrithe sin. |
Airteagal 2
Praghsanna infhíoraithe
1. Measfar praghas a bheith infhíoraithe i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
faightear an praghas ó idirbheart a raibh an institiúid ar cheann de na páirtithe ann agus a rinneadh ar neamhthuilleamaí; |
(b) |
faightear an praghas ó idirbheart a rinne tríú páirtithe ar neamhthuilleamaí agus atá i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 5; |
(c) |
faightear an praghas ó luachaintí iomaíocha iarbhír tairisceana agus ofrála a tugadh de mheon macánta, a chuir an institiúid féin nó tríú páirtithe ar fáil ar neamhthuilleamaí, na luachanna ar a bhfuil gealltanas tugtha ag an institiúid nó ag na tríú páirtithe idirbheart a dhéanamh i gcomhréir le gnás trádála agus atá i gcomhréir leis na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 5. |
2. D’ainneoin mhír 1, ní mheasfar praghas a bheith infhíoraithe i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
faightear an praghas ó idirbheart nó ó luachaintí tairisceana agus ofrála idir dhá eintiteas den ghrúpa céanna; |
(b) |
faightear an praghas ó idirbheart nó ó luachaintí tairisceana agus ofrála de mhéid diomaibhseach i gcomparáid leis an ngnáthmhéid idirbheart nó luachaintí a bhíonn ina léiriú ar dhálaí reatha an mhargaidh; |
(c) |
faightear an praghas ó luachaintí ina bhfuil raon difríochta idir tairiscint agus ofráil a imíonn go mór ó raoin difríochta idir tairiscint agus ofráil atá ina léiriú ar dhálaí reatha an mhargaidh; |
(d) |
faightear an praghas ó idirbheart a rinneadh d’aon toisc chun líon leordhóthanach praghsanna infhíoraithe atá i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo a shainaithint; |
(e) |
faightear an praghas ó luachaintí a bhfuil gealltanas tugtha ina dtaobh d’aon toisc chun líon leordhóthanach praghsanna infhíoraithe atá i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo a shainaithint. |
3. Beidh an dáta breathnóireachta a bhaineann le praghas infhíoraithe comhionann leis an dáta a ndearnadh an t-idirbheart nó leis an dáta ar tugadh gealltanas i dtaobh na luachaintí tairisceana agus ofrála. Déanfar na dátaí breathnóireachta a bhaineann le praghsanna infhíoraithe a thaifeadadh bunaithe ar chrios ama comhsheasmhach amháin le haghaidh gach foinse sonraí.
4. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh díoltóir tríú páirtí gnóthas a sholáthraíonn sonraí maidir le hidirbhearta nó luachaintí d’institiúidí chun críocha Airteagal 1 den Rialachán seo, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (36a), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus córais iltaobhacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (19), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).
5. Ní bhainfear úsáid as idirbheart ná as luachaintí tairisceana agus ofrála chun críocha mhír 1, pointe (b) agus pointe (c), ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
rinneadh an t-idirbheart nó na luachaintí a phróiseáil trí dhíoltóir tríú páirtí nó bhailigh díoltóir tríú páirtí iad; |
(b) |
tá sé comhaontaithe ag an díoltóir tríú páirtí nó ag an institiúid fianaise maidir leis an idirbheart nó maidir leis na luachaintí agus fianaise maidir le hinfhíoraitheacht an phraghais a fuarthas ón idirbheart sin nó ó na luachaintí sin a sholáthar d’údarás inniúil na hinstitiúide, i gcás ina n-iarrtar sin; |
(c) |
chuir an díoltóir tríú páirtí in iúl don institiúid an dáta ar breathnaíodh an t-idirbheart nó na luachaintí, agus tacar íosta faisnéise faoin idirbheart nó faoi na luachaintí chun é a chur ar a cumas don institiúid an praghas infhíoraithe a mhapáil ar na fachtóirí priacal a bhfuil an praghas sin a fuarthas ón idirbheart sin nó ó na luachaintí sin ionadaíoch orthu i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo; |
(d) |
d’fhíoraigh an institiúid go bhfuil an díoltóir tríú páirtí faoi réir iniúchadh neamhspleách, uair sa bhliain ar a laghad, ag gnóthas tríú páirtí, de réir bhrí Airteagal 325bi(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le bailíocht a fhaisnéise faoi phraghsanna, a rialachais agus a chuid próiseas, agus go bhfuil rochtain aige ar thorthaí agus ar thuarascálacha iniúchóireachta, chun go mbeidh sé in ann na torthaí agus na tuarascálacha sin a chur in iúl dá údarás inniúil, i gcás ina n-iarrtar sin. |
6. Chun críocha mhír 5, pointe (d), déanfar measúnú san iniúchadh neamhspleách ar na nithe uile seo a leanas:
(a) |
cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis is gá ag an díoltóir tríú páirtí chun a sheiceáil go bhfuil an praghas infhíoraithe agus chun an praghas infhíoraithe a mhapáil ar na fachtóirí priacal a bhfuil an praghas sin ionadaíoch orthu i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo; |
(b) |
cé acu atá nó nach bhfuil an díoltóir tríú páirtí in ann sláine na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a léiriú; |
(c) |
cé acu atá nó nach bhfuil próisis inmheánacha i bhfeidhm ag an díoltóir tríú páirtí mar aon le líon leordhóthanach foirne ag a bhfuil leibhéal scileanna atá iomchuí chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a bhainistiú; |
(d) |
cé acu atá nó nach bhfuil oibleagáid chonarthach ar an díoltóir tríú páirtí infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil i gcás nach soláthraíonn díoltóir tríú páirtí an fhaisnéis is gá don institiúid chun infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil. |
7. I gcás nach soláthraíonn díoltóir tríú páirtí an fhaisnéis is gá don institiúid chun infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil, beidh an institiúid in ann a léiriú dá húdarás inniúil go bhfuil oibleagáid chonarthach ar an díoltóir tríú páirtí infhíoraitheacht an phraghais a sheiceáil.
Airteagal 3
Ionadaíochas praghsanna infhíoraithe le haghaidh fachtóirí priacal
1. Measfar praghas infhíoraithe a bheith ionadaíoch ar fhachtóir priacal óna dháta breathnóireachta i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
tá dlúthbhaint ag an bhfachtóir priacal leis an bpraghas infhíoraithe; |
(b) |
shonraigh an institiúid modheolaíocht atá fónta ar bhonn coincheapúil chun luach an fhachtóra priacal a bhaint as luach an phraghais infhíoraithe. |
Chun críocha phointe (b), aon sonra ionchuir nó aon fhachtóir priacal a úsáidfear sa mhodheolaíocht seachas an praghas infhíoraithe, beidh sé bunaithe ar shonraí oibiachtúla.
2. Féadfar aon phraghas infhíoraithe a áireamh mar bhreathnú chun críocha Airteagal 1 i gcás gach ceann de na fachtóirí priacal a bhfuil sé ionadaíoch orthu i gcomhréir le mír 1.
3. I gcás ina n-úsáideann institiúid fachtóir priacal córasach creidmheasa nó cothromais chun gluaiseachtaí ar fud an mhargaidh a chuimsiú i leith tréithe ar leith a bhíonn ag comhthiomsú d’eisitheoirí, lena n-áirítear tír, réigiún nó earnáil na n-eisitheoirí sin, ní mheasfar praghsanna infhíoraithe ó innéacsanna margaidh ná ó ionstraimí eisitheoirí aonair a bheith ionadaíoch ar an bhfachtóir priacal córasach sin ach amháin i gcás ina bhfuil na tréithe céanna acu agus atá ag an bhfachtóir priacal córasach sin.
Airteagal 4
Critéir chun measúnú a déanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal a bhaineann le cuar, le dromchla nó le ciúb
1. Maidir le fachtóirí priacal le haghaidh na suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 325be(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bhaineann le cuar, le dromchla nó le ciúb, déanfar iad a mheasúnú mar fhachtóirí insamhaltaithe trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm san ord seo a leanas:
(a) |
i gcás gach cuair, dromchla nó ciúib, cinneann an institiúid na buicéid ábhartha fachtóirí priacal i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo; |
(b) |
cinneann an institiúid insamhaltaitheacht na mbuicéad ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) i gcomhréir le mír 2; |
(c) |
measann an institiúid gur fachtóir insamhaltaithe é aon fhachtóir priacal a bhaineann le buicéad a measadh a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le mír 2. |
2. Is é a bheidh sna critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil buicéad insamhaltaithe ceachtar díobh seo a leanas:
(a) |
thar thréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dar críoch an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451:
|
(b) |
thar an tréimhse bhreathnóireachta 12 mhí dá dtagraítear i bpointe (a), tá sé sainaitheanta ag an institiúid gur ann do 100 praghas ar a laghad i gcás an bhuicéid sin, ar praghsanna iad atá infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 den Rialachán seo, a bhfuil dátaí breathnóireachta ar leith ag baint leo agus a leithdháiltear ar an mbuicéad sin. |
3. Féadfaidh institiúid tréimhse 12 mhí dar críoch tráth nach luaithe ná mí amháin roimh an dáta tagartha maidir le tuairisciú a bhí ann roimhe sin, dáta dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 (“tréimhse aistrithe”), a chur in ionad na tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 2, i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach maidir le gach buicéad cuair, dromchla nó ciúib; |
(b) |
cuireann an institiúid an tréimhse aistrithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach le himeacht ama; |
(c) |
soláthraíonn an institiúid tuairisc mhionsonraithe dá húdarás inniúil maidir le cur i bhfeidhm na tréimhse aistrithe sin. |
4. Leithdháilfear praghas infhíoraithe ar bhuicéad i gcás ina bhfuil sé ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán seo ar fhachtóir priacal a bhaineann leis an mbuicéad sin.
5. Chun críocha mhír 4, féadfaidh institiúid aon phointe ar chuar, ar dhromchla nó ar chiúb a bhaineann leis an mbuicéad a mheas mar fhachtóir priacal, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an pointe sin ar cheann de na fachtóirí priacal a áirítear ina samhail tomhais priacal.
Airteagal 5
Cuir chuige buicéadaithe maidir le fachtóirí priacal a bhaineann le cuair, dromchlaí nó ciúbanna
1. I gcás gach cuair, dromchla nó ciúib lena mbaineann fachtóir priacal, cinnfidh institiúidí buicéid an chuair, an dromchla nó an chiúib sin trí úsáid a bhaint as na buicéid chaighdeánacha réamhshainithe dá dtagraítear i mír 2, nó as na buicéid arna sainiú ag na hinstitiúidí féin ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí sin ceanglais mhír 3.
2. Chun críocha mhír 1, is é a bheidh sna buicéid chaighdeánacha réamhshainithe an méid seo a leanas:
(a) |
na naoi mbuicéad dá dtagraítear i ró i de Thábla 1 de mhír 3 maidir le fachtóirí priacal ag a bhfuil gné aibíochta amháin, is é sin “t”, arna sloinneadh i mblianta, a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:
|
(b) |
na sé bhuicéad dá dtagraítear i ró ii de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh gach gné aibíochta “t” a bhaineann le fachtóirí priacal ag a bhfuil níos mó ná gné aibíochta amháin, arna sloinneadh i mblianta, a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:
|
(c) |
na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iii de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh gach gné aibíochta “t” a bhaineann le fachtóirí priacal ag a bhfuil gné aibíochta amháin nó níos mó, arna sloinneadh i mblianta, a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:
|
(d) |
na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh fachtóirí priacal ag a bhfuil gné airgeadúlachta amháin nó níos mó, mar a shloinntear trí úsáid a bhaint as deilte na roghanna (“δ”); |
(e) |
na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iii de Thábla 1 de mhír 3 agus na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh fachtóirí priacal a sannadh do na catagóirí leathana fachtóra priacal seo a leanas:
|
(f) |
na sé bhuicéad dá dtagraítear i ró ii de Thábla 1 de mhír 3, na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iii de Thábla 1 de mhír 3 agus na cúig bhuicéad dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 le haghaidh fachtóirí priacal a shanntar don chatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “ráta úis” agus don fhochatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “luaineacht” ag a bhfuil gné aibíochta, éaga agus airgeadúlachta. |
Chun críocha phointe (d), i gcás margaí rogha ina n-úsáidtear coinbhinsiúin eile seachas deilte na rogha chun an airgeadúlacht a shainiú, déanfaidh na hinstitiúidí na buicéid dá dtagraítear i ró iv de Thábla 1 de mhír 3 a thiontú chuig na coinbhinsiúin atá i réim sna margaí rogha sin trí úsáid a bhaint as teicnící cainníochtúla a dhíorthaítear ó shamhlacha praghsála na hinstitiúide féin, ar choinníoll go bhfuil doiciméadú maith agus athbhreithniú neamhspleách déanta ar na samhlacha praghsála sin.
3. Chun críocha mhír 2, féadfar buicéad caighdeánach a fhoroinnt ina bhuicéid níos lú.
Tábla 1
Uimh. an Bhuicéid |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
7 |
8 |
9 |
i. |
0 ≤ t < 0,75 |
0,75 ≤ t <1,5 |
1,5 ≤ t <4 |
4 ≤ t < 7 |
7 ≤ t < 12 |
12 ≤ t < 18 |
18 ≤ t < 25 |
25 ≤ t < 35 |
35 ≤ t |
ii. |
0 ≤ t <0,75 |
0,75 ≤ t < 4 |
4 ≤ t < 10 |
10 ≤ t < 18 |
18 ≤ t < 30 |
30 ≤ t |
|
|
|
iii. |
0 ≤ t < 1,5 |
1,5 ≤ t < 3,5 |
3,5 ≤ t < 7,5 |
7,5 ≤ t < 15 |
15 ≤ t |
|
|
|
|
iv. |
0 ≤ δ < 0,05 |
0,05 ≤ δ < 0,3 |
0,3 ≤ δ < 0.7 |
0,7 ≤ δ < 0,95 |
0,95 ≤ δ ≤ 1 |
|
|
|
|
4. Chun críocha mhír 1, féadfaidh institiúidí buicéid a bhunú iad féin le haghaidh cuar, dromchla nó ciúb ar leith i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
cumhdaítear an cuar, an dromchla nó an ciúb ina iomlán leis na buicéid; |
(b) |
níl aon fhorluí ann idir na buicéid; |
(c) |
tá díreach fachtóir priacal amháin i ngach buicéad ar cuid é an fachtóir priacal sin de ríomh na n-athruithe teoiriciúla ar luach na punainne ar cheann amháin de dheasca trádála na hinstitiúide chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhlíontacht leis na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais a leagtar síos in Airteagal 325bg de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. |
5. Chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal atá sa chatagóir leathan fachtóra priacal dar teideal “raon difríochta creidmheasa” agus a bhaineann le buicéad aibíochta áirithe, ní fhéadfaidh institiúid praghsanna infhíoraithe buicéid a ath-leithdháileadh ar an mbuicéad atá cóngarach dó a bhaineann le haibíochtaí níos giorra, ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a) |
níl an institiúid neamhchosanta ar aon fhachtóir priacal a bhaineann leis an mbuicéad a chomhfhreagraíonn do na haibíochtaí níos faide agus, dá bhrí sin, ní bhaineann sí úsáid as aon cheann de na fachtóirí priacal sin laistigh dá samhail bainistithe priacal; |
(b) |
ní áirítear aon phraghas infhíoraithe ach i mbuicéad aibíochta amháin; |
(c) |
ní ath-leithdháiltear aon phraghas infhíoraithe ach aon uair amháin. |
Airteagal 6
Critéir chun measúnú a déanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal lena léirítear paraiméadair feidhme cuair pharaiméadraigh, dromchla pharaiméadraigh nó ciúib pharaiméadraigh
1. Institiúidí a úsáideann feidhm pharaiméadrach amháin nó níos mó chun cuar, dromchla nó ciúb a léiriú agus a ionchorpraíonn na paraiméadair feidhme mar fhachtóirí priacal ina samhlacha inmheánacha tomhais priacal, déanfaidh siad measúnú ar insamhaltaitheacht na bparaiméadar feidhme sin trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le gach feidhm pharaiméadrach san ord seo a leanas:
(a) |
sainaithneoidh na hinstitiúidí sin an tacar pointí ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb ar baineadh úsáid astu chun an fheidhm pharaiméadrach a chalabrú; |
(b) |
cuirfidh na hinstitiúidí sin an cur chuige buicéadaithe a leagtar amach in Airteagal 5(2) i bhfeidhm amhail is gurbh iad na fachtóirí priacal atá ina samhail tomhais priacal na pointí arna sainaithint de bhun phointe (a); |
(c) |
déanfaidh na hinstitiúidí sin, i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 2 agus mír 3, measúnú ar insamhaltaitheacht na mbuicéad a thagann as cur i bhfeidhm an chur chuige buicéadaithe a leagtar amach in Airteagal 5(2), amhail is gurbh iad na fachtóirí priacal atá ina samhail tomhais priacal na pointí arna sainaithint i gcomhréir le pointe (a). |
2. Déanfar measúnú ar insamhaltaitheacht paraiméadair den fheidhm pharaiméadrach dá dtagraítear i mír 1 tríd an tacar pointí ar an gcuar, ar an dromchla nó ar an gciúb a shainaithint ar baineadh úsáid astú chun an paraiméadar feidhme sin a chalabrú. I gcás nach mbaineann na pointí arna sainaithint ach le buicéid a ndearnadh measúnú orthu mar bhuicéid insamhaltaithe de bhun mhír 1, pointe (c), déanfar an paraiméadar feidhme a mheasúnú mar pharaiméadar insamhaltaithe.
Airteagal 7
Doiciméadacht
1. Déanfaidh institiúidí gach ceann de na nithe seo a leanas a dhoiciméadú ina mbeartais inmheánacha:
(a) |
tacar na bhfachtóirí priacal agus an tuairisc a thugtar orthu ina samhail inmheánach tomhais priacal faoi réir an mheasúnaithe ar insamhaltaitheacht; |
(b) |
foinsí faisnéise faoi phraghsanna infhíoraithe a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí priacal; |
(c) |
na critéir faoina meastar praghas a bheith infhíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 2, lena n-áirítear achoimre ar an gcaoi a ndéanann an institiúid measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil méid idirbhirt nó méid luachana ar tugadh gealltanas ina taobh neamhdhiomaibhseach dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (b), agus cé acu atá nó nach bhfuil an raon difríochta idir tairiscint agus ofráil a bhaineann le luachan áirithe réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointe (c); |
(d) |
an próiseas mapála agus na critéir a úsáidtear chun ionadaíochas praghsanna infhíoraithe a chinneadh le haghaidh fachtóirí priacal dá dtagraítear in Airteagal 3, lena n-áirítear achoimre ar an modheolaíocht a shonraítear chun luach an fhachtóra priacal a bhaint as na praghsanna infhíoraithe agus aon ionchur breise a bhféadfadh gá a bheith leis le haghaidh na modheolaíochta; |
(e) |
an measúnú ar insamhaltaitheacht le haghaidh cuair pharaiméadracha, dromchlaí paraiméadracha nó ciúbanna paraiméadracha dá dtagraítear in Airteagal 6; |
(f) |
úsáid na gcur chuige buicéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, agus sonrú freisin ar cé acu a chuireann nó nach gcuireann an institiúid Airteagal 5(5) i bhfeidhm agus ar an gcaoi a gcuireann sí i bhfeidhm é; |
(g) |
úsáid na tréimhse aistrithe 12 mhí i gcomhréir le hAirteagal 1(2) nó le hAirteagal 4(3). |
2. I gcás gach fachtóra priacal, coimeádfaidh institiúidí taifead de thorthaí a measúnaithe ar insamhaltaitheacht thar bhliain amháin ar a laghad, lena n-áirítear an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1. I gcás fachtóirí priacal nach bhfuil taifead de thorthaí thar bhliain amháin ar fáil ina leith go fóill, coimeádfaidh institiúidí an taifead uasta atá ar fáil de na torthaí.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/451 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i dtaca le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 (IO L 97, 19.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(5) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/69 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2061 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 230(1) agus 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 17 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcontaetha Norfolk (11), Essex (3), Somerset (1), Lincolnshire (1) i Sasana, an Ríocht Aontaithe agus ar Oileán Leodhais (1), Albain, an Ríocht Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 6 Deireadh Fómhair 2022 agus an 12 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 10 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i Stáit Colorado (1), Kentucky (1), Michigan (2), Pennsylvania (1), South Dakota (3) agus Utah (2), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 5 Deireadh Fómhair 2022 agus an 12 Deireadh Fómhair 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(8) |
Chuir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiún maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríoch agus maidir leis na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr d’éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe. |
(9) |
Thairis sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch i ndáil le ráig amháin den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis in Birsay, Inse Orc, Albain, an Ríocht Aontaithe, ráig a deimhníodh an 6 Iúil 2022. |
(10) |
Sa bhreis air sin, chuir na Stáit Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina gcríoch i ndáil le 71 ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i mbunaíochtaí éanlaithe clóis i Stáit Colorado (1), Delaware, (2), Indiana (1), Iowa (3), Kansas (1), Maryland (3), Michigan (1), Minnesota (31), Missouri (2), North Carolina (9), North Dakota (1), Pennsylvania (11), South Dakota (1) agus Wisconsin (4), na Stáit Aontaithe, ráigeanna a deimhníodh idir an 22 Feabhra 2022 agus an 7 Meitheamh 2022. |
(11) |
Chuir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe faisnéis isteach freisin faoi na bearta a rinne siad chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go háirithe, tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach, chuir an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe beartas díothaithe chun feidhme chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, agus chuir siad na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá i gcrích tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe ar a gcríocha. |
(12) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí éanlaithe clóis díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le teacht isteach tráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas ó na criosanna sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe óna raibh teacht isteach san Aontas na dtráchtearraí éanlaithe clóis ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. |
(14) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(15) |
Le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1961 ón gCoimisiún (4), leasaíodh Cuid 2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 tríd an ró GB-2.156 a chur leis, lena sainítear crios amháin atá buailte san iontráil le haghaidh na Ríochta Aontaithe san Iarscríbhinn V sin. Toisc gur braitheadh earráid amháin, ba cheart an ró le haghaidh chrios GB-2.156 a cheartú dá réir. Ba cheart feidhm a bheith ag an gceartúcháin sin ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1961. |
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404
In Iarscríbhinn V, i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chriosanna GB-2.156
“United Kingdom |
GB-2.156 |
Near Selby, Selby, North Yorkshire, England, GB The area contained with a circle of a radius of 10 km, centred on WGS84 dec, coordinates N53,85 and W0,98.” |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2, áfach, ón 19 Deireadh Fómhair 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1961 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas (IO L 270, 18.10.2022, lch. 16).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|