ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 275

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
25 Deireadh Fómhair 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/2037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

11

 

*

Rialachán (AE) 2022/2038 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Aontais i ngeall ar staid eipidéimeolaíoch nó fogha míleata ( 1 )

14

 

*

Rialachán (AE) 2022/2039 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) – CARE

23

 

*

Rialachán (AE) 2022/2040 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a mhéid a bhaineann le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun é a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ( 1 )

30

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

33

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/2042 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i ndáil le Poblacht na Guine

48

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2043 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1755 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

50

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2044 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (Roero (STFC))

52

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2045 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Chianti Classico (STFC))

53

 

*

Rialachán (AE) 2022/2046 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a mhéid a bhaineann lena n-oiriúnú chun go gcuirfear san áireamh forálacha an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Phrótacail a ghabhann leis maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

55

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2047 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun críche táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

57

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2048 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena bhformheastar aigéad L-(+)-lachtach mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

60

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2049 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

64

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/2050 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2022 lena gceaptar comhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

70

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/2051 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

72

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/2052 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine

74

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2053 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le béilí veigeánacha, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7418)

75

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2054 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge Preventol A 12 TK 50 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7408)  ( 1 )

77

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Rialachán Uimh. 147 de chuid NA – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú comhpháirteanna cúplála meicniúla de chónaisc feithiclí talmhaíochta [2022/2055]

80

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

RIALACHÁIN

25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2036 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le láimhseáil stuamachta institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus a bhfuil straitéis réitigh ilphointí iontrála acu mar aon le modhanna le haghaidh ionstraimí a shuibscríobh go hindíreach atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), leasaíodh creat an Aontais um réiteach i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta trí leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), faoi seach. Bhí gá leis na leasuithe sin chun an bhileog idirnáisiúnta “Bileog Téarmaí an Chumais Iomláin Ionsúcháin Caillteanais (TLAC)”, arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 (“an caighdeán TLAC”) a chur chun feidhme san Aontas, le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i gcreat an Aontais mar institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIInna), agus chun cur i bhfeidhm an íoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) a fheabhsú le haghaidh gach bainc. Le creat athbhreithnithe an Aontais um réiteach banc, ba cheart a áirithiú ar bhealach níos fearr go dtarlaíonn ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliú banc trí mheáin phríobháideacha nuair nach bhfuil na bainc sin inmharthana ó thaobh airgeadais de a thuilleadh agus nuair a chuirtear faoi réiteach ansin iad.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le G-SIInna ag a bhfuil straitéis réitigh faoina bhféadfaí níos mó ná eintiteas grúpa amháin a réiteach (“straitéis réitigh ilphointí iontrála” nó “straitéis réitigh MPE”) go bhfuil na grúpaí institiúidí sin lena gceanglas bunaithe ar phriacal maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a ríomh ar an toimhde theoiriciúil nach réiteofaí ach aon eintiteas amháin den ghrúpa, agus go n-aistreofaí riachtanais chaillteanas agus athchaipitlithe aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa sin chuig an eintiteas réitigh (“straitéis réitigh an phointe iontrála aonair” nó “straitéis réitigh SPE”). Foráiltear do cheanglas comhchosúil in Airteagal 45d(4) de Threoir 2014/59/AE, maidir leis an gceanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a d’fhéadfadh údaráis réitigh a fhorchur de bhun mhír 3 den Airteagal sin. I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart a áireamh sna ríomhanna sin na heintitis tríú tír uile atá mar chuid de G-SII a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 45h(2), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE, agus i gcomhréir le caighdeán TLAC, níl suim na gceanglas iarbhír maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe atá ag G-SII ag a bhfuil straitéis réitigh MPE le bheith níos ísle ná ceanglas teoiriciúil an ghrúpa sin faoi straitéis réitigh SPE. Chun forálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ailíniú le forálacha Threoir 2014/59/AE agus chun a áirithiú leo go ngníomhaíonn na húdaráis réitigh i gcomhréir leis an Treoir sin i gcónaí agus go gcuireann siad san áireamh na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus aon cheanglas breise maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 45d de Threoir 2014/59/AE, ba cheart Airteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú agus ba cheart Airteagal 92a(3) den Rialachán sin a scriosadh. Níor cheart sin a bheith ina bhac ar na húdaráis réitigh a chinneadh gur mhíchuí nó gurbh ar neamhréir le straitéis réitigh G-SII aon choigeartú chun an difríocht a laghdú nó a mhaolú idir suim na gceanglas iarbhír maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a bhaineann le G-SII a bhfuil straitéis réitigh MPE aige, agus ceanglas teoiriciúil an ghrúpa sin faoi straitéis réitigh SPE, i gcás inarb airde suim na gceanglas iarbhír ná an ceanglas teoiriciúil. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir Airteagal 12a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Airteagal 45h(2) de Threoir 2014/59/AE, ba cheart a chur san áireamh freisin sa ríomh dá dtagraítear in Airteagal 45h(2) den Treoir sin gach eintiteas tríú tír atá mar chuid de G-SII agus ar eintitis iad a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas.

(4)

In Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar amach go bhféadfar an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh i gcás fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE agus nach eintitis réitigh iad, inter alia, trí bhíthin ionstraimí dliteanas incháilithe. I gcás na gcritéar maidir le hionstraimí dliteanas incháilithe a leagtar síos in Airteagal 72b(2), pointí (c), (k), (l) agus (m), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, áfach, glactar leis gur eintiteas réitigh é an t-eintiteas eisiúna. Ba cheart a áirithiú go bhfuil ar chumas na bhfochuideachtaí ábhartha sin ionstraimí fiachais a eisiúint lena gcomhlíonfar na critéir incháilitheachta uile, mar a bhí beartaithe ag an tús.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 72e(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le G-SII a bhfuil straitéis réitigh MPE aige, is féidir leis na húdaráis réitigh cead a thabhairt dó sealúchais áirithe de chistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann lena fhochuideachtaí nach cuid den ghrúpa réitigh céanna iad a asbhaint trí mhéid coigeartaithe, níos ísle a asbhaint, méid arna shonrú ag an údarás réitigh. Éilítear le hAirteagal 72e(4), an dara fomhír, den Rialachán sin, i gcásanna mar sin go ndéanfaí an difríocht idir an méid coigeartaithe agus an méid bunaidh a asbhaint d’acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe na bhfochuideachtaí lena mbaineann. I gcomhréir le caighdeán TLAC, ba cheart a chur san áireamh leis an gcur chuige sin, na ceanglais ar an bhfochuideachta lena mbaineann, ceanglais atá bunaithe ar phriacal agus ceanglais nach bhfuil bunaithe ar phriacal araon, maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe. Thairis sin, ba cheart an cur chuige sin a bheith infheidhme maidir leis na fochuideachtaí tríú tír uile atá mar chuid den G-SII sin, fad is go bhfuil na fochuideachtaí sin faoi réir córas réitigh atá, de réir an údaráis réitigh ábhartha san Aontas, in-fhorfheidhmithe le dlí agus a chuireann chun feidhme caighdeáin a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, go sonrach, doiciméad an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal “Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh do Bhonneagair Margaidh Airgeadais”, arna fhoilsiú i mí Dheireadh Fómhair 2011, agus caighdeán TLAC.

(6)

Leasaíodh Treoir 2014/59/AE le Treoir (AE) 2019/879 chun rialacha sonracha maidir le suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a thabhairt isteach, is iad sin cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE, laistigh de ghrúpaí réitigh. Chun na rialacha sin a chur i ngníomh agus chun a áirithiú go ndéantar an suibscríobh indíreach sin ar bhealach fónta ó thaobh na stuamachta de, tugadh sainordú don Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), faoi Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE chun dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun modhanna a shonrú maidir le hacmhainní incháilithe a shuibscríobh go hindíreach mar sin. De réir mar a thug ÚBE chun suntais ina litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 25 Eanáir 2021, áfach, bhí roinnt mhaith neamhréireanna idir na ceanglais maidir leis an tarmligean arna leagan síos i dTreoir 2014/59/AE agus na rialacha stuamachta reatha arna leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a bhí ina mbac ar chur i bhfeidhm na láimhseála stuamachta a bhí riachtanach chun an sainordú a chomhlíonadh de réir mar a bhí beartaithe ag an tús. Lena chur níos beaichte, thug ÚBE dá aire nár cumasaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a asbhaint agus, ina dhiaidh sin, ualú priacail iomchuí a chur i bhfeidhm sna cásanna uile atá ábhartha maidir leis an sainordú faoi Threoir 2014/59/AE. Rinneadh fadhbanna cosúla a shainaithint i réimse an cheanglais maidir le cóimheas luamhánaithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I bhfianaise na srianta dlíthiúla sin, ba cheart na modhanna arna bhforbairt ag ÚBE a ionchorprú go díreach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá bharr sin, ba cheart Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE a scriosadh.

(7)

I gcomhthéacs acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a bheith á suibscríobh go hindíreach ag eintitis réitigh de bhun chreat athbhreithnithe an Aontais um réiteach banc, ba cheart ceangal a chur ar eintitis idirmheánacha an sealúchas iomlán acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha arna n-eisiúint ag eintitis nach eintitis réitigh iad féin agus a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna a asbhaint. Áirithítear leis sin feidhmiú ceart na sásraí inmheánacha ionsúcháin caillteanais agus athchaipitlithe laistigh de ghrúpa agus seachnaítear leis comhaireamh dúbailte acmhainní incháilithe na n-eintiteas sin i dtaca le ICDI inmheánach ionas gur féidir leis an eintiteas idirmheánach a ICDI inmheánach féin a chomhlíonadh. Gan na hasbhaintí sin, d’fhéadfaí cur isteach ar chur chun feidhme ceart na straitéise réitigh a roghnaíodh, mar go bhféadfadh an t-eintiteas idirmheánach, ní hamháin a acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus a acmhainneacht athchaipitlithe féin a ídiú go hiomlán, ach freisin acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneancht athchaipitlithe eintiteas eile nach eintitis réitigh iad féin agus a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna, roimh an bpointe nach inmharthanach a thuilleadh é an t-eintiteas idirmheánach nó na heintitis eile sin. Chun a áirithiú go mbeidh an oibleagáid maidir le hasbhaint ailínithe le raon feidhme na n-eintiteas a d’fhéadfadh an t-eintiteas réitigh a úsáid le hacmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a shuibscríobh go hindíreach, agus chun arbatráiste rialála a sheachaint, ba cheart d’eintitis idirmheánacha a sealúchais d’acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha arna n-eisiúint ag na heintitis go léir a bhaineann leis an ngrúpa réitigh céanna agus a d’fhéadfadh a bheith faoi réir chomhlíonadh ICDI inmheánach, seachas sealúchais acmhainní arna n-eisiúint ag a bhfochuideachtaí amháin a asbhaint. Ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí céanna i gcás eisiúint indíreach acmhainní atá incháilithe chun an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh le haghaidh fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a leagtar síos in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, i gcás inarb ábhartha.

(8)

Chun a áirithiú go leanfaidh an córas asbhainte de bheith comhréireach, ba cheart d’eintitis idirmheánacha a bheith in ann an meascán ionstraimí a roghnú, ina bhfuil cistí dílse nó dliteanais incháilithe, lena gcistítear úinéireacht a fháil ar acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha. D’fhágfadh sé sin go bhféadfadh na heintitis idirmheánacha aon asbhaintí a bhaineann le cistí dílse a sheachaint go hiomlán fad is a bheadh dliteanais incháilithe leordhóthanacha eisithe acu. Ba cheart, dá bhrí sin, na hasbhaintí a fheidhmiú i dtús báire maidir le hítimí dliteanas incháilithe na n-eintiteas idirmheánach. I gcás ina gceanglaítear ar an eintiteas idirmheánach ICDI inmheánach a chomhlíonadh de bhun Threoir 2014/59/AE ar bhonn aonair, ba cheart na hasbhaintí a chur i bhfeidhm ar na dliteanais incháilithe lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 45f(2) den Treoir sin. I gcás inar airde an méid atá le hasbhaint ná méid ítimí dliteanas incháilithe na n-eintiteas idirmheánach, níor mhór an méid atá fágtha a bhaint dá n-ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1, Leibhéal Breise 1 agus Leibhéal Breise 2, ag tosú le hítimí Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 66, pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. I gcás den sórt sin, is gá na hasbhaintí lena gcomhfhreagraítear don mhéid atá fágtha a chur i bhfeidhm freisin agus cistí dílse á ríomh chun críoch na gceanglas a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Seachas sin, féadfar róshuíomh a dhéanamh ar chóimheasa sócmhainneachta na n-eintiteas idirmheánach a d’eisigh cistí dílse, seachas dliteanais incháilithe, chun éadáil acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha a chistiú. Ina theannta sin, trí láimhseáil sealúchas acmhainní ICDI inmheánacha is incháilithe a choinneáil ailínithe chun críoch stuamachta agus réitigh, seachnaítear méadú míchuí castachta, ós rud é go mbeadh institiúidí in ann leanúint d’aon sraith amháin a ríomh, a thuairisciú agus a nochtadh, de mhéid iomlán an risíochta ar phriacal agus de thomhas iomlán risíochta ar phriacal, chun críoch stuamachta agus réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 49(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir sin.

(9)

Chun comhréireacht an chórais asbhainte a fheabhsú tuilleadh, níor cheart an córas sin a bheith infheidhme sna cásanna eisceachtúla sin ina gcuirtear, de bhun Airteagal 45f(1), an tríú fomhír, agus (4) de Threoir 2014/59/AE, ICDI inmheánach i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite amháin, a mhéid a bhaineann le sealúchais acmhainní i dtaca le ICDI inmheánacha is incháilithe arna n-eisiúint ag eintitis a áirítear san imlíne chomhdhlúthaithe. Ba cheart feidhm a bheith ag an eisceacht chéanna nuair a chomhlíontar an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás fochuideachtaí ábhartha de G-SIInna neamh-AE a leagtar síos in Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn comhdhlúite, de bhun Airteagal 11(3a) den Rialachán sin.

(10)

Le suibscríobh indíreach acmhainní atá incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ba cheart a áirithiú, nuair a shroichfidh fochuideachta an pointe neamh-inmharthanachta, go gcuirfear na caillteanais ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh, agus go ndéanfaidh an t-eintiteas réitigh an fhochuideachta lena mbaineann a athchaipitliú. Dá bhrí sin, níor cheart don eintiteas idirmheánach na caillteanais sin a ionsú, mar níl san eintiteas ach bealach chun na caillteanais sin a sheoladh ar aghaidh chuig an eintiteas réitigh. Dá bharr sin, agus lena áirithiú go bhfuil toradh an tsuibscríofa indírígh coibhéiseach leis an toradh ar shuibscríobh díreach iomlán mar a beartaíodh faoin sainordú a leagtar amach in Airteagal 45f(6) de Threoir 2014/59/AE, chun críocha méid iomlán na risíochta ar phriacal an eintitis idirmheánaigh a ríomh, níor cheart ualaí riosca a chur i bhfeidhm ar na risíochtaí a asbhaintear faoin gcóras asbhainte nua atá le tabhairt isteach in Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart na risíochtaí sin a eisiamh ó ríomh thomhas risíochta ar phriacal an eintitis idirmheánaigh. An láimhseáil gan ualaí riosca a chur i bhfeidhm agus na risíochtaí sin a eisiamh ó thomhas iomlán na risíochta, ba cheart í a theorannú go docht do risíochtaí a asbhaintear i gcomhréir leis an gcóras asbhainte nua atá le tabhairt isteach in Airteagal 72e den Rialachán sin ar mhaithe leis an gcur chuige maidir le suibscríobh indíreach acmhainní i dtaca le ICDI inmheánach is incháilithe a chur i ngníomh.

(11)

Na teimpléid chun faisnéis chomhchuibhithe a nochtadh don phobal maidir le ICDI agus maidir leis an gceanglas i ndáil le cistí dílse agus dliteanais incháilithe d’fhochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún (12), ba cheart iad a leasú chun an córas asbhainte nua le haghaidh acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a léiriú. Ba cheart na teimpléid nochta a leasú freisin chun méid iomlán na risíochta ar phriacal agus tomhas iomlán na risíochta a bheadh ag eintitis idirmheánacha mura n-eisiafaí na risíochtaí arna n-asbhaint faoin gcóras asbhainte nua sin a chur san áireamh.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon an láimhseáil stuamachta ar shealúchais a dhéanann eintitis idirmheánacha ar acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach eintiteas atá sa ghrúpa réitigh céanna a chomhchuibhiú agus na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh G-SIInna agus le haghaidh fochuideachtaí ábhartha G-SIInna neamh-AE a athbhreithniú ar bhealach spriocdhírithe, agus gur fearr is féidir, mar gheall ar scála an ghnímh, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(13)

Chun measúnú cuí a dhéanamh ar iarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith i gceist le suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánacha lena n-áirítear an córas asbhainte nua, agus chun cóir chomhréireach agus cothrom na Féinne a áirithiú idir cineálacha éagsúla struchtúr grúpa baincéireachta, go háirithe institiúidí a bhfuil cuideachta oibriúcháin acu idir an chuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí, agus i gcás eintitis a bhforálann a bplean réitigh dá bhfoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta i gcás teipe, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, a luaithe is féidir, ar an gcur chun feidhme a dhéantar ar acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a bheith á suibscríobh go hindíreach ag na cineálacha éagsúla struchtúr grúpa baincéireachta a luaithe is féidir. Ba cheart don Choimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar réitigh struchtúracha a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haon saincheisteanna a shainaithnítear amhail an fhéidearthacht a mhéadú d’eintitis nach eintitis réitigh iad féin na ICDI atá acu a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite. Sa togra reachtach tionlacain a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh, ba cheart breithniú cuí a dhéanamh ar dháta chur i bhfeidhm na láimhseála tiomnaithe le haghaidh suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach, ionas gur féidir í a chur chun feidhme sula dtiocfaidh Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm. B’fhearr gur thogra tiomnaithe a bheadh i dtogra reachtach den sórt sin.

(14)

Chun a áirithiú go bhfuil dóthain ama ag na hinstitiúidí chun an láimhseáil thiomnaithe maidir le suibscríobh indíreach acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a chur chun feidhme, lena n-áirítear an córas nua asbhainte agus gur féidir leis na margaí eisiúintí breise acmhainní incháilithe i dtaca le ICDI inmheánach a iompar, i gcás inar gá, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha lena leagtar síos an láimhseáil sin an 1 Eanáir 2024, i gcomhréir leis an spriocdháta chun ICDI a chomhlíonadh.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(130a)

ciallaíonn ‘údarás ábhartha tríú tír’ údarás tríú tír mar a shonraítear in Airteagal 2(1), pointe (90), de Threoir 2014/59/AE;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12a:

“Airteagal 12a

Ríomh comhdhlúite le haghaidh G-SIInna ag a bhfuil il-eintitis réitigh

I gcás inarb eintitis réitigh nó eintitis tríú tír iad dhá eintiteas G-SII ar a laghad agus an dá eintiteas sin mar chuid den G-SII céanna, agus i gcás inarb eintitis réitigh a bheadh iontu dá mbeidís bunaithe san Aontas, ríomhfaidh máthaireintiteas AE an G-SII sin an méid cistí dílse agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 92a(1), pointe (a):

(a)

maidir le gach eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b)

maidir le máthairinstitiúid AE amhail gurbh í an t-aon eintiteas réitigh de chuid an G-SII í.

Déanfar an ríomh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír go heisiach ar bhonn chás comhdhlúite mháthairinstitiúid AE.

Gníomhóidh údaráis réitigh i gcomhréir le hAirteagail 45d(4) agus 45h(2) de Threoir 2014/59/AE.”;

(3)

in Airteagal 49(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na hasbhaintí a leagtar amach in Airteagal 72e(5).”;

(4)

in Airteagal 72b(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Chun críocha Airteagal 92b, tuigfear tagairtí freisin don eintiteas réitigh i bpointí (c), (k), (l) agus (m) den chéad fhomhír den mhír seo mar thagairtí d’institiúid ar fochuideachta ábhartha í de G-SII neamh-AE é.”;

(5)

leasaítear Airteagal 72e mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   I gcás mháthairinstitiúid AE nó máthairinstitiúid i mBallstát atá faoi réir Airteagal 92a, ag a bhfuil sealúchais dhíreacha, indíreacha nó shintéiseacha d’ionstraimí cistí dílse nó d’ionstraimí dliteanas incháilithe a bhaineann le fochuideachta amháin nó níos mó nach bhfuil sa ghrúpa réitigh céanna ina bhfuil an mháthairinstitiúid sin, féadfaidh údarás réitigh na máthairinstitiúide sin, tar éis dó barúil na n-údarás réitigh nó na n-údarás réitigh tríú tír ábhartha a mheas mar is cuí, cead a thabhairt don mháthairinstitiúid na sealúchais sin a asbhaint trí mhéid níos lú a asbhaint, méid arna shonrú ag údarás réitigh na máthairinstitiúide sin. Beidh an méid coigeartaithe sin cothrom, ar a laghad, leis an méid (m) a ríomhfar mar a leanas:

 

mi = max{0; OPi + LPi – max{0; β · [Oi + Li – max{ri · aRWAi; wi · aLREi}]}}

nuair:

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear an fhochuideachta in iúl;

OPi

=

an méid ionstraimí cistí dílse arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

LPi

=

an méid ionstraimí dliteanas incháilithe arna eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh na máthairinstitiúide;

β

=

céatadán na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe arna n-eisiúint ag fochuideachta i agus atá i seilbh an mháthaireintitis, arna ríomh mar seo a leanas:

Formula
;

Oi

=

méid chistí dílse fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

Li

=

méid dhliteanais incháilithe fhochuideachta i, gan an asbhaint arna ríomh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh;

ri

=

an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ag leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (a), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (a), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;

aRWAi

=

méid iomlán na risíochta ar phriacal an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3), agus na coigeartuithe a leagtar amach in Airteagal 12a á gcur san áireamh, nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme;

wi

=

an cóimheas is infheidhme maidir le fochuideachta i ar leibhéal a grúpa réitigh i gcomhréir le hAirteagal 92a(1), pointe (b), den Rialachán seo agus le hAirteagal 45c(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Threoir 2014/59/AE nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, ceanglas maidir le réiteach coibhéiseach is infheidhme i dtaca le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse nó ina ndliteanais incháilithe faoin Rialachán seo;

aLREi

=

tomhas iomlán risíocht an eintitis G-SII i arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 429(4) nó, i gcás fochuideachtaí tríú tír, arna ríomh i gcomhréir leis na rialacháin áitiúla is infheidhme.

I gcás ina bhfuil cead ag an máthairinstitiúid an méid coigeartaithe a asbhaint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, asbhainfidh an fhochuideachta an difríocht idir méid shealúchais na n-ionstraimí cistí dílse agus na n-ionstraimí dliteanas incháilithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an méid coigeartaithe sin.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“5.   Déanfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), de Threoir 2014/59/AE a sealúchais d’ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a asbhaint ó ítimí dliteanas incháilithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a)

tá na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe i seilbh institiúide nó eintitis nach eintiteas réitigh é féin ach ar fochuideachta d’eintiteas réitigh é nó d’eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b)

ceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 92b den Rialachán seo nó in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE a chomhlíonadh;

(c)

d’eisigh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 92b(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE nach eintiteas réitigh é féin na hionstraimí cistí dílse agus na hionstraimí dliteanas incháilithe atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) agus atá sa ghrúpa réitigh céanna leis an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní asbhainfear sealúchais ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe i gcás ina gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite agus ina n-áirítear an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcomhdhlúthú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír i gcomhréir le Cuid a hAon, Teideal II, Caibidil 2.

Chun críocha na míre seo, tuigfear an tagairt d’ítimí dliteanas incháilithe mar thagairt do cheann ar bith de na nithe seo a leanas:

(a)

ítimí dliteanas incháilithe a chuirtear san áireamh chun an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 92b a chomhlíonadh;

(b)

dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE.

Chun críocha na míre seo, tuigfear gurb ionann an tagairt d’ionstraimí cistí dílse agus d’ionstraimí dliteanas incháilithe agus tagairt do cheann ar bith díobh seo a leanas:

(a)

ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a chomhlíonann coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 92b(2) agus (3);

(b)

cistí dílse agus dliteanais lena gcomhlíontar coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE.”;

(6)

in Airteagal 92a, scriostar mír 3;

(7)

in Airteagal 113, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Chun méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal a ríomh, cuirfear ualaí priacal i bhfeidhm maidir le gach risíocht, seachas i gcás ina n-asbhaintear na risíochtaí sin de chistí dílse nó atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír, i gcomhréir le forálacha Roinn 2. Beidh cur i bhfeidhm na n-ualaí priacail bunaithe ar an aicme risíochta a bhfuil an risíocht sannta di agus, a mhéid a shonraítear i Roinn 2, ar a cáilíocht chreidmheasa. Féadfar cáilíocht chreidmheasa a chinneadh trí thagairt a dhéanamh do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna nó measúnuithe creidmheasa na ngníomhaireachtaí um chreidmheas onnmhairiúcháin i gcomhréir le Roinn 3.”;

(8)

in Airteagal 151, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Maidir le méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail le haghaidh priacal creidmheasa ar risíochtaí atá i gceann de na haicmí risíochta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointí (a) go (e) agus pointe (g), déanfar na risíochtaí sin a ríomh i gcomhréir le Foroinn 2, ach amháin i gcás ina n-asbhaintear na risíochtaí sin de chistí dílse nó atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.”;

(9)

in Airteagal 429a(1) cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(q)

na risíochtaí atá faoi réir na láimhseála a leagtar amach in Airteagal 72e(5), an chéad fhomhír.”;

(10)

i gCuid a Deich, Teideal I, Caibidil 1, Roinn 3, cuirtear an fhoroinn seo a leanas isteach:

“Foroinn 3a

Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

Airteagal 477a

Asbhaintí as ítimí dliteanas incháilithe

1.   De mhaolú ar Airteagal 72e(4) agus go dtí an 31 Nollaig 2024, féadfaidh údarás réitigh máthairinstitiúide, tar éis dó tuairim na n-údarás réitigh nó na n-údarás ábhartha tríú tír ó aon fhochuideachtaí lena mbaineann a bhreithniú go cuí, a cheadú go ndéanfar an méid coigeartaithe mi a ríomh tríd an sainmhíniú seo a leanas ar ri, agus wi a úsáid:

ri

=

an ceanglas caipitil iomlán bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcistí dílse faoin Rialachán seo;

wi

=

an ceanglas caipitil iomlán Leibhéal 1 nach bhfuil bunaithe ar phriacal is infheidhme maidir le fochuideachta i sa tríú tír ina bhfuil a ceannoifig aici, a mhéid a chomhlíontar an ceanglas sin le hionstraimí a mheasfaí a bheith ina gcaipiteal Leibhéal 1 faoin Rialachán seo.

2.   Féadfaidh an t-údarás réitigh an cead dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcás ina bhfuil an fhochuideachta bunaithe i dtríú tír nach bhfuil córas réitigh áitiúil is infheidhme i bhfeidhm aici go fóill má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

nach ann faoi láthair aon bhac ábharach, praiticiúil nó dlíthiúil ar shócmhainní a aistriú go pras ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid, nó nach síltear go dtiocfaidh bac mar sin le bheith ann;

(b)

gur thug údarás ábhartha tríú tír na fochuideachta tuairim d’údarás réitigh na máthairinstitiúide á rá go bhféadfaí sócmhainní atá comhionann leis an méid atá le hasbhaint ag an bhfochuideachta de réir Airteagal 72e(4), an dara fomhír, a aistriú ón bhfochuideachta chuig an máthairinstitiúid.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 45d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Chun críocha Airteagal 45h(2), i gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná eintiteas G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, ríomhfaidh na húdaráis réitigh ábhartha an méid dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo:

(a)

le haghaidh gach eintiteas réitigh nó eintiteas tríú tír a bheadh ina eintiteas réitigh dá mbeadh sé bunaithe san Aontas;

(b)

le haghaidh an mháthairghnóthais de chuid an Aontais amhail gurbh é an t-aon eintiteas réitigh de chuid G-SII é.”;

(2)

in Airteagal 45f, scriostar mír 6;

(3)

in Airteagal 45h, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   I gcás inar eintitis réitigh nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas iad níos mó ná G-SII amháin atá mar chuid den G-SII céanna, déanfaidh na húdaráis réitigh dá dtagraítear i mír 1 plé agus, i gcás ina bhfuil sé iomchuí agus comhsheasmhach le straitéis réitigh G-SII, comhaontóidh siad Airteagal 72e de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm mar aon le haon choigeartú a dhéanfar chun an difríocht idir suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír agus suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a íoslaghdú nó a dhíothú.

Féadfar coigeartú den chineál sin a chur i bhfeidhm faoi réir an mhéid seo a leanas:

(a)

féadfar an coigeartú a chur i bhfeidhm i dtaca leis na difríochtaí i ríomh méideanna na neamhchosanta iomláine ar riosca idir na Ballstáit nó na tríú tíortha ábhartha trí leibhéal an cheanglais a choigeartú;

(b)

ní chuirfear an coigeartú i bhfeidhm chun difríochtaí a eascraíonn as neamhchosaintí idir grúpaí réitigh a dhíothú.

Ní bheidh suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (a), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le heintitis réitigh aonair nó eintitis tríú tír a bheadh ina n-eintitis réitigh dá mbeidís bunaithe san Aontas níos lú ná suim na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 45d(4), pointe (b), den Treoir seo agus in Airteagal 12a, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;

(4)

in Airteagal 129, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchar shuibscríobh indíreach ionstraimí atá incháilithe chun an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh ar chothrom na Féinne idir cineálacha éagsúla struchtúr grúpaí baincéireachta, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil cuideachta oibriúcháin ag grúpaí idir an chuideachta shealbhaíochta a shainaithnítear mar eintiteas réitigh agus a fochuideachtaí. Déanfaidh sé measúnú ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

an deis a thabhairt d’eintitis nach eintitis réitigh iad féin an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite;

(b)

láimhseáil na n-eintiteas a bhforáiltear lena bplean réitigh go bhfuil siad le foirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta faoi na rialacha lena rialaítear an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe;

(c)

a iomchuí atá sé teorainn a chur le méid na n-asbhaintí is gá de bhun Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ina thaobh sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, agus dáta chur i bhfeidhm Airteagal 72e(5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 á chur san áireamh.”.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 2, pointí (1) agus (3), a chomhlíonadh, faoin 15 Samhain 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Rialachán seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs na bpríomhbheart den dlí náisiúnta, arna nglacadh acu sa réimse a chumhdaítear le hAirteagal 2, pointí (1) agus (3), den Rialachán seo, a chur chuig an gCoimisiún.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 14 Samhain 2022.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3), pointe (5)(b), agus pointí (7), (8) agus (9), ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 122, 17.3.2022, lch. 33.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 111.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 150, 7.6.2019, lch. 226).

(6)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n-institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghairm (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(11)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(12)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/763 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tuairisciú maoirseachta agus nochtadh poiblí an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (IO L 168, 12.5.2021, lch. 1).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/11


RIALACHÁN (AE) 2022/2037 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) chun na rialacha is nuashonraithe le haghaidh bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Leasaíodh an Rialachán sin ina dhiaidh sin le Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun bearta NAFO a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2019 agus 2020 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(2)

Ina dhiaidh sin, ag an 43ú cruinniú bliantúil dá chuid, i mí Mheán Fómhair 2021, ghlac NAFO líon áirithe cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le caomhnú a dhéanamh ar acmhainní iascaigh atá faoina cúram a mhéid a bhaineann le gabháil den chuóta “Eile” a choinneáil, cigireacht chalafoirt i dtaca le tabhairt i dtír trosc i Roinn 3M agus haileabó Graonlannach, agus forálacha treisithe maidir le faireachán, le sáruithe agus le forfheidhmiú (“Cinntí NAFO”).

(3)

Is chuig Páirtithe Conarthacha NAFO a dhírítear na cinntí sin, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith. Tar éis dóibh teacht i bhfeidhm an 2 Nollaig 2021, tá bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO (“CEManna”) ina gceangal ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO. Tá siad le hionchorprú, dá bhrí sin, i ndlí an Aontais sa mhéid is nach ndéantar foráil dóibh cheana le dlí an Aontais.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/833 a chur in oiriúint chun na CEManna nua sin a chur i bhfeidhm maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais.

(5)

Meastar go leasófar roinnt forálacha CEManna ag cruinnithe bliantúla NAFO amach anseo de bharr bearta teicniúla nua arna dtabhairt isteach i ndáil le bithmhais stoc a athrú agus de bharr athbhreithniú ar shrianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill. Dá bhrí sin, chun leasuithe den sórt sin ar CEManna a dhéanfar amach anseo a ionchorprú go tapa i ndlí an Aontais roimh thús an tséasúir iascaireachta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le beart tabhartha i dtír agus cigireachta le haghaidh haileabó Graonlannach agus i dtaca le beart rialaithe le haghaidh trosc i Roinn 3M. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/833 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/833

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 7(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

i gcás a bhfuil cosc ar iascach infheidhme (moratoria) nó i gcás gur glacadh an cuóta ‘Eile’ iomlán a osclaíodh maidir leis an stoc sin: 1 250 kg nó 5 %, cibé acu is mó, maidir leis na Páirtithe Conarthacha sin tar éis dóibh fógra a thabhairt maidir le húsáid an chuóta ‘Eile’ i gcomhréir le hAirteagal 6;”;

(2)

in Airteagal 9a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

déanfaidh gach Ballstát cigireacht ina gcalafoirt ar 50 % ar a laghad de na gabhálacha trosc ó Roinn 3M a thabharfar i dtír nó a thrasloingseofar agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a fhorordaítear in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 12 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil sin, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta sa chalafort a shainaithint agus soláthrófar sonraí maidir leis an sárú sin. Áireofar inti an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht.”;

(3)

in Airteagal 10(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

déanfaidh gach Ballstát cigireacht ina gcalafoirt ar gach gabháil haileabó Graonlannach a thabharfar i dtír, más éard atá i gcainníocht an stoic sin ar bord níos mó ná 5 % den ghabháil iomlán nó níos mó na 2 500 kg, agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a fhorordaítear in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO í, agus an Coimisiún agus EFCA i gcóip, laistigh de 14 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta sa chalafort a shainaithint agus soláthrófar sonraí maidir leis an sárú sin. Áireofar inti an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht.”;

(4)

in Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.

Déanfaidh gach Ballstát, tráth nach déanaí ná an 1 Samhain gach bliain, an fhaisnéis seo a leanas a sheoladh chuig EFCA (agus an Coimisiún i gcóip), rud a áiritheoidh go seolfar an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO:

(a)

faisnéis teagmhála an údaráis inniúil a ghníomhóidh mar an pointe teagmhála chun críche fógra a thabhairt láithreach faoi sháruithe sa Limistéar Rialála, agus faoi aon athrú ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin, tráth nach déanaí ná 15 lá sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm;

(b)

ainmneacha na gcigirí agus na gcigirí faoi oiliúint agus ainm, comhartha aitheantais raidió agus faisnéis teagmhála cumarsáide gach ardáin cigireachta a bheidh sannta aige don Scéim. Tabharfaidh sé fógra faoi athruithe ar na sonraí arna bhfógairt amhlaidh, aon uair is féidir, tráth nach déanaí ná 60 lá roimh ré.”;

(5)

in Airteagal 35(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

iascaireacht a dhéanamh le mogallmhéid neamhúdaraithe, le spás neamhúdaraithe idir barraí an ghráta nó na greille, nó gan greillí sórtála nó grátaí a úsáid, de shárú ar Airteagal 13 nó Airteagal 14;”;

(6)

leasaítear Airteagal 36 mar seo a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

áiritheoidh sé go bhfuil na smachtbhannaí is infheidhme maidir le sáruithe, agus a mhéid is féidir faoi reachtaíocht náisiúnta le haghaidh sáruithe tromchúiseacha a dhéantar arís agus arís eile, go háirithe na sáruithe a aithnítear faoi Airteagal 35(3), pointe (c)(iii) agus (iv), dian go leor chun comhlíonadh a áirithiú go héifeachtach, tuilleadh sáruithe nó athdhéanamh sáruithe a dhíspreagadh agus na cosantóirí a choinneáil ó na sochair a fhabhraíonn ón sárú.”;

(b)

i mír 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(e)

riachtanais tuairiscithe mhéadaithe nó bhreise, amhail minicíocht tuairiscithe fheabhsaithe nó sonraí breise atá le tuairisciú; agus

(f)

riachtanais faireacháin mhéadaithe nó bhreise, amhail breathnóir nó cigire a chur ar bord nó cianfhaireachán leictreonach a chuirtear isteach arna chur chun feidhme i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla ábhartha le haghaidh soithí iascaireachta a oibríonn sa Limistéar Rialála.”;

(7)

in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Seolfaidh an Ballstát faisnéis teagmhála an údaráis inniúil chuig an gCoimisiún agus gníomhóidh sé mar an pointe teagmhála chun iarrataí a fháil i gcomhréir le hAirteagal 39(5) agus chun dearbhú a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 39(6). Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO.”;

(8)

in Airteagal 50, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

nósanna imeachta i dtaca le soithí a bhfuil breis agus 50 tonna beomheáchain de ghabháil iomlán ar bord acu agus a théann isteach sa Limistéar Rialála chun iascaireacht a dhéanamh ar an haileabó Graonlannach a mhéid a bhaineann le hinneachar na bhfógraí dá bhforáiltear in Airteagal 10(2), pointí (a) agus (b), na coinníollacha chun iascaireacht a thosú dá bhforáiltear in Airteagal 10(2), pointe (d), agus forálacha maidir le tabhartha i dtír agus cigireachta a bhaineann leis an haileabó Graonlannach dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe (e);”;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(l)

bearta rialaithe le haghaidh trosc i Roinn 3M dá bhforáiltear in Airteagal 9a.”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 149.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(3)  Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) Uimh. 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 274, 30.7.2021, lch. 32).

(5)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/14


RIALACHÁN (AE) 2022/2038 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine shealadach ó na rialacha maidir le húsáid sliotán in aerfoirt an Aontais i ngeall ar staid eipidéimeolaíoch nó fogha míleata

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle (3) roinnt uaireanta ó cuireadh tús le géarchéim COVID-19 ós rud é, maidir leis an gceanglas a shocraítear leis an Rialachán sin chun 80 % den tsraith sliotán a oibriú chun an ceart chun an tsraith sliotán chéanna sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile a choinneáil ar bun, gur tháinig sé chun a bheith neamh-inbhuanaithe d’aeriompróirí i bhfianaise leibhéil aerthráchta a bhí laghdaithe go mór.

(2)

Léirítear le figiúirí a d’fhoilsigh Eurocontrol, arb é an bainisteoir líonra d’fheidhmeanna líonra aerthráchta an aerspáis Eorpaigh aonair é, go bhfuil téarnamh mór tagtha ar an aerthrácht ó thús thréimhse sceidealaithe shamhradh 2022 agus meastar go mbeidh an t-aerthrácht ag tús thréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2022/2023 thart ar 90 % de leibhéil 2019 faoin mbonnfhaisnéis. Leis na figiúirí sin tugtar bonn cirt chun an tairseach úsáide sliotán 80 % a athbhunú mar riail ghinearálta do thréimhse sceidealaithe shamhradh 2023, mar aon le maolú sonrach ar úsáid sliotán i gcás neamhúsáid sliotán a bhfuil údar maith leo.

(3)

Mar sin féin, mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tá an staid in earnáil na heitlíochta fós an-éiginnte. Mar a tharla ag deireadh 2021, is féidir le hathraithigh nua COVID-19 teacht chun cinn agus a bheith ina gcúis le freagairtí láithreacha ó údaráis náisiúnta agus ó thomhaltóirí a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar aerthrácht. Thairis sin, leanann bearta sláintíochta lena gcuirtear isteach go mór ar aerthrácht de bheith ag cur isteach go mór ar mhargaí cianaistir áirithe.

(4)

Tá tionchar ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar aerthrácht agus ar chumas aeriompróirí a gcuid sliotán a oibriú freisin ós rud é go bhfuil cosc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás na Bealarúise, na Rúise agus na hÚcráine.

(5)

Níl aon smacht ag aeriompróirí ar shrianta taistil arna bhforchur ag an Stát ar chúiseanna sláintíochta agus ar an dodhéantacht a bhaineann le dul isteach san aerspás ar limistéar cogaidh anois. Mar thoradh ar na himthosca sin, d’fhéadfadh cealú deonach nó éigeantach a gcuid aersheirbhísí nó coigeartú sceideal tarlú. Go háirithe, le cealuithe deonacha, cosnaítear sláinte airgeadais aeriompróirí agus seachnaítear, an tráth céanna, tionchar diúltach comhshaoil mar thoradh ar eitiltí nach n-oibrítear ach chun sliotáin na n-aeriompróirí a choinneáil.

(6)

Faoi na himthosca sin, maidir le haeriompróirí a mainníonn orthu a gcuid sliotán a úsáid i gcomhréir leis an ráta úsáide sliotán a leagtar amach i Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, níor cheart go gcaillfidís an tosaíocht go huathoibríoch i leith shraith na sliotán, a leagtar síos in Airteagail 8(2) agus 10(2) den Rialachán sin, ar tosaíocht í a mbainfidís leas as murach sin. Ba cheart rialacha sonracha chuige sin a bhunú leis an Rialachán seo.

(7)

Ag an am céanna, tá sé tábhachtach cuspóirí Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a mheabhrú, eadhon úsáid éifeachtúil acmhainne aerfoirt a áirithiú agus rochtain chothrom ag na haeriompróirí uile ar acmhainn aerfoirt theoranta a áirithiú agus, dá bhrí sin, iomaíocht a chur chun cinn. Ba cheart coigeartú na ngnáthcheanglas úsáide sliotán trí ráta úsáide níos ísle nó trí eisceachtaí maidir le neamhúsáid a bhfuil bonn cirt leo a bheith teoranta go docht ar chásanna ina bhfuil gá le díolúine sliotán agus níor cheart buntáistí iomaíocha éagóracha a bheith ag na haeriompróirí sin a bhfuil sliotáin stairiúla acu mar thoradh orthu.

(8)

Go háirithe, tá gá lena áirithiú go gceadófar d’aeriompróirí atá toilteanach seisbhísí a chur ar fáil gabháil d’acmhainneacht neamhúsáidte agus go mbeidh an t-ionchas acu sliotáin den sórt sin a choinneáil san fhadtéarma. Ba cheart go gcoinneodh sé sin dreasachtaí na n-aeriompróirí chun úsáid a bhaint as acmhainneacht aerfoirt, rud a rachadh chun tairbhe do thomhaltóirí i dtéarmaí nascachta.

(9)

Is gá, dá bhrí sin, i gcomhréir leis na prionsabail sin agus ar feadh tréimhse theoranta, na coinníollacha a leagan síos faoina leanfaidh aeriompróirí ar aghaidh de bheith i dteideal sraith sliotán faoi Airteagail 8(2) agus 10(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, agus ceanglais a bhunú d’aeriompróirí lena mbaineann ar mhaithe le hacmhainneacht neamhúsáidte a scaoileadh. Ba cheart don tréimhse rith ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023 i gcomhréir le réamhaisnéis téarnaimh Eurocontrol.

(10)

Le linn na tréimhse sin, ba cheart an sainmhíniú ar an téarma “iontrálaí nua” a bheith leathan i gcónaí chun líon na n-aeriompróirí atá cumhdaithe a mhéadú, agus ar an gcaoi sin an deis a thabhairt do níos mó aeriompróirí a gcuid oibríochtaí a bhunú agus a leathnú.

(11)

Ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, leis an gcóras leithroinnte sliotán, ba cheart aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí na n-aeriompróirí a rinne eitiltí a oibriú trí úsáid a bhaint as sliotáin atá ina gcuid de shraith a bhfuil aeriompróir eile ina teideal faoi Airteagail 8(2) agus 10(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, ach a cuireadh ar fáil don chomhordaitheoir sliotán le haghaidh ath-leithroinnt sealadach. Ba cheart, dá bhrí sin, tosaíocht a thabhairt d’aeriompróirí a rinne ar a laghad cúig shliotán de shraith a oibriú ci gcás leithroinnt na sraitheanna sin sa chéad tréimhse sceidealaithe coibhéisí eile, faoi réir an acmhainneacht aerfoirt atá ar fáil.

(12)

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus chun tacú le téarnamh nascachta idir an tAontas agus an Úcráin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse inar féidir le hoibreoirí brath ar an gcúis a leagtar amach in Airteagal 10(4), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 chun údar maith a thabhairt do neamhúsáid na sraithe sliotán ar na bealaí idir an tAontas agus an Úcráin.

(13)

Gan dochar d’oibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na rialacha a leagtar síos sna Conarthaí agus i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ní féidir iarmhairtí diúltacha ar chumas paisinéirí taisteal a dhéanamh de dheasca srianta féideartha arna nglacadh ag údaráis phoiblí na mBallstát nó tríú tíortha atá ag dul i ngleic le staideanna eipidéimeolaíocha, tubaistí nádúrtha nó corraíl pholaitiúil, amhail éirí amach, círéibeacha nó droch-neamhord poiblí, a chur i leith aeriompróirí agus ba cheart iad a mhaolú i gcás ina mbeadh tionchar mór ag na bearta sin ar an inmharthanacht nó ar an bhféidearthacht taistil nó ar an éileamh ar na haerbhealaí lena mbaineann. Ba cheart a áirithiú le bearta maolaithe nach ngearrfar pionós ar aeriompróirí a mainníonn orthu úsáid a bhaint as sliotáin i gcás ina bhfuil an an mhainneachtain sin mar thoradh ar shrianta den sórt sin.

(14)

Chun an baol a bhaineann le saobhadh iomaíochta a laghdú agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as acmhainneacht aerfoirt, ba cheart tréimhse agus raon feidhme teoranta a bheith le díolúine shonrach ó éifeachtaí a bheadh ag forchur na srianta sin, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfar tionchar na mbeart maolaithe a theorannú don tréimhse ina mbeidh bonn cirt leo. Ba cheart na sliotáin a chumhdaítear le bearta den sórt sin lena maolófar éifeacht na srianta a mheas a bheith á n-oibriú chun críche Rialachán (CEE) Uimh. 95/93.

(15)

Is gá a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le neamhúsáid eisceachtaí sliotán i leith aeriompróirí atá faoi réir bearta srianta arna nglacadh de bhun Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) nó Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), nó i leith aeriompróirí atá faoi réir toirmisc oibríochta laistigh den Aontas a liostaítear in Iarscríbhinn A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (5). Chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart sin a áirithiú, i bhfianaise nach féidir na forálacha i leith neamhúsáid eisceachtaí sliotán a bhfuil bonn cirt leo a agairt, ba cheart iad a chur i bhfeidhm freisin maidir le haeriompróirí is ábhar cheana féin do bhearta sriantacha den sórt sin atá i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)

Ba cheart an comhar idir comhordaitheoirí a neartú chun cur chun feidhme aonfhoirmeach Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 a áirithiú ar fud an Aontais.

(17)

Ba cheart do na comhordaitheoirí dea-chleachtais a mhalartú maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, lena n-áirítear trí Chomhlachas Comhordaitheoirí Aerfoirt na hEorpa (EUACA). Moltar do EUACA leanúint de threoir a eisiúint chun cur chun feidhme comhchuibhithe rialacha an Aontais a áirithiú, go háirithe maidir leis an bhforáil i ndáil leis na srianta a mhaolú. Thairis sin, cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an maolú i bhfeidhm, is píosa tábhachtach faisnéise é d’aeriompróirí agus a sceidil á bpleanáil acu. Dá bhrí sin, is gá cumarsáid thrédhearcach ó na comhordaitheoirí a áirithiú.

(18)

Cé gur cheart bearta lena maolófar na srianta a léirthuiscint go docht ós rud é gurb ionann iad agus eisceacht ó na gnáthcheanglais maidir le húsáid sliotán, i ndálaí áirithe ba cheart a bheith in ann gníomhaíocht choiteann a cheangal ar gach comhordaitheoir chun cothrom na Féinne a áirithiú ar fud an Aontais. Faoi choinníollacha áirithe agus bunaithe ar chinneadh d’aon toil, ba cheart do chomhordaitheoirí a bheith in ann an fhoráil sin a chur i bhfeidhm maidir leis na sliotáin go léir a choinnítear ag aerfoirt chomhordaithe.

(19)

Tá tionchar diúltach ag éiginnteacht maidir le héabhlóid géarchéimeanna éagsúla, go háirithe ar an staid san Úcráin agus ar ghéarchéim COVID-19, ar stóinseacht na réamhaisnéisí tráchta do thréimhse sceidealaithe gheimhreadh 2022/23. Dá bhrí sin, ba cheart aeriompróirí a scaoileadh, a mhéid is gá, ó na ceanglais maidir le sliotáin a oibriú chun an ceart chun na sliotáin chéanna a choinneáil sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile. Chuirfeadh sé sin ar chumas aeriompróirí soláthar seirbhísí a mhéadú nuair is féidir sin, d’fhonn na rialacha rialta maidir le hoibriú sliotán ó thréimhse sceidealaithe shamhradh 2023 a chur i bhfeidhm, faoi réir na n-oiriúnuithe sin arna ndéanamh ag an gCoimisiún in imthosca sonracha chun freagairt do dhúshláin áirithe don earnáil aeriompair.

(20)

Chun aghaidh a thabhairt ar thionchar athraitheach ghéarchéim COVID-19 nó ar staideanna eipidéimeolaíocha eile, chomh maith le tionchar tubaisteach díreach chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar an aerthrácht agus chun tacú le nascacht go dtí, nó, ón Úcráin, agus chun freagairt go solúbtha, i gcás ina bhfuil fíor-ghá agus bonn cirt leis sin, ar na dúshláin atá os comhair earnáil an aeriompair mar thoradh air sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean don Choimisiún i ndáil le luachanna céatadáin an íosráta úsáide a leasú laistigh de raon áirithe agus laistigh d’aon tréimhse sceidealaithe laistigh den tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023 i gcomhréir le réamhaisnéis téarnaimh Eurocontrol agus i ndáil le luachanna céatadáin an íosráta úsáide a leasú laistigh de raon áirithe ar na bealaí idir an tAontas agus an Úcráin agus i gcás aon tréimhse sceidealaithe ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (6). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)

Ní mór d’aerfoirt, do sholáthraithe aersheirbhísí agus d’aeriompróirí faisnéis a bheith acu maidir leis an acmhainneacht atá ar fáil chun críche pleanála leormhaithe. Ba cheart d’aeriompróirí leanúint d’aon sliotán nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid a chur ar fáil don chomhordaitheoir le haghaidh leithroinnt fhéideartha ar aeriompróirí eile a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh an dáta atá pleanáilte dá n-oibriú. I gcás ina mainníonn ar aeriompróirí an ceanglas sin a chomhlíonadh arís agus arís eile, níor cheart dóibh tairbhe a bhaint as aon ráta laghdaithe maidir le hoibriú sliotán.

(22)

I gcás ina bhfuil comhordaitheoir sásta go bhfuil deireadh curtha ag aeriompróir le hoibríochtaí ag aerfort, ba cheart don chomhordaitheoir na sliotáin a tharraingt siar ón aeriompróir i dtrácht agus iad a chur i gcomhthiomsú lena n-ath-leithroinnt ar iompróirí eile.

(23)

D’fhéadfadh blocáil gan údar ar shliotáin ag aerfoirt an Aontais a bheith mar thoradh ar an toirmeasc ar aeriompróirí eitilt isteach in aerspás an Aontais agus bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE nó toirmeasc oibríochta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 á gcur i bhfeidhm ina leith. Cé gur féidir sliotáin a d’úsáid na haeriompróirí sin a ath-leithroinnt ar bhonn ad hoc le linn na tréimhse sceidealaithe, ní leor an spreagadh sin d’úsáid éifeachtúil sliotán a chumasóidh d’aerlínte iomaíocht agus nascacht fhadtéarmach a mhéadú ar mhaithe le tomhaltóirí. Ba cheart, dá bhrí sin, na sliotáin a tharraingt siar láithreach ó na haeriompróirí lena mbaineann láithreach.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rialacha sonracha agus an díolúine ó na rialacha ginearálta maidir le húsáid sliotán ar feadh tréimhse theoranta ama a shuíomh chun éifeachtaí géarchéime eipidéimeolaíche agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine go háirithe ar aerthrácht a mhaolú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(25)

I bhfianaise na práinne atá i gceist leis na himthosca eisceachtúla a bhaineann le géarchéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine a agairt dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(26)

Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

i bpointe (ba), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, ciallóidh ‘iontrálaí nua’:”;

(b)

i bpointe (f), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

“ciallóidh ‘aeriompróir’ gnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige an 31 Eanáir ar a dhéanaí don tréimhse sceidealaithe samhraidh ina dhiaidh sin nó an 31 Lúnasa don tréimhse sceidealaithe gheimhridh dá éis sin; chun críoch Airteagail 4, 8, 8a, 10 agus 10a, áireofar freisin sa sainmhíniú ar aeriompróir oibreoirí eitlíochta gnó, nuair a oibríonn siad de réir sceidil; chun críocha Airteagail 7 agus 14, beidh gach oibreoir aerárthaí sibhialta ar áireamh sa sainmhíniú ar aeriompróir;”;

(2)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“2.   Gan dochar d’Airteagail 7, 8a ná 9, Airteagal 10(1) ná Airteagal 14, ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:”;

(b)

i mír 2a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“2a.   Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, agus faoi réir acmhainneacht a bheith ar fáil ag an aerfort, déanfar sraith sliotán a chuirfear ar ais sa chomhthiomsú sliotán i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ag deireadh na tréimhse sceidealaithe (‘an tréimhse sceidealaithe thagartha’) a leithroinnt, arna iarraidh sin, don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile, ar aeriompróir a d’oibrigh ar a laghad cúig shliotán den tsraith sin tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 10a(7) le linn na tréimhse sceidealaithe thagartha.”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6a:

“6a.   Laistigh den tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag paraiméadair chomhordaithe COVID-19 agus chun cur i bhfeidhm cuí paraiméadair chomhordaithe den sórt sin a chumasú, féadfaidh an comhordaitheoir, tar éis dó an aeriompróir lena mbaineann a éisteacht, amchlár sliotán iarrtha nó leithroinnte a thagann faoin tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023 a leasú nó iad a chur ar cheal. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh an comhordaitheoir na rialacha agus treoirlínte breise dá dtagraítear i mír 5 san áireamh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos iontu.”;

(3)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

scriostar mír 2a;

(b)

leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

(i)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le hAirteagal 9 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le bealaí a bhfuil oibleagáidí seirbhíse poiblí forchurtha ina leith de réir Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 agus ar a mbeidh, mar thoradh, fionraí shealadach ar bhealaí den saghas sin a oibriú.”;

scriostar pointe (e);

(ii)

scriostar an dara, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú fomhír;

(iii)

cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“I gcás ina ndéanfaidh tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus scriosadh bonneagair chriticiúil difear don chumas aersheirbhísí a sholáthar, chomh maith leis an éileamh ar aersheirbhísí, cuirfidh comhordaitheoirí an chéad fhomhír, pointe (a), i bhfeidhm ar na bealaí idir an tAontas agus an Úcráin ar feadh fad tréimhse dhúnadh an aerspáis nó dhúnadh an aerfoirt, cibé acu is déanaí a tharlóidh, agus ar feadh tréimhse bhreise 16 seachtaine. Cuirfidh an comhordaitheoir dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse 16 seachtaine in iúl don Choimisiún.”;

(c)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

“4a.   Ina theannta sin, le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, d’fhéadfadh údar a bheith le neamhúsáid sliotán de dheasca srianta, arna dtabhairt isteach ag na húdaráis phoiblí, a bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic le mórstaid eipidéimeolaíoch, tubaiste nádúrtha nó corraíl pholaitiúil ag ceann scríbe amháin de bhealach a raibh sé i gceist nó beartaithe an sliotán i dtrácht a oibriú, ar choinníoll go mbeadh tionchar mór ag na srianta sin ar an bhféidearthacht taistil, nó ar an éileamh ar thaisteal, agus go bhféadfadh, ar na bealaí lena mbaineann, aon cheann de na nithe seo a leanas a bheith mar thoradh ar na srianta:

(a)

an teorainn, an t-aerfort nó an t-aerspás a bheith dúnta i bpáirt nó go hiomlán le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha;

(b)

dianbhac ar chumas paisinéirí taisteal le haon iompróir ar an mbealach díreach sin le linn cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe ábhartha, mar shampla, i gcás ina mbeadh an bac nasctha le haon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

srianta taistil bunaithe ar náisiúntacht nó áit chónaithe, toirmeasc ar gach taisteal seachas taisteal bunriachtanach, nó toirmeasc ar eitiltí ó thíortha nó limistéir gheografacha áirithe nó chucu,

srianta gluaiseachta, nó bearta coraintín nó leithlisithe, laistigh den tír nó réigiún ina bhfuil aerfort an chinn scríbe lonnaithe (lena n-áirítear pointí idirmheánacha), mura féidir coraintín a sheachaint le tástáil dhiúltach, cruthúnas téarnaimh nó cruthúnas vacsaínithe arna aithint ag an Aontas,

srianta ar infhaighteacht na seirbhísí atá bunriachtanach chun tacú go díreach le hoibriú aersheirbhíse, lena n-áirítear seirbhísí fáilteachais agus seirbhísí poiblí a dhúnadh, lena n-áirítear iompar, arb é a bheidh mar thoradh orthu géarchor chun donais ar éileamh ag ceachtar de dá cheann an bhealaigh,

teorainneacha ar líon na bpaisinéirí in aghaidh na heitilte agus ar mhinicíochtaí in aghaidh an aeriompróra arb é a bheidh mar thoradh orthu géarchor chun donais ar éileamh ag ceachtar ceann den bhealach;

(c)

srianta ar ghluaiseachtaí criú aerlíne a chuireann isteach go mór ar oibriú aersheirbhísí ó aerfoirt a bhfreastalaítear orthu nó chucu, lena n-áirítear toirmisc thobann ar iontráil nó sáinniú criú gan choinne de dheasca bearta coraintín, mura féidir coraintín a sheachaint le tástáil dhiúltach, cruthúnas téarnaimh nó cruthúnas vaicsínithe arna aithint ag an Aontas.

Beidh feidhm ag an mír seo don tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag na srianta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar feadh suas le 6 seachtaine breise, faoi réir an tríú agus an ceathrú fomhír. Mar sin féin, i gcás ina scoirfidh na srianta sin d’fheidhm a bheith acu tráth nach lú ná 6 seachtaine roimh dheireadh na tréimhse sceidealaithe, ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an gcuid den tréimhse 6 seachtaine atá fágtha ach amháin i gcás ina n-úsáidfear na sliotáin don tréimhse sceidealaithe ina dhiaidh sin don bhealach céanna.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le sliotáin a úsáidtear le haghaidh bealaí ar lena n-aghaidh a úsáideadh iad roimh fhoilsiú na srianta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Scoirfidh an mhír seo d’fheidhm a bheith aici nuair a dhéanfaidh an t-aeriompróir, agus na sliotáin i dtrácht á n-úsáid aige, an bealach nach ndéanann na srianta dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear dó a athrú.

Nuair a chuireann tromlach na mBallstát, a ionadaíonn do 50 % ar a laghad de dhaonra an Aontais, srianta i bhfeidhm da dtagraítear sa chéad fhomhír, a bhfuil tionchar suntasach acu ar an bhféidearthacht taisteal nó ar an éileamh ar thaisteal agus as a leanann aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (c) den chéad fhomhír, maidir le gach comhordaitheoir, bunaithe ar chinneadh d’aon toil ó chomhordaitheoirí na n-aerfort uile go bhfuil údar maith i gcoitinne le neamhúsáid sliotán agus go bhfuil fógra tugtha don Choimisiún agus do na Ballstáit ina leith sin, féadfaidh siad an mhír seo a chur i bhfeidhm maidir leis na sliotáin uile atá ar seilbh ag na haerfoirt sin ar feadh ré na srianta atá i bhfeidhm agus ar feadh suas le 6 seachtaine breise, ar choinníoll go ndéanfaidh na srianta sin difear do líon suntasach bealaí chuig aerfort Comhphobail nó uaidh, rud a d’fhágfadh aerthrácht san Aontas neamh-inmharthana den chuid is mó nó go mbeadh míchothroime iomaíochta ann mar thoradh air..

4b.   I gcás ina mbeidh údar le neamhúsáid sliotáin de dheasca na srianta dá dtagraítear i mír 4 nó 4a, measfaidh na comhordaitheoirí gur oibríodh an sliotán laistigh den tsraith sliotán lena mbaineann.

4c.   Maidir le haeriompróirí a gcuirtear bac ar a n-oibríochtaí le bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) nó Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear iad sin atá i bhfeidhm na 26 Deireadh Fómhair 2022 agus aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas agus a liostaítear in Iarscríbhinní A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún (*1), ní bheidh siad i dteideal údar a agairt maidir le neamhúsáid sliotán faoi mhíreanna 4 ná 4a den Airteagal seo.

Mar sin féin, de mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina gceadófar d’aeriompróirí den sórt sin aerárthaí léasa fhliuch de chuid aeriompróra a oibriú nach gcuireann bearta sriantacha den sórt sin bac ar a n-oibríochtaí agus nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar oibriú den sórt sin, féadfaidh siad údar a agairt maidir le neamhúsáid sliotán faoi mhíreanna 4 agus 4a, ar choinníoll go gcomhlíonfaí na rialacha sábháilteachta is infheidhme san Aontas.

4d.   Déanfaidh comhordaitheoirí dea-chleachtas a mhalartú go rialta maidir le cur chun feidhme mhíreanna 4 agus 4a agus é a bheith d’aidhm acu cur chun feidhme comhleanúnach comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais.

Foilseoidh comhordaitheoirí liosta na gceann scríbe a bhfuil feidhm ag míreanna 4 agus 4a maidir leo agus tabharfaidh siad cothrom le dáta go rialta é.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).”;"

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   Arna iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, scrúdóidh an Coimisiún cur i bhfeidhm mhíreanna 4 agus 4a ag comhordaitheoir aerfoirt a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.”;

(4)

leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

“Airteagal 10a

Sliotáin a leithroinnt mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna áirithe”;

(b)

scriostar míreanna 1, 2 agus 4;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 25 Márta 2023 agus chun críocha Airteagail 8(2), 10(2) agus (4), agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, má léiríonn an t-aeriompróir sin go sásúil don chomhordaitheoir go ndearna sé an tsraith sliotán a leithroinneadhair a oibriú, de réir mar a rinne an comhordaitheoir é sin a imréiteach, ar feadh 75 % ar a laghad den am le linn na tréimhse sceidealaithe dár leithroinneadh í, beidh an t-aeriompróir sin i dteideal na sraithe céanna sliotán don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile.”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I gcás ina léirítear go soiléir sna sonraí a fhoilsíonn Eurocontrol gur thit aerthrácht seachtainiúil, thar thréimhse dhá sheachtain i ndiaidh a chéile„ faoi bhun 80 % de leibhéil 2019 sna seachtainí comhfhreagracha, de dheasca ghéarchéim COVID-19, staideanna eipidéimeolaíocha eile nó mar éifeacht dhíreach ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus gur dócha, ar bhonn réamhaisnéisí aerthráchta Eurocontrol, go leanfaidh an laghdú ar leibhéal an aerthráchta i gcomparáid leis an leibhéal aerthráchta sa tréimhse chomhfhreagrach in 2019, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 8(2), 10(2) agus (4) agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, laistigh de raon idir 0 % agus 70 % maidir le haon tréimhse sceidealaithe idir an 30 Deireadh Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023. Beidh an luach céatadáin a chuirfear i bhfeidhm comhréireach le leibhéal na réamhaisnéisí aerthráchta ó Eurocontrol.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar gach ceann de na gnéithe seo a leanas:

(a)

sonraí arna foilsiú ag Eurocontrol maidir le leibhéil aerthráchta agus réamhaisnéisí aerthráchta;

(b)

táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le réamháirithintí, sceidil bheartaithe na n-aerlínte, méid an fhlít, úsáid an fhlít, agus tosca ualaigh;

(c)

bearta arna ndéanamh ag údaráis phoiblí atá nasctha le géarchéim COVID-19 nó le staid eipidéimeolaíoch eile a bhfuil éifeacht shuntasach orthu ar leibhéil aerthráchta go dtí aerfoirt an Aontais nó uathu, ar athródú éigeantach de dheasca dúnadh aerspáis nó toirmeasc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás tríú tír, agus comhairle ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ina Feasachán Faisnéise Crios Coinbhleachta á cur san áireamh;

(d)

sonraí ón Lárionad Eorpach um Rialú Galar agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le COVID-19 nó staid eipidéimeolaíoch eile arb é is saintréith dó a bheith an-tógálach agus ar dócha go spreagfaidís géarchor chun donais maidir le haerthaisteal.

I bhfianaise na sceideal a bheith á n-ullmhú ag aeriompróirí roimh an tréimhse sceidealaithe, féachfaidh an Coimisiún leis na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh roimh thús na tréimhse sceidealaithe, chun ligean d’aeriompróirí a sceidil eitilte a phleanáil. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin a ghlacadh i rith na tréimhse sceidealaithe i gcás imthosca gan choinne.”;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“5a.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, de dheasca scriosadh an bhonneagair agus an tionchar ar dhálaí maireachtála mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil gá le ráta úsáide níos ísle maidir le bealaí lena bhfreastalaítear ar an Úcráin chun aerthrácht idir an Úcráin agus an tAontas a athbhunú de réir a chéile, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12a chun na luachanna céatadáin a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagail 8(2), 10(2) agus (4) agus Airteagal 14(6), an chéad fhomhír, a leasú laistigh de raon idir 0 % agus 70 % maidir le sliotáin a úsáidtear ar bhealaí chuig an Úcráin nó uaithi le haghaidh aon tréimhse sceidealaithe idir an 30 Deireadh Fómhair 2022 agus an 28 Deireadh Fómhair 2023.

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar na gnéithe seo a leanas:

(a)

sonraí a fhoilsíonn Eurocontrol maidir le leibhéil aerthráchta agus réamhaisnéisí aerthráchta idir an tAontas agus an Úcráin;

(b)

táscairí a bhaineann le héileamh ar aeriompar paisinéirí agus lastais, lena n-áirítear treochtaí maidir le réamháirithintí agus sceidil na n-aerlínte atá beartaithe;

(c)

athródú éigeantach de dheasca dúnadh aerspáis nó toirmeasc ar aeriompróirí an Aontais dul isteach in aerspás tríú tír, agus comhairle i bhFeasachán Faisnéise Crios Coinbhleachta Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh á cur san áireamh.”;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:

“6.   I gcás, de thoradh tionchar fada a bheith ag géarchéim COVID-19, staideanna eipidéimeolaíocha eile nó éifeachtaí díreacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 12b maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.

7.   Le linn tréimhse i gcás ina mbeidh feidhm ag díolúine sliotán de réir mhír 3, 5 nó 5a den Airteagal seo, cuirfidh aeriompróirí aon sliotán nach bhfuil sé beartaithe acu a úsáid, tráth nach lú ná 3 seachtaine roimh dháta na hoibríochta beartaithe, ar fáil don chomhordaitheoir chun é a ath-leithroinnt ar aeriompróirí eile. Gan dochar d’Airteagal 10(4) agus (4a), i gcás ina mainníonn ar aeriompróir níos mó ná trí shliotán i sraith a chur ar fáil don chomhordaitheoir i gcomhréir leis an mír seo, ní bheidh an t-aeriompróir sin i dteideal na sraithe iomláine sliotán sa chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile ach amháin más rud é go ndearna an t-iompróir an tsraith iomlán sliotán a oibriú nó go meastar an tsraith iomlán sliotán a bheith á n-oibriú ag an iompróir i gcomhréir le hAirteagal 10(4b), ar feadh 80 % den am ar a laghad, is cuma cé acu ar leasaíodh nó nár leasaíodh Airteagail 8(2) agus 10(2) leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear san Airteagal seo.”;

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Gan dochar do chearta achomhairc faoin dlí náisiúnta, cuirfear gearáin maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7(2), Airteagail 8, 8a agus 10, Airteagail 10a(7), 14(1) go (4) agus (6) faoi bhráid an choiste comhordúcháin. Déanfaidh an coiste, laistigh de thréimhse míosa tar éis an gearán a bheith curtha faoina bhráid, an t-ábhar a bhreithniú agus, más féidir, cuirfidh sé moltaí chuig an gcomhordaitheoir ar mhaithe leis an bhfadhb a réiteach. Más rud é nach féidir an gearán a réiteach, féadfaidh an Ballstát atá freagrach as, laistigh de thréimhse 2 mhí bhreise, a shocrú go ndéanfaidh eagraíocht ionadaíoch aeriompróirí nó eagraíocht ionadaíoch aerfort nó tríú páirtí eile idirghabháil.”;

(6)

in Airteagal 12a, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 10a a thabhairt don Choimisiún go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023.”;

(7)

in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Gan dochar d’Airteagal 10(4) agus (4a), más rud é nach féidir le haeriompróir an ráta úsáide 80 % mar atá sainmhínithe in Airteagal 8(2) a bhaint amach, féadfaidh an comhordaitheoir a chinneadh an tsraith sliotán i dtrácht a tharraingt siar ón aeriompróir sin don chuid sin den tréimhse sceidealaithe atá fágtha agus na sliotáin a chur leis an gcomhthiomsú, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann.

Gan dochar d’Airteagal 10(4) agus (4a), más rud é nár úsáideadh aon sliotán den tsraith sliotán sin tar éis tréimhse leithroinnte a fhreagraíonn do 20 % de thréimhse bhailíocht na sraithe, cuirfidh an comhordaitheoir an tsraith sliotán sin i dtrácht leis an gcomhthiomsú don tréimhse sceidealaithe atá fágtha, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann.

Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, i gcás ina gcinneann comhordaitheoir, ar bhonn faisnéise atá ar fáil dó, go bhfuil deireadh curtha ag aeriompróir lena oibríochtaí ag aerfort agus nach bhfuil sé in ann na sliotáin a leithroinneadhair a oibriú, déanfaidh an comhordaitheoir an tsraith sliotán i dtrácht a tharraingt siar ón aeriompróir sin don chuid eile den tréimhse sceidealaithe agus cuirfidh sé leis an gcomhthiomsú iad, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann.

Le linn na tréimhse ón 30 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2023, i gcás ina gcinneann comhordaitheoir, ar bhonn faisnéise atá ar fáil dó, go bhfuil aeriompróir atá faoi réir na mbeart sriantach arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, lena n-áirítear iad siúd atá i bhfeidhm an 26 Deireadh Fómhair 2022, nó go bhfuil aeriompróir atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas agus a liostaítear in Iarscríbhinn A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, nach féidir leis sliotáin a oibriú ar feadh cuid shubstaintiúil den tréimhse sceidealaithe, déanfaidh an comhordaitheoir, tar éis dó éisteacht a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann, an tsraith sliotán i dtrácht a tharraingt siar ón aeriompróir sin don chuid den tréimhse sceidealaithe atá fágtha agus cuirfidh sé an tsraith sliotán leis an gcomhthiomsú.

Mar sin féin, i gcás ina bhfuil aeriompróir faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Aontas agus ina liostaítear é in Iarscríbhinn A nó B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 474/2006, agus i gcás ina gceadaítear dó aerárthaí léasa fhliuch a oibriú, ar aerárthaí de chuid aeriompróra é nach gcuireann bearta sriantacha den sórt sin bac ar a gcuid oibríochtaí agus nach bhfuil faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an gceathrú fomhír den mhír seo maidir le sliotáin an iompróra sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na rialacha sábháilteachta is infheidhme san Aontas.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Tuairim an 22 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022.

(3)  Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún an 22 Márta 2006 lena mbunaítear liosta Comhphobail d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú laistigh den Chomhphobal dá dtagraítear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 84, 23.3.2006, lch. 14).

(6)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/23


RIALACHÁN (AE) 2022/2039 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) – CARE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh difear mór do na Ballstáit, agus do réigiúin láir agus thoir an Aontais Eorpaigh go háirithe, mar gheall ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine, tráth a bhfuil geilleagair na mBallstát fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID-19. Agus rabharta leanúnach daoine atá ar a dteitheadh ó fhogha na Rúise ag teacht isteach sna Ballstáit, tá difear á dhéanamh do mhórán Ballstát freisin mar gheall ar ghanntanas saothair, deacrachtaí sa slabhra soláthair agus praghsanna agus costais fuinnimh atá ag ardú. Mar gheall ar an méid sin, cruthaítear, ar thaobh amháin, dúshláin do bhuiséid phoiblí agus, ar an taobh eile, cuirtear moill ar chur chun feidhme infheistíochtaí. Mar gheall ar chúinsí den sórt sin, is ann do staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha dea-dhírithe, chun nach mbeidh gá le hathruithe ar uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil maidir le gealltanais agus íocaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (2), agus chun nach ndéanfar dochar do théarnamh leanúnach glas digiteach athléimneach an gheilleagair freisin.

(2)

D’fhonn an t-ualach méadaitheach ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú, le Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), rinneadh roinnt leasuithe spriocdhírithe ar Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 (4) agus (AE) Uimh. 223/2014 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáit úsáid a bhaint as leithdháiltí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) atá fágtha acu faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, agus úsáid a bhaint as acmhainní REACT-EU chun aghaidh a thabhairt, a éifeachtaí agus a luaithe is féidir, ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo.

(3)

Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), cuireadh deiseanna breise ar fáil chun acmhainní a shlógadh go tapa chun na costais bhuiséadacha láithreacha ar na Ballstáit a fhritháireamh agus chun costas aonaid a bhunú chun maoiniú bhunriachtanais agus thacaíocht na ndaoine sin atá ar a dteitheadh ó fhogha na Rúise agus a dtugtar cosaint shealadach dóibh a éascú.

(4)

Mar sin féin, ba cheart socruithe eisceachtúla breise a sholáthar do na Ballstáit chun é a chur ar a chumas dóibh díriú ar an bhfreagairt is gá ar an staid shocheacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, i bhfianaise gur leathnaíodh ionradh na Rúise, go háirithe maidir le hoibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise.

(5)

I bhfianaise an bhrú bhreise ar bhuiséid phoiblí de bharr fhogha míleata Chónaidhm na Rúise, ba cheart an tsolúbthacht maidir le húsáid CFRE agus CSE dá bhforáiltear in Airteagal 98(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 le haghaidh oibríochtaí den sórt sin a leathnú chun an Ciste Comhtháthaithe a chumhdach freisin ionas gur féidir acmhainní an Chiste sin a úsáid chun tacú le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme CFRE nó CSE i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis na Cistí sin. Thairis sin, is iomchuí na ceanglais faireacháin shimplithe a leagtar amach in Airteagal 98(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a leathnú chun na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE agus lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin imirce a chumhdach, i gcás ina ndéantar na hoibríochtaí sin a chlársceidealú in ais tosaíochta nach dtugtar aghaidh ach ar na dúshláin sin amháin léi. Thairis sin, tosaíochtaí lena gcuirtear chun cinn lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, lena n-áirítear na tosaíochtaí sin atá tiomnaithe d’oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha na Rúise is cúis leo, ba cheart an deis a thabhairt isteach go dtairbheoidh na tosaíochtaí sin de ráta cómhaoinithe suas le 100 % sa dá chlárthréimhse, chun tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhaoine easáitithe anois agus amach anseo. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart méid an chostais aonaid chun maoiniú bhunriachtanais agus thacaíocht na ndídeanaithe a mhéadú agus ba cheart síneadh a chur lena chur i bhfeidhm.

(6)

Ina theannta sin, maidir le tús a chur leis an dáta incháilitheachta an 24 Feabhra 2022 le haghaidh oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise, níor leor é sin chun a áirithiú go bhféadfaí, leis na Cistí, tacú le gach oibríocht ábhartha lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin sin. Dá bhrí sin, is iomchuí, ar bhonn eisceachtúil, roghnú oibríochtaí den sórt sin a cheadú sula bhformheastar leasú ar chlár gaolmhar agus is iomchuí incháilitheacht an chaiteachais a cheadú i gcás oibríochtaí den sórt sin atá lánchríochnaithe go fisiceach nó atá curtha chun feidhme go hiomlán, agus na solúbthachtaí sin a leathnú freisin chun oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a chumhdach, oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na hiarmhairtí ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe arb é fogha na Rúise is cúis leo. Thairis sin, agus an cistiú teoranta atá ar fáil sna réigiúin is mó atá buailte á chur san áireamh, ba cheart é a bheith indéanta tacú le hoibríochtaí den sórt sin thar theorainneacha limistéar an chláir laistigh de Bhallstát ar leith, ós rud é gur dúshlán do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais ina iomláine é an staid ina bhfuil daoine atá ar a dteitheadh ó fhogha na Rúise agus atá ag bogadh laistigh de na Ballstáit agus ó Bhallstát go chéile. Dá bhrí sin, ba cheart oibríochtaí den sórt sin a bheith incháilithe gan beann ar an áit a gcuirtear chun feidhme iad laistigh de Bhallstát ar leith, toisc nach critéar cinntitheach é suíomh na n-oibríochtaí agus aghaidh á tabhairt ar na riachtanais láithreacha.

(7)

Thairis sin, ós rud é go bhfuil ualach ard ar údaráis áitiúla agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fheidhmíonn i bpobail áitiúla maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise, ba cheart íosleibhéal tacaíochta 30 % a chur i leataobh do chomhlachtaí den sórt sin i gcomhthéacs na n-acmhainní atá á n-úsáid chun tacú le hoibríochtaí faoi raon feidhme CFRE nó CSE i gcomhréir le hAirteagal 98(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(8)

D’fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú chun na riachtanais athraitheacha agus comhlíonadh na leithdháiltí airgeadais i gclár oibríochtúil a chur san áireamh, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas faoi chlárthréimhse 2014-2020 go ndéanfaí leasú foirmiúil ar chlár i ndáil le haistrithe idir cuspóirí téamacha laistigh de thosaíocht de chuid an Chiste chéanna agus de chuid na catagóire réigiúin céanna.

(9)

Ar deireadh, chun úsáid leithdháiltí 2014-2020 a bharrfheabhsú i gcomhthéacs dhúnadh na gclár faoi chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart ardú a dhéanamh ar uasteorainn na solúbthachta idir tosaíochtaí chun iarmhéid deiridh na ranníocaíochta ó na Cistí a ríomh.

(10)

Sa chreat dlíthiúil lena rialaítear cláir faoi chlárthréimhse 2021-2027, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le solúbthachtaí áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an staid nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Arís eile, d’fhonn an t-ualach ar bhuiséid náisiúnta a mhaolú, ba cheart íocaíochtaí réamh-mhaoinithe do chláir faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a mhéadú. Thairis sin, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le heasáitiú daoine agus i bhfianaise na bhfreagairtí comhtháite atá ag teastáil ó na Ballstáit, i gcás ina dtiomnaíonn Ballstát tosaíocht faoi cheann dá chláir chomhtháthaithe 2021-2027 chun tacú le hoibríochtaí a chuireann lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír chun cinn, ba cheart go bhféadfaí ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bheith ann le haghaidh na tosaíochta sin go dtí an 30 Meitheamh 2024, ar choinníoll go ndírítear leibhéal iomchuí tacaíochta ar na húdaráis áitiúla agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fheidhmíonn i bpobail áitiúla, agus nach sáraítear, leis an méid iomlán arna chlársceidealú faoi thosaíochtaí den sórt sin i mBallstát, 5 % de leithdháileadh náisiúnta tosaigh an Bhallstáit sin ó CFRE agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) le chéile. Ní dochar an méid sin don deis atá ag na Ballstáit méideanna breise a chlársceidealú le haghaidh tosaíochtaí den sórt sin le rátaí cómhaoinithe rialta. Chomh maith leis sin, agus aon suaitheadh go dtí deireadh chlárthréimhse 2014-2020 arb é fogha míleata na Rúise is cúis leo á chur san áireamh, sa bhreis ar iarmhairtí fadtéarmacha phaindéim COVID-19 ar chur chun feidhme tionscadal agus an suaitheadh leanúnach sna slabhraí luacha, ba cheart solúbthacht bhreise a sholáthar freisin chun go bhféadfaí tacaíocht a dheonú go díreach agus oibríochtaí a thabhairt chun críche ar cuireadh tús lena gcur chun feidhme i gcomhréir le creat reachtach 2014-2020 roimh dháta an togra reachtaigh don Rialachán seo, fiú i gcás nach dtiocfadh oibríochtaí den sórt sin faoi raon feidhme an Chiste faoi chlárthréimhse 2021-2027, cé is moite de chásanna inar úsáideadh na Cistí faoi Airteagal 98(4), an chéad fhomhír agus an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Chun a áirithiú gur féidir oibríochtaí den sórt sin a shannadh do chineálacha idirghabhála, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a choigeartú dá réir sin. Le tacaíocht le haghaidh oibríochtaí den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh d’oibleagáidí na mBallstát ceanglais an dírithe théamaigh agus spriocanna rannchuidithe aeráide a chomhlíonadh.

(11)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a cruthaíodh mar gheall ar líon ard urghnách na ndaoine atá ag teacht isteach agus atá ar a dteitheadh ó fhogha míleata Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus tacú le hiarrachtaí leanúnacha na mBallstát téarnamh athléimneach an gheilleagair ó phaindéim COVID-19 a bhaint amach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) 2021/1060 a leasú dá réir.

(13)

I bhfianaise gur gá faoiseamh tapa a sholáthar do bhuiséid phoiblí d’fhonn acmhainneacht na mBallstát a chaomhnú maidir le próiseas an téarnaimh eacnamaíoch a chothú agus chun clársceidealú gasta ar chéimniú na n-oibríochtaí i gclárthréimhse 2021-2027 a chumasú, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 30, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

“6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, i gcás na gclár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe, féadfaidh an Ballstát leithdháiltí airgeadais a aistriú idir cuspóirí téamacha éagsúla laistigh den tosaíocht chéanna den Chiste céanna agus laistigh den chatagóir réigiúin den chlár céanna.

Measfar nach aistrithe substaintiúla iad aistrithe den sórt sin agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Mar sin féin, beidh na haistrithe sin i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile agus déanfaidh an coiste faireacháin iad a fhormheas roimh ré. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe.

7.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, i dtaca le ráta cómhaoinithe suas le 100 % de bhun Airteagal 120(9) a chur i bhfeidhm maidir le hais tosaíochta lena gcuirtear chun cinn lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír a bunaíodh laistigh de chlár, lena n-áirítear iad siúd atá tiomnaithe d’oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise, ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Déanfaidh an coiste faireacháin an leasú a fhormheas roimh ré. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir leis na táblaí airgeadais athbhreithnithe.”;

(2)

in Airteagal 65, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“10a.   Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hoibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo.

Ní bheidh feidhm ag mír 6 ach oiread maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEMI agus a thugann aghaidh ar iarmhairtí an fhogha sin ar earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe.

De mhaolú ar Airteagal 125(3), pointe (b), féadfar oibríochtaí den sórt sin a roghnú le haghaidh tacaíocht ó CFRE, ó CSE, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CEMI sula bhformheasfar an clár leasaithe.”;

(3)

in Airteagal 68c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Maidir le cur chun feidhme na n-oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo, féadfaidh na Ballstáit a áireamh sa chaiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht costas aonaid atá nasctha le bunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach eile dóibh faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (*1) agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle (*2). EUR 100 in aghaidh na seachtaine a bheidh sa chostas aonaid sin le haghaidh gach seachtaine iomláine nó seachtaine páirtí a chaitheann an duine sin sa Bhallstát lena mbaineann. Féadfar an costas aonaid a úsáid ar feadh 26 seachtaine ar a mhéad san iomlán, ag tosú ón dáta a thagann an duine isteach san Aontas.

(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1)."

(*2)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).”;"

(4)

in Airteagal 70(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE nó ón gCiste Comhtháthaithe agus lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo, i gcás ina gcuirtear chun feidhme iad lasmuigh de limistéar an chláir ach laistigh den Bhallstát, ní bheidh feidhm ach ag pointe (d) den chéad fhomhír.”;

(5)

in Airteagal 70, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, 2 ná 3 maidir le cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná 3 maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE, cé is moite den cheathrú fomhír de mhír 2.”;

(6)

in Airteagal 96, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

“10.   Gan dochar d’Airteagal 30(5), 30(6) agus 30(7), glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, lena bhformheastar gnéithe uile an chláir oibríochtúil, lena n-áirítear aon leasú a dhéanfar air amach anseo, a thagann faoin Airteagal seo, ach amháin na gnéithe sin a thagann faoi phointí (b)(vi), (c)(v) agus (e) den chéad fhomhír de mhír 2, faoi mhíreanna 4 agus 5, faoi phointí (a) agus (c) de mhír 6, agus faoi mhír 7, arb iad na Ballstáit a bheidh freagrach astu i gcónaí.”;

(7)

in Airteagal 98, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

(a)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

“Ina theannta sin, féadfar oibríochtaí den sórt sin a mhaoiniú freisin leis an gCiste Comhtháthaithe ar bhonn na rialacha is infheidhme maidir le CFRE nó CSE.”;

(b)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

“I gcás ina mbaineann ais tosaíochta thiomnaithe úsáid as an deis a leagtar amach sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, déanfar 30 % ar a laghad de leithdháileadh airgeadais na haise tosaíochta sin a shannadh d’oibríochtaí a bhfuil tairbhithe acu, arb údaráis áitiúla nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fheidhmíonn i bpobail áitiúla, nó an dá rud, iad. Tuairisceoidh na Ballstáit maidir le comhlíonadh an choinníll sin sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a cheanglaítear faoi Airteagal 50(1) agus faoi Airteagal 111. I gcás nach gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfar an aisíocaíocht ón gCoimisiún faoin ais tosaíochta lena mbaineann a laghdú go comhréireach chun a áirithiú go n-urramófar an coinníoll sin agus an t-iarmhéid deiridh atá le híoc leis an gclár á ríomh.”;

(c)

cuirtear an fhomhír seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“I gcás ina bhfuil gá le sonraí maidir le rannpháirtithe a thuairisciú le haghaidh oibríochtaí faoin ais tosaíochta dá dtagraítear sa tríú fomhír, beidh na sonraí sin bunaithe ar mheastacháin fheasacha agus beidh siad teoranta do líon iomlán na ndaoine a fhaigheann tacaíocht agus do líon na leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois. Beidh feidhm freisin ag na ceanglais tuairiscithe chéanna maidir le haiseanna tosaíochta eile a fhaigheann tacaíocht ó CSE, ar aiseanna tosaíochta iad nach dtacaíonn ach le hoibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise.”;

(8)

in Airteagal 120, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“9.   Féadfar ais tosaíochta ar leithligh lena gcuirtear chun cinn lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír ag a bhfuil ráta cómhaoinithe suas le 100 % a bhunú laistigh de chlár oibríochtúil. Féadfar ais tosaíochta den sórt sin a thiomnú go hiomlán d’oibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear an ais tosaíochta thiomnaithe dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 98(4).”;

(9)

in Airteagal 130(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“De mhaolú ar mhír 2, maidir leis an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI trí bhíthin íocaíochtaí an iarmhéid deiridh i leith gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh, ní rachaidh sé sin níos mó ná 15 % thar an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI le haghaidh gach tosaíochta de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún mar a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.”;

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1060

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 90(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

“Íocfar réamh-mhaoiniú breise 0,5 % in 2022 díreach tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus íocfar réamh-mhaoiniú breise 0,5 % in 2023 do chláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ nó ón gCiste Comhtháthaithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. I gcás ina nglactar clár tar éis an 31 Nollaig 2022, íocfar tráthchuid 2022 an bhliain a nglacfar é.”;

(2)

in Airteagal 90(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“5.   Déanfar an méid a íoctar mar réamh-mhaoiniú le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, cé is moite den réamh-mhaoiniú breise dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin gach bliain. Déanfar na méideanna eile ar fad a íoctar mar réamh-mhaoiniú a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh i gcomhréir le hAirteagal 100.”;

(3)

in Airteagal 112, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   I gcás ina mbunaítear tosaíocht ar leithligh laistigh de chlár chun tacú le hoibríochtaí lena gcuirtear chun cinn lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír, cuirfear ráta cómhaoinithe suas le 100 % i bhfeidhm maidir le caiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht go dtí deireadh na bliana cuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2024. Tar éis an dáta sin, beidh feidhm ag an ráta cómhaoinithe a leagtar amach sa chlár i gcomhréir leis na huasrátaí cómhaoinithe a liostaítear faoi mhíreanna 3 agus 4.

Ní rachaidh an méid iomlán arna chlársceidealú faoi thosaíochtaí den sórt sin i mBallstát thar 5 % den leithdháileadh náisiúnta tosaigh ó CFRE agus ó CSE+ le chéile.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ráta cómhaoinithe faoin 30 Meitheamh 2024.

Déanfar 30 % ar a laghad de leithdháileadh airgeadais tosaíochta ar leithligh den sórt sin a shannadh d’oibríochtaí a bhfuil tairbhithe acu, arb údaráis áitiúla nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fheidhmíonn i bpobail áitiúla iad. Tuairisceoidh na Ballstáit maidir le comhlíonadh an choinníll sin sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht a cheanglaítear faoi Airteagal 43. I gcás nach gcomhlíontar an coinníoll sin, déanfar an aisíocaíocht ón gCoimisiún faoin tosaíocht lena mbaineann a laghdú go comhréireach chun a áirithiú go n-urramófar an coinníoll sin agus an t-iarmhéid deiridh atá le híoc leis an gclár á ríomh.”;

(4)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 118a

Coinníollacha maidir le hoibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta roimh an 29 Meitheamh 2022 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013

1.   D’ainneoin Airteagal 118, maidir le hoibríocht ar mó ná EUR 1 000 000 a costas iomlán, i gcás inar roghnaíodh í le haghaidh tacaíochta agus inar cuireadh tús léi roimh an 29 Meitheamh 2022 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus faoi Rialacháin Chiste-shonracha (AE) Uimh. 1301/2013 (*3), (AE) Uimh. 1304/2013 (*4), (AE) Uimh. 1300/2013 (*5), (AE) Uimh. 1299/2013 (*6) agus (AE) Uimh. 508/2014 (*7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, measfar go mbeidh an oibríocht sin incháilithe le haghaidh tacaíocht faoin Rialachán seo agus faoi na Rialacháin Chiste-shonracha chomhfhreagracha i gclárthréimhse 2021-2027.

De mhaolú ar Airteagal 73(1) agus (2), féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh tacaíocht a dheonú go díreach d’oibríocht den sórt sin faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá dhá chéim ag an oibríocht is féidir a shainaithint ó thaobh an airgeadais de, agus rianta iniúchóireachta ar leith inti;

(b)

tá an oibríocht laistigh de na gníomhaíochtaí atá clársceidealaithe faoi chuspóir sonrach ábhartha agus tá sí inchurtha i leith cineál idirghabhála i gcomhréir le hIarscríbhinn I;

(c)

níl caiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht i ndáil leis an gcéad chéim in aon iarratas ar íocaíocht i ndáil leis an dara céim;

(d)

gabhann an Ballstát air féin an dara céim, céim arb í an chéim dheireanach í, a lánchríochnú le linn na clárthréimhse agus a dhéanamh oibríochtúil, sa tuarascáil chríochnaitheach ar chur chun feidhme, nó i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh sa tuarascáil deiridh bhliantúil ar chur chun feidhme, arna tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 141 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce arb é fogha míleata Chónaidhm na Rúise is cúis leo agus a dtacaítear leo trí úsáid a bhaint as an deis dá bhforáiltear faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír d’Airteagal 98(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 289)."

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470)."

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 281)."

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259)."

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).”;"

(5)

in Iarscríbhinn I, cuirtear na línte seo a leanas isteach ag deireadh Thábla 1:

AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA 3

Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

“Cóid eile a bhaineann le hoibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe de bhun Airteagal 118a

183

Bainistiú dramhaíola tí: líonadh talún

0  %

100  %

184

Stóráil agus tarchur leictreachais

100  %

40  %

185

Gás nádúrtha: stóráil, tarchur agus dáileadh

0  %

0  %

186

Aerfoirt

0  %

0  %

187

Infheistíocht tháirgiúil i bhfiontair mhóra atá nasctha leis an ngeilleagar ísealcharbóin

40  %

0  %”

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(3)  Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).

(5)  FRialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/30


RIALACHÁN (AE) 2022/2040 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a mhéid a bhaineann le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú chun é a oiriúnú d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Conradh Liospóin, rinneadh modhnú ar an gcreat dlíthiúil lena rialaítear na cumhachtaí a bhronnann an reachtóir ar an gCoimisiún, agus tugadh isteach idirdhealú idir na cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú (gníomhartha tarmligthe) agus cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún chun gníomhartha a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme (gníomhartha cur chun feidhme).

(2)

Le gníomhartha reachtacha a glacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, tugtar cumhachtaí don Choimisiún bearta a ghlacadh faoin nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a bunaíodh le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle (2).

(3)

Maidir le tograí a rinneadh roimhe seo i dtaobh na reachtaíochta lena dtagraítear don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin, tarraingíodh siar iad (3) mar thoradh ar an stad sa chaibidlíocht idirinstitiúideach.

(4)

Ina dhiaidh sin, i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4), tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú maidir le creat nua le haghaidh gníomhartha tarmligthe agus d’aithin siad go raibh gá leis an reachtaíocht atá ann cheana a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin. D’aontaigh siad, go háirithe, faoin ngá atá le hardtosaíocht a thabhairt d’ailíniú pras ar na bunghníomhartha uile ina dtagraítear fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Gheall an Coimisiún go n-ullmhódh sé togra le haghaidh an ailínithe sin faoi dheireadh 2016.

(5)

Leis an gcumhacht a thugtar don Choimisiún na foirmeacha caighdeánacha a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) a leasú, déantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Ós rud é go gcomhlíonann an cumhachtú sin na critéir faoi Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ba cheart é a oiriúnú don fhoráil sin.

(6)

Chun Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún ionas gur féidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(7)

Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do nósanna imeachta atá ar feitheamh ar thug an coiste a thuairim cheana ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(9)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 805/2004

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31:

“Airteagal 31

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31a chun na hIarscríbhinní a leasú chun na foirmeacha caighdeánacha a thabhairt cothrom le dáta.”;

(2)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 31a

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 31 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 26 Deireadh Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 31 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (*1).

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 31 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

(*1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;"

(3)

scriostar Airteagal 32.

Airteagal 2

Nósanna imeachta atá ar feitheamh

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do nósanna imeachta atá ar feitheamh ar thug coiste cheana féin a thuairim ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 (IO C 158, 30.4.2021, lch. 832) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 28 Meitheamh 2022 (IO C 280, 21.7.2022, lch. 14). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23).

(3)  IO C 80, 7.3.2015, lch. 17.

(4)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena gcruthaítear Ordú Forfheidhmiúcháin Eorpach d’éilimh neamhchonspóidithe (IO L 143, 30.4.2004, lch. 15).


TREORACHA

25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/33


TREOIR (AE) 2022/2041 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Deireadh Fómhair 2022

maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is iad cuspóirí an Aontais, inter alia, dea-bhail a phobal a chur chun cinn agus oibriú ar mhaithe leis an Eoraip a fhorbairt go hinbhuanaithe bunaithe ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar, agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, ardleibhéal cosanta agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a áirithiú, agus ceartas sóisialta agus comhionannas idir mná agus fir á gcur chun cinn. De bhun Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an tAontas le cur san áireamh, inter alia, ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leordhóthanach a ráthú, agus leis an gcomhrac i gcoinne an eisiata shóisialta.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 151 CFAE go bhfuil sé de chuspóir ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa (CSE), inter alia, an fhostaíocht a chur chun cinn, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsú á choimeád ar bun, cosaint chuí shóisialta a bheith ann, agus idirphlé a bheith ann idir lucht bainistíochta agus lucht saothair.

(3)

Déantar foráil in Airteagal 31 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (4) (“an Chairt”) maidir leis an gceart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre, lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit. Déantar foráil in Airteagal 27 den Chairt maidir leis an gceart atá ag oibrithe faisnéis a fháil agus comhairliúchán a dhéanamh. Déantar foráil in Airteagal 28 den Chairt maidir leis an gceart atá ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar na leibhéil iomchuí. Déantar foráil in Airteagal 23 den Chairt maidir leis an gceart chun comhionannais idir mná agus fir i ngach réimse, lena n-áirítear fostaíocht, obair agus pá.

(4)

Bunaítear in ESC go bhfuil an ceart ag na oibrithe uile chun dálaí córa oibre. Aithnítear inti an ceart atá ag na hoibrithe uile chun luach saothair cóir atá leordhóthanach le haghaidh caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Aithnítear inti freisin ról na gcomhaontuithe comhchoiteanna a chuirtear i gcrích gan bhac gan bheann agus sásraí socraithe pá íosta, chun feidhmiú éifeachtach an chirt sin a áirithiú, mar aon leis an gceart atá ag gach oibrí agus ag gach fostóir eagrú in eagraíochtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta chun a leasanna eacnamaíocha agus sóisialta a chosaint, agus an ceart chun cómhargála.

(5)

I gCaibidil II de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (“an Colún”), a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Gothenburg, bunaítear tacar prionsabal mar threoir chun dálaí córa oibre a áirithiú. Athdhearbhaítear le Prionsabal Uimh. 6 den Cholún an ceart atá ag oibrithe chun pá chóir lenar féidir caighdeán sásúil maireachtála a sholáthar. Foráiltear leis freisin go bhfuil pá íosta leordhóthanach le háirithiú, ar bhealach a fhágann go ndéanfar riachtanais an oibrí agus a theaghlaigh nó a teaghlaigh a shásamh i bhfianaise dálaí náisiúnta eacnamaíocha agus sóisialta, agus, ag an am céanna, rochtain ar fhostaíocht agus dreasachtaí chun obair a lorg á gcosaint. Ina theannta sin, meabhraítear ann go bhfuil cosc le cur ar bhochtaineacht lucht oibre agus go bhfuil an pá uile le socrú ar bhealach trédhearcach intuartha de réir cleachtais náisiúnta, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú. Foráiltear le Prionsabal Uimh. 8 den Cholún go bhfuiltear le dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta a cheapadh agus a chur chun feidhme de réir na gcleachtas náisiúnta, agus go bhfuil siad le spreagadh chun caibidlíocht a dhéanamh agus comhaontuithe cómhargála a thabhairt i gcrích maidir le hábhair atá ábhartha dóibh, agus, ag an am céanna a neamhspleáchas agus an ceart chun comhghníomhaíochat á n-urramú.

(6)

Le Treoirlíne 5 san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2020/1512 (5) ón gComhairle, iarrtar ar na Ballstáit a bhfuil sásraí náisiúnta um shocrú pá íosta reachtúil i bhfeidhm acu rannpháirtíocht éifeachtúil comhpháirtithe sóisialta i socrú pá a áirithiú, lena ndéanfar foráil maidir le pá cóir lena gcumasófar caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ísealioncaim agus meánioncaim, ar mhaithe le cóineasú aníos. Sa Treoirlíne sin iarrtar freisin ar na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chur chun cinn ar mhaithe le socrú pá. Iarrtar léi freisin ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go bhfuil pá leordhóthanach cóir ag gach oibrí a bhuí le comhaontuithe comhchoiteanna nó le pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus an tionchar atá ag an méid sin ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre a chur san áireamh, agus cleachtais náisiúnta á n-urramú. Luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2021” gur cheart do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun dálaí córa oibre a áirithiú. Thairis sin, meabhraítear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 dar teideal “Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020”, i gcomhthéacs an mhéadaithe atá ag teacht ar bhearnaí sóisialta, go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh pá cóir á shaothrú ag gach oibrí. Eisíodh moltaí tírshonracha chuig roinnt Ballstát i réimse an phá íosta agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar shocrú agus nuashonrú pá íosta.

(7)

Tairbhíonn idir oibrithe agus ghnólachtaí san Aontas, chomh maith leis an tsochaí agus an geilleagair i gcoitinne, de dhálaí maireachtála agus oibre níos fearr, lena n-áirítear trí phá íosta leordhóthanach, agus is réamhriachtanas iad chun fás cóir, cuimsitheach agus inbhuanaithe a bhaint amach. Trí aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí móra maidir le cuimsiú agus leordhóthanacht chosaint an phá íosta, rannchuidítear le feabhas a chur ar chothroime mhargadh saothair an Aontais, agus sa chaoi sin, déantar éagothromaíochtaí pá agus sóisialta a chosc agus a laghdú, agus rannchuidítear le dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus an cóineasú aníos a chur chun cinn. Ba cheart iomaíocht sa mhargadh inmheánach a bheith bunaithe ar ardchaighdeáin shóisialta, lena n-áirítear ardleibhéil cosanta d’oibrithe agus cruthú post ardcháilíochta, agus ar nuálaíocht agus feabhsuithe ar tháirgiúlacht chomh maith, agus cothroime iomaíochta á háirithiú.

(8)

Nuair a shocraítear an pá íosta ar leibhéil leordhóthanacha, mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, cosnaítear ioncam oibrithe, go háirithe oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus cuidítear le slí bheatha shásúil a áirithiú, agus teorannaítear laghduithe ioncaim le linn drochthréimhsí, mar a shaothraítear le Coinbhinsiún Uimh. 131 de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Socrú Pá Íosta (1970), arna leasú. Is féidir le pá íosta a dhéanann foráil do chaighdeán cuibhiúil maireachtála agus a shásaíonn tairseach chuibhiúlachta dá réir sin, rannchuidiú leis an mbochtaineacht a laghdú ar an leibhéal náisiúnta agus rannchuidiú le héileamh intíre agus cumhacht cheannaigh a chothú, dreasachtaí chun oibre a neartú, neamhionannais phá, an bhearna phá idir na hinscní agus bochtaineacht san obair a laghdú, agus teorainn a chur le laghduithe ioncaim le linn cúluithe eacnamaíocha.

(9)

Tá méadú tagtha ar bhochtaineacht lucht oibre san Aontas le 10 mbliana anuas agus tá níos mó oibrithe buailte ag an mbochtaineacht. Le linn cúluithe eacnamaíocha, bíonn ról an-tábhachtach ag an bpá íosta leordhóthanach i gcosaint oibrithe ar phá íseal ós rud é gur leochailí na hoibrithe sin i leith na n-iarmhairtí a bhíonn ag cúluithe den sórt sin, agus bíonn sé bunriachtanach chun tacú le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach ar cheart méadú fostaíocht ardcháilíochta a bheith mar thoradh air. Chun téarnamh inbhuanaithe a áirithiú, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rath ar ghnólachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga. I bhfianaise éifeachtaí phaindéim COVID-19, tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an phá sna hearnálacha lena ngabhann pá íseal, arb earnálacha iad ar léiríodh a ríthábhacht agus a mórluach sóisialta le linn na géarchéime.

(10)

Mná, oibrithe óga, oibrithe imirceacha, tuismitheoirí aonair, oibrithe ar bheagán oiliúna, daoine faoi mhíchumas, agus go háirithe daoine a ndéantar iliomad cineálacha idirdhealaithe orthu, is amhlaidh fós is mó an dóchúlacht go mbeidh siad ar phá iosta nó ar phá íseal i gcomparáid le grúpaí eile. I bhfianaise ró-ionadaíocht na mban i bpoist ar phá íseal, rannchuidítear, trí fheabhas a chur ar leordhóthanacht pá íosta, leis an gcomhionannas inscne, leis an mbearna phá agus phinsin idir na hinscní a dhúnadh, agus le mná agus a dteaghlaigh a thabhairt as an mbochtaineacht, agus rannchuidítear le fás eacnamaíoch inbhuanaithe san Aontas.

(11)

Tá tionchar suntasach á imirt ag an ngéarchéim arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi ar an earnáil seirbhísí, ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga, ina bhfuil sciar ard de na hoibrithe ar phá íseal agus ar phá íosta. Tá an pá íosta tábhachtach freisin, dá bhrí sin, i bhfianaise na dtreochtaí struchtúracha atá ag athmhúnlú na margaí saothair agus ina bhfuil ag méadú i gcónaí ar na sciartha arda de chineálacha oibre forbhásacha agus neamhchaighdeánacha iontu, lena n-áirítear go minic oibrithe páirtaimseartha, oibrithe séasúracha, oibrithe ardáin agus oibrithe gníomhaireachta sealadacha. Tá méadú tagtha, i mórán cásanna, ar pholarú oibre mar thoradh ar na treochtaí sin agus sciar méadaitheach gairmeacha agus earnálacha ar bheagán oiliúna agus ar bheagán pá i bhformhór na mBallstát dá bharr, agus neamhionannas pá níos airde i roinnt acu chomh maith. Tá sé níos deacra d’oibrithe a bhfuil conarthaí neamhchaighdeánacha acu comhaontuithe comhchoiteanna a eagrú agus dul i mbun caibidlíochta chun iad a bhaint amach.

(12)

Cé gurb ann do chosaint pá íosta i ngach Ballstát, i roinnt Ballstát eascraíonn an chosaint sin as forálacha reachtacha nó riaracháin agus as comhaontuithe comhchoiteanna agus i mBallstáit eile cuirtear ar fáil í go heisiach trí chomhaontuithe comhchoiteanna. Ba cheart na traidisiúin náisiúnta éagsúla sna Ballstáit a urramú.

(13)

Bíonn an chosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna maidir le slite beatha ar phá íseal leordhóthanach agus, dá bhrí sin, soláthraítear caighdeáin chuibhiúla mhaireachtála léi den chuid is mó, agus tá léirithe gur bealach éifeachtach í chun bochtaineacht lucht oibre a laghdú. I roinnt Ballstát, bíonn an pá íosta reachtúil íseal de ghnáth i gcomparáid leis an bpá eile sa gheilleagar. In 2018 bhí naoi mBallstát nár leor an pá íosta reachtúil iontu mar ioncam chun go mbainfeadh saothraí singil ar phá íosta tairseach riosca na bochtaineachta amach.

(14)

Ní dhéantar gach oibreoir san Aontas a chosaint go héifeachtach trí phá íosta, mar i roinnt Ballstát faigheann roinnt oibrithe, cé go gcumhdaítear iad, luach saothair atá níos ísle i ndáiríre ná an pá íosta reachtúil de bharr neamhchomhlíonadh na rialacha atá ann cheana. Tá tionchar ag neamhchomhlíonadh den sórt sin, go háirithe, ar mhná, ar oibrithe óga, ar oibrithe ar bheagán oiliúna, ar oibrithe imirceacha, ar thuismitheoirí aonair, ar dhaoine faoi mhíchumas, ar oibrithe a bhfuil cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta acu amhail oibrithe sealadacha agus oibrithe páirtaimseartha, agus ar oibrithe talmhaíochta agus oibrithe fáilteachais, rud a chuireann laghdú ar phá dá dheasca. Sna Ballstáit ina ndéantar foráil maidir le cosaint pá íosta i gcomhaontuithe comhchoiteanna amháin, meastar gur idir 2 % agus 55 % de na hoibrithe uile é sciar na n-oibrithe nach gcumhdaítear.

(15)

Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ceanglaítear go bhfaigheadh oibrithe faoi mhíchumas, lena n-áirítear iad siúd atá i bhfostaíocht dhídeanach, luach saothair comhionann as obair ar comhionann a luach. Tá an prionsabal sin ábhartha maidir le cosaint pá íosta freisin.

(16)

Cé go gcuidíonn cómhargáil láidir, go háirithe ar leibhéal na hearnála nó ar an leibhéal trastionscail, le cosaint pá íosta leordhóthanaigh a áirithiú, tá laghdú ag teacht ar struchtúir thraidisiúnta chómhargála le 20 nó 30 bliain anuas de bharr, inter alia, athruithe struchtúracha sa gheilleagar i dtreo earnálacha inar lú an t-eagar ceardchumainn agus laghdú ar bhallraíocht i gceardchumainn, atá mar iarmhairt go háirithe ar chleachtais chun deireadh a chur le ceardchumainn agus ar an méadú ar chineálacha oibre forbhásacha agus neamhchaighdeánacha. Ina theannta sin, cuireadh an chómhargáil ar leibhéal earnála agus trastionscail faoi bhrú i roinnt Ballstát tar éis ghéarchéim airgeadais 2008. Mar sin féin, is gné ríthábhachtach í an chómhargáil earnála agus trastionscail chun cosaint pá íosta leordhóthanaigh a bhaint amach agus is gá, dá bhrí sin, í a chur chun cinn agus a neartú.

(17)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an mbainistíocht agus leis an lucht saothair i bpróiseas dhá chéim maidir le gníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le cosaint pá íosta leordhóthanaigh san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 154 CFAE. Ní raibh aon chomhaontú ann i measc na gcomhpháirtithe sóisialta i dtaobh dul i mbun caibidlíochta maidir leis na hábhair sin. Tá sé tábhachtach, áfach, gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú, chun dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú, go háirithe leordhóthanacht pá íosta, agus torthaí chomhairliúchán na gcomhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh.

(18)

D’fhonn dálaí maireachtála agus oibre mar aon le cóineasú sóisialta aníos san Aontas a fheabhsú, bunaítear leis an Treoir seo ceanglais íosta ar leibhéal an Aontais agus leagtar amach oibleagáidí nós imeachta maidir le leordhóthanacht pá íosta reachtúil, agus cuirtear le rochtain éifeachtach oibrithe ar chosaint pá íosta, i bhfoirm pá íosta reachtúil i gcás inarb ann dó, nó dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna mar a shainmhínítear chun críocha na Treorach seo. Déantar cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn sa Treoir seo freisin.

(19)

I gcomhréir le hAirteagal 153(5) CFAE, níl sé d’aidhm ag an Treoir seo leibhéal an phá íosta ar fud an Aontais a chomhchuibhiú ná níl sé d’aidhm aici sásra aonfhoirmeach maidir le socrú pá íosta a bhunú. Ní chuireann sé isteach ar shaoirse na mBallstát pá íosta reachtúil a shocrú ná rochtain ar chosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, i gcomhréir leis an dlí agus cleachtas náisiúnta agus le sainiúlachtaí gach Ballstáit agus lánurraim á tabhairt d’inniúlachtaí náisiúnta agus do cheart na gcomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe a thabhairt i gcrích. Maidir leis na Ballstáit ina n-áirithítear foirmiú pá go heisiach trí bhíthin comhaontuithe comhchoiteanna, ní fhorchuirtear oibleagáid orthu leis an Treoir seo pá íosta reachtúil a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a dhearbhú a bheith infheidhme go huilíoch, agus níor cheart í a fhorléiriú mar sin. Thairis sin, ní bhunaítear leis an Treoir seo leibhéal an phá, a thagann faoi cheart na gcomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe a thabhairt i gcrích ar an leibhéal náisiúnta agus faoi inniúlacht ábhartha na mBallstát.

(20)

Cuirtear san áireamh sa Treoir seo, i gcomhréir le Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí EIS (2006) (6), arna leasú, go bhfuil na Ballstáit a dhaingnigh an Coinbhinsiún sin, tar éis dóibh dul i gcomhairle le heagraíochtaí ionadaíocha longúinéirí agus maraithe, le nósanna imeachta a bhunú chun pá íosta do mharaithe a chinneadh. Tá eagraíochtaí ionadaíocha longúinéirí agus maraithe le páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta sin. I bhfianaise a gcineáil shonraigh, níor cheart gníomhartha na mBallstát a eascraíonn as na nósanna imeachta sin a bheith faoi réir na rialacha maidir le pá íosta reachtúil a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir seo. Níor cheart do ghníomhartha den sórt sin cur isteach ar chómhargáil shaor idir longúinéirí nó a n-eagraíochtaí agus eagraíochtaí maraithe.

(21)

Agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) á chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hoibrithe ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear sa dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus na critéir arna mbunú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) maidir le stádas oibrí a chinneadh á gcur san áireamh. Maidir le hoibrithe san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon, chomh maith le hoibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe, printísigh agus oibrithe neamhchaighdeánacha eile, chomh maith le hoibrithe féinfhostaithe bréagacha agus oibrithe neamhdhearbhaithe, d’fhéadfaidís, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Daoine ar fíor go bhfuil siad féinfhostaithe, ní thagann siad faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo ós rud é nach gcomhlíonann siad na critéir sin. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í drochúsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhíonn baint ag obair neamhdhearbhaithe léi. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint. Ba cheart go dtiocfadh na daoine sin faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dhéanann na páirtithe ar an gcaidreamh.

(22)

Is modh tábhachtach í an chómhargáil dhea-fheidhmiúil maidir le socrú pá chun a áirithiú go gcosnaítear oibrithe le pá íosta leordhóthanach, a fhágann, dá bhrí sin, gur féidir leo caighdeán cuibhiúil maireachtála a bheith acu. Sna Ballstát ina bhfuil pá íosta reachtúil, tacaíonn an chómhargáil le forbairtí ginearálta pá agus mar sin cuidíonn sí le leordhóthanacht an phá íosta, agus le dálaí maireachtála agus oibre, a fheabhsú. Sna Ballstáit ina soláthraítear cosaint pá íosta tríd an gcómhargáil amháin, is le feidhmiú an chórais cómhargála agus an chumhdaigh cómhargála go díreach a chinntear a leibhéal agus sciar na n-oibrithe a chosnaítear. Is le cómhargáil láidir dhea-fheidhmiúil in éineacht le cumhdach ard ar chomhaontuithe comhchoiteanna earnála nó trastionscail a neartaítear leordhóthanacht agus cumhdach an phá íosta.

(23)

Téann cosaint pá íosta trí chomhaontuithe comhchoiteanna chun tairbhe d’oibrithe, d’fhostóirí agus do ghnólachtaí chomh maith. Ní ann do phá íosta reachtúil i roinnt Ballstát. Sna Ballstáit sin, déantar foráil maidir le pá, lena n-áirítear cosaint pá íosta, go heisiach trí chómhargáil idir na comhpháirtithe sóisialta. Tá an meánphá sna Ballstáit sin i measc an mheánphá is airde san Aontas. Is saintréith de na córais sin cumhdach cómhargála an-ard chomh maith le leibhéil arda chleamhnachta leis na cumainn agus ceardchumainn fostóirí araon. Maidir le pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontú comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch gan aon rogha a bheith ag an údarás dearbhaithe maidir le hinneachar na bhforálacha is infheidhme, níor cheart a mheas gur pá íosta reachtúil é.

(24)

I gcomhthéacs lagú ar chumhdach cómhargála, tá sé ríthábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit an chómhargáil chun cinn agus, go n-éascóidís feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá agus, ar an gcaoi sin, go gcuirfidís feabhas ar an socrú pá dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna chun cosaint pá íosta oibrithe a fheabhsú. Tá Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiún Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949) daingnithe ag na Ballstáit. Aithnítear an ceart chun cómhargála faoi na Coinbhinsiúin EIS sin, faoi Choinbhinsiún Uimh. 151 EIS 1978 maidir le Caidreamh Oibreachais (Seirbhísí Poiblí) (1978), agus Coinbhinsiún Uimh. 154 EIS maidir le Cómhargáil (1981), agus faoin gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus faoi CSE freisin. Le hAirteagail 12 agus 28 den Chairt, ráthaítear saoirse comhthionóil agus comhlachais agus an ceart chun cómhargála agus chun caingne, faoi seach. De réir an bhrollaigh, athdhearbhaítear na cearta sin sa Chairt toisc go n-eascraíonn siad, go háirithe, as an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus as na Cairteacha Sóisialta arna nglacadh ag an Aontas agus ag An Chomhairle Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir leis an dlí agus cleachtas náisiúnta, bearta a dhéanamh chun cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn. D’fhéadfadh bearta chun rochtain ionadaithe ceardchumann ar oibrithe a éascú a bheith san áireamh sna bearta sin, i measc nithe eile.

(25)

Is gnách gur sciar beag oibrithe ar phá íseal agus pá íosta ard a bhíonn ag na Ballstáit a bhfuil cumhdach cómhargála ard acu. Ráta cumhdaigh cómhargála os cionn 80 % atá ag na Ballstáit ina bhfuil sciar íseal oibrithe ar phá íseal. Ar an gcaoi chéanna, tá cumhdach cómhargála os cionn 80 % ag formhór na mBallstát a bhfuil leibhéil arda pá íosta acu i gcoibhneas leis an meánphá. Dá bhrí sin, ba cheart do gach Ballstát ag a bhfuil ráta cumhdaigh cómhargála faoi bhun 80 % bearta a ghlacadh d’fhonn cómhargáil den sórt sin a fheabhsú. Ba cheart do gach Ballstát a bhfuil cumhdach cómhargála faoi bhun tairseach 80 % acu creat a sholáthar lena gcumasófar coinníollacha don chómhargáil, agus plean gníomhaíochta a bhunú chun cómhargáil a chur chun cinn ionas go méadófar an ráta cumhdaigh cómhargála de réir a chéile. Chun neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú, lena n-áirítear a gceart chun cómhargála agus lena n-eisiatar aon oibleagáid comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích, níor cheart an tairseach 80 % de chumhdach cómhargála a fhorléiriú ach mar tháscaire lena spreagtar an oibleagáid plean gníomhaíochta a bhunú.

Ba cheart an plean gníomhaíochta a athbhreithniú ar bhonn rialta, gach 5 bliana ar a laghad, agus, más gá, ba cheart é a athcheartú. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoin bplean gníomhaíochta agus faoi aon nuashonrú air agus ba cheart é a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart do gach Ballstát a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir le foirm iomchuí a phlean gníomhaíochta. D’fhéadfaí a mheas gur plean gníomhaíochta faoin Treoir seo atá i bplean gníomhaíochta arna ghlacadh ag Ballstát roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ar choinníoll go bhfuil gníomhaíochtaí ann chun cómhargáil a chur chun cinn go héifeachtach agus go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Treoir seo leis. Ba cheart do gach Ballstát plean gníomhaíochta den sórt sin a bhunú tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, nó, tar éis iarraidh chomhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta, mar a chomhaontaigh siad eatarthu féin. Tá éagsúlacht shuntasach idir rátaí cumhdaigh cómhargála na mBallstát mar gheall ar roinnt tosca, lena n-áirítear an traidisiún agus an cleachtas náisiúnta chomh maith leis an gcomhthéacs stairiúil. Ba cheart é sin a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar an dul chun cinn i dtreo cumhdach cómhargála níos airde, go háirithe maidir leis an bplean gníomhaíochta dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(26)

Is gá rialacha fónta, nósanna imeachta agus cleachtais éifeachtacha maidir le pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú chun pá íosta leordhóthanach a sholáthar, agus poist atá ann cheana á gcosaint agus deiseanna nua fostaíochta á gcruthú, agus cothroime iomaíochta agus iomaíochas gnóthas á gcosaint, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (FBManna). Áirítear ar na rialacha, na nósanna imeachta agus na cleachtais sin roinnt gnéithe chun rannchuidiú le leordhóthanacht an phá íosta reachtúil, lena n-áirítear critéir chun treoir a thabhairt do na Ballstáit agus pá íosta reachtúil á shocrú agus á nuashonrú acu agus táscairí chun measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanacht, nuashonruithe rialta tráthúla, comhlachtaí comhairleacha a bheith ann agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta. Is gné eile den dea-rialachas í rannpháirtíocht thráthúil éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta a fhágann go mbíonn próiseas cinnteoireachta eolach cuimsitheach ann, agus pá íosta reachtúil á shocrú agus á nuashonrú agus nuair a bhíonn foirmlí innéacsúcháin uathoibríocha á mbunú nó á modhnú, i gcás inarb ann dóibh. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar do na chomhpháirtithe sóisialta maidir le socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil. Trí dheis a thabhairt do na chomhpháirtithe sóisialta tuairimí a chur ar fáil, agus freagairt réasúnaithe a fháil ar thuairimí arna gcur in iúl roimh thíolacadh tograí, maidir le socrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil agus sula ndéanfar aon chinntí, d’fhéadfaí rannchuidiú le rannpháirtíocht chuí na gcomhpháirtithe sóisialta sa phróiseas sin.

(27)

Maidir le Ballstáit a úsáideann sásra innéacsaithe uathoibríoch, lena n-áirítear sásraí leath-uathoibríocha ina ráthaítear ar a laghad méadú éigeantach fíorbheag ar phá íosta reachtúil, ba cheart dóibh na nósanna imeachta a dhéanamh chun an pá íosta reachtúil a thabhairt cothrom le dáta gach 4 bliana ar a laghad. Ba cheart meastóireacht ar an bpá íosta a bheith i gceist leis na nuashonruithe rialta sin, agus na treoirchritéir á gcur san áireamh, agus an méid a mhodhnú ina dhiaidh sin, más gá. D’fhéadfadh sé go mbeadh difear idir minicíocht choigeartuithe an innéacsaithe uathoibríoch, ar thaobh amháin, agus na nuashonruithe ar an bpá íosta reachtúil ar an taobh eile. I gcás nach ann do shásraí innéacsaithe uathoibríocha nó leath-uathoibríocha, ba cheart do na Ballstáit sin a bpá íosta reachtúil a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad.

(28)

Meastar gur leordhóthanach é an pá íosta más rud é go bhfuil sé cóir i ndáil le dáileadh pá sa Bhallstát ábhartha agus má sholáthraíonn sé caighdeán cuibhiúil maireachtála d’oibrithe bunaithe ar chaidreamh fostaíochta lánaimseartha. Déanann gach Ballstát leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a chinneadh agus a mheasúnú i bhfianaise a dhálaí socheacnamaíocha náisiúnta, lena n-áirítear fás fostaíochta, iomaíochas agus forbairtí réigiúnacha agus earnála. Chun críoch an chinnidh sin, ba cheart do na Ballstáit an chumhacht cheannaigh agus na leibhéil agus forbairtí fadtéarmacha táirgiúlachta náisiúnta a chur san áireamh, mar aon le leibhéil an phá, dáileadh pá agus fás pá.

I measc ionstraimí eile, d’fhéadfadh bascaed earraí agus seirbhísí ar fhíorphraghsanna arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta a bheith lárnach chun an costas maireachtála a chinneadh, agus é mar aidhm leis caighdeán cuibhiúil maireachtála a bhaint amach. Chomh maith le riachtanais ábhartha amhail bia, éadaí agus tithíocht, d’fhéadfaí an gá atá le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí cultúrtha, oideachais agus sóisialta a chur san áireamh freisin. Is iomchuí breithniú ar leithligh a dhéanamh ar shocrú agus nuashonrú pá íosta reachtúil ó shásraí tacaíochta ioncaim. Ba cheart do na Ballstáit táscairí agus luachanna tagartha gaolmhara a úsáid chun a measúnú ar leordhóthanacht pá íosta reachtúil a threorú. D’fhéadfadh na Ballstáit rogha a dhéanamh as measc táscairí a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta agus/nó táscairí a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh an measúnú a bheith bunaithe ar luachanna tagartha a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail an cóimheas idir an t-ollphá íosta agus 60 % den ollphá airmheánach agus an cóimheas idir an t-ollphá íosta agus 50 % den mheán-ollphá, ar luachanna iad sin nach bhfuil á gcomhlíonadh ag na Ballstáit uile faoi láthair, nó an cóimheas idir an glanphá íosta agus 50 % nó 60 % den mheán-ghlanphá íosta. D’fhéadfadh an measúnú a bheith bunaithe freisin ar luachanna tagartha a bhaineann le táscairí a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta, amhail comparáid idir an glanphá íosta agus tairseach na bochtaineachta agus cumhacht cheannaigh an phá íosta.

(29)

Gan dochar d’inniúlacht na mBallstát an pá íosta reachtúil a shocrú agus athruithe agus asbhaintí a chur san áireamh, tá sé tábhachtach úsáid fhorleathan éagsúlachtaí agus asbhaintí a sheachaint, toisc go bhfuil an baol ann go mbeadh tionchar diúltach acu ar leordhóthanacht an phá íosta. Ba cheart a áirithiú, le hathruithe agus asbhaintí, go n-urramaítear prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta. Dá bhrí sin, ba cheart aidhm dhlisteanach a shaothrú le hathruithe agus asbhaintí. Samplaí d’asbhaintí dá leithéid a d’fhéadfaí a lua is ea í méideanna iomarcacha arna n-íoc nó asbhaintí arna n-ordú ag údarás breithiúnach nó riaracháin a aisghabháil. Bíonn ardriosca ann gur díréireach a bheidh asbhaintí eile, amhail na hasbhaintí sin a bhaineann leis an trealamh is gá chun post a dhéanamh nó asbhaintí as liúntais chomhchineáil, amhail lóistín. Thairis sin, níor cheart aon ní sa Treoir seo a fhorléiriú mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit aon athruithe ar phá íosta nó asbhaintí uaidh a thabhairt isteach.

(30)

Is gá córas forfheidhmithe éifeachtach a bheith ann, lena n-áirítear faireachán iontaofa, rialuithe agus cigireachtaí allamuigh, chun feidhmiú creataí náisiúnta pá íosta reachtúil agus a gcomhlíonadh a áirithiú. Chun éifeachtúlacht údarás forfheidhmithe a neartú, is gá dlúthchomhar a bheith ann leis na comhpháirtithe sóisialta chomh maith, lena n-áirítear chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ríthábhachtacha amhail iad sin a bhaineann le fochonraitheoireacht mhí-úsáideach, féinfhostaíocht bhréagachnó, ragobair gan taifead nó rioscaí sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le méadú ar dhéine oibre. Ba cheart cumas údarás forfheidhmithe a fhorbairt freisin, go háirithe trí oiliúint agus treoir. Modhanna tábhachtacha lena n-áitítear ar fhostóirí gan sáruithe a fheidhmiú atá i ngnáthchuairteanna agus cuairteanna gan réamhfhógra, imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin agus pionóis i gcás sáruithe.

(31)

Tá cur chun feidhme éifeachtach chosaint an phá íosta a leagtar amach le forálacha dlíthiúla nó dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna riachtanach agus soláthar poiblí agus conarthaí lamháltais á mbronnadh agus á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh neamh-urramú na gcomhaontuithe comhchoiteanna ina ndéantar foráil maidir le cosaint pá íosta tarlú agus na conarthaí sin á gcur i gcrích nó sa slabhra fochonraitheoireachta ina dhiaidh sin, rud a d’fhágfadh go n-íocfaí níos lú ná an leibhéal pá a aontaítear sna comhaontuithe comhchoiteanna earnála le hoibrithe. Chun cásanna den sórt sin a chosc, i gcomhréir le hAirteagail 30(3) agus 42(1) de Threoir 2014/23/AE (8), Airteagail 18(2) agus 71(1) de Threoir 2014/24/AE (9) agus le hAirteagail 36(2) agus 88(1) de Threoir 2014/25/AE (10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tá údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha an tsoláthair phoiblí le bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an fhéidearthacht coinníollacha feidhmíochta conartha a thabhairt isteach, agus a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha an pá dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna don earnáil agus limistéar geografach ábhartha i bhfeidhm maidir lena n-oibrithe agus go n-urramóidh siad cearta oibrithe agus ceardchumann a eascraíonn as Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiún Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949), dá dtagraítear sna Treoracha sin, chun cloí leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimse dhlí an tsaothair. Mar sin féin, ní chruthaítear aon oibleagáid bhreise leis an Treoir seo i ndáil leis na Treoracha sin.

(32)

I gcás iarratasóirí ar thacaíocht airgeadais ó chistí agus cláir de chuid an Aontais, faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus na coinníollacha cumasúcháin atá ann, ba cheart na rialacha maidir le soláthar poiblí agus lamháltais a chur i bhfeidhm go leordhóthanach, lena n-áirítear maidir le forálacha comhaontuithe comhchoiteanna a chomhlíonadh.

(33)

Tá faireachán iontaofa agus bailiú sonraí riachtanach le haghaidh cosaint pá íosta éifeachtach. Chun críoch bailithe sonraí, féadfaidh na Ballstáit brath ar shuirbhéanna samplacha atá ionadaíoch go leor, ar bhunachair sonraí náisiúnta, ar shonraí comhchuibhithe ó Eurostat agus ar fhoinsí eile atá inrochtana go poiblí amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. I gcásanna eisceachtúla nach bhfuil sonraí cruinne ar fáil, d’fhéadfadh na Ballstáit meastacháin a úsáid. Níor cheart ualach riaracháin neamhriachtanach a bheith ar fhostóirí, go háirithe micrifhiontair agus FBManna eile, maidir le cur chun feidhme ceanglas maidir le bailiú sonraí. Ba cheart don Choimisiún a anailís ar leibhéil agus forbairtí leordhóthanacht agus chumhdach an phá íosta reachtúil chomh maith leis an gcumhdach cómhargála, ar bhonn sonraí agus faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain.

Chomh maith leis sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn phróiseas comhordaithe an bheartais eacnamaíoch agus fostaíochta ar leibhéal an Aontais. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún a iarraidh ar an gCoiste Fostaíochta agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta, i gcomhréir le hAirteagail 150 agus 160 CFAE faoi seach, scrúdú a dhéanamh, ina réimse inniúlachta faoi seach, ar fhorbairt an chumhdaigh cómhargála agus ar leordhóthanacht an phá íosta reachtúil sna Ballstáit ar bhonn na tuarascála a chuireann an Coimisiún ar fáil agus ar bhonn uirlisí faireachais iltaobhaigh eile amhail tagarmharcáil. Le linn scrúdaithe den sórt sin, tá na Coistí le rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta trasearnálacha, i gcomhréir le hAirteagail 150 agus 160 CFAE faoi seach.

(34)

Ba cheart rochtain éasca a bheith ag oibrithe ar fhaisnéis chuimsitheach maidir le pá íosta reachtúil agus ar chosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch chun trédhearcacht agus intuarthacht a áirithiú maidir lena ndálaí oibre, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(35)

Ba cheart oibrithe agus ionadaithe oibrithe, lena n-áirítear iad siúd ar comhaltaí nó ionadaithe ceardchumainn iad, a bheith in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú i gcás ina bhforáiltear dá gcearta a bhaineann le cosaint pá íosta sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna agus ina ndearnadh iad a shárú. Chun nach mbainfear a gcearta, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna, d’oibrithe, agus gan dochar do mhodhanna sásaimh agus réitithe díospóidí dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna, lena n-áirítear córais um réiteach comhchoiteann díospóidí, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar réiteach díospóidí éifeachtach, tráthúil agus neamhchlaonta agus ar cheart chun sásaimh, agus ar chosaint éifeachtach bhreithiúnach agus/nó riaracháin ar dhochar ar bith, má chinneann siad a gceart chun cosanta a fheidhmiú. Is féidir le rannpháirtíocht comhpháirtithe sóisialta i bhforbairt bhreise sásraí neamhchlaonta um réiteach díospóidí sna Ballstáit a bheith tairbhiúil. Ba cheart oibrithe a chur ar an eolas maidir leis na sásraí sásaimh chun críche a gceart chun sásaimh a fheidhmiú.

(36)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh chun bonn a chur ar fáil d’athbhreithniú ar chur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo. Ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi thorthaí an athbhreithnithe sin.

(37)

Cé gur céimeanna sa treo ceart iad na leasuithe agus na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun cosaint pá íosta leordhóthanaigh d’oibrithe a chur chun cinn, ní leasuithe ná bearta cuimsitheacha córasacha i gcónaí iad. Thairis sin, le gníomhaíocht a dhéantar ar leibhéal an Aontais chun feabhas a chur ar leordhóthanacht agus cumhdach pá íosta, is féidir rannchuidiú le dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú tuilleadh agus le cúiseanna imní a mhaolú maidir le héifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar bhearta aonaracha Ballstát. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(38)

Leis an Treoir seo, leagtar síos oibleagáidí nós imeachta mar cheanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil náisiúnta atá ann cheana, mura rud é go dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun na cearta atá ann d’oibrithe san Aontas cheana a laghdú ná ní féidir é a bheith ina fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sna réimsí a chumhdaítear sa Treoir seo a laghdú, lena n-áirítear, go háirithe, i ndáil le pá íosta a ísliú nó a dhíothú.

(39)

Agus an Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla neamhriachtanacha a fhorchur, go háirithe má chuirtear bac leo ar bhunú agus ar fhorbairt FBManna. Moltar do na Ballstáit, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a mbearta trasuite ar FBManna chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú. Má fhaigheann na Ballstáit amach go ndéantar difear díréireach do FBManna leis na bearta trasuite, ba cheart dóibh féachaint le bearta a dhéanamh chun tacú le FBManna a struchtúir luacha saothair a choigeartú do na ceanglais nua.

(40)

Tá Rialacháin (AE) 2021/240 (13) agus (AE) 2021/1057 (14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar fáil do na Ballstáit chun gnéithe teicniúla na gcreataí pá íosta a fhorbairt nó a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht, faireachán agus bailiú sonraí, rochtain a leathnú, agus le forfheidhmiú agus fothú acmhainneachta ginearálta a bhaineann le cur chun feidhme na gcreataí sin. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1057, tá na Ballstáit le méid iomchuí a leithdháileadh ar fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   D’fhonn dálaí maireachtála agus oibre san Aontas a fheabhsú, go háirithe leordhóthanacht an phá íosta d’oibrithe chun rannchuidiú le cóineasú sóisialta aníos agus chun comhionannas pá a laghdú, bunaítear creat leis an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

leordhóthanacht an phá íosta reachtúil agus é mar aidhm dálaí cuibhiúla maireachtála agus oibre a bhaint amach;

(b)

cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn;

(c)

feabhas a chur ar rochtain éifeachtach d’oibrithe ar chearta maidir le cosaint pá íosta i gcás ina bhforáiltear dó sa dlí náisiúnta agus/nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

2.   Beidh an Treoir gan dochar do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú go hiomlán, agus dá gceart chun comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích chomh maith.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 153(5) CFAE, beidh an Treoir seo gan dochar d’inniúlacht na mBallstát leibhéal an phá íosta a shocrú, agus chomh maith leis sin do rogha na mBallstát pá íosta reachtúil a shocrú, rochtain ar chosaint pá iosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn, nó an dá rud a dhéanamh.

4.   Beidh cur i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhréir iomlán leis an gceart chun cómhargála. Ní fhorléireofar aon ní sa Treoir seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ar aon Bhallstát:

(a)

ina n-áirithítear foirmiú pá go heisiach trí chomhaontuithe comhchoiteanna, chun pá íosta reachtúil a thabhairt isteach; nó

(b)

comhaontú comhchoiteann a dhearbhú infheidhme go huilíoch.

5.   Na gníomhartha lena ndéanann Ballstát na bearta a bhaineann le pá íosta maraithe, arna leagan síos go tréimhsiúil ag an gCoimisiún Comhpháirteach Muirí nó ag comhlacht eile arna údarú ag Comhlacht Rialaithe na hOifige Idirnáisiúnta Saothair, a chur chun feidhme, ní bheidh siad faoi réir Chaibidil II den Treoir seo. Beidh na gníomhartha sin gan dochar don cheart chun cómhargála agus don fhéidearthacht leibhéil pá íosta níos airde a ghlacadh.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hoibrithe san Aontas a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainítear de réir dlí, le comhaontuithe comhchoiteanna nó leis an gcleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus aird á tabhairt ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “pá íosta” an luach saothair íosta arna shocrú leis an dlí nó le comhaontuithe comhchoiteanna a bhfuil sé de cheangal ar fhostóir, lena n-áirítear san earnáil phoiblí, é a íoc le hoibrithe don obair arna déanamh le linn tréimhse ar leith;

(2)

ciallaíonn “pá íosta reachtúil” pá íosta arna shocrú de réir an dlí, nó forálacha dlíthiúla ceangailteacha eile, cé is moite de phá íosta arna shocrú i gcomhaontuithe comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch gan aon lánrogha a bheith ag an údarás dearbhaithe maidir le hinneachar na bhforálacha is infheidhme;

(3)

ciallaíonn “cómhargáil” an chaibidlíocht uile a tharlaíonn de réir an dlí agus an chleachtais náisiúnta i ngach Ballstát idir fostóir, grúpa fostóirí nó eagraíocht fostóirí amháin nó níos mó, ar thaobh amháin, agus ceardchumann amháin nó níos mó, ar an taobh eile, chun dálaí oibre agus téarmaí fostaíochta a chinneadh;

(4)

ciallaíonn “comhaontú comhchoiteann” comhaontú i scríbhinn maidir le forálacha ar dhálaí oibre agus téarmaí fostaíochta arna thabhairt i gcrích ag na comhpháirtithe sóisialta a bhfuil sé d’acmhainneacht acu margáil a dhéanamh thar ceann oibrithe agus fostóirí faoi seach de réir an dlí agus an cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch;

(5)

ciallaíonn “cumhdach cómhargála” an sciar oibrithe ar an leibhéal náisiúnta a bhfuil feidhm ag comhaontú comhchoiteann ina leith, arna ríomh mar chóimheas den líon oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe comhchoiteanna leis an líon oibrithe a bhféadfar a ndálaí oibre a rialú le comhaontuithe comhchoiteanna i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 4

Cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn

1.   Agus é d’aidhm acu an cumhdach cómhargála a mhéadú, agus chun feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá a éascú, déanfaidh na Ballstáit, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta, an méid seo a leanas:

(a)

forbairt agus neartú inniúlacht na gcomhpháirtithe sóisialta chun dul i mbun cómhargála maidir le socrú pá, go háirithe ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal trastionscail, a chur chun cinn;

(b)

caibidlíocht chuiditheach, fhiúntach agus fheasach maidir le pá a spreagadh idir na comhpháirtithe sóisialta, ar bhonn cothrom, i gcás ina mbeidh rochtain ag an dá pháirtí ar fhaisnéis iomchuí d’fhonn a bhfeidhmeanna a chur i gcrích i ndáil le cómhargáil maidir le socrú pá;

(c)

bearta a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun feidhmiú an chirt chun cómhargála maidir le socrú pá a chosaint agus chun oibrithe agus ionadaithe ceardchumann a chosaint ar ghníomhartha lena ndéantar idirdhealú ina n-aghaidh maidir lena bhfostaíocht ar an bhforas go bhfuil siad rannpháirteach, nó gur mian leo a bheith rannpháirteach, i gcómhargáil maidir le socrú pá;

(d)

chun críche cómhargáil maidir le socrú pá a chur chun cinn, bearta a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun ceardchumainn agus eagraíochtaí fostóirí atá rannpháirteach nó ar mian leo a bheith rannpháirteach sa chómhargáil a chosaint ar aon ghníomhartha cur isteach ag a chéile nó ag gníomhairí nó comhaltaí a chéile ina mbunú, ina bhfeidhmiú nó ina riar.

2.   Ina theannta sin, déanfaidh gach Ballstát inar lú an ráta cumhdaigh cómhargála ná tairseach 80 % foráil maidir le creat coinníollacha cumasúcháin maidir leis an gcómhargáil, le dlí – tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta – é sin nó le comhaontú leo. Bunóidh Ballstát den sórt sin plean gníomhaíochta freisin chun an chómhargáil a chur chun cinn. Bunóidh an Ballstát plean gníomhaíochta den sórt sin tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, nó, tar éis iarraidh chomhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta, mar a chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta. Leagfar amach sa phlean gníomhaíochta amlíne shoiléir agus bearta nithiúla chun ráta an chumhdaigh cómhargála a mhéadú de réir a chéile, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú go hiomlán. Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar a phlean gníomhaíochta go rialta, agus tabharfaidh sé é cothrom le dáta más gá. I gcás ina dtugann Ballstát a phlean gníomhaíochta cothrom le dáta, déanfaidh sé amhlaidh tar éis dó dul i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta nó trí chomhaontú leo, nó, tar éis iarraidh chomhpháirteach ó na comhpháirtithe sóisialta, mar a chomhaontaigh na comhpháirtithe sóisialta. Ar aon chuma, déanfar athbhreithniú ar phlean gníomhaíochta den sórt sin gach 5 bliana ar a laghad. Cuirfear an plean gníomhaíochta agus aon nuashonrú air ar fáil go poiblí agus tabharfar fógra don Choimisiún Eorpach ina leith.

CAIBIDIL II

AN PÁ ÍOSTA REACHTÚIL

Airteagal 5

Nós imeachta maidir le pá íosta reachtúil leordhóthanach a shocrú

1.   Na Ballstáit a bhfuil pá íosta reachtúil acu, déanfaidh siad na nósanna imeachta is gá a bhunú chun an pá íosta reachtúil a shocrú agus a nuashonrú. Beidh socrú agus nuashonrú den sórt sin faoi threoir critéir arna leagan síos chun rannchuidiú lena leordhóthanacht, d’fhonn caighdeán cuibhiúil maireachtála a bhaint amach, bochtaineacht lucht oibre a laghdú, chomh maith le comhtháthú sóisialta agus cóineasú sóisialta aníos a chur chun cinn, agus an bhearna phá idir na hinscní a laghdú. Saineoidh na Ballstáit na critéir sin i gcomhréir lena gcleachtais náisiúnta sa dlí náisiúnta ábhartha, i gcinntí óna gcomhlachtaí inniúla nó i gcomhaontuithe tríthaobhacha. Déanfar na critéir a shainmhíniú ar bhealach soiléir. Féadfaidh na Ballstáit ualú coibhneasta na gcritéar sin a chinneadh, lena n-áirítear na gnéithe dá dtagraítear i mír 2, agus a ndálaí socheacnamaíocha náisiúnta á gcur san áireamh.

2.   Áireofar sna critéir náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

cumhacht cheannaigh an phá íosta reachtúil, agus an costas maireachtála á chur san áireamh;

(b)

an leibhéal ginearálta pá agus an chaoi a ndáiltear é;

(c)

ráta fáis an phá;

(d)

leibhéil agus forbairtí fadtéarmacha táirgiúlachta náisiúnta.

3.   Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ina theannta sin, sásra uathoibríoch a úsáid chun coigeartuithe ar phá íosta reachtúil a innéacsú, bunaithe ar aon chritéir iomchuí agus i gcomhréir le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, ar choinníoll nach n-eascróidh laghdú ar an bpá íosta reachtúil as cur i bhfeidhm an tsásra sin.

4.   Bainfidh na Ballstáit úsáid as luachanna tagartha táscacha chun a measúnú ar leordhóthanacht an phá íosta reachtúil a threorú. Chuige sin, féadfaidh siad úsáid a bhaint as luachanna tagartha táscacha a úsáidtear go coitianta ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail 60 % den ollphá airmheánach agus 50 % den mheán-ollphá, agus/nó luachanna tagartha táscacha a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonruithe rialta agus tráthúla ar phá íosta reachtúil gach 2 bhliain ar a laghad nó, i gcás na mBallstát sin a úsáideann sásra innéacsaithe uathoibríoch dá dtagraítear i mír 3, gach 4 bliana ar a laghad.

6.   Ainmneoidh nó bunóidh gach Ballstát comhlacht comhairleach amháin nó níos mó chun comhairle a chur ar na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an bpá íosta reachtúil, agus cumasóidh sé feidhmiú oibríochtúil na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 6

Éagsúlachtaí agus asbhaintí

1.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le rátaí éagsúla pá íosta reachtúil i gcás grúpaí sonracha oibrithe nó d’asbhaintí lena laghdaítear an luach saothair a íoctar le hoibrithe go dtí leibhéal níos ísle ná an pá íosta reachtúil ábhartha, áiritheoidh siad go n-urramóidh na héagsúlachtaí agus na hasbhaintí sin prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe, lena n-áirítear aidhm dhlisteanach a shaothrú.

2.   Ní fhorléireofar aon ní sa Treoir seo mar ní lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit athruithe ar phá íosta reachtúil nó asbhaintí uaidh a thabhairt isteach.

Airteagal 7

Rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i ndáil le socrú agus nuashonrú an phá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i socrú agus nuashonrú an phá íosta reachtúil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach lena ndéantar foráil maidir lena rannpháirtíocht dheonach sna pléití i gcaitheamh an phróisis cinnteoireachta, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht sna comhlachtaí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 5(6) agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

roghnú agus cur i bhfeidhm critéar chun leibhéal an phá íosta reachtúil a chinneadh, agus chun foirmle innéacsaithe uathoibríoch a bhunú agus chun í a mhodhnú i gcás inarb ann d’fhoirmle den sórt sin, dá dtagraítear in Airteagal 5(1), (2) agus (3);

(b)

roghnú agus cur i bhfeidhm luachanna tagartha táscacha dá dtagraítear in Airteagal 5(4) chun measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht pá íosta reachtúil;

(c)

na nuashonruithe ar an bpá íosta reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 5(5);

(d)

éagsúlachtaí agus asbhaintí maidir le pá íosta reachtúil dá dtagraítear in Airteagal 6 a bhunú;

(e)

na cinntí maidir le sonraí a bhailiú agus staidéir agus anailís a dhéanamh araon chun faisnéis a chur ar fáil d’údaráis agus do pháirtithe ábhartha eile atá rannpháirteach i socrú pá íosta reachtúil.

Airteagal 8

Rochtain éifeachtach oibrithe ar phá íosta reachtúil

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, na bearta seo a leanas chun rochtain éifeachtach oibrithe ar chosaint pá íosta reachtúil a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, forfheidhmiú na cosanta sin a neartú:

(a)

foráil a dhéanamh maidir le rialuithe agus cigireachtaí allamuigh éifeachtacha, comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a dhéanfaidh na cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as pá íosta reachtúil a fhorfheidhmiú;

(b)

cumas údarás forfheidhmithe a fhorbairt, go háirithe trí oiliúint agus treoir, chun go ndíreofar go réamhghníomhach ar fhostóirí neamhchomhlíontacha agus go rachfar sa tóir orthu.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA COTHROMÁNACHA

Airteagal 9

Soláthar poiblí

I gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíochta agus a bhfochonraitheoirí na hoibleagáidí is infheidhme maidir le pá, an ceart eagrúcháin, agus cómhargáil maidir le socrú pá, i réimse dhlí an tsaothair arna bhunú le dlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó forálacha dlí idirnáisiúnta sóisialta agus saothair, lena n-áirítear Coinbhinsiún Uimh. 87 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin (1948) agus Coinbhinsiúin Uimh. 98 EIS maidir leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil (1949), agus an soláthar poiblí nó conarthaí lamháltais á mbronnadh agus á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 10

Faireachán agus bailiú sonraí

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go mbeidh uirlisí éifeachtacha bailithe sonraí i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chosaint pá íosta.

2.   Tuairisceoidh na Ballstáit na sonraí agus an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún gach dara bliain, roimh an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tuairiscithe:

(a)

ráta agus forbairt cumhdaigh cómhargála;

(b)

maidir leis an bpá iosta reachtúil:

(i)

an leibhéal pá íosta reachtúil agus an sciar oibrithe a chumhdaítear leis;

(ii)

tuairisc ar na hathruithe agus na hasbhaintí atá ann cheana agus na cúiseanna lena dtabhairt isteach agus ar an sciar d’oibrithe a chumhdaítear le hathruithe, a mhéid atá sonraí ar fáil;

(c)

maidir leis an gcosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna amháin:

(i)

na rátaí pá is ísle dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna lena gcumhdaítear saothraithe pá ísil nó meastachán orthu, mura bhfuil sonraí cruinne ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá freagrach, agus sciar na n-oibrithe a chumhdaítear leo nó meastachán orthu, mura bhfuil sonraí cruinne ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá freagrach;

(ii)

leibhéal an phá a íoctar le hoibrithe nach gcumhdaítear faoi chomhaontuithe comhchoiteanna agus an gaol atá aige le leibhéal an phá a íoctar le hoibrithe a chumhdaítear faoi chomhaontuithe comhchoiteanna.

Ceanglófar ar na Ballstáit atá faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), na sonraí dá dtagraítear i bpointe (i) de a thuirisciú, ar a laghad, maidir le comhaontuithe comhchoiteanna earnálacha agus geografacha agus comhaontuithe comhchoiteanna ilfhostóirí eile, lena n-áirítear na comhaontuithe comhchoiteanna a dearbhaíodh a bheith infheidhme go huilíoch.

Cuirfidh na Ballstáit na staitisticí agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo ar fáil, agus iad imdhealaithe de réir inscne, aoise, míchumais, mhéid na cuideachta agus earnála, a mhéid is féidir.

Leis an gcéad tuarascáil cumhdófar 2021, 2022 agus 2023 agus déanfar í a sheachadadh faoin 1 Deireadh Fómhair 2025. Féadfaidh na Ballstáit staitisticí agus faisnéis nach raibh ar fáil roimh an 15 Samhain 2024 a fhágáil ar lár.

3.   Déanfaidh an Coimisiún anailís ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis arna dtarchur ag na Ballstáit sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus sna pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Tuairisceoidh sé ina leith sin gach dara bliain do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus foilseoidh sé na sonraí agus an fhaisnéis arna dtarchur ag na Ballstáit ag an am céanna.

Airteagal 11

Faisnéis maidir le cosaint pá íosta

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh faisnéis maidir le pá íosta reachtúil chomh maith le cosaint pá íosta dá bhforáiltear i gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch, lena n-áirítear faisnéis maidir le sásraí sásaimh, ar fáil go poiblí, i gcás inar gá sa teanga is ábhartha, arna cinneadh ag an mBallstát, ar bhealach cuimsitheach atá inrochtana go héasca, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas.

Airteagal 12

An ceart chun sásaimh agus cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, gan dochar do mhodhanna áirithe sásaimh agus do réiteach díospóidí dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe comhchoiteanna, go mbeidh rochtain ag oibrithe, lena n-áirítear na hoibrithe sin a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochta, ar réiteach díospóidí éifeachtach, tráthúil agus neamhchlaonta agus ar an gceart chun sásaimh, i gcás sáruithe ar chearta a bhaineann le pá íosta reachtúil nó a bhaineann le cosaint pá íosta, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cearta sin sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

2.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun oibrithe agus ionadaithe oibrithe, lena n-áirítear iad siúd ar ionadaithe nó comhaltaí de cheardchumainn iad, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanfaidh fostóir nó iarmhairtí díobhálacha a thiocfaidh as gearán a chuirfear faoi bhráid an fhostóra nó as aon imeachtaí a thionscnófar chun na cearta sin a fhorfheidhmiú i gcás sáruithe ar chearta a bhaineann le cosaint pá íosta, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cearta sin sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

Airteagal 13

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar chearta agus oibleagáidí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí sin sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna. Sna Ballstáit sin nach bhfuil pá íosta reachtúil acu, féadfaidh go mbeidh tagairt le fáil sna rialacha sin do chúiteamh agus/nó pionóis chonarthacha dá bhforáiltear, i gcás inarb infheidhme, i rialacha maidir le forfheidhmiú comhaontuithe comhchoiteanna. nó go mbeadh na rialacha teoranta do thagairt den chineál sin. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Faisnéis a scaipeadh

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, mar aon leis na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana agus a bhaineann leis an ábhar mar a leagtar amach in Airteagal 1, a thabhairt ar aird d’oibrithe agus d’fhostóirí, lena n-áirítear FBManna.

Airteagal 15

Meastóireacht agus athbhreithniú

Faoin 15 Samhain 2029, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, meastóireacht ar an Treoir seo. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dhiaidh sin ina ndéanfar athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé leasuithe reachtacha.

Airteagal 16

Neamh-chúlchéimniú agus forálacha níos fabhraí

1.   Ní bheidh an Treoir seo ina foras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a sholáthraítear cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú, go háirithe maidir le pá íosta a ísliú nó a dhíothú.

2.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm. Ní fhorléireofar í mar ní lena gcuirtear cosc ar na Ballstáit an pá íosta reachtúil a mhéadú.

3.   Tá an Treoir seo gan dochar d’aon chearta a thugtar d’oibrithe trí ghníomhartha eile dlí an Aontais.

Airteagal 17

Trasuí agus cur chun feidhme

1.   Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh faoin 15 Samhain 2024. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí agus cleachtas náisiúnta, bearta leordhóthanacha chun rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú d’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme. Chuige sin, féadfaidh siad an cur chun feidhme sin a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, ina iomláine nó i bpáirt, lena n-áirítear maidir le plean gníomhaíochta a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 4(2), i gcás ina ndéanfaidh na comhpháirtithe sóisialta a iarraidh go comhpháirteach go ndéanfar amhlaidh. Agus é sin á dhéanamh acu, déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh i gcónaí.

4.   Áireofar sa teachtaireacht dá dtagraítear i mír 2 tuairisc ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta i gcur chun feidhme na Treorach seo.

Airteagal 18

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 19

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Tuairim an 25 Márta 2021 (IO C 220, 9.6.2021, lch. 106).

(2)  Tuairim an 19 Márta 2021 (IO C 175, 7.5.2021, lch. 89).

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(5)  Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2020 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 344, 19.10.2020, lch. 22).

(6)  Cinneadh 2007/431/CE ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 lena n-údaraítear do na Ballstáit Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, 2006, a dhaingniú chun leas an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 161, 22.6.2007, lch. 63).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lch. 6).

(8)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(9)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(10)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(12)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/48


RIALACHÁN (AE) 2022/2042 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i ndáil le Poblacht na Guine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/2052 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do na bearta dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/638/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine.

(2)

Le Cinneadh (CBES) 2022/2052, tugtar isteach modhnú ar theideal Chinneadh 2010/638/CBES.

(3)

Tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, dá bhrí sin, chun éifeacht a thabhairt do Chinneadh (CBES) 2022/2052, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha na bearta sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009:

“Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. HUBÁČKOVÁ


(1)  Féach leathanach 74 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1284/2009 ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 lena bhforchuirtear bearta sriantacha áirithe i ndáil le Poblacht na Guine (IO L 346, 23.12.2009, lch. 26).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/50


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2043 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1755 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/1755.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart triúr a bhaint de liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. HUBÁČKOVÁ


(1)  IO L 257, 2.10.2015, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1755 (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

iontráil 1 (Godefroid BIZIMANA),

iontráil 2 (Gervais NDIRAKOBUCA ailias NDAKUGARIKA),

iontráil 4 (Léonard NGENDAKUMANA).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/52


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2044 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Deireadh Fómhair 2022

lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Roero” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Roero”, a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Roero” (STFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO C 170, 25.4.2022, lch. 21.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/53


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2045 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Deireadh Fómhair 2022

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Chianti Classico” (STFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hIodáile ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Chianti Classico” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 2446/2000 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 216/2011 (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 267/2013 (4).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2), pointe (a), den Rialachán sin.

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Chianti Classico” (STFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2446/2000 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2000 lena bhforlíontar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2400/96 maidir le ainmneacha áirithe a chlárú i “gClár na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus na dtásc geografach faoi chosaint” dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair a chosaint (IO L 281, 7.11.2000, lch. 12).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 216/2011 ón gCoimisiún an 1 Márta 2011 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Chianti Classico (STFC)] (IO L 59, 4.3.2011, lch. 17).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 267/2013 ón gCoimisiún an 18 Márta 2013 lena bhformheastar mionleasú ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Chianti Classico (STFC)] (IO L 82, 22.3.2013, lch. 38).

(5)  IO C 234, 17.6.2022, lch. 14.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/55


RIALACHÁN (AE) 2022/2046 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a mhéid a bhaineann lena n-oiriúnú chun go gcuirfear san áireamh forálacha an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Phrótacail a ghabhann leis maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothrománaí (1), agus go háirithe Airteagal 2(1) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Státchabhair,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún (2), leagtar amach uasmhéideanna carnacha na cabhrach de minimis a dheonaítear de réir an Bhallstáit i leith gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta le linn aon tréimhse 3 bliana fioscacha dá dtagraítear in Airteagal 3(3) agus Airteagal 3(3a) den Rialachán sin faoi seach.

(2)

An Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), comhaontú a bhfuil an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”) ina chuid dhílis de, is comhaontú é a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020.

(3)

An idirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, idirthréimhse ina raibh feidhm fós den chuid is mó ag dlí an Aontais maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus laistigh de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020.

(4)

Mar sin féin, le hAirteagal 10 den Phrótacal, foráiltear go mbeidh feidhm ag forálacha áirithe de dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an bPrótacal sin maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith bearta a dhéanann difear do thrádáil na dtáirgí talmhaíochta idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas.

(5)

Liostaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 i measc na bhforálacha sin.

(6)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Phrótacail, uasmhéideanna carnacha na Ríochta Aontaithe ina hiomláine faoi mar a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013, is uasmhéideanna iad ar gá gan ach méideanna comhfhreagracha Thuaisceart Éireann a chur ina n-ionad.

(7)

Chun cothroime iomaíochta a áirithiú, an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na mBallstát tráth a bunaíodh na hIarscríbhinní sin, is ar bonn an mhodha ríofa chéanna ba cheart na huasmhéideanna carnacha a ríomh le haghaidh Thuaisceart Éireann.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(1), pointe (b):

“(b)

cabhair do ghníomhaíochtaí a bhaineann le honnmhairiú chuig tríú tíortha nó chuig Ballstáit (*1), is é sin cabhair a bhaineann go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, le bunú agus le hoibriú líonra dáileacháin, nó le caiteachas reatha eile a bhaineann leis an ngníomhaíocht onnmhairiúcháin;

(*1)  Tá feidhm fós ag forálacha áirithe de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe, forálacha a bhaineann le Státchabhair i leith bearta a dhéanann difear don trádáil idir Tuaisceart Éireann agus an tAontas, rud atá i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hIarscríbhinn 5 den Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO C 384 I, 12.11.2019), agus ó tharla sin amhlaidh, aon tagairt do Bhallstát sa Rialachán seo, is tagairt í a fhorléireofar mar thagairt do Bhallstát nó don Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann”"

(2)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ina leagtar amach uasmhéid carnach chabhair de minimis na Ríochta Aontaithe:

“An Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann 29 741 417.”;

(3)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró ina leagtar amach uasmhéid carnach chabhair de minimis na Ríochta Aontaithe:

“An Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann 35 689 700.”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 248, 24.9.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9).

(3)  IO C 384 I, 12.11.2019.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/57


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2047 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun críche táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 48(3) agus 57(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún (2), leagtar amach liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe a dhéantar a aithint chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha.

(2)

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (3) rinneadh “Ecocert SA” le haghaidh Bhairéin a aithint ar dtús a mhéid a bhaineann le catagóir táirgí D. An ró a bhain le Bairéin i gcás chatagóir táirgí D, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 fágadh folamh go hearráideach é. Ní mór an earráid sin a cheartú.

(3)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, “Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)” [Saothróirí agus Tomhaltóirí Orgánacha Deimhnithe Florida, Crp., DBA mar Sheirbhísí Deimhnithe Cáilíochta], liostaítear é go hearráideach mar chomhlacht aitheanta i gCósta Ríce le haghaidh chatagóir táirgí A. Ina theannta sin, níor chuir an comhlacht rialaithe sonraí ar fáil maidir leis an gcineál táirgí ba mhian leis a dheimhniú le haghaidh chatagóir táirgí D i gCósta Ríce, agus dá bhrí sin is go hearráideach a rinneadh é a aithint le haghaidh na catagóire táirgí sin. Ní mór an iontráil ábhartha a cheartú.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a cheartú dá réir.

(5)

Rinneadh raon feidhme geografach an aitheantais a tugadh do “Ecocert SA” go hearráideach. Dá bhrí sin, an earráid sin a bhaineann le Bairéin i gcás chatagóir táirgí D, ba cheart í a cheartú go haisghníomhach ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325. An t-aitheantas a tugadh do “Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)” [Saothróirí agus Tomhaltóirí Orgánacha Deimhnithe Florida, Crp., DBA mar Sheirbhísí Deimhnithe Cáilíochta], is go hearráideach a rinneadh é a leathnú d’fhonn catagóirí táirgí A agus D a chumhdach i gCósta Ríce. Dá bhrí sin, ba cheart an earráid sin a cheartú go haisghníomhach ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).


IARSCRÍBHINN

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)

i bpointe 3 den iontráil a bhaineann le “Ecocert SA”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le Bairéin:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

“BH-BIO-154

Bairéin

x

x

x

—”

(2)

i bpointe 3 den iontráil a bhaineann le “Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)” [Saothróirí agus Tomhaltóirí Orgánacha Deimhnithe Florida, Crp., DBA mar Sheirbhísí Deimhnithe Cáilíochta], cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró a bhaineann le Cósta Ríce:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

“CR-BIO-144

Cósta Ríce

x

—”


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/60


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2048 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena bhformheastar aigéad L-(+)-lachtach mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 89(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Tá aigéad L-(+)-lachtach ar an liosta sin.

(2)

Rinneadh meastóireacht ar aigéad L-(+)-lachtach lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6, is é sin leasaithigh le haghaidh táirgí le linn a stórála, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ainmníodh an Ghearmáin ina Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil ar an measúnú mar aon lena conclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) an 3 Meán Fómhair 2020.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 75(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir le hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht (3) an 15 Meitheamh 2021, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil mheastóireachta.

(5)

De réir na tuairime sin, d’fhéadfaí coinne a bheith leis go gcomhlíonfadh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 ina bhfuil aigéad L-(+)-lachtach na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a bhaineann lena n-úsáid.

(6)

Agus tuairim na Gníomhaireachta á cur san áireamh, is iomchuí aigéad L-(+)-lachtach a fhormheas lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 faoi réir comhlíonadh coinníollacha áirithe.

(7)

Go háirithe, ós rud é go n-aicmítear aigéad L-(+)-lachtach maidir le creimeadh/greannú craicinn, fochatagóir 1C, agus damáiste agus greannú súl, Catagóir 1, mar a shonraítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an duine atá freagrach as substaintí nó meascáin a chur ar an margadh, ar substaintí nó meascáin iad a cóireáladh leis an tsubstaint ghníomhach nó a chuimsíonn an tsubstaint ghníomhach ag tiúchan as a leanann aicmiú maidir le creimeadh/greannú craicinn nó damáiste/greannú súl, ba cheart don duine sin a áirithiú go n-íoslaghdófar an risíocht don phobal i gcoitinne le bearta maolaithe riosca iomchuí.

(8)

Ós rud é go gcomhlíonann aigéad L-(+)-lachtach na critéir maidir lena aicmiú mar shubstaint atá creimneach don chonair riospráide mar a shonraítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, an duine atá freagrach as substaintí nó meascáin a chur ar an margadh, ar substaintí nó meascáin iad a cóireáladh leis an tsubstaint ghníomhach nó a chuimsíonn an tsubstaint ghníomhach ag tiúchan as a leanann aicmiú maidir le creimeadh don chonair riospráide, ba cheart don duine sin a áirithiú go n-íoslaghdófar an risíocht don phobal i gcoitinne le bearta maolaithe riosca iomchuí.

(9)

Chun úsáid shábháilte táirgí bithicídeacha ina bhfuil aigéad L-(+)-lachtach in earraí cóireáilte a ráthú agus chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí earraí cóireáilte roghanna eolasacha a dhéanamh, ba cheart don duine atá freagrach as earra a cóireáladh le haigéad L-(+)-lachtach nó a chuimsíonn an t-aigéad sin a áirithiú go soláthrófar ar lipéad an earra chóireáilte sin an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 58(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát nó, i gcás údarú Aontais, ba cheart don Choimisiún na treoracha ábhartha maidir le húsáid agus na réamhchúraimí atá le cur ar lipéad na n-earraí cóireáilte faoi Airteagal 58(3), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a shonrú san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh ina bhfuil aigéad L-(+)-lachtach.

(10)

Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá aigéad L-(+)-lachtach formheasta mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(3)  Biocidal Products Committee Opinion on the application for approval of the active substance: L-(+)-lactic acid, Product type: 6; ECHA/BPC/280/2021 [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar an tsubstaint ghníomhach a fhormheas: Aigéad L-(+)-lachtach, Cineál táirge: 6, ECHA/BPC/280/2021], arna glacadh an 15 Meitheamh 2021.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Uimhreacha Aitheantais

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1)

Dáta formheasa

Dáta éaga an fhormheasa

An cineál táirge

Coinníollacha sonracha

Aigéad L-(+)-lachtach

Ainm IUPAC:

Aigéad (2S)-2-hiodrocsaprópánóch

Uimh. CE: 201-196-2

Uimh. CAS: 79-33-4

≥ 955 g/kg (meáchan tirim)

An 1 Samhain 2023

An 31 Deireadh Fómhair 2033

6

Tá údarú táirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1.

Sa mheasúnú ar tháirgí tabharfar aird ar leith ar an risíocht, ar na rioscaí agus ar an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáidí a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh orthu sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais  (2) .

2.

I bhfianaise na rioscaí arna sainaithint i dtaca leis na húsáidí a ndearnadh measúnú orthu, tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas sa mheasúnú ar tháirgí:

(a)

úsáideoirí tionsclaíocha agus gairmiúla;

(b)

úsáideoirí neamhghairmiúla.

Tá earraí cóireáilte a chuirtear ar an margadh faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

1)

An duine atá freagrach as substaintí nó meascáin a chur ar an margadh, ar substaintí nó meascáin iad a cóireáladh le haigéad L-(+)-lachtach nó a chuimsíonn an t-aigéad sin ag tiúchan sa tsubstaint nó sa mheascán as a leanann aicmiú maidir le:

(a)

éifeachtaí áitiúla a bhaineann le creimeadh/greannú craicinn nó damáiste/greannú súile, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áiritheoidh sé go n-íoslaghdófar risíocht don phobal i gcoitinne trí bhearta maolaithe riosca iomchuí. Féadfar a áireamh ar na bearta sin úsáid a bhaint as foirmliú glóthach, pacáistíocht agus áis dáileogachta léi nó pacáistíocht agus blaosc féinscaoilte léi;

(b)

géarthocsaineacht maidir le creimneacht don chonair riospráide, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, áiritheoidh sé go n-íoslaghdófar risíocht aeriompartha don phobal i gcoitinne trí bhearta maolaithe riosca iomchuí. D’fhéadfadh lipéad a bheith san áireamh ar na bearta sin chun an méid seo a leanas a thabhairt le fios: gan é a chur isteach sa limistéir a cóireáladh go dtí go mbeidh sé tirim, nó gan é a úsáid i láthair an phobail i gcoitinne/i gcóngar don phobal i gcoitinne.

2)

Áiritheoidh an duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh a cóireáladh le haigéad L-(+)-lachtach nó a chuimsíonn an t-aigéad sin go gcuirfear ar fáil ar lipéad an earra chóireáilte sin an fhaisnéis a liostaítear sa dara fomhír d’Airteagal 58(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

3)

Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát nó, i gcás údarú Aontais, déanfaidh an Coimisiún na treoracha ábhartha maidir le húsáid agus na réamhchúraimí a shonrú ar lipéad na n-earraí cóireáilte faoi phointe (e) d’Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh ina bhfuil aigéad L-(+)-lachtach.


(1)  Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.

(2)  Biocidal Products Committee Opinion on the application for approval of the active substance: L-(+)-lactic acid, Product type: 6; ECHA/BPC/280/2021 [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar an tsubstaint ghníomhach a fhormheas: Aigéad L-(+)-lachtach, Cineál táirge: 6; ECHA/BPC/280/2021], arna glacadh an 15 Meitheamh 2021.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/64


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2049 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 a mhéid a bhaineann le húdaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 48(3), agus Airteagal 57(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/2325 ón gCoimisiún (2), leagtar amach an liosta de thríú tíortha a n-aithnítear go bhfuil a gcórais táirgthe agus a mbearta rialaithe chun táirgí talmhaíochta a tháirgeadh go horgánach coibhéiseach leis na córais táirgthe agus bearta rialaithe a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (3).

(2)

Chuir an India in iúl don Choimisiún gur chuir a húdarás inniúil an comhlacht rialaithe “TQ Cert Services Private Limited” ar fionraí agus dá bhrí sin gur cheart an comhlacht rialaithe sin a bhaint den liosta de chomhlachtaí rialaithe dá dtugann an India aitheantas.

(3)

Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun (AE) 2021/2325, leagtar amach an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe atá aitheanta chun críche coibhéise agus atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe a eisiúint i dtríú tíortha. I bhfianaise faisnéis nua agus iarrataí nua a fuair an Coimisiún ó ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325, ba cheart athruithe áirithe a dhéanamh ar an liosta sin.

(4)

Rinneadh fógraí maidir le cásanna neamh-chomhlíontachta i gCóras Faisnéise na Talmhaíochta Orgánaí “Control Union Certifications” [Rialú Deimhniúchán de chuid an Aontais] (BIO-149), “Ecocert SA” (BIO-154), “Lacon GmbH” (BIO-134) agus “OneCert International PVT Ltd” (BIO-152). Baineann na fógraí sin le héilliú líon mór coinsíneachtaí táirgí a táirgeadh san India, táirgí a dheimhnigh na comhlachtaí rialaithe sin mar choinsíneachtaí orgánacha. Éillíodh na táirgí sin le táirgí agus substaintí nach gceadaítear i dtáirgeadh orgánach agus/nó i dtáirgeadh traidisiúnta san Aontas ar leibhéil os cionn na n-Uasleibhéal Iarmhar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ba mhinic iad i bhfad os cionn na leibhéal sin. Áirítear ar na héillithe sin éilliú le hocsaíd eitiléine, éilliú atá carcanaigineach só-ghineach agus tocsaineach lena atáirgeadh, agus éillithe eile nach é.

(5)

Thairis sin, níor léirigh na comhlachtaí rialaithe sin gur táirgeadh táirgí orgánacha a allmhairíodh faoina rialú i gcomhréir leis na rialacha táirgthe ná go raibh siad faoi réir socruithe rialaithe atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (5) agus (CE) Uimh. 1235/2008 (6) ón gCoimisiún.

(6)

Ina theannta sin, ní dhearna na comhlachtaí rialaithe sin bearta ceartaitheacha mar fhreagairt ar na neamhrialtachtaí agus ar na sáruithe a tugadh faoi deara.

(7)

Ar gach ceann de na cúiseanna sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointí (d)(iv), (d)(v) agus (d)(vii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún (7), ba cheart na comhlachtaí rialaithe “Control Union Certifications”, “Ecocert SA”, “Lacon GmbH” agus “OneCert International PVT Ltd” a bhaint den liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a aithnítear le haghaidh na hIndia chun críche coibhéise faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007.

(8)

Thug “A CERT European Organization for Certification S.A” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh.

(9)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “BioGro New Zealand Limited”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir lena aitheantas a tharraingt siar i dtaca le gach tríú tír a n-aithnítear é ina leith i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(10)

Thug “Bureau Veritas Certification France SAS” fógra don Choimisiún maidir leis an athrú ar a sheoladh.

(11)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Ecocert SA” a ainm a athrú agus scrúdaigh sé an iarraidh sin. Chinn an Coimisiún, de réir na faisnéise a fuarthas, go bhfuil údar maith le hainm an chomhlachta rialaithe sin a athrú go “Ecocert SAS”.

(12)

Thug an comhlacht creidiúnaithe IOAS fógra don Choimisiún maidir le tarraingt siar a chreidiúnaithe a bhaineann leis an gcomhlacht rialaithe “FairCert Certification Services Pvt Ltd”. Chomh maith leis sin, d’iarr an Coimisiún ar an gcomhlacht rialaithe deimhniú creidiúnaithe bailí a chur ar fáil agus gníomhaíocht feabhais iomchuí thráthúil a dhéanamh. Mar sin féin, níor thug “FairCert Certification Services Pvt Ltd” freagra sásúil laistigh den sprioc-am a leagadh síos chun na críche sin. Ar deireadh, níor chuir “FairCert Certification Services Pvt Ltd” an fhaisnéis ar fad a bhaineann lena shainchomhad teicniúil in iúl don Choimisiún. Ar na trí chúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d)(iii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342, ba cheart “FairCert Certification Services Pvt Ltd” a bhaint den liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 maidir le gach tríú tír.

(13)

Thug “Kiwa Sativa” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh idirlín.

(14)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Lacon GmbH”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir lena aitheantas a tharraingt siar i dtaca le gach tríú tír a n-aithnítear é ina leith i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(15)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “LETIS S.A.”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir lena aitheantas a tharraingt siar i dtaca leis an Afganastáin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Cósta Eabhair, an Éigipt, an Aetóip, an Iaráin, an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Mholdóiv, Maracó, an Phacastáin, an Rúis, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin, an Úcráin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Úisbéiceastáin.

(16)

Thug an comhlacht creidiúnaithe IOAS fógra don Choimisiún maidir le tarraingt siar a chreidiúnaithe i dtaca le “LETIS S.A.” sa Tuirc. Chomh maith leis sin, d’iarr an Coimisiún ar an gcomhlacht rialaithe deimhniú creidiúnaithe bailí a chur ar fáil i ndáil leis an Tuirc agus gníomhaíocht feabhais iomchuí thráthúil a dhéanamh. Mar sin féin, níor thug “LETIS S.A.” freagra sásúil laistigh den sprioc-am a leagadh síos chun na críche sin. Ar an dá chúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d)(iii), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342, tá údar maith leis an aitheantas atá ag “LETIS S.A.” maidir leis an Tuirc a tharraingt siar.

(17)

Thug “OneCert International PVT Ltd” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh agus a sheoladh idirlín.

(18)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Oregon Tilth” maidir lena aitheantas maidir le Panama a tharraingt siar.

(19)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Organic Standard” chun a aitheantas maidir leis an Rúis a tharraingt siar.

(20)

Fuair an Coimisiún iarraidh ó “Soil Association Certification Limited”, agus rinne sé scrúdú ar an iarraidh sin, maidir le scor go deonach dá ghníomhaíochtaí maidir le gach tríú tír a n-aithnítear é ina leith i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325.

(21)

Thug “Tse-Xin Organic Certification Corporation” fógra don Choimisiún gur athraíodh a sheoladh.

(22)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2235 a leasú dá réir.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2325 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena mbunaítear, de bhun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an liosta de thríú tíortha agus an liosta d’údaráis rialaithe agus de chomhlachtaí rialaithe a rinneadh a aithint faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas (IO L 465, 29.12.2021, lch. 8).”

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334 12.12.2008, lch. 25).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1342 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin (IO L 292, 16.8.2021, lch. 20).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325, i bpointe 5 den iontráil le haghaidh na hIndia, scriostar an ró le haghaidh códuimhir IN-ORG-006.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2325 mar a leanas:

(1)

san iontráil le haghaidh “A CERT European Organization for Certification S.A.”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Seoladh: 52, 19is Maiou Street, 57001 Thessaloniki, an Ghréig”;

(2)

scriostar an iontráil le haghaidh “BioGro New Zealand Limited”;

(3)

san iontráil le haghaidh “Bureau Veritas Certification France SAS”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Seoladh idirlín: https://www.bureauveritas.fr/besoin/agriculture-biologique-certification-bio”;

(4)

sa tábla i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “Control Union Certifications”, scriostar an ró le haghaidh na hIndia;

(5)

leasaítear an iontráil le haghaidh “Ecocert SA” mar a leanas:

(a)

cuirtear an t-ainm “Ecocert SAS” in ionad “Ecocert SA”;

(b)

sa tábla i bpointe 3, scriostar an ró le haghaidh na hIndia;

(6)

scriostar an iontráil le haghaidh “FairCert Certification Services Pvt Ltd”;

(7)

san iontráil le haghaidh “Kiwa Sativa”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Seoladh idirlín: www.kiwa.com/pt”;

(8)

scriostar an iontráil le haghaidh “Lacon GmbH”;

(9)

san iontráil le haghaidh “LETIS S.A.”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Na códuimhreacha, na tríú tíortha agus na catagóirí táirgí lena mbaineann:

Códuimhir

Tríú tír

Catagóir táirgí

A

B

C

D

E

F

AR-BIO-135

an Airgintín

x

x

BO-BIO-135

an Bholaiv

x

x

BR-BIO-135

an Bhrasaíl

x

x

x

BZ-BIO-135

an Bheilís

x

x

x

CO-BIO-135

an Cholóim

x

x

x

CR-BIO-135

Cósta Ríce

x

DO-BIO-135

an Phoblacht Dhoiminiceach

x

x

x

EC-BIO-135

Eacuadór

x

x

GT-BIO-135

Guatamala

x

x

x

HN-BIO-135

Hondúras

x

x

x

KY-BIO-135

Oileáin Cayman

x

x

MX-BIO-135

Meicsiceo

x

PA-BIO-135

Panama

x

x

x

PE-BIO-135

Peiriú

x

x

PY-BIO-135

Paragua

x

x

SV-BIO-135

an tSalvadóir

x

x

x

UY-BIO-135

Uragua

x

—"

(10)

leasaítear an iontráil le haghaidh “OneCert International PVT Ltd” mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 agus 2:

“1.

Seoladh: KA-23B, Near Greenphield Public School, Shri Ram Colony, Ramnagar Ext., Sodala, Jaipur, 302019, Rajasthan, an India

2.

Seoladh idirlín: www.onecertinternational.com”;

(b)

sa tábla i bpointe 3, scriostar an ró le haghaidh na hIndia;

(11)

sa tábla i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “Oregon Tilth”, scriostar an ró le haghaidh Phanama;

(12)

sa tábla i bpointe 3 den iontráil le haghaidh “Organic Standard”, scriostar an ró le haghaidh na Rúise;

(13)

scriostar an iontráil le haghaidh “Soil Association Certification Limited”.

(14)

san iontráil le haghaidh “Tse-Xin Organic Certification Corporation.”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Seoladh: Xizhi District, Cathair: 221416 New Taipei City, 26 F, No. 95, Sec. 1, Xintai 5th Rd.”.


CINNTÍ

25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/70


CINNEADH (AE) 2022/2050 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2022

lena gceaptar comhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na hOstaire,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 17 Feabhra 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/235 (2), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún. An 21 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/1000 (3), lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Christopher DREXLER éirí as oifig.

(4)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis cheapadh Hannes WENINGER mar chomhalta de Choiste na Réigiún.

(5)

Mhol rialtas na hOstaire Werner AMON, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás réigiúnach, Landesrat, Steiermärkische Landesregierung (Comhalta den Rialtas Cúige, Rialtas Cúige Styria), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

(6)

Mhol rialtas na hOstaire Thomas STEINER, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Mitglied des Gemeinderats von Eisenstadt (Comhalta den Chomhairle Cathrach Eisenstadt), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus sainordú toghchánach acu, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Werner AMON, Landesrat, Steiermärkische Landesregierung (Comhalta den Rialtas Cúige, Rialtas Cúige Styria),

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

Thomas STEINER, Mitglied des Gemeinderats von Eisenstadt (Comhalta den Chomhairle Cathrach Eisenstadt).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 18 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/235 ón gComhairle an 17 Feabhra 2020 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún (IO LI 47, 20.2.2020, lch. 7).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/1000 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún (IO L 168, 27.6.2022, lch. 78).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/72


CINNEADH (CBES) 2022/2051 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Deireadh Fómhair 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1763 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle ar Chinneadh (CBES) 2015/1763, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023 agus ba cheart triúr a bhaint de liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1763 iad.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1763 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1763 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6, an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo í.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. HUBÁČKOVÁ


(1)  Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, 2.10.2015, lch. 37).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1763 (Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

iontráil 1 (Godefroid BIZIMANA),

iontráil 2 (Gervais NDIRAKOBUCA ailias NDAKUGARIKA),

iontráil 4 (Léonard NGENDAKUMANA).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/74


CINNEADH (CBES) 2022/2052 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 25 Deireadh Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/638/CBES (1) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/638/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha sin go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2023.

(3)

Measann an Chomhairle gur cheart teideal Chinneadh 2010/638/CBES a leasú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/638/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/638/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Ghuine”;

(2)

cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 8(2):

“2.   Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 27 Deireadh Fómhair 2023. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. HUBÁČKOVÁ


(1)  Cinneadh 2010/638/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na Guine (IO L 280, 26.10.2010, lch. 10).


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/75


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2053 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Deireadh Fómhair 2022

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le béilí veigeánacha”, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7418)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2022 rinneadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le béilí veigeánacha” a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(2)

Is é is cuspóir don tionscnamh, mar a chuir an lucht eagair in iúl é, “an rogha mhalartach veigeánach a chur ar fáil go sainráite i gcónaí sna spásanna príobháideacha agus poiblí ina ndíoltar bia agus deochanna san Eoraip. Is ar mhaithe leo siúd ar veigeánaigh iad agus ar mhaithe leo siúd a urramaíonn an ceart chun rogha malartaí veigeánaí atá an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le BÉILÍ VEIGÉANACHA, sin agus ar mhaithe le gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide trí bhia plandabhunaithe a chur ar fáil ar bhealach níos éasca do thomhaltóirí an Aontais sa saol laethúil. Ní cuid den aiste bia veigeánach neamhchruálach dúshaothrú agus marú ainmhithe, agus ar an gcaoi sin freagraíonn an aiste bia chéanna don fheasacht chomhchoiteann atá ag teacht chun cinn maidir le cearta ainmhithe. Thairis sin, athraíonn an aiste bia veigeánach an rogha atá ann maidir le gníomhaíochtaí, struchtúir agus lóistíocht táirgthe agus fostaíochta lena ngabhann níos lú truaillithe. Leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le BÉILÍ VEIGEÁNACHA táthar ag iarraidh go ndéanfaí cuid de dhíol bia agus deochanna leis an bpobal san Eoraip, go ndéanfaí cuid de sin an rogha mhalartach veigeánach de réir dlí, agus táthar ag súil gurb é an toradh a bheidh ar rannpháirtíocht saoránach Eorpach go bhformheasfar dlí de chuid an Aontais a rachaidh go mór chun tairbhe don phláinéad, i.e. ó thaobh maolú ar an ngéarchéim aeráide, ar dhíothú speiceas fiáin, ar an dífhoraoisiú, ar dhramhbhia agus ar an míchothú, sin agus ó thaobh talamh a úsáid ar bhealach níos fearr agus cosaint don bheatha mhuirí.”

(3)

Tá iarscríbhinn ann, chomh maith le doiciméad breise, ina dtugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh, trí na cúiseanna atá ann le tacú leis an tionscnamh a leagan amach agus a shonrú. An rogha mhalartach veigeánach a chur ar fáil mar chuid de dhíol bia agus deochanna leis an bpobal i spásanna príobháideacha agus poiblí, maíonn an lucht eagair gur rud é a fhágann go mbíonn sé níos éasca an rogha mhalartach veigeánach a rochtain agus gur féidir costas an bhia a laghdú, agus gur rud é a chabhraíonn leis an ngéarchéim aeráide a chomhrac trí chur leis an méid bia phlandabhunaithe a itear. “Ach infhaighteacht bia veigeánaigh a éascú in earnálacha poiblí agus príobháideacha a bhaineann le díol bia agus deochanna, is lú truailliú i bhfoirm astaíochtaí CO2 agus éilliú comhshaoil a bhíonn ann, is lú uisce a úsáidtear agus is lú a fhulaingíonn ainmhithe”, a deir an lucht eagair.

(4)

A mhéid a bhaineann le cuspóir an tionscnaimh oibleagáid dhlíthiúil a thabhairt isteach, is é sin oibleagáid ar oibreoirí sa mhargadh miondíola bia agus deochanna táirgí veigeánacha a chur ar fáil, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh ar bhonn Airteagal 114 CFAE. Ina theannta sin, sa mhéid go bhféadfadh an tionscnamh difear a dhéanamh do bhearta sonracha faoin gcomhbheartas talmhaíochta, nó sa mhéid go bhféadfadh na bearta sin a bheith ag teastáil faoi, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí le haghaidh gníomhartha dlí a chur i láthair ar bhonn Airteagal 43 CFAE.

(5)

Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh lasmuigh, go follasach, de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(6)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(7)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an lucht eagair go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(8)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais arna leagan amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le béilí veigeánacha” a chlárú.

(10)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é lucht eagair an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an luchta eagair in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le béilí veigeánacha”.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe chuig lucht eagair an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal “Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh maidir le béilí veigeánacha”, grúpa a bhfuil Paola SGARBAZZINI agus Nora PAGLIONICO ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 18 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.


25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/77


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2054 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2022

maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge Preventol A 12 TK 50 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7408)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Samhain 2016, chuir an chuideachta Lanxess Deutschland GmbH (“an t-iarratasóir”) iarratas isteach ar aitheantas frithpháirteach comhthreomhar le haghaidh an táirge bhithicídigh Preventol A 12 TK 50 (“an táirge bithicídeach”) chuig na húdaráis inniúla i roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Fhrainc, an tSualainn agus an Ghearmáin, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is leasaitheach sceo de chineál táirge 7 é an táirge bithicídeach, táirge ina bhfuil própaconasól mar shubstaint ghníomhach agus atá le húsáid ag úsáideoirí tionsclaíocha chun péinteanna agus bratuithe uisce-bhunaithe agus bunaithe ar thuaslagóirí a chaomhnú. Is í an Ísiltír an Ballstát tagartha atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(2)

An 16 Meán Fómhair 2020, tharchuir an Ghearmáin agóidí chuig an ngrúpa comhordúcháin inar léiríodh nach n-áirithítear le coinníollacha an údaraithe a leag an Ísiltír síos go gcomhlíonann an táirge bithicídeach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

An 17 Meán Fómhair 2020, d’iarr rúnaíocht an ghrúpa comhordúcháin ar na Ballstáit eile lena mbaineann agus ar an iarratasóir barúlacha i scríbhinn a chur isteach maidir leis an tarchur. Chuir an t-iarratasóir barúlacha i scríbhinn isteach an 29 Meán Fómhair 2020. Pléadh an tarchur sa ghrúpa comhordúcháin an 21 Deireadh Fómhair 2020 agus bhí an t-iarratasóir rannpháirteach ann.

(4)

Maidir le bearta maolaithe riosca i ndáil le hearraí a cóireáladh leis an táirge nó a chuimsíonn an táirge sin a chur ar an margadh, measann an Ghearmáin nach féidir na bearta sin a chur san áireamh in údarú táirge bhithicídigh ach amháin má tagraíodh dóibh sna coinníollacha maidir le substaint ghníomhach a fhormheas. Ós rud é nach n-áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 ón gCoimisiún (2) na bearta maolaithe riosca is gá chun earraí a cóireáladh leis an táirge nó a chuimsíonn an táirge a chur ar an margadh, measann an Ghearmáin nach féidir na bearta maolaithe riosca a mhol an Ísiltír i ndáil le hearraí cóireáilte a chur ar an margadh a áireamh in údarú an táirge bhithicídigh. Dá bhrí sin, de réir na Gearmáine, ós rud é nach féidir aghaidh cheart a thabhairt in údarú an táirge bhithicídigh ar éifeachtaí do-ghlactha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a d’eascródh as úsáid an táirge bhithicídigh, níor cheart an táirge a údarú.

(5)

Ós rud é nár tháinig an grúpa comhordúcháin ar aon chomhaontú maidir leis an agóid a rinne an Ghearmáin, an 16 Nollaig 2021 tharchuir an Ísiltír an agóid nach raibh réitithe chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ar an gcaoi sin chuir sí ráiteas mionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an tsaincheist faoinar theip ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú agus na cúiseanna a bhí lena n-easaontas. Cuireadh an ráiteas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gur ceann de na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú is ea go suitear, de réir na gcomhphrionsabal le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar na sainchomhaid do tháirgí bithicídeacha a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, nach bhfuil aon éifeacht dho-ghlactha ag an táirge bithicídeach féin, ná mar thoradh ar a iarmhair, ar shláinte daoine agus ainmhithe, ná ar an gcomhshaol.

(7)

In Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déantar foráil gur cheart a chur san áireamh sa mheastóireacht ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann táirge bithicídeach na critéir a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal sin, an chaoi a bhféadfar earraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó ina bhfuil an táirge bithicídeach a úsáid.

(8)

Foráiltear le hAirteagal 58(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nach gcuirfear earra cóireáilte ar an margadh mura rud é go n-áirítear gach substaint ghníomhach atá sa táirge bithicídeach lenar cóireáladh é nó a chuimsíonn iad ar an liosta a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán sin, i gcás an chineáil táirge ábhartha agus na húsáide ábhartha, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus foráiltear leis go gcomhlíonfaí aon choinníoll nó srian a shonraítear ann. Tháinig an Ísiltír ar an gconclúid go n-eascródh éifeachtaí do-ghlactha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as úsáid an táirge bhithicídigh, ar éifeachtaí iad a fhágann go mbeidh gá le bearta maolaithe riosca a chur san áireamh in údarú an táirge bhithicídigh, bearta maidir le hearraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó a chuimsíonn an táirge bithicídeach a chur ar an margadh agus a úsáid. Sna coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 ní áirítear bearta sonracha maolaithe riosca i ndáil le hearraí a cóireáladh le própaconasól nó a chuimsíonn própaconasól a chur ar an margadh, agus ní fhoráiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát na bearta maolaithe riosca sin a leagan síos in údarú táirgí bithicídeacha ina bhfuil própaconasól maidir le cineál táirge 7, bearta a mbeadh gá leo chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí do-ghlactha arna sainaithint do shláinte an duine agus don chomhshaol a d’eascródh as úsáid earraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó a chuimsíonn an táirge bithicídeach.

(9)

Tar éis don Choimisiún an fhaisnéis uile a scrúdú go cúramach, tuigeann sé nach féidir comhlíonadh na gcoinníollacha in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis an táirge bithicídeach a áirithiú trí choinníollacha a fhorchur ar úsáid na dtáirgí bithicídeacha sna hearraí cóireáilte gan oibleagáidí a fhorchur go comhuaineach ar na daoine a chuireann earraí cóireáilte a chuimsíonn na táirgí bithicídeacha sin ar an margadh. Mar sin féin, ós rud é nár leagadh síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 na coinníollacha nó na srianta is gá chun úsáid shábháilte an táirge bhithicídigh a áirithiú inar cuireadh san áireamh an chaoi ar féidir earraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó ina bhfuil an táirge bithicídeach a úsáid, agus ós rud é nach féidir iad a leagan síos in údarú an táirge bhithicídigh, dá n-úsáidfí an táirge bithicídeach sna hearraí cóireáilte bheadh éifeachtaí do-ghlactha aige sin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol.

(10)

Dá bhrí sin, ós rud é nach féidir úsáid shábháilte an táirge bhithicídigh in earraí cóireáilte a áirithiú trí choinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na dtáirgí bithicídeacha sna hearraí cóireáilte gan oibleagáidí a fhorchur go comhuaineach ar dhaoine a chuireann earraí cóireáilte ar an margadh amháin, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an táirge na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(11)

An 21 Meitheamh 2022, thug an Coimisiún an deis don iarratasóir barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. An 18 Iúil 2022, chuir an t-iarratasóir barúlacha i scríbhinn ar fáil agus chuir an Coimisiún san áireamh iad.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ós rud é nach féidir úsáid shábháilte an táirge bhithicídigh in earraí cóireáilte a áirithiú ach amháin trí choinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na dtáirgí bithicídeacha sna hearraí cóireáilte, ní chomhlíonann an táirge bithicídeach a shainaithnítear leis an gcásuimhir BC-HHH028132-58 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2015 lena bhformheastar própaconasól mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 (IO L 249, 25.9.2015, lch. 17).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

25.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 275/80


Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh UNECE faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais TRANS/WP.29/343 UNECE, doiciméad atá ar fáil ag:

https://unece.org/status-1958-agreement-and-annexed-regulations

Rialachán Uimh. 147 de chuid NA – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú comhpháirteanna cúplála meicniúla de chónaisc feithiclí talmhaíochta [2022/2055]

Dáta theacht i bhfeidhm: 2 Eanáir 2019

Is áis doiciméadúcháin amháin an doiciméad seo. Is é an téacs atá barántúil agus ceangailteach de réir dlí: ECE/TRANS/WP.29/2018/69.

ÁBHAR

RIALACHÁN

1.

Raon feidhme

2.

Sainmhínithe

3.

Iarratas ar cheadú feiste nó comhpháirte cúplála meicniúla

4.

Ceanglais ghinearálta maidir le ceadú feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla

5.

Iarratas ar cheadú feithicle atá feistithe le feiste nó comhpháirt cúplála meicniúla

6.

Ceanglais ghinearálta maidir le feithiclí atá feistithe le feiste nó comhpháirt chúplála meicniúla

7.

Marcálacha

8.

Ceadú

9.

Modhnuithe ar an bhfeiste nó ar an gcomhpháirt chúplála meicniúla, nó ar an bhfeithicil agus ar shíneadh an cheadaithe

10.

Nósanna imeachta maidir le comhréireacht táirgeachta

11.

Pionóis mar gheall ar neamhchomhréireacht táirgeachta

12.

Scor cinntitheach den táirgeadh

13.

Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Cineálcheadaithe

IARSCRÍBHINNÍ

1

Teachtaireacht maidir le feistí agus comhpháirteanna

2

Teachtaireacht maidir le feithiclí

3

Sampla de shocrú an mhairc ceadaithe

4

Samplaí de shocruithe maidir le luachanna saintréitheacha a mharcáil

5

Ceanglais maidir le feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla le haghaidh feithiclí i gcatagóirí T, R agus S

6

Tástáil feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla le haghaidh feithiclí i gcatagóirí T, R agus S

7

Suiteáil agus ceanglais speisialta

1.   RAON FEIDHME

1.1.

Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais a chomhlíonfaidh feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla chun go measfar go hidirnáisiúnta iad mar chomhoiriúnach go frithpháirteach agus inmhalartaithe.

1.2.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le feistí agus comhpháirteanna atá beartaithe le haghaidh feithiclí i gcatagóirí T, R nó S (1) (feithiclí talmhaíochta) atá beartaithe cónasc feithiclí a dhéanamh. (2)

1.3.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

1.3.1.

Feistí agus comhpháirteanna caighdeánacha mar a shainmhínítear i mír 2.2.;

1.3.2.

Feistí agus comhpháirteanna neamhchaighdeánacha mar a shainmhínítear i mír 2.3.;

1.3.3.

Feistí agus comhpháirteanna ilghnéitheacha neamhchaighdeánacha mar a shainmhínítear i mír 2.4.

1.4.

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le hardaitheoirí cumhachta (nascóir trí phointe) ná maidir le nascghéaga íochtair tarracóra agus a naisc leis an bhfeithicil a tharraingítear.

2.   SAINMHÍNITHE

Chun críocha an Rialacháin seo:

2.1.

Ciallaíonn ‘Feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla’ na míreanna uile ar an bhfráma, na páirteanna ualachiompartha den chabhalra agus d’fhonnadh na mótarfheithicle agus an leantóra trína gceanglaítear le chéile iad chun an cónasc feithiclí nó na feithiclí altacha a dhéanamh. Áirítear leis sin páirteanna fosaithe, inaistrithe nó inbhainte chun an fheiste nó an chomhpháirt chúplála meicniúla a cheangal nó a oibriú.

2.1.1.

Baintear ceanglas cúplála uathoibríche amach más leordhóthanach é an fheithicil tarraingthe a chúlú in aghaidh an leantóra chun an chúpláil a oibriú go hiomlán, í a chur faoi ghlas go huathoibríoch agus oibriú ceart na bhfeistí glasála gan aon idirghabháil sheachtrach a chur in iúl.

2.2.

Tá ‘Feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla caighdeánacha’ comhréireach le toisí caighdeánacha agus luachanna saintréitheacha mar a thugtar sa Rialachán seo. Tá siad inmhalartaithe laistigh dá n-aicme, neamhspleách ar an monaróir i ndáil le toisí suiteáilte agus féadtar iad a cheangal d’fheistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla caighdeánacha den aicme iomchuí i gcomhréir le Tábla 2 in Iarscríbhinn 5.

2.3.

Níl ‘Feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla neamhchaighdeánacha’ comhréireach ar gach slí leis na toisí caighdeánacha agus leis na luachanna saintréitheacha a thugtar sa Rialachán seo ach féadtar iad a cheangal d’fheistí agus comhpháirteanna cúplála caighdeánacha san aicme ábhartha.

2.4.

Níl ‘Feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla ilghnéitheacha neamhchaighdeánacha’ comhréireach le toisí caighdeánacha agus le luachanna saintréitheacha mar a thugtar sa Rialachán seo agus ní fhéadtar iad a cheangal d’fheistí agus comhpháirteanna cúplála caighdeánacha. Áirítear leo sin, mar shampla, feistí nach gcomhfhreagraíonn d’aon cheann de na haicmí a go r a liostaítear i mír 2.6., ach a chomhfhreagraíonn do chaighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana féin.

2.5.

Féadfaidh níos mó ná aon chomhpháirt amháin a bheith i bhfrámaí tarraingthe agus féadfaidh siad a bheith inchoigeartaithe go tapa ó thaobh airde de nó le pionnaí.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le frámaí tarraingthe ar aonaid ar leithligh iad, nach cuid struchtúrach den tarracóir iad.

2.6.

Aicmítear feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla de réir a gcineáil mar a leanas:

2.6.1.

Aicme a80

Meall cúplála 80 agus pláta coinneála a úsáideann feiste sféarúil agus bracanna ar an bhfeithicil tarraingthe chun an leantóir a cheangal trí bhíthin ceann Cúplála 80 scríobaire meallchruthach.

2.6.2.

Aicme b80

Tá cuas sféarúil 80 mm ag an gceann Cúplála 80, feistithe ar bharra tarraingthe an leantóra chun ceangal le meall Cúplála 80.

2.6.3.

Aicme c40

Cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí, le pionna (trastomhas 30 mm go 38 mm), giall agus dúnadh uathoibríoch nó neamh-uathoibríoch agus pionna glasála ar an bhfeithicil tarraingthe chun í a cheangal den leantóir trí bhíthin fáinne cúplála

2.6.4.

Aicme d40-1

Súile barra tarraingthe 40 ag a bhfuil poll sorcóireach atá oiriúnach le haghaidh pionna (trastomhas 30 mm go 38 mm) agus tiús ainmniúil 30,5 mm, agus atá feistithe le barra tarraingthe leantóirí chun iad a cheangal de chúpláin de chineál cleibhí.

2.6.5.

Aicme d40-2

Súile barra tarraingthe 40 ag a bhfuil poll sorcóireach atá oiriúnach le haghaidh pionna (trastomhas 30 mm go 38 mm) agus tiús ainmniúil 42 mm, agus atá feistithe le barra tarraingthe leantóra chun iad a cheangal de chúplán de chineál cleibhí.

2.6.6.

Aicme d50

Súil bharra tarraingthe toróideach ag a bhfuil poll ar trastomhas 50 mm, atá feistithe le barraí tarraingthe leantóra chun ceangal de chrúca nascaire (aicme g) nó de chúplán piotón (aicme h)

2.6.6.1.

Aicme d50-1

Súil bharra tarraingthe toróideach ag a bhfuil poll ar trastomhas 50 mm agus trastomhas ainmniúil den trasghearradh 30 mm, atá feistithe le barraí tarraingthe leantóirí chun iad a cheangal de chrúca nascaire (aicme g) nó de chúplán piotón (aicme h)

2.6.6.2.

Aicme d50-2

Súil bharra tarraingthe toróideach ag a bhfuil poll ar trastomhas 50 mm agus trastomhas ainmniúil den trasghearradh 41 mm ar a mhéad, atá feistithe le barraí tarraingthe leantóirí chun iad a cheangal de chrúca nascaire (aicme g)

2.6.7.

Aicme e

Barraí tarraingthe neamhchaighdeánacha atá comhdhéanta de bharraí tarraingthe gabhlacha agus eile, feistí forthiomána agus míreanna trealaimh comhchosúla suiteáilte ar thosach na feithicle a tharraingítear, nó ar fhonnadh na feithicle, atá oiriúnach chun iad a chúpláil leis an bhfeithicil tarraingthe trí bhíthin fáinní cúplála. Súile barra tarraingthe, ceann cúplála scríobaire meallchruthach nó feistí cúplála comhchosúla.

Féadtar barraí tarraingthe a bheith ar insí le go bhféadfaidh siad gluaiseacht go réidh i bplána ceartingearach gan bheith mar thaca d’aon ualach ceartingearach nó féadfaidh siad a bheith fosaithe i bplána ceartingearach le bheith mar thaca d’ualach ceartingearach (barraí tarraingthe dochta). Féadfaidh barraí tarraingthe dochta a bheith go hiomlán docht nó féadtar iad a shuiteáil le sprionga nó ar bhealach inchoigeartaithe (e.g. go hiodrálach).

Féadfaidh barraí tarraingthe a bheith comhdhéanta de níos mó ná comhpháirt amháin agus féadfaidh siad a bheith inchoigeartaithe nó casta.

2.6.8.

Aicme f

Frámaí tarraingthe neamhchaighdeánacha atá comhdhéanta de na comhpháirteanna agus feistí ar fad idir na feistí cúplála, amhail cúplán cleibhí, cúplán mill, etc. agus cuid chúil an tarracóra (mar shampla an tras-seoladh, an cabhalra ualachiompartha nó an fonnadh).

2.6.9.

Aicme g

Crúcaí nascaire ag a bhfuil pláta coinneála agus feiste íslithe a oibrítear ag úsáid cumhacht sheachtrach le haghaidh cúpláil agus díchúpláil cianrialaithe chun ceangal den leantóir ag úsáid fáinní nascóra nó súile barraí tarraingthe.

2.6.10.

Aicme h

Cúpláin phiotón ag a bhfuil pláta coimeádta atá ceangailte den leantóir trí bhíthin fáinní nascóra nó súile barraí tarraingthe.

2.6.11.

Aicme i

Cúpláin bharra tarraingthe tarracóra neamhsclóine timpeall ar fhad-ais.

2.6.12.

Aicme j

Súile barra tarraingthe atá feistithe le barraí tarraingthe leantóra chun ceangal de bharra tarraingthe leantóra (aicme i).

2.6.13.

Aicme q

Cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí neamhsclóine timpeall ar fhad-ais.

2.6.14.

Aicme r

Súil bharra tarraingthe, sclóin timpeall ar fhad-ais, ag a bhfuil trasghearradh ciorclach agus atá feistithe le barra tarraingthe leantóirí chun ceangal de chúpláin neamhsclóine de chineál cleibhí (aicme q).

2.6.15.

Aicme s

Feistí agus comhpháirteanna cúplála nach bhfuil comhréireach le haon ceann de na haicmí a go r agus a úsáidtear le haghaidh feidhmeanna speisialta agus a chumhdaítear go ginearálta le caighdeáin náisiúnta nó idirnáisiúnta atá ann cheana féin (atá uathúil i leith tíortha áirithe).

2.7.

Is feistí agus comhpháirteanna iad córais chianrialaithe’ lena gcumasaítear oibriú na feiste cúplála ó thaobh na feithicle nó ó chábán tiománaí na feithicle.

2.8.

Is feistí agus comhpháirteanna iad ciantáscairí’ a chuireann in iúl go bhfuil cúpláil curtha i bhfeidhm agus go bhfuil na feistí glasála á n-oibriú.

2.9.

Ciallaíonn ‘cineál feiste nó comhpháirt cúplála’ feiste nó comhpháirt nach bhfuil éagsúil i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail:

2.9.1.

Trádainm nó marc an mhonaróra nó an tsoláthróra;

2.9.2.

Aicme an chúpláin mar a shainmhínítear i mír 2.6.;

2.9.3.

An cruth seachtrach, na príomh-thoisí nó an difríocht bhunúsach sa dearadh lena n-áirítear ábhair arna n-úsáid; agus

2.9.4.

Na luachanna saintréitheacha D, Dc, S, Av agus V mar a shainmhínítear i mír 2.10.

2.10.

Déantar na luachanna saintréitheacha D, Dc, S, Av agus V a shainmhíniú nó a chinneadh mar:

2.10.1.

Is é an luach D nó Dc an luach tagartha teoiriciúil le haghaidh na bhfórsaí cothrománacha san fheithicil tarraingthe agus sa leantóir agus úsáidtear é mar an bonn le haghaidh ualach cothrománach sna tástálacha dinimiciúla.

Maidir le feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla nach bhfuil deartha chun tacú le hualaí ceartingearacha forchurtha, is éard atá sa luach:

Formula

Maidir le feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla le haghaidh leantóirí barra tarraingthe docht mar a shainmhínítear i 2.12., is éard atá sa luach:

Formula

I gcás inarb amhlaidh:

T

uasmhais na feithicle tarraingthe atá incheadaithe go teicniúil, i dtonaí. I gcás inarb ábhartha, áirítear leis sin an t-ualach ceartingearach arna fhorchur le tarracóir barra tarraingthe docht. (3)

R

an uasmhais is incheadaithe go teicniúil, i dtonaí, le haghaidh leantóir ag a bhfuil barra tarraingthe atá saor le gluaiseacht i bplána ceartingearach, nó le haghaidh leathleantóra.3

C

an mhais, i dtonaí, arna tras-seoladh chun na talún ag acastóir nó acastóirí an leantóra barra tarraingthe dhocht, mar a shainmhínítear i mír 2.12., nuair atá sé cúpláilte leis an bhfeithicil tarraingthe agus ualaithe chuig an uasmhais is incheadaithe go teicniúil.2

g

an luasghéarú de bharr domhantarraingthe (a nglactar leis gur 9,81 m/s2 é)

S

mar a shainmhínítear i mír 2.10.2.

2.10.2.

Is éard atá i luach S, an mhais cheartingearach, i gcileagraim, a fhorchuireann an leantóir barra tarraingthe docht ar an gcúplán, faoi riocht statach, mar a shainmhínítear i mír 2.12., den uasmhais is incheadaithe go teicniúil.3

2.10.3.

Is éard atá i luach Av, uasmhais acastóra incheadaithe an acastóra stiúrtha, i dtonaí, i gcás leantóirí ag a bhfuil barraí tarraingthe ar insí.

2.10.4.

Is éard atá i luach V, luach tagartha teoiriciúil aimplitiúid an fhórsa cheartingearaigh a fhorchuirtear ar an gcúplán ag leantóir barra tarraingthe docht d’uasmhais is incheadaithe go teicniúil atá níos mó ná 3,5 thona. Úsáidtear an luach V mar an bonn le haghaidh fórsaí ceartingearacha sna tástálacha dinimiciúla.

Formula

2.11.

Siombailí agus sainmhínithe arna n-úsáid in Iarscríbhinn 6 a ghabhann leis an Rialachán seo.

Av

=

uasmhais acastóra incheadaithe an acastóra stiúrtha, i dtonaí, i gcás leantóirí ag a bhfuil barraí tarraingthe ar insí.

C

=

mais leantóra barra tarraingthe dhocht i dtonaí – féach mír 2.10.1. den Rialachán seo.

D

=

Luach D in kN – féach mír 2.10.1. den Rialachán seo.

Dc

=

Luach Dc in kN le haghaidh leantóirí barra tarraingthe dhocht – féach mír 2.10.1. den Rialachán seo.

R

=

mais na feithicle a tharraingítear i dtonaí – féach mír 2.10.1. den Rialachán seo.

T

=

mais na feithicle tarraingthe i dtonaí – féach mír 2.10.1. den Rialachán seo.

Fs

=

fórsa ardaithe statach in kN.

Fh

=

comhpháirt chothrománach d’fhórsa tástála i bhfad-ais feithicle in kN.

Fv

=

comhpháirt cheartingearach d’fhórsa tástála in kN.

S

=

mais cheartingearach statach in kg.

V

=

Luach-V in kN – féach mír 2.10.4. den Rialachán seo.

g

=

luasghéarú de bharr domhantarraingthe, a nglactar leis gur 9,81 m/s2 é.

vuas

=

Is é vuas an t-uasluas deartha ar ina leith a dhéantar tástáil agus ceadú ar an bhfeiste cúplála agus ar an bhfeithicil, faoi seach, maidir leis an rialachán seo

Foscripteanna:

O

=

fórsa tástála uasta

U

=

fórsa tástála íosta

s

=

fórsa statach

h

=

cothrománach

p

=

bíogach

res

=

comhthoraidh

v

=

ceartingearach

w

=

fórsa ailtéarnach

2.12.

Ciallaíonn ‘leantóir barra tarraingthe dhocht’ feithicil a tharraingítear le hacastóir amháin nó le grúpa acastóirí, le barra tarraingthe nach bhfuil in ann rothlú i gcoibhneas leis an bhfeithicil nó, mar gheall ar chóras crochta a bheith ann (mar shampla), nach bhfuil in ann rothlú ach méid teoranta timpeall ar acastóir amháin – comhthreomhar le dromchla an bhóthair agus trasnach leis an treo taistil – agus atá in ann fórsaí ceartingearacha a thras-seoladh chuig an bhfeithicil tarraingthe. Iompraíonn an fheithicil tarraingthe cuid de mheáchan leantóra den sórt sin. Meastar gur barra tarraingthe docht é barra tarraingthe altach atá inchoigeartaithe go hiodrálach. (4)

2.13.

Ciallaíonn ‘cúpláil mheicniúil dheimhneach’ go mbeidh dearadh agus geoiméadracht feiste agus a comhpháirteanna amhail is nach n-osclóidh sí agus nach ndíghníomhachtóidh sí faoi ghníomhaíocht aon fhórsa nó comhpháirteanna d’fhórsaí a mbíonn sí faoina réir le linn gnáthúsáide nó tástála.

2.14.

Ciallaíonn ‘cineál feithicle’ feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail struchtúr, toisí, cruth agus ábhair i bpáirteanna lena bhfuil an fheiste nó an chomhpháirt cúplála meicniúla greamaithe. Tá feidhm aige sin maidir leis an bhfeithicil tarraingthe agus an leantóir.

3.   IARRATAS AR CHEADÚ FEISTE NÓ COMHPHÁIRTE CÚPLÁLA MEICNIÚLA

3.1.

Is é sealbhóir an trádainm nó an mhairc, nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí, a chuirfidh an t-iarratas ar cheadú isteach.

3.2.

Maidir le gach cineál feiste nó comhpháirte cúplála meicniúla, beidh an fhaisnéis a leanas ag gabháil leis an iarratas, mar shampla, trí bhíthin na foirme Fógra a thugtar in Iarscríbhinn 1:

3.2.1.

Mionsonraí faoi thrádainmneacha nó marcanna uile an mhonaróra nó an tsoláthróra atá le cur i bhfeidhm leis an bhfeiste nó comhpháirt cúplála meicniúla;

3.2.2.

Líníochtaí atá mionsonraithe go leordhóthanach chun an fheiste nó an chomhpháirt a shainmhíniú agus a shonraíonn an bealach atá sí le feistiú ar an bhfeithicil; taispeánfaidh na líníochtaí an suíomh agus an spás a chuirtear ar fáil le haghaidh na huimhreach ceadaithe agus le haghaidh marcálacha eile mar a thugtar i mír 7.;

3.2.3.

Ráiteas ar luachanna D, Dc, S, Av agus V mar is infheidhme agus mar a shainmhínítear i mír 2.10.

3.2.3.1.

Beidh luachanna saintréitheacha na bhfeistí cúplála ar a laghad cothrom leis na luachanna saintréitheacha atá infheidhme maidir le huasmhaiseanna incheadaithe na feithicle tarraingthe, an leantóra agus an chónaisc.

3.2.4.

Tuairisc mhionsonraithe theicniúil ar an bhfeiste nó ar an gcomhpháirt, lena sonraítear, go háirithe, an cineál agus na hábhair arna n-úsáid;

3.2.5.

Samplaí arna n-iarraidh ag an Údarás Cineálcheadaithe nó ag an tSeirbhís Theicniúil;

3.2.6.

Beidh na samplaí uile críochnaithe go hiomlán agus beidh an chóireáil dromchla deiridh curtha orthu. I gcás ina gcuirtear an chóireáil deiridh orthu le péint nó le clúdach púdair eapocsaigh, áfach, ba cheart í a fhágáil ar lár;

4.   CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE CEADÚ FEISTÍ NÓ COMHPHÁIRTEANNA CÚPLÁLA MEICNIÚLA

4.1.

Beidh gach sampla comhréireach leis na sonraíochtaí maidir le toisí agus neart a leagtar amach in Iarscríbhinní 5 agus 6. I ndiaidh na dtástálacha a shonraítear in Iarscríbhinn 6, ní bheidh aon scoilt, aon bhriseadh ná aon díchumadh buan iomarcach ann a bheadh díobhálach d’oibriú sásúil na feiste nó na comhpháirte.

4.2.

Gach cuid den fheiste nó den chomhpháirt cúplála meicniúla a bhféadfadh an fheithicil agus an leantóir scaradh óna chéile dá dteipfeadh orthu, beidh siad déanta as cruach nó iarann teilgthe. Féadtar ábhair eile a úsáid ar choinníoll gur thaispeáin an monaróir coibhéis chun sástacht Údarás Cineálcheadaithe nó Sheirbhís Theicniúil an Pháirtí Chonarthaigh a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm.

4.3.

Beidh na feistí nó comhpháirteanna cúplála sábháilte le hoibriú agus beidh duine amháin in ann cúpláil agus díchúpláil a dhéanamh gan uirlisí a úsáid. Feistí cúplála atá beartaithe le haghaidh leantóirí ag a bhfuil uasmhais is incheadaithe go teicniúil atá níos mó ná 3.5 tona, is ceann de na cineálacha a leanas a bheidh iontu:

(a)

Cúpláil uathoibríoch arna sainmhíniú in 2.2, nó

(b)

Próiseas uathoibríoch cúplála agus glasála i gcás ina dtugtar an próiseas cúplála tionscanta chun críche go huathoibríoch agus ina dtaispeántar an suíomh glasáilte i réimse radhairc an tiománaí, nó

(c)

Arna nglasáil agus arna ndaingniú de láimh, gan aon uathoibriú ná feiste féinghlasála acu.

4.4.

Déanfar na feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla a dhearadh agus a mhonarú amhail is go leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú go sásúil agus go gcoinneoidh siad na saintréithe a fhorordaítear leis an Rialachán seo le linn gnáthúsáide agus ar choinníoll go ndéantar iad a chothabháil i gceart agus páirteanna atá ag imeacht ó mhaith a athsholáthar.

4.5.

Déanfar na feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla uile a dhearadh le go mbeidh cúpláil mheicniúil dheimhneach acu agus déanfar an suíomh dúnta a chur faoi ghlas ar a laghad uair amháin le cúpláil mheicniúil dheimhneach bhreise ach amháin i gcás ina sloinntear ceanglais bhreise in Iarscríbhinn 5. De rogha air sin, féadfaidh dhá shocrú ar leithligh nó níos mó a bheith ann chun sláine na feiste a áirithiú, ach déanfar gach socrú a dhearadh le go mbeidh cúpláil mheicniúil dheimhneach aige agus déanfar é a thástáil go haonarach maidir le haon cheanglas a thugtar in Iarscríbhinn 6. Is mar a shainmhínítear í i mír 2.13. a bheidh cúpláil mheicniúil dheimhneach.

Ní fhéadtar fórsaí sprionga a úsáid ach amháin chun an fheiste a dhúnadh agus chun cosc a chur ar éifeachtaí creathaidh bheith ina gcúis le codanna den fheiste gluaiseacht go dtí suíomhanna ina bhféadfadh sí oscailt nó díghníomhachtú.

Ní cheadófar don fheiste iomlán oscailt nó díghníomhachtú de thoradh teip nó fágáil ar lár aon sprionga aonair.

Suífear feistí ciantáscaire, nuair a shuiteáiltear i gcábán na feithicle iad, laistigh de réimse radhairc an tiománaí, agus sainaithneofar go soiléir iad.

Nuair a shuiteáiltear ar thaobh na feithicle iad, sainaithneofar go buan agus go soiléir na feistí ciantáscaire. Déanfar an fheiste chiantáscaire a ghníomhachtú agus a athshocrú go huathoibríoch gach tráth a osclaítear agus a dhúntar an cúplán.

4.6.

Beidh treoracha suiteála agus oibriúcháin ag gabháil le gach feiste nó comhpháirt ina dtabharfar faisnéis leordhóthanach d’aon duine inniúil chun í a shuiteáil i gceart ar an bhfeithicil agus chun í a oibriú i gceart – féach Iarscríbhinn 7 freisin. Is i dteanga na tíre ina mbeidh sí le díol, ar a laghad, a bheidh na treoracha. I gcás feistí agus comhpháirteanna a sholáthraítear lena suiteáil den chéad uair ag monaróir feithicle nó ag tógálaí cabhlach, féadtar treoracha suiteála a scaipeadh ach is é monaróir nó tógálaí cabhlach na feithicle a bheidh freagrach as a áirithiú go soláthrófar na treoracha is gá d’oibreoir na feithicle chun an fheiste nó an chomhpháirt cúplála a oibriú i gceart.

4.7.

Feistí tarraingthe atá inchoigeartaithe go tapa ó thaobh airde de gan aon chúnamh cumhachta, ní fhéadfaidh siad dul thar fhórsa oibrithe 40 daN.

5.   IARRATAS AR CHEADÚ FEITHICLE ATÁ FEISTITHE LE FEISTE NÓ COMHPHÁIRT CÚPLÁLA MEICNIÚLA

5.1.

Is é monaróir na feithicle nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí a dhéanfaidh an t-iarratas ar cheadú ar chineál feithicle maidir le feiste nó comhpháirt cúplála meicniúla a fheistiú a chur isteach.

5.2.

Beidh an fhaisnéis a leanas ag gabháil leis an iarratas lena chur ar chumas an údaráis cineálcheadaithe an fhoirm fógra a thugtar in Iarscríbhinn 2 a chomhlánú.

5.2.1.

Líníochtaí atá mionsonraithe go leordhóthanach chun an fheiste nó an chomhpháirt a shainaithint agus a shonraíonn an bealach atá sí le feistiú ar an bhfeithicil; taispeánfaidh na líníochtaí an suíomh agus an spás a chuirtear ar fáil le haghaidh na huimhreach ceadaithe agus le haghaidh marcálacha eile mar a thugtar i mír 7.;

5.2.2.

Tuairisc mhionsonraithe theicniúil ar an bhfeiste nó ar an gcomhpháirt, lena sonraítear, go háirithe, an cineál agus na hábhair arna n-úsáid;

5.2.3.

Ráiteas ar luachanna D, Dc, S, Av agus V mar is infheidhme agus mar a shainmhínítear i mír 2.10.;

5.2.3.1.

Beidh na luachanna saintréitheacha ar a laghad cothrom leis na luachanna saintréitheacha atá infheidhme maidir le huasmhaiseanna incheadaithe na feithicle tarraingthe, an leantóra agus an chónaisc.

5.2.4.

Cuirfear feithicil, atá ionadaíoch ar an gcineál atá le ceadú agus a bhfuil feiste cúplála meicniúla le feistiú uirthi, faoi bhráid an Údaráis Cineálcheadaithe nó na Seirbhíse Teicniúla, a fhéadfaidh samplaí breise den fheiste nó den chomhpháirt a iarraidh;

5.2.5.

Féadtar glacadh le feithicil nach bhfuil na comhpháirteanna uile atá iomchuí don chineál aici ar choinníoll go bhféadfaidh an t-iarratasóir a thaispeáint, chun sástacht an Údaráis Cineálcheadaithe nó na Seirbhíse Teicniúla, nach bhfuil aon éifeacht ag easnamh na gcomhpháirteanna ar thorthaí an iniúchta a mhéid a bhaineann le ceanglais an Rialacháin seo.

6.   Ceanglais ghinearálta maidir le feithiclí atá feistithe le feiste nó comhpháirt chúplála meicniúla

6.1.

Déanfar an fheiste nó an chomhpháirt cúplála meicniúla arna feistiú ar an bhfeithicil a cheadú i gcomhréir le ceanglais mhíreanna 3. agus 4. agus Iarscríbhinní 5 agus 6 a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.2.

Comhlíonfaidh suiteáil na feiste nó na comhpháirte cúplála meicniúla ceanglais Iarscríbhinn 7 a ghabhann leis an Rialachán seo.

6.3.

Cuirfear treoracha oibriúcháin ar fáil maidir le húsáid na feiste nó na comhpháirte cúplála ina mbeidh aon treoracha speisialta le haghaidh oibríochtaí atá difriúil leis na cinn a bhaineann le cineál na feiste nó na comhpháirte cúplála de ghnáth, agus treoracha le haghaidh cúpláil agus díchúpláil i modhanna difriúla oibriúcháin, mar shampla, ag uillinneacha éagsúla idir an fheithicil tarraingthe agus an fheithicil a tharraingítear. Beidh na treoracha oibriúcháin sin ag gabháil le gach feithicil agus is i dteanga na tíre ina mbeidh sí le díol, ar a laghad, a bheidh siad.

7.   MARCÁLACHA

7.1.

Maidir le cineálacha feistí agus comhpháirteanna cúplála meicniúla a chuirtear isteach lena gceadú, beidh pláta cineáil orthu ar a mbeidh trádainm nó marc an mhonaróra, an tsoláthróra nó an iarratasóra.

7.2.

Beidh spás sách mór air chun an marc ceadaithe dá dtagraítear i mír 8.5 agus a thaispeántar in Iarscríbhinn 3 a fhorchur air. Taispeánfar an spás sin ar na líníochtaí dá dtagraítear i mír 3.2.2.

7.3.

Cóngarach don mharc ceadaithe dá dtagraítear i míreanna 7.2. agus 8.5., marcálfar an fheiste nó an chomhpháirt cúplála meicniúla le haicme an chúpláin, mar a shainmhínítear i mír 2.6. agus leis na luachanna saintréitheacha mar a shainmhínítear i mír 2.10. agus mar a thaispeántar in Iarscríbhinn 4, agus leis an uasluas deartha a shainmhínítear in 2.11. Taispeánfar an suíomh le haghaidh na marcálacha sin ar na líníochtaí dá dtagraítear i mír 3.2.2.

7.4.

I gcás ina gceadaítear an fheiste nó an chomhpháirt cúplála meicniúla le haghaidh luachanna saintréitheacha malartacha laistigh den aicme chéanna cúpláin nó feiste, marcálfar dhá rogha mhalartacha ar a mhéad ar an bhfeiste nó ar an gcomhpháirt.

7.5.

I gcás ina gcuirtear srian ar chur i bhfeidhm na feiste nó na comhpháirte cúplála meicniúla ar aon bhealach, mar shampla, i gcás ina bhfuil úsáid na feiste teoranta do luas áirithe, marcálfar an srian sin ar an bhfeiste nó ar an gcomhpháirt.

7.6.

Beidh gach marcáil buan agus inléite nuair a bheidh an fheiste nó an chomhpháirt suiteáilte ar an bhfeithicil.

8.   CEADÚ

8.1.

I gcás ina gcomhlíonann an sampla nó na samplaí de chineál feiste nó comhpháirt cúplála meicniúla ceanglais an Rialacháin seo, deonófar ceadú faoi réir chomhlíonadh sásúil cheanglais mhír 10.

8.2.

Sannfar uimhir ceadaithe do gach cineál feithicle a cheadaítear. Léireoidh an chéad dá dhigit den uimhir seo (00 faoi láthair) an tsraith leasuithe a chorpraíonn na leasuithe teicniúla fíor-riachtanacha is déanaí a rinneadh ar an Rialachán an tráth a eisíodh an ceadú. Ní dhéanfaidh an Páirtí Conarthach céanna an uimhir chéanna a shannadh do chineál eile feiste nó comhpháirte dá dtagraítear sa Rialachán seo.

8.3.

Fógra maidir le ceadú nó maidir le síneadh, diúltú nó tarraingt siar ceadú nó maidir le scor cinntitheach de tháirgeadh, a bhaineann le cineál feiste nó comhpháirte cúplála meicniúla arna cheadú de bhun an Rialacháin seo, cuirfear an fógra sin in iúl do na Páirtithe i gComhaontú 1958 a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail atá in Iarscríbhinn 1 nó in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo.

8.4.

Anuas ar an marc a fhorordaítear i mír 7.1., greamófar marc ceadaithe mar a shainmhínítear i mír 8.5. de gach feiste nó comhpháirt cúplála meicniúla a cheadaítear faoin Rialachán seo, sa spás dá dtagraítear i mír 7.2.

8.5.

Marc idirnáisiúnta a bheidh sa mharc ceadaithe a bheidh comhdhéanta de na nithe a leanas:

8.5.1.

Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus, taobh leis an litir sin, sainuimhir na tíre a dheonaigh an ceadú; (5)

8.5.2.

An uimhir cheadaithe a fhorordaítear i mír 8.2.;

8.5.3.

Ceannlitir D sa chás go ndéantar tástáil de réir Iarscríbhinn 6 mír 3.1.3 (tástáil strustuirse dhinimiciúil) nó

8.5.4.

ceannlitir S sa chás go ndéantar tástáil de réir Iarscríbhinn 6 mír 3.3.3.2 (tástáil statach);

8.5.5.

Ceannlitir T le haghaidh tástáil dhá-chomhpháirte;

8.5.6.

Socrófar an marc ceadaithe agus an uimhir cheadaithe mar a thaispeántar sa sampla in Iarscríbhinn 3.

9.   MODHNUITHE AR AN BHFEISTE NÓ AR AN gCOMHPHÁIRT CHÚPLÁLA MEICNIÚLA, NÓ AR AN bhFEITHICIL AGUS AR SHÍNEADH AN CHEADAITHE

9.1.

Aon mhodhnú ar an gcineál feiste nó comhpháirte cúplála meicniúla, nó ar an bhfeithicil mar a shainmhínítear i mír 2.9., tabharfar fógra faoi don Údarás Cineálcheadaithe nó don tSeirbhís Theicniúil a dheonaigh an ceadú. Ina dhiaidh sin, féadfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe nó an tSeirbhís Theicniúil ceann de na nithe a leanas a dhéanamh:

9.1.1.

A mheas nach dócha go mbeidh éifeacht dhíobhálach shuntasach ag na modhnuithe agus go gcomhlíonann an fheiste, an chomhpháirt nó an fheithicil na ceanglais fós in aon chás; nó

9.1.2.

Tuarascáil tástála sa bhreis a éileamh.

9.2.

Deimhniú nó diúltú ceadaithe, rud lena sonrófar an modhnú, is de réir an nós imeachta a fhorordaítear i mír 8.3 a dhéanfar é a chur in iúl do na Páirtithe Conarthacha a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm.

9.3.

An tÚdarás Cineálcheadaithe nó an tSeirbhís Theicniúil a eisíonn síneadh le ceadú, déanfaidh sé nó sí uimhir sraithe a shannadh do shíneadh den sórt sin agus cuirfidh sé nó sí na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm ar an eolas faoi trí bhíthin an nós imeachta a fhorordaítear i mír 8.3.

10.   Nósanna imeachta maidir le comhréireacht táirgeachta

Beidh na nósanna imeachta comhréireachta táirgeachta i gcomhréir leo sin a leagtar amach i gComhaontú 1958, Sceideal 1 (E/ECE/TRANS/505/Rev.3), agus na ceanglais seo a leanas ann:

10.1.

Áiritheoidh sealbhóir an cheadaithe go ndéanfar torthaí na dtástálacha um chomhréireacht táirgeachta a thaifeadadh agus go mbeidh na doiciméid atá i gceangal leis ar fáil ar feadh tréimhse arna chinneadh i gcomhaontú leis an Údarás Cineálcheadaithe nó leis an tSeirbhís Theicniúil. Ní faide ná 10 mbliana a bheidh sa tréimhse sin, ag comhaireamh ón tráth a scoirtear go cinntitheach de tháirgeadh.

10.2.

An tÚdarás Cineálcheadaithe nó an tSeirbhís Theicniúil a dheonaigh cineálcheadú, féadfaidh sé nó sí na modhanna rialaithe comhréireachta arna gcur i bhfeidhm i ngach saoráid táirgthe a fhíorú ag am ar bith. Uair amháin gach 2 bhliain a bheidh i ngnáthmhinicíocht na bhfíorúchán sin.

11.   Pionóis mar gheall ar neamhchomhréireacht táirgeachta

11.1.

An ceadú a dheonaítear i leith cineál feiste nó comhpháirte cúplála meicniúla de bhun an Rialacháin seo, féadfar é a tharraingt siar mura gcomhlíontar na ceanglais nó mura bhfuil feiste nó comhpháirt ar a bhfuil an marc ceadaithe comhréireach leis an gcineál a cheadaítear.

11.2.

Páirtí Conarthach sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, má dhéanann sé ceadú a dheonaigh sé roimhe sin a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra láithreach faoi sin do na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, rud a dhéanfaidh sé trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail atá in Iarscríbhinn 1 nó in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo.

12.   Scor cinntitheach den táirgeadh

Má scoireann sealbhóir an cheadaithe go hiomlán de bheith ag monarú cineál feiste nó comhpháirte cúplála meicniúla a ceadaíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo, tabharfaidh sé fógra faoi sin don Údarás Cineálcheadaithe nó don tSeirbhís Theicniúil a dheonaigh an ceadú. Ar an fógra ábhartha a fháil, tabharfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe nó an tSeirbhís Theicniúil sin fógra do na Páirtithe Conarthacha eile i gComhaontú 1958 a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm faoi sin trí bhíthin foirm fógra a bheidh i gcomhréir leis an tsamhail in Iarscríbhinn 1 nó in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo.

13.   AINMNEACHA AGUS SEOLTAÍ NA SEIRBHÍSÍ TEICNIÚLA ATÁ FREAGRACH AS TÁSTÁLACHA CEADAITHE A DHÉANAMH, AGUS AINMNEACHA AGUS SEOLTAÍ NA NÚDARÁS CINEÁLCHEADAITHE

13.1.

Na páirtithe conarthacha i gComhaontú 1958 a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm, cuirfidh siad in iúl do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe ainmneacha agus seoltaí na seirbhísí teicniúla atá freagrach as tástálacha ceadaithe a dhéanamh, mar aon le hainmneacha agus seoltaí na n-údarás cineálcheadaithe a dheonaíonn ceadú, údaráis ar chucu atá foirmeacha le cur lena ndearbhaítear ceadú nó síneadh, nó lena ndiúltaítear nó lena dtarraingítear siar ceadú, nó scor cinntitheach den táirgeadh, arna n-eisiúint i dtír eile.

(1)  Mar atá sainmhínithe sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3.), is é sin doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6, mír 2 – www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/wp29resolutions.html

(2)  De réir bhrí an Choinbhinsiúin um Thrácht ar Bhóithre (Vín, 1968, airteagal 1, fomhíreanna (t) agus (u)).

(3)  Féadfaidh an mhais T agus R agus an uasmhais is incheadaithe go teicniúil a bheith níos mó ná an uasmhais is incheadaithe go teicniúil a fhorordaítear le reachtaíocht náisiúnta.

(4)  Féadfaidh an mhais T agus R agus an mhais atá incheadaithe go teicniúil a bheith níos mó ná an uasmhais is incheadaithe go teicniúil a fhorordaítear le reachtaíocht náisiúnta.

(5)  Atáirgtear sainuimhreacha na bpáirtithe conarthacha i gComhaontú 1958 in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Réiteach Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3); doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev. 6, Iarscríbhinn 3- www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/wp29resolutions.html.


IARSCRÍBHINN 1

Teachtaireacht maidir le feistí agus comhpháirteanna

(Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm))

Image 1

 (1)

arna eisiúint ag:

Ainm an údaráis riaracháin:


Maidir le (2):

Ceadú a bheith deonaithe

 

Síneadh a bheith curtha le ceadú

 

Ceadú a bheith diúltaithe

 

Ceadú a bheith aistarraingthe

 

Scor cinntitheach den táirgeadh

de chineál aonaid theicniúil nó chomhpháirte cúplála meicniúla de bhun Rialachán Uimh. 147 de chuid NA

Uimh. Ceadaithe … Uimhir Shínidh. …

1.   

Trádainm nó trádmharc an aonaid theicniúil nó na comhpháirte: …

2.   

Ainm an mhonaróra le haghaidh an chineáil aonaid theicniúil nó na comhpháirte: …

3.   

Ainm agus seoladh an mhonaróra: …

4.   

Más infheidhme, ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra: …

5.   

Trádainmneacha nó trádmharcanna sholáthróir malartach a fhorchuirtear ar an aonad teicniúil nó ar an gcomhpháirt: …

6.   

I gcás aonaid theicniúil: cineál agus déanamh na feithicle, an áit a mbeartaítear an t-aonad teicniúil a úsáid…

7.   

Ainm agus seoladh cuideachta nó comhlachta a ghlacann freagracht as comhréireacht táirgeachta…

8.   

An dáta a cuireadh isteach ar cheadú: …

9.   

An tSeirbhís Theicniúil atá freagrach as na tástálacha ceadaithe a dhéanamh: …

10.   

Tuairisc ghairid: …

10.1.   

Cineál agus aicme an aonaid theicniúil nó na comhpháirte: …

10.2.   

Luachanna saintréitheacha: …

10.2.1.   

Luachanna príomhúla:

D… kN Dc… kN S… kg

Av…tonaí vuas….km/u V…kN

Luachanna malartacha:

D… kNDc… kN S… kg

Av…tonaí vuas… km/u V… kN

11.   

Treoracha maidir leis an gcineál feiste nó comhpháirte cúplála a cheangal den fheithicil agus grianghraif nó líníochtaí de na pointí suiteáilte a thugann monaróir na feithicle: …

12.   

Faisnéis faoi aon bhrac treisithe speisialta nó pláta nó comhpháirteanna spásála is gá chun an fheiste nó an chomhpháirt cúplála a chur i gceangal: …

13.   

Dáta na tuarascála tástála: …

14.   

Uimhir na tuarascála tástála…

15.   

Suíomh an mhairc ceadaithe: …

16.   

An fáth/na fáthanna le síneadh an cheadaithe…

17.   

Ceadú deonaithe/sínithe/diúltaithe/tarraingthe siar (2):

18.   

Áit: …

19.   

Dáta: …

20.   

Síniú: …

21.   

Tá an liosta doiciméad a taisceadh leis an Údarás Cineálcheadaithe a dheonaigh ceadú i gceangal den teachtaireacht seo agus féadtar é a fháil ach é a iarraidh: …


(1)  Sainuimhir na tíre a rinne ceadú a dheonú/a fhadú/a dhiúltú/a aistarraingt (féach forálacha ceadaithe sa Rialachán).

(2)  Scrios amach an méid nach bhfuil feidhm aige.


IARSCRÍBHINN 2

Teachtaireacht maidir le feithiclí

(Uasfhormáid: A4 (210 × 297 mm))

Image 2

 (1)

arna eisiúint ag:

Ainm an údaráis riaracháin:


Maidir le (2):

Ceadú a bheith deonaithe

 

Síneadh a bheith curtha le ceadú

 

Ceadú a bheith diúltaithe

 

Ceadú a bheith aistarraingthe

 

Scor cinntitheach den táirgeadh

de chineál feithicle maidir le feiste nó comhpháirt cúplála meicniúla a fheistiú de bhun Rialachán Uimh. 147 ó na Náisiúin Aontaithe

Uimh. Cheadaithe… Uimh. Shínidh…

1.   

Trádainm nó marc na feithicle:…

2.   

Cineál feithicle:…

3.   

Ainm agus seoladh an mhonaróra: …

4.   

Más infheidhme, ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra: …

5.   

Catagóir feithicle, mar shampla, T, R (3):…

6.   

Uasmhais feithicle is incheadaithe: …kg

Dáileadh na huasmhaise feithicle is incheadaithe idir na hacastóirí: …

Uasmhais leantóra intarraingthe is incheadaithe: ….kg

Uasmhais statach ar phointe cúplála is incheadaithe: …kg

Uasmhais na feithicle ag a bhfuil cabhalra, atá réidh le hoibriú, lena n-áirítear fuarthán, olaí, uirlisí agus roth breise (i gcás ina soláthraítear ceann) ach gan an tiománaí san áireamh:…kg

7.   

Luachanna saintréitheacha a éilítear

D… kN Dc… kN S… kg

Av…tonaí vuas…km/u V… kN

8.   

Treoracha maidir leis an gcineál feiste nó comhpháirte cúplála a cheangal den fheithicil agus grianghraif nó líníochtaí de na pointí suiteáilte: …

9.   

Faisnéis faoi aon bhrac treisithe speisialta nó pláta nó comhpháirteanna spásála is gá chun an fheiste nó an chomhpháirt cúplála a chur i gceangal:…

10.   

Trádainm nó trádmharc na feiste nó na comhpháirte cúplála meicniúla agus an uimhir cheadaithe: …

11.   

Aicme na feiste nó na comhpháirte cúplála: …

12.   

An dáta a cuireadh isteach ar cheadú: …

13.   

An tseirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha ceadaithe a dhéanamh: …

14.   

Dáta na tuarascála tástála: …

15.   

Uimhir na tuarascála tástála: …

16.   

Suíomh an mhairc ceadaithe: …

17.   

An fáth/na fáthanna le síneadh an cheadaithe: …

18.   

Ceadú deonaithe/sínithe/diúltaithe/tarraingthe siar  (2):

19.   

Áit: …

20.   

Dáta: …

21.   

Síniú: …

22.   

Tá an liosta doiciméad a taisceadh leis an Údarás Cineálcheadaithe a dheonaigh ceadú i gceangal leis an teachtaireacht seo agus féadtar é a fháil ach é a iarraidh.…


(1)  Sainuimhir na tíre a rinne ceadú a dheonú/a fhadú/a dhiúltú/a aistarraingt (féach forálacha ceadaithe sa Rialachán).

(2)  Scrios amach an méid nach bhfuil feidhm aige.

(3)  Mar atá sainmhínithe sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3.), is é sin doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.6, mír 2 - www.unece.org/trans/main/wp29/wp29wgs/wp29gen/wp29resolutions.html.


IARSCRÍBHINN 3

Sampla de shocrú an mhairc ceadaithe

Image 3

a = 8 mm íosta

Is éard atá san fheiste nó sa chomhpháirt cúplála meicniúla nó san fheithicil ar a bhfuil an marc ceadaithe a thaispeántar thuas, feiste nó comhpháirt arna cheadú san Ísiltír (E 4), faoi uimhir cheadaithe 2405, a chomhlíonann ceanglais shraith 00 de na leasuithe leis an Rialachán seo agus a ndearnadh tástáil statach (S) uirthi.

Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Suífear an uimhir cheadaithe agus siombailí bhreise gar don chiorcal agus os cionn nó faoin litir ‘E’, nó ar thaobh na láimhe deise nó na láimhe clé den litir sin. Beidh digití na huimhreach ceadaithe ar an taobh céanna den litir ‘E’ agus ag féachaint sa treo céanna. Ba cheart úsáid uimhreacha Rómánacha mar uimhreacha ceadaithe a sheachaint chun aon iomrall aithne idir iad agus siombailí eile a chosc.


IARSCRÍBHINN 4

Samplaí de shocruithe maidir le luachanna saintréitheacha a mharcáil

1.   

Déanfar gach feiste nó comhpháirt cúplála meicniúla a mharcáil le haicme na feiste nó na comhpháirte. Ina theannta sin, beidh marcáil ann chun toilleadh i dtéarmaí luachanna saintréitheacha mar a shainmhínítear i mír 2.10. den Rialachán seo a chur in iúl.

1.1.   

Ní bheidh airde na litreacha agus na n-uimhreacha uile níos lú ná airde na huimhreach ceadaithe, is é sin a/3 i gcás ina bhfuil a 8 mm ar a laghad.

1.2.   

Na luachanna saintréitheacha is infheidhme maidir le gach feiste nó comhpháirt atá le marcáil mar a thaispeántar sa Tábla thíos – féach freisin mír 7.3. den Rialachán seo:

Tábla 1

Luachanna saintréitheacha ábhartha le marcáil ar fheistí nó ar chomhpháirteanna cúplála

Tuairisc ar fheiste nó ar chomhpháirt cúplála meicniúla

Luachanna saintréitheacha ábhartha le marcáil

 

Aicme

D

Dc

S

V

vuas

T (*2)

Meallta cúplála 80 (Aicme a)

-

Ceann cúplála (Aicme b)

-

Cúpláin de chineál cleibhí (Aicme c nó q)

Cúpláin de chineál crúca (Aicme g)

-

Barraí tarraingthe tarracóra (Aicme i)

Frámaí tarraingthe (Aicme f)

-

Cúpláin phiotón (Aicme h)

-

Súile barra tarraingthe (Aicme d nó r)

Barraí tarraingthe (Aicme e)  (*1)

-

Samplaí

:

le a80 D130 Dc90 S2000, shainaithneofaí meall cúplála caighdeánach 80 in Aicme a80 ag a mbeadh luach uasta D de 130 kN, luach uasta is incheadaithe Dc de 90 kN agus ualach forchurtha ceartingearach statach uasta is incheadaithe de 2 000 kg.


(*1)  Beidh an luach Av marcáilte ar an bpláta cineáil freisin ag barra tarraingthe ar insí, ach ní bheidh aon luach S ná V acu

(*2)  Mais intarraingthe nuair a dhéantar tástáil de réir mhír 3.3.3.2. d’Iarscríbhinn 6 (tástáil statach) (ba cheart í a shainmhíniú sna sainmhínithe, más gá)


IARSCRÍBHINN 5

Ceanglais maidir le feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla le haghaidh feithiclí i gcatagóirí T, R agus S

1.   

Meallta cúplála 80 agus plátaí coinneála (Aicme a80)

1.1.   

Ceanglais ghinearálta maidir le meallta cúplála 80

1.1.1.   

Dearfar na meallta cúplála 80 agus na plátaí coinneála uile amhail is go gcomhlíonfaidh na meallta cúplála na tástálacha a fhorordaítear i mír 3.1 d’Iarscríbhinn 6 agus go gcomhlíonfaidh plátaí coinneála na tástálacha a fhorordaítear i mír 3.3.5 d’Iarscríbhinn 6.

1.1.2.   

Beidh meallta cúplála 80 aicme a comhréireach le Fíor 1 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha. Taispeántar suíomh an phláta coinneála i bhFíor 2.

Fíor 1

Meall cúplála Aicme a (gach toise in mm)

Image 4

Fíor 2

Toisí pláta coinneála (gach toise in mm)

Image 5

1.1.3.   

Beidh ar a laghad na huillinneacha alta a leanas, nach gá a bhaint amach go comhuaineach, ag na meallta cúplála 80:

Fíor 3

Uillinneacha Alta

Image 6

2.   

Meall cúplála 80 (Aicme b80)

2.1.   

Ceanglais ghinearálta maidir le meall cúplála 80

2.1.1.   

Dearfar na meallta cúplála 80 uile amhail is go bhféadfaidh siad na tástálacha a thugtar i mír 3.2 d’Iarscríbhinn 6 a chomhlíonadh.

2.1.2.   

Beidh meallta cúplála 80 aicme b comhréireach le Fíor 4 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha.

Fíor 4

Toisí mheall cúplála 80 Aicme b (gach toise in mm)

Image 7

3.   

Cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí (Aicme c40)

3.1.   

Ceanglais ghinearálta maidir le cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí

3.1.1.   

Dearfar na cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí uile amhail is go gcomhlíonfaidh siad na tástálacha a fhorordaítear i mír 3.3.1 d’Iarscríbhinn 6 agus dearfar feistí glasála amhail is go gcomhlíonfaidh siad na tástálacha a fhorordaítear i mír 3.3.1.3 d’Iarscríbhinn 6.

3.1.2.   

Beidh cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí comhréireach le Fíoracha 5, 6 agus 7 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha. Maidir leis na haicmí uile, beidh uasairde an ghéill tairiseach thar ar a laghad leath de leithead an ghéill.

3.1.3.   

Ceanglais:

I gcás cúplán uathoibríoch, cuirfear an suíomh dúnta agus glasáilte in iúl go seachtrach ar bhealach soiléir agus feiceálach i ndiaidh cúplála le táscaire rialaithe amháin ar a laghad.

3.1.4   

Beidh na huillinneacha alta a leanas ag cúpláin bharra tarraingthe de chineál cleibhí (féach freisin Fíoracha 5 agus 6):

(a)

Ais ingearach: ± 70° íos.

(b)

Tras-ais: ± 20° íos.

(c)

Fad-ais: ± 20° íos.

3.1.5   

Ceadóidh an giall d’fháinní an bharra tarraingthe sclóineadh go haiseach ar a laghad 90° ar dheis nó ar chlé timpeall ar fhad-ais an chúpláin le móiminteam coscánaithe fosaithe idir 30 agus 150 Nm.

Fíor 5

Feiste cúplála uathoibríoch le pionna bolgtha (ar chlé) agus cúplán leantóra uathoibríoch le pionna sorcóireach (ar dheis) (gach toise in mm)

Image 8

Fíor 6

Cúplán leantóra neamh-uathoibríoch le pionna sorcóireach (gach toise in mm)

Image 9

4.   

Súile barra tarraingthe (Aicme d40-1 agus d40-2)

4.1.   

Súile barra tarraingthe d40-1

4.1.1   

Ceanglais ghinearálta maidir le súile barra tarraingthe d40-1

Dearfar na súile barra tarraingthe aicme d40-1 uile amhail is go bhféadfaidh siad na tástálacha a thugtar i mír 3.4 d’Iarscríbhinn 6 a chomhlíonadh. Féadtar súile barra tarraingthe d40-1 a fheistiú le soicéad nó gan soicéad.

Beidh súile barra tarraingthe comhréireach le Fíor 7 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha an fháinne.

Fíor 7

Príomh-thoisí súile barra tarraingthe caighdeánacha d40-1 (gach toise in mm)

Image 10

4.2.   

Súile barra tarraingthe d40-2

4.2.1.   

Ceanglais ghinearálta maidir le súile barra tarraingthe d40-2

Dearfar na súile barra tarraingthe aicme d40-2 uile amhail is go bhféadfaidh siad na tástálacha a thugtar in Iarscríbhinn 6 a chomhlíonadh.

Beidh súile barra tarraingthe comhréireach le Fíor 8 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha an fháinne.

Fíor 8

Príomh-thoisí fáinne cúplála caighdeánaí d40-2

Toisí i milliméadair

Image 11

4.3.   

Súil bharra tarraingthe toróideach (Aicme d50-1 agus d50-2)

4.3.1.   

Ceanglais Ghinearálta

Dearfar na súile barra tarraingthe aicme d50 uile amhail is go bhféadfaidh siad na tástálacha a thugtar in Iarscríbhinn 6 a chomhlíonadh.

Beidh súile barra tarraingthe aicme d50 comhréireach le Fíor 9 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha.

Fíor 9

Príomh-thoisí shúil bharra toróideach aicme d50 (gach toise in mm)

Image 12

4.3.2.   

Ina theannta sin, beidh toisí de réir Fhíor 10 ag súil bharra tarraingthe toróideach aicme d50-1 agus beidh toisí de réir Fhíor 11 ag súil bharra tarraingthe toróideach aicme d50-2.

Fíor 10

Toisí shúil bharra toróideach aicme d50-1 (gach toise in mm)

Image 13

Fíor 11

Toisí shúil bharra toróideach aicme d50-2 (gach toise in mm)

Image 14

a

Comhrian seachtrach malartach : ga seachtrach 22,5 uas. agus ga cumaisc 15 íos. barr is bun, nó ga cumaisc barr is bun íos. chuig dromchla seachtrach réidh.

b

Comhrian inmheánach.

5.   

Barraí tarraingthe (Aicme e)

5.1.   

Comhlíonfaidh barraí tarraingthe aicme e na tástálacha a thugtar i mír 3.7 d’Iarscríbhinn 6.

5.2.   

Chun ceangal den fheithicil tarraingthe a sholáthar, féadtar na barraí tarraingthe a fheistiú le ceann cúplála nó le súile barra tarraingthe d’aicmí b, d nó s. Féadtar ceann cúplála agus súile bharra tarraingthe a chur i gceangal trí scriúáil, boltáil nó táthú.

5.3.   

Feistí coigeartaithe airde le haghaidh barraí tarraingthe ar insí

5.3.1.   

Feisteofar barraí tarraingthe ar insí le feistí chun an barra tarraingthe a choigeartú go dtí airde na feiste cúplála nó airde an ghéill. Dearfar na feistí sin amhail is go bhféadtar an barra tarraingthe a choigeartú ag duine amháin gan aon uirlisí ná cabhair eile.

5.3.2.   

Beidh feistí coigeartaithe airde in ann na súile barra tarraingthe nó an ceann cúplála 80 a choigeartú ón gcothrománach os cionn na talún ar a laghad 300 mm suas nó síos. Laistigh den raon sin beidh an barra tarraingthe inchoigeartaithe gan chéimeanna, nó i gcéimeanna uasta 50 mm arna dtomhas ag an bhfáinne cúplála nó ag an gceann cúplála.

5.3.3.   

Ní chuirfidh feistí coigeartaithe airde isteach ar ghluaiseacht réidh an bharra tarraingthe i ndiaidh cúplála.

5.3.4.   

Ní chuirfidh na feistí coigeartaithe airde isteach ar ghníomhaíocht aon táimhe, cineál forthiomána, coscáin.

5.4.   

I gcás barraí tarraingthe atá cónasctha le táimhe, forthiomáint, coscáin, ní lú ná 200 mm a bheidh san achar idir lár na súile barra tarraingthe agus bun lorga saor na súile barra tarraingthe i suíomh úsáide an choscáin. Agus lorga na súile barra tarraingthe curtha isteach go hiomlán, ní lú ná 150 mm a bheidh san achar.

5.5.   

Beidh ar a laghad leath na móiminte friotaíochta in aghaidh fórsaí cliathánacha ag barra tarraingthe atá le húsáid ar leantóirí barra tarraingthe docht agus atá aige in aghaidh fórsaí ceartingearacha.

6.   

Frámaí tarraingthe agus plátaí ráille (Aicme f)

Fíor 12

Sampla de fhráma tarraingthe aicme f

Image 15

6.1.   

Comhlíonfaidh frámaí tarraingthe aicme f na tástálacha a thugtar i mír 3.6 d’Iarscríbhinn 6.

6.2.   

Má bheartaítear na frámaí tarraingthe a shuiteáil ar chineálacha sonraithe feithiclí, beidh na pointí fosúcháin i gcomhréir leis an bhfeithicil nó le forálacha mhonaróir an tras-seolta.

6.3.   

Féadtar frámaí tarraingthe a dhearadh mar fhráma atá inchoigeartaithe go tapa ó thaobh airde de (qha), mar fhráma atá inchoigeartaithe le pionna ó thaobh airde de (pha) nó mar fhráma gan coigeartú airde. Is iad frámaí qha le haghaidh sleamhnáin qha, ar a dtugtar frámaí dréimire, na cineálacha is mó a úsáidtear, mar a thaispeántar i bhFíor 12.

7.   

Crúcaí nascaire agus plátaí coinneála (Aicme g)

7.1.   

Ceanglais ghinearálta maidir le crúcaí nascaire

Dearfar na crúcaí nascaire aicme g uile agus na plátaí coinneála uile amhail is go gcomhlíonfaidh crúcaí nascaire na tástálacha a thugtar in Iarscríbhinn 6 agus go gcomhlíonfaidh plátaí coinneála na tástálacha a thugtar in Iarscríbhinn 6.

Beidh crúcaí nascaire aicme g comhréireach le Fíor 13 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha. Taispeántar suíomh an phláta coinneála i bhFíor 14.

Ceadóidh an crúca nascaire uillinneacha alta i gcomhréir le 1.1.3.

Fíor 13

Príomh-thoisí crúca nascaire (gach toise in mm)

Image 16

Fíor 14

Suíomh an phláta coinneála (gach toise in mm)

Image 17

8.   

Cúpláin phiotón agus plátaí coinneála (Aicme h)

8.1.   

Ceanglais ghinearálta maidir le cúpláin phiotón

Dearfar na cúpláin phiotón aicme h uile agus na plátaí coinneála uile amhail is go gcomhlíonfaidh cúpláin phiotón na tástálacha a thugtar in Iarscríbhinn 6 agus go gcomhlíonfaidh plátaí coinneála na tástálacha a thugtar in Iarscríbhinn 6.

Beidh cúpláin phiotón aicme h comhréireach le Fíor 15 maidir le cruth seachtrach agus toisí seachtracha. Taispeántar suíomh an phláta coinneála i bhFíor 16.

Ceadóidh cúplán piotón uillinneacha alta i gcomhréir le 1.1.3.

Fíor 15

Príomh-thoisí cúpláin phiotón (gach toise in mm)

Image 18

Fíor 16

Suíomh an phláta coinneála (gach toise in mm)

Image 19

9.   

Cúpláin bharra tarraingthe tarracóra neamhsclóine timpeall ar fhad-ais (Aicme i)

9.1.   

Beidh na huillinneacha alta a leanas ag cúpláin bharra tarraingthe tarracóra (féach freisin Fíor 17)

a)

Ais ingearach: ±90° íos

b)

Tras-ais: ±20 ° íos. (±15 ° le haghaidh chat. 4 agus 5)

c)

Fad-ais: ±20 ° íos. (±15 ° le haghaidh chat. 4 agus 5)

Ní gá na huillinneacha alta a bhaint amach go comhuaineach.

9.2.   

Déanfar an t-aonad cúplála a thástáil mar a léirítear in 3.3.3 d’Iarscríbhinn 6.

9.3.   

Cuirfear feiste chun díchúpláil neamhbheartaithe a chosc ar fáil don chúplán barra tarraingthe aonad cleibhí neamhsclóine.

9.4.   

Beidh barra tarraingthe agus cleibhí Aicme comhréireach le Fíor 17 agus le Tábla 2.

Fíor 17

Toisí barra tarraingthe tarracóra agus cleibhí (aicme i) (gach toise in mm)

Image 20

Tábla 2

Luachanna toisí – barra tarraingthe tarracóra agus cleibhí

Toisí i milliméadair

Gné

Catagóir barra tarraingthe

0

1

2

3

4

5

Leithead barra tarraingthe A (1)

uas.

60

67

90

100

130

160

Tiús barra tarraingthe B

uas.

20

36

52

57

64

80

Trastomhas poill pionna C

+1,00/-0,25

20

33

33

41

52,5

72,5

Trastomhas poill pionna C1

+1,00/-1,50

18,5

31

31

39

51

71

F

uas.

30

45

45

55

70

80

G (2)

íos.

140

210

210

210

210

210

Airde H

íos.

50

70

70

90

90

100

Doimhneacht scóige J

íos.

50

70

80

80

90

110

Ga foircinn barra tarraingthe agus cleibhí R (3)

uas.

30

45

50

60

80

80

W (3)

íos.

20 °

20 °

20 °

20 °

15 °

15 °

10.   

Súile barra tarraingthe a fheistítear le barra tarraingthe leantóirí chun ceangal le barra tarraingthe tarracóra (Aicme j)

10.1.   

Déanfar an t-aonad cúplála a thástáil mar a léirítear in 3.3.3 d’Iarscríbhinn 6.

10.2.   

Beidh súile barra tarraingthe Aicme j comhréireach le Fíor 18 agus le Tábla 3.

Fíor 18

Fáinne nascóra na huirlise (Aicme j)

Image 21

Tábla 3

Sonraíochtaí fáinne nascóra (Aicme j)

Gné

Catagóir barra tarraingthe

0

1

2

3

4

5

Poll E (4)

íos.

23

38

38

47

56

78

Tiús F

uas.

30

36

38

46

50

60

Fad G

uas.

40

55

55

75

85

100

Fad H

íos.

35

40

50

50

65

80

Leithead J

uas.

85

107

115

140

160

190

Ga M

 

Mar a éilítear chun altadh leordhóthanach a sholáthar idir an tarracóir agus an uirlis Muas = F/2

Trastomhas pionna

íos.

I gcomhréir le Tábla 2

11.   

Cúplán barra tarraingthe de chineál cleibhí neamhsclóine timpeall ar fhad-ais (Aicme q)

11.1.   

Ceadóidh cruth an aonaid cúplála na huillinneacha a leanas le haghaidh an fháinne nascóra sclóine:

 

±60 ° sa phlána cothrománach (luascáil)

 

±20 ° sa phlána ceartingearach (céim)

 

±20 ° timpeall a fhad-aise (rolladh)

Cuirfear feiste chun díchúpláil neamhbheartaithe a chosc ar fáil don aonad cúplála cleibhí neamhsclóine.

11.2.   

Déanfar an t-aonad cúplála a thástáil mar a léirítear in 3.3.3 d’Iarscríbhinn 6.

11.3.   

Beidh barra tarraingthe de chineál cleibhí Aicme q comhréireach le Fíor 19 agus le Tábla 4.

Fíor 19

Barra tarraingthe de chineál cleibhí (Aicme q)

Image 22

Tábla 4

Cruthanna agus toisí chúplán cleibhí leantóra nó uirlise (Aicme q)

Cruth

Toise (mm)

D

±0,5

a

íos.

b

íos.

w

18

50

40

x

28

70

55

y

43

100

80

z

50

110

95

12.   

Súil bharra tarraingthe, sclóin timpeall ar fhad-ais agus feistithe le barra tarraingthe leantóirí chun ceangal de chúpláin neamhsclóine de chineál cleibhí (Aicme r)

12.1.   

Déanfar an t-aonad cúplála a thástáil mar a léirítear in 3.3.3 d’Iarscríbhinn 6.

12.2.   

Beidh Súile Barra Tarraingthe Aicme r comhréireach le Fíor 20 agus le Tábla 5.

Fíor 20

Is mar a thaispeántar a bheidh toisí fáinne nascóra (aicme r)

Image 23

Tábla 5

Cruthanna agus toisí (Aicme r)

Cruth

Fáinne cúplála (mm)

Cumraíocht súile sorcóirí

Cumraíocht súile cruinne

d

b

c

e

i

h

d 1

t

d

b

c

e

i

t

h

±0,5

íos.

íos.

uas.

uas.

±1

±3

íos.

±0,5

íos.

íos.

uas.

uas.

íos.

±1

W

28

50

80

30

30

20

70

44

22

40

80

30

30

44

20

X

45

70

100

60

40

32

105

63

35

50

100

60

40

63

30

Y

62

90

120

55

40

132

73

50

55

140

55

73

35

Z

73

100

140

75

60

42

157

78

68

60

160

75

60

78

42

13.   

Feistí cúplála (Aicme s)

Maidir le feistí cúplála aicme s agus aicme p, is iad na ceanglais ábhartha in Iarscríbhinní 5 agus 6 le haghaidh na feiste nó na comhpháirte caighdeánaí nó neamh-chaighdeánaí is gaire a úsáidfear.

14.   

Sannadh feistí cúplála meicniúla fheithiclí tarraingthe nó meaisíní féinghluaiste agus feithiclí a tharraingítear

Beidh sannadh feistí cúplála meicniúla fheithiclí tarraingthe nó meaisíní féinghluaiste agus feithiclí a tharraingítear comhréireach le Tábla 6.

Tábla 6

Sannadh feistí cúplála meicniúla fheithiclí tarraingthe nó meaisíní féinghluaiste agus feithiclí a tharraingítear

Feiste cúplála ar an bhfeithicil tarraingthe

Feiste cúplála ar an bhfeithicil a tharraingítear

Aicme a80

Aicme b80

Aicme c40

Aicme d40-1, d40-2

Aicme g

Aicme d50-1, d50-2

Aicme h

Aicme d50-2

Aicme i

Aicme j

Aicme q

Aicme r

15.   

Cúplán cian-oibrithe agus/nó uathoibríoch

Más cúplán cian-oibrithe nó uathoibríoch atá i gceist, ní mór ciantáscaire a bheith infheicthe don oibreoir i gcónaí lena chur in iúl go bhfuil an chúpláil curtha i bhfeidhm agus go bhfuil na feistí glasála gníomhachtaithe.

Is i gcábán na feithicle a bheidh an ciantáscaire má bhaintear an chúpláil amach gan cábán na feithicle a fhágáil.


(1)  a Cos phionna an bharra tarraingthe, feistí coinneála an chleibhí, féadfaidh siad síneadh thar leithead A ach ní fhéadfaidh siad cur isteach ar uillinneacha alta na n-uirlisí a shonraítear i gclásal 10.

(2)  b Is é G an t-achar ar os a chionn a choinneofar na toisí sonraithe A agus B.

(3)  c Léiríonn an phróifíl a thaispeántar i bhFíor 17 an t-imchlúdach uasta don bharra tarraingthe agus don chleibhí. Féadfaidh an ga R agus an uillinn W a bheith éagsúil leis na luachanna fad is nach sáraítear an t-imchlúdach uasta.

(4)  a Le haghaidh feidhmeanna speisialta, féadfaidh poll E a bheith ina pholl fadaithe


IARSCRÍBHINN 6

Tástáil feistí nó comhpháirteanna cúplála meicniúla le haghaidh feithiclí i gcatagóirí T, R agus S

1.   Ceanglais ghinearálta tástála

1.1.

Déanfar samplaí d’fheistí cúplála a thástáil le haghaidh nirt agus feidhme. I gcás feistí cúplála, is le tástáil dhinimiciúil a fhíorófar an neart. Suífear neart na cúplála meicniúla trí fhórsa tarraingthe ailtéarnach ar bhinse tástála. I gcás go bhfágfadh dearadh an chúpláin mheicniúil (e.g. scaoilteacht iomarcach, crúca tarraingthe) gur dodhéanta é an tástáil a dhéanamh le hualach tástála ailtéarnach, féadtar an t-ualach tástála a chur i bhfeidhm ar bhonn ardaithe i dtreo fórsa tarraingthe nó brú, pé acu is mó. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gá a bheith le tástálacha statacha breise. Cúpláin mheicniúla in aicmí i, q agus r, a bheartaítear a shuiteáil ar fheithiclí talmhaíochta ag a bhfuil uasluas deartha nach mó ná 40 km/u, féadtar iad a thástáil de réir 3.3.3.2 den iarscríbhinn seo (tástáil statach), in ionad tástáil dhinimiciúil a dhéanamh. Cúpláin mheicniúla de gach aicme a bheartaítear a shuiteáil ar fheithiclí talmhaíochta ag a bhfuil uasluas deartha níos mó ná 60 km/u, déanfar iad a thástáil i gcomhréir le hIarscríbhinn 6 de Rialachán 55.01. Ina theannta sin, féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe nó an tseirbhís theicniúil tástáil dhinimiciúil nó statach a tharscaoileadh má fhágann dearadh simplí comhpháirte gur féidir seiceáil theoiriciúil a dhéanamh i gcás aicmí cúplán d, e, f, i, j agus aicme s comhchosúil leis na haicmí cúplán seo. Féadtar seiceálacha teoiriciúla a dhéanamh freisin chun dálaí an cháis is measa a chinneadh. I ngach cás, áiritheoidh seiceálacha teoiriciúla an cháilíocht chéanna torthaí agus a fhaightear le seiceálacha dinimiciúla nó statacha. I gcásanna amhrais, is iad torthaí na tástála fisiciúla na torthaí sáraitheacha.

1.2.

Déanfar an tástáil dhinimiciúil le hualach atá síneasóideach go neasach (ailtéarnach agus/nó bíogach) le líon timthriallta struis atá iomchuí don ábhar. Ní cheadófar aon scoilt ná briseadh a dhéanann difear d’fheidhmiú na feiste cúplála.

1.3.

Ní cheadaítear ach díchumadh buan beag leis na tástálacha statacha a fhorordaítear. Mura luaitear a mhalairt, ní mó ná 10 faoin gcéad den díchumadh uasta a thomhaistear le linn na tástála a bheidh sa díchumadh (plaisteach) buan i ndiaidh scaoileadh.

1.4.

Bunaítear na toimhdí ualaithe sna tástálacha dinimiciúla ar an gcomhpháirt fórsa cothrománaigh i bhfad-ais na feithicle agus ar an gcomhpháirt fórsa ceartingearaigh. Ní chuirtear comhpháirteanna fórsa cothrománaigh atá trasnach le fad-ais na feithicle, agus móimintí, san áireamh ar choinníoll nach bhfuil ach tábhacht an-bheag ag baint leo.

Maidir le dearadh na feiste cúplála nó a ceangal leis an bhfeithicil nó córais bhreise a bheith i gceangal léi (amhail tiomáintí trealaimh, cúititheoirí fórsa, córais stiúrtha dheimhnigh, etc.), má ghineann sin fórsaí nó móimintí breise, cuirfear iad sin san áireamh le linn an nós imeachta formheasta. D’fhéadfaí go gceanglódh an t-údarás cineálcheadaithe nó an tseirbhís theicniúil go ndéanfaí tástálacha breise freisin.

Léiríonn fórsa tagartha arna chinneadh go teoiriciúil, an luach D nó Dc, an chomhpháirt fórsa cothrománaigh i bhfad-ais na feithicle. An t-ualach imthaca ceartingearach statach, S, ag an bpointe cúplála agus an chomhpháirt fórsa ceartingearaigh arna toimhdiú, V, a léiríonn an chomhpháirt fórsa ceartingearaigh, i gcás inarb infheidhme.

1.5.

Na luachanna saintréitheacha D, Dc, S, Av agus vuas, ar a mbunaítear na tástálacha agus a shainmhínítear i mír 2.10 den Rialachán seo, tógfar iad ó fhaisnéis an mhonaróra a thugtar san iarratas ar chineálcheadú – féach an fhoirm fógra a thaispeántar in Iarscríbhinní 1 agus 2.

1.6.

Aon fheiste glasála dheimhneach a choinnítear ina suíomh le fórsa sprionga, fanfaidh sí ina suíomh daingean nuair a chuirtear í faoi réir fórsa arna chur i bhfeidhm sa treo is neamhfhabhraí agus atá coibhéiseach le trí oiread mhais an tsásra glasála.

1.7.

Toimhdí ualaithe

Tástáil strustuirse bhíogach dhinimiciúil le fórsa tástála comhthoraidh:

Formula
(kN)

Formula

laistigh den raon le haghaidh struis bhíogacha teannachta nó chomhbhrúiteacha (pé acu is mó)

I gcás inarb é

Ualach cothrománach (kN):

Fh = 1,0 · Dc

Fh = 1,0 · D le haghaidh leantóirí lána

Ualach ceartingearach (kN)

Fs = g · S + 0,3 · V

2.   Nósanna imeachta tástála

2.1.

I gcás na dtástálacha dinimiciúla agus statacha, cuirfear an sampla i mbinse oiriúnach ag a bhfuil modh chun fórsa a chur i bhfeidhm, amhail is nach mbeidh sé faoi réir aon fhórsa breise nó móimintí seachas an fórsa tástála sonraithe. I gcás tástálacha ailtéarnacha, ní imeoidh treo an chur i bhfeidhm fórsa níos mó ná ±1° ón treo sonraithe. I gcás tástálacha bíogacha agus statacha, socrófar an uillinn le haghaidh an fhórsa tástála uasta. Éileoidh sé sin, de ghnáth, alt ag an bpointe a chuirtear an fórsa i bhfeidhm (mar shampla ag an bpointe cúplála) agus an dara halt ag achar áirithe uaidh sin.

2.2.

Ní sháróidh minicíocht na tástála 35 Hz. Beidh an mhinicíocht a roghnaítear scartha go maith ó mhinicíochtaí athshondacha shocrú na tástála lena n-áirítear an fheiste arna tástáil. Maidir le tástáil aisioncronach, beidh minicíochtaí an dá chomhpháirt fórsa idir tuairim is aon faoin gcéad agus méid uasta de thrí faoin gcéad óna chéile. Maidir le feistí cúplála déanta as cruach, is é 2 × 106 an líon timthriallta struis. Maidir le feistí déanta as ábhair seachas cruach, féadfaidh sé gur gá líon níos airde timthriallta struis. Bainfear úsáid as an modh treá ruaime nó as modh coibhéiseach chun tástáil le haghaidh scoilteacha a dhéanamh chun aon scoilteadh le linn na tástála a aimsiú.

2.3.

Maidir le tástálacha bíogacha, athraíonn an fórsa tástála idir an fórsa tástála uasta agus fórsa tástála íosta, nach bhféadfadh a bheith níos mó ná 5 faoin gcéad den fórsa tástála uasta, ach amháin má luaitear a mhalairt sa nós imeachta tástála sonrach.

2.4.

Maidir le tástálacha statacha, cuirfear an fórsa tástála i bhfeidhm go réidh agus go tapa agus coinneofar ar bun é ar feadh 60 soicind ar a laghad.

2.5.

Ba cheart, de ghnáth, na feistí nó comhpháirteanna cúplála a shuiteáil chomh docht agus is féidir ar bhinse tástála sa suíomh ina n-úsáidfear iad ar an bhfeithicil. Is é ba cheart a bheith sna feistí fosúcháin, na cinn sin arna sonrú ag an monaróir nó ag an iarratasóir agus na cinn sin a bheartaítear chun an fheiste nó an chomhpháirt cúplála a cheangal den ehithicil agus/nó cinn a bhfuil saintréithe meicniúla comhionanna acu.

2.6.

Déanfar feistí nó comhpháirteanna cúplála a thástáil san fhoirm a n-úsáidtear ar an mbóthar iad. De dhiscréid an mhonaróra agus i gcomhaontú leis an tseirbhís theicniúil, áfach, féadtar comhpháirteanna solúbtha a chlampáil más gá sin le haghaidh an nóis imeachta tástála agus mura mbeidh aon tionchar neamhréalaíoch aige sin ar thoradh na tástála.

Comhpháirteanna solúbtha a éiríonn róthe le linn na nósanna imeachta tástála brostaithe sin, féadtar iad a athsholáthar le linn na tástála. Féadtar na hualaí tástála a chur i bhfeidhm trí bhíthin feistí speisialta neamhscaoilte.

3.   Ceanglais tástála shonracha

3.1.

Meallta cúplála 80 (Aicme a)

3.1.1.

Is éard atá sa tástáil bhunúsach, tástáil strustuirse bhíogach dhinimiciúil le fórsa tástála comhthoraidh. De rogha air sin, ceadaítear tástáil strustuirse dhinimiciúil shioncronach dhá chomhpháirt freisin. Tá an sampla tástála comhdhéanta den mheall cúplála agus na gléasanna is gá chun an chóimeáil a cheangal leis an bhfeithicil. Suiteálfar an meall cúplála go docht ar bhinse tástála, atá in ann fórsa ailtéarnach nó bíogach a chruthú, sa suíomh iarbhír ina mbeartaítear é a úsáid.

3.1.2.

Bainfear úsáid as meall Cúplála 80 oiriúnach mar mhodh chur i bhfeidhm fórsa. Suiteálfar an sampla ar an mbinse tástála leis na gnéithe cúplála a ndearnadh iarratas ina leith agus socrófar é amhail is go gcomhfhreagraíonn a shuíomh coibhneasta do shuíomh na húsáide a bheartaítear. Ní chuirfear an sampla faoi réir aon fhórsa breise nó móimint bhreise seachas an fórsa tástála. Cuirfear an fórsa tástála i bhfeidhm thar líne gníomhaíochta trí phointe na cúplála, dírithe ar uillinn chomhthoraidh arna díorthú ó na toimhdí ualaithe cothrománacha agus ceartingearacha.

3.1.3.

Toimhdí ualaithe

Mar a shonraítear i mír 1.7. den iarscríbhinn seo.

3.2.

Ceann cúplála 80 (Aicme b)

3.2.1.

Is éard atá sa tástáil bhunúsach, tástáil strustuirse dhinimiciúil lena gcuirtear fórsa tástála ailtéarnach nó bíogach i bhfeidhm. De rogha air sin, ceadaítear tástáil strustuirse dhinimiciúil shioncronach dhá chomhpháirt freisin.

3.2.2.

Déanfar an tástáil dhinimiciúil ag úsáid cóimeáil ar leithligh le meall cúplála 80 ag a bhfuil neart coibhéiseach nó níos airde.

Suiteálfar an sampla ar an mbinse tástála leis na gnéithe cúplála a ndearnadh iarratas ina leith agus socrófar é amhail is go gcomhfhreagraíonn a shuíomh coibhneasta do shuíomh na húsáide a bheartaítear.

Ní chuirfear an sampla faoi réir aon fhórsa breise nó móimint bhreise seachas an fórsa tástála.

Cuirfear an fórsa tástála i bhfeidhm thar líne gníomhaíochta trí phointe na cúplála, dírithe ar uillinn chomhthoraidh arna díorthú ó na toimhdí ualaithe cothrománacha agus ceartingearacha.

3.2.3.

Toimhdí ualaithe

Mar a shonraítear i mír 1.7. den iarscríbhinn.

3.3.

Cúpláin bharra tarraingthe

3.3.1.

Cúpláin de chineál cleibhí (Aicme c)

Déanfar tástáil strustuirse dhinimiciúil ar shampla. Feisteofar an fheiste cúplála leis na fosúcháin ar fad is gá chun í a cheangal den fheithicil.

3.3.1.1.

Le haghaidh leantóirí barra tarraingthe dhocht

Tástáil strustuirse bhíogach dhinimiciúil laistigh den raon le haghaidh strus teannachta bíogach le fórsa tástála comhthoraidh (treo na tarraingthe ar gcúl agus síos)

Mar a shonraítear i mír 1.7. den iarscríbhinn seo.

3.3.1.2.

Cúpláin de chineál cleibhí ar leantóirí

Toimhdí ualaithe agus an luach D á chur san áireamh

Formula

a úsáidtear.

R1 agus R2 mar atá sonraithe ag an monaróir (R2 · R1). Tástálacha strustuirse dinimiciúla mar a shonraítear i mír 3.3.1.1. den iarscríbhinn seo.

3.3.1.3.

Tástálacha statacha ar an bhfeiste glasála le haghaidh an phionna cúplála

I gcás cúplán de chineál cleibhí ag a bhfuil pionnaí neamh-sorcóireacha, is gá tástáil a dhéanamh ar an ndúnadh agus ar aon fheiste glasála freisin trí bhíthin fórsa statach 0,25 D ag gníomhú i dtreo na hoscailte.

Is leor fórsa tástála 0,1 D i gcás pionna cúplála sorcóireacha.

Méadófar an fórsa seo go dtí an luach thuas go réidh agus go tapa agus coinneofar ar bun é ar feadh 10 soicind.

Ní bheidh an tástáil ina cúis le hoscailt an dúnta ná ní dhéanfaidh sí aon dochar.

3.3.2.

Crúcaí nascaire (Aicme g)

Mar a shonraítear i mír 3.3.1. den iarscríbhinn seo.

3.3.3.

Barraí tarraingthe tarracóra (Aicme i)

3.3.3.1.

Mar a shonraítear i mír 3.3.1. nó tástáil statach in ionad na tástála dinimiciúla ar a dtugtar tuairisc i mír 3.3.3.2. i gcás go mbeartaítear an barra tarraingthe a shuiteáil ar fheithiclí talmhaíochta ag a bhfuil uasluas deartha nach mó ná 40 km/u.

3.3.3.2.

Modh Tástála Stataí

3.3.3.2.1.

Sonraíochtaí tástála

3.3.3.2.1.1.

Ginearálta

Faoi réir ag seiceáil ar a saintréithe tógála, déanfar tástálacha statacha ar an gcúplán meicniúil i gcomhréir le ceanglais mhíreanna 3.3.3.2.1.2, 3.3.3.2.1.3 agus 3.3.3.2.1.4.

3.3.3.2.1.2.

Ullmhú na tástála

Déanfar na tástálacha ar mheaisín speisialta, leis an gcúplán meicniúil agus aon struchtúr a chúplálann é le cabhail an tarracóra atá i gceangal de struchtúr docht trí bhíthin na gcomhpháirteanna céanna a úsáidtear chun é a shuiteáil ar an tarracóir.

3.3.3.2.1.3.

Ionstraimí tástála

Beidh an méid cruinnis a leanas ag na huirlisí a úsáidfear chun ualaí arna gcur i bhfeidhm agus chun gluaiseachtaí a thaifeadadh:

(a)

Ualaí arna gcur i bhfeidhm ± 50 daN,

(b)

Gluaiseachtaí ± 0,01 mm.

3.3.3.2.1.4.

Nós imeachta tástála

3.3.3.2.1.4.1.

Cuirfear an fheiste cúplála faoi réir ualach fórsa réamhtharraingthe nach mó ná 15 % den ualach tástála tarraingthe a shainmhínítear i mír 3.3.3.2.1.4.2 ar dtús.

Athdhéanfar an oibríocht ar a dtugtar tuairisc i mír 3.3.3.2.1.4.1 ar a laghad faoi dhó, ag tosú le hualach nialais a mhéadófar de réir a chéile go dtí go mbainfear amach an luach a fhorordaítear i mír 3.3.3.2.1.4.1, agus ansin ísleofar é go dtí 500 daN; coinneofar an t-ualach socraithe ar feadh 60 soicind ar a laghad.

3.3.3.2.1.4.2.

Na sonraí a thaifeadtar chun an cuar ualaigh/dífhoirmithe faoi fhórsa tarraingthe a bhreacadh, nó chun graf an chuair sin arna chur ar fáil ag an bprintéir atá nasctha leis an meaisín fórsa tarraingthe a bhreacadh, bunófar iad ar chur i bhfeidhm ualaí méadaitheacha amháin, ag tosú ó 500 daN, i ndáil le hionad tagartha na feiste cúplála.

Ní bheidh aon bhriseadh ann le haghaidh luachanna a bhaineann leis an ualach tástála fórsa tarraingthe, a shuitear ag 1,5 oiread na maise leantóra is incheadaithe go teicniúil, agus an luach sin san áireamh; ina theannta sin, taispeánfaidh an cuar ualaigh/dífhoirmithe dul chun cinn réidh, gan neamhrialtachtaí, san eatramh idir 500 daN agus aon trian den ualach uasta fórsa tarraingthe.

Taifeadtar dífhoirmiú buan ar an gcuar ualaigh/dífhoirmithe i ndáil leis an ualach 500 daN i ndiaidh an t-ualach tástála a bheith tugtha ar ais chuig an luach sin.

Ní bheidh an luach dífhoirmithe buan a thaifeadtar níos mó ná 25 % den dífhoirmiú leaisteach uasta a tharlaíonn.

3.3.3.2.1.5.

Sula ndéanfar an tástáil dá dtagraítear i mír 3.3.3.2.1.4.2, déanfar tástáil ina ndéanfar ualach tosaigh de thrí oiread an fhórsa cheartingearaigh is incheadaithe (in daN, cothrom le g S/10) arna mholadh ag an monaróir, a chur i bhfeidhm ar bhealach ina méadaítear é de réir a chéile, ag tosú le hualach tosaigh de 500 daN, ar ionad tagartha na feiste cúplála.

Le linn na tástála, ní bheidh dífhoirmiú na feiste cúplála níos mó ná 10 % den dífhoirmiú leaisteach uasta a tharlaíonn.

Déantar an seiceáil i ndiaidh an fórsa ceartingearach a bhaint (in daN, cothrom le g S/10) agus filleadh ar an ualach tosaigh de 500 daN.

3.3.4.

Cúpláin phiotón (Aicme h)

Mar a shonraítear i mír 3.3.1. den Iarscríbhinn seo.

3.3.5.

Cúplán barra tarraingthe de chineál cleibhí, neamhsclóine timpeall ar fhad-ais (Aicme q)

Mar a shonraítear i mír 3.3.3. den Iarscríbhinn seo.

3.3.6.

Plátaí coinneála (le haghaidh na gcúplán barra tarraingthe ar fad in aicmí a, g agus h, i gcás inarb ann dóibh)

Maidir le cúpláin mhill, cúpláin chrúca agus cúpláin phiotón, agus feistí coibhéiseacha, déanfar an pláta coinneála a thástáil le fórsa statach Fs stat = 0.6 (d) (suas go ceartingearach). Ní cheadófar aon scoilt ná briseadh a dhéanann difear d’fheidhmiú na feiste cúplála.

3.4.

Súile barra tarraingthe (Aicmí d)

3.4.1.

Súile barra tarraingthe (aicmí d40-1 agus d40-2) le haghaidh cúplán de chineál cleibhí, beidh siad faoi réir na dtástálacha dinimiciúla agus na toimhdí ualaithe coibhéiseacha céanna (féach mír 3.3.1).

Maidir le súile barra tarraingthe a úsáidtear go heisiach ar leantóirí lána, déanfar tástáil a úsáideann na toimhdí ualaithe cothrománacha.

Is féidir an tástáil a dhéanamh agus fórsa tástála ailtéarnach nó bíogach á chur i bhfeidhm, mar a shonraítear i mír 3.3.1.

3.4.2.

Súile barra tarraingthe (aicme d50) le haghaidh crúcaí nascaire, barraí tarraingthe leantóra nó cúplán de chineál cleibhí, déanfar iad a thástáil ar an mbealach céanna agus a dhéantar le haghaidh súile barra tarraingthe le haghaidh cúplán de chineál cleibhí.

3.5.

Súile barra tarraingthe (aicme r)

Mar a shonraítear i mír 3.3.3. den Iarscríbhinn seo.

3.6.

Frámaí tarraingthe (Aicme f)

3.6.1.

Cuirfear na fórsaí céanna i bhfeidhm ar fhrámaí tarraingthe agus a chuirtear i bhfeidhm ar an gcúplán le linn tástála. Cuirfear an t-ualach tástála i bhfeidhm ar achar cothrománach agus ceartingearach a chomhfhreagraíonn leis an suíomh feiste cúplála a fheidhmíonn an cás is criticiúla ar an bhfráma tarraingthe.

3.6.2.

Ullmhú na tástála

Ní mór na tástálacha a dhéanamh de réir mhír 3.3.3.2.1.2.

3.6.3.

Ionstraimí tástála

Ní mór do na huirlisí a úsáidfear chun ualaí arna gcur i bhfeidhm agus chun gluaiseachtaí a thaifeadadh mír 3.3.3.2.1.3 a chomhlíonadh.

3.6.4.

Comparáid idir frámaí tarraingthe

Seachas na tástálacha éigeantacha, féadtar meastóireacht a dhéanamh ar fhrámaí tarraingthe trí ríomhanna a chur i gcomparáid lena chéile. Ní mór don fhráma arna chur i gcomparáid a bheith comhchosúil, ó thaobh mórthréithe dearaidh de, le fráma a ndearnadh tástáil air cheana féin.

3.7.

Barraí tarraingthe (Aicme e)

3.7.1.

Déanfar tástáil ar bharraí tarraingthe ar an mbealach céanna agus a dhéantar tástáil ar chúpláin bharra tarraingthe (féach mír 3.3.1.). Féadfaidh an tÚdarás Cineálcheadaithe nó an tSeirbhís Theicniúil tástáil strustuirse a tharscaoileadh má fhágann dearadh simplí comhpháirte gur féidir seiceáil theoiriciúil a dhéanamh ar a neart.

Ríomhfar na fórsaí dearaidh le haghaidh an fhíoraithe theoiriciúil mar a leanas:

Formula

I gcás inarb é

Is é V an aimplitiúid fórsa a thugtar i mír 3.3.1.1.

Is é Fsc an t-ualach ceartingearach ríofa.

Beidh na struis incheadaithe i gcomhréir le 5.3. de ISO 7641-1:1983.

Ní bheidh strus incheadaithe táthán níos mó ná 90 N/mm2.

Maidir le barraí tarraingthe lúbtha (e.g. ealaphíb) agus barraí tarraingthe leantóirí lána, cuirfear an chomhpháirt fórsa cothrománaigh

Formula
san áireamh.

3.7.2.

Maidir le barraí tarraingthe le haghaidh leantóirí lána ag a bhfuil saorghluaiseacht sa phlána ceartingearach, sa bhreis ar an tástáil strustuirse nó fíorú teoiriciúil nirt, déanfar friotaíocht in aghaidh lúbadh a fhíorú trí ríomh teoiriciúil ag a bhfuil fórsa dearaidh
Formula
nó trí thástáil lúbtha ag a bhfuil fórsa
Formula
.

Beidh na struis incheadaithe i gcás ríofa i gcomhréir le mír 3.7.1

3.7.3.

I gcás acastóirí stiúrtha, déanfar friotaíocht in aghaidh lúbadh a fhíorú trí ríomhanna teoiriciúla nó trí thástáil lúbtha. Cuirfear fórsa statach cliathánach cothrománach i bhfeidhm i lár an phointe cúplála. Roghnófar méid an fhórsa sin amhail is go bhfeidhmeofar móimint
Formula
(kNm) timpeall ar lár an acastóra tosaigh. Beidh na struis incheadaithe i gcomhréir le mír 3.7.1.

IARSCRÍBHINN 7

Suiteáil agus ceanglais speisialta

1.   

Tarracóirí

1.1.   

Féadtar tarracóir a fheistiú le feiste cúplála mheicniúil amháin nó níos mó de réir 2.6. a bhaineann le Tábla 6 d’Iarscríbhinn 5.

1.2.   

I gcás go bhfeistítear tarracóir le feistí cúplála meicniúla de réir 2.6. a bhaineann le Tábla 6 d’Iarscríbhinn 5, beidh na luachanna saintréitheacha D, Dc, S, Av agus vuas, a chomhfhreagraíonn le luachanna saintréitheacha uasta incheadaithe an tarracóra mar atá luaite ag an monaróir, ag ar a laghad ceann amháin de na feistí.

2.   

Feithiclí a tharraingítear

Feistí cúplála meicniúla fheithiclí a tharraingítear de réir 2.6. a bhaineann le Tábla 6 d’Iarscríbhinn 5 chun an fheithicil a tharraingítear a cheangal le tarracóir, beidh ar a laghad na luachanna saintréitheacha D, Dc, S, Av agus vuas acu, luachanna saintréitheacha a chomhfhreagraíonn le luachanna saintréitheacha uasta incheadaithe na feithicle a tharraingítear mar atá luaite ag monaróir na feithicle a tharraingítear.