ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 235

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
12 Meán Fómhair 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1501 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1502 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1503 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

6

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1504 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (CESOP) a chruthú chun calaois CBL a chomhrac

19

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/1505 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger)

28

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/1506 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 maidir le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun scaipeadh faisnéise faoi bhearta sriantacha an Aontais a fheabhsú

30

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/1507 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

32

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/1508 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 a bhaineann le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ar bhonn sealadach

34

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1509 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

35

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1510 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

37

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1511 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí agus díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí is gá chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac le linn 2022 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6284)

48

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1512 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin], de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6108)

51

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1513 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais Eorpaigh a chosaint, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6193)

53

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1514 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena gceadaítear don Fhionlainn táirgí bithicídeacha arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ a údarú ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6274)

55

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1515 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Mouskito Junior Lotion i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6279)  ( 1 )

58

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1516 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

61

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1517 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le hinsliú déanta de líonadh scaoilte nó corc leathnaithe gránaithe cumaisc nó corc nádúrtha gránaithe déanta de líonadh scaoilte agus rubar agus táirgí foirgníochta eile ( 1 )

65

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1501 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart na hiontrálacha maidir le ceathrar a ndeachaigh cur i bhfeidhm beart sriantach ina gcoinne in éag an 6 Meán Fómhair 2022, agus an fhaisnéis maidir lena gcearta cosanta agus lena gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leanas:

(1)

i roinn A (“Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2”), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych;

3.

Viktor Pavlovych Pshonka;

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych;

9.

Artem Viktorovych Pshonka.

(2)

i roinn B (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), scriostar an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych;

3.

Viktor Pavlovych Pshonka;

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych;

9.

Artem Viktorovych Pshonka.


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1502 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 21(5) de Rialachán (AE) 2016/44 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/44 ón gComhairle an 18 Eanáir 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 204/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Eanáir 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/44.

(2)

An 18 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 12, 19.1.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:

“6.

Ainm: 1: ABU 2: ZAYD 3: UMAR 4: DORDA

Teideal: n/b Ainmniú: a) Stiúrthóir, an Eagraíocht Slándála Seachtraí. b) Ceann na gníomhaireachta um fhaisnéis sheachtrach. Dáta Breithe: 4 Aibreán 1944 Áit Bhreithe: Alrhaybat Ainmneacha bréige láidre: a) Dorda Abuzed OE b) Abu Zayd Umar Hmeid Dorda Ainm bréige lag: n/b Náisiúntacht: n/b Uimhir an phas: an Libia, uimhir FK117RK0, a eisíodh an 25 Samhain 2018, eisithe i dTripilí (Dáta éaga: 24 Samhain 2026) Uimhir Aitheantais Náisiúnta: n/b Seoladh: an Libia (Stádas/suíomh measta: éagtha) A liostaíodh an: 26 Feabhra 2011 (leasaithe an 27 Meitheamh 2014, 1 Aibreán 2016, 25 Feabhra 2020, 18 Iúil 2022) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 15 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil). Liostaithe an 17 Márta 2011 de bhun mhír 17 de rún 1970 (Reo Sócmhainní).”


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1503 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47(5) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509.

(2)

An 26 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le 20 duine agus 24 eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

(1)   

In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, faoin gceannteideal “(a) Daoine nádúrtha”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 4, 8, 12, 13, 17, 19, 23, 24, 28, 35, 36, 40, 41, 48, 50, 53, 63, 68 agus 78:

 

Ainm

Ailias

Dáta breithe

Dáta ainmniúchán na Náisiún Aontaithe

Ráiteas ar chúiseanna

“1.

Yun Ho-jin

Yun Ho-chin

Dáta breithe: 13.10.1944

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Stiúrthóir Namchongang Trading Corporation; déanann sé maoirseacht ar allmhairiú earraí a theastaíonn don chlár saibhrithe úráiniam.

4.

Ri Hong-sop

 

Dáta breithe: 1940

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Iarstiúrthóir, Yongbyon Nuclear Research Centre, agus Ceann Nuclear Weapons Institute, rinne sé maoirseacht ar thrí phríomhshaoráid a chabhraíonn le plútóiniam de ghrád armáin a tháirgeadh: an tsaoráid déantúsaíochta breosla, an t-imoibreoir núicléach, agus an gléasra athphróiseála.

8.

Ra Ky'ong-Su

Ra Kyung-Su;

Chang, Myong Ho;

Chang Myo’ng-Ho;

Chang Myong-Ho

Dáta breithe: 4.6.1954

Pas: 645120196

Náisiúntacht: DPDC

22.1.2013

Is oifigeach de chuid Tanchon Commercial Bank (TCB) é RA Ky’ong-Su. Sa cháil seo d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh TCB. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin.

12.

Mun Cho’ng- Ch’o’l

 

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: C/O Tanchon Commercial Bank, Pyongyang, DPRK, Saemaeul 1-Dong, Pyongchon District

7.3.2013

Is oifigeach de chuid Tanchon Commercial Bank (TCB) é Mun Cho‘ng-Ch’o’l. Sa cháil seo d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh TCB. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin.

13.

Choe Chun-Sik

Choe Chun Sik;

Ch’oe Ch’un Sik

Dáta breithe: 12.10.1954

Náisiúntacht: DPDC

eoladh: DPRK

2.3.2016

Bhí Choe Chun-sik ina stiúrthóir ar Second Academy of Natural Sciences (SANS) agus bhí sé ina cheann ar chlár diúracán fadraoin DPDC.

17.

Jang Yong Son

 

Dáta breithe: 20.2.1957

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 563110024 (arna eisiúint ag DPDC)

2.3.2016

Ionadaí do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID). Bhí sé ina ionadaí do KOMID san Iaráin.

19.

Kang Mun Kil

Jiang Wen-ji;

Jian Wenji

Uimhir an phas: 472330208 (le héag 4.7.2017)

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.3.2016

Rinne Kang Mun Kil gníomhaíochtaí soláthair núicléach mar ionadaí ar Namchongang, ar a dtugtar Namhung freisin.

23.

Kim Tong My’ong

Kim Chin-So’k;

Kim Tong-Myong;

Kim Jin-Sok;

Kim, Hyok-Chol;

Kim Tong-My’ong;

Kim Tong Myong;

Kim Hyok Chol

Dáta breithe: a) 1964 b) 28.8.1962

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 290320764 (arna eisiúint ag DPDC)

2.3.2016

Is é Kim Tong My’ong Uachtarán Tanchon Commercial Bank agus bhí poist éagsúla aige laistigh de Tanchon Commercial bank ó 2002 ar a laghad. Bhí ról aige freisin i ngnóthaí Amroggang a bhainistiú.

24.

Kim Yong Chol

Kim Yong-Chol;

Kim Young-Chol;

Kim Young-Cheol;

Young-Chul

Dáta breithe: 18.2.1962

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 472310168 (arna eisiúint ag DPDC)

2.3.2016

Ionadaí do KOMID. Bhí sé ina ionadaí do KOMID san Iaráin.

28.

Yu Chol U

 

Dáta breithe: 8.8.1959

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.3.2016

Tá Yu Chol U ina Stiúrthóir ar National Aerospace Development Administration.

35.

Kim Chol Sam

Jin Tiesan

(金铁三)

Dáta breithe: 11.3.1971

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 645120378 (arna eisiúint ag DPDC)

30.11.2016

Is ionadaí é Kim Chol Sam do Daedong Credit Bank (DCB), a raibh baint aige le hidirbhearta a bhainistiú thar ceann DCB Finance Limited. Mar ionadaí do DCB atá bunaithe thar lear, meastar gur éascaigh Kim Chol Sam idirbhearta ar fiú na céadta mílte dollar iad agus gur dócha gur bhainistigh sé na milliúin dollar i gcuntais a bhaineann le DPDC a bhfuil naisc fhéideartha acu le cláir núicléacha/diúracán.

36.

Kim Sok Chol

 

Uimhir an phas: 472310082

Dáta breithe: 8.5.1955

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: Myanmar

30.11.2016

Ghníomhaigh sé mar Ambasadóir DPDC chuig Maenmar agus feidhmíonn sé mar éascaitheoir KOMID. D’íoc KOMID é as a chúnamh agus eagraíonn sé cruinnithe thar ceann KOMID, lena n-áirítear cruinniú idir KOMID agus daoine a bhaineann le cosaint Mhaenmar chun cúrsaí airgeadais a phlé.

40.

Cho Il U

Cho Il Woo;

Cho Ch’o’l;

Jo Chol

Dáta breithe: 10.5.1945

Áit bhreithe: Musan, North Hamgyo'ng Province, DPRK

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 736410010

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Stiúrthóir ar an Fifth Bureau of the Reconnaissance General Bureau. Creidtear go bhfuil Cho i gceannas ar oibríochtaí spiaireachta thar lear agus ar bhailiúchán faisnéise eachtraí do DPDC.

41.

Cho Yon Chun

Jo Yon Jun

Dáta breithe: 28.9.1937

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Leas-Stiúrthóir ar an Organization and Guidance Department, a stiúrann príomhcheapacháin phearsanra don Workers’ Party of Korea agus d’arm DPDC.

48.

Paek Se Bong

Paek Se Pong

Dáta breithe: 21.3.1938

Náisiúntacht: DPDC

2.6.2017

Is iarChathaoirleach ar an Second Economic Committee é Paek Se Bong, iarchomhalta den National Defense Commission, agus iarLeas-Stiúrthóir ar Munitions Industry Department (MID).

50.

Pak To Chun

Pak Do Chun;

Pak To’-Ch’un

Dáta breithe: 9.3.1944

Náisiúntacht: DPDC

2.6.2017

Is iar-rúnaí an Munitions Industry Department (MID) é Pak To Chun agus tugann sé comhairle faoi chúrsaí a bhaineann le cláir núicléacha agus diúracán faoi láthair. Is iarbhall den State Affairs Commission agus is ball é den Workers' Party of Korea Political Bureau.

53.

Ri Yong Mu

Ri Yong-Mu

Dáta breithe: 25.1.1925

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Is Leas-Chathaoirleach é RI Yong Mu ar an State Affairs Commission, a stiúrann agus a threoraíonn gnóthaí míleata, cosanta agus slándála uile DPDC, lena n-áirítear fáil agus soláthar.

63.

Pak Yong Sik

Pak Yo’ng-sik

Dáta breithe: 1950

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

11.9.2017

Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Military Commission, atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme bheartais mhíleata an Workers’ Party of Korea, a rialaíonn agus atá i gceannas ar arm DPDC, agus a chabhraíonn le tionscail mhíleata na tíre a stiúradh.

68.

Kim Tong Chol

Kim Tong-ch’o’l

Dáta breithe: 28.1.1966

Náisiúntacht: DPDC

Inscne: fireann

Uimhir an phas: a) 927234267 b) 108120258 (arna eisiúint ag DPDC an 14 Feabhra 2018; dáta éaga an 14 Feabhra 2023)

22.12.2017

Is ionadaí thar lear é Kim Tong Chol don Foreign Trade Bank.

78.

Ri Song Hyok

Li Cheng He

Dáta breithe: 19.3.1965

Náisiúntacht: DPDC

Inscne: fireann

Uimhir an phas: 654234735 (arna eisiúint ag DPDC)

22.12.2017

Is ionadaí thar lear é Ri Song Hyok do Koryo Bank agus Koryo Credit Development Bank agus bhunaigh sé cuideachtaí tosaigh chun nithe a sholáthar agus idirbhearta airgeadais a dhéanamh thar ceann na Cóiré Thuaidh.”

(2)   

In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1509, faoin gceannteideal “(b) Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 8, 20, 22, 23, 30, 36, 42, 44, 45, 47, 50, 56, 57, 58, 61, 62, 63, 68 agus 75:

 

Ainm

Ailias

Suíomh

Dáta ainmniúchán na Náisiún Aontaithe

Faisnéis eile

“4.

Namchongang Trading Corporation

a) NCG, b) NAMCHONGANG TRADING, c) NAM CHON GANG CORPORATION, d) NOMCHONGANG TRADING CO., e) NAM CHONG GAN TRADING CORPORATION, f) Namhung Trading Corporation, g) Korea Daeryonggang Trading Corporation, h) Korea Tearyonggang Trading Corporation

a) Chilgol, Pyongyang, Democratic People's Republic of Korea, b) Sengujadong 11-2/(or Kwangbok-dong), Mangyongdae District, Pyongyang, Democratic People's Republic of Korea;

Uimhreacha teileafóin: +850-2-18111, 18222 (ext. 8573);

Facs +850-2-381-4687

16.7.2009

Is cuideachta thrádála de chuid DPDC é Namchongang atá faoi réir an General Bureau of Atomic Energy (GBAE). Bhí baint ag Namchongang le soláthar folúischaidéal de thionscnamh Seapánach a sainaithníodh ag saoráid núicléach DPDC, chomh maith le soláthar núicléach a bhaineann le duine Gearmánach. Bhí baint aige freisin le feadáin alúmanaim agus trealamh eile a cheannach atá oiriúnach go sonrach do chlár saibhrithe úráiniam ó na 1990í déanacha. Iarthaidhleoir is ea a ionadaí bhí mar ionadaí DPDC do chigireacht IAEA ar shaoráidí núicléacha Yongbyon in 2007. Is cúis mhór imní iad gníomhaíochtaí iomadaithe Namchongang i bhfianaise ghníomhaíochtaí leata DPDC san am a chuaigh thart.

8.

Korean Tangun Trading Corporation

a) Kuryonggang Trading Corporation b) Ryungseng Trading Corporation c) Ryung Seng Trading Corporation d) Ryungsong Trading Corporation e) Kore Kuryonggang Trading Corporation

Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Tá Korea Tangun Trading Corporation faoi réir an Second Academy of Natural Sciences de chuid DPDC agus tá sé freagrach go príomha as soláthar tráchtearraí agus teicneolaíochtaí chun tacú le cláir thaighde agus forbartha cosanta DPDC, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, cláir agus córais soláthair armán ollscriosta agus seachadta, lena n-áirítear ábhair atá rialaithe nó a bhfuil toirmeasc orthu faoi chórais rialúcháin iltaobhacha ábhartha.

20.

Ocean Maritime Management Company, Limited (OMM)

a) East Sea Shipping Company; b) Korea Mirae Shipping Co. Ltd c) Haeyang Crew Management Company

Seoladh: Donghung Dong, Central District. PO BOX 120. Pyongyang, DPRK;

Seoladh eile: Dongheung-dong Changwang Street, Chung-Ku, PO Box 125, Pyongyang;

Uimhir IMO: 1790183

28.7.2014

Is oibreoir/bainisteoir an tsoithigh, Chong Chon Gang, é Ocean Maritime Management Company, Limited. Bhí ról aige maidir le lastas ceilte arm agus ábhar gaolmhar a loingsiú ó Chúba go DPDC i mí Iúil 2013. Mar sin, rannchuidigh Ocean Maritime Management Company, Limited le gníomhaíochtaí arna dtoirmeasc leis na rúin, eadhon an trádbhac arm a fhorchuirtear le rún 1718 (2006), arna mhodhnú le rún 1874 (2009), agus rannchuidigh sé leis na bearta a fhorchuirtear leis an rúin sin a sheachaint.

 

Soithí a bhfuil Uimhir IMO acu:

 

 

 

 

 

(a)

Chol Ryong (Ryong Gun Bong)

8606173

 

 

2.3.2016

 

 

(b)

Chong Bong (Greenlight) (Blue Nouvelle)

8909575

 

 

2.3.2016

 

 

(c)

Chong Rim 2

8916293

 

 

2.3.2016

 

 

(g)

Hoe Ryong

9041552

 

 

2.3.2016

 

 

(h)

Hu Chang (O Un Chong Nyon)

8330815

 

 

2.3.2016

 

 

(i)

Hui Chon (Hwang Gum San 2)

8405270

 

 

2.3.2016

 

 

(j)

Ji Hye San (Hyok Sin 2)

8018900

 

 

2.3.2016

 

 

(k)

Kang Gye (Pi Ryu Gang)

8829593

 

 

2.3.2016

 

 

(l)

Mi Rim

8713471

 

 

2.3.2016

 

 

(m)

Mi Rim 2

9361407

 

 

2.3.2016

 

 

(n)

O Rang (Po Thong Gang)

8829555

 

 

2.3.2016

 

 

(p)

Ra Nam 2

8625545

 

 

2.3.2016

 

 

(q)

RaNam 3

9314650

 

 

2.3.2016

 

 

(r)

Ryo Myong

8987333

 

 

2.3.2016

 

 

(s)

Ryong Rim (Jon Jin 2)

8018912

 

 

2.3.2016

 

 

(t)

Se Pho (Rak Won 2)

8819017

 

 

2.3.2016

 

 

(u)

Songjin (Jang Ja San Chong Nyon Ho)

8133530

 

 

2.3.2016

 

 

(v)

South Hill 2

8412467

 

 

2.3.2016

 

 

(x)

Tan Chon (Ryon Gang 2)

7640378

 

 

2.3.2016

 

 

(y)

Thae Pyong San (Petrel 1)

9009085

 

 

2.3.2016

 

 

(z)

Tong Hung San (Chong Chon Gang)

7937317

 

 

2.3.2016

 

 

(aa)

Tong Hung 1

8661575

 

 

2.3.2016

 

22.

Chongchongang Shipping Company

a) Chong Chon Gang Shipping Co. Ltd. b) Chongchongang Shipping Co LTD

Seoladh: 817 Haeun, Donghung-dong, Central District, Pyongyang, DPRK;

Seoladh eile: 817, Haeum, Tonghun-dong, Chung-gu, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5342883

2.3.2016

Rinne Chongchongang Shipping Company, trína shoitheach, an Chong Chon Gang, iarracht lastas aindleathach gnáth-armán agus gnáth-arm a allmhairiú go díreach chuig DPDC i mí Iúil 2013.

23.

Daedong Credit Bank (DCB)

a) DCB b) Taedong Credit Bank c) Dae-Dong Credit Bank

Seoladh: Suite 401, Potonggang Hotel, Ansan-Dong, Pyongchon District, Pyongyang, DPRK;

Seoladh eile: Ansan-dong, Botonggang Hotel, Pongchon, Pyongyang, DPRK;

SWIFT: DCBKKPPY

2.3.2016

Chuir Daedong Credit Bank seirbhísí airgeadais ar fáil do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID) agus Tanchon Commercial Bank. Ó 2007 ar a laghad, d’éascaigh DCB na céadta idirbheart airgeadais ar fiú na milliúin dollar iad thar ceann KOMID agus Tanchon Commercial Bank. I gcásanna áirithe, d’éascaigh DCB idirbhearta go feasach trí chleachtais mhealltacha airgeadais a úsáid.

30.

Office 39

Office #39; Office No. 39; Bureau 39; Central Committee Bureau 39; Third Floor; Division 39

a) Second KWP Government Building (Korean – Ch’o’ngsa, Urban Town (Korean-Dong), Chung Ward, Pyongyang, DPRK b) Chung-Guyok (Central District), Sosong Street, Kyongrim-Dong, Pyongyang, DPRK c) Changwang Street, Pyongyang DPRK

2.3.2016

Eintiteas rialtais DPDC.

36.

Singwang Economics and Trading General Corporation

 

Seoladh: DPRK;

Uimhir IMO: 5905801

30.11.2016

Is gnólacht DPDC é a bhíonn ag trádáil guail. Gineann DPDC sciar shuntasach den airgead dá cláir diúracán núicléach agus balaistíoch trí mhianadóireacht a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus iad a dhíol thar lear.

42.

Korea Daesong General Trading Corporation

Daesong Trading; Daesong Trading Company; Korea Daesong Trading Company; Korea Daesong Trading Corporation

Seoladh: Pulgan Gori Dong 1, Potonggang District, Pyongyang City, DPRK;

Teil. +850-2-18111-8208. Facs +850-2-381-4432;

R-phost: daesong@star-co.net.kp

30.11.2016

Tá sé cleamhnaithe le Office 39 trí onnmhairí mianraí (ór), miotail, innealra, táirgí talmhaíochta, gingsing, seodra agus táirgí tionscail éadroim.

44.

Korea Kumsan Trading Corporation

 

Seoladh: Haeun 2-dong, Pyogchon District, Pyongyang City/Mangyongdae, DPRK;

Teil. +850-2-18111-8550. Facs +850-2-381-4410/4416;

R-phost: mhs-ip@star-co.net.kp

2.6.2017

Tá Korea Kumsan Trading Corporation faoi úinéireacht nó faoi rialú General Bureau of Atomic Energy, a dhéanann maoirseacht ar chlár núicléach DPDC, nó tá sé ag gníomhú nó ag airbheartú a bheith ag gníomhú dó nó thar a cheann, go díreach nó go hindíreach.

45.

Koryo Bank

 

Koryo Bank Building, Pulgun Street, Pyongyang, DPRK

2.6.2017

Oibríonn Koryo Bank i dtionscal na seirbhísí slándála i ngeilleagar DPDC agus tá sé cleamhnaithe le Office 38 agus Office 39 de KWP.

47.

Foreign Trade Bank

a) Mooyokbank b) Korea Trading Bank

Seoladh: FTB Building, Jungsong-dong, Central District, Pyongyang, DPRK;

SWIFT/BIC: FTBDKPPY

4.8.2017

Is banc faoi úinéireacht stáit é Foreign Trade Bank a fheidhmíonn mar phríomhbhanc malairte eachtraí DPDC agus tá tacaíocht airgeadais an-tábhachtach tugtha aige do Korea Kwangson Banking Corporation.

50.

Mansudae Overseas Project Group of Companies

Mansudae Art Studio

Yanggakdo International Hotel, RYUS, Pyongyang, DPRK

4.8.2017

Bhí Mansudae Overseas Project Group of Companies ag gabháil d’oibrithe a onnmhairiú ó DPDC chuig náisiúin eile ar mhaithe le gníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil, lena n-áirítear dealbha agus séadchomharthaí a thógáil, d’éascaigh sé onnmhairiú na n-oibrithe sin nó bhí sé freagrach as an onnmhairiú, chun ioncam a ghiniúint do Rialtas DPDC nó do Workers' Party of Korea. Tuairiscíodh go ndearna Mansudae Overseas Project Group of Companies gnó i dtíortha san Afraic agus in Oirdheisceart na hÁise lena n-áirítear an Ailgéir, Angóla, Beinin, an Bhotsuáin, an Chambóid, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, Madagascar, an Mhalaeisia, Mósaimbíc, an Namaib, Sead, an tSiombáib, an tSiria, agus Tóga.

56.

CHONMYONG SHIPPING CO

CHON MYONG SHIPPING COMPANY LIMITED

Seoladh: Kalrimgil 2-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK; Saemaul 2-dong, Pyongchon-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5571322

30.3.2018

Úinéir cláraithe an CHON MYONG 1, soitheach a bhfuil bratach DPDC ar foluain aige a d’aistrigh breosla ó long go long ag deireadh mhí na Nollag 2017.

57.

FIRST OIL JV CO LTD

 

Seoladh: Jongbaek 1-dong, Rakrang-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5963351

30.3.2018

Úinéir thancaer de chuid DPDC, PAEK MA, a raibh baint aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long i lár mhí Eanáir 2018.

58.

HAPJANGGANG SHIPPING CORP

 

Seoladh: Kumsong 3-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5787684

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, NAM SAN 8, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long, agus úinéir an tsoithigh, HAP JANG GANG 6.

61.

KOREA ACHIM SHIPPING CO

 

Seoladh: Sochang-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK

Uimhir IMO: 5936312

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, an CHON MA SAN. Rinne an CHON MA SAN, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, ullmhúcháin le haghaidh oibríochtaí ar dócha gur le haghaidh aistrithe ó long go long iad ag deireadh mhí Eanáir 2018. Thuairiscigh máistir an tancaeir mhótair, an YU JONG 2, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, an 18 Samhain 2017, do rialaitheoir neamhaitheanta a bhí bunaithe in DPDC go raibh stoirm á seachaint ag an soitheach roimh aistriú ó long go long a dhéanamh. Mhol an máistir ola bhreosla a lódáil ar an YU JONG 2 sula ndéanfaí an CHON MA SAN, tancaer a raibh bratach DPDC ar foluain aige, a lódáil, ó tharla go raibh an CHON MA SAN — ós rud é go raibh a mhéid níos mó — níos oiriúnaí chun aistrithe ó long go long a dhéanamh le linn stoirme. Nuair a lódáil an CHON MA SAN ola bhreosla ó shoitheach, lódáil an YU JONG 2 1 168 gcililítear d’ola bhreosla an 19 Samhain 2017 trí oibríocht aistrithe ó long go long.

62.

KOREA ANSAN SHIPPING COMPANY

a) KOREA ANSAN SHPG COMPANY b) Korea Ansan SHPG CO

Seoladh: Pyongchon 1-dong, Pyongchon-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5676084

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, AN SAN 1, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long.

63.

KOREA MYONGDOK SHIPPING CO

 

Seoladh: Chilgol 2-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5985863

30.3.2018

Úinéir cláraithe an YU PHYONG 5. Ag deireadh mhí na Samhna 2017, rinne an YU PHUONG 5 ola bhreosla (1 721 tonna méadrach) a aistriú ó long go long.

64.

KOREA SAMJONG SHIPPING

 

Seoladh: Tonghung-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5954061

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaeir de chuid DPDC, an SAM JONG 1 agus an SAM JONG 2. Meastar go ndearna an dá shoitheach peitriliam scagtha a allmhairiú chuig DPDC de shárú ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí Eanáir 2018.

65.

KOREA SAMMA SHIPPING CO

Korea Samma SHPG CO

Seoladh: Rakrang 3-dong, Rakrang-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5145892

30.3.2018

D'aistrigh tancaer a bhfuil bratach DPDC ar foluain aige, an SAM MA 2, faoi úinéireacht Korea Samma Shipping Company, ola agus doiciméid bhréagacha ó long go long i lár mhí Dheireadh Fómhair 2017, agus lódáil sé beagnach 1 600 tonna méadrach d’ola bhreosla in aon idirbheart amháin. Ordaíodh don mháistir loinge SAMMA SHIPPING agus na focail Chóiréise a bhí ar shéala na loinge a scriosadh agus ‘Hai Xin You 606’ a chur ina n-ionad chun nach n-aithneofaí gur soitheach de chuid DPDC a bhí ann.

67.

KOTI CORP

 

Seoladh: Panama City, Panama;

Uimhir IMO: 5982254

30.3.2018

Bainisteoir loinge agus bainisteoir tráchtála an KOTI, soitheach a bhfuil bratach Phanama ar foluain aige, a d'aistrigh táirge ó long go long ar dócha gur peitriliam é chuig an KUM UN SAN 3, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, an 9 Nollaig 2017.

68.

MYOHYANG SHIPPING CO

 

Seoladh: Kumsong 3-dong, Mangyondae-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5988369

30.3.2018

Bainisteoir loinge thancaer táirgí ola de chuid DPDC, an YU SON, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long.

70.

PHYONGCHON SHIPPING & MARINE

PHYONGCHON SHIPPING AND MARINE

Seoladh: Otan-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5878561

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, an JI SONG 6, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long i ndeireadh mhí Eanáir 2018. Is leis an gcuideachta an JI SONG 8 agus an WOORY STAR freisin.

75.

YUK TUNG ENERGY PTE LTD

 

Seoladh: 80 Raffles Place, #17-22 UOB Plaza, Singapore, 048624, Singapore;

Uimhir IMO: 5987860

30.3.2018

Bainisteoir loinge agus bainisteoir tráchtála an YUK TUNG, a rinne táirgí peitriliam scagtha a aistriú ó long go long.”


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1504 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Aibreán 2022

lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (CESOP) a chruthú chun calaois CBL a chomhrac

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus an comhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 24e de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle (2), arna leasú le Treoir (AE) 2020/284 (3), tugtar isteach oibleagáidí tuairiscithe le haghaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta ón 1 Eanáir 2024. As sin amach, tá na soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe san Aontas Eorpach nó a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta ann le taifid áirithe a choimeád ar íocaíochtaí trasteorann de thionscnamh íocóirí laistigh de na Ballstáit agus ar fhaisnéis áirithe faoi na híocaithe, agus tá na soláthraithe leis na taifid sin a tharchur chuig na Ballstáit le haghaidh an chomhraic in aghaidh na calaoise cánach breisluacha (CBL).

(2)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/283 (4), tá na taifid sin le tarchur ag na Ballstáit chuig lárchóras leictreonach faisnéise íocaíochta (“CESOP”), córas atá le forbairt, le coinneáil ar bun, le hóstáil agus le bainistiú go teicniúil ag an gCoimisiún.

(3)

Chun feidhmiú cuí CESOP a áirithiú, agus de bhun Airteagal 24e, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, is gá na bearta teicniúla a ghlacadh chun CESOP a bhunú. Leis na bearta sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na feidhmiúlachtaí CESOP is gá chun cumais CESOP a fhorbairt mar a thuairiscítear in Airteagal 24c de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Ba cheart do na bearta ardleibhéal soláimhsitheachta a áirithiú freisin trí uirlisí cuardaigh agus léirshamhlaithe a sholáthar in CESOP. Anuas air sin, ba cheart do CESOP malartuithe faisnéise idir oifigigh idirchaidrimh Eurofisc a éascú trína chur ar a gcumas dóibh faisnéis faoin gcalaois CBL a mhalartú go díreach in CESOP ar bhealach tapa sábháilte. Na bearta ba cheart don Choimisiún a dhéanamh chun CESOP a choinneáil ar bun tar éis dó dul i mbun feidhme, ba cheart na bearta sin a leagan síos chun caighdeáin cáilíochta oibríochtúla bhonneagar TF CESOP agus a fheidhmiúlachtaí a áirithiú agus chun a áirithiú go ndéantar na nuashonruithe is gá nuair is gá chun teagmhais an chórais idir an Coimisiún agus na Ballstáit a láimhseáil.

(4)

Cé gurb iad na Ballstáit, mar rialaitheoirí CESOP, atá freagrach as a bhainistíocht, tá sraith freagrachtaí ar an gCoimisiún a theorannaítear do bhainistíocht theicniúil CESOP toisc gurb é a óstach agus a phróiseálaí é, de bhun Airteagal 24e, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010. Ba cheart a áireamh leo sin na cúraimí teicniúla is gá le haghaidh riarachán laethúil CESOP, amhail taifid a choimeád ar an oifigeach idirchaidrimh Eurofisc a fhaigheann rochtain ar CESOP, taifid a choimeád ar na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a tharchuir sonraí chuig na Ballstáit, bearta iomchuí eagraíochtúla slándála a leagan síos le haghaidh CESOP, mar aon leis an oiliúint agus an tacaíocht is gá a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc chun go mbeidh siad in ann CESOP a úsáid go héifeachtach.

(5)

De bhun Airteagal 24b(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, tá na Ballstáit le sonraí a chur chuig CESOP i bhformáid choiteann. Na heilimintí sonraí atá le tuairisciú ag na soláthraithe seirbhísí íocaíochta i bhformáid doiciméid XML, ba cheart iad a leagan amach. Chun inoibritheacht fhoriomlán idir na córais leictreonacha náisiúnta agus CESOP de bhun Airteagal 24b(3) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a sheiceáil go n-áirítear leis na sonraí a tharchuireann na soláthraithe seirbhísí íocaíochta na heilimintí sonraí atá éigeantach agus ceart go comhréireach de bhun Airteagal 243d de Threoir 2006/112/CE, toisc nach féidir le CESOP oibriú ach amháin má logáiltear na sonraí sainordaitheacha go ceart in CESOP.

(6)

Ba cheart do na Ballstáit na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP a ainmniú agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoina gcinneadh. Maidir leis sin, ba cheart don Choimisiún aitheantóir uathúil chun rochtain a fháil ar CESOP a sholáthar do na hoifigigh sin agus liosta de na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc uile ag a bhfuil rochtain ar CESOP a choinneáil ar bun bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó na Ballstáit.

(7)

De bhun Airteagal 24e, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, tá an Coimisiún le nósanna imeachta a leagan síos chun a áirithiú go bhfuil na bearta iomchuí eagraíochtúla agus teicniúla slándála i bhfeidhm le haghaidh CESOP a fhorbairt agus a oibriú. Braitheann roinnt gnéithe slándála de chomhpháirteanna lárnacha CESOP ar chur chun feidhme na mbeart náisiúnta slándála, amhail bearta chun sábháilteacht na sonraí a tharchuirtear a rialú agus bearta chun a áirithiú nach féidir ach le hoifigeach idirchaidrimh Eurofisc ag a bhfuil aitheantóir uathúil bailí rochtain a fháil ar CESOP. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faisnéis faoina mbearta slándála féin a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a chéile a choinneáil ar an eolas maidir leis na bearta slándála a dhéantar agus maidir leis an ngá le huasghrádú a dhéanamh ar na bearta sin.

(8)

An phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo mar aon le freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin, tá siad faoi réir na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). De bhun Airteagal 24e, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, ba cheart róil agus freagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le rialú CESOP a leagan síos. Ba cheart na Ballstáit a mheas mar chomhrialaitheoirí CESOP mar go gcinneann siad modh próiseáilte agus úsáidte na sonraí in CESOP. Ba cheart an Coimisiún a mheas mar phróiseálaí mar go ngníomhaíonn sé thar ceann na mBallstát agus é i mbun a chúraimí uile.

(9)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach ón 1 Eanáir 2024 chun é a ailíniú le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/283 agus Threoir (AE) 2020/284.

(10)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim an 2 Feabhra 2022.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Chomhar Riaracháin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na bearta teicniúla chun CESOP a bhunú agus a choinneáil ar bun

1.   Forbróidh an Coimisiún bearta teicniúla chun CESOP a bhunú ag a mbeidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas:

(a)

sonraí íocaíochta a tharchuireann na Ballstáit a fháil;

(b)

na sonraí íocaíochta a stóráil go sábháilte ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad ó dheireadh na bliana féilire inar tharchuir an Ballstát an fhaisnéis chuige;

(c)

aimhrialtachtaí agus botúin sna sonraí íocaíochta a ghlanadh, lena n-áirítear cóipeanna den íocaíocht chéanna;

(d)

na sonraí íocaíochta i ndáil le gach íocaí a chomhbhailiú;

(e)

cuardaigh agus léirshamhlú ar na sonraí íocaíochta in CESOP a cheadú;

(f)

anailís agus cros-seiceálacha a dhéanamh ar na sonraí íocaíochta leis na sonraí a stóráiltear agus a mhalartaítear i gcomhréir le hAirteagal 17(1), pointí (a), (b), (d), (e) agus (f), agus Airteagal 33(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010:

(g)

anailísíocht uathoibríoch a dhéanamh agus íocaithe a bhfuiltear in amhras fúthu a mharcáil;

(h)

a chur ar a gcumas d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc rialuithe neamh-uathoibríocha agus anailís neamh-uathoibríoch a dhéanamh;

(i)

tuarascálacha a ghiniúint bunaithe ar thorthaí na hanailíse agus na rialuithe a dhéanann CESOP agus oifigigh idirchaidrimh Eurofisc;

(j)

bonneagar bainistíochta a sholáthar chun rochtain úsáideoirí a rialú le haghaidh oifigigh idirchaidrimh Eurofisc;

(k)

a chur ar a gcumas d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc faisnéis a mhalartú go díreach in CESOP, ar faisnéis í a bhaineann le calaois trasteorann CBL a imscrúdú agus a bhrath;

(l)

an bonneagar teicniúil a sholáthar chun go mbeidh na Ballstáit in ann cearta rochtana a n-oifigeach idirchaidrimh Eurofisc a bhainistiú.

2.   Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas chun CESOP a choinneáil ar bun:

(a)

a áirithiú go bhfuil CESOP agus a fheidhmiúlachtaí oibríochtúil);

(b)

cothabháil a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta oibre;

(c)

na nuashonruithe teicniúla is gá a sholáthar le haghaidh fheidhmiú chuí CESOP agus chun CESOP a fheabhsú;

(d)

fadhbanna teicniúla a láimhseáil.

Airteagal 2

Cúraimí an Choimisiúin maidir le CESOP a bhainistiú go teicniúil

Déanfaidh an Coimisiún na cúraimí seo a leanas chun CESOP a bhainistiú go teicniúil:

(a)

liosta a choinneáil agus a nuashonrú d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a bhfuil rochtain ar CESOP agus dá n-aitheantóir uathúil pearsanta úsáideora i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b)

na bearta teicniúla agus eagraíochtúla slándála dá dtagraítear in Airteagal 6 a chur chun feidhme;

(c)

liosta a bhunú, a choimeád agus a choinneáil ar bun de na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a thuairiscigh sonraí de bhun Airteagal 24b(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, i gcomhréir leis na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit;

(d)

maidir le hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a bhfuil rochtain ar CESOP, rochtain uathoibrithe a thabhairt dóibh ar an liosta a choinnítear ar bun de bhun phointe (c);

(e)

cúnamh teicniúil a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc agus CESOP á n-úsáid acu;

(f)

oiliúint a sholáthar d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ar CESOP a úsáid.

Airteagal 3

Nasc agus idir-inoibritheacht fhoriomlán idir CESOP agus na córais leictreonacha náisiúnta

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go bhfuil na córais leictreonacha náisiúnta le haghaidh faisnéis íocaíochta a bhailiú, córais a bunaíodh de bhun Airteagal 24b(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, go bhfuil siad feidhmiúil agus in ann an fhaisnéis íocaíochta a bhailiú de bhun Airteagal 24b(1) den Rialachán sin.

2.   Ní tharchuirfidh na Ballstáit chuig CESOP ach an fhaisnéis íocaíochta lena ngabhann na réimsí sainordaitheacha uile de bhun Airteagal 243d de Threoir 2006/112/CE agus ar faisnéis í atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún an idir-inoibritheacht idir CESOP agus na córais leictreonacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 4

An fhoirm chaighdeánach leictreonach

An fhoirm chaighdeánach leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 24b(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, cuirfear isteach i bhformáid chaighdeánaithe XML í i gcomhréir leis an tábla sonraí san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Socruithe praiticiúla maidir le hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na hoifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP agus cuirfidh siad a n-ainm agus a seoladh ríomhphoist in iúl don Choimisiún.

2.   Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear faoi mhír 1, lena n-áirítear athruithe ar oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ainmnithe, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú uirthi go tráthúil agus tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis an athraithe.

3.   Soláthróidh an Coimisiún aitheantas uathúil pearsanta úsáideora chun rochtain a fháil ar CESOP d’oifigigh idirchaidrimh Eurofisc dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Nósanna imeachta um bearta eagraíochtúla agus teicniúla slándála chun CESOP a fhorbairt agus a oibriú

1.   Soláthróidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún faoina mbearta slándála féin ar an leibhéal náisiúnta a chur i bhfeidhm agus faoi gach nuashonrú a dhéantar ar na bearta sin.

Áireofar leis an bhfaisnéis sin sonraí maidir leis na bearta a dhéantar chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag oifigigh idirchaidrimh Eurofisc dá dtagraítear in Airteagal 5 ar CESOP agus sonraí maidir leis na bearta a dhéantar chun criptiú na sonraí a tharchuireann na Ballstáit a áirithiú.

2.   Faoin 30 Aibreán gach bliain ón mbliain tar éis dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na bearta a rinneadh ar mhaithe le slándáil CESOP.

Léireofar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis an bhfaisnéis sin:

(a)

na teagmhais slándála a tharla sa bhliain roimhe sin agus an chaoi ar réitíodh iad;

(b)

sonraí maidir leis na bearta slándála a rinneadh nó athruithe ar bhearta slándála a bhí ann cheana;

(c)

measúnú ar na bearta slándála atá ann cheana agus cé acu a mheasann an Coimisiún gur gá athruithe a dhéanamh ar na bearta sin nó nach measann.

Airteagal 7

Róil agus freagrachtaí na rialaitheoirí agus an phróiseálaí

1.   Beidh na Ballstáit ina gcomhrialaitheoirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679, ar CESOP. Cinnfear freagrachtaí rialaitheoirí CESOP i gcomhaontú idir na rialaitheoirí, comhaontú ina leagfar amach na rialacha chun cearta an ábhair sonraí a fheidhmiú agus a ndualgais i ndáil le soláthar na faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 13 agus 14 de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh na Ballstáit freagrach as na nithe seo a leanas:

(a)

sonraíochtaí teicniúla CESOP a tharraingt suas, agus i gcás inar gá, iad a oiriúnú chun go mbeidh an Coimisiún in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

CESOP a bhunú agus a choinneáil ar bun de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo;

(b)

CESOP a bhainistiú go teicniúil de bhun Airteagal 2 den Rialachán seo;

(c)

idir-inoibritheacht na gcóras leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24b de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 agus CESOP a áirithiú de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán seo;

(d)

na bearta slándála de bhun Airteagal 6(2), an chéad fhomhír, den Rialachán seo, a dhéanamh;

(b)

na rialacha agus na nósanna imeachta a leagan síos um oifigigh idirchaidrimh Eurofisc ag a mbeidh rochtain ar CESOP a roghnú;

(c)

iarrataí a fhreagairt ó ábhair sonraí maidir le feidhmiú na gceart a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2016/679.

2.   Beidh an Coimisiún ina phróiseálaí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725, ar CESOP.

Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:

(a)

próiseálfaidh sé sonraí pearsanta thar ceann na mBallstát maidir lena dtreoracha agus coimeádfaidh sé doiciméadacht le haghaidh na dtreoracha sin;

(b)

áiritheoidh sé rúndacht na sonraí pearsanta a phróiseálfar faoin Rialachán seo;

(c)

soláthróidh sé an bonneagar teicniúil is gá chun go mbeidh na Ballstáit in ann na hiarrataí dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), a fhreagairt;

(d)

tabharfaidh sé cúnamh do na Ballstáit na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 33 go 41 de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh;

(e)

áiritheoidh sé go scriosfar na sonraí pearsanta uile a stórálfar in CESOP i gcomhréir le hAirteagal 24c(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010;

(f)

an fhaisnéis uile is gá chun comhlíontacht leis na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a léiriú, cuirfidh sé ar fáil do na Ballstáit í agus ceadóidh sé iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, a dhéanann na Ballstáit nó iniúchóir eile arna shainordú ag na Ballstáit, agus lánurraim á tabhairt do Phrótacal (Uimh. 7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus rannchuideoidh sé leis na hiniúchtaí sin freisin.

Airteagal 8

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.

(2)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(3)  Treoir (AE) 2020/284 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le ceanglais áirithe a thabhairt isteach le haghaidh soláthraithe seirbhíse íocaíochta (IO L 62, 2.3.2020, lch. 7).

(4)  Rialachán (AE) 2020/283 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann le bearta chun comhar riaracháin a neartú ar mhaithe le calaois CBL a chomhrac (IO L 62, 2.3.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Foirm leictreonach chun sonraí a tharchur

Uimh. Bhosca

Ainm na hEiliminte Sonraí

Airteagal 243d

Tuairisc

Sampla formáide

Sainordaitheach

Seiceálacha a dhéantar tráth an tarchurtha chuig CESOP

1

BIC/aitheantas an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta is tuairisceoir

(1), pointe (a)

BIC mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhísí íocaíochta a tharchuireann na sonraí.

BIC an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta a sholáthraíonn na sonraí.

Láithreacht, seiceáil comhréire ar BIC

2

Ainm an íocaí

(1), pointe (b)

Tá ainm na n-íocaithe uile le fáil i dtaifid na soláthraithe seirbhísí íocaíochta, lena n-áirítear a n-ainm dlíthiúil agus ainm an ghnólachta.

Ainm an ghlacadóra íocaíochtaí cártabhunaithe, ainm an Cheannaí, ainm an Chreidiúnaí.

Láithreacht

3

Uimhir CBL/uimhir aitheantais chánach an íocaí

(1), pointe (c)

Uimhir aitheantais CBL agus/nó aon uimhir náisiúnta chánach eile atá ag an íocaí.

 

Sainordaitheach Roghnach

Seiceáil comhréire ar na huimhreacha CBL ó Bhallstáit an Aontais

4

Aitheantas chuntas an íocaí

(1), pointe (d)

IBAN mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (15), de Rialachán (AE) Uimh. 260/2012, nó mura bhfuil sé le fáil, aon aitheantóir eile, lena sainaithnítear gan débhrí an t-íocaí a bhaineann leis an idirbheart agus lena dtugtar suíomh an íocaí sin.

IBAN, aitheantas glacadóra íocaíochtaí cártabhunaithe, aitheantas an Cheannaí, aitheantas R-chuntais.

Tá, i gcás go n-aistrítear na cistí chuig cuntas íocaíochta an íocaí

Láithreacht, seiceáil comhréire ar an IBAN

5

BIC/aitheantas sholáthraí seirbhísí íocaíochta an íocaí

(1), pointe (e)

BIC nó aon chód aitheantóra gnó eile lena sainaithnítear gan débhrí an soláthraí seirbhísí íocaíochta a ghníomhaíonn thar ceann an íocaí, agus lena dtugtar a shuíomh i gcás ina bhfaigheann an t-íocaí cistí gan cuntas íocaíochta a bheith aige.

BIC.

Níl, ach amháin i gcás go bhfaigheann an t-íocaí cistí gan cuntas íocaíochta a bheith aige

Láithreacht, seiceáil comhréire ar BIC

6

Seoladh an Íocaí

(1), pointe (f)

Tá seoltaí uile an íocaí le fáil i dtaifid na soláthraithe seirbhísí íocaíochta (seoladh dlíthiúil, seoladh gnó, seoladh trádstórais).

Sráid an ghlacadóra íocaíochtaí cártabhunaithe, seoladh an Cheannaí, seoladh an úinéara cuntais.

Sainordaitheach Roghnach

 

7

Aisíocaíocht

(1), pointe (h)

Aon tagairt don idirbheart a bheith ina aisíocaíocht agus nasc chuig an idirbheart a rinneadh roimhe sin agus a tuairiscíodh.

 

Más infheidhme

Láithreacht

8

Dáta/am

(2), pointe (a)

Dáta agus am forghníomhaithe an idirbhirt íocaíochta nó na haisíocaíochta.

An dáta ceannaigh, an dáta forghníomhaithe, dáta cruthaithe an idirbhirt.

Láithreacht, seiceáil comhréire

9

Méid

(2), pointe (b)

Méid an idirbhirt íocaíochta nó na haisíocaíochta.

 

Láithreacht

10

Airgeadra

(2), pointe (b)

Airgeadra an idirbhirt íocaíochta nó na haisíocaíochta.

 

Láithreacht, seiceáil comhréire ar an gcód airgeadra

11

BS tionscnaimh na híocaíochta

(2), pointe (c)

Ballstát tionscnaimh na híocaíochta a fuair an t-íocaí.

Cód na tíre is íocaí.

Más íocaíocht an t-idirbheart

Láithreacht, seiceáil comhréire ar an gcód tíre

12

BS is ceann scríbe na haisíocaíochta

(2), pointe (c)

Ballstát is ceann scríbe na haisíocaíochta.

Cód tíre thairbhí na haisíocaíochta.

Más aisíocaíocht faoi bhosca 7 an t-idirbheart

Láithreacht, seiceáil comhréire ar an gcód tíre

13

Faisnéis faoi Shuíomh an Íocaí

(2), pointe (c)

Tásc ar an bhfaisnéis a úsáideadh chun áit tionscnaimh na híocaíochta nó ceann scríbe na haisíocaíochta a chinneadh.

Ní tharchuirfear sonraí na faisnéise chun nach n-aithneofaí an t-íocaí.

Léiríonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta gur oibríodh an suíomh amach bunaithe ar

Íocaí IBAN,

Raon uimhir aitheantais bhainc an tsealbhóra cárta,

Eile.

Níor cheart an t-aitheantas féin (uimhir IBAN, uimhir aitheantais bhainc, seoladh) a tharchur riamh.

Láithreacht

14

Aitheantas an idirbhirt

(2), pointe (d)

Aon tagairt lena sainaithnítear gan débhrí an t-idirbheart íocaíochta.

Tagairt an fhaighteora, aitheantas an idirbhirt.

Láithreacht

15

Láithreacht fhisiceach

(2), pointe (e)

Aon tagairt lena léirítear go raibh an t-íocaí in áitreabh fisiceach an cheannaí nuair a thosaigh sé an íocaíocht.

Modh iontrála ag an díolphointe

Más infheidhme

Láithreacht


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus gnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3.2012, lch. 22).


CINNTÍ

12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/28


CINNEADH (CBES) 2022/1505 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 16 Iúil 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/392/CBES (1) lena mbunaítear misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir chun tacú le fothú acmhainneachta ghníomhaithe slándála na Nígire chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac (EUCAP Sahel Niger).

(2)

An 7 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1254 (2) agus chuir sí síneadh leis an Misean go dtí an 30 Meán Fómhair 2022.

(3)

An 15 Meitheamh 2022, scrúdaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an tAthbhreithniú Straitéiseach ar an Misean agus chomhaontaigh sé síneadh a chur le EUCAP Sahel Niger go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. An 28 Meitheamh 2022, agus an tAthbhreithniú Straitéiseach ar an Misean á dhúnadh, chomhaontaigh an Coiste Polaitiúil agus Slándála, ina theannta sin, inter alia, gur cheart don Mhisean a bheith in ann faisnéis rúnaicmithe AE a mhalartú le gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais, faoi chuimsiú a shainordaithe.

(4)

Ba cheart Cinneadh 2012/392/CBES a leasú dá réir.

(5)

Cuirfear EUCAP Sahel Niger i gcrích i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus cuirtear mír nua leis:

“4.   Déanfaidh EUCAP Sahel Niger, i ndlúthchomhar le toscaireacht an Aontais in Niamey, straitéis cumarsáide a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun luachanna an Aontais a chothú agus gníomhaíocht an Aontais a chur chun sa tSaiheil, go háirithe sa Nígir.

5.   Ní bheidh aon fheidhm feidhmiúcháin ag EUCAP Sahel Niger.”;

(2)

in Airteagal 13(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Is é EUR 72 161 381,16 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an caiteachas a bhaineann le EUCAP Sahel Niger a chumhdach don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.”;

(3)

cuirtear an mhír seo a leanas le hAirteagal 14:

“4.   Comhoibreoidh an Ceann Misin le Misin CBSC eile, go háirithe le EUCAP Sahel Mali, lena n-áirítear an tAonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú, agus le EUBAM na Libia.”;

(4)

in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 agus cuirtear mír nua leis:

“4.   Údarófar don Ardionadaí faisnéis rúnaicmithe AE arna giniúint chun críocha EUCAP Sahel Niger a scaoileadh chuig gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile an Aontais, go háirithe chuig Frontex agus Europol, go dtí an leibhéal ábhartha aicmiúcháin do gach ceann acu faoi seach, i gcomhréir le Cinneadh 2013/488/AE. Dréachtófar socruithe teicniúla chun na críche sin.

5.   Féadfaidh an tArdionadaí na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1 go mír 4, mar aon leis an gcumas na socruithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a thabhairt i gcrích, a tharmligean chuig na daoine a chuirtear faoina údarás/húdarás, chuig an gCeannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha agus/nó chuig an gCeann Misin.”;

(5)

in Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Beidh feidhm aige go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh 2012/392/CBES ón gComhairle an 16 Iúil 2012 maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (IO L 187, 17.7.2012, lch. 48).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1254 ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES maidir le misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (IO L 294, 8.9.2020, lch. 3).


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/30


CINNEADH (CBES) 2022/1506 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

maidir le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh chun tacú le forbairt na n-uirlisí teicneolaíochta faisnéise chun scaipeadh faisnéise faoi bhearta sriantacha an Aontais a fheabhsú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is uirlis riachtanach beartais eachtraigh do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais iad na bearta sriantacha a ghlac an Chomhairle ar bhonn Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar bhonn Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(2)

Scaipeadh forleathan faisnéise maidir le bearta sriantacha atá i bhfeidhm san Aontas agus rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, mar aon le malartú faisnéise idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus an Coimisiún, is coinníoll riachtanach é sin d’éifeachtúlacht na mbeart sriantach sin.

(3)

Le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, léiríodh a phráinní atá sé gníomhaíocht a sheoladh chun cur ar chumas na mBallstát agus na n-oibreoirí na bearta sriantacha a glacadh ón 24 Feabhra 2022 i leith a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr. Mar thoradh ar an éileamh méadaithe ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart sriantach, ceanglais nua atá leagtha síos ag raon feidhme agus cineál na mbeart sriantach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, agus an gá atá le cumarsáid shlán agus dlúthchomhar idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus an Coimisiún chun na bearta sriantacha sin a chur chun feidhme, tá gá le huirlisí teicneolaíochta faisnéise nua nó feabhsaithe agus níos sláine.

(4)

Ba cheart do ghníomhaíocht oibríochtúil faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála tacú le forbairt na bhfeidhmchlár agus na mbunachar sonraí is gá mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1.   Tacóidh an tAontas le forbairt na bhfeidhmchlár agus na mbunachar sonraí is gá chun faisnéis a chur ar fáil maidir le bearta sriantacha atá i bhfeidhm san Aontas agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar an bhfaisnéis sin, go háirithe, ag na hoibreoirí atá rannpháirteach ina gcur chun feidhme, mar aon le huirlisí teicneolaíochta faisnéise a fhorbairt ionas gur féidir faisnéis a mhalartú go slán idir na Ballstáit, na geallsealbhóirí agus an Coimisiún.

2.   Tacóidh na huirlisí teicneolaíochta faisnéise uasghrádaithe sin, go háirithe, le cur chun feidhme oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát gan cinn bhreise a chruthú. Beidh socruithe tuairiscithe a mbeidh iarmhairtí suntasacha acu ar riaracháin náisiúnta faoi réir comhairliúchán laistigh den Chomhairle, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 450 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an ghníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

2.   Bainisteoidh an Coimisiún an caiteachas go léir, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 3

Faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de

Agus uirlisí teicneolaíochta faisnéise uasghrádaithe le haghaidh smachtbhannaí á bhforbairt, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chosaint go cuí trí choimircí teicniúla iomchuí.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus ré

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/32


CINNEADH (CBES) 2022/1507 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ón gComhairle, ba cheart na hiontrálacha maidir le ceathrar a ndeachaigh cur i bhfeidhm beart sriantach ina gcoinne in éag an 6 Meán Fómhair 2022, agus an fhaisnéis maidir lena gcearta cosanta agus lena gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

“Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 6 Márta 2023.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:

(1)

i Roinn A (“Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1”), scriostar na hiontrálacha do na daoine seo a leanas:

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych;

3.

Viktor Pavlovych Pshonka;

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych;

9.

Artem Viktorovych Pshonka;

(2)

i Roinn B (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), scriostar an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine seo a leanas:

1.

Viktor Fedorovych Yanukovych;

3.

Viktor Pavlovych Pshonka;

7.

Oleksandr Viktorovych Yanukovych;

9.

Artem Viktorovych Pshonka.


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/34


CINNEADH (CBES) 2022/1508 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

a bhaineann le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ar bhonn sealadach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 agus Airteagal 31(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Bealtaine 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/610 (1), lena bhforáiltear do bhailíocht na gceadanna náisiúnta de Phalaistínigh áirithe a fhadú le haghaidh dul isteach, nó fanachta, ar chríoch na mBallstát dá dtagraítear i gComhsheasamh 2002/400/CBES ón gComhairle (2) go ceann tréimhse bhreise 24 mhí.

(2)

Ar bhonn meastóireacht ar chur i bhfeidhm Chomhsheasamh 2002/400/CBES, measann an Chomhairle gurb iomchuí bailíocht na gceadanna sin a fhadú go ceann tréimhse bhreise 24 mhí,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 2 de Chomhsheasamh 2002/400/CBES bailíocht na gceadanna náisiúnta le haghaidh dul isteach agus fanachta arna ndeonú de bhun Airteagal 3 den Chomhsheasamh a fhadú go ceann tréimhse bhreise 24 mhí, amhail ón 31 Eanáir 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh (CBES) 2020/610 ón gComhairle an 4 Bealtaine 2020 maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ar bhonn sealadach (IO L 142, 5.5.2020, lch. 5).

(2)  Comhsheasamh 2002/400/CBES ón gComhairle an 21 Bealtaine 2002 maidir le Palaistínigh áirithe a bheith á nglacadh ag Ballstáit de chuid an Aontais Eorpaigh ar bhonn sealadach (IO L 138, 28.5.2002, lch. 33).


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/35


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1509 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

An 18 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:

“6.

Ainm: 1: ABU 2: ZAYD 3: UMAR 4: DORDA

Teideal: n/b Ainmniú: a) Stiúrthóir, an Eagraíocht Slándála Seachtraí. b) Ceann na gníomhaireachta um fhaisnéis sheachtrach. Dáta Breithe: 4 Aibreán 1944 Áit Bhreithe: Alrhaybat Ainmneacha bréige láidre: a) Dorda Abuzed OE b) Abu Zayd Umar Hmeid Dorda Ainm bréige lag: n/b Náisiúntacht: n/b Uimhir an phas: an Libia, uimhir FK117RK0, a eisíodh an 25 Samhain 2018, eisithe i dTripilí (Dáta éaga: 24 Samhain 2026) Uimhir Aitheantais Náisiúnta: n/b Seoladh: an Libia (Stádas/suíomh measta: éagtha) A liostaíodh an: 26 Feabhra 2011 (leasaithe an 27 Meitheamh 2014, 1 Aibreán 2016, 25 Feabhra 2020, 18 Iúil 2022) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 15 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil). Liostaithe an 17 Márta 2011 de bhun mhír 17 de rún 1970 (Reo Sócmhainní).”


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/37


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1510 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2016/849 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2016 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2013/183/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 33(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/849.

(2)

An 26 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le 20 duine agus 24 eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 141, 28.5.2016, lch. 79.


IARSCRÍBHINN

(1)   

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal “A. Daoine”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 4, 8, 12, 13, 17, 19, 23, 24, 28, 35, 36, 40, 41, 48, 50, 53, 63, 68 agus 78:

 

Ainm

Ailias

Dáta breithe

Dáta ainmniúchán na Náisiún Aontaithe

Ráiteas ar chúiseanna

“1.

Yun Ho-jin

Yun Ho-chin

Dáta breithe: 13.10.1944

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Stiúrthóir Namchongang Trading Corporation; déanann sé maoirseacht ar allmhairiú earraí a theastaíonn don chlár saibhrithe úráiniam.

4.

Ri Hong-sop

 

Dáta breithe: 1940

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Iarstiúrthóir, Yongbyon Nuclear Research Centre, agus Ceann Nuclear Weapons Institute, rinne sé maoirseacht ar thrí phríomhshaoráid a chabhraíonn le plútóiniam de ghrád armáin a tháirgeadh: an tsaoráid déantúsaíochta breosla, an t-imoibreoir núicléach, agus an gléasra athphróiseála.

8.

Ra Ky'ong-Su

Ra Kyung-Su;

Chang, Myong Ho;

Chang Myo’ng-Ho;

Chang Myong-Ho

Dáta breithe: 4.6.1954

Pas: 645120196

Náisiúntacht: DPDC

22.1.2013

Is oifigeach de chuid Tanchon Commercial Bank (TCB) é RA Ky’ong-Su. Sa cháil seo d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh TCB. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin.

12.

Mun Cho’ng- Ch’o’l

 

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: C/O Tanchon Commercial Bank, Pyongyang, DPRK, Saemaeul 1-Dong, Pyongchon District

7.3.2013

Is oifigeach de chuid Tanchon Commercial Bank (TCB) é Mun Cho‘ng-Ch’o’l. Sa cháil seo d’éascaigh sé idirbhearta le haghaidh TCB. D’ainmnigh an Coiste Smachtbhannaí Tanchon i mí Aibreáin 2009 mar phríomheintiteas airgeadais DPDC a dhíolann gnáth-airm, diúracáin bhalaistíocha agus earraí a bhaineann le cóimeáil agus monarú armán den sórt sin.

13.

Choe Chun-Sik

Choe Chun Sik;

Ch’oe Ch’un Sik

Dáta breithe: 12.10.1954

Náisiúntacht: DPDC

eoladh: DPRK

2.3.2016

Bhí Choe Chun-sik ina stiúrthóir ar Second Academy of Natural Sciences (SANS) agus bhí sé ina cheann ar chlár diúracán fadraoin DPDC.

17.

Jang Yong Son

 

Dáta breithe: 20.2.1957

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 563110024 (arna eisiúint ag DPDC)

2.3.2016

Ionadaí do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID). Bhí sé ina ionadaí do KOMID san Iaráin.

19.

Kang Mun Kil

Jiang Wen-ji;

Jian Wenji

Uimhir an phas: 472330208 (le héag 4.7.2017)

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.3.2016

Rinne Kang Mun Kil gníomhaíochtaí soláthair núicléach mar ionadaí ar Namchongang, ar a dtugtar Namhung freisin.

23.

Kim Tong My’ong

Kim Chin-So’k;

Kim Tong-Myong;

Kim Jin-Sok;

Kim, Hyok-Chol;

Kim Tong-My’ong;

Kim Tong Myong;

Kim Hyok Chol

Dáta breithe: a) 1964 b) 28.8.1962

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 290320764 (arna eisiúint ag DPDC)

2.3.2016

Is é Kim Tong My’ong Uachtarán Tanchon Commercial Bank agus bhí poist éagsúla aige laistigh de Tanchon Commercial bank ó 2002 ar a laghad. Bhí ról aige freisin i ngnóthaí Amroggang a bhainistiú.

24.

Kim Yong Chol

Kim Yong-Chol;

Kim Young-Chol;

Kim Young-Cheol;

Young-Chul

Dáta breithe: 18.2.1962

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 472310168 (arna eisiúint ag DPDC)

2.3.2016

Ionadaí do KOMID. Bhí sé ina ionadaí do KOMID san Iaráin.

28.

Yu Chol U

 

Dáta breithe: 8.8.1959

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.3.2016

Tá Yu Chol U ina Stiúrthóir ar National Aerospace Development Administration.

35.

Kim Chol Sam

Jin Tiesan

(金铁三)

Dáta breithe: 11.3.1971

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 645120378 (arna eisiúint ag DPDC)

30.11.2016

Is ionadaí é Kim Chol Sam do Daedong Credit Bank (DCB), a raibh baint aige le hidirbhearta a bhainistiú thar ceann DCB Finance Limited. Mar ionadaí do DCB atá bunaithe thar lear, meastar gur éascaigh Kim Chol Sam idirbhearta ar fiú na céadta mílte dollar iad agus gur dócha gur bhainistigh sé na milliúin dollar i gcuntais a bhaineann le DPDC a bhfuil naisc fhéideartha acu le cláir núicléacha/diúracán.

36.

Kim Sok Chol

 

Uimhir an phas: 472310082

Dáta breithe: 8.5.1955

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: Myanmar

30.11.2016

Ghníomhaigh sé mar Ambasadóir DPDC chuig Maenmar agus feidhmíonn sé mar éascaitheoir KOMID. D’íoc KOMID é as a chúnamh agus eagraíonn sé cruinnithe thar ceann KOMID, lena n-áirítear cruinniú idir KOMID agus daoine a bhaineann le cosaint Mhaenmar chun cúrsaí airgeadais a phlé.

40.

Cho Il U

Cho Il Woo;

Cho Ch’o’l;

Jo Chol

Dáta breithe:10.5.1945

Áit bhreithe: Musan, North Hamgyo'ng Province, DPRK

Náisiúntacht: DPDC

Uimhir an phas: 736410010

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Stiúrthóir ar an Fifth Bureau of the Reconnaissance General Bureau. Creidtear go bhfuil Cho i gceannas ar oibríochtaí spiaireachta thar lear agus ar bhailiúchán faisnéise eachtraí do DPDC.

41.

Cho Yon Chun

Jo Yon Jun

Dáta breithe: 28.9.1937

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Leas-Stiúrthóir ar an Organization and Guidance Department, a stiúrann príomhcheapacháin phearsanra don Workers’ Party of Korea agus d’arm DPDC.

48.

Paek Se Bong

Paek Se Pong

Dáta breithe: 21.3.1938

Náisiúntacht: DPDC

2.6.2017

Is iarChathaoirleach ar an Second Economic Committee é Paek Se Bong, iarchomhalta den National Defense Commission, agus iarLeas-Stiúrthóir ar Munitions Industry Department (MID).

50.

Pak To Chun

Pak Do Chun;

Pak To’-Ch’un

Dáta breithe: 9.3.1944

Náisiúntacht: DPDC

2.6.2017

Is iar-rúnaí an Munitions Industry Department (MID) é Pak To Chun agus tugann sé comhairle faoi chúrsaí a bhaineann le cláir núicléacha agus diúracán faoi láthair. Is iarbhall den State Affairs Commission agus is ball é den Workers' Party of Korea Political Bureau.

53.

Ri Yong Mu

Ri Yong-Mu

Dáta breithe: 25.1.1925

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

2.6.2017

Is Leas-Chathaoirleach é RI Yong Mu ar an State Affairs Commission, a stiúrann agus a threoraíonn gnóthaí míleata, cosanta agus slándála uile DPDC, lena n-áirítear fáil agus soláthar.

63.

Pak Yong Sik

Pak Yo’ng-sik

Dáta breithe: 1950

Náisiúntacht: DPDC

Seoladh: DPRK

11.9.2017

Comhalta den Workers’ Party of Korea Central Military Commission, atá freagrach as forbairt agus cur chun feidhme bheartais mhíleata an Workers’ Party of Korea, a rialaíonn agus atá i gceannas ar arm DPDC, agus a chabhraíonn le tionscail mhíleata na tíre a stiúradh.

68.

Kim Tong Chol

Kim Tong-ch’o’l

Dáta breithe: 28.1.1966

Náisiúntacht: DPDC

Inscne: fireann

Uimhir an phas: a) 927234267 b) 108120258 (arna eisiúint ag DPDC an 14 Feabhra 2018; dáta éaga an 14 Feabhra 2023)

22.12.2017

Is ionadaí thar lear é Kim Tong Chol don Foreign Trade Bank.

78.

Ri Song Hyok

Li Cheng He

Dáta breithe: 19.3.1965

Náisiúntacht: DPDC

Inscne: fireann

Uimhir an phas: 654234735 (arna eisiúint ag DPDC)

22.12.2017

Is ionadaí thar lear é Ri Song Hyok do Koryo Bank agus Koryo Credit Development Bank agus bhunaigh sé cuideachtaí tosaigh chun nithe a sholáthar agus idirbhearta airgeadais a dhéanamh thar ceann na Cóiré Thuaidh.”

(2)   

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2016/849, faoin gceannteideal “B. Eintitis”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4, 8, 20, 22, 23, 30, 36, 42, 44, 45, 47, 50, 56, 57, 58, 61, 62, 63, 64, 65, 67, 68, 70 agus 75:

 

Ainm

Ailias

Suíomh

Dáta ainmniúchán na Náisiún Aontaithe

Faisnéis eile

“4.

Namchongang Trading Corporation

a) NCG, b) NAMCHONGANG TRADING, c) NAM CHON GANG CORPORATION, d) NOMCHONGANG TRADING CO., e) NAM CHONG GAN TRADING CORPORATION, f) Namhung Trading Corporation, g) Korea Daeryonggang Trading Corporation, h) Korea Tearyonggang Trading Corporation

a) Chilgol, Pyongyang, Democratic People's Republic of Korea, b) Sengujadong 11-2/(or Kwangbok-dong), Mangyongdae District, Pyongyang, Democratic People's Republic of Korea;

Uimhreacha teileafóin: +850-2-18111, 18222 (ext. 8573);

Facs +850-2-381-4687

16.7.2009

Is cuideachta thrádála de chuid DPDC é Namchongang atá faoi réir an General Bureau of Atomic Energy (GBAE). Bhí baint ag Namchongang le soláthar folúischaidéal de thionscnamh Seapánach a sainaithníodh ag saoráid núicléach DPDC, chomh maith le soláthar núicléach a bhaineann le duine Gearmánach. Bhí baint aige freisin le feadáin alúmanaim agus trealamh eile a cheannach atá oiriúnach go sonrach do chlár saibhrithe úráiniam ó na 1990í déanacha. Iarthaidhleoir is ea a ionadaí bhí mar ionadaí DPDC do chigireacht IAEA ar shaoráidí núicléacha Yongbyon in 2007. Is cúis mhór imní iad gníomhaíochtaí iomadaithe Namchongang i bhfianaise ghníomhaíochtaí leata DPDC san am a chuaigh thart.

8.

Korean Tangun Trading Corporation

a) Kuryonggang Trading Corporation b) Ryungseng Trading Corporation c) Ryung Seng Trading Corporation d) Ryungsong Trading Corporation e) Kore Kuryonggang Trading Corporation

Pyongyang, DPRK

16.7.2009

Tá Korea Tangun Trading Corporation faoi réir an Second Academy of Natural Sciences de chuid DPDC agus tá sé freagrach go príomha as soláthar tráchtearraí agus teicneolaíochtaí chun tacú le cláir thaighde agus forbartha cosanta DPDC, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, cláir agus córais soláthair armán ollscriosta agus seachadta, lena n-áirítear ábhair atá rialaithe nó a bhfuil toirmeasc orthu faoi chórais rialúcháin iltaobhacha ábhartha.

20.

Ocean Maritime Management Company, Limited (OMM)

a) East Sea Shipping Company; b) Korea Mirae Shipping Co. Ltd c) Haeyang Crew Management Company

Seoladh: Donghung Dong, Central District. PO BOX 120. Pyongyang, DPRK;

Seoladh eile: Dongheung-dong Changwang Street, Chung-Ku, PO Box 125, Pyongyang;

Uimhir IMO: 1790183

28.7.2014

Is oibreoir/bainisteoir an tsoithigh, Chong Chon Gang, é Ocean Maritime Management Company, Limited. Bhí ról aige maidir le lastas ceilte arm agus ábhar gaolmhar a loingsiú ó Chúba go DPDC i mí Iúil 2013. Mar sin, rannchuidigh Ocean Maritime Management Company, Limited le gníomhaíochtaí arna dtoirmeasc leis na rúin, eadhon an trádbhac arm a fhorchuirtear le rún 1718 (2006), arna mhodhnú le rún 1874 (2009), agus rannchuidigh sé leis na bearta a fhorchuirtear leis an rúin sin a sheachaint.

 

Soithí a bhfuil Uimhir IMO acu:

 

 

 

 

 

(a)

Chol Ryong (Ryong Gun Bong)

8606173

 

 

2.3.2016

 

 

(b)

Chong Bong (Greenlight) (Blue Nouvelle)

8909575

 

 

2.3.2016

 

 

(c)

Chong Rim 2

8916293

 

 

2.3.2016

 

 

(g)

Hoe Ryong

9041552

 

 

2.3.2016

 

 

(h)

Hu Chang (O Un Chong Nyon)

8330815

 

 

2.3.2016

 

 

(i)

Hui Chon (Hwang Gum San 2)

8405270

 

 

2.3.2016

 

 

(j)

Ji Hye San (Hyok Sin 2)

8018900

 

 

2.3.2016

 

 

(k)

Kang Gye (Pi Ryu Gang)

8829593

 

 

2.3.2016

 

 

(l)

Mi Rim

8713471

 

 

2.3.2016

 

 

(m)

Mi Rim 2

9361407

 

 

2.3.2016

 

 

(n)

O Rang (Po Thong Gang)

8829555

 

 

2.3.2016

 

 

(p)

Ra Nam 2

8625545

 

 

2.3.2016

 

 

(q)

RaNam 3

9314650

 

 

2.3.2016

 

 

(r)

Ryo Myong

8987333

 

 

2.3.2016

 

 

(s)

Ryong Rim (Jon Jin 2)

8018912

 

 

2.3.2016

 

 

(t)

Se Pho (Rak Won 2)

8819017

 

 

2.3.2016

 

 

(u)

Songjin (Jang Ja San Chong Nyon Ho)

8133530

 

 

2.3.2016

 

 

(v)

South Hill 2

8412467

 

 

2.3.2016

 

 

(x)

Tan Chon (Ryon Gang 2)

7640378

 

 

2.3.2016

 

 

(y)

Thae Pyong San (Petrel 1)

9009085

 

 

2.3.2016

 

 

(z)

Tong Hung San (Chong Chon Gang)

7937317

 

 

2.3.2016

 

 

(aa)

Tong Hung 1

8661575

 

 

2.3.2016

 

22.

Chongchongang Shipping Company

a) Chong Chon Gang Shipping Co. Ltd. b) Chongchongang Shipping Co LTD

Seoladh: 817 Haeun, Donghung-dong, Central District, Pyongyang, DPRK;

Seoladh eile: 817, Haeum, Tonghun-dong, Chung-gu, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5342883

2.3.2016

Rinne Chongchongang Shipping Company, trína shoitheach, an Chong Chon Gang, iarracht lastas aindleathach gnáth-armán agus gnáth-arm a allmhairiú go díreach chuig DPDC i mí Iúil 2013.

23.

Daedong Credit Bank (DCB)

a) DCB b) Taedong Credit Bank c) Dae-Dong Credit Bank

Seoladh: Suite 401, Potonggang Hotel, Ansan-Dong, Pyongchon District, Pyongyang, DPRK;

Seoladh eile: Ansan-dong, Botonggang Hotel, Pongchon, Pyongyang, DPRK;

SWIFT: DCBKKPPY

2.3.2016

Chuir Daedong Credit Bank seirbhísí airgeadais ar fáil do Korea Mining Development Trading Corporation (KOMID) agus Tanchon Commercial Bank. Ó 2007 ar a laghad, d’éascaigh DCB na céadta idirbheart airgeadais ar fiú na milliúin dollar iad thar ceann KOMID agus Tanchon Commercial Bank. I gcásanna áirithe, d’éascaigh DCB idirbhearta go feasach trí chleachtais mhealltacha airgeadais a úsáid.

30.

Office 39

Office #39; Office No. 39; Bureau 39; Central Committee Bureau 39; Third Floor; Division 39

a) Second KWP Government Building (Korean – Ch’o’ngsa, Urban Town (Korean-Dong), Chung Ward, Pyongyang, DPRK b) Chung-Guyok (Central District), Sosong Street, Kyongrim-Dong, Pyongyang, DPRK c) Changwang Street, Pyongyang DPRK

2.3.2016

Eintiteas rialtais DPDC.

36.

Singwang Economics and Trading General Corporation

 

Seoladh: DPRK;

Uimhir IMO: 5905801

30.11.2016

Is gnólacht DPDC é a bhíonn ag trádáil guail. Gineann DPDC sciar shuntasach den airgead dá cláir diúracán núicléach agus balaistíoch trí mhianadóireacht a dhéanamh ar acmhainní nádúrtha agus iad a dhíol thar lear.

42.

Korea Daesong General Trading Corporation

Daesong Trading; Daesong Trading Company; Korea Daesong Trading Company; Korea Daesong Trading Corporation

Seoladh: Pulgan Gori Dong 1, Potonggang District, Pyongyang City, DPRK;

Teil. +850-2-18111-8208. Facs +850-2-381-4432;

R-phost: daesong@star-co.net.kp

30.11.2016

Tá sé cleamhnaithe le Office 39 trí onnmhairí mianraí (ór), miotail, innealra, táirgí talmhaíochta, gingsing, seodra agus táirgí tionscail éadroim.

44.

Korea Kumsan Trading Corporation

 

Seoladh: Haeun 2-dong, Pyogchon District, Pyongyang City/Mangyongdae, DPRK;

Teil. +850-2-18111-8550. Facs +850-2-381-4410/4416;

R-phost: mhs-ip@star-co.net.kp

2.6.2017

Tá Korea Kumsan Trading Corporation faoi úinéireacht nó faoi rialú General Bureau of Atomic Energy, a dhéanann maoirseacht ar chlár núicléach DPDC, nó tá sé ag gníomhú nó ag airbheartú a bheith ag gníomhú dó nó thar a cheann, go díreach nó go hindíreach.

45.

Koryo Bank

 

Koryo Bank Building, Pulgun Street, Pyongyang, DPRK

2.6.2017

Oibríonn Koryo Bank i dtionscal na seirbhísí slándála i ngeilleagar DPDC agus tá sé cleamhnaithe le Office 38 agus Office 39 de KWP.

47.

Foreign Trade Bank

a) Mooyokbank b) Korea Trading Bank

Seoladh: FTB Building, Jungsong-dong, Central District, Pyongyang, DPRK;

SWIFT/BIC: FTBDKPPY

4.8.2017

Is banc faoi úinéireacht stáit é Foreign Trade Bank a fheidhmíonn mar phríomhbhanc malairte eachtraí DPDC agus tá tacaíocht airgeadais an-tábhachtach tugtha aige do Korea Kwangson Banking Corporation.

50.

Mansudae Overseas Project Group of Companies

Mansudae Art Studio

Yanggakdo International Hotel, RYUS, Pyongyang, DPRK

4.8.2017

Bhí Mansudae Overseas Project Group of Companies ag gabháil d’oibrithe a onnmhairiú ó DPDC chuig náisiúin eile ar mhaithe le gníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil, lena n-áirítear dealbha agus séadchomharthaí a thógáil, d’éascaigh sé onnmhairiú na n-oibrithe sin nó bhí sé freagrach as an onnmhairiú, chun ioncam a ghiniúint do Rialtas DPDC nó do Workers' Party of Korea. Tuairiscíodh go ndearna Mansudae Overseas Project Group of Companies gnó i dtíortha san Afraic agus in Oirdheisceart na hÁise lena n-áirítear an Ailgéir, Angóla, Beinin, an Bhotsuáin, an Chambóid, Poblacht Dhaonlathach an Chongó, an Ghuine Mheánchiorclach, Madagascar, an Mhalaeisia, Mósaimbíc, an Namaib, Sead, an tSiombáib, an tSiria, agus Tóga.

56.

CHONMYONG SHIPPING CO

CHON MYONG SHIPPING COMPANY LIMITED

Seoladh: Kalrimgil 2-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK; Saemaul 2-dong, Pyongchon-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5571322

30.3.2018

Úinéir cláraithe an CHON MYONG 1, soitheach a bhfuil bratach DPDC ar foluain aige a d’aistrigh breosla ó long go long ag deireadh mhí na Nollag 2017.

57.

FIRST OIL JV CO LTD

 

Seoladh: Jongbaek 1-dong, Rakrang-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5963351

30.3.2018

Úinéir thancaer de chuid DPDC, PAEK MA, a raibh baint aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long i lár mhí Eanáir 2018.

58.

HAPJANGGANG SHIPPING CORP

 

Seoladh: Kumsong 3-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5787684

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, NAM SAN 8, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long, agus úinéir an tsoithigh, HAP JANG GANG 6.

61.

KOREA ACHIM SHIPPING CO

 

Seoladh: Sochang-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK

Uimhir IMO: 5936312

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, an CHON MA SAN. Rinne an CHON MA SAN, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, ullmhúcháin le haghaidh oibríochtaí ar dócha gur le haghaidh aistrithe ó long go long iad ag deireadh mhí Eanáir 2018. Thuairiscigh máistir an tancaeir mhótair, an YU JONG 2, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, an 18 Samhain 2017, do rialaitheoir neamhaitheanta a bhí bunaithe in DPDC go raibh stoirm á seachaint ag an soitheach roimh aistriú ó long go long a dhéanamh. Mhol an máistir ola bhreosla a lódáil ar an YU JONG 2 sula ndéanfaí an CHON MA SAN, tancaer a raibh bratach DPDC ar foluain aige, a lódáil, ó tharla go raibh an CHON MA SAN — ós rud é go raibh a mhéid níos mó — níos oiriúnaí chun aistrithe ó long go long a dhéanamh le linn stoirme. Nuair a lódáil an CHON MA SAN ola bhreosla ó shoitheach, lódáil an YU JONG 2 1 168 gcililítear d’ola bhreosla an 19 Samhain 2017 trí oibríocht aistrithe ó long go long.

62.

KOREA ANSAN SHIPPING COMPANY

a) KOREA ANSAN SHPG COMPANY b) Korea Ansan SHPG CO

Seoladh: Pyongchon 1-dong, Pyongchon-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5676084

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, AN SAN 1, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long.

63.

KOREA MYONGDOK SHIPPING CO

 

Seoladh: Chilgol 2-dong, Mangyongdae-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5985863

30.3.2018

Úinéir cláraithe an YU PHYONG 5. Ag deireadh mhí na Samhna 2017, rinne an YU PHUONG 5 ola bhreosla (1 721 tonna méadrach) a aistriú ó long go long.

64.

KOREA SAMJONG SHIPPING

 

Seoladh: Tonghung-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5954061

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaeir de chuid DPDC, an SAM JONG 1 agus an SAM JONG 2. Meastar go ndearna an dá shoitheach peitriliam scagtha a allmhairiú chuig DPDC de shárú ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe ag deireadh mhí Eanáir 2018.

65.

KOREA SAMMA SHIPPING CO

Korea Samma SHPG CO

Seoladh: Rakrang 3-dong, Rakrang-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5145892

30.3.2018

D'aistrigh tancaer a bhfuil bratach DPDC ar foluain aige, an SAM MA 2, faoi úinéireacht Korea Samma Shipping Company, ola agus doiciméid bhréagacha ó long go long i lár mhí Dheireadh Fómhair 2017, agus lódáil sé beagnach 1 600 tonna méadrach d’ola bhreosla in aon idirbheart amháin. Ordaíodh don mháistir loinge SAMMA SHIPPING agus na focail Chóiréise a bhí ar shéala na loinge a scriosadh agus ‘Hai Xin You 606’ a chur ina n-ionad chun nach n-aithneofaí gur soitheach de chuid DPDC a bhí ann.

67.

KOTI CORP

 

Seoladh: Panama City, Panama;

Uimhir IMO: 5982254

30.3.2018

Bainisteoir loinge agus bainisteoir tráchtála an KOTI, soitheach a bhfuil bratach Phanama ar foluain aige, a d'aistrigh táirge ó long go long ar dócha gur peitriliam é chuig an KUM UN SAN 3, a raibh bratach DPDC ar foluain aige, an 9 Nollaig 2017.

68.

MYOHYANG SHIPPING CO

 

Seoladh: Kumsong 3-dong, Mangyondae-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5988369

30.3.2018

Bainisteoir loinge thancaer táirgí ola de chuid DPDC, an YU SON, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long.

70.

PHYONGCHON SHIPPING & MARINE

PHYONGCHON SHIPPING AND MARINE

Seoladh: Otan-dong, Chung-guyok, Pyongyang, DPRK;

Uimhir IMO: 5878561

30.3.2018

Úinéir cláraithe thancaer de chuid DPDC, an JI SONG 6, a mheastar baint a bheith aige le hoibríochtaí chun ola a aistriú ó long go long i ndeireadh mhí Eanáir 2018. Is leis an gcuideachta an JI SONG 8 agus an WOORY STAR freisin.

75.

YUK TUNG ENERGY PTE LTD

 

Seoladh: 80 Raffles Place, #17-22 UOB Plaza, Singapore, 048624, Singapore;

Uimhir IMO: 5987860

30.3.2018

Bainisteoir loinge agus bainisteoir tráchtála an YUK TUNG, a rinne táirgí peitriliam scagtha a aistriú ó long go long.”


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/48


CINNEADH (AE) 2022/1511 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

maidir le faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí agus díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí is gá chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac le linn 2022

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6284)

(Is ag na téacsanna sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Laitvis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis agus sa tSlóivéinis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143, pointí (b) agus (c), de Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (1), agus go háirithe Airteagal 53, an chéad mhír, de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail d’fhaoisimh ó dhleacht chustaim (2), agus go háirithe Airteagal 76, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2021/2313 ón gCoimisiún (3), deonaíodh, i leith Ballstáit áirithe, faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí agus díolúine ó cháin bhreisluacha (“CBL”) maidir le hallmhairiú earraí is gá chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac, ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(2)

An 15 Meitheamh 2022, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit maidir le cé acu an raibh nó nach raibh gá le síneadh a chur le bailíocht na mbeart a leagtar síos sa Chinneadh sin. Chuir an Bheilg, an Laitvia, an Ostair, an Phortaingéil agus an tSlóivéin (“na Ballstáit iarrthacha”) isteach iarrataí chuige sin an 21 Meitheamh 2022.

(3)

Bhí na hallmhairí arna ndéanamh chuig na Ballstáit iarrthacha faoi Chinneadh (AE) 2021/2313 tairbhiúil ó thaobh rochtain a thabhairt d’eagraíochtaí Stáit nó d’eagraíochtaí eile a d’fhormheas na húdaráis inniúla náisiúnta ar chógais leighis, trealamh leighis agus trealamh cosanta pearsanta is gá, a raibh ganntanas ann ina leith. Léiríonn staidreamh trádála le haghaidh na n-earraí sin go bhfuil na hallmhairí gaolmhara ag dul i laghad, ach go bhféadfaidh siad luainiú de réir éilimh nua ar earraí is gá chun paindéim COVID-19 a chomhrac. D’ainneoin an vacsaínithe atá ar siúl faoi láthair san Aontas agus roinnt beart a glacadh chun leathadh an víris a chosc, tá rioscaí don tsláinte phoiblí fós ag baint le líon ionfhabhtuithe COVID-19 sna Ballstáit iarrthacha. Ós rud é go go dtuairiscítear ganntanais maidir leis na hearraí is gá chun paindéim COVID-19 a chomhrac fós sna Ballstáit sin, is iomchuí faoiseamh a dheonú i leith dleachtanna ar allmhairí is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú maidir le CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit iarrthacha an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál agus faoi chainníochtaí na n-earraí éagsúla a ligtear isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus CBL d’fhonn éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac, faoi na heagraíochtaí a d’fhormheas siad chun na hearraí sin a dháileadh nó a chur ar fáil agus faoi na bearta a rinneadh chun cosc a chur ar úsáid na n-earraí chun críoch eile seachas éifeachtaí na ráige sin a chomhrac.

(5)

Agus na dúshláin a mheasann na Ballstáit iarrthacha a bheith rompu á gcur san áireamh, ba cheart faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i leith allmhairí a dhéantar ón 1 Iúil 2022. Ba cheart an faoiseamh a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2022.

(6)

An 22 Iúil 2022, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 76, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus i gcomhréir le hAirteagal 53, an chead mhír, de Threoir 2009/132/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus beidh siad díolmhaithe ó cháin bhreisluacha (CBL) ar na hallmhairí de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá na hearraí beartaithe d’aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

dáiltear iad saor in aisce ag na comhlachtaí agus ag na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) ar dhaoine a ndéanann COVID-19 difear dóibh nó atá i mbaol ó COVID-19 nó a bhfuil baint acu le ráig COVID-19 a chomhrac;

(ii)

cuirtear ar fáil saor in aisce iad do na daoine a ndéanann COVID-19 difear dóibh nó atá i mbaol ó COVID-19 nó a bhfuil baint acu le ráig COVID-19 a chomhrac agus iad fós ina maoin de chuid na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c);

(b)

comhlíonann na hearraí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 75, 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 52, 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE;

(c)

allmhairítear na hearraí chuig an mBeilg, chuig an Laitvia, chuig an Ostair, chuig an bPortaingéil nó chuig an tSlóivéin (“na Ballstáit iarrthacha”) lena scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ag eagraíochtaí Stáit, lena n-áirítear comhlachtaí Stáit, comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile arna rialú leis an dlí poiblí nó thar a gceann nó ag eagraíochtaí arna bhformheas ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit sin nó thar a gceann.

2.   Ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus déanfar iad a dhíolmhú ó CBL ar allmhairí de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairítear iad lena scaoileadh i saorchúrsaíocht ag gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí nó thar a gceann chun freastal ar a riachtanais le linn na tréimhse ina soláthraíonn siad faoiseamh tubaiste do dhaoine a ndéanann COVID-19 difear dóibh nó atá i mbaol ó COVID-19 nó a bhfuil baint acu le ráig COVID-19 a chomhrac.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh na Ballstáit iarrthacha faisnéis in iúl don Choimisiún maidir le cineál agus cainníochtaí na n-earraí éagsúla a ligtear isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus CBL de bhun Airteagal 1, gach 2 mhí ar an 15u lá den mhí i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

2.   Faoin 31 Márta 2023 ar a dhéanaí, cuirfidh gach Ballstát iarrthach an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

liosta de na heagraíochtaí a d’fhormheas na húdaráis inniúla sa Bhallstát iarrthach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c);

(b)

an fhaisnéis chomhdhlúite seo a leanas maidir le cineál agus cainníochtaí na n-earraí éagsúla a ligtear isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus CBL de bhun Airteagal 1:

(i)

uimhir an dearbhaithe custaim;

(ii)

dáta glactha;

(iii)

cód Ainmníochta Comhcheangailte;

(iv)

cód Tharaif Chomhtháite na gComhphobal Eorpach (TARIC);

(v)

glanmhais;

(vi)

aonad forlíontach, más infheidhme;

(vii)

luach na n-earraí;

(viii)

ráta dleachta;

(ix)

ráta CBL;

(x)

méid na ndleachtanna agus CBL neamhbhailithe;

(xi)

tionscnamh earraí;

(xii)

teidil comhlachtaí agus eagraíochtaí dílseánaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c), i ndáil le hearraí a chuirtear ar fáil saor in aisce do dhaoine a ndéanann COVID-19 difear dóibh nó atá i mbaol ó COVID-19 nó a bhfuil baint acu le ráig COVID-19 a chomhrac;

(c)

bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE;

(d)

i gcás inarb iomchuí, na bearta bainistithe agus rialaithe riosca arna ndéanamh ag an mBallstát iarrthach, dá bhforáiltear le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), maidir leis na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le hallmhairí arna ndéanamh chuig na Ballstáit iarrthacha ón 1 Iúil 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Laitvia, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile agus Poblacht na Slóivéine.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Paolo GENTILONI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 292, 10.11.2009, lch. 5.

(2)   IO L 324, 10.12.2009, lch. 23.

(3)  Cinneadh (AE) 2021/2313 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna ar allmhairí agus díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí is gá chun éifeachtaí ráig COVID-19 a chomhrac le linn 2022 (IO L 464, 28.12.2021, lch. 11).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/51


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1512 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin], de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6108)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin an 11 Iúil 2022 ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin].

(2)

Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl iad: “(1) lorg CO2 gach lín tí a laghdú; (2) a chinntiú go mbeidh na bardais, na dáileoirí agus na soláthróirí fuinnimh cuntasach, teorainn a chur leis an imirce idir soláthróirí sa chrios glas agus oiliúint ghairmiúil d’aon fhostaí bardais amháin ar a laghad i gcúrsaí comhshaoil, trealamh AE amháin a úsáid; (3) foinsí fuinnimh ghlais a fhorbairt sna sráidbhailte is iargúlta agus sna pointí is faide amach de líonraí ar ghá infheistíochtaí comhdhlúthúcháin lena n-aghaidh ina éagmais sin, infheistíochtaí a chisteodh dáileoirí, soláthróirí fuinnimh nó aonaid riaracháin chríochacha; (4) an dearcadh atá ag an bpobal go bhfuil an fuinneamh glas daor a athrú agus oiliúint a thabhairt don phobal chun go gcaithfidh siad 1 kW d’fhuinneamh gréine ar a laghad le linn an lae chun na billí a laghdú. Éilímid go gcuirfear deireadh le cogadh an fhuinnimh, ullmhaímid córais caidéal tuirbín suas le 400 kW, córais uisciúcháin le sileadh agus gineadóirí hidrigine le haghaidh criosanna dlúthfhuinnimh. Céim mhór i dtreo an iomaíochais san Aontas Eorpach.”

(3)

Tá iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh ina dtugtar tuilleadh sonraí maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh, trí na cúiseanna atá ann chun tacú leis a leagan amach agus a shonrú. Maíonn na heagraithe go bhféadfaí an t-airgead nach gcaithfear ar athléimneacht, comhtháthú agus forbairt réigiúnach a úsáid chun cistiú a thabhairt, trí aonaid riaracháin chríochacha, le haghaidh 600 milliún painéal fótavoltach agus 197 000 meigeavata d’fhuinneamh glas i 197 líon tí a bheag nó a mhór ar fud an Aontais ar chostas measta EUR 750 billiún, rud a leagfadh síos dúshraith “Aontais fuinnimh ghlais Eorpaigh”.

(4)

A mhéid a bhaineann leis an nglao ar ghníomhaíocht chun painéil fhótavoltacha agus tuirbíní gaoithe a shuiteáil chun fuinneamh glas a sholáthar do lín tithe chun go laghdófar a lorg CO2, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún tograí a chur i láthair le haghaidh gníomhartha dlíthiúla lena gcruthófar oibleagáidí suiteálacha fuinnimh in-athnuaite a chur le foirgnimh nua nó foirgnimh atá ann cheana agus chun go gcuirfear dlús le nósanna imeachta le haghaidh tionscnaimh fuinnimh in-athnuaite ar bhun Airteagal 194(2) den Chonradh.

(5)

A mhéid gur gá cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach le híocaíocht as cistí an Aontais, tá sé leagtha síos gur féidir infheistíochtaí móra a dhéanamh san aistriú glas leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus le InvestEU ar bhun Airteagal 173 agus/nó Airteagal 175 den Chonradh, agus leis an gCiste Aeráide Sóisialta ar bhun Airteagal 91(1), pointe (d), Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(1), pointe (c).

(6)

Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chumhachtaí an Choimisiúin chun togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(7)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(8)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(9)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, an tionscnamh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin] a clárú.

(11)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin] a clárú.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe ar ghrúpa eagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh dar teideal “Every European house equipped with 1 kW photovoltaic and 0,6 kW wind turbines using EU funding through the municipalities alone” [Painéil fhótavoltacha 1 kW agus tuirbíní gaoithe 0,6 kW a chur le gach teach Eorpach le cistiú AE agus trí na bardais amháin], tionscnamh a bhfuil Mr Augustin DANILA agus Mr Vlad VASILE ag gníomhú thar a cheann agus a bhfuil siad ina dteagmhálaithe lena aghaidh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán an Choimisiúin


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/53


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1513 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Meán Fómhair 2022

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais Eorpaigh a chosaint”, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6193)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais Eorpaigh a chosaint” faoi bhráid an Choimisiúin an 13 Iúil 2022.

(2)

Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh mar a chuir na heagraithe in iúl iad: “Tá réigiúin thuaithe na hEorpa ag cailleadh a n-oidhreachta, a dtionscal, a ndaonraí agus a luachanna — rud a chuireann slándáil agus soláthar bia ar fud an Aontais i mbaol. Chun an méid a dhéanann na réigiúin sin uathúil a chaomhnú do na glúine atá le teacht agus chun buaine na bpobal táirgthe bia san Aontas a áirithiú, teastaíonn tiomantas athnuaite ón Aontas uainn maidir le cur chun cinn na hoidhreachta réigiúnaí, fás inbhuanaithe tuaithe agus ardú caighdeán maireachtála. Leis an Tionscnamh Eorpach seo ó na Saoránaigh, iarrtar ar an Aontas a ghealltanais tuaithe a nuachóiriú chun aird a thabhairt ar an ngá atá le breis slándála bia, soláthar breise ábhar talmhaíochta agus cosaint bhreise do shaol na tuaithe — a mhuintir, a luachanna agus a slite beatha.”

(3)

In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, chun tuilleadh sonraí thabhairt maidir le hábhar, cuspóirí agus cúlra an tionscnaimh, leagtar amach na cúiseanna chun tacú leis an tionscnamh agus tugtar mionsonraí faoi na cúiseanna sin. Maíonn na heagraithe “go bhfuil ag méadú ar an mbrú ar earnálacha tuaithe agus orthu siúd a oibríonn iontu agus go bhfuil ag laghdú ar an spreagadh le leanúint ar aghaidh, rud a fhágfaidh, mura dtabharfar aghaidh air, go ndíothófar cuid de na pobail agus na luachanna is bunúsaí san Eoraip”. Iarrann siad ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, laistigh de na hinniúlachtaí a thugtar don Aontas faoi na Conarthaí, chun an oidhreacht réigiúnach agus na tionscail réigiúnacha a neartú agus a chaomhnú ar fud an Aontais chun borradh a chur faoin bhfás tuaithe agus chun cleachtais agus gníomhaíochtaí fostaíochta tuaithe a chur chun cinn. Ina theannta sin, iarrann siad go dtabharfaí aitheantas do shlándáil agus soláthar bia, amhail leasachán agus ábhair bhithgháis, chun soláthar láidir de bhia réigiúnach a choinneáil ar bun san Aontas. Iarrann siad ar an gCoimisiún cur chun cinn na hoidhreachta tuaithe agus aitheantas do shlándáil agus soláthar bia a áireamh sa Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus luann siad gur gá raon feidhme na físe fadtéarmaí do cheantair thuaithe an Aontais a mhéadú go dtí 2040, an Comhshocrú Tuaithe chomh maith le Plean Gníomhaíochta Tuaithe an Aontais (2).

(4)

I gcomhréir le cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) arna mbunú le hAirteagal 39 den Chonradh, leis an Rialachán maidir le pleananna straitéiseacha CBT (3), saothraítear na cuspóirí ginearálta chun earnáil talmhaíochta atá cliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe a chothú lena n-áiritheofar slándáil fhadtéarmach bia, lena dtacófar le cosaint an chomhshaoil agus lena neartófar an chosaint sin, agus lena neartófar creatlach shocheacnamaíoch na limistéar tuaithe (4). Sa mhéid nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/2115 na cuspóirí den tionscnamh a bhaineann le cosaint oidhreacht tuaithe agus shlándáil agus sholáthar bia an Aontais, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlí a thíolacadh ar bhonn Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh.

(5)

Ar na cúiseanna sin, níl aon chuid den tionscnamh lasmuigh, go follasach, de chreat chumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais a thíolacadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(6)

Is conclúid é sin atá gan dochar don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha is gá le go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht le cearta bunúsacha.

(7)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa eagraithe go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788 agus gur i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin atá na teagmhálaithe ainmnithe aige.

(8)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais Eorpaigh a chosaint” a chlárú.

(10)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní rud í a thugann le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil ábhar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is é grúpa eagraithe an tionscnaimh amháin atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann ábhar an tionscnaimh ach tuairimí an ghrúpa eagraithe in iúl, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal “Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais Eorpaigh a chosaint”.

Airteagal 2

Grúpa eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal “Oidhreacht Tuaithe, Slándáil Bia agus Soláthar Bia an Aontais Eorpaigh a chosaint”, a bhfuil ionadaíocht á déanamh dó ag Česlovas TALLAT-KELPŠA agus Markus Valdemar SJÖHOLM, agus iad ag gníomhú mar theagmhálaithe, is chuig an ngrúpa sin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Věra JOUROVÁ

Leas-Uachtarán an Choimisiúin


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55.

(2)  Ina Theachtaireacht The long-term Vision for the EU’s Rural Areas up to 2040 [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais suas go dtí 2040] (COM/2021/345 final), ar teachtaireacht í a tíolacadh an 30 Meitheamh 2021, d’fhógair an Coimisiún an Comhshocrú Tuaithe agus an Plean Gníomhaíochta Tuaithe. Tá tuilleadh eolais faoi na gníomhaíochtaí sin le fáil ar: https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/new-push-european-democracy/long-term-vision-rural-areas_en

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/2115.


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/55


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1514 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2022

lena gceadaítear don Fhionlainn táirgí bithicídeacha arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ a údarú ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6274)

(Is iad na téacsanna san Fhionlainnis agus sa tSualainnis amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 55(3) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 tá substaintí gníomhacha a bhfuil próifíl níos fabhraí acu maidir leis an gcomhshaol nó le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe. Dá bhrí sin, féadfar táirgí ina bhfuil na substaintí gníomhacha sin a údarú faoi nós imeachta simplithe. Áirítear nítrigin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, faoi réir an tsriain nach n-úsáidfear ach cainníochtaí teoranta di i gceanastair atá réidh lena n-úsáid.

(2)

De bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déantar nítrigin a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18, feithidicídí (2). Táirgí bithicídeacha ina bhfuil nítrigin arna formheas, tá siad údaraithe i roinnt Ballstát agus soláthraítear iad i sorcóirí gáis (3).

(3)

Is féidir nítrigin a ghiniúint freisin in-situ ó aer comhthimpeallach. Ní fhormheastar nítrigin a ghintear in-situ lena húsáid san Aontas faoi láthair agus ní liostaítear í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ná níl sí curtha ar liosta na substaintí gníomhacha a áirítear sa chlár athbhreithnithe de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (4).

(4)

An 5 Aibreán 2022, de bhun Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, chuir an Fhionlainn iarratas ar mhaolú ar Airteagal 19(1), pointe (a), den Rialachán sin faoi bhráid an Choimisiúin lenar iarradh uirthi cead a thabhairt di táirgí bithicídeacha, arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ ó aer comhthimpeallach, a údarú, ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha (“an t-iarratas”).

(5)

Is féidir le raon leathan orgánach díobhálach, ó fheithidí go miocrorgánaigh, dochar a dhéanamh don oidhreacht chultúrtha. Ní hamháin go bhféadfadh cailliúint na maoine cultúrtha féin a bheith mar thoradh ar láithreacht na n-orgánach sin, ach bíonn an riosca ann freisin go leathfar na horgánaigh dhíobhálacha sin chuig réada eile in aice láimhe. Gan cóireáil chuí, d’fhéadfaí damáiste doleasaithe a dhéanamh do réada, rud a d’fhágfadh go mbeadh an oidhreacht chultúrtha go mór i mbaol.

(6)

Úsáidtear nítrigin a ghintear in-situ chun atmaisféar rialaithe a chruthú ina bhfuil tiúchan an-íseal ocsaigine (anocsacht) i bpubaill chóireála nó i seomraí cóireála atá séalaithe go buan nó go sealadach chun orgánaigh dhíobhálacha ar réada oidhreachta cultúrtha a choinneáil faoi smacht. Déantar nítrigin a dheighilt ón aer comhthimpeallach agus déantar í a phumpáil isteach sa phuball cóireála nó sa seomra cóireála, áit a bhfuil cion nítrigine an atmaisféir méadaithe go dtí thart ar 99 % agus dá bhrí sin bíonn an ocsaigin beagnach ídithe go hiomlán. Socraítear bogthaise na nítrigine a phumpáiltear isteach sa limistéar cóireála de réir riachtanais an réada atá á chóireáil. Ní féidir le horgánaigh dhíobhálacha maireachtáil faoi na dálaí a cruthaítear sa phuball cóireála nó sa seomra cóireála.

(7)

De réir na faisnéise a chuir an Fhionlainn isteach, is cosúil gurb é úsáid na nítrigine a ghintear in-situ an t-aon teicníc éifeachtach amháin atá ann chun orgánaigh dhíobhálacha a choinneáil faoi smacht, ar teicníc í is féidir a úsáid le haghaidh gach cineáil ábhar agus meascán d’ábhair a bhíonn ann in institiúidí cultúrtha gan dochar a dhéanamh dóibh agus atá éifeachtach i gcoinne gach céime forbartha de lotnaidí a fhaightear in oidhreacht chultúrtha.

(8)

Liostaítear modh na hanocsachta, nó atmaisféar modhnaithe nó rialaithe i gcaighdeán EN 16790:2016 “An oidhreacht chultúrtha a chaomhnú — Bainistiú comhtháite lotnaidí (IPM) ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha” agus tuairiscítear nítrigin sa chaighdeán sin mar an ní “is mó úsáide” chun anocsacht a chruthú.

(9)

Tá teicnící eile ar fáil chun orgánaigh dhíobhálacha a choinneáil faoi smacht, amhail teicnící turrainge teirmeacha (teochtaí arda nó ísle). Ina theannta sin, is féidir táirgí bithicídeacha ina bhfuil substaintí gníomhacha eile a úsáid chun na críche sin. Dar leis an bhFionlainn, áfach, tá srianta ag gach ceann de na teicnící sin de bharr an damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh d’ábhair áirithe le linn na cóireála.

(10)

Faoi mar atá luaite san iarratas, is annamh a úsáidtear substaintí gníomhacha eile in institiúidí cultúrtha de bharr a bpróifíle guaise. Tar éis na réada a chóireáil leis na substaintí sin, féadfar na hiarmhair ar na réada cóireáilte a scaoileadh de réir a chéile isteach sa chomhshaol, rud a chuireann sláinte an duine i mbaol. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na substaintí sin frithghníomhú le hábhair na réad oidhreachta, rud a chruthódh athruithe do-aisiompaithe, go háirithe dá ndromchla.

(11)

De réir na faisnéise san iarratas, ní rogha oiriúnach d’institiúidí cultúrtha é nítrigin i sorcóirí a úsáid, mar go mbaineann míbhuntáistí praiticiúla léi. De bharr na gcainníochtaí teoranta a bhíonn i sorcóirí, is gá iad a iompar go minic agus is gá iad a choinneáil i saoráid stórála ar leith. Chuirfeadh an chóireáil le nítrigin i sorcóirí costais arda ar na hinstitiúidí cultúrtha freisin.

(12)

Dá n-iarrfaí ar institiúidí cultúrtha roinnt teicnící a úsáid chun orgánaigh dhíobhálacha a choinneáil faoi smacht — gach ceann acu oiriúnach d’ábhair shonracha agus do réada sonracha — in ionad úsáid a bhaint as teicníc amháin atá in úsáid cheana féin agus atá oiriúnach do gach ábhar, bheadh costais bhreise i gceist d’institiúidí cultúrtha agus bheadh sé níos casta dóibh an cuspóir atá acu a bhaint amach, is é sin éirí as substaintí gníomhacha atá níos guaisí a úsáid ina IPM. Ina theannta sin, dá dtréigfí saoráidí agus trealamh a fuarthas le haghaidh anocsacht nítrigine a ghineadh in-situ, bheadh caillteanas ann maidir leis na hinfheistíochtaí a rinneadh roimhe seo.

(13)

In 2019, rinneadh plé ag roinnt cruinnithe (5) de shainghrúpa an Choimisiúin d’Údaráis Inniúla do Tháirgí Bithicídeacha maidir le maolú féideartha de bhun Airteagal 55(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i ndáil le nítrigin a ghintear in-situ.

(14)

Ina theannta sin, arna iarraidh sin don Choimisiún, tar éis an chéad iarratais den chineál céanna ar mhaolú a dhéanamh i gcás táirgí ón Ostair arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ, rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán comhairliúchán poiblí maidir leis an iarratas sin, comhairliúchán lenar ceadaíodh do na páirtithe leasmhara uile a dtuairimí a chur in iúl. Bhí formhór na 1487 ráiteas a fuarthas i bhfabhar an mhaolaithe. Léirigh go leor rannpháirtithe na míbhuntáistí a bhaineann leis na teicnící malartacha atá ar fáil: d’fhéadfadh cóireálacha teirmeacha damáiste a dhéanamh d’ábhair áirithe; fágann úsáid substaintí gníomhacha eile iarmhair thocsaineacha ar dhéantáin, iarmhair a scaoiltear de réir a chéile isteach sa chomhshaol; ní cheadaíonn úsáid nítrigine i sorcóirí rialú na bogthaise coibhneasta sa limistéar cóireála, rud atá ag teastáil chun cóireáil a dhéanamh ar roinnt ábhar.

(15)

Dá ndéanfaí nítrigin arna giniúint in-situ a áireamh in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, cheadófaí do na Ballstáit táirgí arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ a údarú gan aon ghá le maolú i gcomhréir le hAirteagal 55(3) den Rialachán sin. Cuireadh iarratas chuige sin isteach i mí an Mhárta 2022. Mar sin féin, tá am ag teastáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas seo, chun an tsubstaint a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus chun údaruithe táirge a fháil.

(16)

Léiríonn an t-iarratas nach bhfuil aon rogha mhalartach iomchuí ar fáil san Fhionlainn, ós rud é go mbaineann míbhuntáistí leis na teicnící malartacha uile atá ar fáil faoi láthair de bharr neamhoiriúnacht maidir le cóireáil na n-ábhar uile nó de bharr míbhuntáistí praiticiúla.

(17)

I gcomhthéacs na n-argóintí sin uile, is iomchuí a mheas go bhfuil nítrigin a ghintear in-situ thar a bheith riachtanach ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha san Fhionlainn agus nach bhfuil aon rogha mhalartach iomchuí ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag an bhFionlainn údarú a thabhairt chun táirgí bithicídeacha arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha.

(18)

Tá am ag teastáil chun nítrigin a ghintear in-situ a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus chun go ndéanfaidh na Ballstáit táirgí arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ a údarú ina dhiaidh sin. Is iomchuí, dá bhrí sin, maolú a cheadú ar feadh tréimhse chun go bhféadfar na nósanna imeachta bunúsacha a chur i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Féadfaidh an Fhionlainn údarú a thabhairt chun táirgí bithicídeacha arb é atá iontu nítrigin a ghintear in-situ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid ar mhaithe le cosaint na hoidhreachta cultúrtha go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Fionlainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 2009/89/CE ón gCoimisiún an 30 Iúil 2009 lena leasaítear Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun nítrigin mar shubstaint ghníomhach a áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (IO L 199, 31.7.2009, lch. 19).

(3)  Liosta de na táirgí údaraithe ar fáil ag https://echa.europa.eu/fr/information-on-chemicals/biocidal-products

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1).

(5)  83ú, 84ú, 85ú agus 86ú cruinniú de shainghrúpa an Choimisiúin d’ionadaithe ó Údaráis Inniúla na mBallstát maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, cruinnithe a tionóladh i mí Bealtaine 2019, mí Iúil 2019, mí Mheán Fómhair 2019 agus mí na Samhna 2019, faoi seach. Tá miontuairisc na gcruinnithe ar fáil ag https://ec.europa.eu/health/biocides/events_en#anchor0


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/58


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1515 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2022

maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge bithicídeach Mouskito Junior Lotion i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6279)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Deireadh Fómhair 2015, chuir an chuideachta Laboratoria Qualiphar N.V./S.A. (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid údaráis inniúla roinnt Ballstáit, lena n-áirítear an Fhrainc, ar aitheantas frithpháirteach comhthreomhar le haghaidh an táirge bhithicídigh Mouskito Junior Lotion (“an táirge bithicídeach”) i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is táirge atá réidh le húsáid é an táirge bithicídeach atá beartaithe chun craiceann an duine a chosaint ó ghreamanna feithidí agus is í búitiolaicéitilaimíneaprópánóáit eitile (IR 3535) an tsubstaint ghníomhach atá ann. Is í an Bheilg an Ballstát tagartha atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(2)

Ba iad seo a leanas na maímh a rinne an t-iarratasóir maidir leis an táirge: cosaint i limistéir aeráide thrópaiceacha i gcoinne muiscítí (Aedes aegypti, Culex quinquefasciatus, Anopheles gambiae) agus i limistéir aeráide mheasartha i gcoinne muiscítí (Aedes aegypti, Culex quinquefasciatus), cuileog (Stomoxys calcitrans), beach (Apis mellifera), foichí (Vespula vulgaris) agus sceartán (Ixodes ricinus).

(3)

An 19 Meitheamh 2019, de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, rinne an Fhrainc agóidí a tharchur chuig an ngrúpa comhordúcháin, lenar léiríodh nach gcomhlíonann an táirge bithicídeach na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin maidir leis an úsáid i gcoinne beach agus foichí. An 16 Meán Fómhair 2019, pléadh an tarchur sa ghrúpa comhordúcháin.

(4)

Ós rud é nár tháinig an grúpa comhordúcháin ar aon chomhaontú, an 7 Samhain 2019 tharchuir an Bheilg an agóid nach raibh réitithe chuig an gCoimisiún, de bhun Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Chuir an Bheilg ráiteas mionsonraithe ar fáil don Choimisiúin maidir leis an tsaincheist faoinar theip ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú agus na cúiseanna a bhí lena n-easaontas. Cuireadh an ráiteas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir.

(5)

Ní chomhaontaíonn an Fhrainc leis an moladh ón mBallstát tagartha go n-údarófaí an úsáid i gcoinne foichí agus beach. Rud is sonraí ná sin, measann an Fhrainc nár léiríodh éifeachtúlacht le haghaidh na húsáide sonraí sa tástáil úsáide ionsamhailthe arna soláthar ag an iarratasóir, ós rud é nár ceadaíodh tréimhse ama cosanta iomlán a chinneadh le dearadh na tástála sin (2) agus ós rud é nár leathadh an táirge ar dhromchla atá comhchosúil le craiceann an duine.

(6)

Áitíonn an Bheilg go ndearna an t-iarratasóir na tástálacha a éilíodh de réir na treorach a bhí ann ag an tráth a cuireadh an t-iarratas isteach agus thug sí dá haire nach ann d’aon phrótacal bunaithe i gcomhair foichí agus beach. Measann an Bheilg nach féidir maíomh ar leith a dhíbhe toisc nach ann do phrótacal bunaithe tástála agus gur gá, dá bhrí sin, breithiúnas saineolach a úsáid. Cé gur admhaigh an Bheilg nár cinneadh aon tréimhse ama cosanta iomlán leis an tástáil a chuir an t-iarratasóir ar fáil, tháinig sí ar an gconclúid ar bhonn breithiúnas saineolach gur leor an tacaíocht a tugadh don mhaíomh go ndíbrítear beacha agus foichí.

(7)

An 17 Nollaig 2021, d’iarr an Coimisiún tuairim ar an ábhar sin ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Iarradh ar an nGníomhaireacht a chur in iúl (i) an bhfuil gá le cinneadh maidir le tréimhse ama cosanta iomlán chun measúnú a dhéanamh ar an éifeachtúlacht i gcoinne beach agus foichí agus an féidir tréimhse ama cosanta iomlán a chinneadh ar bhonn na tástála úsáide a rinne an t-iarratasóir, (ii) an gá tástálacha úsáide ionsamhailthe a dhéanamh ar dhromchla atá comhchosúil le craiceann an duine agus (iii) ar ghin an tástáil úsáide ionsamhailthe sonraí a léiríonn go gcuireann an táirge bithicídeach smacht ar fhoichí agus beacha trí na horgánaigh sin a dhíbirt de réir na dáileoige molta agus mar sin an dtacaíonn siad leis an maíomh “go ndíbrítear foichí agus beacha”.

(8)

An 2 Márta 2022, ghlac Coiste na Gníomhaireachta um Tháirgí Bithicídeacha a thuairim (3).

(9)

Dar leis an nGníomhaireacht, tá gá le sonraí maidir leis an éifeachtúlacht atá ábhartha do na dálaí iarbhír úsáide chun bunús a thabhairt leis na maímh maidir leis an táirge. Is paraiméadar an-tábhachtach é an tréimhse ama cosanta, go háirithe le haghaidh táirgí atá beartaithe lena n-úsáid i gcoinne feithidí contúirteacha, ag cur san áireamh freisin go bhfuil cealga beach agus foichí ina bhfíor-ábhar imní do dhaoine leochaileacha mar gheall ar fhrithghníomhuithe ailléirgeacha in aghaidh na nimhe.

(10)

Aithníonn an Ghníomhaireacht nach bhfuil aon phrótacal nó critéar comhaontaithe ann maidir le tástálacha éifeachtúlachta le haghaidh éarthaigh logánta i gcoinne foichí agus beach agus measann sí go bhfuil sé de fhreagracht ar an iarratasóir sonraí éifeachtúlachta a sholáthar ó staidéir a dearadh chun staid na húsáide praiticiúla a aithris d’fhonn bunús a thabhairt leis an maíomh.

(11)

Is trialacha allamuigh in úlloird a bhí sna trialacha a rinne an t-iarratasóir. Rinneadh imscrúdú ar éifeachtúlacht an éarthaigh trí úsáid a bhaint as gaistí i bhfoirm buidéil phlaisteacha, líonta le tuaslagán siúcra agus glantaigh chun breith ar na sprioc-orgánaigh. Rinneadh dromchla na ngaistí a chóireáil leis an táirge tástála faoi dhó sa lá nó fágadh é gan chóireáil. Dar leis an nGníomhaireacht, maidir le héarthaigh i gcoinne beach agus foichí, d’fhéadfadh sé a bheith inghlactha an tástáil a shocrú suas agus gaistí le mealladh a úsáid mar ábhar tástála in áit daoine daonna, go háirithe mar gheall ar shaincheisteanna eiticiúla a eascraíonn as nochtadh an duine do chealga dosheachanta pianmhara beach agus foichí. Mar sin féin, ní féidir an tréimhse ama cosanta iomlán a chinneadh leis na sonraí arna mbailiú le linn na trialach allamuigh a rinne an t-iarratasóir.

(12)

Cuireann an Ghníomhaireacht in iúl freisin go bhfuil difríocht shuntasach idir dromchla na mbuidéal a úsáideadh mar ghaistí, ar ábhar neamhphóiriúil é, agus aon ábhar a ionsamhlaíonn airíonna chraiceann an duine, go háirithe i dtéarmaí ionsúcháin agus boladh, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’éifeachtúlacht an éarthaigh. Ní mór do dhearadh na tástála aithris a dhéanamh ar an staid phraiticiúil ina n-úsáidfear an táirge a mhéid is féidir; b’fhearr, mar shampla, úsáid a bhaint as dromchla nó uigeacht ionsúiteach atá comhchosúil le craiceann an duine, amhail craiceann ainmhithe, nó aon ábhar póiriúil saorga arna mhodhnú ar bhealach chun craiceann an duine dhaonna a insamhladh.

(13)

Dar leis an nGníomhaireacht, na sonraí a chuir an t-iarratasóir isteach ó na trialacha allamuigh, tá siad bailí i bprionsabal agus d’fhéadfaidís éifeachtúlacht táirgí atá beartaithe lena n-úsáid mar éarthaigh spásúla nó éarthaigh dromchla a léiriú agus d’fhéadfaidís bunús a thabhairt leis an maíomh “go ndíbrítear foichí agus beacha”. Níl an tástáil a cuireadh ar fáil ábhartha maidir leis an úsáid atá beartaithe, áfach, is é sin mar éarthach logánta i gcoinne foichí agus beach, a leathfar ar chraiceann an duine agus a úsáidfear ar an gcaoi sin chun daoine a chosaint ar ghreamanna/chealga feithidí. Ba cheart na sonraí a gineadh a bheith ábhartha maidir leis an úsáid sin atá beartaithe. Dromchla cóireáilte na ngaistí sa tástáil a rinneadh, ní dhéanann sé aithris cruinn ar staid na húsáide praiticiúla, dá bhrí sin ní féidir a mheas go bhfuil dearadh na tástála oiriúnach chun éifeachtúlacht an táirge i gcomhair na húsáide maíte a léiriú.

(14)

Agus an tuairim ón nGníomhaireacht á cur san áireamh, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an táirge bithicídeach an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis an táirge a úsáid mar tháirge éarthach i gcoinne foichí agus beach.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An táirge bithicídeach a shainaithnítear le cás-uimhir BC-YL020104-40 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha, ní chomhlíonann sé an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(i), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir lena úsáid mar tháirge éarthach i gcoinne foichí agus beach.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Sainmhínítear an tréimhse ama cosanta iomlán mar an tréimhse ama idir an t-am a leatar an t-éarthach agus an t-am a bhaintear dhá ghreim nó níos mó as an gcraiceann cóireáilte, nó an chéad ghreim dheimhnithe (greim amháin agus ansin ceann eile laistigh de 30 nóiméad).

(3)  ECHA opinion ECHA/BPC/318/2022, https://echa.europa.eu/documents/10162/3443002/art_38_ethyl_butylacetylaminopropionate_bpc_opinion_en.pdf/1b489ec3-7868-2814-a3aa-a34557f4374d?t=1655449588766


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/61


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1516 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar amach Deimhniú Digiteach COVID AE arb é is cuspóir dó a bheith mar chruthúnas go bhfuair duine vacsaín COVID-19, go bhfuair duine toradh diúltach ar thástáil nó gur théarnaigh duine ó ionfhabhtú chun go n-éascófar ceart an tsealbhóra chun saorghluaiseachta le linn phaindéim COVID-19 a fheidhmiú.

(2)

Ionas go n-oibreoidh Deimhniú Digiteach COVID AE ar fud an Aontais, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 (2), lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha chun sonraí a chur i nDeimhnithe Digiteacha COVID AE agus chun iad a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán, chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, struchtúr comhchoiteann aitheantóir uathúil an deimhnithe a leagan síos agus barrachód bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint.

(3)

An 29 Meitheamh 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/1034 (3), lena gcuirtear síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/953 maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE go dtí an 30 Meitheamh 2023. Áirithítear leis an síneadh sin gur féidir le Deimhniú Digiteach COVID AE leanúint den tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19, agus ardleibhéal cosanta sláinte poiblí á shaothrú ag an am céanna. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás ina ndéanfar srianta áirithe ar an tsaorghluaiseacht ar fhorais na sláinte poiblí a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach (arís), mar shampla mar fhreagairt ar theacht chun cinn agus leathadh athraitheacha nua SARS-CoV-2 arb ábhar imní iad.

(4)

Chun raon feidhme tástálacha diagnóiseacha COVID-19 a fhéadfar a úsáid chun Deimhniú Digiteach COVID AE a eisiúint a mhéadú, rinneadh an sainmhíniú ar mhearthástálacha antaiginí a leagtar amach in Airteagal 2, pointe 5, de Rialachán (AE) 2021/953 a leasú le Rialachán (AE) 2022/1034 chun measúnachtaí antaiginí i saotharlanna a chur san áireamh. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit deimhnithe tástála a eisiúint agus, tar éis do Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/256 ón gCoimisiún (4) a bheith glactha, deimhnithe téarnaimh a eisiúint ar bhonn na dtástálacha antaiginí a áirítear ar liosta coiteann an Aontais de thástálacha antaiginí COVID-19, ar liosta é a dhéanann an Coiste Slándála Sláinte a chomhaontú mar liosta a chomhlíonann na critéir cháilíochta a leagtar síos agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta.

(5)

Leasaíodh Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953 le Rialachán (AE) 2022/1034 freisin chun go mbeidh na Ballstáit in ann deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla, ar trialacha cliniciúla iad atá formheasta ag coistí eiticiúla agus údaráis inniúla na mBallstát, gan beann ar an bhfuair an rannpháirtí an vacsaín fhéideartha in aghaidh COVID-19 nó, chun nach mbainfear an bonn ó na staidéir, an bhfuair sé an dáileog atá á riar ar an ngrúpa rialaithe. De bhun Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2021/953, i gcás inar gá, iarrfaidh an Coimisiún ar an gCoiste Slándála Sláinte, ar ECDC nó ar EMA treoir a eisiúint maidir le glacadh le vacsaíní in aghaidh COVID-19 atá ag dul faoi thrialacha cliniciúla sna Ballstáit.

(6)

I bhfianaise na leasuithe sin ar Rialachán (AE) 2021/953, chun idir-inoibritheacht Dheimhniú Digiteach COVID AE a áirithiú, ba cheart na rialacha maidir le sonraí a chur i nDeimhniú Digiteach COVID AE a thabhairt cothrom le dáta chun a léiriú gur féidir measúnachtaí antaiginí i saotharlanna a úsáid le haghaidh deimhnithe tástála agus téarnaimh agus deimhnithe vacsaínithe a eisiúint le haghaidh rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla.

(7)

Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 a leasú dá réir sin.

(8)

I bhfianaise an ghá atá le cur chun feidhme tapa na sonraíochtaí teicniúla leasaithe le haghaidh Dheimhniú Digiteach COVID AE, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).

(3)  Rialachán (AE) 2022/1034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 173, 30.6.2022, lch. 37).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/256 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le deimhnithe téarnaimh a eisiúint bunaithe ar mhearthástálacha antaiginí (IO L 42, 23.2.2022, lch. 4).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 mar a leanas:

(1)

sa roinn tosaigh, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte den séú mír:

“Ós rud é go bhfuil síorathrú ag teacht go minic ar roinnt tacar luacha atá bunaithe ar na córais chódúcháin dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, amhail na córais le haghaidh códú vacsaíní agus códú mearthástála antaiginí, foilseoidh an Coimisiún iad agus déanfaidh sé iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte agus ón gCoiste Slándála Sláinte.”;

(2)

i Roinn 3, cuirtear na míreanna seo a leanas léi:

“Má chinneann tír a úsáideann Deimhniú Digiteach COVID AE (‘EU DCC’) deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla le linn trialacha cliniciúla atá ar siúl, déanfar an táirge íocshláinte vacsaíne a chódú de réir an phatrúin

CT_clinical-trial-identifier

I gcás ina bhfuil an triail chliniciúil cláraithe i gClárlann Trialacha Cliniciúla an Aontais (EU-CTR), úsáidfear an t-aitheantóir trialach cliniciúla ón gclár seo. I gcásanna eile, féadfar aitheantóirí ó chláir eile (amhail clinicaltrials.gov nó Clárlann Trialacha Cliniciúla na hAstráile na Nua-Shéalainne) a úsáid.

Áireofar leis an aitheantóir trialach cliniciúil réimír lenar féidir clár na dtrialacha cliniciúla a shainaithint (amhail EUCTR le haghaidh Chlárlann Trialacha Cliniciúla an Aontais, NCT le haghaidh clinicaltrials.gov, ACTRN le haghaidh Chlárlann Trialacha Cliniciúla na hAstráile na Nua-Shéalainne).

I gcás ina mbeidh treoir faighte ag an gCoimisiún ón gCoiste Slándála Sláinte, ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) nó ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) maidir le glacadh le deimhnithe arna n-eisiúint le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19 atá ag dul faoi thrialacha cliniciúla, foilseofar an treoir mar chuid de dhoiciméad na dtacar luacha nó foilseofar ar leithligh í.”;

(3)

i Roinn 4, cuirtear an mhír seo a leanas léi:

“Má chinneann tír a úsáideann EU DCC deimhnithe vacsaínithe a eisiúint do rannpháirtithe i dtrialacha cliniciúla le linn trialacha cliniciúla leanúnacha a bheith ar siúl, déanfar sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó an monaróir vacsaíne a chódú agus úsáid á baint as an luach atá ainmnithe don vacsaín sa tacar luacha, má tá sé ar fáil. I gcásanna eile, déanfar sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó an monaróir vacsaíne a chódú agus úsáid á baint as an riail a thuairiscítear thíos faoi Roinn 3 Táirge íocshláinte vacsaíne (CT_clinical-trial-identifier).”;

(4)

i Roinn 7, cuirtear an mhír seo a leanas léi:

“Úsáidfear an cód LP217198-3 (Imdhíonmheasúnacht thapa) chun mearthástálacha antaiginí agus measúnachtaí antaiginí i saotharlanna araon a shonrú.”;

(5)

i Roinn 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh den dara mír:

“Beidh san áireamh in inneachar an tacair luacha an rogha tástála antaiginí mar a liostaítear sa liosta coiteann agus nuashonraithe de thástálacha antaiginí COVID-19, arna mbunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle agus a chomhaontaigh an Coiste Slándála Sláinte. Déanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an liosta a choimeád sa Bhunachar Sonraí maidir le Modhanna Tástála agus Feistí Diagnóiseacha In Vitro COVID-19 ag: https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat.”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Roinn 4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 mar a leanas:

(1)

i bpointe 4.1, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

sa tríú ró (réimse “v/mp”, ainm an réimse “táirge vacsaíne COVID-19”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt faoin gcolún “Treoracha”:

“Luach códaithe ón tacar luacha vaccine-medicinal-product.json nó luach códaithe a thagraíonn do thriail chliniciúil agus de réir na rialach a shainmhínítear i Roinn 3 d’Iarscríbhinn II.”;

(b)

sa cheathrú ró (réimse “v/ma”, ainm an réimse “sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó an monaróir”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt faoin gcolún “Treoracha”:

“Luach códaithe ón tacar luacha vaccine-mah-manf.json nó luach códaithe a thagraíonn do thriail chliniciúil agus de réir na rialach a shainmhínítear i Roinn 4 d’Iarscríbhinn II.”;

(2)

i bpointe 4.2, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

sa tríú ró (réimse “t/nm”, ainm an réimse “Ainm na tástála (tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh amháin)”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír faoin gcolún “Treoracha”:

“Le haghaidh tástáil antaiginí: ní úsáidfear an réimse, ós rud é go soláthraítear ainm na tástála go hindíreach trí aitheantóir feiste na tástála (t/ma).”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú ró:

t/ma

Aitheantóir feiste tástála (tástálacha antaiginí amháin)

Aitheantóir feiste tástálacha antaiginí ó bhunachar sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Tacar luacha (liosta coiteann an Choiste Slándála Sláinte):

Na tástálacha antaiginí ar fad i liosta coiteann an Choiste Slándála Sláinte (inléite ag duine).

https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat (meaisín-inléite, luachanna an réimse id_device arna gcur san áireamh ar an liosta ón tacar luacha).

I dtíortha AE/LEE, ní eiseoidh eisitheoirí ach deimhnithe le haghaidh tástálacha a bhaineann leis an tacar luacha atá bailí faoi láthair. Nuashonrófar an tacar luacha gach 24 uair an chloig.

Féadfar luachanna lasmuigh den tacar luacha a úsáid i ndeimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ach is ó bhunachair sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde a thiocfaidh na haitheantóirí fós. Ní cheadaítear aitheantóirí eile a úsáid amhail iad sin a sholáthraíonn monaróirí tástálacha go díreach.

Braithfidh fíoraitheoirí luachanna nach mbaineann leis an tacar luacha nuashonraithe agus léireofar deimhnithe a mbeidh na luachanna sin acu mar dheimhnithe neamhbhailí. Má bhaintear aitheantóir ón tacar luacha, féadfar glacadh le deimhnithe ar a bhfuil sé suas go dtí 72 uair an chloig ar a mhéid tar éis an dáta a baineadh é.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais.

Le haghaidh tástáil antaiginí: go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

I gcás NAAT: ní úsáidfear an réimse, fiú má tá an t-aitheantóir tástála NAA ar fáil i mbunachar sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

Sampla:

‘ma’: ‘344’ (SD BIOSENSOR Inc, STANDARD F COVID-19 Ag FIA)”;

(c)

sa seachtú ró (réimse “t/tc”, ainm an réimse “Lárionad nó saoráid tástála”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír faoin gcolún “Treoracha”:

“Le haghaidh tástáil antaiginí: tá an réimse roghnach. Má chuirtear ar fáil é, ní bheidh sé folamh.”;

(3)

i bpointe 4.3, sa tábla, an dara ró (réimse “r/fr”), scriostar an focal “NAAT” as na colúin “Ainm an réimse” agus “Treoracha”.


12.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 235/65


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1517 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a mhéid a bhaineann le foilsiú tagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach maidir le hinsliú déanta de líonadh scaoilte nó corc leathnaithe gránaithe cumaisc nó corc nádúrtha gránaithe déanta de líonadh scaoilte agus rubar agus táirgí foirgníochta eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 22 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, úsáidfidh Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil na modhanna agus na critéir a sholáthraítear i nDoiciméid um Measúnú Eorpach, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta a chumhdaítear leis na doiciméid sin i ndáil lena mbuntréithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 305/2011, ar lorg roinnt iarratas ó mhonaróirí ar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha, tá 10 nDoiciméad um Measúnú Eorpach chomh maith le ceartú amháin tarraingthe suas agus glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil.

(3)

Na Doiciméid um Measúnú Eorpach a tharraing na Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil suas agus a ghlac siad, baineann siad leis na táirgí foirgníochta seo a leanas:

insliú déanta de líonadh scaoilte nó corc leathnaithe gránaithe cumaisc nó corc nádúrtha gránaithe déanta de líonadh scaoilte agus rubar;

mataí agus bacainní ilchodacha stroighniúla geoshintéiseacha;

Sochtadh Luath, Freagairt Thapa (ESFR), K240 go 480, Aisréadóir Uathoibríoch Dóiteáin atá Ingearach agus ar Crochadh;

Suimint Foirnéise Soinneáin CEM III/A le measúnú ar fhrithsheasmhacht sulfáite (SR) agus roghnach le cion íseal éifeachtach alcaile (LA) agus/nó teas íseal hiodráitithe (LH);

fearas le haghaidh ancairí carraige agus ithreach agus úsáid á baint as snáithe cruach réamhstrusála;

muinchille nach féidir a scriúáil le haghaidh spladhsanna meicniúla trí chomhbhrú cliathánach na mbarraí cruach treisithe;

aonaid saoirseachta choincréite pholaistiréine agus fearais ballaí déanta de na haonaid;

comhlaí radaitheoirí teirmeastatacha;

ceanglóir a ghníomhraítear le púdar chun ETICS a chur i gcoincréit;

pacáiste solúbtha feistiúcháin cosanta in aghaidh maidhmeanna sléibhe;

córas aerála déanta d’olann charraige le fásálacha lasmuigh agus laistigh.

(4)

An Doiciméad um Measúnú Eorpach leis an uimhir thagartha 360001-01-0803 a bhaineann le córas aerála déanta d’olann charraige le fásálacha lasmuigh agus laistigh, tá earráid sa tagairt dó a foilsíodh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 (2) ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú go nglacann an Doiciméad um Measúnú Eorpach leis an uimhir thagartha 360001-01-0803 ionad an leagain roimhe seo den Doiciméad um Measúnú Eorpach leis an uimhir thagartha 360001-00-0803.

(5)

Na Doiciméid um Measúnú Eorpach a tharraing eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil suas agus a ghlac sí, comhlíonann siad na riachtanais atá le comhlíonadh maidir leis na buncheanglais i ndáil le hoibreacha foirgníochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na Doiciméid um Measúnú Eorpach sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Foilsítear liosta na dtagairtí do Dhoiciméid um Measúnú Eorpach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart tagairtí do Dhoiciméid nua um Measúnú Eorpach a chur leis an liosta sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 a leasú dá réir.

(8)

Chun gur féidir na Doiciméid um Measúnú Eorpach a úsáid a luaithe is féidir, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 ón gCoimisiún an 19 Márta 2019 maidir le foilsiú na nDoiciméad um Measúnú Eorpach (EADanna) le haghaidh táirgí foirgníochta arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 77, 20.3.2019, lch. 78).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/450 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach na rónna seo a leanas in ord seicheamhach de réir ord na n-uimhreacha tagartha:

“040369-01-1201

Insliú déanta de líonadh scaoilte nó corc leathnaithe gránaithe cumaisc nó corc nádúrtha gránaithe déanta de líonadh scaoilte agus rubar”

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 040369-00-1201”)

“080009-00-0301

Mataí agus bacainní ilchodacha stroighniúla geoshintéiseacha”

“100002-00-1106

Sochtadh Luath, Freagairt Thapa (ESFR), K240 go 480, Aisréadóir Uathoibríoch Dóiteáin atá Ingearach agus ar Crochadh”

“150009-01-0301

Suimint Foirnéise Soinneáin CEM III/A le measúnú ar fhrithsheasmhacht sulfáite (SR) agus roghnach le cion íseal éifeachtach alcaile (LA) agus/nó teas íseal hiodráitithe (LH)”

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 150009-00-0301”)

“160071-00-0102

Fearas le haghaidh ancairí carraige agus ithreach agus úsáid á baint as snáithe cruach réamhstrusála”

“160124-00-0301

Muinchille nach féidir a scriúáil le haghaidh spladhsanna meicniúla trí chomhbhrú cliathánach na mbarraí cruach treisithe”

“170010-00-0305

Aonaid saoirseachta choincréite pholaistiréine agus fearais ballaí déanta de na haonaid”

“280005-00-0702

Comhlaí radaitheoirí teirmeastatacha”

“330965-01-0601

Ceanglóir a ghníomhraítear le púdar chun ETICS a chur i gcoincréit”

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 330965-00-0601”)

“340109-00-0106

Pacáiste solúbtha feistiúcháin cosanta in aghaidh maidhmeanna sléibhe”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró leis an uimhir thagartha 360001-01-0803:

“360001-01-0803

Córas aerála déanta d’olann charraige le fásálacha lasmuigh agus laistigh

(le cur in ionad na sonraíochta teicniúla “EAD 360001-00-0803”)”.