ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1321 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ian fluairíde, ocsafluairfeine, piorocsulam, cuinmeireac agus fluairíd sulfairile i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás ian fluairíde, ocsafluairfeine, piorocsulam, cuinmeireac agus fluairíd sulfairile, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
I gcás ocsafluairfeine, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2), chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana. Mhol sé na MRLanna a laghdú i gcás torthaí citris, cnónna crann, torthaí póma, clochthorthaí, fíonchaor, ológa boird, dátphlumaí Seapánacha, pomagránaití, oinniún, praiseacha cinn agus síolta lus na gréine. I gcás táirgí eile, mhol an tÚdarás na MRLanna atá ann cheana a choinneáil. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(3) |
I gcás piorocsulam, chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (3). Mhol sé na MRLanna atá ann cheana a choinneáil ag an teorainn shonrach cinnidh (“LOD”) nó ag an MRL réamhshocraithe. I gcás tráchtearraí áirithe, bíonn gá le hoiriúnuithe chuig luachanna níos airde i gcás LODanna sonracha i bhfianaise na féidearthachta anailísí. Ba cheart na LODanna sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana nó ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(4) |
I gcás cuinmeireac, chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (4). Tá sé beartaithe an sainmhíniú ar iarmhar le haghaidh táirgí plandaí agus mil a athrú go suim de chuinmeireac agus a mheitibilítí BH 518-2 agus BH 518-4 arna sloinneadh mar chuinmeireac. Mhol sé na MRLanna a laghdú i gcás fréamhacha biatas siúcra, matáin (mucra, bó-ainmhithe, caorach, gabhar, each-ainmhithe, éanlaithe clóis), saill (mucra, bó-ainmhithe, caorach, gabhar, each-ainmhithe, éanlaithe clóis), ae (mucra, éanlaithe clóis), duán mucra, bainne (eallach, caorach, gabhar, each-ainmhithe) agus uibheacha éan. I gcás táirgí eile, mhol sé na MRLanna atá ann cheana a ardú nó a choinneáil. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal atá ann cheana agus ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh roinnt faisnéise nach raibh ar fáil faoi na MRLanna le haghaidh ae agus duáin ó athchogantaigh agus ó each-ainmhithe agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de dhá bhliain ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. |
(5) |
I gcás fluairíd sulfairile agus i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (5), chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana. Mhol sé an dá shainmhíniú reatha maidir le hiarmhar (fluairíd sulfairile agus ian fluairíde) a choimeád mar shainmhínithe sealadacha ós rud é go bhfuil gá le tuilleadh sonraí chun iad a dheimhniú. Tháinig sé ar an gconclúid freisin go raibh roinnt faisnéise ann nach raibh ar fáil maidir leis na MRLanna a bhaineann le fluairíd sulfairile agus ian fluairíde i ndáil leis na tráchtearraí uile atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Agus sonraí faireacháin breise a chuireann oibreoirí gnólachtaí bia ar fáil á gcur san áireamh, ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart na MRLanna i gcás ian fluairíde le haghaidh insiltí luibhe, mogóirí róis, caora troim agus “basal agus bláthanna inite” a leagan síos ag an leibhéal atá ann faoi láthair in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de dhá bhliain ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. |
(6) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná uasteorainneacha iarmhar maidir le Codex Alimentarius (CXLanna) ann ina leith, ba cheart MRLanna a leagan síos ag an LOD sonrach nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(7) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le LODanna áirithe a oiriúnú. A mhéid a bhaineann le roinnt substaintí, tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LODanna sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
(8) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí atá á mbeartú ar na MRLanna. |
(9) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba chóir go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí a táirgeadh sula modhnaíodh na MRLanna, táirgí a léiríonn an fhaisnéis ina leith go gcoinníonn siad leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
(12) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 21 Feabhra 2023 .
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 21 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for spinetoram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás ocsafluairfeine, de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(10):6269.
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for spinetoram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás piorocsulam de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(10):6260.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for spinetoram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás cuinmeireac de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(10):6257.
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for spinetoram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh fluairíd sulfairile de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(1):6390.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach na colúin seo a leanas le haghaidh ian fluairíde, ocsafluairfeine, piorocsulam, cuinmeireac agus fluairíd sulfairile: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
i gCuid A d’Iarscríbhin III, scriostar na colúin seo a leanas le haghaidh ian fluairíde, ocsafluairfeine, piorocsulam, cuinmeireac agus fluairíd sulfairile. |
(*1) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/25 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1322 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de tháirgí de bhunadh ainmhíoch, de sheachtháirgí ainmhithe agus de tháirgí ilchodacha atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 47(2), an chéad fhomhír, pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún (2) bunaítear liostaí de na hainmhithe agus de na táirgí de bhunadh ainmhíoch, de na táirgí geirmeacha, de na seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, de na táirgí ilchodacha, agus féar tirim agus tuí atá le cur i láthair le haghaidh rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus a gcóid Ainmníochta Comhcheangailte (AC) faoi seach, dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle á léiriú (3). |
(2) |
Foráiltear le hAirteagail 3, 5 agus 12 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (4) maidir le ceanglais allmhairiúcháin i leith coinsíneachtaí earraí dá dtagraítear i gcód AC áirithe agus i gcód áirithe de Chóras Comhchuibhithe (“Cóid CC”) i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87. Leasaíodh na forálacha sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/887 (5)ón gCoimisiún . Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/887 soiléirítear na cóid is infheidhme trí chóid atá in easnamh a chur leo agus trí chóid nach bhfuil ábhartha a thuilleadh a bhaint. Is iomchuí, dá bhrí sin, na ceannteidil agus na cóid AC 0901, 1902 19, 1904 10 30, 1904 10 90, 1904 20, 1904 90 80, 2008 99, 2906, 2936 agus 3002 49 00 a chur leis na liostaí san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 chun aon débhríocht a sheachaint a mhéid a bhaineann le cé na coinsíneachtaí earraí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún (6) tugadh isteach modhnuithe ar chóid AC agus ar thuairiscí earraí, lena n-áirítear seachtháirgí ainmhithe. Ba cheart na modhnuithe sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 a leasú dá réir. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/632 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liostaí na n-ainmhithe, na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, na dtáirgí geirmeacha, na seachtháirgí ainmhithe agus na dtáirgí díorthaithe, na dtáirgí ilchodacha, mar aon le féar tirim agus tuí atá faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2007 agus Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 24).
(3) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí d’ainmhithe agus d’earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/887 ón gCoimisiún an 28 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a mhéid a bhaineann le cóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus cóid an Chórais Chomhchuibhithe agus coinníollacha allmhairiúcháin táirgí ilchodacha áirithe, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2122 a mhéid a bhaineann le hearraí áirithe agus peataí éin atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le táirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (IO L 154, 7.6.2022, lch. 23).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
LIOSTAÍ NA nAINMHITHE, NA dTÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH, NA dTÁIRGÍ GEIRMEACHA, NA SEACHTHÁIRGÍ AINMHITHE AGUS NA dTÁIRGÍ DÍORTHAITHE, NA dTÁIRGÍ ILCHODACHA, AGUS FÉAR TIRIM AGUS TUÍ FAOI RÉIR RIALUITHE OIFIGIÚLA AG POIST RIALAITHE TEORANN DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3
Nótaí:
1. |
Barúlacha ginearálta
Cuirtear barúlacha ginearálta le Caibidlí áirithe chun na hainmhithe nó na hearraí a chumhdaítear sa chaibidil ábhartha a shoiléiriú. Ina theannta sin, i gcás inar gá, déantar tagairt do cheanglais shonracha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (1). Déantar liosta na dtáirgí ilchodacha, lena gcomhlíontar coinníollacha sonracha agus atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, a leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún (2). |
2. |
Nóta a ghabhann le Caibidil
Tá na liostaí san Iarscríbhinn seo struchtúraithe i gCaibidlí atá ag freagairt do na Caibidlí ábhartha san Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (3). Is mínithe iad na nótaí Caibidle a bhaintear, i gcás inar gá, as na Nótaí a ghabhann leis na Caibidlí aonair de AC. |
3. |
Sliocht as Nótaí Míniúcháin agus Tuairimí Aicmiúcháin an Chórais Comhchuibhithe
Rinneadh faisnéis bhreise ar na Caibidlí éagsúla a bhaint, i gcás inar ghá, ó Nótaí Míniúcháin agus Tuairimí Aicmiúcháin Chóras Comhchuibhithe na hEagraíochta Domhanda Custaim. |
Táblaí:
4. |
Colún (1) — cód AC
Léirítear cód AC sa cholún seo. Tá AC, a bhunaítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, bunaithe ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (CC) a tugadh i gcrích sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 1983 agus formheastar le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle é (4). Le AC déantar ceannteidil agus fo-cheannteideal CC a atáirgeadh chuig sé dhigit, agus ní chruthaítear fo-cheannteidil eile a bhaineann go sonrach leis ach amháin leis an seachtú figiúr agus leis an ochtú figiúr. I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit: Mura sonraítear a mhalairt, na hainmhithe agus na hearraí uile a gcuirtear na ceithre dhigit sin rompu nó a ndéantar iad a chumhdach leo, cuirfear faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann iad. Sa chuid is mó de na cásanna sin, déantar na cóid AC ábhartha a áirítear sa chóras Traces dá dtagraítear in Airteagal 133(4) de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a mhiondealú ina gcóid sé dhigit nó ocht ndigit. I gcás nach gceanglaítear ach ainmhithe agus earraí sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit a chur faoi réir rialuithe oifigiúla agus nach ann d’aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin in AC, déantar an cód a mharcáil “Ex”. Sa chás sin, cinntear na hainmhithe agus na hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo le raon feidhme chód AC agus le raon feidhme na tuairisce comhfhreagraí i gcolún (2) agus leis an gcáilíocht agus leis an míniú i gcolún (3). |
5. |
Colún (2) — Tuairisc
Is ionann an tuairisc ar na hainmhithe agus na hearraí agus an tuairisc a leagtar síos sa cholún tuairisce de AC. Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú AC, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na hainmhithe agus ar na hearraí i gcolún (2), toisc go ndéantar na hainmhithe agus na hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chinneadh le cóid AC. |
6. |
Colún (3) — Cáilíocht agus míniú
Leis an gcolún seo tugtar mionsonraí ar na hainmhithe nó ar an hearraí a chumhdaítear. Tá faisnéis bhreise maidir leis na hainmhithe nó leis na hearraí a chumhdaítear sna Caibidlí éagsúla de AC le fáil sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (6). Maidir le táirgí a dhíorthaítear ó sheachtháirgí ainmhithe a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, ní dhéantar iad a shainaithint go sonrach i ndlí an Aontais. Déanfar rialuithe oifigiúla ar tháirgí atá páirtphróiseáilte ach atá fós ina n-amhtháirgí agus atá le próiseáil a thuilleadh i mbunaíocht fhormheasta nó chláraithe ag an gceann scríbe. Déanfaidh cigirí oifigiúla ag poist rialaithe teorann measúnú i dtaobh an bhfuil táirge díorthaithe próiseáilte go leordhóthanach chun nach gceanglaítear rialuithe oifigiúla breise, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, a dhéanamh, agus sonróidh siad sin, nuair is gá. |
CAIBIDIL 1
AINMHITHE BEO
Nóta a ghabhann le Caibidil 1 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo cumhdaítear na hainmhithe beo uile, seachas:
|
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Le Ceannteideal 0106 áirítear, inter alia, na hainmhithe clóis nó na hainmhithe fiáine seo a leanas:
(A) |
Mamaigh
|
(B) |
Reiptílí (lena n-áirítear nathracha agus turtair) |
(C) |
Éin
|
(D) |
Feithidí, amhail beacha (bídís ag taisteal i mboscaí nó i gcaighin nó i gcoirceoga nó ná bídís). |
(E) |
Eile, e.g. froganna. |
Leis an gceannteideal seo eisiatar ainmhithe atá mar chuid de shorcais, de shorcais ainmhithe nó de sheónna ainmhithe taistil eile den chineál céanna (ceannteideal 9508).”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
0101 |
Capaill, asail, miúileanna agus ráinigh bheo |
Uile |
0102 |
Bó-ainmhithe beo |
Uile |
0103 |
Mucra beo |
Uile |
0104 |
Caoirigh agus gabhair bheo |
Uile |
0105 |
Éanlaith chlóis bheo, is é sin éanlaith den speiceas Gallus domesticus, lachain, géanna, turcaithe agus guinithe |
Uile |
0106 |
Ainmhithe beo eile |
Uile, lena gcumhdaítear na hainmhithe uile ó na fo-cheannteidil seo a leanas: 0106 11 00 (príomhaigh) 0106 12 00 (míolta móra, deilfeanna agus muca mara (mamaigh den ord Cetacea); ba mara agus duganganna (mamaigh den ord Sirenia); rónta, mór-rónta agus rosuailt (mamaigh den fho-ord Pinnipedia) 0106 13 00 (camaill agus camalóidí eile (Camelidae)) 0106 14 (coiníní agus giorriacha) 0106 19 00 (eile): mamaigh seachas iad siúd faoi cheannteideal 0101 , 0102 , 0103 , 0104 , 0106 11 , 0106 12 , 0106 13 agus 0106 14 ; cumhdaítear leis an bhfo-cheannteideal seo madraí agus cait 0106 20 00 (reiptílí, lena n-áirítear nathracha agus turtair) 0106 31 00 (éin: éin chreiche) 0106 32 00 (éin: siotacafoirmí, lena n-áirítear pearóidí, pearaicítí, macánna agus cocatúnna) 0106 33 00 (ostraisí; éamúnna (Dromaius novaehollandiae) 0106 39 (eile): cumhdaítear leis sin éin, seachas iad siúd faoi cheannteidil 0105 , 0106 31 , 0106 32 agus 0106 33 ; leis an bhfo-cheannteideal seo áirítear colúir 0106 41 00 (beacha) 0106 49 00 (feithidí eile seachas beacha) 0106 90 00 (eile): na hainmhithe beo uile eile nach gcumhdaítear in áit eile, seachas mamaigh, reiptílí, éin agus feithidí. Froganna beo cibé acu le haghaidh míoladán lena gcoimeád beo, nó lena marú mar bhia don duine, cumhdaítear leis an gcód AC seo iad. |
CAIBIDIL 2
FEOIL AGUS SCAIRTEACH FEOLA INITE
Nóta a ghabhann le Caibidil 2 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
0201 |
Feoil ó bhó-ainmhithe, atá úr nó fuaraithe |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0202 |
Feoil ó bhó-ainmhithe, reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0203 |
Feoil ó mhucra, atá úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0204 |
Feoil ó chaoirigh nó ó ghabhair, atá úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0205 00 |
Feoil ó chapaill, asail, miúileanna nó ráinigh, atá úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0206 |
Scairteach inite ó bhó-ainmhithe, ó mhucra, ó chaoirigh, ó ghabhair, ó chapaill, ó asail, ó mhiúileanna nó ó ráinigh, atá úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0207 |
Feoil agus scairteach inite, ó éanlaith chlóis faoi cheannteideal 0105 , atá úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . |
0208 |
Feoil agus scairteach feola inite eile, atá úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . Cumhdaítear leis an gceannteideal seo amhábhar eile chun geilitín nó collaigin a tháirgeadh mar bhia don duine. Cumhdaítear leis freisin an fheoil agus an scairteach feola inite uile ó na fo-cheannteidil seo a leanas: 0208 10 (ó choiníní nó ó ghiorriacha) 0208 30 00 (ó phríomhaigh) 0208 40 (ó mhíolta móra, ó dheilfeanna agus ó mhuca mara (mamaigh den ord Cetacea); ó bha mara agus ó dhuganganna (mamaigh den ord Sirenia); ó rónta, ó mhór-rónta agus ó rosuailt (mamaigh den fho-ord Pinnipedia) 0208 50 00 (ó reiptílí, lena n-áirítear nathracha agus turtair) 0208 60 00 (ó chamaill agus ó chamalóidí eile (Camelidae)) 0208 90 (eile: na gcolúr tí; géime eile nach coiníní ná giorriacha; etc.): cumhdaítear leis sin feoil ó ghearga, ó réinfhianna nó ó aon speiceas mamaigh eile. Cumhdaítear leis an bhfo-cheannteideal seo cosa froig i gcód AC 0208 90 70 . |
0209 |
Saill mhuice, saor ó fheoil thrua, agus saill éanlaithe clóis, nár rindreáladh ná nár eastóscadh ar bhealach eile, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe |
Uile, cumhdaítear leis sin saill agus saill phróiseáilte araon ar a dtugtar tuairisc i gcolún (2), fiú mura bhfuil an méid sin oiriúnach ach amháin le haghaidh úsáid thionsclaíoch (mí-oiriúnach mar bhia don duine). |
0210 |
Feoil agus scairteach feola inite, atá saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe; plúir agus min inite ó fheoil nó ó scairteach feola |
Uile, cumhdaítear leis sin feoil, táirgí feola agus táirgí eile de bhunadh ainmhíoch. Mar sin féin, ní dhéantar amhábhar, nach bhfuil ceaptha ná oiriúnach mar bhia don duine, a chumhdach sa cheannteideal seo, ach déantar é a chumhdach faoi cheannteideal 0511 . Cumhdaítear leis sin próitéin ainmhíoch phróiseáilte agus cluasa muc triomaithe atá ceaptha mar bhia don duine. Fiú amháin nuair a úsáidtear na cluasa muc triomaithe sin mar bheatha ainmhithe, leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1125/2006 ón gCoimisiún (*1) soiléirítear go bhféadfar iad a chumhdach in 0210 99 49 . Mar sin féin, tá scairteach agus cluasa muc triomaithe, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine aicmithe i gcód AC 0511 99 85 . Cumhdaítear ispíní faoi cheannteideal 1601 . Cumhdaítear eastóscáin agus súnna ó fheoil faoi cheannteideal 1603 . Cumhdaítear geirdheascadh faoi cheannteideal 2301 . |
CAIBIDIL 3
ÉISC AGUS CRÚSTAIGH, MOILISC AGUS INVEIRTEABRAIGH UISCEACHA EILE
Barúlacha ginearálta
Leis an gcaibidil seo cumhdaítear idir éisc bheo lena bpórú agus lena n-atáirgeadh, éisc ornáideacha bheo, agus éisc bheo nó crústaigh bheo atá ina mbeatha le linn a n-iompartha ach a allmhairítear mar bhia don duine.
Tá na táirgí uile sa chaibidil seo faoi réir rialuithe oifigiúla.
Nótaí a ghabhann le Caibidil 3 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
2. |
Sa chaibidil seo, ciallaíonn an téarma ‘millíní’ táirgí arna gceirtleánú go díreach trí bhíthin a gcomhbhrúite nó trí chainníocht bheag de cheanglóir a chur leo. |
3. |
Ní chumhdaítear plúir, min ná millíní atá oiriúnach mar bhia don duine faoi cheannteidil 0305 go 0308 (ceannteideal 0309).” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
0301 |
Éisc bheo |
Uile, cumhdaítear leis sin bric, eascanna, carbáin nó aon speiceas eile nó aon iasc eile a allmhairítear lena phórú nó lena atáirgeadh. Éisc bheo a allmhairítear mar bhia láithreach don duine, déileáiltear leo, chun críoch rialuithe oifigiúla, amhail is dá mba tháirgí iad. Cumhdaítear leis sin éisc ornáideacha i gcóid AC 0301 11 00 agus 0301 19 00 . |
0302 |
Éisc, atá úr nó fuaraithe, seachas filléid éisc agus feoil éisc eile faoi cheannteideal 0304 |
Uile, cumhdaítear leis sin aenna, lábáin agus eochraí atá úr nó fuaraithe, i gcód AC 0302 91 00 . |
0303 |
Éisc, reoite, seachas filléid éisc agus feoil éisc eile faoi cheannteideal 0304 |
Uile, cumhdaítear leis sin aenna, lábáin agus eochraí reoite, i bhfo-cheannteideal 0303 91 . |
0304 |
Filléid éisc agus feoil éisc eile (bídís mionaithe nó ná bídís), úr, fuaraithe nó reoite |
Uile. |
0305 |
Éisc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; éisc dheataithe, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
Uile, cumhdaítear leis sin cinn éisc, eireabaill éisc agus lamhnáin snámha agus scairteach éisc inite eile. |
0306 |
Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, atá beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe; crústaigh sa bhlaosc, cócaráilte trí ghalú nó trí uisce a bheiriú, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís |
Uile. Crústaigh bheo a allmhairítear mar bhia láithreach don duine, meastar gur táirgí iad agus déileáiltear leo amhail is dá mba tháirgí iad, chun críoch rialuithe oifigiúla. Cumhdaítear leis sin séaclaí sáile ornáideacha agus a gcisteanna lena n-úsáid mar pheataí agus na crústaigh ornáideacha bheo uile. |
0307 |
Moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, atá beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó ná bídís |
Cumhdaítear leis an gceannteideal seo freisin moilisc dheataithe a cócaráladh roimhe. Déantar moilisc chócaráilte a chumhdach i gceannteideal 1605 . Cumhdaítear leis sin moilisc ornáideacha bheo. Moilisc bheo a allmhairítear mar bhia láithreach don duine, meastar gur táirgí iad, agus déileáiltear leo amhail is dá mba tháirgí iad, chun críoch rialuithe oifigiúla. Cumhdaítear an uile cheann ó na fo-cheannteidil 0307 11 go 0307 99 , amhail na samplaí seo a leanas: 0307 60 (seilidí, seachas gnamháin): cumhdaítear leis sin gastrapóid talún de na speicis Helix pomatia, Helix aspersa, Helix lucorum agus speicis den fhine Achatinidae. Cumhdaítear leis sin seilidí beo (lena n-áirítear seilidí fionnuisce) atá ceaptha mar bhia láithreach don duine agus freisin feoil seilide atá ceaptha mar bhia don duine. Cumhdaítear leis sin seilidí bánaithe nó réamhphróiseáilte. Déantar táirgí a phróiseáiltear a thuilleadh a chumhdach i gceannteideal 1605 . 0307 91 00 (moilisc eile atá beo, úr nó fuaraithe, i.e. seachas oisrí, muiríní, diúilicíní (Mytilus spp., Perna spp.), cudail, scuideanna, ochtapais, gnamháin, breallaigh, ruacain, sliogáin na hÁirce, cluasa mara (Haliotis spp.) agus sliogáin (Strombus spp.): cumhdaítear leis sin feoil ó speicis gnamhán, bídís sa bhlaosc nó ná bídís. 0307 99 (moilisc eile, seachas moilisc atá beo, úr, fuaraithe nó reoite, i.e. seachas oisrí, muiríní, diúilicíní (Mytilus spp., Perna spp.), cudail, scuideanna, ochtapais, gnamháin, breallaigh, ruacain, sliogáin na hÁirce, cluasa mara (Haliotis spp.) agus sliogáin (Strombus spp.). |
0308 |
Inveirteabraigh uisceacha seachas crústaigh agus moilisc, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; inveirteabraigh uisceacha deataithe, seachas crústaigh agus moilisc, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn |
Uile. |
0309 |
Plúir, min agus millíní ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc agus ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá oiriúnach mar bhia don duine |
Uile. |
CAIBIDIL 4
TÁIRGÍ DÉIRÍOCHTA; UIBHEACHA ÉAN; MIL NÁDÚRTHA; TÁIRGÍ INITE DE BHUNADH AINMHÍOCH, NACH SONRAÍTEAR NÁ NACH N-ÁIRÍTEAR IN ÁIT EILE
Nóta a ghabhann le Caibidil 4 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Ciallaíonn an téarma ‘bainne’ bainne lán-uachtair nó bainne atá bearrtha go páirteach nó go hiomlán. |
2. |
Chun críocha cheannteideal 0403, féadfaidh iógart a bheith dlúthaithe nó blaistithe agus féadfaidh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile, torthaí, cnónna, cócó, seacláid, spíosraí, caife nó eastóscáin chaife, plandaí, codanna de phlandaí, gránaigh nó earraí báicéara a bheith ann, ar choinníoll nach n-úsáidtear aon substaint bhreise chun í a chur in ionad aon chomhpháirt bhainne, go hiomlán nó go páirteach, agus go gcoinníonn an táirge gné bhunúsach an iógairt. |
3. |
Chun críocha cheannteideal 0405:
|
4. |
Táirgí a fhaightear trí thiúchan meidhg agus trí bhainne nó saill bhainne a chur leo, tá siad le haicmiú mar cháis i gceannteideal 0406 ar choinníoll go mbeidh na trí shaintréith seo a leanas acu:
|
5. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
6. |
Chun críocha cheannteideal 0410, ciallaíonn an téarma ‘feithidí’ feithidí neamhbheo inite, ina n-iomláine nó ina bpáirteanna, iad úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó i sáile, chomh maith le plúr agus min ó fheithidí, atá oiriúnach mar bhia don duine. Mar sin féin, ní chumhdaítear leis feithidí neamhbheo inite eile, arna n-ullmhú nó arna leasú ar bhealach eile (Roinn IV de ghnáth).” |
Sleachta as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Le ceannteideal 0408 cumhdaítear uibheacha iomlána nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin ó na héin uile. Féadfaidh táirgí an cheannteidil seo a bheith úr, triomaithe, cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, múnlaithe (e.g. ‘uibheacha fada’ sorcóireacha) agus reoite nó leasaithe ar bhealach eile. Tagann an méid sin uile faoin gceannteideal bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis agus bíodh nó ná bíodh sé le húsáid mar bhia nó chun críoch tionsclaíoch (e.g., le haghaidh súdaireachta).
Leis an gceannteideal seo ní chumhdaítear:
(a) |
Ola bhuíocháin (ceannteideal 1506). |
(b) |
Ullmhóidí uibhe ina bhfuil blastanas, spíosraí ná breiseáin eile (ceannteideal 2106). |
(c) |
Leicitin (ceannteideal 2923). |
(d) |
Gealacán uibhe ar leithligh (albaimin uibhe) (ceannteideal 3502). |
(…)
Le ceannteideal 0409 cumhdaítear mil na mbeach (Apis mellifera) nó ag feithidí eile, arna lártheifniú nó sa chíor nó ina bhfuil cíorbhruar, ar choinníoll nár cuireadh siúcra ná substaint eile isteach. Féadfaidh an mhil sin a bheith ainmnithe de réir bláthfhoinse, bunaidh nó datha.
Le ceannteideal 0409 eisiatar mil shaorga agus meascáin de mhil nádúrtha agus shaorga (ceannteideal 1702).
(…)
Le ceannteideal 0410 cumhdaítear feithidí (mar a shainmhínítear i Nóta 6 a ghabhann leis an gCaibidil seo) agus táirgí eile de bhunadh ainmhíoch atá oiriúnach mar bhia don duine, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile san Ainmníocht Chomhcheangailte. Mar sin féin, aicmítear feithidí neamhbheo atá mí-oiriúnach mar bhia don duine (lena n-áirítear a bplúir agus a min) faoi cheannteideal 0511. Áirítear leis sin:
(a) |
Uibheacha turtar. Is éard atá iontu uibheacha a bheireann turtair abhann nó turtair mhara; féadfaidh siad a bheith úr, triomaithe nó leasaithe ar bhealach eile. Eisiatar ola uibhe turtair (ceannteideal 1506). |
(b) |
Neadacha salangan (‘neadacha éan’). Is éard atá iontu substaint a sceitheann an t-éan, rud a sholadaíonn go tapa nuair a thagann sé faoi lé an aeir. Féadfar na neadacha a chur i láthair go neamhchóireáilte, nó féadfaidh siad a bheith glanta chun cleití, clúmh, deannach agus eisíontais eile a bhaint chun go mbeidh siad oiriúnach mar bhia don duine. Is iondúil go mbíonn siad i bhfoirm stiallacha nó snáitheanna bána. Tá ardleibhéal próitéine i neadacha salangan agus úsáidtear iad chun anraithí nó ullmhóidí bia eile a dhéanamh, agus chun na críoch sin amháin den chuid is mó. |
Le ceannteideal 0410 eisiatar fuil ainmhíoch, bíodh sí inite nó nach bíodh, i bhfoirm leachtach nó thriomaithe (ceannteideal 0511 nó 3002).”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
0401 |
Bainne agus uachtar, nach bhfuil tiubhaithe ná nach bhfuil siúcra breise ná ábhar milsiúcháin eile curtha leo |
Uile. Déantar bainne le haghaidh beatha ainmhithe a chumhdach faoin gceannteideal seo, ach déantar beatha ainmhithe ina bhfuil bainne a chumhdach i gceannteideal 2309 . Déantar bainne le haghaidh úsáidí teiripeacha/próifiolacsacha a chumhdach i gceannteideal 3001 . |
0402 |
Bainne agus uachtar, atá tiubhaithe nó a bhfuil siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo |
Uile. |
0403 |
Iógart; bláthach, bainne agus uachtar gruthach, ceifír agus bainne agus uachtar coipthe nó aigéadaithe eile, bídís nó nach bídís tiubhaithe, bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo, bídís nó bídís blaistithe, nó bíodh nó ná bíodh torthaí, cnónna nó cócó breise iontu |
Uile. Cumhdaítear leis sin uachtar, atá blaistithe nó ina bhfuil torthaí, bainne reoite agus coipthe, atá ceaptha mar bhia don duine. Cumhdaítear uachtar reoite i gceannteideal 2105 . Déantar deochanna ina bhfuil bainne atá blaistithe le cócó nó substaintí eile a chumhdach i gceannteideal 2202 . |
0404 |
Meadhg, bíodh nó ná bíodh sé tiubhaithe, nó bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leis; táirgí a bhfuil comhábhair bhainne nádúrtha iontu, bíodh nó ná bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
Uile. Cumhdaítear leis sin táirgí bainne le haghaidh naíonán. Le cód AC 0404 10 48 cumhdaítear gruth buí buaibheach, i bhfoirm leachtach, dhíshaillte agus dhícháiséanáite, atá ceaptha mar bhia don duine. Le cód AC 0404 90 21 cumhdaítear púdar grutha bhuí atá spraethriomaithe, saill-laghdaithe agus nach bhfuil dícháiséanáite, mar bhia don duine. |
0405 |
Im agus saill agus olaí eile a dhíorthaítear ó bhainne; leatháin déiríochta |
Uile. |
0406 |
Cáis agus gruth |
Uile. |
0407 |
Uibheacha éan, sna blaoscanna, atá úr, leasaithe nó cócaráilte |
Uile. Cumhdaítear leis sin uibheacha goir agus uibheacha atá saor ó phataiginí sonracha, uibheacha toirchithe lena ngoradh (0407 11 agus 0407 19 ). Cumhdaítear leis sin uibheacha úra (0407 21 go 0407 29 ) agus uibheacha eile (0407 90 ), nach bhfuil, agus atá, oiriúnach mar bhia don duine. Cumhdaítear leis sin ‘uibheacha atá 100 bliain d’aois’. Déantar albaimin uibhe nach bhfuil, agus atá, oiriúnach mar bhia don duine a chumhdach i gceannteideal 3502 . |
0408 |
Uibheacha éan, nach bhfuil sna blaoscanna, agus buíocáin uibhe atá úr, triomaithe nó cócaráilte trí ghalú nó trí bheiriú in uisce, atá múnlaithe, reoite nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin eile curtha leo nó ná bíodh |
Uile. Cumhdaítear leis sin táirgí uibhe bídís teaschóireáilte nó ná bídís, agus táirgí nach bhfuil oiriúnach mar bhia don duine. |
0409 00 00 |
Mil nádúrtha |
Uile. |
0410 10 |
Feithidí |
Uile. Déantar feithidí nó uibheacha feithidí, atá ceaptha mar bhia don duine, a chumhdach faoin gceannteideal seo. Déantar feithidí neamhbheo atá mí-oiriúnach mar bhia don duine (lena n-áirítear a bplúir agus a min) (ceannteideal 0511 ) mar aon le feithidí neamhbheo inite eile, arna n-ullmhú nó arna leasú ar bhealach eile (Roinn IV de ghnáth) a eisiamh. |
0410 90 00 |
Táirgí inite eile de bhunadh ainmhíoch, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
Uile. Leis an gcód AC seo cumhdaítear an ‘glóthach ríoga’ agus gliú na mbeach (a úsáidtear i monarú táirgí cógaisíochta agus forlíontaí bia) agus ábhar eile a dhíorthaítear ó ainmhithe atá ceaptha mar bhia don duine. Leis an gcód AC seo cumhdaítear cnámha inite agus táirgí cnámh a itear go díreach (e.g. plúr cnámh, cnámh púdraithe, cnámha anraith) má dhíorthaítear ó chonablaigh a maraíodh mar bhia don duine iad. |
CAIBIDIL 5
TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH, NACH SONRAÍTEAR NÁ NACH N-ÁIRÍTEAR IN ÁIT EILE
Barúlacha ginearálta
Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí áirithe sa Chaibidil seo a leagan síos i dTábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011:
Ró 7 |
: |
guairí muc; |
Ró 8 |
: |
olann agus fionnadh neamhchóireáilte ó ainmhithe seachas iad siúd a bhaineann leis an speiceas mucúil; |
Ró 9 |
: |
cleití cóireáilte, codanna de chleití agus clúmh. |
Nótaí a ghabhann le Caibidil 5 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
(…) |
3. |
Ar fud na hainmníochta, meastar gur ‘eabhar’ atá i starrfhiacla eilifinte, dobhareich, rosuailt, narbhail agus toirc, in adharca srónbheannaigh agus i bhfiacla na n-ainmhithe uile. |
4. |
Ar fud na hainmníochta, meastar go gciallaíonn an téarma ‘rón’ rón moingeanna nó rón eireaball each-ainmhithe nó bó-ainmhithe. Le ceannteideal 0511 cumhdaítear, inter alia, rón agus dramhaíl róin, bídís nó ná bídís i bhfoirm sraitheanna le hábhar tacaíochta nó dá uireasa.” |
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Le ceannteideal 0505 cumhdaítear
(1) |
Craicne agus codanna eile d'éin (e.g. cinn, sciatháin) lena gcleití nó lena gclúmh, agus |
(2) |
Cleití agus codanna de chleití (bearrtha nó gan bheith) agus clúmh, ar choinníoll go bhfuil siad neamhoibrithe, nó go bhfuil siad glanta, dífhabhtaithe nó cóireáilte lena gcaomhnú agus sin amháin, ach nach bhfuil siad oibrithe ná suite ar bhealach eile. |
Le ceannteideal 0505 cumhdaítear freisin púdar, min agus dramhaíl ó chleití nó ó chodanna de chleití.”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
0502 10 00 |
Guairí agus fionnadh muc, borraí nó torc agus a ndramhaíl |
Uile, cóireáilte agus neamhchóireáilte. |
0504 00 00 |
Putóga, lamhnáin agus goilí ainmhithe (seachas éisc), ina n-iomláine agus codanna díobh, atá úr, fuaraithe, reoite, saillte, faoi sháile, triomaithe nó deataithe |
Uile. Cumhdaítear leis sin goilí, lamhnáin agus inní atá glanta, saillte, triomaithe nó téite, ar de bhunadh bó-ainmhithe, muc-ainmhithe, ainmhithe den chineál caorach, ainmhithe den chineál gabhair nó éanlaithe clóis iad. |
ex 0505 |
Craicne agus codanna eile d’éin, lena gcleití nó lena gclúmh, cleití agus codanna de chleití (bearrtha nó gan bheith) agus clúmh, nach ndearnadh obair bhreise orthu seachas iad a ghlanadh, a dhífhabhtú nó a chóireáil lena gcaomhnú; púdar agus dramhaíl ó chleití nó ó chodanna de chleití |
Uile, lena n-áirítear trófaithe géim éan, ach seachas cleití maisiúla cóireáilte, cleití cóireáilte arna n-iompar ag taistealaithe dá n-úsáid phríobháideach nó coinsíneachtaí cleití cóireáilte arna seoladh chuig daoine aonair príobháideacha chun críoch neamhthionsclaíoch dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 6(a) d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Le hAirteagal 25(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 cuirtear toirmeasc ar chleití agus codanna de chleití agus clúmh neamhchóireáilte a allmhairiú isteach san Aontas agus a iompar tríd an Aontas. Tá rialuithe oifigiúla infheidhme maidir le cleití, agus sin go neamhspleách ar a gcóireálacha dá dtagraítear i gCaibidil VII, pointe C, d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Déantar ceanglais shonracha bhreise maidir le trófaithe géim a leagan síos i gCaibidil II, Roinn 5 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Le Caibidil II, Roinn 6 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, cumhdaítear cleití a úsáidtear le haghaidh stuála, clúimh, cleití amha nó eile. |
0506 |
Cnámha agus adharc-chroíthe, neamhoibrithe, díshaillte, ullmhaithe go simplí (ach nach bhfuil gearrtha de réir crutha), cóireáilte le haigéad nó dígheilitínithe; púdar agus dramhaíl ó na táirgí sin |
Cumhdaítear leis sin cnámha a úsáidtear mar ábhar coganta do mhadraí agus cnámha chun geilitín a tháirgeadh. Cumhdaítear cnámh inite agus plúr cnámh atá ceaptha mar bhia don duine faoi chód AC 0410 90 00. Déantar ceanglais shonracha maidir leis na táirgí sin nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan síos i Ró 6 (trófaithe géim), i Ró 11 (cnámha agus táirgí cnámh (seachas min cnámh), adharca agus táirgí adharc (seachas min adharc) agus crúba agus táirgí crúb (seachas min crúb) lena n-úsáid seachas mar ábhar beatha, leasachán orgánach nó feabhsaitheoir ithreach) agus i Ró 12 (ábhar coganta do mhadraí) de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
0507 |
Eabhar, sliogán toirtíse, míolchnámha agus ribí míolchnámha, adharca, beanna, crúba, ingne, croibh agus goba, atá neamhoibrithe nó ullmhaithe go simplí, ach nach bhfuil gearrtha de réir crutha; púdar agus dramhaíl ó na táirgí sin |
Cumhdaítear leis sin trófaithe géim ó éin agus ó chrúbacha arb éard atá iontu cnámha, adharca, crúba, croibh, beanna agus fiacla agus sin amháin. Déantar ceanglais shonracha maidir le trófaithe géim a leagan síos i Ró 6 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 0508 00 |
Ábhair choiréil agus ábhair den chineál céanna, iad neamhoibrithe nó ullmhaithe go simplí ach gan bheith oibrithe seachas sin; sliogáin moileasc, crústach nó eicínideirmeach agus cnámh cudail, iad neamhoibrithe nó ullmhaithe go simplí, ach gan bheith gearrtha de réir crutha, púdar agus dramhaíl uathu sin |
Cumhdaítear leis sin sliogáin fholmha lena n-úsáid i mbia agus lena n-úsáid mar amhábhar le haghaidh glúcósaimín. Ina theannta sin, déantar sliogáin, lena n-áirítear cnámha cudail, ina bhfuil fíocháin bhoga nó an t-iasc, dá dtagraítear in Airteagal 10, pointe (k)(i) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 a chumhdach leis an gceannteideal sin. |
ex 0510 00 00 |
Ambargraís, castóiriam, sibhéad agus musc; cantairídí; domlas, bíodh sé triomaithe nó ná bíodh; faireoga agus táirgí eile ó ainmhithe a úsáidtear in ullmhú táirgí cógaisíochta, iad úr, fuaraithe, reoite nó leasaithe go sealadach ar bhealach eile |
Eisiatar ambargraís agus cantairídí. Leis an gcód AC seo cumhdaítear faireoga, táirgí ainmhithe eile agus domlas. Cumhdaítear faireoga agus táirgí triomaithe le ceannteideal 3001 . Féadfar ceanglais shonracha a leagan síos i Ró 14 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí seachas bia peataí amh a mhonarú agus táirgí díorthaithe a mhonarú le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beatha (le haghaidh táirgí cógaisíochta agus teicniúla eile). |
ex 0511 |
Táirgí ainmhithe nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; ainmhithe marbha ó Chaibidil 1 nó ó Chaibidil 3, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine |
Uile. Cumhdaítear leis sin ábhar géiniteach (seamhan agus suthanna de bhunadh ainmhíoch den speiceas buaibheach, caorach, gabhair, eachaí agus mucúil) agus seachtháirgí ainmhithe ó ábhair Chatagóirí 1 agus 2 dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009. Seo a leanas samplaí de tháirgí ainmhithe a thagann faoi réim fho-cheannteidil 0511 10 go 0511 99 : 0511 10 00 (seamhan buaibheach). 0511 91 (táirgí ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile; ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 3): uile. Cumhdaítear leis sin uibheacha éisc goir, ainmhithe marbha, seachtháirgí ainmhithe chun bia peataí a mhonarú agus le haghaidh táirgí cógaisíochta agus teicniúla eile. Cumhdaítear leis sin freisin táirgí atá inite nó aicmithe mar bhia atá mí-oiriúnach don duine, mar shampla, daifnianna nó míolta gorma, agus ostracóid nó filleaphóid eile, atá triomaithe, chun éisc uisceadáin a bheathú. Cumhdaítear leis sin freisin baoite éisc. ex 0511 99 10 (féitheoga nó teannáin; dramh bearrtha agus dramhaíl dá shamhail ó sheithí agus craicne amha). Tá gá le rialuithe oifigiúla le haghaidh seithí agus craicne neamhchóireáilte, dá dtagraítear i gCaibidil V, pointe C.2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má chomhlíontar leis sin Caibidil V, pointí B.1 nó C.1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 0511 99 31 (múscáin nádúrtha amha de bhunadh ainmhíoch): uile, más bia don duine iad; mura bia don duine iad, oiread díobh atá ceaptha mar bhia peataí. Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí nach bia do dhaoine iad a leagan amach i Ró 12 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 0511 99 39 (múscáin nádúrtha de bhunadh ainmhíoch seachas múscáin amha): uile, más bia don duine iad; mura bia don duine iad, oiread díobh atá ceaptha mar bhia peataí. Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí nach bia do dhaoine iad a leagan amach i Ró 12 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 0511 99 85 (táirgí ainmhithe eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; ainmhithe marbha ó Chaibidil 1 atá mí-oiriúnach mar bhia don duine): Cumhdaítear leis sin suthanna, ubháin, seamhan agus ábhar géiniteach nach gcumhdaítear in 0511 10 . Cumhdaítear leis sin suthanna, ubháin, seamhan agus ábhar géiniteach ó speicis eile seachas speiceas buaibheach. Cumhdaíonn seachtháirgí ainmhíocha le haghaidh mhonarú bia peataí nó táirgí teicniúla eile. Cumhdaítear leis sin rón neamhchóireáilte, táirgí beachadóireachta seachas céaracha le haghaidh úsáid beachadóireachta nó theicniúil, smiolamas le haghaidh úsáid theicniúil, ainmhithe marbha dá dtagraítear i gCaibidil 1 atá do-ite nó nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine (mar shampla: madraí, cait, feithidí), ábhar ainmhithe i gcás nár athraíodh na saintréithe fíor-riachtanacha, agus fuil ainmhíoch inite, nach ndíorthaítear ó éisc, atá ceaptha mar bhia don duine. Cumhdaítear leis sin plúir, min agus millíní feithidí, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine. |
CAIBIDIL 6
CRAINN BHEO AGUS PLANDAÍ EILE; BLEIBEANNA, FRÉAMHACHA AGUS A LEITHÉID; BLÁTHANNA GEARRTHA AGUS DUILLIÚR ORNÁIDEACH
Barúlacha ginearálta
Leis an gcaibidil seo cumhdaítear sceith beacán i múirín aoiligh steirilithe de bhunadh ainmhíoch.
Sliocht as na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC
“ 0602 90 10 Sceith beacán:
Is éard is sceith beacán ann an téarma a thugtar d’eangach snáitheanna leochaileacha (Thallus nó Mycelium), a fhaightear faoin talamh go minic, a mhaireann agus a fhásann ar dhromchla ábhair ainmhíoch nó phlandúil atá ag lobhadh agus a fhorbraíonn sna fíocháin féin agus a tháirgeann beacáin.
Leis an bhfo-cheannteideal seo áirítear táirge freisin arb éard atá ann sceith beacán, nach bhfuil forbartha go hiomlán, a chuirtear i méideanna micreascópacha ar shraith de ghráin ghránaigh iniata i múirín aoiligh capaill steirilithe (meascán de thuí agus d’aoileach capaill).”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 0602 90 10 |
Sceith beacán |
Ach amháin má tá aoileach próiseáilte de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Ró 1 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 9
CAIFE, TAE, MAITÉ AGUS SPÍOSRAÍ
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 0901 |
Caife, bíodh sé rósta nó díchaiféinithe nó ná bíodh; blaoscanna agus craicne caife; ionadaigh chaife a bhfuil cion éigin caife iontu |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 12
OLASHÍOLTA AGUS TORTHAÍ OLÚLA; OLASHÍOLTA AGUS TORTHAÍ OLÚLA; GRÁINNÍ, SÍOLTA AGUS TORTHAÍ ILGHNÉITHEACHA; PLANDAÍ TIONSCLAÍOCHA NÓ ÍOCSHLÁINTE; TUÍ AGUS FARAE
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 1212 99 95 |
Táirgí plandúla eile de chineál a úsáidtear go príomha mar bhia don duine, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
Cumhdaítear pailin bheiche faoin gcód AC seo. |
ex 1213 00 00 |
Tuí ghránaigh agus crotail ghránaigh, neamhullmhaithe, bídís nó ná bídís mionghearrtha, meilte, brúite nó i bhfoirm millíní |
Tuí amháin. |
ex 1214 90 |
Svaeideanna, meaingil, fréamhacha farae, féar tirim, meidic na mbó (alfalfa), seamair, goirm choiligh, cál foráiste, lúipíní, peasairí agus táirgí foráiste comhchosúla, bídís nó ná bídís i bhfoirm millíní: seachas min agus millíní mheidic na mbó (alfalfa) |
Féar tirim amháin. |
CAIBIDIL 15
SAILLTE AGUS OLAÍ AINMHÍOCHA, PLANDÚLA NÓ MIOCRÓBACHA AGUS A DTÁIRGÍ SCOILTE; SAILLTE INITE ULLMHAITHE; CÉARACHA AINMHÍOCHA NÓ PLANDÚLA
Barúlacha ginearálta
Na saillte agus na holaí uile a dhíorthaítear ó ainmhithe. Déantar ceanglais shonracha maidir leis na táirgí seo a leanas a leagan amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011:
1. |
saillte rindreáilte agus olaí éisc i Ró 3 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1; |
2. |
saillte rindreáilte ó ábhair Chatagóir 2 chun críoch áirithe lasmuigh den slabhra bia le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe (mar shampla, chun críoch olacheimiceach) i Ró 17 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1; |
3. |
díorthaigh shaille i Ró 18 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1. |
Le díorthaigh shaille áirítear táirgí céadchéime a dhíorthaítear ó shaillte agus ó olaí, ina staid íon, a tháirgtear le modh a leagtar amach i gCaibidil XI, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.
Tá díorthaigh a mheasctar le hábhair eile faoi réir rialuithe oifigiúla.
Nótaí a ghabhann le Caibidil 15 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
(…) |
3. |
Le ceannteideal 1518 ní chumhdaítear saillte ná olaí, ná a gcodáin, atá dínádúraithe agus sin amháin, a aicmítear sa cheannteideal atá iomchuí maidir leis na saillte agus leis na holaí dínádúraithe comhfhreagracha, agus lena gcodáin dhínádúraithe chomhfhreagracha. |
4. |
Tagann stoic ghallúnaí, dríodar agus bunanna ola, pic stéirine, pic ghliocróil agus iarmhair saile caorach faoi cheannteideal 1522.” |
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Le ceannteideal 1516 cumhdaítear saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha a chuaigh faoi thrasfhoirmiú ceimiceach sonrach de chineál a luaitear thíos, ach nach ndearnadh tuilleadh ullmhúchán orthu.
Leis an gceannteideal cumhdaítear freisin codáin de shaillte agus d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha a ndearnadh cóireáil den chineál céanna orthu.
Le hidriginiú, rud a chuirtear i gcrích trí na táirgí a theagmháil le hidrigin íon ag teocht agus brú oiriúnach i láthair catalaígh (nicil mhíndealaithe go hiondúil), ardaítear leáphointí saillte agus méadaítear comhsheasmhacht olaí trí ghlicrídí neamhsháithithe (e.g. d’aigéid oiléacha, líonoiléacha, etc.) a thrasfhoirmiú ina nglicrídí sáithithe arb airde a leáphointí (e.g. d’aigéid phailmíteacha, stéaracha, etc.).
Le ceannteideal 1518 cumhdaítear meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha nó de chodáin de shaillte nó d’olaí eile faoin gCaibidil seo, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile.
Leis an gceannteideal cumhdaítear freisin, inter alia, ola friochta dhomhain úsáidte ina bhfuil, mar shampla, ola ráibe, ola pónaire soighe agus méid beag de shaill ainmhíoch a úsáidtear chun beathaí ainmhithe a ullmhú.
Leis an gceannteideal cumhdaítear freisin saillte agus olaí, nó a gcodáin, atá hidriginithe, idir-eistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, i gcás ina mbaineann níos mó ná saill ná ola amháin leis an modhnú.”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
1501 |
Saill muice (lena n-áirítear blonag) agus saill éanlaithe clóis, seachas í sin faoi cheannteideal 0209 nó 1503 |
Uile. |
1502 |
Saillte ó bhó-ainmhithe, ó chaoirigh nó ó ghabhair, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1503 |
Uile. |
1503 00 |
Stéirin bhlonaige, ola bhlonaige, oiléistéirin, ola-oilé agus ola gheire, nach bhfuil eiblithe, measctha ná ullmhaithe ar bhealach eile |
Uile. |
1504 |
Saillte agus olaí, agus a gcodáin, ó éisc nó ó mhamaigh mhuirí, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu |
Uile. Cumhdaítear leis sin olaí éisc agus olaí ó tháirgí iascaigh agus ó mhamaigh mhuirí. Déantar ullmhóidí inite ilghnéitheacha a chumhdach faoi cheannteideal 1517 nó faoi Chaibidil 21. |
1505 00 |
Sail caorach agus substaintí sailleacha a dhíorthaítear uaithi (lena n-áirítear lanailin) |
Uile. Cumhdaítear leis sin sail caorach a allmhairítear mar shaill rindreáilte mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, nó lanailin arna hallmhairiú mar tháirge idirmheánach. |
1506 00 00 |
Saillte agus olaí ainmhíocha eile, agus a gcodáin, bídís scagtha nó ná bídís, ach nach ndearnadh modhnú ceimiceach orthu |
Uile. Cumhdaítear leis sin saillte nó olaí neamhscoilte, agus a gcodáin tosaigh freisin, a tháirgtear le modh a leagtar amach i gCaibidil XI, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
1516 10 |
Saillte agus olaí ainmhíocha, agus a gcodáin |
Na saillte agus na holaí ainmhíocha uile. Le haghaidh rialuithe oifigiúla, le díorthaigh shaille áirítear táirgí céadchéime a dhíorthaítear ó shaillte agus ó olaí ainmhíocha, ina staid íon, a tháirgtear le modh a leagtar amach i gCaibidil XI, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 1517 |
Margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha nó de chodáin de shaillte nó olaí éagsúla sa chaibidil seo, seachas saillte nó olaí inite nó a gcodáin faoi cheannteideal 1516 |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1518 00 91 |
Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a gcodáin, atá beirithe, ocsaídithe, díhiodráitithe, sulfartha, séidte, polaiméirithe le teas i bhfolús nó i dtriathghás nó ar a ndearnadh modhnú ceimiceach ar bhealach eile orthu, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1516 |
Ach amháin má tá saillte agus olaí ainmhíocha iontu. Díorthaigh shaille a tháirgtear le modh a leagtar amach i gCaibidil XI, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Ró 17 (saillte rindreáilte) agus i Ró 18 (díorthaigh shaille) de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 1518 00 95 |
Meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte agus olaí ainmhíocha nó de shaillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a gcodáin |
Saillte agus ullmhóidí ola, saillte rindreáilte agus díorthaigh ó ainmhithe, agus an méid sin amháin. Cumhdaítear leis sin ola chócaireachta úsáidte, atá ceaptha lena húsáid faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009. Cumhdaítear leis sin díorthaigh shaille a tháirgtear le modh a leagtar amach i gCaibidil XI, pointe 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 1518 00 99 |
Saillte agus olaí plandúla nó miocróbacha agus a gcodáin, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, seachas saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a gcodáin, atá beirithe, ocsaídithe, díhiodráitithe, sulfartha, séidte, polaiméirithe le teas i bhfolús nó i dtriathghás nó ar a ndearnadh modhnú ceimiceach ar bhealach eile orthu, seachas iad siúd faoi cheannteideal 1516 agus seachas meascáin nó ullmhóidí do-ite de shaillte ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a gcodáin. |
Ach amháin má tá saill de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1520 00 00 |
Gliocról, amh; uiscí gliocróil agus buac ghliocróil |
Ach amháin má tá táirgí ainmhithe iontu. |
1521 90 91 |
Céir na mbeach agus céaracha feithidí eile atá amh, bídís scagtha nó daite nó ná bídís |
Uile. Cumhdaítear leis sin céaracha i gcíora nádúrtha, céir beach amh chun críoch beachadóireachta nó teicniúil. Le hAirteagal 25(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 cuirtear toirmeasc ar chéir bheach i bhfoirm cíor mheala a allmhairiú isteach san Aontas agus a iompar tríd an Aontas. Déantar ceanglais shonracha maidir le seachtháirgí beachadóireachta a leagan amach i Ró 10 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 1521 90 99 |
Céir na mbeach agus céaracha feithidí eile, bídís scagtha nó daite nó ná bídís, seachas céir amh |
Uile. Cumhdaítear leis sin céaracha, próiseáilte nó scagtha, bídís tuartha nó daite, chun críoch na beachadóireachta nó teicniúil. Déantar ceanglais shonracha maidir le seachtháirgí beachadóireachta a leagan amach i Ró 10 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Déanfar seachtháirgí beachadóireachta seachas céaracha beach a chur faoi réir rialuithe oifigiúla faoi chód AC 0511 99 85 “Eile”. |
ex 1522 00 |
Déigreás; iarmhair a thagann ó shubstaintí sailleacha nó céaracha ainmhíocha nó plandúla a chóireáil |
Ach amháin má tá táirgí ainmhithe iontu. Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Ró 18 (díorthaigh shaille) de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 16
ULLMHÓIDÍ FEOLA, ÉISC, CRÚSTACH, MOILEASC NÓ INVEIRTEABRACH UISCEACH EILE NÓ FEITHIDÍ
Nótaí a ghabhann le Caibidil 16 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear feoil, scairteach feola, éisc, crústaigh, moilisc ná inveirteabraigh uisceacha eile, ná feithidí, arna n-ullmhú nó arna leasú leis an bpróiseas a shonraítear i gCaibidil 2 nó i gCaibidil 3, i Nóta 6 a ghabhann le Caibidil 4 nó i gceannteideal 0504. |
2. |
Tagann ullmhóidí bia faoin gcaibidil seo ar choinníoll gur mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní, feola, scairtí feola, fola, feithidí, éisc nó crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile, nó aon mheascán díobh sin, atá iontu. I gcásanna ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de na táirgí a luaitear thuas san ullmhóid, déantar í a aicmiú sa cheannteideal i gCaibidil 16 atá ag freagairt don chomhpháirt nó do na comhpháirteanna is mó de réir meáchain. Níl feidhm ag na forálacha sin maidir leis na táirgí stuáilte faoi cheannteideal 1902 ná maidir leis na hullmhóidí i gceannteideal 2103 ná i gceannteideal 2104.
Maidir le hullmhóidí ina bhfuil ae, ní bheidh feidhm ag forálacha an dara habairt chun na fo-cheannteidil a thagann faoi réim cheannteideal 1601 ná faoi réim cheannteideal 1602 a chinneadh.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
1601 00 |
Ispíní agus táirgí comhchosúla, ó fheoil, scairteach feola, fuil nó feithidí; ullmhóidí bia atá bunaithe ar na táirgí sin |
Uile. Cumhdaítear leis sin feoil leasaithe i bhfoirmeacha éagsúla. |
1602 |
Feoil, scairteach feola, fuil nó feithidí atá ullmhaithe nó leasaithe |
Uile. Cumhdaítear leis sin feoil leasaithe i bhfoirmeacha éagsúla. |
1603 00 |
Eastóscáin agus súnna ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile |
Uile. Cumhdaítear leis sin eastóscáin feola agus tiúcháin feola, próitéin éisc i bhfoirm glóthaí bíodh nó ná bíodh sí fuaraithe nó reoite, agus loingeán siorca freisin. |
1604 |
Éisc ullmhaithe nó leasaithe; caibheár agus ionadaigh chaibheáir ullmhaithe ó eochraí éisc |
Uile. Cumhdaítear leis sin ullmhóidí bia cócaráilte nó réamhchócaráilte ina bhfuil éisc nó táirgí iascaigh, nó atá measctha leo siúd. Cumhdaítear leis sin ullmhóidí suiréime i gcód AC 1604 20 05 . Cumhdaítear leis sin éisc stánaithe agus caibheár stánaithe i gcoimeádáin aer-obacha, agus súisí freisin (ar choinníoll nach bhfuil siad le haicmiú i gcód CN dá dtagraítear i gCaibidil 19). Táirgí ar a dtugtar briogúin éisc (is é sin feoil éisc amh nó séaclaí amha le glasraí curtha i láthair ar chipín adhmaid), aicmítear i gcód AC 1604 19 97 iad. |
1605 |
Crústaigh, moilisc agus inveirteabraigh uisceacha eile atá ullmhaithe nó leasaithe |
Uile, lena n-áirítear seilidí lán-ullmhaithe nó réamhullmhaithe, crústaigh stánaithe, nó inveirteabraigh uisceacha eile chomh maith le púdar diúilicíní. |
CAIBIDIL 17
SIÚCRAÍ AGUS MILSEOGRA SIÚCRA
Nótaí a ghabhann le Caibidil 17 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 1702 |
Siúcraí eile, lena n-áirítear lachtós, maltós, glúcós agus fruchtós atá íon ó thaobh ceimice de, i bhfoirm sholadach; síoróipí siúcra nach bhfuil ábhar breise blaistithe ná dathúcháin curtha leo; mil shaorga, bíodh sí measctha le mil nádúrtha nó ná bíodh; caramal |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. Cumhdaítear leis sin siúcraí agus mil shaorga, i gcás ina bhfuil siad measctha le mil nádúrtha. |
ex 1704 |
Milseogra siúcra (lena n-áirítear seacláid bhán), nach bhfuil cócó ann |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 18
CÓCÓ AGUS ULLMHÓIDÍ CÓCÓ
Nótaí a ghabhann le Caibidil 18 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear
|
2. |
Le ceannteideal 1806 áirítear milseogra siúcra ina bhfuil cócó agus, faoi réir Nóta 1 a ghabhann leis an gCaibidil seo, ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 1806 |
Seacláid agus ullmhóidí bia eile ina bhfuil cócó |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 19
ULLMHÓIDÍ GRÁNACH, PLÚIR, STÁIRSE NÓ BAINNE; TÁIRGÍ CÓCAIRÍ TAOSRÁIN
Nótaí a ghabhann le Caibidil 19 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 1901 |
Úsc braiche; ullmhóidí bia de phlúr, piocuaran, min, stáirse nó eastóscán braiche, nach bhfuil cócó iontu nó nach mó ná 40 % a gcion cócó de réir meáchain arna ríomh ar bhonn lán-díshaillte, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in aon áit eile; ullmhóidí bia d’earraí atá faoi cheannteidil 0401 go 0404 , nach bhfuil cócó iontu nó nach mó ná 5 % an cion cócó atá iontu de réir meáchain arna ríomh ar bhonn lán-díshaillte, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. Cumhdaítear leis sin earraí bia neamhchócaráilte (e.g. píotsaí) ina bhfuil táirgí de bhunadh ainmhíoch. Cumhdaítear ullmhóidí cócaireachta le Caibidlí 16 agus 21. |
ex 1902 11 00 |
Pasta neamhchócaráilte, nach bhfuil stuáilte ná ullmhaithe ar bhealach eile, ina bhfuil uibheacha |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 19 |
Pasta neamhchócaráilte, nach bhfuil stuáilte ná ullmhaithe ar bhealach eile, ina bhfuil uibheacha |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 20 10 |
Pasta stuáilte, bíodh nó ná bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion éisc, crústach, moileasc nó inveirteabrach uisceach eile |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 20 30 |
Pasta stuáilte, bíodh nó ná bíodh sé cócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile inar mó ná 20 %, de réir meáchain, an cion ispíní agus a leithéid, feola agus scairtí feola d’aon chineál, lena n-airítear saillte d’aon chineál nó bunadh |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 20 91 |
Pasta stuáilte cócaráilte |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 20 99 |
Pasta stuáilte, seachas pasta stuáilte cócaráilte |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 30 |
Pasta eile seachas an pasta i bhfo-cheannteidil 1902 11 , 1902 19 agus 1902 20 |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1902 40 |
Cúscús |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1904 10 10 |
Bia ullmhaithe a fhaightear trí arbhar Indiach a bhorradh nó a róstadh |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1904 10 30 |
Bia ullmhaithe a fhaightear trí rís a bhorradh nó a róstadh |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1904 10 90 |
Bia ullmhaithe a fhaightear trí ghránaigh nó táirgí gránacha a bhorradh nó a róstadh, seachas arbhar Indiach nó rís |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1904 20 |
Bianna ullmhaithe a fhaightear ó chalóga gránaigh neamhrósta nó ó mheascáin de chalóga gránaigh neamhrósta agus calóga gránaigh rósta nó gránaigh bhorrtha |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1904 90 10 |
Rís i bhfoirm gránach nó i bhfoirm calóg nó gránach oibrithe eile (seachas plúr, piocuaran agus min), iad réamhchócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. Cumhdaítear leis sin, mar shampla, súisí (ar choinníoll nach bhfuil na táirgí ábhartha le haicmiú i gCaibidil 16). |
ex 1904 90 80 |
Gránaigh (seachas arbhar Indiach) i bhfoirm gránach nó i bhfoirm calóg nó gránach oibrithe eile (seachas plúr, piocuaran agus min), iad réamhchócaráilte nó ullmhaithe ar bhealach eile, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile, seachas bulgar agus seachas faighte ó rís |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 1905 |
Arán, taosrán, cácaí, brioscaí agus táirgí eile báicéirí, bíodh cócó iontu nó ná bíodh; abhlanna, capsúil fholmha de chineál atá oiriúnach d’úsáid chógaisíochta, sliseoga séalaithe, ríspháipéar agus táirgí comhchosúla |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 20
ULLMHÓIDÍ GLASRAÍ, TORTHAÍ CNÓNNA NÓ CODANNA EILE DE PHLANDAÍ
Nótaí a ghabhann le Caibidil 20 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
(…)
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 2001 |
Glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, ullmhaithe nó leasaithe le fínéagar nó le haigéad aicéiteach |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2004 |
Glasraí eile atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, reoite, seachas táirgí faoi cheannteideal 2006 |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2005 |
Glasraí eile atá ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach, nach bhfuil reoite, seachas táirgí faoi theideal 2006 |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2008 99 |
Ullmhóidí eile torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí, iad ullmhaithe nó leasaithe ar bhealach eile, bíodh siúcra breise nó ábhar milsiúcháin breise eile nó biotáille bhreise curtha leo nó ná bíodh, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 21
ULLMHÓIDÍ INITE ILGHNÉITHEACHA
Nótaí a ghabhann le Caibidil 21 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
(…)
(…) |
3. |
Chun críocha cheannteideal 2104, ciallaíonn an téarma ‘ullmhóidí bia cumaisc homaiginithe’ ullmhóidí arb éard atá iontu meascán mínhomaiginithe de dhá chomhábhar bhunúsacha nó níos mó amhail feoil, iasc, glasraí, torthaí nó cnónna, atá cóirithe lena miondíol mar bhia leanaí nó chun críoch diaitéiteach, i gcoimeádáin nach mó a gcion glanmheáchain ná 250 g. Chun an sainmhíniú sin a chur i bhfeidhm, níor cheart cainníochtaí beaga d’aon chomhábhar, a fhéadfar a chur leis an meascán chun críoch blaistithe, leasaithe ná eile, a chur san áireamh. Féadfaidh cainníocht bheag de phíosaí sofheicthe comhábhar a bheith sna hullmhóidí sin.
Nótaí breise (…) |
5. |
Ullmhóidí bia eile a chuirtear i láthair i ndáileoga tomhaiste, amhail capsúil, táibléid, paistilí agus piollairí, agus atá ceaptha lena n-úsáid mar fhorlíontaí bia, tá siad le haicmiú faoi cheannteideal 2106, mura sonraítear nó mura n-áirítear in áit eile iad.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 2101 |
Eastóscáin, úscraí agus tiúcháin, de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité; siocaire rósta agus ionadaigh chaife rósta eile, agus eastóscáin, úscraí agus tiúcháin díobh sin |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2103 |
Anlainn agus ullmhóidí lena n-aghaidh; tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha; plúr mustaird agus min mhustaird agus mustard ullmhaithe |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2104 |
Anraithí agus bratanna agus ullmhóidí lena n-aghaidh; ullmhóidí bia cumaisc homaiginithe |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2105 00 |
Uachtar reoite agus oighear inite eile, bíodh cócó iontu nó ná bíodh |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2106 10 |
Tiúcháin phróitéine agus substaintí próitéine uigithe |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2106 90 51 |
Síoróip lachtóis |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2106 90 92 |
Ullmhóidí bia eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, nach bhfuil aon saill bhainne, siúcrós, iseaglúcós, glúcós ná stáirse iontu nó inar lú ná 1,5 % a gcion saille bainne, ná 5 % a gcion siúcróis nó iseaglúcóis, ná 5 % a gcion glúcóis nó stáirse, agus sin de réir meáchain |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
ex 2106 90 98 |
Ullmhóidí bia eile nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 22
DEOCHANNA, BIOTÁILLÍ AGUS FÍNÉAGAR
Nótaí a ghabhann le Caibidil 22 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“3. |
Chun críocha cheannteideal 2202, ciallaíonn an téarma ‘deochanna neamh-mheisciúla’ deochanna nach mó ná 0,5 % a neart alcóil de réir toirte. Aicmítear deochanna meisciúla i gceannteidil 2203 go 2206 nó i gceannteideal 2208 de réir mar is iomchuí.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 2202 99 91 |
Deochanna neamh-mheisciúla, seachas uiscí a bhfuil ábhair mhilsiúcháin leo nó atá blaistithe, seachas súnna torthaí, cnónna nó glasraí faoi cheannteideal 2009 agus inar lú ná 0,2 %, de réir meáchain, an cion saille a fhaightear ó na táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 |
Uile. |
ex 2202 99 95 |
Deochanna neamh-mheisciúla, seachas uiscí a bhfuil ábhair mhilsiúcháin leo nó atá blaistithe, seachas súnna torthaí, cnónna nó glasraí faoi cheannteideal 2009 agus arb ionann nó inar mó ná 0,2 % ach inar lú ná 2 %, de réir meáchain, an cion saille a fhaightear ó na táirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 |
Uile. |
ex 2202 99 99 |
Deochanna neamh-mheisciúla, seachas uiscí a bhfuil ábhair mhilsiúcháin leo nó atá blaistithe, seachas súnna torthaí, cnónna nó glasraí faoi cheannteideal 2009 agus arb ionann a gcion saille agus 2 % nó níos mó, de réir meáchain, a fhaightear ó na tháirgí faoi cheannteidil 0401 go 0404 |
Uile. |
ex 2208 70 |
Licéir agus coirdiail |
Ach amháin má tá táirgí de bhunadh ainmhíoch sa mhéid sin. |
CAIBIDIL 23
IARMHAIR AGUS DRAMHAÍL Ó NA TIONSCAIL BHIA; FARAE AINMHITHE ULLMHAITHE
Nóta a ghabhann le Caibidil 23 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo den AC)
“1. |
Le ceannteideal 2309 áirítear táirgí de chineál a úsáidtear i mbeatha d’ainmhithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, a fhaightear trí ábhair phlandúla nó ainmhíocha a phróiseáil oiread a fhágann go bhfuil saintréithe fíor-riachtanacha an ábhair bhunaidh caillte acu, seachas dramhaíl phlandúil, iarmhair phlandúla agus seachtháirgí ón bpróiseáil sin.” |
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Geirdheascadh, na fíocháin scannánacha atá fágtha tar éis rindreáil saillte muice nó saillte ainmhíocha eile. Úsáidtear é go príomha agus bianna ainmhithe (e.g. brioscaí madra) á n-ullmhú, ach fanann sé i gceannteideal 2301 fiú má tá sé oiriúnach mar bhia don duine.”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
2301 |
Plúir, min agus millíní, ó fheoil nó ó scairteach feola, ó éisc nó ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine; geirdheascadh |
Uile. Cumhdaítear leis sin próitéin ainmhíoch phróiseáilte nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine, min feola nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine, agus geirdheascadh, bíodh nó ná bíodh sé ceaptha mar bhia don duine. Eisiatar plúir, min agus millíní feithidí, atá mí-oiriúnach mar bhia don duine ón gceannteideal seo. Cumhdaítear iad faoi cheannteideal 0511 . Cumhdaítear min chleite i gceannteideal 0505 . Déantar ceanglais shonracha maidir le próitéin ainmhíoch phróiseáilte a leagan amach i Ró 1 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 2309 |
Ullmhóidí de chineál a úsáidtear i mbeatha d’ainmhithe |
Uile, má tá táirgí ainmhithe iontu, seachas cóid AC 2309 90 20 agus 2309 90 91 . Cumhdaítear leis sin, i measc nithe eile, bia do mhadraí nó do chait, atá cóirithe lena mhiondíol (fo-cheannteideal 2309 10 ), ina bhfuil táirgí ainmhithe agus ábhair intuaslagtha éisc nó mamach muirí (cód AC 2309 90 10 ). Cumhdaítear leis freisin táirgí ainmhithe chun críoch beathaithe ainmhithe, lena n-áirítear meascáin de mhin (amhail min chrúb is adharc). Leis an gceannteideal seo cumhdaítear bainne leachtach, gruth buí agus táirgí ina bhfuil táirgí bainne, gruth buí nach bhfuil dícháiséanáite nó carbaihiodráití, agus iad uile oiriúnach mar bheatha d’ainmhithe ach mí-oiriúnach mar bhia don duine (cumhdaítear gruth buí atá dícháiséanáite agus atá oiriúnach mar bheatha d’ainmhithe faoi cheannteideal 3001 .). Leis an gceannteideal seo cumhdaítear freisin bia peataí, ábhar coganta do mhadraí agus meascáin de mhin, ar féidir feithidí marbha a bheith san áireamh sna meascáin). Déantar ceanglais shonracha maidir bia peataí lena n-áirítear ábhar coganta do mhadraí a leagan amach i Ró 12 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Cumhdaítear leis an gceannteideal seo táirgí uibhe próiseáilte nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus táirgí ainmhithe próiseáilte eile nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine. Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí uibhe a leagan amach i Ró 9 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 28
CEIMICEÁIN NEAMHORGÁNACHA; COMHDHÚILE ORGÁNACHA NÓ NEAMHORGÁNACHA DE MHIOTAIL LÓMHARA, DE MHIOTAIL TEARC-CHRÉ, DE DHÚILE RADAIGHNÍOMHACHA NÓ D’ISEATÓIP
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 2835 25 00 |
Hidriginortafosfáit chailciam (“fosfáit déchailciam”) |
De bhunadh ainmhíoch amháin. Déantar ceanglais shonracha maidir le fosfáit déchailciam a leagan amach i Ró 6 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 2835 26 00 |
Fosfáití cailciam, seachas hidriginortafosfáit chailciam (“fosfáit déchailciam”) |
Fosfáit tríchailciam de bhunadh ainmhíoch amháin. Déantar ceanglais shonracha maidir le fosfáit tríchailciam a leagan amach i Ró 7 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 29
CEIMICEÁIN ORGÁNACHA
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 2906 |
Alcóil chioglacha agus a ndíorthaigh halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe |
Colaistéaról de bhunadh ainmhíoch amháin. |
ex 2922 41 |
Lisín agus a eistir; a salainn |
De bhunadh ainmhíoch amháin. |
ex 2922 42 |
Aigéad glútamach agus a shalainn |
De bhunadh ainmhíoch amháin. |
ex 2922 43 |
Aigéad antrainileach agus a shalainn |
De bhunadh ainmhíoch amháin. |
ex 2922 49 |
Aimíonaigéid eile, seachas iad siúd a bhfuil níos mó ná cineál amháin feidhme ocsaigine acu, agus a n-eistir; a salainn (seachas lisín agus a eistir; a salainn, aigéad glútamach agus a shalainn, aigéad antrainileach agus a shalainn, tuilidín (INN) agus a shalainn) |
De bhunadh ainmhíoch amháin. |
ex 2925 29 00 |
Imíní eile agus a ndíorthaigh seachas clóirdémeaform (ISO); a salainn (seachas clóirdémeaform (ISO)) |
Cumhdaítear leis sin créitín de bhunadh ainmhíoch. |
ex 2930 |
Comhdhúile orgánasulfair |
Cumhdaítear leis sin aimíonaigéid de bhunadh ainmhíoch amhail: ex 2930 90 13 cistéin agus cistín; ex 2930 90 16 díorthaigh de chistéin nó de chistín. |
ex 2932 99 00 |
Comhdhúile heitreachioglacha nach bhfuil ach heitrea-adamh ocsaigine nó heitrea-adaimh ocsaigine iontu, seachas comhdhúile ina bhfuil fáinne fúráin neamhchomhleáite (bíodh sé hidriginithe nó ná bíodh) sa struchtúr agus seachas lachtóin nó iseasafról, 1-(1,3-Beinseadé-ocsal-5-yl)própán-2-ón, pipearóinil, safról, teitrihidreacannaibionóil (gach isiméir) agus Carbafúrán (ISO)) |
De bhunadh ainmhíoch amháin, mar shampla glúcósaimín, glúcósaimín-6-fosfáit agus a sulfáití. |
ex 2936 |
Provitimíní agus vitimíní, iad nádúrtha nó atáirgthe trí shintéis (lena n-áirítear tiúcháin nádúrtha), díorthaigh díobh a úsáidtear go príomha mar vitimíní, agus idirmheascáin díobh sin, bídís in aon tuaslagóirí nó ná bídís |
Vitimín D3 agus a réamhtheachtaithe de bhunadh ainmhíoch amháin. |
ex 2942 00 00 |
Comhdhúile orgánacha eile |
De bhunadh ainmhíoch amháin. |
CAIBIDIL 30
TÁIRGÍ CÓGAISÍOCHTA
Barúlacha ginearálta
Na táirgí críochnaithe (táirgí cosmaideacha, ionchlannáin mhíochaine ghníomhacha, feistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro, táirgí íocshláinte tréidliachta, táirgí íocshláinte) mar a shainmhínítear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, eisíatar ón liosta iad.
Áirítear táirgí idirmheánacha.
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3001 20 90 |
Eastóscáin faireog nó orgán eile nó eastóscáin dá dtáil, seachas eastóscáin de bhunús daonna |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin. Cumhdaítear leis sin táirge a ghníomhaíonn mar tháirge ionaid le haghaidh an ghrutha bhuí mháthartha agus a úsáidtear i mbeatha do laonna. |
ex 3001 90 91 |
Substaintí ainmhíocha arna n-ullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha: heipirin agus a salainn |
Na táirgí ainmhithe atá dírithe ar phróiseáil bhreise, agus sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 34(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, chun na táirgí díorthaithe dá dtagraítear in Airteagal 33, pointí (a) go (f) den Rialachán seo a mhonarú. |
ex 3001 90 98 |
Substaintí ainmhíocha eile seachas heipirin agus a salainn arna n-ullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha nó próifiolacsacha, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin. I dteannta na bhfaireog agus na n-orgán eile a luaitear i Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe a ghabhann le ceannteideal 3001 , leis an gcód AC seo cumhdaítear an hipifiseas, na capsúil osduánacha agus an fhaireog thíoróideach. |
ex 3002 12 00 |
Antaiséirim agus codáin fola eile |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin. Eisiatar antasubstaintí agus DNA. Faoi cheannteideal 3002 , leagtar amach ceanglais shonracha maidir le seachtháirgí ainmhithe a chumhdaítear le Tábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 agus a shonraítear sna rónna seo a leanas: Ró 2: táirgí fola seachas ó eachainmhithe; Ró 3: fuil agus táirgí fola ó eachainmhithe. |
ex 3002 49 00 |
Tocsainí, saothrúcháin mhiocrorgánach (gan giostaí a áireamh) agus táirgí comhchosúla |
Pataiginí agus saothrúcháin pataiginí le haghaidh ainmhithe, agus an méid sin amháin. |
ex 3002 51 00 |
Táirgí teiripe cille |
Pataiginí agus saothrúcháin pataiginí le haghaidh ainmhithe, agus an méid sin amháin. |
ex 3002 59 00 |
Saothráin ceall, bídís modhnaithe nó ná bídís, seachas táirgí teiripe cille |
Pataiginí agus saothrúcháin pataiginí le haghaidh ainmhithe, agus an méid sin amháin. |
3002 90 30 |
Fuil ainmhíoch arna hullmhú le haghaidh úsáidí teiripeacha, próifiolacsacha nó diagnóiseacha |
Uile. |
ex 3002 90 90 |
Eile |
Pataiginí agus saothrúcháin pataiginí le haghaidh ainmhithe, agus an méid sin amháin. |
ex 3006 92 00 |
Dramhaíl chógaisíochta |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin. Cumhdaítear leis sin dramhaíl chógaisíochta, táirgí cógaisíochta, atá mí-oiriúnach don chríoch dar ceapadh iad ar dtús. |
CAIBIDIL 31
LEASACHÁIN
Nótaí a ghabhann le Caibidil 31 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3101 00 00 |
Leasacháin ainmhíocha nó plandúla, bídís measctha le chéile nó ná bídís, nó cóireáilte ó thaobh ceimice; leasacháin arna dtáirgeadh trí tháirgí ainmhíocha nó plandúla a mheascadh le chéile nó cóireáil cheimiceach a dhéanamh orthu |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe i bhfoirm neamhthanaithe, agus sin amháin. Cumhdaítear leis sin guanó, seachas guanó mianraithe. Cumhdaítear leis sin aoileach measctha le próitéin ainmhíoch phróiseáilte, má úsáidtear mar leasachán é; ach eisiatar meascáin aoiligh cheimicigh a úsáidtear mar leasacháin (féach ceannteideal 3105 , nach gcumhdaítear leis ach leasacháin mhianracha nó cheimiceacha). Ceanglais shonracha maidir le haoileach próiseáilte, táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte agus guanó ó ialtóga, déantar iad a leagan amach i Ró 1 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 3105 10 00 |
Earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan |
Leasacháin ina bhfuil táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe, agus iad sin amháin. Ceanglais shonracha maidir le haoileach próiseáilte, táirgí a dhíorthaítear ó aoileach próiseáilte agus guanó ó ialtóga, déantar iad a leagan amach i Ró 1 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 32
EASTÓSCÁIN SÚDAIREACHTA NÓ RUAIMNEOIREACHTA; TAINNINÍ AGUS A NDÍORTHAIGH; RUAIMEANNA, LÍOCHA AGUS ÁBHAR DATHÚCHÁIN EILE; PÉINTEANNA AGUS VEARNAISÍ; PUITÍ AGUS MAISTEOGA EILE; DÚIGH
Nótaí a ghabhann le Caibidil 32 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“3. |
Tá feidhm ag ceannteidil 3203, 3204, 3205 agus 3206 freisin maidir le hullmhóidí bunaithe ar ábhar dathúcháin (lena n-áirítear, i gcás cheannteideal 3206, líocha dathúcháin cheannteideal 2530 nó Chaibidil 28, calóga miotail agus púdair mhiotail), de chineál a úsáidtear chun aon ábhar a dhathú nó a úsáidtear mar chomhábhair agus ullmhóidí dathúcháin á monarú. Mar sin féin, níl feidhm ag na ceannteidil maidir le líocha easraithe i meán nach uiscín é, i bhfoirm leachtach nó taois, de chineál a úsáidtear agus péinteanna á monarú, lena n-áirítear cruain (ceannteideal 3212), ná maidir le hullmhóidí eile i gceannteidil 3207, 3208, 3209, 3210, 3212, 3213 nó 3215.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3203 00 |
Ábhar dathúcháin de bhunadh ainmhíoch (lena n-áirítear eastóscáin súdaireachta ach gan dubh ainmhí san áireamh), bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís; ullmhóidí mar atá sonraithe i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo bunaithe ar ábhar dathúcháin de bhunadh ainmhíoch |
Easráin datha i mbonn saille bainne a úsáidtear chun bia nó beatha a tháirgeadh, agus na heasráin sin amháin. |
ex 3204 |
Ábhar dathúcháin orgánach sintéiseach, bíodh sé sainithe ó thaobh ceimice nó ná bíodh; ullmhóidí mar a shonraítear i nóta 3 a ghabhann leis an gcaibidil seo bunaithe ar ábhar dathúcháin orgánach sintéiseach; táirgí orgánacha sintéiseacha de chineál a úsáidtear mar oibreáin ghealaithe fhluaraiseacha nó mar lúmanafóir, bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís |
Easráin datha i mbonn saille bainne a úsáidtear chun bia nó beatha a tháirgeadh, agus na heasráin sin amháin. |
CAIBIDIL 33
BLÁTHOLAÍ AGUS ROISÍNEOIDÍ; ULLMHÓIDÍ CUMHRADÓIREACHTA, COSMAIDE NÓ MAISÍOCHTA
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3302 |
Meascáin de shubstaintí cumhra agus meascáin (lena n-áirítear tuaslagáin alcóil) de bhunús ceann amháin nó níos mó de na substaintí sin, de chineál a úsáidtear mar amhábhair i dtionscal; ullmhóidí eile atá bunaithe ar shubstaintí cumhra, de chineál a úsáidtear chun deochanna a mhonarú |
Blastáin i mbonn saille bainne a úsáidtear chun bia nó beatha a tháirgeadh, agus na blastáin sin amháin. |
CAIBIDIL 35
SUBSTAINTÍ ALBAIMIONÓIDEACHA; STÁIRSÍ MODHNAITHE; GLIÚNNA; EINSÍMÍ
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3501 |
Cáiséin, cáiséanáití agus díorthaigh cháiséine eile; gliúnna cáiséine |
Cumhdaítear leis sin cáiséin atá ceaptha mar bhia don duine, mar bheatha d’ainmhithe nó chun críoch teicniúil. Déantar ceanglais shonracha maidir le bainne, táirgí bainnebhunaithe agus gruth buí nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan amach i Ró 4 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 3502 |
Albaiminí (lena n-áirítear tiúcháin dhá phróitéin mheidhg nó níos mó, ina bhfuil cion is mó ná 80 % próitéin mheidhg de réir meáchain, a ríomhtar de réir an ábhair thirim), albaiminí agus díorthaigh albaimin eile |
Cumhdaítear leis sin táirgí a dhíorthaítear ó uibheacha agus a dhíorthaítear ó bhainne bídís nó ná bídís ceaptha mar bhia don duine (lena n-áirítear críocha beatha ainmhithe). Cumhdaítear albaimin a úsáidtear chun earraí cógaisíochta a tháirgeadh faoi cheannteideal 3002 . Déantar ceanglais shonracha maidir le bainne, táirgí bainnebhunaithe agus gruth buí agus táirgí grutha bhuí nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan amach i Ró 4 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 agus déantar ceanglais maidir le táirgí uibhe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine a leagan amach i Ró 9 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
3503 00 |
Geilitín (lena n-áirítear geilitín ina leatháin dhronuilleogacha (lena n-áirítear leatháin chearnógacha) bídís dromchlashaothraithe nó dathaithe nó ná bídís); agus díorthaigh gheilitín; iascghlae; gliúnna eile de bhunadh ainmhíoch, seachas gliúnna cáiséine i gceannteideal 3501 |
Cumhdaítear leis sin geilitín atá ceaptha mar bhia don duine, mar bheatha ainmhithe agus le haghaidh úsáid theicniúil. Geilitín a aicmítear i gceannteideal 3913 (próitéiní cruaite) agus i gceannteideal 9602 (geilitín oibrithe, neamhchruaite agus earraí geilitín neamhchruaite), mar shampla, capsúil fholmha mura bhfuil siad ceaptha mar bhia duine ná don ainmhí, eisiatar ó rialuithe oifigiúla iad. Déantar ceanglais shonracha a leagan amach i Ró 5 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 maidir le geilitín agus próitéin hidrealaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus i gCaibidil II, Roinn 11 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin maidir le fótaigheilitín. |
ex 3504 00 |
Peaptóin agus a ndíorthaigh; substaintí próitéine eile agus a ndíorthaigh, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile; púdar seithe, bíodh sé crómaithe nó ná bíodh |
Cumhdaítear leis sin collaigin agus próitéiní hidrealaithe atá ceaptha mar bhia don duine, mar bheatha ainmhithe agus le haghaidh úsáid theicniúil. Cumhdaítear leis sin táirgí collaigin próitéinbhunaithe a dhíorthaítear ó sheithí, craicne, cnámha agus teannáin ainmhithe. Cumhdaítear leis sin próitéiní hidrealaithe arb éard atá iontu polaipeiptídí, peiptídí nó aimíonaigéid, agus meascáin díobh, a fhaightear le hidrealú seachtháirgí ainmhithe. Déantar na hearraí faoin gceannteideal seo a eisiamh ó rialuithe oifigiúla nuair a úsáidtear mar bhreiseáin bhia in ullmhóidí bia iad (ceannteideal 2106 ). Cumhdaítear leis sin aon seachtháirge bainne atá ceaptha mar bhia don duine i gcás nach gcumhdaítear faoi cheannteideal 0404 é. Déantar ceanglais shonracha maidir le collaigin a leagan amach i Ró 8 agus maidir le geilitín agus próitéin hidrealaithe a leagan amach i Ró 5 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
ex 3507 10 00 |
Binid agus tiúcháin di |
Binid agus tiúcháin atá ceaptha mar bhia don duine a dhíorthaítear ó tháirgí ainmhithe amháin. |
ex 3507 90 90 |
Einsímí eile agus einsímí ullmhaithe, nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile, seachas binid agus tiúcháin di nó liopáis lipeapróitéine nó próitéáis alcaileach aspeirgilis |
De bhunadh ainmhíoch amháin. |
CAIBIDIL 38
TÁIRGÍ CEIMICEACHA ILGHNÉITHEACHA
Nótaí a ghabhann le Caibidil 38 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“4. |
Ar fud na hainmníochta, ciallaíonn ‘dramhaíl chathrach’ dramhaíl de chineál a bhailítear ó theaghlaigh, ó óstáin, ó bhialanna, ó ospidéil, ó shiopaí, ó oifig, etc. cosamar bóithre agus pábhála, chomh maith le dramhaíl tógála agus scartála. Is iondúil go mbíonn réimse leathan ábhar i ndramhaíl chathrach amhail plaistigh, rubar, adhmad, páipéar, teicstílí, gloine, miotail, ábhair bhia, troscán briste agus earraí damáistithe nó cuileáilte eile.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3822 |
Imoibreáin dhiagnóiseacha nó imoibreáin saotharlainne ar bhonn, imoibreáin dhiagnóiseacha nó saotharlainne ullmhaithe, bídís ar bhonn nó ná bídís, bídís cóirithe i bhfoirm fearas nó ná bídís, seachas iad siúd atá faoi cheannteideal 3006 ; ábhair thagartha dheimhnithe |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin, seachas feistí leighis mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). |
ex 3825 10 00 |
Dramhaíl chathrach |
Dramhaíl lónadóireachta ina bhfuil táirgí ainmhithe, agus an dramhaíl sin amháin, má thagann sí faoi raon feidhme Airteagal 2(2), pointe (g) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, seachas dramhaíl lónadóireachta a thionscnaíonn go díreach ó chóir iompair a oibrítear go hidirnáisiúnta agus arna diúscairt i gcomhréir le hAirteagal 12(d) den Rialachán sin. Maidir le hola chócaireachta úsáidte, atá ceaptha lena húsáid faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 (mar shampla, le haghaidh leasacháin orgánacha, bithgháis, bithdhíosail nó breosla) is féidir í a chumhdach leis an gcód AC seo. |
CAIBIDIL 39
PLAISTIGH AGUS EARRAÍ DÍOBH; RUBAR AGUS EARRAÍ DE
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 3913 90 00 |
Polaiméirí nádúrtha agus polaiméirí nádúrtha modhnaithe, nach sonraítear ná nach n-áirítear in áit eile, i bhfoirmeacha príomhúla, seachas aigéad ailgineach, a shalainn agus a eistir |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin (mar shampla, sulfáit condróitine, ciotósán, geilitín cruaite). |
ex 3917 10 |
Putóga saorga (craicne ispíní) déanta as próitéiní cruaite nó as ábhair cheallalósacha |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin. |
ex 3926 90 97 |
Earraí eile as plaistigh agus earraí as ábhair eile faoi cheannteidil 3901 go 3914 , seachas iad siúd faoi fho-cheannteidil/chóid 3926 10 00 , 3926 20 00 , 3926 30 00 , 3926 40 00 , 3926 90 , 3926 90 50 agus 3926 90 60 |
Cumhdaítear leis sin capsúil fholmha déanta as geilitín cruaite atá ceaptha mar bhia don duine nó d’ainmhithe. Déantar ceanglais shonracha maidir le geilitín a leagan amach i Ró 5 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 41
SEITHÍ AGUS CRAICNE AMHA (SEACHAS FIONNADHSHEITHÍ) AGUS LEATHAR
Barúlacha ginearálta
Níl ach seithí agus craicne ó chrúbacha a chumhdaítear i gceannteidil 4101, 4102 agus 4103 le cur faoi réir rialuithe oifigiúla.
Déantar ceanglais shonracha maidir le seithí agus craicne ó chrúbacha a leagan síos i Rónna 4 agus 5 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.
Nótaí a ghabhann le Caibidil 41 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 4101 |
Seithí agus craicne amha ó bhó-ainmhithe (lena n-áirítear buabhaill) nó ó eachainmhithe (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe a thuilleadh), bídís nó ná bídís bearrtha nó scoilte |
Seithí agus craicne atá úr, fuaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear triomaithe, tirimshaillte, fliuchshaillte, nó leasaithe le próiseas seachas an tsúdaireacht nó próiseas coibhéiseach, agus na seithí agus na craicne sin amháin. Is féidir go mbeidh allmhairiú gan srianta indéanta le haghaidh seithí agus craicne cóirithe dá dtagraítear i gCaibidil V, pointe C.2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, go háirithe maidir le cóid AC ex 4101 20 80 agus ex 4101 50 90 . |
ex 4102 |
Craicne amha ó chaoirigh nó ó uain (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe a thuilleadh), bíodh an olann orthu nó ná bíodh agus bídís scoilte nó ná bídís, seachas na craicne sin a eisiatar le nóta 1(c) a ghabhann leis an gcaibidil seo |
Seithí agus craicne atá úr, fuaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear triomaithe, tirimshaillte, fliuchshaillte, nó leasaithe le próiseas seachas an tsúdaireacht nó próiseas coibhéiseach, agus na seithí agus na craicne sin amháin. Is féidir go mbeidh allmhairiú gan srianta indéanta le haghaidh seithí agus craicne cóirithe dá dtagraítear i gCaibidil V, pointe C.2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, go háirithe maidir le cóid AC ex 4102 21 00 agus ex 4102 29 00 . |
ex 4103 |
Seithí agus craicne amha eile (atá úr, nó saillte, triomaithe, aolta, picilte nó leasaithe ar bhealach eile, ach nach bhfuil súdaraithe, párchóirithe ná ullmhaithe a thuilleadh), bídís nó ná bídís bearrtha nó scoilte, seachas na seithí agus na craicne sin a eisiatar le nóta 1(b) nó le nóta 1(c) a ghabhann leis an gcaibidil seo |
Seithí agus craicne atá úr, fuaraithe nó cóirithe, lena n-áirítear triomaithe, tirimshaillte, fliuchshaillte, nó leasaithe le próiseas seachas an tsúdaireacht nó próiseas coibhéiseach, agus na seithí agus na craicne sin amháin. Is féidir go mbeidh allmhairiú gan srianta indéanta le haghaidh seithí agus craicne cóirithe dá dtagraítear i gCaibidil V, pointe C.2 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009, go háirithe maidir le cód AC ex 4103 90 00 . |
CAIBIDIL 42
EARRAÍ LEATHAIR; DIALLATRAÍ AGUS ÚMACHA; EARRAÍ TAISTIL, MÁLAÍ LÁIMHE AGUS COIMEÁDÁIN CHOMHCHOSÚLA; EARRAÍ DÉANTA AS INNE AINMHITHE (SEACHAS INNE SEIRICEÁN)
Nótaí a ghabhann le Caibidil 42 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“2. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
(…)
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 4205 00 90 |
Earraí eile as leathar nó as leathar comhdhéanta, seachas de chineál a úsáidtear in innealra nó i bhfearais mheicniúla nó le haghaidh úsáidí teicniúla eile |
Ábhar coganta do mhadraí agus amhábhar chun ábhar coganta do mhadraí a mhonarú amháin. |
ex 4206 00 00 |
Earraí déanta as inne (seachas inne seiriceán), as craiceann buailteora óir, as lamhnáin nó as teannáin |
Bia peataí agus amhábhar chun bia peataí próiseáilte a mhonarú amháin. |
CAIBIDIL 43
FIONNADHSHEITHÍ AGUS FIONNADH SAORGA; EARRAÍ MONARAITHE DÍOBH
Nótaí a ghabhann le Caibidil 43 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Ar fud na hainmníochta, tá feidhm ag tagairtí do ‘fionnadhsheithí’, seachas fionnadhsheithí amha cheannteideal 4301, maidir le seithí agus craicne na n-ainmhithe uile atá súdaraithe nó cóirithe leis an bhfionnadh nó an olann orthu. |
2. |
Leis an gcaibidil seo ní chumhdaítear:
|
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Ceannteideal 4301: Meastar gur amhearraí iad fionnadhsheithí agus go dtagann siad faoin gceannteideal seo ní hamháin nuair atá siad sa staid nádúrtha, ach freisin má tá siad glanta agus leasaithe ó mheathlú, e.g., trína dtriomú nó trína sailleadh (fliuch nó tirim). Féadfaidh an fionnadh a bheith ‘tarraingthe’ nó ‘lomtha’ freisin, i.e., féadfaidh an fionnadh garbh a bheith bainte as nó gearrtha anuas, nó féadfaidh próiseas ‘bainte craicne’ a bheith curtha i bhfeidhm ar dhromchla an chraicinn nó féadfaidh sé a bheith scríobtha.”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 4301 |
Fionnadhsheithí amha (lena n-áirítear cinn, eireabaill, lapaí agus píosaí nó gearrtháin eile, atá oiriúnach lena n-úsáid ag fionnadóirí), seachas seithí agus craicne amha faoi cheannteideal 4101 , 4102 nó 4103 |
Uile, seachas fionnadhsheithí atá cóirithe i gcomhréir le Caibidil VIII d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011, má tá an méid sin i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009. Cumhdaítear leis sin na fo-cheannteidil seo a leanas: ex 4301 10 00 (ó mhinceanna iomlána, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Ró 14 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 4301 30 00 (ó uain, mar a leanas: uain de chuid na hAstracáine, uain an Eireabaill Fhada, uain Characúil, uain Pheirseacha agus uain chomhchosúla, uain Indiacha, Shíneacha, Mhongólacha nó Thibéadacha atá iomlán, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): déantar ceanglais shonracha maidir le seithí agus craicne ó chrúbacha a leagan amach i Ró 5 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 4301 60 00 (ó shionnaigh iomlána, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Ró 14 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 4301 80 00 (fionnadhsheithí iomlána eile, an ceann, an t-eireaball nó na lapaí orthu nó gan bheith orthu): seachas crúbacha, mar shampla, marmait, féilínigh fhiáine, rónta, cadhpúnna. Déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Ró 14 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. ex 4301 90 00 (cinn, eireabaill, lapaí agus píosaí nó gearrtháin eile, atá oiriúnach lena n-úsáid ag fionnadóirí): déantar ceanglais shonracha maidir le táirgí díorthaithe le haghaidh úsáidí lasmuigh den slabhra beatha (fionnadh) a leagan amach i Ró 14 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 51
OLANN, FIONNADH AINMHÍOCH MÍN NÓ GARBH; SNÁTH RÓIN AGUS FABRAIC FHITE
Barúlacha ginearálta
Maidir le ceannteidil 5101 go 5103 déantar ceanglais shonracha maidir holann agus fionnadh neamhchóireáilte a leagan amach i Ró 8 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.
Nóta a ghabhann le Caibidil 51 (sliocht as na Nótaí a ghabhann leis an gCaibidil seo de AC)
“1. |
Ar fud na hainmníochta:
|
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Ar fud na hAinmníochta ciallaíonn an téarma ‘fionnadh ainmhíoch garbh’ an fionnadh ainmhíoch uile eile seachas ‘fionnadh ainmhíoch mín’ diomaite d’olann (ceannteideal 5101), fionnadh moingeanna nó eireaball eachainmhithe nó bó-ainmhithe (a aicmítear mar ‘rón’ faoi cheannteideal 0511), guairí nó fionnadh muc, borraí nó torc agus fionnadh broc nó fionnadh déanta scuab eile (ceannteideal 0502) (féach Caibidil Nóta 1(c)).”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 5101 |
Olann, nach bhfuil cardáilte ná cíortha |
Cumhdaítear leis sin olann neamhchóireáilte. |
ex 5102 |
Fionnadh ainmhíoch mín nó garbh, nach bhfuil cardáilte ná cíortha |
Cumhdaítear leis sin fionnadh mín nó garbh neamhchóireáilte, lena n-áirítear fionnadh garbh ó chliatháin bó-ainmhithe nó eachainmhithe. |
ex 5103 |
Dramhaíl olla nó fionnaidh ainmhíoch mhín nó ghairbh, lena n-áirítear dramhaíl snátha seachas stoc gairnéadaithe |
Cumhdaítear leis sin olann nó fionnadh mín nó garbh ainmhithe neamhchóireáilte. |
CAIBIDIL 67
CLEITÍ AGUS CLÚMH ULLMHAITHE AGUS EARRAÍ ATÁ DÉANTA AS CLEITÍ NÓ AS CLÚMH; BLÁTHANNA SAORGA; EARRAÍ ATÁ DÉANTA AS GRUAIG DHAONNA
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Le ceannteideal 6701 cumhdaítear:
(A) |
Craicne agus codanna eile d’éin lena gcleití nó lena gclúmh, cleití agus clúmh, agus codanna de chleití, a chuaigh, cé nach earraí rédhéanta iad fós, faoi phróiseas seachas cóireáil shimplí a bhaineann le glanadh, díghalrú nó leasú (féach an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 0505); féadfaidh earraí an cheannteidil seo a bheith, mar shampla, tuartha, ruaimnithe, catach nó droimníneach. |
(B) |
Earraí déanta as craicne nó as codanna eile d’éin lena gcleití nó lena gclúmh, earraí déanta as cleití, nó as clúmh nó as codanna de chleití, fiú amháin má tá na cleití nó an clúmh, etc., neamhoibrithe nó glanta amháin, ach seachas earraí déanta as gas an chleite nó cos an chleite. Dá bhrí sin, leis an gceannteideal seo áirítear:
|
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 6701 00 00 |
Craicne agus codanna eile d'éin lena gcleití nó lena gclúmh, cleití, codanna de chleití, clúmh agus earraí díobh sin (seachas táirgí faoi cheannteideal 0505 agus cos oibrithe an chleite agus gas oibrithe an chleite) |
Craicne agus codanna eile d'éin lena gcleití nó lena gclúmh, cleití agus clúmh, agus codanna de chleití, agus an méid sin amháin. Cumhdaítear leis sin earraí déanta as craicne, cleití nó clúmh, agus codanna de chleití, agus iad neamhoibrithe nó glanta amháin. Seachas cleití maisiúla cóireáilte, cleití cóireáilte arna n-iompar ag taistealaithe dá n-úsáid phríobháideach nó coinsíneachtaí cleití cóireáilte arna seoladh chuig daoine aonair príobháideacha chun críoch neamhthionsclaíoch dá dtagraítear i gCaibidil II, Roinn 6(a) d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. Déantar ceanglais shonracha maidir le cleití a leagan amach i Ró 9 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 71
PÉARLAÍ NÁDÚRTHA NÓ SAOTHRAITHE, CLOCHA LÓMHARA NÓ LEATHLÓMHARA, MIOTAIL LÓMHARA, MIOTAIL ATÁ CUMHDAITHE LE MIOTAL LÓMHAR, AGUS EARRAÍ DÍOBH; SEODRA BRÉIGE; BOINN
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 7101 21 00 |
Péarlaí saothraithe neamhoibrithe |
Áirítear leis sin oisrí atá mí-oiriúnach mar bhia don duine, ina bhfuil péarla saothraithe amháin nó níos mó, leasaithe faoi sháile nó le modhanna éagsúla, pacáistithe i gcoimeádáin aer-obacha. Cumhdaítear leis sin péarlaí saothraithe neamhoibrithe dá dtagraítear i gCaibidil IV, Roinn 2 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 mura bhfuil siad eisiata ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 dá bhforáiltear in Airteagal 2(2), pointe (f) den Rialachán sin. |
CAIBIDIL 95
BRÉAGÁIN, CLUICHÍ AGUS GAIRIS SPÓIRT; PÁIRTEANNA DÍOBH AGUS GABHÁLAIS DÓIBH
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Siamsaí faiche aonaigh, sorcais taistil, sorcais ainmhithe taistil agus amharclanna taistil, tagann siad faoi cheannteideal 9508 ar choinníoll go bhfuil na haonaid fhíor-riachtanacha uile iontu lena n-oibriú mar is gnách. Leis an gceannteideal seo áirítear freisin míreanna trealaimh thánaistigh ar choinníoll go ndéantar iad a chur i láthair leis na siamsaí éagsúla sin, agus mar chomhpháirteanna díobh, d’ainneoin, nuair a chuirtear na míreanna sin (e.g., pubaill, ainmhithe, uirlisí ceoil, gléasraí cumhachta, mótair, feistis soilsithe, suíocháin agus airm agus armlón) i láthair ar leithligh, go dtiocfaidís faoi cheannteidil eile de chuid na hAinmníochta.”
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 9508 10 00 |
Sorcais taistil agus sorcais ainmhithe taistil |
Ainmhithe beo amháin. |
ex 9508 30 |
Trealamh siamsa faiche aonaigh |
Ainmhithe beo amháin. |
ex 9508 40 |
Amharclanna taistil |
Ainmhithe beo amháin. |
CAIBIDIL 96
EARRAÍ MONARAITHE ILGHNÉITHEACHA
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“Chun críocha cheannteideal 9601, tagraíonn an téarma ‘oibrithe’ d’ábhair a chuaigh trí phróisis a théann thar na hullmhúcháin shimplí a cheadaítear sa cheannteideal le haghaidh an amhábhair atá i gceist (féach na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le ceannteidil 0505 go 0508). Dá bhrí sin, le ceannteideal 9601 cumhdaítear píosaí d’eabhar, slata, etc. gearrtha de réir crutha (lena n-áirítear i bhfoirm chearnógach nó dhronuilleogach) nó snasta nó oibrithe ar bhealach eile trína meilt, trína ndruileáil, trína muilleáil, trína ndeileadh, etc. Mar sin féin, déantar píosaí atá in-sainaitheanta mar pháirteanna d’earraí a eisiaimh ó cheannteideal 9601 má chumhdaítear na páirteanna sin le ceannteideal eile den Ainmníocht. Mar sin, tagann plátaí méar pianó agus plátaí lena gcur i bpuint arm tine faoi cheannteidil 9209 agus 9305 faoi seach. Mar sin féin, leanann ábhair oibrithe, nach bhfuil in-sainaitheanta mar pháirteanna d’earraí, de bheith aicmithe i gceannteideal 9601 (e.g., dioscaí simplí, plátaí nó stiallacha lena n-inleagan, etc., nó lena n-úsáid ina dhiaidh sin agus méara pianó á monarú).
Le ceannteideal 9602 áirítear leatháin de gheilitín neamhchruaite gearrtha de réir crutha seachas i bhfoirm chearnógach nó dhronuilleogach. Maidir le leatháin atá gearrtha de réir cruth dronuilleogach (lena n-áirítear cruth cearnógach), bídís nó ná bídís oibrithe ar an dromchla, tagann siad faoi cheannteideal 3503 nó faoi Chaibidil 49 (e.g., cártaí poist) (féach an Nóta Míniúcháin a ghabhann le ceannteideal 3503). Le hearraí geilitín neamhchruaite áirítear, mar shampla:
(i) |
Dioscaí beaga chun reanna ciú billéardaí a ghreamú. |
(ii) |
Capsúil le haghaidh táirgí cógaisíochta agus le haghaidh breoslaí lastóra mheicniúil.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 9602 00 00 |
Ábhar snoíodóireachta mianrach nó glasrúil oibrithe agus earraí déanta de na hábhair sin; earraí céarach snoite nó múnlaithe, earraí de stéirin, de ghuma nó roisín nádúrtha nó de thaos múnlóireachta, agus earraí múnlaithe nó snoite eile, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile; geilitín oibrithe neamhchruaite (seachas geilitín faoi cheannteideal 3503 ) agus earraí déanta as geilitín neamhchruaite |
Cumhdaítear leis sin capsúil fholmha déanta as geilitín neamhchruaite atá ceaptha mar bhia don duine nó d’ainmhithe; déantar ceanglais shonracha maidir le bia d’ainmhithe a leagan amach i Ró 5 de Thábla 1 i gCaibidil I, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 97
SAOTHAIR EALAÍNE, EARRAÍ BAILITHEOIRÍ AGUS SEANDACHTAÍ
Sliocht as Nótaí Míniúcháin an Chórais Comhchuibhithe
“(A) Áirítear leis an gceannteideal bailiúcháin agus earraí bailitheoirí ar díol spéise iad ó thaobh na zó-eolaíochta, na luibheolaíochta, na mianreolaíochta nó na hanatamaíochta, amhail:
(1) |
Ainmhithe marbha d’aon speiceas, leasaithe tirim nó i leacht; ainmhithe stuáilte lena mbailiú. |
(2) |
Uibheacha séidte nó ólta; feithidí i mboscaí, i bhfrámaí, etc. (seachas earraí suite ar seodra bréige nó áilleagáin iad); blaoscanna folmha, seachas de chineál atá oiriúnach le haghaidh úsáid thionsclaíoch. |
(3) |
Síolta nó plandaí, triomaithe nó leasaithe i leacht; luslanna. |
(4) |
Eiseamail de mhianraí (seachas clocha lómhara nó scothlómhara a thagann faoi Chaibidil 71); eiseamail de chlochrú. |
(5) |
Eiseamail oisté-eolaíochta (cnámharlaigh, blaoscanna, cnámha). |
(6) |
Eiseamail anatamaíochta agus paiteolaíochta.” |
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 9705 |
Bailiúcháin agus earraí bailitheora ar díol spéise iad ó thaobh na seandálaíochta, na heitneagrafaíochta, na staire, na zó-eolaíochta, na luibheolaíochta, eolaíocht na mianraí, na hanatamaíochta, na pailé-eolaíochta, nó na moneolaíochta de |
Táirgí a dhíorthaítear ó ainmhithe amháin. Eisiatar leis sin trófaithe géim agus ullmhóidí eile d’aon speiceas ainmhíoch ar ar cuireadh cóireáil seitheadóireachta iomlán, rud a áirithíonn go leasófar ag teochtaí comhthimpeallacha iad. Eisiatar leis sin trófaithe géim agus ullmhóidí eile ó speicis eile seachas crúbacha agus éin (cibé acu cóireáilte nó neamhchóireáilte). Déantar ceanglais shonracha maidir le trófaithe géim a leagan amach i Ró 6 de Thábla 2 i gCaibidil II, Roinn 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 142/2011. |
CAIBIDIL 99
CÓID SPEISIALTA AINMNÍOCHTA COMHCHEANGAILTE
FOCHAIBIDIL II
Cóid staitistiúla le haghaidh gluaiseachtaí earraí, ar gluaiseachtaí sonracha ar leith iad
Barúlacha ginearálta
Leis an gcaibidil seo cumhdaítear earraí ar de thionscnamh tríú tíortha iad agus arna seachadadh ar shoithí agus aerárthaí laistigh den Aontas Eorpach faoi nós imeachta idirthurais custaim (T1).
Cód AC |
Tuairisc |
Cáilíocht agus míniú |
(1) |
(2) |
(3) |
ex 9930 24 00 |
Earraí i gCaibidlí 1 go 24 de AC arna seachadadh ar shoithí agus aerárthaí |
Cumhdaítear leis sin táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha atá dírithe ar sholáthar loinge dá bhforáiltear in Airteagail 21 agus 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún (*4). |
ex 9930 99 00 |
Earraí a aicmítear in áit eile arna seachadadh ar shoithí agus aerárthaí |
Cumhdaítear leis sin táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha atá dírithe ar sholáthar loinge dá bhforáiltear in Airteagail 21 agus 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena gcuirtear chun feidhme Treoir 97/78/CE ón gComhairle maidir le samplaí agus míreanna áirithe atá díolmhaithe ó sheiceálacha tréidliachta ag an teorainn faoin Treoir sin (IO L 54, 26.2.2011, lch. 1).
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17).
(3) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256 7.9.1987, lch. 1.).
(4) Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí, agus leis an bPrótacal lena leasaítear é, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(6) IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
(*1) Rialachán (CE) Uimh. 1125/2006 ón gCoimisiún an 21 Iúil 2006 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 200, 22.7.2006, lch. 3).
(*2) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(*3) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(*4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2124 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le rialuithe oifigiúla ar choinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá faoi bhealach, á dtrasloingsiú agus á n-iompar ar aghaidh tríd an Aontas, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 798/2008, (CE) Uimh. 1251/2008, (CE) Uimh. 119/2009, (AE) Uimh. 206/2010, (AE) Uimh. 605/2010, (AE) Uimh. 142/2011, (AE) Uimh. 28/2012 ón gCoimisiún, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 ón gCoimisiún agus Cinneadh 2007/777/CE ón gCoimisiún (IO L 321, 12.12.2019, lch. 73).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/65 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1323 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Iúil 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183, pointe (b), de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe. |
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiún,
Ar son an Uachtaráin,
Wolfgang BURTSCHER
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
270,4 256,6 |
9 13 |
BR TH |
(1) Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/68 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1324 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhair le haghaidh beinsivindéfhluipire, boscailide, feanasacuine, fluasafop-P, fluipiridhéfhúróin, flocsaipiorocsad, foiseitil-Al, isifeitimíde, meataflumasóin, pireaclóstróibine, spiriteitreamat, tolclófos-meitile i dtáirgí áirithe nó orthu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 14 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Codex Alimentarius uasteorainneacha iarmhair nua Codex (CXLanna) le haghaidh aicéiteaclóir, aifidipiripeine, beinsivindéfhluipire, défheintrine, boscailide, búpróifisine, cairbeandaisime, clórantrainileapróil, cioglainileapról, cipirmeitriní (lena n-áirítear alfa-cipirmeitrin agus zéite-cipirmeitrin), díceamba, feanascuine, floiniocaimíd, fluasafop-P, fluansulfóin, fluipiridhéfhúróin, floscaipiorocsad, foiseitil-Al, gliofosáite, isifeitimíd, creasocsaim-meitile, mandastróibine, méisitrí-óin, meataflumasóin, meataconasóil, meitipréine, peindémheatailine, peintiaipiorad, piococsastróibine, própaconasóil, pidhéfhluimeitifeine, pireaclóstróibine, pirióifeanóin, pireaprocsaifeine, spiriteitreamat, teabúconsóil, tiaibeandasóil, tolclófos-meitile agus toilfeinpioráide (2). |
(2) |
Bhí uasleibhéil iarmhar (MRLanna) leagtha síos le haghaidh na substaintí sin in Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, seachas i gcás aifidipiripeine, fluansulfóin, pidhéfhluimeitifeine agus toilfeinpioráide, substaintí nár leagadh síos aon MRL sonrach ina leith agus nár cuireadh san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, agus mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe de 0,01 mg/kg a leagtar síos in Airteagal 18(1)(b) den Rialachán sin. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i gcás ina bhfuil caighdeáin idirnáisiúnta ann cheana nó i gcás ina gcuirfear i gcrích iad go luath, cuirfear san áireamh iad i bhforbairt nó in oiriúnú dhlí an bhia, ach amháin i gcás ina mbeadh na caighdeáin sin nó codanna ábhartha díobh ina modh neamhéifeachtach nó míchuí chun cuspóirí dlisteanacha dhlí an bhia a bhaint amach nó i gcás ina mbeadh údar eolaíoch ann, nó go dtiocfadh leibhéal cosanta astu a bheadh éagsúil leis an leibhéal a chinntear a bheith iomchuí san Aontas. Thairis sin, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 13 den Rialachán sin, tá an tAontas chun comhsheasmhacht idir caighdeáin theicniúla idirnáisiúnta agus dlí an bhia a chur chun cinn agus a áirithiú ag an am céanna nach laghdófar an t-ardleibhéal cosanta a ghlactar san Aontas. |
(4) |
Chuir an tAontas forchoimeádais faoi bhráid (4) (5) an Choiste Codex um Iarmhair Lotnaidicídí ar CXLanna atá beartaithe le haghaidh na dteaglamaí lotnaidicíde/táirgí seo a leanas: aicéiteaclór (gach táirge), aifidipiripein (gach táirge), défheintrin (gach táirge), boscailid (foghrúpa na dtorthaí póma), búpróifisin (gach táirge), cairbeandaisim (gach táirge), cioglainileapról (gach táirge), cipirmeitrin (lena n-áirítear alfa-cipirmeitrin agus zéite-cipirmeitrin) (gach táirge), díceamba (gach táirge), floiniocaimíd (gach táirge), fluasafop-P (caora troim, sútha talún), fluansulfón (gach táirge), foiseitil-Al (na pónairí caife), gliofosáit (gach táirge), mandastróibin (síol ráibe), meataflumasón (caor fíniúna), meataconasól (gach táirge), meitipréin (gach táirge), peintiaipiorad (gach táirge), piococsastróibin (gach táirge), própaconasól (gach táirge), pidhéfhluimeitifein (gach táirge), teabúconsól (gach táirge), tolclófos-meitil (prátaí) agus toilfeinpioráid (gach táirge). |
(5) |
Ina theannta sin, shainaithin an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le tiaibeandasól i bprátaí milse (6). Dá bhrí sin, ní chuirfear an CXL lena mbaineann san áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar MRL. |
(6) |
Maidir leis na CXLanna nár chuir an tAontas forchoimeádas ina leith faoi bhráid an Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí agus nár shainaithin an tÚdarás imní a d’fhéadfadh a bheith ann ina leith maidir le géar-iontógáil, rud a bhaineann le CXLanna áirithe le haghaidh beinsivindéfhluipire, boscailide, feanascuine, fluasafop-P, fluipiridhéfhúróin, floscaipiorocsad, foiseitil-Al, isifeitimíd, meitipréin, pireaclóstróibine, spiriteitreamat, tiaibeandasóil agus tolclófos-meitile (7). Ba cheart, dá bhrí sin, na CXLanna sin a áireamh i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar MRLanna, ach amháin i gcás ina mbaineann siad le táirgí nach dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin nó i gcás ina bhfuil siad ar leibhéal níos ísle ná na MRLanna atá ann faoi láthair. Níor cheart, dá bhrí sin, aon athrú a dhéanamh maidir leis na MRLanna le haghaidh clórantrainileapróil, creasocsaim-meitile, méisitrí-óin, peindémheatailine, pirióifeanóin, pireaprocsaifeine agus teabúconsóil. |
(7) |
Ar bhonn na tuarascála eolaíche ón Údarás agus na tosca ábhartha a bhaineann leis an ábhar atá á meas á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe iomchuí ar na MRLanna na ceanglais atá in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-701-44%252FFINAL%252520REPORT%252FRep21_CACe.pdf.
Clár comhpháirteach FAO/EDS um Chaighdeáin Bhia, Coimisiún Codex Alimentarius Aguisín III. An Ceathrú Seisiún is Ceathracha. Seisiún ar líne, 8-15, 17-18 Samhain agus 14 Nollaig 2021.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(4) Barúlacha an Aontais Eorpaigh maidir le Codex CX/PR 21/52/5(REV):https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-52%252FCRDs%252Fpr52_CRD22x.pdf.
(5) Tuarascáil ón 52ú seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí REP21/PR: https://www.fao.org/fao-who-codexalimentarius/sh-proxy/en/?lnk=1&url=https%253A%252F%252Fworkspace.fao.org%252Fsites%252Fcodex%252FMeetings%252FCX-718-52%252FREPORT%252FFINAL%2BREPORT%252FREP21_PR52e.pdf.
(6) Tacaíocht eolaíoch chun seasamh an Aontais a ullmhú don 52ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR). EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(8):6766.
(7) Tacaíocht eolaíoch chun seasamh an Aontais a ullmhú don 52ú Seisiún den Choiste Codex maidir le hIarmhair Lotnaidicídí (CCPR). EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(8):6766.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in áit na gcolún a bhaineann le beinsivindéfhluipir, boscailid, feanasacuin, fluasafop-P, fluipiridhéfhúrón, floscaipiorocsad, isifeitimíd, meataflumasón, pireaclóstróibin, spiriteitreamat, tiaibeandasól agus tolclófos-meitil: “[IARSCRIBHINN II] Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, Cuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh foiseitil-Al: “[IARSCRÍBHINN IIIA] Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(*1) Léiríonn an (*) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) íosteorainn an chinnidh anailísigh
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I”.
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/109 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1325 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (na Ballstáit lena mbaineann), i gcriosanna srianta I, II agus III a liostaítear san Iarscríbhinn sin. |
(3) |
Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1234 ón gCoimisiún (3) a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 go deireanach tar éis athruithe sa staid eipidéimeolaíoch maidir leis an ngalar sin sa Laitvia agus sa Pholainn. |
(4) |
Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach de bharr fhiabhras Afracach na muc, agus ar threoirlínte an Aontais a comhaontaíodh leis na Ballstáit ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmnithe, Bia agus Beatha, treoirlínte atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (4). Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, caighdeáin amhail Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (5) ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, agus ba cheart a chur san áireamh freisin an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú. |
(5) |
Tharla ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád sa Liotuáin agus sa Pholainn. |
(6) |
I mí Iúil 2022, tugadh faoi deara go raibh cás amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád i gcontae Utena sa Liotuáin i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá leibhéal riosca méadaithe ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéir sin sa Liotuáin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin, is mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin ba cheart é a liostú anois seachas mar chrios srianta II, agus ní mór freisin teorainneacha reatha crios srianta II a athshainiú chun an ráig sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(7) |
Ina theannta sin, i mí Iúil 2022, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád i réigiún Zachodniopomorskie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád, tá leibhéal riosca méadaithe ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéir sin sa Liotuáin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin, is mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin ba cheart é a liostú anois seachas mar chrios srianta II, agus ní mór freisin teorainneacha reatha chrios srianta II a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(8) |
Tar éis na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Liotuáin agus sa Pholainn le déanaí, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch reatha maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas, rinneadh criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a nuashonrú. Ina theannta sin, na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm, rinneadh iad a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus ar mhaithe le dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú sa Liotuáin agus sa Pholainn, agus ba cheart iad a liostú go cuí mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Ó tharla go bhfuil an staid maidir le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, tugadh aird ar staid na limistéar máguaird nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
(9) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas maidir le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1234 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 190, 19.7.2022, lch. 79).
(4) Doiciméad Oibre SANTE/7112/2015/Rev. 3 “Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation”. [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach] https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_ga
(5) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, 29ú hEagrán, 2021. Imleabhair I agus II ISBN 978-92-95115-40-8; https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605:
‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA
CUID I
1. Germany
The following restricted zones I in Germany:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. Estonia
The following restricted zones I in Estonia:
— |
Hiiu maakond. |
3. Greece
The following restricted zones I in Greece:
— |
in the regional unit of Drama:
|
— |
in the regional unit of Xanthi:
|
— |
in the regional unit of Rodopi:
|
— |
in the regional unit of Evros:
|
— |
in the regional unit of Serres:
|
4. Latvia
The following restricted zones I in Latvia:
— |
Dienvidkurzemes novada, Grobiņas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, Grobiņas pilsēta, |
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
5. Lithuania
The following restricted zones I in Lithuania:
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Agluonėnų, Dovilų, Gargždų, Priekulės, Vėžaičių, Kretingalės ir Dauparų-Kvietinių seniūnijos, |
— |
Marijampolės savivaldybė, |
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė. |
6. Hungary
The following restricted zones I in Hungary:
— |
Békés megye 950950, 950960, 950970, 951950, 952050, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953650, 953660, 953750, 953850, 953960, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150 és 956160 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850, 601550, 601650, 601660, 601750, 601850, 601950, 602050, 603250, 603750 és 603850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
— |
Csongrád-Csanád megye 800150, 800160, 800250, 802220, 802260, 802310 és 802450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754950, 755050, 755150, 755250, 755350 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
7. Poland
The following restricted zones I in Poland:
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie śląskim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie opolskim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie małopolskim:
|
8. Slovakia
The following restricted zones I in Slovakia:
— |
in the district of Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, |
— |
in the district of Veľký Krtíš, the municipalities of Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
— |
in the district of Levice, the municipalities of Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, Bátovce, Pečenice, Jabloňovce, Bohunice, Pukanec, Uhliská, |
— |
in the district of Krupina, the municipalities of Dudince, Terany, Hontianske Moravce, Sudince, Súdovce, Lišov, |
— |
the whole district of Ružomberok, |
— |
in the region of Turčianske Teplice, municipalties of Turček, Horná Štubňa, Čremošné, Háj, Rakša, Mošovce, |
— |
in the district of Martin, municipalties of Blatnica, Folkušová, Necpaly, |
— |
in the district of Dolný Kubín, the municipalities of Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
— |
in the district of Tvrdošín, the municipalities of Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
— |
in the district of Žarnovica, the municipalities of Rudno nad Hronom, Voznica, Hodruša-Hámre, |
— |
the whole district of Žiar nad Hronom, except municipalities included in zone II. |
9. Italy
The following restricted zones I in Italy:
Piedmont Region:
|
Liguria Region:
|
Emilia-Romagna Region:
|
Lombardia Region:
|
Lazio Region:
|
CUID II
1. Bulgaria
The following restricted zones II in Bulgaria:
— |
the whole region of Haskovo, |
— |
the whole region of Yambol, |
— |
the whole region of Stara Zagora, |
— |
the whole region of Pernik, |
— |
the whole region of Kyustendil, |
— |
the whole region of Plovdiv, excluding the areas in Part III, |
— |
the whole region of Pazardzhik, excluding the areas in Part III, |
— |
the whole region of Smolyan, |
— |
the whole region of Dobrich, |
— |
the whole region of Sofia city, |
— |
the whole region of Sofia Province, |
— |
the whole region of Blagoevgrad excluding the areas in Part III, |
— |
the whole region of Razgrad, |
— |
the whole region of Kardzhali, |
— |
the whole region of Burgas, |
— |
the whole region of Varna excluding the areas in Part III, |
— |
the whole region of Silistra, |
— |
the whole region of Ruse, |
— |
the whole region of Veliko Tarnovo, |
— |
the whole region of Pleven, |
— |
the whole region of Targovishte, |
— |
the whole region of Shumen, |
— |
the whole region of Sliven, |
— |
the whole region of Vidin, |
— |
the whole region of Gabrovo, |
— |
the whole region of Lovech, |
— |
the whole region of Montana, |
— |
the whole region of Vratza. |
2. Germany
The following restricted zones II in Germany:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
3. Estonia
The following restricted zones II in Estonia:
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. Latvia
The following restricted zones II in Latvia:
— |
Aizkraukles novads, |
— |
Alūksnes novads, |
— |
Augšdaugavas novads, |
— |
Ādažu novads, |
— |
Balvu novads, |
— |
Bauskas novads, |
— |
Cēsu novads, |
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Vaiņodes, Gaviezes, Rucavas, Vērgales, Medzes pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Embūtes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P116, P106, autoceļa no apdzīvotas vietas Dinsdurbe, Kalvenes pagasta daļa uz rietumiem no ceļa pie Vārtājas upes līdz autoceļam A9, uz dienvidiem no autoceļa A9, uz rietumiem no autoceļa V1200, Kazdangas pagasta daļa uz rietumiem no ceļa V1200, P115, P117, V1296, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules pilsēta, |
— |
Dobeles novads, |
— |
Gulbenes novads, |
— |
Jelgavas novads, |
— |
Jēkabpils novads, |
— |
Krāslavas novads, |
— |
Kuldīgas novada Alsungas, Gudenieku, Kurmāles, Rendas, Kabiles, Vārmes, Pelču, Snēpeles, Turlavas pagasts, Laidu pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1296, V1295, V1272, Raņķu pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1272 līdz robežai ar Ventas upi, Skrundas pagasta daļa uz ziemeļaustrumiem no Skrundas, Cieceres upes un Ventas upes, Ēdoles pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa V1269, V1271, V1288, P119, Īvandes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P119, Rumbas pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P120, Kuldīgas pilsēta, |
— |
Ķekavas novads, |
— |
Limbažu novads, |
— |
Līvānu novads, |
— |
Ludzas novads, |
— |
Madonas novads, |
— |
Mārupes novads, |
— |
Ogres novads, |
— |
Olaines novads, |
— |
Preiļu novads, |
— |
Rēzeknes novads, |
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
— |
Salaspils novads, |
— |
Saldus novads, |
— |
Saulkrastu novads, |
— |
Siguldas novads, |
— |
Smiltenes novads, |
— |
Talsu novads, |
— |
Tukuma novads, |
— |
Valkas novads, |
— |
Valmieras novads, |
— |
Varakļānu novads, |
— |
Ventspils novada Ances, Popes, Puzes, Tārgales, Vārves, Užavas, Usmas, Jūrkalnes pagasts, Ugāles pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1347, uz austrumiem no autoceļa P123, Ziru pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa V1269, P108, Piltenes pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa V1310, V1309, autoceļa līdz Ventas upei, Piltenes pilsēta, |
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. Lithuania
The following restricted zones II in Lithuania:
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
— |
Birštono savivaldybė, |
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
— |
Druskininkų savivaldybė, |
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
— |
Ignalinos rajono savivaldybė, |
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
— |
Joniškio rajono savivaldybė, |
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
— |
Kelmės rajono savivaldybė, |
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Judrėnų, Endriejavo ir Veiviržėnų seniūnijos, |
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
— |
Molėtų rajono savivaldybė: Alantos, Balninkų, Čiulėnų, Inturkės, Joniškio, Luokesos, Mindūnų, Suginčių ir Videniškių seniūnijos, |
— |
Pagėgių savivaldybė, |
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
— |
Rietavo savivaldybė, |
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
— |
Skuodo rajono savivaldybė, |
— |
Šakių rajono savivaldybė: Griškabūdžio, Kriūkų, Kudirkos Naumiesčio, Lekėčių, Lukšių, Plokščių, Sintautų, Slavikų seniūnijos; Sudargo seniūnijos dalis, išskyrus Pervazninkų kaimą; Šakių seniūnijos dalis, išskyrus Juniškių, Bedalių, Zajošių, Kriaučėnų, Liukų, Gotlybiškių, Ritinių kaimus; Žvirgždaičių seniūnija, |
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
— |
Šiaulių rajono savivaldybė, |
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
— |
Širvintų rajono savivaldybė: Čiobiškio, Gelvonų, Jauniūnų, Kernavės, Musninkų ir Širvintų seniūnijos, |
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
— |
Ukmergės rajono savivaldybė: Deltuvos, Lyduokių, Pabaisko, Pivonijos, Siesikų, Šešuolių, Taujėnų, Ukmergės miesto, Veprių, Vidiškių ir Žemaitkiemo seniūnijos, |
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
— |
Vilniaus rajono savivaldybė: Avižienių, Bezdonių, Buivydžių, Dūkštų, Juodšilių, Kalvelių, Lavoriškių, Maišiagalos, Marijampolio, Medininkų, Mickūnų, Nemenčinės, Nemenčinės miesto, Nemėžio, Pagirių, Riešės, Rudaminos, Rukainių, Sudervės, Sužionių, Šatrininkų ir Zujūnų seniūnijos, |
— |
Visagino savivaldybė, |
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. Hungary
The following restricted zones II in Hungary:
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954060, 954150, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye: 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 577250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. Poland
The following restricted zones II in Poland:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie małopolskim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie opolskim:
|
8. Slovakia
The following restricted zones II in Slovakia:
— |
the whole district of Gelnica except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Poprad |
— |
the whole district of Spišská Nová Ves, |
— |
the whole district of Levoča, |
— |
the whole district of Kežmarok |
— |
in the whole district of Michalovce except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Košice-okolie, |
— |
the whole district of Rožnava, |
— |
the whole city of Košice, |
— |
the whole district of Sobrance, |
— |
the whole district of Vranov nad Topľou, |
— |
the whole district of Humenné except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Snina, |
— |
the whole district of Prešov except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Sabinov except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Svidník, except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Stropkov, except municipalities included in zone III, |
— |
the whole district of Bardejov, |
— |
the whole district of Stará Ľubovňa, |
— |
the whole district of Revúca, |
— |
the whole district of Rimavská Sobota except municipalities included in zone III, |
— |
in the district of Veľký Krtíš, the whole municipalities not included in part I, |
— |
the whole district of Lučenec, |
— |
the whole district of Poltár, |
— |
the whole district of Zvolen, |
— |
the whole district of Detva, |
— |
the whole district of Krupina, except municipalities included in zone I, |
— |
the whole district of Banska Stiavnica, |
— |
in the district of Žiar nad Hronom the municipalities of Hronská Dúbrava, Trnavá Hora, |
— |
the whole district of Banska Bystica, |
— |
the whole district of Brezno, |
— |
the whole district of Liptovsky Mikuláš. |
9. Italy
The following restricted zones II in Italy:
Piedmont Region:
|
Liguria Region:
|
CUID III
1. Bulgaria
The following restricted zones III in Bulgaria:
— |
in Blagoevgrad region:
|
— |
the Pazardzhik region:
|
— |
in Plovdiv region
|
— |
in Varna region:
|
2. Germany
The following restricted zones III in Germany:
Bundesland Brandenburg:
|
3. Italy
The following restricted zones III in Italy:
— |
Sardinia Region: the whole territory |
— |
Lazio Region: the Area of the Municipality of Rome within the administrative boundaries of the Local Heatlh Unit “ASL RM1”. |
4. Latvia
The following restricted zones III in Latvia:
— |
Dienvidkurzemes novada Embūtes pagasta daļa uz ziemeļiem autoceļa P116, P106, autoceļa no apdzīvotas vietas Dinsdurbe, Kalvenes pagasta daļa uz austrumiem no ceļa pie Vārtājas upes līdz autoceļam A9, uz ziemeļiem no autoceļa A9, uz austrumiem no autoceļa V1200, Kazdangas pagasta daļa uz austrumiem no ceļa V1200, P115, P117, V1296, |
— |
Kuldīgas novada Rudbāržu, Nīkrāces, Padures pagasts, Laidu pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1296, V1295, V1272, Raņķu pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1272 līdz robežai ar Ventas upi, Skrundas pagasts (izņemot pagasta daļu uz ziemeļaustrumiem no Skrundas, Cieceres upes un Ventas upes), Skrundas pilsēta, Ēdoles pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V1269, V1271, V1288, P119, Īvandes pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa P119, Rumbas pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa P120, |
— |
Ventspils novada Zlēku pagasts, Ugāles pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1347, uz rietumiem no autoceļa P123, Ziru pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V1269, P108, Piltenes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa V1310, V1309, autoceļa līdz Ventas upei. |
5. Lithuania
The following restricted zones III in Lithuania:
— |
Molėtų rajono savivaldybė: Dubingių ir Giedraičių seniūnijos, |
— |
Šakių rajono savivaldybė: Kidulių ir Gelgaudiškio seniūnijos; Šakių seniūnija: Juniškių, Bedalių, Zajošių, Kriaučėnų, Liukų, Gotlybiškių, Ritinių kaimai; Sudargo seniūnija: Pervazninkų kaimas, |
— |
Širvintų rajono savivaldybė: Alionių ir Zibalų seniūnijos, |
— |
Ukmergės rajono savivaldybė: Želvos seniūnija, |
— |
Vilniaus rajono savivaldybė: Paberžės seniūnija. |
6. Poland
The following restricted zones III in Poland:
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie małopolskim:
|
7. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
— |
Zona orașului București, |
— |
Județul Constanța, |
— |
Județul Satu Mare, |
— |
Județul Tulcea, |
— |
Județul Bacău, |
— |
Județul Bihor, |
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
— |
Județul Brăila, |
— |
Județul Buzău, |
— |
Județul Călărași, |
— |
Județul Dâmbovița, |
— |
Județul Galați, |
— |
Județul Giurgiu, |
— |
Județul Ialomița, |
— |
Județul Ilfov, |
— |
Județul Prahova, |
— |
Județul Sălaj, |
— |
Județul Suceava |
— |
Județul Vaslui, |
— |
Județul Vrancea, |
— |
Județul Teleorman, |
— |
Judeţul Mehedinţi, |
— |
Județul Gorj, |
— |
Județul Argeș, |
— |
Judeţul Olt, |
— |
Judeţul Dolj, |
— |
Județul Arad, |
— |
Județul Timiș, |
— |
Județul Covasna, |
— |
Județul Brașov, |
— |
Județul Botoșani, |
— |
Județul Vâlcea, |
— |
Județul Iași, |
— |
Județul Hunedoara, |
— |
Județul Alba, |
— |
Județul Sibiu, |
— |
Județul Caraș-Severin, |
— |
Județul Neamț, |
— |
Județul Harghita, |
— |
Județul Mureș, |
— |
Județul Cluj, |
— |
Județul Maramureş. |
8. Slovakia
The following restricted zones III in Slovakia:
— |
The whole district of Trebišov’, |
— |
The whole district of Vranov and Topľou, |
— |
In the district of Humenné: Lieskovec, Myslina, Humenné, Jasenov, Brekov, Závadka, Topoľovka, Hudcovce, Ptičie, Chlmec, Porúbka, Brestov, Gruzovce, Ohradzany, Slovenská Volová, Karná, Lackovce, Kochanovce, Hažín nad Cirochou, Závada, Nižná Sitnica, Vyšná Sitnica, Rohožník, Prituľany, Ruská Poruba, Ruská Kajňa, |
— |
In the district of Michalovce: Strážske, Staré, Oreské, Zbudza, Voľa, Nacina Ves, Pusté Čemerné, Lesné, Rakovec nad Ondavou, Petríkovce, Oborín, Veľké Raškovce, Beša, |
— |
In the district of Rimavská Sobota: Jesenské, Gortva, Hodejov, Hodejovec, Širkovce, Šimonovce, Drňa, Hostice, Gemerské Dechtáre, Jestice, Dubovec, Rimavské Janovce, Rimavská Sobota, Belín, Pavlovce, Sútor, Bottovo, Dúžava, Mojín, Konrádovce, Čierny Potok, Blhovce, Gemerček, Hajnáčka, |
— |
In the district of Gelnica: Hrišovce, Jaklovce, Kluknava, Margecany, Richnava, |
— |
In the district Of Sabinov: Daletice, |
— |
In the district of Prešov: Hrabkov, Krížovany, Žipov, Kvačany, Ondrašovce, Chminianske Jakubovany, Klenov, Bajerov, Bertotovce, Brežany, Bzenov, Fričovce, Hendrichovce, Hermanovce, Chmiňany, Chminianska Nová Ves, Janov, Jarovnice, Kojatice, Lažany, Mikušovce, Ovčie, Rokycany, Sedlice, Suchá Dolina, Svinia, Šindliar, Široké, Štefanovce, Víťaz, Župčany, |
— |
the whole district of Medzilaborce, |
— |
In the district of Stropkov: Havaj, Malá Poľana, Bystrá, Mikové, Varechovce, Vladiča, Staškovce, Makovce, Veľkrop, Solník, Korunková, Bukovce, Krišľovce, Jakušovce, Kolbovce, |
— |
In the district of Svidník: Pstruša. |
TREORACHA
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/148 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/1326 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Márta 2022
lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle maidir le substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga”
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí (1), agus go háirithe Airteagal 1a agus Airteagal 8a de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 5c de Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), is é Coiste Eolaíoch an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (Emcdda; an Lárionad) a rinne na tuarascálacha measúnaithe riosca ar na substaintí sícighníomhacha nua a tharraingt suas, is é sin 2-(meitiolaimín)-1-(3-meitilfeinil)própán-1-a haon (3-meitilmheiteacáitíonón, 3-MMC) agus 1-(3-clóraifeinil)-2-(meitiolaimín)própán-1-a haon (3-clórameiteacáitíonón, 3-CMC), agus síneadh curtha leis de réir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 5c(4) den Rialachán céanna, an 18 agus an 19 Samhain 2021. Chuir an Lárionad na tuarascálacha measúnaithe riosca faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát an 25 Samhain 2021. |
(2) |
Is cáitíonóin shintéiseacha iad 3-MMC agus 3-CMC a bhfuil éifeachtaí sícispreagthacha acu. Is díorthaigh iad den cháitíonón, agus tá dlúthbhaint acu le héifeachtaí síceatrómacha atá cosúil le meiteacáitíonón (eifeadrón) agus meifeadrón (4-meitilmheiteacáitíonón), agus is díorthaigh iad a roinneann éifeachtaí den sórt sin; le 4-MMC), sin agus le meiteacáitíonón agus le 4-clórameiteacáitíonón (4-CMC faoi seach; cleifeadrón). Is faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha 1971 a rialaítear cáitíonón, meiteacáitíonón, meifeadrón, agus 4-CMC. |
(3) |
Tá fáil ar 3-MMC san Aontas Eorpach ó bhí 2012 ann ar a laghad agus braitheadh é in 23 Bhallstát. Tar éis laghdú ar urghabhálacha san Eoraip idir 2016 agus 2018, dealraíonn sé go raibh 3-MMC ann arís le tuairim agus 740 cileagram de i bhfoirm púdair a urghabhadh in 2020 agus le hallmhairiú, dáileadh agus úsáid leanúnach in 2021, lena n-áirítear urghabháil mórscála amháin de phúdar os cionn 120 cileagram púdair ag teorainn sheachtrach an Aontais. |
(4) |
Taispeánann an fhaisnéis a sholáthraítear ó urghabhálacha agus ó shamplaí bailithe go mbíonn 3-MMC ar fáil mar phúdar ar an margadh drugaí. Tá foirmeacha fisiceacha eile, ar nós táibléad agus capsúl, tuairiscithe freisin, ach is méid i bhfad níos lú atá i gceist. Ó am go chéile tuairiscíodh leachtanna, ábhar luibhe agus súiteáin ina bhfuil 3-MMC freisin. |
(5) |
Tá cúig Bhallstát tar éis 27 mbás san iomlán a thuairisciú lenar bhain teagmháil dheimhnithe le 3-MMC. Tá 14 cinn de dhroch-chásanna nimhe neamh-mharfacha tuairiscithe freisin ag ceithre Bhallstát mar gheall ar theagmháil dheimhnithe le 3-MMC. |
(6) |
Tá fáil ar 3-CMC san Aontas Eorpach ó bhí 2014 ann ar a laghad agus braitheadh é in 23 Bhallstát. Le linn 2020 agus 2021, urghabhadh tuairim is 2 500 cileagram de 3-CMC i bhfoirm púdair, rud arb ionann é agus os cionn 90 % de chainníocht iomlán na bpúdar 3-CMC a urghabhadh ó tosaíodh ar fhaireachán na substainte san Eoraip. |
(7) |
Taispeánann an fhaisnéis ó urghabhálacha agus ó shamplaí bailithe go mbíonn 3-CMC ar fáil ar an margadh drugaí ina phúdar. Tá foirmeacha fisiceacha eile, ar nós táibléad agus capsúl, tuairiscithe freisin, ach is méid i bhfad níos lú atá i gceist. Ó am go chéile tuairiscíodh leachtanna, ábhar luibhe agus súiteáin ina bhfuil 3-CMC. |
(8) |
Thuairiscigh dhá Bhallstát 10 mbás san iomlán lenar bhain teagmháil dheimhnithe le 3-CMC. Tá tuairisciú déanta freisin ag Ballstát amháin ar dhroch-chás nimhe neamh-mharfach amháin lenar bhain teagmháil dheimhnithe le 3-CMC. |
(9) |
Tugann an fhaisnéis atá ar fáil le tuiscint, cé go ndéantar 3-MMC agus 3-CMC a dhíol agus a lorg tar éis dóibh a bheith ina ndrugaí spreagthacha astu féin, go ndealraíonn sé a bheag nó a mhór go bhfuil na substaintí sin á monarú, á n-allmhairiú, á ndáileadh, á ndíol agus á n-úsáid in ionad spreagthaí rialaithe, lena n-áirítear amfataimín, cócaon, agus MDMA. Ina theannta sin, is féidir go mbíonn sé á dhíol go mí-ionraic freisin faoi ainm drugaí eile. |
(10) |
Níl ann ach beagán fianaise a léiríonn baint idir an choireacht eagraithe agus an monarú, an gháinneáil, agus an dáileadh 3-MMC agus 3-CMC laistigh den Aontas. Tá faisnéis ann, áfach, go bhfuiltear ag déanamh gníomhartha coiriúla a bhaineann leis an dá shubstaint, gáinneáil, táirgeadh aindleathach, agus cionta soláthair, cuir i gcás. |
(11) |
Tugtar le fios san fhaisnéis atá ar fáil gur cuideachtaí ceimiceacha lasmuigh den Aontas a mhonaraíonn 3-MMC agus 3-CMC agus go n-allmhairíonn siad iad ar scála tionsclaíoch. Ina theannta sin, tugann faisnéis theoranta le fios gur i saotharlanna aindleathacha san Eoraip a rinneadh cuid den táirgeadh. |
(12) |
Níl aon úsáid mhíochaine don duine ná don tréidlia 3-MMC ná 3-CMC atá aitheanta san Aontas, ná in áiteanna eile is cosúil. Níl aon fhianaise ann go bhféadfaí na substaintí a úsáid chun aon chríoch eile seachas mar chaighdeán tagartha anailíseach agus i dtaighde eolaíoch. |
(13) |
Is dócha go mbeidh na rioscaí sláinte agus sóisialta a bhaineann le 3-MMC agus 3-CMC ar aon dul le cuid de na rioscaí a bhaineann le cáitíonóin agus sícispreagthaigh shintéiseacha eile atá faoi rialú idirnáisiúnta agus a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile. Is leor an fhianaise agus an fhaisnéis atá ar fáil i leith na rioscaí sláinte agus sóisialta a bhaineann leis na substaintí chun 3-MMC agus 3-CMC a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga”. Mar sin féin, léiríonn na tuarascálacha measúnaithe riosca go bhféadfaí freagra a thabhairt ar go leor de na ceisteanna a bhaineann le 3-MMC agus 3-CMC freisin, ceisteanna atá ann mar gheall ar an easpa sonraí faoin riosca do shláinte an duine aonair, faoin riosca do shláinte an phobail agus faoi rioscaí sóisialta, ach tuilleadh taighde a dhéanamh. |
(14) |
Maidir le 3-MMC agus 3-CMC, ní substaintí iad atá liostaithe le rialú faoi Choinbhinsiún Aonair na Náisiún Aontaithe um Dhrugaí Támhshuanacha, 1961, arna leasú le Prótacal 1972, ná faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Substaintí Síceatrópacha, 1971. Níl measúnú déanta go fóill ar 3-CMC faoi chóras na Náisiún Aontaithe, agus rinne Coiste Saineolaithe EDS ar an Spleáchas ar Dhrugaí athbhreithniú criticiúil neamhchonclúideach ar 3-MMC i mí na Samhna 2016. Ní raibh an Coiste ar aon tuairim le chéile, agus dá réir sin cuireadh an tuairim ar athló, agus d’iarr sé ar an Rúnaíocht athbhreithniú criticiúil eile ar 3-MMC a shocrú ag cruinniú den Choiste Saineolaithe ina dhiaidh sin. Níl athbhreithniú eile ar 3-MMC déanta ag an gCoiste Saineolaithe ar an Spleáchas ar Dhrugaí go fóill. Ó rinneadh an t-athbhreithniú criticiúil sin in 2016, tá faisnéis nua shuntasach tuairiscithe ag na Ballstáit a thugann le fios go bhféadfadh bagairtí sláinte agus sóisialta ar leibhéal an Aontais a bheith ann de thoradh ar 3-MMC agus, dá bhrí sin, is gá í a chur leis an sainmhíniú ar “dhruga” i ndlí an Aontais. |
(15) |
Tugann faisnéis ó urghabhálacha forfheidhmithe dlí a rinneadh in 2020 agus 2021 le fios go bhfuil méadú tagtha le déanaí ar infhaighteacht 3-MMC agus 3-CMC araon laistigh den Aontas agus gur féidir go bhfuil siad suntasach. Is éard atá le tuiscint san fhaisnéis atá ar fáil go ndéanfaí dochar don tsláinte dá gcaithfeadh duine 3-MMC nó 3-CMC, mar gheall ar an tocsaineacht mhór atá iontu agus, i gcás 3-MMC, mar gheall ar na rioscaí go mbainfí mí-úsáid astu nó go bhféadfaidís spleáchas a chothú. I ngeall ar easpa staidéar, tá neamhchinnteacht ann maidir le spleáchas féideartha agus le mí-úsáid an dliteanais atá le 3-CMC. Maidir leis an dochar don tsláinte atá i gceist, meastar gur bagairt do bheatha an duine é, arae d’fhéadfadh sé bás a thabhairt do dhuine, nó gortú a mharaithe a chur air, nó galar a chloíte, maille le héagumas mór fisiceach nó meabhrach, nó leathadh a chur ar ghalar, lena n-áirítear víreas a iompraítear san fhuil, heipitíteas C agus VEID, mar shampla. Is éifeachtaí iad sin atá inchomparáide le cáitíonóin shintéiseacha agus sícispreagthaigh eile a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile faoin rialú idirnáisiúnta, cé gur rud é sin a dteastaíonn tuilleadh staidéir ina leith. |
(16) |
Tá le tuiscint ón bhfaisnéis atá ar fáil freisin go bhféadfadh rioscaí sóisialta a bheith ann de thoradh ar thomhaltas 3-MMC agus 3-CMC agus go bhféadfadh imeallú agus leochaileacht mhéadaithe a bheith ann de thoradh air sin. Thairis sin, d’fhéadfadh riosca níos leithne don tsábháilteacht phoiblí a bheith ann, go háirithe i gcás tiomáint faoi thionchar na substaintí sin. |
(17) |
Déanann 15 Bhallstát 3-MMC a rialú faoina reachtaíocht náisiúnta féin maidir le rialú drugaí, agus déanann sé Bhallstát é a rialú faoi reachtaíocht nua maidir le substaintí sícighníomhacha agus déanann Ballstáit amháin eile rialú air faoi reachtaíocht eile. Déanann 13 Bhallstát 3-CMC a rialú faoina reachtaíocht náisiúnta féin maidir le rialú drugaí, agus déanann seacht mBallstát é a rialú faoi reachtaíocht nua maidir le substaintí sícighníomhacha agus déanann Ballstáit amháin eile rialú air faoi reachtaíocht eile. Ós rud é go bhfuil na bearta rialaithe náisiúnta sin i bhfeidhm cheana, 3-MMC agus 3-CMC a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga” agus ar an gcaoi sin iad a chumhdach le forálacha i ndáil leis na cionta coiriúla agus na smachtbhannaí a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2004/757/CGB, is rud é a chuideodh le teacht chun cinn bacainní i bhforfheidhmiú an dlí trasteorann agus sa chomhar breithiúnach a sheachaint, agus chuideodh sé freisin le cosaint ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena n-infhaighteacht agus lena n-úsáid. |
(18) |
Le hAirteagal 1a de Chinneadh Réime 2004/757/CGB, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh d’fhonn freagairt thapa, a bheadh bunaithe ar shaineolas a thabhairt ar leibhéal an Aontais do theacht chun cinn substaintí sícighníomhacha nua arna mbrath agus arna dtuairisciú ag na Ballstáit, tríd an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Réime sin a leasú chun na substaintí sin a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga”. |
(19) |
Ós rud é gur comhlíonadh na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i ngníomh fheidhmiú na gcumhachtaí chun gníomh tarmligthe a ghlacadh, ba cheart treoir tharmligthe a ghlacadh chun 3-MMC agus 3-CMC a chur san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB. |
(20) |
Tá Éire faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB, arna leasú le Treoir (AE) 2017/2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo. |
(21) |
Tá an Danmhairg faoi cheangal ag Cinneadh Réime 2004/757/CGB, de réir mar is infheidhme go dtí an 21 Samhain 2018, ach níl sí faoi cheangal ag Treoir (AE) 2017/2103. Dá bhrí sin, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh nó i gcur i bhfeidhm na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm. |
(22) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (4), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, doiciméid ina mínítear an gaol idir codanna de threoir agus na páirteanna comhfhreagracha d'ionstraimí náisiúnta trasuite. |
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Réime 2004/757/CGB a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Chinneadh Réime 2004/757/CGB
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Réime 2004/757/CGB, cuirtear isteach na pointí 20 agus 21 a leanas:
“20. |
2-(meitiolaimín)-1-(3-meitilfeinil)própán-1-a haon (3-MMC) (*1). |
21. |
1-(3-clóraifeinil)-2-(meitiolaimín)própán-1-a haon (3-CMC) (*1). |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 18 Feabhra 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 335, 11.11.2004, lch. 8.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1920/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (IO L 376, 27.12.2006, lch. 1).
(3) Treoir (AE) 2017/2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle chun substaintí sícighníomhacha nua a áireamh sa sainmhíniú ar “dhruga” agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/387/CGB ón gComhairle (IO L 305, 21.11.2017, lch. 12).
CINNTÍ
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/152 |
CINNEADH (AE) 2022/1327 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Iúil 2022
lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh ar staid mhargadh inmheánach sheirbhísí poist an Aontais, go sonrach maidir le cur i bhfeidhm Threoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus togra, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 241 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tháinig laghdú bliantúil 4,9 % ar mhargadh na litreach poist san Aontas ó 2008 i leith, agus cuireadh dlús leis an gclaonadh sin le crapadh an gheilleagair mar gheall ar phaindéim COVID-19, inar thit líon na litreach poist idir 12 % agus 26 % idir 2019 agus 2020. |
(2) |
Tháinig méadú bliantúil 9 % ar na seirbhísí seachadta beartán san Aontas ó 2008 i leith, agus cuireadh dlús leis an gclaonadh sin mar gheall ar phaindéim COVID-19. |
(3) |
Tá méadú tagtha ar chostas na hoibleagáide seirbhíse uilechoitinne, bunaithe ar scála costais, mar gheall ar laghdú géar ar mhargadh na litreach poist. |
(4) |
Le forbairt na ríomhthráchtála agus na digiteála, tugadh isteach gníomhaithe, táirgí agus seirbhísí nua ar margadh seirbhísí poist. |
(5) |
I ngach Ballstát, cuirtear seirbhísí poist uilechoiteanna ar fáil ar fud na tíre, agus tá athrú suntasach tagtha ar riachtanais úsáideoirí na seirbhísí sin. |
(6) |
Ní mór go léireofar le coincheap na seirbhíse uilechoitinne riachtanais athraitheacha na n-úsáideoirí agus go mbeadh sé solúbtha agus inbhuanaithe. |
(7) |
Maidir le Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá a cuid cuspóirí comhlíonta go páirteach. D’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh gá lena hathbhreithniú chun a áirithiú go seasfaidh sí an aimsir agus go dtabharfaidh sí aghaidh ar na dúshláin thuasluaite ar bhealach inbhuanaithe. |
(8) |
Thabharfadh anailís mhionsonraithe ar staid mhargadh inmheánach sheirbhísí phoist an Aontais an t-údar cuí le Treoir 97/67/CE a athbhreithniú chun forbairtí teicneolaíocha agus athruithe sa mhargadh sin a léiriú agus d’fhéadfaí an Treoir athbhreithnithe a ghlacadh laistigh den timthriall reachtach Eorpach atá ar siúl faoi láthair, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar a thíolacadh ar staid mhargadh inmheánach sheirbhísí poist an Aontais, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm Threoir 97/67/CE.
Airteagal 2
1. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir dá dtagraítear in Airteagal 1, nó an Chomhairle a chur ar an eolas ar bhealach eile faoi bhearta malartacha is gá mar obair leantach tar éis an staidéir.
2. I gcomhréir leis an ngnáthchleachtas, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis an togra.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) Treoir 97/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 maidir le comhrialacha chun margadh inmheánach Comhphobail i seirbhísí poist a fhorbairt agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú (IO L 15 21.1.1998, lch. 14).
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 200/154 |
CINNEADH (AE) 2022/1328 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Meán Fómhair 2021
maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus ag Réigiún Lazio i bhfabhar Laziomar agus a fhaighteora CLN
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2021) 6989)
(Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CLÁR NA nÁBHAR
1. |
Nós Imeachta | 157 |
2. |
Cúlra agus tuairisc ar na bearta atá faoi réir imscrúdú | 158 |
2.1. |
Creat ginearálta | 158 |
2.1.1. |
Na Coinbhinsiúin tosaigh | 158 |
2.1.2. |
Fadú na gCoinbhinsiún tosaigh | 160 |
2.1.3. |
Príobháidiú Laziomar agus tabhairt i gcrích an chonartha seirbhíse nua | 161 |
2.2. |
Bearta i raon feidhme Chinntí 2011 agus 2012 | 161 |
2.3. |
Tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá faoi réir an Chinnidh seo | 161 |
2.3.1. |
Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Laziomar agus an Iodáil | 162 |
2.3.1.1. |
Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí | 162 |
2.3.1.2. |
Buiséad agus fad | 162 |
2.3.2. |
Príobháidiú Laziomar | 164 |
2.3.2.1. |
An nós imeachta díolacháin agus dámhachtain deiridh | 165 |
2.3.2.2. |
An conradh díolacháin | 165 |
2.3.2.3. |
Imeachtaí ar an leibhéal náisiúnta | 165 |
2.3.3. |
An conradh seirbhíse nua idir Réigiún Lazio agus Laziomar | 166 |
2.3.3.1. |
An tairbhí | 166 |
2.3.3.2. |
Na bealaí | 166 |
2.3.3.3. |
Fad | 166 |
2.3.3.4. |
Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí | 166 |
2.3.3.5. |
Na forálacha cúitimh agus an dámhachtain deiridh | 166 |
2.3.4. |
An tosaíocht feistithe | 168 |
2.3.5. |
Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 | 168 |
2.4. |
Nós imeachta maidir le sárú Uimh. 2007/4609 | 168 |
3. |
Forais maidir leis an nós imeachta a thionscnamh agus síneadh a chur leis | 170 |
3.1. |
Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Laziomar agus an Iodáil | 170 |
3.1.1. |
Altmark a urramú agus cabhair a bheith ann | 170 |
3.1.2. |
Comhoiriúnacht | 171 |
3.2. |
Príobháidiú Laziomar | 172 |
3.3. |
An conradh seirbhíse nua idir Réigiún Lazio agus Laziomar | 172 |
3.3.1. |
Altmark a urramú, agus cabhair agus comhoiriúnacht a bheith ann | 172 |
3.3.2. |
Comhoiriúnacht | 172 |
3.4. |
An tosaíocht feistithe | 173 |
3.5. |
Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 | 173 |
4. |
Barúlacha ón Iodáil | 173 |
4.1. |
Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus an timpeallacht iomaíoch | 173 |
4.2. |
Maidir le príobháidiú Laziomar | 173 |
4.2.1. |
Maidir le praghas díola Laziomar | 174 |
4.2.2. |
Maidir le cineál trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach an nóis imeachta | 174 |
4.3. |
Maidir le comhlíontacht fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le coinníollacha Altmark | 175 |
4.4. |
An tosaíocht feistithe | 175 |
4.5. |
Maidir leis na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 | 175 |
4.6 |
Maidir leis na rialacha chun an cúiteamh le haghaidh na tréimhse 2011–2019 a ríomh agus maidir leis an bpréimh riosca 6,5 % a leagtar síos i dTreoir CIPE ó 2010 amach | 175 |
4.7. |
Maidir le comhlíontacht an chonartha nua seirbhíse poiblí le Cinneadh 2011 maidir le SGEI | 176 |
4.8. |
Maidir le comhlíontacht an chonartha nua seirbhíse poiblí le Creat SGEI 2011 | 177 |
5. |
Measúnú | 177 |
5.1. |
Cabhair a bheith ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE | 177 |
5.1.1. |
Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Laziomar agus an Iodáil | 177 |
5.1.1.1. |
Acmhainní Stáit | 178 |
5.1.1.2. |
Roghnaíocht | 178 |
5.1.1.3. |
Buntáiste eacnamaíoch | 179 |
5.1.1.4. |
Éifeacht ar iomaíocht agus ar thrádáil | 179 |
5.1.1.5. |
Conclúid | 180 |
5.1.1.6. |
Cabhair nua nó cabhair atá ann cheana | 180 |
5.1.2. |
Dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Laziomar | 180 |
5.1.2.1. |
Altmark 1 | 180 |
5.1.2.2. |
Altmark 2 | 187 |
5.1.2.3. |
Altmark 3 | 187 |
5.1.2.4. |
Altmark 4 | 190 |
5.1.2.5. |
Conclúid | 196 |
5.1.3. |
Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 | 196 |
5.1.3.1. |
An úsáid a d’fhéadfadh a bheith arna baint as cistí chun longa a uasghrádú chun críoch leachtachta | 196 |
5.1.3.2. |
Díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe | 197 |
5.1.3.3. |
An fhéidearthacht a bhaineann le hacmhainní FAS a úsáid chun freastal ar riachtanais leachtachta | 198 |
5.1.4. |
An chonclúid maidir le cabhair a bheith ann | 198 |
5.2. |
Dleathacht na cabhrach | 198 |
5.3. |
Comhoiriúnacht na cabhrach | 198 |
5.3.1. |
Rialacha is infheidhme | 200 |
5.3.2. |
Fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106 CFAE | 200 |
5.3.3. |
An gá le gníomh iontaoibhe ina sonraítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus na modhanna ríomha cúitimh | 202 |
5.3.4. |
Fad na tréimhse iontaoibhe | 203 |
5.3.5. |
Comhlíontacht le Treoir 2006/111/CE | 204 |
5.3.6. |
An méid cúitimh | 204 |
5.3.7. |
An tosaíocht feistithe | 206 |
5.3.8. |
Conclúid | 206 |
6. |
Conclúid | 206 |
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 108(2) de,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,
Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na forála nó na bhforálacha atá luaite thuas (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. Nós Imeachta
(1) |
An 23 Márta 2009, 9 Nollaig 2009, 21 Nollaig 2009, 6 Eanáir 2010, 27 Meán Fómhair 2010 agus 12 Deireadh Fómhair 2010, fuair an Coimisiún sé ghearán maidir le bearta tacaíochta éagsúla arna nglacadh ag an Iodáil i bhfabhar na gcuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia (2). Bhain na gearáin leis an gcúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do na cuideachtaí sin tar éis do na conarthaí seirbhíse poiblí tosaigh a tugadh i gcrích leis an Iodáil don tréimhse idir mí Eanáir 1989 agus mí na Nollag 2008 dul in éag (“na Coinbhinsiúin tosaigh”), bearta tacaíochta breise arna leagan síos sa dlí náisiúnta i gcomhthéacs phróiseas príobháidithe na gcuideachtaí, mar aon le saincheisteanna áirithe a bhaineann go háirithe le nós imeachta príobháidithe Tirrenia di Navigazione S.p.A. (“Tirrenia”) agus Siremar – Sicilia Regionale Marittima S.p.A. (“Siremar”). |
(2) |
Thug an Iodáil fógra don Choimisiún an 29 Iúil 2010 faoin gcúiteamh a d’íoc an Iodáil in 2008, 2009 agus 2010 le Caremar – Campania Regionale Maritima S.p.A. (“Caremar”). Tugadh an fógra sin arís an 1 Nollaig 2010 agus cumhdaíodh an cúiteamh a íocadh le Caremar in 2009 agus 2010. Cumhdaíodh an cúiteamh a íocadh le Caremar in 2008 le cinneadh ar leithligh (féach aithris 20). |
(3) |
An 5 Deireadh Fómhair 2011, thionscain an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil i leith bearta éagsúla arna nglacadh ag an Iodáil i bhfabhar na gcuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia (“Cinneadh 2011”) (3). Bhain an t-imscrúdú inter alia leis na gcúiteamh a deonaíodh do Caremar – chun roinnt bealaí muirí a oibriú ón 1 Eanáir 2009 agus le roinnt bearta eile a deonaíodh don chuideachta sin (féach aithris 38). |
(4) |
An tráth sin, d’oibrigh Caremar bealaí cabatáiste muirí (4) i Murascaill Naples (Réigiún Campania) agus in oileánra Pontino (Réigiún Lazio). Ina dhiaidh sin, d’aistrigh Réigiún Campania na bealaí in oileánra Pontino chuig Réigiún Lazio ar bhonn neamhspleách faoin ainm Laziomar S.p.A. (“Laziomar”) (5). Cuireadh an t-aistriú sin ar bhonn foirmiúil an 1 Meitheamh 2011 (féach aithrisí 32 agus 33). |
(5) |
Foilsíodh Cinneadh 2011 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt faoi na bearta faoi imscrúdú. |
(6) |
I litir dar dáta an 28 Meán Fómhair 2011, dheimhnigh an Iodáil go raibh sé beartaithe aici na cuideachtaí réigiúnacha in iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar, a phríobháidiú. Chuir an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig an Iodáil an 26 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an nós imeachta príobháidithe. An 30 Samhain 2011 chuir an Iodáil freagra isteach ar iarraidh an Choimisiúin ar fhaisnéis an 26 Deireadh Fómhair 2011. |
(7) |
Chuir an Iodáil barúlacha isteach an 15 Samhain 2011 maidir leis na bearta arna gcumhdach ag Cinneadh 2011. |
(8) |
An 25 Aibreán 2012, chuir an Coimisiún iarraidh eile ar fhaisnéis chuig an Iodáil maidir leis an nós imeachta príobháidithe. D’fhreagair an Iodáil i litir dar dáta an 22 Bealtaine 2012. |
(9) |
Chuir an Coimisiún síneadh leis an nós imeachta imscrúdaithe an 7 Samhain 2012inter alia chun bearta breise tacaíochta áirithe arna ndeonú ag Réigiún Lazio do Laziomar i leith an chúitimh phoiblí a deonaíodh do Laziomar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí a chumhdach. Ghlac an Coimisiún leagan leasaithe den Chinneadh sin an 19 Nollaig 2012 (“Cinneadh 2012”) (6). |
(10) |
Foilsíodh Cinneadh 2012 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt faoi na bearta faoi imscrúdú. |
(11) |
Chuir an Iodáil a barúlacha isteach an 11 Nollaig 2012. |
(12) |
D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ón Iodáil an 25 Eanáir 2018, an 29 Márta 2018, an 31 Lúnasa 2018, an 4 Márta 2019, an 15 Aibreán 2020, an 9 Feabhra 2021 agus an 26 Feabhra 2021. Sholáthair an Iodáil an fhaisnéis sin an 26 Aibreán 2018, an 8 Bealtaine 2018, an 31 Bealtaine 2018, an 2 Samhain 2018, an 11 Nollaig 2018, an 30 Aibreán 2019, an 22 Meitheamh 2020, an 22 Feabhra 2021 agus an 17 Márta 2021. |
(13) |
Ní bhaineann an Cinneadh seo ach le cabhair fhéideartha do Laziomar mar a shonraítear i roinn 2.3. Tá imscrúdú ar leithligh faoi na cásanna SA.32014, SA.32015 agus SA.32016 á dhéanamh ar gach beart eile atá fágtha faoi réir Chinntí 2011 agus 2012 agus dá réir sin ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo iad. Is le cuideachtaí eile de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia go háirithe a bhaineann na bearta sin atá fágtha. |
2. Cúlra agus tuairisc ar na bearta atá faoi réir imscrúdú
2.1. Creat ginearálta
2.1.1. Na Coinbhinsiúin tosaigh
(14) |
Ba leis an Iodáil, tríd an gcuideachta Fintecna (7), an Grúpa Tirrenia go traidisiúnta agus sé chuideachta a bhí i gceist leis an chéad lá riamh, is iad sin Tirrenia, Adriatica, Caremar, Saremar, Siremar agus Toremar. Sholáthair na cuideachtaí sin seirbhísí iompair mhuirí faoi chonarthaí seirbhíse poiblí ar leithligh a tugadh i gcrích in 1991 leis an Iodáil, agus a bhí i bhfeidhm ar feadh 20 bliain idir mí Eanáir 1989 agus mí na Nollag 2008 (“na Coinbhinsiúin tosaigh”). Bhí 100 % de scairchaipiteal Tirrenia ag Fintecna, agus ba le Terrinia ar a sheal na cuideachtaí réigiúnacha Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar ina n-iomláine. Rinne Adriatica, a bhíodh ag oibriú roinnt bealaí idir an Iodáil agus an Albain, an Chróit, an Ghréig agus Montainéagró faoi seach, cónascadh le Tirrenia in 2004. |
(15) |
Ba é cuspóir na gCoinbhinsiún tosaigh sin rialtacht agus iontaofacht na seirbhísí iompair mhuirí a ráthú, a gceanglaíonn an chuid is mó díobh mórthír na hIodáile leis an tSicil, an tSairdín agus le hoileáin bheaga eile de chuid na hIodáile. Chuige sin, dheonaigh an Iodáil tacaíocht airgeadais i bhfoirm fóirdheontas a íocadh go díreach le gach ceann de na cuideachtaí i nGrúpa Tirrenia. |
(16) |
Thosaigh Laziomar ag oibriú sraith bealaí cabatáiste muirí idir Réigiún Lazio agus na hoileáin bheaga máguaird an 1 Meitheamh 2011 (féach aithris 33). Tugtar tuairisc in aithris 43 ar na bealaí beachta lena mbaineann. |
(17) |
Chinn an Coimisiún an 6 Lúnasa 1999 tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) i leith cabhair arna híoc ar bhonn na gCoinbhinsiún tosaigh leis na sé chuideachta a bhí mar chuid de Ghrúpa Tirrenia an tráth sin. |
(18) |
Le linn chéim an imscrúdaithe, d’iarr an Iodáil go roinnfí cás Ghrúpa Tirrenia ionas go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do theacht ar chinneadh críochnaitheach maidir le Tirrenia. Rinneadh an iarraidh sin de bharr an phlean a bhí ag an Iodáil an Grúpa a phríobháidiú, ag tosú le Tirrenia, agus mar gheall ar an rún a bhí aici luas a chur faoin bpróiseas i ndáil leis an gcuideachta sin. |
(19) |
Chinn an Coimisiún go bhféadfadh sé aontú d’iarraidh na hIodáile, agus lena Chinneadh 2001/851/CE (8) (“Cinneadh 2001”), thug sé an nós imeachta a tionscnaíodh i leith na cabhrach a deonaíodh do Tirrenia i gcrích. Dearbhaíodh go raibh an chabhair comhoiriúnach faoi réir gealltanais áirithe a thug an Iodáil. |
(20) |
Lena Chinneadh 2005/163/CE (9) (“Cinneadh 2004”), dhearbhaigh an Coimisiún go raibh cuid den chúiteamh a dheonaigh an Iodáil do chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia seachas Tirrenia comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, go raibh cuid de comhoiriúnach ar choinníoll go dtabharfaí urraim do ghnóthais áirithe de chuid na hIodáile, agus nach raibh cuid de comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Bhí an cinneadh bunaithe ar shonraí cuntasaíochta ó na blianta 1992 go 2001 agus áiríodh leis coinníollacha áirithe arbh é ab aidhm dóibh comhoiriúnacht an chúitimh a áirithiú ar feadh achar iomlán na gCoinbhinsiún tosaigh. |
(21) |
Le Breithiúnas an 4 Márta 2009 i gcásanna T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 (10) (“Breithiúnas 2009”) chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh 2004 ar neamhní. |
(22) |
Lena Chinneadh (AE) 2018/261 (11) (“Cinneadh 2014”) thug an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a mhéid a bhaineann le bearta éagsúla arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar i gcrích. Rinne an Chúirt Ghinearálta an t-achomharc a thaisc Saremar agus Réigiún na Sairdíne in aghaidh an chinnidh sin a dhíbhe in 2017 (12). |
(23) |
Lena Chinneadh (AE) 2020/1411 (13) (“cinneadh Ghrúpa Tirrenia 2020”), thug an Coimisiún an t-imscrúdú ar chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia seachas Tirrenia i gcrích le haghaidh na tréimhse 1992–2008. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ionann an chabhair a ceadaíodh chun seirbhísí iompair cabatáiste muirí agus cabhair atá ann cheana, fad agus a bhí formhór na cabhrach a deonaíodh chun seirbhísí iompair mhuirí idirnáisiúnta a sholáthar comhoiriúnach le Creat 2011 um sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEI”) (14) (“Creat SGEI 2011”). |
(24) |
Lena chinneadh (AE) 2020/1412 (15) (“Cinneadh Tirrenia/CIN 2020”), thug an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis na bearta a deonaíodh do Tirrenia agus dá fhaighteoir CIN, don tréimhse 2009–2020 i gcrích. |
(25) |
Lena Chinneadh (AE) 2021/4268 (16) agus lena chinneadh (AE) 2021/4271 (17), thug an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis na bearta a deonaíodh do Siremar agus do Toremar agus dá bhfaighteoirí, le haghaidh na tréimhse ó 2009 ar aghaidh i gcrích. |
2.1.2. Fadú na gCoinbhinsiún tosaigh
(26) |
Leagadh síos le hAirteagal 26 de Dhlí Foraithne Uimh. 207 an 30 Nollaig 2008, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 14 an 27 Feabhra 2009, fadú de 1 bhliain amháin ar na Coinbhinsiúin tosaigh (lena n-áirítear an ceann is infheidhme maidir le Laziomar) a bhí le dul in éag an 31 Nollaig 2008, go dtí an 31 Nollaig 2009. |
(27) |
Leagadh síos le hAirteagal 19-ter de Dhlí Foraithne Uimh. 135 an 25 Meán Fómhair 2009, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 166 an 20 Samhain 2009 (“Dlí 2009”), i bhfianaise phríobháidiú chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia, go ndéanfaí scairsheilbhe na gcuideachtaí réigiúnacha (seachas Siremar) a aistriú ón máthairchuideachta Tirrenia gan aon chomaoin a dhéanamh mar a leanas:
|
(28) |
Sonraíodh le Dlí 2009 freisin go gcomhaontófaí Coinbhinsiúin nua idir an Iodáil agus Tirrenia agus Siremar faoin 31 Nollaig 2009. Mar an gcéanna, dhéanfaí na seirbhísí réigiúnacha a chumhdach i ndréacht-Chonarthaí Seirbhíse Poiblí a bheadh le comhaontú idir Réigiúin na Sairdíne agus na Tuscáine agus Saremar agus Toremar faoi seach faoin 31 Nollaig 2009 agus idir réigiúin Campania agus Lazio agus Caremar agus Laziomar faoi seach faoin 28 Feabhra 2010. Dhéanfaí na dréacht-Choinbhinsiúin nua / dréacht-Chonarthaí nua Seirbhíse Poiblí a chur chun tairisceana leis na cuideachtaí iad féin agus a shíniú leis na ceannaitheoirí ar thabhairt i gcrích phríobháidiú gach ceann de na cuideachtaí sin (18). |
(29) |
Chuige sin, fadaíodh tuilleadh le Dlí 2009 na Coinbhinsiúin tosaigh (lena n-áirítear an ceann is infheidhme maidir le Caremar) ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2010. |
(30) |
Socraíodh freisin le Dlí 2009 uasteorainneacha bliantúla i gcomhair cúitimh chun na seirbhísí a oibriú ó 2010 (faoi fhadú na gCoinbhinsiún tosaigh agus faoi na Coinbhinsiúin nua agus na Conarthaí nua Seirbhíse Poiblí), ag méid iomlán EUR 184 942 251, mar a leanas: Tábla 1 Tairseacha cúitimh ó 2010
|
(31) |
Leagadh síos le hAirteagal 1 de Dhlí Uimh. 163 an 1 Deireadh Fómhair 2010, lenar tiontaíodh Dlí Foraithne Uimh. 125 an 5 Lúnasa 2010 (“Dlí 2010”), fadú breise na gCoinbhinsiún tosaigh ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an tráth a mbeadh próisis phríobháidithe Tirrenia agus Siremar tugtha i gcrích, rud a tharla an 19 Iúil 2012 agus an 31 Iúil 2012 faoi seach. |
(32) |
I bhfianaise fhorálacha Airteagal 19-ter de Dhlí 2009, bhunaigh Réigiún Lazio an 1 Nollaig 2010, trí dhlí réigiúnach Uimh. 2/2010, cuideachta phoiblí theoranta le haghaidh na seirbhísí cabatáiste muirí réigiúnacha, ar a dtugtar Laziomar, chun an brainse de chuid Caremar a raibh bealaí oileánra Pontino á n-oibriú aige agus a bhí le príobháidiú ina dhiaidh sin a fháil. |
(33) |
An 7 Márta 2011, dhíol Caremar a bhrainse a bhain le bealaí oileánra Pontino le Laziomar. Thosaigh Laziomar ag oibriú na mbealaí an 1 Meitheamh 2011. |
(34) |
De réir Fhoraithne Réigiún Lazio Uimh. 508 an 28 Deireadh Fómhair 2011 (“Foraithne Lazio”), cuireadh treoirlínte ar fáil maidir le próiseas príobháidithe Laziomar arna chuachadh le tabhairt i gcrích an chonartha nua seirbhíse poiblí le haghaidh bealaí oileánra Pontino. |
(35) |
Thairis sin, de réir Dhlí Uimh. 228 an 24 Nollaig 2012, chuir Réigiún Lazio de chúram ar Laziomar, ar bhonn conartha “naisc”, oibleagáid maidir le leanúnachas críche bhealaí oileánra Pontino a áirithiú go dtí a phríobháidiú, faoi na coinníollacha céanna. Síníodh an conradh sin an 12 Feabhra 2013 agus d’fhan sé i bhfeidhm go dtí gur príobháidíodh Laziomar. |
2.1.3. Príobháidiú Laziomar agus tabhairt i gcrích an chonartha seirbhíse nua
(36) |
Cuireadh tús le nós imeachta tairisceana i mí Feabhra 2012, (féach roinn 2.3.2) chun ceannaitheoir a aimsiú le haghaidh Laziomar a bhí cuachta leis an gconradh nua seirbhíse poiblí faoina soláthrófaí seirbhísí muirí in imeacht tréimhse 10 mbliana ar chúiteamh seirbhíse poiblí. |
(37) |
D’éirigh leis an tairiscint a rinne Compagnia Laziale di Navigazione S.r.l. (“CLN”) sa nós imeachta tairisceana, agus is é a bhí ina úinéir nua ar Laziomar. Síníodh an conradh díolacháin idir Réigiún Lazio agus CLN an 30 Nollaig 2013. Shínigh Réigiún Lazio agus Laziomar an conradh seirbhíse nua chun seirbhísí muirí a sholáthar in oileánra Pontino an 15 Eanáir 2014. |
2.2. Bearta i raon feidhme Chinntí 2011 agus 2012
(38) |
Bhí na bearta seo a leanas faoi réir measúnú sa nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a cuireadh ar bun le Cinntí 2011 agus 2012:
|
(39) |
Le Cinneadh 2014 uaidh chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar dá dtagraítear thuas mar Bheart 7 cé is moite de bheart amháin (21). |
2.3. Tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá faoi réir an Chinnidh seo
(40) |
Ní phléann an Cinneadh seo ach le bearta 1, 3, 4, 5 agus 6 mar a liostaítear in aithris 38 iad a mhéid a bhaineann siad le Laziomar agus CLN. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na bearta sin sna ranna seo a leanas. |
2.3.1. Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Laziomar agus an Iodáil
2.3.1.1.
(41) |
Bhí foráil in Airteagal 1 den Choinbhinsiún tosaigh le Caremar le haghaidh pleananna 5 bliana chun na calafoirt atá le seirbheáil a mhionsonrú, an cineál soithí a úsáidfear agus minicíocht na seirbhíse arna cur ar iontaoibh Caremar (agus ina dhiaidh sin ar Laziomar tar éis bealaí Pontine a aistriú chuig Réigiún Lazio an 1 Meitheamh 2011). |
(42) |
De réir na hIodáile, ba é an plean 5 bliana deiridh le haghaidh Caremar (an tráth sin) a formheasadh go foirmiúil ná an ceann a bhain leis an tréimhse 2000–2004, agus gur tarraingíodh suas plean don tréimhse 2005–2008 ach nár fhormheas na haireachtaí inniúla go foirmiúil riamh é. Ina ionad sin, tá cinntí ad hoc arna ndéanamh ag an rialtas d’fhonn na seirbhísí a thabhairt i gcomhréir níos fearr le riachtanais na bpobal áitiúil, ach gan athruithe substainteacha a dhéanamh ar an gcóras seirbhíse poiblí. |
(43) |
Bunaithe ar an gCoinbhinsiún tosaigh, mar a fadaíodh le gníomhartha dlíthiúla ina dhiaidh sin é a luaitear in aithrisí 26 go 33, bhí na bealaí seo a leanas á n-oibriú ag Laziomar ar feadh na bliana:
|
2.3.1.2.
(44) |
Léirítear i dTábla 2 an méid bliantúil cúitimh arna íoc ag an Iodáil le Laziomar don tréimhse 2011–2013. Tábla 2 Cúiteamh arna dheonú don tréimhse 2011–2013
|
(45) |
Foráiltear leis an gCoinbhinsiún tosaigh go n-íocfar cúiteamh bliantúil seirbhíse poiblí mar a leanas: déantar réamhíocaíocht tosaigh i mí an Mhárta gach bliain atá coibhéiseach le 70 % den chúiteamh a íocadh an bhliain roimhe sin. Déantar an dara híocaíocht i mí an Mheithimh atá coibhéiseach le 20 % den chúiteamh. Is é an difríocht idir na méideanna a íocadh agus an gannchion idir costais oibriúcháin agus ioncam le linn na bliana reatha é an t-iarmhéid, a íoctar faoin 30 Samhain. Má tharlaíonn sé go bhfuair Laziomar suim a bhí níos mó ná glanchostas na seirbhísí a soláthraíodh (ioncam lúide caillteanais), foráiltear leis an gCoinbhinsiún tosaigh go gceanglaítear ar Laziomar an difríocht a aisíoc. (22) |
— Cúiteamh a deonaíodh in 2011–2013
(46) |
Sonraítear i bhForaithne Uimh. 501 ón Uachtarán an 1 Meitheamh 1979 (“Foraithne Uimh. 501/79”) na gnéithe éagsúla (ioncaim agus costais) a chuirtear san áireamh nuair a bhíonn an fóirdheontas a íoctar le hoibreoirí seirbhíse poiblí muirí á ríomh. Thairis sin, bhí foráil i nDlí Uimh. 856 an 5 Nollaig 1986 (“Dlí Uimh. 856/86”) le haghaidh athruithe áirithe ar an gcóras maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí muirí san Iodáil. Maidir leis na naisc le hoileáin bheaga agus le mór-oileáin, leasaíodh le hAirteagal 11 de sin na critéir chun cúiteamh na seirbhíse poiblí a ríomh. Go deimhin, b’éigean an fóirdheontas a ríomh bunaithe ar an difríocht idir ioncaim agus costais na seirbhíse arna gcinneadh le tagairt do mheán-pharaiméadair agus do pharaiméadair oibiachtúla, agus chaithfí toradh réasúnach ar chaipiteal infheistithe a áireamh leo. Leagtar síos freisin le hAirteagal 11 go gcaithfí an liosta de na bealaí a fuair fóirdheontas, an mhinicíocht agus na cineálacha long a bhí le húsáid a áireamh sna conarthaí seirbhíse poiblí. Bhí na fóirdheontais le formheas ag na hAirí freagracha. Léiríodh sna Coinbhinsiúin tosaigh na prionsabail a leagadh síos i bhForaithne Uimh. 501/79 ón Uachtarán agus i nDlí Uimh. 856/86. |
(47) |
Ó 2010, cinneadh an cúiteamh chun SGEI a oibriú trí mhodheolaíocht nua a chur i bhfeidhm a leagadh síos i dTreoir CIPE (23) an 9 Samhain 2007 dar teideal “Critéir maidir leis an sainmhíniú ar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus na dinimicí maidir le táillí in earnáil an chabatáiste mhuirí um leas poiblí” (“Treoir CIPE”) (24). De réir an réamhrá, eisíodh an Treoir CIPE i bhfianaise phríobháidiú na gcuideachtaí poiblí a oibríonn seirbhísí muirí faoi chóras seirbhíse poiblí (25). Cuireadh forálacha Threoir CIPE i bhfeidhm i leith na seirbhísí arna soláthar ag cuideachtaí Ghrúpa Tirrenia ó 2010, fiú sular tháinig na Coinbhinsiúin nua agus na Conarthaí nua Seirbhíse Poiblí faoi seach i bhfeidhm i ndiaidh na bpríobháidithe faoi seach. |
(48) |
Leis an modh a leagtar síos i dTreoir CIPE tugtar caoi do na cuideachtaí a oibríonn an tseirbhís phoiblí mhuirí toradh iomchuí a dhéanamh. Déantar ráta an toraidh ar chaipiteal a ríomh ar bhonn meánchostas ualaithe an chaipitil (“WACC”). |
(49) |
Déantar an toradh riachtanach ar chothromas (26) a ríomh ag úsáid na Samhla Praghsála i leith Sócmhainní Caipitiúla (“CAPM”). Ar bhonn na samhla praghsála i leith sócmhainní caipitiúla, díorthaítear costas an chothromais mar fheidhm de (i) an ráta saor ó riosca, (ii) an Beta (meastachán ar phróifíl riosca na cuideachta i gcoibhneas leis an margadh cothromais) agus (iii) an phréimh riosca cothromais a sannadh don mhargadh cothromais. |
(50) |
Go háirithe, dhéanfaí costas an chothromais a ríomh trí phréimh a chur i bhfeidhm as riosca breise a iompar ar an ráta toraidh ar ghníomhaíochtaí saor ó riosca. Ríomhtar an phréimh sin mar phréimh riosca an mhargaidh arna iolrú faoina Beta, lena dtomhaistear an méid riosca a bhaineann le gníomhaíocht shonrach i gcoibhneas leis an margadh. |
(51) |
De réir Threoir CIPE, comhfhreagraíonn an ráta toraidh ar ghníomhaíochtaí saor ó riosca don mheántoradh comhlán ar bhannaí tagarmhairc 10 mbliana thar an 12 mhí roimhe sin, dá bhfuil sonraí ar fáil ina leith. |
(52) |
Leagtar préimh riosca margaidh 4 % síos i dTreoir CIPE. I gcás seirbhíse a oibrítear ar bhonn neamheisiach, áfach, déantar 2,5 % breise a chur leis an bpréimh riosca margaidh a thugtar de luach saothair don oibreoir as an riosca níos mó a bhíonn á iompar aige, glactar leis. |
(53) |
Sa chleachtas, áfach, ní féidir leis an méid cúitimh a íoctar le Laziomar mar a leagtar síos le Dlí 2009 a bheith níos mó ná an uasteorainn EUR 10 030 606 in aghaidh na bliana (féach aithris 30). Cé go gcuirtear uasteorainn le Dlí 2009 ar an gcúiteamh bliantúil a íoctar le gach cuideachta Tirrenia as oibriú na seirbhísí muirí atá faoi réir an chórais seirbhíse poiblí, áirítear freisin i dTreoir CIPE bearta coimirce áirithe a chuireann ar a gcumas é do na hoibreoirí sin a gcostais oibriúcháin a chumhdach go leordhóthanach. I bhfianaise an mhéid sin, mar a léirítear i dTábla 2, méadaíodh an cúiteamh a íocadh in 2012 agus in 2013 chun iomlán an chostais seirbhíse poiblí sna blianta sin a chumhdach. |
(54) |
Go háirithe, de réir Threoir CIPE, ní mór raon feidhme na seirbhísí, na huastáillí a leagtar amach leis an gconradh nua seirbhíse poiblí agus an cúiteamh arna dheonú iarbhír a shainiú chun go ndeonófar don soláthraí seirbhíse cumhdach ar na costais inghlactha ina n-iomláine. Is í an fhoirmle seo a leanas is infheidhme: VA(RSP) + VA(AI(X)) = VA(CA) i gcás inarb amhlaidh:
|
(55) |
I gcás nach seastar leis an gcothromóid thuas, d’fhéadfaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí fóirdheonaithe a laghdú, nó mar mhalairt air sin dhéanfaí athbhreithniú ar an eagraíocht seirbhíse (e.g. an cineál long) nó mhodhnófaí na srianta táillí. |
(56) |
Thairis sin, déantar coigeartú gach bliain ar an uasteorainn táillí is infheidhme maidir le gach seirbhís, glan ar chánacha agus ar dhleachtanna calafoirt, ar bhonn foirmle praghasteorann mar a leanas: ΔT = ΔP – X i gcás inarb amhlaidh:
|
(57) |
Sonraítear freisin le Treoir CIPE go bhféadfar an uasteorainn táillí a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar éagsúlachtaí i gcostais bhreosla, agus gnáthphraghsanna atá ar fáil go poiblí á n-úsáid mar thagairt. |
2.3.2. Príobháidiú Laziomar
(58) |
An 13 Feabhra 2013 d’fhoilsigh Réigiún Lazio ar a shuíomh gréasáin an glao ar thairiscintí le haghaidh Laziomar a dhíol agus cúiteamh seirbhíse poiblí a dhámhachtain as oibleagáidí seirbhíse poiblí a dhéanamh ar na bealaí muirí a shainaithnítear in aithris 43 (27). Foilsíodh an glao in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (28), in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile (29) agus i gceithre cinn de nuachtáin laethúla náisiúnta agus áitiúla na hIodáile. |
(59) |
Roghnaigh an Iodáil an nós imeachta tairisceana srianta dá dtagraítear in Airteagal 55(6) den Chód Conarthaí Poiblí – Foraithne Reachtach Uimh. 163/2006 (il Codice dei Contratti pubblici). Ba é an critéar dámhachtana a roghnaíodh ná an tairiscint ba mhó buntáiste eacnamaíoch. |
(60) |
Chun an réimse ba leithne tairgeoirí agus ab fhéidir a spreagadh a bheith rannpháirteach sa nós imeachta, ceadaíodh do thairgeoirí go sainráite sa ghlao ar thairiscintí a bheith rannpháirteach go comhpháirteach ann trí bhíthin grúpálacha sealadacha tairgeoirí, cuibhreannas nó Grúpálacha Eorpacha um Leas Eacnamaíoch (“GELEnna”). |
2.3.2.1.
(61) |
Tar éis fhoilsiú an ghlao ar thairiscintí, ar dháta éaga an sprioc-ama, léirigh ocht bpáirtí spéis i rannpháirtíocht sa nós imeachta a ghlacadh (eadhon: Navigazione Libera del Golfo S.r.l., Carpoint Motorsport S.p.A., Blu Navy Cruise & Tour S.r.l., Traghetti Lines, CLN, Navigazione Generale Italiana S.p.A., Vetor S.r.l. agus Ustica Lines, a bhfuil an ceann deireanach sin ag oibriú faoi láthair faoin ainm Liberty Lines) agus thug siad an fhaisnéis a iarradh don roghnú cáilíochtúil sa chéad chéim den nós imeachta. Ligeadh seacht gcinn de na rannpháirtithe sin, seachas Blu Navy Cruise & Tour S.r.l., isteach sa chéad chéim eile agus iarradh orthu tairiscint a chur isteach an 16 Bealtaine 2013. |
(62) |
Is éard a bhí sa chuireadh chun tairisceana an dréachtchonradh nua 10 mbliana a bhí le síniú idir an tairgeoir a n-éireodh leis agus Réigiún Lazio, agus faisnéis níos mionsonraithe maidir leis an nós imeachta tairisceana. Go háirithe, deimhníodh sa chuireadh go roghnófaí an tairiscint ba mhó buntáiste eacnamaíoch le haghaidh an chonartha seirbhíse agus go mbeadh 30 pointe scórála ag dul don phraghas agus 70 pointe do cháilíochtaí teicniúla. A mhéid a bhaineann leis an bpraghas ar dhíolachán Laziomar, luadh sa chuireadh méid socraithe a chomhfhreagraigh do EUR 2 272 000, a ríomhadh ar bhonn staidéar neamhspleách a rinne measúnú ar luach iomlán shócmhainní Laziomar (féach aithrisí 66 agus 67). Ní raibh an praghas sin inchaibidle ná faoi réir thairiscint airgeadais na dtairgeoirí dá bhrí sin. |
(63) |
Ar an gcúis sin, iarradh ar na tairgeoirí ionchasacha uile an méid socraithe thuas ar dhíolachán Laziomar a chur san áireamh ina dtairiscint airgeadais, agus roghnódh Réigiún Lazio an tairiscint ba mhó buntáiste eacnamaíoch don tairiscint ar an iomlán bunaithe ar an bpraghas agus ar chritéir eile, critéir cháilíochta go príomha, a bhaineann leis an tseirbhís, mar a leagtar amach sa chuireadh (féach aithris 62). |
(64) |
Chuir CLN a thairiscint isteach ar dháta éaga an sprioc-ama, rinneadh scrúdú ar a shonraíochtaí agus bhí toradh dearfach air. Níor cuireadh aon tairiscint eile isteach. |
(65) |
Dámhadh an tairiscint do CLN dá réir sin a mhéid a bhaineann le príobháidiú ghnó Laziomar agus le hoibriú na seirbhísí muirí araon (féach roinn 2.3.3). |
2.3.2.2.
(66) |
Tugadh an conradh díolacháin i gcrích an 30 Nollaig 2013 agus sainmhíníonn sé aistriú scaireanna Laziomar chuig CLN ar an bpraghas socraithe EUR 2 272 000, ar bhonn meastóireacht saineolaí neamhspleách arna coimisiúnú ag Réigiún Lazio. |
(67) |
Léiríonn an méid luach na sócmhainní seasta inláimhsithe go príomha (arb iad ceithre shoitheach agus trealamh tionsclaíoch agus tráchtála) agus luach an ticéadaithe d’oileán Ventotene, mar a chonacthas ar chlár comhardaithe na cuideachta an 1 Meitheamh 2011. |
(68) |
De réir Airteagal 4 den chonradh díolacháin, tá CLN faoi cheangal fógra a thabhairt do Réigiún Lazio faoi aon díolachán sa todhchaí de scaireanna Laziomar le tríú páirtithe agus sa chás sin bheadh CLN fós freagrach, áfach, i gcomhpháirt le ceannaitheoir nua Laziomar i ndáil le hoibleagáidí an chonartha seirbhíse. |
2.3.2.3.
(69) |
Bhí toradh an nóis imeachta tairisceana inar dámhadh gnó Laziomar agus an conradh seirbhíse poiblí do CLN faoi réir díospóide os comhair Chúirt Réigiúnach Riaracháin Lazio (“TAR”). |
(70) |
Thionscain Vetor S.r.l. (“Vetor”), a bhí ag oibriú an bhealaigh Anzio-Ponza freisin le duillárthaigh (Líne A1) iarratas ar fhaoiseamh eatramhach in aghaidh dhlisteanacht an nóis imeachta tairisceana os comhair TAR, agus diúltaíodh dó le hOrdú Uimh. 2995/2013. Rialaigh an chúirt chéanna ar an bhfiúntas agus dhiúltaigh do ghearán Vetor le Breithiúnas Uimh. 467/2014. Dheimhnigh an Chomhairle Stáit na breitheanna thuas ar achomharc le Breithiúnas Uimh. 5421/2018. |
2.3.3. An conradh seirbhíse nua idir Réigiún Lazio agus Laziomar
2.3.3.1.
(71) |
Mar a luadh in aithris 64, chuir CLN tairiscint isteach ar an gconradh nua seirbhíse poiblí. D’éirigh le tairiscint CLN agus shínigh Laziomar (a bhí faighte ag CLN ach a choinnigh a fhéiniúlacht dhlíthiúil ar leithligh) an conradh nua seirbhíse poiblí le Réigiún Lazio an 15 Eanáir 2014 le haghaidh bealaí muirí a oibriú. |
2.3.3.2.
(72) |
Soláthraíonn Laziomar seirbhísí do phaisinéirí, seirbhísí measctha (paisinéirí, feithiclí agus lasta) agus seirbhísí lasta amháin (earraí agus earraí speisialta) faoin gcóras seirbhíse poiblí ar na bealaí cabatáiste muirí mar a leanas: Tábla 3 An líonra bealaí atá á oibriú ag Laziomar faoin gconradh seirbhíse nua
|
2.3.3.3.
(73) |
Tá fad 10 mbliana (2014–2024) ar an gconradh seirbhíse nua idir Réigiún Lazio agus Laziomar. |
2.3.3.4.
(74) |
Baineann na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchuirtear ar Laziomar, i measc nithe eile, leis na calafoirt a bhfreastalaítear orthu, le cineál agus toilleadh na soithí arna sannadh do na bealaí muirí atá á n-oibriú, le minicíocht na seirbhíse agus leis na huastáillí. |
2.3.3.5.
(75) |
Chuir Réigiún Lazio uasteorainn EUR 14 300 550, faoi réir ag leasú síos, ar an luach saothair bunúsach bliantúil ar bhonn an nóis imeachta tairisceana don chúiteamh faoin gconradh nua as oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh ar na bealaí muirí a shainaithnítear faoi aithris 43. Socraíodh an méid ag EUR 12 752 074 ar deireadh (EUR 127 520 740 ar an iomlán, le linn thréimhse 10 mbliana an chonartha). |
(76) |
De bhun Airteagal 6 den chonradh, féadfaidh Réigiún Lazio an cúiteamh a choigeartú, suas nó síos, chun athruithe maidir leis na seoltaí iarbhír a dhéantar gach bliain a chur san áireamh. Ní dhéantar difear don leibhéal cúitimh i gcás go bhfuil an líon seoltaí a dhéantar gach bliain 3 % nó níos lú ná sin níos airde nó níos ísle ná an líon a comhaontaíodh sa chonradh. I gcás athruithe, thuas nó thíos, níos mó ná 3 %, déantar an cúiteamh a choigeartú dá réir, tríd an líon níos mó ná níos lú seoltaí a iolrú faoin bpraghas aonaid, mar a tugadh le tuiscint sa tairiscint. Leasaíodh an conradh seirbhíse in 2017 chun an leibhéal cúiteamh a choigeartú chuig an méid EUR 13 524 536. |
(77) |
Cinntear méid an chúitimh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos le Treoir CIPE (féach aithrisí 47 go 57). Léirítear sa chonradh nua seirbhíse na bearta coimirce a leagtar síos le Treoir CIPE. |
(78) |
Déantar foráil sa chonradh seirbhíse le híoc cúitimh nach mó ná an méid is gá chun na glanchostais arna dtabhú as comhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach (cothromaíocht eacnamaíoch-airgeadais). I gcás imeachtaí ón gcothromaíocht chonarthach sin, déantar foráil in Airteagal 25 den chonradh seirbhíse le sásra athchothromúcháin a dhéanfaidh meastóireacht ar na paraiméadair uile atá nasctha le híoc an chúitimh. Má tharlaíonn sé, mar sin, mar thoradh ar athrú ábhartha (31) ar na paraiméadair eacnamaíocha a bhfuil sé bunaithe orthu, nach mbeidh méid an chúitimh leordhóthanach chun na costais uile a thabhaítear as soláthar na seirbhíse a chumhdach, ceadaítear sa chonradh nua seirbhíse leasú ar phríomhpharaiméadair an chúitimh, is iad sin: (i) an córas táillí; (ii) leibhéal na seirbhísí poiblí a thairgtear; (iii) leibhéal na huasteorann praghais bhliantúil; agus (iv) ranníocaíochtaí caipitil le haghaidh infheistíochtaí. |
(79) |
Faoi Airteagal 4 (míreanna 4 go 6) den chonradh seirbhíse, déanfar laghdú 80 % ar an gcúiteamh a íocfar leis an oibreoir i gcás briseadh seirbhísí de dhroim fostaithe a bheith ag dul ar stailc agus laghdú 30 % i gcás teagmhais eile nach bhfuil coinne leo, ach íocfaidh an t-oibreoir na pionóis, de bhun Airteagal 9 den chonradh seirbhíse, i gcás ina dteipfidh air na seirbhísí a dhéanamh in imthosca seachas stailceanna nó teagmhais nach bhfuil coinne leo. |
(80) |
De bhun Airteagal 22 den chonradh seirbhíse, ceanglaítear ar an oibreoir córas faireacháin theicniúil, eacnamaíoch agus bainistíochta a chur chun feidhme, ar dá réir a dhéantar na cuntais bhliantúla bhrabúis agus chaillteanais a bhaineann leis an tseirbhís arna soláthar ar bhonn an chonartha seirbhíse a chur chuig na húdaráis réigiúnacha lena bhfíorú. |
(81) |
De bhun Airteagal 4(2) den chonradh seirbhíse, measadh gurb é EUR 12 752 074 an méid cúitimh bhliantúil atá le híoc le Laziomar. Mar sin féin, de réir Airteagal 4(3) den chonradh seirbhíse, déantar an praghas iarbhír a íoctar le Laziomar a chinneadh mar thoradh an táirgthe a dhéantar iarbhír (i.e. praghas in aghaidh an mhíle le haghaidh gach bealaigh), agus na rioscaí a bhaineann léi (idir thráchtála agus tionsclaíocha) á gcur san áireamh mar a leagtar síos sa chonradh (e.g. laghdú ar chúiteamh i gcás nach gcuirfidh an chuideachta na soithí ag seoladh, pionóis i gcás seirbhísí a bheith dícheangailte, etc.). |
(82) |
Léirítear i dTábla 4 an cúiteamh a socraíodh ar bhonn an nóis imeachta tairisceana le linn thréimhse iomlán an chonartha agus an cúiteamh a íocadh iarbhír le Laziomar don tréimhse 2014–2019, i ndiaidh leasuithe maidir leis an táirgeadh seolta, de bhun Airteagal 6 den chonradh seirbhíse Tábla 4 Cúiteamh a socraíodh agus a íocadh le Laziomar faoin gconradh seirbhíse nua (EUR) 2014–2019
|
2.3.4. An tosaíocht feistithe
(83) |
Chun leanúnachas críche leis na hoileáin a ráthú agus i bhfianaise a gcuid oibleagáidí seirbhíse poiblí, leagadh síos in Airteagal 19-ter, mír 21, de Dhlí 2009 go ndéanfadh cuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar, an feistiú a leithdháileadh cheana agus an tosaíocht maidir le leithdháileadh sliotán nua a choimeád i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag na hÚdaráis Mhuirí mar a bhunaítear le Dlí Uimh. 84 an 28 Eanáir 1994 agus le Cód Muirí na hIodáile. |
2.3.5. Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010
(84) |
Leagadh síos i nDlí 2010 an fhéidearthacht go mbainfeadh gnóthais iar-Ghrúpa Tirrenia úsáid, ar bhonn sealadach, as na hacmhainní airgeadais a gealladh (32) cheana d’uasghrádú agus nuachóiriú an chabhlaigh chun riachtanais phráinneacha leachtachta a chumhdach ina áit. Ceanglaíodh ar na gnóthais úd de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia a bhain úsáid as an bhféidearthacht sin, áfach, na cistí tiomnaithe sin a athshlánú sa chaoi agus go mbeidís fós in ann na huasghráduithe ba ghá a dhéanamh ar a longa. Bhí gá leis na huasghráduithe sin chun caighdeáin nua idirnáisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh i ndiaidh Chomhaontú Stócólm de 1996 (33). |
(85) |
Go háirithe, cuireadh (34) EUR 23 750 000 ar leataobh chun na huasghráduithe do Ghrúpa Tirrenia ina iomláine a íoc, á tharraingt as dhá shaoráid. Níor bhain Laziomar aon úsáid as na saoráidí sin, áfach (féach aithris 132). |
(86) |
Ina theannta sin, leagadh síos na nithe seo a leanas le hAirteagal 1 de Dhlí 2010:
|
2.4. Nós imeachta maidir le sárú Uimh. 2007/4609
(87) |
I ndiaidh malartuithe roimhe seo idir seirbhísí an Choimisiúin agus an Iodáil, rinne an tArd-Stiúrthóir Coimisiúin atá freagrach as fuinneamh agus iompar faisnéis a iarraidh ar an Iodáil an 19 Nollaig 2008. Bhain an iarraidh sin i measc nithe eile, le forbhreathnú ar na bealaí seirbhíse poiblí ag an am agus ar an saindualgas seirbhíse poiblí arna shamhlú ag an Iodáil faoi na Coinbhinsiúin nua a moladh. Thairis sin, iarradh ar an Iodáil tuilleadh mionsonraí a sholáthar faoi na pleananna príobháidithe do Ghrúpa Tirrenia. |
(88) |
I litir uaithi an 28 Aibreán 2009, thug an Iodáil freagra mionsonraithe ar iarraidh an Choimisiúin an 19 Nollaig 2008. Luaigh an Iodáil na nithe seo a leanas sa litir sin, i measc nithe eile:
|
(89) |
Chuir an tArd-Stiúrthóir de chuid an Choimisiúin atá freagrach as fuinneamh agus iompar litir chuig an Iodáil an 21 Nollaig 2009 inar tugadh dá n-aire dóibh inter alia, i bhfianaise an ollchóirithe radacaigh a rinneadh ar earnáil an chabatáiste mhuirí san Iodáil, agus mar gheall ar an tionchar mór sóisialta a d’imreodh an príobháidiú, dá mba rud é go ndéanfaí na tairiscintí ar bhonn conradh simplí seirbhíse poiblí, gurbh inghlactha cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil na conarthaí sin acu a chur chun tairisceana – i bprionsabal agus mar eisceacht – chun comhlíontacht a áirithiú le critéar an neamh-idirdhealaithe idir longúinéirí Comhphobail mar a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (37) (“an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí”). Tugann an Coimisiún dá aire nach gcuireann an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí de cheangal ar Bhallstáit a gcuideachtaí iompair mhuirí a phríobháidiú seachas an margadh sonrach sin a léirscaoileadh agus sin amháin. |
(90) |
An 29 Eanáir 2010 (38) sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil maidir leis an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí a bheith á chur chun feidhme go mícheart. Mheabhraigh an Coimisiún sa litir sin go gceanglaítear leis an Rialachán go ndéanfaidh Ballstát conarthaí seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích nó oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur, tráth ar bith a dhéanann sé amhlaidh, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach i leith longúinéirí uile an Aontais. Foráiltear in Airteagal 4(3) den Rialachán sin go bhféadfaidh conarthaí seirbhíse poiblí atá ann faoi láthair fanacht i bhfeidhm suas go dtí dáta éaga an chonartha ábhartha. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur lean cuideachtaí Ghrúpa Tirrenia de bheith ag oibriú seirbhísí iompair mhuirí tar éis do na conarthaí seirbhíse poiblí faoi seach a bheith dulta in éag (na Coinbhinsiúin tosaigh). Bhí na Coinbhinsiúin sin, go háirithe, le dul in éag ag deireadh 2008 ach d’fhadaigh an Iodáil arís agus arís eile iad. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar an Iodáil a cuid barúlacha a thíolacadh. |
(91) |
An 29 Eanáir 2010 thug Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin atá freagrach as fuinneamh agus iompar freagra freisin ar litir de chuid na hIodáile an 22 Eanáir 2010. Chuir an tArd-Stiúrthóir i dtábhacht nár bhain a fhreagra ach le comhlíontacht leis an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí agus ní le saincheisteanna Státchabhrach. Ina fhianaise sin, shonraigh an tArd-Stiúrthóir gur leormhaith na réasúnuithe a soláthraíodh maidir le bealaí áirithe chun an t-amhras a cuireadh in iúl roimhe sin a bhaint. Mheabhraigh an tArd-Stiúrthóir nach bhféadann conarthaí seirbhíse poiblí ach bealaí dá bhfuil teip mhargaidh ann a chumhdach. |
(92) |
Thug an Iodáil freagra an 29 Márta 2010 ar litir fógra fhoirmiúil an Choimisiúin an 29 Eanáir 2010. |
(93) |
Chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún le linn chruinniú ad hoc an 10 Meán Fómhair 2010 gur cuireadh moill freisin ar an nós imeachta iomaíoch don chonradh le haghaidh oileánra Pontino arna oibriú ag Caremar an tráth sin i measc conarthaí eile. Ina dhiaidh sin, le Dlí Uimh. 163 an 1 Deireadh Fómhair 2010 fadaíodh na Coinbhinsiúin tosaigh a thuilleadh go dtí deireadh phróisis phríobháidithe Tirrenia agus Siremar (féach freisin (31)). |
(94) |
I bhfianaise na bhforbairtí sin, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chomhlántach an 24 Samhain 2010. Luaigh an Coimisiún an méid seo a leanas sa litir sin:
|
(95) |
An 21 Meitheamh 2012, ghlac an Coimisiún tuairim réasúnaithe maidir leis an moill ar phríobháidiú trí chuideachta (Caremar, Laziomar agus Saremar) de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia. Ós rud é gur tugadh na nósanna imeachta tairisceana le haghaidh na dtrí chuideachta eile (Tirrenia, Toremar agus Siremar) chun críche le linn 2011 (39), níor cumhdaíodh na cuideachtaí sin leis an tuairim réasúnaithe. Thug an Coimisiún dá aire nach raibh nósanna imeachta iomaíocha curtha i bhfeidhm ag an Iodáil chun conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain le haghaidh cabatáiste muirí oibrithe ag Laziomar, i measc oibreoirí eile, níos mó ná 3 bliana tar éis ghnáthdhul in éag na gCoinbhinsiún tosaigh faoi seach. Cuireadh síneadh uathoibríoch agus éiginnte leis na Coinbhinsiúin sin, rud a chuir cosc ar longúinéirí eile de chuid an Aontais dul in iomaíocht le haghaidh dhámhachtain na gconarthaí sin. |
(96) |
An 8 Lúnasa 2012, thug an Iodáil freagra ar an tuairim réasúnaithe á rá go raibh, nó go mbeadh, fógraí tairisceana maidir le conarthaí nua seirbhíse poiblí a dhámhachtain do na cuideachtaí dearlaicthe foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, le haghaidh Laziomar, seoladh an fógra lena fhoilsiú an 1 Lúnasa 2012. |
(97) |
An 14 Eanáir 2014, tháinig CLN chun bheith ar an úinéir nua ar Laziomar agus shínigh sé conradh seirbhíse poiblí 10 mbliana le haghaidh naisc le hoileánra Pontino. |
(98) |
I litir uaithi an 15 Iúil 2016, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún gur tugadh i gcrích príobháidiú chuideachtaí uile iar-Ghrúpa Tirrenia. An 8 Nollaig 2016, chinn an Coimisiún an nós imeachta um shárú a thabhairt chun críche. |
3. Forais maidir leis an nós imeachta a thionscnamh agus síneadh a chur leis
3.1. Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Laziomar agus an Iodáil (40)
3.1.1. Altmark a urramú agus cabhair a bheith ann
(99) |
I gCinneadh 2011 uaidh, thug an Coimisiún an réamhthuairim nach raibh an sainmhíniú ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a áiríodh sna Coinbhinsiúin tosaigh le cuideachtaí uile iar-ghrúpa Tirrenia soiléir go leordhóthanach agus dá réir sin nach raibh an Coimisiún in ann teacht ar chonclúid chinnte maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh earráid fhollasach ann. Go háirithe, ní raibh tuairim iomlán ag an gCoimisiún ag an tráth sin maidir leis na hoibleagáidí iarbhír a forchuireadh as oibriú na mbealaí in oileánra Pontino, i measc bealaí eile, i gcomparáid leis na seirbhísí a bhí á soláthar ag iomaitheoirí ar chuid de na bealaí sin. |
(100) |
Thug an Coimisiún an réamhthuairim gur urramaíodh an dara coinníoll de bhreithiúnas Altmark (41) toisc gur suíodh roimh ré na paraiméadair a bhí mar bhonn le ríomh an chúitimh agus gur urramaíodh na ceanglais trédhearcachta. Go háirithe, thug an Coimisiún dá aire go dtugtar tuairisc ar na paraiméadair sin sna hoinbhinsiúin tosaigh (le haghaidh cúiteamh a bhaineann leis an mbliain 2009) agus i dTreoir CIPE (le haghaidh cúiteamh ó 2010 ar aghaidh). |
(101) |
Mheas an Coimisiún, áfach, gur chosúil nár urramaíodh an tríú coinníoll de bhreithiúnas Altmark agus go mb’fhéidir gur tugadh róchúiteamh do na hoibreoirí i leith fheidhmiú na gcúraimí seirbhíse poiblí. Go háirithe, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhréireacht an chúitimh a íocadh le cuideachtaí iar-ghrúpa Tirrenia ó 2009 i leith, i bhfianaise sainmhíniú soiléir ar na hoibleagáidí a forchuireadh ar na cuideachtaí sin a bheith in easnamh. Ar an mbealach céanna, bhí amhras ar an gCoimisiún maidir le cibé acu a léiríonn nó nach léiríonn an phréimh riosca 6,5 %, a bhfuil feidhm aici ó 2010 ar aghaidh, leibhéal iomchuí riosca ó tharla gur chosúil prima facie nár ghlac na hoibreoirí chucu féin na rioscaí a iompraítear de ghnáth in oibriú na seirbhísí sin. |
(102) |
Thug an Coimisiún an réamhthuairim freisin nár urramaíodh an ceathrú coinníoll de bhreithiúnas Altmark a mhéid nár cuireadh fadú na gCoinbhinsiún tosaigh amach chun tairisceana. Thug an Coimisiún dá aire thairis sin nach bhfuair sé aon fhianaise a thacódh leis an argóint gur sholáthraigh na hoibreoirí i ndáiríre na seirbhísí lena mbaineann ar an gcostas ba lú don phobal. |
(103) |
Tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid i gCinneadh 2011 dá bhrí sin gur Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bhí sa chúiteamh seirbhíse poiblí a íocadh leis na hoibreoirí le linn fhadú na gCoinbhinsiún tosaigh. Ina theannta sin, ba é tuairim an Choimisiúin gur cheart a mheas gur cabhair nua an chabhair sin. |
3.1.2. Comhoiriúnacht
(104) |
I gCinneadh 2011 uaidh, thug an Coimisiún an réamhthuairim nach dtagann an cúiteamh seirbhíse poiblí le haghaidh na mblianta 2009-2011 faoi raon feidhme Chinneadh 2005 maidir le SGEI (42) ná faoi raon feidhme Chreat SGEI 2005 (43). Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú ar an mbeart sin go díreach faoi Airteagal 106(2) CFAE agus shuigh sé go raibh amhras air maidir le cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha comhoiriúnachta is infheidhme. |
(105) |
I gCinneadh 2012, thug an Coimisiún dá aire gur tháinig pacáiste nua SGEI i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012, arb é a bhí ann Cinneadh 2011 maidir le SGEI (44) agus Creat SGEI 2011 (45). Thug an Coimisiún an réamhthuairim, áfach, nach bhféadfaí a mheas go raibh an cúiteamh seirbhíse poiblí faoi fhadú na gCoinbhinsiún tosaigh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ná díolmhaithe ón gceanglas fógra faoi Chinneadh 2011 maidir le SGEI. |
(106) |
Rinneadh foráil le Dlí 2010 maidir le fadú na gCoinbhinsiún tosaigh ón 30 Meán Fómhair 2010 go deireadh an phróisis príobháidithe. Dá thoradh sin, an cúiteamh a fuair Laziomar amhail ón 1 Meitheamh 2011 go dtí a phríobháidiú, d’fhéadfaí measúnú a dhéanamh air ar bhonn Chreat SGEI 2011. |
3.2. Príobháidiú Laziomar
(107) |
I gCinneadh 2012, léirigh an Coimisiún go raibh amhras air an raibh an nós imeachta tairisceana chun Laziomar a dhíol trédhearcach agus neamhchoinníollach go leordhóthanach chun a áirithiú gur tharla an díol ar phraghas an mhargaidh. |
(108) |
Mheas an Coimisiún go mb’fhéidir go raibh an líon tairgeoirí srianta le coinníollacha áirithe a forchuireadh sa phríobháidiú agus/nó go mb’fhéidir go raibh tionchar aige sin ar an bpraghas díola. D’athluaigh an Coimisiún a chleachtas bunaithe maidir le sócmhainní gnóthas faoi úinéireacht Stáit a bheith á ndíol ag an Stát (nó a ndíol a bheith inchurtha i leith an Stáit sa chás seo): is comhartha ar Státchabhair a bheith ann cúinsí neamheacnamaíocha a bheith á meas nach measfadh díoltóir príobháideach, amhail cúiseanna beartais phoiblí, ceanglais fostaíochta nó forbairt réigiúnach, más amhlaidh go bhforchuirtear leo oibleagáidí dochraideacha ar an gceannaitheoir ionchasach agus más dóigh dá bhrí sin go laghdófar an praghas díola. |
(109) |
Mheas an Coimisiún freisin gur chuir na ceanglais airgeadais mar a thugtar orthu agus mar a fhorchuirtear i dtairiscint Laziomar míshocracht éifeachtach sa tairiscint trí thairgeoirí ionchasacha a shrianadh do chuideachtaí muirí a bhí ann faoi láthair, ó tharla sa chás seo gur cuireadh an chuideachta féin a raibh an conradh seirbhíse poiblí aici ar díol (46). |
(110) |
Ar an mbealach céanna, mheas an Coimisiún gur scóráladh na tairiscintí teicniúla , agus ualach orthu a bhí níos airde go suntasach ná na tairiscintí eacnamaíocha (féach aithris 62), agus go raibh praghas na scaireanna socraithe ag na húdaráis áitiúla. |
(111) |
Ar na cúiseanna thuas, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach raibh nós imeachta príobháidithe Laziomar trédhearcach ná neamhchoinníollach go leordhóthanach chun a áirithiú as féin gur tharla an díolachán ar phraghas an mhargaidh agus go bhfuair sé an praghas ab airde ar na scaireanna. Dá bhrí sin, níor fhéad an Coimisiún é a eisiamh ag an tráth sin gur tugadh buntáiste eacnamaíoch don cheannaitheoir. |
(112) |
Mheas an Coimisiún freisin, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil nuair a bhí Cinneadh 2012 á eisiúint aige, gur neamh-chomhoiriúnach a bheadh aon chabhair a thiocfadh aníos i gcaitheamh an phróisis príobháidithe. |
3.3. An conradh seirbhíse nua idir Réigiún Lazio agus Laziomar
3.3.1. Altmark a urramú, agus cabhair agus comhoiriúnacht a bheith ann
(113) |
Thug an Coimisiún an réamhthuairim i gCinneadh 2012 nár chomhlíon an cúiteamh a íocadh le Laziomar na critéir a leagadh síos i mbreithiúnas Altmark agus gur cabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bhí ann dá bhrí sin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sin i bhfianaise an mhéid seo a leanas: (i) bhí iomaitheoirí ar dhealraitheach go raibh seirbhísí comhchosúla á dtairiscint acu i láthair ar a laghad ar bhealaí áirithe a bhí á n-oibriú ag Laziomar agus ní raibh faisnéis leordhóthanach ar fáil a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún teacht ar chonclúid maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ina léiriú ar fhíor-riachtanas seirbhíse poiblí nárbh fhéidir le fórsaí margaidh iad féin a chomhlíonadh; (ii) ba chosúil mar thoradh ar ríomh an chúitimh de bhun Threoir CIPE gur tugadh róchúiteamh don oibreoir as an tseirbhís phoiblí a sholáthar ar na cúiseanna céanna a luaitear i gCinneadh 2011; agus (iii) an ceathrú critéar de bhreithiúnas Altmark, ba chosúil nár urramaíodh é, i bhfianaise gur cuireadh an tseirbhís phoiblí chun tairisceana ar an gcoinníoll go bhfaigheadh an tairgeoir a n-éireodh leis cuideachta Laziomar ina hiomláine. Mheas an Coimisiún go bhféadfadh sé go mbeadh costas níos ísle don phobal ann dá mbeadh an conradh seirbhíse poiblí curtha chun tairisceana gan an ceanglas ceannaigh. |
3.3.2. Comhoiriúnacht
(114) |
I dtaca le comhoiriúnacht an chúitimh do Laziomar, thug an Coimisiún dá aire, ar bhonn na faisnéise a sholáthair údaráis na hIodáile, nárbh infheidhme Cinneadh 2011 maidir le SGEI. In aon chás, níor fhéad an Coimisiún teacht ar chonclúid maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh 2011 maidir le SGEI, toisc nach raibh an conradh sínithe soláthraithe ag an tráth sin. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhaisnéis (e.g. an líon paisinéirí a iompraíodh sa 2 bhliain roimh bhliain an chur in iontaoibh) chun scrúdú a dhéanamh ar choinníollacha eile comhoiriúnachta Chinneadh 2011 maidir le SGEI. Rinne an Coimisiún measúnú ina dhiaidh sin ar an gcabhair bunaithe ar Chreat SGEI 2011 ach shuigh sé go raibh amhras air maidir le cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh coinníollacha comhoiriúnachta an Chreata sin agus d’iarr ar an Iodáil go léireofaí gurb amhlaidh gur comhlíonadh. |
3.4. An tosaíocht feistithe
(115) |
I gCinneadh 2011, thug an Coimisiún an réamhthuairim gurb amhlaidh, a mhéid nach bhfaightear luach saothair i leith na tosaíochta feistithe, is buntáiste rialála an beart nach mbaineann aon aistriú ar acmhainní Stáit leis agus nach féidir leis dá bhrí sin cáiliú mar státchabhair. Ina mhalairt de chás, má thugtar luach saothair i leith na tosaíochta feistithe, mheas an Coimisiún, a mhéid a sholáthraíonn Laziomar fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus nach ndeonaítear an tosaíocht sin ach i ndáil le bealaí a chumhdaítear leis an tseirbhís sin lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, nach mbeadh buntáiste breise eacnamaíoch mar thoradh ar an méid sin ós rud é go mbeadh sé ina dhlúthchuid de sholáthar na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Mar sin féin, d’iarr an Coimisiún ar an Iodáil agus ar thríú páirtithe tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an mbeart sin. |
(116) |
Ós rud é gur léirigh sé go raibh sé in amhras faoi dhlisteanacht mhisean SGEI, ní fhéadfadh an Coimisiún teacht ar chonclúid maidir le comhoiriúnacht an bhirt dá mba chabhair é. |
3.5. Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010
(117) |
I gCinneadh 2011, thug an Coimisiún an réamhthuairim gur státchabhair i bhfabhar chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar, a bhí sna bearta uile a leagtar síos le Dlí 2010. Áiríodh orthu sin: (1) úsáid fhéideartha, chun críche leachtachta, na gcistí a bhí curtha in áirithe chun na longa a uasghrádú; (2) na díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe; agus (3) úsáid fhéideartha acmhainní FAS. D’iarr an Coimisiún ar an Iodáil a shoiléiriú cé acu a bhí nó nach raibh gá le gach ceann de na bearta sin chun an tseirbhís phoiblí a sholáthar agus, más amhlaidh gur gá, cén chaoi. |
(118) |
Thug an Coimisiún an réamhthuairim freisin gur dhócha gur chabhair oibriúcháin a bhí sna bearta sin lena laghdaítear na costais a bheadh le seasamh murach sin ag Laziomar féin, agus ag na cuideachtaí féin eile de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia, agus gur cheart a mheas dá bhrí sin go bhfuil na bearta sin neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach. |
4. Barúlacha ón Iodáil
4.1. Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus an timpeallacht iomaíoch
(119) |
Sholáthair an Iodáil liosta de na bealaí (mar aon le doiciméadacht dhlíthiúil chomhfhreagrach mar thacaíocht) arna n-oibriú ag Caremar agus ina dhiaidh sin ag Laziomar agus atá faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí, lena n-áirítear tráthchláir agus minicíocht de réir séasúir, an timpeallacht iomaíoch agus na cúiseanna atá leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sin. |
(120) |
A mhéid a bhaineann le fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith ann, thug an Iodáil dá haire gur leagadh síos na hoibleagáidí seirbhíse poiblí thuas chun leanúnachas críche agus an nasc idir an mhórthír agus na hoileáin a choinneáil ar bun, agus chun a áirithiú go soláthraítear na hearraí, lena n-áirítear earraí speisialta, is gá chun seirbhísí poiblí agus sóisialta do na hoileáin a dhéanamh go cuí. Cuireann an tseirbhís sin le forbairt eacnamaíoch na n-oileán agus ráthaíonn sí an tráth céanna riachtanais soghluaisteachta fhíor-riachtanacha phobail na n-oileán ar feadh na bliana agus áirithíonn sí go n-urramaítear an ceart chun leanúnachas críche, rud a ráthaítear go bunreachtúil. (47) |
(121) |
A mhéid a bhaineann leis an timpeallacht iomaíoch, chuir an Iodáil faisnéis isteach a léiríonn gurb é Laziomar an t-aon oibreoir amháin a bhíonn i mbun seoltóireachta ar na línte ar feadh na bliana, agus nach raibh iomaíochas ann ar roinnt bealaí ach amháin le linn an ardséasúir. Mar sin féin, is é tuairim na hIodáile nach féidir an tseirbhís a sholáthraíonn Laziomar a ionadú agus nárbh fhéidir le fórsaí margaidh ina n-aonar ráthú an leanúnachais críche a bhaint amach. |
4.2. Maidir le príobháidiú Laziomar
4.2.1. Maidir le praghas díola Laziomar
(122) |
De réir na hIodáile, is é a bhí i bpríobháidiú Laziomar ná aistriú scairchaipiteal iomlán na cuideachta trí bhíthin nós imeachta tairisceana poiblí arna thionscnamh ag Réigiún Lazio. Is é a bhí i gceist go comhuaineach leis an nós imeachta sin freisin seirbhísí poiblí muirí in oileánra Pontino a chur ar iontaoibh na cuideachta ar feadh tréimhse 10 mbliana chun leanúnachas críche a choinneáil ar bun. |
(123) |
Choimisiúnaigh Réigiún Lazio meastóireacht neamhspleách le saineolaithe (féach aithrisí 66 agus 67) chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna dlíthiúla agus eacnamaíocha maidir le díolachán Laziomar. De réir na hIodáile, leagtar amach go soiléir gonta sa mheastóireacht sin na nósanna imeachta a leanadh chun margadhluach scairchaipiteal Laziomar a chinneadh. |
4.2.2. Maidir le cineál trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach an nóis imeachta
(124) |
Cuireann an Iodáil i dtábhacht go ndearnadh na nósanna imeachta i gcomhréir le prionsabail dhlíthiúla na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe. Rinne sí an chosaint gur tugadh do na seacht bpáirtí uile a ligeadh isteach sa chéad chéim eile den nós imeachta tairisceana an fhaisnéis ábhartha ba ghá chun a dtairiscint a chur isteach, lena n-áirítear na “rialacháin tairisceana” agus na hiarscríbhinní a ghabhann leo, an “conradh seirbhíse” agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis agus an “conradh chun na scaireanna a aistriú” agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis. |
(125) |
Áitíonn an Iodáil thairis sin gur cuireadh Réigiún Lazio amach as an gcuireadh chun na ceanglais incháilitheachta airgeadais a chur ar tairiscint a d’fhágfadh go bhféadfadh cuideachtaí loingseoireachta, agus iad sin amháin, a bheith rannpháirteach sa nós imeachta (féach aithris 109). Chun é a chur ar a gcumas don réimse ba leithne tairgeoirí agus ab fhéidir a bheith rannpháirteach sa tairiscint, ceadaíodh do thairgeoirí go sainráite sa chuireadh chun tairisceana, ina theannta sin, a bheith rannpháirteach go comhpháirteach ann trí bhíthin grúpálacha sealadacha tairgeoirí, cuibhreannas nó GELEnna. |
(126) |
Maidir le hamhras an Choimisiúin gur mhó i bhfad ualú na dtairiscintí teicniúla ná na tairiscintí eacnamaíocha (i.e. 70 pointe agus 30 pointe faoi seach), tagraíonn an Iodáil do Bhreithiúnas Uimh. 782/2017 ón gComhairle Stáit an 30 Márta 2017 (48), ina ndúradh gur cheart don pháirtí conarthach, agus an critéar sin á chur i bhfeidhm aige, “gnéithe cáilíochtúla na tairisceana a chur i dtábhacht agus critéir a roghnú a áiritheoidh go ndéanfar comparáid éifeachtach iomaíoch idir na próifílí teicniúla. Chuige sin, ba cheart di an scór uasta a bhfuil coinne leis don tairiscint eacnamaíoch a shuí chun a áirithiú nach mbeidh tús áite ag an ngné sin seachas ag na cinn uile eile”. |
(127) |
Dá bhrí sin, de réir na hIodáile, d’fhág an t-ualú éagsúil go rabhthas in ann meastóireacht a dhéanamh ar ghnéithe cáilíochtúla na tairisceana go comhsheasmhach agus leasuithe síos iomarcacha ar an bpraghas a dhíspreagadh, rud ba dheacair a choinneáil gan cáilíocht na seirbhíse poiblí a bheith thíos leo. Thairis sin, bhíothas in ann coigilteas mór costais a bhaint amach do Réigiún Lazio dá bharr, i bhfianaise gur dámhadh an conradh don tairgeoir buach a dhéanfadh an tseirbhís phoiblí ar a bhonn ar mhéid cúitimh a socraíodh 10,8 % níos ísle ná an bonnphraghas (féach aithris 75). |
4.3. Maidir le comhlíontacht fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le coinníollacha Altmark
(128) |
Áitíonn an Iodáil go gcomhlíontar na ceithre chritéar Altmark don tréimhse 2011–2013 agus don tréimhse 2014–2024 araon ar na cúiseanna seo a leanas:
|
4.4. An tosaíocht feistithe
(129) |
Maidir leis an tosaíocht feistithe (féach aithris 83), áitíonn an Iodáil gurb é an gá atá le seirbhís phoiblí a sholáthar a thugann údar leis an tosaíocht sin, agus nach dtugtar aon bhuntáiste eacnamaíoch do Laziomar a thabharfadh le tuiscint go mbeadh caillteanas acmhainní Stáit ann freisin. |
(130) |
De réir na hIodáile, íocann na hoibreoirí farantóireachta uile táillí tráthrialta leis na húdaráis ábhartha chalafoirt as feistiú. Maíonn an Iodáil freisin nach bhfuil an tosaíocht feistithe sin infheidhme ach amháin maidir leis na bealaí seirbhíse poiblí agus nár íoc Laziomar aon táille bhreise as an tosaíocht feistithe sin agus nach n-íocann go fóill, óir thabharfadh calafoirt an chéad rogha de shliotáin feistithe dó fiú in éagmais tosaíochta foirmiúla feistithe mar gheall ar a mhisean seirbhíse poiblí. |
4.5. Maidir leis na bearta a leagtar síos le Dlí 2010
(131) |
Ar an mbealach céanna, a mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 (féach aithrisí 84, 85 agus 86), áitíonn an Iodáil nár leithdháileadh na bearta sin ar Laziomar, nár thairbhigh Laziomar díobh agus nach dtairbheoidh amach anseo. |
(132) |
Sa chomhthéacs sin, áitíonn an Iodáil gur leithdháileadh ar Caremar tráth a bhí na bealaí cabatáiste muirí in oileánra Pontino á n-oibriú aige féin, acmhainní airgeadais a gealladh cheana le Dlí Uimh. 102/2009 agus gur bhain Caremar úsáid éifeachtach as na hacmhainní sin. Go háirithe, leithdháileadh EUR 1 410 000 ar Caremar chun uasghrádú a dhéanamh ar 2 cheann de na longa a aistríodh ina dhiaidh sin chuig Laziomar saor in aisce (Quirino agus Tetide). Áitítear freisin nár úsáideadh na cistí sin chun críoch leachtachta. |
(133) |
I ndáil leis na díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe, áitíonn an Iodáil, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide, nár cuireadh an beart i bhfeidhm toisc gur aistríodh Caremar, Saremar agus Toremar chuig na réigiúin saor in aisce. Dá bhrí sin, in éagmais aon luach saothair, níl feidhm ag Airteagal 86(1)(a) den Dlí Cánach Ioncaim Comhdhlúite maidir le gnóthachain chaipitiúla i gcás aistrithe sócmhainní in aghaidh íocaíochta. I dtaca le cáin bhreisluacha, thug an Iodáil dá haire go raibh aistrithe Caremar, Saremar agus Toremar ina n-idirbhearta atá díolmhaithe ó cháin bhreisluacha faoi Airteagal 10(1)(4) d’Fhoraithne Uimh. 633 ón Uachtarán an 26 Deireadh Fómhair 1972. I dtaca le cánacha indíreacha seachas cáin bhreisluacha, chuir an Iodáil i dtábhacht gur ceapadh an díolúine dá bhforáiltear i nDlí 2010 d’fhonn riarachán a shimpliú. Ón bpeirspictíocht chánachais, is féidir éifeacht na díolúine a mheas a bheith diomaibhseach agus ar bheagán tionchair i ndáil le cánacha a muirearaítear ar rátaí comhréidhe. Ar bhealach níos sonraí, baineann sé leis an dleacht chlárúcháin (EUR 168 in aghaidh an doiciméid), le táillí clárúcháin clár talún agus morgáiste (EUR 168 an ceann) agus leis an dleacht stampála (EUR 14,62 le haghaidh thaobh). |
(134) |
Maidir leis na hacmhainní FAS, áitíonn an Iodáil nach bhfuair Laziomar aon sochar uathu. Ina theannta sin, shoiléirigh sí nár úsáideadh acmhainní FAS chun cúiteamh breise a thabhairt do chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar. Ina ionad sin, cuireadh na hacmhainní sin ar fáil chun forlíonadh a dhéanamh ar na leithreasuithe buiséid a cuireadh ar bun chun na cúitimh seirbhíse poiblí a íoc le cuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, i gcás nár leordhóthanach na leithreasuithe buiséid sin. Tugann an Iodáil dá haire gur chuir Airteagal 1, mír 5-ter de Dhlí Foraithne Uimh. 125/2010 ar a gcumas do na réigiúin na hacmhainní FAS a úsáid chun (cuid den) chúiteamh seirbhíse poiblí tráthrialta a chistiú agus leanúnachas na seirbhísí poiblí muirí a áirithiú dá réir sin. Thairis sin, shoiléirigh an Iodáil gurb amhlaidh, faoi Airteagal 26 de Dhlí Foraithne 185/2008, a bhí EUR 65 mhilliún le haghaidh gach ceann de na blianta 2009, 2010 agus 2011 curtha i leataobh le haghaidh ghrúpa Tirrenia agus a tarraingíodh anuas EUR 195 mhilliún dá réir sin ó acmhainní FAS. Aistríodh na cistí sin ansin chuig cuntas na hAireachta Iompair a cuireadh i leataobh chun an cúiteamh seirbhíse poiblí a íoc le cuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia (Tirrenia, Siremar, Caremar (an tráth sin), Toremar agus Saremar). Dá bhrí sin, ní bhainfeadh an beart sin ach le leithdháileadh acmhainní i mbuiséad na hIodáile chun na cúitimh seirbhíse poiblí a íoc. |
4.6. Maidir leis na rialacha chun an cúiteamh le haghaidh na tréimhse 2011–2019 a ríomh agus maidir leis an bpréimh riosca 6,5 % a leagtar síos i dTreoir CIPE ó 2010 amach
(135) |
Áitíonn an Iodáil gurbh iad na paraiméadair a sainmhíníodh le Treoir CIPE iad na paraiméadair a úsáideadh go dtí an 14 Eanáir 2014 chun an cúiteamh a íocadh do Laziomar a ríomh. Ón 15 Eanáir 2014 sainmhínítear an cúiteamh sa chonradh seirbhíse poiblí bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear i dTreoir CIPE, á chur san áireamh freisin an tairiscint eacnamaíoch a chuir ceannaitheoir Laziomar, CLN, isteach faoin nós imeachta tairisceana. |
(136) |
Soiléiríonn an Iodáil gur cinneadh go deimhin an ríomh a shimpliú trí 6,5 % a chur i bhfeidhm mar ráta comhréidh i ndáil le toradh ar chaipiteal mar gheall go gcuirtear uasteorainn le méid an chúitimh le Dlí 2009. Bhí an cur chuige simplithe sin infheidhme le linn fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus tá sé i bhfeidhm fós faoin gconradh nua seirbhíse poiblí le Laziomar. |
(137) |
Ina theannta sin, de réir na hIodáile, meastar gurb iomchuí é an ráta comhréidh 6,5 % i ndáil le toradh ar chaipiteal i bhfianaise go bhfuil an sásra athchothromúcháin a leagtar síos in Airteagal 25 den chonradh (féach aithris 78) an-docht ina chur i bhfeidhm. Thairis sin, ní fhéadfadh sásra den sórt sin (e.g. leasú ar an bpraghasteorainn uasta bhliantúil) a bheith infheidhme i gcásanna ina bhfaigheann tairbhí amhail Laziomar tearc-chúiteamh. |
(138) |
I dTábla 5, soláthraíonn an Iodáil na gnéithe a cuireadh san áireamh chun an phréimh riosca a ríomh le haghaidh Laziomar le linn na tréimhse 2011–2019: Tábla 5 Toradh ar chaipiteal infheistithe Laziomar le haghaidh 2011–2019
|
4.7. Maidir le comhlíontacht an chonartha nua seirbhíse poiblí le Cinneadh 2011 maidir le SGEI
(139) |
Fiú má mheasann an Iodáil nach Státchabhair atá sa chúiteamh seirbhíse poiblí a íocadh le Laziomar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí, tá sí tar éis a áitiú freisin cén fáth a gcomhlíonfadh an beart sin Cinneadh 2011 maidir le SGEI dá mba chabhair a bheadh ann. |
(140) |
Ina freagra, áitíonn an Iodáil gurb infheidhme iad araon Cinneadh 2005 agus Cinneadh 2011 maidir le SGEI, ós rud é go ndearnadh foráil in Airteagal 19-ter de Dhlí 2009 agus i bhForaithne Lazio maidir le tabhairt i gcrích an chonartha seirbhíse poiblí. |
(141) |
Sholáthair an Iodáil figiúirí i gcomhair na mblianta 2012 agus 2013 a léiríonn nár sháraigh an meánlíon bliantúil paisinéirí an tairseach 300 000 paisinéir a leagtar síos in Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2011 maidir le SGEI ar aon cheann de na bealaí seoltóireachta lena mbaineann le linn an 2 bhliain airgeadais roimh an mbliain inar sannadh SGEI do Laziomar (i.e. 240 430 paisinéir in 2012 agus 254 167 bpaisinéir in 2013). |
4.8. Maidir le comhlíontacht an chonartha nua seirbhíse poiblí le Creat SGEI 2011
(142) |
Áitíonn an Iodáil go bhfuil an tseirbhís phoiblí a cuireadh ar iontaoibh Laziomar ina fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta bunaithe ar ghníomh iontaoibhe, i.e. an conradh seirbhíse, ina gcuimsítear ábhar agus fad na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí, an chríoch lena mbaineann, an sásra cúitimh agus na paraiméadair chun cúiteamh a ríomh agus ina dtugtar tuairisc ar na nithe sin. |
(143) |
Thairis sin, de réir na hIodáile, ní mó an cúiteamh ná an méid is gá chun na costais a tabhaíodh i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, ós rud é gur suíodh an méid cúitimh i gcomhthéacs nóis imeachta tairisceana ar bhonn critéir a leagtar amach i dTreoir CIPE, agus go ndéantar foráil sa chonradh maidir le córas faireacháin chun róchúiteamh a sheachaint. |
(144) |
Ar an mbealach céanna, a mhéid a bhaineann leis an ráta toraidh, tagraíonn an Iodáil don chinneadh ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2017 (i gcás SA.42710) (féach aithris 128), áit nár chuir an Coimisiún i gcoinne ráta toraidh níos airde ná 6,5 % (i.e. 8 %). |
5. Measúnú
5.1. Cabhair a bheith ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE
(145) |
Foráiltear de réir Airteagal 107(1) CFAE “aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit”. |
(146) |
Is critéir charnacha iad na critéir a leagtar síos le hAirteagal 107(1) CFAE. Dá bhrí sin, ní mór gach ceann de na coinníollacha thuasluaite a chomhlíonadh chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na bearta ar tugadh fógra ina leith ina Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Is é sin, ba cheart don tacaíocht airgeadais:
|
(147) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an tosaíocht feistithe, nach bhfuil feidhm léi ach maidir leis na bealaí seirbhíse poiblí amháin, nasctha go dlúth le SGEI a bheith á feidhmiú ag Laziomar agus ag a fhaighteoir CLN. Dá bhrí sin, déanfar measúnú ar an mbeart sin go comhpháirteach leis an gcúiteamh seirbhíse poiblí faoi seach a deonaíodh do na cuideachtaí sin (féach ranna 5.1.1 agus 5.1.2). |
(148) |
Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur cheart an conradh nua seirbhíse poiblí idir an Iodáil agus Laziomar a mheasúnú go comhpháirteach le príobháidiú Laziomar. Is iomchuí measúnú comhpháirteach den sórt sin toisc gur eagraigh an Iodáil, go bunúsach, tairiscint le haghaidh an chonartha nua seirbhíse poiblí inarbh éigean don tairgeoir ar éirigh leis scairchaipiteal Laziomar ina iomláine a fháil chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh seirbhíse poiblí sin a chomhlíonadh. |
5.1.1. Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Laziomar agus an Iodáil
5.1.1.1.
(149) |
Chuir an Iodáil oibriú bealaí muirí mar a mionsonraíodh sa Choinbhinsiún tosaigh, mar a fadaíodh, ar iontaoibh Laziomar. Tugadh an Coinbhinsiún tosaigh i gcrích leis an Stát agus íocann an Stát an cúiteamh seirbhíse poiblí a thagann as sin le Laziomar as a bhuiséad féin. Dá bhrí sin, tá an cúiteamh seirbhíse poiblí le Laziomar inchurtha i leith an Stáit agus tugtar é trí bhíthin acmhainní Stáit. |
(150) |
Tugann an Coimisiún dá aire, de réir na hIodáile, go n-íocann na hoibreoirí farantóireachta uile táillí tráthrialta leis na húdaráis ábhartha chalafoirt as feistiú ach nár íoc Laziomar aon táille bhreise as an tosaíocht feistithe. Measann an Coimisiún mar sin féin gur fhéad an Iodáil a roghnú, i bprionsabal, táille bhreise a ghearradh ar an tosaíocht feistithe sin agus gur lig sí ioncaim Stáit thar ceal nuair nach ndearna sí amhlaidh. Thairis sin, ós rud é go dtugtar an tosaíocht feistithe le dlí (féach aithris 83) tá sí inchurtha i leith an Stáit. |
5.1.1.2.
(151) |
Ní mór do bheart a bheith roghnaíoch chun go gcáileofar mar Státchabhair é. Ní dhéantar an cúiteamh seirbhíse poiblí as soláthar na seirbhísí muirí i gceist a dheonú ach do Laziomar, mar sin tá sé roghnaíoch. Ós rud é nár tugadh an tosaíocht feistithe ach do chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar, tá sí sin roghnaíoch freisin. |
5.1.1.3.
(152) |
Meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfaí, faoi choinníollacha áirithe a shainítear go docht, nach buntáiste eacnamaíoch atá i gcúitimh seirbhíse poiblí a dheonaítear do chuideachta. |
(153) |
Go háirithe, chinn an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas Altmark (50), i gcás ina gcaithfear beart Stáit a mheas mar chúiteamh as na seirbhísí arna soláthar ag na gnóthais faighteora chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, sa chaoi is nach dtairbheoidh na gnóthais sin de bhuntáiste airgeadais iarbhír agus nach mbeidh de thoradh an bhirt go mbeidh seasamh iomaíoch níos fabhraí acu ná mar atá ag na gnóthais atá i mbun iomaíochta leo, nach dtagann beart den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE. |
(154) |
Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin, áfach, nár mhór na ceithre chritéar charnacha (“critéir Altmark”), a dtugtar achoimre orthu thíos, a chomhlíonadh chun go bhféadfadh cúiteamh seirbhíse poiblí den sórt sin imeacht ó bheith cáilithe mar Státchabhair i gcás ar leith:
|
(155) |
Shonraigh an Coimisiún cén chaoi a gcuireann sé critéir Altmark i bhfeidhm ina Theachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (“Teachtaireacht SGEI”) (51). |
(156) |
Ós rud é nach mór critéir Altmark a chomhlíonadh go carnach, mura dtabharfaí urraim d’aon cheann de na critéir sin thiocfadh an Coimisiún ar an gconclúid go soláthraíonn an beart faoi mheasúnú buntáiste eacnamaíoch don tairbhí. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar dtús ar urraim do Altmark 4. |
157) |
Foráiltear le Altmark 4 nach mór an méid is lú is gá a bheith sa chúiteamh chun nach gcáileofar mar Státchabhair é. Meastar an critéar sin a bheith comhlíonta má roghnaíodh faighteoir an chúitimh seirbhíse poiblí de bhun nós imeachta tairisceana, trína bhféadtar an tairgeoir atá in ann na seirbhísí a sholáthar ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, nó dá uireasa sin, má ríomhadh an cúiteamh trí thagairt a dhéanamh do na costais atá ag gnóthas éifeachtúil. |
(158) |
Níor roghnaíodh Laziomar de bhun nós imeachta tairisceana poiblí i gcás aon cheann d’fhaduithe an Choinbhinsiúin tosaigh sa tréimhse ón 1 Meitheamh 2011 go dtí an 14 Eanáir 2014. Ní dhearna an Iodáil ach an córas a bhí i bhfeidhm cheana a fhadú agus, dá réir sin, teideal a thabhairt don oibreoir réamhbhunaithe leanúint de bheith ag fáil cúitimh as na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. |
(159) |
Thairis sin, níor thug an Iodáil aon léiriú don Choimisiún go ndearnadh leibhéal an chúitimh a chinneadh ar bhonn anailíse ar na costais a thabhódh gnóthas tipiciúil, atá dea-riartha agus a soláthraítear modhanna iompair leordhóthanacha dó ionas go bhfuil sé in ann na ceanglais seirbhíse poiblí is gá a chomhlíonadh, le linn dó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus na hioncaim ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí á gcur san áireamh. |
(160) |
Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nár comhlíonadh Altmark 4 sa chás seo. |
(161) |
Ós rud é nach dtugtar urraim go carnach do na cheithre choinníoll Altmark sa chás seo, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur thug an cúiteamh as bealaí muirí a oibriú faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh buntáiste eacnamaíoch do Laziomar. |
(162) |
I dtaca leis an tosaíocht feistithe, meabhraíonn an Coimisiún ar dtús gur mheas údarás iomaíochta na hIodáile, AGCM, faoi dhó cheana ar a laghad go bhfuil luach eacnamaíoch ag an mbeart (52). Mar sin féin, ní íocann Laziomar aon táille as an tosaíocht feistithe (féach aithris 130). Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfadh an tosaíocht feistithe, go teoiriciúil ar a laghad, costais an oibreora a laghdú (e.g. toisc go bhféadfadh an tosaíocht feistithe laghdú ar agaí feithimh i gcalafoirt agus ar chostais bhreosla dá thoradh sin) nó a chuid ioncaim a mhéadú (e.g. toisc go bhféadfadh éileamh ó phaisinéirí a bheith níos mó ag amanna áirithe seachas a chéile). Go deimhin, a mhéid a thugann an tosaíocht feistithe caoi do long teacht níos tapúla chun cé, d’fhéadfadh sé gurb é an t-oibreoir farantóireachta a thairbhíonn den bheart sin a roghnódh úsáideoirí na seirbhíse farantóireachta. Fiú mura mbeadh na héifeachtaí sin ann ach in imthosca teoranta nó mura mbeidís ach réasúnta beag, d’fhéadfadh an tosaíocht feistithe a bheith ina buntáiste eacnamaíoch do Laziomar mar sin féin. |
5.1.1.4.
(163) |
I gcás ina dtugann Ballstát cabhair do ghnóthas a láidríonn a sheasamh i gcomparáid le gnóthais eile atá i mbun iomaíochta i dtrádáil laistigh den Aontas, ní mór a mheas go bhfuil difear á dhéanamh do na gnóthais sa chás deireanach sin (53). Is leordhóthanach go dtéann faighteoir na cabhrach sin in iomaíocht le gnóthais eile ar mhargaí atá oscailte don iomaíocht (54). |
(164) |
Sa chás reatha, oibríonn an tairbhí in iomaíocht le gnóthais eile a sholáthraíonn seirbhísí iompair mhuirí san Aontas, go háirithe ó tháinig Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle (55) agus an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí i bhfeidhm, lena léirscaoiltear margadh an iompair mhuirí idirnáisiúnta agus an chabatáiste mhuirí, faoi seach. Cé gurbh é Laziomar an t-aon oibreoir amháin ar bhealaí áirithe an tráth sin, ní chiallaíonn sin nárbh fhéidir go mbeadh spéis ag oibreoirí (idirnáisiúnta) eile seirbhísí iompair mhuirí comhchosúla a thairiscint. Dá bhrí sin, is dóigh don chúiteamh as bealaí muirí a oibriú faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh difear a dhéanamh do thrádáil an Aontais agus saobhadh ar iomaíocht a bhreith laistigh den mhargadh inmheánach. Ar na cúiseanna céanna, seastar leis an gconclúid sin maidir leis an tosaíocht feistithe. |
5.1.1.5.
(165) |
Ó tharla go gcomhlíontar gach ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur Státchabhair do Laziomar atá sa chúiteamh seirbhíse poiblí arna íoc ar bhonn fhaduithe comhleanúnacha an Choinbhinsiúin tosaigh agus sa tosaíocht feistithe do na bealaí seirbhíse poiblí araon. |
5.1.1.6.
(166) |
Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús nach ndéantar measúnú sa Chinneadh seo ar an gcúiteamh a íocadh le Caremar (an tráth sin) as oibleagáidí seirbhíse poiblí muirí a oibriú go dtí deireadh 2008. Is ábhar do chinneadh ar leithligh de chuid an Choimisiúin é an measúnú ar an gcúiteamh sin agus cé acu is féidir, nó nach féidir, é a aicmiú mar chabhair atá ann faoi láthair ar bhonn Airteagal 4(3) den Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí (56). |
(167) |
De réir Airteagal 1(c) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (57), ciallaíonn cabhair nua “gach cabhair, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair, nach cabhair í atá ann faoi láthair, lena n-áirítear athruithe ar chabhair atá ann faoi láthair”. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 108(3) CFAE nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún in am trátha maidir le pleananna chun cabhair atá ann faoi láthair a dheonú nó a athrú agus nach bhféadfar iad a chur chun feidhme go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach ann de bharr an nóis imeachta (58). I gcomhréir le seasamh Chúirteanna an Aontais (59), measann an Coimisiún gur leordhóthanach an rud é fad scéim cabhrach a raibh dáta soiléir éaga aici (i.e. 31 Nollaig 2008) a leasú (i.e. a fhadú) chun go mbeidh sí ina cabhair nua, gan beann ar cé acu a athraíodh, nó nár athraíodh, tréithe eile an bhirt. |
(168) |
Ar na cúiseanna thuas, measann an Coimisiún gur cheart an cúiteamh seirbhíse poiblí a íocadh le Laziomar ar bhonn fhaduithe comhleanúnacha an Choinbhinsiúin tosaigh a mheas mar chabhair nua gan beann ar aicmiú an chúitimh a dámhadh do Caremar (an tráth sin) suas go dtí deireadh 2008 mar chabhair a bhí ann cheana (60). Seasann an chonclúid sin maidir leis an tosaíocht feistithe freisin. |
5.1.2. Dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Laziomar
(169) |
Chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu atá nó nach bhfuil dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Laziomar ina buntáiste do Laziomar agus dá fhaighteoir, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar urramú chritéir Altmark (féach aithris 154). |
5.1.2.1.
(170) |
Meabhraíonn an Coimisiún nach bhfuil aon sainmhíniú comhionann beacht ann ar sheirbhís a d’fhéadfadh a bheith ina seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta faoi dhlí an Aontais, de réir bhrí an chéad choinníll Altmark nó de réir bhrí Airteagal 106(2) CFAE (61). Is mar a leanas an fhoclaíocht i mír 46 den Teachtaireacht: “In éagmais rialacha sonracha de chuid an Aontais a shainíonn raon feidhme maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith ann, tá lamháil leathan discréide ag Ballstáit chun seirbhís ar leith a shainiú mar seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus cúiteamh a dheonú don soláthraí seirbhíse. Tá inniúlacht an Choimisiúin chuige sin teoranta do sheiceáil cibé a rinne, nó nach ndearna, Ballstát earráid fhollasach le linn dó an tseirbhís a shainiú mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus do mheasúnú a dhéanamh ar aon Státchabhair atá mar chuid den chúiteamh sin. I gcás ina bhfuil rialacha sonracha de chuid an Aontais ann tá discréid faoi cheangal eile ag na rialacha sin, gan dochar do dhualgas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar cibé ar sainíodh, nó nár sainíodh, seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gceart chun críoch rialaithe Státchabhrach.” |
(171) |
Tá údaráis náisiúnta i dteideal dá bhrí sin a bheith den tuairim go bhfuil seirbhísí áirithe ar mhaithe leis an leas ginearálta agus nach mór iad a oibriú trí bhíthin oibleagáidí seirbhíse poiblí le háirithiú go gcosnaítear an leas poiblí nuair nach ráthaíonn fórsaí margaidh go soláthraítear ar an leibhéal nó leis na coinníollacha is gá iad. |
(172) |
I réimse an chabatáiste, leagadh rialacha sonracha a rialaíonn oibleagáidí seirbhíse poiblí síos sa Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí agus, chun scrúdú a dhéanamh ar Státchabhair fhéideartha chuig gnóthais atá páirteach san iompar muirí, sna treoirlínte ón gComhphobail maidir le Státchabhair d’iompar muirí (“na Treoirlínte Muirí”) (62). |
(173) |
Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 4(1) den Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí: “Féadfaidh Ballstát conarthaí seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích le hoibleagáidí seirbhíse poiblí mar chuid díobh, nó oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar chuideachtaí loingseoireachta atá rannpháirteach i seirbhísí rialta chuig, ó agus idir oileáin agus na hoibleagáidí sin mar choinníoll chun seirbhísí cabatáiste a sholáthar. I gcás ina dtugann Ballstát conradh seirbhíse poiblí i gcrích nó ina bhforchuireann sé oibleagáidí seirbhíse poiblí, déanfaidh sé amhlaidh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach i leith longúinéirí uile an Chomhphobail.” |
(174) |
Leagtar amach le hAirteagal 2(3) den Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí go bhféadfar an méid seo a leanas a chumhdach i gconradh seirbhíse poiblí: seirbhísí iompair a chomhlíonann caighdeáin sheasta maidir le leanúnachas, rialtacht, toilleadh agus cáilíocht, seirbhísí iompair breise, seirbhísí iompair ar rátaí sonraithe agus seirbhísí iompair atá faoi réir coinníollacha sonracha, go háirithe i ndáil le catagóirí áirithe paisinéirí nó bealaí áirithe agus leasuithe ar sheirbhísí chun freastal ar riachtanais iarbhír. |
(175) |
I gcomhréir le Roinn 9 de na Treoirlínte Muirí, “féadfar oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur nó conarthaí seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích le haghaidh na seirbhísí a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92”, i.e. seirbhísí sceidealaithe chuig oileáin, ó oileáin agus idir oileáin. |
(176) |
Tá sé mar thoradh ar chásdlí seanbhunaithe nach féidir oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ach amháin má tá údar leo de bharr an gá atá ann le seirbhísí iompair mhuirí rialta a áirithiú nach féidir iad a áirithiú trí fhórsaí margaidh amháin (63). Deimhnítear sa Teachtaireacht maidir le léirmhíniú ar an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí (64) gur “faoi na Ballstáit (lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla i gcás inarb iomchuí) agus ní na longúinéirí, atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na bealaí a n-éilítear oibleagáidí seirbhíse poiblí ina leith. Go háirithe, féadfar oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheartú le haghaidh seirbhísí cabatáiste oileáin tráthrialta (sceidealaithe) i gcás ina mainníonn an margadh seirbhísí leordhóthanacha a sholáthar”. Thairis sin, sainítear in Airteagal 2(4) den Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí oibleagáidí seirbhíse poiblí mar oibleagáidí nach ‘ nglacfadh an longúinéir atá i gceist air féin dá mbeadh sé ag féachaint dá leas tráchtála féin, nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna ná faoi na coinníollacha céanna ’. |
(177) |
I gcomhréir leis an gcásdlí (65), chun a fhíorú cibé acu atá nó nach bhfuil fíor-riachtanas seirbhíse poiblí ann agus cibé acu a bhí nó nach raibh sé riachtanach agus comhréireach, agus dá bhrí sin, cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh an chéad chritéar Altmark, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid a leanas:
|
(1) Éileamh ó úsáideoirí
(178) |
Sa chás seo, cuireadh ar iontaoibh Laziomar seirbhísí do phaisinéirí, seirbhísí measctha agus seirbhísí lasta a sholáthar ar na línte iomadúla a léirítear i dTábla 9. Baineann na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchuirtear ar Laziomar leis na calafoirt a bhfreastalaítear orthu, le cineál agus toilleadh na soithí arna sannadh do na naisc mhuirí atá á n-oibriú faoin gcóras seirbhíse poiblí, le minicíocht na seirbhíse agus leis na huastáillí atá le gearradh. |
(179) |
Mar a thugtar tuairisc air in aithris 120, d’fhorchuir an Iodáil na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa Choinbhinsiún nua chun na nithe seo a leanas a dhéanamh go príomha (i) le leanúnachas críche idir an mhórthír agus na hoileáin a áirithiú agus (ii) rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann, trí sheirbhísí iompair mhuirí tráthrialta agus iontaofa. Measann an Coimisiún gur cuspóirí dlisteanacha leasa phoiblí iad sin. |
(180) |
Go stairiúil, níor baineadh na cuspóirí a bheartaíonn an Iodáil amach trí idirghníomhaíocht idir na fórsaí margaidh amháin. Go deimhin, ba iad oibleagáidí seirbhíse poiblí a forchuireadh chuige sin ar chuideachtaí a bhí mar chuid de Ghrúpa Tirrenia roimhe seo agus atá cumhdaithe sna Coinbhinsiúin tosaigh a d’áirithigh leordhóthanacht na seirbhísí sin go traidisiúnta. Go deimhin, tugann an Coimisiún dá aire gur oibríodh na bealaí atá i gceist, gan athrú den chuid is mó, le blianta fada, i.e. ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin tosaigh ar a laghad. Mheas an Iodáil, agus go háirithe na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann, go raibh na seirbhísí sin (agus go leanann siad le bheith) riachtanach chun freastal ar éileamh na n-úsáideoirí. |
(181) |
I ndáil leis na bealaí lasta amháin (i.e. Líne T3 agus Líne T4), meabhraíonn an Coimisiún gur shuigh an Chúirt Ghinearálta cheana (66) nach gá go mbeadh an tseirbhís i gceist ina seirbhís uilíoch strictu sensu chun go bhféadfaí a mheas go bhfuil saintréithe seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta aici. Déanta na fírinne, ní chiallaíonn coincheap na seirbhíse uilíche nach mór don tseirbhís i gceist freastal ar riachtanas atá i gcoitinne ag an bpobal uile ná nach mór an tseirbhís a sholáthar ar fud críche (67), ach go bhfreastalaíonn sí ar leasanna na sochaí ina hiomláine. Ina theannta sin, is é dearcadh an Choimisiúin é nach gcuireann reachtaíocht an Aontais cosc ar Bhallstáit, agus a ndiscréid á feidhmiú acu, a mheas go bailí go gcáilíonn seirbhísí lasta muirí áirithe chuig limistéir iargúlta agus uathu mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ar choinníoll go gcomhlíontar na prionsabail a leagtar síos leis an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí. |
(182) |
Tá mínithe ag an Iodáil go bhfuil na riachtanais seirbhíse poiblí nasctha le saintréithe speisialta geografacha agus soch-eacnamaíocha na n-oileán in oileánra Pontino. Sonraítear le hAirteagal 1 den chonradh seirbhíse go bhfuil na seirbhísí a dámhadh do Laziomar ‘[…] riachtanach chun leanúnachas críche a choinneáil ar bun chun a áirithiú go soláthraítear na hearraí, lena n-áirítear earraí speisialta, is gá chun seirbhísí poiblí agus sóisialta oileáin Pontino a dhéanamh go cuí […]’ . A mhéid a bhaineann le hoileán Ponza, tá gá le leanúnachas críche agus soláthar earraí agus earraí speisialta i bhfianaise a fhad amach ón mórthír atá sé (timpeall 27 muirmhíle amach ó Terracina) agus an daonra beag atá ann (timpeall 3 500 cónaitheoir). Baineann cúinsí comhchosúla le hoileán Ventotene (timpeall 31 mhuirmhíle amach ó Terracina agus timpeall 800 cónaitheoir ann). Áirithíonn minicíocht thráthrialta na seirbhísí lasta sin ar feadh na bliana go gcoinnítear soláthairtí leordhóthanacha le cónaitheoirí agus cuideachtaí na n-oileán sin i gcaitheamh an lag-shéasúir freisin nuair a bhíonn níos lú éilimh ann ó thurasóirí. Ina theannta sin, rannchuidíonn na seirbhísí sin le forbairt eacnamaíoch an dá oileán trí earraí agus earraí speisialta (e.g. earraí contúirteacha, dramhaíl sholadach chathrach, etc.) a iompar isteach ón mórthír agus amach chuici. |
(183) |
A mhéid a bhaineann leis na seirbhísí do phaisinéirí agus na seirbhísí measctha, chun an fíoréileamh a thaispeáint, sholáthair an Iodáil staidreamh comhiomlánaithe ina léirítear gur iompair Laziomar 240 430 paisinéir agus 13 228 bhfeithicil in 2012 ar na bealaí seirbhíse poiblí le linn na dtréimhsí ama faoi seach a chumhdaítear leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí. Bhí na méideanna sin níos airde in 2013 (i.e. 254 167 bpaisinéir agus 16 927 bhfeithicil). Léiríonn sé sin go raibh éileamh suntasach comhiomlán ann le haghaidh seirbhísí iompair mhuirí ar na bealaí lena mbaineann sa 2 bhliain sula ndeachaigh Laziomar faoina oibleagáidí seirbhíse poiblí (féach aithris 291 chun staidrimh mhionsonraithe de réir bealaí a fháil le haghaidh na mblianta idir 2011 agus 2013). |
(184) |
D’fhonn a thaispeáint a thuilleadh gur fhan éileamh ó úsáideoirí nuair a thosaigh Laziomar ag oibriú ar bhonn an chonartha nua seirbhíse poiblí ar na bealaí uile, sholáthair an Iodáil staidreamh comhiomlánaithe go dtí deireadh 2019 (féach Táblaí 6 go 8). Deimhnítear leis sin go raibh éileamh ó úsáideoirí fós ann, cé go raibh beagán luaineachta suas nó síos ann. In aon chás, níor soláthraíodh aon eolas san anailís ar staidrimh de réir bealaí le haghaidh gach bliana go dtí deireadh 2019 go n-imeodh an t-éileamh ó úsáideoirí le haghaidh bealaí sonracha. Tábla 6 Staidreamh ar phaisinéirí le haghaidh na mblianta 2014–2019
Tábla 7 Staidreamh ar fheithiclí le haghaidh na mblianta 2014–2019
Tábla 8 Lasta a iompraíodh, arna shloinneadh i méadair líneacha le haghaidh na mblianta 2014–2019 (69)
|
(185) |
Measann an Coimisiún go dtaispeántar go soiléir leis an staidreamh thuas go bhfuil fíoréileamh ann le haghaidh seirbhísí paisinéirí, measctha agus lasta ar gach ceann de na bealaí seirbhíse poiblí faoi seach. Féadfar an chonclúid a dhéanamh dá bhrí sin go bhfreastalaíonn na seirbhísí sin ar fhíor-riachtanais atá ag an bpobal agus go gcomhlíonann siad fíoréileamh ó úsáideoirí. |
(2) Teip mhargaidh a bheith ann
(186) |
De réir mhír 48 de Theachtaireacht SGEI, “ní bheadh sé oiriúnach oibleagáidí seirbhíse poiblí sonracha a cheangal de ghníomhaíocht a chuireann gnóthais a oibríonn faoi ghnáthdhálaí margaidh ar fáil cheana féin nó arbh fhéidir le gnóthais a chur ar fáil ar bhealach sásúil agus faoi choinníollacha, amhail praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnachas agus rochtain ar an tseirbhís, comhsheasmhach le leas an phobail, mar a shainíonn an Stát (70)”. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh le meas an mbeadh soláthar na seirbhíse neamhleor dá bhfágfaí a soláthar faoi fhórsaí an mhargaidh amháin i bhfianaise na gceanglas seirbhíse poiblí a fhorchuireann an Ballstát de bhua an chonartha nua seirbhíse poiblí. Tugtar faoi deara ina leith sin i mír 48 de Theachtaireacht SGEI go bhfuil “measúnú an Choimisiúin teoranta do sheiceáil cibé acu a rinne nó nach ndearna an Ballstát earráid fhollasach”. |
(187) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir oibreoirí eile, sa tréimhse roimh shíniú an chonartha nua seirbhíse poiblí le Laziomar, seirbhísí farantóireachta ar fáil ar chuid de na bealaí faoi réir an chonartha nua seirbhíse poiblí cé nár chuir siad na seirbhísí sin ar fáil ar feadh na bliana agus cé nach raibh an mhinicíocht chéanna ná an cineál céanna seirbhíse i gceist. Ar bhonn staid iomaíoch na tréimhse roimh an nóiméad a cuireadh cúraimí ar iontaoibh ar an 15 Eanáir 2014, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé acu is comhionann nó nach comhionann na bealaí a chuir oibreoirí eile ar fáil i gcomparáid leo siúd atá ar Laziomar a sholáthar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí agus déanfaidh sé an measúnú sin i ndáil le gach ceann de na bealaí lena mbaineann. |
(188) |
Léirítear i dTábla 9 an staid iomaíoch ar gach ceann de na bealaí a bhí á n-oibriú ag Laziomar tráth an ghnímh iontaoibhe: Tábla 9 Staid iomaíoch ar na bealaí atá á oibriú ag Laziomar
|
(189) |
Measann an Coimisiún, mar a léirítear go soiléir i dTábla 9, nach féidir seirbhísí a chuireann iomaitheoirí eile ar fáil a chur in ionad na seirbhísí a chuireann Laziomar ar fáil, toisc nach gcomhlíonann na hiomaitheoirí eile na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh nua seirbhíse poiblí le Laziomar, nó nach gcomhlíonann siad go hiomlán iad. Mar sin féin, maidir le ceithre cinn de na seacht mbealach, níl aon oibreoir eile ann seachas Laziomar a chuireann an tseirbhís ar fáil (Línte T1, T2, A2 agus A3). Mar thoradh air sin, tá údar leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh le Laziomar chun na bealaí sin a oibriú i ngeall ar an bhfíor-riachtanas poiblí atá ann leanúnachas críche a áirithiú, ó nach féidir leis an margadh ann féin sin a chomhlíonadh. |
(190) |
A mhéid a bhaineann leis na bealaí ar a bhfuil oibreoirí eile ag cur seirbhísí ar fáil freisin (Línte T3, T4 agus A1), measann an Coimisiún go bhfuil difríochtaí móra ann maidir le cineál, rialtacht, toilleadh agus praghas na seirbhísí a chuirtear ar fáil, ar na cúiseanna a mhionsonraítear sna míreanna seo a leanas. |
(191) |
I gcás Línte T3 agus T4, seolann Laziomar na bealaí sin go leanúnach ar feadh na bliana, ach ní chuireann an t-oibreoir eile, NLG, an tseirbhís leanúnach sin ar fáil ar feadh na bliana ná ní chuireann sé ar fáil chomh minic céanna í le Laziomar. Ina theannta sin, cuireann Laziomar seirbhísí measctha lasta (Líne T3) agus seirbhísí lasta (Líne T4) ar fáil ag úsáid soithigh ina bhfuil dóthain toillte chun lasta, feithiclí agus suas le 400 paisinéir a iompar, ach úsáideann NLG árthach ardluais chun paisinéirí amháin a iompar. Ar deireadh, tá difríocht shuntasach sa phraghas idir an dá oibreoir. I gcás Líne T3, mar a bhfuil paisinéirí á n-iompar ag an dá oibreoir (i gcodarsnacht le Líne T4 ar seirbhís lasta Laziomar í), tá an praghas a thairgeann NLG dírithe ar earnáil na turasóireachta (e.g. cosnaíonn ticéad aontreo do dhuine fásta idir EUR 24 agus EUR 26 agus do leanaí suas le 12 bhliain d’aois idir EUR 13 agus EUR 15 ). Os a choinne sin, tá seirbhís Laziomar faoi réir oibleagáidí maidir le táillí seirbhíse poiblí (e.g. cosnaíonn ticéad aontreo do dhuine fásta EUR 10 agus do leanaí suas le 12 bhliain d’aois EUR 5) agus tá feidhm ag táillí sóisialta maidir le cónaitheoirí agus comaitéirí (cosnaíonn ticéad aontreo timpeall EUR 3,50). Dá thoradh sin, murach seirbhís ó Laziomar ar na bealaí áirithe sin, ní chomhlíonfaí an riachtanas seirbhíse poiblí maidir le nascacht thráthrialta an oileáin sin leis an mórthír toisc nach mbeadh NLG in ann na seirbhísí céanna a sholáthar ná iad a sholáthar faoi na coinníollacha céanna agus a sholáthair Laziomar iad i gcaitheamh thréimhse iomlán an chonartha. |
(192) |
Maidir le Líne A1, reáchtálann Laziomar agus a iomaitheoir, Vetor, araon seirbhís do phaisinéirí amháin le linn an tsamhraidh (idir mí an Mheithimh agus mí Mheán Fómhair). Sholáthair an Iodáil faisnéis, áfach, a léiríonn go ndírítear seirbhís Vetor go príomha ar earnáil na turasóireachta agus go soláthraítear faoi dhálaí an mhargaidh í. Cé gur cosúil go mbíonn Vetor ag seoladh níos minice ná Laziomar de réir sceideal ama 2013 (i.e. an bhliain sular tugadh an gníomh iontaoibhe i gcrích le Laziomar) mar a léirítear i dTábla 9, tugann an Coimisiún dá aire nár soláthraíodh an tseirbhís go leanúnach ar bhonn laethúil. Ar dhóigh níos sonraí, níor soláthraíodh an tseirbhís ar an 4, 5, 11 ná 12 Meitheamh 2013 ná ar an 10 go 12 ná an 16 go 20 Meán Fómhair 2013. Le linn bhlianta na tréimhse iontaoibhe ina dhiaidh sin, léirítear san fhaisnéis a chuir an Iodáil isteach nár áirithigh an tseirbhís a sholáthair Vetor go mbeadh nascacht laethúil ann ar an mbealach sin. Mar shampla, in 2018 níor sholáthair Vetor an tseirbhís ar an 5 agus 6 Meitheamh ná ar an 17 go 20 Meán Fómhair. Go ginearálta, mar sin, bíonn minicíochtaí seirbhíse Vetor éagsúil ó mhí go mí. |
(193) |
Ina theannta sin, faoin gconradh seirbhíse, tá Laziomar faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí i dtéarmaí leanúnachais agus cáilíochta. Mar sin féin, i gcás ina mainneoidh ar Laziomar seoladh gan cúis chuí beidh sé faoi réir laghdú ar tháillí agus pionóis chomhfhreagracha. Thairis sin, tugann an oibleagáid cháilíochta le tuiscint nach mór do Laziomar íoschaighdeáin bheachta a chomhlíonadh i dtéarmaí iontaofachta, dálaí maithe sláinteachais agus compord aistir inter alia. Os a choinne sin, níl Vetor faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí agus níl sé ceaptha ardchaighdeáin cháilíochta a chomhlíonadh agus an tseirbhís á cur ar fáil. Chomh maith leis sin, ó thaobh toilleadh iompair, is féidir le soitheach Laziomar uasmhéid 300 paisinéir a iompar i gcomparáid leis an 150 paisinéir, a bheag nó a mhór, is féidir le duillárthach Vetor a iompar. |
(194) |
Ar deireadh, tá difríocht shuntasach sa phraghas idir an dá oibreoir. Tá an praghas a thairgeann Vetor dírithe go príomha ar earnáil na turasóireachta (e.g. cosnaíonn ticéad aontreo do dhuine fásta EUR 36, a ardaítear go EUR 46 ag an deireadh seachtaine, agus do leanaí suas le 12 bhliain d’aois cosnaíonn sé EUR 18), cé go gcuirtear táille do chónaitheoirí ar fáil ar EUR 23. Tá saoirse ag Vetor praghas a chuid ticéad a chinneadh ar toil agus é a choigeartú ar bhonn tráchtála amháin. Os a choinne sin, tá seirbhís Laziomar faoi réir oibleagáidí maidir le táillí seirbhíse poiblí (e.g. cosnaíonn ticéad aontreo do dhuine fásta EUR 23,40 agus do leanaí suas le 12 bhliain d’aois EUR 11,70) agus tá feidhm ag táillí sóisialta maidir le cónaitheoirí agus comaitéirí (e.g. ní chosnaíonn ticéad aontreo ach timpeall EUR 7). Dá thoradh sin, murach an tseirbhís ó Laziomar ar an mbealach áirithe sin, ní chomhlíonfaí an riachtanas seirbhíse poiblí maidir le nascacht thráthrialta an oileáin sin leis an mórthír ar phraghsanna inacmhainne toisc nach mbeadh Vetor in ann na seirbhísí céanna a sholáthar ná iad a sholáthar faoi na coinníollacha céanna agus a sholáthair Laziomar iad i gcaitheamh thréimhse iomlán an chonartha. |
(195) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, cinneann an Coimisiún go raibh na fórsaí margaidh amháin neamhleor chun freastal ar riachtanais seirbhíse poiblí an phobail tráth a cuireadh na hoibleagáidí ar iontaoibh Laziomar. Go deimhin, ba é Laziomar an t-aon oibreoir amháin ar roinnt bealaí, agus ar bhealaí eile ní raibh na seirbhísí a sholáthair na hiomaitheoirí in oileánra Pontino comhionann i dtéarmaí leanúnachais, rialtachta, toillte ná praghais agus níor chomhlíon siad dá bhrí sin na riachtanais seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh nua seirbhíse le Laziomar. |
(3) An cur chuige is lú dochar
(196) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur roghnaigh an Iodáil conradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích le hoibreoir amháin (Laziomar) seachas oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar na hoibreoirí uile a bhfuil suim acu freastal ar na bealaí atá i gceist. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chur an Iodáil ar fáil, glacann an Coimisiún nach mbeifí in ann freastal ar éileamh na n-úsáideoirí trí oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur (féach aithris 180). Go háirithe, is é Laziomar an t-aon oibreoir amháin ar roinnt bealaí agus, i gcásanna nach amhlaidh sin, ní chomhlíonann an tseirbhís a sholáthraíonn na hoibreoirí eile (gach ceann de) na ceanglais a bhaineann le rialtacht, leanúnachas, toilleadh ná praghas. Thairis sin, ní ghintear brabús ag riar an chuid is mó de na bealaí, go háirithe le linn an tséasúir chiúin, agus ní riarfaí iad ar chor ar bith murach cúiteamh seirbhíse poiblí. Ina theannta sin, tugann an Coimisiún argóint na hIodáile dá aire go raibh gá le conradh seirbhíse poiblí i bhfianaise phríobháidiú Laziomar. Go sonrach, áitíonn an Iodáil gur ceadaíodh don mhéid seo a leanas trí Laziomar a chur ar tairiscint le chéile le conradh nua seirbhíse poiblí chun (i) leanúnachas na seirbhíse muirí poiblí a áirithiú agus (ii) an luach a uasmhéadú don Stát. Is ar na cúiseanna sin a d’aontaigh an Coimisiún (féach aithris 89) go gcuirfeadh an Iodáil gnó Laziomar ar tairiscint le chéile le conradh nua seirbhíse poiblí. Ar an mbealach sin, ghlac an Coimisiún, agus athdhearbhaíonn sé sa Chinneadh seo, nach bhféadfadh an Iodáil brath ar oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil feidhm leo maidir le gach oibritheoir ach go gcuirfeadh sí conradh seirbhíse poiblí i gcrích le Laziomar amháin. |
Conclúid
(197) |
Ar bhonn an mheasúnaithe thuas, measann an Coimisiún nach ndearna an Iodáil earráid fhollasach nuair a bhí na seirbhísí a cuireadh ar iontaoibh Laziomar á sainiú aici mar SGEI. Dá bhrí sin, faightear réidh leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl i gCinneadh 2012. |
(198) |
Chun cinneadh a dhéanamh ar comhlíonadh, nó nár comhlíonadh, Altmark 1, ní mór don Choimisiún a sheiceáil fós ar cuireadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhí sainithe go soiléir ar Laziomar. Chuige sin, tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar tuairisc shoiléir ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sa chonradh nua seirbhíse poiblí agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis (a bhfuil sonraíochtaí long le haghaidh gach bealaigh mar chuid de mar shampla). Ar an mbealach céanna, is iad Dlí 2009 agus Treoir CIPE a shonraíonn na rialacha a rialaíonn cúiteamh sa chonradh nua seirbhíse poiblí. Baineann fad soiléir (10 mbliana) leis an gconradh nua seirbhíse poiblí freisin, aithnítear Laziomar mar an bpríomhoibreoir seirbhíse poiblí ann agus tá socruithe chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a aisghabháil le fáil ann (féach aithris 215). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar an chéad chritéar Altmark. |
Tosaíocht feistithe
(199) |
Sonraítear go soiléir in Airteagal 19-ter, mír 21 de Dhlí 2009 gur gá tosaíocht feistithe chun leanúnachas críche leis na hoileáin a ráthú agus i bhfianaise oibleagáidí seirbhíse poiblí na gcuideachtaí den iar-ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar. Go deimhin, mura mbeadh aon tosaíocht feistithe ann le haghaidh cuideachtaí a gcuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí ar a n-iontaoibh, d’fhéadfaí (in amanna) go mbeadh orthu fanacht lena seal sula bhféadfaidís dul chun cé agus go gcuirfí moill orthu dá réir, rud a chuirfeadh ar neamhní an cuspóir atá leis na hoibleagáidí, is é sin nascacht iontaofa áisiúil a áirithiú le haghaidh na saoránach. Gan amhras, tá gá le hamchlár tráthrialta chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta dhaonra na n-oileán agus chun cur le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann. Thairis sin, ós rud é go bhfuil oibleagáidí sceidealaithe sonracha sa chonradh nua seirbhíse poiblí maidir le himeacht bealaí seirbhíse poiblí, cuidíonn an tosaíocht feistithe le háirithiú go leithdháileann calafoirt na beartanna feistithe agus na hamanna feistithe ar bhealach a chuireann ar a chumas é don oibreoir seirbhíse poiblí a oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Ina fhianaise sin, measann an Coimisiún go ndeonaítear an beart sin chun é a chur ar a chumas do Laziomar a chuid oibleagáidí seirbhíse poiblí a fheidhmiú, ar fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta í (féach aithris 197). Thairis sin, dheimhnigh an Iodáil nach bhfuil an tosaíocht feistithe infheidhme ach maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear faoin gcóras seirbhíse poiblí amháin. Dá bhrí sin, comhlíonann an tosaíocht feistithe an chéad choinníoll de bhreithiúnas Altmark. |
5.1.2.2.
(200) |
Meabhraíonn an Coimisiún gur thug sé an réamhthuairim i gCinneadh 2012 (féach mír 205 de) go n-urramaítear an dara critéar de chuid bhreithiúnas Altmark. |
(201) |
Ina fhianaise sin, tugann an Coimisiún dá aire gur suíodh na paraiméadair a bhí mar bhonn le ríomh an chúitimh roimh ré agus go n-urramaítear na ceanglais trédhearcachta i gcomhréir leis an dara critéar Altmark. |
(202) |
Ar dhóigh níos sonraí, déantar na paraiméadair ar ríomhadh an cúiteamh ar a mbonn a mhíniú go mionsonraithe i dTreoir CIPE agus cuireadh i bhfeidhm sa chonradh nua seirbhíse poiblí iad (agus in iarscríbhinní a ghabhann leis) agus leagtar síos na híosmhéideanna cúitimh i nDlí 2009. Mionsonraítear i dTreoir CIPE modh ríomha an chúitimh, lena n-áirítear, mar shampla, na gnéithe costais a cuireadh san áireamh. Ós rud é nach mbaineann cúiteamh airgeadais leis an tosaíocht feistithe do Laziomar, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an beart sin Altmark 2. |
(203) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar an dara coinníoll de bhreithiúnas Altmark. |
5.1.2.3.
(204) |
De réir an tríú coinníoll Altmark, ní fhéadfaidh an cúiteamh a fhaightear chun SGEI a chur i gcrích a bheith níos airde ná an tsuim is gá chun gach costas nó páirt de na costais a thabhaítear agus na hoibleagáidí seirbhíse poiblí á gcur i gcrích a chumhdach, ag cur na hadmhálacha ábhartha agus brabús réasúnach chun na hoibleagáidí sin a chur i gcrích san áireamh. |
(205) |
Mar sin féin, ní sholáthraíonn rialú Altmark sainiú beacht maidir leis an mbrabús réasúnach. De réir Theachtaireacht SGEI, ba cheart a ghlacadh leis go gciallaíonn brabús réasúnach an ráta toraidh ar chaipiteal a dteastódh ó ghnáthchuideachta a bhfuil cinneadh á dhéanamh aici an ceart nó nár cheart an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar ar feadh na tréimhse iomláine a mbeadh na hoibleagáidí sin ar a iontaoibh, agus an leibhéal riosca á chur san áireamh. Bíonn an leibhéal riosca ag brath ar an earnáil lena mbaineann, leis an gcineál seirbhíse agus le saintréithe an tsásra cúitimh. |
(206) |
I gCinneadh 2012, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhréireacht an chúitimh a íocadh leis na cuideachtaí a bhí san iar-ghrúpa Tirrenia, lenar áiríodh Laziomar ó 2014. Go háirithe, a mhéid a bhaineann leis an gcúiteamh a íocadh ó 2010, thug an Coimisiún an réamhthuairim nár léiríodh leibhéal iomchuí riosca sa phréimh riosca sheasta 6,5 % toisc nár chosúil prima facie gur ghlac Laziomar chuige féin na rioscaí a ghlacann oibreoir chuige féin de ghnáth in oibriú seirbhísí den sórt sin. Go sonrach, áirítear sna gnéithe costais chun críoch an cúiteamh a ríomh na costais uile a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar agus na hathruithe i gcostais, e.g. praghsanna breosla. Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún ag an gcéim sin go mb’fhéidir gur tugadh róchúiteamh do Laziomar |
(207) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur cosúil go laghdaíonn gnéithe áirithe den mhodh cúitimh mar a leagtar síos sa chonradh nua seirbhíse poiblí an riosca tráchtála a thabhaigh Laziomar. Go háirithe, athraítear na huastáillí is féidir le Laziomar a ghearradh go bliantúil chun boilsciú a chur san áireamh agus chun athruithe sa phraghasinnéacs tomhaltóirí a léiriú iontu. Thairis sin, tá clásail áirithe (féach aithris 78) mar chuid den chonradh nua seirbhíse poiblí a bhfuil sé mar aidhm acu cothromaíocht eacnamaíoch–airgeadais na seirbhíse poiblí a choinneáil ar bun. Go háirithe, i gcás nach mbeadh an cúiteamh seirbhíse poiblí leordhóthanach chun costas na seirbhísí a chuireann an conradh nua seirbhíse poiblí de chúram a chumhdach, ceadaítear leis na clásail sin athbhreithniú a dhéanamh ar na míreanna seo (i) an córas taraife, (ii) leibhéal na seirbhísí poiblí atá á thairiscint, (iii) leibhéal na huasteorann praghais bhliantúil, agus (iv) na deontais chaipitiúla le haghaidh infheistíochtaí. |
(208) |
De réir Airteagal 25 den chonradh, i gcás ina bhfuil neamhréireacht idir a chothromaíocht eacnamaíoch agus airgeadais, féadfaidh Laziomar athchrothromú a iarraidh trí thogra a chur faoi bhráid Réigiún Lazio. Cuirtear an togra sin faoi bhráid an Choiste Theicniúil atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh ar an gconradh ansin. |
(209) |
Cé gur cosúil go laghdaíonn na cosaintí sin an riosca tráchtála a thabhaigh Laziomar, measann an Coimisiún go bhfanann an chuideachta le bheith nochta don riosca nach mbeadh an cúiteamh leordhóthanach chun na costais a bhaineann le reáchtáil na seirbhíse a chumhdach. D’fhéadfadh nach nglacfaí leis an togra athchothromaithe, mar rialóidh Réigiún Lazio ar a thuillteanais agus glacfaidh sé cinneadh tar éis tuairim a fháil ón gCoiste Teicniúil laistigh de 90 lá ón dáta ar chuir Laziomar a iarraidh isteach. Go dtí go nglacfar cinneadh, ní mór do Laziomar leanúint den tseirbhís phoiblí a oibriú gan aon athrú uirthi. Go deimhin, mar a chuir an Iodáil in iúl, is deacair an sásra a chur i bhfeidhm agus tá na dálaí faoina gcuirtear i bhfeidhm é an-docht, mar sin níor bhain Laziomar úsáid go fóill as an bhféidearthacht sin. |
(210) |
Anuas air sin, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil gach ceann de na catagóirí costais faoi réir ranníocaíocht athchothromaithe. Go háirithe, de réir Airteagal 25 den chonradh seirbhíse poiblí, ba cheart do Laziomar féin na costais a bhaineann le neamhéifeachtúlachtaí bainistíochta, na muirir airgeadais agus na méaduithe ar chostais an aonaid foirne chun riachtanais dhlíthiúla lucht saothair a chomhlíonadh agus aon chostas a bhaineann leis an mbeartas tráchtála arna chur i bhfeidhm ag Laziomar, a íoc. Dá bhrí sin, bíonn dreasacht fós ann do Laziomar a sheirbhísí a fheidhmiú go héifeachtúil agus ar an gcostas is lú don phobal. |
(211) |
Mar a luaitear thuas in aithrisí 48 go 52, beartaítear le Treoir CIPE go n-úsáidfí préimh riosca 6,5 % chun an toradh ar chaipiteal a ríomh ag úsáid foirmle WACC. Mar sin féin, cuireadh 6,5 % i bhfeidhm sa chleachtas mar ráta comhréidh toraidh ar chaipiteal (féach aithris 136 chomh maith). |
(212) |
Sa chomhthéacs sin, gan beann ar an méid cúitimh a bheadh Laziomar ina theideal, agus an phréimh riosca 6,5 % á cur san áireamh, ní féidir riamh le Laziomar níos mó ná an méid uasta a leagtar amach sa chonradh seirbhíse poiblí a fháil (féach aithris 76). I gcomhréir le mír 47 de Chreat SGEI 2011, déanann an Coimisiún measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh róchúiteamh ann le linn thréimhse fhoriomlán an chonartha. Mar a thaispeántar i dTábla 10, léirítear sna figiúirí le haghaidh na tréimhse 2014–2019 go raibh an cúiteamh seirbhíse poiblí arna fháil iarbhír (gan na méideanna do 2016 agus 2018 a chur san áireamh – méideanna a bhí níos lú mar sin féin ná an uasteorainn a comhaontaíodh faoin gconradh, i.e. EUR 13 524 536) neamhleor chun glanchostas na seirbhíse a chumhdach (i.e. EUR 80 173 862 a íocadh, rud a fhágann glanchostas EUR 80 397 000 ann) fiú sula gcuirtear an phréimh riosca 6,5 % san áireamh (i.e. EUR 1 928 000). Go bunúsach, le haghaidh na tréimhse 2014–2019, fuair Laziomar thart ar EUR 2 150 000 níos lú ná an méid a raibh sé ina theideal (i.e. EUR 82 325 000 (cúiteamh incháilithe) lúide EUR 80 173 862 (cúiteamh iarbhír)), arna ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a n-áirítear toradh 6,5 % ar chaipiteal léi. Ciallaíonn sin sa chleachtas nach bhfuair Laziomar an méid arna ríomh mar thoradh ar chaipiteal. Déanta na fírinne, bhí toradh Laziomar ar chaipiteal le haghaidh na tréimhse ina hiomláine (suas le 2019) nialas seachas 6,5 % mar a thuar an Iodáil ar dtús (71). Deimhníonn na figiúirí sin nach gcosnaíonn na forálacha athchothromaithe in Airteagal 25 Laziomar ar na rioscaí uile a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí a oibriú. Tábla 10 Glanchostas na seirbhíse poiblí atá a oibriú ag Laziomar le haghaidh na tréimhse 2014–2019
|
(213) |
A mhéid a bhaineann le leibhéal an bhrabúis réasúnta, le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil (féach aithris 136), áfach, shoiléirigh an Iodáil go ndearnadh cinneadh an ríomh a shimpliú trí 6,5 % a chur i bhfeidhm mar ráta comhréidh i ndáil le toradh ar chaipiteal mar gheall go gcuirtear uasteorainn le méid an chúitimh le Dlí 2009. Measann an Iodáil go bhfuil a cur chuige simplithe coimeádach (féach aithris 134) agus nach ligeann sé do chúiteamh níos airde le haghaidh Laziomar ná an tsuim a suíodh faoi Threoir CIPE. |
(214) |
Ina fhianaise sin, rinne an Coimisiún comparáid idir an toradh ar chaipiteal 6,5 % arna chur i bhfeidhm maidir le Laziomar agus an meántoradh ar chaipiteal a ghin grúpa tagarmhairc in 2013 (an bhliain sular cuireadh oibleagáidí ar iontaoibh Laziomar). Is éard atá sa ghrúpa tagarmhairc oibreoirí farantóireachta roghnaithe a sholáthraigh naisc mhuirí san Iodáil nó idir an Iodáil agus Ballstáit eile (72). Léirítear san anailís go raibh an toradh ar chaipiteal a cuireadh i bhfeidhm maidir le Laziomar comhchosúil leis an meántoradh a ghin na cuideachtaí sa grúpa tagarmhairc. Taispeántar sa chomparáid sin nach raibh toradh 6,5 % ar chaipiteal míréasúnach an bhliain sin sular cuireadh oibleagáidí ar iontaoibh Laziomar. |
(215) |
Tugann an Coimisiún dá aire freisin, ar chaoi dhearfach, go n-éilítear ar Laziomar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí a chuntais bainistíochta (agus iad foroinnte de réir bealaí agus deimhnithe ag iniúchóir neamhspleách) a sheoladh chuig an Aireacht Bonneagair agus Iompair gach bliain chun é a chur ar a cumas don Aireacht seiceáil an raibh aon róchúiteamh ann. Soláthraítear leis sin cosaint bhreise chun a áirithiú nach féidir le Laziomar tairbhiú d’aon róchúiteamh. Chur an Iodáil na cuntais bainistíochta sin don tréimhse 2014–2019 isteach freisin, ag cur ar a chumas é don Choimisiúin na ríomhanna i dTábla 10 a dhéanamh dá bhrí sin. |
(216) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún nach sáraíonn an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh ar Laziomar an tsuim is gá chun na costais a tabhaíodh i bhfeidhmiú a oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, ag cur na hadmhálacha ábhartha agus brabús réasúnach san áireamh. Ar dhóigh níos sonraí, measann an Coimisiún nach mór measúnú a dhéanamh ar an bpréimh riosca 6,5 % a bheartaítear le Treoir CIPE in éineacht leis an uasmhéid cúitimh a leagtar síos sa chonradh seirbhíse poiblí. Agus aird á tabhairt air sin, bhí an toradh ar chaipiteal a bhféadfadh Laziomar a bheith ag súil leis ó pheirspictíocht ex ante i gcomhréir leis na rioscaí a ghlac sé agus na seirbhísí poiblí á n-oibriú aige faoin gconradh seirbhíse poiblí. Dá bhrí sin, faightear réidh leis an amhras a bhí ar an gCoimisiún i ndáil leis an tríú coinníoll de bhreithiúnas Altmark. |
(217) |
I ndáil leis an tosaíocht feistithe agus aon róchúiteamh a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh uirthi, tugann an Coimisiún dá aire, a mhéid a laghdódh an beart sin na costais oibriúcháin nó a mhéadódh sé ioncaim an oibreora seirbhíse poiblí, go léireofaí na héifeachtaí sin ina n-iomláine i gcuntais inmheánacha an oibreora. Deimhníodh san anailís thuas a rinne an Coimisiún (féach aithris 212) nach bhfuair Laziomar aon róchúiteamh sa tréimhse 2014–2019. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an tosaíocht feistithe an tríú critéar Altmark freisin. |
5.1.2.4.
(218) |
Comhlíontar an ceathrú critéar Altmark má roghnaíodh faighteoir an chúitimh chun SGEI a oibriú tar éis nós imeachta tairisceana, ar nós imeachta tairisceana é ina gceadaítear an tairgeoir is féidir SGEI a chur ar fáil ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, nó dá uireasa sin, gur ríomhadh an cúiteamh trí thagairt a dhéanamh do na costais atá ag gnóthas éifeachtúil. |
(219) |
De réir mhír 63 de Theachtaireacht SGEI, is é an bealach is simplí is féidir le húdaráis phoiblí an ceathrú critéar Altmark a chomhlíonadh ná nós imeachta tairisceana poiblí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a reáchtáil i gcomhréir le Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73) agus Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (74). |
(220) |
Maidir leis an gcás idir lámha, feiceann an Coimisiún gur seoladh an nós imeachta tairisceana roimh theacht i bhfeidhm Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (75) (a bhfuil feidhm aici maidir le conarthaí poiblí a dhámhtar chun seirbhísí iompair mhuirí a oibriú) agus Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (76). An tráth sin, bhí Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE fós i bhfeidhm. Mar sin féin, níl feidhm ag Treoir 2004/17/CE maidir le seirbhísí iompair mhuirí, amhail iad siúd a sholáthraíonn Laziomar. Go deimhin, cuirtear in iúl go soiléir in Airteagal 5 de Threoir 2004/17/CE nach dtagann ach seirbhísí iompair d’iarnród, de chórais uathoibrithe, de thrambhealach, de bhus tralaí, de bhus nó de chábla faoina raon feidhme. |
(221) |
Titeann conarthaí poiblí a dhámhann na húdaráis chonarthacha i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí seirbhísí ar son iompar muirí, cósta nó abhann faoi raon feidhme Threoir 2004/18/CE ar bhonn aithris 20 di. Mar sin féin, liostaítear seirbhísí iompair uisce in Iarscríbhinn II B a ghabhann leis an Treoir sin lena dtugtar le fios (77) nach bhfuil siad faoi réir ach Airteagail 23 agus 35(4) di amháin. Ciallaíonn sé sin, faoi Threoir 2004/18/CE, nach bhfuil conradh poiblí le haghaidh seirbhísí iompair mhuirí ach faoi réir na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla (Airteagal 23) agus faoi réir na hoibleagáide fógra dámhachtana conartha a fhoilsiú agus faoina réir sin amháin (tar éis don chonradh a bheith dáfa agus ag deireadh an phróisis dámhachtana dá bhrí sin, seachas ag a thús: Airteagal 35(4)). Níl feidhm ag aon cheann de na rialacha eile a shocraítear le Treoir 2004/18/CE – lena n-áirítear na forálacha maidir le hábhar na bhfógraí atá le foilsiú (Airteagal 36(1)) agus na forálacha maidir le critéir roghnúcháin (Airteagail 45 go 52) – maidir le conarthaí poiblí le haghaidh seirbhísí iompair mhuirí. |
(222) |
Thairis sin, níl feidhm ag Treoir 2004/18/CE in aon chás maidir le lamháltais seirbhíse mar a shainítear in Airteagal 1(4) di (78). Tugann an Coimisiún dá aire go bhfanann lamháltais seirbhíse (agus conarthaí poiblí) a mbaineann leas áirithe trasteorann leo le bheith faoi réir phrionsabail ghinearálta an Chonartha, is iad sin trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann. |
(223) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, measann an Coimisiún nach bhféadfaidh go mbeidh feidhm ag Treoir 2004/18/CE ach i gcás conartha phoiblí ach nach bhfuil feidhm léi a mhéid a bhaineann le lamháltas seirbhíse. Anuas air sin, ós rud é go mbaineann an cás atá idir lámha le seirbhísí iompair uisce atá faoi réir conradh seirbhíse poiblí, ní bheadh feidhm ach le roinnt de cheanglais na Treorach sin, mar a luadh cheana. Ina fhianaise sin, measann an Coimisiún nach féidir leis brath go hiomlán ar chomhlíontacht na dTreoracha um Sholáthar Poiblí chun comhlíontacht sin an cheathrú critéar Altmark a léiriú. Ar an gcúis sin, déanann an Coimisiún measúnú thíos ar cibé acu an raibh, nó nach raibh, an nós imeachta a d’úsáid an Iodáil iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus gan choinníoll. Chun an measúnú sin a dhéanamh, bíonn an Coimisiún ag brath ar an treoraíocht ábhartha a leagtar amach ina Theachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach (79) (go háirithe míreanna 89 et seq. di) agus Teachtaireacht SGEI (go háirithe míreanna 63 et seq. di). |
Cineál iomaíoch agus trédhearcach na tairisceana
(224) |
Sonraítear i mír 90 den Teachtaireacht maidir le Coincheap na Cabhrach nach mór do nós imeachta tairisceana a bheith iomaíoch (80) ionas go mbeidh gach tairgeoir a bhfuil suim aige ann agus atá cáilithe chuige in ann a bheith rannpháirteach sa phróiseas. Thairis sin, de réir mhír 91 den Teachtaireacht sin, ní mór don nós imeachta a bheith trédhearcach ionas go mbeidh gach tairgeoir a bhfuil suim aige ann in ann a bheith ar an eolas go cothrom agus go hiomchuí ag gach céim den nós imeachta tairisceana. Cuirtear i dtábhacht sa mhír sin freisin gur gnéithe ríthábhachtacha iad inrochtaineacht na faisnéise, am leordhóthanach le haghaidh tairgeoirí a bhfuil suim acu, agus soiléireacht na gcritéar roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh nós imeachta roghnúcháin atá trédhearcach agus léirítear inti nach mór poiblíocht leordhóthanach a thabhairt don tairiscint, ionas go bhféadfadh gach tairgeoir féideartha é a thabhairt faoi deara. |
(225) |
Maidir leis an gcás atá i gceist anseo, foilsíodh an glao ar léiriú spéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile, i gceithre cinn de nuachtáin laethúla náisiúnta agus réigiúnacha na hIodáile agus ar shuíomh gréasáin Réigiún Lazio (féach aithris 58). Iarradh sa ghlao sin ar aon duine a bhféadfadh “leanúnachas na seirbhíse iompair mhuirí a ráthú” a spéis a chur in iúl agus níor forchuireadh aon choinníoll breise air. Tugadh méid leordhóthanach ama do thairgeoirí féideartha a spéis a chur in iúl rud a ligeadh dóibh ansin le bheith rannpháirteach a thuilleadh sa phróiseas. Measann an Coimisiún dá bhrí sin gur fógraíodh rún Réigiún Lazio le Laziomar a dhíol agus an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go forleathan ar bhealach a tháinig chomh fada le gach tairgeoir féideartha. |
(226) |
Thairis sin, ní mór na doiciméid agus an fhaisnéis uile a theastaíonn le bheith rannpháirteach sa phróiseas tairisceana a chur ar fáil do na tairgeoirí d’fhonn a chur ar a gcumas dóibh measúnú ceart a dhéanamh ar an gcuideachta a bhí ar díol. Cuireadh faisnéis den sórt sin ar fáil do thairgeoirí féideartha ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus bhí an rochtain chéanna ag gach rannpháirtí a raibh suim aige sa phróiseas ar fhaisnéis ábhartha. |
(227) |
Ar an gcéad dul síos, luadh sa ghlao ar léirithe spéise nach mór do thairgeoirí a bheith in ann “leanúnachas na seirbhíse iompair mhuirí a ráthú”. Ba é sin an t-aon chritéar roghnúcháin a chuir an Iodáil i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh ar cheart, nó nár cheart, ligean do pháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach sa nós imeachta tairisceana. Cé nár sonraíodh sa ghlao an bealach ar féidir le tairgeoirí a chruthú go gcomhlíonann siad an ceanglas sin, chiallaigh sé sin i bhfírinne go bhféadfaí aon mhodh cruthúnais iomchuí a úsáid (81). Measann an Coimisiún go raibh an critéar roghnúcháin sin soiléir do gach tairgeoir a raibh spéis aige sa phróiseas agus go raibh údar iomchuí leis freisin i bhfianaise an chuspóir a bhí aici. |
(228) |
Ar an dara dul síos, rinneadh soiléir do pháirtithe leasmhara i nDlí 2009 go tabharfar coinbhinsiún nua/conradh nua seirbhíse poiblí i gcrích nuair a chríochnaítear an nós imeachta tairisceana agus gur socraíodh an t-uasmhéid bliantúil don chúiteamh seirbhíse poiblí ag EUR 10 030 606 mhilliún in aghaidh na bliana. Anuas air sin, sonraíodh sa ghlao ar léirithe spéise gurb é an chuspóir a bhí leis Laziomar a dhíol ar phraghas seasta de EUR 2 272 000. Thairis sin, mar a dheimhnigh an Iodáil, cuireadh an fhaisnéis ábhartha uile a mhéid a bhaineann le raon feidhme an díola, lena n-áirítear an conradh seirbhíse poiblí a bheadh le tabhairt i gcrích idir an ceannaitheoir agus an Iodáil, ar fáil do na seacht bpáirtí a ligeadh isteach sa chéad chéim eile den phróiseas tairisceana. Cheadaigh sé sin do na páirtithe sin cinneadh a dhéanamh an gcuirfidís tairiscint isteach nó nach gcuirfidís tairiscint isteach agus dá gcuirfidís an méid tairisceana a chuirfidís isteach. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go raibh sé sách soiléir ón nglao ar léirithe spéise go raibh gnó Laziomar á dhíol le chéile le conradh nua seirbhíse poiblí. Tar éis dóibh a spéis a léiriú, tugadh rochtain do na páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis ábhartha uile ba ghá chun cinneadh a dhéanamh faoi thairiscint fhéideartha. |
(229) |
Ar an tríú dul síos, measann an Coimisiún gur mheall an glao ar léiriú spéise líon suntasach de thairgeoirí féideartha. Ina dhiaidh sin, fuair gach ceann de na seacht gcuideachta ar tugadh cuireadh dóibh dul isteach sa chéad chéim eile den phróiseas tairisceana faisnéis mhionsonraithe ó Réigiún Lazio faoin bpróiseas. Thairis sin, i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/18/CE, is cosúil nach raibh aon oibleagáid ar an Iodáil a chur ar fáil sa ghlao aon fhaisnéis bhreise faoin gconradh a bhí le dámhachtain ach amháin tagairt bheag do leanúnachas i ndáil leis an tseirbhís phoiblí a sholáthar agus tagairt do na rialacha a rialaíonn an tseirbhís sin (féach aithris 221). |
(230) |
Ar an gceathrú dul síos, bhí an t-íosmhéid faisnéise is gá chun léiriú spéise a chur isteach (i.e. leanúnachas na seirbhíse poiblí) le fáil sa ghlao, agus ní fhéadfadh sé a bheith ina chúis d’oibreoirí muirí eile a bhfuil spéis acu sa phróiseas a eisiamh uaidh. Ba é cinneadh na n-údarás pleanála leanúnachas na seirbhíse poiblí agus nascacht oileán oileánra Pontino leis an mórthír a áirithiú. Cuireadh an coinníoll sin in iúl roimh ré, mar a míníodh thuas, do gach tairgeoir féideartha a léirigh spéis a bheith rannpháirteach sa nós imeachta tairisceana. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach raibh aon smacht ag an Iodáil ar thairgeoirí féideartha ag an gcéim sin, rud a léiríonn nach raibh sé de rún ag na húdaráis phleanála, mar thoradh ar cheanglas sainordaitheach chun leanúint den tseirbhís phoiblí a chur leis an bpróiseas, a bheith fabhrach go roghnach d’aon tairgeoir féideartha i ndámhachtain an chonartha le haghaidh na seirbhíse poiblí agus úinéireacht ghnó Laziomar. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur soláthraíodh an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na critéir roghnúcháin agus forbairt bhreise an nóis imeachta sa litir chuiridh a seoladh chuig gach ceann de na seacht bpáirtí a ligeadh isteach sa chéim tairisceana. |
(231) |
I gCinneadh 2012 uaidh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le ceanglais áirithe airgeadais de chuid na tairisceana (féach aithris 109) a forchuireadh ar thairgeoirí de bhua an chonartha seirbhíse poiblí, anuas ar na coinníollacha cáilíochtúla caighdeánacha a éilítear in aon chás mar oibleagáidí seirbhíse poiblí. Thairis sin, bhí amhras ar an gCoimisiún go nglacfaí le ceanglais den sórt sin i gcás, amhail an cás atá i gceist faoi láthair, ina gcuirtear cuideachta iomlán ar díol. |
(232) |
Le linn an imscrúdaithe, áfach, fuair an Coimisiún faisnéis a mhaolaigh an imní sin. Go háirithe, chuir an Iodáil amach as an gcuireadh chun tairisceana na ceanglais airgeadais (i.e. méideanna réamhchinntithe láimhdeachais san earnáil iompair mhuirí) a d’fhágfadh go bhféadfadh cuideachtaí loingseoireachta, agus iad sin amháin, a bheith rannpháirteach sa nós imeachta tairisceana (féach aithris 125). Tugann an Coimisiún dá aire go raibh Carpoint Motorsport S.p.A., ar cuideachta é atá gníomhach san earnáil mhiondíola agus mhórdhíola feithiclí de réir faisnéise atá ar fáil go poiblí, i measc na gcuideachtaí sin a léirigh spéis a bheith rannpháirteach sa tairiscint (féach aithris 61). |
(233) |
Fáiltíonn an Coimisiún thairis sin roimh an treallús a léirigh Réigiún Lazio spreagadh a thabhairt don réimse ba leithne tairgeoirí agus ab fhéidir a bheith rannpháirteach sa nós imeachta, trí chead a thabhairt do thairgeoirí a bheith rannpháirteach ann go comhpháirteach trí bhíthin grúpálacha sealadacha tairgeoirí, cuibhreannas nó GELEnna (féach aithris 60). |
(234) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, measann an Coimisiún go raibh an nós imeachta tairisceana iomaíoch agus trédhearcach nuair a bhreathnaítear air ina iomláine. Go háirithe, fógraíodh rún Réigiún Lazio gnó Laziomar a dhífheistiú agus conradh nua seirbhíse poiblí le fad 10 mbliana a thabhairt i gcrích leis an tairgeoir a n-éiríonn leis, go forleathan ar bhealach a tháinig chomh fada le gach tairgeoir féideartha ar an margadh réigiúnach agus idirnáisiúnta ábhartha. Thairis sin, cuireann an Coimisiún san áireamh go bhféadfadh tairgeoirí ionchasacha a spéis a chur in iúl go héasca agus nach raibh orthu gealltanas a thabhairt i leith aon rud ag an gcéim sin. Ar choinníoll go bhféadfaidís a léiriú gur chomhlíon siad an t-aon chritéar roghnúcháin a bhí ann, is é sin, leanúnachas na seirbhíse a ráthú, tugadh an fhaisnéis uile ba ghá agus am do na páirtithe sin chun cinneadh a dhéanamh an gcuirfidís tairiscint isteach agus dá gcuirfidís tairiscint isteach an méid tairisceana a chuirfidís isteach do ghnó Laziomar Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún go bhfaightear réidh leis an amhras a bhí air nach raibh an nós imeachta tairisceana trédhearcach go leordhóthanach mar gheall ar easnaimh sa ghlao ar léirithe spéise. |
Cineál neamh-idirdhealaitheach na tairisceana
(235) |
Cuirtear i dtábhacht i mír 92 den Teachtaireacht maidir le Coincheap na Cabhrach gur coinníollacha fíor-riachtanacha iad láimhseáil neamh-idirdhealaitheach na dtairgeoirí uile ag gach céim den nós imeachta agus roghnú oibiachtúil agus critéir dhámhachtana a shonraítear roimh an bpróiseas chun a áirithiú go bhfuil an t-idirbheart a eascraíonn as i gcomhréir le dálaí an mhargaidh. Thairis sin, sonraítear sa mhír sin gur cheart go mbeifí in ann comparáid agus measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na tairgeoirí leis na critéir chun an conradh a dhámhachtain chun cóir chomhionann a ráthú. |
(236) |
Mar a sonraíodh thuas, (féach aithris 227), bhí an t-aon choinníoll le fáil sa ghlao ar léirithe spéise, ba é sin, nach mór do thairgeoirí a bheith in ann “leanúnachas na seirbhíse iompair mhuirí a ráthú”. Bhí gach ceann de na hocht bpáirtí a d’fhreagair an glao agus a chuir spéis in iúl ar an eolas faoin oibleagáid sin. Measann an Coimisiún go raibh an coinníoll sin oibiachtúil agus go ndearna é soiléir go leor do gach páirtí a raibh spéis aige sa ghlao ar léirithe spéise. |
(237) |
Tugadh cuireadh do sheacht gcinn as na hocht dtairgeoir a léirigh spéis agus a ligeadh isteach sa chéad chéim eile den nós imeachta tairisceana ina dhiaidh sin tairiscint a chur isteach, tar éis dóibh uile an fhaisnéis chéanna a fháil (féach aithris 61). |
(238) |
Dá bhrí sin, faightear réidh leis an imní a bhí ar an gCoimisiún i gCinneadh 2011 go mb’fhéidir nach raibh an glao ar léiriú spéise neamh-idirdhealaitheach go leordhóthanach. Cuireadh gach páirtí ar an eolas i gceart agus go cothrom feadh na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta tairisceana, rud a chuir ar a gcumas dóibh tairiscint a dhéanamh agus eolas foriomlán acu ar an nós imeachta agus ar na ceanglais. Measann an Coimisiún freisin gur ceadaíodh do chomparáid agus measúnú oibiachtúil ar na tairgeoirí leis na critéir dhámhachtana. |
Soláthar na seirbhísí ar an gcostas is lú don phobal a áirithiú
(239) |
Foráiltear i mír 65 de Theachtaireacht SGEI, bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais, nach n-eisiann nós imeachta soláthair phoiblí Státchabhair a bheith ann ach amháin i gcás ina ligeann sé do roghnú an tairgeora is féidir an tseirbhís a sholáthar ag “an costas is lú don phobal”. |
(240) |
Sa chás seo, cuireadh an conradh nua seirbhíse poiblí in éineacht le gnó Laziomar amach ar tairiscint, seachas an conradh seirbhíse poiblí leis féin. Chinn an Iodáil go raibh an praghas díola ar ghnó Laziomar seasta (bunaithe ar luacháil a rinne saineolaí neamhspleách) agus nach raibh sé inchaibidle agus, i gcás an chonartha seirbhíse, roghnaigh an Iodáil an tairiscint ba bhuntáistí go heacnamaíoch agus 30 pointe scórála ag dul don phraghas agus 70 pointe ag dul do chritéir theicniúla (féach aithris 62). |
(241) |
Maidir leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a úsáid, sonraítear i mír 67 de Theachtaireacht SGEI go meastar “an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch” (anuas ar “an praghas is ísle”) le bheith leordhóthanach chun an ceathrú critéar Altmark a chomhlíonadh “[…] ar choinníoll go bhfuil […] dlúthbhaint idir na critéir dhámhachtana agus ábhar na seirbhíse a sholáthraítear agus go gceadaíonn siad don tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch luach an mhargaidh a mheaitseáil” (82). |
(242) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Iodáil béim ar oibreoir a soláthródh an tseirbhís ar ardchaighdeáin theicniúla agus cháilíochta a roghnú ag cur ceanglais áirithe san áireamh. A mhéid a bhaineann leis an miondealú ar na scóir uasta don tairiscint theicniúil (70 pointe) agus don thairiscint eacnamaíoch (30 pointe) chun an conradh a dhámhachtain, de réir chritéar na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch, agus í ag tagairt do thuairim a thug Comhairle Stáit na hIodáile (féach aithris 126), díríonn an Iodáil ar a thábhachtaí atá gnéithe cáilíochtúla na tairisceana mar bhealach chun leasuithe síos iomarcacha ar an bpraghas a sheachaint, rud ba dheacair a choinneáil gan cáilíocht na seirbhíse poiblí a bheith thíos leo. An tráth céanna, áitíonn an Iodáil go rabhthas in ann praghas níos fearr a fháil ar an tseirbhís de bharr an mhiondealaithe sin (féach aithris 127). |
(243) |
Bhí an fhaisnéis uile ba ghá chun na tairiscintí airgeadais agus teicniúla a chomhlánú le fáil sa chuireadh chun tairiscint a chur isteach. A mhéid a bhaineann leis an tairiscint theicniúil go háirithe, ceanglaíodh ar na seacht n-oibreoir mhuirí ar tugadh cuireadh dóibh tairiscint a chur isteach faisnéis mhionsonraithe a sholáthar ina dtabharfaí tuairisc ar na socruithe bainistíochta agus ar na coinníollacha a ndéanfaidís dá réir i gcaitheamh na tréimhse iontaoibhe ina hiomláine. Go háirithe, b’éigean do na hoibreoirí na nithe seo a leanas a thaispeáint: i) tionscnaimh feabhsúcháin bainistíochta spriocdhírithe (e.g. cairt seirbhíse, beartas margaíochta agus cumarsáide, plean margaíochta ar líne, optamú acmhainní daonna agus soithí – 10 bpointe); ii) socruithe le haghaidh athchóiriú an chabhlaigh (e.g. forbairt ar mheánaois an chabhlaigh, comhlíontacht le saintréithe íosta feidhmeacha soithí, amhail toisí, compord, luas, córas slándála, etc. – 40 pointe); agus iii) leithdháileadh soithí chun an cabhlach atá ann faoi láthair a fhorlíonadh (i.e. saintréithe teicniúla a sholáthar i gcomhair gach ceann de na soithí (lena n-áirítear an líne) a bheartaíonn an t-oibreoir a úsáid chun na seirbhísí a dhéanamh – 20 pointe). Is léir go mbaineann na ceanglais sin go dlúth le soláthar na seirbhíse muirí agus go gcuireann siad luach breise leis. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur chuir úsáid na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch maidir leis an tseirbhís lena mbaineann in éineacht le díol ghnó Laziomar ar a cumas don Iodáil iomaíocht éifeachtach a chruthú agus seirbhís a fháil ar an luach is airde agus is féidir agus ar an gcostas is lú don phobal. I ndáil leis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur lú i bhfad an luach saothair bliantúil a dámhadh do CLN as an tseirbhís mhuirí a sholáthar ná an uasmhéid bliantúil cúitimh a mhol Réigiún Lazio ag tús na tairisceana (féach aithris 75). |
(244) |
A mhéid a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís a chur ar tairiscint in éineacht le díol ghnó Laziomar, i gCinneadh 2012, thug an Coimisiún an réamhthuairim go mbeadh costas ní b’ísle don phobal mar thoradh ar chonradh nua seirbhíse poiblí a chur ar tairiscint gan oibleagáid chun soithí Laziomar is gá le haghaidh fheidhmiú na seirbhíse poiblí a shealbhú. |
(245) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid thuas cheana féin go raibh an nós imeachta tairisceana trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach go leordhóthanach chun rannpháirtíocht a oiread tairgeoirí féideartha agus arbh fhéidir a chumasú. Go deimhin, i ndiaidh fhoilsiú forleathan an ghlao ar léiriú spéise, d’fhreagair ocht n-oibreoir mhuirí go dearfach agus ligeadh seacht gcinn isteach sa chéim tairisceana. Soláthraíodh an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an nós imeachta tairisceana sa litir chuiridh a seoladh chuig na seacht n-oibreoir sin. |
(246) |
I ndiaidh chéim an léirithe spéise, cuireadh 1 tairiscint iomaíoch amháin isteach (CLN), agus rinne Réigiún Lazio meastóireacht uirthi, ag cur a thairiscint theicniúil agus airgeadais san áireamh. |
(247) |
Tá dlúthbhaint idir an coinníoll sainordaitheach chun leanúnachas na seirbhíse poiblí a ráthú agus na sócmhainní a chur ar tairiscint in éineacht le hoibleagáidí seirbhíse poiblí. Go háirithe, trí dhíol Laziomar a chur ar tairiscint in éineacht le conradh nua seirbhíse poiblí, bíonn an sealbhóir, CLN, faoi réir an cheanglais chun leanúnachas na seirbhíse poiblí a ráthú go huathoibríoch agus dámhtar an tosaíocht feistithe dó. Measann an Coimisiún nach bhfuil praghas níos ísle mar thoradh ar ghnó Laziomar a chur ar tairiscint in éineacht leis an gconradh nua seirbhíse poiblí agus dámhachtain na tosaíochta feistithe ná nuair a chuirtear é sin i gcomparáid leis na sócmhainní agus an conradh seo a dhíol ar leithligh, ar son na gcúiseanna seo a leanas. |
(248) |
Is leis an tseirbhís phoiblí a sheachadadh agus leanúnachas críche a áirithiú amháin a bhain gnó Laziomar. Mar sin féin, úsáideadh go dtí seo, agus úsáidtear faoi láthair, gach soitheach de chuid Laziomar ar son na seirbhíse poiblí. Ní féidir argóint a dhéanamh dá bhrí sin go mbainfeadh díoltóir príobháideach praghas níos airde amach dá ndíolfaí na soithí sin, nó cuid díobh, in éagmais an choinníll sin. De réir na faisnéise a sholáthair an Iodáil agus de réir meastóireachta le saineolaí neamhspleách a choimisiúnaigh Réigiún Lazio (féach aithrisí 66 agus 67), tá soithí Laziomar sean go maith (idir 22 bhliain agus 32 bhliain d’aois) agus is gá uasghrádú agus cothabháil a dhéanamh ar na hinnill agus ábhair eile (e.g. ábhair tógála cabhlach) tar éis an oiread sin uaireanta an chloig oibríochta in imeacht na mblianta úsáide. Dá bhrí sin, is beag an t-éileamh tráchtála a bheadh ar na soithí mura gceannófaí iad d’fhonn infheistíocht a dhéanamh iontu agus athchóiriú agus nuachóiriú a dhéanamh orthu laistigh de thréimhse ghearr. Mar sin féin, ní dócha go ndíolfaí na soithí chun críoch loingseoireachta, ach amháin dá mbeadh an coinníoll chun leanúint den tseirbhís phoiblí mar chuid den mhargadh, ar phraghas níos airde ná an méid a buiséadaíodh ina leith. |
(249) |
Ina theannta sin, dá ndíolfaí Laziomar ar leithligh, measann an Coimisiún nach dócha go mbeadh fáil éasca ag tairgeoirí féideartha ar acmhainní suntasacha den sórt sin (lena n-áirítear 4 shoitheach agus trealamh tionsclaíoch agus tráchtála) lena n-imlonnú chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh nua seirbhíse poiblí a oibriú. Is fíor sin go háirithe ós rud é go bhfuil ceanglais shonracha sa chonradh nua maidir leis na soithí atá le húsáid ar na bealaí éagsúla seirbhíse poiblí (féach aithris 243). Is dócha go n-úsáidfeadh aon oibreoir a raibh na hacmhainní ba ghá aige iad cheana féin ar bhealaí eile agus gur cinnte go mbeadh caillteanas ioncam óna n-úsáid roimhe sin mar thoradh ar a athlonnú i gcomhréir leis an gconradh nua seirbhíse poiblí. |
(250) |
Measann an Coimisiún dá bhrí sin gur ceadaíodh do phraghas ní b’airde a fháil le haghaidh soithí Laziomar trína gcur ar tairiscint in éineacht leis an gconradh seirbhíse poiblí ós rud é go bhfaigheadh sealbhóir na n-árthach cúiteamh seirbhíse poiblí ar feadh tréimhse 10 mbliana mar chúiteamh ar na hárthaigh a oibriú ar na bealaí seirbhíse poiblí. Anuas air sin, chinnfeadh aon díoltóir eacnamaíoch de chuid an mhargaidh le Laziomar a dhíol in éineacht le conradh nua seirbhíse poiblí chun an praghas is airde a fháil. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún nár chuir an Iodáil coinníollacha ar dócha go laghdóidís an praghas nó nár n-iarrfadh díoltóir príobháideach. |
(251) |
Measann an Coimisiún go bhfaightear réidh leis an amhras a bhí aige nach bhféadfadh costas ní b’ísle don phobal a bheith mar thoradh ar an gconradh nua seirbhíse poiblí a chur ar tairiscint in éineacht le gnó Laziomar. |
(252) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún go raibh fíoriomaíocht ann go dtí deireadh an nós imeachta tairisceana de bharr gur úsáideadh an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch maidir leis an gconradh nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Laziomar. |
Bearta láidre coimirce i ndearadh an nós imeachta nuair nach gcuirtear ach 1 tairiscint amháin isteach
(253) |
Ar bhonn an measúnú a thuairiscítear thuas (féach aithrisí 224 go 252), tagann an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an nós imeachta tairisceana oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le rialacha an tsoláthair phoiblí. Luaitear i mír 68 de Theachtaireacht SGEI, áfach, “maidir le nósanna imeachta i gcás nach gcuirtear ach tairiscint amháin isteach, ní féidir a mheas go bhfuil an tairiscint leordhóthanach chun a áirithiú go mbeidh an costas is lú don phobal mar thoradh ar an nós imeachta”. |
(254) |
Dá réir sin, i bhfianaise nár chuir ach CLN tairiscint isteach sa nós imeachta tairisceana le haghaidh Laziomar (lenar áiríodh an conradh nua seirbhíse poiblí), ní bheadh tairiscint den sórt sin leordhóthanach de ghnáth chun a áirithiú nach raibh buntáiste ann don bhuaiteoir. |
(255) |
Shoiléirigh an Coimisiún, áfach, an seasamh a chuirtear in iúl i mír 68 de Theachtaireacht SGEI ina Threoir SGEI (83), áfach, tríd an méid a leanas a lua: ‘ní fhágann sin nach féidir cásanna a bheith ann inar féidir le tairiscint amháin, de bharr bearta coimirce thar a bheith láidir a bheith i ndearadh an nós imeachta, a bheith leordhóthanach chun soláthar na seirbhíse ‘ar an gcostas is lú don phobal’ a áirithiú”. |
(256) |
Measann an Coimisiún, sa chás atá faoi mheasúnú, gurbh ann do bhearta coimirce den sórt sin. Go sonrach:
|
(257) |
Measann an Coimisiún, i bhfianaise na mbeart coimirce thuas, go raibh an nós imeachta leordhóthanach chun soláthar na seirbhíse ar an gcostas ba lú don phobal a áirithiú, fiú murar cuireadh ach 1 tairiscint amháin isteach sa deireadh (84). |
(258) |
Bunaithe ar a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar critéar Altmark 4 sa chás seo. |
(259) |
Ós rud é go gcomhlíontar go carnach na ceithre choinníoll a leag Cúirt an Bhreithiúnais amach i gcás Altmark, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach dtugtar buntáiste eacnamaíoch do Laziomar ná dá fhaighteoir, CLN, de bharr an conradh nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Laziomar agus an tosaíocht feistithe a bheith dáfa do Laziomar. |
5.1.2.5.
(260) |
Ó tharla nach gcomhlíontar gach ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach Státchabhair é dámhachtain an chonartha seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Laziomar agus na tosaíochta feistithe do Laziomar agus dá fhaighteoir de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. |
5.1.3. Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010
(261) |
Thug an Coimisiún an réamhthuairim i gCinneadh 2011 gur Státchabhair iad na bearta a leagtar síos le Dlí Foraithne Uimh. 125/2010 arna thiontú le leasuithe i nDlí 2010, i bhfabhar cuideachtaí d’iar-Ghrúpa Tirrenia, a fhad is go bhfuil na tairbhithe in ann na bearta sin a úsáid chun riachtanais leachtachta a chumhdach agus dá bhrí sin a staid airgeadais fhoriomlán a fheabhsú. |
(262) |
Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, measann an Coimisiún gur cheart measúnú a dhéanamh ar na trí bheart ar leithligh. |
5.1.3.1.
(263) |
Acmhainní stáit: Dhámh an Stát na cistí atá i gceist óna bhuiséad féin (féach aithris 84) agus cumasaíodh a n-úsáid chun críoch leachtachta le Dlí 2010. Dá bhrí sin, tá an beart inchurtha i leith an Stáit agus tugtar é trí acmhainní Stáit. |
(264) |
Roghnaíocht: níor deonaíodh an beart sin ach do chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar, agus is beart roghnach é dá bhrí sin. Le haghaidh iomláine, tugann an Coimisiún dá aire nár deonaíodh an beart sin do CLN. |
(265) |
Buntáiste eacnamaíoch: de réir na hIodáile, thairbhigh Caremar (an tráth sin) de na cistí atá i gceist chun obair nuachóirithe a dhéanamh ar an gcabhlach a bhí á úsáid in oileánra Pontino lena thabhairt i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Bhí dhá aonad de chabhlach Caremar i gceist le cuid de na hoibreacha agus aistríodh saor in aisce ina dhiaidh sin iad chuig Laziomar (féach aithris 132). Dá bhrí sin, níor úsáideadh na cistí sin riamh chun críoch leachtachta (féach aithris 132) agus níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise chun tacú lena mhalairt. |
(266) |
Ós rud é nár úsáid Laziomar na cistí sin chun críche leachtachta chun costais a sheachaint, a mbeadh air amhlaidh a dhéanamh de ghnáth chun an chuideachta a chumhdach trí bhíthin a acmhainní airgeadais, níl an t-amhras a cuireadh in iúl i gCinneadh 2011 bailí a thuilleadh agus measann an Coimisiún nár tugadh aon bhuntáiste eacnamaíoch do Laziomar trí úsáid na gcistí sin dá bhrí sin. |
(267) |
Conclúid: ó tharla nach gcomhlíontar gach ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach Státchabhair é an beart de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. |
5.1.3.2.
(268) |
Mar a thugtar tuairisc air in aithris 86, de bhun Airteagal 1 de Dhlí 2010, tá díolúine ag roinnt gníomhartha agus oibríochtaí a rinneadh chun grúpa Tirrenia a phríobháidiú agus mar a thugtar tuairisc air i mír 1 go 15 d’Airteagal 19-ter de Dhlí Foraithne 135/2009, arna thiontú le modhnuithe isteach i nDlí 2009, ó chánacha a bheadh dlite ar na gníomhaithe agus oibríochtaí sin de ghnáth. |
(269) |
Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún dá aire nach mór measúnú a dhéanamh ar thrí thacar éagsúla aistrithe: (1) aistrithe iar-fhochuideachtaí Tirrenia, is iad sin Caremar, Saremar agus Toremar, ó Tirrenia chuig Réigiúin Campania, na Sairdíne agus na Tuscáine, (2) aistriú ghnó Laziomar ó Réigiún Campania chuig Réigiún Lazio, agus (3) aistriú ghnó Laziomar ó Réigiún Lazio chuig CLN. Is iad na cánacha a bhfuil díolúine ina leith dleacht chlárúcháin, táillí clárúcháin chlár talún agus morgáiste, dleacht stampála (ar a dtugtar “na cánacha indíreacha” le chéile), CBL agus cáin chorparáide go háirithe. Bheadh an díoltóir, an ceannaitheoir, nó an dá pháirtí ina dtairbhithe den bheart cabhrach sin. Ní dhéanfar measúnú sa Chinneadh seo ach ar an dara agus an tríú tacar aistrithe (85). |
(270) |
Ar dtús, glacann an Coimisiún leis nach raibh aistriú ghnó Laziomar idir Réigiún Campania agus Réigiún Lazio faoi réir cáin chorparáide (ó tharla nár íocadh aon chomaoin ina leith) ná faoi réir CBL (nach bhfuil infheidhme maidir le hidirbhearta den sórt sin faoin dlí náisiúnta). A mhéid a bhaineann leis na cánacha indíreacha, maidir leis na cinn nach raibh iníoctha, faoin dlí náisiúnta, ach ag na faighteoirí, bhí siad iníoctha sa chás seo ag Réigiún Lazio ag gníomhú dó laistigh dá chúram poiblí, i.e. mar eintiteas Stáit. Dá réir sin, ní cháilíonn sé mar ghnóthas. Ní dhéanfar tuilleadh measúnaithe sa Chinneadh seo dá bhrí sin ar aon cheann de na díolúintí cánach réamhluaite. |
(271) |
A mhéid a bhaineann leis an tríú haistriú, ar dtús, tugann an Coimisiún dá aire go meastar, faoi Fhoraithne Uimh. 633 ón Uachtarán an 26 Deireadh Fómhair 1972, nach soláthar earraí iad aistrithe gnóthas leantach ná aonad gnó chuig cuideachta eile agus nach dtagann siad faoi raon feidhme CBL dá réir. Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil idirbhearta amhail díol ghnó Laziomar chuig CLN faoi réir CBL, ní fhéadfadh sé gur thug an díolúine cánach buntáiste do Laziomar i ndáil le CBL. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go sonraítear go soiléir i gconradh díolacháin ghnó Laziomar go bhfuil ar an gceannaitheoir, i.e. CLN, íoc as na costais uile a bhaineann leis an díol (i.e. táillí clárúcháin, costais nótaire, táillí clárúcháin chlár talún, etc.), gan tagairt d’aon díolúine atá ag CLN maidir leis na costais sin. A mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin chorparáide, measann an Coimisiún nach mbeadh feidhm ag cáin den sórt sin ach maidir le toradh an díola. Sa chás seo, áfach, cheannaigh CLN Laziomar ó Réigiún Lazio, rud a chiallaíonn go raibh an t-idirbheart sin ina chaiteachas ag CLN agus nach bhféadfadh aon cháin chorparáide a bheith dlite dá thoradh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an mbeart sin maidir le CLN. Measann an Coimisiún, i bhfianaise a bhfuil thuas, nár thairbhigh Laziomar ná CLN de na díolúintí fioscacha sin. |
(272) |
Ar na cúiseanna sin, ní Státchabhair aon cheann de na díolúintí cánach a luaitear de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. |
5.1.3.3.
(273) |
I gCinntí 2011 agus 2012, luaigh an Coimisiún an fhéidearthacht go mbainfeadh na hiarchuideachtaí den Ghrúpa Tirrenia úsáid as acmhainní FAS d’fhonn riachtanais leachtachta reatha a shásamh. Mar sin féin, i gcaitheamh nós imeachta an imscrúdúcháin fhoirmiúil, shoiléirigh an Iodáil nach raibh na hacmhainní FAS ceaptha dá n-úsáid mar chúiteamh breise le haghaidh Laziomar nó CLN (nó d’aon chuideachta den iar-Ghrúpa Tirrenia ná a sealbhóirí faoi seach). Ina ionad sin, cuireadh na hacmhainní sin ar fáil mar fhorlíonadh ar na leithreasuithe buiséid chun na cúitimh sheirbhíse poiblí a íoc le cuideachtaí den iar-Ghrúpa Tirrenia, dá dtarlódh sé nár leordhóthanach na leithreasuithe buiséid sin. Go deimhin, cumasaíodh na réigiúin le hAirteagal 1, mír 5-ter de Dhlí 2010, chun úsáid a bhaint as na hacmhainní FAS le cuid den c(h)úiteamh seirbhíse poiblí tráthrialta a chistiú, agus dá réir chun leanúnachas na seirbhísí poiblí muirí a áirithiú. I bhfocail eile, ní bhaineann an beart seo ach le leithdháileadh acmhainní i mbuiséad Stáit na hIodáile chun na cúitimh seirbhíse poiblí a íoc. |
(274) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil na hacmhainní FAS ach ina bhfoinse chistithe chun caoi a thabhairt don Stát na cúitimh sheirbhíse poiblí a íoc (a dheonaítear ar bhonn an Choinbhinsiúin tosaigh fhadaithe) agus nach ionann iad agus beart dar féidir le Laziomar tairbhiú i dteannta na gcúiteamh seirbhíse poiblí sin. Dá bhrí sin, ní Státchabhair í úsáid fhéideartha acmhainní FAS de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. |
5.1.4. An chonclúid maidir le cabhair a bheith ann
(275) |
Ar bhonn an mheasúnaithe thuas, suíonn an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
5.2. Dleathacht na cabhrach
(276) |
Cuireadh an beart cabhrach faoi raon feidhme an Chinnidh seo i bhfeidhm sular fhormheas an Coimisiún go foirmiúil é. Dá bhrí sin, a mhéid nach raibh an beart cabhrach sin díolmhaithe ó fhógra a thabhairt de réir Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2005 nó Cinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, dheonaigh an Iodáil an beart cabhrach sin de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE (86). |
5.3. Comhoiriúnacht na cabhrach
(277) |
Ní mór measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an chúitimh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh i bhfianaise Airteagal 106(2) CFAE. |
5.3.1. Rialacha is infheidhme
(278) |
Mar atá luaite thuas cheana, rinneadh fadú an Choinbhinsiún tosaigh i ndiaidh dheireadh 2008 le gníomhartha dlíthiúla ina dhiaidh sin, mar a leanas:
|
(279) |
Ina fhianaise sin, tugann an Coimisiún dá aire gur deonaíodh an cúiteamh seirbhíse poiblí faoin bhfadú deireanach ar an gCoinbhinsiún tosaigh tar éis do Chinneadh 2011 SGEI agus do Chreat 2011 SGEI teacht i bhfeidhm, ach go ndearnadh na chéad trí fhadú sular tháinig an creat reachtach i bhfeidhm. Sa chomhthéacs deiridh, faightear rialacha i bpacáiste sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, áfach, – in Airteagal 10 de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ó 2011 agus i mír 69 de Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ó 2011 – rialacha lena bhforáiltear maidir lena chur i bhfeidhm freisin ar chabhair a deonaíodh sular tháinig pacáiste maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012. Go háirithe, foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 10(b) de Chinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta: ‘haon chabhair a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo [i.e., roimh an 31 Eanáir 2012] nach raibh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ná nach raibh díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt i gcomhréir le Cinneadh 2005/842/CE ach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo; beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt roimh ré.’ |
(280) |
Maidir le Creat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, sonraítear i míreanna 68 agus 69 den Chreat sin go gcuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Chreat i bhfeidhm ar gach tionscadal cabhrach dá dtugtar fógra, gan beann ar tugadh fógra roimh nó ina dhiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chreata sin ar an 31 Eanáir 2012, agus freisin ar gach cabhair neamhdhleathach ar a ndéanann sé cinneadh tar éis 31 Eanáir 2012, fiú má deonaíodh an chabhair sin roimh 31 Eanáir 2012. Sa chás deireanach sin, ní hinfheidhme iad forálacha mhíreanna 14, 19, 20, 24, 39 agus 60 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
(281) |
Dá thoradh sin, ciallaítear leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus Creat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta mar a thuairiscítear thuas gur féidir an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar i rith tréimhse an fhadaithe a mheasúnú de bhun Phacáiste 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha i gceachtar de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, ná Creat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, tá an beart cabhrach sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach go ceann na tréimhse iomláine idir 1 Meitheamh 2011 agus 14 Eanáir 2014 (87). |
(282) |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a chomhlíonann an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar le linn thréimhse an fhadaithe coinníollacha Chreat 2011 SGEI nó nach gcomhlíonann. |
(283) |
Tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil Cinneadh 2011 SGEI infheidhme ach maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí ar naisc mhuirí le hoileáin nach bhfuil an meánlíon paisinéirí bliantúil i rith an 2 bhliain airgeadais roimh an gceann inar sannadh SGEI níos mó ná 300 000 paisinéir (Airteagal 2(1)(d)). Mar a thugtar tuairisc in aithris 141, chuir an Iodáil figiúirí i láthair a léiríonn nach sáraítear an tairseach sin ar aon cheann de bhealaí Laziomar. Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin go gcomhlíontar coinníoll Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2011 SGEI. |
(284) |
Thairis sin, de réir Airteagal 4 de Chinneadh SGEI, áireofar leis an ngníomh iontaoibhe, i measc nithe eile, tagairt do chur i bhfeidhm an Chinnidh sin. Tugann an Coimisiún dá aire nach n-áirítear aon tagairt den sórt sin leis an gconradh seirbhíse poiblí idir Réigiún Lazio agus Laziomar ná le haon cheann de na doiciméid a ghabhann leis. Dá thoradh sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach gcomhlíontar Airteagal 4 agus nach féidir measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chúitimh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar le linn thréimhse an fhadaithe faoi Chinneadh 2011 SGEI. |
(285) |
Dá dhroim sin, ba ghnách go dtiocfadh comhoiriúnacht an chúitimh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar amhail 2011 agus go dtí críochnú an phróisis phríobháidithe faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
(286) |
Sa chomhthéacs sin, áfach, i bhfianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh 2011 SGEI, tá feidhm ag mír 61 de Chreat 2011 SGEI. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar le linn thréimhse iomlán an fhadaithe le coinníollacha Chreat 2011 SGEI, cé is moite de na coinníollacha i míreanna 14, 19, 20, 24, 39 agus 60 de. |
5.3.2. Fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106 CFAE
(287) |
De réir mhír 12 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “ní mór an chabhair a dheonú d’fhíorsheirbhís a ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta léi agus atá sainithe i gceart dá dtagraítear in Airteagal 106(2) den Chonradh”. Soiléirítear le mír 13 “[nach] féidir le Ballstáit oibleagáidí sonracha seirbhíse poiblí a cheangal le seirbhísí atá á soláthar cheana ag gnóthais a oibríonn faoi ghnáthdhálaí margaidh nó ar féidir leo iad a sholáthar go sásúil agus faoi choinníollacha, amhail praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnachas agus rochtain ar an tseirbhís, ar bhealach atá comhsheasmhach le leas an phobail, mar a shainíonn an Stát. Maidir leis an gceist cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an margadh seirbhís a sholáthar, tá measúnú an Choimisiúin teoranta do sheiceáil cibé acu atá nó nach bhfuil sainiú an Bhallstáit curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach, mura soláthraítear caighdeán níos doichte le forálacha dhlí an Aontais”. Ar deireadh, tagraítear i mír 56 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, do “chorrlach lánroghnach a bheith ag an mBallstát” maidir leis an gcineál seirbhísí a bhféadfaí a aicmiú mar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
(288) |
Ní mór an measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an leas eacnamaíoch ginearálta atá ag gabháil leis an tseirbhís fíor a dhéanamh freisin i bhfianaise na Teachtaireachta maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (féach aithrisí 170 agus 186), i bhfianaise an Rialacháin maidir le Cabatáiste Muirí (féach aithrisí 173, 174 agus 175) agus i bhfianaise an chásdlí (féach aithrisí 176 agus 177). Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas le haghaidh thréimhse an fhadaithe:
|
(289) |
Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na bealaí seirbhíse poiblí a d’oibrigh Laziomar le linn thréimhse an fhadaithe mar an gcéanna leo siúd a cuireadh ar a iontaoibh faoin gconradh nua seirbhíse poiblí, ach amháin nach raibh ach cúig bhealach ann le linn thréimhse an fhadaithe (féach aithris 43) agus go bhfuil dhá bhealach breise curtha leo faoin gconradh nua seirbhíse poiblí ag nascadh Terracine le Ponza (Líne T3) agus le Ventotene (Líne T4) (féach aithris 72). Anuas air sin, thug an Coimisiún tuairisc agus rinne sé measúnú cheana féin ar an staid iomaíoch ar na bealaí sin le linn na tréimhse sínithe. In aghaidh an chúlra sin, beidh an measúnú seo a leanas ag brath ar, agus tagróidh sé do, chodanna den mheasúnú a rinneadh le haghaidh an conradh nua seirbhíse poiblí a luaitear thuas (féach roinn 5.1.2.1). |
(290) |
Meabhraíonn an Coimisiún ar dtús (féach aithris 120) gur fhorchuir an Iodáil na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa Choinbhinsiún tosaigh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh go príomha (i) leis an leanúnachas críche idir an mhórthír agus na hoileáin a áirithiú agus (ii) le rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann, trí mheán seirbhísí iompair mhuirí tráthrialta agus iontaofa. Mheas an Coimisiún cheana féin (féach aithris 179) gur cuspóirí leas an phobail iad sin. |
(291) |
Chun an fíoréileamh ó úsáideoirí ar na seirbhísí muirí lena mbaineann a thaispeáint, sholáthair an Iodáil (féach Táblaí 11 agus 12) staidreamh mionsonraithe ina léirítear gur iompair Laziomar 270 457 bpaisinéir agus 17 717 bhfeithicil ar na cúig bhealach seirbhíse in éineacht in 2011, le linn na dtréimhsí ama faoi seach a chumhdaítear leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí. Iompraíodh 240 430 paisinéir agus 13 228 bhfeithicil in 2012 agus 254 167 bpaisinéir agus 16 927 bhfeithicil in 2013. (88) Tábla 11 Staidreamh ar phaisinéirí le haghaidh na mblianta 2011-2013
Tábla 12 Staidreamh ar fheithiclí le haghaidh na mblianta 2011-2013
|
(292) |
Ar an iomlán, léirítear sna figiúirí go raibh éileamh ó úsáideoirí le haghaidh na seirbhísí farantóireachta suntasach agus sách seasta, agus nár soláthraíonn aon eolas san anailís le haghaidh na blianta 2011-2013 go n-imeodh an t-éileamh sin. Thaispeáin an Coimisiún cheana féin go raibh éileamh suntasach ann freisin ó úsáideoirí le haghaidh na seirbhísí muirí le haghaidh na tréimhse 2014 ar aghaidh (féach aithris 184). |
(293) |
Is féidir an chonclúid a bhaint as dá bhrí sin gur tugadh aghaidh ar fhíoréileamh ó úsáideoirí leis na seirbhísí sin agus gur shásaigh siad fíoréilimh an phobail dá réir. |
(294) |
Mar a mhínítear faoi aithris 186, ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh le meas an mbeadh soláthar na seirbhíse neamhleor dá d’fhágfaí a sholáthar faoi fhórsaí an mhargaidh amháin i bhfianaise na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchuireann an Ballstát de bhua sínithe leis an gCoinbhinsiún tosaigh. Tugtar faoi deara ina leith sin i mír 48 de Theachtaireacht SGEI go bhfuil “measúnú an Choimisiúin teoranta do sheiceáil cibé acu a rinne nó nach ndearna an Ballstát earráid fhollasach”. |
(295) |
Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir oibreoir eile, Vetor, seirbhís do phaisinéirí ar fáil le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh 2011 go dtí an 14 Eanáir 2014 ar bhealach amháin a d’oibrigh Laziomar faoin síneadh leis an gCoinbhinsiún tosaigh (Líne A3), cé nár cuireadh ar fáil iad chomh leanúnach tráthrialta céanna ná ar an bpraghas céanna. Rinne an Coimisiún measúnú cheana in aithris 195 ar an staid iomaíoch ar Líne A3 agus ar cibé acu a bhí nó nach raibh na seirbhísí a sholáthair Vetor comhionann leo siúd a bhí ar Laziomar a sholáthar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí. Meabhraíonn an Coimisiún go raibh an measúnú sin bunaithe ar an staid iomaíoch ar an mbealach sin idir an 1 Meitheamh 2011 agus an 14 Eanáir 2014. Ós rud é go bhfuil na seirbhísí i gcoitinne atá ar Laziomar a oibriú beagnach comhionann leis na seirbhísí a bhí air a oibriú le linn thréimhse an fhadaithe, a mhéid a bhaineann leis na bealaí a bhfreastalaítear orthu, na minicíochtaí agus na ceanglais theicniúla, tá an chonclúid a rinne an Coimisiún (féach aithris 195) nach raibh fórsaí margaidh iontu féin leordhóthanach chun freastal ar riachtanais seirbhíse poiblí bailí freisin maidir le Laziomar le linn thréimhse iomlán an fhadaithe. Go deimhin, ba é Laziomar an t-aon oibreoir amháin ar an gcuid is mó de na bealaí, agus ní raibh na seirbhísí a sholáthair Vetor ar bhealach amháin (Líne A3), agus ar an aon bhealach amháin sin, comhionann i dtéarmaí leanúnachais, rialtachta, toillte ná praghais agus dá bhrí sin níor chomhlíon siad na riachtanais seirbhíse poiblí a forchuireadh ar Laziomar de bhua an Choinbhinsiúin tosaigh (arna fhadú) ina n-iomláine. |
(296) |
Ar deireadh, i bhfianaise an phríobháidithe bheartaithe agus chun leanúnachas na seirbhísí poiblí a bhí á n-oibriú faoin gCoinbhinsiún tosaigh, chinn an Iodáil síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún sin gan é a athrú agus faoi réir an athraithe ar mhodheolaíocht cúitimh is infheidhme ó 2010 ar aghaidh). Glacann an Coimisiún leis nach mbeifí in ann freastal ar an éileamh sin ó úsáideoirí (mar a thuairiscítear air in aithrisí 291, 292 agus 293) trí oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheadh infheidhme maidir leis na hoibritheoirí uile a chuireann na bealaí ar fáil a fhorchur. Go háirithe, ba é Laziomar an t-aon oibreoir amháin ar an gcuid is mó de na bealaí (féach e.g. aithris 188) agus, i gcásanna nárbh é an t-aon oibreoir amháin é, níor chomhlíon an tseirbhís a sholáthair an t-oibreoir eile na ceanglais maidir le rialtacht, leanúnachas, toilleadh ná praghas inacmhainne. Thairis sin, ní ghintear brabús ag riar an chuid is mó, (nó aon cheann fiú) de na bealaí, go háirithe le linn an tséasúir chiúin, agus ní dócha go riarfaí iad ar chor ar bith murach cúiteamh seirbhíse poiblí. Ina theannta sin, glacann an Coimisiún leis, i bhfianaise phróiseas príobháidithe Laziomar, gurbh é fadú an chonartha seirbhíse poiblí a bhí ann cheana an t-aon bhealach amháin le leanúnachas na seirbhísí poiblí a ráthú go dtí go mbeadh an príobháidiú sin tugtha i gcrích. |
(297) |
Dá bhrí sin, tagann an Coimisiún ar an gconclúid nach ndearna an Iodáil earráid fhollasach nuair a bhí na seirbhísí a cuireadh ar iontaoibh Laziomar á sainiú aici mar SGEI. Faightear réidh mar sin leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl i gCinntí 2011 agus 2012. |
5.3.3. An gá le gníomh iontaoibhe ina sonraítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus na modhanna ríomha cúitimh
(298) |
Mar a léiríodh i roinn 2.3 de Chreat SGEI 2011, de réir bhrí Airteagal 106 CFAE ciallaíonn an choincheap de sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta go cuireadh oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar iontaoibh an ghnóthais lena mbaineann trí bhíthin gníomh oifigiúil amháin nó níos mó ná gníomh oifigiúil amháin. |
(299) |
Ní mór na nithe seo a leanas go háirithe a shonrú sna gníomhartha sin:
|
(300) |
I gCinntí 2011 agus 2012 leis, chuir an Coimisiún amhras in iúl faoi cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh foráil sa ghníomh iontaoibhe maidir le tuairisc chuimsitheach ar chineál oibleagáidí seirbhíse poiblí Laziomar i rith thréimhse an fhadaithe. Mar sin féin, mheabhraigh an Coimisiún freisin go bhféadfaí gnéithe éagsúla den chur ar iontaoibh a chur i roinnt gníomhartha éagsúla gan amhras a chaitheamh ar oiriúnacht an tsainithe ar na hoibleagáidí. Le linn na tréimhse sínithe, bhí an Coinbhinsiún tosaigh (arna leasú agus arna síneadh le himeacht ama), na pleananna cúig bliana a chumhdaigh na tréimhsí 2000–2004 agus 2005–2008, agus sraith de chinntí ad hoc a rinne an Iodáil, Treoir CIPE agus Dlí 2009, mar chuid de ghníomh iontaoibhe Laziomar. |
(301) |
In aghaidh an chúlra sin, tugann an Coimisiún dá aire i dtosach gur fhan an Coinbhinsiún tosaigh (arna leasú le himeacht ama), atá i gcroílár ghníomh iontaoibhe Laziomar, infheidhme ina iomláine ar bhonn shraith Dhlíthe Foraithne (féach aithris 278) go dtí gur cuireadh an príobháidiú i gcrích. Sonraítear sna gníomhartha dlí sin gur cuireadh oibleagáidí seirbhíse poiblí ar iontaoibh Laziomar go dtí go gcuirfear a phríobháidiú i gcrích. |
(302) |
De réir an Choinbhinsiúin tosaigh, sonraítear sna pleananna cúig bliana na bealaí agus na calafoirt atá le seirbheáil, an cineál agus toilleadh na soithí atá le húsáid le haghaidh na naisc mhuirí atá i gceist, minicíocht na seirbhíse agus na táillí atá le híoc, lena n-áirítear táillí fóirdheonaithe, go háirithe le haghaidh cónaitheoirí na réigiún oileánach. Cé nár glacadh na pleananna le haghaidh na tréimhse 2005-2008 go foirmiúil, lean an plean le haghaidh na tréimhse 2000-2004 de bheith infheidhme gan aon athrú a mhéid a bhaineann le raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí. Dá bhrí sin, lean forálacha an phlean sin de bheith infheidhme ina n-iomláine le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh 2011 go dtí an 14 Eanáir 2014. Roimh 2011, leasaíodh an scéim táille bhunaidh dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún tosaigh le roinnt gníomhartha ina dhiaidh sin. Mar sin féin, i gcaitheamh na tréimhse sínithe iomláine, níor eisíodh aon Fhoraithne Idir-Aireachta chun na táillí atá le gearradh ag cuideachtaí an iar-ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar, a leasú a thuilleadh. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gur sainíodh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a raibh ar Laziomar a chomhlíonadh le linn na tréimhse fadaithe sainithe ar bhealach a bhí soiléir go leor. |
(303) |
Thug an Coimisiún dá aire cheana in aithrisí 239 agus 240 de Chinneadh 2011 gur bunaíodh roimh ré na paraiméadair is gá chun méid an chúitimh a ríomh, agus go dtugtar tuairisc shoiléir orthu. Go háirithe, maidir leis na blianta 2011 go 2013, tá liosta praghais uileghabhálach agus beacht de na gnéithe costais atá le cur san áireamh chomh maith leis an modheolaíocht chun an toradh ar chaipiteal a infheistíonn an t-oibreoir a ríomh, le fáil sa Choinbhinsiún tosaigh (féach aithris 46). Leagtar an mhodheolaíocht ábhartha amach i dTreoir CIPE (féach aithrisí 47 go 57). Go sonrach, sonraítear i dTreoir CIPE sonraí na ngnéithe costais a cuireadh san áireamh agus an toradh ar chaipiteal a infheistíodh. Ar deireadh, áirítear le Dlí 2009 an t-uasmhéid cúitimh EUR 10 030 606 in aghaidh na bliana a bhfuil feidhm leis ó 2010 ar aghaidh. Thairis sin, leagadh síos sa Choinbhinsiún tosaigh go n-íocfar an cúiteamh ina thráthchodanna agus áirithíodh leis go mbeadh an cúiteamh bunaithe ar chostais agus ioncaim iarbhír a taibhíodh chun an tseirbhís phoiblí a sheachadadh. Sa bhealach sin, d’fhéadfaí róchúiteamh a aithint agus a sheachaint go héasca. I gcás inarb infheidhme, d’fhéadfadh an Stát an róchúiteamh sin a ghnóthú ó Laziomar. |
(304) |
Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún, maidir le tréimhse fhadaithe an Choinbhinsiúin tosaigh, gur leagadh síos sainmhíniú soiléir sna gníomhartha iontaoibhe ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí, ar an bhfad, ar an ngnóthas agus ar an gcríoch lena mbaineann, ar na paraiméadair chun an cúiteamh a ríomh, a rialú agus a athbhreithniú agus ar na socruithe chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a aisíoc mar a cheanglaítear faoi Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
5.3.4. Fad na tréimhse iontaoibhe
(305) |
Mar a léirítear i mír 17 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “[...] ba cheart údar a thabhairt d’fhad thréimhse na hiontaoibhe faoi threoir chritéir oibiachtúla amhail an gá le sócmhainní seasta neamh-inaistrithe a amúchadh. I bprionsabal, níor cheart do fhad na tréimhse fadaithe a bheith níos faide ná an tréimhse a theastaíonn le haghaidh dímheasa ar na sócmhainní is suntasaí chun an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar.” |
(306) |
Chuir an Iodáil in iúl gur socraíodh an síneadh agus an tréimhse a theastaíonn le haghaidh dímheasa na sócmhainní a úsáidtear chun an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar mar thagairt dó. Go háirithe, is é beagán níos mó ná 24 bliana fad iomlán an Choinbhinsiúin tosaigh arna fhadú. Is iad soithí na sócmhainní is suntasaí a theastaíonn chun an tseirbhís phoiblí a sholáthar. De ghnáth baineann tréimhse dímheasa fada le soithí a úsáidtear le haghaidh seirbhísí farantóireachta agus d’fhéadfadh an tréimhse a bheith ní b’fhaide ná 25 bhliain. |
(307) |
Sholáthair an Iodáil luach dímheasa shoithí Laziomar le haghaidh na tréimhse 2011-2013 don Choimisiún. Tugann an Coimisiún dá aire go raibh meánaois 24 bliana ag ceithre shoitheach Laziomar tráth a thosaigh sé ag oibriú na mbealaí in oileánra Pontino ar an 1 Meitheamh 2011 faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh. |
(308) |
Tugann an Coimisiún dá aire gurbh éigean síneadh 2 bhliain go leith a chur leis an tréimhse chun leanúnachas na seirbhíse poiblí a áirithiú go dtí go dtabharfaí an próiseas príobháidithe i gcrích. Agus meánaois na soithí agus meánfhad dímheasta na soithí a úsáidtear go ginearálta le haghaidh seirbhísí farantóireachta á gcur san áireamh ina theannta sin, chomh maith leis na tionscnaimh nuachóirithe a beartaíodh de bhun fhorálacha an chonartha seirbhíse agus úsáid soithí nua (féach aithris 243), tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil údar leordhóthanach le fad an ghnímh iontaoibhe agus go gcomhlíontar mír 17 de Chreat SGEI. |
5.3.5. Comhlíontacht le Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún (91)
(309) |
De réir mhír 18 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “[...[] ní mheasfar cabhair a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) den Chonradh ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an gnóthas, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2006/111/CE maidir le trédhearcacht an chaidrimh airgeadais idir Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe”. |
(310) |
Thairis sin, éilítear le mír 44 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta: “I gcás ina dtugann gnóthas faoi ghníomhaíochtaí atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní mór go léirítear ar leithligh sna cuntais inmheánacha na costais agus na hioncaim a bhaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus siúd a bhaineann leis na seirbhísí eile i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 31.” |
(311) |
Dheimhnigh an Iodáil nár ghníomhaigh Laziomar ach chun seirbhísí poiblí a sholáthar faoin gCoinbhinsiún tosaigh. |
(312) |
Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil mír 18 de Chreat 2011 SGEI infheidhme. |
5.3.6. An méid cúitimh
(313) |
Luaitear i mír 21 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta “[...] ní foláir nach sáróidh méid an chúitimh an méid is gá chun costas comhlíonta na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, lena n-áirítear brabús réasúnach”. |
(314) |
Sa chás idir lámha, ós rud é gurb ionann cuid den chúiteamh agus cabhair mhídhleathach a deonaíodh sular tháinig sí i bhfeidhm, foráiltear go sonrach i mír 69 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta maidir le modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta nach gá a úsáid chun críche an mheasúnaithe Státchabhrach. Seachas sin, féadfar modhanna malartacha a úsáid chun an glanchostas is gá chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a sheachadadh a ríomh, cuir i gcás an mhodheolaíocht bunaithe ar leithdháileadh costais. Faoin dara modheolaíocht sin, ríomhfadh an glanchostas mar an difear idir na costais agus na hioncaim atá ag soláthraí ainmnithe chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, mar a shonraítear agus a mheastar sa ghníomh iontaoibhe. Leagtar amach ar dhóigh níos mionsonraithe i míreanna 28 go 38 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta an chaoi ar cheart an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm. |
(315) |
I gCinneadh 2011 agus 2012 uaidh, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir leis an bpréimh riosca 6,5 % a bhí i bhfeidhm ó 2010. Go háirithe, cheistigh an Coimisiún cé acu atá an phréimh sin ina léiriú ar leibhéal iomchuí riosca nó nach bhfuil ag cur san áireamh nár dhealraigh sé prima facie gur ghlac Toremar chuige féin na rioscaí a ghlacann oibreoir chuige féin de ghnáth in oibriú na seirbhísí sin. |
(316) |
Chuirfeadh préimh riosca de 6,5 % i bhfeidhm chun an toradh ar chaipiteal a ríomh ag úsáid foirmle WACC. Mar sin féin, mar a míníodh cheana in aithrisí 136, 137 agus 138, shoiléirigh an Iodáil gur cinneadh an ríomh a shimpliú trí ráta comhréidh 6,5 % a chur i bhfeidhm i ndáil le toradh ar chaipiteal i ngeall ar an uasteorainn a cuireadh le méid an chúitimh le Dlí 2009. |
(317) |
Sa chomhthéacs sin, ar bhonn na gcuntas de réir bealaigh a chuir an Iodáil isteach agus a chomhiomlánaítear i dTábla 13, bhí an Coimisiún in ann a fhíorú go raibh an cúiteamh seirbhíse poiblí EUR 70 650 ní b’airde ná glanchostas na seirbhíse le haghaidh 2011, 2012 agus 2013 (gan aon toradh ar chaipiteal a chur san áireamh): Tábla 13 Glanchostas na seirbhíse poiblí a d’oibrigh Laziomar le haghaidh na tréimhse 2011-2013
|
(318) |
Cuireann an Coimisiún san áireamh gur thosaigh Laziomar ag oibriú na mbealaí in oileánra Pontino ar an 1 Meitheamh 2011, go díreach i ndiaidh aistriú na mbealaí sin ó Réigiún Campania agus Caremar chuig Réigiún Lazio agus Laziomar (féach aithrisí 4, 32 agus 33). Dá bhrí sin, ní féidir feidhmiú airgeadais 2011, a léiríonn difríocht dheimhneach EUR 149 484, a chur i leith Laziomar go hiomlán ná níl sé ionadaíoch do thorthaí iarbhír Laziomar. Go deimhin, le haghaidh na mblianta airgeadais 2012 agus 2013 a chuirtear i leith Laziomar go hiomlán, tá an difríocht in éineacht idir an méid iarbhír cúitimh agus an méid incháilithe diúltach (EUR -78 834). |
(319) |
Fíoraíonn an Coimisiún freisin na ríomhanna a sholáthair an Iodáil maidir leis an toradh ar chaipiteal infheistithe bunaithe ar an ráta comhréidh 6,5 %. Ós diúltach iad na torthaí i gcaitheamh na tréimhse 2011-2013 (féach aithris 138), léirítear mar “nialas” iad i dTábla 13 chun glanchostas na seirbhíse poiblí a ríomh. Dá bhrí sin, i bhfianaise na dtorthaí diúltacha sin, tugann an Coimisiún dá aire, i gcás an fheidhmithe airgeadais 3 bliana, go ndéantar an difríocht dheimhneach EUR 70 650, nach bhfuil ann ach 0,2 % den chúiteamh iarbhír a íocadh le Laziomar, a chuimsiú leis an ráta comhréidh 6,5 % agus nach bhfuil róchúiteamh ann mar thoradh uirthi. Thairis sin, ní théann ráta toraidh 0,2 % (nó 20 bonnphointe) thar an ráta babhtála ábhartha móide préimh 100 bonnphointe, a mheastar de bhun mhír 36 de Chreat 2011 SGEI a bheith réasúnach in aon chás. |
(320) |
Le Mír 49 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ceanglaítear ar Bhallstáit a áirithiú nach dtabharfar róchúiteamh do ghnóthais a ndeonaítear cúiteamh dóibh as seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (mar a shainítear i mír 47 den Chreat sin). I measc nithe eile, ní mór do Bhallstáit cruthúnas a sholáthar ar iarraidh ón gCoimisiún. Thairis sin, ní mór dóibh seiceálacha tráthrialta a dhéanamh, nó a áirithiú go ndéantar seiceálacha den sórt sin, ag deireadh na tréimhse iontaoibhe agus, in aon chás, ar eatraimh nach mó ná 3 bliana. |
(321) |
Rinne an Coimisiún measúnú cheana féin faoi Altmark 3, agus fuarthas go bhféadfadh an ráta comhréidh 6,5 % de thoradh ar chaipiteal a bhféadfadh Laziomar a bheith ag súil leis ó pheirspictíocht ex ante i gcomhréir leis na riosca a ghlac sé agus na seirbhísí poiblí á n-oibriú aige faoin gconradh seirbhíse poiblí (féach aithrisí 211 go 216). Ina theannta sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún gur úsáid an Iodáil ráta comhréidh i ndáil le toradh ar chaipiteal chun an ríomh a shimpliú. |
(322) |
Tugann an Coimisiún dá aire go gcuirtear san áireamh i dTreoir CIPE na luachanna margaidh áirithe is infheidhme in earnáil an chabatáiste mhuirí. Leagtar amach leis na costais incháilithe chun críocha oibleagáidí seirbhíse poiblí, chomh maith leis na prionsabail ríofa a bhaineann leis an ráta toraidh ar chaipiteal ar bhonn na faisnéise, coinníollacha agus rioscaí ábhartha don earnáil áirithe sin. |
(323) |
Ina theannta sin, mar a míníodh cheana in aithris 214 i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar an gconradh nua seirbhíse poiblí faoi Altmark 3, shuigh an Coimisiún go raibh an meántoradh ar chaipiteal a ghin grúpa tagarmhairc d’oibreoirí farantóireachta roghnaithe a sholáthair naisc mhuirí laistigh den Iodáil nó idir an Iodáil agus Ballstáit eile in 2013 (agus le haghaidh na tréimhse 2011-2013 ina hiomláine) comhchosúil go ginearálta leis an toradh 6,5 % ar chaipiteal Laziomar. |
(324) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go bhfanann toradh ar chaipiteal ag 6.5 % le bheith ar leibhéal réasúnach. |
(325) |
Ar deireadh, chuir an Iodáil an fhianaise is gá ar fáil ina léirítear go ndearnadh na seiceálacha tráthrialta uile le háirithiú nár sháraigh an méid cúitimh glanchostas na seirbhíse. Anuas air sin, meabhraíonn an Coimisiún go n-íoctar an cúiteamh i dtráthchodanna (féach aithris 45) agus go ndéantar an íocaíocht deiridh ar bhonn na gcostais agus na n-ioncam iarbhír don bhliain sin. Áirithíonn sé sin nach sáraíonn an méid cúitimh glanchostais na seirbhíse. |
(326) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún nach raibh aon róchúiteamh mar thoradh ar an méid cúitimh a deonaíodh do Laziomar le linn fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus go gcomhlíontar na ceanglais infheidhme de roinn 2.8 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
5.3.7. An tosaíocht feistithe
(327) |
Sonraítear in Airteagal 19-ter, mír 21 de Dhlí 2009 gur gá tosaíocht feistithe chun leanúnachas críche leis na hoileáin a ráthú agus i bhfianaise oibleagáidí seirbhíse poiblí na gcuideachtaí den iar-ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Laziomar. Go deimhin, mura raibh aon tosaíocht feistithe ann le haghaidh cuideachtaí a gcuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí de chúram orthu, d’fhéadfadh go mbeadh orthu fanacht lena seal sula bhféadfaidís nascadh agus moill a chur leis an seoladh dá bharr, rud a chuirfeadh an chuspóir atá leis na hoibleagáidí, is é sin nascacht iontaofa agus áisiúil a áirithiú le haghaidh na tomhaltóirí, ar neamhní. Gan amhras, tá gá le hamchlár tráthrialta chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta dhaonra na n-oileán agus chun cur le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann. Thairis sin, ós rud é go bhfuil na bealaí seirbhíse poiblí socruithe ag an gCoinbhinsiún, is gá an tosaíocht feistithe le háirithiú go leithdháileann calafoirt na beartanna feistithe agus na hamanna feistithe ar bhealach a chuireann ar chumas an oibreora seirbhíse poiblí a oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. |
(328) |
In aghaidh an chúlra sin, measann an Coimisiún go raibh údar leis an mbeart sin le cur ar Laziomar a oibleagáidí seirbhíse poiblí a fheidhmiú ar fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) iad (féach roinn 5.3.2). Thairis sin, dheimhnigh an Iodáil nach bhfuil an tosaíocht feistithe infheidhme ach maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear faoin gcóras seirbhíse poiblí amháin. |
(329) |
Rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe cheana ar chomhoiriúnacht SGEI agus an chúitimh ghaolmhair do Laziomar le linn fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh (féach ranna 5.3.2 go 5.3.6). Measann an Coimisiún dá réir gur féidir a mheasúnú comhoiriúnachta ar an tosaíocht feistithe a theorannú do chinneadh cibé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh róchúiteamh a bheith de thoradh an bhirt sin. |
(330) |
Measann an Coimisiún gur theoranta aon bhuntáiste airgeadais a d’fhéadfadh an tosaíocht feistithe a thabhairt (féach aithris 162). Mar thoradh air sin, bheadh an riosca a bhaineann le róchúiteamh ag eascairt as an mbeart teoranta freisin. Anuas air sin, a mhéid a laghdódh an beart sin costais oibriúcháin nó a mhéadódh sé ioncaim an oibreora seirbhíse poiblí, léireofaí na héifeachtaí sin ina n-iomána i gcuntais inmheánacha an oibreora. Dá bhrí sin, tá na seiceálacha róchúitimh a cuireadh i bhfeidhm maidir le Laziomar mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 5.3.6 a bheith oiriúnach chun aon róchúiteamh féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an tosaíocht feistithe a aithint. |
(331) |
Measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil an tosaíocht feistithe, atá nasctha go dlúth leis an tseirbhís phoiblí a fheidhmíonn Laziomar, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) CFAE agus le Creat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. |
5.3.8. Conclúid
(332) |
Bunaithe ar an measúnú in aithrisí 278 go 331, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an cúiteamh a deonaíodh do Laziomarchun na seirbhísí muirí a sholáthar faoi réir fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh sa tréimhse idir an 1 Meitheamh 2011 agus an 14 Eanáir 2014 agus an tosaíocht feistithe na coinníollacha infheidhmithe de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus go bhfuil siad comhoiriúnach dá bhrí sin leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 106 CFAE. |
6. Conclúid
(333) |
Cinneann an Coimisiún gur chuir an Iodáil na bearta cabhrach atá faoi mheasúnú chun feidhme go neamhdhleathach de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE. Ar bhonn an mheasúnaithe thuasluaite, chinn an Coimisiún go bhfuil an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Laziomar faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 106 CFAE. Thairis sin, ós rud é go bhfuil an tosaíocht feistithe nasctha go dlúth le feidhmiú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ag Laziomar, tá an beart sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach freisin faoi Airteagal 106 CFAE. |
(334) |
Thairis sin, cinneann an Coimisiún nach Státchabhair iad na bearta seo a leanas de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE:
|
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE é an cúiteamh do Laziomar agus an tosaíocht feistithe chun seirbhísí muirí a sholáthar faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh sa tréimhse ón 1 Meitheamh 2011 – 14 Eanáir 2014. Chuir an Iodáil an chabhair le Laziomar chun feidhme de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE. Tá an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.
Airteagal 2
Ní Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE í dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí le haghaidh na tréimhse ón 15 Eanáir 2014 – 14 Eanáir 2024, arna chuachadh le gnó Laziomar agus leis an tosaíocht feistithe do Laziomar.
Airteagal 3
An fhéidearthacht go mbainfear úsáid, ar bhonn sealadach, as na hacmhainní airgeadais a gealladh cheana d’uasghrádú agus nuachóiriú an chabhlaigh chun riachtanais phráinneacha leachtachta a chumhdach, mar a leagtar síos le Dlí 2010, níor baineadh úsáid aisti a mhéid a bhaineann le Laziomar. Dá bhrí sin, ní Státchabhair le Laziomar é de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.
Airteagal 4
Ní Státchabhair le Laziomar de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE iad na díolúintí fioscacha a bhaineann le próiseas príobháidithe Laziomar a leagtar síos le Dlí 2010.
Airteagal 5
An fhéidearthacht go n-úsáidfí acmhainní Fondo Aree Sottoutilizzate chun riachtanais leachtachta a chomhlíonadh, a leagtar síos le Dlí 2010, ní Státchabhair atá ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.
Airteagal 6
Tá an Cinneadh seo dírithe ar Phoblacht na hIodáile.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
Margrethe VESTAGER
Comhalta den Choimisiún
(1) IO C 28, 1.2.2012, lch. 18 agus IO C 84, 22.3.2013, lch. 58.
(2) Bhí iar-ghrúpa Tirrenia comhdhéanta de na cuideachtaí Tirrenia di Navigazione S.p.A., Adriatica S.p.A., Caremar – Campania Regionale Maritima S.p.A., Saremar – Sardegna Regionale Marittima S.p.A., Siremar – Sicilia Regionale Marittima S.p.A., agus Toremar – Toscana Regionale Marittima S.p.A..
(3) Státchabhair – Poblacht na hIodáile – Státchabhair SA.32014 (11/C) (ex 11/NN), SA.32015 (11/C) (ex 11/NN), SA.32016 (11/C) (ex 11/NN) – Státchabhair leis na cuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia – Iarratas chun barúlacha a thabhairt de bhun Airteagal 108(2) de CFAE (IO C 28, 1.2.2012, lch. 18).
(4) Féach Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm maidir le hiompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7) (“an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí”).
(5) Bunaíodh Laziomar an 1 Nollaig 2010, agus ba é Réigiún Lazio an t-aon scairshealbhóir amháin.
(6) Státchabhair – Poblacht na hIodáile – Státchabhair SA.32014 (2011/C), SA.32015 (2011/C), SA.32016 (2011/C) – Státchabhair leis na cuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia agus lena bhfaighteoirí – Iarratas chun barúlacha a thabhairt de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 84, 22.3.2013, lch. 58).
(7) Tá Fintecna (Finanziaria per i Settori Industriale e dei Servizi S.p.A.) faoi úinéireacht iomlán Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile agus tá saineolas speisialta aige maidir le bainistíocht ar phróisis scairsheilbhe agus phríobháidithe, chomh maith le bheith ag láimhseáil tionscadal chun cuideachtaí a bhfuil deacrachtaí tionsclaíocha, airgeadais nó eagraíochtúla acu a chuíchóiriú agus a athstruchtúrú.
(8) Cinneadh 2001/851/CE ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2001 maidir leis an Státchabhair arna dámhadh ag an Iodáil don chuideachta loingseoireachta Tirrenia di Navigazione (IO L 318, 4.12.2001, lch. 9).
(9) Cinneadh 2005/163/CE ón gCoimisiún an 16 Márta 2004 maidir leis an Státchabhair arna híoc ag an Iodáil le cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (IO L 53, 26.2.2005, lch. 29).
(10) Cásanna Uamtha T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 Tirrenia di Navigazione v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2009:48.
(11) Cinneadh (AE) 2018/261 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 maidir leis na bearta SA.32014 (2011/C), SA.32015 (2011/C), SA.32016 (2011/C) arna gcur chun feidhme ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (IO L 49 an 22.02.2018, lch. 22).
(12) Féach Breithiúnas an 6 Aibreán 2017 sa Chás T-219/14 Regione autonoma della Sardegna (an Iodáil) v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:266.
(13) Cinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis an Státchabhair Uimh. C 64/99 (ex NN 68/99) arna cur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh na gcuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (Grúpa Tirrenia) (IO L 332, 12.10.2020, lch. 1).
(14) Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Creat Eorpach um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).
(15) Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (11/C) (ex 11/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh Tirrenia di Navigazione agus le haghaidh a fhaighteora Compagnia Italiana di Navigazione (IO L 332, 12.10.2020, lch. 45).
(16) Nach bhfuil foilsithe fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(17) Nach bhfuil foilsithe fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(18) Airteagal 19-ter, mír 10 de Dhlí 2009.
(19) As a dtiocfadh EUR 19 839 226 ó Réigiún Campania agus EUR 10 030 606 ó Réigiún Lazio.
(20) Orthu sin tá an íocaíocht iarchurtha a rinne CIN ar chuid de phraghas ceannaigh chun brainse gnó Tirrenia a fháil agus roinnt bearta cúnaimh breise a líomhnaítear i gcomhthéacs phríobháidiú bhrainse gnó Siremar (e.g. frithráthaíocht agus méadú ar chaipiteal ag an Stát do CdI, arb é an t-eintiteas é a fuair brainse gnó Siremar ar dtús).
(21) Ní dhearnadh measúnú i gCinneadh 2014 ar an tionscadal Bonus Sardo – Vacanza, go háirithe, ar cuid de Bheart 7 é, agus ní dhéanfar measúnú air sa Chinneadh seo ach oiread.
(22) Tar éis an 25 Samhain 2010, trí chinneadh na Comhdhála Idir-roinne maidir le bunú an fhóirdheontais bhliantúil a bunaíodh faoi Airteagal 11 de Dhlí Uimh. 856/1986 idir an Aireacht Bonneagair agus Iompair, an Aireacht Geilleagair agus Airgeadais, agus an Aireacht um Fhorbairt Eacnamaíoch (an “Chomhdháil Idir-roinne”), déantar aon tsuim ró-chúitimh a asbhaint as réamhíocaíochtaí fóirdheontais sa todhchaí.
(23) Comitato Interministeriale per la Programmazione Economica.
(24) Gazzetta Ufficiale della Repubblica Italiana, (“GURI”) Uimh. 50 an 28 Feabhra 2008.
(25) Amhail de bhun Airteagal 1, litir 999 de Dhlí Uimh. 296 an 27 Nollaig 2006 agus Airteagal 1, litir e) de Dhlí Foraithne Uimh. 430/1997.
(26) An ráta toraidh inmhianaithe d’infheisteoir cothromais i bhfianaise phróifíl riosca na cuideachta agus na sreafaí airgid a bhaineann leis.
(27) www.regione.lazio.it
(28) IO Uimh. S/149, an 4 Lúnasa 2012.
(29) GURI, Uimh. 91, an 6 Lúnasa 2012.
(30) Is do lasta amháin iad roinnt seoltaí ar an Líne seo (féach Tábla 9).
(31) Luaitear in Airteagal 25(2): “Féadann na nithe seo a leanas a bheith ina gcúis le himeacht dheimhneach nó dhiúltach ón gcothromaíocht eacnamaíoch agus airgeadais:
(a) |
neamhéifeachtúlachtaí bainistíochta; |
(b) |
cumarsáid earráideach ó Laziomar maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear iarbhír chun an praghas bliantúil a chinneadh; |
(c) |
imthosca margaidh fíor-neamhfhabhracha nach bhfuil smacht ag Laziomar orthu, as a dtiocfaidh meath ar imthosca oibriúcháin agus mar sin costais oibriúcháin níos airde nó ioncam níos ísle ó tháillí, as a leanfaidh laghdú níos mó ná 10 % ar an toradh oibriúcháin. |
(d) |
muirir airgeadais; |
(e) |
leasuithe ar fhorálacha reachtacha agus rialála lena mbunaítear imthosca nua d’fheidhmhiú na seirbhíse dá bhforáiltear sa chonradh; |
(f) |
infheistíocht nua a éilíonn an Réigiún a dhéanamh le hacmhainní poiblí dá bhforáiltear le hAirteagal 19; |
(g) |
athrú ar an gcóras táillí dá dtagraítear in Airteagal 3; |
(h) |
imthosca margaidh fíor-fhabhracha as a leanfaidh méadú níos mó ná 10 % ar an toradh oibriúcháin; |
(i) |
méaduithe ar an gcostas aonaid ar bhaill foirne mar thoradh ar oibleagáidí faoi CCNL [an Comhaontú Náisiúnta Comhchoiteann um Shaothar] agus breis margála cuideachta; |
(j) |
beartas tráchtála á chur i bhfeidhm ag Laziomar chuig na huasleibhéil a leagtar síos in Iarscríbhinn G a ghabhann leis an gconradh seo”. (Aistriúchán neamhoifigiúil an Choimisiúin). |
(32) Mar a leagtar síos le hAirteagal 19, mír 13a, de Dhlí Foraithne Uimh. 78/2009, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 102/2009 (“Dlí Uimh. 102/2009"), agus le mír 19 d’Airteagal 19-ter de Dhlí 2009.
(33) Mionsonraíodh na caighdeáin sábháilteachta sin ina dhiaidh sin i dTreoir 98/18/CE ón gComhairle an 17 Márta 1998, arna trasuíomh ag Foraithne Reachtach Uimh. 45 an 4 Feabhra 2000, de Threoir 2003/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003, arna trasuíomh ag Foraithne Reachtach Uimh. 52 an 8 Márta 2005 agus de Threoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna trasuíomh ag Foraithne Reachtach Uimh. 65 an 14 Márta 2005.
(34) Na cistí uile (i.e. EUR 7 000 000) arna soláthar le mír 19 d’Airteagal 19-ter de Dhlí 2009 agus EUR 16 750 000 as na cistí arna soláthar le Dlí Uimh. 102/2009.
(35) Is ciste náisiúnta é an Ciste um Limistéir Thearcúsáidte (Fondo Aree Sottoutilizzate) a thacaíonn le cur chun feidhme bheartas Réigiúnach na hIodáile. Tá a chuid acmhainní curtha in áirithe go príomha do réigiúin arna sainaithint amhlaidh ag an Iodáil.
(36) Gazzetta Ufficiale della Repubblica Italiana, Uimh. 137 an 16 Meitheamh 2009.
(37) Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992, lch. 7).
(38) Glacadh an litir fógra fhoirmiúil an 28 Eanáir 2010 ach níor tugadh fógra don Iodáil fúithi go dtí an lá dar gcionn.
(39) Fiú murar tharla aistriú foirmiúil na húinéireachta ar Tirrenia, Toremar agus Siremar ach in 2012.
(40) Tá forais i gCinneadh 2011 chun an nós imeachta i leith cabhair a íocadh leis na 6 chuideachta d’iar-ghrúpa Terrenia, i measc nithe eile, a thionscain ar bhonn na gCoinbhinsiún tosaigh. An tráth a glacadh le Cinneadh 2011 (an 5 Deireadh Fómhair 2011), bhí na seirbhísí muirí ar bhealaí oileánra Pontino díreach aistrithe ag Caremar chuig Laziomar (an 1 Meitheamh 2011). Cé nach bhfuil tagairt shainráite do Laziomar i gCinneadh 2011, tá feidhm ag réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar an gCoinbhinsiún tosaigh lena gcumhdaítear na bealaí luaite, go cothrom maidir le Laziomar, mar oibreoir nua na mbealaí sin.
(41) Féach Breithiúnas an 24 Iúil 2003 i gCás C-280/00 Altmark Trans, ECLI:EU:C:2003:415.
(42) Cinneadh 2005/842/CE ón gCoimisiún an 28 Samhain 2005 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 86(2) de Chonradh CE maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 312, 29.11.2005, lgh. 67).
(43) Creat Comhphobail le haghaidh Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 297, 29.11.2005, lch. 4).
(44) Cinneadh 2012/21/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) CFAE maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).
(45) Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Creat Eorpach um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí.
(46) Rinneadh foráil sa chuireadh chun tairisceana nach bhféadfadh láimhdeachas iomlán in earnáil an iompair mhuirí de chuid na dtairgeoirí ionchasacha sna 3 bliana roimhe sin a bheith faoi bhun EUR 60 milliún.
(47) De réir na hIodáile, tá géarghá le leanúnachas críche go háirithe d’oileán Ponza, atá lonnaithe thart ar 27 muirmhíle ó Terracina agus 36 mhuirmhíle ó Anzio, agus a bhfuil níos lú ná 3 400 duine ina gcónaí ann. Ba cheart go mbeadh feidhm ag breithniú comhchosúil, dar léi, a mhéid a bhaineann le hoileán Ventotene, a bhfuil níos lú ná 800 duine ina gcónaí ann.
(48) Tugadh an breithiúnas sin arna iarraidh sin don Aireacht Bonneagair agus Iompair i dtaca leis an dréacht-fhoraithne reachtach maidir le “Forálacha forlíontacha agus ceartaitheacha maidir le Foraithne Reachtach Uimh. 50 an 18 Aibreán 2016 ” (i.e. foraithne cheartaitheach leis an gCód um Chonarthaí Poiblí).
(49) SA.42710 SGEI – mearnasc muirí do phaisinéirí idir Messina agus Reggio Calabria.
(50) Féach Breithiúnas an 24 Iúil 2003 i gCás C-280/00 Altmark Trans, ECLI:EU:C:2003:415.
(51) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4).
(52) Cinneadh (AE) 2020/1412, aithris 265.
(53) Féach, go háirithe, C-730/79 Philip Morris v An Coimisiún, ECLI:EU:C:1980:209, mír 11; Cás C-53/00 Ferring, ECLI:EU:C:2001:627, mír 21; Cás C-372/97 An Iodáil v An Coimisiún, ECLI:EU:C:2004:234, mír 44.
(54) Cás T-214/95 Het Vlaamse Gewest v An Coimisiún, ECLI:EU:T:1998:77.
(55) Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 378, 31.12.1986, lch. 1).
(56) Cinneadh (AE) 2020/1411.
(57) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.09.2015, lch. 9).
(58) Cás C-590/14 P DEI agus An Coimisiún v Alouminion tis Ellados, ECLI:EU:C:2016:797, mír 45.
(59) Cásanna Uamtha T-127/99, T-129/99 agus T-148/99 Territorio Histórico de Álava – Diputación Foral de Álava agus eile v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2002:59, mír 175.
(60) Cinneadh (AE) 2020/1411.
(61) Cás T 289/03 BUPA agus Eile v an Coimisiún [2008] ECR II 81, mír 96. Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tizzano i gCás C 53/00 Ferring, ECR I 9069 agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Jacobs i gCás C 126/01, GEMO, [2003] ECR I 13769.
(62) Teachtaireacht C(2004) 43 ón gCoimisiún – Treoirlínte ón gComhphobal maidir le Státchabhair d’iompar muirí, (IO C 13, 17.1.2004, lch. 3).
(63) Féach Cás C-205/99 Asociación Profesional de Empresas Navieras de Líneas Regulares (Analir) agus Gnóthais eile agus Administración General del Estado, ECLI:EU:C:2001:107.
(64) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena nuashonraítear agus lena cheartaítear an Teachtaireacht maidir leis an léirmhíniú ar Rialachán (CCE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí), An Bhruiséil, COM(2014) 232 final, 22.4.2014.
(65) Féach Cás T-454/13 SNCM v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:134, míreanna 130 agus 134.
(66) Féach Cás T-289/03 BUPA agus Eile v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2008:29, mír 186.
(67) Féach Cás 66/86 Ahmed Saeed Flugreisen, ECLI:EU:C:1989:140, mír 55; Cás C-266/96 Corsica Ferries na Fraince, ECLI:EU:C:1998:306, mír 45; Cás T-17/02 Fred Olsen v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2005:218, mír 186 et seq.
(68) Ní féidir leis na soithí a úsáidtear ar Líne T4, Líne A1, Líne A2 ná Líne A3 feithiclí a iompar.
(69) Cé go n-iompraítear lasta ar an gcuid is mó de na línte, ní thugtar faisnéis mhionsonraithe sa chinneadh seo ach faoi lasta a iompraíodh ar Líne T3 agus Líne T4, toisc go sainmhíníonn an conradh seirbhíse poiblí an dá Líne sin mar bhealaí lasta chun earraí agus earraí speisialta a iompar.
(70) Féach Cás C-205/99 Analir agus eile, ECLI:EU:C:2001:107, mír 71.
(71) Tá an méid foriomlán a fuair Laziomar in imeacht na tréimhse 2012–2019 níos lú ná an glanchostas arna thabhú i soláthar na seirbhíse poiblí, gan aon toradh ar chaipiteal a chur san áireamh.
(72) Go háirithe, baineann sé le Minoan Lines Shipping, La Méridionale, Moby, Grandi Navi Veloci, Libertylines, Grimaldi Group, Corsica Ferries, SNAV, agus Caronte & Tourist. Níor cuireadh cuideachtaí eile iar-Ghrúpa Tirrenia (e.g. Caremar, CIN, Siremar) san áireamh sa ghrúpa tagarmhairc.
(73) Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).
(74) Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).
(75) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65)
(76) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243)
(77) Faoi Airteagal 21 de Threoir 2004/18/CE.
(78) Deirtear in Airteagal 1(4) de Threoir 2004/18/CE: “Is éard is ‘lamháltas seirbhíse’ ann conradh den chineál céanna le conradh seirbhíse poiblí seachas gurb é atá sa chomaoin chun an tseirbhís a sholáthar ná an ceart chun leas a bhaint as an tseirbhís agus sin amháin nó an ceart chuige sin agus chun íocaíochta.”
(79) Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).
(80) Sa Teachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach, feiceann an Coimisiún go dtagraíonn Cúirteanna an Aontais do nós imeachta tairisceana “oscailte” go minic i gcomhthéacs Státchabhrach. Ní thagraíonn an focal “oscailte”, áfach, do nós imeachta sonrach faoi na Treoracha um Sholáthar Poiblí. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cosúil go bhfuil an focal “iomaíoch” níos oiriúnaí. Sa Teachtaireacht sin, tugann an Coimisiún dá aire freisin nach bhfuil sé beartaithe atreorú ó na coinníollacha substaintiúla a leagtar amach sa chásdlí.
(81) Thairis sin, mar a mhínítear thuas (féach aithris 221) ní raibh feidhme ag Airteagal 36(1) de Threoir 2004/18/CE maidir leis an tairiscint seo. Dá bhrí sin, ní raibh aon oibleagáid ag an Iodáil na critéir roghnúcháin a sholáthar sa ghlao.
(82) Féach freisin mír 96 den Teachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach.
(83) Ar dhóigh níos sonraí, féach freagra an Choimisiúin ar cheist 68 ina Dhoiciméad Inmheánach Oibre “Treoir maidir le rialacha an Aontais i dtaca le státchabhair, soláthar poiblí agus an margadh inmheánach a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta” an 29 Aibreán 2013 (féach:
http://ec.europa.eu/competition/state_aid/overview/new_guide_eu_rules_procurement_en.pdf).
(84) Ar mhaithe le hiomláine, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an cás seo éagsúil ó chásanna eile nár cuireadh ach aon tairiscint amháin isteach iontu. I dtaca leis sin agus mar réasúnaíocht shonrach, féach Cinneadh (AE) 2020/1412 (aithrisí 404 agus 405).
(85) Rinneadh measúnú ar an gcéad shraith aistrithe i gCinneadh (AE) 2020/1412 (féach aithris 418).
(86) Déanfaidh an Coimisiún measúnú arbh amhlaidh a bhí an scéal i ndáiríre i roinn 5.3.1.
(87) Ar mhaithe le hiomláine, tugann an Coimisiún dá aire, an fhoráil idirthréimhseach a fhaightear in Airteagal 10(a) de Chinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ina sloinntear maidir le haon scéim chabhrach a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh sin (i.e. roimh 31 Eanáir 2012), a bhí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt i gcomhréir le Cinneadh 2005 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, go leanfaidh sí ar aghaidh de bheith comhoiriúnach agus díolmhaithe go ceann tréimhse dhá bhliain eile (i.e. go dtí 30 Eanáir 2014 agus an dáta sin san áireamh). Ciallaíonn sé sin go measfar an chabhair a deonaíodh faoi scéim den sórt sin le linn na tréimhse idir theacht i bhfeidhm Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2005 ar an 19 Nollaig 2005 agus teacht i bhfeidhm Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 ar an 31 Eanáir 2012 a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach ón dáta ar deonaíodh í dtí an 30 Eanáir 2014, agus an dá dáta sin san áireamh, amháin. In aon chás, maidir leis an gcabhair a deonaíodh ón 31 Eanáir 2012 ar aghaidh, níl an fhoráil idirthréimhseach d’Airteagal 10(a) de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 infheidhme agus ní mór an measúnú comhoiriúnachta a dhéanamh de bhun Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011.
(88) Sholáthair an Iodáil figiúirí a bhaineann le paisinéirí amháin freisin le haghaidh 2009 agus 2010. Meabhrófar gurbh é Caremar a d’oibrigh na bealaí sonracha le linn na tréimhse sin go dtí deireadh mhí na Bealtaine 2011. 287 639 bpaisinéir (157 055 ar T1 agus A2, 99 087 ar T2 agus A3 agus 31 494 ar A1) a iompraíodh in 2009 agus 253 638 bpaisinéir (141 300 ar T1 agus A2, 86 031 ar T2 agus A3 agus 26 307 ar A1) a iompraíodh in 2010.
(89) Níor iompair na soithí a úsáideadh ar Líne A1, Líne A2 agus Líne A3 feithiclí (cé is moite de Líne A1 in 2011).
(90) Ó 2012 níl ach paisinéirí á n-iompar ar an mbealach sin.