ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 186

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
13 Iúil 2022


Clár

 

I   Gníomhartha reachtacha

Leathanach

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/1201 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

1

 

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1202 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2022 lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint Bouches-du-Rhône (TGFC)

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1203 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 chun liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt cothrom le data

10

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1204 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2022 lena mbunaítear an Bonneagar Taighde um Acmhainní Miocróbacha — Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (MIRRI-ERIC) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3894)  ( 1 )

14

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1205 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2022 lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa Danmhairg agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/12/CE (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4784)

21

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


I Gníomhartha reachtacha

CINNTÍ

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/1


CINNEADH (AE) 2022/1201 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Iúil 2022

lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Meán Fómhair 2017, tháinig comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin (2), lena n-áirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, i bhfeidhm. Ós rud é gur aithin Comhairle na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 peirspictíocht Eorpach na hÚcráine agus gur chinn sí stádas tír is Iarrthóir a thabhairt don Úcráin, ba cheart a mheas go bhfuil an Úcráin incháilithe chun cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(2)

In earrach 2014, thug an Úcráin faoi chlár uaillmhianach um athchóiriú arb é is aidhm dó a geilleagar a chobhsú agus slí bheatha shaoránaigh na tíre a fheabhsú. Ar na príomhthosaíochtaí atá sa chlár oibre, tá an comhrac i gcoinne an éillithe chomh maith le hathchóirithe bunreachtúla, toghchánacha agus breithiúnacha. Tugadh tacaíocht do chur chun feidhme na n-athchóirithe sin le sé chlár cúnaimh macrairgeadais as a chéile, faoina bhfuair an Úcráin cúnamh i bhfoirm iasachtaí dar luach EUR 6,2 billiún san iomlán. Leis an gcúnamh macrairgeadais éigeandála is déanaí, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs an teannais atá ag méadú ag an teorainn leis an Rúis, de bhun Chinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tugadh EUR 1,2 billiún d’iasachtaí don Úcráin a eisíocadh in dhá thráthchuid de EUR 600 milliún i mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2022.

(3)

Is é cogadh fogha na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 is cúis leis an gcailleadh rochtain ar an margadh san Úcráin agus an laghdú ollmhór ar ioncam poiblí na hÚcráine, agus tá méadú suntasach tagtha ar an gcaiteachas poiblí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil agus chun leanúnachas na seirbhísí Stáit a choimeád. Sa chás éiginnte agus luaineach seo, is léir ó na meastacháin is fearr ó thaobh riachtanais chistiúcháin na hÚcráine ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) go bhfuil bearna urghnách chistiúcháin de thart ar USD 39 mbilliún ann in 2022 agus d’fhéadfaí tuairim is leath de sin a bhaint amach dá n-eiseofaí go hiomlán an tacaíocht idirnáisiúnta a gealladh go dtí seo. Maidir le soláthar pras cúnaimh macrairgeadais don Úcráin ón Aontas faoin gCinneadh seo a bheith ina chéad chéime de chur chun feidhme an chúnaimh macrairgeadais iomláin eisceachtúil, meastar gur freagairt ghearrthéarmach iomchuí é, faoi na dálaí eisceachtúla atá ann faoi láthair, ar riachtanais chistiúcháin is práinní na hÚcráine agus ar na rioscaí suntasacha do chobhsaíocht mhacrairgeadais na tíre sin. Tá an cúnamh macrairgeadais ón Aontas le tacú le cobhsaíocht airgeadais na hÚcráine agus le hathléimneacht láithreach na tíre sin a neartú, agus dá bhrí sin, cuirtear le hinbhuanaitheacht fiachais phoiblí na hÚcráine agus lena cumas a cuid oibleagáidí airgeadais a aisíoc sa deireadh.

(4)

Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh faoin gCinneadh seo, agus cúnamh macrairgeadais iomlán eisceachtúil atá beartaithe á chur san áireamh an tráth ceanna, bunaithe ar mheasúnú cainníochtúil ar na riachtanais chistiúcháin sheachtraigh atá fós ag an Úcráin, measúnú a rinneadh i gcomhar le CAI agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile, agus cuirtear san áireamh cumas na hÚcráine í féin a mhaoiniú lena hacmhainní dílse féin. Maidir leis an gcinneadh sin, cuirtear san áireamh freisin na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuil coinne leo ó dheontóirí déthaobhacha agus ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, chomh maith leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile de chuid an Aontais san Úcráin agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine. Ba cheart tiomantas Údaráis na hÚcráine do dhlúthchomhar leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le bearta éigeandála gearrthéarmacha a cheapadh agus a chur chun feidhme a aithint, mar aon leis an rún atá acu oibriú leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta maidir le clár eacnamaíoch iomchuí, nuair a bheidh na dálaí ann chuige sin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macrairgeadais an Aontais cobhsaíocht mhacrairgeadais agus athléimneacht a choinneáil ar bun i gcúinsí an chogaidh. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, le príomhphrionsabail agus príomhchuspóirí na mbeart a glacadh laistigh de réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(5)

Leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, ba cheart tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Úcráin. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i rith na hoibríochta cúnaimh macrairgeadais chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(6)

Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin nach mór don Úcráin sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta, a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine. Níor cheart, de bharr an chogaidh, agus go háirithe staid an dlí airm atá ann faoi láthair, cuir isteach ar na prionsabail sin, d’ainneoin chomhchruinniú na cumhachta sa bhrainse feidhmiúcháin.

(7)

Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha leis an gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil ón Aontas, ba cheart don Úcráin bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus le haon neamhrialtacht eile a chosc agus a chomhrac i dtaca leis an gcúnamh sin. Sa bhreis air sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa chomhaontú iasachta go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha, go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, agus go bhfeidhmeodh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a cuid inniúlachtaí, i gcomhréir le hAirteagail 129 agus 220 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“an Rialachán Airgeadais”).

(8)

Ba cheart tacaíocht macrairgeadais ón Aontas faoin gCinneadh seo, mar chéad chéim de chur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais iomlán eisceachtúil atá beartaithe don Úcráin, a bheith nasctha le ceanglais tuairiscithe dhiana, atá le leagan amach i meabhrán tuisceana. Is é is ceart a bheith d’aidhm ag na ceanglais tuairiscithe dhianasin, faoi dhálaí an chogaidh atá ann faoi láthair, a áirithiú go ndéanfar na gcistí a úsáid ar bhealach éifeachtúil trédhearcach agus cuntasach. Maidir le coinníollacha beartais, ar cheart é a bheith d’aidhm acu athléimneacht láithreach na hÚcráine a neartú mar aon lena hinbhuanaitheacht fiachais fhadtéarmach, agus ar an gcaoi sin, na rioscaí a bhaineann le haisíoc a hoibleagáidí airgeadais gan íoc, agus a hoibleagáidí airgeadais a bheidh ann amach anseo, a laghdú, beidh sí nasctha le hoibríochta cúnaimh macrairgeadais a bheidh ann amach anseo.

(9)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(10)

Dliteanas airgeadais don Aontas is ea é an cúnamh macrairgeadais de suas le EUR 1 bhilliún faoin gCinneadh seo, laistigh de mhéid foriomlán na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais, táthar lena mheas go bhfuil na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó na ráthaíochtaí buiséadacha, nó ón gcúnamh airgeadais arna n-íoc ón mbuiséad, inbhuanaithe, má tá an t-athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (7) agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (8). Chun cur ar chumas an Aontais tacaíocht shuntasach a thabhairt don Úcráin trí trí chúnamh macrairgeadais ar bhealach atá sábháilte ó thaobh airgeadais de, agus seasamh ard creidmheasa an Aontais á chaomhnú ag an am céanna, agus, dá bhrí sin, a chumas maoiniú éifeachtach a chur ar fáil i gcomhthéacs a bheartas inmheánach agus seachtrach araon, tá sé ríthábhachtach buiséad an Aontais a chosaint go leormhaith ó theacht chun cinn na ndliteanas teagmhasach sin agus a áirithiú go mbeidh siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de réir bhrí Airteagal 210(3) den Rialachán Airgeadais.

(12)

I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, is gá, sula ndéanfar tabhairt faoi iasachtaí breise faoin gcúnamh macrairgeadais eisceachtúil a sholáthar don Úcráin, athléimneacht an chiste don soláthar coiteann a atreisiú le hacmhainní atá i gcomhréir leis na rioscaí a eascraíonn ó na dliteanais theagmhasacha a bhaineann le tacaíocht macrairgeadais an Aontais don Úcráin faoin gCinneadh seo. Gan atreisiú den sórt sin, ní bheadh buiséad an Aontais in ann, ar bhonn atá sábháilte ó thaobh airgid de, an cúnamh a chur ar fáil le haghaidh na riachtanas atá ag an Úcráin a bhaineann leis an gcogadh. Chun buiséad an Aontais a chosaint, bunaithe ar an measúnú reatha, maidir leis an gcumhdach atá beartaithe d’iasachtaí cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil de suas le EUR 8,8 billiún don Úcráin, lena n-áirítear an tráthchuid seo de EUR 1 bhilliún, ba cheart é a bheith ag 70 % de luach na hiasachta.

(13)

Ar an mbonn sin, ba cheart an ráta soláthair don iasacht de EUR 1 bhilliún a shocrú ag 70 %, seachas an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947 a chur i bhfeidhm. Ba cheart an méid comhfhreagrach de EUR 700 milliún a mhaoiniú ón gclúdach airgeadais do chláir gheografacha faoi Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart an méid sin a ghealladh agus a íoc isteach in urrann ar leith den chiste don soláthar coiteann sa tréimhse go dtí 2027.

(14)

I bhfianaise an mhéadaithe ar ráta soláthair na tráthchoda seo de chúnamh macrairgeadais an Aontais arna tacú leis na ráthaíochtaí, is iomchuí go ndéanfar an dliteanas airgeadais ón gcúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo a bhainistiú ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Thairis sin, tá sé beartaithe úsáid a bhaint as an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le cúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo le haghaidh dliteanais airgeadais faoin gCinneadh seo, agus chuige sin amháin, seachas i gcomhréir leis an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947. Ina dhiaidh sin, ba cheart an soláthar a chuirtear ar leataobh i ndáil le cúnamh macrairgeadais faoin gCinneadh seo a eisiamh ó chur i bhfeidhm an ráta soláthair iarbhír a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 213 den Rialachán Airgeadais.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Chinnidh seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon cúnamh macrairgeadais an Aontaisa sholáthar don Úcráin d’fhonn tacú, go háirithe, le hathléimneacht agus cobhsaíocht eacnamaíoch na tíre sin agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Cinneadh seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(16)

I bhfianaise na práinne a bhaineann leis na himthosca eisceachtúla arb é cogadh míleata na Rúise gan chúis gan údar is cúis leo, meastar gurb iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

(17)

I bhfianaise chruachás na hÚcráine a bhfuil cogadh foghach na Rúise ina chúis leis, agus chun tacú léi ar a conair fhadtéarmach cobhsaíochta, is iomchuí maolú ar Airteagal 220(5) pointe (e), den Rialachán Airgeadais agus a cheadú go mbeidh an deis ag an Aontas na costais ráta úis a bhaineann leis an iasacht faoin gCinneadh seo a chumhdach agus na costais riaracháin a bheidh le hiompar ag an Úcráin murach sin a tharscaoileadh. Ba cheart an fóirdheontas ráta úis a dheonú, ar bhonn eisceachtúil, mar ionstraim a mheastar a bheith iomchuí chun éifeachtacht na tacaíochta a áirithiú de réir bhrí Airteagal 220(1) den Rialachán Airgeadais agus ba cheart é a íoc as buiséad an Aontais. Le linn thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, ba cheart an fóirdheontas ráta úis a íoc as an gclúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a), an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart anÚcráin a bheith in ann an fóirdheontas ráta úis agus an tarscaoileadh ar chostais riaracháin a iarraidh gach bliain faoi dheireadh mhí Mhárta. Ionas go mbeidh solúbthacht ann maidir le haisíoc na príomhshuime, ba cheart é a bheith indéanta freisin na hiasachtaí gaolmhara conarthacha thar ceann an Aontais a thar-rolladh , de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais.

(18)

I bhfianaise na staide san Úcráin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais d’uasmhéid EUR 1 000 billiún a chur ar fáil don Úcráin (“an cúnamh macrairgeadais ón Aontas”), d’fhonn tacú le cobhsaíocht mhacrairgeadais na hÚcráine. Is i bhfoirm iasachta a sholáthrófar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas don Úcráin.

2.   Chun an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, thar ceann an Aontais, na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Úcráin. Beidh meánaibíocht uasta 25 bliana ag gabháil leis an iasacht.

3.   Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (a) an chéad fhleasc, de Rialachán (AE) 2021/947 a úsáid chun costais na n-íocaíochtaí úis a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais le linn thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 a chumhdach mar fhóirdheontas ráta úis dá dtagraítear in Airteagal 5(2) den Chinneadh seo.

4.   Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a scaoilfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí ar thángthas orthu idir an Coimisiún agus an Úcráin in MT dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta faoi aon fhorbairt maidir leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas, lena n-áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus cuirfidh sé na doiciméid ábhartha ar fáil do na hinstitiúidí sin in am trátha.

6.   Cuirfear an cúnamh macrairgeadais ón Aontas ar fáil go ceann tréimhse 12 mhí ag tosú ar an gcéad lá tar éis theacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1).

7.   Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh an cúnamh macrairgeadais ón Aontas á eisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na hÚcráine i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.   Mar réamhchoinníoll i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a thabhairt don Úcráin, ní mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n-áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí agus an smacht reachta a urramú, agus a ráthú go n-urramófar cearta an duine.

2.   Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll a leagtar amach i mír 1 le linn shaolré an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas, go háirithe sula ndéanfar eisíocaíochtaí, agus na himthosca san Úcráin agus na hiarmhairtí a bhaineann le cur i bhfeidhm an dlí airm ann á gcur san áireamh freisin.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (9).

Airteagal 3

1.   Comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar leis an Úcráin ceanglais tuairiscithe atá sainithe go soiléir agus a bhfuil an cúnamh macrairgeadais ón Aontas nasctha leo. Déanfar na ceanglais tuairiscithe a leagan amach sa Mheabhrán Tuisceana (MT)agus a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 8(2).

2.   Beidh sé d’aidhm ag na ceanglais tuairiscithe a áirithiú, go háirithe, go ndéanfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontais a úsáid ar bhealach éifeachtúil trédhearcach agus cuntasach. Déanfaidh an Coimisiún faireachán rialta ar chur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe sin.

3.   Is i gcomhaontú iasachta atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Úcráin a leagfar síos na téarmaí mionsonraithe airgeadais a ghabhann leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas.

4.   Fíoróidh an Coimisiún, go tráthrialta, cur chun feidhme chúnamh macrairgeadais an Aontais agus go háirithe cur chun feidhme na gceanglas tuairiscithe atá leagtha amach sa MT. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas mar gheall ar thorthaí an fhíoraithe sin.

Airteagal 4

1.   Faoi réir na gceanglas dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an Coimisiún an cúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur ar fáil in aon tráthchuid amháin, agus sin i bhfoirm iasachta. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an tráthchlár chun an tráthchuid a eisíoc. Féadfar an tráthchuid a eisíoc i dtráinse amháin nó níos mó.

2.   Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le scaoileadh an tráthchoda faoi réir a mheasúnaithe ar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(1) a urramú;

(b)

teacht i bhfeidhm an Mheabhráin Tuisceana, lena ndéanfar foráil maidir le córas tuairiscithe is infheidhme le linn thréimhse iomlán na hiasachta a chur ar bun.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i mír 2, déanfaidh an Coimisiún eisíoc an chúnaimh macrairgeadais ón Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal, nó déanfaidh sé bearta iomchuí de bhun an chomhaontaithe iasachta. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

4.   Is le Banc Náisiúnta na hÚcráine, i bprionsabal, a eisíocfar an cúnamh macrairgeadais ón Aontas. Faoi réir na bhforálacha atá le comhaontú sa MT, lena n-áirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin bhuiséadaigh iarmharach, féadfar cistí an Aontais a eisíoc chuig Aireacht Airgeadais na hÚcráine ina cáil mar an tairbhí deiridh.

Airteagal 5

1.   Déanfar na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhréir le hAirteagal 220 den Rialachán Airgeadais.

2.   De mhaolú ar Airteagal 220(5), pointe (e), den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an tAontas ús a iompar, trí fhóirdheontas ráta úis, agus costais riaracháin a dheonú a bhaineann le hiasacht a fháil agus a thabhairt, cé is moite de chostais a bhaineann le haisíoc luath na hiasachta, i ndáil leis na hiasachtaí faoin gCinneadh seo.

3.   Féadfaidh an Úcráin fóirdheontas ráta úis agus cumhdach na gcostas riaracháin a iarraidh ar an Aontas faoi dheireadh mhí an Mhárta gach bliain.

4.   I gcás inar gá, de mhaolú ar Airteagal 220(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí gaolmhara a ndéanamh conradh ina leith thar ceann an Aontais a thar-rolladh.

5.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

Le linn chur chun feidhme chúnamh macrairgeadais an Aontais, déanfaidh an Coimisiún a athmheasúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, a fhónta agus atá socruithe airgeadais na hÚcráine, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánacha agus seachtracha is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.   Maidir lei cúnamh macrairgeadais an Aontais a sholáthraítear i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo, beidh feidhm ag ráta soláthair 70 % in ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(5), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/947.

2.   In ionad na rialach ginearálta a leagtar amach in Airteagal 31(6) de Rialachán (AE) 2021/947, déanfar na dliteanais airgeadais ó chúnamh macrairgeadais an Aontais a thugtar i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo a chumhdach ar leithligh ó dhliteanais airgeadais eile faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus an soláthar atá curtha i leataobh sa chiste don soláthar coiteann i ndáil le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thugtar i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo, ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh na ndliteanas airgeadais a eascraíonn as sin.

3.   De mhaolú ar Airteagal 213 den Rialachán Airgeadais, ní bheidh feidhm ag an ráta soláthair iarbhír maidir leis an soláthar a chuirtear ar leataobh sa chiste soláthair coiteann i ndáil le cúnamh macrairgeadais an Aontais a chuirtear ar fáil i bhfoirm iasachta faoin gCinneadh seo.

Airteagal 8

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 9

1.   Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil, measúnú a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a)

scrúdú ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis an gcúnamh macrairgeadais ón Aontas a chur chun feidhme;

(b)

measúnú ar an staid eacnamaíoch agus ionchais na hÚcráine, chomh maith le measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 3(1);

(c)

léiriú a thabhairt ar an nasc idir na ceanglais agus na coinníollacha a leagtar amach sa MT, staid macrairgeadais leanúnach na hÚcráine, agus cinneadh an Choimisiúin maidir le tráthchuid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a scaoileadh.

2.   Tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis dheireadh na tréimhse infhaighteachta, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 10

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 7 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Iúil 2022.

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/313 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais don Úcráin (IO L 55, 28.2.2022, lch. 4).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(8)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(9)  Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/8


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1202 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2022

lena bhformheastar leasú ar an tsonraíocht a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó an tásc geografach faoi chosaint “Bouches-du-Rhône” (TGFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 99 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Bouches-du-Rhône” a chuir an Fhrainc ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. San áireamh sa leasú sin tá leasú ar an ainm ó “Bouches-du-Rhône” go “Pays des Bouches-du-Rhône”.

(2)

D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (2).

(3)

Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Bouches-du-Rhône” (TGFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347 an 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO C 88, 24.2.2022, lch. 70.


13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1203 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 chun liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt cothrom le data

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 ón gCoimisiún (2), bunaítear liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas (“liosta an Aontais”) atá le coinneáil cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014.

(2)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil agus na measúnuithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014, go gcomhlíontar na critéir go léir a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Rialachán sin maidir leis na speicis choimhthíocha ionracha seo a leanas: Ameiurus melas (Rafinesque, 1820), Axis axis (Erxleben, 1777), Callosciurus finlaysonii (Horsfield, 1823), Celastrus orbiculatus Thunb., Channa argus (Cantor, 1842), Faxonius rusticus (Girard, 1852), Fundulus heteroclitus (Linnaeus, 1766), Gambusia affinis (Baird & Girard, 1853), Gambusia holbrooki Girard, 1859, Hakea sericea Schrad. & J.C.Wendl., Koenigia polystachya (Wall. ex Meisn.) T.M.Schust. & Reveal, Lampropeltis getula (Linnaeus, 1766), Limnoperna fortunei (Dunker, 1857), Morone americana (Gmelin, 1789), Pistia stratiotes L., Pycnonotus cafer (Linnaeus, 1766), Rugulopteryx okamurae (E.Y.Dawson) I.K.Hwang, W.J.Lee & H.S.Kim, 2009, Solenopsis geminata (Fabricius, 1804), Solenopsis invicta Buren, 1972, Solenopsis richteri Forel, 1909, Wasmannia auropunctata (Roger, 1863) agus Xenopus laevis (Daudin, 1802).

(3)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, maidir leis na speicis choimhthíocha ionracha sin go léir, go ndearnadh gach gné a leagtar amach in Airteagal 4(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a bhreithniú go cuí.

(4)

Úsáidtear na speicis Xenopus laevis (Daudin, 1802) agus Fundulus heteroclitus (Linnaeus, 1766) le haghaidh taighde eolaíoch nár cheart cur isteach air. Ba cheart cuimsiú na speiceas sin ar liosta an Aontais a chur siar chun am a thabhairt do na Ballstáit ullmhúchán a dhéanamh maidir le heisiúint na gceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 roimh an dáta a ghabhfadh éifeacht le liostú na speiceas sin.

(5)

Agus na hinfheistíochtaí fadtéarmacha arna ndéanamh ag saothraithe Pistia stratiotes L. agus Celastrus orbiculatus Thunb. i mBallstáit áirithe á gcur san áireamh, ba cheart cuimsiú na speiceas sin ar liosta an Aontais a bheith faoi réir idirthréimhse.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 a leasú dá réir.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Speicis Choimhthíocha Ionracha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (2) den Iarscríbhinn ón 2 Lúnasa 2024.

Beidh feidhm ag pointe (3) den Iarscríbhinn ón 2 Lúnasa 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 35.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2016 lena nglactar liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 14.7.2016, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1141 mar a leanas:

(1)

sa tábla, cuirtear na speicis seo a leanas isteach in ord aibítre:

Speiceas

Cóid AC le haghaidh eiseamail bheo

Cóid AC le haghaidh codanna atá in ann atáirgeadh

Catagóirí d’earraí gaolmhara

(i)

(ii)

(iii)

(iv)

Ameiurus melas (Rafinesque, 1820)

ex 0301 99 17

ex 0511 91 90 (eochraí thorthúil a bhfuiltear lena ngor chun saolaithe)”

 

Axis axis (Erxleben, 1777)

ex 0106 19 00

-”

 

Callosciurus finlaysonii (Horsfield, 1823)

ex 0106 19 00

-”

 

Channa argus (Cantor, 1842)

ex 0301 11 00

ex 0301 99 17

ex 0511 91 90 (uibheacha torthúla goir)”

 

Faxonius rusticus (Girard, 1852)

ex 0306 39 10

-”

 

Gambusia affinis (Baird & Girard, 1853)

ex 0301 11 00

ex 0301 99 17

ex 0511 91 90 (eochraí thorthúil a bhfuiltear lena ngor chun saolaithe)

(4)”

Gambusia holbrooki Girard, 1859

ex 0301 11 00

ex 0301 99 17

ex 0511 91 90 (uibheacha torthúla goir)

(4)”

Hakea sericea Schrad. & J.C.Wendl.

ex 0602 90 50

ex 1209 99 99 (síolta)”

 

Koenigia polystachya (Wall. ex Meisn.) T.M.Schust. & Reveal

ex 0602 90 50

ex 1209 99 99 (síolta)

(7)”

Lampropeltis getula (Linnaeus, 1766)

ex 0106 20 00

-

(5)”

Limnoperna fortunei (Dunker, 1857)

ex 0307 91 00

-”

 

Morone americana (Gmelin, 1789)

ex 0301 99 17

ex 0301 99 85

ex 0511 91 90 (uibheacha torthúla goir)

(4)”

Pycnonotus cafer (Linnaeus, 1766)

ex 0106 39 80

ex 0407 19 90 (eochraí thoirchithe a bhfuiltear lena ngor)”

 

Rugulopteryx okamurae (E.Y.Dawson) I.K.Hwang, W.J.Lee & H.S.Kim, 2009

ex 1212 29 00

-

(14), (15)”

Solenopsis geminata (Fabricius, 1804)

ex 0106 49 00

-

(5), (7)”

Solenopsis invicta Buren, 1972

ex 0106 49 00

-

(5), (7)”

Solenopsis richteri Forel, 1909

ex 0106 49 00

-

(5), (7)”

Wasmannia auropunctata (Roger, 1863)

ex 0106 49 00

-

(5), (7)”

(2)

sa tábla, cuirtear na speicis seo a leanas isteach in ord aibítre:

Speiceas

Cóid AC le haghaidh eiseamail bheo

Cóid AC le haghaidh codanna atá in ann atáirgeadh

Catagóirí d’earraí gaolmhara

(i)

(ii)

(iii)

(iv)

Fundulus heteroclitus (Linnaeus, 1766)

ex 0301 11 00

ex 0301 19 00

ex 0301 99 17

ex 0301 99 85

ex 0511 91 90 (uibheacha torthúla goir)

(4)”

Pistia stratiotes L.

ex 0602 90 50

-”

 

Xenopus laevis (Daudin, 1802)

ex 0106 90 00

-”

 

(3)

sa tábla, cuirtear na speicis seo a leanas isteach:

Speiceas

Cóid AC le haghaidh eiseamail bheo

Cóid AC le haghaidh codanna atá in ann atáirgeadh

Catagóirí d’earraí gaolmhara

(i)

(ii)

(iii)

(iv)

Celastrus orbiculatus Thunb.

ex 0602 90 50

ex 1209 99 99 (síolta)”

 

(4)

sna nótaí a ghabhann leis an tábla maidir le colún (iv), cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

“(14)

ex 0307 11: Oisrí beo

(15)

ex 0307 31: Diúilicíní beo”.


CINNTÍ

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/14


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1204 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2022

lena mbunaítear an Bonneagar Taighde um Acmhainní Miocróbacha — Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (MIRRI-ERIC)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3894)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Is ag na téacsanna sa Fhraincis, sa Laitvis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuir an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, an Laitvia agus an Phortaingéil iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun Bonneagar Taighde um Acmhainní Miocróbacha — Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (MIRRI-ERIC) a bhunú (“an t-iarratas”).

(2)

Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Phortaingéil Ballstát óstach MIRRI-ERIC.

(3)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2).

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse an Bhonneagair Taighde um Acmhainní Miocróbacha.

(5)

Tá na bearta a leagtar amach sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear leis seo an Bonneagar Taighde um Acmhainní Miocróbacha — Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (MIRRI-ERIC).

2.   Leagtar amach gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna MIRRI-ERIC san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Laitvia agus Poblacht na Portaingéile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Mariya GABRIEL

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85).


IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA REACHTANNA MIRRI-ERIC

Leis na hAirteagail agus leis na míreanna de na hAirteagail seo a leanas de Reachtanna MIRRI-ERIC, déantar foráil maidir leis na gnéithe fíor-riachtanacha i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle.

1.   Ainm ERIC

(Airteagal 1 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

Is é an t-ainm a bheidh ar an mBonneagar Taighde, An Bonneagar Taighde um Acmhainní Miocróbacha — Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach, gá ngairtear anseo feasta “MIRRI-ERIC”.

2.   An oifig chláraithe

(Airteagal 2 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

Beidh oifig chláraithe MIRRI-ERIC lonnaithe i gcathair Braga, ar chríoch Phoblacht na Portaingéile, dá ngairtear “an Ballstát atá ina óstach ar an oifig chláraithe” anseo feasta.

3.   Cúraimí agus gníomhaíochtaí MIRRI-ERIC

(Airteagal 3 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Is é an misean atá ag MIRRI-ERIC freastal ar úsáideoirí na Bitheolaíochta agus an Bhitionscail trí rochtain ar raon leathan bithacmhainní agus sonraí ar ardchaighdeán a éascú ar bhealach atá comhlíontach ó thaobh an dlí de. Trí rochtain ar shaineolas daonna a chur ar fáil agus trí ardán comhoibritheach a sholáthar d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach na bithéagsúlachta miocróbaí, a bhuí le MIRRI-ERIC cuirfear leis an eolas agus cuirfear an fhorbairt ghairmiúil chun cinn.

2.

Is é an príomhchúram a bheidh ar MIRRI-ERIC bonneagar taighde uile-Eorpach de Lárionaid um Acmhainní Bitheolaíocha sa réimse miocróbach (mBRCanna) a bhunú, a oibriú agus a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar acmhainní agus ar sheirbhísí gaolmhara ar ardcháilíocht, agus go mbeidh saoráidí úrscothacha ann freisin.

3.

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag MIRRI-ERIC ón dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena mbunaítear é mar ERIC. Beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge aige i ngach Ballstát i gcomhréir leis an Rialachán ón Aontas agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil agus a dhiúscairt, féadfaidh sé an mhaoin sin a bheith faoina úinéireacht, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

4.

Saothróidh MIRRI-ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Féadfaidh MIRRI-ERIC gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu lena bpríomhchúram agus nach gcuireann siad gnóthú an chúraim sin i gcontúirt. Aon ioncam a ghintear leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta sin, úsáidfidh MIRRI-ERIC é chun tacú lena mhisean.

5.

Déanfaidh MIRRI-ERIC na gníomhaíochtaí seo a leanas:

a.

rochtain, atá faoi chosaint dlí agus atá comhlíontach de réir na reachtaíochta, ar acmhainní miocróbacha barántúla agus ar shonraí gaolmhara in mBRCanna a chur chun cinn, chun soláthar cuimsitheach d’ábhar bitheolaíoch don phobal taighde a choinneáil ar bun;

b.

an Comhthimpeallacht Oibre (CWE) agus an Córas Faisnéise MIRRI (MIRRI-IS) a thógáil chun pointe rochtana aonair ar acmhainní miocróbacha agus ar shonraí gaolmhara, ar sheirbhísí miocróbacha úrscothacha, lena n-áirítear seirbhísí digiteacha, agus ar ardáin shaineolacha agus theicniúla a chur ar fáil;

c.

comhlántacht mBRCanna agus idir-inoibritheacht a dtairiscintí sonraí a áirithiú i gcomhair fheidhmiú MIRRI-IS;

d.

bainistíocht cáilíochta a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear nósanna imeachta caighdeánaithe, dea-chleachtais agus uirlisí iomchuí chun cáilíocht na n-acmhainní, na sonraí gaolmhara agus na seirbhísí arna ndéanamh a mhéadú;

e.

caidreamh a bhunú le Bonneagair Taighde Eorpacha eile agus le heagraíochtaí ábhartha eile chun cur le tréithriú na n-acmhainní géiniteacha atá á gcoinneáil in MIRRI-ERIC agus chun cur le cainníocht agus cáilíocht na faisnéise a bhaineann le RI;

f.

taighde a mheaitseáil agus seirbhísí a chomhthiomsú le haghaidh institiúidí poiblí agus príobháideacha agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a sheoladh;

g.

rochtain a sholáthar d’úsáideoirí seachtracha ar ábhar, ar shaineolas agus ar shaoráidí eolaíocha Chomhpháirtithe MIRRI-ERIC, rochtain a chomhordófar ionas go mbeidh taighdeoirí in ann taighde inmheánach a dhéanamh ar acmhainní géiniteacha miocróbacha;

h.

oideachas agus oiliúint a sholáthar do bhaill foirne mBRCanna, do mhic léinn agus d’úsáideoirí, i réimse na micribhitheolaíochta, amhail an tacsanomaíocht, teicnící sainaitheanta agus caomhnaithe agus i réimse na biteicneolaíochta, amhail an bhithshirtheoireacht, saothrú, optamú agus coipeadh tréithchineálacha;

i.

aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile is gá a dhéanamh chun a mhisean a bhaint amach.

6.

Gabhfaidh raon feidhme uile-Eorpach le gníomhaíochtaí MIRRI-ERIC agus cothófar leo barr feabhais maidir le taighde eolaíoch agus in earnáil na bitionsclaíochta sa réimse miocróbach san Eoraip agus coimeádfaidh siad suas le héilimh na bpobal acadúil agus tionsclaíoch ar bhonn leanúnach. Ar an gcaoi sin, rannchuideoidh MIRRI-ERIC le heolas a úsáid agus a leathadh níos mó agus rannchuideoidh sé freisin le torthaí ar ghníomhaíochtaí taighde atá bunaithe ar mBRC a optamú ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

7.

Beidh an trédhearcacht, an fhreagrúlacht, an fheasacht eiticiúil, an comhlíonadh dlíthiúil, an oscailteacht, an chóir chomhionann agus an neamh-idirdhealú mar threoir ag gníomhaíochtaí MIRRI-ERIC.

4.   Fad

(Airteagal 4 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

Bunaítear MIRRI-ERIC go ceann tréimhse ama éiginnte. Féadfar é a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de na Reachtanna.

5.   Foirceannadh

(Airteagal 5 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Is de thoradh cinneadh ó Thionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(8), pointe (c), de na Reachtanna agus i gcomhréir iomlán leis an Dlí Infheidhme mar a shainítear le hAirteagal 36 de na Reachtanna a dhéanfar MIRRI-ERIC a fhoirceannadh.

2.

Gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh MIRRI-ERIC a fhoirceannadh, tabharfaidh MIRRI-ERIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.

3.

Gan dochar d’Airteagal 6 de na Reachtanna, aon sócmhainn agus dliteanas a bheidh fágtha tar éis fiacha MIRRI-ERIC a bheith íoctha, comhroinnfear ar na Comhaltaí iad i gcoibhneas lena ranníocaíocht iarbhír le MIRRI-ERIC tráth an díscaoilte.

4.

Gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh MIRRI-ERIC fógra faoi sin don Choimisiún.

5.

Tiocfaidh deireadh le MIRRI-ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Dliteanas na gComhaltaí agus na mBreathnóirí

(Airteagal 6 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Beidh MIRRI-ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.

Níl na Comhaltaí ná na Breathnóirí faoi dhliteanas comhpháirteach i leith fhiacha MIRRI-ERIC. Maidir le dliteanas airgeadais na gComhaltaí agus na mBreathnóirí i leith fhiacha MIRRI-ERIC, beidh sé teoranta dá ranníocaíocht féin a soláthraíodh do MIRRI-ERIC mar a shonraítear in Airteagal 25 de na Reachtanna.

3.

Gheobhaidh MIRRI-ERIC árachas iomchuí chun na rioscaí atá sonrach do cheapadh agus d’oibriú MIRRI-ERIC a chumhdach.

7.   Beartas rochtana

(Airteagal 7 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Ábhar miocróbach bitheolaíoch, sonraí gaolmhara i mbunachair sonraí, eolas agus seirbhísí atá cleamhnaithe le Comhpháirtithe MIRRI-ERIC nó atá forbartha aige, is nithe iad sin a sholáthróidh MIRRI-ERIC do thaighdeoirí, d’institiúidí bitionscail agus do Ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais amhail an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia nó an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Áiritheoidh MIRRI-ERIC go n-urramófar na coinníollacha maidir le húsáid an ábhair bhitheolaíoch mhiocróbaigh arna socrú ag na soláthraithe ábhair agus na soláthraithe sonraí a chleamhnaíonn a mbunachair sonraí le MIRRI-ERIC.

2.

Níor cheart a thuiscint le haon fhoráil sna Reachtanna sin go bhfuiltear ag iarraidh srian a chur ar cheart Chomhpháirtithe MIRRI-ERIC cinneadh a dhéanamh maidir le rochtain a thabhairt ar aon sampla agus sonra.

3.

Ní dháilfear ábhar miocróbach ach ar dhaoine bona fide atá ag feidhmiú i dtimpeallacht ghairmiúil atá oiriúnach chun ábhar beo an ghrúpa bithghuaise atá i gceist a láimhseáil. Nuair is iomchuí, cuirfear bearta bithshlándála feabhsaithe chun cinn.

4.

Déanfar meastóireacht ar iarrataí ó dhaoine aonair agus/nó ó thionscadail ar rochtain a fháil ar shuiteálacha eolaíocha Chomhpháirtithe MIRRI-ERIC. An nós imeachta um meastóireacht agus na critéir arna n-úsáid, leagfar amach iad sna Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna. I gcás ar bith, leis an bpróiseas meastóireachta measfar fiúntas eolaíoch agus beidh sé trédhearcach, cothrom agus neamhchlaonta.

5.

Déanfar faireachán ar an rochtain agus tomhaisfear sásamh na n-úsáideoirí le sásra aiseolais mar chuid den dearbhú cáilíochta chun feabhas a chur go leanúnach ar an rochtain.

6.

Leagfar amach an Beartas Rochtana sna Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna.

8.   Beartas um Meastóireacht Eolaíoch

(Airteagal 8 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Gach 5 bliana, déanfar meastóireacht eolaíoch ar ghníomhaíochtaí, ar sheirbhísí agus ar ardáin MIRRI-ERIC. Is painéal neamhspleách seachtrach idirnáisiúnta den cháilíocht is airde a dhéanfaidh an mheastóireacht. Déanfaidh an painéal sin an tuarascáil mheastóireachta a chur le chéile agus a chur faoi bhráid Thionól na gComhaltaí.

2.

Leagfar amach an Beartas um Meastóireacht Eolaíoch sna Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna.

9.   Beartas um Scaipeadh

(Airteagal 9 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Cuirfidh MIRRI-ERIC chun cinn a ghníomhaíochtaí agus an chaoi a n-úsáidtear iad i dtaighde, i dtionscadail nuálacha agus san ardoideachas.

2.

Leis an mBeartas um Scaipeadh tugtar tuairisc ar na spriocghrúpaí éagsúla, agus úsáidfidh MIRRI-ERIC roinnt bealaí chun teagmháil a dhéanamh leis na spriocghrúpaí, amhail an suíomh gréasáin, an tairseach um Thimpeallacht Oibre Chomhoibríoch, ceardlanna agus oiliúint, na meáin shóisialta agus beidh sé i láthair ag comhdhálacha.

3.

Leagfar amach an Beartas um Scaipeadh sna Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna.

10.   Cearta Maoine Intleachtúla

(Airteagal 10 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Ní léifear aon ní sna Reachtanna sin lena n-athrófar raon feidhme agus cur i bhfeidhm na gComhaontuithe um Chearta Maoine Intleachtúla agus um Chomhroinnt Sochar arna gcinneadh faoi dhlíthe, rialacháin agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha na gComhaltaí.

2.

Maidir le Maoin Intleachtúil a mhalartú agus a chomhtháthú idir na Comhaltaí, a n-eintitis ionadaíocha agus a gComhpháirtithe trí bhíthin foráil chonarthach ábhartha, beidh sé faoi réir na Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna.

3.

Maidir le Cearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le sonraí, torthaí agus eolas eile arna dtáirgeadh agus arna bhforbairt laistigh de ghníomhaíochtaí MIRRI-ERIC, beidh siad faoi úinéireacht na n-eintiteas a ghinfidh iad.

4.

Déanfar idirbheartaíocht maidir leis na Cearta Maoine Intleachtúla a ghineann úsáideoirí mar thoradh ar rochtain ar acmhainní nó ar shuiteálacha eolaíocha MIRRI-ERIC, agus é mar aidhm ag an idirbheartaíocht chéanna go mbainfidh an t-úsáideoir ina cháil mar chuibhreannas MIRRI-ERIC nó an Comhpháirtí lena mbaineann úsáid chothrom as na cearta sin, agus a n-ionchur féin á chur san áireamh.

5.

Soláthróidh MIRRI-ERIC treoraíocht do thaighdeoirí lena áirithiú maidir le taighde a dhéanfar trí leas a bhaint as ábhar agus sonraí arna gcur ar fáil trí bhíthin MIRRI-ERIC, gur laistigh de chreat lena n-aithnítear cearta úinéirí sonraí agus príobháideacht daoine aonair a dhéanfar an taighde sin.

11.   Beartas fosaíochta

(Airteagal 11 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Tá MIRRI-ERIC tiomanta do chomhionannas deiseanna agus ní dhéanfaidh sé idirdhealú in aghaidh aon duine ar fhorais an chine, an bhunaidh eitnigh, na hinscne, an chreidimh, an mhíchumais, an treoshuímh ghnéasaigh nó ar aon fhoras eile.

2.

Beidh nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh iarratasóirí ar phoist foirne MIRRI-ERIC trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo prionsabal an chomhionannais deiseanna.

3.

Le conarthaí fostaíochta leanfar dlíthe agus rialacháin náisiúnta na tíre ina bhfostaítear an fhoireann agus inar gnách a dhéanann siad a ngníomhaíochtaí.

4.

Leagfar amach an Beartas Fostaíochta sna Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna.

12.   Beartas um sholáthar

(Airteagal 12 de Reachtanna MIRRI-ERIC)

1.

Caithfidh MIRRI-ERIC le hiarrthóirí agus le táirgeoirí soláthair ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú. Le beartas MIRRI-ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hiomaíochta oscailte.

2.

Leagfar amach beartas MIRRI-ERIC um sholáthar sna Rialacha Oibríochta atá le glacadh ag Tionól na gComhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 17(7), pointí (c) agus (e), de na Reachtanna.

13.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 186/21


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1205 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Iúil 2022

lena n-údaraítear modhanna grádúcháin chun conablaigh muc a aicmiú sa Danmhairg agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/12/CE

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4784)

(Is é an téacs sa Danmhairgis amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (p), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, foráiltear go mbeidh feidhm ag scálaí an Aontais um chonablaigh muc a aicmiú i gcomhréir le pointe B d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. Maidir le conablaigh muc a aicmiú, foráiltear le Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin go bhfuil measúnú le déanamh ar an gcion feola trua trí bhíthin modhanna grádúcháin arna n-údarú ag an gCoimisiún, nach bhfuil le húdarú ach modhanna measúnaithe atá cruthaithe de réir staidrimh bunaithe ar thomhas fisiceach cuid anatamaíoch amháin nó níos mó den chonablach muice agus go bhfuil modhanna grádúcháin le húdarú faoi réir uaslamháltais le haghaidh earráide staidrimh le linn measúnaithe a chomhlíonadh. Sainítear an lamháltas sin i gCuid A, pointe 1, fomhír 2, d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún (2).

(2)

Le Cinneadh 2009/12/CE ón gCoimisiún (3), údaraítear seacht modh chun conablaigh muc a ghrádú sa Danmhairg.

(3)

Níor cheart modhnuithe ar na modhanna grádúcháin ná ar na gairis lena mbaineann a údarú, ach amháin má údaraítear sin go sainráite le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

(4)

D’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún údarú na modhanna “Klassificeringscenter (KC)”, “Uni-Fat-O-Meater (Unifom)”, “trealamh ultrasonach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM 1)” agus “Trealamh ultrasonach nuashonraithe atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM DK)” a tharraingt siar.

(5)

D’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún freisin dhá mhodh nua a údarú: “Trealamh ultrasonach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)” agus “Modh láimhe (ZP)”. Chun na críche sin, chuir an Danmhairg tuairisc mhionsonraithe i láthair ar an triail dhiosctha, lena léirítear na prionsabail ar a bhfuil na modhanna nua sin bunaithe, torthaí na trialach diosctha agus na cothromóidí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an gcéatadán feola trua sa phrótacal dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182.

(6)

D’iarr an Danmhairg ar an gCoimisiún freisin foirmlí nuashonraithe a údarú le haghaidh trí mhodh (“Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)”, “Fat-O-Meater II (FOM II)” agus “Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)” a údaraíodh cheana le Cinneadh 2009/12/CE chun conablaigh muc a ghrádú ar a críoch.

(7)

Tríd an iarraidh sin a scrúdú, fuarthas amach go gcomhlíontar na coinníollacha agus na híoscheanglais maidir leis an dá mhodh nua grádúcháin a údarú agus cothromóidí na dtrí mhodh eile a thabhairt cothrom le dáta mar a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182. Dá bhrí sin, ba cheart na modhanna agus na foirmlí grádúcháin sin a údarú sa Danmhairg.

(8)

Ar chúiseanna soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla, ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2009/12/CE a aisghairm.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear úsáid na modhanna grádúcháin seo a leanas chun conablaigh muc a aicmiú de bhun Roinn B.IV, pointe 1, d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 sa Danmhairg:

(a)

an gaireas ar a dtugtar “Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(b)

an gaireas ar a dtugtar “Trealamh ultrasonach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c)

an gaireas ar a dtugtar “Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid III den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(d)

an gaireas ar a dtugtar “Fat-O-Meater II (FOM II)” agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(e)

an “Modh láimhe” ina n-úsáidtear rialóir agus na modhanna measúnaithe lena mbaineann, a leagtar amach sonraí faoi i gCuid V den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Ní cheadófar modhnuithe ar na modhanna údaraithe grádúcháin ná ar ghairis lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 1 ach amháin má údaraítear go sainráite iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún.

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh 2009/12/CE.

Airteagal 4

Is chuig Ríocht na Danmhairge a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1182 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scálaí an Aontais um chonablaigh mart, muc nó caorach a aicmiú agus maidir le praghsanna margaidh aicmithe áirithe conablach agus ainmhithe beo a aicmiú (IO L 171, 4.7.2017, lch. 74).

(3)  Cinneadh 2009/12/CE ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 lena n-údaraítear modhanna chun conablaigh muc a ghrádú sa Danmhairg (IO L 6, 10.1.2009, lch. 83).


IARSCRÍBHINN

MODHANNA GRÁDÚCHÁIN CHUN CONABLAIGH MUC A AICMIÚ SA DANMHAIRG

CUID I

Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Uirlis ultrasonach uathoibríoch (AutoFOM III)”.

2.

Beidh 16 thrasduchtóir ultrasonacha 2 MHz sa ghaireas (Frontmatec), agus beidh fad oibriúcháin 25 mm idir na trasductóirí. Is éard a bheidh sna sonraí ultrasonacha tomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadair lena mbaineann. Tiontaíonn an gaireas torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua conablaigh de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

(a)

i gcás cránacha agus muca coillte:

Y = 72,37797649 + (R2P1 × – 0,35013939) + (R2P4 × 0,20785366) + (R2P5 × – 0,44928653) + (R2P8 × – 0,38095230) + (R2P9 × – 0,46950184) + (R2P10 × – 0,69871531) + (R2P15 × – 0,14912761) + (R4P3 × 0,06461598) + (R4P6 × – 0,05431414);

(b)

i gcás muca fireanna iomlána:

Y = 78,75696993 + (R2P1 × – 0,79436326) + (R2P4 × – 0,38023008) + (R2P5 × – 0,78847225) + (R2P8 × – 0,30711330) + (R2P9 × – 0,83062854) + (R2P10 × – 0,49646032) + (R2P15 × 0,17342717) + (R4P3 × – 0,08364211) + (R4P6 × – 0,10359715)

i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

Y

=

an céatadán measta feola trua i gconablach;

R2P1

=

meántiús craicinn (in mm);

R2P4

=

tiús saille droma gan chraiceann (in mm) arna thomhas ag an bpointe cliathánach Is Lú Tiús Saille sa luan is gaire do bhun an eagair (“MFT2”), 70 mm ó lár an dromlaigh.

R2P5

=

tiús craicinn (in mm) arna thomhas ag MFT2 cliathánach, 70 mm ó lár an dromlaigh;

R2P8

=

tiús saille droma gan chraiceann (in mm) arna thomhas in MFT2;

R2P9

=

tiús craicinn (in mm) arna thomhas in MFT2;

R2P10

=

íostiús saille gan chraiceann (in mm) ag an bpointe Is Lú Tiús Saille sa chonablach ina iomláine (“MFT1”);

R2P15

=

meántiús saille leis an gcraiceann (in mm) den dá mhatán luain arna thomhas ag MFT1 cliathánach 70 mm ó lár an dromlaigh;

R4P3

=

tiús shraith saille 1(in mm) arna thomhas ag MFT2 cliathánach, 70 mm ó lár an dromlaigh;

R4P6

=

tiús shraith saille 1 (in mm) in MFT2.

4.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 cileagram iontu.

CUID II

Trealamh ultrasonrach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Trealamh ultrasonrach atá go hiomlán uathoibríoch (AutoFOM IV)”.

2.

Beidh 25 thrasduchtóir ultrasonacha banda leathain sa ghaireas (Frontmatec), agus beidh fad oibriúcháin 16,5 mm idir na trasductóirí. Is éard a bheidh sna sonraí ultrasonacha tomhais tiúis saille droma, tiúis matáin agus paraiméadair lena mbaineann. Tiontaíonn an gaireas torthaí na dtomhas sin ina meastacháin ar chéatadán na feola trua.

3.

Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

(a)

i gcás cránacha agus muca coillte:

Y = 69,84677591 + (R2P1 × – 0,26533522) + (R2P4 × 0,02198992) + (R2P5 × – 0,21983787) + (R2P8 × – 0,33652390) + (R2P9 × – 0,24649355) + (R2P10 × – 0,58982872) + (R2P15 × – 0,05016562) + (R4P3 × 0,10929868) + (R4P6 × – 0,03863696);

(b)

i gcás muca fireanna iomlána:

Y = 74,44553377 + (R2P1 × – 0,38670790) + (R2P4 × – 0,30489132) + (R2P5 × – 0,59474907) + (R2P8 × – 0,08150558) + (R2P9 × – 0,60928997) + (R2P10 × – 0,33877660) + (R2P15 × – 0,44580592) + (R4P3 × 0,18532086) + (R4P6 × 0,12614701)

i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

Y

=

an céatadán measta feola trua i gconablach;

R2P1

=

meántiús craicinn (in mm);

R2P4

=

tiús saille droma gan chraiceann (in mm) arna thomhas ag MFT2 cliathánach, 70 mm ó lár an dromlaigh;

R2P5

=

tiús craicinn (in mm) arna thomhas ag MFT2 cliathánach, 70 mm ó lár an dromlaigh;

R2P8

=

tiús saille droma gan chraiceann (in mm) arna thomhas in MFT2;

R2P9

=

tiús craicinn (in mm) arna thomhas in MFT2;

R2P10

=

íostiús saille gan chraiceann (in mm) arna thomhas in MFT1;

R2P15

=

meántiús saille leis an gcraiceann (in mm) den dá mhatán luain arna thomhas ag MFT1 cliathánach 70 mm ó lár an dromlaigh;

R4P3

=

tiús shraith saille 1 (in mm) arna thomhas ag MFT2 cliathánach, 70 mm ó lár an dromlaigh;

R4P6

=

tiús shraith saille 1 (in mm) in MFT2.

4.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 cileagram iontu.

CUID III

Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Fat-O-Meater/Manuel Klassificering (FOM/MK)”.

2.

Is éard atá sa ghaireas seo trealamh ar cineál tóireadóra láimhe é agus is éard a bheidh ann tóireadóir atá 6 mm ar trastomhas ina bhfuil fótabhrathadóir agus ag a bhfuil fad oibriúcháin idir 1 agus 94 mm.

3.

Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:

Y = 69,3882 + (S1 × – 0,5673) + (S2 × – 0,3282) + (S3 × 0,0397)

i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

Y

=

an céatadán measta feola trua sa chonablach;

S1

=

an tiús saille droma (lena n-áirítear an chraiceann) in mm, arna thomhas 8 cm ó mheánlíne an chonablaigh, idir an tríú agus an ceathrú veirteabra lumbach dheireanach;

S2

=

an tiús saille droma (lena n-áirítear an chraiceann) in mm, arna thomhas 6 cm ó mheánlíne an chonablaigh, idir an tríú agus an ceathrú heasna dheireanach;

S3

=

an tiús matáin in mm, arna thomhas ag an am céanna agus ag an bpointe céanna agus a thomhaistear S2.

4.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 kg iontu.

CUID IV

Fat-O-Meater II (FOM II)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an ghairis ar a dtugtar “Fat-O-Meater II (FOM II)”.

2.

Is éard atá sa ghaireas trealamh de chineál “Fat-O-Meater” agus beidh tóireadóir 6 mm ar trastomhas ann ina bhfuil fótabhrathadóir (Siemens de chineál SFH 960 — BP 103 nó a leithéid) agus ag a bhfuil doimhneacht oibriúcháin suas go dtí 125 mm. Tá an t-ionchur agus an anailís uile atá ábhartha ó thaobh dlí de laistigh den phiostal FOM II.

3.

Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:

Y = 69,2265 + (S1 × – 0,5564) + (S2 × – 0,3550) + (S3 × 0,0408)

i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

Y

=

an céatadán feola trua sa chonablach;

S1

=

an tiús saille droma (lena n-áirítear an chraiceann) in mm, arna thomhas 8 cm ó mheánlíne an chonablaigh, idir an tríú agus an ceathrú veirteabra lumbach dheireanach;

S2

=

an tiús saille droma (lena n-áirítear an chraiceann) in mm, arna thomhas go hingearach ó chúl an chonablaigh ag 6cm ar an líne scoilte, idir an tríú agus an ceathrú heasna dheireanach;

S3

=

tiús an mhatáin longissimus dorsi in mm, arna thomhas ag an am céanna agus ag an bpointe céanna agus a thomhaistear S2.

4.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 kg iontu.

CUID V

Modh láimhe (ZP)

1.

Beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear sa chuid seo nuair a dhéanfar conablaigh muc a aicmiú trí bhíthin an “Mhodha Láimhe (ZP)” trí thomhas a dhéanamh le rialóir.

2.

Féadfar an modh seo a chur chun feidhme trí rialóir a úsáid agus bunaítear an grádúchán ar bhonn na cothromóide fáistine. Tá sé bunaithe ar thúis na saille agus ar thiús an mhatáin a thomhas de láimh ar mheánlíne scoilte an chonablaigh.

3.

Ríomhfar cion feola trua na gconablach de réir na foirmle seo a leanas:

Y = 60,3129 + (G × – 0,4788) + (M × 0,0671)

i gcás ina bhfuil an chiall seo a leanas leis na téarmaí seo a leanas:

Y

=

an céatadán measta feola trua sa chonablach;

G

=

tiús saille a shainítear mar an tomhas gearr saille móide an tiús craicinn thar an matán gluteus medius;

M

=

doimhneacht matáin a shainítear mar an t-íosfhad ón gcainéal veirteabrach chuig an taobh cráiniach den mhatán gluteus medius.

4.

Beidh an fhoirmle sin bailí le haghaidh na gconablach a bhfuil meáchan idir 50 agus 120 kg iontu.