ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
14.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/916 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Meitheamh 2022
lena bhformheastar leasú de chuid an Aontais ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Jumilla” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiarratais ar chosaint sonrúchán tionscnaimh, tásc geografach agus téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona, an nós imeachta agóide, srianta ar úsáid, leasuithe ar shonraíochtaí táirge, cealú cosanta, agus lipéadú agus cur i láthair (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar leasú de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Jumilla” a chuir an Spáinn ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcomhar le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33. |
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas an leasaithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3), de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leasú de chuid an Aontais ar an tsonraíocht táirge a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcomhar le hAirteagal 15(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo an leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Jumilla” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
14.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/3 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/917 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (na Ballstáit lena mbaineann), i gcriosanna srianta I, II agus III a liostaítear san Iarscríbhinn sin. |
(3) |
Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/889 ón gCoimisiún (3) a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 go deireanach tar éis athruithe sa staid eipidéimeolaíoch maidir leis an ngalar sin sa Iodáil. |
(4) |
Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach de bharr fhiabhras Afracach na muc, agus ar threoirlínte an Aontais a comhaontaíodh leis na Ballstáit ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmnithe, Bia agus Beatha, treoirlínte atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (4). Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, caighdeáin amhail Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (5) ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, agus ba cheart a chur san áireamh freisin an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú. |
(5) |
Tharla ráigeanna eile d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine sa Ghearmáin agus sa Pholainn, agus i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Pholainn. Ina theannta sin, tá feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch i gcriosanna áirithe a liostaítear mar chriosanna srianta II agus III sa Pholainn a mhéid a bhaineann le muc-ainmhithe atá ar coimeád, i ngeall ar na bearta rialaithe galar atá á gcur i bhfeidhm ag an mBallstát sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. |
(6) |
I mí Bealtaine agus mí an Mheithimh 2022, tugadh faoi deara roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i stát na Sacsaine sa Ghearmáin i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, atá suite i gcóngar limistéir i stát Brandenburg na Gearmáine a liostaítear mar chrios srianta I faoi láthair. Na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin de stát Brandenburg a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, áit atá i gcóngar limistéir a liostaítear i gcrios srianta II i stát na Sacsaine atá buailte ag na ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ina theannta sin ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(7) |
Chomh maith leis sin, i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2022, tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i stát na Sacsaine sa Ghearmáin i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áit atá suite i gcóngar limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I. Na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin atá i gcóngar an limistéir a liostaítear i gcrios srianta II i stáit na Sacsaine atá buailte ag na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(8) |
Thairis sin, i mí an Mheithimh 2022, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i réigiún Dolnośląskie na Polainne i limistéar nach liostaítear faoi láthair mar chrios srianta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn nach liostaítear faoi láthair mar chrios srianta san Iarscríbhinn sin, limistéar atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(9) |
Ina theannta sin, i mí an Mheithimh 2022, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i réigiún Wielkopolskie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéir sin sa Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, is mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin ba cheart é a liostú anois seachas mar chrios srianta I, agus ní mór freisin teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(10) |
Ar deireadh, i mí an Mheithimh 2022, tugadh faoi deara go raibh dhá ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe ar coimeád i réigiún Wielkopolskie na Polainne i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéir sin sa Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin, is mar chrios srianta III san Iarscríbhinn sin ba cheart é a liostú anois seachas mar chrios srianta II, agus ní mór freisin teorainneacha reatha chrios srianta II a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(11) |
Tar éis na ráigeanna sin a tharla le déanaí d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine sa Ghearmáin agus sa Pholainn, agus i muc-ainmhithe atá ar coimeád sa Pholainn, agus aird á tabhairt ar an staid eipidéimeolaíoch reatha maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas, rinneadh criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ina theannta sin, na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm, rinneadh iad a athmheasúnú agus a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. |
(12) |
Chomh maith leis sin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagal 64, Airteagal 65 agus Airteagal 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i limistéir Warmińsko - Mazurskie agus Lubuskie sa Pholainn, ar limistéir iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta III sin le 12 mhí anuas. Ba cheart criosanna srianta III a liostú anois mar chriosanna srianta II agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
(13) |
Ar deireadh, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcrios srianta II a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagal 64, Airteagal 65 agus Airteagal 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i limistéar Wielkopolskie na Polainne, ar limistéir é a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart é a liostú mar chriosanna srianta I anois san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád nó i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta II sin le 12 mhí anuas. Ba cheart crios srianta II a liostú anois mar chrios srianta I agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
(14) |
Ar mhaithe le haird a thabhairt ar na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas, agus ar mhaithe le dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú sa Ghearmáin agus sa Pholainn, agus ba cheart iad a liostú go cuí mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Ó tharla go bhfuil an staid maidir le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, tugadh aird ar staid na limistéar máguaird nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
(15) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas maidir le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(16) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/889 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/746 (IO L 154, 7.6.2022, lch. 37).
(4) Doiciméad Oibre SANTE/7112/2015/Rev. 3 “Principles and criteria for geographically defining ASF regionalisation”. [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach] https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_ga
(5) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, 28ú hEagrán, 2019. ISBN imleabhar I: 978-92-95108-85-1; ISBN imleabhar II: 978-92-95108-86-8. https://www.oie.int/standard-setting/terrestrial-code/access-online/
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605:
“IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
— |
Hiiu maakond. |
3. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
— |
in aonad réigiúnach Drama:
|
— |
in aonad réigiúnach Xanthi:
|
— |
in aonad réigiúnach Rodopi:
|
— |
in aonad réigiúnach Evros:
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
4. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
— |
Dienvidkurzemes novada, Grobiņas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, Grobiņas pilsēta, |
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Agluonėnų, Dovilų, Gargždų, Priekulės, Vėžaičių, Kretingalės ir Dauparų-Kvietinių seniūnijos, |
— |
Marijampolės savivaldybė, |
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
— |
Békés megye 950950, 950960, 950970, 951950, 952050, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953650, 953660, 953750, 953850, 953960, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150 és 956160 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850, 601550, 601650, 601660, 601750, 601850, 601950, 602050, 603250, 603750 és 603850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
— |
Csongrád-Csanád megye 800150, 800160, 800250, 802220, 802260, 802310 és 802450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754950, 755050, 755150, 755250, 755350 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie śląskim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie opolskim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie małopolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
i gceantar Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, |
— |
i gceantar Veľký Krtíš, bardais Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
— |
i gceantar Levice, bardais Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, Bátovce, Pečenice, Jabloňovce, Bohunice, Pukanec, Uhliská, |
— |
i gceantar Krupina, bardais Dudince, Terany, Hontianske Moravce, Sudince, Súdovce, Lišov, |
— |
ceantar iomlán Ružomberok, |
— |
i réigiún Turčianske Teplice, bardais Turček, Horná Štubňa, Čremošné, Háj, Rakša, Mošovce, |
— |
i gceantar Martin, bardais Blatnica, Folkušová, Necpaly, |
— |
i gceantar Dolný Kubín, bardais Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
— |
i gceantar Tvrdošín, bardais Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
— |
i gceantar Žarnovica, bardais Rudno nad Hronom, Voznica, Hodruša-Hámre, |
— |
ceantar iomlán Žiar nad Hronom, seachas bardais a áirítear i gcrios II. |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
Réigiún Piedmont:
|
Réigiún Liguria:
|
Réigiún Emilia-Romagna:
|
Réigiún Lombardia:
|
Réigiún Lazio:
|
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
— |
réigiún iomlán Haskovo, |
— |
réigiún iomlán Yambol, |
— |
réigiún iomlán Stara Zagora, |
— |
réigiún iomlán Pernik, |
— |
réigiún iomlán Kyustendil, |
— |
réigiún iomlán Plovdiv gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
ceantar iomlán Pazardzhik gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Smolyan, |
— |
réigiún iomlán Dobrich, |
— |
réigiún iomlán chathair Shóifia, |
— |
réigiún iomlán Chúige Shóifia, |
— |
réigiún iomlán Blagoevgrad gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Razgrad, |
— |
réigiún iomlán Kardzhali, |
— |
réigiún iomlán Burgas, |
— |
réigiún iomlán Varna gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Silistra, |
— |
réigiún iomlán Ruse, |
— |
réigiún iomlán Veliko Tarnovo, |
— |
réigiún iomlán Pleven, |
— |
réigiún iomlán Targovishte, |
— |
réigiún iomlán Shumen, |
— |
réigiún iomlán Sliven, |
— |
réigiún iomlán Vidin, |
— |
réigiún iomlán Gabrovo, |
— |
réigiún iomlán Lovech, |
— |
réigiún iomlán Montana, |
— |
réigiún iomlán Vratza. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
— |
Aizkraukles novads, |
— |
Alūksnes novads, |
— |
Augšdaugavas novads, |
— |
Ādažu novads, |
— |
Balvu novads, |
— |
Bauskas novads, |
— |
Cēsu novads, |
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Kalvenes, Kazdangas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Embūtes, Vaiņodes, Gaviezes, Rucavas, Vērgales, Medzes pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules pilsēta, |
— |
Dobeles novads, |
— |
Gulbenes novads, |
— |
Jelgavas novads, |
— |
Jēkabpils novads, |
— |
Krāslavas novads, |
— |
Kuldīgas novads, |
— |
Ķekavas novads, |
— |
Limbažu novads, |
— |
Līvānu novads, |
— |
Ludzas novads, |
— |
Madonas novads, |
— |
Mārupes novads, |
— |
Ogres novads, |
— |
Olaines novads, |
— |
Preiļu novads, |
— |
Rēzeknes novads, |
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
— |
Salaspils novads, |
— |
Saldus novads, |
— |
Saulkrastu novads, |
— |
Siguldas novads, |
— |
Smiltenes novads, |
— |
Talsu novads, |
— |
Tukuma novads, |
— |
Valkas novads, |
— |
Valmieras novads, |
— |
Varakļānu novads, |
— |
Ventspils novads, |
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
— |
Birštono savivaldybė, |
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
— |
Druskininkų savivaldybė, |
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
— |
Ignalinos rajono savivaldybė, |
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
— |
Joniškio rajono savivaldybė, |
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
— |
Kelmės rajono savivaldybė, |
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Judrėnų, Endriejavo ir Veiviržėnų seniūnijos, |
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
— |
Pagėgių savivaldybė, |
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
— |
Rietavo savivaldybė, |
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
— |
Skuodo rajono savivaldybės, |
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
— |
Šiaulių rajono savivaldybė, |
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
— |
Vilniaus rajono savivaldybė, |
— |
Visagino savivaldybė, |
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954060, 954150, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye: 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 577250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie małopolskim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie opolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
ceantar iomlán Gelnica, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Poprad |
— |
ceantar iomlán Spišská Nová Ves, |
— |
ceantar iomlán Levoča, |
— |
ceantar iomlán Kežmarok |
— |
i gceantar iomlán Michalovce, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Košice-okolie, |
— |
ceantar iomlán Rožnava, |
— |
cathair iomlán Košice, |
— |
ceantar iomlán Sobrance, |
— |
ceantar iomlán Vranov nad Topaou, |
— |
ceantar iomlán Humenné, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Snina, |
— |
ceantar iomlán Prešov, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Sabinov, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Svidník, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Stropkov, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Bardejov, |
— |
ceantar iomlán Stará Ľubovňa, |
— |
ceantar iomlán Revúca, |
— |
ceantar iomlán Rimavská Sobota, seachas na bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
i gceantar Veľký Krtíš, na bardais iomlána nach n-áirítear i gcuid I, |
— |
ceantar iomlán Lučenec, |
— |
ceantar iomlán Poltár, |
— |
ceantar iomlán Zvolen, |
— |
ceantar iomlán Detva, |
— |
ceantar iomlán Krupina, seachas bardasachtaí a áirítear i gcrios I, |
— |
ceantar iomlán Banska Stiavnica, |
— |
i gceantar Žiar nad Hronom, bardasachtaí Hronská Dúbrava, Trnavá Hora, |
— |
ceantar iomlán Banska Bystica, |
— |
ceantar iomlán Brezno, |
— |
ceantar iomlán Liptovsky Mikuláš. |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
Réigiún Piedmont:
|
Réigiún Liguria:
|
Réigiún Lazio:
|
CUID III
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Bhulgáir:
— |
i réigiún Blagoevgrad:
|
— |
réigiún Pazardzhik:
|
— |
i réigiún Plovdiv
|
— |
i réigiún Varna:
|
2. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:
— |
críoch iomlán na Sairdíne. |
3. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie małopolskim:
|
4. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
— |
Zona orașului București, |
— |
Județul Constanța, |
— |
Județul Satu Mare, |
— |
Județul Tulcea, |
— |
Județul Bacău, |
— |
Județul Bihor, |
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
— |
Județul Brăila, |
— |
Județul Buzău, |
— |
Județul Călărași, |
— |
Județul Dâmbovița, |
— |
Județul Galați, |
— |
Județul Giurgiu, |
— |
Județul Ialomița, |
— |
Județul Ilfov, |
— |
Județul Prahova, |
— |
Județul Sălaj, |
— |
Județul Suceava |
— |
Județul Vaslui, |
— |
Județul Vrancea, |
— |
Județul Teleorman, |
— |
Judeţul Mehedinţi, |
— |
Județul Gorj, |
— |
Județul Argeș, |
— |
Judeţul Olt, |
— |
Judeţul Dolj, |
— |
Județul Arad, |
— |
Județul Timiș, |
— |
Județul Covasna, |
— |
Județul Brașov, |
— |
Județul Botoșani, |
— |
Județul Vâlcea, |
— |
Județul Iași, |
— |
Județul Hunedoara, |
— |
Județul Alba, |
— |
Județul Sibiu, |
— |
Județul Caraș-Severin, |
— |
Județul Neamț, |
— |
Județul Harghita, |
— |
Județul Mureș, |
— |
Județul Cluj, |
— |
Județul Maramureş. |
5. An tSlóvaic
Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
Ceantar iomlán Trebišov’, |
— |
Ceantar iomlán Vranov agus Topľou, |
— |
I gceantar Humenné: Lieskovec, Myslina, Humenné, Jasenov, Brekov, Závadka, Topoľovka, Hudcovce, Ptičie, Chlmec, Porúbka, Brestov, Gruzovce, Ohradzany, Slovenská Volová, Karná, Lackovce, Kochanovce, Hažín nad Cirochou, Závada, Nižná Sitnica, Vyšná Sitnica, Rohožník, Prituľany, Ruská Poruba, Ruská Kajňa, |
— |
I gceantar Michalovce: Strážske, Staré, Oreské, Zbudza, Voľa, Nacina Ves, Pusté Čemerné, Lesné, Rakovec nad Ondavou, Petríkovce, Oborín, Veľké Raškovce, Beša, |
— |
I gceantar Rimavská Sobota: Jesenské, Gortva, Hodejov, Hodejovec, Širkovce, Šimonovce, Drňa, Hostice, Gemerské Dechtáre, Jestice, Dubovec, Rimavské Janovce, Rimavská Sobota, Belín, Pavlovce, Sútor, Bottovo, Dúžava, Mojín, Konrádovce, Čierny Potok, Blhovce, Gemerček, Hajnáčka, |
— |
I gceantar Gelnica: Hrišovce, Jaklovce, Kluknava, Margecany, Richnava, |
— |
I gceantar Sabinov: Daletice, |
— |
I gceantar Prešov: Hrabkov, Krížovany, Žipov, Kvačany, Ondrašovce, Chminianske Jakubovany, Klenov, Bajerov, Bertotovce, Brežany, Bzenov, Fričovce, Hendrichovce, Hermanovce, Chmiňany, Chminianska Nová Ves, Janov, Jarovnice, Kojatice, Lažany, Mikušovce, Ovčie, Rokycany, Sedlice, Suchá Dolina, Svinia, Šindliar, Široké, Štefanovce, Víťaz, Župčany, |
— |
ceantar iomlán Medzilaborce, |
— |
I gceantar Stropkov: Havaj, Malá Poľana, Bystrá, Mikové, Varechovce, Vladiča, Staškovce, Makovce, Veľkrop, Solník, Korunková, Bukovce, Krišľovce, Jakušovce, Kolbovce, |
— |
I gceantar Svidník: Pstruša. |
14.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/43 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/918 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2022
lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 7(1) agus Airteagal 17(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sonraí maidir leis an topaic “Slabhraí Luacha Domhand” a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, ionas go bhféadfar na sonraí sin a chur ar fáil, uair amháin gach 3 bliana, de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, bunaithe ar shonraí inchomparáide agus comhchuibhithe, agus d’fhonn cur chun feidhme ceart na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” a dhéanfaidh na Ballstáit a áirithiú, is éard a dhéanfaidh an Coimisiún na hathróga, an t-aonad tomhais, an pobal staidrimh, na haicmiúcháin agus na miondealuithe, an sprioc-am le haghaidh tharchur na sonraí, an chéad tréimhse thagartha, agus an sprioc-am le haghaidh na tuarascála cáilíochta a shonrú. |
(2) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an topaic “Slabhraí Luacha Domhanda” dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/2152, tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) na sonraí le haghaidh na tréimhse tagartha i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tarchuirfear an tuarascáil cháilíochta thríbhliantúil le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” laistigh de 24 mhí tar éis dheireadh na bliana deireanaí den tréimhse tagartha.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí maidir leis an topaic “Slabhraí Luacha Domhanda”
Raon feidhme (sonraí maidir leis an topaic slabhraí luacha domhanda) |
Athróg |
||||
|
|
||||
|
|
||||
|
|||||
|
|||||
|
|||||
|
|
||||
|
|||||
|
|||||
|
|||||
|
|
Ní thagraíonn na hathróga (2), (3), (4) agus (5) ach d’fhiontair a thuairiscíonn luach atá níos airde ná EUR 100 000 le haghaidh ar a laghad cineál amháin earraí nó seirbhísí a ceannaíodh ón gcoigríoch (athróga (2) agus (4)) nó a soláthraíodh ar an gcoigríoch (athróga (3) agus (5)) i mbliain deiridh na tréimhse tagartha. Níor cheart na sonraí a bhailiú i gcás na bhfiontar sin a bhfuil an luach réamhluaite níos lú ná EUR 100 000 dóibh le haghaidh na hathróige comhfhreagraí.
Aonad tomhais |
Luach absalóideach |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An pobal staidrimh |
Le haghaidh gach athróige: Táirgeoirí margaidh Ranna B go N de NACE ina bhfuil 50 fostaí nó duine féinfhostaithe nó níos mó i mbliain deiridh na tréimhse tagartha. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Miondealuithe |
Athróg (1) An líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe: Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Athróg (2) An líon fiontar a bhíonn ag ceannach earraí ón gcoigríoch Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Athróg (3) An líon fiontar a bhíonn ag soláthar earraí ar an gcoigríoch Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Athróg (4) An líon fiontar a bhíonn ag ceannach seirbhísí ón gcoigríoch agus athróg (5) An líon fiontar a bhíonn ag soláthar earraí ar an gcoigríoch: Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Athróg (6) An líon fiontar a bhíonn ag déanamh foinsiú idirnáisiúnta:
Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Le soláthar le haghaidh na haicme méide iomláine amháin (Iomlán – 50 fostaí agus duine féinfhostaithe agus níos mó):
Athróg (7) an líon post a cruthaíodh san fhiontar mar thoradh ar fhoinsiú idirnáisiúnta:
Athróg (8) an líon post a cailleadh (nó a athlonnaíodh chuig an gcoigríoch) mar thoradh ar fhoinsiú idirnáisiúnta:
Athróg (9) An líon fiontar a bhfuil foinsiú idirnáisiúnta déanta acu nó a bhfuil sé beartaithe acu sin a dhéanamh:
Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Athróg (10) An líon fiontar gníomhach Ní mór na sonraí a sholáthar mar theaglaim de na miondealuithe uile a liostaítear thíos.
Díríonn an miondealú seo ar theagmhais nó saincheisteanna tráthúla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shocruithe maidir le slabhraí luacha domhanda, agus ní féidir níos mó ná 15 mhír a bheith ann.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An spriocdháta le haghaidh sonraí a tharchur |
Am + 21 mí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An chéad tréimhse thagartha |
2021-2023 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Simplithe agus sonraíochtaí breise |
An riail maidir le 1 % Féadfar an riail maidir le 1 % a chur i bhfeidhm. Ní gá athróga a thiomsú faoin ngníomh cur chun feidhme seo más lú ná 1 % d’iomlán an Aontais ranníocaíocht an Bhallstáit i gcás líon na bhfiontar ina bhfuil 50 fostaí agus duine féinfhostaithe nó níos mó, ar leibhéal comhiomlánaithe NACE B-N, le haghaidh na bliana tagartha is déanaí a bhfuil na sonraí ar fáil ina leith faoin dáta T-18 mí. Sonraí a bhailiú Baileofar nó gheofar na sonraí fiontair seo a leanas ó chláir nó ó fhoinsí sonraí staidrimh nó riaracháin eile:
Féadfar sonraí eile (amhail príomhfheidhm ghnó an fhiontair) a bhailiú nó a fháil ó chláir nó ó fhoinsí sonraí staidrimh nó riaracháin eile, in ionad an tsuirbhé. Cuirfear sainmhínithe breise ar athróga, ar mhiondealuithe agus ar mholtaí modheolaíochta ar fáil i lámhleabhar tiomsaitheoirí na slabhraí luacha domhanda. Foilseoidh Eurostat an chéad eagrán de lámhleabhar tiomsaitheoirí na slabhraí luacha domhanda faoi Mheitheamh 2023. |
CINNTÍ
14.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/52 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/919 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Meitheamh 2022
lena leasaítear Cinneadh 2005/381/CE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an gceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3604)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 21(1) de Threoir 2003/87/CE ceanglaítear ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin. |
(2) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE (2) ón gCoimisiún, leagtar amach ceistneoir atá le húsáid ag na Ballstáit chun tuarascálacha bliantúla a ullmhú a bhfuil sé d’aidhm leo cuntas mionsonraithe ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE a bhunú. |
(3) |
Le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Treoir 2003/87/CE chun léiriú a thabhairt ar an ngealltanas a thug an Chomhairle Eorpach in 2014 astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána an Aontais a laghdú faoi 40 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030. |
(4) |
Chun na leasuithe ar Threoir (AE) 2018/410 a chur chun feidhme, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (4), leagadh síos rialacha athbhreithnithe maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar shonraí gníomhaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE i dtréimhse trádála chóras trádála astaíochtaí an Aontais dar tús an 1 Eanáir 2021 agus tréimhsí trádála ina dhiaidh sin. Ina theannta sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (5), leagadh síos forálacha athbhreithnithe chun tuarascálacha arna gcur isteach de bhun Threoir 2003/87/CE a fhíorú agus chun fíoraitheoirí a chreidiúnú agus a mhaoirsiú. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, leagadh síos freisin forálacha maidir le haitheantas frithpháirteach fíoraitheoirí agus meastóireacht phiaraí ar chomhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta de bhun Airteagal 15 de Threoir 2003/87/CE. Tá feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 maidir le fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sonraí tona-ciliméadair ón 1 Eanáir 2019 agus maidir le fíorú a dhéanamh ar shonraí atá ábhartha do thagarmharcanna ex ante a thabhairt cothrom le dáta agus chun leithdháileadh saor in aisce ar shuiteálacha a chinneadh. |
(5) |
Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún (6) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún (7), tugadh na rialacha maidir le lamháltais astaíochtaí cothrom le dáta. |
(6) |
Is gá, dá bhrí sin, na leasuithe ar Threoir 2003/87/CE agus ar na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe lena mbaineann a léiriú i gCinneadh 2005/381/CE. Ina theannta sin, léirigh tuilleadh taithí a fuair na Ballstáit agus an Coimisiún agus úsáid á baint acu as an gceistneoir gur gá feabhas a chur ar éifeachtúlacht an tuairiscithe agus ar chomhleanúnachas na faisnéise a thuairiscítear. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2005/381/CE a leasú dá réir sin. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 2005/381/CE.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.
(2) Cinneadh 2005/381/CE an 4 Bealtaine 2005 ón gCoimisiún lena mbunaítear ceistneoir chun tuairisciú ar chur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 126, 19.5.2005, lch. 43).
(3) Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN
CEISTNEOIR MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM THREOIR 2003/87/CE
1. Sonraí faoin institiúid atá ag cur an tuarascáil isteach
Ainm agus roinn na heagraíochta:
Ainm an teagmhálaí:
Teideal poist an teagmhálaí:
Seoladh:
Uimhir theileafóin idirnáisiúnta:
R-phost:
2. Údaráis fhreagracha sa chóras trádála astaíochtaí (CTA AE) agus comhordú idir na húdaráis
Ní mór na ceisteanna sa roinn seo a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
2.1. |
Sa tábla thíos, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA AE le haghaidh suiteálacha agus eitlíochta i do Bhallstát. Cuir rónna breise isteach más gá.
An úsáideann tú an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe arna cheapadh de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) chun creidiúnú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí a fhíoraíonn tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, nó tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Úsáideann/Ní úsáideann Má úsáideann, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an chomhlachta náisiúnta creidiúnaithe sin.
Ar chuir tú údarás náisiúnta deimhniúcháin ar bun chun fíoraitheoirí a dheimhniú de bhun Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (6)? Chuir/Níor chuir Má chuir, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an údaráis náisiúnta deimhniúcháin sa bhosca thíos.
Sa tábla thíos, luaigh ainm, giorrúchán agus sonraí teagmhála an riarthóra clárlainne i do Bhallstát.
|
2.2. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios cé acu údarás inniúil atá freagrach as na cúraimí seo a leanas, agus úsáid á baint as a ghiorrúchán. Cuir rónna breise isteach más gá.
Má tá dath liath ar bhosca sa tábla thíos, tabhair do d’aire níl an cúram ábhartha le haghaidh suiteálacha ná le haghaidh eitlíochta.
|
2.3. |
Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe i do Bhallstát de bhun Airteagal 18 de Threoir 2003/87/CE, cé acu údarás inniúil é an pointe fócasach dá dtagraítear in Airteagal 70(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún, Tugtar freagra agus úsáid á baint as an ngiorrúchán ábhartha sa tábla thíos.
Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe i do Bhallstát chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/2066 a dhéanamh, cad iad na bearta a rinneadh chun obair na n-údarás inniúil sin a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
2.4. |
Cad é an malartú éifeachtach faisnéise agus comhair atá bunaithe i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 idir an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe nó, más ábhartha, an t-údarás náisiúnta deimhniúcháin agus an t-údarás inniúil laistigh de do Bhallstát? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
3. Cumhdach gníomhaíochtaí, suiteálacha agus oibreoirí aerárthaí
3.A. Suiteálacha
3.1. |
Cé mhéad suiteáil a dhéanann gníomhaíochtaí agus a astaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE? As measc na suiteálacha sin cé mhéad acu atá ina suiteálacha de chatagóir A, B agus C dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? As measc na suiteálacha de chatagóir A cé mhéad acu atá ina suiteálacha íseal-astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.
Cé hiad na gníomhaíochtaí ó Iarscríbhinn I a dhéanann suiteálacha i do Bhallstát? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.
|
3.2. |
An bhfuil suiteálacha eisiata agat faoi Airteagail 27 nó 27a de Threoir 2003/87/CE? Tá/Níl
Má tá, líontar isteach an tábla thíos leis an méid seo a leanas:
As measc na suiteálacha atá eisiata faoi Airteagail 27 agus 27a de Threoir 2003/87/CE cé mhéad acu a dúnadh le linn na tréimhse tuairiscithe?
|
3.B. Oibreoirí aerárthaí
3.3. |
Cé mhéad oibreoir aerárthaí atá ag déanamh na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhfuil tú freagra astu mar Bhallstát riaracháin? As measc na n-oibreoirí aerárthaí sin cé mhéad acu atá ina n-oibreoirí aerárthaí tráchtála agus cé mhéad acu atá ina n-oibreoirí aerárthaí neamhthráchtála? As measc líon iomlán na n-oibreoirí aerárthaí cé mhéad acu atá ina n-astaírí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Sonraítear agus úsáid á baint as an tábla thíos.
|
4. Eisiúint ceadanna do shuiteálacha
Ní mór ceist 4.1 agus an chéad chuid de cheist 4.2 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe. Ní mór gach ceist eile a fhreagairt go bliantúil.
4.1. |
Sonraítear sa tábla thíos a mhéid a rinneadh comhtháthú nó comhordú idir Treoir 2003/87/CE agus Treoir 2010/75/AE (18).
|
4.2. |
Cathain a bhíonn sé de cheangal faoin dlí náisiúnta cead a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 de Threoir 2003/87/CE? Cuirtear ar fáil mionsonraí na bhforálacha sa dlí náisiúnta sa tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.
Cad é líon iomlán na nuashonruithe ceada a tharla le linn na tréimhse tuairiscithe? Sonraítear sa tábla thíos líon na nuashonruithe ceada a mhéid is eol don údarás inniúil.
|
5. Cur i bhfeidhm an rialacháin maidir le faireachán agus tuairisciú
5.A. Ginearálta
Ní mór ceisteanna 5.1, 5.2, 5.3 agus 5.4 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
5.1. |
Ar glacadh reachtaíocht náisiúnta bhreise chun cúnamh a thabhairt maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur chun feidhme? Glacadh/Níor glacadh
Má glacadh, sonraítear thíos na réimsí dá gcuireadh reachtaíocht náisiúnta bhreise chun feidhme nó dá bhfuil sí á cur chun feidhme.
Ar forbraíodh treoraíocht náisiúnta bhreise chun tacú leis an tuiscint ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Forbraíodh/Níor fhorbraíodh Má forbraíodh, sonraítear thíos na réimsí dá bhforbraíodh treoraíocht náisiúnta bhreise.
|
5.2. |
Cad iad na bearta a rinneadh chun ceanglais tuairiscithe CTA AE a chuíchóiriú le ceanglais tuairiscithe sásraí tuairiscithe atá ann cheana amhail tuairisciú maidir le fardal gás ceaptha teasa agus tuairisciú maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach)? Má rinneadh, líontar isteach an tábla thíos leis an méid seo a leanas.
|
5.3. |
An úsáideann tú an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha fíorúcháin agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin? Úsáideann/Ní úsáideann
Mura n-úsáideann, sonraítear sa tábla thíos cé acu atá teimpléid leictreonacha shaincheaptha nó formáidí comhaid sonracha forbartha ag do Bhallstát le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha fíorúcháin agus/nó tuarascálacha feabhsúcháin agus tabhair le fios na heilimintí atá éagsúil leis an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún.
Cad iad na bearta a chuir tú chun feidhme chun na ceanglais in Airteagal 74(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chomhlíonadh? Sonraítear anseo thíos.
|
5.4. |
An úsáideann tú córas uathoibríoch le haghaidh malartú sonraí leictreonacha idir oibreoirí nó oibreoirí aerárthaí agus an t-údarás inniúil agus páirtithe eile? Úsáideann/Ní úsáideann
Má tá, sonraítear thíos na forálacha a chuir tú chun feidhme chun na ceanglais in Airteagal 75(1) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chomhlíonadh.
|
5.B. Suiteálacha
Ní mór ceist 5.17 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
5.5. |
Sa tábla thíos, líontar isteach, i gcás na mbreoslaí a liostaítear, an t-ídiú breosla iomlán agus na hastaíochtaí bliantúla iomlána ar bhonn na sonraí a tuairiscíodh i dtuarascálacha ar astaíochtaí an oibreora le haghaidh na bliana tuairiscithe.
|
5.6. |
Sa tábla thíos, líontar isteach iomlán comhiomlán na n-astaíochtaí le haghaidh gach catagóir d’Fhormáid Tuairiscithe Choiteann (FTC) IPCC a thuairiscítear bunaithe ar na sonraí arna soláthar i dtuarascálacha ar astaíochtaí an oibreora i gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
|
5.7. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios i gcás gach catagóir shuiteála agus i gcás gach cineál breosla nó ábhair líon na suiteálacha a bhfuil luachanna réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 31(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 formheasta ag an údarás inniúil ina leith.
|
5.8. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na suiteálacha ar cheadaigh an t-údarás inniúil minicíocht anailíse éagsúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 35(2), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 chomh maith le deimhniú go bhfuil an plean samplála sna cásanna sin lándoiciméadaithe agus gur cloíodh go hiomlán leis.
|
5.9. |
Murar cuireadh an leibhéal is airde cur chuige i bhfeidhm le haghaidh floscanna bunaidh móra nó mórfhoinsí astaíochtaí ó shuiteálacha de chatagóir C dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tugtar le fios sa tábla thíos, i gcás gach suiteáil ábhartha, na floscanna bunaidh nó an fhoinse astaíochtaí lena mbaineann, an paraiméadar faireacháin lena mbaineann agus an leibhéal is airde a éilítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus an leibhéal a cuireadh i bhfeidhm.
|
5.10. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na suiteálacha de chatagóir B dá dtagraítear in Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nach gcuireann an leibhéal is airde i bhfeidhm le haghaidh gach flosc bunaidh agus gach mórfhoinse astaíochtaí (25) i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
|
5.11. |
Ar chuir suiteálacha i do Bhallstát an cur chuige cúltaca i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Chuir/Níor chuir
Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos.
|
5.12. |
Tugtar le fios sa tábla thíos líon na suiteálacha de chatagóir A, B agus C ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin a chur isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus líon suiteálacha ar cuireadh tuarascáil feabhsúcháin isteach ina leith i ndáiríre. Baineann an fhaisnéis sa tábla thíos le cur isteach na tuarascála feabhsúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.
|
5.13. |
Ar aistríodh CO2 fréimhíochta i gcomhréir le hAirteagal 48, CO2 i gcomhréir le hAirteagal 49 nó N2O i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 i do Bhallstát? Aistríodh/Níor aistríodh
Má aistríodh, líontar isteach an tábla thíos.
|
5.14. |
Ar chuir suiteálacha i do Bhallstát tomhas leanúnach astaíochtaí i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Chuir/Níor chuir
Má chuir, tugtar le fios sa tábla thíos, astaíochtaí iomlána gach suiteáil, na hastaíochtaí a rinneadh tomhas leanúnach astaíochtaí orthu, agus cé acu a bhí bithmhais CO2 sa ghás a tomhaiseadh nó nach raibh.
|
5.15. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios an méid seo a leanas le haghaidh gach príomhghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE:
Go ginearálta, cé acu modh a chuirtear i bhfeidhm i do Bhallstát chun a léiriú gur comhlíonadh na critéir inbhuanaitheachta nó na critéir maidir leis an laghdú ar gás ceaptha teasa? Tugtar tuairisc thíos ar na príomheilimintí má úsáidtear córais náisiúnta chun an chomhlíontacht sin a léiriú.
|
5.16. |
Cérbh é cainníocht iomlán na n-astaíochtaí CO2 iontaise ó dhramhaíl a úsáideadh mar bhreosla nó mar ábhar ionchuir? Tugtar freagra trí úsáid a bhaint as an tábla thíos.
|
5.17. |
Ar cheadaigh do Bhallstát úsáid pleananna faireacháin simplithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cheadaigh/Níor cheadaigh
Má cheadaigh, sonraítear sa tábla thíos an cineál measúnaithe riosca a rinneadh agus na prionsabail lena cumraíodh é.
|
5.C. Oibreoirí aerárthaí
Ní mór ceist 5.23 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
5.18. |
Cé mhéad oibreoir aerárthaí atá ag úsáid Modh A nó B chun an t-ídiú breosla a chinneadh? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos.
|
5.19. |
Sa tábla thíos, sonraítear
|
5.20. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios:
|
5.21. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios:
|
5.22. |
Sa tábla thíos, tugtar le fios líon na n-oibreoirí aerárthaí ar ceanglaíodh tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 a chur isteach ina leith agus ar cuireadh ceann isteach ina leith i ndáiríre. An fhaisnéis a iarrtar sa tábla thíos, baineann sí le cur isteach na dtuarascálacha feabhsúcháin sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin.
|
5.23. |
Ar cheadaigh do Bhallstát úsáid pleananna faireacháin simplithe i gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Cheadaigh/Níor cheadaigh.
Má cheadaigh, sonraítear sa tábla thíos an cineál measúnaithe riosca a rinneadh agus na prionsabail lena cumraíodh é.
|
6. Socruithe fíorúcháin
6.A. Ginearálta
6.1. |
Tugtar le fios sa tábla thíos líon iomlán na bhfíoraitheoirí a mbíonn tuarascálacha na n-oibreoirí nó tuarascálacha na n-oibreoirí aerárthaí á bhfíorú acu (40). Maidir le líon iomlán na bhfíoraitheoirí ó Bhallstát eile, tugtar le fios an Ballstát inar chreidiúnaigh an comhlacht náisiúnta creidiúnaithe iad.
Tugtar le fios sa tábla thíos líon na bhfíoraitheoirí atá creidiúnaithe le haghaidh raon feidhme sonrach creidiúnaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Má cheadaigh Ballstáit daoine nádúrtha a dheimhniú mar fhíoraitheoirí de bhun Airteagal 55(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, tugtar le fios freisin líon na bhfíoraitheoirí ar daoine nádúrtha iad atá deimhnithe le haghaidh raon feidhme sonrach deimhniúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
|
6.2. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil faisnéis faoi chur i bhfeidhm na gceanglas maidir le malartú faisnéise a shonraítear i gCaibidil VI de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067:
|
6.B. Suiteálacha
6.3. |
Cad iad na suiteálacha a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.
Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nár chuir isteach tuarascáil ar astaíochtaí faoin spriocdháta atá leagtha síos?
|
6.4. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascálacha fíorúcháin? Bhí/Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
6.5. |
An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí? Rinne/Ní dhearna
Má rinne, sonraítear cé acu seiceálacha a rinneadh agus úsáid á baint as an tábla thíos:
|
6.6. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh suiteálacha a astaíonn níos mó ná 25 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuir rónna breise isteach más gá.
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh suiteálacha íseal-astaíochta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith.
|
6.7. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh/Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
6.C. Oibreoirí aerárthaí
6.8. |
Cé hiad na hoibreoirí aerárthaí a ndearna an t-údarás inniúil meastachán coimeádach ar astaíochtaí ina leith i gcomhréir le hAirteagal 70(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tugtar freagra agus úsáid á baint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.
Cé mhéad oibreoir aerárthaí a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach nó nach bhfuil tuarascáil ar astaíochtaí curtha isteach acu faoin spriocdháta atá leagtha síos?
|
6.9. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascálacha fíorúcháin? Bhí/Ní raibh
Má bhí, sna táblaí thíos, cuirtear ar fáil faisnéis le haghaidh astaíochtaí agus sonraí tona-ciliméadair, faoi seach. Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha ar astaíochtaí
Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha tona-ciliméadair
|
6.10. |
An ndearna an t-údarás inniúil aon seiceáil ar thuarascálacha fíoraithe ar astaíochtaí? Rinne/N dhearna
Má rinne, agus úsáid á baint as na táblaí thíos, sonraítear na seiceálacha a rinneadh le haghaidh astaíochtaí agus sonraí tona-ciliméadair, faoi seach. Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha ar astaíochtaí
Tábla le haghaidh sonraí a bhaineann le tuarascálacha tona-ciliméadair
|
6.11. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le haghaidh astaírí beaga dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos líon na n-astaírí beaga ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith.
|
6.12. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067? Rinneadh/Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
7. Clárlanna
7.1. |
Cuir i gceangal cóip de na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann go sonrach le do Bhallstát a cheanglaítear ar shealbhóirí cuntais iad a shíniú. |
7.2. |
I ngach cás inar dúnadh cuntas toisc nach raibh aon ionchas réasúnach ann go ndéanfadh suiteáil nó oibreoir aerárthaí lamháltais bhreise a thabhairt suas, tugtar tuairisc sa tábla thíos ar an gcúis nach raibh aon ionchas réasúnach ann a thuilleadh agus luaigh méid na lamháltas nár tugadh suas. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
7.3. |
Cé mhéad uair le linn na bliana tuairiscithe a d’úsáid oibreoirí aerárthaí an sainordú dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún (61)? Sonraítear thíos an líon uaireanta.
Cé hiad na hoibreoirí aerárthaí a d’úsáid sainordú le linn na tréimhse tuairiscithe dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122? Cuirtear ar fáil an fhaisnéis trí úsáid a bhaint as an tábla thíos. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
8. Leithdháileadh
Ní mór ceisteanna 8.1, 8.2, 8.3, 8.10, 8.11 agus 8.17 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
8.A. Ginearálta
8.1. |
An úsáideann tú an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún le haghaidh pleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta agus tuarascálacha fíorúcháin? Úsáideann/Ní úsáideann
Mura n-úsáideann, sonraítear sa tábla thíos an bhfuil teimpléid leictreonacha shaincheaptha Bhallstáit nó formáidí comhaid sonracha Ballstáit forbartha agat le haghaidh pleananna modheolaíochta faireacháin, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta agus tuarascálacha fíorúcháin agus tabhair le fios na heilimintí atá éagsúil leis an teimpléad a d’fhorbair an Coimisiún.
|
8.2. |
An ngearrtar táillí ar oibreoirí i ndáil le gníomhaíochtaí de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Gearrtar/Ní ghearrtar
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil mionsonraí maidir leis na táillí sin sa tábla thíos:
|
8.3. |
Má tá córas TF á úsáid ag na Ballstáit, leis an gcóras sin an gcumhdaítear freisin gníomhaíochtaí de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Cumhdaítear/Ní chumhdaítear |
8.4. |
Líontar isteach sa tábla thíos faisnéis faoi thréigean agus fionraíocht lamháltas agus faoi lamháltais bhreise a aisghabháil de thoradh ró-leithdháileadh:
|
8.5. |
Ar cuireadh Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 i bhfeidhm ar fhoshuiteálacha a úsáideann an tagarmharc breosla nó an tagarmharc teasa? Cuireadh/Níor cuireadh
Má cuireadh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:
Ar dhiúltaigh an t-údarás inniúil Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 a chur i bhfeidhm ar foshuiteálacha? Dhiúltaigh/Níor dhiúltaigh Má dhiúltaigh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:
Ar cuireadh Airteagal 6(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 i bhfeidhm ar fhoshuiteálacha a úsáideann an tagarmharc breosla nó an tagarmharc teasa? Cuireadh/Níor cuireadh Má cuireadh, líontar isteach sa tábla thíos líon na bhfoshuiteálacha lena mbaineann:
|
8.6. |
Sonraítear líon na suiteálacha a eisiadh ó raon feidhme CTA AE:
|
8.7. |
Ar chuir tú i bhfeidhm Airteagal 10c de Threoir 2003/87/CE? Chuir/Níor chuir
Má chuir, cuirtear ar fáil sa tábla thíos líon iomlán na lamháltas astaíochtaí a eisíodh agus luach iomlán na n-infheistíochtaí a rinneadh sa tréimhse tuairiscithe.
|
8.B. Tuarascálacha ar shonraí bonnlíne
8.8. |
Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach i leith na dtuarascálacha ar shonraí bonnlíne?
|
8.9. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin? Bhí/Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
8.C. Sonraí maidir leis an leibhéal gníomhaíochta bliantúla
8.10. |
Ar cheangail an t-údarás inniúil ar oibreoirí tuairisciú ar na paraiméadair bhreise a áirítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842? Cheangail/Níor cheangail
Má chuir, sonraítear cineál na bparaiméadar breise:
|
8.11. |
Ar iarr an t-údarás inniúil réamhthuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach? D’iarr/Níor iarr
Má d’iarr, cén amlíne atá i bhfeidhm maidir leis an réamhthuarascáil ar an leibhéal gníomhaíochta a chur isteach?
|
8.12. |
Cé mhéad suiteáil a fuair dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach i dtaobh tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta nó nár chuir isteach tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta faoin spriocdháta atá leagtha síos?
|
8.13. |
An raibh míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin in aon tuarascáil fíorúcháin? Bhí/Ní raibh
Má bhí, cuirtear ar fáil faisnéis sa tábla thíos:
|
8.14. |
Ar dhiúltaigh an t-údarás inniúil do thuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Dhiúltaigh/Níor dhiúltaigh
Má dhiúltaigh, líon isteach an tábla thíos:
|
8.15. |
Ar tarscaoileadh cuairteanna ar an láthair le linn fhíorú na dtuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Tarscaoileadh/Níor tarscaoileadh
Má tarscaoileadh, tugtar le fios sa tábla thíos an líon suiteálacha ar tarscaoileadh cuairt ar an láthair ina leith faoi choinníoll ar leith. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
8.16. |
An ndearnadh cuairteanna fíorúla ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 le linn fhíorú na dtuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta? Rinneadh/Ní dhearnadh
Má rinneadh, tugtar le fios an méid seo a leanas sa tábla thíos:
|
8.17. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.
|
8.18. |
Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:
|
9. Táillí agus muirir
Ní mór ceisteanna 9.1, 9.2 agus 9.3 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
9.A. Suiteálacha
9.1 An ngearrtar táillí ar oibreoirí? Gearrtar/Ní ghearrtar
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a ghearrtar as ceadanna a eisiúint agus a thabhairt cothrom le dáta agus as pleananna faireacháin a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.
An chúis atá leis an táille/tuairisc |
Méid in Euro |
Eisiúint ceada/formheas an phlean faireacháin |
|
Cead a thabhairt cothrom le dáta |
|
Aistriú an cheada |
|
Tabhairt suas an cheada |
|
Iarratas ar an gcúlchiste le haghaidh iontrálaithe nua |
|
Eile, sonraítear: |
|
Má ghearrtar, agus úsáid á baint as an tábla thíos, cuirtear ar fáil sonraí maidir leis na táillí cothaithe bliantúla.
An chúis atá leis an táille/tuairisc |
Méid in Euro |
Muirear cothaithe bliantúil |
|
Eile, sonraítear |
|
9.B. Oibreoirí aerárthaí
9.2 An ngearrtar táillí ar oibreoirí aerárthaí? Gearrtar/Ní ghearrtar
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil sonraí sa tábla thíos maidir leis na táillí a ghearrtar as pleananna faireacháin a fhormheas agus a thabhairt cothrom le dáta.
An chúis atá leis an táille/tuairisc |
Méid in Euro |
Plean faireacháin le haghaidh astaíochtaí a fhormheas |
|
Athrú ar an bplean faireacháin le haghaidh astaíochtaí a fhormheas |
|
Plean faireacháin le haghaidh sonraí tona-ciliméadair a fhormheas |
|
Athrú ar phlean faireacháin le haghaidh sonraí tona-ciliméadair a fhormheas |
|
Plean faireacháin a aistriú |
|
Plean faireacháin a thabhairt suas |
|
Eile, sonraítear |
|
Má ghearrtar, cuirtear ar fáil mionsonraí maidir leis na táillí cothaithe bliantúla sa tábla thíos.
An chúis atá leis an táille/tuairisc |
Méid in Euro |
Muirear cothaithe bliantúil |
|
Eile, sonraítear |
|
9.C. Suiteálacha agus oibreoirí aerárthaí
9.3 |
Sna táblaí thíos, sonraítear na táillí aonuaire agus bliantúla a ghearrtar ar oibreoirí agus ar oibreoirí aerárthaí i ndáil le cuntais chlárlainne.
Tábla le haghaidh táillí aonuaire
Tábla le haghaidh táillí bliantúla
|
10. Saincheisteanna a bhaineann le comhlíontacht le Treoir AE maidir le Trádáil Astaíochtaí
10.A. Suiteálacha
Ní mór ceist 10.2 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
10.1. |
Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon oibreoirí an cead agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
10.2. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.
Cén dlí náisiúnta inar sainmhíníodh na sáruithe agus na pionóis?
|
10.3. |
Cad iad na sáruithe a rinneadh agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos:
|
10.4. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-oibreoirí ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.
|
10.B. Oibreoirí aerárthaí
Ní mór ceisteanna 10.6 agus 10.9 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
10.5. |
Sa tábla thíos, sonraítear na bearta a rinneadh chun a áirithiú gur chomhlíon oibreoirí aerárthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067. Cuir rónna breise isteach más gá.
|
10.6. |
Cé na pionóis a bhaineann le sáruithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 agus ar an dlí náisiúnta de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.
Cén dlí náisiúnta inar sainmhíníodh na sáruithe agus na pionóis?
|
10.7. |
Cad iad na sáruithe a fuarthas agus cad iad na pionóis a forchuireadh le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2003/87/CE? Líontar isteach an tábla agus cuir rónna breise leis más gá.
Pionóis a forchuireadh i dtréimhsí tuairiscithe roimhe seo, ar forfheidhmíodh cuid acu sa tréimhse tuairiscithe reatha? Má forfheidhmíodh, líontar isteach an tábla thíos.
|
10.8. |
Sa tábla thíos, cuirtear ar fáil ainmneacha na n-oibreoirí aerárthaí ar forchuireadh pionóis orthu i leith astaíochtaí iomarcacha le linn na tréimhse tuairiscithe de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE.
|
10.9. |
Cad iad na bearta a bheadh le déanamh i do Bhallstát sula n-iarrfaí cosc oibríochta ar an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16(10) de Threoir 2003/87/CE? Sonraítear thíos cineálacha na mbeart.
|
11. Cineál dlíthiúil na lamháltas agus na láimhseála fhioscaí
Ní mór ceisteanna 11.1, 11.2, 11.3 agus 11.4 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
11.1. Cad é cineál dlíthiúil lamháltais i do Bhallstát?
|
11.2. Cén chaoi a láimhseáiltear cuntasaíocht airgeadais na lamháltas astaíochtaí i do Bhallstát?
|
11.3. An bhfuil CBL dlite ar eisiúint lamháltas astaíochtaí agus ar idirbhearta ina leith? Tá/Níl
Má tá, an gcuireann do Bhallstát an nós imeachta aistrithe táillí i bhfeidhm? Cuireann/Ní chuireann
11.4. An ngearrtar cáin ar lamháltais astaíochtaí? Gearrtar/Ní ghearrtar
Má ghearrtar, sonraítear sa tábla thíos an cineál cánach agus na rátaí cánach is infheidhme. Cuir rónna breise isteach más gá.
Cineál cánach |
An ráta cánach a cuireadh i bhfeidhm |
|
|
|
|
12. Calaois
Ní mór ceisteanna 12.1 agus 12.2 a fhreagairt sa tuarascáil atá le cur isteach faoin 30 Meitheamh 2022 agus i dtuarascálacha ina dhiaidh sin má tharlaíonn athruithe le linn na tréimhse tuairiscithe.
12.1 |
Sa tábla thíos, sonraítear na socruithe atá i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhaineann le leithdháileadh lamháltas saor in aisce.
|
12.2 |
Maidir leis na húdaráis inniúla atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA AE, sonraítear sa tábla thíos na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirtear iad ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí calaoiseacha.
|
12.3 |
Sa tábla thíos, sonraítear an fhaisnéis seo a leanas maidir le gníomhaíochtaí calaoiseacha a mhéid is eol don údarás inniúil atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CTA AE i do Bhallstát:
|
13. Barúlacha eile
13.1. |
Sa tábla thíos, tugtar sonraí faoi aon saincheist eile is cúis le hábhar imní i do Bhallstát, nó aon fhaisnéis ábhartha eile ba mhaith leat a chur ar fáil.
|
13.2. |
An ndearna tú gach ceist aonuaire sa cheistneoir seo a fhreagairt agus an ndearna tú na freagraí ar na ceisteanna sin a thabhairt cothrom le dáta nuair is ábhartha? Rinne/Ní dhearna
Murar ndearna, téitear ar ais go dtí an cheist lena mbaineann. |
(1) Roghnaigh ón mbosca anuas: údarás inniúil lárnach, údarás inniúil réigiúnach, údarás inniúil áitiúil, eile. Más údarás inniúil lárnach an t-údarás inniúil, ní gá líon na n-údarás inniúil a chur isteach.
(2) Sonraítear líon na n-údarás inniúil sa chás ina roghnaítear údaráis inniúla réigiúnacha nó áitiúla sa cholún ar chlé.
(3) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(5) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú na sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94). Cuirtear an Rialachán sin in ionad Rialachán (AE) Uimh. 600/2012 ón gCoimisiún.
(7) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(8) Cuirtear ar fáil an uimhir theileafóin, an seoladh ríomhphoist agus an seoladh suímh gréasáin.
(9) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha uile-Aontais idirthréimhseacha le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce ar bhealach comhchuibhithe de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842 ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le socruithe breise i gcomhair na gcoigeartuithe ar leithdháileadh saor in aisce lamháltas astaíochtaí mar gheall ar athruithe ar an leibhéal gníomhaíochta (IO L 282, 4.11.2019, lch. 20).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).
(14) Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin i gcás inar chuir an Ballstát gníomhaíochtaí agus gáis san áireamh faoi Airteagal 24 de Threoir 2003/87/CE.
(15) Ní gá an bosca seo a líonadh isteach ach amháin i gcás ina bhfuil suiteálacha eisiata ag an mBallstát faoi Airteagal 27 agus Airteagal 27a de Threoir 2003/87/CE.
(16) Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(17) Roghnaigh Airteagal 27, 27a(1) nó 27a(3).
(18) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(19) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(20) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(21) Tabhair do d’aire nach gcumhdaítear leis an gceist seo bitmhais (lena n-áirítear bithbhreoslaí neamh-inbhuanaithe, bithleachtanna, bithmhais sholadach). Le ceist 5.15, cumhdaítear faisnéis a bhaineann le dóchán bithmhaise.
(22) Roghnaigh suiteáil de chatagóir A, suiteáil de chatagóir B, suiteáil de chatagóir C nó suiteáil íseal-astaíochta.
(23) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantas i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais.
(24) Faoi pharaiméadar faireacháin lena mbaineann, roghnaítear: cainníocht bhreosla, cainníocht ábhair, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamh-fhachtóir astaíochta, toisc ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise nó i gcás modheolaíocht tomhas-bhunaithe: meán-astaíochtaí san uair in aghaidh na bliana in kg/san uair ón bhfoinse astaíochtaí.
(25) Foinsí astaíochtaí a astaíonn níos mó ná 5 000 tona de choibhéis CO2(e) in aghaidh na bliana nó a astaíonn níos mó ná 10 % d’astaíochtaí bliantúla iomlána na suiteála, cibé acu is airde i dtéarmaí dearbhastaíochtaí.
(26) Roghnaítear: modheolaíocht ríomh-bhunaithe nó modheolaíocht tomhas-bhunaithe.
(27) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(28) Roghnaítear:
a) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh flosc bunaidh mór amháin; |
b) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh mionfhlosc bunaidh amháin; |
c) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta le haghaidh níos mó ná flosc bunaidh mór amháin nó mionfhlosc bunaidh amháin; nó |
d) |
tá cur i bhfeidhm leibhéal 1 sa mhodheolaíocht tomhas-bhunaithe dodhéanta go teicniúil nó bheadh na costais míréasúnta dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066. |
(29) Roghnaítear: cainníocht bhreosla, cainníocht ábhair, glanluach calrach, fachtóir astaíochta, réamh-fhachtóir astaíochta, toisc ocsaídiúcháin, fachtóir coinbhéartachta, cion carbóin, codán bithmhaise nó, i gcás modheolaíocht tomhas-bhunaithe, meán-astaíochtaí san uair in aghaidh na bliana in kg/san uair ón bhfoinse astaíochtaí.
(30) Roghnaítear: tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(3) den Rialachán sin nó tuarascáil feabhsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69(4) den Rialachán sin.
(31) Roghnaítear: aistriú CO2 fréimhíochta (Airteagal 48), aistriú CO2 go Gabháil agus Stóráil Charbóin (Airteagal 49(1)(a)), aistriú CO2 in PCC (Airteagal 49(1)(b)), aistriú N2O (Airteagal 50).
(32) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122
(33) An tsuiteáil inar aistríodh an CO2 fréimhíochta faoi Airteagal 48 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, an tsuiteáil inar aistríodh CO2 faoi Airteagal 49 den Rialachán sin, an tsuiteáil inar aistríodh an N2O faoi Airteagal 50 den Rialachán sin
(34) Cuirtear ar fáil cód céannachta na suiteála a fuair an CO2 fréimhíochta, cód céannachta na suiteálacha a fuair CO2 de bhun Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó a fuair N2O de bhun Airteagal 50 den Rialachán sin. Más tomhaltóir neamh-CTA AE an páirtí is faighteoir, líontar isteach “tomhaltóir neamh-CTA AE”.
(35) Cuirtear ar fáil méid CO2 fréimhíochta nó CO2 a aistríodh de bhun Airteagal 49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó a fuair N2O de bhun Airteagal 50 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.
(36) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(37) Roghnaítear: measúnú riosca a rinne an t-údarás inniúil nó measúnú riosca a rinne an t-oibreoir.
(38) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).
(39) Tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascálacha tona-ciliméadair.
(40) Tuarascálacha ar astaíochtaí, tuarascálacha ar shonraí bonnlíne, tuarascálacha bliantúla ar an leibhéal gníomhaíochta, tuarascálacha ar shonraí maidir le hiontrálaithe nua, tuarascálacha tona-ciliméadair.
(41) Líontar isteach cuireadh isteach/níor cuireadh isteach/go páirteach.
(42) Agus nár tuairiscíodh mar ghearáin réitithe i dtuarascálacha roimhe seo.
(43) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(44) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin, diúltaíodh an tuarascáil ar astaíochtaí de bhrí nach raibh sí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, nó níor fíoraíodh an tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066.
(45) Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig an oibreoir maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an oibreora a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a chomhcheangal.
(46) Sonraítear: ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin..
(47) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(48) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na suiteálacha, gach suiteáil de chatagóir C, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(49) Roghnaítear na coinníollacha mar a luaitear iad in Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(50) Roghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(51) Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(52) Roghnaítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha, ní dhearnadh fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin, diúltaíodh an tuarascáil ar astaíochtaí de bhrí nach raibh sí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066, níor fíoraíodh an tuarascáil ar astaíochtaí i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(53) Tugtar le fios cé acu de na bearta seo a leanas a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh: meabhrúchán nó rabhadh foirmiúil a sheoladh chuig oibreoirí aerárthaí maidir le pionóis a fhorchur, cuntas coinneála an oibreora aerárthaí a bhlocáil, fíneálacha a fhorchur, nó eile (sonraítear). Is féidir roinnt beart a chomhcheangal.
(54) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil ar astaíochtaí isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr míráitis ábhartha, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de bharr Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin.
(55) Roghnaítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(56) Roghnaítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 nó moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(57) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-oibreoirí aerárthaí, gach oibreoir aerárthaí mór, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(58) Roghnaítear: measúnú bunaithe ar riosca, % na n-oibreoirí aerárthaí, oibreoirí aerárthaí móra, roghnú randamach, nó eile (más eile, sonraítear).
(59) Roghnaigh formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(60) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(61) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmiú Chlárlann an Aontais (IO L 177, 2.7.2019, lch. 3).
(62) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(63) Roghnaigh teimpléad sonrach Ballstáit nó formáid chomhaid shonrach Bhallstáit.
(64) I gcomparáid le riachtanais an teimpléid agus na bhformáidí comhaid sonracha a d’fhoilsigh an Coimisiún.
(65) Sonraítear: ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráitis ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán sin.
(66) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(67) Sonraítear: níor cuireadh tuarascáil bhliantúil ar an leibhéal gníomhaíochta isteach faoin 31 Márta, ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca míráiteas ábhartha (Airteagal 27(1), pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca raon feidhme rótheoranta (Airteagal 27(1), pointe (c), den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 sin), ní dhearnadh dearbhú tuairime maidir le fíorú dearfach de dheasca Airteagal (27)(1), pointe (d) den Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 sin.
(68) Sonraítear: míráitis neamhábhartha, neamhchomhréireachtaí nach raibh dearbhú tuairime maidir le fíorú diúltach ina thoradh orthu, neamhchomhlíontacht le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1842, moltaí i gcomhair feabhsúcháin.
(69) Roghnaítear na critéir mar a luaitear iad in Airteagal 32 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(70) Roghnaítear formheas ó údarás inniúil nó údarú cineálach faoi Airteagal 34a de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.
(71) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(72) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(73) Cód céannachta na suiteála dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
(74) Roghnaítear fíneálacha, príosúnacht nó eile.
(75) Cód céannachta an oibreora aerárthaí dá dtugtar aitheantais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1122.
14.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/90 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/920 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2022
maidir le bearta áirithe éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4094)
(An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig galair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (4), leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráig den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar ann, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna srianta sin. |
(5) |
Tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i gCúige Rieti, i réigiún Lazio na hIodáile, chuir an Ballstát sin an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina chríoch, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, bhunaigh sé crios ionfhabhtaithe. |
(6) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/875 ón gCoimisiún (5) de dhroim na faisnéise a fuarthas ón mBallstáit sin maidir leis an ráig sin. |
(7) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717 ón gCoimisiún (6) ann, tá athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch san Iodáil maidir le fiabhras Afracach na muc i gCúige Rieti, i réigiún Lazio, agus dá réir sin, tá na bearta rialaithe is gá curtha chun feidhme ag an Iodáil, agus sonraí faireachais breise bailithe aici. |
(8) |
Chun suaitheadh gan ghá ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc san Iodáil a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin. Cuirtear san áireamh leis an gcrios ionfhabhtaithe sin an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair san Iodáil. |
(9) |
Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar san Iodáil atá buailte ag an ráig seo a tharla le déanaí mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus a dtáirgí lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an Iodáil de dhroim na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
(10) |
Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/605. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe maidir le leathadh an ghalair á chur san áireamh, níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar agus a dtáirgí ón gcrios ionfhabhtaithe chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart ré an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin. |
(11) |
Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine san Iodáil a mhaolú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chinneadh seo nár cheart don Iodáil gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus a dtáirgí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo. |
(12) |
Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe san Iodáil a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart ré an chriosúcháin sin a shocrú. |
(13) |
Ina theannta sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/875 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad. |
(14) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an Iodáil go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc, bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áiritheoidh an Iodáil go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.
Airteagal 3
Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí de na hainmhithe sin, áiritheoidh an Iodáil nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.
Airteagal 4
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/875.
Airteagal 5
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Lúnasa 2022.
Airteagal 6
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/875 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil (IO L 152, 3.6.2022, lch. 190).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/717 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil (IO L 133, 10.5.2022, lch. 42).
IARSCRÍBHINN
Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh deiridh leis an infheidhmeacht |
||||||||||||||||||||
Na Bardasachtaí seo a leanas de chuid Chúige Rieti:
Na Bardasachtaí seo a leanas de chuid Chúige L’Aquila:
|
an 31 Lúnasa 2022 |
14.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 159/94 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/921 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Meitheamh 2022
maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4096)
(Is é an téacs sa Ghearmáinis amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
I gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád, tá baol suntasach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile muc-ainmhithe atá ar coimeád. |
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2), forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 21 agus Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar i gcatagóir A, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (4), leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (a), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc; i muc-ainmhithe atá ar coimeád, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
(5) |
Chuir an Ghearmáin an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina críoch faoi láthair, tar éis ráig den ghalar sin i measc muc-ainmhithe ar coimeád i stát Baden-Württemberg a deimhníodh an 25 Bealtaine 2022, agus, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, bhunaigh sí crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais, agus ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
(6) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 ón gCoimisiún (5) de dhroim na faisnéise a fuarthas ón mBallstáit sin maidir leis an ráig sin. |
(7) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 ann, níl aon athrú tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch sa Ghearmáin maidir le fiabhras Afracach na muc i stát Baden-Württemberg, agus dá réir sin, tá na bearta rialaithe is gá curtha chun feidhme ag an nGearmáin, agus sonraí faireachais breise bailithe aici. |
(8) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a aithnítear mar chriosanna cosanta agus faireachais sa Ghearmáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. |
(9) |
Ina theannta sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 a aisghairm agus an Cinneadh seo a chur ina ionad. |
(10) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Áiritheoidh an Ghearmáin:
(a) |
go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta ina bhfuil crios cosanta agus crios faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin; |
(b) |
go gcuimseoidh an crios cosanta agus an crios faireachais dá dtagraítear i mír (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo. |
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857.
Airteagal 3
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 25 Lúnasa 2022.
Airteagal 4
Is chuig Poblacht Chónaidhme na Gearmáine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/857 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin (IO L 150, 1.6.2022, lch. 90).
IARSCRÍBHINN
Limistéir a bunaíodh mar an crios srianta sa Ghearmáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|||||||||||||||||
Crios cosanta: Landkreis Emmendingen
|
25.8.2022 |
|||||||||||||||||
An crios faireachais: Landkreis Emmendingen
Landkreis Breisgau-Hochschwarzwald
Landkreis Ortenaukreis
|