ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/838 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 85 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaíodh Eurojust agus leagtar amach ann a chúraimí, inniúlacht agus feidhmeanna. |
(2) |
Le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1727, foráiltear go bhfuil Eurojust inniúil i dtaca leis na foirmeacha coireachta tromchúisí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, lena n-áirítear cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh. De bhun Airteagal 3(4) de Rialachán (AE) 2018/1727, cumhdaítear faoi inniúlacht Eurojust freisin cionta coiriúla a bhaineann leis na cionta coiriúla a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. |
(3) |
An 24 Feabhra 2022, thosaigh Cónaidhm na Rúise ag tabhairt fogha míleata faoin Úcráin. Tá bonn réasúnach ann chun a chreidiúint go ndearnadh coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh san Úcráin agus go bhfuil siad á ndéanamh san Úcráin i gcomhthéacs na cogaíochta atá ann faoi láthair. |
(4) |
I bhfianaise thromchúis na staide, ba cheart don Aontas gach beart is gá a dhéanamh, mar ábhar práinne, chun a áirithiú go gcuirfear an fhreagracht orthu siúd a dhéanann coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh san Úcráin. |
(5) |
Tá tús curtha ag seirbhísí ionchúisimh i roinnt Ballstát agus san Úcráin le himscrúduithe maidir leis na himeachtaí san Úcráin, ag brath, nuair is iomchuí, ar thacaíocht ó Eurojust. An 27 Meitheamh 2016, thug Eurojust comhaontú comhair i gcrích leis an Úcráin. I gcomhréir leis an gcomhaontú sin, rinne an Úcráin ionchúisitheoir idirchaidrimh a phostú chuig Eurojust chun comhar idir Eurojust agus an Úcráin a éascú. |
(6) |
De bhun Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998, tá an chumhacht ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a dlínse a fheidhmiú ar dhaoine atá freagrach as na coireanna is tromchúisí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad, dá dtagraítear ann. Comhlánaíonn dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta dlínsí coiriúla náisiúnta. Tá sé fógartha ag Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta go bhfuil imscrúdú oscailte aici faoin staid san Úcráin. |
(7) |
De bharr chur i bhfeidhm phrionsabal na dlínse uilíche i roinnt Ballstát agus de bharr chineál comhlántach dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, tá sé tábhachtach fianaise a chomhordú agus a mhalartú idir údaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndlínsí éagsúla agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó le haon chúirt, binse nó sásra eile a bunaíodh chun na críche sin ionas go n-áiritheofar éifeachtacht na n-imscrúduithe agus na n-ionchúiseamh a dhéantar ar chinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara, lena n-áirítear na cionta agus na coireanna sin a d’fhéadfaí a dhéanamh san Úcráin i gcomhthéacs na cogaíochta atá ann faoi láthair. |
(8) |
An fhianaise agus na dea-chleachtais a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a ionchúiseamh, chun a áirithiú go ndéanfar an fhianaise sin agus na dea-chleachtais sin a chomhroinnt le húdaráis náisiúnta inniúla agus le húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, ba cheart do Eurojust feabhas a chur ar a chomhar le cúirteanna coiriúla, le binsí coiriúla agus le sásraí coiriúla arna mbunú chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar an dlí idirnáisiúnta. Chun na críche sin, ba cheart do Eurojust dlúthchomhar a bhunú leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus le haon chúirt, binse nó sásra eile arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar choireanna a dhéanann difear don tsíocháin idirnáisiúnta agus don tsábháilteacht idirnáisiúnta. Dá réir sin, maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta nó ó chúirteanna coiriúla speisialta, binsí coiriúla speisialta nó sásraí coiriúla speisialta i ndáil le fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara, ba cheart do Eurojust forghníomhú na n-iarrataí sin a éascú. |
(9) |
Tá baol ann nach féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a stóráil go sábháilte ar an gcríoch ina bhfuil an chogaíocht ar siúl. Is amhlaidh an cás freisin maidir le fianaise a bhaineann leis an gcogaíocht leanúnach san Úcráin. Dá bhrí sin, is iomchuí saoráid stórála lárnach a bhunú in áit shábháilte. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le saoráid stórála lárnach freisin maidir le fianaise arna bailiú ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, údaráis idirnáisiúnta nó tríú páirtithe amhail eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionas go mbeadh rochtain ag údaráis náisiúnta inniúla agus ag údaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta ar an bhfianaise. |
(10) |
Tá an saineolas agus an taithí ag Eurojust chun tacú le himscrúduithe agus ionchúisimh a dhéantar ar choireanna trasteorann, lena n-áirítear cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara. Áirítear le tacú den sórt sin fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil a mhéid a bhaineann le hinghlacthacht na fianaise sin os comhair na gcúirteanna agus le hiontaofacht na fianaise sin. |
(11) |
Trí fhianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil agus, nuair is gá agus nuair is iomchuí, trí mhalartú na fianaise sin i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme a chumasú, is féidir le Eurojust tacú le cásanna a chur le chéile in imscrúduithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus is féidir leis tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla agus do na húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta. Go háirithe, d’fhéadfadh anailís den sórt sin a bheith an-luachmhar chun iontaofacht fianaise ó fhinnéithe a fhionnadh nó chun aon naisc ábhartha a shuí. Mar sin féin, ní thugtar isteach leis an Rialachán seo aon oibleagáid ar údaráis náisiúnta fianaise a chomhroinnt le Eurojust. |
(12) |
Ba cheart saoráid nua stórála shealadach a bhunú, saoráid a fhágann gur féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil. Ós rud é go bhfuil géarghá le fianaise den sórt sin a stóráil, is gá do Eurojust í a stóráil i saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, saoráid atá ar leithligh ón gcóras bainistithe cásanna a bunaíodh faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2018/1727 (‘saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí’). Tá forálacha maidir le córas nua bainistithe cásanna a bhunú sa togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta. A luaithe a bunófar an córas nua bainistithe cásanna sin, ba cheart na sonraí oibríochtúla arna bpróiseáil go sealadach sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a chomhtháthú isteach ann. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) gan dochar do na rialacha sonracha maidir le cosaint sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727. |
(13) |
Maidir le fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, agus maidir le hinrochtaineacht na fianaise sin, nuair is gá agus nuair is iomchuí, ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis bhreithiúnacha idirnáisiúnta, ba cheart na caighdeáin is airde maidir le cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe Airteagal 91 de, agus na rialacha sonracha cosanta sonraí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1727. |
(14) |
Is féidir íomhánna satailíte, grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a bheith úsáideach chun a léiriú go ndearnadh cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara. Dá bhrí sin, ba cheart do Eurojust a bheith in ann íomhánna satailíte, grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a phróiseáil agus a stóráil chun na críche sin. |
(15) |
Ba cheart do Eurojust agus Europol comhoibriú go dlúth le chéile i gcomhthéacs a sainorduithe faoi seach, agus an gá le hathobair a sheachaint agus a n-acmhainneacht oibríochtúil faoi seach á gcur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann le faisnéis a phróiseáil agus a anailísiú i gcomhthéacs chóras tiomnaithe Europol atá ann cheana maidir le coireanna idirnáisiúnta, ar a dtugtar ‘an Tionscadal Anailíse maidir le Croí-choireanna Idirnáisiúnta’, chun tacú le húdaráis inniúla le linn dóibh cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Dá bhrí sin, faisnéis a fhaigheann Europol agus an fheidhm oibríochtúil atá aige faoi Rialachán (AE) 2018/1727 á déanamh aige, arb é atá san fheidhm sin tacú le gníomhaíocht na mBallstát cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chomhrac, ba cheart dó a bheith in ann an fhaisnéis sin a tharchur go Europol. Ba cheart a áireamh i gcomhar den sórt sin meastóireacht chomhpháirteach rialta ar shaincheisteanna oibríochtúla agus teicniúla. |
(16) |
I bhfianaise an ghá phráinnigh atá le saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a chur ar bun ag Eurojust chun déileáil le fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara d’fhonn an chuntasacht i leith coireanna den sórt sin arna ndéanamh san Úcráin a áirithiú, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
(17) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(18) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(19) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ligean do Eurojust fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil, malartú fianaise den sórt sin a chumasú agus saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí atá ar leithligh ó chóras bainistithe cásanna Eurojust atá ann faoi láthair a bhunú agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(20) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 13 Bealtaine 2022. |
(21) |
Ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun saoráid nua um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a chur ar fáil go práinneach ag Eurojust, saoráid a fhágann gur féidir fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil d’fhonn an chuntasacht i leith coireanna den sórt sin arna ndéanamh san Úcráin a áirithiú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2018/1727
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 4(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
(2) |
In Airteagal 80, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “8. De mhaolú ar Airteagal 23(6), féadfaidh Eurojust saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a bhunú, saoráid atá ar leithligh ón gcóras bainistithe cásanna dá dtagraítear in Airteagal 23 chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil chun an fheidhm oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), (‘saoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí’) a dhéanamh. Leis an tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, comhlíonfar na caighdeáin cibearshlándála is airde. D’ainneoin Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh Eurojust i gcomhairle le MECS sula ndéantar an tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a oibriú. Tabharfaidh MECS tuairim laistigh de 2 mhí ó fhógra a fháil ón Oifigeach Cosanta Sonraí. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad san fhógra ón Oifigeach Cosanta Sonraí dá dtagraítear sa tríú fomhír:
Beidh feidhm ag na forálacha maidir le cosaint sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil na sonraí sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí a mhéid is nach mbaineann siad go díreach le bunú teicniúil an chórais bainistithe cásanna. Na cearta rochtana agus na teorainneacha ama a bhaineann leis na sonraí a stóráiltear sa tsaoráid um bainistiú agus stóráil uathoibrithe sonraí, beidh siad i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le rochtain ar na comhaid oibre shealadacha a bhfuil na sonraí á stóráil i dtaca leo agus leis na teorainneacha ama ábhartha, go háirithe iad siúd a leagtar amach in Airteagal 29 den Rialachán seo. Beidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear sa mhír seo fad a bheidh an córas bainistithe cásanna atá comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus d’innéacs i bhfeidhm.”; |
(3) |
leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Bealtaine 2022
(2) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/6 |
RIALACHÁN (AE) 2022/839 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe nó atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 168(4), pointe (b) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thosaigh Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) d’fheidhm a bheith aige an 28 Eanáir 2022. |
(2) |
Sealbhóirí údaruithe margaíochta agus sealbhóirí clárúcháin táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe nó atá cláraithe faoi Threoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), ní bheidh siad in ann na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 de Rialachán (AE) 2019/6, a chomhlíonadh faoin 28 Eanáir 2022. Thairis sin, na modhnuithe uile is gá, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (39) de Rialachán (AE) 2019/6, ar údaruithe margaíochta arna ndeonú i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, agus dá bhrí sin, níl na húdaráis inniúla in ann na modhnuithe sin a phróiseáil chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 10 go 16 de Rialachán (AE) 2019/6 go tráthúil. |
(3) |
Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha idirthréimhseacha do phacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta arna n-údarú nó arna gcláraíodh i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 chun a áirithiú go leanfar de na táirgí íocshláinte tréidliachta sin a bheith ar fáil san Aontas agus chun deimhneacht dhlíthiúil a shuí. Ba cheart na rialacha idirthréimhseacha a theorannú do tháirgí íocshláinte tréidliachta nach gcomhlíontar leo na ceanglais maidir le pacáistiú agus lipéadú atá i Rialachán (AE) 2019/6 ach lena gcomhlíontar forálacha eile uile Rialachán (AE) 2019/6. |
(4) |
Ní leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ceanglais shonracha maidir le lipéadú agus pacáistiú. Mar sin féin, fágann Airteagal 31(1), Airteagal 34(1), pointe (c), Airteagal 34(4), pointe (e), agus Airteagal 37(1), an dara fomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, sa leagan is infheidhme an 27 Eanáir 2022, go bhfuil táirgí arna n-údarú faoin Rialachán sin le hAirteagail 58 go 64 de Threoir 2001/82/CE a chomhlíonadh. |
(5) |
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha idirthréimhseacha ar cheart feidhm a bheith acu ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/6, eadhon ón 28 Eanáir 2022 ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin. |
(6) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(7) |
Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) |
ciallaíonn “táirge íocshláinte tréidliachta” táirge íocshláinte tréidliachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/6; |
(2) |
ciallaíonn “lipéadú” lipéadú mar a shainmhínítear é in Airteagal 4, pointe (24) de Rialachán (AE) 2019/6; |
(3) |
ciallaíonn “bileog phacáiste” bileog phacáiste mar a shainmhínítear é in Airteagal 4, pointe (27), de Rialachán (AE) 2019/6; |
(4) |
ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear é Airteagal 4, pointe (35), de Rialachán (AE) 2019/6; |
Airteagal 2
Rialacha idirthréimhseacha
Táirgí íocshláinte tréidliachta a údaraíodh nó a cláraíodh i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus lena gcomhlíontar Airteagail 58 go 64 de Threoir 2001/82/CE, sa leagan is infheidhme an 27 Eanáir 2022, d’fhéadfaí iad a chur ar an margadh go dtí an 29 Eanáir 2027, fiú mura bhfuil a lipéadú agus, i gcás inarb infheidhme, a mbileog phacáiste i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16 de Rialachán (AE) 2019/6.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) Tuairim an 23 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Bealtaine 2022
(3) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
(4) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/8 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/840 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 18 duine nádúrtha agus le 13 eintiteas atá ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú. |
(3) |
Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt daoine aonair atá éagtha a scriosadh ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012. |
(4) |
Ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a scriosadh ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 tar éis breithiúnas a bheith faighte ón gCúirt Ghinearálta an 16 Márta 2022. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:
(1) |
i Roinn A (Daoine), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
(2) |
I Roinn A (Daoine), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
(3) |
I Roinn B (Eintitis), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/841 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Bealtaine 2022
lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm “Bolandin” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Spáinn ar aghaidh an t-ainm “Bolandin” a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm “Bolandin” a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm “Bolandin” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/22 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/842 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Bealtaine 2022
lena mbronntar cosaint faoi Airteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an ainm “Abadía Retuerta” (STFC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 97(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas a chuir an Spáinn ar aghaidh an t-ainm “Abadía Retuerta” a chlárú agus tá sé foilsithe aige in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an t-ainm “Abadía Retuerta” a chosaint agus a iontráil sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 104 den Rialachán sin. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cosnaítear leis seo an t-ainm “Abadía Retuerta” (STFC).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/23 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/843 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Bealtaine 2022
lena bhformheastar leasuithe ar an tsonraíocht ar shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó ar thásc geografach faoi chosaint (“Colli Berici” (STFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 99 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar an iarratas ar leasuithe a fhormheas ar shonraíocht sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Colli Berici”, a chuir an Iodáil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(2) |
D’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar na leasuithe ar an tsonraíocht in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 97(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (2). |
(3) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Colli Berici” (STFC) formheasta anois.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/24 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/844 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2022
lena gceartaítear an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(1) agus Airteagal 27(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Iarscríbhinn I (Cuid-FCL), Fochuid A, pointe FCL.010, toisc gur úsáideadh téarma mícheart i gcás ceann de na coincheapa a shainmhínítear sa phointe sin. Déanann an earráid sin difear do shubstaint na bhforálacha san áit ina n-úsáidtear an téarma ábhartha. |
(2) |
Sa leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 tá mionearráid eile in Iarscríbhinn I, Foscríbhinn 5, pointe 14 c ‘Céim 3 – Idirmheánach’, an chéad fhleasc, maidir leis an téarma mícheart a úsáidtear don sainmhíniú. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an leagan Sualainnise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá bhforáiltear in Airteagal 127 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/26 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/845 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Bealtaine 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha le haghaidh na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) agus (3) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le dhá ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis: tá ráig amháin acu sin ann i stát Idaho na Stát Aontaithe agus tá an ráig eile ann i stát Michigan na Stát Aontaithe agus deimhníodh iad an 10 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Sa bhreis air sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann i stát Minnesota na Stát Aontaithe, agus deimhníodh í an 11 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann i stát Wisconsin na Stát Aontaithe, agus deimhníodh í an 13 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Ina theannta sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann i stát Pennsylvania na Stát Aontaithe, agus deimhníodh í an 14 Bealtaine 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(9) |
Bhunaigh údaráis tréidliachta na Stát Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(10) |
Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Stát Aontaithe. |
(11) |
Thairis sin, chuir an Ríocht Aontaithe faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ina críoch i ndáil le sé ráig de HPAI a deimhníodh i mbunaíochtaí éanlaithe clóis: dhá ráig gar do Leeming Bar, Hambleton, Yorkshire Thuaidh, Sasana, an Ríocht Aontaithe, a deimhníodh an 14 agus an 24 Samhain 2021, dhá ráig gar do Willington, Derbyshire Theas, Derbyshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, a deimhníodh an 19 Samhain 2021 agus 11 Nollaig 2021, ráig amháin gar do Clitheroe, Ribble Valley, Lancashire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, a deimhníodh an 28 Samhain 2021 agus ráig amháin gar do Watlington, King’s Lynn agus Norfolk Thiar, Norfolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, a deimhníodh an 26 Nollaig 2021. Chuir an Ríocht Aontaithe isteach freisin na bearta a rinne sí chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go sonrach, tar éis na ráigeanna sin de HPAI, chuir an Ríocht Aontaithe beartas díothaithe chun feidhme chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú. Sa bhreis air sin, thug an Ríocht Aontaithe chun críche na bearta glantacháin agus díghalraithe ba ghá tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe ar na bunaíochtaí éanlaithe clóis a bhí ionfhabhtaithe ina críoch. |
(12) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe isteach agus tháinig sé ar an gconclúid go raibh na ráigeanna de HPAI gar do Leeming Bar, Hambleton, Yorkshire Thuaidh, Sasana, an Ríocht Aontaithe, gar do Willington, Derbyshire Theas, Derbyshire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, gar do Clitheroe, Ribble Valley, Lancashire, Sasana, an Ríocht Aontaithe, agus gar do Watlington, King’s Lynn agus Norfolk thiar, Norfolk, Sasana, an Ríocht Aontaithe, i mbunaíochtaí éanlaithe clóis, go raibh na ráigeanna sin díothaithe agus nach bhfuil aon riosca ag baint a thuilleadh le tráchtearraí éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas ó na criosanna sa Riocht Aontaithe óna raibh teacht isteach na dtráchtearraí éanlaithe clóis san Aontas curtha ar fionraí de dheasca na ráigeanna sin. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
(14) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair i Stáit Aontaithe Mheiriceá á cur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, leasaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
CINNTÍ
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/38 |
CINNEADH (CBES) 2022/846 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 18 Bealtaine 2022
lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/1/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2013/233/CBES ón gComhairle an 22 Bealtaine 2013 maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 9(1) de Chinneadh 2013/233/CBES, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS), i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach EUBAM na Libia a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh. |
(2) |
An 14 Eanáir 2021, ghlac CPS Cinneadh (CBES) 2021/59 (2) lena gceaptar Natalina CEA mar Cheann Misin EUBAM na Libia ón 1 Feabhra 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2021. |
(3) |
An 18 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1009 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUBAM na Libia go dtí an 30 Meitheamh 2023. |
(4) |
An 22 Meitheamh 2021, ghlac CPS Cinneadh (CBES) 2021/1048 (4), lena gcuirtear síneadh le sainordú Natalina CEA mar Cheann Misin EUBAM na Libia go dtí an 30 Meitheamh 2022. |
(5) |
Mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú Natalina CEA mar Cheann Misin EUBAM na Libia ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Natalina CEA mar Cheann Misin EUBAM na Libia ón 1 Iúil 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 138, 24.5.2013, lch. 15.
(2) Cinneadh ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (CBES) 2021/59 an 14 Eanáir 2021 maidir le ceapadh Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/1/2021) (IO L 26, 26.1.2021, lch. 3).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/1009 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/233/CBES maidir le Misean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (IO L 222, 22.6.2021, lch. 18).
(4) Cinneadh (CBES) 2021/1048 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 22 Meitheamh 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Cúnaimh an Aontais Eorpaigh um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha sa Libia (EUBAM na Libia) (EUBAM na Libia/2/2021) (IO L 228, 28.6.2021, lch. 1).
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/40 |
CINNEADH (CBES) 2022/847 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm agus arm éadrom (SALW) agus armlón agus a dtionchar i gcríocha Mheiriceá a chosc agus a chomhrac
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne Airm Thine, Mionairm agus Armáin Éadroma Aindleathacha (‘SALW’) agus a n-Armlón, dar teideal ‘Securing Arms, Protecting Citizens’ (the ‘EU SALW Strategy’) (‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’ (‘Straitéis SALW an Aontais’)], ina leagtar amach na treoirlínte maidir le gníomhaíocht an Aontais i réimse na mionarm agus na n-arm éadrom (SALW). |
(2) |
Le Straitéis SALW an Aontais, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus na Ballstáit ar an leibhéal réigiúnach cúnamh a chur ar fáil do thíortha eile d’fhonn feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit tríd na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú agus na hinstitiúidí náisiúnta a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn SALW agus armlóin le haghaidh fórsaí cosanta agus slándála a neartú. |
(3) |
Tugtar ar aird i Straitéis SALW an Aontais go lorgóidh an tAontas sineirge leis na stáit Mheiriceánacha agus na heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha chun leathadh aindleathach agus gáinneáil SALW a laghdú, d’fhonn an foréigean armtha agus an ghníomhaíocht choiriúil a laghdú. |
(4) |
Tá lorg nach beag fágtha ag an leathadh agus carnadh iomarcach SALW ar Mheiriceá Laidineach agus ar Mhuir Chairib. Áirítear i gcónaí leathsféar Mheiriceá ar cheann de na réigiúin is mó foréigean ar domhan. De réir an staidéir dhomhanda is déanaí maidir le dúnbhású ó Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) in 2017, chláraigh an réigiún ráta 17,2 dúnbhású in aghaidh gach 100 000 cónaitheoir, beagnach a thrí oiread níos airde ná an meán domhanda. Is le húsáid arm tine a dhéantar formhór mór na ndúnbhásuithe, rud a fhágann go bhfuil sé ar cheann de na tosaíochtaí ar an gclár oibre idir-Mheiriceánach go ndéanfar leathadh aindleathach agus gáinneáil arm agus armlón a chomhrac agus a chosc. |
(5) |
I gcomhréir le Straitéis SALW an Aontais, neartóidh an tAontas a idirphlé agus a chomhar le heagraíochtaí réigiúnacha a oibríonn ar rialú mionarm agus mionarm éadrom, trína chuid gníomhaíochtaí a ailíniú le straitéisí réigiúnacha agus pleananna gníomhaíochta réigiúnacha. |
(6) |
Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Idir-Mheiriceánaigh (OAS) i gcoinne déantúsaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil arm tine, armlón, pléascán, agus ábhar gaolmhar is ea Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS) agus tá tionscnaimh réigiúnacha lena ndéantar SALW aindleathacha a chomhrac i gcríocha Mheiriceá á gcomhordú agus á gcur chun feidhme aici. |
(7) |
Thug an tAontas tacaíocht do ghníomhaíochtaí OAS roimhe seo trí bhíthin Chinneadh 2018/2010/CBES (1) ón gComhairle a thacaíonn le gníomhaíochtaí lena ndéantar leathadh aindleathach agus gáinneáil arm, agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac. I ndáil leis sin, chinn an tAontas an tionscnamh sin a mhaoiniú go díreach chun an foréigean armtha agus an ghníomhaíocht choiriúil a laghdú. |
(8) |
An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i gcoinne Mionarmán agus Arm Éadrom Aindleathach, glacadh doiciméad deiridh ina ndéarna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú mionarm agus arm éadrom a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad toilteanach leanúint de chomhar idirnáisiúnta agus comhar réigiúnach a threisiú trí chomhordú, comhairliúchán, malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil feabhsaithe, ina bhfuil eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus foréigiúnacha páirteach, chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann agus ceadúnaithe onnmhairithe agus allmhairithe. |
(9) |
Dearbhaítear i gClár Oibre 2030 na Náisúin Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe nach mór cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach. |
(10) |
Ina Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal ‘Securing our Common Future’ [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach agus ar thrádáil aindleathach gnáth-arm agus go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le mionairm. |
(11) |
Leis an dara céim (Céim II), sa tslí go leanfar leis na hiarrachtaí atá déanta ag an Aontas cheana, tá paraidím an iltaobhachais agus na sineirgí idir an tAontas agus OAS á coinneáil i réim, agus comhlánaítear léi obair dhomhanda an Aontais sa réimse sin trí dhíriú ar réigiún a bhfuil lorg suntasach fágtha air ag leathadh, carnadh iomarcach, agus gáinneáil SALW, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis SALW an Aontais a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean armtha i gCríocha Mheiriceá. Chuige sin, maoineoidh an tAontas an tionscadal arna thuairisciú san Iarscríbhinn, arb é is aidhm dó leathadh agus gáinneáil aindleathach arm tine agus muinisin a chomhrac, agus cosc a chur ar phobail ar mór an suaitheadh atá á bhaint astu a bheith i dtadhall le hairm thine.
2. De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:
(a) |
an Creat Rialála Náisiúnta um Arm Tine a neartú, agus dea-cleachtais normatacha idirnáisiúnta á gcur san áireamh; |
(b) |
acmhainn oibríochtúil na n-údarás náisiúnta a fheabhsú chun airm thine a mharcáil, a rianú, a stóráil agus a scriosadh; |
(c) |
barr feabhais a chur ar rialú mionarm trí úsáid a bhaint as an Sásra Réigiúnach Cumarsáide maidir le hAistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlón (MCTA); |
(d) |
athléimneacht an phobail ar fhoréigean gunna a neartú agus rochtain ar airm thine aindleathacha/agus nó gan iarraidh a laghdú; |
(e) |
treochlár a fhorbairt do Mheiriceá Láir maidir le hAirm Thine chun uirlis phraiticiúil agus bhainistíochta a thabhairt do na tíortha trí bhíthin cur chuige réigiúnach comhordaithe fianaise-bhunaithe. |
3. Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is í OAS a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur i gcrích.
3. Déanfaidh OAS a cuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le OAS.
Airteagal 3
1. Is é EUR 4 240 906 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú deontais is gá i gcrích le OAS. Sonrófar sa chomhaontú deontais go n-áiritheoidh OAS infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú deontais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú deontais i gcrích.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag OAS. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht atá le déanamh ag an gComhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le gnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú deontais dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, mura mbeidh aon chomhaontú tugtha i gcrích laistigh den tréimhse 6 mhí sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
(1) Cinneadh (CBES) 2018/2010 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 chun tacú le leathadh aindleathach agus gáinneáil mionarm, armán éadrom agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chomhrac faoi chuimsiú Straitéis an Aontais Eorpaigh in aghaidh Airm Thine, Mionairm agus Airm Éadroma Aindleathacha agus a nArmlón dar teideal ‘Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a Chosaint’ (IO L 322, 18.12.2018, lch. 27).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
LEATHADH AGUS GÁINNEÁIL AINDLEATHACH MIONARM, ARMÁN ÉADROM, AGUS ARMLÓIN AGUS AR A DTIONCHAR I GCRÍOCHA MHEIRICEÁ A CHOSC
1. Cúlra
Tá críocha Mheiriceá ar cheann de na réigiúin is mó ar domhan a bhfuil tionchar ag an bhforéigean armtha orthu: in 2017, cláraíodh iontu an ráta dúnbhásaithe réigiúnach is airde ina raibh 17.2 dúnbhású in aghaidh 100 000 áitritheoir, i gcomparáid le meán domhanda 6.1 in aghaidh 100 000 áitritheoir (1). Tá rochtain agus fáil éasca ar airm thine i gcuid mhaith de na tíortha sin agus is iad sin is cúis le cuid mhór de na rátaí sin. Déantar beagnach 75 % de dhúnbhásuithe an réigiúin le hairm thine (2). Tá an réigiún ar na príomháiteanna a seoltar airm thine chucu trí gháinneáil aindleathach chomh maith (3).
I ngeall, den chuid is mó, ar na treochtaí diúltacha sin, tá leathadh arm tine agus gáinneáil aindleathach ina dtosaíocht anois ar chlár oibre slándála na saoránach sa réigiún. Tá béim leagtha ag tíortha i gCríocha Mheiriceá ar an tábhacht a bhaineann le comhordú agus le straitéisí trasteorann i bhfianaise chastacht mhéadaitheach agus idirnáisiúnú eagraíochtaí coiriúla. Ceapadh agus síníodh an Coinbhinsiún Idir-Mheiriceánach i gcoinne Monarú agus Gáinneáil Aindleathach Arm Tine, Armlón, Pléascán agus Ábhar Gaolmhar Eile (CIFTA) in 1997 mar gheall ar an tiomantas sin, arbh é an chéad chomhaontú ceangailteach réigiúnach den chineál sin. Agus é daingnithe ag 31 Bhallstát d’Eagraíocht na Stát Meiriceánach (OAS), is uirlis bhunúsach é CIFTA chun aghaidh a thabhairt ar an trádáil aindleathach mionarm sa réigiún.
Mar sin féin, in ainneoin na sár-iarrachtaí atá déanta ag na húdaráis náisiúnta, ní féidir leis na tíortha CIFTA a chur chun feidhme go hiomlán fós. Tá castacht na coireachta eagraithe a rialaíonn an gháinneáil arm sa réigiún, lena n-áirítear speisialtóireacht oibre, struchtúir chomhordúcháin agus idirnáisiúnú oibríochtaí, ina ndúshláin ollmhóra roimh chumas tíortha na coireanna sin a imscrúdú agus daoine a ionchúiseamh astu. Bíonn siad ag streachailt freisin le prótacail eile a chomhlíonadh agus le straitéisí a chur chun feidhme lena bhféadfaí leathadh agus infhaighteacht arm tine a laghdú. Ní chuireann fórsaí míleata agus slándála prótacail bainistithe stoc-charn chun feidhme go córasach, rud a mhéadaíonn an dóchúlacht go ndéanfar airm thine agus armlón a atreorú chuig an margadh aindleathach, chomh maith leis an riosca go dtarlódh pléascanna gan choinne i stórais. Déantar marcáil, coimeád taifead agus rianú arm tine go neamhréireach sa réigiún, rudaí a chuireann stop le himscrúduithe coiriúla a d’fhéadfadh foinse na n-arm tine a rianú, iad a nascadh le láithreacha coire éagsúla, agus líonraí gáinneála aindleathaí a nochtadh. D’uireasa reachtaíochta intíre ina léirítear oibleagáidí CIFTA agus ina sainordaítear na gníomhaíochtaí sin, cuirtear isteach ar leanúnachas agus ar inbhuanaitheacht na gcleachtas sin.
Ar leibhéal eile, tá dúshláin fós roimh an gcuid is mó den réigiún maidir le dea-bhail a phobal a chur chun cinn, ar pobail iad atá thíos go mór le bochtaineacht, dífhostaíocht, agus easpa rochtana ar sheirbhísí poiblí, i measc dálaí eile a fhágann go bhfuil siad leochaileach. Is mó seans go mbeidh daoine de na pobail sin thíos le foréigean armtha nó páirteach ann. Dá bhrí sin, chun buanú thimthriallta an fhoréigin a sheachaint, ní leor díriú ar bheartais rialaithe gunnaí amháin. Is gá aghaidh a thabhairt ar na tosca riosca sin agus teacht aniar mhuintir an phobail a neartú. Tá sé ríthábhachtach beartais diansmachta agus coisctheacha a chomhcheangal chun leibhéil an fhoréigin armtha a laghdú sa réigiún. Chun freagairt ar na dúshláin sin, in 2019, d’fhormheas Ballstáit OAS an chéad Phlean Gníomhaíochta Leathsféaraigh chun Treoir a thabhairt maidir le Dearadh na mBeartas Poiblí chun Dúnbhású a Chosc agus a Laghdú, agus aird á tabhairt acu ar chreat an Chláir Idir-Mheiriceánaigh chun Foréigean agus Coireacht a Chosc. Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta sraith 28 moladh maidir le (1) faisnéis agus fianaise eolaíoch a tháirgeadh, a scaipeadh agus a úsáid; (2) beartais choisc a cheapadh agus a chur chun feidhme, chomh maith leis (3) an gceartas coiriúil.
Is sa chomhthéacs sin atá tacaíocht á tabhairt ag Roinn Slándála Poiblí OAS (DPS/OAS), ó 2007 i leith, do thíortha Mheiriceá chun feabhas a chur ar a n-acmhainneachtaí oibleagáidí (4) agus sainorduithe CIFTA a chomhlíonadh, ar oibleagáidí agus sainorduithe iad a bunaíodh chun foréigean agus coireanna a chosc, go háirithe i measc na bpobal is leochailí. Tar éis sos cúig bliana, rinne an DPS/OAS a chláir oibríochtúla a athghníomhachtú in 2019 le cistiú ón Aontas Eorpach. Cuireadh tús leis an tionscadal ‘Countering Illicit Proliferation and Trafficking of Small Arms, Light Weapons (SALW) and Ammunition and their Impact in Latin America and the Caribbean’[Leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm, armán éadrom agus armlón agus a dtionchar i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a chosc], in 2019 agus tháinig deireadh leis in 2021. Is tionscnamh cuimsitheach rialaithe arm é a cuireadh chun feidhme faoi chuimsiú Chlár an Chláir Cúnaimh maidir le Rialú agus Armlón (PACAM) de chuid DPS; cuirtear san áireamh ann na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghníomhaíochtaí roimhe seo agus cuirtear leis na torthaí rathúla sin chun cur chun feidhme shainorduithe réigiúnacha CIFTA agus sainorduithe réigiúnacha chosc na coireachta a chur chun cinn a thuilleadh. Mar sin féin, bhí tionchar díreach ag paindéim COVID-19 agus ag na bearta sriantacha arna nglacadh ag tíortha chun aghaidh a thabhairt air ar chur chun feidhme an tionscadail, go háirithe na gnéithe de nach mór a sholáthar ar an láthair, le hoiliúint agus maoirseacht dhíreach ar oifigigh (amhail SALW a scriosadh agus a mharcáil). Ina theannta sin, laghdaíodh cumas na rialtas comhoibriú agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tionscadail, de réir mar a díríodh a n-aird ar aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin. Dá thoradh sin, níor mhór raon feidhme an tionscadail a choigeartú, rud a d’imir tionchar ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo.
I bhfianaise na ndúshlán sin, mar aon le riachtanais mhéadaitheacha na dtíortha (nach bhfuiltear ag súil go dtabharfar aghaidh orthu go hiomlán i dtionscnamh trí bliana), leanfar le Céim II den tionscadal de thacaíocht chuimsitheach a chur ar fáil do na tíortha, agus é mar aidhm smacht náisiúnta a bheith acu ar na próisis sin. Is léir ó thaithí DPS/OAS go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach chun leanúint den dul chun cinn maidir le rialú arm tine agus cosc ar fhoréigean gunnaí agus ar choireacht gunnaí, agus dá réir sin, cuirfear san áireamh leis an gcéim nua sin tábhacht na straitéisí fadtéarmacha chun athrú fóinteach inbhuanaithe a chur ar fáil i mbeartais agus i gcoinníollacha slándála.
2. Cur Chuige Teicniúil
Le linn Chéim II, leanfaidh DPS/OAS d’infheistíocht a dhéanamh i gcur chuige iomlánaíoch ina gcomhcheanglaítear lionsaí diansmachta agus coisctheacha, mar aon le gníomhaíochtaí normatacha agus oibríochtúla, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist chasta an fhoréigin armtha agus na gáinneála aindleathaí sa réigiún. Mar a léiríodh i réigiúin eile, tá creat reachtach, armónach, comhtháite, nua-aimseartha, i gcomhréir leis an gcreat normatach idirnáisiúnta, mar bhonn le beartais éifeachtacha rialaithe arm tine. I dteannta na n-athruithe reachtacha, ní mór feabhas a chur ar acmhainneachtaí tíortha an dlí a oibríochtú agus a chur chun feidhme. Dá réir sin, trí bheith ag obair ar fud an dá réimse sin, beidh an tionscadal in ann díriú go comhuaineach ar riachtanais na dtíortha agus athruithe fadtéarmacha inbhuanaithe a chur chun cinn. Déanfar na gníomhaíochtaí sin chun rialú arm tine a neartú agus chun infhaighteacht arm tine a laghdú a chomhlánú le cur chuige coisctheach chun an t-éileamh i bpobail a bhfuil tionchar mór ag foréigean armtha orthu a laghdú, agus béim ar leith á leagan ar chosc a chur ar fhoréigean inscnebhunaithe a bhaineann le mí-úsáid arm tine. Le gníomhaíochtaí chun cleachtais shábháilte a chur chun cinn i measc shaoránaigh na bpobal, chomh maith le réiteach coinbhleachtaí, cúnamh d’íospartaigh agus do mharthanóirí an fhoréigin, agus géilleadh deonach SALW agus armlón, féachtar le feabhas a chur ar theacht aniar an phobail i gcoinne an fhoréigin armtha.
Faoin gcoincheap atá beartaithe don tionscadal seo, glacfaidh DPS/OAS, trí PACAM, ról na gníomhaireachta comhordaithe agus forfheidhmithe air féin trí chur chuige comhoibríoch le gníomhaireachtaí eile sa réimse seo, agus leis na húdaráis náisiúnta. Agus leas á bhaint as fóraim pholaitiúla agus as bealaí cumarsáide OAS, sainaithneoidh DPS/OAS tíortha sa réigiún a dteastaíonn tacaíocht uathu agus oibreoidh sé leo sna comhaontuithe sonracha is gá chun an cúnamh a chomhdhlúthú. Glacfaidh an tionscadal tacaíocht shonrach shaincheaptha do gach tír, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh na riachtanais chéanna agus na bearnaí céanna acu. Ní thabharfar tacaíocht dóibh go léir i gcomhpháirteanna uile an tionscadail. Ina ionad sin, leanfaidh DPS/OAS den chur chuige rathúil a bhí ag PACAM roimhe seo a úsáid: riachtanais gach tíre a mhapáil agus a shainaithint, plé leis na húdaráis agus plean cúnaimh a chruthú, chomh maith leis na misin a imscaradh. Ina theannta sin, i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó oiriúnú ghníomhaíochtaí an tionscadail le linn na paindéime, déanfaidh DPS/OAS iarracht acmhainní a bharrfheabhsú tríd an timpeallacht fhíorúil agus uirlisí teicneolaíochta a úsáid, nuair is féidir.
Chomh maith leis sin, i bhfianaise na dtionchar éagsúil a bhíonn ag an bhforéigean armtha ar mhná, ar fhir, ar chailíní agus ar bhuachaillí, agus ar phobail leochaileacha, leanfaidh Céim II de dhearcadh inscne agus chearta an duine a bheith aici. Áirítear leis sin cuimsiú na mban ar gach leibhéal de chur chun feidhme an tionscadail, agus spreagadh chun go mbeidh mná níos rannpháirtí i ngníomhaíochtaí an tionscadail, agus iad ag baint tairbhe as na hidirghabhálacha. Sa bhreis air sin, díreofar aird ar leith le gníomhaíochtaí coiscthe foréigin ar an ngá slándála agus sábháilteachta atá ag mná agus ag cailíní ina pobail féin, agus ar a rannpháirtíocht i réitigh ar na dúshláin sin a aimsiú, chomh maith le comhpháirteanna a chuimsiú lena ndírítear go heisiach ar aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe.
3. Sprioc Fhoriomlán
Cumas Bhallstáit OAS aghaidh a thabhairt ar fhoréigean armtha sa réigiún a neartú trí thacú le bearta chun leathadh agus gáinneáil aindleathach arm tine agus armlón a chomhrac, agus teagmháil le hairm thine a chosc i measc na bpobal is mó a bhíonn thíos leis an bhforéigean.
4. Cur Síos ar Straitéisí Idirghabhála na dTionscadal
Cuspóir 1: An Creat Náisiúnta Rialála Arm Tine a neartú, agus an cleachtas normatach agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh
Gníomhaíochtaí
— |
Tíortha a shainaithint a mbeidh cúnamh le tabhairt dóibh mar ábhar tosaíochta le hathbhreithniú reachtach, ar bhonn measúnú ar riachtanais agus na tíortha a bhfuil gnéithe oibríochtúla den tionscadal dírithe orthu a thabhairt dá aire; |
— |
Cúnamh teicniúil do thíortha chun athbhreithniú a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar an gcreat normatach agus caighdeáin idirnáisiúnta á gcur san áireamh, agus ar chomhchuibhiú inmheánach sainorduithe, chomh maith le gné inscnebhunaithe a chomhtháthú; |
— |
Caighdeáin réigiúnacha maidir le Slándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoc-charn a fhorbairt, agus maidir le SALW agus Armlón a scriosadh; |
— |
Moltaí réigiúnacha a fhorbairt chun foréigean inscnebhunaithe a bhaineann le mí-úsáid arm tine a chosc; |
— |
Bunachar sonraí leictreonach a fhorbairt chun rochtain ar chaighdeáin arm tine agus treoirlínte ábhartha eile a éascú (e.g. CIFTA, reachtaíocht shamplach, MOSAIC, agus IATG) chun rochtain ar chaighdeáin agus úsáid na gcaighdeán a éascú do na limistéir éagsúla maidir le rialú arm tine trí inneall cuardaigh a bheith ann agus trí na caighdeáin a aicmiú le clibeanna a chuirfeadh ar chumas na n-úsáideoirí na rialacha gaolmhara uile a aimsiú go tapa maidir le limistéar leasa. |
Aschuir
— |
Cúnamh reachtach, a chuirfear ar fáil chun feabhas a chur ar an gcreat normatach náisiúnta maidir le hairm thine, agus caighdeáin idirnáisiúnta agus gné inscnebhunaithe á gcur san áireamh, do sé thír ar a laghad sa réigiún; |
— |
Caighdeáin Réigiúnacha maidir le Slándáil Fhisiciúil agus Bainistiú Stoic-charn (PSSM) a fhorbairt agus a scaipeadh ar gach Ballstát OAS; |
— |
Caighdeáin Réigiúnacha maidir le SALW agus Armlón a Scriosadh a fhorbairt agus a scaipeadh ar gach Ballstát OAS; |
— |
Moltaí réigiúnacha chun foréigean inscnebhunaithe a chosc a bhaineann le mí-úsáid arm tine a fhorbairt agus a scaipeadh ar gach Ballstát OAS; |
— |
Bunachar sonraí leictreonach de chaighdeáin agus de threoirlínte SALW a chruthú agus a chur ar fáil do thíortha. |
Cuspóir 2: Acmhainn oibríochtúil na n-údarás náisiúnta a fheabhsú chun airm thine a mharcáil, a rianú, a stóráil agus a scriosadh
Gníomhaíochtaí
— |
Oiliúint speisialaithe a fhorbairt agus a sholáthar do phearsanra náisiúnta maidir le PSSM, marcáil agus coimeád taifead, agus SALW agus armlón a scriosadh. Beidh ceardlanna oiliúna réigiúnacha ann, ina mbeidh an pearsanra in ann dea-chleachtais a chomhroinnt agus comhoibriú a fheabhsú, agus cúrsaí náisiúnta a dhíríonn ar riachtanais shonracha gach tíre; |
— |
Ardoiliúint maidir le hordanáis phléascaigh a dhiúscairt do theicneoirí ó thíortha atá i gcomhpháirtíocht le hAireacht Cosanta na Spáinne; |
— |
Cúnamh teicniúil agus acmhainní teicniúla chun pleananna náisiúnta a chur chun feidhme maidir le hairm a scriosadh, agus maidir le harmlón atá imithe i léig, a urghabhadh nó ar armlón breise é; |
— |
Cúnamh teicniúil agus tacaíocht chun airm thine a mharcáil, agus taifid a choimeád orthu, lena n-áirítear an trealamh is gá a sholáthar; |
— |
Pleananna inbhuanaitheachta a ullmhú le tíortha a fhaigheann tacaíocht tríd an tionscadal. |
Aschuir
— |
Rinneadh próisis scriosta i dtaca le hairm tine agus armlóin i 10 dtír ar a laghad, agus trína bhíthin sin scriosadh 150 tonna ar a laghad d’armlón agus 35 000 SALW a urghabhadh, a bhí imithe i léig, a bhí neamhshábháilte, agus/nó a bhí ina armlón breise; |
— |
Cuireadh oiliúint ar 200 duine ar a laghad de phearsanra náisiúnta maidir le SALW agus armlón a scriosadh; |
— |
Tugadh cúnamh teicniúil maidir le marcáil agus coimeád taifead arm tine do 12 thír ar a laghad; |
— |
Cuireadh oiliúint ar 150 duine ar a laghad de phearsanra náisiúnta maidir le marcáil, agus coimeád taifead; |
— |
Rinneadh an Córais Náisiúnta um Chlárú Arm Tine de chuid 3 thír ar a laghad a uasghrádú; |
— |
Cuireadh feabhas ar shlándáil na stoc-charn institiúideach i 10 dtír ar a laghad; |
— |
Reáchtáladh dhá Sheimineár Réigiúnach maidir le Dea-Chleachtais na Slándála Fisiciúla agus an Bhainistithe Stoc-charn, agus deimhníodh 80 oifigeach ar a laghad ó 15 thír ar a laghad; |
— |
Deimhníodh 45 dhuine ar a laghad de pearsanra ó 10 dtír mar theicneoirí diúscartha ordanáis phléascaigh chuig EOD leibhéal 3; |
— |
Cruthaíodh agus cuireadh ar fáil uirlisí agus treoirlínte chun Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta a ullmhú do na tíortha a fhaigheann cúnamh ón tionscadal; |
— |
Dhréachtaigh agus bhailíochtaigh na húdaráis náisiúnta in 20 % ar a laghad de na tíortha a fhaigheann cúnamh Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta. |
Cuspóir 3: Rialú arm beag a optamú trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta faisnéise
Gníomhaíochtaí
— |
An Córas Leictreonach le haghaidh Sásra Réigiúnach Cumarsáide um Aistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlóin (MCTA) a chlársceidealú, ar sásra réigiúnach é chun fógra a thabhairt agus faisnéis a mhalartú maidir le haistriú dleathach arm tine agus ar forbraíodh a gcreat agus a gceanglais theicniúla le linn Chéim I. Tá sé ar aon dul leis an taithí dhearfach a fuair an tAontas Eorpach agus ligfidh sé do thíortha leochaileachtaí agus rioscaí atreoraithe maidir le tráchtáil dhlíthiúil idirnáisiúnta arm tine a shainaithint agus a tharchur go tapa. Ós rud é nach bhfuil córas náisiúnta ceadúnaithe leictreonach ag 50 % de na tíortha sa réigiún, féachfar an féidir an córas a chlársceidealú ar bhealach a chuirfidh ar chumas tíortha é a úsáid mar chóras náisiúnta dá gcuid féin; |
— |
Córas Leictreonach MCTA a imscaradh mar chéim phíolótach, agus na húdaráis náisiúnta a chur faoi oiliúint, agus na ceartúcháin is gá a ionchorprú; |
— |
An pobal fíorúil chun faisnéis a mhalartú, a forbraíodh le linn Chéim I, a uasghrádú chun bheith ina Ardán Leathsféarach um Eolas ar Airm Tine, ag a mbeidh feidhmiúlachtaí amhail (i) sonraí faoi chóras rialaithe arm tine agus stádas chur chun feidhme CIFTA a chur isteach agus a rianú go huathoibríoch; (ii) stór lárnach na n-údarás náisiúnta; (iii) painéal eolais chun stádas agus cuimsitheacht chóras rialaithe na n-arm tine a amharcléiriú; |
— |
Bogearraí Rialaithe Fardail SALW agus Armlóin a nuashonrú agus a leathnú chuig tíortha sa réigiún a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an réiteach TF sin a forbraíodh le linn Chéim I. |
Aschuir
— |
Rinneadh An Córas Leictreonach le haghaidh Sásra Réigiúnach Cumarsáide maidir le hAistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlón (MCTA) a chlársceidealú agus a chur chun feidhme, mar chéim phíolótach, i 5 thír; |
— |
Feabhsaíodh Bogearraí Rialaithe Fardail SALW agus Armlón, bunaithe ar aiseolas ó úsáideoirí, agus cuireadh chun feidhme iad i 4 thír eile ar a laghad; |
— |
Forbraíodh an tArdán Leathsféarach um Eolas ar Airm Tine, agus cláraíodh pointí teagmhála le haghaidh 15 thír ar a laghad; |
— |
Tionóladh cruinnithe de na pointí teagmhála náisiúnta dhá uair sa bhliain chun idirphlé agus comhar a spreagadh. |
Cuspóir 4: Teacht aniar an phobail i dtaca le foréigean gunnaí a neartú agus rochtain a laghdú ar airm thine aindleathacha agus/nó ar airm bhreise
Gníomhaíochtaí
— |
Modheolaíocht chlár OASIS a leathnú chuig pobal eile ar a laghad a ndéanann foréigean gunnaí difear an-mhór dó. Féachann OASIS le hiompar atá freagrach go sóisialta a chur chun cinn i bpobail a ndéanann foréigean gunnaí difear an-mhór dóibh; áirítear leis measúnú tosaigh ar an bpobal, agus ar na meicníochtaí atá ar fáil chun foréigean a chosc agus chun cabhrú le híospartaigh. Cuireann an clár gníomhaíochtaí seach-churaclaim laethúla ar fáil do dhaoine óga atá i mbaol, agus oiliúint d’il-gheallsealbhóirí áitiúla sna pobail maidir le foréigean a chosc agus cúnamh d’íospartaigh; |
— |
Lárionad tagartha pobalbhunaithe a chruthú chun cúnamh a thabhairt d’íospartaigh, do theaghlaigh agus d’fhinnéithe foréigin agus coireanna arna ndéanamh le hairm thine chun timthriallta foréigin a bhriseadh; |
— |
Clár oiliúna oideachais réigiúnach a fhorbairt chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus aghaidh a thabhairt air; |
— |
Dhá fheachtas bailithe arm pobail ar a laghad a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear straitéisí oideachais chun an daonra a íogrú agus chun sealaíocht arm deonach a spreagadh. Leis na feachtais sin cuirfear chun suntais an nasc idir foréigean inscne agus mí-úsáid arm tine, mar is leis na hairm sin a dhéantar an chuid is mó de híospartaigh an fhoréigin inscne a imeaglú nó a mharú (5); |
— |
Tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta agus áitiúla maidir le bailiú, stóráil, iompar agus scriosadh SALW agus armlóin a bhailítear. Déanfar é sin i gcomhar le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi Chuspóir 2 den tionscadal chun acmhainní a optamú. |
Aschuir
— |
Maidir le dhá phobal, ar a laghad, ag a mbíonn mórfhadhbanna foréigin, feabhsaíodh an cumas atá acu tacú le daoine óga atá i mbaol, cabhrú le híospartaigh agus le marthanóirí, agus cosc a chur ar an bhforéigean gunna; |
— |
Feabhsaíodh saol-scileanna 160 mac léinn ar a laghad as dhá phobal ag a mbíonn mórfhadhbanna foréigin trí oiliúint agus gníomhaíochtaí taibhealaíon a eagrú tar éis na scoile; |
— |
Cuireadh oiliúint maidir le foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a bhriseadh, agus maidir le cúnamh d’íospartaigh, ar 150 duine de lucht ceaptha beartais, oifigigh rialtais, soláthraithe seirbhísí, ceannairí pobail, múinteoirí, tuismitheoirí agus daoine ón tsochaí shibhialta ; |
— |
Cruthaíodh agus cuireadh ag oibriú ionad tagartha amháin do mharthanóirí foréigin, do theaghlaigh agus d’fhinnéithe; |
— |
Rinneadh ar a laghad dhá fheachtas chun airm a bhailiú sa phobal a fhorbairt agus a chur chun feidhme. |
Cuspóir 5: Treochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a fhorbairt chun uirlis phraiticiúil bhainistíochta a thabhairt do na tíortha sin trí chur chuige réigiúnach comhordaithe fianaise-bhunaithe
Gníomhaíochtaí
— |
Modheolaíocht a ullmhú chun Treochlár Mheiriceá Láir a fhorbairt, i gcomhairle le saineolaithe sa réimse agus le bailíochtú na dtíortha; |
— |
Measúnú ar riachtanais a fhorbairt, i gcomhairle le rialtais Mheiriceá Láir; |
— |
Dréacht-treochlár arm tine a fhorbairt do Mheiriceá Láir, agus an measúnú ar riachtanais, na creataí dlíthiúla idirnáisiúnta agus dea-chleachtais á gcur san áireamh; |
— |
An dréacht-treochlár a bhailíochtú trí bhabhta comhairliúchán le tíortha agus le geallsealbhóirí; agus |
— |
Cumarsáid sheachtrach agus for-rochtain chun comhpháirtithe a shlógadh chun tacú le cur chun feidhme Threochlár Arm Tine Mheiriceá Láir. |
Aschuir
— |
Modheolaíocht chun treochlár a fhorbairt arna hullmhú agus arna bailíochtú le geallsealbhóirí; |
— |
Measúnú ar riachtanais arna fhorbairt chun príomhbhagairtí, na bearnaí, na leochaileachtaí agus na tosaíochtaí atá ag tíortha Mheiriceá Láir a chinneadh; |
— |
Dhá cheardlann a cuireadh chun feidhme chun ionchuir agus aiseolas a bhailiú maidir le dréacht-treochlár arm tine Mheiriceá Láir, le rannpháirtíocht na n-údarás náisiúnta agus eagraíochtaí a oibríonn sa réimse sin; |
— |
Treochlár Mheiriceá Láir arna fhorbairt agus arna chur faoi bhráid thíortha an réigiúin; |
— |
Feachtas cumarsáide arna fhorbairt chun Treochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a scaipeadh, formheas polaitiúil a fháil, agus tacaíocht a fháil ó chomhpháirtithe chun é a chur chun feidhme. |
5. Ré
Is é 36 mhí a bheidh i ré mheasta iomlán Chéim II, an chéim chuimsitheach réigiúnach.
6. Eintiteas cur chun feidhme teicniúil
Cuireadh cur chun feidhme teicniúil an chláir seo de chúram ar Roinn Slándála Poiblí Ardrúnaíocht Eagraíocht na Stát Meiriceánach (DPS/OAS). Tá seasamh buntáisteach ag DPS/OAS chun tacú le tíortha Mheiriceá i bhfianaise a róil dhéach mar chomhrúnaí teicniúil CIFTA, agus mar chomhlacht teicniúil agus oibríochtúil OAS maidir leis an ábhar seo. Sa ról sin, tá tionscadail agus cláir curtha chun feidhme ag OAS-DPS chun tacú le Ballstáit OAS i gcomhlíonadh a n-oibleagáidí chun slándáil stoc-chairn arm tine náisiúnta a áirithiú, chun bearta reachtacha a chur chun feidhme d'fhonn monarú agus gáinneáil aindleathach ar airm thine a bhunú mar chionta coiriúla faoin dlí náisiúnta, chun marcáil ar airm thine a éileamh, agus chun faisnéis a mhalartú le sínitheoirí eile CIFTA maidir le rianú faisnéise agus patrúin gáinneála aindleathaí. Níl an tionchar polaitiúil, an saineolas teicniúil ná an clúdach geografach ag aon eagraíocht réigiúnach ná foréigiúnach eile a chumhdaíonn Meiriceá ar fad chun bheith in ann tacú agus cabhrú le gach stát Meiriceánach.
Le linn Chéim II, leanfaidh DPS/OAS de bheith ag comhordú agus ag comhoibriú le hinstitiúidí agus le heagraíochtaí eile le linn chur i bhfeidhm an tionscadail. D'oibrigh DPS/OAS le cuid acu le linn Chéim I agus tá siad ag súil le leanúint de bheith ag comhoibriú leo ar shaincheisteanna sonracha chun an tionscnamh a chur chun cinn sa réigiún, lena n-áirítear Lárionad Réigiúnach na Náisiún Aontaithe um an tsíocháin, um an dí-armáil agus um an bhforbairt i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib (UN-LiREC), Gníomhaireacht Cur Chun Feidhme um Choireacht agus Slándáil Chomhphobal Mhuir Chairib, an Bord Cosanta Idir-Mheiriceánach, Foireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (AMAT- GICHD), Golden West Humanitarian Foundation, INTERPOL, Roinn Stáit SAM, agus Lárionad Oiliúna um Dhímhianú Daonnúil Roinn Cosanta SAM. Díríonn DPS ar dhlúthchaidreamh a bhunú leis na heintitis eile go léir atá ag obair sa réimse freisin chun tairbhí na gníomhaíochta a uasmhéadú trí úsáid a bhaint as saineolas comhlántach na n-eagraíochtaí. Go háirithe, le linn Chéim II, beidh sé d’aidhm ag DPS/OAS an comhar a neartú leis na heagraíochtaí foréigiúnacha, amhail CARICOM-IMPACS agus SICA (Córas Lánpháirtithe Mheiriceá Láir) chun tacú le cur chun feidhme Threochlár Arm Tine Mhuir Chairib, agus forbairt Threochlár Arm Tine Mheiriceá Láir a chomhordú.
7. Ábharthacht
A. ‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’: Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionarm agus armáin éadroma aindleathacha, agus a n-armlón, a ghlac an Chomhairle an 19 Samhain 2018
Tá cuspóirí, gníomhaíochtaí, agus torthaí ionchais an tionscadail seo ag teacht le spriocanna agus le cur chuige Straitéis an Aontais ‘Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint’. I ndáil leis sin, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh Céim I den tionscnamh seo a chistiú chun iltaobhachas agus sineirgí a chothú idir an tAontas Eorpach agus OAS chun foréigean armtha agus gníomhaíocht choiriúil a laghdú, agus gur cuireadh san áireamh ann na tosaíochtaí a bunaíodh sa straitéis. Le Céim II, chun leanúint de na hiarrachtaí sin, coinnítear an pharaidím agus an cur chuige sin, agus comhlánaíonn sí obair dhomhanda an Aontais Eorpaigh sa réimse seo trí dhíriú ar réigiún dá ndéanann leathadh, carnadh iomarcach agus gáinneáil ar mhionairm agus armáin éadrom (SALW) difear tromchúiseach.
Go sonrach, léiríonn Céim II na tosaíochtaí seo a leanas den Straitéis:
2.1. |
An creat normatach a neartú: Féachtar le gníomhaíochtaí Chuspóir 1 den Ghníomhaíocht a áirithiú go ndéanfaidh tíortha a reachtaíocht a chomhchuibhiú leis na caighdeáin idirnáisiúnta, agus go mbeidh uirlisí acu chun na coinbhinsiúin a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr; |
2.2.2 |
Rialuithe maidir le hairm thine agus a n-armlón a onnmhairiú: Leis an bhforbairt atá á déanamh ar uirlis leictreonach an MCTA, i gcomhthéacs Chuspóir 3, táthar ag tabhairt aghaidh ar an tábhacht a ghabhann leis an trádáil dhlíthiúil a rialú chun aon atreorú go dtí an margadh aindleathach a sheachaint; |
2.2.3 |
Bainistiú slán SALW agus stoc-charn armlóin a áirithiú: Tá sraith gníomhaíochtaí mar chuid de Chuspóir 2 a dhíríonn ar shlándáil fhisiciúil agus bainistíocht stoc-charn armán (PSSM), lena n-áirítear oiliúint oifigeach, agus cúnamh teicniúil agus ábhartha chun cleachtais agus saoráidí a fheabhsú, ag cloí le caighdeáin idirnáisiúnta na Coimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAICS) agus na dTreoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATGanna); |
2.2.4 |
Diúscairt fhreagrach SALW agus a n-armlón: Áirítear le Cuspóir 2 oiliúint, cúnamh ábhartha, maoirseacht, agus deimhniú ar phróisis scriosta arm tine agus armlóin do thíortha a éilíonn amhlaidh; |
2.2.5 |
Saincheisteanna trasghearrtha: Áirítear le Cuspóir 3 sraith réitigh agus uirlisí TF chun comhar agus comhroinnt faisnéise a chothú ar fud thíortha an réigiúin. |
Chun tionchar na ngníomhaíochtaí sin a uasmhéadú, tacóidh DPS/OAS le gníomhaíochtaí comhlántacha lena n-áirítear an t-éileamh ar airm thine a laghdú trí ghníomhaíochtaí coisctheacha a chur chun feidhme, agus trí chláir bhailithe a chur chun feidhme, agus trí Threochlár Mheiriceá Láir a fhorbairt, mar uirlis nithiúil chun iarrachtaí sa réigiún sin a chomhordú agus a fheabhsú.
B. Cinneadh 2011/428/CBES ón gComhairle an 18 Iúil 2011 chun tacú le gníomhaíochtaí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú (6)
Leis an gCinneadh ón gComhairle, cuirtear trí phríomhchuspóir chun cinn: (1) cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun an trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal réigiúnach araon, (2) tacaíocht do chur chun feidhme na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe (ITI), agus (3) tacaíocht d’fhorbairt agus cur chun feidhme threoirlínte teicniúla na Náisiún Aontaithe maidir le bainistiú stoc-chairn armlóin.
Tá gach ceann de na cuspóirí sin ag teacht le haidhmeanna foriomlána fhorálacha sonracha an Coinbhinsiún Idir-Mheiriceánaigh i gcoinne déantúsaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil arm tine, armlón, pléascán, agus ábhar gaolmhar (CIFTA) agus a chúrsaí gníomhaíochta. Le CIFTA bunaítear roinnt moltaí éigeantacha do Stáit is Páirtithe, lena n-áirítear dlínse ar chionta coiriúla a bhunú; marcáil éigeantach arm tine; taifid a chothabháil le haghaidh rianú; rialuithe maidir le haistriú a fheabhsú; agus comhar trasnáisiúnta. Treisíonn Cúrsa Gníomhaíochta CIFTA 2018-2022 aidhmeanna Stáit is Páirtithe CIFTA sna réimsí seo i gcomhréir le Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe agus leis an bPrótacal in aghaidh monarú aindleathach agus gáinneáil ar airm thine, a bpáirteanna, a gcomhpháirteanna agus a n-armlón lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne coireacht eagraithe trasnáisiúnta.
Leanann an DPS/OAS de chláir oibríochtúla a chur chun feidhme chun tacú le tíortha a n-acmhainneachtaí a fhorbairt chun a n-oibleagáidí faoi CIFTA a chomhlíonadh. Dearadh Céim II chun leanúint den chúnamh sin i bhfianaise na dtosaíochtaí a bhunaigh Stát is Páirtithe CIFTA i gCúrsaí Gníomhaíochta 2018-2022, go háirithe na tosaíochtaí seo a leanas: 1. Marcáil agus rianú arm tine; 2. Allmhairiú agus onnmhairiú; 3. Bearta reachtacha; agus 4. Bainistiú agus scriosadh stoc-charn.
8. Tuairisciú
Ullmhóidh an DPS/OAS tuarascálacha tráthrialta, i gcomhréir leis an gComhaontú Tarmligin a caibidlíodh.
9. Costas iomlán
Thart ar EUR 4.2 milliún is ea an cistiú iomlán measta atá á lorg ón Aontas chun Céim II a chur chun feidhme. Cuirfidh Ard-Rúnaíocht OAS ranníocaíochtaí comhchineáil ar fáil chun an clár a chur i bhfeidhm agus lorgóidh sí tacaíocht chomhchineáil eile (amhail an tacaíocht a chuir Rialtas na Spáinne ar fáil i gCéim I).
(1) UNODC, Global Study on Homicide [Staidéar Domhanda ar Dhúnbhású]. 2019. https://www.unodc.org/unodc/en/data-and-analysis/global-study-on-homicide.html
(2) Ibid.
(3) De réir an Staidéir Dhomhanda ar Gháinneáil Arm Tine, is i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas, mar aon leis an Áise Thiar, atá 80 % de na cinn scríbe a seoltar airm thine gháinneáilte chucu (UNODC, 2020).
(4) Ó 2007 go 2015, chuir an DPS/OAS tionscnaimh de chuid an Chláir Cúnaimh um Rialú Arm agus Mionarm sa réigiún (PACAM) chun feidhme. Chuaigh sé seo chun tairbhe do 25 Bhallstát OAS, rud a d’fhág gur mharcáil siad os cionn 290 000 arm tine agus gur scriosadh 60 000 arm eile, agus breis agus 1 700 tonna armlóin ar fud an réigiúin.
(5) https://unoda-web.s3.amazonaws.com/wp-content/uploads/2019/07/MOSAIC-06.10-2017EV1.0.pdf
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/50 |
CINNEADH (CBES) 2022/848 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1464 ón gComhairle maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 12 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1464 (1). |
(2) |
Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2020/1464 do thréimhse cur chun feidhme 24 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de. |
(3) |
An 9 Feabhra 2022, d'iarr an Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle (BAFA), ina cháil mar an Ghníomhaireacht Cur Chun Feidhme, údarú ón Aontas chun tréimhse cur chun feidhme Chinneadh CBES 2018/1464 a shíneadh go 36 mhí, go dtí an 30 Samhain 2023, mar gheall ar dhúshláin a eascraíonn as an bpaindéim COVID-19 leanúnach. |
(4) |
Iarrann BAFA freisin go dtionólfaí comhdháil bhreise do thíortha comhpháirtíochta a bhfuil ardchórais rialaithe onnmhairiúcháin acu, chomh maith le himeacht breise measúnaithe mheántéarma. |
(5) |
Is féidir leanúint leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2020/1464, lena n-áirítear an dá ghníomhaíocht bhreise a cuireadh isteach leis an gCinneadh seo ón gComhairle, gan aon impleacht ó thaobh acmhainní airgeadais de go dtí an 30 Samhain 2023. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2020/1464, agus foranna 5.2.5, 5.2.6 agus roinn 10 d’Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2020/1464 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 30 Samhain 2023.”; |
(2) |
Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
(1) Cinneadh (CBES) 2020/1464 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn (IO L 335, 13.10.2020, lch. 3).
31.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 148/52 |
CINNEADH (CBES) 2022/849 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Bealtaine 2022
lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Bealtaine 2013, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2013/255/CBES (1). |
(2) |
An 27 Bealtaine 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/855 (2), lena gcuirtear síneadh leis na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh 2013/255/CBES go dtí an 1 Meitheamh 2022. |
(3) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2013/255/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 1 Meitheamh 2023. |
(4) |
Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le 18 duine nádúrtha agus le 13 eintiteas atá ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlíthiúla, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú. |
(5) |
Ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le beirt atá éagtha a scriosadh ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES. |
(6) |
Ba cheart an iontráil a bhaineann le duine amháin a scriosadh ón liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES tar éis breithiúnas a bheith faighte ón gCúirt Ghinearálta an 16 Márta 2022. |
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2013/255/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria’; |
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34: ‘Airteagal 34 Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 1 Meitheamh 2023. Déanfar athbhreithniú leanúnach air. Féadfar é a athnuachan, nó a leasú de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.’; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. COLONNA
(1) Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO L 147, 1.6.2013, lch. 14).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/855 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO L 188, 28.5.2021, lch. 90).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES mar a leanas:
(1) |
i Roinn A (Daoine), scriostar na hiontrálacha seo a leanas:
|
(2) |
i Roinn A (Daoine), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|
(3) |
i Roinn B (Eintitis), cuirtear na hiontrálacha seo a leanas in ionad na n-iontrálacha comhfhreagracha sa liosta:
|