ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 134

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
11 Bealtaine 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/719 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do mhaímh áirithe maidir le sláinte, ar maímh iad a bhaineann le bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do riosca galair a laghdú agus iad siúd lena dtagraítear d’fhorbairt agus do shláinte leanaí ( 1 )

1

 

*

Rialachán (AE) 2022/720 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/721 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena gceartaítear an leagan Seicise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ( 1 )

14

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/722 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena n-údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht a shíniú, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí

15

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/723 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta ( 1 )

21

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/724 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas ( 1 )

28

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/725 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas ( 1 )

31

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/726 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas ( 1 )

34

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/1


RIALACHÁN (AE) 2022/719 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do mhaímh áirithe maidir le sláinte, ar maímh iad a bhaineann le bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do riosca galair a laghdú agus iad siúd lena dtagraítear d’fhorbairt agus do shláinte leanaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh maidir le cothú agus maidir le sláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 18(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar i leith bianna ach amháin má tá siad údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán sin agus más rud é go n-áirítear iad i liosta de mhaímh cheadaithe.

(2)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 freisin go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údaruithe i leith maímh shláinte a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) le haghaidh measúnú eolaíoch, agus cuirfidh sé iad chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit chomh maith, ar mhaithe le faisnéis.

(3)

Tá an tÚdarás le tuairim a thabhairt ar an maíomh sláinte lena mbaineann.

(4)

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaca le húdarú a thabhairt do mhaímh shláinte agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige.

(5)

Tar éis iarratas a fháil ó DuPont Biosciences ApS, iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí sé de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a bhaineann le Bifidobacterium animalis subsp. lactis Bi-07 (Bi-07) agus leis an méid a dhéanann sé ar mhaithe le díleá lachtóis a mhéadú (Ceist Uimh. EFSA-Q-2020-00024). Is mar a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: ‘Cabhraíonn bifidobacterium animalis subsp. lactis Bi-07 le díleá lachtóis a fheabhsú i ndaoine a bhfuil deacracht acu lachtós a dhíleá’.

(6)

Fuair an Coimisiún, na Ballstáit agus an t-iarratasóir an tuairim eolaíoch (2) maidir leis an maíomh sin ón Údarás, tuairim inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh i láthair, nár suíodh caidreamh cúise agus éifeachta idir bifidobacterium animalis subsp. lactis Bi-07 a chaitheamh agus dea-éifeacht fhiseolaíoch (i.e. siomptóim na droch-dhíleá lachtóis a mhaolú) i ndaoine a bhfuil deacrachtaí acu lachtós a dhíleá. Dá réir sin, ós rud é nach gcomhlíonann an maíomh sin ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 lena chur san áireamh i liosta an Aontais de mhaímh cheadaithe, níor cheart é a údarú.

(7)

Tar éis iarratas a fháil ó Tchibo GmbH, iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a bhaineann le Caife C21 agus le snáithí DNA a chosaint ar bhriseadh (Ceist Uimh. EFSA-Q-2019-00423). Is mar a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: ‘cabhraíonn ól rialta chaife C21 le sláine DNA i gcealla an choirp a choimeád’.

(8)

Fuair an Coimisiún, na Ballstáit agus an t-iarratasóir an tuairim eolaíoch (3) maidir leis an maíomh ón Údarás, tuairim inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh i láthair, nár suíodh caidreamh cúise agus éifeachta idir ól chaife C21 agus snáithí DNA a chosaint ar bhriseadh. Dá réir sin, ós rud é nach gcomhlíonann an maíomh sin ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 lena chur san áireamh i liosta an Aontais de mhaímh cheadaithe, níor cheart é a údarú.

(9)

Tar éis iarratas a fháil ó NattoPharma ASA, iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 13(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a bhaineann le MenaQ7® agus le hairíonna leaisteacha na n-artairí a choimeád (Ceist Uimh. EFSA-Q-2019-00229). Is mar a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: ‘Feabhsaíonn MenaQ7®, vitimín K2 mar mheineacuineon-7, righneas artaireach’.

(10)

Fuair an Coimisiún, na Ballstáit agus an t-iarratasóir an tuairim eolaíoch (4) maidir leis an maíomh ón Údarás, tuairim inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh i láthair, nár suíodh caidreamh cúise agus éifeachta idir MenaQ7® a chaitheamh agus airíonna leaisteacha na n-artairí a choimeád. Dá réir sin, ós rud é nach gcomhlíonann an maíomh sin ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 lena chur san áireamh i liosta an Aontais de mhaímh cheadaithe, níor cheart é a údarú.

(11)

Cuireadh na barúlacha a fuair an Coimisiún ó DuPont Nutrition Biosciences ApS agus Tchibo GmbH, de bhun Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, san áireamh agus an Rialachán seo á ghlacadh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní dhéanfar na maímh shláinte a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a áireamh i liosta an Aontais de mhaímh cheadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(7):6198.

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(3):6055.

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(1):5949.


IARSCRÍBHINN

Maímh shláinte a diúltaíodh

Cur i bhfeidhm – Forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006

Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bia

Maíomh

Tagairt na tuairime ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)

Airteagal 13(5), maíomh sláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó lena n-áirítear iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh

Bifidobacterium animalis subsp. lactis Bi-07 (Bi-07)

Cabhraíonn Bifidobacterium animalis subsp. lactis Bi-07 le díleá lachtóis a fheabhsú i ndaoine a bhfuil deacracht acu lachtós a dhíleá

Q-2020-00024

Airteagal 13(5), maíomh sláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó lena n-áirítear iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh

Caife C21, ar meascán de chaife Arabica rósta íon (Coffea arabica L.) é gan aon chomhábhair neamh-chaife ann

Cabhraíonn ól rialta chaife C21 le sláine DNA i gcealla an choirp a choimeád

Q-2019-00423

Airteagal 13(5), maíomh maidir le sláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó lena n-áirítear iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh

MenaQ7®, vitimín K2 mar mheineacuineon-7

MenaQ7®, vitimín K2 mar mheineacuineon-7, go bhfeabhsaíonn sé righneas artaireach

Q-2019-00229


11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/4


RIALACHÁN (AE) 2022/720 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán Uimh. 19/65/CEE ón gComhairle an 2 Márta 1965 maidir le hAirteagal 85(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm i ndáil le catagóirí áirithe de chomhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe (1), agus go háirithe Airteagal 1 de,

Tar éis dó dréacht den Rialachán seo a fhoilsiú (2),

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Uimh. 19/65/CEE, tugtar de chumhacht don Choimisiún Airteagal 101(3) den Chonradh a chur i bhfeidhm trí rialachán maidir le catagóirí áirithe de chomhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe chomhfhreagracha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh.

(2)

I Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún (3) sainítear catagóir de chomhaontuithe ingearacha a mheas an Coimisiún a gcomhlíontar leo de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh. Taithí dhearfach ar an iomlán a bhí ann maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 330/2010, rialachán a rachaidh in éag an 31 Bealtaine 2022, mar a léiríodh leis an meastóireacht ar an Rialachán sin. Agus an taithí sin á cur san áireamh, maille le forbairtí margaidh nua, amhail fás na ríomhthráchtála, agus cineálacha nua nó cineálacha níos coitianta comhaontuithe ingearacha, is iomchuí rialachán blocdhíolúine nua a ghlacadh.

(3)

An chatagóir comhaontuithe ar féidir a mheas go gcomhlíontar leo de ghnáth na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 101(3) den Chonradh, is catagóir í ina gcuimsítear comhaontuithe ingearacha maidir le ceannach nó díol earraí nó seirbhísí i gcás ina gcuirtear na comhaontuithe sin i gcrích idir gnóthais neamhiomaíocha, idir iomaitheoirí áirithe nó ag comhlachais áirithe miondíoltóirí earraí. Áirítear léi freisin comhaontuithe ingearacha ina bhfuil forálacha coimhdeacha maidir le sannadh nó úsáid ceart maoine intleachtúla. Ba cheart a thuiscint go n-áirítear na cleachtais chomhbheartaithe chomhfhreagracha leis an téarma “comhaontuithe ingearacha”.

(4)

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh trí bhíthin rialacháin, na comhaontuithe ingearacha sin a fhéadann teacht faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní gá iad a shainiú. Sa mheasúnú aonair ar na comhaontuithe faoi Airteagal 101(1) den Chonradh, ní mór roinnt tosca a chur san áireamh, go háirithe struchtúr an mhargaidh ar thaobh an tsoláthair agus an cheannaigh de.

(5)

Tairbhe na blocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, ba cheart é a bheith teoranta do na comhaontuithe ingearacha sin ar féidir talamh slán a dhéanamh de le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh.

(6)

Féadfaidh cineálacha áirithe comhaontuithe ingearacha feabhas a chur ar an éifeachtúlacht eacnamaíoch laistigh de shlabhra táirgeachta nó dáilte trí chomhordú níos fearr a éascú idir na gnóthais rannpháirteacha. Go háirithe, is féidir gurb é an toradh a bheadh orthu go dtiocfadh laghdú ar chostais idirbhirt agus dáileacháin na bpáirtithe, agus go ndéanfaí a leibhéal díolacháin agus infheistíochta a bharrfheabhsú.

(7)

Maidir leis an dóchúlacht gur mó iad na héifeachtaí feabhsaithe éifeachtúlachta sin ná aon éifeacht fhrithiomaíoch a thiocfaidh i gceist i ngeall ar shrianta i gcomhaontuithe ingearacha, braitheann an dóchúlacht sin ar a oiread cumhachta margaidh atá ag na páirtithe sa chomhaontú agus, go háirithe, ar a mhéid atá soláthróirí eile earraí nó seirbhísí in iomaíocht leis na gnóthais sin, soláthróirí eile a mheasann a gcustaiméirí atá inmhalartaithe nó inionadaithe ar a chéile de bharr thréithe na dtáirgí, a bpraghsanna agus a n-úsáide beartaithe.

(8)

Is féidir a thoimhdiú, i gcás nach mó ná 30 % an sciar den mhargadh atá ag gach gnóthas is páirtí sa chomhaontú ar an margadh ábhartha, gur rud iad comhaontuithe ingearacha nach bhfuil cineálacha áirithe srianta diana ar an iomaíocht iontu, gur rud iad ar ghnách go dtagann feabhas ar an táirgeadh nó ar an dáileadh dá bharr, agus go mbíonn tomhaltóirí in ann cion cothrom a bhaint as na tairbhí a eascraíonn astu.

(9)

Má bhíonn an sciar den mhargadh os cionn na tairsí 30 %, comhaontuithe ingearacha a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh, ní féidir a thoimhdiú gur rud iad as a dtiocfaidh buntáistí oibiachtúla a bhfágfadh a gcineál agus a méid go gcúiteofaí na míbhuntáistí a chruthaíonn na comhaontuithe céanna ó thaobh na hiomaíochta de. An tráth céanna, níl aon toimhde ann go dtagann na comhaontuithe ingearacha sin faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh ná nach gcomhlíontar leo coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh.

(10)

An ról atá ag geilleagar na n-ardán ar líne maidir le dáileadh earraí agus seirbhísí, is ról é atá ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile. Le gnóthais atá gníomhach i ngeilleagar na n-ardán ar líne táthar in ann gnó a dhéanamh ar bhealaí nua, cuid acu nach éasca a chatagóiriú agus coincheapa á n-úsáid a bhaineann le comhaontuithe ingearacha sa gheilleagar traidisiúnta. Go háirithe, cuireann seirbhísí idirghabhála ar líne ar a gcumas do ghnóthais earraí nó seirbhísí a thairiscint do ghnóthais eile nó do thomhaltóirí deiridh, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir gnóthais nó idir gnóthais agus tomhaltóirí deiridh. Comhaontuithe a bhaineann le seirbhísí idirghabhála ar líne a sholáthar, is comhaontuithe ingearacha iad agus dá bhrí sin, ba cheart iad a bheith in ann tairbhiú den bhlocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

(11)

An sainmhíniú ar sheirbhísí idirghabhála ar líne a úsáidtear i Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart é a oiriúnú chun críoch an Rialacháin seo. Go háirithe, chun freagairt do raon feidhme Airteagal 101 den Chonradh, ba cheart tagairt a dhéanamh do ghnóthais leis an sainmhíniú a úsáidtear sa Rialachán seo. Ba cheart a áireamh ann freisin seirbhísí idirghabhála ar líne a éascaíonn tionscnamh idirbheart díreach idir gnóthais, chomh maith leo siúd a éascaíonn tionscnamh idirbheart díreach idir gnóthais agus tomhaltóirí deiridh.

(12)

Tagraíonn dédháileadh don chás ina ndíolann soláthróir earraí nó seirbhísí ní hamháin ar an leibhéal réamhtheachtach ach ar an leibhéal iartheachtach freisin, rud a fhágann go mbíonn sé ag dul in iomaíocht lena dháileoirí neamhspleácha. Sa chás sin, in éagmais srianta dochta, agus ar choinníoll nach dtéann an ceannaitheoir in iomaíocht leis an soláthróir ar an leibhéal réamhtheachtach, an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú ingearach ar an gcaidreamh iomaíochta idir an soláthróir agus an ceannaitheoir ar an leibhéal iartheachtach, is lú an tábhacht atá leis ná mar atá leis an dea-thionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú ingearach ar an iomaíocht i gcoitinne ar an leibhéal réamhtheachtach nó iartheachtach. Dá bhrí sin, ba cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ingearacha a dhéantar sna cásanna sin de dhédháileadh.

(13)

An malartú faisnéise idir soláthróir agus ceannaitheoir, féadfaidh sé rannchuidiú leis na héifeachtaí i bhfabhar na hiomaíochta a bhíonn ag comhaontuithe ingearacha, go háirithe barrfheabhsú na bpróiseas táirgthe agus dáilte. Mar sin féin, i gcás dédháileadh, d’fhéadfadh údair imní chothrománacha eascairt as malartú cineálacha áirithe faisnéise. Dá bhrí sin, níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo malartú faisnéise idir soláthróir agus ceannaitheoir i gcás dédháileadh ach nuair a bhaineann an malartú faisnéise go díreach le cur chun feidhme an chomhaontaithe ingearaigh agus nuair is gá an fhaisnéis a mhalartú chun feabhas a chur ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó sheirbhísí an chonartha.

(14)

An réasúnaíocht atá le díolúine a thabhairt do chomhaontuithe ingearacha i gcásanna ina bhfuil dédháileadh ann, níl feidhm aici maidir le comhaontuithe ingearacha a bhaineann le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne i gcás inar gnóthas iomaíoch é soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ar an margadh ábhartha ina ndíoltar na hearraí nó na seirbhísí idirghafa. Soláthraithe seirbhísí idirghabhála ar líne a bhfuil feidhm hibrideach den sórt sin acu, d’fhéadfadh an cumas agus an dreasacht a bheith acu tionchar a imirt ar thoradh na hiomaíochta ar an margadh ábhartha ina ndíoltar na hearraí nó na seirbhísí idirghafa. Mar sin níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ingearacha den sórt sin.

(15)

Níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta ar dócha go gcuirfidh siad srian le hiomaíocht agus go ndéanfaidh siad díobháil do thomhaltóirí, nó srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na héifeachtaí feabhsaithe éifeachtúlachta a bhaint amach. Go háirithe, maidir le tairbhe na blocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil cineálacha áirithe srianta diana ar an iomaíocht, amhail praghsanna athdhíola íosta agus seasta, agus cineálacha áirithe cosanta críche, lena n-áirítear cosc ar úsáid éifeachtach an idirlín chun rudaí a dhíol nó srianta áirithe ar fhógraíocht ar líne. Dá réir sin, srianta ar dhíolacháin ar líne agus ar fhógraíocht ar líne, ba cheart dóibh tairbhe a bhaint as an mblocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe, cosc a chur ar an gceannaitheoir nó ar a chustaiméirí úsáid éifeachtach a bhaint as an idirlíon chun earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol i gcríocha áirithe nó le custaiméirí áirithe, ná cosc a chur le húsáid bealach fógraíochta ar líne iomlán, amhail seirbhísí comparáide praghsanna nó fógraíocht ar innill chuardaigh. Mar shampla, níor cheart srianta ar dhíolacháin ar líne tairbhe a bhaint as an mblocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil sé de chuspóir acu méid comhiomlán na ndíolachán ar líne d’earraí nó seirbhísí an chonartha sa mhargadh ábhartha a laghdú go suntasach, nó an deis atá ag tomhaltóirí earraí nó seirbhísí an chonartha a cheannach ar líne a laghdú go suntasach. Srian a chatagóiriú mar shrian docht de réir bhrí Airteagal 4, pointe (e), is rud é lena bhféadfar inneachar agus comhthéacs an tsriain a chur san áireamh, ach níor cheart go mbraithfeadh sé ar imthosca a bhaineann go sonrach leis an margadh ná ar shaintréithe aonair na bpáirtithe.

(16)

Níor cheart a dhíolmhú leis an Rialachán seo srianta nach féidir talamh slán a dhéanamh de le deimhneacht leordhóthanach go gcomhlíonann siad coinníollacha Airteagal 101(3) den Chonradh. Go háirithe, chun rochtain ar an margadh ábhartha a áirithiú agus chun claonpháirteachas ar an margadh ábhartha a chosc, ba cheart coinníollacha áirithe a cheangal leis an mblocdhíolúine. Chuige sin, ba cheart an díolúine ón oibleagáid gan dul in iomaíocht a theorannú d’oibleagáidí nach bhfuil níos faide ná 5 bliana. Aon oibleagáid a fhágann nach ndíolann comhaltaí córais dáileacháin roghnaithigh brandaí de chuid soláthróirí iomaíocha áirithe, ba cheart an oibleagáid sin a eisiamh ó thairbhe an Rialacháin seo freisin. Níor cheart feidhm a bheith ag tairbhe an Rialacháin seo maidir le hoibleagáidí paireachta miondíola a fhágann nach ndéanann ceannaitheoirí seirbhísí idirghabhála ar líne earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, ná a dhíol ná a athdhíol leo, faoi choinníollacha níos fabhraí trí sheirbhísí idirghabhála ar líne iomaíocha.

(17)

Go ginearálta, an srian ar an sciar den mhargadh, neamhdhíolúine comhaontuithe ingearacha áirithe agus na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is rudaí iad lena n-áirithítear nach gcuireann na comhaontuithe a bhfuil feidhm ag an mblocdhíolúine maidir leo, nach gcuireann siad ar a gcumas do na gnóthais rannpháirteacha deireadh a chur le hiomaíocht maidir le cuid mhór de na hearraí nó na seirbhísí i gceist.

(18)

Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (5) i gcás ina gcinnfidh sé maidir le cás áirithe go bhfuil tionchair, atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh, ag comhaontú a bhfuil, mar sin féin, feidhm maidir leis ag an mblocdhíolúine a bhunaítear leis an Rialachán seo. Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

(19)

I gcás ina ndéanann an Coimisiún nó údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, tá an dualgas air a chruthú go dtagann an comhaontú ingearach i gceist faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh agus nach gcomhlíonann an comhaontú ceann amháin ar a laghad de na ceithre choinníoll in Airteagal 101(3) den Chonradh.

(20)

Agus cinneadh á dhéanamh cé acu is ceart nó nár cheart tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, is den ríthábhacht iad na héifeachtaí frithiomaíocha a d’fhéadfadh eascairt as líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe ingearacha a bheith ann, comhaontuithe lena mbaineann éifeachtaí comhchosúla lena ndéantar rochtain ar mhargadh ábhartha nó ar an iomaíocht sa mhargadh sin a shrianadh go mór. Go háirithe, d’fhéadfadh éifeachtaí carnacha den sórt sin teacht chun cinn i gcás dáileadh eisiach, soláthar eisiach, dáileadh roghnaitheach, oibleagáidí maidir le paireacht nó oibleagáidí gan dul in iomaíocht.

(21)

Chun treisiú leis an maoirseacht ar líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe ingearacha ag a bhfuil éifeachtaí frithiomaíocha comhchosúla agus lena gcuimsítear os cionn 50 % de mhargadh áirithe a neartú, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú le rialachán nach bhfuil an Rialachán seo infheidhme i leith comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh lena mbaineann, rud a dhéanfadh cur i bhfeidhm iomlán Airteagal 101 den Chonradh maidir leis na comhaontuithe sin a athbhunú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “comhaontú ingearach” comhaontú nó cleachtas comhbheartaithe idir dhá ghnóthas nó níos mó, a oibríonn gach gnóthas díobh, chun críocha an chomhaontaithe nó an chleachtais chomhbheartaithe, ar leibhéal difriúil den slabhra táirgthe nó dáilte, agus a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh na páirtithe earraí nó seirbhísí áirithe a cheannach, a dhíol nó a athdhíol;

(b)

ciallaíonn “srian ingearach” srianadh iomaíochta i gcomhaontú ingearach a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh;

(c)

ciallaíonn “gnóthas iomaíoch” iomaitheoir iarbhír nó ionchasach; ciallaíonn “iomaitheoir iarbhír” gnóthas atá gníomhach sa mhargadh ábhartha céanna; ciallaíonn “iomaitheoir ionchasach” gnóthas ar dhócha dó, in éagmais an chomhaontaithe ingearaigh, ar fhoras réalaíoch agus ní mar fhéidearthacht theoiriciúil amháin, laistigh de thréimhse ghearr ama, na hinfheistíochtaí breise is gá nó costais aistrithe eile is gá a íoc chun dul isteach sa mhargadh ábhartha;

(d)

ciallaíonn “soláthróir” gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí idirghabhála ar líne;

(e)

ciallaíonn “seirbhísí idirghabhála ar líne” seirbhísí sochaí faisnéise de réir bhrí Airteagal 1(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chuireann ar a gcumas do ghnóthais earraí nó seirbhísí a thairiscint:

(i)

do ghnóthas eile, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir na gnóthais sin, nó

(ii)

do thomhaltóirí deiridh, d’fhonn tionscnamh idirbheart díreach a éascú idir na gnóthais sin agus tomhaltóirí deiridh,

gan beann ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar na hidirbhearta i gcrích ar deireadh thiar;

(f)

ciallaíonn “oibleagáid gan dul in iomaíocht” aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a fhágann nach ndéanann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí a rachadh in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol, sin nó aon oibleagáid dhíreach nó indíreach ar an gceannaitheoir gur ón soláthróir nó ó ghnóthas eile atá ainmnithe ag an soláthróir a cheannódh sé os cionn 80 % dá cheannacháin iomlána d’earraí nó seirbhísí an chonartha agus a n-ionadaithe ar an margadh ábhartha, arna ríomh ar bhonn luach a cheannachán sa bhliain féilire roimhe sin nó, i gcás inarb é sin an cleachtas caighdeánach sa tionscal, ar bhonn mhéid na gceannachán sin;

(g)

ciallaíonn “córas dáileacháin roghnaitheach” córas dáileacháin ina nglacann an soláthróir air féin earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol, go díreach nó go hindíreach, le dáileoirí a roghnaítear ar bhonn critéir shonraithe agus leo sin amháin, agus ina nglacann na dáileoirí orthu féin gan na hearraí nó na seirbhísí sin a dhíol le dáileoirí neamhúdaraithe laistigh den chríoch atá coimeádta ag an dáileoir chun an córas sin a oibriú;

(h)

ciallaíonn “córas dáileacháin eisiach” córas dáileacháin ina leithdháileann an soláthróir críoch nó grúpa custaiméirí go heisiach air féin nó ar chúig cheannaitheoir ar a mhéad agus ina gcuireann sé srian ar a cheannaitheoirí eile ar fad díol go gníomhach isteach sa chríoch eisiach sin nó leis an ngrúpa eisiach custaiméirí sin;

(i)

áirítear le “cearta maoine intleachtúla” cearta maoine tionsclaíche, fios gnó, cóipcheart agus cearta gaolmhara;

(j)

ciallaíonn “fios gnó” pacáiste d’fhaisnéis phraiticiúil neamhphaitinnithe, faisnéis ar toradh atá inti ar thaithí agus ar thástáil ag an soláthróir, agus atá atá rúnda, substaintiúil agus sainaitheanta; ciallaíonn “rúnda” nach bhfuil eolas ginearálta ar an bhfios gnó nó nach bhfuil rochtain éasca air; ciallaíonn “substaintiúil” go bhfuil an fios gnó tábhachtach agus úsáideach don cheannaitheoir chun earraí nó seirbhísí an chonartha a úsáid, a dhíol nó a athdhíol; ciallaíonn “sainaitheanta” go dtugtar tuairisc ar an bhfios gnó ar bhealach cuimsitheach go leor le gur féidir a dheimhniú go gcomhlíonann sé na critéir rúndachta agus shubstaintiúlachta;

(k)

áirítear le “ceannaitheoir” gnóthas a dhíolann earraí nó seirbhísí thar ceann gnóthas eile faoi chomhaontú a thagann faoi raon feidhme Airteagal 101(1) den Chonradh;

(l)

ciallaíonn “díolacháin ghníomhacha” díriú go gníomhach ar chustaiméirí trí chuairteanna, litreacha, ríomhphoist, glaonna nó trí mhodhanna eile cumarsáide dírí nó trí fhógraíocht agus promóisean spriocdhírithe, as líne nó ar líne, mar shampla trí bhíthin na meán cló nó na meán digiteach, lena n-áirítear meáin ar líne, seirbhísí comparáide praghsanna nó fógraíocht ar innill chuardaigh lena ndírítear ar chustaiméirí i gcríocha sonracha nó ar ghrúpaí custaiméirí sonracha, nó suíomh gréasáin a oibriú ag a bhfuil fearann barrleibhéil a chomhfhreagraíonn do chríocha ar leith, nó teangacha a úsáidtear go coitianta i gcríocha áirithe a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin, i gcás ina bhfuil na teangacha sin éagsúil leis na teangacha a úsáidtear sa chríoch ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe;

(m)

ciallaíonn “díolacháin éighníomhacha” díolacháin a dhéantar mar fhreagra ar iarrataí gan iarraidh ó chustaiméirí aonair, lena n-áirítear seachadadh earraí nó seirbhísí chuig an gcustaiméir, gan an díolachán a bheith tionscanta trí dhíriú go gníomhach ar an gcustaiméir áirithe, ar an ngrúpa custaiméirí áirithe nó ar an gcríoch áirithe, agus lena n-áirítear díolacháin a eascraíonn as a bheith rannpháirteach i soláthar poiblí nó as freagairt do chuirí chun tairisceana príobháideacha.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is téarmaí iad “gnóthas”, “soláthróir” agus “ceannaitheoir” lena n-áireofar a ngnóthais ghaolmhara faoi seach.

Ciallaíonn “gnóthais ghaolmhara” an méid seo a leanas:

(a)

gnóthais ina bhfuil ag páirtí sa chomhaontú, go díreach nó go hindíreach:

(i)

an chumhacht níos mó ná leath de na cearta vótála a fheidhmiú, nó

(ii)

an chumhacht níos mó ná leath de chomhaltaí an bhoird maoirseachta, an bhoird bainistíochta nó na gcomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghnóthais a cheapadh, nó

(iii)

an ceart gnóthaí an ghnóthais a bhainistiú; nó

(b)

gnóthais a bhfuil na cearta agus na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) acu go díreach nó go hindíreach, i leith páirtí sa chomhaontú; nó

(c)

gnóthais ina sealbhaíonn gnóthas dá dtagraítear i bpointe (b), go díreach nó go hindíreach, na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a); nó

(d)

gnóthais ina bhfuil na cearta agus na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) i gcomhpháirt ag páirtí sa chomhaontú in éineacht le ceann amháin nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), nó ina bhfuil na cearta agus na cumhachtaí sin i gcomhpháirt ag dhá cheann nó níos mó de na gnóthais dá dtagraítear i bpointí (a) (b) agus (c); nó

(e)

gnóthais ina bhfuil na cearta nó na cumhachtaí atá liostaithe i bpointe (a) i gcomhpháirt ag:

(i)

páirtithe sa chomhaontú nó a ngnóthais ghaolmhara faoi seach dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), nó

(ii)

ceann amháin nó níos mó de na páirtithe sa chomhaontú nó ceann amháin nó níos mó dá ngnóthais ghaolmhara dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) agus tríú páirtí amháin nó níos mó.

Airteagal 2

Díolúine

1.   De bhun Airteagal 101(3) den Chonradh agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, dearbhaítear leis seo nach mbeidh feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le comhaontuithe ingearacha. Beidh feidhm ag an díolúine seo a mhéid a bheidh srianta ingearacha sna comhaontuithe sin.

2.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha a dhéantar idir comhlachas gnóthas agus comhalta aonair, nó idir comhlachas den sórt sin agus soláthróir aonair, más rud é gur miondíoltóirí earraí iad comhaltaí uile an chomhlachais agus más rud é nach bhfuil láimhdeachas bliantúil iomlán os cionn EUR 50 milliún ag aon chomhalta aonair den chomhlachas, in éineacht lena ghnóthais ghaolmhara, agus ar na coinníollacha sin amháin. Comhaontuithe ingearacha a dhéanann comhlachais den sórt sin, cumhdófar iad leis an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 101 den Chonradh maidir le comhaontuithe ingearacha a chuirtear i gcrích idir comhaltaí an chomhlachais nó cinntí a ghlacann an comhlachas.

3.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil forálacha a bhaineann le cearta maoine intleachtúla a shannadh don cheannaitheoir nó le húsáid na gceart sin ag an gceannaitheoir, ar choinníoll nach iad na forálacha sin is príomhchuspóir do na comhaontuithe sin agus go mbaineann siad le húsáid, díol nó athdhíol earraí nó seirbhísí ag an gceannaitheoir nó ag a gcustaiméirí. Tá feidhm ag an díolúine ar choinníoll, i ndáil le hearraí nó seirbhísí an chonartha, nach bhfuil srianta iomaíochta sna forálacha sin arb ionann cuspóir dóibhsean agus do shrianta ingearacha nach bhfuil díolmhaithe faoin Rialachán seo.

4.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear i mír 1 maidir le comhaontuithe ingearacha a dhéantar idir gnóthais iomaíocha. Mar sin féin, beidh feidhm ag an díolúine sin i gcás ina ndéanfaidh gnóthais atá in iomaíocht le chéile comhaontú ingearach neamh-chómhalartach agus ina mbeidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas i gceist:

(a)

tá an soláthróir gníomhach ar leibhéal réamhtheachtach mar mhonaróir, allmhaireoir, nó mórdhíoltóir, agus tá sé gníomhach ar leibhéal iartheachtach mar allmhaireoir, mórdhíoltóir nó miondíoltóir earraí, agus is allmhaireoir, mórdhíoltóir nó miondíoltóir ar an leibhéal iartheachtach atá sa cheannaitheoir, agus ní gnóthas iomaíoch é ar an leibhéal réamhtheachtach mar a gceannaíonn sé earraí an chonartha; nó

(b)

is soláthraí seirbhísí é an soláthróir ar roinnt leibhéil trádála, agus is ar leibhéal an mhiondíola a sholáthraíonn an ceannaitheoir a sheirbhísí, agus ní gnóthas iomaíoch é ar an leibhéal trádála mar a gceannaíonn sé seirbhísí an chonartha.

5.   Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b) maidir leis an soláthróir agus an ceannaitheoir faisnéis a mhalartú nach mbaineann go díreach le cur chun feidhme an chomhaontaithe ingearaigh nó nach bhfuil gá léi chun feabhas a chur ar tháirgeadh nó dáileadh earraí nó seirbhísí an chonartha, nó nach gcomhlíonann ceachtar den dá choinníoll sin.

6.   Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí a leagtar amach i mír 4, pointí (a) agus (b) maidir le comhaontuithe ingearacha a bhaineann le soláthar seirbhísí idirghabhála ar líne i gcás ina mbeidh soláthraí na seirbhísí idirghabhála ar líne ina ghnóthas iomaíoch ar an margadh ábhartha maidir le díol na n-earraí nó na seirbhísí idirghafa.

7.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ingearacha a dtagann a n-ábhar faoi raon feidhme aon rialacháin blocdhíolúine eile, mura bhforáiltear dá mhalairt sa rialachán sin.

Airteagal 3

Tairseach maidir le sciar den mhargadh

1.   Beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 ar choinníoll nach mó an sciar den mhargadh atá ag an soláthróir ná 30 % den mhargadh ábhartha ina ndíolann sé earraí nó seirbhísí an chonartha, agus nach mó an sciar den mhargadh atá ag an gceannaitheoir ná 30 % den mhargadh ábhartha ina gceannaíonn sé earraí nó seirbhísí an chonartha.

2.   Chun críocha mhír 1, i gcás, i gcomhaontú ilpháirtí, ina gceannóidh gnóthas earraí nó seirbhísí an chonartha ó ghnóthas amháin atá ina pháirtí sa chomhaontú agus ina ndíolann sé earraí nó seirbhísí an chonartha le gnóthas eile atá ina pháirtí sa chomhaontú freisin, an sciar den mhargadh atá ag an gcéad ghnóthas sin, ina cháil mar cheannaitheoir agus ina cháil mar sholáthróir araon, caithfidh sé an tairseach maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear sa mhír sin a urramú chun go mbeidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2.

Airteagal 4

Srianta lena mbaintear tairbhe na blocdhíolúine - cruashrianta

Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le comhaontuithe ingearacha a bhfuil sé de chuspóir acu, go díreach nó go hindíreach, leo féin nó in éineacht le tosca eile faoi rialú na bpáirtithe:

(a)

srian a chur ar chumas an cheannaitheora a phraghas díola a shocrú, gan dochar don fhéidearthacht go ndéanfadh an soláthróir praghas díola uasta a fhorchur nó praghas díola a mholadh, ar choinníoll nach praghas díola seasta ná praghas díola íosta é de thoradh brú ó aon cheann de na páirtithe nó de thoradh dreasachtaí a thairgeann siad;

(b)

i gcás ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin eisiach, srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh an dáileoir eisiach, nó ar an ngrúpa custaiméirí lena bhféadfadh an dáileoir eisiach, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:

(i)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann an dáileoir eisiach agus a chustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir nó atá leithdháilte ag an soláthróir go heisiach ar chúig dháileoir eisiacha eile ar a mhéad;

(ii)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann an dáileoir eisiach agus a chustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin roghnaitheach le haghaidh earraí nó sheirbhísí an chonartha;

(iii)

srian a chur ar áit bhunaithe an dáileora eisiach;

(iv)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann dáileoir eisiach atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh,

(v)

srian a chur ar chumas an dáileora eisiach comhpháirteanna arna soláthar lena n-ionchorprú a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na hearraí den chineál céanna agus a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;

(c)

i gcás ina mbíonn córas dáileacháin roghnaitheach á fheidhmiú ag an soláthróir,

(i)

srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh, nó ar na custaiméirí lena bhféadfadh na comhaltaí sin, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:

(1)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh agus a gcustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir, nó atá leithdháilte ag an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad;

(2)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh agus a gcustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe laistigh den chríoch ina bhfeidhmítear an córas dáileacháin roghnaitheach;

(3)

srian a chur ar áit bhunaithe chomhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh;

(4)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh;

(5)

srian a chur ar an gcumas comhpháirteanna, arna soláthar lena n-ionchorprú, a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na cineálacha céanna earraí agus a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;

(ii)

srian a chur ar chros-soláthairtí idir comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar na leibhéil trádála chéanna nó ar leibhéil trádála éagsúla;

(iii)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann comhaltaí an chórais dáileacháin roghnaithigh atá ag feidhmiú ar leibhéal miondíola na trádála le húsáideoirí deiridh, gan dochar do phointí (c)(i)(1) agus (3);

(d)

i gcás nach bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin eisiach ná córas dáileacháin roghnaitheach, srian a chur ar an gcríoch ina bhféadfadh an ceannaitheoir, nó ar na custaiméirí lena bhféadfadh an ceannaitheoir, earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach, ach amháin:

(i)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha a dhéanann an ceannaitheoir agus a chustaiméirí díreacha, isteach i gcríoch nó le grúpa custaiméirí atá sannta don soláthróir, nó atá leithdháilte ag an soláthróir ar chúig dháileoir eisiacha ar a mhéad;

(ii)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann an ceannaitheoir agus a chustaiméirí le dáileoirí neamhúdaraithe atá lonnaithe i gcríoch ina bhfeidhmíonn an soláthróir córas dáileacháin roghnaitheach le haghaidh earraí nó sheirbhísí an chonartha;

(iii)

srian a chur ar áit bhunaithe an cheannaitheora;

(iv)

srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha a dhéanann ceannaitheoir atá ag feidhmiú ar leibhéal mórdhíola na trádála le húsáideoirí deiridh;

(v)

srian a chur ar chumas an cheannaitheora comhpháirteanna, arna soláthar lena n-ionchorprú, a dhíol go gníomhach nó go héighníomhach le custaiméirí a bhainfeadh úsáid astu chun na cineálacha céanna earraí leo siúd a tháirgeann an soláthróir a mhonarú;

(e)

cosc a chur ar an gceannaitheoir nó ar a chustaiméirí úsáid éifeachtach a bhaint as an idirlíon chun earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol, toisc gur rud é sin a chuireann srian ar an gcríoch a bhféadfar earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol isteach ann, nó ar na custaiméirí a bhféadfar earraí nó seirbhísí an chonartha a dhíol leo, de réir bhrí phointí (b), (c) nó (d), gan dochar don fhéidearthacht an méid seo a leanas a fhorchur ar an gceannaitheoir:

(i)

srianta eile le díolacháin ar líne; nó

(ii)

srianta a chur ar fhógraíocht ar líne nach é is cuspóir di cosc a chur ar úsáid bealaigh fógraíochta ar líne iomláin;

(f)

srian, arna chomhaontú idir soláthróir comhpháirteanna agus ceannaitheoir a ionchorpraíonn na comhpháirteanna sin, a chur ar chumas an tsoláthróra na comhpháirteanna a dhíol mar pháirteanna spártha le húsáideoirí deiridh nó le deisitheoirí, mórdhíoltóirí nó soláthraithe seirbhísí eile nár chuir an ceannaitheoir de chúram orthu earraí dá chuid a dheisiú nó a sheirbhísiú.

Airteagal 5

Srianta eisiata

1.   Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas i gcomhaontuithe ingearacha:

(a)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach gan dul in iomaíocht, arb éiginnte a fad nó ar mó a fad ná 5 bliana;

(b)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann an ceannaitheoir, tar éis fhoirceannadh an chonartha, earraí nó seirbhísí a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol;

(c)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndíolann comhaltaí córais dáileacháin roghnaithigh brandaí de chuid soláthróirí iomaíocha áirithe;

(d)

aon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann ceannaitheoir seirbhísí idirghabhála ar líne earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, ná a dhíol ná a athdhíol leo, faoi choinníollacha níos fabhraí trí seirbhísí idirghabhála ar líne iomaíocha;

2.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), ní bheidh feidhm ag an teorainn ama 5 bliana i gcás ina ndíolann an ceannaitheoir earraí nó seirbhísí an chonartha ó áitreabh agus ó thalamh ar leis an soláthróir é nó atá ar léas ag an soláthróir ó thríú páirtithe nach bhfuil baint acu leis an gceannaitheoir, ar choinníoll nach mó fad na hoibleagáide gan dul in iomaíocht ná tréimhse áitíochta an áitribh agus na talún ag an gceannaitheoir.

3.   De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 maidir le haon oibleagáid dhíreach nó indíreach a bhfuil mar thoradh uirthi nach ndéanann an ceannaitheoir, tar éis fhoirceannadh an chonartha, earraí nó seirbhísí a mhonarú, a cheannach, a dhíol ná a athdhíol i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

baineann an oibleagáid le hearraí nó seirbhísí atá in iomaíocht le hearraí nó seirbhísí an chonartha;

(b)

tá an oibleagáid teoranta don áitreabh agus don talamh ónar fheidhmigh an ceannaitheoir le linn thréimhse an chonartha;

(c)

tá an oibleagáid fíor-riachtanach chun fios gnó a aistrítear ón soláthróir chuig an gceannaitheoir a chosaint;

(d)

tá fad na hoibleagáide teoranta do thréimhse 1 bhliana amháin tar éis fhoirceannadh an chonartha.

Beidh mír 1, pointe (b) gan dochar don fhéidearthacht srian a fhorchur atá gan teorainn ó thaobh ama de ar úsáid agus ar nochtadh fios gnó nach bhfuil san fhearann poiblí.

Airteagal 6

Tarraingt siar i gcásanna ar leith

1.   Féadfaidh an Coimisiún tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar, de bhun Airteagal 29(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, i gcás ina gcinnfidh sé in aon chás ar leith, i ndáil le comhaontú ingearach a bhfuil feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Rialachán seo maidir leis, go bhfuil éifeachtaí mar sin féin ag an gcomhaontú sin arb éifeachtaí iad atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) den Chonradh. D’fhéadfadh éifeachtaí den sórt sin a bheith ann, mar shampla, i gcás ina bhfuil comhdhlúthacht mhór ann sa mhargadh ábhartha do sholáthar seirbhísí idirghabhála ar líne, agus ina bhfuil srian ar an iomaíocht idir soláthraithe seirbhísí den sórt sin mar gheall ar an éifeacht charnach atá ag líonraí comhthreomhara de chomhaontuithe comhchosúla, comhaontuithe a chuireann srian ar cheannaitheoirí na seirbhísí idirghabhála ar líne ó thaobh earraí nó seirbhísí a thairiscint d’úsáideoirí deiridh, nó iad a dhíol nó a athdhíol le húsáideoirí deiridh, faoi choinníollacha níos fabhraí ar a mbealaí díolacháin dhírigh.

2.   Féadfaidh údarás iomaíochta Ballstáit tairbhe an Rialacháin seo a tharraingt siar i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 29(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003.

Airteagal 7

Neamhfheidhmiú an Rialacháin seo

De bhun Airteagal 1a de Rialachán Uimh. 19/65/CEE, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú trí bhíthin rialacháin, i gcás ina gcumhdaítear os cionn 50 % de mhargadh ábhartha le líonraí comhthreomhara de shrianta ingearacha comhchosúla, nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaontuithe ingearacha ina bhfuil srianta sonracha a bhaineann leis an margadh sin.

Airteagal 8

Cur i bhfeidhm na tairsí maidir le sciar den mhargadh

Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas chun na tairseacha maidir le sciar den mhargadh dá bhforáiltear in Airteagal 3 a chur i bhfeidhm:

(a)

ríomhfar sciar an tsoláthróra den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh agus ríomhfar sciar an cheannaitheora den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na gceannachán ar an margadh. Mura bhfuil sonraí maidir le luach na ndíolachán ar an margadh ná maidir le luach na gceannachán ar an margadh ar fáil, féadfar úsáid a bhaint as meastacháin atá bunaithe ar fhaisnéis iontaofa ar an margadh, lena n-áirítear méideanna díolachán agus ceannachán ar an margadh, chun sciar an ghnóthais lena mbaineann den mhargadh a shuí;

(b)

ríomhfar an sciar den mhargadh ar bhonn na sonraí a bhaineann leis an mbliain féilire roimhe sin;

(c)

áireofar le sciar an tsoláthróra den mhargadh aon earra nó seirbhís a chuirtear ar fáil do dháileoirí atá comhtháite go hingearach lena dhíol nó lena díol;

(d)

más rud é nach mó ná 30 % an sciar den mhargadh ar dtús, ach má thagann ardú air os cionn an leibhéil sin ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 fós ar feadh tréimhse 2 bhliain féilire as a chéile tar éis na bliana inar sáraíodh an tairseach 30 % den chéad uair;

(e)

an sciar den mhargadh atá i seilbh na ngnóthas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), an dara fomhír, pointe (e), déanfar é a chionroinnt go cothrom ar na gnóthais uile a bhfuil na cearta nó na cumhachtaí a liostaítear i bpointe (a) den fhomhír sin acu;

Airteagal 9

Cur i bhfeidhm na tairsí maidir le láimhdeachas

1.   Chun an láimhdeachas bliantúil iomlán de réir bhrí Airteagal 2(2) a ríomh, cuirfear le chéile an láimhdeachas a rinne an páirtí ábhartha leis an gcomhaontú ingearach le linn na bliana airgeadais deiridh agus an láimhdeachas a rinne a ghnóthais ghaolmhara i leith gach earra agus seirbhís, agus na cánacha agus na dleachtanna eile go léir á gcur as an áireamh. Chuige sin, ní chuirfear san áireamh aon ghnóthaíocht idir an páirtí leis an gcomhaontú ingearach agus a ghnóthais ghaolmhara ná idir a ghnóthais ghaolmhara.

2.   Beidh an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 2 infheidhme i gcás, maidir le haon tréimhse 2 bhliain airgeadais as a chéile, nach sáraítear an tairseach maidir le láimhdeachas bliantúil iomlán le níos mó ná 10 %.

Airteagal 10

An idirthréimhse

Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 101(1) den Chonradh le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Bealtaine 2023 maidir le comhaontuithe atá i bhfeidhm cheana féin an 31 Bealtaine 2022 nach gcomhlíonann na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear sa Rialachán seo ach a chomhlíon, an 31 Bealtaine 2022, na coinníollacha le haghaidh díolúine dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 330/2010.

Airteagal 11

Tréimhse bhailíochta

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2022.

Rachaidh sé in éag an 31 Bealtaine 2034.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO 36, 6.3.1965.

(2)   IO C 359, 7.9.2021, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i ndáil le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtais chomhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).


11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/721 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena gceartaítear an leagan Seicise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (1), agus Airteagal 5(11) de go háirithe,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Seicise den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún (2), tá earráidí i gCaibidil 7, Roinn 7.2, foroinn 7.2.1, pointe 7.2.1.1.2, an chéad mhír, pointe (1), agus sa dara mír, ar earráidí iad a athraíonn brí na bhforálacha.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Seicise de Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste arna bhunú le hAirteagal 51(1) de Threoir (AE) 2016/797,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 138, 26.5.2016, lch. 44.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (IO L 356, 12.12.2014, lch. 110).


CINNTÍ

11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/15


CINNEADH (AE) 2022/722 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2022

lena n-údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht a shíniú, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 agus Airteagal 82(1), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 6 Meitheamh 2019, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún a bheith rannpháirteach, thar ceann an Aontais, sa chaibidlíocht maidir leis an Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (CETS Uimh. 185) (“an Coinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht”).

(2)

An 17 Samhain 2021, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (“an Prótacal”), agus tá sé beartaithe é a oscailt lena shíniú an 12 Bealtaine 2022.

(3)

Tagann forálacha an Phrótacail faoi réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha comhchoiteanna de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear ionstraimí lena n-éascaítear comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, lena n-áirithítear íoschaighdeáin maidir le cearta nós imeachta, mar aon le coimircí i ndáil le cosaint sonraí agus le coimircí príobháideachas.

(4)

Chuir an Coimisiún tograí reachtacha isteach freisin le haghaidh Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla, agus le haghaidh Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla, lenar tugadh isteach Orduithe Táirgthe agus Caomhnaithe Eorpacha ceangailteacha trasteorann atá le díriú go díreach ar ionadaí de chuid soláthraí seirbhíse i mBallstát eile.

(5)

Lena rannpháirtíocht sa chaibidlíocht ar an bPrótacal, d’áirithigh an Coimisiún a chomhoiriúnacht le rialacha comhchoiteanna ábhartha an Aontais.

(6)

Tá gá le roinnt forchoimeádas, dearbhuithe, fógraí agus teachtaireachtaí maidir leis an bPrótacal chun comhoiriúnacht an Phrótacail le dlí agus beartais an Aontais a áirithiú. Tá roinnt eile acu ábhartha chun a áirithiú go gcuireann Ballstáit an Aontais ar Páirtithe iad sa Phrótacal (“na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit iad”) an Prótacal i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir lena gcaidrimh le tríú tíortha ar Páirtithe iad sa Phrótacal (“na Páirtithe sa Phrótacal ar tríú tíortha iad”), agus go gcuirtear an Prótacal i bhfeidhm go héifeachtach freisin.

(7)

Is gan dochar d’aon fhorchoimeádais nó dearbhuithe is mian leis na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn aonair i gcás ina gceadóidh an Prótacal é sin atá na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí agus na teachtaireachtaí seo a dtugtar treoir do na Ballstáit ina dtaobh atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(8)

Maidir leis na Ballstáit sin nach ndéanann na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí agus na teachtaireachtaí i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhoirmiú tráth an tsínithe, ba cheart dóibh an méid sin a dhéanamh tráth a dhéanfar an ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa a thaisceadh i dtaca leis an bPrótacal.

(9)

Tar éis dóibh an Prótacal a shíniú agus a dhaingniú, é a ghlacadh nó a fhormheas, ba cheart do na Ballstáit breathnú, sa bhreis ar an méid sin, ar an méid a thugtar le fios san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(10)

Déantar foráil sa Phrótacal maidir le nósanna imeachta meara lena gcuirtear feabhas ar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach agus maidir le leibhéal ard coimircí. Dá bhrí sin, déanfar na rudaí seo a leanas de thairbhe a theacht i bhfeidhm: cuirfear leis an gcomhrac i gcoinne na cibearchoireachta agus cineálacha eile coireachta ar an leibhéal domhanda trí chomhar a éascú idir na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit iad agus na Páirtithe sa Phrótacal ar tríú tíortha iad, áiritheofar ardleibhéal cosanta do dhaoine aonair, agus tabharfar aghaidh ar choinbhleachtaí dlí.

(11)

Déantar foráil sa Phrótacal maidir le coimircí iomchuí i gcomhréir leis na ceanglais i ndáil le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus faoi Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, áiritheofar an méid seo a leanas lena theacht i bhfeidhm: rannchuideofar le cur chun cinn chaighdeáin an Aontais maidir le cosaint sonraí ar an leibhéal domhanda, éascófar sreabha sonraí idir na Páirtithe sa Phrótacal ar Ballstáit iad agus na Páirtithe sa Phrótacal ar tríú tíortha iad, agus áiritheofar go gcomhlíonfaidh na Ballstáit den Aontas a gcuid oibleagáidí faoi rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

(12)

Le teacht i bhfeidhm mear an Phrótacail, deimhneofar tábhacht an Coinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht mar an príomhchreat iltaobhach sa chomhrac i gcoinne na cibearchoireachta é.

(13)

Ní féidir leis an Aontas an Prótacal a shíniú, ós rud é nach féidir ach le stáit a bheith ina bpáirtithe ann.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart a údarú do na Ballstáit an Prótacal a shíniú, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh chun leas an Aontais.

(15)

Moltar do na Ballstáit an Prótacal a shíniú le linn shearmanas an tsínithe, nó ar an dáta is luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

(16)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug sé tuairim an 21 Eanáir 2022.

(17)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(19)

Is iad na leaganacha Béarla agus Fraincise den Prótacal, a ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa an 17 Samhain 2021, na leaganacha barántúla den téacs,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a shíniú chun leas an Aontais, Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht (“an Prótacal”) (4).

Airteagal 2

1.   Agus an Prótacal á shíniú ag na Ballstáit, féadfaidh siad forchoimeádais, dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí i gcomhréir le Ranna 1 go 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a dhéanamh.

2.   Na Ballstáit a shíneoidh an Prótacal nach ndéanfaidh forchoimeádais, dearbhuithe, fógraí ná cumarsáidí dá dtagraítear i mír 1 tráth sínithe an Phrótacail, déanfaidh siad amhlaidh nuair a thaiscfidh siad a n-ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó formheasa don Phrótacal.

3.   Tar éis dóibh an Prótacal a shíniú agus a dhaingniú, é a ghlacadh nó a fhormheas, breathnóidh na Ballstáit, sa bhreis ar an méid sin, ar an méid a thugtar le fios i Roinn 4 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(2)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(4)  Foilseofar téacs an Phrótacail in éineacht leis an gcinneadh lena n-údaraítear é a dhaingniú.


IARSCRÍBHINN

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo na forchoimeádais, na dearbhuithe, na fógraí na teachtaireachtaí agus táscanna, dá dtagraítear in Airteagal 2.

1.   Forchoimeádais

De bhun Airteagal 19, mír 1, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go mbaineann sé leas as forchoimeádais amháin nó níos mó dá bhforáiltear in airteagail áirithe den Phrótacal.

De bhun Airteagal 7, mír 9.a, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 (Faisnéis rannpháirtí a nochtadh) a chur i bhfeidhm. Staonfaidh na Ballstáit ó fhorchoimeádas den sórt sin a dhéanamh.

De bhun Airteagal 7, mír 9.b, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí, faoi réir na gcoinníollacha atá ann, an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 7 a chur i bhfeidhm maidir le huimhreacha rochtana de chineálacha áirithe. Ní fhéadfaidh na Ballstáit forchoimeádas den sórt sin a dhéanamh, ach amháin i ndáil le huimhreacha rochtana, seachas iad siúd is ga chun an t-úsáideoir a shainaithint agus chuige sin amháin.

De bhun Airteagal 8, mír 13, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí an ceart a fhorchoimeád gan Airteagal 8 (Éifeacht a thabhairt d’orduithe ó Pháirtí eile maidir le nochtadh brostaithe na faisnéise rannpháirtí agus na sonraí tráchta) a chur i bhfeidhm maidir le sonraí tráchta. Moltar do na Ballstáit staonadh ó fhorchoimeádas den sórt sin a dhéanamh.

I gcás ina dtugtar bonn i leith forchoimeádais eile in Airteagal 19, mír 1, údaraítear do na Ballstáit forchoimeádas den sórt sin a mheas agus a dhéanamh.

2.   Dearbhuithe

De bhun Airteagal 19, mír 2, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí na dearbhuithe a shainaithnítear in airteagail áirithe den Phrótacal a dhéanamh.

De bhun Airteagal 7, mír 2.b, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí, i ndáil le horduithe arna n-eisiúint chuig soláthraithe seirbhíse ar a chríoch, an dearbhú seo a leanas a dhéanamh

An t-ordú faoi Airteagal 7, mír 1, ní mór dó a bheith eisithe ag ionchúisitheoir nó ag údarás breithiúnach eile, nó faoi mhaoirseacht ionchúisitheora nó údaráis bhreithiúnaigh eile, nó seachas sin, ní mór dó a bheith eisithe faoi mhaoirseacht neamhspleách.

Déanfaidh na Ballstáit, i ndáil le horduithe arna n-eisiúint chuig sholáthraithe seirbhíse ar a gcríoch, an dearbhú a leagtar amach sa dara mír den phointe seo.

De bhun Airteagal 9 (Nochtadh brostaithe na sonraí ríomhaireachta stóráilte i gcás éigeandála) mír 1.b, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí a dhearbhú nach ndéanfaidh sé iarrataí faoi mhír l.a den Airteagal sin a fhorghníomhú, nuair nach bhfuil ach nochtadh faisnéise rannpháirtí á lorg. Moltar do na Ballstáit staonadh ó dhearbhú den sórt sin a dhéanamh.

I gcás ina dtugtar bonn i leith dearbhuithe eile in Airteagal 19, mír 2, údaraítear do na Ballstáit dearbhuithe den sórt sin a mheas agus a dhéanamh.

3.   Dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí

De bhun Airteagal 19, mír 3, den Phrótacal, tá Páirtí le haon dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí atá sainaitheanta in airteagail áirithe den Phrótacal de réir na dtéarmaí a shonraítear iontu a dhéanamh.

De bhun Airteagal 7, mír 5.a, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí fógra a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, gur nuair a eisítear ordú faoi mhír 1 den Airteagal sin chuig soláthraí seirbhíse ar a chríoch, éilíonn an Páirtí, i ngach cás nó in imthosca sainaitheanta, fógra comhuaineach faoin ordú, an fhaisnéis fhorlíontach agus achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an fógra seo a leanas a thabhairt d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa:

Nuair a eisítear ordú faoi Airteagal 7, mír 1, chuig soláthraí seirbhíse ar chríoch [Ballstát], éilíonn [Ballstát], i ngach cás, fógra comhuaineach faoin ordú, an fhaisnéis fhorlíontach agus achoimre ar na fíorais a bhaineann leis an imscrúdú nó leis an imeacht ”.

I gcomhréir le hAirteagal 7, mír 5 e, den Phrótacal, ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil aonair chun an fógra a fháil faoi Airteagal 7, mír 5 a, agus chun na gníomhaíochtaí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 7, mír 5.b, mír 5.c agus mír 5.d, den Phrótacal a dhéanamh, agus, nuair a thugtar an fógra d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa den chéad uair, faoi Airteagal 7, mír 5.a, den Phrótacal, cuirfidh na Ballstáit faisnéis teagmhála an údaráis sin in iúl d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

De bhun Airteagal 8, mír 4, den Phrótacal, féadfaidh Páirtí a dhearbhú go bhfuil gá le faisnéis tacaíochta bhreise chun éifeacht a thabhairt d’orduithe faoi mhír 1 den Airteagal sin. Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an dearbhú seo a leanas:

Tá faisnéis tacaíochta bhreise ag teastáil chun éifeacht a thabhairt d’orduithe faoi Airteagal 8, mír 1. Braithfidh an fhaisnéis tacaíochta bhreise a bheidh ar imthosca an ordaithe agus ar an imscrúdú nó an t-imeacht gaolmhar ”.

I gcomhréir le hAirteagal 8, mír 10.a agus mír 10.b, den Phrótacal, déanfaidh na Ballstáit faisnéis teagmhála na n-údarás arna n-ainmniú ordú faoi Airteagal 8 a chur in iúl agus a choinneáil cothrom le dáta, agus na húdaráis arna n-ainmniú ordú a fháil faoi Airteagal 8, faoi seach. Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (1), lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), áireoidh siad OIPE, laistigh de theorainneacha fheidhmiú a hinniúlachtaí mar a fhoráiltear don mhéid sin in Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 25 den Rialachán sin, i measc na n-údarás a chuirtear in iúl faoi Airteagal 8, mír 10.a agus mír 10.b, den Phrótacal, agus déanfar é sin ar bhealach comhordaithe.

Dá réir sin, déanfaidh na Ballstáit an dearbhú seo a leanas:

I gcomhréir le hAirteagal 8, mír 10, ainmníonn [Ballstát], mar Bhallstát den Aontas Eorpach atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí, dá bhforáiltear in Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), mar údarás inniúil.

I gcomhréir le hAirteagal 14, mír 7.c, den Phrótacal, cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa cé hé an t-údarás nó cé hiad na húdaráis a bhfuil fógra le tabhairt dóibh i ndáil le teagmhas slándála faoi Airteagal 14, mír 7.b, den Phrótacal, chun críocha Chaibidil II, Roinn 2, den Phrótacal.

I gcomhréir le hAirteagal 14, mír 10.b, den Phrótacal, cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa cé hé an t-údarás nó cé hiad na húdaráis atá le húdarú a thabhairt dóibh chun críoch Chaibidil II, Roinn 2, den Phrótacal, i ndáil le sonraí arna bhfáil faoin bPrótacal a aistriú ar aghaidh chuig Stát eile nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile.

I gcás ina dtugtar bonn i leith dearbhuithe, fógraí nó teachtaireachtaí eile in Airteagal 19, mír 3, den Phrótacal, údaraítear do na Ballstáit dearbhuithe, fógraí agus cumarsáidí den sórt sin a mheas agus a dhéanamh.

4.   Táscanna eile

Na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939, áiritheoidh siad gur féidir le OIPE, i bhfeidhmiú a hinniúlachtaí di mar dá bhforáiltear don mhéid sin in Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 25 den Rialachán sin, comhar a lorg faoin bPrótacal ar an gcaoi chéanna le hionchúisitheoirí náisiúnta na mBallstát sin.

Maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7, go háirithe maidir le huimhreacha rochtana de chineálacha áirithe, féadfaidh na Ballstáit ordú faoin Airteagal sin a chur faoi réir grinnscrúdú ar ionchúisitheoir nó ar údarás breithiúnach eile nuair a fhaigheann a n-údarás inniúil fógra comhuaineach faoin ordú roimh nochtadh na faisnéise iarrtha ag an soláthraí.

I gcomhréir le hAirteagal 14, mír 11.c, den Phrótacal, agus sonraí á n-aistriú chun críocha an Phrótacail acu, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear in iúl don Pháirtí fála go gceanglaítear go ndéantar a chreat dlíthiúil náisiúnta lena dtugtar fógra pearsanta don duine aonair a dhéantar a chuid sonraí a sholáthar.

Maidir le haistrithe idirnáisiúnta ar bhonn Comhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh (2) (“an Scáth-Chomhaontú”), cuirfidh na Ballstáit in iúl d’údaráis inniúla na Stát Aontaithe, chun críocha Airteagal 14, mír 1.b, den Phrótacal, go bhfuil feidhm ag an Scáth-Chomhaontú maidir le haistrithe cómhalartacha sonraí pearsanta faoin bPrótacal idir údaráis inniúla. Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cheart an Scáth-Chomhaontú a chomhlánú le coimircí breise lena gcuirtear san áireamh na ceanglais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis mar a fhoráiltear dó sin faoin bPrótacal. Dá réir sin, cuirfidh na Ballstáit an teachtaireacht seo a leanas chuig údaráis inniúla na Stát Aontaithe:

Chun críocha Airteagal 14, mír 1.b, den Dara Prótacal Breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le Cibearchoireacht (“an Prótocal”), measann [Ballstát] go bhfuil feidhm ag an gComhaontú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir le cosaint faisnéise pearsanta a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh (“an Scáth-Chomhaontú”) maidir le haistrithe cómhalartacha sonraí pearsanta idir údaráis inniúla faoin bPrótacal. I gcás aistrithe idir soláthraithe seirbhíse agus údaráis faoin bPrótacal, níl feidhm ag an Scáth-Chomhaontú ach amháin in éineacht le socrú sonrach breise de réir bhrí Airteagal 3, mír 1, den Scáth-Chomhaontú lena dtugtar aghaidh ar na riachtanais uathúla a bhaineann le fianaise leictreonach a bheith á haistriú go díreach ag soláthraithe seirbhíse seachas idir údaráis. In éagmais comhaontú sonrach aistrithe den sórt sin, féadfar na haistrithe sin a dhéanamh faoin bPrótacal, agus sa chás sin, tá feidhm ag Airteagal 14, mír 1.a, i gcomhar le hAirteagal 14, míreanna 2 go 15, den Phrótacal.

Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuireann siad Airteagal 14, mír 1.c, den Phrótacal, i bhfeidhm ach amháin má tá cinneadh leordhóthanachta glactha ag an gCoimisiún Eorpach de bhun Airteagal 45 den Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó Airteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i gcás an tríú tír lena mbaineann, cinneadh lena gcumhdaítear na haistrithe sonraí, nó ar bhonn comhaontú eile lena n-áirítear coimircí iomchuí i ndáil le cosaint sonraí de bhun Airteagal 46(2), pointe a, de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 37(1), pointe a, de Threoir (AE) 2016/680.


(1)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(2)   IO L 336, 10.12.2016, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/21


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/723 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le hAerspás) (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (2) bunaítear Bord Bainistithe Líonra chun faireachán agus stiúradh a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta. Bunaítear leis freisin Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime chun bainistiú éifeachtach géarchéime a áirithiú ar leibhéal an líonra.

(2)

De bhun Airteagal 18(7) agus Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123, ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha chuig an mBord agus chuig an Aonad ar mholtaí óna n-eagraíochtaí, GEC nó Eurocontrol.

(3)

Is le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún (3) a ceapadh cathaoirleach, leaschathaoirligh, comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistithe Líonra agus comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Aonaid Eorpaigh um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na tréimhse 2020 go dtí 2024.

(4)

In 2020, cuireadh san áireamh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 ón gCoimisiún (4) roinnt moltaí leis na húdaráis ainmnithe a shainaithnítear in Airteagal 18(7) agus in Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 le haghaidh ceapacháin chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime.

(5)

I ndiaidh theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201, fuair an Coimisiún roinnt moltaí maidir le ceapacháin nua chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime.

(6)

Ar na moltaí a fuarthas bhí moladh ó Eurocontrol inar ainmníodh ceathrar ionadaithe ar Sholáthraithe Seirbhísí Aerloingseoireachta de chuid tíortha comhlachaithe le haghaidh 2022 agus 2023. Ba cheart don Choimisiún na hainmniúcháin sin a ghlacadh le haghaidh 2022 amháin chun gur féidir uainíocht a dhéanamh ar ionadaithe na dtíortha comhlachaithe sna blianta ina dhiaidh sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123.

(7)

Moladh ó úsáideoirí aerspáis maidir le comhalta nua a bhfuil vóta aige agus leaschathaoirleach a dhéanfadh ionadaíocht ar úsáideoirí aerspáis, ní chomhlíonann sé ach i bpáirt na cáilíochtaí riachtanacha a éilítear le haghaidh an phoist sin, toisc go n-éilítear taithí oibríochtúil. Dá bhrí sin, beidh an ceapachán sin srianta don 31 Nollaig 2022 chun go mbeidh níos mó ama ag úsáideoirí aerspáis ionadaí a mholadh ón 1 Eanáir 2023, ionadaí a chomhlíonann na riachtanais le haghaidh an phoist sin ar bhonn níos fearr.

(8)

Gach duine a bhfuil sé beartaithe iad a cheapadh, ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo ba cheart dóibh teacht in ionad na ndaoine arna gceapadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201.

(9)

Ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne chun go mbeidh daoine nuacheaptha in ann a bheith rannpháirteach sa Bhord Bainistithe Líonra le haghaidh a chéad chruinnithe eile.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Aerspás Aonair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfar iad ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Nollaig 2024, mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra, sa cháil a shanntar dóibh dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás go sonraítear tréimhse níos giorra san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag an tréimhse sin.

Na sainorduithe atá ann faoi láthair agus a chumhdaítear ag na ceapacháin dá dtagraítear sa chéad mhír, rachaidh siad in éag ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, ceapfar iad ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Nollaig 2024, mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime, sa cháil a shanntar dóibh dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás go sonraítear tréimhse níos giorra san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag an tréimhse sin.

Na sainorduithe atá ann faoi láthair agus a chumhdaítear ag na ceapacháin dá dtagraítear sa chéad mhír, rachaidh siad in éag ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

(2)   IO L 28, 31.1.2019, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le ceapachán an chathaoirligh agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh feidhmeanna bainistíochta líonra aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha 2020-2024 (IO L 328, 18.12.2019, lch. 90).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (IO L 434, 23.12.2020, lch. 59).


IARSCRÍBHINN I

CEAPACHÁIN COMHALTAÍ A BHFUIL VÓTA ACU AGUS COMHALTAÍ NACH BHFUIL VÓTA ACU DEN BHORD BAINISTITHE LÍONRA, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA

An Cathaoirleach:

Gan ceapachán nua*  (1)

An Chéad Leas-Chathaoirleach:

Thomas Reynaert, Stiúrthóir Bainistíochta A4E (go dtí an 31 Nollaig 2022)

An Dara Leas-Chathaoirleach:

Gan ceapachán nua*


Úsáideoirí aerspáis

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

AIRE/ERA

Maciej Wilk, Príomhoifigeach Oibriúcháin/Bainisteoir Cuntasach, LOT (AIRE)

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

Peter Sandgren, Stiúrthóir Oibríochtaí Talún, Nova Airlines AB (ERA)

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

A4E

Thomas Reynaert, Stiúrthóir Bainistíochta A4E (go dtí an 31 Nollaig 2022)

Matthew Krasa, Ceann na nGnóthaí Poiblí, Ryanair

IATA

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*

EBAA/IAOPA/EAS

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta de réir an bhloic feidhme aerspáis

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

BALTIC

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*

BLUE MED

Maurizio Pagetti, Príomhoifigeach Oibriúcháin, ENAV

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

Claude Mallia, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, MATS

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

DANUBE

Gan ceapachán nua*

Adrian Florea,

Stiúrthóir Oibríochtúil

(ROMATSA)

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

DK-SE

Gan ceapachán nua*

Thorsten Elkjaer, Príomhoifigeach Oibriúcháin, NAVIAIR

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

FABCE

Gabor Menrath,

Stiúrthóir ATM HungaroControl (go dtí an 31 Nollaig 2024)

Alexander Hanslik,

Stiúrthóir Austro Control

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

FABEC

Dirk Mahns, Príomhoifigeach Oibriúcháin, Deutsche Flugsicherung GmbH (DFS)

Florian Guillermet, Stiúrthóir, DSNA

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

 

 

Gan ceapachán nua*

NEFAB

Tormod Rangnes, Stiúrthóir Oibríochtaí, Avinor

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

Janis Lapins, Leas-Cheann ATM, LGS

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

SW

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*

UK-IRELAND

Gan ceapachán nua*

Joe Ryan, Údarás Eitlíochta na hÉireann


Oibreoirí aerfoirt

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

 

Gan ceapachán nua*

Ivan Bassato, Stiúrthóir Bainistíochta Aerfoirt, Aeroporto di Roma Fiumicino (Roma)

 

Gan ceapachán nua*

Isabelle Baumelle, Príomhoifigeach Oibriúcháin & Stiúrthóir Margaíochta Aerlínte, Aeroports de la Cote d’Azur, Nice, an Fhrainc


An tArm

 

Comhaltaí a bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

Soláthraithe míleata seirbhísí aerloingseoireachta

Gan ceapachán nua*

Leifteanantchoirnéal Matthias Löwa, Stiúrthóir ATM, an tÚdarás Eitlíochta Míleata, an Ghearmáin

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

Úsáideoirí míleata aerspáis

Gan ceapachán nua*

Coirnéal Yann Pichavant, ionadaí ATM, Ministère de la Défense, an Fhrainc


Cathaoirleach an Bhoird Bainistithe Líonra

 

Comhalta nach bhfuil vóta aige

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Thomas Reynaert, Stiúrthóir Bainistíochta A4E (go dtí an 31 Nollaig 2022)

 

Gan ceapachán nua*


An Coimisiún Eorpach

 

Comhalta nach bhfuil vóta aige

Comhalta malartach

 

Christine Berg,

Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair,

AS MOVE, an Coimisiún Eorpach

Staffan Ekwall,

Oifigeach beartas,

AS MOVE, an Coimisiún Eorpach


ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE

 

Comhalta nach bhfuil vóta aige

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Valgerður Guðmundsdóttir, Leas-Stiúrthóir, Údarás Faireachais CSTE


Bainisteoir Líonra

 

Comhalta nach bhfuil vóta aige

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


Cathaoirleach na meithle um oibríochtaí (NDOP)

 

Comhalta nach bhfuil vóta aige

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Joszef Bakos,

Ceann ATS,

HungaroControl


Ionadaithe ar sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tíortha comhlachaithe

 

Comhaltaí nach bhfuil vóta acu

Comhaltaí malartacha

Go dtí an 31 Nollaig 2022.

Juliet Kennedy, Stiúrthóir Oibríochtaí, NATS, an Ríocht Aontaithe

Martin Donnan, stiúrthóir ATM faoi bhealach, NATS, an Ríocht Aontaithe

Go dtí an 31 Nollaig 2022

Sitki Kagan Ertas, Soláthraí Seirbhísí Aerloingseoireachta na Tuirce (DHMI)

Sevda Turhan, Soláthraí Seirbhísí Aerloingseoireachta na Tuirce (DHMI)

 

 

 


Eurocontrol

 

Comhalta nach bhfuil vóta aige

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


(1)  Ionadaithe a bhfuil * leo in Iarscríbhinní I agus II, ceapadh iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168, atá i bhfeidhm go fóill.


IARSCRÍBHINN II

CEAPACHÁIN COMHALTAÍ BUANA DEN AONAD EORPACH UM CHOMHORDÚ EITLÍOCHTA I gCÁS GÉARCHÉIME, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA

Na Ballstáit

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


Stáit CSTE

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


An Coimisiún Eorpach

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Christine Berg,

Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair,

AS MOVE, an Coimisiún Eorpach

Staffan Ekwall,

Oifigeach beartas,

AS MOVE, an Coimisiún Eorpach


Gníomhaireacht

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Fabio Grasso – Bainisteoir na Rannóige um Chaighdeáin agus Cur Chun Feidhme ATM

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

Gan ceapachán nua*


Eurocontrol

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


Bainisteoir Líonra

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Steven Moore

Bainisteoir Oibríochtaí EACCC

Bainisteoir Líonra na Stiúrthóireachta

Eurocontrol


An tArm

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Leifteanantchoirnéal Frank Hosten

Údarás Eitlíochta Míleata na Gearmáine

Coirnéal Yann Pichavant,

Ministère de la Défense, an Fhrainc


Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


Oibreoirí aerfoirt

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Aidan Flanagan, Bainisteoir Sábháilteachta, ACI – Europe

(Go dtí an 31 Nollaig 2024)

Gan ceapachán nua*


Úsáideoirí aerspáis

 

Comhalta

Comhalta malartach

 

Gan ceapachán nua*

Gan ceapachán nua*


11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/28


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/724 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19 sin. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 8 Feabhra 2022, chuir Poblacht na Séiséal faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe COVID-19 idir-inoibritheacha i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “Travizory Health Credential”. Chuir Poblacht na Séiséal an Coimisiún ar an eolas go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht na Séiséal in iúl don Choimisiún go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal i gcomhréir leis an gcóras “Travizory Health Credential”.

(4)

Chuir Poblacht na Séiséal in iúl don Choimisiún freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(5)

An 5 Aibreán 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht na Séiséal, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal i gcomhréir leis an gcóras “Travizory Health Credential”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal i gcomhréir leis an gcóras “Travizory Health Credential”.

(6)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na Séiséal an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Spikevax, Covishield, COVID-19 Vaccine Janssen, Sputnik V, agus BBIBP-CorV.

(7)

Thairis sin, chuir Poblacht na Séiséal an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh agus i ndáil le mearthástálacha antaiginí a liostaítear sa liosta comhchoiteann agus cothrom le dáta de mhearthástálacha antaiginí COVID-19 arna chomhaontú ag an gCoiste Slándála Sláinte ar bhonn Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 (3), ar Coiste é a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(8)

Thairis sin, chuir Poblacht na Séiséal an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí.

(9)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na Séiséal an Coimisiún ar an eolas go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i bPoblacht na Séiséal, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal i gcomhréir leis an gcóras “Travizory Health Credential” le meas ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal i gcomhréir leis an gcóras “Travizory Health Credential”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht na Séiséal a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó é a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

Chun Poblacht na Séiséal a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht na Séiséal i gcomhréir leis an gcóras “Travizory Health Credential” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht na Séiséal a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).

(3)  Moladh ón gComhairle an 21 Eanáir 2021 maidir le creat comhchoiteann maidir le húsáid agus bailíochtú mearthástálacha antaiginí agus le haitheantas frithpháirteach do thorthaí tástála COVID-19 san Aontas (IO C 24, 22.1.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).


11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/31


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/725 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/953 creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo chun feidhmiú cheart na sealbhóirí chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 22 Deireadh Fómhair 2021, chuir Poblacht Shóisialach Vítneam faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh faoin gcóras dar teideal “

Image 1
”. Chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam i gcomhréir leis an gcóras “
Image 2
”.

(4)

Chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(5)

An 14 Aibreán 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Poblacht Shóisialach Vítneam, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam i gcomhréir leis an gcóras “

Image 3
”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam i gcomhréir leis an gcóras “
Image 4
”.

(6)

Ina theannta sin, chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID-19. Ar an vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Spikevax, BBIBR COr-V, Vaccine Abdala, Hayat-Vax, COVID-19 Vaccine Janssen, Sputnik V agus Vaxzevria.

(7)

Chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas freisin go n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh, ach nach ndéanann sí amhlaidh i ndáil le mearthástálacha antaiginí.

(8)

Thairis sin, chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh. Tá na deimhnithe sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá tar éis dháta na chéad tástála dearfaí.

(9)

Ina theannta sin, chuir Poblacht Shóisialach Vítneam an Coimisiún ar an eolas go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí i Vítneam, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam i gcomhréir leis an gcóras “

Image 5
” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam i gcomhréir leis an gcóras “

Image 6
”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5), Airteagal 6(5) agus Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht Shóisialach Vítneam a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó é a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

Chun Poblacht Shóisialach Vítneam a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go mbeidh na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag Poblacht Shóisialach Vítneam i gcomhréir leis an gcóras “

Image 7
” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht Shóisialach Vítneam a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).


11.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 134/34


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/726 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Bealtaine 2022

lena leagtar síos gur coibhéiseach iad deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 8(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/953 creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú in aghaidh COVID-19, tástáil le haghaidh COVID-19 agus téarnamh ó COVID-19 (“Deimhniú Digiteach COVID AE”) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo chun feidhmiú cheart na sealbhóirí chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19. Leis an Rialachán sin, rannchuideofar freisin le héascú a dhéanamh ar dheireadh a chur de réir a chéile agus ar mhodh comhordaithe le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

Le Rialachán (AE) 2021/953, ceadaítear glacadh le deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tíortha do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur i gcomhréir le caighdeáin a mheastar a bheith coibhéiseach leis na caighdeáin arna mbunú de bhun an Rialacháin sin a eisítear na deimhnithe COVID-19. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ní mór do na Ballstáit na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/953 a chur i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh tríú tír nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ach atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríoch agus atá i dteideal taisteal chuig Ballstáit eile i gcomhréir le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, aon fhionnachtain choibhéise a leagtar síos sa Chinneadh seo, ba cheart feidhm a bheith aici maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise do shaoránaigh den Aontas agus baill dá dteaghlaigh. Mar an gcéanna, ar bhonn Rialachán (AE) 2021/954, ba cheart feidhm a bheith ag na fionnachtana coibhéise sin freisin maidir le deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch na mBallstát faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

(3)

An 24 Samhain 2021, chuir Poblacht na hIndinéise faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún maidir le heisiúint deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú faoin gcóras dar teideal ‘DIVOC’. Chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go measann sí go bhfuil a deimhnithe COVID-19 á n-eisiúint i gcomhréir le caighdeán agus córas teicneolaíochta atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, agus ar caighdeán agus córas teicneolaíochta iad lena bhfágtar gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. I dtaca leis sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go bhfuil na sonraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”.

(4)

Chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas freisin go nglacann sí le deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus ag tíortha LEE i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(5)

An 12 Aibreán 2022, i ndiaidh iarraidh a fháil ó Phoblacht na hIndinéise, rinne an Coimisiún tástálacha teicniúla a léirigh go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”, ar córas é atá idir-inoibritheach leis an gcreat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, rud a fhágann gur féidir barántúlacht, bailíocht agus sláine na ndeimhnithe a fhíorú. Dheimhnigh an Coimisiún freisin go bhfuil na sonraí is gá san áireamh sna deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”.

(6)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go n-eisíonn sí deimhnithe vacsaínithe idir-inoibritheacha le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID-19. Ar na vacsaíní sin faoi láthair tá Comirnaty, Spikevax, CoronaVac, Vaxzevria agus BBIBP-CorV.

(7)

Chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas freisin nach n-eisíonn sí deimhnithe tástála idir-inoibritheacha i ndáil le tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh ná le mearthástálacha antaiginí.

(8)

Thairis sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas nach n-eisíonn sí deimhnithe idir-inoibritheacha i ndáil le téarnamh.

(9)

Ina theannta sin, chuir Poblacht na hIndinéise an Coimisiún ar an eolas go bpróiseálfaí na sonraí pearsanta atá san áireamh sna deimhnithe chun stádas vacsaínithe, stádas tástála agus stádas téarnaimh an tsealbhóra a fhíorú agus a dheimhniú agus chuige sin amháin nuair a bheidh deimhnithe á bhfíorú ag fíoraitheoirí san Indinéis, agus nach gcoinneofar na sonraí pearsanta ina dhiaidh sin.

(10)

Dá réir sin, comhlíontar na heilimintí is gá chun a shuí go bhfuil na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC” le meas mar dheimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

(11)

Dá bhrí sin, na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC”, ba cheart glacadh leo faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) 2021/953.

(12)

Chun go mbeidh an Cinneadh seo oibríochtúil, ba cheart Poblacht na hIndinéise a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Ar mhaithe le leas an Aontais a chosaint, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún a chumhachtaí a úsáid chun cur i bhfeidhm an Chinnidh seo a chur ar fionraí nó é a aisghairm, i gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2021/953 a thuilleadh.

(14)

Chun Poblacht na hIndinéise a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE a luaithe is féidir, an creat iontaoibhe arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun an ceart chun saorghluaiseachta a éascú laistigh den Aontas, measfar go mbeidh na deimhnithe COVID-19 i ndáil le vacsaíniú arna n-eisiúint ag Poblacht na hIndinéise i gcomhréir leis an gcóras “DIVOC” ina ndeimhnithe atá coibhéiseach leis na deimhnithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 2

Déanfar Poblacht na hIndinéise a nascadh leis an gcreat iontaoibhe maidir le Deimhniú Digiteach COVID AE arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lch. 24).