ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 112 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
Clár |
|
I Gníomhartha reachtacha |
Leathanach |
|
|
RIALACHÁIN |
|
|
* |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
I Gníomhartha reachtacha
RIALACHÁIN
11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 112/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/585 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Aibreán 2022
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4), Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Bhí de thoradh ar an ionradh a rinne Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin isteach i roinnt Ballstát. Leis sin, cuirtear brú as an nua ar acmhainní airgeadais na mBallstát chun déileáil le riachtanais phráinneacha i réimse na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála a bheidh fós ann tar éis 2022 i bhfianaise chineál agus mhéid na géarchéime. |
(2) |
Ón 1 Eanáir 2014, tá tacaíocht á fáil ag beartas gnóthaí baile an Aontais um imirce, bainistiú teorainneacha agus slándáil i bhfoirm maoiniú ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus ón gCiste Slándála Inmheánaí, arb é atá ann an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) (“Cistí Gnóthaí Baile 2014-2020”). |
(3) |
Is gá síneadh bliana a chur le tréimhse cur chun feidhme Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 chun ligean do na Ballstáit méideanna nár caitheadh ó na cláir sin a úsáid go hiomlán, agus, más gá, athbhreithniú tapa a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár atá acu de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin gan choinne atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin. |
(4) |
Is gá foráil a dhéanamh maidir le tuilleadh solúbthachta ó thaobh úsáid acmhainní atá curtha in áirithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 lena gcuirtear cosc faoi láthair ar mhéideanna nár caitheadh ó thréimhse chlársceidealaithe 2014-2020 a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin. |
(5) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cur chun feidhme Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 i ndáil le, inter alia, maoiniúchán caiteachais agus an tréimhse cur chun feidhme. Leis na rialacha sin, cuirtear srian le hincháilitheacht eisíocaíochtaí na mBallstát go dtí an 30 Meitheamh 2023 ar a dhéanaí agus socraítear an 31 Nollaig 2023 mar dheireadh na tréimhse cur chun feidhme. |
(6) |
An 1 Eanáir 2021, faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027, tháinig pacáiste athnuaite cistí i réimse na himirce agus an bhainistithe teorainneacha i bhfeidhm i bhfoirm an Chiste nua um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), na hIonstraime le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an Chiste Slándála Inmheánaí, a bunaíodhe le Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) (“Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027”). |
(7) |
Cé gur tháinig Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027 i bhfeidhm an 15 Iúil 2021, agus infheidhmeacht chúlghabhálach acu ón 1 Eanáir 2021, níor formheasadh cláir na mBallstát uile go fóill. |
(8) |
Chun leanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme chuspóirí beartais Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 agus 2021-2027 agus chun go mbeifear in ann aistriú rianúil a dhéanamh idir na tréimhsí clársceidealaithe le haghaidh 2014-2020 agus le haghaidh 2021-2027, rud a laghdódh an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit, is gá go mbeidh forluí áirithe ann idir cur chun feidhme na n-ionstraimí cistiúcháin sin. Aithnítear an gá sin go sainráite le Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027 agus le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena gceadaítear incháilitheacht chúlghabhálach caiteachais ón 1 Eanáir 2021. |
(9) |
D’ainneoin na bhforálacha sin chun cuidiú chun an bhearna a laghdú idir Cistí Gnóthaí Baile 2014-2020 agus Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027, tá baol ann go mbeidh bearna shuntasach chistiúcháin ag na Ballstáit mar gheall ar dháta deiridh chur chun feidhme Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020 agus na dátaí a thuartar le haghaidh fhormheas na gclár faoi Chistí Gnóthaí Baile 2021-2027. D’fhéadfadh fadhbanna leachtachta a bheith mar thoradh ar an mbearna chistiúcháin sin mar gheall ar an mbrú breise atá ar imirce agus bainistiú teorainneacha na mBallstát tar éis insreabhadh ollmhór na ndaoine easáitithe ón Úcráin. |
(10) |
Is measa an baol go mbeadh bearna shuntasach chistiúcháin ann mar gheall ar an gcaoi a leanann Cistí Gnóthaí Baile 2014-2020 timthriall níos giorra chun gealltanais bhuiséadacha a chur chun feidhme (riail N+2), timthriall nach bhfuil ailínithe le hionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte, amhail cistí comhtháthaithe, a bhfuil feidhm ag tréimhse cur chun feidhme níos faide (N+3) maidir leo. Tá feidhm ag an riail N+3 maidir le Cistí Gnóthaí Baile 2021-2027 mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060. Is é atá i gceist leis an riail N+3 go gcaithfear gealltanas a dhéantar i mbliain N a chumhdach go hiomlán leis an méid céanna réamh-mhaoinithe agus éileamh íocaíochta eatramhaí roimh an 31 Nollaig i mbliain N+3 (mar shampla, caithfear gealltanas a dhéantar in 2014 a chumhdach go hiomlán le réamh-mhaoiniú agus éilimh íocaíochtaí roimh an 31 Nollaig 2017). Déantar an méid nach gcumhdaítear a shaoradh, rud a chiallaíonn go gcailleann an Ballstát an cistiú ábhartha. |
(11) |
Leis an bhfaisnéis atá ar fáil maidir leis an staid mar atá ó thaobh cur chun feidhme sna Ballstáit, léirítear go bhfuil baol mór ann go saorfar cistí a d’fhéadfaí a úsáid ar shlí eile chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua atá tagtha chun cinn. Tá an baol sin ann mar gheall, i bpáirt, ar chúiseanna nach bhfuil smacht ag na Ballstáit orthu, amhail moilleanna ar chur chun feidhme in 2020-2021 arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo. Idir an dá linn, dá gcuirfí síneadh bliana leis an sprioc-am chun cistí a chur chun feidhme, bheadh na Ballstáit in ann úsáid iomlán a bhaint as na gealltanais bhuiséadacha laistigh de chláir 2014-2020 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu anois de bharr an chogaidh san Úcráin. |
(12) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, aithnítear, i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ón mBallstát lena mbaineann, go bhféadfar clár náisiúnta formheasta a athscrúdú agus, más gá, a athchóiriú don tréimhse atá fágtha den tréimhse chlársceidealaithe. Is iomchuí a mheas gurb ionann an cogadh san Úcráin agus “imthosca nua nó imthosca gan choinne” lena dtugtar údar le hathscrúdú agus atreorú oibríochtúil a dhéanamh ar chlár, i bhfianaise na riachtanas nua agus laistigh de chuspóirí sonracha an chláir arna ghlacadh roimhe sin. |
(13) |
Chun rochtain leanúnach a thabhairt do na Ballstáit ar mhéideanna nár caitheadh faoi Chistí Gnóthaí Baile 2014-2020, is gá síneadh bliana a chur le tréimhse incháilitheachta na gcistí sin agus na hathruithe riachtanacha gaolmhara a dhéanamh ar na dátaí is infheidhme maidir le cur chun feidhme, tuairisciú, meastóireacht agus dúnadh na gclár, agus ar na dátaí a bhaineann le méideanna saortha. |
(14) |
Chun a áirithiú go dtugtar an síneadh ar an tréimhse incháilitheachta isteach ar an mbealach is soiléire is féidir, is gá dáta sonrach deiridh amháin a leagan síos faoina gcaithfear an caiteachas a bheith tabhaithe agus eisíoctha araon. |
(15) |
Le Rialachán (AE) 2018/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 chun rochtain a scaoileadh ar acmhainní atá curtha in áirithe chun iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta a aistriú agus chun go mbeifí in ann na hacmhainní sin a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe eile faoin gclár náisiúnta. Is gá prionsabal sin na solúbthachta a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais nua tearmainn agus bainistithe imirce atá ag na Ballstáit atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin. |
(16) |
Chun rochtain a scaoileadh ar gach ciste atá ar fáil agus chun nach gcaillfí iad trí shaoradh acmhainní nár úsáideadh, acmhainní a cuireadh in áirithe roimhe sin le haghaidh cuspóirí sonracha áirithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 516/2014, lena n-áirítear acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha agus le haghaidh Chlár Athlonnaithe an Aontais, is gá solúbthacht a thairiscint do na Ballstáit chun na hacmhainní sin a úsáid go heisceachtúil i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, amhail na himthosca sin atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin. |
(17) |
Chun feabhas a chur ar raon feidhme na bhfoinsí cistiúcháin atá ar fáil chun cuidiú le déileáil le himeachtaí gan choinne amach anseo, is iomchuí an deis a thabhairt do na Ballstáit agus do dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile, le linn thréimhse chlársceidealaithe 2021-2027, ranníocaíochtaí airgeadais breise a dhéanamh leis an mbainistiú tearmainn agus imirce, i bhfoirm ioncam sannta seachtrach. Is é a bheidh i gceist leis an ioncam sannta seachtrach sin ranníocaíocht thiomnaithe ó na Ballstáit agus ó dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile chun ítimí sonracha caiteachais a mhaoiniú faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh 2021-2027, agus leis an ioncam sannta seachtrach sin, beidh beart ullmhachta breise ann chun gníomhaíochtaí tearmainn agus imirce a chistiú sna Ballstáit le linn géarchéimeanna amhail an ghéarchéim atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an ionradh ar an Úcráin. |
(18) |
An tacaíocht a sholáthraítear faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh 2014-2020 agus faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht le haghaidh 2021-2027, tá sí comhlántach le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chistí eile de chuid an Aontais, go háirithe faoin mbeartas comhtháthaithe, chun an tionchar is mó is féidir a bhaint as an gcistiú atá ar fáil. |
(19) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
(20) |
I bhfianaise na práinne a bhaineann le hacmhainní airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit chun déileáil le riachtanais i réimse na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála arb é insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin is cúis leo, meastar gurb iomchuí an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a agairt. |
(21) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(22) |
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014, (AE) Uimh. 516/2014 agus (AE) 2021/1147 a leasú dá réir sin. |
(24) |
Ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chun acmhainní airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit go práinneach chun déileáil le riachtanais i réimse na himirce, an bhainistithe teorainneacha agus na slándála arb é insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin is cúis leo, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17(3): “3. Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíochta faoi na Rialacháin Shonracha más rud é go bhfuil sé tabhaithe ag tairbhí agus go bhfuil sé eisíoctha go hiomlán ag an Údarás Freagrach ainmnithe idir an 1 Eanáir 2014 agus an 30 Meitheamh 2024.”; |
(2) |
leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 50(4): “4. Déanfar na hoibleagáidí a bhaineann leis an 2 bhliain airgeadais dheireanacha den tréimhse a shaoradh i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i gcrích an chláir.”; |
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 54(1): “1. Faoin 31 Márta 2016 agus faoin 31 Márta i ngach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2023, agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh an tÚdarás Freagrach tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme gach cláir náisiúnta sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus féadfaidh sé an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar an leibhéal iomchuí. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015 sa tuarascáil arna cur isteach in 2016. Déanfaidh an Ballstát tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme na gclár náisiúnta a chur isteach faoin 31 Nollaig 2024.”; |
(5) |
leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 mar a leanas:
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16(3): “3. Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar nó lena leasaítear a gcláir náisiúnta i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014. Ní úsáidfear na suimeanna sin ach amháin chun na gníomhaíochtaí sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Mar sin féin, i gcás inar gá i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, féadfaidh Ballstát na suimeanna sin a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí eile faoina gclás náisiúnta, ar choinníoll go rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh aon úsáid den sórt sin.”; |
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteragal 17(9): “9. Déanfar na suimeanna breise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit gach 2 bhliain, den chéad uair sna cinntí maoiniúcháin aonair lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014, agus ina dhiaidh sin i gcinneadh maoiniúcháin a bheidh i gceangal leis na cinntí lena bhfaomhtar a gclár náisiúnta. Ní aistreofar na suimeanna sin chuig gníomhaíochtaí eile faoin gclár náisiúnta. Mar sin féin, i gcás inar gá i bhfianaise imthosca nua nó imthosca gan choinne, féadfaidh Ballstát na suimeanna sin a aistriú chuig gníomhaíochtaí eile faoina chlár náisiúnta, ar choinníoll go rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún roimh aon aistriú den sórt sin.”. |
Airteagal 3
In Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/1147, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“5. Féadfar tacaíocht faoin Rialachán seo a mhaoiniú freisin le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit agus ó dheontóirí poiblí nó príobháideacha eile mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.”.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. BEAUNE
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Aibreán 2022.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, lena leasaítear Cinneadh 2008/381/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 575/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2007/435/CE ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 168).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime (IO L 150, 20.5.2014, lch. 112).
(6) Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lch. 1).
(7) Rialachán (AE) 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 48).
(8) Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lch. 94).
(9) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(10) Rialachán (AE) 2018/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 516/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathghealladh a dhéanamh ar a bhfuil fágtha de na méideanna a gealladh chun tacú le cur chun feidhme Chinneadh (AE) 2015/1523 ón gComhairle agus Chinneadh (AE) 2015/1601 ón gComhairle nó maidir le leithdháileadh na méideanna sin ar ghníomhaíochtaí eile faoi na cláir náisiúnta (IO L 328, 21.12.2018 lch. 78).
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 112/6 |
RIALACHÁN (AE) 2022/586 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Aibreán 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán, (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagail 58 agus 131 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Comhlíonann an tsubstaint teitreitil-luaidhe na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. |
(2) |
An tsubstaint alcól 4,4’-bis(démheitiolaimín)-4"-(meitiolaimín)trítile (ag a bhfuil ≥ 0,1 % de chéatón Michler (Uimh. CE 202-027-5) nó de bhun Michler (Uimh. CE 202-959-2)), comhlíonann sí na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá carcanaigineach (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (a) den Rialachán sin. |
(3) |
Táirgí imoibriúcháin de 1,3,4-tiadé-asóilidín-2,5-déthión, d’fhormaildéad agus de 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach (RP-HP) (ina bhfuil ≥ 0,1 % w/w 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach), is substaintí iad a bhfuil airíonna suaite inchríneach iontu a bhfuil fianaise eolaíoch ann ina leith go bhfuil éifeachtaí ar dóigh dóibh a bheith tromchúiseach ar an gcomhshaol. Is cúis imní iad na substaintí sin a oiread céanna leis na substaintí eile a liostaítear in Airteagal 57, pointí (a) go (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (f), den Rialachán sin. |
(4) |
An tsubstaint 10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (DOTE), comhlíonann sí na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. |
(5) |
Mais imoibriúcháin de 10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile agus de 10-eitil-4-[[2-[(2-eitilheicsil)ocsa]-2-ocsó-eitil]tia]-4-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (mais imoibriúcháin de DOTE agus MOTE), is substaintí iad a chomhlíonann na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. |
(6) |
Sainaithníodh na substaintí thuasluaite uile mar shubstaintí a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear in Airteagal 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus cuimsítear iad i liosta na n-iarrthóirí ar chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin amach anseo. Ina theannta sin, thug an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) tús áite do chuimsiú na substaintí sin san Iarscríbhinn sin sa mholadh uaithi an 1 Deireadh Fómhair 2019 (3). |
(7) |
Rinne an Ghníomhaireacht comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtmholadh uaithi, comhairliúchán inar iarradh ar pháirtithe leasmhara barúlacha a thíolacadh. Ina theannta sin, fuair an Coimisiún aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara mar fhreagra ar ghlaonna ar fhaisnéis i ndáil leis na tionchair eacnamaíocha, shóisialta, shláinte agus chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann (costais agus sochair) dá gcuimseofaí in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 na substaintí arna moladh ag an nGníomhaireacht sa dréachtmholadh uaithi. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart na substaintí thuasluaite a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. |
(9) |
I gcás na substaintí uile a ndéantar leis an Rialachán seo iad a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, ba cheart dáta a leagan síos óna dtoirmiscfear a gcur ar an margadh agus a n-úsáid ach amháin má thugtar údarú, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 58(1), pointe (c)(i), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus cumas na Gníomhaireachta chun iarratais ar údarú a láimhseáil á chur san áireamh. I gcás na substaintí sin, níl aon chúis ann ar cheart an dáta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (c)(ii) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leagan síos níos luaithe ná 18 mí roimh an dáta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (c)(i) den Rialachán sin. |
(10) |
In Airteagal 58(1), pointe (e) i gcomhar le hAirteagal 58(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, foráiltear go bhféadfaí díolúintí a thabhairt i leith úsáidí nó catagóirí úsáide i gcásanna ina bhforchuireann reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais íoscheanglais maidir le sláinte an duine nó an comhshaol a chosaint, rud lena n-áirithítear rialú cuí ar na rioscaí. I gcomhréir leis an bhfaisnéis atá ar fáil, ní iomchuí díolúintí a leagan síos bunaithe ar na forálacha sin. |
(11) |
Le linn an chomhairliúcháin phoiblí a rinne an Ghníomhaireacht maidir lena dréachtmholadh, níor cuireadh aon bharúil shonrach isteach maidir le díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh taighde agus forbairt atá dírithe ar tháirgí agus ar phróisis. Dá bhrí sin agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, ní iomchuí na díolúintí sin a leagan síos. |
(12) |
Toisc nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil maidir le húsáidí na substaintí a chuimsítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 maidir leis an Rialachán seo, ní iomchuí tréimhsí athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointe (d) den Rialachán sin a leagan síos ag an gcéim seo. |
(13) |
Comhlíonann na substaintí 2-meatocsa-eatánól (EGME) agus 2-eatocsa-eatánól (EGEE) na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. I gcomhréir le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tá srian ar an dá shubstaint a chur ar an margadh agus a úsáid leo féin, mar chomhábhair de chuid substaintí eile nó i meascáin atá le soláthar don phobal i gcoitinne. A mhéid a bhaineann le hoibrithe a chosaint, leagadh síos teorainnluachanna táscacha nochta ceirde i gcás na substaintí sin ar leibhéal an Aontais le Treoir 2009/161/AE ón gCoimisiún (4) de réir mar a fhoráiltear i dTreoir 98/24/CE ón gComhairle (5). Ós rud é nach bhfuil na luachanna sin ceangailteach, d’fhéadfadh sé go mbeadh éagsúlacht ann maidir le cur chun feidhme na Treorach sin ag na Ballstáit. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún féachaint céard é an cur chuige rialála is iomchuí maidir leis na substaintí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí a gcuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí. |
(14) |
Na substaintí ainhidríd chioglaiheacsán-1,2-décarbocsaileach [1], ainhidríd chis-cioglaiheacsán-1,2-décarbocsaileach [2], ainhidríd tras-cioglaiheacsán-1,2-décarbocsaileach [3] (HHPA) agus ainhidríd heicsihidrimeitioltalach [1], ainhidríd heicsihidri-4-meitioltalach [2], ainhidríd heicsihidri-1-meitioltalach [3], ainhidríd heicsihidri-3-meitioltalach [4] (MHHPA), comhlíonann siad na critéir maidir le haicmiú mar íogróir riospráide (catagóir 1) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhfuil fianaise eolaíoch ann maidir le héifeachtaí ar shláinte an duine ar dóigh dóibh a bheith tromchúiseach, éifeachtaí as a n-eascraíonn a oiread céanna imní agus a eascraíonn as substaintí eile a liostaítear in Airteagal 57, pointí (a) go (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus, dá bhrí sin, go gcomhlíonann na substaintí sin na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin agus a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (f), den Rialachán sin. De réir na faisnéise atá ar fáil, úsáidtear na substaintí sin ar láithreáin thionsclaíocha, áit a mbíonn nochtadh na n-oibrithe do na substaintí ar an bpríomhábhar imní agus nach mbíonn aon úsáid ghairmiúil ann agus nach mbíonn aon úsáid ar siúl ag tomhaltóirí. A mhéid a bhaineann le hoibrithe a chosaint, níl aon teorainnluach táscach nochta ceirde leagtha síos i gcás na substaintí sin ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Treoir 98/24/CE, agus d’fhéadfadh sé a bheith deacair leibhéal sábháilte nochta a leagan síos maidir le híogróir riospráide. Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún féachaint céard é an cur chuige rialála is iomchuí maidir leis na substaintí sin. Dá bhrí sin, is iomchuí cuimsiú na substaintí sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí. |
(15) |
An tsubstaint 1,6,7,8,9,14,15,16,17,17,18,18-dóideacaclóraipeantaiciogla[12.2.1.16,9.02,13.05,10]ochtaideaca-7,15-dé-éin (‘Dechlorane Plus’™) (rud a chumhdaíonn aon cheann dá fhrith-isiméirí nó dá shin-isiméirí aonair, nó aon chuingir de), is substaint an-mharthanach an-bhithcharnach í, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, agus dá bhrí sin, comhlíonann sí na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán sin a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (e), de. Ullmhaíodh sainchomhad a bhaineann le hIarscríbhinn XV chun úsáidí na substainte sin a shrianadh. Ina theannta sin, tá bearta déanta chun an tsubstaint sin a chuimsiú i gCoinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (6). A luaithe a bheidh substaint faoi réir an Choinbhinsiúin sin, déanfar monarú, cur ar an margadh agus úsáid na substainte sin a thoirmeasc, a chéimniú amach a luaithe is féidir nó a shrianadh ar leibhéal an Aontais le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Substaintí ar toirmisceadh gach úsáid díobh le reachtaíocht eile de chuid an Aontais, ní féidir iad a liostú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Chun cur chuige rialála comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart toradh na dtionscnamh sin a chur san áireamh sula ndéanfar cinneadh maidir le “Dechlorane Plus”™ a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Dá bhrí sin, is iomchuí cuimsiú na substainte sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí. |
(16) |
Na seacht gcomhdhúil luaidhe, dé-ocsóibis(stéarató)tríluaidhe; aigéid shailleacha, C16-18, salainn luaidhe; fosfónáit dé-ocsaíde tríluaidhe; aigéad sulfarúil, salann luaidhe, débhunata; [Talató(2-)]dé-ocsóthríluaidhe; comhlíonann déhiodrocsaíd bhis(carbónáit) tríluaidhe agus sulfáit ocsaíde luaidhe na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1A) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus, dá bhrí sin, comhlíonann siad na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, critéir a leagtar amach in Airteagal 57, pointe (c) den Rialachán sin. Is i gclóiríd pholaivinile athchúrsáilte (PVC) a bhíonn na substaintí sin den chuid is mó agus ní féidir iad a bhaint leis an teicneolaíocht atá ann faoi láthair. Tá an Coimisiún ag obair ar Rialachán chun úsáid luaidhe agus a comhdhúile a thoirmeasc in earraí PVC agus chun srian a chur ar earraí PVC a bhfuil níos mó ná 0,1 % luaidhe iontu a chur ar an margadh, maille le beagán maoluithe. Ina theannta sin, teorainnluach táscach nochta ceirde an Aontais atá ceangailteach faoi láthair agus an teorainnluach bitheolaíoch atá ceangailteach faoi láthair maidir le comhdhúile luaidhe a leagadh síos faoi Threoir 98/24/CE, tá siad sin faoi athbhreithniú. Dá bhrí sin agus i bhfianaise an phlé leanúnaigh maidir le srian a chur ar úsáid luaidhe agus a cuid comhdhúl chomh maith le bearta níos déine a d’fhéadfaí a ghlacadh ag an láthair oibre, cinneadh maidir leis na substaintí sin a chuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is iomchuí an cinneadh sin a chur ar fionraí. |
(17) |
Comhlíonann an tsubstaint iseapróipilidéindéfheanól (Bisfeanól A; BPA) na critéir maidir le haicmiú mar shubstaint atá tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Tá airíonna suaite inchríneach aige freisin a bhfuil fianaise eolaíoch ann ina leith go bhfuil éifeachtaí aige ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, éifeachtaí ar dóigh dóibh a bheith tromchúiseach. Is substaint é as a n-eascraíonn oiread céanna imní agus a eascraíonn as substaintí eile a liostaítear in Airteagal 57, pointí (a) go (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. Dá bhrí sin, comhlíonann sé na critéir maidir le cuimsiú in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leagtar amach in Airteagal 57, pointí (c) agus (f), den Rialachán sin. Tá sainchomhad a bhaineann le hIarscríbhinn XV á ullmhú chun srian a chur le húsáid Bisfeanól-A agus le húsáid na mbisfeanól a bhfuil baint struchtúrach acu leis agus lena mbaineann ábhair imní den chineál céanna maidir leis an gcomhshaol. Is é atá i gceist leis an srian sin úsáidí Bisfeanól-A a thiocfadh faoin gcóras údarúcháin a chumhdach. Dá bhrí sin, is iomchuí cuimsiú na substainte sin in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur ar fionraí. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin. |
(18) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).
(3) https://echa.europa.eu/documents/10162/13640/9th_axiv_recommendation_October2019_en.pdf/d4d55dea-cc36-8f57-0d9f-33b8e64c4f07
(4) Treoir 2009/161/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2009 lena mbunaítear tríú liosta de theorainnluachanna táscacha nochta ceirde mar chuid de chur chun feidhme Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/39/CE ón gCoimisiún (IO L 338, 19.12.2009, lch. 87).
(5) Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).
(6) IO L 209, 31.7.2006, lch. 3.
(7) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an tábla in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006:
Iontráil Uimh. |
Substaint |
Airí/airíonna intreach/intreacha dá dtagraítear in Airteagal 57 |
Socruithe idirthréimhseacha |
(Catagóirí) Úsáidí díolmhaithe |
Tréimhsí athbhreithniúcháin |
|
An dáta is déanaí le haghaidh iarratas(1) |
An dáta deiridh(2) |
|||||
“55. |
Teitreitil-luaidhe Uimh. CE: 201-075-4 Uimh. CAS: 78-00-2 |
Tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1A) |
1 Samhain 2023 |
1 Bealtaine 2025 |
- |
- |
56. |
Alcól 4,4’-bis(démheitiolaimín)-4"-(meitiolaimín)trítile (ag a bhfuil ≥ 0,1 % de chéatón Michler (Uimh. CE 202-027-5) nó de bhun Michler (Uimh. CE 202-959-2)) Uimh. CE: 209-218-2 Uimh. CAS: 561-41-1 |
Carcanaigineach (catagóir 1B) |
1 Samhain 2023 |
1 Bealtaine 2025 |
- |
- |
57. |
Táirgí imoibriúcháin de 1,3,4-tiadé-asóilidín-2,5-déthión, d’fhormaildéad agus de 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach (RP-HP) (ina bhfuil ≥ 0,1 % w/w 4-heiptilfeanól, é brainseach agus líneach) Uimh. CE: - Uimh. CAS: - |
Airíonna suaite inchríneach (Airteagal 57, pointe (f) - an comhshaol) |
1 Samhain 2023 |
1 Bealtaine 2025 |
- |
- |
58. |
10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (DOTE) Uimh. CE: 239-622-4 Uimh. CAS: 15571-58-1 |
Tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) |
1 Samhain 2023 |
1 Bealtaine 2025 |
- |
- |
59. |
Mais imoibriúcháin de 10-eitil-4,4-dé-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile agus de 10-eitil-4-[[2-[(2-eitilheicsil)ocsa]-2-ocsó-eitil]tia]-4-ochtail-7-ocsó-8-ocsá-3,5-déthia-4-stánáit-teitreadeacánóáit 2-eitilheicsile (mais imoibriúcháin de DOTE agus MOTE) Uimh. CE: - Uimh. CAS: - |
Tocsaineach i leith an atáirgthe (catagóir 1B) |
1 Samhain 2023 |
1 Bealtaine 2025 |
- |
-” |
11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 112/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/587 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Aibreán 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith ag an ngalar ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. |
(2) |
Glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (2), faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (na Ballstáit lena mbaineann), i gcriosanna srianta I, II agus III a liostaítear san Iarscríbhinn sin. |
(3) |
Na limistéir a liostaítear mar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, tá siad bunaithe ar staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas. Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/491 ón gCoimisiún (3) a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 go deireanach tar éis athruithe sa staid eipidéimeolaíoch maidir leis an ngalar sin sa Laitvia agus sa tSlóvaic. |
(4) |
Aon leasú ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin agus ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin, ar phrionsabail agus critéir atá bunaithe ar an eolaíocht i dtaca le criosú a shainiú go geografach de bharr fhiabhras Afracach na muc, agus ar threoirlínte an Aontais a comhaontaíodh leis na Ballstáit ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmnithe, Bia agus Beatha, treoirlínte atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (4). Ina theannta sin, ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh sna leasuithe sin, caighdeáin amhail Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (5) ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe, agus ba cheart a chur san áireamh freisin an bonn cirt a thug údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leis an gcriosú. |
(5) |
Ó bhí dáta glactha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/491 ann, bhí ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine sa Laitvia agus sa Pholainn. Ina theannta sin, tá feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch i gcriosanna áirithe a liostaítear mar chriosanna srianta III agus II sa Pholainn maidir le muc-ainmhithe atá ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine, i ngeall ar na bearta rialaithe galar atá á gcur i bhfeidhm ag an mBallstát sin i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. |
(6) |
Ina theannta sin, i mí an Mhárta 2022, tugadh faoi deara roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i gcontae Dienvidkurzemes na Laitvia i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, atá suite i gcóngar limistéir a liostaítear mar chrios srianta I faoi láthair. Na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Laitvia a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, é suite i gcóngar an limistéir a liostaítear i gcrios srianta II atá buailte ag na ráigeanna sin d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun na ráigeanna sin a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(7) |
Ina theannta sin, i mí Aibreáin 2022, tugadh faoi deara go raibh ráig amháin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin i réigiún Pomorskie sa Pholainn i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áit atá suite i gcóngar limistéir a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, rud ba cheart a léiriú san Iarscríbhinn sin. Dá réir sin, an limistéar sin den Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin, é suite i gcóngar an limistéir a liostaítear i gcrios srianta II atá buailte ag an ráig seo d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí, ba cheart é a liostú feasta mar chrios srianta II san Iarscríbhinn sin seachas mar chrios srianta I, agus ní mór teorainneacha reatha chrios srianta I a athshainiú chun an ráig seo a tharla le déanaí a chur san áireamh. |
(8) |
Tar éis na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i muc-ainmhithe fiáine san Laitvia agus sa Pholainn, agus an staid eipidéimeolaíoch reatha maidir le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chur san áireamh, rinneadh criosú sna Ballstáit sin a athmheasúnú agus a nuashonrú. Ina theannta sin, na bearta bainistithe riosca a bhí i bhfeidhm, rinneadh iad a athmheasúnú agus a nuashonrú. Ba cheart na hathruithe sin a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. |
(9) |
Thairis sin, agus éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc a chur san áireamh i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád i gcriosanna srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i réigiún Warmińsko – Mazurskie sa Pholainn, a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta II feasta san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád sna criosanna srianta III sin le 3 mhí anuas. Ba cheart na criosanna srianta III sin a liostú feasta mar chriosanna srianta II agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
(10) |
Ina theannta sin, agus éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc a chur san áireamh i gcás muc-ainmhithe atá ar coimeád agus muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta III a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 atá á gcur i bhfeidhm sa Pholainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 22, 25 agus 40 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód OIE, criosanna áirithe i réigiúin Podkarpackie agus Małopolskie sa Pholainn, a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, ba cheart iad a liostú mar chriosanna srianta I feasta san Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe atá ar coimeád le 3 mhí anuas ná i muc-ainmhithe fiáine le 12 mhí anuas sna criosanna srianta I sin. Ba cheart na criosanna srianta III sin a liostú feasta mar chriosanna srianta I agus staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc atá ann faoi láthair á cur san áireamh. |
(11) |
Ar mhaithe leis na forbairtí is déanaí i staid eipidéimeolaíoch fhiabhras Afracach na muc san Aontas a chur san áireamh, agus ar mhaithe le dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann le leathadh an ghalair sin ar bhealach réamhghníomhach, ba cheart criosanna srianta nua de mhéid leordhóthanach a chríochú sa Laitvia agus sa Pholainn, agus ba cheart iad a liostú go cuí mar chriosanna srianta I agus II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Ó tharla go bhfuil an staid maidir le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, cuireadh na limistéar máguaird san áireamh nuair a bhí na criosanna srianta nua sin á gcríochú. |
(12) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas maidir le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach, maidir leis na leasuithe atá le déanamh ag an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, go dtiocfaidh siad i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/491 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 100, 28.3.2022, lch. 16).
(4) Doiciméad Oibre SANTE/7112/2015/Rev. 3 “Principles and criteria for geographically definingASF regionalisation”. [Prionsabail agus critéir chun réigiúnú ASF a shainiú go geografach] https://ec.europa.eu/food/animals/animal-diseases/control-measures/asf_en
(5) Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún OIE, 28ú hEagrán, 2019. ISBN imleabhar I: 978-92-95108-85-1; ISBN imleabhar II: 978-92-95108-86-8. https://www.oie.int/standard-setting/terrestrial-code/access-online/
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605:
“IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
— |
Hiiu maakond. |
3. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
— |
in aonad réigiúnach Drama:
|
— |
in aonad réigiúnach Xanthi:
|
— |
in aonad réigiúnach Rodopi:
|
— |
in aonad réigiúnach Evros:
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
4. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
— |
Dienvidkurzemes novada, Grobiņas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts, Grobiņas pilsēta, |
— |
Ropažu novada Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz rietumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Agluonėnų, Dovilų, Gargždų, Priekulės, Vėžaičių, Kretingalės ir Dauparų-Kvietinių seniūnijos, |
— |
Marijampolės savivaldybė, |
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
— |
Békés megye 950950, 950960, 950970, 951950, 952050, 952750, 952850, 952950, 953050, 953150, 953650, 953660, 953750, 953850, 953960, 954250, 954260, 954350, 954450, 954550, 954650, 954750, 954850, 954860, 954950, 955050, 955150, 955250, 955260, 955270, 955350, 955450, 955510, 955650, 955750, 955760, 955850, 955950, 956050, 956060, 956150 és 956160 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Bács-Kiskun megye 600150, 600850, 601550, 601650, 601660, 601750, 601850, 601950, 602050, 603250, 603750 és 603850 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
— |
Csongrád-Csanád megye 800150, 800160, 800250, 802220, 802260, 802310 és 802450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Fejér megye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Győr-Moson-Sopron megye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 754450, 754550, 754560, 754570, 754650, 754750, 754950, 755050, 755150, 755250, 755350 és 755450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 571550, 572150, 572250, 572350, 572550, 572650, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576850, 576950, 577050, 577150, 577350, 577450, 577650, 577850, 577950, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 578560, 578650, 578850, 578950, 579050, 579150, 579250, 579350, 579450, 579460, 579550, 579650, 579750, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie śląskim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie opolskim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie małopolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
i gceantar Nové Zámky, Sikenička, Pavlová, Bíňa, Kamenín, Kamenný Most, Malá nad Hronom, Belá, Ľubá, Šarkan, Gbelce, Bruty, Mužla, Obid, Štúrovo, Nána, Kamenica nad Hronom, Chľaba, Leľa, Bajtava, Salka, Malé Kosihy, |
— |
i gceantar Veľký Krtíš, the municipalities of Ipeľské Predmostie, Veľká nad Ipľom, Hrušov, Kleňany, Sečianky, |
— |
i gceantar Levice, the municipalities of Keť, Čata, Pohronský Ruskov, Hronovce, Želiezovce, Zalaba, Malé Ludince, Šalov, Sikenica, Pastovce, Bielovce, Ipeľský Sokolec, Lontov, Kubáňovo, Sazdice, Demandice, Dolné Semerovce, Vyškovce nad Ipľom, Preseľany nad Ipľom, Hrkovce, Tupá, Horné Semerovce, Hokovce, Slatina, Horné Turovce, Veľké Turovce, Šahy, Tešmak, Plášťovce, Ipeľské Uľany, |
— |
ceantar iomlán Krupina, seachas bardais a áirítear i gcuid II, |
— |
ceantar iomlán Ružomberok, |
— |
i réigiún Turčianske Teplice, bardais Turček, Horná Štubňa, Čremošné, Háj, Rakša, Mošovce, |
— |
i gceantar Martin, bardais Blatnica, Folkušová, Necpaly, |
— |
i gceantar Dolný Kubín, bardais Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
— |
i gceantar Tvrdošín, bardais Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
— |
ceantar iomlán Banska Stiavnica, |
— |
ceantar iomlán Žiar nad Hronom. |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
Réigiún Piedmont:
|
Réigiún Liguria:
|
Réigiún Emilia-Romagna:
|
Réigiún Lombardia:
|
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
— |
réigiún iomlán Haskovo, |
— |
réigiún iomlán Yambol, |
— |
réigiún iomlán Stara Zagora, |
— |
réigiún iomlán Pernik, |
— |
réigiún iomlán Kyustendil, |
— |
réigiún iomlán Plovdiv, gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Pazardzhik, gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Smolyan, |
— |
réigiún iomlán Dobrich, |
— |
réigiún iomlán chathair Shóifia, |
— |
réigiún iomlán Chúige Shóifia, |
— |
réigiún iomlán Blagoevgrad, gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Razgrad, |
— |
réigiún iomlán Kardzhali, |
— |
réigiún iomlán Burgas, |
— |
réigiún iomlán Varna gan na limistéir i gCuid III a chur san áireamh, |
— |
réigiún iomlán Silistra, |
— |
réigiún iomlán Ruse, |
— |
réigiún iomlán Veliko Tarnovo, |
— |
réigiún iomlán Pleven, |
— |
réigiún iomlán Targovishte, |
— |
réigiún iomlán Shumen, |
— |
réigiún iomlán Sliven, |
— |
réigiún iomlán Vidin, |
— |
réigiún iomlán Gabrovo, |
— |
réigiún iomlán Lovech, |
— |
réigiún iomlán Montana, |
— |
réigiún iomlán Vratza. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
Bundesland Brandenburg:
|
Bundesland Sachsen:
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
— |
Aizkraukles novads, |
— |
Alūksnes novads, |
— |
Augšdaugavas novads, |
— |
Ādažu novads, |
— |
Balvu novads, |
— |
Bauskas novads, |
— |
Cēsu novads, |
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Kalvenes, Kazdangas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas, Priekules, Gramzdas, Kalētu, Virgas, Dunikas, Embūtes, Vaiņodes, Gaviezes, Rucavas, Vērgales, Medzes pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules pilsēta, |
— |
Dobeles novads, |
— |
Gulbenes novads, |
— |
Jelgavas novads, |
— |
Jēkabpils novads, |
— |
Krāslavas novads, |
— |
Kuldīgas novads, |
— |
Ķekavas novads, |
— |
Limbažu novads, |
— |
Līvānu novads, |
— |
Ludzas novads, |
— |
Madonas novads, |
— |
Mārupes novads, |
— |
Ogres novads, |
— |
Olaines novads, |
— |
Preiļu novads, |
— |
Rēzeknes novads, |
— |
Ropažu novada Garkalnes, Ropažu pagasts, Stopiņu pagasta daļa, kas atrodas uz austrumiem no autoceļa V36, P4 un P5, Acones ielas, Dauguļupes ielas un Dauguļupītes, Vangažu pilsēta, |
— |
Salaspils novads, |
— |
Saldus novads, |
— |
Saulkrastu novads, |
— |
Siguldas novads, |
— |
Smiltenes novads, |
— |
Talsu novads, |
— |
Tukuma novads, |
— |
Valkas novads, |
— |
Valmieras novads, |
— |
Varakļānu novads, |
— |
Ventspils novads, |
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
— |
Birštono savivaldybė, |
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
— |
Druskininkų savivaldybė, |
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
— |
Ignalinos rajono savivaldybė, |
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
— |
Joniškio rajono savivaldybė, |
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
— |
Kelmės rajono savivaldybė, |
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė: Judrėnų, Endriejavo ir Veiviržėnų seniūnijos, |
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
— |
Pagėgių savivaldybė, |
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
— |
Radviliškio rajono savivaldybė, |
— |
Rietavo savivaldybė, |
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
— |
Raseinių rajono savivaldybė, |
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
— |
Skuodo rajono savivaldybės, |
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
— |
Šiaulių rajono savivaldybė, |
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
— |
Vilniaus rajono savivaldybė, |
— |
Visagino savivaldybė, |
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
— |
Békés megye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954060, 954150, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Fejér megye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Hajdú-Bihar megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Heves megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
— |
Jász-Nagykun-Szolnok megye 750250, 750550, 750650, 750750, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752150, 752250, 752350, 752450, 752460, 752550, 752560, 752650, 752750, 752850, 752950, 753060, 753070, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Komárom-Esztergom megye: 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Nógrád megye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Pest megye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 573550, 573650, 574250, 577250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg megye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie podlaskim:
|
w województwie mazowieckim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie pomorskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie łódzkim:
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
w województwie opolskim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
ceantar iomlán Gelnica seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Poprad |
— |
ceantar iomlán Spišská Nová Ves, |
— |
ceantar iomlán Levoča, |
— |
ceantar iomlán Kežmarok |
— |
i gceantar iomlán Michalovce seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Košice-okolie, |
— |
ceantar iomlán Rožnava, |
— |
cathair iomlán Košice, |
— |
ceantar iomlán Sobrance, |
— |
ceantar iomlán Vranov nad Topaou, |
— |
ceantar iomlán Humenné, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Snina, |
— |
ceantar iomlán Prešov seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Sabino seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
ceantar iomlán Svidník, |
— |
ceantar iomlán Medzilaborce, |
— |
ceantar iomlán Stropkov |
— |
ceantar iomlán Bardejov, |
— |
ceantar iomlán Stará Ľubovňa, |
— |
ceantar iomlán Revúca, |
— |
ceantar iomlán Rimavská Sobota, seachas bardais a áirítear i gcrios III, |
— |
i gceantar Veľký Krtíš, na bardais iomlána nach n-áirítear i gcuid I, |
— |
ceantar iomlán Lučenec, |
— |
ceantar iomlán Poltár, |
— |
ceantar iomlán Zvolen, |
— |
ceantar iomlán Detva, |
— |
i gceantar Krupina, bardais iomlána Senohrad, Horné Mladonice, Dolné Mladonice, Čekovce, Lackov, Zemiansky Vrbovok, Kozí Vrbovok, Čabradský Vrbovok, Cerovo, Trpín, Litava, |
— |
ceantar iomlán Banska Bystica, |
— |
ceantar iomlán Brezno, |
— |
ceantar iomlán Liptovsky Mikuláš. |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
Réigiún Piedmont: |
Réigiún Piedmont:
|
Réigiún Liguria:
|
CUID III
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Bhulgáir:
— |
i réigiún Blagoevgrad:
|
— |
réigiún Pazardzhik:
|
— |
i réigiún Plovdiv
|
— |
i réigiún Varna:
|
2. An Iodáil
Na criosanna srianta III seo a leanas san Iodáil:
— |
críoch iomlán na Sairdíne. |
3. An Pholainn
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Pholainn:
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
w województwie lubelskim:
|
w województwie podkarpackim:
|
w województwie lubuskim:
|
w województwie wielkopolskim:
|
w województwie dolnośląskim:
|
w województwie świętokrzyskim:
|
w województwie małopolskim:
|
4. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
— |
Zona orașului București, |
— |
Județul Constanța, |
— |
Județul Satu Mare, |
— |
Județul Tulcea, |
— |
Județul Bacău, |
— |
Județul Bihor, |
— |
Județul Bistrița Năsăud, |
— |
Județul Brăila, |
— |
Județul Buzău, |
— |
Județul Călărași, |
— |
Județul Dâmbovița, |
— |
Județul Galați, |
— |
Județul Giurgiu, |
— |
Județul Ialomița, |
— |
Județul Ilfov, |
— |
Județul Prahova, |
— |
Județul Sălaj, |
— |
Județul Suceava |
— |
Județul Vaslui, |
— |
Județul Vrancea, |
— |
Județul Teleorman, |
— |
Judeţul Mehedinţi, |
— |
Județul Gorj, |
— |
Județul Argeș, |
— |
Judeţul Olt, |
— |
Judeţul Dolj, |
— |
Județul Arad, |
— |
Județul Timiș, |
— |
Județul Covasna, |
— |
Județul Brașov, |
— |
Județul Botoșani, |
— |
Județul Vâlcea, |
— |
Județul Iași, |
— |
Județul Hunedoara, |
— |
Județul Alba, |
— |
Județul Sibiu, |
— |
Județul Caraș-Severin, |
— |
Județul Neamț, |
— |
Județul Harghita, |
— |
Județul Mureș, |
— |
Județul Cluj, |
— |
Județul Maramureş. |
5. An tSlóvaic
Na criosanna srianta III seo a leanas sa tSlóvaic:
— |
Ceantar iomlán Trebišov’, |
— |
Ceantar iomlán Vranov agus Topľou, |
— |
I gceantar Humenné: Lieskovec, Myslina, Humenné, Jasenov, Brekov, Závadka, Topoľovka, Hudcovce, Ptičie, Chlmec, Porúbka, Brestov, Gruzovce, Ohradzany, Slovenská Volová, Karná, Lackovce, Kochanovce, Hažín nad Cirochou, |
— |
I gceantar Michalovce: Strážske, Staré, Oreské, Zbudza, Voľa, Nacina Ves, Pusté Čemerné, Lesné, Rakovec nad Ondavou, Petríkovce, Oborín, Veľké Raškovce, Beša, |
— |
I gceantar Rimavská Sobota: Jesenské, Gortva, Hodejov, Hodejovec, Širkovce, Šimonovce, Drňa, Hostice, Gemerské Dechtáre, Jestice, Dubovec, Rimavské Janovce, Rimavská Sobota, Belín, Pavlovce, Sútor, Bottovo, Dúžava, Mojín, Konrádovce, Čierny Potok, Blhovce, Gemerček, Hajnáčka, |
— |
I gceantar Gelnica: Hrišovce, Jaklovce, Kluknava, Margecany, Richnava, |
— |
I gceantar Sabinov: Daletice, |
— |
I gceantar Prešov: Hrabkov, Krížovany, Žipov, Kvačany, Ondrašovce, Chminianske Jakubovany, Klenov, Bajerov, Bertotovce, Brežany, Bzenov, Fričovce, Hendrichovce, Hermanovce, Chmiňany, Chminianska Nová Ves, Janov, Jarovnice, Kojatice, Lažany, Mikušovce, Ovčie, Rokycany, Sedlice, Suchá Dolina, Svinia, Šindliar, Široké, Štefanovce, Víťaz, Župčany. |
11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 112/48 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/588 ÓN gCOIMISIÚN
an 8 Aibreán 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha le haghaidh na Stát Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim teacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 230(1) agus 232(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch teacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus catagóirí ainmhithe, na táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. |
(4) |
Thar aon ní eile, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim teacht isteach san Aontas. |
(5) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig ann i gcontae Suffolk, stát Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh í an 23 Márta 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(6) |
Thairis sin arís, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann i gcontae Hutchinson, contae atá buailte cheana féin, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, agus i mbunaíocht eile i gcontae Suffolk, stát Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe agus deimhníodh iad an 25 Márta 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(7) |
Ina theannta sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann i gcontae Hutchinson, contae atá buailte cheana féin, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, i gcontae Clark, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, agus i gcontae McPherson, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, agus deimhníodh iad an 27 Márta 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(8) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann i gcontae Guthrie, contae atá buailte cheana féin, stát Iowa, na Stáit Aontaithe, agus i gcontae Hamilton, stát Iowa, na Stáit Aontaithe agus deimhníodh iad an 28 Márta 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(9) |
Thairis sin, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann i gcontae in Bon Homme, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, i gcontae Spink, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe, i gcontae Kandiyohi, stát Minnesota, na Stáit Aontaithe, i gcontae Lac qui Parle, stát Minnesota, na Stáit Aontaithe, i gcontae Monroe, stát Nua Eabhrac, na Stáit Aontaithe, i gcontae Johnston, stát North Carolina, na Stáit Aontaithe, i gcontae Kidder, stát North Dakota, na Stáit Aontaithe, agus i gcontae Edmunds, contae atá buailte cheana féin, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe agus deimhníodh iad an 29 Márta 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(10) |
Thairis sin arís, thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann i gcontae Buena Vista, contae atá buailte cheana féin, stát Iowa, na Stáit Aontaithe, agus i gcontae Brule, stát South Dakota, na Stáit Aontaithe agus deimhníodh iad an 30 Márta 2022 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
(11) |
Bhunaigh údaráis tréidliachta Stát Aontaithe Mheiriceá crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
(12) |
Chuir na Stáit Aontaithe faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha agus maidir leis na bearta a rinne siad chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin agus chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis ná d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ná d’éin ghéim teacht isteach san Aontas ó na limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta na Stát Aontaithe. |
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
(14) |
Tríd an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair sna Stáit Aontaithe a chur san áireamh a mhéid a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach agus an riosca tromchúiseach atá ann go dtabharfaí isteach san Aontas é, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.47 go US-2.64 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.46:
|
CINNTÍ
11.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 112/67 |
CINNEADH (AE) 2022/589 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Aibreán 2022
lena mbunaítear comhdhéanamh agus forálacha oibríochtúla bhunú Ghrúpa Comhordúcháin an Choimisiúin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168 agus Airteagal 194 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá aistriú cóir agus cothrom i dtreo Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ina chuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip agus de spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 de chuid an Aontais. Leis na pacáistí reachtacha chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích, pacáistí a cuireadh i láthair i mí Iúil agus i mí na Nollag 2021, dírítear go mór ar aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar dhaoine leochaileacha a chosaint. Thairis sin, leis an tionscnamh “Rabharta Athchóiriúcháin” (1), mórthionscnamh a ceapadh chun borradh a chur faoi athchóiriú struchtúrach foirgneamh príobháideach agus poiblí, cuirtear i dtábhacht go mór aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, sheol an Coimisiún Tionscnamh maidir le Tithíocht Inacmhainne, ar tionscadal treoraithe é chun athchóiriú a dhéanamh ar 100 ceantar tithíochta sóisialta agus inacmhainne agus glacadh Moladh ón gCoimisiún maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh (2) in 2020 chun cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh “trí dhíriú ar na bunchúiseanna léi” agus straitéisí athchóirithe fuinneamh éifeachtúla a chur chun cinn a chuirfidh feabhas ar cháilíocht saoil shaoránaigh an Aontais Eorpaigh. |
(2) |
Is coincheap í an bhochtaineacht fuinnimh freisin atá comhdhlúite sa phacáiste reachtaíochta dar teideal “Fuinneamh Glan do gach Eorpach”, trí thomhaltóirí a chur i gcroílár aistrithe cóir fuinnimh agus trí roinnt beart spriocdhírithe a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar laigí sonracha trí bhíthin reachtaíocht fuinnimh. |
(3) |
Tá rochtain ar sheirbhísí fuinnimh fíor-riachtanach le haghaidh an chuimsithe shóisialta. Cuimsítear an fuinneamh, i measc na seirbhísí riachtanacha (3) a bhfuil gach duine i dteideal rochtain a fháil orthu, i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach an 17 Samhain 2017. Ní mór tacaíocht a bheith le fáil ag daoine atá i ngátar chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin (4). I bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (5), leagtar amach gníomhaíochtaí nithiúla chun an 20 prionsabal de chuid an Cholúin a bhaint amach, lena n-áirítear tionscnaimh nithiúla le haghaidh 2022 a chuideoidh freisin le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh. |
(4) |
Agus a Mholadh maidir leis an mBochtaineacht Fuinnimh agus doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis á soláthar aige, chomhlíon an Coimisiún freisin a oibleagáid treoir tháscach a sholáthar maidir le táscairí iomchuí chun an bhochtaineacht fuinnimh a thomhas agus maidir leis an sainmhíniú ar “líon suntasach teaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh” mar a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) (“an Rialachán Rialachais”) agus faoin Treoir athmhúnlaithe maidir le Leictreachas. Cuireann sé i dtábhacht freisin a thábhachtaí atá na beartais a bhaineann le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (“PNFAnna”) agus le straitéisí athchóirithe fadtéarmacha chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin. Cuirfidh an Grúpa le hobair Fhóram Fuinnimh na Saoránach agus Fhaireachlann an Aontais um Bochtaineacht Fuinnimh. |
(5) |
Tá na sainmhínithe caighdeánacha ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar thomhaltóirí leochaileacha fós á bhforbairt. Dá bhrí sin, socraíonn na Ballstáit a gcritéir féin de réir an chomhthéacs náisiúnta agus áitiúil. Aithnítear go bhfuil na hiarrachtaí a dhéanann na Ballstáit chun an bhochtaineacht a laghdú i gcoitinne chomh luachmhar céanna. Ní mór Treoir an Choimisiúin maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh (7) a chur san áireamh agus na PNFAnna á gcur chun feidhme agus á dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide. |
(6) |
In Airteagal 28 de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus in Airteagal 3(3) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ceanglaítear ar na Ballstáit coincheap coincheap an chustaiméara leochailigh a shainmhíniú, coincheap a d’fhéadfadh tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia, do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threalamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile. Tá sé de cheangal ar na Ballstáit na bearta is iomchuí a dhéanamh chun custaiméirí a chosaint agus chun a áirithiú, go háirithe, go bhfuil coimircí iomchuí ann chun custaiméirí leochaileacha a chosaint. |
(7) |
Le hAirteagal 29 de Threoir athmhúnlaithe (AE) 2019/944 maidir le Leictreachas, ceanglaítear freisin ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh agus luaitear ann nach mór dóibh na critéir is bonn don mheasúnú sin a bhunú agus a fhoilsiú. I gcás ina bhfuil líon suntasach teaghlach den sórt sin ann, ní mór do na Ballstáit cuspóir táscach a áireamh ina PNFAnna maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú, creat ama a sholáthar, agus beartais agus tomhais ábhartha a leagan amach. Ceanglaítear orthu ansin tuairisc a thabhairt don Choimisiún, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, ar aon dul chun cinn atá déanta acu i dtreo na sprice líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, le hAirteagal 3(4) de Threoir 2009/73/CE ceanglaítear ar na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh. |
(8) |
Maidir leis na tionscnaimh uile faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55” chun cuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 de chuid an Aontais a chur chun feidhme, ceapadh go comhsheasmhach iad chun sineirgí a chruthú, chun éifeachtaí dáileacháin a d’fhéadfadh a bheith diúltach a mhaolú, lena n-áirítear dáileachán idir na Ballstáit, go háirithe ar na daoine is leochailí agus is boichte ó thaobh fuinnimh de (togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, togra le haghaidh Ciste Sóisialta Aeráide, togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh, togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, an pacáiste maidir le Hidrigin agus Dícharbónú Gáis, togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú). Chun tacaíocht iomlán a thabhairt do na Ballstáit, ghlac an Coimisiún Moladh (10) ina bhfuil treoirlínte agus samplaí maidir le cur chun feidhme chéad phrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh sa chinnteoireacht san earnáil fuinnimh agus in earnálacha eile. |
(9) |
Tá sé ríthábhachtach dea-chleachtais a mhalartú agus comhordú na mbeart beartais a mhéadú idir na Ballstáit, páirtithe leasmhara eile lena mbaineann agus an Coimisiún chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, le teaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó leo siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, d’fhonn na hiarrachtaí agus na gealltanais a neartú chun Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích a bheidh cóir agus cothrom. Ba cheart, dá bhrí sin, Grúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha a bhunú. |
(10) |
Ba cheart é a bheith mar mhisean foriomlán ag an nGrúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha an saineolas beartais is gá a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit le haghaidh tionscnaimh atá dírithe ar na tomhaltóirí is leochailí a shainaithint, tacú leo agus iad a chosaint, agus dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh á chaomhnú agus á fheabhsú san am céanna. Ba cheart dó idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí ullmhúcháin ábhartha de chuid na Comhairle, amhail an Coiste um Chosaint Shóisialta, go háirithe a mhéid a bhaineann le tionchar na mbeartas ar theaghlaigh leochaileacha agus teaghlaigh atá ar ioncam íseal agus le ról na mbeartas sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh. |
(11) |
Ba cheart an Grúpa a bheith comhdhéanta d’údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart rialacha maidir le faisnéis a nochtadh ag comhaltaí an Ghrúpa a leagan síos, |
TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Ábhar
Tá an Grúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha (“an Grúpa”) bunaithe.
Airteagal 2
Cúraimí an Ghrúpa
1. Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an nGrúpa:
(a) |
feidhmiú mar an príomhardán chun faisnéis a mhalartú agus chun comhordú a dhéanamh idir an Coimisiún agus na Ballstáit i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le dearadh agus cur chun feidhme reachtaíocht, chláir agus bheartais an Aontais lena dtugtar aghaidh ar theaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó orthu siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus tomhaltóirí leochaileacha, lena n-áirítear maidir le hinacmhainneacht fuinnimh, bearta athchóirithe spriocdhírithe agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus scéimeanna maoinithe ar an leibhéal náisiúnta; |
(b) |
fóram a sholáthar chun taithí, dea-chleachtais agus saineolas a mhalartú maidir le haghaidh a thabhairt ar thomhaltóirí leochaileacha agus ar theaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó orthu siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus ar an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil san áireamh; |
(c) |
cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit tionscnaimh bheartais a cheapadh, go háirithe i ndáil lena bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide, lena dTuarascálacha Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide ar Dhul Chun Cinn agus le straitéisí gaolmhara. |
2. Déanfaidh an Grúpa na nithe seo a leanas, go háirithe:
(a) |
faisnéis a mhalartú faoi chinntí maidir le bearta chun tacú le tomhaltóirí leochaileacha agus le teaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó leo siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus chun na teaghlaigh agus na daoine sin a chumhachtú, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar an inacmhainneacht fuinnimh ina gcomhthéacs náisiúnta agus i gcreat níos leithne an aistrithe chuig fuinneamh glan, ar aon leibhéal rialtais (náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil); |
(b) |
saincheisteanna sonracha a phlé maidir le tomhaltóirí leochaileacha agus teaghlaigh atá lag ó thaobh an airgeadais de nó maidir leo siúd atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh d’fhonn gníomhaíochtaí iomchuí agus réitigh chomhordaithe a shainaithint i gcomhréir le dlí an Aontais; |
(c) |
na tuartha agus na tuarascálacha rialta a ullmhóidh an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht agus an Coimisiún a athbhreithniú, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn maidir le bunchúiseanna agus réitigh, agus sin a thomhas agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí anailís shocheacnamaíoch ábhartha; |
(d) |
cáilíocht agus raon na sonraí agus na dtáscairí staidrimh atá le fáil a fheabhsú, lena n-áirítear bailiú comhchuibhithe sonraí de chuid an Aontais, agus aird chuí á tabhairt aige ar shonraíochtaí náisiúnta, chun a áirithiú go ndéanfar an cur chuige, i ndáil le tacú le tomhaltóirí atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus le tomhaltóirí atá leochaileach agus i ndáil leo siúd a chumhachtú, a bhunú ar thuiscint atá feasach agus cothrom le dáta ar na príomh-shaincheisteanna atá ann faoi láthair agus ar na gnéithe ábhartha, chomh maith lena n-éagsúlachtaí spásúla agus ama, i ndlúthchomhar leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta (agus lena Fhoghrúpa um Tháscairí) agus le ESTAT; |
(e) |
malartú faisnéise, cosc agus gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn i gcás éigeandála laistigh den Aontas. |
Airteagal 3
Comhairliúchán
Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an nGrúpa maidir le haon ábhar a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh agus le tomhaltóirí leochaileacha.
Airteagal 4
Ballraíocht
1. Beidh an Grúpa comhdhéanta d’údaráis ó gach Ballstát.
2. Déanfaidh údaráis na mBallstát, go háirithe Aireachtaí atá inniúil maidir le fuinneamh, a n-ionadaithe a ainmniú agus beidh siad freagrach as a áirithiú go soláthróidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais i ndáil leis an obair atá le déanamh agus ag brath ar shocruithe inmheánacha an Bhallstáit.
3. Ní ainmneoidh aon Bhallstát níos mó ná beirt bhuanionadaithe agus beirt ionadaithe malartacha chun páirt a ghlacadh in obair an Ghrúpa ar an leibhéal ceart cinnteoireachta.
4. Ceapfar na hionadaithe malartacha i gcomhréir leis na coinníollacha céanna lena gceapfar na comhaltaí a leagtar amach i bpointe 2 thuas; tagann ionadaithe malartacha go huathoibríoch in ionad comhaltaí atá as láthair nó nach bhfuil ar fáil.
5. Féadfaidh an Coimisiún ainmniú ionadaí a dhiúltú má mheasann sé nach iomchuí an t-ainmniúchán i bhfianaise na gceanglas a shonraítear faoi phointe 2 thuas. Sa chás sin, iarrfar ar na Ballstáit lena mbaineann ionadaí eile a cheapadh. Áiritheoidh gach comhalta den Ghrúpa go bhfuil a stádas ballraíochta cothrom le dáta.
6. Déanfar sonraí pearsanta na gComhaltaí a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (11) nó Rialachán (AE) 2018/1725 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is infheidhme.
7. Fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí deireadh a dtéarma oifige nó go dtí go ndéanfar iad a ionadú. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.
Airteagal 5
Feidhmiú
1. Is ionadaí ó AS ENER a bheidh ina chathaoirleach ar an nGrúpa.
2. Tionólfaidh an Cathaoirleach an Grúpa ar bhonn rialta agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis a gheofar óna chomhaltaí leis an nGrúpa agus rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú an tráth céanna.
3. Reáchtálfar cruinnithe an Ghrúpa ar líne nó ar áitreabh an Choimisiúin.
4. Cuirfidh AS ENER seirbhísí rúnaíochta ar fáil. Féadfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin ó ranna ábhartha freastal ar chruinnithe an Ghrúpa.
5. Cuirfidh AS ENER na doiciméid oibre ábhartha uile ar fáil do chomhaltaí an Ghrúpa trí ionad oibre comhoibríoch. Ina theannta sin, foilseoidh an Coimisiún na doiciméid ábhartha uile trína gcur ar an gClár nó trí nasc ón gClár chuig suíomh gréasáin tiomnaithe. Foilseoidh AS ENER an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh na cruinnithe. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón bhfoilsiú córasach i gcás ina mbainfeadh nochtadh doiciméid an bonn de chosaint leasa phoiblí nó leasa phríobháidigh faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
6. Déanfaidh an rúnaíocht atá faoi fhreagracht an Chathaoirligh miontuairiscí a dhréachtú agus soláthrófar iad go gairid tar éis an chruinnithe.
7. A mhéid is féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh an Grúpa a thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Beidh sé de cheart ag na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil go gcuirfí doiciméad i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.
Airteagal 6
Fo-ghrúpaí
Féadfaidh AS ENER foghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna sonracha ar bhonn téarmaí tagartha arna sainiú ag an nGrúpa. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus feidhmiú ghrúpaí saineolaithe (13) an Choimisiúin agus tuairisceoidh siad don Ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.
Airteagal 7
Saineolaithe seachtracha
Saineolaithe ó lasmuigh den Ghrúpa a bhfuil saineolas sonrach acu in ábhar atá ar an gclár oibre, féadfaidh AS ENER cuireadh a thabhairt dóibh a bheith rannpháirteach in obair an Ghrúpa nó na bhfoghrúpaí ar bhonn ad hoc.
Airteagal 8
Breathnóirí
1. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí, d’eintitis phoiblí atá cláraithe sa chlár trédhearcachta, amhail tomhaltóirí, eagraíochtaí comhpháirtíochta sóisialta agus ionadaithe de chuid na sochaí sibhialta, trí bhíthin cuireadh díreach.
2. Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus dá n-ionadaithe páirt a ghlacadh i bpléití an Ghrúpa agus saineolas a sholáthar. Ní bheidh cearta vótála acu, áfach.
Airteagal 9
Rialacha Nós Imeachta
Ar thogra ón gCoimisiún agus i gcomhaontú leis, glacfaidh an Grúpa a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha (14).
Airteagal 10
An rúndacht ghairmiúil agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil
Comhaltaí an Ghrúpa agus a n-ionadaithe, chomh maith le saineolaithe agus breathnóirí a bhfuil cuireadh faighte acu, tá siad faoi réir na hoibleagáide maidir le rúndacht ghairmiúil, oibleagáid a bhfuil feidhm aici maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus lena bhfoireann, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, chomh maith le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (15) agus (AE, Euratom) 2015/444 (16) ón gCoimisiún. Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a ghlacadh.
Airteagal 11
Caiteachas a chomhlíonadh
1. Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa agus na bhfoghrúpaí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
2. Aisíocfaidh an Coimisiún na costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an Ghrúpa agus na bhfoghrúpaí.
Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorannacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Kadri SIMSON
Comhalta den Choimisiún
(1) COM/2020/662 final.
(2) Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh.
(3) I dTreoirlíne 8, dar teideal “Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac”, de na Treoirlínte Fostaíochta comhtháite, lena gcuirtear bonn eolais faoi chomhordú bheartais fostaíochta agus shóisialta na mBallstát faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh, cuirtear i dtábhacht freisin an gá atá ann go dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh.
(4) CECS, Prionsabal 20 “Rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha”: Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a 20 prionsabal | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(5) COM(2021) 102 final.
(6) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(7) SWD(2020) 960 final.
(8) Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).
(9) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(10) Moladh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún.
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(13) C(2016) 3301 final.
(14) Féach Airteagal 17 de Chinneadh C (2016) 3301 ón gCoimisiún.