ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 102

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
30 Márta 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/501 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/502 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 maidir le hainm shealbhóir an údaraithe le haghaidh an táirge phríomhúil um blastán deataigh Scansmoke PB 1110 ( 1 )

6

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/503 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionaoisigh a dhíolmhú ó thréimhse inghlacthachta deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE ( 1 )

8

 

*

Rialachán (AE) 2022/504 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais (BCE/2016/4) (BCE/2022/14)

11

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/505 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1693)

16

 

*

Cinneadh (AE) 2022/506 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó

24

 

*

Cinneadh (AE) 2022/507 ón gCoimisiún an 29 Márta 2022 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

33

 

 

TREOIRLÍNTE

 

*

Treoirlíne (AE) 2022/508 ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Márta 2022 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí neamhshuntasacha (BCE/2017/9) (BCE/2022/12)

34

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/501 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Márta 2022

lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir GlenBiotech iarratas faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Ísiltír, an 10 Márta 2017, ar fhormheas na substainte gníomhaí Beauveria bassiana tréithchineál 203.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, an 20 Iúil 2017 thug an Ballstát is rapóirtéir fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais.

(3)

I gcás na substainte gníomhaí sin, rinneadh measúnú ar na tionchair ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar an gcomhshaol, de bhun Airteagal 11(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, maidir leis an úsáid atá beartaithe ag an iarratasóir. An 5 Meitheamh 2019, chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis, tuarascáil inar thángthas ar an gconclúid gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú a fuarthas ón mBallstát is rapóirtéir a dháileadh ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit eile, agus d’eagraigh sé comhairliúchán poiblí uirthi.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 12(3) den Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr an tÚdarás ar an iarratasóir faisnéis bhreise a chur faoi bhráid na mBallstát, an Choimisiúin agus an Údaráis. Rinne an Ballstát is rapóirtéir measúnú ar an bhfaisnéise bhreise agus in Iúil 2020 chuir sé a mheasúnú faoi bhráid an Údaráis i bhfoirm dréacht-tuarascála nuashonraithe maidir le measúnú.

(6)

Conclúid an Údaráis (2) i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás í a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal.

(7)

An 22 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht den Rialachán seo lena bhforáiltear go bhformheastar Beauveria bassiana tréithchineál 203 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

(8)

Tugadh deis don iarratasóir a bharúil a chur in iúl maidir leis an tuarascáil athbhreithniúcháin.

(9)

Bunaithe ar an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú leis an mBallstát is rapóirtéir, ar chonclúid an Údaráis agus ar bharúil an iarratasóra, maidir leis an úsáid ionadaíoch a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203 a scrúdaíodh agus a sonraíodh sa tuarascáil athbhreithniúcháin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí Beauveria bassiana tréithchineál 203 a fhormheas.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6(b), (c) agus (e) de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, coinníollacha agus srianta áirithe a chur san áireamh, is iad sin cion uasta na meitibilíte lena mbaineann, bóiviricin, i dtáirgí cosanta plandaí, chomh maith leis an úsáid a shrianadh go crainn pailme ornáideacha.

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir.

(12)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheas na substainte gníomhaí

An tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, formheastar í faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Conclusion on the Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Beauveria bassiana strain 203 [Conclúid maidir leis an athbhreithniú Piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach Beauveria bassiana tréithchineál 203]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(11):6295. Doi: 10.2903/j.efsa.2020.6295.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Dul in éag an fhormheasa

Forálacha sonracha

Beauveria bassiana tréithchineál 203

Uimhir shealbhaithe ag Centraal Bureau voor Schimmelcultures (An Lárionad um Bithéagsúlacht Fungais, Institiúid d’Acadamh Ríoga Ealaíon agus Eolaíochtaí na hÍsiltíre, Utrecht, an Ísiltír): CBS 121097

Ní bhaineann le hábhar

Uasleibhéal bóiviricine: 80 μg/kg san ullmhóid.

19 Aibreán 2022

18 Aibreán 2032

Ní údarófar ach úsáidí ar chrainn pailme ornáideacha.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le Beauveria bassiana tréithchineál 203, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

a)

uasleibhéal na meitibilíte bóiviricin sa táirge cosanta plandaí;

b)

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh an speiceas Beauveria basssiana, gan beann ar an tréithchineál, a bheith ina ailléirgin don duine de thoradh nochtadh craicinn agus nochtadh ionanálaithe araon, agus é á áirithiú, dá bhrí sin, go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide.

Dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta, cinnteoidh an táirgeoir í, lena áirithiú go ndéanfaí na teorainneacha ar éilliú miocróbach a urramú, teorainneacha dá dtagraítear i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 (2).

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí.


(1)  Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.

(2)  https://ec.europa.eu/food/system/files/2016-10/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf


IARSCRÍBHINN II

I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:

“151

Beauveria bassiana tréithchineál 203

Uimhir shealbhaithe ag Centraal Bureau voor Schimmelcultures (An Lárionad um Bithéagsúlacht Fhungais, Institiúid d’Acadamh Ríoga Ealaíon agus Eolaíochtaí na hÍsiltíre, Utrecht, an Ísiltír): CBS 121097

Ní bhaineann le hábhar

Uasleibhéal bóiviricine: 80 μg/kg san ullmhóid.

19 Aibreán 2022

18 Aibreán 2032

Ní údarófar ach úsáidí ar chrainn pailme ornáideacha.

Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le Beauveria bassiana tréithchineál 203, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi.

Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

a)

uasleibhéal na meitibilíte bóiviricin sa táirge cosanta plandaí;

b)

cosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh an speiceas Beauveria basssiana, gan beann ar an tréithchineál, a bheith ina ailléirgin don duine de thoradh nochtadh craicinn agus nochtadh ionanálaithe araon, agus é á áirithiú, dá bhrí sin, go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide.

Dianchothabháil ar dhálaí comhshaoil agus ar anailís rialaithe cáilíochta le linn an phróisis monaraíochta, cinnteoidh an táirgeoir í, lena áirithiú go ndéanfaí na teorainneacha ar éilliú miocróbach a urramú, teorainneacha dá dtagraítear i nDoiciméad Oibre SANCO/12116/2012 (*1).

Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide, i gcás inarb iomchuí.


(*1)  https://ec.europa.eu/food/system/files/2016-10/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf”


30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/6


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/502 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 maidir le hainm shealbhóir an údaraithe le haghaidh an táirge phríomhúil um blastán deataigh “Scansmoke PB 1110”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna (1), agus go háirithe Airteagal 11 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 1 Deireadh Fómhair 2021, chuir Azelis Denmark A/S (“an t-iarratasóir”) iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003, ag iarraidh athrú a dhéanamh ar ainm shealbhóir an údaraithe le haghaidh an táirge phríomhúil um blastán “Scansmoke PB 1110”, mar a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún (2).

(2)

San iarratas, luaigh an t-iarratasóir go raibh an t-údarú le haghaidh an táirge phríomhúil um blastán deataigh “Scansmoke PB 1110” le haistriú chuig proFagus GmbH. Mar thacaíocht lena ráiteas, sholáthair an t-iarratasóir an comhaontú aistrithe a thug sé i gcrích le proFagus GmbH maidir leis an táirge príomhúil um blastán deataigh “Scansmoke PB 1110”.

(3)

Is athrú glan riaracháin é an t-athrú atá beartaithe ar shealbhóir an údaraithe agus ní dhéanfar measúnú úr ar an mbreiseán lena mbaineann.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 a leasú dá réir.

(5)

D’fhonn aistriú rianúil a áirithiú, is iomchuí a fhoráil go bhféadfar leanúint den táirge príomhúil um blastán deataigh “Scansmoke PB 1110”, chomh maith le blastáin deataigh a fhaightear uathu agus bianna ina bhfuil siad, a chomhlíonann na rialacha atá i bhfeidhm roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013, leasaítear an iontráil ar an táirge príomhúil um blastán deataigh “Scansmoke PB 1110” mar a leanas:

(1)

sa tríú sraith, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear na focail “proFagus GmbH” in ionad na bhfocal “Azelis Denmark A/S”;

(2)

sa cheathrú sraith, “Seoladh shealbhóir an údaraithe”, cuirtear na focail “Uslarer Str. 30, 37194 Bodenfelde, An Ghearmáin” in ionad na bhfocal “Lundtoftegaardsvej 95, 2800 Lyngby, An Danmhairg”.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

An táirge príomhúil um blastán deataigh “Scansmoke PB 1110” mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013, chomh maith le blastáin deataigh a dhíorthaítear as sin agus bianna ina bhfuil an táirge príomhúil um blastán deataigh nó na blastáin deataigh a dhíorthaítear astu, a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 19 Aibreán 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 19 Aibreán 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá úsáid go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 26.11.2003, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1321/2013 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2013 lena mbunaítear liosta an Aontais de tháirgí príomhúla um blastán deataigh údaraithe atá le húsáid mar tháirgí den sórt sin i mbianna nó ar bhianna agus/nó chun blastáin deataigh díorthaithe a tháirgeadh (IO L 333, 12.12.2013, lch. 54).


30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/8


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/503 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le mionaoisigh a dhíolmhú ó thréimhse inghlacthachta deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Dheimhniú Digiteach COVID AE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) agus (4) de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953, leagtar síos creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú agus chun go nglacfaí leo, ionas go n-éascófar do na sealbhóirí a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú le linn phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, leis an Rialachán sin, rannchuidítear le héascú le deireadh a chur de réir a chéile, ar mhodh comhordaithe, le srianta ar an tsaorghluaiseacht a chuir na Ballstáit i bhfeidhm, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leathadh SARS-CoV-2 a theorannú.

(2)

An 21 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 (2) lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953, lena mbunaítear, chun críche taistil, tréimhse inghlacthachta chaighdeánach 270 lá le haghaidh deimhnithe vacsaínithe lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil. Foráiltear leis an Rialachán Tarmligthe sin, chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, nach ceart do na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil má bhíonn níos mó ná 270 lá caite ó tugadh an dáileog a léirítear leo. An tráth céanna, ní ceart do na Ballstáit, chun críche taistil, foráil a dhéanamh do thréimhse inghlacthachta atá níos giorra ná 270 lá.

(3)

Is gá na rialacha maidir leis an tréimhse inghlacthachta chaighdeánach 270 lá a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 a oiriúnú a mhéid a bhaineann le deimhnithe vacsaínithe atá i seilbh daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois. Leanann sé sin athmheastóireacht ar an gcur chuige maidir leis an tréimhse inghlacthachta mar a luaitear in aithris 15 den Rialachán Tarmligthe sin.

(4)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (“EMA”) gur mhol an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine go bhféadfaí teanndáileog den vacsaín Comirnaty COVID-19 a thabhairt do dhéagóirí atá 12 bhliain d’aois i gcás inarb iomchuí (3). Mheas an Coiste gur leor an fhianaise a bhí ar fáil chun a chinneadh go mbeadh an fhreagairt imdhíonachta ar theanndáileog i ndéagóirí comhionann, ar a laghad, leis an bhfreagairt i measc daoine fásta. Níor aithníodh aon ábhar imní nua maidir le sábháilteacht ó na sonraí a bhí ar fáil. An 28 Feabhra 2022, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme lena leasaítear an t-údarú margaíochta coinníollach arna dheonú do Comirnaty dá réir sin (4).

(5)

Tacaíonn an tuairim ó EMA leis na feachtais náisiúnta vacsaínithe sna Ballstáit sin a dhéanann cinneadh maidir le teanndáileoga a thairiscint do dhéagóirí. An tráth céanna, mar a thug EMA faoi deara, ní mór a chur san áireamh sa chinneadh an dtairgfidh siad teanndáileoga don aoisghrúpa seo agus cathain a thairgfidh siad iad, imthosca amhail leathadh an ghalair agus chomh dian is dócha a bheidh an galar i ndaoine óga, go háirithe mar gheall ar athraitheach Omicron, an riosca aitheanta fo-iarmhairtí, go háirithe aimhréidh an-annamh ach tromchúiseach de mhiócairdíteas, agus bearta agus srianta cosanta eile a bheith ann. Dá bhrí sin, is faoi na saineolaithe atá ag treorú an fheachtais vacsaínithe i ngach Ballstát atá sé comhairle a thabhairt maidir leis an gcinneadh agus an t-am is fearr dá dtír.

(6)

Ina thuarascáil theicniúil maidir le héifeachtacht vacsaíní COVID-19 i measc déagóirí idir 12-17 mbliana d’aois agus dálaí eatramhacha sláinte poiblí chun teanndáileog a thabhairt an 8 Feabhra 2022 (5), tháinig an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (“ECDC”) ar an gconclúid gur léirigh staidéir atá ar fáil ag féachaint ar éifeachtacht vacsaíne COVID-19 an vacsaínithe phríomhúil in aghaidh ionfhabhtú, bhí leibhéal an-ard cosanta i measc déagóirí ar ghalar siomptómach agus galar tromchúiseach mar gheall ar athraitheach Delta ar díol imní é. De réir ECDC, ní raibh ach fianaise theoranta ar fáil maidir le himdhíonacht mhaolaitheach tar éis do dhéagóirí vacsaíniú a fháil. Sna sonraí a bhí ar fáil, moladh gur maolaíodh éifeachtacht vacsaíne i gcoinne ionfhabhtú siomptómach 5 go 6 mhí tar éis don vacsaíniú príomhúil a bheith críochnaithe, ach ní raibh aon fhianaise ar fáil ag an bpointe ama sin go raibh imdhíonacht mhaolaitheach i gcoinne galair thromchúiseacha. Moladh i ngeall ar shamhaltú matamaiticiúil ECDC gur dócha nach mbeidh tionchar suntasach ar tharchur SARS-CoV-2 ar leibhéal an daonra agus teanndáileoga á gcur ar fáil do dhéagóirí.

(7)

Nuair a chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis, mheas líon mór saineolaithe de chuid na mBallstát sa Choiste Slándála Sláinte a bunaíodh le hAirteagal 17 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), fiú dá gcinnfeadh roinnt Ballstát teanndáileog a thairiscint do mhionaoisigh, bunaithe ar na cúinsí éagsúla a ndearna EMA tuairisc orthu, go mbeadh sé iomchuí mionaoisigh a dhíolmhú ón tréimhse inghlacthachta chaighdeánach a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288. Níl teanndáileoga á dtairiscint ag gach Ballstát faoi láthair do dhaoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an tréimhse inghlacthachta chaighdeánach a theorannú do dhaoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn.

(9)

Dála na tréimhse inghlacthachta caighdeánaí a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288, ba cheart an díolúine do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois a chur chun feidhme ar leibhéal an fhíorúcháin, lena n-áirítear trí na feidhmchláir mhóibíleacha a úsáidtear a oiriúnú chun Deimhnithe Digiteacha COVID AE a fhíorú. Ós rud é go n-áirítear dáta breithe an tsealbhóra ar na deimhnithe vacsaínithe, is féidir leis na feidhmchláir mhóibíleacha a úsáidtear le haghaidh fíorúcháin a chinneadh an bhfuil an tréimhse chaighdeánach inghlacthachta le cur i bhfeidhm nó nach bhfuil. Sa chomhthéacs sin, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois ar an lá a fhíoraítear deimhniú.

(10)

Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán agus de mheastóireacht rialta a dhéanamh ar an gcur chuige maidir leis an tréimhse inghlacthachta chun a mheasúnú an mbeadh oiriúnuithe ag teastáil ar bhonn fianaise eolaíoch nua a bheadh ag teacht chun cinn, lena n-áirítear fianaise i ndáil leis an tréimhse inghlacthachta le haghaidh deimhnithe lena léirítear gur tugadh teanndáileog.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/953 a leasú dá réir.

(12)

Ós rud é go raibh fianaise eolaíoch nua atá ag teacht chun cinn maidir le teanndáileoga a thabhairt do dhéagóirí atá 12 bhliain d’aois, ag cur san áireamh go háirithe imthosca amhail leathadh an ghalair agus chomh dian is dócha a bheidh an galar i ndaoine óga agus an riosca aitheanta fo-iarmhairtí, chomh maith le héifeachtacht vacsaíne COVID-19 an vacsaínithe phríomhúil san aoisghrúpa sin, éilítear ar bhonn mhórfhorais phráinne úsáid a bhaint as an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/953. Dá gcuirfí moill ar ghníomhaíocht láithreach, chuirfeadh sé sin leis an mbaol nach nglacfaí a thuilleadh le deimhnithe vacsaínithe atá i seilbh mionaoiseach in ainneoin na bhforbairtí sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/953.

(13)

Tá an Rialachán seo gan dochar do chinntí na mBallstát maidir lena bhfeachtais náisiúnta vacsaínithe.

(14)

Chun go mbeidh go leor ama ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go teicniúil, ba cheart na Ballstáit a cheadú, go dtí an 6 Aibreán 2022, an tréimhse inghlacthachta chaighdeánach a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 a chur i bhfeidhm freisin maidir le deimhnithe atá i seilbh daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

(15)

I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le paindéim COVID-19, ba cheart don Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I bpointe 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

dáta an vacsaínithe, lena léirítear dáta na dáileoige is déanaí a fuarthas (ní ghlacfar le deimhnithe atá i seilbh daoine atá 18 mbliana agus os a chionn sin lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil, ach amháin mura mbíonn níos mó ná 270 lá caite ó dháta na dáileoige is déanaí sa tsraith sin);”.

Airteagal 2

Go dtí an 6 Aibreán 2022, féadfaidh na Ballstáit pointe 1(h) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 a chur i bhfeidhm freisin maidir le deimhnithe atá i seilbh daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2288 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tréimhse inghlacthachta na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint i bhformáid Deimhniú Digiteach COVID AE lena léirítear gur críochnaíodh an tsraith vacsaínithe phríomhúil (IO L 458, 22.12.2021, lch. 459).

(3)  https://www.ema.europa.eu/en/news/ema-recommends-authorisation-booster-doses-comirnaty-12-years-age

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear an t-údarú margaíochta coinníollach arna dheonú le Cinneadh C(2020) 9598(final) do “Comirnaty – tozinameran, vacsaín mRNA in aghaidh COVID-19 (núicléisíd-modhnaithe)”, táirge íocshláinte lena úsáid ag an duine (C(2022) 1351 final).

(5)  https://www.ecdc.europa.eu/sites/default/files/documents/COVID-19-considerations-for-booster-doses-in-adolescents-Feb%202022.pdf

(6)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).


30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/11


RIALACHÁN (AE) 2022/504 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 25 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais (BCE/2016/4) (BCE/2022/14)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagail 4(3) agus 6 agus Airteagal 9(1) agus (2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmeasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (2), agus go háirithe Airtegail 400(2), 415(3), 420(2), 428p(10), 428q(2), 428aq(10), 428ar(2), 467(3), 468(3) agus 471(1) de,

Ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (3), agus go háirithe Airtegail 12(3) agus 23(2), agus Airteagal 24(4) agus (5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá reachtaíocht a glacadh ón uair a glacadh Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/4) tar éis roghanna agus discréidí áirithe nua a thabhairt isteach i ndlí an Aontais agus roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais agus a fheidhmigh an Banc Ceanais ns hÉireann (BCE) de bhun Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) (4) a leasú nó a scriosadh. Dá bhrí sin, tá gá le leasuithe iarmhartacha ar Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) chun na hathruithe sin a léiriú.

(2)

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4), díolmhaítear risíochtaí inghrúpa ó theorainneacha ábhartha na risíochtaí móra, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa critéir áirithe. Ón uair a glacadh Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) tá méadú tagtha ar leibhéal imní stuamachta an BCE faoi chleachtais chlárúcháin institiúidí creidmheasa a bhaineann le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a theorannú do risíochtaí inghrúpa ar eintitis atá bunaithe laistigh den Aontas.

(3)

Ba cheart Airteagal 9(3) agus (4) de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a leasú chun go gceadófar le hinstitiúidí creidmheasa a chomhlíonann na critéir ábhartha, trí theorainn chainníochtúil ar luach na risíochtaí ábhartha a urramú, úsáid a bhaint as díolúine pháirteach i dteannta na díolúine iomláine atá ar fáil faoi láthair.

(4)

Maidir le táirgí a bhaineann le maoiniú trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe, measann an BCE gur gá níos mó solúbthachta a thabhairt isteach i ndáil le rátaí eis-sreafaí a chinneadh chun críocha Airteagal 23(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (5). Dá bhrí sin, ba cheart an sonraíocht ráta eis-sreabhaidh caighdeánaithe 5 % in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a bhaint. Ina ionad sin, mar is amhlaidh i gcás na dtáirgí agus na seirbhísí eile a thagann faoi raon feidhme Airteagal 23 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, ba cheart don BCE rátaí eis-sreafaí i gcomhair táirgí a bhaineann le maoiniú trádála atá lasmuigh den chlár comhardaithe a chinneadh trí ghlacadh leis na rátaí eis-sreafaí arna gcur i bhfeidhm ag an institiúid creidmheasa ábhartha nó trí ráta eis-sreabhadh níos airde a shocrú, le huasteorainn 5 %.

(5)

Chun tacú leis an gcuspóir um cheanglais stuamachta a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa, ba cheart beartas ginearálta a bhunú chun mórinnéacsanna stoic a shainaithint i mBallstát nó i dtríú tír chun críocha Airteagal 12(1)(c)(i) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

(6)

Le tabhairt isteach an ceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (net stable funding ratio, NSFR) mar atá leagtha amach i dTeideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tá sé de chumhacht ag údaráis inniúla roinnt roghanna agus discréidí nua a bhaineann leis an gceanglas NSFR a fheidhmiú. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a nuashonrú dá réir.

(7)

Chun tacú leis an bprionsabal ar dá réir a gcaitear go comhionann le hinstitiúidí creidmheasa, ba cheart roghanna agus discréidí a bhaineann le cur i bhfeidhm an cheanglais NSFR ag institiúidí beaga agus neamhchasta, mar a thuairiscítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fheidhmiú ar an mbealach céanna a fheidhmítear na roghanna agus na discréidí comhfhreagracha a bhaineann le cur i bhfeidhm an cheanglais NSFR ag institiúidí creidmheasa eile, mar atá leagtha amach i gCaibidlí 1 go 4 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(8)

Chuir factóirí áirithe bac ar chur i bhfeidhm praiticiúil na discréide a ndírítear uirthi in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) trína bhféadfaidh údaráis inniúla údarú a thabhairt d’institiúidí ráta eis-sreafa 3 % a chur i bhfeidhm maidir le taiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le scéim ráthaíochta taiscí, faoi réir ceadú roimh ré ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 24(4) agus (5) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Tá gá le tuilleadh fianaise agus anailíse d’fhonn a thaispeáint go mbeadh na rátaí caillteanais le haghaidh taiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le scéim ráthaíochta taiscí dá dtagraítear in Airteagal 24(5) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 faoi bhun 3 % le linn aon tréimhse struis a bheadh ag na hinstitiúidí agus atá i gcomhréir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Cheal fianaise agus anailíse den sórt sin, ba cheart an beartas ginearálta lena n-údaraítear cur i bhfeidhm ráta eis-sreafa 3 % a bhaint de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE 2016/4).

(9)

I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, tá comhairliúchán poiblí oscailte déanta ag an BCE ar an Rialachán seo.

(10)

Tá cinneadh Bhord Maoirseachta an BCE an togra chun an Rialachán seo a ghlacadh déanta i gcomhréir le hAirteagal 26(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) mar a leanas:

1.

Scriostar Airteagal 5;

2.

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 go 5:

‘3.   Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thabhaíonn institiúid chreidmheasa i leith na ngnóthas dá dtagraítear ann, a mhéid atá na gnóthais sin bunaithe san Aontas, díolmhaithe ón gcur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a mhéid a chumhdaítear na gnóthais sin leis an maoirseacht chéanna ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

5.   Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(e) go (l) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe go hiomlán, nó i gcás na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(i), beidh siadsan díolmhaithe suas go dtí an uasmhéid ceadaithe, ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

(*1)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).’;"

3.

I gCaibidil IV, cuirtear an ceannteideal seo a leanas i ndiaidh an cheannteidil ‘Leachtacht’:

Roinn I

Ceanglas maidir le Cumhdach Leachtachta’;

4.

Scriostar Airteagail 10 agus 11;

5.

Cuirtear an Airteagal 11a seo a leanas isteach:

‘Airteagal 11a

Airteagal 12(1)(c)(i) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: Mórinnéacsanna malartáin na mBallstát nó tríú tír a shainaithint

Cáilíonn na hinnéacsanna seo a leanas mar mhórinnéacsanna malartáin chun raon feidhme na scaireanna a d’fhéadfadh cáiliú mar shócmhainní Leibhéal 2B de bhun Airteagal 12(1)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a chinneadh:

(a)

na hinnéacsanna a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1646 ón gCoimisiúin (*2);

(b)

aon mhórinnéacs malartáin, nach n-áirítear faoi phointe (a), i mBallstát nó i dtríú tír, a shainraítear mar sin chun críocha an phointe seo ag údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha nó ag údarás poiblí tríú tír;

(c)

aon mhórinnéacs malartáin, nach n-áirítear faoi phointí (a) nó (b), a chuimsíonn cuideachtaí ceannródaíocha sa dlínse ábhartha.

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 an 13 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le príomhinnéacsanna agus malairtí aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 245, 14.9.2016, lch. 5).’;"

6.

I gCaibidil IV, cuirtear isteach an Roinn II seo a leanas i ndiaidh Airteagal 12:

Roinn II

Cóimheas Glanchistiúcháin Chobhsaí (NSFR)

Airteagal 12a

Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) 575/2013: Factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe

Mura gcinnfidh an BCE fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh difriúla, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm le haghaidh na risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi raon feidhme Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus nach dtagraítear dóibh i gCaibidil 4 de Theideal IV de Cuid a Sé de Rialachán (AE) 575/2013, fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a fhreagraíonn do na rátaí eis-sreafaí a chuireann siad i bhfeidhm maidir le táirgí agus seirbhísí gaolmhara i gcomhthéacs Airteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 sa cheanglas maidir le cumhdach leachtachta.

Airteagal 12b

Airteagal 428q(2) de Rialachán (AE) 575/2013: Téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh

I gcás ina bhfuil sócmhainní leithscartha de réir Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3) agus mura bhfuil institiúidí in ann na sócmhainní sin a dhiúscairt gan srian, breithneoidh institiúidí na sócmhainní sin mar ualaithe ar feadh tréimhse a fhreagraíonn do théarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglais sin maidir le leithscaradh.

Airteagal 12c

Airteagal 428aq(10) de Rialachán (AE) 575/2013: Factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe

Leanfaidh institiúidí ar thug an BCE cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 12a.

Airteagal 12d

Airteagal 428ar(2) de Rialachán (AE) 575/2013: Téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh

Leanfaidh institiúidí ar thug an BCE cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 12b.

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;"

7.

Scriostar Airteagail 13 go 16;

8.

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Forálacha críochnaitheacha

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 25 Márta 2022.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)  IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(3)  IO L 11, 17.1.2015, lch. 1.

(4)  Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Márta 2016 maidir le roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú (BCE/2016/4) (IO L 78, 24.3.2016, lch. 60).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) mar a leanas:

1.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (ii) d’fhomhír (a) de mhír 2:

‘(ii)

is bonn cirt leis na risíochtaí inghrúpa an struchtúr agus an straitéis cistiúcháin;’;

2.

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (ii) d’fhomhír (c) de mhír 3:

‘(ii)

is bonn cirt le risíochtaí inghrúpa an struchtúr agus an straitéis cistiúcháin;’.


CINNTÍ

30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/16


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/505 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2022

maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1693)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle an 10 Eanáir 1997 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála cinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne a áireamh, agus lena dtoibhítear an dleacht leathnaithe ar allmhairí den sórt sin atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 703/96 (2) agus go háirithe Airteagal 3 de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/45 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 a mhéid a bhaineann le leathnú na dleachta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle chun allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a áireamh (3),

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 1997 maidir le húdarú na díolúine d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ón dleacht frithdhumpála a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, dleacht a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagail 4 go 7 de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag dleacht frithdhumpála maidir le hallmhairí páirteanna riachtanacha rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín”) (“an dleacht leathnaithe”) mar gur leathnaíodh an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rothar de thionscnamh na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97.

(2)

Faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 71/97, maidir leis an díolúine d’allmhairí páirteanna riachtanacha rothair nach dtéann timpeall ar an dleacht frithdhumpála, tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an díolúine sin a údarú.

(3)

Tá na bearta cur chun feidhme sin leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (“an Rialachán díolúine”) lena mbunaítear an córas díolúine sonrach.

(4)

Ar an mbonn sin thug an Coimisiún díolúine do roinnt cóimeálaithe rothar ón díolúine leathnaithe (“na páirtithe díolmhaithe”).

(5)

Mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2) den Rialachán díolúine, d’fhoilsigh an Coimisiún liostaí na bpáirtithe ar tugadh díolúine dóibh ina dhiaidh sin (5) in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme is déanaí ón gCoimisiún (AE) 2022/403 (6) a bhaineann le díolúintí faoin Rialachán díolúine an 3 Márta 2022.

(7)

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán díolúine.

1.   IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ

(8)

Idir an 29 Lúnasa 2019 agus an 1 Iúil 2021, fuair an Coimisiún iarrataí ar dhíolúintí ó na páirtithe a liostaítear i dTáblaí 1 agus 2 lena raibh an fhaisnéis is gá ag gabháil chun cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu is féidir na hiarrataí sin a ghlacadh nó nach féidir i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán díolúine.

(9)

Tugadh deis do na páirtithe a d’iarr díolúintí a mbarúlacha a chur in iúl faoi chonclúidí an Choimisiúin maidir le hinghlacthacht a n-iarrataí.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán Díolúine, agus ar feitheamh cinneadh maidir le fiúntais na n-iarrataí a rinne na páirtithe a d’iarr díolúintí, maidir le híocaíocht na dleachta leathnaithe i dtaobh aon allmhairiú páirteanna riachtanacha rothair a dhearbhaigh na páirtithe sin atá liostaithe i dTábla 1 agus i dTábla 2 lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, cuireadh an íocaíocht sin ar fionraí ón lá a fuair an Coimisiún a n-iarrataí faoi seach.

2.   ÚDARÚ DÍOLÚINE

(11)

Tugadh i gcrích an scrúdú ar fhiúntais na n-iarrataí ón bpáirtí a liostaítear i dTábla 1.

Tábla 1

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

C527

FIRMA ADAM Adam Ziętek

Muchy 56, PL-63-524 Czajków, an Pholainn

(12)

Le linn an scrúdaithe a rinne an Coimisiún, maidir le luach na bpáirteanna de thionscnamh na Síne, shuigh sé gur lú ná 60 % de luach iomlán na rothar uile a chóimeálann an páirtí atá liostaithe i dTábla 1 é an luach sin.

(13)

Dá bharr sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtagann oibríochtaí cóimeála FIRMA ADAM Adam Ziętek faoi raon feidhme Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

(14)

Ar an gcúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán Díolúine, chomhlíon an páirtí atá liostaithe i dTábla 1 na coinníollacha le díolúine a fháil ón dleacht leathnaithe.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán díolúine, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine ón dáta a gheofar an iarraidh. Mar sin, maidir leis na fiachais chustaim i leith na dleachta leathnaithe atá ar an bpáirtí a iarrann díolúine, ba cheart a mheas go bhfuil na fiachais sin ar neamhní amhail ón dáta céanna.

(16)

Cuireadh an páirtí leasmhar ar an eolas maidir le conclúidí an Choimisiúin faoi fhiúntais a iarrata agus tugadh deis dó barúil a chur in iúl faoi.

(17)

Ós rud é nach bhfuil feidhm ag an díolúine ach maidir leis an bpáirtí dá dtagraítear go sonrach i dTábla 1, ba cheart don pháirtí díolmhaithe fógra a thabhairt don Choimisiún (7) gan mhoill maidir le haon athrú ar an díolúine sin (mar shampla, tar éis athrú ar an ainm, ar an bhfoirm dhlíthiúil nó ar an seoladh nó tar éis eintitis chóimeála nua a chur ar bun).

(18)

Má thagann athrú ar thagairt, ba cheart don pháirtí díolmhaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil, lena n-áirítear aon athrú ar a ghníomhaíocht atá nasctha le hoibríochtaí cóimeála. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún na tagairtí cothrom le dáta dá réir sin.

3.   ÍOCAÍOCHTAÍ NA nDLEACHTANNA A CHUR AR FIONRAÍ DO PHÁIRTITHE FAOI SCRÚDÚ

(19)

Tá an scrúdú ar fhiúntais na n-iarrataí ó na páirtithe atá liostaithe i dTábla 2 fós ar siúl. Ar feitheamh cinneadh maidir le fiúntais a n-iarrataí, tá íocaíocht na dleachta leathnaithe ó na páirtithe sin curtha ar fionraí.

(20)

Ós rud é nach bhfuil feidhm ag an bhfionraí ach maidir leis na páirtithe dá dtagraítear go sonrach i dTábla 2, ba cheart do na páirtithe sin fógra a thabhairt don Choimisiún (8) gan mhoill maidir le haon athrú orthu sin (mar shampla, tar éis athrú ar an ainm, ar an bhfoirm dhlíthiúil nó ar an seoladh nó tar éis eintitis chóimeála nua a chur ar bun).

(21)

Má thagann athrú ar thagairt, ba cheart don pháirtí lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil, lena n-áirítear aon athrú ar a ghníomhaíocht atá nasctha le hoibríochtaí cóimeála. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún na tagairtí do pháirtithe den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta.

Tábla 2

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

C557

Berria Bike SL

Calle Blasco de Garay 19, 02600 Villarrobledo, an Spáinn

C559

Northtec sp. z.o.o.

ul. Dworcowa 15a, 43-502 Czechowice-Dziedzice, an Pholainn

C560

Giant Gyártó Hungary Kft.

Jedlik Ányos utca 1, 3200 Gyöngyös, an Ungáir

C492

MOTOKIT Veiculos e Acessórios Lda

Rua Alto do Vale do Grou 36 3750-870 Borralha/Águeda, an Phortaingéil

C609

Nextbike GmbH Nextbike GmbH

Erich-Zeigner-Allee 69-73 04229 Leipzig, an Ghearmáin

C720

Propain Bicycles GmbH

Schachenstraße 39, 88267 Vogt, an Ghearmáin

4.   Nuashonrú na dtagairtí do pháirtithe díolmhaithe nó do pháirtithe ar fionraí

(22)

Idir an 31 Márta 2021 agus an 7 Bealtaine 2021, thug na páirtithe díolmhaithe nó na páirtithe ar fionraí atá liostaithe i dTábla 3 fógra don Choimisiún faoi athruithe ar a dtagairtí (ainmneacha, foirmeacha dlíthiúla agus/nó seoltaí). Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, tháinig sé ar an gconclúid nach ndéanann na hathruithe difear do na hoibríochtaí cóimeála maidir leis na coinníollacha díolúine nó fionraí a leagtar amach sa Rialachán Díolúine.

(23)

Cé nach ndéantar difear do dhíolúine ná d’fhionraí na bpáirtithe sin i dtaca leis an dleacht leathnaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(1) nó Airteagal 7(1) den Rialachán díolúine, ba cheart na tagairtí do na páirtithe sin a thabhairt cothrom le dáta.

Tábla 3

Cód breise TARIC

Iarthagairt

Athrú

A168

EGC S.r.l.

Via Fontana 18,

45021 Milano, an Iodáil

Athraíodh seoladh an pháirtí dhíolmhaithe chuig:

Corso Ventidue Marzo 32/1

20135 Milano (MI), an Iodáil

8085

Oxyprod S.r.l.

Via G. Morone 4

20121 Milano (MI), an Iodáil an Iodáil

Athraíodh ainm agus seoladh an pháirtí dhíolmhaithe seo chuig:

Decathlon Produzione Italia S.r.l.

Via Buonarroti 39

20145 Milano (MI), an Iodáil

C492

Motokit veiculos e Acessórios S.A.

Rua Padre Vicente Maria da Rocha 448, 1° Esq.,

3840-453 Vagos, an Phortaingéil

Athraíodh foirm dhlíthiúil agus seoladh an pháirtí ar fionraí seo chuig:

MOTOKIT Veiculos e Acessórios Lda

Rua Alto do Vale do Grou 36

3750-870 Borralha/Águeda, an Phortaingéil

5.   Iarrataí ar dhíolúintí a measadh a bheith neamh-inghlactha

(24)

Chuir na páirtithe a liostaítear i dTábla 4 iarrataí ar dhíolúintí isteach ach measadh go raibh siad neamh-inghlactha de réir bhrí Airteagal 4(4) den Rialachán díolúine, mar níor chomhlíon siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 1 agus 2 den Rialachán sin.

Tábla 4

Ainm

Seoladh

Bicicletas Mendiz S.A.

Zuazobidea 22, (P.I. Jundiz) - 01015 Vitoria-Gasteiz, an Spáinn

MK Bicycles GmbH

Krugbäckerstraße 16 - 56424 Mogendorf, an Ghearmáin

Smart Urban Mobility B.V.

Contactweg 26, 1014BH Amsterdam, an Ísiltír

UW Werkmaatschappij B.V.

Postbus 9255, 3506GG Utrecht, an Ísiltír

(25)

Na páirtithe atá liostaithe i dTábla 4, cuireadh ar an eolas iad faoi chonclúidí an Choimisiúin agus tugadh deis dóibh barúil a chur in iúl faoi.

(26)

Ní bhfuarthas aon bharúil ó UW Werkmaatschappij B.V. ná ó Smart Urban Mobility B.V. faoi chonclúidí an Choimisiúin.

(27)

Sna barúlacha a thug Bicicletas Mendiz SA agus MK Bicycles GmbH, d’iarr siad go ndéanfadh an Coimisiún athmhachnamh ar an diúltú ar bhonn na doiciméadachta breise agus na n-argóintí a chuir siad ar fáil.

(28)

Tar éis don Choimisiún na doiciméid agus na hargóintí faoi seach a mheasúnú go cuí, tháinig sé ar an gconclúid nárbh fhéidir leis na haighneachtaí breise tacú leis na hiarrataí chun athmhachnamh a dhéanamh ar na conclúidí a nochtadh roimhe seo. Mar sin, deimhníodh go bhfuil na hiarrataí ar dhíolúintí neamh-inghlactha.

(29)

Cuireadh na páirtithe ar an eolas dá réir agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha faoi sin a chur in iúl. Ní bhfuarthas barúlacha breise faoi chonclúidí an Choimisiúin.

6.   Páirtí a dtarraingítear siar an t-údarú díolúine ina leith

(30)

Idir an 25 Márta 2021 agus an 28 Deireadh Fómhair 2021, tugadh fógra don Choimisiún gur foirceannadh an dá pháirtí dhíolmhaithe a liostaítear i dTábla 5 agus gur scoir siad dá ngníomhaíochtaí.

(31)

Foirceannadh Sachsenring Bike Manufaktur GmbH agus scoir sé dá ghníomhaíochtaí an 12 Eanáir 2021 tar éis féimheachta, agus foirceannadh Cicli Cinzia srl agus scoir sé dá ghníomhaíochtaí an 27 Eanáir 2021.

(32)

Dá bharr sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an t-údarú díolúine a tugadh do Sachsenring Bike Manufaktur GmbH a tharraingt siar amhail ón 12 Eanáir 2021, agus ba cheart an t-údarú díolúine a tugadh do Cicli Cinzia srl a tharraingt siar amhail ón 27 Eanáir 2021, i gcomhréir le prionsabal an dea-riaracháin.

(33)

Na páirtithe atá liostaithe i dTábla 5, cuireadh ar an eolas iad faoi chonclúidí an Choimisiúin agus tugadh deis dóibh barúil a chur in iúl faoi.

(34)

Ní bhfuarthas aon bharúil ó Sachsenring Bike Manufaktur GmbH faoi chonclúidí an Choimisiúin.

(35)

Sa bharúil a thug Cicli Cinzia srl, d’iarr sé ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar tharraingt siar an údaraithe díolúine.

(36)

Tar éis don Choimisiún an iarraidh a mheasúnú go cuí, tháinig sé ar an gconclúid nár cuireadh aon argóint nua chun tosaigh chun tacú le hathmheasúnú a dhéanamh ar na conclúidí a nochtadh roimhe seo. Dá bharr sin, deimhníodh tarraingt siar an údaraithe díolúine agus cuireadh an páirtí ar an eolas dá réir.

Tábla 5

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

8009

Sachsenring Bike Manufaktur GmbH

Kyselhäuser Straße 23

06526 Sangerhausen, an Ghearmáin

8066

Cicli Cinzia srl

Via Lombardia 48, Osteria Grande

40060 Castel San Pietro Terme, an Iodáil

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo tugtar díolúine don pháirtí atá liostaithe sa Tábla san Airteagal seo ó leathnú na dleachta frithdhumpála cinntithí ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 agus a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (9)ar allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 88/97 beidh feidhm ag an díolúine ón dáta a gheofar iarraidh an pháirtí. Déantar foráil maidir leis an dáta sa cholún Tábla ar a bhfuil an ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.

Ní bheidh feidhm ag an díolúine ach maidir leis an bpáirtí dá dtagraítear go sonrach sa Tábla san Airteagal seo.

Maidir le hathrú ar ainm nó ar sheoladh an pháirtí díolmhaithe, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi aon athrú den sórt sin agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil, go háirithe maidir le haon athrú ar ghníomhaíochtaí an pháirtí atá nasctha le hoibríochtaí cóimeála a mhéid a bhaineann le coinníollacha na díolúine.

Páirtí díolmhaithe

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

Dáta do ghabháil éifeachta

C527

FIRMA ADAM Adam Ziętek

Muchy 56

63-524 Czajków, an Pholainn

29.8.2019

Airteagal 2

Tá na páirtithe atá liostaithe sa Tábla san Airteagal seo faoi scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97.

Maidir le híocaíocht na dleachta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97, beidh feidhm aige sin ó na dátaí a gheofar iarrataí ar fhionraí ó na páirtithe faoi seach. Déantar foráil maidir leis na dátaí sin sa cholún Tábla ar a bhfuil an ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.

Ní bheidh feidhm ag an bhfionraí íocaíochta ach maidir leis na páirtithe dá dtagraítear go sonrach sa Tábla san Airteagal seo.

Maidir le haon athrú ar oibríochtaí cóimeála atá nasctha le coinníollacha na fionraí, tabharfaidh na páirtithe faoi scrúdú fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú den sórt sin agus cuirfidh sé ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha uile mar fhianaise. Áirítear leis na hathruithe sin, ach gan a bheith teoranta dóibh, aon athrú ar ainmneacha, ar ghníomhaíochtaí, ar fhoirmeacha dlíthiúla agus ar sheoltaí na bpáirtithe.

Páirtithe faoi scrúdú

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

Dáta do ghabháil éifeachta

C557

Berria Bike SL

Calle Blasco de Garay 19,

02600 Villarrobledo - an Spáinn

27.7.2020

C559

Northtec sp. z.o.o.

ul. Dworcowa 15a,

43-502 Czechowice-Dziedzice - an Pholainn

27.7.2020

C560

Giant Gyártó Hungary Kft.

Jedlik Ányos utca 1,

3200 Gyöngyös - an Ungáir

15.7.2020

C492

MOTOKIT Veiculos e Acessórios Lda

Rua Alto do Vale do Grou 36

3750-870 Borralha/Águeda, an Phortaingéil

25.9.2020

C609

Nextbike GmbH Nextbike GmbH

Erich Zeigner Allee 69-73

04229 Leipzig, an Ghearmáin

25.11.2020

C720

Propain Bicycles GmbH

Schachenstraße 39,

88267 Vogt, an Ghearmáin

1.7.2021

Airteagal 3

Déantar foráil maidir le tagairtí nuashonraithe do na páirtithe díolmhaithe nó do na páirtithe ar fionraí atá liostaithe sa Tábla san Airteagal seo sa cholún ar a bhfuil an teideal “Tagairt nua”. Beidh feidhm ag na nuashonruithe sin ó na dátaí dá bhforáiltear sa cholún Tábla ar a bhfuil an ceannteideal “Dáta do ghabháil éifeachta”.

Na cóid bhreise TARIC chomhfhreagracha a sannadh do na páirtithe díolmhaithe nó do na páirtithe ar fionraí sin mar a fhoráiltear sa cholún Tábla ar a bhfuil an ceannteideal “Cód breise TARIC”, ní dhéanfar athrú orthu sin.

Páirtithe díolmhaithe/ar fionraí a dtabharfar an tagairt ina leith cothrom le dáta

Cód breise TARIC

Iarthagairt

Tagairt nua

Dáta do ghabháil éifeachta

8085

Oxyprod S.r.l.

Via G. Morone 4

20121 Milano (MI), an Iodáil

Decathlon Produzione Italia S.r.l.

Via Buonarroti 39

20145 Milano (MI), an Iodáil

3.6.2015 le haghaidh ainm a athrú;

20.4.2021 le haghaidh ainm a athrú

A168

EGC S.r.l.

Via Fontana 18,

Milano 45021 (MI), an Iodáil

EGC S.r.l.

Corso Ventidue Marzo 32/1

20135 Milano (MI), an Iodáil

31.3.2021

C492

Motokit veiculos e Acessórios S.A.

Rua Padre Vicente Maria da Rocha 448, 1° Esq.,

3840-453 Vagos, an Phortaingéil

MOTOKIT Veiculos e Acessórios Lda

Rua Alto do Vale do Grou 36

3750-870 Borralha/Águeda, an Phortaingéil

7.5.2021

Airteagal 4

Na hiarrataí ar dhíolúintí a chuir na páirtithe a liostaítear sa Tábla den Airteagal seo isteach, tá siad neamh-inghlactha agus mar sin diúltaítear dóibh i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 88/97.

Beidh feidhm ag na diúltuithe sin ó na dátaí dá bhforáiltear sa cholún Tábla ar a bhfuil an ceannteideal “Dáta do ghabháil éifeachta”.

Páirtithe a ndiúltaítear an iarraidh ar dhíolúine ina leith

Ainm

Seoladh

Dáta do ghabháil éifeachta

Bicicletas Mendiz SA

Zuazobidea 22, (P.I. Jundiz) - 01015 Vitoria-Gasteiz, an Spáinn

5.5.2021

MK Bicycles GmbH

Krugbäckerstraße 16 - 56424 Mogendorf, Germany

14.6.2021

Smart Urban Mobility BV

Contactweg 26, 1014BH Amsterdam, The Netherlands

17.6.2021

UW Werkmaatschappij B.V.

Postbus 9255, 3506GG Utrecht, an Ísiltír

12.11.2021

Airteagal 5

An t-údarú díolúine ó íocaíocht na dleachta frithdhumpála leathnaithe, tarraingítear siar é i gcás na bpáirtithe a liostaítear sa Tábla den Airteagal seo.

Beidh feidhm ag an tarraingt siar sin ó na dátaí dá bhforáiltear sa cholún Tábla ar a bhfuil an ceannteideal “Dáta do ghabháil éifeachta”.

Páirtithe a dtarraingítear siar an t-údarú díolúine ina leith

Cód breise TARIC

Ainm

Seoladh

Dáta do ghabháil éifeachta

8009

Sachsenring Bike Manufaktur GmbH

Kyselhäuser Straße 23,

06526 Sangerhausen, an Ghearmáin

12.1.2021

8066

Cicli Cinzia srl

Via Lombardia 48, Osteria Grande

40060 Castel San Pietro Terme, an Iodáil

27.1.2021

Airteagal 6

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo agus chuig na páirtithe atá liostaithe in Airteagail 1 go 5 agus foilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Valdis DOMBROVSKIS

Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 16, 18.1.1997, lch. 55.

(3)  IO L 16, 21.1.2020, lch. 7.

(4)  IO L 17, 21.1.1997, lch. 17.

(5)  IO C 45, 13.2.1997, lch. 3, IO C 112, 10.4.1997, lch. 9, IO C 220, 19.7.1997, lch. 6, IO L 193, 22.7.1997, lch. 32, IO L 334, 5.12.1997, lch. 37, IO C 378, 13.12.1997, lch. 2, IO C 217, 11.7.1998, lch. 9, IO C 37, 11.2.1999, lch. 3, IO C 186, 2.7.1999, lch. 6, IO C 216, 28.7.2000, lch. 8, IO C 170, 14.6.2001, lch. 5, IO C 103, 30.4.2002, lch. 2, IO C 35, 14.2.2003, lch. 3, IO C 43, 22.2.2003, lch. 5, IO C 54, 2.3.2004, lch. 2, IO L 343, 19.11.2004, lch. 23, IO C 299, 4.12.2004, lch. 4, IO L 17, 21.1.2006, lch. 16, IO L 313, 14.11.2006, lch. 5, IO L 81, 20.3.2008, lch. 73, IO C 310, 5.12.2008, lch. 19, IO L 19, 23.1.2009, lch. 62, IO L 314, 1.12.2009, lch. 106, IO L 136, 24.5.2011, lch. 99, IO L 343, 23.12.2011, lch. 86, IO L 119, 23.4.2014, lch. 67, IO L 132, 29.5.2015, lch. 32, IO L 331, 17.12.2015, lch. 30, IO L 47, 24.2.2017, lch. 13, IO L 79, 22.3.2018, lch. 31, IO L 171, 26.6.2019, lch. 117, IO L 138, 30.4.2020, lch. 8, IO L 158, 20.5.2020, lch. 7, IO L 325, 7.10.2020, lch. 74, IO L 140, 23.4.2021, lch. 1, IO L 83, 10.3.2022, lch. 39.

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/403 ón gCoimisiún an 3 Márta 2022 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar chodanna áirithe rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (IO L 83, 10.3.2022, lch. 39.)

(7)  Moltar don pháirtí úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: TRADE-BICYCLE-PARTS@ec.europa.eu.

(8)  Moltar do na páirtithe úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: TRADE-BICYCLE-PARTS@ec.europa.eu.

(9)  (OJ L 228, 9.9.1993, p. 1).


30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/24


CINNEADH (AE) 2022/506 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2022

lena leasaítear Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó (1), arna chur i gcrích an 29 Samhain 2011, agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear le hAirteagal 11(2) den Chomhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó (“an Comhaontú Airgeadaíochta”) ar Phrionsacht Mhonacó na gníomhartha dlí céanna agus na rialacha céanna a leagtar síos i bPoblacht na Fraince a chur i bhfeidhm chun na gníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le gníomhaíochtaí agus rialáil stuamachta na n-institiúidí creidmheasa agus maidir le rioscaí sistéimeacha i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús a liostaítear in Iarscríbhinn A a thrasuí.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 11(3) den Chomhaontú Airgeadaíochta, ní mór don Choimisiún Iarscríbhinn A den Chomhaontú sin a thabhairt cothrom le dáta gach uair a leasaítear téacsanna na ngníomhartha lena mbaineann agus gach uair a ghlacann an tAontas Eorpach téacs nua.

(3)

Tá téacsanna nua glactha ag an Aontas Eorpach agus tá leasuithe déanta ar na téacsanna a luaitear cheana in Iarscríbhinn A.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta a leasú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gComhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2022

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO C 23, 28.1.2012, lch. 13.


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN A

 

Reachtaíocht is infheidhme maidir le gníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus maidir le rioscaí córasacha i gcórais íocaíochta agus i socraíochtaí urrús a chosc

1

Maidir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa

Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1)

 

arna leasú le:

2

Treoir 2001/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2001 lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE, 83/349/CEE agus 86/635/CEE maidir leis na rialacha luachála is infheidhme i dtaca le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite cineálacha áirithe cuideachtaí agus cuntais banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 283, 27.10.2001, lch. 28)

3

Treoir 2003/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2003 lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE, 83/349/CEE, 86/635/CEE agus 91/674/CEE ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite catagóirí áirithe cuideachtaí, banc agus institiúidí airgeadais eile agus gnóthais árachais (IO L 178, 17.7.2003, lch. 16)

4

Treoir 2006/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 lena leasaítear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle maidir le cuntais bhliantúla cineálacha áirithe cuideachtaí, 83/349/CEE maidir le cuntais chomhdhlúite, 86/635/CEE maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile, agus 91/674/CEE maidir le cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 224, 16.8.2006, lch. 1)

5

Treoir 89/117/CEE ón gComhairle an 13 Feabhra 1989 maidir leis na hoibleagáidí atá ar bhrainsí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais i dtaca le doiciméid chuntasaíochta a fhoilsiú go bliantúil, ar brainsí iad a bunaíodh i mBallstát a bhfuil a gceannoifigí lasmuigh den Bhallstát sin (IO L 44, 16.2.1989, lch. 40)

6

Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús (IO L 166, 11.6.1998, lch. 45)

 

arna leasú le:

7

Treoir 2009/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Treoir 98/26/CE maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús agus Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, i dtaca le córais nasctha agus éilimh chreidmheasa (IO L 146, 10.6.2009, lch. 37)

8

Treoir 2010/78/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/87/CE, 2003/6/CE, 2003/41/CE, 2003/71/CE, 2004/39/CE, 2004/109/CE, 2005/60/CE, 2006/48/CE, 2006/49/CE agus 2009/65/CE i ndáil leis na cumhachtaí atá ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (IO L 331, 15.12.2010, lch. 120)

9

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1)

10

Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)

11

Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

12

Treoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa, (IO L 125, 5.5.2001, lch. 15)

 

arna leasú le:

13

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

14

Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43)

 

arna leasú le:

15

Treoir 2009/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Treoir 98/26/CE maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús agus Treoir 2002/47/CE maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais, i dtaca le córais nasctha agus éilimh chreidmheasa (IO L 146, 10.6.2009, lch. 37)

16

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

17

Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)

18

Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1) agus, i gcás inarb infheidhme, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

19

Treoir 2005/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2005 lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 85/611/CEE, 91/675/CEE, 92/49/CEE agus 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/19/CE, 98/78/CE, 2000/12/CE, 2001/34/CE, 2002/83/CE agus 2002/87/CE chun na coistí seirbhísí airgeadais a eagrú de réir struchtúr nua (IO L 79, 24.3.2005, lch. 9)

20

Treoir 2008/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena leasaítear Treoir 2002/87/CE maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais, i dtaca leis na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 81, 20.3.2008, lch. 40)

21

Treoir 2010/78/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Treoracha 98/26/CE, 2002/87/CE, 2003/6/CE, 2003/41/CE, 2003/71/CE, 2004/39/CE, 2004/109/CE, 2005/60/CE, 2006/48/CE, 2006/49/CE agus 2009/65/CE i ndáil leis na cumhachtaí atá ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme) agus ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (IO L 331, 15.12.2010, lch. 120)

22

Treoir 2011/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Treoracha 98/78/CE, 2002/87/CE, 2006/48/CE agus 2009/138/CE maidir le maoirseacht fhorlíontach ar eintitis airgeadais in ilchuideachtaí airgeadais (IO L 326, 8.12.2011, lch. 113)

23

Cé is moite de Theideal V de:

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)

24

Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64)

25

Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoracha 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7)

 

arna leasú le:

26

Cé is moite de Theideal V de:

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338)

27

Cé is moite de Theidil III agus IV de:

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35)

28

Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12)

 

arna leasú le:

29

Rialachán (AE) Uimh. 1022/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) a mhéid a bhaineann le cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (IO L 287, 29.10.2013, lch. 5)

30

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34)

31

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

32

Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1)

33

Cé is moite de Theidil III agus IV de:

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35)

34

Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1)

35

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

36

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1)

37

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

38

Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84) agus i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

39

Rialachán (AE) 2016/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (IO L 175, 30.6.2016, lch. 1)

40

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)

41

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1) i ndáil leis na hinstitiúidí creidmheasa

42

Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42)

43

Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

44

Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)

45

Rialachán (AE) 2021/168 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus athsholáthairtí le haghaidh tagarmharcanna ar scor áirithe a ainmniú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 49, 12.2.2021, lch. 6)

46

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

47

Rialachán (AE) 2017/2395 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir leis na socruithe idirthréimhseacha leis an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach IFRS 9 ar chistí dílse a mhaolú agus le haghaidh láimhseáil risíochtaí móra i gcás risíochtaí áirithe san earnáil phoiblí atá ainmnithe in airgeadra intíre aon Bhallstáit (IO L 345, 27.12.2017, lch. 27)

48

Rialachán (AE) 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 347, 28.12.2017, lch. 1)

49

Rialachán (AE) 2019/630 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le cumhdach caillteanais íosta le haghaidh risíochtaí neamhthuillmheacha (IO L 111, 25.4.2019, lch. 4)

50

Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

51

Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1)

52

Rialachán (AE) 2020/873 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe áirithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 204, 26.6.2020, lch. 4)

53

Rialachán (AE) 2021/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe ar an gcreat urrúsaithe chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 (IO L 116, 6.4.2021, lch. 25)

54

Cé is moite de Theideal V de:

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

55

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190)

56

Treoir (AE) 2019/878 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le heintitis dhíolmhaithe, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, an luach saothair, bearta agus cumhachtaí maoirseachta agus bearta caomhnaithe caipitil (IO L 150, 7.6.2019, lch. 253) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

57

Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64)

58

Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14)

59

Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149)

60

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

61

Treoir (AE) 2017/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hionstraimí fiachais neamhurraithe a rangú in ordlathas dócmhainneachta (IO L 345, 27.12.2017, lch. 96)

62

Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296) agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

63

Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64)

64

Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)

65

Maidir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa agus cé is moite d’Airteagail 34 go 36 agus de Theideal III:

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349), i gcás inarb infheidhme, na bearta gaolmhara ar leibhéal 2

 

arna leasú le:

66

Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Céadaoin 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)

67

Treoir (AE) 2016/1034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (IO L 175, 30.6.2016, lch. 8)

68

Cé is moite d’Airteagal 64(5):

Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64)

69

Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II), Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155)

70

Treoir (AE) 2020/1504 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (IO L 347, 20.10.2020, lch. 50)

71

Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14)

72

Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Dé Céadaoin 23 Iúil 2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoracha 98/26/CE agus 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 (IO L 257, 28.8.2014, lch. 1)

 

arna leasú le:

73

Rialachán (AE) 2016/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (IO L 175, 30.6.2016, lch. 1)

74

Maidir leis na forálacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa

Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84)

 

arna leasú le:

75

Rialachán (AE) 2016/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús (IO L 175, 30.6.2016, lch. 1)

76

Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014, agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1)

77

Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)

78

Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1), i ndáil leis na hinstitiúidí creidmheasa

 

arna leasú le:

79

Rialachán (AE) 2021/23 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 806/2014 agus (AE) 2015/2365 agus Treoracha 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2007/36/CE, 2014/59/AE agus (AE) 2017/1132 (IO L 22, 22.1.2021, lch. 1)


30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/33


CINNEADH (AE) 2022/507 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Márta 2022

lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,

Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir dar dáta an 7 Feabhra 2022, thug Éire fógra foirmiúil, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21, gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2021/1147 agus a bheith faoi cheangal aige.

(2)

Ní bhaineann aon choinníoll le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147.

(3)

Dá bhrí sin ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh, rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147 a dheimhniú.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/1147 deimhnithe.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/1147 maidir le hÉirinn, i gcomhréir leis an gCinneadh seo, ón 7 Feabhra 2022.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 251, 15.7.2021, lch. 1.


TREOIRLÍNTE

30.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/34


TREOIRLÍNE (AE) 2022/508 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 25 Márta 2022

lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí neamhshuntasacha (BCE/2017/9) (BCE/2022/12)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(5)(a) agus (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 4 Aibreán 2017 ghlac an Banc Ceannais Eorpach (BCE) Treoirlíne (AE) Uimh. 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2017/9) (2) (anseo feasta an ‘Treoirlíne O&D’), inar bhunaigh sé beartais ghinearálta maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí áirithe dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas. Leasaíodh nó scriosadh le reachtaíocht a tugadh isteach ón uair a glacadh an Treoirlíne O&D cuid de na roghanna agus na discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais a cuireadh san áireamh sa Treoirlíne O&D. Dá bhrí sin, tá gá le leasuithe iarmhartacha áirithe ar an Treoirlíne O&D.

(2)

Maidir leis na rátaí eis-sreafaí atá le cur i bhfeidhm ar thaiscí miondíola cobhsaí, chuir factóirí áirithe bac ar chur i bhfeidhm praiticiúil na discréide a ndírítear uirthi in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2016/4) (3) agus in Airteagal 7 den Treoirlíne O&D trínar féidir le húdaráis inniúla údarú a thabhairt d’institiúidí ráta eis-sreafa 3 % a chur i bhfeidhm ar thaiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le scéim ráthaíochta taisce (SRT), faoi réir cheadú roimh ré ón gCoimisiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 24(4) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (4). Tá gá le tuilleadh fianaise agus anailíse d’fhonn a thaispeáint go mbeadh na rátaí caillteanais le haghaidh taiscí miondíola cobhsaí a chumhdaítear le SRT dá dtagraítear in Airteagal 24(5) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 faoi bhun 3 % le linn aon tréimhse struis a bheadh ag na hinstitiúidí agus atá i gcomhréir leis na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61. Cheal fianaise agus anailíse den sórt sin, ba cheart an beartas ginearálta lena n- údaraítear cur i bhfeidhm ráta eis-sreabhaidh 3 % a bhaint de Rialachán (AE) 2016/445 (BCE 2016/4).

(3)

Maidir leis an rogha a deonaíodh d’údaráis inniúla faoi Airteagal 12(1)(c)(i) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 maidir le mór-innéacsanna malartáin a shainaithint chun na scaireanna a d’fhéadfadh cáiliú mar shócmhainní Leibhéal 2B sa chóimheas clúdach leachtachta a shainaithint, ba cheart í a fheidhmiú go comhsheasmhach d’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas. Tá sé i gceist ag an discréid a chinntiú nach n-áiríonn institiúidí creidmheasa ina maolán leachtachta ach na scaireanna sin a áirítear in innéacsanna ar féidir glacadh le leachtacht mhargaidh na scaireanna foluiteacha ina leith. Ó tharla nach bhfuil tionchar díreach ag suntasacht ná méid institiúide creidmheasa ar leachtacht mhargaidh na scaireanna foluiteacha sna hinnéacsanna ábhartha, ní bheadh sé iomchuí cóir dhifreáilte a chur i bhfeidhm d’institiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas.

(4)

Maidir leis an rogha a tugtar d’údaráis inniúla faoi Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 maolú a dhéanamh ar phointí (ii) agus (iii) de mhír 1(b) den Airteagal céanna i gcás institiúidí creidmheasa nach féidir, i gcomhréir lena reachtanna corpraithe, sócmhainní úsmhara a shealbhú ar chúiseanna a bhaineann le cleachtadh reiligiúnach, ba cheart í a fheidhmiú go comhsheasmhach d’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas, d’fhonn na critéir a chomhchuibhiú chun sócmhainní Leibhéal 2B a shainaithint i ndáil le hurrúis fiachais chorparáideacha.

(5)

Maidir leis an discréid a deontar d’údaráís inniúla faoi Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir leis an gceanglas cóimheasa glanchistiúcháin chobhsaí (net stable funding ratio, NFSR) ar dá réir a fhéadfaidh údaráis inniúla na fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chinneadh le cur i bhfeidhm ar risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh i gCaibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Sé den Rialachán sin, ba cheart í a fheidhmiú ar bhealach comhsheasmhach d’institiúidí suntasacha agus d’institiúidí ar lú a suntas. Nascann an beartas i ndáil le hinstitiúidí suntasacha na fachtóirí cistiucháin chobhsaí cheangailtigh sa NSFR leis na rátaí eis-sreafaí a chuirtear i bhfeidhm sa chóimheas cumhdaigh leachtachta (liquidity coverage ratio, LCR), agus solúbthacht a fhágáil don BCE ag an am céanna fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh difriúla a chinneadh. Tá cothromaíocht ag baint leis an gcur chuige seo, ar mhaithe le simplíocht agus stuamacht, idir na fachtóirí atá le cur i bhfeidhm i ríomh an CCGC a chur ar chothrom leis na factóirí a chinntear chun críocha an LCR, ach cóireáil dhifriúil á cheadú fós i gcásanna nach léireodh an nascadh seo an priacal cistiúcháin gaolmhar mar is ceart. Níl sé riachtanach nó cuí imeacht ón gcur chuige sin i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas mar níor cheart, i bprionsabal, go n-athródh an mhodheolaíocht chun na factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a chur i bhfeidhm ar na risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe ar fud institiúidí creidmheasa. Ar an gcúis chéanna, ba cheart an discréid a deontar d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 428aq(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an NSFR arna ríomh de réir an chur chuige simplithe a fheidhmiú ar an gcaoi chéanna.

(6)

Ba cheart an discréid a tugtar d’údaráis inniúla faoi Airteagal 428q(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 trína gcinnfidh siad téarma ualaithe maidir le sócmhainní leithscartha i gcomhréir le risíocht foluiteach na sócmhainní sin, a fheidhmiú ar an mbealach céanna le haghaidh institiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas. Ba cheart sócmhainní a leithscaradh agus nach bhfuil indiúscartha gan srian a mheas mar ualaithe ar feadh tréimhse a fhreagraíonn do théarma na ndliteanas i leith chlianit na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin um leithscaradh, agus dá bhrí sin, ba cheart iad a mhaoiniú i gceart le linn na tréimhse sin. Tá feidhm ag an réasúnaíocht seo beag beann ar mhéid na hinstitiúide lena mbaineann. Ba cheart an discréid a tugtar d’údaráis inniúla de bhun Airteagal 428ar(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil leis an NSFR arna ríomh de réir an chur chuige simplithe a fheidhmiú ar an gcaoi chéanna ar na cúiseanna céanna a leagtar amach thuas agus freisin toisc nach bhfuil aon réasúnaíocht stuamachta ann a thabharfadh údar cuí le cur chuige difriúil maidir leis an NSFR arna ríomh de réir an chur chuige simplithe. Ba cheart na forálacha sa Treoirlíne seo lena gcuirtear i bhfeidhm na roghanna agus na discréidí i ndáil le risíochtaí inghrúpa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm teorainneacha na risíochtaí móra a leagtar amach in Airteagal 400(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú agus a fheidhmiú go comhsheasmhach le haghaidh institiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas. Ón uair a glacadh Rialachán (AE) 2016/445 (BCE/2016/4) tá méadú tagtha ar leibhéal imní stuamachta an BCE faoi chleachtais chlárúcháin institiúidí creidmheasa a bhaineann le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme na rogha seo a theorannú do risíochtaí inghrúpa ar eintitis atá bunaithe laistigh den Aontas, agus é mar éifeacht leis sin nach bhféadfar risíochtaí inghrúpa ar eintitis i dtríú tíortha a dhíolmhú ó theorainneacha ábhartha na risíochtaí móra ach amháin tar éis réamh-mheasúnaithe maoirseachta ar bhonn cás ar chás.

(7)

Ba cheart an Treoirlíne O&D a leasú chun go gceadófar le hinstitiúidí creidmheasa a chomhlíonann na critéir ábhartha, trí theorainn chainníochtúil ar luach na risíochtaí ábhartha a urramú, úsáid a bhaint as díolúine pháirteach i dteannta na díolúine iomláine atá ar fáil faoi láthair. Ba cheart go gcabhródh cur i bhfeidhm leathnaithe den sórt sin le cothrom na féinne d’institiúidí creidmheasa sna Ballstáit rannpháirteacha a chothabháil, chomh maith le rioscaí comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí ar leith a theorannú agus a chinntiú go gcuirtear na híoschaighdeáin chéanna i bhfeidhm ar fud an tSásra Maoirseachta Aonair.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9) a leasú dá réir.

TAR ÉIS NA TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9) mar seo a leanas:

1.

Scriostar Airteagal 5;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

Airteagal 400(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013: díolúintí

Feidhmeoidh ÚINanna an rogha maidir le díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 400(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis na hIarscríbhinní.

(a)

Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin i gcás 80 % de luach ainmniúil na mbannaí cumhdaithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

(b)

Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin i gcás 80 % dá luach risíochta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

(c)

Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus a thabhaíonn institiúid chreidmheasa i leith na ngnóthas dá dtagraítear ann, a mhéid atá na gnóthais sin bunaithe san Aontas, díolmhaithe ón gcur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo, agus a mhéid a chumhdaítear na gnóthais sin leis an maoirseacht chéanna ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), nó le caighdeáin choibhéiseacha atá i bhfeidhm i dtríú tír, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

(d)

Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo.

(e)

Beidh na risíochtaí a liostaítear in Airteagail 400(2)(e) go (l) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 díolmhaithe go hiomlán, nó i gcás na risíochtaí a liostaítear in Airteagal 400(2)(i), beidh siadsan díolmhaithe suas go dtí an uasmhéid ceadaithe, ó chur i bhfeidhm Airteagal 395(1) den Rialachán sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 400(3) den Rialachán sin.

(f)

Ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas a mheasúnú an gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus san Iarscríbhinn ábhartha den Treoirlíne seo is infheidhme maidir leis an risíocht shonrach. Féadfaidh ÚIN an measúnú seo a fhíorú tráth ar bith agus iarraidh ar institiúidí creidmheasa an doiciméadacht dá dtagraítear san Iarscríbhinn ábhartha a chur faoina bhráid chun na críche seo.

(g)

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin i gcás nár fheidhmigh an Ballstát ábhartha an rogha faoi Airteagal 493(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun díolúine iomlán nó páirteach a dheonú don risíocht shonrach.

(*1)  Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoir 73/239/CEE, Treoir 79/267/CEE, Treoir 92/49/CEE, Treoir 92/96/CEE, Treoir 93/6/CEE agus Treoir 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoir 98/78/CE agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).’;"

3.

Scriostar Airteagal 7;

4.

I Roinn IV, cuirtear na ceannteidil seo a leanas agus Airteagail 7a go 7f tar éis an cheannteidil ‘Leachtacht’:

‘Airteagal 7a

Airteagal 12(1)(c)(i) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: cóimheas cumhdaigh leachtachta - mórinnéacsanna malartáin na mBallstát nó tríú tíortha a shainaithint

Breithneoidh ÚINanna go gcáilíonn na hinnéacsanna seo a leanas mar mhórinnéacsanna malartáin chun raon feidhme na scaireanna a d’fhéadfadh cáiliú mar shócmhainní Leibhéal 2B de bhun Airteagal 12(1)(c) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 (*2) a chinneadh:

(i)

na hinnéacsanna a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 ón gCoimisiúin (*3);

(ii)

aon mhórinnéacs malartáin, nach n-áirítear faoi phointe (i), i mBallstát nó i dtríú tír, a aithnítear amhlaidh chun críocha an phointe seo ag údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha nó ag údarás poiblí tríú tír;

(iii)

aon mórinnéacs malartáin, nach n-áirítear faoi phointí (a) nó (b), a chuimsíonn cuideachtaí ceannródaíocha sa dlínse ábhartha.

Airteagal 7b

Airteagal 12(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61: coimheas cumhdaigh leachtachta - socmhainní leibhéal 2B

1.   Ligfidh ÚINanna d’institiúidí ar lú a suntas nach féidir leo ar chúiseanna a bhaineann le cleachtadh reiligiúnach, i gcomhréir lena reachtanna corpraithe, sócmhainní úsmhara a shealbhú, urrúis fiachais chorparáidigh a áireamh mar shócmhainní leachtacha leibhéal 2B de réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(1)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

2.   Féadfaidh ÚINanna athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar an gceanglas dá dtagraítear i mír 1 agus díolúine ó Airteagal 12(1)(b)(ii) agus (iii) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a cheadú, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(3) den Rialachán Tarmligthe sin.

Airteagal 7c

Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR - factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe

Mura gcinnfidh an ÚIN fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh difriúla, maidir leis na risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe atá faoi raon feidhme Airteagal 428p(10) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, éileoidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas cur i bhfeidhm maidir le risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe nach dtagraítear dóibh i gCaibidil 4 de Theideal IV de Cuid a Sé de Rialachán (AE) 575/2013, fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh a fhreagraíonn do na rátaí eis-sreafaí a chuireann siad i bhfeidhm maidir le táirgí agus seirbhísí gaolmhara i gcomhthéacs Airteagal 23 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 sa cheanglas maidir le cumhdach leachtachta.

Airteagal 7d

Airteagal 428q(2) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR – téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh

I gcás ina bhfuil sócmhainní leithscartha de réir Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus mura bhfuil institiúidí in ann na sócmhainní sin a dhiúscairt gan srian, ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas na sócmhainní sin a mheas mar ualaithe ar feadh tréimhse a fhreagraíonn do théarma na ndliteanas i leith chliaint na n-institiúidí lena mbaineann an ceanglas sin maidir le leithscaradh.

Airteagal 7e

Airteagal 428aq(10) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR - factóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh le haghaidh risíochtaí lasmuigh den chlár comhardaithe

Éileoidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas agus ar thug an BCE cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 7c a leanúint.

Airteagal 7f

Airteagal 428ar(2) de Rialachán (AE) 575/2013: NSFR – téarma ualaithe ar shócmhainní arna leithscaradh a chinneadh

Éileoidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas ar tugadh cead dóibh an ceanglas glanchistiúcháin chobhsaí simplithe dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a ríomh, an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 7d a leanúint.

(*2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1)."

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1646 an 13 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le príomhinnéacsanna agus malairtí aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 245, 14.9.2016, lch. 5)."

(*4)  Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).’;"

5.

Scriostar Airteagal 8;

6.

Leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo;

7.

Cuirtear Iarscríbhinn II isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Forálacha críochnaitheacha

Teacht i bhfeidhm agus cur chun feidhme

Tiocfaidh an Treoirlíne seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Comhlíonfaidh na hÚINanna leis an Treoirlíne seo ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Arna déanamh in Frankfurt am Main, 25 Márta 2022.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)  Treoirlíne (AE) 2017/697 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Aibreán 2017 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2017/9) (IO L 101, 13.4.2017, lch.156).

(3)  Rialachán (AE) 2016/445 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Márta 2016 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais (BCE/2016/4) (IO L 78, 24.3.2016, lch. 60).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9):

‘IARSCRÍBHINN I

Coinníollacha chun díolúine ó theorainn na risíochta móire a mheasúnú, i gcomhréir le hAirteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le hAirteagal 6(c) den Treoirlíne seo

1.   

Tá feidhm ag an Iarscríbhinn seo maidir le díolúintí ó theorainn na risíochta móire faoi Airteagal 6(c) den Treoirlíne seo. Chun críocha Airteagal 6(c), meastar go bhfuil tríú tíortha atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908 ón gCoimisiún (*1) comhionann.

2.   

Ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu an gcomhlíonann risíocht dá dtagraítear in Airteagal 400(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na coinníollacha maidir le díolúine ó theorainn na risíochta móire, i gcomhréir le hAirteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(a)

Chun a mheasúnú an ndéanann cineál sonrach na risíochta, an chontrapháirtí nó an chaidrimh idir an institiúid agus an contrapháirtí priacal na risíochta a dhíothú nó a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

(i)

an gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 113(6)(b), (c) agus (e) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus go háirithe an bhfuil an contrapháirtí faoi réir na nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal céanna leis an institiúid creidmheasa agus an bhfuil na córais TF comhtháite nó, ar a laghad, ailínithe go hiomlán. Ina theannta sin, ní mór dóibh a chur san áireamh an bhfuil aon bhaic phraiticiúla nó dhlíthiúla ábhartha reatha nó réamh-mheasta ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil na risíochta ag an gcontrapháirtí leis an institiúid creidmheasa, seachas i gcás téarnaimh nó réitigh nuair is gá na srianta a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) a chur chun feidhme;

(ii)

an bhfuil údar maith leis na risíochtaí inghrúpa mar gheall ar an struchtúr cistiúcháin agus an straitéis cistiúcháin an ghrúpa;

(iii)

an bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht don chontrapháirtí laistigh den ghrúpa a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú do thríú páirtí;

(iv)

an gcuireann nósanna imeachta bainistithe rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar a cumas a sheiceáil agus a chinntiú go leanúnach go bhfuil risíochtaí móra ar ghrúpghnóthais ailínithe lena straitéis riosca ar leibhéal eintitis dhlíthiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha.

(b)

Chun a mheasúnú an féidir aghaidh a thabhairt ar aon phriacal comhchruinnithe a bheidh fágtha trí mhodhanna a bheadh chomh héifeachtach céanna amhail na socruithe, na próisis agus na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

(i)

an bhfuil próisis, nósanna imeachta agus rialuithe láidre ag an institiúid creidmheasa, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, lena chinntiú nach mbeadh priacal comhchruinnithe lasmuigh dá straitéis riosca agus i gcoinne phrionsabail na bainistíochta fónta leachtachta inmheánaí laistigh den ghrúpa mar thoradh ar úsáid na díolúine;

(ii)

an ndearna an institiúid creidmheasa breithniú foirmiúil ar an bpriacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí inghrúpa mar chuid dá creat measúnaithe riosca foriomlán;

(iii)

an bhfuil creat rialaithe riosca ag an institiúid creidmheasa, ar leibhéal an eintitis dhlíthiúil agus ar leibhéal comhdhlúite nuair is ábhartha, a dhéanann faireachán leordhóthanach ar na risíochtaí beartaithe;

(iv)

ar sainaithníodh go soiléir nó an sainaithneofar go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíodh nó a eascrófar i bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP) na hinstitiúide creidmheasa agus an ndéanfar é a bhainistiú go gníomhach. Déanfar na socruithe, na próisis agus na sásraí chun an priacal comhchruinnithe a bhainistiú a mheasúnú sa phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta;

(v)

an bhfuil fianaise ann go bhfuil bainistíocht priacail comhchruinnithe comhoiriúnach le plean téarnaimh an ghrúpa.

3.   

Chun comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i mír 1 agus i mír 2 a fhíorú, féadfaidh ÚINanna a iarraidh ar institiúidí ar lú a suntas an doiciméadacht seo a leanas a chur faoina mbráid.

(a)

Litir arna síniú ag ionadaí dlíthiúil na hinstitiúide creidmheasa, le cead ón gcomhlacht bainistíochta, á rá go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa na coinníollacha go léir maidir le díolúine mar a leagtar síos in Airteagal 400(2)(c) agus in Airteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(b)

Tuairim dlíthiúil, arna eisiúint ag tríú páirtí neamhspleách seachtrach nó ag roinn dlí inmheánach, agus arna ceadú ag an gcomhlacht bainistíochta, lena taispeántar nach bhfuil aon chonstaicí ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag contrapháirtí leis an institiúid creidmheasa agus a eascraíonn as ceachtar acu rialacháin is infheidhme, lena n-áirítear rialacháin fhioscacha, nó comhaontuithe ceangailteacha.

(c)

Ráiteas arna shíniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta á rá:

(i)

nach bhfuil aon bhacainní praiticiúla ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag contrapháirtí leis an institiúid creidmheasa;

(ii)

go bhfuil údar maith leis na risíochtaí inghrúpa mar gheall ar struchtúr cistiúcháin agus straitéis cistiúcháin an ghrúpa;

(iii)

go bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht don chontrapháirtí laistigh den ghrúpa a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú tríú páirtí;

(iv)

gur breithníodh an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí inghrúpa mar chuid de chreat measúnaithe riosca foriomlán na hinstitiúide creidmheasa.

(d)

Doiciméadacht arna síniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna formheas ag an gcomhlacht bainistíochta lena bhfianaítear go bhfuil nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacal na hinstitiúide creidmheasa mar an gcéanna le nósanna imeachta an chontrapháirtí agus go gcuireann nósanna imeachta bainistíochta rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar chumas an chomhlachta bainistíochta faireachán leanúnach a dhéanamh ar leibhéal na risíochta móire agus a comhoiriúnacht le straitéis priacail na hinstitiúide creidmheasa ar leibhéal an eintitis dhlithiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, agus le prionsabail na bainistíochta fónta leachtachta inmheánaí laistigh den ghrúpa.

(e)

Doiciméadaíocht lena taispeántar go n-aithníonn an ICAAP go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as na risíochtaí móra inghrúpa agus go ndéantar an priacal seo a bhainistiú go gníomhach.

(f)

Doiciméadaíocht lena taispeántar go bhfuil an bhainistíocht priacail comhchruinnithe comhsheasmhach le plean téarnaimh an ghrúpa.


(*1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/908/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2014 maidir le coibhéis na gceanglas maoirseachta agus rialála tríú tíortha áirithe agus tríú críocha áirithe chun risíochtaí a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 359, 16.12.2014, lch. 155).

(*2)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach na n–institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).’


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Treoirlíne (AE) 2017/697 (BCE/2017/9):

‘IARSCRÍBINN II

Coinníollacha chun díolúine ó theorainn na risíochta móire a mheasúnú, i gcomhréir le hAirteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus le hAirteagal 6(d) den Treoirlíne seo

1.   

Ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas na critéir seo a leanas a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu an gcomhlíonann risíocht dá dtagraítear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 na coinníollacha maidir le díolúine ó theorainn na risíochta móire, i gcomhréir le hAirteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(a)

chun a mheasúnú an ndéanann cineál sonrach na risíochta, an chontrapháirtí nó an chaidrimh idir an institiúid agus an contrapháirtí priacal na risíochta a dhíothú nó a laghdú, mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

(i)

an bhfuil aon bhaic phraiticiúla nó dhlíthiúla ábhartha reatha nó réamh-mheasta ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil na risíochta ag an gcontrapháirtí leis an institiúid creidmheasa, seachas i gcás téarnaimh nó réitigh nuair is gá na srianta a leagtar amach i dTreoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme;

(ii)

an bhfuil na risíochtaí beartaithe ag teacht le gnáthchúrsa gnó na hinstitiúide creidmheasa agus a samhail ghnó nó an bhfuil údar cuí leo mar gheall ar struchtúr cistiúcháin an líonra;

(iii)

an bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht do chomhlacht lárnach na hinstitiúide creidmheasa a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar an leibhéal aonair agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú do thríú páirtí;

(iv)

an gcuireann nósanna imeachta bainistithe rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar a cumas a sheiceáil agus a chinntiú go leanúnach go bhfuil risíochtaí móra ar a comhlacht réigiúnach nó lárnach comhoiriúnach lena straitéis riosca;

(b)

chun a mheasúnú an féidir aghaidh a thabhairt ar aon phriacal comhchruinnithe a bheidh fágtha trí mhodhanna a bheadh chomh héifeachtach céanna amhail na socruithe, na próisis agus na sásraí dá bhforáiltear in Airteagal 81 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 400(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní mór d’institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh:

(i)

an bhfuil próisis, nósanna imeachta agus rialuithe láidre ag an institiúid creidmheasa chun a chinntiú nach mbeadh priacal comhchruinnithe lasmuigh dá straitéis riosca mar thoradh ar úsáid na díolúine;

(ii)

an ndearna an institiúid creidmheasa breithniú foirmiúil ar an bpriacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí ar a comhlacht réigiúnach nó lárnach mar chuid dá creat measúnaithe riosca foriomlán;

(iii)

an bhfuil creat rialaithe riosca ag an institiúid creidmheasa a dhéanann faireachán leordhóthanach ar na risíochtaí beartaithe;

(iv)

ar sainaithníodh go soiléir nó an sainaithneofar go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíodh nó a eascrófar i bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (internal capital adequacy assessment process, ICAAP) na hinstitiúide creidmheasa agus an ndéanfar é a bhainistiú go gníomhach. Déanfar na socruithe, na próisis agus na sásraí chun an priacal comhchruinnithe a bhainistiú, a mheasúnú sa phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta.

2.   

I dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 1, ceanglóidh ÚINanna ar institiúidí ar lú a suntas a chur san áireamh, chun a mheasúnú an bhfuil an comhlacht réigiúnach nó lárnach a bhfuil baint ag an institiúid creidmheasa leis i líonra, freagrach as oibríochtaí imréitigh airgid, dá bhforáiltear in Airteagal 400(2)(d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, an bhfuil na freagrachtaí sin go sainráite i bhfodhlíthe nó in airteagail chomhlachais an chomhlachta réigiúnaigh nó lárnaigh, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:

(a)

maoiniú margaidh don líonra iomlán;

(b)

leachtacht imréitigh laistigh den líonra, faoi raon feidhme Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(c)

leachtacht a sholáthar d’institiúidí creidmheasa cleamhnaithe;

(d)

róleachtacht institiúidí creidmheasa cleamhnaithe a sheasamh.

3.   

Chun comhlíonadh na gcoinníollacha a shonraítear i mír 1 agus i mír 2 a fhíorú, féadfaidh ÚINanna a iarraidh ar institiúidí ar lú a suntas an doiciméadacht seo a leanas a chur faoina mbráid.

(a)

litir arna síniú ag ionadaí dlíthiúil na hinstitiúide creidmheasa, le cead ón gcomhlacht bainistíochta, á rá go gcomhlíonann an institiúid creidmheasa na coinníollacha go léir a leagtar síos in Airteagal 400(2)(d) agus in Airteagal 400(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le deonú díolúine;

(b)

Tuairim dlíthiúil, arna eisiúint ag tríú páirtí neamhspleách seachtrach nó ag roinn dlí inmheánach, agus arna ceadú ag an gcomhlacht bainistíochta, lena taispeántar nach bhfuil aon chonstaicí ann a chuirfeadh bac ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag comhlacht réigiúnach nó lárnach leis an institiúid creidmheasa agus a eascraíonn as ceachtar acu rialacháin is infheidhme, lena n-áirítear rialacháin fhioscacha, nó comhaontuithe ceangailteacha.

(c)

ráiteas arna shíniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna fhormheas ag an gcomhlacht bainistíochta:

(i)

nach bhfuil aon bhaic phraiticiúla ar aisíocaíocht thráthúil risíochtaí ag comhlacht réigiúnach nó lárnach leis an institiúid creidmheasa;

(ii)

go bhfuil údar maith le risíochtaí an chomhlachta réigiúnaigh nó lárnaigh mar gheall ar struchtúr maoinithe an líonra;

(iii)

go bhfuil an próiseas trína ndéantar cinneadh risíocht ar chomlacht réigiúnach nó lárnach a cheadú, agus an próiseas faireacháin agus athbhreithniúcháin is infheidhme maidir le risíochtaí den sórt sin, ar leibhéal an eintitis dhlíthiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, cosúil leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtú tríú páirtí;

(iv)

gur breithníodh an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as risíochtaí ar an gcomhlacht réigiúnach nó lárnach mar chuid de chreat measúnaithe riosca foriomlán na hinstitiúide creidmheasa;

(d)

doiciméadacht arna síniú ag an ionadaí dlíthiúil agus arna formheas ag an gcomhlacht bainistíochta lena bhfianaítear go bhfuil nósanna imeachta rialaithe, tomhais agus meastóireachta priacail na hinstitiúide creidmheasa mar an gcéanna le nósanna imeachta an chomhlachta réigiúnaigh nó lárnaigh agus go gcuireann nósanna imeachta bainistíochta rioscaí, córas TF agus tuairisciú inmheánach na hinstitiúide creidmheasa ar chumas an chomhlachta bainistíochta faireachán leanúnach a dhéanamh ar leibhéal na risíochta móire agus a comhoiriúnacht le straitéis priacail na hinstitiúide creidmheasa ar leibhéal an eintitis dhlithiúil agus ar leibhéal comhdhlúite, nuair is ábhartha, agus le prionsabail na bainistíochta fónta leachtachta inmheánaí laistigh den líonra.

(e)

doiciméadaíocht lena taispeántar go n-aithníonn an ICAAP go soiléir an priacal comhchruinnithe a eascraíonn as na risíochtaí móra ar an gcomhlacht réigiúnach nó lárnach agus go ndéantar an priacal seo a bhainistiú go gníomhach;

(f)

doiciméadaíocht lena taispeántar go bhfuil an bhainistíocht priacail comhchruinnithe comhsheasmhach le plean téarnaimh an líonra.


(*1)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).’