ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
29.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/496 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Márta 2022
lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua, aonraíoch BV-0004, a mbaineann riosca íseal léi, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 8 Bealtaine 2018, fuair an Spáinn iarratas de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Andermatt Biocontrol Suisse AG ar fhormheas na substainte gníomhaí víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán sin, an 24 Meán Fómhair 2018, thug an Spáinn, ina cáil mar Bhallstát rapóirtéir, fógra don iarratasóir, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais. |
(3) |
An 24 Márta 2020, chuir an Ballstát rapóirtéir dréacht-tuarascáil mheasúnachta faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis, le féachaint an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach sin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(4) |
Chomhlíon an tÚdarás Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’iarr sé ar an iarratasóir faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. An measúnú ar an bhfaisnéis bhreise a rinne an Ballstát rapóirtéir, cuireadh faoi bhráid an Údaráis é an 5 Bealtaine 2021 i bhformáid dréacht-tuarascáil mheasúnachta nuashonraithe. |
(5) |
Conclúid (2) an Údaráis i dtaobh an féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rinne an tÚdarás í a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún an 17 Meán Fómhair 2021. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal. |
(6) |
Chuir an Coimisiún tuarascáil athbhreithniúcháin agus dréacht den Rialachán seo maidir le víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 22 Deireadh Fómhair 2021 agus an 2 Nollaig 2021, faoi seach. |
(7) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha féin a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i leith na tuarascála athbhreithniúcháin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(8) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, agus go háirithe na húsáidí a scrúdaíodh agus a mionsonraíodh sa tuarascáil athbhreithniúcháin, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(9) |
Measann an Coimisiún thairis sin gur substaint a bhfuil riosca íseal ag baint léi é víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is miocrorgánach é víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 5.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 toisc go mbaineann sé leis an bhfine Baculoviridae agus toisc nár léiríodh go bhfuil aon éifeacht dhíobhálach aige ar aon fheithid nach spriocfheithid í. |
(10) |
Dá bhrí sin, is iomchuí víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 a fhormheas mar shubstaint ghníomhach a mbaineann riosca íseal léi. |
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, coinníollacha áirithe a chur san áireamh. |
(12) |
Le Treoir 2007/50/CE ón gCoimisiún (3), formheasadh víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), faoin ainm comhchiallach víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera exigua mar shubstaint ghníomhach le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí. Liostaíodh faoin ainm sin é i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). Chuaigh an formheas sin in éag an 30 Samhain 2017. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an iontráil chomhfhreagrach a scriosadh ón Rialachán sin i bhfianaise an fhormheasa a dhéantar ar víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 leis seo. |
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le hAirteagal 22(2) de, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
Formheastar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 faoi réir na coinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2021. “Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Spodoptera exigua multicapsid nucleopolyhedrovirus (SeMNPV)” [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV). EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(10):6848.
(3) Treoir 2007/50/CE ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2007 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun beaflubútaimíd agus víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera exigua a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 202, 3.8.2007, lch. 15).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||
Víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004 |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní mór cion víris 2,0 × 1011 coirpíní súite/g a bheith sa ghrád teicniúil den tsubstaint ghníomhach, arna táirgeadh mar ábhar teicniúil aonarach. |
18.4.2022 |
18.4.2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, agus go háirithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
Áireofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.
(2) https://ec.europa.eu/food/system/files/2016-10/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
(a) |
i gCuid A, scriostar iontráil 159 maidir le víreas polaihéadróise núicléach Spodoptera exigua; |
(b) |
i gCuid D, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athbhreithniúcháin.
(2) https://ec.europa.eu/food/system/files/2016-10/pesticides_ppp_app-proc_guide_phys-chem-ana_microbial-contaminant-limits.pdf.”
29.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/497 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Márta 2022
lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe, deimhnithe sláinte ainmhithe/deimhnithe oifigiúla agus dearbhuithe caighdeánacha áirithe maidir le gluaiseachtaí idir na Ballstáit agus teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí speiceas áirithe agus catagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 146(2), Airteagal 156(2), an chéad fhomhír, pointe (a), agus Airteagal 162(5), Airteagal 238(3) agus Airteagal 239(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2) agus go háirithe Airteagal 90, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), agus Airteagal 126(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 (3) ón gCoimisiún deimhnithe caighdeánacha, i bhfoirm deimhnithe sláinte ainmhithe, deimhnithe agus dearbhuithe sláinte ainmhithe/oifigiúla maidir le gluaiseachtaí idir na Ballstáit agus teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha díobh. Leis na coinsíneachtaí sin áirítear iad siúd a thagann faoi raon feidhme Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/686 (4), (AE) 2020/688 (5), agus (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (6). |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sláinte ainmhithe atá le húsáid le haghaidh gluaiseachtaí catagóirí áirithe crúbach idir na Ballstáit ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, agus dá dtagraítear san Airteagal sin, ag brath ar na speicis lena mbaineann. I gCaibidlí 7 agus 8 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach faoi seach samhail de dheimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseachtaí eachaí ainmhithe idir na Ballstáit nach bhfuil beartaithe le marú (an tsamhail “EQUI-INTRA-IND”), agus samhail de choinsíneacht ainmhithe eachaí (an tsamhail “EQUI-INTRA-CON”). Chun a shoiléiriú nach bhféadfar an scrúdú cliniciúil a cheanglaítear roimh ghluaiseacht eachaí go Ballstáit eile a dhéanamh ar an lá oibre deireanach roimh imeacht dóibh ach amháin i gcás each-ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, ba cheart na fonótaí (2) agus (3) de Chuid II de na Nótaí sna samhaltacha sin a cheartú. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sláinte ainmhithe agus na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla atá le húsáid le haghaidh gluaiseachtaí catagóirí áirithe éan agus táirgí geirmeacha díobh idir na Ballstáit ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, agus dá dtagraítear san Airteagal sin, ag brath ar na catagóirí éan agus táirgí lena mbaineann. I gCaibidil 17 agus i gCaibidil 18 den Iarscríbhinn sin faoi seach, samhail de dheimhnithe sláinte ainmhithe/deimhnithe oifigiúla le haghaidh gluaiseachtaí éanlaith chlóis phórúcháin agus éanlaithe táirgiúla idir na Ballstáit (an tsamhail “POU-INTRA-X”), agus le haghaidh gluaiseachtaí idir na Ballstáit a bhfuil níos lú ná 20 cloigeann éanlaithe seachas raitít iontu nó níos lú ná 20 uibheacha goir éanlaithe seachas raitít (an tsamhail “POU-INTRA-LT20”). Ba cheart na tagairtí earráideacha do theacht isteach san Aontas i bpointe II.2.1. agus i bpointe II.2.1.1. de na samhlacha sin faoi seach a cheartú. |
(4) |
Ina theannta sin, i gCaibidil 16 agus i gCaibidil 18 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, dá dtagraítear in Airteagal 7 de, leagtar amach faoi seach an tsamhail sláinte/deimhniú oifigiúil sláinte ainmhithe le haghaidh gluaiseacht idir Ballstáit sicíní lae (an tsamhail “POU-INTRA-DOC”), agus samhail an deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúil le haghaidh gluaiseachta idir na Ballstáit inar lú ná 20 cloigeann éanlaithe clóis seachas raitít nó níos lú ná 20 ubh goir éanlaithe seachas raitít (an tsamhail “POU-INTRA-LT20”). Ba cheart fonóta (4) de na Nótaí a ghabhann le Cuid II de na samhlacha sin a cheartú chun a shoiléiriú nach mór na bearta dá dtagraítear i gCuid III, Teideal 2, Caibidil 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a urramú sa Bhallstát cinn scríbe. Sa bhreis air sin, ba cheart botún follasach maidir le haois na n-éan atá le léiriú i bpointe II.1.4 den tsamhail POU-INTRA-DOC i gCaibidil 16 a cheartú. |
(5) |
Foráiltear le hAirteagal 8 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sláinte ainmhithe atá le húsáid le haghaidh gluaiseachtaí cineálacha áirithe táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe idir na Ballstáit ag freagairt do cheann de na samhlacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, agus dá dtagraítear san Airteagal sin, ag brath ar an gcineál táirgí lena mbaineann. I gCaibidil 23 (an tsamhail “BOV-SEM-A-INTRA”), 26 (an tsamhail “BOV-OOCYTES-EMB-A-INTRA”), 30 (an tsamhail “OV/CAP-SEM-A-INTRA”), agus Caibidil 33 (an tsamhail “OV/CAP-OOCYTES-EMB-A-INTRA”) den Iarscríbhinn sin, leagtar amach deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí táirgí geirmeacha áirithe idir na Ballstáit. Ba cheart tagairt I.30 de na Nótaí do Chuid I de na samhaltacha sin a leasú chun tuairisc ar na tástálacha ar ionfhabhtú le víreas gormtheanga agus ar ghalar fuilreatha eipeasótach a chur san áireamh. |
(6) |
Ina theannta sin, úsáidfear an tsamhail “BOV-OOCYTES-EMB-A-INTRA”, a leagtar amach i gCaibidil 26 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, le haghaidh gluaiseachtaí coinsíneachtaí úicítí agus suthanna bó-ainmhithe idir na Ballstáit a bhailítear nó a tháirgtear, a phróiseáiltear agus a stóráiltear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 tar éis an 20 Aibreán 2021, arna seoladh ag foireann bailithe nó táirgthe suthanna a bhailigh nó a tháirg na húicítí nó na suthanna. Ba cheart na tagairtí earráideacha d’ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair i bpointe II.2.5.1. agus i dtagairt Bosca I.30 de na Nótaí a ghabhann le Cuid I den tsamhail sin a cheartú. |
(7) |
Foráiltear le hAirteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sláinte ainmhithe atá le húsáid le haghaidh gluaiseachtaí cineálacha áirithe táirgí geirmeacha ó bhó-ainmhithe idir na Ballstáit ag freagairt do cheann de na samhlacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, agus dá dtagraítear san Airteagal sin, ag brath ar an gcineál táirgí lena mbaineann. I gCaibidlí 45 agus 49 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha le haghaidh gluaiseachtaí idir na Ballstáit de choinsíneachtaí seamhain each-ainmhithe arna mbailiú, arna bpróiseáil agus arna stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 tar éis an 20 Aibreán 2021, arna seoladh ón lárionad bailithe seamhain ina mbailítear an seamhan (an tsamhail “EQUI-SEM-A-INTRA”) agus de choinsíneachtaí úicítí agus suthanna each-ainmhithe a bhailítear nó a tháirgtear, a próiseáladh agus a stóráladh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 tar éis an 20 Aibreán 2021, arna seoladh ag foireann bailithe nó táirgthe suthanna a bhailigh nó a tháirg na húicítí nó na suthanna (an tsamhail “EQUI-OOCYTES-EMB-A-INTRA”). Ba cheart pointe II.2.5.2. de na samhlacha sin a cheartú chun a shoiléiriú nach mór each-ainmhithe bronntacha seamhain, úicítí agus suthanna a choinneáil i mbunaíochtaí, seachas ar bhunaíocht aonair, ina bhfuil einceifilimiailíteas eachaí Veiniséalach, dourine, surra (Trypanosoma evansi), ionfhabhtuithe eachaí ainéime, meitriteas eachaí tógálach (Taylorella equigenitalis) agus ionfhabhtú le víreas confaidh agus an t-aintrís nár tuairiscíodh ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad roimh bhailiú an tseamhain, na n-úicítí agus na suthanna. Ina theannta sin, ba cheart Tagairt bhosca I.30 de na Nótaí a ghabhann le Cuid I den tsamhail “EQUI-SEM-A-INTRA” a leasú chun tuairisc ar na tástálacha a chur san áireamh. |
(8) |
Foráiltear le hAirteagal 13 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sláinte ainmhithe agus na dearbhuithe atá le húsáid le haghaidh gluaiseachtaí catagóirí áirithe ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha díobh idir na Ballstáit ag freagairt do cheann de na samhlacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, dá dtagraítear san Airteagal sin, ag brath ar na speicis agus ar na catagóirí táirgí lena mbaineann. I gCaibidil 61 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach samhail an deimhnithe sláinte ainmhithe agus an tsamhail dearbhaithe maidir le madraí, cait agus firéid a aistriú ó Bhallstáit go chéile. Tá botúin shoiléire i bPointe II.2.2. den deimhniú samhla sin agus éilítear soiléiriú ina leith. Dá bhrí sin, is gá an tsamhail sin a cheartú dá réir sin. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú agus a cheartú dá réir. |
(10) |
Na deimhnithe sláinte ainmhithe agus na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla atá le húsáid maidir le teacht isteach san Aontas do chatagóirí áirithe crúbach, déantar foráil in Airteagal 14 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh siad ag comhfhreagairt do cheann de na samhaltacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis. I gCaibidil 4 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach an tsamhail sláinte ainmhithe/deimhniú oifigiúil le haghaidh ainmhithe de chineál na gcaorach agus de chineál na ngabhar a theacht isteach san Aontas (an tsamhail “OV/CAP-X”). Tá botúin shoiléire i bPointí II.2.2. agus II.2.11.6. d’fhianú sláinte ainmhithe na samhla sin agus teastaíonn soiléiriú ina leith. Dá bhrí sin, is gá an tsamhail sin a cheartú dá réir sin. |
(11) |
Foráiltear le hAirteagal 15 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sláinte ainmhithe agus na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla agus na dearbhuithe a ghabhann leis na deimhnithe sin, rudaí atá le húsáid chun teacht isteach san Aontas nó le catagóirí áirithe each-ainmhithe a bheith ar idirthuras san Aontas, ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, agus dá dtagraítear san Airteagal sin, ag brath ar na gluaiseachtaí atá i gceist. I gCaibidlí 12 go 15 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach an deimhniú sláinte ainmhithe/an deimhnithe oifigiúil caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach faoi seach maidir le heach-ainmhithe a theacht isteach san Aontas nach bhfuil beartaithe lena marú (an tsamhail “EQUI-X”), an deimhniú sláinte ainmhithe/deimhniú oifigiúil caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le heach-ainmhithe atá beartaithe le marú (an tsamhail “EQUI-Y”), an deimhniú sláinte ainmhithe/deimhniú oifigiúil caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le hidirthuras tríd an Aontas each-ainmhithe nach bhfuil beartaithe lena marú (an tsamhail “EQUI-TRANSIT-X”), agus an deimhniú sláinte ainmhithe/deimhniú oifigiúil caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le hidirthuras tríd an Aontas each-ainmhithe atá beartaithe lena marú (an tsamhail “EQUI-TRANSIT-Y”). I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is ag 24 uair an chloig a shocraítear an mhoill a d’fhéadfadh a bheith ann idir an scrúdú cliniciúil agus imeacht na n-ainmhithe eachaí, seachas each-ainmhithe cláraithe, don chatagóir sin ainmhithe. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ní mór an deimhniú a eisiúint laistigh den tréimhse 10 lá roimh dháta theacht an choinsíneachta chuig an bpost rialaithe teorann; i gcás iompair ar muir de, féadfar tréimhse bhreise a chur leis an tréimhse a bheidh ag freagairt d’fhad an turais ar muir. Dá bhrí sin, is gá na deimhnithe caighdeánacha sin a cheartú dá réir sin. |
(12) |
Ina theannta sin, Caibidlí 16, 17 agus 18 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, dá dtagraítear in Airteagal 15 de, leagtar amach iontu faoi seach an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le capaill chláraithe a theacht isteach san Aontas arís le haghaidh rásaíochta, iomaíochta agus imeachtaí cultúrtha tar éis onnmhairiú sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá (an tsamhail “EQUI-RE-ENTRY-30”), an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le capaill chláraithe a theacht isteach san Aontas arís le haghaidh iomaíochta tar éis onnmhairiú sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá chun gur féidir leo páirt a ghlacadh in imeachtaí eachaíochta arna n-eagrú faoi choimirce an Fédération Equestre Internationale (FEI) (an tsamhail “EQUI-RE-ENTRY-90-COMP”), agus an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach agus an dearbhú caighdeánach maidir le capaill chláraithe a theacht isteach san Aontas arís le haghaidh iomaíochta tar éis onnmhairiú sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá chun gur féidir leo páirt a ghlacadh in imeachtaí rásaíochta ar leith san Astráil, i gCeanada, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i Hong Cong, sa tSeapáin, i Singeapór, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha nó i gCatar (an tsamhail “EQUI-RE-ENTRY-90-RACE”). I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ní mór an deimhniú a eisiúint laistigh den tréimhse 10 lá roimh dháta theacht an choinsíneachta ag an bpost rialaithe teorann; i gcás iompair ar muir, féadfar tréimhse bhreise a chur leis an tréimhse a bheidh ag freagairt d’fhad an turais ar muir. Dá bhrí sin, is gá na samhlacha sin a cheartú dá réir sin. |
(13) |
Maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a úsáidfear chun crúbaigh a bhfuil sé beartaithe iad a choinneáil i mbunaíocht theoranta a theacht isteach san Aontas, foráiltear le hAirteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sin ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, samhlacha dá dtagraítear san Airteagal sin, de réir an speicis lena mbaineann. I gCaibidlí 19 go 22 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le hainmhithe a liostaítear i Roinn 1 de Chaibidil 19 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún a theacht isteach san Aontas, ar de thionscnamh bunaíocht theoranta iad agus a bhfuil sé beartaithe iad a choinneáil i mbunaíocht theoranta (an tsamhail “CONFINED-RUM”), ainmhithe a liostaítear i Roinn 1 de Chaibidil 20 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, ar de thionscnamh bunaíocht theoranta iad agus a bhfuil sé beartaithe iad a choinneáil i mbunaíocht theoranta (an tsamhail “CONFIN-SUI”), ainmhithe a liostaítear i Roinn 1 de Chaibidil 21 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, ar de thionscnamh bunaíocht theoranta iad agus a bhfuil sé beartaithe iad a choinneáil i mbunaíocht theoranta (an tsamhail “CONFINED-TRE”), agus ainmhithe den fhine Hippopotamidae ar de thionscnamh bunaíocht theoranta iad agus a bhfuil sé beartaithe iad a choinneáil i mbunaíocht theoranta (an tsamhail “CONFINED-HIPPO”). Ba cheart pointe II.1.2. de Chuid II (Faisnéis faoi shláinte) de na samhlacha sin a leasú trí na ceanglais sláinte ainmhithe atá ar iarraidh dá bhforáiltear in Airteagal 34, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a chur isteach, agus roinnt botúin shoiléire agus easnaimh neamhbheartaithe eile a cheartú. |
(14) |
Maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla a úsáidfear chun catagóirí áirithe éan agus a dtáirgí geirmeacha a theacht isteach san Aontas, foráiltear le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sin ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, samhlacha dá dtagraítear san Airteagal sin, de réir na gcatagóirí éan agus na dtáirgí lena mbaineann. I gcaibidil 34a den Iarscríbhinn sin, leagtar amach deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le colúir rásaíochta a theacht isteach san Aontas ar colúir iad a scaoiltear láithreach tar éis a dteacht isteach (an tsamhail “RACING PIGEONS-IMMEDIATE RELEASE”). Ba cheart pointí II.1.2. agus II.1.6. den tsamhail sin a cheartú chun soiléiriú a dhéanamh ar an gceanglas clárúcháin atá ar na bunaíochtaí tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 62(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus ar na coinníollacha iompair le haghaidh colúir rásaíochta. |
(15) |
Maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a úsáidfear chun cineálacha áirithe táirgí geirmeacha a theacht isteach san Aontas, foráiltear le hAirteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sin ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, samhlacha dá dtagraítear san Airteagal sin, de réir an chineáil táirgí lena mbaineann. I gCaibidlí 39 (an tsamhail “BOV-SEM-A-ENTRY”), 42 (an tsamhail “BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY”), 48 (“OV/CAP-SEM-A-ENTRY”), agus 50 (an tsamhail “OV/CAP-OOCYTES-EMB-A-ENTRY”) den Iarscríbhinn sin, leagtar amach deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha chun coinsíneachtaí táirgí geirmeacha áirithe a theacht isteach san Aontas. Ba cheart Tagairt bhosca I.27 de na Nótaí a ghabhann le Cuid I de na samhlacha sin a leasú chun tuairisc ar na tástálacha le haghaidh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga agus le haghaidh an ghalair fuilreatha eipeasótaigh a chur san áireamh. |
(16) |
Ina theannta sin, ba cheart an t-uimhriú earráideach i bpointe II.2. den tsamhail “BOV-OOCYTES-EMB-A-ENTRY” a cheartú, samhail a leagtar amach i gCaibidil 42 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403. |
(17) |
Ina theannta sin, tagraítear in Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 don deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le coinsíneachtaí táirgí geirmeacha áirithe a theacht isteach san Aontas a seoladh tar éis an 20 Aibreán 2021 ón lárionad stórála táirgí geirmeacha (an tsamhail “BOV-GP-GTORAGE-ENTRY”), samhail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis. Ba cheart na Nótaí sa samhail sin a cheartú sa chaoi go gcumhdófar ní hamháin seamhan bó-ainmhithe, ach úicítí agus suthanna na n-ainmhithe sin freisin. |
(18) |
Maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a úsáidfear chun cineálacha áirithe táirgí geirmeacha ó ainmhithe den chineál caorach agus ainmhithe den chineál gabhair a theacht isteach san Aontas, foráiltear le hAirteagal 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sin ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, samhlacha dá dtagraítear san Airteagal sin. I gCaibidil 53 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le coinsíneachtaí táirgí geirmeacha áirithe a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad a seoladh tar éis an 20 Aibreán 2021 ón lárionad stórála táirgí geirmeacha (an tsamhail “OV/CAP-GP-STORAGE-ENTRY”). Ba cheart na Nótaí sa samhail sin a cheartú sa chaoi go gcumhdófar seamhan, úicítí agus suthanna, ní hamháin ó ainmhithe den chineál caorach ach ó ainmhithe den chineál gabhair freisin. |
(19) |
Maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a úsáidfear chun cineálacha áirithe táirgí geirmeacha ó mhuc-ainmhithe a theacht isteach san Aontas, foráiltear le hAirteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sin ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, samhlacha dá dtagraítear san Airteagal sin. I gCaibidil 54 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach an deimhniú sláinte ainmhithe caighdeánach maidir le coinsíneachtaí de sheamhan muc-ainmhithe a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad arna mbailiú, arna bpróiseáil agus arna stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 tar éis an 20 Aibreán 2021, arna seoladh ón lárionad bailithe seamhain inar bailíodh an seamhan (an tsamhail “POR-SEM-A-ENTRY”). Na tagairtí earráideacha do Bhallstát, seachas do thríú tír nó do chríoch, i bpointí II.4.8.3. agus II.4.9.3. den tsamhail sin, ba cheart iad a cheartú. |
(20) |
Maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe a úsáidfear chun cineálacha áirithe táirgí geirmeacha ó each-ainmhithe a theacht isteach san Aontas, foráiltear le hAirteagal 23 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 go mbeidh na deimhnithe sin ag freagairt do cheann de na samhlacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, samhlacha dá dtagraítear san Airteagal sin. I gCaibidlí 59 agus 63 den Iarscríbhinn sin, leagtar amach deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha maidir le coinsíneachtaí a theacht isteach san Aontas, ar coinsíneachtaí iad de sheamhan each-ainmhithe arna bhailiú, arna bpróiseáil agus arna stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 tar éis an 20 Aibreán 2021, arna seoladh ón lárionad bailithe seamhain inar bailíodh an seamhan (an tsamhail ‘EQUI-SEM-A-ENTRY’), agus ar coinsíneachtaí iad d’úicítí agus suthanna each-ainmhithe arna mbailiú nó arna dtáirgeadh, arna bpróiseáil agus arna stóráil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 tar éis an 20 Aibreán 2021, arna seoladh ag an bhfoireann bailithe nó táirgthe suthanna rinne na húicítí nó na suthanna a bhailiú nó a tháirgeadh (an tsamhail “EQUI-OOCYTES-EMB-A-ENTRY”). Ba cheart pointe II.4.4.2. de na samhlacha sin a cheartú chun a shoiléiriú nach mór each-ainmhithe a bhronnann seamhan, úicítí agus suthanna a choinneáil i mbunaíochtaí, seachas ar bhunaíocht aonair, i nár tuairiscíodh einceifealaimiailíteas eachaí Veiniséalach, galar cúplála eachaí, surra (Trypanosoma evansi), ainéime ionfhabhtaíoch eachaí, meitríteas tógálach eachaí (Taylorella equigenitalis), ionfhabhtú le víreas an chonfaidh ná an t-antrasc, agus gur cheart iad a choinneáil ansin le linn tréimhse 30 lá ar a laghad roimh an dáta a bhaileofar an seamhain, na húicítí nó na suthanna den chéad uair, agus le linn tréimhse an bhailithe. Ina theannta sin, ba cheart Tagairt bhosca I.27 de na Nótaí a ghabhann le Cuid I den tsamhail “EQUI-SEM-A-ENTRY” a leasú chun tuairisc ar na tástálacha a chur san áireamh. |
(21) |
Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú agus a cheartú dá réir. |
(22) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú agus a cheartú dá réir. |
(23) |
Chun aon chur isteach ar thrádáil a sheachaint a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí a theacht isteach san Aontas ar coinsíneachtaí iad lena mbaineann na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 leis an Rialachán seo, úsáid deimhnithe sláinte ainmhithe, deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúla agus dearbhuithe a eisítear i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, mar ab infheidhme roimh na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo, ba cheart leanúint den úsáid sin a údarú ar feadh idirthréimhse faoi réir coinníollacha áirithe. |
(24) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a leasú agus a cheartú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Ar feadh idirthréimhse go dtí an 15 Nollaig 2022, maidir le coinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha a bhfuil an deimhniú sláinte ainmhithe, an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil nó an dearbhú iomchuí ag gabháil leo, arna n-eisiúint i gcomhréir leis na samhlacha a leagtar amach i gCaibidlí 4, 12 go 22, 34a, 39, 42, 47, 48, 50, 53, 54, 59 agus 63 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403, mar ab infheidhme roimh na leasuithe a dhéantar ar an Rialachán Cur Chun Feidhme sin leis an Rialachán seo, leanfaidh na coinsíneachtaí sin d’údarú a bheith acu i dtaca le teacht isteach san Aontas ar choinníoll go n-eiseofaí na deimhnithe agus na dearbhuithe sin an 15 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus maidir le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
(2) |
Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
CINNTÍ
29.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/34 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/498 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Márta 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rabhcháin maidhme sneachta, domhanstáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáid satailíte, domhanstáisiúin mhóibíleacha talún, domhanstáisiúin mhóibíleacha muirí, trealamh líonraí ceallacha IMT, córais raidió sheasta, tarchuradóirí teilifíse digití trastíre, córais cumarsáide móibílí ar bord aerárthaigh, trealamh raidió il-Gb/s, glacadóirí fuaime craolacháin, tiománaithe clos-lúibe ionduchtaithe, radair phríomhúla faireachais, agus trealamh raidió TETRA
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh raidió atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir sin, ceanglais fhíor-riachtanacha a chumhdaítear faoi na caighdeáin sin nó faoi na codanna sin díobh. |
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) go ndéanfaí caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/53/AE (“an iarraidh”). |
(3) |
Ar bhonn na hiarrata sin, dhréachtaigh ETSI na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas: EN 300 718-1 V2.2.1 maidir le rabhcháin maidhme sneachta, EN 303 345-3 V1.1.1 agus EN 303 345-4 V1.1.1 maidir le glacadóirí fuaime craolacháin, EN 303 348 V1.2.1 maidir le tiománaithe clos-lúibe ionduchtaithe, EN 303 364-2 V1.1.1 maidir le radair phríomhúla faireachais, EN 303 372-1 V1.2.1, EN 303 372-2 V1.2.1, EN 303 413 V1.2.1, EN 303 980 V1.2.1 agus EN 303 981 V1.2.1 maidir le stáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáid satailíte agus EN 303 758 V1.1.1 maidir le trealamh raidió TETRA. |
(4) |
Ar bhonn na hiarrata céanna, rinne ETSI athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas: EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2.1, ar foilsíodh na tagairtí dóibh i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Teachtaireacht 2018/C 326/04 ón gCoimisiún (4). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 301 444 V2.2.1 maidir le stáisiúin agus córais le haghaidh cumarsáide satailíte, EN 301 908-15 V15.1.1 maidir le líonraí ceallacha IMT, EN 302 296 V2.2.1 maidir le tarchuradóirí teilifíse digití trastíre, EN 302 480 V2.2.1 maidir le córais cumarsáide móibílí ar bord aerárthaigh agus EN 302 567 V2.2.1 maidir le trealamh raidió il-Gb/s. |
(5) |
Ar bhonn na hiarrata céanna, rinne ETSI athbhreithniú freisin ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas maidir le líonraí ceallacha IMT: EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1 agus EN 301 908-18 V13.1.1, ar cuireadh na tagairtí dóibh le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 ón gCoimisiún (5). Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh na caighdeáin chomhchuibhithe athbhreithnithe seo a leanas: EN 301 908-1 V15.1.1, EN 301 908-14 V15.1.1 agus EN 301 908-18 V15.1.1. Ina theannta sin, rinne ETSI athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN 302 217-2 V3.2.2 maidir le córais raidió sheasta, ar cuireadh an tagairt dó le hIarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 302 217-2 V3.3.1. |
(6) |
Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le ETSI féachaint an gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nua agus athbhreithnithe sin an iarraidh. |
(7) |
Maidir le caighdeáin chomhchuibhithe EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 480 V2.2.1, EN 302 567 V2.2.1, EN 303 345-3 V1.1.1, EN 303 345-4 V1.1.1, EN 303 348 V1.2.1, EN 303 372-2 V1.2.1, EN 303 413 V1.2.1 agus EN 303 758 V1.1.1, comhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha arb aidhm dóibh iad a chumhdach agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Threoir 2014/53/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(8) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 300 718-1 V2.2.1, san abairt dheireanach de chlásal 5.1.3.1, ní shonraítear na coinníollacha uile le haghaidh na sásraí fíoraithe, rud a fhágann gur féidir léirmhíniú suibiachtúil a thabhairt ar na sonraíochtaí a leagtar síos ann. Maille leis sin, ní leagtar síos leis aon cheanglas maidir le diúltú na freagartha bréige, ar paraiméadar glacadóra é ar féidir baint a bheith aige le táirgeadh trasnaíochtaí díobhálacha. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(9) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 301 444 V2.2.1, sa dara mír de chlásal 5.2.1 ní fhoráiltear maidir le haon chritéar fíoraithe i dtaca le comhlíonadh na sonraíochtaí a leagtar síos ann, rud a fhágann gur féidir neamhchinnteacht a bheith ann ó thaobh na dtorthaí de. Maille leis sin, déantar foráil i gclásal 5.2.2.3.1 maidir le sonraíochtaí i dtaca le suiteáil an trealaimh, rud nach cuspóir do chaighdeán comhchuibhithe. Ar deireadh, sa chéad mhír de chlásal 5.2.3, sa chéad mhír de chlásal 5.2.4 agus sa chéad mhír de chlásal 5.2.5, ceadaítear don mhonaróir an trealamh a mhodhnú chun críche tástála, rud a bhféadfadh torthaí neamhbheachta agus leibhéal ard neamhchinnteachta a bheith de thoradh air. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(10) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 301 908-1 V15.1.1, i nóta 3 a ghabhann le clásal 5.3.2.1, ceadaítear don mhonaróir modheolaíocht tástála malartach a roghnú de rogha ar an modheolaíocht a leagtar síos sa chaighdeán sin. D’fhéadfadh torthaí tástála éagsúla a bheith de thoradh air sin agus cruthaíonn sé neamhchinnteacht dhlíthiúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(11) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 302 296 V2.2.1, i gclásal 5.4.2.5 tá tuairisc ar chumraíocht tástála neamhbheacht trí bhíthin gaireas cúplála, rud a chruthaíonn leibhéal ard neamhchinnteachta maidir le léirmhíniú na dtorthaí. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(12) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 364-2 V1.1.1, i gclásail 4.2.1.4 agus 5.3.1.5, tá tuairisc ar chás sonrach aistrithe cumhachta idir an tarchuradóir agus an aeróg trí bhíthin tonntreoraithe WR284/WG10/R32, rud a chiallaíonn nach gcumhdaíonn sé ach cuid de raon feidhme na mbuncheanglas ar ceaptha dó iad a chumhdach. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(13) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 372-1 V1.2.1, i gclásal 4.3.5, foráiltear nach infheidhme dó faoi choinníollacha teicneolaíocha áirithe nach ndéantar foráil maidir le bearta maolaithe dóibh a mhéid a bhaineann le trasnaíochtaí díobhálacha a sheachaint. D’fhéadfadh trasnaíocht dhíobhálach ar líonraí satailíte agus ar sheirbhísí eile a bheith de thoradh air sin. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(14) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 980 V1.2.1, sa dara habairt de chlásal 6.1.1, ceadaítear don mhonaróir modheolaíocht tástála mhalartach a roghnú de rogha ar an modheolaíocht a leagtar síos sa chaighdeán sin. D’fhéadfadh torthaí tástála éagsúla a bheith de thoradh air sin agus cruthaíonn sé neamhchinnteacht dhlíthiúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(15) |
Maidir le caighdeán comhchuibhithe EN 303 981 V1.2.1, sa dara habairt de chlásal 6.1.1, ceadaítear don mhonaróir modheolaíocht tástála mhalartach a roghnú de rogha ar an modheolaíocht a leagtar síos sa chaighdeán sin. D’fhéadfadh torthaí tástála éagsúla a bheith de thoradh air sin agus cruthaíonn sé neamhchinnteacht dhlíthiúil. Ba cheart dá bhrí sin an tagairt don chaighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(16) |
Liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió, arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/53/AE, a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme céanna na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe den chineál céanna a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian. |
(17) |
Chun a áirithiú go liostófar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe arna ndréachtú chun tacú le Treoir 2014/53/AE in aon ghníomh amháin, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 480 V2.2.1, EN 302 567 V2.2.1, EN 303 345-3 V1.1.1, EN 303 345-4 V1.1.1, EN 303 348 V1.2.1, EN 303 372-2 V1.2.1, EN 303 413 V1.2.1 agus EN 303 758 V1.1.1 a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 agus na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 300 718-1 V2.2.1, EN 301 444 V2.2.1, EN 301 908-1 V15.1.1, EN 302 296 V2.2.1, EN 303 364-2 V1.1.1, EN 303 372-1 V1.2.1, EN 303 980 V1.2.1 agus EN 303 981 V1.2.1 a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme céanna. |
(18) |
Gabhann caighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.2.1, EN 301 908-1 V15.1.1, EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 296 V2.2.1, EN 302 480 V2.2.1 agus EN 302 567 V2.2.1 ionad chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 301 908-18 V13.1.1, EN 302 217-2 V3.2.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2 faoi seach. |
(19) |
Dá bhrí sin, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2.1, is gá iad a tharraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6). In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE agus atá le tarraingt siar as sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí sin a chur leis an Iarscríbhinn sin. |
(20) |
Na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1, EN 301 908-18 V13.1.1 agus EN 302 217-2 V3.2.2, is gá iad a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh freisin. Is iomchuí, dá bhrí sin, na tagairtí sin a scriosadh as Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167. |
(21) |
Ar mhaithe lena ndóthain ama a thabhairt do na monaróirí iad féin a ullmhú le haghaidh chur i bhfeidhm chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.2.1, EN 301 908-1 V15.1.1, EN 301 908-14 V15.1.1, EN 301 908-15 V15.1.1, EN 301 908-18 V15.1.1, EN 302 217-2 V3.3.1, EN 302 296 V2.2.1, EN 302 480 V2.2.1 agus EN 302 567 V2.2.1, is gá tarraingt siar chaighdeáin chomhchuibhithe EN 301 444 V2.1.2, EN 301 908-1 V13.1.1, EN 301 908-14 V13.1.1, EN 301 908-15 V11.1.2, EN 301 908-18 V13.1.1, EN 302 217-2 V3.2.2, EN 302 296-2 V1.2.1, EN 302 480 V2.1.2 agus EN 302 567 V1.2.1 a chur ar athló. |
(22) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 a leasú dá réir sin. |
(23) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, an Cinneadh seo a thabhairt i bhfeidhm ar bhonn práinne, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo; |
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.
(2) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 5376 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil agus ar Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide, mar atá, caighdeánú maidir le trealamh raidió chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(4) Teachtaireacht ón gCoimisiún i gcreat chur chun feidhme Threoir 1999/5/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trealamh raidió agus trealamh teirminéil teileachumarsáide agus le haitheantas frithpháirteach a gcomhréireachta agus Threoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (Foilsiú theidil na gcaighdeán comhchuibhithe agus foilsiú na dtagairtí do na caighdeáin sin faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 326, 14.9.2018, lch. 114).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh raidió a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 34, 6.2.2020, lch. 46).
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 4; |
(2) |
cuirtear isteach an iontráil 4a seo a leanas:
|
(3) |
scriostar iontráil 6; |
(4) |
cuirtear isteach an iontráil 6a seo a leanas:
|
(5) |
scriostar iontráil 7; |
(6) |
cuirtear isteach an iontráil 7a seo a leanas:
|
(7) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167 mar a leanas:
(1) |
scriostar iontráil 5; |
(2) |
cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN III
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/167, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:
Uimh. |
An tagairt don chaighdeán |
Dáta an tarraingt siar |
“22. |
EN 301 444 V2.1.2 Córais agus domhanstáisiúin le haghaidh cumarsáid satailíte (SES); Caighdeán comhchuibhithe le haghaidh domhanstáisiúin talún mhóibíleacha (LMES) a sholáthraíonn cumarsáid gutha agus/nó sonraí, a oibríonn sna bandaí minicíochta 1,5 GHz agus 1,6 GHz lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
23. |
EN 301 908-1 V13.1.1 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió; Cuid 1: Tabhairt isteach agus ceanglais choiteanna |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
24. |
EN 301 908-14 V13.1.1 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió; Cuid 14: Stáisiúin bhunáite (BS) le haghaidh rochtain ar raidió trastíre uilíoch fabhraithe (E-UTRA) |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
25. |
EN 301 908-15 V11.1.2 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE; Cuid 15: Athchraoltóirí le haghaidh rochtain ar raidió trastíre uilíoch fabhraithe (E-UTRA FDD) |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
26. |
EN 301 908-18 V13.1.1 Líonraí ceallacha IMT; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió; Cuid 18: E-UTRA, UTRA agus GSM/EDGE Stáisiúin bhunáite (BS) Raidió Ilchaighdeánach (MSR) |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
27. |
EN 302 217-2 V3.2.2 Córais Raidió Sheasta; Saintréithe agus ceanglais maidir le trealamh agus aeróga den chineál pointe go pointe; Cuid 2: Córais dhigiteacha a oibríonn i mbandaí minicíochta ó 1 GHz go 86 GHz; Caighdeán comhchuibhithe maidir le rochtain ar an speictream raidió |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
28. |
EN 302 296-2 V1.2.1 Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach agus gnóthaí a bhaineann leis an speictream raidió (ERM); Trealamh tarchuir le haghaidh na seirbhíse craolacháin teilifíse digití, Trastíre (DVB-T); Cuid 2: EN comhchuibhithe lena gcumhdaítear ceanglais fhíor-riachtanacha Airteagal 3.2 de Threoir R&TTE |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
29. |
EN 302 480 V2.1.2 Córas cumarsáide mhóibílí ar bord aerárthaí (MCOBA); Caighdeán comhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais fhíor-riachtanacha in Airteagal 3.2 de Threoir 2014/53/AE |
an 29 Meán Fómhair 2023 |
30. |
EN 302 567 V1.2.1 Líonraí rochtana raidió leathanbhanda (BRAN); Córais ilghigighiotáin WAS/RLAN 60 GHz; EN comhchuibhithe lena gcumhdaítear ceanglais fhíor-riachtanacha Airteagal 3.2 de Threoir R&TTE |
an 29 Meán Fómhair 2023”. |
29.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/43 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/499 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Márta 2022
lena bhformheastar leasuithe ar phleananna náisiúnta, a mhéid a bhaineann leis an gCipir agus leis an tSlóivéin, um chur chun feidhme na gcóras bailíochtaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1844)
(Is iad na téacsanna Gréigise agus Slóivéinise, agus iad sin amháin, na téacsanna barántúla)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 109(8) de,
Ag féachaint do thíolacadh na leasuithe ar na pleananna náisiúnta um chur chun feidhme na gcóras bailíochtaithe ag an gCipir agus ag an tSlóivéin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 109(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, tá na Ballstáit le pleananna náisiúnta a bhunú um chur chun feidhme na gcóras bailíochtaithe i ndáil le sonraí a thaifeadtar i gcomhréir leis an Rialachán sin, ionas gur féidir leis na Ballstáit tosaíochtaí a shocrú i dtaca le bailíochtú agus cros-seiceálacha agus i dtaca le gníomhaíocht leantach maidir le neamhréireachtaí bunaithe ar bhainistíocht riosca. Leasuithe a dhéanfar ar na pleananna sin, táthar lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas. |
(2) |
Ar an 23 Meitheamh 2021, chuir an tSlóivéin faoi bhráid an Choimisiúin, lena bhformheas, leasuithe ar a plean náisiúnta reatha, plean a formheasadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/82/AE ón gCoimisiún (2). Comhlíonann na leasuithe sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagail 143 go 145 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún (3). Dá bhrí sin, ba cheart iad a fhormheas. |
(3) |
Ar an 3 Meán Fómhair 2021, chuir an Chipir faoi bhráid an Choimisiúin, lena bhformheas, leasuithe ar a plean náisiúnta reatha, plean a formheasadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/82/AE. Comhlíonann na leasuithe sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagail 143 go 145 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011. Dá bhrí sin, ba cheart iad a fhormheas. |
(4) |
Is é atá sa Chinneadh seo an cinneadh formheasa de réir bhrí Airteagal 109(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
(5) |
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na bpleananna náisiúnta maidir lena n-oibriú éifeachtach. Má léiríonn torthaí na bhfíoruithe, na n-iniúchtaí agus na gcigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi chuimsiú Theideal X de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 nach bhfuil sé d’acmhainn ag na pleananna a áirithiú, i dtaca le sonraí a thuairiscítear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, go bhfuil na sonraí sin iomlán, cruinn agus go dtuairiscítear iad laistigh de na spriocdhátaí is infheidhme, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit a bplean a leasú dá réir. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar na leasuithe ar an bplean náisiúnta um chur chun feidhme an chórais bailíochtaithe a thíolaic an Chipir an 3 Meán Fómhair 2021, i gcomhréir le hAirteagal 109(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 2
Formheastar na leasuithe ar an bplean náisiúnta um chur chun feidhme an chórais bailíochtaithe a thíolaic an tSlóivéin an 23 Meitheamh 2021, i gcomhréir le hAirteagal 109(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 3
Más rud é, ar bhonn thorthaí na bhfíoruithe, na n-iniúchtaí agus na gcigireachtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú Theideal X de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, go measfaidh an Coimisiún nach n-áirithítear leis na pleananna bailíochtaithe arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 go gcuirfidh na Ballstáit chun feidhme go héifeachtach na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, a iarraidh go leasófar na pleananna. Leasóidh na Ballstáit a bplean bailíochtaithe i gcomhréir leis an iarraidh sin.
Airteagal 4
Is chuig Poblacht na Cipire agus chuig Poblacht na Slóivéine a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/82/AE ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2013 maidir leis an gCoimisiún do fhormheas pleananna náisiúnta um chur chun feidhme na gcóras bailíochtaithe i gcomhréir le hAirteagal 109(8) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (IO L 44, 15.2.2013, lch. 18).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
29.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 101/45 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/500 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Márta 2022
lena suitear gur teagmhas eisceachtúil é ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin a bhfuil suaitheadh suntasach sna margaí mar thoradh air
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), agus go háirithe Airteagal 26(2), an dara fomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá ionsaí míleata á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin ón 24 Feabhra 2022, ionsaí a bhfuil tionchar aige ar oibreoirí san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas. Cuireadh leis an méadú ar phraghsanna príomhionchur amhail fuinneamh agus amhábhair go tobann, toisc gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála tráchtearraí ón Rúis agus ón Úcráin, ar sreafaí trádála iad a bhfuil ríthábhacht leo le haghaidh na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe. Tá difear tromchúiseach á dhéanamh don thrádáil idir an Úcráin agus an tAontas mar gheall nach bhfuil fáil ar iompar de dheasca aerfoirt na hÚcráine a bheith buailte ag ionsaí na Rúise agus na hoibríochtaí loingseoireachta tráchtála uile i gcalafoirt na hÚcráine a bheith ar fionraí. Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim sin ar sholáthar gráin, olaí plandúla agus iasc geal ón Úcráin agus ón Rúis don Aontas, iarmhairtí arb é an toradh a bheidh orthu méadú mór ar phraghsanna beatha éisc, rud a chuirfidh le hardú as cuimse ar phraghsanna fuinnimh, nó le ganntanais i bpríomh-amhábhar. Scor cuid de chabhlach an Aontais den iascaireacht, i bhfianaise an laghdaithe atá tagtha ar bhrabúsacht na gníomhaíochta sin agus ós rud é nach féidir an méadú ar chostais ionchur a chúiteamh. Tá soithí iascaireachta a oibríonn sa Mhuir Dhubh faoi bhagairt ó ghníomhaíochtaí míleata a d’fhéadfadh bheith ann, agus dá bharr sin, tá a ngníomhaíocht ar fionraí réamhchúraim. Tá tionchar comhcheangailte na méaduithe costas agus na nganntanas sin ag dul i bhfeidhm ar na hearnálacha feirmeoireachta agus próiseála bia mara freisin. Dá bhrí sin, an suaitheadh suntasach sa mhargadh mar gheall ar mhéaduithe móra ar chostais agus ar an gcur isteach ar thrádáil, teastaíonn gníomhaíocht éifeachtach éifeachtúil ina leith. |
(2) |
De bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2021/1139, in imthosca den sórt sin, leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) féadfar tacú le cúiteamh as costais áirithe nach costais iad atá incháilithe do chúiteamh den sórt sin ar shlí eile, ar cúiteamh é le haghaidh oibreoirí san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe as a n-ioncam tarscaoilte nó as costais bhreise, agus le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
(3) |
I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2021/1139, tá an córas tacaíochta sonrach i gcás suaitheadh den sórt sin sa mhargadh teoranta don chuspóir sonrach maidir le margaíocht, cáilíocht agus breisluach táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a chur chun cinn, chomh maith le próiseáil na dtáirgí sin. I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 26(2) sin, níl feidhm ag an gcóras tacaíochta ach amháin i gcás ina suíonn an Coimisiún gur tharla teagmhas eisceachtúil a bhfuil suaitheadh suntasach sna margaí mar thoradh air. |
(4) |
Dá bhrí sin, is iomchuí a shuí gur teagmhas eisceachtúil é ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin a bhfuil suaitheadh suntasach sna margaí mar thoradh air. |
(5) |
De bhun Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2021/1139, cúiteamh as costais bhreise nó ioncam tarscaoilte agus cúiteamh eile dá bhforáiltear faoin Rialachán sin, déanfar é a dheonú faoi aon cheann de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (b) go (e) d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Tá Airteagal 53(3) den Rialachán sin le comhlíonadh leis na modheolaíochtaí arna mbunú ag na Ballstáit chun na críche sin. |
(6) |
De bhun Airteagal 63(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, tá caiteachas incháilithe do ranníocaíocht ó CEMID más rud é go ndearna tairbhí é a thabhú agus go n-íocadh é in oibríochtaí cur chun feidhme idir an dáta a chuir an Ballstát an clár CEMID faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2021, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029. Mar sin féin, caiteachas a tabhaíodh de thoradh an suaite sna margaí a rinneadh de bharr teagmhas eisceachtúil a suíodh leis an gCinneadh seo, ba cheart an caiteachas sin a bheith incháilithe do thacaíocht faoi Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2021/1139 ón 24 Feabhra 2022, an dáta a cuireadh tús le hionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Ó thaobh caiteachas a thabhaítear, ós rud é gur dócha go mbeidh tionchar ag an suaitheadh sna margaí ar oibreoirí sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe ar feadh roinnt míonna, ba cheart an caiteachas sin a bheith incháilithe má thabhaítear é go dtí an 31 Nollaig 2022. |
(7) |
I bhfianaise an ghá atá leis an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2021/1139 a chur chun feidhme, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Chun críocha Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2021/1139, measfar gur teagmhas eisceachtúil é ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin ón 24 Feabhra 2022 a bhfuil suaitheadh suntasach sna margaí mar thoradh air.
Airteagal 2
Caiteachas a gceadaítear tacaíocht lena aghaidh de thoradh an Chinnidh seo, beidh an caiteachas sin incháilithe má thabhaítear é idir an 24 Feabhra agus 31 Nollaig 2022, agus má íoctar é go dtí an 31 Nollaig 2029.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus do Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).