ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 98 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
25.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 98/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/474 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Eanáir 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha i ndáil le táirgeadh agus le húsáid síológ neamhorgánach, síológa atá á dtiontú agus síológ orgánach agus ábhair atáirgthe plandaí eile
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 12(2), pointí (b) agus (e) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/848 agus go háirithe le Cuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis, leagtar síos ceanglais áirithe maidir le hábhar atáirgthe plandaí a úsáid, idir ábhar atá á thiontú agus ábhar neamhorgánach. |
(2) |
I bhfianaise chéimniú amach na maoluithe ar úsáid ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí a leagtar síos in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2018/848, tá sé tábhachtach táirgeadh agus cur ar an margadh ábhair atáirgthe plandaí a mhéadú, idir ábhar orgánach agus ábhar atá á thiontú. |
(3) |
Mar sin féin, tá an méid síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú atá ar fáil faoi láthair teoranta i gcás roinnt speiceas gairneoireachta, agus modh comónta is ea síolta neamhorgánacha, a fhástar faoi choinníollacha orgánacha, a úsáid le haghaidh síológa a tháirgeadh mar ábhar atáirgthe plandaí. |
(4) |
Ní áirítear síológa sna bunachair shonraí agus sna córais dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/848, bunachair shonraí agus córais lena gceanglaítear ar na Ballstáit faisnéis a chur faoi bhráid an phobail maidir le hinfhaighteacht ábhair atáirgthe plandaí, idir ábhar orgánach agus ábhar atá á thiontú. I bhfianaise nádúr sonrach na síológ agus i bhfianaise fhad athraitheach a dtimthriallta táirgthe, is gá soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir lena n-úsáid i dtáirgeadh orgánach. Maidir le síolta orgánacha agus síolta atá á dtiontú, ba cheart a n-infhaighteacht a chur san áireamh le haghaidh an speicis agus an chineáil lena mbaineann chun infhaighteacht fhéideartha na síológ orgánach agus na síológ atá á dtiontú ar an margadh a chinneadh. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(4), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, is féidir ábhar neamhorgánach atáirgthe plandaí a mhargú mar ábhar atá á thiontú freisin ar choinníoll go bhfuil tréimhse thiontúcháin 12 mhí ar a laghad curtha isteach ag an ábhar sin. Ba cheart tús áite a thabhairt d’úsáid ábhair atáirgthe plandaí atá á thiontú seachas d’úsáid ábhair neamhorgánaigh atáirgthe plandaí. Sa chomhthéacs sin, is gá a shoiléiriú go bhféadfar “síológa atá á dtiontú” a úsáid i gcás ina maireann a dtimthriall saothrúcháin 12 mhí ar a laghad ar dháileacht talún a chuir tréimhse thiontúcháin 12 mhí isteach nó i gcás ina saothraítear iad i gcoimeádáin nó ar dháileacht talún, ar choinníoll go dtagann siad as síolta a shábháiltear ó phlandaí a d’fhás ar dháileacht talún a chuir tréimhse thiontúcháin 12 mhí isteach. |
(6) |
Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le síológa, is gá toirmeasc a chur ar shíológa neamhorgánacha a úsáid le haghaidh barra a mbíonn timthriall táirgeachta curtha isteach acu laistigh de shéasúr fáis amháin, ó athphlandú na síológ go sábháil an táirge deiridh den chéad uair chun sláine na dtáirgí orgánacha a áirithiú a bhféadfaí an bonn a bhaint di i gcás ina mbeadh fuíll sna síolta neamhorgánacha a úsáidtear mar ábhar tosaigh. |
(7) |
Maidir le hinfhaighteacht máthairphlandaí nó, i gcás inarb ábhartha, plandaí eile atá beartaithe le haghaidh ábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh, a fhástar i gcomhréir le pointe 1.8.2. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ní leor í sin i gcás torthaí áirithe, speicis fíniúnacha agus ornáideacha nó cineálacha fíniúnacha agus ornáideacha. Thairis sin, tá cúpla plandlann torthaí orgánacha agus plandlann fhíniúnach ann a oibríonn le máthairphlandaí faoi láthair a fhástar i gcomhréir le pointe 1.8.2. de dheasca infheistíochtaí fadtéarmacha agus deacrachtaí teicniúla chun an chomhlíontacht iomlán le ceanglais deimhniúcháin cáilíochta agus le ceanglais fíteashláintíochta a áirithiú. |
(8) |
Chun forbairt bhreise ar an earnáil táirgthe ardspeisialaithe a chur chun cinn, is iomchuí an fhéidearthacht a thabhairt isteach maidir le húsáid ábhair neamhorgánaigh atáirgthe plandaí a fhástar faoi choinníollacha orgánacha a údarú le haghaidh ábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh atá le margú agus le húsáid le haghaidh barra orgánacha, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha sonracha áirithe. |
(9) |
Ba cheart cead a thabhairt d’oibreoirí a tháirgeann ábhar atáirgthe plandaí den sórt sin faisnéis a chur faoi bhráid an phobail, ar bhonn deonach, maidir le hinfhaighteacht ábhair den sórt sin sna córais náisiúnta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2018/848. Fágfaidh sé sin go mbeidh oibreoirí in ann ábhar atáirgthe plandaí a fhástar go horgánach a roghnú i gcás nach mbeidh ábhar orgánach atáirgthe plandaí nó ábhar atáirgthe plandaí atá á thiontú ar fáil. |
(10) |
Chun an comhleanúnachas a áirithiú, na húdaruithe maidir le húsáid ábhair atáirgthe plandaí neamhorgánach a fhástar faoi choinníollacha orgánacha le haghaidh ábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh, ba cheart na húdaruithe sin dul in éag an tráth céanna a rachaidh na maoluithe ar úsáid ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí in éag. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí agus cuirfidh sé deireadh nó síneadh leis na húdaruithe sin i bhfianaise na gconclúidí a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht ábhair orgánaigh atáirgthe plandaí a chuirfear i láthair sa tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 53(7) de Rialachán (AE) 2018/848 agus i gcomhréir le hAirteagal 53(2) den Rialachán sin. |
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir. |
(12) |
Chun folús dlíthiúil a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:
(a) |
leasaítear pointe 1.8.5.1 mar a leanas:
Sula n-iarrann oibreoirí an t-údarú sin, ceadóidh siad an bunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 26(1) nó na córais dá dtagraítear in Airteagal 26(2) chun a fhíorú an bhfuil ábhar atáirgthe plandaí ábhartha orgánach nó atá á tiontú nó ábhar atáirgthe plandaí a údaraítear i gcomhréir le pointe 1.8.6, an bhfuil an t-ábhar sin ar fáil, agus ar an gcaoi sin an bhfuil údar cuí lena iarraidh.”; |
(b) |
leasaítear pointe 1.8.5.2 mar a leanas:
|
(c) |
cuirtear isteach na pointí 1.8.5.8 agus 1.8.6 seo a leanas:
|
25.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 98/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/475 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 maidir le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 183(b) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar de thoradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1216/2009 agus Uimh. 614/2009 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 5(6)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún (3) rialacha mionsonraithe chun córas na ndleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme, agus le praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnáil na feola éanlaithe clóis agus in earnáil na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe. |
(2) |
Is éard a léiríonn faireachán rialta ar na sonraí a úsáidtear chun praghsanna ionadaíocha d’fheoil éanlaithe agus do tháirgí uibheacha a shocrú, sin agus an faireachán rialta ar ghealacáin uibhe, gur cheart na praghsanna allmhairithe ionadaíocha ar tháirgí áirithe a leasú chun an éagsúlacht praghsanna de réir áit tionscnaimh cuid de na hearraí a chur san áireamh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 a leasú dá réir sin. |
(4) |
Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1484/95.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiún,
Ar son an Uachtaráin,
Wolfgang BURTSCHER
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) IO L 150, 20.5.2014, lch. 1.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1484/95 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 1995 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun an córas dleachtanna allmhairithe breise a chur chun feidhme agus chun praghsanna ionadaíocha a shocrú in earnálacha na feola éanlaithe clóis agus na n-uibheacha agus i gcás gealacáin uibhe, agus lena n-aisghairtear Rialachán Uimh. 163/67/CEE (IO L 145, 29.6.1995, lch. 47).
IARSCRÍBHINN
«IARSCRÍBHINN I
Cód AC |
Tuairisc ar na hearraí |
Praghas ionadaíoch (EUR/100 kg) |
An ráthaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 (EUR/100 kg) |
Tionscnamh (1) |
0207 14 10 |
Gearrthacha gan chnámh ó chineálacha éanlaithe den speiceas Gallus domesticus, iad reoite |
220,7 |
24 |
BR |
(1) Ainmníocht na dtíortha arna socrú le Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).
25.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 98/9 |
RIALACHÁN (AE) 2022/476 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Márta 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh aigéad aicéiteach, asocsastróibine, beinsivindéfhluipire, ciantrainileapróil, ciofluifeanaimíde, eimimeictine, flutolainile, sulfar aoil, maltaideistrine agus prócuineaisíde i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás asocsastróibine, beinsivindéfhluipire, ciantrainileapróil, ciofluifeanaimíde, flutolainile agus prócuineaisíde, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás eimimeictine, leagadh MRLanna síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. Cuimsítear aigéad aicéiteach, sulfar aoil agus maltaideistrin in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú a dhéanamh ar úsáid táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach beinsivindéfhluipir ar “luibheanna agus bláthanna inite”, oinniúin earraigh/scailliún, ciobúil agus cainneanna, cuireadh dhá iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarradh na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. |
(3) |
A mhéid a bhaineann le ciantrainileapról, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarradh na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú i leith ológa boird agus ológa le haghaidh táirgeadh ola. A mhéid a bhaineann le ciofluifeanaimíd, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh sméara dubha agus sútha craobh (iad dearg agus buí). A mhéid a bhaineann le heimimeictin, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh torthaí póma, aibreoga, silíní (iad milis), “spionáistí agus duilleoga comhchosúla” agus “insiltí luibhe ó dhuilleoga agus luibheanna”. A mhéid a bhaineann le prócuineaisíd, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh fraochán agus mónóg. |
(4) |
A mhéid a bhaineann le hasocsastróibin, cuireadh isteach dhá iarratas ar lamháltais allmhairiúcháin de bhun Airteagal 6(2) agus (4) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a mhéid a bhaineann le húsáid na substainte sin sa Bhrasaíl ar mhangónna agus sa Cholóim ar thorthaí pailme ola chomh maith leis a mhéid a bhaineann le húsáid flutolainile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar phiseanna talún. Deir na hiarratasóirí go n-eascraíonn iarmhair a sháraíonn na MRLanna atá i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 as úsáid údaraithe na substaintí sin ar na barra sin sna tíortha sin agus go bhfuil gá le MRLanna níos airde chun bacainní trádála ar allmhairiú na mbarr sin a sheachaint. |
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais uile a luaitear thuas agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(6) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann do thomhaltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad. |
(7) |
A mhéid a bhaineann le heimimeictin, chinn an tÚdarás nach raibh na sonraí a cuireadh isteach i gcás “torthaí póma” leordhóthanach le MRLanna nua a shocrú. A mhéid a bhaineann le gach iarratas eile, chinn an tÚdarás gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach, agus go raibh na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha sonracha. Chuir an tÚdarás san áireamh an fhaisnéis is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substaintí. Léiríodh nach baol do dhuine an iontógáil laethúil inghlactha a shárú, ná an ghéardháileog thagartha a shárú, de bharr ceachtar den dá rud seo: teagmháil ar feadh a shaoil leis na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfaidís a bheith iontu, ná teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh. |
(8) |
Cuireadh aigéad aicéiteach, sulfar aoil agus maltaideistrin go sealadach mar chuid d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 go dtí go gcuirfí an mheastóireacht orthu i gcrích faoi Threoir 91/414/CEE ón gComhairle (3) nó faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Rinne an tÚdarás meastóireacht ar na substaintí sin, agus chinn sé nach bhfuil gá le MRLanna le haghaidh aigéad aicéiteach, sulfar aoil ná maltaideistrine, agus dá bhrí sin, gur iomchuí na substaintí sin a choinneáil go buan in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (5). |
(9) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe agus na gconclúidí ón Údarás, agus na fachtóirí atá ábhartha maidir leis an ábhar atá faoi chaibidil á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe ábhartha ar na MRLanna atá beartaithe leis an Rialachán seo ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh 396/2005. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tá na tuarascálacha eolaíocha seo a leanas ó EFSA ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the setting of import tolerances for azoxystrobin in mangoes and oil palm fruits [Tuairim réasúnaithe maidir le lamháltais allmhairiúcháin a shocrú le haghaidh asocsastróibine i mangónna agus torthaí pailme ola]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6821.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for benzovindiflupyr in fresh herbs and edible flowers [Tuairim Réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh beinsivindéfhluipire i luibheanna úra agus i mbláthanna inite]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(9):6839.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for benzovindiflupyr in leeks and spring onions/green onions/Welsh onions [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh beinsivindéfhluipire i gcainneanna agus oinniúin earraigh/scailliún/ciobúil a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6774.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for cyantraniliprole in olives [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh ciantrainileapróil in ológa a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6805.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for cyflufenamid in blackberries and raspberries [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh ciofluifeanaimíde i sméara dubha agus i sútha craobh a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6831.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for emamectin in various crops [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh eimimeictine i mbarra éagsúla a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6824.
Reasoned opinion on the setting of import tolerance for flutolanil in peanuts [Tuairim réasúnaithe maidir le lamháltas allmhairiúcháin a shocrú le haghaidh flutolainile i bpiseanna talún]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(8):6717.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for proquinazid in blueberries and cranberries [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh prócuineaisíde i bhfraocháin agus i mónóga a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(9):6835.
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1)
(5) Ráiteas maidir le substaintí gníomhacha i lotnaidicídí nach bhfuil gá le hathbhreithniúchán ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana ina leith faoi Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(12):6318.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
In Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh asocsastróibine, beinsivindéfhluipire, ciantrainileapróil, ciofluifeanaimíde, flutolainile agus prócuineaisíde: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
I gCuid A d’Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh eimimeictine: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|