ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 96

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
24 Márta 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/466 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a shonrú le haghaidh mhaolú an phrionsabail gurb é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a dhéanfaidh maoirseacht ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/467 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena ndéantar foráil maidir le cabhair choigeartúcháin eisceachtúil le haghaidh táirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/468 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí sileacain cailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

9

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/469 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

36

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/470 ón gCoimisiún an 23 Márta 2022 lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach muiceola agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré

39

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

43

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/472 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

45

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí tháscairí coiteanna agus eilimintí mionsonraithe an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta a leagan amach ( IO L 429, 1.12.2021 )

47

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/466 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Nollaig 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a shonrú le haghaidh mhaolú an phrionsabail gurb é an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a dhéanfaidh maoirseacht ar shocruithe formheasta maidir le foilsiú agus ar shásraí tuairiscithe formheasta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I bhfianaise na gné trasteorann a bhaineann le sonraí margaidh a láimhseáil, na cáilíochta sonraí agus an ghá atá ann barainneachtaí scála a bhaint amach, agus chun tionchar díobhálach na ndibhéirseachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar cháilíocht sonraí agus ar chúram soláthraithe tuairiscithe sonraí araon a sheachaint, aistríodh, le Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), cumhachtaí údaraithe agus maoirseachta i dtaca le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí (“DRSPanna”) san Aontas chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (“ESMA”).

(2)

San am céanna, déantar socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) agus sásraí tuairiscithe formheasta (ARManna) a mhaolú ó mhaoirseacht ESMA, agus, ina ionad sin, fanann siad faoi raon feidhme maoirseachta náisiúnta, cás inar teoranta a n-ábharthacht maidir leis an margadh inmheánach.

(3)

Ba cheart a mheas ar dtús gur teoranta ábharthacht APA nó ARM maidir leis an margadh inmheánach de réir an lín choibhneasta cliant atá bunaithe sna Ballstáit nach é atá iontu Ballstát baile an APA nó an ARM sin. Más seirbhísí trasteorann den chuid is mó iad na seirbhísí a chuireann APAnna nó ARManna ar fáil níor cheart maolú a bheith infheidhme. Ar an dara dul síos, ba cheart an ábharthacht maidir leis an margadh inmheánach a bhunú ar sciar na n-idirbheart iomlán tuairiscithe nó foilsithe a dhéanann APAnna nó ARManna aonair a thuairisciú nó a fhoilsiú. Má sháraíonn an sciar seo tairseach íosta, níor cheart a mheas faoi na gníomhaíochtaí gur teoranta a n-ábharthacht maidir leis an margadh inmheánach. Ba cheart an ríomh le haghaidh an APA a bheith bunaithe ar shonraí trédhearcachta a chuirtear isteach chuig an gCóras Sonraí Tagartha i ndáil le hIonstraimí Airgeadais agus chuig an gCóras um Thrédhearcacht Ionstraimí Airgeadais, agus, san am céanna, ba cheart an ríomh le haghaidh an ARM a bheith bunaithe ar na tuarascálacha idirbheart a chuirtear faoi bhráid na n-údarás inniúil.

(4)

I gcás ina bhfuil APA agus ARM nó an iliomad APAnna nó ARManna á n-oibriú ag oibreoir amháin, ní féidir maolú a dhéanamh ar mhaoirseacht ESMA ach amháin má tá gach APA nó gach ARM incháilithe le haghaidh maolú.

(5)

Chun feidhmiú rianúil an chreata nua maoirseachta le haghaidh DRSPanna a áirithiú, mar a thugtar isteach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/2175, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm gan mhoill agus teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Measúnú ar APAnna agus ARManna

1.   Beidh socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) agus sásraí tuairiscithe formheasta (ARManna) faoi réir údarú agus maoirseacht ag údarás inniúil Ballstáit mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) i ngeall ar a theoranta atá a n-ábharthacht maidir leis an margadh inmheánach mura sáraíonn gníomhaíochtaí na APAnna agus na ARManna sin ar an meán aon cheann de na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo. I gcás ina bhfuil níos mó ná APA amháin nó ARM amháin á oibriú ag an oibreoir céanna ní bheidh feidhm ag maolú ach amháin i gcás nach sáróidh gníomhaíochtaí aon cheann de na APAnna nó na ARManna sin na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 2.

2.   Chun críche údaraithe, bunófar an measúnú a dhéanfar ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 2 ar mheastacháin a chuirfidh an t-iarratasóir ar fáil ar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh sé sa todhchaí.

3.   Déanfaidh ESMA athmheasúnú bliantúil ar ábharthacht ghníomhaíochtaí APA nó ARM dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an margadh inmheánach agus cuirfear tús leis sin sa bhliain tar éis na chéad bhliana féilire iomláine tar éis an údaraithe. Bunófar an measúnú ar na critéir in Airteagal 2 ar shonraí a sheasann don bhliain féilire iomlán roimh an athmheasúnú.

4.   I gcás nach gcomhlíonfar a thuilleadh na tairseacha maidir le maolú nó cur i bhfeidhm mhaoirseacht ESMA ar feadh 2 bhliain as a chéile, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3 beidh feidhm ag an athrú ar chur i bhfeidhm nó maolú mhaoirseacht ESMA ón 1 Meitheamh an bhliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 2

Critéir chun maolú ó mhaoirseacht ESMA a shainaithint

1.   Beidh APA nó ARM faoi réir maolú ó mhaoirseacht ESMA sna cásanna seo a leanas:

(a)

soláthraíonn APA nó ARM seirbhísí do ghnólachtaí infheistíochta nó thar a gcionn faoi réir na gceanglas iarthrádála maidir le nochtadh in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 nó an ceanglas maidir le tuairisciú d’Airteagal 26 den Rialachán sin, i dtrí Bhallstát éagsúla ar a mhéad, agus san am céanna, údaraítear 50 % de na gnólachtaí infheistíochta sin ar a laghad sa Bhallstát céanna ina bhfuil APA nó ARM; agus

(b)

maidir leis an líon trádálacha a thuairiscítear don phobal agus méid na dtrádálacha sin ag an APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i dtaca le hionstraimí cothromais, is lú an méid sin ná 0,5 % den líon iomlán trádálacha nó den mhéid a thuairiscíonn na APAnna go léir i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Rialachán sin agus an líon trádálacha a thuairiscítear don phobal agus, maidir le méid na dtrádálacha sin ag an APA i gcomhréir le hAirteagal 21(1) den rialachán sin maidir le hionstraimí cothromais, ní mó é sin ná 0,5 % den líon iomlán trádálacha nó den mhéid a thuairiscíonn na APAnna go léir i gcomhréir le hAirteagal 21(1) den Rialachán; agus

(c)

maidir leis an líon idirbheart a thuairiscíonn an ARM i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus Airteagal 26(7) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, ní mó é ná 0,5 % den líon iomlán idirbheart a thuairiscíonn na ARManna go léir i gcomhréir le hAirteagal 26(1) agus Airteagal 26(7) den Rialachán sin.

2.   Cuirfidh APAnna nó ARManna sonraí ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin dó lenar féidir measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar síos i mír 1, pointe (a).

Airteagal 3

Forálacha idirthréimhseacha

Chun críocha Airteagal 1, déanfaidh ESMA an measúnú tosaigh ar na critéir mhaolaithe a liostaítear in Airteagal 2. Bunófar an measúnú tosaigh sin ar shonraí a bhaineann leis an gcéad 6 mhí de 2021.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 84.

(2)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais, Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).

(3)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.


24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/467 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2022

lena ndéantar foráil maidir le cabhair choigeartúcháin eisceachtúil le haghaidh táirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1), ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 219(1) agus in éineacht le hAirteagal 228 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 (2) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 106(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá tionchar á imirt ag ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 ar fheirmeoirí san Aontas.

(2)

Is í an infhaighteacht iompair an phríomhchúis imní maidir leis an trádáil idir an Úcráin agus an tAontas. Ba iad aerfoirt na hÚcráine is túisce a bhí thíos leis de dheasca ionradh na Rúise agus cuireadh na hoibríochtaí loingseoireachta tráchtála uile i gcalafoirt na hÚcráine ar fionraí.

(3)

Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim ar sholáthar an ghráin ar an leibhéal domhanda, agus fágfaidh sin go dtiocfaidh ardú breise ar phraghsanna, rud a chuirfidh leis an ardú as cuimse atá ag teacht ar phraghsanna fuinnimh agus leasachán, agus a mbeidh tionchar aige ar fheirmeoirí san Aontas.

(4)

An dara hábhar imní atá ann nach féidir leanúint de tháirgí an Aontais a sheachadadh chun na hÚcráine ná, seans, chun na Rúise agus na Bealarúise ach oiread ar chúiseanna lóistíochta agus airgeadais, rud a chuirfeadh isteach ar an trádáil i roinnt earnálacha, agus a d’fhágfadh go mbeadh míchothromaíochtaí margaidh ar an margadh inmheánach. Dhéanfadh sin difear go príomha d’earnálacha na bhfíonta agus na mbiotáillí, na mbianna próiseáilte (lena n-áirítear torthaí agus glasraí próiseáilte), bainne foirmle do naíonáin, agus bia peataí i gcás na Rúise, torthaí agus glasraí i gcás na Bealarúise, táirgí ainmhí i gcás na hÚcráine.

(5)

Dá bhrí sin, tá géarbhagairt ann go mbeidh suaitheadh sa mhargadh i ngeall ar arduithe móra ar chostais agus ar shuaitheadh trádála, ar nithe iad a dteastaíonn gníomhaíocht éifeachtach éifeachtúil ina leith.

(6)

Na bearta idirghabhála sa mhargadh atá ar fáil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i bhfoirm idirghabhála poiblí, cabhrach stórála príobháidí nó aistarraingtí ón margadh, d’fhéadfaidís a bheith éifeachtach maidir le cothromaíocht áirithe sa mhargadh a athbhunú trí tháirgí a bhaint den mhargadh go sealadach nó go buan, ach ní bearta iad de chineál a chabhródh le cur i gcoinne suaitheadh sa mhargadh mar thoradh ar arduithe ar chostais. Cé gur gá don mhargadh dul in oiriúint de réir a chéile d’imthosca nua, tá gá le tacaíocht do tháirgeoirí in earnálacha ina bhfuil costais ionchuir ag ardú go leibhéil nach bhfuil inbhuanaithe agus i gcás nach féidir gnáth-asraon margaidh a fháil do tháirgí.

(7)

Chun freagairt go héifeachtúil éifeachtach don bhagairt go mbeidh suaitheadh sa mhargadh, tá sé fíor-riachtanach cabhair a sholáthar do tháirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta sin san Aontas atá thíos leis an suaitheadh sin sa mhargadh. Ba cheart do na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na hearnálacha lena mbaineann, nó cuid díobh, a roghnú chun tacú leis na táirgeoirí is mó atá thíos le suaitheadh sa mhargadh.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, deontas airgeadais a thabhairt do na Ballstáit chun tacú le táirgeoirí atá i mbun gníomhaíochtaí lena gcothaítear an tslándáil bia nó lena dtugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh, rud a fhágfaidh go bhféadfar an coigeartú is gá a dhéanamh. Ba cheart an méid atá ar fáil do gach Ballstát a leagan amach, agus tábhacht gach Ballstáit in earnáil talmhaíochta an Aontais á chur san áireamh, ar bhonn na nglan-uasteorainneacha d’íocaíochtaí díreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(9)

Ba cheart do na Ballstáit bearta a cheapadh lena rannchuidítear leis an tslándáil bia nó lena dtugtar aghaidh ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh. Ba cheart d’fheirmeoirí a bheith incháilithe chun tacaíocht a fháil faoi na bearta sin ar choinníoll go mbíonn siad ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu: an geilleagar ciorclach, bainistíocht cothaitheach, úsáid éifeachtúil acmhainní, agus modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit an chabhair a dháileadh trí na bealaí is éifeachtaí ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar critéir iad lena gcuirtear san áireamh méid an tsuaite sa mhargadh a tharla sna hearnálacha éagsúla, agus é á áirithiú san am céanna gurb iad na feirmeoirí a thairbheoidh den chabhair ar deireadh, agus aon saobhadh ar an margadh agus ar an iomaíocht á sheachaint.

(11)

Maidir leis an méid a leithdháilfear ar gach Ballstát, ós rud é nach gcúiteofaí leis ach cuid den chaillteanas iarbhír a bhain do tháirgeoirí sna hearnálacha talmhaíochta, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tacaíocht bhreise a dheonú do na táirgeoirí sin, faoi na coinníollacha céanna maidir le hoibiachtúlacht, neamh-idirdhealú agus neamhshaobhadh iomaíochta. I bhfianaise mhéid na géarchéime atá ann faoi láthair, féadfaidh an tacaíocht náisiúnta bhreise sin, ar bhonn eisceachtúil, a bheith a dhá oiread níos mó, ar a mhéad, ná na méideanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(12)

Chun an tsolúbthacht a thabhairt do na Ballstáit an chabhair a dháileadh de réir mar is gá chun déileáil le suaitheadh an mhargaidh, ba cheart cead a bheith acu í a charnadh le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

(13)

An chabhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart í a dheonú mar bheart lena dtacaítear leis na margaí talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, tar éis aistriú cistí ón gcúlchiste le haghaidh géarchéim san earnáil talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 25 den Rialachán sin.

(14)

Ós rud é gur in euro a shocraítear an chabhair ón Aontas, is gá, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach comhuaineach a áirithiú, dáta a shocrú chun an tsuim a leithdháiltear ar na Ballstáit nár ghlac an euro a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta. Is iomchuí, dá bhrí sin, an t-imeacht feidhme a chinneadh le haghaidh an ráta malairte i gcomhréir le hAirteagal 106 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013. I bhfianaise an phrionsabail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 agus na gcritéar a leagtar síos i mír 5, pointe (c) den Airteagal sin, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ba cheart a bheith san imeacht feidhme.

(15)

Ar chúiseanna buiséadacha, níor cheart don Aontas an caiteachas a thabhóidh na Ballstáit a mhaoiniú ach amháin i gcás ina ndéanfar an caiteachas sin faoi dháta incháilitheachta áirithe.

(16)

Chun trédhearcacht, faireachán agus riar cuí a áirithiú maidir leis na méideanna atá ar fáil dóibh, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta nithiúla a bheidh le déanamh, faoi na critéir a úsáideadh chun iad a bhunú, faoin réasúnaíocht leis an gcabhair a dháileadh ar na hearnálacha éagsúla trí chéile, faoi na bearta a glacfar chun saobhadh na hiomaíochta sna margaí lena mbaineann a sheachaint, faoi thionchar beartaithe na mbeart agus faoi na modhanna chun a sheiceáil gur baineadh amach é.

(17)

Suaitheadh láithreach ar an margadh is ea na deacrachtaí a bhaineann le rochtain a fháil ar ionchuir agus na fadhbanna lóistíochta a eascraíonn as stad tobann a theacht ar lastais tráchtála agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an gcás go héifeachtúil éifeachtach.

(18)

Chun a áirithiú go bhfaighidh táirgeoirí cabhair a luaithe is féidir, ba cheart a chur a gcumas do na Ballstáit an Rialachán seo a chur chun feidhme gan mhoill. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith aige ar choinníoll gur i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aistreofar EUR 350 000 000 ón gcúlchiste chuig na línte buiséid lena maoineofar an beart a bhfuil gá leis (4); ón lá a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar teachtaireacht í lena sonrófar go ndearnadh an t-aistriú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Beidh cabhair ar luach iomlán EUR 500 000 000 ón Aontas ar fáil do na Ballstáit chun cabhair choigeartúcháin eisceachtúil a sholáthar do tháirgeoirí sna hearnálacha a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Úsáidfidh na Ballstáit na méideanna atá ar fáil dóibh mar a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh na mbeart dá dtagraítear i mír 3 in earnálacha a ndéanann suaitheadh margaidh difear dóibh mar gheall ar chostais ionchuir mhéadaithe nó ar shrianta trádála. Glacfar na bearta ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha lena gcuirtear san áireamh méid an tsuaite sa mhargadh atá ag tarlú sna hearnálacha éagsúla, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh iomaíochta.

3.   Na bearta a ghlacfaidh na Ballstáit, rannchuideoidh siad leis an tslándáil bia nó tabharfar aghaidh leo ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh agus tacóidh siad le feirmeoirí a bhíonn ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu:

(a)

an geilleagar ciorclach;

(b)

bainistíocht cothaitheach;

(c)

úsáid éifeachtúil acmhainní;

(d)

modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach iad na feirmeoirí a thairbheoidh go díreach d’íocaíochtaí na cabhrach ón Aontas go gcuirfear sochar eacnamaíoch na cabhrach ón Aontas ar aghaidh chucu ina iomláine.

5.   Caiteachas na mBallstát i ndáil leis na híocaíochtaí i leith na mbeart dá dtagraítear i mír 3, ní bheidh sé incháilithe do chabhair ón Aontas ach amháin má dhéanfar na híocaíochtaí sin faoin 30 Meán Fómhair 2022.

6.   Maidir leis na Ballstáit nár ghlac an euro isteach ina gcuid airgeadraí náisiúnta, is é dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo an t-imeacht feidhme don ráta malairte dá dtagraítear in Airteagal 106 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis na méideanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

7.   Féadfar bearta faoin Rialachán seo a charnadh in éineacht le tacaíocht eile arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

Airteagal 2

Féadfaidh na Ballstáit cabhair náisiúnta bhreise a dheonú le haghaidh na mbeart arna ndéanamh faoi Airteagal 1 suas le huasmhéid 200 % den mhéid comhfhreagrach a leagtar amach do gach Ballstát san Iarscríbhinn, ar bhonn critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, ar choinníoll nach mbeidh na híocaíochtaí is toradh ar na bearta ina gcúis le saobhadh iomaíochta.

Íocfaidh na Ballstáit an tacaíocht bhreise faoin 30 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 3

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

gan mhoill agus tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2022:

(1)

tuairisc ar na bearta atá le déanamh;

(2)

na critéir a úsáidtear chun na modhanna maidir le deonú na cabhrach a chinneadh agus an réasúnaíocht is bonn leis an gcabhair a dháileadh ar na hearnálacha éagsúla trí chéile;

(3)

tionchar beartaithe na mbeart d’fhonn an tslándáil bia a bhaint amach agus an margadh a chobhsú;

(4)

na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh lena sheiceáil go mbainfear amach an tionchar atá beartaithe;

(5)

na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint;

(6)

leibhéal na tacaíochta breise arna deonú de bhun Airteagal 2;

(b)

tráth nach déanaí ná an 15 Bealtaine 2023, na méideanna iomlána a íocadh in aghaidh an bhirt, i gcás inarb infheidhme, arna miondealú de réir chabhair an Aontais agus de réir na cabhrach náisiúnta breise, mar aon le líon agus cineál na dtairbhithe agus an measúnú ar éifeachtacht an bhirt.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ar choinníoll gur i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aistreofar EUR 350 000 000 ón gcúlchiste chuig na línte buiséid lena maoineofar an beart eisceachtúil. Beidh feidhm aige ón lá a fhoilseofar teachtaireacht ón gCoimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar teachtaireacht í lena sonrófar go ndearnadh an t-aistriú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671

(2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Na méideanna atá ar fáil do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1(2)

Ballstát

EUR

An Bheilg

6 268 410

An Bhulgáir

10 611 143

An tSeicia

11 249 937

An Danmhairg

10 389 359

An Ghearmáin

60 059 869

An Eastóin

2 571 111

Éire

15 754 693

An Ghréig

26 298 105

An Spáinn

64 490 253

An Fhrainc

89 330 157

An Chróit

5 354 710

An Iodáil

48 116 688

An Chipir

632 153

An Laitvia

4 235 161

An Liotuáin

7 682 787

Lucsamburg

443 570

An Ungáir

16 939 316

Málta

69 059

An Ísiltír

8 097 139

An Ostair

8 998 887

An Pholainn

44 844 365

An Phortaingéil

9 105 131

An Rómáin

25 490 649

An tSlóivéin

1 746 390

An tSlóvaic

5 239 169

An Fhionlainn

6 872 674

An tSualainn

9 109 115


24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/468 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2022

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí sileacain cailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 18 Feabhra 2021, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí sileacain cailciam (“CaSi”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tír lena mbaineann” nó “an tSín”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a rinne Euroalliages (“an gearánach”) an 4 Eanáir 2021. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal sileacain cailciam an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. An fhianaise a bhí sa ghearán maidir leis an dumpáil agus leis an díobháil ábhartha ba thoradh uirthi, ba leor an fhianaise í chun an t-imscrúdú a thionscnamh.

1.2.   Bearta sealadacha

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 17 Meán Fómhair 2021, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachta sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus maidir leis na corrlaigh atá leordhóthanach chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cruinneas na ríomhanna.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1811 (3) (“an Rialachán sealadach”), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí sileacain chailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

1.3.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(5)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a forchuireadh an dleacht frithdhumpála shealadach (“an nochtadh sealadach”), rinne an gearánach, Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, Ningxia Ketong New Material Technology Co., Ltd (“Ketong”), Ningxia Shun Tai Smelting Co., Ltd agus a thrádáil gaolmhar Overseas Metallurgy Co., Ltd (“Shun Tai”), agus Shaanxi Shenghua Metallurgy-Chemical Co., Ltd (“Shenghua”), agus úsáideoir amháin (monaróir sreinge croíleacánaí Filo d.o.o.), aighneachtaí i scríbhinn inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha.

(6)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí le Filo d.o.o. agus le ceann amháin de na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, Ketong.

(7)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí cinntitheacha. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin í an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin í an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(8)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ina leith a bhí sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí táirgí sileacain cailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh.

(9)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Reáchtáladh éisteacht le Ketong.

1.4.   Barúlacha maidir leis an tionscnamh

(10)

In éagmais barúlacha maidir le tionscnamh an imscrúdaithe tar éis fhorchur na mbeart sealadach, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris (12) den Rialachán sealadach.

1.5.   Sampláil

(11)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil a dhéanamh ar tháirgeoirí de chuid an Aontais agus ar allmhaireoirí agus táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (15), (17) agus (19) den Rialachán sealadach.

1.6.   An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

(12)

In éagmais barúlacha a bhaineann leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse faoi bhreathnú, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris (25) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE I dTRÁCHT AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

(13)

In éagmais aon bharúil maidir le raon feidhme na dtáirgí, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí in aithrisí (26) go (29) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

(14)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug an gearánach, Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha barúlacha maidir leis na torthaí sealadacha dumpála.

3.1.   Gnáthluach

3.1.1.   Saobhadh suntasach

(15)

Ar an nochtadh sealadach, chuir Rialtas na Síne mar aon le Ketong agus Shenghua barúlacha isteach inar chuir siad i gcoinne, inter alia, dhlíthiúlacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán mar aon leis an saobhadh suntasach a thug an Coimisiún tuairisc air. Tugtar aghaidh ar an barúlacha thíos go mionsonraithe.

(16)

Ar an gcéad dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne, i ndáil leis an tuarascáil, nach ann d’aon fhianaise gur fhormheas nó gur thacaigh an Coimisiún leis an Tuarascáil agus dá bhrí sin tá amhras ann an féidir leis an Tuarascáil seasamh oifigiúil an Choimisiúin a léiriú. Ó thaobh na bhfíoras de, dar le Rialtas na Síne, tá mífhaisnéis sa Tuarascáil agus tá sí leataobhach agus gearrtha amach ón bhfírinne. Ina theannta sin, ós rud é nach bhfuil tuarascálacha tíre eisithe ag an gCoimisiún ach le haghaidh cúpla tír roghnaithe, is cúis imní é sin maidir le cóireáil na náisiún barrfhabhair. Ina theannta sin, dar le Rialtas na Síne, ní féidir leis an gCoimisiún a bheith ag brath ar an bhfianaise sa Tuarascáil, óir nach bhfuil sé ag teacht le spiorad an dlí atá ceart agus cóir, toisc gurb ionann é go bunúsach agus breithiúnas a thabhairt ar an gcás roimh an triail.

(17)

Ar an dara dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne go bhfuil ríomh an ghnáthluacha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir leis an gComhaontú Frithdhumpála (“ADA”) de chuid EDT, go háirithe le hAirteagal 2.2. ADA lena soláthraítear liosta uileghabhálach de chásanna inar féidir an gnáthluach a ríomh, ach gan ‘saobhadh suntasach’ a bheith liostaithe i measc na gcásanna sin. Thairis sin, dar le Rialtas na Síne, tá úsáid sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí ar neamhréir le hAirteagal 6.1(b) den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“GATT”) agus le hAirteagal 2.2.1.1. ADA lena gceanglaítear úsáid an chostais táirgthe sa tír thionscnaimh agus an gnáthluach á ríomh.

(18)

Ar an tríú dul síos, mhaígh Rialtas na Síne go bhfuil cleachtais imscrúdúcháin an Choimisiúin faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le rialacha EDT sa mhéid go ndearna an Coimisiún, de shárú ar Airteagal 2.2.1.1. den Chomhaontú Frithdhumpála, neamhaird ar thaifid an táirgeora Shínigh gan a chinneadh an bhfuil na taifid sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh ginearálta leo sa tSín. I dtaca leis sin, mheabhraigh Rialtas na Síne gur dhearbhaigh an Comhlacht Achomhairc in DS473 agus an painéal in DS494, gur de réir Airteagal 2.2.1.1 ADA, fad agus atá na taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú comhfhreagrach – laistigh de theorainneacha inghlactha – ar bhealach cruinn agus iontaofa, leis na costais iarbhír uile a thabhaigh an táirgeoir nó an t-onnmhaireoir áirithe le haghaidh an táirge lena mbaineann, gur féidir a mheas go dtugann siad “léiriú réasúnta ar na costais atá bainteach le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann” agus gur cheart don údarás imscrúdúcháin na taifid sin a úsáid chun costas táirgthe na dtáirgeoirí faoi imscrúdú a chinneadh.

(19)

Ar an gceathrú dul síos, d’áitigh Rialtas na Síne gur cheart don Choimisiún a bheith comhsheasmhach agus scrúdú iomlán a dhéanamh ar cibé acu a bhfuil saobhadh suntasach, a ngairtear de, sa tír ionadaíoch nó nach bhfuil. Dar le Rialtas na Síne, is ionann glacadh le sonraí na tíre ionadaíche go héasca gan meastóireacht den sórt sin agus ‘caighdeáin dhúbailte’. Luaigh Rialtas na Síne go sonrach an sásra phraghsála i margadh leictreachais na Brasaíle, rud a luaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha na Síne cheana le linn an imscrúdaithe. Is amhlaidh atá, dar le Rialtas na Síne, maidir le measúnú a dhéanamh ar phraghas agus ar chostais thionscal an Aontais Eorpaigh. Thagair Rialtas na Síne i dtaca leis sin do chleachtais fhorleithne laistigh den Aontas a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar imní maidir le saobhadh margaidh.

(20)

I ndáil leis an argóint maidir le stádas na Tuarascála faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, mheabhraigh an Coimisiún nach ndéanann Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán formáid shonrach a fhorordú le haghaidh na dtuarascálacha maidir le saobhadh suntasach, ná nach sainmhíníonn an fhoráil sin modh foilseacháin. Doiciméad teicniúil atá sa tuarascáil atá bunaithe ar fhíorais a úsáidtear i gcomhthéacs imscrúduithe cosanta trádála amháin. Dá bhrí sin, rinneadh an tuarascáil a eisiúint go hiomchuí mar dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin mar is doiciméad tuairisciúil amháin é agus ní léirítear ann aon tuairim pholaitiúil, fabhar ná breithiúnas. Ní dhéanann sé seo difear dá ábhar, eadhon foinsí oibiachtúla faisnéise maidir le saobhadh suntasach a bheith i ngeilleagar na Síne atá ábhartha chun críoch chur i bhfeidhm Airteagal 2 (6a)(c) den bhun-Rialachán. Maidir leis an argóint gur leataobhach iad na barúlacha ar an Tuarascáil agus gur mífhaisnéis atá iontu, luaigh an Coimisiún gur doiciméad cuimsitheach é an Tuarascáil atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Tá an Tuarascáil ar fáil go poiblí ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. Thairis sin, luaigh an Coimisiún i dtaca leis sin gur cé gur chuir Rialtas na Síne lochtanna na Tuarascála in iúl i dtéarmaí ginearálta agus teibí amháin, níor chuir sé aon fhrisnéis ar fáil riamh ar shubstaint na fianaise atá sa Tuarascáil.

(21)

Mar fhreagra ar mhaíomh Rialtas na Síne maidir le sárú chóir na Náisiún Barrfhabhair, mheabhraigh an Coimisiún, mar a fhoráiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, nach gcuirfear tuarascáil tíre le chéile maidir le haon tír ach amháin i gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin. Ar theacht i bhfeidhm fhorálacha nua Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i mí na Nollag 2017, bhí léirithe den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach i ndáil leis an tSín. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin maidir le saobhadh sa Rúis i mí Dheireadh Fómhair 2020 (4), agus, i gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh tuarascálacha eile a theacht ina diaidh. Thairis sin, mheabhraigh an Coimisiún nach bhfuil sé sainordaitheach go ndéantar na tuarascálacha chun Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm. Tugtar tuairisc in Airteagal 2(6a)(c) ar na coinníollacha maidir leis an gCoimisiún a bheith ag eisiúint tuarascálacha de réir tíre, agus de réir Airteagal 2(6a)(d) níl aon dualgas ar ghearánaigh an tuarascáil a úsáid ná ní coinníoll é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a) de réir Airteagal 2(6a)(e). De réir Airteagal 2(6a)(e), má thugann na gearánaigh fianaise leordhóthanach a chruthaíonn go bhfuil saobhadh suntasach in aon tír, fianaise a chomhlíonann critéir Airteagal 2(6a)(b), is leor é sin chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le saobhadh suntasach a bhaineann le tír ar leith, tá feidhm acu maidir le gach tír gan aon idirdhealú, agus beag beann ar an tuarascáil a bheith déanta ar thír. Dá thoradh sin, ní sháraíonn na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre cóir na náisiún barrfhabhair de réir an tsainmhínithe sin.

(22)

I dtaca leis an dara agus an tríú hargóint a rinne Rialtas na Síne maidir le neamhoiriúnacht líomhnaithe Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT, go háirithe forálacha Airteagal 2.2. agus 2.2.1.1. ADA, mar aon leis na torthaí in DS473 agus DS494, d’athdhearbhaigh an Coimisiún an tuairim a chur sé in iúl in aithrisí (72) agus (73) den Rialachán sealadach go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go hiomlán i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoi dhlí EDT. Thairis sin, maidir leis an maíomh nach liostaítear coincheap an tsaofa shuntasaigh a chuimsítear in Airteagal 2(6a) den bun-Rialachán i measc na gcásanna inar ceadmhach an gnáthluach a ríomh de bhun Airteagal 2.2. ADA, mheabhraigh an Coimisiún nach gá don dlí náisiúnta na téarmaí ceannann céanna leis na téarmaí atá sna Comhaontuithe cumhdaithe a úsáid chun bheith i gcomhréir leis na Comhaontuithe sin, agus go measann sé go gcomhlíonann Airteagal 2(6a) rialacha ábhartha ADA go hiomlán (agus go háirithe na féidearthachtaí a fhoráiltear in Airteagal 2.2 ADA maidir leis an gnáthluach a ríomh). Sa bhreis air sin, i ndáil le DS494, mheabhraigh an Coimisiún go ndearna an tAontas agus Cónaidhm na Rúise araon achomharc i gcoinne thorthaí an Phainéil, ní críochnaitheach na torthaí sin agus dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí EDT, níl stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT, ó tharla nach bhfuil siad glactha ag Comhlacht um Réiteach Díospóide. In aon chás, measadh go sonrach i dTuarascáil an Phainéil san agóid sin go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide.

(23)

I ndáil leis an gceathrú hargóint inar iarradh ar an gCoimisiún a shuí nach bhfuil na sonraí ó thríú tíortha a úsáidtear in imeachtaí an Choimisiúin faoi thionchar an tsaofa margaidh, mheabhraigh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, nach dtéann sé ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh ar bhonn sonraí roghnaithe seachas praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhaireoir ach amháin i gcás ina suíonn sé gurb iad na sonraí sin is iomchuí chun praghsanna agus costais neamhshaofa a léiriú. Sa phróiseas sin, tá an Coimisiún faoi cheangal sonraí neamhshaofa amháin a úsáid. I ndáil leis an méid sin, iarrtar ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na foinsí atá beartaithe chun an gnáthluach a chinneadh i gcéimeanna tosaigh an imscrúdaithe. Cuirtear na barúlacha sin san áireamh ina n-iomláine sa chinneadh deiridh ón gCoimisiún maidir leis na sonraí neamhshaofa ba cheart a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. Maidir leis an staid ar mhargadh leictreachais na Brasaíle, tugadh aghaidh ar an tsaincheist sin go mionsonraithe in aithrisí (132), (133) agus (152) den Rialachán sealadach agus tugtar aghaidh uirthi in aithris (45) thíos freisin. Maidir le hiarraidh Rialtas na Síne go ndéanfadh an Coimisiún meastóireacht ar shaobhadh féideartha i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh, níor léir don Choimisiún go mbaineann an pointe sin le hábhar i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar shaobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(24)

Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’argóintí Rialtas na Síne.

(25)

D’áitigh Ketong go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le comhaontuithe EDT - lena n-áirítear Prótacal Aontachais na Síne le EDT agus ADA - agus ina theannta sin le rialacha DSB, go háirithe DS473. Chuir Ketong in iúl nach ndearna an Coimisiún mionléiriú sa Rialachán sealadach ar chomhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le EDT seachas ráitis an-ghinearálta a dhéanamh gan bunús dlí ábhartha de chuid EDT a shonrú. Thairis sin, agus é ag tagairt do DS473, d’áitigh Ketong nach raibh an Coimisiún i dteideal a chostais ná a phraghsanna a chur as an áireamh ar bhonn saobhadh suntasach líomhnaithe, ó tharla nach bunús leordhóthanach in aon chás é an saobhadh suntasach, más ann dó, chun teacht ar an gconclúid nach léiriú réasúnta iad taifid an tairgeora ar chostais an amhábhair a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann.

(26)

Sa bhreis air sin, ní raibh Ketong sásta gur luaigh an Coimisiún roinnt tosca trasghearrtha atá ann sa tSín chun a léiriú gurb ann do shaobhadh suntasach. Go háirithe, d’áitigh Ketong gur cé gur aithníodh é mar ‘Ionad Teicneolaíochta Fiontar an Réigiúin Féinrialaithe 2020’, ní raibh sa mhéid sin ach aitheantas dá thiomantas agus dá infheistíocht i ngníomhaíochtaí taighde agus forbartha agus níorbh ionann é sin agus idirghabháil ón stát in oibríochtaí Ketong. Ar an gcaoi chéanna, d’áitigh Ketong go raibh sé go hiomlán faoi réir rialacha rialachais chorparáidigh chomhaimseartha atá margadhthreoraithe agus é ina cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh sé freagrach do scairshealbhóirí príobháideacha na cuideachtaí amháin ó thaobh a ghníomhaíochtaí oibriúcháin de faoi Dhlí Cuideachta na Síne. Thairis sin, d’áitigh Ketong nárbh ionann idirghabháil ón stát, dá mba ann di, agus saobhadh suntasach, agus go bhfuil an oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún éifeacht saofa na n-idirghabhálacha líomhnaithe ón stát ar a phraghsanna agus a chostais a shuí.

(27)

I ndáil leis an argóint maidir le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le comhaontuithe EDT agus le dlí-eolaíocht an chomhlachta um réiteach díospóide (DSB), i dteannta aithrisí (72) agus (73) den Rialachán sealadach, déantar tagairt d’aithris (22) thuas ina dtugtar aghaidh ar an argóint sin.

(28)

I ndáil leis an líomhain nach ann do shaobhadh suntasach d’ainneoin idirghabhálacha ón stát a bheith ann, ní féidir glacadh le hargóintí Ketong. Ar an gcéad dul síos, níor thug Ketong aon fhaisnéise a chaithfeadh amhras ar bharúlacha an Choimisiúin (féach aithrisí (57) agus (58) den Rialachán sealadach) maidir le sileacan cailciam a bheith á mheas mar thionscal spreagtha agus é a bheith faoi réir saobhadh suntasach dá bhrí sin. Baineann an rud céanna leis an saobhadh i ndáil leis na hionchuir atá riachtanach le haghaidh mhonarú an táirge faoi imscrúdú (féach go háirithe aithrisí (62) agus (63) den Rialachán sealadach). Ar an dara dul síos, cé gur mheas Ketong gur aitheantas ar a ghníomhaíochtaí T&D amháin a bhí sa teideal ‘Ionad Teicneolaíochta Fiontair an Réigiúin Féinrialaithe 2020’ níor chuir sé faoi dhíospóid gurbh ann do thacaíocht airgeadais ó údaráis na Síne agus do chineálacha eile tacaíochta arna gcur ar fáil don earnáil, rud dá dtagraítear in aithrisí (57) agus (58) den Rialachán sealadach. Ar an tríú dul síos, maidir le maíomh Ketong gur cuideachta faoi úinéireacht phríobháideach faoi rialachas corparáideach comhaimseartha atá ann, thug an Coimisiún tuairisc in aithrisí (40) go (63) den Rialachán sealadach ar na idirghabhálacha suntasacha ón stát sa tSín a fhágann go ndéantar saobhadh ar leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh. Bíonn tionchar ag an saobhadh sin ar na hoibreoirí tráchtála gan beann ar an struchtúr úinéireachta nó an socrú bainisteoireachta atá acu.

(29)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh Ketong ar dtús, nár chuir an Coimisiún aon mhíniú breise ar fáil fós maidir leis an mbunús dlí beacht nó chun bunús a thabhairt lena réasúnú dlíthiúil i ndáil le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le comhaontuithe EDT agus le rialú EDT in DS473. Dar le Ketong, an t-athdhearbhú amháin a rinne an Coimisiún go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán go hiomlán i gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais faoi dhlí EDT, níor rud é a thug aon soiléireacht bhreise maidir leis an tsaincheist. Ar an dara dul síos, d’athdhearbhaigh Ketong maidir le sonraí ó thríú tír a úsáid le haghaidh ríomh an ghnáthluacha, ar an bhforas gurb ann do shaobhadh suntasach líomhnaithe, gur rud é sin atá ar neamhréir le hAirteagal 2.2. agus 2.2.1.1. ADA agus Buanchomhlacht Achomhairc EDT. Ar an tríú dul síos, d’áitigh Ketong gur de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, is ar an gCoimisiún atá an oibleagáid dhlíthiúil a mheas an ann do shaobhadh suntasach le haghaidh gach onnmhaireora agus gach táirgeora ar leithligh agus éifeacht shaofa na n-idirghabhálacha líomhnaithe ón stát ar phraghsanna agus ar chostais a shuí le haghaidh gach táirgeora ar leith. I dtuairim na cuideachta, ní faoi Ketong atá sé fianaise a chur ar fáil lena léiriú nach bhfuil feidhm ag an saobhadh ar fud na tíre maidir leis, agus i ndáil leis sin, níor chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid dhlíthiúil chun éifeacht saofa na n-idirghabhálacha líomhnaithe ón stát ar a phraghsanna agus a chostais a shuí.

(30)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Maidir leis an iarraidh go dtabharfaí míniú ní ba mhionsonraithe maidir le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT, shonraigh an Coimisiún a sheasamh dlíthiúil go soiléir, eadhon an gnáthluach a ríomh i gcás inar suíodh gurb ann do shaobhadh suntasach de bhun 2(6a) den bhun-Rialachán, is rud é sin atá i gcomhréir le dlí EDT, lena n-áirítear forálacha ábhartha Airteagal 2.2 agus Airteagal 2.2.1.1. ADA mar aon le tuarascálacha ar réiteach díospóide EDT, go háirithe D473. Dá bhrí sin, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thuairim mar a cuireadh in iúl in aithrisí (72) agus (73) den bhun-Rialachán agus mar a athshonraíodh in aithrisí (22) agus (27) thuas. Thairis sin, agus i ndáil le haighneacht Ketong freisin maidir le húsáid sonraí ó thríú tír, thug an Coimisiún le fios gur i ngeall ar an gcineál margaidh atá ann don táirge comhchosúil, amhail an ceann atá sa tSín, go bhféadfadh sé nach féidir díolacháin intíre an táirge chomhchosúil ag an onnmhaireoir a úsáid chun comparáid cheart a dhéanamh le díolacháin an táirge faoi bhreathnú ag an onnmhaireoir. Is amhlaidh an cás anseo toisc go bhféadfadh an saobhadh suntasach ar mhargadh na Síne éagothroime a chruthú i gcomparáid leis an staid ar an margadh onnmhairiúcháin. Luaigh an Coimisiún thairis sin gur seachas tagairt a dhéanamh don aighneacht a rinne sé roimhe seo, níor chuir Ketong aon argóint bhreise in iúl maidir le húsáid sonraí ó thríú tír. Maidir le hargóint Ketong faoin dualgas cruthúnais a bheith ar an gCoimisiún, níl bunús leis an maíomh sin. Mheabhraigh an Coimisiún gur ón uair a chinntear nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a). Rinneadh an cinneadh sin ar bhonn an mheasúnaithe a rinne in aithrisí (40) go (63) den Rialachán sealadach agus cuireadh i bhfeidhm ar bhonn aonair é maidir le Ketong. Mheabhraigh an Coimisiún thairis sin nach gceadaítear faoi Airteagal 2(6a)(a) úsáid a bhaint as costais intíre ach amháin má shuitear go cinntitheach nach costais saofa atá iontu. Níor léirigh aon cheann de na hargóintí a chuir Ketong i láthair áfach gurbh amhlaidh a bheadh an cás (féach aithris (26)).

(31)

I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh d’argóintí Ketong.

(32)

Thagair Shenghua dá bharúlacha roimhe seo, agus d’athdhearbhaigh sé a sheasamh nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir le ADA, agus a chonclúid á lua aige gur ó tharla nár thug an Coimisiún údar le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le comhaontú EDT, is éard is toradh air sin nach gcomhlíonann an réamhnochtadh caighdeán dlíthiúil an ráitis leormhaith ar na cúiseanna lena dtugtar údar le cinneadh an Choimisiúin Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(33)

Ar an dara dul síos, chuir Shenghua in iúl gur fiú nach féadfar úsáid sonraí ó thríú tír a thoirmeasc i bhfianaise rialú D473, nach mór don Choimisiún na sonraí ar chostais ó thríú tír ionadaíoch a úsáid chun an costas táirgthe sa tSín a shuí. D’áitigh Shenghua nach ndearna an Coimisiún amhlaidh agus mhaígh an chuideachta i ndáil leis sin nach féidir le gnáthluach ríofa bunaithe ar na tosca táirgeachta i dtríú tír ionadaíoch an leibhéal praghais agus costais sa tír is onnmhairiú a léiriú ar bhealach ar bith, rud arbh é ba thoradh air gnáthluach atá an-éagsúil leis an gnáthluach i dtaifid an táirgeora onnmhairiúcháin.

(34)

Ar an tríú dul síos, d’áitigh Shenghua gur le reachtaíocht an Aontais tugadh isteach coincheap nach ann dó in ADA a mhéid a fhoráiltear inti maidir leis an ngnáthluach a ríomh má shuitear gurb ann do shaobhadh suntasach, d’ainneoin nach dtugtar sainordú le hAirteagal 2.2 ADA an gnáthluach a ríomh ach amháin i gcás nach ann d’aon díolachán le linn an ghnáthchúrsa trádála.

(35)

Thairis sin, mhaígh Shenghua nach ann d’aon saobhadh suntasach in earnáil an tsileacain cailciam sa tSín i bhfianaise an mhéid seo a leanas: (i) cé gur cuideachta faoi úinéireacht stáit é Shenghua, ní gá go gciallaíonn úinéireacht an rialtais uirthi go ndéanann an rialtas idirghabháil in iompar tráchtála na cuideachta ar an margadh; a mhalairt air sin, cheannaigh Shenghua tosca táirgeachta ar bhonn caibidlíochta agus conarthaí le soláthraithe agus tá Shenghua treoraithe ag an margadh, (ii) na hidirghabhálacha líomhnaithe ón rialtas i margadh an tsileacain cailciam, suíodh gurbh ann dóibh ar bhonn na Tuarascála, Tuarascáil atá claonta, as dáta agus faoi thionchar réasúnaíochta ciorclaí dar le Shenghua, toisc gur ullmhaigh an Coimisiún í chun bonn a thabhairt leis an gconclúid maidir le saobhadh suntasach, (iii) bhí an Coimisiún ag brath ar thagairtí do dhlíthe nach raibh ábhartha maidir leis an imscrúdú reatha - amhail dlíthe maoine nó féimheachta - nó ar threoirlínte amháin nach raibh éifeachtaí ceangailteacha ag gabháil leo - amhail an 13ú Plean 5 Bliana – agus luaigh sé fachtóirí nach raibh aon bhaint acu le bainisteoireacht ná le hoibríocht Shenghua - amhail an chaoi a raibh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ina Rúnaí Páirtí san am céanna.

(36)

Maidir leis an easpa a líomhnaítear i ndáil le húdar a thabhairt agus caighdeán dlíthiúil an ráitis leormhaith ar chúiseanna, is cosúil go gcónaidhmíonn Shenghua an oibleagáid na cúiseanna le cur i bhfeidhm substainteach Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a shonrú, agus oibleagáid airbheartaithe míniú a thabhairt ar bhunús dlí EDT a thacaíonn le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mhínigh an Coimisiún go mionsonraithe in aithrisí (40) go (63) den Rialachán sealadach na cúiseanna le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus ar an gcaoi sin comhlíonann sé go hiomlán a oibleagáid dhlíthiúil maidir le ráiteas leordhóthanach ar chúiseanna thabhairt.

(37)

Maidir le hargóintí Shenghua ar chomhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le ADA agus torthaí DSB, tá forluí den chuid is mó idir iad agus na hargóintí a rinne Rialtas na Síne agus Ketong agus tugadh aghaidh orthu in aithris (22) cheana féin.

(38)

I dtaca le maíomh Shenghua maidir leis an easpa saobhadh suntasach a líomhnaítear, mheabhraigh an Coimisiún gur (i) de réir Airteagal 2(6a)b den bhun-Rialachán is féidir le úinéireacht stáit a bheith ina táscaire tábhachtach go bhfuil saobhadh suntasach ann; fiú na táirgeoirí sileacain cailciam atá faoi úinéireacht phríobháideach, oibríonn siad i dtimpeallacht a bhfuil forlámhas ag láithreacht an stáit inti agus ina dtreoraíonn an stáit tionscal an tsileacain cailciam, mar aon le tionscail ghaolmhara, amhail táirgeoir na n-amhábhar; (ii) tá an Tuarascáil bunaithe ar fhianaise fhairsing oibiachtúil mar a mhionsonraítear in aithris (20) thuas; (iii) an saobhadh suntasach is toradh ar fheidhmíocht neamhleor na ndlíthe maoine agus féimheachta, ar an gcóras pleanála, lena n-áirítear a ghné cheangailteach, mar aon le láithreacht an Stáit i ngnólachtaí, go háirithe trí thionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar iompar tráchtáil na n-oibreoirí eacnamaíocha, tionchar atá ag méadú i gcónaí, tá an méid sin ábhartha freisin i gcás Shenghua, toisc go bhfuil na dlíthe agus na rialacha sin infheidhme go ginearálta sa tSín agus go mbíonn tionchar acu ar na cuideachtaí uile, Shenghua san áireamh. Níor chuir Shenghua aon fianaise isteach chun a léiriú nach mbeadh an chuideachta faoi thionchar an tsaofa atá ann ar fud na tíre, agus níor léirigh sé an fáth nach argóint bhailí atá in argóint an Choimisiúin gur léiriú é ar thionchar Pháirtí Cumannach na Síne (CCP) ar an gcuideachtaí an chaoi a bhfuil Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na cuideachta ina Rúnaí Páirtí san am céanna.

(39)

Tar éis an nochta dheiridh, chuir Shenghua i gcoinne chomhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus mhaígh sé nach ndearna an Coimisiún ach ráiteas ginearálta chun údar a thabhairt lena chur i bhfeidhm agus ar an gcaoi sin nár chuir sé san áireamh gur fiú mura gá do na téarma ceannann céanna a bheith sa bhun-Rialachán agus atá i gcomhaontú EDT a chumhdaítear, níor cheart do dhlí intíre an Aontais teacht trasna ar chomhaontuithe EDT. Maidir leis sin, mheas Shenghua nár leor an t-údar a thug an Coimisiún le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ar an dara dul síos, mhaígh Shenghua nach gcuireann úinéireacht stáit leis an saobhadh suntasach. Go sonrach, chuir Shenghua in iúl go bhfuil a oibríocht treoraithe ag an margadh agus go bhfreagraíonn a chinntí d’éileamh an mhargaidh. Mar sin féin, níor shoiléirigh an Coimisiún an nasc idir na dlíthe maoine agus féimheachta agus an saobhadh suntasach, agus níor mhínigh sé an fáth a gcruthófaí saobhadh suntasach toisc an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin a bheith ina Rúnaí Pháirtí. Thagair Shenghua do pháirtithe polaitiúla a bheith ann i dtíortha eile, lena n-áirítear san Aontas. Thairis sin, mheabhraigh Shenghua go bhfuil dhá scairshealbhóir aige agus níl ach ceann amháin acu faoi úinéireacht stáit – duine nádúrtha atá sa cheann eile – agus gur de réir a airteagal comhlachais, ní fhéadfadh oibríochtaí na cuideachtaí a bheith faoi rialú an scairshealbhóra faoi úinéireacht stáit amháin. Sa bhreis air sin, thagair Shenghua d’Airteagal 6 do dhlí na Síne maidir le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit (SOE) (5), ina sonraítear go bhfuil feidhmeanna riaracháin phoiblí le coimeád ar leithligh ó fheidhmeanna an infheisteora sócmhainní faoi úinéireacht stáit. I dtuairim Shenghua, tá oibríocht Shenghua neamhspleách ar an rialtas dá bhrí sin agus ní chuireann an úinéireacht stáit leis an saobhadh suntasach.

(40)

Tá argóint Shenghua maidir le hoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT den chineál céanna leis an ceann a chuir Ketong in iúl agus tugadh aghaidh uirthi in aithris (30). I ndáil le hargóintí Shenghua ar an nasc idir úinéireacht stáit mar aon le dlíthe maoine agus féimheachta agus saobhadh suntasach, mheabhraigh an Coimisiún gur de réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, an chéad agus an ceathrú fleasc de, i measc na n-eilimintí atá ábhartha ó thaobh measúnú a dhéanamh lena fháil amach an ann do shaobhadh suntasach, tá láithreacht ar an margadh na gcuideachtaí atá faoi úinéireacht, rialú nó maoirseacht beartais an Stáit, mar aon le cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine. Luaigh an Coimisiún i ndáil leis sin gur seachas an pointe ginearálta sin a chur in iúl, níor chaith Shenghua amhras ar anailís mhionsonraithe an Choimisiúin in aithrisí (43), (44) agus (46) den Rialachán sealadach agus in aithris (38). Tá argóintí níos sonraí ag Shenghua maidir le neamhspleáchas na cuideachta ar an rialtas, mar sin féin, ní féidir leo athrú a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin in aithrisí (47) agus (48) den Rialachán sealadach. Ar an gcéad dul síos, cé nach mbaineann tagairt Shenghua do pháirtithe polaitiúla i dtíortha eile le hábhar ar aon nós sa chomhthéacs seo, luaigh an Coimisiún go bhfuil rialú níos láidre ag CCP ar ghnólachtaí i gcoitinne (féach aithris (41) den Rialachán sealadach) agus ar earnáil an tsileacain cailciam go háirithe (féach aithrisí (47) agus (48) den bhun-Rialachán). Ar an dara dul síos, ó tharla go bhfuil Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Shenghua ina Rúnaí Páirtí san am céanna, luaigh an Coimisiún gur ní hamháin nár chuir Shenghua i gcoinne anailís an Choimisiúin ar na gníomhaíochtaí neartaithe páirtí agus ar ról CCP sa chuideachtaí in aithris (48) den Rialachán sealadach. A mhalairt ar fad, dhearbhaigh an chuideachta go hoscailte ar a shuíomh gréasáin féin go raibh sé ag brath ar “tacaíocht láidir an rialtais agus gach earnála den tsochaí” agus a rún chun a bheith “treoraithe ag spioraid an Séú Seisiún Iomlánach den 18ú Coiste Lárnach de CPC agus ag an tsraith d’aithisc thábhachtacha a thug an Ardrúnaí Xi” (6). I ndáil leis sin, mheabhraigh an Coimisiún aithris (41) den Rialachán sealadach agus an measúnú comhfhreagrach ar thionchar CCP ar gheilleagar na Síne, go háirithe Caibidil 2 den Tuarascáil. Dá bhrí sin, an tagairt a dhéanann Shenghua dá airteagail chomhlachais, is tagairt mhíthreorach í sin. An scairshealbhóir mionlaigh atá ina stiúrthóir feidhmiúcháin ar an gcuideachta freisin, tá oibleagáid air go sainráite prionsabail agus beartais an pháirtí a chur chun feidhme toisc go bhfuil sé in a chomhalta de CCP (7). Dá réir sin, ní rud iad na hairteagail chomhlachais a léiríonn neamhspleáchas Shenghua ón stát, a mhalairt ar fad, is rud iad a léiríonn na naisc soiléire atá idir beartais an pháirtí/an Stáit agus iompar gnó na cuideachta. Ar an tríú dul síos, an léamh atá ag Shenghua ar dhlí na Síne maidir le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, is léamh roghnaitheach é. Cé gur lean an chuideachta béim ar an deighilt fhoirmiúil idir róil riaracháin agus róil scairshealbhóra an Stáit de réir Airteagal 6 den dhlí maidir le cuideachtaí faoi úinéireacht stáit, roghnaigh sé gan tagairt a dhéanamh d’Airteagal 1. In Airteagal 1 sainmhínítear gurb é críoch fhoriomlán an dlí, inter alia, tacú le príomhról na hearnála eacnamaíche faoi úinéireacht stáit sa gheilleagar náisiúnta, agus forbairt an gheilleagair mhargaidh shóisialta a chur chun cinn. Anuas air sin, ní dhearna Shenghua tagairt d’Airteagal 7 ina sainordaítear don Stát níos mó infheistíochta den chaipiteal stáit in earnálacha agus réimsí atá tábhachtach le haghaidh an gheilleagair náisiúnta a spreagadh; mar aon le Airteagal 36 ina sonraítear go gcomhlíonfaidh cuideachtaí faoi úinéireacht stáit beartais thionsclaíocha náisiúnta agus infheistíocht á déanamh acu.

(41)

Ar na cúiseanna thuas, diúltaíodh d’argóintí Shenghua.

(42)

Bhí na tuairimí a chuir an gearánach isteach ag teacht le freagra thuasluaite an Choimisiúin ar argóintí Shenghua. Go háirithe, mheas an gearánach go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag teacht go hiomlán le hoibleagáid an Aontais faoi EDT agus gur sampla iontach é Shenghua de shaobhadh suntasach atá ann in earnáil an tsileacain cailciam sa tSín, go háirithe i bhfianaise smacht an rialtais ar struchtúr corparáideach na coda den gheilleagar atá faoi úinéireacht an stáit, mar aon le tionchar CCP ar chomhlachtaí bainistíochta cuideachtaí aonair. Ina theannta sin, ag tagairt dó don Tuarascáil agus don imscrúdú fearósileacain a rinneadh le déanaí (8), d’áitigh an gearánach go bhfuil earnáil an tsileacain cailciam sa tSín saofa go mór ag idirghabháil an Stáit. Ar an mbonn sin, chinn an gearánach go raibh údar iomlán le húsáid Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán chun an gnáthluach a ríomh.

3.1.2.   An tír ionadaíoch

(43)

Sa Rialachán sealadach, roghnaigh an Coimisiún an Bhrasaíl mar an tír ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an modheolaíocht ar baineadh úsáid aisti don roghnú sa Chéad nóta agus sa Dara nóta a cuireadh ar fáil do na páirtithe sa chomhad oscailte an 7 Bealtaine 2021 agus an 14 Meitheamh 2021 (“An Chéad Nóta” agus “an Dara Nóta”), agus in aithrisí (86) go (139) den Rialachán sealadach.

(44)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’athdhearbhaigh Ketong agus Shenghua na maímh a rinneadh lena gcuid barúlacha ar an gCéad agus an Dara Nóta nach tír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl. D’athdhearbhaigh Ketong go bhfuil saobhadh suntasach ar mhargadh an leictreachais sa Bhrasaíl agus d’áitigh sé nach tír ionadaíoch iomchuí í an Bhrasaíl dá bhrí sin, agus ó tharla sin amhlaidh, chun bheith comhsheasmhach, nach mór don Choimisiún na critéir chéanna a chur i bhfeidhm maidir leis an tír ionadaíoch agus a liostaítear in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, na critéir a chuir sé i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh aige an bhfuil margadh saofa sa tír atá faoi imscrúdú. Rinne Rialtas na Síne an maíomh céanna. Mhaígh Ketong ar deireadh nach raibh aon sonraí poiblí fóinteacha ar fáil sa Bhrasaíl le haghaidh grianchloichíte, ar mórábhar ionchuir í, agus d’athdhearbhaigh sé gur tír ionadaíoch níos oiriúnaí í an Rúis.

(45)

Luaigh an Coimisiún nár chuir Ketong ná Rialtas na Síne fianaise isteach a léirigh gur phraghas saofa a bhí sa phraghas tagarmhairc le haghaidh leictreachais arna shuí ag an gCoimisiún de réir na modheolaíochta a leagtar amach in aithris (152) den Rialachán sealadach, i ngeall ar idirghabháil ó Rialtas na Brasaíle. Déanann an Coimisiún tagairt freisin d’aithris (133) den Rialachán sealadach maidir leis seo. Tá EDP Brasil ar cheann de na cuideachtaí fóntais leictrigh is mó sa Bhrasaíl agus tá sé faoi úinéireacht phríobháideach. Déanann sé leictreachas a ghiniúint, a dháileadh agus a dhíol ar chineálacha éagsúla custaiméirí, lena n-áirítear tomhaltóirí tionsclaíocha. Ní raibh aon eolas ar comhad ag an gCoimisiún gur praghsanna saofa a bhí sna praghsanna a ghearrann EDP Brasil agus atá foilsithe ar a shuíomh gréasáin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(46)

Maidir leis an easpa sonraí poiblí suntasacha sa Bhrasaíl le haghaidh grianchloichíte, luaigh an Coimisiún nár thug Ketong aon argóint eile chun tosaigh seachas na hargóintí a leagadh amach cheana, agus ar tugadh aghaidh orthu, in aithrisí (94) agus (129) den Rialachán sealadach. Diúltaíodh don mhaíomh ar an gcúis sin.

(47)

Maidir leis an maíomh go mbeadh an Rúis ní b’oiriúnaí mar thír ionadaíoch, luaigh an Coimisiún gur athdhearbhaigh Ketong a argóintí a leagadh amach in aithris (114) den Rialachán sealadach gan argóintí nua a chur ar fáil. Ar na cúiseanna a míníodh in aithrisí (90), (115) agus (116) den Rialachán sealadach, díbheadh an maíomh.

(48)

Tar éis nochtadh cinntitheach, d’athdhearbhaigh Ketong a mhaíomh nár tír ionadaíoch oiriúnach í an Bhrasaíl, toisc, mar a mhaítear, nárbh ann do shonraí neamhshaofa iontaofa ina leith maidir leis an dá ionchur is tábhachtaí, an leictreachas agus an ghrianchloichít. Mhaígh Ketong go raibh an margadh leictreachais sa Bhrasaíl saofa agus go ndearna an Coimisiún neamhaird den fhíoras sin. Mhaígh sé thairis sin nár shoiléirigh an Coimisiún an fáth nár chuir an easpa sonraí fóinteacha atá ar fáil go poiblí le haghaidh grianchloichíte isteach ar roghnú na Brasaíle mar thír ionadaíoch. D’athdhearbhaigh Ketong go mbeadh an Rúis ní b’oiriúnaí mar thír ionadaíoch ná an Bhrasaíl.

(49)

Luaigh an Coimisiún gur sna barúlacha a thug sé ar an nochtadh sealadach, níor chuir Ketong chun cinn aon argóint sa bhreis ar na hargóintí a bhí déanta aige cheana féin agus a d’fhéadfadh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (45), (46) agus (47) a athrú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin ó Ketong.

(50)

D’athdhearbhaigh Shenghua a mhaíomh nach raibh an Bhrasaíl ina tír ionadaíoch iomchuí ar na cúiseanna a leagtar amach in aithris (96) agus aithris (123) den Rialachán sealadach, agus gur cheart an Chasacstáin a roghnú ina ionad. Ós rud é nár chuir Shenghua argóintí nua ar fáil a d’fhéadfadh conclúidí an Choimisiúin, mar a leagtar amach in aithrisí (118) agus (124) den Rialachán sealadach iad, a athrú, díbheadh an maíomh.

(51)

In éagmais aon bharúil eile a bhaineann leis an tréimhse imscrúdúcháin agus leis an tréimhse faoi bhreathnú, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris (139) den Rialachán sealadach.

3.1.3.   Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa le haghaidh tosca táirgeachta a shuí

(52)

Leag an Coimisiún amach na mionsonraí maidir leis na foinsí ar baineadh úsáid astu chun an gnáthluach a shuí in aithrisí (140) go (141) den Rialachán sealadach. Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, fuair an Coimisiún maímh ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin a bhí bunaithe ar fhoinsí difriúla a úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh.

3.1.3.1.   Amhábhair

(53)

An luach neamhshaofa ar ghrianchloichít a shuigh an Coimisiún trí thagairt don mheánphraghas ceannaigh arna íoc ag tionscal an Aontais, mhaígh Ketong nár chomhlíon an luach sin caighdeáin dhlíthiúla Airteagal 2(6a) agus go raibh sé ag teacht salach ar na fíricí. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh Ketong gur cheart go dtiocfadh an luach neamhshaofa ó thríú tír ionadaíoch a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici cosúil le leibhéal na Síne. Ar an dara dul síos, chuir Ketong in iúl gur ó na freagraí a thug táirgeoirí an Aontais ar an gceistneoir a tháinig na sonraí foinseacha a úsáideadh chun an praghas tagarmhairc a shuí agus, dá bhrí sin, nach raibh siad ar fáil go poiblí. Ar an tríú dul síos, thagair Ketong don fhaisnéis a cuireadh isteach lena bharúlacha a ghabhann leis an Dara Nóta, a léireodh nach raibh an praghas tagarmhairc arna shuí ag an gCoimisiún ag teacht leis an bpraghas ar ghrianchloichít a sonraíodh i gceann de na liosta praghsanna a bhí ag táirgeoir de chuid an Aontais le haghaidh an ábhair chéanna.

(54)

Maidir leis an gcéad argóint ó Ketong, níor aontaigh an Coimisiún léi. Murab ionann agus an méid atá á mhaíomh ag Ketong, ní fhoráiltear in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán gur cheart praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a theacht go heisiach ó thír ionadaíoch iomchuí a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá cosúil le leibhéal na tíre is onnmhaireoir. Má mheasann sé gurb iomchuí sin, féadfaidh an Coimisiún praghsanna, costais, nó tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa a úsáid freisin faoi Airteagal 2(6a)(a), an dara fleasc. Níl aon cháilitheoir san fhoráil sin maidir le roghnú na bpraghsanna, na gcostas nó na dtagarmharcanna idirnáisiúnta iomchuí. Ní shonraítear go bhfuil gá ann le foinse na dtagarmharcanna féideartha sin a bheith i dtír ina bhfuil leibhéal forbartha atá cosúil leis an tír is onnmhaireoir. Dá bhrí sin, tá lánrogha ag an gCoimisiún tagarmharc iomchuí a roghnú sna cásanna sin nuair nach féidir an luach allmhairiúcháin a úsáid sa tír ionadaíoch iomchuí a roghnaíodh. San imscrúdú seo, ós rud é nach bhfuil sonraí ábhartha ann maidir le grianchloichít sa Bhrasaíl agus toisc nach ann do phraghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta oiriúnacha eile atá ar fáil ar comhad le haghaidh grianchloichíte, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí filleadh ar phraghas na grianchloichíte ar mhargadh an Aontais mar thagarmharc oiriúnach i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an dara fleasc.

(55)

Tar éis an nochtadh chinntithigh, mhaígh Ketong nár tagarmharc iomchuí í praghas ceannaigh thionscal an Aontais ar ghrianchloichít, praghas a d’úsáid an Coimisiún mar phraghas tagarmhairc, toisc nár léirigh sé na dálaí sa tSín in éagmais an tsaofa shuntasaigh. Mhaígh Ketong nach mór don Choimisiún á áirithiú gur léiriú é an fhaisnéis a úsáideann sé, lena n-áirítear praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta, ar an gcostas táirgthe sa tír is onnmhaireoir, sin nó nach mór dó ar a laghad an fhaisnéis sin a oiriúnú do dhálaí an mhargaidh sa tír is onnmhaireoir in éagmais saobhadh suntasach. Mhaígh Ketong thairis sin nár sholáthair an Coimisiún aon fhianaise lena chruthú gurb ionann an praghas ceannaigh a d’íoc tionscal an Aontais as grianchloichít agus na “praghsanna, costais nó tagarmharcanna idirnáisiúnta” dá dtagraítear faoi Airteagal 2(6a)(a), an dara fleasc. Mhaígh Ketong freisin gur ar éigean is féidir an praghas a íoctar san Aontas a úsáid mar léiriú ar an leibhéal praghsanna idirnáisiúnta toisc go bhfuil a lán tíortha eile ann a sholáthraíonn grianchloichít agus ba cheart, dar leis, a sonraí a bheith mar chuid den tacar sonraí idirnáisiúnta freisin chun praghas tagarmharc neamhshaofa réasúnta a shuí le haghaidh grianchloichíte, seachas an praghas san Aontas ina aonair.

(56)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Ar an gcéad dul síos, luaigh sé gur sna barúlacha a thug sé níor thug Ketong praghas idirnáisiúnta le haghaidh grianchloichíte a d’fhéadfadh an Coimisiún a úsáid mar praghas malartach ar an tagarmharc a shuigh sé. Ar an dara dul síos, níor chuir Ketong aon fhianaise chun cinn lena léiriú gur tagarmharc saofa a bhí sa tagarmharc a shuigh an Coimisiún. In éagmais roghanna eile, mheas an Coimisiún gur tagarmharc oiriúnach neamhshaofa é praghas an grianchloichíte ar mhargadh an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(57)

Maidir le maíomh Ketong nach raibh na sonraí foinseacha a d’úsáid an Coimisiún chun an tagarmharc a shuí ar fáil go poiblí, luann an Coimisiún gur sa chomhad oscailte a bhí na sonraí foinse comhiomlánaithe iarbhír arna gcur isteach ag táirgeoirí an Aontais, rud trínar thug siad a gcead sonrach an fhaisnéis sin a nochtadh de bhun Airteagal 19(5) den bhun-Rialachán. Mar thoradh air sin, meastar go bhfuil na sonraí ar fáil go héasca. Luaigh an Coimisiún freisin go ndearna an sé na sonraí foinseacha a fhíorú agus chinn sé go léiríonn siad costas iarbhír na grianchloichíte atá oiriúnach do tháirgeadh an táirge lena mbaineann, agus go bhfuil siad iontaofa agus ionadaíoch mar shonraí.

(58)

Maidir leis an tríú hargóint a bhí ag Ketong, léirigh an t-imscrúdú ón gCoimisiún gur léiriú a bhí i bpraghas na grianchloichíte ar shuíomh gréasáin tháirgeoir an Aontais lena mbaineann ar ghrianchloch dhiúltaithe (dramhaíl) nach raibh oiriúnach do tháirgeadh sileacain cailciam agus, dá bhrí sin, nach raibh an praghas sin ionadaíoch ar an gcostas grianchloichíte a úsáideadh chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh.

(59)

Ar na cúiseanna thuas, diúltaíodh d’argóintí Ketong.

3.1.3.2.   Leictreachas

(60)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Ketong nár cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as an bpraghas leictreachais rialáilte líomhnaithe a foilsíodh ar shuíomh gréasáin EDP na Brasaíle mar fhoinse iomchuí chun praghas tagarmhairc neamhshaofa an leictreachais a shuí, ach ba cheart dó an praghas margaidh saor a úsáid toisc gur ar an bpraghas sin a cheannódh tairgeoirí sileacain cailciam a gcuid leictreachais.

(61)

Luaigh an Coimisiún gur athdhearbhaigh Ketong a argóintí a leagtar amach in aithris (131) den Rialachán sealadach, argóintí a dhiúltaigh an Coimisiún lena chonclúidí a leagtar amach in aithris (132) agus in aithris (133) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(62)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Ketong gur cheart an praghas tagarmhairc le haghaidh an leictreachais a bhunú ar phraghsanna an mhargaidh shaoir sa Bhrasaíl seachas ar na praghsanna rialáilte agus d’áitigh sé thairis sin nár tugadh aghaidh go leordhóthanach ar a maímh in aithrisí (132) agus (133) den Rialachán sealadach.

(63)

Mar a mhínítear in aithris (45), níor sholáthair Ketong aon fhianaise lena léiriú gur praghas saofa a bhí sa praghas tagarmhairc le haghaidh an leictreachais arna ríomh ag an gCoimisiún mar gheall ar idirghabháil ó Rialtas na Brasaíle. Níor shonraigh Ketong ach oiread conas arbh fhéidir leis an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar a mhaímh in aithrisí (132) agus (133) den Rialachán sealadach ar bhealach ní b’fhearr. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(64)

Mhaígh Shenghua in aithris (281) den Rialachán sealadach gur chinn an Coimisiún go sealadach nach raibh an leictreachas faoi réir saobhadh sa tSín agus, dá bhrí sin, nár cheart ráta leictreachais na tíre ionadaíche a chur in ionad ráta leictreachais na Síne.

(65)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Mar a míníodh in aithris (52) den Rialachán sealadach, chinn an Coimisiún nach bhfuil praghsanna leictreachais sa tSín bunaithe ar an margadh agus go bhfuil siad faoi thionchar saofa shuntasaigh de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ba é conclúid shealadach an Choimisiúin maidir le leictreachas mar a leagtar amach in aithris (281) den Rialachán sealadach nach raibh an leictreachas faoi réir aon saobhadh de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Maidir ríomh an ghnáthluacha agus an mheasúnaithe a bhaineann le cur i bhfeidhm riail na dleachta níos lú, ba anailísí éagsúla iad a bhí bunaithe ar airteagail éagsúla den bhun-Rialachán. Cé go raibh na conclúidí ar thángthas orthu faoi Airteagal 2(6)(b) bunaithe ar an staid sa tír is onnmhaireoir agus roinnt mhaith tosca éagsúla á gcur san áireamh, tá an t-imscrúdú faoi Airteagal 7(2a) níos teoranta agus rinneadh é i gcomhthéacs infheidhmeacht riail na dleachta níos lú a chinneadh agus tagraíonn sé do liosta dúnta na gcásanna atá san airteagal sin. I gcás nach raibh an leictreachas sin faoi réir aon cheann de na cásanna saofa de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán sa tSín, ní chiallaíonn sé sin nach ndéanann saobhadh suntasach sa tSín difear don ionchur sin mar a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Shenghua.

3.1.4.   Tosca táirgeachta agus foinsí faisnéise

(66)

Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, luaigh an Coimisiún go raibh sonraí GTA maidir le hallmhairí isteach sa Bhrasaíl ar fáil ar leibhéal CAL. I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta sileacain cailciam

Toisc Tháirgeachta

Cóid Tráchtearraí sa Bhrasaíl

Luach neamhshaofa in CNY/Aonad tomhais

Foinse na faisnéise

Amhábhair

Cosc ainhidriúil/Cré chanóna ainhidriúil

3816 00 11

3816 00 12

3816 00 19

3816 00 21

3816 00 29

3816 00 90

10,2791 /kg

GTA

Gual biotúmanach

2701 12 00

0,6997 /kg

GTA

Gual

2701 19 00

0,6997 /kg (*1)

GTA

Cóc/leathchóc

2704 00 11

2704 00 12

2704 00 90

1,7616 /kg

GTA

Taos leictreoide

3801 30 10

3801 30 90

6,3301 /kg

GTA

Bríce graifíte

3801 90 00

46,7364 /kg

GTA

Aolchloch

2521 00 00

0,1500 /kg

GTA

Grianchloichít/carraig shilice

2506 20 00

0,2705 /kg (*2)

Tionscal an Aontais

Táirgí cruach (barraí eile agus slata eile iarainn nó cruach neamh-chóimhiotail)

7215 50 00

11,6723 /kg

GTA

Saothar

Costais saothair san earnáil monaraíochta

[N/BH]

29,7989 /daonuair

Staitisticí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS)

Fuinneamh

Leictreachas

[N/BH]

0,4487 /Kwh

EDP Brasil

Seachtháirgí/dramhaíl

Slaig, luaith agus iarmhair

2620 99 90

0,0442 /kg (*3)

GTA

Púdar mín deasctha silice cailciam

7202 99 90

10,2812 /kg (*3)

GTA

3.1.4.1.   Amhábhair

(67)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Ketong go raibh saobhadh ar an modh a d’úsáid an Coimisiún chun praghsanna allmhairiúcháin CAL a shuí don Bhrasaíl mar a leagtar amach in aithris (144) den Rialachán sealadach. D’áitigh Ketong nach bhféadfadh comhéifeacht aonair amháin a bheith ionadaíoch ar chostais iompair agus árachais, costais ar dócha go n-athródh siad ag brath ar an gcineál amhábhair agus ar an tír soláthair agus mhaígh sé gur cheart don Choimisiún comhéifeacht a shuí le haghaidh gach amhábhair ionchuir agus le haghaidh gach tíre soláthair.

(68)

Mar a mhínítear in aithris (66), bhí tacar sonraí nua ar fáil in GTA, lena n-áiríodh sonraí allmhairiúcháin ar leibhéal CAL don Bhrasaíl. Bhain an Coimisiún úsáid as an tacar sonraí nua seo chun luachanna neamhshaofa na n-amhábhar a luaitear i dTábla 1 a shuí. Dá bhrí sin, ní dhearnadh maíomh Ketong a mheas a thuilleadh.

3.1.4.2.   Leictreachas

(69)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Ketong go raibh locht ar an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun an tagarmharc leictreachais sa Bhrasaíl a ríomh. Luaigh Ketong gur chuir an Coimisiún meán simplí na dtaraifí leictreachais agus dáileacháin i bhfeidhm mar atá ar fáil ar shuíomh gréasáin EDP Brasil do 2021, arna choigeartú i gcomhair boilsciú. D’áitigh Ketong gur cheart don Choimisiún na sonraí taraife leictreachais atá ar fáil a úsáid le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin seachas sonraí 2021 a ceartaíodh i gcomhair boilsciú. Chuir Ketong in iúl freisin gur cheart don Choimisiún taraifí buaice agus seachbhuaice a chur san áireamh, agus a ríomh a theorannú do na praghsanna a ghearrtar ar thomhaltóirí tionsclaíocha ardchumhachta amhail táirgeoirí sileacain cailciam.

(70)

Mheas an Coimisiún maíomh Ketong agus chinn sé go raibh sé réasúnta. Ghlac sé leis an maíomh agus rinne sé athríomh ar an tagarmharc don leictreachas ar bhonn na sonraí taraife atá ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin ar shuíomh gréasáin EDP Brasil (9), agus na taraifí éagsúla le haghaidh buaicthréimhsí agus tréimhsí seachbhuaice agus na praghsanna ábhartha a ghearrtar ar thomhaltóirí tionsclaíocha ardchumhachta á gcur san áireamh.

(71)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Ketong go raibh tacar sonraí taraife ar fáil le haghaidh an tréimhse imscrúdúcháin ar shuíomh gréasáin EDP Brasil a bhí níos déanaí ná an tacar a d’úsáid an Coimisiún agus gur cheart don Choimisiún an tacar sonraí sin a chur san áireamh nuair a bhí an praghas tagarmhairc le haghaidh an leictreachais á ríomh aige.

(72)

Luaigh an Coimisiún nach raibh bunús leis an argóint sin. Go háirithe, an tacar sonraí a ndearna Ketong tagairt dó, ní raibh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin EDP Brasil ná le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin agus dá bhrí sin ní rabhthas in ann é a chruinneas a fhíorú ná é a úsáid le haghaidh an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin níor thug an Coimisiún tuilleadh airde ar an maíomh.

3.1.4.3.   Seachtháirgí

(73)

Tar éis an nochta sealadach, mhaígh Ketong gur easnamhach an mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun tagarmharc neamhshaofa na micrishilice a shuí mar a leagtar amach in aithris (148) den Rialachán sealadach, ós rud é go raibh gaol saorga idir an seachtháirge agus luach na n-ábhar ionchuir, gaol nach raibh ann i ndáiríre. Mhol Ketong sonraí onnmhairiúcháin ón tír ionadaíoch a úsáid chun an tagarmharc neamhshaofa a ríomh, mar gur mhaígh sé gur cleachtas bunaithe de chuid an Choimisiúin é sin a dhéanamh i gcás nach raibh sonraí allmhairiúcháin ionadaíocha ar fáil sa tír ionadaíoch.

(74)

Luaigh an Coimisiún gurbh ionann an ítim seo agus cuid dhiomaibhseach (níos lú ná 0,1 %) de chostas na n-ábhar agus nach ndearna an tsaincheist atá idir lámha difear, dá bhrí sin, do leibhéal na mbeart. Ní dhearnadh tuilleadh machnaimh ar an tsaincheist dá bhrí sin.

(75)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Ketong go raibh an mhodheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún saofa. Mar sin féin, luaigh an Coimisiún nár chuir Ketong aon argóint nua chun cinn a d’fhéadfadh na conclúidí a leagtar amach in aithris (74) a athrú. Dá bhrí sin, diúltaíodh dá mhaíomh.

3.1.4.4.   Tomhaltáin, forchostais mhonaraíochta agus costais iompair le haghaidh sholáthar na n-amhábhar

(76)

Mhaígh Ketong gur cheart don Choimisiún tagarmharc na dtomhaltán agus na bhforchostas monaraíochta a shainaithint ar leithligh ó ionchuir eile seachas a luach a eachtarshuí trí chéatadán arna ríomh ar chostas iomlán na n-amhábhar a úsáid le haghaidh na dtomhaltán agus, i gcás na bhforchostas, céatadán ar an gcostas díreach iomlán arna thabhú iarbhír ag táirgeoirí na Síne. Mhaígh sé gur cheart don Choimisiún a chostais iarbhír maidir le tomhaltáin agus forchostais a úsáid ina ionad. Mháigh Ketong thairis sin gur bhain a mhaíomh ar an gcaoi chéanna le costais iompair le haghaidh sholáthar na n-amhábhar, ach gur shloinn an Coimisiún an costas iompair sin mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mhaígh Ketong gurbh ionann costas na n-amhábhar a athríomh trí phraghsanna neamhshaofa a chur i bhfeidhm agus an costas iompair a nascadh freisin leis an méadú ar luach na n-amhábhar, rud a mhaígh sé a bheith mícheart toisc nach raibh aon nasc den sórt sin ann.

(77)

Luaigh an Coimisiún gurb é an cleachtas caighdeánach atá aige gan tagarmharc aonair le haghaidh tomhaltáin a ríomh ach iad a chur in iúl mar chéatadán de chostas iomlán na n-amhábhar ar bhonn na sonraí costais arna dtuairisciú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus ansin an céatadán sin a chur i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-ábhar agus na praghsanna neamhshaofa seanbhunaithe á n-úsáid. Thairis sin, luaigh an Coimisiún gur suíodh saobhadh suntasach i Roinn 3.1.1. thuas. Sa chás sin, de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, is féidir costais intíre a úsáid, ach ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin sa mhéid a shuitear go deimhnitheach nach bhfuil siad saofa, ar bhonn fianaise chruinn iomchuí. Níor chuir Ketong aon fhianaise den sórt sin chun cinn maidir le tosca táirgeachta arna ngrúpáil faoi thomhaltáin, ná níor tháinig an Coimisiún ar fhianaise den sórt sin. Dá bhrí sin, ní raibh an Coimisiún in ann na sonraí arna dtuairisciú ag Ketong a úsáid. Mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an mhodheolaíocht a d’úsáid sé chun luach neamhshaofa a ríomh le haghaidh tomhaltán, go háirithe toisc nach raibh aon fhaisnéis níos fearr ar fáil. Níor chuir Ketong rogha eile ar fáil don tagarmharc arna ríomh trí luachanna allmhairiúcháin GTA isteach sa tír ionadaíoch a úsáid, ná tagarmharc neamhshaofa eile le haghaidh tomhaltán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh maidir le tomhaltáin.

(78)

I dtaca leis an maíomh a rinne Ketong maidir leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun luach neamhshaofa a fhorchostas monaraíochta a shuí mar a leagtar amach in aithris (154) den Rialachán sealadach, luaigh an Coimisiún nach raibh na sonraí forchostas ar fáil go leithleach i ráitis airgeadais an táirgeora sa tír ionadaíoch. Thairis sin, nuair a dhéantar saobhadh suntasach a shuí, de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, is féidir costais intíre a úsáid freisin, ach ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin sa mhéid a shuitear go deimhnitheach nach bhfuil siad saofa, ar bhonn fianaise chruinn iomchuí. Níor chuir Ketong aon fhianaise den sórt sin chun cinn maidir le forchostais ná níor tháinig an Coimisiún ar aon fhianaise den sórt sin. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an mhodheolaíocht a d’úsáid sé chun luach neamhshaofa a ríomh le haghaidh tomhaltán, go háirithe toisc nach raibh aon fhaisnéis níos fearr ar fáil. Níor mhol Ketong tagarmharc malartach neamhshaofa le haghaidh forchostas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(79)

I dtaca le maíomh Ketong maidir leis an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun na costais iompair neamhshaofa le haghaidh sholáthar na n-amhábhar a shuí mar a leagtar amach in aithris (150) den Rialachán sealadach, luaigh an Coimisiún nár thug Ketong le fios conas ba cheart don Choimisiún an costas iompair do gach amhábhar a ríomh ina aonair. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(80)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Ketong gur modheolaíocht saofa a bhí sa mhodheolaíochta a d’úsáid an Coimisiún chun na tagarmharcanna a shuí le haghaidh tomhaltán, forchostais mhonaraíochta agus costais iompair. Mar sin féin, luaigh an Coimisiún nár sholáthair Ketong aon argóint nua a d’fhéadfadh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (77), (78) agus (79) a athrú.

3.1.5.   Ríomh an ghnáthluacha

(81)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (156) go (160) den Rialachán sealadach.

(82)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Ketong nár cheart don Choimisiún, agus an gnáthluach á ríomh aige, coigeartuithe áirithe maidir le seachtháirgí a dhiúltú ar an gcúis nach raibh siad taifeadta sna cuntais aige. Dúirt Ketong nár ceanglaíodh leis an gcaighdeán dlí is infheidhme nach mór do gach ítim chostais teacht as na cuntais, go háirithe i gcás inar cuireadh Airteagal 2(6a) i bhfeidhm. Mhaígh sé ina theannta sin gurb é a bhí i gceist le hathfhoirgniú an chostais táirgthe ná gur tabhaíodh na hítimí costais iarbhír agus gur léiríodh iad i ngnáthchúrsa gnó na cuideachta. Mhaígh Ketong ar deireadh gur thuairiscigh sé an costas breise a tabhaíodh ar na seachtháirgí atá i gceist sna táblaí costais a cuireadh isteach lena fhreagra ar an gceistneoir agus gur cheart don Choimisiún na costais sin a bhaint den ghnáthluach ríofa.

(83)

Thug an Coimisiún dá aire, murab ionann agus an méid a mhaígh Ketong, nár thuairiscigh Ketong costas na bhfotháirgí i dtrácht ina chuntasaíocht chostais agus sna táblaí costais ina fhreagra ar an gceistneoir. Ina tháblaí costais, thuairiscigh Ketong luach díolacháin na bhfotháirgí a mhaígh sé ba chóir a asbhaint ó chostas na n-ábhar, ach níor thug sé cuntas ar luach díolacháin den sórt sin ina chuntasaíocht airgeadais agus costais. Go deimhin, léirigh an t-imscrúdú nach bhfuair an chuideachta aon ioncam ó dhíolacháin na seachtháirgí, agus mar sin tá siad fós ina gcostas. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(84)

Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Ketong a mhaíomh nach raibh bunús leis an gcaoi ar dhiúltaigh an Coimisiún coigeartú a dhéanamh ar an ngnáthluach a bhaineann leis na seachtháirgí. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh Ketong nach réamhriachtanas é an taifead i gcuntasaíocht airgeadais agus costais na cuideachta chun an gnáthluach a ríomh faoi Airteagal 2(6a). Ar an dara dul síos, mhaígh Ketong nár chuir an Coimisiún i gcoinne an fhíorais gur gineadh na seachtháirgí sin ó phróiseas tairgthe na cuideachta agus gur tharla idirbhearta a ndíolachán i rith ghnáthchúrsa gnó an ghnólachta. Dar le Ketong, cé nár taifeadadh an ioncaim sa chuntasaíocht airgeadais, ní chiallaíonn sé sin nach féidir glacadh leis an seachtháirgí a úsáid le haghaidh coigeartú costais. Ar an tríú dul síos, mhaígh Ketong dá mba rud é go ndiúltódh an Coimisiún glacadh leis an ioncaim díolacháin mar choigeartú costais ó sheachtháirgí maidir le gnáthluach an táirge lena mbaineann, ba cheart glacadh leis an gcostas comhfhreagrach iarbhír a tabhaíodh as na seachtháirgí céanna a bhailiú mar chostas na seachtháirgí céanna sin sna taifid chuntasaíochta agus é a bhaint den ghnáthluach ríofa dá réir.

(85)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Taifeadadh costais agus ioncaim i gcuntais na cuideachta, sin fianaise gurb ann dóibh agus ar an méid atá iontu. D’ainneoin a maígh Ketong, níorbh fhéidir a shuí le linn RCC gur tharla idirbhearta díolacháin na seachtháirgí i rith an ghnáthchúrsa gnó toisc nach raibh doiciméid tráchtála ar fáil ina leith agus níor tugadh cuntais sna hidirbhearta. Go deimhin, ó tharla gur taifeadadh na seachtháirgí mar chostais i gcuntais na cuideachta, is léiriú é sin ar an gcaoi nach bhfuair Ketong aon ioncam ó dhíol na seachtháirgí sin, mar atá luaite cheana in aithris (83). Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin ó Ketong.

(86)

Mhaígh Ketong freisin go raibh an corrlach brabúis a úsáideadh chun an gnáthluach a ríomh (18,96 %) iomarcach i bhfianaise chinneadh an Choimisiúin féin gur measadh i gcás corrlach brabúis idir 9,7 % agus 12,5 % “gur corrlach brabúis den sórt sin an bunbhrabús lena gcumhdaítear na costais iomlána faoi ghnáthdhálaí iomaíochta san imscrúdú sin.” (aithris (269) den Rialachán sealadach). Dúirt Ketong freisin nár mhínigh an Coimisiún cén fáth gur bhrabús réasúnta a bhí i gcorrlach brabúis 18,96 % chun an gnáthluach a ríomh i bhfianaise an chinnidh sin. Mhaígh Ketong, dá bhrí sin, gurb é an spriocleibhéal brabúis arna bhunú do tháirgeoirí an Aontais an brabús réasúnach agus neamhshaofa atá le húsáid chun an gnáthluach a ríomh.

(87)

Luaigh an Coimisiún go dtagraíonn an spriocbhrabús agus an brabús sa tír ionadaíoch do choincheapa éagsúla agus do thíortha éagsúla. Go háirithe, is é an spriocbhrabús dá dtagraíonn Ketong an brabús a bhaineann tionscal an Aontais as díolacháin intíre san Aontas faoi ghnáthdhálaí iomaíochta agus úsáidtear é chun an corrlach díobhála a ríomh. Úsáidtear an brabús sa tír ionadaíoch chun an gnáthluach a ríomh faoi threoir na tíre ionadaíche iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Ní mór an brabús sin a bheith ina léiriú ar an mbrabús a dhéanann cuideachta a tháirgeann an táirge atá faoi imscrúdú nó táirge dá shamhail, i dtír ionadaíoch, agus níl sé inchomparáide le spriocbhrabús thionscal an Aontais.

(88)

Mhaígh Ketong freisin nár chóir don Choimisiún ioncam airgeadais a áireamh sa ríomh brabúis toisc gurbh é cleachtas bunaithe an Choimisiúin gan an t-ioncam sin a áireamh i ríomh an bhrabúis nó na costas SGA (“costais díola, ghinearálta agus riaracháin”). Mhaígh Ketong ina theannta sin, dá gcoimeádfadh an Coimisiún an t-ioncam airgeadais san áireamh sa chinneadh brabúis, gur chóir dó é a chur san áireamh go cothrom sna costais SGA iomlán mar fhritháireamh.

(89)

Níor aontaigh an Coimisiún leis sin. Thuairiscigh an cuideachta Bhrasaíleach costais airgeadais lasmuigh de chostais SGA. San am céanna, déanann sé na costais airgeadais a fhrithchúiteamh leis an ioncam airgeadais agus cuireann sé an difríocht (gnóthachan) leis an brabúis. Níl aon fhianaise ann a léiríonn nár bhain an gnóthachan sin leis an táirge lena mbaineann, mar sin is cosúil nach mbeadh bonn cirt le gnóthachan den sórt sin a bhaint as brabúis thuairiscithe chuideachta na Brasaíle. Ar aon chuma, bheadh tionchar an mhaímh seo neamhábhartha maidir le ríomh na dumpála ós rud é go raibh an gnóthachan airgeadais sách beag agus go bhfuil an dleacht sa deireadh socraithe ag leibhéal an chorrlaigh díobhála atá i bhfad níos ísle. Dá thoradh sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(90)

Tar éis an nochta chinntithigh, lean Ketong de bheith ag easaontú le tuairim con Choimisiún gur cheart gnóthachain airgeadais a chur san áireamh i ríomh an bhrabúis.

(91)

Athdhearbhaíonn an Coimisiún gur cleachtas caighdeánach comhsheasmhach é na costais agus an ioncam uile a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge faoi imscrúdú a chur san áireamh. Luaigh an Coimisiún nár iarr Ketong ach go ndéanfaidh an Coimisiún neamhaird de ghnóthachain airgeadais áirithe gan aon mhíniú, faisnéis bhreise nó fianaise a thabhairt lena léiriú nach raibh baint ag na gnóthachain sin leis an táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir le maíomh Ketong na conclúidí a leagtar amach in aithris (89) a athrú.

(92)

Mhaígh Ketong gur suíodh costais SGA sa tír ionadaíoch gan miondealú mionsonraithe, rud a d’fhág nárbh fhéidir na costais díola dhíreacha a shainaithint, costais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomparáid chothrom idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal trádála céanna. Mhaígh sé freisin gur cheart don Choimisiún miondealú den sórt sin a chur ar fáil agus a áirithiú go gcuirfear na praghsanna onnmhairiúcháin i gcomparáid leis an ngnáthluach ríofa ar an leibhéal céanna trádála.

(93)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Luaigh sé nach raibh bunús leis an maíomh lenar líomhnaíodh gur áiríodh costais díola i gcostais SGA a tuairiscíodh le haghaidh an táirgeora sa tír ionadaíoch. Luaigh an Coimisiún freisin nach raibh aon táscaire ann a léirigh gur áiríodh i sonraí SGA ón táirgeoir sa tír ionadaíoch ítimí ar chóir iad a asbhaint chun comparáid chothrom a áirithiú. Tar éis an nochta shealadaigh, níor chuir Ketong aon sonraí SGA níos oiriúnaí ar fáil maidir le táirgeoir sa Bhrasaíl a d’fhéadfadh a chur ar a chumas don Choimisiún costais díola dhíreacha den sórt sin a chainníochtú, costais a líomhnaítear gur cuireadh leis na sonraí SGA iad. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(94)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Ketong gur cheart don Choimisiún míniú a thabhairt arís ar an mbonn lena chonclúid gurbh fhéidir leis an gCoimisiún an gnáthluach ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha a ríomh go díreach ar bhonn na gcostas SGA a léiríodh i dtuarascáil airgeadais an táirgeora sa tír ionadaíoch, agus gur cheart dó a léiriú nár airíodh sna costais SGA a cuireadh le COGS aon eilimint a d’fhágfadh go suífí an gnáthluach ríofa ar leibhéal éagsúil trádála. Mhaígh Ketong go ndearna an Coimisiún coigeartú i ngeall ar chostais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus costais choimhdeacha, costais phacála, costais chreidmheasa agus muirir bhainc chun an praghas onnmhairiúchán díreach ón monarcha a shuí ach níor thug sé faisnéis lena áirithiú nár áiríodh na hítimí sin i gcostais SGA an táirgeora sa tír ionadaíoch.

(95)

Luaigh an Coimisiún gur, ar bhonn na sonraí SGA mar a thuairiscigh an tairgeoir sa tír ionadaíoch, níor léirigh Ketong nach ndearna an Coimisiún comparáid chothrom idir an gnáthluach ríofa agus an praghas onnmhairiúcháin. Luaigh an Coimisiún freisin nár chuir Ketong aon argóint nua chun cinn a d’athraigh na conclúidí a leagtar amach in aithris (93) a athrú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin ó Ketong.

(96)

Gan dochar do na breithiúnaithe thuasluaite, meabhraíonn an Coimisiún freisin gur de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús. Níor thug Ketong aon fhianaise lena léiriú go raibh na suimeanna a d’úsáid an Coimisiún le haghaidh costais SGA agus na mbrabús míréasúnta ó thaobh an gnáthluach a ríomh.

3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(97)

Leag an Coimisiún amach na mionsonraí maidir leis ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (161) go (162) den Rialachán sealadach. In éagmais aon bharúla i ndáil leis seo, dhearbhaigh an Coimisiún a chuid conclúidí sealadacha.

3.3.   Comparáid

(98)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Ketong go ndearna an Coimisiún coigeartú aníos earráideach ar an ngnáthluach de bharr difríochtaí i leibhéal an chánachais indírigh trí CBL a chur leis an ngnáthluach, cé nach raibh CBL den sórt sin san áireamh i bpraghas onnmhairiúcháin na cuideachta.

(99)

Le linn na tréimhse imscrúdúcháin, chuir an tSín ráta CBL 13 % i bhfeidhm ar dhíolacháin intíre agus onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann, arna dheimhniú leis an maíomh idir lámha. Chuir an tSín beartas i bhfeidhm freisin maidir le neamh-aisíoc CBL ar onnmhairiú an táirge lena mbaineann. Chun a áirithiú go ndéanfar gnáthphraghsanna luacha agus praghsanna onnmhairiúcháin a chur i gcomparáid le chéile ar an leibhéal céanna cánachais, chinn an Coimisiún an gnáthluach ar bhonn CBL arna íoc, ag é ag úsáid an ráta CBL is infheidhme maidir le honnmhairí.

(100)

Maidir leis sin, tugtar faoi deara gur chinn an Coimisiún an gnáthluach i gcomhréir le dlí-eolaíocht na Cúirte Ginearálta (10). Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh Ketong.

(101)

Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Ketong nach raibh CBL san áireamh sa ghlanphraghas onnmhairiúcháin a thuairiscigh sé. D’áitigh Ketong thairis sin go raibh sé lochtach comparáid a dhéanamh idir glanphraghas onnmhairiúcháin gan CBL le gnáthluach a cinneadh ar bhonn lenar áiríodh CBL agus gur rud é nár áirithigh comparáid chothrom. D’iarr Ketong ar an gCoimisiún an earráid sin a cheartú.

(102)

Shuigh an Coimisiún go ndearna Ketong a glanphraghas onnmhairiúcháin a mhíthuairisciú sa fhreagra a thug sé ar an gceistneoir trí CBL a asbhaint ón oll-luach sonraisc onnmhairiúcháin ach nach raibh an asbhaint sin le feiceáil ar na sonraisc onnmhairiúcháin. Is é sin le rá, na sonraisc onnmhairiúcháin a thuairiscigh Ketong agus a d’fhíoraigh an Coimisiún, níor luadh oll-luach agus ghlanluach onnmhairiúcháin iontu. Cheartaigh an Coimisiún an méid sin tríd an luach a luadh ar na sonraisc a chur in ionad an ghlanluacha sonraisc a thuairiscigh Ketong, luach a chuimsíonn CBL, sa tslí go ndearnadh comparáid idir an gnáthphraghas agus an praghas onnmhairiúcháin de réir an leibhéil chéanna cánachais mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(10)(b) den bhun-Rialachán. Nochtadh na ceartúcháin sin do Ketong.

(103)

Sna barúlacha a thug sé ar an nochtadh cinntitheach, chuir Shun Tai i gcoinne na gcoigeartuithe ar rinneadh ar a phraghas onnmhairiúcháin le haghaidh coimisiúin faoi Airteagal 2(10) (i) den bhun-Rialachán. Mhaígh sé gur cheart an coigeartú a bhunú ar bhrabús iarbhír na cuideachta trádála neamhghaolmhaire, nó seachas sin, ar an difríocht sa phraghas díolacháin le haghaidh trádálaithe agus úsáideoirí deiridh sa mhargadh intíre.

(104)

D’ainneoin a bhfuil á mhaíomh ag Shun Tai, an modh a úsáideadh chun a phraghsanna a choigeartú, is i gcomhréir le cleachtais an Choimisiúin atá sé agus tá sé comhsheasmhach leis an dá Rialachán a luaitear sna barúlach a thug sé ar an nochtadh cinntitheach. Thairis sin, rinne an Coimisiún coigeartú ar phraghsanna Shun Tai agus aird iomlán á tabhairt ar thorthaí sonrach an imscrúdaithe a bhaineann lena eagraíocht díolacháin. Ó tharla gur ar thuairimí earráideacha a bhunaigh Shun Tai a mhaíomh, ba mhór diúltú dó. Ós rud é gur iarr Shun Tai go gcaithfí go rúnda lena bhealaí díolacháin, cuireadh tuilleadh sonraí ar an anailís a rinne an Coimisiún ar an maíomh ar fáil don chuideachta go déthaobhach.

(105)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an gcomparáid, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (163) go (164) den Rialachán sealadach.

3.4.   Corrlaigh dhumpála

(106)

Ós rud é gur ghlac an Coimisiún le roinnt barúlacha ó na páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis an nochta shealadaigh agus an nochta chinntithigh, rinne sé na corrlaigh dumpála a athríomh dá réir. Ní dhéanann na hathruithe sin difear don chorrlach dumpála a ríomhadh le haghaidh “gach cuideachta eile”. In éagmais aon barúla, dearbhaítear aithrisí (168) agus (169) den Rialachán sealadach maidir leis an leibhéal comhair agus maidir leis an modh chun an corrlach dumpála iarmharaigh is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile” a shuí.

(107)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CIF) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Ningxia Ketong New Material Technology Co. Ltd

52,3  %

Ningxia Shun Tai Smelting Co., Ltd

123,6  %

Shaanxi Shenghua Metallurgy-Chemical Co. Ltd

75,0  %

Gach cuideachta eile

132,6  %

(108)

Na ríomhanna ar na corrlaigh dumpála aonair, lena n-áirítear ceartúcháin agus coigeartuithe a rinneadh de bhun na mbarúlacha a thug na páirtithe leasmhara tar éis an nochta shealadaigh agus nochta chinntithigh, nochtadh iad do na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(109)

Rinne an gearánach agus monaróir sreinge croíleacánaí (Filo d.o.o.) barúlacha maidir le haithris (285) den Rialachán sealadach i dtaca leis an athstruchtúrú laistigh de ghrúpa Ferroglobe agus le leanúint an táirgthe ag tionscal an Aontais. Bhí amhras ar an monaróir sreinge croíleacánaí cibé acu a bhí nó nach raibh táirgeadh an Aontais ag tarlú.

(110)

Bhí an dá ghearánach i mbun táirgthe agus an díolacháin le linn na tréimhse imscrúdúcháin mar a deimhníodh sa rialachán lena bhforchuirtear bearta sealadacha. Tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, lean an dá cheann acu de bheith ag oibriú mar ghnóthais leantacha, mar a dheimhnigh agus mar a thaifead Euroalliages. Lean OFZ de bheith ag táirgeadh agus ag díol faoi mar a rinne sé sna blianta roimhe seo. Maidir le próiseas athstruchtúraithe Ferropem atá fós ar siúl, arb é is cúis leis den chuid is mó an dumpáil dhíobhálach a rinneadh, ní chuireann sé isteach ar stádas na cuideachta mar ghnóthas leantach. Go deimhin, lean an chuideachta de bheith ag táirgeadh agus ag díol tar éis na tréimhse imscrúdúcháin go dtí gur tionscnaíodh an próiseas athstruchtúraithe go foirmiúil ag deireadh mhí an Mhárta 2021. Ó shin i leith, choinnigh sé acmhainní táirgthe atá ag feidhmiú go hiomlán, agus tá cinneadh breise déanta aige an 15 Samhain 2021 táirgeadh an tsileacain cailciam a choinneáil sa Fhrainc agus é a aistriú chuig líne nua sileacain cailciam i gceann eile dá chuid monarchana sa Fhrainc, agus í le bheith oibríochtúil i Meán Fómhair 2022 le hacmhainneacht táirgeachta shuntasach. Tacaíonn rialtas na Fraince leis an gcinneadh sin. Idir an dá linn, tá sileacan cailciam ón Airgintín foinsithe ag Ferropem ionas gur féidir leis leanúint ar aghaidh de bheith ag freastal ar a chustaiméirí le linn na hidirthréimhse go dtí go mbeidh an líne nua ag feidhmiú go hiomlán. Mar achoimre, leanann an dá chuideachta de bheith ina dtáirgeoirí de chuid an Aontais. Go deimhin, cabhróidh bearta frithdhumpála leis na coinníollacha a chruthú ina leanfaidh an dá chuideachta de bheith ag feidhmiú, de bhrí go dtabharfar aghaidh ar an saobhadh a eascraíonn as trádáil éagórach.

(111)

In éagmais barúlacha breise maidir le sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeadh an Aontais tar éis fhorchur na mbeart sealadach, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (170) go (172) den Rialachán sealadach.

4.2.   Margadh ábhartha an Aontais a chinneadh

(112)

In éagmais barúlacha maidir le cinneadh mhargadh ábhartha an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (173) go (177) den Rialachán sealadach.

4.3.   Tomhaltas an Aontais

(113)

In éagmais barúlacha maidir le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (178) go (180) den Rialachán sealadach.

4.4.   Allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne

4.4.1.   Méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus an sciar den mhargadh atá acu

(114)

In éagmais barúlacha maidir le méid na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus maidir leis an sciar den mhargadh atá acu, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (181) go (184) den Rialachán sealadach.

4.4.2.   Praghsanna na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus sladghearradh praghais

(115)

Míníodh in Aithris (189) den Rialachán sealadach gurbh é 10,6 % an meán ualaithe sladghearrtha a suíodh. Mhaígh Shun Tai, onnmhaireoir amháin, gur cheart a phraghsanna onnmhairiúcháin CAL a athbhreithniú toisc nach ndearnadh iad a thiontú go cruinn go Euro. Glacadh leis an maíomh sin agus bhí corrlach sladghearrtha athbhreithnithe de 10,5 % mar thoradh air.

(116)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (185) go (189) den Rialachán sealadach.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(117)

In éagmais barúlacha maidir leis na barúlacha ginearálta, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (190) agus (191) den Rialachán sealadach.

4.5.2.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta.

(118)

In éagmais barúlacha maidir le táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (192) go (201) den Rialachán sealadach.

4.5.3.   Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh

(119)

In éagmais barúlacha maidir le méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (202) go (204) den Rialachán sealadach.

4.5.4.   Fás

(120)

In éagmais aon bharúlacha maidir le fás, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris (205) den Rialachán sealadach.

4.5.5.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(121)

In éagmais barúlacha maidir leis fostaíocht agus táirgiúlacht, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (206) agus (208) den Rialachán sealadach.

4.5.6.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana

(122)

In éagmais barúlacha maidir le méid an chorrlaigh dumpála agus maidir le téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (209) go (210) den Rialachán sealadach.

4.5.7.   Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(123)

In éagmais barúlacha maidir le praghsanna agus le tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (211) agus (213) den Rialachán sealadach.

4.5.8.   Costais saothair

(124)

In éagmais barúlacha maidir le costais saothair, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (214) agus (215) den Rialachán sealadach.

4.5.9.   Fardail

(125)

In éagmais barúlacha maidir le fardail, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (216) go (218) den Rialachán sealadach.

4.5.10.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a chruinniú

(126)

In éagmais barúlacha maidir le brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (219) go (224) den Rialachán sealadach.

4.5.11.   Conclúid faoi dhíobháil

(127)

In éagmais barúlacha eile maidir leis an gconclúid faoi dhíobháil, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithrisí (225) go (230) den Rialachán sealadach.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(128)

Tar éis an nochta shealadaigh, dúirt Shenghua nach raibh aon nasc cúisíoch idir an díobháil a bhain do thionscal an Aontais agus na hallmhairí ón tSín. D’áitigh sé nár chomhlíon treocht an mhéid allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin an ceanglas maidir le méadú suntasach ar allmhairí in Airteagal 3(3) sa bhun-Rialachán.

(129)

D’áitigh Shenghua freisin gur tháinig laghdú den chuid is mó ó 2019 ar aghaidh ar tháscairí eacnamaíocha áirithe (méid táirgeachta, táirgiúlacht, costais saothair, toradh ar infheistíochtaí) agus san am céanna tháinig laghdú suntasach ar líon na n-allmhairí ón tSín, mar sin ní raibh aon baint ag an laghdú i dtáscairí le hallmhairí ón tSín.

(130)

Diúltaítear do na hargóintí sin. Mar a leagtar amach in aithris (232) sa Rialachán sealadach, tháinig méadú 57 % ar sciar margaidh na Síne ó 2017 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin, rud a chuaigh chun dochair do thionscal an Aontais ar tháinig laghdú 50 % ar a sciar den mhargadh. Dá réir sin, tháinig méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte i gcomparáid le tomhaltas san Aontas. Ó 2019 go 2020 mhéadaigh sciar an mhargaidh d’allmhairí na Síne ó 55 % go 61 %, agus tháinig laghdú 16 % ar phraghsanna allmhairiúcháin na Síne a raibh tionchar suntasach acu ar thionscal an Aontais mar a mhínítear in aithris (235) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

(131)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Shenghua in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, gur cheart scrúdú a dhéanamh ar fhachtóirí aitheanta seachas na hallmhairí dumpáilte, fachtóirí atá ag déanamh díobhála do thionscal an Aontais freisin, chun a áirithiú nach gcuirfear an díobháil arna déanamh ag fachtóirí eile i leith na n-allmhairí dumpáilte.

(132)

D’áitigh siad gur tharla an díobháil do thionscal an Aontais mar gheall ar roinnt mhaith tosca eile amhail cor chun donais ar thionscal na cruach, allmhairí ó thríú tíortha (méadú níos mó ar allmhairí agus ar an sciar den mhargadh a bhí ag an mBrasaíl) agus COVID-19 sa bhliain 2020.

(133)

Maidir lena argóint gur mhó an seans go ndearna allmhairí ón mBrasaíl díobháil ná allmhairí ón tSín, d’áitigh an gearánach ar an gcéad dul síos gur mhéadaigh allmhairí ón tSín go mór an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín, agus ar an dara dul síos, gur ghearr praghsanna na Síne faoi phraghsanna thionscal an Aontais i gcónaí, rud ba chúis le brú síos ar phraghsanna, agus bhí méideanna na n-allmhairí ón mBrasaíl i bhfad níos ísle ná na hallmhairí ón tSín.

(134)

Rinne an Coimisiún anailís ar chúisíocht i roinn 5 den Rialachán sealadach i gcomhréir le hAirteagal 3(7). Rinneadh scrúdú ar gach fachtóir ar leith a luaigh Shenghua in aithris (132) agus ar gach fachtóir trí chéile.

(135)

Ar an gcéad dul síos, maidir leis an líomhain gur an choir chun donais san éileamh ar chruach ba chúis leis an díobháil, mar a leagtar amach in aithrisí (240) agus (241) sa Rialachán sealadach, i bhfianaise an tomhaltais laghdaithe, tháinig méadú 57 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín, agus tháinig laghdú ar tháirgeacht, méid na n-allmhairí, an sciar den mhargadh, brabúsacht, fostaíocht agus an toradh ar infheistíochtaí a bhí ag an Aontas, laghdú a bhí níos mó ná an laghdú ar tomhaltas, sa tréimhse ó 2017 go dtí an tréimhse imscrúdúcháin. Is amhlaidh sin toisc go raibh leathadh allmhairí na Síne ar phraghsanna ísle sa mhargadh ina chúis le damáiste shubstaintiúil do na táscairí díobhála sin. Dá bhrí sin, an laghdú ar an tomhaltas, ní rud é sin a bhris an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais.

(136)

Ar an dara dul síos, mar a luadh in aithrisí (252) agus (254) den Rialachán sealadach, bhí méid na n-allmhairí ón mBrasaíl 5 huaire níos ísle i gcónaí ná na hallmhairí ón tSín, dá bhrí sin, ní raibh siad suntasach go leor chun an nasc cúisíoch a mhaolú idir na cainníochtaí substaintiúla de shileacain cailciam ón tSín ar phraghsanna ísle agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(137)

Ar an tríú dul síos, maidir leis an argóint gurbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis an díobháil, argóint a rinne Rialtas na Síne freisin, mar a luadh in aithrisí (238) go (241) sa Rialachán sealadach, tháinig laghdú ar an staid dhíobhálach a tháinig chun cinn cheana féin in 2019 nuair a thit táirgeadh agus díolacháin thionscal an Aontais de thoradh theacht i bhfód na n-allmhairí ón tSín go dtí leibhéil a d’fhág nach raibh sé in ann a chostais aonaid ardaithe a chumhdach. Ina theannta sin, toisc nach raibh tús le tionchar phaindéim COVID-19 go dtí 2020, níor cheart féachaint ar phaindéim COVID-19 mar fhachtóir lenar géaraíodh an díobháil in 2020. Ar aon chuma, lean allmhairí Síneacha de bheith ag fáil sciar den mhargadh a bhí níos mó d’ainneoin an laghdaithe ar an éileamh, mar a mhínítear in aithris (240) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, ní dhearna an COVID-19 maolú ar an nasc cúisíoch idir na hallmhairí ar phraghas íseal ón tSín agus an díobháil a rinneadh.

(138)

Níor thug Shenghua ná Rialtas na Síne aon fhianaise eile ar fáil a thabharfadh údar le conclúid dhifriúil.

(139)

Dúirt Rialtas na Síne freisin tar éis an nochta shealadaigh gur chuir an Coimisiún fadhbanna na bhfardal méadaithe agus na húsáide acmhainneachta laghdaithe ag tionscal an Aontas i leith na dtáirgí sileacain cailciam ón tSín, ach rinne sé neamhaird ar an bhfíoras gur mhéadaigh tionscal an Aontais féin a infheistíocht go tapa agus gur mhéadaigh sé a acmhainneacht táirgeachta in 2018-2019, rud ba chúis leis an méadú ar líon na bhfardal.

(140)

Ní féidir glacadh leis an argóint seo toisc nár infheistíocht in acmhainneacht táirgeachta nua ba chúis leis an méadú ar na fardail, ach toisc nach raibh tionscal an Aontais in ann na cainníochtaí ar fad a táirgeadh le linn na tréimhse 2018-2019 a dhíol. Thit cainníochtaí táirgeachta i ndáiríre thar an tréimhse seo ach bhí siad fós níos airde ná méid na ndíolachán. Dá bhrí sin, ba é an méadú ar allmhairí dumpáilte ba chúis leis na fardail mhéadaithe.

(141)

Sna barúlacha a thug sé tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Shenghua a mhaíomh mar a shonraítear in aithris (132) nár mheas an Coimisiún i gceart méid an tionchair a bheadh ag fachtóirí amhail an cor chun donais sa tionscal cruach agus COVID-19. Go háirithe, d’áitigh sé gur de réir thuarascáil bhliantúil Ferroglobe (11) (máthairghnóthas Ferropem), d’admhaigh tionscal an Aontais go raibh a oibríocht faoi thionchar an tionscail cruach, agus go mbraitheann sé air, agus go mbeadh drochthionchar (“go bhféadfadh drochthionchar a bheith” a bhí sa tuarascáil) ag cor chun donais sa tionscal cruach ar a ghnó agus a oibríochtaí. Chuir Shenghua in iúl freisin gur thacaigh na barúlacha a thug Eurofer i mí an Mhárta 2021 lena sheasamh gurbh é an cor chun donais i dtairgeadh cruach seachas allmhairí ón tSín ba chúis leis an bhfeidhmíocht níos laige sa tionscal CaSi. Thairis sin, dúirt sé go sonraítear i dtuarascáil airgeadais Ferroglobe go raibh “tionchar díobhálach ábhartha ag COVID-19 ar ár ngnó agus ár dtorthaí airgeadais”.

(142)

Ar na cúiseanna a shonraítear in aithrisí (135) agus (137) den Rialachán seo, diúltaíodh do na maímh sin.

(143)

Chuir Shenghua in iúl thairis sin go ndearnadh díobháil thromchúiseach d’fheidhmíocht thionscal an Aontais i ngeall ar an méadú mór a tháinig ar phraghsanna fuinnimh. Ar an gcéad dul síos, luaigh sé alt le Fastmarkets MB (12) a léirigh gur laghad OFZ a thairgeadh faoi bhreis agus a leath i ngeall ar an méadú mór faoi shé a bhí tar éis teacht ar phraghsanna fuinnimh le déanaí. Ar an dara dul síos, thagair sé d’alt a d’fhoilsigh Nasdaq ina sonraíodh “go n-oibríonn Ferroglobe i dtionscal atá dian ar fuinneamh, agus dá bhrí sin tá tionchar diúltach ag an timpeallacht praghsála fuinnimh atá ann faoi láthair, go háirithe sa Spáinn, ar ár ngnó.” (13)

(144)

Luaigh an Coimisiún go raibh an tagairt do OFZ ag baint le dúnadh ceithre fhoirnéis fearó-chóimhiotail, gan sileacan cailciam a bheith san áireamh, i dtréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, agus gur thagair an t-alt Nasdaq go háirithe don Spáinn, cé gur sa Fhrainc a tháirgeann Ferropem sileacan cailciam.

(145)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach raibh baint shonrach ag an fhaisnéis a soláthraíodh le hallmhairí an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus nár mhaolaigh sé an nasc cúisíoch idir allmhairí ón tSín agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

5.3.   An chonclúid maidir le cúisíocht

(146)

In éagmais barúlacha eile maidir le cúisíocht, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí a leagtar amach in aithrisí (261) go (265) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach díobhála

(147)

Mar a luaitear in aithris (266) den Rialachán sealadach, mhaígh na gearánaigh gurbh ann do shaobhadh ar amhábhair de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, chun an measúnú a dhéanamh ar an leibhéal beart iomchuí, shuigh an Coimisiún ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go ndíothófar an díobháil a rinneadh don tionscal de chuid an Aontais in éagmais saofa faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Ansin scrúdaigh sé ansin an mbeadh corrlach dumpála na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha ní b’airde ná a gcorrlach gearrdhíola.

(148)

Mar a fhoráiltear le hAirteagal 9(4), an tríú fomhír, den bhun-Rialachán, agus de bharr nár chláraigh an Coimisiún allmhairí le linn thréimhse an nochta, rinne sé anailís ar fhorbairt na méideanna allmhairí chun a shuí ar tháinig méadú substaintiúil eile in allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta a shonraítear in aithris (3) agus dá bhrí sin ag léiriú na díobhála breise mar thoradh ar mhéadú den sórt sin nuair a bhí an corrlach díobhála á chinneadh.

(149)

Ar bhonn shonraí ó bhunachar sonraí Surveillance, bhí méideanna na n-allmhairí ón tSín 36 % níos airde le linn tréimhse ceithre seachtaine an réamh-nochta ná meánmhéideanna na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar bhonn ceithre seachtaine. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh ardú substaintiúil ar allmhairí faoi réir an imscrúdaithe le linn na tréimhse réamhnochta.

(150)

Dá bhrí sin, níor choigeartaigh an Coimisiún leibhéal an díothaithe díobhála i ndáil leis sin.

(151)

Tar éis an nochta shealadaigh, chuir Ketong in iúl, ós rud é gur caitheadh leis na sonraí uile ar leibhéal an chineál táirge maidir le spriocphraghas thionscal an Aontais mar fhaisnéis rúnda, go raibh nochtadh fóinteach bainte de a chuirfeadh ar a chumas tuairimí a thabhairt maidir le cruinneas an ríomha.

(152)

Luann an Coimisiún gur in Iarscríbhinn 3 (14) a ghabhann leis an nochtadh sealadach a tugadh do Ketong an 15 Deireadh Fómhair 2021, thug an Coimisiún le fios gur “ar chúiseanna rúndachta (praghsanna thionscal an Aontais a bhaineann le ceachtar den dá tháirgeadh), ní féidir sladghearradh mionsonraithe ag PCN a nochtadh.” Deimhníonn an Coimisiún go bhfuil feidhm ag neamhnochtadh na faisnéise mionsonraithe seo maidir le cineálacha táirge maidir le spriocphraghas thionscal an Aontais chomh maith. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(153)

Mhaígh an t-onnmhaireoir Ningxia Shun Tai Smelting Co, Ltd nár thiontaigh an Coimisiún a phraghsanna onnmhairiúcháin CAL ag teorainn an Aontais go Euro i gceart chun a chorrlach díobhála a ríomh. Ghlac an Coimisiún leis an maíomh sin agus rinne sé a chorrlach díobhála a athríomh i ndáil leis sin.

(154)

Mar a shonraítear in aithris 115), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar phraghsanna onnmhairiúcháin CAL Shun Tai. Ba é an toradh a bhí ar an athbhreithniú sin corrlach díobhála cinntitheach athbhreithnithe le haghaidh Shun Tai agus corrlach athbhreithnithe le haghaidh “gach cuideachta eile”. Suitear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh le haghaidh “gach cuideachta eile” ar an mbealach céanna agus a shuitear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin. Dá bhrí sin, is é seo a leanas an leibhéal díothaithe díobhála deiridh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus le haghaidh gach cuideachta eile:

Tír

Cuideachta

Corrlach díobhála cinntitheach

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Ketong New Material Technology Co. Ltd.

31,5  %

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Shun Tai Smelting Co. Ltd.

42,7  %

Daon-Phoblacht na Síne

Shaanxi Shenghua Metallurgy-Chemical Co. Ltd.

32,8  %

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

50,7  %

6.1.1.   Saobhadh ar amhábhar

(155)

Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Euroalliages gur cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a chonclúid shealadach a leagtar amach in aithris (281) den Rialachán sealadach nach raibh an leictreachas faoi réir aon saobhadh de réir bhrí Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. D’áitigh Euroalliages gur léir ó Roinn 10 den Tuarascáil Tíre go raibh saobhadh suntasach san earnáil fuinnimh sa tSín agus nár thug Rialtas na Síne barúil maidir leis sin. D’áitigh sé freisin go raibh roinnt tagairtí sa ghearán agus go léiríonn gach ceann acu go bhfuil saobhadh ar phraghsanna fuinnimh ann. Mhaígh Euroalliages maidir leis an bhfianaise a fuarthas i leith fóirdheontais fuinnimh a deonaíodh sa tSín mar aon leis an doiciméadacht a bhaineann leis an scéim praghsála déiche fuinnimh sa tSín, cé gur breacdhoiciméadacht a bhí inti, go bhféadfaí a mheas gur fianaise leordhóthanach a bhí sa mhéid sin chun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(156)

Tá an saobhadh suntasach a luaitear in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus na bearta i Roinn 10 den Tuarascáil Tíre éagsúil leis na bearta nithiúla a liostaítear in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Faoi Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán scrúdaigh an Coimisiún ansin cibé acu a dhéantar leictreachas a shaobhadh le scéim praghsála déiche nó le haon cheann eile de na bearta a liostaítear in Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán. Níl aon fhianaise ann go bhfuil a leithéid de bhreitheanna san imscrúdú seo agus níor deimhníodh na líomhaintí sa ghearán, mar a mhínítear in aithrisí (276) go (281) den Rialachán sealadach. Déantar an maíomh a dhíbhe agus deimhníonn an Coimisiún a chuid conclúidí mar a leagtar amach in aithris (281) den Rialachán sealadach.

6.2.   Conclúid maidir le leibhéal na mbeart

(157)

De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Ketong New Material Technology Co. Ltd.

31,5  %

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Shun Tai Smelting Co. Ltd.

42,7  %

Daon-Phoblacht na Síne

Shaanxi Shenghua Metallurgy-Chemical Co. Ltd.

32,8  %

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

50,7  %

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(158)

Agus na fíorais agus na conclúidí a leagtar amach in aithris (110) á gcur san áireamh, deimhníonn an Coimisiún a chonclúid in aithris (289) den Rialachán sealadach go rachadh forchur na mbeart chun leasa thionscal sileacain cailciam an Aontais. Go deimhin, cabhróidh bearta frithdhumpála leis na coinníollacha a chruthú ina leanfaidh an dá chuideachta de bheith ag feidhmiú, ós rud é go dtabharfar aghaidh ar an saobhadh a eascraíonn as trádáil éagórach.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara, na dtrádálaithe agus na n-úsáideoirí

(159)

Thug monaróir sreinge croíleacánaí (Filo d.o.o.) atá lonnaithe san Aontas le fios gur cruthaíodh fadhbanna soláthair ó forchuireadh na bearta sealadacha toisc nach raibh tionscal an Aontais ag díol cainníochtaí leordhóthanacha ar an margadh agus toisc gur méadaíodh praghsanna na Síne ar an margadh leis na bearta frithdhumpála. Mhaígh an páirtí sin ós rud é go raibh méadú suntasach tagtha ar na praghsanna ar mhargadh an Aontais, go raibh tionscal na cruach (príomhthionscal na n-úsáideoirí) ag féachaint le haistriú chuig táirgí cailciam íon nó gur aistrigh sé cheana chuig táirgí cailciam íon mar rogha mhalartach ní ba shaoire.

(160)

Thug Euroalliages barúil freisin ar na forbairtí sin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Thug siad le fios go raibh fadhbanna sealadacha táirgthe agus díolacháin ag tionscal an Aontais. I ndáil le Ferropem, bhain na fadhbanna sin le hathstruchtúrú ghrúpa Ferroglobe agus le haistriú an táirgthe go láithreán nua sa Fhrainc – fadhbanna arbh é ba chúis leo den chuid is mó na cleachtais dumpála dhíobhálacha arna ndearbhú leis an Rialachán sealadach. Maidir le OFZ, bhain na fadhbanna seo le praghsanna leictreachais méadaithe a chuir isteach go sealadach ar a ghnáthphleanáil um an bpróiseas táirgthe. Ina theannta sin, thug Euroalliages le fios go bhfuil praghsanna cailciam íon ró-ard chun ionadú a dhéanamh ar CaSi atá inmharthana go heacnamaíoch. Sholáthair sé comhfhreagras rúnda freisin ó úsáideoir CaSi iartheachtach de chuid an Aontais atá gníomhach in earnáil na sreinge croíleacánaí. Léirigh an comhfhreagras sin tacaíocht do bhearta arb é is aidhm dóibh an iomaíocht chóir a athbhunú agus foinsí éagsúla soláthair a choinneáil, lena n-áirítear foinsí ó tháirgeoirí an Aontais, ar mhargadh an Aontais.

(161)

Luann an Coimisiún nach bhfuil bunús leis na líomhaintí ó Filo d.o.o. agus in aon chás ní léiríonn siad aon athrú struchtúrach i ndálaí an mhargadh i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin. Go deimhin, is fíor go bhféadfadh sé go dtarlódh athruithe áirithe sa mhargadh le haghaidh páirtithe iartheachtacha sa slabhra soláthair nuair a fhorchuirtear dleachtanna frithdhumpála. Mar sin féin, ní hiad na bearta an fachtóir suaiteach, ach is iad na fachtóirí trína ndéantar cothroime iomaíochta a athbhunú, trína n-áirithítear gníomhaíocht leanúnach thionscal an Aontais san earnáil, agus trína ráthaítear cobhsaíocht an tsoláthair ó fhoinsí iomadúla. Ina theannta sin, suas go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021, níor léirigh praghsanna allmhairiúcháin CaSi an méadú a líomhain an monaróir sreinge croíleacánaí a bheith ann chun go mbeadh sé inmharthana aistriú chuig cailciam íon, fiú má chuirtear bearta san áireamh.

(162)

Mar fhocal scoir, mheas an Coimisiún nach forbairtí struchtúracha a bhí i gceist le haon fhorbairtí soláthair tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Ba léir go raibh na bearta riachtanach chun an iomaíocht chóir a athbhunú ar mhargadh an Aontais. Chuirfeadh sé sin ar chumas thionscal an Aontais an seasamh atá aige ar an margadh a athbhunú roimh an dumpáil dhíobhálach.

(163)

Dúirt Rialtas na Síne nach ndearna an Coimisiún measúnú iomlán ar an tionchar ar an tionscal cruach. Chuir siad in iúl gur mheas an Coimisiún san athbhreithniú ar na coimircí cruach go bhfuil cosaint leanúnach na mbeart coimircí cruach a chumhdaíonn réimse leathan táirgí cruach ag teastáil ó tháirgeoirí cruach an Aontais. Dá bhrí sin, ní hamháin go ndéanann sé dochar d’fhorbairt na bhfiontar cruach aon dleacht bhreise a chur ar a n-ionchuir thábhachtacha, ach tá sé contrártha freisin do loighic réasúnaíocht an Choimisiúin san athbhreithniú ar choimircí cruach. Thug an Coimisiún aghaidh ar thionchar na mbeart ar an tionscal cruach in aithris (302) sa Rialachán sealadach, inar chinn sé, ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó úsáideoir, gur costas an-bheag é CaSi le haghaidh an tionscail cruach.

(164)

D’áitigh an Rialtas na Síne ina theannta sin, má choinnítear leibhéal iomaíochta iomchuí ar bun i margadh an Aontais, nach amháin go ndéanfar tuilleadh roghanna agus táirgí níos fearr a sholáthar don tionscal iartheachtach agus do thomhaltóirí ach go gcabhrófar le tionscal an Aontais feabhas a chur ar a chumas iomaíochta.

(165)

Thug Shenghua barúil freisin maidir le iomaíocht ar an margadh, ina ndúirt sé nach bhfuil ach dhá tháirgeoir CaSi de chuid an Aontais ann ach tá níos mó ná seasca allmhaireoir, trádálaí agus úsáideoir ann. Mheas sé gur níos lú iomaíochta agus praghsanna níos airde ar mhargadh an Aontais le haghaidh an tionscail cruach a bheadh mar thoradh ar fhorchur na mbeart.

(166)

Mar sin féin, mar a luitear in aithris (161), measann an Coimisiún gur cheart go mbeadh iomaíocht ar mhargadh an Aontais cothrom do gach páirtí. Dá bhrí sin, bhí sé tábhachtach praghsanna allmhairiúcháin CaSi ón tSín a chur faoi réir dleachtanna frithdhumpála chun iomaíocht chóir a athbhunú.

(167)

Mheabhraigh Shenghua freisin barúlacha Eurofer nár fhreastal tionscal an Aontais riamh ar níos mó ná 42 % d’éileamh an Aontais. D’áitigh sé nach féidir leis an dá tháirgeoir de chuid an Aontais freastal ar éileamh an Aontais, agus ó tharla sin amhlaidh, dá laghdófaí an slabhra soláthair ón tSín, bheadh drochthionchar aige sin ar úsáideoirí. Luann an Coimisiún áfach, go mbeidh úsáideoirí in ann allmhairí ó thríú tíortha a fhoinsiú agus nach bhfuil sé i gceist an soláthar ón tSín a ghearradh leis na bearta sin. Tá sé i gceist a áirithiú go dtiocfaidh allmhairí ón tSín isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna cothroma.

(168)

Tar éis an nochta chinntithigh, chuir Shenghua in iúl leag an Coimisiún an-iomarca béime ar leasanna thionscal an Aontais agus nár leor an aird a thug sé ar leasanna allmhaireoirí agus úsáideoirí an Aontais. Go háirithe, d’athdhearbhaigh sé barúlacha Eurofer agus Chónaidhm Cruach na Gearmáine maidir leis an ngearáin, nár sholáthair an tionscal intíre riamh níos mó ná 42 % de thomhaltas dealraitheach an Aontais agus nach féidir leis an tionscal intíre freastal ar an éileamh ar shileacan cailciam. Rinne sé tagairt freisin do bharúlacha Filo d.o.o ó mhí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2021 nach bhfuil táirgeoirí an Aontais ná táirgeoirí na Brasaíle ag tairiscint soláthairtí sileacain cailciam do mhargadh an Aontais.

(169)

Tar éis an nochtadh chinntithigh, d’athdhearbhaigh Filo d.o.o agus TDR Legure d.o.o. a bharúil freisin nach féidir le tairgeoirí an Aontais soláthairtí a chur ar fáil do mhargadh an Aontais go sealadach.

(170)

D’fhreagair Euroalliages gur mian le táirgeoirí gearánacha an Aontais díolacháin ar mhargadh an Aontais a choinneáil ar bun agus sholáthair siad fianaise maidir le tairiscintí a rinneadh le déanaí chun CaSi a soláthair do mhargadh an Aontais.

(171)

Mar a léirítear in aithris (161), measann an Coimisiún nach iad na bearta an fachtóir suaiteach, ach is iad na fachtóirí trína ndéantar cothroime iomaíochta a athbhunú, trína n-áirithítear gníomhaíocht leanúnach thionscal an Aontais san earnáil, agus trína ráthaítear cobhsaíocht an tsoláthair ó fhoinsí iomadúla (lena n-áirítear an tSín). Go deimhin mar chuid de thástáil leas an Aontais, sonraítear in Airteagal 21 den bhun-Rialachán go “[d]tabharfar aird speisialta ar an ngá le fáil réidh leis na héifeachtaí saofa a bhíonn ag dumpáil dhíobhálach ar thrádáil, agus ar iomaíocht éifeachtach a thabhairt ar ais”. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(172)

Ina theannta sin, tar éis an nochta chinntithigh, thug Filo d.o.o. agus TDR Legure d.o.o. le fios gurbh é an fhadhb is mó a d’fhéadfadh a bheith ann má fhorchuireann an Coimisiún bearta, go n-allmhaireofaí sileacan cailciam de thionscnamh na Síne isteach san Aontas ach go ndearbhófaí gur ó thríú tír eile a tháinig sé (an Úcráin, an India, an Rúis, an Téalainn, an Tuirc etc.). Dúirt an Coimisiún gur tuairimíocht a bhí sa mhéid sin agus nach mbaineann sé le hanailís leas an Aontais.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(173)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le leas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chonclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithris (303) den Rialachán sealadach, nach raibh aon chúis láidir ann nár cheart bearta cinntitheacha a fhorchur san imscrúdú seo.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(174)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht, le leibhéal na mbeart agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal de chuid an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann.

(175)

Mar a luitear in aithris (115), rinneadh athbhreithniú beag ar phraghsanna onnmhairiúcháin CAL i leith táirgeora amháin ag an gcéim chinntitheach. Bhí tionchar beag freisin ag glacadh an mhaímh sin ar a chorrlach díobhála agus ar chorrlach díobhála “gach cuideachta eile”.

(176)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, ba cheart iad a bheith mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach díobhála

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Ketong New Material Technology Co. Ltd., Hongguozi Crios Tionsclaíoch, Ceantar Huinong, Cathair Shizuishan, Cúige Ningxia

52,3  %

31,5  %

31,5  %

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Shun Tai Smelting Co., Ltd., Zhongwei Industrial Park, Cathair Zhongwei, Cúige Ningxia

123,6  %

42,7  %

42,7  %

Daon-Phoblacht na Síne

Shaanxi Shenghua Metallurgy-Chemical Co. Ltd, Yangxian Eco- Industrial Park, Hanzhong City, Shaanxi Province

75,0  %

32,8  %

32,8  %

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

132,6  %

50,7  %

50,7  %

(177)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is a léiriú iad ar an staid faoi mar a bhí sí le linn an imscrúdaithe a mhéid a bhaineann leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin, dá bhrí sin, infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna mhonarú ag aon chuideachta eile nach luaitear a hainm ná a seoladh go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá gaolmhar leis na cuideachtaí a luaitear go sonrach, ní féidir leis na hallmhairí sin tairbhe a bhaint as na rátaí seo agus ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(178)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (15). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme. Más amhlaidh nach ndéanann an t-athrú ar ainm na cuideachta difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(179)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(180)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má chuirtear sonrasc a chomhlíonann na ceanglais go léir a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo faoina mbráid, ba cheart d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sé, amhail i ngach cás eile, go n-d’éileoidís doiciméid bhreise (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí sa dearbhú a dheimhniú agus chun a áirithiú go bhfuil údar maith leis an ráta dleachta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, i gcomhréir le dlí custaim.

(181)

Dá dtarlódh sé go dtiocfadh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí de chuid ceann de na cuideachtaí a bhaineann tairbhe as rátaí aonair dleachta níos ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí méadú den sórt sin ar mhéid a mheas ann féin mar athrú i bpatrún na trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé imscrúdú frith-imchéimnithe a thionscnamh, ar choinníoll go bhfuil na dálaí sin chun déanamh amhlaidh á gcomhlíonadh. D’fhéadfadh sé go ndéanfaí scrúdú san imscrúdú seo, inter alia, ar an ngá atá le ráta(í) dleachta aonair a bhaint agus forchur dleachta ar fud na tíre ina dhiaidh sin.

(182)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach freisin maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

8.2.   Tairiscintí gealltanais praghsanna

(183)

Tar éis an nochta dheiridh, thíolaic táirgeoir onnmhairiúcháin amháin tairiscint gealltanais praghsanna i gcomhréir le hAirteagal 8 den bhun-Rialachán. Cé gur allmhairigh sé roinnt cineálacha den táirge lena mbaineann, mhol sé meánphraghas allmhairiúcháin íosta amháin (MIP).

(184)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an tairiscint i gcomhthéacs luaineacht praghsanna an táirge faoi imscrúdú. Sa dá bhliain dheireanacha den tréimhse faoi bhreathnú, tháinig sé chun solais gur ag athrú go mór a bhí an praghas ar shileacan cailciam a allmhairíodh isteach i margadh an Aontais ó roinnt foinsí (an Bhrasaíl, an Téalainn, an Airgintín agus an tSín). I bhfianaise na luaineachta sin, ní féidir a ráthú gur leor MIP meánach amháin chun deireadh a chur le héifeachtaí díobhálacha na dumpála le linn thréimhse na mbeart.

(185)

Mhol an t-onnmhaireoir lena mbaineann thairis sin an MIP molta a innéacsú ar bhonn praghsanna leictreachais sa Bhrasaíl. Mar sin féin, níl an eilimint chostais sin mór a dhóthain chun a áirithiú go nginfeadh an innéacsú praghsanna a chuirfeadh deireadh leis an díobháil.

(186)

Tá sé ríthábhachtach gurb ann do nasc soiléir idir an t-athrú ar phraghas an táirge lena mbaineann arna ndíol chuig an Aontais ag an táirgeoir onnmhairiúcháin lena mbaineann agus an luaineacht phraghais an ábhair ionchuir. Ní raibh aon fhianaise ar comhad a léirigh gurbh ann do nasc den sórt sin agus níor léirigh an t-onnmhaireoir lena mbaineann gurbh an don nasc sin. Léiríonn sé sin go n-imríonn fachtóirí eile tionchar ar an luaineacht praghsanna a tugadh faoi deara.

(187)

Thairis sin, is ar chorrlaigh díobhála atá na bearta molta bunaithe (eadhon ar chostais thionscal an Aontais), agus ní féidir a áirithiú le hinnéacsú MIP ar bhonn éabhlóid phraghas leictreachais na Brasaíle go gcuirfeadh MIP den sórt sin deireadh leis an díobháil. Ní hí éabhlóid na bpraghsanna leictreachais sa tír sin a chinneann costais agus praghsanna thionscal an Aontais.

(188)

Ar deireadh, fiú dá measfaí gur praghas leordhóthanacha bhí sa phraghas leictreachais sa Bhrasaíl, níl an mhinicíocht is gá ag na sonraí atá ar fáil go poiblí arna moladh ag an iarratasóir, chun luaineacht an phraghais leictreachais a léiriú go hiontaofa.

(189)

Mura gcomhlíontar ceann amháin de na saincheisteanna thuasluaite, is leor é sin chun a chinneadh nach leor an tairiscint gealltanais praghsanna agus dá bhrí sin ní féidir glacadh leis.

(190)

Maidir le faireachán a dhéanamh ar an ngealltanas, léirigh an t-imscrúdú nach gcomhlíonann cuntasaíocht an iarratasóir prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go hidirnáisiúnta, agus go háirithe nach raibh aon chuntas bainistíochta ná liosta custaiméirí ríomhairithe ar fáil go héasca le linn an imscrúdaithe. Bhí fadhbanna ábhartha eile le fáil sna cuntais oifigiúla freisin. Caitheann an méid sin amhras ar iontaofacht an iarratasóra agus léiríonn sé go mbeadh deacrachtaí praiticiúla ann ó thaobh faireachán a dhéanamh go hiontaofa ar ghealltanas féideartha.

(191)

Ar bhonn na bhfíoras agus na breithnithe thuas, agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 8 den bhun-Rialachán, measadh nár leor an tairiscint chun a áirithiú go gcuirfí deireadh le héifeachtaí díobhálacha na dumpála. De bhun Airteagal 8(3) den bhun-Rialachán, measadh nach mbeadh sé praiticiúil faireachán a dhéanamh air.

(192)

Dá bhrí sin, diúltaíodh don tairiscint.

8.3.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(193)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a suíodh agus leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, na méideanna a fuarthas leis na dleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach, ba cheart iad a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a leagtar amach faoin Rialachán seo.

9.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(194)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (16), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(195)

[Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sileacain cailciam, atá faoi láthair faoi Chóid AC ex 7202 99 80 agus ex 2850 00 60 (cóid TARIC 7202998030, agus 2850006091), agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Maidir leis an táirge a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar a leanas a bheidh ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir le praghas an táirge sin, arb é an glanphraghas é, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Ketong New Material Technology Co. Ltd., Hongguozi Crios Tionsclaíoch, Ceantar Huinong, Cathair Shizuishan, Cúige Ningxia

31,5  %

C721

Daon-Phoblacht na Síne

Ningxia Shun Tai Smelting Co., Ltd., Zhongwei Industrial Park, Cathair Zhongwei, Cúige Ningxia

42,7  %

C722

Daon-Phoblacht na Síne

Shaanxi Shenghua Metallurgy-Chemical Co. Ltd, Yangxian Eco- Industrial Park, Hanzhong City, Shaanxi Province

32,8  %

C723

Daon-Phoblacht na Síne

Gach cuideachta eile

50,7  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a shonraítear le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a bheith curtha faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, sonrasc nach mór dearbhú a bheith air arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, ar oifigeach é arna shainaithint lena ainm agus lena fheidhm, agus ní mór an dearbhú a dhréachtú mar a leanas: “Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena mbaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh in [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.” Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.

Airteagal 2

Na méideanna fuarthas trí bhíthin na dleachta frithdhumpála sealadaí faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1811 déanfar iad a bhailiú go cinntitheach. Na méideanna a fuarthas atá os cionn rátaí cinntitheacha na dleachta frithdhumpála, déanfar an farasbarr a scaoileadh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí sileacain chailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 58, 18.2.2021, lch. 60).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1811 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2021, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí sileacain chailciam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO L 366, 15.10.2021, lch. 17).

(4)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2020) 242 final, 22.10.2020, atá ar fáil ag https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2020/october/tradoc_158997.pdf

(5)  Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sócmhainní faoi Úinéireacht Stáit de chuid Cuideachtaí, arna ghlacadh ag an cúigiú seisiún de Bhuanchoiste an 11ú Daon-Comhdháil Náisiúnta de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne an 28 Deireadh Fómhair 2008 agus arna fhógairt an lá céanna.

(6)  Féach suíomh gréasáin Shenghua ag: http://sxshyh.cn/index/index/about (breathnaíodh air an 11 Eanáir 2022).

(7)  Féach Airteagal 3(2) de Bhunreacht CCP maidir leis na dualgais atá ar chomhaltaí CCP, i ndáil le hAirteagal 10 a bhaineann le prionsabal an lárachais dhaonlathaigh.

(8)  IO L 208, 1.7.2020, lch. 2.

(*1)  Mínítear suí an luacha neamhshaofa in aithris (145) den Rialachán sealadach

(*2)  Mínítear suí an luacha neamhshaofa in aithris (146) den Rialachán sealadach

(*3)  Mínítear suí an luacha neamhshaofa in aithris (148) den Rialachán sealadach

(9)  https://www.edp.com.br/distribuicao-sp/saiba-mais/informativos/tabela-de-fornecimento-de-media-e-alta-tensao

(10)  Féach breithiúnas an 16 Nollaig 2011, Cás T-423/09, Dashiqiao v An Chomhairle, ECLI:EU:EU:T:2011:764, míreanna 34 go 50 agus breithiúnas an 19 Bealtaine 2021, Cás T-254/18, Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha agus Eile v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2021:278, míreanna 586 go 610.

(11)  https://sec.report/document/0001558370-21-005436#gsm-20201231x20f.htm (an 25 Eanáir 2022 an uair deiridh ar breathnaíodh air).

(12)  https://www.metalbulletin.com/Article/4010921/Search-results/OFZ-Slovakia-cuts-ferro-alloy-output-due-to-surging-power-prices.html (an 25 Eanáir 2022 an uair deiridh ar breathnaíodh air).

(13)  https://www.nasdaq.com/articles/factbox-power-crunch-pressures-europes-silicon-and-ferro-alloy-producers-2021-10-07-0 (an 25 Eanáir 2022 an uair deiridh ar breathnaíodh air).

(14)  Iarscríbhinn 3: Sonraí maidir le ríomhanna na gcorrlach sladghearrtha agus díobhála agus maidir le faisnéis faoin modheolaíocht a úsáideadh.

(15)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Ard-Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.


24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/36


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/469 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 15 agus Airteagal 24(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún (2), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus leasaigh sé Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (3).

(2)

Na rátaí dleachta frithchúitimh cinntitheacha, arna sloinneadh ar an bpraghas costais, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht chustaim a íoc, is mar seo a leanas a bunaíodh iad:

Cuideachta

Ráta na dleachta frithchúitimh

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

10,3  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

5,1  %

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frith-fhóirdheontais agus san imscrúdú frithdhumpála araon a liostaítear in Iarscríbhinn I

7,8  %

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frithdhumpála ach nach gcomhoibríonn san imscrúdú frith-fhóirdheontais a liostaítear in Iarscríbhinn II

10,3  %

Gach cuideachta eile

10,3  %

(3)

Tá rátaí na dleachta frithchúitimh a shonraítear thuas ceart agus nochtadh iad do na páirtithe le linn an imscrúdaithe. Mar sin féin, in aithris (217) agus aithris (339) de Rialachán (AE) 2022/72 bhí earráidí cló maidir le rátaí fóirdheontais an Ghrúpa FTT i ndáil le “deontais” agus “maoiniú fabhrach: iasachtaí”, faoi seach. Is iad 1,88 % le haghaidh “deontais” agus 1,39 % le haghaidh “maoiniú fabhrach: iasachtaí” na rátaí cearta ba cheart a bheith ann in ionad 1,79 % agus 0,9 % faoi seach.

(4)

Thairis sin, in Airteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 bhí earráid chló maidir leis an gcód breise TARIC i ndáil le “gach cuideachta eile” i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún, ba cheart C999 in ionad C699 a bheith ann.

(5)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún aithris (217) agus aithris (339) a cheartú mar aon le hAirteagal 2(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72, lena leasaítear Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 dá réir. Tá feidhm ag an gceartúchán seo ó theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72, is é sin 20 Eanáir 2022.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris (217):

“Is mar seo a leanas a bhí na rátaí fóirdheontais a bunaíodh maidir le gach deontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte:

Deontais

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

1,88  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,33  %”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris (339):

“Ba é a bhí sna rátaí fóirdheontais a bunaíodh maidir leis an maoiniú fabhrach trí iasachtaí le linn na tréimhse imscrúdúcháin le haghaidh na ngrúpaí cuideachtaí sampláilte:

Maoiniú fabhrach: iasachtaí

Ainm na cuideachta

Ráta fóirdheontais

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

1,39  %

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

0,38  %”

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(1):

“(1)   cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

“(1)‘2.   Rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1 agus a thairgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

An Grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

33,7  %

C696

An Grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

14,6  %

C697

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frith-fhóirdheontais agus san imscrúdú frithdhumpála araon a liostaítear in Iarscríbhinn I

23,4  %

 

Cuideachtaí eile a chomhoibríonn san imscrúdú frithdhumpála ach nach gcomhoibríonn san imscrúdú frithfhóirdheontais a liostaítear in Iarscríbhinn II

20,9  %

 

Gach cuideachta eile

33,7  %

C999’”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach ón 20 Eanáir 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 55.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/72 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 12, 19.1.2022, lch. 34).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 410, 18.11.2021, lch. 51).

(4)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 21).


24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/39


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/470 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Márta 2022

lena ndeonaítear cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach muiceola agus lena socraítear méid na cabhrach roimh ré

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 18(2) agus Airteagal 223(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (2), agus go háirithe Airteagal 4(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le roinnt míonna tá deacrachtaí móra ag earnáil na muiceola. Tá an mhoill mhór ar onnmhairí chuig an tSín, leathnú fhiabhras Afracach na muc chuig níos mó Ballstát agus tionchar leanúnach na srianta COVID-19 ina gcúis le brú ar mhargadh an Aontais le haghaidh sléachtmhuc.

(2)

De thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá suaitheadh breise sa mhargadh agus d’imir sin tionchar mór ar onnmhairí muiceola an Aontais. Dá thoradh sin, tá laghdú mór tagtha ar an éileamh ar onnmhairiú táirgí muiceola áirithe.

(3)

Chun an mhíchothromaíocht i ndáil le soláthar-éileamh atá ann faoi láthair a laghdú, is iomchuí cabhair a dheonú do stóráil phríobháideach muiceola agus méid na cabhrach a shocrú roimh ré.

(4)

Maidir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240 ón gCoimisiún (4), Rialacháin lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le cur chun feidhme na cabhrach le haghaidh stóráil phríobháideach, ba cheart feidhm a bheith acu maidir leis an gcabhair le haghaidh stóráil phríobháideach muiceola ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

(5)

Ba cheart méid na cabhrach a shocrú roimh ré ionas go bhféadfaidh córas oibríochtúil atá tapa agus solúbtha a bheith ann do na hoibreoirí. I gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013, tá méid na cabhrach le socrú ar bhonn na gcostas stórála agus gnéithe ábhartha margaidh eile. Is iomchuí ráta cabhrach seasta a shocrú.

(6)

Chun go mbeidh cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach éifeachtach agus go mbeidh fíorthionchar aici ar an margadh, níor cheart an chabhair a dheonú ach amháin le haghaidh na dtáirgí nár cuireadh i stóráil go fóill.

(7)

Chun bainistiú an bhirt a éascú, ba cheart na táirgí muiceola a aicmiú i gcatagóirí de réir cosúlachtaí maidir le leibhéal an chostais stórála.

(8)

Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus simpliú riaracháin, ba cheart méid íosta na dtáirgí atá le cumhdach ag gach iarratas a shocrú.

(9)

Ba cheart urrús a shocrú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí a n-oibleagáidí conarthacha agus go mbeidh an éifeacht inmhianaithe ag an mbeart ar an margadh.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 42(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240 go gcuirfidh na Ballstáit iarratais inghlactha in iúl don Choimisiún uair sa tseachtain. Chun trédhearcacht, faireachán agus riaradh cuí a áirithiú i dtaca leis na méideanna atá ar fáil don chabhair, tá gá le fógraí níos minice chun an scéim a bhainistiú go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar mhinicíocht an fhógra.

(11)

Ionas go n-imreofar tionchar ar an margadh láithreach agus chun rannchuidiú le praghsanna a chobhsú, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach muiceola dá dtagraítear in Airteagal 17, an chéad mhír, pointe (h), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

2.   Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 agus ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 2

Táirgí cáilithe

1.   Leagtar amach san Iarscríbhinn liosta na gcatagóirí táirgí atá incháilithe chun cabhair a fháil agus na méideanna ábhartha cabhrach le haghaidh tréimhse stórála.

2.   Ní dheonófar cabhair ach le haghaidh cainníochtaí feola úire nó fuaraithe nár cuireadh i stóráil go fóill.

Airteagal 3

Iarratais a chur isteach

1.   Iarratais ar chabhair le haghaidh stóráil phríobháideach i dtaca leis na catagóirí táirgí atá incháilithe don chabhair a leagtar amach san Iarscríbhinn, féadfar iad a thaisceadh ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar aghaidh. Is é an 29 Aibreán 2022 an dáta deiridh le hiarratas a chur isteach.

2.   Bainfidh iarratais le tréimhse stórála de 60, 90, 120 nó 150 lá.

3.   Le gach iarratas, ní dhéanfar tagairt ach do cheann amháin de na catagóirí táirgí a liostaítear san Iarscríbhinn, agus léireofar an cód AC ábhartha laistigh de gach catagóir.

4.   Cuimseoidh gach iarratas íoschainníocht 10 dtona ar a laghad le haghaidh táirgí díchnámhaithe agus 15 thona le haghaidh táirgí eile.

Airteagal 4

Slándáil

Méid an urrúis is gá i gcomhréir le hAirteagal 4, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 agus iarratas ar chabhair le haghaidh stóráil phríobháideach á chur isteach, beidh sé cothrom le 20 % de na méideanna cabhrach a leagtar amach i gcolúin 3 go 6 den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Minicíocht na bhfógraí maidir leis na cainníochtaí dár cuireadh isteach iarratas

De mhaolú ar an minicíocht a leagtar síos in Airteagal 42(1), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún dhá uair sa tseachtain maidir leis na cainníochtaí dár cuireadh isteach iarratais ar chonarthaí a thabhairt i gcrích, mar a leanas:

(a)

faoi 12.00 Dé Luain (am na Bruiséile), na cainníochtaí dár cuireadh isteach iarratais Déardaoin agus Aoine na seachtaine roimhe sin;

(b)

faoi 12.00 Déardaoin (am na Bruiséile), na cainníochtaí dár cuireadh isteach iarratais Dé Luain, Dé Máirt agus Dé Céadaoin na seachtaine céanna.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  IO L 346, 20.12.2013, lch. 12.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1238 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lch. 15).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1240 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidirghabháil phoiblí agus cabhair le haghaidh stóráil phríobháideach (IO L 206, 30.7.2016, lch. 71).


IARSCRÍBHINN

Catagóirí táirgí

Táirgí a ndeonaítear cabhair ina leith

Méid na cabhrach le haghaidh na tréimhse stórála (EUR/tona)

60 lá

90 lá

120 lá

150 lá

1

2

3

4

5

6

Catagóir 1

ex 0203 11 10

Cliatháin gan an chrúb thosaigh, an t-eireaball, an duán, an scairt thanaí agus corda an dromlaigh (1)

Conablaigh iomlána ainmhithe suas le 20 kg

270

286

301

317

Catagóir 2

ex 0203 12 11

ex 0203 12 19

ex 0203 19 11

ex 0203 19 13

Liamhása

Guaillí

Leatha tosaigh

Luain, bídís le leath an mhuiníl nó ná bídís, nó leatha muiníl ceann ar ceann, luain, bídís leis an bpunt nó ná bídís (2)  (3)

326

341

357

372

Catagóir 3

ex 0203 19 55

Cosa, guaillí, leatha tosaigh, luain, bídís le leath an mhuiníl nó ná bídís, nó leatha muiníl ceann ar ceann, luain, bídís leis an bpunt nó ná bídís, iad díchnámhaithe (2)  (3)

377

392

407

423

Catagóir 4

ex 0203 19 15

Boilg, iad iomlán nó bearrtha le gearradh dronuilleogach

282

297

313

327

Catagóir 5

ex 0203 19 55

Boilg, iad iomlán nó bearrtha le gearradh dronuilleogach, gan seithe agus easnacha

348

361

375

389

Catagóir 6

ex 0203 19 55

Gearrthacha a chomhfhreagraíonn do “bhagúin láir”, bídís leis an tseithe nó an tsaill, nó ná bídís, iad díchnámhaithe (4)

279

293

306

320

Catagóir 7

ex 0209 10 11

Saill fho-chraicneach mhuice, bíodh sí leis an tseithe nó ná bíodh (5)

157

168

180

190


(1)  Is féidir an chabhair a dheonú freisin le haghaidh cliatháin a chuirtear i láthair mar thaobhanna “Wiltshire”, i.e. gan an ceann, an leiceann, an geolbhach, na croibh, an t-eireaball, an bhlonag, an duán, an luan bog, an slinneán, an steirneam, an colún veirteabrach, an chnámh pheilbheach agus an scairt.

(2)  Féadfaidh luain agus leatha muiníl a bheith leis an tseithe nó gan í ach ní fhéadfaidh an tsraith ghreamaitheach shaille a bheith níos mó ná 25 mm ar doimhneacht.

(3)  Féadfaidh an chainníocht a conraíodh aon teaglaim de na táirgí dá dtagraítear a chumhdach.

(4)  An cur i láthair céanna le cur i láthair na dtáirgí a thagann faoin gcód AC 0210 19 20.

(5)  Fíochán sailleach úr a bhailíonn faoi sheithe na muice agus a ghreamaíonn di, gan beann ar an gcuid den mhuc as a dtagann sí; i gcás ina gcuirtear i láthair í leis an tseithe, ní mór meáchan an fhíocháin shailligh a bheith níos mó ná meáchan na seithe.


CINNTÍ

24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/43


CINNEADH (CBES) 2022/471 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), bunaítear méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthairtí arna seachadadh d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chumhdach.

(2)

I bhfianaise na coinbhleachta armtha atá ar siúl ar chríoch na hÚcráine, ba cheart EUR 450 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais agus ba cheart síneadh 12 mhí a chur le fad an bhirt cúnaimh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh 36 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 900 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”;

(3)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 900 000 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”;

(4)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022, agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Cumhdóidh ar a laghad 50 % den mhéid tagartha airgeadais caiteachas arna thabhú amhail ón 11 Márta 2022.”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

“Airteagal 5

Ceadóidh na Ballstáit idirthuras trealaimh mhíleata, lena n-áirítear pearsanra tionlacain, trína gcríocha, lena n-áirítear a n-aerspás, i gcomhréir le hAirteagal 56(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).


24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/45


CINNEADH (CBES) 2022/472 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle (1) bunaítear méid tagartha EUR 50 000 000 atá beartaithe chun soláthar trealaimh agus soláthairtí nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt, a mhaoiniú, amhail trealamh cosanta pearsanta, fearais gharchabhrach agus breosla, d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine.

(2)

I bhfianaise na coinbhleachta armtha atá ar siúl ar chríoch na hÚcráine, ba cheart EUR 50 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais agus ba cheart síneadh 12 mhí a chur le fad an bhirt cúnaimh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/339 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/339 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh 36 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.”;

(2)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   EUR 100 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”;

(3)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 100 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”;

(4)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022, agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Le 50 faoin gcéad ar a laghad den mhéid tagartha airgeadais, cumhdófar caiteachas arna thabhú amhail ón 11 Márta 2022.”;

(5)

in Airteagal 4, mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

"(k)

Aireacht Chosanta, Oifig Gnóthaí Eachtracha Cónaidhme agus gníomhaireachtaí rialtais eile de chuid na Gearmáine;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/339 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 61, 28.2.2022, lch. 1).


Ceartúcháin

24.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 96/47


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí tháscairí coiteanna agus eilimintí mionsonraithe an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta a leagan amach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 429 an 1 Nollaig 2021 )

San Iarscríbhinn, ar leathanach 90, sa mhíniú ar tháscaire 10 “Líon na rannpháirtithe san oideachas nó san oiliúint”:

in ionad:

“Cuirfear san áireamh leis an táscaire líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oideachais (ISCED 0-6, i bhfoghlaim aosach) agus i ngníomhaíochtaí oiliúna (oiliúint lasmuigh den phost/oiliúint sa láthair oibre, gairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach, etc.) a fhaigheann tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid, lena n-áirítear rannpháirtithe i seisiúin oiliúna le haghaidh scileanna digiteacha”,

léitear:

“Cuirfear san áireamh leis an táscaire líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí oideachais (ISCED 0-8, i bhfoghlaim aosach) agus i ngníomhaíochtaí oiliúna (oiliúint lasmuigh den phost/oiliúint sa láthair oibre, gairmoideachas agus gairmoiliúint leanúnach, etc.) a fhaigheann tacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid, lena n-áirítear rannpháirtithe i seisiúin oiliúna le haghaidh scileanna digiteacha”.

San Iarscríbhinn, ar leathanach 91, sa mhíniú ar tháscaire 13 “Acmhainn seomraí ranga de shaoráidí cúraim leanaí/oideachais nua nó nuachóirithe”:

in ionad:

“An acmhainn sa seomra ranga ó thaobh líon uasta na n-áiteanna sna saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh oideachas agus cúram luath-óige (ISCED 0-6) mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid.”,

léitear:

“An acmhainn sa seomra ranga ó thaobh líon uasta na n-áiteanna sna saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh oideachas agus cúram luath-óige (ISCED 0-8) mar gheall ar thacaíocht ó bhearta faoin tSaoráid.”.

in ionad:

“Áireofar sna saoráidí oideachais scoileanna (ISCED 1-3, ISCED 4) agus an t-ardoideachas (ISCED 5-6).”,

léitear:

“Áireofar sna saoráidí oideachais scoileanna (ISCED 1-3, ISCED 4) agus an t-ardoideachas (ISCED 5-8).”.