ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 87

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
15 Márta 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/421 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/422 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

5

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/423 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

9

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/424 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinní I, IV, XV, XVI, XVII agus XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann le liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch a údaraítear i dtaobh each-ainmhithe, táirgí feola, bainne, gruth buí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta, cásálacha agus ainmhithe uisceacha a theacht isteach san Aontas ( 1 )

14

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/425 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a mhéid a bhaineann leis na dátaí aistrithe le haghaidh úsáid córais áirithe aerárthaí gan foireann sa chatagóir oscailte agus an dáta cur i bhfeidhm le haghaidh cásanna caighdeánacha maidir le hoibríochtaí a dhéantar laistigh d’amharclíne súl nó lasmuigh di a chur ar athló ( 1 )

20

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/426 ón gComhairle an 14 Márta 2022 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive

22

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/421 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 (2) ón gCoimisiún forlíontar na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008.

(2)

Cuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 coibhéis caighdeán slándála tríú tíortha a aithint, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (3) na tríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna.

(4)

D’fhíoraigh an Coimisiún go gcomhlíonann Poblacht na Seirbia, maidir le hAerfort Nikola Tesla Bhéalgrád, na critéir a leagtar amach i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 272/2009, maidir leis an mbraitheoireacht ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin, agus leis an mbraitheoireacht ar bhagáiste boilg, ar lasta agus ar phost agus le slándáil na n-aerárthaí.

(5)

D’fhíoraigh an Coimisiún go gcomhlíonann Stát Iosrael, maidir le hAerfort Idirnáisiúnta Ben Gurion, na critéir a leagtar amach i gCuid E den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 272/2009, maidir le slándáil na n-aerárthaí agus leis an mbraitheoireacht ar phaisinéirí agus ar bhagáiste cábáin.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún (4) lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún, cuireadh Poblacht na Seirbia, maidir le hAerfort Nikola Tesla Bhéalgrád, agus Stát Iosrael, maidir le hAerfort Idirnáisiúnta Ben Gurion, san áireamh sna Ceangaltáin ábhartha ina liostaítear tríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 ón gCoimisiún (5) lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 aithníodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann mar thír a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna. San iarscríbhinn atá ag gabháil leis an Rialachán sin, rinneadh, inter alia, Ceangaltáin nua inar luadh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a chur in ionad inneachar uile Cheangaltáin 3-B, 4-B, 5-A agus 6-F.

(8)

Leagadh síos le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 ón gCoimisiún dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin sin, mar atá, an dáta tar éis an dáta ar a dtiocfadh deireadh le feidhm na gConarthaí ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus laistigh de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Toisc na moille a d’fhág gur cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, ón lá sin rinne ceangaltáin ionad Cheangaltáin 3-B, 4-B, 5-A agus 6-F agus liostaí iontu nach bhfuil ar aon dul leis na modhnuithe a rinneadh tar éis ghlacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413, eadhon na modhnuithe a tugadh isteach trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111.

(9)

Dá bhrí sin, is gá, maidir le liostaí na dtríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna, na liostaí cearta a athbhunú trí na tríú tíortha sin a bhí curtha leo le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 a chur leo.

(10)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún (6) lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998, tugadh treochlár nua isteach maidir le suiteáil trealaimh córas braite pléascán (EDS) de chaighdeán 3 a chur i gcrích de réir a chéile le haghaidh braitheoireacht ar an mbagáiste boilg sna haerfoirt Eorpacha, agus cuireadh an tsolúbthacht ba ghá de thairbhe phaindéim COVID-19 san áireamh. Agus an treochlár sin á tharraingt suas, níor tugadh solúbthacht bhreise den sórt sin ón 1 Meán Fómhair 2021, trí bhotún, d’oibreoirí a úsáideann trealamh EDS de chaighdeán 2 fós chun braitheoireacht a dhéanamh ar lasta agus ar phost. Ba cheart an rogha a thabhairt do na húdaráis iomchuí fadú réasúnta ar úsáid EDS de chaighdeán 2 a cheadú i gcás na n-oibreoirí a dhéanann braitheoireacht ar lasta agus ar phost freisin.

(11)

Is léir ón taithí a fuarthas agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 á chur chun feidhme gur gá roinnt leasuithe ar mhódúlachtaí cur chun feidhme bunchaighdeán comhchoiteann áirithe, faoi seach, i réimse bailíochtóirí slándála eitlíochta de chuid an Aontais agus i réimse an deiridh atá le cur, de réir a chéile, le trealamh x-gha aon-amhairc. Is gá na forálacha lena mbaineann san Iarscríbhinn a choigeartú d’fhonn an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, an léirmhíniú coiteann ar an reachtaíocht a chaighdeánú agus feabhas chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann i réimse shlándáil na heitlíochta a áirithiú a thuilleadh.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú dá réir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 272/2009 ón gCoimisiún an 2 Aibreán 2009 lena bhforlíontar na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 91, 3.4.2009, lch. 7).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/111 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann formheas trealaimh shlándála eitlíochta sibhialta chomh maith le tríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na bunchaighdeáin chomhchoiteanna maidir le slándáil na heitlíochta sibhialta (IO L 21, 27.1.2020, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/413 ón gCoimisiún an 14 Márta 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le tríú tíortha atá aitheanta mar thíortha a chuireann caighdeáin slándála i bhfeidhm atá coibhéiseach leis na caighdeáin bhunúsacha chomhchoiteanna maidir le slándáil eitlíochta sibhialta (IO L 73, 15.3.2019, lch. 98).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/255 ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 58, 19.2.2021, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(1)

leasaítear an liosta i gCeangaltán 3-B a ghabhann le Caibidil 3 mar a leanas:

(a)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Montainéagró:

“Poblacht na Seirbia, maidir le hAerfort Nikola Tesla Bhéalgrád”;

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Poblacht Shingeapór, maidir le hAerfort Shingeapór Changi:

“Stát Iosrael, maidir le hAerfort Idirnáisiúnta Ben Gurion”;

(2)

leasaítear an liosta i gCeangaltán 4-B a ghabhann le Caibidil 4 mar a leanas:

(a)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Montainéagró:

“Poblacht na Seirbia, maidir le hAerfort Nikola Tesla Bhéalgrád”;

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Poblacht Shingeapór, maidir le hAerfort Shingeapór Changi:

“Stát Iosrael, maidir le hAerfort Idirnáisiúnta Ben Gurion”;

(3)

sa liosta i gCeangaltán 5-A a ghabhann le Caibidil 5, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála Montainéagró:

“Poblacht na Seirbia, maidir le hAerfort Nikola Tesla Bhéalgrád”;

(4)

i liosta 6-Fi i gCeangaltán 6-F a ghabhann le Caibidil 6, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála Montainéagró:

“Poblacht na Seirbia”;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad litir (c) i bpointe 11.6.4.1:

“(c)

ní fhéadfaidh sé bailíochtuithe slándála eitlíochta de chuid an Aontais a dhéanamh má tá stádas bailíochtóra slándála aige faoi scéim choibhéiseach atá ar bun i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, ach amháin má thugann an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta deiseanna cómhalartacha do bhailíochtóirí slándála eitlíochta de chuid an Aontais laistigh dá scéim féin.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.3.1:

“12.3.1

Trealamh ilamharc a bheidh i ngach trealamh a shuiteáiltear ón 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí, atá le húsáid san Aontas chun braitheoireacht a dhéanamh ar lasta agus ar phost, agus ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra atá faoi réir rialuithe slándála i gcomhréir le Caibidil 6.

Féadfaidh an t-údarás iomchuí, ar chúiseanna oibiachtúla, úsáid trealaimh x-ghathaigh aon-amhairc a suiteáladh roimh an 1 Eanáir 2023 a cheadú go dtí na dátaí seo a leanas:

(a)

trealamh x-ghathach aon-amhairc a suiteáladh roimh an 1 Eanáir 2016, go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí;

(b)

trealamh x-ghathach aon-amhairc a suiteáladh ón 1 Eanáir 2016, ar feadh uastréimhse 10 mbliana ó dháta a shuiteála nó ar a dhéanaí go dtí an 31 Nollaig 2027, cibé acu is túisce.

 

Cuirfidh an t-údarás iomchuí an Coimisiún ar an eolas i gcás ina gcuirfidh sé forálacha an dara mír i bhfeidhm.”;

(7)

i bpointe 12.4.2.4, cuirtear an abairt seo a leanas isteach i ndiaidh an tábla:

“Ina theannta sin, féadfaidh an t-údarás iomchuí úsáid EDS de chaighdeán 2 a cheadú chun braitheoireacht a dhéanamh ar lasta agus ar phost agus ar phost aeriompróra agus ar ábhair aeriompróra atá faoi réir rialuithe slándála i gcomhréir le Caibidil 6, go dtí an 1 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí.”.


15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/5


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/422 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2022

lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun an córas TF díláraithe a bhunú chun doiciméad a chur in iúl agus a mhalartú chun fianaise a ghlacadh, is gá sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile a shainiú agus a ghlacadh chun an córas sin a chur chun feidhme.

(2)

Tá uirlisí ann a forbraíodh chun sonraí a bhaineann le cásanna a mhalartú go digiteach, gan na córais TF atá ar bun cheana sna Ballstáit a athsholáthar ná gan gá a bheith le modhnuithe costasacha ar na córais TF sin. An Córas Cumarsáide r-Cheartais trí Mhalartú Sonraí ar Líne (e-CODEX), tá sé ar an bpríomhuirlis den sórt sin a forbraíodh go dtí seo.

(3)

Is éard ba cheart a bheith sa chóras TF díláraithe córais chúil na mBallstát agus pointí rochtana idir-inoibritheacha trína bhfuil siad idirnasctha. Ba cheart pointí rochtana an chórais TF díláraithe a bheith bunaithe ar e-CODEX.

(4)

Nuair a bheidh an córas TF díláraithe forbartha, áiritheoidh an coiste stiúrtha go n-oibreoidh sé agus go gcothófar é. Ba cheart don Choimisiún an coiste stiúrtha a bhunú i ngníomh ar leithligh.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé a thuairim uaidh an 24 Eanáir 2022.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um chomhar idir cúirteanna na mBallstát le linn fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraíochtaí teicniúla an chórais TF dhíláraithe

Na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2020/1783, is san Iarscríbhinn a leagfar amach iad.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile maidir leis an gcóras TF díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 1

1.   Réamhrá

Is éard atá sa chóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh córas TF díláraithe atá bunaithe ar e-CODEX lenar féidir doiciméid agus teachtaireachtaí a mhalartú, ar doiciméid agus teachtaireachtaí iad a bhaineann le fianaise a ghlacadh idir na Ballstáit éagsúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1783. Le cineál díláraithe an chórais TF, bheifí in ann sonraí a mhalartú go heisiach idir Ballstát amháin agus Ballstát eile, gan aon bhaint a bheith ag aon cheann d’institiúidí an Aontais leis na malartuithe sin.

2.   Sainmhínithe

2.1.

ciallaíonn “Prótacal Slánaistrithe Hipirtéacs” nó “HTTPS” cumarsáid chriptithe agus cainéil nasctha shlána;

2.2.

ciallaíonn “tairseach” an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha nó an réiteach cúil náisiúnta atá nasctha leis an gcóras TF díláraithe;

2.3.

ciallaíonn “neamhshéanadh tionscnaimh” na bearta lena soláthraítear cruthúnas shláine na sonraí agus cruthúnas thionscnamh na sonraí trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

2.4.

ciallaíonn “neamhshéanadh fála” na bearta lena soláthraítear cruthúnas go bhfuair an faighteoir beartaithe na sonraí ón tionscnóir trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

2.5.

ciallaíonn “SOAP”, de réir chaighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda, sonraíocht prótacail cur teachtaireachtaí chun faisnéis struchtúrtha a mhalartú agus seirbhísí gréasáin á gcur chun feidhme i líonraí ríomhaireachta;

2.6.

ciallaíonn “seirbhís gréasáin” córas bogearraí atá ceaptha chun tacú le hidirghníomhú idir-inoibritheach meaisín-go-meaisín thar líonra. tá comhéadan aici a bhfuil tuairisc air i bhformáid mheaisín-inphróiseáilte;

2.7.

ciallaíonn “malartú sonraí” teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú tríd an gcóras TF díláraithe.

3.   Modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach

Leis an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh, bainfear úsáid as modhanna cumarsáide atá bunaithe ar sheirbhísí, amhail Seirbhísí Gréasáin nó Bonneagair Seirbhísí Digiteacha in-athúsáidte eile chun teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú.

Go sonrach, úsáidfidh sé an bonneagar e-CODEX, rud atá comhdhéanta de dhá chomhpháirt mhóra, an Nascóir agus an Geata.

Tá an Nascóir freagrach as cumarsáid leis an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha a láimhseáil nó as an gcur chun feidhme náisiúnta a láimhseáil. Is féidir leis malartú teachtaireachtaí a phróiseáil leis an nGeata sa dá threo, teachtaireachtaí a rianú agus iad a aithint trí úsáid a bhaint as caighdeáin ar nós fianaise ETSI-REM, sínithe doiciméad gnólachtaí a bhailíochtú, dearbhán a chruthú ina bhfuil toradh an bhailíochtaithe i bhformáid PDF agus XML agus árthach a chruthú trí úsáid a bhaint as caighdeáin amhail ASIC-S i gcás ina bhfuil inneachar gnólachta teachtaireachta pacáilte agus sínithe.

Tá an Geata freagrach as teachtaireachtaí a mhalartú agus tá sé il-oiriúnach maidir le hinneachar na teachtaireachta. Is féidir leis teachtaireachtaí a sheoladh chuig agus ón nascóir agus teachtaireachtaí a fháil uaidh, faisnéis cheanntáisc a bhailíochtú, an modh próiseála ceart a aithint, teachtaireachtaí a shíniú agus a chriptiú agus teachtaireachtaí a aistriú chuig Geataí eile.

4.   Prótacail chumarsáide

Leis an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh, úsáidfear prótacail chumarsáide shlána, amhail HTTPS i gcás chumarsáid chomhpháirteanna na tairsí agus an chórais TF dhíláraithe, agus na prótacail chumarsáide chaighdeánacha, amhail SOAP, i gcás tarchur sonraí struchtúrtha agus meiteashonraí.

Go sonrach, soláthraíonn e-CODEX slándáil faisnéise láidir trí leas a bhaint as an gcóras fíordheimhniúcháin úrscothach agus as an bprótacal cripteagrafach ilsraitheanna.

5.   Caighdeáin slándála

I dtaca le cumarsáid agus dáileadh faisnéise tríd an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

(a)

bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí chainéil shlána (HTTPS) a úsáid;

(b)

bearta chun sláine na sonraí a áirithiú agus iad á malartú;

(c)

bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh den chóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh agus an neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

(d)

bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise;

(e)

bearta chun fíordheimhniúchán agus údarú aon úsáideora chláraithe a áirithiú agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an gcóras malartaithe um fhianaise a ghlacadh a fhíorú.

(f)

forbrófar an córas malartaithe um fhianaise a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú.

6.   Infhaighteacht seirbhísí

6.1.

Beidh creat ama na seirbhíse 24 uair an chloig, 7 lá in aghaidh na seachtaine, agus ráta infhaighteachta teicniúla an chórais de 98 % ar a laghad gan cothabháil sceidealta a chur san áireamh.

6.2.

Tabharfaidh na Ballstát fógra don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí cothabhála mar a leanas:

(a)

5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

(b)

10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 12 uair an chloig;

(c)

30 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála, cothabháil a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 6 lá in aghaidh na bliana.

6.3.

A mhéid is féidir, le linn laethanta oibre, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil idir 20.00 agus 7.00 Am Lár na hEorpa.

6.4

I gcás ina mbeidh tréimhsí seirbhíse socraithe seachtainiúla ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi am agus lá na seachtaine ina mbeidh na tréimhsí socraithe seachtainiúla sin pleanáilte. Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 6.2, má bhíonn córais Ballstát neamh-infhaighte le linn tréimhse shocraithe den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair.

6.5

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne i gcóras na mBallstát, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi neamh-infhaighteacht a gcóras, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol dóibh é sin.

6.6

I gcás chliseadh bhunachar sonraí na nÚdarás Inniúil gan choinne, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoin neamh-infhaighteacht, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an tseirbhís, más eol dó é sin.

15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/423 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2022

lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó thráchtála (doiciméid a sheirbheáil) (1), agus go háirithe Airteagal 25(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun an córas TF díláraithe a bhunú, is gá sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile a shainiú agus a ghlacadh chun an córas sin a chur chun feidhme.

(2)

Tá uirlisí ann a forbraíodh chun sonraí a bhaineann le cásanna a mhalartú go digiteach, gan na córais TF atá ar bun cheana sna Ballstáit a athsholáthar ná gan gá a bheith le modhnuithe costasacha ar na córais TF sin. An Córas Cumarsáide r-Cheartais trí Mhalartú Sonraí ar Líne (e-CODEX), tá sé ar an bpríomhuirlis den sórt sin a forbraíodh go dtí seo.

(3)

Is éard ba cheart a bheith sa chóras TF díláraithe córais chúil na mBallstát agus pointí rochtana idir-inoibritheacha trína bhfuil siad idirnasctha. Ba cheart pointí rochtana an chórais TF díláraithe a bheith bunaithe ar e-CODEX.

(4)

Nuair a bheidh an córas TF díláraithe forbartha, áiritheoidh an coiste stiúrtha go n-oibreoidh sé agus go gcothófar é. Ba cheart don Choimisiún an coiste stiúrtha a bhunú i ngníomh ar leithligh.

(5)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé a thuairim uaidh an 24 Eanáir 2022.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um dhoiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta agus thráchtála,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraíochtaí teicniúla an chórais TF dhíláraithe

Na sonraíochtaí teicniúla, na bearta agus na ceanglais eile maidir le cur chun feidhme an chórais TF dhíláraithe dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2020/1784, is san Iarscríbhinn a leagfar amach iad.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 405, 2.12.2020, lch. 40.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Sonraíochtaí teicniúla, bearta agus ceanglais eile maidir leis an gcóras tf díláraithe dá dtagraítear in Airteagal 1

1.   Réamhrá

Is éard atá sa chóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil córas TF díláraithe atá bunaithe ar e-CODEX lenar féidir doiciméid agus sonraí a mhalartú, ar doiciméid agus sonraí iad a bhaineann le doiciméid a sheirbheáil idir na Ballstáit éagsúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1784. Le cineál díláraithe an chórais TF, bheifí in ann sonraí a mhalartú go heisiach idir Ballstát amháin agus Ballstát eile, gan aon bhaint a bheith ag aon cheann d’institiúidí an Aontais leis na malartuithe sin.

2.   Sainmhínithe

2.1.

ciallaíonn “Prótacal Slánaistrithe Hipirtéacs” nó “HTTPS” cumarsáid chriptithe agus cainéil nasctha shlána;

2.2.

ciallaíonn “tairseach” an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha nó an réiteach cúil náisiúnta atá nasctha leis an gcóras TF díláraithe;

2.3.

ciallaíonn “neamhshéanadh tionscnaimh” na bearta lena soláthraítear cruthúnas shláine na sonraí agus cruthúnas thionscnamh na sonraí trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

2.4.

ciallaíonn “neamhshéanadh fála” na bearta lena soláthraítear cruthúnas go bhfuair an faighteoir beartaithe na sonraí ón tionscnóir trí mhodhanna amhail deimhniú digiteach, bonneagar eochrach poiblí, agus sínithe digiteacha;

2.5.

ciallaíonn “SOAP”, de réir chaighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda, sonraíocht prótacail cur teachtaireachtaí chun faisnéis struchtúrtha a mhalartú agus seirbhísí gréasáin á gcur chun feidhme i líonraí ríomhaireachta;

2.6.

ciallaíonn “seirbhís gréasáin” córas bogearraí atá ceaptha chun tacú le hidirghníomhú idir-inoibritheach meaisín-go-meaisín thar líonra. tá comhéadan aici a bhfuil tuairisc air i bhformáid mheaisín-inphróiseáilte;

2.7.

ciallaíonn “malartú sonraí” teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú tríd an gcóras TF díláraithe.

3.   Modhanna cumarsáide trí mheán leictreonach

Leis an gcóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil, bainfear úsáid as modhanna cumarsáide atá bunaithe ar sheirbhísí, amhail Seirbhísí Gréasáin nó Bonneagair Seirbhísí Digiteacha in-athúsáidte eile chun teachtaireachtaí agus doiciméid a mhalartú.

Go sonrach, úsáidfidh sé an bonneagar e-CODEX, rud atá comhdhéanta de dhá chomhpháirt mhóra, an Nascóir agus an Geata.

Tá an Nascóir freagrach as cumarsáid leis an réiteach Cur Chun Feidhme Tagartha a láimhseáil nó as an gcur chun feidhme náisiúnta a láimhseáil. Is féidir leis malartú teachtaireachtaí a phróiseáil leis an nGeata sa dá threo, teachtaireachtaí a rianú agus iad a aithint trí úsáid a bhaint as caighdeáin ar nós fianaise ETSI-REM, sínithe doiciméad gnólachtaí a bhailíochtú, dearbhán a chruthú ina bhfuil toradh an bhailíochtaithe i bhformáid PDF agus XML agus árthach a chruthú trí úsáid a bhaint as caighdeáin amhail ASIC-S i gcás ina bhfuil inneachar gnólachta teachtaireachta pacáilte agus sínithe.

Tá an Geata freagrach as teachtaireachtaí a mhalartú agus tá sé il-oiriúnach maidir le hinneachar na teachtaireachta. Is féidir leis teachtaireachtaí a sheoladh chuig agus ón nascóir agus teachtaireachtaí a fháil uaidh, faisnéis cheanntáisc a bhailíochtú, an modh próiseála ceart a aithint, teachtaireachtaí a shíniú agus a chriptiú agus teachtaireachtaí a aistriú chuig Geataí eile.

4.   Prótacail chumarsáide

Leis an gCóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil, úsáidfear prótacail chumarsáide shlána, amhail HTTPS i gcás chumarsáid chomhpháirteanna na tairsí agus an chórais TF dhíláraithe, agus na prótacail chumarsáide chaighdeánacha, amhail SOAP, i gcás tarchur sonraí struchtúrtha agus meiteashonraí.

Go sonrach, soláthraíonn e-CODEX slándáil faisnéise láidir trí leas a bhaint as an gcóras fíordheimhniúcháin úrscothach agus as an bprótacal cripteagrafach ilsraitheanna.

5.   Caighdeáin slándála

I dtaca le cumarsáid agus dáileadh faisnéise tríd an gcóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil, beidh na nithe seo a leanas san áireamh sna bearta teicniúla chun íoschaighdeáin slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú:

(a)

bearta chun rúndacht faisnéise a áirithiú, lena n-áirítear trí chainéil shlána (HTTPS) a úsáid;

(b)

bearta chun sláine na sonraí a áirithiú agus iad á malartú;

(c)

bearta chun neamhshéanadh thionscnamh an tseoltóra faisnéise a áirithiú laistigh den chóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil agus an neamhshéanadh fála faisnéise a áirithiú;

(d)

bearta chun logáil na dteagmhas slándála a áirithiú i gcomhréir le moltaí a aithnítear go hidirnáisiúnta le haghaidh caighdeán slándála teicneolaíochta faisnéise;

(e)

bearta chun fíordheimhniúchán agus údarú aon úsáideora chláraithe a áirithiú agus bearta chun céannacht na gcóras atá nasctha leis an gcóras malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil a fhíorú.

(f)

forbrófar an córas malartaithe um dhoiciméid a sheirbheáil i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú.

6.   Infhaighteacht seirbhísí

6.1.

Beidh creat ama na seirbhíse 24 uair an chloig, 7 lá in aghaidh na seachtaine, agus ráta infhaighteachta teicniúla an chórais de 98 % ar a laghad gan cothabháil sceidealta a chur san áireamh.

6.2.

Tabharfaidh na Ballstát fógra don Choimisiún maidir le gníomhaíochtaí cothabhála mar a leanas:

(a)

5 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 4 uair an chloig;

(b)

10 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 12 uair an chloig;

(c)

30 lá oibre roimh ré le haghaidh oibríochtaí cothabhála, cothabháil a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le tréimhse neamh-infhaighteachta suas le 6 lá in aghaidh na bliana.

6.3.

A mhéid is féidir, le linn laethanta oibre, déanfar oibríochtaí cothabhála a phleanáil idir 20:00u agus 7:00u Am Lár na hEorpa.

6.4.

I gcás ina mbeidh tréimhsí seirbhíse socraithe seachtainiúla ag na Ballstáit, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi am agus lá na seachtaine ina mbeidh na tréimhsí socraithe seachtainiúla sin pleanáilte. Gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointe 6.2, má bhíonn córais Ballstát neamh-infhaighte le linn tréimhse shocraithe den sórt sin, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh gan fógra a thabhairt don Choimisiún gach uair.

6.5.

I gcás cliseadh teicniúil gan choinne i gcórais na mBallstát, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi neamh-infhaighteacht a gcóras, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an córas, más eol dó é sin.

6.6.

I gcás chliseadh bhunachar sonraí na nÚdarás Inniúil gan choinne, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas gan mhoill faoin neamh-infhaighteacht, agus faoin am atá sé tuartha go n-atosófar an tseirbhís, más eol dó é sin.

15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/424 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2022

lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinní I, IV, XV, XVI, XVII agus XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann le liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch a údaraítear i dtaobh each-ainmhithe, táirgí feola, bainne, gruth buí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta, cásálacha agus ainmhithe uisceacha a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos, inter alia, na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus tá feidhm aige ón 21 Aibreán 2021. Ceann de na ceanglais sláinte ainmhithe sin is ea gur gá na coinsíneachtaí sin a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 (2) ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le coinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha, nó ó chriosanna nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is éard a fhoráiltear nach gceadófar coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha ná táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoina raon feidhme a theacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch a thagann siad a liostaítear le haghaidh an speicis agus na gcatagóirí áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 (3) ón gCoimisiún bunaítear na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear do choinsíneachtaí each-ainmhithe a theacht isteach san Aontas. Ba cheart an tagairt earráideach i dteideal cholún 2 den liosta sin a cheartú. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

(5)

Le Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de tháirgí feola ó chrúbacha, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. Sa chúigiú colún den liosta sin, ba cheart go léireofaí san iontráil a bhaineann leis an tSeirbia a mhéid a bhaineann le muc-ainmhithe na cóireálacha maolúcháin riosca B nó C dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1351 ón gCoimisiún (4), cóireálacha maolúcháin riosca a raibh feidhm acu go dtí an 31 Nollaig 2021 agus a leagtar amach anois in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. Ba cheart an iontráil sin a bhaineann leis an tSeirbia a cheartú, agus ba cheart Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

(6)

Le hIarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear do choinsíneachtaí cásálacha a theacht isteach san Aontas. Chuir an Mhongóil a cuid freagraí ar cheistneoir faoi bhráid an Choimisiúin, ceistneoir a bhain le coinsíneachtaí cásálacha ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas ó thaobh sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí de. Sholáthair an Mhongóil a dóthain fianaise agus ráthaíochtaí don Choimisiún freisin le go gcuirfí leis an liosta sin í, liosta ba cheart a leasú dá bhrí sin chun an tríú tír sin a chuimsiú. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(7)

Le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar síos liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, atá údaraithe i dtaca le bainne, gruth buí, táirgí bunaithe ar ghruth buí, táirgí déiríochta a dhíorthaítear ó bhainne amh agus táirgí déiríochta a theacht isteach san Aontas, ar táirgí iad nach bhfuil faoi réir cóireáil shonrach maolaithe riosca in aghaidh an ghalair crúb agus béil. Ba cheart a chur san áireamh sa liosta sin an liosta de thríú tíortha nó de chodanna díobh atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí de bhainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí bunaithe ar ghruth buí a thabhairt isteach san Aontas Eorpach, agus ina bhfuil léiriú den chineál cóireála teasa is gá le haghaidh tráchtearraí den sórt, liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún (5), toisc gur aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 605/2010 agus gur cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ina ionad. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú sa chaoi go mbeidh iontráil ann a bhaineann le hOileán Mhanann, iontráil a liostaíodh in Iarscríbhinn I a ghabh le Rialachán (AE) Uimh. 605/2010.

(8)

Le hIarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear do choinsíneachtaí ainmhithe uisceacha beo de speicis liostaithe a theacht isteach san Aontas. Ba cheart an Iarscríbhinn sin a cheartú trí Chodanna 2, 3 agus 4 a chur isteach arís, Codanna mar ab infheidhme sular leasaíodh Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1937 ón gCoimisiún (6), agus a scriosadh go neamhbheartaithe leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a cheartú dá réir.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú agus a cheartú dá réir.

(10)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, is díol práinne éifeacht a bheith ag na leasuithe agus na ceartúcháin atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinní I, IV, XV, XVI, XVII agus XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear d’ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1351 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2019 lena mbunaítear coinníollacha speisialta i ndáil le táirgí feola agus goilí, lamhnáin agus ionathair chóireáilte díorthaithe ó mhuc-ainmhithe de thionscnamh Phoblacht na Seirbia a allmhairiú isteach san Aontas agus iad a chur ar idirthuras tríd tar éis d’fhiabhras Afracach na muc a theacht chun cinn sa tír sin agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/426/AE (IO L 216, 20.8.2019, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 605/2010 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2010 lena leagtar síos coinníollacha maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte phoiblí agus le deimhniúchán tréidliachta i dtaca le bainne amh, táirgí déiríochta, gruth buí agus táirgí bunaithe ar ghruth buí atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine a thabhairt isteach san Aontas (IO L 175, 10.7.2010, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1937 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir le coinsíneachtaí moileasc agus crústach a theacht isteach san Aontas a bhfuil sé beartaithe iad a choimeád chun críoch ornáideachais i saoráidí dúnta agus lena leagtar síos an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna nó de dheighleoga de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear na coinsíneachtaí sin a theacht isteach san Aontas (IO L 396, 10.11.2021, lch. 36).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinní I, IV, XV, XVI, XVII agus XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:

“(10)

Agus tagairt á déanamh don tSeirbia, ní áirítear críoch na Cosaive (*).

(*)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.”"

(2)

in Iarscríbhinn IV, i gCuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theidil an tábla:

Cód ISO agus ainm

an tríú tír nó ainm na críche

An crios

mar a leagtar amach i gCuid 2

An grúpa sláintíochta

Catagóirí

a cheadaítear a theacht isteach san Aontas

Deimhnithe sláinte ainmhithe

Coinníollacha sonracha

mar a leagtar amach i gCuid 3

Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe

mar a leagtar amach i gCuid 4

Dáta deiridh

Dáta oscailte”

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(3)

in Iarscríbhinn XV, i gCuid 1, i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an tSeirbia:

RS

An tSeirbia

RS-0

A

A

B nó C

A

D

D

D

D

D

Neamhúdaraithe

MPNT(*1)

MPST”

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(4)

in Iarscríbhinn XVI, i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an Mongóil isteach idir an iontráil a bhaineann le Maracó agus an iontráil a bhaineann leis an Nua-Shéalainn:

MN

An Mhongóil

MN-0

Crúbacha agus éanlaith chlóis

CAS”

 

 

(5)

in Iarscríbhinn XVII, i gCuid 1, cuirtear an iontráil seo a leanas a bhaineann le hOileán Mhanann isteach idir an iontráil a bhaineann leis an nGraonlainn agus an iontráil a bhaineann le Geirsí:

IM

Oileán Mhanann

IM-0

Crúbacha

MILK-RM, MILK-RMP/NT, COLOSTRUM, COLOSTRUM-BP, DAIRY-PRODUCTS-PT”

 

 

 

 

(6)

in Iarscríbhinn XXI, cuirtear isteach na Codanna 2, 3 agus 4 a leanas i ndiaidh Chuid 1:

“CUID 2

Tuairiscí ar chriosanna nó ar dheighleoga de thríú tíortha nó de chríocha dá dtagraítear i gcolún 2 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

Ainm

an tríú tír nó ainm na críche

Cód

an chreasa/na deighleoige

Tuairisc ar an gcrios

Ceanada

CA-1

British Columbia

CA-2

Alberta

CA-3

Saskatchewan

CA-4

Manitoba

CA-5

New Brunswick

CA-6

Albain Nua

CA-7

Oileán Prince Edward

CA-8

Talamh an Éisc agus Labrador

CA-9

Yukon

CA-10

Críocha an Iarthuaiscirt

CA-11

Nunavut

CA-12

Québec

An Mhalaeisia

MY-1

Leithinis, Iarthar na Malaeisia

Stáit Aontaithe Mheiriceá

US-1

An tír ina hiomláine seachas na Stáit seo a leanas: Nua-Eabhrac, Ohio, Illinois, Michigan, Indiana, Wisconsin, Minnesota agus Pennsylvania

US-2

Bá Humboldt (California)

US-3

Bá Netarts (Oregon)

US-4

Bá Wilapa, góilín Totten, bá Oakland, bá Quilcence agus bá Dabob (Washington)

US-5

NELHA (Haváí)

CUID 3

Coinníollacha sonracha dá dtagraítear i gcolún 7 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

A

Maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo a bhfuil feidhm ag Cuid II.2.4 den deimhniú oifigiúil caighdeánach FISH-CRUST-HC ina leith, ní mór dóibh a bheith de thionscnamh tríú tír nó críoch, nó de thionscnamh creasa nó deighleoige de thríú tír nó de chríoch a liostaítear i gCuid 1, colún 2 den Iarscríbhinn seo. I ngach cás, beidh feidhm aige sin gan dochar do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 (*1)

B

Maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo a bhfuil feidhm ag Cuid II.2.4 den deimhniú oifigiúil caighdeánach MOL-HC ina leith, ní mór dóibh a bheith de thionscnamh tríú tír nó críoch, nó de thionscnamh creasa nó deighleoige de thríú tír nó de chríoch a liostaítear i gCuid 1, colún 2 den Iarscríbhinn seo. I ngach cás, tá feidhm aige sin gan dochar do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405

Ní fhéadfar an deimhniú oifigiúil sin a úsáid ach le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha beo a theacht isteach san Aontas, ar ainmhithe iad atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine agus atá i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le moilisc dhébhlaoscacha bheo arna leagan síos in Iarscríbhinn III, Roinn VII, Caibidil V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus leis na critéir shábháilteachta bia arna leagan síos in Iarscríbhinn I, Caibidil 1, pointí 1.17 agus 1.25 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún (*3)

CUID 4

Ráthaíochtaí sláinte ainmhithe dá dtagraítear i gcolún 8 den tábla a leagtar amach i gCuid 1

Dada”.


(*)  Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.””


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 118).

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lch. 1).


15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/425 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a mhéid a bhaineann leis na dátaí aistrithe le haghaidh úsáid córais áirithe aerárthaí gan foireann sa chatagóir “oscailte” agus an dáta cur i bhfeidhm le haghaidh cásanna caighdeánacha maidir le hoibríochtaí a dhéantar laistigh d’amharclíne súl nó lasmuigh di a chur ar athló

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 57 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 20 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún (2), na córais aerárthaigh gan foireann (“UAS”) nach gcomhlíonann Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún (3) agus nár tógadh go príobháideach, ceadaítear leanúint dá n-úsáid sa chatagóir “oscailte” faoi dhálaí oibríochtúla teoranta áirithe, i gcás inar cuireadh ar an margadh iad roimh an 1 Eanáir 2023. De bhun Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, UASanna nach gcomhlíonann ceanglais Chodanna 1 go 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945, ní cheadaítear iad a úsáid sa chatagóir “oscailte” ach amháin faoi dhálaí oibríochtúla teoranta áirithe ar feadh tréimhse aistrithe dar deireadh an 1 Eanáir 2023.

(2)

De bhun Airteagal 23(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947, ón 3 Nollaig 2023, ní fhéadfaidh na Ballstáit glacadh le dearbhuithe arna ndéanamh ag oibreoirí UAS i gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin ach amháin le haghaidh oibríochta a chomhlíonann ceann amháin de dhá chás chaighdeánacha, laistigh d’amharclíne súl os cionn limistéar talún rialaithe i dtimpeallacht ina bhfuil daonra nó lasmuigh d’amharclíne súl os cionn limistéar talún rialaithe i dtimpeallacht ina bhfuil daonra tearc, rud a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(3)

Roinnt de na caighdeáin chomhchuibhithe a thugann aghaidh ar na ceanglais is infheidhme maidir le UASanna de ranganna C0 go C6 agus a bhfuil gá leo chun oibriú sa chatagóir “oscailte” nó sna cásanna caighdeánacha, chomh maith leis an tsainaithint dhíreach ó chian, ní bheidís ar fáil go dtí lár 2023. In éagmais na gcaighdeán comhchuibhithe sin, bheadh bac sa chleachtas ar mhonaróirí UASanna comhlíontacha a chur ar an margadh roimh dheireadh na tréimhse aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947.

(4)

Dá bhrí sin, is gá síniú a chur leis na dátaí dá bhforáiltear le hAirteagail 20 agus 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 chun a áirithiú go mbeidh na caighdeáin chomhchuibhithe a thugann aghaidh ar na ceanglais is infheidhme maidir le UASanna de ranganna C0 go C06 ar fáil do tháirgeoirí agus d’oibreoirí UAS sula rachaidh na tréimhsí sin in éag. Is gá freisin dáta chur i bhfeidhm an dá chás chaighdeánacha a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a chur siar chun a áirithiú go mbeidh na caighdeáin chomhchuibhithe sin ar fáil sula bhféadfaidh na Ballstáit glacadh le dearbhuithe le haghaidh oibríochtaí a chomhlíonann na cásanna caighdeánacha sin. Go dtí an uair sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann glacadh le dearbhuithe a dhéanfaidh oibreoirí UAS i gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ach iad a bheith bunaithe ar chásanna caighdeánacha náisiúnta nó a gcoibhéis.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 20, cuirtear “1 Eanáir 2024” in ionad “1 Eanáir 2023”;

(2)

In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Gan dochar d’Airteagal 20, ceadófar ar feadh tréimhse aistrithe dar deireadh an 31 Nollaig 2023 úsáid UAS sa chatagóir ‘oscailte’, ar UAS é nach gcomhlíonann ceanglais Chodanna 1 go 5 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún (*1), faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 1).”;"

(3)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, mhír 3 agus mhír 4:

“2.   Beidh feidhm ag Airteagal 5(5) ón 1 Eanáir 2024.

3.   Beidh feidhm ag pointí UAS.OPEN.060(2)(g) UAS.SPEC.050(1)(l)(i) den Iarscríbhinn ón 1 Iúil 2022 agus beidh feidhm ag pointe UAS.SPEC.050(1)(l)(ii) den Iarscríbhinn ón 1 Eanáir 2024.

4.   Gan dochar d’Airteagal 21(1), go dtí an 31 Nollaig 2023, féadfaidh na Ballstáit glacadh le dearbhuithe arna ndéanamh ag oibreoirí UAS i gcomhréir le hAirteagal 5(5), bunaithe ar chásanna caighdeánacha náisiúnta nó a gcoibhéis, má chomhlíonann na cásanna náisiúnta sin ceanglais phointe UAS.SPEC.020 den Iarscríbhinn.

Scoirfidh dearbhuithe den sórt sin de bheith bailí ón 1 Eanáir 2026.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2019 maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta le haghaidh oibriú aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 45).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/945 ón gCoimisiún an 12 Márta 2019 maidir le córais aerárthaí gan foireann agus maidir le hoibreoirí tríú tír de chórais aerárthaí gan foireann (IO L 152, 11.6.2019, lch. 1).


CINNTÍ

15.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 87/22


CINNEADH (AE) 2022/426 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Márta 2022

lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2), pointe (c) d’Airteagal 79(2), agus Airteagal 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De réir an méid seo a leanas:

(1)

Is gá comhlántacht a áirithiú le cláir ábhartha arna gcistiú ag an Aontas Eorpach, go háirithe Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin (EUBAM) agus “EU4Bord Security”.

(2)

In imthosca ina bhfuil gá le foirne bainistithe teorainneacha ó bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh chuig tríú tír ina bhfeidhmeoidh baill na bhfoirne cumhachtaí feidhmiúcháin, iarrtar, le hAirteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, comhaontú stádais a thabhairt i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír lena mbaineann ar bhonn Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)

Ba cheart tús a chur leis an gcaibidilíocht d'fhonn comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích le Poblacht na Moldóive maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na Moldóive.

(4)

Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (2). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(5)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl an Cinneadh seo ina cheangal ar an Danmhairg ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar chomhaontú idirnáisiúnta maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcríoch Phoblacht na Moldóive.

Airteagal 2

Déanfar an chaibidlíocht ar bhonn threoracha caibidlíochta na Comhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus déanfar í i gcomhairle leis an Meitheal ábhartha den Chomhairle.

Airteagal 3

Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

É. BORNE


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).