ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 65

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
2 Márta 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/350 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

5

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/1


RIALACHÁN (AE) 2022/350 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

(3)

An 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/351, lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise chun bearta nua a thabhairt isteach i gcoinne meáin bholscaireachta na Rúise.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis, agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go beo. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis agus ar na foirmíochtaí armtha a bhfuil tacaíocht na Rúise acu éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise atá ar bun acu.

(5)

Sna conclúidí uaithi an 10 Bealtaine 2021, chuir an Chomhairle i dtreis gur gá athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú a thuilleadh chomh maith lena gcumas chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear bréagaisnéis, agus é á áirithiú go mbainfear úsáid chomhordaithe chomhtháite as uirlisí atá ann cheana agus as uirlisí nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus freagairtí ionchasacha i réimse na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear, inter alia, freagairtí ar chur isteach eachtrach agus oibríochtaí tionchair agus d’fhéadfaí bearta coisctheacha a chumhdach leis na freagairtí sin chomh maith le costais a fhorchur ar ghníomhaithe naimhdeacha stáit agus neamhstáit.

(6)

Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanachta agus ar an Aontas agus a Bhallstáit.. Go háirithe, leis an mbolscaireacht díríodh arís agus arís eile agus go comhsheasmhach ar pháirtithe polaitíochta Eorpacha, go háirithe le linn na dtréimhsí toghcháin, agus chomh maith leis sin, dírítear, leis an mbolscaireacht, ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn agus ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit.

(7)

Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanachta, rud a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór.

(8)

Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is bagairt shuntasach, dhíreach iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais.

(9)

Tá na heagraíochtaí meán sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta.

(10)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise, mar a aithnítear in Airteagal 11 di, tuilleadh beart sriantach a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí craoltóireacht na n-eagraíochtaí meán sin san Aontas nó na gníomhaíochtaí craoltóireachta atá dírithe ar an Aontas a chur ar fionraí go práinneach. Ba cheart na bearta sin a choinneáil go dtí go gcuirfear deireadh leis an bhfogha faoin Úcráin, agus go dtí go n-éireoidh Cónaidhm na Rúise, agus a meáin ghaolmhara, as gníomhaíochtaí bolscaireachta i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát a dhéanamh.

(11)

I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagal 11, Airteagal 16 agus Airteagal 17 di, ní chuireann na bearta sin cosc ar na meáin sin ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí eile a dhéanamh san Aontas seachas craoladh, amhail taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n-áirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach.

(12)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 2e:

“Airteagal 2f

1.   Toirmeascfar d'oibritheoirí aon inneachar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV a chraoladh, nó craoladh a chumasú, a éascú nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach amhail cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte.

2.   Cuirfear aon cheadúnas nó údarú craolacháin, agus aon shocrú tarchurtha agus dáileacháin, leis na daoine dlítheanacha leis na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV ar fionraí.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(1), pointe (a):

“(a)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní III, IV, V, VI, XII, XIII, XIV nó XV, nó dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 5(2), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 5(3), pointe (c) nó pointe (d), Airteagal 5(4), pointe (b) nó pointe (c), in Airteagal 5a, pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), nó in Airteagal 5h;”;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo dul timpeall ar thoirmisc sa Rialachán seo, lena n-áirítear dul timpeall ar thoirmisc trí ghníomhú in ionad daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2e(3) nó Airteagail 2f, 5, 5a, 5b, 5e, 5f nó 5h nó trí ghníomhú chun a dtairbhe trí úsáid na n-eisceachtaí in Airteagail 2e(4), 5(6), 5a(2), 5a(5), 5b(2), 5b(3), 5e(2) nó 5f(2).”;

(4)

cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis mar Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Féach leathanach 2022/351 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN XV

LIOSTA NA NDAOINE DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS NÓ NA GCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2F

RT- Russia Today English

RT- Russia Today UK

RT - Russia Today Germany

RT - Russia Today France

RT- Russia Today Spanish

Sputnik


CINNTÍ

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 65/5


CINNEADH (CBES) 2022/351 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go géar an fogha míleata gan chúis gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis, agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go beo. D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis agus ar na foirmíochtaí armtha a bhfuil tacaíocht na Rúise acu éirí as an bhfeachtas bréagaisnéise atá ar bun acu.

(5)

Sna conclúidí uaithi an 10 Bealtaine 2021, chuir an Chomhairle i dtreis gur gá athléimneacht an Aontais agus na mBallstát a neartú a thuilleadh chomh maith lena gcumas chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear bréagaisnéis, agus é á áirithiú go mbainfear úsáid chomhordaithe chomhtháite as uirlisí atá ann cheana agus as uirlisí nua a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, agus freagairtí ionchasacha i réimse na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear, inter alia, freagairtí ar chur isteach eachtrach agus oibríochtaí tionchair agus d’fhéadfaí bearta coisctheacha a chumhdach leis na freagairtí sin chomh maith le costais a fhorchur ar ghníomhaithe naimhdeacha stáit agus neamhstáit.

(6)

Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanachta agus ar an Aontas agus a Bhallstáit. Go háirithe, tá an bholscaireacht tar éis díriú arís agus arís eile agus go leanúnach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe le linn na dtréimhsí toghcháin, agus chomh maith leis sin, dírítear, leis an mbolscaireacht, ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn agus ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit.

(7)

Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanachta, rud a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór.

(8)

Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is bagairt shuntasach, dhíreach iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais.

(9)

Tá na heagraíochtaí meán sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta.

(10)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise, mar a aithnítear in Airteagal 11 di, tuilleadh beart sriantach a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí craoltóireacht na n-eagraíochtaí meán sin san Aontas nó na gníomhaíochtaí craoltóireachta atá dírithe ar an Aontas a chur ar fionraí go práinneach. Ba cheart na bearta sin a choinneáil go dtí go gcuirfear deireadh leis an bhfogha faoin Úcráin, agus go dtí go n-éireoidh Cónaidhm na Rúise, agus a meáin ghaolmhara, as gníomhaíochtaí bolscaireachta i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát a dhéanamh.

(11)

I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagal 11, Airteagal 16 agus Airteagal 17 di, ní chuireann na bearta sin cosc ar na meáin sin ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí eile a dhéanamh san Aontas seachas craoladh, amhail taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n-áirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach.

(12)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 4f:

“Airteagal 4g

1.   Toirmeascfar d'oibritheoirí aon inneachar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX a chraoladh, nó craoladh a chumasú, a éascú nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach amhail cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte.

2.   Cuirfear aon cheadúnas nó údarú craolacháin, agus aon shocrú tarchurtha agus dáileacháin, leis na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX ar fionraí.”;

(2)

cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo leis mar Iarscríbhinn IX a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN IX

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS NÓ NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4g

RT- Russia Today English

RT- Russia Today UK

RT - Russia Today Germany

RT - Russia Today France

RT- Russia Today Spanish

Sputnik

”.