ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 63

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 65
2 Márta 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

1

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

5

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 63/1


RIALACHÁN (AE) 2022/345 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

(3)

An 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/346, lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise maidir le soláthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais d’institiúidí creidmheasa áirithe de chuid na Rúise agus a bhfochuideachtaí Rúiseacha, atá ábhartha maidir le córas airgeadais na Rúise agus atá faoi réir bearta sriantacha cheana féin arna bhforchur ag an Aontas nó ag tíortha comhpháirtíochta agus, faoi réir eisceachtaí áirithe, an rannpháirtíocht i ndáil le Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise. Cuirtear toirmeasc leis freisin, faoi réir eisceachtaí áirithe, ar sholáthar nótaí bainc arna sloinneadh in euro don Rúis.

(4)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(5)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh éifeacht leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart go dtiocfadh sé i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2d, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 4:

“1.   Déanfaidh na údaráis inniúla faisnéis maidir leis na húdaruithe arna ndeonú agus na diúltuithe arna n-eisiúint de bhun Airteagal 2, Airteagal 2a agus Airteagal 2b a mhalartú leis na Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún. Déanfar faisnéis a mhalartú trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach dá bhforáiltear de bhun Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2021/821.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta, faisnéis a mhalartú leis na tíortha comhpháirtíochta, d’fhonn tacú le héifeachtacht na mbeart rialaithe onnmhairí faoin Rialachán seo agus d’fhonn tacú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na mbeart rialaithe onnmhairí arna gcur i bhfeidhm ag tíortha comhpháirtíochta.”;

(2)

cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 2e:

“3.   Beidh toirmeasc ar infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise, ar bheith páirteach iontu nó ar rannchuidiú leo ar bhealach eile.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, rannpháirtíocht infheistíochta i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise a údarú, nó ranníocaíocht le tionscadail den sórt sin a údarú, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil rannpháirtíocht infheistíochta nó ranníocaíocht den sórt sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 2 Marta 2022 nó faoi chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.”;

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 5h

Amhail ón 12 Márta 2022, beidh toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht arna bhunú sa Rúis a bhfuil 50 % nó níos mó dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 5i

1.   Beidh toirmeasc ar nótaí bainc arna sloinneadh in euro a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Rúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n-áirítear rialtas agus Banc Ceannais na Rúise, nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc arna sloinneadh in euro ar choinníoll gur gá an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta; nó

(b)

cuspóirí oifigiúla misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

“Airteagal 12

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir dóibh nó is éifeacht leo dul timpeall ar thoirmisc sa Rialachán seo, lena n-áirítear dul timpeall ar thoirmisc trí ghníomhú in ionad na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2e(3), Airteagail 5, 5a, 5b, 5e, 5f, 5h agus 5i nó trí ghníomhú chun a dtairbhe trí úsáid na n-eisceachtaí in Airteagail 2e(4), 5(6), 5a(2), 5b(2), 5e(2). 5f(2) nó 5i(2).”;

(5)

cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)   IO L 63, 2.3.2022.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN XIV

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5h

Bank Otkritie

Novikombank

Promsvyazbank

Bank Rossiya

Sovcombank

VNESHECONOMBANK (VEB)

VTB BANK

.

CINNTÍ

2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 63/5


CINNEADH (CBES) 2022/346 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Márta 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Sárú follasach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine is ea an t-ionsaí sin.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata gan chúis, gan údar a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin. Trína gníomhaíochtaí míleata neamhdhleathacha, tá sárú á dhéanamh ag an Rúis ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus tá an bonn á bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí pacáiste smachtbhannaí aonair agus eacnamaíocha breise a ullmhú agus a ghlacadh go práinneach.

(5)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach maidir le seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar d’institiúidí creidmheasa áirithe de chuid na Rúise agus a bhfochuideachtaí Rúiseacha, atá ábhartha maidir le córas airgeadais na Rúise agus atá faoi réir bearta sriantacha cheana féin arna bhforchur ag an Aontas nó ag tíortha comhpháirtíochta agus, faoi réir eisceachtaí áirithe, i ndáil le bheith ag plé le Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise. Is iomchuí freisin, faoi réir eisceachtaí áirithe, toirmeasc a chur ar sholáthar nótaí bainc arna sloinneadh in euro don Rúis.

(6)

Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme.

(7)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh éifeacht leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, ba cheart go dtiocfadh sé i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear isteach na hAirteagail seo a leanas:

“Airteagal 1e

Beidh toirmeasc amhail ón 12 Márta 2022 ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, a sholáthar do na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn VIII nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht arna bhunú sa Rúis a bhfuil 50 % nó níos mó dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 1f

1.   Beidh toirmeasc ar nótaí bainc arna sloinneadh in euro a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú chuig an Rúis nó chuig aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n-áirítear rialtas agus Banc Ceannais na Rúise, nó lena n-úsáid sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le díol, soláthar, aistriú nó onnmhairiú nótaí bainc arna sloinneadh in euro ar choinníoll gur gá an díol, an soláthar, an t-aistriú nó an t-onnmhairiú sin le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

úsáid phearsanta ag daoine nádúrtha atá ag taisteal chun na Rúise nó daoine dá neasteaghlach atá ag taisteal ina dteannta; nó

(b)

cuspóirí oifigiúla misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a bhfuil díolúintí acu i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.”;

(2)

cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 4b:

“3.   Beidh toirmeasc ar infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise, ar bheith páirteach iontu nó ar rannchuidiú leo ar bhealach eile.

4.   De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, rannpháirtíocht infheistíochta i dtionscadail arna gcómhaoiniú ag Ciste Infheistíochta Dírí na Rúise a údarú, nó ranníocaíocht le tionscadail den sórt sin a údarú, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil rannpháirtíocht infheistíochta nó ranníocaíocht den sórt sin dlite faoi chonarthaí a tugadh i gcrích roimh an 2 Márta 2022 nó faoi chonarthaí coimhdeacha atá riachtanach chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.”;

(3)

cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo isteach mar Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN VIII

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1e

Bank Otkritie

Novikombank

Promsvyazbank

Bank Rossiya

Sovcombank

VNESHECONOMBANK (VEB)

VTB BANK

”.