ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 58

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
28 Feabhra 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

1

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

28.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 58/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/336 ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 24 agus an 25 Meitheamh 2021, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an Rúis freagracht a ghlacadh go hiomlán as cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a áirithiú mar an príomhchoinníoll le haghaidh aon athrú suntasach ar sheasamh an Aontais. Chuir sí i bhfios go láidir gur gá freagairt láidir chomhordaithe ón Aontas agus óna Bhallstáit ar aon ghníomhaíocht mhailíseach, neamhdhleathach, shuaiteach bhreise a dhéanfadh an Rúis, agus leas iomlán á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil don Aontas, agus comhordú á áirithiú leis na comhpháirtithe. Chuige sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún agus ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freisin, roghanna a chur i láthair maidir le bearta sriantacha breise, lena n-áirítear smachtbhannaí eacnamaíocha.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 16 Nollaig 2021, chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go láidir a phráinní atá sé go mbainfeadh an Rúis an lasair den bharrach atá ann de bharr an tóstail mhíleata feadh theorainn na Rúise leis an Úcráin agus de bharr na reitrice ionsaithí. D’athdhearbhaigh sí go dtacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le ceannasacht agus le hiomláine chríochach na hÚcráine. Agus an Chomhairle Eorpach ag moladh go ndéanfaí iarrachtaí taidhleoireachta agus ag tacú le formáid na Normainne mar bhealach chun cur chun feidhme iomlán Chomhaontuithe Mhionsc a bhaint amach, luaigh an Chomhairle Eorpach go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon fhogha míleata eile a thabharfaí faoin Úcráin, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenar gcomhpháirtithe.

(5)

An 24 Eanáir 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí inar cháin sí gníomhaíochtaí agus bagairtí foghacha leanúnacha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus inar iarr sí ar an Rúis an lasóg a bhaint den bharrach, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh in idirphlé trí na sásraí idirnáisiúnta atá bunaithe. D’athdhearbhaigh an Chomhairle tiomantas iomlán an Aontais do na croíphrionsabail ar a bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe, agus atá cumhdaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus i ndoiciméid bhunaitheacha na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, lena n-áirítear Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus Cairt Pháras. Áirítear leis na croíphrionsabail sin go háirithe comhionannas ceannasach agus iomláine chríochach Stát, dosháraitheacht na dteorainneacha, staonadh ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid, agus saoirse Stát a socruithe slándála féin a roghnú nó a athrú. Luaigh an Chomhairle nach bhfuil na prionsabail sin inchaibidle ná faoi réir athbhreithniú ná athléiriú, agus gur bac é sárú na Rúise ar spás slándála coiteann agus doroinnte san Eoraip, agus go gcuireann sé an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne i mbaol. Á mheabhrú di na Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig 2021, d’athdhearbhaigh an Chomhairle go n-eascródh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha as aon fhogha míleata breise a dhéanfadh an Rúis ar an Úcráin, agus go n-áirítear air sin réimse leathan beart sriantach ar earnálacha agus ar dhaoine aonair a ghlacfaí i gcomhar le comhpháirtithe.

(6)

An 19 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar léiríodh gur cúis imní é tóstail ollmhór fhórsaí armtha na Rúise san Úcráin agus thart ar an Úcráin, agus thathantaigh sé ar an Rúis páirt a ghlacadh in idirphlé fónta agus i dtaidhleoireacht, guaim a choinneáil uirthi féin agus an lasóg a bhaint den bharrach trí go leor fórsaí míleata a tharraingt siar ó theorainneacha na hÚcráine. Luaigh an tAontas go mbeadh iarmhairtí ollmhóra agus costais throma ann mar fhreagairt ar aon fhogha míleata eile a thabharfadh an Rúis faoin Úcráin, lena n-áirítear bearta sriantacha arna gcomhordú lenár gcomhpháirtithe.

(7)

An 21 Feabhra 2022, shínigh Uachtarán Chónaidhm na Rúise foraithne ina n-aithnítear ‘neamhspleáchas agus ceannasacht’ limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi smacht an rialtais, agus d’ordaigh sé fórsaí armtha na Rúise isteach sna limistéir sin.

(8)

An 22 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh an ghníomhaíocht neamhdhleathach sin, lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a thuilleadh agus is sárú tromchúiseach í ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta, lena n-áirítear Cairt na Náisiún Aontaithe, Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras agus Meabhrán Bhúdaipeist, chomh maith le Comhaontuithe Mhionsc agus Rún 2202 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. D'áitigh an tArdionadaí ar an Rúis, mar pháirtí sa choinbhleacht, an t-aitheantas sin a aisiompú, seasamh lena gealltanais, cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus filleadh ar an bplé faoi chuimsiú fhormáid na Normainne agus an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh. D’fhógair sé go bhfreagródh an tAontas do na sáruithe is déanaí sin ag an Rúis trí bhearta breise sriantacha a ghlacadh mar ábhar práinne.

(9)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise oibríocht mhíleata san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin. Is sárú follasach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine an t-ionsaí sin.

(10)

An 24 Feabhra 2022, d’eisigh an tArdionadaí dearbhú thar ceann an Aontais inar cáineadh go fíorghéar an t-ionradh ar an Úcráin a rinne fórsaí armtha de chuid Chónaidhm na Rúise agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin faoin Úcráin. Chuir an tArdionadaí in iúl go n-áireofar ar fhreagairt an Aontais bearta sriantacha earnálacha agus bearta sriantacha aonair araon.

(11)

An 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata atá tugtha ag an Rúis gan chúis gan údar faoin Úcráin. Leis na gníomhaíochtaí mídhleathacha míleata atá ar siúl aici, tá an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe á sárú go trom ag an Rúis agus tá an bonn á bhaint aici de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. Tháinig an Chomhairle Eorpach, i ndlúthchomhar lena comhpháirtithe agus lena comhghuaillithe ar chomhaontú maidir le bearta sriantacha breise a mbeidh iarmhairtí ollmhóra tromchúiseacha i gceist leo maidir leis an Rúis de bharr an ngníomhaíochtaí atá déanta aici.

(12)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 26 duine agus eintiteas amháin a chur ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014.

(13)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus na heintitis seo a leanas le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014:

1.   Daoine

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘671

Igor Ivanovich SECHIN

(Игорь Иванович СЕЧИН)

Dáta breithe: 7.9.1960

Áit bhreithe: Leningrad, USSR (Russian Federation anois)

Náisiúntacht: Rúisis

Inscne: Fireann

Is é Igor Sechin Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Rosneft, cuideachta ola stáit de chuid na Rúise agus ceann de na táirgeoirí amhola is mó ar domhan. Tá sé ar cheann de na comhairleoirí is iontaofa agus is gaire atá ag Vladimir Putin, agus is cara pearsanta leis é chomh maith. Bhí sé i dteagmháil le hUachtarán na Rúise ar bhonn laethúil. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na baill is cumhachtaí de scothaicme pholaitiúil na Rúise. Naisc fhada dhoimhne atá aige le Vladimir Putin. D’oibrigh sé leis an Uachtarán in oifig an mhéara in St Petersburg sna 1990í agus tá a dhílseacht cruthaithe aige ó shin i leith. Rinneadh LeasCheann ar rialtas Vladimir Putin d’Igor Sechin in 1999, Leas-Phríomh-Aire in 2008, agus POF Rosneft in 2012. Tá sé ar dhuine de na holagarcaí Rúiseacha a bhíonn ag feidhmiú i gcomhpháirtíocht le stát na Rúise.

28.2.2022

 

 

 

Tá sé ar dhuine díobh siúd as comhluadar Putin a fhaigheann gnóthachain airgeadais agus poist thábhachtacha as a bheith umhal agus dílis. Leag an tUachtarán cúraimí tábhachtacha deacra air agus bronnadh ceannaireacht Rosneft agus saibhreas mór air. Bhí baint ag Rosneft, agus é faoi stiúir Igor Sechin, le maoiniú a dhéanamh ar na fíonghoirt a ghabhann leis an bpálás atá i ngar do Gelendzhik, a mheastar a bheith in úsáid go pearsanta ag an uachtarán Putin.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach – go hábhartha nó le hairgead – agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine.

Ina theannta sin, déanann Rosneft Aero, fochuideachta de chuid Rosneft arb é Igor Sechin is POF uirthi, breosla eitlíochta a sheachadadh chuig Aerfort Simferopol a chuireann nasc eitilte ar fáil chuig an Rúis as críoch na Crimé, agus Sevastopol, a ionghabhadh go neamhdhleathach. Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le comhdhlúthú leithinis na Crimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise, rud a bhaineann an bonn tuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

 

672.

Nikolay Petrovich TOKAREV

(Николай Петрович ТОКАРЕВ)

Dáta breithe: 20.12.1950

Áit bhreithe: Karaganda, Kazakh SSR (An Chasacstáin anois)

Is é Nikolay Tokarev POF Transneft, cuideachta mhór ola agus gáis de chuid na Rúise. Tá seanaithne ag Vladimir Putin air agus is dlúthchomhlach leis é. D’fhóin sé le Putin sa KGB sna 1980í. Tá Nikolay Tokarev ar dhuine de na holagarcaí stáit sin de chuid na Rúise a ghlac smacht ar shócmhainní móra stáit sna 2000í de réir mar a chomhdhlúthaigh an tUachtarán Putin a chuid cumhachta, agus a oibríonn i ndlúthchomhpháirtíocht le stát na Rúise. Is é Nikolay Tokarev ata i gceannas ar Transneft, ceann de na cuideachtaí rialtais is tábhachtaí sa Rúis, cuideachta a iompraíonn méid suntasach d’ola na Rúise trí líonra dea-fhorbartha de phíblínte ola.

Tá Transneft, faoi stiúir Nikolay Tokarev, ar cheann de phríomhurraitheoirí atá ag an bpálás atá i ngar do Gelendzhik, a mheastar a bheith in úsáid go pearsanta ag an uachtarán Putin. Baineann sé tairbhe as a ghaireacht d’údaráis na Rúise. Shaibhrigh gaolta agus lucht aitheantais Nikolay Tokarev iad féin a bhuíochas le conarthaí a síníodh le cuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach – go hábhartha nó le hairgead – agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine.

28.2.2022

673.

Alisher USMANOV

(Russian: Алишер Бурханович УСМАНОВ; Uzbek: Alisher USMONOV)

Dáta breithe: 9.9.1953

Áit bhreithe:: Chust, Uzbek SSR, Soviet Union

Feidhm: Olagarc Rúiseach

Is olagarc pro-Kremlin é Alisher Usmanov le dlúthnaisc leis an Uachtarán Vladimir Putin. Tagraíodh dó mar cheann de na holagarcaí is ansa le Vladimir Putin. Meastar go bhfuil sé ar dhuine d’oifigigh ghnó na Rúise, ar cuireadh de chúram orthu freastal ar shreabha airgeadais, ach is ar thoil an Uachtaráin a bhraitheann a bpoist. Tuairiscítear gur ghníomhaigh Alisher Usmanov thar cheann Uachtarán Putin agus réitigh sé a chuid fadhbanna gnó. De réir chomhaid FinCEN d’íoc sé $6 milliún le Valentin Yumashev, comhairleoir cumhachtach Vladimir Putin. Bhain Dmitry Medvedev, Leas-Chathaoirleach an Security Council of Russia agus iar-Uachtarán agus iar-Phríomh-Aire na Rúise, tairbhe as úsáid phearsanta tithe cónaithe sómasacha faoi rialú Alisher Usmanov.

Dá bhrí sin, thug sé tacaíocht ábhartha nó airgeadais go gníomhach do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

 

 

 

Tá leasanna ag Alisher Usmanov i gcuideachtaí amhiarainn agus cruaiche, meán agus an idirlín. Is é an fathach cruaiche Metalloinvest an gabháltas is mó aige. Nuair a ghlac Alisher Usmanov ceannas ar Kommersant, nuachtán laethúil gnó, cuireadh srian ar shaoirse na foirne eagarthóireachta agus ghlac an nuachtán seasamh follasach ar son an Kremlin. D’fhoilsigh Kommersant, faoi úinéireacht Alisher Usmanov, alt bolscaireachta frith-Úcránach le Dmitry Medvedev, inar áitigh iar-Uachtarán na Rúise nach raibh aon chiall le páirt a ghlacadh i gcainteanna le húdaráis reatha na hÚcráine, a bhí, dar leis, faoi rialú díreach coigríche.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le beartais rialtas na Rúise maidir le díchobhsú na hÚcráine.

 

674.

Petr Olegovich AVEN

(Пëтр Олегович АВЕН)

Dáta breithe: 16.3. 1955

Áit bhreithe:: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Feidhm: Oligarch a bhfuil dlúthcheangal aige le Vladimir Putin. Duine de phríomh-scairshealbhóirí Ghrúpa Alfa

Inscne: Fireann

Tá Petr Aven ar cheann de na holagarcaí is gaire do Vladimir Putin. Is scairshealbhóir tábhachtach é de chuid Alfa Group, lena n-áirítear ceann de bhainc mhóra na Rúise, Alfa Bank. Tá sé ar cheann de thart ar 50 fear saibhir gnó ón Rúis a bhuaileann go rialta le Vladimir Putin sa Kremlin. Ní fheidhmíonn go neamhspleách ar éilimh an Uachtaráin. Téann a chairdeas le Vladimir Putin siar go dtí go luath sna 1990í. Nuair a bhí sé mar Minister of Foreign Economic Relations, chabhraigh sé le Vladimir Putin, arbh é leas-mhéara St. Petersburg an tráth sin, maidir le himscrúdú an Sal’ye Commission. Tuigtear gur dlúthchara pearsanta é le príomhfheidhmeannach Rosneft, Igor Sechin, comhghuaillí barrthábhachtach Putin. Bhí tionscadal carthanachta, Alfa-Endo, faoi stiúir an iníon is sine le Vladimir Putin, Maria, a bhí maoinithe ag Alfa Bank.

Bhain an Petr Aven tairbhe as a naisc rialtais. Scríobh sé litir chuig Vladimir Putin ag gearán faoi chinneadh an Moscow Arbitration Court sa chás dlí a bhain le leasanna i dtaca le gnólacht de chuid Petr Aven. Thug Vladimir Putin treoir don Prosecutor General of Russia an cás a imscrúdú. Thug Vladimir Putin luach saothair do dhílseacht Alfa Group d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group.

28.2.2022

 

 

 

Bhí Petr Aven agus a chomhpháirtí gnó Mikhail Fridman i mbun iarrachtaí an Kremlin deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun beartas foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomhrac. In 2016 thug Vladimir Putin rabhadh do Petr Aven mar gheall ar bhféidearthacht go bhforchuirfeadh na Stáit Aontaithe smachtbhannaí breise ar Aven agus/nó ar Alfa-Bank agus mhol sé gur ghá dó bearta a dhéanamh chun é féin agus Alfa-Bank a chosaint, moladh a chomhlíon Petr Aven. In 2018, thug Petr Aven cuairt ar Washington DC, in éineacht le Mikhail Fridman, ar misean neamhoifigiúil chun teachtaireacht rialtas na Rúise a chur in iúl faoi smachtbhannaí na Stát Aontaithe agus faoi fhrith-smachtbhannaí ó Chónaidhm na Rúise.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach – go hábhartha nó le hairgead – agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

 

675.

Mikhail Maratovich FRIDMAN

(Михаил Марáтович ФРИДМАН)

Dáta breithe: 21.4.1964

Áit bhreithe: Lviv, Cónaidhm na Rúise

Inscne: Fireann

Is é Mikhail Fridman bunaitheoir agus duine de na scairshealbhóirí is mó de chuid Alfa Group, lena n-áirítear mórbhanc na Rúise, Alfa Bank. D’éirigh leis naisc láidir a chothú le rialtas Vladimir Putin, agus tagraíodh dó mar an airgeadaí is mó sa Rúis agus mar áisitheoir dhlúthchiorcal Putin. D’éirigh leis sócmhainní stáit a fháil trí naisc rialtais. Bhí tionscadal carthanachta, Alfa-Endo, faoi stiúir an iníon is sine le Vladimir Putin, Maria, a bhí maoinithe ag Alfa Bank. Thug Vladimir Putin luach saothair do dhílseacht Alfa Group d’údaráis na Rúise trí chabhair pholaitiúil a thabhairt do phleananna infheistíochta coigríche Alfa Group.

Tá páirt á glacadh ag Fridman agus a chomhpháirtí gnó Petr Aven in iarrachtaí na Creimile deireadh a chur le smachtbhannaí an Iarthair a eisíodh chun beartas foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chomhrac. In 2018, thug Fridman cuairt ar Washington DC, in éineacht le Aven, ar misean neamhoifigiúil chun teachtaireacht rialtas na Rúise a chur in iúl faoi smachtbhannaí na Stát Aontaithe agus faoi fhrith-smachtbhannaí ó Chónaidhm na Rúise

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach – go hábhartha nó le hairgead – agus bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú Oirthear na hÚcráine. Thacaigh sé freisin le gníomhaíochtaí nó beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

 

676.

Sergei Pavlovich ROLDUGIN (Сергей Павлович РОЛДУГИН)

DOB: 28.9.1951

POB : Sakhalin Oblast

Cellist

Function : businessman, close friend of Vladimir Putin.

Is fear gnó é Roldugin agus tá dlúthcheangal aige le Vladimir Putin. Tá sé mar chuid de líonra airgeadais Putin. Tá ar a laghad 5 eintiteas amach ón gcósta faoi úinéireacht aige agus coimeádann sé a chuid sócmhainní in Bank Rossiya (faoi smachtbhannaí ag an Aontas), ar a dtugtar “Sparán Putin” i Moscó. De réir an imscrúdaithe a rinne Cuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ), tá an Roldugin freagrach as ar a laghad 2 bhilliún USD a atheagrú trí bhainc agus trí chuideachtaí amach ón gcósta mar chuid de líonra airgeadais rúnda Putin. Ghlac sé páirt freisin in “Troika Laundromat”, agus threoraigh sé na billiúin USD tríd an gcóras. Thairis sin, fuair sé níos mó ná 69 milliún USD trí chuideachtaí laistigh den “Troika Laundromat”.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach, go hábhartha nó le hairgead, le cinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

677.

Dmitry Sergeyevich PESKOV

(Дмитрий Сергеевич ПЕСКОВ)

Dáta breithe: 17.10.1967

Áit bhreithe:: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Inscne: Fireann

Is é Dmitri Peskov preasrúnaí Uachtarán Putin. Chosain sé go poiblí beartas ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear ionghabháil mhídhleathach na Crimé agus Sevastopol ag Cónaidhm na Rúise. I ráitis éagsúla, chuir sé i bhfios go láidir gur dlúthchuid den Rúis iad críoch na Crimé agus críoch Sevastopol, agus nach féidir leis an Úcráin an chríoch sin a aisghabháil. Éileamh críche i gcoinne na Rúise a thug sé ar ghníomhaíochtaí na hÚcráine a raibh sé mar aidhm leo deireadh a chur le forghabháil Rúise i Leithinis na Crimé. Chuir sé a thuairim in iúl nach féidir caibidlíocht a dhéanamh le húdaráis na hÚcráine, agus chuir sé i bhfios nach measann taobh na Rúise gur comhpháirtí iad. Dúirt sé, d’ainneoin na fírinne, nach raibh aon trúpaí de chuid na Rúise in Donbass. Chuir sé in iúl freisin nach bhfuil aon fhíor-éifeacht ag smachtbhannaí an Iarthair ar an Rúis. Bhagair sé go n-eiseodh an Rúis frithsmachtbhannaí mar fhreagra.

Dá bhrí sin, thacaigh sé go gníomhach le gníomhaíochtaí nó as beartais, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

678.

Dmitry Nikolaevich CHERNYSHENKO

(Дмитрий Николаевич ЧЕРНЫШЕНКО)

Dáta breithe: 20.9.1968

Áit bhreithe:: Saratov, Russia

Feidhm: Leas-Phríomh-Aire na Rúise atá freagrach as Turasóireacht, Spórt, Cultúr agus Cumarsáid

Comhalta de Bhord Stúrthóirí Russian Rialways

Inscne: Fireann

Is é Dmitry Chernyshenko Leas-Phríomh-Aire na Rúise atá freagrach as Turasóireacht, Spórt, Cultúr agus Cumarsáid agus tá sé ina Chomhalta de Bhord Stiúrthóirí Russian Railways, arna cheapadh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise sa phost seo.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, chuir an Rúis tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. Rinne Fórsaí Armtha na Rúise freachnaimh mhíleata ar scála mór ansin. Mar thoradh air sin, géaraíodh ar an gcoinbhleacht agus cuireadh brú díchobhsaitheach ar an Úcráin. Iompraíodh pearsanra míleata agus trealamh míleata de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise go dtí na limistéir gar do theorainn na hÚcráine ag Russian Railways, a bhfuil Chernyshenko ina chomhalta den Bhord Stiúrthóirí. An 24 Feabhra 2022, thug an Rúis fogha míleata iomlán faoin Úcráin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

679.

Irek Envarovich FAIZULLIN

(Ирек Энварович ФАЙЗУЛЛИН)

Dáta breithe: 8.12.1962

Áit bhreithe:: Kazan, USSR, Russian Federation anois

Feidhm: Comhalta de Bhord Stiúrthóirí Russian Railways.

Minister of Construction and Housing Chónaidhm na Rúise.

Inscne: Fireann

Is é Irek Faizullin Minister of Construction and Housing na Rúise agus tá ina Chomhalta de Bhord Stiúrthóirí Russian Railways, arna cheapadh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise sa phost sin.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, chuir an Rúis tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. Rinne Fórsaí Armtha na Rúise freachnaimh mhíleata ar scála mór ansin. Mar thoradh air sin, géaraíodh ar an gcoinbhleacht agus cuireadh brú díchobhsaitheach ar an Úcráin. Iompraíodh pearsanra míleata agus trealamh míleata de chuid Fhórsaí Armtha na Rúise go dtí na limistéir gar do theorainn na hÚcráine ag Russian Railways, a bhfuil Faizullin ina chomhalta den Bhord Stiúrthóirí.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

680.

Vitaly Gennadyevich SAVELYEV

(Виталий Геннадьевич САВЕЛЬЕВ)

DOB: 18.1.1954

POB: Tashkent, Uzbekistan

Function: Member of the Board of Directors of the Russian Railways. Minister of Transport of Russia since 2020, former CEO of Aeroflot

Is é Vitaly Savelyev Minister of Transport Chónaidhm na Rúise agus tá sé ina Chomhalta de Bhord Stiúrthóirí Russian Railways, arna cheapadh ag Rialtas Chónaidhm na Rúise don phost seo. Is iar-Phríomhfheidhmeannach Aeroflot é.

I mí Dheireadh Fómhair 2021, chuir an Rúis tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. Rinne Fórsaí Armtha na Rúise freachnaimh mhíleata ar scála mór ansin. Mar thoradh air sin, géaraíodh ar an gcoinbhleacht agus cuireadh brú díchobhsaitheach ar an Úcráin. Iompraíodh pearsanra míleata agus trealamh míleata Fórsaí Armtha na Rúise go dtí na limistéir gar do theorainn na hÚcráine ag Russian Railways, a bhfuil Savelyev ina chomhalta den Bhord Stiúrthóirí.

28.2.2022

 

 

 

Anuas air sin, chuir Aeroflot, faoi cheannaireacht Savelyev, aeriompar paisinéirí rialta idir aerfoirt na Rúise agus aerfort idirnáisiúnta Simferopol ar fáil, agus dá bhrí sin, thacaigh sé le comhdhlúthú leithinis na Crimé a rinneadh a iongabháil go neamhdhleathach i gCónaidhm na Rúise, rud a bhain an bonn a thuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráin.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht nó shlándáil na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

 

681.

Andrey Anatolyevich TURCHAK

(ТУРЧАК, Андрей Анатольевич)

Dáta breithe: 20.12.1975

Áit bhreithe: Leningrad, USSR (Russian Federation anois)

Feidhm: Rúnaí chomhairle ginearálta an pháirtí United Russia

An chéad leaschainteoir ar an Federation Council.

Tá Andrey Turchak ina rúnaí ar General Council pháirtí United Russia agus is é an chéad leaschainteoir ar an Federation Council é. Baineann a rath polaitiúil lena athair, Anatoly Turchak, a fuair oiliúint júdó le Vladimir Putin agus le deartháireacha Rotenberg. Chuir sé dearcadh dearfach chun cinn maidir le haitheantas a thabhairt do na ‘Daonphoblachtaí’ scarúnaíocha, Donetsk agus Luhansk, mar a thugtar orthu.

D’iarr sé ar údaráis na Rúise ard-armáin a chur ar fáil do na fórsaí scarúnaíocha atá ar son na Rúise i réigiún Donbas. Dúirt sé go poiblí nach raibh sé indéanta coimhlint Donbas a réiteach ar bhealach síochánta le húdaráis na hÚcráine. Mhaígh sé gan bhunús go raibh ionsaí míleata beartaithe ag an Úcráin in Donbas. Chuaigh sé i mbun caibidlíochta le Denis Pushilin, ceannaire an réigiúin scarúnaíoch, ‘Daon-Phoblacht Donetsk’. Thug sé cuairt ar phointe slógaidh de chuid na bhfórsaí armtha scarúnaíocha i limistéar túslíne Donbass chun comhghairdeas a dhéanamh go pearsanta le saighdiúirí an réigiúin scarúnaíoch, ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a thugtar uirthi, ar ‘Defender of the Fatherland Day’. Chosain sé go poiblí cinneadh na Rúise ‘poblachtaí’ scarúnaíocha Donbas a aithint. Dúirt sé gur cuma leis an Rúis faoi smachtbhannaí an Iarthair.

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, tá sé freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol.

 

682.

Tigran Edmondovich KEOSAYAN

(Тигран Эдмондович КЕОСАЯН)

Dáta breithe: 4.1.1966

Áit bhreithe: Moscow, Russia

Feidhm: Aisteoir agus stiúrthóir, láithreoir an chláir teilifíse bolscaireachta ‘International Sawmill with Tigran Keosayan’ maidir le cúrsaí polaitíochta ar chainéal NTV.”.

Is stiúrthóir scannán agus iriseoir é Tigran Keosayan a scaip an bholscaireacht fhrith-Úcráine ar mheáin na Rúise. Ar a chlár teilifíse stát-chistithe ‘International Sawmill with Tigran Keosayan’, léirigh sé i rith an ama an Úcráin mar thír lag éillitheach, a coinníodh ar bun a bhuíochas le cabhair an Iarthair. Mhaígh sé nach raibh údaráis na hÚcráine dlisteanach. Dúirt sé arís agus arís eile gur leis an Rúis an Chrimé, agus nach raibh Donbas mar chuid den Úcráin. Ghlac Tigran Keosayan páirt san fhóram ‘Russian Donbas’ a d’eagraigh údaráis ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a thugtar uirthi, in Donetsk agus é mar aidhm leis sin teagasc ‘Russian Donbas’ a scaipeadh. Chuir sé i leith na hÚcráine go poiblí gur ghéaraigh sí an choinbhleacht.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

 

 

 

Fuair an clár teilifíse ‘International Sawmill with Tigran Keosayan’ cistiú ó na cuideachtaí Rúiseacha atá faoi úinéireachta an stáit, a bhí gan údar ar fhorais tráchtála, ach bronnadh mar dhuais é do Tigran Keosayan as a chuid iarrachtaí bolscaireachta agus as a dhílseacht do Vladimir Putin. Stiúir Tigran Keosayan an scannán bolscaireachta ‘The Crimean Bridge. Made with Love!’, inar moladh Droichead na Crimé lena nasctar críoch Leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach leis an Rúis. Dúradh go ndearnadh an scannán mar fhéirín don uachtarán Putin. Chabhraigh Alexei Gromov, an chéad Leas-cheannaire ar riarachán na huachtaránachta, lena áirithiú go bhfuair an scannán cistiú ón stát, agus dá thoradh sin, bhain Tigran Keosayan brabús airgeadais amach as.

Dá bhrí sin, bhain sé tairbhe as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

 

683.

Olga Vladimirovna SKABEYEVA

(Ольга Владимировна СКАБЕЕВА)

Dáta breithe: 11.12.1984

Feidhm: Comhbhunaitheoir agus príomheagarthóir na tairsí REGNUM;

Áit bhreithe: Volzhsky, Russia

Feidhm: Iriseoir de chuid an stáisiúin teilifíse Rossiya-1, atá faoi úinéireacht an stáit, i gceannas ar an gclár cainte polaitiúil ‘60 Minutes’ (in éineacht lena fear céile Yevgeniy Popov) – an clár cainte is mó tóir sa Rúis)

Inscne: Baineann

Is iriseoir í Olga Skabeyeva ar an stáisiún teilifíse Rossiya-1, atá faoi úinéireacht an stáit. In éineacht lena fear céile Yevgeniy Popov, tá sí ina óstach ar an gclár cainte polaitiúil is mó sa Rúis, ‘60 Minutes’, áit a bhfuil bolscaireacht fhrith-Úcráine scaipthe aici, agus inar chuir sí dearcadh dearfach i leith ionghabháil na Crimé agus ghníomhaíochtaí na scarúnaithe in Donbas chun cinn

Ar a clár teilifíse, léirigh sí i rith an ama an staid san Úcráin ar bhealach claonta, agus gur stát bréagach í an tír, a choinníonn an tIarthar ar bun ó thaobh an mhíleata agus airgeadais de agus dá bhrí sin – gur satailít agus uirlis de chuid an Iarthair i lámha ECAT í. Rinne sí beag freisin de ról na hÚcráine in ‘frith-Rúis nua-aimseartha’. Thairis sin, is minic a thug sí cuireadh d’aíonna amhail Eduard Basurin, Preas-Rúnaí Ceannais Mhíleata ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a thugtar uirthi, nó Denis Pushilin, ceannaire ‘Daon-Phoblacht Donetsk’, mar a thugtar uirthi. Chuir sí an ruaig ar aoi nár chloígh le línte insinte bholscaireachta na Rúise, amhail idé-eolaíocht ‘Russian World’. Is cosúil go dtuigeann Olga Skabeyeva go bhfuil ról ciniciúil aici i meaisín bolscaireachta na Rúise, in éineacht lena fear céile.

Dá bhrí sin, tá sí freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

684.

Alexander PONOMARENKO

(Алексaндр Анатольевич ПОНОМАРEНКО)

Dáta breithe: 27.10. 1964

Áit bhreithe: Bilohirsk, Ukrainian SSR

Feidhm: Olagarc Rúiseach, Cathaoirleach Bhord Aerfort Idirnáisiúnta Sheremetyevo

Olagarc Rúiseach é Alexander Ponomarenko agus is é Cathaoirleach Bhord Aerfort Idirnáisiúnta Sheremetyevo é. Tá dlúthnaisc ag an Alexander Ponomarenko le holagarcaí eile atá bainteach le Vladimir Putin, agus le Sergey Aksyonov, ceannaire “Poblacht na Crimé”, mar a thugtar air, ar chríoch Leithinis na Crimé a rinneadh a iongabháil go neamhdhleathach. Bhí baint aige le maoiniú ionad an pháláis gar do Gelendzhik, a mheastar a bheith á úsáid go pearsanta ag an Uachtarán Putin.

Dá bhrí sin, thug sé tacaíocht ábhartha nó airgeadais go gníomhach do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as nasc-ghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

685.

Modest Alexeyevich KOLEROV

(Модест Алексеевич КОЛЕРОВ)

Dáta breithe: 12.4.1963

Áit bhreithe: Kimovsk, Russia

Feidhm: Comhbhunaitheoir agus príomheagarthóir na tairsí REGNUM, a dhéanann sainchúram don limistéar iar-Shóivéadach. D’oibrigh sé i Riarachán na hUachtaránachta ó 2005 go 2007.

Inscne: Fireann

Is comhbhunaitheoir agus príomheagarthóir ar thairseach REGNUM é Modest Kolerov, a d’úsáid sé chun insintí bolscaireachta foghacha agus claonta i gcoinne na hÚcráine a scaipeadh, agus chun meon dearfach i leith ionghabháil na Crimé agus ghníomhaíochtaí na scarúnaithe in Donbas a chur chun cinn. Is minic a léirigh sé an Úcráin mar thír fhaisisteach nó tír nua-Naitsíoch, agus puipéad a bhí ar son an Iarthair. Dúirt sé gur chruthaigh Lenin agus Stalin an Úcráin go bréagach. De réir a chuid foilseachán, tá an Úcráin faoi chomaoin ag an Rúis dá neamhspleáchas agus, dá bhrí sin, níl sé de cheart aici a bheith ina stát ceannasach. Mhol sé freisin gur cheart don Rúis deireadh a chur le tír na hÚcráine.

Ina theannta sin, mhol sé an Úcráin a roinnt idir a comharsana agus bhagair sé go mbeadh an Úcráin neamhspleách ina bagairt don Rúis. Thacaigh sé go gníomhach le haitheantas a thabhairt do ‘Daon-Phoblacht Donetsk’ agus ‘Daon-Phoblacht Luhansk’, mar a thugtar orthu, agus do ghníomhaíochtaí Rúiseacha breise i bhfabhar na scarúnaithe in Oirthear na hÚcráine. Bhréagnaigh sé fianaise de thacaíocht mhíleata Rúiseach do na scarúnaithe, agus léirigh sé misean ESCE in Oirthear na hÚcráine, mar mhisean a bhí claonta agus faoi réir Chív.

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin, agus as na gníomhaíochtaí ó na beartais sin a chur chun feidhme, agus as bac a chur ar obair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin.

 

686.

Roman Georgievich BABAYAN

(Роман Георгиевич БАБАЯН)

Dáta breithe: 7.12.1967

Áit bhreithe: Baku, Azerbaijan

Feidhm: Iriseoir, láithreoir an chláir teilifíse ‘Own Truth’ ar chainéal NTV agus ‘Right of Voice’ ar TV Cent. Is é príomheagarthóir raidió ‘Moscow Speaks’ é freisin. Tá sé ina bhall de Moscow City Duma freisin.

Inscne: Fireann

Is iriseoir é Roman Babayan ar comhalta é de Moscow City Duma. Déanann sé an clár teilifíse ‘Own Truth’ ar chainéal NTV agus ‘Right of Voice’ ar TV Cent a óstáil. Is príomheagarthóir é freisin ar raidió ‘Moscow Speaks’. Tá bolscaireacht frith-Úcráine scaipthe aige agus chuir sé dearcadh dearfach chun cinn maidir le gníomhaíochtaí scarúnaithe in Donbas.

Le linn agallaimh a thug sé ar Ukraina.ru dúirt sé go soiléir gurbh fhearr le gach cónaitheoir in Donbas dul isteach sa Rúis, agus cheistigh sé ceart na hÚcráine chun a críoch féin. Ina theannta sin, chuir sé i leith údaráis na hÚcráine go raibh géarleanúint bunaithe ar náisiúntacht ar siúl acu in Donbas agus cinedhíothú de facto, agus dúirt sé gur mharaigh muintir na hÚcráine leanaí agus daoine scothaosta in Donbas. Thacaigh sé freisin le dearcadh na Rúise ar ‘réimeas faisisteacha’ san Úcráin. Chun é sin a dhéanamh, chuir sé taifead gan choinne i láthair le saighdiúirí a raibh comhartha cabhlaigh Ghearmánach na Naitsithe orthu, agus rinne sé cur síos orthu mar Úcránaigh.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

687.

Yevgeniy Nikolaevich PRILEPIN

(Евгений Николаевич ПРИЛЕПИН),

alias Zakhar PRILEPIN (Russian: Захар ПРИЛЕПИН),

alias Yevgeniy LAVLINSKIY (Russian: Евгений ЛАВЛИНСКИЙ)

Dáta breithe: 7.7.1975

Áit bhreithe: Il’inka, Russia

Feidhm: Iriseoir, scríbhneoir, comhchathaoirleach ar an bpáirtí A Just Russia – Patriots – For Truth, gníomhaí.

Is Rúiseach é Yevgeniy Nikolaevich Prilepin agus is gníomhaí, iriseoir, scríbhneoir agus comhchathaoirleach den pháirtí A Just Russia – Patriots – For Truth é. Chuir sé a thacaíocht phoiblí in iúl do scarúnaithe na Rúise sa Chrimé agus in Donbas. Rinne sé cabhair a sholáthar do Donetsk agus chuir sé comhairle ar cheannairí scarúnaíocha. Ghlac sé páirt i gcoinbhleacht Donbas ar thaobh na scarúnaí, agus é mar leas-cheannasaí ar cheann de na cathláin scarúnaíocha, agus rinne sé cur síos mionsonraithe ar a rannpháirtíocht.

Ina theannta sin, bhain sé leas as a cháil mar scríbhneoir cáiliúil chun bolscaireacht fhrith-Úcráine a scaipeadh, agus chun dearcadh dearfach a chur chun cinn maidir le hionghabháil na Crimé agus gníomhartha na scarúnaithe in Donbas. Rinne Yevgeniy Prilepin cur síos ar údaráis na hÚcráine mar údaráis éillitheacha, chuir sé an milleán orthu as géarú na coinbhleachta, dúirt sé gur chathair Rúiseach a bhí i gCív agus dúirt sé gur cheart gurb é sprioc deiridh na Rúise Cív a ghabháil. Bhí páirt aige sa scannán faisnéise bolscaireachta Rúiseach ‘Crimea: The Way Home’, a rinne an ionghabháil mhídhleathach ar Leithinis na Crimé ag an Rúis a adhmholadh.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin..

28.2.2022

688.

Anton Vyacheslavovich KRASOVSKY

(Антон Вячеславович КРАСОВСКИЙ),

alias Anton Vyacheslavovich KUZNETSOV-KRASOVSKY (Антон Вячеславович КУЗНЕЦОВ-КРАСОВСКИЙ).

Dáta breithe: 18.7.1975

Áit bhreithe: Podolsk, Russia

Feidhm: Gníomhaí, iriseoir, bolscaire, láithreoir an chláir cainte ‘Antonyms’ ar RT, cainéal teilifíse stát-mhaoinithe de chuid na Rúise

Is iriseoir é Anton Krasovsky, a dhéanann an seó cainte ‘The Antonyms’ ar RT, cainéal teilifíse stát-mhaoinithe na Rúise, a óstáil. Scaip sé bolscaireacht fhrith-Úcráine. Thug sé talamh Rúiseach ar an Úcráin agus tharraing sé droch-cháil ar Úcránaigh mar náisiún ann. Chomh maith leis sin, rinne sé bagairt ar an Úcráin go ndéanfadh an Rúis ionradh uirthi dá ndruidfeadh an Úcráin níos gaire do chomhaltacht de ECAT. Dúirt sé go gcuirfeadh gníomhaíocht den sórt sin deireadh le bunreacht na hÚcráine á ‘dul i gcrích’ agus ‘dóigh sé ar Khreshchatyk’ le chéile. Ina theannta sin, mhol sé go mba cheart don Úcráin dul leis an Rúis.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

689.

Arkady Viktorovich MAMONTOV

(Аркадий Викторович МАМОНТОВ)

Dáta breithe: 26.5.1962

Áit bhreithe: Novosibirsk, Russia

Feidhm: Iriseoir teilifíse agus láithreoir teilifíse, láithreoir an seó teilifíse ‘Author’s Program of Arkady Mamontov’ ar an gcainéal teilifíse Rossiya-1, údar scannán faisnéise..

Déanann Arkady Mamontov an seó teilifíse ‘Author’s Program of Arkady Mamontov’ a óstáil agus is údar é de scannán faisnéise do theilifís na Rúise. Scaip sé bolscaireacht fhrith-Úcráine.

Ba é stiúrthóir scannáin bolscaireachta é a thacaigh le hiongabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol, scannán inar léiríodh anord agus anacair faoi réimeas na hÚcráine roimh an iongabháil neamhdhleathach sin. Ina chuid scannán léirigh sé an Úcráin mar lárionad de nua-Naitsíochas, faisisteachas, náisiúnachas agus meon frith-Rúiseach. Rinne sé ráitis áibhéalacha maidir le ról na n-eagraíochtaí atá go mór ar an eite dheis san Úcráin. Chuir sé i leith na hÚcráine go raibh beartais idirdhealaitheacha i gcoinne chultúr agus theanga na Rúise san Úcráin. Bhain sé an bonn d’inchreidteacht agus de dhlisteanacht údaráis na hÚcráine trína mholadh gur coup d’état a bhí in Euromaidan arna spreagadh ó thar lear, agus go raibh rialtas na hÚcráine ag brath ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach go gníomhach as tacú le gníomhaíochtaí nó as beartais, nó as iad a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a chuireann cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin i mbaol, nó ar bagairt iad na gníomhaíochaí nó na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

690.

Sergei Mikhailovich PINCHUK

(Сергей Михайлович ПИНЧУК)

Dáta breithe: 26.07.1971

Áit bhreithe: Sevastopol, Ukrainian SSR, (Ukraine anois)

Feidhm: Leas-Aimiréalach, first deputy commander in chief ar Black Sea Fleet

Is Leas-Aimiréalach agus first deputy commander in chief ar Black Sea Fleet, atá faoi réir Southern Military District na Russian Armed Forces, é Sergey Pinchuk, agus bhí baint aige le gníomhartha míleata i gcoinne na hÚcráine.

Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua a d’fhéadfadh a bheith ag an Rúis ar an Úcráin nó faoi ghníomhaíochtaí foghacha eile. Ghlac fórsaí an Black Sea Fleet páirt i ndruileanna míleata ar mhórscála gar go teorainn na hÚcráine agus laistigh di.

Tar éis chinneadh Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do na limistéir ar a dtugtar ‘Donetsk People’s Republic’ agus ‘Luhansk People’s Republic’, chuaigh saighdiúirí an Southern Military District isteach i gcríoch an dá phoblacht féinfhógartha sin. Nuair a sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, rinne trúpaí de chuid na Rúise ón Black Sea Fleet oibríocht tuirlingthe in Mariupol agus Odessa.

Dá bhrí sin, tá Sergei Pinchuk freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

691.

Alexey Yurevich AVDEEV

(Алексей Юрьевич АВДЕЕВ)

Dáta breithe: 17.5.1967

Áit bhreithe: Tashkent, USSR (Uzbekistan anois)

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál, Leas-cheannasaí ar Southern Military District

Inscne: Fireann

Tá Alexey Avdeev ina leas-cheannasaí ar Southern Military District na Rúise, ceantar a bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine.

Le déanaí tá an Southern Military District tar éis díriú go príomha ar an Úcráin. Mar gheall air sin, bunaíodh an 8ú Arm agus cuireadh le láithreacht an District ar chríoch leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua a d’fhéadfadh a bheith ag an Rúis ar an Úcráin nó faoi ghníomhaíochtaí foghacha eile. Rinne trúpaí ón Southern Military District druileanna míleata i gceantair timpeall ar an Úcráin agus bhog siad grúpaí oirbheartaíochta airtléire agus cathláin isteach i leithinis na Crimé. Tar éis chinneadh Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do na limistéir ar a dtugtar ‘Donetsk People’s Republic’ agus ‘Luhansk People’s Republic’, chuaigh saighdiúirí an Southern Military District isteach i gcríoch an dá phoblacht féinfhógartha sin. Rinne an Southern Military District maoirseacht freisin ar chleachtaí míleata fhórsaí armtha ‘poblacht’ scarúnaíocha.

Dá bhrí sin, tá Alexey Avdeev freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

28.2.2022

692.

Rustam Usmanovich MURADOV

(МУРАДОВ Рустам Усманович)

Dáta breithe: 21.3.1973

Áit bhreithe: Dagestan, Russia

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál, Leas-cheannasaí ar Southern Military District

Inscne: Fireann

Tá Rustam Muradov ina Leifteanant-Ghinearál agus ina leas-cheannasaí ar an Southern Military District, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine.

Le déanaí tá an Southern Military District tar éis díriú go príomha ar an Úcráin. Mar gheall air sin, bunaíodh an 8ú Arm agus cuireadh le láithreacht an District ar chríoch leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua a d’fhéadfadh a bheith ag an Rúis ar an Úcráin nó faoi ghníomhaíochtaí foghacha eile. Rinne trúpaí ón Southern Military District druileanna míleata i gceantair timpeall ar an Úcráin agus bhog siad grúpaí oirbheartaíochta airtléire agus cathláin isteach i leithinis na Crimé. Rinne an Southern Military District maoirseacht freisin ar chleachtaí míleata fhórsaí armtha ‘poblacht’ scarúnaíocha. Tar éis chinneadh Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do na limistéir ar a dtugtar ‘Donetsk People’s Republic’ agus ‘Luhansk People’s Republic’, chuaigh saighdiúirí an Southern Military District isteach i gcríoch an dá phoblacht féinfhógartha sin. An 24 Feabhra 2022 sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin.

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, tá Rustam MURADOV freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

 

693.

Andrey Ivanovich SYCHEVOY

(Андрей Иванович СЫЧЕВОЙ)

Dáta breithe: 16.5.1969

Áit bhreithe: village of Troitskaya, Krymsky District, Krasnodar Territory, USSR

Feidhm: Leifteanant-Ghinearál, Ceannasaí ar an 8ú Guards Combined Arms den Southern Military District

Inscne : Fireann

Tá Andrey Sychevoy ina leifteanant-ghinearál agus ina cheannasaí ar an 8ú Guards Combined Arms den Southern Military District, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí míleata i gcoinne na hÚcráine.

Le déanaí tá an Southern Military District tar éis díriú go príomha ar an Úcráin. Mar gheall air sin, bunaíodh an 8ú Arm agus cuireadh le láithreacht an District ar chríoch leithinis na Crimé a ionghabhadh go neamhdhleathach. Ó lár mhí Dheireadh Fómhair 2021, chuir fórsaí míleata na Rúise tús le méadú míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar theorainn na hÚcráine nó gar di agus laistigh de réigiún na Crimé atá faoi fhorghabháil san Úcráin. I ndáil leis sin, tá a lán breathnóirí agus lucht déanta beartas tar éis a n-imní a chur in iúl faoi ionradh nua a d’fhéadfadh a bheith ag an Rúis ar an Úcráin nó faoi ghníomhaíochtaí foghacha eile. Rinne trúpaí ón Southern Military District druileanna míleata i gceantair timpeall ar an Úcráin agus bhog siad grúpaí oirbheartaíochta airtléire agus cathláin isteach i leithinis na Crimé. Rinne an Southern Military District maoirseacht freisin ar chleachtaí míleata fhórsaí armtha ‘poblacht’ scarúnaíocha. Tar éis chinneadh Vladimir Putin aitheantas a thabhairt do na limistéir ar a dtugtar ‘Donetsk People’s Republic’ agus ‘Luhansk People’s Republic’, chuaigh saighdiúirí an Southern Military District isteach i gcríoch an dá phoblacht féinfhógartha sin. An 24 Feabhra 2022 sheol an Rúis ionradh míleata iomlán ar an Úcráin

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, tá Andrey Sychevoy freagrach as tacú go gníomhach le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme, lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, chomh maith le cobhsaíocht agus slándáil san Úcráin, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus na beartais sin ar an méid sin.

 

694.

Gennady Nikolayevich TIMCHENKO

(Геннадий Николаевич ТИМЧЕНКО)

Feidhm: Úinéir an ghrúpa phríobháidigh infheistíochta Volga Group

Dáta breithe: 9.11.1952

Áit bhreithe: Leninakan, Sovjet Union (anois: Gyumri, Armenia)

Náisiúntacht: Airméinis, Rúisis, Fionlainnis

Inscne: Fireann

Tá aithne fhada ag Gennady Timchenko ar Uachtarán Chónaidhm na Rúise Vladimir Putin agus déantar cur síos ginearálta air mar dhuine dá rúnchairde.

Tá sé ag baint tairbhe as na naisc atá aige le cinnteoirí na Rúise. Is bunaitheoir agus scairshealbhóir é de chuid Volga Group, grúpa infheistíochta a bhfuil punann infheistíochtaí aige i bpríomhearnálacha gheilleagar na Rúise. Cuireann Grúpa Volga go mór le geilleagar na Rúise agus lena forbairt.

Is scairshealbhóir de chuid Bank Rossiya é freisin, a mheastar a bheith ina bhanc pearsanta ag Oifigigh Shinsearacha Chónaidhm na Rúise. Ó ionghabhadh an Chrimé go mídhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud na Crimé agus Sevastopol, rud a dhaingníonn a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise.

Ina theannta sin, tá bunanna tábhachtacha ag Bank Rossiya sa National Media Group a rialaíonn stáisiúin teilifíse a thacaíonn go gníomhach le beartais rialtas na Rúise maidir le díchobhsú na hÚcráine.

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé freagrach freisin as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chur ar fáil, agus as tairbhe a bhaint as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine.

 

695.

Alexey Alexandrovits MORDASCHOV

(Алексей Александрович МОРДАШОВ)

Feidhm: Cathaoirleach Severstal agus Severgroup

Dáta breithe: 26.9.1965

Áit bhreithe: Cherepovets, Russia

Náisiúntacht: Rúisis

Inscne: Fireann

Comhlaigh: Yuriy KOVALCHUK; Nikolay SHAMALOV

Tá sé ag baint tairbhe as na naisc atá aige le cinnteoirí na Rúise. Tá sé ina chathaoirleach ar an gcuideachta Severgroup. Is scairshealbhóir de chuid Bank Rossiya é an chuideachta seo, ar leis thart ar 5.4 % de in 2017 agus a mheastar a bheith ina bhanc pearsanta ag Oifigigh Shinsearacha de chuid Chónaidhm na Rúise. Ó ionghabhadh an Chrimé go mídhleathach, tá brainsí oscailte ag Bank Rossiya ar fud na Crimé agus Sevastopol, rud a dhaingníonn a lánpháirtiú i gCónaidhm na Rúise.

Ina theannta sin, tá bunanna tábhachtacha ag Servergroup sa National Media Group a rialaíonn stáisiúin teilifíse a thacaíonn go gníomhach le beartais rialtas na Rúise maidir le díchobhsú na hÚcráine.

Ina theannta sin, is é Severgroup úinéir na cuideachta JSC Power Machines atá freagrach as ceithre thuirbín gaoithe a dhíol le leithinis na Crimé atá faoi fhorghabháil.

28.2.2022

 

 

 

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

Tá sé freagrach freisin as tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chur ar fáil, agus as tairbhe a bhaint as cinnteoirí na Rúise atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus as díchobhsú na hÚcráine

 

696.

Peter Mikhaylovich FRADKOV

(Петр Михайлович ФРАДКОВ)

Feidhm: Cathaoireach ar PJSC Promsvyazbank

Dáta breithe: 7.2.1978

Áit bhreithe: Moscow, Russia

Inscne: Fireann

Tá Petr Fradkov ina chathaoirleach ar PJSC Promsvyazbank agus is é an t-aon chomhlacht feidhmiúcháin den bhanc. Is banc de chuid na Rúise é Promsvyazbank atá faoi úinéireacht Stáit, a thugann tacaíocht airgeadais d’earnáil cosanta na Rúise agus do Mhíleata na Rúise, atá freagrach as trúpaí Rúiseacha a imscaradh ar an teorainn leis an Úcráin agus as trúpaí Rúiseacha a bheith i láthair i leithinis na Crimé.

Tugann Uachtarán Chónaidhm na Rúise, Vladimir Putin, treoir dhíreach do Promsvyazbank, agus dá bhrí sin cuireann an banc tacaíocht airgeadais agus ábhartha ar fáil do chinnteoirí na Rúise atá freagrach as díchobhsú na hÚcráine agus as ionghabháil neamhdhleathach na Crimé.

Oibríonn Promsvyazbank i Leithinis na Crimé.

Dá bhrí sin, ina cháil mar chathaoirleach ar Promsvyazbank, tá sé freagrach as tacú le gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine

28.2.2022

2.   Eintitis

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar Chúiseanna

Dáta an liostaithe

56.

Gas Industry Insurance Company SOGAZ

(Акционерное общество «Страховое общество газовой промышленности» АО «СОГАЗ»)

Seoladh: Sakharov boulevard 10, Moscow, 107078, Russian Federation

Teileafón:

+7 8(495) 234-44-24

+7 8 800 333 0 888

Suíomh gréasáin: https://sogaz.ru

Ríomhphost: sogaz@sogaz.ru ; cf@sogaz.ru

Chuir cuideachta comhstoic ‘Gas Industry Insurance Company SOGAZ’ árachas ar thógáil an bhonneagair iarnróid a nascann an droichead thar Chaolas Kerch agus Port Taman agus rinne siad athárachú ar thógáil an droichid thar Chaolas Kerch. Dá bhrí sin, thacaigh sí le comhdhlúthú leithinis na Crimé, a ionghabhadh go neamhdhleathach, i gCónaidhm na Rúise, rud a bhain an bonn tuilleadh d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine.

28.2.2022’