ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 43

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
24 Feabhra 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/268 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe ( 1 )

1

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/269 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 lena nglactar le hiarraidh ar stádas táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/270 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410 maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis DSM 28710 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, speicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Huvepharma NV) ( 1 )

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/271 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 25841 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis mhucúil, cránacha san áireamh, seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil (sealbhóir údarú Chr. Hansen A/S) ( 1 )

10

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/272 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.) ( 1 )

14

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/273 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 a údarú mar bhreiseáin sadhlais le haghaidh gach speicis ainmhí ( 1 )

17

 

 

TREORACHA

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/274 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí sainchuspóireacha ( 1 )

25

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/275 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú eile chun críocha soilsithe ghinearálta ( 1 )

29

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/276 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta ( 1 )

32

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/277 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20000 u nó níos mo ná sin ( 1 )

35

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/278 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí hailíd mhiotail ( 1 )

38

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/279 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta ( 1 )

41

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/280 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe ísealdéine eile ( 1 )

44

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/281 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha ( 1 )

47

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/282 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda ( 1 )

51

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/283 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú le treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe chun críocha soilsithe ghinearálta ( 1 )

54

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/284 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta ( 1 )

57

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2022/285 ón gComhairle an 22 Feabhra 2022 lena gceaptar beirt chomhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht Mhálta, de Choiste na Réigiún

60

 

*

Cinneadh (AE) 2022/286 ón gComhairle an 22 Feabhra 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

62

 

*

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/287 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair i lampaí fluaraiseacha chun críoch soilsithe ghinearálta eile agus chun críoch speisialta eile ( 1 )

64

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/288 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 maidir le hacmhainneachtaí dídine rescEU agus le modhnú na gceanglas cáilíochta atá ar acmhainneachtaí Fhoirne Leighis Éigeandála chineál 3 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 963)  ( 1 )

68

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/289 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2022 lena mbunaítear an Anailís agus an Tástáil ar Éiceachórais ERIC (AnaEE-ERIC) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 933)  ( 1 )

73

 

 

MOLTAÍ

 

*

Moladh (AE) 2022/290 ón gComhairle an 22 Feabhra 2022 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin

79

 

 

GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

 

*

Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gComhchoiste a cuireadh ar bun leis an gcomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2022/291

84

 

*

Cinneadh Uimh. 2/2022 ón gComhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú maidir le ríocht aontaithe na breataine móire agus thuaisceart éireann a bheith ag tarraingt siar as an aontas eorpach agus as an gComhphobal eorpach do fhuinneamh adamhach an 21 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 7/2020 lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de phainéal eadrána faoin gComhaontú (2022/292)

86

 

 

III   Gníomhartha eile

 

 

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

 

*

Údarás Faireachais CSTE Cinneadh Tarmligthe Uimh. 271/21/COL an 3 Nollaig 2021 lena mbunaítear clár ilbhliantúil rialuithe le haghaidh na tréimhse 2022-2026, rialuithe atá le cur i gcrích san Íoslainn agus san Iorua chun cur i bhfeidhm reachtaíocht LEE a fhíorú i réimse an bhia agus na tréidliachta (2022/293)

87

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2026 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 a mhéid a bhaineann le maoluithe sealadacha áirithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh san earnáil fíona a eascraíonn as paindéim COVID-19 agus an tréimhse cur chun feidhme a bhaineann leo ( IO L 415, 22.11.2021 )

93

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1702 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ghnéithe breise agus rialacha mionsonraithe le haghaidh Scórchlár InvestEU a leagan amach ( IO L 339, 24.9.2021 )

94

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/268 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 (2) údaraíodh ullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe. Is é Novus Europe SA/NV sealbhóir an údaraithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2018 (3) údaraíodh ullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe.

(4)

Chuir Novus Europe NV iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 lenar moladh ainm shealbhóir an údaraithe a athrú a mhéid a bhaineann le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 agus (AE) 2018/982.

(5)

Maíonn an t-iarratasóir gur athraigh sé a ainm ó Novus Europe SA/NV go Novus Europe NV. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarratas.

(6)

Is athrú de chineál riaracháin amháin é an t-athrú sin atá beartaithe i dtéarmaí na n-údaruithe agus ní dhéanfar measúnú nua ar na breiseáin lena mbaineann. Cuireadh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar an eolas faoin iarratas.

(7)

Is gá téarmaí na n-údaruithe a athrú chun go mbeidh an t-iarratasóir in ann a chearta margaíochta a shaothrú faoina ainm nua, Novus Europe NV.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 agus (AE) 2018/982 a leasú dá réir.

(9)

Ós rud é nach gá na leasuithe a rinneadh leis an Rialachán seo ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 agus (AE) 2018/982 a chur i bhfeidhm láithreach mar gheall ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ina bhféadfar stoic na mbreiseán beathaithe atá ann cheana a úsáid.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 mar a leanas:

(1)

sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Novus Europe SA/NV”;

(2)

san Iarscríbhinn, an dara colún, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear na focail “Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “Novus Europe SA/NV”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 mar a leanas:

(1)

sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Novus Europe N.A/S.V.”;

(2)

san Iarscríbhinn, an dara colún, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear na focail “Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “Novus Europe N.A./S.V”.

Airteagal 3

Bearta idirthréimhseacha

Stoic na mbreiseán atá ann cheana agus atá i gcomhréir leis na forálacha arna gcur i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar leanúint de na stoic sin a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go mbeidh siad ídithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 maidir le húdarú ullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a einsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Novus Europe SA/NV) (IO L 152, 9.6.2016, lch. 11).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2018 maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach a údarú mar bhreiseán beathaithe do shicíní lena ramhrú agus do shicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Novus Europe N.A./S.V.) (IO L 176, 12.7.2018, lch. 13).


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/4


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/269 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2022

lena nglactar le hiarraidh ar stádas táirgeora onnmhairiúcháin nua i ndáil leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1),

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (2), agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas,

A.   NA BEARTA ATÁ I bhFEIDHM

(1)

An 13 Bealtaine 2013, d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí earraí ceirmeacha le haghaidh an bhoird agus na cistine (“an táirge lena mbaineann”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a thagann isteach san Aontas trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 412/2013 ón gComhairle (“an rialachán bunaidh”) (3).

(2)

An 12 Iúil 2019, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún síneadh cúig bliana eile le bearta an Rialacháin bunaidh trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(3)

An 28 Samhain 2019, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, rinne an Coimisiún leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2131 ón gCoimisiún (4).

(4)

Cuireadh sampláil i bhfeidhm san imscrúdú bunaidh chun táirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne a imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

(5)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh, d’fhorchuir an Coimisiún rátaí dleachta frithdhumpála aonair idir 13,1 % agus 18,3 % ar allmhairí an táirge lena mbaineann. Forchuireadh ráta dleachta 17,9 % ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, liostaítear iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1198 arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2131. Thairis sin, forchuireadh ráta dleachta 36,1 % ar bhonn náisiúnta ar an táirge lena mbaineann ó chuideachtaí i nDaon-Phoblacht na Síne nár chuir iad féin in aithne ná nár chomhoibrigh leis an imscrúdú.

(6)

De bhun Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú tríd an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla, nó nár tugadh cóir aonair dóibh, a dheonú do tháirgeoir onnmhairiúcháin nua, eadhon an meánráta dleachta ualaithe 17,9 %, i gcás inar leor an fhianaise a thugann táirgeoir onnmhairiúcháin nua i nDaon-Phoblacht na Síne don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe ar a mbunaítear na bearta, is é sin ón 1 Eanáir 2011 go dtí an 31 Nollaig 2011) (“tréimhse an imscrúdaithe bunaidh”);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear leis an Rialachán seo; agus

(c)

go ndearna sé an táirge i gceist a onnmhairiú go hiarbhír chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó go ndeachaigh sé isteach in oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe chun méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

B.   IARRAIDH AR STÁDAS TÁIRGEORA ONNMHAIRIÚCHÁIN NUA

(7)

Chuir an chuideachta Hunan Jewelmoon Ceramics Co., Ltd. (“Jewelmoon” nó “an t-iarratasóir”) iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin go ndeonófaí stádas táirgeora onnmhairiúcháin nua (“NEPT”) di agus, dá bhrí sin, go mbeadh sí faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha i nDaon-Phoblacht na Síne nár áiríodh sa sampla, is é sin 17,9 %. Mhaígh an t-iarratasóir gur chomhlíon sé na trí choinníoll a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198.

(8)

Chun a chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir na coinníollacha chun go ndeonófaí NEPT dó, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 (“coinníollacha NEPT”), chuir an Coimisiún ceistneoir ar dtús chuig an iarratasóir inar iarradh fianaise air a léiríonn gur chomhlíon sé coinníollacha NEPT.

(9)

Tar éis anailís a dhéanamh ar an bhfreagra ar an gceistneoir, d’iarr an Coimisiún tuilleadh faisnéise agus fianaise tacaíochta, rud a chuir an t-iarratasóir faoina bhráid.

(10)

D’fhéach an Coimisiún le gach faisnéis a mheas sé a raibh gá léi a dheimhniú lena chinneadh ar chomhlíon an t-iarratasóir coinníollacha NEPT. Chuige sin, rinne an Coimisiún anailís ar an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach ina fhreagra ar an gceistneoir, rinne sé scrúdú ar roinnt suíomhanna gréasáin, lena n-áirítear suíomh gréasáin an iarratasóra agus Qichacha (5), agus rinne sé faisnéis a bhaineann leis an gcuideachta a chros-seiceáil leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil i gcásanna roimhe sin. I gcomhthráth, chuir an Coimisiún tionscal an Aontais ar an eolas faoin iarraidh ón iarratasóir agus d’iarr sé air barúlacha a thabhairt, i gcás inar ghá. Chuir tionscal an Aontais barúlacha ar fáil maidir leis an iarratas.

C.   ANAILÍS AR AN IARRAIDH

(11)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, is é sin nár onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur chomhlíon an t-iarratasóir an coinníoll sin. Bunaíodh an t-iarratasóir an 8 Samhain 2010 agus thosaigh sé ag monarú an táirge lena mbaineann in 2011. Eisíodh an chéad cheadúnas onnmhairiúcháin an 4 Bealtaine 2011. Cuireadh tús le díolacháin onnmhairiúcháin in 2012, tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh. Chuir an t-iarratasóir mórleabhar díolacháin ar fáil maidir le tréimhse an imscrúdaithe bunaidh, agus tugadh le fios leis sin nach raibh ach díolacháin intíre ann le linn na tréimhse sin. Tá méid na ndíolachán sa mhórleabhar díolacháin sin ag teacht leis an ioncam oibriúcháin atá léirithe sa ráiteas ioncaim. Iarradh faisnéis faoi shonraisc le linn thréimhse an imscrúdaithe bunaidh agus cuireadh ar fáil í.

(12)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 nach bhfuil gaol ag an iarratasóir le haon onnmhaireoir ná táirgeoir atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe nach raibh aon chuideachta ghaolmhar ag an iarratasóir a bhfuil baint aici le táirgeadh, próiseáil, díol ná ceannach an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo.

(13)

Maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2(c) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198, is é sin gur onnmhairigh an t-iarratasóir an táirge lena mbaineann go hiarbhír chuig an Aontas tar éis thréimhse an imscrúdaithe bunaidh nó gur shínigh an t-iarratasóir oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe maidir le cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún le linn an imscrúdaithe gur onnmhairigh an t-iarratasóir chuig an Aontas ó bhí mí Iúil 2012 ann agus go rialta ina dhiaidh sin. Chuir an t-iarratasóir sonraisc isteach, mar aon le duillíní pacála, billí luchta agus admhálacha íocaíochta maidir le dhá ordú a rinne cuideachta san Aontas in 2017 agus 2018. Dá bhrí sin, comhlíonann an t-iarratasóir an coinníoll seo.

(14)

Dá réir sin, comhlíonann an t-iarratasóir gach ceann de na trí choinníoll chun go ndeonófar NEPT dó, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1198 agus ba cheart, dá bhrí sin, glacadh leis an iarratas. Dá réir sin, ba cheart an t-iarratasóir a bheith faoi réir dleacht frithdhumpála 17,9 % le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla le linn an imscrúdaithe bunaidh.

D.   NOCHTADH

(15)

Cuireadh an t-iarratasóir agus tionscal an Aontais ar an eolas faoi na fíricí agus na breithnithe riachtanacha ar ar a mbonn a measadh gurbh iomchuí an ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla den imscrúdú bunaidh a dheonú do Jewelmoon.

(16)

Tugadh an deis do na páirtithe barúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(17)

Tá an Rialachán i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an chuideachta seo a leanas le hIarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2131 ina liostaítear na cuideachtaí comhoibritheacha nár áiríodh sa sampla:

Cuideachta

Cód breise TARIC

Hunan Jewelmoon Ceramics Co., Ltd.

C764

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  IO L 189, 15.7.2019, lch. 8.

(3)  OJ L 131, 15.5.2013, p. 1.

(4)  OJ L 321, 12.12.2019, p. 139.

(5)  Is bunachar sonraí príobháideach brabúsach atá faoi úinéireacht na Síne é Qichacha a sholáthraíonn sonraí gnó, faisnéis chreidmheasa, agus anailísíocht do thomhaltóirí nó do ghairmithe maidir le cuideachtaí príobháideacha agus cuideachtaí poiblí atá bunaithe sa tSín.


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/270 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410 maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis DSM 28710 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, speicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Huvepharma NV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410 ón gCoimisiún (2), rinneadh úsáid ullmhóid Bacillus licheniformis DSM 28710 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, speicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha, ar feadh tréimhse 10 mbliana.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410, sa cholún “Speiceas nó catagóir ainmhí”, cuireadh isteach sainaithint mhícheart na speiceas a bhfuil an breiseán údaraithe ina leith, ar speicis iad a eisiatar turcaithe le haghaidh pórúcháin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410 a cheartú dá réir. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a ionadú ina hiomlán.

(4)

Chun go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí beatha lipéadú an bhreiseáin agus na beatha ainmhithe a bhfuil an breiseán iontu a oiriúnú do théarmaí ceartaithe an údaraithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse i dtaca leis na táirgí sin a chur ar an margadh.

(5)

Chun ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara a chaomhnú maidir le téarmaí údaraithe an bhreiseáin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410.

Airteagal 2

1.   An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Lúnasa 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Feabhra 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil an ullmhóid agus na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Feabhra 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Feabhra 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1410 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2021 maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis DSM 28710 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, speicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin agus éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Huvepharma NV) (IO L 304, 30.8.2021, lch. 8).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1828

Huvepharma NV

Bacillus licheniformis DSM 28710

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Bacillus licheniformis DSM 28710

ina bhfuil íoschion de na nithe seo a leanas:

3,2 × 109 CFU/g de bhreiseán

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

Spóir inmharthana Bacillus licheniformis DSM 28710

Modh anailíse  (1)

Maidir le Bacillus licheniformis DSM 28710 i mbreiseán, i réamh-mheascán agus in ábhair bheatha a áireamh:

Modh an leata ar phláta EN 15784

Maidir le sainaitheantas Bacillus licheniformis DSM 28710:

Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Béaróga

Mionspeicis éanlaith chlóis le bheith breithe

Speicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin

Éin ornáideacha

-

1,6 × 109

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Féadfar na nithe seo a leanas a úsáid in ábhar beatha ina bhfuil na coicideastait cheadaithe seo a leanas: déchlasairil agus sóidiam lasalaicid A.

3.

I gcás úsáideoirí na mbreiseán agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile. I gcás nach féidir deireadh a chur le nochtadh deirmeach, nochtadh don ionanálú nó nochtadh do na súile nó an nochtadh sin a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta iomchuí a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

19.9.2031


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/10


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/271 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 25841 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis mhucúil, cránacha san áireamh, seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil (sealbhóir údarú Chr. Hansen A/S)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 ón gCoimisiún (2), rinneadh úsáid Bacillus subtilis DSM 25841 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis mhucúil, cránacha san áireamh, seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil, ar feadh tréimhse 10 mbliana.

(2)

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760, cuireadh isteach uimhir aitheantais mhícheart sa cholún “Uimhir aitheantais an bhreiseáin”.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 a cheartú dá réir. Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a ionadú ina hiomláine leis an leagan ceartaithe de.

(4)

Chun go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí beatha lipéadú an bhreiseáin agus na beatha ainmhithe a bhfuil an breiseán iontu a oiriúnú do théarmaí ceartaithe an údaraithe, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse i dtaca leis na táirgí sin a chur ar an margadh.

(5)

Chun ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe leasmhara a chaomhnú maidir le téarmaí údaraithe an bhreiseáin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(6)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirfear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760.

Airteagal 2

1.   An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn agus réamh-mheascáin a bhfuil an tsubstaint sin iontu a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Lúnasa 2022 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Feabhra 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

2.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc ina bhfuil an ullmhóid agus na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 agus a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 25 Feabhra 2023 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 25 Feabhra 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1760 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le hullmhóid Bacillus subtilis DSM 25841 a údarú mar bhreiseán beatha le haghaidh gach speicis mhucúil, cránacha san áireamh, seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil (sealbhóir údarú Chr. Hansen A/S) (IO L 397, 26.11.2020, lch. 6).


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

CFU/l d’uisce óil

Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1902

Chr. Hansen A/S

Bacillus subtilis

DSM 25841

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Bacillus subtilis DSM 25841 ina bhfuil íosmhéid 1,25 × 1010 CFU/g de bhreiseán

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

Spóir inmharthana Bacillus subtilis DSM 25841

Modh anailíse  (1)

Maidir le sainaitheantas Bacillus subtilis DSM 25841: Sainaitheantas: Leictreafóiréis Ghlóthaí Bhíogréimse (PFGE)

Maidir le Bacillus subtilis DSM 25841 sa bhreiseán beathaithe, sna réamh-mheascáin agus sna ábhair bheatha a áireamh: Modh an leata ar phláta agus úsáid á baint as agar soighe trioptóin - EN 15784

Gach speiceas mucúil, cránacha san áireamh,

seachas cránacha atá ag tál ionas go rachaidh sé chun tairbhe do bhainbh diúil

-

5 × 108

-

1,7 × 108

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

Féadfar an breiseán a úsáid in uisce óil.

3.

Maidir le húsáid an bhreiseáin in uisce óil, áiritheofar scaipeadh aonchineálach an bhreiseáin.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid: íogróir riospráide féideartha, greannú craicinn féideartha agus íogróir súl nó íogróir deirmeach féideartha. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú a oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

16.12.2030


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/14


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/272 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2022

maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(3)

Baineann an t-iarratas le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí, ullmhóidí atá le haicmiú sa chatagóir breiseán dar teideal “breiseáin zóiteicniúla”.

(4)

I dtuairimí an 23 Meitheamh 2021 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas (2) , (3) nach bhfuil tionchar díobhálach ag an ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, tháinig sé ar an gconclúid go meastar an ullmhóid sin a bheith ina greannaitheoir féideartha craicinn agus súl agus ina híogróir craicinn agus riospráide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, i gcás ainmhithe den fhine Suidae, go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtach mar bhreiseán zóiteicniúil in ábhar beatha agus i gcás madraí, go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtach maidir le dlús an fhaecais a fheabhsú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Chomh maith leis sin, an tuarascáil faoin modh anailíse i leith an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeathú, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás an tuarascáil sin a fhíorú.

(5)

Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6698.

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6699.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm shealbhóir an údaraithe

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige

4b1710

Prosol S.p.A.

Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

ina bhfuil íoschion den ní seo a leanas:

1 × 109 CFU/g breiseáin

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí

Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885

Modh anailíse  (1)

Áireamh: modh an doirte ar phláta ag baint úsáid as agar d’úsc giosta glúcós clóraimfeineacól (CGYE) (EN 15789)

Sainaitheantas: modh imoibrithe slabhrúil polaiméaráise (PCR)

Gach ainmhí den fhine Suidae seachas iad siúd a úsáidtear chun críoch atáirgthe agus bainbh scoite

Gach ainmhí den fhine Suidae a úsáidtear chun críoch atáirgthe seachas cránacha

Madraí

-

-

-

3 × 109

6,4 × 109

7 × 1010

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar ghuaiseacha a d’fhéadfadh eascairt as ionanálú, as teagmháil dheirmeach nó as teagmháil leis na súile. I gcás nach féidir deireadh a chur le nochtadh deirmeach, nochtadh don ionanálú nó nochtadh do na súile nó an nochtadh sin a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta iomchuí, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/17


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/273 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Feabhra 2022

maidir le hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 a údarú mar bhreiseáin sadhlais le haghaidh gach speicis ainmhí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratais ar údarú i leith ullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis na hiarratais sin.

(3)

Baineann na hiarratais le húdarú ullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhí, ullmhóidí atá le haicmiú sa chatagóir breiseán dar teideal “breiseáin theicneolaíocha”.

(4)

I dtuairimí an 23 Meitheamh 2021 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas (2) , (3) , (4) , (5) , (6) , (7) nach bhfuil tionchar díobhálach ag na hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 ná Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, tháinig sé ar an gconclúid gur cheart a mheas gur íogróirí riospráide iad na breiseáin agus chuir sé in iúl nach bhféadfaí teacht ar chonclúid maidir le greannú an chraicinn agus greannú na súl nó maidir leis an íogrú craicinn a d’fhéadfadh na breiseáin a dhéanamh. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí na mbreiseán. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfadh na hullmhóidí feabhas a chur ar leasú na gcothaitheach i sadhlas a ullmhaítear le hábhar a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as. Chomh maith leis sin, an tuarascáil faoin modh anailíse i leith na mbreiseán beathaithe agus iad i mbeathú, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás an tuarascáil sin a fhíorú.

(5)

Is léir ón measúnú a rinneadh ar na hullmhóidí Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023, Pediococcus pentosaceus IMI 507024, Pediococcus pentosaceus IMI 507025, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026, Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 agus Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na n-ullmhóidí sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na hullmhóidí a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóidí a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin theicneolaíocha” agus leis an ngrúpa feidhmiúil “breiseáin sadhlais”, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6700.

(3)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6701.

(4)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6702.

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6703.

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6704.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6705.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21701

Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023 ina bhfuil

ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin.

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lacticaseibacillus rhamnosus IMI 507023.

-

Modh anailíse  (1)

Sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sna breiseáin bheathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×109 CFU/kg d’ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as (2).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21016

Pediococcus pentosaceus IMI 507024

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Pediococcus pentosaceus IMI 507024 ina bhfuil

ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin.

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus IMI 507024.

Modh anailíse  (3)

Sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786)

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×109 CFU/kg d’ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as (4).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21017

Pediococcus pentosaceus IMI 507025

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Pediococcus pentosaceus IMI 507025 ina bhfuil

ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin.

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Pediococcus pentosaceus IMI 507025.

Modh anailíse  (5)

Sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sa bhreiseán beathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15786)

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×109 CFU/kg d’ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as (6).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21601

Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026 ina bhfuil

ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin.

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum IMI 507026.

Modh anailíse  (7)

Sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sna breiseáin bheathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×109 CFU/kg d’ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as (8).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21602

Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027 ina bhfuil

ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin.

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum IMI 507027.

-

Modh anailíse  (9)

Sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sna breiseáin bheathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×109 CFU/kg d’ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as (10).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Breiseán

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhí

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údaraithe

CFU breiseáin/kg d’ábhar úr

Catagóir na mbreiseán teicneolaíoch. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais

1k21603

Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028

Comhdhéanamh an bhreiseáin:

Ullmhóid Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028 ina bhfuil

ar a laghad 1 × 1010 CFU/g breiseáin.

Foirm sholadach

Tréithriú na substainte gníomhaí:

Cealla inmharthana Lactiplantibacillus plantarum IMI 507028.

Modh anailíse  (11)

Sainaitheantas: Leictreafóiréis ghlóthaí bhíogréimse (PFGE)

Áireamh sna breiseáin bheathaithe: Modh an leata ar phláta ar agar MRS (EN 15787)

Gach speiceas ainmhí

-

-

-

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála a shonrú.

2.

Íoschion an bhreiseáin nuair nach n-úsáidtear é le miocrorgánaigh eile ina mbreiseáin sadhlais: 1×109 CFU/kg d’ábhar úr a bhfuil sé éasca agus measartha deacair sadhlas a dhéanamh as (12).

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beathaithe nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú nó a laghdú an oiread agus is féidir leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta, lena n-áirítear cosaint don chraiceann, do na súile, agus don análú.

16.3.2032


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(2)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1.5-3.0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(4)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).

(5)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(6)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).

(7)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(8)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).

(9)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(10)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).

(11)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports

(12)  Foráiste a bhfuil sé éasca sadhlas a dhéanamh as: > 3 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr; foráiste a bhfuil sé measartha deacair sadhlas a dhéanamh as: 1,5-3,0 % carbaihiodráití intuaslagtha san ábhar úr i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2008 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le hiarratais a ullmhú agus a chur i láthair, agus maidir le breiseáin bheathaithe a mheasúnú agus a údarú (IO L 133, 22.5.2008, lch. 1).


TREORACHA

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/25


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/274 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí sainchuspóireacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus i lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFL agus EEFL) sainchuspóireacha (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 3(a), 3(b) agus 3(c) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Cumhdaítear leis an díolúine grúpa ilchineálach lampaí de chruthanna éagsúla, de theicneolaíochtaí éagsúla, d’fheidhmeanna éagsúla agus chun críoch éagsúil. Úsáidtear mearcair san fheadán gás-díluchtúcháin, atá fíor-riachtanach chun fuinneamh leictreach a thiontú go solas.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún iarratas chun an díolúine a athnuachan (“an t-iarratas ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, a leanadh in Eanáir 2020 le hiarratas breise ar athnuachan ó na hiarrthóirí céanna. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann dodhéanta go teicniúil faoi láthair. Mar sin féin, cuireadh in iúl sa mheasúnú sin go bhfuil ionadaigh atá saor ó mhearcair i bhfoirm lampaí dé-óidí astaithe solais (LED) ar fáil, agus go n-úsáidtear iad i bhfoinsí solais i dtrealamh nua atá ag teacht ar an margadh. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Cé gur cuireadh ionadaigh saor ó mhearcair in ionad CCFLanna agus EEFLanna in go leor feidhmeanna, tá na lampaí sin de dhíth i roinnt feidhmeanna fós chun a bhfeidhmíocht a áirithiú agus chun giniúint dramhaíola leictrí agus leictreonaí roimh am a sheachaint.

(10)

Dá bhrí sin, is iomchuí an t-athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse 3 bliana i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, le haghaidh na lampaí sin a úsáidtear i dtrealamh leictreach agus leictreonach a cuireadh ar an margadh sular glacadh an Treoir seo, agus le haghaidh na lampaí sin amháin. I gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, ní dócha go mbeidh impleachtaí díobhálacha ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3, 3(a), 3(b) agus 3(c):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“3

Mearcair i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus i lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFL agus EEFL) chun críoch speisialta a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 24 Feabhra 2022 nach dtéann thar (in aghaidh an lampa):

 

3(a)

Gearrfhad (≤ 500 mm): 3,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2025

3(b)

Meánfhad (> 500 mm agus ≤ 1 500  mm): 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2025

3(c)

Mórfhad (> 1 500 mm): 13 mg

In éag an 24 Feabhra 2025”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/29


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/275 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú eile chun críocha soilsithe ghinearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú eile chun críocha soilsithe ghinearálta (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúintí 4(c)-I, 4(c)-II agus 4(c)-III in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú le haghaidh dath solais agus airíonna dathscáthaithe.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún iarratas chun an díolúine a athnuachan (“an iarraidh ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, a nuashonraíodh le faisnéis bhreise an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar an iarraidh ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann dodhéanta go teicniúil faoi láthair. Ba é ba chonclúid don mheastóireacht freisin gur cheart an cion mearcair a cheadaítear sna feidhmeanna sonracha sin a laghdú chun go gcomhfhreagródh sé d’athruithe sa mhargadh le haghaidh cineálacha lampaí sonracha. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú maidir le hiontrálacha 4(c)-I, 4(c)-II agus 4(c)-III in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ar feadh uastréimhse de 5 bliana, ar an ábhar nach bhfuil aon ionadaí iontaofa ar fáil faoi láthair, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, den Treoir sin. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4(c), 4(c)-I, 4(c)-II agus 4(c)-III:

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“4(c)

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú a úsáidtear chun críocha soilsithe ghinearálta nach mó ná an méid seo a leanas (de réir an dóire):

 

4(c)-I

P ≤ 155 W: 20 mg

In éag an 24 Feabhra 2027

4(c)-II

155 W < P ≤ 405 W: 25 mg

In éag an 24 Feabhra 2027

4(c)-III

P > 405 W: 25 mg

In éag an 24 Feabhra 2027”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/32


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/276 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(a), 1(b), 1(c), 1(d) agus 1(e) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críocha soilsithe ghinearálta chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear i solas infheicthe ina dhiaidh sin leis an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas chun an díolúine a athnuachan (“na hiarratais ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, ar tugadh ceann díobh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leor agus atá saor ó mhearcair ar fáil go forleathan cheana féin do na cineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil sé indéanta go heolaíoch agus go teicniúil mearcair a ionadú sna lampaí sin. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach.

(8)

Áiríodh leis an meastóireacht ar na hiarratais ar athnuachan comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(9)

Toisc nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE á gcomhlíonadh a thuilleadh, ba cheart an t-iarratas ar athnuachan a dhiúltú.

(10)

Ba cheart dáta éaga a shocrú maidir leis an díolúine i gcomhréir le hAirteagal 5(6) den Treoir sin. Ba cheart an dáta is luaithe is féidir de 12 mhí ón gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis an díolúine a chúlghairm a shocrú ós rud é nach bhfuil imthosca praiticiúla ann a thabharfadh údar le tréimhse éaga níos faide, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh go gcumhdaítear go leor de na lampaí atá i gceist freisin le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún ina leagtar síos íoscheanglais éifeachtúlachta fuinnimh a bheidh le hurramú chun na táirgí a chur ar an margadh, rud a thabharfaidh le tuiscint nach gcuirfear na lampaí sin de facto ar an margadh ón 1 Meán Fómhair 2021.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 1, 1(a), 1(b), 1(c), 1(d) agus 1(e):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“1.

Mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha nach mó ná na luachanna seo a leanas(de réir an dóire):

 

1(a)

Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W: 2,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(b)

Chun críoch soilsithe ghinearálta ≥ 30 W agus < 50 W: 3,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(c)

Chun críoch soilsithe ghinearálta ≥ 50 W agus < 150 W: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(d)

Chun críoch soilsithe ghinearálta ≥ 150 W: 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

1(e)

Chun críoch soilsithe ghinearálta, a bhfuil cruth struchtúrach ciorclach nó cearnógach agus feadán ≤ 17 mm ar trastomhas acu: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/35


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/277 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

De réir Threoir Tharmligthe 2014/14/AE (2), dheonaigh an Coimisiún díolúine maidir le húsáid mearcair, ina bhfuil cion uasta 3,5 mg, i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(g) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 31 Nollaig 2017, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/14/AE.

(5)

Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)

An 28 Meitheamh 2016, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an t-iarratas ar athnuachan”) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, iarratas a tugadh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 17 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, fanann an díolúine bailí go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leormhaith agus atá saor ó mhearcair ar fáil i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil an t-ionadú indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Ós rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ba cheart an díolúine a chúlghairm.

(9)

Ba cheart dáta éaga a shocrú maidir leis an díolúine sin i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE. Bíodh go bhfuil sciar beag de na cineálacha lampa (3) a chumhdaítear leis an díolúine sin faoi réir na gcritéar éicidhearthóireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún (4), atá infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2021, agus nach gcuirfear ar an margadh a thuilleadh iad dá bhrí sin, ní dhéantar difear d’fhormhór mór na lampaí a chumhdaítear leis an díolúine reatha leis na critéir faoin Rialachán Éicidhearthóireachta thuasluaite. Dá bhrí sin, is é an dáta éaga uasta is féidir, 18 mí tar éis an chinnidh, ba cheart a shocrú maidir le hiontráil iomlán na díolúine chun costais shocheacnamaíocha atá níos airde ná mar is gá a sheachaint ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil baint dhíreach acu le hionadú na catagóire deiridh sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe 2014/14/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun 3,5 mg mearcair in aghaidh an lampa i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (IO L 4, 9.1.2014, lch. 71).

(3)  Ón 1 Meán Fómhair 2021, cumhdaítear dlúthshoilse fluaraiseacha ag a bhfuil gléas rialaithe comhtháite (CFLi) leis an iontráil “Foinsí eile solais faoin raon feidhme nach luaitear thuas” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún.

(4)  Mar a luaitear in Aithris 9 agus Aithris 10 de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún, níl aon cheanglas sonrach éicidhearthóireachta maidir le cion mearcair le socrú sa Rialachán sin.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(g):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“1(g)

Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000  u nó níos mo ná sin: 3,5 mg

In éag an 24 Lúnasa 2023”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/38


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/278 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí hailíd mhiotail

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí hailíd mhiotail (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 4(e) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i lampaí hailíd mhiotail chun dath, éifeachtúlacht, saolré, agus oibriú cobhsaí na lampaí sonracha sin a fheabhsú.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún iarraidh chun an díolúine a athnuachan (“an iarraidh ar athnuachan”) atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh isteach iarratas nuashonraithe ar athnuachan an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Treoir sin, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar an iarraidh ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann dodhéanta go teicniúil faoi láthair. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh uastréimhse de 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4(e):

“Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

4(e)

Mearcair i lampaí hailíd mhiotail (MH)

In éag an 24 Feabhra 2027”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/41


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/279 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta nach luaitear go sonrach (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 4(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Baineann an fheidhm atá ag mearcair i lampaí díluchtaithe gáis chun críoch speisialta leis an bpróiseas chun solas a ghiniúint d’fhonn leictreachas a thiontú go solas.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún líon iarratas chun an díolúine a athnuachan (“na hiarratais ar athnuachan”) atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann leis an díolúine dodhéanta go teicniúil faoi láthair. I bhfianaise na bhféidearthachtaí an díolúine a theorannú amach anseo le hionadú, is iomchuí, áfach, an athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse de 3 bliana agus sin amháin. Ba é ba chonclúid don mheastóireacht freisin gur féidir na feidhmeanna atá incháilithe le haghaidh athnuachan ar an díolúine a shainiú a thuilleadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE mar gheall ar a bhfeidhmiúlacht shonrach agus a gceantar feidhme sonrach, eadhon gal-lampaí mearcair ardbhrú a úsáidtear i dteilgeoirí, a úsáidtear le haghaidh soilsiú gairneoireachta a eisíonn solas atá sa speictream ultraivialaite. I gcomhair na bhfeidhmeanna sonracha sin, ba cheart an díolúine a athnuachan ar feadh uastréimhse de 5 bliana. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

(1)   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

(2)   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4(f):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

4(f) -I

Mearcair i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta nach luaitear go sonrach san Iarscríbhinn seo

In éag an 24 Feabhra 2025

4(f) -II

Mearcair i ngal-lampaí mearcair ardbhrú a úsáidtear i dteilgeoirí i gcás inar gá aschur ≥ 2000 lúman ANSI

In éag an 24 Feabhra 2027

4(f) -III

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú a úsáidtear i soilsiú gairneoireachta

In éag an 24 Feabhra 2027

4(f) -IV

Mearcair i lampaí a eisíonn solas atá sa speictream ultraivialait

In éag an 24 Feabhra 2027”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/44


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/280 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe ísealdéine eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe ísealdéine eile (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 4(a) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i lampaí díluchtaithe ísealdéine chun solas ultraivialait a tháirgeadh le haghaidh díghalrú/íonú geirmicídeach nó baictéarach ultraivialait aeir/uisce/dromchlaí.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (“an t-iarratas ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, agus tugadh ceann acu cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann nó a n-ionadú le substaint ag a bhfuil feidhmíocht inchomparáide dodhéanta go teicniúil faoi láthair. Beartaíodh sa mheasúnú sin gur féidir raon feidhme reatha na díolúine a laghdú do lampaí díluchtaithe ísealdéine eile nach bhfuil brataithe le fosfar agus a astaíonn solas sa raon ultraivialait. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí athnuachan ar an díolúine a dheonú, le foclaíocht athbhreithnithe, lena leagtar amach raon feidhme teoranta na díolúine, ar feadh uastréimhse de 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE, ba cheart dáta éaga 12 mhí a shocrú le haghaidh na díolúine reatha 4(a). I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin an30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón an 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4(a):

“Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

4(a)

Mearcair i lampaí díluchtaithe ísealdéine (in aghaidh an lampa): 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

4(a)-I

Mearcair i lampaí díluchtaithe ísealdéine nach bhfuil brataithe le fosfar, i gcás ina n-éilítear leis an bhfeidhm príomhraon an aschuir lampa speictrigh a bheith sa speictream ultraivialait: féadfar suas le 15 mg a úsáid in aghaidh an lampa

In éag an 24 Feabhra 2027”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/47


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/281 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian le substaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint shrianta é mearcair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine maidir le húsáid mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (“na hiarratais ar athnuachan”) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, agus rinneadh iarratas amháin acu sin a thabhairt cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, fanann díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil sé dodhéanta faoi láthair ar bhonn teicniúil mearcair a dhíothú i dtaca leis na feidhmeanna lena mbaineann nó substaint inchomparáide ó thaobh feidhmíochta de a chur ina ionad. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Ba cheart do raon feidhme agus fad na ndíolúintí ón srian le hábhair nó comhábhair shonracha áirithe a bheith teoranta, chun substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chéimniú amach de réir a chéile. Cinneadh sa mheasúnú freisin gur cheart, ar thaobh amháin, cúngú a dhéanamh ar raon feidhme na díolúine maidir le feidhmeanna sonraithe breise agus, ar an taobh eile, gur féidir fad na díolúine leithne reatha a ghiorrú

(9)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an ábhar sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(10)

Is iomchuí, dá bhrí sin, athnuachan na díolúine a dheonú go ceann uastréimhse 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, i gcomhair dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha atá ceaptha chun solas den speictream ultraivialait a astú, toisc gan aon rogha mhalartach iontaofa a bheith ar fáil faoi láthair. Maidir le gach cineál eile dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha a thagann faoi chatagóir dlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha sainchuspóireacha, ba cheart an díolúine a athnuachan go ceann 3 bliana, chun ligean don tionscal faisnéis mhionsonraithe a ullmhú chun údar a thabhairt le leanúint leis an díolúine sin i gcomhair catagóirí sonraithe lampaí speisialta, i gcomhréir le haidhm na Treorach gur cheart do raon feidhme agus fad díolúintí a bheith teoranta. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinilí polabróimínithe nó éitir défheinilí polabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE:

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“1

Mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha nach mó (de réir an dóire):

 

1(f) - I

I gcomhair lampaí a cheaptar chun solas den speictream ultraivialait a astú ná: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2027

1(f) - II

Sainchuspóireach: 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2025”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/51


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/282 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine maidir le mearcair a úsáid i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda a bhfuil feadán > 17 mm ar trastomhas acu (e.g. T9) (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 2(b)(3) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda chun solas ultraivialait a ghiniúint, ar solas é sin a thiontaítear ina sholas infheicthe leis an mbratú fluaraiseach ar an lampa. Tá dath an tsolais agus an dathscáthú ag brath ar chomhdhéanamh an bhrataithe, a bhfuil mearcair ann.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (‘an t-iarratas ar athnuachan’) atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, ar iarratas é ceann amháin acu a tugadh cothrom le dáta le faisnéis bhreise i mí Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Is é conclúid na meastóireachta ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil sé dodhéanta go teicniúil faoi láthair mearcair a ionadú nó a dhíothú i gcás na bhfeidhmeanna lena mbaineann. Thángthas ar chonclúid sa mheastóireacht sin freisin gur féidir an teorainn maidir le tiúchan mearcair sna catagóirí lampaí a chumhdaítear leis an díolúine sin a ísliú ó 15 mg go 10 mg in aghaidh an lampa. Mar chuid den mheastóireacht, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na tuairimí a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú, le foclaíocht athbhreithnithe ina leagtar amach raon feidhme teoranta na díolúine, ar feadh tréimhse 3 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, chun sonraí breise a bhailiú i dtaca le hinfhaighteacht na n-ionadach le haghaidh na gcineálacha lampaí sonracha a chumhdaítear leis an díolúine sin. I gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE, ba cheart dáta éaga 12 mhí a shocrú le haghaidh na díolúine reatha 2(b)(3). I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2(b)(3):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“2(b)(3)

Lampaí fosfair neamhlíneacha trí bhanda a bhfuil feadán > 17 mm ar trastomhas acu (e.g. T9): 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2023; Is féidir 10 mg a úsáid in aghaidh an lampa ón 25 Feabhra 2023 go dtí an 24 Feabhra 2025”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/54


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/283 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú le treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe chun críocha soilsithe ghinearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointí (a) agus (b) di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú eile chun críocha soilsithe ghinearálta i lampaí (de réir an dóire) ina bhfuil líon nach mó ná treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe Ra > 60 (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúintí 4(b)-I, 4(b)-II agus 4(b)-III in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i nGal-lampaí Sóidiam Ardbhrú le haghaidh dath solais agus airíonna dathscáthaithe.

(6)

In Eanáir 2015 fuair an Coimisiún iarratas chun an díolúine a athnuachan le haghaidh feidhmeanna in iontrálacha 4(b)-I, 4(b)-II agus 4(b)-III (“an t-iarratas ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. In Eanáir 2020 chuir an t-iarratasóir céanna iarratas nuashonraithe isteach nár bhain ach le hiontráil 4(b)-I. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Ba é chonclúid na meastóireachta ar an iarraidh ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, gur indéanta go heolaíoch agus go teicniúil mearcair a ionadú nó a dhíothú sna feidhmeanna lena mbaineann a mhéid a bhaineann le cuid d’iontráil 4(b)-I, chomh maith le hiontrálacha 4(b)-II agus 4(b)-III d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Mar sin féin, ba é conclúid na meastóireachta gur cheart an díolúine a athnuachan le haghaidh na coda d’iontráil 4(b)-I a bhaineann le lampaí le dathscáthú ard níos airde ná 80, atá cothrom le nó níos ísle ná 105W agus lenar féidir, d’ainneoin go bhfuil gá le mearcair a úsáid go fóill, a ísliú a thuilleadh. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Dá bhrí sin, is iomchuí páirt de dhíolúine 4(b)-I a athnuachan, agus í a athuimhriú mar iontráil díolúine 4(b), ar feadh uastréimhse de 5 bliana i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. Beidh foclaíocht athbhreithnithe leis an díolúine athnuaite sin lena leagfar amach raon feidhme teoranta breise na díolúine. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht.

(9)

Tá an díolúine athnuaite i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(10)

Maidir le hathnuachan na díolúine, a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ós rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha a thuilleadh le haghaidh na bhfeidhmeanna a liostaítear sa chuid eile d’iontráil 4(b)-I chomh maith le hiontrálacha 4(b)-II agus 4(b)-III d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin, ba cheart an díolúine maidir leis na feidhmeanna sin a chúlghairm. Ba cheart dátaí éaga a shocrú maidir leis na díolúintí sin i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 4(b), 4(b)-I, 4 (b)-II agus 4(b)-III:

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“4(b)

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críocha soilsithe ghinearálta nach mó ná an méid seo a leanas (de réir an dóire) i lampaí le treoiruimhir dathscáthaithe Ra > 80: P ≤ 105 W: Is féidir 16 mg a úsáid de réir an dóire

In éag an 24 Feabhra 2027

4(b)-I

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam (ardbhrú) chun críocha soilsithe ghinearálta nach mó ná an méid seo a leanas (de réir an dóire) i lampaí le treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe Ra > 60: P ≤ 155 W: Is féidir 30 mg a úsáid de réir an dóire

In éag an 24 Feabhra 2023

4(b)-II

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críocha soilsithe ghinearálta nach mó ná an méid seo a leanas (de réir an dóire) i lampaí le treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe Ra > 60: 155 W < P ≤ 405 W: Is féidir 40 mg a úsáid de réir an dóire

In éag an 24 Feabhra 2023

4(b)-III

Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú chun críocha soilsithe ghinearálta nach mó ná an méid seo a leanas (de réir an dóire) i lampaí le treoiruimhir dathscáthaithe fheabhsaithe Ra > 60: P > 405 W: Is féidir 40 mg a úsáid de réir an dóire

In éag an 24 Feabhra 2023”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/57


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/284 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 2(a)(1), 2(a)(2), 2(a)(3), 2(a)(4) agus 2(a)(5) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta chun solas ultraivialait a ghiniúint, ar solas é sin a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe leis an mbratú fluaraiseach ar an lampa.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (“na hiarratais ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, ar iarratas ceann amháin acu a tugadh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Cinneadh sa mheastóireacht ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa a ndóthain agus atá saor ó mhearcair ar fáil anois i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil sé indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil mearcair a ionadú sna lampaí sin. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach.

(8)

Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht ar iarratais ar athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(9)

Ós rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ba cheart diúltú don iarratas ar athnuachan. Ba cheart dátaí éaga le haghaidh na díolúine a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) den Treoir sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 2(a), 2(a)(1), 2(a)(2), 2(a)(3), 2(a)(4) agus 2(a)(5):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“2(a)

Mearcair i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta nach dtéann thar (in aghaidh an lampa):

 

2(a)(1)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán < 9 mm ar trastomhas acu (e.g. T2): 4 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

2(a)(2)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán ≥ 9 mm agus ≤ 17 mm ar trastomhas acu (e.g. T5): 3 mg

In éag an 24 Lúnasa 2023

2(a)(3)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán > 17 mm agus ≤ 28 mm ar trastomhas acu (e.g. T8): 3,5 mg

In éag an 24 Lúnasa 2023

2(a)(4)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán > 28 mm ar trastomhas acu (e.g. T12): 3,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

2(a)(5)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil saolré fhada acu (≥ 25 000 u): 5 mg.

In éag an 24 Feabhra 2023”


CINNTÍ

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/60


CINNEADH (AE) 2022/285 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2022

lena gceaptar beirt chomhaltaí agus comhalta malartach, arna moladh ag Poblacht Mhálta, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas Mhálta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíocháin bheirt chomhaltaí ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis na sainorduithe náisiúnta ar dá mbun a moladh Joseph CORDINA agus Paul FARRUGIA a cheapadh.

(4)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún folamh ón 26 Eanáir 2020.

(5)

Mhol Rialtas Mhálta na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach réigiúnach nó áitiúil, mar chomhaltaí de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025: Paul FARRUGIA, Reġjun Port — President (Réigiún an Chalafoirt Uachtarán), agus Mark GRECH, Kunsill Lokali Ħaż-Żabbar — Kunsillier Lokali (Comhairle Áitiúil Żabbar Comhairleoir Áitiúil).

(6)

Mhol Rialtas Mhálta Stephen SULTANA, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus a bhfuil aige sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Kunsill Lokali Santa Venera — Sindku (Comhairle Áitiúil Santa Venera Méara), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025, maidir leis an suíocháin folamh dá dtagraítear thuas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla iad agus a bhfuil acu sainordú toghchánach, chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhaltaí:

Paul FARRUGIA, Reġjun Port — President (Réigiún an Chalafoirt Uachtarán) (athrú sainordaithe),

Mark GRECH, Kunsill Lokali Ħaż-Żabbar — Kunsillier Lokali (Comhairle Áitiúil Żabbar Comhairleoir Áitiúil),

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

Stephen SULTANA, Kunsill Lokali Santa Venera — Sindku (Comhairle Áitiúil Santa Venera Méara).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/62


CINNEADH (AE) 2022/286 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2022

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/2157 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Michael SCHNEIDER éirí as oifig.

(4)

Mhol Rialtas na Gearmáine Sven SCHULZE, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Minister für Wirtschaft, Tourismus, Landwirtschaft und Forsten des Landes Sachsen-Anhalt (Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Turasóireachta, Talmhaíochta agus Foraoiseachta Stát Cónaidhme na Sacsaine-Anhalt), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Sven SCHULZE, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Minister für Wirtschaft, Tourismus, Landwirtschaft und Forsten des Landes Sachsen-Anhalt (Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Turasóireachta, Talmhaíochta agus Foraoiseachta Stát Cónaidhme na Sacsaine-Anhalt) ina chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, dar críoch an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2019/2157 ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2020 go dtí an 25 Eanáir 2025 (IO L 327, 17.12.2019, lch. 78).


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/64


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/287 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine maidir le mearcair i lampaí fluaraiseacha chun críoch soilsithe ghinearálta eile agus chun críoch speisialta eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha eile chun críoch soilsithe ghinearálta eile agus chun críoch speisialta eile (e.g. lampaí ionduchtúcháin) (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 2(b)(4) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Cumhdaítear leis an díolúine grúpaí lampaí neamh-aonchineálacha a bhfuil cruthanna, teicneolaíochtaí, feidhmeanna agus cuspóirí difriúla acu. Úsáidtear mearcair san fheadán díluchtúcháin, rud atá fíor-riachtanach chun fuinneamh leictreach a thiontú ina sholas.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an t-iarratas ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, a nuashonraíodh an 20 Eanáir 2020 le hiarratas athnuaite breise. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) den Treoir sin, beidh an díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh maidir leis an iarratas ar athnuachan.

(7)

Is é conclúid na meastóireachta ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann dodhéanta go teicniúil faoi láthair. Mar chuid den mheastóireacht sin, rinneadh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na tuairimí a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Dá bhrí sin, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú, agus an aidhm ghinearálta á cur san áireamh gur cheart díolúintí ón srianadh le haghaidh ábhair shonracha áirithe nó comhpháirteanna sonracha áirithe a theorannú ina raon feidhme agus ina bhfad, chun deireadh a chur de réir a chéile le shubstaintí guaiseacha in TLL.

(10)

Chun go mbeifear in ann athmheasúnú tráthúil a dhéanamh ar infhaighteacht lampaí athsholáthair atá saor ó mhearcair le haghaidh an réimse leathain cineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine seo, is iomchuí an athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse theoranta 3 bliana. I gcás catagóirí sonracha lampa, eadhon lampaí a astaíonn solas atá sa speictream dofheicthe (fo-iontráil nua 2(b)(4)-II d’Iarscríbhinn III) agus lampaí éigeandála (fo-iontráil nua 2(b)(4)-III d’Iarscríbhinn III), tá faisnéis leordhóthanach ann go bhfuil ionadú dodhéanta go teicniúil sna blianta atá romhainn agus i gcás na gcatagóirí sin lampaí, ba cheart údar cuí a bheith le tréimhse bhailíochta 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE. I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2(b)(4):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“2(b)(4)- I

Lampaí chun críoch soilsithe ghinearálta eile agus chun críoch speisialta eile (e.g. lampaí ionduchtúcháin): 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2025

2(b)(4)- II

Lampaí a astaíonn solas atá sa speictream ultraivialait den chuid is mó: 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2027

2(b)(4)- III

Lampaí éigeandála: 15 mg

In éag an 24 Feabhra 2027”


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/68


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/288 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 maidir le hacmhainneachtaí dídine rescEU agus le modhnú na gceanglas cáilíochta atá ar acmhainneachtaí Fhoirne Leighis Éigeandála chineál 3

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 963)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (1), agus go háirithe Airteagal 32(1), pointe (g), de

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE leagtar amach creat dlíthiúil rescEU. Is cúlchiste acmhainneachtaí ar leibhéal an Aontais é rescEU arb é is aidhm dó cúnamh a sholáthar i staideanna treascracha nach féidir leis na hacmhainneachtaí foriomlána atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta ná leo siúd arna ngealladh ag na Ballstáit don Díorma Eorpach um Chosaint Shibhialta freagairt éifeachtach ar thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine a áirithiú.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá acmhainneachtaí rescEU le cinneadh trí rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, acmhainneachtaí foriomlána agus bearnaí ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh. Tá ceithre réimse ann ar cheart do rescEU díriú orthu go háirithe, eadhon aerchomhrac na ndóiteán foraoise, teagmhais cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (“CBRN”), an phráinnfhreagairt leighis, mar aon leis an iompar agus na lóistíochta.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 (2) ón gCoimisiún, leagtar amach comhdhéanamh tosaigh rescEU i dtéarmaí acmhainneachtaí agus ceanglas cáilíocht. Is é atá i gcúlchiste rescEU go dtí seo acmhainneachtaí aerchomhrac na ndóiteán foraoise, acmhainneachtaí aslonnaithe aerleighis, foirne leighis éigeandála, trealamh leighis nó trealamh cosanta pearsanta a stoc-charnadh (“acmhainneachtaí stoc-charntha leighis”), nó an dá cheann díobh sin, acmhainneachtaí dí-éilliúcháin CBRN agus acmhainneachtaí stoc-charntha CBRN.

(4)

Léirítear in anailís a rinneadh ar rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith le hinniúlachtaí agus bearnaí ar leibhéal an Aontais, go bhfuil gá le hacmhainneachtaí dídine sealadacha.

(5)

Sainaithníodh an gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí cáilíochtúla agus cainníochtúla in acmhainneachtaí dídine in oibríochtaí éagsúla de chuid an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta (“an Sásra Aontais”) le blianta beaga anuas, agus léiríodh é sa “Staidéar Meastóireachta ar Shainmhínithe, Bearnaí agus Costas Acmhainneachtaí Freagartha le haghaidh an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta” (3) ó 2019. Ina theannta sin, leis an taithí oibríochtúil ó na creathanna talún a bhuail an Chróit i mí an Mhárta 2020 agus i mí na Nollag 2020 deimhníodh an bhearna in acmhainneachtaí dídine d’ainneoin oibríochtaí freagartha prasa faoin Sásra Aontais ar ghlac roinnt Ballstát páirt iontu.

(6)

Is é príomhchuspóir na hacmhainneachta dídine sealadaí rescEU, nuair a imscartar le linn oibríocht freagartha faoin Sásra Aontais í, dídean shealadach a sholáthar do phobal a ndearnadh difear dóibh, lena n-áirítear spás do thithíocht, sláinteachas agus sláintíocht, seirbhís bhunúsach leighis agus bailiú sóisialta.

(7)

Is é ba cheart a bheith san acmhainneacht dídine sealadaí faoi rescEU cúlchiste fisiciúil shócmhainní ardchaighdeáin le haghaidh mearfhreagartha nó cúlchiste fíorúil shócmhainní in-saincheaptha a d’fhéadfaí a imscaradh i gcéim níos déanaí nuair is gá le haghaidh oibríochtaí freagartha faoin Sásra Aontais, nó an dá cheann díobh sin.

(8)

De bhun Airteagal 12(4) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, tá ceanglais cháilíochta le haghaidh na n-acmhainneachtaí freagartha atá ina gcuid de rescEU le sainiú i gcomhairle leis na Ballstáit. Ba cheart caighdeáin íosta le haghaidh acmhainneachtaí dídine sealadacha a bhunú ar na caighdeáin dídine faoin gcaibidil “Dídean agus Lonnaíocht” sa Lámhleabhar Sféir (4).

(9)

Ba cheart acmhainneachtaí dídine sealadacha a bhunú chun freagairt ar rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór, i gcomhréir leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 3d de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit.

(10)

Chun cúnamh airgeadais ón Aontas a sholáthar chun na hacmhainneachtaí dídine sealadacha sin a fhorbairt, i gcomhréir le hAirteagal 21(3) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, ba cheart na costais incháilithe a bhunú trí na catagóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn 1a a ghabhann leis an gCinneadh sin a chur san áireamh.

(11)

Rinne tionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) athbhreithniú le déanaí ar na caighdeáin (5) le haghaidh acmhainneachtaí Fhoireann leighis éigeandála chineál 3 (Cúram Atreoraithe Othair Chónaithigh). Dá bhrí sin, ba cheart na ceanglais cháilíochta le haghaidh an chineáil sin Foirne Éigeandála Leighis faoi rescEU a mhodhnú dá réir.

(12)

Léiríodh a thuilleadh i machnamh ar na ceachtanna arna bhfoghlaim ó ghéarchéim COVID-19 an gá le solúbthacht bhreise agus módúlacht acmhainneachtaí fhoireann éigeandála leighis rescEU. Dá bhrí sin, ba cheart acmhainneachtaí Fhoireann Leighis Éigeandála chineál 2 (Cúram Éigeandála Máinliachta Othair Chónaithigh) a áireamh in rescEU arna gcomhlánú ag seirbhísí cúraim speisialaithe, i gcomhréir le caighdeáin thionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS.

(13)

Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 a leasú dá réir.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 33(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1a mar a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“(2)   ciallaíonn ‘foireann leighis éigeandála chineál 3 (Cúram Atreoraithe Othair Chónaithigh)’ foireann éigeandála in-imscartha ina bhfuil príomhphearsanra leighis agus príomhphearsanra eile atá oilte agus trealmhaithe chun cóir leighis a chur ar othair a ndearna tubaiste difear dóibh agus lena soláthraítear cúram atreoraithe máinliachta casta d’othair chónaitheacha, lena n-áirítear acmhainneacht dianchúraim.”;

(b)

cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:

“(3)   ciallaíonn ‘cúlchiste dídine fíorúil’ socrú amháin nó níos mó le soláthraithe roghnaithe atá le gníomhachtú ar éileamh chun cainníochtaí áirithe sócmhainní sonracha a sheachadadh laistigh de chreat ama réamhshainithe.”;

(2)

Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fleasc:

“-

acmhainneachtaí i réimse na dteagmhas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach,”;

(ii)

cuirtear isteach an séú fleasc seo a leanas:

“-

acmhainneachtaí dídine.”;

(b)

leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

acmhainneachtaí fhoireann leighis éigeandála chineál 2 (Cúram Éigeandála Máinliachta Othair Chónaithigh) nó acmhainneachtaí fhoireann leighis éigeandála chineál 3 (Cúram Atreoraithe Othair Chónaithigh), nó an dá cheann díobh sin;”

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

acmhainneachtaí stoc-charntha ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN);”

(iii)

cuirtear an pointe (i) seo a leanas leis:

“(i)

acmhainneachtaí dídine sealadacha.”

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3a:

“Airteagal 3a

Costais incháilithe maidir le hacmhainneachtaí aslonnaithe aerleighis rescEU, acmhainneachtaí fhoirne leighis éigeandála chineál 2 agus 3, stoc-charnadh leighis, dí-éilliúchán CBRN, acmhainneachtaí stoc-charntha CBRN agus acmhainneachtaí dídine sealadacha

Déanfar gach catagóir costais dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1a a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE a chur san áireamh agus costas iomlán incháilithe acmhainneachtaí rescEU á ríomh.”

(4)

in Airteagal 3e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3.   Bunófar acmhainneachtaí rescEU dá dtagraítear i bpointí (c) go (i) d’Airteagal 2(2) leis an gcuspóir bainistíocht a dhéanamh ar rioscaí lena ngabhann dóchúlacht íseal ach tionchar mór.

4.   I gcás ina n-imscartar acmhainneachtaí rescEU dá dtagraítear i bpointí (c) go (i) d’Airteagal 2(2) faoin Sásra Aontais, cumhdófar 100 % de na costais oibríochtúla le cúnamh airgeadais ón Aontas, de bhun Airteagal 23(4b) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.”;

(5)

leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Janez LENARČIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 924.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainneachtaí rescEU agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE ón gCoimisiún (IO L 99, 10.4.2019, lch. 41).

(3)  https://ec.europa.eu/echo/system/files/2020-01/capacities_study_final_report_public.pdf.

(4)  Féach “Lámhleabhar Sféir: An Chairt Dhaonnúil agus na Caighdeáin Íosta i bhFreagairt Dhaonnúil”, an ceathrú heagrán, an Ghinéiv, an Eilvéis, 2018.

(5)  Féach Aicmiú agus na caighdeáin íosta le haghaidh foirne éigeandála leighis, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. 2021.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/570 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad roinn 5:

“5.

Acmhainneachtaí Fhoireann Leighis Éigeandála chineál 2 (Cúram Éigeandála Máinliachta Othair Chónaithigh) nó Fhoireann Leighis Éigeandála chineál 3 (Cúram Atreoraithe Othair Chónaithigh), nó an dá cheann díobh sin

Cúraimí

Cineál 2 (Cúram Éigeandála Máinliachta Othair Chónaithigh) nó cineál 3 (Cúram Atreoraithe Othair Chónaithigh) nó an dá cheann díobh sin a sholáthar, mar a shonraítear i dtionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS.

Cúram speisialaithe nó feidhmeanna tacaíochta a sholáthar, lena n-áirítear, más gá, é sin a dhéanamh trí fhoirne cúraim speisialaithe mar a shonraítear i dtionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS.

Acmhainneachtaí

Íosacmhainneacht chóireála i gcomhréir le caighdeáin thionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

Seirbhísí de lá agus d’oíche (lena gcumhdaítear 24/7 más gá).

Príomh-chomhpháirteanna

I gcomhréir le caighdeáin thionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

Neamhthuilleamaíocht

Ba cheart don fhoireann neamhthuilleamaíocht a áirithiú i rith an ama imscartha ar fad i gcomhréir le caighdeáin thionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS. Tá feidhm ag Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE.

Imscaradh

Infhaighteacht chun imeachta laistigh de 48-72 uair an chloig ar a mhéad tar éis an tairiscint a ghlacadh, agus an cumas a bheith oibríochtúil ar an láthair de réir thionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS.

Cumas a bheith oibríochtúil i gcomhréir le caighdeáin thionscnamh Fhoireann Dhomhanda Éigeandála Leighis EDS.”

(2)

Cuirtear an Roinn 9 seo a leanas léi:

“9.

Acmhainneachtaí dídine sealadaí

Cúraimí

Dídean shealadach a sholáthar do phobal a ndearnadh difear dóibh, lena n-áirítear spás do thithíocht, sláinteachas agus sláintíocht, seirbhís bhunúsach leighis agus bailiú sóisialta.

Foireann a sholáthar chun aonaid dídine a láimhseáil, a shlógadh, a chóimeáil, a chur ar bun agus a choinneáil ar bun nuair is gá. I gcás ina dtarlaíonn aistriú, an pearsanra ábhartha (áitiúil agus/nó idirnáisiúnta) a oiliúint sula dtarraingeofar an acmhainneacht dídine amach.

Acmhainneachtaí

Acmhainneacht dídine (1) atá comhdhéanta de shócmhainní atá in ann dídean chur ar fáil do 5 000 duine ar a laghad, nuair a imscartar go comhuaineach iad.

Is é a bheidh san acmhainneacht cúlchiste fisiciúil nó cúlchiste dídine fíorúil aonad dídine, nó an dá cheann díobh sin.

Príomh-chomhpháirteanna

Aonaid dídine le téamh (le haghaidh dálaí geimhridh), córais aerúcháin iomchuí (le haghaidh dálaí samhraidh), agus ábhar bunúsach, amhail leapacha le mála codlata agus/nó blaincéid.

Saoráidí sláintíochta agus sláinteachais.

Otharlann le haghaidh seirbhísí bunúsacha leighis.

Saoráidí ilchuspóra chun bia a ullmhú agus a thomhailt, chun uisce is féidir a ól a dháileadh, le haghaidh tionól sóisialta.

Gineadóirí cumhachta agus trealamh soilsithe.

Pacáistí sláintíochta bunúsacha.

Saoráidí stórála iomchuí san Aontas (2), lóistíocht agus córas faireacháin stoc-charntha leordhóthanach.

Socruithe iomchuí lena n-áirithítear iompar agus seachadadh leordhóthanach na n-aonad.

Pearsanra atá oilte go hiomchuí agus sócmhainní chun sócmhainní fisiciúla sa limistéar atá buailte a láimhseáil, a shlógadh, a chóimeáil, a chur ar bun agus a choinneáil ar bun.

Neamhthuilleamaíocht

Tá an acmhainneacht le neamhthuilleamaíocht a áirithiú le linn na chéad 96 uair an chloig ón imscaradh.

Tá feidhm ag Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/762/AE.

Imscaradh

Infhaighteacht chun imeachta ag an gcúlchiste fíorúil laistigh de 24 uair an chloig ar a mhéad tar éis an tairiscint a ghlacadh.

Tá fad an mhisin agus, más infheidhme, tús an phróisis aistrithe le sainiú i gcomhaontú leis an tír a ndearnadh difear di.


(1)  Tá an acmhainneacht dídine leis na caighdeáin íosta a chomhlíonadh sa chaibidil “Dídean agus Lonnaíocht” in “Lámhleabhar Sféir: An Chairt Dhaonnúil agus na caighdeáin íosta sa Fhreagairt Dhaonnúil”. Ní mór riachtanais daoine leochaileacha a chur san áireamh.

(2)  Chun críocha lóistíocht na saoráidí stórála, is é a chuimsítear le “san Aontas” críocha na mBallstát agus na Stát Rannpháirteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.“


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/73


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/289 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Feabhra 2022

lena mbunaítear an Anailís agus an Tástáil ar Éiceachórais ERIC (AnaEE-ERIC)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 933)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Is ag na téacsanna sa Bhulgáiris, sa tSeicis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, sa Fhraincis, san Iodáilis, san Fhionlainnis agus sa tSualainnis a bheidh an t-údarás agus acu siúd amháin)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2009 maidir le Creat dlíthiúil an Chomhphobail maidir le Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) (1), agus go háirithe Airteagal 6(1), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Bhulgáir, an tSeicia, an Danmhairg, an Fhrainc, an Iodáil, an Fhionlainn agus an Lárionad Idirnáisiúnta um Ardstaidéar Agranamaíoch i Réigiún na Meánmhara, chuir siad iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun an Anailís agus an Tástáil ar Éiceachórais ERIC (AnaEE-ERIC) (“an t-iarratas”) a bhunú. Chuir an Bheilg a cinneadh in iúl go mbeidh sí rannpháirteach in AnaEE-ERIC mar bhreathnóir ar dtús.

(2)

Chomhaontaigh na hiarratasóirí gurbh í an Fhrainc Ballstát óstach AnaEE-ERIC.

(3)

Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a ionchorprú sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) le Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE (2).

(4)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009, agus chinn sé go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin. Le linn an mheasúnaithe, fuair an Coimisiún tuairimí ó shaineolaithe neamhspleácha i réimse na hAnailíse agus na Tástála ar Éiceachórais.

(5)

Tá na bearta a leagtar amach sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 723/2009.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Bunaítear leis seo an Anailís agus an Tástáil ar Éiceachórais ERIC (AnaEE-ERIC).

2.   Leagtar amach gnéithe fíor-riachtanacha Reachtanna AnaEE-ERIC san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Bulgáire, Poblacht na Seice, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile agus Poblacht na Fionlainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Mariya GABRIEL

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 206, 8.8.2009, lch. 1.

(2)  Cinneadh Uimh. 72/2015 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2015 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse (IO L 129, 19.5.2016, lch. 85)


IARSCRÍBHINN

GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA REACHTANNA AnaEE-ERIC

Airteagal 1

Ainm

Bunófar Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) dáilte dá ngairtear “an Anailís agus an Tástáil ar Éiceachórais ERIC” (AnaEE-ERIC). Cuibhreannas don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERIC) a bunaíodh faoi fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 723/2009 a bheidh sa Chuibhreannas seo.

Airteagal 2

Oifig chláraithe

Is in Gif-sur-Yvette na Fraince, a bheidh oifig chláraithe AnaEE-ERIC.

Airteagal 3

Cúram agus gníomhaíochtaí

1.   Is é príomhchúram AnaEE-ERIC, Bonneagar Taighde dáilte a bheidh dírithe ar an Anailís agus an Tástáil ar Éiceachórais a bhunú agus a oibriú. Is é an sprioc atá aige na huirlisí, na seirbhísí agus an t-eolas is gá a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chasta dhomhanda chomhshaoil agus aeráide atá roimh shochaithe daonna.

2.   Oibreoidh AnaEE-ERIC leis an Mol Lárnach (CH), an Lárionad Comhéadain agus Sintéise (ISC), an Lárionad Teicneolaíochta (TC) agus an Lárionad um Shamhaltú Sonraí (DMC).

3.   Chun críocha mhír 1, déanfaidh AnaEE-ERIC:

a.

rochtain ar na hArdáin Náisiúnta thurgnamhacha, anailíseacha agus samhaltaithe a chomhordú agus an comhar le saoráidí Eorpacha a eagrú;

b.

cláir agus tionscadail Eorpacha um thaighde a éascú;

c.

teicneolaíocht a fhorbairt, modhanna a chomhchuibhiú, comhpháirtíochtaí tionsclaíocha a thógáil agus aistriú eolais a éascú;

d.

rannchuidiú le malartú eolais agus/nó inniúlachtaí laistigh den Limistéar Eorpach Taighde (LET) agus rannchuidiú le húsáid na hacmhainneachta intleachta ar fud na hEorpa a mhéadú;

e.

rochtain ar shonraí, comhroinnt sonraí agus samhaltú sonraí a fhorbairt;

f.

oiliúint a eagrú;

g.

straitéis cumarsáide a chur chun feidhme;

h.

aon ghníomhaíocht ghaolmhar eile is gá chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach.

4.   Saothróidh AnaEE-ERIC a phríomhchúram ar bhonn neamheacnamaíoch. Féadfaidh AnaEE-ERIC gníomhaíochtaí eacnamaíocha teoranta a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil dlúthbhaint acu leis na príomhchúraimí a leagtar amach in Airteagal 3(3) thuas agus nach gcuireann siad gnóthú na gcúraimí sin i gcontúirt.

Airteagal 4

Fad tréimhse agus an nós imeachta maidir le foirceannadh

1.   Bunófar AnaEE-ERIC ar feadh tréimhse thosaigh 10 mbliana. Féadfaidh Tionól na gComhaltaí a chinneadh síneadh tréimhsí comhleanúnacha 10 mbliana a chur leis an bhfad.

2.   Is é Tionól na gComhaltaí a chinnfidh foirceannadh AnaEE-ERIC i gcomhréir le hAirteagal 18(10) de na Reachtanna.

3.   Gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh AnaEE-ERIC a fhoirceannadh, tabharfaidh AnaEE-ERIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.

4.   Na sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha AnaEE-ERIC a íoc, comhroinnfear ar na Comhaltaí iad i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil charntha le AnaEE-ERIC mar a shonraítear in Airteagal 17 de na Reachtanna.

5.   Gan moill mhíchuí agus, in aon chás, laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta foirceanta, tabharfaidh AnaEE-ERIC fógra faoi sin don Choimisiún.

6.   Tiocfaidh deireadh le AnaEE-ERIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún Eorpach an fógra iomchuí i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 5

Córas dliteanais

1.   Beidh AnaEE-ERIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.

2.   Maidir le dliteanas airgeadais na gComhaltaí as fiacha AnaEE-ERIC, cibé cineál iad, beidh siad teoranta dá rannchuidiú féin le AnaEE-ERIC i leith na bliana iomláine deiridh d’oibríochtaí.

3.   Beidh árachas iomchuí ag AnaEE-ERIC chun rioscaí atá sonrach dá ghníomhaíochtaí a chumhdach.

Airteagal 6

Beartas rochtana d’úsáideoirí

1.   Is ar bhonn phrionsabail na rochtana oscailte a sholáthrófar rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí AnaEE-ERIC arna soláthar ag an Mol Lárnach nó ag Lárionaid Seirbhíse AnaEE-ERIC. Cuirfidh AnaEE-ERIC rialacha rochtana bonneagair chun feidhme, mar aon le beartas maidir le táillí lena soláthraítear dreasachtaí dá Chomhaltaí.

2.   Soláthróidh AnaEE-ERIC faisnéis trína thairseach gréasáin maidir leis na grádáin aeráide agus bhithgheografacha, agus scileanna agus teicnící comhlántacha ardáin AnaEE-ERIC, chun cabhrú le heolaithe ag céim na forbartha tionscadail agus chun goradh tionscadal ina n-úsáidtear roinnt ardán le haghaidh a Chomhaltaí uile a éascú.

3.   Deonóidh Mol Lárnach AnaEE-ERIC rochtain ar shaoráidí agus ar sheirbhísí AnaEE-ERIC arna soláthar ag na Lárionaid Seirbhíse nó ag na hArdáin Náisiúnta, bunaithe ar mheasúnú a dhéanfar ar cháilíocht eolaíoch na húsáide atá beartaithe, ar bhonn meastóireacht eolaíoch neamhspleách a dhéanfaidh coiste saineolaithe arna cheapadh ag Tionól na gComhaltaí agus indéantacht theicniúil a ndéanfaidh AnaEE-ERIC measúnú uirthi. Is é an Coiste Comhairleach Eitice Neamhspleách a dhéileálfaidh le ceisteanna eitice a d’fhéadfadh a bheith ann i dtogra (féach Airteagal 25 de na Reachtanna).

4.   I gcás nach mór srian a chur le rochtain taighde ar shaoráidí agus ar sheirbhísí AnaEE-ERIC ar chúiseanna acmhainneachta, déanfar rogha de réir an nós imeachta a leagtar amach i Rialacha Oibríochta na Reachtanna, ina mbreithneofar critéir roghnúcháin atá bunaithe ar an sármhaitheas eolaíochta agus ar indéantacht theicniúil agus airgeadais na dtograí.

5.   Cuirfidh AnaEE-ERIC ar fáil meiteashonraí gach tionscadail ag an tús, i gcás socruithe turgnamhacha in Ardáin Náisiúnta agus i gcás sonraí a tháirgeann lárionaid seirbhíse araon.

6.   Cuirfear sonraí ar fáil de réir bheartas rochtana oscailte AnaEE-ERIC. Rialófar rochtain de réir Rialacha Oibríochta na Reachtanna, lena ngabhfaidh, i gcoitinne, tréimhse chairde choiteann, agus beidh na sonraí ar fáil don phobal ina dhiaidh sin. Cuirfear san áireamh sa bheartas rochtana an creat dlíthiúil Eorpach um chosaint sonraí (1), ar creat é a bhaineann le sonraí pearsanta úsáideoirí a roinnt i measc na gComhaltaí.

Airteagal 7

Beartas um Meastóireacht Eolaíoch

Déanfaidh coiste eolaíoch neamhspleách ad hoc meastóireacht ar ghníomhaíochtaí AnaEE-ERIC gach 5 bliana. Tionscnóidh Tionól na gComhaltaí meastóireacht den sórt sin agus, más iomchuí, tabharfaidh sé treoracha sonracha. I Rialacha Oibríochta na Reachtanna, saineofar prionsabail agus nósanna imeachta na meastóireachta sin.

Airteagal 8

Beartas um Scaipeadh

1.   Éascaitheoir i leith taighde a bheidh in AnaEE-ERIC agus spreagfaidh sé, mar riail ghinearálta, an oiread saor-rochtana agus is féidir ar shonraí taighde.

2.   Iarrfaidh AnaEE-ERIC ar úsáideoirí a dtorthaí taighde a chur ar fáil go poiblí agus a dtorthaí a chur ar fáil trí AnaEE-ERIC.

3.   Úsáidfidh AnaEE-ERIC roinnt bealaí chun a spriocphobal a bhaint amach, lena n-áirítear tairseach ghréasáin, nuachtlitir, ceardlanna, ailt in irisí agus i nuachtáin laethúla, líonraí sóisialta, etc. agus beidh sé i láthair ag comhdhálacha.

Airteagal 9

Beartas um Chearta Maoine Intleachtúla

1.   Beidh na cearta maoine intleachtúla uile a chruthóidh AnaEE-ERIC, a eascróidh as AnaEE-ERIC, a gheobhaidh AnaEE-ERIC nó a fhorbróidh AnaEE-ERIC le linn a chuid gníomhaíochtaí, beidh siad faoi úinéireacht AnaEE-ERIC.

2.   Faoi réir téarmaí aon chonartha idir AnaEE-ERIC agus Comhaltaí nó Breathnóirí, beidh na cearta maoine intleachtúla uile a chruthóidh Comhalta nó Breathnóir, a eascróidh as Comhalta nó Breathnóir, a gheobhaidh nó a fhorbróidh Comhalta nó Breathnóir, beidh siad faoi úinéireacht an Chomhalta nó an Bhreathnóra sin.

Airteagal 10

Beartas fostaíochta

1.   Beidh coinníollacha fostaíochta AnaEE-ERIC á rialú le dlíthe na tíre ina bhfostaítear an fhoireann nó le dlíthe na tíre ina ndéantar gníomhaíochtaí AnaEE-ERIC.

2.   Beidh nósanna imeachta roghnúcháin le haghaidh phoist foirne AnaEE-ERIC trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus urramófar leo prionsabal an chomhionannais deiseanna. Ní bheidh an earcaíocht agus an fhostaíocht idirdhealaitheach.

3.   Déanfar an earcaíocht trí ghlao a fhoilsiú go hidirnáisiúnta.

Airteagal 11

Beartas um sholáthar

1.   Caithfidh AnaEE-ERIC le hiarrthóirí agus le táirgeoirí soláthair ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú, bíodh siad bunaithe laistigh den Aontas Eorpach nó ná bíodh. Le beartas AnaEE-ERIC um sholáthar urramófar prionsabail na trédhearcachta, na hiomaíochta agus an neamh-idirdhealaithe. I Rialacha Oibríochta na Reachtanna a leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir le nósanna imeachta soláthair agus critéir sholáthair.

2.   An soláthar a dhéanfaidh Comhaltaí agus Breathnóirí faoi raon feidhme ghníomhaíochtaí AnaEE-ERIC, déanfar é ar bhealach a dtabharfar aird chuí do riachtanais AnaEE-ERIC, do cheanglais theicniúla agus do shonraíochtaí arna n-eisiúint ag na comhlachtaí ábhartha.


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)


MOLTAÍ

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/79


MOLADH (AE) 2022/290 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Feabhra 2022

lena leasaítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointí (b) agus (e), agus Airteagal 292, an chéad agus an dara habairt de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Meitheamh 2020, ghlac an Chomhairle Moladh (AE) 2020/912 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (1).

(2)

An 2 Feabhra 2021, rinne an Chomhairle leasú ar Mholadh (AE) 2020/912 maidir le srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (2) chun na critéir a thabhairt cothrom le dáta, ar critéir iad a úsáidtear chun a mheas cé acu atá taisteal neamhriachtanach ó thríú tíortha sábháilte nó nach bhfuil agus ar cheart é a cheadú.

(3)

Leis an leasú céanna, tugadh isteach sásraí chun srian a chur le leathadh athraitheach den víreas SARS-COV-2 ar díol imní iad san Aontas (3).

(4)

An 20 Bealtaine 2021, rinne an Chomhairle leasú ar Mholadh (AE) 2020/912 (4) chun leathadh amach agus éifeachtaí dearfacha na bhfeachtas vacsaínithe a chur san áireamh maidir le srian a chur le leathadh an víris, agus chun srian a chur le hallmhairiú agus leathadh isteach san Aontas na n-athraitheach atá ag teacht chun cinn ar díol spéise agus imní iad.

(5)

An 14 Meitheamh 2021, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialacháin (AE) 2021/953 (5) agus (AE) 2021/954 (6) maidir le Deimhniú Digiteach COVID-19 AE. Is léir anois gurbh uirlis bhunúsach é an Deimhniú Digiteach COVID an Aontais chun cabhrú leis an taisteal a athbhunú laistigh den Aontas.

(6)

Ó glacadh Rialachán (AE) 2021/953, ghlac an Coimisiún roinnt gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear go measfar deimhnithe COVID-19 arna n-eisiúint ag tríú tír áirithe a bheith coibhéiseach le deimhnithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán sin. Is féidir, dá bhrí sin, deimhnithe i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh a chumhdaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin a fhíordheimhniú ar bhealach slán iontaofa. Dá bhrí sin, d’éascaigh Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, agus go háirithe na cinntí cur chun feidhme a glacadh ar an mbonn sin, athoscailt shábháilte an taistil ó thríú tíortha go dtí an tAontas. (7)

(7)

Ba cheart an cur chuige reatha a leagtar amach i Moladh (AE) 2020/912 a thabhairt cothrom le dáta chun bunú Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais a chur san áireamh agus chun éabhlóid na paindéime a mheas, lena n-áirítear teacht chun cinn an athraithigh omicron ar díol imní é, an méadú atá ag teacht ar ghlacadh an vacsaínithe agus deireadh a bheith á chur de réir a chéile le srianta taistil ar fud an domhain.

(8)

An 22 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr an Chomhairle Eorpach sna conclúidí uaithi, i bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, go ndéanfaí comhordú breise chun an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas agus an taisteal isteach san Aontas, a éascú agus go ndéanfaí athbhreithniú ar an dá mholadh, lena n-áirítear Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle.

(9)

Ba cheart an tréimhse chaighdeánach inghlacthachta le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha i ndiaidh do shraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích a shocrú ag 270 lá. Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, níor cheart do na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe a eisítear i ndiaidh do shraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích má tá níos mó ná 270 lá caite ó riar na dáileoige a shonraítear iontu. Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit glacadh le deimhnithe vacsaínithe lena léirítear go bhfuarthas dáileog bhreise i ndiaidh do shraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích.

(10)

Chun taisteal sábháilte isteach san Aontas a éascú a thuilleadh, ba cheart an tairseach don ráta carnach fógartha COVID-19 le haghaidh tréimhse 14 lá a mhéadú ó 75 go 100 in aghaidh gach 100 000 cónaitheoir. Ag an am céanna, agus chun na cumais fheabhsaithe tástála a chur san áireamh beagnach 2 bhliain tar éis do chéad teacht an víris, ba cheart an t-íosráta tástála seachtainiúil is gá a mhéadú ó 300 go 600 tástáil in aghaidh 100 000 cónaitheoir. Ba cheart go méadódh sé sin iontaofacht na sonraí a úsáidtear chun a chinneadh cá mhéad taistil neamhriachtanaigh ba cheart a cheadú ó thríú tír áirithe.

(11)

Chun gur fearr a bheifear in ann taisteal neamhriachtanach a dhéanamh isteach san Aontas agus chun intuarthacht a mhéadú do thaistealaithe tríú tír, ní hamháin gur cheart do na Ballstáit glacadh le vacsaíní COVID-19 ar deonaíodh údarú margaíochta dóibh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) ach ba cheart dóibh glacadh freisin leis na cinn sin a bhfuil nós imeachta um liostú éigeandála na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) curtha i gcrích ina leith.

(12)

Ina theannta sin, mar mhalairt ar vacsaíniú, ba cheart do na Ballstáit taisteal neamhriachtanach a cheadú do dhaoine a théarnaigh ó COVID-19 laistigh de 180 lá roimh thaisteal go dtí an tAontas Eorpach agus a bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an Aontais acu nó ceann a aithnítear é a bheith coibhéiseach leis.

(13)

Ag an am céanna, chun riosca tarchurtha víreas SARS-CoV-2 a laghdú a thuilleadh, d’fhéadfadh na Ballstáit cruthúnas bailí ar thástáil imoibrithe shlabhrúil polaiméaráise fíor-ama dhiúltach (RT-PCR) a éileamh roimh imeacht: (i) nuair a fuair an taistealaí vacsaín COVID-19 tar éis an próiseas um liostú úsáide éigeandála EDS a dhéanamh ach nach bhfuil an vacsaín sin ar liosta na vacsaíní arna n-údarú san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó (ii) más amhlaidh gur théarnaigh an taistealaí ó COVID-19 laistigh de 180 lá roimh thaisteal go dtí an tAontas.

(13a)

Ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeifí in ann barántúlacht, sláine agus bailíocht na ndeimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha a fhíorú, ar deimhnithe iad nach n-úsáideann creat iontaoibhe Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais nó deimhniú vacsaínithe a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, d’fhéadfadh na Ballstáit cruthúnas bailí a éileamh ar thástáil dhiúltach RT-PCR roimh imeacht i gcás ina mbeidh an taistealaí vacsaínithe go hiomlán le vacsaín COVID-19 a bhfuil údarú margaíochta deonaithe di de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ach nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, nó deimhniú a aithnítear a bheith coibhéiseach leis, ina sheilbh aige.

(14)

Ba cheart leanaí os cionn 6 bliana d’aois agus faoi bhun 18 mbliana d’aois a bheith in ann taisteal ar an gcoinníoll go ndearna siad tástáil dhiúltach RT-PCR roimh imeacht dóibh. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh Ballstáit tástáil bhreise a éileamh tar éis teachta, coraintín nó féinleithlisiú. I gcás ina mbeidh cruthúnas bailí ar vacsaíniú COVID-19 arna eisiúint ar bhonn vacsaín COVID-19 arna húdarú san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ag leanaí atá os cionn 6 bliana d’aois agus faoi bhun 18 bliana d’aois, níor cheart aon tástáil a éileamh. Níor cheart leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois atá ag taisteal in éineacht le duine fásta a bheith faoi réir ceanglais bhreise.

(14a)

D’fhéadfadh na Ballstáit taisteal neamhriachtanach a cheadú do dhaoine a bhfuil vacsaíniú COVID-19, a nglactar leis, fritásctha ina leith ag lucht leighis ar choinníoll an doiciméadacht is gá a bheith curtha isteach ag na daoine sin agus tástáil dhiúltach RT-PCR a bheith déanta acu roimh imeacht dóibh.

(15)

I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar ghlacadh vacsaínithe ar fud an domhain, is iomchuí tosú ag féachaint ar dhul ar aghaidh de réir a chéile ón gcur chuige hibrideach tírbhunaithe/duinebhunaithe atá ann faoi láthair go cur chuige duinebhunaithe amháin agus deireadh le srianta taistil a bhunú ar stádas vacsaínithe na dtaistealaithe nó ar an bhfeidhm atá á comhlíonadh acu nó an riachtanas ar a bhfuil siad ag freastal. Mar sin féin, tá tríú tíortha fós ann faoi láthair ina bhfuil rochtain theoranta ar vacsaíní nó ráta vacsaínithe íseal. Dá bhrí sin, chun am a thabhairt do thríú tíortha a gcuid rátaí vacsaínithe a mhéadú, lena n-áirítear teanndáileoga a thabhairt chun bailíocht na ndeimhnithe vacsaínithe a áirithiú agus tar éis measúnú ginearálta a bheith déanta roimh ré ar an staid vacsaínithe i dtríú tíortha bunaithe ar shonraí a sholáthair Toscaireachtaí an Aontais, agus dreamanna eile, faoin 30 Aibreán 2022, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Moladh d’fhonn Iarscríbhinn I a scriosadh agus glacadh vacsaínithe atá ag dul i méid ar fud an domhain á chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle, agus togra a chur faoina bráid, de réir mar is iomchuí, chun Iarscríbhinn I a scriosadh.

(16)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le Seasamh na Danmhairge, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Mholta seo ná níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Moladh seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Moladh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme é.

(17)

Is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (9); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá stát sin le acquis Schengen (10) a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (11).

(19)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE (12), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (13).

(20)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE (14) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE (15).

(21)

Tá stádas dlíthiúil an Mholta seo, mar a meabhraíodh é in aithrisí 15 go 19, gan dochar don ghá atá ann do na Ballstáit uile, ar mhaithe le feidhmiú cuí limistéar Schengen, cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis an srian ar thaisteal neamhriachtanacha isteach san Aontas ar bhealach comhordaithe,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

Leasaítear Moladh (AE) 2020/912 mar a leanas:

(1)

Ón 1 Márta 2022 amach, sa dara mír de phointe 2, cuirtear an figiúr “100” in ionad “75” agus cuirtear an figiúr “600” in ionad “300”;

(2)

Ón 1 Márta 2022 amach, i bpointe 6a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre, an dara mír agus an tríú mír:

“Gan dochar do phointe 6 (a) agus (b), i gcás ina nglacann na Ballstáit le cruthúnas ar vacsaíniú chun srianta taistil a tharscaoileadh chun leathadh COVID-19 a theorannú, ba cheart do na Ballstáit, i bprionsabal, deireadh a chur leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas maidir leis na taistealaithe sin a fuair an dáileog dheireanach molta de cheann de na vacsaíní COVID-19 atá údaraithe san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (*1) 14 lá ar a dhéanaí sula ndeachaigh siad isteach i limistéar AE+, ar choinníoll go bhfuil níos lú ná 270 lá caite ó riar na dáileoige a shonraítear sa deimhniú vacsaínithe chun an tsraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích, nó go bhfuarthas dáileog bhreise i ndiaidh do shraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích.

Ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas maidir leis na taistealaithe sin a fuair an dáileog dheireanach molta de cheann de na vacsaíní COVID-19 a bhfuil an próiseas Liostaithe Úsáide Éigeandála de chuid EDS críochnaithe acu 14 lá ar a dhéanaí sula ndeachaigh siad isteach i limistéar AE+, ar choinníoll go bhfuil níos lú ná 270 lá caite ó tugadh an dáileog atá luaite sa deimhniú vacsaínithe chun an tsraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích, nó go bhfuarthas dáileog bhreise tar éis an tsraith vacsaínithe phríomhúil a bheith curtha i gcrích.

Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach chuig an Aontas maidir leis na taistealaithe sin atá téarnaithe ó COVID-19 laistigh de 180 lá roimh thaisteal chuig an Aontas Eorpach.

Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh ceann amháin de na nithe seo a leanas i seilbh taistealaithe ar mian leo taisteal neamhriachtanach a dhéanamh chuig Ballstát:

a)

cruthúnas bailí ar vacsaíniú COVID-19 arna eisiúint ar bhonn vacsaíne COVID-19 arna údarú san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó,

b)

cruthúnas bailí ar vacsaíniú COVID-19 arna eisiúint ar bhonn vacsaíní COVID-19 a bhfuil próiseas Liostú Úsáide Éigeandála EDS curtha i gcrích acu ach nach bhfuil ar liosta na vacsaíní arna údarú san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 nó,

c)

cruthúnas bailí ar théarnamh.

I gcás taistealaithe a thagann faoi phointí b) agus c) thuas, d’fhéadfadh an Ballstát cruthúnas bailí a éileamh freisin ar thástáil dhiúltach fhíor-ama um imoibriú slabhrúil polaiméaráise (RT-PCR) a rinneadh 72 uair an chloig ar a luaithe roimh imeacht. Maidir le taistealaithe a thagann faoi phointí b) d’fhéadfadh na Ballstáit bearta breise sláinte a chur i bhfeidhm, amhail leithlisiú, coraintín nó vacsaín a fháil atá údaraithe san Aontas de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004.

I dteannta dheimhnithe digiteacha COVID an Aontais, ba cheart do na Ballstáit glacadh leis na cruthúnais sin ar vacsaíniú COVID-19 nó ar théarnamh má fhreagraíonn siad do dheimhnithe a aithníodh a bheith coibhéiseach leo siúd arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 8 den Rialachán sin.

I gcás nach bhfuil aon ghníomh den sórt sin a bhaineann le deimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tír glactha, d’fhéadfadh Ballstáit glacadh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le cruthúnas ar thástáil agus vacsaíniú arna eisiúint ag an tríú tír, ag cur san áireamh gur gá a bheith in ann barántúlacht, bailíocht agus sláine an deimhnithe a fhíorú agus cibé acu atá na sonraí ábhartha uile ann dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/953.

Sa chás sin, d’fhéadfaidís cruthúnas bailí ar thástáil dhiúltach RT-PCR a éileamh roimh imeacht do thaistealaithe atá go hiomlán vacsaínithe le vacsaín COVID-19 a bhfuil údarú margaíochta deonaithe dóibh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ach nach bhfuil Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, nó deimhniú eile acu a aithníodh a bheith coibhéiseach leis, ina seilbh acu.

Mura bhfuil siad cumhdaithe ag na forálacha a leagtar amach thuas, ba cheart cead a bheith ag leanaí atá os cionn 6 mbliana d’aois agus faoi bhun 18 bliain d’aois taisteal neamhriachtanach a dhéanamh chuig Ballstát má tá cruthúnas bailí acu ar thástáil imoibrithe shlabhrúil polaiméaráise fíor-ama dhiúltach (RT-PCR) a rinneadh 72 uair an chloig ar a luaithe roimh imeacht. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh Ballstáit tástáil bhreise a éileamh tar éis teachta, mar aon le coraintín nó féinleithlisiú. Níor cheart go mbeadh leanaí faoi bhun 6 bliana d’aois atá ag taisteal in éineacht le duine fásta faoi réir ceanglais bhreise.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Chomhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L136, 30.4.2004, lch. 1)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lch. 1). ”"

(3)

Cuirtear pointe 12 nua isteach:

“12.

Faoin 30 Aibreán 2022, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Moladh d’fhonn Iarscríbhinn I a scriosadh agus an méadú atá ag teacht ar ghlacadh vacsaínithe ar fud an domhain á chur san áireamh.

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na Comhairle, agus togra a chur faoina bráid, de réir mar is iomchuí, chun Iarscríbhinn I a scriosadh.”

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  Moladh (AE) 2020/912 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2020 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (IO L 208 I, 1.7.2020, lch. 1).

(2)  Moladh (AE) 2021/132 ón gComhairle an 2 Feabhra 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/912 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (IO L 41, 4.2.2021, lch. 1).

(3)  Áirítear le “limistéar AE+” gach Ballstát Schengen (lena n-áirítear an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir agus an Rómáin), chomh maith leis na ceithre Stát atá comhlachaithe le Schengen. Áirítear Éire leis freisin má chinneann Éire ailíniú.

(4)  Moladh (AE) 2021/816 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/912 maidir leis an srian sealadach ar thaisteal neamhriachtanach isteach san Aontas agus maidir leis an bhféidearthacht deireadh a chur leis an srian sin (IO L 182, 21.5.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (IO L 211, 15.6.2021, lgh. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2021/954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo (IO L 211, 15.6.2021, lgh. 24).

(7)  Foilsítear an liosta cothrom le dáta de chinntí coibhéise ar an leathanach gréasáin seo a leanas:

https://ec.europa.eu/info/publications/commission-implementing-decisions-eu-equivalence-covid-19-certificates-issued-non-eu-countries_en.

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1).

(9)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(10)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(11)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(12)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(13)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

(14)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(15)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).


GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH AG COMHLACHTAÍ ARNA GCRUTHÚ LE COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/84


CINNEADH Uimh. 1/2022 ÓN GCOMHCHOISTE A CUIREADH AR BUN LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 21 Feabhra 2022

lena leasaítear an Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach 2022/291

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 164(5)(d) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 164(5), pointe (d), den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cuirtear ar a chumas don Chomhchoiste a bunaíodh faoi Airteagal 164(1) den Chomhaontú (“an Comhchoiste”) cinntí a ghlacadh lena ndéantar an Comhaontú sin a leasú, ar choinníoll gur gá na leasuithe sin chun earráidí a cheartú, chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhartha nó ar easnaimh eile, nó chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach raibh coinne leo nuair a síníodh an Comhaontú, agus ar choinníoll nach bhféadfaidh na cinntí sin eilimintí ríthábhachtacha an Chomhaontaithe a leasú. De bhun Airteagal 166(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá na cinntí arna nglacadh ag an gComhchoiste ina gceangal ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe. Ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe cinntí den sórt sin, a mbeidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna acu agus atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, a chur chun feidhme.

(2)

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Cuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a leasú trí chúig chinneadh agus dhá mholadh ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta nár liostaíodh ann cheana, a chur léi agus trí dhá chinneadh a bhaint agus dhá chinneadh a chur ina n-ionad,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Comhaontú um Tharraingt Siar mar a leanas:

(1)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh Uimh. A1 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le heisiúint an fhianaithe dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) cuirtear an Moladh sin léi faoi “Reachtaíocht is infheidhme (sraith A)”;

(2)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. E6 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil lena chinneadh cathain a mheastar teachtaireacht leictreonach a bheith seachadta go dleathach sa chóras um Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) (3), cuirtear an Cinneadh sin léi faoi “Malartú Sonraí Leictreonacha (sraith E)”;

(3)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh Uimh. H9 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 67 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca Phaindéim COVID-19 (4), cuirtear an Moladh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”;

(4)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. H10 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (5), cuirfear an Cinneadh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”;

(5)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh Uimh. H11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le spriocdhátaí a chur siar dá dtagraítear in Airteagal 67 agus Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus i gCinneadh Uimh. S9 de dheasca Phaindéim COVID-19 (6), cuirfear an Cinneadh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”;

(6)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Moladh H2 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le gnéithe fíordheimhnithe a chur san áireamh i gcás Doiciméad Iniompartha arna n-eisiúint ag institiúid Ballstáit agus ina léirítear staid duine chun críche Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) a chur i bhfeidhm, cuirfear an Moladh sin léi faoi “Saincheisteanna cothrománacha (sraith H)”;

(7)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, maidir le Cinneadh S11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta i ndáil le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagal 35 agus Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (8) a chur chun feidhme, cuirfear an Cinneadh sin léi faoi “Breoiteacht (sraith S)”;

(8)

I gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, bainfear na gníomhartha seo a leanas agus cuirfear an méid seo a leanas ina n-ionad:

(a)

Cinneadh Uimh. H8 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta maidir le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um próiseáil sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta, (9) ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. H10 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Slándála Sóisialta maidir le modhanna oibríochta agus comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (10) ina ionad;

(b)

Cinneadh Uimh S9 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagal 35 agus Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (11) a chur chun feidhme, ar cinneadh é a gcuirtear Cinneadh Uimh. S11 ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta maidir le nósanna imeachta aisíocaíochta ar mhaithe le hAirteagal 35 agus Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (12) a chur chun feidhme ina ionad.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Elizabeth TRUSS


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  IO C 183, 29.5.2018, lch. 5.

(3)  IO C 355, 4.10.2018, lch. 5.

(4)  IO C 259, 7.8.2020, lch. 9.

(5)  IO C 89, 16.3.2021, lch. 6.

(6)  IO C 170, 6.5.2021, lch. 4.

(7)  IO C 147, 29.4.2019, lch. 6.

(8)  IO C 236, 18.6.2021, lch. 4.

(9)  IO C 263, 20.7.2016, lch. 3.

(10)  IO C 89, 16.3.2021, lch. 6.

(11)  IO C 279, 27.9.2013, lch. 8.

(12)  IO C 236, 18.6.2021, lch. 4.


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/86


CINNEADH Uimh. 2/2022 ÓN gCOMHCHOISTE ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN gCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 21 Feabhra 2022

lena leasaítear Cinneadh Uimh. 7/2020 lena mbunaítear liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de phainéal eadrána faoin gComhaontú (2022/292)

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1), agus go háirithe Airteagal 171(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 171(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), bhunaigh an Comhchoiste liosta de 25 dhuine a bheidh toilteanach agus inniúil ar bheith ina ngnáthchomhaltaí ar phainéal eadrána, faoi dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach faoin gComhaontú sin. Tá an Comhchoiste chun a áirithiú go ndéanfaidh an liosta na ceanglais a chomhlíonadh tráth ar bith.

(2)

De bhun Airteagal 171(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, níl daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe le bheith ar an liosta sin.

(3)

Duine de na daoine atá ar an liosta a mhol an tAontas, ceapadh é ina chomhalta d’institiúid de chuid an Aontais agus dá bhrí sin ní chomhlíonann sé a thuilleadh na ceanglais maidir le bheith ina eadránaí faoin gComhaontú um Tharraingt Siar.

(4)

Is gá, dá bhrí sin, duine eile a chur in ionad an duine sin ar liosta na ndaoine a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 7/2020 ón gComhchoiste (2),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An liosta de 25 dhuine atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina n-eadránaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 7/2020 ón gComhchoiste, leasaítear mar a leanas é:

Cuirtear Ezio PERILLO in ionad Tamara ĆAPETA.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann an Chomhchoiste

Na Comhchathaoirligh

Maroš ŠEFČOVIČ

Elizabeth TRUSS


(1)  IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.

(2)  IO L 443, 30.12.2020, lch. 22.


III Gníomhartha eile

AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/87


ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE CINNEADH TARMLIGTHE Uimh. 271/21/COL

an 3 Nollaig 2021

lena mbunaítear clár ilbhliantúil rialuithe le haghaidh na tréimhse 2022-2026, rialuithe atá le cur i gcrích san Íoslainn agus san Iorua chun cur i bhfeidhm reachtaíocht LEE a fhíorú i réimse an bhia agus na tréidliachta (2022/293)

TÁ ÚDARÁS FAIREACHAIS CSTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a bhunú, agus go háirithe Prótacal 1 a ghabhann leis,

Ag féachaint don ghníomh dá dtagraítear i gCaibidil I, Cuid 1.1, Pointe 11b, agus Caibidil II, pointe 31q, d’Iarscríbhinn I, mar aon le Caibidil XII, Pointe 164, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéantar lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1) (“Rialachán (AE) 2017/625”), agus go háirithe Airteagal 118(1) de,

arna leasú agus arna n-oiriúnú do Chomhaontú LEE le Prótacal 1 a ghabhann leis agus leis na hoiriúnuithe earnála dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

Is ar na Stáit LEE atá sé de fhreagracht reachtaíocht LEE i réimse an bhia agus na tréidliachta a fhorfheidhmiú, agus bíonn a gcuid údarás inniúil, trí na rialuithe oifigiúla a eagrú, ag faireachán le fíorú go bhfuil ceanglais ábhartha LEE á gcomhlíonadh agus á bhforfheidhmiú go héifeachtach.

De shliocht ar Airteagal 116 de Rialachán (AE) 2017/625, déanfaidh saineolaithe Údarás Faireacháin CSTE (“Údarás”) rialuithe, lena n-áirítear iniúchtaí, san Íoslainn agus san Iorua chun cur i bhfeidhm reachtaíocht LEE a fhíorú. Beidh rialuithe sin an Údaráis le cur i gcrích sna réimsí seo a leanas: bia agus beatha, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, táirgí cosanta plandaí, táirgeadh orgánach agus feidhmiú córas rialúcháin náisiúnta agus na n-údarás inniúil a bhíonn á n-oibriú.

De shliocht ar Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2017/625 bunóidh an tÚdarás clár rialúcháin chun go ndéanfaidh a chuid saineolaithe na rialuithe san Íoslainn agus san Iorua dá bhforáiltear in Airteagal 116(1) den Rialachán sin.

Leagtar amach an clár ilbhliantúil rialúchán le haghaidh réimsí tosaíochta áirithe le haghaidh na tréimhse 2022-2026. Áirítear leis na critéir a úsáidtear chun tosaíocht a thabhairt, inter alia, rioscaí sainaitheanta agus ábhair atá ag teacht chun cinn (mar shampla galair ainmhithe nó géarchéimeanna bia nó beatha), ábharthacht earnála san Íoslainn agus san Iorua, feidhmíocht na hÍoslainne agus na hIorua roimhe seo sa réimse ábhartha agus faisnéis ó fhoinsí ábhartha, lena n-áirítear na tosaíochtaí a leagann an Coimisiún Eorpach síos ina chlár rialúcháin. (2)

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

1.

San Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, leagtar amach an clár ilbhliantúil rialuithe le haghaidh na tréimhse 2022-2026 atá le cur i gcrích ag saineolaithe an Údaráis san Íoslainn agus san Iorua, clár bliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 116(1) de Rialachán (AE) 2017/625.

2.

Is ar an Íoslainn agus an Iorua a dhírítear an Cinneadh seo.

3.

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a shínithe.

4.

Is i mBéarla a bheidh an Cinneadh seo barántúil.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2021.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, ag gníomhú dó faoi Chinneadh Tarmligthe Uimh. 130/20/COL,

Högni S. KRISTJÁNSSON

An Comhalta den Choláiste atá Freagrach

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú di mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


(1)  Arna ionchorprú i gComhaontú LEE le Cinneadh Uimh. 210/2019 ó Chomhchoiste LEE an 27 Meán Fómhair 2019.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1550 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2020 lena mbunaítear an clár ilbhliantúil rialuithe don tréimhse 2021-2025 atá le cur i gcrích ag saineolaithe an Choimisiúin sna Ballstáit chun cur i bhfeidhm reachtaíocht slabhra agraibhia an Aontais a fhíorú (IO L 354, 26.10.2020, lch. 9).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn, leagtar amach an clár ilbhliantúil rialuithe don tréimhse 2022-2026 atá le cur i gcrích ag saineolaithe an Údaráis san Íoslainn agus san Iorua i réimsí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/625.

Cumhdaíonn an clár ilbhliantúil rialuithe réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/625 chomh maith le réimsí eile dá bhforáiltear sa Rialachán sin, amhail rialuithe calaoise agus allmhairí.

Tá réimsí tosaíochta áirithe aitheanta ag an Údarás sna réimsí seo a leanas: bia agus beatha, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, táirgeadh orgánach, rialuithe calaoise agus allmhairí, agus feidhmiú córas rialúcháin náisiúnta agus údaráis inniúla a bhíonn á n-oibriú.

Cumhdóidh rialuithe an Údaráis na réimsí tosaíochta aitheanta san Íoslainn agus san Iorua. Déanfar na saincheisteanna sonracha a chumhdaítear le rialuithe aonair a oiriúnú don staid mar atá i ngach Stát agus san Íoslainn, agus cuirfear iad faoi réir eisceachtaí is infheidhme maidir le reachtaíocht sna réimsí sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe.

Cuirfidh saineolaithe an Údaráis rialuithe i gcrích, lena n-áirítear fíoruithe ar an láthair, iniúchtaí, agus anailísí deascbhunaithe i gcomhréir le hAirteagal 116 de Rialachán (AE) 2017/625.

Déantar rialuithe an Údaráis chun ardleibhéal clúdaigh a bhaint amach i réimsí atá aitheanta ag an Údarás mar thosaíochtaí agus a bhfuil grinnscrúdú de dhíth orthu i leith leibhéal cur chun feidhme agus éifeachtachta na gcóras rialúcháin oifigiúla agus na mbeart forfheidhmithe.

I gCuid A den Iarscríbhinn, liostaítear na réimsí ábhartha rialuithe chomh maith le cuspóirí an Údaráis le haghaidh na tréimhse 2022-2026. I gCuid B den Iarscríbhinn, sainaithnítear réimsí tosaíochta faoi gach réimse rialaithe.

Cuid A — Réimsí rialaithe agus cuspóirí rialuithe an Údaráis

1.   Bia agus sábháilteacht bia

Chun a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha LEE á comhlíonadh, reachtaíocht maidir le bia agus sábháilteacht bia lena rialaítear táirgeadh agus cur ar an margadh bia de bhunadh ainmhíoch agus bia nach de bhunadh ainmhíoch é (a chumhdaíonn inrianaitheacht agus lipéadú freisin, mar aon le sábháilteacht mhicribhitheolaíoch agus zónóisí a iompraítear sa bhia), iarmhair agus éilleáin, faisnéis bhia do thomhaltóirí agus úsáid maíomh maidir le cothú agus sláinte, ábhair agus earraí a dteagmhaíonn bia díobh agus cur chun feidhme rialuithe oifigiúla ina leith.

2.   Beatha agus sábháilteacht beatha

Chun a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha LEE lena rialaítear sábháilteacht beatha (lena n-áirítear sláinteachas beatha, formheas agus clárú bunaíochtaí, éilleáin, inrianaitheacht agus lipéadú beatha), ábhar beathúcháin íocleasaithe, margaíocht agus úsáid beatha agus cur chun feidhme rialuithe oifigiúla ina leith.

3.   Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe

Chun a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha LEE á comhlíonadh, reachtaíocht lena rialaítear seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe agus cur chun feidhme rialuithe oifigiúla ina leith.

4.   Sláinte ainmhithe

Chun a fhíorú go bhfuil reachtaíocht ábhartha LEE á comhlíonadh, reachtaíocht lena rialaítear sláinte ainmhithe, ag díriú ar bhainistiú sláinte ainmhithe, cláir chun stádas saor ó ghalar a bhaint amach agus chun an stádas sin a choinneáil, rialú mórghalar gníomhach ainmhithe agus ullmhacht chun déileáil le ráigeanna iomadúla na ngalar eipeasótach, mar aon le cur chun feidhme rialuithe oifigiúla ina leith.

5.   Leas ainmhithe

Chun a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha LEE lena rialaítear leas ainmhithe le haghaidh ainmhithe táirgthe ar an bhfeirm, le linn a n-iompair agus tráth a maraithe, le linn dá líon a bheith á laghdú, an uair atá marú éigeandála á dhéanamh orthu, agus cur chun feidhme rialuithe oifigiúla ina leith.

6.   Táirgeadh orgánach

Chun a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha LEE lena rialaítear táirgeadh agus lipéadú táirgí orgánacha agus cur chun feidhme rialuithe oifigiúla ina leith.

7.   Earraí agus ainmhithe ó thríú tíortha a theacht isteach in LEE

Chun a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha LEE lena rialaítear rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus earraí ag teacht isteach san Íoslainn agus san Iorua ó thríú tíortha dóibh, lena n-áirítear comhlíontacht le ceanglais i ndáil le hionaid rialaithe teorann agus ceanglais ghinearálta agus shonracha LEE is infheidhme maidir leis na hainmhithe agus earraí ábhartha. Leagfar béim ar leith ar rialacha a bhunaítear le Rialachán (AE) 2017/625 agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme gaolmhara.

8.   Gnéithe ginearálta agus cothrománacha

Chun a fhíorú go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha LEE lena rialaítear sainaithint cleachtas calaoiseach nó bréagach agus obair leantach ar na cleachtais sin i réimsí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2017/625 agus rialuithe oifigiúla ina leith. Chun a fhíorú go ndéanfaidh an Íoslainn agus an Iorua bearta leantacha iomchuí chun aon easnamh sonrach nó córasach a aithnítear trí rialuithe an Údaráis a leigheas. Chun socruithe a fhíorú, ar socruithe iad atá i bhfeidhm chun éifeachtacht rialuithe oifigiúla a fhíorú.

CUID B — Réimsí tosaíochta

 

Réimse Tosaíochta

2022-2026

Bia agus an tsábháilteacht bia

Bia de bhunadh ainmhíoch

Sábháilteacht feola na mamach agus na n-éan agus a dtáirgí, bainne agus a tháirgí, táirgí iascaigh agus sláinteachas táirgthe na moileasc débhlaosach beo

Bia nach de bhunadh ainmhíoch é

Sábháilteacht torthaí agus glasraí, luibheanna, spíosraí agus eascróg, lena n-áirítear éilleáin

 

Iarmhair agus éilleáin

Iarmhair de tháirgí tréidliachta, lotnaidicídí agus éilleáin chomhshaoil

Faisnéis bhia do thomhaltóirí agus úsáid maíomh maidir le cothú agus sláinte

Faisnéis bhia do thomhaltóirí agus úsáid maíomh maidir le cothú agus sláinte

 

Ábhair agus earraí a dteagmhaíonn bia díobh

 

Ábhair agus earraí atá i dteagmháil dhíreach nó indíreach le bia

Beatha agus sábháilteacht beatha

Sábháilteacht ghinearálta beatha

Sábháilteacht beatha ag gach céim, lena n-áirítear táirgeadh príomhúil, formheas agus clárú bunaíochtaí, sláinteachas beatha, inrianaitheacht, lipéadú agus éilleáin

Ábhar beatha íocleasaithe

 

Táirgeadh, dáileadh agus úsáid ábhair bheatha íocleasaithe

Margaíocht agus úsáid beatha

 

An cur ar an margadh agus úsáid na beatha, lena n-áirítear lipéadú agus faisnéis do na húsáideoirí, pacáistíocht agus cur i láthair

Seachtháirgí ainmhithe

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe

Seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe

Sláinte ainmhithe

Sláinte ainmhithe uisceacha

Bainistiú sláinte ainmhithe, lena n-áirítear cláir chun stádas saor ó ghalar a bhaint amach agus an stádas sin a choinneáil, agus galair eipeasótacha ghníomhacha (e.g. fliú na n-éan)

Sláinte ainmhithe talún

Ullmhacht agus cosc

Pleanáil theagmhasach

Leas Ainmhithe

Ar an bhfeirm

Mucra, béaróga, sicíní grísce, athchogantaigh bheaga agus eallach

Iompar

Tráth a maraithe

 

Marú, marú éigeandála agus marú le líon na n-ainmhithe a laghdú

Táirgeadh orgánach

Táirgeadh orgánach

Táirgeadh orgánach

Earraí agus ainmhithe ó thríú tíortha a theacht isteach in LEE

Comhlíontacht na n-ionad rialaithe teorann

Comhlíontacht na n-ionad rialaithe teorann agus na lárionad iniúchta athainmnithe agus na lárionad nua

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar earraí

Rialuithe oifigiúla ar ainmhithe beo agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch agus ar tháirgí nach de bhunadh ainmhíoch iad ó thríú tíortha

Gnéithe ginearálta agus cothrománacha

Obair leantach ar mholtaí

Obair leantach ar mholtaí earnála agus athbhreithniú ginearálta

Calaois

Socruithe atá i bhfeidhm chun cleachtais chalaoiseach nó bhréagacha a chomhrac

Fíorú éifeachtachta rialuithe oifigiúla

Socruithe atá i bhfeidhm chun éifeachtacht na rialuithe oifigiúla a fhíorú


Ceartúcháin

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/93


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2026 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 a mhéid a bhaineann le maoluithe sealadacha áirithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh san earnáil fíona a eascraíonn as paindéim COVID-19 agus an tréimhse cur chun feidhme a bhaineann leo

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 415 an 22 Samhain 2021 )

Ar leathanach 2, in Airteagal 1(2):

in ionad:

“in Airteagal 10, cuirtear ‘an 15 Deireadh Fómhair 2022’ in ionad an dáta ‘an 15 Deireadh Fómhair 2021’.”,

léitear:

“Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

An ranníocaíocht ón Aontas atá méadaithe go sealadach a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag Airteagal 5a, Airteagal 6, Airteagal 7(2), agus Airteagal 9 maidir le hoibríochtaí arna roghnú ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit i leith dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tráth nach déanaí ná an 15 Deireadh Fómhair 2022.’”.


24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/94


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1702 ón gCoimisiún an 12 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí ghnéithe breise agus rialacha mionsonraithe le haghaidh Scórchlár InvestEU a leagan amach

( IO L 339 24.9.2021 )

Ar leathanach 24, i dTábla 3 – Maoiniú idirghafa, Táscaire 2 – Fostaíocht, raon “An-mhaith”:

in ionad:

“-

le haghaidh ráthaíochtaí: idir 100 agus 175”,

léitear:

“-

le haghaidh ráthaíochtaí: idir 101 agus 300”; agus

in ionad:

“-

le haghaidh cothromais: idir 10 agus 15”,

léitear:

“-

le haghaidh cothromais: idir 11 agus 15”.