ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/158 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 maidir le hallmhairí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte lena gcaitheamh ag an duine ó Stáit Aontaithe Mheiriceá
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 129(1) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (2), agus go háirithe Airteagal 238(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha ginearálta maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla le comhlíonadh a fhíorú i gcás rialacha a bhfuil d’aidhm acu rioscaí, cibé acu go díreach nó tríd an timpeallacht, do dhaoine agus d’ainmhithe a chosc, a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéal inghlactha. |
(2) |
Go háirithe, leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 coinníollacha ginearálta maidir le teacht isteach ainmhithe agus earraí san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin díobh, lena n-áirítear bia lena chaitheamh ag an duine. Le hAirteagal 129 de Rialachán (AE) 2017/625 tugtar de chumhacht don Choimisiún a aithint gur coibhéiseach iad bearta a chuireann tríú tíortha, nó réigiúin díobh, i bhfeidhm agus na ceanglais a leagtar síos i rialacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin, má thugann na tríú tíortha cruthúnas oibiachtúil i ndáil leis sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún leis freisin na coinníollacha lena rialaítear teacht isteach na n-ainmhithe agus na n-earraí sin san Aontas ó na tríú tíortha sin nó ó na réigiúin sin díobh, go háirithe maidir le cineál agus ábhar na ndeimhnithe nó na bhfianuithe oifigiúla atá le gabháil leis na tráchtearraí sin. |
(3) |
I gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 ón gCoimisiún (3), na bearta a chuirtear i bhfeidhm i Stáit Massachusetts agus Washington sna Stáit Aontaithe chun an tsláinte phoiblí a chosaint i ndáil le moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte lena gcaitheamh ag an duine a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, is coibhéiseach iad leis na ceanglais a leagtar síos i rialacha a mhéid a bhaineann le sábháilteacht bia dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625. |
(4) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 bunaítear deimhniú oifigiúil caighdeánach le haghaidh allmhairí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte lena gcaitheamh ag an duine ó na Stáit Aontaithe. Leis an deimhniú oifigiúil caighdeánach, ceanglaítear go ndéanfaidh cigire oifigiúil a dheimhniú gur coibhéiseach iad na bearta arna gcur i bhfeidhm maidir leis na tráchtearraí sin a tháirgeadh agus a chur ar an margadh leis na ceanglais a leagtar síos i rialacha a mhéid a bhaineann le sábháilteacht bia dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625. |
(5) |
I gcomhréir leis na bearta a chomhaontaítear le roinn an Údaráis Bia agus Drugaí sna Stáit Aontaithe atá freagrach as moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte lena gcaitheamh ag an duine a onnmhairiú chuig an Aontas, ba cheart an deimhniú oifigiúil caighdeánach a bhunaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 a oiriúnú don fhormáid iomchuí le haghaidh onnmhairiú na dtráchtearraí sin chuig an Aontas. Go háirithe, ba cheart dáta imeacht na gcoinsíneachtaí a chur in iúl ar an deimhniú oifigiúil caighdeánach. Thairis sin, ba cheart faisnéis a sholáthar cé acu atá na tráchtearraí deimhnithe lena gcaitheamh ag an duine nó lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh. |
(6) |
De bhreis ar cheanglais sláinte poiblí an deimhnithe oifigiúil chaighdeánaigh a bhunaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641, maidir le moilisc dhébhlaoscacha bheo de speicis a liostaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (4), atá lena gcaitheamh ag an duine, agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na moilisc sin, a bhfuil sé beartaithe tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu san Aontas roimh a gcaitheamh ag an duine, níor cheart dóibh teacht isteach san Aontas ach amháin má ghabhann deimhniú oifigiúil leo ar a bhfuil na fianuithe iomchuí sláinte ainmhithe. Dá bhrí sin, chun ceanglais sláinte ainmhithe a chomhlíonadh lena dtugtar ráthaíochtaí atá coibhéiseach leis na ráthaíochtaí a thugtar le reachtaíocht an Aontais, ba cheart a áireamh ar an deimhniú oifigiúil caighdeánach na ceanglais ghinearálta sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas, mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (a) agus (b), Airteagail 6(2) agus 7(1) agus Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (5), maille leis na ceanglais shonracha sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach na dtráchtearraí sin san Aontas mar a leagtar amach in Airteagal 167, pointí (a), (c)(ii), (c)(iii) agus (d), agus Airteagal 169(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692. |
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 a leasú dá réir. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2020 maidir le hallmhairí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte lena gcaitheamh ag an duine ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 370, 6.11.2020, lch. 4).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus liosta de ghrúpaí speicis ar mór is baol dóibh na galair liostaithe sin a scaipeadh (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
IARSCRÍBHINN
DEIMHNIÚ OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE MOILISC DHÉBHLAOSCACHA, EICÍNIDEIRMIGH, TÚINICIGH AGUS GASTRAPÓID MHUIRÍ BHEO, FHUARAITHE, REOITE NÓ PHRÓISEÁILTE LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS Ó STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ
Deimhniú tréidliachta na Stát |
Aontaithe (SAM) chuig an Aontas Eorpach |
Cuid II: Deimhniú |
|
|
II.b. |
||||||||||||||||||||||
Nótaí I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i dteannta le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú seo. |
|||||||||||||||||||||||||
Cuid I:
Cuid II:
|
|||||||||||||||||||||||||
[Tréidlia oifigiúil](5) / [Oifigeach deimhniúcháin](5 ) Ainm (ina Cheannlitreacha)__________________________ Cáilíocht agus teideal_______________________________ Dáta_____________________________________________ Síniú_____________________________________________ Stampa |
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena eagtar síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/159 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2022
lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach ísealriosca tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir Danstar Ferment AG agus Comercial Quimica Masso iarratas faoi bhráid na Fraince an 26 Meitheamh 2017 ar fhormheas na substainte gníomhaí tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Rialachán sin, an 1 Nollaig 2017 thug an Fhrainc, ina cáil mar Bhallstát is rapóirtéir, fógra do na hiarratasóirí, do na Ballstáit eile, don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) faoi inghlacthacht an iarratais. |
(3) |
An 15 Bealtaine 2019, chuir an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú faoi bhráid an Choimisiúin agus cóip di faoi bhráid an Údaráis, dréacht-tuarascáil inar chinn sé go bhféadfadh coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 12(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, shocraigh an tÚdarás teorainn ama freisin ar laistigh di nach mór do na hiarratasóirí faisnéis bhreise a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Údarás. |
(5) |
Ina chonclúid, a cuireadh in iúl do na hiarratasóirí, do na Ballstáit agus don Choimisiún, i ndiaidh athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí de bhun Airteagal 12(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chinn an tÚdarás gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an tÚdarás a chonclúid ar fáil don phobal (2). |
(6) |
An 21-22 Deireadh Fómhair 2021, chuir an Coimisiún a thuarascáil athbhreithniúcháin maidir leis an tsubstaint ghníomhach tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens agus dréacht den Rialachán seo maidir le tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
(7) |
Tugadh deis do na hiarratasóirí barúlacha a thíolacadh maidir leis an tuarascáil athbhreithniúcháin. |
(8) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, mar a scrúdaíodh agus a sonraíodh sa tuarascáil athbhreithniúcháin, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(9) |
Ós rud é go measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach ísealriosca é tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens, de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus ós rud é go bhféadfadh coinne a bheith leis, i gcás na dtáirgí cosanta plandaí a bhfuil an tsubstaint sin iontu, nach mbeidh ach riosca íseal ann do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol, féadfar é a fhormheas ar feadh tréimhse suas le 15 bliana. Níor sainaithníodh aon ábhar mór imní don duine, d’ainmhithe ná don chomhshaol. |
(10) |
Is miocrorgánach é tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens, rud a chomhlíonann freisin na coinníollacha a bhunaítear le hAirteagal 22(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i gcomhar le pointe 5.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. Dá bhrí sin, is iomchuí tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens a fhormheas mar shubstaint ísealriosca. |
(11) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3) a leasú dá réir. |
(12) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí
An tsubstaint ghníomhach tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, formheastar í.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(2) Conclusion on the Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Bacillus amyloliquefaciens strain IT-45. [Conclúidí maidir leis an athbhreithniú Piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(5):6594 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6594.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
Bacillus amyloliquefaciens IT-45 |
neamhbhainteach |
Is é cion ainmniúil Bacillus amyloliquefaciens IT-45 sa táirge agus san ullmhóid theicniúil: íoschion: 2 x 1013 CFU/kg, uaschion: 6 x 1014 CFU/kg. Gan aon eisíontas ábhartha |
27 Feabhra 2022 |
27 Feabhra 2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens. |
(1) Leis an tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
I gCuid D den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
Uimh. |
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
“35 |
Bacillus amyloliquefaciens IT-45 |
neamhbhainteach |
Is é cion ainmniúil Bacillus amyloliquefaciens IT-45 sa táirge agus san ullmhóid theicniúil: íoschion: 2 x 1013 CFU/kg, uaschion: 6 x 1014 CFU/kg. Gan aon eisíontas ábhartha |
27 Feabhra 2022 |
27 Feabhra 2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach, dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athbhreithniúcháin maidir le tréithchineál IT-45 Bacillus amyloliquefaciens. |
(1) Leis an tuarascáil athbhreithniúcháin soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.”
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/11 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/160 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2022
lena leagtar síos íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla áirithe lena bhfíoraítear go bhfuil ceanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe á gcomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 20, an tríú mír, an chéad fhomhír, pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha ginearálta i leith rialuithe oifigiúla a dhéanann an t-údarás inniúil chun a fhíorú go bhfuil na rialacha i roinnt réimsí, lena n-áirítear sláinte ainmhithe, á gcomhlíonadh ar bhonn riosca agus le minicíochtaí iomchuí. Leagtar síos leis an Rialachán sin freisin modhanna agus teicnící i leith rialuithe oifigiúla, lena n-áirítear, i measc nithe eile, cigireachtaí ar áitribh, ainmhithe agus earraí atá faoi rialú na n-oibreoirí. |
(2) |
Is éard a fhoráiltear le Rialachán (AE) 2017/625 go leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh maidir le híosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha rialuithe oifigiúla áirithe, i gcás ina bhfuil gá leo chun freagairt ar ghuaiseacha agus ar rioscaí sonracha i dtaobh sláinte ainmhithe, agus chun a fhíorú go bhfuil bearta maidir le galair a chosc agus a rialú á gcomhlíonadh. |
(3) |
Roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leagadh síos le roinnt gníomhartha dlí maidir le sláinte ainmhithe rialacha i leith íosmhinicíochtaí rialuithe oifigiúla, i gcás cigireachtaí go háirithe. Le Rialachán (AE) 2016/429 aisghaireadh na gníomhartha dlí sin le héifeacht ón 21 Aibreán 2021. |
(4) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (3) ceanglais maidir le formheas, i measc nithe eile, gorlanna agus bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis, bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh agus ar éanlaith chlóis, ionaid dídine ainmhithe le haghaidh madraí, cat agus firéad, poist rialaithe, bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach le haghaidh bumbóg, bunaíochtaí coraintín agus bunaíochtaí teoranta le haghaidh ainmhithe talún. |
(5) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún (4) ceanglais maidir le formheas bunaíochtaí táirgí geirmeacha le haghaidh ainmhithe de chineál buaibheach, mucúil, caorach, gabhair nó eachaí ónar féidir táirgí geirmeacha na n-ainmhithe sin a aistriú chuig Ballstát eile. |
(6) |
Is éard a leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún (5) ceanglais maidir le formheas bunaíochtaí dobharshaothraithe áirithe agus grúpaí de bhunaíochtaí dobharshaothraithe ina gcoimeádtar ainmhithe uisceacha lena mbaineann riosca suntasach do shláinte ainmhithe. |
(7) |
Tá sé tábhachtach go bhfíoraíonn an t-údarás inniúil trí bhíthin rialuithe oifigiúla rialta, go háirithe trí bhíthin cigireachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14, pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/625, go bhfuil na hainmhithe agus na táirgí geirmeacha á gcoimeád agus á dtáirgeadh i gcónaí sna dálaí formheasta aonfhoirmeacha i leith bunaíochtaí, dálaí lena mbeartaítear maolú a dhéanamh ar na rioscaí agus guaiseacha a bhaineann le galair a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/429 agus le galair atá ag teacht chun cinn. Chun freagairt ar na guaiseacha agus na rioscaí aonfhoirmeacha sin a bhaineann leis na galair sin i leith sláinte daoine agus ainmhithe, is gá íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha i leith cigireachtaí i mbunaíochtaí formheasta áirithe a leagan síos sa Rialachán seo. |
(8) |
I gcás bunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta, gach íosmhinicíocht aonfhoirmeach i leith cigireachtaí orthu ba cheart a chur san áireamh léi go mbailítear seamhan ó ainmhithe de chineál buaibheach nó mucúil go neamhshéasúrach. |
(9) |
Gach íosmhinicíocht aonfhoirmeach i leith cigireachtaí i mbunaíochtaí formheasta áirithe agus i ngrúpaí áirithe de bhunaíochtaí dobharshaothraithe ba cheart aicmiú riosca na bunaíochta nó aicmiú riosca an ghrúpa bunaíochtaí sin a chur san áireamh léi i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 (6). |
(10) |
A mhéid a bhaineann le sainaithint agus clárú ainmhithe áirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 ón gCoimisiún (7) agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006 ón gCoimisiún (8) leagtar síos an t-íosleibhéal rialuithe nó seiceálacha atá le déanamh gach bliain i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair, chomh maith leis an líon ainmhithe ar a bhfuil cigireacht le déanamh i ngach ceann de na bunaíochtaí sin. |
(11) |
Ina theannta sin leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ceanglais mhionsonraithe maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair chun a n-inrianaitheacht a áirithiú. |
(12) |
D’fhéadfadh ról a bheith ag ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair nach bhfuil sainaitheanta i gcomhréir leis na ceanglais arna leagan síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 i scaipeadh galar a liostaítear i Rialachán (AE) 2016/429 agus i scaipeadh galar atá ag teacht chun cinn. Chun an ghuais aonfhoirmeach agus an riosca aonfhoirmeach sin do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a mhaolú, chun a fhíorú go rialta go bhfuil oibreoirí ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, agus chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2017/625 chun feidhme go haonfhoirmeach, is gá íosmhinicíochtaí a leagan síos i leith na gcigireachtaí a dhéantar le linn rialuithe oifigiúla ar shainaithint agus ar chlárú ainmhithe de chineál buaibheach, caorach agus gabhair. |
(13) |
Níor aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 ná Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go sainráite. Chun cobhsaíocht an dlí a áirithiú, ba cheart na Rialacháin sin a aisghairm leis an Rialachán seo. |
(14) |
Ba cheart feidhm a bheith leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin. |
(15) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Is éard a leagtar síos leis an Rialachán seo íosmhinicíochtaí aonfhoirmeacha rialuithe oifigiúla, go háirithe i leith cigireachtaí ar ainmhithe agus ar tháirgí geirmeacha, agus ar na dálaí ina gcoimeádtar nó ina dtáirgtear iad sna bunaíochtaí seo a leanas:
(a) |
bunaíochtaí formheasta le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; |
(b) |
bunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 3, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686; |
(c) |
bunaíochtaí dobharshaothraithe áirithe arna bhformheas de bhun Airteagal 176(1), de Rialachán (AE) 2016/429 agus grúpaí de bhunaíochtaí dobharshaothraithe arna bhformheas de bhun Airteagal 177 den Rialachán sin; |
(d) |
bunaíochtaí cláraithe le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ina gcoimeádtar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429, i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 (9) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 (10):
(a) |
“bunaíocht” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (27), de Rialachán (AE) 2016/429; |
(b) |
“gorlann” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (47), de Rialachán (AE) 2016/429; |
(c) |
“oibríocht tionóil” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (49), de Rialachán (AE) 2016/429; |
(d) |
“ionad tionóil le haghaidh madraí, cat agus firéad” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; |
(e) |
“ionad dídine ainmhithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; |
(f) |
“post rialaithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; |
(g) |
“bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035; |
(h) |
“bunaíocht choraintín fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688; |
(i) |
“bunaíocht theoranta” mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (48), de Rialachán (AE) 2016/429; |
(j) |
“bunaíocht táirgí geirmeacha fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686; |
(k) |
“bunaíocht dobharshaothraithe fhormheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990; |
(l) |
“grúpa formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990. |
Airteagal 3
Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí formheasta áirithe
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát (11) rialuithe oifigiúla, go háirithe cigireachtaí ar ainmhithe agus uibheacha goir agus ar na dálaí ina gcoimeádtar nó ina dtáirgtear na hainmhithe agus na táirgí geirmeacha sin ar a laghad uair amháin gach bliain féilire i leith na gcineálacha bunaíochta seo a leanas ar a gcríocha arna bhformheas ag an údarás inniúil:
(a) |
gorlanna agus bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis; |
(b) |
bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí tionóil maidir le crúbaigh agus éanlaith chlóis; |
(c) |
ionaid tionóil le haghaidh madraí, cat agus firéad; |
(d) |
ionaid dídine ainmhithe le haghaidh madraí, cat agus firéad; |
(e) |
poist rialaithe; |
(f) |
bunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach le haghaidh bumbóg; |
(g) |
bunaíochtaí coraintín formheasta; |
(h) |
bunaíochtaí teoranta. |
Airteagal 4
Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha formheasta
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát rialuithe oifigiúla, agus go háirithe cigireachtaí, ar tháirgí geirmeacha, seachas uibheacha goir, agus ar na dálaí ina dtáirgtear na táirgí geirmeacha sin gach bliain féilire i leith na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas ar a gcríocha arna bhformheas ag an údarás inniúil:
(a) |
2 uair ar a laghad gach bliain féilire, lárionaid bailithe seamhain le haghaidh ainmhithe de chineál buaibheach nó mucúil; |
(b) |
ar a laghad uair amháin gach bliain féilire:
|
Airteagal 5
Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta áirithe agus i ngrúpaí formheasta áirithe de bhunaíochtaí dobharshaothraithe
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit rialuithe oifigiúla, agus go háirithe cigireachtaí, ar ainmhithe dobharshaothraithe agus ar na dálaí ina gcoimeádtar na hainmhithe sin i mbunaíochtaí dobharshaothraithe formheasta áirithe agus i ngrúpaí formheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe ar a chríoch. Leis na rialuithe oifigiúla sin cuirfear san áireamh aicmiú riosca na bunaíochta dobharshaothraithe formheasta nó aicmiú riosca an ghrúpa fhormheasta de bhunaíochtaí dobharshaothraithe a chinnfidh an t-údarás inniúil de bhun Chuid 1, Caibidil 1, pointe 1.2, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 nó aicmiú riosca na mbunaíochtaí i ndeighleoga spleácha dá dtagraítear in Airteagal 73(3), pointe (b), den Rialachán sin, mar a leanas:
(a) |
bunaíochtaí ardriosca, déanfar cigireacht orthu ar a laghad uair amháin gach bliain féilire; |
(b) |
bunaíochtaí meánriosca, déanfar cigireacht orthu ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain féilire; |
(c) |
bunaíochtaí ísealriosca, déanfar cigireacht orthu ar a laghad uair amháin gach 3 bliana féilire. |
Airteagal 6
Íosmhinicíocht aonfhoirmeach na gcigireachtaí i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair
Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit rialuithe oifigiúla, agus go háirithe, cigireachtaí ar shainaithint agus ar chlárú ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair gach bliain féilire i 3 % ar a laghad de na bunaíochtaí ar a chríoch ina gcoimeádtar na hainmhithe sin.
Airteagal 7
Aisghairmeacha
1. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006.
2. Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/686 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunaíochtaí táirgí geirmeacha a fhormheas agus le ceanglais inrianaitheachta agus sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí laistigh den Aontas táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád (IO L 174, 3.6.2020, lch. 1).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus le hiompróirí ainmhithe uisceacha (IO L 174, 3.6.2020, lch. 345).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothúcháin, agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le híosleibhéal na rialuithe atá le déanamh faoi chuimsiú an chórais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú (IO L 156, 25.6.2003, lch. 9).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1505/2006 an 11 Deireadh Fómhair 2006 ón gCoimisiún lena gcuirtear Rialachán (AE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le híosleibhéal na seiceálacha atá le déanamh maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe de chineál buaibheach nó gabhair (IO L 280, 12.10.2006, lch. 3).
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).
(10) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/990 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte agus deimhniúcháin ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha laistigh den Aontas (IO L 221, 10.7.2020, lch. 42).
(11) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha an Rialacháin seo, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí do na “Ballstáit”.
IARSCRÍBHINN
Táblaí comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 7(2)
1. Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003
Rialachán (CE) Uimh. 1082/2003 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
- |
Airteagal 2(1) |
Airteagal 6 |
Airteagal 2(2) |
- |
Airteagal 2(3) |
- |
Airteagal 2(4) |
- |
Airteagal 2(5) |
- |
Airteagal 2(6) |
- |
Airteagal 3 |
- |
Airteagal 4 |
- |
Airteagal 5 |
- |
Iarscríbhinn I |
- |
2. Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006
Rialachán (CE) Uimh. 1505/2006 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
- |
Airteagal 2 |
- |
Airteagal 3 |
- |
Airteagal 4 |
- |
Airteagal 5(1), an chéad fhomhír |
Airteagal 6 |
Airteagal 5(1), an dara fomhír |
- |
Airteagal 5(2), an chéad fhomhír |
- |
Airteagal 5(2), an dara fomhír |
- |
Airteagal 6 |
- |
Airteagal 7 |
- |
Iarscríbhinn |
- |
CINNTÍ
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/17 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/161 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Feabhra 2022
lena bhfoirceanntar an nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le constaicí ar thrádáil de réir bhrí Rialachán (AE) 2015/1843 arna gcur i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheicsiceo, constaicí arb é atá i gceist leo bearta a dhéanann difear d’allmhairiú Tequila
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála chun feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) agus Airteagal 12 (1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
(1) |
An 23 Iúil 2020, trí fhógra tionscnaimh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), thionscain an Coimisiún Eorpach nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le constaicí ar thrádáil arna gcur i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheicsiceo, constaicí arb é atá i gceist leo diúltú deimhnithe onnmhairiúcháin i leith Tequila a dheonú. |
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis do Chomhlachas Ghrúdairí na hEorpa gearán a dhéanamh thar ceann thionscal an Aontais. Ba leor an fhianaise a bhí sa ghearán i leith srianta trádála agus i leith na díobhála is toradh air sin chun údar cuí a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
(3) |
An 16 Aibreán 2021, chuir seirbhísí an Choimisiún an Coiste arna bhunú le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2015/1843 ar an eolas faoin nós imeachta scrúdúcháin. Thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil, cé nach raibh sé chun leas láithreach an Aontais dul i mbun réiteach díospóidí, gur cheart an nós imeachta a fhágáil ar oscailt agus gur cheart faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i Stáit Aontaithe Mheicsiceo. |
2. TARRAINGT SIAR AN GHEARÁIN AGUS FOIRCEANNADH AN IMEACHTA
(4) |
An 6 Deireadh Fómhair 2021, chuir Comhlachas Ghrúdairí na hEorpa in iúl don Choimisiún gur mian leis an gearán a tharraingt siar. |
(5) |
Faoi Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2015/1843, is féidir imeachtaí a fhoirceannadh i gcás ina ndéanfar an gearán a tharraingt siar, ach amháin mura mbeadh an foirceannadh sin chun leas an Aontais. Faoi Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/1843, déanfar imeachtaí a fhoirceannadh i gcás nach gá aon ghníomhaíocht a dhéanamh ar son leas an Aontais. |
(6) |
Níor tháinig aon tásca chun cinn le linn an imscrúdaithe a léirigh nach mbeadh sé chun leas an Aontais imeachtaí a fhoirceannadh. Go háirithe, cuireadh tús athuair le honnmhairí Tequila chuig an ngrúdaire Eorpach lena mbaineann agus níl iarmhairt shistéamach ag an mbeart líomhnaithe ar chuideachtaí eile an Aontais. |
(7) |
Dá bhrí sin, maidir leis an nós imeachta scrúdúcháin a bhaineann le constaicí ar thrádáil arna gcur i bhfeidhm ag Stáit Aontaithe Mheicsiceo, constaicí arb é atá i gceist leo diúltú deimhnithe onnmhairiúcháin i leith na biotáille “Tequila” a dheonú, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur cheart an nós imeachta sin a fhoirceannadh. |
(8) |
Tá an Cinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2015/1843, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Foirceanntar an nós imeachta scrúdúcháin a maidir le diúltú Stáit Aontaithe Mheicsiceo deimhnithe onnmhairiúcháin i leith na biotáille “Tequila” a dheonú.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 26/19 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/162 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Feabhra 2022
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú ar an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide áirithe agus maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun an laghdú sin a bhaint amach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 4(2) agus Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar síos oibleagáid ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun laghdú uaillmhianach marthanach a bhaint amach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin (“táirgí plaisteacha aon úsáide”). Tá an Coimisiún chun an mhodheolaíocht a leagan síos chun an laghdú tomhaltais sin a ríomh agus a fhíorú. |
(2) |
Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar amach freisin oibleagáid ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún i dtaca le sonraí maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh gach bliain, mar aon le faisnéis faoi na bearta atá á nglacadh chun tomhaltas táirgí den sórt sin a laghdú, lena n-áirítear tuarascáil seiceála cáilíochta. Tá an Coimisiún chun an fhormáid le haghaidh an tuairiscithe sin a leagan síos. |
(3) |
Le Treoir (AE) 2019/904 tugtar corrlach leathan lánroghnach do na Ballstáit maidir leis na bearta a ghlacfaidh siad chun laghdú uaillmhianach marthanach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a bhaint amach. D’fhéadfadh na bearta a bheith éagsúil ag brath ar thionchar comhshaoil na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin ar feadh a saolré, lena n-áirítear an tráth a bheidh siad ina mbruscar, agus beidh na bearta sin comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. |
(4) |
An laghdú tomhaltais a ríomh ar bhonn mheáchan an ábhair phlaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide arna gcur ar an margadh, is modh tomhais cuí é sin lena léirítear an tionchar comhshaoil i dtéarmaí truailliú comhshaoil trí chaitheamh bruscair phlaistigh. Leis an modh sin, cuirtear san áireamh freisin na modhanna tomhais agus na formáidí tuairiscithe le haghaidh pacáistíochta agus dramhaíola ó phacáistíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE (2) ón gCoimisiún, atá bunaithe ar mheáchan agus ar ábhar. |
(5) |
An laghdú tomhaltais a thomhas ar bhonn chomhaireamh earra na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh, is modheolaíocht chuí é sin freisin chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart laghdaithe tomhaltais, ar leibhéal an táirge, ar chosc na dramhaíola agus dá bhrí sin ar laghdú féideartha an truaillithe phlaistigh sa chomhshaol. |
(6) |
I bhfianaise an chorrlaigh lánrogha a thugtar do na Ballstáit le hAirteagal 4 de Threoir (AE) 2019/904, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit an laghdú tomhaltais a ríomh bunaithe ar mheáchan iomlán an phlaistigh atá sna táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh nó ar líon na dtáirgí sin a chuirtear ar an margadh. Ós rud é go soláthraíonn an dá mhodheolaíocht sonraí oiriúnacha chun faireachán a dhéanamh ar threochtaí tomhaltais agus ar thionchar na mbeart arna ndéanamh ar ghiniúint dramhaíola a chosc chomh maith le táirgí a ionadú le roghanna malartacha atá in-athúsáidte nó nach bhfuil plaisteach iontu, ba cheart an rogha a thabhairt do na Ballstáit an mhodheolaíocht atá comhoiriúnach lena mbeartais laghdaithe tomhaltais agus leis na bearta arna ndéanamh faoi Airteagal 4 de Threoir (AE) 2019/904 a roghnú as an dá mhodheolaíocht sin. |
(7) |
I gcás nach léiriú cruinn i mBallstát áirithe, líon nó meáchan na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide sa Bhallstát sin de dheasca gluaiseachtaí móra táirgí plaisteacha aon úsáide laistigh den Aontas ar an leibhéal mórdhíola, féadfaidh an Ballstát sin meáchan nó líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a choigeartú chun gluaiseachtaí den sórt sin a chur san áireamh. |
(8) |
I gcás ina roghnaíonn Ballstát modheolaíocht bunaithe ar mheáchan a chur i bhfeidhm, ba cheart dó freisin sonraí faoi mheáchan iomlán táirgí plaisteacha aon úsáide atá déanta go páirteach as plaisteach a cuireadh ar an margadh a thuairisciú, mar go gcuireann an fhaisnéis sin le hinchomparáideacht sonraí agus gur féidir forléargas níos leithne a fháil ar thionchar an cheanglais maidir le tomhaltas a laghdú a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/904. |
(9) |
Chun éascaíocht a dhéanamh ar fhorbhreathnú an Choimisiúin ar na bearta a ghlac na Ballstáit chun laghdú ar thomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a bhaint amach i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/904, ba cheart liosta táscach de na catagóirí difriúla a bhaineann leis na bearta sin a bheith ar fáil san fhormáid tuairiscithe. Is gá do na Ballstáit, áfach, na bearta uile a rinneadh a thuairisciú, fiú murar luadh go sainráite iad sa liosta táscach. |
(10) |
Chun cruinneas agus fíorú na sonraí a áirithiú, ba cheart a áirithiú leis an bhformáid tuairiscithe go sainaithneofar na paraiméadair uile is ábhartha chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh agus a fhíorú, chun sonraí faoi tháirgí den sórt sin a chuirtear ar an margadh a thuairisciú agus chun na bearta a glacadh chun an laghdú tomhaltais a bhaint amach a thuairisciú agus ba cheart go leagfaí amach iontu an mhodheolaíocht atá le cur i bhfeidhm chun an laghdú tomhaltais a ríomh agus a fhíorú. |
(11) |
An mhodheolaíocht chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh agus a fhíorú, dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2019/904, agus na formáidí maidir le sonraí a thuairisciú ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh mar aon leis an bhfaisnéis ar na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit, dá dtagraítear in Airteagal 13(4) den Treoir sin, tá dlúthbhaint acu sin uile le chéile i bhfianaise an ábhair a bhaineann leo. Dá bhrí sin is iomchuí an gníomh seo a ghlacadh ar bhonn na bhforálacha sin araon chun comhleanúnachas idir na rialacha maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú an laghdaithe i dtomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a áirithiú agus rochtain ar na rialacha sin a éascú. |
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú de bhun Airteagal 39 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An mhodheolaíocht chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh
1. Déanfaidh na Ballstáit an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh bunaithe ar cheachtar de na paraiméadair seo a leanas:
(a) |
meáchan iomlán an phlaistigh sna táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire; |
(b) |
líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire. |
2. Ríomhfaidh na Ballstáit an laghdú i dtomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain féilire i gcomhréir leis na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
3. I gcás ina bhfuil onnmhairí nó allmhairí móra nó gluaiseachtaí eile laistigh den Aontas de tháirgí plaisteacha aon úsáide sula gcuirtear ar fáil iad don tomhaltóir nó don úsáideoir deiridh, féadfaidh na Ballstáit meáchan nó líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a choigeartú, dá dtagraítear i mír 1, chun gluaiseachtaí den sórt sin a chur san áireamh.
Airteagal 2
Sonraí a thuairisciú
1. Na sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/904, déanfaidh na Ballstáit na sonraí sin a thuairisciú, sonraí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 1 den Chinneadh seo, tuairisceofar iad san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.
2. An fhaisnéis maidir le bearta laghdaithe tomhaltais dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2019/904, déanfaidh na Ballstáit í a thuairisciú san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.
3. An tuarascáil ina bhfuil seiceáil cáilíochta maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit isteach í san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.
4. Foilseoidh an Coimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit ach amháin, a mhéid a bhaineann le faisnéis atá sa tuarascáil ina bhfuil seiceáil cáilíochta, i gcás ina soláthraíonn an Ballstát údar cuí le foilsiú sonraí áirithe a choinneáil siar.
5. Úsáidfidh na Ballstáit clárlanna leictreonacha, a mhéid is féidir, chun sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.
(2) Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht (IO L 86, 5.4.2005, lch. 6), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/665 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 (IO L 112, 26.4.2019, lch. 26).
(3) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
IARSCRÍBHINN I
Na foirmlí chun an laghdú ar thomhaltas táirgí plaisteacha aon úsáide a ríomh
I gcás cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“cupáin le haghaidh deochanna”):
I gcás coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (“coimeádáin bhia”):
i gcás an mhéid seo a leanas:
ciallaíonn CfB cupáin le haghaidh deochanna;
ciallaíonn FC coimeádáin bhia;
ciallaíonn ConRed laghdú tomhaltais i mBallstát in aghaidh na bliana féilire;
ciallaíonn PoMCfB:
(a) |
meáchan iomlán an phlaistigh (i dtonaí) atá i gcupáin le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, i gcás inarb ábhartha, arna choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais, nó |
(b) |
an líon iomlán cupán plaisteach aon úsáide le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais; |
ciallaíonn PoMFC
(i) |
meáchan iomlán an phlaistigh (i dtonaí) atá i gcoimeádáin bhia a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais, nó |
(ii) |
an líon iomlán coimeádán bia plaisteach aon úsáide a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain féilire amháin, arna choigeartú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 1(3), i gcás ina gcuirtear an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm le haghaidh ríomh an laghdaithe tomhaltais; |
ciallaíonn t2022 an bhliain tagartha arb í an bhliain féilire 2022 í
ciallaíonn t an bhliain tagartha (an bhliain a mbailítear agus a dtuairiscítear na sonraí ina leith).
IARSCRÍBHINN II
An fhormáid chun sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh a thuairisciú
|
Meáchan an phlaistigh (1) (tonaí) |
Meáchan iomlán (2) (tonaí) |
Táirgí (3) (míle aonad) |
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go hiomlán as plaisteach |
|
|
|
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go hiomlán as plaisteach |
|
|
|
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go páirteach as plaisteach |
|
|
|
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, atá déanta go páirteach as plaisteach |
|
|
|
(1) Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b) i bhfeidhm.
(2) Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b) i bhfeidhm.
(3) Tá sé éigeantach sonraí a sholáthar i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (b), i bhfeidhm, agus is féidir í a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(3). Ar bhonn deonach a sholáthraítear sonraí i gcás ina gcuireann Ballstát an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 1(1), pointe (a) i bhfeidhm.
IARSCRÍBHINN III
An fhormáid chun faisnéis maidir le bearta laghdaithe tomhaltais a thuairisciú
1. Bearta chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas cupán plaisteach aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (SUP CfB)
Bearta laghdaithe tomhaltais |
Sonraíocht an bhirt (fochatagóirí) |
Tuairisc chainníochtúil/cháilíochtúil ar an mbeart |
Teacht i bhfeidhm an bhirt |
Cineál dlíthiúil an bhirt (deonach / éigeantach) |
Cumhdach an bhirt (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó eile) |
Spriocghrúpa an bhirt (táirgeoirí, allmhaireoirí, díoltóirí, tomhaltóirí) |
||||||||||||
Spriocanna cainníochtúla |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP CfB (lena n-áirítear CfB plaisteacha in-athúsáidte) a chur chun cinn |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Ionstraimí eacnamaíocha |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Srianta margaíochta agus úsáide |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Comhaontuithe idir údaráis inniúla agus earnálacha eacnamaíocha de bhun Airteagal 17(3) de Threoir (AE) 2019/904 |
|
|
|
|
|
An earnáil lena mbaineann agus líon na ngníomhaithe a ghlacann leis na comhaontuithe |
||||||||||||
Bearta múscailte feasachta [atá dírithe ar SUP CfB] |
|
|
|
|
|
|
||||||||||||
Bearta eile |
Sonraigh |
|
|
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
|
2. Bearta chun laghdú a bhaint amach i dtomhaltas coimeádán bia plaisteach aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904 (SUP FC)
Beart laghdaithe tomhaltais |
Sonraíocht an bhirt (fochatagóirí) |
Tuairisc chainníochtúil/cháilíochtúil ar an mbeart |
Teacht i bhfeidhm an bhirt |
Cineál dlíthiúil an bhirt (deonach/éigeantach) |
Cumhdach an bhirt (áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó eile) |
Spriocghrúpa an bhirt (táirgeoirí, allmhaireoirí, díoltóirí, tomhaltóirí) |
||||||||||
Sprioc chainníochtúil |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Roghanna malartacha inbhuanaithe ar SUP FC (lena n-áirítear plaistigh in-athúsáidte) a chur chun cinn |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Ionstraimí eacnamaíocha |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Srianta margaíochta agus úsáide |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Comhaontuithe idir údaráis inniúla agus earnálacha eacnamaíocha de bhun Airteagal 17(3) de Threoir (AE) 2019/904 |
|
|
|
|
|
An earnáil lena mbaineann agus líon na ngníomhaithe a ghlacann leis na comhaontuithe |
||||||||||
Bearta múscailte feasachta [atá dírithe ar SUP FC] |
|
|
|
|
|
|
||||||||||
Bearta eile |
Sonraigh |
|
|
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
|
IARSCRÍBHINN IV
Formáid na tuarascála ina mbeidh seiceáil cáilíochta
1. Faisnéis Ghinearálta
1.1. |
Ballstát: |
1.2. |
An eagraíocht a bhfuil na sonraí agus an tuairisc á gcur isteach acu: |
1.3. |
Teagmhálaí / sonraí teagmhála: |
1.4. |
Bliain tagartha: |
1.5. |
Dáta / leagan seachadta: |
1.6 |
Nasc chuig foilsiú na sonraí ag an mBallstát (más ann dó): |
2. Tuairisc ar na páirtithe a bhfuil baint acu leis an mbailiú sonraí:
Ainm na hinstitiúide |
Tuairisc ar na príomhdhualgais |
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
3. Tuairisc ar na modhanna a úsáideadh.
a. Foinsí sonraí chun sonraí a ríomh maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Foinsí sonraí |
Foinse sonraí a úsáideadh (is ea/ní hea) |
Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm |
Sciar de na sonraí iomlána |
Sonraí ó scéimeanna aisíoca éarlaise |
|
|
|
Sonraí maidir leis an scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora. Sonraí ó tháirgeoirí nó ó eagraíochtaí a mbíonn oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcur chun feidhme thar a gceann |
|
|
|
Sonraí ó chlárlanna lárnacha maidir le cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna a chuirtear ar an margadh |
|
|
|
Sonraí ó bhardais |
|
|
|
Suirbhéanna |
|
|
|
Clárlann leictreonach |
|
|
|
Tuairisciú riaracháin |
|
|
|
Staitisticí táirgeachta - cóid náisiúnta |
|
|
|
Staitisticí cánach |
|
|
|
Staitisticí tionscail |
|
|
|
Foinsí eile (sonraigh) |
|
|
|
b. Foinsí sonraí chun sonraí a ríomh maidir le coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2), den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Foinsí sonraí |
Foinse sonraí a úsáideadh (is ea/ní hea) |
Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm |
Sciar de na sonraí iomlána |
Sonraí ó scéimeanna aisíoca éarlaise |
|
|
|
Sonraí maidir leis an scéim um fhreagracht leathnaithe táirgeora. Sonraí ó tháirgeoirí nó ó eagraíochtaí a mbíonn oibleagáidí maidir le freagracht leathnaithe táirgeora á gcur chun feidhme thar a gceann |
|
|
|
Sonraí ó chlárlanna lárnacha maidir le coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh |
|
|
|
Sonraí ó bhardais |
|
|
|
Suirbhéanna |
|
|
|
Anailísí ar chomhdhéanamh |
|
|
|
Clárlann leictreonach |
|
|
|
Tuairisciú riaracháin |
|
|
|
Staitisticí táirgeachta - cóid náisiúnta |
|
|
|
Staitisticí cánach |
|
|
|
Staitisticí tionscail |
|
|
|
Foinsí eile (sonraigh) |
|
|
|
c. I gcás ina dtuairiscítear sonraí de réir meáchain agus úsáid á baint as an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), léirigh ar úsáideadh meastachán ar mheáchan plaisteach atá i dtáirgí plaisteacha aon úsáide a cuireadh ar mhargadh Ballstáit agus ar mheáchan iomlán na dtáirgí sin, i gcás nach gcumhdaíonn bailiú sonraí an margadh iomlán. Má ríomhadh, sonraigh meáchan breise na bplaisteach mar % den mheáchan iomlán
Ceisteanna sonracha a ndearnadh plé orthu |
Tuairisc ar na modhanna a cuireadh i bhfeidhm chun na meastacháin a chinneadh (5) |
% |
|
Saorthairbhithe (1) |
|
|
|
Gluaiseachtaí príobháideacha laistigh den Aontas, allmhairí / onnmhairí (2) |
|
|
|
Díolachán ar líne (3) |
|
|
|
Rialacha de minimis (4) |
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
d. I gcás ina dtuairisceofar sonraí de réir líon na dtáirgí a úsáideann an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), léirigh ar úsáideadh meastachán ar líon na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a cuireadh ar mhargadh Ballstáit, i gcás nach gcumhdaíonn bailiú sonraí an margadh iomlán. Más ea, luaigh líon breise na dtáirgí i % den líon iomlán a tuairiscíodh
Ceisteanna sonracha a ndearnadh plé orthu |
Tuairisc ar na modhanna arna gcur i bhfeidhm chun na meastacháin a chinneadh(5) |
% |
Saorthairbhithe (5) |
|
|
Gluaiseachtaí príobháideacha laistigh den Aontas, allmhairí / onnmhairí (6) |
|
|
Díolachán ar líne (7) |
|
|
Rialacha de minimis (8) |
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
4. Córas fíorúcháin agus rialaithe sonraí
a. Fíorú sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú |
Arna gcur i bhfeidhm i gcás na sonraí ábhartha uile maidir le |
Nótaí tráchta breise, más ábhartha |
|
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
||
Seiceálacha ar iomláine na sonraí |
|
|
|
Tras-seiceálacha |
|
|
|
Seiceálacha i dtaca le hamshraith |
|
|
|
Seiceálacha iniúchóireachta |
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
b. Tuairisc ar na príomhfhachtóirí a dhéanann difear do chruinneas na sonraí maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Na fachtóirí ar féidir leo difear a dhéanamh d’iontaofacht [cruinneas] na sonraí |
Na fachtóirí atá ábhartha i gcás sonraí ar bith maidir le |
Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear do chruinneas na sonraí agus ar na modhanna a chuirtear i bhfeidhm chun an tionchar sin a laghdú |
|
Cupáin phlaisteacha aon úsáide le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh, dá dtagraítear i gCuid A, pointe (1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
Coimeádáin bhia phlaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i gCuid A, pointe (2) den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir (AE) 2019/904, a chuirtear ar an margadh (is ea/ní hea) |
||
Earráidí samplála (9) (e.g. comhéifeachtaí athrúcháin) |
|
|
|
Earráidí cumhdaigh (10) (e.g. rialacha de minimis, cumhdach réigiúnach) |
|
|
|
Earráidí tomhais (11) |
|
|
|
Ionstraimí tástála maidir le bailiú sonraí (12) (e.g. ceistneoirí) |
|
|
|
Earráidí próiseála (13) |
|
|
|
Earráidí neamhfhreagartha (14) |
|
|
|
Earráidí toimhdean na samhla (15) |
|
|
|
Eile (sonraigh) |
|
|
|
|
c. Míniú ar raon feidhme agus bhailíocht suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
d. Difríochtaí i gcomparáid leis na sonraí arna dtuairisciú le haghaidh na mblianta tuairiscithe roimhe sin
Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana tagartha reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (cuir san áireamh go háirithe, athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe).
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
e. I gcás ina bhfuil méadú níos mó ná 10 % tagtha ar mheáchan an phlaistigh i dtáirgí plaisteacha aon úsáide nó ar mheáchan iomlán táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit nó ar an líon sin earra bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar mhargadh Ballstáit i gcomparáid leis an mbliain tuairiscithe roimhe sin, ba cheart míniú ar na cúiseanna leis an difríocht sin a chur leis
Táirgí plaisteacha aon úsáide a chuirtear ar an margadh |
Athrúchán (%) |
An phríomhchúis leis an athrúchán |
|
|
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
5. Rúndacht
Údar le foilsiú codanna sonracha den tuarascáil seo ina bhfuil seiceáil cáilíochta a choimeád siar i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus liostú na gcodanna ar cheart iad a choimeád siar.
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí. |
6. Príomhshuíomhanna gréasáin náisiúnta, príomhdhoiciméid tagartha agus príomhfhoilseacháin
Tabhair ainm agus URL na bpríomhshuíomhanna gréasáin, na bpríomhdhoiciméad tagartha agus na bpríomhfhoilseachán a bhaineann leis an mbailiú sonraí seo.
|
Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí.
(1) Is é is saorthairbhí ann táirgeoir nó dáileoir a chuireann táirgí aon úsáide ar an margadh ach nach gcomhlíonann a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair ná i gcomhar le táirgeoirí eile.
(2) Gluaiseacht laistigh den Aontas agus allmhairí / onnmhairí táirgí tar éis dóibh a bheith díolta leis an úsáideoir deiridh.
(3) Ba cheart díolachán trí chianchumarsáid a bheith san áireamh le sonraí maidir le táirgí a chur ar an margadh.
(4) Rialacha de minimis a chuirtear i bhfeidhm maidir le tuairisciú ar tháirgí aon úsáide a chuirtear ar an margadh.
(5) Is é is saorthairbhí ann táirgeoir nó dáileoir a chuireann táirgí aon úsáide ar an margadh ach nach gcomhlíonann a oibleagáidí um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar bhonn aonair ná i gcomhar le táirgeoirí eile.
(6) Gluaiseacht laistigh den Aontas agus allmhairí / onnmhairí táirgí tar éis dóibh a bheith díolta leis an úsáideoir deiridh.
(7) Ba cheart díolachán trí chianchumarsáid a bheith san áireamh le sonraí maidir le táirgí a chur ar an margadh.
(8) Rialacha de minimis a chuirtear i bhfeidhm maidir le tuairisciú ar tháirgí aon úsáide a chuirtear ar an margadh.
(9) Tabhair tuairisc ar an meastachán ar na comhéifeachtaí athrúcháin agus ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar an athrúchán.
(10) Tabhair tuairisc ar chineál na n-earráidí cumhdaigh agus ar a méid.
(11) Tabhair tuairisc ar na hionstraimí lena laghdaítear rioscaí féideartha agus lena seachadtar earráidí.
(12) Tabhair tuairisc ar na hionstraimí agus ar na modheolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun cáilíocht agus ábharthacht na n-ionstraimí bailithe sonraí a áirithiú.
(13) Tabhair tuairisc ar na céimeanna próiseála idir an bailiú sonraí agus cur ar fáil na n-earráidí a sainaithníodh maidir le staitisticí agus próiseáil liostaí agus méid na n-earráidí sin.
(14) Tabhair tuairisc ar na rátaí neamhfhreagartha i dtaca leis na príomhathróga agus na modhanna barúlacha (más ann dóibh).
(15) Tabhair tuairisc ar chineál earráidí toimhdean na samhla agus ar a méid.