ISSN 1977-0839 |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 16 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Reachtaíocht |
Imleabhar 65 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo. Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu. |
II Gníomhartha neamhreachtacha
RIALACHÁIN
25.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 16/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/93 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Eanáir 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aicrinitrine, fluvailionáite, foilpéid, foiseitile, isifeitimíde, “Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál AE, aonraíoch lag Abp1”, “Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál CH2, aonraíoch lag Abp2”, táirgí spineatoram agus spiriteitreamat i dtáirgí áirithe nó orthu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás aicrinitrine, fluvailionáite, foilpéid, isifeitimíde, spineatoram agus spiriteitreamat, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás foiseitile, leagadh MRLanna síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál AE, aonraíoch lag Abp1 agus Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál CH2, aonraíoch lag Abp2, níor leagadh síos aon MRL sonrach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ná níor cuireadh na substaintí sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagadh síos in Airteagal 18(1)(b) de. |
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú a dhéanamh ar úsáid táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach aicrinitrin ar phéitseoga agus ar phiobair mhilse/piobair chloigíneacha, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 chun na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. |
(3) |
A mhéid a bhaineann le fluvailionáit, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh trátaí agus mealbhacáin uisce. A mhéid a bhaineann le foilpéad, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh eorna, coirce agus seagail. A mhéid a bhaineann le foiseitil, cuireadh iarratas den sórt sin isteach le haghaidh líomóidí, líomaí, mandairíní agus “insiltí luibhe ó dhuilleoga agus ó luibheanna”, tar éis fosfónáití potaisiam a úsáid. A mhéid a bhaineann le hisifeitimíd, cuireadh iarratas den sórt sin isteach ar thorthaí cána. A mhéid a bhaineann le spineatoram, cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh puirsleán. A mhéid a bhaineann le spiriteitreamat, cuireadh iarratas den sórt sin isteach le haghaidh cainneanna, “oinniúin earraigh/scailliúin agus ciobúil” agus “mil agus táirgí beachaireachta eile”. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad. |
(6) |
A mhéid a bhaineann le spineatoram i bpuirsleáin, rinne an tÚdarás measúnú ar iarratas d’fhonn MRL a shocrú le haghaidh leitísí agus thug sé tuairim réasúnaithe ar an MRL atá beartaithe (3). Sa chreat sin, rinne an tÚdarás measúnú ar thrialacha iarmhair maidir le Dea-Chleachtas Talmhaíochta (GAP) ar leitísí, rud as ar tháinig moladh MRL 4 mg/kg. I gcomhréir le treoirlínte reatha an Aontais maidir le heachtarshuíomh MRLanna (4), is iomchuí an MRL a shocrú ag 4 mg/kg le haghaidh puirsleán, ar bhonn na dtrialacha iarmhair a dhéantar ar leitísí. |
(7) |
A mhéid a bhaineann le gach iarratas eile, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais go léir maidir le sonraí agus go raibh na modhnuithe ar na MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Chuir an tÚdarás san áireamh an fhaisnéis is déanaí ar airíonna tocsaineolaíocha na substaintí. Le teagmháil ar feadh an tsaoil leis na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfadh siad a bheith iontu, agus le teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh, léiríodh go bhfuil baol ann go sárófaí an iontógáil laethúil inghlactha nó an ghéardháileog thagartha. |
(8) |
I gcomhthéacs fhormheas na substaintí gníomhacha lena mbaineann riosca íseal Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál AE, aonraíoch lag Abp1 agus Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál CH2, aonraíoch lag Abp2, iarratais MRL a thacaíonn leis na húsáidí ionadaíocha ar thrátaí de réir GAPanna san Aontas, cuireadh isteach iad sna sainchomhaid achoimre, i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin. Rinne an tÚdarás measúnú ar na hiarratais agus thug sé conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar na substaintí gníomhacha sin (6). Sa chreat sin, mheas an tÚdarás nár ghá luachanna tagartha a shocrú le haghaidh na substaintí sin agus mhol sé Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál AE, aonraíoch lag Abp1 agus Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál CH2, aonraíoch lag Abp2, a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(9) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe agus na gconclúidí ón Údarás, agus na fachtóirí atá ábhartha maidir leis an ábhar atá faoi chaibidil á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe ábhartha ar na MRLanna ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tuarascálacha eolaíocha ó EFSA atá ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue level for acrinathrin in peaches and sweet peppers. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh péitseog agus piobair mhilse]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6681.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for tau-fluvalinate in tomatoes and watermelons. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh tó-fluvailionáite i dtrátaí agus mealbhacain uisce a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6646.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for folpet in barley, oat, rye and wheat. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh foilpéid in eorna, coirce, seagal agus cruithneacht a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(5):6578.
Reasoned opinion on the modification of the existing MRLs for potassium phosphonates in lemons, limes and mandarins and in herbal infusions from leaves and herbs. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh fosfónáití potaisiam i líomóidí, líomaí agus mandairíní agus insiltí luibhe ó dhuilleoga agus ó luibheanna a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6673.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for isofetamid in raspberries, blackberries and dewberries. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh isifeitimíde i sútha craobh, sméara dubha agus eithreoga a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6677.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for spirotetramat in leeks, spring onions and honey. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh spiriteitreamat i gcainneanna, oinniúin earraigh agus mil a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(3):6517.
(3) Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for spinetoram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh spineatoram de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(1):5997.
(4) Treoirlínte teicniúla maidir le ceanglais sonraí chun uasleibhéil iarmhar a shocrú, inchomparáideacht trialacha iarmhar agus eachtarshuíomh sonraí faoi iarmhair i ndáil le táirgí de thionscnamh plandaí agus ainmhíoch (SANTE/2019/12752).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(6) Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substances Pepino Mosaic Virus, EU strain, mild isolate Abp1 and Pepino Mosaic Virus, CH2 strain, mild isolate Abp2 [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substaintí gníomhacha Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál AE, aonraíoch lag Abp1 agus Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál CH2, aonraíoch lag Abp2]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(1):6388.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh aicrinitrine, fluvailionáite, foilpéid, isifeitimíde, spineatoram agus spiriteitreamat: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, Cuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cholúin le haghaidh foiseitile: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(3) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas in ord aibítre: “Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál AE, aonraíoch lag Abp1” agus “Víreas Mósáice an Pheipíonó, tréithchineál CH2, aonraíoch lag Abp2”. |
(*1) Léiríonn an (*) teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(1) (a) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) Léiríonn an (*) teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I"
25.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 16/33 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/94 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Eanáir 2022
maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí foismeit, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) agus Airteagal 78(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2007/25/CE ón gCoimisiún (2), áirítear foismeit mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
Substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
An formheas ar an tsubstaint ghníomhach foismeit, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé sin in éag an 31 Iúil 2022. |
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar an tsubstaint ghníomhach foismeit a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
(5) |
Chuir an t-iarratasóir isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 29 Meán Fómhair 2020. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan in iúl don iarratasóir agus do na Ballstáit chun barúlacha a fháil uathu agus chuir sé na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal freisin agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. An 20 Lúnasa 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh foismeit na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Leasaigh an tÚdarás a Chonclúid agus chuir sé in iúl don Choimisiún í an 22 Iúil 2021. |
(8) |
D’aithin an tÚdarás riosca do-ghlactha d’oibreoirí, d’oibrithe, do dhaoine atá ar an láthair agus do chónaitheoirí, fiú nuair a úsáidtear trealamh cosanta pearsanta nó nuair a chuirtear bearta maolaithe atá ar fáil i bhfeidhm. D’aithin sé ardriosca géar agus ainsealach do thomhaltóirí agus d’orgánaigh uisceacha agus ardriosca d’éin, do mhamaigh agus d’artrapóid nach spriocartrapóid iad (beacha san áireamh). |
(9) |
Thairis sin, níorbh fhéidir leis an Údarás measúnú riosca iomlán do thomhaltóirí a dhéanamh mar níorbh fhéidir na hearraí uile ná na meitibilítí uile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a mheas bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Ar deireadh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhféadfaí an measúnú ar néarthocsaineacht fhorbarthach a thabhairt chun críche mar níor chuir an t-iarratasóir aon staidéar iomchuí faoina bhráid. |
(10) |
An 26 Eanáir 2021, chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana maidir le foismeit faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus chuir sé dréacht-Rialachán maidir léi faoina bhráid an 24 Márta 2021. |
(11) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith chonclúid an Údaráis. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach i leith na tuarascála athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(12) |
Mar sin féin, d’ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní fhéadfaí an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach a chur as an áireamh. |
(13) |
Dá réir sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad, níor suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Dá bhrí sin, is iomchuí gan formheas na substainte gníomhaí foismeit a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 20(1)(b) den Rialachán sin. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(15) |
Ba cheart am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit údaruithe maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil foismeit a tharraingt siar. |
(16) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil foismeit, i gcás ina ndeonóidh na Ballstáit aon tréimhse cairde i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, níor cheart an tréimhse sin a bheith níos faide ná 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(17) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún (7), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na foismeit go dtí an 31 Iúil 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh an tréimhse formheasa in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndéantar cinneadh gan an formheas a athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo a luaithe agus is féidir. |
(18) |
Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach maidir leis an tsubstaint ghníomhach foismeit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí
Ní dhéantar formheas na substainte gníomhaí foismeit a athnuachan.
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
I gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, scriostar ró 153 maidir le foismeit.
Airteagal 3
Forálacha idirthréimhseacha
Déanfaidh na Ballstáit na húdaruithe a tharraingt siar maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil foismeit mar shubstaint ghníomhach faoin 1 Bealtaine 2022.
Airteagal 4
Tréimhse cairde
Aon tréimhse cairde a dheonaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, rachaidh sí in éag faoin 1 Samhain 2022.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) IO L 106, 24.4.2007, lch. 34 agus IO L 56 M, 29.2.2008, lch. 326.
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) Peer review of the pesticide risk assessment of the active substance phosmet [Athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach foismeit] (EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(3):6237).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/745 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sulfáit amóiniam alúmanaim, sileacáit alúmanaim, beaflubútaimíd, beintiavalacarb, défheineasáit, boscailid, carbónáit chailciam, captan, dé-ocsaíd charbóin, ciamocsainil, démheatomorf, eiteafón, úsc as crann tae, famocsadón, iarmhair ó dhriogadh saille, aigéid shailleacha C7 go C20, flumocsaisín, fluocsastróibin, fluraclóradón, foilpéad, foirmeiteanáit, aigéad gibriline, gibriliní, heipteamalocsalaglúcan, próitéiní hidrealaithe, sulfáit iarainn, meatasaclór, meitríbhúisín, milbimeictin, tréithchineál 251 Paecilomyces lilacinus, feinmeideafam, foismeit, pirimeafos-meitil, olaí planda/ola ráibe, hidrigincharbónáit photaisiam, própamacarb, próitiaconasól, gaineamh grianchloiche, ola éisc, éarthaigh bholaidh de thionscnamh ainmhí nó planda/saill caoireola, S-meitileaclór, fearamóin léipidipteire Slabhra Dhírigh, teabúconasól agus úiré (IO L 160, 7.5.2021, lch. 89).
25.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 16/36 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/95 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Eanáir 2022
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, mar a leathnaítear chun allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bídís, a chumhdach, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Na bearta atá i bhfeidhm
(1) |
Ba le Rialachán (CE) Uimh. 584/96 ón gComhairle (2) (na “bearta bunaidh”) a forchuireadh ar dtús bearta frithdhumpála ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí (“TPFanna” nó an “táirge lena mbaineann”) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (an “tír lena mbaineann” nó “an tSín”) agus na Téalainne iad. |
(2) |
De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, leathnaíodh na bearta bunaidh chun allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, ón Indinéis, ó Shrí Lanca agus ó na hOileáin Fhilipíneacha, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine, na hIndinéise, Shrí Lanca agus na nOileán Filipíneach iad nó ná bídís, a chumhdach, le Rialacháin (CE) Uimh. 964/2003 (3), (CE) Uimh. 2052/2004 (4), (CE) Uimh. 2053/2004 (5) agus (CE) Uimh. 655/2006 (6) ón gComhairle. |
(3) |
Na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, is dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1934 ón gCoimisiún (7) lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí, as iarann nó as cruach, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. |
1.2. Bearta atá i bhfeidhm i leith tríú tíortha eile
(4) |
Tá bearta frithdhumpála i bhfeidhm faoi láthair maidir le hallmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia (8). |
1.3. Iarraidh ar athbhreithniú éaga agus tionscnamh
(5) |
Tar éis fhoilsiú an fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú (9) i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí as iarann nó as cruach (“TPF”) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín” nó “an tír lena mbaineann”), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán (“an iarraidh”). |
(6) |
Coiste Cosanta thionscal na bhfeistithe buntáthaithe cruach san Aontas Eorpach (“an t-iarratasóir”), ag gníomhú thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó 60 % de tháirgeadh iomlán an Aontais de TPF acu, rinne sé an iarraidh a thaisceadh an 25 Meitheamh 2020. |
(7) |
Tá an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfar den dumpáil agus den díobháil do thionscal an Aontais nó go dtarlóidh siad arís de thoradh dhul in éag na mbeart. |
(8) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 27 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hallmhairí TPF de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (10) (“an Fógra Tionscnaimh”). |
1.4. Páirtithe leasmhara
(9) |
San Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Sa bhreis air sin, chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir go sonrach, do tháirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, do tháirgeoirí i nDaon-Phoblacht na Síne, d’allmhaireoirí agus d’úsáideoirí san Aontas arb eol iad a bheith bainteach agus d’údaráis na Síne gur tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
(10) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara uile barúil a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht os comhair an Choimisiúin agus/nó os comhair an Oifigigh Éisteachta in imeachtaí trádála a iarraidh. |
1.5. Sampláil
(11) |
San Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go samplálfadh sé na páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.5.1. Sampláil na dtáirgeoirí de chuid an Aontais
(12) |
Ina Fhógra Tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais roghnaithe go sealadach aige. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla ar bhonn na méideanna ionadaíocha is mó díolachán agus táirgeachta san Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den tréimhse ama a bhí ar fáil, agus ionadaíocht an raoin gheografaigh á háirithiú chomh maith. Is éard a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir de chuid an Aontais. Bhí na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais freagrach as 56 % de tháirgeacht iomlán mheasta an Aontais agus as 49 % de mhéid iomlán díolachán measta le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt maidir leis an sampla sealadach ach ní bhfuair sé aon bharúil uathu. Dá bhrí sin, deimhníodh an sampla sealadach agus measadh go raibh an sé ionadaíoch do thionscal an Aontais. |
1.5.2. Sampláil na dtáirgeoirí sa tSín
(13) |
Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an raibh gá le sampláil i leith na dtáirgeoirí sa tír lena mbaineann, iarradh ar na páirtithe sin iad féin a chur in aithne don Choimisiún agus an fhaisnéis arna hiarraidh san Fhógra Tionscnaimh a thabhairt dó. Sa bhreis air sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean na Síne chuig an Aontas táirgeoirí eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a bhféadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Mar sin féin, ós rud é nár tháinig ach aon táirgeoir onnmhairiúcháin amháin chun cinn ar dtús, ní raibh gá le sampláil. Ina theannta sin agus ós rud é gur chinn an tairgeoir onnmhairiúcháin a chomhar a tharraingt siar, ba ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil a fhaightear na torthaí maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne, de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán. |
1.6. Sampláil na n-allmhaireoirí neamhghaolmhara
(14) |
Chun gurbh fhéidir leis an gCoimisiún a chinneadh an raibh gá le sampláil, agus más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, iarradh ar gach allmhaireoir neamhghaolmhar a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo. Iarradh ar na páirtithe sin iad féin a chur in aithne tríd an bhfaisnéis faoina gcuideachta a iarrtar san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra Tionscnaimh a thabhairt don Choimisiún. Níor tháinig ach dhá allmhaireoir chun cinn. Dá dheasca sin, chinn an Coimisiún nár ghá sampláil a dhéanamh. |
1.7. Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin
(15) |
Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
(16) |
Ceistneoirí le haghaidh na dtáirgeoirí sampláilte uile de chuid an Aontais, mar aon leo siúd le haghaidh allmhaireoirí, úsáideoirí agus táirgeoirí onnmhairiúcháin, cuireadh ar fáil ar líne iad (11) lá an tionscnaimh. |
(17) |
Fuair an Coimisiún freagraí ar an gceistneoir ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, ón iarratasóir agus ón dá allmhaireoir. |
(18) |
I bhfianaise ráig COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit éagsúla, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceáil go cianda ar an bhfaisnéis ar fad a measadh a bheith riachtanach dá chinntí, i gcomhréir lena Fhógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (12). Rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar na táirgeoirí sampláilte uile de chuid an Aontais, is é sin:
|
1.8. An nós imeachta ina dhiaidh sin
(19) |
An 9 Samhain 2021, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn sin a bhfuil sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse do na páirtithe uile ina bhféadfaidís barúlacha a dhéanamh maidir leis an nochtadh. |
(20) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ó aon cheann de na páirtithe leasmhara. |
1.9. Tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
(21) |
An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (“tréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin”). An t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil nó go dtarlódh arís í, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”). |
1.10. Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas
(22) |
Tionscnaíodh an cás sin an 27 Deireadh Fómhair 2020, i.e. le linn na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach ina raibh an Ríocht Aontaithe fós faoi réir dhlí an Aontais. Tháinig deireadh leis an idirthréimhse an 31 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, ón 1 Eanáir 2021 i leith, ní raibh cuideachtaí ná comhlachais ón Ríocht Aontaithe i dteideal a bheith ina bpáirtithe leasmhara san imeacht seo a thuilleadh. |
(23) |
Na hoibreoirí sa Ríocht Aontaithe a mheas go raibh siad fós i dteideal a bheith ina bpáirtithe leasmhara, d’iarr an Coimisiún orthu dul i dteagmháil leis i nóta a chuir sé leis an gcáschomhad an 18 Eanáir 2021. Níor tháinig aon chuideachta chun tosaigh. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
(24) |
An táirge atá faoi réir an athbhreithnithe seo, tá sé mar an gcéanna leis an táirge a bhí san athbhreithniú éaga deiridh, is é sin, feistithe áirithe feadáin agus píopaí (seachas feistithe teilgthe, feirí agus feistithe sáithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta a áireamh), nach mó a dtrastomhas seachtrach is mó ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh feistiú buntáthaithe seachas chun críoch eile, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (“an táirge faoi athbhreithniú”), agus a thagann faoi chóid CN ex 7307 93 11, ex 7307 93 19 agus ex 7307 99 80 (cóid TARIC 7307931191, 7307931193, 7307931194, 7307931195, 7307931199, 7307931991, 7307931993, 7307931994, 7307931995, 7307931999, 7307998092, 7307998093, 7307998094, 7307998095 agus 7307998098). |
2.2. An táirge comhchosúil
(25) |
Faoi mar a léiríodh san imscrúdú as ar tháinig forchur na mbeart atá i bhfeidhm (13), tá na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
|
(26) |
Dá bhrí sin tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAÍ DEN DUMPÁIL NÓ GO dTARLÓDH ARÍS Í
3.1. Réamhbharúlacha
(27) |
I dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, leanadh den táirge faoi athbhreithniú, ar táirge de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne é, a allmhairiú (5 192 thona), cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b’ísle ná i dtréimhse imscrúdaithe athbhreithniúcháin an athbhreithnithe éaga deiridh (8 058 dtona ó mhí Iúil 2013 go dtí mí an Mheithimh 2014). De réir staitisticí Comext (Eurostat) (14), bhí thart ar 10 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí TPF ó Dhaon-Phoblacht na Síne i dtréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, i gcomparáid le scair 16 % den mhargadh le linn an athbhreithnithe éaga roimh sin. |
(28) |
Mar a luadh in aithris (13), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí ná na táirgeoirí ó Dhaon-Phoblacht na Síne san imscrúdú. |
(29) |
Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne ar an eolas go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais comhoibriú, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann le Daon-Phoblacht na Síne. Níor cuireadh aon bharúil faoi bhráid an Choimisiúin. |
(30) |
Dá bharr sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) den bhun-Rialachán, na torthaí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, a mhéid a bhain le Daon-Phoblacht na Síne, is ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil a bunaíodh iad, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, i gcomhar le foinsí eile faisnéise, cuir i gcás staitisticí trádála maidir le hallmhairí agus onnmhairí (Comext (Eurostat), Dun & Bradstreet D&B (15), Global Trade Alert - GTA (16) agus ECFE (17)). |
3.2. Leanúint de dhumpáil na n-allmhairí le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin
3.2.1. Gnáthluach
3.2.1.1. Réamhrá
(31) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe de ghnáth ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
(32) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina gcinntear […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais a úsáid sa tír is onnmhaireoir i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnach de chostais riaracháin, díolacháin agus costais ghinearálta agus i gcomhair brabús’. |
(33) |
Mar a mhínítear thíos tuilleadh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil agus ag féachaint don éagmais comhair ó Rialtas na Síne agus ó tháirgeoirí na Síne, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
3.2.1.2.
-
(34) |
Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain le Daon-Phoblacht na Síne, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. An fhaisnéis a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh suntasach líomhnaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Sa bhreis air sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a sholáthar maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus an méid sin a dhéanamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne. |
(35) |
San fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. |
(36) |
An 30 Márta 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (“an Chéad Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a d’fhéadfaí a úsáid chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún tíortha ionadaíocha féideartha (mar atá Cónaidhm na Rúise, an Téalainn agus an Tuirc). |
(37) |
D’áitigh an t-iarratasóir nach tír ionadaíoch oiriúnach í Cónaidhm na Rúise mar gheall ar an toirmeasc onnmhairiúcháin ar mháthairphíopaí (cód CC 730419) atá i bhfeidhm ó bhí an 1 Bealtaine 2015 ann, rud is foinse shuntasach saofa ar mhargadh na Rúise maidir leis an bpríomh-amhábhar de TPFanna. Thug an Coimisiún dá aire na barúlacha agus chomhaontaigh sé nach tír ionadaíoch iomchuí í an Rúis de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
(38) |
D’áitigh an t-iarratasóir freisin go bhfuil allmhairí de mháthairphíopaí ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an Tuirc suntasach. Thairis sin, d’áitigh an t-iarratasóir nach fíortháirgeoirí TPF iad aon cheann de na trí chuideachta a shainaithin an Coimisiún sa Chéad Nóta. Tar éis tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh, chomhaontaigh an Coimisiún nach fíortháirgeoirí TPF na trí tháirgeoir léirithe sa Tuirc. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim sin sé nár chosúil gur tír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
(39) |
Thairis sin, d’áitigh an t-iarratasóir nach táirgeoir TPF é an chuideachta a shainaithin an Coimisiún sa Téalainn, agus mhol sé trí chuideachta eile. D’aontaigh an Coimisiún nach táirgeoir TPF é an chuideachta a sainaithníodh ar dtús agus d’fhíoraigh sé go raibh na trí chuideachta a mhol an t-iarratasóir (Thai Benkan Co., Ltd., Awaji Material Thailand Co., Ltd. agus TTU Industrial Corp. Ltd.) ag táirgeadh TPF agus go raibh sonraí airgeadais a bhain leis na cuideachtaí sin ar fáil go héasca. |
(40) |
An 28 Meitheamh 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (“an Dara Nóta”) maidir leis na foinsí ábhartha a raibh sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh, agus gurbh í an Téalainn an tír ionadaíoch. Chuir sé páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go leagfadh sé síos costais díola, ghinearálta agus riaracháin (“costais SGA”) agus an brabús bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil ó na trí tháirgeoir don chuideachta (Thai Benkan agus Awaji Material Thailand agus TTU Industrial Corporation) sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an Dara Nóta. |
3.2.2. Saobhadh suntasach a bheith ann
(41) |
In imscrúduithe a rinneadh le déanaí maidir leis an earnáil cruach i nDaon-Phoblacht na Síne (18), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
(42) |
Sna himscrúduithe thuasluaite, rinne an Coimisiún amach gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (19). Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis an earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun an táirge faoi athbhreithniú a thairgeadh, go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (20), agus ina theannta sin, go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais mar gheall ar an Stát a bheith i láthair sa ghnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (21). Rinne an Coimisiún amach thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála atá ann sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó a mheastar a bheith tábhachtach ó thaobh na polaitíochta de, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (22). Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (23). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (24), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (25). |
(43) |
Faoi mar a rinneadh in imscrúduithe roimhe seo maidir leis an earnáil cruach sa tSín, d’fhéach an Coimisiún san imscrúdú reatha lena fháil amach an iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b), den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil sa chomhad, lena n-áirítear an fhianaise atá san iarraidh, agus sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críocha Imscrúduithe Cosanta Trádála (26) (“an Tuarascáil”), rud a bhraitheann ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substaintiúla ón rialtas i ngeilleagar na Síne go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin staid shonrach an mhargaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear earnáil an táirge faoi athbhreithniú. Rinne an Coimisiún na heilimintí fianaiseacha sin a fhorlíonadh tuilleadh lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, rud a suíodh in imscrúduithe eile a rinne sé ina leith sin roimhe seo. |
(44) |
Sa bhreis ar thagairt a dhéanamh don Tuarascáil, luadh san iarraidh cleachtais a dhéanann difear do na costais agus na praghsanna san earnáil cruach inarb é máthairphíopa an príomhionchur i dtáirgeadh TPF:
|
(45) |
Mar a tugadh le fios in aithris (29), níor chuir Rialtas na Síne barúlacha in iúl ná níor sholáthair sé fianaise lenar tacaíodh nó lenar bréagnaíodh an fhianaise atá sa cháschomhad, lena n-áirítear an Tuarascáil agus an fhianaise bhreise a sholáthair an gearánach maidir le saobhadh suntasach a bheith ann agus/nó maidir lena iomchuí atá cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sa chás faoi chaibidil. |
(46) |
Go sonrach, is ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun TPF a tháirgeadh. Roinnt de na tairgeoirí is mó, is táirgeoirí faoi úinéireacht an Stáit iad. Tagraítear go sonrach do chuid acu in “an Plean um Oiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach, 2016-2020”. Mar shampla, ar a shuíomh gréasáin, luann Shanxi Taiyuan Iron & Steel Co. Ltd. cuideachta Shíneach atá faoi úinéireacht stáit, gur ‘mórchuideachta iarainn agus cruach’atá ann ‘a d’fhorbair ina chóras ollmhór iarainn agus cruach ar mhórscála, atá comhtháite le gnó na mianadóireachta iarainn, agus le táirgeadh, próiseáil, seachadadh agus trádáil iarainn agus cruach (30)’. Mórchuideachta Shíneach eile atá faoi úinéireacht stáit is ea Baosteel atá i mbun monarú cruach agus atá ina chuid de China Baowu Steel Group Co. Ltd. (ar a dtugtaí Baosteel Group agus Wuhan Iron & Steel roimhe seo) (31). Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach san earnáil cruach, as na cúig tháirgeoir cruach ón tSín a aicmítear sna 10 dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad ceithre cinn díobh (32). Mar sin féin, cé nár bhain ach thart ar 36 % de tháirgeacht iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 % agus 70 % den táirgeadh cruach a chomhdhlúthú thart ar dheich mórfhiontar nó mar sin faoi 2025 (33). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019 agus é ag fógairt gur eisíodh treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail cruach (34). D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist leis an gcomhtháthú sin cumaisc éigeantacha na gcuideachtaí príobháideacha brabúsacha leis na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá ag tearcfheidhmiú (35). Ó tharla nárbh ann d’aon chomhoibriú ó tháirgeoirí TPF sa tSín, níorbh fhéidir cóimheas cruinn na dtáirgeoirí TPF príobháideacha leis na táirgeoirí TPF faoi úinéireacht stáit a dhearbhú. |
(47) |
Maidir le Rialtas na Síne a bheith in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht Stáit i bhfiontair de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán, toisc an easpa comhair ó thaobh táirgeoirí TPF de, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil cruach faoi réir maoirseacht agus treoraíocht bheartais. Go deimhin, an ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne agus atá ag údaráis ábhartha an Stáit chun príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha (36), ó tharla gurb ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (37)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an pháirtí. Roimhe seo, ní léir gur cloíodh leis an gceanglas sin i gcónaí nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne, ar bhonn prionsabal polaitiúil, na héilimh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh (38). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú chun go mbeadh an focal deiridh ag eagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí sin (39). Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear i measc táirgeoirí TPF agus soláthróirí na n-ionchur a úsáidtear iontu. |
(48) |
Thairis sin, tá beartais i bhfeidhm san earnáil TPF lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar táirgeoirí intíre nó lena ndéantar tionchar ar an margadh ar shlí eile de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán. |
(49) |
Cé gur tionscal speisialaithe é TPF, tairbhíonn sé de treoraíocht agus idirghabháil ón rialtas maidir leis na príomh-amhábhair a úsáidtear i monarú TPF, mar atá cruach. |
(50) |
Measann Rialtas na Síne gur príomhthionscal é an tionscal cruach (40). Deimhnítear é sin sna pleananna, treoracha agus doiciméid iomadúla atá dírithe ar an gcruach agus a eisítear ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach amhail “an Plean um Oiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach, 2016-2020”, plean a bhí infheidhme le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Sonraítear sa Phlean sin gur “earnáil bhunúsach thábhachtach de gheilleagar na Síne, agus cloch choirnéil náisiúnta (41)” é an tionscal cruach. Cumhdaítear leis na príomhchúraimí agus na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean seo gach gné d’fhorbairt an tionscail (42). Sa 13ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta (43), plean a bhí infheidhme le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, foráiltear maidir le tacaíocht d’fhiontair a thairgeann cineálacha táirge cruach ardchaighdeáin (44). Dírítear ann freisin ar cháilíocht, marthanacht agus iontaofacht táirge a bhaint amach trí thacú le cuideachtaí a mbíonn teicneolaíochtaí in úsáid acu a bhaineann le táirgeadh glan cruach, beacht-rollú, agus feabhas ar cháilíocht (45). Sa “Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) (Leasú 2013)” (46)(“an Chatalóg”), liostaítear an tionscal cruach mar thionscal spreagtha. |
(51) |
Mar is léir ó na samplaí thuasluaite maidir le cruach, ar príomh-amhábhar é a úsáidtear chun TPF a tháirgeadh, stiúrann Rialtas na Síne forbairt na hearnála TPF i gcomhréir le réimse leathan uirlisí agus treoracha beartais agus rialaíonn sé beagnach gach gné d’fhorbairt agus d’fheidhmiú na hearnála. |
(52) |
Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne ar mhaithe le hoibreoirí a spreagadh chun na cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, ar beartais iad chun tacú le tionscail spreagtha, lena n-áirítear táirgeadh cruach mar phríomh-amhábhar a úsáidtear chun TPF a mhonarú. Ní féidir fórsaí an mhargadh oibriú gan bhac i ngeall ar na bearta sin. |
(53) |
Cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú easnamhach na ndlíthe féimheachta agus maoine san earnáil TPF de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (42), níor tháinig an t-imscrúdú ar aon fhianaise lena léiriú nach mbeadh tionchar ag an méid sin ar mhonaróirí an táirge faoi athbhreithniú. |
(54) |
Ina theannta sin, tá an earnáil TPF faoi thionchar an tsaofa ar chostais phá de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (42) freisin. Déanann an saobhadh sin difear don earnáil go díreach (nuair a bhíonn an táirge faoi athbhreithniú nó na príomh-ionchuir á dtáirgeadh) agus go hindíreach (nuair atá rochtain ar chaipiteal nó ar ionchuir i gceist ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne) (47). |
(55) |
Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise faoi bhráid an imscrúdaithe reatha a léirigh nach bhfuil an earnáil TPF faoi thionchar ag idirghabháil ón rialtas san earnáil airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, rud dá dtagraítear thuas in aithris (42) freisin. Dá bhrí sin, déantar difear tromchúiseach do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal de dheasca idirghabháil shubstaintiúil an rialtais sa chóras airgeadais. |
(56) |
Ar deireadh, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil roinnt ionchur ag teastáil chun TPF a tháirgeadh. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí TPF na hionchuir sin nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthróirí na n-ionchur lucht saothair atá faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht atá faoi réir an tsaofa san earnáil airgeadais nó sa leithdháileadh caipitil. Ina theannta sin, bíonn siad faoi réir an chórais pleanála is infheidhme maidir le gach leibhéal rialtais agus gach earnáil. |
(57) |
Dá bharr sin, ní hamháin nach iomchuí praghsanna díola intíre TPF a úsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach tá na costais ionchuir uile faoi thionchar freisin (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna I agus II den Tuarascáil. Go deimhin, idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh caipitil, talamh, lucht saothair, fuinneamh agus amhábhair, is ann do na hidirghabhálacha sin ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, nuair a chuirtear réimse tosca táirgeachta le chéile chun ionchur a tháirgeadh sa tSín, is ionchur é atá neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh atá d’ionchur an ionchuir agus mar sin de. |
(58) |
Níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú reatha aon fhianaise ná argóint ina choinne sin. |
(59) |
Mar achoimre, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, faoi mar a léiríonn an tionchar iarbhír atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha a liostaítear iontu, sin nó an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne, ba é conclúid an Choimisiúin nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an gnáthluach a shuí sa chás seo. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas. |
3.2.3. An tír ionadaíoch
3.2.3.1. Barúlacha ginearálta
(60) |
Is ar na critéir seo a leanas a bunaíodh rogha na tíre ionadaíche de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
(61) |
Mar a mhínítear in aithris (40), chuir an Coimisiún páirtithe leasmhara ar an eolas sa Dara Nóta i dtaobh a chonclúide gur tír ionadaíoch iomchuí í an Téalainn. |
3.2.3.2.
-
(62) |
Sa Chéad Nóta, shainaithin an Coimisiún Cónaidhm na Rúise, an Téalainn agus an Tuirc mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha “ard-mheánioncaim” ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus ba chosúil go dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sna tíortha sin. |
(63) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an leibhéal forbartha eacnamaíche de bhun an nóta sin. |
3.2.3.3. Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa tír ionadaíoch
(64) |
Sa Chéad Nóta, léirigh an Coimisiún gur sainaithníodh táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú i gCónaidhm na Rúise, sa Téalainn agus sa Tuirc. Mar sin féin, cuireadh Cónaidhm na Rúise as an áireamh toisc gur ann do thoirmeasc onnmhairiúcháin ar mháthairphíopaí (féach aithris (37) thuas), rud is amhábhar tábhachtach é a úsáidtear i dtáirgeadh TPF agus, níos ginearálta, i dtáirgeadh na cruach. Cuireadh an Tuirc as an áireamh toisc nach monaróirí TPF aon cheann den trí chuideachta a sainaithníodh sa Chéad Nóta agus a raibh faisnéis airgeadais ar fáil ina leith le déanaí. |
3.2.3.4. Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch
(65) |
I gcás na dtíortha thuasluaite, d’fhíoraigh an Coimisiún thairis sin go raibh fáil ar na sonraí poiblí, go háirithe maidir le sonraí airgeadais poiblí ó tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú. |
(66) |
Lorg an Coimisiún táirgeoirí TPF lena mbaineann sonraí airgeadais atá ar fáil go poiblí a bhféadfaí iad a úsáid chun méideanna neamhshaofa réasúnta a shuí i gcomhair SGA agus brabús. Le linn an chuardaigh dhírigh an Coimisiún go háirithe ar chuideachtaí brabúsacha a bhfuil ráitis bhrabúis agus chaillteanais ar fáil acu le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, liostaíodh trí chuideachta sa Téalainn sa Dara Nóta. |
(67) |
Rinne an Coimisiún anailís ar na sonraí ábhartha uile dá raibh ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa Téalainn agus thug an méid a leanas dá aire:
|
(68) |
Ar bhonn na mbreithnithe thuas, mheas an Coimisiún gur tír ionadaíoch iomchuí a bhí sa Téalainn. |
3.2.3.5. Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil
(69) |
Tar éis don Choimisiún a shuí gurb í an Téalainn an t-aon tír ionadaíoch iomchuí ar bhonn na ngnéithe sin, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar an leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt deiridh d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. |
3.2.3.6. An chonclúid ar an tír ionadaíoch
(70) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Téalainn na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán, chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. Go háirithe, bhí an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh ar bhealach leordhóthanach sa Téalainn agus bhí sonraí ábhartha ann maidir le gach toisc tháirgeachta, costais SGA agus brabús. |
3.2.4. Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a shuí
(71) |
Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta. |
(72) |
Sa Dara Nóta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé an Global Trade Atlas (GTA) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le máthairphíopa sa tír ionadaíoch. |
(73) |
Shonraigh an Coimisiún thairis sin go n-úsáidfí staitisticí de chuid Oifig Staidrimh Náisiúnta na Téalainne agus KPMG chun costais saothair neamhshaofa sa tír ionadaíoch a shuí; agus go n-úsáidfí staitisticí náisiúnta, dá dtagraítear in aithris (67), chun costais fuinnimh neamhshaofa a shuí. |
3.2.5. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
(74) |
In éagmais comhar ó tháirgeoirí sa tSín, b’éigean don Choimisiún brath ar an thionscal an Aontais chun na tosca táirgeachta a úsáidtear i dtáirgeadh TPF a shuí. |
(75) |
Ag féachaint don fhaisnéis uile a sholáthair tionscal an Aontais agus don easpa barúlacha ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin ar an dá nóta maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i ndáil leis na tosca táirgeachta, is iad seo a leanas na tosca táirgeachta agus a bhfoinsí a sainaithníodh chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta TPF
|
(76) |
Chuir an Coimisiún luach ar fhorchostais mhonaraíochta san áireamh ann ar mhaithe le costais nár cuimsíodh sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas a chumhdach. I bhfianaise na heaspa sonraí ábhartha i sonraí airgeadais na gcuideachtaí sa Téalainn atá ar fáil go poiblí, chun an méid sin a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as na sonraí airgeadais arna soláthar ag táirgeoirí comhoibríocha an Aontais a luaitear in aithris (18) thuas. Mínítear an mhodheolaíocht sin go hiomchuí i Roinn 3.2.2(d). |
3.2.5.1. Amhábhair
(77) |
Chun praghsanna neamhshaofa na n-amhábhar, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata monarchan táirgeora tíre ionadaíche, a shuí, d’úsáid an Coimisiún na meánphraghsanna allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. |
(78) |
Cinneadh an praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan Daon-Phoblacht na Síne a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh, toisc gur shocraigh sé in aithris (59) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne a úsáid i bhfianaise saobhadh suntasach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Ní ann d’aon fhianaise a léiríonn nach bhfuil an tionchar céanna ag an saobhadh sin ar tháirgí atá beartaithe lena n-onnmhairiú, agus ó tharla sin amhlaidh, mheas an Coimisiún go bhfuil tionchar ag an saobhadh céanna ar phraghsanna na n-onnmhairí. Fuair an Coimisiún amach gur lean na hallmhairí isteach sa Téalainn ó thríú tíortha de bheith ionadaíoch agus cuimsíodh ó 14,01 % i gcás na máthairphíopaí go 99,9 % i gcás na dramhchruach, de mhéideanna allmhairí iomlána. |
3.2.5.2. Saothar
(79) |
Bhain an Coimisiún úsáid as na staitisticí a bhí ar fáil go poiblí agus a fuarthas ó Oifig Staidrimh Náisiúnta na Téalainne (60) chun an costas saothair a ríomh in aghaidh na huaire, agus ó KPMG (61) chun na muirir slándála sóisialta bhreise a íocann an fostóir a ríomh. |
3.2.5.3. Leictreachas
(80) |
Bhain an Coimisiún úsáid as na staitisticí i ndáil le praghsanna leictreachais a d’fhoilsigh an “Metropolitan Electricity Authority” (62) na Téalainne, rud a chumhdaíonn an Téalainn ar fad. |
3.2.5.4. Gás Nádúrtha
(81) |
Bhain an Coimisiún úsáid as an bpraghas gáis atá ar fáil go poiblí le haghaidh úsáideoirí tionsclaíocha sa Téalainn arna fhoilsiú ag an Oifig um Beartas agus Pleanáil Fuinnimh – Aireacht Fuinnimh na Téalainne (63). |
3.2.5.5. Ola Bhreosla
(82) |
Bhain an Coimisiún úsáid as an bpraghas ola breosla atá ar fáil go poiblí arna fhoilsiú ag Aireacht Fuinnimh na Téalainne (64). |
3.2.5.6. Uisce
(83) |
Bhain an Coimisiún úsáid as an taraif uisce ó “Provincial Waterworks Authority” (65). |
3.2.6. Forchostais mhonaraíochta, costais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus brabúis
(84) |
Sa bhreis ar na tosca táirgeachta a bhfuil achoimre déanta orthu faoi aithris (75) thuas, ríomhadh forchostais mhonaraíochta, i.e. costais dhíreacha táirgeachta, fóntais agus dímheas. I bhfianaise na heaspa comhair ó tháirgeoirí de chuid na Síne, bhí na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar fhorchostais mhonaraíochta a thuairiscigh tionscal an Aontais, is é sin 15,7 % de chostas na monaraíochta. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm maidir leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa. |
(85) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach i gcomhair costais SGA agus brabús. Mar a luadh in aithris (40), shainaithin an Coimisiún trí chuideachta Théalannacha (TTU Industrial Corporation, Thai Benkan agus Awaji Material Thailand) a raibh faisnéis airgeadais ar fáil go poiblí acu (mar a foilsíodh in Global Financials ag Dun & Bradstreet (66)), faisnéis a d’fhéadfaí a úsáid mar ionadaí chun méid réasúnta neamhshaofa a chinneadh i gcomhair SGA agus brabús. Faisnéis airgeadais na gcuideachtaí sin a bhí ar fáil go poiblí, cuireadh ar fáil do na páirtithe leasmhara iad mar cheangaltán leis an Dara Nóta. |
3.2.7. Ríomh
(86) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
(87) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais comhar ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair tionscal an Aontais maidir le hídiú gach toisce táirgeachta (amhábhair, lucht saothair agus fuinneamh) chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh. Rinneadh na méideanna tomhaltais sin a iolrú faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid arna bhunú sa Téalainn, faoi mar a dtugtar tuairisc air in aithrisí (76) go (85). |
(88) |
Ar an dara dul síos, na forchostais mhonaraíochta a cinneadh agus mar a dtugtar tuairisc orthu in aithris (84), chuir an Coimisiún i bhfeidhm iad maidir leis na costais mhonaraíochta neamhshaofa. |
(89) |
Ar deireadh, an SGA agus brabús sa tír ionadaíoch arna bhunú mar a mhínítear in aithris (85), chuir an Coimisiún é sin i bhfeidhm maidir leis an gcostas táirgthe a bhfuil tuairisc air in aithris (88). Na costais SGA agus an brabús arna sloinneadh mar chéatadán de Chostas na nEarraí a Díoladh (“COGS”) agus arna gcur i bhfeidhm maidir leis na costais táirgthe neamhshaofa, is céatadáin 14,1 % agus 1,7 % faoi seach a bhí iontu. Meastar go bhfuil an leibhéal brabúis sin míréasúnta mar gheall ar a ísle atá a leibhéal ach, ós rud é gur suíodh gurbh ann don dumpáil cheana féin roimh leibhéal réasúnta brabúis a chur leis, chinn an Coimisiún leibhéal chomh híseal sin a úsáid mar nach mbeadh aon tionchar praiticiúil aige ar ríomh na dumpála chun críoch thorthaí an athbhreithnithe seo. |
(90) |
Mar gheall nár chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin, suíodh an gnáthluach le haghaidh na tíre ina hiomláine. |
3.2.8. An praghas onnmhairiúcháin
(91) |
In éagmais comhar ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, agus dá bhrí sin in éagmais faisnéis shonrach ar phraghsanna na Síne, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, i.e. ar bhonn staitisticí allmhairí ó Comext Eurostat. Ós rud é go dtuairiscítear na praghsanna sin ar bhonn Costais, Árachais, Last-táille (“CAL”), rinneadh iad a choigeartú go leibhéal díreach ón monarcha trí last-táille agus árachas aigéin a asbhaint ar bhonn sonraí ó ECFE (67), agus iompar intíre ar bhonn sonraí ón mBanc Domhanda (68). |
3.2.9. Comparáid agus corrlach dumpála
(92) |
Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha. Ar an mbonn sin, ba é 100,3 % an corrlach dumpála a fuarthas, corrlach arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas ó thaobh CAL de ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
3.3. An dóchúlacht go leanfar den díobháil
(93) |
Scrúdaigh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas chun scrúdú a dhéanamh ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil: acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne, mar aon le tarraingteacht mhargadh an Aontais. |
3.3.1. An acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne
(94) |
Mar gheall ar neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus tháirgeoirí na Síne, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. |
(95) |
De réir na sonraí a soláthraíodh san iarraidh, thart ar 890 000 tona atá i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta de TPF in 2019. Ríomh an t-iarratasóir gurbh é thart ar 197 000 tona a bhí i gceist le hacmhainneacht táirgeachta bhreise an táirge faoi athbhreithniú i nDaon-Phoblacht na Síne in 2019. Is ionann sin agus sé oiread méid na ndíolachán a dhéanann táirgeoirí de chuid an Aontais isteach san Aontas, agus ceithre oiread méid an tomhaltais san Aontas. |
(96) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneachtaí breise suntasacha ag na táirgeoirí TPF de chuid na Síne, acmhainneachtaí a d’fhéadfaidís a úsáid chun TPF a tháirgeadh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag. |
3.3.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
(97) |
Bhí margadh an Aontais tarraingteach i gcónaí do tháirgeoirí TPF onnmhairiúcháin de chuid na Síne. Tá sé sin le feiceáil trína láithreacht leanúnach ar mhargadh an Aontais ó bhí an chéad tréimhse imscrúdaithe ann, agus trí na hiarrachtaí a rinneadh dul timpeall ar na bearta a bhí i bhfeidhm san am a chuaigh thart tríd an Téaváin, tríd an Indinéis, trí Shrí Lanca agus trí na hOileáin Fhilipíneacha mar a luaitear in aithris(2). |
(98) |
Ar deireadh, agus é á chur san áireamh, cé is moite den Aontas Eorpach, go bhfuil bearta frithdhumpála i bhfeidhm maidir le hallmhairí TPFanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne ag an Airgintín (69), an tSeapáin (70), Meicsiceo (71), an Tuirc (72) agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (73), is dócha go ndéanfaí cainníochtaí móra den acmhainneacht bhreise sin a dhíriú chuig margadh an Aontais, dá ligfí do na bearta dul in éag. |
3.3.3. Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil
(99) |
Léirigh an t-imscrúdú gur lean onnmhairí Dhaon-Phoblacht na Síne de bheith ag teacht isteach ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna dumpáilte le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Agus na hallmhairí TPFanna chuig an Aontas le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin ar phraghsanna dumpáilte á gcur san áireamh, mar aon leis an acmhainneacht bhreise i nDaon-Phoblacht na Síne agus le tarraingteacht mhargadh an Aontais, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an dóchúlacht ann go dtiocfaidh cainníochtaí suntasacha de TPFanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne isteach ar mhargadh an Aontais ar leibhéil na bpraghsanna dumpáilte, má ligtear do na bearta dul in éag. |
(100) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfaí den dumpáil mar thoradh ar dhul in éag na mbeart frithdhumpála. |
4. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAÍ DEN DÍOBHÁÍL NÓ GO dTARLÓDH ARÍS Í
4.1. Sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
(101) |
Le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, bhí an táirge comhchosúil á mhonarú ag ocht dtáirgeoir déag aitheanta san Aontas. Is iad “tionscal an Aontais” iad de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
(102) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais trí dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais a chur leis na hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ó thríú tíortha eile trí úsáid a bhaint as sonraí Eurostat ar leibhéal an chóid TARIC (taraif chomhtháite an Aontais Eorpaigh). |
(103) |
Ar an mbonn sin, is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais
|
(104) |
Ós rud é go n-úsáidtear TPFanna go príomha sa tionscal peitriceimiceach, san earnáil tógála, i nginiúint fuinnimh, i longthógáil agus i suiteálacha tionsclaíocha chun feadáin nó píopaí a cheangal le chéile, tá nasc ann idir an éileamh ar TPF agus an ghníomhaíocht san earnáil bonneagair fuinnimh, rud a spreagtar ag forbairt na bpraghsanna fuinnimh. |
(105) |
Dá thoradh sin, tar éis roinnt téarnamh i bpraghsanna ola agus gáis in 2018 (74), tháinig méadú thart ar 14 % ar thomhaltas an Aontais in 2018 i gcomparáid le 2017. Tháinig laghdú 8 % in 2019 (mar gheall ar laghdú ar phraghsanna ola agus gáis) agus méadú beag le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin mar thoradh ar an méadú sin ar thomhaltas, rud a d’fhág méadú 7 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
4.3. Allmhairí ón tSín
4.3.1. Méid agus sciar den mhargadh na n-allmhairí ón tSín
(106) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn Eurostat. Tábla 3 Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh ón tSín
|
(107) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar mhéid iomlán na n-allmhairí ón tSín ó 5 864 thona in 2017 go 5 192 thona le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Lean an sciar den mhargadh atá ag an tSín an treocht chéanna agus tháinig laghdú air sa tréimhse faoi bhreathnú ó 13 % in 2017 go 10 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais
(108) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn Eurostat. Ar an mbonn sin, is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann. Tábla 4 Praghsanna allmhairí na Síne (EUR/tona)
|
(109) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 46 % ar an meánphraghas allmhairiúcháin, ó EUR 1 265 in aghaidh an tona in 2017 go EUR 1 852 in aghaidh an tona le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
(110) |
Faoi mar a leagadh amach in aithris (13), níor chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin ón tSín leis an imscrúdú. Dá thoradh sin, chinn an Coimisiún an sladghearradh praghsanna le linn thréimhse an imscrúdaithe trí mheánphraghas díola ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a ghearrtar ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú go leibhéal díreach ón monarcha, a chur i gcomparáid le meánphraghas na n-allmhairí ón tír lena mbaineann arna bhunú ar bhonn costais, árachais, last-táille(CAL) ar bhonn sonraí ó Eurostat, agus rinneadh coigeartuithe iomchuí le haghaidh dleachtanna custaim agus costais iar-allmhairiúcháin. Gan na dleachtanna frithdhumpála a chur san áireamh, rinne praghsanna allmhairiúcháin na Síne sladghearradh 16,4 % ar phraghsanna díola an Aontais. Agus na dleachtanna frithdhumpála á gcur san áireamh, bhí allmhairí de chuid na Síne ag teacht isteach ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna 28 % os cionn leibhéal phraghas díola an Aontais. |
4.4. Allmhairí ó thríú tíortha eile
(111) |
Tháinig forás ar mhéid, sciar margaidh agus praghsanna na n-allmhairí ó thríú tíortha eile mar a leanas: Tábla 5 Méid na n-allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh ó thríú tíortha eile (gan an tSín a áireamh)
|
(112) |
Ba é 13 563 thona iomlán na n-allmhairí ó thríú tíortha eile le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin agus tháinig méadú 29 % orthu i gcomparáid le 2017. Tharla an méadú sin den chuid is mó idir 2017 agus 2018, ach lean méideanna na n-allmhairí de bheith cobhsaí go leor ina dhiaidh sin agus go dtí deireadh thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Feictear an méadú ar allmhairí sa sciar den mhargadh atá ag na hallmhairí sin a d’fhás ó 23 % in 2017 go 27 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tháinig méadú seasta ar an meánphraghas allmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú 19 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcomparáid le 2017. Ar an meán, bhí na praghsanna sin ní b’ísle ná praghsanna thionscal an Aontais. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
(113) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den bhun-Rialachán, mar chuid den scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais, rinneadh meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a raibh baint acu le staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
(114) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir agus ar bhonn na bhfreagraí fíoraithe ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Na sonraí a bhaineann leis na táirgeoirí uile de chuid an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sna freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Na sonraí a bhaineann leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais Rinneadh amach go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
(115) |
Seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, an sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh tar éis dumpáil a tharla cheana. |
(116) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a thiomsú. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
(117) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta na dtáirgeoirí de chuid an Aontais
|
(118) |
Tháinig méadú 7 % ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus a lean sí an forbairt sna praghsanna fuinnimh, a bheag nó a mhór. Go sonrach, tháinig méadú measartha géar de 31 % in 2018 ach tháinig titim in 2019 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin araon ina dhiaidh sin. |
(119) |
Lean an acmhainneacht táirgeachta treocht a bhí comhchosúil leis treocht na táirgeachta, i.e. méadú ní ba mhó in 2018 agus ansin titim in 2019 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Ar an iomlán, tháinig méadú 4 % ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
(120) |
Bhí úsáid acmhainneachta, rud a lean treochtaí comhchosúla, an-íseal le linn na tréimhse faoi bhreathnú (27-32 %). I gcomhréir leis an athbhreithniú éaga roimhe sin (75), is é is cúis, i bpáirt, leis leibhéal íseal na húsáide acmhainneachta an modh lena ríomhtar an acmhainneacht iomlán, i gcás inar acmhainneacht uasta theoiriciúil í an acmhainneacht thuairiscithe (3 athrú in aghaidh an lae), rud nach léiríonn an fhíor-acmhainneacht ar bhealach cruinn. |
4.5.2.2. Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh
(121) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 Méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh atá ag na táirgeoirí de chuid an Aontais
|
(122) |
Méid díolachán an táirge chomhchosúil de chuid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean sé treochtaí an mhargaidh agus forbairt thomhaltas an Aontais, agus tháinig méadú air in 2018 den chuid is mó, ach ansin tháinig laghdú air go dtí leibhéil 2017 le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin (méadú +3 %). |
(123) |
Lean an sciar den margaidh atá ag tionscal an Aontais de bheith cobhsaí ag 65 % sa tréimhse 2017-2018, agus ansin tháinig laghdú air go 62 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Tá sé sin i gcomparáid leis an sciar 64 % den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdaithe an athbhreithnithe éaga roimhe sin (76). |
4.5.2.3. Fás
(124) |
D’ainneoin méadú 3 % ar mhéid na ndíolachán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níor fhás díolacháin thionscal an Aontais ar an luas céanna leis an éileamh, éileamh ar tháinig méadú 7 % air, agus dá bhrí sin, thit an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais ó 65 % in 2017 go 62 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
4.5.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
(125) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Fostaíocht agus táirgiúlacht táirgeoirí de chuid an Aontais
|
(126) |
Tháinig méadú ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht araon in 2018 i gcomparáid le 2017 agus ansin tháinig laghdú orthu le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin go leibhéil a bhí measartha ní b’airde ná leibhéil 2017 (1 % i gcás na fostaíochta agus 6 % i gcás na táirgiúlachta faoi seach). |
4.5.3. Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla cheana
(127) |
An corrlach dumpála a suíodh leis an imscrúdú sa chás seo, bhí sé sin go mór os cionn an leibhéil de minimis. Dá bhrí sin, ba shubstaintiúil an tionchar a bhí ag méid an chorrlaigh dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, ní hamháin i bhfianaise phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, ach i bhfianaise mhéid na n-allmhairí sin freisin. |
(128) |
Thairis sin, tá tionscal an Aontais fós i mbun próiseas téarnaimh de dheasca éifeachtaí na dumpála díobhálaí a rinneadh roimhe seo trí allmhairí TPFanna de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus na Malaeisia. |
4.5.4. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.4.1. Praghsanna agus tosca a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna
(129) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola thionscal an Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas agus ar chostas aonaid le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Meánphraghsanna díola san Aontas agus costas aonaid
|
(130) |
Tháinig méadú 4 % ar mheánphraghas díola aonaid thionscal an Aontais le haghaidh custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus baineadh na leibhéil a b’airde amach in 2019 (+ 9 % i gcomparáid le 2017). Tháinig laghdú 7 % ar an gcostas táirgthe idir 2017 agus 2018 agus ansin tháinig méadú air le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin go dtí an leibhéal céanna agus a bhí ann in 2017. |
4.5.4.2. Costais saothair
(131) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar na meánchostais saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
(132) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 9 % ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí. |
4.5.4.3. Stoic
(133) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar leibhéal na stoc le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Stoic
|
(134) |
Tháinig méadú de réir a chéile ar leibhéal na stoc deiridh atá ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na mblianta 2018-2019, ach laghdaigh siad go leibhéal faoi bhun leibhéil 2017 (is é sin laghdú 3 %) le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
4.5.4.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus cumas caipiteal a thiomsú
(135) |
Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Brabúsacht, sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíochtaí
|
(136) |
Leis an imscrúdú, suíodh brabúsacht thionscal an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí brabúsacht dhiúltach ag na táirgeoirí sampláilte le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’imigh ó -22 % in 2017 go -12 % le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Bhí sé -4 % agus -6 % in 2018-2019 faoi seach, i gcomhréir le méadú ar an éileamh mar aon le laghdú ar an gcostas táirgthe. |
(137) |
Is é cumas thionscal an Aontais a ngníomhaíochtaí féin a fhéinmhaoiniú atá i gceist leis an nglansreabhadh airgid. Lean an glansreabhadh airgid de bheith diúltach le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú cé is moite de 2018 de bharr dálaí fabhracha sa mhargadh. |
(138) |
Tháinig laghdú de réir a chéile ar na hinfheistíochtaí (infheistíochtaí a díríodh go príomha ar an trealamh táirgthe a thabhairt cothrom le dáta, agus ar mhéadú ar cháilíocht, ar tháirgiúlacht agus ar sholúbthacht sa phróiseas táirgthe) le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí siad 34 % ní b’ísle le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin i gcomparáid le 2017. Is léiriú é an treocht sin ar an éiginnteacht sa mhargadh atá ann de bharr phaindéim COVID agus ar an laghdú ar an éileamh a eascraíonn as praghsanna fuinnimh ní b’ísle in 2019 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
(139) |
Léirigh an toradh ar infheistíocht ó tháirgeadh agus ó dhíol an táirge chomhchosúil treocht a bhí chomhchosúil le treocht na brabúsachta, is é sin méadú mór in 2018 agus titim in 2019 agus le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. |
4.5.5. Conclúid maidir le staid thionscal an Aontais
(140) |
D’ainneoin feabhsuithe, go háirithe i mblianta ina raibh staid an mhargaidh fabhrach (e.g. in 2018, i.e. roimh ráig COVID-19 agus tar éis an mhéadaithe ar infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh a bhuí le téarnamh praghsanna ola agus gáis), tá cás thionscal an Aontais fós forbhásach. Níorbh fhéidir leas iomlán a bhaint as an méadú ar an éileamh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág go raibh laghdú ar an sciar den mhargadh ó 65 % go 62 %. Lean tionscal an Aontais de chaillteanais a fhulaingt go mór le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar fad. Bhí caillteanais -12 % á bhfulaingt aige le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí an sreabhadh airgid agus an toradh ar infheistíochtaí diúltach den chuid is mó. |
(141) |
Sin ráite, méadú beag ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus an fheidhmíocht onnmhairiúcháin láidir atá déanta ag tionscal an Aontais i gcónaí, inar bhain onnmhairí na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le 20 % dá ndíolacháin iomlána, chuir siad sin le hinmharthanacht leanúnach thionscal an Aontais, agus léiríonn siad iarrachtaí leanúnacha thionscal an Aontais dul isteach i margaí nua agus a bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda. |
(142) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, bá é conclúid an Choimisiúin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán. |
(143) |
Ansin, rinne an Coimisiún measúnú ar cibé acu an bhfuil nasc cúisíoch idir allmhairí ón tír lena mbaineann agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, nó nach bhfuil. Lean cainníochtaí na n-allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne de bheith mór le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ach tháinig laghdú 11 % orthu. Tháinig méadú 46 % ar phraghsanna allmhairí na Síne le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Agus na bearta a bhí i bhfeidhm á gcur san áireamh, tháinig na hallmhairí sin isteach ar mhargadh an Aontais ar phraghsanna 28 % ab airde ná praghsanna thionscail an Aontais, agus dá bhrí sin. ar leibhéil nach bhfuil díobhálach. |
(144) |
I bhfianaise an mhéid thuas, chinn an Coimisiún nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí ón tír lena mbaineann ba chúis leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
(145) |
I bhfianaise an mhéid sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, lena fháil amach an dócha go dtarlóidh an díobháil arís arbh í na hallmhairí dumpáilte ón Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis léi ar an gcéad dul síos, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. |
5. DÓCHÚLACHT GO dTARLÓDH DÍOBHÁIL ARÍS ARBH IAD ALLMHAIRÍ DUMPÁILTE Ó NA TÍORTHA LENA mBAINEANN BA CHÚIS LEIS AN DÍOBHÁIL I dTOSACH BÁIRE, DÁ nDÉANFAÍ NA BEARTA A AISGHAIRM.
(146) |
Chun a shuí an dócha go dtarlóidh an díobháil arís, an díobháil arbh í na hallmhairí dumpáilte ó Dhaon-Phoblacht na Síne ba chúis léi, d’fhéach an Coimisiún ar na heilimintí seo a leanas: (1) an acmhainneacht bhreise sa tír lena mbaineann agus tarraingteacht mhargadh an Aontais agus (2) an tionchar ag allmhairí a d’fhéadfadh teacht isteach ó Dhaon-Phoblacht na Síne ar staid thionscal an Aontais, agus leibhéil praghsanna na n-allmhairí sin, dá ligfí do na bearta dul in éag. |
(147) |
Mar a luaitear in aithris (95) thuas, an acmhainneacht táirgeachta bhreise a bhí ar fáil sa tSín, bhí sin ceithre oiread tomhaltas an Aontais le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Gan na dleachtanna frithdhumpála i bhfeidhm, dhéanfadh allmhairí na Síne sladghearradh 16,4 % ar phraghsanna na dtáirgeoirí de chuid an Aontais Ós rud gur ar bhonn phraghsanna díola thionscail an Aontais a ríomhtar an sladghearradh, ar praghsanna lena mbaineann caillteanas don tionscal, bheadh corrlaigh dhíobhála i bhfad níos airde. Dá bhrí sin, i gcás ina n-aisghairfí na bearta, is dócha go rachaidh méideanna arda allmhairí dumpáilte ar phraghsanna díobhálacha isteach ar mhargadh an Aontais. |
(148) |
Na méideanna allmhairiúcháin atá measartha cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, léiríonn siad sin go bhfuil suim leanúnach ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne i margadh an Aontais. Anuas air sin, fuarthas amach go mbíonn onnmhaireoirí de chuid na Síne ag teacht timpeall ar an mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm trí cheithre thríú tír éagsúla, is é sin an Téaváin, Srí Lanca, an Indinéis agus na hOileáin Fhilipíneacha. Taispeánann na cleachtais teacht timpeall sin go soiléir an spéis atá ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne margadh an Aontais a rochtain gan srianta agus dá bhrí sin tarraingteacht mhargadh an Aontais d’onnmhairí na Síne. Ar deireadh, de réir mar a mhínítear in aithris (104) thuas, tá bearta frithdhumpála i bhfeidhm maidir le hallmhairí TPFanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne ag líon tríú tíortha eile, rud a fhágann gur dócha go ndéanfaí cainníochtaí móra de TPFanna ón tSín sin a dhíriú chuig margadh an Aontais, dá ligfí do na bearta dul in éag. |
(149) |
Dá dtiocfadh méadú dóchúil ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna díobhálacha, thiocfadh meath breise ar chás thionscal an Aontais. Leis an mbrú praghsanna sin, ní fhéadfadh tionscal an Aontais a phraghsanna a mhéadú go leibhéil bhrabúsacha agus ba dhócha go mbeadh caillteanais bhreise airgeadais ann, go laghdófaí an táirgeadh nó fiú go ndúnfaí gléasraí na dtáirgeoirí de chuid an Aontais dá thoradh sin. Thairis sin, leanfadh na hallmhairí sin de sciar den mhargadh a bheith acu ar mhargadh an Aontais ar chostas Thionscal an Aontais, rud a d’fhágfadh go laghdófaí tuilleadh úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais, rud a bhí íseal cheana féin. |
(150) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhócha go dtarlódh díobháil arís do thionscal an Aontais de bharr allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne de réir bhrí Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán dá n-aisghairfí na bearta atá i bhfeidhm. |
6. LEAS AN AONTAIS
(151) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú le fáil amach an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí ar bun na bearta frithdhumpála atá ann cheana in aghaidh na Síne. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla ar fad lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
(152) |
Tugadh deis do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl de bhun hAirteagal 21(2) den bhun-Rialachán. |
(153) |
Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann a d’fhágfadh go ndéanfaí an chonclúid nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun, d’ainneoin na gconclúidí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil arís. |
6.1. Leas thionscal an Aontais
(154) |
Mar a tugadh i gcrích in aithrisí (140) agus (142), agus mar a deimhníodh le treochtaí diúltacha an iliomad táscairí díobhála, lean tionscal an Aontais de bheith i staid an-leochaileach le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Thairis sin, thángthas ar an gconclúid in aithris (148) go dtarlódh díobháil an athuair dá ligfí do na bearta frithdhumpála i gcoinne na Síne dul in éag. |
(155) |
Ar an iomlán, d’ainneoin staid dhíobhálach thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, mheas an Coimisiún go bhfuil an tionscal fós inmharthana. Ní hamháin go bhfuil feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscail an Aontais láidir i gcónaí, agus is sciar mór de mhéid na ndíolachán iad na díolacháin onnmhairí, ach tá méadú tagtha freisin ar na leibhéil táirgiúlachta le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, tá leibhéil an-íseal úsáide acmhainneachta fós le feiceáil i dtionscal an Aontais agus tá brabúsacht dhiúltach aige i gcónaí. |
(156) |
Bheadh tionchar ag aon mheath breise ar a staid ina iomláine agus an baol ann go ndéanfaí an táirgeadh a laghdú nó fiú go ndúnfaí láithreáin táirgthe san Aontas go cinntitheach. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais dá gcoinneofaí ar bun na bearta in aghaidh na Síne. |
6.2. Leas na n-allmhaireoirí/na dtrádálaithe agus na n-úsáideoirí
(157) |
Dhá allmhaireoir neamhghaolmhara a bhí freagrach as tuairim is 6 % d’allmhairí iomlána TPF ón tSín le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, tháinig an dá allmhaireoir sin chun cinn tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh. Chuir an dá allmhaireoir in iúl go dtacaíonn siad leis go leanfar de na bearta. Bhí brabús ann dá ngníomhaíocht ghnó a bhaineann leis an táirge lena mbaineann le linn thréimhse an imscrúdaithe athbhreithniúcháin. Dá bhrí sin, is é an chonclúid nach bhfuil aon chúis láidir ann ó thaobh na n-allmhaireoirí de gan síneadh a chur leis na bearta atá ann cheana. |
(158) |
Níor tháinig aon úsáideoir chun cinn tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh agus le linn an imscrúdaithe. Meabhraítear nach n-úsáidtear TPFanna ach chun feadáin nó píopaí a nascadh le chéile agus dá bhrí sin ní léiríonn a gcostas de ghnáth ach cuid bheag de chostas iomlán an tionscadail. |
(159) |
Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhartha ann lenar léiríodh go mbeadh tionchar diúltach ag na bearta dá gcoinneofaí ar bun iad ar na húsáideoirí, ar mhó é ná tionchar dearfach na mbeart. |
6.3. Conclúid maidir le leas an Aontais
(160) |
I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh ann d’aon chúis mhaith ó thaobh leas an Aontais de gan síneadh a chur leis na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar allmhairí ón tSín. |
7. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
(161) |
De bhrí na mbreithnithe thuas, faoi Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán, na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí d’fheistithe áirithe feadán agus píopaí as iarann nó as cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ar bearta is infheidhme iad faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1934, is bearta iad ba cheart a choinneáil ar bun. |
(162) |
Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe a raibh sé beartaithe ar an mbonn sin a mholadh go gcoinneofaí na bearta atá ann cheana i bhfeidhm. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
(163) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (77), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart an t-ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
(164) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bunú le hAirteagal 15(1) den Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe feadáin agus píopaí (seachas feistithe teilgthe, feirí agus feistithe sáithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta a áireamh), nach mó a dtrastomhas seachtrach is mó ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh feistiú buntáthaithe seachas chun críoch eile, a thagann faoi chóid CN ex 7307 93 11, ex 7307 93 19 agus ex 7307 99 80 (cóid TARIC 7307931191, 7307931193, 7307931194, 7307931195, 7307931199, 7307931991, 7307931993, 7307931994, 7307931995, 7307931999, 7307998092, 7307998093, 7307998094, 7307998095 agus 7307998098), agus iad de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Ráta na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a shonraítear i mír 1 agus a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos, is mar seo a leanas a bheidh sé:
Tír |
Cuideachta |
Ráta dleachta (%) |
Cóid bhreise TARIC |
An tSín |
Gach cuideachta |
58,6 |
- |
Airteagal 2
1. An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, leathnaítear í leis seo chun allmhairí de na feistithe céanna a chumhdach (nithe a aicmítear faoi láthair faoi chóid TARIC: 7307931191; 7307931991; 7307998092), ar allmhairí iad arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine iad nó ná bídís, cé is moite díobh siúd arna dtáirgeadh ag Chup Hsin Enterprise Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A098), Rigid Industries Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A099) agus Niang Hong Pipe Fittings Co. Ltd, Kaohsiung (an Téaváin) (cód breise TARIC A100).
2. An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, leathnaítear í leis seo chun na hallmhairí seo a leanas a chumhdach: allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí (seachas feistithe teilgthe, feirí agus feistithe sháithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta a áireamh), nach mó a dtrastomhas seachtrach is mó ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh feistiú buntáthaithe nó chun críoch eile, a thagann faoi chóid AC ex 7307 93 11 (cód TARIC 7307931193), ex 7307 93 19 (cód TARIC 7307931993), agus ex 7307 99 80 (cód TARIC 7307998093) arna gcur chun bealaigh ón Indinéis, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na hIndinéise iad nó ná bídís.
3. An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, leathnaítear í leis seo chun na hallmhairí seo a leanas a chumhdach: allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí (seachas feistithe teilgthe, feirí agus feistithe sháithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta a áireamh), nach mó a dtrastomhas seachtrach is mó ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh feistiú buntáthaithe nó chun críoch eile, a thagann faoi chóid CN ex 7307 93 11 (cód TARIC 7307931194), ex 7307 93 19 (cód TARIC 7307931994), agus ex 7307 99 80 (cód TARIC 7307998094) arna gcur chun bealaigh ó Shrí Lanca, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh Shrí Lanca iad nó ná bídís.
4. An dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 ar allmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, leathnaítear í leis seo chun na hallmhairí seo a leanas a chumhdach: allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí (seachas feistithe teilgthe, feirí agus feistithe sháithithe), as iarann nó as cruach (gan cruach dhosmálta a áireamh), nach mó a dtrastomhas seachtrach is mó ná 609,6 mm, de chineál a úsáidtear le haghaidh feistiú buntáthaithe nó chun críoch eile, a thagann faoi chóid CN ex 7307 93 11 (cód TARIC 7307931195), ex 7307 93 19 (cód TARIC 7307931995), agus ex 7307 99 80 (cód TARIC 7307998095) arna gcur chun bealaigh ó na hOileáin Fhilipíneacha, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na nOileán Filipíneach iad nó ná bídís.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachta custaim.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 584/96 ón gComhairle an 11 Márta 1996 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadáin agus píopaí, as iarann nó as cruach, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na Cróite agus na Téalainne, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a fhorchuirtear (IO L 84, 3.4.1996, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 964/2003 ón gComhairle an 2 Meitheamh 2003 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadáin agus píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nó na Téalainne iad, agus orthu siúd arna gcur chun bealaigh ón Téaváin, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na Téaváine iad nó ná bídís (IO L 139, 6.6.2003, lch. 1).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 2052/2004 ón gComhairle an 22 Samhain 2004 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 964/2003 ar allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, chun allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí, as iarann nó as cruach, arna gcur chun bealaigh ón Indinéis, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na hIndinéise iad nó ná bídís, a chumhdach (IO L 355, 1.12.2004, lch. 4).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 2053/2004 ón gComhairle an 22 Samhain 2004 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 964/2003 ar allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, chun allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí, as iarann nó as cruach, arna gcur chun bealaigh ó Shrí Lanca, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh Shrí Lanca iad nó ná bídís, a chumhdach (IO L 355, 1.12.2004, lch. 9).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 655/2006 ón gComhairle an 27 Aibreán 2006 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach arna forchur le Rialachán (CE) Uimh. 964/2003 ar allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí, as iarann nó as cruach, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, chun allmhairí d’fheistithe feadáin nó píopaí, as iarann nó as cruach, arna gcur chun bealaigh ó na hOileáin Fhilipíneacha, bídís dearbhaithe gur de thionscnamh na nOileán Filipíneach iad nó ná bídís, a chumhdach (IO L 116, 29.4.2006, s. 1).
(7) OJ L 282, 27.10.2015, p. 14.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/566 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí d’fheistithe áirithe feadáin agus píopaí ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise, Phoblacht na Cóiré agus Mhalaeisia iad agus lena gcuirtear deireadh leis an imscrúdú a bhain le hallmhairí an táirge céanna ar de thionscnamh Phoblacht na Tuirce é, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 99, 10.4.2019, lch. 9).
(9) IO C 38, 5.2.2020, lch. 2.
(10) IO C 361, 27.10.2020, lch. 6.
(11) https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2490.
(12) Fógra maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).
(13) Féach fonóta 7.
(14) http://comext.eurostat.ec.europa.eu/ANALYTICAL_S10_V17_ECAS/Analytical.html
(15) Dun & Bradstreet (D&B): https://sso.dnb.com/
(16) Global Trade Alert - GTA: https://www.globaltradealert.org/data_extraction
(17) Bunachar sonraí ECFE: http://qdd.oecd.org/subject.aspx?Subject=ExportRestrictions_IndustrialRawMaterials
(18) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de phíopaí táite agus d’fheadáin tháite áirithe d’iarann nó de chruach neamh-chóimhiotail ar de thionscnamh na Bealarúise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise iad tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 145), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí leathán agus cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine (IO L 110, 8.4.2020, lch. 3).
(19) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 149-150, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 158-159
(20) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 115-118, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 122-127
(21) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 119-122, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 128-132: An ceart atá ag údaráis ábhartha na Síne chun príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh nó a chur as a bpost, ceart dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, cé gur féidir an ceart sin a mheas mar cheart a léiríonn na cearta úinéireachta comhfhreagracha, ó tharla gurb ann do chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair stáit agus i bhfiontair phríobháideacha araon, is modh tábhachtach eile é sin trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí an pháirtí. Roimhe seo, ní léir gur cloíodh leis an gceanglas sin i gcónaí nó gur forfheidhmíodh go docht é. Mar sin féin, ó 2016 ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne, ar bhonn prionsabal polaitiúil, na héilimh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don “tírghrá” agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú chun go mbeadh an focal deiridh ag eagraíochtaí de chuid Pháirtí Cumannach na Síne maidir leis na cinntí gnó laistigh de na cuideachtaí sin. Cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm go ginearálta ar fud gheilleagar na Síne, i ngach earnáil, lena n-áirítear i measc táirgeoirí SSCR agus soláthróirí na n-ionchur a úsáidtear iontu.
(22) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 123-129, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 133-138.
(23) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 130-133, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 139-142.
(24) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 134-135, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 143-144.
(25) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 136-145, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 145-154.
(26) Le fáil ar https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf
(27) Tá téacs iomlán an phlean le fáil ar shuíomh gréasáin MIIT: http://www.miit.gov.cn/n1146295/n1652858/n1652930/n3757016/c5353943/content.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 2 Márta 2020)
(28) An Plean um Oiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach, 2016-2020, leathanach 24
(29) An Plean um Oiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach, 2016-2020, leathanach 25
(30) TISCO, “Próifíl na cuideachta”, http://en.tisco.com.cn/CompanyProfile/20151027095855836705.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 2 Márta 2020)
(31) Baowu, “Próifíl na cuideachta”, http://www.baowugroup.com/en/contents/5273/102759.html (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021)
(32) Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 358: 51 % de chuideachtaí príobháideacha agus 49 % de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit ó thaobh táirgeachta de, agus 44 % de chuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus 56 % de chuideachtaí príobháideacha ó thaobh acmhainneachta de.
(33) Le fáil ar:
www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021); https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steel-enterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021), agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air 6 Bealtaine 2021).
(34) Le fáil ar http://www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021) agus http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).
(35) Faoi mar a tharla i gcás chumasc na cuideachta príobháidí, Rizhao, le Shandong Iron and Steel, cuideachta faoi úinéireacht stáit, in 2009. Féach an tuarascáil ar chruach Bhéising, lch. 58, agus an leas tromlaigh de China Baowu Steel Group a shealbhaigh Magang Steel i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).
(36) Tuarascáil, Cuid I, Caibidil 5, lgh. 100-1.
(37) Tuarascáil, Cuid I, Caibidil 2, lch. 26.
(38) Tuarascáil, Cuid I, Caibidil 2, lgh. 31-2.
(39) Le fáil ar https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 22 Deireadh Fómhair 2021)
(40) Tuarascáil, Cuid III, Caibidil 14, lgh. 346 ff.
(41) Réamhrá leis an bPlean um Oiriúnú agus Uasghrádú an Tionscail Cruach.
(42) Tuarascáil, Caibidil 14, lch. 347.
(43) An 13ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne (2016-2020), le fáil ar
https://en.ndrc.gov.cn/newsrelease_8232/201612/P020191101481868235378.pdf (an dáta deireanach ar breathnaíodh air an 6 Bealtaine 2021).
(44) Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 349.
(45) Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 352.
(46) An Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) (Leasú 2013) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 9 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 27 Márta 2011, agus arna leasú i gcomhréir le Cinneadh an Choimisiúin Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú maidir le Leasú na gClásal Ábhartha den Chatalóg um Athstruchtúrú Tionscail a Threorú (Leagan 2011) arna eisiúint le hOrdú Uimh. 21 ón gCoimisiún Náisiúnta um Fhorbairt agus um Athchóiriú an 16 Feabhra 2013.
(47) Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/635, aithrisí 134-135, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/508, aithrisí 143-144.
(48) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(49) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear san aicme agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.
(50) Leictreachas (http://www.mea.or.th/en/profile/109/114), gás nádúrtha (http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static), ola bhreosla (http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/petroleumprice-statistic) agus uisce (https://en.pwa.co.th/contents/service/table-price).
(51) http://www.nso.go.th/sites/2014en/Pages/Statistical%20Themes/Population-Society/Labour/Labour-Force.aspx
(52) https://home.kpmg/xx/en/home/insights/2011/12/thailand-other-taxes-levies.html
(53) Féach: http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static, go háirithe Tábla 7.2.4 - Final Energy Consumption Per Capita.
(54) http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static
(55) http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/petroleumprice-statistic
(56) https://en.pwa.co.th/contents/service/table-price
(57) Fuarthas an “slándáil shóisialta arna híoc ag an bhfostóir” sa Téalainn ó na staitisticí i léargais KPMG Thailand:https://home.kpmg/xx/en/home/insights/2011/12/thailand-other-taxes-levies.html
(58) Tagarmharcanna na gcostas saothair le linn thréimhse shonrach an imscrúdaithe agus na rátaí malairte comhfhreagracha, baineadh iad ó NSO “National Statistical Office of Thailand’ [Oifig Staidrimh Náisiúnta na Téalainne] http://www.nso.go.th/sites/2014en/Pages/Statistical%20Themes/Population-Society/Labour/Labour-Force.aspx
(59) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33). Meastar in Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh agus, agus in aon chás, sonraí diomaibhseacha a bhí sna sonraí allmhairiúcháin sin.
(60) Tagarmharcanna an tsaothair le tréimhse shonrach an imscrúdaithe agus na rátaí malairte comhfhreagracha, baineadh iad ó NSO “National Statistical Office of Thailand" [Oifig Staidrimh Náisiúnta na Téalainne] http://www.nso.go.th/sites/2014en/Pages/Statistical%20Themes/Population-Society/Labour/Labour-Force.aspx
(61) Fuarthas an “slándáil shóisialta arna híoc ag an bhfostóir” sa Téalainn ó na staitisticí i léargais KPMG Thailand:https://home.kpmg/xx/en/home/insights/2011/12/thailand-other-taxes-levies.html
(62) http://www.mea.or.th/en/profile/109/114 lena mbaineann an meán seo a leanas arna ríomh ar bhonn caighdeáin Eorpacha, ós rud é nach raibh aon chomhar ann: 3,85 Baht/KWH, 0,10 Euro/KWH 0,77 CNY/KWH.
(63) Féach: http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/energy-economy-static, in particular Tábla 7.2.4 - Final Energy Consumption Per Capita.
(64) Aireacht Fuinnimh na Téalainne, Oifig um beartas agus pleanáil fuinnimh, Staitisticí fuinnimh, 8.1. Staitisticí ar phraghas an pheitriliam, Tábla 8, Retail Price of Petroleum Products le fáil ar: http://www.eppo.go.th/index.php/en/en-energystatistics/petroleumprice-statistic.
(65) Thai Provincial Waterworks Authority https://en.pwa.co.th/contents/service/table-price
(66) https://globalfinancials.com/index-admin.html
(67) Foinse: ECFE: https://stats.oecd.org/Index.aspx?DataSetCode=CIF_FOB_ITIC
(68) Tuarascáil 2020 dar teideal “Doing Business” de chuid an Bhanic Dhomhanda https://www.doingbusiness.org/en/reports/global-reports/doing-business-2020 agus https://www.doingbusiness.org/en/methodology/trading-across-borders
(69) An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Tuarascáil Leathbhliantúil faoi Airteagal 16 den Chomhaontú: An Airgintín, G/AD P/N/195/ARG, an 22 Feabhra 2010
(70) https://www.globaltradealert.org/intervention/56880/anti-dumping/japan-definitive-antidumping-duty-on-imports-of-carbon-steel-butt-welding-fittings-from-china-and-the-republic-of-korea3
(71) https://books.google.pt/books?id=7rKr0uKDNMMC&pg=SL9-PA26&lpg=SL9-PA26&dq=Mexico+China+dumping+fittings&source=bl&ots=kp3iTJjBlU&sig=ACfU3U1RlWaGPCCQZZ#v=onepage&q=Mexico%20China%20dumping%20fittings&f=false
(72) https://www.globaltradealert.org/intervention/16725/anti-dumping/turkey-extension-of-antidumping-duties-on-imports-of-tube-or-pipe-fittings-from-brazil-bulgaria-china-india-indonesia-and-thailand-as-well-as-on-imports-from-chinese-taipei-following-an-anti-circumvention-investigation5
(73) https://www.usitc.gov/publications/701_731/pub4628.pdf
(74) Féach https://www.statista.com/statistics/262858/change-in-opec-crude-oil-prices-since-1960/ agus https://www.statista.com/statistics/252791/natural-gas-prices/ le haghaidh forbairt praghsanna ola agus gáis sa tréimhse faoi bhreathnú.GG
(75) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1934, aithrisí 81-82.
(76) an 1 Iúil 2013 – an 30 Meitheamh 2014 (TPF an tSín).
(77) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).