ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 6

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

65
11 Eanáir 2022


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/25 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na modhanna chun na K-fhachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin a thomhas ( 1 )

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/26 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coincheap na gcuntas leithscartha chun cosaint airgid chliaint a áirithiú i gcás ina gcliseann ar ghnólacht infheistíochta ( 1 )

7

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/27 ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigeartú a dhéanamh ar an tairseach fógartha ábhartha i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna ( 1 )

9

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/28 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2022 maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil (Tugadh fógra dó faoi dhoiciméid C(2022)157) (An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

11

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

11.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 6/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/25 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na modhanna chun na K-fhachtóirí dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán sin a thomhas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 15(5), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Maidir le roinnt de na K-fhachtóirí de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (26) de Rialachán (AE) 2019/2033, ní éilítear sonraíochtaí breise ina leith toisc go bhforbraítear go mion sa Rialachán sin na modhanna lena dtomhaistear iad. Is amhlaidh atá i gcás an K-fhachtóra “riosca an ghlansuímh” (K-NPR), a dhíorthaítear ó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), chomh maith leis an K-fhachtóir “riosca comhchruinnithe” (K-CON) agus an K-fhachtóir “mainneachtain an chontrapháirtí trádála” (K-TCD), a úsáideann cur i bhfeidhm simplithe na gceanglas comhfhreagrach faoin Rialachán sin. I gcásanna eile, áfach, amhail “sócmhainní faoi bhainistiú” (AUM), “airgead cliaint atá ar seilbh” (CMH), “orduithe cliaint arna láimhseáil” (COH), “sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar” (ASA) agus “sreabhadh trádála laethúil” (DTF), bhainfeadh na modhanna chun na fachtóirí sin a thomhas tairbhe as tuilleadh soiléirithe.

(2)

Ba cheart do K-fhachtóirí gach gníomhaíocht a dhéanann gnólacht infheistíochta a ghabháil chun na rioscaí a léiriú go leordhóthanach. Ag cur san áireamh gur duine nádúrtha nó dlítheanach é gníomhaire faoi cheangal a ghníomhaíonn ach amháin thar ceann gnólachta infheistíochta áirithe agus faoi fhreagracht iomlán agus neamhchoinníollach an ghnólachta infheistíochta sin, is gá a áirithiú go n-áirítear aon ghníomhaíocht de chuid gníomhaire faoi cheangal in K-fhachtóirí AUM, ASA, CMH agus COH an ghnólachta infheistíochta.

(3)

Tá seirbhís infheistíochta na “comhairle infheistíochta” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe 5 a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) ar leithligh ón tseirbhís choimhdeach maidir le “comhairle le gnóthais maidir le struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ábhair ghaolmhara agus comhairle agus seirbhísí gaolmhara a bhaineann le cumaisc agus le ceannach gnóthas” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3, a ghabhann leis an Treoir sin. I bhfianaise an méid sin agus ar bhonn an tsainmhínithe ar “comhairle infheistíochta de chineál leanúnach” atá in Airteagal 4(1), pointe 21, de Rialachán (AE) 2019/2033, i gcás nach n-áirítear an tseirbhís choimhdeach réamhluaite, is gá a shonrú gur cheart aon sócmhainn faoi bhainistíocht a bhaineann leis an tseirbhís choimhdeach sin a eisiamh chun críocha an K-AUM a ríomh.

(4)

D’fhonn tomhas comhsheasmhach AUM agus ASA a áirithiú agus K-AUM agus K-ASA á ríomh, ba cheart ionstraimí airgeadais a luacháil ag a luach cóir i gcomhréir le caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, ionas go mbeifear in ann margadhluach na n-ionstraimí airgeadais a léiriú, i gcás ina mbeidh fáil orthu.

(5)

Ós rud é go bhfuil an riosca do chliaint a bhaineann le bainistiú an airgid thirim curtha san áireamh cheana féin le calabrú na comhéifeachta maidir le CMH i dTábla 1 d’Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/2033, níor cheart na méideanna a áirítear i dtomhas CMH a chur san áireamh i dtomhas an AUM. Thairis sin, chun aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint agus riachtanais chaipitil á ríomh, níor cheart na méideanna a measadh cheana féin chun CMH a thomhas a chur san áireamh i dtomhas an ASA.

(6)

Leis an sainmhíniú ar CMH in Airteagal 4(1), pointe 28, de Rialachán (AE) 2019/2033 mar aon le haithris (24) den Rialachán sin, soiléirítear na méideanna atá le meas chun CMH a thomhas. Dá bhrí sin, is leor tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na gnéithe oibríochtúla atá fágtha den mhodh chun an CMH a thomhas d’fhonn stóinseacht fhigiúirí CMH a áirithiú, go háirithe trí róspleáchas ar thuairisciú seachtrach a sheachaint agus trí dhíriú ar thaifid chuntasaíochta inmheánacha an ghnólachta infheistíochta agus ar na figiúirí a úsáidtear le haghaidh an réitigh inmheánaigh.

(7)

Ba cheart go n-áireofaí ar na modhanna chun na méideanna atá le háireamh mar ghlacadh agus tarchur orduithe agus forghníomhú orduithe sa COH rialacha sonracha maidir leis an gcás nach bhfuil praghsanna margaidh ar fáil go héasca toisc nach bhfuil siad sna horduithe. Is gá na difríochtaí idir an cás maidir le forghníomhú orduithe agus an cás maidir le glacadh agus tarchur orduithe a léiriú, de réir mar a d’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann i ngach cás idir praghsanna agus uainiú ag ar cheart na horduithe a thaifeadadh chun COH a thomhas. Thairis sin, i gcás orduithe a ghlacadh agus a tharchur, go háirithe, is tagairt níos fearr chun na críche sin iad na horduithe tarchurtha ná na horduithe a fuarthas, toisc go bhféadfadh nach dtarchuirfí na horduithe a fuarthas.

(8)

Ós rud é go bhfuil an tseirbhís infheistíochta um “ghlacadh agus tarchur orduithe maidir le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe 1, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE éagsúil le gníomhaíochtaí infheistíochta “Oibriú Saoráidí Trádála Iltaobhacha nó Eagraithe -MTFanna, OTFanna” dá dtagraítear i bpointí 8 agus 9 de, is gá a shoiléiriú nach n-áireofar leasanna ceannaigh agus díola a thugtar le chéile i MTFanna agus in OTFanna arna n-oibriú ag an ngnólacht infheistíochta chun na trádálacha K-COH in airgead tirim nó na díorthaigh KCO a ríomh.

(9)

Ós rud é go bhfuil na ceanglais chaipitil ar ghnólachtaí infheistíochta faoi Rialachán (AE) 2019/2033 bunaithe ar na K-fhachtóirí lena gcumhdaítear na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí ar fad a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, is gá rialacha a leagan síos maidir le hoiriúnú na modhanna sin sna cásanna sin ina bhféadfadh comhaireamh dúbailte a bheith ann murach sin. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás seirbhísí coimhdeacha áirithe nach féidir a dhéanamh ach i gcomhar le seirbhísí agus gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, orduithe a bhaineann leis an tseirbhís choimhdeach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE (comhairle le gnóthais maidir le struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ábhair ghaolmhara agus comhairle agus seirbhísí gaolmhara a bhaineann le cumaisc agus le ceannach gnóthas), ar orduithe iad a bhaineann le comhairle faoi idirbhearta idir infheisteoirí, i gcás idirbhearta airgeadais chorparáidigh nó idirbhearta cothromais phríobháidigh, níor cheart iad a áireamh i dtomhas an AUM, ná i dtomhas COH, toisc go bhfuil siad san áireamh leis na K-fhachtóirí sin cheana féin.

(10)

Déantar foráil i Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le dhá chomhéifeacht éagsúla chun COH a thomhas i dTábla 1 dá Airteagal 15, ceann amháin le haghaidh trádálacha in airgead tirim agus ceann ar leithligh le haghaidh díorthach. Ba cheart tuilleadh soiléirithe a chur ar fáil maidir le conas trádálacha a leithdháileadh idir an dá aicme ionstraime agus maidir leis an modh luachála a bheidh le húsáid i ngach cás. Go háirithe, ba cheart díorthaigh a áireamh i dtomhas K-fhachtóirí bunaithe ar an luach barúlach agus ar na trádálacha in airgead tirim ar an margadhluach toisc go ndéantar comhéifeachtaí na K-fhachtóirí a chalabrú ar an mbonn sin.

(11)

Is gá ríomh méid bharúlaigh díorthaigh a shonrú toisc nach bhfuil rialacha i Rialachán (AE) 2019/2033 maidir leis an gcaoi ar féidir é a ríomh. Ós rud é go leagtar síos in Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) 2019/2033 rialacha maidir leis an gcaoi ar féidir méid barúlach díorthach a ríomh chun críocha TCD a ríomh, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i dtomhas an TCD agus an DTF, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha sin chun méid barúlach díorthaigh a thomhas freisin chun an DTF a thomhas.

(12)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(13)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe; tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chuaigh ÚBE i gcomhairle freisin leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí sular chuir sé isteach na dréachtchaighdeáin theicniúla ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

MODHANNA LENA dTOMHAISTEAR NA K-FHACHTÓIRÍ MAIDIR LEIS AN RIOSCA DO CHLIAINT

Airteagal 1

Modhanna lena dtomhaistear na K-fhachtóirí maidir leis an riosca do chliaint i gcás seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéantar agus gníomhairí faoi cheangal á n-úsáid

Chun críocha K-fhachtóirí maidir leis an riosca do chliaint (RtC) a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/2033, áireoidh gnólacht infheistíochta laistigh de gach AUM, CMH, ASA agus COH dá dtagraítear in Airteagail 17, 18, 19 agus 20 den Rialachán sin, faoi seach, aon mhéid a bhaineann le seirbhísí infheistíochta agus gníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta, arna ndéanamh ag aon ghníomhaire faoi cheangal atá cláraithe chun gníomhú thar a cheann.

Airteagal 2

Modhanna lena dtomhaistear an AUM i gcás socruithe comhairleacha neamh-lánroghnacha de chineál leanúnach

1.   Chun críche a K-fhachtóirí RtC a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/2033, ní áireoidh gnólacht infheistíochta laistigh dá AUM, dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán sin, aon mhéid sócmhainní a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn B, pointe 3, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

2.   I gcás ina soláthraíonn gnólacht infheistíochta socruithe comhairleacha neamh-lánroghnacha de chineál leanúnach d’eintiteas earnála airgeadais eile a ghabhann bainistíocht punainne lánroghnach air féin, áireoidh sé laistigh dá AUM dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/2033 aon mhéid sócmhainní a bhaineann leis na socruithe comhairleacha neamh-lánroghnacha sin.

Airteagal 3

Modhanna lena dtomhaistear an AUM i gcás bainistiú punainne lánroghnach

Chun críocha Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfar an AUM míosúil iomlán a thomhas i gcomhréir leis na nithe seo a leanas uile:

(a)

áireofar sa ríomh luach na n-ionstraimí airgeadais arna ríomh ag luach cóir i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme;

(b)

déanfar ionstraimí airgeadais a bhfuil luach cóir diúltach acu a áireamh i luach absalóideach;

(c)

áireofar sa ríomh airgead tirim seachas aon mhéid a chumhdaítear faoi CMH i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 4

Modhanna lena dtomhaistear CMH

Chun críocha Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/2033, bunófar tomhas CMH ar na nithe seo a leanas:

(a)

comharduithe a úsáideann an gnólacht infheistíochta dá réitigh inmheánacha;

(b)

na luachanna atá i dtaifid chuntasaíochta an ghnólachta infheistíochta.

Airteagal 5

Modhanna lena dtomhaistear ASA

Chun críocha Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/2033, áireofar sa tomhas ar an ASA iomlán laethúil luach na n-ionstraimí airgeadais cliant uile arna gcoimirciú agus arna riar, arna ríomh ag luach cóir i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme. Eisiafar leis CMH dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo.

Airteagal 6

Modhanna lena dtomhaistear forghníomhú orduithe in COH

1.   Chun críocha K-COH a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfaidh gnólacht infheistíochta ordú an chliaint sin a áireamh agus COH á ríomh an tráth a mbeidh deimhniú aige go ndearnadh an forghníomhú agus gurb eol an praghas.

2.   I gcás ina ndéanfaidh gnólacht infheistíochta ordú a fhaightear ó ghnólacht infheistíochta eile a fhorghníomhú thar ceann cliaint, cuirfear an t-ordú sin san áireamh nuair a ríomhfaidh an gnólacht infheistíochta forghníomhaitheach COH laistigh d’iomlán na n-orduithe arna dtomhas chun orduithe cliant a fhorghníomhú agus déanfar é a eisiamh ó iomlán na n-orduithe arna dtomhas chun orduithe a ghlacadh agus a tharchur.

Airteagal 7

Modhanna lena dtomhaistear glacadh agus traschur orduithe in COH

1.   Chun críocha K-COH a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033, i gcás ina bhfaigheann agus ina dtarchuirfidh gnólacht infheistíochta ordú cliaint, áireofar an t-ordú sin an tráth a tharchuireann an gnólacht infheistíochta an t-ordú chuig gnólacht infheistíochta eile nó bróicéir forghníomhaitheach.

2.   Ní chuirfidh gnólacht infheistíochta orduithe arna bhfáil agus arna dtarchur san áireamh chun COH a thomhas i gcás ina dtugtar le chéile dhá infheisteoir nó níos mó chun idirbheart a dhéanamh idir na hinfheisteoirí sin, amhail i gcás idirbhearta airgeadais chorparáidigh nó idirbhearta cothromais phríobháidigh.

3.   I gcás ina n-áiríonn an gnólacht infheistíochta orduithe arna bhfáil agus arna dtarchur chun COH a thomhas, úsáidfidh sé an praghas atá sna horduithe. I gcás nach bhfuil aon phraghas sna horduithe, lena n-áirítear nuair is orduithe teorann atá i gceist, bainfidh an gnólacht infheistíochta úsáid as praghas margaidh na hionstraime airgeadais lá an tarchurtha.

4.   Leasanna ceannaigh agus leasanna díola arna dtabhairt le chéile ag gnólacht infheistíochta chun críocha Saoráid Iltaobhach Trádála nó Eagraithe a oibriú mar a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointí 22 agus 23, de Threoir 2014/65/AE, ní chuirfear san áireamh iad chun COH a thomhas.

Airteagal 8

Modhanna lena dtomhaistear trádálacha in airgead tirim chun críocha COH

1.   Chun críocha COH a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033, áireoidh gnólacht infheistíochta mar thrádáil in airgead tirim aon idirbheart ina ngabhann contrapháirtí air féin aon cheann de na nithe seo a leanas a thrádáil:

(a)

urrúis inaistrithe;

(b)

ionstraimí margaidh airgid;

(c)

aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta,

(d)

roghanna arna dtrádáil ar mhalartán.

2.   Chun críocha COH de rogha arna trádáil ar mhalartán a thomhas, úsáidfidh an gnólacht infheistíochta préimh na roghanna a úsáidtear chun an rogha sin a chur i gcrích.

Airteagal 9

Modhanna lena dtomhaistear díorthaigh chun críocha COH

Chun críocha COH a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le díorthaigh, cinnfear méid barúlach conartha díorthach de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin.

ROINN 2

MODHANNA LENA dTOMHAISTEAR NA K-FHACHTÓIRÍ MAIDIR LEIS AN RIOSCA DON GHNÓLACHT

Airteagal 10

Modhanna lena dtomhaistear trádálacha in airgead tirim chun críocha DTF

1.   Chun críocha DTF a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le trádálacha in airgead tirim, áireoidh gnólacht infheistíochta mar thrádáil in airgead tirim aon idirbheart ina ngabhann contrapháirtí air féin aon cheann de na nithe seo a leanas a thrádáil:

(a)

urrúis inaistrithe;

(b)

ionstraimí margaidh airgid;

(c)

aonaid i ngnóthais chomhinfheistíochta;

(d)

roghanna arna dtrádáil ar mhalartán.

2.   Chun críocha DTF de rogha arna trádáil ar mhalartán a thomhas, úsáidfidh an gnólacht infheistíochta préimh na roghanna a úsáidtear chun an rogha sin a chur i gcrích.

Airteagal 11

Modhanna lena dtomhaistear díorthaigh chun críocha DTF

Chun críocha DTF a thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033 maidir le díorthaigh, cinnfear méid barúlach conartha díorthach de bhun Airteagal 29(3) den Rialachán sin.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(3)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


11.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 6/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/26 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coincheap na gcuntas leithscartha chun cosaint airgid chliaint a áirithiú i gcás ina gcliseann ar ghnólacht infheistíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 15(5), i gcomhar le pointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 15(5)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Déantar sainmhíniú ar chuntais leithscartha i bpointe (49) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 chun críocha Thábla 1 in Airteagal 15(2) den Rialachán sin. Chun a chur ar chumas gnólachtaí infheistíochta comhéifeachtaí níos ísle a chur i bhfeidhm chun an ceanglas cistí dílse a ríomh “airgead cliant ar seilbh”, i gcás ina bhfuil airgead cliant ar seilbh i gcuntais leithscartha, ba cheart a shonrú i dtaobh choincheap na gcuntas leithscartha go nglactar leis na coinníollacha lena n-áirithítear cosaint ar airgead cliant i gcás chliseadh gnólachta infheistíochta. Ós rud é go leagtar amach na coinníollacha sin in Airteagal 2(1) de Threoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún (2), is iomchuí tagairt a dhéanamh do na coinníollacha céanna chun coincheap na gcuntas leithscartha a shonrú faoin Rialachán seo. Dá bhrí sin, ba cheart a bhunú leis an Rialachán seo sraith ceanglas atá cosúil leo siúd a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Threoir Tharmligthe (AE) 2017/593.

(2)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(3)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d'iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Coincheap na gcuntas leithscartha

Maidir leis na coinníollacha lena n-áirithítear cosaint airgid cliant i gcás ina gcliseann ar ghnólacht infheistíochta, ciallóidh coincheap na gcuntas leithscartha dá dtagraítear in Airteagal 15(5)(b) de Rialachán (AE) 2019/2033 an méid seo a leanas:

(a)

coimeádtar taifid agus cuntais ar bhealach a chuireann ar chumas gnólachtaí infheistíochta, tráth ar bith agus gan mhoill, cistí atá ar seilbh le haghaidh cliant amháin a idirdhealú ó chistí atá ar seilbh le haghaidh cliant ar bith eile agus óna gcistí dílse féin;

(b)

coimeádtar taifid agus cuntais ar bhealach lena n-áirithítear a gcruinneas, agus go háirithe a gcomhfhreagras leis na cistí a choimeádtar do chliaint, agus lena bhféadfar iad a úsáid mar rian iniúchóireachta;

(c)

seoltar réitigh ar bhonn rialta idir cuntais agus taifid inmheánacha gnólachtaí infheistíochta agus cuntais agus taifid tríú páirtithe ar bith a choinníonn na cistí sin;

(d)

tá na bearta is gá déanta chun a chinntiú go ndéanfar na cistí cliant arna dtaisceadh a shealbhú i gcuntas nó i gcuntais a shainaithnítear ar leithligh ó aon chuntais a úsáidtear chun cistí de chuid an ghnólachta infheistíochta a shealbhú;

(e)

tugadh socruithe eagraíochtúla leordhóthanacha isteach chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca go gcaillfí nó go laghdófaí cistí cliant, nó cearta i ndáil leis na cistí sin, mar thoradh ar mhí-úsáid na gcistí, calaois, drochriarachán, coimeád taifead neamhleor nó faillí.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Treoir Tharmligthe (AE) 2017/593 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus cistí ar le cliaint iad a choimirciú, oibleagáidí um rialachas táirgí agus na rialacha is infheidhme maidir le táillí, coimisiúin nó tairbhí airgeadaíochta nó neamhairgeadaíochta ar bith a sholáthar nó a fháil (IO L 87, 31.3.2017, lch. 500).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


11.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 6/9


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/27 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigeartú a dhéanamh ar an tairseach fógartha ábhartha i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 5(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 an oibleagáid fógra a thabhairt d’údaráis inniúla maidir le glansuíomhanna gearra suntasacha i ndáil le scairchaipiteal eisithe cuideachta is cuideachta a bhfuil scaireanna aici a ligtear isteach chun a dtrádála ar ionad trádála san Aontas, i gcás ina sroicheann an suíomh an tairseach fógartha ábhartha nó ina dtiteann sé faoi bhun na tairsí sin. Is gá don Choimisiún faireachán a dhéanamh cé acu atá tairseach fógartha den sórt sin fós iomchuí i bhfianaise forbairtí i margaí airgeadais nó nach bhfuil, agus measúnú a dhéanamh cé acu is gá an tairseach sin a mhodhnú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán sin nó nach gá.

(2)

Go luath in 2020, d’eascair brú substaintiúil díola agus luaineacht neamhghnách as ráig dhomhanda COVID-19, arbh é a bhí mar thoradh orthu bíseanna móra praghsanna anuas a rinne difear d’eisitheoirí i ngach earnáil ar fud na margaí airgeadais. Bhain an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) úsáid as a chumhachtaí idirghabhála in imthosca eisceachtúla chun an tairseach ábhartha fógartha i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna a ísliú go sealadach, chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí faireacháin ESMA agus rialtóirí araon ar shuíomhanna den sórt sin, a chinneadh cé acu a d’fhéadfadh gníomhartha níos déine a bheith iomchuí nó nach bhféadfadh agus a bheith in ann freagairt go tapa.

(3)

Maidir leis an tairseach fógartha ábhartha níos ísle i leith glansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna, ar tairseach í atá i bhfeidhm le 12 mhí as a chéile, de bhrí nach bhféadfaí síneadh a chur a thuilleadh leis an tairseach sin mar bheart éigeandála, mar gheall ar dhálaí margaidh a bhfuil feabhas páirteach tagtha orthu, is iomchuí measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag beart den sórt sin agus cinneadh a dhéanamh ar cheart beart buan a dhéanamh de tríd an tairseach sin a chur in ionad na tairsí atá ann cheana. Maidir leis sin, cuireann an Coimisiún san áireamh an tuairim (2) a d’eisigh ESMA an 13 Bealtaine 2021.

(4)

Cuireadh béim leis na forbairtí a rinneadh le déanaí i margaí airgeadais a bhreathnaigh an Coimisiún, mar shampla an éagobhsaíocht a d’eascair as ráig dhomhanda COVID-19, a d’fhág gur minice a théann rialtóirí agus ESMA in iontaoibh bearta éigeandála ar dhíol folamh, chomh maith leis an riosca méadaitheach go mbeadh infheisteoirí miondíola páirteach i gcúngach gearr, ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis bhreise a bhailiú ar ghlansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna ar bhonn buan, rud atá criticiúil chun críoch faireachais margaidh. Maidir leis sin, measúnaíodh i dtuairim ESMA gur chuir an tairseach fógartha ábhartha níos ísle feabhas mór ar an trédhearcacht agus ar an bhfaireachán ar ghlansuíomhanna gearra suntasacha i scaireanna ar leibhéal aonair, ar leibhéal earnála agus ar fud an mhargaidh, agus gur tháinig méadú ar an éifeachtúlacht rialála dá bharr sin. Mheas ESMA freisin gur cheart costais imeallacha chur chun feidhme ag rannpháirtithe sa mhargadh a bheith diomaibhseach, de bhrí go bhfuil tairseach den sórt sin á cur i bhfeidhm acu le roinnt míonna. Thairis sin, measann an Coimisiún gur cheart éiginnteacht i leith na hoibleagáide tuairiscithe rialála a sheachaint agus gur cheart rialacha agus oibleagáidí ina leith sin a bheith cobhsaí. Ar an mbonn sin, agus moltaí a leagtar amach i dtuairim ESMA á gcur san áireamh, ar moltaí iad a n-aontaíonn an Coimisiún leo, is iomchuí an tairseach fógartha ábhartha atá ann cheana a leasú agus é a shocrú go buan ag 0,1 %.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 236/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Is éard is tairseach fógartha ábhartha ann céatadán atá comhionann le 0,1 % de scairchaipiteal eisithe na cuideachta lena mbaineann agus gach 0,1 % os a chionn sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 86, 24.3.2012, lch. 1.

(2)  ESMA70-156-4262.


CINNTÍ

11.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 6/11


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/28 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Eanáir 2022

maidir le bearta áirithe eatramhacha éigeandála a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Iodáil

(Tugadh fógra dó faoi dhoiciméid C(2022)157)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(An téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha.

(2)

I gcás ráige d’fhiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine, tá riosca tromchúiseach ann go bhféadfadh an galar sin leathadh chuig muc-ainmhithe fiáine eile agus chuig bunaíochtaí muc-ainmhithe atá ar coimeád.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 (2) ón gCoimisiún forlíontar na rialacha i dtaca le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair i gcatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás dearbhú oifigiúil ar ráig galair i gcatagóir A i measc ainmhithe fiáine, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i measc muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh.

(4)

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún (4) bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc. Go háirithe, i gcás ráige den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i limistéar de Bhallstát, déantar foráil le hAirteagal 3, pointe (b), den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 6 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhfuil an limistéar sin le liostú mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis agus go bhfuil an limistéar ionfhabhtaithe, a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, le coigeartú gan mhoill chun go gcuimseofar, ar a laghad, an crios srianta II. Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áirítear leo, inter alia, toirmisc ar ghluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus táirgí ó na hainmhithe sin lasmuigh de na criosanna srianta sin.

(5)

Chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas faoi stad fhiabhras Afracach na muc ina críoch faoi láthair, tar éis ráig den ghalar sin i measc muc-ainmhithe fiáine i réigiún Piedmont a deimhníodh an 6 Eanáir 2022. Dá réir sin, ceanglaítear ar údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe a bhunú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605.

(6)

Chun suaithí neamhriachtanacha ar thrádáil laistigh den Aontas agus bacainní ar thrádáil ag tríú tíortha nach bhfuil údar leo a sheachaint, is gá an crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc san Iodáil a shainaithint ar leibhéal an Aontais i gcomhar leis an mBallstát sin.

(7)

Chun leathadh fhiabhras Afracach na muc a chosc, go dtí go liostófar an limistéar san Iodáil atá buailte ag an ráig seo a tharla le déanaí mar chrios srianta II i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a leagtar síos ann, a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar i gcriosanna srianta II agus táirgí de na hainmhithe sin lasmuigh de na criosanna sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le gluaiseachtaí na gcoinsíneachtaí sin ón gcrios ionfhabhtaithe arna bhunú ag an Iodáil tar éis na ráige sin a tharla le déanaí, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(8)

Dá réir sin, ba cheart an crios ionfhabhtaithe sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus ba cheart é a bheith faoi réir na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc a bhfuil feidhm acu maidir le criosanna srianta II a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605. Mar gheall ar an staid eipidéimeolaíoch nua seo a bhaineann le fiabhras Afracach na muc, áfach, agus an riosca láithreach méadaithe atá ann go leathfar an galar á chur san áireamh , níor cheart gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar agus de tháirgí de na hainmhithe sin ón gcrios ionfhabhtaithe chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú i gcomhréir leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ba cheart fad an chriosúcháin sin a leagan síos sa Chinneadh seo freisin.

(9)

Dá bhrí sin, chun na rioscaí a eascróidh as an ráig d’fhiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i measc muc-ainmhithe fiáine san Iodáil a mhaolú, níor cheart don Iodáil gluaiseachtaí coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sa chrios ionfhabhtaithe agus de tháirgí de na hainmhithe sin chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha a údarú go dtí dáta dhul in éag an Chinnidh seo.

(10)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go mbeadh feidhm ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(11)

Dá réir sin, go dtí go bhfaighfear tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, ba cheart an crios ionfhabhtaithe san Iodáil a bhunú láithreach agus a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon le fad an chriosúcháin sin a shocrú.

(12)

Tá an Cinneadh seo le hathbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile den Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Áiritheoidh an Iodáil go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios ionfhabhtaithe i dtaca le fiabhras Afracach na muc i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, agus go gcuimseofar ann, ar a laghad, na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Maidir leis na bearta rialaithe speisialta a bhaineann le fiabhras Afracach na muc is infheidhme maidir le criosanna srianta II a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605, áiritheoidh an Iodáil go mbeidh feidhm acu sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, chomh maith leis na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

Airteagal 3

Maidir le coinsíneachtaí de mhuc-ainmhithe a choimeádtar sna limistéir a liostaítear mar chrios ionfhabhtaithe san Iarscríbhinn agus de tháirgí de na hainmhithe sin, áiritheoidh an Iodáil nach n-údarófar iad le haghaidh gluaiseachtaí chuig Ballstáit eile agus chuig tríú tíortha.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 7 Aibreán 2022.

Airteagal 5

Is chuig an Iodáil a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le rialacha i dtaca le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil baol suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L 129, 15.4.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Limistéir a bunaíodh mar an crios ionfhabhtaithe san Iodáil dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Sa limistéar a bhaineann le Réigiún Piedmont, tá na Bardais seo a leanas i gCúige Alessandria ann: Montaldeo, Molare, Parodi Ligure, Cremolino, Gavi, Cassinelle, Cartosio, Acqui Terme, Arquata Scrivia, Bosio, Castelletto D’Orba, Morbello, Silvano D’Orba, Rocca Grimalda, San Cristoforo, Carpeneto, Visone, Voltaggio, Tagliolo Monferrato, Trisobbio, Strevi, Grognardo, Cavatore, Prasco, Ponzone, Lerma, Fraconalto, Morsasco, Montaldo, Bormida, Melazzo, Mornese, Orsara Bormida, Ovada, Casaleggio Boiro, Belforte, Monferrato, Carrosio, Mongiardino Ligure (8,72743143861598 - 44,66586866952670

8,59096726302438 - 44,57435395353490

8,75896336772026 - 44,67223782936240

8,57568502491472 - 44,63214498530620

8,81478031361033 - 44,68806247709180

8,55652874515147 - 44,57812296857710

8,42328778652507 - 44,59475249111450

8,46360750191520 - 44,68011546896980

8,88874777891277 - 44,67031750803820

8,78397023610347 - 44,57487653499660

8,70849659300505 - 44,68822313714590

8,52095609681052 - 44,59574712770110

8,67847355085801 - 44,67598286220460

8,64417289489248 - 44,68543047716730

8,74631123216426 - 44,69512008136360

8,61562007223858 - 44,69190602382560

8,50824775878796 - 44,65464001092950

8,84535265104008 - 44,60267033001400

8,69624966113450 - 44,61254452732950

8,58674249319950 - 44,65976966415050

8,52072973753048 - 44,69823396728840

8,49447544395196 - 44,62722764850570

8,45727278876742 - 44,63089265969160

8,53922967163181 - 44,64350156328750

8,49367163633172 - 44,55338822789150

8,71846974527489 - 44,62638068750350

8,89386001136932 - 44,58440010916580

8,54911684802305 - 44,66663867866640

8,59226750751732 - 44,69638794728860

8,42129291950308 - 44,63969537998470

8,75930326899722 - 44,62691881543910

8,56473539819401 - 44,68789339467210

8,63740139277921 - 44,62434812841120

8,74075623908678 - 44,61246848769640

8,67002201159106 - 44,60550700085100

8,83736482027039 - 44,65619000581520

9,07255271598525 - 44,64185166864540)

Sa limistéar a bhaineann le Réigiún Liguria, tá na Bardais seo a leanas i gCúigí Genova agus Savona ann: Genova, Masone, Campo Ligure, Mignanego, Rossiglione, Tiglieto, Ceranesi, Ronco Scrivia, Isola Del Cantone, Mele, Arenzano, Cogoleto, Campomorone, Busalla, Serra Riccò, Casella, Vobbia, Sant'Olcese, Savignone, Crocefieschi

(8,89334755666611 - 44,44190547215230

8,72187072459182 - 44,50202491949630

8,71098122547952 - 44,53265041525070

8,92005141205065 - 44,54376466069300

8,66319545541929 - 44,55618355383190

8,62116724861755 - 44,51375313303110

8,84168896064697 - 44,50558661644810

8,94455916421254 - 44,60591625352020

8,96292020330127 - 44,64550266645310

8,74668355712525 - 44,47140693595360

8,66736813999132 - 44,42141788217480

8,62185559483775 - 44,40833401227560

8,86276300281878 - 44,53751326563280

8,97012668135178 - 44,58419241630730

8,94661631372455 - 44,51422708949270

8,99713109929649 - 44,53346779043700

9,06161049957354 - 44,60168741199910

8,96002195224501 - 44,48295317055980

8,98918970809976 - 44,55703078598340

9,02466149981014 - 44,58527677522000)

Cúige Savona: Celle Ligure, Sassello, Urbe, Varazze Stella

(8,53655461135511 - 44,35287070993200

8,53174317384035 - 44,46875575698000

8,62192644453145 - 44,48230207013960

8,56797081202658 - 44,39381081934480

8,49665184874500 - 44,40170929565530)

7 Aibreán 2022