ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 432

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

Imleabhar 64
3 Nollaig 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2126 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2127 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe

7

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2128 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) ( 1 )

8

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2129 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2021 lena n-údaraítear fruchtóbhóráit chailciam a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

13

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2130 ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a mhéid a bhaineann leis na liostaí plandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith Xylella fastidiosa

19

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/2131 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 32 maidir le módúlachtaí airgeadais chun Airteagal 82 atá i gceangal leis an gComhaontú LEE a chur chun feidhme ( 1 )

32

 

*

Cinneadh (AE) 2021/2132 ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh

34

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2133 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena dtacaítear leis an gclár cuimsitheach chun tacú le hiarrachtaí Gáinneáil Aindleathach Mionarm agus Armán éadrom (SALW) agus Gnáth-Armlóin (CA) a chosc agus a chomhrac in Oirdheisceart na hEorpa

36

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2134 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

55

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2135 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na hÚcráine

59

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2136 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

63

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2137 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fórsaí armtha Phoblacht Mhailí i gcomhar le Misean Oiliúna AE i Mailí

67

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2138 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/2011 chun tacú le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí príomhshruthaithe ó thaobh inscne de, sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar mhionairm agus a mí-úsáid, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil

72

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

Tagraíonn gníomhartha a bhfuil a dteidil i gcló éadrom do bhainistiú cúrsaí talmhaíochta ó lá go lá agus go ginearálta bíonn tréimhse theoranta bailíochta i gceist leo.

Tá teidil na ngníomhartha eile i gcló trom agus tagann réiltín rompu.


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2126 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (1), agus go háirithe Airteagal 8(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2019/452, áireofar na tionscadail nó na cláir atá chun leasa an Aontais sna tionscadail nó sna cláir sin a fuair méid mór nó cion suntasach de chistiú ón Aontas nó a chumhdaítear le dlí an Aontais maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla atá ríthábhachtach don tslándáil agus don ord poiblí.

(2)

Leagtar amach liosta na dtionscadal nó na gclár atá chun leasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) 2019/452 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Shainaithin an Coimisiún roinnt tionscadal agus clár eile atá incháilithe lena gcur san áireamh sa liosta atá i gceangal le Rialachán (AE) 2019/452.

(4)

Is é is aidhm don Chlár Spáis (2) leanúnachas infheistíochta a áirithiú i ngníomhaíochtaí spáis an Aontais, dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a spreagadh agus tacú le hacmhainneacht iomaíochais agus nuálaíochta thionscal spáis an Aontais. Tugtar le chéile ann an bonneagar atá ann cheana agus déantar coimirciú ar leanúnachas agus forbairt an Chórais Dhomhanda an Aontais um Loingseoireacht Satailíte (Galileo), Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) chomh maith le clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne (Copernicus), atá saor in aisce agus inrochtana go hoscailte. Is é is aidhm dó freisin comhpháirteanna nua slándála a fhorbairt, amhail Feasacht Staide an Spáis (SSA), lena n-áirítear fo-chomhpháirt Fhaireachas agus Rianú Spáis (SST) agus an tseirbhís nua um Chumarsáid Satailíte Rialtais le haghaidh an Aontais agus údaráis na mBallstát. Cothaíonn sé tionscal spáis atá láidir agus nuálach agus is é is aidhm dó rochtain uathrialach an Aontais ar an spás a chaomhnú.

(5)

Is í Fís Eorpach (3) príomhchlár cistiúcháin an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta agus tacaíonn sé, inter alia, le gníomhaíochtaí atá ríthábhachtach don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas.

(6)

Tacaíonn Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021-2025 (4) le gníomhaíochtaí taighde agus oiliúna núicléach le béim ar shábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, dramhaíl radaighníomhach agus bainistiú breosla spíonta, cosaint ar radaíocht agus fuinneamh comhleá. Is é is aidhm dó freisin feabhas a chur ar réimsí an oideachais, na hoiliúna agus na rochtana ar bhonneagair thaighde.

(7)

Maoinítear leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (5) príomhthionscadail i réimse an iompair, sa réimse digiteach agus i réimse an fhuinnimh. Féadfaidh a cuid gníomhaíochtaí cistiú a sholáthar do bhonneagar criticiúil, bíodh sé fisiciúil nó fíorúil, agus do theicneolaíochtaí criticiúla.

(8)

Is é an Clár don Eoraip Dhigiteach (6) an chéad ionstraim airgeadais de chuid an Aontais atá dírithe ar an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí agus do shaoránaigh. Cuirtear cistiú ar fáil leis do thionscadail i réimsí a d’fhéadfadh a bheith ríthábhachtach don tslándáil nó don ord poiblí san Aontas, amhail sár-ríomhaireacht, intleacht shaorga, cibearshlándáil agus ardscileanna digiteacha.

(9)

Tá sé beartaithe gur ionstraim é an Ciste Eorpach Cosanta (7) chun iomaíochas agus nuálaíocht bhonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch cosanta an Aontais a chothú agus, ar an dóigh sin, cuirfear le slándáil agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais.

(10)

Tá Clár (8) EU4Health ar ceann de fhreagairtí an Aontais ar phaindéim COVID-19, agus dá bhrí sin tá ról tábhachtach aige maidir leis an ord poiblí a áirithiú tríd an tsláinte phoiblí. Is é is aidhm dó córais sláinte a dhéanamh níos athléimní chun déileáil le bagairtí sláinte trasteorann amhail COVID-19 agus feabhas a chur ar acmhainneacht bainistithe géarchéime agus ullmhacht paindéime níos fearr; infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte agus feistí leighis agus táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas a fheabhsú, tacú leis an nuálaíocht; agus an claochlú digiteach a chur chun cinn.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/452 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/452.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 79I, 21.3.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

(3)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leasaítear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167I, 12.5.2021, lch. 81).

(5)  Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38-81).

(6)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

(8)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Liosta de thionscadail agus de chláir atá chun leasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8(3)

1.   Cláir Eorpacha GNSS (Galileo & EGNOS) (1)

Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

2.   Copernicus (2)

Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 (IO L 122, 24.4.2014, lch. 44).

3.   Réamhbheart maidir leis an gclár nua GOVSATCOM de chuid an Aontais a ullmhú

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus go háirithe Airteagal 58(2)(b) de (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

4.   An Clár Spáis

Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

5.   Fís 2020 lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha de bhun Airteagal 185 CFAE, agus comhghnóthais nó aon struchtúr eile arna chur ar bun de bhun Airteagal 187 CFAE

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104), lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá ann a bhaineann le hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin amhail intleacht shaorga, róbataic, leathsheoltóirí agus cibearshlándáil.

6.   Fís Eorpach, lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha de bhun Airteagal 185 CFAE, agus comhghnóthais nó aon struchtúr eile arna chur ar bun de bhun Airteagal 187 CFAE

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

7.   Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021-2025

Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 81).

8.   Gréasáin thras-Eorpacha Iompair (TEN-T)

Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

9.   Gréasáin thras-Eorpacha Fhuinnimh (GTE-F)

Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

10.   Gréasáin thras-Eorpacha Teileachumarsáide (3)

Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasáin thras-Eorpacha i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 14).

11.   An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

12.   An Clár don Eoraip Dhigiteach

Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

13.   An Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30).

14.   Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/20121, agus go háirithe Airteagal 58(2)(b) de (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

15.   An Ciste Eorpach Cosanta

Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

16.   Buanchomhar struchtúrtha (PESCO)

Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).

Cinneadh (CBES) 2018/1797 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 294, 21.11.2018, lch. 18).

Cinneadh (CBES) 2019/1909 ón gComhairle an 12 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 293, 14.11.2019, lch. 113).

17.   An Comhghnóthas Eorpach um ITER

Cinneadh 2007/198 (Euratom) ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (IO L 90, 30.3.2007, lch. 58).

18.   Clár EU4Health

Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).


(1)  Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 a choimeád san Iarscríbhinn seo i bhfianaise Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

(2)  Déantar Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 a choimeád san Iarscríbhinn seo i bhfianaise Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

(3)  Déantar Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a choimeád san Iarscríbhinn seo i bhfianaise Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014.


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2127 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tír a shainaithníonn na Náisiúin Aontaithe (“NA”) mar cheann de na tíortha is lú forbairt, ba cheart di tairbhiú de na fabhair tharaife a sholáthraítear faoin socrú speisialta Gach Ní Seachas Airm (“EBA”) le haghaidh na dtíortha is lú forbairt. Leagtar síos liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

(2)

Thug NA ardú céime amach as catagóir na dtíortha is lú forbairt do Vanuatú an 4 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, níl Vanuatú cáilithe a thuilleadh le haghaidh stádas an tairbhí de EBA faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus ba cheart é a bhaint d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, baint Vanatú de liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA, ba cheart feidhm a bheith aici tar éis idirthréimhse 3 bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart Vanuatú a bhaint d’Iarscríbhinn IV agus feidhm a bheith ag an méid sin ón 1 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 978/2012

Sa tábla d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, scriostar an cód aibítre agus an tír chomhfhreagrach seo a leanas ó cholúin A agus B faoi seach:

“VU

Vanuatú”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/8


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2128 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Deireadh Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe a leagan amach le haghaidh cúnamh faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (1), agus go háirithe Airteagal 3(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán 2021/1529.

(2)

Ba cheart cuspóirí sonracha agus tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh a fhorbairt a thuilleadh trí fhorálacha breise lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/1529.

(3)

Cumhdaítear leis an Rialachán seo cuspóirí sonracha áirithe agus tosaíochtaí téamacha áirithe le haghaidh cúnamh dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 6 de Rialachán (AE) 2021/1529,

(4)

Chun a áirithiú go nglacfar na cinntí clársceidealaithe agus maoiniúcháin faoi Rialachán (AE) 2021/1529 gan mhoill, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na cuspóirí sonracha agus na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnamh a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 3, mír 3, pointí (a) go (m) agus pointe (r) agus in Airteagal 3, mír 4, pointí (a) go (j) de Rialachán (AE) 2021/1529.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha agus na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh, dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus a leagtar amach go sonrach in Airteagal 3(3), pointí (a) go (m) agus (r), agus in Airteagal 3(4), pointí (a) go (j), de Rialachán (AE) 2021/1529 (IPA III), a leagtar amach leis an Rialachán Tarmligthe seo:

(1)

Dea-fheidhmiú na n-institiúidí a bhunú agus a chur chun cinn go luath, ar institiúidí iad atá riachtanach chun an smacht reachta a áirithiú, agus institiúidí daonlathacha a chomhdhlúthú a thuilleadh

a)

Córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach, neamhchlaonta, gairmiúil, dípholaitithe agus éifeachtúil a bhunú, lena n-áirítear trí earcaíocht thrédhearcach atá bunaithe ar fhiúntas, córais mheastóireachta agus ardaithe céime agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra, agus comhar breithiúnach a chur chun cinn; rochtain ar cheartas a áirithiú

b)

Saoirsí bunúsacha a neartú, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse na meán, saoirse tionóil agus comhlachais agus cosaint sonraí;

c)

Cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear neamh-idirdhealú agus comhionannas inscne, cearta leanaí, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;

d)

An comhrac in aghaidh an éillithe a chur chun cinn agus a neartú;

e)

Comhar agus malartú faisnéise i bhforfheidhmiú an dlí a chur chun cinn; uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun an choireacht eagraithe, an gháinneáil ar dhaoine, airm thine aindleathacha, mionairm agus airm éadroma, an gháinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac; tacú le teagmháil leis an Aontas maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc.

(2)

Acmhainneachtaí a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus bainistiú teorann agus imirce a chomhdhlúthú a thuilleadh

a)

Faisnéis ábhartha a chomhroinnt;

b)

Rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, agus bainistiú tearmainn a neartú;

c)

Acmhainneachtaí a neartú le haghaidh bainistiú teorann, agus i réimse an fhillte agus an ath-lánpháirtithe, agus iarrachtaí a neartú chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh smuigleáil imirceach;

d)

Aghaidh a thabhairt ar an easáitiú éigeantach.

(3)

Acmhainneachtaí cumarsáide straitéisí a fheabhsú, lena n-áirítear an pobal a chur ar an eolas faoi athchóirithe is gá a dhéanamh chun critéir bhallraíochta an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh

a)

Tacú le tuilleadh forbartha ar na meáin neamhspleácha agus iolraíocha agus ar litearthacht sna meáin;

b)

Athléimneacht an stáit agus na sochaí a mhéadú i leith na bréagaisnéise agus cineálacha eile bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear fothú acmhainneachta i réimse na cibearshlándála.

(4)

Dea-rialachas a fheabhsú agus riaracháin phoiblí a athchóiriú i gcomhréir le prionsabail an riaracháin phoiblí;

a)

Creata athchóirithe riaracháin phoiblí a neartú, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, pleanáil straitéiseach agus beartas cuimsitheach fianaise-bhunaithe agus forbairt reachtúil a fheabhsú;

b)

Feabhas a dhéanamh maidir leis an tseirbhís phoiblí a dhéanamh níos gairmiúla agus a dhípholaitiú trí phrionsabail atá bunaithe ar fhiúntas a chothú;

c)

Trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn, lena n-áirítear rochtain an phobail ar fhaisnéis;

d)

Cáilíocht agus seachadadh seirbhísí a fheabhsú, lena n-áirítear nósanna imeachta riaracháin leordhóthanacha agus r-Rialtas atá idir-inoibritheach agus dírithe ar shaoránaigh a úsáid;

e)

Bainistíocht airgeadais phoiblí agus tairgeadh staitisticí ar ardchaighdeán a neartú.

(5)

Rialachas fioscach agus eacnamaíoch a neartú

a)

Tacú le cur chun feidhme na gclár athchóirithe eacnamaíoch agus le comhar sistéimeach le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta maidir le bunphrionsabail an bheartais eacnamaíoch agus institiúidí eacnamaíocha a neartú;

b)

Feabhas a chur ar an acmhainneacht cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a neartú;

c)

Tacú le forbairt inbhuanaithe agus leis an dul chun cinn i dtreo geilleagar margaidh lánfheidhmeach;

d)

Dul i dtreo Chómhargadh Réigiúnach na mBalcán Thiar.

(6)

Gach gné den dea-chaidreamh comharsanachta, den chobhsaíocht réigiúnach agus den chomhar frithpháirteach a neartú

(7)

Acmhainneacht an Aontais agus a chuid comhpháirtithe a neartú chun coinbhleacht a chosc, an tsíocháin a chothú agus aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime sula dtarlaíonn siad agus le linn na tréimhse ina ndiaidh

a)

Líonrú duine le duine, an t-athmhuintearas, bearta cothaithe síochána agus cothaithe muiníne, luathrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta de, tionscnaimh lena gcuirtear an t-athmhuintearas chun cinn, an ceartas idirthréimhseach, lorg na fírinne, cúiteamh agus ráthaíochtaí neamh-atarlaithe a chur chun cinn;

b)

Tacú le fothú acmhainneachta chun tacú le gníomhaíochtaí slándála agus forbartha (CBSD).

(8)

Acmhainneachtaí, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla

a)

Acmhainneacht, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta a neartú agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chumhachtú ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear eagraíochtaí óige;

b)

Eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a threisiú, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla;

c)

Líonrú a spreagadh i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus i measc eagraíochtaí na dtairbhithe ar gach leibhéal, le go mbeidís in ann a bheith páirteach in idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha.

(9)

Ailíniú rialacha, chaighdeáin, bheartais agus chleachtais na dtairbhithe le rialacha an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear rialacha maidir leis an státchabhair agus soláthar poiblí

(10)

Comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn

a)

Timpeallacht chumasúcháin níos fearr a chruthú chun cearta na mban agus na gcailíní a bhaint amach;

b)

Dul i ngleic le gach cineál foréigin, idirdhealaithe agus neamh-chomhionannais inscne-bhunaithe;

c)

Rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na gcailíní agus ceannaireacht chomhionann ag mná agus cailíní a chur chun cinn, lena n-áirítear i gceapadh beartas agus sa chinnteoireacht;

d)

Buiséadú inscne a chur chun cinn.

(11)

Rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a gcáilíocht sin, a neartú ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thairiscint d’earnálacha cultúir agus cruthaitheacha agus don spórt

a)

Rochtain chothrom ar oideachas agus cúram luath-óige ar ardchaighdeán, ar bhunscolaíocht agus ar scolaíocht dara leibhéil a chur chun cinn, soláthar bunscileanna a fheabhsú;

b)

Leibhéil oideachais a mhéadú; dul i ngleic le himirce daoine oilte; luathfhágáil na scoile a laghdú; oiliúint múinteoirí a threisiú;

c)

Córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt, agus córais foghlama obairbhunaithe a chur cinn chun an t-aistriú chuig an margadh saothair a éascú, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas;

d)

Cáilíocht agus ábharthacht an ardoideachais agus an taighde a fheabhsú;

e)

Gníomhaíochtaí a bhaineann le alumni a spreagadh;

f)

Rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíocht i mbonneagar an oideachais agus na hoiliúna inrochtana; go háirithe chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus chun oideachas neamhscartha cuimsitheach a chothú, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí digiteacha inrochtana a úsáid.

g)

Comhar idir na hearnálacha cultúir, cruthaitheachta agus spóirt a fheabhsú.

(12)

Fostaíocht ar ardchaighdeán agus rochtain ar an margadh saothair a chothú

a)

Dul i ngleic le rátaí arda dífhostaíochta agus neamhghníomhaíochta trí thacú le lánpháirtiú inbhuanaithe sa mhargadh saothair, go háirithe i dtaca le daoine óga, mná, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus gach grúpa faoi ghannionadaíocht;

b)

Fostaíocht d’ardchaighdeán a spreagadh agus tacú le forfheidhmiú éifeachtach rialacha agus caighdeáin saothair;

c)

Tacú le comhionannas inscne agus leis an óige, infhostaitheacht agus táirgeacht a chur chun cinn, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint don athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a bhunú mar aon le hinstitiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus cigireachtaí saothair.

(13)

Cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac.

a)

Córais chosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint éifeachtach, éifeachtúil agus leordhóthanach a sholáthar ag gach céim de shaol an duine;

b)

An t-aistriú ó chúram institiúideach go cúram sa teaghlach agus cúram pobalbhunaithe a chur chun cinn;

c)

An cuimsiú sóisialta a chothú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannais agus ar an mbochtaineacht;

d)

Pobail imeallaithe, amhail na Romaigh, a lánpháirtiú;

e)

Gach cineál idirdhealaithe a chomhrac;

f)

Rochtain ar sheirbhísí inacmhainne inbhuanaithe ardcháilíochta a fheabhsú, amhail oideachas agus cúram luath-óige, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta fíor-riachtanacha agus cúram fadtéarma, lena n-áirítear trí chórais chosanta sóisialta a nuachóiriú.

(14)

An comhshaol a chosaint agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú

a)

Aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta;

b)

Caomhnú agus bainistíocht inbhuanaithe éiceachórais talún agus muirí agus acmhainní nádúrtha a chur chun cinn;

c)

Infheistíocht a dhéanamh i gcáilíocht an aeir, i mbainistiú uisce agus dramhaíola agus i mbainistiú inbhuanaithe ceimiceán;

d)

Éifeachtúlacht acmhainne, tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe a chur chun cinn agus dul i ngleic le truailliú;

e)

Tacú leis an aistriú chuig geilleagair ghlasa agus chiorclacha, cabhrú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú agus rialachas agus faisnéis a chur chun cinn ar mhaithe le gníomhaíocht ar son na haeráide, agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

f)

Beartais a chur chun cinn chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar ísealcharbóin a bheidh tíosach ar acmhainní, slán, agus inbhuanaithe, agus an athléimneacht ó thubaistí, chomh maith le cumas coiscthe, ullmhachta agus freagartha i ndáil le tubaistí a neartú.

(15)

Tosaíochtaí téamacha le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe IPA III

a)

An fhostaíocht a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha thar theorainneacha;

b)

An comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide, maolú an athraithe aeráide, agus cosc riosca agus bainistíocht riosca a chur chun cinn agus úsáid foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn;

c)

Iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú;

d)

An geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a chur chun cinn;

e)

An turasóireacht, go háirithe an turasóireacht inbhuanaithe, a spreagadh, agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn;

f)

Infheistíocht a dhéanamh san aos óg, sa spórt, san oideachas agus i scileanna;

g)

Rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus acmhainneacht phleanála agus riaracháin na n-údarás áitiúil agus na n-údarás réigiúnach a fheabhsú;

h)

Tionscnaimh trasteorann a chur chun cinn chun an t-athmhuintearas agus an ceartas idirthréimhseach a chothú;

i)

An t-iomaíochas, an timpeallacht ghnó agus forbairt fiontar beag agus meánmhéide, na trádála agus na hinfheistíochta a fheabhsú;

j)

An taighde, an fhorbairt teicneolaíochta, an nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha a neartú.


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/13


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2129 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2021

lena n-údaraítear fruchtóbhóráit chailciam a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 25 Márta 2019, chuir an chuideachta VDF FutureCeuticals, Inc. (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun fruchtóbhóráit chailciam a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. Iarradh cead san iarratas fruchtóbhóráit chailciam a úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) do dhaoine fásta, cé is moite de mhná torracha agus de mhná atá ag lachtadh.

(4)

Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar chosaint sonraí dílseánaigh i gcás roinnt sonraí a cuireadh isteach mar thaca lena iarratas, eadhon, tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe, (4); modhanna anailíse (5); deimhnithe anailíse (6); tuarascáil ar chobhsaíocht (7); measúnú ar iontógáil bóróin chothaithigh (8); staidéar tocsainchinéiteach (9); tástáil cúlsócháin bhaictéaraigh (10); tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla na mamach (11); staidéar 90 lá ar thocsaineacht i bhfrancaigh (12); anailís ar cháithníní de réir méide (13); modh anailíse ar cháithníní de réir méide (14); anailís ar fhruchtós (15); anailís ar aimíonaigéid (16); anailís ar mhiocrorgánaigh (17); cobhsaíocht fhisiceimiceach (18); cobhsaíocht fruchtóis sa bhia núíosach (19); iontógáil cúlra bóróin chothaithigh (20); díthiomsú bóróin ag pH éagsúla (21).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) an 10 Iúil 2019, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a thabhairt trí mheasúnú sábháilteachta a dhéanamh ar fhruchtóbhóráit chailciam mar bhia núíosach.

(6)

An 25 Bealtaine 2021, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le Safety of calcium fructoborate as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht fruchtóbhóráit cailciam mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] (22). Tá an tuairim sin i gcomhréir leis na ceanglais faoi Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil aon chontúirt sa bhia núíosach, fruchtóbhóráit chailciam, do dhaoine fásta, cé is moite de mhná torracha agus de mhná atá ag lachtadh, ag leibhéil iontógála suas le 220 mg/lá (3,14 mg/kg de mheáchan coirp in aghaidh an lae). Dá bhrí sin, is leor na forais sa tuairim ón Údarás chun a shuí go gcomhlíonann fruchtóbhóráit chailciam Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 faoi na coinníollacha úsáide sonracha.

(8)

Ós beag sonraí atá ar fáil maidir le sábháilteacht fruchtóbhóráit cailciam le haghaidh an daonra faoi bhun 18 mbliana d’aois agus ag mná torracha agus ag mná atá ag lachtadh, ba cheart lipéadú a sholáthar chun na tomhaltóirí a chur ar an eolas go cuí nach ceart do na grúpaí sin den daonra na forbhianna ina bhfuil fruchtóbhóráit chailciam a thomhailt.

(9)

Sa tuairim ón Údarás, mheas sé gur leor na sonraí uile ar iarr an t-iarratasóir cosaint sonraí ina leith, cé is moite den mheasúnú ar iontógáil bóróin chothaithigh agus den iontógáil cúlra bóróin chothaithigh, gur leor iad de bhonn chun sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún nárbh fhéidir na conclúidí faoi shábháilteacht fruchtóbhóráit cailciam a bhaint amach d’uireasa na sonraí ó na tuarascálacha ar na staidéir sin.

(10)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach a bheith aige ar an tagairt do na sonraí sin, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(11)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh na cearta dílseánaigh agus eisiacha tagartha ar na sonraí ina sheilbh aige faoin dlí náisiúnta tráth déanta an iarratais agus dá bhrí sin nach mbeadh tríú páirtithe in ann rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh do na sonraí sin ach oiread.

(12)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige i dtaca le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, seo tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas táirgthe; modhanna anailíse; deimhnithe anailíse; tuarascáil ar chobhsaíocht; staidéar tocsainchinéiteach; tástáil cúlsócháin bhaictéaraigh; tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla na mamach; staidéar 90 lá ar thocsaineacht i bhfrancaigh; anailís ar cháithníní de réir méide; modh anailíse ar cháithníní de réir méide; anailís ar fhruchtós; anailís ar aimíonaigéid; anailís ar mhiocrorgánaigh; cobhsaíocht fhisiceimiceach; cobhsaíocht fruchtóis sa bhia núíosach; díthiomsú bóróin ag pH éagsúla atá i gcomhad an iarratasóra, ar ar bhunaigh an tÚdarás a chonclúid maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh, agus nach bhféadfadh an tÚdarás measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart don Údarás na sonraí sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun fruchtóbhóráit chailciam a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse sin.

(13)

Mar sin féin, i dtaca le srianadh údarú fruchtóbhóráit cailciam agus na tagartha do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra agus atá le húsáid ag an iarratasóir amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283 atá a n-iarratas bunaithe.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Áireofar fruchtóbhóráit chailciam, mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó 23 Nollaig 2021 is é an t-iarratasóir tosaigh amháin,

Cuideachta: VDF FutureCeuticals, Inc.,

Seoladh: 300 West 6th Street Momence, Illinois 60954, na Stáit Aontaithe,

atá údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí a chosnaítear de bhun Airteagal 2 nó le comhaontú ó VDF FutureCeuticals, Inc.

3.   Áireofar san iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Na sonraí atá sa chomhad iarratais, na sonraí is bonn don mheas a rinne an tÚdarás ar an mbia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1, agus ar mhaígh an t-iarratasóir gur sonraí dílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú dá n-uireasa, ní úsáidfear na sonraí sin chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó 23 Nollaig 2021 gan comhaontú a fháil ó VDF FutureCeuticals, Inc.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(4)  Roinn 2.b.1/VDF Calcium Fructoborate - Production Process.pdf.

(5)  Methods of analysis, excluding Thermogravimetric Analysis (TGA) - Iarscríbhinn C - Methods of Analysis - CONF.pdf.

(6)  Iarscríbhinn D - Certificates of Analysis -CONF.pdf.

(7)  Iarscríbhinn E - Stability - CONF.pdf.

(8)  Iarscríbhinn F - Boron Intake Report – CONF.pdf.

(9)  Iarscríbhinn G - Nemzer, 2018 - CONF&PROP.pdf (Tuarascáil maidir le Staidéar gan Foilsiú 2018).

(10)  Iarscríbhinn G - Schreib et al., 2015 - CONF&PROP.pdf (Tuarascáil maidir le Staidéar gan Foilsiú 2015a).

(11)  Iarscríbhinn G - Donath et al., 2015 - CONF&PROP.pdf (Tuarascáil maidir le Staidéar gan Foilsiú 2015b).

(12)  Iarscríbhinn G - Bauter et al., 2015 1 CONF&PROP.pdf; Iarscríbhinn G - Bauter et al., 2015 2 CONF&PROP.pdf (Tuarascáil maidir le Staidéar gan Foilsiú 2015c).

(13)  Calcium Fructoborate - Particle Size COAs.pdf.

(14)  Calcium Fructoborate - Particle Size MOA.pdf.

(15)  Ceangaltán - Freagairt 3 – Fructoborate Analysis.pdf.

(16)  Ceangaltán - Freagairt 5 - Amino Acid Analysis.pdf.

(17)  Ceangaltán - Freagairt 6 - Micro Analysis.pdf.

(18)  Ceangaltán - Freagairt 7 - Physiochem Stability.pdf.

(19)  Attachment_Clarification_Resp_Q8_Fructose_Stability_CONF.pdf.

(20)  Ca Fructoborate_Response EFSA Q9-11_17 Jul 2020.pdf.

(21)  Ca Fructoborate_Response EFSA Q_ADME_06 Apr 2021.pdf.

(22)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(6):6661.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Fruchtóbhóráit chailciam

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil

1.

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘fruchtóbhóráit chailciam’ an t-ainmniú a bheidh air.

2.

Lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil fruchtóbhóráit chailciam, beidh ráiteas air nár cheart don ghlúin faoi bhun 18 mbliana d’aois agus mná torracha agus mná atá ag lachtadh na forbhianna sin a thomhailt.

 

Údaraithe an 23 Nollaig 2021. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh sin bunaithe.

Iarratasóir: VDF FutureCeuticals, Inc., 300 West 6th Street Momence, Illinois 60954, na Stáit Aontaithe.

Is é VDF FutureCeuticals, Inc. an t-aon chuideachta amháin atá údaraithe chun an bia núíosach fruchtóbhóráit chailciam a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir eile údarú ina dhiaidh sin i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha a chosnaítear i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó VDF FutureCeuticals, Inc..

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 23 Nollaig 2026”:

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE don phobal fásta, cé is moite d’fhorbhianna do mhná torracha agus do mhná atá ag lachtadh

220 mg in aghaidh an lae

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Fruchtóbhóráit chailciam

Tuairisc/Sainmhíniú

Is í fruchtóbhóráit chailciam an bia núíosach, ar teitrihiodráit salainn cailciam d’eistear bis(fhruchtóis) ó aigéad bórach i bhfoirm phúdrach í, a bhfuil an fhoirmle cheimiceach Ca[(C6H10O6)2B]2•4H2O aici agus a bhfuil mais mhóilíneach 846 Da inti.

Is trí bhíthin sintéis cheimiceach a tháirgtear an bia núíosach, sintéis cheimiceach ina ndéantar fruchtós a chuingriú le haigéad bórach in uisce chun eistear bis(fhruchtóis) ó aigéad bórach a tháirgeadh trí phróisis éagsúla téite agus measctha. Ina dhiaidh sin, cuirtear carbónáit chailciam leis chun tuaslagán a chur ar fáil ina bhfuil an salann cailciam fruchtóbhóráit (teitrihiodráit). Déantar an tuaslagán a reothriomú, déantar é a mheilt chun an táirge deiridh púdraithe a chur ar fáil, agus ina dhiaidh sin déantar é a phacáistiú agus a stóráil faoi dhálaí stórála ionadaíocha (22 ± 1°C RH 55–60 %).

Saintréithe/comhdhéanamh

Taise shaor: < 5,0 %

Cailciam: 4,5-5 %

Bórón: 2,5-2,9 %

Fruchtós: 80-85 %

Luaith: 15-16 %

Miotail throma

Arsanaic: ≤ 1 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 1 000  CFU/g (a)

Giosta agus múscán: < 100 CFU/g

Baictéir dhrólannacha: ≤ 10 CFU/g

Escherichia coli: < 10 CFU/g

Salmonella spp.: Neamhláithreacht in 25 g

Stafalacocais téachtáis-deimhneacha: Neamhláithreacht in 1 g

(a)

CFU: aonaid déanta coilíneachta”


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/19


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2130 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a mhéid a bhaineann leis na liostaí plandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith Xylella fastidiosa

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) agus (2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún (2), rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a bhunachar sonraí de na plandaí óstacha atá soghabhálach i leith Xylella fastidiosa (Wells et al.) a thabhairt cothrom le dáta tríd an speiceas Salvia rosmarinus a chur leis mar óstach na bhfospeiceas uile Xylella.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an speiceas sin a liostú faoi Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin mar phlanda sonraithe atá soghabhálach i leith Xylella fastidiosa fospeiceas pauca toisc go liostaítear cheana féin é i dtaobh na bhfospeiceas multiplex agus fastidiosa.

(3)

Ina theannta sin, ba cheart an géineas Rosmarinus a bhaint d’Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1201 toisc nach bhfuil a ainmníocht in úsáid a thuilleadh agus gur cuireadh an ainmníocht Salvia rosmarinus ina hionad.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a leasú dá réir.

(5)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 mar a leanas:

(1)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I;

(2)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2020 maidir le bearta chun leathadh Xylella fastidiosa (Wells et al.) laistigh den Aontas a chosc, maille lena thabhairt isteach san Aontas (IO L 269, 17.8.2020, lch. 2).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201:

“IARSCRÍBHINN I

Liosta plandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith fospeicis amháin nó níos mó den lotnaid shonraithe (‘plandaí óstacha’)

Acacia

Acer

Adenocarpus lainzii

Albizia julibrissin Durazz.

Alnus rhombifolia Nutt.

Amaranthus retroflexus L.

Ambrosia

Ampelopsis arborea (L.) Koehne

Ampelopsis brevipedunculata (Maxim.) Trautv.

Ampelopsis cordata Michx.

Anthyllis hermanniae L.

Artemisia

Asparagus acutifolius L.

Athyrium filix-femina

Baccharis

Brassica

Calicotome spinosa (L.) Link

Calicotome villosa (Poiret) Link

Callicarpa americana L.

Callistemon citrinus (Curtis) Skeels

Calluna vulgaris (L.) Hull

Carya

Catharanthus roseus

Celtis occidentalis L.

Cercis canadensis L.

Cercis occidentalis Torr.

Cercis siliquastrum L.

Chamaecrista fasciculata (Michx.) Greene

Chenopodium album L.

Chionanthus

Chitalpa tashkentensis T. S. Elias & Wisura

Cistus

Citrus

Clematis cirrhosa L.

Coelorachis cylindrica (Michx.) Nash Coffea

Conium maculatum L.

Convolvulus cneorum L.

Coprosma repens A.Rich.

Coronilla

Cyperus eragrostis Lam.

Cytisus

Digitaria

Diospyros kaki L.f.

Diplocyclos palmatus (L.) C.Jeffrey

Dodonaea viscosa (L.) Jacq.

Echium plantagineum

Elaeagnus angustifolia L.

Encelia farinosa A. Gray ex Torr.

Eremophila maculata (Ker Gawler) F. von Müller.

Erigeron

Erodium moschatum (L.) L’Hérit.

Erysimum hibrideacha

Euphorbia chamaesyce L.

Euphorbia terracina L.

Euryops chrysanthemoides (DC.) B.Nord

Euryops pectinatus (L.) Cass.

Fagus crenata Blume

Fallopia japonica (Houtt.) Ronse Decr.

Fatsia japonica (Thunb.) Decne. & Planch.

Ficus carica L.

Fortunella

Frangula alnus Mill.

Fraxinus

Genista

Ginkgo biloba L.

Gleditsia triacanthos L.

Grevillea juniperina Br.

Hebe

Helianthus

Helichrysum

Heliotropium europaeum L.

Hemerocallis

Hevea brasiliensis (Willd. ex A.Juss.) Müll.Arg.

Hibiscus

Humulus scandens (Lour.) Merr.

Ilex aquifolium L.

Ilex vomitoria Sol. ex Aiton

Iva annua L.

Jacaranda mimosifolia D. Don

Juglans

Juniperus ashei J. Buchholz

Koelreuteria bipinnata Franch.

Lagerstroemia

Laurus nobilis L.

Lavandula

Lavatera cretica

Ligustrum lucidum L.

Liquidambar styraciflua L.

Lonicera implexa

Lonicera japonica Thunb.

Lupinus aridorum

Lupinus villlosus

Magnolia grandiflora L.

Mallotus paniculatus (Lam.) Müll.Arg.

Medicago arborea L.

Medicago sativa L.

Metrosideros

Mimosa

Modiola caroliniana (L.) G. Don

Morus

Myoporum insulare R. Br.

Myrtus communis L.

Nandina domestica Murray

Neptunia lutea (Leavenw.) Benth.

Nerium oleander L.

Olea

Osteospermum ecklonis DC.

Osteospermum fruticosum (L.) Norl.

Parthenocissus quinquefolia (L.) Planch.

Paspalum dilatatum Poir.

Pelargonium

Perovskia abrotanoides

Persea americana Mill.

Phagnalon saxatile (L.) Cass.

Phillyrea angustifolia L.

Phillyrea latifolia L.

Phlomis fruticosa L.

Phoenix

Pinus taeda L.

Pistacia vera L.

Plantago lanceolata L.

Platanus

Pluchea odorata (L.) Cass.

Polygala grandiflora

Polygala myrtifolia L.

Prunus

Psidium

Pteridium aquilinum

Pyrus

Quercus

Ratibida columnifera (Nutt.) Wooton & Standl.

Rhamnus

Rhus

Robinia pseudoacacia L.

Rosa

Rubus

Ruta chalepensis

Salvia mellifera Greene

Salvia officinalis

Salvia rosmarinus

Sambucus

Santolina chamaecyparissus L.

Santolina magonica

Sapindus saponaria L.

Sassafras

Setaria magna Griseb.

Solidago fistulosa Mill.

Solidago virgaurea L.

Sorghum halepense (L.) Pers.

Spartium

Stewartia pseudocamellia

Strelitzia reginae Aiton

Streptocarpus

Symphyotrichum divaricatum (Nutt.) G.L.Nesom

Teucrium capitatum L.

Trifolium repens L.

Ulex

Ulmus

Vaccinium

Vinca

Vitis

Westringia fruticosa (Willd.) Druce

Westringia glabra R.Br.

Xanthium strumarium L.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201:

“IARSCRÍBHINN II

Liosta plandaí arb eol go bhfuil siad soghabhálach i leith fospeiceas sonrach den lotnaid shonraithe (‘plandaí sonraithe’)

Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith Xylella fastidiosa fospeiceas fastidiosa

Acer

Ambrosia artemisiifolia L.

Calicotome spinosa (L.) Link

Cercis occidentalis Torr.

Cistus monspeliensis L.

Citrus sinensis (L.) Osbeck

Coffea

Erysimum

Genista lucida L.

Juglans regia L.

Lupinus aridorum

Magnolia grandiflora L.

Medicago sativa L.

Metrosideros

Morus

Nerium oleander L.

Pluchea odorata (L.) Cass.

Polygala myrtifolia L.

Prunus

Psidium

Rhamnus alaternus L.

Rubus rigidus Sm.

Rubus ursinus Cham. & Schldl.

Ruta chalepensis

Salvia rosmarinus

Sambucus

Spartium junceum L.

Streptocarpus

Teucrium capitatum L.

Ulmus americana L.

Vaccinium corymbosum

Vinca

Vitis

Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith Xylella fastidiosa fospeiceas multiplex

Acacia

Acer griseum (Franch.) Pax

Acer pseudoplatanus L.

Acer rubrum L.

Adenocarpus lainzii

Alnus rhombifolia Nutt.

Ambrosia

Ampelopsis cordata Michx.

Anthyllis hermanniae L.

Artemisia

Asparagus acutifolius L.

Athyrium filix-femina

Baccharis halimifolia L.

Calicotome spinosa (L.) Link

Calicotome villosa (Poir.) Link

Callistemon citrinus (Curtis) Skeels

Calluna vulgaris (L.) Hull

Carya

Celtis occidentalis L.

Cercis canadensis L.

Cercis occidentalis Torr.

Cercis siliquastrum L.

Chionanthus

Cistus

Clematis cirrhosa L.

Convolvulus cneorum L.

Coprosma repens A. Rich.

Coronilla

Cytisus

Dodonaea viscosa (L.) Jacq.

Echium plantagineum

Elaeagnus angustifolia L.

Encelia farinosa Gray ex Torr.

Erigeron

Erodium moschatum

Euryops chrysanthemoides (DC.) B.Nord.

Euryops pectinatus (L.) Cass.

Fallopia japonica (Houtt.) Ronse Decr.

Ficus carica L.

Frangula alnus Mill.

Fraxinus

Genista

Ginkgo biloba L.

Gleditsia triacanthos L.

Grevillea juniperina Br.

Hebe

Helianthus

Helichrysum

Hibiscus syriacus

Ilex aquifolium L.

Iva annua L.

Koelreuteria bipinnata Franch.

Lagerstroemia

Laurus nobilis L.

Lavandula

Lavatera cretica

Liquidambar styraciflua L.

Lonicera

Lupinus aridorum

Lupinus villosus Willd.

Magnolia grandiflora L.

Medicago arborea L.

Medicago sativa L.

Metrosideros

Myrtus communis L.

Nerium oleander

Olea

Osteospermum ecklonis (DC.) Norl.

Pelargonium

Perovskia abrotanoides

Phagnalon saxatile (L.) Cass.

Phillyrea angustifolia L.

Phillyrea latifolia

Phlomis fruticosa L.

Pistacia vera L.

Plantago lanceolata L.

Platanus

Polygala grandiflora

Polygala myrtifolia L.

Prunus

Pteridium aquilinum

Quercus

Ratibida columnifera (Nutt.) Wooton & Standl.

Rhamnus

Robinia pseudoacacia L.

Rosa

Rubus

Salvia mellifera Greene

Salvia officinalis

Salvia rosmarinus

Sambucus

Santolina chamaecyparissus L.

Santolina magonica

Sapindus saponaria L.

Solidago virgaurea L.

Spartium

Strelitzia reginae Aiton

Ulex

Ulmus

Vaccinium

Vinca

Westringia fruticosa Guerin.

Xanthium strumarium L.

Plandaí sonraithe atá soghabhálach i leith Xylella fastidiosa fospeiceas pauca

Acacia

Amaranthus retroflexus L.

Asparagus acutifolius L.

Catharanthus roseus (L.) G. Don

Chenopodium album L.

Cistus albidus L.

Cistus creticus L.

Citrus

Coffea

Dodonaea viscosa (L.) Jacq.

Eremophila maculata (Ker Gawler) F. von Müller.

Erigeron

Euphorbia chamaesyce L.

Euphorbia terracina L.

Grevillea juniperina Br.

Hebe

Heliotropium europaeum L.

Hibiscus

Laurus nobilis L.

Lavandula

Myoporum insulare Br.

Myrtus communis L.

Nerium oleander L.

Olea europaea L.

Osteospermum fruticosum (L.) Norl.

Pelargonium

Phillyrea latifolia L.

Pistacia vera

Polygala myrtifolia L.

Prunus

Rhamnus alaternus L.

Salvia rosmarinus

Spartium junceum L.

Ulex parviflorus

Vinca minor L.

Westringia fruticosa (Willd.) Druce

Westringia glabra Br.


CINNTÍ

3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/32


CINNEADH (AE) 2021/2131 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhchoiste LEE a bhaineann leis an leasú ar Phrótacal 32 maidir le módúlachtaí airgeadais chun Airteagal 82 atá i gceangal leis an gComhaontú LEE a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122 agus Airteagal 322(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 a bhaineann le socruithe chun an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (1) a chur chun feidhme, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) (“Comhaontú LEE”) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

(2)

De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, d’fhéadfadh Comhchoiste an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (“Comhchoiste LEE”) a chinneadh leasú a dhéanamh ar Phrótacal 32 maidir le módúlachtaí airgeadais chun Airteagal 82, atá i gceangal leis an gComhaontú LEE (“Prótacal 32”), inter alia a chur chun feidhme.

(3)

Le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (3), lenar bunaíodh Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, leithdháiltear ioncam sannta seachtrach breise ar an gClár Fís Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta arna rialú ag Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Is iomchuí a shoiléiriú i bPrótacal 32, ba cheart, chun críche ranníocaíochtaí airgeadais Stáit CSTE a ríomh, go méadófaí an bonn don ríomh le leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta seachtrach faoi Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094 i ndáil lena rannpháirtíocht sa chlár sin agus sa sásra sin.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 32 a leasú dá réir.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Phrótacal 32 maidir le módúlachtaí airgeadais chun Airteagal 82 atá i gceangal leis an gComhaontú LEE a chur chun feidhme, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ó Chomhchoiste LEE (6).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. POČIVALŠEK


(1)   IO L 305, 30.11.1994, lch. 6.

(2)   IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).

(4)  Rialachán (AE) 2021/695 ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(5)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

(6)   “Ní hann do théacs an dréachtchinnidh sa Ghaeilge.”


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/34


CINNEADH (AE) 2021/2132 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Samhain 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2020/1075 ón gComhairle (1), formheasadh an Comhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (2) (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2020 (3).

(2)

In Airteagal 11(1) den Chomhaontú, déantar foráil go bhfuil Comhchoiste de chuid na bPáirtithe le bunú le haghaidh fheidhmiú éifeachtach an Chomhaontuithe.

(3)

Ina theannta sin, foráiltear in Airteagal 11(3) den Chomhaontú go bhfuil an Comhchoiste chun a rialacha nós imeachta a tharraingt suas agus a ghlacadh.

(4)

Chomhoibrigh an Coimisiún agus Údarás Eitlíochta Sibhialta na Síne i dtarraingt suas dréacht-rialacha nós imeachta.

(5)

Is iomchuí an seasamh a bhunú atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a mhéid a bhaineann le glacadh rialacha nós Imeachta an Chomhchoiste, ós rud é go mbeidh siad ina gceangal ar an Aontas. Ba cheart seasamh an Aontais laistigh den Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is ar an dréacht-Chinneadh ón gComhchoiste (4) a bhunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcéad chruinniú den Chomhchoiste faoin gComhaontú i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne, a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste a ghlacadh.

2.   Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Chomhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. KUSTEC


(1)   IO L 240, 24.7.2020, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/1075 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i ndáil le sábháilteacht na heitlíochta sibhialta idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 240, 24.7.2020, lch. 1.)

(3)   IO L 3, 7.1.2021, lch. 3.

(4)  Féach doiciméad ST 13626/21 ar http://register.consilium.europs.eu


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/36


CINNEADH (CBES) 2021/2133 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

lena dtacaítear leis an gclár cuimsitheach chun tacú le hiarrachtaí Gáinneáil Aindleathach Mionarm agus Armán éadrom (SALW) agus Gnáth-Armlóin (CA) a chosc agus a chomhrac in Oirdheisceart na hEorpa

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (“SALW”) mar aon lena n-armlón, dar teideal “Airm a Dhaingniú, Saoránaigh a chosaint” (“Straitéis SALW an Aontais”).

(2)

Le breis agus 30 bliain anuas, tá stáit in Oirdheisceart na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar rioscaí agus dúshláin shuntasacha a bhaineann le carnadh díchobhsaitheach agus leathadh neamhrialaithe Mionarm agus Armán Éadrom (SALW) agus Gnáth-armlóin (CA) thar a dteorainneacha agus ar fud a gcríoch. Tá impleachtaí diúltacha níos leithne ag na rioscaí sin don Eoraip ar fad, agus níos faide i gcéin. Luaitear i Straitéis SALW an Aontais gurb amhlaidh, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas, go háirithe in oirdheisceart na hEorpa, go bhfuil teorainn i gcónaí le héifeachtacht iarrachtaí rialaithe arm tine mar aon le mionarm agus armán éadrom i gcodanna de na Balcáin Thiar i ngeall ar scála an charntha mionarm agus armán éadrom agus armlóin, coinníollacha stórála neamhleora, seilbh aindleathach fhorleathan agus bearnaí ó thaobh cur chun feidhme de.

(3)

Ar an leibhéal réigiúnach, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus a Bhallstáit le Straitéis SALW an Aontais cúnamh a chur ar fáil chun cumais forfheidhmithe dlí a neartú chun líonraí gáinneála a shainaithint, cur isteach orthu agus iad a thoirmeasc, agus chun cosc a chur ar sceimhlitheoirí agus coirpigh airm thine a fháil ar an margadh aindleathach, inter alia trí bhac a chur le maoiniú agus iompar aindleathach arm agus trí ról póilíní teorann, custaim agus údarás calafoirt a fheabhsú i dtaca le dul i ngleic le sreafaí aindleathacha arm arna n-iompar ar muir. Geallann an tAontas agus a Bhallstáit go gcuideoidh siad le tíortha eile feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit trí na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú, agus trí na hinstitiúidí náisiúnta a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn mionarm agus armán éadrom agus armlóin le haghaidh fórsaí cosanta agus slándála a neartú.

(4)

I gcomhréir le Straitéis SALW an Aontais, neartóidh an tAontas a idirphlé agus a chomhar le heagraíochtaí réigiúnacha a oibríonn ar rialú mionarm agus mionarm éadrom, trína chuid gníomhaíochtaí a ailíniú le straitéisí réigiúnacha agus pleananna gníomhaíochta réigiúnacha.

(5)

In 2000, ghlac na Stáit a bhí rannpháirteach san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) Doiciméad ESCE maidir le mionairm agus armáin éadroma (1), lenar thug siad gealltanas gach gné de gháinneáil aindleathach mionarm agus armán éadrom a chomhrac. Cuirtear i dtábhacht sa doiciméad sin freisin na héifeachtaí díchobhsaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag carnadh iomarcach mionarm agus armán éadrom agus ag bainistiú agus slándáil easnamhach stoc-charn mionarm agus armán éadrom ar an tslándáil náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta.

(6)

Ina theannta sin, in 2003, ghlac na Stáit a bhí rannpháirteach san ESCE Doiciméad ESCE maidir le Stoc-Chairn Ghnáth-Armlóin (2) agus tugadh aitheantas ar an gcaoi sin do na rioscaí slándála agus sábháilteachta a bhaineann le carnadh iomarcach gnáth-armlóin. Chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, chinn siad nós imeachta praiticiúil a bhunú chun cúnamh a sholáthar chun barrachas gnáth-armlóin a scriosadh agus/nó chun bainistiú stoc-charn agus cleachtais slándála a uasghrádú.

(7)

I ndoiciméid ESCE maidir le SALW agus stoc-chairn CA, sainaithnítear scriosadh mar an modh is fearr chun barrachas mionarm agus SALW a dhiúscairt.

(8)

Leis an tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón gCinneadh seo ón gComhairle, cuirfear san áireamh tionscnaimh réigiúnacha eile, go háirithe Treochlár na mBalcán Thiar (3), obair Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP)/Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) agus gníomhaíochtaí ábhartha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh in Oirdheisceart na hEorpa a bhaineann le rialú arm agus gáinneáil aindleathach arm.

Déanfar an tionscadal i gcomhordú le cúnamh gaolmhar an Aontais do dhlínsí in Oirdheisceart na hEorpa (Cinntí (CBES) 2018/101 (4) agus (CBES) 2017/915 ón gComhairle (5)), an comhar réigiúnach leis na Balcáin Thiar i réimse rialú mionarm agus armán éadrom arna chur chun feidhme ag UNDP/SEESAC (Cinntí (CBES) 2019/2111 (6), (CBES) 2018/1788 (7) agus (CBES) 2016/2356 ón gComhairle (8)), agus comhar forfheidhmithe dlí AE-Oirdheisceart na hEorpa i réimse na gáinneála arm tine le tacaíocht ó DG HOME an Choimisiúin Eorpaigh, ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus ón Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla).

(9)

Roimhe seo, thacaigh an tAontas le gníomhaíochtaí de chuid ESCE trí bhíthin Chinneadh 2012/662/CBES ón gComhairle (9) lena dtacaítear le gníomhaíochtaí chun an riosca a bhaineann le trádáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus armán éadrom a laghdú sa réigiún a chumhdaítear le ESCE. An 4 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1424 lena dtacaítear le gníomhaíochtaí ESCE chun an riosca a bhaineann le gáinneáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus arm éadrom agus gnáth-armlóin i bPoblacht na Macadóine Thuaidh agus sa tSeoirsia (10) a laghdú. An 2 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2009 (11) lena dtacaítear le hiarrachtaí na hÚcráine gáinneáil aindleathach ar armáin, armlón agus pléascáin a chomhrac, i gcomhar le ESCE.

(10)

An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gCur Chun Feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i gcoinne Mionarmán agus Arm Éadrom Aindleathach, glacadh doiciméad deiridh ina ndearna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú mionarm agus arm éadrom a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad toilteanach leanúint de chomhar idirnáisiúnta agus comhar réigiúnach a threisiú trí chomhordú, comhairliúchán, malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil feabhsaithe, ina bhfuil eagraíochtaí ábhartha réigiúnacha agus foréigiúnacha páirteach, chomh maith le húdaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann agus ceadúnaithe onnmhairithe agus allmhairithe.

(11)

Dearbhaítear le rún an 25 Meán Fómhair 2015 de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dar teideal “Ár ndomhan á chlaochlú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe” nach mór cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in armáin éadroma chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4 de, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach.

(12)

Sa Chlár Oibre uaidh um Dhí-armáil dar teideal ‘Securing our Common Future’ [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach agus trádáil aindleathach gnáth-arm agus d’iarr sé go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le mionairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   D’fhonn Straitéis an Aontais i gcoinne SALW a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo na rioscaí a bhaineann le gáinneáil aindleathach agus leathadh neamhrialaithe mionarm agus armán éadrom in, go, nó ó Oirdheisceart na hEorpa a laghdú, ar rioscaí iad a bhaineann an bonn den tsábháilteacht agus den tslándáil trí bhac a chur ar chothú inbhuanaithe na síochána agus ar fhorbairt shocheacnamaíoch agus cur le cliseadh ar an ord poiblí, lena ngríosaítear sceimhlitheoireacht agus foréigean coiriúil nó lena n-atosaítear coinbhleachtaí.

2.   De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:

a)

an riosca a bhaineann le leathadh agus mí-úsáid SALW i bPoblacht na hAlbáine a laghdú;

b)

tacú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun na rioscaí slándála agus sábháilteachta a bhaineann le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón a mhaolú;

c)

tacú le cumas K-9 Phóilíneacht na Cosaive (*) atá ann cheana a neartú, mar aon lena rannchuidiú díreach i leith cosc, díchur agus imscrúdú SALW, armlóin, agus mí-úsáid pléascán agus gáinneáil sna Balcáin Thiar;

d)

an riosca a bhaineann le leathadh armán agus mí-úsáid SALW i bPoblacht na Macadóine Thuaidh a laghdú, trí chosc, brath, anailís agus acmhainneacht imscrúdaitheach na hAireachta Gnóthaí Baile agus eagraíochtaí eile rialtais a mhéadú;

e)

an riosca go ndéanfaí pléascáin gan choinne ag láithreáin mhuinisean a laghdú agus atreorú SALW/stoc-charn gnáth-armlóin ó Aireacht Cosanta láithreáin stórála Mhontainéagró a laghdú;

f)

rioscaí sábháilteachta agus slándála a laghdú a bhaineann le SALW i seilbh neamhdhleathach, mí-úsáidí SALW agus gáinneáil aindleathach SALW sa tSeirbia;

g)

cuidiú le Stáit rannpháirteacha ESCE a ngealltanais i gcoinne leathadh aindleathach SALW/stoc-charn gnáth-airm a phleanáil, a chur chun feidhme, agus más gá, a neartú, ar bhealach níos fearr.

3.   Is iad seo a leanas tairbhithe an tionscadail:

a)

údaráis in Oirdheisceart na hEorpa ar tugadh sainordú dóibh chun gáinneáil aindleathach SALW agus CA a chosc agus a chomhrac agus atá freagrach as an méid sin, eadhon coimisiúin/boird SALW, na hAireachtaí Gnóthaí Baile agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí amhail na póilíní. I measc na n-údarás eile a bheidh ag plé leis an tionscadal, tá na hAireachtaí Slándála, oifigí ionchúisitheoirí, cúirteanna agus seirbhísí peannadlainne sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin chomh maith leis an Aireacht Cosanta i Montainéagró. Sa tSeirbia, foráiltear leis an tionscadal freisin go rachfar i mbun plé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a mbíonn saincheisteanna rialaithe SALW (tairbhithe díreacha) faoina gcúram;

b)

na pobail dlínsí in Oirdheisceart na hEorpa agus a chomharsanacht Eorpach atá i mbaol mar gheall ar úsáid SALW aindleathach agus CA aindleathaigh i ngníomhaíochtaí coiriúla, i sceimhlitheoireacht agus i mí-úsáid fhoréigneach (tairbhithe indíreacha);

c)

údaráis shainordaithe san Aontas agus sna Ballstáit a thairbhíonn d’acmhainneachtaí feabhsaithe um rialú SALW agus CA in Oirdheisceart na hEorpa trí, inter alia, malartuithe faisnéise feabhasaithe, mar aon le bearta comhordaithe agus comhair amhail sainaithint riosca, imscrúdú agus rianú, brath agus urghabháil SALW agus CA aindleathaigh (tairbhithe indíreacha).

4.   Leagtar síos tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála “an tArdionadaí”) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Rúnaíocht ESCE a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 (“an tionscadal”).

3.   Déanfaidh Rúnaíocht ESCE a cuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le Rúnaíocht ESCE.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 4 208 827 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.

2.   Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú airgeadais is gá i gcrích le Rúnaíocht ESCE. Sonrófar sa chomhaontú airgeadais go n-áiritheoidh Rúnaíocht ESCE infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí lena méid.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi aon deacrachtaí sa phróiseas sin agus faoin dáta a thabharfar an comhaontú airgeadais i gcrích.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte tráthrialta arna n-ullmhú ag Rúnaíocht ESCE. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le gnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag, áfach, 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, mura mbeidh aon chomhaontú tugtha i gcrích laistigh den tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  FSC.DOC/1/00/Rev.1

(2)  FSC.DOC/1/03/Rev.1

(3)  An 10 Iúil 2018, ghlac Cruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar i Londain ‘ Regional Roadmap for a sustainable solution to the illegal possession, misuse and trafficking of SALW/firearms and their ammunition in the Western Balkans by 2024’ [Treochlár réigiúnach chun teacht ar réiteach inbhuanaithe i ndáil le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil mionarm agus arm éadrom/arm tine agus a n-armlón sna Balcáin Thiar faoi 2024].

(4)  Cinneadh (CBES) 2018/101 an 22 Eanáir 2018 ón gComhairle maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn (IO L 17, 23.1.2018, lch. 40).

(5)  Cinneadh (CBES) 2017/915 an 29 Bealtaine 2017 ón gComhairle maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana de chuid an Aontais lena dtacaítear le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).

(6)  Cinneadh (CBES) 2019/2111 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 chun tacú le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe arm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa lena laghdaítear an bhagairt a bhaineann le mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón (IO L 318, 10.12.2019, lch. 147).

(7)  Cinneadh (CBES) 2018/1788 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun an Treochlár Réigiúnach maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar a chur chun feidhme (IO L 293, 20.11.2018, lch. 11).

(8)  Cinneadh (CBES) 2016/2356 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 chun tacú le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe airm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa faoi chuimsiú Straitéis an Aontais chun carnadh agus gáinneáil aindleathach mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón a chomhrac (IO L 348, 21.12.2016, lch. 60).

(9)  Cinneadh 2012/662/CBES ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena dtacaítear le gníomhaíochtaí chun an riosca a bhaineann le trádáil aindleathach agus carnadh iomarcach mionarm agus armán éadrom sa réigiún a chumhdaítear leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) (IO L 297, 26.10.2012, lch. 29).

(10)   IO L 204, 5.8.2017, lch. 82.

(11)  Cinneadh (CBES) 2019/2009 ón gComhairle an 2 Nollaig 2019 lena dtacaítear le hiarrachtaí na hÚcráine gáinneáil aindleathach ar airm, ar armlón agus ar phléascáin a chomhrac, i gcomhar le ESCE (IO L 312, 3.12.2019, lgh. 42).

(*)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

CLÁR CUIMSITHEACH ESCE CHUN TACÚ LE hIARRACHTAÍ GÁINNEÁIL AINDLEATHACH MIONARM AGUS ARMÁN ÉADROM (SALW) AGUS GNÁTH-ARMLÓIN (CA) A CHOSC AGUS A CHOMHRAC IN OIRDHEISCEART NA hEORPA-HR(2021) 138

1.   Cúlra

Le breis agus tríocha bliain anuas, tá rioscaí agus dúshláin shuntasacha ag bagairt ar stáit in Oirdheisceart na hEorpa (SEE) a bhaineann le carnadh díchobhsaitheach agus le leathadh neamhrialaithe Mionarm agus Armán Éadrom (SALW) aindleathach agus gnáth-armlóin (CA) aindleathaigh thar a dteorainneacha agus ar fud a gcríoch. Tá impleachtaí diúltacha níos leithne ag na rioscaí sin don Eoraip ina hiomláine agus níos faide i gcéin.

Tá SEE i gcónaí ina ábhar imní agus is dúshlán tábhachtach é i Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine aindleathacha, mionarm agus armán éadrom (SALW) agus a n-armlóin (‘Straitéis SALW AE’). Luaitear i Straitéis SALW AE cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach le blianta beaga anuas, go háirithe in oirdheisceart na hEorpa, mar gheall ar scála an charntha SALW agus armlóin, coinníollacha stórála neamhleora, seilbh aindleathach fhorleathan agus bearnaí ó thaobh cur chun feidhme de, leantar d'éifeachtacht iarrachtaí rialaithe arm tine/SALW i gcodanna de na Balcáin Thiar a theorannú.

Dá bhrí sin, leis an tagairt do na Balcáin Thiar, leagtar amach i straitéis SALW AE an tacar cuimsitheach gníomhaíochtaí amhail [...] ‘barrachas stoc SALW agus armlóin a laghdú, seilbh aindleathach a laghdú, atreorú agus gáinneáil arm a chomhrac, rialuithe teorann a fheabhsú, marcáil, taifead agus rianú SALW a fheabhsú chomh maith le hacmhainneachtaí diúscartha, feasacht a fheabhsú, agus tacú le hacmhainneachtaí forfheidhmithe dlí, [...], agus tacaíocht a choinneáil ar bun do chórais rialaithe náisiúnta agus tionscnaimh réigiúnacha ábhartha a chur san áireamh chun SALW aindleathacha agus a n-armlón a chomhrac, amhail an Treochlár Réigiúnach chun teacht ar réiteach inbhuanaithe i ndáil le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW/arm tine agus a n-armlóin sna Balcáin Thiar faoi 2024; tionscnamh a fuair tacaíocht ón bhFrainc agus ón nGearmáin.’

Oidhreacht na gcoinbhleachtaí a bhí ann roimhe seo sa réigiún, teipeanna maidir le díshlógadh, dí-armáil agus athimeascadh a chur chun feidhme go tráthúil agus go cuí, chomh maith le córais rialaithe um SALW láraithe agus stoc-chairn gnáth-armlóin (SCA) atá curtha chun feidhme go dona agus atá léirithe sna nithe seo a leanas:

trádáil agus leathadh aindleathach SALW agus CA laistigh de theorainneacha SEE agus tharstu;

atreorú neamhdhleathach SALW agus CA;

úsáid SALW agus CA aindleathach/smuigleáilte, i ngníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta agus coiriúla agus i gcoireanna foréigneacha laistigh den réigiún agus níos faide i gcéin;

caillteanas agus gadaíocht SALW agus CA ó láithreáin stórála oifigiúla agus ó fholacháin (agus, ar an gcaoi sin, a leathadh aindleathach);

cuntasacht agus trédhearcacht íseal maidir le cosc, bainistiú, forfheidhmiú agus rialú SALW agus CA.

Tá sé comhaontaithe ag na Stáit ESCE atá rannpháirteach (pS) comhoibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin agus sin a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach. Go sonrach, tá gealltanas tugtha ag pS go ndéanfaidh siad gáinneáil aindleathach agus leathadh neamhrialaithe SALW agus CA a chomhrac i gcomhréir le forálacha dhoiciméid ESCE maidir le SALW (FSC.DOC/1/00/Rev.1) agus Stoic-chairn CA (FSC.DOC/1/03/Rev.1).

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na hábhair imní sin, tá stáit SEE tar éis aghaidh a thabhairt ar iarrataí ar chúnamh oifigiúil chuig ESCE i réimse rialú SALW agus CA in 2019 (1). Tháinig siad sin ó Aireacht Gnóthaí Baile na hAlbáine, Aireacht Slándála na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh, Aireacht Cosanta Mhontainéagró, agus Aireacht Gnóthaí Baile na Seirbia.

2.   Cuspóir foriomlán

Na rioscaí a bhaineann le gáinneáil aindleathach agus leathadh neamhrialaithe SALW in/go/ó SEE a laghdú, ar rioscaí iad a bhaineann an bonn den tsábháilteacht agus den tslándáil trí chur isteach ar chothú na síochána inbhuanaithe agus ar an bhforbairt shocheacnamaíoch agus trí chur le cliseadh ar an ord, an sceimhlitheoireacht agus an foréigean coiriúil a ghríosú, nó trí atosú na coinbhleachta a spreagadh.

3.   Cur síos ar an nGníomhaíocht

Tá an ghníomhaíocht bunaithe ar phróisis chórasacha measúnaithe riachtanas arna gcur chun feidhme le linn na tréimhse 2019 – 2021. Leis na próisis sin, fíoraíodh iarrataí ar chúnamh agus daingníodh go bhfuil gá le tacaíocht ó ESCE, eadhon maidir le cumais na n-údarás sainordaithe a neartú maidir leis an méid seo a leanas:

bainistiú agus malartuithe faisnéise maidir le gáinneáil aindleathach SALW a chosc agus a chomhrac;

acmhainneachtaí cainínigh (K-9) chun SALW agus CA aindleathach a bhrath agus a urghabháil;

múscailt feasachta agus abhcóideacht chun tacú le gáinneáil aindleathach SALW agus CA a chosc agus a chomhrac;

Creataí rialála agus oibríochta díghníomhachtúcháin SALW;

Slándáil agus bainistiú stoc-chairn SALW.

An ghníomhaíocht – clár cuimsitheach ESCE chun tacú le hiarrachtaí gáinneáil aindleathach SALW agus CA a chosc agus a chomhrac in Oirdheisceart na hEorpa – clár ina bhfuil seacht dtionscadal de chuid ESCE, freagraíonn sé ar na ceanglais thuasluaite ar bhealach cuimsitheach freisin trí dhinimicí trasteorann/réigiúnacha a threisiú chun gáinneáil aindleathach SALW agus CA a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos éifeachtúla, níos éifeachtaí agus tionchar níos mó a bheith aige. Forbraíodh na tionscadail i ndlúthchomhar le húdaráis/institiúidí sainordaithe, Ionad um Chosc Coinbhleachtaí ESCE agus oibríochtaí allamuigh ESCE in SEE.

Tacaíonn clár cuimsitheach ESCE, trína chuid tionscadal, le Straitéis SALW an Aontais, go háirithe comhar agus cúnamh idirnáisiúnta a bhaineann leis na Balcáin Thiar.

Tá sé mar aidhm leis na tionscadail freisin éifeachtaí diúltacha ar fhorbairt inbhuanaithe ón trádáil aindleathach in SALW agus a n-armlón a mhaolú agus a chosc, rud a threisíonn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe amhail:

Cuspóir 05. Comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú (e.g. sprioc 5.2); agus

Cuspóir 16. Sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn le haghaidh forbairt inbhuanaithe, rochtain ar cheartas a chur ar fáil do chách agus institiúidí éifeachtacha, cuntasacha agus uilechuimsitheacha a fhorbairt ar gach leibhéal (e.g. spriocanna 16.1, 16.4 & 16.a).

Ina theannta sin, rinneadh na tograí a chomhchuibhiú leis an 'Roadmap for a sustainable solution to the illegal possession, misuse and trafficking of SALW and their ammunition in the Western Balkans by 2024' [Treochlár chun teacht ar réiteach inbhuanaithe i ndáil le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW agus a n-armlóin sna Balcáin Thiar faoi 2024]. (2) agus rinneadh iad a chomhordú leis na geallsealbhóirí ábhartha a thacaíonn leis an Treochlár, agus faireachán a dhéanamh ar a chur chun feidhme. Tá na tograí comhlántach freisin le Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine aindleathacha, SALW agus a n-armlóin (2018), agus tacaíonn sé, ar an gcaoi sin, le húdaráis SEE leis an Straitéis sin a chomhlíonadh go háirithe gníomhaíochtaí sna Balcáin Thiar.

3.1.   Tionscadal 1: Cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine an riosca a bhaineann le leathadh agus mí-úsáid SALW a laghdú

3.1.1.   Cuspóir

Is é cuspóir an tionscadail an riosca a bhaineann le leathadh agus mí-úsáid SALW i bPoblacht na hAlbáine a laghdú.

3.1.2.   Cur Síos

Tá tionchar leathadh agus seilbh neamhrialaithe SALW, armlóin agus pléascán ina bhagairt mhór fós ar shábháilteacht phoiblí, ar fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch san Albáin. Déantar gnéithe coiriúla agus coireacht eagraithe a chothú le SALW atá rialaithe go dona agus go neamhdhleathach, trí fhoréigean agus neamhshlándáil a chumasú. Tá éifeachtaí díobhálacha ag na gnéithe sin go léir ar bhearta slándála agus cothaithe muiníne sa tír agus sa réigiún. D’iarr an Albáin cúnamh ag Fóram ESCE um Chomhar Slándála i mí Dheireadh Fómhair 2019.

D’fhíoraigh ESCE bearnaí acmhainneachtaí sna réimsí seo a leanas:

a)

creat reachtach agus rialála chun airm thine a dhíghníomhachtú, agus an creat sin a chur chun feidhme go cuí le feabhas a chur ar bhonneagar, ar ghnéithe trealmhúcháin agus oiliúna;

b)

seirbhísí cainínigh (K9) de chuid phóilíní Stáit na hAlbáine chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath;

c)

feasacht an phobail a mhúscailt maidir leis na contúirtí a bhaineann le mí-úsáid agus leathadh SALW.

Úsáidfear cistiú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachtaí faoi mhíreanna a) go c).

Is líon mór údarás náisiúnta a bhfuil sainordú acu i réimse rialú SALW go háirithe Coimisiún Náisiúnta SALW, Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na hAlbáine (MoI) agus Póilíní Stáit na hAlbáine (ASP), a bheidh mar thairbhithe ag an tionscadal, chomh maith le pobal na hAlbáine.

3.1.3.   Na torthaí a bhfuil ionchas leo

Toradh 1: Feabhsófar creat reachtach Phoblacht na hAlbáine maidir le hábhair SALW agus díghníomhachtúcháin.

Táscairí:

Creat normatach a bheith ann maidir le rialú SALW i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta

Saoráidí agus cleachtas a bheith ann maidir le díghníomhachtú SALW a oibríonn i gcomhréir le gealltanais ESCE agus le caighdeáin idirnáisiúnta

Líon na n-oiliúintí agus líon na ndaoine atá oilte chun díghníomhachtú nó chun an próiseas díghníomhachtúcháin a mhaoirsiú

Toradh 2: Cuirfear feabhas ar chumas Phóilíní na hAlbáine airm agus pléascáin a bhrath.

Táscairí:

Creat normatach a bheith ann chun cumas K9 a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta

Saoráidí agus bonneagar K9 a bheith ann i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus le moltaí ESCE

Líon na n-oiliúintí agus líon na ndaoine atá oilte

Toradh 3: Cuirfear le feasacht an phobail maidir le contúirtí SALW agus le hábhair a bhaineann le rialú SALW.

Táscairí:

Líon na ndoiciméad treorach nó rialála maidir le feasacht phoiblí agus for-rochtain atá i bhfeidhm (i.e. Straitéis Cumarsáide maidir le SALW)

Líon na bhfeachtas feasachta poiblí agus for-rochtana atá cothrom le dáta maidir leis an tábhacht a bhaineann le SALW, armlón agus rialú pléascán agus maidir leis na rioscaí a bhaineann lena seilbh agus lena mí-úsáid neamhdhleathach i gcomhréir leis an Straitéis Cumarsáide maidir le SALW a glacadh

Céatadán an spriocghrúpa (imdhealaithe de réir inscne) atá ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid SALW

3.1.4.   Gníomhaíochtaí

3.1.4.1   Gníomhaíocht a bhaineann le feabhas a chur ar chreat reachtach Phoblacht na hAlbáine maidir le hábhair SALW agus díghníomhachtúcháin.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Tacaíocht d’fhorbairt fhodhlí maidir le díghníomhachtú agus plean gníomhaíochta chun sin a chur chun feidhme

Tacú le sásraí a bhunú chun díghníomhachtú SALW a chur chun feidhme go cuí agus maoirseacht a dhéanamh air

Tacaíocht a thabhairt chun Lámhleabhar Oiliúna maidir le díghníomhachtú SALW a fhorbairt, agus oiliúintí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chur ar fáil do na cleachtóirí áitiúla

3.1.4.2   Gníomhaíocht a bhaineann le feabhas a chur ar chumas Phóilíní na hAlbáine airm agus pléascáin aindleathacha a bhrath.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Forbairt a dhéanamh ar an mbuan-nós imeachta oibríochta chun acmhainneacht K9 a úsáid chun SALW a bhrath, chomh maith le Máistirphlean K9 chun an cumas sin a nuachóiriú

Clár oiliúna maidir le cur i bhfeidhm an bhuan-nós imeachta oibríochta i ndáil le hacmhainneacht K9 a úsáid chun SALW a bhrath

Cúnamh trealaimh agus uasghráduithe bonneagair ar aonad K9

Uasghráduithe bonneagair a chur chun feidhme do chonchróite, saoráidí oifige agus imlíne K9 chomh maith le soláthar agus aistriú trealaimh d’aonaid K9 chun acmhainneacht bhraite a mhéadú

Ardán a chur ar fáil chun úsáid acmhainneachtaí K9 a chur chun cinn trí chomórtais a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach

3.1.4.3   Gníomhaíocht a bhaineann le feasacht an phobail a mhéadú maidir le contúirtí SALW agus le hábhair a bhaineann le rialú SALW

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Tacaíocht a thabhairt chun an Straitéis chomhordaithe um Múscailt Feasachta agus Cumarsáide a dhearadh

Tacaíocht a thabhairt chun an Straitéis chomhordaithe um Múscailt Feasachta agus Cumarsáide a chur chun feidhme

3.2.   Tionscadal 2: Aghaidh a thabhairt ar na rioscaí slándála agus sábháilteachta a bhaineann le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW agus a n-armlóin sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin

3.2.1.   Cuspóir

Is é cuspóir an tionscadail tacú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin (BiH) chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí slándála agus sábháilteachta a bhaineann le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW agus a n-armlóin.

3.2.2.   Cur Síos

Tugann an tionscadal aghaidh ar riachtanais ardtosaíochta a shonraítear san iarraidh ar chúnamh ón Aireacht Slándála (2019) agus tá sé mar aidhm leis tacú le BiH chun maolú a dhéanamh ar rioscaí slándála agus sábháilteachta a bhaineann le seilbh neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW, armlóin agus pléascán – rud a chuireann dá bhrí sin le slándáil agus cobhsaíocht sa tír agus sa réigiún máguaird.

D’fhíoraigh ESCE bearnaí acmhainneachtaí sna réimsí seo a leanas:

a)

bonneagar SALW agus stórála armlóin de chuid gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí (LEA), lena n-áirítear nósanna imeachta agus cleachtais slándála fisiciúla agus bainistithe stoc-charn;

b)

múscailt feasachta institiúidí agus for-rochtain institiúideach maidir le rialú SALW chun tacú leis an mBord Comhordaithe um Rialú SALW (CCB) lena n-áirítear cur chuige modheolaíoch agus sraith straitéisí faireacháin agus meastóireachta;

c)

Cumais cainínigh LEA chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath, lena n-áirítear a gcreataí pleanála, reachtacha agus oibríochtúla, a dtrealamh agus a mbonneagar chomh maith le gnéithe oiliúna;

d)

inrochtaineacht agus inchomparáideacht na sonraí a bhaineann le SALW atá riachtanach chun beartais a cheapadh go héifeachtach agus chun freagairt oibríochtúil a thabhairt;

e)

Díghníomhachtú SALW, lena n-áirítear creataí reachtacha agus rialála, oiliúint, trealamh agus gnéithe bonneagair.

Úsáidfear cistiú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachtaí faoi mhíreanna c) agus d).

Is líon mór údarás náisiúnta a bhfuil sainordú acu i réimse rialú SALW, eadhon gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí (LEAanna) lena n-áirítear aireachtaí gnóthaí baile maidir le heintitis agus cantúin (MoIanna)/gníomhaireachtaí póilíneachta, SALW CCB, Aireacht Slándála BiH (MoS), chomh maith le hoifigí na n-ionchúisitheoirí, cúirteanna agus seirbhísí pionóis, a bheidh mar thairbhithe ag an tionscadal, chomh maith le pobal BiH.

3.2.3.   Na torthaí a bhfuil ionchas leo

Toradh 1: Neartófar cumais fhorfheidhmithe dlí K9 chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath.

Táscairí:

Ráta cur chun feidhme an Mháistirphlean forbartha maidir leis an gcreat reachtach, bonneagair agus oibríochtúil is gá a fhorbairt le haghaidh aonaid K9

Céatadán na n-oiliúnaithe a léiríonn na scileanna a theastaíonn chun na buan-nósanna imeachta oibríochta a chur i bhfeidhm go héifeachtach

Líon na n-aonaid/suíomhanna K9 arna n-uasghrádú i gcomhréir le measúnú ar riachtanais ESCE

Toradh 2: Forbrófar bunachar sonraí agus córas rianaithe cás comhtháite idirinstitiúideach SALW agus armlóin.

Táscairí:

Leibhéal idir-inoibritheachta/comhoiriúnachta na modheolaíochtaí bailithe sonraí

Córas TF idirinstitiúideach feidhmiúil a bheith ann lenar féidir sonraí ó SALW agus ó chásanna a bhaineann le harmlón a bhailiú agus a anailísiú ar bhealach comhtháite

3.2.4.   Gníomhaíochtaí

3.2.4.1.   Gníomhaíocht a bhaineann le cumais fhorfheidhmithe dlí K9 a neartú chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Tacú le heagrú meithleacha agus cruinnithe a chomhordú chun Máistirphlean a fhorbairt d’fhothú acmhainneachta K9

Tacú le forbairt na gcreataí reachtacha agus oibríochtúla is gá chun acmhainneacht K9 a úsáid chun SALW a bhrath

Bonneagar K9 a uasghrádú agus an trealamh is gá a chur ar fáil

Clár oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an bhuan-nós imeachta oibríochta i ndáil le hacmhainneacht K9 a úsáid chun SALW a bhrath

Ardán a bhunú chun úsáid acmhainneachtaí K9 a chur chun cinn trí chomórtais a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach

3.2.4.2.   Gníomhaíocht a bhaineann le forbairt a dhéanamh ar bhunachar sonraí agus córas rianaithe cás comhtháite idirinstitiúideach SALW agus armlóin.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Tacú le measúnú ar shamhlacha ábhartha dlíthiúla agus staidrimh d’fhorfheidhmiú an dlí agus do bhreithiúnacht chun cuntas teiste idirinstitiúideach comhtháite SALW agus armlón a bhunú

Tacú le córas cuntas teiste BiH SALW a bhunú

Oiliúint a eagrú do bhreithiúna agus d’úsáideoirí forfheidhmithe dlí an chórais rianaithe SALW

3.3.   Tionscadal 3: Tacú le hacmhainneacht K-9 phóilíní na Cosaive (*) a neartú chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath agus a choigistiú

3.3.1.   Cuspóir

Is é cuspóir an tionscadail tacú le cumas K-9 atá ag Póilíní na Cosaive cheana a neartú agus lena rannchuidiú díreach chun SALW, armlón, agus mí-úsáid pléascán agus gáinneáil sna Balcáin Thiar a chosc, a chur faoi chois agus a imscrúdú.

3.3.2.   Cur Síos

Forbraíodh an tionscadal i gcomhthéacs Straitéis na Cosaive maidir le Rialú SALW a ghabhann leis an bPlean Gníomhaíochta. Is é is aidhm dó tacú le cumas K-9 atá ag Póilíní na Cosaive cheana a neartú agus lena rannchuidiú díreach chun SALW, armlón, agus mí-úsáid pléascán agus gáinneáil sna Balcáin Thiar a chosc, a chur faoi chois agus a imscrúdú.

Beidh sé mar aidhm ag an tionscadal aghaidh a thabhairt ar bhearnaí fíoraithe acmhainneachtaí i seirbhísí K9 maidir le mí-úsáid SALW agus gáinneáil SALW a chosc, a chur faoi chois agus a imscrúdú, lena n-áirítear creat rialála, úsáid oibríochtúil foirne K9, ganntanas acmhainní daonna, bonneagair agus iompair.

Is iad póilíní na Cosaive tairbhithe an tionscadail, chomh maith le pobal na Cosaive.

3.3.3.   An toradh a bhfuil ionchas leis

Toradh 1: Feabhsófar creat rialála agus oiliúna, chomh maith le bonneagar agus trealamh aonad K-9 chun SALW, armlón agus mí-úsáid pléascán agus gáinneáil a chosc, a chur faoi chois agus a imscrúdú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí

Táscairí:

Creat rialála agus oiliúna aonad K-9 a bheith ann

Bonneagar uasghrádaithe agus trealamh uasghrádaithe aonad K9 a bheith ann

3.3.4.   Gníomhaíochtaí

3.3.4.1.   Gníomhaíocht a bhaineann le feabhas a chur ar chreat rialála agus oiliúna, chomh maith le bonneagar agus trealamh aonad K-9 chun SALW, armlón agus mí-úsáid pléascán agus gáinneáil a chosc, a chur faoi chois agus a imscrúdú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Bunú agus gníomhaíochtaí na Meithle chun cumas K-9 a fheabhsú

Cuairteanna staidéir a dhéanamh le contrapháirteanna a bhfuil ardchóras acu chun madraí braite a úsáid le haghaidh SALW, armlóin agus pléascán

Tacaíocht a chur ar fáil do Rannóg Oiliúna an tairbhí chun an Plean Oiliúna a dhréachtú, modheolaíocht oiliúna a fhorbairt a bheidh comhtháite go hiomlán le buan-nós imeachta oibríochta na nAonad K9 le haghaidh oiliúna agus oibríochtaí K9, agus ciorcal saineolaithe oiliúna a thógáil

Tacú le soláthar an bhonneagair agus an trealaimh is gá le haghaidh oiliúint, feidhmíocht oirbheartaíochta agus oibríochtúil Aonad K- 9

Oiliúint speisialaithe agus ardoiliúint a chur ar fáil do láimhseálaithe madraí

3.4.   Tionscadal 4: Cúnamh a thabhairt d’údaráis náisiúnta Phoblacht na Macadóine Thuaidh an riosca a bhaineann le leathadh arm agus mí-úsáid SALW a laghdú

3.4.1.   Cuspóir

Is é cuspóir an tionscadail an riosca a bhaineann le leathadh arm agus mí-úsáid SALW i bPoblacht na Macadóine Thuaidh a laghdú trí chosc, brath, anailís agus acmhainneacht imscrúdaitheach na hAireachta Gnóthaí Baile agus eagraíochtaí Rialtais eile a mhéadú.

3.4.2.   Cur Síos

Forbraíodh an tionscadal chun freagairt ar an iarraidh ar chúnamh ó Rialtas Phoblacht na Macadóine Thuaidh (2019) chun acmhainneachtaí an Choimisiúin Náisiúnta maidir le SALW a neartú agus chun cur le cumais na roinne Póilíní, Aonad K9, chun airm agus pléascáin a bhrath.

D’fhíoraigh ESCE bearnaí acmhainneachtaí sna réimsí seo a leanas:

a)

acmhainneacht oibríochtúil K9 na hAireachta Gnóthaí Baile chun leathadh aindleathach SALW a bhrath;

b)

sásra comhair agus comhordúcháin trasteorann, idirinstitiúideach agus laistigh d’institiúidí, chun gáinneáil aindleathach SALW a chosc agus a chomhrac;

c)

anailís ar shaincheisteanna rialaithe SALW maidir le leibhéil straitéiseacha agus oibríochtúla;

d)

for-rochtain phoiblí agus feasacht phoiblí chomhordaithe maidir leis na rioscaí a bhaineann le mí-úsáid SALW i bPoblacht na Macadóine Thuaidh, lena n-áirítear iarrachtaí atá á ndéanamh ag Coimisiún Náisiúnta SALW.

Úsáidfear cistiú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachtaí faoi mhíreanna a), b) agus c).

Is líon mór údarás náisiúnta a bhfuil sainordú acu i réimse rialú SALW, eadhon coimisiún náisiúnta SALW (3), an Aireacht Gnóthaí Baile (MoIA) agus na Póilíní, a bheidh mar thairbhithe ag an tionscadal, chomh maith le pobal na Macadóine Thuaidh.

3.4.3.   An toradh a bhfuil ionchas leis

Toradh 1: Cuirfear feabhas ar acmhainneachtaí comhair rialála, oibríochtúla agus idirghníomhaireachta Aireacht Gnóthaí Baile (MoIA) Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus Choimisiún SALW chun comhrac a chur/aghaidh a thabhairt ar leathadh SALW.

Táscairí:

Creat rialála maidir le K9 a bheith ann

Líon seirbhísí réigiúnacha K9 atá i bhfeidhm agus a bhfuil acmhainneacht fheidhmiúil acu

Tá malartú faisnéise fíor-ama i bhfeidhm i measc na bpóilíní agus le tíortha PCCC-SEE

Céatadán an spriocghrúpa (imdhealaithe de réir inscne) atá ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le leathadh agus mí-úsáid SALW

Líon na mban agus na bhfear a ndeachaigh imeachtaí múscailte feasachta i gcion orthu

3.4.4.   Gníomhaíochtaí

3.4.4.1.   Tacú le méadú a dhéanamh ar acmhainneacht MoIA SALW aindleathacha a bhrath trí shócmhainní K9 a úsáid go héifeachtúil

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Cúnamh trealaimh agus uasghráduithe bonneagair ar aonaid seirbhíse K9 ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear stóráil SALW uasghrádaithe agus bonneagar TF ag suas le cúig (5) láithreán (armlanna), atá comhthiomsaithe le haonaid K-9 ó Aireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Macadóine Thuaidh

Buan-nós imeachta oibríochta a fhorbairt agus rialacháin a thabhairt cothrom le dáta maidir le húsáid acmhainneacht K9 chun SALW a bhrath

Clár oiliúna maidir le cur i bhfeidhm SOP i ndáil le hacmhainneacht K9 a úsáid chun SALW a bhrath

Ardán a chur ar fáil chun úsáid acmhainneachtaí K9 a chur chun cinn trí chomórtais a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach

3.4.4.2.   Tacaíocht a thabhairt do phíolótú an chórais malartaithe faisnéise fíor-ama lena ndéantar gáinneáil aindleathach SALW a chomhrac

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Cúnamh trealaimh, bonneagar fisiciúil agus uasghráduithe TFC ar na córais malartaithe faisnéise ag cúig (5) Lárionad um Chomhar Póilíneachta agus Custaim

Buan-nós imeachta oibríochta a fhorbairt maidir le malartú faisnéise fíor-ama a bhaineann le teagmhais SALW

Clár oiliúna ar chur i bhfeidhm an bhuan-nós imeachta oibríochta maidir le teagmhais SALW a bhaineann le malartú faisnéise fíor-ama

Clár malartaithe foirne (cúrsa oiliúna)

Eagrú chomhdháil an Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim

3.4.4.3.   Tacaíocht do chur chun cinn chumais oibríochtúla agus anailíseacha an Choimisiúin Náisiúnta um SALW a chur chun cinn maidir le gáinneáil aindleathach SALW a chomhrac

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Ceardlann comhair idirghníomhaireachta maidir le córas rialaithe SALW a eagrú

Cruthú Lámhleabhair Treoshuímh do chomhaltaí an Choimisiúin

Anailís ar an staid ina bhfuil rialú SALW, lena n-áirítear buan-nós imeachta oibríochta a mhionsaothrú maidir le sonraí a bhailiú, faisnéis a rianú agus a thuairisciú chomh maith le Córas Bainistithe Cásanna a cheapadh chun anailís ar SALW a éascú

3.5.   Tionscadal 5: Rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhaineann le SALW/SCA i Montainéagró a mhaolú

3.5.1.   Cuspóir

Is é cuspóir an tionscadail an riosca a bhaineann le pléascáin gan choinne ag láithreacha muinisin a laghdú agus SALW/SCA a atreorú ó láithreáin stórála de chuid Aireacht Cosanta Mhontainéagró.

3.5.2.   Cur Síos

Tá riosca ann go dtarlóidh pléascáin gan choinne ag láithreáin muinisean agus go ndéanfar gáinneáil aindleathach agus leathadh neamhrialaithe SALW/SCA i Montainéagró. Is é sin a daingníodh le linn cuairteanna éagsúla a thug saineolaithe ESCE ar an tír le blianta beaga anuas. Thug Aireacht Cosanta Mhontainéagró aghaidh ar na saincheisteanna sin sa mháistirdhoiciméad uaithi ina léirítear an staid deiridh inmhianaithe. Barrachas armán, pléascán agus ordanáis a dhiúscairt go trédhearcach agus córas bainistíochta saolré inbhuanaithe a cheapadh i dtaca le harmáin, pléascáin agus ordanás. D’iarr Montainéagró cúnamh in 2019 ag Fóram Comhair Slándála ESCE.

D’fhíoraigh ESCE bearnaí acmhainneachtaí sna réimsí seo a leanas:

a)

cur chuige bainistithe saolré a áirithiú maidir le SALW agus gnáth-armlón, lena n-áirítear oiliúint leanúnach agus aistriú eolais, creat faireachais armlóin agus comhordú agus comhar idirinstitiúideach;

b)

b) gnáth-armlón a iompar go sábháilte i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

Úsáidfear cistiú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachtaí faoi mhíreanna a) agus b).

Is iad Roinn Cosanta agus Fórsaí Armtha Mhontainéagró tairbhithe an tionscadail, chomh maith le pobal Mhontainéagró.

3.5.3.   Na torthaí a bhfuil ionchas leo

Toradh 1: Cuirfear feabhas ar acmhainneachtaí straitéiseacha, oiliúna agus comhordúcháin na hAireachta Cosanta agus na gcomhlachtaí rialtais inniúla eile i réimse bainistithe SALW/SCA

Táscairí:

Líon an phearsanra san Aireacht Cosanta atá sna hinstitiúidí oideachais/oiliúna agus sna haonaid oibríochtúla agus a bhfuil ardacmhainneachtaí acu chun tacú le SALW/SCA a bhainistiú agus a láimhseáil;

Líon na ngníomhaíochtaí SALW/SCA arna gcomhordú ag Montainéagró trí chomhlachtaí ainmnithe;

Comhlacht rialaithe eatramhach a bheith ann

Toradh 2: Cuirfear leis na hacmhainneachtaí chun SALW/SCA a iompar ar bhealach sábháilte slán de réir an chonartha ADR.

Táscairí:

Líon an phearsanra is tairbhithe den tionscadal a bhfuil inniúlacht mhéadaithe acu maidir le hiompar SALW/SCA

Córas iompair SALW/SCA a bheith ann a bheidh leabaithe sa chreat eagraíochtúil

Anailís ar na ceanglais maidir le ADR a chomhlíonadh agus moltaí tugtha d’Aireacht Cosanta Mhontainéagró

3.5.4.   Gníomhaíochtaí

3.5.4.1   Gníomhaíocht a bhaineann le feabhas a chur ar acmhainneachtaí straitéiseacha, oiliúna agus comhordúcháin na hAireachta Cosanta agus na gcomhlachtaí rialtais cuntasacha cothroma eile i réimse bainistithe SALW/SCA.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Aistriú eolais ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta laistigh de réimse bainistithe SALW/SCA

Comhairle agus comhordú ar chlár Aireacht Cosanta Mhontainéagró i réimsí faoi leith de bhainistiú shaolré inbhuanaithe SALW/SCA

Comhairle theicniúil maidir le sásraí náisiúnta rialaithe bainistithe SALW/SCA

3.5.4.2   Gníomhaíocht a bhaineann le clár oiliúna agus trealaimh maidir le cumais iompair SALW/SCA i Montainéagró, i gcomhréir le conradh ADR (an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar).

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Anailís ar riachtanais a dhéanfar i gcomhpháirt le hAireacht Cosanta Mhontainéagró chun conradh ADR a chomhlíonadh go hiomlán

Dhá thrucail a bheidh i gcomhréir leis an gconradh ADR a fháil, lena ngabhann conradh i ndáil le hoiliúint, cothabháil agus páirteanna spártha a fháil

3.6.   Tionscadal 6: Aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhaineann le seilbh aindleathach, mí-úsáid agus gáinneáil SALW sa tSeirbia

3.6.1.   Cuspóir

Is é is cuspóir don tionscadal na rioscaí sábháilteachta agus slándála a bhaineann le SALW ó thaobh seilbh neamhdhleathach, mí-úsáidí SALW dleathacha agus gáinneáil aindleathach SALW a laghdú.

3.6.2.   Cur Síos

Ceapadh an tionscadal chun freagairt ar an iarraidh ar chúnamh ó Aireacht Gnóthaí Baile na Seirbia (2019) chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le leathadh neamhrialaithe agus seilbh aindleathach SALW ar bagairt ollmhór iad don tslándáil agus don tsábháilteacht sa tSeirbia. Cuireann na dúshláin sin le leathadh na coireachta agus na coireachta eagraithe tromchúisí, trí ghníomhú mar chumasóirí an fhoréigin, an iompair bhagraigh agus na sceimhlitheoireachta. Bíonn éifeacht dhiúltach acu ar bhearta cothaithe muiníne sa tír freisin agus mar bhagairt i gcomhthéacs an fhoréigin inscnebhunaithe.

D’fhíoraigh ESCE na riachtanais maidir le gáinneáil aindleathach SALW a chomhrac, na nithe seo a leanas ina measc:

a)

acmhainneachtaí na bpóilíní a neartú chun feasacht maidir le feachtais rialaithe agus bailithe SALW a mhúscailt, agus ar an gcaoi sin, rannchuidiú le méid na n-arm atá á sealbhú go neamhdhleathach a laghdú, bac a chur ar mhí-úsáid SALW, agus sábháilteacht shaoránaigh na Seirbia á méadú ag an am céanna;

b)

acmhainneacht K9 na hAireachta Gnóthaí Baile a neartú maidir le hairm agus pléascáin a bhrath trí i) an creat dlí is gá a bhunú, ii) na hacmhainneachtaí a mheasúnú agus a fhorbairt, agus iii) trealamh speisialta agus bonneagar tógála a fháil,

c)

leasuithe ar an Dlí maidir le hAirm agus Armlón, agus ar an Leabhar Rialacha maidir le hAirm a Dhíghníomhachtú, trí a) acmhainneachtaí agus deiseanna teicniúla a mheasúnú; agus b) cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le dréachtú an leabhair rialacha.

Úsáidfear cistiú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sna hacmhainneachtaí faoi mhíreanna a) go c).

Is iad comhairle SALW, an Aireacht Gnóthaí Baile, na póilíní agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhíonn ag gabháil do shaincheisteanna rialaithe SALW a bheidh mar thairbhithe ag an tionscadal, chomh maith le pobal na Seirbia.

3.6.3.   Na torthaí a bhfuil ionchas leo

Toradh 1: Bunófar comhpháirtíocht idir an Aireacht Gnóthaí Baile agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith le sásra feasachta poiblí chun cosc a chur ar mhí-úsáid SALW.

Táscairí:

Líon na dtionscnamh feasachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil maidir leis na contúirtí a bhaineann le leathadh SALW

Sásraí a bheith ann agus a bheith á n-úsáid le haghaidh comhair ilghníomhaireachta

Líon na bhfógraí poiblí sóisialta a chraoltar ar na stáisiún teilifíse agus raidió náisiúnta agus áitiúla

Líon na ndaoine óga ó na cathracha a ndírítear orthu a chuirtear ar an eolas faoi chontúirtí SALW trí sheimineáir agus ábhar faisnéiseach

Toradh 2: Cuirfear feabhas ar an gcreat dlíthiúil maidir le díghníomhachtú agus déanfar é a chomhchuibhiú le caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais

Táscairí:

Comhroinntear caighdeáin agus dea-chleachtais idirnáisiúnta leis an Meitheal

Dréachtrialacháin a bheith ann ina n-ionchorpraítear ionchuir agus moltaí

Téitear i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi na dréachtrialacháin

Toradh 3: Cuirfear feabhas ar acmhainneachtaí aonaid K9 de chuid na hAireachta Gnóthaí Baile chun SALW, armlón agus pléascáin a bhrath i gcomhréir le caighdeáin chearta an duine.

Táscairí:

Plean oibre a bheith ann chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí aonaid K9 de chuid na hAireachta Gnóthaí Baile

Líon na gcruinnithe maidir le comhar idirghníomhaireachta, comhroinnt faisnéise agus idir-inoibritheacht Aonad Póilíní K9 agus geallsealbhóirí forfheidhmithe dlí eile i ndáil le SALW, armlón agus pléascáin a bhrath

Modheolaíocht agus curaclaim fheabhsaithe oiliúna a bheith ann do na haonaid K9 i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta

Líon na dteagascóirí agus na láimhseálaithe madraí K9 a gcuirtear oiliúint orthu i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta

3.6.4.   Gníomhaíochtaí

3.6.4.1.   Gníomhaíocht a bhaineann le comhpháirtíocht a bhunú idir an Aireacht Gnóthaí Baile agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus sásra feasachta poiblí chun mí-úsáid SALW a chosc.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Cruinniú leis na saineolaithe maidir le comhpháirtíochtaí a chruthú leis na meáin leictreonacha agus chlóite, agus maidir le sásraí a shainaithint chun mí-úsáid SALW a chosc

Ardán na meán sóisialta a bhunú agus tacú le feachtais na meán maidir le leathadh SALW a chosc agus maidir le húinéireacht fhreagrach gunnaí

Gníomhaíochtaí abhcóideachta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an phobail

3.6.4.2.   Cuirtear feabhas ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an gcreat dlíthiúil maidir le díghníomhachtú agus déanfar iad a chomhchuibhiú le caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtais

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Sainchomhairle agus tacaíocht lóistíochta a chur ar fáil do chruinnithe na meithle maidir le díghníomhachtú

Measúnú an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le díghníomhachtú agus déanfar meastóireacht ar a chur chun feidhme praiticiúil

Ceardlann ar dhea-chleachtais agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus an creat normatach díghníomhachtaithe á dhréachtú agus á chur chun feidhme

Clár oiliúna agus trealaimh le haghaidh díghníomhachtú SALW

3.6.4.3.   Gníomhaíochtaí a bhaineann le feabhas a chur ar acmhainneachtaí aonaid K9 de chuid na hAireachta Gnóthaí Baile i ndáil le SALW, armlón agus pléascáin a bhrath i gcomhréir le caighdeáin chearta an duine

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Sainchomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do chruinnithe na meithle chun feabhas a chur ar chumais na n-aonad K9

Ceapadh plean oibre chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí aonaid K9 de chuid na hAireachta Gnóthaí Baile

Tógáil, soláthar agus seachadadh trealaimh agus seirbhísí d'aonaid K9

Fothú acmhainneachta chun aonaid K9 a úsáid agus a imscaradh chun gáinneáil SALW, armlóin agus pléascán a chosc agus a fhiosrú trí thacaíocht chomhairleach, clár malartaithe agus modheolaíocht oiliúna a fhorbairt

Eagrú cúrsaí oiliúna speisialaithe do mhadraí seirbhíse agus do láimhseálaithe madraí maidir le SALW, armlón agus pléascáin a imscaradh agus a bhrath

Ceardlann comhairliúcháin réigiúnach a sheoladh maidir le dea-chleachtais i ndáil le himscaradh ghníomhaíochtaí na bpóilíní agus rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí sin

3.7.   Tionscadal 7: Gníomhaíocht ESCE a neartú i gcoinne leathadh aindleathach SALW agus SCA – Céim 2 (4)

3.7.1.   Cuspóir

Is é is cuspóir don tionscadal cúnamh a thabhairt do stáit rannpháirteacha ESCE chun go mbeidh siad in ann a ngealltanais i gcoinne leathadh aindleathach SALW/SCA a phleanáil agus a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, agus iad a neartú, más gá.

3.7.2.   Cur Síos

Ceapadh an tionscadal i gcomhthéacs an Fhóraim Comhair Slándála a bheith curtha de chúram ar Chomhairle Aireachta ESCE (MC.DEC/10/17), i gcomhréir lena sainordú, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:

leanúint d’iarrachtaí a neartú chun na bearta atá ann cheana agus na gealltanais a tugadh cheana a leagtar amach i nDoiciméad ESCE maidir le SALW, i nDoiciméad ESCE maidir le SCA, agus sna cinntí gaolmhara ón bhFóram Comhair Slándála a chur chun feidhme ina n-iomláine;

leanúint leis na céimeanna breise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar thorthaí thionscadail SALW agus SCA chun an tairbhe is fearr is féidir a áirithiú agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a bhaineann le SALW agus SCA i gcomhréir le sásraí cúnaimh ESCE mar a leagtar amach i nDoiciméid ESCE maidir le SALW agus SCA agus sna cinntí ábhartha ón bhFóram Comhair Slándála;

féachaint ar bhealaí le cosc a chur ar atreorú SALW agus SCA go margaí aindleathacha;

féachaint ar bhealaí le bearta ESCE atá ann cheana, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar gháinneáil aindleathach SALW, a chomhlánú;

leanúint de ranníocaíochtaí seachbhuiséadacha a chur ar fáil ar bhonn deonach chun tacú le tionscadail chúnaimh an Fhóraim Comhair Slándála maidir le SALW agus SCA;

féachaint an bhféadfaí, i gcás inarb iomchuí, saineolas a chur ar fáil go deonach i gcás tionscadail cúnaimh ESCE maidir le SALW agus SCA trí eolas sonrach a bheith ag stáit rannpháirteacha.

Cé go gcuimsítear teagmháil níos leithne leis na stáit rannpháirteacha uile i ndáil le SEE le feidhmiú an tionscadail, is é is aidhm dó tacú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais agus ar cheanglais stáit rannpháirteacha ESCE agus ar oibríochtaí allamuigh sa réigiún lena dtacaítear le cur chun feidhme na dtionscadal cúnaimh praiticiúil agus na tacaíochta comhairlí clár i ndáil le SALW/SCA. Rachaidh córas TF an tionscadail chun tacú le faireachán, forbhreathnú agus cur chun feidhme thionscadail cúnaimh phraiticiúil SALW/SCA chun tairbhe na stát rannpháirteach agus na n-oibríochtaí allamuigh in SEE freisin.

Chomh maith leis sin, leis an tionscadal, cuirfear tacaíocht i ndáil le comhordú agus bainistiú tionscadal ar fáil do shé (6) cinn d’oibríochtaí allamuigh de chuid ESCE chun clár cuimsitheach ESCE a chur chun feidhme, ar clár é lena dtacaítear le hiarrachtaí gáinneáil aindleathach SALW agus CA in SEE a chosc agus a chomhrac.

Is údaráis rialtais a bhfuil sainordú acu i réimse an rialaithe SALW (amhail coimisiún SALW, an Aireacht Gnóthaí Baile, na Póilíní, an Aireacht Cosanta) agus oibríochtaí allamuigh ESCE tairbhithe an tionscadail, chomh maith le pobal na stát rannpháirteach in SEE.

3.7.3.   An toradh a bhfuil ionchas leis

Toradh 1: Beidh dul chun cinn déanta ar chreat normatach SALW/SCA ESCE agus cur chun feidhme na dtionscadal comhfhreagrach cúnaimh phraiticiúil.

Táscairí:

Bonnlíne agus sásra a bheith ann chun riachtanais agus ceanglais i réimse SALW/SCA a fhíorú go leanúnach

Ardán TF gréasánbhunaithe a bheith ann ina mbeidh faisnéis fíor-ama a bhaineann le punann tionscadail cúnaimh SALW/SCA ESCE

3.7.4.   Gníomhaíochtaí

3.7.4.1.   Measúnú ar riachtanais agus ar cheanglais stáit rannpháirteacha ESCE, Rúnaíocht ESCE agus na n-oibríochtaí allamuigh lena dtacaítear le cur chun feidhme thionscadail cúnaimh phraiticiúil SALW/SCA in SEE

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Measúnú ar riachtanais stáit ESCE a bhfuil cúnamh praiticiúil iarrtha acu i réimse SALW/SCA agus tacófar leis an bpróiseas forbhreathnúcháin

Measúnú ar riachtanais stáit ESCE is deontóirí nó a bhfuil acmhainní á gcur ar fáil acu i réimse SALW/SCA agus tacófar leis an bpróiseas forbhreathnúcháin

Tacaíocht straitéiseach chomhairleach agus clár do stáit rannpháirteacha ESCE agus d’oibríochtaí allamuigh ESCE trí shásra na dtionscadal cúnaimh phraiticiúil maidir le ceachtanna a foghlaimíodh

Tacaíocht fhoriomlán chomhordúcháin agus bhainistithe do thionscadail rialaithe SALW/SCA agus do ghníomhaíochtaí in SEE

3.7.4.2.   Córas TF a cheapadh, a thástáil agus a rolladh amach chun tacú le faireachán, forbhreathnú agus cur chun feidhme thionscadail cúnaimh phraiticiúil SALW/SCA

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an ngníomhaíocht seo:

Ceapadh feidhmchlár gréasáin nua-aimseartha inrochtana chun go gcomhtháthófar an fhaisnéis faoi na tionscadail cúnaimh ESCE uile ó chuid mhór foinsí, lena n-áirítear sonraí teicniúla, airgeadais, geografacha agus téamacha chomh maith le doiciméid tacaíochta. Leis an bhfaisnéis sin, beidh deontóirí agus na stáit rannpháirteacha in SEE in ann a ngealltanais pholaitiúla agus airgeadais a phleanáil, a chur chun feidhme agus a neartú ar bhealach níos fearr i gcoinne leathadh aindleathach SALW agus SCA

4.   Bainistiú tionscadail agus tacaíocht riaracháin chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme

Déanfaidh pearsanra tiomnaithe tionscadail i Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí Rúnaíocht ESCE / in Aonad Tacaíochta an Fhóraim Comhair Slándála agus i sé (6) cinn de mhisin allamuigh ESCE in SEE cur chun feidhme na gníomhaíochta agus na ngníomhaíochtaí tionscadail eile a bhaineann léi, a leagtar amach i Roinn 3, a bhainistiú. Áiritheoidh an Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí/Aonad Tacaíochta an Fhóraim Comhair Slándála comhordú le misin allamuigh ESCE in SEE trí Thionscadal 7 agus cuirfidh sé comhairle orthu i ndáil le hábhar; áireofar faireachán agus meastóireacht ar an gclár air sin.

Lena bpearsanra tiomnaithe tionscadail - a eagrófar de réir foirne cur chun feidhme tionscadal - tabharfaidh an Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí/Aonad Tacaíochta an Fhóraim Comhair Slándála agus na misin allamuigh breis tacaíochta, idir chomhar agus chomhordú, don chomhphobal idirnáisiúnta ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na ndlínsí, inter alia, faoi chuimsiú Threochlár Rialaithe SALW na mBalcán Thiar.

Déanfaidh an pearsanra tiomnaithe tionscadail na cúraimí seo a leanas:

na tionscadail a bhainistiú trí gach céim den saolré tionscadail,

maoirseacht airgeadais a dhéanamh ar na tionscadail ó lá go lá,

saineolas teicniúil agus dlíthiúil a chur ar fáil, lena dtacaítear le soláthairtí na dtionscadal,

dul i dteagmháil le heagraíochtaí agus le cláir idirnáisiúnta eile agus comhordú a dhéanamh leo,

dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar thorthaí insoláthartha na dtionscadal,

tacú le dlínsí in SEE chun bearta nua a fhorbairt lena neartófar acmhainneachtaí agus iarrachtaí comhpháirteacha i ndáil le gáinneáil aindleathach SALW agus CA a chosc agus a chomhrac.

5.   Inscne

Comhtháthaíodh na peirspictíochtaí príomhshruthaithe inscne ag gach céim de cheapadh, d’fhorbairt agus de chur chun feidhme na dtionscadal. Mar bhuntuiscint, glacadh leis go dtéann úsáid, mí-úsáid agus éifeachtaí SALW agus CA i bhfeidhm ar mhná agus ar fhir, ar bhuachaillí agus ar chailíní ar bhealaí difriúla. Rinneadh riachtanais inscne a phríomhshruthú i gcomhréir le comhthéacsanna sonracha agus le cineál sonrach an chúnaimh dá bhforáiltear sna tionscadail agus rinneadh iad a bhunú ar anailís staide inar cuireadh peirspictíochtaí inscne san áireamh.

Cuireadh marcóir inscne ESCE i bhfeidhm agus na tionscadail á gceapadh, agus nuair a rianaíodh an dul chun cinn a rinneadh agus inscne á príomhshruthú le linn an tsaolré bainistithe tionscadail freisin. Tá comhionannas inscne mar chuspóir suntasach ag formhór na dtionscadal atá beartaithe nó tá siad príomhshruthaithe go hiomlán ó thaobh inscne de.

6.   Tairbhithe

Is iad na húdaráis in SEE a bhfuil sainordú acu agus atá freagrach as gáinneáil aindleathach SALW agus CA a chosc agus a chomhrac tairbhithe díreacha na gníomhaíochta. Seo a leanas na húdaráis a ndírítear orthu go príomhúil: Coimisiún/Bord SALW, an Aireacht Gnóthaí Baile agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ar nós na bpóilíní. Áireofar an Aireacht Slándála, oifigí ionchúisitheoirí, cúirteanna agus seirbhísí peannadlainne sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, chomh maith leis an Aireacht Cosanta i Montainéagró, ar na húdaráis eile a ndíreofar orthu. Sa tSeirbia, foráiltear teagmháil le heagraíochtaí na sochaí sibhialta leis an tionscadal nuair a bheifear ag déileáil le saincheisteanna rialaithe SALW.

Is iad pobail na ndlínsí in SEE agus a chomharsanacht Eorpach a chuirtear i mbaol mar gheall ar úsáid SALW agus CA aindleathach i ngníomhaíochtaí coiriúla, sa sceimhlitheoireacht agus i mí-úsáid fhoréigneach a bheidh mar thairbhithe indíreacha.

Beidh an tAontas agus údaráis na mBallstát a bhfuil sainordú acu mar thairbhithe indíreacha ag na tionscadail freisin mar go mbainfidh siad tairbhe as acmhainneachtaí rialaithe feabhsaithe SALW agus CA in SEE trí, inter alia, malartuithe faisnéise níos fearr, chomh maith le bearta comhordúcháin agus comhair amhail rioscaí a shainaithint, fiosrúcháin agus rianú a dhéanamh, agus SALW agus CA aindleathach a bhrath agus a urghabháil.

7.   Infheictheacht an Aontais

Déanfaidh ESCE gach beart iomchuí chun a phoibliú gur chistigh an tAontas an ghníomhaíocht seo. Déanfar bearta mar sin i gcomhréir le Lámhleabhar Cumarsáide agus Infheictheachta an Choimisiúin le haghaidh Gníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi sin, áiritheoidh ESCE infheictheacht rannchuidiú an Aontais le brandáil agus le poiblíocht iomchuí, agus béim á leagan ar ról an Aontais, trédhearcacht a ghníomhaíochtaí á háirithiú, agus feasacht á múscailt ar na cúiseanna leis an gCinneadh seo maille le feasacht ar thacaíocht an Aontais don Chinneadh seo agus ar thorthaí na tacaíochta sin. Beidh bratach an Aontais le feiceáil go soiléir ar ábhar a tháirgtear tríd an tionscadal i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir leis an mbratach a úsáid agus a atáirgeadh go cruinn.

Ós rud é go bhfuil na gníomhaíochtaí beartaithe an-éagsúil ó thaobh raon feidhme agus cineál de, bainfear úsáid as réimse uirlisí fógraíochta, lena n-áirítear: na meáin thraidisiúnta; suíomhanna gréasáin; na meáin shóisialta; agus ábhair faisnéise agus fógraíochta lena n-áirítear grafaicí faisnéise, bileoga, nuachtlitreacha, preaseisiúintí agus nithe eile, mar is iomchuí. Déanfar foilseacháin, imeachtaí poiblí, feachtais, trealamh agus oibreacha tógála arna soláthar faoi gach tionscadal a bhrandáil dá réir sin. Chun go mbeidh tionchar níos mó ag an tionscadal, déanfar feasacht a mhúscailt i ndlínsí agus i ndaonraí éagsúla, sa phobal idirnáisiúnta agus sna meáin áitiúla agus idirnáisiúnta trí dhul i dteagmháil le gach ceann de na spriocghrúpaí tionscadail sa teanga iomchuí.

Cuirfear infheictheacht an Aontais chun feidhme ar leibhéal na ndlínsí trí mhisin allamuigh ESCE agus ar leibhéal ESCE tríd an Rúnaíocht.

8.   

Bunaithe ar an taithí a fuarthas ó Chinntí (CBES) 2017/1424 agus 2019/2009 ón gComhairle a chur chun feidhme, agus raon feidhme leathan na gníomhaíochta, líon na dtairbhithe agus líon agus castacht na ngníomhaíochtaí atá beartaithe á gcur san áireamh, is é 36 mhí an tréimhse don chur chun feidhme.

9.   Eintiteas cur chun feidhme teicniúil

Cuirtear cur chun feidhme teicniúil an chláir seo faoi chúram Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí / Aonad Tacaíochta Fhóram Comhair Slándála Rúnaíocht ESCE agus na sé (6) cinn de mhisin allamuigh ESCE in SEE agus ról comhordúcháin ag an Aonad Tacaíochta freisin. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Rannóg um Bagairtí Trasnáisiúnta tacaíocht chomhairleach ar fáil laistigh de Rúnaíocht ESCE. Tá Aonad Tacaíochta um Chlárú agus Meastóireacht de chuid Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí Rúnaíocht ESCE páirteach mar bhreathnóir sa Choiste Stiúrtha.

10.   An Coiste Stiúrtha

Beidh an Coiste Stiúrtha le haghaidh na gníomhaíochta seo comhdhéanta d’ionadaithe thar ceann an Ardionadaí, Thoscaireachtaí an Aontais i ndlínsí agus na n-eintiteas cur chun feidhme dá dtagraítear i gcaibidil 4 den Iarscríbhinn seo.

Áiritheoidh an t-eintiteas cur chun feidhme, agus cabhair aige ón gCoiste Stiúrtha, go gcuirfear an tionscadal chun feidhme i gcomhordú leis an gcúnamh gaolmhar eile a thugann an tAontas do dhlínsí in SEE, amhail Oifig Chónaidhme na Gearmáine um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Rialú ar Onnmhairiú (BAFA) (arna tacú le Cinntí (CBES) 2018/101 (5) agus (CBES) 2017/915 (6) ón gComhairle), leis an gcomhar réigiúnach leis na Balcáin Thiar i réimse rialaithe SALW arna chur chun feidhme le UNDP/SEESAC (arna thacú le Cinntí (CBES) 2019/2011 (7), (CBES) 2018/1788 (8) agus (CBES) 2016/2356 (9) ón gComhairle), agus le comhar forfheidhmithe dlí AE-SEE i réimse na gáinneála arm tine (arna thacú le DG HOME an Choimisiúin, Europol agus ‘airm thine’ EMPACT).

Tabharfaidh an Coiste Stiúrtha cuireadh d’ionadaithe ó chomhpháirtithe na ndlínsí in SEE ar bhonn rialta. Is féidir leis an gCoiste Stiúrtha cuireadh a thabhairt d'ionadaithe na n-eintiteas atá páirteach i dtionscadail in SEE a bhfuil cuspóir comhchosúil nó gaolmhar acu freisin. Déanfaidh an Coiste Stiúrtha cur chun feidhme an Chinnidh seo a athbhreithniú go rialta, uair amháin ar a laghad gach 6 mhí, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid.

11.   Tuairisciú

Cumhdófar sa tuairisc, ina mbeidh cur síos mionsonraithe agus sonraí airgeadais, an ghníomhaíocht iomlán a gcuirtear síos uirthi sa chomhaontú ábhartha ranníocaíocht-shonrach agus sa bhuiséad a ghabhann leis, bíodh an ghníomhaíocht sin á maoiniú go hiomlán nó á cómhaoiniú leis an gCinneadh ón gComhairle.

Déanfaidh ESCE an tuairisciú chuig an CE/AE trí an Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí / Aonad Tacaíochta an Fhóraim Comhair Slándála, eadhon tríd an bhfoireann cur chun feidhme tionscadail faoi Thionscadal 7.


(1)  Maidir leis an gCosaiv*, mar gheall ar bhreithnithe stádais, níl feidhm ag srianta agus ceanglais nós imeachta foirmiúil ESCE mar sin maidir le tionscadail a d’fhéadfadh a bheith ann. Dá bhrí sin, faoi threoir Mhisean ESCE sa Chosaiv (OMIK), cuirfear roinnt tionscadal chun feidhme chun tacú le hiarrataí ar chúnamh ó na húdaráis/institiúidí áitiúla. (*Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive).

(2)  Forbraíodh an Treochlár bunaithe ar an Ráiteas Comhpháirteach ó Leas-Airí Gnóthaí Baile agus ó Leas-Airí Gnóthaí Eachtracha in Oirdheisceart na hEorpa, agus ar ghnéithe an Treochláir, ar glacadh araon iad ag Cruinniú Podgorica an 1 Feabhra 2018. Glacadh go hoifigiúil é ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i Londain an 10 Iúil 2018.

(*)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive

(3)  Údaráis náisiúnta atá rannpháirteach i gcoimisiún náisiúnta SALW: An Aireacht Geilleagair, an Aireacht Dlí agus Cirt, an Aireacht Trádála agus Beartais Shóisialta, an Aireacht Cosanta, an Aireacht Oideachais agus Eolaíochta, an Aireacht Airgeadais, Custaim, an Aireacht Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Barainneachta Uisce.

(4)  Gnéithe an tionscadail lena dtacaítear le hiarrachtaí SALW/SCA in SEE.

(5)   Council Decision (CFSP) 2018/101 on the Promotion of Effective Arms Export Controls [Cinneadh (CBES) 2018/101 ón gComhairle maidir le Rialuithe Éifeachtacha ar Onnmhairiú Arm a Chur Chun Cinn] (IO L 17, 23.1.2018, lch. 40).

(6)   Council Decision (CFSP) 2017/915 on Union outreach activities in support of the implementation of the Arms Trade Treaty [Cinneadh (CBES) 2017/915 ón gComhairle maidir le gníomhaíochtaí for-rochtana an Aontais mar thaca le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm] (IO L 139, 30.5.2017, lch. 38).

(7)   Council Decision (CFSP) 2019/2111 of 9 December 2019 in support of SEESAC disarmament and arms control activities in South-East Europe reducing the threat of illicit small arms and light weapons and their ammunition [Cinneadh (CBES 2019/2111 ó gComhairle an 9 Nollaig 2019 lena dtacaítear le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe arm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa lena laghdaítear an bhagairt a bhaineann le mionairm agus airm éadroma aindleathacha, mar aon lena n-armlón] (IO L 318, 10.12.2019, lch. 147).

(8)   Council Decision (CFSP) 2018/1788 of 19 November 2018 in support of the South-Eastern and Eastern Europe Clearinghouse for the Control of Small Arms and Light Weapons (SEESAC) for the implementation of the Regional Roadmap on combating illicit arms trafficking in the Western Balkans [Cinneadh (CBES) 2018/1788 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena dtacaítear le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa le Rialú a Dhéanamh ar Mhionairm agus Armáin Éadroma (SEESAC) le haghaidh cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil arm aindleathach sna Balcáin Thiar a chomhrac] (IO L 293, 20.11.2018, lch. 11).

(9)   Council Decision (CFSP) 2016/2356 of 19 December 2016 in support of SEESAC disarmament and arms control activities in South- East Europe in the framework of the EU Strategy to combat illicit accumulation and trafficking of SALW and their ammunition [Cinneadh (CBES) 2016/2356 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena dtacaítear le gníomhaíochtaí dí-armála agus rialaithe airm SEESAC in Oirdheisceart na hEorpa faoi chuimsiú Straitéis an Aontais chun carnadh agus gáinneáil aindleathach SALW agus a n-armlóin a chomhrac] (IO L 348, 21.12.2016, lch. 60).


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/55


CINNEADH (CBES) 2021/2134 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na Seoirsia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (“SES”) chun go maoineodh na Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES, féadtar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Leagtar amach mar chuspóirí i gcreat na Straitéise Domhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh neartú na slándála agus na cosanta, infheistiú a dhéanamh in athléimneacht na stát agus na sochaithe lastoir den Aontas, cur chuige comhtháite a fhorbairt maidir le coinbhleachtaí agus le géarchéimeanna; oird réigiúnacha chomhoibríocha a chur chun cinn agus tacú leo; agus rialachas domhanda bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta a atreisiú, lena n-áirítear comhlíonadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta.

(3)

Tá an tAontas tiomanta do dhlúthchaidreamh chun tacú leis an tSeoirsia a bheith láidir, neamhspleách agus rathúil, bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (2), lena n-áirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, agus féachaint leis an gcomhlachas polaitiúil agus comhtháthú eacnamaíoch a chur chun cinn agus, ag an am céanna, tacaíocht dhaingean á tabhairt do shláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Comhlachais AE-na Seoirsia, leanfaidh an tAontas agus an tSeoirsia dá n-idirphlé agus dá gcomhar a threisiú agus de chóineasú céimseach a chur chun cinn i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta, agus tabharfaidh siad aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le coinbhleachtaí a réiteach go síochánta agus le bainistiú géarchéime, le cobhsaíocht réigiúnach, leis an dí-armáil, leis an neamhleathadh, le rialú arm agus le rialú onnmhairí.

(4)

Aithníonn an tAontas rannchuidiú tábhachtach na Seoirsia i ndáil le comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú na Seoirsia, ar rannchuidiú é atá ar lean, i misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime faoi stiúir CBSC i bPoblacht na hAfraice Láir agus i bPoblacht Mhailí.

(5)

Ina litir chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha na Seoirsia, ar an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Chinneadh (CBES) 2021/509, trealamh leighis agus innealtóireachta, chomh maith le sócmhainní soghluaisteachta de chineál sibhialta a sholáthar.

(6)

Tá an beart cúnaimh seo le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na Seoirsia (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é is cuspóir don Bheart Cúnaimh rannchuidiú le beartas an Aontais i leith na Seoirsia trí thacú le hacmhainneachtaí Fhórsaí Cosanta na Seoirsia an tslándáil, an athléimneacht agus an cheannasacht náisiúnta a fheabhsú trí thacú le haonaid mhíleata leighis, le haonaid innealtóireachta agus le haonaid lóistíochta Fhórsaí Talún na Seoirsia a neartú chomh maith le hacmhainneacht na Seoirsia misin agus oibríochtaí míleata CBSC a fheabhsú.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineoidh an Beart Cúnaimh soláthar an trealaimh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh, na soláthairtí agus na seirbhísí seo a leanas chuig na haonaid de chuid Fhórsaí Cosanta na Seoirsia dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

trealamh leighis i ndáil le Ról 2 maidir le saoráidí cóireálacha leighis;

(b)

trealamh innealtóireachta do scuaid agus do bhuíonta innealtóirí;

(c)

sócmhainní soghluaisteachta ar talamh de chineál sibhialta (trucailíní).

4.   Is cothrom le 36 mhí ó dháta a thabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an riarthóir le haghaidh bearta cúnaimh, ag gníomhú dó mar an t-oifigeach údarúcháin agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a bheidh fad an Bhirt Cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   Uasmhéid EUR 12 750 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glaoch ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 11 475 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2021 a chomhfhreagraíonn don bheart cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid de chuid Fhórsaí Talún na Seoirsia arna dtrealmhú le cuidiú an Bhirt Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES a chur chun feidhme, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is í Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal na Liotuáine a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid Fhórsaí Talún na Seoirsia dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a sheachadadh, ar tríd atá Fórsaí Cosanta na Seoirsia chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar na gníomhaíochtaí, ar tríothu a bhfuil an tairbhí le tuairisciú go bliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh leis an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialuithe ar an láthair, ar tríothu atá an tairbhí rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheastóireacht struchtúrtha ar an mBeart Cúnaimh, 6 mhí tar éis an chéad seachadadh trealaimh. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist cuairteanna ar an láthair chun an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh a rialú, nó aon fhoirmeacha éifeachtacha eile faisnéise arna soláthar go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach ar sheachadadh trealaimh, soláthairtí agus seirbhísí faoin mBeart Cúnaimh a bheith curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/59


CINNEADH (CBES) 2021/2135 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Cosanta na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, leis an tSaoráid Eorpach Síochána, féadtar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Ar cheann de chuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (2), tá dlúthú an idirphlé agus an chomhair agus an chóineasaithe chéimsigh i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC).

(3)

Ar cheann de na torthaí a bhí ar an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin in 2021, bhí an tábhacht a bhaineann le cur le feabhsú breise an chomhair i réimse CBSC maille leis an tábhacht atá le cóineasú méadaithe na hÚcráine leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), lena n-áirítear féidearthachtaí chun tacú tuilleadh le hathléimneacht na hÚcráine a fhiosrú.

(4)

Sa litir a sheol siad an 28 Deireadh Fómhair 2021 chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an “Ardionadaí”), d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine agus Aire Cosanta na hÚcráine ar an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tacú le haonaid na liachta míleata, aonaid na hinnealtóireachta (dímhianú), aonaid na soghluaisteachta agus na lóistíochta, agus aonaid na cibearchosanta de chuid Fhórsaí Armtha na hÚcráine.

(5)

Táthar chun na bearta cúnaimh a chur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur sin áireamh agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES agus i gcomhlíonadh Chomhsheasamh Comhpháirteach 2008/944/CBES ón gComhairle (3).

(6)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Phoblacht na hÚcráine (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh rannchuidiú le neartú na n-acmhainneachtaí atá ag Fórsaí Armtha na hÚcráine (UAF), lena n-áirítear a gcumas a seirbhísí faoi seach a sholáthar do shibhialtaigh, lena n-áirítear daoine a bhaineann le mionlaigh náisiúnta, i ngéarchéimeanna nó i gcásanna éigeandála, mar aon le hacmhainneacht na hÚcráine rannchuidiú le misin agus oibríochtaí CBSC.

3.   D’fhonn an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, déanfar maoiniú faoin mBeart Cúnaimh ar sheachadadh trealaimh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh chuig UAF chun a n-acmhainneachtaí a neartú sna haonaid seo dá chuid:

(a)

aonaid na liachta míleata (lena n-áirítear ospidéil mhachaire);

(b)

aonaid innealtóireachta (lena n-áirítear dímhianú);

(c)

aonaid soghluaisteachta agus lóistíochta, agus

(d)

aonaid chibearchosanta.

4.   Is cothrom le 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chéad chomhaontaithe idir an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó mar an t-oifigeach údarúcháin, agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a bheidh ré an Bhirt Cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   Uasmhéid EUR 31 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glaoch ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 27 900 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2021 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid UAF dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na Rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, agus ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is iad seo a leanas a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme:

(a)

Lár-Ghníomhaireacht um Bainistiú Tionscadal na Liotuáine (CPMA) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(3), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c); agus

(b)

Acadamh r-Rialtais na hEastóine (eGA) a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1(3), pointe (d).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán seo, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid UAF dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Is mar a leanas a dhéanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí a eagrú tar éis a loingsithe:

(a)

fíorú ar a sheachadadh ar tríd atá na húsáideoirí deiridh chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-ítimí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialú ar an láthair, ar tríd atá an tairbhí chun rochtain a thabhairt don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheastóireacht struchtúrtha ar an mBeart Cúnaimh, 6 mhí tar éis an chéad seachadadh trealaimh. D’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist cuairteanna ar an láthair chun an trealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh a rialú, nó aon fhoirmeacha éifeachtacha eile faisnéise arna soláthar go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach ar sheachadadh trealaimh, soláthairtí agus seirbhísí faoin mBeart Cúnaimh a bheith curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(3)  Comhsheasamh Comhpháirteach 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear rialacha comhchoiteanna lena rialaítear an rialú a dhéantar ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/63


CINNEADH (CBES) 2021/2136 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i) de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES is féidir gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tacaíonn an tAontas go tréan le ceannasacht agus le hiomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh dá theorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus stádas speisialta ag an Tras-dnístria. Tá an tAontas tiomanta do réiteach cuimsitheach, síochánta agus inbhuanaithe ar choinbhleacht na Tras-dnístria faoi chuimsiú na formáide 5 + 2.

(3)

Is é is aidhm don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, dé pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (2), an t-idirphlé agus an comhar a dhoimhniú i réimse an bheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), agus tugtar aghaidh ann inter alia ar na saincheisteanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc, le bainistiú géarchéime agus leis an gcobhsaíocht réigiúnach.

(4)

I dTeachtaireacht Chomhpháirteach mhí an Mhárta 2020 ‘Eastern Partnership policy beyond 2020: Reinforcing Resilience - an Eastern Partnership that delivers for all’ agus i nDoiciméad Oibre Comhpháirteach mhí Iúil 2021 ‘Recovery, resilience and reform: post 2020 Eastern Partnership priorities’, tugtar suntas don athléimneacht a neartú do réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir sna blianta atá le teacht.

(5)

Tá ról nach beag ag Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive maidir leis an tslándáil agus an chobhsaíocht a áirithiú sa tír féin. Agus cúrsaí slándála mar atá, ní mór cumais mhíleata a neartú, cumais a fhéadfar a úsáid freisin mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna chun sábháilteacht agus slándáil an phobail shibhialta a áirithiú.

(6)

Tá athchóiriú á dhéanamh ag Rialtas Phoblacht na Moldóive, lena n-áirítear in earnáil na slándála agus na cosanta, rud lena ngabhann caiteachas suntasach airgeadais agus ábhartha. Chun tacú leis na hiarrachtaí sin, tá an tAontas ag féachaint le hacmhainneachtaí mhíleata shainaitheanta Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive a neartú.

(7)

Ina litir dar dáta an 11 Deireadh Fómhair 2021, a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Leas-Phríomh-Aire agus Aire um Ghnóthaí Eachtracha agus Lánpháirtiú Eorpach Phoblacht na Moldóive, tacaíocht do na Fórsaí Armtha, i gcomhréir le hAirteagal 59(1) de Chinneadh (CBS) 2021/509, trí acmhainneachtaí na Seirbhíse Liachta Míleata agus Chathlán na nInnealtóirí a neartú.

(8)

Táthar chun an beart cúnaimh a chur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur sin áireamh agus i gcomhréir leis na Rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus i gcomhlíonadh Chomhsheasamh Comhpháirteach 2008/944/CBES (3).

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe Phoblacht na Moldóive (an “tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é príomhchuspóir an Bhirt Cúnaimh cur le hacmhainneachtaí Sheirbhís Liachta Mhíleata na bhFórsaí Armtha agus Chathlán na nInnealtóirí de Fhórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (“Fórsaí Armtha”), lena n-áirítear a gcumas a gcuid seirbhísí faoi seach a chur ar fáil do shibhialtaigh a bheadh buailte ag géarchéim nó i gcásanna éigeandála, mar aon le le feabhas a chur ar acmhainneacht na Moldóive rannchuidiú le misin agus oibríochtaí míleata CBCS.

3.   D’fhonn an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineoidh an Beart Cúnaimh soláthar an trealaimh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a sheachadadh agus na soláthairtí seo a leanas do na haonaid de chuid na bhFórsaí Armtha dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

Trealamh liachta don tSeirbhís Liachta Mhíleata; agus

(b)

Trealaimh diúscartha ordanáis phléascaigh do Chathlán na nInnealtóirí.

4.   Mairfidh ré an Bhirt Cúnaimh go ceann 36 mhí ón dáta a dhéanfar an comhaontú idir an riarthóir um bhearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   Uasmhéid EUR 7 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar thograí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go 6 300 000. Ní úsáidfear cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bhearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach a fhreagraíonn don Bheart Cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid na bhFórsaí Armtha dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na Rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme, agus go comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe is gá le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is í Lár-Ghníomhaireacht na Liotuáine um Bainistiú Tionscadal (CPMA) a chuirfidh chun feidhme na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfar faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid na bhFórsaí Armtha dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Mar seo a leanas a dhéanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí a eagrú tar éis a loingsithe:

(a)

fíorú ar a sheachadadh, arb iad na húsáideoirí deiridh atá chun na deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar an úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar ghníomhaíochtaí, trína bhfuil an tairbhí chun tuairisc bhliantúil a thabhairt ar na gníomhaíochtaí atá bainteach le trealamh ainmnithe a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh.

(c)

rialú ar an láthair, ar tríd atá an tairbhí chun rochtain a thabhairt don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheasúnaithe struchtúraithe ar a mBeart Cúnaimh, sé mhí tar éis an chéad soláthar trealaimh. Féadfaidh sé go ngabhfaidh cuairteanna ar an láthair leis an méid seo chun rialú a dhéanamh ar an dtrealamh, na soláthairtí agus na seirbhísí a seachadadh faoin mBeart Cúnaimh, nó aon fhoirmeacha eile faisnéise a chuirtear ar fáil go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach ar sheachadadh an trealaimh, na soláthairtí agus na seirbhísí faoin mBeart Cúnaimh a chríochnú chun a mheasúnú ar chabhraigh an Beart Cúnaimh le baint amach na gcuspóirí arna lua.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha don Choiste Polaitiúil agus Slándála gach sé mhí maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a fhionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh go ndéanfadh an Chomhairle an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  Comhsheasamh ón gComhairle 2008/944/CBES an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/67


CINNEADH (CBES) 2021/2137 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir le Beart Cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le fórsaí armtha Phoblacht Mhailí i gcomhar le Misean Oiliúna AE i Mailí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES féadfaí gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Is géarchéim ilchineálach í an ghéarchéim atá ar siúl i Mailí agus i réigiún na Saiheile faoi láthair, agus tá baol mór ann go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha aici sna tíortha comharsanachta, agus go háirithe i Murascaill na Guine. Tá iarrachtaí nach beag déanta le deanaí ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas agus na Ballstáit, chun tacú le Poblacht Mhailí agus an sceimhlitheoireacht á comhrac aici. Leanann Misean Oiliúna an Aontais Eorpaigh i Mailí (EUTM Mali) de thacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta i bhfórsaí armtha Mhailí, mar chuid de Chur Chuige Comhtháite AE maidir leis an ngéarchéim i Mailí.

(3)

I Rún 2391 (2017) uaithi chomh maith le Rúin 2480 (2019) agus 2584 (2021) maidir le Mailí, dhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a tiomantas láidir do cheannasacht, do neamhspleáchas agus d'iomláine chríochach thíortha an Ghrúpa de Chúig thír na Saiheile (G5 na Saiheile), eadhon Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir; mhol sí rannchuidiú na gcomhpháirtithe déthaobhacha agus iltaobhacha in acmhainneachtaí slándála sa tSaiheil a neartú, go háirithe an ról a bhíonn ag misin an Aontais Eorpaigh (EUTM Mali, EUCAP Sahel Mali agus EUCAP Sahel Niger) maidir leis an oiliúint agus leis an gcomhairle straitéiseach atá á gcur ar fáil acu d'fhórsaí slándála náisiúnta sa tSaiheil; ba dhíol sásaimh don Chomhairle Slándála na hiarrachtaí atá ar bun ag Fórsaí na Fraince chun tacú le hoibríochtaí Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus d'iarr sí comhordú leordhóthanach, malartú faisnéise agus, nuair is infheidhme, tacaíocht a bheith ann idir Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí, Fórsaí Armtha Mhailí, Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile, Fórsaí na Fraince agus misin an Aontais Eorpaigh i Mailí.

(4)

Ina litir dar dáta an 4 Samhain 2021 a sheoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha Mhailí ar an Aontas leanúint de bheith ag tacú, i gcomhar le EUTM Mali, le fórsaí armtha Mhailí i dtrí phríomhréimse, agus cur leis an tacaíocht sin.

(5)

Tá an beart cúnaimh seo le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh agus go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES (2) ón gComhairle, agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

(6)

Beidh an cur chun feidhme faoi réir freisin ag an measúnú tráthrialta ar fhorbairtí polaitiúla i Mailí, i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint. Níor cheart don chur chun feidhme, go háirithe, leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a chuid Ballstát a shárú.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear Beart Cúnaimh atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (‘an Beart Cúnaimh’) a rachaidh chun tairbhe do Phoblacht Mhailí (‘an tairbhí’).

2.   Is é is cuspóir don Bheart Cúnaimh acmhainní foriomlána fhórsaí armtha Mhailí a neartú d’fhonn cur ar a gcumas oibríochtaí míleata a reáchtáil lena ndíreofar ar shláine críche Mhailí a athbhunú agus ar an mbagairt atá ann ó ghrúpaí sceimhlitheoireachta a laghdú. Ba cheart go rachadh sé sin chun tairbhe don phobal, agus go gcuirfeadh sé le láithreacht fheabhsaithe na seirbhísí Stáit i limistéir iargúlta agus cosaint níos fearr a thabhairt do shibhialtaigh.

3.   Chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, is é is aidhm don Bheart Cúnaimh aonaid thacaithe de chuid fhórsaí armtha Mhailí a ghairmiúlú a thuilleadh trí oiliúint agus trealamh ábhartha leordhóthanach a chur ar fáil sna trí thionscadal a leanas:

(a)

tacaíocht a thabhairt d’Acadamh na nOifigeach Neamhchoimisiúnaithe (NCO) in Banankoro;

(b)

bonneagar oiliúna in Sévaré-Mopti a athchóiriú; agus

(c)

trealamh nach bhfuil deartha chun forneart marfach a thabhairt a sholáthar do thrí chomplacht de chuid an 23ú Reisimint sa dara réigiún míleata i Mailí, de réir riachtanais an Unité légère de reconnaissance et d’intervention (ULRI).

4.   Mairfidh an Beart Cúnaimh ar feadh tréimhse 30 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha idir an Riarthóir um Bearta Cúnaimh agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(3) den Chinneadh seo, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a) de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 24 000 000 an t-uasmhéid a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis glacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 21 600 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2021 a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh seo.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú leis an gCinneadh seo mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d'oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

an dlí idirnáisiúnta ábhartha a chomhlíonadh, go háirithe dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, chomh maith le gealltanas rialtas Mhailí feabhas a chur ar chomhrac na saoirse ó phionós, go háirithe i ndáil le sáruithe ar chearta an duine, agus na céimeanna riachtanacha a ghlacadh chun cuntasacht na n-aonad a bhaineann tairbhe as an mBeart Cúnaimh a neartú;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad, ag aonaid agus pearsanra atá oilte faoi mhaoirseacht EUTM nó a mbíonn fórsaí idirnáisiúnta, ar comhpháirtithe de chuid AE iad, ina dteannta agus nár tuairiscíodh go ndearna siad mí-úsáid nó foréigean;

(c)

gurb iad fórsaí Mhailí amháin a bhainfidh úsáid as aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh seo agus, i gcás comhar de chineál ar bith, nach ndéanfar sin ach le gníomhaithe stáit ar fórsaí armtha de chuid chomhpháirtithe de chuid AE iad, go háirithe Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus fórsaí armtha G5 na Saiheile;

(d)

cothabháil leordhóthanach a dhéanamh ar aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus ar fáil go hoibríochtúil le linn a saolré;

(e)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad ag deireadh a saolré chuig daoine nó eintitis seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

4.   I gcás sáruithe ar na socruithe dá dtagraítear i mír 1 nó ar na forálacha agus ar na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo, glacfaidh an tArdionadaí, mar fhreagra ar an méid sin, bearta comhréireacha i gcomhthéacs an chur chuige chomhtháite, ar a n-áirítear a cheangal go dtabharfaí ar ais na sócmhainní ábhartha a cuireadh ar fáil faoin mBeart Cúnaimh.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Ní údaróidh an tArdionadaí seachadadh an chúnaimh go dtí go nglacfaidh an tairbhí leis na conarthaí, na socruithe, na ceanglais, na hoibleagáidí agus na coinníollacha éagsúla dá dtagraítear nó a leagtar amach sa Chinneadh seo.

3.   Is é Expertise France a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 61(4) de Chinneadh (CBES) 2021/509, is é an Riarthóir um Bearta Cúnaimh a thabharfaidh i gcrích na conarthaí is gá leis na gníomhaithe cur chun feidhme.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéantar faireachán ar na hoibleagáidí arna mbunú in Airteagal 3 a bheith á gcomhlíonadh ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí sin, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta lena mbaineann an trealaimh arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh a úsáid. I gcásanna den sórt sin, tabharfaidh an tArdionadaí tuairisc don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) agus molfaidh sé bearta comhréireacha.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí le tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar fhardal agus staid na n-earraí ainmnithe le linn a saolré go dtí go measfaidh CPS nach bhfuil gá le tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialuithe ar an láthair, trína bhfuil an tairbhí le rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialuithe ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Agus na forálacha a leagtar amach in Airteagal 3(2) á gcur san áireamh, déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheasúnú ar an mBeart Cúnaimh i dtrí chuid, 6 mhí tar éis an trealamh a sheachadadh do na trí chomplacht sa 23ú Reisimint, 6 mhí tar éis dheireadh na chéad rang grádúcháin Acadamh NCO, agus 6 mhí tar éis thógáil na saoráide oiliúna in Sévaré-Mopti a chríochnú. Is é a bheidh i gceist leis an meastóireacht cuairteanna ar an láthair chun an trealamh agus na soláthairtí arna seachadadh faoin mBeart Cúnaimh a sheiceáil, nó aon fhoirmeacha éifeachtacha eile d’fhaisnéis a chuirtear ar fáil go neamhspleách.

Déanfar meastóireacht deiridh ag deireadh thréimhse cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh chun a mheas ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Ag tús na tréimhse cur chun feidhme agus le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha sé mhí ar fáil do CPS ina n-áireofar faisnéis atá cothrom le dáta maidir leis an staid ina bhfuil an Beart Cúnaimh á chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509, agus arna iarraidh sin agus i gcás ina dtuairiscítear aon sárú suntasach ar an socrú nó i gcás aon fhorbairtí polaitiúla nó slándála ábhartha. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Déanfaidh an tArdionadaí measúnú ar fhaisnéis maidir le haon sárú nó briseadh a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na gealltanais agus na hoibleagáidí faoin socrú idir an tairbhí agus an tArdionadaí, as a dtiocfaidh scrúdú ón Ardionadaí maidir le fionraí nó foirceannadh féideartha an Bhirt Cúnaimh tráth ar bith.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509, arna iarraidh sin do Bhallstát nó don Ardionadaí, féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a fhionraí go hiomlán nó go páirteach in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)

má tá a chuid oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta á sárú ag an tairbhí, go háirithe oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta, nó mura n-urramaíonn an tairbhí a oibleagáidí nó a ghealltanais faoi na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 3;

(b)

má cuireadh ar fionraí an conradh le gníomhaí cur chun feidhme nó má foirceannadh é tar éis don ghníomhaí a oibleagáidí faoin gconradh sin a shárú;

(c)

mura féidir a thuilleadh, i ngeall ar staid na tíre nó an limistéir lena mbaineann, an beart a chur chun feidhme agus ráthaíochtaí leordhóthanacha a áirithiú san am céanna;

(d)

mura gcuidíonn saothrú an Bhirt Cúnaimh a thuilleadh leis na cuspóirí sonraithe a ghabhann leis a bhaint amach, nó mura chun leasa an Aontais a thuilleadh an saothrú sin.

3.   I gcásanna práinneacha agus eisceachtúla, féadfaidh an tArdionadaí cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt ar bhonn sealadach go dtí go ndéanfaidh CPS cinneadh ina leith.

4.   Féadfaidh CPS a mholadh freisin go gcuirfeadh an Chomhairle deireadh leis an mBeart Cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealamh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/72


CINNEADH (CBES) 2021/2138 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/2011 chun tacú le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí príomhshruthaithe ó thaobh inscne de, sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar mhionairm agus a mí-úsáid, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/2011 (1).

(2)

Foráiltear le Cinneadh (CBES) 2018/2011 do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de, ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.

(3)

D’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála go ndéanfaí tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/2011 a shíneadh 7 mí, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022, i bhfianaise na moille ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/2011 i ngeall ar thionchar phaindéim COVID-19,

(4)

Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/2011 ón gComhairle go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais,

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/2011 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/2011.

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/2011 an 17 Nollaig 2018 chun tacú le beartais, cláir agus gníomhaíochtaí príomhshruthaithe ó thaobh inscne de, sa chomhrac i gcoinne gáinneáil ar mhionairm agus a mí-úsáid, i gcomhréir leis an gclár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil (IO L 322, 18.12.2018, lch. 38).