ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 430I

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
2 Nollaig 2021

Clár

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

RIALACHÁIN

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis

1

CINNTÍ

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle teaineiendijjan 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

16

GA

II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

2.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 430/1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2124 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha maidir leis an mBealarúis.

(2)

An 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar fhógair sí nach nglacfaidh sí le haon iarracht a dhéanfaidh tríú tíortha uirlis a dhéanamh d’imircigh chun críoch polaitiúil, cháin sí freisin na hionsaithe hibrideacha uile ag teorainneacha an Aontais agus dhearbhaigh sí go bhfreagróidh sí dá réir. Chuir sí i dtreis go leanfaidh an tAontas den ionsaí hibrideach leanúnach a thosaigh réimeas na Bealarúise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha sa bhreis a ghlacadh i gcoinne daoine agus eintitis dhlítheanacha, i gcomhréir lena chur chuige céimnitheach, mar ábhar práinne.

(3)

I gCinneadh (CBES) 2021/1990 (2) an 15 Samhain 2021 uaithi, leasaigh an Chomhairle na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2012/642/CBES (3) uaithi chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag eagrú nó ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit.

(4)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, ba cheart 17 nduine agus 11 eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo í.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC

(1)  IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1990 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 405, 16.11.2021, lch. 10).

(3)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).

IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis an tábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”:

Ainmneacha Traslitriú an litrithe Bealarúisise Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha (Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“167.

Ihar Anatolevich KRUCHKOU

Igor Anatolevich KRIUCHKOV

Iгар Анатольевiч КРУЧКОЎ

Игорь Анатольевич КРЮЧКОВ

Ceann an Separate Service for Active Measures (ASAM) of the Special Forces of the State Border Committee

Dáta breithe: 13.4.1976

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3130476M077PB6

Ina phost mar Cheann an Separate Service for Active Measures (ASAM) of the Special Forces of the State Border Committee, tá Ihar Kruchkou freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí faoina cheannas, a bhfuil baint acu le himircigh a iompar go fisiciúil amach as an mBealarúis go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais. Gearrann ASAM táille ar na himircigh arna n-iompar le haghaidh an trasnaithe teorainn. Cuirtear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme mar chuid d'oibríocht ‘Gate’.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

168.

Anatol Piatrovich LAPO

Anatoliy Petrovich LAPPO

Анатоль Пятровiч ЛАПО/ ЛАППО

Анатолии Петрович ЛАППО

Leifteanant-Ghinearál, Cathaoirleach ar State Border Committee of the Republic of Belarus (a ceapadh an 29 Nollaig 2016), Príomh-Thoscaire an State Border

Dáta breithe: 24.5.1963

Áit bhreithe: Kulakovka, Mogilev Region/ Oblast, former USSR (dá ngairtear Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: MP4098888

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3240563K033PB5

Ina cháil mar Chathaoirleach an State Border Committee, tá Anatol Lapo freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas, ar doiciméadaíodh ina leith go raibh siad ag stiúradh, ag treorú nó ag brú daoine chun an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais a thrasnú, agus go n-éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn sin a thrasnú de bharr a dteip d’aon ghnó a ndualgais a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a eagrú a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

169.

Kanstantsin Henadzevich MOLASTAU

Konstantin Gennadevich MOLOSTOV

Канстанцiн Генадзьевiч МОЛАСТАЎ

Константин Геннадьевич МОЛОСТОВ

Coirnéal, Ceann an Grodno Border Group (a ceapadh an 1 Deireadh Fómhair 2014), Military Unit 2141, Toscaire don State Border

Dáta breithe: 30.5.1970

Áit bhreithe: Krasnoarmeysk, Saratov Region, Russian Federation

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: KH2479999

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3300570K025PB3

Ina phost mar Cheann an Grodno Border Group, tá Kanstantsin Molastau freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann atá faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Grodno Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

170.

Pavel Mikalaevich KHARCHANKA

Pavel Nikolaevich KHARCHENKO

Павел Мiкалаевiч ХАРЧАНКА

Павел Николаевич ХАРЧЕНКО

Ceann an Polotsk Border Detachment

Dáta breithe: 29.3.1981

Áit bhreithe: Chita, former USSR (dá ngairtear Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina phost mar Cheann an Polotsk Border Detachment, tá Pavel Kharchanka freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann atá faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Polotsk Border Detachment a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

171.

Ihar Mikalaevich GUTNIK

Igor Nikolaevich GUTNIK

Iгар Мiкалаевiч ГУТНIК

Игорь Николаевич ГУТНИК

Ceann an Brest Border Group, coirnéal

Dáta breithe: 17.12.1974

Áit bhreithe: Village of Zabolotye, Smolevichi District, Minsk Region/ Oblast, former USSR (dá ngairtear Belarus anois)

Seoladh: 90 Heroes of Defense of the Brest Fortress St., 224018, Brest, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: BM1962867

Ina phost mar Cheann an Brest Border Group, tá Ihar Gutnik, a ndearnadh feisire ar Brest Regional Council de in 2018 mar dhuine de na hiarrthóirí atá dílis do Lukashenka, freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Brest Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

172.

Aliaksandr Barysavich DAVIDZIUK

Aleksandr Borisovich DAVIDIUK

Аляксандр Барысавiч ДАВIДЗЮК

Александр Борисович ДАВИДЮК

Coirnéal, Ceann an Lida Border Detachment, Military Unit 1234 (a ceapadh an 27 Meán Fómhair 2016), Ionadaí don State Border

Comhalta de Lida District Council of Deputies den 28ú comhghairm (a chuaigh i mbun oifige an 2 Feabhra 2018)

Dáta breithe: 4.5.1973

Áit bhreithe: Novograd-Volynsky, Zhytomyr region, former USSR (dá ngairtear Ukraine anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: KH2613034

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3040573E050PB7

Ina phost mar Cheann an Lida Border Group, tá Aliaksandr Davidziuk freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Lida Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

173.

Maksim Viktaravich BUTRANETS

Maxim Viktorovich BUTRANETS

Максiм Вiктаравiч БУТРАНЕЦ

Максим Викторович БУТРАНЕЦ

Ceann an Smorgon Border Group, Military Unit 2044 (a ceapadh i mí an Mhárta 2018), Toscaire don State Border

Dáta breithe: 12.12.1978

Áit bhreithe: Sverdlovsk, former USSR (dá ngairtear Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina phost mar Cheann an Smorgon Border Group, tá Maksim Butranets freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Smorgon Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú. Dúirt Maksim Butranets freisin gur fhan líon na n-imirceach ag an teorainn idir an Bhealarúis agus an Liotuáin ag an ngnáthleibhéal, in ainneoin an mhéadaithe mhóir a chonacthas ar thaobh na Liotuáine. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

174.

Anatol Anatolyevich GLAZ

Anatoliy Anatolyevich GLAZ

Анатоль Анатольевiч ГЛАЗ

Анатолий Анатольевич ГЛАЗ

Ceann an Department of Information and Digital Diplomacy (urlabhraí) of the Ministry of Foreign Affairs of Belarus

Dáta breithe: 31.7.1982

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Anatol Glaz ina Cheann ar an Department of Information and Digital Diplomacy agus ina Urlabhraí don Ministry of Foreign Affairs of Belarus ón 11 Meitheamh 2018 i leith. Sa cháil sin, rinne sé roinnt ráitis phoiblí, ag tacú le beartas réimeas Lukashenka sna hiarrachtaí is déanaí uaidh chun trasnuithe neamhdhleathacha theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais a éascú. Ina theannta sin, chosain sé go poiblí tuirlingt éigeantach eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis an 23 Bealtaine 2021. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh sin dar siocair an pholaitíocht go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil agus is cos ar bolg an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

2.12.2021

175.

Siarhei Aliaksandravich EPIKHAU

Sergei Aleksandrovich EPIKHOV

Сяргей Аляксандравiч ЕПIХАЎ

Сергей Александрович ЕПИХОВ

Breitheamh ag Minsk Regional Court

Dáta breithe: 16.5.1966

Seoladh: 38 Timoshenko St., apt. 198, Minsk, Belarus;

59 L.Tolstoy St., apt. 80, Vileika, Belarus;

14 Kedyshko St., apt. 11, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3160566B046PB4

Ina phost mar bhreitheamh ag Minsk Regional Court, tá Siarhei Epikhau freagrach as rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne ceannairí agus gníomhaithe freasúra, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Maria Kolesnikova agus Maksim Znak, a measann eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnaigh pholaitiúla iad. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus ar an gceart chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina mhaoirseacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

176.

Ihar Viachaslavavich LIUBAVITSKI

Igor Viacheslavovich LIUBOVITSKI

Iгар Вячаслававiч ЛЮБАВIЦКI

Игорь Вячеславович ЛЮБОВИЦКИЙ

Breitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus

Dáta breithe: 21.7.1983

Seoladh: Vogel 1K St., apt. 17, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3210783C002PB2

Ina phost mar bhreitheamh ag an Supreme Court of the Republic of Belarus, tá Ihar Liubavitski freagrach as rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne ceannairí, gníomhaithe agus iriseoirí freasúra, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an iarrthóir uachtaránachta, Viktar Babarika, a measann eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnaigh pholaitiúla é.

177.

Siarhei Siarheevich GIRGEL

Sergei Sergeevich GIRGEL

Сяргей Сяргеевiч ГIРГЕЛЬ

Сергей Сергеевич ГИРГЕЛЬ

Ionchúisitheoir sinsearach an Department of Public Prosecution of the General Prosecutor's Office

Dáta breithe: 16.6.1978

Seoladh: 16 Lidskaya St., apt. 165, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3160678H018PB5

Ina phost mar ionchúisitheoir sinsearach an Department of Public Prosecution of the General Prosecutor’s Office, rinne Siarhei Girgel ionadaíocht do réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne ceannairí freasúra agus comhaltaí sochaí sibhialta. Go sonrach, d’ionchúisigh sé iarrthóir uachtaránachta an fhreasúra Viktar Babarika, a n-aithníonn eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnach polaitiúil é. D’iarr Siarhei Girgel go leanúnach ar an mbreitheamh pianbhreitheanna príosúnachta fadtéarmacha a ghearradh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

178.

Valiantsina Genadzeuna KULIK

Valentina Gennadevna KULIK

Валянцiна Генадзьеўна КУЛIК

Валентина Геннадьевна КУЛИК

Breitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus

Dáta breithe: 15.1.1960

Seoladh: 54 Angarskaya St., apt. 48, Minsk, Belarus

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4150160A119PB2

Ina cáil mar bhreitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus, tá Valiantsina Kulik freagrach as cinntí arbh í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne iriseoirí agus ceannairí an fhreasúra. Shéan sí go háirithe an gearán ó Viktar Babarika chun cás sibhialta a thionscnamh bunaithe ar na gearáin a bhí aige i gcoinne chinneadh an Central Electoral Commission a dhiúltú é a chlárú mar iarrthóir uachtaránachta.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

179.

Andrei Andreevich PRAKAPUK

Andrey Andreevich PROKOPUK

Андрэй Андрэевiч ПРАКАПУК

Андрей Андреевич ПРОКОПУК

Leas-Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee of the Republic of Belarus

Coirnéal den Financial Police

Dáta breithe: 22.7.1973

Áit bhreithe: Kobrin, Brest region, Belarus

Seoladh: 22 Mira St., apt. 88, Priluki, Minsk Region, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3220773C061PB1

Ina cháil mar Leas-Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee of the Republic of Belarus, tá Andrei Prakapuk freagrach as feachtais arbh í an pholaitíocht ba shiocair leo ón roinn sin i gcoinne iriseoirí agus eagraíochtaí neamhspleácha na meán de chuid na Bealrúise. D’fhormheas sé go pearsanta cinneadh chun áitreabh eagraíocht na meán TUT.by a chuardach, agus thionscain sé cás cúirte i gcoinne TUT.by agus i gcoinne na n-iriseoirí a fhostaíonn TUT.by, agus bhlocáil sé rochtain ar shuíomh gréasáin TUT.by.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta.

2.12.2021

180.

Ihar Anatolevich MARSHALAU

Igor Anatolevich MARSHALOV

Iгар Анатольевiч МАРШАЛАЎ

Игорь Анатольевич МАРШАЛОВ

Leas-Chathaoirleach State Control Committee, Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee

Maorghinearál den Financial Police

Dáta breithe: 12.1.1972

Áit bhreithe: Shkolv, Mogilev Region/ Oblast, former USSR (dá ngairtear Belarus anois)

Seoladh: 15 Shchukina St., Minsk, Belarus;

43A Franciska St., apt. 41, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3120172H018PB4

Is é Ihar Marshalau Leas-Chathaoirleach State Control Committee of Belarus agus Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee. Sa phost sin, is é atá freagrach as an gcás imghabhála cánach arbh í an pholaitíocht ba shiocair leis i gcoinne eagraíocht na meán TUT.by a thionscnamh, a líomhnaítear atá bunaithe ar Airteagal 243 de Chód Coiriúil Phoblacht na Bealarúise, atá ina bhagairt ar shaoirse na meán i mBealarúis. Tá sé freagrach freisin as na cuardaigh a rinneadh i mí Bealtaine 2021 in oifig TUT.by i Mionsc, sna oifigí réigiúnacha agus sna tithe ag roinnt ball foirne TUT.by.

Tá sé freagrach freisin as coinneáil ball de Belarus Press Club i mí na Nollag 2020, as cuardach agus coigistiú nithe in oifig Rights of People with Disabilities, lena n-áirítear ceistiú foréigneach Aleh Hrableuski agus Syarhei Drazdouski i mí Eanáir 2021, as coinneáil agus cúisimh imghabhála cánach chomhalta Coordination Council, Liliya Ulasava, agus as cuardaigh agus coinneáil a dhéanann difear d’fhostaithe chuideachta bogearraí PandaDoc, a bhí i gceannas ar thionscnamh ‘Protect Belarus’, i mí Mheán Fómhair 2021.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta.

2.12.2021

181.

Hanna Mikhailauna SAKALOUSKAYA

Anna Mikhaylovna SOKOLOVSKAYA

Ганна Мiхайлаўна САКАЛОЎСКАЯ

Анна Михайловна СОКОЛОВСКАЯ

Breitheamh den Judicial Collegium for Civil Cases ag an Supreme Court

Dáta breithe: 18.9.1955

Seoladh: 22 Surhanava St., apt. 1, Minsk, Belarus

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4180955A015P80

Ina cáil mar bhreitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus, tá Hanna Sakalouskaya freagrach as an gcinneadh arbh í an pholaitíocht ba shiocair leis chun Belarus PEN Centre – eagraíocht sochaí shibhialta de chuid na Bealarúise – a leachtú. Tá sí freagrach freisin as cinneadh arbh í an pholaitíocht ba shiocair leis agus a raibh leachtú Belarus Helsinki Committee (BHC) mar thoradh air, mar gheall air gur chaith sí amach, an 2 Meán Fómhair 2021, an gearán ó BHC maidir leis an rabhadh a bhí dírithe air ó Belarusian Ministry of Justice.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

182.

Marat Siarheevich MARKAU

Marat Sergeevich MARKOV

Марат Сяргеевiч МАРКАЎ

Марат Сергеевич МАРКОВ

Cathaoirleach Bhord Bainistíochta an chainéil teilifíse faoi smacht an Stáit ONT, óstach an chláir ‘Markov: Nothing Personal’

Dáta breithe: 1.5.1969

Áit bhreithe: Luninets, iarUSSR (dá ngairtear Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is é Marat Markau Cathaoirleach Bhord Bainistíochta an chainéil teilifíse faoi smacht an stáit ONT agus óstach an chláir ‘Markov: Nothing Personal’. Sa phost seo, bhí sé toilteanach faisnéis bhréagach a thabhairt do phobal na Bealarúise faoi thoradh na dtoghchán, faoi agóidí agus faoin gcos ar bolg arna imirt ag údaráis an Stáit, agus na cúinsí a bhaineann leis an tuirlingt éigeantach ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis an 23 Bealtaine 2021. Tá sé freagrach go díreach as an gcaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil faoi staid na tíre ar an gcainéal teilifíse ONT, ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis, lena n-áirítear Lukashenka. Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimeas Lukashenka.

Rinne Markov an chéad agallamh éigeantach le Raman Pratasevich, tar éis Pratasevich a choinneáil agus a chéasadh, de réir an-chuid tuarascálacha, ag údaráis na Bealarúise. Ina theannta sin, rinne Markov bagairt agus chuir sé imeagla ar oibrithe ONT a chuaigh ar stailc tar éis thoghcháin uachtaráin chalaoiseacha 2020 agus chniogbheartaíocht na n-údarás. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

183.

Dzmitry Siarheevich KARSIUK

Dmitriy Sergeevich KARSIUK

Дзмiтрый Сяргеевiч КАРСЮК

Дмитрий Сергеевич КАРСЮК

Breitheamh den Central District of the City of Minsk Court

Dáta breithe: 7.7.1995

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh de Central District of the City of Minsk Court, tá Dzmitriy Karsiuk freagrach as an-chuid rialuithe ón gcúirt arbh í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe pianbhreith a chur ar Yahor Viarshynin, Pavel Lukoyanov, Artsiom Sakovich agus Mikalai Shemetau, a aithníonn Viasna, eagraíocht na Bealarúise do chearta an duine, mar phríosúnaigh pholaitiúla. Ghearr sé pionóis ar dhaoine de thréimhse in áitreabh pionóis, i bpríosún agus i mbraighdeanas baile as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta, postálacha ar na meáin sóisialta, bratach bán-dearg-bán na Bealarúise a úsáid agus bealaí eile ar feidhmíodh saoirsí sibhialta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021”;

(2)

cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas leis an tábla “B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”:

Ainmneacha Traslitriú an litrithe Bealarúisise Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha (Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“16.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belavia Belarusian Airlines’

ААТ ‘Авiякампанiя Белавiя’

ОАО ‘Авиакомпания Белавиа’

Seoladh: 14A Nemiga St., Minsk, Belarus, 220004

Dáta clárúcháin: 4.1.1996

Cláruimhir: 600390798

Is í an Chuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belavia’ an chuideachta aerlíne náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit. Gheall Aliaksandr Lukashenka go dtabharfadh a rialtas gach tacaíocht is féidir do Belavia tar éis don Aontas Eorpach a chinneadh cosc ar aerlínte na Bealarúise traseitiltí a dhéanamh thar aerspás an Aontais agus ar rochtain ag aerlínte na Bealarúise ar aerfoirt an Aontais a thabhairt isteach. Chuige sin, d’aontaigh sé le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, maidir le hoscailt bealaí nua aerlínte do Belavia a phleanáil.

Anuas air sin, dúirt bainistíocht Belavia lena fostaithe gan agóid a dhéanamh i gcoinne na neamhrialtachtaí toghchánaíochta agus na hollchoinneála sa Bhealarúis toisc gur fiontar faoi úinéireacht an Stáit é Belavia.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

Tá Belavia páirteach in imircigh a thabhairt ón Meánoirthear go dtí an Bhealarúis. Tá imircigh ar mian leo teorainn sheachtrach an Aontais a thrasnú ag eitilt go Mionsc ar bhord eitiltí a oibríonn Belavia ó roinnt tíortha sa Mheánoirthear, go háirithe an Liobáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc. Chun é sin a éascú, d’oscail Belavia aerbhealaí nua agus chuir sé le líon na n-eitiltí ar bhealaí a bhí ann cheana. Tá oibreoirí turais áitiúla ag gníomhú mar idirghabhálaithe agus ticéid Belavia á ndíol acu le himircigh ionchasacha, agus ar an gcaoi sin tá siad ag cuidiú le Belavia feidhmiú go rúnda.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

17.

Fofhiontar aonadach poblachtach ‘TSENTRKURORT’

Рэспублiканскае унiтарнае прадпрыемства ‘ЦЭНТРКУРОРТ’ Республиканское унитарное предприятие ‘ЦЕНТРКУРОРТ’

Seoladh: 39 Myasnikova St., Minsk, Belarus, 220030

Dáta clárúcháin: 12.8.2003

Cláruimhir: 100726604

Is cuid de Department of Presidential Affairs of Belarus an chuideachta turasóireachta Stáit Tsentrkurort. Tá sé ráite go bhfuil Tsentrkurort ar cheann de na cuideachtaí a dhéanann comhordú ar shreabhadh na n-imirceach a mbíonn sé ar intinn acu an teorainn a thrasnú idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais. Chuidigh Tsentrkurort le 51 shaoránach de chuid na hIaráice, ar a laghad, víosaí a fháil dá dturas ar an mBealarúis, agus shínigh sé conradh le haghaidh seirbhísí iompair le cuideachta na Bealarúise ‘Stroitur’ a tháirgeann busanna ar cíos le tiománaithe. Rinne busanna, a chuir Tsentrkurort in áirithe, imircigh (lena n-áirítear leanaí) a iompar ó aerfort Mhionsc chuig óstáin.

Dá bhrí sin, tá Tsentrkurort ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

18.

LLC Oskartour

ООО Оскартур

Seoladh: 25 Karl Marx St., room 1n, Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 18.10.2016

Cláruimhir: 192721937

Is oibreoir turais é Oskartur, a d’éascaigh víosaí a fháil d’imircigh ag teacht ón Iaráic agus a d’eagraigh a dtaistil ina dhiaidh sin go dtí an Bhealarúis ar eitiltí ó Bhagdad go Mionsc. Ina dhiaidh sin, iompraíodh na himircigh Iarácacha sin go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus an tAontas agus an aidhm a bhí acu an teorainn sin a thrasnú go neamhdhleathach. A bhuí le Oskartur agus na teagmhálacha atá aige le haerlínte na hIaráice, le húdaráis na Bealarúise agus le cuideachta Tsentrkurort atá faoi úinéireachta an Stáit, sheol aerlíne na hIaráice eitiltí ó Bhagdad go Mionsc go rialta, chun daoine a chur chuig an mBealarúis chun teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhdhleathach. Ghlac Oskartur páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann seo a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí de chuid réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

19.

Fofhiontar aonadach poblachtach ‘HOTEL MINSK’

Гатэль ‘МIНСК’

Республиканское дочернее унитарное предприятие ‘ОТЕЛЬ МИНСК’

Seoladh: 11 Nezavisimosti Ave., Minsk, Belarus

Teil. +375 (17) 209-90-61

Facs +375 (17) 200-00-72

R-phost: hotelminsk@udp.gov.by; marketing@hotelminsk.by

Suíomh gréasáin: http://hotelminsk.by/

Dáta clárúcháin: 26.12.2016 / 3.4.2017

Cláruimhir: 192750964

Is fochuideachta de Belarus President Property Management Directorate – gníomhaireacht rialtais a thuairiscíonn go díreach don Uachtarán – é Hotel Minsk. Ghlac Hotel Minsk páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit. Cuireadh cóiríocht ar fáil d’imircigh san óstán sular iompraíodh iad go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais chun go bhféadfaidís í a thrasnú go neamhdhleathach. Bhí Hotel Minsk liostaithe ag imircigh ón Iaráic mar áit chónaithe shealadach ina n-iarratais ar víosaí Bealarúiseacha, a taisceadh díreach sular tháinig siad go dtí an Bhealarúis.

Dá bhrí sin, tá Hotel Minsk ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

20.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘HOTEL PLANETA’

ААТ ‘ГАСЦIНIЦА ПЛАНЕТА’

OAO ‘ГОСТИНИЦА ПЛАНЕТА’

Seoladh: 31 Pobediteley Ave., Minsk, Belarus

Teil. +375 (17) 226-78-53

Facs +375 (17) 226-78-55

R-phost: planeta@udp.gov.by

Suíomh gréasáin: https://hotelplaneta.by/

Dáta clárúcháin: 1.2.1994/ 6.3.2000

Cláruimhir: 100135173

Is fochuideachta de Belarus President Property Management Directorate – gníomhaireacht rialtais a thuairiscíonn go díreach don Uachtarán – é Hotel Planeta. Ghlac Hotel Planeta páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit. Cuireadh cóiríocht ar fáil d’imircigh san óstán sular iompraíodh iad go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais chun go bhféadfaidís í a thrasnú go neamhdhleathach. D’íoc siad USD 1 000 le gníomhaire taistil i mBagdad as an eitilt, víosa thurasóireachta agus as cóiríocht san óstán.

Dá bhrí sin, tá Hotel Planeta ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

21.

ASAM (Asobnaia sluzhba aktyunykh merapryemstvau)

OSAM (Otdiel’naya sluzhba aktivnykh mieropriyatiy)

Асобная служба актыўных мерапрыемстваў (АСАМ)

Отдельная служба активных мероприятий (ОСАМ)

Seoladh: State Border Committee of the Republic of Belarus, 24 Volodarsky St.,220050, Minsk, Belarus

Is aonad garda speisialta teorann é ASAM (Separate Service for Active Measures) atá faoi smacht Viktar Lukashenka, agus a bhfuil Ihar Kruchkou i gceannas air. Eagraíonn fórsaí ASAM faoi oibríocht speisialta ‘Gate’ trasnuithe neamhdhleathacha teorann tríd an mBealarúis go dtí Ballstáit an Aontais, agus tá siad páirteach go díreach in iompar fisiciúil imirceach go dtí an taobh eile den teorainn. Gearrann ASAM táille ar na himircigh a iompraítear as an teorainn a thrasnú freisin.

Dá bhrí sin, tá ASAM ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

22.

Cham Wings Airlines

Seoladh: P.O. Box 30588 Damascus, Syria

Suíomh Gréasáin: https://chamwings.com/

Oibreoir cairteitiltí ón tSiria go dtí an Bhealarúis is ea Cham Wings Airlines. Mhéadaigh an chuideachta líon na n-eitiltí ón Damaisc go Mionsc ó shamhradh 2021 i leith chun imircigh a iompar go dtí an Bhealarúis - imircigh a raibh beartaithe acu teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhdhleathach. I bhfómhar 2021, d'oscail Cham Wings dhá oifig nua i Mionsc chomh maith chun go bhféadfaidís na heitiltí a eagrú idir an Damaisc agus Mionsc.

Ar an dóigh sin, tá Cham Wings Airlines ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

23.

VIP Grub

Seoladh: Büyükdere Cad., No:201, Istanbul, Turkey

Is seirbhís pasanna agus víosaí é VIP Grub atá suite in Iostanbúl na Tuirce, agus a eagraíonn turais go dtí an Bhealarúis agus é mar rún sainráite aici imirce isteach san Aontas a éascú. Bíonn VIP Grub ag fógairt imirce go dtí an tAontas go gníomhach. Dá bhrí sin, tá VIP Grub ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

24.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Grodno Azot’

Lena n-áirítear Craobh ‘Khimvolokno Plant’ de Chuideachta Comhstoic ‘Grodno Azot’

ААТ ‘Гродна Азот’

ОАО ‘Гродно Азот’

Фiлiял ‘Завод Хiмвалакно’ ААТ ‘Гродна Азот’

Филиал ‘Завод Химволокно’ ОАО ‘Гродно Азот’

Seoladh: 100 Kosmonavtov Ave., Grodno, Belarus

Dáta clárúcháin: 1965

Cláruimhir: 500036524

Suíomh Gréasáin: http://azot.by/en

Seoladh: 4 Slavinskogo, St., Grodno, 230026, Belarus

Dáta clárúcháin: 12.5.2000

Cláruimhir: 590046884

Is táirgeoir mór comhdhúl nítrigine é Grodno Azot atá bunaithe in Grodno agus atá faoi úinéireacht Stáit. Chuir Lukashenka síos air mar ‘fhiontar ríthábhachtach straitéiseach’. Is le Grodno Azot Khimvolokno Plant freisin, ar monaróir mór polaimíde agus poileistir agus ábhar comhchodach é. Is foinse mhór ioncaim do réimeas Lukashenka iad Grodno Azot agus Khimvolokno Plant. Dá bhrí sin, tá Grodno Azot ag tacú le réimeas Lukashenka.

Thug Lukashenka cuairt ar an gcuideachta agus bhuail sé lena hionadaithe, agus phléigh siad nuachóiriú na monarcha agus cineálacha éagsúla tacaíochta Stáit. Gheall Lukashenka iasacht a d’úsáidfí chun monarcha nua nítrigine a thógáil in Grodno freisin. Dá bhrí sin, tá Grodno Azot ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

Na hoibrithe in Grodno Azot, lena n-áirítear na fostaithe ag Khimvolokno Plant, a ghlac páirt sna hagóidí síochánta i gcoinne an réimis agus a chuaigh ar stailc, briseadh as a bpoist iad, agus chuir lucht bainistíochta Grodno Azot agus ionadaithe an réimis imeagla orthu agus bhagair siad iad. Tá Grodno Azot freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021

25.

State Production Association Belorusneft

Дзяржаўнае вытворчае аб'яднанне ‘Беларуснафта’

Государственное производственное объединение ‘Белоруснефть’

Seoladh: 9 Rogachevskaya St., Gomel, 246003, Belarus

Dáta clárúcháin: 25.2.1966

Cláruimhir: 400051902

Is cuideachta faoi úinéireacht Stáit é Belorusneft, a oibríonn san earnáil pheitriceimiceach. Bhris lucht bainistíochta na cuideachta as a bpoist na hoibrithe a chuaigh ar stailc, a ghlac páirt in agóidí i gcoinne an réimis nó a thacaigh leis na hagóidí sin go poiblí. Tá Belorusneft freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021

26.

Cuideachta Comhstoic Oscailte Belshina

AAT ‘Белшина’

ОАО ‘Белшина’

Seoladh: 4 Minskoe Shosse St., Bobruisk, 213824 Belarus

Dáta clárúcháin: 10.1.1994

Cláruimhir: 700016217

Suíomh gréasáin: http://belshinajsc.by/

Tá Belshina ar na príomhchuideachtaí faoi úinéireacht Stáit sa Bhealarúis agus is monaróir mór bonn feithiclí é. Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach ioncaim é do réimeas Lukashenka. Tá Stát na Bealarúise ag baint tairbhe dhíreach as an méid a thuilleann Belshina. Dá bhrí sin, tá Belshina ag tacú le réimeas Lukashenka.

Fostaithe Belshina a ghlac páirt sna hagóidí agus a chuaigh ar stailc tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, briseadh as a bpoist iad. Tá Belshina freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021”.

CINNTÍ

2.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 430/16

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2021/2125 ÓN gCOMHAIRLE

teaineiendijjan 2 Nollaig 2021

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis.

(2)

An 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar fhógair sí nach nglacfaidh sí le haon iarracht a dhéanfaidh tríú tíortha uirlis a dhéanamh d’imircigh chun críoch polaitiúil, cháin sí freisin na hionsaithe hibrideacha uile ag teorainneacha an Aontais agus dhearbhaigh sí go bhfreagróidh sí dá réir. Chuir sí i dtreis go leanfaidh an tAontas den ionsaí hibrideach leanúnach a thosaigh réimeas na Bealarúise a chomhrac, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha sa bhreis a ghlacadh i gcoinne daoine agus eintitis dhlítheanacha, i gcomhréir lena chur chuige céimnitheach, mar ábhar práinne.

(3)

I gCinneadh (CBES) 2021/1990 (2) an 15 Samhain 2021 uaithi, leasaigh an Chomhairle na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2012/642/CBES chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag eagrú nó ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú neamhdhleathach earraí srianta, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch Bhallstáit.

(4)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa Bhealarúis, ba cheart 17 nduine agus 11 eintiteas a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo í.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC

(1)  IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1990 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 405, 16.11.2021, lch. 10).

IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

cuirtear na daoine nádúrtha a leanas leis an tábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagail 3(1) agus 4(1)”:

Ainmneacha

Traslitriú an litrithe Bealarúisise

Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(Litriú Bealarúisise)

(Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“167.

Ihar Anatolevich KRUCHKOU

Igor Anatolevich KRIUCHKOV

Iгар Анатольевiч КРУЧКОЎ

Игорь Анатольевич КРЮЧКОВ

Ceann an Separate Service for Active Measures (ASAM) of the Special Forces of the State Border Committee

Dáta breithe: 13.4.1976

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3130476M077PB6

Ina phost mar Cheann an Separate Service for Active Measures (ASAM) of the Special Forces of the State Border Committee, tá Ihar Kruchkou freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí faoina cheannas, a bhfuil baint acu le himircigh a iompar go fisiciúil amach as an mBealarúis go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais. Gearrann ASAM táille ar na himircigh arna n-iompar le haghaidh an trasnaithe teorainn. Cuirtear na gníomhaíochtaí sin chun feidhme mar chuid d’oibríocht ‘Gate’.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

168.

Anatol Piatrovich LAPO

Anatoliy Petrovich LAPPO

Анатоль Пятровiч ЛАПО/ЛАППО

Анатолии Петрович ЛАППО

Leifteanant-Ghinearál, Cathaoirleach ar State Border Committee of the Republic of Belarus (a ceapadh an 29 Nollaig 2016), Príomh-Thoscaire an State Border

Dáta breithe: 24.5.1963

Áit bhreithe: Kulakovka, Mogilev Region/Oblast, former USSR (dá ngairtear Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: MP4098888

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3240563K033PB5

Ina cháil mar Chathaoirleach an State Border Committee, tá Anatol Lapo freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas, ar doiciméadaíodh ina leith go raibh siad ag stiúradh, ag treorú nó ag brú daoine chun an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais a thrasnú, agus go n-éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn sin a thrasnú de bharr a dteip d’aon ghnó a ndualgais a chomhlíonadh.

Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a eagrú a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

169.

Kanstantsin Henadzevich MOLASTAU

Konstantin Gennadevich MOLOSTOV

Канстанцiн Генадзьевiч МОЛАСТАЎ

Константин Геннадьевич МОЛОСТОВ

Coirnéal, Ceann an Grodno Border Group (a ceapadh an 1 Deireadh Fómhair 2014), Military Unit 2141, Toscaire don State Border

Dáta breithe: 30.5.1970

Áit bhreithe: Krasnoarmeysk, Saratov Region, Russian Federation

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: KH2479999Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3300570K025PB3

Ina phost mar Cheann an Grodno Border Group, tá Kanstantsin Molastau freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann atá faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Grodno Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

170.

Pavel Mikalaevich KHARCHANKA

Pavel Nikolaevich KHARCHENKO

Павел Мiкалаевiч Харчанка

Павел Николаевич ХАРЧЕНКО

Ceann an Polotsk Border Detachment

Dáta breithe: 29.3.1981

Áit bhreithe: Chita, former USSR (dá ngairtear Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina phost mar Cheann an Polotsk Border Detachment, tá Pavel Kharchanka freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann atá faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Polotsk Border Detachment a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

171.

Ihar Mikalaevich GUTNIK

Igor Nikolaevich GUTNIK

Iгар Мiкалаевiч ГУТНIК

Игорь Николаевич ГУТНИК

Ceann an Brest Border Group, coirnéal

Dáta breithe: 17.12.1974

Áit bhreithe: Village of Zabolotye, Smolevichi District, Minsk Region/Oblast, former USSR (dá ngairtear Belarus anois)

Seoladh: 90 Heroes of Defense of the Brest Fortress St., 224018, Brest, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: BM1962867

Ina phost mar Cheann an Brest Border Group, tá Ihar Gutnik, a ndearnadh feisire ar Brest Regional Council de in 2018 mar dhuine de na hiarrthóirí atá dílis do Lukashenka, freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Brest Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

172.

Aliaksandr Barysavich DAVIDZIUK

Aleksandr Borisovich DAVIDIUK

Аляксандр Барысавiч ДАВIДЗЮК

Александр Борисович ДАВИДЮК

Coirnéal, Ceann an Lida Border Detachment, Military Unit 1234 (a ceapadh an 27 Meán Fómhair 2016), Ionadaí don State Border

Comhalta de Lida District Council of Deputies den 28ú comhghairm (a chuaigh i mbun oifige an 2 Feabhra 2018)

Dáta breithe: 4.5.1973

Áit bhreithe: Novograd-Volynsky, Zhytomyr region, former USSR (dá ngairtear Ukraine anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Pasuimhir: KH2613034

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3040573E050PB7

Ina phost mar Cheann an Lida Border Group, tá Aliaksandr Davidziuk freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Lida Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

173.

Maksim Viktaravich BUTRANETS

Maxim Viktorovich BUTRANETS

Максiм Вiктаравiч БУТРАНЕЦ

Максим Викторович БУТРАНЕЦ

Ceann an Smorgon Border Group, Military Unit 2044 (a ceapadh i mí an Mhárta 2018), Toscaire don State Border

Dáta breithe: 12.12.1978

Áit bhreithe: Sverdlovsk, former USSR (dá ngairtear Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina phost mar Cheann an Smorgon Border Group, tá Maksim Butranets freagrach as gníomhaíochtaí na ngardaí teorann faoina cheannas. Le teip d’aon ghnó an Smorgon Border Group a dhualgais a chomhlíonadh i gceart, éascaítear iarrachtaí na n-imirceach an teorainn le Ballstáit an Aontais a thrasnú. Dúirt Maksim Butranets freisin gur fhan líon na n-imirceach ag an teorainn idir an Bhealarúis agus an Liotuáin ag an ngnáthleibhéal, in ainneoin an mhéadaithe mhóir a chonacthas ar thaobh na Liotuáine. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

174.

Anatol Anatolyevich GLAZ

Anatoliy Anatolyevich GLAZ

Анатоль Анатольевiч ГЛАЗ

Анатолий Анатольевич ГЛАЗ

Ceann an Department of Information and Digital Diplomacy (urlabhraí) of the Ministry of Foreign Affairs of Belarus

Dáta breithe: 31.7.1982

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Anatol Glaz ina Cheann ar an Department of Information and Digital Diplomacy agus ina Urlabhraí don Ministry of Foreign Affairs of Belarus ón 11 Meitheamh 2018 i leith. Sa cháil sin, rinne sé roinnt ráitis phoiblí, ag tacú le beartas réimeas Lukashenka sna hiarrachtaí is déanaí uaidh chun trasnuithe neamhdhleathacha theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais a éascú. Ina theannta sin, chosain sé go poiblí tuirlingt éigeantach eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis an 23 Bealtaine 2021. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh sin dar siocair an pholaitíocht go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil agus is cos ar bolg an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Dá bhrí sin, tá sé ag tacú le réimeas Lukashenka.

2.12.2021

175.

Siarhei Aliaksandravich EPIKHAU

Sergei Aleksandrovich EPIKHOV

Сяргей Аляксандравiч ЕПIХАЎ

Сергей Александрович ЕПИХОВ

Breitheamh ag Minsk Regional Court

Dáta breithe: 16.5.1966

Seoladh: 38 Timoshenko St., apt. 198, Minsk, Belarus;

59 L.Tolstoy St., apt. 80, Vileika, Belarus;

14 Kedyshko St., apt. 11, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3160566B046PB4

Ina phost mar bhreitheamh ag Minsk Regional Court, tá Siarhei Epikhau freagrach as rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne ceannairí agus gníomhaithe freasúra, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar Maria Kolesnikova agus Maksim Znak, a measann eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnaigh pholaitiúla iad. Tuairiscíodh sáruithe ar chearta na gcúisithe chun cosanta agus ar an gceart chun triail chóir a fháil le linn na dtrialacha a rinneadh faoina mhaoirseacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

176.

Ihar Viachaslavavich LIUBAVITSKI

Igor Viacheslavovich LIUBOVITSKI

Iгар Вячаслававiч ЛЮБАВIЦКI

Игорь Вячеславович ЛЮБОВИЦКИЙ

Breitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus

Dáta breithe: 21.7.1983

Seoladh: Vogel 1K St., apt. 17, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3210783C002PB2

Ina phost mar bhreitheamh ag an Supreme Court of the Republic of Belarus, tá Ihar Liubavitski freagrach as rialuithe dar siocair an pholaitíocht i gcoinne ceannairí, gníomhaithe agus iriseoirí freasúra, go háirithe as an bpianbhreith arna forchur ar an iarrthóir uachtaránachta, Viktar Babarika, a measann eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnaigh pholaitiúla é.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

177.

Siarhei Siarheevich GIRGEL

Sergei Sergeevich GIRGEL

Сяргей Сяргеевiч ГIРГЕЛЬ

Сергей Сергеевич ГИРГЕЛЬ

Ionchúisitheoir sinsearach an Department of Public Prosecution of the General Prosecutor’s Office

Dáta breithe: 16.6.1978

Seoladh: 16 Lidskaya St., apt. 165, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3160678H018PB5

Ina phost mar ionchúisitheoir sinsearach an Department of Public Prosecution of the General Prosecutor’s Office, rinne Siarhei Girgel ionadaíocht do réimeas Lukashenka i gcásanna dar siocair an pholaitíocht i gcoinne ceannairí freasúra agus comhaltaí sochaí sibhialta. Go sonrach, d’ionchúisigh sé iarrthóir uachtaránachta an fhreasúra Viktar Babarika, a n-aithníonn eagraíochtaí um chearta an duine gur príosúnach polaitiúil é. D’iarr Siarhei Girgel go leanúnach ar an mbreitheamh pianbhreitheanna príosúnachta fadtéarmacha a ghearradh.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

178.

Valiantsina Genadzeuna KULIK

Valentina Gennadevna KULIK

Валянцiна Генадзьеўна КУЛIК

Валентина Геннадьевна КУЛИК

Breitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus

Dáta breithe: 15.1.1960

Seoladh: 54 Angarskaya St., apt. 48, Minsk, Belarus

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4150160A119PB2

Ina cáil mar bhreitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus, tá Valiantsina Kulik freagrach as cinntí arbh í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne iriseoirí agus ceannairí an fhreasúra. Shéan sí go háirithe an gearán ó Viktar Babarika chun cás sibhialta a thionscnamh bunaithe ar na gearáin a bhí aige i gcoinne chinneadh an Central Electoral Commission a dhiúltú é a chlárú mar iarrthóir uachtaránachta.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

179.

Andrei Andreevich PRAKAPUK

Andrey Andreevich PROKOPUK

Андрэй Андрэевiч ПРАКАПУК

Андрей Андреевич ПРОКОПУК

Leas-Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee of the Republic of Belarus

Coirnéal den Financial Police

Dáta breithe: 22.7.1973

Áit bhreithe: Kobrin, Brest region, Belarus

Seoladh: 22 Mira St., apt. 88, Priluki, Minsk Region, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3220773C061PB1

Ina cháil mar Leas-Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee of the Republic of Belarus, tá Andrei Prakapuk freagrach as feachtais arbh í an pholaitíocht ba shiocair leo ón roinn sin i gcoinne iriseoirí agus eagraíochtaí neamhspleácha na meán de chuid na Bealarúise. D’fhormheas sé go pearsanta cinneadh chun áitreabh eagraíocht na meán TUT.by a chuardach, agus thionscain sé cás cúirte i gcoinne TUT.by agus i gcoinne na n-iriseoirí a fhostaíonn TUT.by, agus bhlocáil sé rochtain ar shuíomh gréasáin TUT.by.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta.

2.12.2021

180.

Ihar Anatolevich MARSHALAU

Igor Anatolevich MARSHALOV

Iгар Анатольевiч МАРШАЛАЎ

Игорь Анатольевич МАРШАЛОВ

Leas-Chathaoirleach State Control Committee, Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee

Maorghinearál den Financial Police

Dáta breithe: 12.1.1972

Áit bhreithe: Shkolv, Mogilev Region/Oblast, former USSR (dá ngairtear Belarus anois)

Seoladh: 15 Shchukina St., Minsk, Belarus;

43A Franciska St., apt. 41, Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 3120172H018PB4

Is é Ihar Marshalau Leas-Chathaoirleach State Control Committee of Belarus agus Stiúrthóir Financial Investigations Department of the State Control Committee. Sa phost sin, is é atá freagrach as an gcás imghabhála cánach arbh í an pholaitíocht ba shiocair leis i gcoinne eagraíocht na meán TUT.by a thionscnamh, a líomhnaítear atá bunaithe ar Airteagal 243 de Chód Coiriúil Phoblacht na Bealarúise, atá ina bhagairt ar shaoirse na meán i mBealarúis. Tá sé freagrach freisin as na cuardaigh a rinneadh i mí Bealtaine 2021 in oifig TUT.by i Mionsc, sna hoifigí réigiúnacha agus sna tithe ag roinnt ball foirne TUT.by.

Tá sé freagrach freisin as coinneáil ball de Belarus Press Club i mí na Nollag 2020, as cuardach agus coigistiú nithe in oifig Rights of People with Disabilities, lena n-áirítear ceistiú foréigneach Aleh Hrableuski agus Syarhei Drazdouski i mí Eanáir 2021, as coinneáil agus cúisimh imghabhála cánach chomhalta Coordination Council, Liliya Ulasava, agus as cuardaigh agus coinneáil a dhéanann difear d’fhostaithe chuideachta bogearraí PandaDoc, a bhí i gceannas ar thionscnamh ‘Protect Belarus’, i mí Mheán Fómhair 2021.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta.

2.12.2021

181.

Hanna Mikhailauna SAKALOUSKAYA

Anna Mikhaylovna SOKOLOVSKAYA

Ганна Мiхайлаўна САКАЛОЎСКАЯ

Анна Михайловна СОКОЛОВСКАЯ

Breitheamh den Judicial Collegium for Civil Cases ag an Supreme Court

Dáta breithe: 18.9.1955

Seoladh: 22 Surhanava St., apt. 1, Minsk, Belarus

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Uimhir Aitheantais Phearsanta: 4180955A015P80

Ina cáil mar bhreitheamh ag Supreme Court of the Republic of Belarus, tá Hanna Sakalouskaya freagrach as an gcinneadh arbh í an pholaitíocht ba shiocair leis chun Belarus PEN Centre – eagraíocht sochaí shibhialta de chuid na Bealarúise – a leachtú. Tá sí freagrach freisin as cinneadh arbh í an pholaitíocht ba shiocair leis agus a raibh leachtú Belarus Helsinki Committee (BHC) mar thoradh air, mar gheall air gur chaith sí amach, an 2 Meán Fómhair 2021, an gearán ó BHC maidir leis an rabhadh a bhí dírithe air ó Belarusian Ministry of Justice.

Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

182.

Marat Siarheevich MARKAU

Marat Sergeevich MARKOV

Марат Сяргеевiч МАРКАЎ

Марат Сергеевич МАРКОВ

Cathaoirleach Bhord Bainistíochta an chainéil teilifíse faoi smacht an Stáit ONT, óstach an chláir ‘Markov: Nothing Personal’

Dáta breithe: 1.5.1969

Áit bhreithe: Luninets, iarUSSR (dá ngairtear Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is é Marat Markau Cathaoirleach Bhord Bainistíochta an chainéil teilifíse faoi smacht an stáit ONT agus óstach an chláir ‘Markov: Nothing Personal’. Sa phost seo, bhí sé toilteanach faisnéis bhréagach a thabhairt do phobal na Bealarúise faoi thoradh na dtoghchán, faoi agóidí agus faoin gcos ar bolg arna imirt ag údaráis an Stáit, agus na cúinsí a bhaineann leis an tuirlingt éigeantach ar eitilt paisinéirí FR4978 in aerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis an 23 Bealtaine 2021. Tá sé freagrach go díreach as an gcaoi a gcuirtear faisnéis ar fáil faoi staid na tíre ar an gcainéal teilifíse ONT, ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis, lena n-áirítear Lukashenka. Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimeas Lukashenka.

Rinne Markov an chéad agallamh éigeantach le Raman Pratasevich, tar éis Pratasevich a choinneáil agus a chéasadh, de réir an-chuid tuarascálacha, ag údaráis na Bealarúise. Ina theannta sin, rinne Markov bagairt agus chuir sé imeagla ar oibrithe ONT a chuaigh ar stailc tar éis thoghcháin uachtaráin chalaoiseacha 2020 agus chniogbheartaíocht na n-údarás. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021

183.

Dzmitry Siarheevich KARSIUK

Dmitriy Sergeevich KARSIUK

Дзмiтрый Сяргеевiч КАРСЮК

Дмитрий Сергеевич КАРСЮК

Breitheamh den Central District of the City of Minsk Court

Dáta breithe: 7.7.1995

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Ina cháil mar bhreitheamh de Central District of the City of Minsk Court, tá Dzmitriy Karsiuk freagrach as an-chuid rialuithe ón gcúirt arbh í an pholaitíocht ba shiocair leo i gcoinne agóideoirí síochánta, go háirithe pianbhreith a chur ar Yahor Viarshynin, Pavel Lukoyanov, Artsiom Sakovich agus Mikalai Shemetau, a aithníonn Viasna, eagraíocht na Bealarúise do chearta an duine, mar phríosúnaigh pholaitiúla. Ghearr sé pionóis ar dhaoine de thréimhse in áitreabh pionóis, i bpríosún agus i mbraighdeanas baile as páirt a ghlacadh in agóidí síochánta, postálacha ar na meáin shóisialta, bratach bán-dearg-bán na Bealarúise a úsáid agus bealaí eile ar feidhmíodh saoirsí sibhialta.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as an mbonn a bhaint go tromchúiseach den smacht reachta, mar aon le cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

2.12.2021”;

(2)

cuirtear na daoine dlítheanacha seo a leanas leis an tábla “B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(1)”:

Ainmneacha

Traslitriú an litrithe Bealarúisise

Traslitriú an litrithe Rúisise

Ainmneacha

(Litriú Bealarúisise)

(Litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“16.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belavia Belarusian Airlines’

ААТ ‘Авiякампанiя Белавiя’

ОАО ‘Авиакомпания Белавиа’

Seoladh: 14A Nemiga St., Minsk, Belarus, 220004

Dáta clárúcháin: 4.1.1996

Cláruimhir: 600390798

Is í an Chuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belavia’ an chuideachta aerlíne náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit. Gheall Aliaksandr Lukashenka go dtabharfadh a rialtas gach tacaíocht is féidir do Belavia tar éis don Aontas Eorpach a chinneadh cosc ar aerlínte na Bealarúise traseitiltí a dhéanamh thar aerspás an Aontais agus ar rochtain ag aerlínte na Bealarúise ar aerfoirt an Aontais a thabhairt isteach. Chuige sin, d’aontaigh sé le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, maidir le hoscailt bealaí nua aerlínte do Belavia a phleanáil.

Anuas air sin, dúirt bainistíocht Belavia lena fostaithe gan agóid a dhéanamh i gcoinne na neamhrialtachtaí toghchánaíochta agus na hollchoinneála sa Bhealarúis toisc gur fiontar faoi úinéireacht an Stáit é Belavia.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

Tá Belavia páirteach in imircigh a thabhairt ón Meánoirthear go dtí an Bhealarúis. Tá imircigh ar mian leo teorainn sheachtrach an Aontais a thrasnú ag eitilt go Mionsc ar bhord eitiltí a oibríonn Belavia ó roinnt tíortha sa Mheánoirthear, go háirithe an Liobáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc. Chun é sin a éascú, d’oscail Belavia aerbhealaí nua agus chuir sé le líon na n-eitiltí ar bhealaí a bhí ann cheana. Tá oibreoirí turais áitiúla ag gníomhú mar idirghabhálaithe agus ticéid Belavia á ndíol acu le himircigh ionchasacha, agus ar an gcaoi sin tá siad ag cuidiú le Belavia feidhmiú go rúnda.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

17.

Fofhiontar aonadach poblachtach ‘TSENTRKURORT’

Рэспублiканскае унiтарнае прадпрыемства ‘ЦЭНТРКУРОРТ’ Республиканское унитарное предприятие ‘ЦЕНТРКУРОРТ’

Seoladh: 39 Myasnikova St., Minsk, Belarus, 220030

Dáta clárúcháin: 12.8.2003

Cláruimhir: 100726604

Is cuid de Department of Presidential Affairs of Belarus an chuideachta turasóireachta Stáit Tsentrkurort. Tá sé ráite go bhfuil Tsentrkurort ar cheann de na cuideachtaí a dhéanann comhordú ar shreabhadh na n-imirceach a mbíonn sé ar intinn acu an teorainn a thrasnú idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais. Chuidigh Tsentrkurort le 51 shaoránach de chuid na hIaráice, ar a laghad, víosaí a fháil dá dturas ar an mBealarúis, agus shínigh sé conradh le haghaidh seirbhísí iompair le cuideachta na Bealarúise ‘Stroitur’ a tháirgeann busanna ar cíos le tiománaithe. Rinne busanna, a chuir Tsentrkurort in áirithe, imircigh (lena n-áirítear leanaí) a iompar ó aerfort Mhionsc chuig óstáin.

Dá bhrí sin, tá Tsentrkurort ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

18.

LLC Oskartour

ООО Оскартур

Seoladh: 25 Karl Marx St., room 1n, Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 18.10.2016

Cláruimhir: 192721937

Is oibreoir turais é Oskartur, a d’éascaigh víosaí a fháil d’imircigh ag teacht ón Iaráic agus a d’eagraigh a dtaistil ina dhiaidh sin go dtí an Bhealarúis ar eitiltí ó Bhagdad go Mionsc. Ina dhiaidh sin, iompraíodh na himircigh Iarácacha sin go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus an tAontas agus an aidhm a bhí acu an teorainn sin a thrasnú go neamhdhleathach. A bhuí le Oskartur agus na teagmhálacha atá aige le haerlínte na hIaráice, le húdaráis na Bealarúise agus le cuideachta Tsentrkurort atá faoi úinéireachta an Stáit, sheol aerlíne na hIaráice eitiltí ó Bhagdad go Mionsc go rialta, chun daoine a chur chuig an mBealarúis chun teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhdhleathach. Ghlac Oskartur páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann seo a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí de chuid réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach teorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

19.

Fofhiontar aonadach poblachtach ‘HOTEL MINSK’

Гатэль ‘МIНСК’

Республиканское дочернее унитарное предприятие Отель ‘Минск’

Seoladh: 11 Nezavisimosti Ave., Minsk, Belarus

Teil: +375 (17) 209-90-61

Facs: +375 (17) 200-00-72

R-phost: hotelminsk@udp.gov.by; marketing@hotelminsk.by

Suíomh gréasáin: http://hotelminsk.by/

Dáta clárúcháin: 26.12.2016/3.4.2017

Cláruimhir: 192750964

Is fochuideachta de Belarus President Property Management Directorate – gníomhaireacht rialtais a thuairiscíonn go díreach don Uachtarán – é Hotel Minsk. Ghlac Hotel Minsk páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit. Cuireadh cóiríocht ar fáil d’imircigh san óstán sular iompraíodh iad go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais chun go bhféadfaidís í a thrasnú go neamhdhleathach. Bhí Hotel Minsk liostaithe ag imircigh ón Iaráic mar áit chónaithe shealadach ina n-iarratais ar víosaí Bealarúiseacha, a taisceadh díreach sular tháinig siad go dtí an Bhealarúis.

Dá bhrí sin, tá Hotel Minsk ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

20.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘HOTEL PLANETA’

ААТ ‘ГАСЦIНIЦА ПЛАНЕТА’

OAO ‘Гостиница Планета’

Seoladh: 31 Pobediteley Ave., Minsk, Belarus

Teil. +375 (17) 226-78-53

Facs +375 (17) 226-78-55

R-phost: planeta@udp.gov.by

Suíomh gréasáin: https://hotelplaneta.by/

Dáta clárúcháin: 1.2.1994/6.3.2000

Cláruimhir: 100135173

Is fochuideachta de Belarus President Property Management Directorate – gníomhaireacht rialtais a thuairiscíonn go díreach don Uachtarán – é Hotel Planeta. Ghlac Hotel Planeta páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit. Cuireadh cóiríocht ar fáil d’imircigh san óstán sular iompraíodh iad go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus Ballstáit an Aontais chun go bhféadfaidís í a thrasnú go neamhdhleathach. D’íoc siad USD 1 000 le gníomhaire taistil i mBagdad as an eitilt, víosa thurasóireachta agus as cóiríocht san óstán.

Dá bhrí sin, tá Hotel Planeta ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

21.

ASAM (Asobnaia sluzhba aktyunykh merapryemstvau)

OSAM (Otdiel’naya sluzhba aktivnykh mieropriyatiy)

Асобная служба актыўных мерапрыемстваў (АСАМ)

Отдельная служба активных мероприятий (ОСАМ)

Seoladh: State Border Committee of the Republic of Belarus, 24 Volodarsky St., 220050, Minsk, Belarus

Is aonad garda speisialta teorann é ASAM (Separate Service for Active Measures) atá faoi smacht Viktar Lukashenka, agus a bhfuil Ihar Kruchkou i gceannas air. Eagraíonn fórsaí ASAM faoi oibríocht speisialta ‘Gate’ trasnuithe neamhdhleathacha teorann tríd an mBealarúis go dtí Ballstáit an Aontais, agus tá siad páirteach go díreach in iompar fisiciúil imirceach go dtí an taobh eile den teorainn. Gearrann ASAM táille ar na himircigh a iompraítear as an teorainn a thrasnú freisin.

Dá bhrí sin, tá ASAM ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

22.

Cham Wings Airlines

Seoladh: P.O. Box 30588 Damascus, Syria

Suíomh Gréasáin: https://chamwings.com/

Oibreoir cairteitiltí ón tSiria go dtí an Bhealarúis is ea Cham Wings Airlines. Mhéadaigh an chuideachta líon na n-eitiltí ón Damaisc go Mionsc ó shamhradh 2021 i leith chun imircigh a iompar go dtí an Bhealarúis - imircigh a raibh beartaithe acu teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhdhleathach. I bhfómhar 2021, d’oscail Cham Wings dhá oifig nua i Mionsc chomh maith chun go bhféadfaidís na heitiltí a eagrú idir an Damaisc agus Mionsc.

Ar an dóigh sin, tá Cham Wings Airlines ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

23.

VIP Grub

Seoladh: Büyükdere Cad., No:201, Istanbul, Turkey

Is seirbhís pasanna agus víosaí é VIP Grub atá suite in Iostanbúl na Tuirce, agus a eagraíonn turais go dtí an Bhealarúis agus é mar rún sainráite aici imirce isteach san Aontas a éascú. Bíonn VIP Grub ag fógairt imirce go dtí an tAontas go gníomhach. Dá bhrí sin, tá VIP Grub ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

24.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Grodno Azot’

Lena n-áirítear Craobh ‘Khimvolokno Plant’ de Chuideachta Comhstoic ‘Grodno Azot’

ААТ ‘Гродна Азот’

ОАО ‘Гродно Азот’

Фiлiял ‘Завод Хiмвалакно’ ААТ ‘Гродна Азот’

Филиал ‘Завод Химволокно’ ОАО ‘Гродно Азот’

Seoladh: 100 Kosmonavtov Ave., Grodno, Belarus

Dáta clárúcháin: 1965

Cláruimhir: 500036524

Suíomh Gréasáin: http://azot.by/en

Seoladh: 4 Slavinskogo, St., Grodno, 230026, Belarus

Dáta clárúcháin: 12.5.2000

Cláruimhir: 590046884

Is táirgeoir mór comhdhúl nítrigine é Grodno Azot atá bunaithe in Grodno agus atá faoi úinéireacht Stáit. Chuir Lukashenka síos air mar ‘fhiontar ríthábhachtach straitéiseach’. Is le Grodno Azot Khimvolokno Plant freisin, ar monaróir mór polaimíde agus poileistir agus ábhar comhchodach é. Is foinse mhór ioncaim do réimeas Lukashenka iad Grodno Azot agus Khimvolokno Plant. Dá bhrí sin, tá Grodno Azot ag tacú le réimeas Lukashenka.

Thug Lukashenka cuairt ar an gcuideachta agus bhuail sé lena hionadaithe, agus phléigh siad nuachóiriú na monarcha agus cineálacha éagsúla tacaíochta Stáit. Gheall Lukashenka iasacht a d’úsáidfí chun monarcha nua nítrigine a thógáil in Grodno freisin. Dá bhrí sin, tá Grodno Azot ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

Na hoibrithe in Grodno Azot, lena n-áirítear na fostaithe ag Khimvolokno Plant, a ghlac páirt sna hagóidí síochánta i gcoinne an réimis agus a chuaigh ar stailc, briseadh as a bpoist iad, agus chuir lucht bainistíochta Grodno Azot agus ionadaithe an réimis imeagla orthu agus bhagair siad iad. Tá Grodno Azot freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021

25.

State Production Association Belorusneft

Дзяржаўнае вытворчае аб’яднанне ‘Беларуснафта’