ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 416

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
23 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2035 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2021 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Alho da Graciosa (TGFC))

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/2036 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 17 ( 1 )

3

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2037 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí le bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú agus na hoibleagáidí atá ar oibreoirí taifid a choinneáil ( 1 )

80

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

23.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 416/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2035 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Samhain 2021

lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Alho da Graciosa” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Phortaingéil ar chlárú an ainm “Alho da Graciosa” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Alho da Graciosa” a chlárú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an t-ainm “Alho da Graciosa” (TGFC) cláraithe anois.

Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír sainítear táirge de chuid Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte, faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  IO C 311, 3.8.2021, lch. 24.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


23.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 416/3


RIALACHÁN (AE) 2021/2036 ÓNGCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2021

lena leasaítear (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 17

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 3(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún (2) glacadh caighdeáin cuntasaíochta agus léirmhíniúcháin idirnáisiúnta áirithe a bhí ann cheana an 15 Deireadh Fómhair 2008.

(2)

Ar an 18 Bealtaine 2017, d’fhoilsigh an Bord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASB) Conarthaí Árachais de chuid Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 17 agus an 25 Meitheamh 2020 d’fhoilsigh sé leasuithe ar IFRS 17 (“IFRS 17”).

(3)

Trí IFRS 17 a ghlacadh, tugtar le tuiscint, mar thoradh air sin, leasuithe ar na caighdeáin seo a leanas nó léirmhínithe ar na caighdeáin: IFRS 1 Glacadh Céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, IFRS 5 Sócmhainní Neamh-reatha Arna Sealbhú le Díol agus Oibríochtaí Scortha, Ionstraimí Airgeadais IFRS 7: Nochtuithe, IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais, (IAS) 7 Ráiteas an tSreafa Airgid, IAS 16 Maoin, Gléasra agus Trealamh, IAS 19 Sochair Fostaithe, IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair, IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair, IAS 36 Lagú Sócmhainní, IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe, IAS 40 Maoin Infheistíochta, agus Léirmhíniú Choiste na Léirmhínithe Caighdeánach SIC-27 Meastóireacht a dhéanamh ar Shubstaint Idirbheart a bhfuil Léas i bhFoirm Dlí i dTrácht iontu.

(4)

Le IFRS 17, cuirtear cur chuige cuimsitheach ar fáil maidir le cuntasaíocht conarthaí árachais. Is é is cuspóir do IFRS 17 a áirithiú go soláthraíonn cuideachta faisnéis ábhartha ina ráitis airgeadais lena léirítear na conarthaí sin go dílis. Tugann an fhaisnéis sin bunús stóinseach d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí árachais ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid na cuideachta.

(5)

Tá feidhm ag IFRS 17 maidir le conarthaí árachais, conarthaí athárachais chomh maith le conarthaí infheistíochta ag a bhfuil gnéithe rannpháirtíochta lánroghnaí. Laistigh den Aontas, is iomaí conradh éagsúil árachais saoil agus coigiltis saoil atá ann a bhfuil garmheastachán dliteanais de EUR 5,9 trilliún ar an meastachán iomlán (gan conarthaí atá nasctha le haonaid a áireamh). I roinnt Ballstát, tá gnéithe rannpháirtíochta dírí agus lánroghnaí ag roinnt de na conarthaí sin, rud a fhágann gur féidir rioscaí agus sreafaí airgid a roinnt idir glúine difriúla de shealbhóirí polasaithe.

(6)

I roinnt Ballstát, bainistítear conarthaí árachais saoil thar ghlúine freisin chun neamhchosaint ar rioscaí ráta úis agus fad saoil a mhaolú agus chun comhthiomsú tiomnaithe sócmhainní a bheith acu is bunús leis an dliteanas árachais, ach níl gnéithe rannpháirtíochta dírí ag na conarthaí sin faoi mar a shainítear le IFRS 17. I gcás ina mbeidh ceanglais Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) á gcomhlíonadh agus a luaithe a dhéanfar ceanglais na maoirseoirí árachais a fhormheas, féadfaidh cuid de na conarthaí sin an coigeartú meaitseála a chur i bhfeidhm chun a gcóimheas Shócmhainneacht II a ríomh.

(7)

Ní fhéadfaidh an tAontas IFRS 17 arna eisiúint ag IASB a ghlacadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonann sé na critéir lena ghlacadh a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002.

(8)

Sa chomhairle maidir le formhuiniú a fuarthas ón nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, ba é an chonclúid a baineadh go gcomhlíonann IFRS 17 na critéir maidir leis an nglacadh mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. Níor tháinig EFRAG ar chomhthoil, áfach, maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann grúpáil de chonarthaí frithpháirtithe idirghlúine agus atá meaitseáilte de réir an tsreafa airgid i gcohóirt bhliantúla, na critéir maidir le formhuiniú teicniúil, nó an bhfuil sé ag cabhrú le leas poiblí na hEorpa. Tá an méid sin i gcomhréir leis na tuairimí a chuir na páirtithe leasmhara in iúl maidir le maidir le foirmhuiniú ó EFRAG agus tuairimí shaineolaithe na mBallstát sa Choiste Rialála Cuntasaíochta.

(9)

Ba cheart do chuideachtaí an Aontais a bheith in ann IFRS 17, arna eisiúint ag IASB, a chur i bhfeidhm chun liostú i dtríú tíortha a éascú, nó chun ionchais infheisteoirí domhanda a chomhlíonadh.

(10)

Mar sin féin, an ceanglas maidir le comhchórt bliantúil mar aonad cuntais do ghrúpaí conarthaí árachais agus infheistíochta, ní léiriú i gcónaí é ar an tsamhail ghnó, ná ar na gnéithe dlíthiúla agus conarthacha a bhaineann le conarthaí frithpháirtithe idirghlúine agus atá meaitseáilte de réir an tsreafa airgid dá dtagraítear in aithrisí (5) agus (6). Breis agus 70 % d’iomlán na ndliteanas árachais saoil san Aontas atá sna conarthaí sin. An ceanglas maidir le cohórt bliantúil a chuirtear i bhfeidhm maidir le conarthaí den sórt sin, ní i gcónaí a bhíonn cothromaíocht fhabhrach costais is tairbhe ag baint leis.

(11)

I bhfianaise chomhthéacs mhargadh caipitil domhanda IFRS, ba cheart dialltaí ó IFRS a theorannú d’imthosca eisceachtúla agus ba cheart iad a bheith cúng ó thaobh an raoin feidhme de.

(12)

Dá bhrí sin, d’ainneoin an tsainmhínithe maidir le grúpa conarthaí árachais a leagtar amach i bhFoscríbhinn A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart an rogha a bheith ag cuideachtaí de chuid an Aontais conarthaí frithpháirtithe idirghlúine agus atá meaitseáilte de réir an tsreafa airgid a dhíolmhú ó cheanglas maidir le cohórt bliantúil IFRS 17.

(13)

Ba cheart go mbeadh infheisteoirí in ann a thuiscint ar chuir cuideachta an díolúine ón gceanglas maidir le cohórt bliantúil le haghaidh grúpaí conarthaí i bhfeidhm. Ba cheart do chuideachta, dá bhrí sin, úsáid na díolúine mar bheartas cuntasaíochta suntasach a nochtadh i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais, sna nótaí a ghabhann lena ráitis airgeadais agus faisnéis mhíniúcháin eile a sholáthar mar shampla i dtaca leis na punanna ar chuir sí an díolúine i bhfeidhm ina leith. Níor cheart go dtabharfaí le tuiscint leis sin go ndéanfaí measúnú cainníochtúil ar an tionchar a bheadh ag úsáid na díolúine roghnaí ón gceanglas maidir le cohórt bliantúil.

(14)

Faoin 31 Nollaig 2027, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine ón gceanglas maidir le cohórt bliantúil le haghaidh conarthaí frithpháirtithe idirghlúine agus atá meaitseáilte de réir an tsreafa airgid, agus an t-athbhreithniú iar-chur chun feidhme IASB ar IFRS 17 á chur san áireamh.

(15)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a leasú dá réir sin.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Rialála Cuntasaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 mar a leanas:

(a)

Cuirtear Conarthaí Árachais de chuid Chaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 17 isteach mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

IFRS 1 Glacadh céaduaire na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, IFRS 3 Comhcheangail Ghnó, IFRS 5 Sócmhainní neamhreatha arna sealbhú le díol agus oibríochtaí scortha, Ionstraimí Airgeadais IFRS 7: Nochtuithe, IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais, IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí, Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IAS) 1 Cur i láthair Ráiteas Airgeadais, IAS 7 Ráiteas an tSreafa Airgid, IAS 16 Maoin, Gléasra agus Trealamh, IAS 19 Sochair Fostaithe, IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair, IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair, IAS 36 Lagú Sócmhainní, IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha, IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe, IAS 40 Maoin Infheistíochta, agus Léirmhíniú Choiste na Léirmhínithe Caighdeánach SIC-27 Meastóireacht a dhéanamh ar Shubstaint Idirbheart a bhfuil Léas i bhFoirm Dlí i dTrácht iontu, déantar iad a leasú i gcomhréir le IFRS 17 faoi mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

1.   Cuirfidh gach cuideachta an leasú dá dtagraítear in Airteagal 1 i bhfeidhm ó dháta tosaithe a céad bhliain airgeadais dar tús an 1 Eanáir 2023, nó dá éis, ar a dhéanaí.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh cuideachta a roghnú gan an ceanglas a leagtar síos i mír 22 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

grúpaí conarthaí árachais a bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí acu agus grúpaí conarthaí infheistíochta a bhfuil gnéithe rannpháirtíochta lánroghnaí acu mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a bhfuil tionchar acu ar shreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaithe conarthaí eile mar a leagtar síos i míreanna B67 agus B68 d’Fhoscríbhinn B den Iarscríbhinn sin, nó a bhfuil tionchar ag sreafaí airgid orthu;

(b)

grúpaí conarthaí árachais a bhainistítear thar ghlúine conarthaí agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 77b de Threoir 2009/138/CE agus atá formheasta ag údaráis mhaoirseachta chun an coigeartú meaitseála a chur i bhfeidhm.

Nuair nach gcuireann cuideachta an ceanglas a leagtar síos i mír 22 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 (a) nó 2 (b), nochtfaidh sí é sin, i gcomhréir le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais, sna nótaí mar bheartas cuntasaíochta suntasach agus soláthróidh sí faisnéis mhíniúcháin eile ar nós punanna ar chuir an chuideachta an díolúine seo i bhfeidhm ina leith.

Airteagal 3

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an díolúine roghnach a leagtar síos in Airteagal 2(2) faoin 31 Nollaig 2027 agus, i gcás inarb iomchuí, molfaidh sé an díolúine sin a leasú nó deireadh a chur léi.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 243, 11.9.2002, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).

(3)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Conarthaí Árachais IFRS 17

Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 17

Conarthaí Árachais

CUSPÓIR

1

Le Conarthaí Árachais IFRS 17 suítear prionsabail maidir le conarthaí árachais a aithint, a thomhas, a chur i láthair agus a nochtadh, faoi raon feidhme an Chaighdeáin. Is é is cuspóir do IFRS 17 a áirithiú go soláthraíonn eintiteas faisnéis ábhartha lena léirítear na conarthaí sin go dílis. Tugann an fhaisnéis sin bunús d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí árachais ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid an eintitis.

2

Déanfaidh eintiteas a oibleagáidí agus a chearta substainteacha a bhreithniú, cibé acu an n-eascraíonn siad ó chonradh, dlí nó rialachán, agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm acu. Is é is conradh ann comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó lena gcruthaítear cearta agus oibleagáidí atá in-fhorfheidhmithe. Is ábhar dlí é in-fhorfheidhmitheacht na gceart agus na n-oibleagáidí i gconradh. Féadfaidh conarthaí a bheith i scríbhinn, ó bhéal nó intuigthe le gnáthchleachtais ghnó an eintitis. Áirítear le téarmaí conarthacha na téarmaí uile, sainráite nó intuigthe, atá i gceist i gconradh, ach déanfaidh eintiteas neamhaird de théarmaí nach bhfuil aon substaint tráchtála leo (i.e. gan aon éifeacht inaitheanta ar eacnamaíocht an chonartha). Maidir le téarmaí intuigthe i gconradh, áirítear na téarmaí sin arna bhforchur le dlí nó le rialachán. Bíonn cleachtais agus próisis éagsúla ann chun conarthaí a shuíomh le custaiméirí ar fud dlínsí, tionscail agus eintitis dhlíthiúla. Ina theannta sin, féadfaidh cleachtais agus próisis éagsúla a bheith ann laistigh d’eintiteas (mar shampla, d’fhéadfaidís a bheith ag brath ar an aicme custaiméara nó ar chineál na n-earraí nó na seirbhísí atá geallta).

RAON FEIDHME

3

Cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí árachais, lena n-áirítear conarthaí athárachais, a eisíonn sé;

(b)

conarthaí athárachais atá ina sheilbh; agus

(c)

conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide a eisíonn sé, ar choinníoll go n-eisíonn an t-eintiteas conarthaí árachais freisin.

4

Tá feidhm ag na tagairtí uile in IFRS 17 do chonarthaí árachais maidir leo seo a leanas freisin:

(a)

conarthaí athárachais atá ina sheilbh, ach amháin:

(i)

maidir le tagairtí do chonarthaí árachais arna n-eisiúint; agus

(ii)

mar a thuairiscítear i míreanna 60–70A.

(b)

conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide mar a leagtar amach i mír 3(c), ach amháin an tagairt do chonarthaí árachais i mír 3(c) agus mar a thuairiscítear i mír 71.

5

Tá feidhm ag na tagairtí uile in IFRS 17 do chonarthaí árachais arna n-eisiúint maidir le conarthaí árachais a fhaigheann an t-eintiteas in aistriú conarthaí árachais nó i gcomhcheangal idir gnólachtaí freisin, seachas na conarthaí athárachais atá ina sheilbh aige.

6

Sainmhínítear conradh árachais in Aguisín A agus soláthraítear treoraíocht i míreanna B2–B30 d’Aguisín B maidir le conradh árachais a shainmhíniú.

7

Ní chuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

barántaí arna soláthar ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir i ndáil lena chuid earraí nó seirbhísí a dhíol le custaiméir (féach IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí).

(b)

sócmhainní agus dliteanais fostóirí ó phleananna sochair fostaithe (féach IAS 19 Sochair Fostaithe agus IFRS 2 Íocaíocht Scairbhunaithe) agus oibleagáidí sochair scoir arna dtuairisciú ag pleananna scoir le sochar sainithe (féach IAS 26 Cuntasaíocht agus Tuairisciú na bPleananna Sochair Scoir).

(c)

cearta conarthacha nó oibleagáidí conarthacha atá ag brath ar úsáid ítime neamhairgeadais sa todhchaí, nó ar an gceart chun an ítim sin a úsáid sa todhchaí (mar shampla, roinnt táillí ceadúnais, ríchíosanna, íocaíochtaí léasa inathraithe agus teagmhasacha agus ítimí comhchosúla: féach IFRS 15, IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe agus IFRS 16 Léasanna).

(d)

ráthaíochtaí luacha iarmharaigh arna soláthar ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir agus ráthaíochtaí luacha iarmharaigh léasaí nuair atá siad leabaithe i léasa (féach IFRS 15 agus IFRS 16).

(e)

conarthaí ráthaíochta airgeadais, ach amháin i gcás inar dhearbhaigh an t-eisitheoir go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí sin ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht is infheidhme maidir le conarthaí árachais. Roghnóidh an t-eisitheoir cibé acu díobh seo a leanas a chuirfidh sé i bhfeidhm IFRS 17 nó IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i Láthair, IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais maidir leis na conarthaí ráthaíochta airgeadais sin. Féadfaidh an t-eisitheoir an rogha sin a dhéanamh de réir an chonartha, ach tá an rogha i gcás gach conartha neamh-inchúlghairthe.

(f)

comaoin theagmhasach is iníoctha nó infhaighte i gcomhcheangal gnó (féach IFRS 3 Comhcheangail idir Gnólachtaí).

(g)

conarthaí árachais inarb é an t-eintiteas an sealbhóir polasaí, mura rud é gur conarthaí athárachais atá ina sheilbh atá i gceist (féach mír 3(b)).

(h)

conarthaí cárta creidmheasa, nó conarthaí comhchosúla lena soláthraítear socruithe creidmheasa nó íocaíochta, atá ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais más rud é, agus sa chás sin amháin, nach léiríonn an t-eintiteas measúnú ar an riosca árachais a bhaineann le custaiméir ar leith agus praghas an chonartha á shocrú leis an gcustaiméir sin (féach IFRS 9 agus na Caighdeáin IFRS eile is infheidhme). Más rud é go n-éilítear le IFRS 9 go ndéanfaidh eintiteas comhpháirt chumhdaigh árachais (féach mír 2.1(e)(iv) de IFRS 9) atá leabaithe i gconradh den sórt sin a dheighilt áfach, agus sa chás sin amháin, cuirfidh an t-eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis an gcomhpháirt sin.

8

Tá roinnt conarthaí ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais ach is é is príomhchuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar ar tháille sheasta. Féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh chun IFRS 15 a chur i bhfeidhm in ionad IFRS 17 maidir le conarthaí den sórt sin a eisíonn sé más rud é, agus sa chás sin amháin, go gcomhlíontar coinníollacha sonraithe. Féadfaidh an t-eisitheoir an rogha sin a dhéanamh de réir an chonartha, ach tá an rogha i gcás gach conartha neamh-inchúlghairthe. Is iad seo a leanas na coinníollacha:

(a)

ní léiríonn an t-eintiteas measúnú ar an riosca a bhaineann le custaiméir ar leith agus praghas an chonartha á shocrú leis an gcustaiméir sin;

(b)

tugann an conradh cúiteamh don chustaiméir trí sheirbhísí a sholáthar, seachas íocaíochtaí airgid a dhéanamh leis an gcustaiméir; agus

(c)

eascraíonn an riosca árachais a aistrítear leis an gconradh ón úsáid a bhaineann an custaiméir as seirbhísí go príomha, seachas ó neamhchinnteacht faoi chostas na seirbhísí sin.

8A

Tá roinnt conarthaí ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais ach cuireann siad teorainn ar an gcúiteamh i ndáil le himeachtaí faoi árachas go dtí an méid a éilítear thairis sin chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí, a chruthaítear leis an gconradh, a chomhlíonadh (mar shampla, iasachtaí le tarscaoiltí báis). Roghnóidh eintiteas go gcuirfidh sé IFRS 17 nó IFRS 9 i bhfeidhm maidir le conarthaí den sórt sin a eisíonn sé ach amháin i gcás ina n-eisiatar na conarthaí sin ó raon feidhme IFRS 17 le mír 7. Déanfaidh an t-eintiteas an rogha sin maidir le gach punann de chonarthaí árachais, agus tá an rogha i gcás gach punainne neamh-inchúlghairthe.

Comhcheangal conarthaí árachais

9

Féadfar éifeacht tráchtála fhoriomlán a bhaint amach le tacar nó sraith conarthaí árachais lena mbaineann an contrapháirtí céanna nó contrapháirtí gaolmhar, nó d’fhéadfaidís a bheith deartha chun a leithéid a bhaint amach. Chun bunús conarthaí den sórt sin a thuairisciú, is féidir gur gá plé leis an tacar nó sraith conarthaí ina n-iomláine. Mar shampla, más rud é nach mbaintear aon rud amach leis na cearta nó oibleagáidí i gconradh amháin seachas na cearta nó na hoibleagáidí i gconradh eile a bhréagnú go hiomlán, agus gur cuireadh tús leis an dá chonradh ag an am céanna leis an gcontrapháirtí céanna, is é an éifeacht chomhcheangailte nach ann d’aon cheart nó oibleagáidí.

Comhpháirteanna a dheighilt ó chonradh árachais (míreanna B31–B35)

10.

Féadfaidh comhpháirt amháin nó níos mó a bheith i gconradh árachais a thiocfadh faoi raon feidhme Caighdeáin eile dá mba conarthaí ar leithligh iad. Mar shampla, féadfaidh comhpháirt infheistíochta nó comhpháirt le haghaidh seirbhísí seachas seirbhísí conartha árachais (nó iad araon) a bheith san áireamh le conradh árachais. Cuirfidh eintiteas míreanna 11–13 i bhfeidhm chun comhpháirteanna an chonartha a shainaithint agus cuntas a choinneáil orthu.

11.

Déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé IFRS 9 i bhfeidhm chun a chinneadh an ann do dhíorthach leabaithe atá le deighilt agus, más ann dó, conas is ceart cuntas a choinneáil ar an díorthach sin.

(b)

déanfaidh sé comhpháirt infheistíochta a dheighilt ó chonradh árachais óstaigh más rud é, agus sa chás sin amháin, go bhfuil an chomhpháirt infheistíochta sin leithleach (féach míreanna B31–B32). Cuirfidh an t-eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar an gcomhpháirt infheistíochta dheighilte ach amháin i gcás inar conradh infheistíochta é ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 (féach mír 3(c)).

12.

Tar éis mír 11 a chur i bhfeidhm chun aon sreabhadh airgid, a bhaineann le díorthaigh leabaithe agus le comhpháirteanna infheistíochta leithleacha, a dheighilt, déanfaidh eintiteas aon ghealltanas go n-aistreofaí earraí nó seirbhísí leithleacha, seachas seirbhísí conartha árachais, chuig sealbhóir polasaí a dheighilt ón gconradh árachais óstaigh, agus mír 7 de IFRS 15 á cur i bhfeidhm aige. Coinneoidh an t-eintiteas cuntas ar aon ghealltanas den sórt sin agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm aige. Nuair a bheidh mír 7 de IFRS 15 á cur i bhfeidhm ag an eintiteas chun an gealltanas a dheighilt, cuirfidh sé míreanna B33–B35 de IFRS 17 i bhfeidhm agus, tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé IFRS 15 i bhfeidhm chun na hinsreafaí airgid a chur i leith na comhpháirte árachais agus aon ghealltanas go soláthrófar earraí nó seirbhísí leithleacha seachas seirbhísí conartha árachais; agus

(b)

sannfaidh sé na heis-sreafaí airgid i leith na comhpháirte árachais agus aon earra nó seirbhís leithleach a gealladh seachas seirbhísí conartha árachais; a bhí ina gcúis le IFRS 15 a chur i bhfeidhm ionas:

(i)

go sannfar eis-sreafaí airgid a bhaineann go díreach le gach comhpháirt i leith na comhpháirte sin; agus

(ii)

go sannfar aon eis-sreafaí airgid atá fágtha ar bhonn córasach agus réasúnach, lena léirítear na heis-sreafaí airgid lena mbeadh coinne ag an eintiteas dá mba conradh ar leithligh é an chomhpháirt sin.

13.

Tar éis d’eintiteas míreanna 11–12 a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis na comhpháirteanna uile atá fágtha den chonradh árachais óstaigh. Anseo feasta, tagraíonn gach tagairt in IFRS 17 do dhíorthaigh leabaithe do dhíorthaigh nár deighleadh ón gconradh árachais óstaigh agus tagraíonn gach tagairt do chomhpháirteanna infheistíochta do chomhpháirteanna infheistíochta nár deighleadh ón gconradh árachais óstaigh (seachas na tagairtí sin i míreanna B31–B32).

LEIBHÉAL AN CHOMHIOMLÁNAITHE I NDÁIL LE CONARTHAÍ ÁRACHAIS

14

Sainaithneoidh eintiteas punanna na gconarthaí árachais. Cuimsítear i bpunann conarthaí atá faoi réir rioscaí comhchosúla agus a ndéantar iad a bhainistiú le chéile. Mheasfaí go mbeadh rioscaí comhchosúla ag baint le conarthaí laistigh de líne táirgí agus, dá bhrí sin, mheasfaí go mbeidís sa phunann chéanna má dhéantar iad a bhainistiú le chéile. Mheasfaí nach mbeadh rioscaí comhchosúla ag baint le conarthaí i línte táirgí difriúla (mar shampla blianachtaí seasta aonphréimhe i gcomparáid le hárachas saoil gnáth-théarma) agus, dá bhrí sin, mheasfaí go mbeidís i bpunanna difriúla.

15

Tá feidhm ag míreanna 16–24 maidir le conarthaí árachais arna n-eisiúint. Leagtar amach na ceanglais maidir le leibhéal an chomhiomlánaithe i ndáil le conarthaí athárachais i mír 61.

16

Déanfaidh eintiteas punann conarthaí árachais arna n-eisiúint a roinnt sna grúpaí seo a leanas ar a laghad:

(a)

grúpa conarthaí atá dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, más ann dóibh;

(b)

grúpa conarthaí nach bhfuil aon seans suntasach ann tráth a thugtar aitheantas tosaigh go n-éireoidís dochraideach dá éis sin, más ann dóibh; agus

(c)

grúpa de na conarthaí eile sa phunann, más ann dóibh.

17

Má tá faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag eintiteas chun teacht ar an gconclúid go mbeidh na conarthaí uile i dtacar conarthaí sa ghrúpa céanna agus mír 16 á cur i bhfeidhm, féadfaidh sé an tacar conarthaí a thomhas chun a chinneadh an bhfuil na conarthaí dochraideach nó nach bhfuil (féach mír 47) agus chun measúnú a dhéanamh ar an tacar conarthaí chun a chinneadh an bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireodh na conarthaí dochraideach dá éis sin (féach mír 19). Mura bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag an eintiteas chun teacht ar an gconclúid go mbeidh na conarthaí uile i dtacar conarthaí sa ghrúpa céanna, cinnfidh sé an grúpa lena mbainfidh na conarthaí trí na conarthaí ar leithligh a bhreithniú.

18

Maidir le conarthaí arna n-eisiúint a gcuireann eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ina leith (féach míreanna 53–59), glacfaidh an t-eintiteas leis nach bhfuil aon chonradh sa phunann dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, mura léirítear a mhalairt le fíorais agus imthosca. Maidir le conarthaí nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh an t-eintiteas measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireoidís dochraideach dá éis sin trí mheasúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go dtiocfadh athruithe ar na fíorais agus na himthosca is infheidhme.

19

Maidir le conarthaí arna n-eisiúint nach gcuireann an t-eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ina leith (féach míreanna 53–54), déanfaidh an t-eintiteas measúnú maidir le conarthaí, nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, ar cibé acu atá nó nach bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireoidís dochraideach:

(a)

bunaithe ar an dóchúlacht go dtiocfaidh athruithe ar thoimhdí, dá mba rud é go dtarlóidí, a d’fhágfadh go n-éireodh na conarthaí dochraideach.

(b)

faisnéis faoi mheastacháin, arna soláthar le tuairisciú inmheánach an eintitis, a úsáid. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh, maidir le conarthaí nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh, an bhfuil aon seans suntasach ann go n-éireoidís dochraideach dá éis sin:

(i)

ní dhéanfaidh eintiteas neamhaird d’fhaisnéis arna soláthar lena chuid tuairiscithe inmheánaigh faoin éifeacht a bheadh ag athruithe i dtoimhdí ar chonarthaí difriúla i ndáil leis an seans go éireoidís dochraideach; ach

(ii)

ní éilítear ar eintiteas faisnéis eile a bhailiú sa bhreis ar an bhfaisnéis arna soláthar le tuairisciú inmheánach an eintitis faoin éifeacht a bheadh ag athruithe i dtoimhdí ar chonarthaí difriúla.

20

Más rud é, agus míreanna 14–19 á gcur i bhfeidhm, go dtiocfadh conarthaí laistigh de phunann faoi ghrúpaí difriúla de bhrí, agus dá bhrí seo amháin, go gcuirtear srianadh go sonrach, trí bhíthin dlí nó rialacháin, ar chumas praiticiúil an eintitis chun praghas nó leibhéal difriúil sochar a shocrú do shealbhóirí polasaí lena mbaineann saintréithe difriúla, féadfaidh an t-eintiteas na conarthaí sin a chuimsiú sa ghrúpa céanna. Ní chuirfidh an t-eintiteas an mhír sin i bhfeidhm de réir analaí maidir le hítimí eile.

21

Ceadaítear don eintiteas na grúpaí a dtugtar tuairisc orthu i mír 16 a fhoroinnt. Mar shampla, féadfaidh an t-eintiteas rogha a dhéanamh chun na punanna a roinnt mar a leanas:

(a)

grúpaí eile nach bhfuil dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh—más rud é go soláthraítear faisnéis le tuairisciú inmheánach an eintitis ina ndéantar idirdhealú eatarthu seo a leanas:

(i)

leibhéil bhrabúsachta difriúla; nó

(ii)

cásanna féideartha difriúla ina bhféadfadh conarthaí éirí dochraideach tar éis aitheantas tosaigh a bheith tugtha; agus

(b)

níos mó ná grúpa amháin de chonarthaí atá dochraideach tráth a thugtar aitheantas tosaigh —más rud é go soláthraítear faisnéis níos mionsonraithe le tuairisciú inmheánach an eintitis faoina mhéid atá na conarthaí sin dochraideach.

22

Ní chuirfidh eintiteas conarthaí san áireamh sa ghrúpa céanna má eisíodh iad níos mó ná bliain ó chéile. Chun é sin a bhaint amach, déanfaidh an t-eintiteas na grúpaí ar a dtugtar tuairisc i míreanna 16–21 a roinnt a thuilleadh más gá.

23

Beidh grúpa conarthaí árachais ina gconradh aonair más é sin an toradh a gheofar tar éis míreanna 14–22 a chur i bhfeidhm.

24

Cuirfidh eintiteas na ceanglais aitheantais agus tomhais in IFRS 17 i bhfeidhm maidir leis na grúpaí conarthaí arna gcinneadh trí mhíreanna 14–23 a chur i bhfeidhm. Bunóidh an t-eintiteas na grúpaí tráth a thabharfar aitheantas tosaigh agus cuirfidh sé conarthaí leis na grúpaí agus mír 28 á cur i bhfeidhm. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas athmheasúnú ar chomhdhéanamh na ngrúpaí dá éis sin. Chun grúpa conarthaí a thomhas, féadfaidh eintiteas na sreafaí airgid comhlíonta a mheas ag leibhéal comhiomlánaithe níos airde ná an grúpa nó an phunann, ar choinníoll go mbeidh an t-eintiteas ábalta na sreafaí airgid comhlíonta iomchuí a chur san áireamh i dtomhas an ghrúpa, agus mír 32(a), mír 40(a)(i) agus mír 40(b), á gcur i bhfeidhm, trí na meastacháin sin a leithdháileadh ar ghrúpaí conarthaí.

AITHEANTAS

25

Aithneoidh eintiteas grúpa conarthaí árachais a eisíonn sé ón ceann is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(a)

tús thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí;

(b)

an dáta ar a mbeidh an chéad íocaíocht dlite ó shealbhóir polasaí sa ghrúpa; agus

(c)

i gcás grúpa conarthaí dochraideacha, tráth a éiríonn an grúpa dochraideach.

26

Mura bhfuil aon dáta dlite conarthach ann, meastar an chéad íocaíocht ón sealbhóir polasaí a bheith dlite nuair a fhaightear é. Éilítear ar eintiteas a chinneadh arb ionann aon chonradh agus grúpa conarthaí dochraideacha agus mír 16 á cur i bhfeidhm roimh an dáta is luaithe de na dátaí a leagtar amach i mír 25(a) agus mír 25(b) má léirítear le fíorais agus imthosca gurb ann do ghrúpa den sórt sin.

27

[Scriosta]

28

Agus grúpa conarthaí árachais á n-aithint i dtréimhse tuairiscithe, ní chuimseoidh eintiteas ach conarthaí lena gcomhlíontar ceann de na critéir a leagtar amach i mír 25 agus déanfaidh an t-eintiteas meastacháin maidir leis na rátaí lascaine an dáta a thugtar aitheantas tosaigh (féach mír B73) agus na haonaid chumhdaigh arna soláthar le linn na tréimhse tuairiscithe (féach mír B119). Féadfaidh eintiteas tuilleadh conarthaí a chuimsiú sa ghrúpa tar éis dheireadh tréimhse tuairiscithe, faoi réir mhíreanna 14–22. Cuirfidh eintiteas conradh leis an ngrúpa le linn na tréimhse tuairiscithe ina gcomhlíonann an conradh sin ceann de na critéir a leagtar amach i mír 25. Mar gheall air sin, d’fhéadfaí cinneadh na rátaí lascaine an dáta a thugtar aitheantas tosaigh a athrú agus mír B73 á cur i bhfeidhm. Cuirfidh eintiteas na rátaí athbhreithnithe i bhfeidhm ó thús na tréimhse tuairiscithe ina gcuirtear na conarthaí nua leis an ngrúpa.

Sreafaí airgid éadála árachais (míreanna B35A–B35D)

28A

Déanfaidh eintiteas sreafaí airgid éadála árachais a leithdháileadh ar ghrúpaí conarthaí árachais agus modh córasach agus réasúnach á úsáid, agus míreanna B35A–B35B á gcur i bhfeidhm, ach amháin má roghnaíonn sé iad a aithint mar chostais agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm.

28B

Mura gcuireann eintiteas mír 59(a) i bhfeidhm, aithneoidh sé mar shócmhainn na sreafaí airgid éadála árachais a íocadh (nó sreafaí airgid éadála árachais ar aithníodh dliteanas ina leith agus Caighdeán IFRS eile á chur i bhfeidhm) sula n-aithneofar an grúpa conarthaí árachais gaolmhar. Aithneoidh eintiteas sócmhainn den sórt sin maidir le gach grúpa conarthaí árachais gaolmhar.

28C

Déanfaidh eintiteas sócmhainn a dhí-aithint i ndáil le sreafaí airgid éadála árachais nuair a chuirtear na sreafaí airgid éadála árachais san áireamh agus an grúpa conarthaí árachais gaolmhar á thomhas, agus mír 38(c)(i) nó mír 55(a)(iii) á cur i bhfeidhm.

28D

Má tá feidhm ag mír 28, cuirfidh eintiteas míreanna 28B–28C i bhfeidhm i gcomhréir le mír B35C.

28E

Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas measúnú ar in-aisghabhálacht sócmhainne i ndáil le sreafaí airgid éadála árachais má shonraítear le fíorais agus imthosca go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe (féach mír B35D). Má aithníonn eintiteas caillteanas lagaithe, déanfaidh an t-eintiteas suim ghlanluacha na sócmhainne a choigeartú agus aithneoidh sé an caillteanas lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas.

28F

Aithneoidh eintiteas mar bhrabús nó mar chaillteanas aon fhreaschur maidir le cuid de chaillteanas lagaithe, nó é go léir, a aithníodh roimhe sin agus mír 28E á cur i bhfeidhm agus méadóidh sé suim ghlanluacha na sócmhainne, a mhéid nach mbeidh na dálaí lagaithe ann a thuilleadh nó go mbeidh feabhas tagtha orthu.

TOMHAS (MÍREANNA B36–B119F)

29

Cuirfidh eintiteas míreanna 30–52 i bhfeidhm maidir leis na grúpaí conarthaí árachais uile a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

le haghaidh grúpaí conarthaí árachais lena gcomhlíontar aon cheann de na critéir a shonraítear i mír 53, féadfaidh eintiteas an grúpa a thomhas ar bhealach níos simplí trí leas a bhaint as an gcur chuige leithdháilte préimheanna i míreanna 55–59.

(b)

le haghaidh grúpaí conarthaí athárachais atá ina sheilbh, cuirfidh eintiteas míreanna 32–46 i bhfeidhm de réir mar a éilítear le míreanna 63–70A. Níl feidhm ag mír 45 (maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta díreacha) agus míreanna 47–52 (maidir le conarthaí dochraideacha) maidir le grúpaí conarthaí athárachais atá ina sheilbh ag eintiteas.

(c)

le haghaidh grúpaí conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide, cuirfidh eintiteas míreanna 32–52 i bhfeidhm arna modhnú le mír 71.

30

Nuair a bheidh IAS 21 Iarmhairtí Athruithe ar Rátaí Malairte Eachtraí á chur i bhfeidhm ag eintiteas maidir le grúpa conarthaí árachais lena ngintear sreafaí airgid in airgeadra eachtrach, pléifidh an t-eintiteas leis an ngrúpa conarthaí sin, lena n-áirítear an corrlach seirbhíse conarthaí, mar ítim airgeadaíochta.

31

I ráitis airgeadais eintitis a eisíonn conarthaí árachais, ní léireoidh na sreafaí airgid comhlíonta an riosca neamhfheidhmíochta a bhaineann leis an eintiteas sin (sainmhínítear riosca neamhfheidhmíochta in IFRS 13 Tomhas Cóirluacha).

Tomhas tráth a thugtar aitheantas tosaigh (míreanna B36–B95F)

32

Tráth a thugtar aitheantas tosaigh, déanfaidh eintiteas grúpa conarthaí árachais a thomhas nuair a fhaightear iomlán na nithe seo a leanas:

(a)

na sreafaí airgid comhlíonta, lena n-áirítear:

(i)

meastacháin maidir le sreafaí airgid todhchaí (míreanna 33–35);

(ii)

coigeartú chun an t-amluach airgid agus na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na sreafaí airgid todhchaí a léiriú, a mhéid nach gcuirtear na rioscaí airgeadais san áireamh sna meastacháin i ndáil leis na sreafaí airgid todhchaí (mír 36); agus

(iii)

coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (mír 37).

(b)

an corrlach seirbhíse conarthaí, arna thomhas trí mhíreanna 38–39 a chur i bhfeidhm.

Meastacháin maidir le sreafaí airgid todhchaí (míreanna B36–B71)

33

Nuair a bheidh grúpa conarthaí árachais á dtomhas ag eintiteas cuimseoidh sé na sreafaí airgid todhchaí uile laistigh de theorainn gach conartha sa ghrúpa (féach mír 34). Agus mír 24 á cur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas na sreafaí airgid todhchaí a mheas ar leibhéal comhiomlánaithe atá níos airde agus na sreafaí airgid comhlíonta a thiocfaidh as sin a leithdháileadh ar ghrúpaí conarthaí aonair ansin. Beidh an méid seo a leanas i gceist leis na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí:

(a)

áireofar leo, ar bhealach neamhchlaonta, an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí maidir le méid, uainiú agus neamhchinnteacht na sreafaí airgid todhchaí sin (féach míreanna B37–B41). Chun é sin a dhéanamh, déanfaidh eintiteas luach ionchasach (ie an meán arna ualú de réir dóchúlachta) raon iomlán na dtorthaí féideartha a mheas.

(b)

léireofar dearcadh an eintitis leo, ar choinníoll go bhfuil na meastacháin ar aon athróg margaidh ábhartha comhsheasmhach le praghsanna margaidh inbhraite na n-athróg sin (féach míreanna B42–B53).

(c)

beidh siad cothrom le dáta—léireofar leis na meastacháin na dálaí atá ann ar dháta an tomhais, lena n-áirítear toimhdí faoin todhchaí an dáta sin (féach míreanna B54–B60).

(d)

beidh siad sainráite—déanfaidh an t-eintiteas an coigeartú maidir le riosca neamhairgeadais a mheas ar leithligh ó na meastacháin eile (féach mír B90). Déanfaidh an t-eintiteas na sreafaí airgid a mheas ar leithligh ón gcoigeartú freisin maidir leis an amluach airgid agus le riosca airgeadais, ach amháin i gcás ina gcomhcheanglaítear na meastacháin sin leis an teicníc tomhais is iomchuí (féach mír B46).

34

Tá sreafaí airgid laistigh de theorainn conartha árachais má eascraíonn siad ó chearta substainteacha agus ó oibleagáidí substainteacha atá ann le linn na tréimhse tuairiscithe inar féidir leis an eintiteas iallach a chur ar an sealbhóir polasaí na préimheanna a íoc nó ina bhfuil oibleagáid shubstainteach ar an eintiteas seirbhísí conartha árachais a sholáthar don sealbhóir polasaí (féach míreanna B61–B71). Tiocfaidh deireadh le hoibleagáid shubstainteach chun seirbhísí conartha árachais a sholáthar sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá sé de chumas praiticiúil ag an eintiteas athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an sealbhóir polasaí áirithe agus, dá thoradh sin, féadfaidh sé praghas nó leibhéal sochar a shocrú lena léireofar na rioscaí sin go hiomlán; nó

(b)

comhlíontar an dá chritéar seo a leanas:

(i)

tá sé de chumas praiticiúil ag an eintiteas athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis an bpunann conarthaí árachais ina bhfuil an conradh agus, dá thoradh sin, féadfaidh sé praghas nó leibhéal sochar a shocrú lena léireofar riosca na punainne sin go hiomlán; agus

(ii)

ní chuirtear na rioscaí a bhaineann le tréimhsí tar éis dháta an athmheasúnaithe san áireamh agus préimheanna á bpraghsáil chomh fada le dáta athmheasúnaithe na rioscaí.

35

Ní dhéanfaidh eintiteas aon mhéid a bhaineann le préimheanna ionchasacha nó éilimh ionchasacha lasmuigh de theorainn an chonartha árachais a aithint mar dhliteanas nó mar shócmhainn. Baineann na méideanna sin le conarthaí árachais todhchaí.

Rátaí lascaine (míreanna B72–B85)

36

Déanfaidh eintiteas na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí a choigeartú chun an t-amluach airgid agus na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na sreafaí airgid sin a léiriú, a mhéid nach gcuirtear na rioscaí airgeadais san áireamh sna meastacháin ar shreafaí airgid. Maidir leis na rátaí lascaine arna gcur i bhfeidhm maidir leis na meastacháin ar na sreafaí airgid todhchaí ar a dtugtar tuairisc i mír 33:

(a)

léireofar amluach airgid leo, mar aon le saintréithe na sreafaí airgid agus saintréithe leachtachta na gconarthaí árachais;

(b)

beidh siad comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh reatha atá inbhraite (más ann dóibh) le haghaidh ionstraimí airgeadais le sreafaí airgid a bhfuil a saintréithe comhsheasmhach le saintréithe na gconarthaí árachais, i dtéarmaí, mar shampla, uainithe, airgeadra agus leachtachta; agus

(c)

eisiafar éifeacht na bhfachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna margaidh inbhraite den sórt sin ach nach ndéanann difear do shreafaí airgid todhchaí na gconarthaí árachais.

Coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (míreanna B86–B92)

37

Déanfaidh eintiteas an meastachán ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar an gcúiteamh a éilíonn an t-eintiteas maidir leis an neamhchinnteacht a sheasamh i ndáil le méid agus uainiú na sreafaí airgid a eascraíonn ó riosca neamhairgeadais.

An corrlach seirbhíse conarthaí

38

Tá an corrlach seirbhíse conarthaí ina chomhpháirt den tsócmhainn nó dliteanas i gcomhair an ghrúpa conarthaí árachais lena léirítear an brabús neamhthuillte a aithneoidh an t-eintiteas agus seirbhísí conartha árachais á soláthar aige amach anseo. Déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí a thomhas tráth a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais ar mhéid, mura bhfuil feidhm ag mír 47 (maidir le conarthaí dochraideacha) nó ag mír B123A (maidir le hioncam árachais a bhaineann le mír 38(c)(ii)), a fhágfaidh nach n-eascródh aon ioncam ná costais ón méid seo a leanas:

(a)

aitheantas tosaigh á thabhairt do mhéid i ndáil leis na sreafaí airgid comhlíonta, arna thomhas trí mhíreanna 32–37 a chur i bhfeidhm;

(b)

aon sreabhadh airgid a eascraíonn ó na conarthaí sa ghrúpa an dáta sin;

(c)

an méid seo a leanas a dhí-aithint an dáta a thugtar aitheantas tosaigh:

(i)

d’aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais lena gcuirtear mír 28C i bhfeidhm; agus

(ii)

d’aon sócmhainn nó d’aon dliteanas eile a aithníodh roimhe seo i ndáil le sreafaí airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí mar a shonraítear i mír B66A.

39

Le haghaidh conarthaí árachais a fhaigheann eintiteas in aistriú conarthaí árachais nó i gcomhcheangal idir gnólachtaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 3, cuirfidh eintiteas mír 38 i bhfeidhm i gcomhréir le míreanna B93–B95F.

Tomhas dá éis sin

40

Beidh suim ghlanluacha grúpa conarthaí ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe cothrom le suim na nithe seo a leanas:

(a)

an dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha lena gcuimsítear:

(i)

na sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís sa todhchaí arna leithdháileadh ar an ngrúpa an dáta sin, á dtomhas trí mhíreanna 33–37 agus B36–B92 a chur i bhfeidhm;

(ii)

corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa an dáta sin, arna thomhas trí mhíreanna 43–46 a chur i bhfeidhm; agus

(b)

an dliteanas i leith éilimh thabhaithe, lena gcuimsítear na sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís roimhe seo arna leithdháileadh ar an ngrúpa an dáta sin, á dtomhas trí mhíreanna 33–37 agus B36–B92 a chur i bhfeidhm.

41

Aithneoidh eintiteas ioncam agus costais maidir leis na hathruithe seo a leanas i suim ghlanluacha an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha:

(a)

ioncam árachais—maidir leis an laghdú ar an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha mar gheall ar sheirbhísí arna soláthar le linn na tréimhse, arna thomhas agus míreanna B120–B124 á gcur i bhfeidhm;

(b)

costais seirbhíse árachais—maidir le caillteanais ar ghrúpaí de chonarthaí dochraideacha, agus freaschur na gcaillteanas sin (féach míreanna 47–52); agus

(c)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais—maidir le héifeacht an amluacha airgid agus éifeacht an riosca airgeadais mar a shonraítear i mír 87.

42

Aithneoidh eintiteas ioncam agus costais maidir leis na hathruithe seo a leanas i suim ghlanluacha an dliteanais i leith éilimh thabhaithe:

(a)

costais seirbhíse árachais—maidir leis an méadú ar an dliteanas mar gheall ar éilimh agus ar chostais arna dtabhú sa tréimhse, gan aon chomhpháirt infheistíochta a chur san áireamh;

(b)

costais seirbhíse árachais—maidir le haon athrú dá éis sin i sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le héilimh thabhaithe agus costais thabhaithe; agus

(c)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais—maidir le héifeacht an amluacha airgid agus éifeacht an riosca airgeadais mar a shonraítear i mír 87.

An corrlach seirbhíse conarthaí (míreanna B96–B119B)

43

Leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe léirítear an brabús sa ghrúpa conarthaí árachais nár aithníodh fós mar bhrabús ná mar chaillteanas toisc go mbaineann sé leis an tseirbhís a sholáthrófar amach anseo faoi na conarthaí sa ghrúpa.

44

Maidir le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, tá suim ghlanluacha chorrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa conarthaí i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe cothrom leis an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe arna coigeartú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

an éifeacht atá ag aon chonradh nua a chuirtear leis an ngrúpa (féach mír 28);

(b)

ús arna fhuilleamh ar shuim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí le linn na tréimhse tuairiscithe, arna thomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(b);

(c)

na hathruithe i sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, mar a shonraítear i míreanna B96–B100, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

tá na méaduithe sin sna sreafaí airgid comhlíonta níos mó ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, as a dtagann caillteanas (féach mír 48(a)); nó

(ii)

déantar laghduithe den sórt sin sna sreafaí airgid comhlíonta a leithdháileadh ar chomhpháirt caillteanais an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha agus mír 50(b) á cur i bhfeidhm.

(d)

an éifeacht a bheadh ag aon difríocht malartaithe airgeadra ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

(e)

an méid a aithnítear mar ioncam árachais mar gheall ar aistriú seirbhísí conartha árachais le linn na tréimhse, arna chinneadh de réir leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí atá fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (sula ndéanfar aon leithdháileadh) thar an tréimhse cumhdaigh atá ann faoi láthair agus atá fágtha agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

45

Maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí (féach míreanna B101–B118), tá suim ghlanluacha chorrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa conarthaí i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe cothrom leis an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe arna coigeartú i ndáil leis na méideanna a shonraítear i bhfomhíreanna (a)–(e) thíos. Ní éilítear ar eintiteas na coigeartuithe sin a aithint ar leithligh. Ina ionad sin, féadfar méid comhcheangailte a chinneadh le haghaidh cuid de na coigeartuithe nó le haghaidh na gcoigeartuithe uile. Is iad seo a leanas na coigeartuithe:

(a)

an éifeacht atá ag aon chonradh nua a chuirtear leis an ngrúpa (féach mír 28);

(b)

an t-athrú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha (féach mír B104(b)(i)), cé is moite a mhéid is amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

tá feidhm ag mír B115 (maidir le maolú riosca);

(ii)

tá an laghdú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha níos mó ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, as a dtagann caillteanas (féach mír 48); nó

(iii)

déantar an méid in (ii) a fhreaschur leis an méadú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha.

(c)

na hathruithe i sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, mar a shonraítear i míreanna B101–B118, cé is moite a mhéid is amhlaidh an méid seo a leanas:

(i)

tá feidhm ag mír B115 (maidir le maolú riosca);

(ii)

tá na méaduithe sin sna sreafaí airgid comhlíonta níos mó ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, as a dtagann caillteanas (féach mír 48); nó

(iii)

déantar laghduithe den sórt sin sna sreafaí airgid comhlíonta a leithdháileadh ar chomhpháirt caillteanais an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha agus mír 50(b) á cur i bhfeidhm.

(d)

an éifeacht a bheadh ag aon difríocht malartaithe airgeadra a tharlóidh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

(e)

an méid a aithnítear mar ioncam árachais mar gheall ar aistriú sheirbhísí conartha árachais le linn na tréimhse, arna chinneadh de réir leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí atá fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (sula ndéanfar aon leithdháileadh) thar an tréimhse cumhdaigh reatha agus an tréimhse cumhdaigh atá fágtha agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

46

Déantar athruithe sna sreafaí airgid comhlíonta maidir leis an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a fhritháireamh le roinnt athruithe sa chorrlach seirbhíse conarthaí, agus ní thagann aon athrú ar shuim ghlanluacha iomlán an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha dá thoradh sin. A mhéid nach ndéantar athruithe sna sreafaí airgid comhlíonta maidir leis an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a fhritháireamh leis na hathruithe sa chorrlach seirbhíse conarthaí, aithneoidh eintiteas ioncam agus costais i ndáil leis na hathruithe, agus mír 41 á cur i bhfeidhm.

Conarthaí dochraideacha

47

Tá conradh árachais dochraideach an dáta a thugtar aitheantas tosaigh más rud é go bhfuil na sreafaí airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an gconradh, aon sreabhadh airgid éadála árachais a aithníodh roimhe sin agus aon sreabhadh airgid a eascraíonn ón gconradh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh san iomlán cothrom le glan-eis-sreabhadh. Agus mír 16(a) á cur i bhfeidhm, cuirfidh eintiteas conarthaí den sórt sin i ngrúpa ar leithligh ó chonarthaí nach bhfuil dochraideach. A mhéid a bhfuil feidhm ag mír 17, féadfaidh eintiteas an grúpa conarthaí dochraideacha a aithint trí thacar conarthaí seachas conarthaí ar leithligh a thomhas. Aithneoidh eintiteas caillteanas mar bhrabús nó mar chaillteanas i ndáil leis an nglan-eis-sreabhadh le haghaidh an ghrúpa conarthaí dochraideacha, a fhágfaidh go mbeidh suim ghlanluacha an dliteanais don ghrúpa cothrom leis na sreafaí airgid comhlíonta agus gur nialas é corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa.

48

Éireoidh grúpa conarthaí árachais dochraideach (nó níos dochraidí) i gcás ina dtomhaistear é dá éis sin más mó na méideanna seo a leanas ná suim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí:

(a)

athruithe neamhfhabhracha a bhaineann le seirbhís sa todhchaí sna sreafaí airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an ngrúpa a eascraíonn ó athruithe i meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí agus an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

(b)

maidir le grúpa conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, an laghdú ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha.

Agus mír 44(c)(i), mír 45(b)(ii) agus mír 45(c)(ii), á gcur i bhfeidhm, aithneoidh eintiteas caillteanas mar bhrabús nó mar chaillteanas de réir mhéid an bharrachais sin.

49

Suífidh eintiteas comhpháirt caillteanais (nó déanfaidh sé í a mhéadú) maidir leis an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha i gcomhair grúpa dochraideach lena léirítear na caillteanais arna n-aithint agus míreanna 47–48 á gcur i bhfeidhm. Leis an gcomhpháirt caillteanais, cinntear na méideanna a chuirtear i láthair mar bhrabús nó mar chaillteanas mar fhreaschuir caillteanas ar ghrúpaí dochraideacha agus dá dheasca sin, eisiatar iad agus ioncam árachais á chinneadh.

50

Tar éis d’eintiteas caillteanas a aithint maidir le grúpa conarthaí árachais atá dochraideach, déanfaidh sé an méid seo a leanas a leithdháileadh:

(a)

na hathruithe dá éis sin i sreafaí airgid comhlíonta an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a shonraítear i mír 51 ar bhonn córasach idir:

(i)

comhpháirt caillteanais an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha; agus

(ii)

an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha, gan an chomhpháirt caillteanais san áireamh.

(b)

ar an gcomhpháirt caillteanais amháin go dtí go laghdófar an chomhpháirt sin go nialas:

(i)

aon laghdú dá éis sin a bhaineann le seirbhís sa todhchaí i sreafaí airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an ngrúpa a eascraíonn ó athruithe i meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí agus an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

(ii)

aon mhéadú dá éis sin ar mhéid sciar an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha.

Agus mír 44(c)(ii), mír 45(b)(iii) agus mír 45(c)(iii), á gcur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú maidir le barrachas an laghdaithe thar an méid arna leithdháileadh ar an gcomhpháirt caillteanais, agus maidir leis an mbarrachas sin amháin.

51

Is iad seo a leanas na hathruithe dá éis sin i sreafaí airgid comhlíonta an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha atá le leithdháileadh agus mír 50(a) á cur i bhfeidhm:

(a)

meastacháin ar luach reatha sreafaí airgid todhchaí le haghaidh éileamh agus costas a scaoiltear ón dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha mar gheall ar chostais seirbhíse árachais thabhaithe;

(b)

athruithe sa choigeartú riosca maidir le riosca neamhairgeadais arna aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar an scaoileadh ó riosca; agus

(c)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais.

52

Mar gheall ar an leithdháileadh córasach a éilítear le mír 50(a) beidh na méideanna iomlána a leithdháilfear ar an gcomhpháirt caillteanais i gcomhréir le míreanna 48–50 cothrom le nialas faoi dheireadh na tréimhse cumhdaigh a bhaineann le grúpa conarthaí.

An cur chuige leithdháilte préimheanna

53

Féadfaidh eintiteas an grúpa a thomhas ar bhealach níos simplí trí leas a bhaint as an gcur chuige leithdháilte préimheanna a leagtar amach i míreanna 55–59 más amhlaidh, agus sa chás sin amháin, tráth tionscanta an ghrúpa:

(a)

go measann an t-eintiteas go réasúnach go nginfeadh simpliú den sórt sin tomhas ar an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha don ghrúpa nach mbeadh difriúil go hábhartha ón toradh a gheofaí trí na ceanglais i míreanna 32–52 a chur i bhfeidhm; nó

(b)

gurb ionann tréimhse cumhdaigh gach conartha sa ghrúpa (lena n-áirítear seirbhísí conartha árachais a eascraíonn ó na préimheanna uile laistigh de theorainn an chonartha arna cinneadh an dáta sin agus mír 34 á cur i bhfeidhm) agus bliain amháin nó níos lú.

54

Ní chomhlíontar an critéar i mír 53(a) más rud é, tráth tionscanta an ghrúpa, go measann eintiteas go mbeidh inathraitheacht shuntasach sna sreafaí airgid comhlíonta a dhéanfadh difear do thomhas an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha le linn na tréimhse sula dtabhófar éileamh. Méadaíonn inathraitheacht sna sreafaí airgid comhlíonta de réir na nithe seo a leanas, mar shampla:

(a)

méid na sreafaí airgid todhchaí a bhaineann le haon díorthach atá leabaithe sna conarthaí; agus

(b)

fad thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí.

55

Agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á úsáid, is mar a leanas a dhéanfaidh eintiteas an dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha a thomhas:

(a)

tráth a thugtar aitheantas tosaigh, is é seo a leanas suim ghlanluacha an dliteanais:

(i)

na préimheanna, más ann dóibh, a fuarthas tráth a tugadh aitheantas tosaigh;

(ii)

lúide aon sreabhadh airgid éadála árachais an dáta sin, ach amháin i gcás ina roghnaíonn an t-eintiteas na híocaíochtaí a aithint mar chostas agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm; agus

(iii)

móide nó lúide méid ar bith a eascraíonn ón méid seo a leanas a dhí-aithint an dáta sin:

1.

aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais lena gcuirtear mír 28C i bhfeidhm; agus

2.

aon sócmhainn nó dliteanas eile a aithníodh roimhe seo i ndáil le sreafaí airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí mar a shonraítear i mír B66A.

(b)

ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe dá éis sin, tá suim ghlanluacha an dliteanais cothrom leis an tsuim ghlanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe:

(i)

móide na préimheanna a fhaightear le linn na tréimhse;

(ii)

lúide sreafaí airgid éadála árachais; ach amháin i gcás ina roghnaíonn an t-eintiteas na híocaíochtaí a aithint mar chostas agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm;

(iii)

móide aon mhéid a bhaineann le hamúchadh sreafaí airgid éadála árachais arna n-aithint mar chostas sa tréimhse tuairiscithe; ach amháin i gcás ina roghnaíonn an t-eintiteas sreafaí airgid éadála árachais a aithint mar chostas agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm;

(iv)

móide aon choigeartú ar chomhpháirt maoiniúcháin, agus mír 56 á cur i bhfeidhm;

(v)

lúide an méid arna aithint mar ioncam árachais maidir le seirbhísí arna soláthar le linn na tréimhse sin (féach mír B126); agus

(vi)

lúide aon chomhpháirt infheistíochta arna híoc nó arna haistriú chuig an dliteanas i leith éilimh thabhaithe.

56

Má tá comhpháirt maoiniúcháin shuntasach ag na conarthaí árachais sa ghrúpa, déanfaidh eintiteas suim ghlanluacha an dliteanais a choigeartú i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha chun amluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais a léiriú agus na rátaí lascaine a shonraítear i mír 36 á n-úsáid, de réir mar a chinntear tráth a thugtar aitheantas tosaigh. Ní éilítear ar eintiteas suim ghlanluacha an dliteanais a choigeartú i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha chun amluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais a léiriú, más rud é, tráth a thugtar aitheantas tosaigh, go measann an t-eintiteas nach mbeidh níos mó ná bliain amháin sa tréimhse idir an t-am a sholáthrófar gach cuid de na seirbhísí agus dáta dlite na préimhe gaolmhaire.

57

Má léiríonn fíorais agus imthosca, tráth ar bith le linn na tréimhse cumhdaigh, go bhfuil grúpa conarthaí árachais dochraideach, déanfaidh eintiteas an difríocht eatarthu seo a leanas a ríomh:

(a)

suim ghlanluacha an dliteanais i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha arna cinneadh agus mír 55 á cur i bhfeidhm; agus

(b)

na sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann leis an gcumhdach atá fágtha don ghrúpa agus míreanna 33–37 agus B36–B92 á gcur i bhfeidhm. Más rud é, agus mír 59(b) á cur i bhfeidhm, nach ndéanann an t-eintiteas an dliteanas i leith éilimh thabhaithe a choigeartú i ndáil leis an amluach airgid agus le héifeacht an riosca airgeadais áfach, ní chuirfidh sé aon choigeartú den sórt sin san áireamh sna sreafaí airgid comhlíonta.

58

A mhéid a sháraíonn na sreafaí airgid comhlíonta ar a dtugtar tuairisc i mír 57(b) an tsuim ghlanluacha ar a dtugtar tuairisc i mír 57(a), aithneoidh an t-eintiteas caillteanas mar bhrabús nó mar chaillteanas agus méadóidh sé an dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha.

59

Agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

féadfaidh sé a roghnú aon sreabhadh airgid éadála árachais a aithint mar chostais nuair a thabhaíonn sé na costais sin, ar choinníoll nach bhfuil tréimhse cumhdaigh gach conartha sa ghrúpa níos faide ná aon bhliain amháin tráth a thugtar aitheantas tosaigh.

(b)

an dliteanas i leith éilimh thabhaithe a thomhas i ndáil leis an ngrúpa conarthaí árachais ag na sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le héilimh thabhaithe, agus míreanna 33–37 agus B36–B92 á gcur i bhfeidhm. Ní éilítear ar an eintiteas sreafaí airgid todhchaí a choigeartú maidir leis an amluach airgid agus le héifeacht an riosca airgeadais áfach, más rud é go meastar go n-íocfar na sreafaí airgid sin nó go bhfaighfear iad laistigh de bhliain amháin nó níos lú ó dháta tabhaithe na n-éileamh.

Conarthaí athárachais arna sealbhú

60

Déantar na ceanglais in IFRS 17 a mhodhnú le haghaidh conarthaí athárachais arna sealbhú, mar a leagtar amach i míreanna 61–70A.

61

Déanfaidh eintiteas punanna conarthaí athárachais arna sealbhú a roinnt agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm, ach amháin go gcuirfear tagairt do chonarthaí lena mbaineann glanghnóthachan tráth a thugtar aitheantas tosaigh in ionad na dtagairtí do chonarthaí dochraideacha sna míreanna sin. I gcás roinnt conarthaí athárachais arna sealbhú, gheofar grúpa lena gcuimsítear conradh aonair de thoradh míreanna 14–24 a chur i bhfeidhm.

Aitheantas

62

In ionad mír 25 a chur i bhfeidhm, aithneoidh eintiteas grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú ón gceann is luaithe de na dátaí seo a leanas:

(a)

tús thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú; agus

(b)

an dáta ar a n-aithníonn eintiteas grúpa dochraideach de bhunchonarthaí árachais agus mír 25(c) á cur i bhfeidhm, más rud é go ndearna an t-eintiteas an conradh athárachais gaolmhar arna shealbhú sa ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú an dáta sin nó roimhe sin.

62A

D’ainneoin mhír 62(a), cuirfidh eintiteas moill ar ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, lena soláthraítear cumhdach comhréireach, a aithint go dtí an dáta a thugtar aitheantas tosaigh d’aon bhunchonradh árachais, más rud é go bhfuil an dáta sin níos déanaí ná tús thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

Tomhas

63

Agus ceanglais tomhais mhíreanna 32–36 á gcur i bhfeidhm maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú, a mhéid a thomhaistear na bunchonarthaí freisin agus na míreanna sin á gcur i bhfeidhm, úsáidfidh an t-eintiteas toimhdí comhsheasmhacha chun na meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí i ndáil leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a thomhas, mar aon leis na meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí i ndáil leis an ngrúpa/na grúpaí bunchonarthaí árachais. Ina theannta sin, áireoidh an t-eintiteas leis na meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí i ndáil leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú an éifeacht a bheadh ag aon riosca neamhfheidhmíochta ar thaobh eisitheoir an chonartha athárachais, lena n-áirítear éifeachtaí comhthaobhachta agus caillteanais ó dhíospóidí.

64

In ionad mír 37 a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas an coigeartú riosca i ndáil le riosca neamhairgeadais ionas go léireofar leis an méid riosca atá á aistriú ag sealbhóir an ghrúpa conarthaí athárachais chuig eisitheoir na gconarthaí sin.

65

Déantar modhnú ar na ceanglais i mír 38 a bhaineann leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí a chinneadh tráth a thugtar aitheantas tosaigh, chun a léiriú nach mbaineann aon bhrabús neamhthuillte le grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú ach go mbíonn glanchostas nó glanghnóthachan i gceist nuair atá an t-athárachas á cheannach. Dá bhrí sin, mura bhfuil feidhm ag mír 65A, aithneoidh an t-eintiteas, tráth a thugtar aitheantas tosaigh, aon ghlanchostas nó glanghnóthachan agus an grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú á cheannach mar chorrlach seirbhíse conarthaí arna thomhas ar mhéid atá cothrom le suim na nithe seo a leanas:

(a)

na sreafaí airgid comhlíonta;

(b)

an méid arna dhí-aithint an dáta sin maidir le haon sócmhainn nó dliteanas a aithníodh roimhe seo i ndáil le sreafaí airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú;

(c)

aon sreabhadh airgid a eascraíonn an dáta sin; agus

(d)

aon ioncam a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas agus mír 66A á cur i bhfeidhm.

65A

Má bhaineann an glanchostas i ndáil le cumhdach athárachais a cheannach le himeachtaí a tharla sular ceannaíodh an grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú, d’ainneoin cheanglais mhír B5, aithneoidh an t-eintiteas costas den sórt sin láithreach mar bhrabús nó mar chaillteanas mar chostas.

66

In ionad mír 44 a chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí a thomhas i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe i gcomhair grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú mar an tsuim ghlanluacha arna cinneadh i dtús na tréimhse tuairiscithe arna coigeartú i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

an éifeacht atá ag aon chonradh nua a chuirtear leis an ngrúpa (féach mír 28);

(b)

ús arna fhuilleamh ar shuim ghlanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí, arna thomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(b);

(ba)

ioncam arna aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas sa tréimhse tuairiscithe agus mír 66A á cur i bhfeidhm;

(bb)

freaschuir comhpháirte aisghabhál-caillteanais arna n-aithint agus mír 66B á cur i bhfeidhm (féach mír B119F) a mhéid nach ionann na freaschuir sin agus athruithe i sreafaí airgid comhlíonta an ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú;

(c)

athruithe sna sreafaí airgid comhlíonta, arna dtomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c), a mhéid a bhaineann an t-athrú le seirbhís sa todhchaí, ach amháin:

(i)

má tharlaíonn an t-athrú de thoradh athraithe i sreafaí airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar ghrúpa bunchonarthaí árachais nach ndéantar coigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí i ndáil leis an ngrúpa bunchonarthaí árachais dá thoradh; nó

(ii)

má tharlaíonn an t-athrú de thoradh míreanna 57–58 (maidir le conarthaí dochraideacha) a chur i bhfeidhm, má thomhaiseann an t-eintiteas grúpa bunchonarthaí árachais agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm.

(d)

an éifeacht a bheadh ag aon difríocht malartaithe airgeadra a tharlóidh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

(e)

an méid a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar sheirbhísí a fhaightear le linn na tréimhse, arna chinneadh de réir leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí atá fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (sula ndéanfar aon leithdháileadh) thar an tréimhse cumhdaigh reatha agus an tréimhse cumhdaigh atá fágtha i ndáil leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

66A

Déanfaidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí i ndáil le grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a choigeartú agus, dá thoradh sin, aithneoidh sé ioncam, nuair a aithneoidh an t-eintiteas caillteanas tráth a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa dochraideach bunchonarthaí árachais nó nuair a chuirtear bunchonarthaí dochraideacha le grúpa (féach míreanna B119C–B119E).

66B

Suífidh eintiteas comhpháirt aisghabhála-caillteanais (nó déanfaidh sé í a choigeartú) maidir leis an tsócmhainn i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha i gcomhair grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú lena léireofar aisghabháil na gcaillteanas arna n-aithint agus míreanna 66(c)(i)–(ii) agus 66A á gcur i bhfeidhm. Leis an gcomhpháirt aisghabhála-caillteanais, cinntear na méideanna a chuirtear i láthair i mbrabús nó mar chaillteanas mar fhreaschuir ar aisghabhálacha caillteanas ó chonarthaí athárachais arna sealbhú agus dá dheasca sin, eisiatar iad ó leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc leis an athárachóir (féach mír B119F).

67

Maidir le hathruithe sna sreafaí airgid comhlíonta a eascraíonn ó athruithe sa riosca neamhfheidhmíochta arna ndéanamh ag eisitheoir conartha athárachais arna shealbhú, ní bhaineann siad le seirbhís sa todhchaí agus ní dhéanfar an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú dá dtoradh.

68

Ní fhéadfaidh conarthaí athárachais arna sealbhú a bheith dochraideach. Dá réir sin, níl feidhm ag ceanglais mhíreanna 47–52.

An cur chuige leithdháilte préimheanna maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú

69

Féadfaidh eintiteas leas a bhaint as an gcur chuige leithdháilte préimheanna a leagtar amach i míreanna 55 –56 agus 59 (arna oiriúnú chun gnéithe conarthaí athárachais arna sealbhú, atá difriúil ó chonarthaí árachais arna n-eisiúint, a léiriú, mar shampla costais a ghiniúint nó costais a laghdú seachas ioncam) chun grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a thomhas ar bhealach níos simplí, más rud é, tráth tionscanta an ghrúpa:

(a)

go measann an t-eintiteas go réasúnach nach mbeidh an tomhas dá thoradh difriúil go hábhartha ón toradh a fhaightear trí na ceanglais i míreanna 63–68 a chur i bhfeidhm; nó

(b)

gurb ionann tréimhse cumhdaigh gach conartha sa ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú (lena n-áirítear cumhdach árachais ó na préimheanna uile laistigh de theorainn an chonartha arna cinneadh an dáta sin agus mír 34 á cur i bhfeidhm) agus bliain amháin nó níos lú.

70

Ní fhéadfaidh eintiteas an choinníoll i mír 69(a) a chomhlíonadh más rud é, tráth tionscanta an ghrúpa, go measann eintiteas go mbeidh inathraitheacht shuntasach sna sreafaí airgid comhlíonta a dhéanfadh difear do thomhas na sócmhainne i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha le linn na tréimhse sula dtabhófar éileamh. Méadaítear inathraitheacht sna sreafaí airgid comhlíonta de réir na nithe seo a leanas, mar shampla:

(a)

méid na sreafaí airgid todhchaí a bhaineann le haon díorthach atá leabaithe sna conarthaí; agus

(b)

fad thréimhse cumhdaigh an ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú.

70A

Má dhéanann eintiteas grúpa conarthaí athárachais arna sealbhú a thomhas agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm, cuirfidh an t-eintiteas mír 66A i bhfeidhm trí shuim ghlanluacha na sócmhainne a choigeartú i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha seachas an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú.

Conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide

71

Ní áirítear aistriú riosca árachais shuntasaigh le conradh infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide. Dá dheasca sin, déantar na ceanglais in IFRS 17 maidir le conarthaí árachais a mhodhnú le haghaidh conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide mar a leanas:

(a)

an dáta a thugtar aitheantas tosaigh (féach mír 25 agus mír 28), is é sin an dáta a éiríonn an t-eintiteas ina pháirtí sa chonradh.

(b)

déantar teorainn an chonartha (féach mír 34) a mhodhnú ionas go mbeidh sreafaí airgid laistigh de theorainn an chonartha má thagann siad ó oibleagáid shubstainteach an eintitis chun airgead tirim a sholáthar ag dáta reatha nó dáta sa todhchaí. Níl aon oibleagáid shubstainteach ar an eintiteas chun airgead tirim a sholáthar má tá sé de chumas praiticiúil aige praghas a shocrú maidir leis an ngealltanas go soláthrófar an t-airgead tirim lena léireofar méid an airgid tirim arna ghealladh agus na rioscaí gaolmhara go hiomlán.

(c)

déantar leithdháileadh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí (féach mír 44(e) agus mír 45(e)) a mhodhnú ionas go n-aithneoidh an t-eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí thar shaolré an ghrúpa conarthaí ar bhealach córasach lena léireofar aistriú na seirbhísí infheistíochta faoin gconradh.

MODHNÚ AGUS DÍ-AITHINT

Conradh árachais a mhodhnú

72

Má dhéantar téarmaí conartha árachais a mhodhnú, mar shampla le comhaontú idir na páirtithe sa chonradh nó le hathrú ar rialachán, dí-aithneoidh eintiteas an conradh bunaidh agus aithneoidh sé an conradh modhnaithe mar chonradh nua, agus IFRS 17 nó Caighdeáin eile is infheidhme á chur nó á gcur i bhfeidhm, ar choinníoll, agus sa chás sin amháin, go sásófar aon cheann de na coinníollacha in (a)–(c). Ní hionann modhnú agus ceart, atá san áireamh le téarmaí conartha, a fheidhmiú. Is iad seo a leanas na coinníollacha:

(a)

más rud é gur cuireadh na téarmaí modhnaithe san áireamh tráth tionscanta an chonartha:

(i)

bheadh an conradh modhnaithe eisiata ó raon feidhme IFRS 17, agus míreanna 3–8A á gcur i bhfeidhm;

(ii)

bheadh eintiteas tar éis na comhpháirteanna difriúla a dheighilt ón gconradh árachais óstaigh agus míreanna 10–13 á gcur i bhfeidhm, rud lena gcruthófaí conradh árachais difriúil a mbeadh feidhm ag IFRS 17 maidir leis;

(iii)

bheadh teorainn conartha difriúil go leor i gceist leis an gconradh modhnaithe, agus mír 34 á cur i bhfeidhm; nó

(iv)

chuirfí an conradh modhnaithe san áireamh i ngrúpa conarthaí difriúil agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm.

(b)

chomhlíon an conradh bunaidh an sainmhíniú ar chonradh árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, ach ní chomhlíonann an conradh modhnaithe an sainmhíniú sin a thuilleadh, nó a mhalairt; nó

(c)

chuir an t-eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i míreanna 53–59 nó míreanna 69–70 i bhfeidhm maidir leis an gconradh bunaidh, ach ciallaíonn na modhnuithe nach gcomhlíonann an conradh na critéir incháilitheachta i gcomhair an chur chuige sin i mír 53 nó i mír 69 a thuilleadh.

73

Mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i mír 72 le modhnú ar chonradh, pléifidh an t-eintiteas le hathruithe i sreafaí airgid de dheasca an mhodhnaithe mar athruithe i meastacháin ar shreafaí airgid comhlíonta trí mhíreanna 40–52 a chur i bhfeidhm.

Dí-aithint

74

Déanfaidh eintiteas conradh árachais a dhí-aithint más rud é, agus sna cásanna seo amháin:

(a)

go múchtar é, i.e. nuair a théann an oibleagáid a shonraítear sa chonradh árachais in éag nó nuair a urscaoiltear nó nuair a chuirtear an oibleagáid sin ar ceal; nó

(b)

go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i mír 72.

75

Nuair a mhúchtar conradh, ní bhíonn riosca i gceist don eintiteas a thuilleadh agus dá bhrí sin, ní éilítear air a thuilleadh aon acmhainn eacnamaíoch a aistriú chun an conradh árachais a chomhlíonadh. Mar shampla, nuair a cheannaíonn eintiteas athárachas, dí-aithneoidh sé an bunchonradh/na bunchonarthaí árachais más rud é, agus sa chás sin amháin, go múchtar an bunchonradh árachais nó na bunchonarthaí árachais.

76

Déanann eintiteas conradh árachais a dhí-aithint ó laistigh de ghrúpa conarthaí trí na ceanglais seo a leanas in IFRS 17 a chur i bhfeidhm:

(a)

déantar na sreafaí airgid comhlíonta arna leithdháileadh ar an ngrúpa a choigeartú chun go ndíothófar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí agus an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a bhaineann leis na cearta agus oibleagáidí a dí-aithníodh ón ngrúpa, agus mír 40(a)(i) agus mír 40(b) á gcur i bhfeidhm;

(b)

déantar corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa a choigeartú i ndáil leis an athrú i sreafaí airgid comhlíonta ar a dtugtar tuairisc in (a), a mhéid a éilítear le mír 44(c) agus mír 45(c), mura bhfuil feidhm ag mír 77; agus

(c)

déantar líon na n-aonad cumhdaigh le haghaidh na seirbhísí conartha árachais a mheastar atá fágtha a choigeartú chun na haonaid chumhdaigh a dí-aithníodh ón ngrúpa a léiriú, agus tá méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó caillteanas sa tréimhse bunaithe ar an méid coigeartaithe sin agus mír B119 á cur i bhfeidhm.

77

Nuair a dhí-aithníonn eintiteas conradh árachais toisc go n-aistríonn sé an conradh chuig tríú páirtí nó go ndí-aithníonn sé conradh árachais agus go n-aithníonn sé conradh nua agus mír 72 á cur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas in ionad mír 76(b) a chur i bhfeidhm:

(a)

corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa ónar dí-aithníodh an conradh a choigeartú, a mhéid a éilítear le mír 44(c) agus mír 45(c), i ndáil leis an difríocht idir (i) agus (ii) maidir le conarthaí arna n-aistriú chuig tríú páirtí nó (iii) maidir le conarthaí arna ndí-aithint agus mír 72 á cur i bhfeidhm:

(i)

an t-athrú i suim ghlanluacha an ghrúpa conarthaí árachais mar gheall ar dhí-aithint an chonartha, agus mír 76(a) á cur i bhfeidhm.

(ii)

an phréimh a mhuirearaíonn an tríú páirtí.

(iii)

an phréimh a mhuirearódh an t-eintiteas dá mbeadh conradh déanta aige le téarmaí comhionanna mar an conradh nua amhail dáta modhnaithe an chonartha, lúide aon phréimh bhreise arna muirearú maidir leis an modhnú.

(b)

an conradh nua a thomhas, arna aithint agus mír 72 á cur i bhfeidhm, ag glacadh leis go bhfuair an t-eintiteas an phréimh ar a dtugtar tuairisc in (a)(iii) ag dáta an modhnaithe.

AN STAID AIRGEADAIS A CHUR I LÁTHAIR SA RÁITEAS

78

Cuirfidh eintiteas suim ghlanluacha na bpunann seo a leanas i láthair ar leithligh sa ráiteas ar an staid airgeadais:

(a)

conarthaí árachais arna n-eisiúint atá ina sócmhainní;

(b)

conarthaí árachais arna n-eisiúint atá ina ndliteanais;

(c)

conarthaí athárachais arna sealbhú atá ina sócmhainní; agus

(d)

conarthaí athárachais arna sealbhú atá ina ndliteanais.

79

Áireoidh eintiteas aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais arna n-aithint agus mír 28B á cur i bhfeidhm le suim ghlanluacha na bpunann gaolmhar de chonarthaí árachais arna n-eisiúint, agus aon sócmhainní nó dliteanais le haghaidh sreafaí airgid a bhaineann le punanna conarthaí athárachais arna sealbhú (féach mír 65(b)) i suim ghlanluacha na bpunann de chonarthaí athárachais arna sealbhú.

AITHINT AGUS CUR I LÁTHAIR SA RÁITEAS/SNA RÁITIS AR FHEIDHMÍOCHT AIRGEADAIS (MÍREANNA B120–B136)

80

Agus mír 41 agus mír 42 á gcur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas na méideanna arna n-aithint sa ráiteas/sna ráitis ar bhrabúis agus ar chaillteanais agus in ioncam cuimsitheach eile (an ráiteas/na ráitis ar fheidhmíocht airgeadais mar a thagraítear anseo feasta dó/dóibh) a dhí-chomhiomlánú mar a leanas:

(a)

toradh seirbhíse árachais (míreanna 83–86), lena gcuimsítear ioncam árachais agus costais seirbhíse árachais; agus

(b)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais (míreanna 87–92).

81

Ní éilítear ar eintiteas an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais idir an toradh seirbhíse árachais agus ioncam nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú. Mura ndéanann eintiteas dí-chomhiomlánú den sórt sin, áireoidh sé an t-athrú iomlán sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais mar chuid den toradh seirbhíse árachais.

82

Déanfaidh eintiteas ioncam nó costais ó chonarthaí athárachais arna sealbhú a chur i láthair ar leithligh ó na costais nó ioncam ó chonarthaí árachais arna n-eisiúint.

Toradh seirbhíse árachais

83

Cuirfidh eintiteas ioncam árachais a eascraíonn ó na grúpaí conarthaí árachais arna n-eisiúint i láthair mar brabús nó mar chaillteanas. Léireoidh ioncam árachais soláthar na seirbhísí a eascraíonn ón ngrúpa conarthaí árachais ag méid lena léireofar an chomaoin a bhfuil coinne ag an eintiteas a bheith ina teideal mar mhalairt ar na seirbhísí sin. Sonraítear i míreanna B120–B127 conas a thomhaiseann eintiteas ioncam árachais.

84

Cuirfidh eintiteas i láthair i mbrabús nó i gcaillteanas na costais seirbhíse árachais a eascraíonn ó ghrúpaí conarthaí árachais arna n-eisiúint, lena gcuimsítear éilimh thabhaithe (gan aisíocaíochtaí ar chomhpháirteanna infheistíochta san áireamh), costais seirbhíse árachais eile arna dtabhú agus méideanna eile mar a thuairiscítear i mír 103(b).

85

Eisiafar aon chomhpháirt infheistíochta ón ioncam árachais agus ó na costais seirbhíse árachais a chuirfear i láthair i mbrabús nó caillteanas. Ní chuirfidh eintiteas faisnéis faoi phréimheanna i láthair i mbrabús nó caillteanas má tá an fhaisnéis sin ar neamhréir le mír 83.

86

Féadfaidh eintiteas an t-ioncam nó na costais ó ghrúpa conarthaí athárachais arna sealbhú (féach míreanna 60–70A), seachas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais, a chur i láthair mar mhéid aonair; nó féadfaidh an t-eintiteas na méideanna arna ngnóthú ón athárachóir a chur i láthair ar leithligh ó leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc, lena dtabharfar, le chéile, glanmhéid a bheidh cothrom leis an méid aonair sin. I gcás ina ndéanann eintiteas na méideanna arna ngnóthú ón athárachóir agus leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc a chur i láthair ar leithligh, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

maidir le sreafaí airgid athárachais a bhraitheann ar éilimh ar na bunchonarthaí, pléifidh sé leo mar chuid de na héilimh a mheastar go ndéanfar a aisíoc faoin gconradh athárachais arna shealbhú;

(b)

maidir le méideanna a mheasann sé go bhfaighidh sé ón athárachóir, nach mbraitheann ar éilimh ar na bunchonarthaí (mar shampla, cineálacha áirithe de choimisiúin ghéillte), pléifidh sé leo mar laghdú sna préimheanna a bheidh le híoc ag an athárachóir;

(ba)

maidir le méideanna a aithnítear mar chinn a bhaineann le haisghabháil caillteanas agus míreanna 66(c)(i)–(ii) agus 66A–66B á gcur i bhfeidhm, pléifidh sé leo mar mhéideanna arna n-aisghabháil ón athárachóir; agus

(c)

ní chuirfidh sé leithdháileadh na bpréimheanna arna n-íoc i láthair mar laghdú ar ioncam.

Ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais (féach míreanna B128–B136)

87

Áirítear le hioncam maoiniúcháin árachais nó le costais maoiniúcháin árachais an t-athrú i suim ghlanluacha an ghrúpa conarthaí árachais a eascraíonn ón méid seo a leanas:

(a)

éifeacht an amluacha airgid agus na n-athruithe san amluach airgid; agus

(b)

éifeacht an riosca airgeadais agus athruithe i riosca airgeadais; ach

(c)

gan aon athrú den sórt sin a chur san áireamh maidir le grúpaí conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí lena ndéanfaí an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú ach nach ndéanann amhlaidh agus míreanna 45(b)(ii), 45(b)(iii), 45(c)(ii) nó 45(c)(iii) á gcur i bhfeidhm. Áirítear iad sin le costais seirbhíse árachais.

87A

Cuirfidh eintiteas an méid seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

mír B117A maidir le hioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a eascraíonn ó mhír B115 (maolú riosca) a chur i bhfeidhm; agus

(b)

mír 88 agus mír 89 maidir le gach ioncam maoiniúcháin árachais eile nó gach costas maoiniúcháin árachais eile.

88

Agus mír 87A(b) á cur i bhfeidhm, mura bhfuil feidhm ag mír 89, déanfaidh eintiteas rogha ó thaobh an pholasaí cuntasaíochta de idir:

(a)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas; nó

(b)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a dhí-chomhiomlánú chun méid a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas a chinnfear le leithdháileadh córasach den ioncam maoiniúcháin árachais iomlán ionchasach nó de na costais maoiniúcháin árachais iomlána ionchasacha thar shaolré an ghrúpa conarthaí árachais, agus míreanna B130–B133 á gcur i bhfeidhm.

89

Agus mír 87A(b) á cur i bhfeidhm, maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta díreacha, dá bhfuil na hítimí forluiteacha i seilbh an eintitis, déanfaidh an t-eintiteas rogha ó thaobh an pholasaí cuntasaíochta de idir an dá cheann seo a leanas:

(a)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas; nó

(b)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais i gcomhair na tréimhse a dhí-chomhiomlánú chun méid a chur san áireamh i mbrabús nó caillteanas lena gcuirfear deireadh le neamhréireanna cuntasaíochta le hioncam nó costais arna gcur san áireamh i mbrabús nó i gcaillteanas maidir leis na hítimí forluiteacha arna sealbhú, agus míreanna B134–B136 á gcur i bhfeidhm.

90

Má roghnaíonn eintiteas an polasaí cuntasaíochta a leagtar amach i mír 88(b) nó i mír 89(b), áireoidh sé le hioncam cuimsitheach eile an difríocht idir an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais arna dtomhas ar an mbonn a leagtar amach sna míreanna sin agus iomlán an ioncaim maoinithe árachais nó na gcostas maoinithe árachais i gcomhair na tréimhse.

91

Má aistríonn eintiteas grúpa conarthaí árachais nó má dhéanann sé conradh árachais a dhí-aithint agus mír 77 á cur i bhfeidhm:

(a)

déanfaidh sé athaicmiú go dtí brabús agus caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1 Cur i Láthair Ráiteas Airgeadais) ar aon mhéid atá fágtha i ndáil leis an ngrúpa (nó conradh) a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile toisc gur roghnaigh an t-eintiteas an polasaí cuntasaíochta a leagtar amach i mír 88(b).

(b)

ní dhéanfaidh sé athaicmiú go dtí brabús agus caillteanas mar choigeartú athaicmithe (féach IAS 1) ar aon mhéid atá fágtha i ndáil leis an ngrúpa (nó conradh) a aithníodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile toisc gur roghnaigh an t-eintiteas an polasaí cuntasaíochta a leagtar amach i mír 89(b).

92

Le mír 30, éilítear ar eintiteas plé le conradh árachais mar ítim airgeadaíochta faoi IAS 21 chun ítimí in airgeadra eachtrach a aistriú go dtí airgeadra feidhmiúil an eintitis. Áiríonn eintiteas difríochtaí malartaithe maidir le hathruithe i suim ghlanluacha ghrúpaí conarthaí árachais sa ráiteas ar bhrabúis nó ar chaillteanais, mura mbaineann siad le hathruithe i suim ghlanluacha na ngrúpaí conarthaí árachais arna gcur san áireamh le hioncam cuimsitheach eile agus mír 90 á cur i bhfeidhm, agus sa chás sin cuirfear san áireamh le hioncam cuimsitheach eile iad.

NOCHTADH

93

Is é is cuspóir do na ceanglais maidir le nochtadh go nochtfaidh eintiteas faisnéis sna nótaí, lena ndéanfar in éineacht leis an bhfaisnéis arna soláthar sa ráiteas ar an staid airgeadais, sa ráiteas/sna ráitis ar fheidhmíocht airgeadais agus sa ráiteas ar shreafaí airgid, bunús a thabhairt d’úsáideoirí ráiteas airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar an éifeacht a bhíonn ag conarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 ar staid airgeadais, feidhmíocht airgeadais agus sreafaí airgid an eintitis. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, nochtfaidh eintiteas faisnéis cháilíochtúil agus faisnéis chainníochtúil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na méideanna arna n-aithint ina ráitis airgeadais maidir le conarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 (féach míreanna 97–116);

(b)

na breithiúnais shuntasacha, agus na hathruithe sna breithiúnais sin, arna ndéanamh agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm (féach míreanna 117–120); agus

(c)

cineál agus méid na rioscaí ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 (féach míreanna 121–132).

94

Déanfaidh eintiteas breithniú ar an méid mionsonraí a bhfuil gá leo chun an cuspóir maidir le nochtadh a chomhlíonadh, mar aon leis an méid béime is gá a chur ar gach ceann de na ceanglais éagsúla. Mura leor é an méid a nochtar, agus míreanna 97–132 á gcur i bhfeidhm, chun an cuspóir a luaitear i mír 93 a chomhlíonadh, nochtfaidh an t-eintiteas faisnéis bhreise is gá chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

95

Déanfaidh eintiteas faisnéis a chomhiomlánú nó a dhí-chomhiomlánú ionas nach ndéanfar aon fhaisnéis úsáideach a fholú trí líon mór mionsonraí neamhshuntasacha a chuimsiú nó trí ítimí a chomhiomlánú a bhfuil saintréithe difriúla acu.

96

Le míreanna 29–31 de IAS 1 leagtar amach ceanglais a bhaineann le hábharthacht agus le comhiomlánú faisnéise. Is iad seo a leanas roinnt samplaí de bhunúis chomhiomlánaithe a d’fhéadfadh a bheith iomchuí maidir le faisnéis arna nochtadh i ndáil le conarthaí árachais:

(a)

an cineál conartha (mar shampla, mórlínte táirgí);

(b)

limistéar geografach (mar shampla, tír nó réigiún); nó

(c)

deighleog intuairiscithe, mar a shainítear in IFRS 8 Deighleoga Oibriúcháin.

Míniú ar mhéideanna aitheanta

97

As na nochtuithe a éilítear le míreanna 98–109A, níl feidhm ach ag na cinn a luaitear i míreanna 98–100, 102–103, 105–105B agus 109A maidir le conarthaí ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ina leith. Má úsáideann eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna, déanfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh freisin:

(a)

cén ceann de na critéir i mír 53 agus mír 69 a chomhlíon sé;

(b)

cibé acu an dhéanann nó nach ndéanann sé coigeartú maidir leis an amluach airgid agus le héifeacht an riosca airgeadais agus mír 56, mír 57(b) agus mír 59(b), á gcur i bhfeidhm; agus

(c)

an modh a roghnaigh sé chun sreafaí airgid éadála árachais a aithint agus mír 59(a) á cur i bhfeidhm.

98

Nochtfaidh eintiteas réitigh lena léireofar an chaoi ar athraigh suimeanna glanluacha conarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 le linn na tréimhse mar gheall ar shreafaí airgid agus ioncam agus costais arna n-aithint sa ráiteas/sna ráitis ar fheidhmíocht airgeadais. Nochtfar réitigh ar leithligh maidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint agus maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú. Déanfaidh eintiteas ceanglais mhíreanna 100–109 a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar ghnéithe na gconarthaí athárachais arna sealbhú atá difriúil ó ghnéithe na gconarthaí árachais arna n-eisiúint; mar shampla, costais a ghiniúint nó costais a laghdú seachas ioncam.

99

Soláthróidh eintiteas go leor faisnéise sna réitigh chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais athruithe a aithint ó shreafaí airgid agus méideanna arna n-aithint sa ráiteas/sna ráitis ar fheidhmíocht airgeadais. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

na réitigh a leagtar amach i míreanna 100–105B a nochtadh i bhfoirm tábla; agus

(b)

maidir le gach réiteach, na suimeanna glanluacha i dtús agus i ndeireadh na tréimhse a chur i láthair, arna ndí-chomhiomlánú mar iomlán le haghaidh na bpunann conarthaí atá ina sócmhainní agus iomlán le haghaidh na bpunann conarthaí atá ina ndliteanais, atá comhionann leis na suimeanna arna gcur i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais agus mír 78 á cur i bhfeidhm.

100

Nochtfaidh eintiteas réitigh ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh ar leithligh maidir le gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

na glandliteanais (nó na glansócmhainní) i gcomhair na comhpháirte cumhdaigh atá fágtha, gan aon chomhpháirt caillteanais san áireamh.

(b)

aon chomhpháirt caillteanais (féach míreanna 47–52 agus 57–58).

(c)

na dliteanais i leith éilimh thabhaithe. Maidir le conarthaí árachais ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas réitigh ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

na meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí; agus

(ii)

an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais.

101

Maidir le conarthaí árachais seachas na conarthaí sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas réitigh freisin ó na hiarmhéideanna tosaigh go dtí na hiarmhéideanna deiridh ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí;

(b)

an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

(c)

an corrlach seirbhíse conarthaí.

102

Is é is cuspóir do na réitigh i míreanna 100–101 cineálacha difriúla faisnéise a sholáthar maidir leis an toradh seirbhíse árachais.

103

Déanfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas a bhaineann le seirbhísí a nochtadh ar leithligh sna réitigh a éilítear i mír 100, más infheidhme:

(a)

ioncam árachais.

(b)

costais seirbhíse árachais, agus an méid seo a leanas á léiriú ar leithligh:

(i)

éilimh thabhaithe (gan comhpháirteanna infheistíochta san áireamh) agus costais seirbhíse árachais eile arna dtabhú;

(ii)

sreafaí airgid éadála árachais a amúchadh;

(iii)

athruithe a bhaineann le seirbhís roimhe seo, i.e. athruithe i sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann leis an dliteanas i leith éilimh thabhaithe; agus

(iv)

athruithe a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, i.e. caillteanais ar ghrúpa dochraideacha conarthaí agus freaschuir na gcaillteanas sin.

(c)

comhpháirteanna infheistíochta arna n-eisiamh ó ioncam árachais agus ó chostais seirbhíse árachais (in éineacht le haisíocaíochtaí ar phréimheanna ach amháin i gcás ina gcuirtear aisíocaíochtaí ar phréimheanna i láthair mar chuid de na sreafaí airgid sa tréimhse ar a dtugtar tuairisc i mír 105(a)(i)).

104

Déanfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas a bhaineann le seirbhísí a nochtadh ar leithligh sna réitigh a éilítear i mír 101, más infheidhme:

(a)

athruithe a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, agus míreanna B96–B118 á gcur i bhfeidhm, lena léirítear an méid seo a leanas ar leithligh:

(i)

athruithe i meastacháin lena ndéantar an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú;

(ii)

athruithe i meastacháin nach ndéantar an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú dá dtoradh, i.e. caillteanais ar ghrúpaí de chonarthaí dochraideacha agus freaschuir na gcaillteanas sin; agus

(iii)

éifeachtaí conarthaí dá tugadh aitheantas tosaigh sa tréimhse.

(b)

athruithe a bhaineann leis an tseirbhís atá i bhfeidhm faoi láthair, ie:

(i)

méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas chun an t-aistriú seirbhísí a léiriú;

(ii)

an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais nach mbaineann le seirbhís sa todhchaí nó seirbhís roimhe seo; agus

(iii)

coigeartuithe taithí (féach mír B97(c) agus mír B113(a)), gan méideanna a bhaineann le coigeartú an riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chuimsítear i bpointe (ii) san áireamh.

(c)

athruithe a bhaineann le seirbhís roimhe seo, i.e. athruithe i sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le héilimh thabhaithe (féach mír B97(b) agus mír B113(a)).

105

Chun na réitigh i míreanna 100–101 a chur i gcrích, déanfaidh eintiteas gach ceann de na méideanna seo a leanas, nach mbaineann le seirbhísí arna soláthar sa tréimhse, a nochtadh ar leithligh freisin, más infheidhme:

(a)

sreafaí airgid sa tréimhse, lena n-áirítear:

(i)

préimheanna arna bhfáil maidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint (nó arna n-íoc maidir le conarthaí athárachais arna sealbhú);

(ii)

sreafaí airgid éadála árachais; agus

(iii)

éilimh thabhaithe arna n-íoc agus costais seirbhíse árachais eile arna n-íoc maidir le conarthaí árachais arna n-eisiúint (nó arna n-aisghabháil faoi chonarthaí athárachais arna sealbhú), gan sreafaí airgid éadála árachais san áireamh.

(b)

an éifeacht a bheadh ag athruithe sa riosca neamhfheidhmíochta ar thaobh eisitheoir na gconarthaí athárachais arna sealbhú;

(c)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais; agus

(d)

aon ítim líne bhreise a bhféadfadh gá a bheith leo chun tuiscint a fháil ar an athrú i suim ghlanluacha na gconarthaí árachais.

105A

Nochtfaidh eintiteas réiteach ón iarmhéid tosaigh go dtí an t-iarmhéid deiridh le haghaidh sócmhainní i ndáil le sreafaí airgid éadála árachais arna n-aithint agus mír 28B á cur i bhfeidhm. Déanfaidh eintiteas faisnéis a chomhiomlánú ar mhaithe leis an réiteach ar leibhéal atá comhsheasmhach leis an leibhéal a bhíonn i gceist le conarthaí árachais a réiteach, agus mír 98 á cur i bhfeidhm.

105B

Déanfaidh eintiteas aon chaillteanas lagaithe agus aon fhreaschur ar chaillteanais lagaithe arna n-aithint agus mír 28E–28F á cur i bhfeidhm a nochtadh ar leithligh sa réiteach a éilítear le mír 105A.

106

Maidir le conarthaí árachais arna n-eisiúint seachas na conarthaí sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas anailís ar an ioncam árachais arna aithint sa tréimhse lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

(a)

na méideanna a bhaineann leis na hathruithe sa dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha, mar a shonraítear i mír B124, agus an méid seo a leanas á nochtadh ar leithligh:

(i)

na costais seirbhíse árachais arna dtabhú le linn na tréimhse mar a shonraítear i mír B124(a);

(ii)

an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, mar a shonraítear i mír B124(b);

(iii)

méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar aistriú na seirbhísí conartha árachais le linn na tréimhse, mar a shonraítear i mír B124(c); agus

(iv)

méideanna eile, más ann dóibh, mar shampla, coigeartuithe taithí le haghaidh fáltais préimhe seachas iad siúd a bhaineann le seirbhís sa todhchaí mar a shonraítear i mír B124(d).

(b)

leithdháileadh na coda de na préimheanna a bhaineann le sreafaí airgid éadála árachais a aisghabháil (féach mír B125).

107

Maidir le conarthaí árachais seachas na conarthaí sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas an éifeacht ar an ráiteas ar an staid airgeadais ar leithligh i ndáil le conarthaí árachais arna n-eisiúint agus conarthaí athárachais arna sealbhú dá dtugtar aitheantas tosaigh sa tréimhse, agus a n-éifeacht tráth a thugtar aitheantas tosaigh á léiriú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

na meastacháin ar luach reatha eis-sreafaí airgid todhchaí, lena léirítear, ar leithligh, méid na sreafaí airgid éadála árachais;

(b)

na meastacháin ar luach reatha na n-insreafaí airgid todhchaí;

(c)

an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

(d)

an corrlach seirbhíse conarthaí.

108

Sna nochtuithe a éilítear le mír 107, déanfaidh eintiteas méideanna a eascraíonn ó na nithe seo a leanas a nochtadh ar leithligh:

(a)

conarthaí a fhaightear ó eintitis eile in aistrithe conarthaí árachais nó i gcomhcheangail idir gnólachtaí; agus

(b)

grúpaí conarthaí atá dochraideach.

109

Maidir le conarthaí árachais seachas na conarthaí árachais sin ar cuireadh an cur chuige leithdháilte préimheanna ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59 nó 69–70A i bhfeidhm maidir leo, nochtfaidh eintiteas cathain a measann sé go n-aithneoidh sé an corrlach seirbhíse conarthaí a bheidh fágtha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe mar bhrabús nó mar chaillteanas go cainníochtúil, i dtréimhsí ama iomchuí. Nochtfar an fhaisnéis sin ar leithligh maidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint agus conarthaí athárachais arna sealbhú.

109A

Nochtfaidh eintiteas go cainníochtúil, i dtréimhsí ama iomchuí, cathain a mheasann sé go ndí-aithneoidh sé sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais agus mír 28C á cur i bhfeidhm.

Ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais

110

Déanfaidh eintiteas méid iomlán an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais sa tréimhse tuairiscithe a nochtadh agus a mhíniú. Go háirithe, míneoidh eintiteas an gaol idir ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais agus an toradh infheistíochta ar a chuid sócmhainní, chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí a ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar na foinsí ioncaim maoiniúcháin nó costais maoiniúcháin arna n-aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas agus ioncam cuimsitheach eile.

111

Maidir le conarthaí ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, tabharfaidh an t-eintitis tuairisc ar chomhdhéanamh na n-ítimí forluiteacha agus nochtfaidh sé a gcóirluach.

112

Maidir le conarthaí ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, má roghnaíonn eintiteas gan an corrlach seirbhíse conarthaí a choigeartú i ndáil le roinnt athruithe sna sreafaí airgid comhlíonta, agus mír B115 á cur i bhfeidhm, nochtfaidh sé éifeacht na rogha sin ar an gcoigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí sa tréimhse atá ann faoi láthair.

113

Maidir le conarthaí ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, má athraíonn eintiteas bunús an dí-chomhiomlánaithe i ndáil le hioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais idir brabús agus caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile, agus mír B135 á cur i bhfeidhm, nochtfaidh sé an méid seo a leanas, sa tréimhse ina dtarlaíonn an t-athrú sa chur chuige:

(a)

an chúis gur éilíodh ar an eintiteas bunús an dí-chomhiomlánaithe a athrú;

(b)

méid aon choigeartú le haghaidh gach ítim líne ráitis airgeadais dá ndéantar difear; agus

(c)

suim ghlanluacha an ghrúpa conarthaí árachais lenar bhain an t-athrú ar dháta an athraithe.

Méideanna idirthréimhseacha

114

Soláthróidh eintiteas nochtuithe lena gcuirfear ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais an éifeacht a bhíonn ag grúpaí conarthaí árachais arna dtomhas ag an dáta idirthréimhseach, agus an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe (féach míreanna C6–C19A) nó an cur chuige cóirluacha (féach míreanna C20–C24B) á chur i bhfeidhm, ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí agus ar ioncam árachais i dtréimhsí dá éis sin a aithint. Dá bhrí sin, nochtfaidh eintiteas réiteach an chorrlaigh seirbhíse conarthaí agus mír 101(c) á cur i bhfeidhm, agus méid an ioncaim árachais agus mír 103(a) á cur i bhfeidhm, ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

conarthaí árachais a bhí ann ag an dáta idirthréimhseach ar chuir an t-eintiteas an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe i bhfeidhm maidir leo;

(b)

conarthaí árachais a bhí ann ag an dáta idirthréimhseach ar chuir an t-eintiteas an cur chuige cóirluacha i bhfeidhm maidir leo; agus

(c)

gach conradh árachais eile.

115

Maidir leis na tréimhsí uile ina ndéantar nochtuithe agus mír 114(a) nó mír 114(b) á gcur i bhfeidhm, chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais tuiscint a fháil ar chineál agus ar thábhacht na modhanna arna n-úsáid agus na mbreithiúnas arna gcur i bhfeidhm chun na méideanna idirthréimhseacha a chinneadh, míneoidh an t-eintiteas conas a chinn sé tomhas na gconarthaí árachais ag an dáta idirthréimhseach.

116

Má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile, cuirfidh sé míreanna C18(b), C19(b), C24(b) agus C24(c) i bhfeidhm chun an difríocht charnach a chinneadh idir an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a d’aithneofaí mar bhrabús nó mar chaillteanas agus an t-ioncam maoiniúcháin árachais iomlán nó costais maoiniúcháin árachais iomlán ag an dáta idirthréimhseach i gcomhair na ngrúpaí conarthaí árachais lena mbaineann an dí-chomhiomlánú. Maidir leis na tréimhsí uile inarb ann do mhéideanna arna gcinneadh agus na míreanna sin á gcur i bhfeidhm, nochtfaidh an t-eintiteas réiteach ó iarmhéid tosaigh go dtí iarmhéid deiridh na méideanna carnacha arna gcuimsiú in ioncam cuimsitheach eile le haghaidh sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile a bhaineann leis na grúpaí conarthaí árachais. Áireofar leis an réiteach sin, mar shampla, gnóthachain nó caillteanais arna n-aithint in ioncam cuimsitheach eile sa tréimhse agus gnóthachain nó caillteanais a aithníodh roimhe seo in ioncam cuimsitheach eile i dtréimhsí roimhe seo arna n-athaicmiú sa tréimhse mar bhrabús nó caillteanas.

Breithiúnais shuntasacha agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm

117

Nochtfaidh eintiteas na breithiúnais shuntasacha agus na hathruithe suntasacha i mbreithiúnais arna ndéanamh agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm. Go sonrach, nochtfaidh eintiteas na hionchuir, na toimhdí agus na teicnící meastacháin a úsáidtear, lena n-áirítear:

(a)

na modhanna a úsáidtear chun conarthaí árachais a thomhas a thagann faoi raon feidhme IFRS 17 agus na próisis chun na hionchuir leis na modhanna sin a mheas. Mura bhfuil sé dodhéanta, soláthróidh eintiteas faisnéis chainníochtúil faoi na hionchuir sin freisin.

(b)

aon athrú sna modhanna agus sna próisis chun meastachán a dhéanamh faoi ionchuir a úsáidtear chun conarthaí a thomhas, faoin gcúis le gach athrú, agus faoin gcineál conarthaí a ndéantar difear dóibh.

(c)

a mhéid nach gcumhdaítear in (a), an cur chuige a úsáidtear:

(i)

chun athruithe i meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí, a eascraíonn ó fheidhmiú discréide, a idirdhealú ó athruithe eile i meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí i ndáil le conarthaí gan gnéithe rannpháirtíochta dírí (féach mír B98);

(ii)

chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh, lena n-áirítear a mheas an ndéantar athruithe sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a dhí-chomhiomlánú ina gcomhpháirt seirbhíse árachais agus ina gcomhpháirt maoiniúcháin árachais nó an gcuirtear i láthair iad go hiomlán sa toradh seirbhíse árachais;

(iii)

chun rátaí lascaine a chinneadh;

(iv)

chun comhpháirteanna infheistíochta a chinneadh; agus

(v)

chun ualú coibhneasta na dtairbhí arna soláthar le cumhdach árachais agus le seirbhís toraidh infheistíochta, nó le cumhdach árachais agus le seirbhís a bhaineann le hinfheistíocht, a chinneadh (féach míreanna B119–B119B).

118

Má roghnaíonn eintiteas, agus mír 88(b) nó mír 89(b) á cur i bhfeidhm aige, ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú ina méideanna a chuirfear i láthair i mbrabús nó caillteanas agus ina méideanna a chuirtear i láthair in ioncam cuimsitheach eile, nochtfaidh an t-eintiteas míniú ar na modhanna arna n-úsáid chun an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais, arna n-aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas, a chinneadh.

119

Ní mór d’eintiteas an leibhéal muiníne a nochtadh a úsáidtear chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh. Má úsáideann an t-eintiteas teicníc seachas teicníc an leibhéil mhuiníne chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh, nochtfaidh sé an teicníc arna húsáid agus an leibhéal muiníne a fhreagraíonn do thorthaí na teicníce sin.

120

Nochtfaidh eintiteas an cuar toraidh (nó raon na gcuar toraidh) a úsáidtear chun sreafaí airgid a lascainiú nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, agus mír 36 á cur i bhfeidhm. Nuair a sholáthraíonn eintiteas an nochtadh sin i bhfoirm chomhiomlán maidir le roinnt grúpaí de chonarthaí árachais, soláthróidh sé nochtuithe den sórt sin i bhfoirm meáin ualaithe, nó raonta sách cúng.

Cineál agus méid na rioscaí a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17

121

Nochtfaidh eintiteas faisnéis lena gcuirtear ar a gcumas d’úsáideoirí a chuid ráiteas airgeadais meastóireacht a dhéanamh ar chineál, méid, uainiú agus neamhchinnteacht na sreafaí airgid todhchaí a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17. Tá ceanglais i míreanna 122–132 maidir le nochtuithe a mbeadh gá leo de ghnáth chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.

122

Bíonn na nochtuithe sin dírithe ar na rioscaí árachais agus airgeadais a eascraíonn ó chonarthaí árachais agus ar an gcaoi ar bainistíodh iad. Áirítear riosca creidmheasa, riosca leachtachta agus riosca margaidh le rioscaí airgeadais de ghnáth, ach níl siad teoranta dóibh sin amháin.

123

Maidir leis an bhfaisnéis a nochtar faoi neamhchosaint an eintitis i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, mura bhfuil sé ionadaíoch ar a neamhchosaint le linn na tréimhse sin, nochtfaidh an t-eintiteas an méid sin, agus an chúis nach bhfuil an neamhchosaint i ndeireadh na tréimhse ionadaíoch, mar aon le faisnéis bhreise atá ionadaíoch ar neamhchosaint an eititis le linn na tréimhse.

124

Maidir le gach cineál riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a)

na neamhchosaintí agus conas a tharlaíonn siad;

(b)

cuspóirí, polasaithe agus próisis an eintitis i ndáil le bainistíocht na rioscaí agus na modhanna a úsáidtear chun na rioscaí a thomhas; agus

(c)

aon athrú ar (a) nó ar (b) ón tréimhse roimhe sin.

125

Maidir le gach cineál riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a)

faisnéis chainníochtúil achomair faoin neamhchosaint sin i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe. Beidh an nochtadh sin bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar go hinmheánach do phríomhphearsanra bainistíochta an eintitis.

(b)

na nochtuithe a éilítear le míreanna 127–132, a mhéid nach soláthraítear iad agus pointe (a) den mhír seo á chur i bhfeidhm.

126

Nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi éifeacht na gcreataí rialála ina n-oibríonn sé; mar shampla, íoscheanglais chaipitil nó ráthaíochtaí ráta úis a éilítear. Má chuireann eintiteas mír 20 i bhfeidhm agus na grúpaí de chonarthaí árachais, a gcuireann sé na ceanglais aitheantais agus tomhais in IFRS 17 i bhfeidhm ina leith, á gcinneadh, nochtfaidh sé an fhaisnéis sin.

Gach cineál riosca—comhchruinnithe riosca

127

Nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi chomhchruinnithe riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi a gcinneann an t-eintiteas na comhchruinnithe, agus tuairisc ar an tsaintréith choiteann lena n-aithnítear gach comhchruinniú (mar shampla, an cineál imeachta atá faoi árachas, tionscal, limistéar geografach, nó airgeadra). D’fhéadfadh comhchruinnithe de riosca airgeadais tarlú, mar shampla, mar gheall ar ráthaíochtaí ráta úis a thagann i bhfeidhm ar an leibhéal céanna le haghaidh líon mór conarthaí. D’fhéadfadh comhchruinnithe riosca airgeadais eascairt ó chomhchruinnithe de riosca neamhairgeadais freisin; mar shampla, má sholáthraíonn eintiteas cosaint ar dhliteanas i leith táirgí do chuideachtaí cógaisíochta agus infheistíochtaí sna cuideachtaí sin ina seilbh freisin.

Árachas agus rioscaí margaidh—anailís íogaireachta

128

Nochtfaidh eintiteas faisnéis faoi íogaireachtaí i leith athruithe in athróga riosca a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a)

anailís íogaireachta lena léireofar conas a dhéanfadh athruithe in athróga riosca, a raibh seans réasúnach ann go dtarlóidís i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, difear do bhrabús nó caillteanas agus cothromas:

(i)

maidir le riosca árachais—agus an éifeacht ar chonarthaí árachais arna n-eisiúint á léiriú, sula ndéanfar maolú riosca le conarthaí athárachais arna sealbhú agus dá éis sin; agus

(ii)

maidir le gach cineál riosca margaidh—ar bhealach lena mínítear an gaol idir na híogaireachtaí i leith athruithe in athróga riosca a eascraíonn ó chonarthaí árachais agus ó na hathruithe sin a eascraíonn ó shócmhainní airgeadais arna sealbhú ag an eintiteas.

(b)

na modhanna agus na toimhdí arna n-úsáid agus an anailís íogaireachta á hullmhú; agus

(c)

athruithe ón tréimhse roimhe seo sna modhanna agus toimhdí arna n-úsáid agus an anailís íogaireachta á hullmhú, agus na cúiseanna leis na hathruithe sin.

129

Má ullmhaíonn eintiteas anailís íogaireachta lena léirítear conas a dhéanann athruithe in athróga riosca difear do mhéideanna atá difriúil ó na cinn sin a shonraítear i mír 128(a) agus má úsáideann sé an anailís íogaireachta sin chun rioscaí a bhainistiú a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, féadfaidh sé an anailís íogaireachta sin a úsáid in ionad na hanailíse a shonraítear i mír 128(a). Déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh freisin:

(a)

míniú ar an modh a úsáidtear chun anailís íogaireachta den sórt sin a ullmhú agus ar na príomhpharaiméadair agus ar na príomhthoimhdí is bonn leis an bhfaisnéis arna soláthar; agus

(b)

míniú ar chuspóir an mhodha a úsáidtear agus ar aon teorainn a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an bhfaisnéis arna soláthar.

Riosca árachais—éilimh a fhorbairt

130

Nochtfaidh eintiteas éilimh iarbhír i gcomparáid le meastacháin roimhe seo ar mhéid neamhlascainithe na n-éileamh (ie éilimh a fhorbairt). Cuirfear tús leis an nochtadh faoi éilimh a fhorbairt leis an tréimhse inar tháinig an t-éileamh ábhartha is luaithe/na héilimh ábhartha is luaithe chun cinn, dá bhfuil neamhchinnteacht fós ann faoi mhéid agus faoi uainiú íocaíochtaí na n-éileamh i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe; ach ní éilítear go dtosófar am is luaithe ná 10 mbliana roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe leis an nochtadh. Ní éilítear ar an eintiteas faisnéis a nochtadh faoi fhorbairt éileamh dá ndéantar aon neamhchinnteacht faoi mhéid agus faoi uainiú íocaíochtaí na n-éileamh a réiteach laistigh de bhliain amháin de ghnáth. Déanfaidh eintiteas an nochtadh maidir le forbairt éileamh a réiteach le suim ghlanluacha chomhiomlán na ngrúpaí conarthaí árachais, a nochtann an t-eintiteas agus mír 100(c) á cur i bhfeidhm aige.

Riosca creidmheasa—faisnéis eile

131

Maidir le riosca creidmheasa a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a)

an méid is fearr a sheasann dá neamhchosaint uasta chreidmheasa i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe, ar leithligh le haghaidh conarthaí árachais arna n-eisiúint agus conarthaí athárachais arna sealbhú; agus

(b)

faisnéis faoi cháilíocht creidmheasa conarthaí athárachais arna sealbhú atá ina sócmhainní.

Riosca leachtachta—faisnéis eile

132

Maidir le riosca leachtachta a eascraíonn ó chonarthaí a thagann faoi raon feidhme IFRS 17, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas a nochtadh:

(a)

tuairisc ar an gcaoi a mbainistíonn sé an riosca leachtachta.

(b)

anailísí aibíochta ar leithligh maidir le punanna de chonarthaí árachais arna n-eisiúint atá ina ndliteanais agus punanna de chonarthaí athárachais arna sealbhú atá ina ndliteanais lena léirítear, ar a laghad, glansreafaí airgid na bpunann le haghaidh gach ceann de na chéad 5 bliana tar éis an dáta tuairiscithe agus i gcomhiomlán tar éis na chéad 5 bliana. Ní éilítear ar eintiteas dliteanais, i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha, arna dtomhas agus míreanna 55–59 agus míreanna 69–70A á gcur i bhfeidhm, a chuimsiú sna hanailísí sin. Féadfaidh na hanailísí a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(i)

anailís, le huainiú measta, ar na glansreafaí airgid neamhlascainithe conarthacha atá fágtha; nó

(ii)

anailís, le huainiú measta, ar na meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí.

(c)

na méideanna is iníoctha ar éileamh, lena mínítear an gaol idir na méideanna sin agus suim ghlanluacha na bpunann conarthaí lena mbaineann, mura ndéantar a leithéid a nochtadh agus pointe (b) den mhír sin á chur i bhfeidhm.


Aguisín A

Téarmaí sainmhínithe

Tá an aguisín seo ina chuid lárnach de IFRS 17 Conarthaí Árachais.

an corrlach seirbhíse conarthaí

Comhpháirt de shuim ghlanluacha na sócmhainne nó an dliteanais i ndáil le grúpa conarthaí árachais lena léirítear an brabús neamhthuillte a aithneoidh an t-eintiteas agus seirbhísí conartha árachais á soláthar aige faoi na conarthaí árachais sa ghrúpa.

tréimhse cumhdaigh

An tréimhse ina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí conartha árachais. Áirítear leis an tréimhse sin na seirbhísí conartha árachais a bhaineann leis na préimheanna uile laistigh de theorainn an chonartha árachais.

coigeartú taithí

Difríocht idir:

(a)

le haghaidh fáltais préimhe (agus aon sreabhadh airgid gaolmhara amhail sreafaí airgid éadála árachais agus cánacha i ndáil le préimheanna árachais)—an meastachán i dtús na tréimhse ar na suimeanna ionchasacha sa tréimhse agus na sreafaí airgid iarmhír sa tréimhse; nó

(b)

le haghaidh costais seirbhíse árachais (gan costais éadála árachais san áireamh)—an meastachán i dtús na tréimhse ar na méideanna a mheastar a thabhófar sa tréimhse agus na méideanna iarbhír arna dtabhú sa tréimhse.

riosca airgeadais

An riosca go dtiocfadh athrú ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas sa todhchaí - ráta úis sonraithe, praghas na hionstraime airgeadais, praghas tráchtearra, an ráta malairte eachtraí, an t-innéacs praghsanna nó rátaí, an rátáil chreidmheasa nó innéacs creidmheasa, nó ar athróg eile, ar choinníoll, i gcás athróige neamhairgeadais, nach mbaineann an athróg go sonrach le páirtí leis an gconradh.

sreafaí airgid comhlíonta

Meastachán sainráite, neamhchlaonta agus ualaithe de réir dóchúlachta, (ie luach ionchasach) ar luach reatha na n-eis-sreafaí airgid todhchaí lúide luach reatha na n-insreafaí airgid todhchaí a thiocfaidh chun cinn de réir mar a chomhlíonann an t-eintiteas conarthaí árachais, lena n-áirítear coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais.

grúpa conarthaí árachais

Tacar conarthaí árachais a thagann as punann conarthaí árachais a roinnt, ar a laghad, ina gconarthaí arna n-eisiúint laistigh de thréimhse nach faide ná bliain amháin agus lena mbaineann an méid seo a leanas, tráth a thugtar aitheantas tosaigh:

(a)

tá siad dochraideach, más ann dóibh;

(b)

níl aon fhéidearthacht shuntasach ann go n-éireoidh siad dochraideach, más ann dóibh; nó

(c)

ní bhaineann (a) nó (b) thuas leo, más ann dóibh.

sreafaí airgid éadála árachais

Sreafaí airgid a eascraíonn ó na costais a bhaineann le grúpa conarthaí árachais (a eisíodh nó a bhfuil coinne ann go n-eiseofar iad) a dhíol, a fhrithghealladh agus tús a chur leo, atá inchurtha go díreach i leith na punainne conarthaí árachais lena mbaineann an grúpa. Áirítear le sreafaí airgid den sórt sin sreafaí airgid nach bhfuil inchurtha go díreach i leith conarthaí ar leithligh nó grúpaí conarthaí árachais laistigh den phunann.

conradh árachais

Conradh faoina nglacann páirtí amháin (an t-eisitheoir) riosca árachais suntasach ó pháirtí eile (an sealbhóir polasaí) trí chomhaontú go dtabharfaidh sé cúiteamh don sealbhóir polasaí má dhéanann imeacht neamhchinnte sonraithe sa todhchaí (an t-imeacht árachaithe) díobháil don sealbhóir polasaí.

seirbhísí conartha árachais

Na seirbhísí seo a leanas a sholáthraíonn eintiteas do shealbhóir polasaí conartha árachais:

(a)

cumhdach maidir le himeacht árachaithe (cumhdach árachais);

(b)

maidir le conarthaí árachais gan ghnéithe rannpháirtíochta dírí, toradh ar infheistíocht a ghiniúint don sealbhóir polasaí, más infheidhme (seirbhíse toraidh infheistíochta); agus

(c)

maidir le conarthaí árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí, ítimí forluiteacha a bhainistiú ar son an tsealbhóra polasaí (seirbhís a bhaineann le hinfheistíocht).

conradh árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí

Conradh árachais lena mbaineann an méid seo a leanas, tráth tionscanta an chonartha:

(a)

sonraítear sna téarmaí conarthacha go nglacfaidh an sealbhóir polasaí páirt i sciar de chomhthiomsú ítimí forluiteacha arna aithint go soiléir;

(b)

measann an t-eintiteas go n-íocfaidh sé suim leis an sealbhóir polasaí a bheidh cothrom le sciar substaintiúil de na fáltais chóirluacha i ndáil leis na hítimí forluiteacha; agus

(c)

measann an t-eintiteas go mbeidh éagsúlacht i gcuid shubstaintiúil d’aon athrú ar na méideanna a bheidh le híoc leis an sealbhóir polasaí de réir an athraithe i gcóirluach na n-ítimí forluiteacha.

conradh árachais gan ghnéithe rannpháirtíochta dírí

Conradh árachais nach conradh árachais ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí.

riosca árachais

Riosca, seachas riosca airgeadais, arna aistriú ó shealbhóir conartha chuig an eisitheoir.

imeacht árachaithe

Imeacht neamhchinnte sa todhchaí arna chumhdach le conradh árachais lena gcruthaítear riosca árachais.

comhpháirt infheistíochta

Na méideanna a éilítear le conradh árachais ar an eintiteas a aisíoc le sealbhóir polasaí i ngach cás, gan beann ar cibé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn imeacht árachaithe.

conradh infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide

Ionstraim airgeadais lena dtugtar an ceart conarthach d’infheisteoir áirithe méideanna breise a fháil, mar fhorlíonadh le méid nach bhfuil faoi rogha an eisitheora:

(a)

a mheastar a bheidh ina gcuid shuntasach de na tairbhí conarthacha iomlána;

(b)

a bhfuil uainiú nó suim na méideanna sin faoi rogha an eisitheora de réir an chonartha; agus

(c)

beidh na méideanna bunaithe go conarthach ar:

(i)

na fáltais ar chomhthiomsú sonraithe conarthaí nó ar chineál sonraithe conartha;

(ii)

fáltais infheistíochta réadaithe agus/nó neamhréadaithe i ndáil le comhthiomsú sonraithe sócmhainní arna sealbhú ag an eisitheoir; nó

(iii)

brabús nó caillteanas an eintitis nó an chiste a eisíonn an conradh.

dliteanas i leith éilimh thabhaithe

An oibleagáid atá ar eintiteas chun:

(a)

imscrúdú a dhéanamh ar éilimh bhailí maidir le himeachtaí faoi árachas a tharla cheana féin, agus na héilimh sin a íoc, lena n-áirítear imeachtaí a tharla cheana féin ach nár tuairiscíodh éilimh ina leith, agus costais árachais eile arna dtabhú; agus

(b)

méideanna a íoc nach gcuimsítear i bpointe (a) agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

seirbhísí conartha árachais a soláthraíodh cheana féin; nó

(ii)

aon chomhpháirt infheistíochta nó méideanna eile nach mbaineann le seirbhísí conartha árachais a sholáthar agus nach bhfuil sa dliteanas i ndáil leis an gcumhdach atá fágtha.

an dliteanas maidir leis an gcumhdach atá fágtha

An oibleagáid atá ar eintiteas chun:

(a)

imscrúdú a dhéanamh ar éilimh bhailí faoi chonarthaí árachais atá ann cheana le haghaidh imeachtaí faoi árachas nár tharla fós, agus na héilimh sin a íoc, (i.e. an oibleagáid a bhaineann leis an gcuid neamhchaite den chumhdach árachais); agus

(b)

méideanna a íoc faoi chonarthaí árachais atá ann cheana nach gcuimsítear i bpointe (a) agus a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i)

seirbhísí conartha árachais nár soláthraíodh fós (i.e. na hoibleagáidí a bhaineann le seirbhísí conartha árachais a sholáthar sa todhchaí); nó

(ii)

aon chomhpháirt infheistíochta nó méideanna eile nach mbaineann le seirbhísí conartha árachais a sholáthar agus nár aistríodh go dtí an dliteanas i leith éilimh thabhaithe.

sealbhóir polasaí

Páirtí a bhfuil ceart chun cúitimh aige/aici faoi chonradh árachais má tharlaíonn imeacht árachaithe.

punann conarthaí árachais

Conarthaí árachais atá faoi réir rioscaí comhchosúla agus a bhainistítear le chéile.

conradh athárachais

Conradh árachais a eisíonn eintiteas amháin (an t-athárachóir) chun eintiteas eile a chúiteamh maidir le héilimh a eascraíonn ó chonradh árachais amháin nó níos mó, arna eisiúint ag an eintiteas eile sin (bunchonarthaí).

coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais

An cúiteamh a éilíonn eintiteas maidir leis an neamhchinnteacht a sheasamh i ndáil le méid agus uainiú na sreafaí airgid a eascraíonn ó riosca neamhairgeadais de réir mar a chomhlíonann eintiteas conarthaí árachais.

ítimí forluiteacha

Ítimí lena gcinntear cuid de na méideanna is iníoctha le sealbhóir polasaí. Féadfaidh aon ítim a bheith san áireamh le hítimí forluiteacha; mar shampla, punann sócmhainní tagartha, glansócmhainní an eintitis, nó fothacar sonraithe de ghlansócmhainní an eintitis.


Aguisín B

Treoraíocht maidir le cur i bhfeidhm

Tá an aguisín seo ina chuid lárnach de IFRS 17 Conarthaí Árachais.

B1   

Soláthraítear treoraíocht san aguisín seo maidir leis an méid a leanas:

(a)

sainmhíniú ar chonradh árachais (féach míreanna B2–B30);

(b)

comhpháirteanna a dheighilt ó chonradh árachais (féach míreanna B31–B35);

(ba)

sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais (féach míreanna B35A–B35D);

(c)

tomhas (féach míreanna B36–B119F);

(d)

ioncam árachais (féach míreanna B120–B127);

(e)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais (féach míreanna B128–B136); agus

(f)

ráitis airgeadais eatramhacha (féach mír B137).

SAINMHÍNIÚ AR CHONRADH ÁRACHAIS (FÉACH AGUISÍN A)

B2

Tugtar treoraíocht sa roinn seo ar an sainmhíniú ar chonradh árachais mar a shonraítear in Aguisín A. Pléitear na méid seo a leanas inti:

(a)

imeacht neamhchinnte sa todhchaí (féach míreanna B3–B5);

(b)

íocaíochtaí comhchineáil (féach mír B6);

(c)

an t-idirdhealú idir riosca árachais agus rioscaí eile (féach míreanna B7–B16);

(d)

riosca árachais suntasach (féach míreanna B17–B23);

(e)

athruithe i leibhéal an riosca árachais (féach míreanna B24–B25); agus

(f)

samplaí de chonarthaí árachais (féach míreanna B26–B30).

Imeacht neamhchinnte sa todhchaí

B3

Dlúthchuid de chonradh árachais is ea an neamhchinnteacht (nó riosca). Dá réir sin, tá ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas neamhchinnte agus tús á chur le conradh árachais:

(a)

an dóchúlacht go dtarlóidh imeacht árachaithe;

(b)

cathain a tharlóidh an t-imeacht árachaithe; nó

(c)

an méid a bheidh ar an eintiteas a íoc má tharlaíonn an t-imeacht árachaithe.

B4

I roinnt conarthaí árachais, is é atá san imeacht atá faoi árachas caillteanas a aimsiú le linn théarma an chonartha, fiú amháin má eascraíonn an caillteanas sin ó imeacht a tharla sular cuireadh tús leis an gconradh. I gconarthaí árachais eile, an t-imeacht atá faoi árachas, is é an t-imeacht a tharlaíonn le linn théarma an chonartha, fiú amháin má aimsítear an caillteanas dá thoradh tar éis dheireadh théarma an chonartha.

B5

Cumhdaítear imeachtaí a tharla cheana féin ach nach bhfuil a n-éifeacht airgeadais cinnte fós le roinnt conarthaí árachais. Sampla de sin is ea conradh árachais lena soláthraítear cumhdach árachais in aghaidh forbairt dhíobhálach a bhain le himeacht a tharla cheana féin. Costas foriomlán na n-éileamh sin a chinneadh, sin é an t-imeacht árachaithe i gconarthaí den sórt sin.

Íocaíochtaí comhchineáil

B6

Le roinnt conarthaí árachais éilítear go ndéanfar íocaíochtaí comhchineáil nó ceadaítear amhlaidh. Sna cásanna sin, soláthraíonn an t-eintiteas earraí nó seirbhísí don sealbhóir polasaí chun oibleagáid an eintitis a chomhlíonadh i ndáil leis an sealbhóir polasaí a chúiteamh maidir le himeachtaí faoi árachas. Mar shampla, nuair a sholáthraíonn an t-eintiteas earra eile in ionad earra a goideadh seachas méid a chaillteanais a aisíoc leis an sealbhóir polasaí. Sampla eile is ea nuair a úsáideann eintiteas a chuid ospidéal agus foirne liachta féin chun seirbhísí liachta a sholáthar a chumhdaítear leis an gconradh árachais. Is conarthaí árachais atá i gceist le conarthaí den sórt sin, cé go réitítear na héilimh le híocaíochtaí comhchineáil. Tá conarthaí seirbhíse le táille seasta lena gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i mír 8 ina gconarthaí árachais freisin, ach nuair a chuirtear mír 8 i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas rogha a dhéanamh IFRS 17 nó IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí a chur i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil orthu.

An t-idirdhealú idir riosca árachais agus rioscaí eile

B7

Éilíonn an sainmhíniú ar chonradh árachais go nglacann páirtí amháin riosca árachais suntasach ó pháirtí eile. Sainmhínítear riosca árachais in IFRS 17 mar “riosca, seachas riosca airgeadais, arna aistriú ó shealbhóir conartha chuig an eisitheoir”. Ní conradh árachais é conradh lena nochtar an t-eisitheoir do riosca airgeadais gan riosca árachais suntasach.

B8

Leis an sainmhíniú ar riosca airgeadais in Aguisín A, tagraítear d’athróga airgeadais agus neamhairgeadais. I measc na samplaí d’athróga neamhairgeadais nach mbaineann go sonrach le páirtí sa chonradh, áirítear innéacs de chaillteanais de bharr crith talún i réigiún áirithe nó teochtaí i gcathair áirithe. Ní áirítear le riosca airgeadais aon riosca ó athróga neamhairgeadais a bhaineann go sonrach le páirtí sa chonradh, amhail tarlú nó neamhtharlú tine a dhéanann díobháil do shócmhainn de chuid an pháirtí sin nó a scriosann sócmhainn de chuid an pháirtí sin. Thairis sin, ní hionann riosca airgeadais agus an riosca go dtiocfadh athruithe ar chóirluach sócmhainne neamhairgeadais más rud é go léiríonn an cóirluach athruithe i bpraghsanna margaidh sócmhainní den sórt sin (i.e. athróg airgeadais) agus riocht sócmhainne neamhairgeadais sonraí arna sealbhú ag páirtí sa chonradh (ie athróg neamhairgeadais). Mar shampla, i gcás ráthaíocht maidir le luach iarmharach gluaisteáin shonraigh a bhfuil leas inárachais ag an sealbhóir polasaí ann, más rud é go nochtann an ráthaíocht sin an ráthóir don riosca maidir le hathruithe ar riocht fisiciúil an chairr, is riosca árachais é an riosca sin, seachas riosca airgeadais.

B9

Le roinnt conarthaí, nochtar an t-eisitheoir do riosca airgeadais mar aon le riosca árachais suntasach. Mar shampla, rathaíonn mórán conarthaí árachais saoil íosráta toraidh do shealbhóirí polasaí, rud lena gcruthaítear riosca airgeadais, agus an tráth céanna geallann siad sochair bháis a d’fhéadfadh a bheith cuid mhaith níos mó ná iarmhéid chuntas an tsealbhóra polasaí, rud lena gcruthaítear riosca árachais i bhfoirm riosca mortlaíochta. Is conarthaí árachais iad conarthaí den sórt sin.

B10

Faoi chonarthaí áirithe, spreagann imeacht árachaithe íocaíocht de mhéid atá nasctha le praghasinnéacs. Conarthaí den sórt sin, is conarthaí árachais iad, ar choinníoll go bhféadfadh íocaíocht shuntasach a bheith i gceist leis an íocaíocht a bhraitheann ar an imeacht árachaithe. Mar shampla, aistrítear riosca árachais le blianacht saolteagmhasach atá nasctha le hinnéacs costas maireachtála toisc go spreagtar an íocaíocht mar gheall ar imeacht neamhchinnte sa todhchaí—go maireann an duine a fhaigheann an bhlianacht. Is díorthach atá sa nasc leis an bpraghasinnéacs, ach aistrítear riosca árachais leis freisin toisc go mbraitheann líon na n-íocaíochtaí lena mbaineann an t-innéacs ar mharthanas an bhlianachtóra. Más aistriú suntasach é an t-aistriú riosca árachais a dhéanfar dá thoradh, comhlíonann an díorthach an sainmhíniú ar chonradh árachais, agus sa chás sin ní dhéanfar é a dheighilt ón gconradh óstaigh (féach mír 11(a)).

B11

An riosca árachais, is é an riosca a ghlacann an t-eintiteas ón sealbhóir polasaí. Ciallaíonn sé sin nach mór don eintiteas riosca a ghlacadh ón sealbhóir polasaí, riosca dá raibh an sealbhóir polasaí nochta cheana féin. Ní riosca árachais atá i gceist le haon riosca nua arna chruthú leis an gconradh le haghaidh an eintitis nó an tsealbhóra polasaí.

B12

Tagraíonn an sainmhíniú ar chonradh árachais d’éifeacht dhíobhálach ar an sealbhóir polasaí. Leis an sainmhíniú sin déantar an íocaíocht ón eintiteas a theorannú chuig méid atá cothrom leis an éifeacht airgeadais a bhaineann leis an imeacht díobhálach. Mar shampla, áiríonn an sainmhíniú cumhdach árachais “nua in áit sean” lena n-íoctar méid leis an sealbhóir polasaí lena gcuirfear ar a chumas sócmhainn nua a fháil in ionad sócmhainn atá caite nó a ndearnadh damáiste di. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an sainmhíniú sin, ní dhéantar an íocaíocht faoi chonradh árachais saoil a theorannú chuig an gcaillteanas airgeadais ar thaobh chleithiúnaithe an duine éagtha, ná ní eisiatar conarthaí leis lena sonraítear go n-íocfaí méideanna réamhchinntithe chun an caillteanas, mar gheall ar bhás nó ar thimpiste, a chainníochtú.

B13

Éilítear le roinnt conarthaí go ndéanfaí íocaíocht má tharlaíonn imeacht neamhchinnte sonraithe sa todhchaí, ach ní éilítear go mbeadh éifeacht dhíobhálach ar an sealbhóir polasaí ina réamhchoinníoll i ndáil leis an íocaíocht. Ní conradh árachais é an cineál sin conartha fiú amháin má úsáideann an sealbhóir é chun neamhchosaint bhunúsach a mhaolú. Mar shampla, má úsáideann an sealbhóir díorthach chun athróg bhunúsach airgeadais nó athróg bhunúsach neamhairgeadais a fhálú, arna comhghaolú leis na sreafaí airgid ó shócmhainn de chuid an eintitis, ní hionann an díorthach agus conradh árachais toisc nach mbraitheann an íocaíocht ar cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar díobháil don sealbhóir má thagann laghdú ar na sreafaí airgid ón tsócmhainn. Tagraíonn an sainmhíniú ar chonradh árachais d’imeacht neamhchinnte sa todhchaí ina bhfuil éifeacht dhíobhálach don sealbhóir polasaí ina réamhchoinníoll chonarthach le haghaidh íocaíochta. Ní éilíonn réamhchoinníoll chonarthach ar an eintiteas imscrúdú a dhéanamh ar cibé acu a raibh nó nach raibh an t-imeacht ina cúis le héifeacht dhíobhálach go hiarbhír, ach cumasaíonn sé don eintiteas an íocaíocht a dhiúltú mura bhfuil sé sásta go raibh an t-imeacht ina cúis le héifeacht dhíobhálach.

B14

Ní hionann riosca dul i léig ná riosca seasmhachta (an riosca go gcuirfeadh an sealbhóir polasaí an conradh ar ceal níos luaithe nó níos déanaí ná an dáta a raibh coinne ag an eisitheoir leis agus an conradh á phraghsáil) agus riosca árachais toisc nach bhfuil an éagsúlacht dá thoradh san íocaíocht leis an sealbhóir polasaí ag brath ar imeacht neamhchinnte sa todhchaí lena ndéanfar díobháil don sealbhóir polasaí. Ar an gcaoi chéanna, ní hionann riosca costais (ie an riosca go dtiocfadh méaduithe gan choinne ar na costais riaracháin a bhaineann le seirbhísiú conartha, seachas ar na costais a bhaineann le himeachtaí faoi árachas) agus riosca árachais toisc nach ndéanfar díobháil don sealbhóir polasaí le méadú gan choinne i gcostais den sórt sin.

B15

Dá dheasca sin, ní hionann conradh lena nochtar an t-eintiteas do riosca dul i léig, riosca seasmhachta nó riosca costais agus conradh árachais ach amháin i gcás ina nochtann sé an t-eintiteas do riosca árachais suntasach freisin. Má mhaolaíonn an t-eintiteas a riosca áfach, trí chonradh eile a úsáid chun cuid den riosca neamhairgeadais a aistriú go dtí páirtí eile, nochtann an dara conradh an páirtí eile do riosca árachais.

B16

Féadfaidh eintiteas glacadh le riosca árachais suntasach ón sealbhóir polasaí ar an gcoinníoll go mbeidh sé ina eintiteas ar leithligh ón sealbhóir polasaí. I gcás eintiteas frithpháirteach, glacann an t-eintiteas frithpháirteach riosca ó gach sealbhóir polasaí agus déanann sé an riosca sin a chomhthiomsú. Cé go n-iompraíonn sealbhóirí polasaí an riosca comhthiomsaithe sin i dteannta a chéile toisc gur leo an leas iarmharach san eintiteas, is eintiteas ar leithligh atá san eintiteas frithpháirteach a ghlac an riosca.

Riosca árachais suntasach

B17

Ní bhíonn conradh ina chonradh árachais ach amháin i gcás ina n-aistrítear riosca árachais suntasach leis. Pléitear riosca árachais i míreanna B7–B16. Pléitear an measúnú lena chinneadh an bhfuil an riosca árachais suntasach nó nach bhfuil i míreanna B18–B23.

B18

Tá riosca árachais suntasach más rud é, agus sa chás seo amháin, go bhféadfadh imeacht árachaithe a bheith ina chúis go mbeadh ar an eisitheoir méideanna breise suntasacha a íoc in aon chás amháin, gan cásanna san áireamh nach bhfuil aon substaint tráchtála leo (i.e. gan aon éifeacht inaitheanta ar eacnamaíocht an idirbhirt). Más rud é go bhféadfadh imeacht árachaithe a bheith ina chúis go mbeadh méideanna breise suntasacha iníoctha in aon chás a bhfuil substaint tráchtála leis, féadfar an choinníoll san abairt roimhe seo a chomhlíonadh fiú amháin más fíorbheag seans go dtarlóidh an t-imeacht árachaithe, nó fiú amháin más ionann luach reatha ionchasach (i.e. arna ualú de réir dóchúlachta) na sreafaí airgid teagmhasacha agus cuid bheag de luach reatha ionchasach na sreafaí airgid iarmharacha atá fágtha ón gconradh árachais.

B19

Ina theannta sin, ní aistrítear riosca árachais suntasach le conradh ach amháin i gcás a bhfuil substaint tráchtála leis agus go bhfuil seans ann go mbeidh caillteanas ag an eisitheoir ar bhonn luach reatha. Más rud é, i gcás conradh athárachais, nach nochtar an t-eisitheoir don fhéidearthacht go mbeadh caillteanas suntasach aige, go meastar go n-aistríonn an conradh sin riosca árachais suntasach más rud é go n-aistríonn sé an riosca árachais uile nach mór a bhaineann leis na codanna ath-árachaithe de na bunchonarthaí árachais chuig an athárachóir áfach.

B20

Déantar na méideanna breise ar a dtugtar tuairisc i mír B18 a chinneadh ar bhonn an luacha reatha. Má éilíonn conradh árachais go ndéanfar íocaíocht nuair a tharlaíonn imeacht le huainiú neamhchinnte agus mura ndéantar an íocaíocht a choigeartú i ndáil le hamluach airgid, féadfaidh cásanna a bheith ann ina méadófar luach reatha na híocaíochta, fiú amháin má bhíonn a luach ainmniúil seasta. Sampla is ea árachas lena soláthraítear sochar báis seasta i gcás ina bhfaigheann an sealbhóir polasaí bás, gan aon dáta éaga maidir leis an gcumhdach (dá ngairtear árachas lánsaoil ar mhéid seasta go minic). Is cinnte go bhfaighidh an sealbhóir polasaí bás, ach tá dáta an bháis sin neamhchinnte. Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh nuair a fhaigheann sealbhóir polasaí aonair bás níos luaithe ná a raibh coinne leis. Ós rud é nach ndéantar na híocaíochtaí sin a choigeartú i ndáil le hamluach airgid, d’fhéadfadh riosca árachais suntasach a bheith ann fiú amháin mura bhfuil aon chaillteanas foriomlán i gceist leis an bpunann conarthaí. Ar an gcaoi chéanna, is féidir deireadh a chur le riosca árachais suntasach le téarmaí conarthacha lena gcuirtear moill ar aisíocaíocht thráthúil leis an sealbhóir polasaí. Úsáidfidh eintiteas na rátaí lascaine a éilítear i mír 36 chun luach reatha na méideanna breise a chinneadh.

B21

Tagraíonn na méideanna breise ar a dtugtar tuairisc i mír B18 do luach reatha na méideanna lena sáraítear na méideanna sin a bheadh iníoctha mura tharla aon imeacht árachaithe (lena n-áirítear cásanna nach mbaineann substaint tráchtála leo). Áirítear costais maidir le héilimh a láimhseáil éileamh agus a mheasúnú leis na méideanna breise sin, ach ní áirítear an méid seo a leanas:

(a)

an cumas a chailleadh chun muirear a mhuirearú ar an sealbhóir polasaí as seirbhís sa todhchaí. Mar shampla, i gconradh árachais saoil atá ceangailte le hinfheistíocht, ciallaíonn bás an tsealbhóra polasaí nach féidir leis an eintiteas seirbhísí bainistíochta infheistíochta a fheidhmiú a thuilleadh agus táille a bhailiú astu. Ní tharlaíonn an caillteanas eacnamaíoch sin le haghaidh an eintitis de thoradh riosca árachais áfach, díreach mar is amhlaidh nach nglacann bainisteoir ciste fhrithpháirtigh riosca árachais i ndáil le bás féideartha cliaint. Dá dheasca sin, ní bhaineann cailliúint fhéideartha na dtáillí bainistíochta infheistíochta sa todhchaí le hábhar agus measúnú á dhéanamh ar an méid riosca árachais a aistrítear le conradh.

(b)

tarscaoileadh, de bharr báis, na muirear a ghearrfaí dá gcuirfí an conradh ar ceal nó dá ndéanfaí é a ghéilleadh. Ós rud é gur cuireadh na muirir sin ar bun leis an gconradh, ní thabharfaí cúiteamh don sealbhóir polasaí maidir le riosca a bhí ann cheana féin díreach dá ndéanfaí na muirir sin a tharscaoileadh. Dá dheasca sin, ní bhaineann siad le hábhar agus measúnú á dhéanamh ar an méid riosca árachais a aistrítear le conradh.

(c)

íocaíocht a bhraitheann ar imeacht nach bhfuil ina chúis le caillteanas suntasach do shealbhóir an chonartha. Mar shampla, cuir i gcás conradh lena n-éilítear ar an eisitheoir CU1 milliún (1) a íoc más rud é go ndéantar damáiste fisiciúil do shócmhainn is cúis le caillteanas eacnamaíoch neamhshuntasach dar luach CU1 don sealbhóir. Sa chonradh seo, aistríonn an sealbhóir an riosca neamhshuntasach go gcaillfí CU1 chuig an eisitheoir. An tráth céanna, cruthaíonn an conradh riosca neamhárachais go mbeidh ar an eisitheoir CU999 999 a íoc má tharlaíonn an t-imeacht a shonraítear. Ós rud é nach bhfuil aon chás ann ina mbeadh caillteanas suntasach ag sealbhóir an chonartha de dheasca imeacht árachaithe, ní ghlacann an t-eisitheoir le riosca árachais suntasach ón sealbhóir agus ní conradh árachais atá sa chonradh sin.

(d)

aisghabhálacha athárachais féideartha. Coinníonn an t-eintiteas cuntas orthu sin ar leithligh.

B22

Déanfaidh eintiteas méid an riosca árachais a mheas de réir an chonartha. Dá dheasca sin, d’fhéadfadh an riosca árachais a bheith suntasach fiú amháin mura bhfuil ach beagsheans ann go dtarlódh caillteanais shuntasacha i ndáil le punann nó grúpa conarthaí.

B23

Fágann míreanna B18–B22, má íoctar sochar báis le conradh atá níos mó ná an méid a bheadh iníoctha dá mairfeadh an duine, gurb ionann an conradh sin agus conradh árachais ach amháin i gcás nach suntasach é an sochar breise báis (arna bhreithniú faoi threoir an chonartha féin seachas punann conarthaí iomlán). Mar a thugtar faoi deara i mír B21(b), ní chuirtear tarscaoileadh, de bharr báis, na muirear a bhaineann le cealú nó géilleadh san áireamh sa mheasúnú seo mura dtugtar cúiteamh don sealbhóir polasaí leis an tarscaoileadh sin maidir le riosca a bhí ann cheana féin. Ar an gcaoi chéanna, is conradh árachais atá i gceist le conradh blianachta lena n-íoctar suimeanna tráthrialta ar feadh na coda atá fágtha de shaol an tsealbhóra polasaí, ach amháin sa chás gur íocaíochtaí neamhshuntasacha iad na híocaíochtaí saolteagmhasacha comhiomlána.

Athruithe i leibhéal an riosca árachais

B24

Maidir le roinnt conarthaí, tarlaíonn aistriú an riosca árachais chuig an eisitheoir tar éis tréimhse ama. Mar shampla, cuir i gcás conradh lena soláthraítear toradh infheistíochta sonraithe agus lena n-áirítear rogha don sealbhóir polasaí chun fáltais na hinfheistíochta a úsáid, tráth a haibíochta, d’fhonn blianacht shaolteagmhasach a cheannach ar na rátaí céanna a mhuirearaíonn an t-eintiteas ar bhlianachtóirí nua eile tráth a fheidhmíonn an sealbhóir polasaí an rogha sin. Ní aistreofar riosca árachais chuig an eisitheoir le conradh den sórt sin go dtí go bhfeidhmeofar an rogha sin, toisc go gceadaítear fós don eintiteas an bhlianacht a phraghsáil ar bhonn lena léireofar an riosca árachais a aistreofar chuig an eintiteas an tráth sin. Dá dheasca sin, fágtar na sreafaí airgid a bheadh ann dá bhfeidhmeofaí an rogha sin lasmuigh de theorainn an chonartha, agus ní bheidh aon sreabhadh airgid árachais laistigh de theorainn an chonartha sula bhfeidhmeofaí an rogha sin. Má shonraítear na rátaí blianachta sa chonradh áfach (nó bunús seachas rátaí margaidh chun na rátaí blianachta a shocrú), aistríonn an conradh riosca árachais chuig an eisitheoir toisc go bhfuil an t-eisitheoir nochta don riosca nach mbainfidh an t-eisitheoir aon tairbhe as na rátaí blianachta nuair a fheidhmeoidh an sealbhóir polasaí an rogha. Sa chás sin, bheadh na sreafaí airgid a bheadh ann nuair a fheidhmeofar an rogha laistigh de theorainn an chonartha.

B25

Má tá conradh ag teacht leis an sainmhíniú ar chonradh árachais, fanfaidh sé ina chonradh árachais go dtí go múchfar na cearta agus na hoibleagáidí uile lena mbaineann (i.e. go dtí go mbeidh an conradh comhlíonta, curtha ar ceal nó imithe in éag), ach amháin i gcás ina ndéanfaí an conradh a dhí-aithint agus míreanna 74–77 á gcur i bhfeidhm, mar gheall ar mhodhnú ar an gconradh.

Samplaí de chonarthaí árachais

B26

Is iad seo a leanas samplaí de chonarthaí atá ina gconarthaí árachais más suntasach an riosca árachais a aistrítear:

(a)

árachas in aghaidh na gadaíochta nó damáiste.

(b)

árachas in aghaidh dliteanas i leith táirgí, dliteanas gairmiúil, dliteanas sibhialta nó costais dhlíthiúla.

(c)

árachas saoil agus pleananna sochraide réamhíoctha (cé gur cinnte go bhfaighidh duine bás, ní féidir a bheith cinnte faoin uair a tharlóidh an bás nó, le haghaidh cineálacha áirithe árachais saoil, an bhfaighidh an duine bás le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an árachas).

(d)

blianachtaí agus pinsin saolteagmhasacha, i.e. conarthaí lena soláthraítear cúiteamh maidir leis an imeacht neamhchinnte sa todhchaí —marthanas an bhlianachtóra nó an phinsinéara—chun leibhéal ioncaim, a sholáthar don bhlianachtóir nó don phinsinéir, dá ndéanfaí díobháil dá mairfeadh sé nó sí. (Maidir le dliteanais fostóirí a eascraíonn ó phleananna sochair d’fhostaithe agus ó oibleagáidí sochair scoir arna dtuairisciú le pleananna scoir le sochar sainithe, ní áirítear iad faoi raon feidhme IFRS 17, agus mír 7(b) á cur i bhfeidhm).

(e)

árachas in aghaidh míchumais agus costais míochaine.

(f)

bannaí urra, bannaí dílseachta, bannaí feidhmíochta agus bannaí tairisceana, i.e. conarthaí lena dtugtar cúiteamh don sealbhóir má theipeann ar pháirtí eile oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh; mar shampla, oibleagáid chun foirgneamh a thógáil.

(g)

barántaí táirge. Tagann barántaí táirge arna n-eisiúint ag páirtí eile i ndáil le hearraí arna ndíol ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir faoi raon feidhme IFRS 17. Tá barántaí táirge arna n-eisiúint go díreach ag monaróir, déileálaí nó miondíoltóir lasmuigh de raon feidhme IFRS 17, agus mír 7(a) á cur i bhfeidhm, áfach, agus tagann siad faoi raon feidhme IFRS 15 nó IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha ina ionad sin.

(h)

árachas teidil (árachas in aghaidh lochtanna a aimsiú i dteideal chun talún nó foirgneamh nach raibh soiléir tráth a eisíodh an conradh árachais). Sa chás sin, locht a aimsiú sa teideal, is é sin an t-imeacht árachaithe, seachas an locht féin.

(i)

árachas taistil (cúiteamh in airgead tirim nó cúiteamh comhchineáil do shealbhóirí polasaí i ndáil le caillteanais a tharlaíonn roimh thaisteal nó lena linn).

(j)

bannaí tubaiste lena ndéantar foráil maidir le híocaíochtaí laghdaithe ar phréimh, ar ús nó ar an dá cheann, má dhéanann imeacht sonraithe díobháil d’eisitheoir an bhanna (ach amháin mura gcruthaítear riosca árachais suntasach leis an imeacht sonraithe; mar shampla, más ionann an t-imeacht agus athrú ar ráta úis nó ar ráta malairte eachtraí).

(k)

babhtálacha conarthaí árachais agus conarthaí eile lena n-éilítear íocaíocht ag brath ar athruithe in athróga aeráide, athróga geolaíocha nó athróga fisiceacha eile a bhaineann go sonrach le páirtí sa chonradh.

B27

Is iad seo a leanas samplaí d’ítimí nach bhfuil ina gconarthaí árachais:

(a)

conarthaí infheistíochta atá i bhfoirm conradh árachais go dlíthiúil ach nach n-aistríonn riosca árachais suntasach chuig an eisitheoir. Mar shampla, ní conarthaí árachais iad conarthaí árachais saoil nach mbaineann aon riosca mortlaíochta suntasach ná riosca galrachta suntasach leis an eintiteas iontu; ionstraimí airgeadais is ea conarthaí den sórt sin nó conarthaí seirbhíse—féach mír B28. Ní chomhlíonann conarthaí infheistíochta ina bhfuil gnéithe rannpháirtíochta discréide an sainmhíniú ar chonradh árachais; tagann siad faoi raon feidhme IFRS 17 áfach, ar choinníoll gur eintiteas a eisíonn iad, a eisíonn conarthaí árachais freisin, agus mír 3(c) á cur i bhfeidhm.

(b)

conarthaí atá i bhfoirm árachais go dlíthiúil, ach a thugann an riosca árachais suntasach uile ar ais don sealbhóir polasaí trí shásraí in-fhorfheidhmithe agus neamh-inchealaithe lena ndéantar íocaíochtaí sa todhchaí ón sealbhóir polasaí leis an eisitheoir a choigeartú mar thoradh díreach ar chaillteanais faoi árachas. Mar shampla, tugann roinnt conarthaí athárachais airgeadais nó roinnt grúpchonarthaí an riosca árachais suntasach uile ar ais go dtí na sealbhóirí polasaí; ionstraimí airgeadais nó conarthaí seirbhíse is ea conarthaí den sórt sin de ghnáth (féach mír B28).

(c)

féin-árachas (ie riosca a choinneáil i gcás ina bhféadfaí é a chumhdach le hárachas). I gcásanna den sórt sin, ní bhíonn aon chonradh árachais i gceist toisc nach ndéantar aon chomhaontú le páirtí eile. Dá réir sin, má eisíonn eintiteas conradh árachais chuig a mháthair-eintiteas, a fhochuideachta nó a chomh-fhochuideachta, ní bheidh aon chonradh árachais sna ráitis airgeadais chomhdhlúite i gceist toisc nach bhfuil aon chonradh ann le páirtí eile. I gcás ráitis airgeadais aonair nó ar leithligh de chuid an eisitheora nó an tsealbhóra áfach, beidh conradh árachais i gceist.

(d)

conarthaí (amhail conarthaí cearrbhachais) lena n-éilítear íocaíocht má tharlaíonn imeacht neamhchinnte sonraithe sa todhchaí, ach nach n-éilítear leo, mar réamhchoinníoll chonarthach i ndáil le híocaíocht, go gcaithfidh an t-imeacht díobháil a dhéanamh don sealbhóir polasaí. Maidir le conarthaí lena sonraítear íocaíocht réamhchinntithe chun an caillteanas, ar imeacht sonraithe ba chúis leis amhail bás nó timpiste, a chainníochtú, ní eisiatar conarthaí den sórt sin ón sainmhíniú ar chonradh árachais áfach (féach mír B12).

(e)

díorthaigh lena nochtar páirtí do riosca airgeadais ach nach nochtar amhlaidh do riosca árachais, toisc go n-éilíonn na díorthaigh ar an bpáirtí sin íocaíocht a dhéanamh (nó an ceart a thabhairt dóibh chun íocaíocht a fháil) bunaithe ar na hathruithe i gceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas agus ar na hathruithe seo amháin: ráta úis sonraithe, praghas na hionstraime airgeadais, praghas tráchtearra, ráta malairte eachtraí, innéacs praghsanna nó rátaí, rátáil chreidmheasa nó innéacs creidmheasa, nó ar aon athróg eile, ar choinníoll, i gcás athróg neamhairgeadais, nach mbaineann an athróg go sonrach le páirtí sa chonradh.

(f)

ráthaíochtaí a bhaineann le creidmheas lena n-éilítear íocaíochtaí fiú mura thabhaigh an sealbhóir caillteanas maidir le mainneachtain an fhéichiúnaí íocaíochtaí a dhéanamh agus iad dlite; coinnítear cuntas ar chonarthaí den sórt sin agus IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais (féach mír B29) á chur i bhfeidhm.

(g)

conarthaí lena n-éilítear íocaíocht a bhraitheann ar athróg aeráide, athróg gheolaíoch nó aon athróg fhisiciúil eile nach mbaineann go sonrach le páirtí sa chonradh (ar a dtugtar díorthaigh aimsire go coitianta).

(h)

conarthaí lena ndéantar foráil maidir le híocaíochtaí laghdaithe préimhe, úis nó iad araon, a bhraitheann ar athróg aeráide, athróg gheolaíoch nó aon athróg fhisiciúil eile, nach mbaineann a n-éifeacht go sonrach le páirtí sa chonradh (dá ngairtear bannaí tubaiste go coitianta).

B28

Cuirfidh eintiteas Caighdeáin eile is infheidhme i bhfeidhm, amhail IFRS 9 agus IFRS 15, maidir leis na conarthaí ar a dtugtar tuairisc i mír B27.

B29

Is féidir foirmeacha dlíthiúla éagsúla a bheith ag na ráthaíochtaí a bhaineann le creidmheas agus ag na conarthaí árachais creidmheasa a phléitear i mír B27(f), amhail ráthaíochtaí agus conarthaí i bhfoirm ráthaíochta, roinnt cineálacha litreacha creidmheasa, conradh mainneachtana creidmheasa nó conradh árachais. Conarthaí árachais atá sna conarthaí sin má éilíonn siad ar an eisitheoir íocaíochtaí sonraithe a dhéanamh chun an sealbhóir a aisíoc i ndáil le caillteanas a thabhaíonn an sealbhóir toisc go dteipeann ar fhéichiúnaí sonraithe íocaíocht a dhéanamh agus í dlite don sealbhóir polasaí agus buntéarmaí nó téarmaí modhnaithe ionstraime fiachais á gcur i bhfeidhm. Eisiatar conarthaí árachais den sórt sin ó raon feidhme IFRS 17 áfach, ach amháin i gcás inar dhearbhaigh an t-eisitheoir go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht is infheidhme maidir le conarthaí árachais (féach mír 7(e)).

B30

Maidir le ráthaíochtaí a bhaineann le creidmheas agus conarthaí árachais creidmheasa lena n-éilítear íocaíocht, fiú amháin mura thabhaigh an sealbhóir polasaí caillteanas maidir le mainneachtain an fhéichiúnaí íocaíochtaí a dhéanamh agus iad dlite, tá na ráthaíochtaí agus na conarthaí sin lasmuigh de raon feidhme IFRS 17 toisc nach n-aistrítear riosca árachais suntasach leo. Áirítear le conarthaí den sórt sin na conarthaí sin lena n-éilítear íocaíocht:

(a)

beag beann ar an mbunionstraim fiachais a bheith i seilbh an chontrapháirtí nó gan a bheith ina sheilbh; nó

(b)

nuair a thagann athrú ar an rátáil chreidmheasa nó ar an innéacs creidmheasa, seachas ar mhainneachtain féichiúnaí sonraithe íocaíochtaí a dhéanamh agus iad dlite.

COMHPHÁIRTEANNA A DHEIGHILT Ó CHONRADH ÁRACHAIS (MÍREANNA 10–13)

Comhpháirteanna infheistíochta (mír 11(b))

B31

Éilítear le mír 11(b) ar eintiteas comhpháirt infheistíochta leithleach a dheighilt ón gconradh árachais óstaigh. Tá comhpháirt infheistíochta leithleach más rud é, agus sa chás seo amháin, go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

níl dlúthbhaint idir an chomhpháirt infheistíochta agus an chomhpháirt árachais.

(b)

díolann eintitis, a eisíonn conarthaí árachais, nó páirtithe eile, conradh le téarmaí coibhéiseacha, nó d’fhéadfaidís conradh den sórt sin a dhíol, ar leithligh sa mhargadh céanna nó sa dlínse chéanna. Cuirfidh an t-eintiteas an fhaisnéis uile atá le fáil go réasúnach san áireamh agus an cinneadh sin á dhéanamh. Ní éilítear ar eintiteas cuardach uileghabhálach a dhéanamh chun a aithint cibé acu a dhíoltar nó nach ndíoltar comhpháirt infheistíochta ar leithligh.

B32

Tá dlúthbhaint idir comhpháirt infheistíochta agus comhpháirt árachais más rud é, agus sa chás seo amháin:

(a)

nach féidir leis an eintiteas comhpháirt amháin a thomhas gan breithniú a dhéanamh ar an gceann eile. Dá bhrí sin, má tá luach comhpháirte amháin éagsúil de réir luach na comhpháirte eile, cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar an gcomhpháirt infheistíochta agus árachais chomhcheangailte; nó

(b)

ní féidir leis an sealbhóir polasaí tairbhiú de chomhpháirt amháin mura bhfuil an chomhpháirt eile ann freisin. Dá bhrí sin, má théann comhpháirt amháin as feidhm nó in aibíocht toisc go dtéann an chomhpháirt eile as feidhm nó in aibíocht, cuirfidh an t-eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm chun cuntas a choinneáil ar an gcomhpháirt infheistíochta agus árachais chomhcheangailte.

Gealltanais chun earraí nó seirbhísí leithleacha seachas seirbhísí conartha árachais a aistriú (mír 12)

B33

Éilítear le mír 12 ar eintiteas conradh árachais a dheighilt ó ghealltanas chun earraí nó seirbhísí leithleacha seachas seirbhísí conartha árachais a aistriú chuig sealbhóir polasaí. Chun críocha deighilte, ní dhéanfaidh eintiteas breithniú ar ghníomhaíochtaí nach mór d’eintiteas tabhairt fúthu chun conradh a chomhlíonadh, ach amháin i gcás go n-aistríonn an t-eintiteas earra nó seirbhís seachas seirbhísí conartha árachais chuig an sealbhóir polasaí de réir mar a tharlaíonn na gníomhaíochtaí sin. Mar shampla, D’fhéadfaí gur gá don eintiteas roinnt cúraimí éagsúla riaracháin a chur i gcrích chun conradh a bhunú. Ní aistrítear seirbhís chuig an sealbhóir polasaí le cur i gcrích na gcúraimí sin de réir mar a chuirtear na cúraimí sin i gcrích.

B34

Tá earra nó seirbhís seachas seirbhís conartha árachais arna gealladh do shealbhóir polasaí leithleach más féidir leis an sealbhóir polasaí tairbhiú den earra leis féin nó den tseirbhís léi féin nó díobh in éineacht le hacmhainní eile atá le fáil go héasca don sealbhóir polasaí. Earraí nó seirbhísí a dhíoltar ar leithligh (ag an eintiteas nó ag eintiteas eile), is acmhainní atá le fáil go héasca iad, nó acmhainní a fuair an sealbhóir polasaí cheana féin (ón eintiteas nó ó idirbhearta nó imeachtaí eile).

B35

Níl earra nó seirbhís, seachas seirbhís conartha árachais arna gealladh do shealbhóir polasaí, leithleach sna cásanna seo a leanas:

(a)

má tá dlúthbhaint idir na sreafaí airgid agus na rioscaí a bhaineann leis an earra nó leis an tseirbhís agus na sreafaí airgid agus na rioscaí a bhaineann leis na comhpháirteanna árachais sa chonradh; agus

(b)

má sholáthraíonn an t-eintiteas seirbhís shuntasach tríd an earra nó an tseirbhís á chomhtháthú leis na comhpháirteanna árachais.

SREAFAÍ AIRGID ÉADÁLA ÁRACHAIS (MÍREANNA 28A–28F)

B35A

Chun mír 28A a chur i bhfeidhm, úsáidfidh eintiteas modh córasach agus réasúnach chun an méid seo a leanas a leithdháileadh:

(a)

sreafaí airgid éadála árachais is inchurtha go díreach i leith grúpa conarthaí árachais:

(i)

i leith an ghrúpa sin; agus

(ii)

i leith grúpaí lena n-áireofar conarthaí árachais a meastar go dtiocfaidh siad as athnuachain na gconarthaí árachais sa ghrúpa sin.

(b)

sreafaí airgid éadála árachais is inchurtha go díreach i leith punann conarthaí árachais, seachas iad sin in (a), i leith grúpaí conarthaí sa phunann.

B35B

Ag deireadh gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas athbhreithniú ar na méideanna a leithdháileadh mar a shonraítear i mír B35A chun aon athrú ar thoimhdí a léiriú lena gcinntear na hionchuir leis an modh leithdháilte arna úsáid. Ní athróidh eintiteas na méideanna arna leithdháileadh ar ghrúpa conarthaí árachais tar éis do na conarthaí uile a bheith curtha leis an ngrúpa (féach mír B35C).

B35C

D’fhéadfadh eintiteas conarthaí árachais a chur le grúpa conarthaí árachais thar níos mó ná tréimhse tuairiscithe amháin (féach mír 28). Más amhlaidh atá, déanfaidh eintiteas an chuid den tsócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais, a bhaineann le conarthaí árachais a cuireadh leis an ngrúpa sa tréimhse sin, a dhí-aithint, agus leanúint de shócmhainn a aithint le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a mhéid a bhaineann an tsócmhainn le conarthaí árachais a mheastar go gcuirfear leis an ngrúpa iad i dtréimhse tuairiscithe sa todhchaí.

B35D

Chun mír 28E a chur i bhfeidhm:

(a)

aithneoidh eintiteas caillteanas lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas agus laghdóidh sé an tsuim ghlanluacha i ndáil le sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais ionas nach mó suim ghlanluacha na sócmhainne ná an glan-insreabhadh airgid ionchasaigh i gcomhair an ghrúpa gaolmhar de chonarthaí árachais, arna chinneadh agus mír 32(a) á cur i bhfeidhm.

(b)

nuair a leithdháileann eintiteas sreafaí airgid éadála árachais ar ghrúpaí conarthaí árachais agus mír B35A(a)(ii) á cur i bhfeidhm, aithneoidh an t-eintiteas caillteanas lagaithe mar bhrabús nó mar chaillteanas agus laghdóidh sé suim ghlanluacha na sócmhainní gaolmhara le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais:

(i)

a mhéid a mheasann an t-eintiteas go mbeidh na sreafaí airgid éadála árachais sin níos mó ná an glan-insreabhadh airgid maidir leis na hathnuachana ionchasacha, arna gcinneadh agus mír 32(a) á cur i bhfeidhm; agus

(ii)

ní dhearnadh an barrachas arna chinneadh agus pointe (b)(i) á chur i bhfeidhm a aithint cheana féin mar chaillteanas lagaithe agus pointe (a) á chur i bhfeidhm.

TOMHAS (MÍREANNA 29–71)

Meastacháin maidir le sreafaí airgid todhchaí (míreanna 33–35);

B36

Tugtar aghaidh ar an méid seo a leanas sa roinn seo:

(a)

úsáid neamhchlaonta na faisnéise réasúnaí uile ar féidir tacú léi atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí (féach míreanna B37–B41);

(b)

athróga margaidh agus athróga neamh-mhargaidh (féach míreanna B42–B53);

(c)

meastacháin atá ann faoi láthair a úsáid (féach míreanna B54–B60); agus

(d)

sreafaí airgid laistigh de theorainn an chonartha (féach míreanna B61–B71).

Úsáid neamhchlaonta na faisnéise réasúnaí uile ar féidir tacú léi atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí (féach mír 33(a))

B37

Is é is cuspóir do mheastacháin, maidir le sreafaí airgid todhchaí, an luach ionchasach, nó an meán arna ualú de réir dóchúlachta, a chinneadh i ndáil le raon iomlán na dtorthaí féideartha, agus breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá le fáil ag an dáta tuairiscithe gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí. Maidir le faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá le fáil ag an dáta tuairiscithe gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, áirítear faisnéis faoi imeachtaí roimhe seo agus dálaí atá ann faoi láthair, agus réamhaisnéisí maidir le dálaí sa todhchaí (féach mír B41). Meastar faisnéis atá le fáil ó chórais faisnéise an eintitis féin a bheith le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí.

B38

An pointe tosaigh chun meastachán a dhéanamh faoi shreafaí airgid, is raon cásanna é lena léirítear raon iomlán na dtorthaí féideartha. Sonraítear méid agus uainiú na sreafaí airgid le haghaidh toradh ar leith i ngach cás, mar aon le dóchúlacht mheasta an toraidh sin. Déantar na sreafaí airgid ó gach cás a lascainiú agus a ualú de réir na dóchúlachta measta go bhfaighfear an toradh sin chun luach reatha ionchasach a chinneadh. Dá dheasca sin, ní hionann an cuspóir agus toradh níos dóchúla, ná toradh is dóichí ná a mhalairt, a fhorbairt i ndáil le sreafaí airgid todhchaí.

B39

Agus breithniú á dhéanamh ar raon iomlán na dtorthaí féideartha, is é an cuspóir an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá le fáil a chur san áireamh gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí ar bhealach neamhchlaonta, seachas gach cás a d’fhéadfadh tarlú a aithint. Sa chleachtas, ní gá cásanna sainráite a fhorbairt má tá an meastachán a fhaightear dá bharr comhsheasmhach le cuspóir an tomhais i dtaobh breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, agus an meán á chinneadh. Mar shampla, má mheasann eintiteas go bhfuil dáileadh dóchúlachta na dtorthaí comhsheasmhach tríd is tríd le dáileadh dóchúlachta a bhféadfaí tuairisc iomlán a thabhairt air le líon beag paraiméadar, beidh sé leordhóthanach chun meastachán a dhéanamh faoin líon níos lú de pharaiméadair. Ar an gcaoi chéanna, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí freagra atá laistigh de raon beachtais inghlactha a fháil le samhaltú measartha simplí, gan an gá le mórán ionsamhlúchán mionsonraithe. I gcásanna áirithe, féadfaidh na sreafaí airgid a bheith á stiúradh ag bunfhachtóirí casta áfach, agus d’fhéadfadh na sreafaí airgid sin athrú ar bhealach neamhlíneach de thoradh athruithe i ndálaí eacnamaíocha. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, má léiríonn na sreafaí airgid sraith roghanna idirghaolmhara atá intuigthe nó sainráite. Sna cásanna sin, is cosúil go mbeidh gá le samhaltú stocastach níos sofaisticiúla chun an cuspóir tomhais a chomhlíonadh.

B40

Áireofar leis na cásanna a fhorbrófar meastacháin neamhchlaonta faoin dóchúlacht go dtarlódh caillteanais i ngeall ar thubaistí faoi na conarthaí reatha. Ní áirítear éilimh fhéideartha faoi chonarthaí féideartha sa todhchaí leis na cásanna sin.

B41

Déanfaidh eintiteas meastachán faoi na dóchúlachtaí agus méideanna na n-íocaíochtaí sa todhchaí faoi chonarthaí reatha ar bhonn na faisnéise arna fáil lena n-áirítear:

(a)

faisnéis faoi éilimh arna dtuairisciú ag sealbhóirí polasaí cheana.

(b)

faisnéis eile faoi shaintréithe aitheanta nó measta na gconarthaí árachais.

(c)

sonraí stairiúla faoi eispéireas an eintitis féin, arna bhforlíonadh nuair is gá le sonraí stairiúla ó fhoinsí eile. Déantar sonraí stairiúla a choigeartú chun na dálaí atá ann faoi láthair a léiriú, mar shampla,

(i)

bíonn saintréithe an daonra árachaithe difriúil (nó beidh siad difriúil, mar shampla, de bharr roghnú díobhálach) ó shaintréithe an daonra a úsáideadh mar bhunús i gcomhair na sonraí stairiúla;

(ii)

tá táscairí ann nach leanfaidh treochtaí stairiúla ar aghaidh, go dtiocfaidh treochtaí nua chun cinn nó go bhféadfaidh athruithe eacnamaíocha, déimeagrafacha agus athruithe eile difear a dhéanamh do na sreafaí airgid a eascraíonn ó na conarthaí árachais atá ann cheana féin. nó

(iii)

tháinig athruithe ar ítimí amhail nósanna imeachta frithgheallta agus nósanna imeachta bainistíochta éileamh a bhféadfadh difear a dhéanamh d’ábharthacht na sonraí stairiúla i ndáil leis na conarthaí árachais.

(d)

faisnéis faoin bpraghas atá i bhfeidhm faoi láthair, má tá sí le fáil, maidir le conarthaí athárachais agus ionstraimí airgeadais eile (más ann dóibh) lena gcumhdaítear rioscaí comhchosúla, amhail bannaí tubaiste agus díorthaigh aimsire, agus praghsanna margaidh le déanaí ar aistrithe conarthaí árachais. Déanfar an fhaisnéis sin a choigeartú chun na difríochtaí idir na sreafaí airgid a eascraíonn ó na conarthaí athárachais sin agus ó ionstraimí airgeadais eile a léiriú, mar aon leis na sreafaí airgid a d’eascródh de réir mar a chomhlíonfaidh an t-eintiteas na bunchonarthaí leis an sealbhóir polasaí.

Athróga margaidh agus athróga neamh-mhargaidh

B42

Aithnítear dhá chineál athróige in IFRS 17:

(a)

athróga margaidh—athróga is féidir a bhrath i margaí, nó is féidir a dhíorthú go díreach ó mhargaí (mar shampla, praghsanna urrús arna dtrádáil go poiblí agus rátaí úis); agus

(b)

athróga neamh-mhargaidh—gach athróg eile (mar shampla, minicíocht agus déine na n-éileamh árachais agus mortlaíocht).

B43

De ghnáth, bíonn athróga margaidh ina gcúis le riosca airgeadais (mar shampla, rátaí úis inbhraite) agus bíonn athróga neamh-mhargaidh ina gcúis le riosca neamhairgeadais (mar shampla, rátaí mortlaíochta). Ní mar sin a bheidh sé i gcónaí áfach. Mar shampla, féadfaidh toimhdí a bheith ann a bhaineann le rioscaí airgeadais nach féidir athróga a bhrath i margaí, nó a dhíorthú go díreach ó mhargaí, ina leith (mar shampla, rátaí úis nach féidir a bhrath i margaí, nó nach féidir iad a dhíorthú go díreach ó mhargaí).

Athróga margaidh (mír 33(b))

B44

Beidh meastacháin ar athróga margaidh comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh inbhraite ar dháta an tomhais. Bainfidh eintiteas an úsáid is mó is féidir as ionchuir inbhraite agus ní úsáidfidh sé a chuid meastachán féin i gcomhair sonraí margaidh inbhraite ina n-ionad, ach amháin mar a thuairiscítear i mír 79 de IFRS 13 Tomhas Cóirluacha. I gcomhréir le IFRS 13, más gá athróga a dhíorthú (mar shampla, toisc nach bhfuil aon athróg margaidh inbhraite ann) beidh siad chomh comhsheasmhach agus is féidir le hathróga margaidh inbhraite.

B45

Déantar raon tuairimí faoi thorthaí féideartha sa todhchaí a chumasc le praghsanna margaidh agus léiríonn siad roghanna na rannpháirtithe sa mhargadh i ndáil le riosca freisin. Dá dheasca sin, ní hionann iad agus pointe réamhaisnéise aonair maidir leis an toradh sa todhchaí. Más rud é go bhfuil an toradh iarbhír difriúil ón bpraghas margaidh a bhí ann roimhe sin, ní chiallaíonn sé sin go raibh an praghas margaidh “mícheart”.

B46

Bealach tábhachtach ina gcuirtear athróga margaidh i bhfeidhm is ea an tuairim maidir le sócmhainn mhacasamhlaithe nó punann mhacasamhlaithe sócmhainní. Is é is sócmhainn mhacasamhlaithe ann, sócmhainn a bhfuil a sreafaí airgid díreach mar an gcéanna, i ngach cás, le sreafaí airgid conarthacha grúpa conarthaí árachais ó thaobh méid, uainithe agus neamhchinnteachta de. I gcásanna áirithe, féadfaidh sócmhainn mhacasamhlaithe a bheith ann maidir le chuid de na sreafaí airgid a eascraíonn ó ghrúpa conarthaí árachais. Léiríonn cóirluach na sócmhainne sin idir luach reatha ionchasach na sreafaí airgid ón tsócmhainn agus an riosca a bhaineann leis na sócmhainní airgid sin. Más ann do phunann mhacasamhlaithe sócmhainní maidir le cuid de na sreafaí airgid a eascraíonn ó ghrúpa conarthaí árachais, féadfaidh an t-eintiteas cóirluach na sócmhainní sin a úsáid chun na sreafaí airgid comhlíonta ábhartha a thomhas seachas na sreafaí airgid agus an ráta lascaine a mheas go sainráite.

B47

Ní éilítear le IFRS 17 ar eintiteas teicníc na punainne macasamhlaithe a úsáid. Más ann do shócmhainn mhacasamhlaithe nó do phunann mhacasamhlaithe i ndáil le cuid de na sreafaí airgid a eascraíonn ó chonarthaí árachais agus má roghnaíonn eintiteas teicníc dhifriúil a úsáid áfach, ní mór don eintiteas deimhniú dó féin nár dhócha go bhfaighfí tomhas ar na sreafaí airgid sin a bheadh difriúil go hábhartha.

B48

Féadfaidh teicnící seachas teicníc punainne macasamhlaithe, amhail teicnící samhaltaithe stocastacha, a bheith níos láidre nó níos éasca lena gcur chun feidhme má tá idirspleáchais shuntasacha idir sreafaí airgid a bhíonn éagsúil bunaithe ar thorthaí ar shócmhainní agus ar shreafaí airgid eile. Tá gá le breithiúnas chun an teicníc is fearr a chinneadh lena gcomhlíonfaí cuspóir na comhsheasmhachta le hathróga margaidh inbhraite in imthosca sonracha. Go háirithe, maidir leis an teicníc a úsáidtear, ní mór aon rogha agus ráthaíochtaí arna gcuimsiú sna conarthaí árachais a thomhas ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh inbhraite (más ann dóibh) i ndáil le roghanna agus ráthaíochtaí den sórt sin.

Athróga neamh-mhargaidh

B49

Léireoidh meastacháin ar athróga neamh-mhargaidh an fhianaise réasúnach uile ar féidir tacú léi atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, go seachtrach agus go hinmheánach araon.

B50

Féadfaidh ábharthacht níos mó nó níos lú a bheith ag sonraí seachtracha neamh-mhargaidh (mar shampla, staidreamh mortlaíochta náisiúnta) ná sonraí inmheánacha (mar shampla, staidreamh mortlaíochta arna fhorbairt go hinmheánach), ag brath ar na himthosca. Mar shampla, ní bhraithfidh eintiteas a eisíonn conarthaí árachais saoil ar staidreamh mortlaíochta náisiúnta amháin, ach déanfaidh sé breithniú ar gach foinse faisnéise réasúnach eile ar féidir tacú léi, idir fhoinsí inmheánacha agus fhoinsí seachtracha, atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí agus meastacháin neamhchlaonta á bhforbairt maidir le dóchúlachtaí le haghaidh cásanna mortlaíochta i ndáil lena chuid conarthaí árachais. Agus na dóchúlachtaí sin á bhforbairt, tabharfaidh eintiteas aird níos mó ar an bhfaisnéis is áitithí. Mar shampla:

(a)

féadfaidh staidreamh mortlaíochta inmheánach a bheith níos áitithí ná sonraí mortlaíochta náisiúnta má chinntear sonraí náisiúnta ó dhaonra mór nach ionann é agus an daonra árachaithe. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, go bhféadfadh difríocht shuntasach a bheith idir saintréithe déimeagrafacha an daonra faoi árachais agus saintréithe an daonra náisiúnta, rud a chiallódh go mbeadh ar eintiteas aird níos mó a thabhairt ar na sonraí inmheánacha agus aird níos lú a thabhairt ar an staidreamh náisiúnta.

(b)

os a choinne sin, má chinntear an staidreamh inmheánach ó dhaonra beag a bhfuil saintréithe acu a chreidtear a bheith gar do shaintréithe an daonra náisiúnta, agus gur staidreamh reatha atá sa staidreamh náisiúnta, tabharfaidh eintiteas aird níos mó ar an staidreamh náisiúnta.

B51

Ní thiocfaidh dóchúlachtaí measta le haghaidh athróga neamh-mhargaidh salach ar athróga margaidh inbhraite. Mar shampla, beidh na dóchúlachtaí measta maidir le cásanna an ráta boilscithe sa todhchaí chomh comhsheasmhach agus is féidir leis na dóchúlachtaí a thugtar le fios le rátaí úis an mhargaidh.

B52

I gcásanna áirithe, féadfaidh eintiteas a mheas go mbíonn athróga margaidh éagsúil go neamhspleách ar athróga neamh-mhargaidh. Más amhlaidh sin, déanfaidh an t-eintiteas breithniú ar chásanna lena léireofar raon na dtorthaí le haghaidh na n-athróg neamh-mhargaidh, agus an luach inbhraite céanna don athróg margaidh á úsáid i ngach cás.

B53

I gcásanna eile, féadfar athróga margaidh agus athróga neamh-mhargaidh a chomhghaolú. Mar shampla, d’fhéadfadh fianaise a bheith ann go ndéantar rátaí dul as feidhm (athróg neamh-mhargaidh) a chomhghaolú le rátaí úis (athróg margaidh). Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh fianaise a bheith ann go ndéantar leibhéil éilimh ar árachas tí nó gluaisteáin a chomhghaolú le timthriallta eacnamaíocha agus dá bhrí sin, le rátaí úis agus méideanna costais. Áiritheoidh an t-eintiteas go bhfuil na dóchúlachtaí i gcomhair na gcásanna agus na coigeartuithe riosca i ndáil leis an riosca neamh-airgeadais a bhaineann leis na hathróga margaidh comhsheasmhach leis na praghsanna margaidh inbhraite a bhraitheann ar na hathróga margaidh sin.

Meastacháin atá ann faoi láthair a úsáid (mír 33(c))

B54

Nuair atá gach cás sreafa airgid agus a dhóchúlacht á mheas ag eintiteas, úsáidfidh an t-eintiteas an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi agus atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí. Déanfaidh eintiteas athbhreithniú ar na meastacháin a rinne sé i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe roimhe sin agus tabharfaidh sé cothrom le dáta iad. Ar an mbealach sin, déanfaidh eintiteas breithniú i dtaobh:

(a)

an léirítear na coinníollacha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe go dílis leis na meastacháin a tugadh cothrom le dáta.

(b)

an léirítear na hathruithe sna coinníollacha le linn na tréimhse go dílis leis na hathruithe sna meastacháin. Mar shampla, glacaimis leis go raibh meastacháin ar thaobh amháin de raon réasúnach i dtús na tréimhse. Murar tháinig athrú ar na coinníollacha, dá n-athrófaí na meastacháin chuig an taobh eile den raon i ndeireadh na tréimhse, ní léireofaí an méid a tharla le linn na tréimhse go dílis leis sin. Má tá na meastacháin is déanaí de chuid eintitis difriúil lena mheastacháin roimhe sin, ach gan athrú a bheith tagtha ar na coinníollacha, déanfaidh sé measúnú i dtaobh an bhfuil údar maith leis na dóchúlachtaí nua a shanntar do gach cás. Agus a mheastacháin ar na dóchúlachtaí sin á dtabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an t-eintiteas breithniú ar an bhfianaise a bhí mar thaca lena mheastacháin roimhe sin agus ar an bhfianaise nua uile atá le fáil, agus an fhianaise atá níos áitithí á threisiú a thuilleadh.

B55

Beidh an dóchúlacht a shannfar do gach cás ag teacht leis na coinníollacha i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe. Dá dheasca sin, trí IAS 10 Imeachtaí tar éis na Tréimhse Tuairiscithe a chur i bhfeidhm, má tharlaíonn imeacht tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe lena réitítear neamhchinnteacht arbh ann di i ndeireadh na tréimhse tuairisciúcháin, ní sholáthraítear fianaise ar na coinníollacha arbh ann dóibh an dáta sin. Mar shampla, is féidir go mbeidh dóchúlacht 20 faoin gcéad ann i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe go mbuailfidh stoirm mhór le linn na sé mhí atá fágtha de chonradh árachais. Tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe ach sula n-údaraítear na ráitis airgeadais lena n-eisiúint, buaileann stoirm mhór. Leis na sreafaí airgid comhlíonta faoin gconradh sin ní léireofar an stoirm arb eol, ar bhreathnú siar, gur tharla sí. Ina ionad sin, sna sreafaí airgid a áirítear sa tomhas, áirítear an dóchúlacht 20 faoin gcéad atá dealraitheach i ndeireadh na tréimhse tuairiscithe (agus nochtadh lena gcuirtear IAS 10 i bhfeidhm á rá gur tharla imeacht neamhchoigeartúcháin tar éis dheireadh na tréimhse tuairiscithe).

B56

Ní gá gurb ionann meastacháin reatha ar na sreafaí airgid ionchasacha agus an taithí iarbhír is déanaí. Mar shampla, glacaimis leis go raibh an taithí mhortlaíochta sa tréimhse tuairiscithe 20 faoin gcéad níos measa ná an taithí mhortlaíochta roimhe sin agus níos measa ná ionchais roimhe sin maidir le taithí mhortlaíochta. D’fhéadfadh fachtóirí éagsúla a bheith ina gcúis leis an athrú tobann ar an taithí, lena n-áirítear:

(a)

athruithe marthanacha sa mhortlaíocht;

(b)

athruithe ar shaintréithe an daonra árachaithe (mar shampla, athruithe ar fhrithghealladh nó ar dháileadh, nó cásanna maidir le dul as feidhm roghnaitheach ag sealbhóirí polasaí atá ina sláinte neamhghnách);

(c)

luaineachtaí randamacha; nó

(d)

cúiseanna neamh-athfhillteacha in-sainaitheanta.

B57

Déanfaidh eintiteas imscrúdú ar na cúiseanna atá leis an athrú sa taithí agus forbróidh sé meastacháin nua ar shreafaí airgid agus ar dhóchúlachtaí i bhfianaise na taithí is déanaí, na taithí roimhe sin agus faisnéis eile. Mar thoradh ar an sampla i mír B56, ba é ba dhóichí go dtiocfadh athrú ar luach reatha na sochar báis ionchasach, ach gan athrú chomh hard le 20 faoin gcéad a bheith i gceist. Sa sampla i mír B56, má leanann na rátaí mortlaíochta de bheith go mór os cionn na meastachán roimhe sin ar chúiseanna a bhfuil coinne ann go leanfar díobh, méadóidh an dóchúlacht mheasta a shannfar do na cásanna ardmhortlaíochta.

B58

I meastacháin ar athróga neamh-mhargaidh áireofar faisnéis faoi leibhéal reatha na n-imeachtaí árachaithe agus faisnéis faoi threochtaí. Mar shampla, tháinig meath comhsheasmhach ar rátaí mortlaíochta ar feadh tréimhsí fada i roinnt mhaith tíortha. Leis an gcinneadh ar na sreafaí airgid comhlíonta, léirítear na dóchúlachtaí a bheadh sannta do chás gach treochta féideartha, agus an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi atá le fáil á cur san áireamh gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí.

B59

Ar an gcuma chéanna, má tá na sreafaí airgid a leithdháiltear ar ghrúpa conarthaí árachais faoi réir boilsciú, leis an gcinneadh ar na sreafaí airgid comhlíonta léireofar meastacháin reatha ar rátaí boilscithe féideartha sa todhchaí. Ós rud é gur dócha go mbeidh rátaí boilscithe comhghaolaithe le rátaí úis, le tomhas na sreafaí airgid comhlíonta léireofar na dóchúlachtaí le haghaidh gach cáis bhoilscithe ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na dóchúlachtaí atá intuigthe le rátaí úis an mhargaidh a úsáidtear agus an ráta lascaine á mheas (féach mír B51).

B60

Agus na sreafaí airgid á meas, cuirfidh eintiteas ionchais reatha san áireamh maidir le himeachtaí sa todhchaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do na sreafaí airgid sin. Forbróidh an t-eintiteas cásanna sreafaí airgid lena léireofar na himeachtaí sin sa todhchaí, mar aon le meastacháin neamhchlaonta ar dhóchúlacht gach cáis. Mar sin féin, ní chuirfidh eintiteas ionchais reatha san áireamh maidir le hathruithe sa todhchaí sa reachtaíocht lena n-athrófaí nó lena n-urscaoilfí an oibleagáid atá ann cheana nó lena gcruthófaí oibleagáidí nua faoin gconradh árachais atá ann cheana go dtí go ndéanfar an t-athrú sa reachtaíocht a achtú go substainteach.

Sreafaí airgid laistigh den teorainn chonartha (mír 34)

B61

I meastacháin ar shreafaí airgid i gcás áireofar na sreafaí airgid uile laistigh de theorainn chonartha atá ann cheana agus ní áireofar aon sreabhadh airgid eile iontu. Cuirfidh eintiteas mír 2 i bhfeidhm agus teorainn chonartha atá ann cheana á cinneadh.

B62

Tá gnéithe ag roinnt conarthaí árachais lena gcuirtear ar a gcumas do shealbhóirí polasaí bearta a dhéanamh lena n-athraítear méid, uainiú, cineál nó neamhchinnteacht na méideanna a gheobhaidh siad. Sna gnéithe sin áirítear roghanna athnuachana, roghanna géilliúna, roghanna tiontúcháin agus roghanna chun stopadh de bheith ag íoc préimheanna, agus sochair á bhfáil faoi na conarthaí fós. Leis an tomhas a dhéantar ar ghrúpa conarthaí árachais léireofar, ar bhonn luach ionchasach, meastacháin reatha an eintitis i dtaobh conas a fheidhmeoidh na sealbhóirí polasaí sa ghrúpa na roghanna atá le fáil, agus leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais léireofar meastacháin reatha an eintitis ar conas is féidir go mbeidh iompraíocht iarbhír na sealbhóirí polasaí difriúil leis an iompraíocht ionchasach. Tá feidhm ag an gceanglas sin maidir leis an luach ionchasach a chinneadh beag beann ar an líon conarthaí i ngrúpa; mar shampla tá feidhm aige fiú amháin más conradh amháin atá sa ghrúpa. Dá réir sin, agus grúpa conarthaí árachais á thomhas, ní thoimhdeofar dóchúlacht 100 faoin gcéad go ndéanfaidh na sealbhóirí polasaí an méid seo a leanas:

(a)

a gconarthaí a ghéilleadh, má tá dóchúlacht éigin ann nach ndéanfaidh cuid de na sealbhóirí polasaí amhlaidh; nó

(b)

leanúint dá gconarthaí, má tá dóchúlacht éigin ann nach ndéanfaidh cuid de na sealbhóirí polasaí amhlaidh.

B63

Nuair a éilítear ar eisitheoir conartha árachais, leis an gconradh, an conradh a athnuachan nó leanúint de ar bhealach eile, cuirfidh sé mír 34 i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil préimheanna agus sreafaí airgid gaolmhara, a eascraíonn ón gconradh athnuachana, laistigh de theorainn an chonartha bunaidh.

B64

I mír 34 tagraítear do chumas praiticiúil eintitis praghas a shocrú ar dháta sa todhchaí (dáta athnuachana) lena léireofar na rioscaí sa chonradh ón dáta sin ina n-iomláine. Tá an cumas praiticiúil sin in eintiteas in éagmais srianta lena gcoisctear ar an eintiteas praghas a shocrú arb é an praghas céanna é a shocródh sé le haghaidh conradh nua agus na saintréithe céanna aige leis an gconradh atá ann cheana agus a eisítear an dáta sin, nó más féidir leis na sochair a leasú le bheith comhsheasmhach leis an bpraghas a muirearóidh sé. Ar an gcuma chéanna, tá an cumas praiticiúil sin in eintiteas praghas a shocrú nuair is féidir leis conradh atá ann cheana a athphraghsáil ionas go léireofar leis an bpraghas athruithe foriomlána sna rioscaí i bpunann conarthaí árachais, fiú más rud é nach léiríonn an praghas a shocraítear do gach sealbhóir polasaí aonair an t-athrú ar an riosca don sealbhóir polasaí sonrach sin. Agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an bhfuil an cumas praiticiúil san eintiteas praghas a shocrú lena léireofar na rioscaí sa chonradh nó sa phunann ina n-iomláine, déanfaidh sé breithniú ar na rioscaí uile ar a ndéanfadh sé breithniú agus conarthaí coibhéiseacha á bhfrithghealladh aige an dáta athnuachana le haghaidh na seirbhíse atá fágtha. Agus na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí á gcinneadh i ndeireadh tréimhse tuairiscithe, déanfaidh eintiteas athmheasúnú ar theorainn conartha árachais chun an éifeacht, atá ag athruithe in imthosca ar chearta agus ar oibleagáidí substainteacha an eintitis, a áireamh.

B65

Is éard atá i gceist le sreafaí airgid laistigh de theorainn conartha árachais iad siúd a bhaineann go díreach le comhlíonadh an chonartha, lena n-áirítear sreafaí airgid ar ina leith atá discréid ag an eintiteas maidir leis an méid nó leis an uainiú. Sna sreafaí airgid laistigh den teorainn áirítear:

(a)

préimheanna (lena n-áirítear coigeartuithe ar phréimheanna agus préimheanna tráthchoda) ó shealbhóir polasaí agus aon sreabhadh airgid breise a thagann as na préimheanna sin.

(b)

íocaíochtaí le sealbhóir polasaí (nó thar a cheann), lena n-áirítear éilimh a tuairiscíodh cheana ach nár íocadh fós (i.e. éilimh thuairiscithe), éilimh thabhaithe ar imeachtaí a tharla cheana ach nár tuairiscíodh éilimh lena n-aghaidh agus na héilimh thodhchaí uile a bhfuil oibleagáid shubstainteach ag an eintiteas ina leith (féach mír 34).

(c)

íocaíochtaí le sealbhóir polasaí (nó thar a cheann) a athraíonn ag brath ar thorthaí ar ítimí forluiteacha.

(d)

íocaíochtaí le sealbhóir polasaí (nó thar a cheann) a thagann as díorthaigh, mar shampla, roghanna agus ráthaíochtaí atá leabaithe sa chonradh, a mhéid nach bhfuil na roghanna ná na ráthaíochtaí sin deighilte ón gconradh árachais (féach mír 11(a)).

(e)

leithdháileadh sreafaí airgid éadála árachais atá inchurtha i leith na punainne lena mbaineann an conradh.

(f)

costais láimhseála éileamh (i.e. na costais a thabhóidh an t-eintiteas agus éilimh á n-imscrúdú, á bpróiseáil agus á réiteach faoi chonarthaí árachais atá ann cheana, lena n-áirítear táillí dlí agus coigeartóirí caillteanais agus costais inmheánacha a bhaineann le héilimh a imscrúdú agus le híocaíochtaí éilimh a phróiseáil).

(g)

na costais a thabhóidh an t-eintiteas agus sochair chonarthacha, ar íocaíochtaí comhchineáil iad, á soláthar.

(h)

costais riaracháin polasaí agus cothabhála, amhail costais a bhaineann le hathruithe ar pholasaí billeála agus láimhseála préimheanna (mar shampla, tiontuithe agus athshuíomhanna). Áirítear sna costais sin coimisiúin athfhillteacha freisin a bhfuil coinne ann go n-íocfar le hidirghabhálaithe iad má leanann sealbhóir polasaí ar leith de bheith ag íoc na bpréimheanna laistigh de theorainn an chonartha árachais.

(i)

cánacha idirbheart-bhunaithe (amhail cánacha préimheanna, cánacha breisluacha agus cánacha earraí agus seirbhísí) agus tobhaigh (amhail tobhaigh seirbhíse dóiteáin agus measúnuithe ciste ráthaíochta) a eascraíonn go díreach ó chonarthaí árachais atá ann cheana, nó is féidir a bheith inchurtha ina leith ar bhonn réasúnach agus comhsheasmhach.

(j)

íocaíochtaí ón árachóir i gcáil mhuiníneach chun oibleagáidí cánach arna dtabhú ag an sealbhóir polasaí a chomhlíonadh, agus fáltais ghaolmhara.

(k)

insreafaí airgid féideartha ó aisghabhálacha (amhail tarrthálas agus seachaíocht) ar éilimh thodhchaí a chumhdaítear le conarthaí árachais atá ann cheana agus, a mhéid nach gcáilíonn siad lena n-aithint mar shócmhainní ar leithligh, insreafaí airgid féideartha ó aisghabhálacha ar éilimh roimhe sin.

(ka)

na costais a thabhóidh an t-eintiteas:

(i)

gníomhaíocht infheistíochta a dhéanamh, a mhéid a dhéanann an t-eintiteas an ghníomhaíocht sin chun sochair ó chumhdach árachais a fheabhsú le haghaidh sealbhóirí polasaí. Le gníomhaíochtaí infheistíochta feabhsaítear sochair ó chumhdach árachais má dhéanann an t-eintiteas na gníomhaíochtaí sin agus coinne aige toradh infheistíochta a ghiniúint dá dtairbheoidh sealbhóirí polasaí má tharlaíonn imeacht árachaithe.

(ii)

seirbhís toraidh infheistíochta a sholáthar do shealbhóirí polasaí conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí (féach mír B119B).

(iii)

seirbhís a bhaineann le hinfheistíochtaí a sholáthar do shealbhóirí polasaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí.

(l)

leithdháileadh forchostas seasta agus inathraitheach (amhail na costais a bhaineann le cuntasaíocht, le hacmhainní daonna, le teicneolaíocht faisnéise agus le tacaíocht, le dímheas foirgneamh, le cíos agus le cothabháil agus le fóntais) atá inchurtha go díreach i leith conarthaí árachais a chomhlíonadh. Leithdháiltear na forchostais sin ar ghrúpaí conarthaí ag úsáid modhanna atá córasach agus réasúnach, agus cuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach iad maidir leis na costais uile ag a bhfuil saintréithe comhchosúla.

(m)

aon chostas eile atá inmhuirearaithe go sonrach ar an sealbhóir polasaí faoi théarmaí an chonartha.

B66

Ní áireofar na sreafaí airgid seo a leanas agus meastachán á dhéanamh faoi na sreafaí airgid a eascróidh mar a chomhlíonfaidh an t-eintiteas conradh árachais atá ann cheana:

(a)

torthaí infheistíochta. Déantar infheistíochtaí a aithint, a thomhas agus a chur i láthair ar leithligh.

(b)

sreafaí airgid (íocaíochtaí nó fáltais) a eascraíonn faoi chonarthaí athárachais arna sealbhú. Déantar conarthaí athárachais arna sealbhú a aithint, a thomhas agus a chur i láthair ar leithligh.

(c)

sreafaí airgid a fhéadfaidh eascairt ó chonarthaí árachais sa todhchaí, i.e. sreafaí airgid lasmuigh de theorainn na gconarthaí atá ann cheana (féach míreanna 34–35).

(d)

sreafaí airgid a bhaineann le costais nach féidir a bheith inchurtha go díreach i leith na punainne conarthaí árachais ina bhfuil an conradh, amhail costais áirithe ó thaobh forbairt táirgí agus oiliúna de. Aithnítear na costais sin mar bhrabús nó mar chaillteanas nuair a thabhaítear iad.

(e)

sreafaí airgid a eascraíonn ó mhéideanna mínormálta saothair a cuireadh amú nó ó acmhainní eile a úsáidtear chun an conradh a chomhlíonadh. Aithnítear na costais sin mar bhrabús nó mar chaillteanas nuair a thabhaítear iad.

(f)

íocaíochtaí cánach ioncaim agus fáltais cánach ioncaim nach n-íocann an t-árachóir ná nach bhfaigheann sé i gcáil mhuiníneach ná nach bhfuil inmhuirearaithe go sonrach ar an sealbhóir polasaí faoi théarmaí an chonartha.

(g)

sreafaí airgid idir comhchodanna difriúla den eintiteas tuairiscithe, amhail cistí sealbhóirí polasaí agus cistí scairshealbhóirí, mura n-athraítear an méid a íocfar leis na sealbhóirí polasaí leis na sreafaí airgid sin.

(h)

sreafaí airgid a eascraíonn ó chomhchodanna atá deighilte ón gconradh árachais agus ar a gcoinnítear cuntas ag úsáid Caighdeáin infheidhme eile (féach míreanna 10–13).

B66A

Sula n-aithneofar grúpa conarthaí árachais, is féidir go n-éileofar ar eintiteas sócmhainn nó dliteanas a aithint le haghaidh sreafaí airgid a bhaineann leis an ngrúpa conarthaí árachais seachas sreafaí airgid éadála árachais de thoradh na sreafaí airgid a bheith ann nó ceanglais Caighdeáin IFRS eile. Baineann sreafaí airgid leis an ngrúpa conarthaí árachais dá mbeadh na sreafaí airgid sin áirithe sna sreafaí airgid comhlíonta an dáta a thugtar aitheantas tosaigh don ghrúpa dá mba rud é go mbeidís íoctha nó faighte tar éis an dáta sin. Chun mír 38(c)(ii) a chur i bhfeidhm dí-aithneoidh eintiteas sócmhainn nó dliteanas den sórt sin a mhéid nach mbeadh an tsócmhainn ná an dliteanas aitheanta ar leithligh ón ngrúpa conarthaí árachais dá mba ann don sreabhadh airgid nó do chur i bhfeidhm an Chaighdeáin IFRS an dáta a tugadh aitheantas tosaigh don ghrúpa conarthaí árachais.

Conarthaí le sreafaí airgid lena ndéantar difear do shreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí eile nó dá ndéantar difear le sreafaí airgid chuig na sealbhóirí polasaí sin

B67

Déantar difear do na sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí eile le conarthaí árachais áirithe trína éileamh:

(a)

ar an sealbhóir polasaí na torthaí ar an gcomhthiomsú sonraithe céanna d’ítimí forluiteacha a chomhroinnt le sealbhóirí polasaí conarthaí eile; agus

(b)

cibé acu:

(i)

ar an sealbhóir polasaí laghdú a sheasamh ina scair de na torthaí ar na hítimí forluiteacha de dheasca íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí conarthaí eile ag a bhfuil scaireanna sa chomhthiomsú sin, lena n-áirítear íocaíochtaí a eascraíonn faoi ráthaíochtaí arna dtabhairt do shealbhóirí polasaí na gconarthaí eile sin; nó

(ii)

ar na sealbhóirí polasaí laghdú a sheasamh ina scair de thorthaí ar na hítimí forluiteacha de dheasca íocaíochtaí leis an sealbhóir polasaí, lena n-áirítear íocaíochtaí a eascraíonn ó ráthaíochtaí arna dtabhairt don sealbhóir polasaí.

B68

Uaireanta, leis na conarthaí sin déanfar difear do na sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile. Le comhlíonadh shreafaí airgid gach grúpa léirítear a mhéid a fhágann na conarthaí sa ghrúpa go ndéantar difear don eintiteas le sreafaí airgid ionchasacha, cibé acu chuig sealbhóirí polasaí sa ghrúpa sin nó chuig sealbhóirí polasaí i ngrúpa eile. Dá réir sin, leis na sreafaí airgid comhlíonta le haghaidh grúpa:

(a)

áirítear íocaíochtaí a eascraíonn ó théarmaí conarthaí atá ann cheana le sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile, is cuma má tá coinne ann go ndéanfar na híocaíochtaí sin le sealbhóirí polasaí reatha nó sa todhchaí; agus

(b)

eisiatar íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí sa ghrúpa a áiríodh, agus (a) á chur i bhfeidhm, i sreafaí airgid comhlíonta grúpa eile.

B69

Mar shampla, a mhéid atá íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí i ngrúpa amháin laghdaithe ó scair sna torthaí ar ítimí forluiteacha CU350 go CU250 de dheasca íocaíochtaí méid ráthaithe le sealbhóirí polasaí i ngrúpa eile, i sreafaí airgid comhlíonta an chéad ghrúpa d’áireofaí íocaíochtaí an CU100 (i.e. b’ionann iad agus CU350) agus i sreafaí airgid comhlíonta an dara grúpa d’eisiafaí CU100 den mhéid ráthaithe.

B70

Is féidir cuir chuige dhifriúla phraiticiúla a úsáid chun sreafaí airgid comhlíonta grúpaí conarthaí a chinneadh lena ndéantar difear do shreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile nó dá ndéantar difear le sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí sin. I gcásanna áirithe, is féidir nach mbeidh eintiteas in ann an t-athrú sna hítimí forluiteacha ná an t-athrú a thagann as sin sna sreafaí airgid a shainaithint ach amháin ar leibhéal comhiomlánaithe atá níos airde ná na grúpaí. I gcásanna den sórt sin, leithdháilfidh an t-eintiteas éifeacht an athraithe sna hítimí forluiteacha ar gach grúpa ar bhonn córasach agus réasúnach.

B71

Tar éis na seirbhísí conartha árachais uile a bheith soláthartha do na conarthaí i ngrúpa, is féidir go mbeidh íocaíochtaí san áireamh sna sreafaí airgid comhlíonta fós, ar íocaíochtaí iad a bhfuil coinne ann go ndéanfar le sealbhóirí polasaí reatha i ngrúpaí eile nó le sealbhóirí polasaí sa todhchaí iad. Ní éilítear ar eintiteas leanúint de bheith ag leithdháileadh na sreafaí airgid comhlíonta sin ar ghrúpaí sonracha ach ina ionad sin is féidir leis dliteanas a aithint agus a thomhas le haghaidh na sreafaí airgid comhlíonta sin a eascraíonn ó na grúpaí uile.

Rátaí lascaine (mír 36)

B72

Úsáidfidh eintiteas na rátaí lascaine seo a leanas agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm:

(a)

chun na sreafaí airgid comhlíonta a thomhas—rátaí lascaine reatha agus mír 36 á cur i bhfeidhm;

(b)

chun an t-ús atá le fuilleamh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a chinneadh agus mír 44(b) á cur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí—rátaí lascaine arna gcinneadh an dáta a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí, agus mír 36 á cur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid ainmniúla nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fhorluiteach;

(c)

chun na hathruithe ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a thomhas agus míreanna B96(a)–B96(b) agus B96(d) á gcur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí—rátaí lascaine agus mír 36 á cur i bhfeidhm arna gcinneadh tráth a thugtar aitheantas tosaigh;

(d)

le haghaidh grúpaí conarthaí a chuireann an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm ag a bhfuil comhchuid maoiniúcháin mhór, chun méid glanluacha an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha a choigeartú agus mír 56 á cur i bhfeidhm—rátaí lascaine agus mír 36 á cur i bhfeidhm arna gcinneadh tráth a thugtar aitheantas tosaigh;

(e)

má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile (féach mír 88), chun méid an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais a áirítear sa bhrabús nó sa chaillteanas a chinneadh:

(i)

le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith nach bhfuil éifeacht shubstaintiúil ag athruithe i dtoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc le sealbhóirí polasaí, agus mír B131 á cur i bhfeidhm—rátaí lascaine arna gcinneadh tráth a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí, agus mír 36 á cur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid ainmniúla nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fhorluiteach;

(ii)

le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith atá éifeacht shubstaintiúil ag athruithe i dtoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc le sealbhóirí polasaí, agus mír B132(a)(i) á cur i bhfeidhm—rátaí lascaine lena leithdháiltear an t-ioncam maoiniúcháin athbhreithnithe ionchasach atá fágtha nó na costais maoiniúcháin athbhreithnithe ionchasacha atá fágtha ar feadh an fhaid atá fágtha den ghrúpa conarthaí ag ráta seasta; agus

(iii)

le haghaidh grúpaí conarthaí a chuireann an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm agus míreanna 59(b) agus B133 á gcur i bhfeidhm—rátaí lascaine a chinntear dáta an éilimh thabhaithe, agus mír 36 á cur i bhfeidhm maidir le sreafaí airgid ainmniúla nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fhorluiteach.

B73

Chun na rátaí lascaine a chinneadh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí ar a dtugtar tuairisc i míreanna B72(b)–B72(e), féadfaidh eintiteas rátaí lascaine meáin ualaithe a úsáid ar feadh na tréimhse a eisítear conarthaí sa ghrúpa, tréimhse, agus mír 22 á cur i bhfeidhm, nach féidir a bheith níos faide ná bliain amháin.

B74

Beidh meastacháin ar rátaí lascaine comhsheasmhach le meastacháin eile a úsáidtear chun conarthaí árachais a thomhas chun áireamh dúbailte nó neamhghníomhartha a sheachaint; mar shampla:

(a)

sreafaí airgid nach n-athraíonn bunaithe ar thorthaí aon ítime forluití, déanfar iad a lascainiú ag rátaí nach léireofar aon inathraitheacht den sórt sin leo;

(b)

sreafaí airgid a athraíonn bunaithe ar na torthaí ar aon ítim fhorluiteach airgeadais, déanfar iad:

(i)

a lascainiú ag úsáid rátaí lena léireofar an inathraitheacht sin; nó

(ii)

a choigeartú le haghaidh éifeacht na hinathraitheachta sin agus a lascainiú ag ráta lena léireofar an coigeartú arna dhéanamh.

(c)

déanfar sreafaí airgid ainmniúla (i.e. iad siúd lena n-áirítear éifeacht an bhoilscithe) a lascainiú ag rátaí lena n-áirítear éifeacht an bhoilscithe; agus

(d)

déanfar fíorshreafaí airgid (i.e. iad siúd lena n-eisiatar éifeacht an bhoilscithe) a lascainiú ag rátaí lena n-eisiafar éifeacht an bhoilscithe.

B75

Le mír B74(b) éilítear go n-athraíonn sreafaí airgid bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha atá le lascainiú ag úsáid rátaí lena léireofar an inathraitheacht sin, nó atá le coigeartú le haghaidh éifeacht na hinathraitheachta sin agus le lascainiú ag ráta lena léireofar an coigeartú arna dhéanamh. Is toisc ábhartha an inathraitheacht is cuma má eascraíonn sé mar gheall ar théarmaí conarthacha nó toisc go bhfeidhmíonn an t-eintiteas discréid, agus is cuma má shealbhaíonn an t-eintiteas na hítimí forluiteacha.

B76

Maidir le sreafaí airgid a athraíonn le torthaí ar ítimí forluiteacha le torthaí inathraitheacha, ach atá faoi réir ráthaíocht toraidh íosta, ní athraíonn siad bunaithe ar na torthaí ar na hítimí forluiteacha agus orthu siúd amháin, fiú nuair atá an méid ráthaithe níos ísle ná an toradh ionchasach ar na hítimí forluiteacha. Dá réir sin, coigeartóidh eintiteas an ráta lena léireofar inathraitheacht na dtorthaí ar na hítimí forluiteacha le haghaidh éifeacht na ráthaíochta, fiú nuair atá an méid ráthaithe níos ísle ná an toradh ionchasach ar na hítimí forluiteacha.

B77

Le IFRS 17 ní éilítear ar eintiteas sreafaí airgid measta a roinnt ina sreafaí airgid a athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha agus ina sreafaí airgid nach n-athraíonn amhlaidh. Mura roinneann eintiteas na sreafaí airgid measta ar an mbealach sin, cuirfidh an t-eintiteas rátaí lascaine i bhfeidhm is iomchuí le haghaidh na sreafaí airgid measta ina n-iomláine; mar shampla, ag úsáid teicnící samhaltaithe stocastaigh nó teicnící tomhais riosca-neodraigh.

B78

Ní áireofar ach fachtóirí ábhartha i rátaí lascaine, i.e. fachtóirí a eascraíonn ó amluach airgid, saintréithe na sreafaí airgid agus saintréithe leachtachta na gconarthaí árachais. Is féidir nach mbeidh na rátaí lascaine sin inbhraite go díreach sa mhargadh. Dá réir sin, nuair nach bhfuil rátaí margaidh inbhraite le haghaidh ionstraim leis na sainghnéithe céanna le fáil, nó má tá rátaí margaidh inbhraite le haghaidh ionstraimí comhchosúla le fáil ach nach ndéantar na fachtóirí a shainaithint ar leithligh leo, ar fachtóirí iad lena ndéantar idirdhealú idir an ionstraim agus na conarthaí árachais, déanfaidh eintiteas meastachán ar na rátaí iomchuí. Le IFRS 17 ní éilítear teicníc mheastacháin ar leith chun rátaí lascaine a chinneadh. Agus teicníc mheastacháin á cur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

bainfidh sé a oiread úsáide agus is féidir as ionchuir inbhraite (féach mír B44) agus léireoidh sé an fhaisnéis réasúnach uile ar féidir tacú léi maidir le hathróga neamh-mhargaidh atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí, ar faisnéis sheachtrach agus inmheánach í (féach mír B49). Go háirithe, ní thiocfaidh na rátaí lascaine a úsáidtear salach ar aon sonra margaidh ábhartha atá le fáil, ná ní thiocfaidh aon athróg neamh-mhargaidh a úsáidtear salach ar athróga margaidh inbhraite.

(b)

léireoidh sé dálaí reatha an mhargaidh ó pheirspictíocht rannpháirtí margaidh.

(c)

tabharfaidh sé breithiúnas chun measúnú a dhéanamh ar an méid cosúlachta atá ann idir gnéithe na gconarthaí árachais atá á dtomhas agus gnéithe na hionstraime dá bhfuil praghsanna margaidh inbhraite le fáil lena n-aghaidh agus coigeartóidh sé na praghsanna sin chun na difríochtaí eatarthu a léiriú.

B79

Maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, léiríonn an ráta lascaine an cuar toraidh san airgeadra iomchuí le haghaidh ionstraimí nach nochtar an sealbhóir d’aon riosca creidmheasa leo nó lena nochtar an sealbhóir do riosca creidmheasa diomaibhseach leo, rud a choigeartaítear chun sainghnéithe leachtachta an ghrúpa conarthaí árachais a léiriú. Leis an gcoigeartú sin léireofar an difríocht idir sainghnéithe leachtachta an ghrúpa conarthaí árachais agus sainghnéithe leachtachta na sócmhainní a úsáidtear chun an cuar toraidh a chinneadh. Le cuair toraidh léirítear sócmhainní arna dtrádáil i margaí gníomhacha arb iondúil gur féidir leis an sealbhóir iad a dhíol go héasca tráth ar bith gan costais mhóra a thabhú. I gcodarsnacht leis sin, faoi chonarthaí árachais áirithe ní féidir iallach a chur ar an eintiteas íocaíochtaí a dhéanamh níos luaithe ná tarlú imeachtaí árachaithe, ná dátaí a shonraítear sna conarthaí.

B80

Dá réir sin, maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, féadfaidh eintiteas rátaí lascaine a chinneadh trí chuar toraidh leachtachta atá saor ó riosca a choigeartú chun go léireofar na difríochtaí idir sainghnéithe leachtachta na n-ionstraimí airgeadais is bonn leis na rátaí a breathnaíodh sa mhargadh agus sainghnéithe leachtachta na gconarthaí árachais (cur chuige ó bhun aníos).

B81

De rogha air sin, féadfaidh eintiteas na rátaí lascaine iomchuí le haghaidh conarthaí árachais a chinneadh bunaithe ar chuar toraidh lena léireofar rátaí toraidh reatha an mhargaidh atá intuigthe i dtomhas cóirluacha ar phunann tagartha sócmhainní (cur chuige ó bharr anuas). Coigeartóidh eintiteas an cuar toraidh sin chun deireadh a chur le haon fhachtóir nach bhfuil ábhartha i leith na gconarthaí árachais, ach ní éilítear air an cuar toraidh a choigeartú le haghaidh difríochtaí i sainghnéithe leachtachta na gconarthaí árachais agus na punainne tagartha.

B82

Agus meastachán á dhéanamh ar an gcuar toraidh ar a dtugtar tuairisc i mír B81:

(a)

más ann do phraghsanna margaidh inbhraite i margaí gníomhacha le haghaidh sócmhainní sa phunann tagartha, úsáidfidh eintiteas na praghsanna sin (comhsheasmhach le mír 69 de IFRS 13).

(b)

mura bhfuil margadh gníomhach, coigeartóidh eintiteas praghsanna margaidh inbhraite le haghaidh sócmhainní comhchosúla ionas go mbeidh siad inchomparáide le praghsanna margaidh le haghaidh na sócmhainní atá á dtomhas (comhsheasmhach le mír 83 de IFRS 13).

(c)

murab ann d’aon mhargadh le haghaidh sócmhainní sa phunann tagartha, cuirfidh eintiteas teicníc mheastacháin i bhfeidhm. Maidir leis na sócmhainní sin (comhsheasmhach le mír 89 de IFRS 13) déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(i)

forbróidh sé ionchuir dhobhraite ag úsáid na faisnéise is fearr atá le fáil sna himthosca. Is féidir go n-áireofar sonraí an eintitis féin sna hionchuir sin agus, i gcomhthéacs IFRS 17, is féidir go dtabharfaidh an t-eintiteas seasamh níos mó do mheastacháin fhadtéarmacha ná do luaineachtaí gearrthéarmacha; agus

(ii)

coigeartóidh sé na sonraí sin chun an fhaisnéis uile maidir le toimhdí rannpháirtithe margaidh, atá le fáil go réasúnach, a léiriú.

B83

Agus an cuar toraidh á choigeartú, coigeartóidh eintiteas na rátaí margaidh a breathnaíodh in idirbhearta arna ndéanamh le déanaí in ionstraimí le saintréithe comhchosúla le haghaidh gluaiseachtaí i bhfachtóirí margaidh ó dháta an idirbhirt, agus coigeartóidh sé rátaí margaidh a breathnaíodh chun an méid neamhchosúlachta idir an ionstraim atá á tomhas agus an ionstraim a bhfuil praghsanna idirbhirt inbhraite lena haghaidh a léiriú. Maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar na sócmhainní sa phunann tagartha, áirítear sna coigeartuithe sin:

(a)

coigeartú a dhéanamh le haghaidh difríochtaí idir méid, uainiú agus neamhchinnteacht shreafaí airgid na sócmhainní sa phunann agus méid, uainiú agus neamhchinnteacht shreafaí airgid na gconarthaí árachais; agus

(b)

préimheanna riosca margaidh a eisiamh le haghaidh riosca creidmheasa, ar préimheanna iad nach bhfuil ábhartha ach amháin maidir leis na sócmhainní a áirítear sa phunann tagartha.

B84

I bprionsabal, maidir le sreafaí airgid conarthaí árachais nach n-athraíonn bunaithe ar thorthaí na sócmhainní sa phunann tagartha, ba cheart cuar toraidh neamhleachtach amháin atá saor ó riosca a bheith ann lena gcuirtear deireadh leis an neamhchinnteacht uile faoi mhéid agus faoi uainiú sreafaí airgid. Mar sin féin, sa chleachtas is féidir go dtiocfaidh cuair toraidh dhifriúla as an gcur chuige ó bharr anuas agus as an gcur chuige ó bhun aníos, fiú amháin san airgeadra céanna. Is é is cúis leis sin na teorainneacha bunúsacha a bhaineann le meastachán a dhéanamh ar na coigeartuithe arna ndéanamh faoi gach cur chuige, agus easpa fhéideartha an choigeartaithe le haghaidh saintréithe leachtachta difriúla sa chur chuige ó bharr anuas. Ní éilítear ar eintiteas réiteach a dhéanamh idir an ráta lascaine a chinntear faoina chur chuige roghnaithe agus an ráta lascaine a bheadh cinntithe faoin gcur chuige eile.

B85

Le IFRS 17 ní shonraítear srianta ar phunann tagartha na sócmhainní arna húsáid agus mír B81 á cur i bhfeidhm. Mar sin féin, bheadh gá le níos lú coigeartuithe chun deireadh a chur le fachtóirí nach bhfuil ábhartha i leith na gconarthaí árachais nuair atá saintréithe comhchosúla ag punann tagartha na sócmhainní. Mar shampla, mura n-athraíonn na sreafaí airgid ó na conarthaí árachais bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, bheadh gá le níos lú coigeartuithe dá n-úsáidfeadh eintiteas ionstraimí fiachais mar phointe tosaigh seachas ionstraimí cothromais. Le haghaidh ionstraimí fiachais, ba é an cuspóir a bheadh ann deireadh a chur, sa toradh bannaí iomlán, le héifeacht an riosca creidmheasa agus fachtóirí eile nach bhfuil ábhartha i leith na gconarthaí árachais. Ar cheann de na bealaí atá ann chun meastachán a dhéanamh ar éifeacht an riosca creidmheasa áirítear margadhphraghas díorthaigh creidmheasa a úsáid mar phointe tagartha.

Coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (mír 37)

B86

Baineann an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais le riosca a eascraíonn ó chonarthaí árachais seachas riosca airgeadais. Áirítear riosca airgeadais sna meastacháin ar na sreafaí airgid todhchaí nó sa ráta lascaine a úsáidtear chun na sreafaí airgid a choigeartú. Na rioscaí a chumhdaítear leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais is riosca árachais agus rioscaí neamhairgeadais eile iad amhail riosca dul as feidhm agus riosca costais (féach mír B14).

B87

Leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais i leith conarthaí árachais tomhaistear an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas chun go mbeadh an t-eintiteas neafaiseach idir:

(a)

dliteanas a chomhlíonadh lena mbaineann raon torthaí féideartha a eascraíonn ó riosca neamhairgeadais; agus

(b)

dliteanas a chomhlíonadh lena nginfear sreafaí airgid seasta leis an luach reatha ionchasach céanna leis na conarthaí árachais.

Mar shampla, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais thomhaisfí an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas chun go mbeadh sé neafaiseach idir dliteanas a chomhlíonadh arb amhlaidh—de dheasca riosca neamhairgeadais—atá dóchúlacht 50 faoin gcéad ann gurb ionann é agus CU90 agus dóchúlacht 50 faoin gcéad ann gurb ionann é agus CU110, agus dliteanas a chomhlíonadh atá seasta ag CU100. Dá bharr sin, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais tugtar faisnéis d’úsáideoirí ráiteas airgeadais maidir leis an méid arna mhuirearú ag an eintiteas as an neamhchinnteacht a eascraíonn ó riosca neamhairgeadais maidir le méid agus uainiú na sreafaí airgid.

B88

Toisc gurb amhlaidh a léirítear leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas as an riosca neamhairgeadais a sheasamh, rud a eascraíonn ó mhéid agus ó uainiú neamhchinnte na sreafaí airgid, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais léirítear an méid seo a leanas freisin:

(a)

méid shochair an éagsúlaithe a áiríonn an t-eintiteas agus an cúiteamh a éilíonn sé as an riosca sin a sheasamh á chinneadh; agus

(b)

torthaí fabhracha agus neamhfhabhracha araon, ar bhealach lena léirítear méid coil riosca an eintitis.

B89

Is é is cuspóir don choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais éifeacht na neamhchinnteachta sna sreafaí airgid a eascraíonn ó chonarthaí árachais a thomhas, seachas neamhchinnteacht a eascraíonn ó riosca airgeadais. Dá dheasca sin, leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais léireofar na rioscaí neamhairgeadais uile atá bainteach leis na conarthaí árachais. Ní léireofar leis na rioscaí nach n-eascraíonn ó na conarthaí árachais, amhail riosca oibriúcháin ginearálta.

B90

Áireofar an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais sa tomhas ar bhealach sainráite. Tá an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais deighilte go coincheapúil ó na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí agus ó na rátaí lascaine lena gcoigeartaítear na sreafaí airgid sin. Ní dhéanfaidh an t-eintiteas áireamh dúbailte ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, mar shampla, tríd an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a áireamh go hintuigthe freisin agus na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí nó na rátaí lascaine á gcinneadh. Sna rátaí lascaine a nochtar chun mír 120 a chomhlíonadh ní áireofar aon choigeartú intuigthe le haghaidh riosca neamhairgeadais.

B91

Le IFRS 17 ní shonraítear an teicníc mheastacháin ná na teicnící meastacháin a úsáidtear chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh. Mar sin féin, chun go léireofar an cúiteamh a d’éileodh an t-eintiteas chun an riosca neamhairgeadais a sheasamh, beidh na saintréithe seo a leanas ag an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais:

(a)

tiocfaidh coigeartuithe riosca níos airde le haghaidh riosca neamhairgeadais as rioscaí ísealmhinicíochta agus ard-déine ná mar a thiocfaidh as rioscaí ardmhinicíochta agus ísealdéine;

(b)

maidir le rioscaí comhchosúla, tiocfaidh coigeartuithe riosca níos airde le haghaidh riosca neamhairgeadais as conarthaí ag a bhfuil fad níos faide ná mar a thiocfaidh as conarthaí ag a bhfuil fad níos gairide;

(c)

tiocfaidh coigeartuithe riosca níos airde le haghaidh riosca neamhairgeadais as rioscaí ag a bhfuil dáileadh dóchúlachta níos leithne ná mar a thiocfaidh as rioscaí ag a bhfuil dáileadh níos cúinge;

(d)

dá laghad is eol faoin meastachán reatha agus faoina threocht, is airde an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

(e)

a mhéid a laghdaítear, le taithí atá ag teacht chun cinn, neamhchinnteacht maidir le méid agus uainiú sreafaí airgid, ísleofar coigeartuithe riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais agus a mhalairt.

B92

Tabharfaidh eintiteas breithiúnas agus teicníc mheastacháin iomchuí á cinneadh le haghaidh an choigeartaithe riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais. Agus an breithiúnas sin á chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas breithniú freisin i dtaobh an soláthraítear nochtadh achomair agus faisnéiseach leis an teicníc chun gur féidir le húsáideoirí ráiteas airgeadais feidhmíocht an eintitis a thagarmharcáil in aghaidh feidhmíocht eintiteas eile. Le mír 119 éilítear ar eintiteas, ar eintiteas é a úsáideann teicníc seachas teicníc an leibhéil muiníne chun an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a chinneadh, an teicníc arna húsáid agus an leibhéal muiníne a fhreagraíonn do thorthaí na teicníce sin a nochtadh.

Aitheantas tosaigh ar aistrithe conarthaí árachais agus ar chomhcheangail idir gnólachtaí (mír 39)

B93

Nuair a fhaigheann eintiteas conarthaí árachais arna n-eisiúint nó conarthaí athárachais arna sealbhú in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3, cuirfidh an t-eintiteas míreanna 14–24 i bhfeidhm chun na grúpaí conarthaí arna bhfáil a shainaithint, amhail is dá mba rud é go ndearna sé na conarthaí dáta an idirbhirt.

B94

Úsáidfidh eintiteas an chomaoin arna fáil nó arna híoc le haghaidh na gconarthaí mar ionadú le haghaidh na bpréimheanna arna bhfáil. Leis an gcomaoin arna fáil nó arna híoc le haghaidh na gconarthaí eisiatar an chomaoin arna fáil nó arna híoc le haghaidh aon sócmhainn agus dliteanas eile arna fáil nó arna fháil san idirbheart céanna. I gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3, is é cóirluach na gconarthaí an chomaoin arna fáil nó arna híoc ag an dáta sin. Agus an cóirluach sin á cinneadh, ní chuirfidh eintiteas mír 47 de IFRS 13 i bhfeidhm (a bhaineann le gnéithe éilimh).

B95

Mura bhfuil feidhm ag an gcur chuige leithdháilte préimheanna le haghaidh an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha i míreanna 55–59 agus 69–70A, ríomhtar an corrlach seirbhíse conarthaí tráth a thugtar aitheantas tosaigh agus mír 38 á cur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí árachais arna bhfáil agus arna n-eisiúint agus trí mhír 65 a chur i bhfeidhm le haghaidh conarthaí athárachais arna bhfáil agus arna sealbhú ag úsáid na comaoine arna fáil nó arna híoc le haghaidh na gconarthaí mar ionadú le haghaidh na bpréimheanna arna bhfáil nó arna n-íoc tráth a tugadh aitheantas tosaigh.

B95A

Má tá conarthaí árachais arna bhfáil dochraideach, agus mír 47 á cur i bhfeidhm, aithneoidh an t-eintiteas barrachas na sreafaí airgid comhlíonta ar an gcomaoin arna híoc nó arna fáil mar chuid de cháilmheas nó de ghnóthachan ar cheannach sladmhargaidh le haghaidh conarthaí arna bhfáil i gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3, nó mar chaillteanas i mbrabús nó mar chaillteanas le haghaidh conarthaí arna bhfáil in aistriú. Suífidh an t-eintiteas comhchuid chaillteanais den dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh an bharrachais sin, agus cuirfidh sé míreanna 49–52 i bhfeidhm chun athruithe iardain i sreafaí airgid comhlíonta a leithdháileadh ar an gcomhchuid chaillteanais sin.

B95B

Maidir le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú a bhfuil feidhm ag míreanna 66A–66B maidir leis, cinnfidh eintiteas an chomhchuid aisghabhála- caillteanais den tsócmhainn le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha dáta an idirbhirt tríd an méid seo a leanas a iolrú:

(a)

comhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha de na bunchonarthaí árachais dáta an idirbhirt; agus

(b)

céatadán na n-éileamh ar na bunchonarthaí árachais a bhfuil coinne ag an eintiteas dáta an idirbhirt é a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

B95C

Aithneoidh an t-eintiteas méid na comhchoda aisghabhála-caillteanais arna chinneadh agus mír B95B á cur i bhfeidhm mar chuid de cháilmheas nó de ghnóthachan ar cheannach sladmhargaidh le haghaidh conarthaí athárachais arna sealbhú i gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3, nó mar ioncam i mbrabús nó i gcaillteanas le haghaidh conarthaí arna bhfáil in aistriú.

B95D

Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm, dáta an idirbhirt, is féidir go ndéanfaidh eintiteas idir chonarthaí árachais dochraideacha, arna gcumhdach le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus chonarthaí dochraideacha, nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach de chonarthaí árachais. Chun mír B95B a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, úsáidfidh eintiteas bonn leithdháilte córasach agus réasúnach chun go gcinnfear an chuid de chomhchuid chaillteanais an ghrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

Sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais

B95E

Nuair a fhaigheann eintiteas conarthaí árachais arna n-eisiúint in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3, aithneoidh an t-eintiteas sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais ag cóirluach dáta an idirbhirt le haghaidh na gceart chun an méid seo a leanas a fháil:

(a)

conarthaí árachais todhchaí is athnuachaintí ar chonarthaí árachais iad a aithnítear dáta an idirbhirt; agus

(b)

conarthaí árachais todhchaí, seachas iad siúd in (a), tar éis dháta an idirbhirt gan sreafaí airgid éadála árachais atá íoctha cheana ag an bhfaighteán, agus atá inchurtha go díreach i leith na punainne gaolmhaire de chonarthaí árachais, a íoc arís.

B95F

Dáta an idirbhirt, ní áireofar méid aon sócmhainne le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais i dtomhas an ghrúpa conarthaí árachais arna fháil agus míreanna B93–B95A á gcur i bhfeidhm.

Athruithe i méid glanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí (mír 44)

B96

Maidir le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, éilítear coigeartú le mír 44(c) ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí árachais le haghaidh athruithe i sreafaí airgid comhlíonta a bhaineann le seirbhís sa todhchaí. Is éard atá sna hathruithe sin:

(a)

coigeartuithe taithí a eascraíonn ó phréimheanna arna bhfáil sa tréimhse a bhaineann le seirbhís sa todhchaí, agus sreafaí airgid gaolmhara amhail sreafaí airgid éadála árachais agus cánacha bunaithe ar phréimheanna, arna dtomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c).

(b)

athruithe i meastacháin ar luach reatha na sreafaí airgid todhchaí sa dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha, seachas iad siúd ar a dtugtar tuairisc i mír B97(a), arna dtomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c).

(c)

difríochtaí idir aon chomhpháirt infheistíochta a bhfuil coinne ann go mbeidh sí iníoctha sa tréimhse agus an chomhchuid infheistíochta iarbhír a thagann chun bheith iníoctha sa tréimhse. Cinntear na difríochtaí sin ach comparáid a dhéanamh idir (i) an chomhpháirt infheistíochta iarbhír a thagann chun bheith iníoctha sa tréimhse agus (ii) an íocaíocht sa tréimhse a raibh coinne léi i dtús na tréimhse móide aon ioncam maoiniúcháin árachais nó costas maoiniúcháin árachais a bhaineann leis an íocaíocht ionchasach sin sula dtagann sí chun bheith iníoctha.

(ca)

difríochtaí idir aon iasacht do shealbhóir polasaí a bhfuil coinne ann go dtiocfaidh sí chun bheith in-aisíoctha sa tréimhse agus an iasacht iarbhír do shealbhóir polasaí a thagann chun bheith in-aisíoctha sa tréimhse. Cinntear na difríochtaí sin trí chomparáid a dhéanamh idir (i) an iasacht iarbhír do shealbhóir polasaí a thagann chun bheith in-aisíoctha sa tréimhse agus (ii) an íocaíocht sa tréimhse a raibh coinne léi i dtús na tréimhse móide aon ioncam maoiniúcháin árachais nó costas maoiniúcháin árachais a bhaineann leis an aisíocaíocht ionchasach sin sula dtagann sí chun bheith in-aisíoctha.

(d)

athruithe sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a bhaineann le seirbhís sa todhchaí. Ní éilítear ar eintiteas an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a dhí-chomhiomlánú idir (i) athrú a bhaineann le riosca neamhairgeadais agus (ii) éifeacht an amluacha airgid agus athruithe san amluach airgid. Má dhéanann eintiteas dí-chomhiomlánú den sórt sin, coigeartóidh sé an corrlach seirbhíse conarthaí le haghaidh an athraithe a bhaineann le riosca neamhairgeadais, arna thomhas ag na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(c).

B97

Ní choigeartóidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí le haghaidh grúpa conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí le haghaidh na n-athruithe seo a leanas i sreafaí airgid comhlíonta toisc nach mbaineann siad le seirbhís sa todhchaí:

(a)

éifeacht an amhluacha airgid agus athruithe in amhluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais agus athruithe sa riosca airgeadais. Is éard atá sna héifeachtaí sin:

(i)

an éifeacht, más ann, ar shreafaí airgid todhchaí measta;

(ii)

an éifeacht, más dí-chomhiomlánaithe, ar an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais; agus

(iii)

éifeacht athraithe i ráta lascaine.

(b)

athruithe i meastacháin ar shreafaí airgid comhlíonta sa dliteanas i leith éilimh thabhaithe.

(c)

coigeartuithe taithí, seachas iad siúd ar a dtugtar tuairisc i mír B96(a).

B98

Le téarmaí conarthaí árachais áirithe gan gnéithe rannpháirtíochta dírí tugtar discréid d’eintiteas maidir leis na sreafaí airgid atá le híoc le sealbhóirí polasaí. Meastar go mbaineann athrú sna sreafaí airgid discréide le seirbhís sa todhchaí, agus dá réir sin, coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leis sin. Chun a chinneadh conas is féidir athrú i sreafaí airgid discréide a shainaithint, sonróidh eintiteas dáta tionscanta an chonartha an bonn ar a bhfuil coinne aige a ghealltanas faoin gconradh a chinneadh; mar shampla, bunaithe ar ráta úis seasta, nó ar thorthaí a athraíonn bunaithe ar thorthaí sócmhainne sonraithe.

B99

Úsáidfidh eintiteas an tsonraíocht sin chun idirdhealú a dhéanamh idir éifeacht na n-athruithe i dtoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar an ngealltanas sin (nach gcoigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leo) agus éifeacht na n-athruithe discréide ar an ngealltanas sin (lena gcoigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí).

B100

Mura féidir le heintiteas, dáta tionscanta an chonartha, an méid a mheasann sé a bheith ina ghealltanas faoin gconradh agus an méid a mheasann sé a bheith ina dhiscréid a shonrú, measfaidh sé gurb ionann a ghealltanas agus an toradh atá intuigthe sa mheastachán ar na sreafaí airgid comhlíonta i dtús an chonartha, arna thabhairt cothrom le dáta chun toimhdí reatha a bhaineann le riosca airgeadais a léiriú.

Athruithe i méid glanluacha an chorrlaigh seirbhíse conarthaí le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí (mír 45)

B101

Is éard atá i gceist le conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí conarthaí árachais ar conarthaí seirbhíse iad a bhaineann le hinfheistíocht go substaintiúil faoina ngeallann eintiteas toradh infheistíochta bunaithe ar ítimí forluiteacha. Dá réir sin, sainmhínítear iad mar chonarthaí árachas ar ina leith:

(a)

a shonraítear leis na téarmaí conarthacha go nglacfaidh an sealbhóir polasaí páirt i scair de chomhthiomsú atá sainaitheanta go soiléir, ar comhthiomsú d’ítimí forluiteacha é (féach míreanna B105–B106);

(b)

atá coinne ag an eintiteas méid atá comhionann le scair shubstaintiúil de na torthaí cóirluacha ar na hítimí forluiteacha a íoc leis an sealbhóir polasaí (féach mír B107); agus

(c)

atá coinne ag an eintiteas go n-athróidh cuid shubstaintiúil d’aon athrú sna méideanna atá le híoc leis an sealbhóir polasaí, agus sin leis an athrú i gcóirluach na n-ítimí forluiteacha (féach mír B107).

B102

Déanfaidh eintiteas measúnú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha i mír B101 á gcomhlíonadh ag úsáid a ionchas tráth tionscanta an chonartha agus ní dhéanfaidh sé athmheasúnú ar na coinníollacha dá éis sin, mura modhnaítear an conradh, agus mír 72 á cur i bhfeidhm.

B103

A mhéid a dhéantar difear do na sreafaí airgid chuig sealbhóirí polasaí conarthaí i ngrúpaí eile le conarthaí árachais i ngrúpa (féach míreanna B67–B71), déanfaidh eintiteas measúnú i dtaobh an bhfuil na coinníollacha i mír B101 á gcomhlíonadh trí bhreithniú a dhéanamh ar na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas iad a íoc leis na sealbhóirí polasaí arna gcinneadh agus míreanna B68–B70 á gcur i bhfeidhm.

B104

Leis na coinníollacha i mír B101 áirithítear gur conarthaí iad na conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí faoinarb ionann oibleagáid an eintitis i leith an tsealbhóra polasaí agus glanmhéid an mhéid seo a leanas:

(a)

an oibleagáid a bhaineann le méid atá comhionann le cóirluach na n-ítimí forluiteacha a íoc leis an sealbhóir polasaí; agus

(b)

táille inathraitheach (féach míreanna B110–B118) a bhainfidh an t-eintiteas as (a) mar mhalairt ar an tseirbhís sa todhchaí arna soláthar leis an gconradh árachais, arb éard atá inti:

(i)

méid scair an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha; lúide

(ii)

sreafaí airgid comhlíonta nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha.

B105

Le scair dá dtagraítear i mír B101(a) ní chuirtear bac leis an discréid atá ag an eintiteas na méideanna arna n-íoc leis an sealbhóir polasaí a athrú. Mar sin féin, ní mór an nasc chuig na hítimí forluiteacha a bheith in-fhorfheidhmithe (féach mír 2).

B106

Sa chomhthiomsú d’ítimí forluiteacha dá dtagraítear i mír B101(a) is féidir aon ítim a bheith ann, mar shampla punann tagartha de shócmhainní, glansócmhainní an eintitis, nó fothacar sonraithe de ghlansócmhainní an eintitis, fad a shainaithnítear an méid sin go soiléir leis an gconradh. Ní gá go sealbhódh eintiteas an comhthiomsú sainaitheanta d’ítimí forluiteacha. Mar sin féin, ní ann do chomhthiomsú, atá sainaitheanta go soiléir, d’ítimí forluiteacha nuair:

(a)

is féidir le heintiteas na hítimí forluiteacha lena gcinntear méid na hoibleagáide ar an eintiteas a athrú le héifeacht chúlghabhálach; nó

(b)

nach sainaithnítear aon ítim fhorluiteach, fiú dá bhféadfaí toradh a sholáthar don sealbhóir polasaí lena léireofar go ginearálta feidhmíocht agus ionchais fhoriomlána an eintitis, nó feidhmíocht agus ionchais a bhaineann le fothacair sócmhainní arna shealbhú ag an eintiteas. Sampla de thoradh den sórt sin is ea ráta creidiúnúcháin nó íocaíocht díbhinne a shocraítear i ndeireadh na tréimhse lena mbaineann sé. Sa chás sin, leis an oibleagáid i leith an tsealbhóra polasaí léirítear an ráta creidiúnúcháin nó na méideanna díbhinne a shocraigh an t-eintiteas, agus ní léirítear léi ítimí forluiteacha sainaitheanta.

B107

Le mír B101(b) éilítear go mbeidh coinne ag an eintiteas go n-íocfar scair shubstaintiúil de na torthaí cóirluacha ar na hítimí forluiteacha leis an sealbhóir polasaí agus le mír B101(c) éilítear go mbeidh coinne ag an eintiteas go n-athróidh cuid shubstaintiúil d’aon athrú sna méideanna atá le híoc leis an sealbhóir polasaí, agus sin leis an athrú i gcóirluach na n-ítimí forluiteacha. Déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

léirmhíneoidh sé an téarma “substaintiúil” sa dá mhír i gcomhthéacs chuspóir na gconarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, ar conarthaí iad faoina soláthraíonn an t-eintiteas seirbhísí a bhaineann le hinfheistíocht agus faoina gcúitítear é i leith na seirbhísí sin le táille a chinntear faoi threoir na n-ítimí forluiteacha; agus

(b)

déanfaidh sé measúnú ar an inathraitheacht sna méideanna i mír B101(b) agus mír B101(c):

(i)

thar shaolré an chonartha árachais; agus

(ii)

ar bhonn meán ualaithe dóchúlachta de réir luach reatha, seachas ar bhonn an toraidh is fearr nó is measa (féach míreanna B37–B38).

B108

Mar shampla, má tá coinne ag an eintiteas scair shubstaintiúil de na torthaí cóirluacha ar ítimí forluiteacha a íoc, faoi réir ráthaíocht toraidh íosta, beidh cásanna ann inarb amhlaidh:

(a)

a athraíonn na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas iad a íoc leis an sealbhóir polasaí, agus sin leis na hathruithe i gcóirluach na n-ítimí forluiteacha toisc nach sáraíonn an toradh ráthaithe ná sreafaí airgid eile, nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, an toradh cóirluacha ar na hítimí forluiteacha; agus

(b)

nach n-athraíonn na sreafaí airgid a bhfuil coinne ag an eintiteas iad a íoc leis an sealbhóir polasaí, nach n-athraíonn siad de réir mar a thagann athruithe ar chóirluach na n-ítimí forluiteacha toisc go sáraíonn an toradh ráthaithe agus sreafaí airgid eile, sreafaí nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha, an toradh cóirluacha ar na hítimí forluiteacha.

Le measúnú an eintitis ar an inathraitheacht i mír B101(c) le haghaidh an tsampla sin léireofar meán ualaithe dóchúlachta de réir luach reatha na gcásanna sin uile.

B109

Ní féidir le conarthaí athárachais arna n-eisiúint ná conarthaí athárachais arna sealbhú a bheith ina gconarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí chun críocha IFRS 17.

B110

Maidir le conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí chun cineál inathraitheach na táille a léiriú. Dá réir sin, láimhseáiltear athruithe sna méideanna a leagtar amach i mír B104 mar a leagtar amach i míreanna B111–B114.

B111

Athruithe san oibleagáid a bhaineann le méid atá comhionann le cóirluach na n-ítimí forluiteacha a íoc leis an sealbhóir polasaí (mír B104(a)), ní bhaineann siad le seirbhís sa todhchaí ná ní choigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leo.

B112

Athruithe i méid scair an eintitis de chóirluach na n-ítimí forluiteacha (mír B104(b)(i)), baineann siad le seirbhís sa todhchaí agus coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leo, agus mír 45(b) á cur i bhfeidhm.

B113

Is éard atá sna hathruithe sna sreafaí airgid comhlíonta nach n-athraíonn bunaithe ar na torthaí ar ítimí forluiteacha (mír B104(b)(ii)):

(a)

athruithe sna sreafaí airgid comhlíonta seachas iad siúd a shonraítear in (b). Cuirfidh eintiteas míreanna B96–B97 i bhfeidhm, comhsheasmhach le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, chun a mhéid a bhaineann siad le seirbhís sa todhchaí a chinneadh agus, trí mhír 45(c) a chur i bhfeidhm, coigeartóidh siad an corrlach seirbhíse conarthaí. Tomhaistear na coigeartuithe uile ag úsáid rátaí lascaine reatha.

(b)

an t-athrú in éifeacht an amluacha airgid agus na rioscaí airgeadais nach n-eascraíonn ó na hítimí forluiteacha; mar shampla, éifeacht na ráthaíochtaí airgeadais. Baineann siad sin le seirbhís sa todhchaí agus, trí mhír 45(c) a chur i bhfeidhm, coigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí leo, seachas a mhéid atá feidhm ag mír B115.

B114

Ní éilítear ar eintiteas na coigeartuithe ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí a éilítear le míreanna B112 agus B113 a shainaithint ar leithligh. Ina ionad sin, féadfar méid comhcheangailte a chinneadh le haghaidh cuid de na coigeartuithe nó le haghaidh na gcoigeartuithe uile.

Maolú riosca

B115

A mhéid a chomhlíonann eintiteas na coinníollacha i mír B116, féadfaidh sé a roghnú gan athrú sa chorrlach seirbhíse conarthaí a aithint chun cuid de na hathruithe nó na hathruithe uile a léiriú in éifeacht an amluacha airgid agus an riosca airgeadais ar an méid seo a leanas:

(a)

méid scair an eintitis de na hítimí forluiteacha (féach mír B112) má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais ar an méid sin ag úsáid díorthach nó conarthaí athárachais arna sealbhú; agus

(b)

na sreafaí airgid comhlíonta a leagtar amach i mír B113(b) má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais ar na sreafaí airgid comhlíonta sin ag úsáid díorthach, ionstraimí airgeadais neamhdhíorthaigh arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nó conarthaí athárachais arna sealbhú.

B116

Chun mír B115 a chur i bhfeidhm, ní mór cuspóir bainistíochta riosca agus straitéis um bainistíocht riosca a doiciméadaíodh roimhe sin a bheith ag eintiteas chun riosca airgeadais a mhaolú mar a thuairiscítear i mír B115. Agus an cuspóir agus an straitéis sin á gcur i bhfeidhm:

(a)

is ann do fhritháireamh eacnamaíoch idir na conarthaí árachais agus an díorthach, an ionstraim airgeadais neamhdhíorthaigh arna tomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nó conradh athárachais arna shealbhú (i.e. is iondúil go ngluaiseann luachanna na gconarthaí árachais agus na hítimí maolúcháin riosca sin sa treo contrártha toisc go bhfreagraíonn siad ar bhealach comhchosúil do na hathruithe sa riosca atá á mhaolú). Ní dhéanfaidh eintiteas breithniú ar dhifríochtaí tomhais cuntasaíochta agus measúnú á dhéanamh ar an bhfritháireamh eacnamaíoch.

(b)

níl an lámh in uachtar ag riosca creidmheasa ar an bhfritháireamh eacnamaíoch.

B117

Cinnfidh an t-eintiteas na sreafaí airgid comhlíonta i ngrúpa a bhfuil feidhm ag mír B115 maidir leis ar bhealach comhsheasmhach i ngach tréimhse tuairiscithe.

B117A

Má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais ag úsáid díorthach nó ionstraimí airgeadais neamhdhíorthaigh arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, áireoidh sé ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais le haghaidh na tréimhse a eascraíonn ó chur i bhfeidhm mhír B115 mar bhrabús nó mar chaillteanas. Má mhaolaíonn an t-eintiteas éifeacht an riosca airgeadais ag úsáid conarthaí athárachais arna sealbhú, cuirfidh sé i bhfeidhm an beartas cuntasaíochta céanna maidir le cur i láthair ioncaim maoiniúcháin árachais nó costas maoiniúcháin árachais a eascraíonn ó chur i bhfeidhm mhír B115 mar a chuireann an t-eintiteas i bhfeidhm maidir leis na conarthaí athárachais arna sealbhú agus mír 88 agus mír 90 á gcur i bhfeidhm.

B118

Más rud é, agus sa chás sin amháin, go scoirtear d’aon cheann de na coinníollacha i mír B116 a chomhlíonadh, scoirfidh eintiteas de mhír B115 a chur i bhfeidhm ón dáta sin. Ní dhéanfaidh eintiteas aon choigeartú le haghaidh athruithe a aithníodh roimhe sin mar bhrabús nó mar chaillteanas.

Aitheantas ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí mar bhrabús nó mar chaillteanas

B119

Aithnítear méid den chorrlach seirbhíse conarthaí le haghaidh grúpa conarthaí árachais mar bhrabús nó mar chaillteanas i ngach tréimhse chun na seirbhísí conartha árachais arna soláthar faoin ngrúpa conarthaí árachais sa tréimhse sin a léiriú (féach mír 44(e), mír 45(e) agus mír 66(e)). Cinntear an méid trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na haonaid chumhdaigh sa ghrúpa a shainaithint. An líon aonad cumhdaigh i ngrúpa, is é sin an chainníocht de sheirbhísí conartha árachais arna soláthar leis na conarthaí sa ghrúpa, arna cinneadh trí bhreithniú a dhéanamh, i gcás gach conartha, ar chainníocht na sochar arna soláthar faoi chonradh agus ar a thréimhse chumhdaigh a bhfuil coinne léi.

(b)

an corrlach seirbhíse conarthaí a leithdháileadh i ndeireadh na tréimhse (roimh aon mhéid a aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas chun na seirbhísí conartha árachais a sholáthraítear sa tréimhse a léiriú) agus go comhionann ar gach aonad cumhdaigh a sholáthraítear sa tréimhse reatha agus a bhfuil coinne ann go soláthrófar é sa todhchaí.

(c)

an méid a leithdháiltear ar aonaid chumhdaigh a sholáthraítear sa tréimhse a aithint mar bhrabús nó mar chaillteanas.

B119A

Chun mír B119 a chur i bhfeidhm, tagann deireadh le tréimhse na seirbhíse toraidh infheistíochta nó na seirbhíse a bhaineann le hinfheistíocht an dáta a bheidh na méideanna uile atá dlite do shealbhóirí polasaí reatha agus a bhaineann leis na seirbhísí sin íoctha, nó roimh an dáta sin, gan breithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí le sealbhóirí polasaí sa todhchaí a áirítear sna sreafaí airgid comhlíonta agus mír B68 á cur i bhfeidhm.

B119B

Le conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí féadfar seirbhís toraidh infheistíochta a sholáthar más rud é, agus sa chás seo amháin:

(a)

gurb ann do chomhpháirt infheistíochta, nó má tá ceart ag an sealbhóir polasaí méid a tharraingt siar;

(b)

go bhfuil coinne ag an eintiteas go n-áireofar sa chomhpháirt infheistíochta, nó sa mhéid a bhfuil ceart ag an sealbhóir polasaí é a tharraingt siar, toradh infheistíochta (d’fhéadfadh toradh infheistíochta a bheith faoi bhun nialas, mar shampla, i dtimpeallacht ráta úis dhiúltaigh); agus

(c)

go bhfuil coinne ag an eintiteas gníomhaíocht infheistíochta a dhéanamh chun an toradh infheistíochta sin a ghiniúint.

Conarthaí athárachais arna sealbhú—aitheantas ar aisghabháil caillteanais ar bhunchonarthaí árachais (míreanna 66A – 66B)

B119C

Tá feidhm ag mír 66A, más rud é, agus sa chás seo amháin, go ndéantar an conradh athárachais arna shealbhú sula n-aithnítear na bunchonarthaí árachais dochraideacha nó an tráth céanna a aithnítear iad.

B119D

Chun mír 66A a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas an coigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú agus an t-ioncam a thagann as sin tríd an méid seo a leanas a iolrú:

(a)

an caillteanas arna aithint ar na bunchonarthaí árachais; agus

(b)

an céatadán d’éilimh ar na bunchonarthaí árachais a bhfuil coinne ag an eintiteas é a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

B119E

Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm, is féidir go ndéanfaidh eintiteas idir chonarthaí árachais dochraideacha, arna gcumhdach le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus chonarthaí árachais dochraideacha, nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach de chonarthaí árachais. Chun míreanna 66(c)(i)–(ii) agus mír 66A a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, cuirfidh an t-eintiteas modh leithdháilte córasach agus réasúnach i bhfeidhm chun go gcinnfear an chuid de chaillteanais a aithnítear ar an ngrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

B119F

Tar éis comhchuid aisghabhála-caillteanais a bheith suite ag eintiteas agus mír 66B á cur i bhfeidhm, coigeartóidh an t-eintiteas an chomhchuid aisghabhála-caillteanais chun athruithe i gcomhchuid caillteanais grúpa dhochraidigh de bhunchonarthaí árachais a léiriú (féach míreanna 50–52). Ní sháróidh méid glanluacha na comhchoda aisghabhála-caillteanais an chuid de mhéid glanluacha chomhchuid chaillteanais an ghrúpa dhochraidigh de bhunchonarthaí árachais a bhfuil coinne ag an eintiteas í a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

IONCAM ÁRACHAIS (MÍREANNA 83 AGUS 85)

B120

An t-ioncam árachais iomlán le haghaidh grúpa conarthaí árachais, is é sin an chomaoin le haghaidh na gconarthaí, i.e. an méid préimheanna arna íoc leis an eintiteas:

(a)

arna choigeartú le haghaidh éifeacht maoiniúcháin; agus

(b)

seachas aon chomhpháirt infheistíochta.

B121

Le mír 83 éilítear go ndéanfar leis an méid ioncaim árachais a aithnítear i dtréimhse an t-aistriú de sheirbhísí geallta a thaispeáint ag méid lena léireofar an chomaoin a bhfuil coinne ag an eintiteas a bheith ina teideal mar mhalairt ar na seirbhísí sin. Leis an gcomaoin iomlán le haghaidh grúpa conarthaí cumhdaítear na méideanna seo a leanas:

(a)

méideanna a bhaineann le soláthar seirbhísí, arb éard atá iontu:

(i)

costais seirbhíse árachais, seachas aon mhéid a bhaineann leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a áirítear in (ii) agus aon mhéid arna leithdháileadh ar chomhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha;

(ia)

méideanna a bhaineann le cáin ioncaim atá inmhuirearaithe go sonrach ar an sealbhóir polasaí;

(ii)

an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, seachas aon mhéid arna leithdháileadh ar chomhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha; agus

(iii)

an corrlach seirbhíse conarthaí.

(b)

méideanna a bhaineann le sreafaí airgid éadála árachais.

B122

Déantar ioncam árachais le haghaidh tréimhse a bhaineann leis na méideanna ar a dtugtar tuairisc i mír B121(a) a chinneadh mar a leagtar amach i míreanna B123–B124. Déantar ioncam árachais le haghaidh tréimhse a bhaineann leis na méideanna ar a dtugtar tuairisc i mír B121(b) a chinneadh mar a leagtar amach i mír B125.

B123

Agus IFRS 15 á chur i bhfeidhm, nuair a sholáthraíonn eintiteas seirbhísí, dí-aithníonn sé an oibleagáid feidhmíochta le haghaidh na seirbhísí sin agus aithníonn sé ioncam. Agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, nuair a sholáthraíonn eintiteas seirbhísí i dtréimhse, laghdaíonn sé an dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh na seirbhísí arna soláthar agus aithníonn sé ioncam árachais. Sa laghdú sa dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha óna n-eascraíonn ioncam árachais, eisiatar athruithe sa dliteanas nach mbaineann le seirbhísí a bhfuil coinne ann go gcumhdófar leis an gcomaoin arna fáil ag an eintiteas iad. Seo a leanas na hathruithe sin:

(a)

athruithe nach mbaineann le seirbhísí arna soláthar sa tréimhse, mar shampla:

(i)

athruithe a thagann as sreafaí airgid ó phréimheanna arna bhfáil;

(ii)

athruithe a bhaineann le comhchodanna infheistíochta sa tréimhse;

(iia)

athruithe a thagann as sreafaí airgid ó iasachtaí do shealbhóirí polasaí;

(iii)

athruithe a bhaineann le cánacha idirbheart-bhunaithe arna mbailiú thar ceann tríú páirtithe (amhail cánacha préimhe, cánacha breisluacha agus cánacha earraí agus seirbhísí) (féach mír B65(i));

(iv)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais;

(v)

sreafaí airgid éadála árachais (féach mír B125); agus

(vi)

dí-aithint dliteanas arna n-aistriú chuig tríú páirtí.

(b)

athruithe a bhaineann le seirbhísí, ach nach bhfuil coinne ag an eintiteas go mbeidh comaoin ann lena n-aghaidh, i.e. méaduithe agus laghduithe i gcomhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha (féach míreanna 47–52).

B123A

A mhéid a dhí-aithníonn eintiteas sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid seachas sreafaí airgid éadála árachais an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais (féach mír 38(c)(ii) agus mír B66A), aithneoidh sé ioncam árachais agus costais árachais le haghaidh an méid arna dhí-aithint an dáta sin.

B124

Dá dheasca sin, is féidir ioncam árachais le haghaidh na tréimhse a anailísiú freisin mar iomlán na n-athruithe sa dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha sa tréimhse a bhaineann le seirbhísí a bhfuil coinne ag an eintiteas comaoin a fháil lena n-aghaidh. Seo a leanas na hathruithe sin:

(a)

costais seirbhíse árachais arna dtabhú sa tréimhse (arna dtomhas ag na méideanna a bhfuil coinne leo i dtús na tréimhse), seachas:

(i)

méideanna arna leithdháileadh ar chomhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha agus mír 51(a) á cur i bhfeidhm;

(ii)

íocaíochtaí comhchodanna infheistíochta;

(iii)

méideanna a bhaineann le cánacha idirbheart-bhunaithe arna mbailiú thar ceann tríú páirtithe (amhail cánacha préimhe, cánacha breisluacha agus cánacha earraí agus seirbhísí) (féach mír B65(i));

(iv)

costais éadála árachais (féach mír B125); agus

(v)

an méid a bhaineann leis an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais (féach (b)).

(b)

an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, seachas:

(i)

athruithe a áirítear in ioncam maoiniúcháin árachais nó i gcostais maoiniúcháin árachais agus mír 87 á cur i bhfeidhm;

(ii)

athruithe lena gcoigeartaítear an corrlach seirbhíse conarthaí toisc go mbaineann siad le seirbhís sa todhchaí agus mír 44(c) agus mír 45(c) á gcur i bhfeidhm; agus

(iii)

méideanna arna leithdháileadh ar chomhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha agus mír 51(b) á cur i bhfeidhm.

(c)

méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas sa tréimhse, agus mír 44(e) agus mír 45(e) á gcur i bhfeidhm.

(d)

méideanna eile, más ann, mar shampla, coigeartuithe taithí le haghaidh fáltais phréimhe seachas iad siúd a bhaineann le seirbhís sa todhchaí (féach mír B96(a)).

B125

Cinnfidh eintiteas ioncam árachais a bhaineann le sreafaí airgid éadála árachais tríd an gcuid de na préimheanna a bhaineann le haisghabháil na sreafaí airgid sin a leithdháileadh ar gach tréimhse thuairisciúcháin ar bhealach córasach ar bhonn imeacht ama. Aithneoidh eintiteas an méid céanna mar chostais seirbhíse árachais.

B126

Nuair a chuireann eintiteas an cur chuige leithdháilte préimheanna i bhfeidhm i míreanna 55–58, is é méid na bhfáltas préimhe ionchasach (seachas aon chomhpháirt infheistíochta agus arna choigeartú chun an t-amluach airgid agus éifeacht an riosca airgeadais a léiriú, más infheidhme, agus mír 56 á cur i bhfeidhm) an t-ioncam árachais le haghaidh na tréimhse arna leithdháileadh ar an tréimhse. Leithdháilfidh an t-eintiteas na fáltais phréimhe ionchasacha ar gach tréimhse de sheirbhísí conartha árachais:

(a)

ar bhonn imeacht ama; ach

(b)

más mór an difríocht idir an patrún ionchasach maidir le scaoileadh riosca le linn na tréimhse cumhdaigh agus imeacht ama, ansin ar bhonn an uainithe ionchasaigh a bhaineann le costais seirbhíse árachais arna dtabhú.

B127

Athróidh eintiteas bonn an leithdháilte idir mír B126(a) agus mír B126(b) mar is gá má athraíonn fíorais agus imthosca.

IONCAM MAOINIÚCHÁIN ÁRACHAIS NÓ COSTAIS MAOINIÚCHÁIN ÁRACHAIS (MÍREANNA 87–92)

B128

Le mír 87 éilítear ar eintiteas éifeacht an amluacha airgid agus an riosca airgeadais agus athruithe ina leith sin a áireamh in ioncam maoiniúcháin árachais nó i gcostais maoiniúcháin árachais. Chun críocha IFRS 17:

(a)

toimhdí maidir le boilsciú bunaithe ar innéacs praghsanna nó rátaí nó ar phraghsanna sócmhainní le torthaí atá nasctha le boilsciú, is toimhdí a bhaineann le riosca airgeadais iad;

(b)

toimhdí maidir le boilsciú bunaithe ar ionchas eintitis i leith athruithe sonracha ar phraghas, ní toimhdí a bhaineann le riosca airgeadais iad; agus

(c)

athruithe i dtomhas grúpa conarthaí árachais arbh athruithe i luach ítimí forluiteacha (seachas breiseanna agus aistarraingtí) ba chúis leo, is athruithe iad a eascraíonn ó éifeacht an amluacha airgid agus an riosca airgeadais agus athruithe ina leith sin.

B129

Le míreanna 88–89 éilítear ar eintiteas rogha ó thaobh beartais cuntasaíochta de a dhéanamh i dtaobh ar cheart ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú le haghaidh na tréimhse idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile. Cuirfidh eintiteas a rogha beartais cuntasaíochta i bhfeidhm maidir le punanna conarthaí árachais. Agus measúnú á dhéanamh ar an mbeartas cuntasaíochta iomchuí le haghaidh punann conarthaí árachais, agus mír 13 de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí á cur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas breithniú, le haghaidh gach punainne, ar na sócmhainní a shealbhaíonn an t-eintiteas agus ar an mbealach a thugann sé cuntas ar na sócmhainní sin.

B130

Má tá feidhm ag mír 88(b), áireoidh eintiteas méid mar bhrabús nó mar chaillteanas arna chinneadh le leithdháileadh córasach den ioncam maoiniúcháin iomlán ionchasach nó de na costais maoiniúcháin iomlána ionchasacha thar shaolré an ghrúpa conarthaí árachais. Sa chomhthéacs sin, is éard is leithdháileadh córasach ann leithdháileadh den ioncam maoiniúcháin ionchasach iomlán nó de na costais maoiniúcháin ionchasacha iomlána de chuid grúpa conarthaí árachais thar shaolré an ghrúpa:

(a)

atá bunaithe ar shainghnéithe na gconarthaí, gan tagairt d’fhachtóirí nach ndéantar difear leo do na sreafaí airgid a bhfuil coinne ann go n-eascróidh siad faoi na conarthaí. Mar shampla, ní bheidh leithdháileadh an ioncaim maoiniúcháin ná na gcostas maoiniúcháin bunaithe ar thorthaí aitheanta ionchasacha ar shócmhainní mura ndéantar difear leis na torthaí aitheanta ionchasacha sin do shreafaí airgid na gconarthaí sa ghrúpa.

(b)

as a dtagann na méideanna a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile thar shaolré an ghrúpa conarthaí is fiú nialas san iomlán. An méid carnach a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile aon dáta, sin é an difríocht idir méid glanluacha an ghrúpa conarthaí agus an méid ar a dtomhaisfí an grúpa agus an leithdháileadh córasach á chur i bhfeidhm.

B131

Le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith nach bhfuil éifeacht shubstaintiúil ag athruithe i dtoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc leis an sealbhóir polasaí, cinntear an leithdháileadh córasach ag úsáid na rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(e)(i).

B132

Le haghaidh grúpaí conarthaí árachais ar ina leith atá éifeacht shubstaintiúil ag athruithe i dtoimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ar na méideanna arna n-íoc leis na sealbhóirí polasaí:

(a)

is féidir leithdháileadh córasach le haghaidh an ioncaim maoiniúcháin nó na gcostas maoiniúcháin a eascraíonn ó na meastacháin ar shreafaí airgid todhchaí a chinneadh i gceann de na bealaí seo a leanas:

(i)

ag úsáid ráta lena leithdháiltear an t-ioncam maoiniúcháin ionchasach athbhreithnithe nó na costais maoiniúcháin ionchasacha athbhreithnithe thar an saolré atá fágtha den ghrúpa conarthaí ag ráta seasta; nó

(ii)

le haghaidh conarthaí lena n-úsáidtear ráta creidiúnúcháin chun méideanna atá dlite do na sealbhóirí polasaí a chinneadh—ag úsáid leithdháileadh atá bunaithe ar na méideanna arna gcreidiúnú sa tréimhse agus a bhfuil coinne ann go ndéanfar iad a chreidiúnú i dtréimhsí sa todhchaí.

(b)

leithdháileadh córasach le haghaidh an ioncaim maoiniúcháin nó na gcostas maoiniúcháin a eascraíonn ón gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais, má dhéantar é a dhí-chomhiomlánú ar leithligh ó athruithe eile sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais agus mír 81 á cur i bhfeidhm, cinntear é ag úsáid leithdháileadh atá comhsheasmhach leis an leithdháileadh a úsáidtear chun an t-ioncam maoiniúcháin nó na costais mhaoiniúcháin a eascraíonn ó na sreafaí airgid todhchaí a leithdháileadh.

(c)

cinntear leithdháileadh córasach le haghaidh an ioncaim maoiniúcháin nó na gcostas maoiniúcháin a eascraíonn ón gcorrlach seirbhíse conarthaí:

(i)

le haghaidh conarthaí árachais nach bhfuil gnéithe rannpháirtíochta dírí acu, ag úsáid rátaí lascaine a shonraítear i mír B72(b); agus

(ii)

le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, ag úsáid leithdháileadh atá comhsheasmhach leis an leithdháileadh a úsáidtear chun an t-ioncam maoiniúcháin nó na costais mhaoiniúcháin a eascraíonn ó na sreafaí airgid todhchaí a leithdháileadh.

B133

Agus an cur chuige leithdháilte préimheanna á chur i bhfeidhm maidir le conarthaí árachais ar a dtugtar tuairisc i míreanna 53–59, féadfar a éileamh ar eintiteas, nó féadfaidh sé a roghnú, an dliteanas i leith éilimh thabhaithe a lascainiú. Sna cásanna sin, féadfaidh sé a roghnú an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú agus mír 88(b) á cur i bhfeidhm. Má dhéanann an t-eintiteas an rogha sin, cinnfidh sé an t-ioncam maoiniúcháin árachais nó na costais maoiniúcháin árachais mar bhrabús nó mar chaillteanas ag úsáid an ráta lascaine a shonraítear i mír B72(e)(iii).

B134

Tá feidhm ag mír 89 má shealbhaíonn eintiteas, cibé acu dá dheoin féin nó toisc go n-éilítear sin air, na hítimí forluiteacha le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí. Má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú agus mír 89(b) á cur i bhfeidhm, áireoidh sé mar bhrabús nó mar chaillteanas costais nó ioncam a fhreagraíonn go cruinn don ioncam nó do na costais a áirítear mar bhrabús nó mar chaillteanas le haghaidh na n-ítimí forluiteacha, arb é a thagann as sin go bhfuil glanmhéid na n-ítimí arna gcur i láthair ar leithligh ina neamhní.

B135

Féadfaidh eintiteas cáiliú le haghaidh rogha an bheartais cuntasaíochta i mír 89 i dtréimhsí áirithe ach gan cáiliú lena haghaidh i dtréimhsí eile de dheasca athrú i dtaobh an sealbhaíonn nó nach sealbhaíonn sé na hítimí forluiteacha. Má tharlaíonn athrú den sórt sin, athraíonn rogha an bheartais cuntasaíochta atá le fáil don eintiteas ón gceann a leagtar amach i mír 88 go dtí an ceann a leagtar amach i mír 89, nó a mhalairt. Dá réir sin, is féidir go n-athróidh eintiteas a bheartas cuntasaíochta idir an ceann a leagtar amach i mír 88(b) agus an ceann a leagtar amach i mír 89(b). Agus athrú den sórt sin á dhéanamh déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

áireoidh sé an méid carntha a áiríodh roimhe sin in ioncam cuimsitheach eile faoi dháta an athraithe mar choigeartú athaicmiúcháin mar bhrabús nó mar chaillteanas i dtréimhse an athraithe agus i dtréimhsí sa todhchaí, mar a leanas:

(i)

má chuir an t-eintiteas mír 88(b) i bhfeidhm roimhe sin—áireoidh an t-eintiteas mar bhrabús nó mar chaillteanas an méid carntha a áiríodh mar ioncam cuimsitheach eile roimh an athrú amhail is dá mba rud é go raibh an t-eintiteas ag leanúint den chur chuige i mír 88(b) bunaithe ar na toimhdí ag a raibh feidhm díreach roimh an athrú; agus

(ii)

má chuir an t-eintiteas mír 89(b) i bhfeidhm roimhe sin—áireoidh an t-eintiteas mar bhrabús nó mar chaillteanas an méid carntha a áirítear mar ioncam cuimsitheach eile roimh an athrú amhail is dá mba rud é go raibh an t-eintiteas ag leanúint den chur chuige i mír 89(b) bunaithe ar na toimhdí ag a raibh feidhm díreach roimh an athrú.

(b)

ní athshonróidh sé faisnéis chomparáideach ó thréimhsí roimhe sin.

B136

Agus mír B135(a) á cur i bhfeidhm, ní athríomhfaidh eintiteas an méid carntha a áiríodh roimhe sin mar ioncam cuimsitheach eile amhail is dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag an dí-chomhiomlánú nua; agus ní dhéanfar na toimhdí a úsáidtear le haghaidh an athaicmiúcháin i dtréimhsí sa todhchaí a thabhairt cothrom le dáta tar éis dháta an athraithe.

ÉIFEACHT NA MEASTACHÁN CUNTASAÍOCHTA ARNA NDÉANAMH I RÁITIS AIRGEADAIS EATRAMHACHA

B137

Má ullmhaíonn eintiteas ráitis airgeadais eatramhacha agus IAS 34 Tuairisciú Airgeadais Eatramhach á chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas rogha ó thaobh beartais cuntasaíochta de i dtaobh ar cheart an bealach a láimhseáiltear meastacháin chuntasaíochta a rinneadh i ráitis airgeadais eatramhacha roimhe sin agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm a athrú i ráitis airgeadais eatramhacha dá éis sin agus sa tréimhse thuairiscithe bhliantúil. Cuirfidh eintiteas a rogha ó thaobh beartais cuntasaíochta de i bhfeidhm maidir leis na grúpaí conarthaí árachais uile a eisíonn sé agus maidir leis na grúpaí conarthaí athárachais a shealbhaíonn sé.

(1)  Seasann CU d’aonad airgeadra.


Aguisín C

Dáta éifeachtach agus trasdul

Tá an aguisín seo ina chuid lárnach de IFRS 17 Conarthaí Árachais.

DÁTA ÉIFEACHTACH

C1

Cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla dar tús an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh. Má chuireann eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm níos luaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin. Ceadaítear cur i bhfeidhm luath i gcás eintitis a chuireann IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais i bhfeidhm dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17 nó dá éis sin.

C2

Chun críocha na gceanglas trasdula i mír C1 agus míreanna C3–C33:

(a)

is é dáta an chur i bhfeidhm tosaigh tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm ar dtús; agus

(b)

is é an dáta trasdula tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

TRASDUL

C3

Mura bhfuil sé neamhphraiticiúil déanamh amhlaidh, nó mura bhfuil feidhm ag mír C5A, cuirfidh eintiteas IFRS 17 i bhfeidhm go cúlghabhálach, ach amháin:

(a)

nach n-éilítear ar eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 Beartais Chuntasaíochta, Athruithe ar Mheastacháin Chuntasaíochta agus Earráidí a chur i láthair; agus

(b)

nach gcuirfidh eintiteas an rogha i mír B115 i bhfeidhm maidir le tréimhsí roimh an dáta trasdula. Féadfaidh eintiteas an rogha i mír B115 a chur i bhfeidhm go hionchasach an dáta trasdula nó dá éis sin más rud é, agus sa chás seo amháin, go n-ainmníonn an t-eintiteas gaolta maolúcháin riosca an dáta a chuireann sé an rogha i bhfeidhm nó roimhe sin.

C4

Chun IFRS 17 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas an dáta trasdula:

(a)

sainaithneoidh, aithneoidh agus tomhaisfidh sé gach grúpa conarthaí árachais amhail is dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag IFRS 17;

(aa)

sainaithneoidh, aithneoidh agus tomhaisfidh sé aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais amhail is dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag IFRS 17 (ach amháin nach n-éilítear ar eintiteas an measúnú in-aisghabhálachta a chur i bhfeidhm i mír 28E roimh an dáta trasdula);

(b)

dí-aithneoidh sé aon chomhordú atá ann cheana nárbh ann dó dá mba rud é go raibh feidhm riamh ag IFRS 17; agus

(c)

aithneoidh sé aon ghlandifríocht i gcothromas a thagann as sin.

C5

Más rud é, agus sa chás seo amháin, go bhfuil sé neamhphraiticiúil d’eintiteas mír C3 a chur i bhfeidhm maidir le grúpa conarthaí árachais, cuirfidh eintiteas na cuir chuige seo a leanas i bhfeidhm seachas mír C4(a) a chur i bhfeidhm:

(a)

an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe i míreanna C6–C19A, faoi réir mhír C6(a); nó

(b)

an cur chuige cóirluacha i míreanna C20–C24B.

C5A

D’ainneoin mhír C5, féadfaidh eintiteas a roghnú an cur chuige cóirluacha i míreanna C20–C24B a chur i bhfeidhm maidir le grúpa conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhféadfadh sé IFRS 17 a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach maidir leis más rud é, agus sa chás seo amháin:

(a)

go roghnaíonn an t-eintiteas an rogha maolúcháin riosca i mír B115 a chur i bhfeidhm maidir leis an ngrúpa conarthaí árachais go hionchasach ón dáta trasdula; agus

(b)

gur úsáid an t-eintiteas díorthaigh, ionstraimí airgeadais neamhdhíorthaigh arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, nó conarthaí athárachais arna sealbhú chun riosca airgeadais a eascraíonn ón ngrúpa conarthaí árachais a mhaolú, mar a shonraítear i mír B115, roimh an dáta trasdula.

C5B

Más rud é, agus sa chás seo amháin, gur neamhphraiticiúil d’eintiteas mír C4(aa) a chur i bhfeidhm maidir le sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais, cuirfidh an t-eintiteas na cuir chuige seo a leanas i bhfeidhm chun an tsócmhainn a thomhas le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais:

(a)

an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe i míreanna C14B–C14D agus mír C17A, faoi réir mhír C6(a); nó

(b)

an cur chuige cóirluacha i míreanna C24A–C24B.

An cur chuige cúlghabhálach modhnaithe

C6

Is é is cuspóir don chur chuige cúlghabhálach modhnaithe an toradh is gaire do chur i bhfeidhm cúlghabhálach is féidir a bhaint amach agus faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi agus atá le fáil gan costas ná iarracht mhíchuí á húsáid. Dá réir sin, agus an cur chuige sin á chur i bhfeidhm, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

úsáidfidh sé faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi. Mura féidir leis an eintiteas an fhaisnéis réasúnach ar féidir tacú léi agus is gá a fháil chun an cur chuige cúlghabhálach modhnaithe a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé an cur chuige cóirluacha i bhfeidhm.

(b)

bainfidh sé a oiread úsáide agus is féidir as faisnéis a d’úsáidfí chun cur chuige atá go hiomlán cúlghabhálach a chur i bhfeidhm, ach ní gá dó ach úsáid a bhaint as faisnéis atá le fáil gan costas míchuí ná iarracht mhíchuí.

C7

Le míreanna C9–C19A leagtar amach modhnuithe ceadaithe ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach sna réimsí seo a leanas:

(a)

measúnuithe ar chonarthaí árachais nó grúpaí conarthaí árachais a bheadh déanta dáta an tionscanta nó an aitheantais tosaigh;

(b)

méideanna a bhaineann leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí nó leis an gcomhchuid chaillteanais le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí;

(c)

méideanna a bhaineann leis an gcorrlach seirbhíse conarthaí nó leis an gcomhchuid chaillteanais le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí; agus

(d)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais.

C8

Chun cuspóir an chur chuige chúlghabhálaigh mhodhnaithe a bhaint amach, ní cheadaítear d’eintiteas gach modhnú i míreanna C9–C19A a úsáid ach a mhéid nach bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag eintiteas chun cur chuige cúlghabhálach a chur i bhfeidhm.

Measúnuithe tráth an tionscanta nó tráth a thugtar aitheantas tosaigh

C9

A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas na hábhair seo a leanas ag úsáid faisnéis atá le fáil an dáta trasdula:

(a)

an bealach le grúpaí conarthaí árachais a shainaithint, agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm;

(b)

cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh árachais an sainmhíniú ar chonradh árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B101–B109 á gcur i bhfeidhm;

(c)

an bealach le sreafaí airgid discréide a shainaithint le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B98–B100 á gcur i bhfeidhm; agus

(d)

cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh infheistíochta an sainmhíniú ar chonradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17, agus mír 71 á cur i bhfeidhm.

C9A

A mhéid a cheadaítear le mír C8, aicmeoidh eintiteas mar dhliteanas i leith éilimh thabhaithe dliteanas i leith socrú éileamh arna thabhú sula bhfuarthas conradh árachais in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3.

C10

A mhéid a cheadaítear le mír C8, ní chuirfidh eintiteas mír 22 i bhfeidhm chun grúpaí a roinnt ina ngrúpaí nach n-áirítear conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile iontu.

An corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhchuid chaillteanais á chinneadh nó á cinneadh le haghaidh grúpaí conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí

C11

A mhéid a cheadaítear le mír C8, maidir le conarthaí gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, cinnfidh eintiteas an corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhchuid chaillteanais i leith an dliteanais le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha (féach míreanna 49–52) an dáta trasdula trí mhíreanna C12–C16C a chur i bhfeidhm.

C12

A mhéid a cheadaítear le mír C8, déanfaidh eintiteas meastachán faoi na sreafaí airgid todhchaí an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais mar mhéid na sreafaí airgid todhchaí an dáta trasdula (nó dáta is luaithe, más féidir na sreafaí airgid todhchaí an dáta is luaithe sin a chinneadh go cúlghabhálach, agus mír C4(a) á cur i bhfeidhm), arna choigeartú leis na sreafaí airgid is eol gurbh ann dóibh idir an dáta a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais agus an dáta trasdula (nó dáta is luaithe). Sna sreafaí airgid arb eol gurbh ann dóibh áirítear sreafaí airgid a thagann as conarthaí a scoir de bheith ann roimh an dáta trasdula.

C13

A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas na rátaí lascaine ag a raibh feidhm an dáta a tugadh aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais (nó dá éis sin):

(a)

ag úsáid cuar toraidh inbhraite atá comhionann, ar feadh 3 bliana ar a laghad díreach roimh an dáta trasdula, leis an gcuar toraidh arna mheas agus mír 36 agus míreanna B72–B85 á gcur i bhfeidhm, más ann do chuar toraidh inbhraite den sórt sin.

(b)

murab ann don chuar toraidh inbhraite i mír (a), déanfaidh sé meastachán faoi na rátaí lascaine ag a raibh feidhm dáta a tugadh aitheantas tosaigh (nó dá éis sin) trí mheánraon difríochta a chinneadh idir cuar toraidh inbhraite agus an cuar toraidh arna mheas agus mír 36 agus míreanna B72–B85 á gcur i bhfeidhm, agus tríd an raon difríochta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an gcuar toraidh inbhraite sin. Meán a bheidh sa raon difríochta sin ar feadh 3 bliana ar a laghad díreach roimh an dáta trasdula.

C14

A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas an coigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa conarthaí árachais (nó dá éis sin) tríd an gcoigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais a choigeartú an dáta trasdula le scaoileadh ionchasach an riosca roimh an dáta trasdula. Cinnfear scaoileadh ionchasach an riosca faoi threoir scaoileadh an riosca le haghaidh conarthaí árachais comhchosúla a eisíonn an t-eintiteas an dáta trasdula.

C14A

Agus mír B137 á cur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas a roghnú gan an bealach a láimhseáiltear meastacháin chuntasaíochta arna ndéanamh i ráitis airgeadais eatramhacha roimhe sin a athrú. A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas den sórt sin an corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhchuid chaillteanais an dáta trasdula amhail is dá mba rud é nach raibh ráitis airgeadais eatramhacha ullmhaithe ag an eintiteas roimh an dáta trasdula.

C14B

A mhéid a cheadaítear le mír C8, úsáidfidh eintiteas an modh córasach agus réasúnach céanna a bhfuil coinne ag an eintiteas é a úsáid tar éis an dáta trasdula agus mír 28A á cur i bhfeidhm chun aon sreabhadh airgid éadála árachais arna íoc a leithdháileadh (nó ar ina leith a aithníodh dliteanas agus Caighdeán IFRS eile á chur i bhfeidhm) roimh an dáta trasdula (seachas aon mhéid a bhaineann le conarthaí árachais a scoir de bheith ann roimh an dáta trasdula) orthu seo a leanas:

(a)

grúpaí conarthaí árachais a aithnítear an dáta trasdula; agus

(b)

grúpaí conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go n-aithneofar iad tar éis an dáta trasdula.

C14C

Le sreafaí airgid éadála árachais arna n-íoc roimh an dáta trasdula a leithdháiltear ar ghrúpa conarthaí árachais a aithnítear an dáta trasdula, coigeartaítear corrlach seirbhíse conarthaí an ghrúpa sin, a mhéid a aithníodh an dáta sin conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go mbeidh siad sa ghrúpa (féach mír 28C agus mír B35C). Maidir le sreafaí airgid éadála árachais eile arna n-íoc roimh an dáta trasdula, lena n-áirítear iad siúd arna leithdháileadh ar ghrúpa conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go n-aithneofar iad tar éis an dáta trasdula, aithnítear mar shócmhainn iad, agus mír 28B á cur i bhfeidhm.

C14D

Mura bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag eintiteas chun mír C14B a chur i bhfeidhm, cinnfidh an t-eintiteas go bhfuil na méideanna seo a leanas ina neamhní an dáta trasdula:

(a)

an coigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí árachais a aithnítear an dáta trasdula agus aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a bhaineann leis an ngrúpa sin; agus

(b)

an tsócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais le haghaidh grúpaí conarthaí árachais a bhfuil coinne ann go n-aithneofar iad tar éis an dáta trasdula.

C15

Más éard a thagann as míreanna C12–C14D a chur i bhfeidhm ná corrlach seirbhíse conarthaí dáta a thugtar aitheantas tosaigh, chun an corrlach seirbhíse conarthaí a chinneadh an dáta trasdula déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

má chuireann eintiteas C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh faoi na rátaí lascaine ag a bhfuil feidhm dáta a thugtar aitheantas tosaigh, úsáidfidh sé na rátaí sin chun ús a fhuilleamh ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí; agus

(b)

a mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh sé méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a aithnítear mar bhrabús nó mar chaillteanas mar gheall ar an aistriú seirbhísí roimh an dáta trasdula, trí chomparáid a dhéanamh idir na haonaid chumhdaigh atá fágtha an dáta sin agus na haonaid chumhdaigh arna soláthar faoin ngrúpa conarthaí roimh an dáta trasdula (féach mír mbrabús B119).

C16

Más éard a thagann as míreanna C12–C14D a chur i bhfeidhm comhchuid chaillteanais den dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha dáta a thugtar aitheantas tosaigh, cinnfidh eintiteas aon mhéid arna leithdháileadh ar an gcomhchuid chaillteanais roimh an dáta trasdula agus míreanna C12–C14D á gcur i bhfeidhm ag úsáid bonn leithdháilte córasach.

C16A

Maidir le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú lena soláthraítear cumhdach le haghaidh grúpa dochraideach de chonarthaí árachais agus a rinneadh sular eisíodh na conarthaí árachais nó an tráth céanna a eisíodh iad, suífidh eintiteas comhchuid aisghabhála-caillteanais den tsócmhainn le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha an dáta trasdula (féach míreanna 66A–66B). A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas an chomhchuid aisghabhála-caillteanais tríd an méid seo a leanas a iolrú:

(a)

comhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh na mbunchonarthaí árachais an dáta trasdula (féach mír C16 agus mír C20); agus

(b)

céatadán na n-éileamh le haghaidh na mbunchonarthaí árachais a bhfuil coinne ag an eintiteas é a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

C16B

Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm an dáta trasdula, is féidir go ndéanfaidh eintiteas idir chonarthaí árachais dochraideacha, arna gcumhdach le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus chonarthaí árachais dochraideacha, nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach de chonarthaí árachais. Chun mír C16A a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, úsáidfidh eintiteas bonn leithdháilte córasach agus réasúnach chun go gcinnfear an chuid de chomhchuid chaillteanais an ghrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

C16C

Mura bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi ag eintiteas chun mír C16A a chur i bhfeidhm, ní shainaithneoidh an t-eintiteas comhchuid aisghabhála-caillteanais le haghaidh an ghrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

An corrlach seirbhíse conarthaí nó an chomhchuid chaillteanais á chinneadh nó á cinneadh le haghaidh grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí

C17

A mhéid a cheadaítear le mír C8, le haghaidh conarthaí le gnéithe rannpháirtíochta dírí, cinnfidh eintiteas corrlach seirbhíse conarthaí nó comhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha tar éis an dáta trasdula mar a leanas:

(a)

cóirluach iomlán na n-ítimí forluiteacha an dáta sin; lúide

(b)

na sreafaí airgid comhlíonta an dáta sin; móide nó lúide

(c)

coigeartú le haghaidh an méid seo a leanas:

(i)

méideanna arna muirearú ag an eintiteas ar na sealbhóirí polasaí (lena n-áirítear méideanna arna mbaint as na hítimí forluiteacha) roimh an dáta sin.

(ii)

méideanna arna n-íoc roimh an dáta sin nach n-athródh bunaithe ar na hítimí forluiteacha.

(iii)

an t-athrú sa choigeartú riosca le haghaidh riosca neamhairgeadais arbh é an scaoileadh ó riosca roimh an dáta sin ba chúis leis sin. Déanfaidh an t-eintiteas meastachán faoin méid sin faoi threoir scaoileadh riosca le haghaidh conarthaí árachais comhchosúla a eisíonn an t-eintiteas an dáta trasdula.

(iv)

sreafaí airgid éadála árachais arna n-íoc (nó ar ina leith a aithníodh dliteanas agus Caighdeán IFRS eile á chur i bhfeidhm) roimh an dáta trasdula a leithdháiltear ar an ngrúpa (féach mír C17A).

(d)

má thagann corrlach seirbhíse conarthaí as (a)–(c)—lúide méid an chorrlaigh seirbhíse conarthaí a bhaineann le seirbhísí arna soláthar roimh an dáta sin. Tá an t-iomlán de (a)–(c) mar ionadú le haghaidh an chorrlaigh seirbhíse conarthaí iomláin le haghaidh na seirbhísí uile atá le soláthar faoin ngrúpa conarthaí, i.e. roimh aon mhéid a d’aithneofaí mar bhrabús nó mar chaillteanas le haghaidh seirbhísí arna soláthar. Déanfaidh an t-eintiteas meastachán faoi na méideanna a d’aithneofaí mar bhrabús nó mar chaillteanas le haghaidh seirbhísí arna soláthar trí chomparáid a dhéanamh idir na haonaid chumhdaigh atá fágtha an dáta trasdula agus na haonaid chumhdaigh arna soláthar faoin ngrúpa conarthaí roimh an dáta trasdula; nó

(e)

má thagann comhchuid chaillteanais as (a)–(c)—an chomhchuid chaillteanais a choigeartú ina neamhní agus méadú a dhéanamh ar an dliteanas i leith an chumhdaigh atá fágtha seachas an chomhchuid chaillteanais leis an méid céanna.

C17A

A mhéid a cheadaítear le mír C8, cuirfidh eintiteas míreanna C14B–C14D i bhfeidhm chun go n-aithneofar sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais, agus aon choigeartú ar an gcorrlach seirbhíse conarthaí de chuid grúpa conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais (féach mír C17(c)(iv)).

Ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais

C18

Maidir le grúpaí conarthaí árachais lena n-áirítear, agus mír C10 á cur i bhfeidhm, conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile:

(a)

ceadaítear d’eintiteas na rátaí lascaine a chinneadh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa a shonraítear i míreanna B72(b)–B72(e)(ii) mar aon leis na rátaí lascaine dáta an éilimh thabhaithe a shonraítear i mír B72(e)(iii) an dáta trasdula seachas dáta a thugtar aitheantas tosaigh nó an éilimh thabhaithe.

(b)

má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir méideanna a áirítear mar bhrabús nó mar chaillteanas agus méideanna a áirítear mar ioncam cuimsitheach eile agus mír 88(b) nó mír 89(b) á cur i bhfeidhm, is gá don eintiteas méid carnach an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais a aithnítear mar ioncam cuimsitheach eile an dáta trasdula a chinneadh chun mír 91(a) a chur i bhfeidhm i dtréimhsí sa todhchaí. Ceadaítear don eintiteas an méid carnach sin a chinneadh trí mhír C19(b) a chur i bhfeidhm nó:

(i)

mar neamhní, mura bhfuil feidhm ag (ii); agus

(ii)

le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhfuil feidhm ag B134 maidir leo, mar mhéid atá cothrom leis an méid carnach a aithnítear mar ioncam cuimsitheach eile ó na hítimí forluiteacha.

C19

Maidir le grúpaí conarthaí árachais nach n-áirítear conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile iontu:

(a)

má chuireann eintiteas mír C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh faoi na rátaí lascaine ag a raibh feidhm dáta a tugadh aitheantas tosaigh (nó dá éis sin), cinnfidh sé freisin na rátaí lascaine a shonraítear i míreanna B72(b)–B72(e) agus mír C13 á cur i bhfeidhm; agus

(b)

má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir méideanna a áirítear mar bhrabús nó mar chaillteanas agus méideanna a áirítear mar ioncam cuimsitheach eile, agus mír 88(b) nó mír 89(b) á cur i bhfeidhm, is gá don eintiteas méid carnach an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais a aithnítear mar ioncam cuimsitheach eile an dáta trasdula a chinneadh chun mír 91(a) a chur i bhfeidhm i dtréimhsí sa todhchaí. Cinnfidh an t-eintiteas an méid carnach sin:

(i)

le haghaidh conarthaí árachais ar ina leith a chuirfidh eintiteas na modhanna leithdháilte chórasaigh a leagtar amach i mír B131 i bhfeidhm—má chuireann an t-eintiteas mír C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh ar na rátaí lascaine dáta a thugtar aitheantas tosaigh—ag úsáid na rátaí lascaine ag a raibh feidhm dáta a tugadh aitheantas tosaigh, agus mír C13 á cur i bhfeidhm freisin;

(ii)

le haghaidh conarthaí árachais ar ina leith a chuirfidh eintiteas na modhanna leithdháilte chórasaigh a leagtar amach i mír B132 i bhfeidhm—ar an mbonn gurb iad na toimhdí a bhaineann le riosca airgeadais ag a raibh feidhm dáta a tugadh aitheantas tosaigh na toimhdí ag a bhfuil feidhm an dáta trasdula, i.e. mar neamhní;

(iii)

le haghaidh conarthaí árachais ar ina leith a chuirfidh eintiteas na modhanna leithdháilte chórasaigh a leagtar amach i mír B133 i bhfeidhm—má chuireann an t-eintiteas mír C13 i bhfeidhm chun meastachán a dhéanamh faoi na rátaí lascaine tráth a thugtar tosaigh (nó dá éis sin)—ag úsáid na rátaí lascaine ag a raibh feidhm dáta an éilimh thabhaithe, agus mír C13 á cur i bhfeidhm freisin; agus

(iv)

le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhfuil feidhm ag mír B134 maidir leo—mar mhéid atá cothrom leis an méid carnach a aithnítear mar ioncam cuimsitheach eile ó na hítimí forluiteacha.

C19A

Agus mír B137 á cur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas a roghnú gan an bealach a láimhseáiltear meastacháin chuntasaíochta arna ndéanamh i ráitis airgeadais eatramhacha roimhe sin a athrú. A mhéid a cheadaítear le mír C8, cinnfidh eintiteas den sórt sin méideanna a bhaineann le hioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais an dáta trasdula amhail is dá mba rud é nach raibh ráitis airgeadais eatramhacha ullmhaithe aige roimh an dáta trasdula.

Cur chuige cóirluacha

C20

Chun an cur chuige cóirluacha a chur i bhfeidhm, cinnfidh eintiteas corrlach seirbhíse conarthaí nó comhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha an dáta trasdula mar an difríocht idir cóirluach grúpa conarthaí árachais an dáta sin agus na sreafaí airgid comhlíonta arna dtomhas an dáta sin. Agus an cóirluach sin á chinneadh, ní chuirfidh eintiteas mír 47 de IFRS 13 Tomhas Cóirluacha (a bhaineann le gnéithe éilimh) i bhfeidhm.

C20A

Maidir le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú a bhfuil feidhm ag míreanna 66A–66B maidir leis (gan gá a bheith ann an coinníoll a leagtar amach i mír B119C a chomhlíonadh), cinnfidh eintiteas comhchuid aisghabhála-caillteanais na sócmhainne le haghaidh an chumhdaigh atá fágtha an dáta trasdula tríd an méid seo a leanas a iolrú:

(a)

comhchuid chaillteanais an dliteanais i leith an chumhdaigh atá fágtha le haghaidh na mbunchonarthaí árachais an dáta trasdula (féach mír C16 agus mír C20); agus

(b)

céatadán na n-éileamh le haghaidh na mbunchonarthaí árachais a bhfuil coinne ag an eintiteas é a aisghabháil ón ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

C20B

Agus míreanna 14–22 á gcur i bhfeidhm an dáta trasdula, is féidir go ndéanfaidh eintiteas idir chonarthaí árachais dochraideacha, arna gcumhdach le grúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, agus chonarthaí árachais dochraideacha, nach gcumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú, a áireamh i ngrúpa dochraideach de chonarthaí árachais. Chun mír C20A a chur i bhfeidhm sna cásanna sin, úsáidfidh eintiteas bonn leithdháilte córasach agus réasúnach chun go gcinnfear an chuid de chomhchuid chaillteanais an ghrúpa conarthaí árachais a bhaineann le conarthaí árachais a chumhdaítear leis an ngrúpa conarthaí athárachais arna shealbhú.

C21

Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas mír C22 a chur i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

an bealach le grúpaí conarthaí árachais a shainaithint, agus míreanna 14–24 á gcur i bhfeidhm;

(b)

cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh árachais an sainmhíniú ar chonradh árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B101–B109 á gcur i bhfeidhm;

(c)

an bealach le sreafaí airgid discréide a shainaithint le haghaidh conarthaí árachais gan gnéithe rannpháirtíochta dírí, agus míreanna B98–B100 á gcur i bhfeidhm; agus

(d)

cibé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar le conradh infheistíochta an sainmhíniú ar chonradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17, agus mír 71 á cur i bhfeidhm.

C22

Féadfaidh eintiteas a roghnú na hábhair a chinneadh i mír C21 ag baint úsáid as:

(a)

faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi i dtaobh an méid a bheadh cinntithe ag an eintiteas i bhfianaise théarmaí an chonartha agus dhálaí an mhargaidh dáta an tionscanta nó a thugtar aitheantas tosaigh, de réir mar is iomchuí; nó

(b)

faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi atá le fáil an dáta trasdula.

C22A

Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, féadfaidh eintiteas a roghnú dliteanas i leith socrú éileamh a tabhaíodh sula bhfuarthas conradh árachais in aistriú conarthaí árachais nach bhfuil ina ngnólacht ná ina gcomhcheangal idir gnólachtaí faoi raon feidhme IFRS 3 a aicmiú mar dhliteanas i leith éilimh thabhaithe.

C23

Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm, ní éilítear ar eintiteas mír 22 a chur i bhfeidhm, agus féadfaidh sé conarthaí arna n-eisiúint breis agus bliain ó chéile a áireamh i ngrúpa. Ní dhéanfaidh eintiteas grúpaí a roinnt sna grúpaí sin nach n-áirítear ach conarthaí arna n-eisiúint laistigh de bhliain (nó tréimhse is gairide ná sin) iontu má tá faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi aige chun an roinnt a dhéanamh. Cibé acu a chuireann nó nach gcuireann eintiteas mír 22 i bhfeidhm, ceadaítear dó na rátaí lascaine a chinneadh an dáta a thugtar aitheantas tosaigh do ghrúpa a shonraítear i míreanna B72(b)–B72(e)(ii) mar aon leis na rátaí lascaine dáta an éilimh thabhaithe a shonraítear i mír B72(e)(iii) an dáta trasdula seachas dáta a thugtar aitheantas tosaigh nó an éilimh thabhaithe.

C24

Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm aige, má roghnaíonn eintiteas ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais a dhí-chomhiomlánú idir brabús nó caillteanas agus ioncam cuimsitheach eile, ceadaítear dó méid carnach an ioncaim maoiniúcháin árachais nó na gcostas maoiniúcháin árachais a aithnítear in ioncam cuimsitheach eile an dáta trasdula a chinneadh:

(a)

go cúlghabhálach—ach i gcás ina bhfuil faisnéis réasúnach ar féidir tacú léi aige chun é sin a dhéanamh agus sa chás sin amháin; nó

(b)

mar neamhní—mura bhfuil feidhm ag (c); agus

(c)

le haghaidh conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí a bhfuil feidhm ag mír B134 maidir leo—mar mhéid atá cothrom leis an méid carnach a aithnítear mar ioncam cuimsitheach eile ó na hítimí forluiteacha.

Sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais

C24A

Agus an cur chuige cóirluacha á chur i bhfeidhm maidir le sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais (féach mír C5B(b)), an dáta trasdula, cinnfidh eintiteas sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais ag méid atá cothrom leis na sreafaí airgid éadála árachais a thabhódh an t-eintiteas an dáta trasdula le haghaidh na gceart chun an méid seo a leanas a fháil:

(a)

aisghabhálacha sreafaí airgid éadála árachais ó phréimheanna conarthaí árachais arna n-eisiúint roimh an dáta trasdula ach nach n-aithnítear an dáta trasdula;

(b)

conarthaí árachais todhchaí ar athnuachaintí iad ar chonarthaí árachais a aithníodh an dáta trasdula agus conarthaí árachais ar a dtugtar tuairisc in (a); agus

(c)

conarthaí árachais todhchaí, seachas iad siúd in (b), tar éis an dáta trasdula gan na sreafaí airgid éadála árachais atá íoctha cheana ag an eintiteas, agus atá inchurtha go díreach i leith na punainne gaolmhaire de chonarthaí árachais, a íoc arís.

C24B

An dáta trasdula, déanfaidh an t-eintiteas méid aon sócmhainne le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais a eisiamh ó thomhas aon ghrúpa conarthaí árachais.

Faisnéis chomparáideach

C25

D’ainneoin na tagartha don tréimhse tuairiscithe bhliantúil díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh i mír C2(b), féadfaidh eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach a chur i láthair freisin agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm le haghaidh aon tréimhse is luaithe a chuirtear i láthair, ach ní éilítear air déanamh amhlaidh. Más amhlaidh a chuireann eintiteas faisnéis choigeartaithe chomparáideach i láthair le haghaidh aon tréimhse is luaithe, léifear an tagairt do “tús na tréimhse tuairiscithe bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh” i mír C2(b) mar “tús na tréimhse coigeartaithe comparáidí is luaithe a chuirtear i láthair”.

C26

Ní éilítear ar eintiteas na nochtuithe a shonraítear i míreanna 93–132 a sholáthar le haghaidh aon tréimhse a chuirtear i láthair roimh thús na tréimhse tuairiscithe bliantúla díreach roimh dháta an chur i bhfeidhm tosaigh.

C27

Má chuireann eintiteas faisnéis neamhchoigeartaithe chomparáideach agus nochtuithe i láthair le haghaidh aon tréimhse is luaithe, sainaithneoidh sé go soiléir an fhaisnéis nár coigeartaíodh, nochtfaidh sé gur ullmhaíodh í ar bhonn difriúil, agus míneoidh sé an bonn sin.

C28

Ní gá d’eintiteas faisnéis nár foilsíodh roimhe sin a nochtadh, ar faisnéis í faoi fhorbairt éileamh a tharla tréimhse is luaithe ná 5 bliana roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe bliantúla ina gcuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair. Mar sin féin, mura nochtann eintiteas an fhaisnéis sin, nochtfaidh sé an fíoras sin.

Sócmhainní airgeadais a athainmniú

C29

Dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17, maidir le heintiteas a chuir IFRS 9 i bhfeidhm maidir le tréimhsí tuairiscithe bliantúla roimh chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17:

(a)

féadfaidh sé athmheasúnú a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíontar an coinníoll i mír 4.1.2(a) nó i mír 4.1.2A(a) de IFRS 9 le sócmhainn airgeadais incháilithe. Níl sócmhainn airgeadais incháilithe ach amháin mura sealbhaítear an tsócmhainn airgeadais i leith gníomhaíocht nach mbaineann le conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17. Is samplaí de shócmhainní airgeadais nach mbeadh incháilithe le haghaidh athmheasúnú iad sócmhainní airgeadais a shealbhaítear i leith gníomhaíochtaí baincéireachta nó sócmhainní airgeadais a shealbhaítear i gcistí a bhaineann le conarthaí infheistíochta atá lasmuigh de raon feidhme IFRS 17.

(b)

cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar shócmhainn airgeadais arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas mura gcomhlíontar an coinníoll i mír 4.1.5 de IFRS 9 a thuilleadh mar gheall ar chur i bhfeidhm IFRS 17.

(c)

féadfaidh sé sócmhainn airgeadais a ainmniú arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas má chomhlíontar an coinníoll i mír 4.1.5 de IFRS 9.

(d)

féadfaidh sé infheistíocht in ionstraim chothromais a ainmniú mar chóirluach trí ioncam cuimsitheach eile agus mír 5.7.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm.

(e)

féadfaidh sé a ainmniú roimhe sin ar infheistíocht in ionstraim chothromais a chúlghairm amhail ag cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile agus mír 5.7.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm.

C30

Cuirfidh eintiteas mír C29 i bhfeidhm ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17. Cuirfidh eintiteas na hainmniúcháin agus na haicmiúcháin sin i bhfeidhm go cúlghabhálach. Ar an mbealach sin, cuirfidh an t-eintiteas na ceanglais trasdula ábhartha in IFRS 9 i bhfeidhm. Measfar gurb é dáta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17 dáta an chur i bhfeidhm tosaigh chun na críche sin.

C31

Eintiteas a chuireann mír C29 i bhfeidhm, ní éilítear air tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun athruithe den sórt sin in ainmniúcháin nó in aicmiúcháin a léiriú. Ní fhéadfaidh an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir sin a dhéanamh gan breathnú siar. Má athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, leis na ráitis airgeadais athshonraithe ní mór ceanglais uile IFRS 9 le haghaidh na sócmhainní airgeadais sin dá ndearnadh difear a léiriú. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas, sna tuillimh choinnithe tosaigh (nó i gcomhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) dáta an chur i bhfeidhm tosaigh, aon difríocht idir:

(a)

méid glanluacha na sócmhainní airgeadais sin roimhe sin; agus

(b)

méid glanluacha na sócmhainní airgeadais sin dáta an chur i bhfeidhm tosaigh.

C32

Nuair a chuireann eintiteas mír C29 i bhfeidhm, sa tréimhse tuairiscithe bhliantúil sin le haghaidh na sócmhainní airgeadais sin déanfaidh sé an méid seo a leanas a nochtadh de réir aicme:

(a)

má tá feidhm ag mír C29(a)—an bonn chun sócmhainní airgeadais incháilithe a chinneadh;

(b)

má tá feidhm ag aon cheann de na míreanna C29(a)–C29(e):

(i)

catagóir thomhais agus méid glanluacha na sócmhainní airgeadais dá ndearnadh difear arna gcinneadh díreach roimh dháta chur i bhfeidhm tosaigh IFRS 17; agus

(ii)

catagóir thomhais agus méid glanluacha nua na sócmhainní airgeadais dá ndearnadh difear arna gcinneadh tar éis mír C29 a chur i bhfeidhm.

(c)

má tá feidhm ag mír C29(b)—méid glanluacha na sócmhainní airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais a ainmníodh roimhe sin arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas agus mír 4.1.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm nach bhfuil ainmnithe amhlaidh a thuilleadh.

C33

Nuair a chuireann eintiteas mír C29 i bhfeidhm, nochtfaidh an t-eintiteas sa tréimhse tuairiscithe bhliantúil sin faisnéis cháilíochtúil lena gcuirfí ar a gcumas d’úsáideoirí ráiteas airgeadais an méid seo a leanas a thuiscint:

(a)

an bealach a chuir sé mír C29 i bhfeidhm maidir le sócmhainní airgeadais ar athraíodh aicmiú an mhéid sin agus IFRS 17 á chur i bhfeidhm i dtosach;

(b)

na cúiseanna le haon ainmniú nó dí-ainmniú ar shócmhainní airgeadais arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas agus mír 4.1.5 de IFRS 9 á cur i bhfeidhm; agus

(c)

an chúis ar tháinig an t-eintiteas ar aon chonclúid dhifriúil sa mheasúnú nua agus mír 4.1.2(a) nó mír 4.1.2A(a) de IFRS 9 á cur i bhfeidhm.

CAIGHDEÁIN IFRS EILE A AISTARRAINGT

C34

Cuirtear IFRS 17 in ionad IFRS 4 Conarthaí Árachais, arna leasú in 2020.

Aguisín D

Leasuithe ar Chaighdeáin IFRS eile

Leis an aguisín seo leagtar amach na leasuithe ar Chaighdeáin eile atá ina n-iarmhairt ar IFRS 17 Conarthaí Árachais a bheith á eisiúint ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

Ní cheadaítear d’eintiteas IFRS 17 a chur i bhfeidhm sula gcuireann sé i bhfeidhm IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais agus IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí (féach mír C1). Dá dheasca sin, mura sonraítear a mhalairt, cuirtear na leasuithe san aguisín seo i láthair bunaithe ar an téacs de Chaighdeáin atá éifeachtach an 1 Eanáir 2017 arna leasú le IFRS 9 agus IFRS 15.

IFRS 1 Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais a Ghlacadh den Chéad Uair

Cuirtear mír 39AE isteach

DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

39AE

Le IFRS 17 Conarthaí Árachais, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír B1 agus mír D1, scriosadh an ceannteideal roimh mhír D4 agus mír D4, agus tar éis mhír B12 cuireadh isteach ceannteideal agus mír B13. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

In Aguisín B, leasaítear mír B1. Tar éis mhír B12, cuirtear ceannteideal agus mír B13 isteach.

Aguisín B

Eisceachtaí ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach IFRSanna eile

[…]

B1

Cuirfidh eintiteas na heisceachtaí seo a leanas i bhfeidhm:

(a)

[…]

(f)

díorthaigh leabaithe (mír B9);

(g)

iasachtaí rialtais (míreanna B10–B12); agus

(h)

conarthaí árachais (mír B13).

[…]

Conarthaí árachais

B13

Cuirfidh eintiteas na forálacha trasdula i míreanna C1–C24 agus C28 in Aguisín C a ghabhann le IFRS 17 i bhfeidhm maidir le conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17. Déanfar na tagairtí sna míreanna sin in IFRS 17 don dáta trasdula a léamh mar an dáta trasdula chuig IFRSanna.

In Aguisín D, leasaítear mír D1 agus scriostar mír D4 agus a ceannteideal gaolmhar.

Aguisín D

Eisceachtaí ó IFRSanna eile

[…]

D1

Féadfaidh eintiteas a roghnú ceann amháin nó níos mó de na heisceachtaí seo a leanas a úsáid:

(a)

[…]

(b)

[scriosta]

(c)

[…]

D4

[Scriosta]

IFRS 3 Comhcheangail idir Gnólachtaí

Leasaítear míreanna 17, 20, 21 agus 35. Tar éis mhír 31, cuirtear ceannteideal agus mír 31A isteach. Cuirtear mír 64N isteach.

Sócmhainní in-sainaitheanta arna bhfáil agus dliteanais arna dtoimhdiú i gcomhcheangal idir gnólachtaí a aicmiú nó a ainmniú

[…]

17

Déantar foráil le IFRS maidir le heisceacht s ar an bprionsabal i mír 15:

(a)

aicmiú conartha léasa inarb é an faighteán an léasóir mar léas oibriúcháin nó mar léas maoiniúcháin i gcomhréir le IFRS 16 Léasanna.

(b)

[scriosta]

Aicmeoidh an faighteoir na conarthaí sin ar bhonn na dtéarmaí conarthacha agus fachtóirí eile dáta tionscanta an chonartha (nó, má modhnaíodh téarmaí an chonartha ar bhealach lena n-athrófaí a aicmiú, dáta an mhodhnaithe sin, rud a d’fhéadfadh a bheith ar dháta an tionscanta).

[…]

An prionsabal tomhais

[…]

20

Le míreanna 24–31A sonraítear na cineálacha sócmhainní agus dliteanas in-sainaitheanta lena n-áirítear ítimí ar ina leith a dhéantar foráil sa IFRS seo maidir le heisceachtaí teoranta ar an bprionsabal tomhais.

Eisceachtaí ar na prionsabail aitheantais nó tomhais

21

Leis an IFRS seo déantar foráil maidir le heisceachtaí teoranta ar a phrionsabail aitheantais agus tomhais. Le míreanna 22–31A sonraítear idir na hítimí áirithe a ndéantar eisceachtaí maidir leo agus chineál na n-eisceachtaí sin. Coinneoidh an faighteoir cuntas ar na hítimí sin trí na ceanglais i míreanna 22–31A a chur i bhfeidhm, arb éard a thiocfaidh as sin gur mar a leanas a bheidh cuid de na hítimí:

[…]

Conarthaí árachais

31A

Déanfaidh an faighteoir grúpa conarthaí a thomhas faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais arna fháil i gcomhcheangal idir gnólachtaí, mar aon le haon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17, mar dhliteanas nó mar shócmhainn i gcomhréir le míreanna 39 agus B93–B95F de IFRS 17, an dáta éadála.

[…]

Ceannacháin sladmhargaidh

[…]

35

Is féidir go dtarlóidh ceannach sladmhargaidh, mar shampla, i gcomhcheangal idir gnólachtaí ar díol éigeantach é ina bhfuil an díoltóir ag gníomhú faoi éigeantas. Mar sin féin, as na heisceachtaí aitheantais nó tomhais le haghaidh ítimí ar leith a phléitear i míreanna 22–31A, is féidir go dtiocfaidh aitheantas ar ghnóthachan freisin (nó athrú ar mhéid gnóthachain aitheanta) ar cheannach sladmhargaidh.

[…]

Dáta éifeachtach

[…]

64N

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 17, 20, 21, 35 agus B63, agus tar éis mhír 31 cuireadh ceannteideal agus mír 31A isteach. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 31A. Cuirfidh eintiteas na leasuithe ar mhír 17 i bhfeidhm maidir le comhcheangail idir gnólachtaí le dáta éadála tar éis dháta tionscanta tosaigh IFRS 17. Cuirfidh eintiteas na leasuithe eile i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

In Aguisín B, leasaítear mír B63.

IFRSANNA EILE LENA SOLÁTHRAÍTEAR TREORAÍOCHT MAIDIR LE TOMHAS AGUS CUNTASAÍOCHT DÁ ÉIS SIN (CUR I bhFEIDHM MHÍR 54)

B63

Ar na samplaí de IFRSanna eile lena soláthraítear treoraíocht maidir le sócmhainní arna bhfáil, agus dliteanais arna dtoimhdiú nó arna dtabhú i gcomhcheangal idir gnólachtaí, a thomhas agus cuntas a choinneáil orthu dá éis sin, áirítear:

(a)

[…]

(b)

[scriosta]

(c)

[…]

IFRS 5 Sócmhainní Neamhreatha Arna Sealbhú lena nDíol agus Oibríochtaí Scortha

Leasaítear mír 5. Cuirtear mír 44M isteach.

RAON FEIDHME

[…]

5

Maidir le forálacha tomhais an IFRS seo [fonóta ar lár], níl feidhm acu maidir leis na sócmhainní seo a leanas a chumhdaítear leis na IFRSanna liostaithe, cibé acu mar shócmhainní aonair nó mar chuid de ghrúpa diúscartha:

(a)

[…]

(f)

grúpaí conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais.

[...]

Dáta éifeachtach

[…]

44M

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IFRS 7 Ionstraimí Airgeadais: Nochtuithe

Leasaítear mír 3, mír 8 agus mír 29. Scriostar mír 30. Cuirtear mír 44DD isteach.

RAON FEIDHME

3

Cuirfidh na heintitis uile an IFRS seo i bhfeidhm maidir leis na cineálacha uile d’ionstraimí airgeadais, seachas:

(a)

[…]

(d)

conarthaí árachais arna sainmhíniú in IFRS17 Conarthaí Árachais nó conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, tá feidhm ag an IFRS seo maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear ar an eintiteas le IFRS 9 cuntas a choinneáil orthu ar leithligh.

(ii)

comhpháirteanna infheistíochta atá deighilte ó chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear deighilt den sórt sin le IFRS 17, mura bhfuil an chomhpháirt infheistíochta dheighilte ina conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide.

(iii)

cearta agus oibleagáidí de chuid eisitheora a eascraíonn faoi chonarthaí árachais lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais, má chuireann an t-eisitheoir IFRS9 i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas. Mar sin féin, cuirfidh an t-eisitheoir IFRS 17 i bhfeidhm má roghnaíonn an t-eisitheoir, i gcomhréir le mír 7(e) de IFRS 17, IFRS 17 a chur i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas.

(iv)

cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí cárta creidmheasa, nó faoi chonarthaí comhchosúla lena ndéantar foráil maidir le socruithe creidmheasa nó íocaíochta, a eisíonn eintiteas lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh árachais má chuireann an t-eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm maidir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí sin i gcomhréir le mír 7(h) de IFRS 17 agus le mír 2.1(e)(iv) de IFRS 9.

(v)

cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí árachais agus a eisíonn eintiteas lena dteorannaítear an cúiteamh i leith imeachtaí árachaithe don mhéid a cheanglaítear ar bhealach eile chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí a cruthaíodh leis an gconradh a shocrú, má roghnaíonn an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 8A de IFRS 17, IFRS 9 seachas IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin.

(e)

[…]

Catagóirí de shócmhainní airgeadais agus de dhliteanais airgeadais

8

Nochtfar méideanna glanluacha gach ceann de na catagóirí seo a leanas, mar a shonraítear in IFRS 9, sa ráiteas ar an staid airgeadais nó sna nótaí:

(a)

sócmhainní airgeadais arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, lena léirítear ar leithligh (i) iad siúd a ainmnítear amhlaidh tráth a thugtar aitheantas tosaigh nó dá éis sin i gcomhréir le mír 6.7.1 de IFRS 9; (ii) iad siúd a thomhaistear amhlaidh i gcomhréir leis an roghnú i mír 3.3.5 de IFRS 9; (iii) iad siúd a thomhaistear amhlaidh i gcomhréir leis an roghnú i mír 33A de IAS 32 agus (iv) iad siúd a thomhaistear go héigeantach ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9.

(b)

[…]

Cóirluach

[…]

29.

Ní cheanglaítear nochtuithe cóirluacha:

(a)

nuair is comhfhogasú réasúnach cóirluacha é an méid glanluacha, mar shampla, le haghaidh ionstraimí airgeadais amhail suimeanna trádála infhaighte agus iníoctha sa ghearrthéarma; nó

(b)

[scriosta]

(c)

[scriosta]

(d)

le haghaidh dliteanais léasa.

30.

[Scriosta]

[...]

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

[…]

44DD

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 3, mír 8 agus mír 29 agus scriosadh mír 30. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 3 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS17 i bhfeidhm.

IFRS 9 Ionstraimí Airgeadais

Leasaítear mír 2.1. Cuirtear mír 3.3.5 agus mír 7.1.6 isteach.

Caibidil 2 Raon feidhme

2.1

Cuirfidh na heintitis uile an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na cineálacha uile d’ionstraimí airgeadais seachas:

[...]

(e)

cearta agus oibleagáidí a eascraíonn ó chonradh infheistíochta mar a shainmhínítear in IFRS17 Conarthaí Árachais, nó conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, mura bhfuil na díorthaigh féin ina gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17.

(ii)

comhpháirteanna infheistíochta atá deighilte ó chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear deighilt den sórt sin le IFRS 17, mura bhfuil an chomhpháirt infheistíochta dheighilte ina conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17.

(iii)

cearta agus oibleagáidí de chuid eisitheora faoi chonarthaí árachais lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh ráthaíochta airgeadais. Mar sin féin, má dhearbhaigh eisitheoir conarthaí ráthaíochta airgeadais go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí sin ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht is infheidhme maidir le conarthaí árachais, féadfaidh an t-eisitheoir a roghnú an Caighdeán seo nó IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí ráthaíochta airgeadais sin (féach míreanna B2.5–B2.6). Féadfaidh an t-eisitheoir an rogha sin a dhéanamh le conradh, ach tá an rogha i gcás gach conartha neamh-inchúlghairthe.

(iv)

cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí cárta creidmheasa, nó faoi chonarthaí comhchosúla lena ndéantar foráil maidir le socruithe creidmheasa nó íocaíochta, a eisíonn eintiteas lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh árachais ach a eisiatar le mír 7(h) de IFRS17 ó raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, más rud é, agus sa chás seo amháin, gur téarma conarthach ionstraime airgeadais den sórt sin an cumhdach árachais, deighlfidh an t-eintiteas an chomhchuid ar leithligh sin agus cuirfidh sé IFRS17 i bhfeidhm maidir léi (féach mír 7(h) de IFRS 17).

(v)

cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí árachais a eisíonn eintiteas lena dteorannaítear an cúiteamh i leith imeachtaí árachaithe don mhéid a éilítear ar bhealach eile chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí a cruthaíodh leis gconradh a shocrú, má roghnaíonn an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 8A de IFRS 17, IFRS 9 seachas IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin.

(f)

[...]

[...]

3.3   DLITEANAIS AIRGEADAIS A DHÍ-AITHINT

[…]

3.3.5

Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste agus aithníonn siad dliteanais airgeadais i leith na méideanna atá le híoc leis na hinfheisteoirí sin. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí agus sealbhaíonn na heintitis sin na hítimí forluiteacha. I gcistí nó in ítimí forluiteacha áirithe den sórt sin áirítear dliteanas airgeadais an eintitis (mar shampla, banna corparáide arna eisiúint). D’ainneoin na gceanglas eile sa Chaighdeán seo maidir le dliteanais airgeadais a dhí-aithint, féadfaidh eintiteas a roghnú gan a dhliteanas airgeadais a dhí-aithint, rud a áirítear i gciste den sórt sin nó atá ina ítim fhorluiteach nuair a dhéanann an t-eintiteas, agus sa chás seo amháin, a dhliteanas airgeadais a athcheannach chun an gcríoch sin. Ina ionad sin, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú leanúint de chuntas a choinneáil ar an ionstraim sin mar dhliteanas airgeadais agus cuntas a choinneáil ar an ionstraim athcheannaithe amhail is dá mba rud é gur sócmhainn airgeadais an ionstraim, agus féadfaidh sé í a thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir leis an gCaighdeán seo. Is rogha neamh-inchúlghairthe an rogha sin agus déantar ar bhonn ionstraim ar ionstraim í. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. (Féach IFRS 17 le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

[...]

Caibidil 7 Dáta éifeachtach agus trasdul

7.1   DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

7.1.6

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh míreanna 2.1, B2.1, B2.4, B2.5 agus B4.1.30, agus cuireadh mír 3.3.5 isteach. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 2.1 a thuilleadh agus cuireadh míreanna 7.2.36–7.2.42 isteach. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

In Aguisín B, leasaítear míreanna B2.1, B2.4, B2.5 agus B4.1.30.

7.2   TRASDUL

[...]

Trasdul le haghaidh IFRS 17 arna leasú i Meitheamh 2020

7.2.36

Déanfaidh eintiteas na leasuithe ar IFRS 9, arna ndéanamh le IFRS 17 arna leasú i Meitheamh 2020, a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach i gcomhréir le IAS 8, seachas mar a shonraítear i míreanna 7.2.37–7.2.42.

7.2.37

Eintiteas a chuireann IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair arna leasú i Meitheamh 2020 an tráth céanna a chuireann sé an Caighdeán seo i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé míreanna 7.2.1–7.2.28 seachas míreanna 7.2.38–7.2.42 i bhfeidhm.

7.2.38

Eintiteas a chuireann IFRS 17 i bhfeidhm den chéad uair arna leasú i Meitheamh 2020 tar éis an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm den chéad uair, cuirfidh sé míreanna 7.2.39–7.2.42 i bhfeidhm. Déanfaidh an t-eintiteas na ceanglais trasdula eile sa Chaighdeán seo, lena bhfuil gá le haghaidh chur i bhfeidhm na leasuithe sin, a chur i bhfeidhm freisin. Chun na críche sin, léifear tagairtí do dháta an chur i bhfeidhm tosaigh mar thagairt do thús na tréimhse tuairiscithe ina gcuireann eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm den chéad uair (dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin).

7.2.39

Maidir le dliteanas airgeadais a ainmniú arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas, déanfaidh eintiteas an méid seo a leanas:

(a)

cúlghairfidh sé a ainmniú roimhe sin ar dhliteanas airgeadais arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas má rinneadh an t-ainmniú sin roimhe sin i gcomhréir leis an gcoinníoll i mír 4.2.2(a) ach nach gcomhlíontar an coinníoll sin a thuilleadh de dheasca chur i bhfeidhm na leasuithe sin; agus

(b)

féadfaidh sé dliteanas airgeadais a ainmniú arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas dá mba rud é nach mbeadh an coinníoll i mír 4.2.2(a) comhlíonta roimhe sin leis an ainmniú sin ach go gcomhlíontar an coinníoll sin anois de thoradh chur i bhfeidhm na leasuithe sin.

Déanfar ainmniú agus cúlghairm den sórt sin ar bhonn na bhfíoras agus na n-imthosca arb ann dóibh dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin. Cuirfear an t-aicmiú sin i bhfeidhm go cúlghabhálach.

7.2.40

Ní éilítear ar eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú chun cur i bhfeidhm na leasuithe sin a léiriú. Ní fhéadfaidh an t-eintiteas tréimhsí roimhe sin a athshonrú ach amháin más féidir déanamh amhlaidh gan breathnú siar. Má athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, leis na ráitis airgeadais athshonraithe ní mór ceanglais uile an Chaighdeáin seo le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais dá ndearnadh difear a léiriú. Mura n-athshonraíonn eintiteas tréimhsí roimhe sin, aithneoidh an t-eintiteas aon difríocht idir an méid glanluacha roimhe sin agus an méid glanluacha i dtús na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin sna tuillimh choinnithe thosaigh (nó comhchuid chothromais eile, de réir mar is iomchuí) de chuid na tréimhse tuairiscithe bliantúla lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin.

7.2.41

Sa tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin, ní éilítear ar eintiteas an fhaisnéis chainníochtúil a éilítear le mír 28(f) de IAS 8 a chur i láthair.

7.2.42.

Sa tréimhse tuairiscithe lena n-áirítear dáta chur i bhfeidhm tosaigh na leasuithe sin, nochtfaidh an t-eintiteas an fhaisnéis seo a leanas amhail ón dáta cur i bhfeidhm tosaigh sin le haghaidh gach aicme de shócmhainní airgeadais agus de dhliteanais airgeadais dá ndearnadh difear leis na leasuithe sin:

(a)

an t-aicmiú roimhe sin, lena n-áirítear an chatagóir thomhais roimhe sin nuair is infheidhme, agus an méid glanluacha arna chinneadh díreach roimh na leasuithe sin a chur i bhfeidhm;

(b)

an chatagóir thomhais nua agus an méid glanluacha nua arna gcinneadh tar éis na leasuithe sin a chur i bhfeidhm;

(c)

méid glanluacha aon dliteanas airgeadais sa ráiteas ar an staid airgeadais a ainmníodh roimhe sin arna thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas ach nach n-ainmnítear amhlaidh a thuilleadh; agus

(d)

na cúiseanna le haon ainmniú nó dí-ainmniú ar dhliteanais airgeadais arna dtomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas.

RAON FEIDHME (CAIBIDIL 2)

B2.1

Le conarthaí áirithe éilítear íocaíocht bunaithe ar athróga aeráide, geolaíocha nó fisiceacha eile. (Gairtear “díorthaigh aimsire” uaireanta dóibh siúd atá bunaithe ar athróga aeráide.) Mura bhfuil na conarthaí sin faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais, tá siad faoi raon feidhme an Chaighdeáin seo.

[…]

B2.4

Tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir le sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais árachóirí, seachas cearta agus oibleagáidí a eisiatar le mír 2.1(e) de thoradh go n-eascraíonn siad faoi chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17.

B2.5

Féadfaidh go mbeidh foirmeacha dlí éagsúla ag conarthaí ráthaíochta airgeadais, amhail ráthaíocht, cineálacha áirithe litreacha creidmheasa, conradh mainneachtana creidmheasa nó conradh árachais. Níl a láimhseáil cuntasaíochta ag brath ar a bhfoirm dhlí. Seo a leanas samplaí den láimhseáil iomchuí (féach mír 2.1(e)):

(a)

Cé go gcomhlíontar le conradh ráthaíochta airgeadais an sainmhíniú ar chonradh árachais in IFRS 17 (féach mír 7(e) de IFRS 17) más mór an riosca arna aistriú, cuireann an t-eisitheoir an Caighdeán seo i bhfeidhm. Mar sin féin, má dhearbhaigh an t-eisitheoir go sainráite roimhe sin go measann sé go bhfuil na conarthaí sin ina gconarthaí árachais agus gur úsáid sé cuntasaíocht atá infheidhme maidir le conarthaí árachais, féadfaidh an t-eisitheoir a roghnú an Caighdeán seo nó IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí ráthaíochta airgeadais sin. [...]

(b)

Le ráthaíochtaí áirithe a bhaineann le creidmheas, mar réamhchoinníoll le haghaidh íocaíochta, ní éilítear go nochtar an sealbhóir do chliseadh an fhéichiúnaí íocaíochtaí a dhéanamh ar an tsócmhainn ráthaithe nuair atá siad dlite ná ní éilítear go bhfuil caillteanas tabhaithe ag an sealbhóir dá dheasca sin. Sampla de ráthaíocht den sórt sin is ea ceann lena n-éilítear íocaíochtaí mar fhreagairt ar athruithe i rátáil creidmheasa shonraithe nó in innéacs creidmheasa sonraithe. Ní conarthaí ráthaíochta airgeadais mar a shainmhínítear sa Chaighdeán seo iad na ráthaíochtaí sin, ná ní conarthaí árachais iad mar a shainmhínítear in IFRS 17 iad. Is díorthaigh iad na ráthaíochtaí sin agus cuireann an t-eisitheoir an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leo.

(c)

[…]

Le hainmniú cuirtear deireadh le neamhréir chuntasaíochta nó laghdaítear go mór í

[…]

B4.1.30

Sna samplaí seo a leanas léirítear an cás ina bhféadfaí an coinníoll sin a chomhlíonadh. Sna cásanna uile, ní fhéadfaidh eintiteas an coinníoll sin a úsáid chun sócmhainní airgeadais ná dliteanais airgeadais a ainmniú amhail ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas ach amháin má chomhlíonann sé an prionsabal i mír 4.1.5 nó mír 4.2.2(a):

(a)

tá conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 ag eintiteas (ionchorpraítear faisnéis reatha i dtomhas an mhéid sin mar aon le sócmhainní airgeadais a mheasann sé a bheith gaolmhar agus a thomhaisfí ar bhealach eile ag cóirluach trí ioncam cuimsitheach eile nó trí chostas amúchta).

(b)

[...]

IFRS 15 Ioncam ó Chonarthaí le Custaiméirí

Leasaítear mír 5.

RAON FEIDHME

5

Cuirfidh eintiteas an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na conarthaí uile le custaiméirí, seachas an méid seo a leanas:

(a)

[…]

(b)

conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais. Mar sin féin, féadfaidh eintiteas a roghnú an Caighdeán seo a chur i bhfeidhm maidir le conarthaí árachais arb é is príomhchuspóir dóibh seirbhísí a sholáthar ar tháille sheasta i gcomhréir le mír 8 de IFRS 17.

(c)

[…]

In Aguisín C, cuirtear mír C1C isteach.

DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

C1C

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 1 Ráitis Airgeadais a Chur i Láthair

Leasaítear mír 7, 54 agus mír 82. Cuirtear mír 139R isteach.

SAINMHÍNITHE

7

[...]

Le hioncam cuimsitheach eile cuimsítear ítimí ioncaim agus costais (lena n-áirítear coigeartuithe athaicmiúcháin) nach n-aithnítear mar bhrabús ná mar chaillteanas mar a éilítear nó mar a cheadaítear le IFRSanna eile.

Sna comhchodanna d’ioncam cuimsitheach eile áirítear:

(a)

[…]

(g)

[…];

(h)

[…];

(i)

ioncam maoiniúcháin árachais agus costais maoiniúcháin árachais ó chonarthaí arna n-eisiúint faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais atá eisiata ó bhrabús nó ó chaillteanas nuair atá an t-ioncam maoiniúcháin árachais iomlán nó na costais maoinúcháin árachais iomlána dí-chomhiomlánaithe chun méid arna chinneadh le leithdháileadh córasach agus mír 88(b) de IFRS 17 á cur i bhfeidhm a áireamh mar bhrabús nó mar chaillteanas, nó le méid lena gcuirtear deireadh le neamhréireanna cuntasaíochta leis an ioncam maoiniúcháin airgeadais nó leis na costais maoiniúcháin airgeadais a eascraíonn ar na hítimí forluiteacha, agus mír 89(b) de IFRS 17 á cur i bhfeidhm; agus

(j)

ioncam maoiniúcháin agus costais mhaoiniúcháin ó chonarthaí athárachais arna sealbhú eisiata ó bhrabús nó ó chaillteanas nuair atá an t-ioncam maoiniúcháin athárachais iomlán nó na costais maoiniúcháin athárachais iomlána dí-chomhiomlánaithe chun méid arna chinneadh le leithdháileadh córasach agus mír 88(b) de IFRS 17 á cur i bhfeidhm a áireamh mar bhrabús nó mar chaillteanas.

[...]

Faisnéis atá le cur i láthair sa ráiteas ar an staid airgeadais

54

Sa ráiteas ar an staid airgeadais áireofar ítimí líne lena gcuirtear na méideanna seo a leanas i láthair:

(a)

[...]

(da)

punanna conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 ar sócmhainní iad, arna ndí-chomhlánú mar a éilítear le mír 78 de IFRS 17;

(e)

[…]

(ma)

punanna conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 ar dliteanais iad, arna ndí-chomhlánú mar a éilítear le mír 78 de IFRS 17;

(n)

[...]

Faisnéis atá le cur i láthair sa roinn brabúis nó caillteanais nó sa ráiteas ar bhrabúis nó ar chaillteanais

82

I dteannta ítimí a éilítear le IFRSanna eile, sa roinn brabúis nó caillteanais nó sa ráiteas ar bhrabúis nó ar chaillteanais áireofar ítimí líne lena gcuirtear na méideanna seo a leanas i láthair le haghaidh na tréimhse:

(a)

ioncam, arna chur i láthair ar leithligh:

(i)

ioncam úis arna ríomh ag úsáid an mhodha úis éifeachtaigh; agus

(ii)

ioncam árachais (féach IFRS 17);

(aa)

[...]

(ab)

costais seirbhíse árachais ó chonarthaí arna n-eisiúint faoi raon feidhme IFRS 17 (féach IFRS 17);

(ac)

ioncam nó costais ó chonarthaí athárachais arna sealbhú (féach IFRS 17);

(b)

[...]

(bb)

ioncam maoiniúcháin árachais nó costais maoiniúcháin árachais ó chonarthaí arna n-eisiúint faoi raon feidhme IFRS 17 (féach IFRS 17);

(bc)

ioncam maoiniúcháin nó costais mhaoiniúcháin ó chonarthaí athárachais arna sealbhú (féach IFRS 17);

(c)

[...]

TRASDUL AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

139R

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 7, mír 54 agus mír 82. Le leasuithe ar IFRS17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 54 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

[...]

IAS 7 Ráiteas ar Shreafaí Airgid

Leasaítear mír 14. Cuirtear mír 61 isteach.

Gníomhaíochtaí oibriúcháin

[...]

14

Tá sreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin díorthaithe go príomha ó phríomhghníomhaíochtaí gnóthaithe ioncaim an eintitis. Dá bhrí sin, tagann siad go ginearálta as na hidirbhearta agus as imeachtaí eile lena mbaineann agus brabús nó caillteanas á chinneadh. Seo a leanas samplaí de shreafaí airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin:

(a)

[…]

(e)

[scriosta]

(f)

[…]

DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

61

Le IFRS 17 Conarthaí Árachais, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 14. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 16 Maoin, Gléasra agus Trealamh

Cuirtear mír 29A, mír 29B agus mír 81M isteach.

TOMHAS TAR ÉIS AITHEANTAIS

[…]

29A

Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí agus sealbhaíonn siad na hítimí forluiteacha. I gcistí nó in ítimí forluiteacha áirithe den sórt sin áirítear maoin úinéir-áitithe. Cuireann an t-eintiteas IAS 16 i bhfeidhm maidir le maoine úinéir-áitithe a áirítear i gciste den sórt sin nó ar ítimí forluiteacha iad. D’ainneoin mhír 29, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú na maoine sin a thomhas ag úsáid na samhla cóirluacha i gcomhréir le IAS 40. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. (Féach IFRS 17 Conarthaí Árachais le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin).

29B

Láimhseálfaidh eintiteas maoin úinéir-áitithe arna tomhas ag úsáid na samhla cóirluacha le haghaidh maoin infheistíochta agus mír 29A á cur i bhfeidhm mar aicme ar leithligh de mhaoin, de ghléasra agus de threalamh.

[...]

DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

81M

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, cuireadh mír 29A agus mír 29B isteach. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 19 Sochair Fostaithe

Leasaítear an fonóta a ghabhann le mír 8. Cuirtear mír 178 isteach.

Ní gá gur conradh árachais é polasaí árachais cáilitheach, mar a shainmhínítear in IFRS 17 Conarthaí Árachais.

[...]

TRASDUL AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

178

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh an fonóta a ghabhann le mír 8. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 28 Infheistíochtaí i gComhlaigh agus i gComhfhiontair

Leasaítear mír 18. Cuirtear mír 45F isteach.

Díolúintí ó mhodh an chothromais a chur i bhfeidhm

[…]

18

Nuair atá infheistíocht i gcomhlach nó i gcomhfhiontar arna sealbhú ag eintiteas, nó arna sealbhú go hindíreach trí eintiteas, ar eagraíocht caipitil fiontair é, nó ciste frithpháirteach, iontaobhas aonad agus eintitis chomhchosúla lena n-áirítear cistí árachais atá nasctha le hinfheistíocht, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú an infheistíocht sin a thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9. Sampla de chiste árachais atá nasctha le hinfheistíocht is ea ciste arna shealbhú ag eintiteas mar na hítimí forluiteacha le haghaidh grúpa conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. Déanfaidh eintiteas an rogha sin ar leithligh le haghaidh gach comhlaigh nó comhfhiontair tráth a thugtar aitheantas tosaigh don chomhlach nó don chomhfhiontar. (Féach IFRS 17 Conarthaí Árachais le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

[...]

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

[…]

45F

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 18. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 32 Ionstraimí Airgeadais: Cur i láthair

Leasaítear mír 4. Cuirtear mír 33A agus mír 97T isteach.

RAON FEIDHME

4

Cuirfidh na heintitis uile an Caighdeán seo i bhfeidhm maidir leis na cineálacha uile d’ionstraimí airgeadais seachas:

(a)

[...]

(d)

conarthaí árachais mar a shainmhínítear in IFRS17 Conarthaí Árachais nó conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17. Mar sin féin, tá feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

díorthaigh atá leabaithe i gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear ar an eintiteas le IFRS 9 cuntas a choinneáil orthu ar leithligh.

(ii)

comhpháirteanna infheistíochta atá deighilte ó chonarthaí faoi raon feidhme IFRS 17, má éilítear deighilt den sórt sin le IFRS 17, mura bhfuil an chomhpháirt infheistíochta dheighilte ina conradh infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide faoi raon feidhme IFRS 17.

(iii)

cearta agus oibleagáidí de chuid eisitheora a eascraíonn faoi chonarthaí árachais lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonarthaí ráthaíochta airgeadais, má chuireann an t-eisitheoir IFRS9 i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas. Mar sin féin, cuirfidh an t-eisitheoir IFRS 17 i bhfeidhm má roghnaíonn an t-eisitheoir, i gcomhréir le mír 7(e) de IFRS 17, IFRS 17 a chur i bhfeidhm agus na conarthaí á n-aithint agus á dtomhas.

(iv)

cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí cárta creidmheasa, nó faoi chonarthaí comhchosúla lena ndéantar foráil maidir le socruithe creidmheasa nó íocaíochta, a eisíonn eintiteas lena gcomhlíontar an sainmhíniú ar chonradh árachais má chuireann an t-eintiteas IFRS 9 i bhfeidhm maidir leis na cearta agus leis na hoibleagáidí sin i gcomhréir le mír 7(h) de IFRS 17 agus le mír 2.1(e)(iv) de IFRS 9.

(v)

cearta agus oibleagáidí de chuid eintitis ar ionstraimí airgeadais iad a eascraíonn faoi chonarthaí árachais agus a eisíonn eintiteas lena dteorannaítear an cúiteamh i leith imeachtaí árachaithe don mhéid a éilítear ar bhealach eile chun oibleagáid an tsealbhóra polasaí a cruthaíodh leis an gconradh a shocrú má roghnaíonn an t-eintiteas, i gcomhréir le mír 8A de IFRS 17, IFRS 9 seachas IFRS 17 a chur i bhfeidhm maidir leis na conarthaí sin.

(e)

[scriosta]

(f)

[...]

Scaireanna cisteáin (féach mír AG36 freisin)

[…]

33A

Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste agus aithníonn siad dliteanais airgeadais i leith na méideanna atá le híoc leis na hinfheisteoirí sin. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe grúpaí conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí agus sealbhaíonn na heintitis sin na hítimí forluiteacha. I gcistí nó in ítimí forluiteacha áirithe den sórt sin áirítear scaireanna cisteáin an eintitis. D’ainneoin mhír 33, féadfaidh eintiteas a roghnú gan scair chisteáin a áirítear i gciste den sórt sin nó ar ítim fhorluiteach í a bhaint as cothromas nuair a athfhaigheann eintiteas a ionstraim chothromais dhílis chun na gcríoch sin, agus sa chás sin amháin. Ina ionad sin, féadfaidh an t-eintiteas a roghnú leanúint de chuntas a choinneáil ar an scair chisteáin sin mar chothromas agus cuntas a choinneáil ar an ionstraim athfhaighte amhail is dá mba rud é gur sócmhainn airgeadais an ionstraim, agus féadfaidh sé í a thomhas ag cóirluach trí bhrabús nó trí chaillteanas i gcomhréir le IFRS 9. Is rogha neamh-inchúlghairthe an rogha sin agus déantar ar bhonn ionstraim ar ionstraim í. Chun críocha na rogha sin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. (Féach IFRS 17 le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo agus a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

[...]

DÁTA ÉIFEACHTACH AGUS TRASDUL

[…]

97T

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 4, mír AG8 agus mír AG36, agus cuireadh mír 33A isteach. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 4 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS17 i bhfeidhm.

Sa Treoraíocht maidir le Cur i bhFeidhm, leasaítear mír AG8.

Sócmhainní airgeadais agus dliteanais airgeadais

[…]

AG8

Féadfaidh an cumas chun ceart conarthach a fheidhmiú nó an ceanglas chun oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh a bheith absalóideach, nó féadfaidh sé a bheith ag brath ar tharlú imeacht sa todhchaí. Mar shampla, is éard atá i gceist le ráthaíocht airgeadais ceart conarthach de chuid an iasachtóra airgead tirim a fháil ón ráthóir, agus oibleagáid chonarthach chomhfhreagrach ar an ráthóir an t-iasachtóir a íoc, i gcás mhainneachtain an iasachtaí. Is ann don cheart agus don oibleagáid chonarthach mar gheall ar idirbheart nó ar imeacht roimhe sin (toimhde maidir leis an ráthaíocht), cé go bhfuil cumas an iasachtóra a cheart a fheidhmiú agus an ceanglas atá ar an ráthóir feidhmiú faoina oibleagáid araon ag brath ar ghníomh mainneachtana de chuid an iasachtaí. Le ceart agus oibleagáid theagmhasach comhlíontar an sainmhíniú ar shócmhainn airgeadais agus ar dhliteanas airgeadais, cé nach n-aithnítear na sócmhainní ná na dliteanais sin i gcónaí sna ráitis airgeadais. Is féidir go mbeidh cuid de na cearta agus de na hoibleagáidí teagmhasacha sin ina gconarthaí faoi raon feidhme IFRS 17.

IAS 36 Lagú Sócmhainní

Leasaítear mír 2. Cuirtear mír 140N isteach.

RAON FEIDHME

2

Cuirfear an Caighdeán seo i bhfeidhm agus cuntas á choinneáil ar lagú na sócmhainní uile, seachas:

(a)

[...]

(h)

conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais ar sócmhainní iad agus aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17; agus

(i)

[…]

FORÁLACHA TRASDULA AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

140N

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 2. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 2 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 37 Forálacha, Dliteanais Theagmhasacha agus Sócmhainní Teagmhasacha

Leasaítear mír 5. Cuirtear mír 103 isteach.

RAON FEIDHME

[...]

5

Nuair a dhéileáiltear, le Caighdeán eile, le cineál sonrach forála, dliteanais theagmhasaigh nó sócmhainne teagmhasaí, cuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm seachas an Caighdeán seo. Mar shampla, dírítear ar chineálacha áirithe forálacha i gCaighdeáin maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

[...]

(e)

conarthaí árachais agus conarthaí eile faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais.

(f)

[...]

DÁTA ÉIFEACHTACH

[...]

103

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 5. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

IAS 38 Sócmhainní Doláimhsithe

Leasaítear mír 3. Cuirtear mír 130M isteach.

RAON FEIDHME

[…]

3

Má fhorordaítear le Caighdeán eile an chuntasaíocht le haghaidh cineál sonrach sócmhainne doláimhsithe, cuireann eintiteas an Caighdeán sin i bhfeidhm seachas an Caighdeán seo. Mar shampla, níl feidhm ag an gCaighdeán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

[…]

(g)

conarthaí faoi raon feidhme IFRS 17 Conarthaí Árachais agus aon sócmhainn le haghaidh sreafaí airgid éadála árachais mar a shainmhínítear in IFRS 17.

(h)

[...]

FORÁLACHA TRASDULA AGUS DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

130M

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 3. Le leasuithe ar IFRS 17, arna n-eisiúint i Meitheamh 2020, leasaíodh mír 3 a thuilleadh. Cuirfidh eintiteas na leasuithe sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS17 i bhfeidhm.

IAS 40 Maoin Infheistíochta

Leasaítear mír 32B. Cuirtear mír 85H isteach.

Beartas cuntasaíochta

[…]

32B

Oibríonn eintitis áirithe ciste infheistíochta, cibé acu go hinmheánach nó go seachtrach, lena soláthraítear sochair d’infheisteoirí arna gcinneadh le haonaid sa chiste. Ar an mbealach céanna, eisíonn eintitis áirithe conarthaí árachais le gnéithe rannpháirtíochta dírí, ar ina leith a áirítear maoin infheistíochta sna hítimí forluiteacha. Chun críocha mhíreanna 32A–32B amháin, áirítear i gconarthaí árachais conarthaí infheistíochta le gnéithe rannpháirtíochta discréide. Le mír 32A ní cheadaítear d’eintiteas maoin arna sealbhú ag an gciste (ná maoin ar ítim fhorluiteach í) a thomhas go páirteach ag costasluach agus go páirteach ag cóirluach. (Féach IFRS 17 Conarthaí Árachais le haghaidh téarmaí a úsáidtear sa mhír seo a shainmhínítear sa Chaighdeán sin.)

[...]

DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

85H

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 32B. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.

SIC-27 Meastóireacht a dhéanamh ar Shubstaint Idirbheart a bhfuil Léas i bhFoirm Dlí i dTrácht iontu

Leasaítear an mhír tagairtí.

TAGAIRTÍ

...

IFRS 17 Conarthaí Árachais

...

Leasaítear mír 7.

COMHTHOIL

[…]

7

Maidir le hoibleagáidí eile de chuid socrú, lena n-áirítear aon ráthaíocht arna soláthar agus aon oibleagáid arna tabhú tar éis foirceannadh luath, coinneofar cuntas orthu faoi IAS 37, IFRS 9 nó IFRS 17, ag brath ar na téarmaí.

Leasaítear mír an dáta éifeachtaigh.

DÁTA ÉIFEACHTACH

[…]

Le IFRS 17, arna eisiúint i mBealtaine 2017, leasaíodh mír 7. Cuirfidh eintiteas an leasú sin i bhfeidhm nuair a chuireann sé IFRS 17 i bhfeidhm.


23.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 416/80


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2037 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Samhain 2021

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí le bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú agus na hoibleagáidí atá ar oibreoirí taifid a choinneáil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 175(2) agus Airteagal 190 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú, agus na hoibleagáidí coinneála taifead atá ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe agus ar iompróirí ainmhithe uisceacha. Ina theannta sin, foráiltear sa Rialachán sin go bhféadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas maidir le bheith cláraithe, ar an ábhar gur riosca neamhshuntasach atá ag gabháil leo ó thaobh galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a leathadh, chomh maith le rialacha cur chun feidhme maidir leis na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus iompróirí ainmhithe uisceacha a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas cineálacha áirithe taifead a choinneáil. Dá réir sin, is iomchuí na rialacha sin a leagan síos sa Rialachán seo. Thairis sin, de bharr gur glacadh Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2020/691 (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus de bharr go leagtar síos rialacha leis a bhaineann le hainmhithe uisceacha, ba cheart feidhm a bheith ag na sainmhínithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin chun críocha an Rialacháin seo.

(2)

An sainmhíniú ar “bunaíocht” a leagtar amach i bpointe (27) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429, is leathan an sainmhíniú atá ann, rud is fíor chomh maith faoin sainmhíniú ar “dobharshaothrú” a leagtar amach i bpointe (6) den Airteagal sin. Dá bhrí sin, is iomchuí, an cumhachtú a thugtar don Choimisiún in Airteagal 175(2) den Rialachán sin a úsáid ionas gur féidir leis na Ballstáit cineálacha áirithe bunaíochta nach bhfuil ag gabháil leo ach riosca neamhshuntasach a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe ag an údarás inniúil.

(3)

Bunaíochtaí dobharshaothraithe áirithe ar saoráidí dúnta iad, bunaíochtaí nach sceitheann an t-eisilteach díreach isteach in uiscí nádúrtha, is bunaíochtaí iad nach bhfuil iontu ach riosca íseal ó thaobh thruailliú uiscí oscailte de. Nuair a chuirtear tosca breise san áireamh, gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha go dtí an bhunaíocht dobharshaothraithe isteach agus uaithi amach mar shampla, sin agus na speicis, na catagóirí, agus cainníocht na n-ainmhithe a bhíonn ar coimeád ann, is inmheasta nach bhfuil ach riosca neamhshuntasach iontu ó thaobh leathadh galar de, agus dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe.

(4)

Is minic a choinnítear ainmhithe uisceacha ornáideacha mar pheataí in áitribh nach tithe cónaithe iad. Cumhdaítear na háitribh sin faoin sainmhíniú ar “bunaíocht” faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4, pointe (27) de Rialachán (AE) 2016/429. Ar an gcaoi chéanna, áitribh ina gcoinnítear ainmhithe uisceacha chun críocha sláinte agus críocha eile dá leithéid, cumhdaítear iad faoin sainmhíniú ar “bunaíocht”. Is minic fós ainmhithe dobharshaothraithe ar taispeáint i mbialanna sula gceannaíonn na daoine iad lena gcaitheamh, agus uaireanta coimeádtar iad i locháin nó in umair sa teaghlach agus é i gceist go mbeidh an duine á gcaitheamh. Más saoráidí dúnta iad na bunaíochtaí dobharshaothraithe sin, nó más amhlaidh nach sceitheann siad eisilteach díreach isteach in uiscí nádúrtha agus mura n-aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe ó áit go chéile, níl iontu ach riosca neamhshuntasach, agus dá bhrí sin ba cheart a cheadú do na Ballstáit a ndíolmhú ó cheanglas a gcláraithe.

(5)

I gcásanna áirithe, ag brath ar chineál na saoráide dobharshaothraithe atá i gceist, ba cheart ceanglais bhreise a chomhlíonadh chun rioscaí galair a mhaolú agus ionas go bhféadfaí an díolúine ón gclárú a dhéanamh. Mar shampla, i gcás siopaí miondíola a dhíolann speicis ornáideacha le coimeádaithe peataí, nó le saoráidí áineasa nó teaghlaigh ina gcoinnítear ainmhithe taobh amuigh i locháin nó i dtancanna tar éis a dtabhairt go ceann scríbe, is díreach ó bhunaíocht dobharshaothraithe ba cheart a soláthar, bunaíocht a formheasadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429, chun go dtabharfaidh na Ballstáit díolúine dóibh ó cheanglas a gcláraithe.

(6)

Bunaíochtaí dobharshaothraithe nach bhfuil iontu ach riosca galair neamhshuntasach, nuair is bunaíochtaí caighean eangaigh iad, nó bunaíochtaí le struchtúir eile ina bhfuil ainmhithe uisceacha fiáine á gcoimeád go sealadach in uiscí nádúrtha in aon aonad eipidéimeolaíoch leis an aonad inar gabhadh iad, agus na hainmhithe sin réidh le tabhairt i dtír agus le caitheamh ag an duine, is bunaíochtaí iad a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe.

(7)

Is tábhachtach an rud taifid a choinneáil ar mhaith le hinrianaitheacht na n-ainmhithe dobharshaothraithe. I gcúinsí áirithe áfach, an ceanglas go gcoinneodh oibreoirí na taifid sin, is féidir díolúintí ón gceanglas sin a dheonú i gcás inar riosca íseal atá ag gabháil le cineál faoi leith bunaíochta dobharshaothraithe. Bunaíochtaí atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 173 de Rialachán (AE) 2016/429 nach n-aistríonn ainmhithe dobharshaothraithe chuig bunaíochtaí dobharshaothraithe eile ná nach scaoileann amach ar an bhfiántas iad, is ísle an leibhéal riosca a ghabhann leis na bunaíochtaí sin ná na cinn is gá a fhormheas i gcomhréir le hAirteagail 176 nó 177 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit bunaíochtaí cláraithe den chineál sin a dhíolmhú ón gceanglas atá orthu taifid áirithe a choinneáil.

(8)

Féadfaidh na Ballstáit iompróirí catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha, ainmhithe a iompraítear ar bhealach bithshlán, a dhíolmhú freisin ón gceanglas taifid áirithe a choinneáil. Ba cheart na catagóirí ainmhithe uisceacha agus sonraí na gcoinníollacha faoinar gá iad a iompar, chomh maith leis na taifid óna bhfuil siad díolmhaithe, a leagan síos leis an Rialachán seo.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe lena mbaineann riosca neamhshuntasach a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 174 de Rialachán (AE) 2016/429;

(b)

na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus iompróirí lena mbaineann riosca íseal ó thaobh galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a leathadh a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais taifid a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagail 186 agus 188 de Rialachán (AE) 2016/429.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691.

Airteagal 3

Cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe

Seo a leanas na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 174 de Rialachán (AE) 2016/429;

(a)

bunaíochtaí dobharshaothraithe ar saoráidí dúnta iad, nó bunaíochtaí nach sceitheann eisilteach díreach isteach in uiscí nádúrtha, bunaíochtaí nach n-aistríonn ainmhithe dobharshaothraithe go bunaíochtaí dobharshaothraithe eile, nó nach scaoileann amach ar an bhfiántas iad, bunaíochtaí dobharshaothraithe ar ceann de na cineálacha seo a leanas iad:

(i)

áitreabh ina gcoinnítear ainmhithe ornáideacha ar taispeáint in uisceadáin nó i locháin mar pheataí;

(ii)

bialanna ina gcoinnítear ainmhithe dobharshaothraithe ar taispeáint in uisceadáin nó i locháin go dtí go gceannaítear iad mar bhia don duine;

(iii)

bunaíochtaí ina gcoinnítear ainmhithe dobharshaothraithe le haghaidh cúram sláinte agus le haghaidh úsáidí eile den chineál sin;

(iv)

stórais mhiondíola ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe a bhfuil sé beartaithe a n-úsáid chun críoch ornáideach, agus a soláthraíonn bunaíocht dobharshaothraithe nó grúpaí de bhunaíochtaí dobharshaothraithe go díreach iad, arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 176 nó Airteagal 177 de Rialachán (AE) 2016/429 (“bunaíocht dobharshaothraithe formheasta”) agus a dhíoltar go díreach leis an gcoimeádaí deiridh peataí;

(v)

saoráidí áineasa amuigh faoin aer ina gcoinnítear ainmhithe dobharshaothraithe i locháin chun críoch aeistéitiúil nó chun críoch cáilíochta uisce, ainmhithe a soláthraíonn bunaíocht dobharshaothraithe fhormheasta go díreach iad;

(vi)

teaghlaigh ina gcoinnítear ainmhithe taobh amuigh i locháin nó i dtancanna sula n-itheann muintir an tí iad, nuair is ainmhithe iad a ndéanann bunaíocht dobharshaothraithe fhormheasta iad a sholáthar go díreach.

(b)

bunaíochtaí dobharshaothraithe ina bhfuil caighin eangaigh nó struchtúir eile ina gcoinnítear ainmhithe uisceacha fiáine go sealadach in uiscí nádúrtha in aon aonad eipidéimeolaíoch leis an aonad inar gabhadh iad, agus na hainmhithe sin réidh le tabhairt i dtír agus le caitheamh ag an duine.

Airteagal 4

Cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus iompróirí a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglais áirithe maidir le taifid a choinneáil

1.   Na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 186(2) de Rialachán (AE) 2016/429, a dhíolmhú ón gceanglas maidir le taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 186(1), pointí (c), (d) agus (e) den Rialachán sin, is bunaíochtaí dobharshaothraithe nó grúpaí díobh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a bheidh iontu:

(a)

chláraigh an t-údarás inniúil iad i gcomhréir le hAirteagal 173 de Rialachán (AE) 2016/429; agus

(b)

ní aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe chuig bunaíochtaí dobharshaothraithe eile ná ní scaoileann siad amach ar an bhfiántas iad.

2.   I gcomhréir le hAirteagal 188(2) de Rialachán (AE) 2016/429, na hiompróirí a fhéadfaidh na Ballstáit, a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 188(1) den Rialachán sin, is iompróirí de na catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe seo a leanas a bheidh iontu, ar choinníoll go n-aistrítear na hainmhithe dobharshaothraithe i gcoimeádáin shéalaithe sceithdhíonacha a choinnítear slán agus gan oscailt ón uair a luchtaítear iad go dtí an uair a dhíluchtaítear iad ag a gceann scríbe deiridh:

(a)

ainmhithe dobharshaothraithe atá ceaptha chun críocha ornáideachais;

(b)

uibheacha agus gaiméití ainmhithe uisceacha atá ceaptha chun críoch dobharshaothraithe nó le scaoileadh amach san fhiadhúlra.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha i dtaca le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus iompróirí ainmhithe uisceacha (IO L 174, 3.6.2020, lch. 345)