ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 415

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
22 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2026 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 a mhéid a bhaineann le maoluithe sealadacha áirithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh san earnáil fíona a eascraíonn as paindéim COVID-19 agus an tréimhse cur chun feidhme a bhaineann leo

1

 

*

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2027 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 i ndáil le maoluithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim san earnáil fíona de dheasca phaindéim COVID-19, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2028 ón gCoimisiún an 15 Samhain 2021 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (Cerezas de la Montaña de Alicante (TGFC))

7

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2029 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena n-údaraítear 3-fúcaishiollachtóis (3-FL) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún ( 1 )

9

 

*

Rialachán (AE) 2021/2030 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le N,N-démheitiolformaimíd ( 1 )

16

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2031 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ( 1 )

20

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2032 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag misean oiliúna AE i Mósaimbíc

25

 

*

Cinneadh (CBES) 2021/2033 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/97 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

29

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2026 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 a mhéid a bhaineann le maoluithe sealadacha áirithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh san earnáil fíona a eascraíonn as paindéim COVID-19 agus an tréimhse cur chun feidhme a bhaineann leo

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 219(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún (2), tugadh isteach roinnt maoluithe ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, inter alia, san earnáil fíona, maoluithe a bhí dírithe ar fhaoiseamh a thabhairt d’oibreoirí fíona agus cuidiú leo tionchar phaindéim COVID-19 a láimhseáil. Mar sin féin, cé go raibh na bearta sin an-úsáideach, níor éirigh leis an margadh fíona teacht ar chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh arís.

(2)

Níl paindéim COVID-19 faoi smacht. Ní leor na feachtais vacsaínithe i roinnt réigiún den Aontas agus ar fud an domhain agus tá srianta gluaiseachta agus bearta scartha shóisialta á gcur i bhfeidhm i gcónaí i bhformhór na dtíortha. Fós ar na bearta sin tá srianta á bhforchur maidir le taisteal, méid na gcruinnithe sóisialta, cóisirí príobháideacha, imeachtaí poiblí agus na deiseanna a bheidh ann a bheith ag ithe agus ag ól lasmuigh den áitreabh pearsanta. Tagann laghdú breise ar thomhaltas an fhíona san Aontas, ar stoic atá mór agus, ar bhonn ginearálta, bíonn suaitheadh sa mhargadh de bharr thionchar na srianta sin. Baineann an tríú cuid den tomhaltas fíona i roinnt Ballstát leis an turasóireacht. Dá bhrí sin, tá laghdú leanúnach tagtha ar an tomhaltas fíona agus tá na stoic fós ard. Bhí tionchar diúltach tromchúiseach ar ioncam táirgeoirí fíona san Aontas de dheasca thionchar na paindéime, mar aon leis na taraifí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe agus an scaitheamh seaca san Eoraip i mí Aibreáin 2021. Meastar gur laghdú idir 15 % agus 20 % ar an meán ar láimhdeachas earnáil fíona an Aontais an éifeacht a bhí ag an meascán fachtóirí sin uile, agus caillteanais suas le 40 % tuairiscithe ag roinnt cuideachtaí.

(3)

Ina theannta sin, tá an éiginnteacht maidir le fad na géarchéime, rud atá deacair fós a thuar mar gheall ar luaineacht thapa an víris, ag cur leis an suaitheadh suntasach atá ann faoi láthair i margadh fíona an Aontais. Ciallaíonn sé sin go dtógfaidh téarnamh na hearnála níos faide ná mar a tuaradh ag tús 2021. Dá bhrí sin, is iomchuí leanúint de thacaíocht shealadach agus eisceachtúil a thabhairt d’earnáil fíona an Aontais chun an méadú ar na féimheachtaí a tuairiscíodh a sheachaint.

(4)

Ós rud é gur ionstraim thábhachtach é an t-árachas buainte chun rioscaí a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le teagmhais dhíobhálacha aeráide amhail na tréimhsí déanacha agus fada de shioc crua i mí Aibreáin 2021 agus na rioscaí a bhaineann le suaitheadh sa mhargadh amhail na rioscaí sin a eascraíonn as paindéim COVID-19, is iomchuí, trí mhéadú a dhéanamh ar an tacaíocht a chuireann an tAontas ar fáil don bheart sin, dreasacht níos láidre a sholáthar d’fhíonsaothraithe árachas buainte a fháil. Is iomchuí freisin go gcumhdódh an dreasacht sin níos mó ná bliain mhargaíochta amháin, toisc gur léiríodh ón taithí go dtí seo go raibh glacadh na tacaíochta i gcomhair árachas buainte an-teoranta. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach am leordhóthanach a bheith ann chun na Ballstáit agus na hoibreoirí san earnáil fíona a chur ar an eolas agus a spreagadh chun leas a bhaint as an ráta eisceachtúil tacaíochta sin. Dá bhrí sin, is gá ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an tacaíocht i gcomhair árachas buainte dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 a mhéadú ón 16 Deireadh Fómhair 2021 go dtí deireadh na clárthréimhse 2019-2023.

(5)

Thairis sin, ós rud é nach bhfuiltear ag dréim leis go n-éireoidh le margadh fíona an Aontais teacht ar chothromaíocht an athuair idir an soláthar agus an t-éileamh sa ghearrthéarma, is gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart a leagtar síos in Airteagal 5a, Airteagal 6, Airteagal 7(2) agus Airteagal 9 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2022.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 a leasú dá réir sin.

(7)

Chun an leanúnachas a áirithiú idir na blianta airgeadais 2021 agus 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus feidhm a bheith aige ón 16 Deireadh Fómhair 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

 

“De mhaolú ar Airteagal 49(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, i gcás oibríochtaí a roghnaítear ón 4 Bealtaine 2020 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2021, ní rachaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an tacaíocht i gcomhair árachas buainte thar 70 % de chostas na bpréimheanna árachais arna n-íoc ag na táirgeoirí i gcomhair árachais:”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“I gcás oibríochtaí a roghnófar ón 16 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Deireadh Fómhair 2023, ní bheidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an tacaíocht i gcomhair árachas buainte níos airde ná 80 % de chostas préimheanna árachais den sórt sin.”;

(2)

in Airteagal 10, cuirtear “an 15 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta “an 15 Deireadh Fómhair 2021”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Deireadh Fómhair 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/592 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 maidir le bearta eisceachtúla sealadacha lena maolaítear ar fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh sa mhargadh san earnáil torthaí agus glasraí agus san earnáil fíona a eascraíonn as paindéim COVID-19 agus ar na bearta a eascraíonn as (IO L 140, 4.5.2020, lch. 6).


22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2027 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 i ndáil le maoluithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim san earnáil fíona de dheasca phaindéim COVID-19, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, Rialachán (CE) Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 62(1) agus Airteagal 64(6) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (2), agus go háirithe Airteagal 53, pointe (b) agus pointe (h), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón gCoimisiún (3), tugadh isteach roinnt maoluithe ar na rialacha reatha, inter alia, ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún (4) san earnáil fíona, a bhí dírithe ar fhaoiseamh a thabhairt d’oibreoirí fíona chun cuidiú leo tionchar phaindéim COVID-19 a láimhseáil. Mar sin féin, cé go raibh na bearta sin an-úsáideach, níor éirigh leis an margadh fíona teacht ar chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh arís.

(2)

Níl paindéim COVID-19 faoi smacht. Ní leordhóthanach na feachtais vacsaínithe i réigiúin áirithe an Aontais agus ar fud an domhain, agus tá bearta maidir le srianta ar ghluaiseacht agus scaradh sóisialta fós i bhfeidhm i bhformhóir na dtíortha. Ar na bearta sin tá srianta fós maidir le taisteal, méid ócáidí ceiliúrtha sóisialta, cóisirí príobháideacha, imeachtaí poiblí agus maidir leis na deiseanna le hithe agus le hól lasmuigh den áitreabh pearsanta. De bharr thionchar na srianta sin tháinig laghdú breise ar thomhaltas fíona san Aontas, mhéadaigh ar na stoic, agus bhí suaitheadh margaidh méadaithe ann i gcoitinne. I roinnt Ballstát, baineann trian den tomhaltas fíona leis an turasóireacht. Ar an ábhar sin, tá an tomhaltas fíona fós ag laghdú agus tá na stoic fós ard. Na hiarmhairtí sin de dheasca na paindéime, chomh maith leis na taraifí a d’fhorchuir na Stáit Aontaithe agus an tamall seaca san Eoraip in Aibreán 2021, bhí drochthionchar trom acu sin ar ioncam tháirgeoirí fíona an Aontais. Meastar gur teaglaim de na tosca thuas is cúis le laghdú meánach idir 15 agus 20 % ar láimhdeachas earnáil fíona an Aontais, agus tá caillteanais suas le 40 % tuairiscithe ag gnólachtaí áirithe.

(3)

Sa bhreis air sin, tá neamhchinnteacht ann faoi cén fad a mhairfidh an ghéarchéim, rud is deacair a thuar fós mar gheall ar inathraitheacht ghasta an víris, agus tá sin ag cur níos mó leis an suaitheadh suntasach atá ann cheana i margadh fíona an Aontais. Ciallaíonn an méid thuas go dtógfaidh téarnamh na hearnála níos mó ama ná mar a bhí á thuar ag tús 2021. Ar an ábhar sin, is iomchuí leanúint de thacaíocht shealadach agus eisceachtúil a chur ar fáil d’earnáil fíona an Aontais chun an méadú tuairiscithe ar fhéimheachtaí a sheachaint.

(4)

Ós rud é go meastar go leanfaidh paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí ar aghaidh tar éis dheireadh na bliana 2021, agus, mar sin, le linn cuid shuntasach den bhliain airgeadais 2022, is gá síneadh a chur le cur i bhfeidhm na mbeart a leagtar síos in Airteagal 2(1), (3), (4) agus (6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ar feadh na bliana airgeadais 2022.

(5)

Foráiltear in Airteagal 25(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, i dtaca leis an tacaíocht le haghaidh cistí frithpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, go mbeidh sí teoranta do 10 %, 8 % agus 4 % de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa chéad, sa dara agus sa tríú bliain, faoi seach, dá chur i bhfeidhm. Mar sin féin, is léir ar an taithí a fuarthas go dtí seo nach spreagann na rátaí tacaíochta sin na Ballstáit leis an mbeart sin a áireamh ina gcláir thacaíochta san earnáil fíona, ná oibreoirí le cur isteach ar thacaíocht faoi. I bhfianaise thábhacht na gcistí frithpháirteacha mar ionstraim ó thaobh rioscaí a bhainistiú de, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le teagmhais dhíobhálacha aeráide amhail na tréimhsí déanacha, thar a bheith fada, seaca chrua a tharla in Aibreán 2021 agus rioscaí a bhaineann le suaití sa mhargadh amhail na cinn a eascraíonn as paindéim COVID-19, is iomchuí na rátaí tacaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 25(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéadú faoi dhó d’fhonn an dreasacht a mhéadú le haghaidh oibreoirí san earnáil fíona tuilleadh cistí frithpháirteacha a chur ar bun agus d’fhonn na huirlisí agus an tacaíocht a sholáthar dóibh chun iad féin a chosaint ar rioscaí amach anseo.

(6)

Is iomchuí freisin go gcumhdófar níos mó ná bliain mhargaíochta amháin leis an dreasacht mhéadaithe sin, óir tá sé léirithe cheana go raibh glacadh tacaíochta le cistí frithpháirteacha a chur ar bhun an-teoranta san am a chuaigh thart. Dá bhrí sin, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh dóthain ama ann chun Ballstáit agus oibreoirí san earnáil fíona a chur ar an eolas faoin ráta eisceachtúil tacaíochta sin agus chun iad a spreagadh le leas a bhaint as. Thairis sin, is féidir go dtógfadh sé breis agus bliain chun cistí frithpháirteacha a chur ar bun. Ba cheart, dá bhrí sin, a chumhdach leis an tacaíocht mhéadaithe tréimhse 2 bhliain ar a laghad. Ar na cúiseanna sin uile, is gá ranníocaíocht airgeadais an Aontais ar mhaithe le tacaíocht le haghaidh cistí frithpháirteacha a mhéadú go dtí deireadh na clárthréimhse 2019-2023.

(7)

Ba cheart Rialacháin Tharmligthe (AE) 2020/884 agus (AE) 2016/1149 a leasú dá réir.

(8)

Chun leanúnachas a áirithiú idir na blianta airgeadais 2021 agus 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 16 Deireadh Fómhair 2021 amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884

Leasaítear Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 mar seo a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   De mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149, le linn na mblianta 2020, 2021 agus 2022, féadfar glasbhuaint a chur i bhfeidhm ar an aon fhearann amháin ar feadh 2 bhliain nó níos mó as a chéile.”;

(2)

i mír 3, mír 4 agus mír 6, cuirtear “15 Deireadh Fómhair 2022” in ionad an dáta “15 Deireadh Fómhair 2021”.

Airteagal 2

Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149

In Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/1149, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   I gcás go mbaintear leas as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh chostas riaracháin na gcistí frithpháirteacha a chur ar bun, beidh an tacaíocht teoranta don sciar thíos de ranníocaíocht na dtáirgeoirí leis an gciste frithpháirteach sa chéad, dara agus tríú bliain dá chur i bhfeidhm: 20 %, 16 % agus 8 %.”.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 16 Deireadh Fómhair 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/884 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 a mhéid a bhaineann leis an earnáil torthaí agus glasraí agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 a mhéid a bhaineann leis an earnáil fíona i dtaca le paindéim COVID-19 (IO L 205, 29.6.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1149 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na cláir thacaíochta náisiúnta san earnáil fíona agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 555/2008 ón gCoimisiún (IO L 190, 15.7.2016, lch. 1).


22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2028 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Samhain 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Cerezas de la Montaña de Alicante” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht an táisc gheografaigh faoi chosaint “Cerezas de la Montaña de Alicante”, atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 106/2011 ón gCoimisiún (3) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/123 ón gCoimisiún (4). Áirítear sa leasú seo athrú ar an ainm “Cerezas de la Montaña de Alicante” go “Cerezas de la Montaña de Alicante”/“Cireres de la Muntanya d’Alacant”.

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (5) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin .

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Cerezas de la Montaña de Alicante” (TGFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 106/2011 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2011 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Cerezas de la Montaña de Alicante (TGFC)] (IO L 32, 8.2.2011, lch. 3).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/123 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2018 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Cerezas de la Montaña de Alicante (TGFC)] (IO L 22, 26.1.2018, lch. 8).

(5)  IO C 272, 8.7.2021, lch. 35.


22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2029 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2021

lena n-údaraítear 3-fúcaishiollachtóis (3-FL) a chur ar an margadh mar bhia núíosach faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá curtha ar liosta an Aontais a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(3)

An 1 Deireadh Fómhair 2019, chuir an chuideachta DuPont Nutrition & Biosciences ApS (“an t-iarratasóir”) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun 3-fúcaishiollachtóis (3-FL), rud a fhaightear trí choipeadh miocróbach le tréithchineál géinmhodhnaithe de Escherichia coli, mar atá tréithchineál K12 MG1655, a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’ iarr an t-iarratasóir cead 3-FL a úsáid mar bhia núíosach i dtáirgí bainne neamhbhlaistithe paistéaraithe agus táirgí bainne neamhbhlaistithe steirilithe (Teocht Ultra-Ard, “UHT”, san áireamh), i dtáirgí bainnebhunaithe coipthe idir bhlaistithe agus neamhbhlaistithe, táirgí teaschóireáilte san áireamh, i mbarraí gránaigh, analóga déiríochta agus iógart neamhdhéiríochta, i ndeochanna (deochanna blaistithe, deochanna fuinnimh, deochanna spóirt), i mbainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), i mbia gránachbhunaithe próiseáilte mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, i mbia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, i mbianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, i mbia chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, i ndeochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla le haghaidh leanaí óga, agus i bhforbhianna le haghaidh an phobail i gcoitinne, cé is moite de naíonáin, mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Le linn an phróisis iarratais, d’aontaigh an t-iarratasóir gan leanaí óga (faoi bhun 3 bliana d’aois) a chuimsiú faoi raon feidhme na hiarrata ar údarú úsáid an bhia núíosaigh i bhforbhianna. Ina theannta sin mhol an t-iarratasóir nár cheart forbhianna ina bhfuil 3-FL a úsáid má itear bianna eile arna mbreisiú le 3-FL ar an lá céanna.

(4)

Ina theannta sin, an 1 Deireadh Fómhair 2019, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún go gcosnófaí sonraí dílseánaigh i gcás roinnt staidéar a cuireadh isteach mar thaca leis an iarratas, eadhon na sonraí tréithrithe mionsonraithe maidir le tréithchineál baictéarach an táirgthe (5); próiseas táirgthe an bhia núíosaigh (6); na hanailísí ar na baisceanna éagsúla 3-FL (7); na tuarascálacha anailíseacha maidir le tréithriú 3-FL trí athshondas maighnéadach núicléach (“NMR”) agus an 3-FL atá i mbainne an duine go nádúrtha (8); na tuarascálacha maidir le cobhsaíocht 3-L (9); na tuarascálacha measúnachta maidir le hiontógáil 3-FL (10); tástáil bhaictéarach ais-sócháin (11); tástáil mhicreanúicléis in vitro ar lucha (12); tástáil mhicreanúicléis in vitro ar chealla ubhagáin an hamstair Shínigh (13); tástáil in vitro saobhadh crómasóim i gcealla mamach, tástáil a rinneadh ar limficítí daonna (14); tástáil géarthocsaineachta béil ar fhrancaigh (15); staidéar tocsaineachta béil 90 lá ar fhrancaigh, lena n-áirítear anailís séirim agus fuail (16); staidéar tocsaineachta béil 6 lá ar bhainbh (17); agus staidéar 3 seachtaine tocsaineachta béil ar bhainbh nuabheirthe (18).

(5)

An 29 Eanáir 2020, i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú a dhéanamh ar 3-FL mar bhia núíosach.

(6)

An 25 Bealtaine 2021, ghlac an tÚdarás a thuairim eolaíoch maidir le sábháilteacht 3-Fúcaishiollachtóis (3-FL) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 (19).

(7)

Ina thuairim eolaíoch, chinn an tÚdarás go raibh 3-FL sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe do na spriocghrúpaí atá beartaithe. Dá bhrí sin, tugtar foras leordhóthanach leis an tuairim eolaíoch sin lena suí go bhfuil 3-FL i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 nuair a úsáidtear é sna táirgí seo a leanas – táirgí bainne neamhbhlaistithe paistéaraithe agus táirgí bainne neamhbhlaistithe steirilithe (Ultra Ard-Teocht, “UHT”, san áireamh), táirgí bainnebhunaithe coipthe idir bhlaistithe agus neamhbhlaistithe, táirgí teaschóireáilte san áireamh, barraí gránaigh, analóga déiríochta agus iógairt neamhdhéiríochta, deochanna (deochanna blaistithe, deochanna fuinnimh, deochanna spóirt), bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, bia chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla le haghaidh leanaí óga, agus forbhianna le haghaidh an phobail i gcoitinne mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, maille le srianta i gcás naíonán agus leanaí óga.

(8)

Sa tuairim eolaíoch ón Údarás, mheas sé nach bhféadfadh sé teacht ar a chuid conclúidí maidir le sábháilteacht 3-FL gan na sonraí ó na sonraí tréithrithe mionsonraithe maidir le tréithchineál baictéarach an táirgthe; próiseas táirgthe an bhia núíosaigh; na hanailísí ar na baisceanna éagsúla 3-FL; na tuarascálacha anailíseacha maidir le tréithriú 3-FL trí athshondas maighnéadach núicléach (“NMR”) agus an 3-FL atá i mbainne an duine go nádúrtha; na tuarascálacha maidir le cobhsaíocht 3-L; na tuarascálacha measúnachta maidir le hiontógáil 3-FL; tástáil bhaictéarach ais-sócháin; tástáil micreanúicléis in vitro ar lucha; tástáil mhicreanúicléis in vitro ar chealla ubhagáin an hamstair Shínigh; tástáil in vitro saobhadh crómasóim i gcealla mamach, tástáil a rinneadh ar limficítí daonna; tástáil géarthocsaineachta béil ar fhrancaigh; staidéar tocsaineachta béil 90 lá ar fhrancaigh, lena n-áirítear anailís séirim agus fuail; staidéar tocsaineachta béil 6 lá ar bhainbh; agus staidéar 3 seachtaine tocsaineachta béil ar bhainbh nuabheirthe.

(9)

Tar éis dó tuairim eolaíoch an Údaráis a fháil, d’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an réasúnú a cuireadh ar fáil i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí ó na sonraí tréithrithe mionsonraithe maidir le tréithchineál baictéarach an táirgthe; próiseas táirgthe an bhia núíosaigh; na hanailísí ar na baisceanna éagsúla 3-FL; na tuarascálacha anailíseacha maidir le tréithriú 3-FL trí athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus an 3-FL atá i mbainne an duine go nádúrtha; na tuarascálacha maidir le cobhsaíocht 3-L; na tuarascálacha measúnachta maidir le hiontógáil 3-FL; tástáil bhaictéarach ais-sócháin; tástáil mhicreanúicléis in vitro i lucha; tástáil mhicreanúicléis in vitro ar chealla ubhagáin an hamstair Shínigh; tástáil in vitro saobhadh crómasóim i gcealla mamach, tástáil a rinneadh ar limficítí daonna; tástáil géarthocsaineachta béil ar fhrancaigh; staidéar tocsaineachta béil 90 lá ar fhrancaigh, lena n-áirítear anailís séirim agus fuail; staidéar tocsaineachta béil 6 lá ar bhainbh; agus staidéar tocsaineachta béil 3 seachtaine ar bhainbh nuabheirthe.

(10)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh aige, tráth déanta an iarratais, ceart dílseánaigh eisiach tagairt a dhéanamh do na staidéir faoin dlí náisiúnta agus dá bhrí sin nárbh fhéidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na staidéir sin, ná úsáid a bhaint astu.

(11)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh cruthúnas leordhóthanach tugtha aige maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, maidir leis na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra, sonraí arb ar a mbonn a rinne an tÚdarás sábháilteacht an bhia núíosaigh a shuí agus a tháinig sé ar a chuid conclúidí maidir le sábháilteacht 3-FL, agus nárbh fhéidir leis an Údarás measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach dá n-uireasa, níor cheart na sonraí sin a úsáid chun tairbhe aon iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, cur ar an margadh 3-FL laistigh den Aontas, ba cheart é a bheith srianta ar feadh na tréimhse sin ionas gurb é an t-iarrthóir amháin a fhéadfaidh é a dhéanamh.

(12)

Mar sin féin, srianadh an údaraithe i leith 3-FL, sin agus srianadh an cheart tagairt a dhéanamh do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra ionas gur ag an iarratasóir amháin atá ag an ceart sin, ní rud é lena gcuirfear cosc ar iarratasóirí eile cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh, ar choinníoll go bhfuil a n-iarratas bunaithe ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin faoi Rialachán (AE) 2015/2283.

(13)

I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil 3-FL, coinníollacha atá molta ag an iarratasóir agus atá measúnaithe ag an Údarás, tá sé riachtanach tomhaltóirí a chur ar an eolas trí bhíthin lipéad iomchuí nár cheart forbhianna ina bhfuil 3-FL a ithe agus bianna eile arna mbreisiú le 3-FL a ithe san aon lá amháin.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(15)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   3-Fúcaishiollachtóis (3-FL) mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar í a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, is é an t-iarratasóir tosaigh amháin:

 

Cuideachta: DuPont Nutrition & Biosciences ApS;

 

Seoladh: Langebrogade 1, 1001 Cóbanhávan K, an Danmhairg,

a bheidh údaraithe an bia núíosach dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh sin gan tagairt do na sonraí atá faoi chosaint de bhun Airteagal 2 nó le comhaontú ón iarratasóir tosaigh.

3.   An iontráil i liosta an Aontais dá dtagraítear i mír 1, áireofar inti na coinníollacha úsáide agus na ceanglais lipéadaithe a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Na staidéir atá sa chomhad iarratais, staidéir arb ar a mbonn a rinne an tÚdarás an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a mheas, staidéir ar mhaígh an t-iarratasóir gur staidéir dhílseánaigh iad agus nach bhféadfaí an bia núíosach a údarú dá n-uireasa, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ó DuPont Nutrition & Biosciences ApS.

Airteagal 3

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).

(4)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(5)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(6)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(7)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(8)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(9)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(10)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(11)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe); J. Pitt et al., 2019 Food and Chemical Toxicology, 134. [J. Pitt et al., 2019 An Bia agus An Tocsaineolaíocht Cheimiceach, 134.]

(12)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe); J. Pitt et al., 2019 Food and Chemical Toxicology, 134. [J. Pitt et al., 2019 An Bia agus An Tocsaineolaíocht Cheimiceach, 134.]

(13)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe); J. Pitt et al., 2019 Food and Chemical Toxicology, 134. [J. Pitt et al., 2019 An Bia agus An Tocsaineolaíocht Cheimiceach, 134.]

(14)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe); J. Pitt et al., 2019 Food and Chemical Toxicology, 134. [J. Pitt et al., 2019 An Bia agus An Tocsaineolaíocht Cheimiceach, 134.]

(15)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe); J. Pitt et al., 2019 Food and Chemical Toxicology, 134. [J. Pitt et al., 2019 An Bia agus An Tocsaineolaíocht Cheimiceach, 134.]

(16)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe); J. Pitt et al., 2019 Food and Chemical Toxicology, 134. [J. Pitt et al., 2019 An Bia agus An Tocsaineolaíocht Cheimiceach, 134.]

(17)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(18)  DuPont Nutrition & Biosciences ApS, 2019 (neamhfhoilsithe).

(19)  Safety of 3-Fucosyllactose (3-FL) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 [Sábháilteacht 3-Fúcaishiollachtóis (3-FL) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283]; EFSA Journal [Iris EPSA] 2021;19(6):6662.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

1.

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais shonracha bhreise maidir le lipéadú

Ceanglais eile

Cosaint Sonraí

3-Fúcaishiollachtóis (3-FL)

(foinse mhiocróbach)

Catagóir bia shonraithe

Uasleibhéil

Is é “3-Fúcaishiollachtóis” ainmniú an bhia núíosaigh a bheidh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

Ar an lipéadú a chuirtear ar fhorbhianna ina bhfuil 3-Fúcaishiollachtóis (3-FL) beidh ráiteas á rá:

a)

nár cheart iad a ithe má itear bianna eile ina bhfuil 3-Fúcaishiollachtóis an lá céanna.

b)

nár cheart do naíonáin ná do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois iad a ithe

 

Údaraithe an 12 Nollaig 2021. Tá an cuimsiú sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: DuPont Nutrition & Biosciences ApS Langebrogade 1, DK-1001 Cóbanhávan K, an Danmhairg. Is é DuPont Nutrition & Biosciences ApS amháin atá údaraithe chun an bia núíosach 3-fúcaishiollachtóis a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh nó do na sonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó DuPont Nutrition & Biosciences ApS.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 12 Nollaig 2026”

Táirgí bainne paistéartha neamhbhlaistithe agus táirgí bainne steirilithe neamhbhlaistithe (lena n-áirítear UHT)

0,85 g/L

Táirgí bainnebhunaithe coipthe neamhbhlaistithe agus blaistithe, táirgí teaschóireáilte san áireamh

0,5 g/L (deochanna)

5,0 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

Analóga déiríochta

0,85 g/L (deochanna)

8,5 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

Deochanna blaistithe, deochanna fuinnimh agus deochanna spóirt

1,0 g/L

Barraí gránaigh

30,0 g/kg

Bainne foirmle do naíonáin mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,85 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,85 g/L sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Deochanna bainnebhunaithe agus táirgí comhchosúla le haghaidh leanaí óga

0,85 g/L (deochanna) sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,3 g/L (deochanna) sa táirge deiridh atá réidh le húsáid, táirge a mhargaítear sa riocht sin nó a athbhunaítear de réir mar a threoraíonn an monaróir

3,0 g/kg le haghaidh táirgí nach deochanna iad

Bianna ionadacha ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

2,0 g/L (deochanna)

30,0 g/kg (táirgí nach deochanna iad)

Bia chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le ceanglais shonracha chothaithe na ndaoine a gceaptar na táirgí dóibh

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, cé is moite d’fhorbhianna le haghaidh naíonán agus leanaí óga

5,0 g/lá

2.

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

“Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíocht

3-Fúcaishiollachtóis (“3-FL”)

(foinse mhiocróbach)

Tuairisc:

Is púdar idir bán agus neasbhán é 3-Fúcaishiollachtóis (3-FL) a tháirgtear trí choipeadh miocróbach agus ina bhfuil leibhéil theoranta D-lachtóis, L-fhúcóis, D-ghalachtóis agus D-ghlúcóis.

Foinse: Tréithchineál géinmhodhnaithe de Escherichia coli K-12

Sainmhíniú:

Foirmle cheimiceach: C18H32O15

Ainm ceimiceach: β-D-galactopioranóisil-(1→4)[-α-L-fúcaipioranóisil-(1→3)]-D-glúcaipioranós

Mais mhóilíneach: 488,44 Da

Uimh. CAS 41312-47-4

Saintréithe/Comhdhéanamh:

3-Fúcaishiollachtós (% d’ábhar tirim): ≥ 90,0 % (meáchan/meáchan)

D-Lachtóis (% d’ábhar tirim): ≤ 5,0 % (meáchan/meáchan)

L-Fhúcóis (% d’ábhar tirim): ≤ 3,0 % (meáchan/meáchan)

Suim D-Ghalactós/D-/D-Ghlúcós (% d’ábhar tirim): ≤ 3,0 % (meáchan/meáchan)

Suim na gcarbaihiodráití eilea (% d’ábhar tirim): ≤ 3,0 % (meáchan/meáchan)

Taisleach: ≤ 5,0 % (meáchan/meáchan)

pH (20 °C, tuaslagán 5 %): 3,0 -7,5

Próitéin iarmharach: ≤ 0,01 % (meáchan/meáchan)

Luaith (%): ≤ 0,5

Miotail throma/Éilleáin:

Arsanaic: ≤ 0,2 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,05 mg/kg

Luaidhe: ≤ 0,05 mg/kg

Mearcair: ≤ 0,1 mg/kg

Aflatocsain M1: ≤ 0,025 μg/kg

Aflatocsain B1: ≤ 0,1 μg/kg

Iontocsainí iarmharacha: ≤ 0,3 EU/mg

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Líon iomlán na bplátaí: ≤ 1 000 CFU/g

Enterobacteriaceae: Neamhláithreacht in 10 g

Salmonella sp.: Neamhláithreacht in 25 g

Cronobacter (Enterobacter) sakazakii: Neamhláithreacht in 10 g

Listeria monocytogenes: Neamhláithreacht in 25 g

Bacillus cereus: ≤ 10 CFU/g

Giosta: ≤ 100 CFU/g

Múscán: ≤ 100 CFU/g

CFU: Aonaid Déanta Coilíneachta; EU: Aonaid Iontocsaine; aSuim na gcarbaihiodráití eile: Isiméir 3-Fúcaishiollachtóis, isiméir défhúcaishiollachtóis agus olagaiméirí”


22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/16


RIALACHÁN (AE) 2021/2030 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le N,N-démheitiolformaimíd

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún, chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE (1) ón gCoimisiún, agus go háirithe Airteagal 68 (1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tuaslagóir orgánach aprúach meánpholach atá in N,N —démheitiolformaimíd atá aicmithe mar thocsain i leith atáirgeadh de chineál 1B, tocsain ghéar de chineál 4 (trí bhealach an ionanálaithe agus bealach an chraicinn), agus greannach súl de chineál 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Substaint d’ardtoirt táirgeachta atá in N,N —démheitiolformaimíd, agus is iomaí suíomh tionsclaíoch agus gníomhaíocht ghairmiúl ina mbaintear úsáid aisti ar fud na hEorpa.

(2)

An 5 Deireadh Fómhair 2018, chuir an Iodáil (dá ngairtear ”£aighnitheoir an tsainchomhaid” anseo feasta) (3) sainchomhad faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”), ar sainchomhad í de bhun Airteagal 69(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“sainchomhad Iarscríbhinn XV”), chun an próiseas srianta a leagtar amach in Airteagail 69 go 73 den Rialachán sin a thionscnamh. Léiríodh i sainchomhad Iarscríbhinn XV go raibh gá le gníomhaíocht ar bhonn uile-Aontais, agus moladh na nithe seo a leanas a shrianadh – úsáid thionsclaíoch agus ghairmiúil N,N —démheitiolformaimíde, agus an tsubstaint sin a chur ar an margadh léi féin nó i meascáin.

(3)

An measúnú guaise a rinne aighnitheoir an tsainchomhaid ar N,N —démheitiolformaimíde, is ar éifeachtaí sistéamacha na substainte sin ar roinnt críochphointí a bhunaigh sé é. Is é an toradh a bhí air sin leibhéal néamhéifeachta díorthaithe (“DNEL”) fadtéarmach maidir le hionanálú agus DNEL deirmeach fadtéarmach ar bhonn sonraí ainmhithe i ndáil le meáchan coirp laghdaithe, athruithe ar an gceimic chliniciúil agus gortú ae.

(4)

An 20 Meán Fómhair 2019, ghlac Coiste um Measúnú Riosca na Gníomhaireachta (“RAC”) tuairim (4) lenar chinn sé gurb é an srian a moladh, faoi mar a bhí sé modhnaithe ag RAC, gurb é sin an beart uile-Aontais ab iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh atá ann de bharr teagmháil le N,N —démheitiolformaimíd, is é sin gurb é an beart ab iomchuí é i dtéarmaí praiticiúlachta, inmhonatóireachta, agus éifeachtacht i laghdú an riosca.

(5)

Maidir le substaintí ina bhfuil tiúchan íseal N,N —démheitiolformaimíde, breithníodh roinnt cásanna rannchuiditheacha sa mheastóireacht a rinne aighnitheoir an tsainchomhaid, agus ar an ábhar sin, mhol RAC foclaíocht an raoin feidhme a shoiléiriú trína chuimsiú ann N,N —démheitiolformaimíd a bheith i láthair cibé acu is comhábhar, príomh-chomhábhar, eisíontas nó cobhsaitheoir atá inti.

(6)

Mhol aighnitheoir an tsainchomhaid DNEL 3,2 mg/m3 maidir le hionanálú fadtéarmach agus sin bunaithe ar éifeachtaí heipiteacha in ainmhithe. Mar sin féin, is DNEL 6 mg/m3 a mhol RAC maidir le hionanálú fadtéarmach ar bhonn meascán de shonraí daoine agus sonraí ainmhithe, rud a rinne sé agus an tocsaineacht ae agus an tocsaineacht forbartha faoi seach á gcur san áireamh aige.

(7)

Maidir leis an DNEL deirmeach fadtéarmach, mhol RAC DNEL a úsáid ar bhonn staidéar deirmeach, agus gan eachtarshuíomh “bealach go bealach” a dhéanamh ó staidéar béil 28 lá faoi mar a mhol aighnitheoir an tsainchomhaid. Dá bhrí sin, is é 1,1 mg/kg/lá an luach a mhol RAC a úsáid mar DNEL deirmeach fadtéarmach.

(8)

An 5 Nollaig 2019, ghlac Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (“SEAC”) na Gníomhaireachta tuairim (5) lenar chinn sé gurb é an srian a moladh, faoi mar a bhí sé modhnaithe ag RAC, gurb é sin an beart uile-Aontais ab iomchuí chun an riosca atá ann do shláinte oibrithe de bharr N,N —démheitiolformaimíd a laghdú, rud a cinneadh agus costais agus tairbhí socheacnamaíocha an bhirt sin á gcur san áireamh. Mhol SEAC cur i bhfeidhm an tsriain sin a chur siar 24 mhí i ngach earnáil, i gcomhréir le sainchomhad Iarscríbhinn XV, ionas go mbeadh a ndóthain ama ag páirtithe leasmhara na ceanglais srianta a chur chun feidhme ina n-iomláine.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an bhFóram um Malartú Faisnéise maidir le Forfheidhmiú maidir leis an srian a moladh, agus cuireadh a chuid moltaí san áireamh.

(10)

An 1 Aibreán 2020, chuir an Ghníomhaireacht tuairimí RAC agus SEAC faoi bhráid an Choimisiúin. Dheimhnigh na tuairimí sin nach ndéantar rialú leordhóthanach ar an riosca do shláinte oibrithe sna suíomhanna ceirde ar fad le linn mhonarú agus úsáid N,N —démheitiolformaimíde.

(11)

Agus sainchomhad Iarscríbhinn XV agus tuairimí RAC agus SEAC á gcur san áireamh aige, measann an Coimisiún go bhfuil riosca do-ghlactha ann d’oibrithe de bharr a dteagmhála le N,N —démheitiolformaimíd os cionn luachanna sonracha DNEL, agus gurb é an srian a moladh lena mbunaítear DNEL maidir le teagmháil oibrithe le N,N —démheitiolformaimíd trí bhealach an ionanálaithe agus bealach an chraicinn, gurb é sin an beart uile-Aontais is iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

(12)

An srian atá molta, faoi mar atá sé modhnaithe ag RAC agus SEAC, measann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas: an cóimheas foriomlán tréithrithe riosca, is ar DNELanna cainníochtaithe maidir le teagmháil le N,N —démheitiolformaimíd trí bhealach an ionanálaithe agus bealach an chraicinn atá sé bunaithe; is faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 amháin is féidir tuarascálacha maidir le sábháilteacht cheimiceach sna sainchomhaid chlárúcháin a chomhchuibhiú trí DNELanna comhchuibhithe; cuimseofar na DNELanna sin sna ranna sonracha iomchuí de na bileoga sonraí sábháilteachta.

(13)

Ba cheart a ndóthain ama a thabhairt do pháirtithe leasmhara chun an srian atá molta a chomhlíonadh, agus i gcás úsáideoirí iartheachtacha go háirithe, ba cheart an tréimhse chéanna a bheith acusan agus a bheidh ag monaróirí agus allmhaireoirí chun na bearta bainistithe riosca agus na coinníollacha oibríochtúla is iomchuí a chur chun feidhme ar mhaithe lena áirithiú go mbeidh teagmháil oibrithe le N,N —démheitiolformaimíd faoi bhun na DNELanna. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, i gcomhréir le sainchomhad Iarscríbhinn XV agus le tuairim SEAC, gur cheart cur i bhfeidhm an tsriain a chur siar 24 mhí.

(14)

Chun na DNELanna i ndáil le teagmháil oibrithe le N,N–démheitiolformaimíd a chomhlíonadh, earnáil na mbratuithe agus na scannán polúireatáin agus an earnáil monaraíochta snáithíní sintéiseacha, táthar ag súil go mbeidh tuilleadh ama ag teastáil ó na hearnálacha sin. Dá bhrí sin, moltar idirthréimhsí níos faide le haghaidh earnáil na mbratuithe agus na scannán polúireatáin, earnáil ina n-úsáidtear N,N –démheitiolformaimíd mar thuaslagóir i bpróisis dhíreacha agus próisis aistrithe um bratú polúireatáin ar theicstílí agus ar ábhar páipéir nó i dtáirgeadh scannán polúireatáin (36 mhí), agus le haghaidh na hearnála monaraíochta snáithíní sintéiseacha, earnáil ina n-úsáidtear N,N –démheitiolformaimíd mar thuaslagóir sna próisis thirime agus fhliucha um shníomhachán snáithíní sintéiseacha (48 mí).

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a leasú dá réir sin.

(16)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 199/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(3)  https://echa.europa.eu/documents/10162/d3feb838-3c17-bcf9-db88-92b83f5a43fc

(4)  https://echa.europa.eu/documents/10162/44ad5cd9-1143-0072-0550-5860846ffbb4

(5)  https://echa.europa.eu/documents/10162/b6644298-54a4-052a-9bbc-6824966d151e (leagan tiomsaithe de thuairimí deiridh RAC agus SEAC)


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006:

“76.

N,N-démheitiolformaimíd

Uimh. CAS 68-12-2

Uimh. CE 200-679-5

1.

Ní chuirfear ar an margadh í mar shubstaint léi féin, mar chomhábhar de chuid substaintí eile, ná i meascáin i dtiúchan is cothrom le 0,3 % nó is ísle ná sin ón 12 Nollaig 2023 mura rud é go ndearna monaróirí, allmhaireoirí agus úsáideoirí iartheachtacha na leibhéil neamhéifeachta díorthaithe (DNELanna) seo a leanas i ndáil le teagmháil oibrithe, na leibhéil seo a chuimsiú sna tuarascálacha maidir le sábháilteacht cheimiceach agus sna bileoga sonraí sábháilteachta lena mbaineann – 6 mg/m3 i gcás N,N-démheitiolformaimíd a thógáil d’ionanálú, agus 1,1 mg/kg/lá i gcás í a thógáil tríd an gcraiceann.

2.

Ní dhéanfar í a mhonarú ná a úsáid mar shubstaint léi féin, mar chomhábhar de chuid substaintí eile, ná i meascáin i dtiúchan cothrom le 0,3 % nó is mó ná sin ón 12 Nollaig 2023 mura rud é go ndéanfaidh monaróirí agus úsáideoirí iartheachtacha na bearta bainistithe riosca is iomchuí agus go soláthróidh siad na coinníollacha oibríochtúla is iomchuí chun a áirithiú go mbeidh teagmháil oibrithe faoi bhun na DNELanna a shonraítear i mír 1.

3.

De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos iontu ón 12 Nollaig 2024 i ndáil le N,N-démheitiolformaimíd a úsáid, nó a chur ar an margadh lena húsáid, mar thuaslagóir i bpróisis dhíreacha nó próisis aistrithe chun teicstílí agus ábhar páipéir a bhratú faoi pholúireatán nó i dtáirgeadh scannán polúireatáin, agus ón 12 Nollaig 2025 i ndáil le N,N-démheitiolformaimíd a úsáid, nó a chur ar an margadh lena húsáid, mar thuaslagóir sna próisis thirime agus fhliucha um shníomhachán snáithíní sintéiseacha.”


22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/20


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2031 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 maidir leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe ar liostaí tríú tíortha atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith clóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2016/429, ceanglaítear gur gá coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí speiceas agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó chríocha nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), bunaítear na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna nó deighleoga de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas.

(4)

Thar aon ní eile, le hIarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach anois na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe i dtaca le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

An 12 Samhain 2021, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá an ráig sin ann gar do Frinton-on-Sea, Tendring, Essex i Sasana, agus deimhníodh í an 12 Samhain 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(6)

An 14 Samhain 2021, chuir an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas maidir le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis. Tá na ráigeanna sin ann gar do Leeming Bar, Hambleton, North Yorkshire i Sasana agus gar do Salwick, Fylde, Lancashire i Sasana agus deimhníodh iad an 14 Samhain 2021 le hanailís saotharlainne (RT-PCR).

(7)

Bhunaigh údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe crios rialaithe 10 km timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus chuir siad beartas díbeartha chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus leathadh an ghalair sin a theorannú.

(8)

Tá faisnéis curtha isteach ag an Ríocht Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh sin a chosc. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. Ar bhonn na meastóireachta sin, níor cheart, mar gheall ar na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, údarú a thabhairt a thuilleadh do choinsíneachtaí d’éanlaith chlóis, de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus d’éin ghéim a theacht isteach san Aontas ó na ceantair atá faoi shrianta a leagann údaráis tréidliachta na Ríochta Aontaithe síos.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(10)

Tríd an staid eipidéimeolaíoch reatha sa Ríocht Aontaithe a chur san áireamh maidir leis an bhfliú éanúil ardphataigineach, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

(11)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn V agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh criosanna GB-2.20, GB-2.21 agus GB-2.22 tar éis an ró le haghaidh creasa GB-2.19:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.20

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

12.11.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

12.11.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

12.11.2021

 

Raitítigh atá beartaithe a mharú

SR

N, P1

 

12.11.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

12.11.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DON

N, P1

 

12.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

12.11.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

12.11.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P1

 

12.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

12.11.2021

 

GB-2.21

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

14.11.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

14.11.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

14.11.2021

 

Raitítigh atá beartaithe a mharú

SR

N, P1

 

14.11.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

14.11.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P1

 

14.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

14.11.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

14.11.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P1

 

14.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

14.11.2021

 

GB-2.22

Éanlaith chlóis phórúcháin seachas raitítigh agus éanlaith chlóis tháirgiúil seachas raitítigh

BPP

N, P1

 

14.11.2021

 

Raitítigh phórúcháin agus raitítigh tháirgiúla

BPR

N, P1

 

14.11.2021

 

Éanlaith chlóis atá beartaithe a mharú seachas raitítigh

SP

N, P1

 

14.11.2021

 

Raitítigh atá beartaithe a mharú

SR

N, P1

 

14.11.2021

 

Sicíní lae seachas raitítigh

DOC

N, P1

 

14.11.2021

 

Sicíní lae raitíteach

DOR

N, P1

 

14.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

POU-LT20

N, P1

 

14.11.2021

 

Uibheacha goir ó éanlaith chlóis seachas raitítigh

HEP

N, P1

 

14.11.2021

 

Uibheacha goir raitíteach

HER

N, P1

 

14.11.2021

 

Níos lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis seachas raitítigh

HE-LT20

N, P1

 

14.11.2021”

 

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach tuairiscí na gcriosanna GB-2.20, GB-2.21 agus 2.22 tar éis na tuairisce ar an gcrios GB-2.19:

“An Ríocht Aontaithe

GB-2.20

Gar do Frinton-on-Sea, Tendring, Essex, Sasana:

 

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N51,84 agus W1,22

GB-2.21

Gar do Leeming Bar, Hambleton, North Yorkshire, Sasana:

 

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N54,30 agus W1,50

GB-2.22

Gar do Salwick, Fylde, Lancashire, Sasana:

 

An limistéar atá laistigh de chiorcal ag a bhfuil ga 10 km, agus a bhfuil a lárphointe suite ag na comhordanáidí deachúlacha WGS84 seo a leanas: N53,79 agus W2,80”

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, san iontráil a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh criosanna GB-2.20, GB-2.21 agus GB-2.22 tar éis an ró le haghaidh creasa GB-2.19:

GB

An Ríocht Aontaithe

GB-2.20

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

12.11.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

12.11.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P1

 

12.11.2021

 

GB-2.21

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

14.11.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

14.11.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P1

 

14.11.2021

 

GB-2.22

Feoil úr éanlaithe clóis seachas raitítigh

POU

N, P1

 

14.11.2021

 

Feoil úr raitíteach

RAT

N, P1

 

14.11.2021

 

Feoil úr éan géim

GBM

N, P1

 

14.11.2021”

 


CINNTÍ

22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/25


CINNEADH (CBES) 2021/2032 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Samhain 2021

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag misean oiliúna AE i Mósaimbíc

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES féadfar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá an ghéarchéim reatha i gcúige Cabo Delgado i dtuaisceart Mhósaimbíc ilghnéitheach, agus tá baol mór ann go mbeidh iarmhairtí aici ar chúigí eile sa tír agus ar thíortha comharsanachta. Ba dhíol sásaimh do rialtas Mhósaimbíc gur slógadh Misean Oiliúna míleata neamhfheidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh mar chuid de Chur Chuige Comhtháite AE don ghéarchéim in Cabo Delgado.

(3)

An 12 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1143 (2), lena mbunaítear misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh oiliúint mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc). Is é an cuspóir straitéiseach atá ag EUTM Mhósaimbíc tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt acmhainneachta do na haonaid sin d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc a roghnófar chun Fórsa Mearfhreagartha a chur le chéile amach anseo, ionas go bhforbróidh na haonaid sin na hacmhainneachtaí riachtanacha inbhuanaithe chun sábháilteacht agus slándáil a athbhunú in Cabo Delgado.

(4)

An 30 Iúil 2021, d’fhormheas an Chomhairle nóta coincheapa do bheart cúnaimh faoi SES chun tacú le haonaid mhíleata arna gcur faoi oiliúint ag EUTM Mhósaimbíc, lena n-áirítear beart práinneach chun an trealamh agus na soláthairtí is práinní is gá a sholáthar atá ag teastáil chun oiliúint chuí a chur ar an dá chuideachta d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc atá sceidealta le bheith mar an chéad grúpa a bhainfidh tairbhe as oiliúint ó EUTM Mhósaimbíc.

(5)

Ina litir dar dáta an 27 Lúnasa 2021 a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Aire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Mhósaimbíc ar an Aontas trealamh nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt a chur ar fáil agus soláthairtí a chur ar fáil do chuideachtaí Mhósaimbíc ar fad arna gcur faoi oiliúint ag EUTM Mhósaimbíc.

(6)

Tá an beart cúnaimh seo le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh, agus go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (3), agus i gcomhréir leis na rialacha do chur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES.

(7)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a bheidh chun tairbhe do Phoblacht Mhósaimbíc (an “tairbhí”) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (an “Beart Cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt acmhainneachta do na haonaid d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc arna gcur faoi oiliúint ag EUTM Mhósaimbíc agus imscaradh na n-aonad sin chun go mbeidh na haonaid sin in ann na hacmhainneachtaí riachtanacha inbhuanaithe a fhorbairt chun sábháilteacht agus slándáil a athbhunú i gcúige Cabo Delgado i dtuaisceart Mhósaimbíc, agus ar an gcaoi sin féadfaidh gníomhaireachtaí cuntasacha forfheidhmithe dlí a bheith ann, faoi réir an smacht reachta, chun an pobal sibhialtach a chosaint agus chun ligean do struchtúir chuntasacha Stáit a sholáthraíonn seirbhísí ar fud Cabo Delgado tosú arís.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineoidh an Beart Cúnaimh soláthar an trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a thabhairt agus soláthairtí do na haonaid d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc dá dtagraítear sa mhír sin:

(a)

trealamh aonair do shaighdiúirí;

(b)

trealamh comhchoiteann ar leibhéal na cuideachta;

(c)

sócmhainní soghluaisteachta ar talamh agus amfaibiacha;

(d)

feistí teicniúla; agus

(e)

ospidéal machaire.

4.   Ar feadh tréimhse 30 mí ó dháta thabhairt i gcrích an chonartha idir an Riarthóir um Bearta Cúnaimh ag gníomhú dó mar oifigeach údarúcháin agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509 a mhairfidh an Beart Cúnaimh.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 40 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas a chur chun feidhme arna maoiniú faoi SES.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh agus tríd an mbeart práinneach a d’fhormheas an Chomhairle an 30 Iúil 2021.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh na haonaid d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc arna gcur faoi oiliúint ag EUTM Mhósaimbíc an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

úsáid chuí agus éifeachtúil a bhaint as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

cothabháil leordhóthanach a dhéanamh ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil le linn a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis eile seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoi SES a chur chun feidhme, ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Déanfaidh Aireacht Cosanta Phoblacht na Portaingéile cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3).

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfaidh an tairbhí faireachán ar urramú na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus gníomhartha foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe ag aonaid d’fhórsaí armtha Mhósaimbíc dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú seachadta, nuair atá deimhnithe seachadta le síniú ag na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh, tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, nuair atá an tairbhí le tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar fhardal na n-earraí ainmnithe; leanfar den tuairisciú go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) nach bhfuil gá leis a thuilleadh;

(c)

rialú ar an láthair, nuair atá an tairbhí le rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm an chéad mheasúnaithe ar an mBeart Cúnaimh, 6 mhí tar éis don chéad dá chuideachta arna gcur faoi oiliúint ag EUTM Mhósaimbíc a shlógadh chuig réigiún Cabo Delgado. Is éard a bheidh i gceist leis seo cuairteanna ar an láthair chun an trealamh agus na soláthairtí a dhéanfar a sholáthar faoin mBeart Cúnaimh a sheiceáil, nó aon fhoirmeacha éifeachtacha eile d’fhaisnéis a chuirtear ar fáil go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh seachadadh an trealaimh faoin mBeart Cúnaimh críochnaithe.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla do CPS maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh Coiste na Saoráide arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go rialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis a sholáthar faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Féadfaidh CPS a mholadh freisin go gcuirfidh an Chomhairle deireadh leis an mBeart Cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Síochána Eorpach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/1143 ón gComhairle an 12 Iúil 2021 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i Mósaimbíc (EUTM Mhósaimbíc) (IO L 247, 13.7.2021, lch. 93).

(3)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe trealaimh agus teicneolaíochta míleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


22.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 415/29


CINNEADH (CBES) 2021/2033 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Samhain 2021

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/97 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/97 (1), lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de.

(2)

Tiocfaidh deireadh le tréimhse cur chun feidhme an chomhaontaithe maoiniúcháin an 4 Feabhra 2022.

(3)

An 8 Iúil 2021, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-Armála (UNODA), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/97, síneadh 12 mhí gan chostas le tréimhse cur chun feidhme an Chinnidh sin. Leis an síneadh sin, cuirfear ar chumas UNODA roinnt de na tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/97 a chur chun feidhme, tionscadail ar cuireadh moill ar a gcur chun feidhme mar gheall ar phaindéim COVID-19.

(4)

Maidir le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2019/97 go dtí an 4 Feabhra 2023, níl aon impleachtaí aige sin maidir le hacmhainní airgeadais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/97 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/97:

“2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 4 Feabhra 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/97 ón gComhairle an 21 Eanáir 2019 chun tacú leis an gCoinbhinsiún maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine, faoi chuimsiú Straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 19, 22.1.2019, lch. 11).