ISSN 1977-0839

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

L 410

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Reachtaíocht

64
18 Samhain 2021


Clár

 

II   Gníomhartha neamhreachtacha

Leathanach

 

 

RIALACHÁIN

 

*

Rialachán (AE) 2021/2009 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2021 lena mbunaítear iamh iascach langaí in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí idirnáisiúnta limistéir 1 agus 2 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

1

 

*

Rialachán (AE) 2021/2010 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha ( 1 )

4

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

51

 

*

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

153

 

 

CINNTÍ

 

*

Cinneadh (AE) 2021/2013 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún

178

 

*

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2014 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 )

180

 

 

Ceartúcháin

 

*

Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ( IO L 57, 18.2.2021 ) ( IO L 0, 18.2.2021 )

197

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/771 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos i ndáil le seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha faoi chuimsiú rialuithe oifigiúla an táirgthe orgánaigh agus rialuithe oifigiúla a dhéantar ar ghrúpaí oibreoirí ( IO L 165, 11.5.2021 ) ( IO L 0, 11.5.2021 )

198

 

*

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce ( IO L 238, 6.7.2021 ) ( IO L 0, 6.7.2021 )

199

 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA


II Gníomhartha neamhreachtacha

RIALACHÁIN

18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2009 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Samhain 2021

lena mbunaítear iamh iascach langaí in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí idirnáisiúnta limistéir 1 agus 2 i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021.

(2)

De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic langaí in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí idirnáisiúnta limistéir 1 agus 2 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc.

(3)

Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ídiú cuótaí

Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an bhFrainc le haghaidh an stoic langaí in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí idirnáisiúnta limistéir 1 agus 2 le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Toirmisc

1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar an stoc sin a iascach dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg, ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascach a dhéanamh ar an stoc sin.

2.   Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh, ón stoc a ghabh na soithí sin, a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Virginijus SINKEVIČIUS

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN

Uimh.

19/TQ92

BALLSTÁT

an Fhrainc

STOC

LIN/1/2.

SPEICEAS

An Langa (Molva molva)

LIMISTÉAR

Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta limistéir 1 agus 2

DÁTA DEIRIDH

22.10.2021


18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/4


RIALACHÁN (AE) 2021/2010 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí (1), agus go háirithe Airteagal 5(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 bunaítear creat coiteann chun staidreamh inchomparáide Eorpach a tháirgeadh maidir le díolacháin agus úsáid lotnaidicídí.

(2)

Ar bhonn rialta agus gach 5 bliana ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún oiriúnú ar liosta na substaintí a bheidh le cumhdach agus ar a n-aicmiú i gcatagóirí táirgí agus in aicmí ceimiceacha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009. Ós rud é gurb in 2017 a tugadh an liosta cothrom le dáta go deireanach le Rialachán (AE) 2017/269 ón gCoimisiún (2), ní mór an liosta atá i gceangal leis an Rialachán sin a thabhairt cothrom le dáta chun na blianta ó 2021 go 2024 a chumhdach.

(3)

I bhfianaise líon na substaintí lena mbaineann agus an phróisis chasta a bhaineann leis na comhdhúile ábhartha a shainaithint agus a aicmiú, is deacair do na húdaráis staidrimh náisiúnta an réimse uirlisí a theastaíonn uathu a fháil chun faisnéis a bhailiú maidir le lotnaidicídí a úsáid agus a chur ar an margadh. Dá réir sin, níor cheart ach substaintí a áireamh a bhfuil uimhir aitheantais acu arna sannadh ag ceann amháin nó ag an dá cheann de na mórinstitiúidí atá aitheanta go hidirnáisiúnta a chláraíonn comhdhúile ceimiceacha nó lotnaidicídí, Seirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha agus Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach na Lotnaidicídí.

(4)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 324, 10.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2017/269 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le lotnaidicídí, a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha (IO L 40, 17.2.2017, lch. 4).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN III

AICMIÚ COMHCHUIBHITHE NA SUBSTAINTÍ

Mórghrúpaí

Catagóirí táirgí

Cód

Aicme cheimiceach

Substaintí – gnáthainmneacha

Ainmníocht choiteann

CAS  (1)

CIPAC  (2)

Lotaicnídí a chuirtear ar an margadh, ar an iomlán

 

PPM_TOT

 

 

 

 

 

Lotaicnídí a chuirtear ar an margadh le haghaidh úsáideoirí gairmiúla (3)

PPM_PU

 

 

 

 

 

A bhfuil sé beartaithe iad a úsáid sa talmhaíocht (4)

PPM_AGRI

 

 

 

 

 

A bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san fhoraoiseacht (5)

PPM_FORE

 

 

 

 

 

A bhfuil sé beartaithe iad a úsáid ar chúiseanna gairmiúla eile (6)

PPM_AMU

 

 

 

 

 

Nach mbaintear úsáid astu ach sa stóráil (6)

PPM_STOR

 

 

 

 

Lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagail 22 agus 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (7)

 

 

 

 

 

 

 

Grúpa 1 - substaintí gníomhacha ísealriosca i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (8)

GRP1

 

 

 

 

 

Grúpa 3 - Iarrthóirí atá le hionadú i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (9)

GRP3

 

 

 

 

Lotnaidicídí a chuirtear ar an margadh, grúpaí agus catagóirí a shainítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2009/128/CE

 

 

 

 

 

 

 

Grúpa 2 - Substaintí gníomhacha atá formheasta nó a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus nach dtagann faoi chatagóirí eile agus a liostaítear i gCodanna A agus B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 (10)

GRP2

 

 

 

 

 

Grúpa 4 - Substaintí gníomhacha nach bhfuil formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, agus nach liostaítear dá bhrí sin san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

GRP4

 

 

 

 

 

Catagóir A agus C: Substaintí gníomhacha neamhcheimiceacha

CAT_A_C

 

 

 

 

 

Catagóir B, D, E, F: Substaintí gníomhacha ceimiceacha

CAT_B_D-F

 

 

 

 

Fungaicídí agus baictéiricídí

 

PES_F

 

 

 

 

 

Fungaicídí neamhorgánacha

F01

 

 

 

 

 

 

F01_01

COMHDHÚILE COPAIR

 

 

 

 

 

F01_01_01

 

MEASCÁN BORDEAUX

8011-63-0

44.604

 

 

F01_01_02

 

HIODROCSAÍD CHOPAIR

20427-59-2

44.305

 

 

F01_01_03

 

OCSAÍD CHOPAIR (I)

1317-39-1

44.603

 

 

F01_01_04

 

OCSACLÓIRÍD CHOPAIR

1332-65-6

1332-40-7

44.602

 

 

F01_01_05

 

SULFÁIT CHOPAIR THRÍBHUNATA

12527-76-3

44.306

 

 

F01_01_06

 

SALAINN EILE CHOPAIR NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

 

F01_02

SULFAR NEAMHORGÁNACH

 

 

 

 

 

F01_02_01

 

SULFAR

7704-34-9

18

 

 

F01_99

FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE

 

 

 

 

 

F01_99_01

 

SULFAR AOIL (POLASUILFÍD CHAILCIAM)

1344-81-6

17

 

 

F01_99_02

 

IAIDÍD PHOTAISIAM

7681-11-0

773

 

 

F01_99_03

 

FOSFÓNÁITÍ POTAISIAM (FOISFÍT PHOTAISIAM ROIMHE SEO)

13977-65-6

13492-26-7

756

 

 

F01_99_04

 

TIAICIANÁIT PHOTAISIAM

333-20-0

772

 

 

F01_99_06

 

FOSFÓNÁIT DÉSHÓIDIAM

13708-85-5

808

 

 

F01_99_07

 

HIDRIGINCHARBÓNÁIT PHOTAISIAM

298-14-6

853

 

 

F01_99_08

 

HIDRIGINCHARBÓNÁIT SÓIDIAM

144-55-8

 

 

 

F01_99_99

 

FUNGAICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Fungaicídí bunaithe ar charbamáití agus ar dhéthiacarbamáití

F02

 

 

 

 

 

 

F02_01

FUNGAICÍDÍ CARBANALÁITE

 

 

 

 

 

F02_01_01

 

DÉ-EATOFEANCARB

87130-20-9

513

 

 

F02_02

FUNGAICÍDÍ CARBAMÁITE

 

 

 

 

 

F02_02_01

 

BEINTIAVALACARB

413615-35-7

744

 

 

F02_02_02

 

IOPRÓVALACARB

140923-17-7

620

 

 

F02_02_03

 

PRÓPAMACARB

24579-73-5

399

 

 

F02_03

FUNGAICÍDÍ DÉTHIACARBAMÁITE

 

 

 

 

 

F02_03_01

 

MANCÓISEIB

8018-01-7

34

 

 

F02_03_02

 

MAINEIB

12427-38-2

61

 

 

F02_03_03

 

MEITIREAM

9006-42-2

478

 

 

F02_03_04

 

PRÓIPINEIB

12071-83-9

177

 

 

F02_03_05

 

TIARAM

137-26-8

24

 

 

F02_03_06

 

SIORAM

137-30-4

31

 

 

F02_99

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR CHARBAMÁITÍ AGUS AR DHÉTHIACARBAMÁITÍ

 

 

 

 

 

F02_99_99

 

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR CHARBAMÁITÍ AGUS AR DHÉTHIACARBAMÁITÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Fungaicídí bunaithe ar bheinsimíodasóil

F03

 

 

 

 

 

 

F03_01

FUNGAICÍDÍ BEINSIMÍODASÓIL

 

 

 

 

 

F03_01_01

 

CAIRBEANDAISIM

10605-21-7

263

 

 

F03_01_02

 

FÚIBEIRÍODASÓL

3878-19-1

525

 

 

F03_01_03

 

TIAIBEANDASÓL

148-79-8

323

 

 

F03_01_04

 

TIAFANÁIT-MEITIL

23564-05-8

262

 

 

F03_99

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR BHEINSIMÍODASÓIL

 

 

 

 

 

F03_99_99

 

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR BHEINSIMÍODASÓIL NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Fungaicídí bunaithe ar imíodasóil agus ar thrí-asóil

F04

 

 

 

 

 

 

F04_01

FUNGAICÍDÍ CONASÓIL

 

 

 

 

 

F04_01_01

 

DÉTHREASANÓL

55179-31-2

386

 

 

F04_01_02

 

BRÓMACONASÓL

116255-48-2

680

 

 

F04_01_03

 

CIPREACONASÓL

94361-06-5

600

 

 

F04_01_04

 

DÉFHEANACONASÓL

119446-68-3

687

 

 

F04_01_05

 

EAPOCSACONASÓL

106325-08-0

609

 

 

F04_01_06

 

EITRÍDHÉ-ASÓL

2593-15-9

518

 

 

F04_01_07

 

FEANBÚCONASÓL

114369-43-6

694

 

 

F04_01_08

 

FLUCUINEONASÓL

136426-54-5

474

 

 

F04_01_09

 

FLUISIOLASÓL

85509-19-9

435

 

 

F04_01_10

 

FLUTRÍAFÓL

76674-21-0

436

 

 

F04_01_11

 

IOMASAILIL (EINEALCONASÓL)

35554-44-0

335

 

 

F04_01_12

 

IOPCONASÓL

125225-28-7

115850-69-6

115937-89-8

798

 

 

F04_01_13

 

MEATCONASÓL

125116-23-6

706

 

 

F04_01_14

 

MÍOCLÓBÚTAINIL

88671-89-0

442

 

 

F04_01_15

 

PEANCONASÓL

66246-88-6

446

 

 

F04_01_16

 

PRÓPACONASÓL

60207-90-1

408

 

 

F04_01_17

 

PRÓITIACONASÓL

178928-70-6

745

 

 

F04_01_18

 

TEABÚCONASÓL

107534-96-3

494

 

 

F04_01_19

 

TEITREACONASÓL

112281-77-3

726

 

 

F04_01_20

 

TRÍ-AIDHÉMHEANÓL

55219-65-3

398

 

 

F04_01_21

 

TRÍFHLUMASÓL

99387-89-0

730

 

 

F04_01_22

 

TRÍTHIACONASÓL

131983-72-7

652

 

 

F04_01_23

 

MEIFEINTRIOFLUCONASÓL

1417782-03-6

1004

 

 

F04_02

FUNGAICÍDÍ IMÍODASÓIL

 

 

 

 

 

F04_02_01

 

CIASÓFAIMID

120116-88-3

653

 

 

F04_02_02

 

FEANAIMÍODÓN

161326-34-7

650

 

 

F04_02_03

 

TRÍ-ASOCSAÍD

72459-58-6

729

 

 

F04_99

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR IMÍODASÓIL AGUS AR THRÍ-ASÓIL

 

 

 

 

 

F04_99_01

 

AIMEATOCHTRAIDIN

865318-97-4

818

 

 

F04_99_02

 

AIMÍOSULBRÓM

348635-87-0

789

 

 

F04_99_03

 

TRÍCHIOGLASÓL

41814-78-2

547

 

 

F04_99_99

 

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR IMÍODASÓIL AGUS AR THRÍ-ASÓIL NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Fungaicídí bunaithe ar mhoirfóilíní

F05

 

 

 

 

 

 

F05_01

FUNGAICÍDÍ MORFÓILÍN

 

 

 

 

 

F05_01_01

 

DÉMHEATOMORF

110488-70-5

483

 

 

F05_01_02

 

DÓDAMORF

1593-77-7

300

 

 

F05_01_03

 

FEANPRÓPAMORF

67564-91-4

427

 

 

F05_99

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR MHORFÓILÍNÍ

 

 

 

 

 

F05_99_99

 

FUNGAICÍDÍ EILE BUNAITHE AR MHORFÓILÍNÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Fungaicídí de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch

F06

 

 

 

 

 

 

F06_01

FUNGAICÍDÍ MICRIBHITHEOLAÍOCHA

 

 

 

 

 

F06_01_01

 

TRÉITHCHINEÁL AQ10 AMPELOMYCES QUISQUALIS

 

589

 

 

F06_01_021

 

TRÉITHCHINEÁL DSM 14940 AUREOBASIDIUM PULLULANS

 

809

 

 

F06_01_022

 

TRÉITHCHINEÁL DSM 14941 AUREOBASIDIUM PULLULANS

 

810

 

 

F06_01_03

 

TRÉITHCHINEÁL AQ 713 BACILLUS AMYLOLIQUEFACIENS (SUBTILIS QST 713 ROIMHE SEO)

 

661

 

 

F06_01_04

 

TRÉITHCHINEÁL CON/M/91-08 CONIOTHYRIUM MINITANS

 

614

 

 

F06_01_05

 

TRÉITHCHINEÁL J1446 CLONOSTACHYS ROSEA (GLIOCLADIUM CATENULATUM ROIMHE SEO)

 

624

 

 

F06_01_08

 

TRÉITHCHINEÁL MA342 PSEUDOMONAS CHLORORAPHIS

 

574

 

 

F06_01_09

 

PSEUDOZYMA FLOCCULOSA

 

669

 

 

F06_01_111

 

TRÉITHCHINEÁL T-22 TRICHODERMA HARZIANUM

 

1007

 

 

F06_01_112

 

TRÉITHCHINEÁL MHÍR 908 TRICHODERMA HARZIANUM

 

1008

 

 

F06_01_12

 

TRÉITHCHINEÁL O CANDIDA OLEOPHILA

 

947

 

 

F06_01_141

 

TRÉITHCHINEÁL FOC PG 410.3 PHLEBIOPSIS GIGANTEA

 

930

 

 

F06_01_142

 

TRÉITHCHINEÁL VRA 1835 PHLEBIOPSIS GIGANTEA

 

921

 

 

F06_01_143

 

TRÉITHCHINEÁL VRA 1984 PHLEBIOPSIS GIGANTEA

 

922

 

 

F06_01_15

 

TRÉITHCHINEÁL DSMZ 13134 PSEUDOMONAS SP.

 

935

 

 

F06_01_16

 

TRÉITHCHINEÁL M1 PYTHIUM OLIGANDRUM

 

936

 

 

F06_01_17

 

TRÉITHCHINEÁL K61 STREPTOMYCES (STREPTOMYCES GRISEOVIRIDIS ROIMHE SEO)

 

937

 

 

F06_01_181

 

TRÉITHCHINEÁL ICC012 TRICHODERMA ASPERELLUM (T. HARZIANUM ROIMHE SEO)

 

938

 

 

F06_01_182

 

TRÉITHCHINEÁL T25 TRICHODERMA ASPERELLUM (T. VIRIDE ROIMHE SEO)

 

1010

 

 

F06_01_183

 

TRÉITHCHINEÁL TV1 TRICHODERMA ASPERELLUM (T. VIRIDE ROIMHE SEO)

 

940

 

 

F06_01_19

 

TRICHODERMA ASPERELLUM (TRÉITHCHINEÁL T34)

 

941

 

 

F06_01_201

 

TRÉITHCHINEÁL IMI 206040 TRICHODERMA ATROVIRIDE (T. HARZIANUM ROIMHE SEO)

 

942

 

 

F06_01_202

 

TRÉITHCHINEÁL T11 TRICHODERMA ATROVIRIDE (T. HARZIANUM ROIMHE SEO)

 

943

 

 

F06_01_21

 

TRÉITHCHINEÁL I-1237 TRICHODERMA ATROVIRIDE

 

944

 

 

F06_01_22

 

TRÉITHCHINEÁL ICC080 TRICHODERMA GAMSII (T. VIRIDE ROIMHE SEO)

 

945

 

 

F06_01_23

 

TRICHODERMA POLYSPORUM (IMI 206039)

 

946

 

 

F06_01_24

 

TRÉITHCHINEÁL WCS850 VERTICILLIUM ALBO-ATRUM (VERTICILLIUM DAHLIAE ROIMHE SEO)

 

948

 

 

F06_01_25

 

TRÉITHCHINEÁL MBI 600 BACILLUS AMYLOLIQUEFACIENS

 

1011

 

 

F06_01_26

 

TRÉITHCHINEÁL FZB24 BACILLUS AMYLOLIQUEFACIENS

 

1012

 

 

F06_01_27

 

TRÉITHCHINEÁL LAS02 SACCHAROMYCES CEREVISIAE

 

1016

 

 

F06_01_28

 

TRÉITHCHINEÁL SC1 TRICHODERMA ATROVIRIDE

 

988

 

 

F06_01_29

 

TRÉITHCHINEÁL D747 BACILLUS AMYLOLIQUEFACIENS SUBSP. PLANTARUM

 

1013

 

 

F06_01_30

 

TRÉITHCHINEÁL 2808 BACILLUS PUMILUS QST

 

1014

 

 

F06_01_31

 

TRÉITHCHINEÁL NRRL Y-27328 METSCHNIKOWIA FRUCTICOLA

 

 

 

 

F06_01_32

 

STREPTOMYCES LYDICUS WYEC 108

 

 

 

 

F06_01_33

 

ABE-IT 56

 

 

 

 

F06_01_34

 

TRÉITHCHINEÁL IAB/BS03 BACILLUS SUBTILIS

 

 

 

 

F06_01_35

 

TRÉITHCHINEÁL MUCL 54911 ASPERGILLUS FLAVUS

 

 

 

 

F06_01_36

 

VERTICILLIUM NONALFAFAE

 

 

 

 

F06_02

FUNGAICÍDÍ LUIBHEOLAÍOCHA

 

 

 

 

 

F06_02_01

 

EOIGEANÓL

97-53-0

967

 

 

F06_02_02

 

GÉIRÉINIÓL

106-24-1

968

 

 

F06_02_03

 

TÍOMÓL

89-83-8

969

 

 

F06_02_04

 

ÚSC AS CRANN TAE

68647-73-4

914

 

 

F06_02_05

 

LAMANÁIRIN

9008-22-4

671

 

 

F06_02_06

 

FEN 560 (PÚDAR SÍL FEINIGRÉIG)

 

858

 

 

F06_02_07

 

ÚSC REYNOUTRIA SACCHALINENSIS

 

 

 

 

F06_99

FUNGAICÍDÍ EILE DE THIONSCNAMH MICRIBHITHEOLAÍOCH NÓ LUIBHEOLAÍOCH

 

 

 

 

 

F06_99_01

 

CEIRVIOSÁN

 

980

 

 

F06_99_99

 

FUNGAICÍDÍ EILE DE THIONSCNAMH MICRIBHITHEOLAÍOCH NÓ LUIBHEOLAÍOCH NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

 

F07

BAICTÉIRICÍDÍ

 

 

 

 

 

F07_01

BAICTÉIRICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA

 

 

 

 

 

F07_01_01

 

HIPEACLÓIRÍD SÓIDIAM

7681-52-9

848

 

 

F07_01_02

 

SULFÁIT ALÚMANAIM

10043-01-3

849

 

 

F07_99

BAICTÉIRICÍDÍ EILE

 

 

 

 

 

F07_99_01

 

CASÚGAIMÍCIN

6980-18-3

19408-46-9

703

 

 

F07_99_02

 

STREIPTIMÍCIN

57-92-1

312

 

 

F07_99_03

 

DÓIDEACAIHIODRÁIT SULFÁITE PHOTAISIAM ALÚMANAIM

7784-24-9

 

 

Fungaicídí agus baictéiricídí eile

F99

 

 

 

 

 

 

F99_01

FUNGAICÍDÍ NÍTRIGINE ALAFATACHA

 

 

 

 

 

F99_01_01

 

CIAMOCSAINIL

57966-95-7

419

 

 

F99_01_02

 

DÓIDÍN

2439-10-3

101

 

 

F99_01_03

 

GUASAITÍN

108173-90-6

361

 

 

F99_02

FUNGAICÍDÍ AIMÍD

 

 

 

 

 

F99_02_01

 

CIAFLUIFEANAIMID

180409-60-3

759

 

 

F99_02_02

 

FLUAIPICILÍD

239110-15-7

787

 

 

F99_02_03

 

PRÓCLÓRAS

67747-09-5

407

 

 

F99_02_04

 

SILTIAFAM

175217-20-6

635

 

 

F99_02_05

 

SOCSAIMÍD

156052-68-5

640

 

 

F99_02_06

 

MANDAPRÓPAIMID

374726-62-2

783

 

 

F99_02_07

 

PEINTIAIPIORAD

183675-82-3

824

 

 

F99_02_08

 

BEINSIVINDÉFHLUIPIR

1072957-71-1

981

 

 

F99_02_09

 

ISIFEITIMÍD

875915-78-9

972

 

 

F99_02_10

 

MANDASTRÓIBIN

173662-97-0

 

 

 

F99_02_11

 

FLUAIPIORAM

658066-35-4

807

 

 

F99_03

FUNGAICÍDÍ ANAILÍDE

 

 

 

 

 

F99_03_01

 

BEANALACSAIL

71626-11-4

416

 

 

F99_03_02

 

BOSCAILID

188425-85-6

673

 

 

F99_03_03

 

CARBOCSAIN

5234-68-4

273

 

 

F99_03_04

 

FEINHEACSAIMÍD

126833-17-8

603

 

 

F99_03_05

 

FLUTOLAINIL

66332-96-5

524

 

 

F99_03_06

 

MEATALACSAIL-M

70630-17-0

580

 

 

F99_03_07

 

MEATALACSAIL

57837-19-1

365

 

 

F99_03_08

 

BEANALACSAIL-M

98243-83-5

766

 

 

F99_03_09

 

BICSIFEIN

581809-46-3

819

 

 

F99_03_12

 

ISIPIORASAM

881685-58-1

683777-13

683777-14-2

963

 

 

F99_03_13

 

FLUCSAIPIOROCSAD

907204-31-3

828

 

 

F99_03_14

 

PEANFLUIFEIN

494793-67-8

826

 

 

F99_03_15

 

SEADACSÁN

874967-67-6

599197-38-3

599194-51-1

833

 

 

F99_05

FUNGAICÍDÍ ARAMATACHA

 

 

 

 

 

F99_05_01

 

CLÓRATAILINIL

1897-45-6

288

 

 

F99_05_02

 

DÉCHLÓRÁN

99-30-9

150

 

 

F99_05_03

 

MEITILEISTEAR 2,5-AIGÉID DHÉCHLÓRAIBEANSÓCH

2905-69-3

686

 

 

F99_06

FUNGAICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE

 

 

 

 

 

F99_06_01

 

IOPRÓIDHÉ-ÓN

36734-19-7

278

 

 

F99_07

FUNGAICÍDÍ DÉNÍOTRANAILÍN

 

 

 

 

 

F99_07_01

 

FLUASANAM

79622-59-6

521

 

 

F99_08

FUNGAICÍDÍ DÉNÍTRIFEANÓIL

 

 

 

 

 

F99_08_01

 

DÉINEACAP

39300-45-3

98

 

 

F99_08_02

 

MEIPTILDÉINEACAP

6119-92-2

811

 

 

F99_09

FUNGAICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

 

 

 

 

 

F99_09_01

 

FOISEITIL

15845-66-6

384

 

 

F99_09_02

 

TOLCLÓFOS-MEITIL

57018-04-9

479

 

 

F99_10

FUNGAICÍDÍ OCSASÓIL

 

 

 

 

 

F99_10_01

 

FAMOCSADÓN

131807-57-3

594

 

 

F99_10_02

 

HIMEACSASÓL

10004-44-1

528

 

 

F99_10_03

 

OCSAITIAIPIOPRÓILÍN

1003318-67-9

985

 

 

F99_11

FUNGAICÍDÍ FEINILPIORÓIL

 

 

 

 

 

F99_11_01

 

FLUIDHÉ-OCSAINIL

131341-86-1

522

 

 

F99_12

FUNGAICÍDÍ TALAIMÍDE

 

 

 

 

 

F99_12_01

 

CAPTAN

133-06-2

40

 

 

F99_12_02

 

FOILPÉAD

133-07-3

75

 

 

F99_13

FUNGAICÍDÍ PIRIMIDÍN

 

 

 

 

 

F99_13_01

 

BÚIPIREAMÁIT

41483-43-6

261

 

 

F99_13_02

 

CIOPRÓIDÍNIL

121552-61-2

511

 

 

F99_13_03

 

MEAPAINIPIRIM

110235-47-7

611

 

 

F99_13_04

 

PIRIMEATAINIL

53112-28-0

714

 

 

F99_14

FUNGAICÍDÍ CUINEOILÍN

 

 

 

 

 

F99_14_01

 

8-HYDROXYQUINOLINE

148-24-3

677

 

 

F99_14_02

 

CUINEOCSAIFEIN

124495-18-7

566

 

 

F99_15

FUNGAICÍDÍ CUINEOIN

 

 

 

 

 

F99_15_01

 

DÉTHIANÓN

3347-22-6

153

 

 

F99_16

FUNGAICÍDÍ STRÓBALÚRACHA

 

 

 

 

 

F99_16_01

 

ASOCSASTRÓIBIN

131860-33-8

571

 

 

F99_16_02

 

DÉMHOCSASTRÓIBIN

149961-52-4

739

 

 

F99_16_03

 

FLUOCSASTRÓIBIN

361377-29-9

746

 

 

F99_16_04

 

CREASOCSAIM-MEITIL

143390-89-0

568

 

 

F99_16_05

 

PIOCOCSASTRÓIBIN

117428-22-5

628

 

 

F99_16_06

 

PIREACLÓSTRÓIBIN

175013-18-0

657

 

 

F99_16_07

 

TRÍFHLOCSASTRÓIBIN

141517-21-7

617

 

 

F99_16_08

 

FEINPIOCOCSAIMID (LISIRFEANVAILPIR ROIMHE SEO)

517875-34-2

991

 

 

F99_17

FUNGAICÍDÍ ÚIRÉ

 

 

 

 

 

F99_17_01

 

PEINCIOCÚRÓN

66063-05-6

402

 

 

F99_17_02

 

ÚIRÉ

57-13-6

913

 

 

F99_99

FUNGAICÍDÍ NEAMHAICMITHE

 

 

 

 

 

F99_99_01

 

2-FEINILFEANÓL (LENA N-ÁIRÍTEAR SALAINN AMHAIL SALANN SÓIDIAM)

90-43-7

246

 

 

F99_99_02

 

AICIBEANSÓLAR-S-MEITIL

135158-54-2

597

 

 

F99_99_04

 

AIGÉAD L-ASCORBACH

50-81-7

774

 

 

F99_99_05

 

AIGÉAD BEANSÓCH

65-85-0

622

 

 

F99_99_06

 

FEANPRÓIPIDÍN

67306-00-7

520

 

 

F99_99_08

 

MEITRIFEANÓN

220899-03-6

752

 

 

F99_99_09

 

PIRIÓIFEANÓN

688046-61-9

827

 

 

F99_99_10

 

SPIOROCSAIMÍN

118134-30-8

572

 

 

F99_99_11

 

CLÓIRÍD DÉDHEICILDHÉMHEITIOLAMÓINIAM

 

859

 

 

F99_99_12

 

PRÓCANAISÍD

189278-12-4

764

 

 

F99_99_13

 

VAILIFEANALÁIT (VAILIFEANAL ROIMHE SEO)

283159-90-0

857

 

 

F99_99_14

 

DÉSHUILFÍD DÉMHEITILE

624-92-0

 

 

 

F99_99_15

 

COS-OGA

 

979

 

 

F99_99_16

 

FLÚITIAINIL

958647-10-4

835

 

 

F99_99_17

 

FEINPIORASAIMÍN

473798-59-3

832

 

 

F99_99_99

 

FUNGAICÍDÍ AGUS BAICTÉIRICÍDÍ EILE, NEAMHAICMITHE, NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

Luibhicídí, gas-scriostóirí agus scriostóirí caonaigh

 

PES_H

 

 

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar fheanocsa-fíteahormóin

H01

 

 

 

 

 

 

H01_01

LUIBHICÍDÍ FEANOCSACHA

 

 

 

 

 

H01_01_01

 

2,4-D

94-75-7

1

 

 

H01_01_02

 

2,4-DB

94-82-6

83

 

 

H01_01_03

 

DÉCHLÓRPRÓP-P

15165-67-0

476

 

 

H01_01_04

 

MCPA

94-74-6

2

 

 

H01_01_05

 

MCPB

94-81-5

50

 

 

H01_01_06

 

MEICEAPRÓP

7085-19-0

51

 

 

H01_01_07

 

MEICEAPRÓP-P

16484-77-8

475

 

 

H01_99

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR FHEANOCSA-FÍTEAHORMÓIN

 

 

 

 

 

H01_99_99

 

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR FHEANOCSA-FÍTEAHORMÓIN NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar thrí-aisíní agus ar thrí-aisíonóin

H02

 

 

 

 

 

 

H02_02

LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍNÍ

 

 

 

 

 

H02_02_01

 

TEARBÚITIOLAISÍN

5915-41-3

234

 

 

H02_02_02

 

HEICSISÍONÓN

51235-04-2

374

 

 

H02_03

LUIBHICÍDÍ TRÍ-AISÍONÓIN

 

 

 

 

 

H02_03_01

 

MEATAIMÍOTRÓN

41394-05-2

381

 

 

H02_03_02

 

MEITRÍBHÚISIN

21087-64-9

283

 

 

H02_99

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR THRÍ-AISÍNÍ AGUS AR THRÍ-AISÍONÓIN

 

 

 

 

 

H02_99_99

 

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR THRÍ-AISÍNÍ AGUS AR THRÍ-ASÓIN NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar aimídí agus ar anailídí

H03

 

 

 

 

 

 

H03_01

LUIBHICÍDÍ AIMÍDE

 

 

 

 

 

H03_01_01

 

BEAFLUBÚTAIMÍD

113614-08-7

662

 

 

H03_01_02

 

DÉMHEITÉANAIMÍD-P

163515-14-8

638

 

 

H03_01_03

 

IOSOCSAIBEIN

82558-50-7

701

 

 

H03_01_04

 

NAPRÓPAIMÍD

15299-99-7

271

 

 

H03_01_05

 

PEANOCSULAM

219714-96-2

758

 

 

H03_01_06

 

PEATOCSAIMÍD

106700-29-2

665

 

 

H03_01_07

 

PRÓIPIOSAIMÍD

23950-58-5

315

 

 

H03_01_08

 

PIOROCSULAM

422556-08-9

793

 

 

H03_02

LUIBHICÍDÍ ANAILÍDE

 

 

 

 

 

H03_02_01

 

DÉFHLUIFEINEACAN

83164-33-4

462

 

 

H03_02_02

 

FLORASULAM

145701-23-1

616

 

 

H03_02_03

 

FLUIFEANAICÉAT

142459-58-3

588

 

 

H03_02_04

 

MEATASACLÓR

67129-08-2

411

 

 

H03_02_05

 

MEATOSULAM

139528-85-1

707

 

 

H03_02_06

 

PRÓPAINIL

709-98-8

205

 

 

H03_03

LUIBHICÍDÍ CLÓRAICÉATANAILÍDE

 

 

 

 

 

H03_03_01

 

AICÉITEACLÓR

34256-82-1

496

 

 

H03_03_02

 

DÉMHÉITEACLÓR

50563-36-5

688

 

 

H03_03_03

 

PRÓIPISEACLÓR

86763-47-5

836

 

 

H03_03_04

 

S-MEITILEACLÓR

87392-12-9

178961-20-1

607

 

 

H03_03_05

 

PREITILEACLÓR

51218-49-6

711

 

 

H03_99

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR AIMÍDÍ AGUS AR ANAILÍDÍ

 

 

 

 

 

H03_99_99

 

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR AIMÍDÍ AGUS AR ANAILÍDÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar charbamáití agus ar bhioscarbamáití

H04

 

 

 

 

 

 

H04_01

LUIBHICÍDÍ BIOS-CARBAMÁITE

 

 

 

 

 

H04_01_01

 

CLÓRPRÓFAM

101-21-3

43

 

 

H04_01_02

 

DEISMEIDEAFAM

13684-56-5

477

 

 

H04_01_03

 

FEINMEIDEAFAM

13684-63-4

77

 

 

H04_02

LUIBHICÍDÍ CARBAMÁITE

 

 

 

 

 

H04_02_01

 

ASULAM

3337-71-1

240

 

 

H04_02_02

 

CAIRBEATAIMÍD

16118-49-3

95

 

 

H04_99

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR CHARBAMÁITÍ AGUS AR BHIOSCARBAMÁITÍ

 

 

 

 

 

H04_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR CHARBAMÁITÍ AGUS AR BHIOSCARBAMÁITÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar dhíorthaigh dhéníotranailín

H05

 

 

 

 

 

 

H05_01

LUIBHICÍDÍ DÉNÍOTRANAILÍN

 

 

 

 

 

H05_01_01

 

BEANFLURAILIN

1861-40-1

285

 

 

H05_01_02

 

PEINDÉMHEATAILIN

40487-42-1

357

 

 

H05_01_03

 

OIRÍOSAILIN

19044-88-3

537

 

 

H05_99

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR DHÍORTHAIGH DHÉNÍOTRANAILÍN

 

 

 

 

 

H05_99_99

 

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR DHÍORTHAIGH DHÉNÍOTRANAILÍN NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Luibhicídí bunaithe ar dhíorthaigh úiré, úraicile nó shulfóiniolúire

H06

 

 

 

 

 

 

H06_01

LUIBHICÍDÍ SULFÓINIOLÚIRE

 

 

 

 

 

H06_01_01

 

AIMÍDEASULFÚRÓN

120923-37-7

515

 

 

H06_01_02

 

ASAMSULFÚRÓN

120162-55-2

584

 

 

H06_01_03

 

BEANSULFÚRÓN-MEITIL

83055-99-6

502.201

 

 

H06_01_04

 

CLÓRSULFÚRÓN

64902-72-3

391

 

 

H06_01_05

 

EATOCSASULFÚRÓN

126801-58-9

591

 

 

H06_01_06

 

FLASASULFÚRÓN

104040-78-0

595

 

 

H06_01_07

 

FLUIPIORSULFÚRÓN-MEITIL

150315-10-9

1447440-54-5

577

 

 

H06_01_08

 

FORAMSULFÚRÓN

173159-57-4

659

 

 

H06_01_09

 

IOMASASULFÚRÓN

122548-33-8

590

 

 

H06_01_10

 

IADASULFÚRÓN (IADASULFÚRÓN-MEITIL-SÓIDIAM)

185119-76-0

144550-36-7

634

634.501

 

 

H06_01_11

 

MÉISEASULFÚRÓN (MÉISEASULFÚRÓN-MEITIL)

400852-66-6

208465-21-8

663

663.201

 

 

H06_01_12

 

MEATSULFÚRÓN-MEITIL

74223-64-6

441.201

 

 

H06_01_13

 

NICEASULFÚRÓN

111991-09-4

709

 

 

H06_01_14

 

OCSASULFÚRÓN

144651-06-9

626

 

 

H06_01_15

 

PRÓSULFÚRÓN

94125-34-5

579

 

 

H06_01_16

 

RIOMSULFÚRÓN

122931-48-0

716

 

 

H06_01_17

 

SULFASULFÚRÓN

141776-32-1

601

 

 

H06_01_18

 

TIFEANSULFÚRÓN-MEITIL

79277-27-3

452

 

 

H06_01_19

 

TRIASULFÚRÓN

82097-50-5

480

 

 

H06_01_20

 

TRÍBHEANÚRÓN (MÁTHAIRCHOMHDHÚIL)

106040-48-6

546

 

 

H06_01_21

 

TRÍFHLUSULFÚRÓN

126535-15-7

731

 

 

H06_01_22

 

TRÍTEASULFÚRÓN

142469-14-5

735

 

 

H06_01_23

 

ORTASULFAMÚRÓN

213464-77-8

781

 

 

H06_01_24

 

EITIMEATSULFÚRÓN-MEITIL

97780-06-8

834.201

 

 

H06_01_25

 

HALASULFÚRÓN-MEITIL

100784-20-1

785.201

 

 

H06_01_26

 

TRÍFHLOCSASULFÚRÓN

145099-21-4

617

 

 

H06_02

LUIBHICÍDÍ ÚRAICILE

 

 

 

 

 

H06_02_01

 

LEANACAIL

2164-08-1

163

 

 

H06_02_02

 

TEARBACAIL

5902-51-2

272

 

 

H06_03

LUIBHICÍDÍ ÚIRÉ

 

 

 

 

 

H06_03_01

 

CLÓRATOLÚRÓN

15545-48-9

217

 

 

H06_03_02

 

DÉ-ÚRÓN

330-54-1

100

 

 

H06_03_03

 

FLUAIMEATÚRÓN

2164-17-2

159

 

 

H06_03_04

 

ISEAPRÓTÚRÓN

34123-59-6

336

 

 

H06_03_05

 

LIONÚRÓN

330-55-2

76

 

 

H06_03_06

 

MEATABRÓMÚRÓN

3060-89-7

168

 

 

H06_99

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR DHÍORTAIGH ÚIRÉ, ÚRAICILE NÓ SHULFÓINIOLÚIRÉ

 

 

 

 

 

H06_99_99

 

LUIBHICÍDÍ EILE BUNAITHE AR DHÍORTAIGH ÚIRÉ, ÚRAICILE NÓ SHULFÓINIOLÚIRÉ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Luibhicídí eile

H99

 

 

 

 

 

 

H99_01

LUIBHICÍDÍ ARALOCSAIFEANOCSA-PRÓIPIANACHA

 

 

 

 

 

H99_01_01

 

CLÓIDINEAFOP

114420-56-3

683

 

 

H99_01_02

 

CIOHALAFAP-BUITIL

122008-85-9

596

 

 

H99_01_03

 

DÉCHLÓFOP (DÉCHLÓFOP-MEITIL)

40843-25-2

257-141-8

358

358.201

 

 

H99_01_04

 

FEANOCSAPRÓP-P

113158-40-0

484

 

 

H99_01_05

 

FLUASAFOP-P

83066-88-0

467

 

 

H99_01_06

 

HALOCSAFOP-P (EISTEAR MEITILE HALOCSAFOP-P)

95977-29-0

72619-32-0

526

526.201

 

 

H99_01_07

 

PRÓPACUISEAFOP

111479-05-1

713

 

 

H99_01_08

 

CUISEALAFOP-P

94051-08-8

641

 

 

H99_01_09

 

CUISEALAFOP-P-EITIL

100646-51-3

641.202

 

 

H99_01_10

 

CUISEALAFOP-P-TEAFURÓL

119738-06-6

641.226

 

 

H99_02

LUIBHICÍDÍ BEANSAFÚRÁIN

 

 

 

 

 

H99_02_01

 

EATFÚMASÁIT

26225-79-6

233

 

 

H99_03

LUIBHICÍDÍ AIGÉID BHEANSÓCH

 

 

 

 

 

H99_03_01

 

DÍCEAMBA

1918-00-9

85

 

 

H99_03_02

 

SÓIDIAM PIRTIABAIC

123343-16-8

 

 

 

H99_04

LUIBHICÍDÍ DÉPHIRIDILIAM

 

 

 

 

 

H99_04_01

 

DÉCHUAT

85-00-7

55

 

 

H99_05

LUIBHICÍDÍ CIOGLAIHEACSÁINDÉ-ÓIN

 

 

 

 

 

H99_05_01

 

CLEATAIDIM

99129-21-2

508

 

 

H99_05_02

 

CIOGLOCSAIDIM

101205-02-1

510

 

 

H99_05_03

 

PRÓFOCSAIDIM

139001-49-3

621

 

 

H99_05_04

 

TEIPREALOCSAIDIM

149979-41-9

608

 

 

H99_05_05

 

TRALOCSAIDIM

87820-88-0

544

 

 

H99_06

LUIBHICÍDÍ DÉ-AISÍN

 

 

 

 

 

H99_06_01

 

PIREADÁIT

55512-33-9

447

 

 

H99_07

LUIBHICÍDÍ DÉCHARBOCSAIMÍDE

 

 

 

 

 

H99_07_01

 

CINEADÓN-EITIL

142891-20-1

598

 

 

H99_07_02

 

FLUMOCSAISIN

103361-09-7

578

 

 

H99_08

LUIBHICÍDÍ ÉITIR DÉFHEINILE

 

 

 

 

 

H99_08_01

 

ACLÓINÍFEIN

74070-46-5

498

 

 

H99_08_02

 

DÉFHEANÓCS

42576-02-3

413

 

 

H99_08_03

 

OCSAIFLUAIRFEIN

42874-03-3

538

 

 

H99_09

LUIBHICÍDÍ IMÍODASÓILÍONÓIN

 

 

 

 

 

H99_09_01

 

IOMASAMOCS

114311-32-9

619

 

 

H99_10

LUIBHICÍDÍ NEAMHORGÁNACHA

 

 

 

 

 

H99_10_01

 

SULFÁIT IARAINN

7720-78-7

17375-41-6

7782-63-0

837

 

 

H99_11

LUIBHICÍDÍ ISEACSASÓIL

 

 

 

 

 

H99_11_01

 

ISEACSAFLOTÓL

141112-29-0

575

 

 

H99_11_02

 

TÓPRAMASÓN

210631-68-8

800

 

 

H99_13

LUIBHICÍDÍ NÍTRÍLE

 

 

 

 

 

H99_13_01

 

BRÓMOCSAINIL

1689-84-5

87

 

 

H99_13_02

 

DÉCHLÓIBEINIL

1194-65-6

73

 

 

H99_13_03

 

IANOCSAINIL

1689-83-4

3861-47-0

86

 

 

H99_14

LUIBHICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

 

 

 

 

 

H99_14_01

 

GLÚFOSANÁIT-AMÓINIAM

51276-47-2

77182-82-2

437

 

 

H99_14_02

 

GLIOFOSÁIT

1071-83-6

284

 

 

H99_15

LUIBHICÍDÍ FEINILPIORASÓIL

 

 

 

 

 

H99_15_01

 

PIONOCSAIDEIN

243973-20-8

776

 

 

H99_15_02

 

PIREAFLUIFEIN-EITIL

129630-19-9

605.202

 

 

H99_16

LUIBHICÍDÍ PIRIODAISÍONÓIN

 

 

 

 

 

H99_16_01

 

CLÓRADASÓN

1698-60-8

111

 

 

H99_16_02

 

FLURTAMÓN

96525-23-4

569

 

 

H99_17

LUIBHICÍDÍ PIRIDÍONCARBOCSAIMÍDE

 

 

 

 

 

H99_17_01

 

PICILIONAIFIN

137641-05-5

639

 

 

H99_18

LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDÍONCARBOCSAILIGH

 

 

 

 

 

H99_18_01

 

CLÓIPIRILID

1702-17-6

455

 

 

H99_18_02

 

PIOCLÓRAM

1918-02-1

174

 

 

H99_18_03

 

HALAICSIFEIN-MEITIL

943831-98-9

970.201

 

 

H99_18_04

 

AIMÍNIPIRILID

150114-71-9

771

 

 

H99_18_05

 

FLOIRPIRICSIFEIN-BEINSIL

1390661-72-9

990.227

 

 

H99_19

LUIBHICÍDÍ AIGÉID PHIRIDIOLOCSAICÉITIGH

 

 

 

 

 

H99_19_02

 

FLUROCSAIPIR

69377-81-7

431

 

 

H99_19_03

 

TRÍCHLÓIPIR

55335-06-3

376

 

 

H99_20

LUIBHICÍDÍ CUINEOILÍN

 

 

 

 

 

H99_20_01

 

CUINMEIREAC

90717-03-6

563

 

 

H99_20_02

 

CUINCLEORAC

84087-01-4

493

 

 

H99_21

LUIBHICÍDÍ TIAIDÉ-AISÍN

 

 

 

 

 

H99_21_01

 

BEANTASÓN

25057-89-0

366

 

 

H99_22

LUIBHICÍDÍ TIACARBAMÁITE

 

 

 

 

 

H99_22_01

 

MOLANÁIT

2212-67-1

235

 

 

H99_22_02

 

PRÓSULFACARB

52888-80-9

539

 

 

H99_22_03

 

TRÍ-ALLÁIT

2303-17-5

97

 

 

H99_23

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓIL

 

 

 

 

 

H99_23_01

 

AIMIOTRÓL

61-82-5

90

 

 

H99_24

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÍOLÓIN

 

 

 

 

 

H99_24_01

 

CAIRFEANTRASÓN-EITIL

128639-02-1

587.202

 

 

H99_25

LUIBHICÍDÍ TRÍ-ASÓLÓIN

 

 

 

 

 

H99_25_01

 

PRÓPOCSACARBASÓN (PRÓPOCSCARBASÓN-SÓIDIAM)

145026-81-9

181274-15-7

655

655.011

 

 

H99_25_02

 

TÍONCARBASÓN

317815-83-1

797

 

 

H99_26

LUIBHICÍDÍ TRÍCHÉATÓIN

 

 

 

 

 

H99_26_01

 

MEASAITRÍ-ÓN

104206-82-8

625

 

 

H99_26_02

 

SULCAITRÍ-ÓN

99105-77-8

723

 

 

H99_26_03

 

TEAMBAITRÍ-ÓN

335104-84-2

790

 

 

H99_99

LUIBHICÍDÍ NEAMHAICMITHE

 

 

 

 

 

H99_99_01

 

AIGÉAD AICÉITEACH

64-19-7

838

 

 

H99_99_02

 

BISPIREABAC

125401-75-4

748

 

 

H99_99_03

 

CLÓMASÓN

81777-89-1

509

 

 

H99_99_04

 

FLURACLÓRADÓN

61213-25-0

430

 

 

H99_99_05

 

OCSAIDÉ-AIRGIL

39807-15-3

604

 

 

H99_99_06

 

OCSAIDÉ-ASÓN

19666-30-9

213

 

 

H99_99_07

 

AIGÉAD PEILEARGÓNACH

112-05-0

888

 

 

H99_99_08

 

CUINEOCLAIMÍN

2797-51-5

648

 

 

H99_99_99

 

LUIBHICÍDÍ NEAMHAICMITHE EILE, GAS-SCRIOSTÓIRÍ AGUS SCRIOSTÓIRÍ CAONAIGH NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

Feithidicídí agus acairicídí

 

PES_I

 

 

 

 

 

Feithidicídí bunaithe ar phireatróidí

I01

 

 

 

 

 

 

I01_01

FEITHIDICÍDÍ PIREATRÓIDE

 

 

 

 

 

I01_01_01

 

AICRINITRIN

101007-06-1

678

 

 

I01_01_02

 

ALFA-CIPIRMEITRIN

67375-30-8

454

 

 

I01_01_03

 

BÉITE-CIAFLUAITRIN

68359-37-5

482

 

 

I01_01_04

 

DÉFHEINTRIN

82657-04-3

415

 

 

I01_01_05

 

CIAFLUAITRIN

68359-37-5

385

 

 

I01_01_06

 

CIPIRMEITRIN

52315-07-8

332

 

 

I01_01_07

 

DEILTEMHEITRIN

52918-63-5

333

 

 

I01_01_08

 

EISFEANVAILÉARÁIT

66230-04-4

481

 

 

I01_01_09

 

EATAFEANPROCS

80844-07-1

471

 

 

I01_01_10

 

GÁMA-CIAHALAITRIN

76703-62-3

768

 

 

I01_01_11

 

LAMBDA-CIAHALAITRIN

91465-08-6

463

 

 

I01_01_12

 

TÓ-FLUVAILIONÁIT

102851-06-9

786

 

 

I01_01_13

 

TEAFLUITRIN

79538-32-2

451

 

 

I01_01_14

 

ZÉITE-CIPIRMEITRIN

52315-07-8

733

 

 

I01_01_15

 

BÉITE-CIPIRMEITRIN

65731-84-2

72204-43-4

65732-07-2

83860-31-5

632

 

 

I01_99

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR PHIREATRÓIDÍ

 

 

 

 

 

I01_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR PHIREATRÓIDÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Feithidicídí bunaithe ar hidreacarbóin chlóirínithe

I02

 

 

 

 

 

 

I02_01

FEITHIDICÍDÍ DÉ-AIMÍDE ANTRAINILEACHA

 

 

 

 

 

I02_01_01

 

CIANTRAINILEAPRÓL

736994-63-1

998

 

 

I02_99

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR HIDREACARBÓIN CHLÓIRÍNITHE

 

 

 

 

 

I02_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR HIDREACARBÓIN CHLÓIRÍNITHE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Feithidicídí eile bunaithe ar charbamáití agus ar ocsaím-carbamáit

I03

 

 

 

 

 

 

I03_01

FEITHIDICÍDÍ OCSAÍM-CARBAMÁITE

 

 

 

 

 

I03_01_01

 

MEITIMIL

16752-77-5

264

 

 

I03_01_02

 

OCSAIMIL

23135-22-0

342

 

 

I03_02

FEITHIDICÍDÍ CARBAMÁITE

 

 

 

 

 

I03_02_01

 

FEANOCSACARB

79127-80-3

425

 

 

I03_02_02

 

FOIRMEITEANÁIT

23422-53-9

697

 

 

I03_02_03

 

MEITIACARB

2032-65-7

165

 

 

I03_02_04

 

PIRIMEACARB

23103-98-2

231

 

 

I03_99

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR CHARBAMÁIT AGUS AR OCSAÍM-CARBAMÁIT

 

 

 

 

 

I03_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR CHARBAMÁIT AGUS AR OCSAÍM-CARBAMÁIT NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Feithicidí bunaithe ar orgánafosfáití

I04

 

 

 

 

 

 

I04_01

FEITHIDICÍDÍ ORGÁNAFOSFAIR

 

 

 

 

 

I04_01_01

 

CLÓIRPIREAFOS

2921-88-2

221

 

 

I04_01_02

 

CLÓIRPIREAFOS-MEITIL

5589-13-0

486

 

 

I04_01_03

 

DÉMHEATÓÁIT

60-51-5

59

 

 

I04_01_04

 

EATAPRÓFOS

13194-48-4

218

 

 

I04_01_07

 

MALAITIAN

121-75-5

12

 

 

I04_01_08

 

FOISMEIT

732-11-6

318

 

 

I04_01_09

 

PIRIMEAFOS-MEITIL

29232-93-7

239

 

 

I04_01_10

 

DÉCHLÓRVOS

62-73-7

11

 

 

I04_99

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR ORGÁNAFOSFÁITÍ

 

 

 

 

 

I04_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ EILE BUNAITHE AR ORGÁNAFOSFÁITÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Feithidicídí de thionscnamh micribhitheolaíoch nó luibheolaíoch

I05

 

 

 

 

 

 

I05_01

FEITHIDICÍDÍ MICRIBHITHEOLAÍOCHA

 

 

 

 

 

I05_01_01

 

TRÉITHCHINEÁL BV-0001ADOXOPHYES ORANA GRANULOVIRUS

 

782

 

 

I05_01_03

 

TRÉITHCHINEÁL AM65-52 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. ISRAELIENSIS (SEIRITÍOPA H-14)

 

770

 

 

I05_01_04

 

TRÉITHCHINEÁL BIPESCO 5/F52 METARHIZIUM ANISOPLIAE VAR. ANISOPLIAE

 

1020

 

 

I05_01_05

 

TRÉITHCHINEÁL FE 9901 PAECILOMYCES FUMOSOROSEUS

 

778

 

 

I05_01_081

 

TRÉITHCHINEÁL ABTS-1857 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. AIZAWAI

 

949

 

 

I05_01_082

 

TRÉITHCHINEÁL GC-91 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. AIZAWAI

 

950

 

 

I05_01_091

 

TRÉITHCHINEÁL ABTS 351 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. KURSTAKI

 

951

 

 

I05_01_092

 

TRÉITHCHINEÁL PB 54 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. KURSTAKI

 

952

 

 

I05_01_093

 

TRÉITHCHINEÁL SA 11 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. KURSTAKI

 

953

 

 

I05_01_094

 

TRÉITHCHINEÁL SA 12 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. KURSTAKI

 

954

 

 

I05_01_095

 

TRÉITHCHINEÁL EG 2348 BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. KURSTAKI

 

955

 

 

I05_01_10

 

TRÉITHCHINEÁL NB 176 (TM 141) BACILLUS THURINGIENSIS SUBSP. TENEBRIONIS

 

956

 

 

I05_01_111

 

TRÉITHCHINEÁL ATCC 74040 BEAUVERIA BASSIANA

 

957

 

 

I05_01_112

 

TRÉITHCHINEÁL GHA BEAUVERIA BASSIANA

 

958

 

 

I05_01_12

 

CYDIA POMONELLA GRANULOVIRUS (CPGV)

 

959

 

 

I05_01_13

 

VÍREAS POLAIHÉADRÓISE NÚICLÉACH HELICOVERPA ARMIGERA (HEARNPV)

 

960

 

 

I05_01_14

 

TRÉITHCHINEÁL VE 6 LECANICILLIUM MUSCARIUM (VERTICILIUM LECANII ROIMHE SEO)

 

961

 

 

I05_01_15

 

VÍREAS POLAIHÉADRÓISE NÚICLÉACH SPODOPTERA LITTORALIS

 

962

 

 

I05_01_16

 

TRÉITHCHINEÁL 147 BEAUVERIA BASSIANA

 

1017

 

 

I05_01_17

 

TRÉITHCHINEÁL NPP111B005 BEAUVERIA BASSIANA

 

1018

 

 

I05_01_18

 

TRÉITHCHINEÁL APOPKA 97 ISARIA FUMOSOROSEA (PAECILOMYCES FUMOSOROSEUS ROIMHE SEO)

 

573

 

 

I05_01_19

 

VÍREAS POLAIHÉADRÓISE NÚICLÉACH SPODOPTERA EXIGUA

 

592

 

 

I05_01_20

 

TRÉITHCHINEÁL IMI389521 BEAUVERIA BASSIANA

 

 

 

 

I05_01_21

 

TRÉITHCHINEÁL PPRI 5339 BEAUVERIA BASSIANA

 

 

 

 

I05_01_22

 

BACULOVIRUS GV

 

 

 

 

I05_01_23

 

TRÉITHCHINEÁL BB1 BEAUVERIA BASSIANA

 

 

 

 

I05_01_24

 

BEAUVERIA BRONGNIARTII

 

 

 

 

I05_01_25

 

PHTHORIMAEA OPERCULELLA GRANULOVIRUS (PHOPGV)

 

 

 

 

I05_01_26

 

VÍREAS POLAIHÉADRÓISE NÚICLÉACH SPODOPTERA EXIGUA MULTICAPSID (SEMNPV)

 

 

 

 

I05_01_27

 

BEAUVERIA BASSIANA 203

 

 

 

 

I05_01_28

 

TRÉITHCHINEÁL CB15-III METARHIZIUM BRUNNEUM

 

 

 

 

I05_02

FEITHIDICÍDÍ LUIBHEOLAÍOCHA

 

 

 

 

 

I05_02_01

 

OLA ORÁISTE

8028-48-6

5989-27-5

902

 

 

I05_02_02

 

OLA TAGETES

 

903

 

 

I05_02_03

 

ASADARAICTIN

11141-17-6

627

 

 

I05_02_04

 

PIREATRONS

8003-34-7

32

 

 

I05_99

FEITHIDICÍDÍ EILE DE THIONSCNAMH MICRIBHITHEOLAÍOCH NÓ LUIBHEOLAÍOCH

 

 

 

 

 

I05_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ EILE DE THIONSCNAMH MICRIBHITHEOLAÍOCH NÓ LUIBHEOLAÍOCH NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Acairicídí

I06

 

 

 

 

 

 

I06_01

ACAIRICÍDÍ PIORASÓIL

 

 

 

 

 

I06_01_01

 

FEINPIOROCSAMÁIT

134098-61-6

695

 

 

I06_02

ACAIRICÍDÍ TEATRAISÍN

 

 

 

 

 

I06_02_01

 

CLÓIFEINTISÍN

74115-24-5

418

 

 

I06_02_02

 

FLUIFEINSIN

162320-67-4

734

 

 

I06_99

ACAIRICÍDÍ EILE

 

 

 

 

 

I06_99_01

 

AICÉACUINICIL

57960-19-7

760

 

 

I06_99_02

 

CIAFLUAIMEITIFEIN

400882-07-7

821

 

 

I06_99_99

 

ACAIRICÍDÍ EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Feithicídí eile

I99

 

 

 

 

 

 

I99_01

FEITHIDICÍDÍ ARNA dTÁIRGEADH TRÍ CHOIPEADH

 

 

 

 

 

I99_01_01

 

ABAIMEICTIN, AIVEIRMEICTIN B1A, AIVEIRMEICTIN B1B (ARNA SLOINNEADH MAR ABAIMEICTIN)

71751-41-2

65195-55-3

65195-56-4

495

 

 

I99_01_02

 

MILBIMEICTIN

51596-10-2

51596-11-3

660

 

 

I99_01_03

 

SPIONASAD

168316-95-8

131929-60-7

131929-63-0

636

 

 

I99_01_04

 

EIMIMEICTIN

119791-41-2

155569-91-8

791

 

 

I99_01_05

 

SPINEATORAM

935545-74-7

802

 

 

I99_03

FEITHIDICÍDÍ BEANSÓILÚIRÉ

 

 

 

 

 

I99_03_01

 

DÉFHLUIBEANSÚRÓN

35367-38-5

339

 

 

I99_03_02

 

FLUIFEANOCSÚRÓN

01463-69-8

470

 

 

I99_03_03

 

LÚIFEANÚRÓN

103055-07-8

704

 

 

I99_03_04

 

NÓVALÚRÓN

116714-46-6

672

 

 

I99_03_05

 

TEAFLUIBEANSÚRÓN

83121-18-0

450

 

 

I99_03_06

 

TRÍFHLUMÚRÓN

64628-44-0

548

 

 

I99_04

FEITHIDICÍDÍ CARBASÁITE

 

 

 

 

 

I99_04_01

 

DÉFHEANASÁIT

149877-41-8

736

 

 

I99_05

FEITHIDICÍDÍ DIAISILHIODRAISÍN

 

 

 

 

 

I99_05_01

 

MEATOCSAIFEINISÍDE

161050-58-4

656

 

 

I99_05_02

 

TEABÚIFEANÓISÍDE

112410-23-8

724

 

 

I99_05_03

 

CRÓMAIFEINISÍD

143807-66-3

775

 

 

I99_06

RIALAITHEOIRÍ FÁIS FEITHIDÍ

 

 

 

 

 

I99_06_01

 

CIORAMAISÍN

66215-27-8

420

 

 

I99_06_02

 

BÚPRÓIFISIN

953030-84-7

681

 

 

I99_06_03

 

HEICSITIASOCS

78587-05-0

439

 

 

I99_08

FEITHIDICÍDÍ NÍTREAGUAINIDÍN

 

 

 

 

 

I99_08_01

 

CLÓITIAINÍDIN

210880-92-5

738

 

 

I99_08_02

 

TIAIMEATOCSAM

153719-23-4

637

 

 

I99_09

FEITHIDICÍDÍ ORGANAITÍN

 

 

 

 

 

I99_09_01

 

OCSAÍD FEANBÚTAITINE

13356-08-6

359

 

 

I99_10

FEITHIDICÍDÍ OCSAIDÉ-AISÍN

 

 

 

 

 

I99_10_01

 

IONDOCSACARB

173584-44-6

612

 

 

I99_11

FEITHIDICÍDÍ FEINIL-ÉITIR

 

 

 

 

 

I99_11_01

 

PIREAPROCSAIFEIN

95737-68-1

715

 

 

I99_12

FEITHIDICÍDÍ (FEINIL-) PIORASÓIL

 

 

 

 

 

I99_12_02

 

FIPRINIL

120068-37-3

581

 

 

I99_12_03

 

TEABÚIFEINPIORAD

119168-77-3

725

 

 

I99_12_04

 

CLÓRANTRAINILEAPRÓL

500008-45-7

794

 

 

I99_13

FEITHIDICÍDÍ PIRIDÍN

 

 

 

 

 

I99_13_01

 

PIMEATRÓISÍN

123312-89-0

593

 

 

I99_13_02

 

FLOINIOCAIMÍD (IKI-220)

158062-67-0

763

 

 

I99_13_03

 

SULFOCSAFLÓR

946578-00-3

820

 

 

I99_14

FEITHIDICÍDÍ PIRIDILMEITIOLAIMÍN

 

 

 

 

 

I99_14_01

 

AICÉATAIMÍPRID

135410-20-7

649

 

 

I99_14_02

 

IMÍODACLÓIPRID

138261-41-3

582

 

 

I99_14_03

 

TIACLÓIPRID

111988-49-9

631

 

 

I99_14_04

 

FLUIPIRIDHÉFHÚRÓN

951659-40-8

987

 

 

I99_15

FEITHIDICÍDÍ EISTIR SULFÁITE

 

 

 

 

 

I99_15_01

 

PRÓPÁIRGÍT

2312-35-8

216

 

 

I99_17

FEITHIDICÍDÍ AIGÉID THEATRÓNAIGH

 

 

 

 

 

I99_17_01

 

SPIRIDHÉCHLÓIFEIN

148477-71-8

737

 

 

I99_17_02

 

SPIRIMEISIFEIN

283594-90-1

747

 

 

I99_18

FEARAMÓIN LÉIPIDIPTEIRE SLABHRA DHÍRIGH MEALLTÓIRÍ FEITHIDÍ (SCLPS)

 

 

 

 

 

I99_18_01

 

(E,E)-8,10-DÓIDEACAIDHÉ-ÉIN-1-ÓL

33956-49-9

860

 

 

I99_18_02

 

AICÉATÁIT (Z)-9-DÓIDEICIN-1-ILE

16974-11-1

112-66-3

422

 

 

I99_18_03

 

AICÉATÁIT (Z)-8-DÓIDEICIN-1-ILE

28079-04-1

861

 

 

I99_18_04

 

AICÉATÁIT (2E,13Z)-OCTAIDEACAIDHÉ-ÉIN-1-ILE

86252-65-5

862

 

 

I99_18_05

 

AICÉATÁIT (7E,9E)-DÓIDEACAIDÉ-ÉIN 1-ILE

54364-63-5

863

 

 

I99_18_06

 

AICÉATÁIT (7E,9Z)-DÓIDEACAIDHÉ-ÉIN 1-ILE

55774-32-8

864

 

 

I99_18_07

 

AICÉATÁIT (7Z,11E)-HEICSIDEACAIDHÉ-ÉIN-1-ILE

51606-94-4

865

 

 

I99_18_08

 

AICÉATÁIT (7Z,11Z)-HEICSIDÉCHEIDÉIN-1-ILE

53042-79-8

52207-99-5

866

 

 

I99_18_09

 

AICÉATÁIT (9Z,12E)-TEITRIDEACADHÉ-ÉIN-1-ILE

31654-77-0

867

 

 

I99_18_10

 

AICÉATÁIT (E)-11-TEITRIDEICIN-1-ILE

33189-72-9

868

 

 

I99_18_11

 

(E)-5-DEICIN-1-ÓL

56578-18-8

869

 

 

I99_18_12

 

AICÉATÁIT (E)-5-DEICIN-1-ILE

38421-90-8

870

 

 

I99_18_13

 

AICÉATÁIT(E)-8-DÓIDEICIN-1-ILE

38363-29-0

871

 

 

I99_18_14

 

AICÉATÁIT (E/Z)-8-DÓIDEICIN-1-ILE

38363-29-0

28079-04-1

872

 

 

I99_18_15

 

AICÉATÁIT (Z)-11-HEICSIDEICIN-1-ÓIL

56683-54-6

873

 

 

I99_18_16

 

AICÉATÁIT (Z)-11-HEICSIDEICIN-1-ILE

34010-21-4

874

 

 

I99_18_17

 

(Z)-11-HEICSIDEICIONAL

53939-28-9

875

 

 

I99_18_18

 

AICÉATÁIT (Z)-11-TEITRIDEICIN-1-ILE

20711-10-8

876

 

 

I99_18_19

 

(Z)-13-OCTAIDEICIONAL

58594-45-9

878

 

 

I99_18_20

 

(Z)-7-TEITRIDEICIONAL

65128-96-3

879

 

 

I99_18_21

 

(Z)-8-DÓIDEICIN-1-ÓL

40642-40-8

880

 

 

I99_18_22

 

(Z)-9-HEICSIDEICIONAL

56219-04-6

881

 

 

I99_18_23

 

AICÉATÁIT (Z)-9-TEITRIDEICIN-1-ILE

16725-53-4

882

 

 

I99_18_24

 

AICÉATÁIT DÓIDEICILE

112-66-3

884

 

 

I99_18_25

 

TEITRIDEACÁN-1-OL

112-72-1

856

 

 

I99_18_26

 

DÓIDEACÁN-1-OL

112-53-8

 

 

 

I99_18_27

 

AICÉATÁIT (E/Z)-9-DÓIDEICIN-1-ILE

16974-34-8

 

 

 

I99_18_28

 

AICÉATÁIT (E,Z,Z)-3,8,11-TEITRIDEACAITRÍ-ÉIN-1-ILE

163041-94-9

 

 

 

I99_18_29

 

AICÉATÁIT (E,Z)-3,8-TEITRIDEACADHÉ-ÉIN-1-ILE

 

 

 

 

I99_18_30

 

N-TEITRIDEICIOLAICÉATÁIT

638-59-5

 

 

 

I99_18_31

 

AICÉATÁIT (Z,E)-9,11-TEITRIEACADHÉ-ÉIN-1-ILE

50767-79-8

 

 

 

I99_18_32

 

AICÉATÁIT (E,Z)-3,13-OCTAIDHEACADHÉ-ÉINILE

53120-26-6

 

 

 

I99_18_33

 

AICÉATÁIT (Z,Z)-3,13-OCTAIDHEACADHÉ-ÉIN

53120-26-7

 

 

 

I99_18_34

 

AICÉATÁIT N-HEICSIDICIONAIL

629-70-9

 

 

 

I99_18_35

 

(Z)-8-TEITRIDEICIN-1-ÓL

64470-32-2

 

 

 

I99_18_36

 

AICÉATÁIT (Z)-8-TEITRIDEICIN-1-ILE

35835-80-4

 

 

 

I99_18_37

 

AICÉATÁIT (E,E)-8,10-DÓIDEACAIDHÉ-ÉIN-1-ILE

53880-51-6

 

 

 

I99_19

MEALLTÓIRÍ FEITHIDÍ EILE

 

 

 

 

 

I99_19_01

 

AICÉATÁIT AMÓINIAM

631-61-8

 

 

 

I99_19_02

 

PÚTRAISCÍN (1,4-DÉ-AIMÍNEABÚTÁIN)

110-60-1

842

 

 

I99_19_03

 

HIODRA-CLÓIRÍD TRÍMHEITIOLAIMÍN

593-81-7

848

 

 

I99_19_04

 

AICÉATÁIT (Z)-13-HEICSIDEICIN-11YN-1-ILE

78617-58-0

 

 

 

I99_19_05

 

ISEABÚTARÁIT (Z,Z,Z,Z)-7,13,16,19-DOCÓSAI-TEITRÉIN-1-ILE

135459-81-3

883

 

 

I99_19_06

 

RIOSCALÚR

67601-06-3

 

 

 

I99_19_07

 

PRÓITÉINÍ HIDREALAITHE

 

901

 

 

I99_19_08

 

SEINICÍÓ-ÁIT LAVANDAILILE

23960-07-8

 

 

 

I99_19_09

 

AICÉATÁIT (Z)-3-MEITIL-6-ISEAPRÓIPEINIL-9-DEICIN-1-ILE

67601-06-3

 

 

 

I99_19_10

 

2,6,6-TRÍMHEITILDHÉCHIOCLA[3.1.1]HEIPT-2-ÉIN (ALFA-PEININ)

7785-70-8

 

 

 

I99_19_11

 

NÓNÁN 2-EITIL-1,6-DÉ-OCSAISPIORÓ (4,4) (CALCÓGRÁN)

38401-84-2

 

 

 

I99_19_12

 

2-METHYL-3-BUTEN-2-OL

115-18-4

 

 

 

I99_19_13

 

2-MEITIL-6-MEITILÉIN-2,7-OCHTAIDHÉ-ÉIN-4-ÓL (IPSDÍONÓL)

14434-41-4

 

 

 

I99_19_14

 

4,6,6-TRÍMHEITIL-DÉCHIOGLA[3.1.1]HEIPT-3-ÉIN-ÓL,((S)-CIS-VEIRBEANÓL)

1845-30-3

 

 

 

I99_19_15

 

PRÓPÁNÓÁIT 8-MEITIL-2-DEICEANÓIL

81931-28-4

 

 

 

I99_99

FEITHIDICÍDÍ-ACAIRICÍDÍ NEAMHAICMITHE

 

 

 

 

 

I99_99_03

 

EATOCSASÓL

153233-91-1

623

 

 

I99_99_04

 

AIGÉID SHAILLEACHA C7-C18 AGUS SALAINN PHOTAISIAM NEAMHSHÁITHITHE

67701-09-1

889

 

 

I99_99_05

 

AIGÉID SHAILLEACHA C8-C10 EISTIR MHEITILE

85566-26-3

890

 

 

I99_99_06

 

FEANASACUIN

120928-09-8

693

 

 

I99_99_07

 

KIESELGUHR (CRÉ DHIATÓMÚIL)

61790-53-2

647

 

 

I99_99_08

 

AIGÉAD LÁRACH

143-07-7

885

 

 

I99_99_09

 

MEITEAFLUMASÓN

139968-49-3

779

 

 

I99_99_10

 

DEICEANÓÁIT MHEITILE

110-42-9

892

 

 

I99_99_11

 

OCHTÁNÓÁIT MHEITILE

111-11-5

893

 

 

I99_99_12

 

AIGÉAD OILÉACH

112-80-1

894

 

 

I99_99_13

 

OLA PHAIRIFÍN (CAS 64742-46-7)

64742-46-7

896

 

 

I99_99_14

 

OLA PHAIRIFÍN (CAS 72623-86-0)

72623-86-0

897

 

 

I99_99_15

 

OLA PHAIRIFÍN (CAS 8042-47-5)

8042-47-5

898

 

 

I99_99_16

 

OLA PHAIRIFÍN (CAS 97862-82-3)

97862-82-3

899

 

 

I99_99_17

 

FOSFÁN

7803-51-2

127

 

 

I99_99_18

 

PIRIDIBEIN

96489-71-3

583

 

 

I99_99_19

 

PIREADAILIL

179101-81-6

792

 

 

I99_99_20

 

SPIRITEITREAMAT

203313-25-1

795

 

 

I99_99_21

 

FLUAIRÍD SULFAIRILE

2699-79-8

757

 

 

I99_99_27

 

FOISFÍD ALÚMANAIM

20859-73-8

227

 

 

I99_99_28

 

FOISFÍD MHAIGNÉISIAM

12057-74-8

228

 

 

I99_99_29

 

DÉ-OCSAÍD CHARBÓIN

124-38-9

844

 

 

I99_99_30

 

MALTAIDEISTRIN

9050-36-6

801

 

 

I99_99_31

 

CUMASC TEIRPEANÓIDIGH QRD 460

 

982

 

 

I99_99_32

 

FLUIBEINDÉ-AIMÍD

272451-65-7

788

 

 

I99_99_33

 

EITINDÉNITRIL

460-19-5

 

 

 

I99_99_99

 

FEITHIDICÍDÍ-ACAIRICÍDÍ NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

Moilisc-icídí

 

PES_M

 

 

 

 

 

Moiliscicídí

M01

 

 

 

 

 

 

M01_01

MOILISCICÍDÍ

 

 

 

 

 

M01_01_01

 

FOSFÁIT FHEIREACH

10045-86-0

629

 

 

M01_01_03

 

MEATAILDÉAD

108-62-3

9002-91-9

62

 

 

M01_01_04

 

PIREAFOSFÁIT FHEIREACH

10058-44-3

 

 

 

M01_01_99

 

MOILISCICÍDÍ EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

Rialaitheoirí fáis plandaí

 

PES_PGR

 

 

 

 

 

Rialaitheoirí fiseolaíocha fáis plandaí

PGR01

 

 

 

 

 

 

PGR01_01

RIALAITHEOIRÍ FISEOLAÍOCHA FÁIS PLANDAÍ

 

 

 

 

 

PGR01_01_01

 

1-METHYLCYCLOPROPENE

3100-04-7

767

 

 

PGR01_01_02

 

CLÓIRMEQUAT AGUS CLÓIRÍD CLÓIRMEQUAT (ARNA SLOINNEADH MAR CHLÓRMACAT)

7003-89-6

999-81-5

143

143.302

 

 

PGR01_01_03

 

CIOCLANAILÍD

113136-77-9

586

 

 

PGR01_01_04

 

DAIMINISÍD

1596-84-5

330

 

 

PGR01_01_05

 

EITEAFÓN

16672-87-0

373

 

 

PGR01_01_06

 

EATOCSACUIN

91-53-2

517

 

 

PGR01_01_07

 

EITILÉIN

74-85-1

839

 

 

PGR01_01_08

 

FORCLÓIRFEANÚRÓN

68157-60-8

633

 

 

PGR01_01_09

 

AIGÉAD GIBRILINE

77-06-5

307

 

 

PGR01_01_10

 

GIBRILINÍ

468-44-0

510-75-8

8030-53-3

904

 

 

PGR01_01_11

 

IMEASACUIN

81335-37-7

699

 

 

PGR01_01_12

 

HIODRAISÍD MHAILÉACH

123-33-1

310

 

 

PGR01_01_13

 

MEPIOCUAT

15302-91-7

440

 

 

PGR01_01_14

 

PACLABÚTRASÓL

76738-62-0

445

 

 

PGR01_01_15

 

PRÓIHEICSEAIDHÉ-ÓN-CAILCIAM

127277-53-6

567

567.020

 

 

PGR01_01_16

 

SÓIDIAM 5-NÍTREAGUACOLÁITE

67233-85-6

718

 

 

PGR01_01_17

 

SÓIDIAM O-NÍTRIFEANÓLÁITE

824-39-5

720

 

 

PGR01_01_18

 

SÓIDIAM P-NÍTRIFEANÓLÁITE

824-78-2

721

 

 

PGR01_01_19

 

TRÍNEICSEAPAC

104273-73-6

732

 

 

PGR01_01_20

 

DÉFHEINIOLAIMÍN

122-39-4

460

 

 

PGR01_01_21

 

FLÚRPRÍOMADÓL

56425-91-3

696

 

 

PGR01_01_22

 

FLUIMEITRILIN

62924-70-3

971

 

 

PGR01_01_23

 

TI-DHÉ-ASÚRÓN

51707-55-2

727

 

 

PGR01_99

RIALAITHEOIRÍ FISEOLAÍOCHA FÁIS PLANDAÍ EILE

 

 

 

 

 

PGR01_99_01

 

AIGÉAD 1-NAFTALAICÉITEACH (1-NAA)

86-87-3

313

 

 

PGR01_99_02

 

1-DECANOL

112-30-1

831

 

 

PGR01_99_03

 

1-NAFTALAICÉITIMÍD (1-NAD)

86-86-2

282

 

 

PGR01_99_04

 

2-AIGÉAD NAFTALOCSAICÉITEACH (2-NOA)

120-23-0

664

 

 

PGR01_99_05

 

6-BENZYLADENINE

1214-39-7

829

 

 

PGR01_99_06

 

CIANAIMÍD

420-04-2

685

 

 

PGR01_99_07

 

AIGÉAD INDILIOLBÚTRACH

133-32-4

830

 

 

PGR01_99_08

 

SINTIFEIN (DÁ nGAIRTEAR CINTIFEIN FREISIN)

130561-48-7

717

 

 

PGR01_99_09

 

1,4-DÉMHEITIOLNAFTAILÉIN

571-58-4

822

 

 

PGR01_99_10

 

TIOSÚLFÁIT AIRGID SÓIDIAM

 

762

 

 

PGR01_99_11

 

AIGÉAD S-SCOITEACH

21293-29-8

 

 

 

PGR01_99_99

 

RIALAITHEOIRÍ FISEOLAÍOCHA FÁIS PLANDAÍ EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Táirgí frithphéactha

PGR02

 

 

 

 

 

 

PGR02_02

TÁIRGÍ FRITHPHÉACTHA

 

 

 

 

 

PGR02_02_01

 

CARVÓN

2244-16-8

602

 

 

PGR02_99

TÁIRGÍ FRITHPHÉACTHA EILE

 

 

 

 

 

PGR02_99_99

 

TÁIRGÍ FRITHPHÉACTHA EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Rialaitheoirí fáis plandaí eile

PGR03

 

 

 

 

 

 

PGR03_99

RIALAITHEOIRÍ FÁIS PLANDAÍ EILE

 

 

 

 

 

PGR03_99_01

 

ÚSC ALGAÍ FARRAIGE (ÚSC ALGAÍ FARRAIGE AGUS FEAMAINN ROIMHE SEO)

 

920

 

 

PGR03_99_99

 

RIALAITHEOIRÍ FÁIS PLANDAÍ EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

Táirgí cosanta plandaí eile

 

PES_ZR

 

 

 

 

 

Olaí plandúla

ZR02

 

 

 

 

 

 

ZR02_01

OLAÍ PLANDÚLA

 

 

 

 

 

ZR02_01_01

 

OLAÍ PLANDA/OLA CITRONELLA

8000-29-1

905

 

 

ZR02_01_02

 

OLAÍ PLANDA/OLA CLÓIBH

84961-50-2

97-53-0

906

 

 

ZR02_01_03

 

OLAÍ PLANDA/OLA RÁIBE

8002-13-9

907

 

 

ZR02_01_04

 

OLAÍ PLANDA/OLA CARTLAINNE GARRAÍ

8008-79-5

908

 

 

ZR02_01_99

 

OLAÍ PLANDÚLA EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Steirileáin ithreach (lena n-áirítear néimeataicídí)

ZR03

 

 

 

 

 

 

ZR03_01

BRÓIMÍD MHEITILE

 

 

 

 

 

ZR03_01_01

 

BRÓIMÍD MHEITILE

74-83-9

128

 

 

ZR03_02

NÉIMEATAICÍDÍ BITHEOLAÍOCHA

 

 

 

 

 

ZR03_02_01

 

TRÉITHCHINEÁL 251 PAECILOMYCES LILACINUS

 

753

 

 

ZR03_02_02

 

TRÉITHCHINEÁL I-1582 BACILLUS FIRMUS

 

1015

 

 

ZR03_02_03

 

PASTEURIA NISHIZAWAE PN1

 

 

 

 

ZR03_02_99

 

NÉIMEATAICÍDÍ BITHEOLAÍOCHA EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

 

ZR03_03

NÉIMEATAICÍDÍ ORGÁNAFOSFÁIR

 

 

 

 

 

ZR03_03_01

 

FEANAIMÍOFOS

22224-92-6

692

 

 

ZR03_03_02

 

FOISTIASÁIT

98886-44-3

585

 

 

ZR03_03_99

 

NÉIMEATAICÍDÍ ORGÁNAFOSFÁIR EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

 

ZR03_99

STEIRILEÁIN ITHREACH EILE

 

 

 

 

 

ZR03_99_01

 

1,3-DÉCHLÓRAPRÓIPÉIN

542-75-6

675

 

 

ZR03_99_02

 

CLÓRAIPICRIN

76-06-2

298

 

 

ZR03_99_03

 

DASAIMEIT

533-74-4

146

 

 

ZR03_99_04

 

MEATAM

144-54-7

20

 

 

ZR03_99_99

 

STEIRILEÁIN ITHREACH EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Creimiricídí

ZR04

 

 

 

 

 

 

ZR04_01

CREIMIRICÍDÍ

 

 

 

 

 

ZR04_01_01

 

FOISFÍD CHAILCIAM

1305-99-3

505

 

 

ZR04_01_02

 

DÉFHEANACÚM

56073-07-5

514

 

 

ZR04_01_03

 

VARFAIRIN

81-81-2

70

 

 

ZR04_01_04

 

FOISFÍD SINCE

1314-84-7

69

 

 

ZR04_01_05

 

BRÓMAIDÉ-ÓLÓN

28772-56-7

371

 

 

ZR04_01_06

 

CLÓRAFAICINEON

3691-35-8

208

 

 

ZR04_01_99

 

CREIMIRICÍDÍ EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

Na táirgí cosanta plandaí eile uile

ZR99

 

 

 

 

 

 

ZR99_01

DÍGHALRÁIN

 

 

 

 

 

ZR99_01_99

 

DÍGHALRÁIN EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

 

ZR99_02

ÉARTHAIGH

 

 

 

 

 

ZR99_02_01

 

SULFÁIT AMÓINIAM ALÚMANAIM

7784-26-1

7784-25-0

840

 

 

ZR99_02_02

 

SILICÉAT ALÚMANAIM (DÁ nGAIRTEAR CAOILÍN FREISIN)

1332-58-7

841

 

 

ZR99_02_03

 

MIN FOLA

90989-74-5

909

 

 

ZR99_02_04

 

CAIRBÍD CHAILCIAM

75-20-7

910

 

 

ZR99_02_05

 

CARBÓNÁIT CHAILCIAM

471-34-1

843

 

 

ZR99_02_06

 

BEANSÓÁIT DÍNÁDÓINIAM

3734-33-6

845

 

 

ZR99_02_07

 

AOLCHLOCH

1317-65-3

852

 

 

ZR99_02_08

 

CÉATÓN MEITILE NAOINILE

112-12-9

846

 

 

ZR99_02_09

 

GAINEAMH GRIANCHLOICHE

14808-60-7

7637-86-9

855

 

 

ZR99_02_10

 

ÉARTHAIGH BHOLAIGH/TALLOLA AMH

8002-26-4

911

 

 

ZR99_02_11

 

ÉARTHAIGH BHOLAIGH/PIC TALLOLA

8016-81-7

912

 

 

ZR99_02_12

 

ALÚMANAISILEACÁIT SÓIDIAM

1344-00-9

850

 

 

ZR99_02_13

 

IARMHAIR Ó DHRIOGADH SAILLE

 

915

 

 

ZR99_02_14

 

ÉARTHAIGH BHOLAIDH/OLA ÉISC

100085-40-3

918

 

 

ZR99_02_15

 

ÉARTHAIGH BHOLAIDH/SAILL MAIRTEOLA

98999-15-6

919

 

 

ZR99_02_16

 

ÚSC GAIRLEOIGE

8008-99-9

916

 

 

ZR99_02_17

 

PIOBAR

 

917

 

 

ZR99_02_99

 

ÉARTHAIGH EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 

 

 

ZR99_99

TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ EILE

 

 

 

 

 

ZR99_99_07

 

AIGÉAD CAPRACH

334-48-5

886

 

 

ZR99_99_08

 

AIGÉAD CAPRAILEACH

124-07-2

887

 

 

ZR99_99_12

 

HEIPTEAMALOCSALAGLÚCAN

870721-81-6

851

 

 

ZR99_99_24

 

VÍREAS MÓSÁICE BUÍ ZUCCHINI, TRÉITHCHINEÁL LAG

 

618

 

 

ZR99_99_34

 

VÍREAS MÓSÁICE PEPINO, TRÉITHCHINEÁL CH2, - AONRAÍOCH 1906

 

1019

 

 

ZR99_99_35

 

VÍREAS MÓSÁICE PEPINO LAG - AONRAÍOCH VC1

 

 

 

 

ZR99_99_36

 

VÍREAS MÓSÁICE PEPINO LAG - AONRAÍOCH VX1

 

 

 

 

ZR99_99_37

 

VÍREAS MÓSÁICE PEPINO (PEPMV) TRÉITHCHINEÁL EORPACH (AE), AONRAÍOCH LAG ABP1 (PEPMVO)

 

 

 

 

ZR99_99_38

 

VÍREAS MÓSÁICE PEPINO (PEPMV) TRÉITHCHINEÁL NA SILE (CH2), AONRAÍOCH LAG ABP2 (PEPMVO)

 

 

 

 

ZR99_99_39

 

ÚSC NÁDÚRTHA SÍL AS CAIMÉILIA SP.

 

 

 

 

ZR99_99_40

 

CUAISIN

 

 

 

 

ZR99_99_99

 

TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ EILE NACH N-AICMÍTEAR IN ÁIT AR BITH EILE

 

 


(1)  Uimhir chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán.

(2)  Comharchomhairle Idirnáisiúnta Anailíseach Lotnaidicídí

(3)  Comhiomlán deonach.

(4)  Comhiomlán deonach. Tabhair do d’aire go gcuirtear san áireamh crainn Nollag a chuirtear ar UAA (barra buana eile): https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Utilised_agricultural_area_(UAA) (ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).

(5)  Comhiomlán deonach. Tabhair do d’aire nach gcuirtear san áireamh san fhoraoiseacht crainn Nollag a chuirtear ar UAA (barra buana eile): https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Glossary:Utilised_agricultural_area_(UAA) (ar fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis).

(6)  Comhiomlán deonach.

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle ( IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(8)  Comhfhreagraíonn sé do Ghrúpa 1 den aicmiú ar tháscairí riosca comhchuibhithe, a shainítear i dTreoir 2009/128/CE de Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach. ( IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(9)  Comhfhreagraíonn sé do Ghrúpa 3 den aicmiú ar tháscairí riosca comhchuibhithe, a shainítear i dTreoir 2009/128/CE.

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta ( IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/51


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2011 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (‘an bun-Rialachán’) (1), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 24 Meán Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’, ‘DPS’ nó ‘an tír lena mbaineann’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an Fógra Tionscnaimh’).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis do Europacable (‘an gearánach’) gearán a dhéanamh thar ceann tháirgeoirí an Aontais. Is ag an ngearánach a bhí breis agus 25 de tháirgeacht fhoriomlán cáblaí snáthoptaice an Aontais. Sa ghearán bhí fianaise ar dhumpáil agus ar dhíobháil ábhartha dá dheasca sin, rud a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt leis an imscrúdú a thionscnamh.

(3)

An 21 Nollaig 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus chuir sé tús le himscrúdú ar leithligh. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3).

1.2.   Clárú allmhairí

(4)

Tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach agus an fhianaise riachtanach de thaca léi an 17 Nollaig 2020, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) ag bun-Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/548 an 29 Márta 2021 (‘an Rialachán clárúcháin’) (4).

1.3.   Páirtithe leasmhara

(5)

San Fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an gearánach, táirgeoirí aitheanta an Aontais, comhlachais aitheanta an Aontais, na táirgeoirí onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na Síne, na hallmhaireoirí aitheanta, na trádálaithe agus na húsáideoirí aitheanta ar an eolas go sonrach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(6)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara barúil a thabhairt ar thionscnamh an imscrúdaithe agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála. Bhí éisteachtaí ann leis an ngearánach agus le hallmhaireoir sampláilte amháin (Cable 77 Danmark ApS (‘Cable 77’)).

1.4.   Barúlacha maidir leis an tionscnamh

(7)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an tionscnamh ó Rialtas na Síne, ó Chomhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (‘CCCME’), ón ngearánach, agus ó allmhaireoir amháin (Connect Com GmbH (‘Connect Com’)).

(8)

Dúirt Com go raibh gá le tuilleadh eolais agus soiléiriú maidir leis an ngearán. Go háirithe, mhaígh sé nach raibh meathlú ar staid an mhargaidh i dtionscal an Aontais mar gheall ar allmhairí ar phraghas fabhrach ó Dhaon-Phoblacht na Síne ach mar gheall ar phraghsanna aistrithe inmheánacha atá sách ard d’idirbhearta idir cuideachtaí. Chomh maith leis sin, mhaígh Connect Com go raibh liosta na dtáirgeoirí an Aontais neamhiomlán sa ghearán. Ós rud é go mbaineann na tuairimí sin le substaint an cháis seachas le tionscnamh, tugtar aghaidh orthu thíos in aithris (415) agus in aithrisí (539) go (541).

(9)

Maidir leis na ceanglais shubstainteacha le haghaidh thionscnaimh an imscrúduithe, mhaígh CCCME go ndearna an gearánach measúnú díobhála neamhiomlán sa ghearán, toisc nár chuir an gearánach figiúirí ar fáil i dtaca le sé cinn de na cúig tháscaire dhéag maidir le díobháil a áirítear in Airteagal 3.4 de Chomhaontú Frithdhumpála EDT (‘ADA’) (go háirithe: táirgiúlacht, toradh ar infheistíocht, sreabhadh airgid, pá, fás agus an cumas caipiteal nó infheistíochtaí a bhailiú). Thairis sin, d’áitigh CCME gur theip ar an ngearánach aon sonraí iontaofa/inchomparáide a sholáthar maidir le praghsanna díola.

(10)

Mheabhraigh an Coimisiún, mar a thug an gearánach dá aire cheana ina fhreagra ar bharúlacha Rialtas na Síne agus CCCME, gurb é Airteagal 5.2 an caighdeán dlí is infheidhme maidir le himscrúdú frithdhumpála a thionscnamh agus gurb é Airteagal 3.4 den ADA caighdeán athbhreithnithe an údaráis imscrúdaithe, an Coimisiún sa chás seo. Dá bhrí sin, bhí sé de cheangal ar an ngearánach na ceanglais in Airteagal 5.2 den ADA, a léirítear in Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán, a chomhlíonadh. De bhrí, mar a thug CCCME le fios, go ndéantar tagairt in Airteagal 5.2 den ADA d’Airteagal 3.4 den ADA, agus go ndéantar tagairt in Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán d’Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán, níl sa tagairt sin ach tagairt léiritheach sa dá chás (‘amhail [tosca agus innéacsanna] a liostaítear i míreanna 2 agus 4 d’Airteagal 3’ agus ‘amhail[tosca agus innéacsanna] a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5)’) (5). Foráiltear le hAirteagal 5.2 den ADA agus le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán gur cheart fianaise ar na nithe seo a leanas a áireamh sa ghearán: a) dumpáil; b) díobháil; agus c) nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil líomhnaithe. Tugtar soiléiriú i gcásdlí an Aontais ‘nach gá do chainníocht agus cáilíocht na faisnéise a chuireann an gearánach ar fáil a bheith ag an leibhéal is gá chun réamh-chinneadh nó cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le dumpáil, díobháil nó nasc cúisíoch a bheith ann’ (6). Dá thoradh sin, ‘fianaise nach bhfuil leordhóthanach ó thaobh na cainníochta ná na cáilíochta de chun údar a thabhairt le réamhchinneadh nó cinneadh críochnaitheach maidir le dumpáil, díobháil nó cúisíocht, féadfaidh an fhianaise sin a bheith leordhóthanach mar sin féin chun bonn cirt a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh’ (7).

(11)

Mar fhreagra ar an maíomh gur theip ar an ngearánach sonraí iontaofa/i gcomparáid le praghsanna díola a thabhairt, chinn an Coimisiún go raibh an fhianaise bhunriachtanach agus achoimrí neamhrúnda uile na sonraí a cuireadh ar fáil faoi chlúdach rúnda sa leagan a bhí ar fáil lena iniúchadh ag páirtithe leasmhara an ghearáin chun a gcearta cosanta a fheidhmiú le linn an imeachta.

(12)

Le hAirteagal 19 den bhun-Rialachán agus le hAirteagal 6(5) den ADA is féidir faisnéis rúnda a chosaint i gcúinsí ina mbeadh buntáiste suntasach iomaíochta d’iomaitheoir dá nochtfaí an fhaisnéis sin nó ina ndéanfadh an nochtadh dochar suntasach do dhuine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó do dhuine óna bhfuair an duine sin an fhaisnéis.

(13)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na sonraí maidir le praghsanna díola sna catagóirí sin agus ghlac sé leis gur tháinig titim orthu. In aon chás, chuir na gearánaigh achoimre fhóinteach den fhaisnéis atá in iarscríbhinní teoranta an ghearáin ar fáil ionas go bhféadfadh páirtithe leasmhara ‘tuiscint réasúnta ar shubstaint na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún’ a bheith acu mar a leagtar amach in Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán. Rinne na gearánaigh achoimre leordhóthanach ar an bhfaisnéis maidir le praghsanna díola, gan sonraí íogaire a nochtadh a bhaineann go sonrach le cuideachta in iarscríbhinní 44b agus 67 den ghearán i measc cinn eile.

(14)

Mhaígh CCCME freisin nach raibh aon díobháil léirithe sa ghearán, toisc gur tháinig méadú ar tháirgeacht an Aontais agus nach bhfuil an laghdú beag ar an acmhainneacht táirgeachta a eascraíonn as neamhábaltacht thionscal an Aontais chun tomhaltas nuafhorbartha uile a sholáthar san Eoraip ina tháscaire ann féin ar dhíobháil ábhartha. Tháinig méadú ar mhéideanna díolachán freisin, agus coimeádann tionscal an Aontais sciar beagnach 80 den mhargadh agus tá an treocht bhrabúsachta doiléir agus ní thaispeántar an díobháil inti. I ndáil leis sin, d’fhreagair an gearánach go ndeachaigh an méadú ar thomhaltas an Aontais chun tairbhe d’allmhairí de chuid na Síne, nach bhfuil aon tábhacht leis an sciar den mhargadh atá fágtha maidir leis an measúnú ar an díobháil agus go dtiocfaidh éifeachtaí na dtairiscintí a ghnóthaigh táirgeoirí Síneacha chun cinn tar éis aga moille áirithe. D’fhreagair CCCME go léiríonn na sonraí maidir le tomhaltas, táirgeacht agus acmhainneacht táirgeachta go raibh tionscal an Aontais in ann an chuid is mó den mhéadú ar thomhaltas an Aontais a sholáthar, agus a ghnó á leathnú ag an am céanna.

(15)

Ina theannta sin, mhaígh CCCME nach raibh aon fhianaise sa ghearán maidir le nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte agus díobháil. Ar an gcéad dul síos, d’áitigh CCCME nach raibh aon chomhghaol ann idir allmhairí ón tSín agus forbairt thionscal an Aontais. Mar shampla, mhaígh CCCME go raibh an méadú is láidre ar bhrabúsacht i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse ina raibh an méadú is láidre ar an méid allmhairí ón tSín in 2017-2018. Ar an dara dul síos, tháinig méadú ar allmhairí tríú tíortha idir 2018 agus 2019, murab ionann agus allmhairí ón tSín, agus dá bhrí sin ní féidir a n-éifeacht a chur i leith na Síne, agus má tá díobháil ann, is féindíobháil í mar gheall ar fhreagairt mhall thionscal an Aontais ar ghluaiseachtaí an mhargaidh. Thug an gearánach freagra ar an maíomh sin ó CCME, ina luaitear gur féidir nasc cúisíoch a shuí, ós rud é gur tharla an díobháil agus an méadú ar allmhairí ón tSín ag an am céanna agus nár cuireadh allmhairí tríú tíortha san áireamh mar gheall air go raibh siad de minimis nó toisc nár léirigh siad aon fhianaise ar dhumpáil dhíobhálach. D’fhreagair CCCME, ag meabhrú go raibh an méadú is mó ar bhrabúsacht i dtionscal an Aontais le linn an mhéadaithe is láidre ar an méid allmhairí ón tSín in 2017-2018 agus nach raibh aon chomhghaol idir an méadú ar allmhairí ón tSín agus méideanna díola laghdaitheacha thionscal an Aontais. Ina ionad sin, maidir le hallmhairí tríú tíortha, thug CCCME le fios gur tháinig méadú ar líon iomlán allmhairí tríú tíortha agus gur tháinig laghdú ar allmhairí ón tSín idir 2018 agus 2019. Ar deireadh, thug CCCME faoi deara nár chuir an gearánach in aghaidh na n-argóintí gur léirigh beagnach gach táscaire díobhála sa ghearán treochtaí dearfacha agus gurbh é an tAontas ba chúis leis an díobháil é féin ag leibhéal áirithe ar a laghad.

(16)

Thairis sin, dúirt CCCME go ndearnadh áibhéil ar na sonraí allmhairiúcháin a chuir an gearánach i láthair toisc go raibh siad bunaithe ar thoimhde mhícheart ó thaobh méide de, rud a d’fhágfadh méadú saofa ar allmhairí. Go háirithe, go mbeadh laghdú ar allmhairí ón tSín in 2019 seachas méadú a bheith orthu. Ina theannta sin, bhí na ríomhanna sladghearrtha sa ghearán lochtach ós rud é nach raibh tagairt iontu ach d’aon onnmhaireoir amháin in aon tairiscint shonrach. I ndáil leis sin, d’fhreagair an gearánach gur cheart tréimhse níos faide a áireamh chun an méadú ar líon na n-allmhairí a mheas, rud nár chuir CCCME ina éadan agus a deimhníodh le sonraí tríú páirtí ó fhaisnéis mhargaidh (CRU), agus nach raibh na ríomhanna lochtach mar nach raibh de cheangal ar an ngearánach ach faisnéis a bhí ar fáil go réasúnta a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis ó roinnt táirgeoirí san Aontas agus sa tSín. D’fhreagair CCCME go raibh sé de dhualgas ar an ngearánach bunús a thabhairt lena mhaímh agus cruthúnas a chur ar fáil maidir le sonraí allmhairiúcháin agus gur tagairt do snáithíní optúla seachas do cháblaí snáthoptaice a bhí i sonraí faisnéise margaidh (CRU). Maidir le ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola, d’athdhearbhaigh CCCME nár chomhlíon siad an caighdeán chun bheith ina fianaise prima facie agus nach ndearna an gearánach tagairt ach do phraghsanna táirgeora amháin ón tSín ina ríomhanna suntasacha (e.g., praghas onnmhairiúcháin i saorchúrsaíocht a úsáideadh chun corrlach díobhála H1 2019 a ríomh agus an praghas onnmhairiúcháin a úsáideadh le haghaidh costais táirgthe don chorrlach gearrdhíola H2 2019).

(17)

Measann an Coimisiún nár bhréagnaigh aon cheann de líomhaintí CCCME an chonclúid go raibh fianaise leordhóthanach ann chun nós imeachta frithdhumpála a thionscnamh. Go deimhin, bhí fianaise leordhóthanach sa ghearán go raibh tionchar díobhálach ábhartha ag allmhairí dumpáilte ar staid thionscal an Aontais. Léiríodh san anailís shonrach ar dhíobháil, a rinneadh sa ghearán go raibh méadú ar dhul i bhfód allmhairí Síneacha ar mhargadh an Aontais (i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon) ar phraghsanna lena sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais féin go substaintiúil. Is cosúil go raibh tionchar díobhálach ábhartha aige sin ar staid thionscal an Aontais, a léirítear mar shampla trí laghduithe ar dhíolacháin agus ar an sciar den mhargadh nó mar mheath ar thorthaí airgeadais.

(18)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún go raibh na ríomhanna sladghearrtha agus ganndíola sa ghearán mícheart. Mínítear an mhodheolaíocht sa ghearán faoi roinn 8.1.2 agus sna hiarscríbhinní a luaitear inti, ina bhfuil ríomhanna sladghearrtha agus ganndíola ar leithligh le haghaidh gach cineál ionadaíoch táirge. Ag céim an tionscnaimh, bhí an Coimisiún sásta leis an bhfianaise faoin sladghearradh agus faoin nganndíol a chuir na hiarratasóirí i láthair agus mheas sé gur leor an fhianaise chun an t-imscrúdú a thionscnamh.

(19)

Maidir le fianaise leordhóthanach ar nasc cúisíoch, ba cheart an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara. Ar an gcéad dul síos, tháinig meath ar staid thionscal an Aontais an tráth céanna a tháinig méadú ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna lena sladghearradh praghsanna thionscal an Aontais. Léiríonn an méid seo go láidir go bhfuil nasc cúisíoch ann. Ar an dara dul síos, maidir le tosca eile amhail allmhairí tríú tíortha, níl a n-éifeacht chomh mór sin go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le meath ar thionscal an Aontais, agus níor léirigh an anailís a rinneadh ar an ngearán go raibh féindíobháil ann.

(20)

Le linn éisteachta a bhí ann tar éis neamh-fhorchur na mbeart sealadach, chuir CCCME sraith barúlacha isteach maidir le díobháil, cúisíocht agus anailís ar leas an Aontais atá sa ghearán. Measann an Coimisiún nach féidir na barúlacha sin maidir leis an ngearán a ghlacadh mar ghearáin a ardaíodh ag an gcéim an-déanach seo den imscrúdú lasmuigh den sprioc-am a shocraítear ag pointe 5.2 den Fhógra tionscnaimh. In aon chás, is athrá iad formhór na mbarúlacha sin ar argóintí a ardaíodh cheana agus ar tugadh aghaidh orthu sa roinn seo agus ní léiríonn siad aon easpa fianaise leordhóthanach nuair a chinn an Coimisiún ar an imscrúdú seo a thionscnamh. A mhéid a bhaineann leis na heilimintí a cuireadh isteach, sa bhreis ar an tráthchlár a thugtar i bpointe 5.2 den Fhógra tionscnaimh, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil an chéim seo den imscrúdú i bhfad lasmuigh na sprioc-amanna chun faisnéis nua a chur isteach mar a leagtar amach i bpointe 7 den Fhógra tionscnaimh.

(21)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Connect Com gur léirigh an fhaisnéis sa ghearán treochtaí nach dtugann údar maith le dleachtanna frithdhumpála a fhorchur. D’iarr Connect Com freisin go nochtfaí an fhaisnéis rúnda i míreanna 105 agus 109 den ghearán maidir le brabús táirgeoirí áirithe an Aontais agus na tairiscintí a cailleadh do tháirgeoirí na Síne.

(22)

I ndáil leis an méid sin, mheabhraigh an Coimisiún go raibh deis ag páirtithe leasmhara, de bhun phointe 5.2 den Fhógra tionscnaimh, barúlacha a thíolacadh maidir leis an ngearán agus aon ghné a bhaineann le himscrúdú a thionscnamh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra Tionscnaimh. Dá bhrí sin, ní féidir na barúlacha sin a bhreithniú tar éis an nochta dheiridh. In aon chás, tá an fhaisnéis a iarrann Connect Com faoi rún agus ní féidir í a nochtadh do pháirtithe leasmhara eile.

(23)

Ar bhonn an mhéid thuas, dheimhnigh an Coimisiún gur sholáthair an gearánach fianaise leordhóthanach maidir le dumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch, chun na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5.2 den ADA agus in Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, chomhlíon an Coimisiún na ceanglais reachtúla go léir maidir le tionscnamh.

(24)

Mheas an Coimisiún na barúlacha uile ábhartha eile sna ranna thíos agus thug sé aghaidh orthu.

1.5.   Sampláil

(25)

San Fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go bhféadfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.5.1.   Sampláil ar tháirgeoirí an Aontais

(26)

Ina Fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid tháirgeacht agus dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is é a bhí sa sampla sin trí tháirgeoir ón Aontas. Chuimsigh na táirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil thart ar 52 de tháirgeacht an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe agus measadh iad a bheith ionadaíoch do thionscal an Aontais. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus dá bhrí sin deimhníodh an sampla.

1.5.2.   Sampláil allmhaireoirí

(27)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhghaolmhara an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(28)

Sholáthair cúig allmhaireoir neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Nuair a bhí anailís déanta ar an bhfaisnéis samplála a sholáthair na hallmhaireoirí, chinn an Coimisiún nach raibh gá leis an tsampláil agus d’iarr sé ar gach allmhaireoir comhoibritheach a gcuid freagraí a chur isteach ar an gceistneoir.

1.5.3.   Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín

(29)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra tionscnaimh a sholáthar. Sa bhreis air sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne táirgeoirí onnmhairiúcháin eile a shainaithint agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh, ar táirgeoirí iad a d’fhéadfadh suim a bheith acu a bheith rannpháirteach san imscrúdú.

(30)

Sholáthair tríocha táirgeoir onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) den bhun-Rialachán, roghnaigh an Coimisiún sampla de dhá ghrúpa cuideachtaí onnmhairiúcháin ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó onnmhairí chuig an Aontas a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. Chuimsigh na grúpaí samplála de tháirgeoirí onnmhairiúcháin breis agus 40 de na honnmhairí arna dtuairisciú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin cáblaí snáthoptaice ón tSín chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(31)

I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, chuathas i gcomhairle le gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta lena mbaineann, agus le húdaráis na tíre lena mbaineann, maidir le roghnú an tsampla.

(32)

Fuarthas barúlacha maidir le roghnú an tsampla ó tháirgeoir onnmhairiúcháin amháin nach raibh sa sampla, Yangtze Optical Fibre and Cable Joint Stock Limited Company (‘YOFC’) agus Misean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach.

(33)

D’áitigh YOFC agus Misean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach, ag cur san áireamh go raibh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha, gur chuimsigh an dá chomhlacht shampláilte coibhneas íseal den mhéid onnmhairiúcháin chuig an Aontas nach raibh ionadaíoch d’onnmhaireoirí na Síne. Thairis sin, maíodh go bhféadfadh sampla de thrí chuideachta an cás a sheachaint ina bhféadfadh an sampla a laghdú go dtí cuideachta amháin mar gheall ar athruithe ar na cuideachtaí sampláilte. Rinne Misean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas tagairt don imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí de rothaí bóthair cruach ón tSín (8) i ndáil leis sin, inar líomhnaíodh gur lagaíodh cearta na n-onnmhaireoirí comhoibritheacha eile toisc gur laghdaíodh an sampla de dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin go dtí táirgeoir amháin nuair a chinn táirgeoir onnmhairiúcháin amháin ag céim níos faide anonn nach gcomhoibreodh sé leis an imscrúdú. Dúradh freisin gurbh é cleachtas an Choimisiúin maidir le himscrúduithe frithdhumpála roimhe seo, trí chuideachta ar a laghad a shampláil. Ar deireadh, maíodh go mbeadh sampla de thrí chuideachta níos oiriúnaí ós rud é go bhféadfadh bealaí éagsúla díolacháin, cineálacha éagsúla táirgí agus custaiméirí agus staideanna iomaíochta éagsúla a bheith ag na honnmhaireoirí.

(34)

De bhun Airteagal 17(1) den bhun-Rialachán, ba cheart roghnú an tsampla a bhunú ar an méid táirgeachta, díolacháin nó onnmhairí is ionadaíche a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am atá ar fáil. Mar a dúradh in aithris (30), chuimsigh na grúpaí táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte breis agus 40 de na honnmhairí a tuairiscíodh ón tSín chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe, ar leibhéal ionadaíoch é. Mheas an Coimisiún go raibh an méid is mó allmhairí sa sampla a roghnaíodh a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. Sa chomhthéacs sin, cuimsíonn an dá ghrúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, líon mór eintiteas (cúig eintiteas monaraíochta agus seacht n-eintiteas díolacháin), agus ar a laghad ceithre tháirgeoir onnmhairiúcháin a bhfuil bealaí éagsúla díolacháin agus custaiméirí éagsúla agus líon mór táirgí acu. Thairis sin, is coinníoll é atá riachtanach ach nach bhfuil leordhóthanach chun táirgeoir onnmhairiúcháin a chur san áireamh i roghnú an tsampla faoi Airteagal 17(1) den bhun-Rialachán, cé acu a chomhoibreoidh nó nach gcomhoibreoidh cuideachta nuair a bheidh an sampláil déanta. Maidir le cleachtas líomhnaithe an Choimisiúin sampla de thrí chuideachta ar a laghad a roghnú, tugtar faoi deara, mar a mhínítear thuas, go raibh roghnú an tsampla bunaithe ar an méid táirgeachta, díolacháin nó onnmhairí is ionadaíche a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil sa chás seo. Diúltaíodh an maíomh faoi na difríochtaí i staid na hiomaíochta toisc nár mhínigh na páirtithe cén chaoi a gcuirfeadh sé amhras faoi ionadaíocht an tsampla atá i gceist agus freisin conas a rachadh an tríú cuideachta sampláilte i ngleic leis na difríochtaí san iomaíocht dá mba ann dóibh.

(35)

Luaigh YOFC nach mbeadh sé ródhian ar an gCoimisiún YOFC a áireamh sa sampla ós rud é de bharr phaindéim COVID-19 nach ndéanann an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin ar an láthair.

(36)

Cé nach bhfuil cuairteanna fíorúcháin ar an láthair déanta ag foireann an Choimisiúin sa chás seo, rinne sé cros-seiceáil chianda (‘RCCanna) ar fhreagraí ceistneora. Ní hé sin le rá gur shábháil an Coimisiún am le linn an imscrúdaithe mar gheall ar RCCanna. A mhalairt ar fad atá fíor ós rud é go mbíonn am sa bhreis ag teastáil chun fíorú na faisnéise a chuireann na cuideachtaí ar fáil a ullmhú nuair a dhéantar go cianda é. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(37)

Mhaígh YOFC freisin gur cheart é a áireamh sa sampla toisc gur táirgeoir é a bhfuil taithí aige agus a easpórtálann cáblaí snáthoptaice ar ardcháilíocht chuig an Aontas, agus go bhfuil a phróiseas monaraíochta éagsúil ó tháirgeoirí eile Síneacha (tá sé comhtháite go hingearach, úsáideann sé teicneolaíocht Eorpach chun cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh, tá ardteicneolaíochtaí aige agus is é an t-aon Aonad Taispeántais Monaraíochta Cliste sa tSín é, agus tá uathoibriú ard bainte amach aige i dtáirgeadh snáithíní optúla). Mhaígh sé freisin go raibh a méid onnmhairí chuig an Aontas measartha mór le linn na tréimhse imscrúdaithe. Thairis sin, mhaígh YOFC go bhfuil seilbh indíreach ag ceann de tháirgeoirí sampláilte an Aontais ar scaireanna in YOFC agus in dhá cheann de na cuideachtaí gaolmhara de chuid YOFC lena mbaineann agus dá bhrí sin, dá gcuirfí YOFC san áireamh sa sampla go gcuirfí ar chumas an Choimisiúin eolas níos cuimsithí a bheith aige ar struchtúr an tionscail. Mhaígh sé freisin go raibh roinnt custaiméirí de chuid YOFC san Aontas ag comhoibriú leis an imscrúdú freisin mar allmhaireoirí neamhghaolmhara agus dá bhrí sin dá gcuirfí YOFC san áireamh sa sampla d’fhéadfaí go gcabhródh sé sin leis an gCoimisiún slabhra iomlán díolacháin a fhíorú ón tSín chuig margadh an Aontais.

(38)

Mar a mhínítear thuas, roghnaíodh sampla na dtáirgeoirí ar bhonn an chéatadáin is mó den mhéid onnmhairí ón tír atá i gceist a d’fhéadfaí a imscrúdú go réasúnta laistigh den am a bhí ar fáil. Ní raibh YOFC ar cheann den dá tháirgeoir onnmhairiúcháin is mó a roghnaíodh agus dá bhrí sin ní dhearnadh sampláil air. Ar aon nós, is grúpaí móra cuideachtaí táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhfuil taithí acu iad an dá ghrúpa sampláilte, grúpaí a mhonaraíonn agus a dhíolann cáblaí snáthoptaice ar ardcháilíocht leis an Aontas, lena n-áirítear eintitis atá comhtháite go hingearach freisin. Thairis sin, níl aon fhaisnéis sa chomhad a thugann le fios nach mbeadh an teicneolaíocht a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chomh forbartha céanna le teicneolaíocht na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha eile. Níl aon fhianaise curtha i láthair ag YOFC a bheadh ag teacht salach ar an bhfíoras sin. Thairis sin, más rud é go bhfuil scaireanna ag táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais i dtáirgeoir onnmhairiúcháin nó má tá custaiméirí de chuid an táirgeora onnmhairiúcháin sin ag comhoibriú leis an imscrúdú, níl ceachtar den dá fhíoras sin ábhartha maidir le roghnú an tsampla táirgeoirí onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh na maímh sin.

1.6.   Scrúdú aonair

(39)

Ocht gcinn de na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a chuir an fhoirm shamplála ar ais, chuir siad in iúl don Choimisiún go raibh rún acu scrúdú aonair a iarraidh faoi Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún an ceistneoir ar fáil ar líne lá an tionscnaimh. Thairis sin, chuir an Coimisiún in iúl do na táirgeoirí onnmhairiúcháin nár sampláladh go raibh sé de cheangal orthu freagra ar an gceistneoir a chur ar fáil dá mba mhian leo go ndéanfaí iad a scrúdú ar bhonn aonair. Chuir dhá chuideachta freagra ceistneora ar fáil.

(40)

Mar gheall ar chastacht an imscrúdaithe agus struchtúr casta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, chinn an Coimisiún gan imscrúdú aonair a dheonú toisc go mbeadh ualach míchuí ag baint leis agus go bhféadfadh sé bac a chur ar an gCoimisiún an t-imscrúdú a dhéanamh laistigh de na sprioc-amanna reachtúla.

1.7.   Freagraí ar an gceistneoir agus cuairteanna fíorúcháin

(41)

Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Na ceistneoirí le haghaidh táirgeoirí, allmhaireoirí, úsáideoirí an Aontais agus táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, cuireadh ar fáil ar líne iad (9) lá an tionscnaimh.

(42)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dumpáil, leis an díobháil dá deasca agus maidir le leas an Aontais. De bharr ráig phaindéim COVID-19 agus na mbeart a glacadh dá réir chun déileáil leis an ráig (‘Fógra COVID-19’) (10), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún cuairteanna fíorúcháin a thabhairt ar áitribh na gcuideachtaí agus na n-úsáideoirí comhoibritheacha go léir a sampláladh. Ina ionad sin, rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar an bhfaisnéis a sholáthair na cuideachtaí seo a leanas ar fhíschomhdháil:

Táirgeoirí an Aontais:

Acome S. A. (An Fhrainc),

Corning Optical Communications Sp. z o.o., agus a chuideachtaí gaolmhara (an Pholainn, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Spáinn),

Prysmian S.p.A., agus a chuideachtaí gaolmhara (an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Rómáin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn)

Allmhaireoirí:

Cable 77 Danmark ApS (an Danmhairg),

Connect Com GmbH (an Ghearmáin),

Eku Kabel GmbH (an Ghearmáin),

Har&Ca S.r.l. (An Iodáil),

Infraconcepts B.V. (An Ísiltír)

Úsáideoirí:

Deutsche Telekom GmbH (an Ghearmáin)

Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín:

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd, Wuhan (‘FTT’),

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd., Nanjing (‘NW’),

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd., Nantong (‘ZT’),

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd., Nantong (‘ZP’)

Trádálaí gaolmhar sa tSín:

ZTT International Limited, Nantong,

Trádálaí gaolmhar i Hong Cong:

Sumec Hong Kong Company Limited, Hong Kong,

Allmhairí gaolmhara san Aontas:

FiberHome International Poland Sp. z o.o, Vársá, an Pholainn,

FiberHome International Germany GmbH, Bonn, an Ghearmáin,

ZTT Europe GmbH, Tauberbischofsheim, an Ghearmáin.

1.8.   Neamh-fhorchur na mbeart sealadach agus an nós imeachta ina dhiaidh sin

(43)

Mar gheall ar chastacht theicniúil an cháis, chinn an Coimisiún gan bearta sealadacha a fhorchur agus leanúint leis an imscrúdú chun tuilleadh faisnéise a bhailiú.

(44)

An 23 Aibreán 2021, i gcomhréir le hAirteagal 19a(2) den bhun-Rialachán, chuir an Coimisiún na Ballstáit agus gach páirtí leasmhar ar an eolas nach ndéanfaí aon dleacht sealadach a fhorchur ar allmhairí na gcáblaí snáthoptaice de thionscnamh na Síne agus go leanfaí leis an imscrúdú.

(45)

Tar éis nochtadh rún an Choimisiúin gan bearta sealadacha a fhorchur, fuarthas barúlacha agus iarrataí ar shoiléiriú ó Cable 77, Eku Kabel, Infraconcept agus Comel.

(46)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Bhí éisteachtaí ann le Cable 77 agus le CCCME.

(47)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach le haghaidh na dtorthaí cinntitheacha. I ndáil leis sin, chuir an Coimisiún iarraidh bhreise ar fhaisnéis chuig na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshampláilte comhoibríocha de chuid an Aontais, chuig táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid an Aontais agus chuig táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais lena n-áirítear sonraí díolacháin ar bhonn ghrúpaí PCNanna, infheistíochtaí agus tairiscintí, ach gan bheith teoranta do na nithe sin. D’fhíoraigh an Coimisiún na freagraí i mbabhta breise de RCCanna.

(48)

Tuairiscítear staitisticí oifigiúla allmhairiúcháin i gcileagraim, agus tá táirgí seachas an táirge lena mbaineann i gcód CN 8544 70 00. Chun pictiúr níos cruinne a fháil maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann, rinne an Coimisiún grinnscrúdú ar fhaisnéis mhionsonraithe ó údaráis chustaim náisiúnta maidir le tacar idirbheart aonair i gcaitheamh na tréimhse 2017-IP, mar a thuairiscigh allmhaireoirí ina gcuid dearbhuithe custaim agus mar a phróiseáil na húdaráis thuasluaite. Bhain an fhaisnéis le hallmhairí chuig 9 mBallstát (an Bhulgáir, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin agus an Spáinn) agus measadh go raibh sí ionadaíoch, toisc gur cumhdaíodh 79 d’allmhairí sa tréimhse a breithníodh. D’eascair na conclúidí a leagtar amach thíos as anailís mhionsonraithe ar an mbonn seo.

1.9.   Nochtadh

(49)

An 30 Meitheamh 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí OFCanna ar de thionscnamh na Síne iad (‘an nochtadh deiridh’). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Fuair an Coimisiún barúlacha ón GOC, CCCME, ón dá tháirgeoir easpórtála Shíneacha a sampláladh, ó gach allmhaireoir neamhghaolmhar agus ón ngearánach. Ar bhonn na mbarúlacha sin, rinne an Coimisiún roinnt de na breithnithe a mhodhnú a raibh sé beartaithe aige dleacht chinntitheach frithdhumpála a fhorchur ar a mbonn agus chuir sé gach páirtí leasmhar ar an eolas faoin méid sin (‘nochtadh deiridh breise’) an 2 Meán Fómhair 2021.

(50)

Tar éis an nochta dheiridh agus an nochta dheiridh breise, tugadh deis do pháirtithe leasmhara éisteacht a fháil de réir na bhforálacha a leagtar síos faoi phointe 5.7 den Fhógra tionscnaimh. Tharla éisteachtaí le táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh, CCCME agus allmhaireoir amháin (Cable77).

1.10.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a breithníodh

(51)

Cumhdaítear leis an imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse imscrúdaithe’). Sa scrúdú ar threochtaí ábhartha do mheasúnú díobhála, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdaithe (‘an tréimhse a breithníodh’).

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge lena mbaineann

(52)

Is é atá sa táirge lena mbaineann cáblaí snáthoptaice aonmhóid, iad comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó a bhfuil gach ceann faoi seach ina thruaille féin, faoi chásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu nó ná bíodh, de thionscnamh na Síne, agus a thagann faoi láthair faoi chód CN ex 8544 70 00 (cód TARIC 8544700010) (‘an táirge lena mbaineann’).

(53)

Tá na táirgí seo a leanas as an áireamh sin:

(i)

cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe ceann ar ceann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin den chábla nó ag an dá cheann; agus

(ii)

cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí plaisteacha inslithe de shnáithíní optúla inslithe, ina bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim agus snáithíní i modúl nó i modúil mhiotail.

(54)

Úsáidtear na cáblaí snáthoptaice (‘OFCanna’) mar mheán tarchurtha optúil i líonraí teileachumarsáide i líonraí cianaistir, meitreo agus rochtana.

2.2.   Táirge comhchosúil

(55)

Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann;

an táirge a táirgeadh agus a díoladh ar mhargadh intíre na tíre lena mbaineann; agus

an táirge arb é tionscal an Aontais a tháirg agus a dhíol san Aontas é.

(56)

Chinn an Coimisiún ag an gcéim sin gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin mar sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

2.3.   Maímh maidir leis an raon táirge

(57)

D’iarr an Grúpa ZTT go ndéanfaí sreanga talmhaithe optúla (‘OPGW’) agus cáblaí seoltóra pas optúla (‘OPPC’) a eisiamh ón imscrúdú. D’áitigh sé cé gur thit na cáblaí sin faoin sainiú táirge, go raibh tréithe fisiceacha agus úsáid éagsúla acu (i.e tarchur cumhachta), go raibh siad faoi réir caighdeáin theicniúla éagsúla, gur monaraíodh iad le hamhábhair éagsúla agus de réir próisis táirgthe éagsúla agus gur díoladh iad i margaí ar leith. Thairis sin, maíodh nár chuimsigh cáblaí OPGW agus OPPC ach cuid bheag de dhíolacháin chuig an Aontas. D’iarr an Grúpa ZTT freisin i gcás inar mheas an Coimisiún gur thit cáblaí OPGW agus OPPC faoi raon táirge an imscrúdaithe, go gcuirfí gnéithe sonracha, úsáid deiridh nó tosca dheighleog an mhargaidh na dtáirgí san áireamh san imscrúdú.

(58)

Ina thuairimí tar éis an nochta dheiridh, d'athdhearbhaigh an grúpa ZTT a éilimh chun cáblaí OPGW agus OPPC a eisiamh ón imscrúdú, é ag áitiú nár dhíol táirgeoirí an Aontais a sampláladh na cineálacha táirgí a dhíol grúpa ZTT le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(59)

Baineann cáblaí OPGW agus OPPC le sonraí a tharchur agus is ionann a gcuid saintréithe bunúsacha agus saintréithe bunúsacha OFCanna eile, lena n-áirítear: (i) go bhfuil snáithíní optúla iontu; (ii) go bhfuil an raon céanna trastomhas snáithíní optúla brataithe iontu; (iii) go bhfuil an líon snáithíní sa raon céanna; (iv) go bhfuil an líon snáithíní in aghaidh an mhodúil mar a chéile; agus (v) go bhfuil tógáil croíleacán an chábla mar a chéile. Ós rud é go ndéantar cumhacht a tharchur le cáblaí OPGW agus OPPC agus go bhfuil gnéithe áirithe acu (mar shampla gnéithe leictreacha, gan ceanglas lasairdhíonachta, ceanglas láidreachta ardteanntachta, etc.), ní bhaineann sé seo ach oiread ón bhfíoras sin.

(60)

Thairis sin, tá gach cineál cábla faoi réir sonraíochtaí agus caighdeáin theicniúla éagsúla go pointe áirithe. Maidir leis na hamhábhair, ní bhaineann sé le hábhar go n-úsáidtear ábhar amháin i gcomhpháirt amháin den OFC ach go bhféadfaí ábhar eile a úsáid i gcineál eile cábla: déantar gach cineál OFCanna a mhonarú le snáithíní optúla. Maidir leis na próisis mhonaraíochta, léirigh an t-imscrúdú go raibh sraith sreang chruach timpeall a seaicéad ag dearaí áirithe cáblaí snáthoptaice faoi chosaint speisialta, agus gur monaraíodh na cáblaí sin ar mheaisíní atá mar a chéile le meaisíní OPGW. Thairis sin, níor bhain monarú armúrtha cháblaí OPGW agus OPPC ach le céim amháin de thógáil na gcáblaí sin, agus níor thug sé sin údar lena n-eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe. Thairis sin, níl sé ábhartha do mheasúnú an mhaímh nár chuimsigh díolacháin cháblaí OPGW agus OPPC ach sciar níos lú de dhíolacháin chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ar deireadh, toisc nár dhíol táirgeoirí an Aontais a sampláladh na PCNanna sonracha a dhíol an grúpa ZTT le linn an TI, ní bhaineann sé sin ón gcaoi go bhfuil cáblaí OPGW agus OPPC á dtáirgeadh ag tionscal an Aontais, cáblaí a bhíonn in iomaíocht le honnmhaireoirí na Síne.

(61)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil OPGW agus OPPC le meas mar chineál cáblaí snáthoptaice a bhfuil na buntréithe fisiceacha, teicniúla agus ceimiceacha céanna acu agus atá ag OFCanna eile a chumhdaítear faoi shainiú an táirge lena mbaineann agus dá bhrí sin nach raibh gá le haon anailís ar leith maidir leis na táirgí sin. Go deimhin, is cáblaí snáthoptaice iad cáblaí OPGW agus OPPC mar go n-áirítear snáithíní optúla leo, go bhfuil tógáil croíleacán an chábla mar a chéile agus go bhfuil siad deartha lena n-úsáid le haghaidh tarchur sonraí. Thairis sin, na huimhreacha rialaithe táirgí a úsáideann an Coimisiún chun corrlaigh dhumpála agus dhíobhála a ríomh, sainaithníonn siad cáblaí OPGW agus OPPC agus cuireann siad ar chumas an Choimisiúin comparáid chothrom a dhéanamh ar phraghsanna idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí na Síne. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(62)

Mhol an Grúpa ZTT freisin ceithre mhodh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna imchéimniúcháin agus chun iad a sheachaint i gcás inar eisiadh cáblaí OPGW agus OPPC ó raon táirge an imscrúdaithe amhail (i) amharciniúchadh agus seiceáil dhoiciméadach arna déanamh ag oifigigh chustaim, (ii) córas deimhniúcháin, (iii) an nós imeachta custaim um rialú ar úsáid deiridh agus (iv) córas faireacháin. Ós rud é gur thángthas ar an gconclúid go bhfuil OPGW agus OPPC cumhdaithe san imscrúdú, ní raibh gá le dul i ngleic leis na modhanna atá molta chun imchéimniú a chosc.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Nós imeachta um an ngnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(63)

Ó tharla gur leordhóthanach an fhianaise a bhí ar fáil ag tús an imscrúdaithe lenar tugadh le fios gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, maidir leis an tSín, mheas an Coimisiún gurb iomchuí tús a chur leis an imscrúdú i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tír sin, ag féachaint d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(64)

Dá bhrí sin, chun na sonraí a bhailiú, sonraí is gá le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán amach anseo, san Fhógra tionscnaimh d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín faisnéis a sholáthar maidir leis na hionchuir a úsáidtear chun OFCanna a tháirgeadh. Sholáthair cúig thairgeoir onnmhairiúcháin is fiche de chuid na Síne an fhaisnéis ábhartha.

(65)

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheas sé go mba ghá dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den Fhógra tionscnaimh, thug an Coimisiún cuireadh do gach páirtí leasmhar a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, laistigh de 37 lá. Níor thug an GOC aon fhreagra ar an bhfaisnéis a iarradh. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíricí a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(66)

Fuarthas aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, faoin sprioc-am, ó Rialtas na Síne agus ó CCCME.

(67)

De réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(68)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘i gcás ina ndéanfar amach […] nach bhfuil sé iomchuí praghsanna intíre agus costais intíre na tíre is onnmhaireoir a úsáid i ngeall go bhfuil saobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí phointe (b), déanfar an gnáthluach a thógáil go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díolachán ina léirítear praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘áireofar leis méid neamhshaofa agus réasúnta de chostais riaracháin, díolacháin agus costais ghinearálta agus i gcomhair brabús’.

(69)

Mar a mhínítear a thuilleadh thíos, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú reatha gur ar bhonn na fianaise atá ar fáil agus i bhfianaise na heaspa comhoibre a fuarthas ó Rialtas na Síne mar a luaitear in aithris (65), b’iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.1.1.   Saobhadh suntasach a bheith ann

3.1.1.1.   Réamhrá

(70)

Déantar ‘saobhadh suntasach’ a shainiú in Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán mar ‘an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna nó na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:

an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá;

rochtain ar mhaoiniú a dheonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar dhóigh eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát’.

(71)

De réir Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, sa mheasúnú ar an ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) cuirfear san áireamh, i measc nithe eile, liosta neamh-uileghabhálach eilimintí san fhoráil roimhe sin. De bhun Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird ar an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí sin ar phraghsanna nó ar chostais sa tír óna n-onnmhairítear an táirge lena mbaineann. Go deimhin, ó tharla nach carnach an liosta sin, ní gá aird a thabhairt ar na heilimintí uile chun a chinneadh gurb ann do shaobhadh suntasach. Thairis sin, is féidir féachaint ar na himthosca fíorasacha chun a léiriú gurb ann do cheann amháin nó níos mó d’eilimintí an liosta. Mar sin féin, aon chonclúid maidir le saobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a), ní mór í a dhéanamh ar bhonn na fianaise uile atá ar fáil. Agus measúnú foriomlán á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, féadfar aird a thabhairt ar an gcomhthéacs ginearálta agus an suíomh sa tír is onnmhaireoir, go háirithe i gcás ina dtugtar cumhachtaí suntasacha don rialtas, trí eilimintí bunúsacha shocrúcháin eacnamaíocha agus riaracháin na tíre is onnmhaireoir, tionchar a imirt ar an ngeilleagar sa tslí nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais sa tír sin.

(72)

De réir fhoráil Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, ‘i [g]cás ina mbeidh údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta’.

(73)

De bhun na forála sin, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil tíre maidir le Daon-Phoblacht na Síne (dá ngairtear ‘an Tuarascáil’ anseo feasta) (11), ina mbailítear faisnéis faoi an ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais ar roinnt leibhéal an gheilleagair, lena n-áirítear saobhadh sonrach ar roinnt príomhthosca táirgeachta (amhail talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair agus saothar) agus in earnálacha ar leith chomh maith (amhail ceimiceáin). Cuireadh an Tuarascáil sa chomhad imscrúdaithe tráth an tionscnaimh. Tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara an fhianaise a bhí sa chomhad imscrúdaithe ag tráth an tionscnaimh, a raibh an Tuarascáil ina dlúthchuid de, a fhrisnéis, barúil a thabhairt ina leith nó an fhianaise a fhorlíonadh.

(74)

Soláthraíodh fianaise bhreise sa ghearán gurb ann do shaobhadh suntasach san earnáil OFCanna de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), a chomhlánaíonn an Tuarascáil. Chuir an gearánach fianaise ar fáil go bhfuil tionchar ag an saobhadh a luaitear sa Tuarascáil (go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar a laghad) ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge lena mbaineann, go háirithe de bharr go gcuireann an stát isteach go mór ar shlabhra luacha OFC, i.e. san earnáil OFC agus sna hearnálacha a bhaineann le táirgeadh OFCanna, go háirithe in earnálacha ionchuir agus na tosca táirgeachta.

(75)

Scrúdaigh an Coimisiún cibé an raibh nó nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid i nDaon-Phoblacht na Síne, i ngeall gurb ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Rinne an Coimisiún é sin ar bhonn na fianaise a bhí ar fáil ar an gcomhad, lena n-áirítear an fhianaise a bhí sa Tuarascáil, a bhíonn ag brath ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí, go háirithe maidir le reachtaíocht na Síne, doiciméid fhoilsithe maidir le beartas oifigiúil na Síne, tuarascálacha arna bhfoilsiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus staidéir/ailt le daoine acadúla a bhfuil cáil orthu, a aithnítear go sonrach sa Tuarascáil. Cumhdaíodh san anailís sin an scrúdú a rinneadh ar na hidirghabhálacha substainteacha rialtais sa gheilleagar go ginearálta, ach cumhdaíodh freisin an staid shonrach margaidh san earnáil ábhartha lena n-áirítear an táirge lena mbaineann. Chuir an Coimisiún tuilleadh leis na heilimintí fianaiseacha sin lena thaighde féin ar na critéir éagsúla atá ábhartha chun a dheimhniú gurb ann do shaobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne, mar a fuarthas amach freisin in imscrúduithe a rinne sé roimhe seo i ndáil leis sin.

3.1.1.2.   Saobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais intíre i nDaon-Phoblacht na Síne

(76)

Is é ‘geilleagar margaidh sóisialach’ an coincheap ar a bhfuil córas eacnamaíoch na Síne bunaithe. Cumhdaítear an coincheap sin i mBunreacht na Síne agus déantar amach rialachas eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne leis. ‘Úinéireacht phoiblí shóisialach na modhanna táirgeachta, is é sin, úinéireacht an phobail uile agus úinéireacht chomhchoiteann an lucht saothair’ is ea an croíphrionsabal. Tá an geilleagar faoi úinéireacht Stáit ina ‘ceann feadhnachta ar an ngeilleagar náisiúnta’ agus tá sainordú ag an Stát ‘comhdhlúthú agus fás [an gheilleagair] a áirithiú’ (12). Dá réir sin, ní hamháin go bhfuil geilleagar na Síne socraithe ar an iomlán sa chaoi gur féidir leis an Rialtas idirghabhálacha substaintiúla a dhéanamh sa gheilleagar, tá idirghabhálacha den chineál sin sainordaithe go sonrach. Tá coincheap fhorlámhas na húinéireachta poiblí thar an úinéireacht phríobháideach lárnach ar fud an chórais dlí ina iomláine agus leagtar béim air mar phrionsabal ginearálta i ngach mír lárnach reachtaíochta. Is sampla cruthanta é dlí maoine na Síne: tagraíonn sé do phríomhchéim an tsóisialachais agus cuireann sé ar iontaoibh an Stáit seasamh leis an gcóras eacnamaíoch bunúsach faoina bhfuil ról ceannasach ag an úinéireacht phoiblí. Glactar le foirmeacha eile úinéireachta agus de réir an dlí ceadaítear dóibh forbairt taobh le húinéireacht an Stáit (13).

(77)

Thairis sin, faoi dhlí na Síne, is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne (‘PCS’) a fhorbraíonn an geilleagar margaidh sóisialach. Tá struchtúir Stát na Síne agus PCS fite fuaite le chéile ar gach leibhéal (dlíthiúil, institiúideach, pearsanta), rud a chruthaíonn forstruchtúr faoi nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir ról PCS agus ról an Stáit. Tar éis leasú a dhéanamh ar Bhunreacht na Síne i mí an Mhárta 2018, tugadh tábhacht níos mó fós do ról ceannasach Pháirtí Cumannach na Síne trína athdhearbhú i dtéacs Airteagal 1 den Bhunreacht. I ndiaidh na chéad abairte den fhoráil a bhí ann cheana: ‘[i]s é an córas sóisialach córas bunúsach Dhaon-Phoblacht na Síne’, cuireadh an dara habairt nua isteach mar a leanas: ‘is í ceannaireacht Pháirtí Cumannach na Síne an ghné is mó a shainíonn an sóisialachas a bhfuil saintréithe Síneacha aige’ (14). Léiríonn sé sin smacht gan cheist an Pháirtí Chumannaigh ar chóras eacnamaíoch Dhaon-Phoblacht na Síne, smacht atá ag fás de shíor. Is gnéithe lárnacha de chóras na Síne iad an cheannaireacht agus an smacht sin agus téann siad i bhfad thar an ngnáthstaid i dtíortha eile ina bhfeidhmíonn na rialtais smacht ginearálta maicreacnamaíoch laistigh de na teorainneacha ina mbíonn fórsaí an mhargaidh shaoir i gceist.

(78)

Téann Stát na Síne i mbun beartas eacnamaíoch crioscaíolach chun spriocanna a shaothrú, spriocanna atá i gcomhréir leis an gclár polaitiúil a shocraíonn PCS seachas spriocanna a léiríonn dálaí eacnamaíocha reatha i margadh saor (15). Tá an iliomad uirlisí eacnamaíocha crioscaíolacha in úsáid ag údaráis na Síne, lena n-áirítear an córas a bhaineann le pleanáil thionsclaíoch, an córas airgeadais, chomh maith le modhanna eile trína ngníomhaíonn an Stát sa mhargadh agus trína ndéanann sé difear dó, amhail trí infheistíocht phoiblí agus soláthar.

(79)

Sa chéad dul síos, ar leibhéal an smachta riaracháin ghinearálta, tá treo gheilleagar na Síne á rialú ag córas casta um pleanáil thionsclaíoch a bhfuil tionchar aige ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch sa tír. Leis na pleananna sin i dteannta a chéile, cumhdaítear maitrís chuimsitheach chasta earnálacha agus beartas trasghearrtha, agus tá siad le fáil ar gach leibhéal rialtais. Is mionsonraithe iad na pleananna ar leibhéal na gcúigí agus leagtar amach spriocanna níos leithne sna pleananna náisiúnta. Sonraítear sna pleananna freisin na modhanna lena dtacófar leis na tionscail/earnálacha ábhartha chomh maith leis na tráthchláir faoinar gá na cuspóirí a ghnóthú. Bíonn spriocanna aschuir sainráite fós le fáil i bpleananna áirithe agus ba ghné choitianta í sin freisin de thimthriallacha pleanála roimhe sin. Faoi na pleananna, luaitear earnálacha tionsclaíochta agus/nó tionscadail thionsclaíocha ar leith mar thosaíochtaí (dearfacha nó diúltacha) i gcomhréir le tosaíochtaí an rialtais agus sanntar spriocanna forbartha ar leith dóibh (uasghrádú tionsclaíoch, leathnú idirnáisiúnta etc.). Is gá do na hoibreoirí eacnamaíocha, idir oibreoirí príobháideacha agus oibreoirí faoi úinéireacht Stáit, a gcuid gníomhaíochtaí gnó a chur in oiriúint don mhéid a cheanglaítear leis an gcóras pleanála. Tarlaíonn sé seo ní hamháin mar gheall ar ghné cheangailteach na bpleananna ach toisc go gcloíonn údaráis ábhartha na Síne ar gach leibhéal rialtais le córas na bpleananna agus úsáideann siad a gcumhachtaí dílsithe dá réir, rud a thugann ar na hoibreoirí eacnamaíocha na tosaíochtaí a leagtar amach sna pleananna a chomhlíonadh (féach freisin roinn 3.1.1.5 thíos) (16).

(80)

Sa dara dul síos, maidir le leibhéal leithdháileadh na n-acmhainní airgeadais, tá córas airgeadais na Síne go mór faoi cheannas na mbanc faoi úinéireacht Stáit. Nuair atá a mbeartas iasachta á shocrú agus á chur chun feidhme ag na bainc sin, is gá dóibh a bheith i gcomhréir le cuspóirí bheartas tionscail an rialtais seachas tús áite a thabhairt do na buanna eacnamaíocha atá ag tionscadal áirithe (féach freisin roinn 3.1.1.8 thíos) (17). Tá feidhm ag an méid céanna maidir le gnéithe eile de chóras airgeadais na Síne amhail na stocmhargaí, na margaí bannaí, margaí an chothromais phríobháidigh etc. Ina theannta sin, na codanna eile sin den earnáil airgeadais lasmuigh den earnáil baincéireachta, tá siad socraithe go hinstitiúideach agus go hoibríochtúil ar bhealach nach bhfuil dírithe ar an bhfeidhm is éifeachtúla is féidir a bhaint as na margaí airgeadais ach ar bhealach a áirithíonn smacht an Stáit agus PCS agus a thugann cead dóibh idirghabháil a dhéanamh (18).

(81)

Ar an tríú dul síos, maidir le húsáid ionstraimí Stáit agus ionstraimí rialála éagsúla, is iomaí bealach is féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh sa gheilleagar. Mar shampla, is minic a úsáidtear na rialacha maidir le soláthar poiblí chun spriocanna beartais a shaothrú seachas éifeachtúlacht eacnamaíoch a shaothrú, rud a bhaineann an bonn de na prionsabail mhargadhbhunaithe sa réimse seo. Foráiltear go sonrach sa reachtaíocht is infheidhme go ndéanfar an soláthar poiblí d’fhonn baint amach na spriocanna arna gceapadh trí bheartais an Stáit a éascú. Mar sin féin, níl cineál na spriocanna sin sainithe go fóill, rud a fhágann dá bhrí sin corrlach breithmheasa ag na comhlachtaí cinnteoireachta (19). Ar an gcaoi chéanna, sa réimse infheistíochta, coimeádann Rialtas na Síne smacht suntasach agus tá tionchar suntasach aige ar cheann scríbe agus ar dhearbhmhéid na hinfheistíochta Stáit agus príobháidí araon. Scagadh infheistíochta mar aon le dreasachtaí, srianta agus toirmisc éagsúla a bhaineann leis an infheistíocht, tá siad ina n-uirlisí tábhachtacha ag na húdaráis chun tacú le cuspóirí an bheartais tionscail amhail smacht an Stáit a choinneáil ar phríomhearnálacha nó borradh a chur faoin tionsclaíocht intíre (20).

(82)

San iomlán, tá samhail eacnamaíoch na Síne bunaithe ar aicsímí bunúsacha áirithe, lena bhforáiltear maidir leis an iliomad idirghabhálacha rialtais agus lena spreagtar iad chomh maith. Níl idirghabhálacha suntasacha rialtais den chineál sin i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh gan srian, rud a dhéanann saobhadh ar leithdháileadh éifeachtach acmhainní de réir phrionsabail an mhargaidh (21).

3.1.1.3.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán: an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, smacht, maoirseacht bheartais nó stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir

(83)

I nDaon-Phoblacht na Síne, léiríonn fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht agus/nó faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi threoraíocht an Stáit cuid fhíor-riachtanach den gheilleagar.

(84)

Áirithíonn na struchtúir atá ag Rialtas na Síne agus ag Páirtí Cumannach na Síne go leanfar den tionchar atá acu ar fhiontair, go háirithe fiontair atá faoi úinéireacht Stáit. Ní hamháin go bhfuil ról gníomhach ag an Stát (agus ag PCS i mórán gnéithe) i bhfoirmliú agus maoirsiú chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag fiontair ar leith atá faoi úinéireacht Stáit, ina theannta sin, éilíonn sé a chearta chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil i bhfiontair faoi úinéireacht Stáit. Déantar é sin de ghnáth trí chaidrí a bhogadh idir údaráis rialtais agus fiontair faoi úinéireacht Stáit, trí chomhaltaí den pháirtí a bheith i láthair ar chomhlachtaí feidhmiúcháin na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit agus trí chealla den pháirtí a bheith i láthair i gcuideachtaí (féach freisin roinn 3.1.1.4.) mar aon le múnlú a dhéanamh ar struchtúr corparáideach earnáil na bhfiontar faoi úinéireacht Stáit (22). Mar gheall air sin, tá stádas ar leith ag fiontair faoi úinéireacht Stáit laistigh de gheilleagar na Síne, rud a thugann roinnt tairbhí eacnamaíocha dóibh, go háirithe cosaint ar iomaíochas agus rochtain fhabhrach ar ionchuir ábhartha, lena n-áirítear maoiniú (23). Na heilimintí a thugann le fios gurb ann do smacht nó tionchar rialtais ar fhiontair san earnáil OFCanna, déantar forbairt bhreise orthu i ranna 3.1.1.4 agus 3.1.1.5 thíos.

(85)

Go sonrach i slabhra luacha OFC, tá bunanna ag Rialtas na Síne i gcuid mhór cuideachtaí, cuid díobh atá á rialú aige freisin.

(86)

Fuair an Coimisiún amach go bhfuil ar a laghad mórtháirgeoir OFCanna amháin FiberHome Telecommunications Technologies Co., Ltd (FTT) (24) - a aithníonn go bhfuil sé faoi rialú iomlán ag an gCoimisiún um Maoirsiú agus Riar Sócmhainní (SASAC) (25) atá faoi úinéireacht an Stáit, dá bhrí sin tá sé á rialú ag eintiteas Stáit. Feidhmíonn FTT atá á rialú ag an Stát, úinéireacht tromlaigh freisin ar tháirgeoirí eile OFCanna, amhail Changchun Fiberhome Technologies, Chengdu Datang Cable, Fiberhome Marine Network Equipment, Xinjiang Fiberhome Optical Communications. Fuarthas amach go raibh táirgeoir eile OFCanna – Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication – faoi rialú FTT freisin, dá bhrí sin faoi rialú an Stáit freisin.

(87)

Cé is moite de chuideachtaí atá á rialú go díreach, tá tionchar ag Rialtas na Síne freisin ar na cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach i nDaon-Phoblacht na Síne. Mar a dheimhnigh ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin le linn an imscrúdaithe, rinneadh amach freisin go bhfuil bunanna ag an Stát, go díreach nó go hindíreach i roinnt mhaith cuideachtaí táirgeachta OFCanna (e.g trí eintitis éagsúla a bhaineann leis an Stát, amhail: Banc na Síne, Banc Tionscail agus Tráchtála na Síne, Banc Talmhaíochta na Síne, Banc Forbartha na Síne, Comhlacht Forbartha Infheistíochta Chathair Changshu, nó Ciste Infheistíochta um Fhorbairt Airgeadais Shanghai). Is fiú a thabhairt ar aird go seasann Yangtze Optical Fiber agus Cable (YOFC) amach, toisc gur le infheisteoirí Stát-rialaithe 39 den chuideachta (26). Táirgeoir mór intíre is ea an chuideachta seo agus is onnmhaireoir mór chuig an Aontas í den táirge lena mbaineann.

(88)

Maidir le táirgeoirí OFCanna atá faoi úinéireacht phríobháideach, rinne an Coimisiún amach freisin i gcás dhá cheann díobh ar a laghad – Jiangsu Zhongtian Technology (ZTT) (27) agus Grúpa Hengtong – go raibh na scairshealbhóirí rialúcháin (príobháideach) cleamhnaithe le Páirtí Cumannach na Síne agus go raibh suíomhanna acu sa Pháirtí (féach aithris (104)).

(89)

Maidir leis na soláthraithe ionchur chun OFCanna a tháirgeadh, tá snátha araimíde ar cheann de na hamhábhair a úsáidtear chun OFCanna a mhonarú. Maidir leis sin, fuair an Coimisiún amach freisin go raibh cur isteach suntasach ón Stát ar earnáil na haraimíde. Tá an chuideachta Yantai Tayho Adnanced Materials (YTAM) ar cheann de na príomhtháirgeoirí snáithíní araimíde i nDaon-Phoblacht na Síne (28). Is é an Grúpa Yantai Guofeng Investment Holdings (29) scairshealbhóir rialaithe YTAM, agus tá an grúpa sin faoi lánúinéireacht Yantai SASAC (30), rud a fhágann go bhfuil smacht iomlán ag údaráis an Stáit ar YTAM. Mórthairgeoirí eile snáithíní araimíde i nDaon-Phoblacht na Síne is ea iad Sinopec Yizheng Chemical Fibre Company (31) (ar fhochuideachta den Ghrúpa Sinopec í (32)) nó fiontar Sinochem (33) atá faoi úinéireacht Stáit.

(90)

Úsáidtear ionchuir cheimiceacha amhail iad seo a leanas freisin i dtáirgeadh OFCanna: poileitiléin ísealdlúis, mheándlúis nó ard-dlúis, nó poilebúitléin teireataláit. Is comhdhúile ceimiceacha iad seo a fhaightear i bpróisis cheimiceacha. Úsáidtear comhdhúile ceimiceacha éagsúla freisin chun an réamhfhoirm a tháirgeadh ag tionscnamh an tsnáithín optúil. Dá bhrí sin, féadfar táirgeoirí na n-ionchur sin a mheas freisin mar rannpháirtithe d’earnáil ceimiceán na Síne. Maidir leis an earnáil sin, chinn an Coimisiún, de réir staidreamh náisiúnta, gurbh ionann fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit agus 52 de shócmhainní iomlána na gcuideachtaí ceimiceán in 2015 (34). Bhí ról ceannasach riamh ag na fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, go háirithe na fiontair mhóra lárnacha, i dtionscal ceimiceán Dhaon-Phoblacht na Síne i ngeall ar a staid olagaplachta i gcúrsaí réamhtheachtacha/bunábhar, a rochtain éasca ar shócmhainní a leithdháileann an rialtas (cistí, iasachtaí, talamh, etc.) agus a dtionchar láidir i gcinnteoireacht an rialtais. I ndáil leis sin, dhearbhaigh an Coimisiún go sonrach gur fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad príomhtháirgeoirí áirithe poileitiléine ard-dlúis i nDaon-Phoblacht na Síne, amhail PetroChina, Sinopec Maoming Petrochemical Corporation (35), China National Offshore Oil Corporation.

(91)

Thairis sin, úsáidtear amhábhair áirithe cruach i monaraíocht OFCanna, amhail cineálacha áirithe de shreang chruach nó de stiall chruach. Ina leith sin, is ann do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach fós. Cé go meastar go bhfuil an deighilt ainmniúil beagnach cothrom idir an líon fiontar faoi úinéireacht an Stáit agus an líon cuideachtaí faoi úinéireacht phríobháideach, as na cúig tháirgeoir cruach ón tSín a aicmítear sna deich dtáirgeoir cruach is mó ar domhan, is fiontair faoi úinéireacht an Stáit iad ceithre cinn díobh (36). An tráth céanna, cé nár bhain ach thart ar 36 d’aschur iomlán an tionscail in 2016 leis na deich dtáirgeoir is mó, leag Rialtas na Síne sprioc amach sa bhliain chéanna chun idir 60 agus 70 den táirgeacht iarainn agus chruach a chomhdhlúthú i thart ar dheich bhfiontar mhóra nó mar sin faoi 2025 (37). Chuir Rialtas na Síne an rún sin in iúl arís i mí Aibreáin 2019, agus d’fhógair sé go n-eiseofaí treoirlínte maidir le comhdhlúthú an tionscail chruach (38). D’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis an gcomhdhlúthú sin cumaisc éigeantacha de chuideachtaí príobháideacha brabúsacha le fiontair atá ag tearcfheidhmiú faoi úinéireacht an Stáit (39). Sampla de chumasc le déanaí is ea táirgeoirí cruach Baosteel Group Corp. agus Wuhan Iron & Steel Group Corp. in 2016, lenar cruthaíodh an dara táirgeoir cruach is mó ar domhan (40). Is faoi úinéireacht an stáit atá na mórthairgeoirí cruach dosmálta, mar shampla Tisco, Baosteel, Ansteel Lianzhong, Jiujuan Iron and Steel and Tangshan.

(92)

De thoradh leibhéal ard idirghabhála rialtais in earnálacha ionchur den mhargadh OFCanna (e.g. san earnáil cruach, sna slabhraí luacha ceimiceáin, nó trí smacht an Stáit ar fhiontair mhóra áirithe a tháirgeann araimíd), agus – mar a fuair an Coimisiún amach – ós rud é go bhfuil táirgeoirí móra áirithe OFCanna faoi rialú an Stáit, nó faoi úinéireacht an Stáit go díreach nó go hindíreach, nó faoi thionchar an Stáit, (e.g. trí láithreacht chorparáideach Pháirtí Cumannach na Síne) go mbíonn siad ag brath ar a thacaíocht agus, i gcásanna áirithe, go gcuireann siad idé-eolaíocht Pháirtí Cumannach na Síne chun feidhme, cuirtear cosc ar tháirgeoirí OFCanna faoi úinéireacht an Stáit nó faoi úinéireacht phríobháideach, feidhmiú de réir dhálaí an mhargaidh. Tá fiontair atá faoi úinéireacht phoiblí agus phríobháideach araon atá gníomhach i dtáirgeadh OFCanna agus na n-ionchur a úsáidtear chun iad a tháirgeadh, faoi réir, go díreach nó go hindíreach, maoirseacht agus treoraíocht bheartais freisin mar atá leagtha amach i Roinn 3.1.1.5 thíos.

3.1.1.4.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán: an Stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas

(93)

Cé is moite de smacht a fheidhmiú ar an ngeilleagar trí fhiontair faoi úinéireacht stáit agus uirlisí eile, tá Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí. Cé gur féidir a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha, é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a bhaint mar a fhoráiltear i reachtaíocht na Síne (41), tá tábhacht leis na cealla PCS i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair faoi úinéireacht phríobháideach, mar tríd na cealla sin is féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta Dhaon-Phoblacht na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne (42)) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. Ní léir gur leanadh an ceanglas sin i gcónaí roimhe seo nó gur forfheidhmíodh go docht é. Ó bhí 2016 ann ar a laghad, áfach, tá neartú déanta ag PCS ar a chuid éileamh ar chinntí gnó a rialú i bhfiontair faoi úinéireacht stáit mar phrionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin go gcuireann Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus cloí le disciplín an pháirtí (43). In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí ann in 70 den 1,6 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí faoi seach (44). Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, thar gach earnáil, lena n-áirítear le táirgeoirí OFCanna agus le soláthróirí a n-ionchur.

(94)

Ina theannta sin, an 15 Meán Fómhair 2020, scaoileadh doiciméad dar teideal ‘General Office of CCP Central Committee on stepping up the United Front work in the private sector for the new era’ (45) (‘Treoirlínte ó Oifig Ghinearálta Choiste Lárnach PCS maidir le dlús a chur le hobair an Fhronta Aontaithe san earnáil phríobháideach san earnáil phríobháideach don ré nua’), rud a chuir le ról na gcoistí páirtithe i bhfiontair phríobháideacha. Tá an méid seo a leanas i Roinn II.4 de na Treoirlínte: ‘[n]í mór dúinn acmhainneacht fhoriomlán an Pháirtí a mhéadú chun obair Fhronta Aontaithe na hearnála príobháidí a stiúradh agus dlús a chur le héifeachtacht na hoibre sa réimse sin;’ agus i Roinn III.6 deirtear: ‘[n]í mór dúinn dlús a chur le tógáil an Pháirtí i bhfiontair phríobháideacha agus a chur ar chumas chealla an Pháirtí a ról mar dhaingean a imirt go héifeachtach agus a chur ar chumas chomhaltaí an Pháirtí a ról a imirt mar urghardaí agus mar cheannródaithe.’ Cuirtear béim sna Treoirlínte mar sin ar ról Pháirtí Cumannach na Síne agus féachann siad lena ról a mhéadú in eagraíochtaí agus in eintitis na hearnála príobháidí (46).

(95)

Léirítear sna samplaí seo a leanas an treocht thuas maidir le leibhéal méadaitheach idirghabhála Rialtas na Síne in earnáil OFC.

(96)

Mar a luadh cheana, tá líon áirithe táirgeoirí OFCanna faoi úinéireacht nó faoi rialú an Stáit, a fhágann gur féidir leis an Stát cur isteach go neamhshrianta, ar phraghsanna agus ar chostais. Tá an cur isteach níos measa fós de bharr láithreacht láidir Pháirtí Cumannach na Síne agus an tionchar atá aige ar na cuideachtaí sin.

(97)

Fuair an Coimisiún amach, mar shampla, go bhfuil an méid seo a leanas ar shuíomh gréasáin China Information and Communication Technology Group, lena mbaineann an táirgeoir onnmhairiúcháin FTT: ‘Sticking to the Party's leadership and strengthening the Party building are the “root” and “soul” of State-owned enterprises. [Cloí le ceannaireacht an Pháirtí agus neartú an Pháirtí a threisiú is iad sin ‘fréamh’ agus ‘anam’ na bhfiontar faoi úinéireacht an Stáit]. Since the establishment of China Information and Communication Technology Group Co., Ltd. (China Information and Communication Technology Group Co., Ltd.), the Party Committee of the Group has fully implemented the spirit of the 18th National Congress, of the 19th National Congress, of the previous plenary sessions of the Party and as well as the spirit of the National Conference on Party Building of State-owned enterprises, and has ensure that the Party building as well and all aspects of the enterprise’s work follow Xi Jinping's theory of the new era of socialism with Chinese characteristics. [Ó bunaíodh China Information and Communication Technology Group Co., Ltd. (China Information and Communication Technology Group Co., Ltd.), tá spiorad an 18ú Comhdháil Náisiúnta, an 19ú Comhdháil Náisiúnta, agus spiorad sheisiúin iomlánacha an Pháirtí roimhe seo curtha chun feidhme go hiomlán ag Coiste Páirtí an Ghrúpa chomh maith le spiorad na Comhdhála Náisiúnta maidir le Neartú an Pháirtí i ndáil le fiontair faoi úinéireacht an Stáit, agus chinntigh sé go leanann neartú an Pháirtí chomh maith le gach gné d’obair an fhiontair, teoiric Xi Jinping maidir le ré nua an tsóisialachais ina mbeidh saintréithe Síneacha]. Establish the “four consciousnesses”, strengthen the “four confidences”, resolutely achieve the “two safeguards”, deeply implement the general requirements of Party building in the new era, pay close attention to the Party governance’s main responsibilities, and fully involve to the Group’s Party Committee in corporate governance to exert leadership and “give direction, ensure the overall management, and ensure implementation” and continuously promote the “double integration and double promotion” of Party building with production and business work.’ (47)[Na ‘ceithre chomhfhiosacht’ a bhunú, na ‘ceithre mhuinín’ a threisiú, an ‘dá chosaint’ a bhaint amach go diongbháilte, ceanglais ghinearálta neartaithe an Pháirtí a chur chun feidhme go domhain sa ré nua, aird ghéar a thabhairt ar phríomhfhreagrachtaí rialachas an Pháirtí, agus Coiste Grúpa an Pháirtí a bheith páirteach go hiomlán sa rialachas corparáideach chun ceannaireacht a thabhairt agus ‘treoir a thabhairt, bainistiú iomlán agus cur chun feidhme a áirithiú’ agus chun ‘comhtháthú dúbailte agus cur chun cinn dúbailte’ a chur chun cinn go leanúnach i dtaca le neartú an Pháirtí le táirgeadh agus le hobair ghnó.]

(98)

Rinne an Coimisiún amach freisin go bhfuil gníomhaíochtaí neartaithe an Pháirtí leathnaithe amach chuig criosanna tionsclaíocha iomlána, mar a thuairiscítear ar shuíomh gréasáin chrios Wuhan Eastlake High-Tech Development: ‘Conveying the whole city's state-owned enterprise Party building work conference and the district party (work) committee secretary’s grass-roots Party building work and reporting on the general conference’s spirit:[Ag tuairisciú faoin gComhdháil maidir le hobair neartaithe an Pháirtí a bhaineann le fiontair faoi úinéireacht stáit de chuid na cathrach iomláine mar aon le hobair neartaithe an Pháirtí ó bhun atá déanta ag rúnaí choiste cheantair agus spiorad ginearálta na comhdhála]: An 7 Bealtaine 2019, reáchtáladh an chomhdháil áitiúil maidir le hobair neartaithe páirtí a chur chun cinn i bhfiontair faoi úinéireacht an Stáit de chuid Donghu High-tech Zone, i nGrúpa Cumarsáide Fiberhome. D'fhreastail beagnach 30 duine ar an gcruinniú, Leas-Stiúrthóir Party Working Committee Organization Department of Donghu High-tech Zone, Wan Ling agus a chomrádaithe gaolmhara ina measc, agus daoine atá freagrach as obair neartaithe agus cheannaireachta an Pháirtí a bhainistiú i bhfiontair faoi úinéireacht an Stáit atá faoi bhainistíocht lárnach an cheantair agus faoi bhainistíocht dhíreach an cheantair.’ (48)‘Optics Valley’ (49) a thugtar go minic ar The Donghu High-tech Zone (or Wuhan East Lake High-Tech Development Zone) mar gheall ar an bhfócas atá ann ar tháirgeacht optaileictreonaice, OFCanna san áireamh.

(99)

Ní mór a thabhairt faoi deara go mbaineann an Grúpa Fiberhome leis na gníomhaíochtaí a luadh san aithris roimhe seo, ar máthairchuideachta FTT í. Ar shuíomh gréasáin na cuideachta, luaitear ‘tacaíocht do bheartais an Rialtais’ mar cheann de phríomheilimintí dá caidreamh le Rialtas na Síne (50). Thairis sin, maidir le gníomhaíochtaí neartaithe páirtí cuideachta, léirítear Fiberhome mar shamhail le haghaidh fiontair eile: ‘On May 17, Optics Valley Construction Company organized a study visit for cadres and employees at Fiberhome Technology Group, to visit the exhibition of scientific and technological achievements, listen to expert lectures, and follow the inspection tour of General Secretary Xi Jinping, review the spirit of the important speech of General Secretary Xi Jinping during his inspection of Hubei […] Comrade Hua Xiaodong, Director of the Office of the President of Fiberhome Communications, focused on the Fiberhome Technology Group’s grassroots Party building, innovative Party building measures and online Party building results, […] The general manager of the company, Comrade Zhou Aiqiang, emphasized that the company’s cadres and employees must combine studying and implementing the spirit of General Secretary Xi Jinping’s important speeches with the spirit of the high-tech zone promoting the implementation of the Optics Valley’s high-quality development.’ (51) [An 17 Bealtaine, d’eagraigh Optics Valley Construction Company cuairt staidéir le haghaidh caidrí agus fostaithe ag Fiberhome Technology Group, chun cuairt a thabhairt ar thaispeántas den mhéid atá bainte amach san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, éisteacht le léachtaí ó shaineolaithe, agus turas cigireachta an Ard-Rúnaí Xi Jinping a leanúint, athbhreithniú a dhéanamh ar mheon na hóráide tábhachtaí ó Ard-Rúnaí Xi Jinping le linn dó cigireacht a dhéanamh ar Hubei [...] Maidir le Comrádaí Hua Xiaodong, Stiúrthóir ar Oifig an Uachtaráin de chuid Fiberhome Communications, dhírigh sé ar neartú chosmhuintir an Pháirtí in Fiberhome Technology Group, bearta nuálacha neartaithe an Pháirtí agus torthaí neartaithe ar líne an Pháirtí, […] Chuir bainisteoir ginearálta na cuideachta, an Comrádaí Zhou Aiqiang, i bhfáth gur gá do chaidrí agus d’fhostaithe staidéar a dhéanamh ar spiorad óráidí tábhachtacha an Ard-Rúnaí Xi Jingping agus iad a chur i bhfeidhm, agus sin a nascadh le spiorad an chreasa ardteicneolaíochta a chuireann cur i bhfeidhm fhorbairt Optics Valley chun cinn, forbairt atá ar ardcháilíocht.] Mar a léirítear sa mhír roimhe seo, tá sé beartaithe dlúthbhaint a bheith idir gníomhaíochtaí neartaithe páirtí agus forbairt gnó Optics Valley.

(100)

Mar a luadh in aithris (94), tá Rialtas na Síne ag déanamh tuilleadh forbartha ar ról Pháirtí Cumannach na Síne san earnáil phríobháideach, ar an gcaoi sin méadaítear a acmhainneacht tuilleadh chun cinntí agus oibríochtaí cuideachtaí príobháideacha a rialú agus cur isteach orthu. Fuair an Coimisiún go leor fianaise ar an gcur isteach sin thuas i gcás táirgeoirí OFCanna atá faoi úinéireacht phríobháideach.

(101)

Tá bród ar chuideachta ZTT aisti féin toisc go bhfuil PCS agus na húdaráis ag cur suime i bhfiontar na cuideachta: ‘ZTT has attracted the attention of the Communist Party and state leaders for its cross-domain development.[‘Tá aird Pháirtí Cumannach na Síne agus cheannairí stáit tarraingthe ag ZTT dá fhorbairt trasréimse.] The central, provincial and municipal leaders have inspected and given affirmation and encouragement to ZTT.’ (52) [‘Rinne ceannairí lárnacha, cúige agus bardasacha cigireacht ar ZTT agus tá dearbhú agus spreagadh tugtha acu dó.’] Ina theannta sin, tugtar cuntais ar shuíomh gréasáin na cuideachta ar a gníomhaíochtaí neartaithe páirtí agus an méid atá bainte amach aici, agus ar na hidirghníomhaíochtaí le Páirtí Cumannach na Síne agus leis na húdaráis ina leith sin. Mar shampla, déanann an chuideachta cur síos ar chigireacht a rinne ceannairí cúige, ceannairí bardasach agus ceannairí rialtais ar obair neartaithe páirtí na cuideachta: ‘Xue Jiping [Secretary of the Party Committee and Chairman of ZTT], said that Zhongtian Technology is a key manufacturing enterprise in Nantong, and that today's development is inseparable from the care and support of Party committees and government leaders at all levels, as well as that the Party committee of Zhongtian Technology Group, under the guidance of the superior Party organization, carefully set up the stage to foster mutual promotion, common progress and win-win of Party building together with enterprise development.[‘Dúirt Xue Jiping [Rúnaí Choiste an Pháirtí agus Cathaoirleach ZTT], gur mórfhiontar monaraíochta i Nantong é Zhongtian Technology agus go bhfuil forbairt an lae inniu doscartha ó chúram agus tacaíocht coistí Páirtí agus ceannairí rialtais ar gach leibhéal, agus gur réitigh coiste Páirtí Ghrúpa Teicneolaíochta Zhongtian an bealach go cúramach chun cur chun cinn frithpháirteach, dul chun cinn coiteann agus gnóthú neartaithe Páirtí chomh maith le forbairt fiontar a chothú, faoi threoir eagraíocht an uaspháirtí.] He highlighted the two specific practices that Zhongtian Technology summarized and formed under the leadership of the Party flag. [Tharraing sé aird ar dhá chleachtas shonracha a rinne Zhongtian Technology achoimre orthu agus a bunaíodh faoi cheannaireacht bhratach an Pháirtí]. The first is the working system of the advanced spiritual homeland engineers. [Is é córas oibre na n-innealtóirí ardoilte spioradálta athartha an chéad cheann]. […]; The second is the advanced intellectual property bank enhancing the enterprise’s core competitiveness by involving the backbone of party members’ initiatives, truly transforming the advantages of Party building into development advantages, and transforming the wisdom of the Party and the masses into development efficiency.’ (53) [An dara ceann is ea go bhfuil an t-ardbhanc maoine intleachtúla ag feabhsú iomaíochas lárnach an fhiontair trí ról a thabhairt do chnámh droma thionscnaimh chomhaltaí an pháirtí, lena ndéantar buntáistí forbartha de na buntáistí neartaithe páirtí i ndáiríre, agus lena ndéantar éifeachtacht forbartha de chríonnacht an Pháirtí agus an ghnáthphobail’]. Leagann an chuideachta béim freisin ar thosaíocht na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an bpáirtí agus ar an tábhacht atá le hiad a chomhtháthú le hoibríochtaí na cuideachta: ‘The Party Committee of Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd. was awarded the honorary title of “Advanced Grassroot Party Organization of Jiangsu Province” and became the only enterprise in Nantong area to receive this honor. [‘Bronnadh an teideal oinigh ‘Advanced Grassroot Party Organization of Jiangsu Province’ ar Choiste Páirtí Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd. agus is é an t-aon fhiontar i gceantar Nantong a bhfuil an onóir sin faighte aige.] In recent years, under the leadership of Xue Jiping, a national model worker, party secretary, and chairman of the board of directors, the Zhongtian Technology Party Committee has always adhered to the guiding ideology of “focusing on Party building around development and promoting development through Party building”, and actively explored standardized and integrated party building models, focussing on the integration of Party building work with enterprise production and business, detailed management, and culture development.’ (54) [‘Le blianta beaga anuas, faoi cheannaireacht Xue Jiping, oibrí eiseamláireach náisiúnta, rúnaí páirtí agus cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí, chloígh Coiste Páirtí Zhongtian Technology i gcónaí leis an idé-eolaíocht treorach maidir le ‘díriú ar an neartú páirtí bunaithe ar fhorbairt agus forbairt a chur chun cinn trí neartú páirtí’, agus rinne sé samhlacha neartaithe páirtí caighdeánaithe agus comhtháite a fhiosrú go gníomhach, inar dhírigh sé ar an obair neartaithe Páirtí a chomhtháthú le táirgeadh fiontar agus gnó, ar an mbainistíocht mhionsonraithe, agus ar an bhforbairt chultúir.’]

(102)

Fuair an Coimisiún fianaise freisin maidir le tionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar tháirgeoir eile OFCanna a bhfuil táirgeadh suntasach intíre agus onnmhairiúcháin aige den táirge lena mbaineann chuig an Aontas, is é sin an Grúpa Hengtong. Bhí an chuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, ag foilsiú tuairiscí faoi ról agus tionchar Pháirtí Cumannach na Síne, faoi bhallraíocht PCS agus coistí Páirtí laistigh den chuideachta, chomh maith leis an gcaoi a gcloíonn an chuideachta le straitéisí an Stáit ina cuid gníomhaíochtaí: ‘Without the reform and opening policy, there would be no Hengtong today; [‘Gan an beartas athchóirithe agus oscailteach ní bheadh Hengtong ar an bhfód inniu;] as regards the future development of Hengtong, the banner of the Party must be flying high in the enterprise [maidir le forbairtí ar Hengtong amach anseo, ní mór meirge an Pháirtí a bheith ar foluain go hard san fhiontar.] Cui Genliang, Secretary of the Party committee and Chairman of the Board of directors of Hengtong Group, said that the Party committee of Hengtong Group has never forgotten its original intention, has always remembered its mission and will continue to forge the “red engine” of party building, cast the surging power of a new round of the enterprise’s development, and strive to answer the questionnaire of the era of high-quality development. [Dúirt Cui Genliang, Rúnaí choiste an Pháirtí agus Cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí an Ghrúpa Hengtong nach bhfuil dearmad déanta riamh ag coiste Páirtí an Ghrúpa Hengtong ar a bhunrún, go bhfuil a mhisean i gcónaí ina chuimhne aige agus go leanfaidh sé de ‘inneall dearg’ an neartaithe páirtí a chothú, cumhacht mhéadaitheach ar bhabhta nua d’fhorbairt an fhiontair a scaipeadh agus iarracht a dhéanamh freagra a thabhairt ar cheistneoir ré na forbartha ardcháilíochta.] […] Through the “one person for two positions” system allowing the same person to be Party secretary and company leader, the current 32 party branch secretaries of Hengtong Group are all held by the general managers of each company, and the effectiveness of Party building work is included in the overall assessment of subsidiaries. [(…) Tríd an gcóras ‘duine amháin le haghaidh dhá phost’ a ligeann don duine céanna a bheith ina rúnaí Páirtí agus ina cheannaire cuideachta, is iad bainisteoirí ginearálta gach cuideachta atá ina rúnaithe Páirtí agus ina gceannairí cuideachta ar Ghrúpa Hengtong, agus áirítear éifeachtacht obair neartaithe Páirtí i measúnú iomlán na bhfochuideachtaí.] […] The [Hengtong] Group’s Party committee holds a Party building seminar every two years to formulate the group’s Party building work plan as a “prescribed action” for the annual work of each Party branch while each Party branch chooses an innovative “optional action”, to promote the corporate branch to grasp the fortress-type goal and to create a Group’s Party building “combat team”, to make sure that staff Party members focus on banner-type honours, to create group’s Party building “special forces”, and form a Group Party building paradigm of “strategic Party committees, Party fortress branches and banner Party members […] The enterprise’s development is inseparable from the Party’s correct leadership. [(…) Reáchtálann coiste Páirtí Ghrúpa [Hengtong] seimineár neartaithe Páirtí gach dhá bhliain chun plean neartaithe Páirtí an ghrúpa a cheapadh mar ‘ghníomh forordaithe’ le haghaidh obair bhliantúil gach craobh den Pháirtí fad a roghnaíonn gach craobh den Pháirtí ‘gníomh roghnach’ nuálach chun an chraobh chorparáideach a chur chun cinn chun an sprioc dhaingean a thapú agus chun ‘foireann chomhraic’ ghrúpa a chruthú le haghaidh neartú an Pháirtí, chun a chinntiú go ndíríonn comhaltaí an Pháirtí ar onóracha an bhrataigh, chun ‘fórsaí speisialta a bhunú’, do ghrúpa neartaithe páirtí agus chun paraidím neartaithe grúpa páirtí a chruthú de ‘choistí straitéiseacha Páirtí, craobhacha daingne Páirtí agus comhaltaí an Pháirtí faoin mbratach […]. Ní féidir forbairt an fhiontair a dhoscaradh ó cheannaireacht cheart an Pháirtí.] We must always be grateful and take responsibility while remaining based on the society.’ [Ní mór dúinn a bheith buíoch i gcónaí agus freagracht a ghlacadh agus fanacht bunaithe ar an tsochaí ag an am céanna.’] The Hengtong Group’s Party Committee has established a great responsibility to closely follow the national development strategy, and considers Party building work as way to achieve the close integration of corporate development with the national strategy and to seize major opportunities to grow bigger and stronger.’ (55) [Tá freagracht mhór leagtha síos ag Coiste Páirtí Ghrúpa Hengtong an straitéis forbartha náisiúnta a leanúint go géar, agus measann sé gurb í an obair neartaithe páirtí an bealach chun an fhorbairt chorparáideach a chomhtháthú leis an straitéis náisiúnta agus chun deiseanna ollmhóra a ghlacadh chun gur féidir leis fás agus éirí níos láidre.’]

(103)

Thairis sin, rinne an Coimisiún amach go bhfuil an chuideachta YOFC atá faoi úinéireacht phríobháideach, faoi réir thionchar an Stáit freisin, go háirithe trí ról Pháirtí Cumannach na Síne in oibríochtaí na cuideachta. Ar shuíomh gréasáin na cuideachta, tugtar cuntais ar an idirghníomhaíocht sin nuair a dhéantar cur síos ar imeacht atá dírithe ar chomóradh 97 mbliana de bhunú Pháirtí Cumannach na Síne: ‘At the meeting, Comrade Ma Jie, Secretary of the Party Committee and Chairman of YOFC, delivered an important report. [‘Ag an gcruinniú, thug an Comrádaí Ma Jie, Rúnaí Choiste an Pháirtí agus Cathaoirleach YOFC tuarascáil thábhachtach uaidh.] Rinne an Rúnaí Ma Jie achoimre chuimsitheach ar obair neartaithe páirtí na cuideachta agus coinníollacha oibriúcháin na cuideachta le linn na bliana seo caite, agus mhol sé riachtanais oibre don todhchaí. Chuir sé an méid seo a leanas in iúl: In the past year, under the correct leadership of the higher-level organizations, in accordance with the overall deployment and requirements of the Donghu High-tech Zone Party Working Committee, the company’s Party committee has carefully studied and implemented the spirit of the 19th National Congress of the Communist Party of China and focused on the overall development of YOFC. [Le bliain anuas, faoi cheannaireacht cheart na n-eagraíochtaí ard-leibhéil, i gcomhréir le himscaradh foriomlán agus riachtanais Choiste Oibre Donghu High-tech Zone Party, tá staidéar cúramach déanta ag coiste páirtí na cuideachta ar spiorad an 19ú Comhdháil Náisiúnta de Pháirtí Cumannach na Síne agus tá sé curtha chun feidhme aige agus dhírigh sé ar fhorbairt fhoriomlán YOFC.] […] In the report, Secretary Ma Jie also analysed the challenges faced by YOFC in 2018 and required all Party members to effectively implement the company's five strategic measures to accelerate the company's transformation and development. [(…) Sa tuarascáil, rinne an Rúnaí Ma Jie anailís freisin ar na dúshláin a bhí roimh YOFC in 2018 agus chuir sé de cheangal ar chomhaltaí uile an Pháirtí cúig bheart straitéiseacha na cuideachta a chur chun feidhme go héifeachtach chun dlús a chur le claochlú agus forbairt na cuideachta.] […] D’iarr sé an méid seo a leanas: “[…] Guided by the spirit of the report of the 19th National Congress of the Communist Party of China, and taking the 30th anniversary of YOFC as an opportunity, we will make new contributions to the company's brand-new future, recreate new glories”’ (56).‘[Agus muid ár dtreorú ag spiorad thuarascáil 19ú Comhdháil Náisiúnta Pháirtí Cumannach na Síne, agus ag glacadh comóradh 30 bliain YOFC mar dheis, rannchuideoimid a thuilleadh le todhchaí úrnua na cuideachta, athchruthóimid glóirí nua’.] One year later, at the occasion of the 98th CCP anniversary, YOFC also reported that in 2019 ‘the party committee of YOFC was awarded the honourable title of “Advanced Party Organization” of the Donghu High-tech Zone’.[‘Bliain ina dhiaidh sin, tráth chomóradh 98 bliain Pháirtí Cumannach na Síne, thug YOFC le fios freisin gur bronnadh teideal onórach ‘Advanced Party Organization’ de Donghu High-tech Zone ar choiste páirtí YOFC in 2019’.] During the event, Chairman and Secretary Ma Jie ‘called on all Party members to hold high the great banner of socialism with Chinese characteristics and firmly establish the “four consciousnesses”, to strengthen the “four self-confidences”, practice the “two maintenances”, learn from the example, take the advanced ones as the benchmark, perform their duties with diligence, inherit and carry forward the older generation’s pioneering and innovative spirit of revolutionaries and advanced model figures, fully involve grassroots Party branches as battle fortresses as well as pioneering and exemplary Party members, strive for the full completion of YOFC's business objectives in 2019, and present the outstanding achievements as a gift for the 98th anniversary of the founding of the Communist Party of China, and for the 70th anniversary of the founding of the People's Republic of China!’ (57)[Le linn an imeachta ‘d’iarr Cathaoirleach agus Rúnaí Ma Jie, ar chomhaltaí uile an Pháirtí an meirge mór sóisialachais a bhfuil saintréithe Síneacha aige a chur ar foluain go hard agus na ‘ceithre chomhfhiosacht’ a bhunú go daingean, na ‘ceithre fhéinmhuinín’ a neartú, an ‘dá chothabháil’ a chleachtadh, foghlaim ón sampla, na cinn ardleibhéil a ghlacadh mar an tagarmharc, a ndualgais a chomhlíonadh le dúthracht, spiorad ceannródaíoch agus nuálach réabhlóidí agus eiseamláirí sárfhorbartha na Síne a bhí ag na glúine is sine a ghlacadh agus a thabhairt ar aghaidh, craobhacha cosmhuintire an Pháirtí a bheith rannpháirteach go hiomlán mar dhaingin chatha chomh maith le comhaltaí Páirtí ceannródaíocha agus samplacha, iarracht a dhéanamh cuspóirí gnó YOFC a bhaint amach go hiomlán in 2019 agus an méid iontach a baineadh amach a thabhairt mar bhronntanas do chomóradh 98 mbliana de bhunú Pháirtí Chumannach na Síne agus do chomóradh 70 bliain de bhunú Dhaon-Phoblacht na Síne!]

(104)

Tá forluí pearsanta ag struchtúir Pháirtí Cumannach na Síne freisin leis na comhlachtaí bainistíochta corparáideacha i gcás cuid de mhórtháirgeoirí OFCanna. Fuair an Coimisiún amach gur comhalta de Pháirtí Cumannach na Síne agus gurb é Rúnaí Choiste an Pháirtí é Cathaoirleach agus scairshealbhóir rialaithe ZTT (58). I gcás FTT, mórthairgeoir eile OFCanna, tá cathaoirleach an Bhoird Stiúrthóirí, Lu Guoqing, ina chomhalta de Pháirtí Cumannach na Síne (59), agus tá poist Rúnaí agus Leas-Rúnaí Choiste an Pháirtí ag beirt ardbhainisteoirí eile freisin (60). De réir fianaise a luadh cheana in aithris (102), ní hamháin go bhfuil scairshealbhóir rialaithe an táirgeora OFCanna, an Grúpa Hengtong atá faoi úinéireacht an Stáit – Cui Genliang – ina Chathaoirleach ar Bhord na Stiúrthóirí ach is é Rúnaí Choiste an Pháirtí é freisin. Bhíodh sé ina Ionadaí freisin sa 12ú agus sa 13ú Comhdháil Náisiúnta (61) Thairis sin, mar a suíodh in aithris (103), tá post Rúnaí Choiste an Pháirtí ag Ma Jie – Cathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí YOFC – agus is comhalta de Pháirtí Cumannach na Síne é (62).

(105)

Tá éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais (féach freisin Roinn 3.1.1.8 thíos), chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchur ar an margadh (63). Dá réir sin, de bharr go mbíonn an Stát i láthair i ngnólachtaí, lena n-áirítear fiontair atá faoi úinéireacht an Stáit, san earnáil OFC agus in earnálacha gaolmhara eile (amhail na hearnálacha airgeadais agus ionchuir), faigheann Rialtas na Síne deis cur isteach i dtaca le praghsanna agus costais.

3.1.1.5.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an tríú fleasc den bhun-Rialachán: beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir

(106)

Déantar amach treo gheilleagar na Síne ar bhealach suntasach trí chóras pleanála ilchasta lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na cuspóirí nach mór do na rialtais lárnacha agus áitiúla díriú orthu. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal rialtais agus cumhdaítear leo beagnach gach earnáil eacnamaíoch. Tá na cuspóirí a leagtar síos leis na hionstraimí pleanála de chineál ceangailteach agus déanann na húdaráis ar gach leibhéal riaracháin faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna a bhíonn ag an leibhéal comhfhreagrach is ísle den rialtas. Ar an iomlán, de bharr an chórais pleanála i nDaon-Phoblacht na Síne fágann sé go mbíonn acmhainní á leithdháileadh ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile ag an rialtas, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (64).

(107)

Meastar gur príomhtháirge é trealamh OFC de réir Rialtas na Síne, mar atá le fáil i ndoiciméid agus i liostaí beartais phoiblí (65). Tá tábhacht mhór ag baint le catagóiriú den sórt sin toisc go gcáilítear earnálacha áirithe chun iad a chuimsiú trí bheartais shonracha éagsúla agus trí bhearta tacaíochta arna gceapadh chun forbairt a spreagadh i ngach earnáil (66). Ós rud é go bhfuil OFCanna ina bpríomhpháirt de bhonneagar líonraí idirlín, tá ról ríthábhachtach aige maidir le rolladh amach líonraí snáthoptaice agus idirlín leathanbhanda. Déantar forbairt OFC i nDaon-Phoblacht na Síne a threorú agus a bhainistiú le go leor pleananna, treoracha agus doiciméid eile, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach, agus atá idirnasctha go frithpháirteach. Cuimsíonn samplaí de na príomhdhoiciméid bheartais sin an méid seo a leanas ar an leibhéal lárnach: an 13ú Plean Cúig Bliana (FYP) maidir le Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Dhaon-Phoblacht na Síne (2016-2020) (67), agus an 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Tionscail Straitéiseacha atá ag Teacht Chun Cinn (SEI) (68), an Plean ‘Made in China 2025’ (69), an Plean ‘Internet Plus’ (70), straitéis ‘Leathanbhanda na Síne’ (71), Tuairimí Treoracha Oifig Ghinearálta na Comhairle Stát maidir le Dlús a chur le Líonra Leathanbhanda Ardluais a thógáil agus Taraifí níos ísle le haghaidh Ceangal Idirlín níos Tapúla (72) a chur chun cinn, nó Plean Gníomhaíochta trí bliana maidir le Tionscadail Bhonneagair Mhórshonraí a thógáil (73). Déantar forálacha na mbeartas lárnach a léiriú ar an leibhéal fo-lárnach agus tá obair leantach léirithe ar an leibhéal sin , mar shampla i bPlean Gníomhaíochta Chúige Guangdong maidir le ‘Internet Plus’(2015-2020) (74). Maidir leis sin, is féidir doiciméid phleanála a bhaineann le hearnálacha eile arna n-eisiúint ar an leibhéal fo-lárnach a nascadh le forbairt an idirlín i dtéarmaí treoir bheartais, agus go háirithe cur chun feidhme an Phlean ‘Idirlíon Plus’ – amhail i gcás an 13ú Plean Cúig Bliana maidir le Peitriceimiceáin i gCúige Hebei (75).

(108)

Ba iad na beartais thuas príomhfhócas an Stáit ar líonraí agus ar bhonneagar snáthoptaice a fhorbairt, agus ar an gcaoi chéanna ar mhargadh OFCanna agus ar an tacaíocht ón Stát lena mbaineann. Thairis sin, tá dlúthbhaint ag cur chun feidhme na mbeartas thuas le beartais uachtaracha a chur chun feidhm agus cuireadh chun cinn iad mar gheall ar cur chun feidhme na mbeartas uachtarach, amhail forbairt an tionscail faisnéise (doiciméad ábhartha: ‘Guide for the Development of the Information Industry’ [Treoir maidir le Forbairt Thionscal na Faisnéise] ón Aireacht Tionscail agus Teicneolaíochta Faisnéise (MIIT) agus ón gCoimisiún um Fhorbairt agus Athchóiriú Náisiúnta (NDRC)), de thionscal na mórshonraí (doiciméad ábhartha: ‘Plean Forbartha Thionscal na Mórshonraí (2016-2020) ó MIIT’), maidir le néalríomhaireacht (doiciméad ábhartha ‘Plean Gníomhaíochta trí bliana d’Fhorbairt na Néalríomhaireachta (2017-2019) ó MIIT’), nó maidir le ‘hIdirlíon na Rudaí Nithiúla’ (doiciméad ábhartha: Fógra ó Ard-Oifig MIIT maidir le Tógáil agus Forbairt Idirlíon Soghluaiste na Rudaí Nithiúla a chur chun cinn go cuimsitheach(76). Is é sin le rá, is é OFC an táirge a bhfuil an-tábhacht ag baint leis do Rialtas na Síne i dtógáil líonraí agus bonneagair a fhreastalaíonn ar shraitheanna iomlána de réimsí lárnacha nascachta agus beartais dhigitigh arna bhforbairt agus arna maoirsiú ag an Stát. Ar bhonn na ndoiciméad beartais a luaitear in aithris (107) agus aithris (108), déanann Rialtas na Síne idirghabháil chun na beartais ghaolmhara a chur chun feidhme agus cuireann sé isteach ar shaor-imirt fhórsaí margaidh earnáil OFCanna, go háirithe trí thacú leis an earnáil sin agus í a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla.

(109)

Stiúrann Rialtas na Síne forbairt earnáil OFCanna i gcomhréir le raon leathan uirlisí. Tháinig an Coimisiún ar an bhfianaise maidir le tionscadail shonracha, agus bunú cistí faoi threoir an rialtais agus criosanna tionsclaíocha, fianaise a léiríonn raon na tacaíochta ó údaráis phoiblí do tháirgeoirí OFCanna agus dá slabhra luacha.

(110)

Is mar seo a leanas a bhí fianaise le feiceáil maidir le cás de chiste treorach áitiúil agus de ghníomhaíochtaí na n-údarás a thacaíonn le hearnáil OFCanna trí thionscadal fothaithe acmhainneachta i gCúige Shandong: ‘Tá infheistíocht iomlán de RMB 1 bhilliún ag céim I den tionscadal agus is éard atá ann sé thúr tarraingthe snáithíní optúla agus 12 líne tháirgeachta snáithíní optúla a thógáil, lena mbaintear amach dul chun cinn sa tionscal snáthoptaice i gCúige Shandong. […] Le teacht cistí infheistíochta cothromais rialtais, cuireadh ar a gcumas do chuideachtaí costais mhaoiniúcháin a laghdú, cuireadh feabhas ar a stóinseacht airgeadais agus ar a gcóimheas slándála, treoraíodh claochlú coincheap gnó agus rinneadh uasghráduithe a áirithiú’. (77) Deimhníonn foinse eile gurb é is aidhm don tionscadal beartas uileghabhálach Stáit a chur chun feidhme, amhail na beartais sin a áirítear in aithris (106) go dtí aithris (108), beartais a bhraitheann mar sin ar shnáithíní optúla: ‘Tá forbairt an Idirlín doscartha ó uirlisí tarchurtha ardluais, agus déantar uirlisí tarchurtha ardluais a dhíorthú ó shnáithíní optúla maithe. Is cuideachta ardteicneolaíochta é Shandong Zhiguang Communication Technology Co., Ltd. a bunaíodh chun an gníomh straitéiseach ‘Made in China 2025’ a chur chun feidhme, straitéis náisiúnta le haghaidh forbairt eacnamaíoch bunaithe ar an bhfaisnéis, mar aon le riachtanais na príomhthionscadal náisiúnta ar nós ‘Mórshonraí’, ‘Internet Plus’ agus ‘An tSín Dhigiteach’ a chomhlíonadh. Maidir le snáithíní optúla, is ábhar ina bhfuil ‘géine’ nádúrtha na heolaíochta agus na teicneolaíochta é, ábhar a chuir a fhréamhacha i gCathair Zaozhuang agus atá faoi bhláth ann anois.’ (78)

(111)

Tháinig an Coimisiún ar chás freisin maidir le bunú ciste a fuair tacaíocht bhardasach i gCathair Suzhou le haghaidh méid suas le 1 bhilliún RMB a cuireadh ar fáil chun brú airgeadais a mhaolú, brú a d’eascair ó dheacrachtaí gnó ceann de tháirgeoirí OFCanna – Faisnéis Idirnasctha Tongding. Is é is aidhm don chiste freisin bealach na gcuideachtaí a éascú chun liostú stocmhalartáin a bhaint amach (79).

(112)

Ina theannta sin, mar a luadh in aithris (98), chinn an Coimisiún go raibh limistéar amháin in Wuhan – the East Lake New Technology Industry Development Zone – mar bhonn táirgthe mór le haghaidh OFCanna i measc limistéir speisialta forbartha tionscail a fhaigheann tacaíocht ó Rialtas na Síne. Mar cheann de na ‘Limistéir Náisiúnta Forbartha Tionscail Ardteicneolaíochta’ agus ‘Limistéar Náisiúnta Taispeántais Nuálaíochta Dúchasaí’ a d’fhormheas an Chomhairle Stáit, bhí sé ar an gcéad bhonn tionscal optaileictreonaice i nDaon-Phoblacht na Síne(ar a dtugtar freisin ‘China Optics Valley’ – féach aithris (98)). Maidir le táirgeoirí OFCanna atá gníomhach sa limistéar, tá tairbhe á baint acu as cineálacha éagsúla dreasachtaí agus tacaíocht ó Stáit (80).

(113)

Ina theannta sin, i measc na n-ionstraimí trína stiúrann Rialtas na Síne forbairt earnáil OFCanna, tá fóirdheontais dhíreacha Stáit ann freisin. Deimhnítear i dTuarascáil Bhliantúil 2019 táirgeora onnmhairiúcháin FTT go raibh RMB 393 milliún d’fhóirdheontais rialtais mar ioncam iarchurtha ag an gcuideachta agus RMB 45 milliún d’fhóirdheontais rialtais mar 'ioncam eile' ag deireadh 2019 (81). Deimhnítear i dtuarascáil bhliantúil 2019 táirgeora onnmhairiúcháin ZTT go raibh RMB 150 milliún d’ioncam iarchurtha ag an gcuideachta i bhfóirdheontais ón rialtas agus go bhfuair sé RMB 361 milliún d’fhóirdheontais rialtais a bhaineann le gníomhaíochtaí laethúla cuideachtaí ó dheireadh 2019 (82). Thairis sin, tugtar bunús i dtuarascáil bhliantúil 2019 ó tháirgeoir OFCanna Hengtong Group go raibh ioncam iarchurtha na cuideachta comhdhéanta d’fhóirdheontais rialtais arbh é a bhí iontu RMB 81 milliún agus fóirdheontais a sonraíodh a bhí ag baint le gníomhaíochtaí laethúla cuideachta arbh é a bhí iontu RMB 268 milliún in 2019 (83).

(114)

Maidir le hionchuir a úsáideadh i dtáirgeadh OFCanna, chinn an Coimisiún go bhfuil araimíd, snáithín sintéiseach a fhaightear go ceimiceach agus ionchur i dtáirgeadh na gcáblaí snáthoptaice - mar an gcéanna le snáithíní optúla (féach aithris (107)) – rangaithe ina príomhtháirge ag Rialtas na Síne sa Guiding Catalogue of key products and services in strategic emerging industries (84) [Catalóg Treorach maidir le príomhtháirgí agus seirbhísí i dtionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn]. Leis an gcáilíocht seo, cuireadh fócas bheartais éagsúla Rialtas na Síne ar an amhábhar sin. Dá thoradh sin, cumhdaíodh araimíd i nDaon-Phoblacht na Síne le doiciméid phleanála, amhail an Plean Cur Chun Feidhme maidir le Tionscal Déantúsaíochta Snáithín Ceimiceach a Chlaochlú agus a Uasghrádú (2017 - 2020) (an Plean Cur Chun Feidhme), plean ina bhfuil sé mar phríomhábhar fócais maidir le dlús a chur le forbairt (85). Rinneadh amach gur cumhdaíodh araimíd i ndoiciméad pleanála breise amháin ar a laghad – Plean Cur Chun Cinn Forbartha Tionscail Nua-Ábhair 2016 Hebei inar tugadh treoir do pháirtithe leasmhara ábhartha go sonrach dlús a chur le forbairt snáithíní araimíde, trí Chlár Tóirse Náisiúnta Handan (86).

(115)

Ar bhealach níos leithne, níl snáithíní ceimiceacha faoi réir beartais rialála Stáit agus bainistithe margaidh go lárnach amach (mar shampla tríd an bPlean Cur Chun Feidhme) ach freisin faoi dhoiciméid phleanála fho-lárnaigh, amhail Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang do Chlaochlú agus Uasghrádú Chuimsitheach Tionscal Déantúsaíochta Traidisiúnta – ina bhfuil snáithíní ceimiceacha mar cheann de na deich bpríomhthionscal atá faoi réir beartais bhainistíochta ar leith (87), nó an 13ú Plean Cúig Bliana um Fhorbairt an Tionscail Cheimiceach i gCúige Jiangsu (2016 - 2020). I bhforálacha an dara ceann maidir le hábhair cheimiceacha nua, dírítear go háirithe ar thacú le forbairt agus tionsclaíocht feidhmeanna iartheachtacha ard-bhreisluacha amhail ‘snáithíní ardfheidhmíochta’, rud ar féidir leo snáithíní a úsáidtear i dtáirgeadh OFCanna a chuimsiú. Maidir leis sin, tugtar treoir sa Phlean sin freisin don tionscal costais táirgeachta a laghdú agus ‘na baic sholáthair maidir le príomhábhair tacaíochta réamhtheachtacha a bhaint’ (88).

(116)

Maidir le hionchur bunúsach eile – poileitiléin – tá fianaise ann maidir le bainistíocht táirgeachta ag an Stát: chuir Coimisiún Forbartha agus Athchóirithe Náisiúnta (NDRC) próisis áirithe táirgthe poileitiléine san áireamh ina Chatalóg maidir le hAthstruchtúrú Tionsclaíoch a Threorú, áit a gcumhdaíonn fo-alt amháin den ‘liosta srianta’ peitriceimiceáin, agus go háirithe áirítear ‘clóiríd phoileitiléine nó pholaivinile trí phróiseas aicéitiléine a bhfuil aschur bliantúil níos lú ná 200 000 tona ann’ (89).

(117)

I dtéarmaí ginearálta, measann Rialtas na Síne gur earnáil thábhachtach é an tionscal ceimiceach, earnáil óna dtagann táirgeoirí OFCanna ar roinnt dá n-ionchur (féach aithrisí (90) agus (114)). Léirítear é sin i gcuid mhór pleananna, treoracha éagsúla agus doiciméid a bhaineann le hearnáil na gceimiceán, a eisítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus cathrach. Is é is aidhm do na doiciméid seo bainistiú a dhéanamh ar go leor gnéithe d’fheidhmiú na hearnála ceimiceán i gcoitinne, agus dá bhrí sin, beidh tionchar acu, mar shampla, ar na fo-earnálacha a tháirgeann comhdhúile ceimiceacha réamhtheachtacha éagsúla a úsáidtear chun amhábhair cheimiceacha a úsáidtear i dtáirgeadh OFCanna a mhonarú (e.g. iad sin a áirítear in aithris (90) agus aithris (114)), go háirithe maidir le forbairt an tslabhra luacha, patrúin soláthair, rogha na teicneolaíochta, suíomh na táirgeachta, nó tacaíocht bheartais (90).

(118)

Dheimhnigh an Coimisiún freisin, go sonrach i gcás snáithíní gloine arbh ionann iad agus ceann amháin de na hionchuir, go ndearna an Stát idirghabháil i ndáileadh geografach an táirgthe snáithíní gloine, trí fhorálacha an 13ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Tionscal Ábhar Foirgníochta (2016-2020) (91), go háirithe trí threoir a thabhairt do tháirgeacht a fhorbairt go sonrach i gCúige Jiangxi, agus dá bhrí sin ag cur isteach ar shaorchinnteoireacht na n-oibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

(119)

Mar a luadh sa Tuarascáil freisin, níl praghsanna an leictreachais, ar ceann amháin de na tosca táirgeachta OFCanna, bunaithe ar an margadh i nDaon-Phoblacht na Síne agus déanann saobhadh suntasach difear dóibh freisin (trí shocrú lárnach praghsanna, trí dhifreáil praghsanna agus trí chleachtais cheannaigh cumhachta dírí) (92).

(120)

Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh iarmhairt shaobhach ar phraghsanna ag an mbaint atá ag an rialtas agus ag údaráis phoiblí ar fud slabhra luacha iomlán OFCanna. Tríd na meáin a tuairiscíodh thuas, tá earnáil OFCanna agus na hearnálacha a tháirgeann na hamhábhair a úsáidtear chun OFCanna a tháirgeadh faoi réir idirghabháil an rialtais, agus bíonn Rialtas na Síne ag stiúradh agus ag rialú beagnach gach gné maidir le forbairt agus feidhmiú shlabhra luacha na gcáblaí snáthoptaice.

(121)

Mar achoimre, tá bearta i bhfeidhm ag Rialtas na Síne chun oibreoirí a spreagadh le cuspóirí beartais phoiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeoirí OFCanna agus na hionchuir a úsáidtear i monaraíocht OFCanna. Cuireann bearta den sórt sin bac ar fhórsaí an mhargaidh a oibriú gan bhac.

3.1.1.6.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán: maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor

(122)

De réir na faisnéise atá ar comhad, ní bhaineann córas féimheachta na Síne a phríomhchuspóirí féin amach ar bhonn leordhóthanach amhail éilimh agus fiachais a shocrú go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú. Dealraítear go bhfuil sé sin fréamhaithe ar dhlí féimheachta na Síne atá bunaithe go foirmiúil ar phrionsabail atá cosúil leo sin a chuirtear i bhfeidhm i ndlíthe comhfhreagracha i dtíortha seachas Daon-Phoblacht na Síne, áit ina bhfuil tearc-fhorfheidhmiú á dhéanamh ar chóras na Síne. Tá líon na bhféimheachtaí fós thar a bheith íseal i gcomparáid le méid gheilleagar na tíre, go háirithe toisc go mbíonn roinnt easnamh ag baint leis na himeachtaí dócmhainneachta, agus go bhfeidhmíonn na himeachtaí sin go héifeachtach mar dhídhreasú i gcomhair comhdú féimheachta. Thairis sin, tá ról an Stáit sna himeachtaí dócmhainneachta láidir agus gníomhach i gcónaí, agus bíonn tionchar díreach acu go minic ar thoradh na n-imeachtaí (93).

(123)

Ina theannta sin, is léir go háirithe easnaimh an chórais maidir le cearta maoine i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún i nDaon-Phoblacht na Síne (94). Is leis an Stát Síneach an talamh go léir (talamh tuaithe faoi chomhúinéireacht an phobail agus talamh uirbeach faoi úinéireacht an Stáit). Is ar an Stát agus air sin amháin atá a leithdháileadh ag brath. Tá forálacha dlíthiúla ann arb é is aidhm dóibh cearta úsáide talún a leithdháileadh ar bhealach trédhearcach agus ar phraghsanna margaidh, mar shampla trí nósanna imeachta tairisceana a thabhairt isteach. Mar sin féin, is minic nach n-urramaítear na forálacha sin, agus faigheann ceannaitheoirí áirithe a dtalamh saor in aisce nó faoi bhun rátaí an mhargaidh (95). Thairis sin, saothraíonn na húdaráis spriocanna polaitiúla sonracha lena n-áirítear na pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme nuair a bhíonn talamh á leithdháileadh (96).

(124)

Ach oiread le hearnálacha eile i ngeilleagar na Síne, tá táirgeoirí OFCanna faoi réir ghnáthrialacha dhlíthe féimheachta, corparáideacha, agus maoine na Síne. Tá sé d’éifeacht aige sin go mbíonn na cuideachtaí sin iad féin faoi réir an tsaofa ón mbarr anuas a eascraíonn as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine. Níor léirigh an t-imscrúdú seo aon rud a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart, rud a chruthaíonn saobhadh dá réir sin nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád sócmhainneach agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Dealraítear go bhfuil na breithnithe sin, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, infheidhme go hiomlán freisin in earnáil OFCanna agus sna hearnálacha ina monaraítear na hamhábhair a úsáidtear chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh.

(125)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh dlíthe féimheachta agus maoine á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó go rabhthas á bhforfheidhmiú go neamhleor in earnáil OFCanna agus sna hearnálacha a mhonaraíonn na hamhábhair a úsáidtear chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh.

3.1.1.7.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán: saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais phá

(126)

Ní féidir córas pá margadhbhunaithe a fhorbairt go hiomlán i nDaon-Phoblacht na Síne toisc go gcuirtear bac ar oibrithe agus ar fhostóirí lena gcearta maidir le comheagrú. Níor dhaingnigh Daon-Phoblacht na Síne roinnt de choinbhinsiúin riachtanacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, go háirithe iad sin a bhaineann le saoirse comhlachais agus cómhargáil (97). Faoin dlí náisiúnta, níl ach eagraíocht cheardchumainn amháin gníomhach. Mar sin féin, níl an eagraíocht sin neamhspleách ar na húdaráis Stáit agus tá an obair a dhéanann sí maidir le cómhargáil agus cosaint do chearta oibrithe fós bunúsach (98). Thairis sin, tá soghluaisteacht lucht saothair na Síne srianta ag córas clárúcháin na dteaghlach, ar córas é a chuireann srian ar rochtain ar raon iomlán sochar na slándála sóisialta agus sochair eile do chónaitheoirí áitiúla i limistéar áirithe riaracháin. Is é an toradh air sin go hiondúil go bhfaightear oibrithe nach bhfuil an clárúchán cónaithe áitiúil ina seilbh acu i staid fostaíochta leochaileach agus iad ar ioncam níos ísle ná sealbhóirí cláraithe cónaithe (99). Fágann na torthaí sin go ndéantar costais phá a shaobhadh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(127)

Ní raibh aon fhianaise ann a thabharfadh le fios nach mbeadh cuideachtaí a tháirgeann OFCanna nó ionchuir ghaolmhara faoi réir chóras dlí saothair na Síne a tuairiscíodh. Déanann an saobhadh ar chostais pá difear go díreach dá réir sin d’earnáil OFCanna (nuair a bhíonn an táirge lena mbaineann á mhonarú) agus go hindíreach (nuair a bhíonn rochtain ag táirgeoirí OFCanna ar chaipiteal nó ar ionchuir ó chuideachtaí atá faoi réir an chórais saothair chéanna i nDaon-Phoblacht na Síne).

3.1.1.8.   Saobhadh suntasach de réir Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán: rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile

(128)

Tá an rochtain a fhaigheann gníomhairí corparáideacha ar chaipiteal i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir saobhadh éagsúil.

(129)

Ar an gcéad dul síos, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne (100), agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain a dheonú ar mhaoiniú. Ar an dóigh chéanna le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, tá nasc ann fós idir na bainc agus an Stát, ní hamháin trí úinéireacht ach freisin trí chaidrimh phearsanta (is é Páirtí Cumannach na Síne a cheapann príomhfheidhmeannaigh na n-institiúidí airgeadais faoi úinéireacht Stáit ar deireadh) (101) agus, arís díreach cosúil le fiontair neamhairgeadais faoi úinéireacht stáit, cuireann na bainc beartais phoiblí chun feidhme go rialta arna gceapadh ag an rialtas. Agus an méid sin á dhéanamh acu, comhlíonann na bainc oibleagáid dhlíthiúil fhollasach chun a ngnó a dhéanamh i gcomhréir le riachtanais na forbartha náisiúnta eacnamaíche agus sóisialta agus faoi threoir bheartais thionsclaíocha an Stáit (102). Agus á chur leis an méid sin, tá rialacha breise ann cheana a dhíríonn maoiniú ar earnálacha a ainmníonn an rialtas mar earnálacha atá le spreagadh nó atá tábhachtach ar bhealach eile (103).

(130)

Cé go n-aithnítear go dtagraítear le forálacha dlíthiúla éagsúla don ghá atá ann gnáthiompar baincéireachta agus rialacha stuamachta a urramú amhail an gá atá le hacmhainneacht creidmheasa an iasachtaí a scrúdú, tá faisnéis dhobhréagnaithe ann, lena n-áirítear torthaí a rinneadh in imscrúduithe cosanta trádála, a thugann le fios nach bhfuil ach ról tánaisteach ag na forálacha sin i gcur i bhfeidhm na n-ionstraimí dlíthiúla éagsúla.

(131)

Mar shampla, shoiléirigh Rialtas na Síne le déanaí nach mór do Pháirtí Cumannach na Síne maoirseacht a dhéanamh ar chinntí príobháideacha baincéireachta tráchtála fiú agus go mbeidh siad i gcomhréir le beartais náisiúnta. Is ceann de thrí sprioc uileghabhálacha an Stáit maidir le rialachas baincéireachta é ceannaireacht an Pháirtí a neartú in earnálacha na baincéireachta agus an árachais, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna oibríochtúla agus bainistíochta i gcuideachtaí (104). Ní mór do chritéir mheastóireachta feidhmíochta na mbanc tráchtála a chur san áireamh anois freisin go háirithe, an chaoi a ‘bhfreastalaíonn eintitis ar na cuspóirí forbartha náisiúnta agus ar an bhfíorgheilleagar’, agus go háirithe ar an gcaoi a bhfreastalaíonn siad ar ‘thionscail straitéiseacha agus ar thionscail atá ag teacht chun cinn’ (105).

(132)

Thairis sin, is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca agus ar neart aon ráthaíochta intuigthe ón rialtas. Tugann meastacháin le fios go bhfreagraíonn rátálacha creidmheasa Síneacha go córasach do rátálacha idirnáisiúnta níos ísle (106).

(133)

Is measa fós iad na saincheisteanna sin de bharr rialacha breise atá ann cheana, rialacha a dhíríonn maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas ina n-earnálacha a spreagadh nó atá tábhachtach ar shlí eile (107). Is é an toradh atá air sin, claonadh i bhfabhar iasachtú le fiontair faoi úinéireacht stáit, le gnólachtaí móra príobháideacha dea-nasctha agus le gnólachtaí i bpríomhearnálacha tionsclaíocha, rud a thugann le fios nach ionann infhaighteacht agus costas caipitil do na gníomhaithe go léir ar an margadh.

(134)

Ar an dara dul síos, coinníodh na costais iasachtaíochta íseal go saorga chun borradh a chur faoin infheistíocht. Dá thoradh sin tá an iomarca úsáide á baint as infheistíocht chaipitil agus tá an toradh ar infheistíocht níos ísle ná riamh. Léirítear é sin leis an bhfás a tháinig ar ghiaráil chorparáideach in earnáil an Stáit in ainneoin titim ghéar ar bhrabúsacht, rud a thugann le fios nach leanann na sásraí atá ag obair sa chóras baincéireachta gnáthfhreagairtí tráchtála.

(135)

Ar an tríú dul síos, cé gur baineadh amach léirscaoileadh sna rátaí ainmniúla úis i mí Dheireadh Fómhair 2015, níl na comharthaí praghais ann de bharr fhórsaí an mhargaidh shaoir fós, ach bíonn tionchar ag saobhadh a thagann chun cinn ón rialtas orthu. Maidir le sciar den iasachtú ar an ráta tagarmhairc nó faoina bhun, is ionann é agus aon trian ar a laghad de gach iasachtú ó dheireadh 2018 (108). Thuairiscigh na meáin oifigiúla i nDaon-Phoblacht na Síne le déanaí gur éiligh an Páirtí Cumannach na Síne ‘go dtreoraítear ráta úis mhargadh na n-iasachtaí síos.’ (109) De thoradh rátaí úis a bheith íseal go saorga, bíonn tearcphraghsáil ann, agus dá bhrí sin, bíonn ró-úsáid á baint as caipiteal.

(136)

Léirítear leis an bhfás foriomlán ar chreidmheas i nDaon-Phoblacht na Síne go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas ó thaobh a éifeachtaí a leithdháiltear caipiteal gan aon chomhartha ann go bhfuil creidmheas ag éirí níos doichte, rud lena mbeifí ag súil leis i dtimpeallacht mhargaidh neamhshaofa. Dá thoradh sin, tá méadú tapa tagtha ar iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas. I bhfianaise staid ina bhfuil méadú ag teacht ar fhiachas atá i mbaol, roghnaigh Rialtas na Síne mainneachtainí a sheachaint. Dá bhrí sin, rinneadh saincheisteanna drochfhiachais a láimhseáil trí fhiachas a thar-rolladh, rud a chruthaigh cuideachtaí ‘zombaí’ mar a thugtar orthu, nó trí úinéireacht an fhiachais a aistriú (e.g. trí chumaisc nó trí bhabhtálacha fiachais go cothromas), gan gá go mbeadh an fhadhb fhoriomlán fiachais bainte ná go dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an fhiachais.

(137)

Go bunúsach, d’ainneoin na mbeart a rinneadh chun an margadh a léirscaoileadh, déanann saobhadh suntasach, de thoradh ról forleatach leanúnach an stáit sna margaí caipitil, difear don chóras creidmheasa chorparáidigh i nDaon-Phoblacht na Síne.

(138)

Níor tíolacadh aon fhianaise lenar léiríodh go mbeadh an earnáil OFCanna díolmhaithe ó idirghabháil an rialtais sa chóras airgeadais mar a thuairiscítear thuas. Rinne an Coimisiún amach freisin gur bhain ceann de phríomhtháirgeoirí OFCanna leas as fóirdheontais rialtais (féach aithris (113)). Dá bhrí sin, mar thoradh ar an idirghabháil shubstaintiúil rialtais sa chóras airgeadais, déantar difear mór do dhálaí an mhargaidh ar gach leibhéal.

3.1.1.9.   Cineál sistéamach an tsaofa a thuairiscítear

(139)

Thug an Coimisiún dá aire gur saintréith de gheilleagar na Síne é an saobhadh a thuairiscítear sa Tuarascáil. Léiríonn an fhianaise atá ar fáil maidir le fíricí agus gnéithe an chórais Shínigh mar a thuairiscítear thuas i Ranna 3.1.1.2 go 3.1.1.5 agus freisin i gCuid A den Tuarascáil, go bhfuil feidhm acu ar fud na tíre agus ar fud earnálacha an gheilleagair. Is amhlaidh atá maidir le tuairisc ar tosca táirgeachta mar a leagtar amach i Ranna 3.1.1.6 go 3.1.1.8 thuas agus i gCuid B den Tuarascáil.

(140)

Meabhraíonn an Coimisiún gur gá raon ionchur chun OFCanna a tháirgeadh. Sa chaoi sin, de réir na fianaise sa chomhad, fuair na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte formhór a n-ionchur i nDaon-Phoblacht na Síne. Nuair a cheannaíonn táirgeoirí OFCanna na hionchuir sin i nDaon-Phoblacht na Síne nó nuair a dhéanann siad conarthaí lena n-aghaidh, is léir go mbíonn na praghsanna a íocann siad (agus a dhéantar a thaifeadadh mar a gcuid costas) neamhchosanta ar an saobhadh sistéamach céanna a luadh roimhe. Mar shampla, fostaíonn soláthraithe na n-ionchur lucht saothair a bhíonn faoi réir an tsaofa. Féadfaidh siad airgead a fháil ar iasacht a bheidh faoi réir shaobhadh na hearnála airgeadais/leithdháileadh an chaipitil. Ina theannta sin, tá siad faoi réir an chórais phleanála atá i bhfeidhm ar gach leibhéal rialtais agus earnála.

(141)

Dá dheasca sin, ní hamháin nach iomchuí na praghsanna díola intíre de OFCanna le húsáid de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ach déantar difear freisin do na costais ionchuir uile (lena n-áirítear amhábhair, fuinneamh, talamh, maoiniú, lucht saothair, etc.) toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais difear dá bpraghasmhúnlú, mar a thuairiscítear i gCodanna A agus B den Tuarascáil. Go deimhin, tá idirghabhálacha an rialtais a thuairiscítear i ndáil le leithdháileadh an chaipitil, na talún, an lucht saothair, an fhuinnimh agus na n-amhábhar le fáil ar fud Dhaon-Phoblacht na Síne. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go mbíonn ionchur, a táirgeadh i nDaon-Phoblacht na Síne trí raon tosca táirgeachta a chur le chéile, neamhchosanta ar shaobhadh suntasach. Is amhlaidh an scéal maidir leis an ionchur don ionchur agus mar sin de. Ní raibh aon fhianaise ná argóint chruinn agus chuí a thabhairt ar aird dá mhalairt san imscrúdú seo.

3.1.1.10.   Conclúid

(142)

Leis an anailís a leagtar amach i Ranna 3.1.1.2 go 3.1.1.9, lena n-áirítear scrúdú ar an bhfianaise uile dá bhfuil ar fáil a bhaineann le hidirghabháil Dhaon-Phoblacht na Síne ina geilleagar i gcoitinne agus in earnáil OFCanna agus sa slabhra soláthair gaolmhar chomh maith, léiríodh nach bhfuil praghsanna ná costais an táirge lena mbaineann, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an lucht saothair, de thoradh fhórsaí an mhargaidh shaoir toisc go ndéanann idirghabháil shubstaintiúil an rialtais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán difear dóibh mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó leis an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na heilimintí ábhartha dá liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhair ó Rialtas na Síne, chinn an Coimisiún nach bhfuil sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a bhunú sa chás seo.

(143)

Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a bhunú go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a pléadh sa roinn a leanas.

3.1.1.11.   Barúlacha ó pháirtithe leasmhara

(144)

Le linn an imscrúdaithe, fuarthas barúlacha ón CCCME, ó Rialtas na Síne agus ón táirgeoir onnmhairiúcháin ZTT.

(145)

Ar an gcéad dul síos, chuir CCCME isteach nach n-aithnítear in Airteagal 2.2 de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála coincheap an tsaofa shuntasaigh, agus nach bhfuil aon airteagal sa Chomhaontú Frithdhumpála lena gceadaítear sonraí ó thríú tír nach féidir a léiriú leo praghsanna nó leibhéal costais na tíre is onnmhaireoir atá le húsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Ní mór do ghnáthluach sna himscrúduithe frithdhumpála a dhéanamh amach bunaithe ar phraghsanna díola nó ar chostais na gcuideachtaí sa tír thionscnaimh nó ar a laghad bunaithe ar phraghsanna nó ar chostais a d’fhéadfadh leibhéal an phraghais nó an chostais sa tír thionscnaimh a léiriú. I ndáil leis sin, mheas CCCME nach raibh Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir leis an gComhaontú Frithdhumpála agus nár cheart é a chur i bhfeidhm sa chás sin. Dar le CCCME, níor mhór ríomh an Aontais ar an ngnáthluach ríofa a bheith i gcomhréir le hAirteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála agus le léirmhíniú an Bhuanchomhlachta Achomhairc air sin, dá bhforáiltear i gcás AE – Bithdhíosal (an Airgintín) (DS473) (dá ngairtear ‘AE-Bithdhíosal’ anseo feasta). Maidir le saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir, ní mór dóibh teacht faoi shainmhíniú ceachtar de dhíolacháin nach mbaineann le ‘gnáthchúrsa trádála’ nó díolacháin nach mbaineann le ‘staid margaidh ar leith.’ Thairis sin, luaigh CCCME de bhun Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, nach gceadaítear do ríomh an ghnáthluacha ach amháin mura bhfuil aon díolachán i ngnáthchúrsa trádála. Is féidir an téarma ‘gnáthchúrsa trádála’ a léirmhíniú mar ghnáthdhíolacháin agus gnáthcheannacháin a bhfuil rún an díoltóra brabús a réadú ina shaintréith acu. Ina theannta sin, foráiltear in Airteagal 2.2.1 den Chomhaontú Frithdhumpála nach féidir caitheamh le díolacháin táirge ina ndíolacháin nach bhfuil de réir ghnáthchúrsa na trádála agus neamhaird déanta dóibh ‘ach amháin…más rud é go ndéantar na díolacháin sin laistigh de thréimhse ama sínithe agus i gcainníochtaí substaintiúla agus ar phraghsanna nach bhforáiltear maidir leis na costais uile a aisghabháil’. I bhfianaise an mhéid sin, mhaígh CCCME freisin nár chruthaigh an Gearánach go dtagann an saobhadh suntasach líomhnaithe faoi cheachtar den chatagóir díolacháin ‘nach bhfuil i ngnáthchúrsa trádála’ nó faoi ‘staid margaidh ar leith.’

(146)

Measann an Coimisiún go bhfuil forálacha Airteagal 2(6a) go hiomlán comhsheasmhach le hoibleagáidí EDT an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí-eolaíocht a luann CCCME. Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús nach raibh baint ag Tuarascáil EDT maidir le AE – Bithdhíosal le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ach le foráil shonrach d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. In aon chás, le dlí EDT de réir mar a léirmhínigh Painéal EDT agus an Buanchomhlacht Achomhairc é in an tAontas-Bithdhíosal, ceadaítear sonraí a úsáid ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá leis an gcoigeartú sin agus nuair atá sé réasúnaithe. Ó tharla gurb ann do shaobhadh suntasach, ní iomchuí úsáid a bhaint as costais agus praghsanna sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a ríomh. Sna himthosca sin, beartaítear le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán sin go ndéantar na costais táirgthe agus díola a ríomh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, lena n-áirítear na cinn i dtír ionadaíoch iomchuí ina bhfuil leibhéal forbartha mar an gcéanna leis an tír is onnmhaireoir. Maidir leis an maíomh i ndáil leis an nGearánach, bhain an bunús dlí agus an fhianaise bhunúsach sa ghearán le coinníollacha chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mar a shonraítear i bPointe 3 den Fhógra tionscnaimh, mheas an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach sa ghearán ar shaobhadh suntasach mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán chun an t-imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Níl aon cheanglas breise maidir le fianaise den chineál a líomhnaíonn an páirtí seo in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún na maímh sin.

(147)

Líomhain CCCME freisin nár chuir an Gearánach dóthain fianaise ar fáil chun bonn cirt a thabhairt d’aon toradh maidir le ‘saobhadh suntasach’ i dtionscal OFCanna na Síne. De réir CCCME, níl ann sa Tuarascáil ach réamhrá ginearálta ar bheartais áirithe Shíneacha, ar choinníollacha margaidh agus ar idirghabháil a shíltear a dhéanann an rialtas in earnálacha áirithe, agus theip ar an nGearánach aon fhianaise nithiúil a chur i láthair a léiríonn conas a chuireann an rialtas isteach ar oibríochtaí tráchtála cuideachtaí OFCanna ó lá go lá. Rinne CCCME tagairt i ndáil leis sin do rialú Buanchomhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála i gcás US – Countervailing Measures (DS437), a lua gur cheart go mbeadh fianaise leordhóthanach ann chun tacú leis an maíomh maidir le ‘saobhadh suntasach’ a bheith ann, seachas díreach idirghabháil ón rialtas a shíltear atá ann, agus gur cheart an anailís agus an cinneadh sin a dhéanamh ar bhonn cás ar chás.

(148)

De réir CCCME, bhí sé de fhreagracht ar an nGearánach agus ar an gCoimisiún tuilleadh fianaise a chur ar fáil, fianaise a chruthaíonn go leordhóthanach gurb ann don ‘saobhadh suntasach’ líomhnaithe i dtionscal OFCanna. Mhaígh CCCME go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar imthosca gach táirgeora chomhoibríoch/shampláilte de chuid na Síne agus a chinneadh an ndearnadh saobhadh ar aon cheann de na tosca táirgeachta nó díolachán i gcás gach ceann díobh. Meastar chomh maith, fiú dá gcinnfeadh an Coimisiún ar deireadh Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán Frithdhumpála a chur i bhfeidhm, lena ndéantar na sonraí agus na bhfachtóirí costas uile a úsáidtear chun an gnáthluach a ríomh do na cuideachtaí uile le sonraí ó thríú tír a ionadú, tá sé míréasúnta agus níl sé ag teacht le forálacha an bhun-Rialacháin Frithdhumpála – de réir fhoclaíocht Airteagal 2(6a), ní dhéanfaí praghsanna ná tagarmharcanna neamhshaofa a chur in ionad aon rud seachas na costais táirgthe agus na díolacháin sin a cruthaíodh go ndearna saobhadh orthu.

(149)

Agus bunús breise á thabhairt don mhaíomh sin, dúirt CCCME nár éirigh leis an nGearánach ná leis an gCoimisiún a chruthú go raibh saobhadh ar na margaí intíre le haghaidh sholáthar na n-amhábhar OFCanna go léir agus, dá bhrí sin, ní féidir údar cuí a thabhairt le cur in ionad na gcostas ar fad a bhaineann leis na hamhábhair uile. Chomh maith leis sin, fiú dá mbeadh fianaise ag an nGearánach agus ag an gCoimisiún lena gcruthaítear go bhfuil saobhadh á dhéanamh in earnálacha áirithe amhábhar, gan dóthain fianaise a bheith ann lena gcruthaítear go bhfuil saobhadh ann freisin in earnálacha na n-amhábhar eile, níor mhór taifead na dtáirgeoirí comhoibríocha ón tSín a bheith ina fhoinse sonraí do chostais na n-amhábhar sin.

(150)

Chuir an CCCME isteach freisin nach ndearnadh saobhadh ar chostais saothair i dtaifid tháirgeoirí OFCanna na Síne agus mar sin gur cheart iad a láimhseáil ina sonraí neamhshaofa i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán agus gur cheart iad a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. I ndáil leis an méid sin, mhaígh CCCME gur theip ar an nGearánach fianaise leordhóthanach a sholáthar a chruthaíonn go raibh na costais seo in earnáil OFCanna na Síne saofa. Dar le CCCME, tá sé míréasúnta agus éagórach na costais saothair a chur in ionad na gcostas saothair i dtríú tír, toisc go mbíonn tionchar ag roinnt fachtóirí ar chostais saothair agus go bhfuil na meánchostais saothair difriúil fiú idir táirgeoirí éagsúla na Síne, agus níos mó fós i dtíortha éagsúla. Luaigh an CCCME freisin gur ceann amháin de chaoga tír a bhfuil leibhéal céanna forbartha eacnamaíche aici leis an tSín í an tír ionadaíoch atá le roghnú ag an gCoimisiún, agus sna tíortha sin tá na costais saothair an-difriúil. Rinne CCCME maíomh den chineál céanna maidir le praghsanna fuinnimh.

(151)

Mar fhreagra ar na maímh ar fhianaise leordhóthanach ag an gcéim thionscnaimh, meabhraíonn an Coimisiún go ndearnadh tagairt i bpointe 3 den Fhógra Tionscnaimh do roinnt eilimintí prima facie i margadh OFCanna na Síne, chun bunús a thabhairt go ndearna saobhadh ar fud shlabhra luacha na gcáblaí snáthoptaice difear don mhargadh i nDaon-Phoblacht na Síne. Mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise a liostaíodh san Fhógra tionscnaimh chun go mbeadh údar le himscrúdú a thionscnamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Go deimhin, cé gur ag am an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh amháin a dhéantar an cinneadh an ann don saobhadh suntasach agus a thionchar sin agus an úsáid ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a cheanglaítear le hAirteagal 2(6a)(a), leagtar síos le hAirteagal 2(6a)(e) oibleagáid maidir leis na sonraí is gá a bhailiú chun an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm nuair a thionscnaítear an t-imscrúdú ar an mbonn sin. Sa chás sin, mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise prima facie a sholáthair an gearánach ar an saobhadh suntasach chun an t-imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Sonraíodh sé seo go soiléir san Fhógra tionscnaimh i bpointe 3 i gcomhréir leis an oibleagáid a luaitear in Airteagal 2(6a)(e) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún na bearta is gá chun é a chur ar a chumas an mhodheolaíocht faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm i gcás ina ndeimhneofar aon saobhadh suntasach a bheith ann le linn an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh ó CCCME.

(152)

Maidir leis an maíomh a bhaineann le faisnéis de chineál ginearálta atá sa Tuarascáil, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil nasc idir saobhadh suntasach a bheith ann, sa Tuarascáil, agus cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus caibidil shonrach earnála a bheith ann nó faisnéis maidir le margadh ar leith lena gcumhdaítear an táirge lena mbaineann, nó cuideachtaí ar leith. Sa Tuarascáil tuairiscítear cineálacha éagsúla saofa atá ann i nDaon-Phoblacht na Síne, saobhadh atá trasghearrthach agus infheidhme ar fud gheilleagar na Síne agus a dhéanann difear do phraghsanna agus/nó comhábhar agus costais táirgeachta an táirge lena mbaineann. Thairis sin, ní hí an Tuarascáil an t-aon fhoinse fianaise a úsáideann an Coimisiún chun cinneadh a dhéanamh ó tharla gurb ann do ghnéithe imscrúdaithe breise a úsáidtear chun na críche sin.

(153)

Meabhraíonn an Coimisiún nár bhain cás US – Countervailing Measures le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, cás atá mar bunús dlí ábhartha chun gnáthluach an imscrúdaithe seo a chinneadh, nó fiú amháin réimse na dumpála. Cás fíorasach eile ba ábhar na díospóide sin, agus bhain sé le léirmhíniú Chomhaontú EDT maidir le Fordheontais agus Bearta Frithchúitimh seachas an Comhaontú Frithdhumpála. In aon chás, mar a mhínítear thuas, bhain an fhianaise a cuireadh in iúl ag an gcéim thionscnaimh go soiléir le margadh OFCanna na Síne agus, dá réir sin, leis an táirge lena mbaineann sa chás faoi chaibidil. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(154)

Maidir le maíomh CCCME a bhaineann leis na sonraí uile ó thríú tír a chur in ionad chostais táirgthe agus díolacháin na dtáirgeoirí Síneacha nó ar bhonn aonair, meabhraíonn an Coimisiún gur ón uair a dhéantar amach nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí chun an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a). Faoi Aireagal 2(6a)(a), ceadaítear costais intíre a úsáid i gcás inar suíodh nach ndearnadh saobhadh orthu. Ní fhéadfaí aon chostas a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann a shuí, áfach, mar chostais neamhshaofa i bhfianaise na fianaise atá ar fáil maidir le tosca táirgeachta táirgeoirí onnmhairiúcháin aonair. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh ó CCCME.

(155)

Maidir le maíomh ar shaobhadh amhábhar agus margaí fuinnimh, thug an Coimisiún aghaidh thuas cheana féin an cheist maidir le leordhóthanacht na fianaise ag an gcéim thionscnaimh, fianaise a chumhdaíonn saobhadh líomhnaithe freisin, saobhadh líomhnaithe a dhéanann difear d’ionchur. Le linn an imscrúdaithe, shuigh an Coimisiún tuilleadh, i ranna 3.1.1.3 go 3.1.1.8 thuas go raibh margaí le haghaidh ionchuir a d’úsáid táirgeoirí OFCanna i nDaon-Phoblacht na Síne faoi réir go leor saobhadh suntasach, ní hamháin saobhadh sonrach ach saobhadh de chineál trasearnála. Bhí an staid chéanna ann maidir le táirgeoirí ionchur níos bunúsaí a úsáidtear chun amhábhair OFCanna a mhonarú, agus mar sin de. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún go raibh na costais uile a bhaineann le hionchuir a úsáidtear i dtáirgeadh cáblaí snáthoptaice, lena n-áirítear fuinneamh, saofa i nDaon-Phoblacht na Síne ar a laghad. Ó tharla, mar a mhaígh an CCCME, go bhfuil difríochtaí suntasacha sna costais fuinnimh idir tíortha éagsúla, ní athraítear measúnú an Choimisiúin maidir leis na praghsanna fuinnimh a ndéantar saobhadh orthu i nDaon-Phoblacht na Síne. I ndáil leis an méid seo, faoi Aireagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ceadaítear costais intíre ionchur a úsáid más rud é gur suíodh nach ndearnadh saobhadh orthu. Cé gur chuir roinnt páirtithe leasmhara faisnéis ar fáil faoi chostais na n-ionchur, ní raibh aon fhianaise sa chomhad lena ndeimhnítear go mbeadh praghas nó costas aon amhábhair ar leith neamhshaofa, lena n-áirítear costas an fhuinnimh. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí aon chostas intíre ná praghas ionchuir a úsáid chun an gnáthluach a ríomh agus diúltaíodh an maíomh.

(156)

Maidir leis an maíomh a bhaineann le saobhadh i ndáil le costais phá, athdhearbhaíonn an Coimisiún a mhíniú ó na haithrisí thuas maidir le leordhóthanacht na fianaise ag an gcéim thionscnaimh. Thairis sin, cé go n-aithníonn an Coimisiún go bhféadfadh costais tuarastail a bheith éagsúil ó thír go tír nó fiú idir earnálacha, fuair an Coimisiún amach, mar thoradh ar an imscrúdú a rinne sé, mar a shonraítear i roinn 3.1.1.7, go raibh tionchar ag saobhadh ar leibhéal na tíre ar mhargadh an tsaothair i nDaon-Phoblacht na Síne. Tá iarmhairt shaobhach ar chruthú pá i nDaon-Phoblacht na Síne le haghaidh gach oibreoir eacnamaíoch ag na saincheisteanna a bhaineann go dlúth le margadh saothair na Síne, lena n-áirítear easpa ceardchumann atá neamhspleách ar an rialtas agus na srianta soghluaisteachta atá ar an lucht saothair mar gheall ar an gcóras clárúcháin teaghlaigh. Ní athraítear an toradh sin toisc go bhféadfadh costais phá a bheith difriúil i dtíortha eile nó go bhféadfadh sé a bheith éagsúil laistigh de Dhaon-Phoblacht na Síne. I ndáil leis sin, cé go gceadaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán úsáid a bhaint as costais intíre, lena n-áirítear costais phá, más rud é go suitear go cinnte nach bhfuil siad saofa, níl aon fhianaise ar an gcomhad lena suitear nach bhfuil an saobhadh ar fud na tíre infheidhme maidir le táirgeoirí OFCanna. Dá réir sin, ní fhéadfaí aon chostas pá a úsáid chun an gnáthluach a ríomh agus diúltaíodh an maíomh.

(157)

Luaigh CCCME freisin go raibh sé míréasúnta úsáid a bhaint as costais SGA agus as brabús cuideachtaí i dtríú tír chun an gnáthluach a ríomh d'onnmhaireoirí Síneacha. Ós rud é go ndéantar tagairt in Airteagal 2(6a)(b) do ‘shaobhadh den sórt sin a tharlaíonn nuair a thuairiscítear praghsanna nó costais, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh’, de réir CCCME níor cheart éifeacht an tsaofa shuntasaigh líomhnaithe a leathnú chuig costais SGA ná chuig brabús. Luaigh an CCCME freisin nár cuireadh aon fhianaise ar fáil lena léiriú nárbh iomchuí costais SGA agus brabús táirgeoirí Síneacha a úsáid chun an gnáthluach a ríomh. Thairis sin, mhaígh CCCME go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir costais SGA agus brabús na dtáirgeoirí éagsúla sa tionscal céanna (nó fiú laistigh den ghrúpa céanna), agus má tá cion réasúnta níos airde de chostais SGA agus de bhrabús ag an táirgeoir sa tír ionadaíoch a roghnaíodh ar deireadh, sa chás sin ríomhfar gnáthluach níos airde, rud atá éagórach. D'áitigh CCCME freisin gurb ionann ioncam díolacháin an táirge lena mbaineann agus níos mó ná 89 dá hioncam iomlán i gcás na cuideachta ábhartha atá beartaithe sa Tuirc - Prysmian Kablo Ve Sistemleri AS – agus gur bhain na sonraí chostais SGA agus na sonraí brabúis atá ar fáil leis an gcuideachta iomlán seachas leis an táirge lena mbaineann. I bhfianaise an mhéid sin, de réir CCCME, ní fhéadfaí sonraí chostais SGA agus brabúis a úsáideann an Coimisiún chun gnáthluach a ríomh mar ‘méid réasúnta neamhshaofa do chostais riaracháin, díola agus ghinearálta agus do bhrabúis’, agus ar deireadh níor chóir go gcuirfí corrlaigh bhrabúis atá ag táirgeoirí i dtríú tíortha in ionad chostais SGA agus corrlaigh bhrabúis.

(158)

Mar fhreagairt, tugann an Coimisiún dá aire gur ón uair a dhéantar amach nach iomchuí praghsanna agus costais sa tír is onnmhaireoir a úsáid de bharr saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhaireoir de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, féadfar trí thagairt do phraghsanna nó do thagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí an gnáthluach a ríomh le haghaidh gach táirgeora onnmhairiúcháin trí thagairt do phraghsanna nó do thagarmharcanna neamhshaofa i dtír ionadaíoch iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go n-éilítear le hAirteagal 2(6a)(a) freisin go n-áirítear leis an ngnáthluach ríofa suim réasúnta le haghaidh costais riaracháin, costais díola agus ghinearálta neamhshaofa agus le haghaidh brabúis. Má léiríonn an Coimisiún, le linn a imscrúdaithe bunaithe ar an bhfianaise ar fad ar an gcomhad, go bhfuil saobhadh suntasach ann a dhéanann difear don táirge lena mbaineann sa tír is onnmhaireoir, ní gá dó a léiriú go raibh costais iarbhír SGA na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin neamhshaofa i ndáiríre.

(159)

Maidir leis an maíomh ar chothroime úsáide de shonraí chostais SGA táirgeora a bheartaítear i dtír a d'fhéadfadh a bheith ionadaíoch, tugtar treoir don Choimisiún ina rogha trí chritéir na ráiteas airgeadais agus na brabúsachta a bhí ar fáil go poiblí le déanaí. I bpróiseas den sórt sin, tugtar tús áite do shonraí a thagann ó thír a d'fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Ag gach céim den mheasúnú sin, tá deis ag páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt maidir le sonraí a bheartaítear a fháil ó chuideachta ina dhiaidh sin. San imscrúdú seo, cuireadh i bhfeidhm go cuí na critéir a luadh i dtéarmaí rogha deiridh sonraí cuideachta, chomh maith leis an anailís a rinneadh ar bharúlacha ar nótaí ina dhiaidh sin maidir le tosca táirgeachta agus rinneadh iad araon. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(160)

Maidir leis an maíomh faoi oiriúnacht shonrach sonraí na cuideachta Prysmian Kablo Ve Sistemleri AS i gcomhthéacs sciar de dhíolacháin táirgí éagsúla, thug an Coimisiún aghaidh ar an tsaincheist maidir le hoiriúnacht sonraí airgeadais na cuideachta in aithris (227), aithris inar dhiúltaigh sé an maíomh ginearálta gaolmhar ó CCCME.

(161)

Maidir le beartais tacaíochta agus fóirdheontais airgeadais do tháirgeoirí OFCanna dá dtagraítear sa ghearán, chuir CCCME in iúl, mar thionscal ardteicneolaíochta, gur gnáthchleachtas é beartais a thabhairt isteach chun forbairt an tionscail seo a chur chun cinn, agus ní hamháin go dtarlaíonn sé sa tSín, ach tarlaíonn sé freisin i dtíortha eile nach líomhnaítear aon saobhadh suntasach iontu. Ina theannta sin, de réir CCCME, toisc nach raibh nasc ar bith ag cuideachtaí a fuair fóirdheontais le modh ríofa an chorrlaigh dhumpála, agus ní fhéadfaí gurbh ionann fóirdheontais le saobhadh margaidh agus níor cheart go mbeadh praghsanna éagóracha mar thoradh air.

(162)

Meabhraíonn an Coimisiún gur maidir le praghsanna agus costais sa tír onnmhairiúcháin a dhéantar anailís ar an tionchar féideartha atá ag ceann de na heilimintí saobhacha nó níos mó a liostaítear san fhoráil sin, d’fhonn a bhunú arbh ann do shaobhadh suntasach faoi Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sa chomhthéacs sin, ar an gcéad dul síos, seachas go bhfuil an maíomh seo cineálach agus gan bunús, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil struchtúr costais agus sásraí socraithe praghsanna i margaí eile (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le tacaíocht airgeadais) neamhábhartha i gcás ar bith maidir leis an imscrúdú seo a bhaineann le saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne. Ar an dara dul síos, san anailís faoi Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, tá sé ríthábhachtach measúnú a dhéanamh, ar a laghad, ar rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách seachas sin, nó má fhaigheann siad maoiniú eile Stáit a chuireann isteach ar fhórsaí an mhargaidh agus, dá bhrí sin, a bhfuil tionchar aige ar a bpraghsanna nó a gcostais tuairiscithe. Ós rud é go bhfuil táirgeoirí OFCanna agus táirgeoirí ionchuir na Síne faoi réir phleananna agus threoracha an rialtais, mar atá mínithe i roinn 3.1.1.5, baineann siad leas as rochtain ar mhaoiniú freisin, trí chóras airgeadais na Síne, mar atá i roinn 3.1.1.8. Fuair an Coimisiún amach freisin gur thuairiscigh táirgeoirí áirithe OFCanna fóirdheontais ina dtuarascálacha bliantúla, mar a shonraítear in aithris (113). Is ceann amháin de na heilimintí iad fóirdheontais, mar aon le gach eilimint ábhartha eile i gcomhthéacs Airteagal 2(6a)(b) a d’fhéadfadh a léiriú go bhfuil saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir sa mhéid is gur cineál eile idirghabhála rialtais iad a chuireann isteach ar fhórsaí an mhargaidh shaoir agus a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna nó ar chostais. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh ó CCCME.

(163)

Maidir le tagairtí an Ghearánaigh do thorthaí an imscrúdaithe ar fhabraicí snáithíní gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (110) (GFF), chuir CCCME in iúl gur dhá tháirge éagsúla a bhí i bhfabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite agus cáblaí snáthoptaice agus gur le grúpaí éagsúla táirgí iad. Dá bhrí sin, níl aon ghaolmhaireacht ag torthaí an imscrúdaithe sin le OFCanna agus níor cheart breathnú orthu mar fhianaise ar an saobhadh suntasach a líomhnaítear sa chás seo. Dar le CCCME, níor bhain an fhianaise a sholáthair an Gearánach go sonrach leis an tionscal iarbhír a raibh imscrúdú á dhéanamh air agus dá bhrí sin ní raibh sí leordhóthanach ná ábhartha.

(164)

Tá torthaí an Choimisiúin in imscrúdú GFF, torthaí a ndearnadh tagairt dóibh sa Ghéarán, ábhartha maidir le gach earnáil thionsclaíoch i nDaon-Phoblacht na Síne, ar a laghad a mhéid agus a bhaineann sé leis an saobhadh leathan a dhéanann difear do na tosca táirgeachta i ngach earnáil nó don saobhadh a bhaineann le feidhmiú an chórais shocheacnamaíoch i nDaon-Phoblacht na Síne. Thairis sin, féadfaidh roinnt de na beartais shonracha agus de na pleananna sonracha lena gcumhdaítear earnáil an GFF earnáil OFCanna a chumhdach go díreach nó go hindíreach freisin, go háirithe nuair is cuid den chlár nó den bheartas uileghabhálach céanna iad maidir le hearnálacha comhchosúla. Mheas an Coimisiún go raibh an fhianaise a thíolaic an Gearán bainteach agus infheidhme maidir le hearnáil OFCanna agus go raibh sí leordhóthanach chun a himscrúdú a thionscnamh, de bhun Airteagal 5(9) agus Airteagal 2(6a)(e). In aon chás, shuigh an Coimisiún tríd an imscrúdú sin agus a shonraítear i ranna 3.1.1.2 - 3.1.1.9 thuas go bhfuil roinnt beartas agus saobhadh suntasach ann a fhágann gur gá Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm sa chás seo. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(165)

Ar deireadh, chuir CCCME in aghaidh an maíomh a chuir an gearánach ar aghaidh go bhfuil ról SASAC mar ‘rialaitheoir iarbhír’ cuideachta ina fhianaise leordhóthanach go bhfuil saobhadh suntasach ann. D’áitigh CCCME gur cheart don Choimisiún na fachtóirí ábhartha uile a thuiscint ina n-iomláine d’fhonn a mheas i gceart an bhfuil nó nach bhfuil an scairshealbhaíocht Stáit ina cúis le cur isteach an Stáit a imríonn tionchar suntasach agus ábhartha ar iompraíocht tráchtála cuideachtaí i ndáil le cinnteoireacht, praghsanna a shocrú agus le haschur a shocrú. Dúirt CCCME gur cuireadh toirmeasc ar chur isteach den sórt sin le ‘Dlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sócmhainní Fiontair faoi úinéireacht Stáit’, foráiltear le hAirteagal 6 de go ‘ndéanfaidh an Chomhairle Stáit agus rialtais an phobail áitiúil, de réir an dlí, feidhmeanna an rannchuiditheora, bunaithe ar phrionsabail roinnte comhlachtaí agus fiontair rialtais, roinnt feidhmeanna riaracháin gnóthaí poiblí agus feidhmeanna rannchuiditheora sócmhainní faoi úinéireacht stáit, agus neamh-idirghabháil in oibríochtaí dlisteanacha neamhspleácha fiontar.’ I ndáil leis an méid sin, luaigh CCCME nach ndéanann SASAC, ina ról mar scairshealbhóir indíreach FTT, ach feidhm an rannchuiditheora amháin agus nach gcuireann sé isteach ar oibriú laethúil na gcuideachtaí. Chuir CCCME amhras freisin ar an gcaoi ar léireodh caidreamh na cuideachta le SASAC saobhadh suntasach ar chor ar bith. Ar deireadh, líomhain CCCME nár éirigh leis an nGearánach, agus an maíomh á dhéanamh aige thuas, na hidirnaisc idir táirgeoirí an Aontais agus líon mór onnmhaireoirí a mheas sa mhéid is go bhfuil cuideachtaí nó brainsí gaolmhara i nDaon-Phoblacht na Síne ag formhór na dtáirgeoirí gearánacha nó tacaíochta agus/nó go n-allmhairíonn siad féin OFCanna ó Dhaon-Phoblacht na Síne.

(166)

Mar fhreagairt air sin, tugann an Coimisiún dá aire ag an tús go bhfuil an maíomh a rinne CCCME ag cónaidhmiú go mícheart dhá eilimint éagsúla faoi Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, is iad sin na cinn sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc. Thairis sin, tugtar neamhaird ar mhaíomh CCCME gurb é an caighdeán dlí is gá san fhoráil seo an ‘tionchar féideartha’ seachas tionchar iarbhír na n-eilimintí sin. Baineann an chéad ghné le fiontair ‘a oibríonn faoi úinéireacht, faoi rialú, nó faoi fhaireachán beartais nó faoi threoir’ agus nach bhfuil teoranta don ról atá ag ‘rialaitheoir iarbhír’ mar a thugann CCCME le fios. Os a choinne sin, baineann an dara gné in Airteagal 2(6a)(b) leis an Stáit a bheith i láthair lena gceadaítear ‘cur isteach i ndáil le praghsanna nó costais.’ Is dhá ghné ar leith iad seo agus ní mór iad a léamh i gcomhar leis an chapeau in Airteagal 2(6a)(b) a thagraíonn maidir lena ‘dtionchar féideartha’ seachas an tionchar iarbhír. Léiríonn an anailís i roinn 3.1.1.3 úinéireacht agus rialú rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne in earnáil na gcáblaí snáthoptaice, lena n-áirítear go sonrach maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Ar an dóigh chéanna, léiríonn an anailís i roinn 3.1.1.4 conas a d’fhéadfadh rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne cur isteach ar phraghsanna nó ar chostais i ngníomhaíocht earnáil OFCanna, lena n-áirítear go sonrach maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. Dá bhrí sin, is féidir an maíomh sin a dhíbhe cheana féin ar an mbonn sin. Go príomha, tá inniúlacht rialaithe ag eintiteas Stáit amhail SASAC in ann cur isteach suntasach ar an margadh a dhéanamh, rud a chruthódh saobhadh margaidh mar a thuairiscítear sna ranna thuasluaite den Rialachán seo. Maidir leis an gcáiliú mar ‘rannchuiditheoir’ nach gcuireann isteach ar oibríocht ó lá go lá bunaithe ar Airteagal 6 de Dhlí Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le Sócmhainní Fiontair faoi Úinéireacht Stáit, ní dhéanann sé aon athrú ar ról an Stáit trí SASAC de réir bhrí na chéad fhleisce d’Airteagal 2(6a)(b), agus ní fhágtar an fhéidearthacht sin as an áireamh de réir an chaighdeáin ábhartha maidir le ‘tionchar féideartha’, má léitear i gcomhar le hairteagail eile den Dlí sin é freisin. Is fianaise shoiléir é an dara ceann arb é is aidhm don Stát tionchar a imirt ar an ngeilleagar trí fhiontair atá faoi rialú Stáit, agus trína ról sna fiontair sin (111). Go háirithe, maidir le ról atá ag ‘rannchuiditheoir’, luaitear in Airteagal 12 den Dlí ‘teachtfaidh comhlacht a dhéanann feidhmeanna an rannchuiditheora thar ceann rialtas an phobail comhfhreagrach an toradh ar shócmhainní, rannpháirtíocht i bpríomhchinnteoireacht, roghnú bainisteoirí agus ar chearta rannchuiditheora eile i leith na bhfiontar stát-infheistithe de réir an dlí’ (112). Deimhníonn na cearta deireanacha sin atá ag an 'rannchuiditheoir' an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar fheidhmiú an fhiontair atá faoi rialú, ar a laghad i dtéarmaí eochair-threoshuímh maidir le forbairt gnó agus cinntí straitéiseacha corparáideacha na cuideachta, go háirithe trí phríomhbhainisteoirí a cheapadh a bheidh rannpháirteach sna cinntí a dhéanann oibríochtaí gnó ó lá go lá lena n-áirítear maidir le praghsanna nó costais. Ina dhiaidh sin uile, d’ainneoin shaincheist an rialaithe ag SASAC, mheas an Coimisiún freisin go raibh go leor fianaise ann a léiríonn go bhfuil saobhadh suntasach ann in earnáil OFCanna, earnáil ina n-oibríonn e.g. an chuideachta FTT (agus na táirgeoirí eile), i ranna 3.1.1.5-3.1.1.8. Ar deireadh, maidir leis an gcaidreamh idir táirgeoirí an Aontais agus onnmhaireoirí na Síne, níl siad ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar ról rialaithe SASAC in FTT i nDaon-Phoblacht na Síne, agus in aon chás rinneadh anailís fhada in aithrisí (408) – (415) den rialachán seo. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh ó CCCME.

(167)

D’áitigh Rialtas na Síne nach gcomhlíonann Airteagal 2(6a) de bhun-Rialachán an Aontais Airteagal 2.2 agus 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála, agus luaigh sé gur cinneadh go raibh modheolaíocht coigeartaithe costais an Aontais neamh-chomhoiriúnach le léirmhíniú Bhuanchomhlacht Achomhairc na hEagraíochta Domhanda Trádála a thugtar AE – Bithdhíosal, mar aon leis an bpainéal i gcás AE – Coigeartú costais (DS494).

(168)

Maidir le hargóint Rialtas na Síne i leith chás AE – Bithdhíosal, cuirtear tuairimí an Choimisiúin in iúl in aithris (146). I ndáil le cás an Aontais – Coigeartaithe Costas, meabhraíonn an Coimisiún go ndearna an tAontas agus Cónaidhm na Rúise araon achomharc i gcoinne thorthaí an Phainéil, ní críochnaitheach na torthaí sin agus dá bhrí sin, i gcomhréir le cásdlí EDT, níl stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT, ó tharla nár formhuiníodh iad le cinntí ó Chomhaltaí EDT. In aon chás, measadh go sonrach san agóid sin i dTuarascáil an Phainéil go raibh na forálacha in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán lasmuigh de raon feidhme na díospóide. Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(169)

Líomhain Rialtas na Síne freisin, maidir leis an Tuarascáil, gur eisigh an Coimisiún tuarascálacha den chineál céanna ar roinnt tíortha roghnaithe, rud a d'ardaigh imní maidir leis an sárú ar chóireáil na náisiún barrfhabhair (NBF) agus ar chóireáil náisiúnta (NT). Dúirt Rialtas na Síne freisin, maidir le himscrúduithe a rinneadh roimhe seo ar tháirgí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, ní dhearnadh aon scrúdú i dtaobh an raibh saobhadh margaidh i dtionscail an Aontais agus ina dtionscail réamhtheachtacha nó an raibh tionchar ag saobhadh margaidh ar na sonraí tríú páirtí a úsáideadh sna himeachtaí. Dá bhrí sin, ní féidir le loighic bhunúsach an chórais imscrúdaithe ar fad bunaithe ar Airteagal 2(6a) a bheith féin-chomhsheasmhach, gan trácht ar a bheith cothrom. Líomhain Rialtas na Síne freisin nach raibh aon choincheap de ‘shaobhadh margaidh’ a nglactar leis go huilíoch i measc na n-eacnamaithe agus nár léiríodh go hiomlán caighdeán an ‘tsaofa shuntasaigh mhargaidh’ in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus go bhfuil tacaíocht theoiriciúil ná aitheantas idirnáisiúnta dó in easnamh. De réir Rialtas na Síne, ba cheart coincheapa bunúsacha agus bunchaighdeáin ‘an mhargaidh’, ‘an tsaofa’ agus ‘suntasach’ a phlé agus a shainmhíniú agus mura raibh aon chonclúid chríochnaitheach nó comhdhearcadh ann maidir leis an gceann deireanach, níl aon seans ann ach oiread ‘saobhadh suntasach ar an margadh’ a shainiú agus, dá bhrí sin, tá sé áiféiseach agus neamhoibríochtúil aon fhorálacha dlí nó rialacha idirnáisiúnta a bhunú ar an mbonn sin. Thug Rialtas na Síne faoi deara ar deireadh go raibh sé dodhéanta i ngeilleagair éagsúla glacadh le prionsabail an gheilleagair mhargaidh chun socruithe comhionanna a úsáid, d’fhéadfadh difríochtaí institiúideacha a bheith ann i ngach geilleagar, agus bhí sé dodhéanta go loighciúil na difríochtaí i gcóras nó i socrú a mheas mar fhianaise ar shaobhadh suntasach margaidh. De réir Rialtas na Síne, is féidir a mheas gur cur chuige idirdhealaitheach agus caomhnaitheach atá sa chur chuige deireanach sin.

(170)

Maidir le maíomh Rialtas na Síne maidir le sárú na gclásal MFN agus NT, meabhraíonn an Coimisiún, mar a fhoráiltear le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, go gcuirfear tuarascáil tíre ar fáil d’aon tír ach amháin más rud é go bhfuil bunús maith ag an gCoimisiún lena fhios a bheith aige go bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann i dtír nó in earnáil áirithe sa tír sin. Ar theacht i bhfeidhm fhorálacha nua Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i mí na Nollag 2017, bhí léirithe den sórt sin ag an gCoimisiún maidir le saobhadh suntasach don tSín. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil freisin ar shaobhadh sa Rúis i nDeireadh Fómhair 2020 (113), agus níl sé curtha as an áireamh go leanfaidh tuarascálacha eile. Thairis sin, mar atá luaite thuas, níl na tuarascálacha éigeantach chun Airteagal 2(6a) a chur i bhfeidhm. Tugtar tuairisc in Airteagal 2(6a)(c) ar na coinníollacha maidir leis an gCoimisiún a bheith ag eisiúint tuarascálacha de réir tíre, agus de réir Airteagal 2(6a)(d) níl aon dualgas ar ghearánaigh an tuarascáil a úsáid ná ní coinníoll é tuarascáil tíre a bheith ann chun imscrúdú a thionscnamh faoi Airteagal 2(6a) de réir Airteagal 2(6a)(e). De réir Airteagal 2(6a)(e), is leor fianaise leordhóthanach a chruthaíonn go bhfuil saobhadh suntasach i dtír ar bith arna tabhairt ag gearánaigh ag comhlíonadh na gcritéar in Airteagal 2(6a)(b) chun imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na rialacha maidir le saobhadh suntasach a bhaineann le tír ar leith do gach tír gan aon idirdhealú, agus beag beann ar an tuarascáil a bheith déanta ar thír. Dá thoradh sin, ní sháraíonn na rialacha a bhaineann le saobhadh tíre cóir na náisiún barrfhabhair de réir an tsainmhínithe sin. Maidir leis an saobhadh líomhnaithe san Aontas, tugann an Coimisiún dá aire sa bhreis ar an maíomh sin ó Rialtas na Síne a bheith cineálach agus gan aon bhunús a bheith leis, nach bhfuil saobhadh atá san Aontas agus a dhéanann difear do chuideachtaí an Aontais mar aidhm don anailís faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a bhaineann leis an tír onnmhairithe. Dá bhrí sin, tá an coincheap sin neamhábhartha ó thaobh dlí de i dtéarmaí thionscal an Aontais i gcomhthéacs sonrach na n-imscrúduithe frithdhumpála. Maidir leis an maíomh a bhaineann le tíortha éagsúla a ghlacann socruithe éagsúla geilleagair mhargaidh, ní bhíonn feidhm ag forálacha Airteagal 2(6a) ach amháin más rud é go mbíonn saobhadh suntasach sa tír is onnmhaireoir ina bhfuil idirghabháil shubstaintiúil rialtais ag cur isteach ar chostais agus ar phraghsanna agus, dá bhrí sin, ní chuireann sé isteach ar shocruithe éagsúla na ngeilleagar margaidh éagsúla fad is nach bhfuil aon idirghabháil shuntasach rialtais ag cur isteach ar fhórsaí an mhargaidh. Ar bhonn a bhfuil thuas, dhiúltaigh an Coimisiún na maímh sin.

(171)

Maidir leis an líomhain a rinne Rialtas na Síne ag an gcéim thionscnaimh nach ndearnadh scrúdú ar shonraí tríú páirtí a úsáideadh in imeachtaí an Choimisiúin an raibh tionchar ag saobhadh margaidh orthu, meabhraíonn an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), nach dtéann sé ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh ar bhonn sonraí roghnaithe seachas praghsanna agus costais intíre sa tír is onnmhairitheoir ach amháin i gcás ina suíonn sé gurb iad na sonraí sin is oiriúnaí chun praghsanna agus costais neamhshaofa a léiriú. Sa phróiseas sin, tá an Coimisiún faoi cheangal sonraí neamhshaofa amháin a úsáid. I ndáil leis an méid sin, iarrtar ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar na foinsí atá beartaithe chun an gnáthluach a chinneadh i gcéimeanna tosaigh an imscrúdaithe. Cuirtear na barúlacha sin san áireamh ina n-iomláine sa chinneadh deiridh ón gCoimisiún maidir leis na sonraí neamhshaofa ba cheart a úsáid chun an gnáthluach a ríomh.

(172)

Maidir leis an mbarúil ó Rialtas na Síne ar choincheap ‘saobhadh suntasach margaidh’, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an maíomh seo cineálach agus teoiriciúil, agus ní chuireann sé in iúl cén fáth agus conas a bheadh an coincheap a úsáidtear sa bhun-Rialachán lochtach ar bhealach éigin. Meabhraíonn an Coimisiún freisin, i gcomhthéacs an nós imeachta as a n-eascraíonn glacadh an togra reachtaigh, gur eisigh an Coimisiún measúnú tionchair ina raibh sonraí maidir le coincheap an tsaofa shuntasaigh agus na critéir a úsáideadh, agus ina dhiaidh sin comhairliúchán poiblí agus comhdháil le haghaidh na bpáirtithe leasmhara. Rinne Rialtas na Síne idirghabháil ghníomhach freisin sa phróiseas seo agus ghlac sé páirt i gcomhdháil na bpáirtithe leasmhara. Cuireadh toradh an phróisis chomhairligh sin go hiomlán san áireamh sa nós imeachta as ar eascair glacadh an togra reachtaigh, agus tuilleadh sa phróiseas reachtach as ar eascair glacadh na forála seo. Sainmhínítear go soiléir coincheap an ‘tsaofa shuntasaigh’ chun críche bhun-Rialachán an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm in Airteagal 2(6a). Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 2(6a)(b) na heilimintí agus an tionchar féideartha atá acu a chuirfí san áireamh agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach. Ní bhíonn ról ag difríochtaí i gcórais eacnamaíocha sa mheasúnú, ós rud é gur féidir an measúnú sin a chur i bhfeidhm maidir leis an tír a onnmhairíonn an táirge lena mbaineann. Maidir leis an líomhain idirdhealaithe, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán agus go háirithe ag Airteagal 2(6a) maidir le haon tír ar leith agus nach ndéanann sé idirdhealú idir tíortha. Ní bhíonn feidhm aige ach amháin nuair a dhéantar líomhaintí le linn imscrúdaithe maidir le saobhadh suntasach a bheith ann sa tír is onnmhairitheoir (aon tír) lena mbaineann na himeachtaí sin, bunaithe ar an bhfianaise ar an gcomhad. Dá réir sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin.

(173)

Ina theannta sin, d’áitigh Rialtas na Síne go raibh lochtanna suntasacha ag an Tuarascáil a chuir seirbhísí an Choimisiúin i dtoll a chéile ó thaobh tuairimí fíorasacha agus dlíthiúla araon. De réir Rialtas na Síne, tá an gearán bunaithe ar chonclúidí earráideacha a d'eascair as an Tuarascáil chomh maith le himscrúduithe roimhe seo, is iad na himscrúduithe roimhe seo atá anois mar fhianaise atá ag an nGearánach san imscrúdú seo. Líomhain Rialtas na Síne gur imigh an Coimisiún ón seasamh neodrach atá ag an údarás imscrúdúcháin agus spreagann sé tionscal an Aontais líomhaintí a chur ar aghaidh maidir le saobhadh suntasach i margadh na Síne sa ghearán, rud a sháraíonn an meon dlíthiúil is bunúsaí den chothroime agus den cheartas. Tá an fhianaise atá á cur ar aghaidh neamhleor de réir Rialtas na Síne, toisc nach dtugann sé aird ar staid mhargaidh an táirge lena mbaineann agus nach bhfuil aon tuarascáil ná fianaise eile curtha ar fáil ag an ngearánach a chruthaíonn saobhadh mhargadh na Síne ar na táirgí atá i gceist. Ní raibh an gearánach ná an Coimisiún in ann a chruthú go cruinn ach oiread conas a chuaigh beartais agus bearta Rialtas na Síne i bhfeidhm ar shásra praghsanna mhargadh tionscail ar leith sa tSín.

(174)

Maidir leis an maíomh ó Rialtas na Síne maidir le fabhtanna agus conclúidí earráideacha a bheith sa Tuarascáil, tugann an Coimisiún dá aire gur doiciméad cuimsitheach í an tuarascáil seo atá bunaithe ar fhianaise oibiachtúil fhorleathan, lena n-áirítear reachtaíocht, rialacháin agus doiciméid bheartais oifigiúla eile arna bhfoilsiú ag Rialtas na Síne, tuarascálacha tríú páirtí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, staidéir acadúla agus ailt le scoláirí, agus foinsí iontaofa neamhspleácha eile. Cuireadh ar fáil go poiblí é ó mhí na Nollag 2017 ionas go mbeadh neart deiseanna ag aon pháirtí leasmhar é a fhrisnéis, a fhorlíonadh nó barúil a thabhairt air agus ar an bhfianaise ar a bhfuil sé bunaithe. Agus fabhtanna na Tuarascála á gcur in iúl i dtéarmaí atá go hiomlán cineálach agus teibí, staon Rialtas na Síne, ag an tráth céanna, ó aon fhrisnéis den sórt sin a sholáthar maidir leis an ábhar agus leis an bhfianaise atá sa tuarascáil. Is féidir le gearánaigh brath ar fhianaise agus ar thorthaí imscrúduithe a rinneadh roimhe seo, sa mhéid is go bhfuil siad ábhartha agus nár chuir údarás breithiúnach a ndlíthiúlacht i leataobh. Áirithítear le hAirteagal 2(6a) go bhfuil na himeachtaí neodrach agus neamhchlaonta, agus go n-urramaítear cearta cosanta na bpáirtithe uile le linn an imscrúdaithe. Tugann an Coimisiún dá aire maidir leis an deis a tairgeadh do ghearánaigh líomhaintí agus fianaise a chur ar aghaidh maidir le saobhadh praghsanna agus costas a d’fhéadfadh a bheith ann i dtíortha ina bhféadfadh saobhadh suntasach a bheith ann arb é an Stát is cúis leis, ní féidir é sin a thuiscint mar chleachtas éigeart éagórach a spreagann líomhaintí den sórt sin a thabhairt ar aird. Maidir leis an mbarúil ó Rialtas na Síne ar neamhdhóthanacht na fianaise ag an gcéim thionscnaimh, meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfaidh sé, de réir Airteagal 2(6a)(e), imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin más rud é go measann an Coimisiún gur leor an fhianaise a chuir an gearánach faoina bhráid maidir leis an saobhadh suntasach. Ach, is ag am an nochta shealadaigh agus/nó chinntithigh mar thoradh ar imscrúdú a dhéantar an cinneadh an ann don saobhadh suntasach agus a thionchar sin agus an úsáid ina dhiaidh sin as an modheolaíocht a cheanglaítear le hAirteagal 2(6a)(a). Ní dheimhnítear gurb ann don saobhadh suntasach agus an tionchar a bheidh aige ag an gcéim thionscnaimh, mar a mhaígh Rialtas na Síne, ach amháin le linn imscrúdú domhain. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(175)

Maidir le tagairtí sa ghearán d’fhóirdheontais arna ndeonú ag Daon-Phoblacht na Síne, thug Rialtas na Síne a bharúil gur dheonaigh an tAontas go leor fóirdheontas, rud a d’fhéadfadh a chur san áireamh go bhfuil a mhargadh á shaobhadh, agus níor chruthaigh an gearánach gurbh idirghabháil rialtais é an fóirdheontas a raibh tionchar suntasach aige ar an margadh nó a raibh iarmhairt shaobhach aige ar phraghas nó ar chostas na dtáirgí a bhí i gceist. Chuir Rialtas na Síne in iúl, de réir Airteagal 32.1 de Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh, nach bhféadfaí gníomhaíocht shonrach a dhéanamh i gcoinne fóirdheontais ó Chomhalta eile ach amháin i gcomhréir le forálacha GATT 1994.

(176)

Mar a mhínigh an Coimisiún in aithris (162), níl an líomhain maidir le fóirdheontais a bheith á ndeonú ag an Aontas, rud nach bhfuil aon fhianaise ag dul leis ar aon nós, ábhartha maidir leis an measúnú ar shaobhadh sa tír is onnmhaireoir faoi Airteagal 2(6a)(b). De réir na haithrise céanna, ba cheart fóirdheontais a mheas mar cheann de na modhanna idirghabhála trína n-achtaíonn an Stát beartais phoiblí shaobhacha shonracha, agus dá bhrí sin ní gá a dtionchar sonrach a shuí. In aon chás, mar a luaitear in aithris (174), ní dheimhnítear ag an gcéim thionscnaimh gurb ann do shaobhadh suntasach ná do tionchar a bheith ag an saobhadh sin, ach tar éis imscrúdú domhain a dhéanamh. Ar deireadh, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 32.1 den Chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh, baineann an t-imscrúdú atá ann faoi láthair agus an mhodheolaíocht atá in Airteagal 2(6a) le ríomh an ghnáthluacha i gcomhthéacs na dumpála ar earraí a allmhairítear agus ní féidir a mheas gurb ionann é agus caingean sonrach i gcoinne fóirdheontas a dheonaigh Daon-Phoblacht na Síne. Dá bhrí sin, tá aon tagairt don Airteagal a luaitear neamhábhartha. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(177)

Thug táirgeoir onnmhairiúcháin ZTT a bharúil go bhfuil ríomh an ghnáthluacha ag an gCoimisiún ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola nó tagarmharcanna i dtír ionadaíoch iomchuí i gcoinne ghealltanas an Aontais faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála, go háirithe a ghealltanas faoi Roinn 15 den Phrótacal maidir le hAontachas na Síne leis an EDT. De réir ZTT, ón 12 Nollaig 2016 ar aghaidh, níor cheart don Aontas imeacht ón modheolaíocht chaighdeánach maidir le gnáthluach tháirgeoirí na tíre is onnmhaireoir a bhunú, is é sin gan ach praghsanna agus costais náisiúnta na tíre is onnmhaireoir a úsáid, ach amháin má cheadaítear a mhalairt faoi fhorálacha eile de chuid chomhaontuithe EDT lena n-áirítear an Comhaontú Frithdhumpála. Mhaígh ZTT freisin nach gceadaítear le hAirteagal 2 den Chomhaontú Frithdhumpála faisnéis a úsáid seachas an fhaisnéis atá sa tír is onnmhaireoir chun an gnáthluach a shuí. Cé gur gá in imthosca eisceachtúla an gnáthluach a ríomh, ní mór na sonraí a bhaineann le costas táirgthe agus le costais SGA agus le brabúis a fháil ó fhoinsí sa tír is onnmhaireoir. De réir ZTT, ní raibh aon ní sa Chomhaontú Frithdhumpála a cheadaigh maolú ón riail ghinearálta sin, agus ní raibh coincheap an tsaofa shuntasaigh ann sa Chomhaontú Frithdhumpála. I ndáil leis an méid sin, rinne ZTT tagairt don sainmhíniú ar ghnáthluach in Airteagal 2.1 den Chomhaontú Frithdhumpála agus do na himthosca eisceachtúla a thuairiscítear in Airteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála ina bhféadfaí an gnáthluach a bhunú ar bhonn praghas inchomparáide táirge chomhchosúil nuair a onnmhairítear é go tríú tír iomchuí ar choinníoll go bhfuil an praghas sin ionadaíoch, nó ar bhonn costas táirgthe sa tír thionscnaimh móide méid réasúnta do chostais SGA agus do bhrabúis. Dúirt ZTT go gceanglaítear leis an gComhaontú Frithdhumpála go ndéanfar na costais a ríomh de ghnáth ar bhonn taifead arna gcoimeád ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir lena mbaineann fad atá na taifid sin i gcomhréir le prionsabail chuntasaíochta na tíre is onnmhaireoir a nglactar go ginearálta leo agus go léiríonn siad go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann, agus, mar an gcéanna, go mbeidh na méideanna le haghaidh chostais SGA agus na brabúis bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge i ngnáthchúrsa trádála an táirge chomhchosúil ag an onnmhaireoir nó an táirgeoir lena mbaineann, nó murar féidir leis é a dhéanamh amach ar an mbonn sin, ar bhonn foinsí eile ach i gcónaí é a chinneadh ar bhonn mhargadh na tíre tionscnaimh intíre.

(178)

Thairis sin, rinne ZTT tagairt don rialú in AE – Bithdhíosal, agus dá réir ní raibh cead ag na húdaráis imscrúdúcháin meastóireacht a dhéanamh ar na costais arna dtuairisciú sna taifid arna gcoinneáil ag an onnmhaireoir/táirgeoir de bhun tagarmhairc nach mbaineann leis na costais táirgthe sa tír thionscnaimh. Luaigh ZTT, i bhfianaise thuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc sa chás sin, go bhfuil an chomparáid faoi Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú Frithdhumpála le déanamh idir, ar thaobh amháin, na costais de réir mar a thuairiscítear iad i dtaifid an táirgeora/an onnmhaireora agus, ar an taobh eile, na costais arna dtabhú go hiarbhír ag an táirgeoir sin. Ar deireadh, chuir ZTT in iúl, de réir thuarascáil an Bhuanchomhlachta Achomhairc sa chás, nach raibh saobhadh san Airgintín ba chúis le difríocht idir praghsanna intíre agus praghsanna idirnáisiúnta phríomh-amhábhar an táirge lena mbaineann, nach raibh sé ina bhunús leordhóthanach ann féin faoi Airteagal 2.2.1.1 chun a chinneadh nár léirigh taifid táirgeora costais an amhábhair a bhain le táirgeadh agus díol an táirge lena mbaineann, nó chun neamhaird a dhéanamh ar na costais sin agus gnáthluach an táirge lena mbaineann á ríomh. Dá réir sin, tháinig an grúpa ZTT ar an gconclúid go bhfuil Airteagal 2(6a) ar neamhréir le comhaontuithe EDT, lena n-áirítear Prótacal Aontachais na Síne leis an EDT, na le dlí-eolaíocht an Chomhlachta um Réiteach Díospóidí.

(179)

I gcomhréir leis na barúlacha a thug sé in aithris (146), dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh an ghrúpa ZTT maidir leis an neamhréireacht ghinearálta líomhnaithe le comhaontuithe EDT maidir leis an ngnáthluach a ríomh ag an gCoimisiún ar bhonn costais táirgthe agus díola nó tagarmharcanna i dtír ionadaíoch iomchuí. San aithris chéanna, thug an Coimisiún aghaidh ar shaincheist ábharthacht chás AE – Bithdhíosal agus ar thorthaí an Bhuanchomhlachta Achomhairc maidir leis sin i ndáil leis an imscrúdú seo. Maidir leis na gealltanais faoi Roinn 15 de Phrótacal Aontachais na Síne leis an EDT, meabhraíonn an Coimisiún maidir le himeachtaí frithdhumpála a bhaineann le táirgí ón tSín, go bhfuil feidhm fós ag na codanna de Roinn 15 den Phrótacal nach bhfuil imithe in éag agus an gnáthluach á chinneadh, maidir le caighdeán an gheilleagair margaidh agus maidir le húsáid modheolaíochta nach bhfuil bunaithe ar chomparáid dhocht le costais nó praghsanna sa tSín araon. Ar na cúiseanna sin go léir, diúltaíodh do na maímh sin.

(180)

Mhaígh ZTT freisin nach bhfuil earnáil na gcáblaí snáthoptaice saofa agus, ar a mhéid, ní fhéadfaí ach ionchuir áirithe sa mhargadh sin a bheith saofa. Chun bunús a thabhairt leis an maíomh sin, mhaígh ZTT: nach bhfuil aon phlé sonrach nó mionsonraithe ar earnáil na gcáblaí snáthoptaice sa tuarascáil dá dtagraítear sa ghearán; nach féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil gach ionchur saofa ná go ndéantar margadh na gcáblaí snáthoptaice féin saofa; níor thug an gearánaí aon fhianaise ar aird go raibh ionchur ón stát sna gnólachtaí Síneacha a chuir isteach ar phraghsanna nó ar chostais i margadh na gcáblaí snáthoptaice, agus níor tugadh le fios sa ghearán ach tuairisc ghinearálta ar an tSín a bheith ina geilleagar margaidh sóisialach; nach bhfuil na cuideachtaí atá sa mhargadh OFCanna faoi rialú an Stáit, fiú i gcás ina bhfuil bunanna ag an Stát sna cuideachtaí sin (an earnáil phríobháideach ar léi formhór na cuideachta i ngach cás), agus níor cuireadh aon fhianaise ar aghaidh chun a thabhairt le fios an ann d’úinéireacht an Stáit i dtromlach mhargadh OFCanna sa tSín nó, dá bhrí sin, an ndearnadh saobhadh ar an margadh ina iomláine.

(181)

Thug an Coimisiún aghaidh cheana féin ar an maíomh ginearálta maidir leis an easpa fianaise ar leith sa ghearán a bhaineann leis an earnáil OFCanna in aithrisí (152) agus (154). I gcomhréir le hAirteagal 5(9) den bhun-Rialachán, ba leor an fhianaise go bhféadfadh an tionscal OFCanna a bheith faoi réir saobhadh suntasach i nDaon-Phoblacht na Síne ar a laghad, fianaise a thug gearánaigh a chomhlíonann critéir Airteagal 2(6a)(b), ba leor an fhianaise sin chun an t-imscrúdú a thionscnamh ar bhonn na forála sin. Go sonrach, níl nasc idir saobhadh suntasach a bheith ann agus cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus caibidil shonrach earnála nó faisnéis a bheith ann maidir le margadh ar leith lena gcumhdaítear an táirge lena mbaineann. I ndáil leis an méid sin, mar a léirítear i roinn 3.1.1.2 go 3.1.1.9, rinne an Coimisiún amach san imscrúdú seo go bhfuil saobhadh suntasach ann sa tionscal OFCanna agus in earnálacha na n-ionchur gaolmhara. Ceadaítear le hAirteagal 2(6a)(a) costais intíre a úsáid agus an gnáthluach á ríomh ach amháin más rud é go bhfaightear amach go cinnte, le linn an imscrúdaithe, nach bhfuil na costais sin saofa . I ndáil leis an méid sin, áfach, ní raibh aon fhianaise dheimhneach ann nach raibh tosca táirgeachta saofa i gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin aonair. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh ZTT maidir leis an ngné sin.

(182)

Maidir le maíomh ZTT i ndáil le rialú an Stáit ar tháirgeoirí OFCanna, fuair an Coimisiún fianaise ar rialú den sórt sin mar a thuairiscítear i roinn 3.1.1.3. Meabhraíonn an Coimisiún nach réamhriachtanas é úinéireacht tromlaigh an Stáit chun go ndéanfadh an Stát rialú éifeachtach. Ar bhonn níos ginearálta, shuigh an Coimisiún i roinn 3.1.1.3 go 3.1.1.5, gur fhreastail fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi rialú nó faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi threoir údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne go suntasach ar mhargadh na gcáblaí snáthoptaice (i dtéarmaí táirgeoirí OFCanna agus táirgeoirí na n-ionchur a úsáidtear i monarú OFCanna araon). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh ZTT thuas ina leith.

(183)

An fhianaise ón ngearánach faoi bheartais phoiblí nó faoi bhearta lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí OFCanna intíre nó a bhfuil tionchar acu ar chaoi eile ar chúrsaí an mhargaidh shaoir san earnáil OFCanna, shonraigh ZTT freisin go mbaineann an fhianaise sin le hearnálacha iartheachtacha seachas le hearnálacha réamhtheachtacha. Maidir leis na tagairtí ón ngearánach d’ionchuir a bheith á saobhadh, líomhain an chuideachta go raibh an fhianaise tearc agus gur léiríodh easpa soiléireachta inti maidir le cé acu a bhí nó nach raibh na snáithíní optúla ina ‘snáithíní ardfheidhmíochta’ a cuireadh chun cinn sa 13ú FYP (nó an méid a bhí i gceist le tacaíocht an Phlean) agus gur léiríodh san fhianaise easpa faisnéise faoi shnáithíní araimíde sa Tuarascáil ar an leathanach sonraithe. Ina theannta sin, thug ZTT a bharúil maidir le tagairt an Ghearánaigh d’fhianaise na Tuarascála faoin tacaíocht do shnáithíní gloine a bhí in earnáil agus margadh a bhí iomlán éagsúil le hearnáil agus margadh na snáithíní optúla agus na gcáblaí snáthoptaice, agus dá bhrí sin, ní raibh an líomhain ábhartha do mheasúnú an táirge lena mbaineann agus san am céanna ní raibh aon bhunús leis an bhfianaise ach oiread faoin méid tacaíochta a tugadh agus faoin gcaoi a ndearnadh an margadh a shaobhadh.

(184)

Tugadh aghaidh cheana féin ar cheist na leordhóthanachta i bhfianaise an Ghearáin thuas, i measc ceisteanna eile in aithris (181). Agus OFCanna ina bpríomhpháirt de líonraí snáthoptaice, rinne an Coimisiún amach ina imscrúdú go raibh dlúthcheangal ag an earnáil OFCanna leis na líonraí sin agus go raibh sí ag brath ar fhorbairt na líonraí sin, agus mar sin go raibh siad faoi réir éifeachtaí na mbeartas Stáit ar an leibhéal céanna agus faoi réir doiciméid bheartais lena ndearnadh forbairt líonraí idirlín a bhainistiú, agus faoi réir cur chun feidhme beartas uileghabhálach a bhaineann le teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus seirbhísí idirlín, mar a thuairiscítear go sonrach in aithrisí (107) agus (108). Leis na doiciméid bheartais tá de chumas ag an Stát, trí bhíthin modhanna éagsúla, cur isteach ar chúrsaí an mhargaidh ina lán réimsí agus margaí inar úsáideadh líonraí snáthoptaice, agus OFCanna dá réir sin. Dá bhrí sin, deimhníodh sna torthaí ón gCoimisiún go raibh beartais phoiblí nó bearta poiblí i bhfeidhm a raibh tionchar acu ar chúrsaí an mhargaidh san earnáil OFCanna. D’ainneoin an toraidh sin, rinne an Coimisiún amach freisin gur fhág cineálacha eile saobhaidh shuntasaigh a lorg ar an earnáil OFCanna freisin, mar a thuairiscítear i ranna 3.1.1.3, 3.1.1.4 agus 3.1.1.6 go 3.1.1.8. Mar sin, diúltaíodh an maíomh a rinne ZTT.

(185)

Maidir leis na líomhaintí a bhaineann le heaspa soiléireachta na fianaise atá sa Tuarascáil agus dá dtagraítear sa ghearán, fuair an Coimisiún amach le linn an imscrúdaithe go sainmhínítear ceann d’ionchuir OFCanna ar a laghad - araimíd - mar ‘snáithín ardfheidhmíochta’ i ndoiciméad beartais amháin ar a laghad. Maidir leis an tacaíocht ón 13ú FYP a foráladh le haghaidh an táirge sin, shuigh an Coimisiún ina Thuarascáil go bhfuil na beartais tacaíochta ina ngnéithe lárnacha a ghabhann le doiciméid phleanála i nDaon-Phoblacht na Síne, go háirithe i gcás an 13ú FYP ar an leibhéal lárnach (114). Rinne an Coimisiún amach go raibh fianaise chinnte ann go raibh araimíd faoi réir doiciméid pleanála beartais éagsúla, lena n-áirítear fianaise na Tuarascála (féach aithris (114)). Maidir le tagairtí an Ghearánaigh do shnáithíní gloine i gcorp na fianaise sa Tuarascáil, tugann an Coimisiún dá aire gur féidir na snáithíní a úsáid mar ionchur i monarú OFCanna agus, dá bhrí sin, go raibh an tagairt sin ábhartha do thionscnamh an imscrúdaithe. I dtéarmaí a bhain leis an saobhadh gaolmhar, thug an Coimisiún tuairisc ar an toradh ar tháinig sé air in aithris (118). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh thuasluaite.

(186)

Ina theannta sin, maidir le dlíthe féimheachta, corparáideacha nó maoine a chur i bhfeidhm i margaí OFCanna nó gan na dlíthe sin a a bheith forfheidhmithe go leormhaith, luaigh ZTT nár tugadh aon fhianaise, agus gur bhain torthaí Rialachán GFF ina leith sin le margadh difriúil. Líomhain ZTT mar an gcéanna nár cuireadh i láthair ach fianaise ghinearálta, mar an gcéanna, maidir le saobhadh ar chostais phá, rud nár chruthaigh go raibh margadh an tsaothair saofa i gcás OFCanna.

(187)

Mar a mhínítear in aithris (163), bhí torthaí an Choimisiúin a fuarthas as imscrúdú GFF, dá dtagraíonn ZTT i gcomhthéacs an Ghearáin, bunaithe ar fhianaise atá sa Tuarascáil, a bhí ábhartha do gach earnáil thionsclaíoch i nDaon-Phoblacht na Síne, agus dá bhrí sin bhí údar le tagairtí do na torthaí sin ón ngearánach. Ar aon chaoi, fuair an Coimisiún amach trí bhíthin a imscrúdaithe, i roinn 3.1.1.6, go ndearnadh dlíthe féimheachta agus maoine a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó nach ndearnadh iad a fhorfheidhmiú go leormhaith – fiú amháin a d’fhéadfadh a bheith ann san earnáil OFCanna, lena n-áirítear i ndáil leis an táirge lena mbaineann. Ar an gcaoi chéanna, maidir le costais phá, rinne an Gearánach tagairt d‘fhianaise sa Tuarascáil, a bhaineann leis an bhfabraic thionsclaíoch ar fad i nDaon-Phoblacht na Síne, agus dá bhrí sin tá sé ábhartha don mhargadh OFCanna. Ar aon chaoi, rinne an Coimisiún amach trí bhíthin a imscrúdaithe freisin, mar a thuairiscítear go sonrach i roinn 3.1.1.7, go bhfuil tionchar ag saobhadh na gcostas pá, go díreach agus go hindíreach, ar an earnáil OFCanna. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh a rinne ZTT.

(188)

Maidir le tagairtí d’fhóirdheontais sa ghearán, mhaígh ZTT nach raibh sé fíor gurb é is aidhm dóibh cuspóirí beartais phoiblí a chur chun feidhme ná gur deonaíodh iad lena áirithiú nach raibh na gnólachtaí sin ag gníomhú go neamhspleách ar an Stát.

(189)

Tá an Coimisiún den tuairim gur chuir an Gearánach fianaise prima facie ar fáil gur dealraitheach gur baineadh úsáid as na fóirdheontais éagsúla chun na cuspóirí beartais a chomhlíonadh (e.g. tionsclaíocht, forbairt teicneolaíochta nó claochlú tionsclaíoch), a mheas an Coimisiún go bhféadfadh saobhadh de chineál áirithe a bheith ann agus gur leor é mar eilimint a thabharfadh údar le himscrúdú a thionscnamh ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh.

(190)

Maidir le saobhadh i ndáil le hamhábhair, thug ZTT a bharúil gur cuideachta í atá comhtháite ar bhealach iomlán ingearach, agus dá bhrí sin, is cuideachtaí gaolmhara a aimsíonn a chuid ionchur agus ní dócha go raibh a phraghsanna saofa ag margaí réamhtheachtacha. Mhaígh ZTT freisin gur chuir sé faisnéis ábhartha ar fáil maidir le táirgeadh ábhair réamhtheachtaigh a rinne cuideachtaí gaolmhara. De réir ZTT, níor cuireadh aon fhianaise ar aird go raibh an margadh OFCanna féin saofa, agus dá bhrí sin ní raibh aon fhianaise ann go raibh costais ZTT saofa. Léirigh ZTT freisin gur cheart úsáid a bhaint as na costais sin dá chuid nár cruthaíodh go raibh siad saofa agus an gnáthluach á ríomh.

(191)

Mar a luaitear thuas, go sonrach in aithris (181), mheas an Coimisiún gur leor an fhianaise sa chomhad chun a imscrúdú a thionscnamh. De thoradh an mhéid sin, rinne an Coimisiún go amach raibh tionchar ag saobhadh suntasach trasearnála ar chineálacha éagsúla a thuairiscítear i roinn 3.1.1.2 go roinn 3.1.1.9 a rinne difear ní hamháin do na cuideachtaí atá i mbun gnó san earnáil OFCanna, mar a tugadh le fios in aithris (155), ach do mhonaróirí amhábhar a úsáideann táirgeoirí OFCanna i nDaon-Phoblacht na Síne freisin, chomh maith le táirgeoirí na n-ionchur bunúsach chun na hamhábhair sin a tháirgeadh ar leibhéil réamhtheachtacha an tslabhra luacha. Fiú más rud é go bhfuair ZTT a ionchuir ó chuideachtaí gaolmhara, tá an tionchar ag an saobhadh a thuairiscítear sna ranna a luaitear ar na táirgeoirí ionchuir sin agus ar ZTT chomh maith. San fhaisnéis a chuir ZTT ar fáil, ní raibh aon fhianaise chruinn iomchuí ann lenar deimhníodh gur féidir a dhéanamh amach go cinnte go raibh aon chuid dá chostais neamhshaofa ar bhonn Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin .

(192)

Ar deireadh, luaigh ZTT dá dtiocfadh an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna an Stát idirghabháil chun cuidiú leathanbhanda ardluais a thabhairt isteach de réir a chéile trí thacú le margaí ionchur OFCanna agus le OFCanna (go sonrach trí fhóirdheontais), gur chuir an Stát cliseadh margaidh ina cheart agus gur chuir sé le seachtrachtaí dearfacha, agus dá bhrí sin nach rabhthas lena mheas go raibh an idirghabháil sin suntasach, agus nach féidir an saobhadh a bhaineann le hábhar a mheas a bheith suntasach ach oiread.

(193)

I gcomhréir leis an míniú ón gCoimisiún in aithris (172), an tsaincheist a bhaineann le hidirghabháil ó Stát chun cliseadh margaidh a chur ina cheart, níl tábhacht aige sin i leith chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Aon chur isteach ó Stát a d’fhéadfadh d'acmhainn a bheith aige nó a bheith ina chúis le saobhadh margaidh a thiocfaidh faoi shainmhíniú ‘saobhadh suntasach’ faoi phointe (b) d'Airteagal 2(6a), measfar faoin Airteagal sin é. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do mhaíomh ZTT.

(194)

Tar éis an nochta dheiridh, chuir roinnt páirtithe leasmhara barúlacha isteach maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus a n-aighneachtaí roimhe sin á n-athdhearbhú cuid mhór acu.

(195)

Bhí Rialtas na Síne den tuairim, ar an gcéad dul síos, go raibh locht ar an Tuarascáil agus nach bhfuil bunús dlí ná fíorasach leis na cinntí atá bunaithe uirthi. Go sonrach, mhaígh Rialtas na Síne nach ionann an Tuarascáil agus ‘tuarascáil’ de réir reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá amhras ann an féidir an Tuarascáil a úsáid le seasamh oifigiúil an Choimisiúin a chur in iúl. Ar an taobh fíorasach de, tá mífhaisnéis ag baint leis an Tuarascáil, dar le Rialtas na Síne, tá sé leataobhach agus scoite amach ón bhfírinne. Ina theannta sin, ós rud é nach bhfuil tuarascálacha tíre eisithe ag an gCoimisiún ach do chúpla tír roghnaithe, is cúis imní é sin maidir le cóireáil na náisiún barrfhabhair. Ina theannta sin, dar le Rialtas na Síne, ní féidir leis an gCoimisiún a bheith ag brath ar an bhfianaise sa Tuarascáil, óir nach bhfuil sé ag teacht le spiorad an dlí atá ceart agus cóir, toisc gurb ionann é go bunúsach agus breithiúnas a thabhairt ar an gcás roimh an triail.

(196)

Ar an dara dul síos, d'áitigh Rialtas na Síne nach raibh sé comhsheasmhach leis an gComhaontú Frithdhumpála an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, agus go háirithe le hAirteagal 2.2 den Chomhaontú Frithdhumpála, ina soláthraítear liosta uileghabhálach de chásanna inar féidir an gnáthluach a ríomh agus gan ‘saobhadh suntasach’ a bheith san áireamh iontu sna cásanna sin. Thairis sin, tá úsáid sonraí ó thír ionadaíoch iomchuí, de réir Rialtas na Síne, ar neamhréir le hAirteagal VI.1(b) agus Airteagal 2.2.1.1. GATT den Chomhaontú Frithdhumpála, lena gceanglaítear costas táirgthe sa tír thionscnaimh a úsáid agus an gnáthluach á ríomh.

(197)

Ar an tríú dul síos, mhaígh Rialtas na Síne go bhfuil cleachtais imscrúdúcháin an Choimisiúin faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le rialacha EDT sa mhéid go ndearna an Coimisiún, de shárú ar Airteagal 2.2.1.1. den Chomhaontú Frithdhumpála, neamhaird ar thaifid an táirgeora Síneach gan a chinneadh an bhfuil na taifid sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh ginearálta leo sa tSín. Ní aontaíonn Rialtas na Síne, i dtaca leis sin, leis an bhfreagra a thug an Coimisiún níos luaithe (féach aithrisí (146) agus (168)).

(198)

Ar an gceathrú dul síos, tá Rialtas na Síne den tuairim gur cheart don Choimisiún a bheith comhsheasmhach agus scrúdú iomlán a dhéanamh féachaint an bhfuil saobhadh margaidh, mar a thugtar air, sa tír ionadaíoch. Is ionann glacadh go héasca le sonraí na tíre ionadaíche gan meastóireacht den sórt sin agus ‘caighdeáin dhúbailte’. Is amhlaidh atá, dar le Rialtas na Síne, maidir le measúnú a dhéanamh ar phraghas agus ar chostais thionscal an Aontais Eorpaigh. Ar an gcúigiú dul síos, thug Rialtas na Síne dá aire go bhfuil saobhadh margaidh forleathan laistigh den Aontas, amhail treoir ó na húdaráis, dálaí sóisialta á gcur san áireamh ag bainc thráchtála, díolúintí cánach, tacaíocht airgeadais nó tarrtháil eacnamaíoch.

(199)

Maidir leis an gcéad argóint i ndáil leis an Tuarascáil, thug an Coimisiún aghaidh go mion ar cheist na náisiún barrfhabhair in aithris (170) thuas. Ar an gcaoi chéanna, tugadh aghaidh in aithris (174) ar na barúlacha ar an Tuarascáil a bheith lochtach ó thaobh fíoras de. Tugadh aghaidh freisin san aithris chéanna ar an argóint maidir le neamhchlaontacht an Choimisiúin. I dtaca le stádas na Tuarascála faoi reachtaíocht an Aontais, mheabhraigh an Coimisiún nach ndéantar forordú le hAirteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán maidir le formáid shonrach na dtuarascálacha maidir le saobhadh suntasach, ná ní shainítear san fhoráil sin an modh foilseacháin. Mheabhraigh an Coimisiún gur doiciméad teicniúil é seo bunaithe ar fhíorais a úsáidtear i gcomhthéacs imscrúduithe cosanta trádála amháin. Rinneadh an tuarascáil a eisiúint go hiomchuí, dá bhrí sin, mar dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin mar is doiciméad tuairisciúil amháin é agus ní léirítear ann aon tuairim pholaitiúil, fabhar ná breithiúnas. Ní dhéanann sé sin difear dá ábhar, eadhon na foinsí oibiachtúla faisnéise maidir le saobhadh suntasach a bheith i ngeilleagar na Síne is ábhartha chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 2 (6a)(c) den bhun-Rialachán. Maidir leis an dara agus an tríú hargóint i dtaca le neamhréireacht líomhnaithe Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí EDT, thug an Coimisiún dá aire nár chuir Rialtas na Síne aon fhianaise nua i láthair, ach amháin i gcás tagairt a dhéanamh don tuarascáil AB in AE - Bithdhíosal agus don tuarascáil ón bpainéal in AE – Coigeartú costais. Mar sin féin, tugadh aghaidh go leordhóthanach ar na hargóintí sin in aithrisí (146) agus (168). Tugadh aghaidh cheana in aithris (171) thuas ar an gceathrú hargóint maidir le meastóireacht ar shonraí tríú tíortha. Maidir leis an gcúigiú hargóint maidir le saobhadh líomhnaithe i margadh an Aontais, thug an Coimisiún dá aire go míníodh go mionsonraithe cheana féin in aithris (170) cén fáth nach bhfuil na hábhair imní sin ábhartha i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo. Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’argóintí Rialtas na Síne.

(200)

Ar an gcéad dul síos, d’athdhearbhaigh an grúpa ZTT a thuairim go bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ar neamhréir le comhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus d'áitigh siad, ós rud é nach bhfuil réasúnú soiléir ag baint le freagra an Choimisiúin ar na hargóintí a rinne sé roimhe seo, nach léirítear leis an bhfreagra sin an bunús dlí i gComhaontuithe EDT (féach aithris (146)) go háirithe. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann an nochtadh, dar leis an ngrúpa ZTT, na caighdeáin dhlíthiúla maidir le ráiteas leordhóthanach cúiseanna lena dtugtar údar don chinneadh ón gCoimisiún. Ar an dara dul síos, mhaígh an grúpa ZTT nach bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an grúpa faoi réir saobhadh suntasach ós rud é, ar thaobh amháin, nach léiríonn gnáthghníomhaíochtaí polaitiúla an pháirtí laistigh den chuideachta nó ballraíocht de bhainisteoirí cuideachta i bPáirtí Cumannach na Síne tionchar díreach an Pháirtí ar an ngrúpa agus, ar an taobh eile, ós rud é gur cuideachta phríobháideach é Grúpa ZTT atá liostaithe go poiblí, tá sé faoi réir ag ceanglais rialachais chorparáidigh agus liostaithe atá dírithe ar an margadh. I ndáil leis sin, thug an grúpa ZTT dá aire nach bhfuil aon saobhadh suntasach i gceist le hidirghabháil stáit ós rud é go bhféadfadh idirghabháil rialtais cliseadh margaidh a cheartú freisin, amhail in earnáil an leathanbhanda ina bhfuil an táirge atá faoi imscrúdú in úsáid go forleathan.

(201)

Thug an Coimisiún aghaidh go forleathan ar an tsaincheist maidir le comhoiriúnacht Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) in aithrisí (146), (179) agus (168). Go háirithe, mhínigh an Coimisiún, cé nach ndéantar tagairt i ndlí-eolaíocht EDT dá dtagraíonn an grúpa ZTT do chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, go gceadaítear le dlí-eolaíocht in aon chás sonraí ó thríú tír a úsáid, agus coigeartú cuí déanta air nuair atá gá le coigeartú den sórt sin agus nuair a bhíonn bunús leis an gcoigeartú sin. Maidir le hargóint an ghrúpa ZTT maidir leis an easpa saobhadh suntasach san earnáil OFCanna, thug an Coimisiún dá aire go ndearnadh an-phlé ar na saincheisteanna sin cheana féin in aithrisí (154) agus (181). Cé nach léir go hiomlán ó aighneacht an ghrúpa ZTT an bhfuil sé féin ag tabhairt le tuiscint gurb í príomhthréith na hearnála leathanbhanda sa tSín cliseadh an mhargaidh, ní léiríonn a ráitis ghinearálta, nach bhfuil fianaise ag tacú leo, ina maítear nach léiriú ar thionchar Pháirtí Cumannach na Síne iad gníomhaíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne sa chuideachta, nó nach saobhadh suntasach iad na hidirghabhálacha stáit, ní féidir leis na ráitis ghinearálta sin conclúidí an Choimisiúin a bunaíodh ar ghnéithe éagsúla a imscrúdú a léiríonn go bhfuil saobhadh suntasach san earnáil, mar a léirítear i roinn 3.3.1.2 go roinn 3.3.1.9 a athrú. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí a chuir an grúpa ZTT faoina bhráid.

(202)

D’athdhearbhaigh CCCME a thuairim nach bhfuil Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán i gcomhréir leis an gComhaontú Frithdhumpála. Thug CCCME dá aire go háirithe, de réir an Choimisiúin, go gceadaítear faoi dhlí EDT, mar a léirmhínigh an Buanchomhlacht Achomhairc é sa díospóid AE-Bithdhíosal, go gceadaítear sonraí a úsáid ó thríú tír, arna gcoigeartú mar is cuí nuair is gá an gcoigeartú sin agus nuair is réasúnaithe. Mar sin féin, chuir CCCME in iúl nach bhfuil baint shonrach ag an modheolaíocht de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le forálacha Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán a bhí i gceist in DS473. Thairis sin, mhaígh CCCME nár mhínigh an Coimisiún conas atá an dara fomhír d’Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán comhsheasmhach le hAirteagal 2.2. den Chomhaontú Trádála.

(203)

Aontaíonn an Coimisiún le CCCME nach bhfuil baint shonrach ag an modheolaíocht de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le forálacha Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, mar a cuireadh in iúl cheana in aithris (146). I gcás ar bith, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán agus substaint an mheasúnaithe chomhfhreagraigh éagsúil leis na coinníollacha faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, níl an argóint maidir le comhoiriúnacht na forála sin le EDT ábhartha san imscrúdú seo. I bhfianaise a bhfuil thuas, dhiúltaigh an Coimisiún d’argóintí CCCME.

(204)

Thíolaic FTT, agus tagairt shainráite á déanamh freisin aige do bharúlacha CCCME, nach bhfuil bunús leis na líomhaintí maidir le saobhadh an mhargaidh. Dar le FTT, seachas a bheith ag brath ar fhianaise fhíorasach, ní dhéanann an gearánach ach athrá ar thorthaí an Choimisiúin a cuireadh in iúl roimhe seo agus tagraíonn sé don Tuarascáil a dhéileálann ar a uain le margadh agus struchtúir eacnamaíocha na Síne ‘i réimsí níos leithne’ agus gan fianaise ar leith a bhaineann leis an earnáil OFCanna. Ní léir do FTT, dá bhrí sin, cén chaoi a gcruthaíonn gnéithe amhail úinéireacht stáit, struchtúr thionscal na gceimiceán, cuspóirí beartais nó ról Pháirtí Cumannach na Síne i gcuideachta go bhfuil gníomhaíochtaí tráchtála na hearnála OFCanna á saobhadh.

(205)

Níl bunús le hargóintí FTT. Mar a míníodh cheana in aithris (152), seachas a bheith neamhshonrach agus ag déileáil le struchtúr eacnamaíoch na Síne i ‘réimsí níos leithne’, déantar cur síos sa Tuarascáil ar chineálacha éagsúla saobhadh, a bhfuil gné thrasghearrthach leo, atá ann ar fud gheilleagar na Síne agus a dhéanann difear do phraghsanna agus/nó d’amhábhair agus do chostais táirgthe an táirge lena mbaineann. Thug an Coimisiún dá aire thairis sin nach í an Tuarascáil an t-aon fhoinse amháin fianaise a d’úsáid an Coimisiún chun a dhéanamh amach an ann do shaobhadh suntasach. Leagtar amach i roinn 3.3.1.2 go roinn 3.3.1.9 na heilimintí promhaidh breise a d’úsáid an Coimisiún agus conclúidí an Choimisiúin ar bhonn na fianaise sin. Dá bhrí sin, cé go bhfuil na heilimintí dá dtagraíonn FTT, amhail úinéireacht Stáit nó ról Páirtí Chumannach na Síne i gcuideachtaí, i measc na bhfachtóirí ábhartha a léiríonn saobhadh suntasach, tá cinneadh foriomlán an Choimisiúin maidir le saobhadh suntasach a bheith ann de réir bhrí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán bunaithe ar réimse fianaise atá i bhfad níos leithne. Mar thoradh air sin, dhiúltaigh an Coimisiún d’argóintí FTT.

3.2.   Tír ionadaíoch

3.2.1.   Nótaí ginearálta

(206)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá inchurtha le hollioncam náisiúnta na Síne ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (115);

Táirgeadh an táirge lena mbaineann sa tír sin;

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch;

I gcás ina mbeidh níos mó ná rogha féideartha amháin i ndáil le tír a d'fhéadfadh a bheith ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(207)

Mar a mhínítear in aithrisí (209) agus (210), d’eisigh an Coimisiún dhá nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a dhéanamh amach. Sna nótaí sin, tugadh tuairisc ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bonn leis na critéir ábhartha agus tugadh aghaidh iontu ar na barúlacha a fuarthas ó na páirtithe maidir leis na gnéithe sin agus maidir leis na foinsí ábhartha. Sa dara Nóta faoi thosca táirgeachta, chuir an Coimisiún in iúl do pháirtithe leasmhara go raibh sé ar intinn aige an Airgintín a úsáid ina tír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí gurbh ann do shaobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(208)

I bpointe 5.3.2 den Fhógra Tionscnaimh shainaithin an Coimisiún an Tuirc ina tír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun críche an gnáthluach a dhéanamh amach ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Luaigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(209)

An 19 Samhain 2020, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an Chéad Nóta’) faoi na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a dhéanamh amach. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún liosta ar fáil de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun OFCanna a tháirgeadh. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear an roghnú praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, shainigh an Coimisiún sé thír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch mar atá an Afraic Theas, an Cholóim, an Mhalaeisia, an tSeirbia, an Téalainn agus an Tuirc agus mheas sé gurbh í an Tuirc an tír ionadaíoch is iomchuí. Fuair an Coimisiún barúlacha maidir leis an gCéad Nóta ó Connect Com, CCCME agus an grúpa ZTT. Rinneadh mionanailís ar na barúlacha sin in aithrisí (226) go (237).

(210)

An 12 Márta 2021, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an dara nóta (‘an Dara Nóta’) faoi na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a dhéanamh amach, agus gurb í an Airgintín an tír ionadaíoch. Chuir sé in iúl do pháirtithe leasmhara freisin go suífeadh sé costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus na brabúis bunaithe ar fhaisnéis a bhí ar fáil don chuideachta ábhartha Prysmian Energia Cables y Sistemas de Argentina S.A. sa tír ionadaíoch. Sa Dara Nóta tugadh aghaidh ar na barúlacha a fuarthas maidir leis an gCéad Nóta. Fuarthas barúlacha maidir leis an Dara Nóta ó Connect Com, CCCME agus an grúpa ZTT. Rinneadh mionanailís ar na barúlacha sin in aithrisí (247) go (292).

3.2.2.   Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín

(211)

Sa Chéad Nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún an Cholóim, an Mhalaeisia, an tSeirbia, an Afraic Theas, an Téalainn agus an Tuirc mar thíortha lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá inchurtha le Daon-Phoblacht na Síne de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda iad go léir mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus ar tíortha iad arb eol don Choimisiún go monaraítear an táirge lena mbaineann iontu. Fuarthas barúlacha an 30 Samhain 2020 ó Connect Com agus ó CCCME agus ó ZTTT Group an 3 Nollaig 2020 (sprioc-am sínithe).

(212)

D’áitigh Connect Com gur cheart don Choimisiún féachaint ar Mheicsiceo, an Rúis agus ar an gCasacstáin mar thíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Níor aimsigh an Coimisiún, áfach, aon táirgeoir OFCanna sna tíortha sin a raibh a fhaisnéis airgeadais ar fáil go héasca agus, dá bhrí sin, ní dhearna sé measúnú breise ar na tíortha sin.

(213)

Mhaígh an grúpa ZTT gur bhain saobhadh suntasach do gheilleagar na Tuirce, go háirithe sa mhargadh fuinnimh chomh maith leis na margaí leictreonaice agus optaice, agus go ndearna sé tagairt maidir leis an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ‘Tuarascáil 2020 maidir leis an Tuirc’ (116). I bhfianaise na conclúide thíos in aithris (294) chun an Airgintín a roghnú ina tír ionadaíoch iomchuí, bhí an maíomh seo neamhábhartha feasta.

(214)

Mhaígh an grúpa ZTT nárbh iomchuí an táscaire é an t-ollioncam náisiúnta (‘OIN’) chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal forbartha eacnamaíche tíre mar nach ndearna OIN per capita achoimre leordhóthanach ar leibhéal forbartha tíre nó nach ndearna sé leas tíre a thomhas agus go raibh an olltáirgeacht intíre (‘OTI’) per capita i bhfad níos cruinne. Thug an grúpa ZZT dá aire freisin go raibh leibhéal forbartha eacnamaíche na Malaeisia níos gaire don leibhéal sa tSín ná mar a bhí leibhéal na Tuirce i gcás OTI per capita agus, dá bhrí sin, go raibh an leibhéal sa Mhalaeisia níos gaire don leibhéal forbartha sa tSín ná mar a bhí an Tuirc. Mhaígh an grúpa ZTT gur cheart táirgiúlacht a chur san áireamh freisin in anailís den sórt sin agus cé go raibh táirgiúlacht an dá thír níos airde ná táirgiúlacht na Síne, bhí an Mhalaeisia níos gaire don tSín ná an Tuirc ó thaobh cosúlacht idir geilleagair de. Thug an grúpa ZTT dá aire freisin go raibh an Mhalaeisia níos gaire do leibhéal forbartha na Síne ná an Tuirc, bunaithe ar Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Dhaonna (lena gcomhcheanglaítear bearta éagsúla forbartha amhail ionchas saoil, blianta scolaíochta agus OIN per capita in innéacs amháin agus dá airde an uimhir is amhlaidh is mó leibhéal na forbartha). Ar deireadh, thug an grúpa ZTT dá aire go raibh an Mhalaeisia níos gaire do leibhéal neamhionannais na Síne ná an Tuirc, bunaithe ar Innéacs Gini (tomhais neamhionannais idir 0 agus 100, agus an neamhionannas ag méadú dá airde an uimhir).

(215)

Mhaígh Connect Com gur cheart don Choimisiún na dálaí táirgthe sa tionscal a chur san áireamh freisin, ós rud é, murab ionann agus an Tuirc, go raibh ardteicneolaíochtaí ag an tSín, chomh maith le líon na gcuideachtaí a bhí ag feidhmiú sa mhargadh.

(216)

Agus an gnáthluach á ríomh i gcás tíortha a mbaineann saobhadh suntasach leo, leagtar síos le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán go bhféadfaidh an Coimisiún tír ionadaíoch a úsáid a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche aici atá inchurtha le leibhéal na tíre is onnmhaireoir. Chun a shainiú cé na tíortha atá ar leibhéal forbartha eacnamaíche atá inchurtha le leibhéal na tíre is onnmhaireoir i ngach cás, úsáideann an Coimisiún tíortha atá aicmithe sa chatagóir chéanna ioncaim ag an mBanc Domhanda. Déanann an Coimisiún é sin trína dhiscréid a fheidhmiú chun an bun-Rialachán a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm mar a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais go minic i gcúinsí ina bhfágfar faoin gCoimisiún é sin a dhéanamh (117). Measann an Coimisiún go gceadaíonn an catagóiriú líon leordhóthanach de thíortha a d’fhéadfadh a bheith iomchuí agus a bhfuil leibhéal inchurtha forbartha acu chun tír ionadaíoch a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán agus a áirithiú san am céanna go mbeidh linn chomhsheasmhach agus oibiachtúil tíortha ann.

(217)

Ní cheanglaítear leis an mbun-Rialachán gurb í an tír ionadaíoch an tír ionadaíoch i dtéarmaí leibhéal na forbartha eacnamaíche, na táirgiúlachta, an ionchais saoil, an leibhéil forbartha, an leibhéil neamhionannais, na ndálaí táirgthe nó an leibhéil iomaíochta is gaire don tír is onnmhaireoir. Dá bhrí sin, ní bhaineann aon cheann de na gnéithe thuas le tír ionadaíoch iomchuí a roghnú. Sa chás sin, ba í an chatagóir le haghaidh tíortha ard-mheánioncaim an chatagóir ábhartha de chuid an Bhainc Dhomhanda ar dá réir atá an tSín aicmithe. Dá bhrí sin, gach tír sa liosta sin agus a ndearnadh anailís uirthi sa dá nóta, is tíortha iad a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche acu atá inchurtha le leibhéal na Síen, agus measadh go gcomhlíonann siad an critéar a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

3.2.3.   Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(218)

Sa Chéad Nóta, chuir an Coimisiún in iúl, i gcás na Colóime, na Malaeisia, na Seirbia, na hAfraice Theas, na Téalainne agus na Tuirce, gur ghá a fhíorú a thuilleadh go raibh na sonraí poiblí ar fáil go háirithe maidir leis na sonraí airgeadais poiblí ó tháirgeoirí an táirge lena mbaineann. Shainaithin an Coimisiún táirgeoir OFCanna amháin sa Cholóim, ceathrar sa Mhalaeisia, táirgeoir amháin sa tSeirbia, beirt san Afraic Theas, triúr sa Téalainn agus ceithre tháirgeoir sa Tuirc mar a mhínítear in aithrisí (219) go (224).

(219)

Maidir leis an gColóim, siar go 2018 a théann na sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca le haghaidh Furukuwa Industrial Colombia S A S agus, dá thoradh sin, níorbh fhéidir a mheas go bhfuil sé oiriúnach le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe. Bhí sonraí níos déanaí ar fáil do tháirgeoirí eile i dtíortha eile a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch mar a luaitear in aithris (238).

(220)

Maidir leis an Malaeisia, shainaithin an Coimisiún ceithre tháirgeoir a bhfuil a gcuid sonraí airgeadais acu ar fáil go héasca i.e. Fujikura Federal Cables SDN BHD ('Fujikura'), Lite Kabel SDN BHD ('Lite Kabel'), Opcom Cables SDN BHD ('Opcom') agus Tenaga Cable Industries SDN BHD ('Tenaga'). Téann na sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca do Lite Kabel agus Tenaga siar go 2018 agus le haghaidh Opcom go dtí an chéad ráithe de 2019 agus, dá thoradh sin, níorbh fhéidir a mheas go bhfuil siad oiriúnach le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe. Maidir le Fujikura, bhí na sonraí airgeadais ar fáil go poiblí le haghaidh 2019, ach bhí an chuideachta ag cailleadh airgid.

(221)

Maidir leis an tSeirbia, cé go raibh sonraí airgeadais Novkabel Doo Novi Sad ar fáil go héasca le haghaidh 2019, bhí an chuideachta sin ag cailleadh airgid.

(222)

Maidir leis an Afraic Theas, shainaithin an Coimisiún dhá tháirgeoir OFCanna i.e. CBI-Electric Telecom Cables (PTY) LTD agus Malesela Taihan Electric Cable (PTY) LTD. Mar sin féin, ní raibh aon sonraí airgeadais ar fáil go héasca le haghaidh na gcuideachtaí sin.

(223)

Maidir leis an Téalainn, shainaithin an Coimisiún trí tháirgeoir OFCanna i.e. Futong Group Communication Technology (An Téalainn) Co Ltd (‘Futong’), Siam Fiber Optics Co Ltd (‘Siam Fiber’) agus Thai Fiber Optics Co Ltd (‘Thai Fiber’) le sonraí airgeadais le haghaidh 2019 atá ar fáil go héasca. Bhí Futong brabúsach in 2019 cé go raibh Siam Fiber agus Thai Fiber ag cailleadh airgid.

(224)

Maidir leis an Tuirc, shainaithin an Coimisiún ceithre tháirgeoir OFCanna a bhfuil sonraí airgeadais acu atá ar fáil go héasca i.e. Cen Kablo Sanayi Ve Ticaret AS (‘Cen Kablo’), Corning Optik Iletisim Sanayi Limited Sirketi (‘Corning Optik’), ETK Kablo Sanayii Ve Ticaret AS (‘ETK Kablo’) agus Turk Prysmian Kablo Ve Sistemleri AS (‘Turk Prysmian’). Téann sonraí airgeadais Cen Kablo agus Corning Optik atá ar fáil go héasca siar go 2018 agus téann sonraí airgeadais ETK Kablo siar go 2017. I dtaca le Turk Prysmian, bhí a chuid sonraí airgeadais le haghaidh 2019 ar fáil go héasca. Mar sin féin, chláraigh an chuideachta corrlach brabúis íseal in 2019, rud a measadh nár ‘mhéid réasúnta’ é de réir bhrí na míre deireanaí d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(225)

Ós rud é go raibh sonraí níos déanaí ar fáil faoi tháirgeoirí eile i dtíortha eile a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch mar a luaitear in aithris (238), níor measadh go bhféadfadh an Cholóim, an Mhalaeisia ná an Tuirc a bheith ina dtíortha ionadaíocha iomchuí ag an gcéim seo. Ar aon chaoi, thug an Coimisiún aghaidh ar na maímh thíos a bhaineann leis na tíortha sin.

(226)

D’áitigh CCCME agus an grúpa ZTT faoi na táirgeoirí sna tíortha a d'fhéadfadh a bheith ionadaíoch ar ina leith a bhí na sonraí airgeadais nochta sa Chéad Nóta gur tháirg siad agus gur dhíol siad an táirge lena mbaineann agus táirgí eile araon. Go sonrach, mhaígh CCCME agus an grúpa ZTT, de réir Thuarascáil Bhliantúil Turk Prysmian le haghaidh 2019, gur cáblaí fuinnimh a bhí in 89 dá gcuid díolachán, agus gur cáblaí teileachumarsáide a bhí in 11 amháin, agus dá bhrí sin, nach mbeidís ina bhfoinse mhaith do shonraí airgeadais maidir lena ngnó cáblaí snáthoptaice. Ina theannta sin, mhaígh an grúpa ZTT nach raibh gníomhaíocht Corning Optik teoranta do tháirgeadh OFCanna.

(227)

I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire gur táirgeadh cáblaí lena n-áirítear an táirge lena mbaineann i gcónaí le gníomhaíocht na gcuideachtaí sin, agus dá bhrí sin go mbeadh sonraí airgeadais ó na cuideachtaí sin ina n-athróga ionadacha maidir le feidhmíocht airgeadais tháirgeadh OFCanna sa Tuirc le haghaidh 2019. Ina theannta sin, tá cur i bhfeidhm na modheolaíochta in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag brath ar shonraí atá ar fáil go héasca agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh na sonraí poiblí ar fáil ar an leibhéal is mionsonraithe den táirge lena mbaineann ach ar leibhéal níos comhiomláine. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an argóint seo.

(228)

Mhaígh Connect Com nach raibh na forchostais, costais SGA ná brabúis chuideachta na Tuirce iontaofa mar gheall ar an gcaidreamh idir táirgeoir an Aontais, Prysmian agus táirgeoir na Tuirce, Turk Prysmian. Níor mhínigh Connect Com cén fáth nach mbeadh costais SGA agus an brabús iontaofa mar gheall ar an gcaidreamh sin agus, dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(229)

Thug CCCME agus an grúpa ZTT dá n-aire gur allmhairigh roinnt táirgeoirí móra de chuid na Tuirce, amhail Turk Prysmian agus Corning Optik, snáithíní optúla óna gcuideachtaí gaolmhara agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh praghsanna gaolmhara sin na n-allmhairí praghsanna an mhargaidh a léiriú. Ar an taobh eile, d’áitigh an gearánach nárbh amhlaidh a bhí. Ós rud é nach raibh bunús leis an maíomh seo, níl sé inghlactha dá bhrí sin.

(230)

Chuir an grúpa ZTT tuarascálacha bliantúla isteach ó dhá tháirgeoir sa Mhalaeisia, Opcom Cables le haghaidh 2019 agus 2020 agus Lite le haghaidh 2019, a bhí ar fáil go poiblí. Sainaithníodh an dá chuideachta sa Chéad Nóta mar tháirgeoirí OFCanna mar a luaitear in aithris (220). Mhol an grúpa ZTT gur cheart infhaighteacht sonraí airgeadais ón dá tháirgeoir Mhalaeisiacha sin a úsáid chun a dhéanamh amach cé hí an tír ionadaíoch. Thug an grúpa ZTT dá aire nach raibh an dá chuideachta Mhalaeisiacha brabúsach in 2019 agus in 2020 faoi seach, ach mhol sé go bhféadfaí sonraí ó bhlianta eile a úsáid le haghaidh an táscaire sin, toisc go raibh Lite Kabel brabúsach in 2018.

(231)

Ós rud é nach raibh an dá chuideachta Mhalaeisiacha brabúsach in 2019 agus 2020 faoi seach, ní fhéadfaí a gcuid sonraí a úsáid toisc nach raibh ‘méid réasúnta’ iontu de réir bhrí na míre deireanaí d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Maidir le húsáid na sonraí le haghaidh 2018, roimh an tréimhse imscrúdaithe, tugtar tús áite i gcónaí do na sonraí le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe. Sa chás áirithe sin, tá sonraí airgeadais ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe i dtír eile a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch agus, dá bhrí sin, níl aon chúis ann dul i muinín sonraí a bhaineann le tréimhse dhifriúil. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(232)

I gcás nach raibh aon táirgeoir sa Mhalaeisia, a bhí brabúsach in 2019 agus a raibh faisnéis airgeadais acu a bhí ar fáil go héasca, d’áitigh CCCME freisin gur cheart don Choimisiún na sonraí ó thairgeoirí an Aontais le haghaidh costais SGA agus brabúis a úsáid, mar a rinne sé san imscrúdú ar an athbhreithniú éaga maidir le bearta frithdhumpála i ndáil le leictreoidí tungstain ón tSín (118).

(233)

Tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar tús áite sa bhun-Rialachán do shonraí a thagann ó thír ionadaíoch ag a bhfuil leibhéal forbartha atá inchurtha le leibhéal na tíre is onnmhaireoir agus, dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an maíomh sin.

(234)

Mhaígh an grúpa ZTT nár cheart don Choimisiún a bheith ag brath ar an Global Trade Atlas (‘GTA’) (119) chun luach na dtosca táirgeachta a chinneadh ach ba cheart dó a bheith ag brath ar staitisticí allmhairiúcháin ó lucht custaim na Síne nó ó na seirbhísí náisiúnta custaim sa tír ionadaíoch de bharr go mbeadh na staitisticí sin níos iontaofa ná na sonraí in GTA, nó sin a mhaítear.

(235)

Thug an Coimisiún dá aire nár chuir na páirtithe leasmhara fianaise ar fáil a léiríonn nach raibh GTA chomh hiontaofa leis na staitisticí oifigiúla custaim. Go deimhin, thug an Coimisiún dá aire gurbh iad na staitisticí custaim oifigiúla sa tír lena mbaineann an fhoinse le haghaidh shonraí GTA de réir conarthaí déthaobhacha arna dtabhairt i gcrích ag GTA leis na tíortha uile a chumhdaítear. Thug an Coimisiún faoi deara freisin go bhfuil cleachtas seanbhunaithe ag roinnt córas riaracháin phoiblí GTA a úsáid chun rochtain a fháil ar staitisticí custaim, agus gur bhain oibreoirí príobháideacha úsáid chuimsitheach as an mbunachar sonraí sin ar mhaithe le cuspóirí éagsúla agus i gcomhthéacsanna éagsúla. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(236)

D’áitigh CCCME agus an grúpa ZTT nárbh ábhair chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh, amhail snáithíní ilmhóid, iad cion mór de na snáithíní optúla a d'allmhairigh an Tuirc faoin gcód tráchtearra 9001 10 agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh praghas allmhairiúcháin GTA na Tuirce praghas neamhshaofa snáithíní aonmhóid a léiriú ar bhonn réasúnta. Mhaígh CCCME freisin gur cheart don Choimisiún an Mhalaeisia a úsáid mar thír a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch mar go raibh an cion de shnáithíní optúla aonmhóid sna hallmhairí faoi chód tráchtearraí 9001 10 na Malaeisia i bhfad níos airde ná an cion ag an Tuirc agus, dá bhrí sin, go raibh sonraí allmhairiúcháin GTA na Malaeisia níos iontaofa ná sonraí na Tuirce. Ina theannta sin, mar a d'allmhairigh an Tuirc snáithíní optúla ó na Stáit Aontaithe go príomha agus gur allmhairigh an Mhalaeisia ó India iad go príomha, d’áitigh CCCME gur lú an tionchar a bhí ag costais seachadta ar shonraí allmhairiúcháin na Malaeisia.

(237)

Maidir leis na hargóintí a bhaineann leis an Malaeisia, agus, go háirithe, ionadaíochas luacha allmhairiúcháin snáithíní optúla aonmhóid i bhfianaise an chion is airde den ionchur sin faoin gcód tráchtearra 9001 10 agus minicíocht níos ísle na gcostas seachadta (i gcomparáid leis an Tuirc), thug an Coimisiún dá aire nuair a rinne sé comparáid idir allmhairí de chuid na n-ionchur éagsúil sna tíortha éagsúla gur sheiceáil sé go raibh allmhairí ionadaíocha leordhóthanacha isteach sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Thairis sin, a luaithe a roghnaítear tír ionadaíoch iomchuí, úsáideann an Coimisiún cóid earraí níos mionsonraithe a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a bheidh níos mó ná cód HS 6 dhigit a mhéid is féidir mar a luaitear in aithris (318).

(238)

Ós rud é nár aimsigh an Coimisiún faisnéis atá ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe faoi shonraí airgeadais ar tháirgeoirí sa Cholóim agus san Afraic Theas ná ar tháirgeoirí brabúsacha sa Mhalaeisia agus sa tSeirbia, níor measadh gur tíortha ionadaíocha oiriúnacha iad na dlínsí sin. Rinne an Coimisiún taighde breise ar thíortha a d’fheádfadh a bheith ionadaíoch agus iomchuí agus, mar a thuairiscítear sa Dara Nóta, shainaithin sé freisin táirgeoir OFCanna san Airgintín (i.e. Prysmian Energia Cables y Sistemas De Airgintín S.A.), táirgeoir sa Bhrasaíl (i.e. Prysmian Cabos e Sistemas do Brasil S/A) agus táirgeoir amháin eile cáblaí cumhachta sa Téalainn (i.e. Venine Cable) a bhfuil faisnéis airgeadais acu atá ar fáil go héasca le haghaidh 2019.

(239)

Rinne an Coimisiún anailís ar allmhairí phríomhthosca na táirgeachta (amhail snáithíní optúla, poileitiléin ard-dlúis agus ísealdlúis, sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim, snáth de shnáithíní gloine, ábhar truaille hailigine nialais ísealdeataithe, sreang cruach fosfáitithe le PE-chiseal, agus feadáin) isteach san Airgintín, an Bhrasaíl, an Téalainn agus an Tuirc.

(240)

I gcás gach toisce táirgeachta, cuireadh sonraí ar allmhairí sa tír ionadaíoch ón tSín as an áireamh i gcomhthéacs saobhaidh shuntasaigh de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Thairis sin, níor cuireadh san áireamh ach oiread sonraí ar allmhairí isteach sa tír ionadaíoch ó thíortha nach baill de EDT iad agus a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 (120) (an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin) toisc nár measadh gur praghsanna neamhsaofa na praghsanna sin.

(241)

Maidir leis an Airgintín, allmhairíodh leath de na snáithíní optúla, an príomh-ionchur, ón tSín ar leibhéal 6 dhigit. Léiríodh in anailís ar leibhéal 8 ndigit, áfach, gur faoi chód amháin de na trí chód ábhartha a bhí allmhairí ag teacht isteach ón tSín ina gcainníochtaí suntasacha (52 ). Dá bhrí sin, measadh gur leordhóthanach, ar an iomlán, ionadaíochas an ionchuir sin agus a bhunluach. Allmhairíodh na príomhthosca táirgeachta eile i méideanna suntasacha ó thíortha geilleagair mhargaidh. Dá bhrí sin, measadh go raibh ionadaíochas allmhairí neamhshaofa san Airgintín ard.

(242)

Maidir leis an mBrasaíl, allmhairíodh snáithíní optúla go príomha ón tSín ar leibhéal 6 dhigit. Ina theannta sin, ar leibhéal 8 ndigit, allmhairíodh snáithíní optúla trí bhíthin trí chód agus tháinig beagnach gach allmhaire ón tSín faoi dhá chód de na cóid sin. Dá bhrí sin, measadh go raibh ionadaíochas an ionchuir sin agus a bhunluach neamhiontaofa. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairíodh 72 d’allmhairí de shreang chruach faoi chlúdach alúmanaim ar leibhéal 6 dhigit ón tSín, sreang den sórt sin arna úsáid ag táirgeoir onnmhairiúcháin amháin i méideanna suntasacha i dtáirgeadh cáblaí snáithíní optúla. Ar leibhéal 8 ndigit, allmhairíodh na tosca táirgeachta sin faoi dhá chód agus tháinig níos mó ná 60 d’allmhairí faoin dá chód sin ón tSín. Dá bhrí sin, measadh nach raibh ionadaíochas an ionchuir agus a bhunluach iontaofa agus, mar ba shubstaintiúil an t-ionchur é i bpróiseas monaraíochta na gcáblaí snáthoptaice, déanann sé difear do sciar suntasach den ghnáthluach. Ina theannta sin, allmhairíodh 80 snáth de shnáithíní gloine go príomha ón tSín ar leibhéal 6 dhigit. Ar leibhéal 8 ndigit, allmhairíodh na tosca táirgeachta sin faoi dhá chód agus bhí níos mó ná 60 d’allmhairí ag teacht ón tSín faoi dhá cheann acu. I bhfianaise an mhéid thuas, measadh go raibh ionadaíochas foriomlán na n-allmhairí neamhshaofa isteach sa Bhrasaíl íseal.

(243)

I gcás na Téalainne, cosúil leis an mBrasaíl, allmhairíodh an príomh-ionchur, i.e. snáithíní optúla, go príomha ón tSín. Níor tháinig ach 15 d’allmhairí iomlána na snáithíní optúla ó fhoinsí eile a bhí neamhshaofa (ar leibhéal 6 dhigit). Ina theannta sin, ar leibhéal 8 ndigit, allmhairíodh snáithíní optúla faoi dhá chód agus bhí níos mó ná 70 d’allmhairí ag teacht ón tSín faoin dá chód sin. Dá bhrí sin, measadh nach raibh ionadaíochas an ionchuir sin agus a bhunluach iontaofa. Ina theannta sin, allmhairíodh 96 snáth de shnáithíní gloine go príomha ón tSín ar leibhéal 6 dhigit. Níl cód leibhéil 8 ndigit ag an gcód seo. Dá bhrí sin, measadh nach raibh ionadaíochas an ionchuir sin agus a bhunluach iontaofa. I bhfianaise an mhéid thuas, measadh go raibh ionadaíochas foriomlán na n-allmhairí neamhshaofa isteach sa Téalainn íseal.

(244)

Maidir leis an Tuirc, níor allmhairíodh ón tSín i méideanna suntasacha ach dhá thoisc tháirgeachta a úsáidtear i méideanna beaga de chostas táirgthe na gcáblaí snáthoptaice. Dá bhrí sin, measadh go raibh ionadaíochas allmhairí neamhshaofa san Airgintín ard.

(245)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas (aithrisí (224), (241) go (244)), chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara leis an Dara Nóta go raibh sé beartaithe aige an Airgintín a úsáid mar tír ionadaíoch iomchuí agus Prysmian Energia Cáblaí Y Sistemas de Airgintín S.A., i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú chun gnáthluach a ríomh.

(246)

Iarradh ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na hAirgintíne mar thír ionadaíoch agus ar Phrysmian Energia Cables Y Sistemas de Airgintín S.A. mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch. Fuarthas barúlacha ó Connect Com, CCCME agus an grúpa ZTT.

(247)

Mhaígh an grúpa ZTT arís eile nach táscaire iomchuí é OIN chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal na forbartha eacnamaíche i dtír mar gur áiríodh ann ní hamháin an t-ioncam arna tháirgeadh laistigh den tír sin ach an t-ioncam a gineadh lasmuigh den tír freisin agus d’áitigh sé go ndearna an Coimisiún earráid shoiléir ina mheasúnú ar na fíorais ós rud é nár bhreithnigh sé ach catagóir ioncaim an Bhainc Dhomhanda bunaithe ar OIN per capita sa mheasúnú ar a chosúla atá an fhorbairt eacnamaíoch le forbairt eacnamaíoch na Síne. I gcás na Tuirce mar a mhínítear in aithris (214), d’áitigh an grúpa ZTT go raibh leibhéal forbartha eacnamaíche ag an Malaeisia a bhí níos gaire don tSín ná leibhéal na hAirgintíne nuair a thomhaistear é ar bhonn OTI per capita, leibhéal táirgiúlachta, agus Innéacs um Fhorbairt Dhaonna na Náisiún Aontaithe agus, dá bhrí sin, maíodh go mbeadh an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch níos fearr ná an Airgintín.

(248)

Ní chomhaontaíonn an Coimisiún leis an maíomh a rinne an grúpa ZTT go ndearna an Coimisiún earráid shoiléir agus OIN á úsáid aige chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal forbartha eacnamaíche na dtíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Mar a mhínítear sna mionsonraí in aithrisí (216) agus (217) chun a shainiú cé na tíortha atá ar leibhéal forbartha eacnamaíche atá inchurtha le leibhéal na tíre is onnmhaireoir i ngach cás, úsáideann an Coimisiún tíortha arna n-aicmiú sa chatagóir chéanna ioncaim ag an mBanc Domhanda. Níl aon cheanglas breise sa bhun-Rialachán maidir leis an tír a roghnú a bhfuil an leibhéal OTI per capita, an leibhéal táirgiúlachta nó Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Dhaonna is gaire don tír is onnmhaireoir aici. Sa chás sin, ba í an chatagóir le haghaidh tíortha ard-mheánioncaim an chatagóir ábhartha de chuid an Bhainc Dhomhanda ar dá réir atá an tSín aicmithe. Dá bhrí sin, tá leibhéal forbartha eacnamaíche ag an Malaeisia agus ag an Airgintín atá inchurtha le leibhéal na Síne agus measadh go gcomhlíonann siad an critéar a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh go raibh an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch níos fearr ná an Airgintín.

(249)

Mhaígh CCCME nár cheart a mheas gur saobhadh é costas amhábhar arna n-allmhairiú ag táirgeoirí Síneacha ó mhargaí idirnáisiúnta agus nár cheart, dá bhrí sin, iad a ionadú.

(250)

Tugadh deis do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne a mhaíomh nach ndearnadh a n-amhábhair (allmhairithe) a shaobhadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Agus maímh á ndéanamh acu, bhí de cheangal orthu fianaise thacaíochta a sholáthar (i.e. tír thionscnaimh na n-earraí, conradh ceannaigh, sonraisc) ina leith sin. Mhaígh an grúpa ZTT nach ndearnadh aon cheann dá chuid ábhar ná ceannachán fuinnimh a shaobhadh agus gur ar phraghsanna neamhshaofa a rinneadh na hamhábhair allmhairithe le linn na tréimhse imscrúdaithe. Cé gur shainaithin an grúpa ZTT na ceannacháin sin sa liosta de na ceannacháin ábhair sa fhreagra ar an gceistneoir, níor chuir sé aon fhianaise thacaíochta isteach. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh sin.

(251)

Ina theannta sin, chuir FTT Group gnéithe áirithe san fhianaise thacaíochta le haghaidh cúig amhábhar isteach, ach bhí siad claonta (de bharr nár chumhdaigh siad ach beagán idirbheart) agus ní raibh siad ag teacht le faisnéis eile a cuireadh ar fáil sa liosta ábhartha. Dá bharr sin níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an maíomh sin a mheasúnú agus, dá bhrí sin, níorbh fhéidir glacadh leis an maíomh ag an gcéim seo.

(252)

Mhaígh CCCME freisin nach raibh praghsanna allmhairiúcháin tríú tíortha ionadaíoch chun praghsanna intíre sa ríomh gnáthluacha a úsáid toisc go bhféadfaí a áireamh sa phraghas allmhairiúcháin costais seachadta is airde ná amhábhair a ceannaíodh laistigh den tír, a dhéanfadh an costas amhábhar arna ionadú a bhoilsciú go saorga agus nach bhféadfadh an Coimisiún idirdhealú ceart a dhéanamh idir na difríochtaí sin maidir le héifeachtaí costais.

(253)

Mar a mhínítear in aithris (69), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú sin gurbh iomchuí cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Forordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán sonraí comhfhreagracha a úsáid i dtír ionadaíoch iomchuí. Úsáideann an Coimisiún praghsanna allmhairiúcháin GTA mar thúsphointe chun praghas neamhshaofa sa tír ionadaíoch a ríomh, praghas a gcuireann sé an taraif allmhairiúcháin chomhfhreagrach leis. Meastar gur meastachán coimeádach é sin chun athróg ionadaíoch neamhshaofa iomchuí a ríomh ar phraghas an mhargaidh sa tír ionadaíoch, ós rud é go bhféadfaí costais bhreise a thabhú sa bhreis ar an luach sin amhail táillí allmhairiúcháin agus cánacha seachas taraifí allmhairiúcháin (amhail cáin bhreisluacha), ag brath ar an tír lena mbaineann. Ina theannta sin, dá mba rud é nach gcuirfí na costais seachadta ar fad i gcás allmhairiú san áireamh, ní léireodh an praghas dá thoradh sin an praghas neamhshaofa ar mhargadh na hAirgintíne, ach an meánphraghas díreach ón monarcha (nuair a dhíoltar táirgí lena n-onnmhairiú) sna tíortha a dhíolann leis an Airgintín. Contrártha d'Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a bheadh an méid sin agus, dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(254)

In éagmais fianaise a léiríonn nach mbeadh na sonraí agus an mhodheolaíocht a úsáideadh ionadaíoch don chostas neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na hionchuir, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh sin.

(255)

Mhaígh CCCME go raibh difríochtaí suntasacha idir na costais saothair agus fuinnimh tíortha éagsúla agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí costais saothair agus praghsanna fuinnimh tríú tíortha a úsáid chun an gnáthluach a dhéanamh amach.

(256)

Mar a mhínítear in aithris (69), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid san imscrúdú sin gurbh iomchuí cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Forordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán sonraí comhfhreagracha a úsáid i dtír ionadaíoch iomchuí. Mar a mhínítear in aithris (245), ag an gcéim seo den imscrúdú roghnaigh an Coimisiún an Airgintín mar thír ionadaíoch. Dá bhrí sin, fuarthas costas neamhshaofa an tsaothair agus an leictreachais ón Airgintín mar a mhínítear in aithrisí (345) agus (348).

(257)

D’iarr CCCME ar an gCoimisiún soiléiriú a dhéanamh ar an gcaighdeán chun a dhéanamh amach an bhfuil brabúsacht cuideachta sa tír ionadaíoch íseal nó ard.

(258)

De réir na míre deireanaí d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, ní mór méid neamhshaofa réasúnta i gcomhair costais SGA agus brabús a bheith san áireamh sa ghnáthluach ríofa. Is é sin an caighdeán dlíthiúil a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm agus á mheasúnú an bhfuil leibhéal brabúis íseal nó ard. Mar a cheanglaítear leis an Airteagal sin, ní mór an brabús a bheith réasúnta. Agus é á dhéanamh amach cad is suim réasúnta ann i ngach cás, breathnóidh an Coimisiún ar shaintréithe gach imscrúdaithe, amhail an táirge lena mbaineann agus an earnáil. Ní gá a rá nach féidir leibhéal réasúnta brabúis a bheith diúltach (go fíorúil) ná gar do bhrabús meá ar mheá.

(259)

Mhaígh CCCME freisin nach raibh an Airgintín ina tír ionadaíoch iomchuí mar tháirgeoir aonair san Airgintín arna sainaithint ag an gCoimisiún (i.e. Prysmian Energia) agus gur bhain an chuideachta le páirtí amháin de na gearánaigh agus bhí sciar mór de margadh na hAirgintíne ag an gcuideachta. I ndáil leis sin, thagair CCCME don imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí gliofosáite ón tSín (121) nuair a diúltaíodh don Airgintín, don Astráil, don India agus don Mhalaeisia mar thíortha analógacha mar go raibh forlámhas ag cuideachtaí a bhain leis an bpríomhghearánach AE ar a margaí den chuid is mó. Mhaígh CCCME freisin toisc go bhfuil fás mór tagtha ar mhargadh teileachumarsáide na hAirgintíne in 2020, agus gur thug rialtas na hAirgintíne tacaíocht do tháirgeoirí áitiúla, nárbh fhéidir leibhéal réasúnta atá dírithe ar an margadh a léiriú mar thoradh ar chostais SGA agus sonraí brabús cuideachta a bhfuil sciar mór de mhargadh méadaitheach aici agus nár cheart na sonraí sin a úsáid chun gnáthluach a ríomh. Mhaígh Connect Com freisin nach cuideachtaí neamhspleácha iad táirgeoirí Airgintíneacha OFCanna ach iad cleamhnaithe le Prysmian agus Nexans agus, dá bhrí sin, (i) nach raibh iomaíocht leordhóthanach i margadh intíre na hAirgintíne agus thagair sí do bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais C-16/90 (122); (ii) go mbeadh costas agus brabús na dtáirgeoirí sin os cionn an leibhéil iomaíochta; (iii) go raibh praghsanna aistrithe inghrúpa na monaróirí cleamhnaithe iomarcach. Chomh maith leis sin, mhaígh Connect Com go raibh an brabús a bhí ag Prysmian Energia ag 20 iomarcach fad is a bhí brabús 9 Venine Cable ag teacht níos mó le dálaí iomaíocha sa Téalainn. Thairis sin, mhaígh Connect Com go mbeadh an Bhrasaíl ina tír ionadaíoch níos fearr toisc go bhfuil níos mó táirgeoirí gníomhach sa mhargadh seo agus go raibh ceithre tháirgeoir díobh ar a laghad neamhspleách ar na gearánaigh.

(260)

Más amhlaidh a bhaineann an chuideachta roghnaithe sa tír ionadaíoch le táirgeoir de chuid an Aontais, ní bheidh aon tionchar aige sin ar roghnú na tíre ionadaíche. Níor chuir CCCME aon chúis ná fianaise ar fáil a d’fhágfadh go mbeadh sé sin ábhartha sa chás seo. Ina theannta sin, más amhlaidh atá sciar mór de mhargadh na hAirgintíne ag an gcuideachta, ní chiallaíonn sin nach bhfuil aon iomaíocht san Airgintín ná nach mbeadh sonraí airgeadais na cuideachta sin iomchuí mar gheall air sin. Ní raibh aon fhianaise ann go raibh margadh na hAirgintíne frithiomaíoch ina taca leis an maíomh sin ach oiread. Go deimhin, an corrlach brabúis 10 a rinneadh amach i gcás na cuideachta Airgintíní mar a luaitear in aithris (362), atá ag teacht leis an mbrabús 9 a chosain Connect Com ina bhrabús ‘atá ag teacht le dálaí iomaíocha’. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(261)

D’iarr CCCME ar an gCoimisiún arís eile an Mhalaeisia a úsáid mar thír ionadaíoch. Chuir sé isteach sa tuarascáil go bhféadfadh an Coimisiún, in éagmais sonraí brabúis le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe, úsáid a bhaint as sonraí airgeadais cuideachta brabúsaí le haghaidh 2018, toisc gur tionscal réasúnta cobhsaí é an tionscal OFCanna, nach raibh éagsúlacht mhór ann ó bhliain go bliain ó thaobh an leibhéil costas SGA agus brabúis de. Thug CCCME chun suntais freisin san imscrúdú frithdhumpála ar aigéad citreach ón tSín (123), cé gur thabhaigh an táirgeoir a sainaithníodh sa Cholóim caillteanas in 2019, gur roghnaigh an Coimisiún an Cholóim fós mar an tír ionadaíoch iomchuí agus bhain an Coimisiún úsáid, le haghaidh costais SGA agus brabús, as sonraí cuideachtaí sa Cholóim a tháirgeann táirgí i gcatagóir táirgí atá gar d’aigéad citreach.

(262)

Mar a mhínítear in aithris (231), tugtar tús áite do na sonraí atá ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe agus tá den sórt sin ar fáil faoi chuideachta san Airgintín. Níor thug CCCME aon chúis le himeacht ón tréimhse chéanna a bhfuil an gnáthluach á ríomh ina leith. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(263)

Thairis sin, d’áitigh an grúpa ZTT go raibh an Mhalaeisia ina tír ionadaíoch níos fearr ná an Airgintín mar (i) go raibh na táirgí arna monarú ag na trí chuideachta Mhalaeisiacha a mhol an grúpa ZTT níos cosúla leis na táirgí a mhonaraigh an grúpa ZTT, i gcomparáid leis na táirgí a mhonaraigh Prysmian Energia; (ii) go raibh níos mó táirgeoirí OFCanna sainaitheanta sa Mhalaeisia ná san Airgintín.

(264)

Diomaite den fhianaise riachtanach nár thacaigh leis an gcéad líomhain, ní bhaineann an dá ítim sin le hábhar toisc go raibh na cuideachtaí Malaeisiacha sin ag cailleadh airgid nó nár chláraigh siad brabúis réasúnta de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán le linn na tréimhse imscrúdaithe. Mar a mhínítear in aithris (230), ní raibh Lite Kabel ná Opcom Cables brabúsach in 2019 agus in 2020 faoi seach, agus san am céanna, ní ‘méid réasúnta’ a bhí sa bhrabús a rinne Tenaga Cable in 2019 de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán mar a luaitear in aithris (268). Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(265)

Mhaígh an grúpa ZTT go bhféadfadh an Coimisiún an corrlach brabúsachta atá ag an gcuideachta Mhalaeisiach le haghaidh 2018 a úsáid ar an mbealach céanna agus a úsáideann sé meastacháin ar bhrabúsacht roimh an tréimhse imscrúdaithe agus an corrlach díothaithe díobhála á ríomh aige.

(266)

Le hAirteagal 2(6a), léirítear an chéad mhodh, is é sin na costais chomhfhreagracha táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí a úsáid—laistigh den tréimhse imscrúdaithe. Sa chomhthéacs sin, thiocfadh brabúis ón tréimhse chéanna mar is dual. Mura bhfuil na brabúis réasúnta mar atá sa chás seo, roghnaítear tír ionadaíoch eile. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an maíomh.

(267)

Chuir an grúpa ZTT isteach ráitis airgeadais 2019 ó chuideachta Mhalaeisiach Tenaga Cable Industries SDN BHB a bhí liostaithe sa Chéad Nóta mar a luaitear in aithris (220) agus d’iarr sé ar an gCoimisiún an Mhalaeisia a roghnú mar thír ionadaíoch agus costais SGA agus corrlach brabúis na cuideachta seo a úsáid chun an gnáthluach a ríomh.

(268)

Thug an Coimisiún dá aire gurbh amhlaidh a bhí an chuideachta seo brabúsach in 2019 ach nach ‘méid réasúnta’ a bhí sa chorrlach brabúis de réir bhrí na míre deireanaí d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(269)

Mhaígh an grúpa ZTT freisin gur cheart don Choimisiún an Mhalaeisia seachas an Airgintín a úsáid mar thír ionadaíoch mar go raibh na sonraí allmhairiúcháin ina cás-sa níos fearr ná mar a bhí i gcás na hAirgintíne. Bhí cód taraife ar leibhéal 8 ndigit ag an Malaeisia, cód taraife atá tiomnaithe do shnáithíní optúla (9001 10 10), snáithíní a mheaitseáil an cineál amhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann (le haghaidh úsáid teileachumarsáide) agus ní raibh aon dleacht chustaim ar allmhairí – cé nach ndearnadh foráil in ainmníocht taraife na hAirgintíne maidir leis an deighilt shonrach de shnáithíní optúla le haghaidh úsáid teileachumarsáide agus le haghaidh dleachtanna custaim.

(270)

Tá an maíomh sin mícheart ó thaobh na bhfíoras de. Cód 8 ndigit le haghaidh na Malaeisia (i.e. 9001 10 10) is ea an cód le haghaidh úsáid teileachumarsáide agus úsáid leictreach araon. I gcás na hAirgintíne, ní shonraítear sa dá chód 8 ndigit ábhartha le haghaidh snáithíní optúla (9001 10 19 agus 9001 10 11) an úsáid ach sainaithnítear go soiléir an táirge i.e. snáithíní optúla. Is léir gur le haghaidh na teileachumarsáide is mó a úsáidtear na snáithíní optúla. Ar aon nós, mar a mhínítear in aithris (231), ní raibh an Coimisiún in ann cuideachta ábhartha a aimsiú sa Mhalaeisia a raibh sonraí airgeadais acu a bhí ar fáil go héasca le linn na tréimhse imscrúdaithe, cuideachta a thaifead méideanna réasúnta brabúis de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(271)

Mhaígh an grúpa ZTT freisin gur cheart don Choimisiún an Mhalaeisia seachas an Airgintín a úsáid mar thír ionadaíoch toisc go raibh an margadh fuinnimh san Airgintín saofa. I ndáil leis sin, thagair sé do thuarascáil in 2019 a rinne Fitch Rating (124) inar luadh go raibh earnáil leictreachais na hAirgintíne ag brath ar fhóirdheontais rialtais a íocadh le Compania Administradora del Mercado Mayorista Eléctrico S.A. (CAMMESA), agus a aistríodh chuig cuideachtaí giniúna cumhachta. Mhaígh an grúpa ZTT freisin go raibh ceithre chuideachta faoi úinéireacht an stáit a bhí ag feidhmiú i margadh leictreachais na hAirgintíne, dar leis an mBanc Domhanda.

(272)

Thug an Coimisiún dá aire gur foilsíodh tuarascáil Fitch Rating an 13 Meitheamh 2019 agus gur thagair na fóirdheontais a fuair CAMMESA le haghaidh na tréimhse suas go dtí 2018. Ina theannta sin, níor luadh sna sleachta ón tuarascáil a sholáthair an páirtí sin ach gur aistríodh na fóirdheontais chuig cuideachtaí giniúna cumhachta, agus níor thángthas ar an gconclúid gur aistrigh na cuideachtaí sin na fóirdheontais sin ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh. Ar aon chaoi, fiú dá mba rud é gur mar sin a bheadh, bheadh na costais leictreachais a úsáidtear mar thagarmharc níos ísle agus bheadh an gnáthluach níos ísle freisin dá thoradh sin, rud a rachadh chun tairbhe do na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ar aon chaoi, mar a mhínítear in aithris (348), chun an tagarmharc le haghaidh leictreachais a ríomh, bhain an Coimisiún úsáid as na taraifí a d’fhoilsigh na dáileoirí leictreachais Edesur agus Edenor le linn na tréimhse imscrúdaithe. Mar a luadh freisin sa tuarascáil a chuir an grúpa ZTT isteach, is eintitis phríobháideacha iad Edenor agus Edesur (tá Edenor faoi úinéireacht tromlaigh ag Pampa Energia agus tá Edesur faoi úinéireacht tromlaigh ag Enel Americas) agus, dá bhrí sin, is cosúil nach bhfuair siad na fóirdheontais sin. Thairis sin, níor cuireadh aon fhianaise ar fáil faoi éifeacht na bhfóirdheontas líomhnaithe ar an margadh. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin.

(273)

Mhaígh an grúpa ZTT freisin i gcás ina mbainfear úsáid as an Airgintín mar thír ionadaíoch in ionad na Malaeisia gur cheart na staitisticí allmhairiúcháin faoin gcód Airgintíneach 9001 10 19 a eisiamh ó ríomh phraghas neamhshaofa an ionchuir sin ós rud é go bhfuil an chainníocht allmhairí íseal (688 kg) agus praghas ard léi, agus, dá bhrí sin, líomhnaítear nach ndéantar é sa ghnáthchúrsa trádála. Ina theannta sin, maíodh gur cheart sonraí an chóid Airgintíneach 9001 10 20 (Haces Y Cables De Fibras ÓPTICAS – cáblaí agus cuacha snáthoptaice) a chur san áireamh mar gur allmhairíodh iad sin i méideanna i bhfad níos mó agus níos coitianta (1 212 473 kg).

(274)

Maidir leis an gcód Airgintíneach 9001 10 19, níl aon fhianaise curtha isteach ag an ngrúpa ZTT a léiríonn nach ndearnadh na hallmhairí faoin gcód sin sa ghnáthchúrsa trádála. Maidir leis sin, ní táscaire é an praghas níos airde. Ina theannta sin, léirigh an t-imscrúdú go raibh cuid de na táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha ag ceannach snáithíní optúla ar phraghsanna den chineál céanna. Thairis sin, tugtar faoi deara go mbaineann an cód Airgintíneach 9001 10 20 le cáblaí snáthoptaice seachas snáithíní optúla agus, dá bhrí sin, ní féidir é a úsáid chun an tagarmharc le haghaidh snáithíní optúla a ríomh. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(275)

D’áitigh an grúpa ZTT freisin, ar bhonn thuarascáil bhliantúil 2019 Prysmian Group, gur díorthaíodh 16 d’ioncam iomlán an ghrúpa as gnó a chuid tionscadal (cáblaí saincheaptha ardteicneolaíocha agus ardvoltais le haghaidh úsáid fhomhuirí agus úsáid talún), gur díorthaíodh 70 óna ghnó fuinnimh (punann táirge iomlán a bhaineann le cáblú fuinnimh), ach nach díorthaíodh ach 14 óna ghnó teileachumarsáide. Dá bhrí sin, d’áitigh sé dá mbainfí úsáid as ball de Prysmian Group mar bhonn leis an gcostas, costais SGA agus brabúis sa mhargadh cáblaí snáthoptaice go mbeadh sin míthreorach toisc nach bhfuil iontu ach céatadán beag den mhéid a tháirg siad.

(276)

Níl an fhaisnéis airgeadais ó Prysmian Energia arna nochtadh do pháirtithe leasmhara sa Dara Nóta ar leibhéal Prysmian Group ina iomláine ach ar leibhéal an eintitis san Airgintín. Thairis sin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Prysmian Energia (125) cumhdaíonn gníomhaíocht na cuideachta seo an táirge lena mbaineann agus dá bhrí sin is ionann sonraí airgeadais na cuideachta seo agus athróga ionadacha ar fheidhmiú airgeadais gníomhaíochta a bhaineann le OFCanna san Airgintín. Thairis sin, mar a mhínítear in aithris (227), tá cur i bhfeidhm na modheolaíochta in Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán ag brath ar shonraí atá ar fáil go héasca, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh na sonraí ar fáil ar an leibhéal is mionsonraithe den táirge lena mbaineann ach ar leibhéal níos comhiomláine. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(277)

D’áitigh an grúpa ZTT freisin nach raibh cáilíocht na sonraí san Airgintín iontaofa toisc go raibh baint ag Prysmian Energia le Prysmian S.p.A, táirgeoir de chuid an Aontais atá páirteach san imscrúdú seo. Dá thoradh sin, aon díobháil a bhain do Prysmian S.p.A, dhéanfadh sí difear do thorthaí airgeadais an ghrúpa ar fad chomh maith, lena n-áirítear torthaí airgeadais Prysmian Energia. Thairis sin, d’áitigh sé go bhféadfadh sé go raibh tionchar ag na hidirbhearta maidir leis na hionchuir arna soláthar ag páirtithe gaolmhara ar thoradh airgeadais Prysmian Energia amháin.

(278)

Mar a mhínítear in aithris (276), níl an fhaisnéis airgeadais ó Prysmian Energia arna nochtadh do pháirtithe leasmhara sa Dara Nóta ar leibhéal Prysmian Group ina iomláine ach ar leibhéal an eintitis san Airgintín. Ina theannta sin, níor mhínigh an grúpa ZTT conas a d’fhéadfadh an díobháil a bhain do chuideachta ghaolmhar san Iodáil difear a dhéanamh do shonraí airgeadais cuideachta san Airgintín. Tá an maíomh sin tuairimeach ar fad toisc nach raibh aon fhianaise thacaíochta ag gabháil leis. Tá an maíomh go bhféadfadh go raibh tionchar ag na hidirbhearta maidir le hionchuir arna soláthar ag páirtithe gaolmhara ar thoradh airgeadais Prysmian Energia tuairimeach freisin mar níor cuireadh aon fhianaise isteach arís chun tacú leis an maíomh sin. Diúltaíodh na maímh sin go díreach.

(279)

D’iarr an grúpa ZTT ar an gCoimisiún miondealú níos mionsonraithe a chur ar fáil ar inneachair costas oibriúcháin Prysmian Energia a bhí ar fáil don Choimisiún nó, mura raibh siad ar fáil faoi láthair, iad a fháil agus a nochtadh.

(280)

Deimhníonn an Coimisiún go ndearna sé an fhaisnéis airgeadais ábhartha atá ar fáil go héasca ó Prysmiam Energia ó Dun & Bradstreet sa Dara Nóta a nochtadh do pháirtithe leasmhara.

(281)

Mhaígh Connect Com, mar atá i gcás na Tuirce, nach féidir glacadh leis i gcás na hAirgintíne go dtáirgtear cainníochtaí cáblaí snáthoptaice san Airgintín, cainníochtaí atá ionadaíoch go leordhóthanach, chun tagarmharc 5 den táirgeacht sa tSín a chomhlíonadh, mar a fhoráiltear dó i dtreoir an Choimisiúin le haghaidh gearán (126). De réir an pháirtí sin, bheadh méid táirgeachta iomlán tháirgeoirí OFCanna san Airgintín ag titim i bhfad ar gcúl ar tháirgeacht iomlán na monaróirí Síneacha.

(282)

D’áitigh Connect Com freisin nach raibh rochtain ag na táirgeoirí san Airgintín ar na príomh-amhábhair amhail snáithíní gloine, araimíd nó poileitiléin agus murab ionann agus na táirgeoirí Síneacha, ní mór na hamhábhair sin a allmhairiú ar bhealach réasúnta casta agus costasach. Bhí sé ag brath ar bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-16/90 an 22 Deireadh Fómhair 1991 (127) i ndáil leis sin, breithiúnas ina sonraítear nach mór rochtain ar amhábhair a chur san áireamh agus an tír thagartha á roghnú.

(283)

Mar réamhbharúil, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil argóintí Connect Com agus an tagairt don bhreithiúnas i gcás C-16/90 curtha as áit. Is éard a pléadh sa chás cúirte, roghnú na tíre analógaí faoi iar-Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán inar sonraíodh gurbh fhéidir an gnáthluach le haghaidh tíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu a bhunú ar fhíorphraghsanna intíre arna ngearradh nó costais iarbhír arna dtabhú ag táirgeoirí intíre i dtríú tír a bhfuil geilleagar margaidh aici. Faoin bhforáil sin, d’fhéadfadh fachtóirí amhail rochtain ar amhábhair agus méid táirgeachta ag táirgeoirí na tíre analógaí ábhartha d roghnú na tíre analóige mar go bhféadfadh siad tionchar a imirt ar phraghsanna agus costais intíre tháirgeoirí na tíre analógaí i leith tháirgeadh agus dhíol an táirge den chineál sin. Dá réir sin, ba réasúnta an ní é tír analógach a roghnú ina raibh na fachtóirí sin inchomparáide leis na fachtóirí a chonacthas i ngeilleagar neamh-mhargaidh faoi imscrúdú. Ní ábhartha na pointí sin a thuilleadh ó thaobh chur i bhfeidhm Airteagal 2(6a). Is é an chúis atá leis sin go bhfuil an gnáthluach faoi Airteagal 2(6a) bunaithe ar fhachtóirí táirgthe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin atá faoi imscrúdú. Ní úsáidtear an tír thagartha ionadaíoch ach chun sonraí neamhsaofa a fháil chun fachtóirí táirgthe na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha atá faoi imscrúdú sa chás seo a mheas.

(284)

Gan dochar don mhéid thuas, thug an Coimisiún an méid seo a leanas dá aire.

(285)

Maidir leis an maíomh a bhaineann leis an Treoir le haghaidh gearánach, is treoir mhíniúcháin do ghearánaigh nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de é an téacs a ndearna Connect Com tagairt dó agus nach bhfuil d’aidhm aige ach comhairle ghinearálta a chur ar fáil (128). Ina theannta sin, níl d’aidhm ag an treoir sin ach treoir a chur ar fáil do ghearánaigh ag céim an ghearáin agus ní chumhdaíonn sé céim an imscrúdaithe, is é sin comhthéacs an mhaímh ón bpáirtí sin. Ar aon chaoi, tugann an Coimisiún dá aire gur dearmad ó leagan a bhí ann roimhe inar pléadh roghnú na tíre analógaí faoi iar-Airteagal 2(7) a bhí sa téacs a luadh agus go ndearnadh athbhreithniú ar an treoir ó shin (129). Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(286)

Maidir leis an maíomh a bhaineann le rochtain ar amhábhair, tá sé mícheart agus tuairimeach ar fad. De réir na sonraí arna dtuairisciú ag GTA, tá cuideachtaí san Airgintín ag allmhairiú snáithíní gloine, araimíd nó poileitiléin i méideanna suntasacha. Ina theannta sin, níor chuir Connect Com isteach aon fhianaise a léiríonn an chastacht ná an chostacht a bhaineann, de réir na líomhna, leis an modh a n-allmhairíonn cuideachtaí Airgintíneacha na hamhábhair sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(287)

Thairis sin, mhaígh Connect Com go mícheart gur eisiaigh an Coimisiún an Cholóim, an Mhalaeisia, an tSeirbia agus an Afraic Theas ó bheith ina dtíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, bunaithe ar anailís ar shonraí allmhairiúcháin ar leibhéal 6 dhigit a rinneadh sa Chéad Nóta, cé gur anailís ar leibhéal 8 ndigit a rinneadh i gcás na hAirgintíne.

(288)

Mar a mhínítear in aithris (238), níor mheas an Coimisiún an Cholóim, an Mhalaeisia, an tSeirbia agus an Afraic Theas a bheith ina dtíortha oiriúnacha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch toisc nár aimsigh sé faisnéis atá ar fáil le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe faoi shonraí airgeadais tairgeoirí sna tíortha sin. Dá bhrí sin, ní dhearnadh aon anailís ar shonraí allmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(289)

Chomh maith leis sin, mhaígh Connect Com nach bhféadfadh an Coimisiún an Bhrasaíl a eisiamh toisc gur allmhairíodh cion ard de shreang chruach faoi chlúdach alúmanaim ón tSín mar nach raibh sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim ina amhábhar ábhartha a bheadh ag teastáil chun OFCanna a tháirgeadh agus dá mbeadh an cinneadh sin bunaithe ar an méid allmhairí ón tSín do thosca táirgeachta neamhshuntasacha, ba cheart an Airgintín a dhiúltú freisin ansin mar thír ionadaíoch maidir le tosca táirgeachta neamhshuntasacha eile amhail sreang chóimhiotail alúmanaim agus slata alúmanaim, allmhairíonn an Airgintín méideanna suntasacha ón tSín.

(290)

Bhain Connect Com míthuiscint as na cúiseanna nár mheas an Coimisiún an Bhrasaíl ina tír ionadaíoch iomchuí. Mar a mhínítear in aithris (242), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh ionadaíochas foriomlán na n-allmhairí neamhshaofa isteach sa Bhrasaíl íseal toisc gur ón tSín go príomha a allmhairíodh roinnt amhábhar, a úsáideadh i méideanna suntasacha i gcostas táirgeachta OFCanna. Rud ba shonraí fós, chuir an Coimisiún in iúl go láidir go raibh an bonn á bhaint d’ionadaíochas snáithíní optúla agus dá mbunluach ós rud é go raibh formhór na snáithíní optúla allmhairithe ag teacht ón tSín nuair a rinneadh iad a mheasúnú ar leibhéal 6 dhigit nó ar leibhéal 8 ndigit. Ina theannta sin, mar a mhínítear in aithris (242), baineann táirgeoir onnmhairiúcháin amháin úsáid as sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim i méideanna suntasacha i dtáirgeadh OFCanna. Monaraíonn an táirgeoir seo OFCanna, a úsáidtear freisin, sa bhreis ar tharchur sonraí, chun cumhacht a tharchur agus mar a mhínítear in aithris (59), cumhdaítear na táirgí sin faoin imscrúdú seo freisin. Ar a bharr sin, rinneadh snáithíní gloine a allmhairiú go príomha ón tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh.

(291)

Mhaígh Connect Com arís eile gur cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí Meicsiceo, an Chasacstáin agus Cónaidhm na Rúise a mheas ina dtíortha ionadaíocha oiriúnacha mar gur táirgeadh OFCanna i gcainníochtaí níos mó sna tíortha sin ná san Airgintín. Chomh maith leis sin, luaigh sé, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais (130), nach bhféadfadh an Coimisiún a bheith ag brath air nár aimsigh sé monaróir a raibh figiúirí aige a bhí ar fáil go poiblí ach go mbeadh air a dhícheall a dhéanamh chun monaróir sa tríú tír a bheadh toilteanach comhoibriú san imscrúdú lena mbaineann a aimsiú.

(292)

Mar a mhínítear in aithris (212), ní dhearna an Coimisiún measúnú breise ar Mheicsiceo, ar an gCasacstáin ná ar Chónaidhm na Rúise mar nach raibh sé in ann teacht ar aon táirgeoir OFCanna sna tíortha sin a raibh faisnéis airgeadais acu a bhí ar fáil go poiblí. Thug sé dá aire freisin nár chuir Connect Com aon fhaisnéis dá leithéid ar fáil ach oiread. Thairis sin, tá faisnéis airgeadais na cuideachta ábhartha sa tír ionadaíoch bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go héasca agus ní gá don Choimisiún comhar a lorg ó chuideachtaí sa tír ionadaíoch. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.2.4.   Leibhéal cosanta sóisialta agus comhshaoil

(293)

Tar éis a dhéanamh amach gurb í an Airgintín an t-aon tír ionadaíoch iomchuí, bunaithe ar gach ceann de na gnéithe thuasluaite, ní raibh aon ghá le measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus an chomhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

3.2.5.   Conclúid

(294)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Airgintín na critéir go léir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán, le go measfar gur tír ionadaíoch iomchuí í.

3.2.6.   Barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh

(295)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh an grúpa ZTT a chuid argóintí maidir le rogha na tíre ionadaíche agus mhaígh sé gurbh fhearr an Mhalaeisia mar thír ionadaíoch seachas an Airgintín. Ina thaobh sin, d’athdhearbhaigh sé na hargóintí a luaitear in aithrisí (265), (267) agus (269) gan aon ghnéithe nua a chur ar fáil. Thairis sin, mhaígh sé, gan aon fhianaise, nach raibh aon cháblaí snáthoptaice á dtáirgeadh san Airgintín agus nach leor na snáithíní optúla a allmhairiú le haghaidh gnáthriachtanas oibríochta.

(296)

Ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí (266), (268) agus (270) agus i ngeall ar an easpa fianaise tacaíochta, diúltaíodh do na maímh sin.

(297)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, ag tagairt do roghnú na tíre ionadaíche ó liosta tíortha ag a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche atá inchurtha le leibhéal na tíre is onnmhaireoir, d’áitigh Connect Com, cé gur bhain an Coimisiún úsáid as tíortha a rangaigh an Banc Domhanda sa chatagóir chéanna ioncaim trína lánrogha a fheidhmiú i léirmhíniú agus i gcur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin, go measann Connect Com nach raibh sé ceart tír a roghnú a bhfuil leibhéal inchurtha forbartha eacnamaíche aici ar bhonn chatagóiriú ginearálta an Bhainc Dhomhanda amháin. Thairis sin, d’áitigh sé nár dheimhnigh cúirteanna na hEorpa an cleachtas sin. Dá bhrí sin, mhaígh Connect Com nár cheart don Choimisiún a chur in iúl gur maímh neamhábhartha iad maímh Connect Com gur cheart don Choimisiún na dálaí táirgthe sa tionscal agus leibhéal na forbartha teicneolaíche sna tíortha ionadaíocha a chur san áireamh freisin, i gcomparáid leis an tSín.

(298)

Ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí (216) agus (217), diúltaíodh do na maímh sin.

(299)

Mhaígh Connect Com freisin gur cheart don Choimisiún a nochtadh cé acu ceann de na trí chód tráchtearra Airgintíneacha le haghaidh snáithíní optúla arbh ionann é agus 52 den mhéid allmhairí ón tSín, agus cad é an méid allmhairí i gcás na dtáirgí eile.

(300)

Tugtar faoi deara gur chuir an Coimisiún, an 12 Márta 2021, le comhad neamhrúnda an imscrúdaithe, asbhaint iomlán na n-allmhairí de thosca táirgthe na hAirgintíne, na Brasaíle, na Téalainne agus na Tuirce. Ar an mbileog 'Sciar QTY' ba é 51,5 (52 slánaithe) an líon allmhairí ón tSín sa líon iomlán allmhairí i gcomhair an chóid tráchtearra Airgintíneach 9001 10 20, ba é 21,3 an céatadán i gcomhair 9001 10 19 agus ba é 1,5 an céatadán i gcomhair 9001 10 11.

(301)

Thairis sin, mhaígh Connect Com freisin go mícheart gur eisiaigh an Coimisiún an Afraic Theas, an Cholóim, an Mhalaeisia, agus an tSeirbia ó bheith ina dtíortha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch, bunaithe ar anailís ar allmhairí ar leibhéal 6 dhigit ach i gcás na hAirgintíne is ar leibhéal 8 ndigit a rinneadh an anailís.

(302)

Níl an Coimisiún ag teacht leis an maíomh sin. Mar a luaitear in aithris (238), níor mheas an Coimisiún gur thíortha oiriúnacha iad an Cholóim ná an Afraic Theas a a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch toisc nár aimsigh sé faisnéis a bhí ar fáil go héasca le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe faoi shonraí airgeadais tairgeoirí sna tíortha sin. Níor measadh ach oiread go mbeadh an Mhalaeisia ná an tSeirbia ina dtíortha oiriúnacha a d’fhéadfadh a bheith ionadaíoch ós rud é nár shainaithin an Coimisiún táirgeoirí brabúsacha sna tíortha sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(303)

Mhaígh Connect Com freisin nár cheart an Bhrasaíl a bheith eisiata mar thír ionadaíoch oiriúnach toisc go raibh méid ard allmhairí sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim sa Bhrasaíl a allmhairíodh ón tSín. Mhaígh Connect Com freisin nach amhábhar ábhartha sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim chun OFCanna a tháirgeadh. Chomh maith leis sin, d’iarr Connect Com ar an gCoimisiún a nochtadh cén táirgeoir is onnmhaireoir Síneach a líomhnaítear gur úsáid sé sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim chun OFCanna a tháirgeadh.

(304)

Mar a mhínítear in aithris (242) measadh go raibh ionadaíocht fhoriomlán na n-allmhairí neamhshaofa isteach sa Bhrasaíl íseal agus ní hamháin maidir le sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim. Úsáidtear sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim chun OPGW agus OPPC a tháirgeadh, a thagann faoin imscrúdú freisin agus a onnmhairíonn na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na Síne chuig an Aontas.

(305)

D’athdhearbhaigh Connect Com freisin na maímh a d’ardaigh CCCME chomh maith leis na maímh a dhéantar in aithris (259) gan aon ghnéithe nua a chur ar fáil.

(306)

Ar na cúiseanna a luaitear in aithris (260), diúltaíodh do na maímh sin.

(307)

D’athdhearbhaigh Connect Com freisin na maímh a rinneadh in aithris (281) gan aon ghnéithe nua a lua.

(308)

Ar na cúiseanna a luaitear in aithrisí (283) agus (285), diúltaíodh do na maímh sin.

(309)

Mhaígh Connect Com freisin, ós rud é go bhfuil OPGW agus OPPC cumhdaithe ag an imscrúdú freisin, gur cheart don táirgeoir Airgintíne a roghnaítear an cineál sin OFC a mhonarú chomh maith agus gur cheart don Choimisiún a nochtadh más amhlaidh an cás.

(310)

Tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil aon cheanglas den chineál sin ann ann gur cheart don táirgeoir a roghnaítear ó thír ionadaíoch na cineálacha táirgí ar fad a onnmhairíonn táirgeoirí Síneacha a mhonarú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaoímh sin toisc nach mbaineann sé le hábhar.

(311)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh CCCME arís in aithris (259) nach raibh an Airgintín ina tír ionadaíoch iomchuí toisc gur bhain an t-aon táirgeoir san Airgintín arna shainaithint ag an gCoimisiún (i.e. Prysmian Energia) le páirtí amháin de na gearánaigh agus go raibh sciar mór de mhargadh na hAirgintíne ag an gcuideachta. Thagair CCCME arís don imscrúdú frithdhumpála ar allmhairí gliofosáite ón tSín (131), nuair a diúltaíodh don Airgintín, don Astráil, don India agus don Mhalaeisia mar thíortha analógacha toisc go raibh forlámhas ag cuideachtaí a bhain leis an bpríomhghearánach AE ar a margaí den chuid is mó. D’áitigh sí freisin nár thug an Coimisiún aghaidh ar an éileamh maidir le himscrúdú ar ghliofosáit agus nár léirigh sé ach an oiread go bhféadfaí costais SGA agus sonraí brabúis tháirgeoir na hAirgintíne a úsáid chun gnáthluach a ríomh.

(312)

Mar a luaitear in aithris (260), más amhlaidh go mbaineann an chuideachta roghnaithe sa tír ionadaíoch le táirgeoir de chuid an Aontais, ní bheidh aon tionchar aige sin ar roghnú na tíre ionadaíche. Tagraíonn CCCME do chás a bhain le cur i bhfeidhm iar-Airteagal 2(7)(a) den bhun-Rialachán, a aisghaireadh i Nollaig 2017 (132). Ceanglaíodh le hAirteagal 2(7)(a) tríú tír iomchuí a mbeadh geilleagar margaidh aici a roghnú, ar a dtugtar ‘tír analógach’ freisin, mar aon le táirgeoir atá lonnaithe sa tír sin. Faoi Airteagal 2(6a), seachas sonraí táirgeoir i dtír analógach a iarraidh agus a fhíorú, bíonn an Coimisiún ag brath ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí a bhaineann leis an tréimhse imscrúdaithe. Mar sin, tá an nós imeachta faoi Airteagal 2(6a) an-difriúil agus ní mheasann an Coimisiún go bhféadfadh aon tionchar a bheith ag an ngaol líomhnaithe sa chás seo ar a iomchuí atá sé brath ar shonraí táirgeora na hAirgintíne atá ar fáil go héasca. Thairis sin, más amhlaidh go bhfuil sciar mór ag an gcuideachta ar mhargadh na hAirgintíne, ní chiallaíonn sin nach bhfuil aon iomaíocht san Airgintín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(313)

Mhaígh CCCME freisin nár shonraigh an Coimisiún an caighdeán dá ndearna sé tagairt agus é ag déanamh amach an bhfuil corrlach brabúis táirgeora i dtír ionadaíoch réasúnta nó nach bhfuil. Mhaígh sé freisin nár mhínigh an Coimisiún an fáth nach féidir corrlach brabúis iarbhír táirgeora sa mhargadh nach bhfuil saobhadh déanta air a úsáid agus an gnáthluach á ríomh.

(314)

Níl an Coimisiún ag teacht leis an maíomh sin. Tugadh na mínithe sin in aithrisí (258) agus (294) inar chinn an Coimisiún gur chomhlíon an Airgintín na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán chun go measfaí mar thír ionadaíoch iomchuí í agus, dá bhrí sin, gur ghá don Choimisiún leas a bhaint as an mbrabús le haghaidh táirgeoir ón Airgintín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.3.   Foinsí a úsáideadh chun costais neamhshaofa a dhéanamh amach

(315)

Sa Chéad Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar, a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge lena mbaineann agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go héasca a mholadh i dtaca le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(316)

Ina dhiaidh sin, sa Dara Nóta, luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a dhéanamh amach maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go mbainfeadh sé úsáid as staitisticí EIS agus as na taraifí leictreachais a d’fhoilsigh dhá dháileoir leictreachais i.e. Edenor agus Edesur chun costais neamhshaofa saothair agus fuinnimh a fháil amach, faoi mar a mhionsonraítear in aithris (348).

(317)

Sa Dara Nóta, mar gheall ar an líon an-mhór de thosca táirgeachta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a chuir faisnéis iomlán ar fáil, chuir an Coimisiún in iúl do na páirtithe leasmhara freisin go bhféadfadh sé na tosca sin a bhfuil costas ualaithe diomaibhseach monaraíochta acu a ghrúpáil le chéile faoi ‘tomhaltáin’. Maidir lena n-úsáid chun an gnáthluach a ríomh, chuir an Coimisiún in iúl go ríomhfadh sé céatadán na dtomhaltán ar bhonn chostas iomlán na n-amhábhar agus go gcuirfeadh sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus tagarmharcanna neamhshaofa bunaithe á n-úsáid aige sa tír ionadaíoch iomchuí. Chloígh an Coimisiún leis an gcur chuige sin mar a mhínítear thíos in aithris (320).

3.4.   Costais neamhshaofa agus tagarmharcanna

3.4.1.   Tosca táirgeachta

(318)

I bhfianaise na faisnéise uile a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus a bailíodh nuair a bhí na cuairteanna fíorúcháin á ndéanamh, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a bhfoinsí chun an gnáthluach a dhéanamh amach i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta OFCanna

Toisc tháirgeachta

Cód Tráchtearra san Airgintín

Luach Neamhshaofa

Aonad Tomhais

Amhábhair

Sreang chóimhiotail alúmanaim

7605 29 90

32,60

CNY/kg

Sreang chruach faoi chlúdach alúmanaim

7217 30 10 ,

7217 30 90

10,17

CNY/kg

Slata alúmanaim

7605 21 10

7605 21 90

27,59

CNY/kg

Stiall alúmanaim

7606 12 20 ,

7606 12 90

21,68

CNY/kg

Stiall/téip alúmanaim

7606 91 00

29,03

CNY/kg

Snáth araimíde

5402 11 00

148,37

CNY/kg

Glóthach cáblaí

4002 99 90

26,58

CNY/kg

Taos cáblaí

2710 19 93 ,

2710 19 99

9,26

CNY/kg

Aicéatáit vinile eitiléine (EVA):

3905 29 00

15,93

CNY/kg

Rópa líonta

5607 49 00

33,44

CNY/kg

Ábhar truaille poileitiléine lasairmhoillitheach

3901 90 10 ,

3901 90 20 ,

3901 90 50 ,

3901 90 90

16,22

CNY/kg

Polaiméir threisithe snáithíní gloine

3921 90 19

25,31

CNY/kg

Polaiméir threisithe snáithíní gloine

3921 90 19

25,31

CNY/kg

Polaiméir threisithe snáithíní gloine-clúdaithe le gliú

3919 90 10 ,

3919 90 90

48,53

CNY/kg

Snáth de Shnáithíní Gloine

7019 19 00

135,88

CNY/kg

Gnathábhar truaille poileitiléine ard-dlúis

3901 20 19 ,

3901 20 29

7,81

CNY/kg

Poleitiléin ísealdlúis

3901 40 00

8,26

CNY/kg

Gnathábhar truaille poileitiléine ísealdlúis

3901 10 10 ,

3901 10 91 ,

3901 10 92

7,88

CNY/kg

ábhar truaille hailigine nialais ísealdeataithe

3901 30 10 ,

3901 30 90

13,39

CNY/kg

Snáithíní optúla

9001 10 11 ,

660,5

CNY/kg

Sreang chruach faoi bhrat rubair fhosfáitithe

7217 90 00

12,54

CNY/kg

Teireataláit pholabúitiléine

3907 99 11 ,

3907 99 19

14,0

CNY/kg

Leaistiméir phololaifín

3901 90 10 ,

3901 90 20 ,

3901 90 50 ,

3901 90 90 ,

3902 90 00

19,06

CNY/kg

Aonad optúil cruach dosmálta

8544 70 90

114,79

CNY/kg

Stiall cruach dosmálta

7219 32 00

16,63

CNY/kg

Stiall/téip cruach dosmálta

7220 20 10 ,

7220 20 90

17,03

CNY/kg

Snáithe cruach

7312 10 10 ,

7312 10 90

16,82

CNY/kg

Stiall chruach

7212 50 90

26,16

CNY/kg

Sreang chruach

7217 10 11 ,

7217 10 19 ,

7217 10 90

7,99

CNY/kg

Téip

3919 10 20

66,66

CNY/kg

Snáth

5402 20 00

16,01

CNY/kg

Saothar

Tuarastail saothair san earnáil monaraíochta

[N/BH]

40,1

CNY/h

Fuinneamh

Leictreachas

[N/BH]

0,3390

CNY/Kwh

Amhábhair

(319)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar, mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora tíre ionadaíche, a dhéanamh amach, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairithe ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Rinneadh amach praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (69) nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann lena léirítear nach ndéanann an saobhadh céanna difear comhionann do tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún go ndéanann an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairí. Tar éis dó allmhairí isteach chuig an Airgintín ón tSín agus ó thíortha nach bhfuil geilleagar margaidh acu a chur as an áireamh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh allmhairí na bpríomh-amhábhar ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós (níos mó ná 70 de na méideanna iomlána a allmhairíodh chuig an Airgintín).

(320)

Mar gheall ar an líon ard eisceachtúil na dtosca táirgeachta a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin, is é ba le cuid acu sa chostas iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha, sciar diomaibhseach de chostais iomlána amhábhar sa tréimhse imscrúdaithe. Chinn an Coimisiún na costais sin a chur san áireamh i dtomhaltáin, ós rud é gur measadh nach raibh ach tionchar an-teoranta aige sin ar ríomh an ghnáthluacha. Liostaíodh na hamhábhair iarbhír a áiríodh i dtomhaltáin sa nochtadh a bhaineann le cuideachta ar leith. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar bhonn chostas foriomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar le linn dó a bheith ag úsáid na bpraghsanna neamhshaofa bunaithe.

(321)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán a shuí, chuir an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin ábhartha na tíre ionadaíche i bhfeidhm.

(322)

Shloinn an Coimisiún an costas iompair arna thabhú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte chun amhábhair den sórt sin a sholáthar mar chéatadán de chostas iarbhír na n-amhábhar sin agus chuir sé an céatadán céanna i bhfeidhm ar chostas neamhshaofa na n-amhábhar céanna chun an costas iompair neamhshaofa a fháil. Mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad.

(323)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh an grúpa FTT nach raibh cód tráchtearra na hAirgintíne le haghaidh snáithín optúil 9001 10 19 le húsáid le haghaidh snáithíní aonmhóid ach le haghaidh snáithíní ilmhóid agus snáithíní speisialta nár úsáideadh i monarú an táirge lena mbaineann. Ba é ba chúis leis sin go raibh trastomhas níos airde ná 11 mhiocrón ag na snáithíní a chumhdaítear leis an gcód, ar trastomhas le haghaidh snáithín ilmhóid é.

(324)

Fuarthas amach go raibh údar leis an maíomh sin agus dá bhrí sin d’aontaigh an Coimisiún an tagarmharc le haghaidh snáithíní optúla a athbhreithniú dá réir.

(325)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh an grúpa ZTT go raibh an Coimisiún mícheart gan na hallmhairí a allmhairíodh trí chód tráchtearra 9001 10 20 na hAirgintíne a áireamh i ríomh an tagarmhairc le haghaidh snáithíní optúla ar an ábhar gur áiríodh leis cáblaí optúla mar a luaitear in aithris (274) mar gur allmhairíodh na cáblaí snáthoptaice trí chód tráchtearra 8544 70 00 na hAirgintíne. Dúirt an grúpa FTT, áfach, nach raibh siad ag cur i gcoinne chinneadh an Choimisiúin neamhaird a thabhairt ar an gcód tráchtearra Airgintíne seo.

(326)

Tugann an Coimisiún dá aire go mbaineann an cód HS 8544 70 le cáblaí snáthoptaice aonmhóid, comhdhéanta de shnáithín amháin nó níos mó i dtruaill aonair, le cásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu nó ná bíodh, agus ní áirítear leis na cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe le nascóirí oibríochtúla ar thoisceanna nó ar cháblaí inslithe plaisteacha le haghaidh úsáid fhomhuirí ina bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim ina bhfuil na snáithíní i modúl nó modúil mhiotail. Ar an taobh eile, baineann ceannteideal 9001 le snáithíní optúla agus cuacha snáithíní optúla agus le cáblaí snáthoptaice cé is moite de na cáblaí snáthoptaice a thagann faoi cheannteideal 8544. Sa tuairisc ar chód tráchtearra na hAirgintíne 9001 10 20 luaitear ‘cuacha agus cáblaí snáithíní optúla’. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(327)

Mhaígh an grúpa FTT freisin go n-áirítear sna sonraí a úsáideann an Coimisiún chun an tagarmharc le haghaidh snáithín optúil a ríomh snáithíní daite agus snáithíní neamhdhaite araon agus d’iarr sé ar an gCoimisiún an costas a bhaineann le dathú an tsnáithín a bhí air a íoc a bhaint de luach an tagarmhairc.

(328)

Thug an Coimisiún dá aire nach féidir measúnú ceart a dhéanamh ar an bhfianaise a chuir an grúpa FTT isteach sa leagan rúnda den iarratas toisc nach raibh inti ach píosa de thacar áirithe sonraí. Mar sin féin, mheabhraigh an Coimisiún go ndéantar ríomh na dtagarmharcanna ar shonraí atá ar fáil go héasca agus gur léir nach bhfuil fáil éasca ar an méid sin den fhaisnéis a sholáthar an grúpa FTT ina leith sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(329)

Maidir leis na ceithre chód tráchtearra a úsáideann an Coimisiún chun an tagarmharc a ríomh le haghaidh an amhábhair ‘glóthach cábla’ i.e. 4002 99 10, 4002 99 20, 4002 99 30, agus 4002 99 90, mhaígh an grúpa ZTT nár cheart ach ceann amháin acu a úsáid chun tagarmharc a thógáil le haghaidh an amhábhair ‘glóthach cábla’ mar atá 4002 99 90. Chuir an grúpa ZTT fianaise thacaíochta ar fáil nár úsáideadh na trí chód tráchtearra eile chun an táirge lena mbaineann a mhonarú.

(330)

Measadh go raibh údar leis an maíomh sin freisin agus, dá bhrí sin, d’athbhreithnigh an Coimisiún an tagarmharc do ghlóthach cábla dá réir.

(331)

Mhaígh an grúpa ZTT freisin nach raibh cód tráchtearra le haghaidh an amhábhair ‘slata alúmanaim’ ceart faoi ainmníocht na hAirgintíne toisc go dtagraíonn siad do chuasáin alúmanaim agus do phróifílí eile, seachas do bharraí agus slata, nach n-úsáidtear chun an táirge lena mbaineann a mhonarú agus, dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cód eile a shainaithint. Níor mhol an grúpa ZTT cód tráchtearra eile.

(332)

Dheimhnigh an Coimisiún go gcumhdaítear leis an gcód Airgintíneach cuasáin alúmanaim agus próifílí eile ach nach gcumhdaítear barraí ná slata. Tar éis tuilleadh anailíse a dhéanamh, chinn an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcód agus, ina ionad sin, cód HS 7605 21 a úsáid, cód a bhaineann le slata cóimhiotal alúmanaim a úsáidtear chun sreanga cruach faoi chlúdach alúmanaim a mhonarú do shreanga talún optúla (OPGW) (133).

(333)

Mhaígh an grúpa ZTT freisin nár bhain sé úsáid as snáthanna snáithíní gloine chun OFCanna a mhonarú ach as caisirníní snáithíní gloine agus dá bhrí sin gurbh é 7019 12 an cód HS ceart. Dúirt an grúpa ZTT gur ag brath go cinntitheach ar na filiméid a bheith casta nó gan a bheith atá an t-idirdhealú idir snáthanna agus caisirníní. Mhaígh an grúpa ZTT nach raibh na filiméid a d’úsáid sé casta agus dá bhrí sin gurb é an cód HS ceart an ceann do chaisirníní i.e. 7019 12.

(334)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Baineann an cód HS 7019 12 le caisirníní snáithíní gloine arb iad na hamhábhair chun snátha snáithíní gloine a mhonarú. Thairis sin, dhearbhaigh táirgeoirí an Aontais gur amhábhair iad caisirniní snáithíní gloine a úsáideann soláthraithe snáth gloine agus slata treisithe gloine sa tionscal OFCanna. Dá bhrí sin, is é 7019 19 an cód HS ceart.

(335)

Chuir an grúpa FTT in iúl gur chuir an Coimisiún an toisc tháirgeachta ‘uisce’ san áireamh go mícheart i d‘tomhaltáin’ agus nach costas díreach amhábhair é an fachtóir táirgthe sin ach costas díreach.

(336)

Chuir an Coimisiún an toisc tháirgeachta ‘uisce’ san áireamh i dtomhaltáin ós rud é gurbh ionann é agus níos lú ná 0,5 den chostas díreach iomlán agus gur diomaibhseach a thionchar ar an gcorrlach dumpála dá bhrí sin.

(337)

D’áitigh an grúpa FTT go raibh sé de cheangal ar an gCoimisiún tagarmharc a ríomh maidir le gach toisc tháirgeachta mar gur chinn sé go raibh na tosca táirgeachta uile saofa. Dá bhrí sin, mhaígh sí nach raibh cead ag an gCoimisiún roinnt tosca táirgeachta a ghrúpáil faoi thomhaltáin agus an mhodheolaíocht ríofa a mhínítear in aithris (320) a chur i bhfeidhm toisc go ndéanfaí na sonraí a shaobhadh dá bharr sin. D’iarr an grúpa FTT ar an gCoimisiún sonraí tuairiscithe an ghrúpa FTT a úsáid le haghaidh na bhfachtóirí táirgeachta sin. D'easaontaigh an grúpa ZTT freisin le modheolaíocht an Choimisiúin maidir le tomhaltáin agus mhaígh sé gur cheart don Choimisiún tagarmharc a ríomh le haghaidh tomhaltán ar leithligh ó ionchuir eile.

(338)

Mar a míníodh in aithris (320), mar gheall ar an líon ard tosca táirgeachta (mar shampla, níos mó ná 60 toisc táirgeachta don ghrúpa FTT), d’áirigh an Coimisiún roinnt tosca táirgeachta (thart ar 30 toisc táirgeachta don ghrúpa FTT) a bhí ina gcion diomaibhseach de chostais iomlána an amhábhar le linn na tréimhse imscrúdaithe (thart ar 4 i gcás an ghrúpa FTT) i dtomhaltáin. Mheas an Coimisiún go mbeadh ualach suntasach riaracháin i gceist le foinsiú na dtosca táirgeachta uile sin, ós rud é freisin nach raibh na luachanna allmhairithe isteach sa tír ionadaíoch ionadaíoch i gcás cuid acu, ach gur measadh go raibh an tionchar ar ríomh an ghnáthluacha, nach mbaineann na tosca táirgeachta sin ach le cuid de, an-teoranta. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún an mhodheolaíocht chaighdeánach chun luach neamhshaofa tomhaltán a ríomh i bhfeidhm, i.e. trí chéatadán na dtomhaltán ar bhonn chostas foriomlán na n-amhábhar a ríomh agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na praghsanna neamhshaofa suite in úsáid Maidir leis an modheolaíocht seo, nach mbaineann ach le sciar beag den chostas monaraíochta agus le sciar níos lú fiú de na ríomhanna gnáthluacha, meastar go mbíonn torthaí an-chosúil aige leis an modheolaíocht atá bunaithe ar gach toisc tháirgeachta a fhoinsiú. I gcás ar bith, d’fhéadfadh toradh fabhrach a bheith ar an modheolaíocht sin do na táirgeoirí onnmhairiúcháin, dá mbeadh bunluach iarbhír na n-ionchur níos airde ná an luach a ríomhtar mar chéatadán de chostas iomlán na n-amhábhar. Níor chuir aon pháirtí leasmhar fianaise ar fáil go dtiocfadh toradh nach mbeadh chomh fabhrach as an gcur chuige a leanann an Coimisiún. Thairis sin sin, thug an Coimisiún dá aire gur suíodh saobhadh suntasach i roinn 3.1.1. thuas. Sa chás sin, de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, is féidir costais intíre a úsáid, ach ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin sa mhéid go bhfuil siad suite go dearfach ionas nach ndéanfar iad a shaobhadh, ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí. Níor chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin aon fhianaise den sórt sin ar aghaidh maidir le tosca táirgeachta arna ngrúpáil faoi thomhaltáin, ná níor aimsigh an Coimisiún an fhianaise sin. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún na sonraí arna dtuairisciú ag an ngrúpa FTT a úsáid. Measann an Coimisiún gurb iomchuí an mhodheolaíocht atá aige chun luach neamhshaofa a ríomh le haghaidh tomhaltán toisc nach bhfuil aon fhaisnéis níos fearr ar fáil. Ní dhearna an grúpa ZTT iarracht an tagarmharc a ríomhadh trí luachanna GTA ar allmhairí isteach sa tír ionadaíoch a chur chun cinn, ná níor mhol sé tagarmharc neamhshaofa eile le haghaidh tomhaltán. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(339)

Mhaígh an grúpa ZTT nár cheart na sé fhotháirgí/dramhaíl arna dtuairisciú mar thosca táirgthe a chur san áireamh sna tomhaltáin agus gur cheart don Choimisiún tagarmharc a ríomh do gach aon cheann acu.

(340)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a mhínítear in aithris (320), i bhfianaise líon ard eisceachtúil na dtosca táirgeachta arna n-úsáid ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin, chuir an Coimisiún san áireamh roinnt tosca táirgeachta arb ionann na costais iarbhír arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha agus sciar diomaibhseach de chostais iomlána an amhábhair i dtomhaltáin. Na sé fhotháirgí/dramhaíl arna dtuairisciú ag an grúpa ZTT, b'ionann iad, ag brath ar na seachtháirgí/an dramhaíl, agus idir níos lú ná 0,05 agus níos lú ná 0,50 de na costais dhíreacha iomlána agus níos lú san iomlán ná 0 de na costais dhíreacha iomlána. Dá bhrí sin, ba neamhábhartha an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an ngnáthluach, agus tá na breithnithe céanna a ndéantar achoimre orthu in aithris (338) ábhartha i ndáil leis sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(341)

Luaigh an grúpa FTT go bhféadfadh an Coimisiún, trí luachanna an chostais, árachais agus last-táille a úsáid chun tagarmharcanna a ríomh, lena n-áirítear costais iompair lasmuigh den Airgintín, muirlasta agus árachas, aon bhuntáiste comparáideach a bheadh ag táirgeoirí mar gheall ar infhaighteacht amhábhar áirithe ina margadh baile a chealú.

(342)

Forordaítear le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán úsáid sonraí comhfhreagracha a úsáid i dtír ionadaíoch iomchuí ar choinníoll go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil go héasca. Ní raibh ar fáil don Choimisiún taifead ar na sonraí maidir le praghsanna intíre sna tíortha tír a d'fhéadfadh a bheith ionadaíoch. Os a choinne sin, tá sonraí faoi phraghsanna iompórtála ar fáil go héasca agus úsáideann an Coimisiún GTA mar fhoinse na sonraí sin. Theip ar an bpáirtí sin sonraí féideartha ábhartha ón tír ionadaíoch a d’fhéadfaí a úsáid san imscrúdú a chur isteach freisin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(343)

D’easaontaigh an grúpa ZTT freisin le modheolaíocht an Choimisiúin maidir le costas neamhshaofa iompar na n-amhábhar a ríomh a mhínítear in aithris (322). D’áitigh an grúpa ZTT gur cheart don Choimisiún an costas iompair do gach amhábhar a ríomh ar bhonn aonair. Cuireadh leis sin freisin go bhféadfadh éagsúlacht shuntasach a bheith ann sna costais iompair agus idir na tosca táirgeachta éagsúla.

(344)

Tugann an Coimisiún dá aire nár mhol an grúpa ZTT conas ba cheart don Choimisiún an costas iompair do gach amhábhar a ríomh ceann ar cheann. Mar a mhínítear in aithris (322), mheas an Coimisiún go bhféadfaí, i gcomhthéacs an imscrúdaithe sin, an cóimheas idir amhábhar an táirgeora onnmhairiúcháin agus na costais iompair thuairiscithe a úsáid go réasúnta mar tháscaire chun meastachán a dhéanamh ar chostais iompair neamhshaofa na n-amhábhar nuair a sheachadtar chuig monarcha na cuideachta iad. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.4.1.1.   Saothar

(345)

D’úsáid an Coimisiún staitisticí EIS chun pá san Airgintín a chinneadh. Cuireann staitisticí EIS faisnéis ar fáil faoin meánchostas saothair le haghaidh 2018 maidir le roinnt gairmeacha. Os a choinne sin, ní raibh meánchostas saothair na hearnála monaraíochta ar fáil. Dá bhrí sin, chun an tagarmharc le haghaidh costas saothair a shuí, bhain an Coimisiún úsáid as an meánchostas saothair a fuarthas ó staitisticí EIS chomh maith le faisnéis atá ar fáil go héasca faoi chostais bhreise saothair (amhail cánacha) arna dtabhú ag fostóir san Airgintín (134). D’úsáid an Coimisiún an t-innéacs (135) freisin chun sonraí boilscithe 2018 a choigeartú.

(346)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh an grúpa ZTT gur cheart don Choimisiún costas saothair ‘oibreoirí agus cóimeálaithe plandaí agus meaisíní’ a úsáid mar go raibh siad, den chuid is mó, cosúil leis an gcineál luchta saothair atá in úsáid chun OFCanna a mhonarú.

(347)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Níor chuir an grúpa ZTT aon fhianaise isteach a léiríonn gur oibreoirí agus cóimeálaithe plandaí agus meaisíní an chuid is mó d'fhostaithe ghrúpa ZTT . Ós rud é gur tionscal ardteicneolaíochta é an tionscal OFCanna, fostaíonn táirgeoirí OFCanna go leor innealtóirí agus teicneoirí a aicmíonn EIS faoin gcatagóir ‘gairmithe’ chomh maith le teicneoirí faisnéise agus cumarsáide atá aicmithe ag EIS faoi ‘teicneoirí agus gairmithe comhlacha’. Tá meánchostas saothair na dtrí ghairm sin níos mó ná 20 níos airde ná luach an chostais saothair iomláin a úsáideann an Coimisiún chun an tagarmharc do shaothar a ríomh. Ós rud é nach bhfuil miondealú ag an gCoimisiún ar chion líon na bhfostaithe sna príomhchatagóirí sin atá san áireamh i líon iomlán na bhfostaithe, mheas sé gurbh iomchuí an meánchostas saothair arna sholáthar ag EIS a úsáid. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.4.1.2.   Leictreachas

(348)

Is iad na dáileoirí leictreachais Edenor agus Edesur (136) a d'fhoilisgh praghas an leictreachais le haghaidh cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) san Airgintín le linn na tréimhse imscrúdaithe. Leis an bhfaisnéis is féidir praghas an leictreachais a íocann úsáideoirí tionsclaíocha a fháil amach (Tarifa T3). Tugtar mionsonraí freisin maidir leis na praghsanna a íocann úsáideoirí tionsclaíocha a roghnaigh rátaí difreáilte agus é bunaithe ar an am den lá a ídítear leictreachas agus an voltas a úsáidtear. D’úsáid an Coimisiún na taraifí sin chun an praghas a ríomh.

(349)

Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh an grúpa ZTT go raibh earráid san fhoirmle chun an tagarmharc le haghaidh leictreachais a ríomh.

(350)

Ceartaigh an Coimisiún an earráid sin, nach raibh aici ach tionchar beag

3.4.2.   Forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus brabúis

(351)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach ar fhorchostais mhonaraíochta a dhéanamh amach chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(352)

Sloinneadh na forchostais mhonaraíochta arna dtabhú ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha mar sciar de chostais na monaraíochta arna dtabhú go hiarbhír ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(353)

Chun méid neamhshaofa agus réasúnta a dhéanamh amach le haghaidh costais SGA agus brabúis, bhí an Coimisiún ag brath ar na sonraí airgeadais le haghaidh 2019 i ndáil le Prysmian Energia Cables y Sistemas de Airgintín S.A. de réir na faisnéise a baineadh as Dun agus Bradstreet (D&B) (137). Chuir an Coimisiún na sonraí sin ar fáil do pháirtithe leasmhara sa Dara Nóta.

(354)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, d'easaontaigh an grúpa FTT leis an modheolaíocht ríofa a cuireadh i bhfeidhm ar na forchostais a mhínítear in aithris (352) agus d’áitigh sé gur úsáid an Coimisiún ‘sonraí saofa’ mar bhunús chun luach 'saofa' a athríomh a bhí ag teacht salach ar phrionsabail dlí agus ar chleachtas dlí an Choimisiúin agus d’iarr sé ar an gCoimisiún na sonraí bunaidh arna dtuairisciú ag an ngrúpa FTT a choinneáil. D'easaontaigh an grúpa ZTT freisin le modheolaíocht an Choimisiúin maidir le forchostais agus mhaígh sé gur cheart don Choimisiún tagarmharc a ríomh dó seo ar leithligh ó ionchuir eile.

(355)

Thug an Coimisiún dá aire nach raibh na sonraí forchostas ar fáil go héasca ar leithligh i ráitis airgeadais an táirgeora sa tír ionadaíoch. Thairis sin, nuair a dhéantar saobhadh suntasach a shuí, de réir Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, is féidir costais intíre a úsáid freisin, ach ní fhéadfar iad a úsáid ach amháin sa mhéid go suitear go dearfach le nach ndéanfar iad a shaobhadh, ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí. Níor chuir na táirgeoirí onnmhairiúcháin aon fhianaise den sórt sin ar aghaidh maidir le forchostais, ná níor aimsigh an Coimisiún an fhianaise sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. Measann an Coimisiún gurb iomchuí an mhodheolaíocht atá aige chun luach neamhshaofa a ríomh le haghaidh forchostas toisc nach bhfuil aon fhaisnéis níos fearr ar fáil. Ní dhearna grúpa ZTT tagarmharc neamhshaofa eile a mholadh le haghaidh forchostas ach an oiread. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(356)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh an grúpa ZTT nár cheart a chostais SGA ná a bhrabús féin a eisiamh ó bhreithniú mar nár chruthaigh an Coimisiún gur saobhadh é.

(357)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Mar a mhínítear in aithris (142), ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh sé iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás seo. Dá bhrí sin, sa chás seo, mar a luaitear in aithris (158), ní gá don Choimisiún a chruthú go raibh costais SGA iarbhír na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin neamhshaofa.

3.4.3.   Ríomh

(358)

Ar bhonn an mhéid thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(359)

Ar an gcéad dul síos, bhunaigh an Coimisiún costais neamhshaofa na monaraíochta (lena gcumhdaítear tomhaltas amhábhar, saothair agus fuinnimh). Chuir an Coimisiún na costais aonaid neamhshaofa i bhfeidhm ar thomhaltas iarbhír de thosca táirgeachta aonair na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte. D’iolraigh an Coimisiún na tosca úsáide faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in aithris (318).

(360)

Ar an dara dul síos, chun teacht ar na costais táirgthe neamhshaofa, chuir an Coimisiún forchostais mhonaraíochta leis an méid sin. Na forchostais mhonaraíochta a thabhaigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha, tháinig méadú orthu de bharr chostais na n-amhábhar agus na dtomhaltán dá dtagraítear in aithris (317) agus dá bharr sin sloinntear iad mar sciar de na costais mhonaraíochta a thabhaigh gach ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ar na costais mhonaraíochta neamhshaofa.

(361)

A luaithe a bunaíodh an costas monaraíochta neamhshaofa, chuir an Coimisiún costais SGA agus an brabús i bhfeidhm mar a luaitear in aithrisí (351) go (353). Rinneadh amach iad ar bhonn na ráiteas airgeadais ó Prysmian Energia Cables y Sistemas de Airgintín S.A mar a mhínítear in aithris (353).

(362)

Maidir leis na costais táirgthe arna suí a dtugtar tuairisc orthu san aithris roimhe seo, d'fheidhmigh an Coimisiún costais SGA agus brabús Prysmian Energia Cables y Sistemas de Airgintín S.A.. Ba é 15 na costais SGA arna sloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí Díolta (COGS) agus a chuirtear i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa táirgthe. Ba é 10 an brabús arna shloinneadh mar chéatadán de Costais na nEarraí Díolta agus a chuirtear i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa táirgthe.

(363)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún an gnáthluach in aghaidh an chineáil táirge ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.5.   Praghas onnmhairiúcháin

(364)

Rinne an grúpa sampláilte de tháirgeoirí onnmhairiúcháin táirgí a onnmhairiú go dtí an tAontas go díreach chuig custaiméirí neamhspleácha nó trí chuideachtaí gaolmhara atá ag gníomhú ina ngníomhairí, ina dtrádálaithe nó ina n-allmhaireoirí.

(365)

Ba é an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh na dtáirgí a díoladh go díreach le custaiméirí neamhspleácha san Aontas agus trí chuideachtaí trádála gaolmhara an praghas a íocadh go hiarbhír nó a bhí iníoctha le haghaidh an táirge lena mbaineann nuair a díoladh é lena onnmhairiú chuig an Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den bhun-Rialachán.

(366)

Bunaíodh an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh díolachán a dhéantar trí allmhaireoirí gaolmhara ar an bpraghas ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe ar dtús le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Sa chás sin, rinneadh coigeartuithe ar an bpraghas le haghaidh gach costais a tabhaíodh idir allmhairiú agus athdhíol, lena n-áirítear costais SGA, agus brabús réasúnta.

(367)

Úsáideadh meán ualaithe bhrabúis na n-allmhaireoirí comhoibritheacha (féach aithris (28)) mar chorrlach brabúis réasúnta. Idir 15 agus 25 atá an corrlach brabúis sin.

(368)

Sna barúlacha a thug siad maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh na grúpaí ZTT agus FTT go raibh comhaireamh dúbailte de liúntais áirithe a baineadh den liostú díolacháin agus de na costais díola, ghinearálta agus riaracháin.

(369)

Fuarthas go raibh údar leis na maímh sin agus d’athbhreithnigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin dá réir. Cuireadh measúnú mionsonraithe ar an maíomh sin ar fáil don dá ghrúpa sa nochtadh sonrach toisc go bhfuil faisnéis rúnda ann.

(370)

Mhaígh an grúpa FTT nár cheart don Choimisiún táille iomlán an ghníomhaire, ina mbíonn ceithre chineál éagsúla táillí, a bhaint den phraghas onnmhairiúcháin, ach táille an ghníomhaire onnmhairiúcháin amháin.

(371)

D’iarr an Coimisiún ar an ngrúpa FTT faisnéis bhreise maidir le híocaíocht tháille an ghníomhaire a chur faoi bhráid a ghníomhaire gaolmhar. Léirigh an fhaisnéis a chuir grúpa an FTT isteach gur íoc FTT lena ghníomhaire gaolmhar méid iomlán tháille an ghníomhaire agus ní hamháin táille an ghníomhaire onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(372)

Mhaígh an grúpa FTT gur bhain an Coimisiún úsáid as an táille gníomhaire mhícheart don táirge lena mbaineann in 2020 agus gur asbhain sé dhá oiread na gcostas muirlasta agus láimhseála; uair amháin mar liúntas sa liostú díolacháin, agus uair amháin mar chuid de tháille an ghníomhaire.

(373)

Fuarthas go raibh údar leis na maímh sin agus glacadh leo dá bhrí sin. Rinneadh ríomh an phraghais onnmhairiúcháin a athbhreithniú dá réir.

(374)

Mhaígh an grúpa FTT freisin nár cheart don Choimisiún táille an ghníomhaire a cuireadh i bhfeidhm ar dhíolacháin FTT a asbhaint nuair a bhí an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh díolacháin an eintitis ghaolmhair á ríomh toisc: (1) nach raibh aon chomhaontú idir NW agus FTT ná le gníomhaire onnmhairiúcháin FTT, (2) léiríodh táillí den sórt sin in idirbhearta idir FTT agus a ghníomhaire agus (3) ba idirbhearta intíre iad na hidirbhearta idir NW agus FTT mar a tugadh le fios i luach an tsonraisc CBL.

(375)

Ní shonraítear sa chonradh idir FTT agus a ghníomhaire gaolmhar nach mbaineann táille an ghníomhaire ach le díolacháin OFCanna arna monarú ag FTT. Ós rud é go n-onnmhairíonn FTT OPCanna arna monarú ag NW freisin, ba cheart táille an ghníomhaire a asbhaint i gcás onnmhairithe uile FTT beag beann ar an monaróir. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(376)

Mhaígh an grúpa FTT freisin nach bhfuil corrlach brabúis an allmhaireora neamhghaolmhair a luaitear in aithris (367) ionadaíoch agus nach mbaineann allmhaireoirí sin amach de ghnáth. Mhaígh an grúpa FTT freisin go bhfuil raon feidhme éagsúil gnó ag na hallmhaireoirí arna roghnú ag an gCoimisiún i gcomparáid leis an gcuid sin den ghrúpa FTT a bhaineann le hallmhaireoirí gaolmhara.

(377)

Tugtar faoi deara ag an tús nach é an Coimisiún a roghnaigh na hallmhaireoirí. Is ar bhonn deonach a dhéantar an comhar in imscrúdú frithdhumpála na n-allmhaireoirí. Mar a mhínítear in aithris (28), sholáthair cúig allmhaireoir neamhghaolmhara an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. D’iarr an Coimisiún ar gach allmhaireoir comhoibritheach a gcuid freagraí ar an gceistneoir a chur isteach. Mar a luaitear in aithris (42), rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar an bhfaisnéis a chur na hallmhaireoirí isteach. Thairis sin, mar a luaitear in aithris (367), is é an corrlach brabúis a úsáidtear meán ualaithe bhrabúis na n-allmhaireoirí comhoibritheacha a luaitear in aithris (28) a bhí in ann sonraí a chur isteach le haghaidh thréimhse an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an corrlach brabúis sin ionadaíoch agus cruinn.

3.5.1.   Comparáid

(378)

Rinne an Coimisiún comparáid idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar bhonn an phraghais dhírigh ón monarcha.

(379)

I gcás ina raibh údar maith leis mar gheall ar an ngá a bhí le comparáid chothrom a áirithiú, rinne an Coimisiún an gnáthluach agus/nó an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú le haghaidh difríochtaí lenar ndearnadh difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Rinneadh coigeartuithe ar iompar, árachas, láimhseáil agus luchtú, costais chreidmheasa, muirir bhainc, muirir allmhairiúcháin eile, costais phacáistithe, táille an ghníomhaire, coimisiúin agus lacáistí deireadh bliana.

(380)

Rinneadh coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) freisin ar dhíolacháin trí chuideachtaí trádála gaolmhara. Fuarthas amach go raibh feidhmeanna na dtrádálaithe sa tSín nó i Hong Cong cosúil le feidhmeanna gníomhaire. Bhí na trádálaithe sin ag lorg custaiméirí agus chuaigh siad i dteagmháil leo. Bhí siad freagrach as an bpróiseas díola agus fuair siad uasmharcáil ar son a gcuid seirbhísí. Ba é a bhí sa choigeartú costais SGA na gcuideachtaí trádála agus brabús 10 . Measadh go raibh an corrlach brabúis sin ina mheastachán coimeádach ar an leibhéal brabúsachta iomchuí i bhfianaise na gcorrlach ard (tuairim agus 20 de ghnáth) a fuair allmhaireoirí neamhghaolmhara san earnáil sin.

(381)

Mhaígh an grúpa ZTT gur eintiteas eacnamaíoch amháin iad a chuideachtaí táirgeachta agus díola maidir le díolacháin onnmhairiúcháin OFCanna.

(382)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Tugtar faoi deara go ndearnadh an maíomh sin faoin táirge lena mbaineann, agus faoin táirge sin amháin, agus ní faoi na táirgí go léir a dhíolann an grúpa ZTT. Mar a dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta (138), má dhéantar scrúdú i leith cuideachta ghaolmhar a bheith ina heintiteas eacnamaíoch aonair i gcomhar leis na heintitis táirgthe, ní mór scrúdú a dhéanamh ar níos mó ná díol an táirge lena mbaineann leis an Aontas. Is gá scrúdú a dhéanamh ar ról an eintitis táirgthe agus an eintitis díolacháin i gcás gach táirge a tháirgeann nó a dhíolann an grúpa. Léirigh scrúdú an Choimisiúin inter alia go raibh díolacháin shuntasacha dhíreacha agus easpa smacht eacnamaíoch i gceist. Fuarthas amach ar an gcaoi sin nárbh fhéidir a mheas go raibh cuideachtaí díolacháin an ghrúpa ZTT ag oibriú mar ranna díolacháin inmheánacha amháin. Nochtadh mionsonraí breise mheasúnú an Choimisiún don ghrúpa ZTT ina nochtadh sonrach toisc go bhfuil faisnéis ghnó rúnda iontu. Bunaithe ar an measúnú sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(383)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, d’easaontaigh an grúpa ZTT le conclúid an Choimisiúin nach bhféadfaí a mheas go bhfuil cuideachtaí díolacháin an ghrúpa ZTT ag feidhmiú mar ranna díolacháin inmheánacha amháin. Mhaígh sé, fiú mura raibh úinéireacht scaireanna ná rialú eacnamaíoch ag ceann de na heintitis táirgthe ar an trádálaí Síneach, go raibh rialú coiteann ag an dá chuideachta sin.

(384)

Thug an Coimisiún dá aire, fiú amháin más amhlaidh an cás, nach bhfuil sa choinníoll sin ach réamhriachtanas agus nach bhfuil sé cinntitheach.

(385)

Thairis sin, mhaígh an grúpa ZTT nach bhfuil fianaise curtha ar fáil ag an gCoimisiún gur dhíol an chuideachta trádála táirgí ó chuideachtaí neamhghaolmhara agus go raibh conradh i scríbhinn ann inar léiríodh na hidirbhearta ar neamhthuilleamaí idir táirgeoirí agus an trádálaí le haghaidh díolacháin onnmhairiúcháin. D’áitigh sé freisin nach raibh ach na díolacháin onnmhairiúcháin ábhartha don mheasúnú sin, agus nach raibh na díolacháin intíre ábhartha agus nár cheart measúnú a dhéanamh ach ar dhíolacháin an táirge lena mbaineann. Mhaígh sé, ina leith sin, nach raibh sé ábhartha cé acu ar dhíol na heintitis táirgthe táirgí eile go díreach nó nár dhíol, mar nach raibh an chuideachta trádála ag feidhmiú mar an roinn díolacháin inmheánach le haghaidh na dtáirgí sin. Dúradh go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt ranna díolacháin i gcuideachta agus gach ceann acu speisialaithe i dtáirge ar leith. Dúradh freisin nach raibh roinn díolacháin onnmhairí ag ceachtar táirgeoir ná aon fhoireann díolacháin chun na feidhmeanna onnmhairiúcháin a láimhseáil. Mhaígh an grúpa ZTT freisin nach raibh an méid a luaigh ceadúnas gnó an trádálaí ábhartha, toisc gur bhain sé sin leis an bh‘foirm’ seachas leis an bhfíorchás eacnamaíoch.

(386)

Seasann an Coimisiún lena chonclúidí nach bhféadfaí a mheas go bhfuil an trádálaí Síneach ag oibriú mar roinn díolacháin inmheánach amháin. Má dhéantar scrúdú féachaint an bhfuil cuideachta ghaolmhar ina heintiteas eacnamaíoch aonair i gcomhar leis na heintitis táirgthe, ní mór scrúdú a dhéanamh ar níos mó ná díol an táirge lena mbaineann leis an Aontas (139). Bhí díolacháin shuntasacha onnmhairí díreacha de tháirgí eile arbh fhiú iad agus idir 17 agus 22 de na díolacháin iomlána ag ceann de na heintitis táirgthe, agus bhí roinn díolacháin onnmhairí de dhíth air, dá bhrí sin, mar aon le foireann díolacháin in ainneoin an méid a mhaígh ZTT. Maidir le ceadúnas gnó an trádálaí, tugtar faoi deara go bhfuil an fhianaise dhoiciméadach maidir le cineál na bhfeidhmeanna ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar ról an trádálaí.

(387)

D’athdhearbhaigh an grúpa ZTT a mhaíomh gur aon eintiteas eacnamaíoch amháin an t-allmhaireoir gaolmhar san Aontas.

(388)

Chloígh an Coimisiún lena chonclúid, i dtaobh onnmhairí a dhéantar tríd an allmhaireoir gaolmhar san Aontas, nach bhfuil sé ábhartha do chur i bhfeidhm Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán eintiteas eacnamaíoch aonair a bheith ann nó gan a bheith ann. Tá feidhm ag foráil den sórt sin maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin a choigeartú i gcásanna ina bhfuil an praghas onnmhairiúcháin neamhiontaofa i ngeall ar chomhlachas nó ar shocrú cúiteach idir an t-onnmhaireoir agus an t-allmhaireoir nó tríú páirtí. Sa chás sin, ní raibh aon cheist ann ach go ndíolann an grúpa ZTT leis an Aontas Eorpach trí allmhaireoir gaolmhar agus tá an fhoráil seo infheidhme go hiomlán dá bhrí sin.

(389)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh an grúpa FTT agus CCCME nár mhínigh an Coimisiún foinse an chorrlaigh bhrabúis 10 agus má bhí an tsuim sin réasúnta agus i réim sa mhargadh.

(390)

Níl an Coimisiún ag teacht leis an maíomh sin. Cuirtear an fhaisnéis sin ar fáil in aithris (380).

(391)

Mhaígh an grúpa FTT agus CCCME freisin nach bhféadfaí aon choigeartú a dhéanamh ar na costais SGA (seachas costais díola dhírigh) agus ar bhrabús a thabhaigh trádálaithe gaolmhara sa tSín agus i Hong Cong nuair a bhí praghas onnmhairiúcháin á bhunú le haghaidh NW toisc nár léirigh an Coimisiún go raibh feidhmeanna na dtrádálaithe sin cosúil le feidhmeanna gníomhaire atá ag obair ar bhonn coimisiúin.

(392)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. D’athdhearbhaigh an Coimisiún an measúnú a rinne sé a leagtar amach in aithris (380). Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh éagsúlachtaí suntasacha ann i bpraghsanna nuair a cuireadh na ranna éagsúla den sreabhadh díolacháin chuig an Aontas i gcomparáid, is é sin éagsúlachtaí idir 18 agus 30 ag brath ar an roinn. Dá bhrí sin, ba léir go bhfuair gach trádálaí marcáil suas a bhí níos airde i ndáiríre ná brabús na cuideachta trádála neamhghaolmhar arna asbhaint ag an gCoimisiún mar a luaitear in aithris (380).

(393)

Dúirt an grúpa FTT freisin gur chreid sé gurbh ionann costais SGA Prysmian Energia Cables y Sistemas de Airgintín S.A. agus na costais go léir a thabhaigh sé le linn na tréimhse cuntasaíochta. D’iarr an grúpa FTT ar an gCoimisiún na costais díola dhírigh (amhail na costais iompair agus láimhseála) a asbhaint de mhéid iomlán na gcostas SGA toisc nach raibh sé oibiachtúil ná cothrom comparáid a dhéanamh idir praghas onnmhairiúcháin glan díolacháin agus costais airgeadais, le gnáthluach gan a leithéid d'asbhaint. Rinne CCCME maíomh den chineál céanna ag áitiú gur dhealraigh sé nár choigeartaigh an Coimisiún ach an praghas onnmhairiúcháin amháin de bhun Airteagal 2(10) agus nár choigeartaigh sé an gnáthluach freisin. Mhaígh an grúpa ZTT freisin nach raibh sonraí airgeadais Prysmian Energia Cables y Sistemas de Airgintín S.A. mionsonraithe a ndóthain chun tuiscint iomlán a fháil ar na costais SGA agus na méideanna comhfhreagracha. D’áitigh sé go raibh na sonraí breise ríthábhachtach chun comparáid chothrom a áirithiú idir praghas onnmhairí an ghrúpa ZTT agus an gnáthluach ríofa, agus chun a fháil amach an bhfuil an brabús á dhíorthú as an bpríomhoibríocht ghnó (mar shampla cáblaí a dhíol), seachas ó ghníomhaíocht ghnó eile nó ioncam neamhoibriúcháin. Ní áireofar an t-ioncam sin sa bhrabús a úsáidfear chun an gnáthluach a ríomh. Thairis sin, luaigh an grúpa ZTT, más rud é nach raibh an Coimisiún in ann nochtadh níos fiúntaí a sholáthar maidir leis na sonraí airgeadais a bhaineann le Prysmian Energia Cables y Sistemas de Argentina S.A., gur cheart go n-úsáidfeadh an Coimisiún sonraí na dtáirgeoirí Malaeisiacha a raibh a ráitis airgeadais iniúchta ar fáil.

(394)

Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Ríomhadh na costais SGA mar an difríocht idir costas na n-earraí a díoladh agus na costais oibríochta eile bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil go héasca. Thug an Coimisiún dá aire nach raibh bunús leis an maíomh lenar líomhnaíodh gur áiríodh costais den sórt sin i gcostais SGA a tuairiscíodh le haghaidh an táirgeora sa tír ionadaíoch. Thairis sin, níor sholáthair na táirgeoirí onnmhairíúcháin sampláilte aon chainníochtú don choigeartú sin. Mar a mhínítear in aithris (280), nochtaigh an Coimisiún do na páirtithe leasmhara an fhaisnéis airgeadais ábhartha a bhí ar fáil go héasca maidir le Prysmiam Energia ó Dun & Bradstreet sa Dara Nóta. Níor sholáthair aon pháirtí leasmhar aon sonraí níos oiriúnaí maidir le costais SGA i dtaca le táirgeoir san Airgintín. Thairis sin, ós rud é gur chinn an Coimisiún gur chomhlíon an Airgintín na critéir a leagtar síos sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán chun í a mheas mar thír ionadaíoch iomchuí mar a luaitear in aithris (294), ní mór don Choimisiún na costais SGA a úsáid le haghaidh táirgeoir ón Airgintín seachas ón Malaeisia. Ós rud é nár chláraigh an táirgeoir Malaeisiach brabús réasúnta, ní fhéadfadh an Coimisiún a chuid sonraí airgeadais a úsáid. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

3.5.2.   Corrlaigh dhumpála

(395)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha sampláilte, rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe gach cineáil táirge den chineál sin agus an meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe a bhaineann le cineál comhfhreagrach an táirge lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(396)

Ar an mbonn sin, is iad seo a leanas na meánchorrlaigh dhumpála ualaithe arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas an chostais, árachais agus last-táille ag teorainn an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

44

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

19,7  %

(397)

Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun- Rialachán. Dá bhrí sin, bunaíodh an corrlach ar bhonn chorrlaigh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte.

(398)

Ar an mbonn sin, is é 31 corrlach dumpála cinntitheach na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte lasmuigh den sampla.

(399)

I gcás an chorrlaigh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile sa tSín, is é an Coimisiún a rinne amach leibhéal comhoibríochta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin. Rinneadh amach an leibhéal comhoibríochta de réir mhéid onnmhairí na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha chuig an Aontas agus an luacha onnmhairiúcháin iomláin ar bhonn onnmhairí – de réir mar a tuairiscíodh i staitisticí onnmhairiúcháin Eurostat – ón tSín.

(400)

Bhí an leibhéal comhoibríochta ard sa chás sin. Mheas an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála iarmharach a bhunú ar leibhéal na cuideachta sampláilte ag a raibh an corrlach dumpála is airde.

(401)

Is mar seo a leanas atá na corrlaigh chinntitheacha dumpála, arna sloinneadh mar chéatadán den phraghas an chostais, árachais agus last-táille ag teorainn an Aontais, gan an dleacht a bheith íoctha:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

44

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

19,8  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

31,2  %

Gach cuideachta eile

44

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Aonad tomhais

(402)

Cé go dtuairiscítear staitisticí onnmhairiúcháin oifigiúla ina gcileagraim, mheas an Coimisiún, i gcomhréir le barúlacha ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin agus ó thionscal an Aontais, nach raibh an t-aonad tomhais sin oiriúnach do thomhas ceart na méideanna lena mbaineann. Léiríonn an t-imscrúdú gur minic nach meáchan ach fad a úsáideann an tionscal mar phríomhtháscaire méide. Bíonn an fad sin ina thomhas ar fhad an chábla (cábla-km) nó ar fhad iomlán na snáithíní atá laistigh den chábla (snáithín-km). Ós rud é go mbaineann an t-imscrúdú atá i gceist le cáblaí, meastar gurb é an t-aonad cábla-km an t-aonad tomhais is iomchuí, agus is é a úsáidfear sa déanamh amach díobhála thíos.

(403)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh CCCME gur cheart na méideanna allmhairí a ríomh ar bhonn ciliméadar snáithín seachas ciliméadair chábla toisc gurb é ciliméadar cábla an caighdeán a glacadh leis sa tionscal agus gurb é an t-aon aonad tomhais a léiríonn na difríochtaí ollmhóra i líon na snáithíní in aghaidh an chábla.

(404)

D’áitigh an Coimisiún gurb é an ciliméadar cábla an t-aonad tomhais iomchuí toisc gur cáblaí iad na táirgí atá faoi réir an imscrúdaithe agus gur gné shonrach den chábla é líon na snáithíní i gcábla, rud a léirítear san uimhir rialaithe táirgthe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

4.2.   An sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(405)

Rinne níos mó 29 dtáirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ach amháin i gcás an dá chuideachta a luaitear sa roinn a leanann seo, is iad na táirgeoirí sin ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. Tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as an Aontas Eorpach, táthar ag bunú an déanamh amach díobhála ar shonraí 27 mBallstát (AE27) le haghaidh na tréimhse iomláine atá á meas.

(406)

Rinneadh amach gurb é 1 mhilliún cábla-km táirgeacht iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil faoi thionscal an Aontais, amhail faisnéis dhíreach ó na naoi gcomhpháirtí - sé ghearánach, trí chuideachta a bhí ag tacú leis an ngearán - agus faisnéis mhargaidh i gcás na dtáirgeoirí eile, a bhunaigh an Coimisiún an figiúr sin. Mar a léirítear in aithris (26), roghnaíodh trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann tuairim agus 52 de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.1.   Eisiamh dhá tháirgeoir as tionscal an Aontais

(407)

De réir Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán, maidir le táirgeoirí a bhfuil baint acu le honnmhaireoirí nó allmhaireoirí Síneacha agus/nó a onnmhairíonn an táirge a bhfuil sé líomhnaithe gur dumpáladh é, is féidir iad a eisiamh ó thionscal an Aontais. Sainítear in Airteagal 4(2) cathain atáthar lena mheas go bhfuil baint ag táirgeoirí le honnmhaireoirí nó allmhaireoirí.

(408)

D’imscrúdaigh an Coimisiún an bhaint atá ann cheana idir tionscal an Aontais agus onnmhaireoirí nó onnmhaireoirí an táirge lena mbaineann. Léirigh an t-imscrúdú gur onnmhairigh táirgeoir sampláilte amháin de chuid an Aontais méid beag cáblaí snáthoptaice ón tSín agus go bhfuil scairsheilbh mhionlaigh ag táirgeoir eile i dtáirgeoir onnmhairiúcháin neamhshampláilte. Ós rud é gur diomaibhseach na méideanna a d’allmhairigh an chéad táirgeoir agus gur léirigh an dara táirgeoir nach rialaíonn sé an táirgeoir sin ná nach rialaíonn an táirgeoir sin é agus nár iompair sé é féin ar bhealach éagsúil leis na táirgeoirí eile, táirgeoirí nach bhfuil baint acu leis an táirgeoir sin, de bharr na bainte sin eatarthu, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis ann le ceachtar den dá chuideachta a eisiamh ó thionscal an Aontais.

(409)

I gcás an tríú táirgeoir neamhshampláilte, mheas an Coimisiún, ó ba rud é go raibh baint aige le táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach (arna rialú ag an eintiteas céanna) agus go raibh méideanna suntasacha allmhairí ag teacht ón tSín gurbh iomchuí a leithéid de tháirgeoir a eisiamh ón sainmhíniú ar thionscal an Aontais, d'ainneoin na táirgeachta suntasaí ón táirgeoir sin atá laistigh den Aontas.

(410)

Mar an gcéanna, i gcás táirgeoir neamh-comhoibríoch san Aontas a dhearbhaigh méid suntasach allmhairí ón tSín, chinn an Coimisiún gurbh amhlaidh, i bhfianaise na bainte le táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach agus mhéideanna suntasacha na n-allmhairí, ba cheart é a eisiamh chomh maith ó thionscal an Aontais.

(411)

Ó nár léirigh an t-imscrúdú go raibh baint ag aon táirgeoir eile leis na táirgeoirí Síneacha ná gur allmhairíodh é ón tSín, níl gá le haon eisiamh breise ón sainmhíniú ar thionscal an Aontais.

(412)

D’áitigh CCCME san aighneacht a chuir sé isteach tar éis na héisteachta go raibh nasc idir roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais le táirgeoirí OFCanna Síneacha agus d’iarr sé ar an gCoimisiún anailís díobhála dheighilte a dhéanamh trí anailísiú ar leithligh a dhéanamh ar an sruth allmhairí sin.

(413)

Sna barúlacha a thug sé maidir leis an nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh CCCME an maíomh sin maidir le leithscaradh agus measúnú ar leith a dhéanamh ar allmhairí. Mheas CCCME freisin gur cheart don Choimisiún méid agus céatadán allmhairí táirgeoirí an Aontais ó tháirgeoirí Síneacha gaolmhara agus neamhghaolmhara a nochtadh le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(414)

Mar a leagtar amach thuas, chuir an Coimisiún na naisc idir táirgeoirí de chuid an Aontais agus cuideachtaí Síneacha san áireamh go hiomchuí ina anailís, trí tháirgeoirí a eisiamh a fuair méideanna suntasacha allmhairí ón tSín agus chuir sé san áireamh freisin ar a gcaidreamh le hallmhaireoirí Síneacha. D’allmhairigh táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais cainníochtaí imeallacha den táirge lena mbaineann (níos lú ná 1 dá dtáirgeadh) ó chuideachtaí gaolmhara sa tSín. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

(415)

Chuir Connect Com liosta isteach de tháirgeoirí cáblaí snáthoptaice de chuid an Aontais nár cuireadh san áireamh sa ghearán. Thug an Coimisiún dá aire nár chomhoibrigh na cuideachtaí sin leis an imscrúdú agus gur cuireadh meastacháin le haghaidh táirgeoirí neamh-chomhoibríocha de chuid an Aontais ar fáil ar bhonn faisnéis mhargaidh iontaofa (140).

4.3.   Margadh ábhartha an Aontais a chinneadh

(416)

Chun a shuí an ndearnadh nó nach ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais, agus chun an tomhaltas agus na táscairí eacnamaíocha éagsúla i ndáil le staid thionscal an Aontais a chinneadh, scrúdaigh an Coimisiún an cheist ar ghá, agus an méid ba ghá, an úsáid a bhainfí dá éis sin as táirgeacht thionscal an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil a chur san áireamh san anailís.

4.4.   Úsáid faoi chuing

(417)

Rinne an Coimisiún amach go raibh idir 5 agus 4 de tháirgeacht iomlán tháirgeoirí an Aontais dírithe ar úsáid faoi chuing le linn na tréimhse a measadh. Sa chás sin seachadadh na cáblaí laistigh d’aon chuideachta nó de ghrúpaí cuideachtaí le haghaidh próiseáil iartheachtach bhreise, go háirithe i gcás táirgeadh cáblaí a bhí feistithe le nascóirí.

(418)

Tá an t-idirdhealú idir margadh faoi chuing agus margadh saor ábhartha i leith na hanailíse díobhála mar go bhfuil táirgí a bhfuil sé beartaithe úsáid faoi chuig a bhaint astu cosanta ar iomaíocht dhíreach ó allmhairí. Os a choinne sin, tá an táirgeadh atá dírithe ar dhíol ar an margadh saor in iomaíocht go díreach le hallmhairí an táirge lena mbaineann.

(419)

Chun léargas chomh hiomlán agus ab fhéidir a thabhairt ar thionscal an Aontais, fuair an Coimisiún sonraí le haghaidh na gníomhaíochta snáthoptaice iomláine agus rinne sé amach cé acu ar úsáid faoi chuing nó ar an margadh saor a bhí an táirgeadh dírithe.

(420)

Scrúdaigh an Coimisiún táscairí eacnamaíocha áirithe a bhaineann le tionscal an Aontais ar bhonn sonraí le haghaidh an mhargaidh shaoir. Is iad na táscairí sin: méid agus praghsanna díola ar mhargadh an Aontais; an sciar den mhargadh; an fás; méid agus praghsanna na n-onnmhairí; an bhrabúsacht; an toradh ar an infheistíocht; an sreabhadh airgid. I gcás inarbh fhéidir agus ina raibh údar leis, cuireadh torthaí an scrúdaithe i gcomparáid leis na sonraí le haghaidh an mhargaidh faoi chuing chun léargas iomlán a thabhairt ar staid thionscal an Aontais.

(421)

Mar sin féin, ní fhéadfaí scrúdú fóinteach a dhéanamh ar tháscairí eacnamaíocha eile ach amháin trí thagairt a dhéanamh don ghníomhaíocht iomlán, lena n-áirítear úsáid faoi chuing thionscal an Aontais (141). Is iad sin: an táirgeacht; an acmhainneacht, an úsáid acmhainneachta; an infheistíochtaí; na stoic; an fhostaíocht; an táirgiúlacht; na tuarastail; agus an cumas caipiteal a chruinniú.

(422)

Sna barúlacha uaidh maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh CCCME nár cheart neamhaird a thabhairt ar an margadh faoi chuing agus anailís á déanamh ar sheasamh foriomlán an mhargaidh i dtionscal an Aontais.

(423)

I ndáil leis sin, faoi mar a thuairiscítear thíos, níor thug an Coimisiún neamhaird ar an margadh faoi chuing, ach shainaithin sé é agus rinne sé measúnú ar an éabhlóid a bhí ag teacht air le himeacht ama. Thug sin léargas iomlán ar staid thionscal an Aontais. Cuireann méid beag agus laghdaitheach an mhargaidh sin in iúl go láidir nach bhfuil aon tionchar fóinteach aige ar staid thionscal an Aontais. Meabhraíonn an Coimisiún freisin nach cáblaí le nascóirí an táirge atá i gceist.

4.5.   Tomhaltas an Aontais

(424)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn na sonraí i ndáil le díolacháin de réir mar a rinne an gearánach amach móide sonraí allmhairiúcháin arna dhéanamh amach i gcomhréir leis an modh a thuairiscítear in aithrisí (427) - (432).

(425)

Tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais mar seo a leanas:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (cábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe (IP)

Tomhaltas iomlán de mhargadh saor an Aontais

1 276 902

1 537 999

1 655 737

1 760 092

Innéacs

100

120

130

138

Margadh faoi chuing

61 505

59 802

62 710

54 205

Innéacs

100

97

102

88

Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha, údaráis chustaim an Aontais Eorpaigh, Eurostat, gearánaigh

(426)

Tháinig méadú 38 ar thomhaltas margaidh shaoir san Aontas le linn na tréimhse a measadh. Go deimhin, agus é nasctha leis an leathnú mór digiteach san Aontas, is margadh é seo a bhfuil fás mór faoi agus a bhfuiltear ag súil leis go leanfaidh sé ar aghaidh faoi luas mór (142). Lean an tomhaltas de bheith ag fás go dtí an tréimhse imscrúdaithe, cé go raibh forluí idir an dara cuid den tréimhse sin (i.e. an chéad leath de 2020) agus míonna tosaigh an chur isteach a bhain le paindéim COVID-19. Léiríonn torthaí an imscrúdaithe nach raibh tionchar mór ag an bpaindéim a thosaigh i míonna deiridh na tréimhse imscrúdaithe agus, cé gur mhoilligh na bearta coisctheacha an fás, níor choisc sé tomhaltas an táirge a bhí faoi imscrúdú ar bheith ag méadú san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe ina hiomláine. Sa mhargadh faoi chuing úsáidtear cáblaí snáthoptaice i réitigh nascachta a thairgeann na cuideachtaí, lena n-áirítear snáth a bhfuil nascóirí feistithe de; a mhéideanna, atá an-teoranta i dtaca leis an margadh ina iomláine, tháinig laghdú 12 orthu le linn na tréimhse a measadh.

4.6.   Allmhairí ón tír lena mbaineann

4.6.1.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann

(427)

Rinneadh amach méid na n-allmhairí ón tSín ar bhonn na faisnéise a chuir táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha ar fáil go díreach de bhun aithris (47). Bhí sin thar a bheith ionadaíoch, mar gur 89 d’iomlán na n-allmhairí a dhearbhaigh táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha sa chleachtadh samplála i dtús an imscrúdaithe é an méid allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe. Rinneadh amach ar an gcaoi sin go raibh iomlán na n-allmhairí 11 níos mó ná na cainníochtaí a dearbhaíodh de bhun aithris (47).

(428)

Rinneadh amach méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ar bhonn an chleachtaidh mhionsonraithe a luaitear in aithris (48), aithris ina sainaithníodh allmhairí an táirge lena mbaineann ina kg, agus figiúr a comhshódh ina cábla-km leis na fachtóirí comhshó a dhearbhaigh onnmhaireoirí Síneacha sna freagraí uatha ar an iarraidh bhreise ar fhaisnéis a luaitear in aithris (47).

(429)

Rinneadh amach sciar margaidh na n-allmhairí ar bhonn mhéid na n-allmhairí ón tír lena mbaineann i gcomparáid le méid iomlán thomhaltas an Aontais mar a léirítear i dTábla 2.

(430)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 3

An méid allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe (IP)

An méid allmhairí ón tír lena mbaineann (cábla-km)

189 479

354 167

434 754

498 335

Innéacs

100

187

229

263

An sciar den mhargadh ()

14,8  %

23,0  %

26,3  %

28,3  %

Innéacs

100

155

177

191

Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha, Eurostat, údaráis chustaim an Aontais

(431)

Ar chúlra acmhainneacht iomarcach shuntasach i gcás na Síneach (a meastar go bhfuil sí níos mó ná dhá uair níos mó ná margadh iomlán an Aontais, ar bhonn faisnéis mhargaidh speisialaithe a chuir na gearánaigh ar fáil (143)), mhéadaigh ar allmhairí ón tír lena mbaineann ó tuairim agus 190 000 cábla-km go tuairim agus 500 000 cábla-km le linn na tréimhse a measadh, méadú mór dhá uair go leith. Tá an méadú 163 sin ceithre uair níos mó ná an méadú ar an tomhaltas, rud a léiríonn a dhoimhne agus a láidre a bhí dul i bhfód na dtáirgí Síneacha sa mhargadh sin.

(432)

Mhéadaigh sciar margaidh na n-allmhairí sin ó 14 go 28 le linn na tréimhse a measadh, méadú ollmhór eile (91 ). Ba cheart a lua gur tháinig méadú ar mhéideanna na n-allmhairí Síneacha gach bliain le linn na tréimhse a measadh, rud a léiríonn a thapa agus a mhéad a bhí an dul i bhfód ar an margadh.

(433)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh CCCME go raibh maolaisnéis ann i leith sciar margaidh thionscal an Aontais agus go raibh sciar an mhargaidh d’allmhairí na Síne boilscithe. Maidir leis sin, mhaígh CCCME thairis sin gur cheart go mbeadh sonraí an mhargaidh bunaithe ar chiliméadair shnáithíneacha seachas ar chiliméadair chábla a mbeadh sciar margaidh níos ísle d’allmhairí Síneacha mar thoradh orthu.

(434)

Maidir leis sin, mheabhraigh an Coimisiún gur léiríodh san imscrúdú gurb é ciliméadar cábla an t-aonad tomhais is oiriúnaí don táirge lena mbaineann mar a mhínítear in aithris (402) go (404). Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

4.6.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, sladghearradh praghsanna agus ísliú praghsanna

(435)

Rinne an Coimisiún amach praghsanna na n-allmhairí ar bhonn na bhfreagraí ar an iarraidh ar fhaisnéis bhreise ó na honnmhaireoirí comhoibritheacha a luaitear in aithris (47).

(436)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mheánphraghas allmhairí ón tír lena mbaineann:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/cábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe (IP)

An tSín

452,9

401,9

468,5

349,1

Innéacs

100

89

103

77

Foinse: Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibritheacha

(437)

Laghdaigh praghsanna allmhairí ón tSín ó 452 go 349 EUR/cábla-km le linn na tréimhse a measadh, ísliú 23 . Ba cheart an fhorbairt sin a mheas i bhfianaise an mhéadaithe ar dhéine iomaíochais táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha, méadú atá nasctha leis an acmhainneacht iomarcach sa tír sin (féach aithris (431)). Ba cheart an táscaire sin a mheas ar chúlra na n-éagsúlachtaí suntasacha sna praghsanna i gcás fad áirithe idir cineálacha táirge éagsúla maille le difríochtaí mór sa mheascán táirgí ó bhliain go bliain. Tháinig an éagsúlacht táirgí ó athraitheacht, agus, dá bhrí sin, praghas na gcineálacha cábla a díoladh, agus, chomh maith leis sin, ón bhfíoras nár tairgeadh ná nár díoladh gach cineál táirge gach bliain.

(438)

Chun na héagsúlachtaí a sheachaint i meascán na dtáirgí ar cuid dhíreach í den tsraith praghsanna le linn na tréimhse lena mbaineann, agus chun sonraí a fháil a bheadh níos cruinne agus níos ionadaíche, d’anailísigh an Coimisiún freisin an fhaisnéis chuimsitheach ó onnmhaireoirí Síneacha sampláilte agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar bhonn grúpaí níos comhiomlánaithe de tháirgí ar féidir iad a chur i gcomparáid le chéile go díreach. As sin tháinig sainaithint 35 ghrúpa chomhionanna (grúpaí comhfhreagracha) a dhíolann idir onnmhaireoirí Síneacha agus tionscal an Aontais, a díoladh i ngach ceann de na blianta a scrúdaíodh. Is ionann sin agus a rá go bhfuair an Coimisiún amshraith iomlán agus praghas in aghaidh an chineáil táirge le haghaidh gach bliana le linn na tréimhse a measadh. Is féidir na praghsanna sin a fheiceáil mar phraghas ionadaíoch d’onnmhairí foriomlána Síneacha thar an tréimhse, a chlúdaíonn 62 d’onnmhairí ag cuideachtaí samplála le linn an IP. An tsraith ama ionadaíoch ba thoradh air sin, is mar a leanas a tháinig forbairt air, rud a bhí bunaithe ar bhonn comhiomlánaithe ualaithe:

Tábla 4-bis

Allmhairí Síneacha (EUR in aghaidh an chábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánphraghas

854

720

593

320

Innéacs

100

84

69

38

Ionadaíochas

94

35

59

62

(439)

Léiríonn sin ísliú suntasach leanúnach ar phraghas onnmhairí Síneacha. Is ionann sin agus a rá, nuair a chuirtear na cineálacha táirge céanna i gcomparáid le chéile ar bhonn bliain go bliain, léirítear ísliú praghsanna soiléir inaitheanta ar phraghas allmhairí Síneacha gach bliain, agus go bhfuil na praghsanna sin i bhfad faoi bhun phraghsanna na dtáirgeoirí de chuid an Aontais le linn na tréimhse 2018-tréimhse imscrúdaithe (Tábla 8-bis).

(440)

Ar an gcúlra sin, rinne an Coimisiún amach an sladghearradh praghsanna le linn na tréimhse imscrúdaithe tríd an méid seo a leanas a chur i gcomparáid le chéile:

na meánphraghsanna díola ualaithe in aghaidh chineál táirge na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, praghsanna a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha; agus

na meánphraghsanna ualaithe comhfhreagracha in aghaidh an chineáil táirge a d’allmhairigh na táirgeoirí sampláilte Síneacha chuig an gcéad chustaiméir ar mhargadh an Aontais, arna mbunú ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CIF).

(441)

Nuair a dhéantar an praghas onnmhairiúcháin a choigeartú de bhun Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán maidir le ríomh na dumpála, chun an corrlach sladghearrtha agus díobhála in aithris (444) a ríomh, rinneadh an praghas onnmhairiúcháin (‘costas, árachas agus last-táille (CIF) arna thógáil’) a ríomh ar bhonn an luacha sonraisc don chéad chustaiméir neamhspleách, ónar baineadh liúntais allmhairithe chuig an bpointe costais, árachais agus last-táille (CIF), chomh maith leis an SG&A agus brabús an allmhaireora lena mbaineann, agus Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán á chur i bhfeidhm ina analach.

(442)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, luaigh grúpa ZTT gur ríomhadh na costais iar-allmhairithe mar chéatadán den luach costais, árachais agus last-táille (CIF) agus mhol sé don Choimisiún iad a ríomh mar pro rata in aghaidh mhéid na n-onnmhairí a bheith comhsheasmhach leis na coigeartuithe céanna a rinneadh ar an bpraghas onnmhairiúcháin sa ríomh dumpála. Maíodh go raibh na costais sin níos ábhartha don mhéid ná do luach na n-idirbheart onnmhairiúcháin.

(443)

Fuarthas go raibh údar leis an éileamh sin agus glacadh leis dá bhrí sin.

(444)

Rinneadh an chomparáid praghsanna de réir an chineáil i leith idirbhearta ar aon leibhéal amháin trádála, arna gcoigeartú go cuí i gcás inar gá. Sloinneadh toradh na comparáide ina chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha ualaithe i leith dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte, eadhon 30 agus 33 , nó corrlach sladghearrtha foriomlán 31 . De réir na tuairisce in aithris (502), dheimhnigh an anailís ar thairiscintí go ndearnadh sladghearradh praghsanna ar leibhéal na dtairiscintí.

(445)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh grúpa ZTT freisin nár thug an Coimisiún aon mhíniú ar na grúpaí uimhreacha rialaithe an táirge comhiomlánaithe a bhí treallach dá bhrí sin. Maíonn CCCME go dtugann úsáid na ngrúpaí sin le tuiscint go bhfuil fadhb ann praghsanna thionscal an Aontais agus na Síne a mheaitseáil agus a chur i gcomparáid le chéile.

(446)

Bhí dhá chúis ann gur easaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin. Ar an gcéad dul síos, níor úsáideadh na grúpaí sin chun sladghearradh agus gearrdhíol a ríomh. Ar an dara dul síos, baineadh úsáid astu go díreach chun a áirithiú nach raibh éifeacht ag athruithe suntasacha ar threochtaí praghsanna le himeacht ama ar an meascán táirgí thar an tréimhse, rud a chuir feabhas ar chruinneas na hinchomparáideachta thar thréimhse ama, bunaithe ar ghrúpaí a bhí ionadaíoch don táirge atá i gceist mar a míníodh thuas. Ó tharla nach raibh aon fhianaise ann a léireodh gur follas an ghrúpáil seo a bheith mí-iomchuí, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh seo.

(447)

D’áitigh an grúpa FTT freisin nár bhunaigh an Coimisiún sladghearradh praghsanna i gcás tuairim is 30 dá onnmhairí chuig an Aontas mar gheall nach raibh aon mheaitseáil ann leis na PCNanna a dhíolann tionscal an Aontais. Mheas an grúpa FTT nach raibh cead ag an gCoimisiún an anailís a theorannú go dtí na cineálacha táirgí nó na deighleoga margaidh sin amháin a raibh díolacháin iarbhír ag tionscal an Aontais ina leith. A mhéid a bhaineann leis sin, thagair sé do Changshu City Standard Parts Factory agus Ningbo Jinding Fastener Co. Ltd. v Comhairle an Aontais Eorpaigh (144) áit ar dúradh gur cheart an corrlach dumpála a ríomh i gcás na n-earraí ar fad a allmharaítear san Aontas isteach, agus ba den argóint a rinne grúpa FTT fós gur cheart feidhm a bheith ag an gceanglas seo ina analach leis an sladghearradh chomh maith.

(448)

Bhí easaontas idir an Coimisiún agus an chiall a bhain grúpa FTT as breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás Changshu City Níl feidhm ag an gceanglas gach onnmhairiú a mheas ach amháin maidir le ríomh an chorrlaigh dumpála. Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire gurb ionann na samhlacha arna n-onnmhairiú chuig an Aontas ó na tíortha lena mbaineann agus iad ag sladghearradh agus ag gearrdhíol na gcorrlach agus an tagairt do chomparáid. Is é is dual don chomparáid idir díolachán onnmhairiúchán na dtáirgeoirí onnmhairithe agus díolachán thionscal an Aontais nach gá gurb é tionscal an Aontais a dhíolfadh gach samhail dá n-onnmhairítear. Sa chás reatha, b’ionann an ráta meaitseála agus thart ar 70 do na táirgeoirí onnmhairíochta Síneacha a sampláladh, agus mheas an Coimisiún gur leor an ráta sin chun comparáid leathan agus cothrom a áirithiú idir na samhlacha a onnmhairíodh agus na samhlacha a dhíolann tionscal an Aontais. Ar an tríú dul síos, ní éilíonn an bun-Rialachán ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar phraghsanna do gach cineál táirge ar leithligh. Ina ionad sin, is ionann an ceanglas dlíthiúil agus cinneadh ar leibhéal an táirge chomhchosúil. Ar deireadh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh gach PCN mar chuid den táirge lena mbaineann agus go raibh siad in iomaíocht lena chéile, go pointe áirithe ar a laghad. Dá bhrí sin, ní catagóir ar leith den táirge lena mbaineann céatadán na dtáirgeoirí onnmhairithe samplála nach ndíolann an tionscal de chuid an Aontais ach atá in iomaíocht ina n-iomláine leis na gráid eile ar thángthas ar mheaitseáil ina leith.

(449)

Tá sin ag teacht leis na praghsanna a sainaithnítear in aithris (437) agus aithris (438) thuas.

4.7.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.7.1.   Nótaí ginearálta

(450)

I gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Bhunrialachán, bhí meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha uile a bhí ábhartha i leith staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh ina cuid den scrúdú ar thionchar na n-allmhairí dumpáilte ar thionscal an Aontais.

(451)

Fuair an Coimisiún roinnt tuairimí faoi dhíobháil ó pháirtithe. Mhaígh Rialtas na Síne nach ndearna allmhairí ón tSín díobháil agus nár chruthaigh siad bagairt díobhála, mar gur léirigh na táscairí go raibh staid mhaith ar thionscal an Aontais agus go raibh ceannasacht ag tionscadal an Aontais fós de bharr a sciar margaidh. Luaigh Connect Com go raibh an t-ísliú ar sciar margaidh an Aontais an-bheag agus gur tharla sé i gcomhthéacs na féidearthachta go mbeadh margadh olagaplach ann.

(452)

D’áitigh Connect Com gur beag an díobháil a rinneadh, má rinneadh aon díobháil, má rinneadh brabúis suas go híoschorrlach brabúis 5 agus mheabhraigh sé ina leith sin Cinneadh an 23 Nollaig 1988 ón gCoimisiún lenar cuireadh deireadh leis na himeachtaí frithdhumpála i leith allmhairiú radateileafón soghluaiste ceallach áirithe de thionscnamh Cheanada, Hong Cong agus na Seapáine (145), agus breithiúnas an 17 Nollaig 1997, EFMA v an Chomhairle (146). Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú gur measadh an corrlach brabúis sa Chinneadh faoi radateileafóin i bhfianaise táscairí eile a bhí ag dul i bhfeabhas agus gur bhain an cás Cúirte luadh le maíomh a dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, an maíomh gur cheart an spriocbhrabús a rinne an Coimisiún amach le linn an imscrúdaithe a bheith níos airde. Dá bhrí sin, níl na fasaigh sin ag teacht leis an tuairim gur beag an díobháil a dhéanfaí dá mbeadh corrlaigh brabúis os cionn 5 . Déantar amach an díobháil le measúnú ar na fachtóirí uile a luaitear in Airteagal 3(5) den Bhunrialachán, arna n-anailísiú i gcomhthéacs an mhargaidh shonraigh agus an tionscail shonraigh lena mbaineann. Ar a bharr sin, bhí an brabús a bhain an tionscal amach faoi bhun an spriocbhrabúis arna dhéanamh amach agus na gnéithe uile a bhaineann leis an tionscal lena mbaineann a chur san áireamh, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 7(2c) den Bhunrialachán.

(453)

Maidir le déanamh amach na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagra ar an gceistneoir a chuir an gearánach isteach inar cumhdaíodh sonraí a bhaineann leis táirgeoirí uile an Aontais.. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn sonraí sna freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(454)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: an táirgeacht, an acmhainneacht táirgeachta, an úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, an sciar den mhargadh, an fás, an fhostaíocht, an táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil roimhe sin.

(455)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: na meánphraghsanna aonaid, an costas aonaid, na costais saothair, na fardail, an bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, na hinfheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus cumas chun caipiteal a chruinniú.

4.8.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.8.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(456)

Tháinig forbairt ar tháirgeacht iomlán, acmhainneacht táirgeachta iomlán agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse mar seo a leanas:

Tábla 5

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid táirgeachta (ciliméadar cábla)

1 062 482

1 195 017

1 250 881

1 229 252

Innéacs

100

112

118

116

An acmhainneacht táirgeachta (cábla-km)

1 585 738

1 748 667

2 019 526

2 084 082

Innéacs

100

110

127

131

Úsáid acmhainneachta ()

67

68

62

59

Innéacs

100

102

92

88

(457)

Le linn na tréimhse a measadh tháinig méadú 16 ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais. Léiríonn anailís mhionsonraithe gur tháinig méadú 18 ar tháirgeacht an Aontais ó 2017 go 2019, ach tháinig laghdú beag 2 ar tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(458)

Is é an méadú ar an éileamh a thuairiscítear i dTábla 2 is cúis leis an méadú foriomlán le linn na tréimhse a measadh. Mar sin féin, méadú 16 ar éirigh le tionscal an Aontais a chur ar a tháirgeacht le linn na tréimhse a measadh, i margadh ar tháinig méadú 38 air. Dá bhrí sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann tairbhe iomlán a bhaint as fás an mhargaidh.

(459)

Le linn na tréimhse a measadh, tháinig méadú 31 ar acmhainneacht táirgeachta an Aontais. Léiríonn sin na hinfheistíochtaí a rinne roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais chun an fás margaidh a leanúint. Chuir an méadú ar dhul i bhfód táirgí Síneacha bac ar an iarracht sin, dul i bhfód a raibh méadú ar an méid a shúigh sé isteach sciartha den mhargadh ó thionscal an Aontais agus é ag brath ar straitéisí praghsála éagóracha.

(460)

Dá bharr sin, tháinig laghdú 12 ar úsáid acmhainneachta gur baineadh amach leibhéal faoi bhun 60 le linn na tréimhse imscrúdaithe: Coisceadh táirgeoirí an Aontais ar an táirgeacht a mhéadú i gcomhréir leis an bhfás margaidh.

4.8.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(461)

Is mar seo a leanas a tháinig forbairt ar mhéid díolachán thionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse a measadh:

Tábla 6

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais (cábla-km)

882 772

945 842

1 009 439

995 703

Innéacs

100

107

114

113

Margadh faoi chuing

61 505

59 802

62 710

54 205

Innéacs

100

97

102

88

Margadh faoi chuing mar de dhíolacháin an Aontais

7

6,3  %

6,2  %

5,4  %

Innéacs

100

91

89

78

Díolacháin an mhargaidh shaoir

821 268

886 040

946 729

941 498

Innéacs

100

108

115

115

An sciar den mhargadh ag díolacháin an mhargaidh shaoir

64,3  %

57,6  %

57,2  %

53,5  %

Innéacs

100

90

89

83

Foinse: Tionscal an Aontais

(462)

Le linn na tréimhse a measadh tháinig méadú 13 ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais. Dá ainneoin sin, de bharr an mhéadaithe ar an tomhaltas, laghdaigh ar an sciar den mhargadh sa mhargadh saor le linn na tréimhse lena mbaineann ó 64.3 go 53.5 , ísliú tuilleadh agus 10 bpointe céatadáin (-17 ).

(463)

Tháinig laghdú 15 ar mhéid díolachán an Aontais ar an margadh saor le linn na tréimhse a measadh. Lean díolacháin an Aontais treocht tháirgeacht an Aontais go han-dlúth mar go n-oibríonn an tionscal córas táirgeacht ar ordú.

(464)

Bhí margadh faoi chuing thionscal an Aontais (arna shloinneadh mar chéatadán d’iomlán na ndíolachán san Aontas) ar leibhéil an-íseal ar feadh na tréimhse a measadh, agus bhí treocht íslitheach ann a d’fhág gur laghdaigh ar an gcéatadán ó 7 in 2017 go 5.4 le linn na tréimhse imscrúdaithe. Is beag an tionchar a bhí aige sin de bharr a laghad atá an margadh sin.

4.8.3.   An fás

(465)

De bharr an íslithe ar an sciar den mhargadh ag méideanna díolacháin de chuid an Aontais, ní raibh tionscal an Aontais ina ann tairbhe a bhaint as an bhfás ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse a measadh.

4.8.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(466)

Tháinig forbairt ar an bhfostaíocht agus ar an táirgiúlacht le linn na tréimhse a measadh mar seo a leanas:

Tábla 7

An fhostaíocht agus an táirgiúlacht

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Líon na ndaoine atá fostaithe (FTE)

4 088

4 589

4 815

4 659

Innéacs

100

112

118

114

Táirgiúlacht (cábla-km/FTE)

260

260

260

264

Innéacs

100

100

100

102

Foinse: Tionscal an Aontais

(467)

Tháinig ardú 18 ar fostaíocht thionscal an Aontais ó 2017 go 2019 ar bhonn na coibhéise lánaimseartha. Tháinig ísliú 4 dá éis sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. Leanann an fhorbairt sin an treocht sa mhéid táirgeachta a léirítear i dTábla 4, den chuid is mó.

(468)

Ós rud é go leanann figiúirí i leith táirgeachta agus figiúirí i leith fostaíochta a chéile go dlúth, lean an táirgiúlacht i dtéarmaí cábla-km de bheith cobhsaí den chuid is mó.

4.8.5.   Méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a rinneadh roimhe sin

(469)

Tá gach corrlach dumpála i bhfad níos airde ná an leibhéal de minimis. Ba mhór an tionchar a bhí ag méid na gcorrlach dumpála ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann.

(470)

Is é seo an chéad imscrúdú frithdhumpála maidir leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh aon sonraí ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar thionchair fhéideartha na dumpála a rinneadh roimhe.

4.9.   Táscairí micreacnamaíocha

4.9.1.   Praghsanna agus fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar phraghsanna

(471)

Tháinig forbairt ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas le linn na tréimhse a measadh mar seo a leanas:

Tábla 8

Praghsanna díola san Aontas

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas (EUR/cábla-km)

816

861

944

821

Innéacs

100

105

116

101

Costas aonaid an táirgthe (EUR/cábla-km)

756

785

860

758

Innéacs

100

104

114

100

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(472)

Tháinig méadú 16 ar phraghsanna díola ar mhargadh an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara (an margadh saor) le linn na tréimhse 2017-2019 agus ansin laghdaigh siad le linn na tréimhse imscrúdaithe agus baineadh leibhéal amach gar don leibhéal a taifeadadh in 2017 (+1 ). Mar sin féin, tá leibhéal na bpraghsanna ag brath den chuid sin mó ar chastacht na dtáirgí a dhíoltar, ós rud é gur féidir go mbeidh an praghas éagsúil de réir ghnéithe an chábla (lena n-áirítear líon na snáithíní, líon agus cineál an bhrataithe, etc.).

(473)

Is léir gurb amhlaidh atá nuair a chuirtear éabhlóid na bpraghsanna i gcomparáid le héabhlóid chostas an táirgthe, ós rud é go mbíonn an costas níos airde nuair a bhíonn na cáblaí níos casta.

(474)

Tháinig méadú 14 ar chostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse 2017-2019, i gcomhréir, a bheag nó a mhór, le meánphraghsanna i margadh saor an Aontais (16 ). Dá bharr sin, tháinig laghdú 14 air freisin, i gcomhréir le laghdú na bpraghsanna sa tréimhse chéanna, 2019-tréimhse imscrúdaithe (15 ). Mar a leagtar amach in aithris (540), dheimhnigh an t-imscrúdú gur léirigh costas an phríomh-amhábhair (snáithíní optúla), nuair a ceannaíodh é ó chuideachtaí gaolmhara, an praghas margaidh le haghaidh an inchuir sin.

(475)

Mar a luaitear in aithris (438) thuas, chun na héagsúlachtaí a sheachaint i meascán na dtáirgí ar cuid dhíreach í den tsraith praghsanna le linn na tréimhse lena mbaineann ,d’anailísigh an Coimisiún an fhaisnéis chuimsitheach ó onnmhaireoirí Síneacha sampláilte agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar bhonn grúpaí níos comhiomlánaithe de tháirgí ar féidir iad a chur i gcomparáid le chéile go díreach. As sin tháinig sainaithint 35 ghrúpa chomhionanna (grúpaí comhfhreagracha) a dhíolann idir onnmhaireoirí Síneacha agus tionscal an Aontais, a bhfuil amshraith iomlán lena n-aghaidh i gcomhair gach bliana le linn na tréimhse a measadh.

(476)

Tá siad sin ionadaíoch ar dhíolacháin de chuid thionscal an Aontais le linn na tréimhse sin, agus tuilleadh agus 34 de dhíolacháin na dtáirgí comhfhreagracha sin le linn na tréimhse a measadh san áireamh iontu. Tá an amshraith ionadaíoch a tháinig as sin mar seo a leanas:

Tábla 8-bis

Tionscal an Aontais (EUR in aghaidh an chábla-km)

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánphraghas

817

780

792

719

Innéacs

100

95

97

88

Ionadaíochas

42

38

35

34

(477)

Léiríonn sin ísliú suntasach i bpraghsanna thionscal an Aontais, cosúil leis an ísliú praghsanna a chonacthas i gcás onnmhairí Síneacha a luaitear in aithris (437).

(478)

Ar a bharr sin, ós rud é gur minic a iarrann custaiméirí cineálacha saincheaptha OFC, a saincheapadh dá riachtanais shonracha, agus go sainíonn Ballstáit áirithe ceanglais theicniúla shonracha freisin, gintear pictiúr d’fhorbairtí praghsanna atá níos cruinne fós nuair a dhéantar comparáid idir praghsanna thar am i gcás an aon chustaiméara agus an aon Bhallstáit. Chuir tionscal an Aontais faisnéis mhionsonraithe bhreise faoi sin ar fáil. Is mar seo a leanas a d’fhorbair na treochtaí praghsanna i gcás na dteaglama táirgí grúpa-custaiméir-Ballstát (147):

Tábla 8-ter

Tionscal an Aontais (EUR in aghaidh an chábla-km, innéacs)

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

100

73

56

59

(479)

Léiríonn sin arís ísliú soiléir i bpraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse sin, tar éis íslithe praghsanna na n-allmhairí Síneacha a luaitear in aithrisí (435) go (438).

4.9.2.   Costais saothair

(480)

Tháinig forbairt ar mheánchostais saothair tháirgeoirí sampláilte an Aontais a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar seo a leanas:

Tábla 9

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR/FTE)

39 511

35 826

39 157

38 966

Innéacs

100

91

99

99

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(481)

Lean an meánchostas saothair de bheith réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse 2017-tréimhse imscrúdaithe. Freagraíonn an laghdú beag sa bhliain 2018 don mhéadú 13 ar an líon coibhéise lánaimseartha, agus léiríonn sé costas an lucht saothair breise.

4.9.3.   Fardail

(482)

Tháinig forbairt ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte ón Aontas le linn na tréimhse a measadh mar seo a leanas:

Tábla 10

Fardail

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Stoic dheiridh (cábla-km)

134 925

161 561

161 878

171 058

Innéacs

100

120

120

127

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

12,7  %

13,5  %

12,9  %

13,9  %

Innéacs

100

106

102

110

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(483)

Tháinig laghdú 27 ar stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse a measadh. Cé go léiríonn an méadú ar na stoic láimhdeachas níos moille ar dhíol earraí athfhillteacha áirithe agus gur féidir é a nascadh leis an méadú ar a dheacra atá sé do thionscal an Aontais a chuid táirgí a dhíol de bharr iomaíochas praghsanna dian ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha, is féidir an méadú le linn na tréimhse 2019-tréimhse imscrúdaithe a nascadh le héifeacht shéasúrach chomh maith. Ar aon chaoi, ós rud é go ndéantar an chuid is mó den tairgeadh ar bhonn orduithe agus sonraíochtaí custaiméirí, níl na fardail ina bpríomthascaire díobhála.

4.9.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a ardú

(484)

Tháinig forbairt ar an mbrabúsacht, ar shreabhadh airgid, ar infheistíochtaí agus ar an toradh ar infheistíochtaí de chuid na dtáirgeoirí ón Aontas a rinneadh a shampláil le linn na tréimhse a measadh mar seo a leanas:

Tábla 11

An bhrabúsacht, an sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar infheistíochtaí

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhghaolmhara ( de láimhdeachas na ndíolachán)

8,1

8,4

8,5

7,9

Innéacs

100

104

104

97

An sreabhadh airgid (EUR)

33 254 746

48 644 480

41 707 715

39 805 852

Innéacs

100

146

125

120

Infheistíochtaí (EUR)

60 405 839

67 794 023

82 761 718

59 886 812

Innéacs

100

112

137

99

Toradh ar infheistíochtaí ()

34

36

24

20

Innéacs

100

105

70

58

Foinse: Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(485)

Rinne an Coimisiún amach brabúsacht tháirgeoirí sampláilte an Aontais trí ghlanbhrabús réamhchánach dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhghaolmhara san Aontas shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin.

(486)

Bhí brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte dearfach ach ní b’ísle ná an ghnáthbhrabúsacht ar feadh na tréimhse a measadh agus d’ísligh sé ó 8 in 2017 go 7 le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(487)

Ina bharúlacha ar an nochtadh deiridh, mhaígh grúpa ZTT, trí anailís innealtóireachta droim ar ais, go ndearna tionscal an Aontais brabús an-ard trí róphraghsáil i margadh an Aontais a chaith amhras tromchúiseach faoi stádas díobhálach thionscal an Aontais agus gur mar gheall ar phraghsáil mhíréasúnta ar thionscal an Aontais seachas ar na hallmhairí ar phraghas íseal ón tSín ba chúis le sladghearradh na bpraghsanna.

(488)

Easaontaíonn an Coimisiún leis an maíomh sin. An anailís innealtóireachta droim ar ais, is rud páirteach a bhí ann, agus ní raibh sí bunaithe ar mheasúnú iomlán ar chostais agus ar phraghsanna. D’fhíoraigh an Coimisiún na corrlaigh bhrabúis ar bhonn anailís chuimsitheach den sórt sin, agus chinn sé gurbh é an cur síos céanna a bhí orthu. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(489)

Mhaígh na gearánaigh go dteastódh corrlach brabúis 15 de bharr an ghá atá le hinfheistíochtaí agus taighde san earnáil. Léirigh an t-imscrúdú gur ghá leibhéil sin na n-infheistíochtaí atá pleanáilte cheana agus a bheadh déanta cheana dá mbeadh na gnáthdhálaí ann chun coinneáil bord ar bhord le forbairtí margaidh, gur ghá iad a bheith cothaithe ag brabúis 13 ar an meán ar bhonn na tréimhse a measadh. Chumhdaigh na hinfheistíochtaí sin na saincheisteanna seo a leanas: costais athfheistiúcháin agus chothabhála chun a áirithiú go mbeidh an acmhainneacht reatha éifeachtúil tríd an acmhainneacht a oiriúnú don mheascán táirgí atá ag athrú; leathnú acmhainneachta; taighde agus forbairt speansais (nuálaíocht i leith táirgí agus próiseas).

(490)

Is éard a thuig an Coimisiún go raibh an t-ord méide réamhráite i gcomhréir le brabúis stairiúla a rinneadh nuair nach raibh allmhairí dumpáilte Síneacha ann, rud atá, de réir mar is léir an anailís a rinneadh i dTábla 11-bis, i raon 12 .

(491)

Is léiriú é sin nach leor an leibhéal brabúis i raon 8 le linn na tréimhse a measadh chun gníomhaíocht a chothú i margadh ardteicneolaíochta atá ag leathnú—agus ar léiriú é dá bhrí sin go bhfuil díobháil déanta do thionscal an Aontais.

Tábla 11-bis

Brabúsacht thionscal an Aontais roimh 2017

 

2014

2015

2016

Corrlach brabúis (in )

10,4  %

12,6  %

12,4  %

(492)

Mar sin féin, ní fhacthas é sin sa chás reatha seo. Go deimhin, d’ísligh an bhrabúsacht i gcomparáid le 2014-2016. Léiríonn an leibhéal brabús níos ísle ar feadh na tréimhse a measadh go ndearnadh díobháil phraghais mhór ar feadh na tréimhse a measadh. De bharr an bhrú in ísle mar gheall ar allmhairí ón tSín (i dtéarmaí méideanna méadaithe agus praghsanna ísle araon), ní raibh tionscal an Aontas in ann praghsanna a ardú chun gnáthleibhéil brabúis a bhaint amach, chun costais a íosteorannú agus, ar an gcaoi sin, na leibhéil bhrabús a bhaint amach a baineadh amach roimh an gcuid is troime den leathnú—gan trácht ar aon mhéadú.

(493)

Tar éis méadú in 2018, laghdaigh an sreabhadh airgid gar don dara leath den tréimhse a measadh.

(494)

Go díreach de thoradh an bhrú ó earraí allmhairithe, bhí ar thionscal an Aontais infheistíochtaí a chur ar cairde, lena n-áirítear roinnt infheistíochtaí a bhí pleanáilte formheasta cheana. Rinneadh na hinfheistíochtaí sin, a raibh sé d’aidhm acu acmhainneacht táirgeachta an Aontais a leathnú, a stopadh (sa chás féin inar tosaíodh ar an bhfeidhmiú cheana) le linn na tréimhse a measadh agus bhí sin ina thoradh díreach ar an athrú ar na dálaí margaidh arb iad praghsáil dhian na n-allmhairí Síneacha ba chúis leis. Dá dheasca sin d’ísligh na hinfheistíochtaí go mór i ndeireadh na tréimhse a measadh, nach ionann agus treocht na bliana roimhe sin ná fás foriomlán an mhargaidh.

(495)

An toradh ar infheistíochtaí a rinneadh tháinig forbairt dhiúltach air le linn na tréimhse a measadh; is é fírinne an scéil gur tháinig ísliú 42 air. Léiríonn an fhorbairt dhiúltach sin gurb amhlaidh, cé gur leanadh de bheith ag déanamh infheistíochtaí, chun éifeachtúlacht agus iomaíochas a choinneáil ar bun agus a fheabhsú, a d’ísligh torthaí na n-infheistíochtaí sin go mór le linn na tréimhse a measadh mar nárbh fhéidir le tionscal an Aontais an ráta brabúsachta a fheabhsú.

(496)

Agus torthaí infheistíochtaí ag ísliú chomh tapa sin, is léir go mbeidh cumas na n-eintiteas táirgthe shampláilte i leith caipiteal a thiomsú i mbaol amach anseo mura dtiocfaidh feabhas ar an scéal.

4.10.   Anailís ar dhíolacháin ar bhonn tairiscintí

(497)

Déantar formhór mór na gcáblaí snáthoptaice (OFC) a dhíol le nósanna imeachta tairisceana. Chun an léargas riachtanach a fháil ar an ngné thábhachtach sin den mhargadh agus chun an chuid eile dá anailís díobhála a chomhlánú, d’iarr an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe faoi thairiscintí ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte Síneacha agus ar tháirgeoirí, onnmhaireoirí agus úsáideoirí sampláilte de chuid an Aontais. Cuireadh ceisteanna faoi chineál, phróiseas agus amú na hoibre agus faoi saintréithe ábhartha eile, ceisteanna a bhain leis na tairiscintí a raibh deireadh leo agus na tairiscintí a bhí ar bun araon. Ní bhfuair an Coimisiún ach fíorbheagán comhoibriú ó na tairgeoirí. Níor ghlac aon eintiteas tairisceana páirt san imscrúdú agus as measc na n-oibreoirí teileachumarsáide is é Deutsche Telekom amháin a chuir faisnéis mhionsonraithe faoi thairiscintí ar fáil.

(498)

Nuair nár forchuireadh bearta sealadacha, d’iarr an Coimisiún ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais faisnéis mhionsonraithe bhreise faoi na tairiscintí uile inar ghlac siad páirt le linn na tréimhse a measadh lenar áiríodh faisnéis ar thairiscintí, praghsanna agus iomaitheoirí.

(499)

An pictiúr a tháinig as an bhfaisnéis a fuarthas, is mór an ilchineálacht agus an ilroinnt a bhain leis mar gurbh ollmhór an líon tairiscintí a eagraíodh gach bliain i mBallstáit éagsúla, gur mhór an éagsúlacht idir na tairgeoirí, idir na faid ama agus idir na téarmaí a bhí i gceist. Ó thaobh na n-eintiteas tairisceana de, is féidir tairiscintí a bheith poiblí, á n-eagrú ag bardais nó ag eintitis phoiblí eile, nó príobháideach, á n-eagrú ag oibreoirí móra teileachumarsáide nó líonra. Bíonn cuid mhór cineálacha eile tairiscintí, meastachán, ríomhcheantanna ann a bhíonn beag agus is féidir méideanna beaga a fháil freisin trí theagmháil a dhéanamh go díreach le custaiméirí chomh maith. Tá gach próiseas tairisceana an-sonrach ó thaobh an eintitis tairisceana de, agus is féidir go n-úsáidfidh an t-eintiteas sin réimse próiseas de réir na tairisceana sonraí atá i gceist agus de réir forbairtí margaidh. Tá éagsúlacht mhór sna himreoirí a bhíonn ag tairiscint sna tairiscintí chomh maith. Glacann táirgeoirí allmhairiúcháin páirt go díreach (agus trína bhfochuideachtaí freisin) agus go neamhdhíreach trí comhpháirtíocht a dhéanamh le comhpháirtithe áitiúla sna Ballstáit éagsúla. Bíonn onnmhaireoirí, trádálaithe agus dáileoirí in iomaíocht le táirgeoirí an Aontais freisin. Bíonn baint ag suiteálaithe leis an obair freisin agus déanann na soláthróirí ar éirigh leo díolacháin leis na hoibreoirí teileachumarsáide tríd na suiteálaithe sin.

(500)

Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil líon na dtairiscintí a eagraítear san Aontas an-mhór. Thuairiscigh na trí tháirgeoir de chuid an Aontais níos mó ná 500 tairiscint san iomlán inar ghlac siad páirt go díreach le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ceann de na honnmhaireoirí neamhghaolmhara, ghlac sé páirt i 150-200 tairiscint in aghaidh na bliana a bhí dírithe ar mhargadh na Gearmáine amháin.

(501)

Is mór idir an fad a mhaireann na tairiscintí—ó sheachadadh láithreach go trí bliana. Sna tairiscintí is faide, cé go mbíonn comhaontú ann i dtaobh na bpraghsanna, ní bhíonn na méideanna féin socraithe, agus dá bhrí sin d’fhéadfadh go n-eiseodh na heintitis tairisceana tairiscintí breise in ionad na dtairiscintí a bhí ann ach a n-ísleoidh na praghsanna. Dá bhrí sin, cé go dtugtar leis na tairiscintí cineál de ‘uasteorainn’ ghinearálta leis na coinníollacha praghais, is féidir go dtiocfaidh athrú ar phraghsanna, agus tagann, go dinimiciúil ar feadh tréimhse na tairisceana. Mar thoradh air sin, is gnách leo iad féin a chur in oiriúint do dhálaí reatha an mhargaidh agus na dálaí sin a léiriú den chuid is mó.

(502)

Tá anailís déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis mhionsonraithe maidir le tairiscintí a thuairiscigh táirgeoirí samplála an Aontais mar fhreagairt ar a iarraidh. Maidir leis na tairiscintí tuairiscithe inar thíolaic táirgeoirí an Aontais tairiscint le linn na tréimhse a measadh, rinne an Coimisiún anailís ar na tairiscintí sin a raibh fianaise nithiúil ann maidir le rannpháirtíocht na Síne. Bhí 55 thairiscint den sórt sin ann le linn na tréimhse a measadh. Is ionann na tairiscintí a ndearnadh anailís orthu agus 45 de dhíolacháin táirgeoirí san Aontas a sampláladh, agus 14 de thomhaltas iomlán an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. I gcás na dtairiscintí sin, rinneadh anailís ghráinneach ar an díobháil praghais agus mhéid in aghaidh na tairisceana, ina léirítear caillteanais shuntasacha díolacháin (idir 25 agus 100 ), agus/nó ísliú praghsanna (idir 5 agus 55 ), agus/nó sladghearradh faoi phraghsanna (idir 8 agus 39 ). Deimhníodh tuilleadh san anailís a bhaineann go sonrach leis an tairiscint sin an t-ísliú praghsanna agus an sladghearradh a bhí bunaithe cheana féin le linn na tréimhse sin.

(503)

Chuir Connect Com tuairimí isteach maidir le nósanna imeachta tairisceana agus luaigh sé nár chaill táirgeoirí an Aontais a raibh an gearánach ina ionadaí dóibh líon mór tairiscintí i gcoitinne, nár chaill siad ach tairiscint mhór phríobháideach amháin nó roinnt bheag tairiscintí den chineál sin. Táthar ag cur béim ar an bhfíoras gur thagair an gearánach do chuireadh amháin tairiscint a dhéanamh agus d’iompraíocht phraghsála aon táirgeora amháin Síneacha mar fhianaise ar an sladghearradh praghsanna. Chuir Connect Com isteach fógra faoi na conarthaí a deonaíodh i gceantar de chuid na Gearmáine ina raibh praghsanna an tairgeora ar éirigh leis sonraithe go sainráite. D’áitigh sé gur fhág an gearánach sciar iomlán de mhargadh na dtairiscintí poiblí ar lár sa chur i láthair a rinne sé. De réir Connect Com, níor éirigh na tairiscintí sin le táirgeoirí an Aontais a raibh an gearánach ina ionadaí dóibh mar níor chomhlíon siad na critéir a iarradh (e.g. trádstórais, stoc, réimse leathan táirgí, coincheap lóistíochta). Go háirithe, d’aibhsigh Connect Com an fíoras go raibh acmhainneacht stórála íseal ag Prysmian agus Corning. Bhí Connect Com á mhaíomh go mbeadh sé mícheart a dhiúltú go bhfuil deighleog mhargaidh tairiscintí poiblí ann, mar go gcomhfhreagraíonn na praghsanna ar an margadh poiblí agus ar an margadh príobháideach go mór le chéile agus go bhfuil siad spleách ar a chéile. De réir Connect Com, ní bheadh sé ceart dleachtanna frithdhumpála a fhorchur ar mhargadh iomlán, margadh atá deighilte idir tairiscintí poiblí agus tairiscintí príobháideacha. Rinneadh tagairt d’aithris 42 de Chinneadh ón gCoimisiún an 20 Márta 1998 lena gcuirtear deireadh leis an imeacht frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí ocsaíd tungstach agus aigéad tungstach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (98/230/CE) (148). Ar bhonn an chinnidh sin, d’áitigh Connect Com nach bhfuil díobháil fhoriomlán ann do thionscal an Aontais i gcás margaí atá deighilte, más rud é, cé go bhfuil laghdú áirithe ar dhíolacháin i sciar amháin den mhargadh (tairiscintí príobháideacha anseo), go bhfuil deiseanna díolacháin ag tionscal an Aontais i sciar eile den mhargadh (tairiscintí poiblí anseo) a dhéanann cúiteamh as an laghdú ar mhéid na ndíolachán.

(504)

Na hargóintí agus an anailís atá in aithris (502), tá siad ag teacht salach ar na héilimh sin. D’ainneoin iarrachtaí suntasacha a bheith déanta ag tionscal an Aontais iomaíochas praghsanna a choinneáil, ghlac onnmhaireoirí na Síne sciar mór de na margaí ar láimh, agus ní fhéadfadh tionscal an Aontais a cuid tairiscintí a mheaitseáil ó thaobh praghsanna de. Maidir le Cinneadh 1998 ón gCoimisiún maidir le hocsaíd thungstach agus aigéad tungstach a allmhairiú, chinn an Coimisiún sa chás sin gur cheart an laghdú ar sciar an mhargaidh de thionscal an Aontais ar an margadh oscailte a mheas i bhfianaise chlaonadh thionscal an Aontais cion méadaitheach dá tháirgeadh den táirge lena mbaineann a úsáid chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh. Tá an cás fíorasach bunúsach a bhaineann leis an dá sciar éagsúla margaidh sin de thionscal an Aontais (margadh oscailte agus úsáid faoi chuing) difriúil ón staid iomaíochta sa chás sin ina bhfuil laghdú beag tagtha ar mhéid an mhargaidh faoi chuing le linn na tréimhse atá á breithniú agus is cuid an-bheag de tháirgeadh an táirge lena mbaineann é. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin.

(505)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Connect Com nár nocht an Coimisiún eolas faoi líon na dtairiscintí a bhuaigh táirgeoir Síneach, ná an fáth ar bhuaigh sé iad, agus d’athdhearbhaigh sé an argóint nárbh é an praghas an t-aon chritéar cinntitheach ach cúrsaí cáilíochta agus lóistíochta. Chomh maith leis sin, d’iarr Connect Com go nochtfaí torthaí na hanailíse in aithris (502).

(506)

I ndáil leis sin, bhailigh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe faoi thairiscintí le linn na tréimhse a measadh. Rinne an Coimisiún an fhaisnéis seo a fhíorú agus a anailís, faisnéis atá thar a bheith rúnda, faisnéis nach féidir a nochtadh do na páirtithe leasmhara dá réir sin ach an oiread de atá san achoimre atá ar fáil sna haithrisí thuasluaite.

(507)

Tá an anailís ar thairiscintí ag brath ar phróiseas chun táirgí Síneacha a chur in ionad táirgí tionsclaíocha de chuid an Aontais a luathú, próiseas a dhearbhaítear le tairiscintí ag deireadh na tréimhse imscrúdaithe. Léiríodh leis sin creimeadh praghsanna agus tuilleadh caillteanas suntasach toirteanna do thionscal an Aontais atá ar aon dul le pictiúr foriomlán na díobhála.

4.11.   Conclúid faoin díobháil

(508)

Léirigh roinnt táscairí treocht dhearfach amhail táirgeacht, acmhainneacht, méid díolachán ar mhargadh an Aontais agus fostaíocht. Mar sin féin, ní raibh forbairt na dtáscairí ag teacht leis an méadú ar thomhaltas agus, déanta na fírinne, ba cheart méadú níos mó a theacht ar na táscairí sin, dá mbeadh tionscal an Aontais in ann tairbhe iomlán a bhaint as an margadh a bhí ag fás. Go deimhin féin, ainneoin an mhéadaithe ar an méid díolachán, chaill tionscal an Aontais 10.8 den sciar den mhargadh (ó 64 go 53 ). Tá sin nasctha leis an mbrú praghsanna a ghin allmhairí Síneacha, agus le sladghearradh praghsanna agus, i gcás ar bith, le hísliú praghsanna ar feadh na tréimhse a measadh.

(509)

Is é toradh a bhí air sin cheana díobháil airgeadais i bhfoirm brabús níos ísle mar aon le titim in infheistíochtaí agus sa toradh a bhí ar an méid sin.

(510)

Ar a bharr sin, mar a míníodh thuas in aithris (502), tugann an anailís ar dhíolacháin i gcreat na dtairiscintí le fios go bhfuil an sciar den mhargadh agus an creimeadh praghsanna ag dul i luas agus leanfaidh siad de sin de bharr iompraíocht an-dian táirgeoirí Síneacha.

(511)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh CCCME nár léirigh roinnt príomhtháscairí go raibh díobháil á déanamh do thionscal an Aontais toisc gur fhan méid na táirgeachta agus an fhostaíocht cobhsaí, gur mhéadaigh a chumas, d’fhan a phraghsanna díolacháin cobhsaí le laghdú beag agus bhí a bhrabúsacht agus a infheistíochtaí ar leibhéil a bhí ard.

(512)

Faoi mar a luaitear in aithris (508), ní mór measúnú a dhéanamh ar na táscairí sin i gcomparáid le tomhaltas méadaithe ar mhargadh atá ag fás, agus léiríodh san anailís sin nach bhféadfadh tionscal an Aontais tairbhe leordhóthanach a bhaint as margadh atá ag leathnú, rud a léiríonn éifeachtaí diúltacha iarbhír ar fhás tionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(513)

D’áitigh CCCME freisin nárbh fhéidir leis na critéir i leith sciar an mhargaidh amháin a bheith mar bhonn le torthaí na díobhála ábhartha agus, de réir mar a mhéadaigh an t-éileamh, go bhfuair na rannpháirtithe uile sa mhargadh díolacháin, rud a léiríonn margadh oscailte iomaíoch. Thairis sin, is éard a mhaígh Comhlachas Tráchtála na Síne um Allmhairiú agus Onnmhairiú Innealra agus Táirgí Leictreonacha (CCCME) nach é staid thionscal an Aontais an bunús a bheadh le díobháil ábhartha mar ní rud é an díobháil ábhartha a bhí á mheas ag an bhfiosrúchán seo, ná ní rud é a chomhlíonfadh an caighdeán fianaise atá ag teastáil i gcás mar sin.

(514)

I ndáil leis an méid sin, meabhraíonn an Coimisiún nach ar scaireanna sa mhargadh amháin atá an cinneadh maidir le díobháil ábhartha bunaithe, ach ar iomlán roinnt táscairí eacnamaíocha a ndearnadh measúnú orthu in aithrisí (426), (431), (437), (444) agus (490), lena n-áirítear inter alia tionchair dhiúltacha iarbhír ar an bhfás, ísliú na bpraghsanna, gearradh faoi phraghsanna, gearrdhíol praghsanna, agus brabúis bhrúite a léiríonn díobháil ábhartha. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

(515)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den Bhunrialachán.

5.   CÚISÍOCHT

(516)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an cheist arbh fhéidir go ndearnadh díobháil do thionscal an Aontais de dheasca fachtóirí aitheanta eile san am céanna. D’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh aon díobháil fhéideartha arna cruthú ag fachtóirí seachas na hallmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann i leith na n-allmhairí dumpáilte. Seo a leanas na fachtóirí sin: allmhairí ó thríú tíortha, feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais, díolacháin faoi chuing agus praghsanna amhábhar.

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(517)

An meath ar an sciar de mhargadh tionsclaíochta an Aontais le linn na tréimhse a measadh, bhí baint aige go comhuaineach agus go díreach le dul i bhfód go suntasach ar mhargadh an Aontais de dheasca méideanna suntasacha allmhairí ón tSín, a bhaineann go suntasach ó phraghsanna thionscal an Aontais agus, ar aon chuma, a fheidhmigh laghdú suntasach ar phraghsanna ar dhíolacháin an Aontais.

(518)

Tháinig méadú dúbailte ar mhéid na n-allmhairí ón tSín (mar a léirítear i dTábla 3) ó tuairim is 189 000 cábla-km in 2017 go tuairim is 498 000 cábla-km le linn na tréimhse imscrúdaithe, is é sin méadú 163 . Maidir leis an sciar den mhargadh, is méadú ó 14 go 28 a bhí ann le linn na tréimhse céanna, is é sin beagnach a dhá mhó (+91 ). Le linn na tréimhse céanna (mar a léirítear i dTábla 6), níor tháinig ach méadú 14 ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar an margadh saor agus laghdaigh a sciar den mhargadh ó 64 go 53 , laghdú 10.8 pointe céatadán (nó -17 ). Tháinig laghdú measartha ar an díolachán ar an margadh faoi chuing, margadh atá níos lú, (-12 ). Mhéadaigh na hallmhairí dumpáilte i dtéarmaí absalóideacha agus i dtéarmaí coibhneasta araon. Mar a léirítear i dTábla 1, tháinig méadú 38 ar thomhaltas ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse a measadh agus is léir gur i gcás allmhairí ón tSín den chuid is mó a baineadh leas as sin.

(519)

Tháinig laghdú suntasach ar phraghsanna na n-allmhairí dumpáilte le linn na tréimhse a breithníodh, laghdú 62 de réir Tábla 4-bis, mar shampla. Tháinig laghdú iomlán 12 ar phraghsanna díola inchomparáide thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le páirtithe neamhghaolmhara (an saormhargadh) i rith na tréimhse ar bhonn na hanailíse i dTábla 8-bis agus laghdú 41 ar an anailís níos beaichte i dtábla 8-ter. Braitheann leibhéal na bpraghsanna go mór ar chastacht na gcineálacha táirgí a dhíoltar, agus is é comparáid de réir cineáil idir táirgí a tháirgtear agus a allmhairítear go hinmheánach ón tír lena mbaineann (ar bhonn na gcuideachtaí arna sampláil) an uirlis is cruinne chun treochtaí na bpraghsanna a scrúdú. Le linn na tréimhse imscrúdaithe, léirítear leis sin meánchorrlaigh ualaithe sladghearrtha le haghaidh an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin arna sampláil idir 30 agus 33 .

(520)

Thosaigh an iompraíocht dianphraghsála sin ag creimeadh an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais i dtús na tréimhse a measadh, agus le linn na tréimhse imscrúdaithe, leanadh d’infhaighteacht táirgí Síneacha ar an margadh ar phraghsanna an-íseal ar fad (i bhfad faoi bhun costas táirgthe thionscal an Aontais). Inter alia trí na sásraí a tuairiscítear thuas sa roinn maidir le tairiscintí (aithrisí (499) go (502), ghin an méid sin ísliú praghsanna, caillteanais i ndíolacháin, laghdú ar an sciar den mhargadh agus díobháil airgeadais i dtéarmaí brabúsacht íslithe agus infheistíochtaí laghdaithe, rud a chur tionscal an Aontais i mbaol.

(521)

Faoi mar a thuairiscítear in aithris (494) thuas, bhí fianaise ann freisin go ndearnadh infheistíochtaí áirithe atá beartaithe agus tionscadail forbartha thionscal an Aontais a chur ar ceal nó a chur ar fionraí i ngeall ar an méadú ar allmhairí Síneacha a raibh praghas ionsaitheach orthu agus i ngeall ar chaillteanas dá bharr sin i sciar mhargadh an tionscail san Aontas.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

5.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha

(522)

Seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse atá faoi mheas.

Tábla 12

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

An Chóiré

Méid (cábla-km)

20 450

51 339

44 405

45 908

 

Innéacs

100

251

217

224

 

An sciar den mhargadh ()

1,6  %

3,3  %

2,7  %

2,6  %

 

Meánphraghas (EUR/cábla-km)

796

873

1 627

1 073

 

Innéacs

100

110

204

135

An Tuirc

Méid (cábla-km)

26 732

32 932

22 922

37 008

 

Innéacs

100

123

86

138

 

An sciar den mhargadh ()

2,1  %

2,1  %

1,4  %

2,1  %

 

Meánphraghas (EUR/cábla-km)

428

501

776

594

 

Innéacs

100

117

181

139

an Iorua

Méid (cábla-km)

12 143

11 622

22 728

26 471

 

Innéacs

100

96

187

218

 

An sciar den mhargadh ()

1,0

0,8  %

1,4  %

1,5  %

 

Meánphraghas (EUR/cábla-km)

330

271

279

261

 

Innéacs

100

82

85

79

Tríú tíortha eile

Méid (cábla-km)

126 307

114 520

77 787

107 334

 

Innéacs

100

91

62

85

 

An sciar den mhargadh (%)

9,9  %

7,4  %

4,7  %

6,1  %

 

Meánphraghas (EUR/cábla-km)

1 631

1 728

2 447

1 218

 

Innéacs

100

106

150

75

Iomlán na dtríú tíortha seachas an tír lena mbaineann

Méid (cábla-km)

185 633

210 414

167 842

216 721

 

Innéacs

100

113

90

117

 

An sciar den mhargadh ()

14,5  %

13,7  %

10,1  %

12,3  %

 

Meánphraghas (EUR/cábla-km)

1 280

1 247

1 708

964

 

Innéacs

100

97

133

75

Foinse: Sonraí ó Údaráis Chustaim an Aontais Eorpaigh, Comext (Eurostat)

(523)

Tháinig méadú ar allmhairí ón gCoiré le linn na tréimhse a measadh ó 20 000 cábla-km in 2017 go dtí tuairim is 45 000 le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tháinig méadú ó 1 in 2017 go 2 ar na hallmhairí sin le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tá an chosúlacht air go bhfuil praghsanna ón gCoiré i bhfad níos ísle ná praghsanna ó thionscal an Aontais agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin araon. Dá bhrí sin, i bhfianaise na bpraghsanna arda agus na méideanna teoranta, is cosúil nach raibh ról ag allmhairí ón gCóiré sa díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

(524)

I rith na tréimhse 2018-IP, is cosúil gur díoladh allmhairí ón Tuirc ar phraghas íseal, praghas ab airde ná allmhairí na Síne áfach, agus go bhfuil méadú ag teacht air de réir a chéile. An sciar den mhargadh a bhí ag táirgeoirí na Tuirce, go bunúsach ba chobhsaí dó beagán os cionn 2 le linn na tréimhse a measadh. Na treochtaí sin thuas tá siad bunaithe ar staitisticí a bhfuil cuid mhór cineálacha táirgí san áireamh iontu, agus dá bhrí sin ní féidir leis an gCoimisiún tionchar na n-allmhairí sin ar staid thionscal an Aontais a mheas go cruinn. Cé nach féidir a chur as an áireamh go mb’fhéidir go raibh baint ag allmhairí ón Tuirc leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, ó tharla an mhéid atá iontu i gcoibhneas le hallmhairí an táirge atá i gceist, sin agus sciar cobhsaí an mhargaidh i rith na tréimhse, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár laghdaigh siad, fiú más beag an tionchar a bhí acu ar staid an tionscail, an nasc cúisíoch idir táirgí Síneacha dumpáilte agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

(525)

Ar deireadh, tháinig méadú ar allmhairí ón Iorua chomh maith le linn na tréimhse a measadh. Maidir le praghsanna na hIorua, ba íseal dóibh cheana in 2017, agus lean siad orthu ag ísliú (-21 le linn na tréimhse 2017-IP), agus bhí siad ar leibhéal praghsanna i bhfad faoi leibhéal thionscal an Aontais agus leibhéal na n-onnmhaireoirí Síneacha. Tháinig méadú idir 1 go 1 ar an sciar den mhargadh a bhí ag onnmhaireoirí na hIorua le linn na tréimhse céanna. Na treochtaí sin thuas tá siad bunaithe ar staitisticí a bhfuil cuid mhór cineálacha táirgí san áireamh iontu, agus dá bhrí sin ní féidir leis an gCoimisiún tionchar na n-allmhairí sin ar staid thionscal an Aontais a mheas go cruinn. Cé nach féidir a chur as an áireamh go mb’fhéidir go raibh baint ag allmhairí ón Iorua leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais, ó tharla an mhéid atá iontu i gcoibhneas le hallmhairí an táirge atá i gceist, sin agus sciar cobhsaí an mhargaidh i rith na tréimhse, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár laghdaigh siad, fiú más beag an tionchar a bhí acu ar staid an tionscail, an nasc cúisíoch idir táirgí Síneacha dumpáilte agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais.

(526)

Tháinig méadú beag ar allmhairí ó thríú tíortha eile ina théarmaí absalóideacha le linn na tréimhse a measadh, ach chaill siad sciar mór den mhargadh lena linn sin. Bhí na meánphraghsanna ard, agus dá bhrí sin ní cosúil go ndearna siad díobháil ábhartha do thionscal an Aontais.

(527)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Rialtas na Síne nár bhunaigh an Coimisiún tionchar a bheith ag allmhairithe an táirge lena mbaineann ón tSín ar thionscal an Aontais agus d’áitigh sé, go háirithe, go raibh an méadú ar fhardal agus an laghdú ar an ráta úsáide acmhainne mar thoradh ar mhéadú míréasúnta ar chumas thionscal an Aontais a raibh ró-acmhainn mar thoradh air. Rud eile de, mhaígh CCCME nach raibh comhghaol dá laghad ann idir allmhairí ón tSín agus an fhorbairt a bhí ar thionscal an Aontais. Go háirithe, d’áitigh CCCME gur mhéadaigh tionscal an Aontais a bhrabúsacht mar gheall ar an méadú is láidre ar mhéid na n-allmhairí ón tSín idir 2017 agus 2018. Mhaígh CCCME agus Rialtas na Síne freisin gur mhéadaigh táirgeoirí an Aontais a bpraghsanna díolacháin gan sciar an mhargaidh a chailleadh le linn na tréimhse 2018 go 2019 nuair a tháinig méadú ar allmhairí Síneacha gan laghdú a bheith ar na praghsanna.

(528)

I ndáil leis sin, meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil formhór mór an mhargaidh bunaithe ar chonarthaí fadtéarmacha soláthair mar a mhínítear in aithrisí (497) go (507). Thairis sin, bhí brabúsacht thionscal an Aontais níos ísle ná an spriocbhrabús i rith na tréimhse a measadh, rud a léiríonn go raibh díobháil á déanamh le linn na tréimhse sin. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach léiríonn argóintí CCCME agus Rialtas na Síne thuas nach bhfuil aon nasc cúisíoch idir dumpáil agus díobháil. Níl de dheimhniú ann i bhfírinne ach moill a bheith idir an uair a tháinig an méadú ar na táirgí ón tSín atá i gceist agus an uair a tháinig an díobháil chun cinn, rud ab fhéidir a chinntiú mar gheall ar na treochtaí ábhartha.

(529)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh Eku Kabel gur tháinig laghdú ar mhéideanna iompórtála OFC ó 2018 go 2019 agus go bhféadfaí laghdú eile a thaifeadadh do 2020 agus nár cheart aon dleacht a fhorchur mar gheall ar na hallmhairí sin atá ag dul i laghad.

(530)

Léirigh an t-imscrúdú go raibh méadú leanúnach ar líon na n-allmhairí OFC ó Dhaon-Phoblacht na Síne i rith na tréimhse atá faoi mheas. Mar sin féin, i gcás ina dtiocfadh athrú ar chúinsí, féadfar bearta a athbhreithniú de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

(531)

Ar bhonn an mhéid thuas, ní allmhairí ó thíortha seachas an tSín ba chúis leis an meath a chonacthas ar fheidhmíocht thionscal an Aontais, agus i gcás ar bith ní laghdódh siad an nasc cúisíoch idir an meathlú sin agus dul i bhfód allmhairí Síneacha.

5.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(532)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mhéid na n-onnmhairí ó thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh:

Tábla 13

Feidhmíocht onnmhairiúcháin tháirgeoirí an Aontais

 

2017

2018

2019

An tréimhse imscrúdaithe

Méid onnmhairí (cábla-km)

85 676

99 295

95 397

108 672

Innéacs

100

116

111

127

Meánphraghas (EUR/cábla-km)

1 329

1 111

1 282

949

Innéacs

100

84

96

71

Foinse: Tionscal an Aontais

(533)

Bhí méadú 27 ar onnmhairí thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh ó tuairim agus 85 000 cábla-km in 2017 go tuairim is 108 000 cábla-km le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(534)

Tharlú laghdú 29 ar mheánphraghas onnmhairí tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse a measadh ó 1 329 EUR/cábla-km in 2017 go 949 EUR/cábla-km le linn na tréimhse a measadh. Bhí leibhéil na bpraghsanna os cionn na leibhéal san Aontas.

(535)

Ar chúlra an mhéadaithe ar onnmhairí agus leibhéil praghsanna measartha ard, is léir nach ndéanfadh na honnmhairí sin díobháil do thionscal an Aontais.

5.2.3.   Méideanna faoi chuing

(536)

Faoi mar a léiríonn Tábla 5, le linn na tréimhse a measadh bhí méadú 12 ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar an margadh faoi chuing.

(537)

I bhfianaise a laghad atá an margadh (meastar gur lú é ná 5 de tháirgeadh an Aontais le linn an IP), thug an Coimisiún chun cruinnis nach ndearna an méadú ar úsáid faoi chuing aon díobháil ábhartha do thionscal an Aontais.

5.2.4.   Praghas na n-amhábhar

(538)

Is iad na snáithíní optúla an príomh-amhábhar a úsáideann tionscal an Aontais, snáithíní a tháirgtear san Eoraip nó snáithíní allmhairithe. D’áitigh roinnt allmhaireoirí go gceannaíonn táirgeoirí sampláilte an Aontais snáithíní optúla ó na cuideachtaí gaolmhara leo lasmuigh den Aontas ar phraghsanna aistrithe nach bhfuil ag freagairt do phraghas an amhábhair sin ar an margadh. Déanta na fírinne, bhí amhras ar allmhaireoirí go raibh an praghas aistrithe sin ró-ard agus go raibh ráta brabúis níos ísle ann dá bharr i gcás táirgeoirí sampláilte an Aontais.

(539)

Go háirithe, d’ardaigh Connect Com agus Cable 77 ábhair imní faoi phraghsanna aistrithe inmheánacha ar idirbhearta idir cuideachtaí laistigh de na grúpaí Prysmian agus Corning.

(540)

Chun an maíomh sin a imscrúdú, d’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ó tháirgeoirí sampláilte faoina gceannacháin snáithíní optúla a úsáidtear chun cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh le linn na tréimhse a measadh. D’iarr an Coimisiún faisnéis freisin faoi na snáithíní a tháirg cuideachtaí gaolmhara de chuid tháirgeoirí an Aontais agus faoi dhíolacháin na snáithíní sin (méid agus cainníocht) le custaiméirí idir ghaolmhar agus neamhghaolmhar, laistigh den Aontas agus lasmuigh de. Trí dhíolacháin na gcineálacha céanna táirge snáithín le páirtithe idir ghaolmhar agus neamhghaolmhar a chur i gcomparáid le chéile, d’fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh amach go raibh praghsanna san ord céanna méide agus, dá bhrí sin, gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh na díolacháin snáithíní le cuideachtaí gaolmhara. Baineann na sonraí maidir leis an ngníomhaíocht seo go sonrach le cuideachta ar leith agus dá bhrí sin ní féidir é a nochtadh.

(541)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nárbh é tionchar na bpraghsanna aistrithe ba chúis leis an díobháil ábhartha a rinneadh do thionscal an Aontais i leith ráta brabúis tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(542)

Rinne an Coimisiún idirdhealú idir éifeachtaí na bhfachtóirí aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhála na n-allmhairí dumpáilte agus rinne sé iad a scaradh. Níorbh fhéidir míniú a bhaint as na fachtóirí eile ar fad ar fhorbairtí diúltachta thionscal an Aontais ó thaobh chailleadh an sciar den mhargadh de, ísliú praghsanna agus brabúsacht íseal, meath ar an infheistíocht agus ar thoradh na hinfheistíochta.

(543)

De dheasca an drochthionchair ar bhrabúsacht a d’imir allmhairí dumpáilte agus brú praghsanna leanúnach, níorbh fhéidir le tionscal an Aontais na hinfheistíochtaí a dhéanamh ba ghá chun go mairfeadh an tionscal san fhadtéarma. Tacaítear leis sin leis an treocht laghdaitheach a ndéantar cur síos uirthi in aithris (486) agus le cealú na n-infheistíochtaí pleanáilte a pléadh in aithris (494).

(544)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid ag an gcéim seo go ndearna allmhairí dumpáilte ón tír lena mbaineann díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Ní raibh na fachtóirí aitheanta eile, más ina n-aonar e nó i dteannta a chéile, in ann an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha a mhaolú.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

(545)

Chun leibhéal na mbeart a dhéanamh amach, scrúdaigh an Coimisiún ar leor dleacht is lú ná an corrlach dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte.

(546)

Rinne an Coimisiún amach ar dtús an méid dleachta ba ghá chun go gcuirfí deireadh leis an díobháil a bhí á déanamh do thionscal an Aontais in éagmais saobhadh faoi Airteagal 7(2a) den Bhunrialachán. Sa chás sin, chuirfí deireadh leis an díobháil dá mbeadh tionscal an Aontais in ann a chostais táirgthe, lena n-áirítear na costais sin a eascraíonn as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus as prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, costais Choinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia den Bhunrialachán, a chumhdach, agus brabús réasúnach a fháil (‘spriocbhrabús’).

(547)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2c) den Bhunrialachán, chun an spriocbhrabús a dhéanamh amach, chuir an Coimisiún na fachtóirí seo a leanas san áireamh:

leibhéal na brabúsachta roimh mhéadú na n-allmhairí ón tír faoi imscrúdú,

leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána, taighde agus forbairt (T &D) agus nuálaíocht a chumhdach, agus

an leibhéal brabúsachta a mbeifí ag súil leis faoi ghnáthchoinníollacha iomaíochta.

Níor cheart an corrlach brabúis sin a bheith níos lú ná 6 .

(548)

Mhaígh an Gearánach gur theastaigh spriocbhrabús 15 ar a laghad sa tionscal seo, tionscal an-dian ó thaobh an chaipitil de agus a dteastaíonn leibhéil infheistíochta an-ard uaidh go háirithe i bhfianaise na réabhlóide 5G atá ag teacht.

(549)

Scrúdaigh an Coimisiún an maíomh sin, maille le tuairimí a cuireadh isteach agus leis na sonraí a bhí ar fáil sa cháschomhad a bhí ábhartha do cheanglais Airteagal 7(2c) den Bhunrialachán chun an spriocbhrabús a shocrú.

(550)

D’áitigh CCCME go raibh an spriocbhrabús 15 a sainíodh sa ghearán i bhfad rómhór. D’fhreagair an gearánach nár leor an spriocbhrabús sin ach chun na costais a bheadh le forbairt agus le cur chun feidhme chlár oibre digitiúcháin an Aontais agus leis an aistriú 5G a chumhdach. D’fhreagair CCCME nach leor an chúis iad deiseanna infheistíochta amach anseo le dul i muinín corrlach brabúis atá níos airde ná mar atá réalaíoch agus go raibh tionscal an Aontais in ann forbairtí a dhéanamh le haghaidh teicneolaíocht 4G ó bhí 2016 ann, agus corrlaigh bhrabúis ní b’ísle aige.

(551)

Léirítear san imscrúdú go raibh ísliú ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh de bharr na n-allmhairí dumpáilte. Dá bhrí sin, na brabúis a bhí ann le linn na tréimhse seo, measadh nár bhonn oiriúnach iad chun an spriocbhrabús a bhunú. Dá bhrí sin, scrúdaigh an Coimisiún brabúsacht thionscal an Aontais ar bhonn na mbrabús a rinneadh roimh an tréimhse a measadh.

(552)

Le linn 2015 agus 2016, bhí na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais in ann brabúis chomhseasmhacha 12 agus 12 faoi seach a choinneáil ar bun. Seasann na blianta sin le haghaidh na tréimhse díreach roimh an tréimhse a measadh sular tháinig an méadú géar ar mhéideanna móra allmhairí díobhálacha ón tSín in 2017. Dá bhrí sin, measadh go raibh 2016 ar an mbliain is ionadaíche i leith brabúsachta faoi ghnáthdhálaí iomaíochta sa tionscal sin. Ar an mbonn sin, mheas an Coimisiún go léireodh spriocbhrabús 12.4 an leibhéal brabúsachta roimh an méadú ar allmhairí ón tír lena mbaineann, agus an leibhéal brabúsachta ar féidir a bheith ag súil leis faoi ghnáthdhálaí iomaíochta.

(553)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, mhaígh GOC gur bhain an Coimisiún úsáid as spriocráta brabúis ró-ard. Ina theannta sin, chuir CCCME in aghaidh úsáid corrlaigh brabúis 12, agus mhaígh sé go raibh na hallmhairí ón tSín cosúil le chéile in 2016 agus in 2017, agus go raibh brabús sa ghearán don bhliain 2016 idir 5-10 . Dá bhrí sin, mheas CCCME go mbeadh sé ní b’fhearr úsáid a bhaint as 2017 mar bhonn le haghaidh an spriocbhrabúis.

(554)

Is éard atá i gceist leis na figiúirí CCCME méadú níos mó ná 40 idir 2016 agus 2017, rud a léiríonn nach bhfuil na leibhéil allmhairiúcháin mar an gcéanna sa dá bhliain sin. I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh sin ar onnmhairí ón tSín agus méid a bhí chomh suntasach céanna in 2017, bhí tionchar ag na hallmhairí dumpáilte ar na coinníollacha iomaíochta – gan úsáid na bliana sin a áireamh mar thréimhse thagartha le haghaidh brabúsachta. Dheimhnigh an t-imscrúdú gur 12 ba chorrlach brabúis do thionscal an Aontais arna shampláil in 2016 ar bhonn na bhfreagraí a thug na páirtithe sin ar an gceistneoir, rud a d’fhíoraigh an Coimisiún. Dá bhrí sin, diúltaítear do na héilimh ó CCCME agus Rialtas na Síne ina leith seo.

(555)

Mhaígh Rialtas na Síne freisin go raibh an díothú díobhála ag teacht salach ar staid an tionscail.

(556)

Ní raibh bunús leis an éileamh sin agus, dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis ar fhorais fhoirmiúla. I gcás ar bith, go substaintiúil tagann an leibhéal seo go díreach ón anailís ar an bhfaisnéis ó pháirtithe faoi mar a mhínítear thuas, agus dá bhrí sin tá sé go hiomlán comhsheasmhach.

(557)

Is cosúil go bhfuil an leibhéal sin de spriocbhrabús leordhóthanach freisin nuair a dhéantar comparáid idir é agus an brabús atá ag teastáil ón tionscal chun an leibhéal infheistíochta is gá a choinneáil d’fhonn inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú, mar a luaitear in aithris (489).

(558)

I gcomhréir le hAirteagal 7(2d) den Bhunrialachán rinne an Coimisiún measúnú ar na costais a bheidh ann amach anseo a eascróidh as Comhaontuithe Iltaobhacha Comhshaoil, agus prótacail fúthu, ar páirtí iontu an tAontas, agus na Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia, go dtabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2). Níor tuairiscigh tionscal an Aontais go mbeadh aon chostas den chineál sin ann amach anseo.

(559)

Ar an mbonn sin, ríomh an Coimisiún praghas neamhdhíobhálach an táirge chomhchosúil le haghaidh thionscal an Aontais.

(560)

Rinne an Coimisiún amach ansin an leibhéal díchuir díobhála trí chomparáid a dhéanamh idir an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe atá ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha, mar atá déanta amach i leith ríomhanna sladghearrtha praghsanna, agus meánphraghas ualaithe neamhdhíobhalach an táirge chomhchosúil arna dhíol ag táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Ansin sloinneadh aon difríocht a léirigh an chomparáid sin mar chéatadán de mheánluach ualaithe allmhairí costais, árachais agus last-táille (CIF).

(561)

Ina thráchtanna ar an nochtadh deiridh, mhaígh an grúpa FTT nár chóir an SG&A ná brabús a allmhaireoirí gaolmhara san Aontas a asbhaint nuair a bhí sé ag bunú an tsladghearrtha agus an ghearrdhíola. Rinne sí tagairt maidir leis sin do rialuithe na Cúirte Jindal agus Hansol (Cás T-301/16, Jindal Saw Ltd agus Jindal Saw Italia SpA v An Coimisiún Eorpach agus Cás T-383/17, Hansol Paper Co. Ltd v an Coimisiún Eorpach). Ba cheart go mbeadh sé sin amhlaidh go háirithe más rud é go n-áirítear díolacháin dhíreacha ag eintitis táirgthe ar phraghsanna díolacháin i dtionscal an Aontais, ní hamháin ach díolacháin trí eintitis díola ghaolmhara freisin. Rud eile fós, bhí sé á mhaíomh ag grúpa ZTT, maille le tagairt eile do Jindal, nach mór don Choimisiún, le linn dó a bheith ag bunú an tsladghearrtha, gur ar aon leibhéal amháin trádála a dhéantar an chomparáid idir praghsanna onnmhairithe agus praghsanna díolacháin thionscal an Aontais. Dúradh ina theannta sin, fiú má ríomhadh an spriocphraghas maidir le leibhéal an díothaithe díobhála bunaithe ar chostas táirgthe móide spriocbhrabús, ní raibh sé soiléir ar áiríodh nó nár áiríodh an SG&A sa chostas freisin, nó brabús na n-eintiteas trádála a bhaineann le tionscal an Aontais. Maíodh gur baineadh an SG&A agus an brabús ó phraghas onnmhairiúcháin ghrúpa ZTT ar an gcaoi chéanna, go ndéanfar an SG&A agus an brabús a asbhaint ó eintitis trádála tháirgeoirí an Aontais OFC.

(562)

I gcás na n-eilimintí a chuirtear san áireamh chun sladghearradh a ríomh (go háirithe an praghas onnmhairiúcháin), ní mór don Choimisiún an chéad phointe ag a mbíonn (nó ag a bhféadfadh) iomaíocht a bheith ann le táirgeoirí an Aontais i margadh an Aontais a shainaithint. Go deimhin, is é sin an praghas ceannaigh a bheidh ar an gcéad allmhaireoir neamhghaolmhar toisc gurb é rogha na cuideachta sin i bprionsabal teacht ó thionscal an Aontais nó ó sholáthraithe atá thar lear. Sa chás sin, ní féidir an praghas allmhairiúcháin i gcás roinnt de na díolacháin onnmhairiúcháin a ghlacadh ag a n-aghaidhluach toisc go bhfuil an táirgeoir onnmhairiúcháin agus an t-allmhaireoir gaolmhar. Dá bhrí sin, d’fhonn praghas allmhairiúcháin iontaofa a bhunú ar neamhthuilleamaí, ní mór an praghas sin a thógáil trí phraghas athdhíola an allmhaireora ghaolmhair a úsáid don chéad chustaiméir neamhspleách mar thúsphointe. Chun an atógáil sin a chur i gcrích, is rialacha ábhartha iad na rialacha maidir le tógáil an phraghais onnmhairiúcháin mar atá in Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán, agus cuirtear i bhfeidhm iad ar analach, díreach mar atá siad ábhartha maidir leis an bpraghas onnmhairiúcháin a chinneadh chun críocha na dumpála. Le cur i bhfeidhm Airteagal 2(9) den bhun-Rialachán ar analach, ceadaítear teacht ar phraghas atá go hiomlán inchomparáide leis an bpraghas a úsáidtear nuair a dhéantar scrúdú ar dhíolacháin a dhéantar le custaiméirí neamhghaolmhara agus é inchomparáide freisin le praghas díolacháin thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, d'fhonn comparáid chothrom a dhéanamh, agus d'fhonn teacht ar phraghas iontaofa, is gá SG&A agus brabús a asbhaint ón bpraghas athdhíola le custaiméirí neamhghaolmhara a dhéanann an t-allmhaireoir gaolmhar.

(563)

Ní mór asbhaint den sórt sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le ríomh an ghearrdhíola (149). Tá spriocphraghas thionscal an Aontais bunaithe ar an gcostas táirgthe móide an spriocbhrabús, gan a chur san áireamh an ndíoltar ansin é san Aontas le custaiméirí gaolmhara nó le custaiméirí neamhghaolmhara, nach n-áirítear leis an SG&A agus brabús na n-allmhaireoirí gaolmhara san Aontas de réir an tsainmhínithe agus, dá bhrí sin, ní mór é a chur i gcomparáid leis an bpraghas costais, árachais agus last-táille (CIF) (tabhairt i dtír) na n-onnmhairí.

(564)

Faoi mar a luaitear in aithrisí (508), rinneadh laghdú praghsanna ar mhargadh an Aontais a bhunú go soiléir. Ina theannta sin, ní dhearna allmhaireoirí gaolmhara san Aontas ach thart ar 30 de dhíolacháin onnmhairiúcháin iomlána na n-onnmhaireoirí Síneacha a sampláladh, agus dá réir sin is iomchuí comparáid a dhéanamh i gcás na n-allmhairí ar fad ar bhonn phraghas a dtabhartha i dtír ar theorainn an Aontais. Ar deireadh, tugtar faoi deara nach mbainfí an bonn de chinneadh sladghearrtha fiú dá ndéanfaí na ríomhanna a choigeartú do SG&A agus do bhrabús na dtrádálaithe san Aontas.

(565)

Tá an leibhéal i leith deireadh a chur le díobháil le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘na gcuideachtaí eile uile’ sainithe ar aon dóigh leis an gcorrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí sin. Is iad na corrlaigh díobhála seo a leanas a fuarthas, rud a léiríonn gurbh airde dóibh ná na corrlaigh dumpála, agus dá bhrí sin ba cheart comhfhreagairt idir leibhéal na mbeart agus na corrlaigh dumpála:

Cuideachta

Corrlaigh dumpála

Leibhéal díchuir na díobhála

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd.

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd.

44,0  %

61,3  %

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd.

19,7  %

42,0  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

31,2  %

52,7  %

Gach cuideachta eile

44,0  %

61,3  %

7.   LEAS AN AONTAIS

(566)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den Bhunrialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist arbh fhéidir leis teacht ar an gconclúid shoiléir nár le leas an Aontais a bhí sé bearta a ghlacadh sa chás seo, cé go ndearnadh amach go raibh dumpáil dhíobhálach á déanamh. Rinneadh amach leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear tionscal an Aontais, allmhaireoirí, úsáideoirí agus oibreoirí ábhartha eile.

(567)

Cuireadh roinnt tuairimí isteach a bhain le leas an Aontais. Go háirithe, mhaígh rialtas na Síne go spreagann allmhairí ón tSín i bhfírinne forbairt na teicneolaíochta sa tionscal agus go gcothaíonn siad iomaíocht i margadh an Aontais. De réir rialtas na Síne nach ndéanfadh tionscal na gcáblaí snáthoptaice, dá ndéanfaí róchosaint air, ach talamh a chailleadh i gcomparáid le tríú tíortha agus nach aon leas don Aontas é, dá bhrí sin, leanúint d’imscrúdú frithdhumpála san earnáil, imscrúdú arbh fhéidir go ndéanfadh sé dochar don chomhar déthaobhach idir an tSín agus an tAontas i réimse na teicneolaíochta digití.

(568)

Chomh maith leis sin, mhaígh Connect Com go ndéanfadh bearta frithdhumpála dochar don tionscal mar nach bhféadfadh allmhaireoirí ón tSín tairiscintí tarraingteacha a chur isteach ar phróisis tairisceana a thuilleadh. Dá bharr sin, d’ardódh leibhéal na bpraghsanna i bpróisis tairisceana agus bheadh drochthoradh aige sin ar bhuiséid phoiblí.

(569)

Thug CCCME le fios gurbh fhearr a chuideofaí le clár oibre digitiúcháin an Aontais agus leis an aistriú 5G mura gcuirfí srian breise le soláthar cáblaí snáthoptaice ardcháilíochta ón tSín.

(570)

D’áitigh Cable 77 gurbh amhlaidh, ina ionad sin, a d’imreodh forchur dleachtanna frithdhumpála ar cháblaí snáthoptaice tionchar freisin ar thionscail eile agus ba cheart, dá mbeadh dleachtanna le forchur ar cháblaí, iad a fhorchur freisin ar shnáithíní mar go n-úsáideann táirgeoirí an Aontais snáithíní a tháirgtear lasmuigh den Aontas freisin.

(571)

Mar sin féin, de réir mar a mionsonraíodh sna haithrisí seo a leanas, ní bhfuair an Coimisiún aon chúis láidir le teacht ar an gconclúid nach le leas an Aontais é bearta a fhorchur ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh na Síne.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(572)

Tá 29 gcuideachta ag táirgeadh cáblaí snáthoptaice (OFC) san Aontas agus fostaíonn siad tuairim agus 4700 ball foirne. Tá na táirgeoirí scaipthe go forleathan ar fud an Aontais.

(573)

Dá bhforchuirfí bearta, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais seasamh iomaíoch a choinneáil ar bun agus an sciar den mhargadh a bhí caillte a aisghabháil, agus san am céanna chuirfí feabhas ar a mbrabúsacht i dtreo leibhéil inbhuanaithe.

(574)

Mura ndéanfar bearta, is dócha go mbeidh drochthionchar mór aige sin ar thionscal an Aontais ó thaobh ísliú breise praghsanna agus díolacháin níos ísle de agus go mbeidh meathlú breise ann ó thaobh brabúsachta agus infheistíochtaí de, rud a chuirfeadh todhchaí an tionscail sin i mbaol.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara

(575)

Is beag an comhoibriú a fuarthas ón earnáil allmhairiúcháin i gcomparáid leis na hearnálacha eile. Chuir cúig allmhaireoir foirm shamplála isteach faoin sprioc-am. As na cúig allmhaireoir sin, thug cúig allmhaireoir freagra ar an gceistneoir. Tháinig allmhaireoir nua chun tosaigh tar éis thús an imscrúdaithe frith-fhóirdheontais ar cháblaí snáthoptaice ón tSín agus d’iarr cead comhoibriú san imscrúdú reatha chomh maith. Dheonaigh an Coimisiún stádas páirtí leasmhair don allmhaireoir sin le haghaidh an imscrúdaithe reatha ón lá a tháinig sé chun tosaigh amach, agus thoiligh sé an fhaisnéis a cuireadh isteach le haghaidh an imscrúdaithe sin a mheas gan dochar do na céimeanna nós imeachta a bhí imithe i léig cheana.

(576)

Seasann na cúig allmhaireoir chomhoibríocha sin tuairim agus 12 de na hallmhairí Síneacha. Thug dhá allmhaireoir faisnéis iomlán ina bhfreagra ar an gceistneoir, ach bhí trí allmhaireoir eile nach raibh in ann sonraí brabúis cruinne a thabhairt i ndáil leis an táirge faoi imscrúdú le linn na tréimhse imscrúdaithe. Chuir na hallmhaireoirí comhoibríocha uile i gcoinne na mbeart.

(577)

Tá na hallmhaireoirí comhoibríocha suite i gceithre Bhallstát éagsúla agus tá a ngníomhaíocht dírithe ar an mBallstát sin den chuid is mó. Allmhairíonn siad 70 - 90 dá gceannacháin cáblaí snáthoptaice (OFC) ón tSín agus faigheann siad an chuid eile ó tháirgeoirí de chuid an Aontais agus ó tháirgeoirí i dtríú tíortha eile. Chuir siad béim leis an tábhacht atá le foinsí soláthair éagsúla a bheith acu. Níl allmhairí cáblaí snáthoptaice ó thríú tíortha faoi réir dleachtanna custaim san Aontas.

(578)

Tá sé ina chuid thábhachtach de ghníomhaíocht táirgeoirí comhoibríocha tairiscintí a dhéanamh le haghaidh tionscadail níos lú. Lasmuigh de na tairiscintí sin, ofrálann siad tionscadail bhreise (e.g. duchtanna, nascóirí agus caibinéid) agus seirbhísí chasta do chustaiméirí (e.g. dearadh agus suiteáil líonraí). Ar an meán, is as an táirge lena mbaineann a thagann trian dá láimhdeachas iomlán.

(579)

Níor mhaígh aon táirgeoir go mbeadh tionchar mór ag paindéim COVID-19 ar a ngníomhaíocht ghnó. Shonraigh táirgeoir amháin go raibh moilliú áirithe ann i mí an Mhárta 2020 de dheasca na dianghlasála, ach chuir sé béim leis an bhfíoras gur tháinig méadú ar thábhacht na snáithíní i leith na tionscadail tí (‘FTTH’) de bharr na géarchéime sin.

(580)

Measann táirgeoirí go bhfuil an buntáiste iomaíochais atá acu ar tháirgeoirí an Aontais ag brath ar an struchtúr díola agus an lóistíocht atá acu. Déanann siad an t-am is gá chun seachadadh a dhéanamh a ghiorrú trí méid mór stoic a choinneáil ina stóras agus déanann siad iarracht freastal ar riachtanais a gcustaiméirí go tapa solúbtha.

(581)

Mhaígh na táirgeoirí nach féidir leo a gcuid cáblaí snáthoptaice uile a fháil ó thionscal an Aontais mar nach féidir leis an tionscal na cainníochtaí a theastaíonn a sholáthar faoi na sprioc-amanna is gá. Líomhain siad go raibh ganntanas cáblaí snáthoptaice agus ganntanas phríomh-amhábhair na gcáblaí sin ar an margadh sa tréimhse 2017 - 18 nuair nach raibh tionscal an Aontais in ann freastal ar an éileamh uathu agus, dá bhrí sin, go raibh orthu soláthróirí eile a fháil. Nuair atá an tsnáthoptaic agus 5G á leathadh, chuir cuid de na hallmhaireoirí i bhfáth go bhfuil an t-éileamh ar cháblaí snáthoptaice ag méadú, agus súil le méadú arís. D’áitigh siad gurbh fhéidir go dtiocfadh ganntanas nua ar an margadh agus moilliú ar leathnú an líonra snáthoptaice agus 5G de dheasca an mhéadaithe sin ar an éileamh, maille le bearta cosanta trádála is féidir a bheidh ann.

(582)

Dhiúltaigh tionscal an Aontais an maíomh go raibh fadhbanna soláthair ann agus shonraigh sé go raibh acmhainneacht bhreise an-mhór ag tionscal an Aontais. Go deimhin, rinneadh amach san imscrúdú gurbh é 59 úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse a measadh agus gurb é 2 mhilliún snáithín km an acmhainneacht táirgthe cáblaí snáthoptaice, i bhfad os cionn thomhaltas measta cáblaí snáthoptaice sna blianta amach romhainn. Chuir tionscal an Aontas fianaise ar fáil go bhfuil sé d’acmhainn ag táirgeoirí an Aontais tuilleadh cáblaí snáthoptaice a tháirgeadh más gá. Ar a bharr sin, tá foinsí soláthair malartacha le fáil i dtríú tíortha.

(583)

Mhaígh táirgeoirí freisin go bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu lena gcustaiméirí ina bhfuil praghsanna seasta comhaontaithe le haghaidh an téarma iomláin 2 - 4 bliana agus nach bhfuil aon chlásal coigeartaithe praghsanna iontu le haghaidh méaduithe ar a bpraghsanna ceannaigh. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir na costais mhéadaithe a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí. Ar a bharr sin, d’áitigh táirgeoirí nach féidir leo tairiscintí a dhéanamh i bpróisis tairisceana a fhógraítear le linn an imscrúdaithe reatha ó nach bhfuil a fhios acu cén praghas a íocfaidh siad as cáblaí snáthoptaice i gcás ina bhforchuirfear bearta.

(584)

D’áitigh táirgeoirí freisin nárbh fhéidir an fhoinse sholáthair a athrú chuig tríú tíortha eile i gcás conarthaí reatha ós rud é go ndeachaigh na cáblaí trí phróisis formheasta casta, agus, dá bhrí sin, go mbeadh moilleanna tromchúiseacha ann agus deacrachtaí móra sa phróiseas séidthe, próiseas is gá a oiriúnú de réir righneas an chábla nach ionann ó sholáthróir go soláthróir, fiú i gcás táirgí atá ar aon tsonraíocht theicniúil le chéile.

(585)

Sa bhreis air sin, mhaígh roinnt táirgeoirí freisin go bhfuil na cáblaí Síneacha ar cháilíocht níos airde ná na cáblaí a tháirgeann tionscal an Aontais. Cé gurb ionann na sonraíochtaí teicniúla, maíonn siad go dtáirgtear cáblaí snáthoptaice Síneacha ar línte táirgthe níos nua agus go bhfuil an críochú, an rolladh suas agus na saintréith teicniúla ar chaighdeán níos airde. Áitíonn na táirgeoirí sin freisin nach leis an táirge amháin a bhaineann an difríocht sa cháilíocht, ach go bhfreastalaíonn táirgeoirí Síneacha ar riachtanais shonracha a gcliant ar bhealach níos solúbtha agus níos tapa agus go soláthraíonn seirbhísí iardhíola níos fearr. Lena chois sin, maíonn allmhaireoir amháin go bhfuil an difríocht sa phraghas idir cáblaí snáthoptaice an Aontais agus Síneacha níos ísle ná mar a sonraíodh sa ghearán. Maíonn an táirgeoir sin freisin go soláthraíonn táirgeoirí an Aontais táirgí eile (duchtanna, poill láimhe, sásraí dúnta) agus measann sé go dtabharfaí an deis do tháirgeoirí, dá ndéanfaí bearta, ar na táirgí sin a cheangal de cháblaí snáthoptaice nó iad a dhíol mar chuid de thionscadal. Measann sé freisin go gcruthódh bearta díspreagadh do tháirgeoirí an Aontais nuálaíocht a dhéanamh mar go gcosnódh siad ar iomaíocht iad. Is éard is dóigh leo go dtiocfadh moilliú ar leathadh na líonraí dá bharr sin.

(586)

Ina dtuairimí ar an nochtadh deiridh, mhaígh na hallmhaireoirí comhoibritheacha gur mór a sháraigh an leibhéal dleachtanna a moladh a gcuid corrlach ríofa agus go gcruthódh sé sin caillteanais mhóra dóibh toisc nach mbeidís in ann na dualgais a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí a bhfuil na conarthaí fadtéarmacha atá ann cheana lena bhfuil praghsanna seasta acu. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh féimheacht allmhaireoirí agus dáileoirí eascairt as na dualgais. D’áitigh siad freisin nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann ná toilteanach an OFC a sholáthar a d’fhreagródh dá gcuid riachtanas in am, go mbeadh ganntanas OFC ann, agus go mbeadh moill shuntasach ar agaí tionscanta agus ar chur i bhfeidhm líonraí dá dtabharfaí bearta isteach. Mhaígh allmhaireoir amháin freisin nach bhféadfadh táirgeoirí an Aontais a n-acmhainn táirgeachta a mhéadú chun caillteanas táirgí cáilíochta ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chúiteamh. Tá sé curtha in iúl ag an allmhaireoir comhoibritheach freisin nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh go mbeadh corrlach 10 leordhóthanach do dháileoir, agus mhaígh sé go raibh gá le corrlach i bhfad níos airde ná 20-25 le costais ollstórála agus réamh-mhaoinithe. Mhaígh cuid de na hallmhaireoirí comhoibritheacha freisin go mbeadh orthu allmhairiú ó thríú tíortha dá bhforchuirfí dleachtanna cé go mbeadh deacrachtaí tromchúiseacha, moilleanna agus costais bhreise i gceist leis sin agus go mbeadh cáilíocht an táirge níos ísle. Mheas roinnt allmhaireoirí comhoibritheacha go raibh na rátaí éagsúla dleachta a moladh do tháirgeoirí comhoibríocha na Síne dothuigthe dóibh agus mheas siad gur mhíchothrom a caitheadh leo. Maíodh freisin gur mhonaplacht nó olagaplacht sa mhargadh an toradh a bheadh ar bhearta.

(587)

Rinne an Coimisiún amach gurb amhlaidh, cé go bhfuil ceangail ghnó chobhsaí acu lena soláthróirí cáblaí snáthoptaice sa tSín, nach bhfuil conarthaí fadtéarmacha acu leis na soláthróirí sin lena socraítear méideanna nó praghsanna ceannaigh. Déanta na fírinne, cuireann allmhaireoirí isteach orduithe tráthrialta le haghaidh méideanna níos mó cáblaí snáthoptaice agus faigheann siad tairiscint phraghais le haghaidh gach ordaithe ó na táirgeoirí Síneacha. Cé go maíonn na hallmhaireoirí go mbeadh sé costasach agus fadálach soláthróirí a athrú, ceannaíonn siad uile ó fhoinsí eile freisin (i.e. san Aontas, sna Stáit Aontaithe, san India, sa Chasacstáin, sa Bhealarúis, san Úcráin) agus d’éirigh leo soláthróirí a fháil le linn an ghanntanais líomhnaithe le linn na tréimhse 2017-18. Léiríonn sin gurb amhlaidh, cé gur fíor go mbeadh ar na hallmhaireoirí praghas níos airde a íoc as na horduithe a cuireadh isteach cheana ach nach bhfuarthas fós roimh fhorchur na mbeart, ní bheadh sé deacair thar na bearta athrú chuig soláthróirí nua in am measartha gearr.

(588)

Cé gur dócha go mbeidh tionchar diúltach áirithe ag na bearta frithdhumpála ar allmhaireoirí agus gur féidir go laghdóidís a mbrabúsacht, féadfaidh na hallmhaireoirí cuid den mhéadú ar na costais a tháinig as an dualgas atá orthu i leith a gcustaiméirí a ionsú nó/agus a chur ar aghaidh ós rud é go bhfuil corrlaigh mhóra 20 acu, rud a deimhníodh sna barúlacha a luaitear in aithris (586). D’fhéadfaidís foinsí eile soláthair a aimsiú, lena n-áirítear soláthróirí ó thríú tíortha eile agus ó thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil foinsí soláthair eile ann le haghaidh an táirge faoi imscrúdú a úsáid agus gur féidir leo éifeacht na ndleachtanna a ionsú nó/agus éifeacht na ndleachtanna a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí go páirteach ar a laghad, níl difear díréireach déanta ag forchur na mbeart orthu. Léiríonn leibhéil éagsúla dleachta difríochtaí iompraíochta i measc onnmhaireoirí agus i dtionchar onnmhairí Síneacha ar thionscal an Aontais ní hionann agus idirdhealú.

(589)

Ina theannta sin, maidir leis na líomhaintí maidir le difríochtaí cáilíochta, ganntanas soláthair, neamhábaltacht nó neamhthoilteanas thionscal an Aontais soláthar a dhéanamh don mhargadh, difríochtaí praghais, brabúsacht allmhaireoirí, rioscaí monaplachta nó olagópaigh, dreasachtaí nuála agus amanna imlonnaithe do líonraí teileachumarsáide agus nach féidir glacadh leo dá bhrí sin.

(590)

Tugtar faoi deara freisin gur léirigh an t-imscrúdú gurb é ceann de na gnéithe tábhachtacha díobhála sa chás seo nach féidir le tionscal an Aontais an leibhéal brabúis a bhaint amach a chuirfeadh ar a chumas inter alia leanúint den infheistíocht in acmhainní breise chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar mhargadh atá ag fás san Aontas. Is é an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta cothrom na hiomaíochta a thabhairt ar ais agus deis a thabhairt brabúis, infheistíocht agus acmhainneacht den sórt sin.

(591)

Measann cábla 77 freisin, má bhíonn dleacht ar cháblaí, go mbeidh dleacht freisin ar shnáithíní ar leibhéal i bhfad níos airde ná ar an gcábla. I ndáil leis sin, meabhraíonn an Coimisiún go gcumhdaíonn an t-imscrúdú seo OFC agus dá bhrí sin nach féidir bearta a fhorchur ach ar an táirge lena mbaineann. Déanta na fírinne, is ionchur in OFC iad na snáithíní, ach ní ionchur iad sa táirge lena mbaineann.

(592)

Ina thuairimí maidir leis an nochtadh deiridh, d’áitigh Connect Com go raibh na costais amhábhar ag ardú go suntasach ar fud na n-earnálacha go léir agus go raibh tionchar ann freisin ar tháirgeadh cáblaí leathanbhanda. Maidir leis sin, thug Connect Com samplaí de mhéadú praghsanna ar sholáthróir nár dúradh cé hé féin ón dara ráithe de 2020 go dtí an dara ráithe de 2021. Maidir leis sin, d’áitigh Connect Com go raibh géarghá le líonraí cábla leathanbhanda a leathnú san Eoraip ach nach bhféadfadh táirgeoirí an Aontais freastal ar an éileamh sa ghearrthéarma ar phraghsanna iomaíocha inghlactha agus nár cheart dleachtanna a fhorchur nó ar a laghad iad a chur ar fionraí.

(593)

Níor tugadh bunús le hionadaíocht ná le héifeacht an mhéadaithe ar an bpraghas seo ar úsáideoirí ná ar allmhaireoirí. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh sin.

7.3.   Leas úsáideoirí agus dáileoirí

(594)

Faigheann roinnt tionscal an táirge faoi imscrúdú, móroibreoirí teileachumarsáide, comhlachtaí poiblí (amhail bardais) ar a bhfuil sé de chúram an líonra leathanbhanda a leathnú, suiteálaithe agus oibreoirí, agus dáileoirí den chuid is mó.

(595)

Chomhoibrigh líon beag úsáideoirí san imscrúdú: dhá mhóroibreoir teileachumarsáide (Deutsche Telekom sa Ghearmáin agus Proximus sa Bheilg), cúig cinn de shuiteálaithe agus oibreoirí líonra, dáileoir amháin agus úsáideoir beag. Ghlac na húsáideoirí comhoibríocha uile níos lú ná 12 de mhéid iomlán na n-allmhairí cáblaí snáthoptaice ón tSín agus níos lú ná 9 den tomhaltas cáblaí snáthoptaice iomlán san Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(596)

Cuid mhór de cheistneoirí na n-úsáideoirí bhí siad an-easnamhach, agus ní raibh argóint ná faisnéis iontu faoi leas an Aontais. Níor chomhoibrigh aon cheann de na comhlachtaí poiblí a fhaigheann cáblaí snáthoptaice san imscrúdú.

(597)

Níor chuir BYCN Axione ná úsáideoir eile a cheannaíonn cáblaí snáthoptaice ó tháirgeoirí de chuid an Aontais den chuid is mó in iúl go raibh siad i gcoinne bearta a bheith ann. Chuirfeadh Deutsche Telekom agus an dáileoir Spáinneach Comercial Electro Industrial S.A. (‘Comel’) i gcoinne forchur beart.

(598)

Tá Deutsche Telekom ag súil le méadú ar an éileamh ar cháblaí snáthoptaice de bharr an chur i bhfeidhm ollmhóir 5G agus áitíonn sé gur margadh domhanda é margadh na gcáblaí snáthoptaice lena mbaineann teicneolaíocht chaighdeánaithe, imscaradh domhanda agus soláthróirí domhanda. Áitíonn sé gur féidir go dtiocfaidh fadhbanna móra i leith éilimh ar cháblaí de chuid an Aontais a dhaingniú as dleacht frithdhumpála ar cáblaí snáthoptaice ón tSín agus go bhfuil baol ann go gcuirfidh siad bac nó moill ar chur i bhfeidhm líonraí agus go dtiocfaidh méadú mór ar chostais i gcás chustaiméirí an Aontais astu. Maíonn sé freisin gur laghdaigh praghsanna de bharr ró-acmhainneachtaí agus go bhfuil infheistíocht déanta ag gach gníomhaí i méadú acmhainneachta le linn an ghanntanais soláthair a bhfuil sé líomhnaithe go raibh sé ann roinnt bheag blianta ó shin.

(599)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dhosheachanta go mbeadh impleachtaí costais ag dleachtanna frithdhumpála i leith úsáideoirí a cheannaíonn a gcuid cáblaí snáthoptaice ón tSín, ach gurbh í iompraíocht onnmhairiúcháin éagórach na n-onnmhaireoirí Síneacha ba chiontach leis sin. Ar a bharr sin, suíodh leis an imscrúdú nach bhfuil sna cáblaí snáthoptaice ach sciar beag de chostas iomlán chur i bhfeidhm na dtionscadal líonra dhigitigh — níos lú ná 5 i gcás 5G. Ceannacháin an táirge a rinne na hoibreoirí teileachumarsáide comhoibríocha, níl iontu ach céatadán beag de láimhdeachas cuideachta, agus is cuid mhór de na cáblaí snáthoptaice a fhaigheann sé ó fhoinsí eile é an ceannach daingean. Maidir leis an maíomh ón úsáideoir eile gur deacair soláthróirí a athrú, mar a mhínítear in aithris (587) fuair allmhaireoirí eile foinsí eile i dtríú tíortha as arbh fhéidir leo ceannach. Mar an gcéanna, féadfaidh úsáideoirí foinsí soláthair malartacha a fháil, lena n-áirítear soláthróirí ó thríú tíortha eile. Ós rud é go bhfuiltear ag súil leis go leathnóidh an t-éileamh ar cháblaí snáthoptaice, beidh úsáideoirí agus dáileoirí in iomaíocht i margadh is mó ná mar a bhí roimhe seo. Is deis dóibh é seo ar a gcuideachta a choimeád agus a fhorbairt fiú má mhéadaíonn a bpraghsanna de dheasca dleachtanna frithdhumpála.

(600)

Ina theannta sin, cuirtear béim leis an bhfíoras nach leor an t-údar í an ró-acmhainneacht a spreagann an tSín le cleachtais trádála mhíchothroma a dhéanann díobháil do thionscal an Aontais, díobháil a chuireann todhchaí an tionscail sin i mbaol, chomh maith le héagsúlacht soláthair agus, dá bhrí sin, iomaíocht i margadh an Aontais.

(601)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach ndéanann forchur na mbeart difear díréireach d’úsáideoirí ná do dháileoirí.

7.4.   Fachtóirí eile

(602)

Teastaíonn cáblaí scáthoptaice chun líonraí leathanbhanda tapa a thógáil agus, dá bhrí sin, tá tábhacht mhór leo i gcás saoránaigh agus eintitis phoiblí ar fud an Aontais atá ag brath ar na líonraí sin chun bheith ag obair sa bhaile, ag foghlaim sa bhaile, ag reáchtáil cuideachta nó ag soláthar seirbhísí. Tá an infheistíocht tríd an gclár NextGenerationEU (150) ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus tá sé dírithe freisin ar bhonneagar leathanbhanda ardteicneolaíocht a shroichfidh gach cearn den Aontas a imscaradh. Dá bhrí sin, is príomhchuid de Dheacáid Dhigiteach an Aontais (151) iad na cáblaí snáthoptaice agus de cheannasacht dhigiteach an Aontais freisin.

(603)

Ós rud é go bhfuil an táirge atá faoi imscrúdú chomh tábhachtach sin i bhfianaise na gcuspóirí poiblí thuasluaite, rinne an Coimisiún anailísiú grinn ar na bearta is féidir a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm tionscadal líonra leathanbhanda.

(604)

D’áitigh roinnt páirtithe go ndéanfaí dochar do thomhaltóirí agus do bhuiséid phoiblí san Aontas dá bhforchuirfí bearta frithdhumpála mar bheadh méadú ar phraghas na gcáblaí snáthoptaice, agus méadú dá réir ar phraghas iomlán na dtionscadal líonra.

(605)

Dá bhrí sin, d’anailísigh an Coimisiún costas na gcáblaí snáthoptaice laistigh de chostas iomlán na dtionscadal líonra. Léirigh an t-imscrúdú nach bhfuil sna cáblaí snáthoptaice ach sciar beag de chostas iomlán cur i bhfeidhm líonraí digiteacha. Déanta na fírinne, is iad na hoibreacha tógála (i.e. an talamh a thochailt chun na cáblaí a chur) an mhír chostais is mó sna tionscadail sin (tuairim agus 80 de na costais). Is éard atá sa 20 eile, costais ábhar ar a bhfuil táirgí eile amhail duchtanna, caibinéid agus nascóirí. Rinne an Coimisiún amach gur beag an sciar de chostais iomlána na dtionscadal líonra iad na cáblaí snáthoptaice — i gcás 5G, níos lú ná 5 de réir ceann de na húsáideoirí móra. Mhaígh táirgeoirí de chuid an Aontais agus allmhaireoirí comhoibríocha freisin gur cáblaí snáthoptaice is cúis le 5 - 10 de chostais iomlána tionscadal líonra.

(606)

Tugann leibhéal íseal chomhoibriú oibreoirí líonraí móra an Aontais agus comhlachtaí poiblí ar a bhfuil cúram tionscadal líonra mór nach mbeadh tionchar mór ag bearta is féidir a bheith ann ar chostas agus amú na dtionscadal sin.

7.5.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(607)

Rinne an t-imscrúdú amach gur leor an acmhainneacht atá san Aontas agus i dtríú tíortha eile allmhairí de thionscnamh na Síne a ionadú. Ar a bharr sin, dá bhforchuirfí bearta frithdhumpála, d’fhéadfadh tionscal an Aontais infheistíocht a dhéanamh ina láithreáin táirgthe san Aontas agus i dteicneolaíochtaí nua, rud a rachadh chun sochair don tionscal úsáideoirí. San am céanna, ní choiscfeadh allmhairí ó thríú tíortha (lena n-áirítear an tSín) ar bheith ag iomaíocht go cothrom ar mhargadh an Aontais. Fiú má mhéadaíonn an t-éileamh ar cháblaí snáthoptaice sna blianta amach romhainn, rud a bhfuil gníomhaithe margaidh ag súil leis, ní bhainfidh rioscaí suntasacha i leith ganntanas soláthair le hallmhaireoirí agus úsáideoirí an táirge lena mbaineann agus, dá bhrí sin, ní chuirfear moill ar chur i bhfeidhm an líonra leathanbhanda snáthoptaice i dtithe agus i ngnólachtaí.

(608)

Ar an iomlán, cé gur fíor, mura ndéanfar bearta, gur féidir go dtairbheoidh custaiméirí deiridh agus buiséid phoiblí de tháirgí níos saoire sa ghearrthéarma, is cinnte go gcuirfeadh na hallmhairí dumpáilte ón tSín táirgeoirí an Aontais as margadh an Aontais sa chaoi go gcaillfeadh tionscal na n-úsáideoirí foinsí luachmhara soláthair agus gurbh fhéidir go méadódh praghsanna allmhairiúcháin mar nach mbeadh iomaíocht ó tháirgeoirí de chuid an Aontais ann. Ar deireadh, tá teacht slán tháirgeoirí an Aontais ina phríomhghné de cheannasacht dhigiteach an Aontais.

(609)

I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh cúiseanna láidre ann nár le leas an Aontais bearta a fhorchur ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne ag an gcéim sin den imscrúdú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

(610)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, ba cheart bearta sealadacha a fhorchur ionas nach ndéanfaidh na hallmhairí dumpáilte tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais.

(611)

I bhfianaise an mhéid sin thuas, ba cheart na rátaí dleachta frithdhumpála sealadacha, arna shloinneadh ar an bpraghas costais, árachais agus last-táille (CIF) ag teorainn an Aontais, a bheith mar seo a leanas:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd.

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd

44

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd

19,7  %

Cuideachtaí comhoibríocha eile

31,2  %

Gach cuideachta eile

44,0  %

(612)

Bunaíodh na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a sonraíodh sa Rialachán seo ar thorthaí an imscrúdaithe sin. Dá bhrí sin, léirigh siad an staid mar a bhí le linn an imscrúdaithe maidir leis na cuideachtaí sin. Is infheidhme na rátaí dleachta sin go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(613)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí dleachta frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí dá éis sin ainm a heintitis. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (152). Ní mór an fhaisnéis ábhartha go léir a bheith san iarraidh ionas gur féidir a thaispeáint nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta is infheidhme maidir leis. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar Rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(614)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, is infheidhme go heisiach iad maidir leis an táirge lena mbaineann de thionscnamh Dhaonphoblacht na Síne arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(615)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith ag dleacht frithdhumpála gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú sin, ach, chomh maith leis sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(616)

Ina achoimre a cuireadh isteach tar éis neamh-fhorchur na mbeart, mhaígh CCCME go raibh comhghaol soiléir idir an cor chun donais i ndíolacháin don tionscal IC (agus domhanda) agus tús na paindéime agus gur ghá aghaidh a thabhairt ar an staid sin trí chur i bhfeidhm na mbeart frithdhumpála a chur ar fionraí go ceann naoi mí nó trí thréimhse na mbeart a theorannú go dhá bhliain. Ina theannta sin, ina bharúlacha maidir le nochtadh cinntitheach na dtorthaí, mhaígh CCCME nár chuir an Coimisiún san áireamh éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus gur ar allmhairí na Síne a cuireadh an milleán faoi na héifeachtaí a bhí ag an gcor chun donais eacnamaíoch a tháinig leis an bpaindéim. Thairis sin, d’áitigh dhá allmhaireoir freisin nár thug an Coimisiún an aird chuí ar éifeachtaí na paindéime. Ina theannta sin, d’áitigh CCCME freisin go mbeadh táirgí amhail OFC ríthábhachtach do thionscail san Aontas, go háirithe maidir le clár 5G a chur chun feidhme, le linn na céime téarnaimh iar-COVID-19. I ndáil leis an méid sin, d’áitigh CCCME gurb é a bheadh mar thoradh ar bhearta frithdhumpála a fhorchur ná ganntanais chriticiúla den táirge lena mbaineann san Aontas agus go dtiocfadh méadú suntasach ar an bpraghas. De réir CCCME, tugann na himthosca deireanacha sin údar freisin le cur i bhfeidhm dleachtanna a chur ar fionraí ar feadh tréimhse naoi mí nó, ina mhalairt de chás, teorainn dhá bhliain a chur le tréimhse na mbeart. Mhaígh Com freisin nár cuireadh san áireamh go cuí na costais amhábhar agus éifeachtaí phaindéim COVID-19 a bhí ag ardú agus gur ghá na bearta a chur ar fionraí.

(617)

Maidir leis na héilimh sin, léiríodh san imscrúdú nach raibh ach tionchar an-teoranta agus sealadach ag paindéim COVID-19 ar an tionscal (faoi mar a thuairiscítear in aithrisí (426) agus (579), agus nár chuir sé cosc ar an méadú suntasach ar thomhaltas san Aontas le linn na tréimhse atá á meas. I gcás ar bith, maidir le fionraíocht faoi Airteagal 14(4), is iarraidh ghinearálta gan bhunús a bhí san iarraidh a rinne na páirtithe. Má tá fianaise ann gur athraigh tosca an mhargaidh ar bhealach a d’fhág nach móide go mbeadh díobháil á déanamh as an nua, agus más e leas an Aontais é, agus é sin amháin, féadfaidh an Coimisiún féachaint an mbeadh údar maith leis an bhfiontraíocht in am trátha. Maidir leis an ngiorrú ar thréimhse na mbeart, dearbhaíodh sna cinntí maidir le díobháil, cúisíocht agus leas an Aontais go bhfuil tionscal an Aontais á dhíobháil ag na táirgeoirí onnmhairithe Síneacha a rinne an t-allmhairiú dumpáilte agus nach bhfuil aon chúinsí láidre leasa Aontais ann chun tréimhse giorraithe a mheas le haghaidh na mbeart. Ar na cúiseanna sin, diúltaíodh na hiarrataí sin.

9.   DLEACHTANNA FRITHDHUMPÁLA A THOBHACH GO CÚLGHABHÁLACH

(618)

Faoi mar a luaitear in aithris (4), chuir an Coimisiún allmhairithe den táirge lena mbaineann de thionscnamh na Síne faoi réir a gcláraithe faoin Rialachán clárúcháin i bhfianaise bearta frithdhumpála a bhféadfaí a gcur i bhfeidhm go cúlghabhálach faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(619)

De bhun Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán, féadfar dleachtanna a thobhach go haisghníomhach ‘ar tháirgí a iontráladh lena dtomhailt tráth nach túisce ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm na mbeart sealadach’.

(620)

Nuair nár forchuireadh dleachtanna sealadacha, níorbh fhéidir aon chur i bhfeidhm cúlghabhálach a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart deireadh a chur le clárú na n-allmhairí.

10.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(621)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán 2018/1046 (153), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart gurb é an t-ús atá le híoc an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(622)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice aonmhóid ina bhfuil snáithín i dtruaill leis féin amháin nó níos mó, ar a bhfuil cásáil chosanta, bíodh seoltóirí leictreacha iontu a thagann faoin gcód AC ex 8544 70 00 (an cód TARIC 8544700010) faoi láthair nó ná bíodh, agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

Cuirtear na táirgí seo a leanas as an áireamh:

(i)

cáblaí ina bhfuil na snáithíní optúla go léir feistithe ceann ar ceann le nascóirí oibríochta ag ceann amháin den chábla nó ag an dá cheann; agus

(ii)

cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí. Is éard atá sna cáblaí le haghaidh úsáid fhomhuirí cáblaí plaisteacha inslithe de shnáithíní optúla inslithe, ina bhfuil seoltóir copair nó alúmanaim agus snáithíní i modúl nó i modúil mhiotail.

2.   Seo a leanas rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an nglanphraghas saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, i gcás an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1, táirge a dhéanann na cuideachtaí a liostaítear thíos a tháirgeadh:

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

An grúpa FTT:

FiberHome Telecommunication Technologies Co., Ltd

Nanjing Wasin Fujikura Optical Communication Ltd

Hubei Fiberhome Boxin Electronic Co., Ltd

44

C696

An grúpa ZTT:

Jiangsu Zhongtian Technology Co., Ltd.

Zhongtian Power Optical Cable Co., Ltd

19,7  %

C697

Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn I

31,2  %

 

Gach cuideachta eile

44,0  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis a eisíonn an sonrasc sin, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge lena bhaineann) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis a chuir mé sa sonrasc seo iomlán agus ceart.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

5.   Léireoidh an dearbhú custaim fad an táirge ina chiliméadair a thuairiscítear in Airteagal 1(1), ar choinníoll go bhfuil an tásc sin comhoiriúnach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (154).

Airteagal 2

I gcás ina gcuireann táirgeoir onnmhairithe nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne fianaise leordhóthanach ar fáil don Choimisiún, féadfar an Iarscríbhinn a leasú ach an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin a chur le liosta na gcuideachtaí comhoibríocha nach n-áirítear sa sampla agus ar an gcaoi sin faoi réir an mheánráta ualaithe dleachta frithdhumpála iomchuí, eadhon 31.2 . Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a thuairiscítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe (an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020);

(b)

ní bhaineann sé le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus

(c)

an táirge ar a bhfuil cur síos in Airteagal 1(1), táirge dar tionscnamh Daon-Phoblacht na Síne, is táirge é atá onnmhairithe aige, sin nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach de a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh thréimhse an imscrúdaithe.

Airteagal 3

Ordaítear leis seo d’údaráis chustaim scor de chlárú a dhéanamh ar allmhairí a shuitear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/548 an 29 Márta 2021 ón gCoimisiún lena gcuirtear allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir clárú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  OJ L 176, 30.6.2016, p. 21.

(2)  Fógra tionscnaimh maidir le nós imeachta frithdhumpála a bhaineann le hallmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C 316, 24.9.2020, lch. 10).

(3)  Fógra tionscnaimh maidir le himeacht frith-dheontais a bhaineann le hallmhairí snáthoptaice ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad (IO C 442, 21.12.2020, lch. 18).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/548 ón gCoimisiún an 29 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir clárú, IO L 109, 30.3.2021, lch. 71.

(5)  Féach ina leith seo, Tuarascáil Phainéal EDT, Meicsiceo – Imscrúdú Frith-Dhumpála Síoróipe Fruchtós Arbhair (HFCS) ó na Stáit Aontaithe (WT/DS132/R), 28 Eanáir 2000, mír 7.73.

(6)  Breithniúnas an 15 Nollaig 2016, Gul Ahmed Textile Mills v an Chomhairle, T-199/04 RENV, EU:T:2016:740, míreanna 92-93.

(7)  Breithiúnas an 11 Iúil 2017, Viraj Profiles v an Chomhairle, T-67/14, AE:T:2017:481, mír 98.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1693 ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2019, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de rothaí bóthair cruach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad IO L. 259, 10.10.2019, lch. 15.

(9)  https://trade.ec.europa.eu/tdi/case_details.cfm?id=2479.

(10)  Fógra maidir le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (2020/C 86/06) IO C 86 an 16.3.2020, lch. 6.

(11)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2.

(12)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 6-7.

(13)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 10.

(14)  http://www.gov.cn/guoqing/2018-03/22/content_5276318.htm (last viewed on 17 June 2021).

(15)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 20-21.

(16)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 41, 73-74.

(17)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 120-121.

(18)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 122-135.

(19)  Tuarascáil – Caibidil 7, lgh. 167-168.

(20)  Tuarascáil – Caibidil 8, lgh. 169-170, 200-201.

(21)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 15-16, Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 50, lch. 84, Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 108-109.

(22)  Tuarascáil – Caibidil 3, lgh. 22-24, agus Caibidil 5 lgh. 97-108.

(23)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 104-9.

(24)  Tagraíonn ‘FTT’ feasta do FiberHome Telecommunication Technologies Co. Sainítear ‘grúpa FTT’ in aithris (42).

(25)  Féach lch. 42 de Thuarascáil Bhliantúil na cuideachta don bhliain 2019. https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004291379049397_1.pdf, (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(26)  Is le China Huaxin Post and Telecommunications 23,3 de agus is le Yangtze Communication Industry Group (YCIG) 15,82 de – dhá chuideachta atá á rialú ag SASAC (féach lch. 64 de Thuarascáil Bhliantúil YCIG 2019. http://www.sse.com.cn/disclosure/listedinfo/announcement/c/2020-04-30/600345_20200430_2.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021)).

(27)  Sainmhínítear ‘ZTT’ a thagraíonn don ‘Grúpa ZTT’ Jiangsu Zhongtian Technology Co anseo feasta, in aithris (42).

(28)  See http://en.tayho.com.cn/about/companyprofile.htm (arna rochtain an 26 Márta 2021) agus https://www.businesswire.com/news/home/20170925005664/en/Global-and-China-Aramid-Fiber-Industry-Report-2017-2021---Research-and-Markets.

(29)  Féach: https://video.ceultimate.com/100009_2012105017/Wanhua_Annual_Report_of_2018.pdf, lch. 190 agus nóta 1 ar leathanach 191. (ar breathnaíodh air go deireanach an 26 Márta 2021).

(30)  Féach: https://www.fitchratings.com/research/international-public-finance/yantai-guofeng-investment-holdings-group-co-ltd-23-12-2020.

(31)  Féach: https://www.prnewswire.com/news-releases/global-and-china-aramid-fiber-markets-2021-300532604.html.

(32)  Féach: http://www.sinopec.com/listco/en/about_sinopec/our_company/company.shtml (ar breathnaíodh air go deireanach an 26 Márta 2021).

(33)  Féach: http://www.sinochemintl.com/13873.html and http://www.sinochem.com/en/1250.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 26 Márta 2021).

(34)  Sonraí le haghaidh 2015 ar bhonn Leabhar Bliana Staidrimh na Síne 2016, Biúró Náisiúnta Staidrimh na Síne.

(35)  Féach: https://www.radiantinsights.com/research/high-density-polyethylene-hdpe-market-in-china

(36)  Tuarascáil – Caibidil 14, lch. 358. 51 de chuideachtaí príobháideacha agus 49 d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit i dtéarmaí táirgthe, agus 44 d’fhiontair faoi úinéireacht Stáit agus 56 de chuideachtaí príobháideacha i dtéarmaí acmhainneachta.

(37)  Foinse: www.gov.cn/zhengce/content/2016-02/04/content_5039353.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021), https://policycn.com/policy_ticker/higher-expectations-for-large-scale-steelenterprise/?iframe=1&secret=c8uthafuthefra4e (ar breathnaíodh air go deireanach an 2 Márta 2020), agus www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021).

(38)  Le fáil ar http://www.xinhuanet.com/english/2019-04/23/c_138001574.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021) agus http://www.jjckb.cn/2019-04/23/c_137999653.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021).

(39)  Faoi mar a tharla i gcás an chumaisc idir Rizhao, cuideachta phríobháideach, agus Shandong Iron and Steel, fiontar faoi úinéireacht an Stáit, in 2009 (Féach: https://www.steelonthenet.com/kb/history-rizhao.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021)), agus an leas tromlaigh de Magang Steel a shealbhaigh China Baowu Steel Group i mí an Mheithimh 2019, féach https://www.ft.com/content/a7c93fae-85bc-11e9-a028-86cea8523dc2 (ar breathnaíodh air go deireanach an 2 Márta 2020).

(40)  Féach China’s Baosteel’s takeover of Wuhan to create world’s No 2 steelmaker Reuters. https://www.reuters.com/article/us-chinabaosteel-mergers-idUSKCN11Q0U3 (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021).

(41)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-101.

(42)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 26.

(43)  Tuarascáil – Caibidil 2, lgh. 31-32.

(44)  Le fáil ar https://www.reuters.com/article/us-china-congress-companies-idUSKCN1B40JU (ar breathnaíodh air go deireanach an 27 Deireadh Fómhair 2020).

(45)  Le fáil ar www.gov.cn/zhengce/2020-09/15/content_5543685.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 10 Márta 2021)

(46)  Financial Times (2020) ‘Chinese Communist Party asserts greater control over private enterprise’, le fáil ar: https://on.ft.com/3mYxP4j.

(47)  Féach suíomh gréasáin na cuideachta: https://www.cict.com/portal/list/index/cid/8.html#about_1 (ar breathnaíodh air go deireanach an 31 Márta 2021).

(48)  Féach http://www.wehdz.gov.cn/ggdj/djdt/202001/t20200116_875063.shtml (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(49)  https://asiatimes.com/tag/donghu-high-tech-zone/.

(50)  http://www.fiberhome.com/en/about/61.aspx.

(51)  Féach an t-alt Revisiting the spirit of General Secretary Xi Jinping’s important speech during his visit to Hubei – Employees of the Optics Valley Construction visited Fiberhome Technology Group. [Athfhéachaint ar spiorad óráid thábhachtach an Ard-Rúnaí Xi Jinping le linn dó cuairt a thabhairt ar Hubei – thug Fostaithe Optics Valley Construction cuairt ar Fiberhome Technology Group.] Suíomh gréasáin cuideachta Wuhan Optics Valley Construction. 17 Bealtaine 2018. http://ggjstz.cn/lzjs/6372.jhtml (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(52)  https://www.zttcable.com/leadership.html.

(53)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin ZTT an 31 Deireadh Fómhair 2018: https://www.chinaztt.cn/news/show-48021.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 31 Márta 2021).

(54)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin ZTT an Dé Máirt 2 Iúil 2019: https://www.chinaztt.cn/news/show-48431.html.

(55)  Féach an t-alt Advanced Grassroot Party organization in Jiangsu Province: Party Committee of Hengtong Group Co., Ltd. suíomh gréasáin PCS Chúige Jiangsu. 3 Iúil 2019. http://www.jszzb.gov.cn/zzjs/info_15.aspx?itemid=27375 (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(56)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin na cuideachta a foilsíodh an 28 Meitheamh 2018: https://www.yofc.com/view/580.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(57)  Féach an t-alt ar shuíomh gréasáin na cuideachta a foilsíodh an 29 Meitheamh 2019 https://www.yofc.com/view/2480.html.

(58)  https://baike.baidu.com/item/E8969BE6B58EE8908D (ar breathnaíodh air go deireanach an 22 Eanáir 2021).

(59)  https://stock.qianzhan.com/item/geren-43059620fb44.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(60)  http://www.fiberhome.com/invest/default.aspx#glc (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(61)  http://zmfdz.news.cn/345/index.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(62)  https://baike.baidu.com/item/E9A9ACE69DB0/53398702 (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(63)  Tuarascáil – Caibidlí 14.1 go 14.3.

(64)  Tuarascáil – Caibidil 4, lgh. 41-42, 83.

(65)  Féach Catalóg Threorach na mórthairgí agus na mórsheirbhísí i dtionscail straitéiseacha atá ag teacht chun cinn. http://www.gov.cn/xinwen/2018-09/22/5324533/files/dcf470fe4eac413cabb686a51d080eec.pdf agus the Made in China 2025 Catalogue of “Four Essentials”. http://www.cm2025.org/show-14-126-1.html and http://www.cm2025.org/uploadfile/2016/1122/20161122053929266.pdf.

(66)  Tuarascáil – Caibidil 2, lch. 17.

(67)  Féach go háirithe Caibidil 25 – ranna 1 agus 4; Caibidil 26; agus spriocanna dul i bhfód idirlín i gCaibidil 3 – bosca 2 den FYP. https://en.ndrc.gov.cn/newsrelease_8232/201612/P020191101481868235378.pdf.

(68)  I roinn 2.1 de, tugtar orduithe sa 13ú Plean Cúig Bliana le haghaidh Tionscail Straitéiseacha atá ag Teacht Chun Cinn, go háirithe an méid seo a leanas a dhéanamh: ‘1) Build the infrastructure of a strong network country. [‘1) Bonneagar de thír a bhfuil líonra láidir aici a thógáil.] Deeply promote the "Broadband China" strategy. [Straitéis ‘Leathanbhanda na Síne’ a chur chun cinn go domhain.] […] Vigorously promote the construction of high-speed optical fiber networks. [Tógáil líonraí snáthoptaice ardluais a chur chun cinn go fonnmhar.] Develop pilot projects for the large-scale application of new smart network technologies, and promote the upgrade of the national backbone networks towards high-speed transmission, flexible adjustment and smart adaptation. [Tionscadail phíolótacha a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí nua líonraí cliste a chur i bhfeidhm ar mhórscála, agus uasghrádú líonraí cnámh droma náisiúnta i dtreo tarchur ardluais, coigeartú solúbtha agus oiriúnú cliste a chur chun cinn.] Fully realize the leap to all-optical networks, accelerate the promotion of optical network coverage in urban areas, provide access services of more than 1000 megabits per second (1000Mbps), and realize flexible choices of bandwidths of more than 100Mbps for household users in large and medium-sized cities; [An chéim chuig líonraí uile-optúla a bhaint amach go hiomlán, dlús a chur le cur chun cinn an chlúdaigh líonra snáthoptaice i gceantair uirbeacha, seirbhísí rochtana de bhreis agus 1000 meigighiotán sa soicind (1000Mbps) a chur ar fáil, agus roghanna solúbtha bandaleithead de bhreis agus 100Mbps a chur ar fáil d’úsáideoirí baile i gcathracha móra agus i gcathracha meánmhéide;] multi-party collaboration shall foster the improvement of rural fiber optic broadband coverage. [déanfar feabhsú ar chlúdach leathanbhanda snáthoptaice tuaithe a chothú trí chomhoibriú ilpháirtí.] More than 98 of the administrative villages shall have access to optical fiber, eligible areas shall provide access to services of more than 100Mbps, and more than half of rural household users shall have a flexible choice of bandwidths of more than 50Mbps. [Beidh rochtain ag níos mó ná 98 de na sráidbhailte riaracháin ar snáithín optúil, cuirfidh na limistéir atá incháilithe rochtain ar sheirbhísí de bhreis agus 100Mbps ar fáil, agus beidh rogha solúbtha bandaleithead de bhreis agus 50Mbps ag úsáideoirí baile na tuaithe.] Promote the development of triple play infrastructure.’ [Forbairt na himeartha triaraí sa bhonneagar a chur chun cinn.’] http://www.gov.cn/zhengce/content/2016-12/19/content_5150090.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Aibreán 2021).

(69)  Féach go háirithe Roinn 3.2: ‘Strengthen the construction of Internet infrastructure. [Tógáil an bhonneagair Idirlín a neartú.] Strengthen the planning and layout of industrial Internet infrastructure construction, and build an industrial Internet with low latency, high reliability and wide coverage. [Pleanáil agus leagan amach na tógála bonneagair idirlín tionsclaíoch a neartú, agus idirlíon tionsclaíoch a thógáil ag a mbeidh aga folaigh íseal, iontaofacht ard agus clúdach leathan.] Accelerate the deployment and construction of optical fiber networks, mobile communication networks and wireless local area networks in manufacturing clusters, implement broadband upgrades of information networks, and improve enterprise broadband access capacities.’ [Dlús a chur le himscaradh agus tógáil líonraí snáthoptaice, lionraí cumarsáide móibíleacha agus líonraí achair logánta gan sreang i mbraislí monaraíochta, uasghráduithe leathanbhanda a chur chun feidhme i ndáil le líonraí faisnéise, agus feabhas a chur ar acmhainneachtaí rochtana fiontar ar leathanbhanda.’] http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/19/content_9784.htm.

(70)  Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 56 agus an fhaisnéis oifigiúil seo a leanas an 4 Iúil 2015: http://english.gov.cn/policies/latest_releases/2015/07/04/content_281475140165588.htm

(71)  Féach: http://www.gov.cn/zwgk/2013-08/17/content_2468348.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 30 Márta 2021).

(72)  http://www.gov.cn/zhengce/content/2015-05/20/content_9789.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 29 Márta 2021).

(73)  Féach: http://www.gov.cn/xinwen/2017-01/12/content_5159124.htm and http://www.gov.cn/xinwen/2017-01/12/5159124/files/05242d361d164de587440d7e849f992e.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 30 Márta 2021). Go háirithe ordaítear i Roinn 2 den Phlean Gníomhaíochta: Accelerate the improvement of a new generation of high-speed optical fiber network. [‘1) Dlús a chur le feabhsúchán ar líonra snáthoptaice ardluais den ghlúin nua.] […] Support in priority the expansion of the effective coverage of fiber optic broadband networks in rural areas. [(…) Tacaíocht a thabhairt i dtosaíocht don leathnú ar chumhdach éifeachtach líonraí leathanbhanda snáthoptaice i gceantair thuaithe.] An sprioc: Faoin mbliain 2018,

90 000 kilometres of trunk optical cables will be added, 200 million fibre-to-home ports will be added, and optical network coverage will be achieved in urban areas, providing access service capacities exceeding 1 000 megabits per second, as well as a flexible choice exceeding 100 megabits per second to home broadband users in large and medium cities; [cuirfear 90 000 ciliméadar de thrunc-cháblaí optúla agus 200 milliún port snáithín-go-baile leis, agus bainfear amach cumhdach líonra optúil i gceantair uirbeacha, lena gcuirfear acmhainní seirbhíse rochtana os cionn 1 000 meigighiotán sa soicind ar fáil d’úsáideoirí leathanbhanda baile i gcathracha ollmhóra agus meánmhéide;] the proportion of optical fiber in administrative villages shall increase from 75 to 90 .’; [méadófar cion an tsnáthoptaice i sráidbhailte riaracháin ó 75 go 90 .’;] i Roinn 4: ‘Tacaíocht airgeadais a neartú. […] Use central budget investments to continue to support the construction of information infrastructure in rural areas, accelerate the implementation of a pilot program for universal telecommunications service compensation mechanisms focusing on broadband networks, and promote the realization of the rural network related goals set out in the "13th Five-Year Plan" as soon as possible. [Úsáid a bhaint as infheistíochtaí buiséadacha chun leanúint de thacaíocht a thabhairt chun bonneagar faisnéise a thógáil i gceantair thuaithe, dlús a chur le clár píolótach a chur chun feidhme le haghaidh sásraí cúitimh i ndáil le seirbhís teileachumarsáide uilíoch lena ndírítear ar líonraí leathanbhanda, agus lena ndéantar baint amach na spriocanna a bhaineann leis an líonra tuaithe a leagtar amach sa ‘13ú Plean Cúig Bliana’ a chur chun cinn a luaithe agus is féidir.] An tacaíocht airgeadais a neartú le haghaidh mórthionscadal. […]’.

(74)  Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 47.

(75)  Tuarascáil – Caibidil 4, lch. 67.

(76)  Féach Tuarascáil mhionsonraithe ar thionscal snáthoptaice agus cáblaí. Anailís ar an éileamh ar shnáithíní optúla agus cáblaí in 2019. Suíomh gréasáin an Domhain Cumarsáide. 9 Aibreán 2018. http://www.cww.net.cn/article?id=429906 (ar breathnaíodh air go deireanach an 30 Márta 2021). Féach go háirithe na sleachta: ‘Go stairiúil, ba iad gach cineál beartais fhabhraigh amhail an straitéis “Leathanbhanda na Síne” a bhí ina spreagadh díreach d’fhorbairt chumarsáid optúil na Síne. Arna spreagadh ag straitéisí ‘Leathanbhanda na Síne’ agus ‘Internet+’, chomh maith le ‘luas a ardú agus táillí a laghdú’ agus beartais eile, rinne tógáil líonra snáthoptaice na Síne dul chun cinn suntasach, agus tá ráta treá na snáithíní optúla chomh fada leis an mbaile méadaithe go níos mó ná 80 . Ag féachaint chun cinn amach anseo, meastar go leanfar den chineál seo beartais a chur chun cinn san fhadtéarma. […] In 2017, d’eisigh an stát ceithre bheartas nua i ndiaidh a chéile chun forbairt thionscal na faisnéise, tionscal na mórshonraí, néalríomhaireacht, agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla a chur chun cinn, forbairt a bhainfidh an tionscal bunúsach cumarsáide snáthoptaice amach anseo. […] Is iad na tionscail lena mbaineann na ceithre bheartas thuas an bunús chun líonraí cumarsáide snáthoptaice a fhorbairt: trí fhorbairt na dtionscal sin a chur chun cinn go héifeachtach, soláthraítear dea-thimpeallacht bheartais agus forbartha do thionscal cumarsáide snáthoptaice na Síne. Ó thaobh an tsoláthair de, meastar go leanfar leis an mbeartas maidir le tionscal na cumarsáide snáthoptaice a chosaint. Ó 2015 i leith, tríd an beartas frithdhumpála maidir le cumarsáid snáthoptaice rinneadh cosaint éifeachtach d’fhorbairt thionscal na gcáblaí snáthoptaice intíre. A mhéid a bhaineann le seasamh tábhachtach thionscal na cumarsáide snáthoptaice, i gcomhthéacs coinbhleachtaí trádála domhanda a threisiú, meastar go leanfar de na beartais chosanta ábhartha. Chuir an Aireacht Tráchtála trí bhearta frithdhumpála i bhfeidhm in aghaidh cáblaí snáthoptaice allmhairithe in 2017 agus leanfaidh sé ar aghaidh ag cothabháil dea-phatrún soláthair sa mhargadh cáblaí snáthoptaice. […] A bhuíochas leis an tacaíocht a thugtar don bheartas tionsclaíoch iartheachtach ar thaobh amháin agus leis na bearta frithdhumpála ó thaobh an tsoláthair de ar an taobh eile, leanfaidh na buntáistí a bhaineann le beartas tionscal snáthoptaice na Síne agus cáblaí snáthoptaice de bheith níos láidre fiú.

(77)  Féach an t-airteagal Cistí faoi threoir rialtas na Síne a fhiosraíonn an bealach chun tacú le claochlú fiontar beag agus mheánmhéide. Suíomh gréasáin Xinye Capital. An 14 Meitheamh 2019. http://www.sinye.club/a/changjingsheying/2019/0614/247.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Aibreán 2021).

(78)  Féach an t-airteagal faoi chuideachta Zhiguang Communication ar shuíomh gréasáin oifigiúil Shandong Dazhong an 7 Lúnasa 2019: https://sd.dzwww.com/sdnews/201908/t20190807_19032401.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021).

(79)  Féach na hairteagail seo a leanas: Thug fochuideachta Idirlín Tongdin isteach RMB 500 milliún d'infheistíocht sheachtrach chun iomaíochas na slat éadrom a neartú. Suíomh gréasáin SINA. 29 Aibreán 2020. https://tech.sina.com.cn/roll/2020-04-29/doc-iircuyvi0538406.shtml (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Aibreán 2021), agus tá An Ciste Treorach Liostaithe agus Forbartha a bhunaigh Bardas Suzhou (comhpháirtíocht theoranta) agus an caipiteal lena mbaineann rannpháirteach i mbunú ciste ar leith nach sáraíonn 1 bhilliún RMB. Chipingnews. An 3 Feabhra 2020. http://www.chipingnews.com.cn/system/2020/0203/content_945.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 9 Aibreán 2021). Féach an sliocht sa dara ceann: ‘[an ciste] éascóidh sé an brú atá ar oibriú agus ar ghnó Ghrúpa Tongding an scairshealbhóir rialaithe agus tacóidh sé le forbairt inbhuanaithe Fhaisnéis Idirnasctha Tongding; […] Ceantar Suzhou Wujiang a thacaíonn leis an gciste sonrach le haghaidh forbairt fiontar príobháideach, is é an cuspóir atá aige cóimheas gealltáin na bpríomh-scairshealbhóirí a bhfuil fiontair liostaithe acu lonnaithe i gceantar Suzhou Wujiang a laghdú agus dul chun tairbhe d’fhorbairt inbhuanaithe na bhfiontar.

(80)  Féach an tAirteagal Wuhan East Lake: Limistéar Náisiúnta Ardteicniúil ag meascadh beartais infheistíochta agus sochar cánach. Suíomh gréasáin Pedata. An 27 Feabhra 2013. https://free.pedata.cn/755314.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Aibreán 2021). Féach an sliocht: ‘Tá deich gcuideachta liostaithe ar an “Tríú Bord Nua” agus fuair siad na fóirdheontais chomhfhreagracha ón rialtas; […] A mhéid a bhaineann le hinstitiúidí infheistíochta cothromais a mhealladh le socrú sa pháirc ghnó nó infheistíocht a dhéanamh i bhfiontair atá lonnaithe sa pháirc, shuigh na ranna ábhartha de chuid Chúige Hubei, Bardas Wuhan, agus East Lake High-tech Zone faoi seach cistí treorach caipitil fiontair. I gcomparáid le limistéir ardteicneolaíochta i gceantair chósta, cé gur cuireadh tús le tionscal na hinfheistíochta cothromais in East Lake High-tech Zone sa tír níos déanaí, bhí a tharraingteacht le haghaidh institiúidí VC/PE réasúnta suntasach mar gheall ar an mbac íseal ar chlárú gnólachta, tacaíocht láidir do bheartas dreasachta, agus ar líon mór cistí treorach ón rialtas.’

(81)  https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004291379049397_1.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021), lgh. 133, 138-139.

(82)  https://pdf.dfcfw.com/pdf/H2_AN202004291379029468_1.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021), lgh. 205, 215.

(83)  http://download.hexun.com/ftp/all_stockdata_2009/all/120/769/1207690337.pdf (ar breathnaíodh air go deireanach an 7 Aibreán 2021), lgh. 238, 249.

(84)  Féach roinn 3.3.1 den Chatalóg.

http://www.gov.cn/xinwen/2018-09/22/5324533/files/dcf470fe4eac413cabb686a51d080eec.pdf.

(85)  Féach roinn 2.3 den Phlean: ‘Snáithíní ardfheidhmíochta: Dlús a chur le forbairt sceo ultra-ardnirt, snáithín ardfheidhmíochta atá aigéadfhriotaíoch, alcailefhriotaíoch agus frithchreimneach, díriú ar tháirgeadh srathach de chineálacha táirgí snáithín ardfheidhmíochta amhail snáithíní carbóin, snáithín basalt leanúnach, agus araimíd a chur chun cinn, agus snáithíní suilfíde polaifeiniléine agus snáithín poilimíde agus snáithín PTFE agus táirgí eile a fhorbairt go bríomhar chun feabhas a chur ar innéacs feidhmíochta an tsnáithín’. https://weixin.87188718.com/FourFlat/PeiXun.aspx?id=194161 (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Aibreán 2021).

(86)  Tuarascáil – Caibidil 12, lch. 294.

(87)  Féach Fógra Rialtas Pobail Chúige Zhejiang maidir le hEisiúint ‘Plean Gníomhaíochta Chúige Zhejiang maidir le Claochlú agus Uasghrádú Cuimsitheach na dTionscal Déantúsaíochta Traidisiúnta (2017-2020)’. http://jxt.zj.gov.cn/art/2017/6/4/art_1657971_35695741.html (ar breathnaíodh air go deireanach an 6 Aibreán 2021).

(88)  Tuarascáil – Caibidil 16, lgh. 419-420.

(89)  Tuarascáil – Caibidil 8, lch. 177.

(90)  Tuarascáil – Caibidil 16, lgh. 406-424.

(91)  Tuarascáil – Caibidil 12, lgh. 283, 285.

(92)  Tuarascáil – Caibidil 10, lgh. 221-230.

(93)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 138-149.

(94)  Tuarascáil – Caibidil 9, lch. 216.

(95)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 213-215.

(96)  Tuarascáil – Caibidil 9, lgh. 209-211.

(97)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 332-337.

(98)  Tuarascáil – Caibidil 13, lch. 336.

(99)  Tuarascáil – Caibidil 13, lgh. 337-341.

(100)  Tuarascáil – Caibidil 6, lgh. 114-117.

(101)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 119.

(102)  Tuarascáil – Caibidil 6, lch. 120.

(103)  Tuarascáil – Caibidlí 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(104)  Féach an doiciméad oifigiúil beartais ó Choimisiún Rialála Baincéireachta agus Árachais na Síne (CBIRC) an 28 Lúnasa 2020: Plean gníomhaíochta trí bliana chun rialachas corparáideach na n-earnálacha baincéireachta agus árachais a fheabhsú (2020-2022). http://www.cbirc.gov.cn/cn/view/pages/ItemDetail.html?docId=925393&itemId=928 (ar breathnaíodh air go deireanach an 3 Aibreán 2021). Tugtar treoir sa Phlean ‘an spiorad atá cuimsithe i bpríomhóráid an Ard-Rúnaí Xi Jinping a chur chun feidhme a thuilleadh maidir le hathchóiriú rialachas corparáideach na hearnála airgeadais a chur chun cinn’. Thairis sin, is é is aidhm do roinn II den Phlean comhtháthú orgánach cheannaireacht an Pháirtí i rialachas corparáideach a chur chun cinn: ‘déanfaimid comhtháthú cheannaireacht an Pháirtí sa rialachas corparáideach a dhéanamh níos córasaí, níos caighdeánaithe agus bunaithe níos mó ar nósanna imeachta [...] ní mór saincheisteanna móra oibríochtúla agus bainistíochta a bheith pléite ag Coiste an Pháirtí sula gcinnfidh an Bord Stiúrthóirí nó an bhainistíocht shinsearach iad.’

(105)  Féach Fógra CBIRC maidir le modh meastóireachta feidhmíochta na mbanc Tráchtála, arna eisiúint an 15 Nollaig 2020. http://jrs.mof.gov.cn/gongzuotongzhi/202101/t20210104_3638904.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021).

(106)  Féach Páipéar Oibre CAI ‘Athréiteach Fadhb Fiachais Chorparáidigh na Síne’, le Wojciech Maliszewski, Serkan Arslanalp, John Caparusso, José Garrido, Si Guo, Joong Shik Kang, W. Raphael Lam, T. Daniel Law, Wei Liao, Nadia Rendak, Philippe Wingender, Jiangyan Yu, agus Longmei Zhang, Deireadh Fómhair 2016, WP/16/203.

(107)  Tuarascáil – Caibidlí 6, lgh. 121-122, 126-128, 133-135.

(108)  Féach ECFE (2019), Suirbhéanna Eacnamaíochta ECFE: An tSín 2019, Foilsiú ECFE, Páras, lch. 29.

https://doi.org/10.1787/eco_surveys-chn-2019-en.

(109)  Féach: http://www.xinhuanet.com/fortune/2020-04/20/c_1125877816.htm (ar breathnaíodh air go deireanach an 12 Aibreán 2021).

(110)  OJ L 108, 6.4.2020, p. 1.

(111)  Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 90-92.

(112)  Féach freisin Tuarascáil – Caibidil 5, lgh. 100-103.

(113)  Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2020) 242 final, 22.10.2020, atá ar fáil ag https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2020/october/tradoc_158997.pdf.

(114)  Féach an Tuarascáil – Caibidil 4.

(115)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Meánioncam Uachtarach, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(116)  https://ec.europa.eu/neighbourhood-enlargement/sites/near/files/turkey_report_2020.pdf.

(117)  Féach, mar shampla, breithiúnas an 17 Nollaig 2008, HEG agus Graphite India v an Chomhairle T-462/04, AE:T:2008:586, mír 68 agus an cásdlí a luaitear.

(118)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2019/1267 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de leictreoidí tungstain ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad tar éis athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (IO L 200, 29.7.2019, lch. 4).

(119)  https://www.gtis.com/gta/.

(120)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

(121)  Rialachán (CE) Uimh. 368/98 ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliofosáite ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndia iad (IO L 47, 18.2.1998, lch. 1), aithris (15).

(122)  Breithiúnas an 22 Deireadh Fómhair 1991, Nölle v Hauptzollamt Bremen-Freihafen, C-16/90, AE:C:1991:402, mír. 27.

(123)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/607 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid chitrigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí aigéid chitrigh a chuirtear chun bealaigh ón Malaeisia a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) den Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 129, 15.4.2021, lch. 73).

(124)  https://your.fitch.group/rs/732-CKH-767/images/Fitch_10069753.pdf?mkt_tok=eyJpIjoiWmpSa1pXWTROREJpWkRVMCIsInQiOiJ1NnhzNGptTmpwaUQrcUNiM2ZERDAycU1UV3dwcEQzaG5ORGNIUVFHTlBLZTduYXhPS1BhaHNaQVdQUzVUTmFkRzRBQk9PQ2pkSFR3V1c0Y24wMEZPdz09In03D.

(125)  https://ar.prysmiangroup.com/en.

(126)  Guide ‘How to make an anti-dumping complaint’ [An Treoir ‘Conas gearán frithdhumpála a dhéanamh’], lch. 17.

(127)  C-16/90, Nölle v Hauptzollamt Bremen-Freihafen, mír. 20.

(128)  Tá séanadh dlíthiúil na Treorach mar seo a leanas: ‘Ní doiciméad ceangailteach ó thaobh an dlí í an Treoir seo. Níl a bhfuil ann éigeantach. D’fhéadfadh an fhaisnéis a chuirfidh gearánaigh ar fáil a bheith éagsúil ag brath ar imthosca sonracha an cháis. Níl sé d’aidhm ag an Treoir seo ach comhairle ghinearálta a thabhairt. D’fhéadfadh sé go mbeadh imthosca ann ina bhféadfadh cur chuige eile a bheith réasúnta mar gheall ar chineál sonrach an cháis. Dá bhrí sin, ní féidir teacht ar chonclúidí ar bith ón Treoir seo faoi cad is caighdeáin inghlacthachta ann i dtaca le gearáin frithdhumpála. Ar an gcuma chéanna, ní thugtar le fios le húsáid na Treorach go nglacfar leis an ngearán go huathoibríoch: Déantar anailís ar gach cás ar a fhiúntas féin.’

(129)  https://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2006/december/tradoc_112295.pdf

(130)  Breithiúnas an 22 Márta 2012, GLS, C-338/10, EU:C:2012:158, mír 34.

(131)  Rialachán (CE) Uimh. 368/98 ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí gliofosáite ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndia iad (IO L 47, 18.2.1998, lch. 1), aithris (15).

(132)  Cuireadh téacs reatha Airteagal 2(7) den bhun-Rialachán de bhun Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/2321 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad agus Rialachán (AE) 2016/1037 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad ar an an 12 Nollaig 2017 in ionad Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas iad (IO L 176,30.6.2016, lch.21).

(133)  https://www.prysmiangroup.com/sites/default/files/business_markets/markets/downloads/datasheets/OPGW-TUBAL_1.pdf

(134)  https://www.doingbusiness.org/content/dam/doingBusiness/country/a/argentina/ARG.pdf (lch. 44); https://www.argentina.gob.ar/trabajo/casasparticulares/empleador/remuneracionesyrecibos/aguinaldo; https://www.mondaq.com/argentina/employee-rights-labour-relations/536000/labor-costs-in-argentina.

(135)  https://www.indec.gob.ar/indec/web/Nivel4-Tema-4-31-61.

(136)  https://www.argentina.gob.ar/enre/cuadros_tarifarios.

(137)  https://globalfinancials.com/index-admin.html.

(138)  Breithiúnas an 25 Meitheamh 2015, PT Musim Mas v an Chomhairle, T-26/12, AE:T:2015:437, mír 53.

(139)  Breithiúnas an 26 Deireadh Fómhair 2016, PT Musim Mas v An Chomhairle, C-468/15 P, AE: EU:C:2016:803, mír 46.

(140)  Forléargas ar an margadh cáblaí, CRU (Lúnasa 2020), arna chomhlánú le faisnéis mhargaidh na ngearánach.

(141)  Bhí na táscairí sin bunaithe ar shonraí díreacha a bhailigh an gearánach i ndáil leis na hocht dtáirgeoirí de chuid an Aontais a bhí ag gearán nó ag tacú leis an ngearán (ach amháin cuideachta amháin ar na cúiseanna ar tugadh míniú orthu in aithris (409)), táirgeoirí a rinne beagnach 80 de tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe (IP), móide meastachán le haghaidh na dtáirgeoirí eile de chuid an Aontais ar bhonn taighde ar an margadh agus faisnéis faoi.

(142)  Tuarascáil forléargais ar an margadh cáblaí CRU, Lúnasa 2020, leathanach 29 agus Achoimre Dhomhanda ar an Margadh Cáblaí de réir an Chur i bhFeidhm agus an Réigiúin, Feabhra 2021.

(143)  Meastacháin ar bhonn foinsí poiblí (alt CRU an 10 Eanáir 2020‘Míchobhsaíocht bhreise le teacht agus bliain chorrach ag teacht chun deiridh’ agus sleamhnáin ón Wire Cable Conference [‘an Chomhdháil Sreangcháblaí’] CRU, Meitheamh 2019), arna léiriú go mion ag na gearánaigh (Gearán, fonóta 36).

(144)  Breithiúnas an 5 Aibreán 2017, Changshu City Standard Parts Factory agus Ningbo Jinding Fastener v. Comhairle, C-376/15 P agus C-377/15 P, EU:C:2017:269,, airteagail. 58-60.

(145)  IO 1988, Uimh. L 362/59, mír 7.

(146)  Breithiúnas an Dé Céadaoin 17 Nollaig 1997, EFMA v an Chomhairle, T-121/95, AE:T:1997:198, míreanna 105 et seq.

(147)  Tá siad sin ionadaíoch mar go gcumhdaíonn siad 36 de dhíolacháin thionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(148)  IO L 87, 21.3.1998, lch. 24.

(149)  Féach freisin breithiúnas 22 Meán Fómhair 2021, T-753/16, PAO Severstal, ECLI:EU:T:2021:612, airteagail. 260 – 273.

(150)  San aitheasc faoi Staid an Aontais a thug Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen, is éard a dúirt sí ‘Is é atá sa bhorradh infheistíochta faoi NextGenerationEU deis ar leith an nascacht a thabhairt a fhad le gach sráidbhaile. Sin é an fáth ar mian linn ár n-infheistíocht a dhíriú ar an nascacht shlán, ar leathnú 5G, 6G agus ar na snáithíní. Is deis ar leith atá in NextGenerationEU chomh maith chun cur chuige Eorpach níos comhleanúnaí a fhorbairt i dtaca leis an nascacht agus an bonneagar digiteach a chur in úsáid.’ https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/SPEECH_20_1655 .

(151)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Compás Digiteach 2030: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach], an Bhruiséil, 9.3.2021 COM(2021) 118 final.

(152)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Ard-StiúrthóireachtGRue de la Loi 170,, 9 Bruxelles, Belgique.

(153)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(154)  Iarscríbhinn I 'An Ainmíocht Chomhcheangailte’ a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).


IARSCRÍBHINN

Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha nár samplaíodh

Ainm

Cód breise TARIC

Anhui Tianji Information Technology Co., Ltd

C698

Dongjie Optical Technology (Suzhou) Co., Ltd

C700

Fasten Group:

Jiangsu Fasten Optical Communication Technology Co., Ltd

Jiangsu Fasten Optical Cable Co., Ltd

C701

Hangzhou Futong Communication Technology Co., Ltd

C702

Hangzhou Tuolima Network Technologies Co., Ltd

C703

Jiangsu Etern Company Limited

C704

Jiangsu Hengtong Group:

Hengtong Optic-Electric Co., Ltd

Guangdong Hengtong Optic-electronical Technology Co., Ltd

Jiangsu Hengtong Smart Grids Co., Ltd

Zhejiang Dongtong Optical Network and IOT Technology Co., Ltd

C705

Jiangsu Tongguang Optical Fiber Cable Co., Ltd

C706

LEONI Cable (China) Co., Ltd

C707

Liangang Optoelectronic Technology Co., Ltd

C724

Nanjing Huamai Technology Co., Ltd

C708

Ningbo Geyida Cable Technology Co., Ltd

C709

Prysmian Wuxi Cable Co., Ltd

C710

SDG Group:

Shenzhen SDG Information Co., Ltd

Shenzhen SDGI Optical Network Technologies co., Ltd

C711

Shanghai Qishen International Trade Co., Ltd

C712

Shenzhen WanBao Optical Fiber Communication Co., Ltd

C713

Sichuan Huiyuan Optical Communications Co., Ltd

C714

Suzhou Furukawa Power Optic Cable Co., Ltd

C715

Suzhou Torres Optic-electric Technology Co., Ltd

C716

Twentsche (Nanjing) Fibre Optics Ltd

C717

XDK Communication Equipment (Huizhou) Ltd

C718

YOFC Group:

Yangtze Optical Fibre and Cable Joint Stock Limited Company

Yangtze Optical Fibre and Cable (Shanghai) Company Ltd,

Yangtze Zhongli Optical Fibre and Cable (Jiangsu) Co., Ltd,

Sichuan Lefei Optoelectronic Technology Company Limited,

Everpro Technology Company Limited

C719


18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/153


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2012 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 30 Meán Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta (“SSCRanna” nó “an táirge faoi imscrúdú”) de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (“na tíortha lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a thaisc an Comhlachas Eorpach Cruach (“Eurofer” nó “an gearánach”) an 17 Lúnasa 2020 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta.

(3)

An 17 Feabhra 2021, thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí den táirge céanna ar de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise é (“an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais”) (3).

1.2.   Clárú

(4)

Tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach agus an fhianaise riachtanach de thaca léi, chuir an Coimisiún allmhairí den táirge lena mbaineann faoi réir clárú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán clárúcháin”) faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

1.3.   Bearta sealadacha

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 30 Aibreán 2021, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Mar a mhínítear in aithris (210) den Rialachán sealadach, chuir an Coimisiún san áireamh barúlacha a breithníodh a bheith de chineál cléireachais agus, i gcás inar gá, cheartaigh sé na corrlaigh dá réir.

(6)

An 28 Bealtaine 2021, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún (5) (“an Rialachán sealadach”).

1.4.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(7)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha ar an mbonn a forchuireadh an dleacht shealadach frithdhumpála (“nochtadh sealadach”), rinne an gearánach, is é sin cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí (“Euranimi” (6)), allmhaireoir neamhghaolmhar amháin, úsáideoir amháin, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh, agus Rialtas na hIndia (“GOI”) agus Rialtas na hIndinéise (“GOIS”) aighneachtaí i scríbhinn inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha.

(8)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, leis an gcuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, le hallmhaireoir neamhghaolmhar amháin, le húsáideoir amháin agus le dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte.

(9)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá thorthaí deiridh. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin é an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin é an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(10)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta ar de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise iad (“nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Fuarthas barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh ó Eurofer, táirgeoir an Aontais agus úsáideoir Arinox, cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí Euranimi, allmhaireoir neamhghaolmhar LSI, agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ina theannta sin, sholáthair IRNC (táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch) barúlacha maidir leis na barúlacha a rinne Eurofer maidir le cur chuige an Choimisiúin i dtaca lena cheannacháin (féach aithrisí (71) go (74)).

(11)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, Euranimi, le hallmhaireoir neamhghaolmhar amháin, le húsáideoir amháin ar táirgeoir de chuid an Aontais a bhí ann freisin, agus le ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. I bhfianaise a bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, rinneadh nochtadh deiridh breise a bhí teoranta do na coigeartuithe a rinneadh ar roinnt dá bpraghsanna díolacháin onnmhairiúcháin leis an táirgeoir onnmhairiúcháin IRNC. Thug an Coimisiún deis do IRNC barúlacha a sholáthar maidir leis an nochtadh deiridh breise sin, ach níor fhreagair IRNC.

(12)

Breithníodh na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus cuireadh san áireamh iad sa Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

1.5.   Sampláil

(13)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil, deimhníodh aithrisí (6) go (14) den Rialachán sealadach.

1.6.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(14)

Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur gá imscrúdú críochnaitheach a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 mar gheall gur áiríodh tréimhse phaindéime urghnách sa tréimhse imscrúdaithe.

(15)

Chuir an Coimisiún san áireamh go raibh roinnt míonna sa tréimhse imscrúdaithe ina raibh paindéim COVID-19 ag tarlú. Shainaithin agus d’anailísigh an Coimisiún go mion éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil dumpáil dhíobhálach ar mhargadh an Aontais nach bhfuil mar gheall ar éifeachtaí na paindéime.

(16)

In éagmais aon bharúil eile maidir le tréimhse an imscrúdaithe agus an tréimhse a breithníodh, deimhníodh aithris (21) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Maímh maidir leis an raon feidhme táirge

(17)

Ag an gcéim shealadach, d’iarr úsáideoir amháin de chuid an Aontais, Arinox, go n-eisiafaí táirgí cruach dosmálta fuar-rollta de ghrád cruach 200 agus 201 ó raon feidhme an táirge. Dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach an iarraidh faoi mar a mhínítear in aithrisí (25) go (27) den Rialachán sealadach.

(18)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne an páirtí a iarraidh ar eisiamh a chúngú chuig táirgí de ghrád cruach 200 atá comhionann le Jindal J4 nó le JSLU DD (grád nicile 1 %) le tiús 0,90 + 0/-0,060 mm lena n-úsáid i dtáirgeadh stiallacha beachtais cruach dosmálta. Luaitear go bhfuil an táirge éasca a aithint, sa chaoi nach bhfuil aon riosca teacht timpeall, níl aon idirmhalartacht le cineálacha eile táirgí, agus ní tháirgeann tionscal an Aontais an táirge. Thairis sin, de réir na cuideachta, tá sé éasca an úsáid deiridh a fhíorú.

(19)

Cheistigh an gearánach an iarraidh cothrom le dáta ar eisiamh raon feidhme an táirge. Mhaígh Eurofer go mbaineann na gráid a léirigh an t-úsáideoir de chuid an Aontais le hainmníocht tráchtála agus nach bhfuil siad sainmhínithe ag aon chaighdeán idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ní bheidh na húdaráis chustaim in ann aon tagairt a leagan síos ná aon rialú ar chomhdhéanamh ceimiceach an táirge ar eisiamh a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, chuirfeadh rialú na húsáide deiridh ualach míréasúnta ar na húdaráis chustaim. Thairis sin, le díolúine na dtáirgí seo nach dtáirgeann ach Jindal iad, chruthófaí riosca go mbeadh tionchar ag traschúiteamh ar éifeacht cheartaitheach na mbeart.

(20)

Bunaíodh san imscrúdú go bhfuil táirgí den sórt sin inmhalartaithe a mhéid a bhaineann siad le tréithe. Chomh maith leis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá gceadófaí an iarraidh ar eisiamh sin, go gcuirfí ualach míréasúnta ar údaráis chustaim, a mbeadh orthu tástáil saotharlainne a dhéanamh agus an úsáid deiridh a sheiceáil do gach lastas. Thairis sin, toisc go mbaineann an táirge le táirgeoir onnmhairiúcháin sonrach amháin, ní féidir an riosca traschúitimh a chur as an áireamh.

(21)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Arinox a iarraidh thosaigh ar eisiamh táirge, mar atá táirgí atá ar bheagán cruach nicile de ghrád 200 agus táirgí cruach de ghrád 201 a eisiamh ó raon feidhme an táirge. Mhaígh Arinox go bhfuil táirgí atá ar bheagán cruach nicile de ghrád 200 agus táirgí cruach de ghrád 201 ar fáil go hinbhuanaithe ar mhargadh an Aontais agus go bhfuil easpa spéise ó tháirgeoirí an Aontais chun na táirgí seo a mhonarú. Mhínigh Arinox, tar éis an nochta shealadaigh, gur éirigh ceannach táirgí cruach de ghrád 201 ó thionscal an Aontais neamh-inmharthana go heacnamaíoch agus nach bhféadfadh ach táirgeoir amháin san Aontas stiallacha beachtais atá ar bheagán cruach dhosmálta nicile de ghrád 200 a tháirgeadh. Mhaígh sé freisin gur fhulaing sé díobháil eacnamaíoch cheana féin mar thoradh ar na táirgí seo a bheith áirithe san imscrúdú reatha mar, mar gheall ar íogaireacht praghais an táirge, nach bhféadfadh sé an dleacht frithdhumpála a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí, agus i gcás le déanaí gur dheonaigh an Coimisiún eisiamh do tháirge i gcás comhchosúil.

(22)

Thairis sin, d’athdhearbhaigh an chuideachta go bhfuil difríochtaí suntasacha i dtéarmaí saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla idir táirgí de ghrád cruach 200 agus 201 agus cineálacha eile cruach a thiteann laistigh den táirge faoi imscrúdú, go háirithe táirgí de ghrád cruach 300 agus gur féidir le húdaráis chustaim comhdhéanamh ceimiceach táirge ghrád cruach 200 agus 201 a fhíorú go simplí le hionstraimí atá ar fáil go forleathan agus na deimhnithe ó thástálacha muilte. Mhaígh an chuideachta freisin go bhfuil an iarraidh ar eisiamh ceangailte le húsáideoir deiridh amháin agus gur dóchúil gurb é an chuideachta a bheadh san úsáideoir deiridh amháin den iarraidh ar eisiamh.

(23)

D’áitigh an chuideachta go bhfuil an riosca traschúitimh teoranta, mar go gceannaíonn sí go príomha gráid chruach 200 agus 201 ó na tíortha lena mbaineann agus go bhfoinsíonn sí a soláthar ó na táirgeoirí éagsúla sna tíortha sin.

(24)

Níor sholáthair Arinox tuilleadh fianaise ar neamhfhéidearthacht táirgí de ghrád cruach 200 agus 201 a idirmhalartú le cineálacha eile cruach, seachas a bheith ag maíomh na neamhréasúnachta eacnamaíoch a bhaineann leis sin a dhéanamh. Mar a leagadh amach cheana in aithris (20) thuas, éilítear tástáil saotharlainne leis an gcomhdhéanamh ceimiceach a dhéanann údaráis chustaim a fhíorú, rud a chuirfeadh ualach trom ar údaráis chustaim, go háirithe toisc go mbeadh gá leis seo le haghaidh gach lastais den táirge eisiata arna iarraidh. Measúnú oibiachtúil is ea an riosca traschúitimh, agus léiríodh sna sonraí a chuir an chuideachta sin ar fáil maidir lena ceannacháin táirgí de ghrád cruach 200 agus 201 agus táirgí eile ó na tíortha lena mbaineann gur cheannaigh sí táirgí eile a thagann laistigh de raon feidhme táirge an imscrúdaithe reatha ó na tíortha sin, a bhfuil an riosca traschúitimh ag baint leis go nádúrtha. Thairis sin, cé go maíonn an chuideachta nach bhfuil ach úsáid deiridh amháin ag na gráid chruach sin, ní féidir a eisiamh go bhféadfadh úsáidí eile a bheith ag na gráid chruach seo.

(25)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh sé iomchuí an iarraidh ar eisiamh táirge sin a cheadú agus diúltaíodh di, dá bhrí sin.

2.2.   Conclúid

(26)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le raon feidhme na dtáirgí, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (22) go (27) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An India

3.1.1.   Comhar agus Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm go páirteach

(27)

In aithrisí (29) go (57) den Rialachán sealadach, tagraítear do na heintitis Jindal de chuid na hIndia a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú mar “an Jindal Group”. Sa Rialachán seo, tagrófar do na heintitis sin mar “Jindal India” ach tagraíonn “an Jindal Group” do Jindal India, Jindal Indonesia agus eintitis ábhartha Jindal i dtríú tíortha.

(28)

Mar a mhínítear in aithrisí (32) go (35) den Rialachán sealadach, bheartaigh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm ag an gcéim shealadach agus úsáid a bhaint as fíorais a bhí ar fáil maidir leis an bhfaisnéis nár nochtadh a bhaineann le ról cuideachta gaolmhaire de chuid Jindal Group.

(29)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir an Jindal Group in aghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 18. Mheas sé nár dhiúltaigh sé rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha agus nár theip air an fhaisnéis ábhartha a sholáthar agus go ndearna sé a dhícheall. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a chuir an chuideachta ar fáil a úsáid. Rinne an Coimisiún measúnú mar is iomchuí ar na barúlacha sin. Mar a luaitear in aithris (33) den Rialachán sealadach, tugadh éisteacht do Jindal Group os comhair an Oifigigh Éisteachta cheana féin an 16 Aibreán 2021. I gcomhréir le moltaí an Oifigigh Éisteachta tar éis na héisteachta, rinne an Coimisiún measúnú iomlán ar an bhfaisnéis a fuarthas ó Jindal Group, an 29 Márta 2021, mar fhreagra ar litir Airteagal 18 freisin.

(30)

Mar thoradh air sin, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthair an táirgeoir sin is onnmhaireoir agus ghlac sé go páirteach leis an maíomh. Thairis sin, i bhfianaise na hanailíse breise a soláthraíodh an 29 Márta 2021, measadh gurbh iomchuí coigeartú breise a dhéanamh. Toisc gur lipéadaíodh barúlacha An Jindal Group mar íogair, níor nochtadh measúnú mionsonraithe an mhaímh ach don pháirtí lena mbaineann.

3.1.2.   Gnáthluach

(31)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (36) go (47) den Rialachán sealadach.

(32)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne Jindal India agus Jindal Indonesia athdhearbhú ar a gcuid maíomh le tagairt d’Airteagal 2(5), fomhír 3 agus fomhír 4, agus Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, gur cheart don Choimisiún an gnáthluach ar chostais a bhaineann le dianghlasáil Covid-19 a cuireadh i bhfeidhm san India agus san Indinéis le linn cuid den tréimhse imscrúdaithe a choigeartú.

(33)

B’éigean na maímh sin a dhiúltú.

(34)

Maidir leis na maímh faoi Airteagal 2(5), fomhír 3, tugann an Coimisiún dá aire, sa chéad dul síos, go bpléann fomhír 3 leithdháileadh ceart na gcostas agus úsáid stairiúil leithdháilte den sórt sin, ag cur in iúl gurbh fhearr leithdháileadh costais bunaithe ar láimhdeachas. Deirtear ann freisin “ach amháin má léirítear é cheana féin i leithdháileadh na gcostas faoin bhfomhír seo, déanfar coigeartú oiriúnach ar na costais i dtaca leis na míreanna costais neamh-athfhillteacha a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó i láthair na huaire.” Sa chás atá i gceist, áfach, ní hionann na “costais Covid-19” a mhaítear agus mír chostais eile ar féidir í a choigeartú maidir leis an tréimhse imscrúdaithe. Is ionann na costais a mhaítear agus na gnáthchostais sheasta a bhíonn ag tabhú agus ag athfhilleadh do Jindal go tráthrialta. Ach, tá feidhm acu maidir le cainníocht táirgthe níos ísle mar gheall ar Covid-19. Ach ní chumhdaítear an cás sin leis an abairt dheireanach luaite i bhfomhír 3. Dá réir sin, ní féidir aon choigeartú a cheadú faoi Airteagal 2(5), fomhír 3.

(35)

Ar an dara dul síos, maidir leis na maímh a rinneadh faoi Airteagal 2(5), fomhír 4, tugann an Coimisiún dá aire, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 2(5), fomhír 4, nach féidir maolú ó na costais aonaid arna dtabhú ag cuideachta de ghnáth a cheadú ach i gcás ina n-éilíonn úsáid saoráidí táirgthe nua infheistíocht bhreise shubstaintiúil agus i gcás ina n-eascraíonn rátaí ísle úsáid na hacmhainneachta táirgeachta as oibríochtaí nua-thionscanta a tharlaíonn le linn na tréimhse imscrúdaithe nó cuid di. Sa chás atá i gceist, eascraíonn rátaí úsáid ísealacmhainne, más ann dóibh, as dúnadh síos sealadach na táirgeachta mar gheall ar Covid-19. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Airteagal 2(5), fomhír 4.

(36)

Ar an tríú dul síos, maidir leis na maímh a rinneadh faoi Airteagal 2(10)(k), tugann an Coimisiún dá aire, i gcomhréir le hAirteagal 2(10), go bhféadfar coigeartú a dhéanamh “do dhifríochtaí idir fachtóirí má léirítear go ndéanann siad difríocht d’inchomparáideacht praghsanna mar a cheanglaítear faoin mhír seo, go háirithe má íocann custaiméirí praghsanna éagsúla ar an margadh intíre i ngeall ar an difríocht idir na fachtóirí sin.” D’áitigh Jindal India agus Jindal Indonesia gur cheart go ndearnadh coigeartú mar gheall ar thionchar dhianghlasáil Covid-19 ar an gcostas táirgthe ach theip orthu aon tionchar ar inchomparáideacht praghsanna a léiriú. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an maíomh maidir le hAirteagal 2(10)(k).

(37)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh Jindal Group na héilimh ar choigeartú le haghaidh costas a bhaineann le Covid-19. I ndáil le coigeartú féideartha faoi Airteagal 2(5), fomhíreanna 3 agus 4, luaigh an Jindal Group costais “níos airde ná mar is gnách” (7) nár cheart a chur i leith táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú i rith na tréimhse imscrúdaithe ina n–iomláine, ach, seachas sin, gur cheart don Choimisiún costas táirgthe ionadaíoch a ríomh i rith na tréimhse imscrúdaithe.

(38)

B’éigean an maíomh a dhiúltú. Tabhaítear na costais atá i gceist i rith na tréimhse imscrúdaithe agus baineann siad le táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú. I bhfianaise thuarascáil phainéil Salmon luaigh an Jindal Group, agus i gcomhréir leis an tríú abairt d’Airteagal 2(5), fomhír 3 den bhun-Rialachán, go ndéanfar coigeartú iomchuí ar na costais i dtaca leis na míreanna costais neamh-athfhillteacha a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó atá ann faoi láthair. D’aithin an Coimisiún gur de chineál neamh-athfhillteach iad na costais a éilíodh maidir le dianghlasáil Covid-19. Mar sin féin, is costais sheasta amháin iad na costais shonracha a tabhaíodh i rith dhianghlasáil Covid-19 agus is toradh iad ar thearcúsáid na hacmhainneachta atá ar fáil agus a úsáidtear ar shlite eile. De réir sainmhíniú, ní féidir leo dul chun tairbhe don táirgeadh amach anseo, mar a d’fhéadfadh costais infheistíochta a dhéanamh mar shampla. Ná ní féidir leo dul chun tairbhe don táirgeadh atá ann faoi láthair toisc go bhfuil siad ann mar thoradh ar imeacht aonuaire force majeure, dianghlasáil Covid-19.

(39)

I ndáil leis an maíomh faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, rinne an Jindal Group tagairt do ráiteas an Choimisiúin faoi aithris (36) agus dúirt siad freisin gur léir ó réamhrá Airteagal 2(10) go gcumhdaíonn an tagairt d’inchomparáideacht praghais incomparáideacht idir an gnáthluach (d’ainneoin an chaoi a gcinntear é) agus an praghas onnmhairiúcháin.

(40)

D’aithin an Coimisiún go dtagraítear sa réamhrá le hAirteagal 2(10) d’inchomparáideacht praghsanna. Tá sé fíor freisin gur féidir roinnt de na coigeartuithe a liostaítear ó Airteagal 2(10)(a) go (k) a chur i bhfeidhm go cothrom le gnáthluach bunaithe ar phraghsanna intíre, agus le gnáthluach tógtha. Tá coinníoll sainráite in Airteagal 2(10)(k) áfach ag tagairt do dhifríochtaí i bpraghsanna a íoctar ar an margadh intíre, difríochtaí nach mór a shásamh sula ndéantar coigeartú. Ní raibh an Jindal Group in ann bunús a thabhairt le difríochtaí den sórt sin ach nach bhféadfadh sé ach an éifeacht ar chostais a léiriú. Bheadh tionchar cothrom ag aon mhéadú i gcostas in aon chás ar phraghsanna intíre agus onnmhairiúcháin go cothrom. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh nua faoi Airteagal 2(10)(k) a dhiúltú.

(41)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir Chromeni in aghaidh choigeartuithe an Choimisiúin ar an gcostas amhábhair. Sa chinneadh sealadach, rinne an Coimisiún amach sa chlár ceannachán idirbheart ar idirbheart maidir le cornaí teorollta de chruach dhosmálta (“SSHR”) go raibh praghsanna ceannaigh SSHR ó pháirtithe gaolmhara go mór faoi phraghsanna an amhábhair chéanna ó pháirtithe neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a mheas go raibh siad ar neamhthuilleamaí agus rinne an Coimisiún coigeartú ar na praghsanna sin. Sna barúlacha a thug sé don nochtadh sealadach, mhaígh Chromeni nach raibh cáilíocht na gcornaí a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh i gcónaí mar an gcéanna agus gur cheart é sin a chur san áireamh agus an chomparáid á déanamh. Cruthaíodh an maíomh le conarthaí ceannacháin, le comhshocrú lascaine cáilíochta, le nótaí creidmheasa, le tuairisc chigireachta ar cháilíocht, chomh maith le hiontrálacha cuntasaíochta don mhaíomh cáilíochta. Rinne an Coimisiún measúnú mar is iomchuí ar an maíomh agus mheas sé go raibh údar iomchuí leis. Dá dheasca sin, chuir an Coimisiún an meánphraghas ualaithe ceannacháin ó sholáthróirí neamhghaolmhara, iolraithe faoi na cainníochtaí a úsáidtear, in ionad mheánphraghas ceannacháin SSHR ó pháirtithe gaolmhara i dtaifid na cuideachta.

(42)

Ag an gcéim shealadach, rinne an Coimisiún na costais dímheasa i ngnáthluach Chromeni a athríomh toisc gur bunaíodh nár tuairiscíodh dímheas trealaimh táirgthe áirithe agus é in úsáid cheana féin do tháirgeadh tráchtála. Tar éis nochtadh sealadach, chuir Chromeni in aghaidh an choigeartaithe sin ar na costais dímheasa a tuairiscíodh, agus d’áitigh sé gur cuireadh na costais sin in áirithe i gcomhréir iomlán le Cleachtais Chuntasaíochta na hIndia a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta agus gur cheart glacadh leo, dá bhrí sin. D’áitigh an Coimisiún gurbh iomchuí agus réasúnach tús na tréimhse dímheasa don innealra a thabhairt ar ais sa chaoi go dtarlódh sí ag an am a thosódh táirgeadh agus díolacháin iarbhír an táirge faoi imscrúdú. Maidir leis sin, níor léirigh taifid Chromeni go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú agus ba ghá coigeartú a dhéanamh orthu, dá bhrí sin.

(43)

Ar deireadh, tar éis nochtadh sealadach, chuir Chromeni in aghaidh an bhealaigh ar láimhseáil an Coimisiún coigeartuithe ar na costais thionscanta a mhaítear, a bhí ag baint le costais dímheasa agus costais díola, ghinearálta agus riaracháin. Chuir an Coimisiún teorainn 3 mhí leis an tréimhse ar féidir coigeartú le haghaidh costas dímheasa a dhéanamh agus dhiúltaigh sé an coigeartú tionscanta na gcostas SGA. D’áitigh Chromeni go bhfuil céim thionscnaimh na líne táirgeachta cruach i bhfad níos faide ná 3 mhí agus é ag díriú leis sin ar dháta eisiúna an deimhnithe deiridh um ghlacadh. Shuigh an Coimisiún, áfach, gur thosaigh táirgeadh tráchtála i bhfad roimh an dáta sin cheana féin. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(5) den bhun-Rialachán ina sonraítear inter alia nach rachaidh fad na céime tionscnaimh thar chion tosaigh iomchuí den tréimhse d’aisghnóthú costas, is é cleachtas cáis chomhsheasmhaigh an Choimisiúin teorainn 3 mhí a chur le fad na céime tionscnaimh. Ag féachaint do chúinsí an cháis seo, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, gur thréimhse ama iomchuí é 3 mhí. Maidir leis na costais díola, ghinearálta agus riaracháin, níor chuir Chromeni aon fhianaise ar fáil go mbaineann na costais sin le táirgeadh agus, dá bhrí sin, níl siad thíos le húsáid saoráidí táirgthe nua a éilíonn infheistíocht bhreise shubstaintiúil agus le rátaí ísle úsáid na hacmhainneachta táirgthe, a eascraíonn as oibríochtaí nua-thionscanta, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(5) an ceathrú mír den bhun-Rialachán.

(44)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh Chromeni na héilimh agus an argóinteacht chéanna, gan aon fhianaise ná argóintí nua a sholáthar. I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh do mhaímh Chromeni maidir leis an gcoigeartú dímheasa agus an costas tionscanta.

(45)

In aithris (175) den Rialachán sealadach, dheimhnigh an Coimisiún an saobhadh amhábhair san India agus san Indinéis a líomhnaítear sa ghearán. Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Eurofer, toisc gurb ann do shaobhadh a thagann chun cinn ón rialtas ar mhargaí na n-amhábhar san India agus san Indinéis, gur cheart costais na gcuideachtaí a choigeartú faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. Mhaígh Eurofer, i bhfianaise an tsaofa, nach léiríonn na costais i dtaifid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú, agus, thairis sin, gur tharla cás neamhghnách mar gheall ar an saobhadh amhábhair.

(46)

Dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh sin mar gur chinn sé nár sholáthair Eurofer fianaise leordhóthanach chun an coigeartú a chur i bhfeidhm ina iomláine faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán sa chás seo. Tar éis nochtadh deiridh, d’easaontaigh Eurofer, ag maíomh gur sholáthair sé sa ghearán agus i roinnt aighneachtaí roimh agus tar éis nochtadh deiridh fianaise leordhóthanach le tacú leis an éileamh sa ghearán. Níor mheas an Coimisiún go raibh sé iomchuí chun scrúdú breise a dhéanamh ar an gcoigeartú féideartha faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. D’ainneoin cibé an raibh nó nach raibh an fhianaise a seoladh isteach i rith an imeachta seo ina fianaise tacaíochta leordhóthanach chun anailís a dhéanamh ar shubstaint an éilimh, thug an Coimisiún faoi deara go raibh éileamh den chineál céanna ar thionchar shaobhadh amhábhar i soláthar earraí á scrúdú i gcomhthéacs imscrúdú frith-fhóirdheontais.

3.1.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(47)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (48) go (50) den Rialachán sealadach.

(48)

Tar éis nochtadh sealadach agus tar éis nochtadh deiridh freisin, chuir Jindal India agus Jindal Indonesia in aghaidh an chur chuige a chuir an Coimisiún i bhfeidhm chun praghas onnmhairiúcháin roinnt dá dhíolachán a shuí trí Iberjindal S.L. (“IBJ”), trádálaí gaolmhar atá lonnaithe sa Spáinn. Diúltaíodh an maíomh den chuid is mó. Toisc gur lipéadaíodh na barúlacha sin mar eolas íogair, níor nochtadh na cúiseanna le cinntí an Choimisiúin maidir leis an maíomh ach don pháirtí lena mbaineann.

(49)

Tar éis an nochta deiridh, sheol an Jindal Group isteach, i ríomh an phraghais onnmhairiúcháin, go raibh earráid fhoirmle maidir leis na costais lastais a raibh tionchar acu ar phraghsanna díolacháin áirithe an Aontais. D’fhíoraigh an Coimisiún an tsaincheist agus, go deimhin, suíodh go raibh earráid chléireachais san fhoirmle, earráid a cheartaigh sé.

(50)

Ní bhfuarthas aon mhaíomh breise maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, tá aithrisí (48) go (50) den Rialachán sealadach deimhnithe.

3.1.4.   Comparáid

(51)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (51) go (54) den Rialachán sealadach.

(52)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Jindal India agus Jindal Indonesia nár cheart go ndéanfadh an Coimisiún costais agus brabús SGA (“coimisiún barúlach”) a asbhaint as praghas onnmhairiúcháin dhíolacháin an Aontais a sheoltar trína thrádálaí gaolmhar i dtríú tír, mar a mhínítear in aithrisí (52) agus (81) den Rialachán sealadach. Diúltaíodh an maíomh sin. Toisc gur lipéadaíodh na barúlacha sin mar íogair, níor nochtadh na cúiseanna lenar diúltaíodh an maíomh ach don pháirtí lena mbaineann.

(53)

Tar éis nochtadh deiridh, chuir an Jindal Group isteach éilimh bhreise ar an measúnú ar phraghas onnmhairiúcháin maidir leis an trádálaí gaolmhar sin. Arís lipéadaíodh na barúlacha seo amhail íogair agus dá bhrí sin cuireadh seasamh an Choimisiúin in iúl do Jindal maidir leis na héilimh sin ar bhonn aonair.

(54)

Tar éis nochtadh deiridh, d’éiligh an Jindal Group nár cheart gur mhó an coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin maidir le díolacháin an Aontais a sheoltar trí JSL Global Commodities Pte. Ltd. (“JGC”) ná a chostais díola, ghinearálta agus riaracháin, mar de réir chleachtas roimhe seo na n-institiúidí agus mar a cheadaigh an Chúirt Chéadchéime, bheadh sé réasúnach gan ach costais díola, ghinearálta agus riaracháin a asbhaint. (8) Má áitíonn an Coimisiún ar bhrabús a áireamh (rud nár cheart dó a dhéanamh), ba cheart an brabús sin a bhunú ar shonraí JGC. De réir an Jindal Group, bheadh sé seo i gcomhréir le cleachtas an Choimisiúin le déanaí agus breithniú na Cúirte Céadchéime go bhfuil sé “réasúnach”“fíorshonraí” a úsáid. (9)

(55)

Dá bhrí sin, b’éigean na maímh a dhiúltú. I dtosach, i gcás nach ndéanfaí ach amháin costais díola, ghinearálta agus riaracháin a asbhaint, ní thabharfaí san áireamh luach iomlán na marcála suas ina bhfuil costais díola, ghinearálta agus riaracháin móide brabús de ghnáth. Maidir leis an measúnú ar an mbrabús sin, áitíonn an Coimisiún gur gá brabús den sórt sin a réadú faoi choinníollacha ar neamhthuilleamaí agus dá bhrí sin ní féidir leis a bheith ag brath ar bhrabús a eascraíonn as luach saothair arna chomhaontú ag na páirtithe gaolmhara. Maidir le breithiúnas na Cúirte Céadchéime, formheasadh leis an rialú sin asbhaint costas díola, ginearálta agus riaracháin ach ba léir níor cuireadh in aghaidh asbhaint chomhuaineach brabús, nach raibh i gceist sa chás sin. Thairis sin, i gcomhréir leis an gcás sin, san imscrúdú reatha, asbhaineadh na costais díola, ghinearálta agus riaracháin bunaithe ar shonraí iarbhír an trádálaí gaolmhar, mar nach ndearna an caidreamh idir an dá eintiteas difear do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin. Maidir le cleachtas an Choimisiúin, nuair is léir go ndéanann an caidreamh idir an trádálaí agus an táirgeoir onnmhairiúcháin difear don chorrlach brabúis, is é an cleachtas atá ann corrlach brabúis ainmniúil a asbhaint, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag allmhaireoirí neamhghaolmhara atá ag comhoibriú leis an imscrúdú céanna, mar athróg réasúnta. Sa chás le déanaí ar thagair an Jindal Group de, measadh go raibh an corrlach brabúis iarbhír réasúnach, áfach, i bhfianaise fhíorais an cháis sin agus na feidhmeanna a rinne an trádálaí gaolmhar. Dá bhrí sin asbhaineadh an corrlach brabúis iarbhír.

(56)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne Jindal India a mhaíomh a athrá gur cheart an gnáthluach a choigeartú le haghaidh aisíocaíochtaí dleachta. Go háirithe, mhaígh sé go sonraítear le hAirteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán gur cheart gach difríocht a mbíonn tionchar acu ar inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh agus gur cheart an maíomh a dheonú, dá bhrí sin.

(57)

Diúltaíodh an maíomh sin. Theip ar Jindal India a léiriú go raibh tionchar ag an aisíocaíocht dleachta líomhnaithe ar inchomparáideacht praghsanna. Go háirithe, ní raibh Jindal India in ann a léiriú gur tháinig ardú comhsheasmhach ar phraghsanna intíre mar gheall ar an aisíocaíocht dleachta.

(58)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Jindal India gur cheart don Choimisiún a áirithiú nach ndéantar comhaireamh dúbailte ar aisíocaíocht dleachtanna agus go sáraítear dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála má fhritháirítear an fóirdheontas céanna faoi dhó trí dhleachtanna frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a fhorchur i gcomhthráth (go háirithe i gcás fóirdheontais onnmhairiúcháin). (10) Toisc go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar roinn eintiteas sa Jindal Group san imscrúdú frith-fhóirdheontais mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe féideartha, ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go gcoigeartaítear na haisíocaíochtaí dleachta seo sa chás reatha nó nach bhfrithchúitítear iad sa chás frith-fhóirdheontais.

(59)

Maidir leis an éileamh seo, shoiléirigh an Coimisiún ar na cúiseanna a luadh in aithris (53) den Rialachán sealadach agus in aithris (57) den Rialachán reatha, nach sásaíonn an scéim a úsáideann Jindal India maidir lena dhíolacháin onnmhairiúcháin leis an Aontas na coinníollacha a bhaineann le haon choigeartú faoi Airteagal 2(10)(b) nó (k) den bhun-Rialachán. Go háirithe, níor léirigh Jindal India gur íoc custaiméirí ar an margadh intíre praghsanna éagsúla go comhsheasmhach i bhfianaise na bunscéime. Mheas an Coimisiún dá bhrí sin go raibh na héilimh maidir le coigeartú gan bhunús agus ina dhiaidh sin dhiúltaigh sé iad.

(60)

Ní bhfuarthas aon mhaímh bhreise maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, tá aithrisí (51) go (54) den Rialachán sealadach deimhnithe.

3.1.5.   Corrlaigh dhumpála

(61)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an Jindal Group nuair a bhí dumpáil á ríomh, gur úsáid an Coimisiún luachanna CIF míchearta maidir le roinnt dá dhíolacháin san Aontas. Ach, chinn an Coimisiún go ndearna an Jindal Group féin an earráid chléireachais líomhnaithe ina fhreagra ceistneora, agus nár cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi roimh na gCros-Seiceálacha Cianda nó lena linn. Chomh maith leis sin, níor ardaigh an Jindal Group an tsaincheist sna barúlacha leis an réamhnochtadh agus sna barúlacha leis an nochtadh sealadach. Mheas an Coimisiún dá bhrí sin, tráth ar tugadh isteach an t-éileamh, nach bhféadfaí é a chros-seiceáil go cianda níos mó agus gur diúltaíodh an t-éileamh maidir leis an earráid líomhnaithe dá bhrí sin.

(62)

Faoi mar a shonraítear in aithrisí (27) go (60) thuas, chuir an Coimisiún san áireamh barúlacha páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis nochtadh sealadach agus deiridh. Tugadh ríomh Jindal India cothrom le dáta freisin d’fhonn earráid chléireachais a bhaineann leis an bpraghas onnmhairiúcháin a cheartú (féach aithris (49)).

(63)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Jindal India

13,9  %

Chromeni

45,1  %

Gach cuideachta eile

45,1  %

3.2.   An Indinéis

3.2.1.   Réamhbharúil

(64)

In aithrisí (58) go (86) den Rialachán sealadach, tagraítear do na heintitis Jindal de chuid na hIndinéise a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú mar “an Jindal Indonesia Group” nó “an Jindal Group”. Sa Rialachán seo, tagrófar do na heintitis sin mar “Jindal Indonesia” ach tagraíonn “an Jindal Group” do Jindal India, Jindal Indonesia agus eintitis ábhartha Jindal i dtríú tíortha.

3.2.2.   Gnáthluach

(65)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (65) go (76) den Rialachán sealadach.

(66)

Ina aighneacht an 11 Meitheamh 2021, mheabhraigh GOIS go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na hIndinéise ag comhoibriú go hiomlán agus nach mór don Choimisiún a shonraí fíora a úsáid agus an gnáthluach á ríomh.

(67)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne Jindal Indonesia a mhaíomh a athrá, i dteannta Jindal India, gur cheart don Choimisiún an gnáthluach ar chostais a bhaineann le dianghlasáil Covid-19 a choigeartú. Diúltaíodh an maíomh sin. Tugtar aghaidh air in aithrisí (32) go (36) thuas.

(68)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir IRNC in aghaidh chur chuige an Choimisiúin chun praghas margaidh ríofa a chur in ionad phraghas ceannaigh chornaí bána SSHR dá gceannófaí an táirge idirmheánach tábhachtach sin ó sholáthróirí gaolmhara. I bhfreagra ceistneora na cuideachta agus le linn na gcros-seiceálacha cianda rinne an Coimisiún amach go bhfuarthas na táirgí seo ó sholáthróirí gaolmhara ar phraghas aistrithe faoina chostas táirgthe. Sa ríomh sealadach, chuir an Coimisiún praghas margaidh ríofa ina bhfuil costas monaraíochta, costais SGA agus brabús na dtáirgí in ionad na bpraghsanna sin, dá bhrí sin. Mhaígh an chuideachta gur phraghsanna ar neamhthuilleamaí iad na praghsanna aistrithe, agus cháin sí an easpa anailíse maidir leis sin.

(69)

Rinne an Coimisiún anailís ar na mínithe agus ar na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh agus tháinig sé ar an gconclúid gur ghá an cur chuige tosaigh maidir le cornaí bána SSHR a cheannach ó sholáthróirí gaolmhara a choigeartú. Go deimhin, bhí praghsanna díolacháin na soláthróirí cornaí bána SSHR gaolmhar le IRNC inchomparáide lena bpraghsanna díolacháin SSHR le custaiméirí neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, mheas sé gurbh iomchuí glacadh le praghas ceannaigh IRNC do na táirgí sin nuair a bheadh an praghas sin comhionann lena chostas táirgthe nó níos mó ná sin agus a gcostas táirgthe a chur ina ionad nuair a fhaightear gurb ísle an praghas ceannaigh aistrithe.

(70)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, chuir Eurofer in aghaidh cur chuige athbhreithnithe an Choimisiúin maidir le costais chornaí bána SSHR IRNC, mar a mhínítear in aithris (69). Mhaígh Eurofer ar an gcéad dul síos nár cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as praghsanna ceannacháin SSHR IRNC ó pháirtithe gaolmhara mar nach praghsanna ar neamhthuilleamaí a bheadh sna praghsanna seo. Ar an dara dul síos, chinn Eurofer go raibh cur chuige an Choimisiúin ar neamhréir leis na torthaí in imscrúdú a cuireadh i gcrích le déanaí ina raibh an grúpa cuideachtaí céanna páirteach (11). San imscrúdú sin, dhiúltaigh an Coimisiún costas táirgthe phríomh-chomhpháirt maidir le monaraíocht an táirge lena mbaineann. Ar an tríú dul síos, mhaígh sé i gcás go leanfadh an Coimisiún dá chur chuige, gur cheart dó brabús réasúnach a chur le praghas ceannacháin SSHR agus luach an idirbhirt idir na páirtithe gaolmhara á choigeartú, de bhun Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, nó brabús IRNC ar SSCR a mhéadú, brabús arna úsáid agus an gnáthluach á ríomh chun idirbhearta ag costas nó ag brabús an-íseal a chúiteamh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6) den bhun-Rialachán.

(71)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar na maímh. Maidir leis an gcéad mhaíomh, chinn an Coimisiún go raibh an fhaisnéis a sholáthair soláthróirí gaolmhara SSHR de chuid IRNC iomlán agus leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar cibé an ndearna nó nach ndearna an caidreamh idir IRNC agus na soláthróirí seo difríocht do phraghsanna ceannacháin SSHR. Chinn an Coimisiún nár dhíol na soláthróirí gaolmhara SSHR lena gcustaiméir IRNC gaolmhar amháin le linn na tréimhse imscrúdaithe ach le roinnt custaiméirí intíre neamhghaolmhara freisin agus go raibh na praghsanna díolacháin le IRNC agus leis na custaiméirí neamhghaolmhara sin ar neamhthuilleamaí. Dá bhrí sin, measadh nach ndearna an caidreamh idir IRNC agus a soláthróir gaolmhar difear do na praghsanna sin de réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán agus nach bhfuil aon bhunús ann maidir le neamhaird a dhéanamh díobh ar an iomlán. Ar an dara dul síos, in éagmais aon seasamh a thógáil maidir leis na fíorais agus na conclúidí ar thángthas orthu san imscrúdú SSHR dá dtagraíonn Eurofer, mheabhraigh an Coimisiún go ndéantar measúnú agus anailís ar gach cás ar a thuillteanas féin agus má tá na fíorais a bhunaítear in imscrúdú amháin difriúil ó na fíorais a bunaíodh in imscrúdú roimhe sin, agus freisin más imscrúdú le déanaí atá ansin a bhaineann leis an ngrúpa cuideachtaí céanna, is féidir teacht ar chonclúid éagsúil.

(72)

Diúltaíodh an maíomh chun brabús réasúnach a chur le praghas ceannacháin SSHR mar go gceadaíonn Airteagal 2(5) go deimhin do choigeartú den sórt sin mura léirítear na costais a bhaineann le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú go réasúnach i dtaifid an pháirtí lena mbaineann. San imscrúdú reatha, áfach, níor shuigh an Coimisiún gur amhlaidh an cás. Maidir leis an dara cuid den tríú maíomh, mheabhraigh an Coimisiún nach dtáirgtear an táirge faoi imscrúdú ach ag úsáid SSHR a fhoinsítear ó na soláthróirí gaolmhara sa chrios tionsclaíoch céanna agus go ndéanann IRNC céim chríochnaithe an táirgthe. Luaitear go soiléir in Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán go mbeidh an brabús “bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus le díolachán, i ngnathchúrsa trádála, an táirge comhchosúil, ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú”. Dá bhrí sin, ní chumhdaíonn an fhoráil seo ach cinneadh an chorrlaigh brabúis do dhíolachán an táirge chomhchosúil agus níl feidhm aige maidir le bunú an phraghais ar neamhthuilleamaí i ndíolachán amhábhar.

(73)

I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh maímh Eurofer.

(74)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Eurofer gur cheart coigeartú ar an ngnáthluach a dhéanamh faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán mar gheall ar an saobhadh amhábhair a rinneadh amach gurb ann dó san Indinéis. Tugtar aghaidh ar an gceist seo in aithrisí (45) go (46) thuas.

3.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(75)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (77) go (79) den Rialachán sealadach.

(76)

Mar a míníodh in aithris (79) den Rialachán sealadach, i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí gaolmhara atá ag gníomhú ina n-allmhaireoirí, leagadh síos an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Mar a shonraítear in aithris (64) den Rialachán sealadach, rinne Jindal Indonesia díolacháin áirithe trí IBJ sa Spáinn.

(77)

Tar éis nochtadh sealadach, thug Jindal Indonesia na barúlacha céanna a thug Jindal India maidir leis na díolacháin sin a luaitear in aithris (48) thuas. Diúltaíodh an maíomh sin. Níor nochtadh na cúiseanna lenar diúltaíodh an maíomh ach amháin don pháirtí lena mbaineann ar na cúiseanna a luaitear in aithris (48).

3.2.4.   Comparáid

(78)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (80) go (83) den Rialachán sealadach.

(79)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug Jindal Indonesia na barúlacha céanna a thug Jindal India maidir leis an gcoigeartú le haghaidh an choimisiúin bharúlaigh a luaitear in aithris (52) thuas. Diúltaíodh an maíomh sin. Níor nochtadh na cúiseanna lenar diúltaíodh an maíomh ach amháin don pháirtí lena mbaineann ar na cúiseanna a luaitear in aithris (52).

(80)

Mhaígh Jindal Indonesia gur cheart go mbeadh na rátaí úis gearrthéarmacha atá foilsithe ag Bank of Indonesia [Banc na hIndinéise] úsáidte ag an gCoimisiún d’iasachtaí USD agus IDR chun na costais chreidmheasa a ríomh in ionad rátaí úis idirbhainc gearrthéarmacha atá foilsithe ag CEIC.

(81)

Rinne an Coimisiún anailís ar na mínithe agus ar na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh agus mheas sé go raibh bonn cirt leis an bhfoinse sonraí a athrú mar a mhaíonn Jindal Indonesia. Maidir le cur i bhfeidhm rátaí úis difriúla do dhíolacháin intíre agus onnmhairí, áfach, foráiltear le hAirteagal 2(10)(g) den bhun-Rialachán go bhféadfar coigeartú a dhéanamh do na difríochtaí idir na costais ar aon chreidmheas a dheonaítear i leith na ndíolachán i gceist, ar choinníoll gur fachtóir é a chuirfear san áireamh agus praghsanna atá le gearradh á gcinneadh. Rinne an Coimisiún amach le linn na gcros-seiceálacha cianda go bhfuil an chuideachta ag maoiniú a hoibríochtaí intíre agus onnmhairiúcháin araon trí iasachtaí gearrthéarmacha agus trí shaoráidí trádála omnibus in USD go príomha. Níor aimsigh an Coimisiún fianaise i dtaifid na cuideachta chun údar a thabhairt le ráta úis difriúil a úsáid chun iasachtaí a fháil in IDR do na díolacháin intíre. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh chun an ráta úis d’iasachtaí IDR a úsáid chun díolacháin intíre a mhaoiniú.

(82)

Mhaígh IRNC Group arís eile go raibh an Coimisiún neamhréireach tríd an bpraghas onnmhairiúcháin a choigeartú de bhun Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán le haghaidh costais iompair áirithe ach diúltaíodh na maímh chun praghsanna na ndíolachán intíre a choigeartú le haghaidh costais iompair áirithe agus costais ghaolmhara eile, go háirithe na costais a tabhaíodh chun an táirge lena mbaineann a iompar ón monarcha go dtí an trádstóras intíre.

(83)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán infheidhme maidir leis na costais iompair a tabhaíodh, tar éis an díolachán a dhéanamh, as na hearraí a aistriú ó áitreabh an onnmhaireora chuig an gcéad cheannaitheoir neamhspleách. Is cuid dá áitreabh é trádstóras intíre IRNC agus tabhaíodh na costais arna dtabhú as na hearraí a aistriú ón monarcha go dtí an trádstóras intíre sula ndearnadh an díolachán.

(84)

Mhaígh IRNC freisin nár mhínigh an Coimisiún cén fáth nár cheart costais a bhain le muirir iompair agus calafoirt chomhchosúla ghaolmhara arna dtabhú maidir leis na hearraí a trasloingsíodh trí chrios faoi bhannaí na Síne a dhiúltú mar an gcéanna. Rinne an Coimisiún anailís ar na barúlacha agus ar an bhfianaise ar an gcomhad, go háirithe an conradh díolacháin idir an táirgeoir agus a thrádálaithe gaolmhara a bhí páirteach sna díolacháin onnmhairí. Thug an Coimisiún dá aire sa chonradh díolacháin, go sainaithnítear go soiléir go bhfuil an calafort díluchtaithe lonnaithe san Aontas agus go gceadaítear trasloingsiú na n-earraí. Thairis sin, le haghaidh díolacháin onnmhairí is é an trádálaí a thabhaíonn na costais iompair go díreach agus, dá bhrí sin, déanann siad difear don inchomparáideacht praghsanna ach maidir le costais trádstórála na ndíolachán intíre is é an táirgeoir a íocann an costas chun na hearraí a aistriú go dtí an trádstóras agus tabhaíodh iad sula ndearnadh an díolachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh.

(85)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh IRNC freisin gur lean an Coimisiún cur chuige neamhréireach toisc nach ndearna sé coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) ar an ngnáthluach, agus na coigeartuithe céanna a rinne sé de bhun Airteagal 2(10)(i) ar na díolacháin onnmhairí arna ndéanamh trí thrádálaithe gaolmhara á ndéanamh arís aige, dá réir sin.

(86)

Mheabhraigh an Coimisiún go suitear go follasach le dlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais (12)“ […] i gcás páirtí a bhfuil coigeartuithe á n-éileamh aige faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán d’fhonn an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a bheith inchomparáide chun críche an corrlach dumpála a chinneadh, nach mór dó a chruthú go bhfuil údar leis an éileamh sin […]”. Níl sa tíolacadh a rinne IRNC ina leith sin ach ráiteas lena n-iarrtar coigeartú a dhéanamh ar an ngnáthluach ach níl aon réasúnú substainteach nó míniú mionsonraithe ann. Mheabhraigh an Coimisiún freisin nach mbíonn coigeartú ar an ngnáthluach i gcoigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin go huathoibríoch, agus nach mór don pháirtí a iarrann an coigeartú údar iomchuí a thabhairt do choigeartú den sórt sin ar an ngnáthluach, bunaithe ar fhíorais agus ar fhianaise.

(87)

Dá réir sin, shuigh an Coimisiún gur léir nach gcomhlíonann ráiteas beag lena n-iarrtar coigeartú a dhéanamh, gan aon iarraidh gan bhunús a sholáthar mar thaca leis, an caighdeán dlí arna bhunú ag an gCúirt Bhreithiúnais. Dá réir sin, diúltaíodh an maíomh sin toisc nach raibh aon bhunús leis.

(88)

Mhaígh IRNC freisin go bhfuil an dualgas ar an gCoimisiún a chinneadh chun coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(i) a chruthú le fianaise agus gur mhainnigh air cúiseanna leordhóthanacha a lua ina dhoiciméid shealadacha agus ina dhoiciméid nochta deiridh.

(89)

De réir na mbarúlacha a fuarthas ón gcuideachta tar éis nochtadh deiridh, an 16 Meán Fómhair 2021 sholáthair an Coimisiún nochtadh breise a bhain go sonrach leis an gcuideachta lena mínítear níos mionsonraithe na cúiseanna agus an fhianaise atá mar bhonn taca faoi choigeartú den sórt sin ar an bpraghas onnmhairiúcháin. Níor chuir an chuideachta aon bharúil isteach maidir leis an nochtadh sonrach sin.

3.2.5.   Corrlaigh dhumpála

(90)

Faoi mar a shonraítear in aithrisí (65) go (89) thuas, chuir an Coimisiún barúlacha na bpáirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis nochtadh sealadach san áireamh agus rinne sé na corrlaigh dhumpála a athríomh dá réir.

(91)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Jindal Indonesia

20,2  %

An IRNC Group

10,2  %

Gach cuideachta eile

20,2  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(92)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh Arinox, páirtí leasmhar a bhí cáilithe go sealadach mar úsáideoir, gur cheart é a bhreithniú mar tháirgeoir an Aontais. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur cuireadh sonraí na cuideachta san áireamh sna táscairí maicreacnamaíocha, arna gcur isteach ag Eurofer agus arna gcros-seiceáil ag an gCoimisiún agus, dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur cuid de thionscal an Aontais ar a dtugtar tuairisc in aithris (87) den Rialachán sealadach í an chuideachta sin. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur shainaithin Arinox é féin mar úsáideoir deiridh agus mar allmhaireoir ina iarraidh tosaigh ar eisiamh táirge agus go raibh maímh na cuideachta arna ndéanamh ag an gcéim shealadach bainteach leis na gníomhaíochtaí a d’fheidhmigh sé mar úsáideoir ar mhargadh an Aontais.

(93)

D’iarr Arinox, Euranimi, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin go gcuirfí aitheantas na 13 tháirgeoir an Aontais a chuimsítear i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe in iúl dóibh. Seachas na trí tháirgeoir shampláilte agus na cuideachtaí a thacaíonn leis an ngearán (i.e. Acerinox, Outokumpu Nirosta GmbH, Outokumpu Stainless AB), seo iad Marcegaglia, Acroni, Arinox, Otelinox, agus trí athrollóir atá lonnaithe sa Ghearmáin (i.e. SAP Precision Metal, BWS, agus Waelzholz).

(94)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an sainmhíniú ar an tionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (87) go (89) den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(95)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (90) go (92) den Rialachán sealadach.

4.2.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(96)

Chuir an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin in aghaidh an mheasúnúcháin charnaigh ar éifeachtaí allmhairí de chuid na hIndia agus na hIndinéise ar staid thionscal an Aontais. D’áitigh na páirtithe leasmhara go bhfuil na méideanna allmhairí ón dá thír íseal, go bhfuil an treocht in allmhairí ón India (atá ag laghdú beagán) agus ón Indinéis (atá ag méadú go tapa) le linn na tréimhse lena mbaineann difriúil agus nach ndearnadh aon mheasúnú ceart ar na gnáthdhálaí iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus idir na táirgí allmhairithe agus táirgí comhchosúla an Aontais arna iarraidh ag Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán.

(97)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis nochtadh sealadach, chuir an gearánach in aghaidh an mhaímh arna ndéanamh ag an gcuibhreannas agus ag an allmhaireoir neamhghaolmhar lena leagtar amach nach mbaineann treochtaí allmhairiúcháin le cur i bhfeidhm Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán, go ndearnadh measúnú mar is iomchuí ar na gnáthdhálaí iomaíochta, agus go n-áirithíonn measúnú carntha cur i bhfeidhm neamh-idirdhealaitheach dleachtanna.

(98)

Chinn an Coimisiún gur comhlíonadh na ceanglais chun measúnú carnach a dhéanamh ar na hallmhairí. Níor dhiomaibhseach an méid allmhairí ó gach ceann den dá thír lena mbaineann, i.e. os cionn 1 % de sciar den mhargadh an ceann, agus thug na gnáthdhálaí iomaíochta údar le measúnú carnach, toisc go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag na táirgí allmhairithe agus atá ag na táirgí arna ndíol ag na táirgeoirí an Aontais agus tá na húsáidí bunúsacha céanna acu. Léirítear é sin le leibhéal ard meaitseála na gcineálacha táirge a allmhairíodh ón India agus ón Indinéis leis na cineálacha táirge arna ndíol ag na táirgeoirí an Aontais.

(99)

Thairis sin, bunaíodh go bhfuil na cineálacha táirgí a allmhairíodh ón India agus ón Indinéis cosúil le chéile den chuid is mó agus go bhfuil leibhéal a bpraghsanna féin inchomparáide.

(100)

Thairis sin, mar a chuir an gearánach in iúl, ní cheanglaítear le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán go ndéanfaí comparáid idir na treochtaí allmhairiúcháin idir na tíortha lena mbaineann.

(101)

Tar éis nochtadh sealadach, d’iarr an cuibhreannas agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin go nochtfaí na múnlaí teoiriciúla arna n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar dhálaí iomaíochta i margadh an Aontais den táirge faoi imscrúdú agus de na tíortha lena mbaineann, agus d’iarr siad go dtabharfaí deimhniú go ndeachthas i gcomhairle le seirbhísí iomaíochta agus le seirbhísí anailíse eacnamaíche an Choimisiúin maidir leis na dálaí iomaíochta sin.

(102)

D’áitigh siad freisin nach soláthraítear aon anailís staidrimh chun tacú leis na torthaí in aithrisí (99) agus (100) thuas, agus d’áitigh siad go raibh an sciar den mhargadh d’allmhairí ón India agus ón Indinéis íseal i gcomparáid leis an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais. Maidir leis an India, bhí na méideanna allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe níos ísle ná na méideanna allmhairí in 2017 agus in 2018 agus bhí siad cosúil leis na hallmhairí in 2019. Thairis sin, tá na méideanna allmhairí den táirge lena mbaineann ón India teoranta ag an gcuóta tíre arna leagan amach ag na bearta cosanta ar chruach. Dá bhrí sin, chinn an cuibhreannas agus an t-allmhaireoir neamhghaolmhar nach mbeadh sé iomchuí Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(103)

Rinne an Coimisiún anailís theoiriciúil inar chuir sé na cineálacha táirgí a dhíolann táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mhargadh an Aontais agus an táirge a dhíolann táirgeoirí an Aontais i gcomparáid le chéile, ar bhonn na n-uimhreacha rialaithe táirgí arna dtabhairt ag na cuideachtaí sampláilte. Léirigh an anailís sin leibhéal ard meaitseála. Soláthraítear an leibhéal meaitseála idir gach táirgeoir onnmhairiúcháin agus na díolacháin a rinne tionscal an Aontais do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ina nochtadh sonrach. Thairis sin, shuigh an Coimisiún freisin go raibh leibhéal suntasach cosúlachta sna cineálacha táirgí a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Indinéis i gcomparáid leis na cineálacha táirgí a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón India. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh sé soiléir go raibh na táirgí allmhairithe ó na tíortha lena mbaineann agus na táirgí an Aontais in iomaíocht le chéile agus gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí. Níor sholáthair an cuibhreannas ná an t-allmhaireoir neamhghaolmhar aon fhianaise chuí-réasúnaithe maidir le cén fáth go mbeadh an anailís a rinne an Coimisiún mícheart ná neamhleor. Toisc go bhfuil cuóta a bhaineann go sonrach leis an tír laistigh de na bearta cosanta ag an India, ní dhéanann sé sin difear don anailís seo i bhfianaise na ndálaí a liostaítear in Airteagal 3(4). Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(104)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis an measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún gach conclúid eile a leagtar amach in aithrisí (93) go (98) den Rialachán sealadach.

4.2.2.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(105)

Mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur tháinig méadú ar allmhairí ón Indinéis toisc gur onnmhaireoir nua den táirge faoi imscrúdú é an tír seo leis an Aontas agus nár tháinig méadú ar na hallmhairí ón India le linn na tréimhse a breithníodh, dá bhrí sin, ní raibh aon tionchar ag méadú a d’fhéadfadh a bheith sa sciar den mhargadh de na tíortha lena mbaineann ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais, ach chuaigh sé in ionad na n-allmhairí ó thríú tíortha eile.

(106)

Faoi mar a leagtar síos in aithrisí (97) go (105) thuas, rinne an Coimisiún anailís charnach ar na hallmhairí agus léiríodh treocht mhéadaithe leis na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh agus níor thosaigh an Indinéis ar a bheith ag onnmhairiú go dtí an tAontas ach ag tús na tréimhse a breithníodh, ach in ainneoin sin rinneadh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar phraghsanna dumpáilte, rud a bhí ina chúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh a dhiúltú.

(107)

In éagmais aon bharúil eile maidir le méideanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a gcuid sciartha den mhargadh, dheimhnigh an Coimisiún gach conclúid eile a leagtar amach in aithrisí (99) go (101) den Rialachán sealadach.

4.2.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(108)

In aithris (105) den Rialachán sealadach, mhaígh an Coimisiún gur chinn sé go raibh corrlaigh sladghearrtha 4.8 % agus 13.4 % ann do na táirgeoirí onnmhairiúcháin Indiacha.

(109)

Bhí earráid chléireachais sna corrlaigh sin, áfach, agus ba cheart iad a cheartú ina gcorrlaigh sladghearrtha 5.8 % agus 13.4 %.

(110)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Euranimi agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin nach bhféadfaidís an chaoi ar cinneadh praghsanna allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann ná an chaoi ar ríomhadh an corrlach sladghearrtha, lena n-áirítear a choigeartuithe, a athchruthú.

(111)

Tá na praghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, mar a thugtar i dTábla 3 den Rialachán sealadach, bunaithe ar Eurostat. Tá an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Mar a mhínítear in aithris (104) den Rialachán sealadach, bhí an corrlach sladghearrtha bunaithe ar chomparáid idir praghsanna díolachán na dtáirgeoirí sampláilte an Aontais a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais agus ar phraghsanna comhfhreagracha na dtáirgeoirí sampláilte an Aontais chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna ndifreáil in aghaidh an chineáil táirge agus arna gcoigeartú le bheith ar théarmaí díolachán comhionanna. Ós rud é go bhfuil na praghsanna díolachán mionsonraithe in aghaidh na cuideachta gnó rúnda de réir sainmhínithe, níor soláthraíodh iad ach do na cuideachtaí lena mbaineann ina nochtuithe sonracha féin.

(112)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis na praghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghsanna, dheimhnigh an Coimisiún gach conclúid a leagtar amach in aithrisí (102) go (105) den Rialachán sealadach, leis an gceartúchán déanta mar a mhínítear in aithris (71) thuas.

4.3.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.3.1.   Barúlacha ginearálta

(113)

In éagmais aon bharúlacha, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (106) go (110) den Rialachán sealadach.

4.3.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

(114)

Tar éis an nochta shealadaighh, mhaígh Eurofer gur tháinig laghdú seachas méadú ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar is léir ón gconclúid in aithris (116) den Rialachán sealadach.

(115)

Ní bheadh an ráiteas seo ceart, áfach, ach amháin dá mbeadh barúil Eurofer maidir le tríú tíortha a líomhnaítear atá boilscithe ceart ó thaobh na bhfíoras de. Mar a mhínítear in aithris (135) thíos, sholáthair an Rialachán sealadach figiúirí cearta maidir leis na méideanna allmhairí. Dá bhrí sin, bhí an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais ceart freisin.

(116)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin in iúl gur léirigh an Rialachán sealadach neamhréireacht thart ar 300 míle tona go 400 míle tona idir figiúirí táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú, ar a dtugtar tuairisc in aithris (111) den Rialachán sealadach, agus na díolacháin, na stoic agus na figiúirí onnmhairiúcháin comhfhreagracha ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (114), (126) agus (152) den bhun-Rialachán. Tar éis nochtadh deiridh, chuir siad in aghaidh leibhéal acmhainne thionscal an Aontais agus d’iarr siad go dtabharfaí fianaise den mhéid a leanas dóibh: an acmhainneacht táirgeachta ainmniúil, an fhíoracmhainneacht táirgeachta, an acmhainneacht táirgeachta a úsáideadh go héifeachtach, an fhíorchainníocht arna dtáirgeadh ag gach táirgeoir aonair, sonraí mhéideanna díolachán agus phraghsanna díolachán na dtáirgeoirí aonair Eorpacha, méideanna allmhairí gach táirgeora an Aontais ó na tíortha lena mbaineann.

(117)

Ní féidir na figiúirí thuas a mheaitseáil ina n-iomláine, áfach, toisc go dtagraíonn méideanna táirgthe, díolachán agus onnmhairiúcháin do thionscal iomlán an Aontais ach is táscaire micreacnamaíoch iad figiúirí fardail, a thuairiscítear in aithris (126) den Rialachán sealadach, nach dtagraíonn ach do na táirgeoirí sampláilte an Aontais. Rinne an Coimisiún na figiúirí uile a chros-seiceáil agus fuarthas go raibh siad iontaofa. Ós rud é go bhfuil na figiúirí aonair in aghaidh an táirgeora gnó rúnda, níor sholáthair an Coimisiún ach an fhaisnéis chomhiomlánaithe sa Rialachán sealadach.

(118)

Thairis sin, baineann nach mór leath den neamhréireacht a líomhnaítear le díolacháin faoi chuing an Aontais do na húsáideoirí gaolmhara. Cuireadh na méideanna sin san áireamh le figiúirí táirgthe a thuairiscítear in aithris (111) den Rialachán sealadach ach níor cuireadh san áireamh iad le méideanna díolachán thionscal an Aontais a thuairiscítear in aithris (114) den Rialachán sealadach. B’ionann na díolacháin faoi chuing an Aontais agus thart ar 5 % de dhíolacháin iomlána de chuid thionscal an Aontais agus bhí an cóimheas sin cobhsaí le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú.

(119)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur léirigh an méadú ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais nach bhfuil díobháil ann agus nach raibh tionchar ag an méadú ar an sciar den mhargadh de na tíortha lena mbaineann ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais.

(120)

Mar a mhínítear in aithris (107), fiú má tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh fós féin léirigh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann méadú 86 % agus rinneadh iad ar phraghsanna dumpáilte, rud a bhí ina chúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh a dhiúltú.

(121)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (111) go (121) den Rialachán sealadach.

4.3.3.   Táscairí micreacnamaíocha

(122)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin nach bhféadfaí nasc a dhéanamh idir treocht dhiúltach brabúsachta de thionscal an Aontais agus allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, ós rud é go bhfuil a méideanna íseal agus nach bhféadfadh sé go raibh tionchar acu ar an margadh ar bhealach chomh suntasach sin. Mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus an t-allmhaireoir neamhghaolmhar gur tháinig méadú ar bhrabúis thionscal an Aontais ón tréimhse imscrúdaithe.

(123)

Tá na méideanna allmhairí ó na tíortha os cionn de minimis agus ba iad a bpraghsanna ísle, a fuarthas go ndearnadh iad a dhumpáil, ba chúis le brú praghsanna ar mhargadh an Aontais, mar a leagtar síos in aithris (141) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí nasc a dhéanamh idir an méadú ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an treocht dhiúltach brabúsachta de thionscal an Aontais. Ní athraíonn méadú faoi dheireadh ar leibhéal brabúsachta na dtáirgeoirí an Aontais tar éis na tréimhse imscrúdaithe an chonclúid sin, ós rud é go bhfuil an t-imscrúdú teoranta don tréimhse imscrúdaithe.

(124)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (122) go (133) den Rialachán sealadach.

4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(125)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí, allmhaireoir neamhghaolmhar amháin, chomh maith le GOIS gur tháinig forbairt dhearfach ar roinnt táscairí díobhála le linn na tréimhse faoi bhreathnú, á chur i dtábhacht an méadú ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, an méadú ar fhostaíocht agus an laghdú ar stoic.

(126)

D’fhan leibhéal na stoc seasmhach mar chéatadán de na méideanna díolachán agus níorbh tháscaire díobhála soiléir é, dá bhrí sin. Go deimhin, tháinig forbairt dhearfach ar an dá tháscaire eile i gceist le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an méadú ar an sciar den mhargadh chun aimhleasa bhrabúsacht na dtáirgeoirí an Aontais, áfach, mar a mhínítear in aithris (134) den Rialachán sealadach. Tháinig méadú beag ar fhostaíocht ach laghdaíodh costais saothair mar sin féin. Níor chuir na torthaí sin na príomhthorthaí maidir le díobháil ó bhail, áfach, i.e. an fhorbairt dhiúltach ar bhrabúsacht agus gach táscaire airgeadais de chuid thionscal an Aontais.

(127)

D’áitigh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin tuilleadh, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil maidir leis an gcéad ráithe de 2021, go bhfuil feabhas ag teacht ar staid airgeadais tháirgeoirí an Aontais a sampláladh agus dá bhrí sin ní theastaíonn tuilleadh cosanta ón tionscal.

(128)

Bhí an anailís ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais bunaithe ar an tréimhse faoi bhreathnú, ar tháinig deireadh léi i mí an Mheithimh 2020. Mar a léirítear in aithrisí (128) go (133) den Rialachán sealadach, tháinig meath ar tháscairí airgeadais uile tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir leis sin, ní féidir an chonclúid a bheith neamhbhailí de bharr feabhsú gearrthéarmach líomhnaithe ar chás tháirgeoirí an Aontais, arna dtacú leo ag tuarascálacha nach ndearnadh iniúchadh orthu a thagraíonn don chéad ráithe de 2021.

(129)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid chinntitheach gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(130)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh GOIS nach bhféadfadh allmhairí ón Indinéis a bheith ina gcúis le díobháil mar gheall ar a sciar íseal den mhargadh agus ós rud é go raibh méadú ag teacht ar a praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(131)

Mheabhraigh an Coimisiún sa chéad dul síos go ndearnadh measúnú carnach ar allmhairí de chuid na hIndinéise agus ar a sciar den mhargadh leis na hallmhairí de chuid na hIndia. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh an sciar de mhargadh na hIndinéise ag dul i méid go tapa in aon chás le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 0,4 % in 2017 go 2,8 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Maidir le praghsanna, cé go raibh siad ag dul i méid le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí praghsanna na hIndinéise i gcónaí faoi phraghsanna thionscal an Aontais.

(132)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (141) go (143) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

(133)

Tar éis nochtadh sealadach, léirigh Eurofer neamhréireacht idir na figiúirí a bhaineann le méideanna allmhairí ó thríú tíortha faoi chuing i dtábla 11 den Rialachán sealadach agus i sonraí Eurostat.

(134)

Níl allmhairí a thuairiscítear in Eurostat faoi na custaim speisialta a ghabhann le próiseáil isteach agus amach sna figiúirí a dtagraíonn Eurofer dóibh, áfach, a cuireadh san áireamh i dtábla 11 den Rialachán sealadach.

(135)

Tar éis nochtadh deiridh, bhí amhras ar Eurofer maidir le cruinneas na méideanna allmhairí a d’úsáid an Coimisiún agus d’áitigh sé go n-imíonn an cur chuige, mar a leagtar amach in aithris (99) thuas, ó ghnáthchleachtas an Choimisiúin agus go bhfuil sé neamhréireach le cuspóir an mheasúnúcháin ar an díobháil agus ar an nasc coibhneasta san imscrúdú. Mhaígh Eurofer nach bhfuil allmhairí faoi na córais chustaim a ghabhann le próiseáil isteach agus amach faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus nach bhfuil siad in iomaíocht le hearraí de chuid thionscal an Aontais.

(136)

Maidir le hearraí a allmhairítear faoi na córais phróiseála isteach agus amach, mheas an Coimisiún nach ndéantar iad a iompar tríd an Aontas amháin ach go dtugann siad faoi oibríochtaí próiseála breisluacha freisin, amhail cóimeáil agus claochlú, san Aontas. Dá réir sin, tá sé soiléir go bhfuil na hallmhairí sin in iomaíocht leis na táirgí a mhonaraíonn tionscal an Aontais. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachta atá lonnaithe san Aontas arbh é a ghníomhaíocht go beacht na hoibríochtaí próiseála sin a chur i gcrích, an táirge a cheannach ó thionscal an Aontais nó é a allmhairiú faoin gcóras a bhaineann le próiseáil isteach. Dá bhrí sin, ba cheart allmhairí faoi na córais chustaim speisialta sin a chur san áireamh don mheasúnú ar an díobháil. Go deimhin, tá siad faoi réir bhailiú na ndleachtanna i gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (13) freisin.

(137)

Thairis sin, d’áitigh Eurofer nach raibh na méideanna allmhairí ó thíortha difriúla comhsheasmhach ós rud é nach raibh na córais chustaim a ghabhann le próiseáil isteach agus amach san áireamh sna méideanna allmhairí ó thríú tíortha áirithe.

(138)

Ba iad na méideanna allmhairí na figiúirí oifigiúla ó Eurostat agus maidir leis na tíortha lena mbaineann agus gach tríú tír eile araon, cuireadh an gnáthchóras custaim agus na córais chustaim a ghabhann le próiseáil isteach agus amach san áireamh leo.

(139)

Thairis sin, thagair Eurofer do na méideanna allmhairí san athbhreithniú éaga ar allmhairí den táirge céanna ón tSín agus ón Téaváin leis an tréimhse imscrúdaithe chéanna agus an tréimhse chéanna atá á breithniú, i gcás inar mheas an Coimisiún tomhaltas an Aontais agus an sciar de mhargadh an Aontais gan allmhairí faoi na córais chustaim speisialta a ghabhann le próiseáil isteach agus amach a chur san áireamh. Dá bhrí sin, tá difríochtaí sna figiúirí idir an t-athbhreithniú éaga agus an t-imscrúdú reatha ar allmhairí, ar thomhaltas, agus ar an sciar den mhargadh, rud lena gcruthaítear earráid fhollasach i gceann amháin den dá imscrúdú.

(140)

Go deimhin, tá an tréimhse imscrúdaithe chéanna agus an tréimhse chéanna faoi bhreathnú don anailís díobhála ag an athbhreithniú éaga ar allmhairí SSCR ón tSín agus ón Téaváin. Is de chineál eile an anailís a rinneadh san imscrúdú sin, áfach, i.e. leanúnachas na dumpála agus na díobhála nó dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil agus an díobháil arís, agus níl aon chonclúid ar thángthas uirthi san imscrúdú sin bailí go huathoibríoch san imscrúdú atá i dtrácht. Mar sin, d’ainneoin nár cuireadh na hallmhairí faoi na córais phróiseála isteach agus amach san áireamh leis na figiúirí allmhairiúcháin san athbhreithniú éaga sin, seasann na conclúidí a fuarthas san imscrúdú sin fós. Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún go raibh earráid fhollasach sna sonraí eisréimneacha sin.

(141)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin nach raibh táscairí airgeadais thionscal an Aontais ag dul in olcas mar gheall ar allmhairí dumpáilte ach mar gheall ar thionchar phaindéim Covid-19. Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis nochtadh sealadach, chuir an gearánach in aghaidh an mhaímh sin á rá gur léirigh an treocht díobhála le linn na tréimhse faoi bhreathnú a mhalairt.

(142)

Chinn an Coimisiún go raibh an-tionchar ag praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar phraghsanna thionscal an Aontais agus ar a tháscairí airgeadais. Mar a leagtar amach in aithris (103) den Rialachán sealadach, bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón dá thír lena mbaineann níos ísle go comhsheasmhach ná praghsanna táirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, roimh phaindéim Covid-19. D’fhéadfaí go raibh tionchar ag an bpaindéim ar an tomhaltas ar mhargadh an Aontais ach ní fhéadfaí gur tháinig tionchar den sórt sin chun solais ach sa ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdaithe (mí Aibreáin-mí an Mheithimh 2020), agus tugadh laghdú substaintiúil ar thomhaltas faoi deara cheana féin in 2019.

(143)

Thairis sin, rinne an Coimisiún anailís ar an laghdú ar thomhaltas (cibé acu an mbaineann nó nach mbaineann sé go páirteach le Covid-19) mar fhachtóir eile a d’fhéadfaí go ndearna sé díobháil in aithrisí (150) go (151) den Rialachán sealadach agus chinn sé go sealadach nach ndearna sé an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú. Tá an chonclúid seo deimhnithe.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(144)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, na tosca a ndearnadh anailís orthu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh aon cheann de na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais sa tslí nach fíor-nasc substaintiúil a bheadh ann a thuilleadh, rud a dhearbhaíonn an chonclúid in aithrisí (160) go (163) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach gearrdhíola

(145)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, d’ardaigh an gearánach dhá shaincheist theicniúla maidir le ríomh an chorrlaigh díobhála, a bhaineann le dímheas na n-infheistíochtaí measta a ligtear thar ceal agus le comhlíontacht costas comhshaoil amach anseo do cheann amháin de na táirgeoirí sampláilte an Aontais. Chun na hinfheistíochtaí a ligtear thar ceal a ríomh, mheas an Coimisiún go raibh sé réasúnta é féin a bhunú ar dhímheas na n-infheistíochtaí a ligtear thar ceal laistigh den tréimhse imscrúdaithe de réir mar a chuir na táirgeoirí sampláilte an Aontais ar fáil iad. Níor sholáthair an gearánach aon fhianaise thacaíochta maidir le cén fáth go mbeadh cur chuige den sórt sin míréasúnta. Bunaithe ar shonraí tacaíochta agus ar fhaisnéis a chuir an gearánach isteach, ghlac an Coimisiún leis an maíomh a bhaineann le comhlíontacht costas comhshaoil amach anseo ónar tháinig méadú beag ar na corrlaigh díobhála chinntitheacha.

(146)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh grúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin amháin gur cheart neamhaird a thabhairt ar na costais arb í dianghlasáil COVID-19 is cúis leo arna dtabhú ag tionscal an Aontais agus an praghas neamhdhíobhála á ríomh d’fhonn an corrlach díobhála a chinneadh, toisc gur tháinig méadú mór ar chostas in aghaidh an aonaid de chuid thionscal an Aontais de bharr na gcostas sin agus toisc nach léirítear gnáthchostas táirgthe tháirgeoirí an Aontais leo.

(147)

D’iarr an Coimisiún ar thionscal an Aontais na sonraí uile a iarrtar ina fhreagra ceistneora chuig an dá sheimeastar sa tréimhse imscrúdaithe a roinnt, chun éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag paindéim COVID-19 ar a shonraí díolachán agus costas a fheiceáil. Ach níor léirigh na sonraí cros-seiceáilte aon chostas breise arb í dianghlasáil COVID-19 is cúis leo lena dtabharfaí údar iomchuí leis an gcoigeartú a éilítear. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(148)

Chuir Euranimi agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin in aghaidh an chorrlaigh díobhála níos airde a cuireadh i bhfeidhm ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón India, agus praghsanna díolachán níos airde acu ná mar a bhí ag margadh an Aontais.

(149)

Ríomhtar an corrlach díobhála ar bhonn na gcineálacha táirgí a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ós rud é go bhféadfadh praghsanna difriúla a bheith ar na cineálacha táirgí ó tháirgeoir go táirgeoir, níor ghá go mbeadh comhghaol idir leibhéal ginearálta na bpraghsanna allmhairí agus leibhéal an chorrlaigh díobhála arna ríomh go sonrach le haghaidh gach táirgeoir onnmhairiúcháin.

(150)

Taispeántar toradh na ríomhanna athbhreithnithe sa tábla thíos:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach gearrdhíola

An India

Jindal Stainless Limited agus Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

25,2  %

 

Chromeni Steels Private Limited

45,1  %

35,3  %

 

Gach cuideachta eile

45,1  %

35,3  %

An Indinéis

 

IRNC

10,2  %

32,4  %

 

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

33,1  %

 

Gach cuideachta eile

20,2  %

33,1  %

(151)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil le leibhéal na mbeart, dheimhnigh an Coimisiún a chuid torthaí agus conclúidí, torthaí agus conclúidí a leagtar amach in aithrisí (165) go (173) den Rialachán sealadach agus a mhodhnaítear sa tábla thuas.

6.2.   Scrúdú ar an gcorrlach leordhóthanach chun an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a bhaint

(152)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Eurofer gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid trí bhotún nár úsáid Chromeni amhábhair faoi réir a saofa. D’áitigh sé go raibh sé “thar a bheith soiléir” go mbíonn Chromeni ag brath ar ionchuir idirmheánacha a mbíonn tionchar ag an saobhadh amhábhair san India nó san Indinéis orthu agus gur cheart iad a chur san áireamh, dá bhrí sin. Mhaígh sé gur cheart don Choimisiún an comhoibriú san imscrúdú seo ar sholáthróir líomhnaithe de chruach dhosmálta theorollta san Indinéis nó torthaí a fuarthas le déanaí ar amhábhair maidir leis an amhábhar sin, a úsáid chun na críche seo (14).

(153)

D’áitigh Eurofer tuilleadh go gcuireann léirmhíniú an Choimisiúin maidir le hAirteagal 7(2a) an-teorainn leis an bhféidearthacht chun dul i ngleic le tionchar an tsaofa amhábhair ar earnálacha iartheachtacha spáis agus go gcoiscfeadh sé an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar an tsaofa amhábhair laistigh de ghrúpa corparáideach (amhail An Jindal Group). Ar an gcaoi chéanna, léirigh sé an riosca teacht timpeall tríd an gcuideachta leis an dleacht níos ísle (sa chás seo, lonnaithe san India nó san Indinéis) agus, dá bhrí sin, mhaígh sé gur cheart don Choimisiún an leibhéal is airde dleachta is infheidhme a fhorchur ar chuideachtaí uile an ghrúpa, gan beann ar thír táirgthe an táirge lena mbaineann.

(154)

Mar a mhínítear in aithris (176) den Rialachán sealadach, níor bhain Chromeni úsáid as na hamhábhair a fuarthas san India atá faoi réir an tsaofa, i.e. mian chróimiam agus seanchruach dhosmálta. Thairis sin, i gcomhthéacs dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur, ní féidir dul i ngleic le teacht timpeall a d’fhéadfaí tarlú amach anseo tríd an bhfrithdhumpáil a fuarthas maidir le táirgeoir gaolmhar amháin a fhorchur ar tháirgeoirí gaolmhara i dtír eile. Maidir leis sin, tagraíonn an Coimisiún d’aithrisí (175) go (177) thíos freisin.

(155)

Dá bhrí sin, b’éigean maímh Eurofer a dhiúltú.

(156)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (174) go (178) den Rialachán sealadach.

6.3.   Conclúid

(157)

Tar éis an mheasúnaithe thuas, chinn an Coimisiún gurb iomchuí méid na ndleachtanna cinntitheacha a chinneadh i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 9(4), an dara fomhír, den bhun-Rialachán. Dá bharr sin, ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a leagan amach mar atá thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An India

Jindal Stainless Limited agus Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

 

Chromeni Steels Private Limited

35,3  %

 

Gach cuideachta eile

35,3  %

An Indinéis

 

IRNC

10,2  %

 

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

 

Gach cuideachta eile

20,2  %

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas an tionscail an Aontais

(158)

Níor chuir aon pháirtí ina choinne gur chun leas an Aontais a bheadh na bearta. Na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (181) go (183) den Rialachán sealadach, rinneadh iad a dhearbhú dá bhrí sin.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(159)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Euranimi agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin go gcruthódh forchur beart an Aontais ar an India agus ar an Indinéis ganntanas táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta (SSCR) ar mhargadh an Aontais toisc nach mbeadh táirgeacht an Aontais leordhóthanach chun an margadh a sholáthar ina iomláine agus toisc go bhfuil foinsí eile soláthair teoranta, mar gheall ar na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón tSín agus ón Téaváin go príomha. De réir na bpáirtithe is féidir na ganntanais agus na moilleanna sin i soláthairtí a fheiceáil ar mhargadh an Aontais cheana féin.

(160)

Líomhain na páirtithe go bhfuil roinnt foinsí allmhairí ionchais eile, is iad sin an Bhrasaíl, an Mhalaeisia agus an Afraic Theas, faoi smacht na dtáirgeoirí an Aontais a bhfuil na cuideachtaí a dhéanann SSCR a mhonarú sna tíortha sin faoina n-úinéireacht. De réir na bpáirtithe, bhain táirgeoirí an Aontais drochúsáid as cosaint mar gheall air sin agus beidh praghsanna arda ar mhargadh an Aontais dá thoradh sin.

(161)

Thairis sin, mhaígh na páirtithe nach féidir leo praghsanna a thabhairt ar aghaidh dá gcustaiméirí agus dá bhrí sin go ndéanfaí dochar dá mbrabúsacht.

(162)

Rinne Euranimi agus an t-allmhaireoir neamhghaolmhar na maímh sin a athrá tar éis an nochta deiridh.

(163)

Chuir Eurofer in aghaidh na ráiteas sin, agus d’áitigh sé gurb iad athruithe in éileamh agus i suaitheadh na slabhraí soláthair domhanda mar gheall ar phaindéim COVID-19 is cúis le haga tionscanta méadaithe, rud nach mbaineann go sonrach le slabhra soláthair SSCR. Mhaígh Eurofer go mbíonn acmhainn leordhóthanach ag tionscal an Aontais, faoi ghnáthchoinníollacha, chun freastal ar nach mór 150 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Thairis sin, d’áitigh Eurofer gur léiriú é an méadú praghsanna ar amhábhair a tharla tar éis na tréimhse imscrúdaithe ar mhéadú mór domhanda ar na costais amhábhair, a mbíonn tionchar aige ní amháin ar phraghsanna san Aontas. Thairis sin, mhaígh Eurofer go bhféadfaí SSCR a fháil ó thríú tíortha a bhfuil inniúlachtaí suntasacha SSCR acu nach bhfuil teoranta ag na bearta cosanta ar chruach.

(164)

Mar a léirítear sa Rialachán sealadach, go deimhin, is ann d’fhoinsí soláthair SSCR ó thríú tíortha eile, agus is iad an Téaváin agus an Chóiré na cinn is mó acu. Leanann allmhairí ón Téaváin de bheith ag teacht isteach san Aontas, agus dleachtanna frithdhumpála réasúnta íseal acu. D’éirigh leis an gCóiré a cuid onnmhairí chuig an Aontas a mhéadú le linn na tréimhse faoi bhreathnú i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon. Tá an Afraic Theas fós ar mhargadh an Aontais freisin d’ainneoin smacht líomhnaithe na gcuideachtaí Eorpacha ar a táirgeacht SSCR. Thairis sin, ní hé is aidhm do bhearta frithdhumpála a forchuireadh ar an India agus ar an Indinéis margadh an Aontais a dhúnadh do na tíortha lena mbaineann, ach is é is aidhm dóibh praghsanna a ardú go leibhéal cóir.

(165)

Is iondúil gurb é an méadú ar an gcostas amhábhar is cúis le méaduithe ar phraghsanna agus chonacthas i dtríú margaí iad freisin. Dá bhrí sin, níl aon ghné de dhrochúsáid chosaint an mhargaidh arna ndéanamh ag na táirgeoirí an Aontais. Thairis sin, le 13 tháirgeoir an Aontais den táirge faoi imscrúdú, tá iomaíocht láidir idirmheánach ar mhargadh an Aontais.

(166)

Thairis sin, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú iomchuí a dhéanamh ar mhaímh na bpáirtithe leasmhara maidir leis an easpa féidearthachta chun praghsanna a thabhairt ar aghaidh dá gcustaiméirí agus an easpa féidearthachta chun táirgí allmhairithe a athrú i bhfianaise easpa comhoibrithe iomchuí na bpáirtithe i gceist san imscrúdú seo. Murab ionann agus an dá allmhaireoir neamhghaolmhar dá dtagraítear in aithrisí (184) go (193) den Rialachán sealadach, tháinig na páirtithe i gceist lena gcuid maíomh tar éis an nochta, gan freagra ceistneora á chur isteach. Chuir sé sin cosc ar an gCoimisiún measúnú níos críochnúla a dhéanamh trína mbealaí ceannaigh agus díolachán, na cineálacha táirgí a thrádáiltear, costais agus staid airgeadais a fhíorú.

(167)

Ar an mbonn sin, dheimhnigh an Coimisiún an chonclúid nach mó na héifeachtaí a bheadh ag dleachtanna a d’fhéadfaí a fhorchur ar allmhaireoirí nó úsáideoirí ná éifeachtaí dearfacha na mbeart ar thionscal an Aontais.

(168)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le leas allmhaireoirí agus úsáideoirí neamhghaolmhara, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (184) go (195) den Rialachán sealadach.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(169)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithris (196) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(170)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann. Ar na cúiseanna a leagtar amach i roinn 6, agus go háirithe i bhforoinn 6.2, den Rialachán seo, ba cheart dleachtanna frithdhumpála a shocrú i gcomhréir le riail na dleachta níos lú.

(171)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, leagtar amach na rátaí a ndéanfar na dleachtanna a fhorchur mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An India

Jindal Stainless Limited agus Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

Chromeni Steels Private Limited

35,3  %

Gach cuideachta eile

35,3  %

An Indinéis

IRNC

10,2  %

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

Gach cuideachta eile

20,2  %

(172)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(173)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (15). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(174)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(175)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(176)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(177)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála “gach cuideachta eile” ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(178)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a aimsíodh agus i bhfianaise leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú leis an dleacht shealadach frithdhumpála arna forchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach.

(179)

Ós rud é go bhfuil roinnt rátaí dleachta cinntitheacha níos ísle ná na rátaí dleachta sealadacha, ba cheart na méideanna a urraítear de bhreis ar na rátaí dleachta cinntitheacha frithdhumpála a scaoileadh.

8.3.   Cúlghabhálacht

(180)

Mar a luaitear i roinn 1.2, tar éis don ghearánach iarraidh a fháil, rinne an Coimisiún allmhairí den táirge faoi imscrúdú, táirge atá faoi réir a chláraithe de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(181)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís ar cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(182)

Léiríodh in anailís an Choimisiúin nach raibh aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4d) den bhun-Rialachán. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna allmhairiúcháin míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe agus na meánmhéideanna míosúla allmhairiúcháin le linn na tréimhse ó thionscnamh an imscrúdaithe go dtí forchur na mbeart sealadach, agus ní fhéadfaí aon mhéadú substaintiúil breise a fheiceáil.

 

Tréimhse imscrúdaithe (tonaí/mí)

Tréimhse tar éis IP, i.e. an 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 28 Bealtaine 2021 (tonaí/mí)

Méadú ar allmhairí (%)

Allmhairí SSCR ón India

8 956

6 036

-33  %

Allmhairí SSCR ón Indinéis

7 353

8 439

15  %

Allmhairí iomlána SSCR ó na tíortha lena mbaineann

16 308

14 475

-11  %

Foinse: Surveillance 2 (AE 27)

(183)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon údar sa chás seo le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha don tréimhse inar cláraíodh na hallmhairí.

9.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(184)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(185)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (17), d’fhorchuir an Coimisiún beart cosanta i leith táirgí áirithe cruach go ceann tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún (18), cuireadh síneadh leis an mbeart cosanta go dtí an 30 Meitheamh 2024. Is é an táirge faoi athbhreithniú ceann de na catagóirí táirgí a chumhdaítear leis an mbeart cosanta. Dá dheasca sin, ón uair a shárófaí na cuótaí taraife a leagtar amach faoin mbeart cosanta, bheadh an dleacht taraife os cionn an chuóta agus an dleacht frithdhumpála araon iníoctha ar na hallmhairí céanna. Toisc go bhféadfadh carnadh den sórt sin de bhearta frithdhumpála le bearta cosanta a bheith ina chúis le héifeacht ar thrádáil ar mó é ná mar atá inmhianaithe, chinn an Coimisiún cur i bhfeidhm comhthráthach na dleachta frithdhumpála leis an dleacht taraife os cionn an chuóta thuas don táirge faoi athbhreithniú a chosc ar feadh fhad fhorchur na dleachta cosanta.

(186)

Ciallaíonn sé sin, i gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus inar mó í ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála de bhun an Rialacháin seo, ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm comhthráthach na ndleachtanna cosanta agus frithdhumpála, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí. I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála sa Rialachán seo, baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo. Cuirfear an chuid de mhéid na ndleachtanna frithdhumpála nár bailíodh í ar fionraí.

(187)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

An India

Jindal Stainless Limited

13,9  %

C654

Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

C655

Chromeni Steels Private Limited

35,3  %

C656

Gach cuideachta Indiach eile

35,3  %

C999

An Indinéis

IRNC

10,2  %

C657

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

C658

Gach cuideachta Indinéiseach eile

20,2  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart’. Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus inar mó í ná leibhéal comhionann ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159.

2.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm mhír 1, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal comhionann ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal comhionann ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2).

4.   Cuirfear an chuid de mhéid na dleachta frithdhumpála nár bailíodh í de bhun mhír 3 ar fionraí.

5.   Beidh na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 teoranta ó thaobh ama do thréimhse chur i bhfeidhm na dleachta taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159.

Airteagal 3

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 a bhailiú go cinntitheach. Scaoilfear na méideanna a urrófar atá níos mó ná rátaí cinntitheacha an dleachta frithdhumpála.

Airteagal 4

Ní ghearrfar dleacht frithdhumpála chinntitheach go cúlghabhálach i gcás allmhairí cláraithe. Ní choimeádfar sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 a thuilleadh. Déantar, leis seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gComhairle a aisghairm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, (IO C 322, 30.9.2020, lch. 17).

(3)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, (IO C 57, 17.2.2021, lch. 16).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise faoi réir clárú (IO L 71, 2.3.2021, lch. 18).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 188, 28.5.2021, lch. 61).

(6)  Comhlachas na nAllmhaireoirí agus na nDáileoirí Miotail Neamhchomhtháite.

(7)  Tuarascáil Phainéil, EC – Salmon (An Iorua), WT/DS337/R, mír 7.256, mír 7.257 agus mír 7.273.

(8)  Breithiúnas an 18 Márta 2009, Shanghai Excell M&E Enterprise, T-299/05, AE:T:2009:72, mír 288.

(9)  Féach, e.g., aithris 283 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO L 124, 12.4.2021, lch. 40 (ag úsáid brabús “an trádálaí” atá i gceist); breithiúnas an 18 Márta 2009, Shanghai Excell M&E Enterprise, T-299/05, AE:T:2009:72, mír 287.

(10)  Tuarascáil ó Appellate Body, US – Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh Trádála (An tSín), WT/DS379/AB/R, mír 567, mír 568 agus mír 583.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta ar de thionscnamh, inter alia, na hIndinéise iad (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26).

(12)  Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2012, Comhairle an Aontais Eorpaigh, An Coimisiún Eorpach v Interpipe Nikopolsky Seamless Tubes Plant Niko Tube ZAT (Interpipe Niko Tube ZAT), C-191/09 P agus C-200/09 P, mír 58.

(13)  IO L 343, 29.12.2015, lch. 1.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta ar de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine iad (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26).

(15)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225I, 25.6.2021, lch. 1).


CINNTÍ

18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/178


CINNEADH (AE) 2021/2013 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Samhain 2021

lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Spáinne,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 28 Bealtaine 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/731 (2), lena gceaptar comhalta agus comhalta malartach, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Bernat SOLÉ BARRIL a cheapadh.

(4)

Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis dheireadh an tsainordaithe ar ar a bhonn a moladh Elisabet NEBREDA VILA a cheapadh.

(5)

Mhol Rialtas na Spáinne Victòria ALSINA I BURGUÉS, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach áitiúil í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Consejera de Acción Exterior y Gobierno Abierto, Gobierno de la Generalitat de Cataluña), [Aire Réigiúnach um Ghníomhaíocht Eachtrach agus Rialtas Oscailte, Rialtas na Catalóine] mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

(6)

Mhol Rialtas na Spáinne Gerard Martí FIGUERAS I ALBA, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil é agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Secretario de Acción Exterior del Gobierno, Gobierno de la Generalitat de Cataluña [Rúnaí um Ghníomhaíocht Eachtrach Rialtais, Rialtas na Catalóine], mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar na hionadaithe seo a leanas, ar ionadaithe do chomhlacht réigiúnach nó áitiúil iad agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa chuig Coiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025:

(a)

mar chomhalta:

Victòria ALSINA I BURGUÉS, Consejera de Acción Exterior y Gobierno Abierto, Gobierno de la Generalitat de Cataluña [Aire Réigiúnach um Ghníomhaíocht Eachtrach agus Rialtas Oscailte, Rialtas na Catalóine],

agus

(b)

mar chomhalta malartach:

Gerard Martí FIGUERAS I ALBA, Secretario de Acción Exterior del Gobierno, Gobierno de la Generalitat de Cataluña [Rúnaí um Ghníomhaíocht Eachtrach Rialtais, Rialtas na Catalóine].

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. PODGORŠEK


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/731 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2020 lena gceaptar comhalta agus comhalta malartacha, arna moladh ag Ríocht na Spáinne, de Choiste na Réigiún (IO L 172 I, 3.6.2020, lch. 3).


18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/180


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2014 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 9 (1) agus (3) de sin,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/953 leagtar amach Deimhniú Digiteach COVID AE arb é is cuspóir dó a bheith mar chruthúnas go bhfuair duine vacsaín COVID-19, go bhfuair duine toradh diúltach ar thástáil nó gur théarnaigh duine ó ionfhabhtú chun go n-éascófar ceart an tsealbhóra chun saorghluaiseachta le linn phaindéim COVID-19 a fheidhmiú.

(2)

Ionas go n-oibreoidh Deimhniú Digiteach COVID AE ar fud an Aontais, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún (2) lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha chun sonraí a chur i nDeimhnithe Digiteacha COVID AE agus chun iad a eisiúint agus a fhíorú ar bhealach slán, chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, struchtúr comhchoiteann aitheantóir uathúil an deimhnithe a leagan síos agus barrachód bailí, slán agus idir-inoibritheach a eisiúint.

(3)

Tá fógartha ag roinnt mhaith Ballstát nó tá tosaithe acu cheana féin ar dháileoga vacsaíne COVID-19 a thabhairt sa bhreis ar an ngnáthshraith vacsaínithe chaighdeánach phríomhúil atá ceaptha cosaint leordhóthanach a chur ar fáil ag an gcéim thosaigh, go háirithe do dhaoine arbh fhéidir nach ndearna an tsraith vacsaínithe phríomhúil biseach dóibh ar bhonn sásúil, agus atá ag smaoineamh ar ‘theanndáileog’ do dhaoine a ndearna an vacsaíniú príomhúil biseach dóibh go leordhóthanach. Sa chomhthéacs sin, d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú cúinsí sláinte poiblí eatramhacha an 1 Meán Fómhair 2021 chun dáileoga breise vacsaíne COVID-19 a chur ar fáil (3).

(4)

An 4 Deireadh Fómhair 2021, tháinig an Coiste um Tháirgí Íocshláinte lena nÚsáid ag an Duine, ar coiste de chuid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí é, ar an gconclúid gur féidir dáileog bhreise de vacsaíní COVID-19 Comirnaty agus Spikevax a thabhairt do dhaoine a bhfuil córais imdhíonachta an-lagaithe acu, 28 lá ar a laghad tar éis a ndara dáileog (4). Rinne an Coiste meastóireacht freisin ar shonraí le haghaidh Comirnaty a léiríonn ardú i leibhéil antasubstainte nuair a thugtar teanndáileog thart ar 6 mhí tar éis an dara dáileog i ndaoine idir 18 agus 55 bliain d’aois. Ar bhonn na sonraí sin, tháinig an Coiste ar an gconclúid gur féidir teanndáileoga le haghaidh Comirnaty a mheas 6 mhí ar a laghad tar éis an dara dáileog i gcás daoine atá 18 bliana d’aois nó níos sine. Mar a luaigh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, féadfaidh comhlachtaí sláinte poiblí ar an leibhéal náisiúnta moltaí oifigiúla a eisiúint maidir le teanndáileoga a úsáid, agus sonraí éifeachtúlachta atá ag teacht chun cinn agus na sonraí teoranta sábháilteachta á gcur san áireamh. Tugadh eolas táirge Comirnaty (5) agus Spikevax (6) cothrom le dáta dá réir chun na moltaí seo a chur san áireamh.

(5)

Chun cineálacha cur chuige éagsúla, mearbhlach nó neamh-chomhoiriúnachta a sheachaint i measc na mBallstát, is gá rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le sonraí a chur sna deimhnithe vacsaínithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953 arna n-eisiúint tar éis dáileoga breise den sórt sin a thabhairt.

(6)

De réir Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2021/953, tá deimhniú vacsaínithe le heisiúint tar éis do gach dáileog a bheith tugtha, ní mór a léiriú go soiléir ar críochnaíodh an cúrsa vacsaínithe nó nár críochnaíodh, agus ní mór líon na ndáileog atá á thabhairt don sealbhóir a bheith ann. De bhun na hIarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán, ní mór a áireamh sa dheimhniú vacsaínithe, mar réimsí sonraí, an líon i sraith dáileog chomh maith leis an líon foriomlán dáileog sa tsraith. Maidir leis an gcaoi sonraí a chur sna deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint tar éis dáileoige breise a thabhairt, arna nglacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, ní mór dóibh na ceanglais arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/953 a chomhlíonadh.

(7)

Ba cheart a léiriú sna deimhnithe vacsaíne a eisítear le haghaidh dáileoga den tsraith phríomhúil vacsaínithe vacsaíniú iomlán tar éis an tsraith phríomhúil chaighdeánach a chríochnú fiú i gcásanna ina moltar dáileoga breise a thabhairt ina dhiaidh sin. Ba cheart a léiriú sna deimhnithe vacsaíní a eisítear le haghaidh dáileoga breise a thugtar tar éis na sraithe vacsaínithe príomhúla líon na ndáileog a thugtar don sealbhóir, dá bhforáiltear i bpointe (b) d’Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2021/953 chomh maith le líon foriomlán na ndáileog laistigh den tsraith, agus dáileoga vacsaínithe príomhúla chomh maith le haon dáileog bhreise a chur san áireamh.

(8)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chás na ngrúpaí leochaileacha a d’fhéadfadh dáileoga breise a fháil mar ábhar tosaíochta. Má chinneann Ballstát dáileog bhreise a thabhairt d‘fhoghrúpaí áirithe den daonra, agus dóibh sin amháin, d’fhéadfadh sé breithniú a dhéanamh ar dheimhnithe vacsaínithe a eisiúint lena léirítear tabhairt na dáileoige breise sin arna iarraidh sin agus ní go huathoibríoch, ós rud é go dtugtar le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/953 deis do na Ballstáit roghnú idir an dá rogha sin. A fhad nach dtugtar dáileoga breise ach d’fhoghrúpa sonrach den daonra amháin, níor cheart a cheangal ar dhaoine a bhaineann leis an bhfoghrúpa sin an deimhniú a sholáthar ina léirítear tabhairt na dáileoige breise agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu le linn phaindéim COVID-19, agus d’fhéadfaidís, ina ionad sin, an deimhniú a fhaightear tar éis an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú a úsáid.

(9)

Ag an tráth céanna, tá sé tábhachtach go léirítear i gceart ar na deimhnithe vacsaínithe a eisítear do dhaoine a bhaineann le grúpaí den sórt sin tar éis dáileoga breise a bheith tugtha líon na ndáileog a thugtar dóibh. Ar an gcéad dul síos, tugtar ceart do gach duine deimhniú vacsaínithe a fháil i Rialachán (AE) 2021/953, deimhniú ina léirítear líon na ndáileog a thugtar dóibh, tar éis gach dáileog a thabhairt. Ar an dara dul síos, féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur, chun críoch saorghluaiseachta, ar an tréimhse glactha deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint tar éis an tsraith vacsaínithe phríomhúil a chríochnú, má chuirtear fianaise eolaíoch ar fáil go dtéann an chosaint a thugtar le sraith vacsaínithe phríomhúil i léig go pointe faoi bhun leibhéal áirithe tar éis tréimhse áirithe. I gcás nach dtugtar an deis do ghrúpaí leochaileacha deimhnithe vacsaínithe a fháil tar éis dáileog bhreise a thabhairt, bheadh gá le céimeanna breise riaracháin chun iad a fháil nuair a éiríonn siad níos tábhachtaí ó thaobh a saoirse gluaiseachta de, agus d’fhéadfadh bacainní ina leith a bheith mar thoradh air sin.

(10)

Ina theannta sin, ba cheart na rialacha maidir le sonraí a chur i nDeimhniú Digiteach COVID AE a shoiléiriú a thuilleadh. Ba cheart tacair luacha shonracha lena gcuirtear i bhfeidhm na rialacha códúcháin a bunaíodh a chur ar fáil go poiblí.

(11)

Chun idir-inoibritheacht Dheimhniú Digiteach COVID AE a áirithiú, ba cheart struchtúr comhchoiteann sonraí comhordaithe a shainiú le haghaidh na sonraí atá le háireamh sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953 trí scéimre Nodaireacht Oibiachtaí JavaScript (JSON) a úsáid.

(12)

Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 a leasú dá réir sin.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug sé barúlacha foirmiúla an 18 Deireadh Fómhair 2021 (8).

(14)

I bhfianaise an ghá atá le cur chun feidhme tapa na sonraíochtaí teicniúla leasaithe le haghaidh Dheimhniú Digiteach COVID AE, ba cheart an Cinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(15)

Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/953,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na rialacha rialachais is infheidhme maidir le deimhnithe eochrach poiblí i ndáil le tairseach Dheimhniú Digiteach COVID AE a thacaíonn le gnéithe idir-inoibritheachta an chreata iontaoibhe.’;

(2)

cuirtear isteach Airteagail 5 agus 6 seo a leanas:

‘Airteagal 5

Leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh seo struchtúr comhchoiteann sonraí comhordaithe le haghaidh na sonraí atá le háireamh sna deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/953, agus scéimre Nodaireacht Oibiachtaí JavaScript (JSON) á úsáid.

Airteagal 6

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’;

(3)

Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II.

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(5)

Déantar an téacs atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur isteach mar Iarscríbhinn V.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 211, 15.6.2021, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus rialacha maidir le cur chun feidhme an chreata iontaoibhe i ndáil le Deimhniú Digiteach COVID AE a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 230, 30.6.2021, lch. 32).

(3)  https://www.ecdc.europa.eu/en/publications-data/covid-19-public-health-considerations-additional-vaccine-doses

(4)  https://www.ema.europa.eu/en/news/comirnaty-spikevax-ema-recommendations-extra-doses-boosters

(5)  https://www.ema.europa.eu/en/documents/product-information/comirnaty-epar-product-information_en.pdf

(6)  https://www.ema.europa.eu/en/documents/product-information/spikevax-previously-covid-19-vaccine-moderna-epar-product-information_en.pdf

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  https://edps.europa.eu/system/files/2021-10/2021-0943%20Formal_comments_EUDCC_en.pdf


IARSCRÍBHINN I

“IARSCRÍBHINN II

RIALACHA CHUN DEIMHNIÚ DIGITEACH COVID AE A LÍONADH

Tá sé d’aidhm ag na rialacha ginearálta a bhaineann leis na tacair luacha a bunaíodh san Iarscríbhinn seo idir-inoibritheacht ar leibhéal séimeantach a áirithiú agus ceadóidh siad cur chun feidhme teicniúil aonfhoirmeach do Dheimhniú Digiteach COVID AE. Féadfar gnéithe atá san Iarscríbhinn seo a úsáid le haghaidh trí shuíomh éagsúla (vacsaíniú/tástáil/téarnamh), mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2021/953. Ní liostaítear ach gnéithe lena mbaineann riachtanas caighdeánaithe shéimeantaigh trí thacair luacha códaithe san Iarscríbhinn seo.

Tá na Ballstáit freagrach as aistriúchán na ngnéithe códaithe chuig an teanga náisiúnta.

Maidir le gach réimse sonraí nach luaitear sna tuairiscí tacair luacha seo a leanas, tugtar tuairisc ar ionchódú in Iarscríbhinn V.

Má tharlaíonn sé, ar chúis ar bith, nach féidir na córais cód roghnaithe a liostaítear thíos a úsáid, féadfar córais cód idirnáisiúnta eile a úsáid agus cuirfear comhairle maidir le cóid a mhapáil ón gcóras cód eile chuig an gcóras cód roghnaithe i bhfeidhm. Féadfar téacs (ainmneacha taispeána) a úsáid i gcásanna eisceachtúla mar shásra cúltaca nuair nach bhfuil cód oiriúnach ar fáil sna tacair luacha shainithe.

Déanfaidh na Ballstáit a úsáideann códú eile ina gcórais cóid den sórt sin a mhapáil chuig na tacair luacha a dtugtar tuairisc orthu. Tá na Ballstáit freagrach as aon mhapáil den sórt sin.

Ós rud é go bhfuil síorathrú ag teacht ar roinnt tacar luacha atá bunaithe ar na córais chódúcháin dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo, amhail na córais le haghaidh códú vacsaíní agus códú mearthástála antaiginí, foilseoidh an Coimisiún iad agus déanfaidh sé iad a nuashonrú go rialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte agus ón gCoiste Slándála Sláinte. Déanfar na tacair luacha nuashonraithe a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ábhartha an Choimisiúin, chomh maith le leathanach gréasáin an Líonra r-Shláinte. Soláthrófar stair athruithe.

1.   An galar nó an t-oibreán ar ar díríodh/An galar nó an t-oibreán ónar théarnaigh an sealbhóir: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Le húsáid i ndeimhnithe 1, 2 agus 3.

Úsáidfear an cód seo a leanas:

Cód

An Taispeáint

Ainm an Chórais Cód

URL an Chórais Cód

OID an Chórais Cód

Leagan an Chórais Cód

840539006

COVID-19

SNOMED CT

http://snomed.info/sct

2.16.840.1.113883.6.96

2021-01-31

2.   Vacsaín in aghaidh COVID-19 nó próifiolacsas in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe: SNOMED CT nó Rangú ATC.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla iad seo a leanas de chóid a úsáidfear ó na córais cód roghnaithe: cód SNOMED CT 1119305005 (vacsaín antaigine SARS-CoV-2), 1119349007 (vacsaín teachtaire RNA SARS-CoV-2) nó J07BX03 (vacsaíní COVID-19).

Déanfaidh an Coimisiún tacar luach ina leagfar amach na cóid a bheidh le húsáid de bhun na gcóras cód a bhunaítear sa roinn seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte. Déanfar an tacar luacha a leathnú nuair a fhorbraítear cineálacha nua vacsaíní agus nuair a úsáidtear iad.

3.   Táirge íocshláinte vacsaíne in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe (san ord roghnaithe):

Clár an Aontais de tháirgí íocshláinte le haghaidh vacsaíní ag a bhfuil údarú uile-AE (uimhreacha údaraithe);

Clár vacsaíní domhanda amhail ceann a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bhunú;

Ainm an táirge íocshláinte vacsaíne i gcásanna eile. Má tá spásanna bána san ainm, cuirfear fleiscín (-) ina n-áit.

Ainm an Tacair Luacha: Vacsaín.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla é AE/1/20/1528 (Comirnaty) de chód a úsáidfear ó na córais cód roghnaithe. Is sampla é seo ar ainm vacsaíne ar cheart a úsáid mar chód: Sputnik-V (ag seasamh le haghaidh Sputnik V).

Déanfaidh an Coimisiún tacar luach ina leagfar amach na cóid a bheidh le húsáid de bhun na gcóras cód a bhunaítear sa roinn seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte.

Déanfar vacsaíní a chódú trí úsáid a bhaint as cód atá ann cheana sa tacar luacha foilsithe, fiú má tá a n-ainmneacha éagsúil i dtíortha éagsúla. Is é is cúis leis sin nach bhfuil aon chlárlann dhomhanda vacsaíní ann go fóill a chlúdaíonn na vacsaíní ar fad atá in úsáid faoi láthair. Mar shampla:

I gcás vacsaín “Instealladh Ionmhatánach Vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19 ”, arb é ainm na vacsaíne Spikevax sa tSeapáin é, úsáidtear cód EU/1/20/1507, toisc gurb é ainm don vacsaín sin san Aontas Eorpach.

Mura bhfuil sé sin indéanta ná inmholta i gcás ar leith, cuirfear cód ar leith ar fáil sa tacar luacha foilsithe.

4.   Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó monaróir na vacsaíne in aghaidh COVID-19

Córas Cód Roghnaithe:

Cód eagraíochta ó EMA (córas SPOR le haghaidh ISO IDMP);

Clár domhanda sealbhóirí an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne nó clár monaróirí, amhail ceann a d’fhéadfadh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bhunú;

Ainm na heagraíochta i gcásanna eile. Má tá spásanna bána san ainm, cuirfear fleiscín (-) ina n-áit.

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Is sampla de chód ón gcóras cód roghnaithe a úsáidfear é ORG-100001699 (AstraZeneca AB). Is sampla é seo ar ainm eagraíochta ar cheart a úsáid mar chód: Sinovac-Biotech (ag seasamh le haghaidh Sinovac Biotech).

Déanfaidh an Coimisiún tacar luach ina leagfar amach na cóid a bheidh le húsáid de bhun na gcóras cód a bhunaítear sa roinn seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte.

Bainfidh brainsí éagsúla de Sealbhóir an Údaraithe le haghaidh Margaithe céanna nó den mhonaróir céanna úsáid as cód atá ann cheana sa tacar luacha foilsithe.

Mar riail ghinearálta i gcás an táirge vacsaíne chéanna, bainfear úsáid as an gcód a thagraíonn do shealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe san Aontas toisc nach bhfuil aon chlárlann ann go fóill do mhonaróirí vacsaíne ná do shealbhóirí an údaraithe le haghaidh margú a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Samplaí:

I gcás na heagraíochta ‘Pfizer AG’ ar sealbhóir an údaruithe le haghaidh margaithe é le haghaidh na vacsaíne “Comirnaty” a úsáidtear san Eilvéis, úsáid cód ORG-100030215 a thagraíonn do BioNTech Manufacturing GmbH mar is é sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe Comirnaty san Aontas é.

I gcás na heagraíochta ‘Zuellig Pharma’ ar sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe é le haghaidh na Vacsaíne Covid-19 Moderna (Spikevax) a úsáidtear sna hOileáin Fhilipíneacha, úsáid cód ORG-100031184 a thagraíonn do Moderna Biotech Spain S.L., mar is é sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe Spikevax san Aontas é.

Mura bhfuil sé sin indéanta ná inmholta i gcás ar leith, cuirfear cód ar leith ar fáil sa tacar luacha foilsithe.

5.   Uimhir i sraith dáileog chomh maith le líon foriomlán na ndáileog sa tsraith

Le húsáid i ndeimhniú 1.

Dhá réimse:

(1)

Uimhir i sraith dáileoga vacsaíne de vacsaín in aghaidh COVID-19 (N);

(2)

Uimhir foriomlán na ndáileog sa tsraith vacsaínithe (C).

5.1.   Sraith vacsaínithe phríomhúil

I gcás ina bhfuil dáileoga den tsraith vacsaínithe phríomhúil á bhfáil ag an duine, is é sin, an tsraith vacsaínithe atá ceaptha cosaint leordhóthanach a chur ar fáil ag an gcéim thosaigh, léireoidh (C) líon iomlán na ndáileog den tsraith chaighdeánach vacsaínithe phríomhúil (e.g. 1 nó 2 ag brath ar an gcineál vacsaíne a thugtar). Áirítear leis sin an rogha sraith níos giorra a úsáid (C=1) ina gcuireann Ballstát an prótacal vacsaínithe i bhfeidhm chun foráil a dhéanamh maidir le dáileog aonair de vacsaín 2-dháileog a thabhairt do dhaoine a bhí ionfhabhtaithe le SARS-CoV-2 roimhe sin. Dá bhrí sin, sonrófar sraith vacsaínithe phríomhúil chríochnaithe le N/C = 1. Mar shampla:

Sonrófaí le 1/1 gur críochnaíodh cúrsa vacsaínithe aon dáileoige phríomhúil, nó gur críochnaíodh cúrsa príomhúil ina bhfuil dáileog amháin de vacsaín 2-dáileog a thugtar do dhuine téarnaithe i gcomhréir leis an bprótacal vacsaínithe a chuir Ballstát i bhfeidhm;

Sonrófaí le 2/2 gur críochnaíodh sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dáileoige.

I gcás ina leathnaítear an tsraith vacsaínithe phríomhúil, mar shampla i gcás daoine a bhfuil córais imdhíonachta an-lagaithe acu nó i gcás nár urramaíodh an tréimhse idir na príomhdháileoga, déanfar aon dáileog den sórt sin a ionchódú mar dháileoga breise a thagann faoi Roinn 5.2.

5.2.   Dáileoga breise

I gcás ina bhfuil dáileoga á bhfáil ag an duine tar éis na sraithe vacsaínithe phríomhúil, léireofar na dáileoga breise sin (X) sna deimhnithe comhfhreagracha trí mhéaduithe ar líon na ndáileog a thugtar (N) agus ar an líon iomlán dáileog (C) (a fhágann (N+X)/(C+X)). Mar shampla:

Sonrófaí le 2/2 gur tugadh dáileog bhreise tar éis cúrsa vacsaínithe aon dáileoige phríomhúil, nó gur tugadh dáileog bhreise tar éis cúrsa príomhúil ina bhfuil dáileog amháin de vacsaín 2-dáileog a thugtar do dhuine téarnaithe i gcomhréir leis an bprótacal vacsaínithe a chuir Ballstát i bhfeidhm;

Sonrófaí le 3/3 gur tugadh dáileog bhreise tar éis sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dáileoige a fháil.

Dá bhrí sin, sonrófar dáileoga breise a thugtar tar éis an tsraith vacsaínithe phríomhúil a bheith críochnaithe le (N+X)/(C+X) = 1.

Leanfar de bheith ag glacadh le deimhnithe vacsaínithe arna n-eisiúint faoin 31 Nollaig 2021 fiú má leanann deimhnithe den sórt sin riail éagsúil chun an uimhir a ionchódú i sraith dáileoga nó líon iomlán na ndáileog sa tsraith. Chun an méid sin a áirithiú, féadfar bearta teicniúla a ghlacadh.

Féadfaidh na Ballstáit, laistigh den chreat dlíthiúil arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/953, bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar staid grúpaí leochaileacha a d’fhéadfadh dáileoga breise a fháil mar ábhar tosaíochta. Mar shampla, má chinneann Ballstát dáileog bhreise a thabhairt d’fhoghrúpaí sonracha den daonra amháin, féadfaidh sé a roghnú, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/953, deimhnithe vacsaínithe a eisiúint lena léirítear gur tugadh dáileoga breise den sórt sin ach amháin arna iarraidh sin agus ní go huathoibríoch. I gcás ina nglactar bearta den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit na daoine lena mbaineann ar an eolas dá réir sin, agus cuirfidh siad in iúl dóibh freisin go bhféadfaidh siad leanúint d’úsáid a bhaint as an deimhniú a fuarthas tar éis dóibh an tsraith chaighdeánach vacsaínithe phríomhúil a chríochnú.

6.   An Ballstát nó an tríú tír inar tugadh an vacsaín/ina ndearnadh an tástáil

Córas Cód Roghnaithe: Cóid Tíre ISO 3166.

Le húsáid i ndeimhnithe 1, 2 agus 3.

Inneachar an tacair luacha: an liosta iomlán de chóid a bhfuil 2 litir iontu, atá ar fáil mar thacar luacha a shainítear in FHIR (http://hl7.org/fhir/ValueSet/iso3166-1-2). I gcás gur eagraíocht idirnáisiúnta (amhail UNHCR nó EDS) a thug an vacsaín nó a rinne an tástáil agus nach bhfuil aon fhaisnéis faoin tír ar fáil, bainfear úsáid as cód don eagraíocht. Déanfaidh an Coimisiún cóid bhreise den sórt sin a fhoilsiú agus a nuashonrú go tráthrialta le tacaíocht ón Líonra r-Shláinte.

7.   An cineál tástála

Le húsáid i ndeimhniú 2, agus i ndeimhniú 3 má thugtar tacaíocht le haghaidh eisiúint deimhnithe téarnaimh bunaithe ar chineálacha eile tástála seachas NAAT isteach trí ghníomh tarmligthe.

Bainfear úsáid as na cóid a leanas:

Cód

An Taispeáint

Ainm an Chórais Cód

URL an Chórais Cód

OID an Chórais Cód

Leagan an Chórais Cód

LP6464-4

Aimpliúchán aigéid núicléasaigh le brath tóireadóra

LOINC

http://loinc.org

2.16.840.1.113883.6.1

2.69

LP217198-3

Imdhíonmheasúnacht thapa

LOINC

http://loinc.org

2.16.840.1.113883.6.1

2.69

8.   Monaróir agus ainm trádála na tástála a úsáideadh (roghnach i gcás thástáil NAAT)

Le húsáid i ndeimhniú 2.

Beidh san áireamh in inneachar an Tacair Luacha an rogha mearthástála antaiginí mar a liostaítear sa liosta comhchoiteann agus nuashonraithe de mhearthástálacha antaiginí COVID-19, arna mbunú ar bhonn Mholadh 2021/C 24/01 ón gComhairle agus a chomhaontaigh an Coiste Slándála Sláinte. Déanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde an liosta a choimeád sa Bhunachar Sonraí Feistí Diagnóiseacha In Vitro COVID-19 agus Modhanna Tástála ag: https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat

Maidir leis an gcóras cód sin, úsáidfear gach réimse ábhartha amhail aitheantóir na feiste, ainm agus monaróir na tástála, de réir fhormáid struchtúrtha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde atá ar fáil ag: https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices

9.   Toradh na tástála

Le húsáid i ndeimhniú 2.

Úsáidfear na cóid a leanas:

Cód

An Taispeáint

Ainm an Chórais Cód

URL an Chórais Cód

OID an Chórais Cód

Leagan an Chórais Cód

260415000

Níor braitheadh é

SNOMED CT

http://snomed.info/sct

2.16.840.1.113883.6.96

2021-01-31

260373001

Braitheadh é

SNOMED CT

http://snomed.info/sct

2.16.840.1.113883.6.96

2021-01-31


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 3 de Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1073:

“3.   Ceanglais ghinearálta

Ní mór na ceanglais uileghabhálacha seo a leanas a chomhlíonadh maidir le UCI:

(1)

Tacar carachtar: ní cheadaítear ach carachtair alfa-uimhriúla US-ASCII (‘A’ go ‘Z’, ‘0’ go ’9’) le carachtair speisialta le haghaidh dealú ó RFC3986 (1), eadhon {'/','#',':'};

(2)

Fad uasta: déanfaidh dearthóirí iarracht fad de 27-30 carachtar a bhaint amach (2);

(3)

Réimír leagain: tagraíonn sé sin do leagan an scéimre UCI. Is é ‘01’ an réimír leagain don leagan seo den doiciméad; tá dhá dhigit sa réimír leagain;

(4)

Réimír tíre: sonraítear an réimír tíre le ISO 3166-1. Coimeádtar cóid níos faide (e.g. 3 charachtar agus níos mó, mar shampla ‘UNHCR’) le húsáid sa todhchaí;

(5)

Iarmhír cóid / Suim sheiceála:

5.1

Féadfaidh na Ballstáit suim sheiceála a úsáid nuair is dócha go dtarlódh tarchur, tras-scríbhinn (daonna) nó truailliú eile (is é sin nuair a úsáidtear an fhormáid phriontáilte).

5.2

Ní bheifear ag brath ar an tsuim sheiceála amháin chun an deimhniú a bhailíochtú agus níl sí mar chuid den aitheantóir go teicniúil ach úsáidtear í chun sláine an chóid a fhíorú. Ní mór an achoimre ISO-7812-1 (LUHN-10) (3) ar UCI iomlán i bhformáid iompair dhigiteach/sreinge a bheith mar an tsuim sheiceála. Tá an tsuim sheiceála scartha ón gcuid eile de UCI le carachtar ‘#’.

Áiritheofar comhoiriúnacht droim ar ais: áiritheoidh na Ballstáit a athraíonn struchtúr a n-aitheantóirí thar am (laistigh den phríomhleagan, atá socruithe ag v1 faoi láthair) go léiríonn aon dá aitheantóir atá díreach mar an gcéanna an deimhniú/dearbhú vacsaínithe céanna. Nó, i bhfocail eile, ní féidir leis na Ballstáit aitheantóirí a athchúrsáil..


(1)  rfc3986 (ietf.org)

(2)  Maidir le cóid QR a chur chun feidhme, d’fhéadfadh na Ballstáit sraith bhreise carachtar, suas le fad iomlán 72 charachtar (lena n-áirítear an t-aitheantóir 27-30 carachtar féin), a bhreithniú le cur leis d’fhonn faisnéis eile a chur in iúl. Is iad na Ballstáit atá freagrach as sainiú na faisnéise sin.

(3)  Is síneadh é an t-algartam ‘Luhn mod N’ d’algartam Luhn (a dtugtar algartam ‘mod 10’ air freisin) a oibríonn le haghaidh cóid uimhriúla agus úsáidtear é chun suim sheiceála cártaí creidmheasa a ríomh, mar shampla. Ceadaíonn an síneadh sin don algartam oibriú le seichimh luachanna in aon bhonn (carachtair alfa-uimhriúla sa chás seo).”’


IARSCRÍBHINN III

“IARSCRÍBHINN V

SCÉIMRE NODAIREACHT OIBIACHTAÍ JAVASCRIPT (JSON)

1.   Réamhrá

Bunaítear leis an Iarscríbhinn seo struchtúr na sonraí teicniúla le haghaidh Deimhnithe Digiteacha COVID AE, arna léiriú mar scéimre JSON. Cuirtear treoracha sonracha ar fáil sa doiciméad a bhaineann leis na réimsí sonraí ar leith.

2.   Suíomh Scéimre JSON agus leaganacha

Cuirtear an t-aon scéimre oifigiúil iontaofa JSON le haghaidh Deimhnithe Digiteacha COVID AE ar fáil ag https://github.com/ehn-dcc-development/ehn-dcc-schema. Níl suíomhanna eile iontaofa, ach d’fhéadfaí iad a úsáid chun athbhreithnithe atá le teacht a ullmhú.

Mar réamhshocrú, an leagan atá ann faoi láthair agus a leagtar amach san Iarscríbhinn seo agus a bhfuil tacaíocht aige ó na tíortha uile atá á tháirgeadh faoi láthair le feiceáil faoin URL a shonraítear.

Tá an chéad leagan eile atá le teacht, a bhfuil tacaíocht aige le dáta sonraithe ó gach tír, le feiceáil faoin URL, rud atá léirithe trí clibeáil leaganacha, a bhfuil cur síos níos sainiúla air sa chomhad Readme.

3.   Struchtúir chomhchoiteanna agus ceanglais ghinearálta

Ní eiseofar Deimhniú Digiteach COVID AE más rud é nach féidir na réimsí sonraí go léir a líonadh i gceart i gcomhréir leis an tsonraíocht sin mar gheall ar fhaisnéis atá in easnamh. Ní thuigfear as sin go ndéanann sé sin difear d’oibleagáid na mBallstát Deimhnithe Digiteacha COVID AE a eisiúint.

Féadfar faisnéis i ngach réimse a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as an tacar iomlán carachtar UNICODE 13.0 atá ionchódaithe trí UTF-8 a úsáid, ach amháin má tá sé teoranta go sonrach do thacair luacha nó do thacair charachtair níos cúinge.

Is mar seo a leanas a bheidh an struchtúr comhchoiteanna:

"JSON": {

"ver": <faisnéis maidir leis na leaganacha>,

"nam": {

<faisnéis maidir le hainm an duine>

},

"dob": <date of birth>,

"v" nó "t" nó "r": [

{<faisnéis maidir le dáileog vacsaínithe nó tástáil nó téarnamh, iontráil amháin>}

]

}

Cuirfear faisnéis mhionsonraithe maidir le grúpaí agus réimsí aonair ar fáil sna chéad ranna eile.

3.1.   Leagan

Cuirfear faisnéis faoi na leaganacha ar fáil De réir Próiseas Déanta Leaganacha a chuirtear Próiseas Déanta Leaganacha Séimeantacha i gcrích (semver: https://semver.org). Sa táirgeadh, beidh sé ar cheann de na leaganacha a eisíodh go hoifigiúil (an leagan atá ann faoi láthair nó ceann de na leaganacha níos sine). Féach an Roinn JSON Schema location chun tuilleadh sonraí a fháil.

Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

ver

Leagan scéimre

Beidh sé ag teacht le haitheantóir an leagain scéimre a úsáidtear chun Deimhnithe Digiteacha COVID AE a tháirgeadh.

Mar shampla:

"ver": "1.3.0"

3.2.   Ainm agus dáta breithe an duine

Is é ainm an duine ainm iomlán oifigiúil an duine, arb ionann é agus an t-ainm atá luaite ar dhoiciméid taistil. Is é nam aitheantóir an struchtúir. Go beacht cuirfear 1 (aon) ainm duine amháin ar fáil.

Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

nam/fn

Sloinne (Sloinnte)

Sloinne (Sloinnte) an tsealbhóra,

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil, agus gach sloinne san áireamh ann. I gcás ilsloinnte, beidh spás eatarthu. I gcás ainmneacha teaglaim lena n-áirítear fleiscíní nó carachtair chomhchosúla, ní mór dóibh a bheith mar an gcéanna.

Samplaí:

"fn": "Musterfrau-Gößinger"

"fn": "Musterfrau-Gößinger Müller"

nam/fnt

Sloinne/sloinnte caighdeánaithe

Traslitriú a dhéanamh ar shloinne/shloinnte an tsealbhóra ag úsáid an choinbhinsiúin chéanna a úsáidtear i ndoiciméid taistil mheaisín-inléite an tsealbhóra (amhail na rialacha a shainítear in ICAO doic 9303 Cuid 3).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil, agus ní chuirfear ach carachtair A-Z agus < san áireamh ann. Fad uasta: 80 carachtar (de réir shonraíocht 9303 ICAO)

Samplaí:

"fnt": "MUSTERFRAU<GOESSINGER"

"fnt": "MUSTERFRAU<GOESSINGER<MUELLER"

nam/gn

Túsainm(neacha)

Túsainm(neacha), amhail céadainm(neacha) an tsealbhóra.

Mura bhfuil túsainmneacha ag an sealbhóir, léimfear ar aghaidh chuig an chéad réimse eile.

I ngach cás eile, cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil go beacht, agus gach túsainm san áireamh ann. I gcás il-túsainmneacha, beidh spás eatarthu.

Mar shampla:

"gn": "Isolde Erika"

nam/gnt

Túsainm(neacha) caighdeánaithe

Traslitriú a dhéanamh ar thúsainm(neacha) an tsealbhóra ag úsáid an coinbhinsiún céanna a úsáidtear i ndoiciméid taistil mheaisín-inléite an tsealbhóra (amhail na rialacha a shainítear in ICAO doic 9303 Cuid 3).

Mura bhfuil túsainmneacha ag an sealbhóir, déanfar neamhaird ar an réimse.

I ngach cás eile, cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil go beacht, agus ní chuirfear ach carachtair A-Z agus < san áireamh ann. Fad uasta: 80 charachtar.

Mar shampla:

"gnt": "ISOLDE<ERIKA"

dob

Dáta breithe

Dáta breithe shealbhóir Dheimhniú Digiteach COVID AE.

Dáta iomlán nó dáta i bpáirt gan teorainn leis an am idir 1900-01-01 agus 2099-12-31.

Go beacht cuirfear 1 (aon) spás neamhfholamh amháin ar fáil más eol an dáta breithe ina iomlán nó i bpáirt. Mura bhfuil an dáta breithe ar eolas fiú i bpáirt, beidh an spás sin folamh "". Beidh sé seo ag teacht leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar na doiciméid taistil.

Úsáidfear ceann de na formáidí ISO 8601 seo a leanas má tá faisnéis maidir leis an dáta breithe ar fáil. Ní thacaítear le roghanna eile.

BBBB-MM-LL

BBBB-MM

BBBB

(Féadfaidh an aip fíoraitheora codanna den dáta breithe nach bhfuil fáil orthu a thaispeáint agus an coinbhinsiún XX á úsáid ina choinbhinsiún a úsáidtear i ndoiciméid taistil mheaisín-inléite, e.g. 1990-XX-XX.)

Samplaí:

"dob": "1979-04-14"

"dob": "1901-08"

"dob": "1939"

"dob": ""

3.3.   Grúpaí maidir le faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gcineál deimhnithe

Tacaíonn Scéimre JSON le trí ghrúpa iontrálacha a chuimsíonn faisnéis a bhaineann go sonrach leis an gcineál deimhnithe. Beidh 1 (aon) ghrúpa amháin i ngach Deimhniú Digiteach COVID AE go beacht. Ní cheadaítear grúpaí folmha.

Grúpa aitheantóir

Ainm an ghrúpa

Iontrálacha

v

Grúpa vacsaínithe

Más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc chruinn ar 1 (aon) dáileog vacsaínithe amháin (aon dáileog amháin) go beacht.

t

Grúpa tástála

Más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil ann go beacht amháin ina mbeidh tuairisc ar 1 (aon) toradh tástála amháin go beacht.

r

Grúpa téarnaimh

Más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar 1 (aon) ráiteas téarnaimh amháin go beacht.

4.   Faisnéis shonrach a bhaineann leis an gcineál deimhnithe

4.1.   Deimhniú vacsaínithe

Grúpa vacsaínithe, más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar aon imeacht vacsaínithe amháin (aon dáileog amháin) go beacht. Tá gach gné den ghrúpa vacsaínithe éigeantach, ní thacaítear le luachanna folmha.

Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

v/tg

An galar nó oibreán ar ar díríodh: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Luach códaithe ón tacar luacha

disease-agent-targeted.json.

Tá iontráil aonair 840539006 ag an tacar luacha seo, is é sin an cód le haghaidh COVID-19 ó SNOMED CT (GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tg": "840539006"

v/vp

Vacsaín in aghaidh COVID-19 nó próifiolacsas in aghaidh COVID-19

Cineál vacsaíne nó próifiolacsais a úsáidtear.

Luach códaithe ón tacar luacha

vaccine-prophylaxis.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"vp": "1119349007" (vacsaín teachtaire NRA SARS-CoV-2)

v/mp

Táirge vacsaíne in aghaidh COVID-19

Táirge íocshláinte a úsáidtear don dáileog vacsaínithe áirithe seo Luach códaithe ón tacar luacha

vaccine-medicinal-product.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"mp": "EU/1/20/1528" (Comirnaty)

v/ma

Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margú vacsaíne in aghaidh COVID-19 nó monaróir na vacsaíne in aghaidh COVID-19

Sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe nó monaróir, mura bhfuil sealbhóir an údaraithe le haghaidh margaithe i láthair. Luach códaithe ón tacar luacha

vaccine-mah-manf.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Dheimhnithe Digiteacha COVID AE.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"ma": "ORG-100030215" (Biontech Manufacturing GmbH)

v/dn

Uimhir i sraith dáileog

Sraithuimhir (slánuimhir dhearfach) na dáileoige a tugadh le linn an imeachta vacsaínithe seo. 1 don chéad dáileog, 2 don dara dáileog etc. Tá rialacha níos sainiúla ar fáil i Roinn 5 d’Iarscríbhinn II.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"dn": "1" (an chéad dáileog)

"dn": "2" (an dara dáileog)

"dn": "3" (an tríú dáileog)

v/sd

An líon foriomlán de dháileoga na sraithe

An líon foriomlán de dháileoga na sraithe vacsaínithe (slánuimhir dheimhneach). Tá rialacha níos sainiúla ar fáil i Roinn 5 d’Iarscríbhinn II.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"sd": "1" (i gcás cúrsa vacsaínithe phríomhúil 1-dáileoige)

"sd": "2" (i gcás sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dháileog nó le haghaidh dáileog bhreise tar éis cúrsa vacsaínithe príomhúil 1-dáileoige)

"sd": "3"(e.g. i gcás dáileog bhreise tar éis sraith vacsaínithe phríomhúil 2-dáileog)

v/dt

Dáta vacsaínithe:

An dáta a fuarthas an dáileog ar tugadh tuairisc uirthi, i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"dt": "2021-03-28"

v/co

an Ballstát nó an tríú tír inar tugadh an vacsaín

Tír arna sloinneadh mar chód 2-litir ISO3166 (INMHOLTA) nó mar thagairt d’eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as an imeacht vacsaínithe (amhail UNHCR nó EDS). Luach códaithe ón tacar luacha country-2-codes.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Dheimhnithe Digiteacha COVID AE.

Go beacht cuirfear 1 (aon) spás amháin ar fáil.

Mar shampla:

"co": "CZ"

"co": "UNHCR"

v/is

Eisitheoir an deimhnithe

Ainm na heagraíochta a d’eisigh an deimhniú. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"is": "Ministry of Health of the Czech Republic"

"is": "Vaccination Centre South District 3"

v/ci

Aitheantóir uathúil an deimhnithe

Aitheantóir uathúil an deimhnithe mar a shonraítear ar https://ec.europa.eu/health/sites/default/files/ehealth/docs/vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf

Tá sé roghnach an tsuim sheiceála a áireamh. Féadfar an réimír "URN:UVCI:" a chur isteach.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"ci": "URN:UVCI:01:NL:187/37512422923"

"ci": "URN:UVCI:01:AT:10807843F94AEE0EE5093FBC254BD813#B"

4.2.   Deimhniú tástála

Grúpa tástála, más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar aon toradh tástála amháin go beacht.

Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

t/tg

An galar nó oibreán ar ar díríodh: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Luach códaithe ón tacar luacha disease-agent-targeted.json.

Tá iontráil aonair 840539006 ag an tacar luacha seo, is é sin an cód le haghaidh COVID-19 ó SNOMED CT (GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tg": "840539006"

t/tt

An cineál tástála

An cineál tástála a úsáideadh, bunaithe ar an ábhar ar ar díríodh sa tástáil. Luach códaithe ón tacar luacha test-type.json (bunaithe ar LOINC). Ní cheadaítear luachanna lasmuigh den tacar luacha.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tt": "LP6464-4" (Aimpliúchán aigéid núicléasaigh le brath tóireadóra)

"tt": "LP217198-3" (Imdhíonmheasúnacht thapa)

t/nm

Ainm na tástála (tástálacha aimpliúcháin aigéid núicléasaigh amháin)

Ainm na tástála aimpliúcháin aigéid núicléasaigh (NAAT) a úsáidtear. Ba cheart ainm an mhonaróra tástála agus ainm tráchtála na tástála, agus camóg eatarthu, a bheith san ainm.

I gcás NAAT: tá an réimse roghnach.

I gcás mearthástálacha antaiginí: ní úsáidfear an réimse, ós rud é go soláthraítear ainm na tástála go hindíreach trí aitheantóir feiste na tástála (t/ma).

Nuair a sholáthraítear an réimse, ní bheidh sé folamh.

Mar shampla:

"nm": "ELITechGroup, SARS-CoV-2 ELITe MGB® Kit"

t/ma

Aitheantóir feiste tástálacha (mearthástálacha antaiginí amháin)

Aitheantóir feiste mearthástálacha antaiginí ó bhunachar sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Tacar luacha (liosta comhchoiteann an Choiste Slándála Sláinte):

Na mearthástálacha antaiginí ar fad i liosta coiteann Choiste Slándála Sláinte (inléite ag duine).

https://covid-19-diagnostics.jrc.ec.europa.eu/devices/hsc-common-recognition-rat (meaisín-inléite, luachanna an réimse id_device san áireamh ar an liosta, is ionann iad agus an tacar luach).

I dtíortha AE/LEE, ní eiseoidh eisitheoirí ach deimhnithe le haghaidh tástálacha a bhaineann leis an tacar luacha atá bailí faoi láthair. Nuashonrófar an tacar luacha gach 24 uair an chloig.

Féadfar luachanna lasmuigh den tacar luacha a úsáid i ndeimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ach is ó bhunachair sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde a thiocfaidh na haitheantóirí fós. Ní cheadaítear aitheantóirí eile a úsáid amhail iad sin a sholáthraíonn monaróirí tástálacha go díreach.

Braithfidh fíoraitheoirí luachanna nach mbaineann leis an tacar luacha nuashonraithe agus léireofar deimhnithe a mbeidh na luachanna sin acu mar dheimhnithe neamhbhailí. Má bhaintear aitheantóir ón tacar luacha, féadfar glacadh le deimhnithe ar a bhfuil sé suas go dtí 72 uair an chloig ar a mhéid tar éis an dáta a baineadh é.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

I gcás mearthástálacha antaiginí: Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

I gcás NAAT: ní úsáidfear an réimse, fiú má tá an t-aitheantóir tástála NAA ar fáil i mbunachar sonraí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde.

Mar shampla:

"ma": "344" (SD BIOSENSOR Inc, STANDARD F COVID-19 Ag FIA)

t/sc

Dáta agus am bhailiú an tsampla tástála;

An dáta agus an t-am a bailíodh an tsampla tástála. Beidh faisnéis maidir leis an gcrios ama san áireamh san am sin. Ní chuirfidh an luach an t-am a táirgeadh an toradh tástála in iúl.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Úsáidfear ceann de na formáidí ISO 8601 seo a leanas: Ní thacaítear le roghanna eile.

BBBB-MM-LLAuu:nn:ssZ

BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[+-]uu

BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[+-]uunn

BBBB-MM-LLAuu:nn:ss[+-]uu:mm

Samplaí:

"sc": "2021-08-20T10:03:12Z" (Am AUL)

"sc": "2021-08-20T12:03:12+02" (Am CEST)

"sc": "2021-08-20T12:03:12+0200" (Am CEST)

"sc": "2021-08-20T12:03:12+02:00" (Am CEST)

t/tr

Toradh na tástála

Toradh na tástála. Luach códaithe ón tacar luacha test-result.json (bunaithe ar SNOMED CT, GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tr": "260415000" (Níor braitheadh é)

t/tc

Ionad nó saoráid tástála

Ainm an ghníomhaí a rinne an tástáil. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad Ba cheart aon charachtar breise a ghiorrú. Níl an t-ainm ceaptha le haghaidh fíorú uathoibrithe.

I gcás tástálacha NAAT: go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

I gcás mearthástálacha antaiginí: tá an réimse roghnach. Má sholáthraítear é, ní bheidh sé folamh.

Mar shampla:

"tc": "Ionad tástála ceantar iarthar 245"

t/co

an Ballstát nó an tríú tír ina ndearnadh an tástáil

Tír arna sloinneadh mar chód 2-litir ISO3166 (INMHOLTA) nó mar thagairt d’eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as an tástáil a dhéanamh (amhail UNHCR nó EDS). Is éard a bheidh i gceist leis sin luach códaithe ón tacar luacha country-2-codes.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID AE.

Cuirfear 1 (aon) réimse spás amháin ar fáil.

Samplaí:

"co": "CZ"

"co": "UNHCR"

t/is

Eisitheoir an deimhnithe

Ainm na heagraíochta a d’eisigh an deimhniú. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"is": "Ministry of Health of the Czech Republic"

"is": "North-West region health authority"

t/ci

Aitheantóir uathúil an deimhnithe

Aitheantóir uathúil an deimhnithe mar a shonraítear ar vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf (europa.eu)

Tá sé roghnach an tsuim sheiceála a áireamh. Féadfar an réimír "URN:UVCI:" a chur isteach.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"ci": "URN:UVCI:01:NL:187/37512422923"

"ci": "URN:UVCI:01:AT:10807843F94AEE0EE5093FBC254BD813#B"

4.3.   Deimhniú téarnaimh

Grúpa téarnaimh, más ann dó, beidh 1 (aon) iontráil amháin ann go beacht ina mbeidh tuairisc ar aon ráiteas téarnaimh amháin go beacht. Tá gach gné den ghrúpa téarnaimh éigeantach, ní thacaítear le luachanna folmha.

Aitheantas an réimse

Ainm an réimse

Treoracha

r/tg

An galar nó an t-oibreán ónar théarnaigh an sealbhóir: COVID-19 (SARS-CoV-2 nó ceann dá chuid athraitheach)

Luach códaithe ón tacar luacha

disease-agent-targeted.json.

Tá iontráil aonair 840539006 ag an tacar luacha seo, is é sin an cód le haghaidh COVID-19 ó SNOMED CT (GPS).

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"tg": "840539006"

r/fr

Dáta an chéad toraidh dhearfaigh ar thástáil NAAT a fuair an sealbhóir

An dáta a bailíodh sampla le haghaidh na tástála NAAT a thug toradh dearfach aige, i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"fr": "2021-05-18"

r/co

an Ballstát nó an tríú tír ina ndearnadh an tástáil

Tír arna sloinneadh mar chód 2-litir ISO3166 (INMHOLTA) nó mar thagairt d’eagraíocht idirnáisiúnta atá freagrach as an tástáil a dhéanamh (amhail UNHCR nó EDS). Is éard a bheidh i gceist leis seo luach códaithe ón tacar luacha

country-2-codes.json.

Dáiltear an tacar luacha ó Thairseach Deimhnithe Digiteacha COVID an Aontais.

Ní chuirfear ach spás nach bhfuil folamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"co": "CZ"

"co": "UNHCR"

r/is

Eisitheoir an deimhnithe

Ainm na heagraíochta a d’eisigh an deimhniú. Ceadaítear aitheantóirí mar chuid den ainm ach ní mholtar iad a úsáid go leithleach gan an t-ainm mar théacs. 80 carachtar UTF-8 ar a mhéad

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil. Mar shampla:

"is": “Ministry of Health of the Czech Republic”

"is": "Central University Hospital"

r/df

Deimhniú bailí ó:

An chéad dáta a mheasfar an deimhniú a bheith bailí Ní bheidh an dáta níos luaithe ná an dáta a mheasfar mar r/fr + 11 lá.

Cuirfear an dáta ar fáil i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"df": "2021-05-29"

r/du

Deimhniú bailí go dtí:

An dáta deireanach a mheasfar an deimhniú a bheith bailí, arna shannadh ag eisitheoir an deimhnithe. Ní bheidh an dáta i ndiaidh an dáta a ríomhfar mar r/fr + 180 lá.

Cuirfear an dáta ar fáil i bhformáid BBBB-MM-LL (dáta iomlán gan am). Ní thacaítear le formáidí eile.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Mar shampla:

"du": "2021-11-14"

r/ci

Aitheantóir uathúil an deimhnithe

Aitheantóir uathúil an deimhnithe mar a shonraítear ar vaccination-proof_interoperability-guidelines_en.pdf (europa.eu)

Tá sé roghnach an tsuim sheiceála a áireamh. Féadfar an réimír "URN:UVCI:" a chur isteach.

Go beacht cuirfear 1 (aon) réimse neamhfholamh amháin ar fáil.

Samplaí:

"ci": "URN:UVCI:01:NL:187/37512422923"

"ci": "URN:UVCI:01:AT:10807843F94AEE0EE5093FBC254BD813#B"


Ceartúcháin

18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/197


Ceartúchán ar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 57 an 18 Feabhra 2021 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 18 Feabhra 2021)

Ar leathanach 62, Iarscríbhinn V, pointe 3, an chéad mhír, i ndiaidh phointe (c):

in ionad:

“[...]

Chun críche chur chun feidhme na fomhíre seo, beidh na foirmlí seo a leanas i bhfeidhm:

le haghaidh (a) thuas: If Ci ≥ MFCi the Member State i receives MFCi

le haghaidh (b) thuas: If Ci ≥ MFCi the Member State i receives Ci

i gcás:

ina dtagraíonn i don Bhallstát lena mbaineann

inarb é MFC an ranníocaíocht uasta airgeadais don Bhallstát lena mbaineann

inarb é C méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta”,

léitear:

“[...]

Chun críoch chur chun feidhme na míre seo, beidh feidhm ag na foirmlí seo a leanas:

le haghaidh (a) thuas: Má tá Ci ≥ MFCi faigheann Ballstát i MFCi

le haghaidh (b) thuas: Má tá Ci < MFCi faigheann Ballstát i Ci

i gcás:

ina dtagraíonn i don Bhallstát lena mbaineann

inarb é MFC an ranníocaíocht uasta airgeadais don Bhallstát lena mbaineann

inarb é C méid chostais mheasta iomlána an phlean téarnaimh agus athléimneachta.”.


18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/198


Ceartúchán ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/771 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir shonracha agus coinníollacha sonracha a leagan síos i ndáil le seiceálacha ar chuntais dhoiciméadacha faoi chuimsiú rialuithe oifigiúla an táirgthe orgánaigh agus rialuithe oifigiúla a dhéantar ar ghrúpaí oibreoirí

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 165 an 11 Bealtaine 2021 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 11 Bealtaine 2021)

Ar leathanach 26, in Airteagal 1(4), pointe (d):

in ionad:

“(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír de phointe 2.1. d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848;”,

léitear:

“(d)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848;”.


18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/199


Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1100 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach, agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar tháirgí comhréidhe teo-rollta áirithe atá déanta as iarann, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile de thionscnamh na Tuirce

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 238 an 6 Iúil 2021 )

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L Eagrán Speisialta Gaeilge an 6 Iúil 2021)

Ar leathanach 76, in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír:

in ionad:

“1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí teorollta cothroma, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, cibé acu i gcornaí (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’), gan oibriú breise seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe ar de thionscnamh na Tuirce iad agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 00, 7208 54 00, ex 7211 13 00 (cód TARIC 7211130019), ex 7211 14 00 (cód TARIC 7211140095), ex 7211 19 00 (cód TARIC 7211190095) ex 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cód TARIC 7226191090), 7226 91 91 agus 7226 91 99.”,

léitear:

“1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí teorollta cothroma, ar táirgí iarainn, cruach neamh-chóimhiotail nó cruach cóimhiotail eile iad, bídís i gcornaí (lena n-áirítear táirgí ‘gearrtha san fhad iomchuí’ agus ‘stiallacha cúnga’) nó ná bíodh, iad gan oibriú breise seachas a bheith teorollta, gan bheith cumhdaithe, plátáilte ná brataithe ar de thionscnamh na Tuirce iad agus a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7208 10 00, 7208 25 00, 7208 26 00, 7208 27 00, 7208 36 00, 7208 37 00, 7208 38 00, 7208 39 00, 7208 40 00, 7208 52 10, 7208 52 99, 7208 53 00, 7208 54 00, ex 7211 13 00 (cód TARIC 7211130019), ex 7211 14 00 (cóid TARIC 7211190010, 7211140095), ex 7211 19 00 (cóid TARIC 7211190010, 7211190095) ex 7211 13 00, 7211 14 00, 7211 19 00, ex 7225 19 10 (cód TARIC 7225191090), 7225 30 90, ex 7225 40 60 (cód TARIC 7225406090), 7225 40 90, ex 7226 19 10 (cód TARIC 7226191090), 7226 91 91 agus 7226 91 99.”.